órt a chuaig sé a' lorg a dhearbhráithreacha, agus a 'nis dhóibh le áthas an cuma ina raibh a n-athair, agus adúirt leo teacht dá fhéachan. Áfaig níor thaithn leo sin ar aon chor an tarcuisne agus an mímhó a thiospáin Cam dá n-athair. As amhla a chuireadar brat ar a ndrom agus a shiúlaíodar in aghaidh a gcúl agus a lathadar an brat anuas ar an pháirt sion dá cholainn ná luálann bhanúlacht do fhaicsin ná do ainmniú. Ar dhúiseacht do Noa a fuair sé amach cad a rin Cam air, agus a thug 27 a mhallacht go brách dhá shliucht. Agus leanann an mallacht sion fós dhóibh. As uatha a thánaig na daoine dubha atá ins an Africa, na ndíolthar go laethiúil iad ar nós na mbeithíoch, agus atáid ina sclábhaithe ag sliucht Sem agus Japhet, amhail adúirt Noa ins na focail seo: "Bíoch," ar sé, "mallacht ar Chanaan" (a b'é sin an mac budh shine a bhí ag Cam), "agus bíoch sé 'na sclábhaí ag seirbhísig a dhearbhráithreacha. Bíoch beannacht Dé ar Shem agus bíoch Chanaan ina sclábhaí aige. Go bhfairsiníg Dia Japhet; cónaíoch sé in áras Seim agus bíoch Chanaan ina sclábhaí aige." A cólíonag agus cólíontar go laethiúil na focail sin. A fuair Sem beannacht uadh an dTiarna, oir as ar a shliucht a thánaig Slánathóir an domhain; agus do leathnaig agus do fharsinig Dia Japhet, oir as uaig a thánaig na daoine atá ins an Eúróip, agus as féna smacht atá romhór an domhain. Agus a chónaíodar in áras Sem, mar leo as mó a ghabhann creideamh Dé a bhaineag do phríomhshliucht Seim, na Iúdaíg, an tráth a dhiúl- thaíodar Íosa Críost a ghlacadh. 5. Anis tuigimís go léir as an gnóth so, cad é an dian-oibleagáid atá orainn d'ár n-aithreacha agus d'ár máithreacha agus dos na uachtaráin eile saoltha agus spirideáltha atá as ár gcionn, agus cad é chón seachan- tach agus as ceart dhúinn a bheith ar aon tarcuisne, easonóir nó droch- úsáid béil nó lámha a thabhairt dhóibh; gurb é ár mbuntáiste saoltha as mó a bheith umhal, uirrimeach, ómósach dhóibh, agus gurb é ár ndiomard saoltha as mó tarcuisne nó easonóir a thabhairt dhóibh. Adeirim gurb é ár mbuntáiste, ár sochar saoltha as mó, onóir a thabhairt dhóibh, a réir a dhéanamh, a gcomhairle a ghlacadh agus cúnamh a thabhairt dhóibh ina riachtanas. Oir adúirt béal Dé fhéin na focail seo: "Tabhair doit' athair agus doit' mháthair onóir, adonn go mairfeá i bhfad ar an dtalamh a thug an Tiarna Dia dhoit." As na focail sin as soléir go dtugann Dia saol fada, rathúil, ámharach, dos na leanaí a bhíonn uirrimeach dá n-aithreacha agus dá máithreacha, agus a dhéanann a gcomhairle. As air sin adeir an Scriptiúir na focail nótáltha so: "A chlanna, éistíg le comhairle bhúr n-athar agus géillig di, adonn go sábhálfaí sibh. An leanbh do 28 onórann a mháthair as cosúil é le duine a chuireann saibhreas mór i gciomád do fhéin. An leanbh do onórann a athair, beig áthas aige as a leanaí fhéin, agus éisteoig Dia lena urnaithe, agus bhéarfaig sé saol fada dho." (Eccles., 3:2). "A mhic ó, géill do theagasc do athar agus ná dearmad comhairle do mháthar, adonn go gcuirfí cróin na ngrás ar do cheann agus práisléad óir faoi do bhráid." A fhiadfainn mórán teistiméireachta eile uadh an Scriptiúir a chur in bhúr láthair a thiospánach go glan gurb é sochar spirideáltha agus saoltha gach linbh a bheith umhal dhá athair agus dhá mháthair, a gcomhairle a leanúint agus onóir a thiospánadh dhóibh, agus ná fuil aon ghnoth as mírathúla ná mímhó, easonóir nó tarcuisne a thabhairt dhóibh. An uair a thug Dia, mar a 'neosaig mé ina dhiagh so dhíbh, seilbh ar thír na geallúna do phobal Abhra, a ordaigh sé dhóibh dol go gleann a bhí idir dhá chnoc, leath an phubail a sheasamh ar an cnoc abhus, agus an leath eile ar an gcnoc thall; na sgairt a sheasamh insa ghleann, agus a rá le guth glan ard, "Bíoch mallacht Dé anuas ar go aon leanbh ná tiospánfaig onóir dhá athair agus dhá mháthair." Agus do fhreagair an pobal go léir uadh gach taobh, "Amen," nó "Bíoch mar sin." "Oir," arsa an Spirid Naomh, as olc an meas atá ar an leanbh ná cuinníonn len athar, agus tá mallacht Dé ar an té a chuireann fearg ar a mháthair. Buanaíonn beannacht athar áras na clainne agus tóchaig mallacht na máthar a dtithe aníos uadh an bhfoundation. Agus le ordú Dé fhéin a cuirtí chun báis, gan trua an trócaire, aon leanbh a thugach mallacht dhá athair nó dhá mháthair. Agus budh dhona ná sion cás 'anama, oir pé duine a mhallachtóig a athair nó a mháir rachaig an tsolas do éag air i lár an dorchas, as é sin, a gheobhaigh sé bás i lár a pheacaí. As trua ná cuimhníd leanaí na aimsire seo ar na nithe seo. Féach cad a rin blágárd insa bhaile seo a' lá fé dheire lena mháthair trína chuid meisce: a bhual le sluasad í, agus a chuir gearradh cúpla orlach 29 ar fhaid ina ceann. Á as mallaithe an talamh ar na siúlaíonn an fear sion, agus as droch-chríoch gan dearmad a imeoig air. Adeirid na Aithreacha Naofa gur budh figiúir an mheisce úd a thit ar Noa, an codladh trom agus an cuma nochtaithe a bhí air, gur budh figiúir í sin ar an anfhuinne a thánaig do dhruim a pháise ar Íosa Críost an uair a bhí sé tairneáltha nochtaithe ar an gcruis. Agus fé mar a rin Cam mallaithe magadh féna athair, agus dá dhruim sin a tharraig mallacht buan air fhéin agus a shliucht, amhla sion a rinneadar na Iúdaig magadh agus fonóid fé Chríost, agus a tharraigeadar fearg Dé go buan agus go brách ortha féin agus ar a sliucht. Agus súd as ná fuil anis aoinne le fáil chón cuirpeach sin ar fad agus fonóid a dhéan- amh le focail fé Íosa Críost, déanaid é go ró-éifeachúil lena gníomhartha mallaithe. Oir contrálaid a chomhairle, ní bhíonn aon bheann aca airthe, leanaid slí bheatha contrara dá bheatha sion: céasaid arís é lena bpeacaí. Dá réir, as ró-dhanaid dóibh. VI. TOWER OF BABEL, Etc. Gen.1. 1. Insa bhliain do aos an domhain seacht céad déag agus seacht mbliana déag agus dá fhichid, céad blian díreach adéis an dílinn agus dhá chéad agus deich mbliana agus dá fhichid roimh bás Noa, a chuadar a shliucht chón mór sin in iomadúlacht nár fhiadadar cónaí in aon áit amháin. Agus a cheapadar scaradh lena chéile agus go aon mhuitir, mar do ordaig Dia agus Noa dhóibh, a imeacht i ndútha fé leith dhóibh féin. Ach sula scaradar lena chéile a chuireadar rompa gnóth a thiospánann cad é chón mór agus atá díchéille agus uabhar an duine. "Sula scarfam lena chéile," ar siad, "déanaimís cathair agus túr a shroisfig suas chun na spéartha." A bhí abhar dúbaltha aca leis an gnóth iomadánta sion: ar dtúis chun ainm agus cáil shíoraí do fhágan ina ndiagh tré an chathair mhór iontach sin a dhéanamh; agus an tara cúis a budh ea chun iad fhéin a chosaint i gcuinnibh Dé: dá gceapach sé dílinn a chur arís ar an ndomhan go sábhálfaí iad insa túr mór ard úd. Mar sin a thiospánadar go raibh droch-dhoubhta aca as focal Dé a gheall go solmanta ná báfach 30 sé an domhan go brách arís le uisce, agus mar chomhartha seasmhach ar an geallúint a chur sé an bhogha leacht, a bhogha fhéin, insa spéir. 2. Áfaig budh thoil le Dia uadh an am sion sampla seasmhach síoraí a thabhairt do dhaoine insa go aon tráth go gcuireann sé i gcuinnibh locht an uabhair, agus gur le umhlaíocht a ardóig duine é fhéin go éifeachtúil, agus in ionad é fheín a chosaint ar fhearg Dé gurb amhla as ceart dho trócaire a thuilleamh uaig le aithrí fhírinneach. "A thánaig sé anuas uadh fhlaithiúnas," arsa an Scriptiúir, "do fhéachan an túr agus an chathair úd a bhí clann ndaoine ag tógáil." Ciallaíd na focail sin gur thóg Dia notice spisialtha don ghnóth sion. Agus, ag déanamh magadh féna n-obair díchéilleach, adúirt sé. "Níl," ar sé, "ach aon teanga nó aon chaint amháin ages na daoine seo go léir, agus atáid siad ceapaithe go ceantréan ar an obair seo a chur chun chinn, agus ní scuirfid di nó go gcríochnóid í. Ar an abhar sin cuirimís a gcaint amú, chun ná tuigfidís comhrá a chéile." Ní túisce a bhí na focail sin ráite ná go dtánaig tréna-chéile agus mearbhall chón mór sin ar a gcaint nár thuig fear cad adéarfadh fear eile leis. A chaitheadar gan stad scur dá n-obair agus scaradh lena chéile, go aon dream díobh a imeacht go mear i ndútha leo fhéin. 3. Babel, as é mú, a tugag mar ainm ar an dtúr úd, agus Babylon ar an gcathair do bhrí gurbh ann a chuir Dia mú agus mearbhall ar chainte na ndaoine. "As figiúir," arsa Naomh Barnán, "an túr ard agus an chathair uaibhreach ar an gnóth a chuirid daoine do ghnáth rompa insa tsaol. In ionad a bheith umhal do Dhia agus géilleadh dho as amhla a mheasaid iad féin a chosaint ina chuinnibh, agus a cheapaid iad fhéin a ardú suas a' lorg ainm agus cáil shíorraí do fhágain indiag ar an dtalamh so, in ionad díchill a dhéanamh tré dea- oibreacha a chleachtadh go scríobhfaí síos a n-ainm i leabhar na beatha atá ins na flaithis. Budh thoil le Dia insa tráth úd smacht a imirt ar bhaos agus ar ghlóire dhíomhaoin an duine insa pháirt sin dá cholann, a theanga, ina gcónaíonn baos agus glóire dhíomhaoin do ghnáth. Oir as 31 lena theanga a mholann duine é fhéin agus a thugann ordaithe do chách eile. "Agus an iliomad teangacha a thosain an tráth agus atá fós insa tsaol, as glór í," arsa Naomh Augustín, "a chuireann i dtuigsin dhos na uile dhaoine gurb í an tslí as giorra agus as éifeachtúla chun flaithiúnas a shroisin, a bheith umhal i gcroí agus géilleadh go beacht do Dhia, a chomharle a ghlacadh, a thrócaire do lorg, a chabhair agus a chúnamh do iarraig. As socharúla i bhfad dhúinn sion a dhéanamh ná a mhíchéata agus a fhearg a thuilleamh agus a thar- raint orainn fhéin le croí uaibhreach mustarach poimpiúil a chuireann suas sinn chun tabhairt fé ghnótha atá thar ár gcumas agus ná bíonn do shochar againn asta ach buaireamh aigne agus doshástacht croí." 4. Ar gcur a gcaint amú ortha, a scaradar clainn Noa lena chéile. Do fhan Sem agus a shliucht ins an Áisiá, agus fós cuid do shliucht Cam mallaithe. Áfaig a ghluais sé fhéin agus an chuid budh mhó díobh don Égypt agus don Africa. A ghaibh Japheth agus a mhórsheisear mac siar don Eúróip, agus as uatha sion a shíolthaig Gréagaig, Rómhánaig, Garmánaig, Francaig, Spánaig agus go aon chine eile dá bhfuil ins an Eúróip. Tamall adéis an dílinn, go spisialtha 'déis bhás Noa, a thosnaíodar na daoine a bheith chón olc nó fós budh mheasa iad ná na mallathóirí úd do scrios sé do aghaidh na talún. In áit Dia do adhradh agus onóir a thabhairt dho, a dhearmadadar ar fad é. A cheapadar déithe bréagach dhóibh fhéin; do adhradar agus do onóradar iad in ionad an Tiarna uile-chomhatach a chúm agus a chruithnig iad, a thug dhóibh saol, sláinte, beatha, bia agus gach maith eile corpara agus spirideáltha dá raibh aca. A ghaibh cuid aca leis an ghrian mar dhia, cuid eile díobh leis an ré, leis an spéir, leis na réithealanna, leis an fhairrge, leis an ghaoth, leis na cnic, mar dhéithe. Agus mórán mór dhíobh a bhí chón béistiúil sin ina n-aigne gur adhradar, agus gur mheasadar gur déithe, beithíg féin na talún. A bhíodar drúisiúil, bréagach, bríneach, bradach, ag leanúint ainmhiana cuirpeach agus ag imeacht i gcuinnibh dlí na nádúra nó teagasc a gcéille 32 agus a gcoinsias. Oir níl aoinne, ach iomadán beartha, ná go 'niseann a chiall agus a choinsias dho cad as ceart dho a dhéanamh, do thaobh Dé, do thaobh chách eile, agus dá thaobh fhéin. Tiospánann tuigsin gach nduine dho gur ceart onóir a thabhairt do Dhia, gurb uaig a fuair sé gach a bhfuil aige, agus nách ceart an onóir a bhaineann leis-sin a thabhairt do aon chréatúr ar bith. Atá fhios againn go léir nách ceart dhúinn a dhéanamh ar chách eile aon ní nár mhaith linn a dhéan- amh orainn féin, agus gur ceart dúinn a dhéanamh le daoine eil mar budh mhaith linn a dhéanamh linn fhéin. Agus fós nílimíd chón dall sion ná go dtuigimíd go glan gurb éigean dhúinn ár n-ainmhiana a cheansú agus srian a chur leo. Múineann dlí na nádúra na fírinní seo do uile dhuine. Áfaig ní raibh beann ar bith ags na mallathóirí úd airthe, go speisialtha ag Nemrod, mac mic Cam mallaithe. Do fhan sé sion agus an fhuireann a ghaibh leis i gcathair Babylon, agus a chríochnaig sé í. Ansion a thóg sé ar an má céanna sin - Má Sennaar budh ainm di - trí cathracha móra eile. Agus a chrom sé ar láimh láidir a dhéanamh ar go aoinne. A b'é an chéad tíoránach a bhí riamh insa domhan é. As air sin adeir an Scriptiúir "gur budh fiagaí comhatach Nemrod, as cuinne an Tiarna." Agus ní beithíg alltha a bhíoch sé ag fiach, ach daoine, chun sclábhaithe a dhéanamh díobh. A scar sé fhéin agus a mhuintir ar fad le Dia agus le creideamh Dé. A rin sé teampall agus a chur inte íomhá na gréine, ar nar tugag Baal mar ainm, agus a ghabhaidís leis an íomhá bodhar balbh úd mar Dhia. Agus a b'í sin an chéad rebelúntacht solmanta, publí, a rinneadar daoine i gcuibh Dé. Gen.12:1 et seq. 5. Fá an am úd, uadh a bhíodar daoine ag tréigean Dé agus dá dhearmad ar fad, agus ag diúlthú go poiblí aon onóir a thiospáint dho amhal a rinneadar i gcathair mallaithe Babylon, budh toil leis cathair naofa a thógain a sheasóch go deire an tsaoil. Agus a b'í cathair í sin an Eaglais fhírinneach. Ní cathair í sin atá déanta do chlocha agus do adhmad, ach do dhaoine naofa a thabharfach go brách onóir oiriúnach do Dhia, 33 a dhéan- fach a réir, a chiomádfach a chreideamh, agus, lena ndea-oibreacha, a thógfach túr a shroisfeach suas as cionn na spéartha go flaitheas na bhflaithis féin. Agus a b'í an chloch foundation a chur sé leis an dtúr beannaithe sin, Abraham naofa. A rugag é insa bhliain dhá mhíle agus ocht mbliana adéis chruthnú an domhain, agus trí chéad agus dhá bhliain adéis bhás Noa, agus naoi gcéad agus bliain agus fiche sular ghlac Mac Dé colainn daonna. A b'é an naoú glún amach uadh Sem é, agus a mhair sé céad agus deich mbliana agus dá fhichead i bhfochair an fhir bheannaithe sin. An tráth a bhí sé chúig bliana agus trí fichid do aos, agus a chónaig i bhfochair Thare a athair i cathair Ur i dtír Chaldea, láimh le cathair Bhabylon, a thiospán Dia é fhéin dho agus adúirt mair seo leis: "Fág tír do dhúchais agus do ghaolta, agus tig do athar inar rugag thu, agus imig don dútha a thiospánaig mise doit. Agus déanaig mise taoiseach agus ceann fine agus athair díot ar náisiún mór oiriric. Agus beig clú agus ainm ard-uasal agad, agus beir beannaithe go brách. Oir beannóig mise go aoinne a bheannóigh thu, agus mallachtóigh mé go aoinne a thabharfaig mallacht dhoitse. Agus beannófar ionadsa go aon chine insa domhan." A ghéill Abraham gan mhoill do ordú Dé a gheall dho, ins na focail úd, dhá bhuntáiste mhór: ar dtúis go mbeach sé ina cheap as na bhfásach cine iomadúil; agus an tarna buntáiste an buntáiste as fearr agus as buanaí ar bith, go mbeannófaí ina shliucht go aon chine insa domhan. Ciallaíonn sion gur ar a shliucht a thiucfach Críost Mac Dé a cheapag uadh thúis domhain chun an chine daonna a shábháil. Gen.12:4 et seq. 6. A ghluais Abraham air. Do fhág sé a dhútha féin, a rug sé a athair leis, a tháinig sé go cathair Haran agus a stad ann ar feag tamaill nó go bhfuair a athair bás in aos a dhá chéad agus chúig bliana. Do fhág Abraham an chathair sin agus rug leis Sara a bhean, Lot mac