PÁIRLEMENT CHLAINNE TOMÁIS
ANNSO SÍOS.
FEACHT n-aon dár fhás comhéirghe agas coinbhliocht
coguidh eidir na déeibh ifrionnda dá fhios cia dhíobh do
áitreabhfadh an fearann eidir Sruth Stix agas Sruth Acheron,
agas do choimhthionóladar na geinte ifrionnda as gach áitreabh
a rabhadar ar bhrú Srotha Stix, agas as iad so fa hárdtaoisig acu,
eadhon Belsebub agas Abíron agas Sátan; agas do fearadh cath
créachtach crólinnteach eaturra, agus madhmus an cath ar Bhelsebub
gona mhuinntir, agas do dhíothchuireadar cách iad fa
ioltuathuibh na talmhan agas fa chríochuibh an domhuin
mhóir, do lot agas do lánmhilleadh toraidh na talmhan ar na
cineadhachuibh go comhchoitchionn.
Ro leathnuigheadar na cineoil dheamhnuighe sin fan
gcruinne gceathardha go coimhleathan dá haghmhilleadh. Do
bhí mac ag an mBeilsebub sin darbh ainm Dracapéist, agus mac
do sin Lóbus Laghrach, agus mac do sin Liobur Lobhtha. Do
bhádur sin ag aghmhilleadh bfhear nÉirionn go haimsir
Laoghaire mhic Néill Naoighiallaigh do bheith a bfhlaithios
Éirionn; agas do bhí taoiseach toirteamhuil tromchonáigh re
tórrumh agus le treabhaireacht ag Laoghaire, eadhon Bladhorrnn
Bréanánach mac Palcamais; agas do bhí inghean ag an mBladhorrnn
sin, eadhon Beistea a hainm, agas do pósadh le Liobur
Lobhtha í, agus ro geineadh clann iomdha eaturra; agus do bhí mac
don chloinn sin do dhearrsgnuidh ar fhuathmhuireacht agus ar
ainmheasardhacht an cineadh ó dtáinig .i. Tomás Mór
modurrtha mísgiamhach mac Liobair Lobhtha.
As í sin uair agus aimsior tháinig Pádruig an Éirinn go
sruithibh iomdha leis do shíolchur chrábhaidh agus chreidimh eidir
na
geintibh geinntlighe do bhí an Éirinn an tan sin. Is annsin do
thionóil Pádruig sruithe agas naoimh Éirionn chum aonbhuill
as a haithle, agas as í comhairle do-rónsad: na hiolchineoil
diabhulda uile do dhíthchur a hÉirinn; agas do ghabhsad agá
gcomhfhógradh as gach áit a rabhadar go mullach Cruaiche
Pádruig, agas do dhíbir Pádruig iad go Loch na nDeamhan,
acht Tomás amháin; agus is uime nár cuireadh Tomás leo, air a
bheith a dtaoibh a mháthar don chineadh cholladha dhaonna,
agas don chineol deamhnuidhe a athair.
Do faisnéiseadh tráth do Phádruig Tomás do bheith dá
oileamhuin ag a sheanathair, eadhon ag Bladhorrnn, agus tugadh
Tomás go Pádruig, agus is air éigin do ghlac an creidiomh uadha,
agas ní math do gabhadh an creidiomh sin ag Tomás, agas
Críosd do bheith 'na mhaighistir aige, óir níor bfhéidir rún
diadhachta do cheangal ris an nádúr ndeamhnuighe do bhí aige
do thaoibh a athar; amhuil as dearbh ag a shliocht dá éis, óir ní
féidir teagasg críosduighe ná modh faoisidne, aitheanta ná
sacrameinte, altughadh ná úrnaighthe do mhúineadh dhóibh.
Agas as iad umorro geasa agus fágbhála d'fháguibh Pádruig
orra .i. buadh liosdachta, lodurthachta agas lánmheatachta agas
lánmhíthapa, agus buadh béicidhe, bruighneachuis, bréige, agas
batrála. Agas go madh é budh biadh agas budh beatha dhóibh
.i. féitheach ceann agus cosa beathadhach, fuil agus follracht agus
ionathar na n-ainmhighthe n-éigcialluighe, agus fós go madh é
bhus arán agus bhus annlann dóibh .i. arán omh úrgharbh eorna,
agas praiseacha práipeamhla prácáis, bun bainne, agus bréaním
ruibeach cuasghorm gabhar agus caorach. Agas mur an gcéanna
gurab é as ceol dóibh .i. sgreadach agas golgháire ghárlach agas
chailleach agas conmhadradha, agas graifne chearc agas
mhuc agas mheannán; agus go madh iad a gcoilceacha codulta,
eadhon cnámhlach agas cosa pise agas pónaire agus gaosadán, agus
comhgháir deargshor agus dreancaidighe fana gcroicionnuibh
cruadha cróna croisfhéitheacha; a mbrígh agas a mbeatha do
chaitheamh le saothar agus le tórramh agas le treabhaireacht, do
chothughadh an aosa uasail fa ioltuaithibh na críche, agus an chuid
budh fearr dá gcuid lóin do thaisge agus do choimhéad fa chomhair
cháich; agas an tí do-dhéanadh math agas mórchosnamh
dhóibh, go madh é budh lugha orra, agas an tí do bhuailfeadh
agas do cháinfeadh iad, go madh é budh annsa leo d'fhearuibh
an bheatha, amhuil as-beart an file annso:
Rustica gens est optima flens et pessima gaudens;
unguentem pungit, pungentem rusticus unguit.
As iad so umorro an cith ifrionnda, agus ní hiad an cheithrinn;
óir as uime adeirthear ceithrinn riú, ó reannuibh áigh agas
iorghuile agas arm n-aithghéar.
Do shíoluigheadar ceainn finidh agas sleachta iomdha
adhfhuathmhura ó Thomás Mhór fria reimheas gach rígh a
bfhlaithios Éirionn ó sin a-le, agas do bhádar ceathrar ar
fhichid do mhacaibh ag an dTomás gcéadna le hÓrlaithe .i.
inghean Bhernáird Bhrocaidh mhac Briolláin, eadhon dearbhráthair
do Bhladhorrnn; agus do roinn Tomás an chlann sin fa
cheithre hollchóigibh Éirionn go fóirleathan, agas fa chlár
maiseach mínáluinn na Mídhe, agas do chum sloinnte iongantacha
orra agas ar gach n-aon dá chloinn ar cheana.
Agas as iad so an ceathrar do chuir don Mhídhe dhíobh, eadhon
Labhrás Ó Ludair, Brian Ó Briolláin, Seaán Ó Seanchroinntille
agas Ribiord Rúnghruama Ó Ruibliocháin. Do chuir
cuid eile go hOlltuibh dhíobh, eadhon Maoilseachluinn Ó
Mungacháin, Brian Brúideamhuil Ó Bréantóice, Lochluinn Ó
Leathbhróige agas Giolla Pádruig Ó Braimpléisge. Do chuir go
Cóige chaomháluinn Chonnacht, eadhon Giolla Bríghde Mac
Strampóige, Siúrdán Baoi Ó Cróntoill, Riocard Rúnolcach Ó
Ramharbhrama agus Seaán Salach Ó Seanbhriolláin. Do chuir go
Cóige lámhdhearg Laighean, eadhon Murchadh Mórthónach
Míothapa Ó Meigiolláin, Donnchadh Dranntánach Ó
Dubhdhaoiginn, Diarmuid Dúr Ó Dreachdheamhuin, agas
Aodh Aimlighthe Ó hEirbulláin. Agas do chuir go Cóige
mórdhálach Mumhan an chuid eile dhíobh, mar atá: Conchubhar
Cruinntillioch Ó Clúmháin, Cairbre Cnáimhreamhur
Ó Céirín, Maghnus Meata Ó Multuaisgirt, Donnchadh Drochbhéasach
Ó Díosgáin, agus Tadhg Tútach Tuaisgeartach Ó Tromearbuill.
Do chaithiodar an Chlann sin Tomáis a n-aimsior, agus a
sliocht dá n-éis, go subhach somheanmnach soibheathuighthe,
amhuil d'orduig Pádruig dóibh, óir níor chleachtadar biadha
séimhe sochaithmhe ná deocha míllse meisgeamhla ná éaduighe
glana gnaoieamhla, acht léinteacha eascaoine easgartuig agas
slatchótuidhe slime snáthreamhra do bhréanchlúmh pucán agas
ainmhighthe eile, bróga bréana úirleathair, agas biorraeid fhiara
fhadchluasacha, gan chuma gan cheartúghadh, agas uircionna
maola meirgiocha smearrtha sleamhuinmhaola, agus iad mar
d'órduig Pádruig dóibh ag faire agas ag forchoimhéad agas ag
foghnamh agus ag treabhadh agas ag mursuireacht do mhathaibh
agas do mhóruaislibh na gcineadhach gcríosdamhuil fria reimheas
gach rígh agas gach rófhlatha a ríoghacht Éirionn re
haimsir imchian, ag umhlúghadh don reacht ríoghdha
amhuil budh dleacht dóibh.
Do bhádar mar sin go haimsir Fheidhlime mhic Criomhthuin
do bheith a bfhlaithios Mumhan fa bhruth agus fa bhorradh; agas
do bhí taoisioch do dhearrsgnuig ar chách dona treabhuibh sin
táinig ó Thomás, eadhon Murchadh Maolchluasach Ó Multuaisgirt;
agus is é baile iona n-áitreabhadh an Murchadh sin: a
gCluain Mhic Nóis. Agas re linn Fheidhlime mhic
Criomhthuin do thabhairt chuarda timpchioll dá Chóige
Mumhan, d'fhás fán am sin toice agas tromchonách leis an
Murchadh sin, agas do chuir teachta fa ollchóigibh Éirionn do
thionól gach a raibhe do lucht eoluis agas úghdarráis ionnta ar
Chloind Tomáis go Cluain Mhic Nóis; agus tángadar umorro go
háit aonbhaile agus do fearadh fáilte riú ag Murchadh. Do labhair
riú agas as eadh adubhairt:
"A bhráithreacha ionmhuine", ar sé, "agas a shliocht céillidhe
cianradharcach caomhchonáig Thomáis Mhóir mhic Liobair
Lobhtha mhic Lóbuis Laghruig mhic Dracapéisde mhic
Beilsebub, as uime do chuirios fios oruibh: chum comhuirle do
thabhairt damh cia an bhean dhiongmhála do-bhéaruinn; óir as
mithid damh bean do thabhairt a ndiaig agas iar n-éag mo
bhanchéile croidhe chumuinn .i. Brighid Ní Mhagarláin,
inghean Mhathghamhna Bhreallaigh Í Mhagarláin agas Raighnuite
Cosbhuidhe Ní Mheigiolláin ó Bhéal an dá Chab".
Agus iar rádh na mbriathar sin dó, do thuit sruth smuguirlioch
deor uaidh, agus do ghlac racht agas tocht aigne é, go nár fhéad
labhairt feadh uaire. Agus do-chloinim", ar Murchadh, "go
bfhuil taoisioch tromchonáig a gCóige chaomháluinn Chonnacht
.i. Maghnus Ó Madagáin, agus ní beag linn a fhad atámaoid gan ar
bfhuil d'uaisliughadh agas sinn fa dhaoirse agas ag foghnamh
do chách gus aniugh; agas atá inghean áluinn aontugha ag an
Maghnus sin, agas do thogrusa le bhur gcomhairlese teachta do
chur dá hiarraidh for a hathair".
Adubhradar cách gur cóir sin, agus as iad so do cuireadh ann .i.
ceathrar éagsamhuil ealadhanta do Chloinn Tomáis .i.
Mathghamhuin Mórthónach, Bernard Brógfhada, Niall Ó
Neanntanáin agas Conchubhar Cromcheannach Ó Craoinntiolláin.
Is annsin do ghabhadur a gcead agas adubhairt Niall an
laoi si ann:
"Slán agad, a Mhurcha mhóir,
a cheann slóig an phlub ó phlib,
as iomdha ad dhún pónaire oirnéis,
fuil, tóirnéis agus glugram glig.
Slán d'fhoirinn na gcorrán ngéar,
d'itheadh brúcht le buan déas,
nach bíodh dian dúr dranntánach,
gruama garbhshálach ná géar.
Slán do Bhrian Ó Bhriolláin tshuairc,
fear crónáin a gcluais a mhic;
slán do Mhurghuill is do Mheidhbh,
nár leig braidhm is nár ith min.
Mo shlán duit, a Bhearnáird bhuirb,
's a Lochluinn ghuirm nár chreim cnámh,
an drong ghlic nach caidréiseach,
sluagh aimléisioch na gcrios lán".
Do mhol Murcha agas cách ar cheana an dán sin, agas tugsad
muinntior agas matha an teaghluidh mionna agus mórbhriathar
nach dearnadh a chommath sin d'éigse ná d'ealadhain san
domhan riamh roimhe sin. Is annsin táinig fáidh fírfheasach
Chloinne Tomáis do láthair chuca .i. Brian Brusanta Ó
Bloingidhe, agas ba mór tráth fios, foghluim agus fíreolus an fhir
sin, agas adubhairt gurab é príomhollamh airdrígh Éirionn do
chéadchum an aisde sin; agas is mór do moladh mar do
hiaghadh an dán sin, agas is é ainm tug Brian ar an aisde
sin, eadhon ceathramhna corra.
Gluaisid an drong dheadhbhéasach sin a ndíreach gacha
conaire agas gacha caoimheolais nó go rángadur láimh re
Ceapuig an Aráin agas do Bhealach na Bláthaighe, do
Mhachaire na Meacan agus do Ráithín na Praisge, do Bhuailtín an
Phónaire, do Chúil na Mine, do Lios na nGarbhán agas do
Thuairín an Bhainne agus do Bhealach na Lótuighe, agas riompa
bhuthuaidh do leathimiol Mhachaire Chonnacht nó go dtángadur
go tigh Mhaghnuis Í Mhadagáin; agus ar mbeith dóibh ag
rásdáil go ramharbhrógach ar fhaiche an dúnaidh, táinig
Maghnus 'na gcomhdháil agus fiafruigheas díobh cia hiad féin nó
cá hionad asa dtángadar nó créad an toisg tugsad sonn. Ro
innisiodar na teachta a dtoisg agus adubhairt Maghnus: "As aithnid
dúinn bhur gcinéal agus as aithnid dúinn mar an gcéadna gurab
duine saidhbhir bhur dtigherna".
Do chuir Maghnus iar sin teachta ar a dhraoithibh agus ar a
fhlathaibh. Tángadar umorro an lucht feasa sin agas do labhair
Maghnus riú agas as eadh adubhairt:
"Is uime do chuirios féin fios oruibh .i. inghean chruthach
chaomháluinn atá agumsa, agas táinig iarruig uirrthe ó
Mhurchadh Mhaolchluasach Ó Mhultuaisgirt, agas is taoiseach
tromthoiceach an Murcha sin".
"As feasach sinne", ar na draoithe, "gur don chineadh
chodruma an t-óglaoch sin, óir as iad na geinte ifrionnda as
sinnsir don Mhurcha chéadna; agus ní dhlighionn aonneach
d'fhuil uasail ar bith measgadh ar fhuil anuasail; óir dá mhéid
macnais agus foghluim, onóir agas ughdarrás do-gheibhid an aois
anuasal, ní bhí modh ná measardhacht ionnta dhá réir, mar
adeirid na heolaigh, ut dixit poeta:
Rustica progenies nescit habere modum.
Agas is dearbh dá réir sin, nach cóir duitse go deogh ná go
deireadh an domhain t'fhuil do shalcha le fuil mhoghuidh ná
dhaoirsig, óir ní miannach maith iad, agas ní bfhuil cruth dá
aoirde ionna rachaid, nó oifig nó ughdarrás do-gheabhuid, nach é
budh mian leo fola uaisle do mhaslughadh agas do mhilleadh, dá
dtíosadh leo a dhéanamh".
Gidheadh do bhí bean uaibhreach lántshanntach ag Maghnus,
agas as eadh adubhairt: go madh fearr lé féin saidhbhrios
agas socracht do bheith ag a hinghin an feadh do bhiadh
beo, ná fuil agas foghluim dá fheabhus. Do críochnuigheadh an
cleamhnus leis an mnaoi sanntuig sin d'aimhdheoin na ndraoithe;
agas do chuireadar feasa agus teachta d'iarraidh Murchadha
Mhaoilchluasaig Í Mhultuaisgirt, agas do pósadh an inghean
fris .i. Meadhbh inghean Mhaghnuis a hainm; agas rug leis dá
theagh féin í agas ro geineadh clann iomdha eaturra an oidhche
sin.
Agas an tan sin tug Murcha an inghin sin leis, do-rónadh
feadh mhór acu, agas do thionóladar matha Chloinne Tomáis
chum na feidhe sin. Do bhádar umorro biadha saora sochaithmhe
agus deocha millse meisgeamhla acu, agas an tan táinig ám
a gcaithmhe dhóibh, do shuigheadar go dian drochbhéasach
drochiomchair, gan féachuin ag neach dá chéile dhíobh, mar fa
béas dóibh.
Agus a meadhón a gcoda dhóibh adubhairt Cathal Clúmhach Ó
Cromchinn nár mhath leis féin bean Taidhg Thútuig Í Mhultuaisgirt
do shuighe ós cionn a mhná féin. Is annsin do labhair
Brian Ó Braimlim, agas is eadh adubhairt: "Nárab iongnadh
leat bean Taidhg do shuighe roimpe ar a feabhus féin agas ar
fheabhus a hathar agas a máthar". Agus adubhairt fós nár chóir a
samhlughadh le chéile.
Do labhair Cathal agus is eadh adubhairt re Brian: leigean
dá bhrille bhreaille agas dá phlaic fa chuim agas dá mhéar fa
bhróig, agas gurbh aithnid do féin é ré cian d'aimsir roimhe
sin, agas adubhairt fós mona mbiadh fonn síothchána air agas
neamhfhonn corruighthe nó cíorála air do dhéanamh rena
chomhursain, agas fós d'eagla go ndéanadh srúsram nó gliogar
bhuinndéis don teagh, go mbuailfeadh sé Brian timpchioll a
cham-stóic. "Dar anmuin t'athar agus do mháthar", ar Brian, "do
fhóbrus go ndéanuinn briosg brúsgair agas coimil e' mháilín
dot' fhiacluibh, a ladruin láinbhréin na leathbhróige lobhtha,
nach raibh riabh acht lán do chíorum cárum agas do chamstarráin,
ad mhaide measguithe agas ad bhreicine buadhartha
eidir chomhursanuibh".
Is annsin d'éirig Cathal agas tug amus aingidhe ar Bhrian do
dhonnsgála praisge do bhí iona láimh, agas do bhuail a bhean
féin eidir a dhá súil gur loisg a feoil agas a finnleathar. Is annsin
tug Brian amus do mhileoig mhaoil mheirgidh do bhí iona
láimh ar Chathal, agas do sgoilt a chluas.
Ciodh trácht do choimhéirghiodar na fir chalma chum a
chéile, agas d'fhás fíoch agas fiarrán feirge fútha, agas
tugsad a n-aire ar chogadh agas ar choinghreabhuid agas ar
chomhdháil chatha; agas tugsad a mná trombúithreach ós áird
gur ba follus an lánfhoghar agas an lánfhuaim do-rónsad go
froighthibh na fiormameinte go foirleathan agus go néaluibh
neimhe; agus do fearadh cath créachtach crólinnteach eaturra, agas
do ghabhsad ag leadradh agus ag leonadh agas ag smúchadh ar a
chéile dá ramhardhóidibh dúra drochúmtha, agus dá gcorránuibh
cama cíocracha croisfhiaclacha, agas dá mileoguibh maola
meirgeacha mísgiamhucha, a gceannaibh, a gcluasaibh agas a
gcamshrónuibh a chéile, gur bhá líonta an t-úrlár uile do chac
agas do mhún agas d'fhuil dhubhghoirm agas don uile shórd
brocnuightheachta, agas do chamsgáladhuibh praisge agas
anbhruithe fána gcosaibh agas fána gceannuibh agas fána
gcaoingcínibh acu.
Is annsin táinig Mathghamhuin Ó Meacanáin chuca, agus súist
iaruinn a sheanathar iona dhá láimh ós maoil a ghualann aige, agus
corrán géar goineach gobchrom ar a leathantóin chlí agas
mileog mhaol mheirgeach mhísgiamhach tar a imliocán,
agas raese fhir fhiannamhuil a sáil na meileoige sin ar leathfhad;
agus caipín cluthar cluaschám go mbónnuighibh breaca bogshnátha
uim a mhóircheann an áit chloguid do dhíon a innchinne.
Tig mur an gcéanna 'na aghaidh don leith eile Mannarthach
Mór Mísgiamhach Ó Meigiolláin; agas ar bfhaicsin a chéile
dhóibh, do dhranntuigheadar chum a chéile a chéadóir agus iar sin
do bhéiciodar ós áird go hadhfhuathmhur eascáirdeamhuil, agas
do bhaineadaois fóid throma thalcmhura as an dtalamh lena
gcosuibh crúbacha croma cnocacha cnapmhéaracha ag ionnsuighe
a chéile mar dhá tharbh tána ag baothbhúithrig chum a
chéile.
Níor chian dóibh san iorghuil sin an tan do briseadh na
garbhshúistidhe ramhariaruinn sin do bhí acu a gceannuibh a chéile.
Is annsin tugsad amus ar a gcorránuibh, agas tug Mannarthach
sraoille árdaigiontach go fuileach faobharfhiaclach ar
mhuinéal Mhathghamhna don ghlaid ghoirmleathain chorráin
do bhí iona láimh, agas an corrán ar a chaime agas ar a
chroisfhiacluidhe d'fhan a leanmhuin a mbun chúilimil chaipín
Mhathghamhna. Is annsin tráth rugsad na fir chalama ar chorpuibh
ar a chéile agus tugsad fásgadh teann tréanláidir ar chliathánuibh
a chéile; agus do bhí do thréine agus do thalcmhuireacht na
hiomrusgála gur bhrám Mannarthach go lánmhór gur chlos fa
cheithre hollchóigidhibh Éirionn é; gurab de sin do lean Sliocht
Mhannarrthaig an Bhrama dá shliocht tar 'éis agus gurab é as
iomcháineadh gnáthach ar Chloinn Tomáis uile.
Iar bfhaicsin an chomhruig sin do cheachtar don dá leith eile,
tugsad sidhe sanntach sárnimhneach d'ionnsuighe a chéile, agus is
iad so taoisig agas tréinfhir táinig d'fhurtacht na diaise deaghlaoch
sin .i. Cathal Ó Croimchinn, Maolmhuire Ó Meigiolláin,
Brian Ó Braimlim agus Bernárd Ó Bloingidhe, agas mórán eile
maille riú. Adubhairt Cathal: "Dar láimh do chinn agas do
choise, a Mhathghamhuin mhíbhéasuig, budh mion t'fheoil
agumsa agus budh mór th'anbhruithe agumsa, agus íocfa tú a
ndearnais do chiolma-múta agus do cham-rasáin agus do chaimlinteacht
agas do chamadostram ar chlannuibh mac bfíorlábánach
riamh". "Ort do chol agus do chunntracht, a cheann púca
ar maide", ar Bernárd Ó Bluingidhe, "agus as mise fear do
dhiongmhála".
Is annsin do sguchadar na fineadhuig sin a gcuinne agas a
gcomhdháil a chéile, agus is ris ba samhalta iad: amhuil do bheidís
daimh ag damhaireacht nó tairbh ag tréanbhúithrig nó ilphiasduighe
adhfhuathmhura na fairrge ag teitheadh le heagla laoi an
bhrátha, leis an gcoigiodal agus leis an gconfadh catha do ghabh
iad san iorghuil sin. Ciodh trácht níor sguirsiod don ruathar sin
go dtug Bernard amus don chorrán do bhí iona láimh ar
Chathal, agus do léig urrthuinn dá ionathar tre mhullach a mhéidhe
agas a mhórbhruinne amach, agas gabhus ag sraca agus ag
sraoilleadh ar mhuinéal Chathail gur ghearr urrthuinn don
mhórmhuinéal ghairbhfhionnach aige, gur thuit an laoch fa
chosuibh cháich go faon féigeamhuil follrachtach agus é leathmharbh,
agus do bhí ag dortadh agus ag brúchtughadh fola tar a bhéal.
Acht cheana níor féadag Mannarthach ná Mathghamhuin do
theasargan ar a chéile ris an rée sin. Is annsin táinig Diarmuid
Dranntánach agus Conchubhar Ciarbhuidhe agas Tadhg Tútach
agas dreama diamhaire eile dá mbráithreachuibh maille riú
d'fhurtacht Mhathghamhna; agas do bhí taoiseach tromchonáig
a bfhochair Mhathghamhna, agus tug sé amus ar Mhannarthach
agus do bhuail do ghob a chorráin a mbéal a thoill é agas
tug meall dá chac a clabán bhéil a dhuirc.
Is annsin táinig chuca Murchadh Maolchluasach Ó Multuaisgirt,
agus céad dá bhráithreachuibh maille ris, d'fhurtacht
Mhathghamhna, agus a súistighe adhgharbha éagsamhla iarnuighe
acu, amhuil do bhí ag Hector nó ag Aichileis; agus do ghabh ag
teasarguin eidir a bhráithreachuibh mar as fearr gurbh éidir leis, agus
is air éigin agus is do neart chos agus lámh táinig leis a gcur ó chéile,
agus iad a dtáimhnéaluibh tromloitighthe; agus tugsad a
n-othair éagcruaidh chum aonbhaill, agus dob iomdha ar an láithir
cuirp chróna chrisleathana chroisfhéitheacha iona bfhaonluighe
d'aithle na hiorghuile sin. Ba truagh tráth golghártha agas
básghearán, béicioch agas boghradh na gcailleach gcamshrónach
gcroisfhiaclach gcosbhuidhe gcuasshúileach, agus iachtach
agas osnadhach na n-óglaoch n-uathmhur n-anchúmtha a haithle
na hiomchasaoide sin.
Agas as é tráth do tionnsgnadh an cath sin . i. Domhnach
Cromdubh san bfhoghmhur, agus is lá féasda an Domhnach sin a
gCóige Chonnacht go háirighthe agus san taoibh thuaidh go
huilidhe; agus do chuir Murchadh soillse dá lasadh dhóibh, agas
do cóirigheadh gach othar díobh, agus d'fhansad a bfhochair
Mhurchadh gur ba sleamhuin slánchréachtach iad uile, agus do-rinne
síothcháin agas cáirdios eaturra.
Agus an tan táinig ám imtheachta dhóibh, do labhair Murchadh
do bhriathraibh foisdineacha fáidheamhla riú, agas adubhairt a
modh óráide riú uile, agus d'éisdiodar ris amhuil do buailfidhe do
chapóig ar a gcluais iad nó gach n-aon díobh fo leith -
Ag so óráid Mhurchadha annso síos:
"A bhráithreacha ionmhuine", ar sé, "agas a shliocht céillidhe
cianradharcach Thomáis Mhóir mhic Liobair Lobhtha mhic
Lóbuis mhic Dracapéisde mhic Beilsebub, ag so comhairle
amhra uaimse dhíbh, agas mo bheannacht díbh féin agus dá bhur
sliocht dírioch, agus gan taobh do thabhairt go bruinne an bhrátha
agus go foirchionn an bheatha re haos uasal na críche si; óir ní
hionann bhur gcoinghioll, agus is naimhde dhá chéile bhur
mbéasa ar gach taoibh. Tugaidh bhur n-aire d'fhoghluim agus
d'onóir do theagasg dá bhur gcloinn agas a gcur le dlighe agus le
deagheolus, agas gach neach dhíobh thiocfus chum onóra nó
úghdarráis, go mbadh naimhde don aos uasal iad do
ghnáth. Léigidh dhíbh, a bhráithreacha", ar sé, "bhur gcótuidhe
croicinn agus bhur mbiorraéid bhunramhra chluaschama, bhur
mileoga, bhur n-uircionna, bhur gcarráin agas bhur dtriúsa
lobhtha lapa, agus gach gné dhrochéaduighe iongantuigh eascaoine
dár chleachtabhuir. Léigidh dhíbh fós bhur mbéasa
brocacha brúideamhla, agus bíodh biadh agus lón agaibh do ghnáth
dá bhur mnáibh agus dá bhur leanbhuibh, agas déinig díthchioll
ar arán agus ar annlann do bheith aguibh; agus bíodh a fhios aguibh
nach arán gan pónaire oirnéise, agus nach pónaire oirnéis gan
aoileach, agas ní haoileach gan eallach, agas ní heallach gan
aodhaire. Treabh Éire nó treabh ithir, agus is fearr bail ná iomud;
agus coimhéaduigse na briathra so mo sheanmhátharsa", ar Murchadh,
"agas fós tigidh chum saidhbhriosa agus chum toice do
bheith agaibh, agus measgaidh as ucht bhur saidhbhriosa bhur
bfhola uirísle ar fholuibh uaisle; agus gach n-aon díbh agá mbia
onóir nó ughdarrás, ná léigidh don aos uasal a gcinn do
thógbháil dá bhur ndeoin; agus iaghaidh féin um a chéile agus
déanaig gabháltuis agas bailte fearainn d'áitreabhadh díbh
féin, agus ná bíodh maighistir ná ceann urraidh oruibh acht sibh
féin, agas cuirig an fearann a ndaoire ar an aos uasal, agas cuirig
donn agus dearg agus gorm ar bhur n-éaduighibh, agas cuirig coiléir,
rufa agas lámhanna oruibh, agus bíodh leathspuir agus leathphillínidhe
agus leathghearráin do ghnáth agaibh".
Do moladh go mór an chomhairle sin ag Cloinn Tomáis,
agas rugsad buidheachus mór re Murchadh, agas do-chuaidh
gach neach dhíobh chum a thighe agus chum a áite féin, agus do
chaith siad a n-aimsior fria reimheas gach rígh a ndaoirse ag
foghnamh don aois uasail; agus do rugadar as mar sin go haimsir
Elizabeth inghean Heanri .i. an t-ochtmhadh rígh don ainm sin;
agas léna linn sin umorro do líon bruith agas borrfadh, uabhar
agas iomurbhádh iad le hiomud a dtoice agus a saidhbhriosa.
d'éirig imriosan agas iomthnúith cian roimhe sin eidir
Chloinn Tomáis, agas as í aimsior d'éirig an iomchasaoid sin
eaturra: re linn Mhuircheartaigh Mhic Toirrdhealbhaigh mhic
Taidhg mhic Briain Bóroimhe do bheith a bfhlaithios dá
Chóige Mumhan, agas budh é cúis an iomthnútha sin: uair do
chuir Muircheartach teachta do thionól gach a raibhe do lucht
eolais agas ughdarráis a ndlighe agas a seanchus ag na
ríoghuibh táinig roimhe, agus do chuir nósa agas reachta agas
athchóirighthe ar na huireasbadhuibh do bhí ar an maithios
poiblidhe; agus tángadar uile go háit aonbhaile agus do shuigheadar a
gcomhairle a bfharrag an rígh, agus tar gach ní dár cuireadh chuca
do-rineadh gearán agas iomchasaoid do láthair an rígh ar
Chloinn Tomáis.
Agas as é adhbhar do fríth chuca: eadhon go ndeachadur a
bfhiadhantus tar na reachtuibh agas tar na riaghlachuibh do
chum Pádruig Naomhtha dhóibh; agas as ucht shaidhbhris agas
chostuis do bheith acu, nach déanadaois gnódh ná obuir do na
huaislibh ná do na flathaibh do bhíodh re biadhtachus; agas gur
léigeadar dhíobh aodhaireacht ná treabhaireacht do dhéanamh
do neach ar bith acht dóibh féin amháin, muna bfhaghadaois
págha nó dualgus. Do hiomchasaoideag orra fós a gclann
do chur le foghluim agas le léighionn agus le hilchearduibh uaisle
eile.
d'órduig an rígh iar sin reachta agas riaghlacha iomdha san
gcrích go huilidhe; d'órduigh sé ar dtús onóir agas umhlacht
agas urruim ó Chloinn Tomáis d'uaislibh Éirionn agas don
eagluis, agas lucht cosnaimh dlighe agus foghluma na ríoghachta
d'onórughadh do réir órduighthe agas chirt na críche. d'fhóguir
agus d'órduig an rígh mar an gcéadna do Chloinn Tomáis
fanamhuin go humhal uirísiol, agas foghnamh do chách go
coitchionn, agus an teagasg críosduighe do mhúnadh dá gcloinn
agas gan ní as mó d'fhoghluim do bheith acu, agas gan a
léigion chum gramataoigheachta ná chum rhetorique nó chum
loighice; óir do thuig nár chóir a srian féin do léigion leo, agus dá
léigthí, nach amhlaidh dob fhearr é.
Do bhádar fa chuing mar sin nár léigeadh dhóibh a gcinn do
thógbháil, acht a mbeith fo dhaoirse do réir an tsheannreachta
go haimsir Thaidhg mhic Muireaghuig mhic Carrthaigh agus
Toirrdhealbhuig mhic Diarmuda mhic Toirrdhealbhaigh mhic Taidhg
mhic Briain Bóroimhe de bheith a gcomhfhlaithios
Mumhan; agas do bhí fearóglach fíormhór don Chloinn
sin Tomáis ar Machaire Chaisil ag áitreabhadh, agus do bhí
inghean mhór mheacanta ag an dtaoiseach sin. Cairbre Crom
Ó Céirín ainm an óglaoich agas Sligéan ainm na hinghine.
Agas do-chuaidh ainm na hinghine sin agus a teisd agas a
tuarusgbháil ar sgiamhdhacht ar feadh na ríoghachta, agas do
bhí mórán do mhathaibh Chloinne Tomáis ag teacht dá hiarruig
as gach aon chóige dh'Éirinn.
Do bhí umorro Machaire Chaisil fan am sin fana lán cruithneachta
ag Finghean mac Aodha Duibh agas ag a bhráithreachuibh
.i. ag Failbhe, Flann, etc.; agas ní raibh a fhios acu
cionnus do chruinneochadaois an lear cruithneachta sin; agas as
í comhairle ara dtángadur: fios do chur ar Chairbre Chrom Ó
Chéirín, óir do bhí teisd shaidhbhris agas ghliocais ar an
gCairbre sin tar Chloinn Tomáis uile, go dtárladur dá mhac
Aodha Dhuibh dhó, eadhon Finghean agus Fáilbhe, agas as eadh
adubhradar ris:
"Créad an gliocas do-dhéanamaois lé a mbainfemaois a bfhuil
do chruithneacht ar Mhachaire Chaisil?" "Atá inghean áluinn
agumsa", ar Cairbre, "noch do dhearrsgnuig ar áilleacht ar
ingheanuibh Chloinne Tomáis ar feadh an domhuin uile, agas
do-chuaidh a teisd agas a tuarusgbháil fa cheithre hollchóigeadhuibh
Éireann, agus as mór do mhathuibh Chloinne
Tomáis táinig dá hiarruig riamh, agus ní bfhuair neach dhíobh
acht diúlta agus éaradh uaithe gus aniugh; agus atá sí anois ar bhur
gcursa, agas cuirig teachta fa Éirinn dá fhoillsiúghadh do
Chlannuibh Tomáis gach neach dhíobh léarbh áil teacht do
thochmhairc Shligéan, inghean chruthach chaomháluinn
Chairbre, bheith a gcionn trí seachtmhuine d'fhóghmhur ar
Machaire Chaisil do bhuain na cruithneachta sin; agas giodh-bé
dhíobh buanuidhe as fearr, go bfhuighe sé an inghean sin ar feis
leabtha agus láimhe".
Adubhradur Clann Aodha Dhuibh mhic Criomhthuin gur
mhath an chomhairle sin, agus do-rinneadh amhluig acu. Agas do
thionóladar Clann Tomáis lán do bhruith agus do bhorrfadh as
gach áit a rabhadur ar fud Éirionn, an mhéid ba calma re
feidhm agus le fórrán díobh, go dtángadur uile go Machuire
Chaisil. Tángadur ann umorro ó Ulltaibh sé chéad; agas as iad
so an cúigior taoiseach táinig riompa chum na comhdhála sin:
eadhon Maolseachluinn Ó Bréantóige, agas Maolruadhna
Ó Míthapa, Lochluinn Ó Leathbhróige agas a dhearbhráthair
.i. Giolla Bríghde Ó Manntáin; agus as é budh taoiseach ós a
gcionn uile .i. Giolla Bréige Ó Braimpléisge. Táinig ann mar
an gcéadna chúig céad fear ón Midhe, agas do shoicheadar go
Caisiol agas do leathnuigheadh ar cuinnmhe iad.
Agas an tan táinig ám na buana chuca, tángadur chum
aonbhuill agas a n-airm áig agas iorghuile leo, agas a súisteadha
colpreamhra crannrighne agas a gcorráin fhaobhurghéara
fhraisfhiaclacha agas a n-uircionna snasgharbha taobhsmeartha
sáilleathana agus meanuighe bioracha bláthchearta ar shursaing
gach fir dhíobh; agus do suigheadh a iomaire féin a láimh gach fir
dhíobh. Do chromudar na fir sin go cíocrach clisiamach, agus do
chuireadar Siligéan ina suighe ar ghruadh iomaire ós a gcomhair.
Tugsad na fir sin síghe sanntach sárluaimneach fan moing
maisig mínchruithneachta sin do bhí fútha, agas ba clos go
himchian uatha siosmurnach agas siosdán na lándorrnnán
dá leagadh seachnóin na muighe mínsgothuighe dá gach leath.
Bá follus tráth dá lucht feadhma go heidirchian uatha caismirt
agas cuinnsgleo a bfhiacul bfhraisreamhar le fiuchadh agas
le fraochfhorrán ag buain fearuind agas fíorthosuig dá chéile.
Ba dorcha tráth an t-aer ó dhuibhnéaluibh duaibhsiocha dathiomdha
ó bhrúchtaidh agus ó bholgfaidh anáile na bfhearóglaoch sin.
Do bhádur mar sin ag comhmóradh go calma coinnsgleodhach
fan samhuil sin go hám dínnéir dhóibh. Agas as é ba stíobhard
agus bá deaghronnaire orra .i. Cairbre féin, agus do chuir
srubhán úr imiolcham dubh drochshuaite agas giúsda bunata
bunreamhur bláthaighe a bfhiaghnuise gacha deisi dhíobh, agas
annlann do leadraibh camruibeacha cuasghorma cróinchiarógacha
do bhréaním gabhar agas caorach; agas do ghabhsad ag
dubhshlogadh na beatha sin go blasda borbghreamannach.
Agas adubhairt Cathal Ó Brisléaain iar gcosg a íota agas a
ocruis dó, ná raibh fear a dhiongmhála féin a mbuain, a
mbuala, ná a mbuanrómhar, ná an oibreachuibh
feadhmamhla forránta eile fá thuinn talmhan, acht mona
bfhaghthaoi dearbhráthair eile dho féin noch d'fháguibh sé san
mbaile tar 'éis ar Luachair leathanghlais Dheaghaidh. Bá clos
an comhrádh sin eaturra uile, agas do fhreagair Giolla Pádruig Ó
Braimpléisge é agas as eadh adubhairt:
"Tugas féin chúig céad fear liom a hUlltaibh, agus ní bfhuil aon
díobh nach fortamhladh ort ann gach feidhm dá n-abra". "As
fíor dhuit sin", ar Conall Cnámhreamhur Ó Cróntuill, "óir ní
raibh Leath Modha riamh ionchommórtuis rinne, eadhon Leath
cródha cosantach Cuinn. Agas is dearbh a mbéaluibh suag agas
seanchadha gur thuit Eoghan Mór ar Mhadh Léana, agus gur thuit
Measgradh mac Deaghaidh le hUlltuibh; agus is dearbh an
iolchathaibh eile re hiomchosnamh Éirionn cia aguinn riamh budh
cosgruidhe; agas an mhéid tángamuirne annso ó Leath Cuinn
aniugh, ní bfhuil commóradh aguibhse rinn". "Tugais do
dheirgéitheach", ar Cathal , "agus má do thuit Eoghan Mór ar
Madh Léana, ní do láimh Chuinn do thuit, acht lé hiomad
anfhórluinn".
Agas leis sin do thóguibh Cathal an lámh ludurtha lángharbh
thairis agas tug amus ainbhfeasach amhchaoin ar Chonall
do chorrán chrom chroisfhiaclach do bhí iona láimh, agus do
bhuail bráthbhuille baoghlach buanbháis a bfhíormhullach an
chinn air, gur bha lán an t-iomaire dá chrú agus dá abach agus dá
bhréanionathar agas dá inchinn ar fud an mhachaire. Is annsin
tráth d'éirgheadur na fir fhorránta fhíorchalma sin ar gach leath
agus do-chuadar an órdughadh a gcuinne agas a gcomhdháil a
chéile, amhuil do rachadh Conn agas Eoghan, agas do-rín dá
leath dhíobh .i. Laighnigh agas Muimhnigh do thaoibh, agas
Ulltaigh, Connachtuig agas fir Mhídhe do thaoibh eile, agas do
ghabhsad na príomhthaoisig do bhí orra ag órdúghadh a dtosach
an chatha sin.
Is annsin tugadar na fearmhodhuig sin sídhe sanntach sárnímhneach
d'ionnsuighe a chéile, agus tugadar a dtrombhúithreach
ós áird, gur bá clos go néaluibh nimhe iad. Bá huathmhur
adhgharbh úrghránna coimhfhreagradh na muc alla do bhí acu
re headh na húrlaidhe sin, óir budh chlos an uamhuibh agus an
oiléanuibh, a gcnocuibh agas a gcoilltibh agas a gcuasánuibh
agas a gcairrgeachuibh cuasdoimhne na críche í. Bá
truagh tráth na taisbéanta agus na táimhnéala tárfás do mhnáibh
taobhthroma torracha, agas d'ógaibh éadtroma anaosmhura, agus
do sheanóiribh croma cianaosda le hanbhuain agas le himeagla
na hairgheana sin.
Ciodh trácht ó do ráinig Cathal Crón agus Tomás mac Conaill
Chnáimhreamhair a dtosach an chatha sin a gcomhdháil a
chéile, "Ort do dhon agas do dhuabhais, a Thomáis", ar Cathal,
"as olc an áit a dtárlais tar éis gach imdheargtha dá dtug
th'athair Conall ar Eoghan Mhór agas ar Mhuimhneachuibh
riamh; agus as dearbh gur theith Conn naoi n-uaire roimh Eoghan
ar Mhadh Léana go ndeachaidh ar choimirce Chloinne Mórna
agas Ghoill mhic Mórna; agas as follus fós a gcath Mhuighe
Léana gur mó do thuit do láimh Eoghain amháin ná le cách
uile, agus tuitfirse liomsa mar dhearbhadh air sin".
Is annsin do-rónsad na cathmhílidh sin a gcoinne agus a
gcomhdháil a chéile agas do thóguibh Tomás an tshúist
ubhallramhar chnapach ós a chionn, agas do léig í le fraoch
forráin agas feirge ós mullach na hinchinne chum Cathail. Do
ghabh Cathal an buille sin a muinéal a shúiste féin agus do-rad
comhmaoine an bhuille a leathmhullach an chinn do Thomás
agas do sgoilt a cheann, gur léig a leathcheann lé a leathbhrollach.
Tug Tomás an t-athbhuille chum Cathail agas do
bhris dá easna 'na thaobh clé. Tógbhus Cathal an tshúist
ubhallchnapach ós a chionn, agas tug amus fíochmhur forránta
d'ionnsuighe Thomáis, agas do léig Tomás an buille sin um lár
agas um lántalamh, go ndeachaidh an tshúist feadh láimhe
laoich a dtalamh, agas níor fhéad Cathal an tshúist do tharrang;
agas an tan nachar fhéad, tug amus ar a chorrán do bhí thairis,
agas do-chuaidh asteach ar Thomás, agus tug sraoilleadh do na
fiacluibh fraisghéara ar mhuinéal Tomáis, gur ghearr an
muinéal agas meall an tshloigthe aige, agas do bhrúcht buidéal
bréanime iarna leaghadh as a bhrághaid, agas do thuit a
bfhiaghnuise cháich ar an modh sin go fíoranbfhuinneach.
Acht cheana do ghabhsad cách ag cosgairt a chéile go
hainmhín eascáirdeamhuil do shúisteadhuibh sliosfhada agas dá
gcorránuibh goibghéara agas dá mileoguibh maola meirgiocha
mísgiamhacha a gceannuibh agus a gcluasuibh agas a gcamshrónuibh
a chéile, gur ba lán an mhachaire dá n-abach agas dá
n-ionathar, gur fhágbhadar an mhachaire chruithneachta sin
Chloinne Aodha Dhuibh 'na chosaireasair gan foghnamh.
Dála Chloinne Tomáis, do thuiteadar urmhór a dtréinfhear
bá mó guil agas gaisge dhíobh ar an láthair sin, agas do
ghabhsad ag adhlacadh a gcarad agas a gcommbráithreach ar
feadh tréimhse ar an dtuluig sin; agas tugadh Seiligeaán ar feis
leabtha do Chathal Chrón, agas do-rónadh fleadh ádhbhulmhór
lé Cairbre dá chliamhuin agas dár mhair do chách.
Agas do ghabh Cathal a chead a gcionn tréimhse, agus
do-chuaidh Cairbre dá thíoghlacadh agas do thabhairt comhairle
dho, agus as eadh adubhairt ris tre dhíogruis comhráidh: "A
mhic ionmhuin, a Chathail", ar sé, "cuir th'aigne an iotharachus
do shinnsir agas ná léig dhíot iothalachus agas tórrumhachus do
dhéanamh; agas déin tuar agas aoileach do-chum leasuighthe do
ghabháltuis, madh áil leat bheith sámh socuir do ghnáth. Agas
bíodh a fhios agad nach arbhur go gránchruachuibh, agas nach
gránchruacha go geamhchlúda, agas nach geamhchlúda go
grafáil; agas bíodh cion aguibh ar mo bhriathruibhse". Agas
adubhairt Cairbre an laoidh si síos:
"A Chathail Chróin, gabh mo theagasg,
cuir na meacuin, cuir an eorna;
cuir as t'aigne do chuid fiabhruis,
cuir líon, biatuis agas pónra.
Ná tréig meidircheit ná múta,
ná blais biadh gan gúta-máta,
ná léig díot ulthairt ná aimléis,
lean caidréis agas clampur dála.
Ná bí fós ad fhód re héanuibh,
lean béasa do lucht cumuinn;
ná lean gleo na n-arm n-éachtmhur,
éisd re sgéaluibh Chon gCulainn.
Ná bíodh do rámhann gan feacán,
ná bí gan currán red ghualuinn,
bain clais is gruadh iomuire,
ithig, cuirig, buinig, buailig.
Ná bí gan cóir uaibh ná oruibh,
lean do choruibh Chlainne Tomáis,
ná bí gan gad úr ad shrathair,
a Chathail, lean dod mhórdháil.
Ná bí gan smeara dhod bhróguibh,
ná bí gan spólla lá féile,
ná bí gan glas air do chóthra,
's ná bíodh seomra fad shéaduibh.
Ná bí gan ionga a gcúl do chomharsan,
's ná héirig chum córa gan éithioch,
ná déin math dod gheallamhuin,
's ná díol deachmhugha ar aonchor.
Ná grádhaig an t-aos uasal,
is ná tabhair dualgus don éigse,
ná héist re foghar orgán,
's ná creid comhrádh cléire".
Is annsin do ghluaisiodar na matha sin riompa go Dún
Eochair Mháighe, risa ráidhtior Brú Rígh an tan so, mar a
raibh teagh Chathail Chróin; agas do comhmóradh fleadh
adhbhulmhór le Cathal an onóir do Shiligeaán inghean
Chairbre.
Agas do thionóladar matha Chloinne Tomáis fa thuairim na
fleidhe sin, agas an tan táinig ám a caithmhe dhóibh, do
cuireadh na biadha saora sochaithmhe ar na bórduibh sleamhuine
sliosbhlátha síthfhoda, agas do shín Mathghamhuin
Mór Ó Feoir a spéice coise tar fuarma suas le deifir chum
suighte roimh chách, agas tarrla bárr a throighe roimh sgála
mhór lition do bhí ar a leathtóin a bfhíorthosach an bhúird sin,
agas ar suighe do Mhathghamhuin, tárrla beann a fhalluinge ar
an sgála lition sin gur dhoirt í fan mbórd uile, agus do mhúch an
pháideog do bhí an' fhiaghnuise le binn eile na falluinge céadna
dá cathamh thairis siar ag suighe dó go hogmurrtha drochmhúinnte.
Agas do bhí fear fala agas tnútha do Mhathghamhuin astigh
.i. Cormac Ó Curéibe, agas as eadh adubhairt: gur mhór an
náire do Mhathghamhuin bheith 'na charrán cám-stóic a dtig a
chomhursan. Do fhreagair dearbhráthair do Mhathghamhuin é,
agas adubhairt re Cormac léigion dá spior-spar agas dá mhac ar
muin agas dá futa-fata fa bhrághaid Mhathghamhna, agas gan
caor chamlóid do dhéanamh dhe ar cuaird nó go ndiongnadh
féin cíor thuathuil don teagh. Táinig Cathal anuas agus labhrus do
bhriathruibh sámha socura agas do tharraing síothcháin agus
cáirdios eatorra; agas do shuigheadur féin as a haithle sin ar na
bórduibh go saothrach séideánach, agus do chaithsiod biadh go
dorcha dórdánach, agus budh clos go himchian uatha an ghliosmurnach
do-neidís ag dubhshlogadh na beatha sin go blasda
borbghreamannach, agus gan aire acu ar chomhrádh ná ar chaitheamh
aimsire, acht amhuil do bhiadaois cloigis do mhucaibh
garbha gortacha ag coimheasgur fa dheireadh dríodair praisge
nó anbhruithe.
Is annsin do léig Lochluinn Leathan gáire mór sothuimh iar
líonadh a bhrú agas a mhórbhuilg, agus adubhairt nár chaith
riamh pruinn ná tomhaltus budh sochaithmhe agas budh
sobhlasda ná an biadh sin, agus rug buidheachus mór re muinntir
an tighe agus as eadh adubhairt: "Ní fheacamuir riamh lánumha ná
muinntior thighe budh fearr modh, oileamhuin agas béasa agas
foghluim ná an cumplucht so", ar sé, "ón mbliaghuin do
bhámuir ar banais tShaidhbhe Ní Chaimidil. Seinnigh dhúinn
ceolta", ar Lochluinn Leathan. Do ghlacadur cuid acu a dtrumpuidhe
agas cuid eile ag gabháil chrónáin, agas do chaitheadur
an oidhche go subhach somheanmnach; agas do leathadur
arna mháireach, agas adubhairt Brian Beag Ó Biorracáin
an laoidh si:
"Math an mhuinntior so,
mór na miasa so;
as math na meacain si
do bhí san litin si.
As borb an bhiataisi
do sgiub sgeo an sgála so;
as práip an phraiseach so
ar íochtar bhur mbrághadsa.
Sgiamh sgairbhidhe
ludurtha lutharnuighe;
math an turuso;
a chuallacht sona so,
as reamhur bhur n-aránsa
ar líonadh bhur bputógsa".
Do bhádur Clann Tomáis mar sin go haimsir Uí Néill.
Táinig annsin le hiomud coguidh uathadh fear agas foirne ar
mhórán d'Éirinn go ndeachadur a mbáthadh mórán dá
mathaibh agus dá n-olcuibh, agas do léigeadar Clann Tomáis ar
ghorm agus ar dhearg do chur ar a n-éaduighibh d'éis tréimhse dá
n-aimsir do chatheamh roimhe sin ar ghuid agus ar bhruid agus ar
éigean; agus annsin le tearcad daoine do léigeadar ar ghabháltusuibh
do ghlacadh agas ag iarruig cleamhnuis nár chubhaidh
dóibh d'iarraidh ná d'fhagháil; agus do-chuadar chum
bheith 'na gceannuibh bailte, agus chum an fhearuinn do dhaoradh
ar an aos uasal, agus do léigiodur ar dhathannuibh nósamhla
do chur ar a n-éaduighibh agas ar chumthaibh
nósamhla do thabhairt orra.
Mar sin dóibh do dtáinig Uaithne Ó Mórra thar maoilcheird,
agus tug sin uathadh cruidh agas cosduis orra féin agus ar mhórán
eile maille riú, ionnus gur shaoileadur nach béaradaois ar a
mbonn go bráth. Gidheadh iar dteacht do rígh Séamus a
bfhlaithios, táinig dá mhath agas dá shochroidhe gur líon Éire
do shocaracht agas do shíothcháin lena linn re cian d'aimsir,
agas gur ghabhadur Clann Tomáis ag cur a gcloinne chum
sgoile agus chum cléarcuis; agas níor mhaise le neach dhíobh gan
a gcur le rhetorique agus le feallsamh nádúrtha do mhúineadh
dhóibh, agus a n-ingheana do chur le síoda agus le somplóireacht, go
ndeachaidh an fearann a ndaoire agus cosdus Chloinne Tomáis ag
dul ar gcúl.
Agus as í comhairle do-rinneadh leo: feasa agus teachta do chur do
thionól Chloinne Tomáis chum aonionaid cuinne ar mullach an
chnoic frisa ráidhtior Cros Í Fhloinn eidir Dúthaidh Chloinne
Muiris agas Ciarruidhe, cheithre lá dhéag roimh lá 'le Michíl
san bhliadhuin d'aois an Tigherna 1632; agas ar dteacht
chum aonbhuill dóibh, as í comhairle do-rineadh leo .i. pairlement
do chur 'na shuighe ar an gcnoc sin; agas as iad so
dream fa hurrughanta dhíobh a gCunntae Chiarruidhe - agas ní
raibh éanchunntae an Éirinn nach dearnuidh ionadh cuinne dá
fhios créad do-dhéanadaois re linn gach anfhórluinn dá
mbéaradh orra.
Tángadur mar adubhramuir a gCunntae Chiarruidhe chum
éanbhaill ar an ccnoc réamhráidhte .i. Seaán Séideánach Ó
Seanbhrealláin, Brian Bolgmhór Ó Brisleaáin, Diarmuid
Doithchiollach Ó Dubhsgamháin, Donnchadh Dúr Dranntánach
Ó Deasacháin, Tomás an Trumpa, Conchubhar Casaoidioch,
agas mórán ó Dheasmhumhain do chlannuibh éagsamhla,
a cnocuibh, a cairrgibh agas a háitibh deamhuire do-eolais.
Táinig mar an gcéadna a hIarthar Duibhneach agas as
gach ionadh oile d'iarthar Mumhan dronga dóidsmeartha do-áirmhighthe
dhíobh chum an phairlemeint sin, agus do shuig gach
n-aon díobh go caipínioch cluasmhór cúlchrón cuasbhéalach
camshrónach camphusach ciarléinteach criosleathan
cnáimhreamhur cromshlinneánach gan aithne Dé ná daoine ag
aonneach dhíobh. Agas as é fear friotháilte agus úrlabhra do
bhí acu, eadhon Seaán Séideánach Ó Smutacháin.
"Rath na raithnighe oruibh, a Chlann Tomáis", ar Seaán
Séideánach, "ní fheadramuir gur mhair an lear sin díbh ar feadh
an domhuin mhóir uile; agus as urusa dhíbh gan godamiot ná
tapatú ná rigléisionéis". "As cóir dúinn", ar fear díobh, "a
fhéachuin créad do-dhéanam re linn an anfhórluinn si as mó rug
oruind riamh, óir do-rineadh cíor thuathail agus spaid bhannruighe
ar feadh Éirionn dínn ag áitreabh fa bhuntighearnaoibh,
agus gan truaighe ná taise ag aonneach dhúinn, agas nach gabhamaoid
féin a chéile agas bailte fearuinn do bheith againn".
Adubhairt taoiseach dhíobh gur chóir dhóibh a fhéachuin cia
budh fearr dhóibh: bheith fa áirdtighernaoibh an fhearuinn nó
fa na giolladhuibh óga. "Ní bfhuil annsin", ar Seaán Séideánach,
"acht do réir an mharguidh nó an chunnartha cleithe nó cionnáite
nó tuair nó aoilig nó aonleasuighthe oile do-dhéantar
libh"; agas do-rinne Seaán Séideánach an laoidh si síos ann:
"A Thomáis ó taoi a mbaogal,
so an saogal 'na cham-storráin;
tuigid cách ar bpronócum -
d'imthig sonus Chlainne Tomáis".
"As fíor sin", ar cách uile, "agas do-dhéanamne do
chomhairlese". d'fhiafruigheadar annsin cia ar bfhearr aimsior
na Samhna ná aimsior na Bealltuine. "Ná cualaidh tú an
tsheanrann fhilidheachta do-rin mo mháthairse?" ar Seaán:
"Bealltuine bheag chuiléis phruimp,
do chíos, do chearc is do chráin;
fionnán chuguinn agas cuach,
is fearr ná Samhuin fhuar an áir".
Do mholsad cách uile an rann sin do-rinne Órlaithe Mhór .i.
máthair Sheaáin Shéideánuig, agas do fhiafruigheadar do
Sheaán créad tug air tuitim a neamhghustul agus a ndíth costuis.
"Ní bfhuil feidhm fiafruighe air sin", air Seaán, agas do-rín an
rosga file si síos ann:
"Cailleamhuin chóisdighe
aisdior aonuidhe,
díoghbháil aoilidhe
codladh agas comhnuidhe,
tarrang píopuidhe,
dortadh cannuighe
a mbráighdibh sgraisdí
a gceann gach aonbhaile;
clanna lábánach
a gcúirt go mórdhálach,
an mhuinntior chrónánach
dár dhual beith dórdánach,
aránach, úrbhláthach,
ag druid re díomhaoinios,
ag carrbhus go síorghnáthach;
tuillfidhe don turus so
ón gCuimdhe ccomhuchtach
diomdha bhur ndochriaghlach
uile agas ainmhianna,
bhur ndíthchur ón talamh so
mona dtréigthí na bearta so,
olcus bhur mbeathasa,
le gráin agas le gadaighthibh
a lár na síothchána
oruibhse dá síorcharna".
"Dar na mionnuibh as dual damhsa", ar Diarmuid an Doithchill,
"as fíor a n-abrae".
Níor chian dóibh annsin an tan do-chonarcadar chuca aonóglach
mór aimhghlic anchumtha agas táinig chum láithreach.
"Can asa dtángais, a óglaoich," air siad, "agus cia hé do chinéal?" "Ó
Chunntae Luimne dhamhsa", ar sé, "agus Labhrás an Lándornáin
as ainm dhamh", ar sé, "agas as do Chloinn Tomáis mé agus as
ionrúin díbhse mé; agas fós atáid mórán do sgéaluibh iongantacha
agum ré a bfhaisnéis díbhse". "Beir buadh agas beannacht",
ar siad. "Agas do bhí mise a Luimneach, a nGaillibh, a bPort
Láirge agas a gCorcuigh agas i ngach áit eile dh'Éirinn
ionar connmhadh suigheacháin agus cúirteanna na bliadhna so", ar
Labhrás, "agus tarrla ní iongantach lena chomharthughadh ionnta,
eadhon gan áireamh ar ar crochadh do Chloinn Tomáis ag na
cúirteannuibh sin. Agas fós do comharthuigheadh ag lucht
dlighe gurab iad lábánuig agas clanna moghach atá ag déanamh
gada agas foghla ar feadh gach tíre a ngabhaid".
"Nárab iongnadh libhse sin", ar fear díobh, "an tan umorro
do-chuaidh an fearann a ndaoire agas do mheasamuirne sinn
féin ag dul as ar gcuid agus as ar gcostus, agus do mheasamuir nach
fanár gcomhair féin do cuirfidhe aonní dhíobh sin do
dhéanamh, acht fa chomhair na ndaoine uaisle ndíomhaoine;
óir do bhí muirior cíosa agas cloinne do ghnáth oruinn, agas dá
marbhamaois ar mba agas ar muilt agus ar muca, ní fhéadfadaois
ar gcoimineasg a gcíos do dhíol go bráth; agas air sin as fearr
linn cuid cháich do chathamh ná cuid ar leanbh agus ar gcíosa; agus
fós atá cungnamh maith eile aguinn .i. feabhus coiste ar gcunntae,
agus fós ní dóigh le giúsdísibh an dlíghe nach fuilmidne
clanna lábánach ró-ionnruic, agus is dóigh leo gurab daoine uaisle
díomhaoine agus leathdhaoine uaisle agus sgramuiridhe d'iarmhur
folanna uaisle do-ní gach a ndéinemidne do chlíma-múta
agus do tharrang tealluig agas do ghúta-máta ar stéigibh agus ar
straipionnuibh agas ar alatánuibh, agas as comhthrom mór linn
sin mar gach plaic fe chuim eile".
Is annsin adubhairt Labhrás, "Léig díot, a bhráthair, na bearta
as dúthchus duit do theacht tríot, óir do-chuadur cách amach
oruinn, agus do fríth fiaghnuise agus fionnachomharthuighe ar n-uilc
agus ar n-urchóide agus atáid dearbhtha iomdha go follus air".
Níor chian dóibh mar sin an tan ad-chonncadar dias mharcach
ngallda chuca gach ndíreach. "Cia an marcshluagh gallda
úd?" air siad. "As aithnid damhsa iad", ar Seaán Séideánach Ó
Salacháin, ".i. Muiris mac Dáibhí Dhuibh é siúd", air sé, "agus
do chuir sé leabhar feasach fíreolach amach air gheinealach agus
air ghníomharthuibh Chloinne Tomáis, agus níor fháguibh aon
mhíthapa dá ndearnamuir riamh gan foillsiughadh oruinn; agus
mairfidh ar n-iomrádh a mbéaluibh suag agus daoine saoitheamhuil
go bruinne an bhrátha agus go foircheann an
bheatha do thoisg an leabhair sin".
"Cia an marcach úd maille ris?" ar fear díobh. "Ní fheadar", ar
Seaán Séidéanach, "acht as daoine foghlumtha iad agus ní hionrúin
dúinne iad, agas coimhéaduigse bhur n-aigne go math orra".
"Mo chreach chráidhte, as truagh an ní adeir tú", ar Bernárd Ó
Bruic. "Dar láimh mo cháirdios Críost, ní bfhuil éanrún fa
chliathánuibh Chloinne Tomáis nach aithnid agus nach eolach
do na meathachuibh uaisle úd, óir as minic do chaillemuirne
orra agas do chailledar ar mbráithreacha orra mar an gcéadna".
Tángadur an marcshluagh sin chum láithrig agas beannuighid
dá chéile. "Créad an tionól so oruibh annso?" ar Muiris
mhac Dábhí Dhuibh. "Córuidheacht atá eadrumsa agas Tomás
annsúd", ar Bernárd Ó Bruic, "agas do bhí oruinn dul d'iarracht
oruibhse chum breitheamhnuis do dhéanamh eadruind". "As cóir sin",
ar Muiris, "agus labhruig feasta bhur gcúis". "A dhearbhráthair
an anma, ná creidse Tomás ormsa", ar Bernárd, "óir
as mórádhbhul a phléicéis agas a phlapachus do ghnáth". "Ag so
mh'éileamh féin ar Bhernard", ar Tomás, ".i. cráin fhionn
Bhernaird dar bho comhainm Maol na nGarraighthe,
do-chuaidh iona suighid chaoil chíorrdhuibh tré thóin mo
gharrdhaighese, agus do rug Sgéaluidhe .i. mo ghadharsa, ar an
gcráin, agus do rug bean Bhernáird .i. Mór Ní Chaobáin, ar an
ngadhar agus tug Bernard amus don tuaigh do bhí 'na láimh ar an
ngadhar, agus do bhuail a mhuc féin a gclár an éadain agus do
mharbh í. "A Mhór an anama", ar Bernárd, "cungaimh an
gadhar so Thomáis go mbuailinn don tuaigh é", agas tug amus
aingidhe air Sgéaluidhe don tuaigh agus buailios Mór a lár na
lurgan, go ndearnuigh ciolur-ciot do chnámh na lurgan; agas
atá sé dom éiliomh a gcois a mhná agus 'na mhuic, agas atáimse
dá éileamhsan am ghadhar agus am gharrdha, agus, a mhic mo
chroidhe, beirse do bhreith féain air sin".
"Dar ghréin Chríosg", ar Bernárd, "budh minic leatsa ludarthacht
agus laghdéis agus lorg thar lear agus lumpurnach do bheith ar
bhárr do theangan, a Thomáis". "An uair nach tuguis urruim do
Mhuiris mac Dábhí", ar Tomás, "budh é do leas léigion dod
mhileaisteacht damhsa, agus gan caor chullóide ná cam-sdóic ná
toll eir aithirín do dhéanamh dhíom; agus is mó do sgéal mo
gharrdhasa agus as mó dob fhiú é ná lurga luimín Mhóire".
"Tuguis t'éitheach agas do dheirgéithioch", ar Bernárd, "agas
dar do láimhse dhuitse, agas dar láimh mo chairdios Chríosd, a
Mhuiris mhic Dábhí, an banbh rug an chráin úd, dob fhiú
eadrumsa agas tusa srughán mine nó eorna a gceann a
sheachtmhuine é". "Cia acu rug a chéile", ar Tomás, "an banbh
nó an chráin?" Do thógbhadur cách uile gáir mhaguidh agus
fhonomhaid faoi Bhernárd, agus do mholsad uile gurab ealadhanta
sgafánta fuair Tomás an tagra sin a bfhiaghnuise na
ndaoine math sin. "Dar anmuin bhur n-athar agus bhur máthar",
ar Bernard, "ní dhéan féin moladh ná rádh ionbhur measg
choíche, óir as drochmhúinte drochbhéasach an cumplucht
sibh".
Is annsin do ghabh Muiris a chead acu. "Gan teacht slán
díbh", ar iad sin, "agus ní ó chroidhe do bheannuighmuirne dhíbh
ó chianuibh". Adubhairt fear díobh, "Cuirig críoch ar bhur
ngnódhuibh", ar sé. "Ní dual dóibh críoch mhath do chur orra",
arse Brian Brúideamhuil .i. fáidh Chloinne Tomáis, "óir broid
agas goid agas bréaga, tunáth, tnúth agas tuaisgiort, míchreidiomh,
mírún agus míchrábhadh, éitheach, imirt agas ól as
tréighthe do chlannuibh lábánach san aimsir si", agas adubhairt
an rann so síos ann:
"Éitheach, goid agus cearrbhuchus,
díomhaoinios, ól agas uabhar,
tréighthe chloinne gearrbhodach,
cealg is bruighean is bualadh.
Tugabhuir bhur gceárda dúthchais ar mhalairt .i. ionnracus
ar ghuid agus ar ól cannuighe, umhlacht agus lábántacht ar
mhórdháil agus ar stámur, bhur gcríochnumhlacht agus bhur bfhuadar
ar ól píopuidhe tobaca, agas fós fírinne ar bhréaguibh agus ar
chám; agus is leis so dh'imthig bhur rath agas ní bfhuil truagh ná
taise ag duine ar bith dhíbh le bhur n-olc agas go mórmhór aig
an aos uasal. A thrú, féachuig ionbhur dtimpchioll d'eagla go
mbiadh aonduine don aos uasal ac éisdeacht rinn, óir níor
mhath liomsa rún mo chaoinchomhráidh do bheith acu; óir dá
mbeinn féin agas duine aguibhse ag buain phutóg a chéile
amach, budh annsa liom é ná éinne don aicme uasail, acht
amháin go mbiadh ag cuimilt mheala fúm gach aonlá, agus go
háirighthe an sladuighe satha sin d'imthig uainn ó chianuibh,
eadhon Muiris lúbach mac Dábhí Dhuibh. Agas fós as misde
sinn go bráth a dtáinig chuguinn do chlannuibh ceithreannach
agus d'iarmhur folanna uasalmhór, más fíor dóibh féin, agus is
measa iad so go mór ná sinne, óir ní bfhuilid siad ísiol ná uasal;
agus fós ní bfhuil don druing dhaonna dream as measa ná na
meathaig uaisle, acht clanna ceithreannach amháin, óir ní
boduig re hobuir ná re humhlacht ná re biadhtachus iad; agus bíd
féin agas na meathaig uaisle ag síoriarruig burruigheachta
oruinne mar dhaoinibh maithe", agus do-rin Brian an rann
fhilidheachta so síos ann:
"Beag an mhaith na meathlacháin
mheathas a leith na huaisle;
ní thiubhruinn mo leathshrubhán
orra riamh ná an uair si.
Ní hiongnadh dhúinn", ar Brian Beag, "bheith fa dhaoirse ag
na huaislibh fíora, óir as dóibh do hórduigheadh sind, agas
do-chuadar amach ar ar ndrochmhúineadh", agus adubhairt na
briathra so ann:
"A Chlann Tomáis", ar sé, "fanuig mar d'órduig Pádruig
díbh, madh áil libh socracht do ghnáth do bheith aguibh, agus
fanaig fa na daoinibh uaisle agas ná léigig an cheithrainn
ionbhur ngaire".
Do moladh Brian go mór san ccomhairle sin acu, agas
adubhradar gur mheithid dóibh dul dá dtighthibh gach aon
díobh; agus adubhairt Tomás nach raghadaois nó go bfhaghadh
féin díol iona mhasla. Is annsin do moladh acu iomrusgáil do
dhéanamh a bfhiaghnuise cháich, agas do-rineadh amhluig; agas
do leagadh Tomás, agas ba clos pléasg mhór ar dtuitim dho,
agas do léig Diarmuid Dúr gáire mór agus adubhairt go cnáideamhuil,
"Dia leat, a Thomáis", ar sé. "Créad fa nguidhe Dia
liomsa?" ar Tomás. "Pléasg mhór do-chualamuir", ar Diarmuid.
"Greim do bhris a dtigh mo sheantriúis", ar Tomás, "agas
saoilim gurab lucht magaidh sibhse féin", ar sé. "An iad do
chlocha, adeir tú?" ar Bernard. Is annsin do thóguibh Tomás a
lámh agus do bhuail cúldornn a mbuaic na srón ar Bhernárd, gur
bá lán an talamh dá chrú. Do-chuaidh an cuiminesg fóna chéile
agus do sgaradur gan críoch do chur ar a ngnódh an lá sin do
thoisg an urchuir sin.
Ciodh trácht do commóradh an t-athlá pairliment leo ar an
ionad gcéadna .i. ar Chrois Í Fhloinn, an bhliadhain d'aois an
Tighearna, eadhon 1645, agas an deachmhadh lá do September;
agas iar dteacht dóibh ar aontuluig ar an gcnoc ccéadna sin, do
labhair Seaán Séideánach agas as eadh adubhairt:
"Cuirig críoch ar bhur ngnóthadhuibh do réir úird agus uirmisne,
agus faghaidh cléireach bhus ionrúin díbh, agas cumaidh
nóis agas staitiúidighe mhairfios go deireadh an domhain dá
bhur n-éis agus mhairfios mur dháil fortuchta agas leighis do gach
uireasba dhá mbia ar an maitheas puiblighe". "Ní hionrúin
dúinn cléireach ar bith", ar fear díobh, "acht neach éigin dár
nglanmhiannach féin". "As aithne dhamhsa sin", ar Seaán
Salach, "óir atá mórcharruig léighinn do mhac agumsa, noch
atá foghlumtha gan amhrus, noch tugadh suas re léighionn a
bPotaille agas ann Oiléan Ciarruidhe, agas do bhí sé bliadhuin a
bPortaingléis agas a mBéal Átha Gobáin, agus bliaghain a
gCruachán ag suilleadh éisg a gcuideachtuin iasgairidhe". "Beir
buadh agus beannacht", ar cách a gcoitchinne; agus do cuireadh
fios ar mhac Sheaáin Shéideánuig go Potaille .i. Domhnall
an Bhéarla a ainm. Táinig Domhnall chum láithrig, agas a
chulaidh sgríbhneoireachta aige, agus do fearadh fáilte roimhe; agas
do-rónsad dá spéicéir do Sheaán tShéideánach agus do Bhernard
Ó Bhruic. Do goireadh chum láithreach iad agus do hinniseadh
dóibh gurab iad budh spéicéiridhe ag an bpairliment sin.
"A Sheaáin an anma", ar Bernard, "créad an oifig nó an
t-ainm úd tugsad oruinn?" "Ní fheadar", ar Seaán Salach, "acht
as dóigh leam gurab ionann é agus dá spéice mhóra do bheith
aguinn ar ar nguaillibh, agas gidh-bé neach dhíobh so do-ghéabham
ag déanamh godamiot nó camdhlighe, iad do
smachtughadh lenar spéiceadhuibh". "Dar anmuin mo mháthar,
math an tsheirbhís", ar Bernard. Do-chuadar umorro an dís sin
fan gcoill agus tugsad dá spéice do chamdhruighean chnapach
dheilgnioch leo chum láithreach; agas do bhádar cách 'na suidhe
rompa ar tuluig an phairlimeint do réir úird Domhnuill an
Bhéarla.
Is annsin do labhair Ribiord Ó Ruibliocháin, agus adubhairt ris
na spéicéiribh labhairt agas uireasba Chloinne Mac nÓglách
d'fhaisnéis agas do chraobhsgaoileadh go fóirleathan a
hfhiaghnuise an phairlimeint. "Ní leasainm dhóibh spéicéiridhe",
ar Diarmuid Dúr; agas do mholsad cách a éagsamhlacht
fuair Diarmuid amach an comhrádh uaignioch anaithnid sin,
agas do bhuailsiod cách fa shúgradh do dhéanamh orra. "Ní
dóigh maguidh dhíbh sinn féin", ar na spéicéiridhe, "agus is é bhur
leas gan ceann fa eite ná nod ar nid ná cám-rasáin comhráidh ná
bhrille bhraille do dhéanamh fanar mbrághaidne; agas gidh-bé
do-dhéanadh, dob fhéidir go mbiadh aige mar nach fuil".
"Muine, as cóir sin", ar Diarmuid, "ó do chuiris do chaipín iona
cham-starráin ar do leathdhúdóig chlé". "Más fíor duitse, as
bunóscionn do cuireadh a chluasa ar Thomás", ar Seaán Séideánach.
"Ní fearr linn acht ar a bfhuil", ar Diarmuid Dúr, "agas
adubhrais roimhe sin le mac dearbhráthar mo sheanatharsa .i.
re Lochluinn Leathan, nár chuir sé poll tarathair ná tarrainne ar
bith riamh ioná a chleath a gcluais a cháirdios Críosd ná a
chompánuig, acht bheith ar a chorraduanóg agas ar a bhuailtibh
gearra ag trinntiolladh mar gach léinmiochán, ag lumpurnuig
'na dhod ar tiarpóig a chomharsan. Gach a ndéantása fan
Samhuin nó fan mBealltuine, déin anois é", ar Diarmuid, "agas
an gcuala tú an seanfhocal riamh:
Ná bí gan péisd ad shróin,
roinn reo mur roinnfid riot?"
"Ná cuirse péisd ad shróin chugumsa", ar Bernard. "Budh measa
dho féin péisd do bheith 'na shróin ioná dhuitse, ar Brian
Beag. "Budh minic leatsa, a Bhriain", ar Seaán Séideánach,
"péisd a bpollchomhrádh do bheith ad dhiaig".
Táinig bean Bhearnaird agus do shuigh ar túrtóig sheasga ar
chomhair chlaidhe an phairliment amach, agus do chuir goic ar a
muinéal. Do bhuail a basa agus d'fháisg a laghracha go haidhmhéil
uathbhásach agus d'iafruig do Dhia cá háit a bfhuair Brian
ann féin labhairt re Bearnard mhac Labhráis. Is annsin
d'éirig bean Bhriain .i. Anasdás Ní Chéirín, air an dtaoibh
eile don chladh an phairlimeint, agus adubhairt re Saidhbh
léigion dá gliosmhuiriocht agas dá pléicéis ar Bhrian, agus gurbh
aithnid di féin í ón oidhche do-chuaidh sí ag nighe na meacan
chum an tobuir agus gur ghiolc an t-óglách í láimh re tóin an
gharrdha chaim.
"Dar céad anmuin t'athar agus do mháthar", ar Sadhbh, "a
lúrupóg bhradach bhrithleogach na gcaimseog agus na bfhaghartán,
a inghean toillchiaróige le feidhliocán agas a leathantroigh
na bfhochmuidhe agas na bfhuachtán, an riomsa labhrus tú?"
"Hé, hé, bhog é 'laoich, mo léan is mo lom is mo lagar, a
Shadhbh bhradach na ccnupán, a inghean Labhráis Laghruigh
Leathantónuigh na Lition, ní mise camchuaird bhothánach na
dtor agá mbíonn a tón dóighte ón neanntóig iasachta, mar
bhíos tú féin, a cheirtleog bholgmhór na mbannachán agas na
míráirneaghan; agus níor thomhuis mise mo thuilleamh loisgreáin
riamh lem chaipín idir mé féin agus mo bhanchomhursa, ní
hionann agas tusa, a Shadhbh". "Tuguis do dheirgéitheach", ar
Anasdás, "a chamshálach an chlaonáin, a tholl an róid, a mhadra
na bpóirsidhe, a chaoch na bfháileog, a thruaill bhod Éirionn, a
thobuir bháidhte na n-uircionn, a choinnlín a dtóin; léig
damhsa nó adéaruinn raed beag eile do bhainfeadh an fhail
díot".
"A Dhia, a bhean an chroidhe, as gránna an díol sin do-bheire
ar mo mhnaoi", ar Bernard, "agas dá mairedís a daoine an
Éirinn, budh thruagh leo bail tShaidhbhe agadsa aniugh". "As
truagh liomsa í", ar Seaán Séideánach, "agas déanam spéiceadhil
do réir ar n-oifige aniugh", ar sé. Is annsin do thóguibh
Seaán an spéice deilgneach droighin do bhí iona láimh agas
dlúthuighios le pluc Bhriain é, agus do-chuaidh dealg imreamhar
barrchaol do bhí ann a bpus Bhriain. D'éirigh Diarmuid Dúr
iona sheasamh agas as eadh adubhairt: "Ort do ghoin agas do
ghráin", ar sé, "do-rinis dealg a bpuisín dom chairdios Críosd
agas do-bhéaruir féin díol ann". Tug Bearnárd amus ar Dhiarmuid
agas do chuir ceann an spéice 'na phreicioll, agus iarna
tharrang as do, tarrla gur bhain sé deich fiacla as a chúlchraos.
Is annsin d'éirig an pairlement 'na seasamh agas adubhradar
na spéicéiridhe do lámhughadh. "An sinne?" ar Seaán Séideánach
agus ar Bearnard. "As sibhse féin", ar Diarmuid agus ar
dream eile dhíobh. Do-rineadh dá leath don chnoc agas do-chuadar
do réir a ngaoil agus a gcomhursanacht d'fhurtacht a
chéile; agas ní raibhe neach dhíobh gan arm athghéar a shean agus
a shinnsior an' aice ollamh chum gníomha do dhéanamh do
láthair. Agas is é si innioll agas órdúghadh do bhí orra re
haghaidh na hiorghuile sin .i. biorraeid churruiciocha chamchluasacha
chúlsmeartha do chlúmh agas do chroicnibh
ainmhinntidhe éigcialluidhe, agas slatchótuidhe slime snáthreamhra
go bpócuighibh agus go bpriobánuibh salcha snáthchlúmhacha,
uircionna leathana lángharbha, agus curráin chama
chíocracha chroisfhiaclacha, agus meanuighe bioracha bláthchearta,
agus súisteadha colprighne, agus a rámhuinne cnapacha
crannrighne ar ghualuinn gach fir dhíobh.
Is annsin tráth tugsad ionnsuidhe ainiarmhurtach adhgharbh
ar a chéile; agus an tan tráth ad-chonnairc Diarmuid Dúr Seaán
Séideánach, fógrus go forránta air agas do iarr éiric iona
fhiacluibh. "Do-bhéarsa sin duit", ar Seaán, "eadhon bráthbhuille
baoghlach báis". Is annsin do thóguibh Seaán Séideánach a
lámh láidir lánchalma ós a chionn, agus tug trombhuille don
tshúist imreamhuir urrúnnta ubhallghairbh fó chliathán Diarmuda,
agas do bhris naoi n-easna leathanarrachta iona thaobh
clé don mhórbhuille sin.
Iar sin tráth táinig Brian Beag agus tug a thrombéice ós áird,
agas tug ruathar rúnolcach reachtaigeantach chum Sheaáin
tShéideánuig. "Druid suas, a ghroguire na meacan", ar sé, "go
léiginn an inchinn ina caobánuibh tré pholluibh do bhréanchluas".
Agus leis sin tug buille fíochmhur faobhrach do bhuailtean a
shúiste fá smúsach Sheaáin gur leath an tshrón ar an gceann
aige. Is annsin d'éirig Bernárd agus tug luathbhuille measguithe
mear míchéillidhe ar a bfhud agas buailios a chumpánach
féin .i. Seaán Séideánach, a mullach an chaipín gur chuir
uachtar tré íochtar a inchinne agus do thuit go faon féigeamhuil
follrachtach fa chosuibh cháich agas é leathmharbh.
Is annsin táinig Labhrás an Lándórnáin agus as eadh adubhairt:
"Ó Chunntae Luimne dhamhsa", ar sé, "agas cia aguibh lé a
gcuirfe mé don chur so?" "Buail do bhuille ar an dtaobh gcóir",
ar Tumás an Trumpa, "an taobh ar a bfhuil cae an bhuille sin",
ar sé. "Do thaobhsa", ar Labhrás, agus leis sin buailios Tomás
don tshúist ós cionn an chaipín, agas do léig fuil agus follracht
as a chloigionn fá shleasuibh a mhuiníl; agas tug Tomás an
t-athbhuille chum Labhráis, agas do bhuail tarrsna a thaoibh é
agus do bhris fearsad iona láimh chlé. Tugsad uile aghaidh ar
Labhrás .i. Brian agus Diarmuid Dúr, agas do ghabhsad ag
tuarguint agas ag trasguirt a chéile go hainmhín eascáirdeamhuil
do bhuilleadhuibh borbneartmhura báis a srónuibh, a
súilibh agus a gcamchaipínibh a chéile, gur thuit Labhrás ar an
láithir sin acht beagán don anam do fágbhadh ann. Do budh
iomdha iona bfhaonluidhe ar an láithir sin cuirp chróna
chriosleathana chroisfhiaclacha agus dóide dúra drochchumtha agus
crúba cróna cnapmhéaracha d'aithle na hiorghuile sin. Mair sin
dóibh go tráthnóna; agus do leathadar go gruama gearánach
acht an mhéid d'fhan a bfhochair an áir le hiomurca a n-othar
agas a marbh.
Do ráinig umorro sgéala an chatha sin go Cunntae Luimne agus
gur thuit Labhrás ann. Tángadar a cháirde fana thuairim agas
fuaradar riumpa é go fíorlag fanntuiseach, agas do thógbhudar
leo é as a haithle, agus do-rine Maghnus na Mileoige .i. a
dhearbhráthair féin, an laoidhe iarghnódhach so síos go
nuallghubhach:
"Dubhach sin, a Chros an Áir,
d'éis Labhráis do chráidh mo chiall;
a gcorrán, a bfheac ná a súist
ní bhia ar ndúil is ní chaithfiom biadh.
As iomdha lá gach ré ccuaird
ag bualadh is ag buain an ghuirt
tugamuir taobh re taobh,
's don arán níor chaol ar gcuid.
As iomdha biadán soithimh séimh,
is comhrádh go ccéill nár thur,
do-níodh Labhrás tar éis bhídh
iona bfhaghadh gach neach dhínne sult.
Mo dhúil a ccláirsig ná a ndán
cuirim druim go bráth a chur;
tar éis Labhráis budh bhinn glór
biaidh mo chroicionn go crón dubh".
Iar rochtuin do Labhrás do bhaile, tángadur táimhnéala báis
dá ionnsuighe agas d'iarr sé an sagart do theacht chuige. Táinig
an sagart agus do labhair do bhriathruibh diadha ag moladh
faithis Dé. "An rabhais ann", ar Labhrás, "mur go bfhuilid
a sgéala go cruinn agad?" "Ní rabhas fós", ar an sagart, "agus biam
muraon ann go dtoil do Dhia", ar an sagart. "Go madh é do
bheatha", ar Labhrás, "más an aoinfheacht bhiam". "Ní meithid
damsa dul ann fós", ar an sagart, "agus gidheadh déanasa
h'udhacht, a Labhráis". "Fágbhuim re hudhacht", ar Labhrás,
"go madh shocra liom bheith a bfhochair mo mhná agus mo
chloinne anocht, mur a bfhaghainn pruiseacha príomhamhla
prácáis, bun bainne agus bréaním ruibeach cuasghorm gabhar
agus caorach, ná bheith san ionad sin frisa ráidhtior flaithios
Dé". Agas adubhairt an laoidh si síos ann:
"Fágbhuim mh'uircionn agas mo shúist,
mo chriathar dlúith agus mo shac,
mo dhá sgála is mo dhá mhéis,
iad sin go léir agam mhac.
Mo léine gharbh chiar,
máilín mo liadh is mo bhrat,
mh'arg, mo losad is mo bhró
agam mhnaoi phósda mur roinn óm mhac.
Mo churrán is mo rámhann ghéar
is mo dhá ghabhar mar shéad chruidh
agam inghin ghreannmhuir, ag Móir,
mur chuid sdóir ré ndul chum fir.
Mo chaipín cíorach cluascham caol,
mo leathbhróg dhaor is mo chrios,
mo sheantriúbhus lóipín do shíor
ag Tóimín mur dhíon ar shioc.
Agus mh'anum ag an sagart séimh,
mo chóta réigh is mo bhróg gharbh,
mo mheanuith géar is mh'iall
fuighioll greama riamh nár fhág".
Ciodh trácht iar gcur a marbh agus iar leighios a n-othar,
tángadur an treas lá chum an ionaid chéadna chum an phairlement;
agus do toghadh acu dá fhear dhéag dá maithibh a gcoiste,
agus an chuid eile ré hiomchasaoid agas re gearán a n-uireasba.
Agas as iad so airteagail do cuireadh síos ann: ar dtús go
rabhadur gan sloinnte uaisle orra, agus fós nach bíodh lón leathbhliadhna
leo chum na bliadhna, agus fós go raibh mórán díobh
ag dul re díomhaoinios agas ag dul don Fhrainc agus ag fágbháil a
ccruidh agas a ccostuis an Éirinn dá ndéis. Is annsin do labhair
Bernard Ó Bruic agas cuid do mhathaibh an choisde: "Ní
hiongnadh sinn do bheith bocht", ar siad, "tré iomad drochriaghlach
d'fhás eadruinn re cian d'aimsir".
Is annsin do fógradh sdaitiúidighe nua acu .i. iomad meacan
agas biataisidhe do chur, agas garraidhthe móra do dhéanamh
dá gach sórd fa leith díobh; aoilioch do dhéanamh, agus gan cion
do bheith acu ar chácaidhibh spíosartha ná ar arán cróich; gan
leannta dúbullta do dhéanamh ná iomud fíona ná uisge beatha
do cheannach, agus an tubaca do léigion díobh, agus gan a gcuid
ime do chaitheamh acht a choimhéad chum an chíosa, agus gan
aodhaire ná óglách do bheith acu acht a gclanna féin.
"Agus a dtaoibh na sloinnte uaisle do bheith oruinn", ar fear
díobh, "cumag gach n-aon a rogha sloinnte dho féin". "As
córuide sin", ar Tomás an Trumpa, "óir as aithnid damhsa
mórán adeir gurab do Shíol mBriain iad féin agus iad d'fholuibh
uirísle codruma". "Biaidh mise do Shíol mBriain feasta", ar
Brian Beag. "As cóir sin", ar Diarmuid Ó Clúmháin; agus
do-rine Diarmuid rann ar an adhbhar sin:
"Ó Clúmháin, Ó Céirín cóir,
Ó Curnáin, Ó Feoir, Ó Bruic,
biam anois do chlannuibh Céin,
do Shíol Néill is do Shíol mBluid".
"Beir buadh agas beannacht", ar Tomás an Trumpa, "ní córa do
mhórán eile san aimsir si, ó tá Ó Briain láidir, iad féin
d'ainmniughadh do Shíol mBriain ioná dhúinne; agas an dóigh go
bfhaghmaois onóir nó comhthrom dlighe amhuil do-níd mórán
eile as aithnid damhsa? Agus a Dhiarmuid ó, cá shluinne dhuitse
féin?" "Do mhuinntir Chaimidil", ar Diarmuid, "eadhon
Caimidil Ó Briain". "Beir buadh agas beannacht", ar Tomás an
Trumpa, "agas labhram feasda ar ár staidiúidibh", ar sé.
"Adeirim féin", ar Mathghamhuin Ó Clúmháin, "nach cóir
dúinn bailte fearuinn do bheith aguinn feasda, ó do-chuamuir
a luime, agas gan cíos do bheith oruinn, acht ceathramhadh
punnann do dhíol gacha bliadhna agus féarach gacha rátha". Agas
do fógradh an staitiúid sin acu mar gach staitiúid eile. "Agus a
dtaoibh a bfhuil do mhoghachuibh díomhaoine", ar siad, "ag
dul don Fhrainc, is fearrde sinn é go bráth, óir ní raibh acht
sladuighthe satha ionnta, do bhíodh ag caitheamh lóin ar na
fírbheachuigh .i. na lábánuig. Do-gheabhuid bás tall agus tuitfidh
a gcuid abfhus ar dhaoinibh as fearr ioná iad féin go mór".
Níor chian dóibh annsin an tan do-chunncadar ógláoch gallda
chuca. "Cia an fear gallda úd chuguinn?" ar fear díobh. "As
aithnid damhsa é", ar fear eile, ".i. Roibín an Tobaca é siúd,
agus is maith an tobaca bhíos aige do ghnáth". "Ceannócham cuid
de", ar Bernard Ó Bruic, "agus cia aguinn laibheorus Béarla ris?" "Mise
féin", ar Tomás. Táinig an t-óglaoch gallda agus beannuigheas go
ceannsa agas adubhairt: "God bless you, Thomas, and all your
company". Do fhreagair Tomás dó go neamhthuaisceartach agas
as eadh adubhairt: "Pleshy for you, pleshy, goodman Robin". "Dar
anmuin mo mháthar", ar Bernard Ó Bruic, "do dhubhshloigis
rogha an Bhéarla". Do thionólsad cách 'na thimpchioll ag
machtnughadh uim Bhéarla Thomáis. "Fiafruigh cunnradh an
tobaca", ar Bernard. Do labhair Tomás agus as eadh adubhairt:
"What the bigg greate órdlach for the what so penny for is the la
yourselfe for me?" Adubhairt Roibín: "I know, Thomas, you aske
how many enches is worth the penny", agas do thóguibh a dhá
mhéar mar chomhartha, agus adubhairt: "Two penny an ench". "Dar
láimh mo chairdios Críost, maith an cunnradh", ar Tomás.
"Créad é?" ar Diarmuid Dúr. "Órdlach ar an dá phinginn", ar
Tomás. "Déana tacuigheacht oruinn", ar cách. "Do-dhéan", ar
Tomás agus adubhairt: "Is ta for meselfe the mony for fart you all
my brothers here". Adubhairt Roibín: "I thanke you, honest
Thomas, you shall command all my tobaco". "Begog, I thanke you",
ar Tomás. Fuair Tomás an tobaco ar a fhocal agus tug do
chách é.
Is annsin do tharruing gach fear díobh amach a bhuinín
manntach salach a híochtar a sheircín nó a cluais a chaipín, agas
do ghabhsad ag léigion deatuighe tré pholluibh a srón agas
feacht eile agá shlogadh siar 'na gcúlchraos athaidh fhada. "Is
math an tobaca so", ar Bernard Ó Bruic. "As dóthuide liom a
bheith fírinnioch agad", ar Tomás, "óir do-chualamuir
oibriughadh éagsamhuil aige dá dhéanamh ar chuid do mhathaibh
an choiste". "An chugamsa ataoi?" ar Bernard Ó Bruic.
"Ní shaoruim agus ní dhaoruim aonneach", ar Tomás. "Budh
mhinic leatsa", ar Bernard, "bheith ad mhaide measguithe agas
ad cham-rasáin agas ad ghláimhín gliafuighideach ré hurchóid
do bhreis ar mhórán eile". Agas adubhairt Tomás an rann:
"Sguireadh Bernard dá mhanguireacht,
bramadh sé ná ná bramadh;
mór fuaim brama ón mbalcaire
do shéid aniar óna mhagarluibh".
"Díth saoguil agas sláinnte oruinn", ar cách uile, "aon rann is
fearr eagna agus eolus ná sin ná cualamuir riamh, ó nach mairionn
Brian Ó Bloingidhe; óir budh é sin fear rinn do dhéanamh do
budh fearr iona chomhaimsir".
Is annsin do tógbhudh gáir mhaguidh agas fhunomhuid fa
Bhearnárd. Do bhain Bernard a chaipín de agus tug aghaidh
bhuthuaidh, agas tug a mhallacht do chách uile san mhasla sin
fuair uatha; agus do iarr air Dhia gan rath ná rí ná críoch mhath
do chur ar an bpáirlement sin go deo ná go deireadh an
domhuin. Agas fuair an athchuinghe sin mar budh dleacht.
AN DARA LEABHAR DO
PHAIRLEMENT CHLOINNE
TOMÁIS ANNSO.
ALLTUGHADH an bhoduigh gháiriotha, a mhná agus a
chloinne, re linn Oiliféir Cromuil do bheith 'na phrotector
aige; gurab é sin Sir Domhnall Ó Pluburnáin ó Chunntae Phuirt
Láirge:
"Treise leat, a Chromuil,
a rígh chroinic na sgulóg,
as red linn fuaramuir suaimhnios,
mil, uachtar agas onóir.
Mar do choisg Pádruig an bó-ár
do chloinn Ádhaimh an Éirinn,
do choisg tú dhínne lá seachtmhuine
is mórán dliosdionuis éigcirt.
Iarruim gan Caomhánach ná Branach,
Nuallánach ná Cinnsiolach,
Raoisioch ná Róisteach
d'fhagháil fóid do chuid a sinnsior.
Iarruim Cromuil do bheith an uachtar,
rígh uasal Chloinne Lóbuis,
tug a dhóchuin d'fhearr an tshúiste,
is d'fhág fear na dúithche ar nothing.
Atá ar gclanna re subhuchus
a ndiaig dhúthchuis agas chórtuis;
fear an bhannda is na buataise
gan tuath acht a chlóca.
Ní bfhuil d'easba oruinn acht ar gcreidiomh;
iarruim toradh do bheith san eornuin,
go ndéanamaois leas ar n-anma
an am ceanguil an fhóghmhuir.
Iarramaoid a bfhuil san teach so,
ar gcuid agas ar maoin,
do bheith ní bhus fearr bliadhuin ó 'niugh
is gach neach is maith linn".
As é an Sir Domhnall so fá giúisdís agas fá ríghbhodach ar a
raibhe do Chloinn Tomáis ann dá Chóige Mumhan agus a gCóige
Laighean re linn Oiliféir Cromuil do bheith 'na phrotector;
gurab tríd sin do órduig tuarusdal do thabhairt don tí do
gheabhadh timpchioll dhá Chóige Mumhan, Chóige Laighean
agus na Midhe, agus mionna na hinneonach do bhuain dá gcine féin
uile fa bheith dílios dá chéile; agus d'órduig Conchubhar
Costshalach do chur ann, agus dias do dhaoinibh iomchubhaidh
leis, chum summons do thabhairt an gach baile margaidh agus ann
gach ceann cunntae don lucht céirde do bhaineadh riú féin, mar
atáid: rotús agus tuamanuigh agas dighe na gceard so ionar ndiaig
noch as miann leam d'ainmniughadh: as iad sin úcairidhe,
fíodóirighe, muilleoirighe gan bheith 'na saoruibh, criathradóiridhe,
lucht simnéithioch do ghlanadh, gréasuighthe agus
táilliúreidhe tuatha, procadóiridhe, lucht tóigthe custoim,
acséis agas airgid tinnteáin, agas na drochghaibhne noch do
loisgiodh an t-iarann (ní labhruim ar dhaoinibh saoitheamhla na
gceard réamhráidhte); agas iad sin uile do bheith trí mhíle don
taoibh abfhus do Mhuilionn Gearr na Mídhe an treas lá do mhí
na Bealltuine re suighe a bpairlement, ionnus go gcríochnuighdaois
gach ní dá raibh 'na chúrum orra a dtaoibh na
héagcóra do bhí dá déanamh orra re cian d'aimsir ag tighearnaoibh
fearuinn, ag gabháltuighthibh agus ag daoinibh uaisle
díomhaoine a dtaoibh custuim, cíosa agas dliosdionuis.
As uime do ghlacadur teagh trí mhíle ó bhaile mhór ar bith,
ionnus nach diongnadh aonní buaireadh dóibh. Tángadur fir
Mhumhan agus an taoibh tshoir do Chóige Laighean annsin, agus a
bpacaidhe mine prácáis agas a dtiarpáin phutátaoi ar tóin gach fir
dhíobh, gur chruinnigheadar uile ar aon láthair; agus as é Cian
Ó Caimilín, eadhon mac Mhurchadh Bhéalbhuidhe Chluasmhóir
na Lition, agus Áine na nAlt ó Chunntae Chiarruidhe a
mháthair, do bhí 'na spéicéir ag an bpairlement sin. Agas do
cuireadh an páirlement iona suighe, gach n-aon iona ionad
cinnte comhchubhaidh do réir a mhaoine saoghalta agus a
fhéasóige, mur atá: fear na seisrighe ar dtosach, fear na leathsheisrighe
iona dhiaig sin, agus mar sin dóibh do réir a n-aoise
agas a dtábhachta agas a dtoice.
As uime do-rineadh spéicéir do Chian Ó Chaimilín don
phairlement sin, do bhrígh go raibh sé 'na bhuachuill sagairt a
bfhad, agas go bfhuair sé eolus mór, ar son nach sgríobhadh agus
nach léigheadh sé, agus nach raibh cur an mhadra amach don
Bhéarla aige, agas nach raibh an Ghaoidhealg féin ar foghnamh
aige. Gidheadh do bhí méar math binn ar thrumpa aige agus
crónán 'na chaobuibh.
An tráth tángadar ar aon láthair, do shuigheadar ar a lóistighibh
leathanphriobánacha, agus ar a bpillínibh bogchiumhasacha,
agas ar a saoistighibh tuighe nó buigiúin; agus is é Sir
Domhnall Ó Plubarnáin do bhí ina shuighe an árdionad giúisdís,
agus cúpla saoiste mór faoi. Agas as é cryer do bhí acu .i.
Murcha an Bhainne, seantiománuighe seisrighe ó Chnoc an
Fhoghmhuir an Iarthar Éirionn .i. an Oireacht Í Chonchubhair,
agus Mór na bPacuidhe ó Chloinn Mhuiris máthair an Mhurcha
sin; agus is uime do toghadh Murcha mar chryer acu, do bhrígh
go raibh guth slán fulláin aige; mar as nós san dúthaigh ina
mbíodh sé bheith ag glamaoil gan tuirse ar bith. Do léig
Murchadh trí ghlao as gur chlos fan Mídhe uile iad, agus do
ghuir sé an páirlement mair si an órdughadh a ndiaig a chéile, mar
tá ar an dtaobh eile don duilleoig:
Sir Domhnall Ó Pluburnáin Domhnall Dúr Ó Duircinne
Cormac Ó hAlpacháin Giolla Dubh Ó Glaicín
Murcha Ó Magarláin Feardorcha Ó Rilliocháin
Réamonn Rúnoghar Muircheartach Ó Murrúcáin
Seaán Ó Caoirlín Tadhg Garbh Ó Gamaláin
Cian Ó Caimilín Maoilseachlainn Ó Sníomháin
Domhnall Ó Dreancuide Diarmuid Ó Neantunáin
Rughruidhe Ó Corbáin Piarus an tShliogáin
Séamus Ó Striolláin Gioróid an tShrannáin
Conchubhar Ó Crosáin Pilib na Seasga
Murcha an Phrioca Donnchadh an tSraoibúin
Raghnall na Fime Domhnall Ó Dorráin
Maghnus Ó Conraite Labhrás Leibidioch
Seaán Sanntach Ó Stacáin Brian Ó Butúin
Tadhg Caoch Ó Céirín Cearbhall Clamprach.
Do bhí tríochad do lucht cliubaoidh, agus tríochad do
lucht ropuiridhe, agus tríochad do lucht smístínidhe agus sámhthach
grafán ag gárdáil ar an bpáirlement sin an feadh do bhídar a
gcúram na mórghnódhatha sin, agas an feadh do bhí an commission
mórchomhuchtach sin, noch fuaradur óna bprionnsa
díogruisioch féin .i. Oilifér Cromuil, dá léaghadh dóibh.
Ag so an speech do-rín an giúistís dóibh .i. Sir Domhnall Ó
Pluburnáin:
"A cháirde grádhacha", ar sé, "agas a chlanna na n-íocuighthe,
a shaothruighthe agus a lucht beathuighthe daoine, ban agus leanbh,
agas a lucht díogruise bhainios rinn féin, a Chlann Tomáis
Mhóir mhic Liobuir Lobhtha mhic Lóbuis Laghraidh mhic
Dracopéiste mhic Beilsebub, as uime thángamuir annso a
bfhochair a chéile chum pairlement, ag iarruig cirt do
chongmháil, agus ag iarruig smachtuighthe do dhéanamh ar an
ndruing si atá dhár milleadh re fada, agas fána bfhuileamaoid
ionar sglábhuighthibh a ndocharbhruid fa dhaorchíos, gurab
iad sin aghradh tighearnaoidh fearuinn, gabháltuighthe agus
daoine uaisle díomhaoine; agus suil do rachamaois ní bhus
faide annsna mórghnódhthuibh suimeamhla so, inneosad féin
díbh ní atá ar mh'aire re cian d'aimsir agus atá 'na cheo agas 'na
chunntracht ós ar ccionn re tuairim agas míle bliadhan .i. ó
bhás Domhnall an Phónaire ó Chunntae Liatruim (go ndéine
Dia mórthrócaire ar 'anam geal); agus mar do marbhadh leis an
bráthair bocht le tuaidh bhig an chéachta ar son bheith ag
ceasacht ar chárt órna thug sé mar dhéirc dho. Agas ón am sin
anall atámaoid dár mallughadh san Róimh, nó go mbainid cloig
na Rómha oruinn comhainm an laoi do-ríneadh an gníomh sin,
go bfhuilemaoid ó sin fa ghráin ag Dia agus ag daoinibh, agas dár
ndamnughadh ag an aifrionn mar do-rineadh re ar sinnsioruibh
romhuinn; agus fós gur trésan gcoinniollbháthadh sin, atá do
sheaneasguine oruinn ó sin, go bfuilemaoid ceochánach, srannánach,
sruimiollta, séideánach, bréan, braimnioch, tútach,
runntach, croinntillioch, clabánta, suasbhéalach, leasg, ludurtha,
lagchosach, lánghránna, madramhuil, mórbhrógach,
bolgmhór, milleánach, drochshaláthair, mall, meata, míthapa,
bréagach, clamprach, casaoidioch, fuathmhur, miosguiseach,
míchoinghiollach, gan mhodh, gan mhúineadh, gan bhéasa,
gan chreidiomh, gan choinnsias, gan ghrádh do Dhia ná do
dhuine, ná fós grádh deise dhá chéile; agus as é an tí do bhuailfeadh
agus do cháinfeadh sinn, duine as annsa linn; agus an tí
do-dhéanfadh math dhúinn, as olc do-dhéanfamaois an' aghadh
do; agus is annsa linn an Saxanach ó Lunnduin ná an tighearna
fanar rugadh agus fanar beathuigheadh sinn féin agas ar sinnsir
romhuinn, do-bheireadh lón agus lánbheatha dhúinn; agus an uair
bhemaoid ag ól ar mbuinn nó ar leathbhuinn a dtigh an
tabhairne, nach ag trácht ar nithibh síbhialta ná ar shlánughadh
ar n-anman bhiamaoid, acht ag troid agus ag treabhadh agus ag
fuirse agas ag tiomáin, agus ag trácht ar chumus buailte, buana nó
grafaidh; agas an uair bhímaoid ar meisge, ag glamaoil agus ag
tabhairt mhionn mór, bímaoid dá mhuigheamh "... go racha
mise chum do mhnása agas chum h'inghine acht go dul do
bhaile dhamh". Do-bhéara tusa gia go racha tú farrae mo
mhnaoise agus farrae mo dheirbhshiair acht go roichir an baile.
Nó biamaoid ag trácht ar fheabhus na meacan nó na bputátaoi
nó na mbiataisidhe atá ag ar mnáibh san mbaile, nó ag innisin
méid na sodóige do bhí eidir Briainín Mhaol agas Gráinnín
Charrach araeir, nó ag trácht ar fheabhus do-rin tú mar siúd re
mnaoi do chomhursan ag teacht ón muilionn duit; nó a shamhuil
eile so do chómhrádh dhuairc bharbarrdha mhíthaithneamhach
éigin eile. Agas an uair bhímaoid ag innéirghe
ar ar mnáibh, buailid siad urchur do chois tárrsna feadh ar
mbeoil agus ar srón oruinn. Agas an uair bhímaoid ar aonach nó
ar marga nó ag oireachtus, ní léigthior a ngoire áite ná urláir
sinn, acht ag cathamh urchur do sgámhóguibh caorach ionar
n-éadanuibh agas ag fuadach ar bpléicidhe uainn. Bí mar an
gcéadna claimhe ar ar n-airnéis do thoisg na seaneasguine sin
oruinn. Agas fós an uair bhímaoid ag suirghe, go mbímaoid ag
gabháil do dhóirnibh ar an mnaoi le a mbímaoid ag suirghe,
agas ag cur láimhe ar a bolg agas as sin síos, agas iona dhiaig
sin ag innéirghe uirrthe san oidhche; go dtig dhe sin masla agus
míchlú d'fhagháil dúinn, agas nach bí dho mheas oruinn ag
daoinibh matha nó deaghthabhartha suas, acht meas lóghmaidhe
nó lánbhodach, dá fheabhus bhiamaoid an éadach.
Agas is trésan gcoinniollbháthadh sin oruinn atá gach ainimh
dhíobh sin ag leanmhuin dínn, agus biaidh ag milleadh ar sleachta
ionar ndiaig, mona ndéantar athchumaireacht léna thógbháil
dínn. Agas as eadh as cóir dúinn do dhéanamh: airgiod do
ghearradh asteach san dá chóige si agus a chur le duine éigin
foghlumtha don Róimh (agas is é sin an t-adhbhur, óir ní
glacfuidhe as ar lámhuibh fhéin é), ionnus go dtóigeobhthaoi
an tsheaneasguine sin dínn an ám; óir atá an t-éan circe
agus an peata muice, an t-uan agas an meannán ag éirghe linn
fanar dtigherna féin, Cromwell; agas má thig rígh eile asteach
iona áit, biam fa cham-rasáin aige dár n-únfuirt san donus an
gcéin bhus beo sinn".
An tan do chríochnuigh Sir Domhnall an comhrádh
bunúghasach sin, adubhradar uile gur mhath glic an chomhairle
ar ar chinn Sir Domhnall, agus gurab easba comhairle do bhí ag
cur ortha ion gach éinchéim. Agas tug an páirlement uile a dtoil
chum buinn ghil do bheith ar an bfhearann ar feadh a líomotáiste.
Giodheadh do dhiúltuigheadar Cóige Uladh agus Cóigeadh
Chonnacht gabháil leo. Do-connarcas dóibh annsin Rughruidhe
Ó Corbáin agas Maghnas Ó Conraite do thógbháil agus do
chnuasach an airgid sin, agus a chur ar láimh Sir Domhnaill, go
gcuirdís le teachtaibh don Róimh é.
Is annsin do éirig Tadhg Caoch Ó Céirín iona sheasamh agas
do labhair sé do ghuth gharbh dhothuigsiona, agus as eadh
adubhairt, ag tabhairt bhogbheartughadh fana chaolchaipín mar
chomhartha urruma don Ghiúisdís Domhnall: "Atá an
t-am so obunn", ar sé, "agas ní bfhuil feoil ar mhuic ná ar mhart
ná ar chaoirig, agus is gearr ó do dhíolamuir cíos na Cásga; agus is
fearr fanmhuin go dtige an fóghmhur, agus go mbeire an pónra agus
an eorna oruinn, agas go mbiam go bolglíonta; agus dá mbiamaoisne
an aice an Phápa, do chuirfemaois ar ngearán dá
láthair. Agas fós ní hionchreite d'aonneach go m'fhéidir le
mallacht an Phápa dochar ná díoghbháil do dhéanamh an fad so
uadha; agus ní bfhuil mo thoil féin léna shamhuil do chárna airgid
do chur orm féin ná ar mo bhráithribh ré a thabhairt don
Róimh ná don Phápa".
Is annsin d'éirig Seaán Ó Caoirlín iona sheasamh .i. sgológ ó
Chunntae Iarmhidhe, ar a raibh caipín caol gorm, agus bónna
dúbullta lán do ghibínibh breaca bogshnáth air, agus seircín don
dath chéadna sin air, agus brollach an tsheircín sin osgailte agus 'ucht
leathan liathmhangach gan léine gan cniséadach air, agus leathbhríste
fada fabhrach air síos go leath a lurgan; agas do labhair
do chomhrádh thuaisciortach bhrilléisioch thachtánach agus is
eadh adubhairt:
"Gach uile ní bheirim féin do na bráithribh", ar sé, "ní
lughaide éaguid mo chaoirigh san earrach é, agus ní lughaide
mheathas an eorna orm é; agas go dtabhruim lánsgála na
leathphice d'eornuin dóibh gacha bliadhna, agas go mbí
claimhe ar mo chapuillibh; agas go dtuguim an gearrán bán
dóibh chum na móna do tharrang chuca, agas ní bhrathuim gur
feairrde mé sin uile". Is annsin adubhairt Gearóid an tShrannáin
ag éirghe iona sheasamh: "Dar anmuin mo mháthar, do-chonnarc
féin duine noch fuair bás annsan easguine si, agus do bhí sé
féin agus a chlann saidhbhir sáthach gan uireasba".
Is annsin d'éirig an Giúisdís 'na sheasamh .i. Sir Domhnall,
go feargach tuaisgeartach bramánta, agus tug sé mionna na hinneonach
go gcaithfeadh so bheith mair si, agus súd mur siúd, agus
an ní do bheith mur budh toil leis féin. Is annsin do thoghadur
do thoil a chéile Domhnall an Deannuig .i. mac muilleora
Mhuillinn Ghiorr na Mídhe, do chur leis an airgead sin don
Róimh, mar do bhí sé 'na fhear mhór urrughannta ghlacláidir
ainbfhiosach, agus mar do bhí teanga mhath Bhéarla aige agus eolus
mór, noch d'fhoghluim sé ag dul go tighthibh taoiseach agus
saorchlann Laighean agus na Midhe, ag tionnlacadh a gcoda
bratha agus cruithneachta chuca iarna meilt.
Acht cheana, do críochnuigheadh cnuasach an airgid sin, agus
do bhailigheadar chum Domhnuill an Deannuig é, gur seoladh
chum a luinge a nDún Garbháin é, an t-ochtmhadh lá do
mhí na Bealltuine; agas cúpla mealbhóg do mhin phrácáis leis,
agus beagán ime agus bhagúin agus cháise a gcroicionn mhadra uilc.
Iar ngabháil a cheada do Dhomhnall an Deannuig, do luig an
páirlement sin ar achtuibh agus ar staitiúidibh do dhéanamh; agus
do-chuadar an ceathrar ar fhithchid sin d'fhearuibh toghtha an
phairlemeint a bfhód fa leith ag cumadh na n-acht sin, agus tugsad
rena gcraobhsgaoileadh don chreidher .i. do Mhurchadh an
Bhainne iad; agus táinig a bfhiaghnuise an phairlement, agus do
chuir a thrí móirbhéice as, gur chlos fá na críochuibh iad, agas
do chraobhsgaoil na nóis sin dóibh, amhuil atá ionar ndiaig:
"An feadh bhias Éire fúinn féin,
ná bíomaoid a bpéin do ghnáth;
cuirfemaoid síos ar gcairt,
an feadh bhias an reacht ionar láimh.
Do shuigheamuir a bpairlement
ó Chionn tSháile go Binn Éaduir,
is tugamuir an inneoin Phádruig
bheith 'nar gcáirdibh agá chéile.
Tugamaois onóir don sgolóig,
is mó féasóg 's as fearr maoin,
is deireadh suighte don fhleasgach,
thaisgios go dtí an t-earrach an t-ím.
Achtuighmaoid ar dtuarusdal
lá fuar agas te;
achtuighmaoid ar n-éadach
do réir chéille agas chirt.
Achtuighmaoid ar n-éadach cuirp
mar atá anois do ghnáth:
gearrhata mín dubh,
bríste sgaoilte abfhus agus thall.
Achtaoimaoid ar ndialluitighe,
ar srianta agus ar spuir,
an áit an gharbhadhastuir róin
's an lóiste do bhíodh ag Lóbus san troid.
Achtaoimaoid ríoghbhodach
do bheith ann gach aonbhaile;
sinn uile do bheith d'aonfhocal
leis an aimsir ar gceangail.
Achtaoimaoid an fear so
do shaoradh ón bfhaire,
's a thabhairt do mar onóir
tosach móna agas branair.
Achtaoimaoid an uile achrann
dá mbia eadruinn féin,
a réighteach ag an ríoghbhodach
le hacht of Parlement.
Achtuighmaoid gan mac deaghathur,
duine uasal ná duine díomhaoin
do bheith 'na chomhnuighe a measg chlanna fleasgach
ag déanamh branair ná a' gníomhuigheacht.
Achtuighmaoid pósa dúbulta
do réir dhúthchuis agus reachta:
do mhacsa agam inghinse
is t'inghionsa agam mhacsa
Beith trí bliadhna farrae chéile
go réigh is go fairsiong,
gan fios a bhó ná a chaorach
ag aonneach ar an bfheadh sin.
Achtuighmaoid gan lánumha air bith
do phósa a chéile,
go mbiaid seachtmhuin iona gcodladh
ag boga 's ag déanamh.
Achtuigh maoid an uile fhleasgach,
ar a mbiadh cúrum bothóige,
croicionn caorach na Féile Michíl
do bheith aige chum dórnóige.
Achtuighmaoid an uile fhleasgach,
do-dhéana malairt nó margáil,
dias do bheith do láthair aige
d'fhíorshliocht Chlainne Tomáis
A gcás dá mbiadh an aithreachus,
go ccuirdís a bhráithre an chúis,
mar budh mian lena heart
le ceart by this booke.
Achtuighmaoid gan cúirt easbuig
do bheith ag basgadh ar ndaoine;
dá ndeacha fear chum mo mhnása,
mise 'dhul farraena mhnaoision.
Diúltuímaoid do chúirt shirriaim,
cúirt sheanuscáil ná siosón mór,
acht cúirt an ríoghbhoduig
bhias ar saoire na Nodlag Mór.
Achtuighmaoid an am buana
ím, cáise agas feoil;
órduigheamaoid an am néala
putóga caorach agas bó.
Achtuighmaoid dá phinginn
ó Shamhuin go Féil Bríghde,
is trí pinginne san earrach
an feadh mhairfios an síolchur.
Achtuighmaoid an beart
dá gach fear san bfhóghmhur,
agas chúig phinginne gan amhrus
an am branair is móna.
Achtuighmaoid le chéile
ó Bhinn Éaduir go Cionn tSháile,
más Saxanach, más Éirionnach,
bheith leis an té bhus láidire.
Achtuighmaoid teagmháil lé chéile
lá Fhéile Michíl is Máirt Chásga,
go gcuiremaois síos bearta
na druinge bhíos dár gcáible.
Achtuighmaoid fógra na Féile Michíl
do thabhairt do cheann an bhaile,
d'fhonn go mbiadh sé a muinghin
go bfhúicfemaois an fearann.
Achtuighmaoid uile
do réir ghliocuis agas chríonnacht,
ar dtighearna do bheith ceanguilte
is cead aguinne bheith sgaoilte".
Iar gcríochnughadh an chomhráidh sin don chreidher, do
budh éigion don phairlement uile éirghe iona seasamh agus a
n-aighthe uile do thabhairt siar bhuthuaidh, a bpléicidhe do
bhuain díobh, agus na briathra so do rádh amhuil do dheachtuigh
Murchadh dhóibh iad: "God protect our Protector, amen, and
our greate giúistís, Domhnall".
Ag so an speech do-rin Cormac Ó hAlpacháin:
"A chlanna na n-íocaighthe, a shaothraighthe agus a lucht
beathaighthe daoine, ban agus leanbh, a lucht céirde uile, atá
cruinn annsa pháirlement so aniugh do Chluinn Tomáis, as í
ceist atá agam ré a cur chugaibh anois: an leanfamaoid don nós
do bhí ag ar sinnsearuibh, ó tá prionnsa dár gcineadh féin
aguind, nó an leanfam don nós atá ann anois?"
Is annsin do labhair Raghnall na Leition .i. mac úcaire Fine
Ghall, fear mór plucach, leathanfhiaclach, tollmhór, tóthustalach
agas adubhairt go leanfadaois don nós atá ann anois, "Óir
ní beag linn", ar sé, "bheith gan mhodh, gan mhúineadh, gan
bhéasa oruinn, agas gan bheith as nós na ndaoine uaisle"; agus gur
maisioch an tí do-chífidhe an éadach mhath, agas nach aon
mhath amháin do thiogfadh dhe, acht fós go bfhaghadaois
mórán urruma agus onóra a gcoigcríochuibh ó bheith an éadach
mhath.
Is annsin do labhair Tadhg Ó Gamaláin .i. ardmhaor an
phairlement, agus adubhairt sé gur "Casóga fada agus brístighe
leathana osgailte abfhus agas tshiar, agus falluingeacha fabhruidhe,
troma, toirteamhla, gorma, agus caipínidhe slaparchluasacha
ramhra daingiona uim ar gceannuibh; lóistighe leathana
dathamhla socra do chroicionn muice nó gamhna fanar dtóin an
ionad na n-ialluitídhe ag dul ar aonach nó ar margadh nó chum
oireachtuis, agas adhastair mhatha láidre ghadraigh, ós iad as
toirteamhla ionar lámhuibh; agus tiaracha do shúgán mhath righin
do thuighe sheaguil nó sheasga ionar lóistighibh; agus leanamaoid
don fhaisionn atá ann anois a dtaoibh ar n-éadaigh cuirp".
Is annsin do labhair Maoilseachluinn Stuacach ó Chunntae
Laoighise, agus adubhairt mar an gcéadna gurab é sin nós budh
fearr ann. Do labhair Giolla Dubh Ua Gláimhín agus adubhairt:
"Coisgidh dá bhur nósuibh", ar sé, "agus dar an gcarrán bPádruig
nó go bfhille sibh ar an nós do bhí ar coimhéad ag bhur
sinnsearuibh, ní bhia rath ná sonus oruibh; agas an uair do
bhíodh sibh ag imtheacht go sona simplidhe do réir na
seanaimsire, as í sin uair dob fhearr an saoghal .i. na triosa, agus na
falluinngeacha, agas na pléicidhe ag na sgológuibh, agus na luirgne
isna lóipínibh, agus an tshlat phrioca a láimh an tiománuidhe;
nó go ttugamaoid cóisir, féasda agus uirithisiocht dár dtighearnaoibh,
agus go mbia grádh acu dhúinn agus grádh aguinn dóibh, ní
bhia rath ná foghnamh oruinn; agus fós nó go dtige cogadh, gorta
mhór nó pláig mur tháinig roimhe so; agus an uair do bhí an
saogal go math agus do bhí lacht ag eallach agus iasg ar
aibhnibh agus toradh san arbhur; agas is éagcóir go mbiadh mac
boduigh nó lóimínigh ar aonnós ré mac duine uasail nó
deaghathar; agus san bFhrainc nó san Spáinn go mbí comhartha
cinnte ar na bodachuibh seoch na daoine uaisle; agas is eadh
do-chimhtear dhamhsa: an ríoghbhodach nó an mac oighreachta
do bhiadh aige, an nós do bhí ag na daoineibh uaisle
anuraidh, do bheith aigesion a mbliadhna; gidheadh comhartha
cinnte do bheith air .i. gan do bheith air acht leathspor agus
leathstiaróip na coise clé, agas carabhat anairte noch do-dhéanfadh
lámh a mháthar féin agus a bheith ceanguilte lé córda cnáibe;
agus ag sin an nós do bhí ann an chéad bhliadhuin don chogadh
ann gach cunntae, agus giodh-bé do-dhéanadh malartughadh air
sin, a sgiúrsáil trí lá mhargaidh nó tuarusdal bliadhna do bhuain
de, agus a thabhairt do Sir Domhnall mar chungnamh chum
éirighthe amach chum cúirte nó caibidilioch nó comhdhála ar
bpairlemeint, gach uair bhias sé d'easba oruinn". Tugadar uile a
dtoil chuige sin.
Is annsin d'éirigh buaireadh mór idir an bpáirlement do
dhruim na fíneaghlach sin, agus adubhradar fir Mhumhan gurab
duine díobh féin do bhiadh 'na uachtarán a ndiaig Sir
Domhnuill. Adubhradur fir Laighean agus Mhidhe gurbh éitheach
na briathra sin, agus gurab iad féin do chosnuimh Cathair Bhaile
Átha Cliath ar chogadh na Fraince; agus tar éis iomud easmuilte
do thabhairt dá chéile dhóibh, d'éirgheadar na fir fharránta for
gach leath ag smalcadh a chéile go heascáirdeamhuil agus ag
stathadh gruag agus fhéasóg a chéile; agus an té do bhíodh an
uachtar, ar ball do bhíodh an íochtar, nó go ráinig Seaán Ó
Caoirlín agus Murchadh an Bhainne a mbuaic a chéile, agus do
ghreamuigheadar an dias sin a chéile ar sgeolbhachuibh go
docht dosgaoilte, agas rug Murchadh dubhghreim dian daordhálach
ar ubhall brághad ar Sheaán, agas do bhí do dhochruide
an ghreama sin, gur stopadh slighe na hanála aige, ionnus gur
ghabh a anál san tshlighe éagcóir .i. tréna thóin, ionnus gur
bhram sé go móruathbhásach, gur shaoiliodur lucht an phairlement
gurab é a ionathur do thuit as an laochmhíleadh sin; agus
ar mbeith tréimhse fhada ag sraoilleadh a chéile dhóibh, do
trasgradh Seaán Ó Caoirlín, agus ar dtuitim dho, tharrla an
meanaith do bhí ar a chrios iona chliathán, gur goineadh a
chroidhe iona chliabh go ndeachaidh a dtaisibh agus a
dtáimhnéaluibh báis. Agus do bhí do bhréine na húicnéala tug cách
ar a chéile dhíobh, gur bhréine an teagh iona rabhadur don leith
amuith ná seacht dtighthe bréana eile don leath astigh.
Is annsin d'fhóguir an Giúistís .i. Sir Domhnall, Murchadh
do lámhughadh agus braighdeanus bliadhna do thabhairt do trésan
éagcóir do-rin ar Sheaán Ó Chaoirlín, agus do budh éigean sin do
dhéanamh do réir a thoile. Ba mór an phian bheith a bfhogus
an tighe 'na rabhadur an brosgán broghach sin leis an smúit agas
leis an gceo do thigeadh d'éaduighibh bfhear Mídhe, Fhine
Ghall agus Chunntae Chille Dara, mar as acu do bhí neart na pise
agas an phrácáis, agus iad féin iona bfhearuibh gearra, bolgmhóra,
tollreamhra, tábhachtacha.
Do sheasmhuigheadar fir Mhumhan a bfhad reo, mar do
bhádar 'na bfhearuibh boga árda. Fa dheoig do budh éigion
dóibh umhlúghadh, do bhrígh go rabhadur a bfhad óna ndúthaigh
agus do bhádar ag tréigion iomud fola tréna smúsachuibh;
agus an tan do-chonnairc Sir Domhnall na Muimhnigh ar
madhmughadh, do ghair sé go héignioch ar an ngárda; agus iar
sin tángadar tríochad do lucht ropuiridhe agus tríochad do lucht
smístínidhe agus feacach rámhuinnidhe agus grafán ag teasarguin
na bfhear sin ar a chéile, gur chuir eagla na n-arm iona
gcomhnuidhe iad. Agus do chuir Sir Domhnall duine nó dias don
pháirlement dá fhios cia do thionnsguin an t-imreasan sin, agus
do fríth le haitheasguibh an pháirlement gurab é Maghnus Ó
Conraite ó Chunntae Thiobrud Árand agas Gearóid an tShrannáin
ó Chunntae Chille Dara do thionnsguin an t-imreasan
sin ar dtúis. Agus do-connarcus don pháirlement gurab
annteasbach bídh agus éadaigh do-rin sin uile, agus d'órduigheadar
d'aonaonta an ruisín do bhuain díobh ar feadh an dá chunntae
sin; agus do beanadh an ruisín díobh ó sin riamh mur phionós tríd
sin.
Is annsin d'éirig Muircheartach Ó Bolgáin iona sheasamh
agas d'fhiafruig sé cia do bhiadh iona uachtarán d'éis bháis
Sir Domhnuill; agas d'fhágbhadur uile do thoil a chéile an
uachtarántacht ag an tí do budh fearr cáca spíosarrtha na Nodlug,
agus an fear sin do bheith 'na uachtarán orrtha d'éis bháis Sir
Domhnuill. Agas do chuiriodar uile a lámha chuige sin.
Ag so an speech do-rin Séamus Ó Strealláin:
"Fiafruighim féin díbhse anois", ar sé, "créad an fáth nach
fuaradur Clann Tomáis fearann, nó créad iad na feilbhearta
do-rineadur mar nach faghdaois fearann?" Is annsin adubhairt
Gearóid an tShrannáin ag éirghe iona sheasamh, gurab é
fáth nách fuaradur fearann ná fineachus, do bhrígh go raibhe
seanmhallacht ón bPápa ortha tré bhás an bhráthar bhoicht ann
ám ronna na hÉirionn. Adubhairt Rughruidhe Ó Corbáin: "Atá
an mhallacht sin dínn anois, má mhairionn Domhnall an
Deannuigh do chuireamuirne don Róimh ag déanamh ar
síothchána; agus air sin caithfiom fearann d'fhagháil, ó tá ar
bprionnsa féin iona phrotector (go léige Dia slán é) nó, mona
bfhagham, dearbhócham an aghaidh na nÉirionnach leis na
Sagsanachuibh a gcúirt agus a gcaibidil".
Agas ré linn an chomhráidh sin do bheith eaturra, táinig
duine uasal 'na gceann asteach do bhí ag traibhléireacht .i.
Séamus na Seabhac a ainm, agus do budh iongnadh leis an
comhchruinniughadh sin do bheith ar Chloinn Tomáis, agus iad
ag teacht ar fhearann tshaor d'fhagháil. Do labhair an duine
uasal agus as eadh adubhairt:
"A bhrosgán bodach, atá sibh aguinne riamh dá bhur mbeathughadh,
agas nách fuil a fhios aguibh gurab ó ifrionn táinig bhur
sinnsior, agus gurab do chloinn dílis Dé sinne? Agus go bfhuil
sealbh na hÉirionn aguinn míle bliadhan sul táinig bhur sinnsior
as ifrionn, agus go dtugamuir seanbhróga agas seanstocuidhe
dhíbh, agus an seanéadach do chuiremaois dár gcorpuibh féin, agus
fós go dtugamaois ionathur ar n-eallaigh dhíbh, agas an
mhéid díobh do mharbhadaois na mic dírighe ná an conach, agus
go dtugamuir ceart buana, buailte agus béitéala dhíbh, agus fásuighe
na ngort ar son a ndaingnithe, agus go dtugamuir coimhéad bó agus
caorach agus capull díbh, agus gur chuireamuir ag treabhadh agus ag
tiomáin dúinn féin sibh? Agus an tan do-chunnarcamuir sibh ag
teacht ar bhur n-aghaidh, gur léigeamuir seisear nó ochtar ar
aonbhaile amháin díbh ag cur agus ag treabhadh ar chíos, agus do
léigeamuir bhur gclann le ar gcloinn chum sgoile ionnus gur
thógbhadur beagán foghluma? Annsin budh miann leis gach
aonduine aguibh dochtúir dlighe nó duine eagluise do
dhéanamh dhá mhac; agus an tráth do léigeamuir bhur srian féin
libh, do-chuabhuir a bfhiath agas a bfhiaghantus oruinn, mar as
gnáth libh bheith míchoinghiollach ionar n-aghaidh".
Agas iar rádh na mbriathar sin dó, do gaireadh an ghárda,
agus tángadur dá fhear dhéag do lucht pícidhe laighre, agus do
cuireadh ar láimh é. Is annsin do sgríbh Séamus na Seabhac
rann, agus do chuir do láthair Sir Domhnaill í, agus ag so í:
Dá mbiadh Éire dá roinn
re linn Chromwell an mhíghrinn,
ní bfhaghadh Sliocht Lóbuis troig
acht a gcasa arís go hifrionn.
A chlann do thuill an mhallacht,
a chlann tútach chroinntilleach,
cá bfhagha sibhse dúithche anois,
is gan fód ag bhur sinnsearuibh?"
Agas an tráth do léigheadh an sgríbhinn do láthair Sir
Domhnaill, do sgaoileadh don duine uasal.
Do-rín Raghnall na Fime agus Gearóid an tShrannáin casaoid
mhór do láthair' an phairlement .i. go raibhe an maithios
poiblighe agá lot go mór ag daoinibh díomhaoine, mar atáid
seabhacóiridhe "... Bhíos ag glamaoighil agus ag éirghe ar barr
crann agus craobh, agas ag raobadh daingneacha léna n-eachuibh,
agus ag gabháil tríd na gortuibh agus tríd na móinfhéaruibh, agus ag
díbirt ghabhar agas chaorach óna n-innbhearuibh; agus mar an
gcéadna fiadhuithe, agus giolladha con agus gadhar, ag glaodhaigh agus
ag feadghuil, agus ag cur bhuaidhridh oruinn an aimsir bídh do
chathamh dhúinn dá cheilt orra; agus dá bhrígh sin as iomchubhaidh
smacht do chur orra".
Is annsin do-rin Sir Domhnall tocht tromchúisioch agas
stuidéar fada, agus adubhairt nach rabhadur sin fana ndlighe féin
agus go raibh pribhléid acu ós a gcionn. D'éirig Murchadh an
Phrioca iona sheasamh agus adubhairt: "Atá sé sgríobhtha san
dlighe do-rin ar gceann fine féin .i. Lóbus Laghrach mac
Liobuir Lobhtha mac Dracapéiste mac Beilsebub, an tí do
mhillfeadh an maitheas poiblidhe agas nach biadh neart air,
easguine Dé agus Phádruig do dhéanamh air an am sgora nó
gabhála an iaruinn". Adubhradur uile gur cheart an dlighe
sin.
Is annsin do-rin Sir Domhnall agus an chuid eile don phairlement
acht .i. an ríoghbhodach agus an fleasgach go comhchoitchionn
do bheith ar aonfhocal a gcóir agus an éagcóir, agus na
feirmiúiridhe do dhíbirt; agus gurbh usa dóibh féin cíos do dhíol
agus do dhéanamh, ná do dhaoinibh uaisle, do bhrígh go mbainfedís
agus go mbuailfedís agus go mbiadh pádha béiteaghla agus
brácála acu "... Agas má théid beirt nó triúr do Chluinn
Tomáis ar marga nó ar aonach, nach nár leo gan cárt leanna do
cheannach, acht amháin builín, agus sin do phlaca fa shlighe, agus builín
eile do thabhairt do bhaile chum sgríoba rúiscín, agas a leath sin
do thabhairt do Shaidhbhín, go ndíolfadh sé an peata muice, do
bhiadh bliadhuin iona chuibhreann; agus nach nár le haonneach
dhíobh bheith gan feoil lá Nodlag ná Cásga ná Domhnach
Oinide; agus go ndíolfadaois an lae agus an lubhán agas an sicín agus an
cuachán do uighibh matha ramhra; agus nach mur sin don duine
uasal bhocht; go madh nár leis na bearta sin do dhéanamh, ionnus
go dtagann de sin a thuitim an ainbfhiachuibh agus a ghabháltus do
chailleamhuin, agus leis sin biaidh an gabháltus aguinne", ar siad.
d'órduigheadur mar an gcéadna dalta uileamhna agus dearbhchara
láidir Shagsanuig do bheith ag gach n-aon díobh,
agus bairille agus buidéal agus ól tuatha agus baile mhóir do thabhairt dó,
go ndéanadh cosnamh dhóibh an aghaidh éagcóra agus anfhórluinn
na ndaoine uaisle agus na n-annfhlatha do bhiadh dá n-imirt
orra. "Bíodh dias dá bhur gcine féin do láthair an am ceanguil
bhur gcunnartha lé bhur dtighearna. Agas orduigheamaoid
díbh bheith ag gáire le bhur námhuid agus bheith dá cháineadh ar
a chúluibh. A cháirde grádhacha, ná léigidh bhur cceart le
haonduine; agus más láidire é ná sibh, cuirig bréag air agus dearbhuighidh
uile le chéile iona aghaidh ag cúirt agus ag téarma; agus
cuirig bhur gcuid a seilbh bhur gcloinne mar sheachuint ar
fhiachuibh, ar phúnáiste agus ar gach éileamh aincheart eile dá
ndéinid na daoine uaisle oruibh, agus go mórmhór mar cheilt ar
dheachmhuidh. Bíodh mar an gcéadna dá phorc muice ag gach
n-aon aguibh mar sheachuint ar phúnáiste, óir téid gach neach
saor ó phúnáiste bhíos a dtaoibh re dhá mhuic. Mar an gcéadna
géidhe don athlíne agus seanachránta do thabhairt dá bhur
dtighearna. Agas an am díola bhur ndlisdionuis, bíodh bhur
gcéacht agus bhur n-úghmucha briste, agus ná bíodh gad ná
cuing ná lorg ná iarann ar áird aguibh, agas, gan dearmud,
bainig an prioca as an tshlait bhroid; agus an ám ceanguil le bhur
dtighearna, bíodh cuid aguibh ag ollmhughadh oruibh chum
imtheachta agus cuid eile ag díomoladh an fhearuinn, d'eagla
daoirse chíosa do chur oruibh. Agas más teacht, más imtheacht
díbh, tugaidh fógra na Féala Michíl dá bhur dtighearna, agus
déanuidh spaid don fhearann, agas biadh bhur ttoil féin
aguibh". Is annsin do chuireadur uile a lámha chum an aicht sin.
Agus ba fada le Sir Domhnall do bhí Domhnall an Deannuig san
Róimh, agus do chuir teachta chum cuain ag lorg sgéal uadha, agus
as é sgéal thugsad leo: gurab é caraid do bhí ag Domhnall an
Deannuig san Róimh .i. Mártan Naomhtha; agus gurab é do-rin a
shlighe ris an bPápa, agus trésan adhbhur sin gur ghabh sé féin
agus muilltheoiridhe an domhuin ré Mártan mar anamcharaid
naoimh ón am sin alle; gurab thríd sin do chuarduig Mártan
rulla agus recórd na heagluise san Róimh, agus go bfhuair an
mallughadh ar na muilteoiribh tré ghuid mhine do-rineadar ar
dhuine bhocht eagluise. Agas as í comhairle do-rin Domhnall:
an t-airgiod do thabhairt ar son na heasguine do thógbháil
do na muilteoiribh amháin, agas an chuid eile do Chloinn
Tomáis d'fhágbháil fan easguine; mar as béas acu uile bheith
gearrchumunnach.
An tráth do-chualaidh Sir Domhnall sin, d'éirig 'na sheasamh
le cóch cuthaigh as a chathaoir, agus a lán do chuipe agus do
chubharán rena chúláiribh lé fraoch furráin agus fíorfheirge móire,
agus tug sé mionna na hinneonach nach raibh aonduine dá chinneadh
féin, eadhon do Chloinn Tomáis, dírioch ná folláin
riamh, agus nach biadh choíthe; agus nach bréag a rádh go bfhuilid
mar deirthear a mbeith. Agas as eadh do-connarcus do: dias
bháillidhe .i. Conchubhar Costshalach agus Murcha an Phrioca,
do chur le sumuns nó le forfhógra ar feadh dá Chóige Mumhan,
Chóige Laighean agus na Midhe, a bpéin sgiúrsála trí lá
mhargaidh ar aon fhear tighe nach biadh bró ghearr aige iona
thigh; agus gan aontshórd arbhair do chur go muilionn ar feadh
na bliadhna, acht bheith ag bruith phise, phónra, phutátaoi agus
mheacan; agas leis sin go gcuirfedís na muilteoiridhe don
ghorta.
Do tuigeadh annsin do Sir Domhnall agas don chuid
eile don phairlement, an mhóin gan buain agus an branar gan
déanamh agus aithreomhair na bputátaoi. Agas ar gcríochnughadh
na gcomhráidhte sin dóibh, adubhairt Sir Domhnall
ris an gcreidher a fhaisnéis dóibh dul dá dtighthibh, agas gan
teacht slán ná iomlán, agas a bpéin a bpriaclach teacht chum an
pháirlement sin arís an 29 lá do September.
d'éirgheadar annsin ag breith ar a gcairiúnuibh gach aon
díobh, agas tugadar leo iad mar a rabhadur a bpillínidhe agas a
n-adhasdair chum dul ar marcuigheacht; agus ní raibh pana ná
pillín ná giorta ná tiarach ar aird acu, acht iad féin dá slad ó
'chéile; agas leis sin do ghabhadur ag bualadh agas ag batráil a
chéile faoi theann, agus ag sdathadh ghruag agas fhéasóg a chéile;
agus ag tabhairt mionn mór nach tiocfadaois chum cúirte ná chum
páirlement go bráth ná go deireadh domhuin, agas dá admháil
gur chóir do Dhia ar imthig ortha, agas an míchoinghioll agas
an easurruim do bhí acu fa chomhair na ndaoine uaisle noch do
shaorfadh agus do-bhéaradh as an bpríosún gach n-aon díobh do
bhiadh ann lena ndrochghníomharthuibh féin; agus ar an starrán
feirge sin, do sgaipiodar soir siar, d'éis mionna na hinneonach
do thabhairt nach cruinneochadaois san áit chéadna go bráth ag
déanamh cirt ná córa, acht an tí budh treise do bheith an
uachtar. FlNlS
B 1717c 18T
agus is ar éigin a fuair Sir Domhnaill headstál a adhaistair féin,
agus pillín gan tíarrach gan turrsain. "Bhar ndon agus bhar
ndobhairn oruibh, agus gan rath gan rathamhnas go ró sibh, a rug
cois m'aidhisdar agus mo thiarach maith róin uaim". Do ghluais
Sir Domhnaill don bhaile, agus ní lúaithe rigeadh leis a dhol súas
ar a ghearrán é, nó búailfidh fo leaca talmhuin ar an taoibh eile dá
ghearrán é, mar nach raibh tursann nó tíarach ina phillín.
"Easgaoin" chlog agus cheall oruibh, a bhunadh an diabhal, agus
oramsa libh, madh choingham féin cúirt nó parlimint libh go
Lúan an láe bhráith". Agus ní dheárnaidh fós.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11