Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Ridire na Leomhan
Title
Eachtra Ridire na Leomhan
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Chróinín, Áine
Composition Date
1716
Publisher
(B.Á.C.: O.S., l952)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA RIDIRE NA LEOMHAN. Ridire rathmhar ro-chonáigh foisdionach fíor-ghlic feidhm-láidir ríogha rosg-leathan caomh-álain ro ghabh flaithuis, forba, agus fearainn isin bhFraing feacht n-aill darbho comhainm Don Cláro. Agus ba mór agus ba maith clú, alla, agus oirdhearcas an ridire thoirbheartaigh mhór-ghrádhaigh sin. Agus a ttús a fhlaithis agus aoise do tuismeadh mac miadhach mór-álainn dó, agus níorbh áilne aon don Ádhamh-chloinn iná é. Agus iar mbeith dá chaomhna agus dá oileamhain dia oideaghuibh agus dia aithreachaibh gur sháruigh ocht mbliadhna dég dhá aois, is amhlaidh a tárla dhó .i. a bheith 'na óinmhid agus 'na amadán, ionnus nach aithnigheadh an dubh tair an mbán nó an bán tair an dubh, agus fós nach aithnigheadh an tí ina mbíodh do ghnáth 'na chúallacht seach an tí nach bhfacaidh roimhe ríamh; ionnus gur tuirsigheadh aithre agus oidigheadh foghloma dhá leasughadh agus dhá shíor-mhúnadh fón seóladh sin, gur cinneadh
caingean agus comhairle leó créad fa hindéanta dhóibh um dhála an mhic bhaoíth óinbhidigh sin. Dóigh dhamh ba machtna mór-ádhbhal leis an ridire a aon-mhac féin, agus gan do chloinn nó do chaomh-íarghradhuibh aige, nó fós déanadh nó cosamhlacht air a bheith aige, acht é ina aonar, agus é a bheith ina adhbhar fanóide, sgige, agus cleasaigheachta ina fhiadhnuisi fón samhla sin ag gach aon seachneóin na críche go coitchionn. Acht atá ní cheana, ar mbeith don ridire cona cháirdibh ag siubhal lé taobh na mara agus na háibhése a ccomhfhogus dá chúirt agus dá dheadh-bhaile féin ag coimharliughadh um an adhbhar sin, níor chían dóibh amhlaidh sin go bhfacuidh long luchtmhar leabhair-théadach agus an bárc breac-dhathach mór-aibhseach chuca gacha ndíreach isin bhfairge. Agus fa mór tairm agus treathan agus tréan-lúas na seang-luinge ádhbhal-mhóire sin ag cumach agus ag tréan-chasgairt na haibhéise mór-anfaidh roimpe gacha ndíreach, agus í ag siobhal a lúas áinle, íara, nó feirbe, a sidheadh gaoíthe géire earchaidhe ós mhaoilionnaibh na ttonn n-eochair-ghorm, agus iol-iomad seól mbreac-ndathach ag dían-ghabháil na gaoíthe ag trén-tabhach siubhail na loinge réumh-ráite, agus aon-óglach mór míleata 'na sguilb-sheasamh air fíor-bhárr
an tseóil-chrainn mheodhónaigh innte. Agus do theilgeadh seacht n-ubhla lán-chruinne díaigh a ndíaigh a bhfraoitheadh fíor-árda na firmameint, agus do theilgeadh 'na ndíaigh sin seacht ngaeithe comh-fhada roinn-ghéara co nach bhfágadh ubhall gan amas fris na roinn-ghaeithe sin. Agus gér mhór agus gérbh ádhbhal siobhal agus tréan-lúas na seang-luinge sin ní imghiodh gath nó ubhall dhíobha sin gan a ngabháil a n-airde fris an tréan-laoch dorís, agus iol-iomad cleas oile agus lúth nach áirmhighthear sunn; ionnas gur ghabh uomhan agus imeagla ádhbhal an ridire Franc cona choimhthionól, agus dámó mian leó teitheadh nach roibh ar a ccumas an tan táinic an laoch réumh-ráite chuca do láthair, agus ní fhacadar don Ádhamh-chloinn aríamh aon dob áilne agus dob fhearr cuma agus caomh-dhéanadh iná é. Agus beannaighios dóibh go suilbhir séimh-shuairc so-charrthannach tréasna hilbhéarlaibh, agus do fhreagradar-san fón ccuma chéadna é; agus fochtas Don Cláro sgéala dhe, agus as eadh ro ráidh: "A ghaisgidh is ríogha agus is cródha innioll agus gaisgeadh dá bhfacamar san saoghal sa fós, aithris dhúinn cía d'fholaibh úaisle an domhain dhuit
agus cá críoch as a ttángais, nó cá háit a bhfuil do thriall, nó do dhían-imtheacht, óir is cían linn go bhfagham do sgéala?" "Do-ghéabhthaoi-si mo sgéala-sa go lán-ullamh" ol an tréan-mhílidh "óir is misi Rígh na Sorcha freum innisin, agus is díom a goirthear an Macaomh Mór mhac Rígh na Sorcha," ol sé. "Agus 'sé fáth m'astair don chrích si ag teacht d'iarraidh oileamhna agus dalta ort-sa, a Dhon Cláro." "Trúagh sin, a thréan-laoich," ol Don Cláro, "ní feidhm ar laochdhacht nó ar chródhacht d'énlaoch mar thusa labhairt sgige nó mhagaidh do bheith aige, nó a bheith ag fanóid faoí mo leithide féin, agus a fhios agam féin agus ag cách oile gomadh dúcha dhamh-sa oileamhain d'iarraidh ar rígh, nó do rígh oileamhain d'iarraidh form, agus gan mé féin acht 'mo ridire bhocht shimplidhe," ar sé. "Luighim fám armaibh guil' agus gaisgidh," ol an Macaomh Mór, "nach magadh nó fanámhaid do-ním-si, acht deimhin mo sgéoil agus fáth m'astair do fhoillsiughadh dhuit gan édeimhin." "Más eadh," ol Don Cláro, "is amhlaidh atáim féin gan gein mhic nó inghine agam acht aon-mhac,
agus is amhlaidh atá an mac sin féin 'na dhuine mhíotharbhach ar díth forais céille agus caomh-réasúin ó oidhche 'gheineamhna fós, agus is deimhin dá mbeith h'iarraidh-si agam gomadh leat é úaim go humhal." "Is bríathar dhamh-sa," ol an Macaomh Mór, "nach fearr liom-sa cruth ina bhfuil, óir is eól dhamh-sa a mbeag-aimsir an t-éigchíallaidh do chiallughadh agus an cíallaighthe d'éighchíallughadh; gurab aire sin má bheir tusa an mac dá oileamhain dhamh aon-bhliadhain amháin, go ttiubhrad chugad san ionadh céanna sa i cceann ina bliadhna sin é a ccéill agus a ccaoimh-réasún daonna, agus do-bheirim grían agus éusga, ranna neimhe agus talmhan, a ccoruigheacht agus a ccomh-cheangal form ris sin do choimhlíonadh bliadhain ó 'niodh isin ionadh chéadhna so." Acht atá ní cheana toirbhrios Don Cláro a mhac don rígh air na hachtaibh sin, agus fiafraighios an rígh fios anma an óig-mhic, agus foillsighios an ridire sin dó gur Séarlas dob ainm dhó, agus ann sin gabhas an rígh an glan-mhacaomh ar bárr baise agus geal-ghlaice, agus ceileabhras don Dhon Cláro cona chuideachta. Agus ba meanmnach leis a thurus
agus Séarlus d'fhagháil, agus lingid araon go luinneach don luing réumh-ráite, agus tugadar araon a n-aghaidh for na hiol-mharaibh céadna gur fhágbhadar amharc tíre agus fosgadh oilén don réim sin. Agus ní haireastar a n-imtheacht go rángadar críocha na Gréige agus as sin gus an Sorcha. Agus gabhas an Macaomh Mór ag teagasg agus ag lán-mhúnadh Shéarluis, mac Don Cláro, go roimheanmnach i ccleasaibh goile agus gaisgidh. Agus níorbh é sin an teagasg gan tógbháil nó an múnadh ar ndol amugha, óir ní chluineadh a chlúas agus ní fhaiceadh a shúil cleas nó cluithe nó mór-thréithe nach bíodh i ndírim agus a nglan-mheabhair aige, agus fós nach sárughadh tréithe gaisgidh san mbioth air, ionnas nach roibh aon gan mór-iongantas dhá bhfaiciodh nó dá ccluineadh a thréighthe agus a mhór-ghníomha sul táinic leath na bliadhna sin dá aimsir, agus fós ní fhaiceadh aon d'fhear nó do mhnaoí é nach bíodh lán dá sheirc agus dá ionmhuine. Cioth trácht, a ndála co n-uig sin. Dála Dhon Cláro innistear sunn; íar n-imtheacht don Mhacaomh Mhór agus dá mhac uadha .i. Séarlus, glúaisios féin chona chuideachta asteach dá dhúnadh agus dá dheadh-bhaile, agus innsios dá mhnaoí agus dá theaghlach dála an mhic, agus gabhas an bhean ag iomaithfir fair fá iomsgaradh fris an mac
ar an modh sin. Agus do bhí sí féin a n-doghra agus a n-anaoibh anbháil gan faoiseadh gan furtacht an géin ro bhí a mac 'na féugmhais. Agus do bhádar amhlaidh sin go ceann bliadhna agus na cairde do bhí fán mac do fhillseat arís, agus cuirios an ridire cruinniughadh ar a chairde chuige, agus gluaisid go húir na tráighe, agus gabhaid ag silleadh agus ag síor-fhéachuin na bóchna briocht-úaine dían-anfaidh tréimhsi. Agus níor chían dóibh ann sin go bhfacadar an fhairge arna ciorbhadh agus an bhóchna arna tógbháil agus an mhuir arna dían-choinntinn agus arna teilgion as a hionadh gnáth-chomhnaighe le tréan-neart iomraimh na laoch forsan seang-luing réamh-ráite sin ag teacht ina ndochum. Agus is amhlaidh do bhádar ag stiubhradh na luinge lán-mhóire sin agus beirt deadh-laoch nach ttáinic samhail dá n-áilne dá méad nó dá ccalmacht 'na seasamh a mbárr dhá chrann mhór-aidhbhle siúil dá roibh innte, agus iol-iomad seól áilne ó sin amach innte. Agus gabhaid-sion ag timchiolladh a chéile idir na crannaibh sin do réidh-léimnibh, agus aighthe gach aoin dhíobh seachnóin na ccrann ccomh-fhada sin ó thaiste go sír-bhárr, agus ní tháinic iara nó áinle darbh féidir lúth nó lúas do dhéanamh mar do-níodh gach aon dhíobh an tan sin.
Ba deimhin le Don Cláro cona chuideachta aon díobh, nó íad araon, do thuitim a bhfodhomhain na mara, óir ba minic íad ag teacht 'na comhfhogus; is amhlaidh do éirghidís go haidhearrdha éanamhail go ccinnidís a mbarr na ccrann-seól ccéadhna. Agus ba hiomdha cumas oile do thógbhadar amhlaidh sin nárbh uras a thuismeadh agus nárbh ion-chreite ó úathaibh nó ó leabhraibh feasacha fíor-eolacha go tteacht a ttír isin trácht gheal-ghainmheach a roibh Don Cláro cona chuideachta. Agus lingid amach as an luing go rángadar gus an láthair a rabhadar na huaisle sin do bhí ag anmhain friú. Agus beannaighid go n-áinios iomaglamh agus go gcaoinios comhráidh dhóibh, agus do fhreagradar-san fán ccuma chéadna íad. Agus léigios an macaomh óg álainn do bhí ar deireadh ar a ghlúine é, agus naisgios beannacht a athar a bhfiadhnaisi Dhon Cláro. Féachas Don Cláro fair agus níor smuain a aigneadh nó a mheanma gurab é a mhac do bhí ann agus as eadh ro ráidh: "A mhacaoimh, créd fá sirir mo bheannacht-sa seach beannocht gach aoin oile?" "Atá," ol an macaoimh, "do bhrígh gurab tusa m'athair," ar sé.
"Guidhim thú, a mhacaoimh," ol Don Cláro, "agus ná himdheargaigh mé, agus 'fhios agam féin nach raibh agam aríamh acht aon-mhac amháin agus nach bhfuil foill mearaithne um fhéagmhais." "Luighim fám armaibh gaisgidh," ol an Macaomh, "nach raibh do chlaochló agam-sa mar athair gus aniodh." Agus dearbhas an Macaomh Mór an ccéadna; agus as eadh ro ráidh: "A Dhon Cláro," ar sé, "sin do mhac gan amhras, agus inneósad sgéal dhuit. Do shiubhlas féin an domhan, acht modh beagáin, le neart mo lámh agus le cumas mo ghaisgidh, agus ní fhacas fear mo chlaoite an fad sin. Agus atá leannán draoí agus mór-ghaoisi agam, agus ní bhfuil a shamhail lé heagna agus ré mór-eólas isin mbioth uile acht é féin 'na aonar, agus is dóigh dhamh go bhfoillsighthear fios agus fáisdine dhó re claochla na síon agus na ngaoth, agus isin nGréig do chomhnaighios, agus is ann sin do sheólas m'aighisdir ar mbreith do mhic-si liom, gur ghearr an fear sin an leac óinmhideachta do bhí ag caoch-dhalladh aignidh an mhic sin maille le hiomad oile múinte agus maithiosa do-rinne
fair. Agus is é ainm an draoí sin Ságe Malanto, agus do-rinne fáisdine go ttiucfadh allmharraigh agus eachtrannaigh do sgriosfadh misi as m'inmhe agus as mo fhlaithios, agus ní mé amháin acht an Spáin agus urmhór na hEorpa; agus do dhearbhuigh dhamh mar do bhí an mac sa agad-sa ar baoís agus ar easbhaidh céille agus caoímh-réasúin, agus do ráidh friom teacht dá iarraidh ort-sa amhail do-rinneas tré charrthannacht, agus gan aimhdheóin d'imeirt uime, óir nach bíadh maith dhamh ann, agus nach bhfoigheónadh dona cásadh do thiocfadh 'na dhíaigh, agus gurab é amháin do shaorfadh misi agus cách oile go hiomlán as ar mór-bhruid. Sin fáth m'oileamhna agus mo mhuirne féin ar do mhac-sa do fhill ann súd," ar sé, "agus ní tré charthannacht do iarfuinn é muna mbeith teagasg an eagnaidh dhamh, óir do-bhéaruinn d'aimhdheóin na Fraince uile liom é, ó nach roibh féin i ccéill chosanta. Agus anois atá ion-chéille ré gach aon isin mbioth uile, agus ní mheasaim gurab do gach aon is cóir easaonta fris. Agus sin mo sgéal féin agus eachtra an óig-mhic dhuit ó do imidh uait go teacht do-rídhis," ar an Macaomh Mór. Ba meanmnach an ridire cona chairdibh dona sgéala sin an Mhacaoimh Mhóir, agus cuirios Don
Cláro dhá dhúnadh agus dá dheadh-bhaile é, agus gluaisid ann leith ar leith, agus dáilidh fleadh agus féasta rena linn isin dúnadh feadh thrí n-oidhche agus teóra lá. Agus a cceann na rée agus na haimsire sin gabhas Rígh na Sorcha lámh ar astar agus ar imcheacht, agus as eadh ro ráidh: "A Shéarluis," ar sé, "dá ngabhthá mo chomhairle do rachfá liom féin bliadhain oile go ndéanmaois araon cuairt ag Sage Malanto an t-eagnaidh, óir is deimhin nach ttiucfadh dochar cheachtair dhínn dhe." "Luighim fám armaibh," ol an macaomh, "go rachad cheana acht go bhfaomhadh m'athair cead dhamh." "Trúagh sin," ol an t-athair, "is imeaglach aon a ndíaigh aon-gheine amháin ar ndol a ccéin as a radharc." "Ná bí dhe, a athair, acht ceaduigh dhamh aon-bhliadhain amháin maille le saor-bheannacht, agus go ccead don Choimhdhe chomhachtach tiocfad chugad i cceann na rée sin." "Dar mo choróin," ar an rígh, "dá ndeachair aon-bhliadhain amháin liom-sa isin turus so, ní bhfuil don Ádhamh-chloinn anois aon budh mó alla agus iomrádh, gníomh agus éachta, iná thú."
Acht cheana aontuigheas Don Cláro an macaomh d'imtheacht bliadhain oile, agus ceileabhras féin agus an rígh do chách, agus ba lúgháireach íad araon um an chead sin d'fhagáil. Agus gabhaid ar seóladh don Ghréig mar a roibh Sage Malanta, agus ní tharla gúais nó gábhadh dhóibh fris an rée sin gur ghabhadar cúan isin inis úaignidh a leith-imiol na Gréige ball a roibh an t-eagnaidh. Agus éirghios amach 'na ccoinne, agus fáiltighios friú go forbhaoileach, agus treóruigheas dhá dhún íad. Agus íar mbeith treimhsi ag caoineas comhráidh dhóibh éirghios an draoí, agus fágbhas íad-san ag caoín-agallamh a chéile. Agus ní cían do bhí 'na bhféagmhais an tan táinic chuca do-rídhis agus as eadh ro ráidh: "A Rígh na Sorcha," ol sé, éirghidh gan mhoill agus céimnidh agus oirnidh an mac so a ngrádha ridireachta, agus gabh na hairm agus an tseóid so agus déan a n-úaim agus a mealadh dhó." Ann sin éirghios an rígh ina sheasamh agus Séarlus ar a ghlúine, agus gabhas an rígh fo thrí 'na thimchioll gur hoirneadh leis é. Toirbhrios an t-eagnaidh éideadh clúduigh do-bhriste dhó go ndath úaine, agus fúaighios agus figheas féin agus an rígh uime é go deadh-chóirighthe, agus do ráidh an draoí gur chían
do bhí agá chumhdach dó, agus nach roibh isin domhan a shamhail oile d'éideadh, agus tug cathbharra cadad cruaidh-righin anúas, agus cuireas fána cheann í, agus dhá lámhainn agartha mhalaird do théigheadh ó bhárr a mhéor tair áird a ghuailleadh, agus a tug chuige cloidhiomh slíopadh slinnghér nach bhfágadh fuighioll do bhuille nó do bhéim do chloich nó do chruaidh-charrtha dia mbainfeadh, agus tug dhó sgíath chlúdaigh dho-bhriste ar nach ttollfadh arm dá ghéire, agus a tug chuige dhá mhanaois rinn-ghéara thrí-uillionnacha gomadh soillse an rée dhorcha arna nochtadh, agus dob anbháil a méid, agus a tug chuige each seang séitreach troigh-éusgaidh lúthmhar léidmheach lán-chumasach, agus íar ngabháil sin chuige fiafraighios de cá súaithiontas budh luinn leis 'na sgéith. Agus do ráidh Séarlus gurab trí leomhain agus troid le haon-ridire dob fhearr leis do dhealbhadh innte gan mhoill. Agus do-rinne amhlaidh gurab uime sin do hainmnigheadh Ridire na Leomhan fair isin chuing ridireacht' agus éidighthe sin. Agus do ráidh an draoí: "Is deimhin nach bhfuil samhail oile an éidigh, an airm, nó an eich sin agad isin domhan, acht
íad féin amháin, agus aon-chloidhiomh oile; agus rachair-si a n-gúais mhór fris muna saoraidh an t-éideadh sin agus an cloidhiomh thú agus do neart féin. Agus is uime sin mar do foillsigheadh do chontar dhamh-sa, do shaothruighios na hionstrumeinte si uile dhuit," ar sé, "agus go meala tú an t-earradh sin, agus is deimhin go bhfásfaidh do chlú ós iomad críoch agus cinidheacha na cruinne." Acht atá ní cheana tug éideadh agus airm eile do Rígh na Sorcha ar a raibh iomad búadha oile. Cioth trácht, do éirghidh an draoi iar sin, agus a tug ubhall-mheall órrdha chuige as a haithle, agus do ráidh: "A Ridire na Leomhan," ar sé, "atá aon-chleas gaisgidh agam fád chomhair, agus do sháruigh ar Rígh na Sorcha a dhéanamh, agus is mór 'fheidhm ort-sa dá ttí dhíot a dhéanamh; óir ní cían go ccuirfighthear a ccuntar leis thú, agus gabh an t-ubhall-mheall sa id láimh, agus teilg fá do dhíthchioll um éadan-sa é d'fhéachuin a ccoiseónainn mé air." Acht cheana do-rinne Don Carlas amhlaidh, agus do bhádar ag coimh-theilgion an chleasa for a chéile, agus níor chían go roibh Don Caralus .i. Ridire na Leomhan, níos lúthmhaire cumasuigh ar an ccleas ná an draoí féin.
"Beir búaidh agus beannachtain, a churaidh chródha," ar an draoí, "is mór an fheidhm atá agad leis an ccleas sin, agus ní cían go bhféuchfuighthear thú ann." Mur sin dóibh tréimhsi dá n-aimsir dá múnadh agus dá mór-theagasg leis an draoí. Ceann tréimhsi íar sin ceileabhraid fris, agus ba meanmnach íad ag imtheacht, agus tógbhaid a seólta ar amus chríche na Sorcha. Agus íar mbeith teóra ló cona n-oidhche ar seóladh na mara, níor chían íar sin go bhfacadar dhá luing mhór-ádhbhal chuca go dían dísgir dásachtach, agus íarna bhfaicsin sin dóibh-sion seólaid go dían na ndochum. Agus íar tteacht 'na ccomh-fhogus dóibh do-chualadar na saoithe cráite aon-truagh ghola agus mhór-thuirsi agus mairgneach thruagh-bhéalach, ar mhodh go ccuirfeadh truaighe agus mór-thuirsi ar an tí nár fhaomh trócaire 'na chroidhe aríamh a bheith ag éisteacht an éagnaoi chaoin-truaigh agus an ghearáin chráite sin ro éisdeadar an laochra go rángadar a n-áit imagallamh a chéile. Agus do fhíafraigh Don Carolus cía híad féin nó créd ba chíall don éagnach chaoin-truaigh sin do bhí isin luing acu. Do bhádar seisior aitheach nó amhas éugsamhla bán-shúileacha a n-uachtar gacha taisde don dá
luing euchtrann sin, agus do fhreagair aon díobh é, agus as eadh ro ráidh: "A mhacaoimh bhaoith," ol sé, "ba córa dhuit imtheacht ar do thurus, dá léigthigh an tslighe dhuit, nó a bheith ag fíafraigh neithe nach beanann dhuit." "Luighim fám armaibh," ol Don Carolus, "go mbainfead sgéala dhíbh ar ais nó ar éigin, nó go mbíamaoid a n-énbhruid fris an druing chráite sin fil aguibh." Agus íar sin gabhas long ar gach taobh dhíobhtha agus sáithid a ccrúcaigh tréan-láidire a luing na ndeadh-laoch go cruaidh do-sgaoilte. Acht cheana gérbh íad-san, ba lámh a néid naithreacha neimhe, nó snadhmadh tighe ós ghlonnmhuir ghleodhomhain, nó túarguin darach do mhaol-dornaibh, nó snámh a n-aghaidh tréan-easa dhóibh aghaidh a thabhairt ar bhreith búadha na beirte deadh-laoch sin gérbh uadhach íad a n-aghaidh iolair. Acht is ann sin do éirigh an brat tair bhrúach agus an tuile gan trághadh agus an leomhan ar lán-níatacht agus an tonn rabharta ro-mhear agus an mílidh mear mór-dhálach .i. Don Carolus, dá ngoirthear Ridire na Leomhan, agus
darab ainm Séarlus amadáin, agus do thóig a bhrígh, agus do árduigheadh aigneadh, agus gabhas mire mheanman agus mór-aigionta é, agus lingeas do bhárr a shleadh agus a chraoíseach gur thuirn a luing na n-aitheach. Agus is mairg tráth chum a ttáinic fón mire mheanman sin a cconfa a fheirge, acht gér bhaoghlach d'iomad laoch a bheith isin ccuntar a ttarluigh é, óir lingid tríochad aitheach oile mar aon fris an seisior ina aghaidh; agus arna bhfaicsin dó-san ní tlás nó ro-mheatacht do ghabh, acht tuairgios a sgíath agus a chloidhiomh forra, agus gabhas dá cciorrbadh agus dá ndíothláithriúghadh, dhá ccomach agus dhá ttréan-chascairt, agus ní thabhradh an dara béim do chiorbadh aon díobh agus do roinniodh tair dhó é, agus is ro-mhinic do-níodh ceithre hoirne do bheirt dhíobhtha d'énbhuille, agus gabhas mire mheanman agus mór-aigionta é, ionnas go ttabhradh an tí dob fhaide óna dhían-bhuille léim amach tair bhord isin aibhéis ar uomhan teacht fó fhaobhar a chloidhiomh, agus is mór dhíobhtha do báitheadh amhlaidh. Gidh eadh ní cían do bhí ag teasgadh an tseisir ar thríochad sin dhíobhtha.
Dála Rígh na Sorcha iomorra ar n-imtheacht a dhalta agus a chompáin úadh tug-san léim fearrrdha mór-aigeantach isin dara luing, agus do éirigh an comhlión céadna 'na aghaidh, agus do ghabh-san agá n-uirleach agus dá n-athchuma go ndeachaidh tair ríomh agus tair áiriomh méad an áir a tug orrtha, gur chruinnidh cách dhíobh 'na thimchioll co ná roibh aige fá dheóigh acht ag dían-chongbháil a sgéithe idir é agus trén-bhuillidhe na n-aitheach, go gcluinfidhe a bhfraoicheadh na firmameint macalla na sgéithe agá ttuarguin; gurab é sin uair agus aimsir do thóg Ridire na Leomhan a cheann, agus do smuain ar Rígh na Sorcha go bhfacaidh isin éigion-dáil sin é isin dara luing, agus clisios le mire mheanman gur thuirn idir an rígh agus na dían-bhuillidhe. Agus an sin tuairgios na haithigh go hain-iarmartach co ná ccúala clúas agus nach bhfaca súil samhail nó baramhail nó cosamhlacht dá uirleach ó thosach an domhain gus an uair sin, agus ní mór gur fhéad Rígh na Sorcha amharc 'na thimchioll an tan ba dían-mharbh a roibh ar an láthair sin acht aon-aitheach do fuair faill agus cinnios léim do thabhairt faoí theasda a measg
na n-anbhann agus na mbochtán do bhí a mbruid agus a ngimhiol. Féuchas an rígh 'na thimchioll, agus ba do-chreite leis a shúile féin fán ngníomh do-chonairc, agus as eadh ro ráidh: "Dom chubhais, a Ridire na Leomhan," ar sé, "do theagmhadh dhamh féin a bheith ag aithris do ghníomha guile agus gaisgidh amhail do-chím féin ar m'aghaidh do chách oile, agus ba doichreite úaim é, óir is doichreite liom féin é agus mo shúile féin d'fhíaghuin fair." "A churaidh chródha," ol Don Carolus, "ní haidhbhsighthe leat-sa mo ghníomha-sa iná liom-sa do mhóir-bhéimionnaibh-si ar na hamhasaibh éagsamhla úd." Gluaisid íar sin síos fán luingios iar ngreamadh na long go maith agus go daingin dá-roile. Agus an chéad long do chuartuigheadar do fuaradar inghion chruthach chaomh-álainn ba háilne don druing dhaonna isin chéad-sheomra agus bantracht mhasglach bhith-álainn 'na timchioll ann, agus an mhéid do rug an Mhuir Rúadh ós na maighridhibh, an Ioruaidhe ós an énlaighthe, agus Slíabh Sióin ós na sléibhtibh, do rug an inghion sin do bhárr crotha agus céille agus caoín-ndealbha ó fhearaibh agus ó mhnáibh na cruinne go comhlán é, gur líonastar
Rígh na Sorcha do thuile trom-ghrádha agus sruth síor-adhbhal seirce na hinghine, co nach roibh fad orlaigh dhá chorp gan eire agus mór-ualach air día hionmhuine. Féachas an inghion 'na timchioll, agus ar bhfaicsin na beirte ridireadh caomh-álainn dhi, nach bhfaca go suighe sin, fáiltighios a croidhe re faicsin a ndeilbhe agus a n-déanamh; acht gér dheimhin léithe gur a mbruid a mbraighdionas a tángadar ann; acht ba hiongnadh léithe a n-airm agus a n-éideadh do bheith orra, gurab aire sin do mheas gurab do ghnáth-mhuintir na luinge íad, gidh nach bhfacaidh féin íad go sin, go bhfacaidh Rígh na Sorcha ag breith sitheadh go dían dásachtach air an aitheach do éuloigh úatha, gur cheangail agus gur chruaidh-chuibhrigh é agus íar sin do ráidh ris in inghin: "A ríoghan," ar sé, "ná bíodh uomhan nó imeagla ort romhuinne, agus más cara dhuit an t-aitheach úd do-ghéabhair a sgaoileadh chugad arís, agus naisgim fort bhar sgéala féin agus sgéala na n-aitheach úd d'innisin dhúinn madh toil libh 'fhíafraigh dhíbh, agus is dóigh dhamh go roibh daor-bhreith agus an-fhlaithios dhá imirt oraibh." "A churaidh chródha," ar an inghion, "do
shíleasa go suighe sin gurab díobha súd sibh-si, agus ní thig liom innisin cia híad na haithigh mhí-ghrásamhla fill isin luingeas, acht dom thaobh féin dá mbeith úain nó faill agam do inneósuinn mo dhála dhíbh, acht is dearbh go ttiucfaidh na haithigh gan mhoill, agus go sgriosfaid sibh-si, agus nach dáil furtachta dhúinne." "Luighim-si fám armaibh," ol an rígh, "má tá níos mhó dhíobh 'na mbeathaidh, agus ní budh fáth uomhain nó ursgátha dhíbh-si íad féin nó aon oile don Ádhamh-chloinn an ccéin a bhíadhmaoid-ne aguibh," ar sé. Agus íar sin chuartuigheas féin agus Don Carolus an long go hárd agus go hísiol, agus ní bhfuaradar aon 'na bheathaidh innte acht a roibh a mbruid agus a mbraighdionas. Agus do sgaoíleadar íad uile, agus ba hádhbhal maoín agus saidhbhrios an dá long sin. Agus tillid gus an ríoghan dorís, agus gabhaid ag caoíneas comhráidh fria, agus innsios an ríoghan a sgéala dhóibh, agus as eadh ro ráidh: "Inghion do Rígh na Calidonia misi, agus is cumhachtach an tréan-rígh sin. Agus tarla misi agus an bhantracht so um fharradh ag déanamh aidheoir ar an tráigh ré taobh pháláis m'athar a ló taitneamhach gréine. Agus do-choncamar an dá luing fána lán seól ag teacht gacha ndíreach
chugainn, agus arna fhaicsin dhúinn do ghabhamar sgáth agus mór-theitheadh chuguinn, agus ní roibh tarbha dhúinn ann óir do rugadar oruinn, agus gluaisid dá loing linn gurab é aniodh an naoidheadh lá dhúinn foir muir ar seóladh na n-aitheach mí-ghrásamhla úd," air sí; "agus ag sin mo sgéala féin dhíbh a bheirt churadh is ríogha réim agus is cródha lámh dár shiubhail ar muir nó ar tír aríamh, agus ní fheadar sgéala na n-aitheach acht mar adubhras." Fíafraighios Rígh na Sorcha sgéala don aitheach, agus do innis gurab é féin Rígh na Ciprus, agus gurab lucht gaoil agus cómhpháirte dhó an drong oile do marbhadh, agus go gcualaidh iomrádh inghine Rígh na Calidonia go ttáinic féin cona bhráithribh dá fagháil ar ais nó ar éigin, go ttarla chuca í amhail do innis féin dhíbh go n-uige sin; agus do ráidh nár shíleadar a cclaoí le neart laoch isin mbioth go n-uige sin. "Is cubhais dhamh-sa," ol an rígh, "nár ghníomh garma nó gaisgidh nó coinghioll ríogha d'fhear d'anma-sa ríoghan d'fhúadach le foiréigin. Gidh eadh, a inghion," ar sé, "ó taoí-si ar
do chumas féin anois madh áil leat Rígh na Ciprus fil ann súd mar chéile dhuit féin go toiltionach do-ghéabhair cead úainne imtheacht saor leis, agus gibé oile is áil leat cuirfuim-ne do réir do thola féin saor, thú féin agus do bhantracht." Altuigheas an inghion friú gach maith a d'fhuráladar furrthe, agus do ráidh dá mbeith gan chéile go foirchionn an bheatha nach géabhadh mar chéile leis. "Dóigh dhamh," ar sí, "nach bhfacas don Ádhamh-chloinn, agus fós nach ccúalas dá iomrádh aon is mío-ghrásamhla agus is neamh-shubháilcidh agus fós is measa coinghioll ná é fein agus an uibhir úd oile do díochuireadh libh-si, a bhuidhion shuairc charthannach do horduigheadh fris an Choimhdhe chumhachtach d'fhurtacht amhgair na n-anmhann. Agus guidhim sibh," ar sí, "gan mo thréigin feasda go n-íodhlaicthear úaibh mé dom thír féin." Do labhair an rígh agus as eadh ro ráidh: "A ríoghan," ar sé, "ná huaimhnighthear uime sin thú, óir luighim-si fám choróin agus fám ghaisgeadh nach ba baoghal dhuit-si én-ní an ccéin a mhairfios sinne, acht do réir do thola féin, go rabhair slán id thír féin; agus fós, sul sgarfas an t-aitheach úd linn, go n-íocfaidh gach masla agus gach easonóir dá ttug dhuit."
Altuigheas an ríoghan fris an rígh gacha a ndubhairt ría, agus as a haithle séolaid ar amus na Sorcha gacha ndíreach, agus gabhaid ag caoíneas comhráidh agus ag iomagallaimh a chéile go suairc so-charthannach gur ghabhadar cúan agus caladhphort isin Sorcha sholas-chríochaigh, agus as sin go pálás an rígh, áit ar dáileadh fleadha mílsi so-chaithmhe agus féasduighe líonmhara acmhuinneacha fortha treimhsi fhada dá n-aimsir, agus úaisle na críche ag teacht go laethamhail d'fháiltiúghadh friana ttighearna agus d'fhochtain sgéala dhe. Ciodh thrácht, ar mbeith feadh aimsir imchéin ar an seóladh sin dhóibh, do labhair Ridire na Leomhan agus do ráidh: "A rígh agus a phrionnsa chumachtaigh," ar sé, "créad is áil leat do dhéanamh fris an ríoghain nó fós fris an aitheach mío-ghrásamhail do-rinne inghreim agus easonóir uirthe?" "A chara ionmhuin," ar an rígh, "atáim-si le treimhsi ag anmhain fris an cceist sin úaid-si, óir is duit féin a dlighthear a mbreathnughadh agus ní dhamh-sa; acht aon-ní innsim dhuit, a dhalta ionmhuin," ar sé, "gur fhortamhluigh saighiod an ghrádha mo chroidhe ar bhfaicsin deilbh na ríoghna úd dhamh, agus le húsáid agus le gnáthughadh a subháilce nach bhfuil tráth dá ttig nach
méadaighionn ionnas gur fhortamhluigh go hiomlán form, agus is cían gur chuiris ceist orom go n-éagnuighinn an t-adhbhar sin friot, agus gibé bhus áil leat-sa isna hadhbhair sin is é is áil liom-sa, a láoich agus a thréan-mhílidh," ar sé. Ba hiongnadh le Don Carolus aigneadh an rígh, agus do fhreagair go ndubhairt: "Is í mo chomhairle dhuit, a rígh agus a thighearna," ar sé, "do ghrádh d'fhoillsiughadh don ríoghain, agus a rádh fría más í a toil do ghrádh do ghlacadh go mbíair aice dhá chionn, agus munab eadh go ccuirfir dá crích agus dá fearann í agus an tí do-rinne inghreim urthe go ccuirfir ina cheimidh chreapuilte agus 'na bhráighe doisgaoílte léithe é a ngioll a masla. Agus labhair go suairc fría, óir ní sásadh dhuit a bheith dhá neamh-thoil féin agad," ar sé. "Beir búaidh agus beannacht, a dhalta ionmhuin," ol an rígh, "agus is tusa féin is áil dhamh-sa do labhairt na mbríathar sin fría," ar sé, "óir is deimhin liom nach bhfuil sí go hiomlán a n-ainbhfios mo ghrádha, agus dá labhrainn sin adeirir-si léithe, agus gan a toil féin do bheith leis, dob éidir go sílfeadh gurab go foiréigneach budh mían liom a congbháil.
Agus is briathar dhamh-sa nach géabhuinn-si maithios na talmhan agus sin do dhéanamh gan a toil iomlán fris." "Más eadh," ar Ridire na Leomhan, "is éusgaidh misi dochum do thola-sa do dhéanamh an ccéin a mhairfiod um bheathaidh," ar sé, "agus rachfad isin turus sin gibé ní do thiucfas dhe." Agus íar sin ceileabhraid dá-roile, agus glúaisios Don Carolus ar amas na hinghine. Inneastar sunn seal oile: ar ccluinsin iomagallamh an rígh dhi fá aontughadh dó Rígh na Cíprus agus ar bhfagháil uaignis dí gabhas ag tuirsi agus ag truaghbhéile, agus goirios ar an ccuid dá bantracht ba tairisi léithe, agus í a cceas bróin agus tuirsi, agus tángadar-san chuice agus í mar sin, agus fochtaid sgéala dhi, agus as eadh ráidhseat: "A ríoghan úasal urghrádhach, créd is adhbhar bróin nó búan-tuirsi dhuit, nó créd do chlaochluigh do chruth nó do dheilbh agus 'fheabhas mar do éirghe dhuit féin agus dhúinne ó tharla an bheirt dheadh-laoch is cródha neart agus is uaisle gníomha, modh agus cáiligheacht dár shiobhail an bioth uile?" ar síad; "agus dar linne budh córa dhuit-si
meanmna maith do ghlaca chugad, ná a bheith ag glacadh tuirsi chugad tair éis ar saoradh as an mór-bhruid agus as an mór-dhochar a rabhamar, agus gan súil le cabhair aguinn gur chuir an Tríonnóid uile-chumhachtach chugainn íad." "Más eadh," ar an inghion, "a bhantracht ionmhain, as í adhbhar mo thuirsi féin, agus ní cheilfead oruibh-si é go ttugus toil agus trom-ghrádh do Rígh na Sorcha ar fheabhas a mhuibh agus a bhéusa, a dheadh-cháiligheacht agus a ghníomha gaisgidh, agus do bhreathnuigheas ar shilleadh a shúl agus a ghnúisi orom go roibh-sion amhlaidh dhamh agus go ttug roghuin dhamh tilleadh dom thír féin nó gabháil fris an aitheach uathmhar allata éugsamhail úd. Agus atáim a ndochar meanman agus aigionta dhá bhreathnughadh sin, ionnus gur measa liom mo dhála anois nó mo bhruid ag an aitheach." "A ríoghan," ar aon dhíobhtha, "ná himnighthear uime sin thú, óir is iomdha féachuin agus dearbha íarraid na daoine críonna ar shubháilcidhe na mban sul nochtaid a rún díamhair dhóibh, agus ní lughaide do bheith grádh folaightheach ag an rígh dhuit-si na comh-rogha sin a tug dhuit, acht go bhféuchadh cionnas do-ghéabhtaoi agaibh é." Acht cheana ar mbeith ar na comhráite sin dóibh, is ann a táinic Ridire na Leomhan a
n-aireaguil a rabhadar, agus arna airiughadh dhóibh-sion ann gabhas an ríoghan meanma agus mór-aigneadh chuice, agus gluaisios 'na chuinne go haoibheamhail aigiontach, agus beannaighios go deadh-oileamhanta dhó, agus gabhus Ridire na Leomhan ag caoíneas comhráidh ris an ríoghain, agus gluaisid an bhantracht don láthair, agus mar a fuair Ridire na Leomhan uaigneas na haimsire labhras ris an ríoghain mar so: "A ríoghan ro-úasal," ar sé, "atáid beagán uirghill agus bríathar agam féin ré a fhoillsiughadh dhíbh-si, agus ní háil liom a labhairt go bhfághadh mé párdún agus focal úaibh-si gan sáobh-nós do dhéanamh liom muna ttaitnidh leat, óir ní dhéanainn dochar ar bith dhuit a ccás nach ttaitneónadh leat, gurab aire sin íaraim párdún sul inneósat én-neithe." "A churaidh chródha," ar sí, "atá uirid d'eólas agam-sa ar do shubháilcibh go measaim nach laibheórthá tré olc friom, gurab aire sin atá sáor agad gach a labheórair liom." "Más eadh, a ríoghan," ar sé, "tángas féin a tteachtaireacht ó Rígh na Sorcha chugad .i. neach atá iomlán líonta d'onóir agus do shubháilcibh, do neart agus do mór-cheannas, do chumhachtaibh agus do chalmacht, ionnus gurab tearc rígh nó prionnsa ó luighe gréine go héirghe gréine gan crith-eagla ríana mhór-neart. Agus a tug sé searc agus mór-ghrádh dot shubháilcibh-si, gur chuir misi dá nochtadh
dhíbh, d'eagla dá labhradh féin libh ar ttús go measfá go mbeith ar tí do chongbháil tair do thoil, agus geallaim-si dhuit nach bhfuil ní ar bith do-bhéaradh air do neamh-ríar do dhéanamh, agus más toil leat gan mhoill tríall dot thír féin go rachad-sa agus eision gan mhoill leat go ttoirbhriom dot hathair féin thú." Tochtas an inghion sealadh, agus fa hiomdha déalradh deadh-mhaiseach a táinic dhi re headh na hiomagallmha sin, agus gidh nach roibh isin mbioth uile comhrádh ba hannsa ría iná sin, do bhí a cceas sealad cionnas do fhreigeóradh dhó, agus fá dheóigh do fhreagair dhó mar so, agus as eadh ro ráidh: "A uasail agus 'árd-fhlaith," air sí, "is fírinneach nach fiú misi an t-úasal oirdheirc dom shantughadh amhail adeirir, agus gidh eadh ní hagam-sa atáim féin le tabhairt uaim acht ag m'áthair, agus do bhrígh gur thaisbéin Rígh na Sorcha agus tusa, a árd-fhlaith chródha, deadh-mhéin dom cheann-sa dom shaoradh as an mbruid is crúaidhe-bhoichte a roibh ríoghan nó bean aríamh romham, budh daor an bhreith dhamh-sa gan deadh-fhreagra do thabhairt don árd-fhlaith. Agus as í mo chomhairle, teachta d'fagháil le litreacha uaim-si go m'athair ré fios mo sgéal agus m'eachtra, agus a dhearbha go bhfuilim féin agus mo bhantracht slán ar ar n-astar dochum na Calidonia gan mhoill. Agus ar ndol an sin dúinn is éidir libh an t-adhbhar do nochtadh
dom athair, agus is deimhin go ccuirfidh chugam-sa é, agus do-chífe an t-árd-fhlaith mo chongnamh-sa dhó uime, agus fós geallaim dhó, an mhéad gur fiú misi do shásadh Rígh na Sorcha, nach gabhaim neach oile ar a bhéalaibh. Agus ag sin mo chomhairle agus mo fhreagra dhíbh, a bhuidhean charrthannach," ar sí. Altuigheas Ridire na Leomhan fris an ríoghain Máriana, óir budh hé sin a hainm budhdhéin, gacha a ndubhairt. Ceileabhrus dhí, agus ba meanmnach leis a thurus dona sgéala sin do bheith aige dá chompánach, agus is dóigh liom-sa nár lugha ríai-si. Agus táinic Don Carolus gus an rígh, agus innsios a thurus agus freagra agus comhairle na hinghine dó. Fá lúthgháireach an rígh dona sgéala sin, agus altuigheas le Don Carolus gach a ndearna ina sheirbhéis, agus gluaisid araon go pálás Mháriana áit ar thráchtadar gan fhaitchios ar gach ní ba hindéanta dhóibh, agus an sin sgríobhas an inghion litire gan mhoill, agus seólas an rígh teachta leó, agus do-bheir eólas eagna agus uirghill dhóibh, agus do ráidh friú fuireach fris féin isin Chalidonia, áit inar glacadh go hiol-ghrádhach íad. Agus do thoirbhreadar a ttosga agus litreacha na hinghine íar sin don rígh, agus léighios an rígh íad amhail mar leanus: "A uasail árd-chumhachtach agus 'athair ionmhuin, Is fírinneach gur chuir an Fíor-Dhía uile-chumhachtach a nfurtúin gur fhúadaigh an
t-aitheach éugsamhail agus an dúil dhoidhealbhtha .i. Friston rígh na Cíprus, maille hochtmhoghad aitheach ar aon-ndéanamh ris féin fá lúireach gáoil agus comhpháirte dhó, misi agus mo bhantracht leó gan airiughadh d'aon-neach ó dhorus mo ghríanáin, gur chuireadar dá long sinn, agus nár himriudh leath an uilc agus an tírántais do-rinneadar oruinn féin, agus ar an iomad oile do bhí a láimh agus a ngimheal aca, ar dhaoíne san saoghal feadh naoí lá, gurab an sin do thoiligh Stiúraightheóir na n-Uile agus an Tríonnóid Naomhtha a n-anbhforlann do chlaoí agus fuasgladh dhúinn le neart agus le cródhacht beirte deadh-laoch, nach bhfacaidh aon isin domhan a samhail nó baramhail dá neart nó dá ccalmacht ó do bhí Sámson ag cathughadh fris na Filistíneacha gus an tráth sa; óir ní bhfuil beól do chreidfeadh leath a ccalmacht' nó a neirt; gur díthcheannadh na haithidh uile leó, agus atáid dá thabhairt cugaibh-si mar bhráighe ghill ré mo mhasla-sa agus ris an míomhodh do himreadh leó orom féin agus ar mo bhantracht, go bhfuilid anois ag glacadh an aistair liom-sa dom aitreabhadh chugaibh-si. Agus as íad na hárd-mhaithe sin .i. Séadhna Saor-bhéasach .i. Rígh na Sorcha agus iomad do chríochaibh eile don chruinne, agus aon-ridire óg an-aithnidh oile dá ngoirthear Ridire na Leomhan. Agus níor chúib an taladh trom-fhóideach
ar a mhuin isin n-aimsir si céad ridire nach bhfuil ion-chomhraic leó. Agus má ba saoghlach é budh mór a tháin ar feadh na cruinne, agus gidh calma na curaidh íad is mó iná sin feabhas a subháilce, a muibh agus a mbéasa, agus is onórach a tugadar a thoradh dhamh-sa, agus atámuid anois ar ar n-astar chugaibh-si, a athair ionmhuin. .i. d'inghion agus do mhórdháil ríogha Máriana Baltásanus Rígh na Calidonia." Air léughadh na litrei sin do Bhaltásanus is súaill nach bhfuair éug agus uighe re méad iolghairdis agus lúthghára, agus do thóg a rosg a n-áirde, agus altuigheas leasan Tríonnóid na págánaigh thíoránta do chlaoí, agus gan a neart do dhol for 'inghin, agus é féin d'fagháil a sgéal mar sin. Agus do-rinne onóir mhór fá na teachta, agus a tug ordughadh dhá lucht feadhma agus fritheólmha an chathair do chórughadh gan mhoill, agus ollmhughadh fleadha agus féusta do thionsgna gan fhuireach. Agus do-rinneadh acu amhlaidh, agus ba hadhbhal foirm agus méad an ullmhuighidh sin.
Dála Rígh na Sorcha cona chuideachta: ar n-imtheacht na tteachtaibh úadha triallas féin agus an ríoghan agus Ridire na Leomhan agus Friston .i. Rígh na Cíprus, maille re hiomad oile, ar a n-astar agus ar a n-imtheacht. Agus ar mbeith ocht lá ag siobhal tré lán lúais a stéud tarla íad a ttír anaithnidh, agus a tarla gabhal mhara dhóibh san slighe agus droichiod ar an ghabhal mhara sin, agus céd ridire rathmhar ro-chródha ar an droichiod agus ar gach taobh dhe. Agus a tarla Ridire na Leomhan a réumh-thús a mhuintire, agus níor chomhnaidh go ráinic an droichiod. Arna fhaicsin sin do ridiribh an droichid druidid 'na choinne, agus níorbh áil leó a léigion ar aghaidh go ndíoladh cíos an droichid. "Créad is cíos ann?" ol an macaomh. "Marc airgid nó uirid d'ór ar a ccois do dhuine nó do bheathadhach dá ngéabhadh ann, nó comhrac fris na ridiribh." Féuchas Ridire na Leomhan ar an rígh, agus do ráidh fris fuireach ag an ríoghain d'eagla sgáth nó úomhan dá glacadh, go nglanfadh féin an tslighe roimpe. Agus íar sin do fhiofraigh don ridire an ngéabhadh a aithearrach sin do cheannach úadha, agus do ráidh-sion nach ngéabhadh. "Más eadh," ar Ridire na Leomhan, "ag súd misi gus an droichiod, agus éirgheadh dá chúmhdach gibé leanab áil." Arna fhaicsin sin dona ridiribh uile dlúithid idir é agus an droichiod, acht is ann sin do fearguidheadh
an bheithir bheódha agus an nathair mhiosguiseach agus an tonn rabhartha, agus do chuimhnidh ar an ccleas fáthach an ubhaill, agus nochtas eatarra é, co nach tteilgeadh urchar nach leagadh seisior nó ochtar nó deineabhar do gach urchar, agus do thilleadh an cleas na láimh féin dorídhis, co nach cían go ndearna cumach cíordhubh cnáimh-bhrúite íad acht modh beagáin, agus do ísligheadar an dream sin íad féin, agus gabhaid comairce agus cuimrighe ag an tréan-laoch, agus tug-san maithiomh na ccoirthe dhóibh ar choinghioll gan an cíos sin d'iarraidh arís, agus tugadar cor agus coinghioll ris sin do chomhall. Agus ba himeaglach an ríoghan cona bantracht gus an tráth sin ar feadh an iombhuailte sin, muna mbeith an rígh agá ccoimhdhaingniughadh. Agus ar n-úmhlughadh dona ridiribh gabhaid na ríoghna ag iongantas cródhacht an churadh, agus níor lugha ris na ridiribh sin an droichid, agus do ráidhseat nach roibh neach ó ccreidfidís a ghníomha muna bhfaicfidís féin é. Acht atá ní cheana, ar mbeith treas dóibh ag athmholadh Ridire na Leomhan, tríallaid ar a n-imtheacht, agus ní haireastar a n-eachtra go rángadar a ccomhghar do Fílandor .i. cathair inmhe agus chaithmhe Rí na Calidonia. Agus an sin sgaoílid teachta re sgéala gus an rígh, agus ar bhfagháil sgéala don rígh fá meanmnach é, agus gluaisios gan mhoill maille le cúig céad cairptheach a leith amuich do mharcshluagh 'na ccoinne agus 'na ccomhaircis
trí mhíle ón ccathraigh, gurab ann sin tárla dhá chéile íad, agus nach dearna roimhe sin nó 'na dhíaigh samhail an ulghairdis do rinneadh leó ag Rígh na Calidónia ar an láthair sin. Agus a tug mór-altughadh agus buidheachas fris na laochaibh fá aisioc 'inghine. Agus íar sin beannuighios do Rígh na Cíprus go fáthach neamh-thais, agus is deimhin go roibh-sen lán do thuirsi frisin ré sin. Agus íar sin glúaisid leith ar leith gus an dún, áit a ttáinic an bhantracht 'na ndáil go ccornaibh ccaomh-chúmhduighthe, go leastraibh soineamhla, lán do chinél gacha fíona so-óla iná chéile, agus do cóiruigheadh an dún ar a cceann, agus do dáileadh cuirm agus féastuidhe líonmhara do chách íar sin, agus Rígh na Cíprus maille friú. Agus ar ttabhairt treas isin ól do chách fíafraighios Rígh na Calidonia don aitheach créd fár fhuadaigh 'inghean féin, nó "créd fár imris do thíorántas doifhulaing fuirre?" "Is bríathar dhamh-sa," ar Rígh na Cíprus, "go n-inneósad an fhírinne dhuit, a rígh-mhílidh, uime sin, do bhrígh go gcúalas iomrádh h'inghine-si dá aithris agus dá luadh a mbéul gach áoin, agus do bhí do mhéad mo ghrádha dhí gur chuirios romham a beith agam féin ar ais nó air éigin. Agus do ghlúaisios dá bhrígh sin, mé féin agus an uibhir úd oile dom lucht gaoil do dhíthcheannaigh an bheirt dheadh-laoch sin do láthair, dá breith linn, óir níor bheag linn sin dochum do thíre-si agus do
rígheachta do dhíchur agus d'ionarbhadh, agus is deimhin nár bheag muna mbeith neart na deisi sin nach measaim gur neart daonna atá ionnta; óir do shiúbhlas an domhan le neart, agus níor mheasas agus ní fhacas céad laoch le gaisgeadh isin n-imtheacht sin, dá mbeith gach áon díobh 'na fhear comhlainn céad, atá ion-chomhraic le haon dhíobh, agus ós anois a thuigim é agus do-chím mo mhíofhurtún féin, dá léigtheá-sa as braighdionas mé do-bheirim fom bhréithir ríogha go mbíad feasda fá do ríar féin áird" ar sé, "agus gibé cáin nó ionaclann bhus toil libh do chur orom go mbíad úmhal air ar feadh mo bheatha, agus adhbhar oile fár chóir amharc orom .i. méad na búadha do rugadh orom féin agus ar na laochaibh fris nár gabhadh aríamh a ccathaibh nó a cclíathaibh roimhe sin. Óir luighim fam armaibh dá mbéinn-si nó aon oile dhíobh ar n-aonar ag cur dochum do thíre-si, a bhfuil id ríoghacht uile nár bhforlann le ceachtar dhínn íad 'nar n-aghaidh, acht gan an días deadh-laoch sin do láthair, nó ceachtar dhíobh do bheith dábhar ndíon. Más é is luinne libh gabháil agam amhail adubhras, ó nach bhfuil agam acht mé féin ann so le tabhairt a n-uradhas an choinghill sin dhíbh, cuirim grían agus éusga, ranna neimhe agus talmhan, a ccoruighacht agus a bhfocal orom gacha ar gheallas an sin díbh go bruinne an bhrátha agus an bheatha do chomhal dhíbh, agus muna ndéantar is deimhin go ttiucfaidh olc is mó iná a ttáinic
dhe, óir tiucfaidh Impire na Persia cona neart agus ríoghachta na Ciprus go n-iomad ríoghachta agus impireachta seachndeóin an domhain dár ndíoghailt, óir is cáirde agus lucht gaoil dhamh-sa íad, agus dá léigthí misi amach coisgfead uile íad." Freagras Don Carolus é agus as eadh ro ráidh: "Dar mo chubhais," ar sé, "ní bhfuil a bheag nó a mhór dá n-eagla oruinn, agus dá mbeith adhbhar ar bith aguinn fá do chongbháil-si nó fá do chur dochum báis gurab d'fhéachuin an bhfuighthí an dream adeirthaoi ar én-láthair dá n-uigheadh uile. Gidh eadh ní chuirim féin barradh ar do léigin amach acht do réir chomhairle an rígh agus cháich a ccoitchinn." "Más eadh," ar Rígh na Calidonia, "do-dhéantar comhairle aguinn uime sin go hathghearr." Léigid an chaint sin seachad, agus gabhaid ag ól agus ag iontlas meanman agus aigionta gurab bhó meisge meadhar-chaoín na sochaidhe. Ciodh thrácht, do chaitheadar treimhsi fá mhuirn agus fá onóir a bhfarradh Rígh na Calidonia. Agus do labhair Ridire na Leomhan le Rígh na Sorcha araill, agus as eadh ro ráidh gur mhithe leis imtheacht dochum na Fraince d'eagla go mbainfeadh 'athair dúil dhe, "óir is gearr gus an aimsir do gheallus dó tilleadh." "A chara ionmhain agus a chompáin thairis," ar an rígh, "is sgarfuin cinn fria choluinn nó eilid' fría laodh nó a meic mhuirnigh fria a mháthair
mo sgarthadh-sa friot, agus fós nár labhras aon-fhocal fós fris an rígh um dhála na hinghine, agus gurab tusa amháin m'aon-labhairt agus m'aon-chomhairle isin mbioth, agus budh mhaith liom tú do ghluasacht an chleamhnais gan mhoill." "Is éusgaoi misi chuige sin," ol Don Carolus, "agus luighim fám armaibh mun budh deóntach leis é go ttiocfaidh a mhairg dhó sul fhúigfiom an tír-si, gé mór mo dheifir-si don bhFrainc." Agus íar sin glúaisios Don Carolus don láthair go hairm a roibh an rígh, an bhanríoghan, agus Mairiána, agus íad 'na ttriúr ar aon-láthair, agus an ríoghan ag innisin a dála ó do rugadh ar siobhal í agus méad na calmachta do-rinneadar an días gaisgidheach agá sábháil féin cona bantracht, agus treas mór-mholta aice ar na laochaibh, gur thoirmisg teacht an mhacaoimh do láthair a ccomhrádh, agus do fhorbhfáiltigh uile roimhe, agus do shuigh Ridire na Leomhan, agus as eadh ro ráidh: "Is ro-mhaith liom féin teagbháil dhíbh bhár ttriúr ar an úaignios sin, óir atámaoid féin dochum ar n-astair do ghlacadh gan mhoill, agus do-chonarcas dhamh urán cleamhnais do ghluasacht idir Rígh na Sorcha agus sibh-si a aird-rí, agus do-chonarcas dhamh gur mhaith do thiucfadh Mariána agus Rígh na Sorcha ré chéile tré mhéad agus fheabhas a subháilce ar aon, tré fheabhas a maisi agus a ndeadh-cháilidheacht: agus adhbhar oile fós, gurab lámh a nead naithreach neimhe d'aon-rígh nó d'aonneach
oile fán mbioth uile cláon nó éagcóir d'iarraidh air féin nó ar aon dá mbíadh 'na chleamhnas; gurab aire sin, ós é is mían dhíbh-si, a ard-fhlaith, agus don ríoghain féin fós a snamadh ré chéile éigin isin domhan, nach bhfeidir dhamh-sa cía an chéile do hiarrfidhe tair Rígh na Sorcha agá bhfuil cosnadh agus cathughadh gacha críche ar a chumas, maille ré gach subháilce, ré gach eagna, agus ré gach eólas dár chóir do rígh do bheith aige, agus 'fhuil agus 'uaisle dá réir sin. Agus ó tharla sibh-si ar aon-láthair budh maith liom-sa fios freagra d'fhagháil úaibh ó támaóid féin dochum ar n-astair do ghlacadh gan mhoill." "Más eadh a churaidh chródha," ar an rígh, "is deimhin gur díol fir dom inghin-si Rígh na Sorcha, agus dá mbeith beagán d'easbhuidh air mar nach bhfuil, go bhfúair iomad gúaisi, contair, agus saothair, maille ré do chongnamh-sa, a thréin-fhir, dá cosnadh air ainfhlaithios agus ar éagcóir, go ttugaim-si slán í maille ré gach sásadh meanman agus aigionta ba luinn liom féin d'fhagháil ina mhasla dhó, agus is deimhin nach bíaidh an inghion féin 'na aghaidh sin ar én-chor; agus a inghion ionmhain," ar sé, "fionnaim úaibh bhar ttoil um an dáil úd, óir is deimhin gurab tú breitheamh is fearr don dul sa." Ba meanmnach an ríoghan tréas na comhráite sin, gi go roibh mall-fhoclach ina freagra tré náire; agus fá dheóigh freagras dóibh ar impidhe a
hathar, agus as eadh ro ráidh nár fheidir cionnas do fhreigeóradh dóibh do bhrígh nár chuir an rígh urán ar bith uirrthe an uair is mó do fhéad a chur; "agus a athair ionmhain," ar sí, "cé deirim sin ní chuirim a n-iongnadh ar a fhíor-shuibháilce gan a dhéanamh d'eagla go ccuirfeadh manna orom-sa d'aithle a ndearnadar na fathaigh orom, agus a athair ionmhain, déan-sa do thoil féin friom-sa gibé bhus áil leat, agus bíad-sa ar do thoil agus go háirighe do Rígh na Sorcha." Agus níor leasg le ceachtar dhíobhtha 'na ttriúr dochum na dála sin; agus níor chían go ttáinic Rígh na Sorcha chuca, agus do hathnuaigheadh an comhrádh le Don Carolus. Agus a haithle sin téid Rígh na Calidonia agus a chomhairleacha a ndáil comhairle, agus do aontuigh cách dhíobhtha go humhal an cleamhnas sin do shnadhmadh, agus do ráidhseat nach roibh isin domhan uile céile dob fhearr leó d'fhagháil don ríoghain ná Rígh na Sorcha agá roibh cosnadh córa agus aindhlighidh ar a láimh a n-aghaidh gach aóin do chuirfeadh chuige é. Agus foillsigheas an rígh sin uile do Rígh na Sorcha, co nach ttáinic isin ccruinne neach ba mó lúthgháire ná é. Iar sin do horduigheadh lá pósta agus bainnsi acu caocaois ón lá sin, agus fa hiomdha curadh cródha agus gaisgidheach gníomh-éachtach agus marcshlúagh sdéad-álainn ag teacht fa thoichim na bainnsi d'fhéachuin a ccumais agus a neirt i ngiústáil, óir fa
dearbh leó go mbeith iomad cluitheadh mar sin ann. Agus ar tteacht an laoí chinnte an phósta do-chuadar gusan eaglais, áit ar snadhmadh an lánamha ré chéile do réir an dlighidh. Agus ba meanmnach cách uile ag tilleadh dhóibh, agus do líonadh an rígh-chathair sin do ghléire deadh-laoch agus d'úaisle agus d'árdfhlaitheadh ar-cheana. Agus do suidheadh gach aon aca 'na n-ionadhaibh cuibhdhe coimheagair, gur dáileadh orrtha féastadhaibh lán-mhóra, gur bho subhach meadhar-chaoín cách, ionnas gur chaitheadar an lá sin ó éirghidh gréine don ló a mí medháin shamhraidh gur baineadh deich mbuille do chlog isin oidhche. Agus do cuireadh an lánamha sin dá n-ionadh agus dá ccodaltoigh, agus do ghlacadar sásadh a chéile ann go cíocrach lán-ghrádhach gur thuit a ttoirchim súain agus codalta forrtha. Agus do bhádhar amhlaidh gur éirghidh an ghrían ruithneach 'na ciorcuil chomh-sholasta chaomh-dhealrach arna mhárach, gurab ann sin do éirgheadar an lánamha choinghill sin. As a haithle toisighid cluithigheadh agus giúsdáil gur shuigh na ríogha agus na ríoghna sin a ttrónaibh saidhbhre mór-chostasach' ós cionn agus ós comhair cháich; agus táinic an Ridire Fionn mac Rígh na hÍsbeirne isin madh, agus lingeas an Ridire Dubh mhac Dúibhche na Burguinne chuige, agus ba cródha neartmhaire dona ridiribh sin, agus tugadar treas fheardha lán-churata for a chéile, acht fá dheóigh
do leagadh an Ridire Dubh; agus níor sguir an Ridire Fionn gur leag ochtar. Is amhlaidh tarla Rígh na Sorcha cona chéile agus Ridire na Leomhan astigh isin ghrianán agá ngléas féin dochum teacht amach fán ghiústáil, agus íad ag féuchuin ag fheabhas do bhí an Ridire Fionn agá iomgabháil, agus níor chían dóibh amhlaidh an tan do-choncadar cúig céad ridire lán-chalma ag ionsuighe na ridireadh amuich, agus nochtaid a bhfaobhair agus a ranna ar na ridiribh, agus gabhaid agá ccasgairt agus agá ndían-ghearradh go hathlamh, ionnas go rabhadar dá leadradh 'na ccosar chró seachneóin an mhuighe sin agus gan d'arm ag ridiribh na tíre acht airm mhaola dochum giústála. Agus do goireadh caismearta agus caomh-adharca agus núall-ghubha ré faicsin na feille agus na mór-fhionghuile sin seachneóin na caithreach agus an mhuighe. Arna fhaicsin sin don bheirt dheadh-laoch do bhí isin ghrianán dá n-ullmhughadh, gabhas gráin agus truaighe íad fá fheill agus fá dhúinmharbha do dhéanamh ar ridiribh na tíre amhlaidh sin, agus lingid a meodhón a n-arm agus a n-éidigh, agus cinnid forra sdéudaibh, agus ionnsaighid an catha mar lúas áinle nó íara nó mar dhá bhuinne rabhartha do dhruim árd-shléibhe. Agus is mairg chum a ttáinic an dá bheithir neimhneacha agus an dá choin ar lán-chonfadh agus an dá mhathghamhain ionghlonach' agus an dá leomhan ar lán-mhire agus an dá nathair
n-athmhiosguisdheach' neimhe agus an dá phosta choimdhíona sin, dingthe líonta d'fheirg agus do mhire, do rachta agus do lán-chonfa. Agus druidid go prab eidir na ridiribh agus lucht na feille, agus tairngid a bhfaobhar agus a ranna forra, co nach ttugadh neach dhíobha an dara béim d'aon dá mbiodhbha, agus ní ghabhadh sgíath nó lúireach nó cruaidh-chathbharrtha ré haon-bhéim, gur chuireadar caoi mhearaighthe agus misge orrtha don chéad-chuinsgleo; agus mar fuaradar na ridirigh uile faill agus dóigh ón iomchosnamh lingid fán dúnadh do ghabháil a n-arm umpa. Acht cheana is an sin do ghabh meanmna agus rabharta ro-aigionta Ridire na Leomhan, agus spurus go dían isin áit is dlúithe agus is daingne a bhfacaidh a bhíodhbha, agus a tugsat deich mbéimionna cloidhimh, agus gearras agus roinneas fiche ridire lán-chródha 'na cceathrachaibh órduin dona tréan-bhuillidhibh sin, ionnas nach bhfacaidh cara nó námha a thúarguin nár chuir iongnamh agus úathbhás fair. Ba hadhbhal uomhan agus imeagla Rígh na Calidonia gus an am sin, agus ar bhfaicsin béimionn Ridire na Leomhan dó gabhas meanmna maith, agus as eadh ro ráidh nach bhfaca iongnamh aríamh ba haidhbhle leis nó méad a neirt agus a chalmacht agus a ghníomh do thuilleadh a n-áon don Ádhamh-chloinn; "óir is minic do smúainim nach bhfaicim an ní ad-chím acht gur codladh
fil orom, agus gurab aisling nó buaidhreadh na leannán a taibhrear dhamh. Is ann sin a tarla Rígh na Sorcha agus tríath na ridiribh ar a chéile, agus tuairgios an rígh a sgíath fair, agus cuireas ar a chúl é. Áirighios ridire ro-neartmhar do mhuintir an ridire anaithnidhe sin, agus tig do leith a dhroma do theasarguin a charad agus é a n-ionadh agus a n-am na sleagha do sháthadh tréna dhruim. Is ann féachas Ridire na Leomhan 'na thimcheall go bhfacaidh an ghúais 'na roibh an rígh, agus dob fhoda úadh-san é, agus cuimhnighios ar a ubhall-chleas go ttug rogha an urchair dhi gur bhuaileastar a lár a ochta é, agus gur chuir an t-ubhall tréna chroidhe gur thuit marbh ar chúl Rígh na Sorcha. "Is bríathar dhamh-sa," ar Ridire na Leomhan, "nach baoghal dhuit aon do theacht feasta do leith do dhroma fort." Agus íar sin tug fobhart bíodhbha 'tiomsughadh tréada forrtha gur sgaith agus gur dhealuigh leis íad uile uidhe imchían ó na laochaibh; agus gér chalma an ridire anaithnidhe do díthcheannadh le Rígh na Sorcha ar an láthair sin é. Arna fhaicsin sin do Ridire na Leomhan gabhas sían-ghléus dían-mharbhtha for an ccuid eile, ionnus nár fhágbadh fear 'na bheathaidh dhíobhtha acht aon-nduine amháin do fhasdoigh Rígh na Sorcha dochum sgéal na coda eile d'fhagháil úadha. Fa hí sin aimsir a rabhadar na ridireadha do-chuaidh
dá n-éideadh féin don dún ag tilleadh go háit na hiorghoile, agus is dearbh nach fada do bhádar dá ngléas. Gidh eadh ní bhfuaradar aon 'na sheasadh ar a ccionn isin magh acht Rígh na Sorcha agus Ridire na Leomhan agus an t-aon-ridire do gabhadh leó. Agus gabhaid na ridireadha ag féuchuin aníar agus ní tháinic iongantas fá mó leó nó tuitim na ridireadha anaithnidhe uile le neart deisi deadh-laoch isin mbioth agus fós 'na chomh-ghearr agus sin d'aimsir, gan congnamh ó neach acht íad féin ar aon. Agus ba haidhbhle iná sin a n-iongnadh fá mhéad na n-áladha do-chonacadar ar na marbhaibh nach bhfacadar agus nach ccualadar agus fós nár léigheadar a shamhail oile ó chruthughadh an chéad-duine gus an am sin. Agus ar mbeith treimhsi ag iongantas mar sin dóibh uile, cruinnighid mar a roibh Rígh na Calidonia, agus éirghios an rígh as a chathaoir ríoga d'fhorbhfáiltiughadh fris an mbeirt dheadh-laoch sin, agus teannus réna ucht agus ré urbhruinne íad as a haithle agus as eadh ro ráidh: "A chairde ionmhaine," ar sé, "atá 'na mhór-iongnamh ar chách uile, agus orom féin, an talamh trom-fhóideach dá bhar n-iomchar ar aidhbhle bhar ccoimsi agus bhar cceinéil, bhar muidh agus bhur mbéas, bhar n-áilne agus bhar ndeisi, bhar neart agus bhar níadhachuis, bhar ccalmacht agus bhar ccródhacht, bhar méad meanman agus bhar n-aigneadh, óir ní cosmhail le daoine sibh a n-am troda nó tachuir acht ré leomhain fhíoch-aingidhe nó re dragúin
mhór-chonfadhacha nó ré mathghamhnaibh ar lán-mhire, agus go háirighe an Ridire óg so na Leomhan. Is deimhin liom nach bhfuil a shamhail ar dhruim thalmhan, agus gur doiligh a mheas go mbíaidh 'na dhiaigh go bráth faoí sholas na gréine ann gach céim dá ndubhras cheana. Agus is maith dhúinne bhar marthain óir is líonmhar bhar ccothughadh agus bhar bhféidhm chosunta a ccéin agus a bhfogus dár ríoghna agus dár ccaomh-inghine, dár ttríathaibh agus dár ttighearnaibh, dár ridiribh agus dár láthuibh goile agus gaisgidh go huilidhe, agus is fírinneach gurab é an tÁrd-Chodhnach fil ós cach do bhar neart agus do bhar lúth agus bhar subháilce agus do chuir chuguinn sibh dar tteasearguin." Agus ní roibh neach fir nó mná dá bhfacaidh íad nach ttug treas athmholta forra. Is ann sin do fhiafraigh Rígh na Calidonia don ridire anaithnidhe cía hé féin nó na ridiridh oile do fágadh maille fris, "nó créad fár thairgeadar feall do dhéanamh oruinn?" ar sé. "Ridire na Sleagha Gile, mac Rígh na hArabia táinic ann súd," ar sé, "ar ttabhairt seirce gráidh dot inghin-si léna hiomrádh, agus táinic féin agus na ridireadha úd oile dá hiarraidh a ttabhartus oruibh-si, a árd-fhlaith; agus ar tteacht a ccomhfhogus na háite si dhúinn do hinnseadh dhúinn go roibh h'inghion-sa dáltach le fear oile, ar mhodh gur ghabh dóigh éada mac Rígh na hArabia co nach géabhadh gan teacht dá buain amach ar ais nó
ar éigion. Agus do shaoil go ttiucfadh leis a cheann do bhuain don Mhacaoimh Mhór isin ghiústáil, agus neart slúaigh do thabhairt leis iar sin do bhuain na hinghine amach ar éigin; agus ba laoch neartmhar an prionnsa úd agus fós gach aon don chuideachta úd do marbhadh fri sin, agus níorbh urus ríomh nó áiriomh dá gcleasaibh guile agus gaisgidh, agus ba mór a mheas isin Arábia agus a n-iomad críoch oile don chruinne ar-cheana, gidh claoideadh agus gidh cailleadh sin uile le neart aon-ndeisi amháin ridireadha. Agus ní mheasuim gur ridireadha talmhaidhe a tarla ris an muintir úd agus dámadh eadh níorbh fhéidir leó seasamh lena neart súd, gurab uime sin a mheasaim gurab dúile do-bhásuighthe íad do chuir an Fír-Dhía uile-chumhachtach dochum na talmhan do mhúchadh úaille agus mí-bhéus lucht an díomais. Agus ag sin mo sgéala-sa dhíbh," ar an ridire. "Beir buaidh agus beannachtain agus is cosmhail nár mhór do Rígh na Sorcha méad a neirt agus a ghaisgidh a n-aghaidh gach feille agus gach mío-choinghill dá bhfuiltear uile d'ullmhughadh chuige." Agus íar sin do cinneadh comhairle leó um dhála Rígh na Ciprus agus an ridire anaithnighe sin do gabhadh le prionnsa na hArabia. Agus as eadh do horduigheadh aca a sgaoileadh amach agus nár chóir maille le honóir iomláin bás nó geimhiol d'imirt fortha ó do ghnáthuigh aca a ccúalacht an fad sin agus fós ó do cailleadh go leór oile a n-éiric a ndíomais
agus míochoinghill, agus gurab amhlaidh do horduigheadh maith do dhéanamh a n-aghaidh an uilc. Agus do críochnuigheadh leó ar sin. Agus do goireadh chuca Rígh na Ciprus agus an ridire anaithnidhe, agus foillsighid sin dóibh. Agus do léigeadh ar a ccumas féin íad, agus do féastuigheadh íad go honórach a ccuma cháich treimhsi fada, gur mhithe le cách sgaoileadh agus triall dá ttíorthaibh bunaidh féin. Agus ann sin gabhus Rígh na Sorcha cona chéile agus Ridire na Leomhan maille léna chuideachta lámh ar astar go críochaibh na Sorcha, agus ceileabhraid don rígh agus don mbanríoghain na Calidonia cona n-uaisle agus do Rígh na Ciprus agus don ridire sin na hArabia. Agus gabhaid for a n-astar, agus fá tuirseach cách uile 'na ndíaigh, agus ba hadhbhal a cclú agus a mór-mheas isin Chalidonia uile. Agus ceileabhras Rígh na Ciprus agus an ridire anaithnidhe agus cách ar-cheana, agus tug gach aon aghaidh dhá thír féin. Dála Rígh na Sorcha agus Ridire na Leomhan cona ccuideachta gabhaid a mbealach tréas an Ghréig ar cuairt go Sage Malanta, agus ba hoirdheirc íad; óir do-chuaidh a n-alla agus a n-árdnós a bhfad agus a gcéin, co nach lamhadh aon a ttathal acht ré caoíneas agus ré síth go ráinicseat a ngearr-aimsir go dún agus go hárus an draoí .i. Sage Malanto. Agus ba luinneach lán-gháireach an t-eagnaidhe rompa, agus do chaitheadar treimhsi 'na fharradh go lúthgháireach, gur mhithe leó imtheacht, agus do labhair an draoí, agus adubhairt:
"A Ridire na Leomhan," ar sé, "is imeagla liom go bhfuilir ag déanamh moille ód thír féin, óir a tug inghion Rígh Franc tuile trom-ghráidh dhuit, gidh nach bhfacaigh thú fós, as do mhór-tháin do-chluin si as béal gach aoín. Agus atá sí agá sárughadh uime sin, agus iomad ríogh don uile ríoghacht dá hiarraidh, agus a hathair dá shárughadh leó ar a líonmhaire atáid agá agallaimh um an inghin. Agus as é eólas do mhúin a haigneadh dhi .i. móid do thabhairt nach bíonn ag fear ar bith go ceann bliadhna, agus giústáil do dhéanamh 'na fíadhnaisi, agus isi ar bhárr a grianáin agá bhféachuin, agus gibé bhus fearr lámh ghaisgidh isin ghiústáil sin, gurab aige do bhías. Agus muna luaithighe thú chuice is mór an ghuais go ccaillfir í. Agus is deimhin go bhfuil díol gach fir san domhan do mhnaoí innte, agus is iomdha mac rígh agus gaisgidheach gníomh-éachtach agus curadh cliste anois isin ghiústáil sin na Fraince. Agus sul imeochair uaim-si do-ghéabhair tuille lúth agus cleas co nach bhfaghair do shamhail ar muir nó air tír. Agus dearbhaim go bhfuil t'fhortún cruaidh, agus muna ttí tú d'fhurtacht Rígh na Sorcha an uair íarrfas ort é go bhfúigfighthear é féin agus go ccaillfigh a rígheacht agus rígheacht na Calidonia agus mórán oile don Eórpa ar-cheana, agus ag sin mo sgéala dhuit," ar sé, "agus freastal go maith é." Agus an sin berios leis é dá thigh draoidheacht, co
nár fhágbhuigh cleas nó lúth gan déanamh dhó dár fhoghlaim don ghaisgeadh go hiomlán. Agus ann sin tug air dealughadh le Rígh na Sorcha, agus téid féin leis do mhúnadh na sligheadh dhó, agus do chongbháil cuideachta dhó. Agus fá tuirseach an sgarthain sin eidir é agus Rígh na Sorcha agus an ríoghan Máriana, agus ceileabhraid go gruaidh-fhliuch ath-tuirseach dár-oile, agus ní haireastar a bheag dá n-iomrádh ar gach leith go ttáinic gach aon díobh 'na thír féin ar ndol don bhFrainc do Ridire na Leomhan. Ceileabhras an draoí dhó, agus tilleas tair ais do-ridhis, agus níor sguir Ridire na Leomhan go ttáinic go dún agus go deadh-bhaile a athar. Agus níor haithnigheadh ann sin é gur chuir 'éideadh dhe, agus ann sin is súaill nár sging a n-anmanna as a aithre tré mhéad lúthghára, óir is beag nár bhainseat cíall dá fhaicsin chaoiche. Agus ba meanmnach a cháirde agus a chomharsa tréna thoigheacht slán. Agus do dáileadh fleadh agus féasta ré a linn agus 'na onóir, agus níorbh iongnamh muirn agus onóir do dhéanamh uime dá bhfeasdís a ghníomha agus a bhéasa, a mhodh agus 'onóir, a neart agus a níadhachas, a lúth agus a lámhach, a thréighthe agus a thíodhlaice, agus fós a tháin agus 'onóir, a mheas agus a mhór-chlú, seachneóin na ccríoch oile. Acht ba hainchleachtach íad-san ina tháin acht modh beagáin. Gidh eadh ba mór a lúthgháire ré a fhaicsin, agus go háirighe Don Cláro cona chéile.
Agus ar mbeith treimhsi fhada dháibh ag cathamh na fleadha do sgaoilseat íar sin dá n-árusaibh bunaidh budhdhéin. Agus ar n-imcheacht dhóibh agus ar bhfagháil uaignis do Dhon Carolus do labhair léna athair agus rena mháthair aon do laethibh, agus as eadh ro ráidh go rachadh d'iarraidh agus d'agallaimh Chlára Chneis Ghil, .i. inghion Rígh na Fraince, mar chéile. "Na can an t-urghioll sin, a mhic ionmhain," ol Don Cláro, "óir ní hé amháin adhbhar sgige agus fanóide ag gach aon thú, acht fós do-dhéantaoi guin ghalann agus míreanna beaga búan-bhriste dot chorp tréna iomrádh amháin, agus gan rígh nó prionnsa isin mbioth uile nach bhfuil féin nó a mhac nó a oighre dílios comh-fhosaidh gaoil a ndún agus a ndeadh-bhaile Rígh na Fraince ag cluitheadh agus ag coimh-ghiústáil d'fhios cia haca féin dá ttiubhradh an inghion adeirthaoi a toil agus a trom-ghrádh, agus gan neart ag aon acu comhrádh nó uradhal do dhéanamh ría; óir is amhlaidh atá sisi a ngrianán choimh-dhaingean chlúdhuighthe chomh-árd chomh-dhíreach agus coimhéad chéad laoch lán-chalma ar dhorus an árd-ghrianáin sin agus eochracha na ndorus ccéadna ar taisgidh na hinghine, co nach bhfuil slighe urcheadail nó suirigheadh ag aon don Ádhamh-chloinn urthe acht gibé lenab áil a féachuin amháin. Óir bí sí féin agus a bantracht ag aonach ar chách
do bharr an ghrianáin go laethamhail, agus do-gheibh gach aon a dhíol dá féachuin lenab áil amhlaidh sin. Agus adeirid daoine go bhfuil searc anbháil agus grádh aice ar neach éigin atá a ccéin, agus mar do chuir an rígh roimhe a tabhairt do mhac rígh éigin dona tríathaibh sin tug sí móid nach biadh ag fear don Ádhamh-chloinn go ceann bliadhna, agus do orduigh an ghiústáil réamh-ráite do bheith ar siobhal go ceann bliadhna ar faithche an dúin, agus tug gealladh dhá hathair gibé lámh ghaisgidh dob fhearr tréithe a cceann na rae sin go bhfaobhthaoí leis í. Agus fós measaim gurab é Dorn Déad-sholus .i. Rígh Lochlann an tí sin, óir is é is cródha dá ttáinic ann fós, agus is gearr go teacht na bliadhna sin asteach," ar sé, "óir ní bhfuil acht easbaidh ar mhí gan chríochnughadh dhe, agus atá Rígh Lochlann isin mbúaidh cheana, agus do-chluinim nach bhfuil sí tairis dhó tar a cheann sin. Gidh eadh budh héigin dí a bríathar agus a geallamh do choimhlíonadh don rígh .i. a hathair, óir atá arna thoirsiughadh dhi; gurab aire sin nach bhfuil acht mire agus díth chéille dhuit-si labhairt uirthe; agus fós measaidh gach aon dá ccúalaidh h'óinmhideachta roimhe so go bhfuilir amhlaidh fós; agus ní dóigh liom-sa gibé agá mbiaidh sí go ttiocfaidh iomad díoghbhála aisde dhó féin agus do Rígh na Fraince, gurab aire sin nach molaim dhuit-si buain uimpe agus 'usacht do dhíol céile thiocfas dhuit ann gach céim dá bhfuil
iomad nó ós a cheann d'fhagháil gan ghuais nó imreasan 'na timchioll; agus ag sin sgéala na hinghine agus fós mo chomhairle-si dhuit, a mhic ionmhain," ol Don Cláro. "Luighim fóm armaibh," ar Ridire na Leomhan, nach bhfuil a bheag nó a mhór dá n-eagla sin uile orom-sa," ar sé, "agus nach ccomhnaighim go bhfaice mé í, agus tabhair-si agus mo mháthair bhar mbeannacht dhamh, agus ná huaimhnighthear sibh umam, óir ní tháinic mo shamhail-si chuca fós agus dá ndeachuid uile d'aon-leith um aghaidh-si ní mór mo chás ann." "Atá ar mbeannacht agad do ghnáth," ar íad-san, "agus dá ngabhthá ar ccomhairle ní rachfá don turas sin." Ciodh thrácht ceileabhraid dá chéile íar sin, agus ní haireastar a dhála go ráinic go Páris .i. cathair inmhe agus oireachtais Rígh Franc; agus dearcas 'na thimchioll, agus do-chonairc faithche na fíor-chathrach sin líonta sgartha do churadheadh cath-chalma agus do ghléire gasraidheadh agus do roighneadh ríogh; agus táinic 'na ttimchioll sul do labhair le haon; agus gabhas iongnamh cách dhe le feabhas a chóirightheadh gaisgidh, 'innill agus 'éagcoisg, 'eich agus 'éidigh, agus fós fá mhionaca a táinic 'na ttimchioll gan labhairt le haon dhíobh, agus do chruinnidh iomad 'na choinne
d'fhios cia hé féin agus d'iarraidh gleice fair, agus do fhíafraigh ridire an-dóthchasach a tarla 'na measg a sgéala. Do fhreagair-sion é agus as eadh ro ráidh: "A óig-ridire," ar sé, "ní fheidir féin nach tusa neach is cródha agus dár córa sgéala d'fhagháil dá bhfuil ar an láthair. Gidh eadh is iomdha neach is sine agus lenab cosmhaile córtus foirceadail agus sgéala d'fhíafraigh agus d'fhagháil ná thú, gur aire sin nach innsim-si aon-fhocal dhuit go bhfeasad cía thú." "Ní bhfuighir sgéala uime sin an uair si," ar an t-óg-ridire, "acht éirghiom isin magh, agus gibé bhus cródha ann tabhradh sgéala agus umhlacht don bhfear oile." "Is bríathar dhamh-sa," ar Ridire na Leomhan, "gur lán-toil liom-sa an conradh sin." Agus íar sin druidid isin magh, agus tugsat dhá thsuinseadh thréan-neartmhara a ccoinne agus a ccomhaircis ar-oile, gur bhuail Ridire na Leomhan é a mbéal 'ochta gur leag don chéad éucht é, agus íar sin cromas go hathlámh fair, agus tógbhas súas 'na leathláimh é, agus spurus a sdéad isin magh go ndeachaidh amach tair chách, agus ann sin do fhíafraigh cía hé nó an ttiubhradh a chonradh dhó. "Is deimhin go ttiubhrad," ar an Ridire, "óir is dóigh liom gur cóir dhuit 'fhagháil, agus gidh liónmhar do laochaibh an mhagha so ní bhfuil
ann fear déanta an ghníomha sa anois .i. misi d'iomchar fám éideadh an fad sa. Agus dearbhaim gur misi Ridire an Ghleana mac Rígh na Bohémia, agus ba tearc fear beartha mo bhúadha romhad-sa, agus ag sin an fhírinne," ar sé, "agus bíad-sa feasda dot réir-si gibé bhus luinn leat." Is ann sin do chruinnigheadar na ridirigh as gach áird don magh chuige, agus do fhiafraighdar sgéala dhe. "Ní dom sheanchas féin a táinic cugaibh ann so," ar sé, "munab é tréighthe is fearr a moltar san ghiústáil si é, agus más eadh do-dhéan-sa díthchioll an uair do-chluinfead cía sibh féin, óir ní hanaithnighe libh-si mé ná liom-sa sibh-si, gurab aire sin a tánag ann so d'fhoghlaim agus d'fhéachuin bhar ccumais, agus luighim fám ridireacht nach bíadh mo sgéala ag aon-nduine agaibh go críochnughadh na giústála-sa munab treisi sibh iná mé." Is ann sin a táinic Dorn Déad-sholus .i. Rígh Lochlann do láthair, agus ar mbeith ag éisdeacht na mbríathar sin dó, fógras do Ridire na Leomhan é féin do fhreastal go bhféuchadh an ttiucfadh dhe sgéala do bhuain dhe. Iompuigheas Don Carolus fris, agus a tug cách dhíobha treas a ccoinne ar-oile, agus a tug Ridire na Leomhan tréan-urchar fair gur bhúail fón lár é gan ro-chleas, gur mheasadar cách uile gur mharbh an leagadh sin an rígh. Agus do ghabhadar iol-iomad dhíobh a n-airm agus a n-iolfhaobhair do
dhíoghuilt an ghníomha sin, óir do bhí an rígh a néull tré mhéad an leaca sin treimhsi fhada, agus fá doaíneach cáirdeach é isin ghiústáil sin, agus níor fhan fear imeartha faobhar nó tógbháil airm dhíobha nach ttug a n-aighthe a n-aoneacht do chasgairt agus do mhór-leadradh an ghlan-mhacaoimh. Arna fhaicsin sin don bheithir bheódha agus don lasair neimhnighthe agus don tSamson dhíoghaltach gabhas mire mheanman é, agus gabhas a shíath-ghléas agus a shúath-ghléas agus a theagluim-chleas agus a chleas go ccumas, co nár fhág tréan nó trúagh, óg nó sean, cara nó námha, dá roibh isin magh uile nár dhing agus nár chruinnigh a n-aice a chéile comh cruaidh comh cumhang agus sin co nárbh fhéidir le haon díof uile a lámha do shíneadh nó a ccosa d'iomlat ón chruinniughadha a tug orrtha, agus an sin fógras dóibh do ghuth árd fhollus-ghlan agus as eadh ro ráidh: "Luighim fám m'armaibh gaisgidh go gcaithfidh sibh uile bhar sgéala do thabhairt dhamh-sa, ós ar sgéalaighacht agus ar sheanchas is treisi sibh, óir ní fhacas féin bhar n-urdail daoine aríamh is meatha iná sibh agus is mí-chíallaidhe neamh-chródha iná sibh an tan do chuireabhair uile dochum aon-ridire amháin do chiorbhadh tair an uile choingheall ridireacht' agus tair an uile chuing ghaisgidh, óir ní fhacabhair éagcóir agam-sa agá dhéanamh cheana acht ag cosnamh mo chóra féin, agus fhéadfuinn
sibh-si uile do dhith-cheannadh anois dámadh áil liom féin, agus do bhrígh nach do mharbhadh daoine a tánag ann so acht d'fhaicsin lúth' agus lámhaigh, ní nach measaim do bheith ag aon agaibh-si, ní háil liom bhar n-inghreim acht go rabhthaoi dom réir feasta, ó nach bhfuil sibh ion-chathaighthe um aghaidh." Ar gclos na mbríathar ngrásamhail sin dona ridireadh uile do thuigeadar ceart agus onóir ann, agus léigid uile ar a nglúineadh íad, agus gabhaid comairce agus pardún aige, agus admhuid gurab íad féin fá measa agus nach dearna-san ní tair cheart, agus dá ndéanadh an ceart féin fortha-san, ó tharla ar a chumas íad, go ttiubhradh breith dhealaighthe idir a cceannaibh agus a ccolnaibh. "Más eadh," ar sé, "innisidh dhamh cía an ridire úd isin néull do leagas féin ó chianaibh." "Atá ann súd Dorn Déad-sholus .i. Rígh Lochlann a táinic d'iarraidh inghine Rígh Franc mar chách ann so, agus ní ghéabha sí leis go críochnughadh na giústála so nó lé fear oile dá ttáinic, agus do shíl sé féin agus sinne go mbúadhachadh í go ttáinic tusa, agus anois ní mheasuim go bhfuil ar chlár talmhan fear dá búain dhíot acht dot thoil féin, a churaidh chródha is fearr ann gach céim dár shiubhail an bioth bunaidh uile," ar sé. "Éirghidh sibh-si dá chabhair," ar Ridire na Leomhan, "dóigh ní mheasuim-si a bheith acht
a néull, óir ní thugas-sa béim nó guin mharbhtha dhó, gurab aire sin is dóigh a bheith a néull tré an-shocracht an leaca. Agus tugadar-san treas mholta agus buidheachuis dó agus tíagaid d'fhurtacht Rígh Lochlann go ttugadar as a néull é, agus fá tuirseach leis a dhála. Dála Chlára Chneis Ghil is amhlaidh a tárla í ar bhárr a grianáin san am a raibh an saobhadh agus an leadradh adhbhal sin ar na slúaghaibh amuich 'na fíadhnaisi, agus goireas a bantracht chuice agus as eadh ro ráidh: "Iongnamh ro-mhór liom a' ní ad-chím re mo shúileadh, agus ní chreidim úaim féin é go roibh fíaghuin agam air." Agus a tug a bantracht uile do láthair gurbhó soilléir so-fhaicsiona dhóibh uile é, agus ba mór an t-iongnamh leó a bhfacadar amuich dá dhéanamh le cumas láimhe aon-duine isin mbioth, agus do ráidh an inghion: "A Dhía do chruthuigh neamh agus talamh, grían agus éusga, daoine agus ceathra, agus gach ní eile do fill ann, an féidir gur dúil dhaonna nó neach saoghalta atá ag déanamh na láimhe sin ad-chím os comhair mo shúl a mbeag aimsir, nó an ccualaidh sibh isin domhan sa dhá iomrádh neach ar bith dobudh baramhail libh do bheith annsúd, óir is doichreite liom go bhfuil ar aon-chor, muna ccruthaidh le
cumhachtaibh na Tríonnóide ann é amhail do léighthear ar Shamson ag troid leis na Filistíneach', acht níor churtha a n-iongnadh go han-mhór duine do mharbhadh an-iomad daoine oile le béimionnaibh bráth-bhuilleadh agus le lámhach agus le cleasuibh guile ar-cheana, acht an slúagh uile do roighneadh curaidheadh gacha críche isin mbioth uile do theaghluim agus do chomh-chruinniugheadh a maingir chomh-chruinn gan fhuighleach gan deargadh ar aon dhíobh co nár lamhadar a lámha do thógbháil óna ccuim nó óna ccneasaibh, nó a ccosaibh d'iomlat, le him-uomhan aon-ghaisgidhigh amháin, agus íad uile ag cur fána ndíthchioll dochum a mharbhtha don chéad-éacht a n-aghaidh choinghill cheirte an uile dhlighidh, agus an tan ba deimhin leó é d'imirt ceirt-bhreithe a chloidhimh ortha ar sléachtain agus ar n-úmhlughadh 'na onóir go ttug maitheamh agus anaclann dhóibh, agus gur chuir d'fhéachuin agus d'fhurtacht Rígh Lochlann do thrasgair ó chíanaibh íad, agus ba dóchusach an rígh as a chródhacht féin a ttús an laoí aniodh; agus a Dhía, is truagh gan fhios againn cía hé do churaidheadha na cruinne. Gidh eadh," ar sí, "do-chúalas iomrádh ar ridire óg do threibh na ríoghachta .i. mac do Dhon Cláro, agus do bhí sé 'na óinmhid agus 'na amadán gur dhruid ocht mbliadhna dég dá aoís, gur ghlac Séadna Saor-bhéasaibh .i. Rígh na Sorcha mar dhalta é, agus do rug dá leasughadh
agus dá mhúnadh leis é dochum na Gréige, áit 'na bhfuil compánach fíor-chumainn aige .i. draoí do mhúineas iomad gaisgidh agus gér-inntleachta don tí léna toil leis féin, agus do-chúalas nach bhfuil samhail an mhic sin lé gaisgeadh isin domhan sa uile; agus do-rinneadh tairngaire mhór dhó, agus do ghabh sé Rígh na Ciprus ar marbhadh ceithre fichid aitheach día mhuinntir, agus is líonmhar a tháin agus a iomrádh seachneóin an domhain, agus is dóigh liom-sa gurab é a bheith ann súd ar ttilleadh dhó ar cuairt go' áitreabhadh, agus dob fhearr gurab é seach choimhthighe, dóigh is ádhbhal an cosnamh clú agus leatroim a ríoghacht ar bith é." Agus íar sin féachuid amach an athnúair, agus do-chíd eision ag sáthadh seacht mbeara fada rinn-ghéara isin bhfaithche, agus nár ghéire rinn sleadha nó gach roinn chaol fhaobhrach dá roibh ar gach bior dhíobh. Agus íar sin éirghios féin d'eitil éanamhail a bhfraoithibh na firmameint' úasda a n-áirde, gur thumastar a ucht agus a urbhruinne ar ceann gach gath, go ttáinic thart fá sheacht amhlaidh sin ar bhárr an bheara, agus lingeas go héanamhail ar an dara bior co nár fhág aon bhior dhíobha gan teacht fó sheacht thart ar a bhárr sul ráinic go talamh, agus gan snáithe earraidh nó éidigh idir é agus na ranna faobhrach sin, agus táinic slán go talmhain íar sin agus as eadh ro ráidh: "A óga," ar sé, "ag súd mo sheanchas féin
dhíbh agus má do-ní aon-nduine aguibh-si mar súd do-dhéan-sa tuilleadh seanchuis dhíbh." Acht cheana ní fríth Rígh Lochlann nó neach oile do lamh an cleas do dhéanamh. "A Rígh Lochlann," ar an macaoimh, "dar liom níl lúth nó gaisgeadh agad féin, nó ag aon dá bhfuil ad chuallacht isin ghiústáil si, agus an bhfaghann sibh cuideachta nó comhluadar ó inghin an Rígh isin n-aimsir nach bíthí a giústáil 'na fiadhnuisi?" "Is bríathar dhamh-sa," ol Rígh Lochlann, "nach bhfaghamaid cheana, óir atá sí fá íathaibh ghlais 'na grianán, agus ní héidir a tadhal dá neamhthoil ann." "Dair liom-sa," ar Ridire na Leomhan, "is baoth do neach a bheith a ghnáth a ccath a seirbhís mná agus gan a bheag nó a mhór d'fhios a méine, nó a cáile a d'fhagháil uaithe, agus gan fhios nach boghar nó balbh atá sí, nó nach bhfuil a coinghioll ceangailte ag fear oile, agus mar sin go mbeith a shaothar díomhaín dhi." "Is dóigh liom-sa," ol an rígh, "gidh maith do chomhrádh agus fós do ghaisgeadh nach rachair féin dá hagallamh gan a toil féin dot tharraing ann, óir is doibhriste an dún agus is cruaidh a ghlas agus is calma an cúmhdach fil air, co nach bhfuil slighe ar bith air muna ttigeadh neach ar eitil isin aidheor ann." "Dair mo chulaidh chatha bíaidh sin ré a
fhéachuin agam féin anois," ar Ridire na Leomhan, "óir is dá féachuin a tháinic ann so, agus ní chaithfiod a bheag dom aimsir ría go bhfaciod í, agus go labhrad ría, agus muna bhfaicead gurab áil léithe mé ní bhíad dom thruailleadh ría." Agus íar sin glúaisios don ghrianán, agus féachas 'na thimchioll, agus ba daingion doibhriste an dún, agus do-chonairc an ríoghan úadha forsan dorus árd do bhí a mbárr an dúin, agus ba hálainn an inghion sin ré a féachuin agus í ag silleadh agus ag síor-fhéuchuin fair-sion agus í 'síor-íarraidh a sgéal; agus íar sin druidios for a chúl gur éirghidh do léim árd éanamhail d'urlannaibh a shleadh agus do bharraibh a chraoíseach, gur thuirn don mbaoth-léim sin forsan dorus réumhráite, agus arna fhaicsin don ríoghain cona bantracht gáirid agus glaoidhid go hadhbhal, agus gabhaid comairce agus cuimrighe an ghaisgidhe gan inghreim nó aithmhilleadh do dhéanamh orrtha, óir níor fheidir síad créd an bharamhail do-bhéirdis dhó, agus léigid uile ar a nglúinibh íad 'na fhiadhnaisi. "A ríoghan, éirghidh dot ghlúinibh maille lé do bhantracht," ar sé, "agus ní dhéan-sa díth nó dochar ar bith dhíbh acht cúairt aithghearr agus beagán bríathar agus caoínos comhráidh do dhéanamh aguibh agus íar sin imtheacht úaibh isin conar a ttáinic chugaibh." Suighois an ríoghan íar sin cona bantracht, agus
cuireas eision ar a haghaidh 'na shuighe agus fíafraighios sgéala dhe agus as eadh ro ráidh: "A churaidh is cródha agus is fearr lámh dá bhfacamar aríamh san saoghal sa, dámadh toil leat do chathbharra do sgaoileadh agus h'éideadh go bhfaicimís an bhfuil do ghnúis nó do chruth do réir do láimhe nó do ghníomh dobudh mór ar mbuidheachas dhuit dá chionn, óir is deimhin go bhfuil do ghníomha doimheasdha gan coimeas nó baramhail." Is ann sin do éirghidh an macaomh 'na sheasamh go hathlamh, agus sgaoileas a chathbharra agus a éideadh dhe gurbhó soilléir sofhaicsiona dhóibh a ghnúis álainn ainglidhe do rug bárr maisi agus sgéimhe ó bhfacadar san saoghal roimhe sin. "Guidhim féin thú," ar an inghion, "fá innisin dhúinn cía thú féin nó caidhe h'ainm nó cía do chinidheacha na cruinne dhuit." "Inneósat sin," ar sé, "oír is díom a goirthí roimhe so Séarlus amadáin, mac Don Cláro, isin rígheachta so, agus do bhádhus um óinmhid agus um amadán ocht mbliadhna dég, agus atáim anois comh chríonna le neach oile, agus ainm oile fil orom tréam ghrádh ridireacht' Don Carolus, agus an treas ainm fil orom .i. Ridire na Leomhan, agus ar mbeith ag siobhal an domhain dhamh le neart mo láimhe a tárla isin Ghréig mé, áit 'na ccúalas iomrádh na giústála sa isin mbaile si agus bhar n-iomrádh-sa, a ríoghan," ar sé, "go ttáinic don mbaile so ané agus
ar bhféachuin beagáin dona ridiribh dhamh do smúainios cuairt do dhéanamh agad-sa a ríoghan," ar sé, "go bhfeasainn an budh áil leat mo chuairt nó mo sheirbhís nó an budh áil leat mé mar fhear, nó mar fhíor-chéile, agus damadh áil is mian liom do bheith agam, madh olc maith ré a mbíaídh um aghaidh é, agus munab áil ní chuirfiod búaidhreadh nó trioblóid ar neach oile iomad; gurab é sin mo sgéala agus adhbhar mo chuarta chugaibh a ríoghan," ar sé, "agus foillsigh dhamh re do thoil fírinne na n-adhbhar sin, óir níor fhoghlaim misi suirigheadh nó síthmhearadh acht gaisgeadh agus cródhacht agus gach ní do chríochnughadh gan fhadáil acht do réir éigin." As ann sin do labhair an ríoghan agus adubhairt: "A ridire úasail," ar sí, "is neamh-olc linn fear do láimhe, do thána agus do mhór-ghníomh, do phearsann agus do mhaisi agus do dheadh-mhéine, do bheith dár ttír agus dár ccrích féin, agus do-chuala-sa h'alla agus h'iomrádh dá innisin a mbéul gach aoin roimhe so, gur chuireas romham gan géalleadh d'fhior nó d'fhíor-chéile isin domhan go bhfaicinn féin thú; agus ar ccur teanta agus éigin dom athair orom fám rogha céile dá roibh dom íarraidh do ghlacadh, agus gan agam dul tair a chomhairle, do fhuaras d'aisgidh úadha an ghiústáil úd d'fhógra go ceann bliadhna, agus do gheallus dó gibé dob fhearr lámh ann go bhfaomhthaoi mé dó, óir do
mheas mé go rachadh iomrádh an chruinnidhe sin a ccéin, agus go ttiucfá-sa do réir do chródhachta ann mar chách, agus go bhfuighinn eólas mar sin ort. Agus ní cheilim ort féin é anois, do bhrígh go ccluinim thú dhá rádh nár chleachtais suirighe nó sibheanradh as h'óige acht do chloichthighe agus h'iolfhaobhair, agus nach áil liom-sa féin cealg nó fad-thríall do dhéanamh acht m'fhírinne d'fhoillsiughadh go fonnmhar dhuit, agus innisim dhuit nach ttugas toil nó aonta d'aon-neach romhat, agus nach ttiubhra ad dhíaidh an ccéin a mhairfir munab ciontach thú féin de. Agus gidh eadh," air sí, "is gúais liom nach ba deóntach m'athair leis an ccomhrádh sin do aontughadh dhamh; agus ag sin m'fhírinne dhuit, a chéad-shearc agus a chéad-ionmhuine," ar sí, "agus is deimhin go rabhas-sa a cceas agus a ttuirsi d'eagla nach bhfaicfidh isin chriunniughadh úd thú ar én-chor, agus anois is dóigh liom go bhfuilid ridiridh na giústála sásda ar imtheacht, agus fós nach ttig ní bhus mó ann tréasan iomrádh do-chluinfid uaid-si, agus ní fheidir cionnas do cuirfidhthear an t-adhbhar chum an rígh .i. m'athair." "Ná bíodh sin 'na chás ort a ríoghan," ar sé, "óir do-dhéan-sa féin an teachtaireacht sin, agus luighim fám armaibh munba deóntach leis é go mbainfiod-sa dhá bhfuil isin uile chumhachta dá bhfuil aige faoí Dhía dhe thú ó do aontuigheis féin dhamh."
"Truagh sin," ar sí, "ní héidir sin gan mo dhíth-si do theacht as, óir dá ccailtear thusa ann atáim-si fá dhíth, agus dá marbhthar an rígh nó a dhaoine is díth agus is díoghbháil damh-sa é." "Ní dom dheóin-si thiucfas olc nó díth ann," ar Ridire na Leomhan. Mar sin dhóibh go ttáinic neóin agus deireadh an lae, agus ceileabhras an macaoimh don inghin agus don mbantracht ar-cheana, agus gabhas an tslighe chéadna amach ina ndeachaidh asteach, agus ba hiomdha súil agá fhéachuin, agus níor bheag a n-iongnadh fá bhfacadar d'iongantas lúith agus lámhaigh aige. A tárla an rígh ar an bhfaithche fón am sin a ttáinic amach, ar tteacht fó iomrádh an iongantais do-chualaidh dá n-aithris ó Ridire na Leomhan. Agus ar ndul amach don macaomh tógbhas a chleasa goile agus gaisgidh ós ard isin aidhér, agus fá líonmhar na cleasa sin, agus teilgios seacht n-ubhla úadha isin bhfirmameint a ndíaigh ar-oile, agus caithios seacht ngaeithe leó, agus níor fhág ubhall gan amas gan mharcadh dona rinn-ghaethibh sin, agus berios a n-áirde 'na dheas-láimh a ndiaigh a chéile orrtha, agus an sin teilgios na seacht ngaeithe an dara feacht a ndíaigh a n-urluinne, agus teilgios na seacht n-ubhla riú co nár fhág gath gan ubhall do ghreamughadh for a mbárr, agus berios a ndíaigh ar-oile a n-áirde fortha. Agus íar sin togbhus a shíath-chleas 'na thimchioll co nach roibh ruinn ruisg nó radharc
do aitheónadh gomadh dúil do déanamh duine rena fhaicsin é acht gurab colamhain chomh-dhíreach gheal-chruaidhe é do fhás as an talmhain, óir níor bhreathnuigh súil dá bhfacaidh é go mbíodh iomlat nó gluasacht bheag nó mhór aige dá dhéanamh, gidh gurab le lúth agus re dlús do theilgeadh 'airm 'na thimchioll. Do meastaidhe mar sin é co nach bhféadfadh fir an bheatha guin nó forghuin fair an feadh do bheith an cleas sin 'na thimchioll; agas gabhas fó thrí isin magh ar an seóladh sin, co nár fhág aon, dá úaisle nó dá ísle, gan uomhan agus imeagla dá bhfacaidh an cleas iongantach sin; agus ba hiongantach é réna fhaicsin; agus ba hiomdha cleas oile ro imreastar ós comhair cháich do-chuaidh tair ríomh agus tair áiriomh, do chuir aigneadh cháich ar aon-bhúaidhreadh ag breathnughadh agus ag tráchtadh cía hé; agus ní roibh meanmain aon-duine, ó bheag go mór, ó ísiol go húasal, ó fhear go mnaoí, ó leanabh go seanóir isin ccathraigh uile acht air féin amháin, agus fós níor mheas a bhforgla gurab dúil nó déanamh duine é acht dúil éigin táinic do thadhal na talmhan le hiobriughadh na Tríonnóide dochum an díoghaltais ar an lucht do thuillios é, gur huaimhnigheadh uile íad, agus níor lamh aon-duine sgéala d'iafraigh dhe, agus do bhí an ríoghan cona bantracht agá fheithiomh. Agus, a léightheóir, fíafraigh dhíot féin cionnas do bhí a meanmna uime an uair sin.
Dearcas an macaomh 'na thimchioll go bhfacaidh an rígh do thaoibh dhe agá fheithiomh agus éirghios ina dháil agus beannuighios go deadh-bhéasach dhó agus léigios ar a ghlúinibh é 'na fhíadhnaise, gur fháiltigh aigneadh cháich agus an rígh féin lena fhaicsin agus na humhlachta do-rinne agus a tug don rígh; agus tógbhas an rígh dia ghlúinibh é, agus fíafraighios sgéala mar so. "A mhacaoimh uasail," ar sé, "atá 'na iongnamh linn cía thú, agus ní lamhaid na ridire si do sgéala d'fhíafraigh, óir adeirid nach cúmhach do-chuaidh dhóibh an mhéid do fhiafraighdar dhíot; agus gurab aire sin dámadh toil leat do chathbharra do sgaoileadh go bhfacaimís do ghnúis agus fios do sgéala féin d'innisin dhúinn .i. cía d'úaisle an domhain si dhuit, nó cáidh h'ainm nó do shloinneadh." "A airdrigh," ar an macaomh, "do-ghéabhair mo sgéala, agus do-ghéabhadh na sochaidhe eile don chéad-fhéucht é dámo toil leó a fhíafraigh dhíom a ccaoineas nó a ccinél, óir is don chríche si m'aithre agus mo chinél, is díom do goirthidhe Séarlus amadáin, mac Don Cláro, óir do bhádhus um óinmhid ocht mbliadhna dég go bhfuarus mo leighios isin Ghréig, áit inar hoirneadh a ngrádha ridireachta mé agus 'nar fhoghlamas mo chleasa gaisgidh, agus Ridire na Leomhan is ainm dhamh tréasan sgéith si agam, agus ní bhfuilim anois gan chéil acht críonna mar neach oile. Tángus d'iarraidh
h'inghine-si ann so, agus tugthar dhamh í nó sgéala dhá cheann; agus ag sin mo sgéala dhuit do láthair, a airdrígh," ar sé. "Ní fhéadaim-si sin d'fhoillsiughadh dhuit anois," ol an rígh, "gan a chur 'na cead féin, óir is í féin is comhairleach air, agus íar sin a chur a ccead mo choimhairleacha oile do bhíos do ghnáth-chomhairleach' orom." "Go deimhin," ol an macaomh, "da ttugthá-sa agus do chomhairle uile dhamh í gan a toil féin leis ní ghéabhainn-si í. Gidh eadh cheana goir-si chugad do chomhairleacha, óir is dóigh dhamh-sa gur beag dhíobha nach bhfuil isin ccathraigh si ag aonach agus ag aidhér forsan ghiústáil si, agus bíodh fios freagra agad dhamh-sa go haithghearr, agus rachad-sa féin d'agallamh na hinghine gidh nach cleasa suirghe do ghnáthaighios, agus má dhiúltann sí mé luighim fam bhréithir nach iaraim ort í, agus má iontuighann dhamh go mbíaidh sí agam d'aimhdheóin a mbíaidh um aghaidh." "Do-dhéan-sa do chomhairle uime sin," ar an rígh. Agus beirios an macaomh agus dream oile dona húaisle agus dona ridiribh sin leis dá dhún agus dá phálás féin and oidhche sin, agus dealaighid cách ré giústáil dhíobha ó sin amach, agus gluaisid cách dhíobha dá ttíorrthaibh féin, agus do bhádar iomad d'úaislibh na críche lán d'aigneadh agus do lúthgháire ar ccluinsin
gurab don chrích féin an gaisgidheach do rug bárr maisi, cumais, neirt, agus lúth ó churadhaibh na cruinne fón am sin, agus fós iomad dhíobhtha 'na lucht gaoil páirte agus cumainn agá athair agus agá shinsiribh, co nach roibh lán beóil nó buan-teangtha a ttalamh na Fraince uile an uair sin acht Don Carolus amháin. Dála na ríoghna, umorro, ar n-imtheacht gach aoin don mhadh agus ar tteacht na hoidhche gabhus ag teacht agus ag iomrádh ar Ridire na Leomhan agus do ráidh: "A bhantracht ionmhain," ar sí, "cía haghaibh-si do-chonairc nó do-chualaidh isin domhan sa fós samhail neirt agus nídhachuis, lúith agus lámhaigh, maisi agus béus, frisin ridire si dár ccrích féin, agus a bhuidhe risin Tríonnóid gurab é táinic ann, óir ní mheasaim go bhfuil ó luighe gréine go héirighe aon neach mar é, is é is úaisle modh agus onóir, pearsa agus maise agus an uile shúbháilce oile dá bhfuil isin mbioth uile. Acht cheana créad is úaisle ann acht ceann agus foghluim, neart agus fortún, agus fós sgéimh, agus atáid sin uile an san co nach fios ar bith láoch is fearr iná é; agus ó aon athair amháin a tángamar ar aon gur ghabhluigh mar sin, gidh gur uaisligheadh agus gur ísligheadh gach dream agus gach aicme agus gach duine ó sin a leith do réir na subháilce réumh-ráite. Agus dearbhughadh oile atá liom," ar an inghion, "go ttugas féin toil agus trom-ghrádh dhá thréighthibh re cloistin 'iomráidh sul
do-chonairc é agus sul do-chonairc an gaisgeadh lán-chródha agus an lúth doiinnisin do-chím rem shúilibh, agus nach bhfuil críoch nó cineadh dá ccúaladh iomrádh fair nó dá bhfacaidh é gan mór-eagla agus uomhan roimhe, agus gurab beag sin a bhfochair a bhfuil dá aimsir roimhe ré clú agus ré móir-mheas do thuilleadh dá bhfagha saoghal. Agus is maith liom nach d'fhortún ar bith tugus searc nó toil acht dona subháilcibh réamh-ráite, agus is eagail liom nach aontuigheann an rígh dó mé, agus ní feairde dhó, óir do-bheirim-si fom bhréithir nach bíadh a chlaochló-san d'fhear agam an ccéin a mhairfiod 'mo bheathaidh, agus is mairg dhamh-sa dá ndéantar feall nó fionghall air le druing éigin dona ridiribh úd do chlaoidh san mbaile si, agus is deimhin nach béinn féin beó 'na dhíaidh." Agus ann sin tug sí peann agus páipéar chuice agus do sgríobh litir chuige mar so: A churaidh chródha agus 'én-ghrádh don chruinne, Atáim lán do bhuaidhreadh um inntinn d'eagla dream éigin dona ridiribh úd do chlaoidhis isin ghiústáil do dhéanamh feille agus fionghuile chughad, óir is deimhin gur lia dot h'easccairdibh isin ccathraigh si ná dot chairdibh, agus guidhim thú tabhair h'aire go grinn dhuit féin agus cuingbhuigh agad an búachaill si do chuireas chugaibh, óir is maith an búachaill é agus is cúrumach grinn-bhéasach
é, agus ní baoghal olc ad ghoire an feadh bhíos dot choimhéad. Secranus 'ainm, agus is eólach misi ar a bhéasaibh, óir is damh féin do bhí ag fóghnamh ré treimhsi, gurab é sin teagasg agus comhairle do chompáin go bás .i. Clára. Do Ridire na Leomhan darab ainm Séarlus. Iar sin tug chuice inghion chruthach mhín-álainn dá bantracht, neoch do bhíodh do ghnáth ina rún-chaidreadh, agus cuireas éideadh sguibhéir 'na timchioll. Tug an litir dhi, agus do theagaisg í ar-cheana, agus cuireas leis an litir sin í; agus gluaisios an sguibhéir, agus táinic mar a roibh Don Carolus, agus tug an sgríbhinn dhó ina láimh, gur léigh í. Agus do ráidh íar sin gurab óna athair a táinic, agus gurab é an buachaill a sguibhéir féin; agus gabhas an sguibhéir ag fóghnamh dhó amhail do bheith aríamh roimhe aige. Mar sin dóibh go héirighe gréine arna mhárach. Agus éirghios an rígh íaramh, agus goirios a chonsuil agus a chomhairleacha chuige agus cuireas an chúis sin chuca. "Más eadh, a Rígh agus a Thighearna," ar aon acu, "ní cóir dot mhórdhacht-sa tár nó tarcuisne d'fhulang nó do ghlacadh ar th'fhuil ríogha dá chomh-shimplidhe súd do mhac ridire bhoicht dot mhuintir féin, agus clanna ríogh agus prionnsaidhe
líonmhar an domhain d'éara uimpe, agus ní mholaim féin é ar én-chor." Agus do ráidheadar uile an céadna. Agus adubhairt dream aca gurab amhlaidh budh cóir, ó thárla astigh aca é a bhféaghmhais arm agus édigh, cruinniughadh uime agus a cheangail agus a chuibhriughadh don chur sin agus bás agus bith-éaga do thabhairt dhó. "Dar mo chubhais," ar fear aca, "ní hé sin mo chomhairle féin don rígh, óir ní móide go n-éireochadh an gníomh sin adeirthaoí libh, agus dá n-éirgheadh ní maith rúne na feille. Agus is cosnamh clú agus córa an tí úd, agus is dóigh liom gur tearc bean isin chruinne nach díol fir dhí é. Agus dá nochtair bhar mío-rúne fair budh dócha bhar n-olc féin do theacht dhe ná 'olc-san, agus dá n-éirgheadh cogadh nó coinsgleó oruibh ó phrionsa ar bith dá ttáinic ann súd do budh maith an fortún an fear úd agaibh da bhar tteasearguin agus é d'fhuil agus do nádúir na tíre, agus molaim féin don rígh a fhágbháil ag an ríoghain féin do roghain, óir is deimhin nach ccuirionn an laoch úd chuice dá ndiúltaidh sí aon uair amháin dhó. As í sin mo chomhairle-si," ar sé. A tárla an sguibhéir óg .i. Sécranus gan airiughadh dhóibh ina n-éisdeacht, agus lingeas go hathlamh mar a roibh Don Carolus, agus foillsigheas dó gacha a ccualaidh, agus do iarr air a éideadh troda agus catha do ghabháil uime agus go roibh an rígh agus a chomhairle isin imreasan sin.
Iar cclos na sgéal sin do Ridire na Leomhan gabhas a threalamh troda agus catha uime, agus a téid mar a roibh an rígh agus adubhairt: "A Rígh Franc," ar sé, "harrthuigthear leat ar do chomhairle agus fionnaim úaid faoí neóin anocht í, agus rachad-sa d'agallamh h'inghine go bhfeasad a rún, nó cuir féin fios uirrthe go bhfeastar a hintinn; óir luighim-si fóm armaibh nach ccuirfead-sa na hairm nó an t-éideadh dhíom go bpóstar an inghion muna ndiúltaidh féin dhamh, agus nach bhfuil aon dá mbíadh um aghaidh uime nach déanad guin ghalann dia chorp sul fhúigfead an t-ionadh comhairle na bhfuilid, óir is deimhin nach é a ccomhairle bhías de madh olc leó é." "Cuirfead-sa fios uirthe féin," ar an rígh, "agus ná fearguidhthear thú." Imgheas an ridire úadh d'agallamh a sguibhéir agus do thabhairt buidhe dhó, agus fágbhas an rígh mar sin: "Do-chím féin," ar an ridire sin dob óige don chomhairle, "gurab í mo comhairle féin is fearr anois, agus dá ttairgthidh a haithearrach go rabhamar uile mílte." "Is deimhin gurab fíor sin," ar an rígh, "agus is í do chomhairle a bhías de." Agus ba hadhbhal a n-eagla uile ar bhfaicsin Ridire na Leomhan ina éideadh agus 'na arm. Agus cuirid teachta go hathlamh ar ceann na hinghine, agus a táinic sí gan fhuireach gus an rígh, agus nochtas an
rígh dhí fáth a fheasa féin uirthe .i. go rabhadar iomad rígh agus prionnsaidhe dhá hiarraidh, agus a measg cháich go ttáinic aon-ridire amháin a táinic go simplidhe dhá hiarraidh, agus gur don chrích féin a chinél, agus gurab é lámh ghaisgidh dob fhearr isin mbioth uile é, agus nach géabhadh gan isi d'fhagháil muna ndiúltadh sí féin dhó, agus dá ndéanadh nach iarrfadh í. "Agus anois," ar sé, "dá ndiúltá é do shílfeadh gurab sinne do chuirfeadh d'fhíachaibh ort é, agus ní ba sinn, óir ní mheasuim go bhfuil don Ádhamh-chloinn inghion rígh nach maith an chéile dhí é ar mhéad, ar mhaisi, ar mhórdhacht, agus ar chródhacht, agus ar lúth, agus ar lámhach, ar ghaisgeadh agus ar neart, co nach bhfeadruim a shamhail oile do lúadh nó d'iomrádh fám eólas isin domhan sa. Agus, a inghion," ar sé, "déan-sa do chomhairle uime sin anois, agus fáguim-si agad féin é acht gurab mó mholaim dhuit a ghlacadh chugad mar chéile." Do labhair an ríoghan a ccionn trill agus as eadh ro ráidh: "A athair ionmhain," ar sí, "dá ttugthá-sa th'fhocal dhamh-sa gan fearg do dhéanamh liom do-bhéaruinn fios fírinneach m'intinne dhuit fán adhbhar sin." "Geallaim dhuit nach bíonn fearg orom gibé bhus toil leat a fhoillsiughadh." "Más eadh," ar sí, "is deimhin go ccualas teist agus iomrádh an ghaisgidhigh úd ría tteacht don
chrích si dó, gurab uime sin do ttiúltas a ttáinic dom iarraidh d'fhearaibh ar mhéad an ghrádha tugas dá iomrádh agus dá thuairisg, agus is uime fós do iarras an ghiústáil do fhógra a ndóchas go ttiucfadh 'na measg amhail a táinic anois. Agus a athair ionmhain," ar sí, "gibé díol is áil leat orom dhá chionn, as í sin an fhírinne, agus measuim gurab tearc rígh nó prionnsa isin mbioth uile is mó iomrádh ná é agus is lia eagla roimhe ná é, agus madh saoghlach é is deimhin go mbíaidh 'na rígh agus go mbíaidh ríghthe ag géilleadh dhó; agus ag sin m'intinn," ar an inghion. "Más eadh," ar an rígh, "do chríochnuigh sin ar ccomhairle, agus cuirfeam anois gairm air go ccríochnuighthear an cleamhnas do réir a orduighthe féin." Agus do-rinneadh amhlaidh sin. Agus ar tteacht a láthair don mhacaomh do nochtadh breith na hinghine dhó, agus ba hadhbhal a lúthgháire agus a mheanmna dhe sin, agus níor lugha meanmna na hinghine. Agus íar sin do leathnuigh an sgéal sin fána críochaibh go huilidhe, agus a táinic iomad don ríoghacht fá cheann na bainnsi sin, agus a táinic Don Cláro ann maille lé hiomad oile. Agus do bhí an bhanais sin arna chongbháil aimsir imchían, agus do pósadh an lánamhain sin re chéile go sásadh tola agus aigionta cháich uile agus go háirighe Don Cláro. Agus an tan budh sáimh leó uile a n-aigneadh
is ann ad-choncadar óglach dá n-ionnsaighe agus glac mhór litreacha ina láimh leis, agus íarras eólas go Ridire na Leomhan. Agus ar tteacht dá láthair dhó úmhluigheas go deadh-oileamhannta dhó, agus toirbhreas a thosga agus a litreacha dhó. Agus féachas Ridire na Leomhan na litreacha agus as eadh do fuair íad arna sgríobha leis an draoí .i. Sage Malanta mur so: "A úasail agus a ard-fhlaith," ar sé, "is deimhin nach do chodladh do bhádhais an tan do mharbhuigh na haithigh éugsamhla .i. bráithre Rígh na Ciprus, agus do gabhadh é féin leat-sa agus lé Rígh na Sorcha ar an bhfairrge, agus do fhurtaigh sibh éigion agus bruid Mháriana inghion Rígh na Calidonia .i. banríoghan na Sorcha anois, agus fós mar do mharbhuigh Ridire na Sleighe Deirge agus mac Rígh na hAribía an tan táinic d'fhealladh oruibh féin agus ar ridiridh na giústála. Agus an tan do léigeabhair an t-aitheach úaibh agus an ridire anaithnidh níor sguireadar ó sin amach acht ag cruinniughadh na ccríoch agus na ccinidheacha agus lucht páirte agus muinteardhais gur thógbhadar neart na Pearsia na hArabia na Fénicia agus na Ciprus agus iomad oile críoch agus cineadhacha, co nach féidir ríomh nó áireamh dá n-aidhbhle nó dá n-iomad, agus íad anois ar a n-astar do dhíothláithreadh na Cailidonia do chéad-neithibh
agus íar sin an Eóroip má fhéadadh, agus atáid comh líonmhar agus sin go measuid an chuid sin don domhan do chur dá réir féin. Ar ccloistin na sgéal sin dhamh-sa do sgríobhas a n-aoineacht chugad-sa agus go Rígh na Sorcha, agus gabhaidh chugam-sa ann so go seólainn dhíbh beagán atá riachtanas agus fós go n-anadh sibh ré chéile ann so, agus muna lúathaidh is deimhin go ttiucfaidh milleadh mór as, agus go háirighe go ccaillfidhthear Calidonia, óir is ann do thiucfat. Agus ag sin bhar ccaraid .i. Malanta." Iar léigheadh na sgríbhne do Dhon Carolus gabhas socht agus brón adhbhal-mhór é, agus fíafraighios an rígh agus an ríoghan adhbhar a bhróin agus a thuirsi dhe. Innsios dhóibh, agus taisbeánas an sgríbhinn dhóibh agus fós innsios ó thús go deireadh máthair an chogaidh sin dóibh. Ba tuirseach uile íad d'aithle an sgéoil sin. "Más eadh," ar an rígh, "cuirfead-sa slúadh líonmhar lán-mhór leat-sa dot threisiughadh agus do chongnamh friot a n-aghaidh gach anbhforlainn agus gach leatroim dá ttiucfadh ort." "Is bríathar dham-sa," ar an macaomh, "nach béarad aon-nduine liom acht mé féin agus an teachtaire úd a táinic chugam leis na litreacha, óir do-dhéanaigh sé eólas maith dhamh san tslighe."
"Is gúais liom-sa anbhforlann do theacht ort d'easbhaidh daoine do threiseóchadh thú." "Truagh sin, a Aird-rígh," ar sé, "ní hé sin is baoghal liom-sa acht an tan do-cluinnfidhthear a ccéin misi d'imcheacht as an tír is gúais liom dream éigin dona saor-chlannaibh úd do bhí ag iarraidh h'inghine-si do theacht le neart slóigh dot h'inghreim-si agus do bhreith na ríoghna leó, agus luighim-si fámm armaibh dá ttí síad ann sin, dá siubhlaid an bioth uile, go leanfad-sa íad agus nach bhfágfad-sa a ccaomhna ar muir nó air tír faoí thalamh nó ós a chionn. Agus is eagail liom inghreim na hinghine. Gidh eadh ní fhéaduim oirisiugh do dhéanamh gan mo choinghioll agus mo ghealladh do chomhal." Acht do chaitheadar an oidhche sin go hathtuirseach imshníomhach. Agus gabhas arna mhárach Don Carolus lámh ar astar agus ar imtheacht, agus do ráidh ris an ríoghain agus fris an rígh gan tuirsi do dhéanamh uime: "agus fós dá ttí lucht bhar n-ionghrama oruibh ná bíodh amhras agaibh go ttiubhra-sa sásamh bhar meanman féin dhíbh ar tilleadh dhamh." Agus do ráideadar-san gur dhoiligh léo a ghúais féin nó baoghal ar bith dá roibh chuca féin 'na fhéagmhais. Ciodh thrácht ceileabhras an macaomh don rígh agus don ríoghain, agus pógas go dil agus go díochra íad araon agus Don Cláro .i. a athair, agus fágbhas iomairce
beatha agus sláinte ag cách ó sin amach. Agus cinneas for aisdeadh chliste chéim-lúthmhair, agus ba fliuch súile agus ruisg ag banchuire agus ag cách uile 'na dhíaigh. Agus ní haireastar a sgéala go ráinic an Ghréig agus ann sin go dúnadh Ságe Malanto. Agus a n-aoineacht táinic féin agus an Macaomh Mór ann, agus ní héidir ré béal nó ré peann 'innisin nó a fhoillsiughadh méad na lúthgháire do-ronsat re aroile. Agus do-rinne Sage Malanto an céadna riú araon, agus do thairngair a séun agus a bhfortún dóibh araon; gidh go roibh cruaidh do-iomchair ba meanmnach leó é, agus do chaitheadar treimhsi 'na fharradh ag foghlaim cleasa agus cloith' agus gaisgidh, gur cheaduigh an t-eagnaidh dhóibh imtheacht. Agus do-chuaidh féin leó go hImpire na Gréige, agus téid an Sage gus an impire gur innis táin agus tuarasgbháil na deisi deadh-laoch dhó agus fáth a tturais agus an ghúais a roibh féin muna saoradh neart na ndeadh-fhear úd féin é agus iomad críoch oile don rann Eorpa. Agus do-rinne mórán fáisdine orrtha don impire. Agus téid an t-impire a ccuinne na ndeadh-laoch uidhe imchían, agus do gabhadh aige go muirneach íad, agus do freastuladh go honórach leis íad, agus do chruinnidh slúadh lán-mhór leis dóibh .i. fithche míle marcach agus dá fhithchiod míle troigheánach do thogha agus do roighneadh a mhuintire, agus do orduigh an urad oile do bheith a n-ordughadh féadhma aige 'na n-oirchill léna ngairm. Agus budh lúthgháireach é rompa, óir
dob eólach an Sage agus do dhearbhuigh go minic a fháisdine, agus fós do-chualaidh iomrádh na laoch roimhe sin, óir do leathnuigh a ttáin agus a ttuarasgbhail fon rann Eórpa uile. Ba buidheach íad-san don impire agus dá chinél, agus adubhairt Ridire na Leomhan nach bíadh ina bheathaidh muna ccuidigheadh a chinél fris. Acht cheana ar ccathamh treimhsi mar sin dóibh a bhfochair an impire ceileabhruid dhó, agus fágbhaid an slúagh adhbhal-mhór sin na ndíaigh agus gabhaid féin rompa, agus ní hairistear a n-imtheacht go ttángadar an Chalidonia. Agus ar cclos don rígh go rabhadar ina ghoire gabhas lonnas mór é, agus is súaill an úir thalmhan dá iomchar le méad a lúthghára rompa, agus a tug coinne agus comhaircis dóibh feadh thrí míle ón ccathraigh go ttárla dhá chéile íad. Agus is iongnadh mádh do-rinneadh roimhe sin nó ó sin anúas nó má do-níothar san saoghal go bruinne an bhrátha leath nó trían a ndearnsat d'iolghárdus agus do lúthgháire fri aroile. Agus iar ccríochnughadh dhá lúta glúaisid go meanmnach aigiontach leith ar leith gus an ccathraigh. Do tuirngeadh agus do dían-thoirmeadhdha srotha agus aibhne agus uisgeadha na ród rompa gus an ccathraigh, agus do tonnadh agus do líonadh íad súas an athuair do chinél gacha blais fíona, co nach biadh easbhaidh dighe ré tomaltus ar na sochaidhibh
gan a bhfreastal ar na ródaibh go rángadar gus an dún go meadhair agus go mór-onóir. Agus do cóirigheadh an dún ar a ccionn co nárbh fhurus 'innisin nó a fhaisnéis leath nó trían a n-innill nó a n-éagcoisg seachndeóin na caithreach uile. Agus do bhádar amhlaidh go ttáinic na slúaigh Ghréagacha chuca; má do bhí easbhaidh ar én-ní go n-uige sin do leasuigheadh an sin é, agus do freastladh agus do fritheóladh íad-séin go n-onóir ndoi-fháisnéisi aithidh fhada. Agus íar mbeith aimsir mar sin dóibh go meadhrach is ann ad-choncadar leagáidigh agus teachtaighe chuca ó Rígh na Ciprus le litreachaibh agus sgéala ag iarraidh ar Rígh na Calidonia é féin cona choróin ríoghachta do thabhairt dhó féin gan mhoill agus do Rígh na hArabia a n-éiric na díoghbhála ro-mhóire do-rinneadh dhó as a los dhóibh ar aon .i. aon agus aon-oighre Rígh na hÁrabia .i. Ridire na Sleagha Gile maille lé cúig céad ridire oile do roighnibh a mhuintire do mharbhadh, ceithre fithchid gaisgidheach gníomh-éachtach budh dearbhráithre do Rígh na Ciprus agus budh lucht gaoil dhó do mharbhadh mar an ccéadna, agus é féin do bheith a mbraighdionas maslamhail aithidh fhada, gurab aire sin táinic lé mór-neart na Ciprus, na hArabía, na Persia, na Phénicia, agus iomad oile don domhan, "atá 'nois a n-imeal do dhúithche agus do thalaimh ar ndol tair an abhainn darab ainm Pontus," agus gurab ionann dréim léna n-áiriomh agus le réaltaibh
na firmameint'. Agus do ráidh fós nach iarrfadh tabhartas coróna fair go mbaineadh amach í maille léna cheann agus lé iomad ceann ar-cheana don Eóroip "do shásadh mo dhíoghbhála." Agus do chuir iomad oile do bhríathraibh sbídeamhla chuige. Agus ba tuirseach Rígh na Calidonia dhe sin, agus do nocht na hadhbhair sin uile dona húaislibh sin uile idir Ghréagachaibh agus oile, agus ba meanmnach Ridire na Leomhan agus Rígh na Sorcha don uirid sin dhá mbiodhbhaibh do bheith ar aon-láthair aca léna cciorbhadh a ccionn an anfhlaithis ro thairgseat agus an éagcóra. Agus adubhradar fris an rígh gan dubha nó brón do bheith fair go bhfaicfeadh féin an sásadh do-ghéabhaidís uatha-san go huileadh. Agus ar síad "is calma agus is tréan ríoghradh na Gréige linn agus an urdail oile as an Spáinn agus as críochaibh lán-mhóra na Sorcha agus gasraidh éachtacha na Calidonia, agus a-gion go roibh an urad sin féin dá ttraoitheadh ba beag a shochar bunuidh inar n-aghaidh-inne, agus go háiridhe budh beag sochar an aithigh .i. Rígh na Ciprus de má gheibh ceachtar aguinn radharc air a n-áit a bhualte é." Agus cuirid an fhreagra sin, maille lé tuilleadh, leis na leagáidibh céadna. Agus ar n-imtheacht dhóibh do chruinnidh Rígh na Calidonia a neart slóigh go ndearna ceithre mhíle fhithchiod fear n-armach do chois agus d'each iomlán súas. Agus íar sin do ghluaisidar an dá
leomhan anghlonach' sin a réimthús a mhuintire, agus cuirid an Sage a ccuinne slúaigh na Spáinne agus na Sorcha agus dá ttreórughadh chuca go hionadh an iombhúailte. Agus budh mairg mór don tslúagh ar a roibh aghaidh na ccuradh sin a n-alt na húaire sin dá bhfeasdís a ndála, gidh líonmhar a slúagh agus a neart daoine. Cidh thrácht ar ttoilleadh dona leagáidigh réumh-ráite go Rígh na Ciprus, agus ar ccloistin Ridire na Leomhan agus Rígh na Sorcha do bheith ag teacht 'na chuinne gabhas uomhan mór é, agus do ráidh go soilléir a measg cháich: "A cháirde ionmhuin'," ar sé, "is baoghlach dhíbh-si an bheirt dheadh-laoch úd, gidh líonmhar do-áirmhe bhar ngasraidh agus bar ndeadh-laoich, óir luighim-si fá na déeibh adhartha nach measuim baramhail dá ccródhacht ar chlár fairsing na talmhan ar lúth, ar lámhach, agus ar aigneadh, ar laodhacht, ar neart, agus ar chródhacht, ionnus gurab adhbhal an t-iongnadh liom úir na talmhan dia n-iomchar ar mhéad a ccumais ann gach aon-ghné; agus a cháirde ionmhaine, anois rigthaoí a leas calmacht do dhéanamh, óir is deimhin go bhfuighe sibh bhar ccur chuige," ar sé, "agus má theithchionn sibh is gearradh saoghail dhíbh é gan amhras, agus ní bhfuil do chumhdach oruibh acht calmacht agus cródhacht mhór, aigneadh agus méad meanman do ghlachaibh chugaibh, óir is cían 'na dhíaigh so
a bhías gníomha gach duine dá innisin; agus ní bás don tí a chuireas a chlú agus 'áireamh bith-bhúan ar a ghníomhaibh goile agus gaisgidh a n-aghaidh deagh-laodhach mar íad; agus ó tá sibh an urad sin do roighneadh curadh ar aon-láthair anois, fionnaim úaibh cía dhíbh choisgfeas an bheirt úd fris nach ionchomhraic úathadh nó beagán buidhne, agus ar ttús cía choisgfios Ridire na Leomhan san treas?" "Misi chuige," ol Dúice na cCleas, mac Rígh na hArabia, "óir is deimhin má chím radharc air go cclaoifead a bhorr agus a úaill do chlár comhleathan na talmhan so a ndíoghailt mo bhráthar ros mharbh." Agus is amhlaidh do bhí an mílidh sin, dá ndeachadís na slóighte ar cumairce aon-láimhe isin mbioth uile is ar a chúl do rachadís, óir ní roibh ó luighe gréine go héirighe aon ba mó alla agus iomrádh gaisgidh iná é, agus níor fhág cleas nó cluithe dár fhoghluim don chatha a n-aon-aird dár shiobhail don mbioth uile nár fhoghluim as 'óige, co nach roibh do lán beóil nó búan-teangtha isin rann Aifraic agus isin Aisia acht é 'na aonar. "Beir búaidh agus beannachtain," ar an rígh, "agus is deimhin gur deadh-mhaith do lámh chuige sin do chomhal. Gidh eadh is gúais lán-mhór linn do thuitim isin treas dá ndeachair ad aonar fris an milidh úd, dóigh ní mar dhuine dhaonna chaithigheas ar én-chor."
Luighim-si fóm armaibh," ol Dúice na cCleas, "gur chreathnuigh an gaisgidheach úd thú ionnas nach measair fear dhá chlaoí do bheith ann, agus má thig chugam-sa a n-éinfheacht, agus dá ndeachair-si dá thaoibh, go ttraofad-sa sibh araon, agus nach bhfuighe-sion a dhíon ar muir nó ar tír orom má gheibhim radharc fair." Gabhas fearg an rígh fris, agus do ráidh nach fada go bhfaicfeadh sin ttá ttí an ridire Francach. "Cá súaidheantus fil air?" ol an dúice. "Ní beag dá innisin," ol an rígh, "méad a bhuille agus balc a bhríghe, dlús 'iombhuailte agus iongantais a neirt, agus atá sgíath aige as a n-ainmnithear é ina bhfuil deilbh thrí leomhan ag troid re haon-ghaisgidheach, agus is deimhin go bhfuighir-si eólas fair go lór-ollamh," ar an rígh. "Agus anois cía choisgeas Rígh na Sorcha isin deabhaidh si?" ar sé. "Sinne chuige," ol triúr chloinne Rígh Innsi Chithidh .i. Ridire na Fleisge, Ridire na Sleighe Buidhe, agus Ridire na nEach, agus is comhrac aonfir comhrac linn, óir is d'aon-toirbhirt sinn," ar síad. Agus is amhlaidh do bhádar an triúr sin agus fleasg lán-fhada ag an chéad-fhear 'na láimh chlí d'ór álainn Aifraice, agus dob adhbhal í, agus níor chúram do mhac míosa a hiomchar ar a héadruime; agus an tan ba hanbhfonn dó a ttreasaibh nó a ccomhlannaibh do chraitheadh an fhleasg ar aghaidh a chéile comhraic go ccuirfeadh tréasan saoghal a bhfíansgar
é, go léigeadh féin a sgíth, agus an bheirt oile 'na dhíaidh ag tabhairt a n-aire dhó. An dara fear .i. Ridire na Sleighe Buidhe, do bhí sleagh thrí-uillionnach órailte aige, agus is súaill má do slánuigheadh aon-neach for ar dheargadh fria. Agus an treas ridire .i. Ridire na nEach, do bhádar trí heich bhláithe dheadh-bhéasach' aige agus dá leagthaoi gach feacht é do ghéabhadh each dhíobhtha, nó íad 'na ttriúr, ar a nglúinibh 'na ghoire go lingeadh urthaoi, agus ní lamhadh aon a ttadhal acht a ttríath féin a n-aimsir iomghona; agus ba cródha mór-mheanmnach na tréan-ridireadha sin; agus do ráidh an rígh dá ngabhadís uile a chomhairle go mbéardís neart slóigh friú; agus do ráidheadar-san cheana nach déndís a chomhairle. "Más eadh," ar an rígh, "luighim-si fóm armaibh nach ttuillionn aon agaibh tair ais arís ina bheathaidh dá mbéardís na ridirigh úd a n-áit iombhuailte oruibh." Acht cheana do bhádar-san ag sgige agus ag fanóid fon rígh. Iomthúsa an tSage do-chuaidh do threórughadh slúagh na nGréagach go hionadh na ccuinne, go ttárla Rígh na Sorcha, Ridire na Leomhan, agus slúagh adhbhal na Calidonia dhóibh, agus ba hadhbhal a lúthgháire fair, agus is é líon do bhádar ann sin .i. céad agus fithche míle eidir chois agus each, agus ba
cródha mór-mheanmnach an t-sochraid sin, agus do fhoillsigh agallamh Rígh na Ciprus lé Dúice na cCleas agus ré triúr mac Rígh Innsi Chithigh do Ridire na Leomhan agus do Rígh na Sorcha. "Más eadh," ol Ridire na Leomhan, "geallaim-si Dúice na cCleas do chosg isin treas sin." Agus do gheall Rígh na Sorcha an céanna ar chloinn Rígh Innsi Cithidh. Do sinneadh aca a n-iomad guth binne agus a n-adharca furfhógra agus a ccaismearta toghthighe lán-siubhail, agus ní haireastar a n-eachtra go rángadar aghaidh ar aghaidh frisin slúagh n-eachtrann, co nach roibh acht an abhann eatarra darab ainm Pontus. Agus ba deireadh laoí an tan sin, agus do chuir cách dhíobhtha a bhforraireadha teanna tréan-neartmhara ós comhair a chéile an oidhche sin go héirigh gréine arna mhárach. Agus do shuigheadar a bpuible agus a longphuirt ós comhair ar-oile, agus fá cóirighe cliste sgáthmhar furachair cách dhíobha ós imlibh na habhanna sin agus ag ordughadh na slúagh sin a n-oirchill an laoí arna mhárach. Acht cheana ar ttuitim do rée dhorcha na hoidhche do labhair Ridire na Leomhan ré Rígh na Sorcha agus as eadh ro ráidh: "Do mholfuinn féin dhúinn cúairt do dhéanamh a longphort na nDanar anocht," ar sé, "agus ar sdéada d'fhágbháil, óir is amhlaidh is lugha braithfithear sinn go n-imrimis neart ar lúith agus ar lámhaigh dár ccois orrtha."
"Beir búaidh agus beannacht, a laoich nár ob cuntar nó deabhaidh dá chrúas aríamh," ol an rígh, "is maith an chomhairle sin, agus déantar linne í gan mhoill." Agus ar n-innioll a mhuintire dhóibh ar sgáth a ttríath agus a luthghoile glúaisid féin gan fhios gan áiriomh gus an abhainn mhór-chonfadhach sin, agus do éirgheadar ar aon go héanamhail aidhéardha d'urlannaibh a sleadh agus do bharraibh a ccraoiseach go ndeachadar tair an abhainn lán-fhairsing sin gan ro-chás agus as sin go longphort na nDanar. Agus gabhaid ag éisdeacht cháich sealad. Agus gach aon dá bhfaiceadh íad ní shamhluigheadh nach dá mhuintir féin íad, gur chaitheadar seal don oidhche amhlaidh sin. Is ann sin adubhairt Ridire na Leomhan gur mhithe leis a chúairt do dhéanamh agus tilleadh go a mhuintir d'eagla amus longphuirt do thabhairt orrtha. Agus druidios ar aghaidh longphuirt Rígh na Persia a ccoithchionn, agus teilgios a ubhall-chleas fris gur mharbhastar go lán-tobann é. Agus íar sin gabhaid ar aon ag uirleadh agus ag leadradh agus ag marbhadh agus ag lán-ghearradh corp agus cnámh agus caomh-cholna seachndeóin an longphuirt mhór-fhairsing sin, gur trom-loiteadh laoich, gur dían-bhásuigheadh curaidheadh, agus gur dalladh mílidheadh sul dob éidir a n-airiughadh. Acht cheana do cuireadh coinsgleo agus mór-fhúasnadh isin ccampa go huilidhe. Gidh eadh ní ar meatacht nó ar
míolaodhacht do gabhadh sin ag an dá charaic dhoibhriste, acht gabhaid mire mheanman agus aigionta chuca, agus gabhaid ag gearradh, ag sluigheadh, ag sléachtadh, ag sraonadh agus ag leadradh, ag madhmadh agus ag díothláireadh corp agus ceann, cos agus caomh-cholna treimhsi fhada don oidhche, co nárbh fhéidir ríomh nó áiriomh nó meas do chur ar méad an mharbhtha do-rinne an dá anchoin lán-chonfadhacha sin ar na slúaghaibh ar feadh treimhsi, co nár smúainidar na hallmharaigh uile nach roibh iol-mhílte agá ttrasgairt go ttáinic deireadh oidhche chuca. Agus an sin gabhaid go huaigneach tréasna cathaibh go ttángadar an abhann réumh-ráite, agus go ttángadar go héanamhail thairsi, agus muna mbeith giorra na hoidhche ní bheith áireamh ar an díthláithreadh do-dhéantaoi friú. Agus ar n-imtheacht, is ann do chruinnidar na slúagha adhbhal-mhór' as gach aird don chath, agus ní bhfuaradar acht an t-ionadh fholamh íar ndéanamh díthe doiaisnéisi dona tréan-fhearaibh sin do imidh úatha; agus ní tháinic iongnadh ba háidhbhle leó-san nó cionnas tángas orrtha gan airiugh, ar fheabhas a lucht faire agus coimhéada, go ttáinic Rígh na Ciprus do láthair agus go ndubhairt riú gan iongnadh do bheith orrtha, agus ar sé: "Gidh iongnadh adhbhal ribh-si súd, is cuma ag an dreim do-rinne é. Agus do-chífe sibh iomad iongantais is aidhbhle iná é ag an mbeirt dheadh-laoch
a táinic ann súd, óir ní tháinic chugaibh acht íad cheana, agus níor chás leó teacht tair an abhainn; agus atáid agam-sa," ar sé, "naoí leomhain neimhe, agus trí mathghamhna chonfadhacha, agus cúig chéud amhas fromhtha arna ndearbha a neart agus a ccumas gaisgidh, agus is fearr comhlainn céad gach aon dona haitheachaibh sin agus ní measa na leomhain agus na mathghamhna, agus dá ngabhthá mo chomhairle-si, a Dhúibhce na cCleas, do-bhéarthá na leomhain leat id thimchioll dochum comhraic Ridire na Leomhan, óir is dearbh nach ionchomhraic neach isin mbioth fris dá bhfagha cothrom diúbhra ice, co nach roibh guth ar neach a dhíthchioll do dhéanamh air san am do bhí a láthair. Agus do mholfainn do chloinn Rígh Innsi Chithidh céad amhas do bhreith leó dochum an Mhacaoimh Mhóir, agus muna ndearnair amhlaidh bu díoghbhálach sibh féin dhe. Agus sin mo chomhairle féin dhíbh," ar sé. Do moladh sin le cách uile acht amháin Rígh na hArabía tug móid nach géabhadh ór na cruinne agus leatrom comhraic nó comhlainn d'iarraidh ar neach isin mbioth acht lúth a láimhe agus neart a chuirp agus faobhar agus ranna a arm. Agus adubhradar clann Rígh Innsi Chiothidh an ccéadna. Agus tugadar uile a mionna nach bhfuil aon dá ttiucfadh dá ttreisioghadh isin iomghuin sin nach déanadís féin air amhail a mbiodhbha. Agus do cuireadh fógra ar an chomhrac sin go Ridire na Leomhan agus go Séadhna Saor-bhéusach, agus ba luinneach lúthgháireach
cách dhíobhtha um an fhuráil láin-ullamh sin. Agus freagraid go haibéil é, agus do toghadh ionadh an chomhraic eatarra leith air leith, agus gabhas gach aon díobha a n-earradh áidh agus iorghuile umpa, agus glacaid a sdéada lúthmhara troigh-éusgaidhe, agus do sinneadh aca a ccaismearta furfhógra, agus druidid an seisior saor-churadh sin a ccuinne ar-oile go ttángadar go hionadh ionchaithmhe a n-arm dá chéile. Is an sin do síneadh na sé sróil-mheirgeadha catha sin eidir na Samsonaibh doieadrána agus na sé hEarcuill anghlonach' agus na sé cairge doibhrisde agus na sé buineadha brátha agus na sé cinneadha catha, agus gabhaid ag teilgion a ccleas lán-fhaobhrach lúith fri ar-oile. Is ann sin do chuimhnidh Dúibhce na cCleas a fhíoch agus a fhala agus a mhiosgais do Ridire na Leomhan, agus a tuarngios a sgíath go hainíarmartach fair agus a tug béim neartmhar aintréan doichríochnuighthe saoghail a mullach a chinn agus a chinbheirte, gur chuir táimhnéull mearaighthe agus tinntighthe dofhulaing a ccionn agus a ccroidhe an churadh, co nach roibh a bheag nó a mhór dhá chéadfaidh for a chumas, acht é ar chomh-mheisge a nglaic a sdéide seachneóin an mhuighe mhór-fhairsing sin, agus muna mbeith dearbhthacht a chinnbheirte do sgoiltfeadh an béim sin go smig é. Is ann sin do chlis an mílidh as a néall .i. an tan do goireadh iolghártha ad-chlos a bhfraoiche na firmameinte .i. gáir mhaofe na bPágánach agus gáir
chaointe na cCríostaidhe; agus is truagh mar do bhádar a n-alt na huaire sin, agus go háirighe Séadhna Saor-bhéasach, dá ndochar deabhtha agus dá tteanta anbháil, gur chlis agus gur bhíogastar an curaidh cath-chalma a nglaic a sdéide agus is súaill nár éirghe 'sna firmainte le mire feirge agus le méad meanman agus le rachta aigionta. Agus tuilleas ar Dhúibhce na cCleas, agus is mairg for a ttug aghaidh fón am sin a tteas a fhirge agus a mhór-chonfa; agus a tug béim díoghla agus achbhusán ogla don Dúibhce a mullach a chinnbheirte, agus gidh do chuir an Dúibhce a sgíath ro-dhearbhtha eidir é agus an bhuille do sgoilteadh an sgíath tair dhó, agus an cathbharra lán-chruaidh, gur sgaith blaosg chnáimh an chinn do dhíon na hinghine gur thuit an mílidh a ttaisibh agus a ttáimhnéullaibh gan éirghe nó neart conganta aige ar féin nó ar neach oile. Féachas Ridire na Leomhan 'na thimchioll, agus ad-chonairc Séadhna Saor-bhéusach ar marbhadh Ridire na Sleagha Buidhe, agus Ridire na Fleisge ar ttógbháil na fleisge draoidheachta eidir é agus an sdéad sgáthmhar ar a roibh Rígh na Sorcha, gur chuir fíansgar agus dían-mhire uirrthe, co nár fhéad an rígh a stiúbhradh nó a congbháil acht í ar dían-mhire seachndeóin an mhuighe mhóir-fhairsing sin, agus Ridire na nEach ina dhían-leanmhain, agus a dhá sdéad chlisde lúthmhara ro-bhéasacha 'na leanmhain ag cur náire agus aithmhéala ar an churaidh. Arna bhfaicsin amhlaidh sin do Ridire na Leomhan
druidios a ccuinne Ridire na Fleisge, agus do thóg an fhleasg a ccéadóir gur thill an sdéad le draoidheacht na fleisge. Cuimhnígheas Ridire na Leomhan ar a ubhall-chleas, go ttug urchar coimh-dhíreach neamh-chlaon di, gur bhuaileastar a sinistribh a chluas é, go rug méad an ubhaill dá inchin tair an chluais ar-aill. Agus díthcheannas Ridire na Leomhan é, agus íar sin thógbhas an fhleasg chuige féin; agus íar sin iompuighis Rígh na Sorcha, íar n-imtheacht na fleisge, le Ridire na nEach, agus tug urchar áigh dia omna fair, gur bhuaileastar a lár a sgéithe an Ridire, gur tholl agus gur lán-bhris an sgíath dhaingion dhoibhrisde agus an lúireach shreabhnaidhe shaor-ghréasach agus an cotún cadad comhdhlúith, gur chuireastar tré chroidhe an churadh gan choigill é, gur thuit marbh ar díth anma íaramh, agus díthcheannas é. 'Na díaigh sin tógbhaid an dá shlúagh sin iol-ghárrtha úathmhara allata ós áird, ionnas gurab suaill nach ccuirfidhe mná agus leinibh a ttaisibh agus a ttáimh-néullaibh báis le húathmhuire agus re hollghlór na mór-ghárrtha sin .i. na Págánaigh ag caoíneadh a ndíthe agus na Críostaidhe ag comaoidheadh na n-éacht sin. Dála Ridire na Leomhan, glúaisios go haibéil go hairm ar fhág Dúibhce na cCleas, agus níorbh fhorainm a ainmiughadh as a chleasa guile agus gaisgidh, lúith agus láin-neirt, go halt na huaire sin, agus a táinc ós a chionn agus fiafraighios cionnas ro bhí.
"Atáim go hanbhfann," ar sé, "agus níor shíleas, a churaidh is fearr lámh, fear dom chlaoí do bheith faoí choim na gréine go ttárla thusa liom, a ghaisgidh is fearr tréithe dár shiobhail ar bhioth, agus atá ina iongnadh an talamh trom-fhóideach dot iomchar ar áidhbhle do ghníomh guile, agus dá mbéinn-si ad th'eólas mar do bhí Rígh na Ciprus is deimhin nach éireóchuinn id h'aghaidh ar én-chor, agus ós anois atáim a n-eólas do lúith is dursan gan mo bheith slán dochum síthe do shadhmadh eadruinn leith ar leith." "Luighim fóm armaibh," ar Ridire na Leomhan, "gur measa liom gúais do bháis nó gúais an chogaidh si uile, óir ní fhacas fear do ghníomh nó do neirt aríamh romhad acht amháin an Macaomh Mór .i. Rígh na Sorcha." Is ann sin a táinic an Macaomh Mór chuca amhail do bhádar ar an ccaoineas comhráidh sin, agus do ráidh le Ridire na Leomhan go bhfacaidh slúagh na nDanar uile ag glúasacht amhail do bheithdís ag tríall chuca, agus do ráidh Ridire na Leomhan gur bheag a chás féin ionta. "Ná habair sin, a ghaisgigh is fearr san mbioth," ar Ridire na cCleas, "oir atá neart doi-fhaisnéisi ann súd nach bhféaduim-si tréam anbhfuinne agus tréam neimh d'fhoillsiughadh dhíbh, agus imidh ré búaidh an laoí aniodh, agus díthcheannaigh misi, óir ní shílim a bheith beó ar én-chor, nó beiridh libh mé do réir bhar ttola."
"Dom chubhais ní mhuirfium thú," ar Ridire na Leomhan, "agus má féidir lear leaghaibh do leighios do-dhéantar linne é, óir ní fhacas lámh mhaith ghaisgidh aríamh nach ccaillfeadh a bhás orom gion go muirfuinn féin a cceart comhlainn é, agus gabh-sa aigneadh chugad óir ní thaisdeóchaidh aon-ní úaid." Gabhas an dúibhce buidheachas fris, agus iarras a thógbháil ar each. Agus do-rinneadar amhlaidh, agus glúaisid leith ar leith go a longphort, agus ba hádhbhal lúthgháire a muintire rompa, agus níor chás leó a mbás uile ag cosna córa na ndeadh-laoch sin. Agus do éirghidh neart agus aigneadh isna slúaghaibh le faicsin cródhacht na ndeadh-laoch réamh-ráite. Agus do thigseat leagha feasacha fír-eólacha dochum an dúibhce gur ghlansat agus núa-chóiridhseat cneadha agus créachta a chinn agus a chuirp, agus gabhaid do láimh a leighios gan gúais báis go haithghearr; agus ba meanmnach Ridire na Leomhan dona sgéalaibh sin. Ciodh thrácht ba tuirseach Rígh na Ciprus cona longphort an oidhche sin, agus do chuir fógra catha go Rígh na Sorcha arna mhárach, agus do ráidh nach bhfuigheadh féin nó aon dá mhuintir a ndíon nó a n-anacal ar muir nó ar tír air dá
ndéndís énghreim nó easonóir don dúibhce. Do raidh Rígh na Sorcha gur dhoilighe leis éisteacht a bhríathar agus borr a theangtha, agus go ndíogheóladh fair é. Agus cuireas an t-aitheasg sin ris na teachtaibh tair a n-ais, agus goireas Dúibhce na hArabia na teachta chuige, agus sgríobhas leó dochum an tí fá ceann fora a mhuintir .i. for cheithre fithchid míle fear n-armach do mhuintir na hArabia, agus do íar fair fá phéin a mhilte agus a mhughaidh an slúagh sin do tharraing as an ccampa a n-aimsir na deabhtha agus na troda arna mhárach, agus gan congnamh do thabhairt dhóibh go bhfaghadh claochló sgéal uadha-san do-rídhis. Agus tillid na líagáidigh tair a n-ais, agus foillsighid a sgéala do chách, agus do ráidheadar fós gomadh adhbhar uomhain agus ursgátha buain le comhrac Rígh na Sorcha cona mhuintir. "Is bríathar dhamh-sa," ol Rígh na Ciprus, "nár chás linn a muintir dá mbeith a n-urdail fó thrí inar n-aghaidh dá ccoisgfigh Ridire na Leomhan agus Séadhna Saor-bhéusach amháin dhíom, agus gidh eadh má fhéadaim-si go ccoisgfead íad isin iomghuin si amárach." Agus íar sin cuireas fios agus gairm ar a chúig chéad
aitheach, ar a leomhain, agus ar a mhathghamhnaibh, agus goireas ar Ridire na mBúadha mac Dúibhche on Trebisond agus as eadh ro ráidh fris: "A Ridire na mBúadha," ar sé, "is fírinneach díleas an t-ainm dhuit Ridire na mBúadha, agus is dóigh liom nach rugadh buaidh ort aríamh lé haon don Ádhamh-chloinn gidh líonmhar do féuchadh a ccathaibh agus a ccomhlannaibh thú seach na cruinne, agus atá mo dhóigh féin gurab tú bhéaras búaidh Ridire na Leomhan, agus cuirfead-sa na naoí leomhain chonfadhach agus na trí mathghamhna anghlonnach do-rinneadh agus do hoileadh dochum an fheadhma sa leat, agus céad aitheach go ccomhlann céad ann gach aon dhíobh ad thimchioll dot chúmhdach ar dhían-bhuilleadhuibh Ridire na Leomhan. Agus is dóigh liom-sa gomadh ionchathuighthe thú re haon don chinél dhaonna, agus fionnaim do bhrígh agus do chródhacht, h'uaisle agus do lán-bhrígh ar Ridire na Leomhan 'na aonar, agus ná tabhair h'úidhe nó h'aire d'fhéim ar bith isin treas acht é 'na aonar, óir is beag ar ccás búaidh do bhreith ar rann Eórpa dá ccoisgir Ridire na Leomhan dhínn," ar sé. Gabhas Ridire na mBúadh do láimh go ccoisgfeadh Ridire na Leomhan isin treas sin, agus do cuireadh na leomhain, na mathghamhna agus an céad
aitheach réamh-ráite chuige dá longphort an oidhche sin a n-oirchill na maidhne arna mhárach, agus fá meanmnach leis a aigneadh san ccéim sin d'fhagháil. Agus íar sin táinic Ridire na Beirte Úaine ón Affraic do láthair, agus do ráidh go ccoisgfeadh féin an lámh oile ghaisgidh ba baoghlach ag na Críostaidhibh. "Beir búaidh agus saor-bheannacht, a churaidh chródha," ol an rígh: "is maith t'fheidhm agus do thréithe guile ris sin do chomhall, agus cuirfead-sa ceithre chéad aitheach go neart céad an gach aon dhíobh umad-sa dot chumhdach ar fhaobhraibh cíocracha Rígh na Sorcha, agus ní cás linn na sochraide oile do chiorbhadh dá ccoisgfighthe an bheirt sin dínn," ar sé. Agus gabhas ann sin ag ordughadh a mhuintire go dlúith daingean doibhrisde ar feadh na hoidhche sin go héirghe gréine 'na ruithneadh ghlan-sholasda arna mhárach. Dála Séadhna saoi-bhéusaigh cona mhuintir gabhaid ag ordughadh a muintire mar an ccéadna go ndearna ceithre catha commóra dhíobha, agus do horduigheadh dhóibh gan cathughadh isin iomghuin sin go bhfaiceadh dlús an iombhúailte, agus an sin an t-éigion budh mó do fhreasdal lé druing
don uibhir sin, agus gan bun an tslóigh do chur isin ngleó go ttigeadh ordughadh Rígh na Sorcha. Agus a tugadh ordughadh na cceithre ccatha oile don Ridire Fhionn mhac Rígh na hEaspáinne ar an ccéad-chath, agus an Ridire Clisde mhac Iarla na nGarmann ón Spáinn ar an dara catha, agus stíobhard an Impire Ghréagach ar an treas córughadh, agus dearbhráthair do Rígh na Calidonia ar an cceathramh cath. Agus do thógsat míle ridire do roighne na slúagh uile do ghárda ar Ridire na Leomhan agus ar Rígh na Sorcha, óir do innis an Ságe .i. an t-eagnaidh, dhóibh an t-ineall marbhtha agus mughaidh do cumadh chuca. "Luighim fám armaibh," ar Ridire na Leomhan, "gur beag a tharbha sin dóibh, óir an mhéid is féidir dhóibh d'ollmhughadh ar dhruim domhain fár ccuinne nach saorann úainne íad, agus nach bhfaghaid na haithidh nó fós Rígh na Ciprus a ndíon ar muir nó ar tír oruinn." Do-chualaidh Dúibhce na cCleas na bríathra sin agus adubhairt: "A Ridire na Leomhan," ar sé, "is deimhin liom gurab tú amháin aon-lámh ghaisgidh na cruinne agus gurab é Rígh na Sorcha an dara lámh.
Gidh eadh tabhraidh do bhar n-aire nach bhfuil, agus nach roibh, agus nach bhfacais féin nó aon oile gúais nó gábhadh mar an ghúais a bhfuiltidh ar aon anois, agus do choisg misi mo mhuintir féin dhíbh don dul sa, agus is deimhin dá mbéinn um shláinte nach léigfinn leatrom oruibh-si go feadh mo chumais muna ttigeadh dhíom síth do dhéanamh eadraibh-si, óir do ghrádhaighios go hadhbhal sibh tré fheabhas bhar ngníomh agus bhar miotail." "Is bríathar dhamh-sa," ar Ridire na Leomhan, "gurab cumaoin dhuit agus gur measa liom do chuntar nó mo ghúais isin iomghuin amárach, agus guidhim thú d'eagla na bhfiabhras coisg dot chaint." Agus do íarr ar na doctúiribh dúthracht leighios do dhéanamh dhó, agus fágbhas iomchomhairce beatha agus sláinte aige, agus ba hádhbhal a chúram uime. Íar n-imtheacht do Ridire na Leomhan ón Dúibhce ba doimheasta a chúram agus méad a dhoilghios d'eagla Ridire na Leomhan nó Rígh na Sorcha do thuitim isin deabhaidh sin, agus gér mhór a thinnios agus a dhócal do sgríobh an dara feacht go ginerál a shluaigh, agus do orduigh dhó fa phéin 'anma agus a inmhe cúram súl do chongbháil ar Ridire na Leomhan agus ar Rígh na Sorcha, agus dá bhfaice ceachtar dhíobha nó íad ar
aon a mór-ghúais é féin agus iomlán a mhuintire do thiacht dá ccabhair, agus gan sin do dhéanamh acht maille lé héigion doifhulaing. Agus do chuir a sguibhéir féin leis an sgríbhinn sin co nach ttiobhradh cách baramhail do neach oile, agus sgríobhas litir eile go Rígh na Ciprus co nach braithfidhe an sguibhéir ar aon-mhodh. Agus do imghidh an sguibhéir, agus do thoirbhir a litir don rígh don chéad-fheacht agus íar sin don ghenerál gan airiughadh do neach ar bith, agus tuilleas go Dúibhce na cCleas. A ndála go n-uige sin. Dála na slúagh ar gach leith do éirgheadar go moch-sholas gréine arna mhárach, agus gabhas gach aon a réim féin isin deabhaidh, agus do labhair Ridire na Leomhan lé Séadhna Saor-bhéusach, agus as eadh ráidh: "A chara ionmhain," ar sé, "is deimhin nach bhfuil do sheilg ag na Págánachaibh si ataoí inar n-aghaidh acht sinne ar aon, óir dá cclaoidhid sinn is leó búaidh do bhreith ar an rann Eórpa oile don chur sa, gurab aire sin nár chás sinne do thuitim dhe a bhfochair na n-olc oile do shílim dá bhíthin, agus ní léigim-si a leas sibh-si do ghríosughadh, óir is
tú féin aon-lámh ghaisgidh na talmhan, agus do-chluinim-si go bhfuil Ridire na mBuadha mac Dúibhce na Trebisond chugam-sa aniodh maille naoí leomhain agus trí mathghamhna anghlonnacha, agus íad uile fromhtha déanta dochum na deabhtha sa, agus céad aitheach go neart céd ann gach aon dhíobha, agus má fhéadaim-si ní bhfuighid a ndíon form aniodh," ar sé. "Agus a chompáin ionmhain, is imeaglach mé umad-sa, óir is doimheasta comhrac Ridire na Beirte Úaine ón Affraic go cceithre chéad aitheach." "Ní bhfuil a n-eagla orom" ol Rígh na Sorcha "agus is mó m'eagla-sa dhuit-si fó thrí ná dhamh féin." Is ann sin a táinic an Sage Malanto chuca agus adubhairt: "A Ridire na Leomhan," ar sé, "níor fhágbhas-sa aon-chleas dár fhoghuin don ló aniodh gan déanamh dhuit, agus atá sdéad agad nach ttrasgarthar neach dá druim, agus do chuireas-sa éideadh éadrom soiomchair uimpe ar nach deargaid ranna ná iol-fhaobhair, agus ní claoítear í, agus anois éirghidh amach ar séun ratha, agus is gúais liom gidh maith sdéad an rígh go cclaoifidhtear í. Acht cheana
cuimhnighidh a mhéad atá ann bhar ngeall aniodh don domhan sa" ar sé. Agus íar sin ceileabhraid dá chéile, agus tugadar-san a bhféim chubhaidh do chách, agus gabhaid féin rompa mar dhá ghréin shuaitheanta ro-dheallracha, go lasfadh an t-aidhér amhlaidh do thaithneamh a n-arm go ccuirfidís ceatha do splancach aoibhleach teineadh ro-neimhnidhe a bhfraoithche na firmameint agus na néull le fraoch-chíocaras deabhtha agus lé saint a ndiúbhraice, agus fós a sdéada ar lán-chonfa go rachadh gan éidimhin mac míosa a n-arg pholláire agus ar shinistribh a srón ag garbh-shrobadh ag iarraidh cead imtheacht for a n-aghaidh, co nach bhfacaigh súil íad dárbh fhéidir a rádha go mbainiodh a ccosa nó a n-ingne fulluing le teóruinn fuinn nó le clár féur-úaine na talmhan acht amhail do bheithdís ar lúth eitiolaigh ós ciumhais féir agus talmhan. Agus gabhaid a ccleasa lúith, guile, agus gaisgidh chuca agá n-imirt isin aidhér ionnas, go n-áirmhighthear fér faithche agus duille crann, nach éidir leath a n-iolchleasa d'áireamh nó d'innisin, agus íad chuca agus úatha amhail na mbeach mbeag ag cruinniughadh agus ag imtheacht dhá n-adhbhachaibh bunaidh, co nach bhfacaidh aon dá mbíodhbhaibh íad nár ghlac uamhan agus imeagla iomlán íad rompa re faicsin a n-iolchleas agus an éigcoisg for a rabhadar
agá rochtain. Agus níor comhnuigheadh leó-san go rángadar longphort a mbíodhbhadh áit ar sgaoileadar frasa gér-neimhneacha do chinél gach cleasa, ionnas nár fhan aon ré hádh nó re hiomghuin rompa gan sgaoileadh agus mór-theitheadh do ghlacadh chuca go ndeachadar ar chúl a longphuirt. Is ann sin do fhógair Rígh na Ciprus ar Ridire na mBúadh agus ar Ridire na Beirte Úaine, agus do ráidh riú a ngeallamh do choimhlíonadh. Agus íar sin tug Ridire na mBuadha aghaidh ar Ridire na Leomhan cona aitheachaibh agus cona leomhnaibh uime, agus fógras go haibéil fair anmhuin réna ghleó féin. Dearcas Ridire na Leomhan fair, agus do-chonairc na naoí leomhain agus na trí mathghamhna ar lán-chonfa chuige. Is ann sin chuimhnighios ar 'ubhall-chleas, agus teilghios friú é, agus níor sguir an cleas gur mharbhastar eidir mhathghamhna agus leomhain íad uile. "Is bríathar dhamh-sa," ar Ridire na Leomhan, "go mbíaidh sé leis so aguinn." Agus ann sin tógbhas a shíath-chleas uime gur chuir ar caoí mheisge agus mhearaighthe íad uile, agus gabhas raon máma agus mór-bhrisde chuca, agus Ridire na Leomhan dá tteasgadh agus dá mór-mharbhadh
gan choigill. Agus ní thabhradh acht aon-bhéim d'aon-neach, agus ní ghabhadh sgíath nó lúireach nó cruaidh-chathbharra re haon-bhéim dhíobha, óir do-bheireadh ón aidhér anúas do sgoilteadh go a chrios 'an tí fris a mbainiudh, agus an béim do-bheireadh tarsna do roinneadh ar dhó an tí dá mbainiudh. Agus féuchas ar Ridire na mBúadh, agus a tug sitheadh chuige gur bhúail béim ro-neartmhar ina mhuiníl fair, gur theasg an ceann agus an lámh chlí dhe don mbuille sin. Dála Rígh na Sorcha inneastar aguinn seal oile: tárla é féin agus Ridire na Beirte Úaine cona cheithre chéad aitheach ré chéile, agus gabhas robharta ro-fheirge an rígh ionnas nach bhfágbhadh fear a n-ionadh a choisi nó troigheadh dhíobha, co nárbh fhéidir áiriomh nó innisin méad an áir agus na heasbhaidhe tug fortha gur mharbhastar dhá chéad dona haithigh, agus ba créachtach é féin dá bhíthin. Is ann sin do ghreas agus do aslaigh Rígh na Ciprus a aithidh a n-aghaidh Shéadhna Shaorbhéusaigh ionnas gur thóig a meanmna agus a n-aigneadh, agus cuirios an comhlíon céadna do marbha dhíobha ina n-ionadh co nár choingbhadar
coinghioll nó ceart comhlainn dhó isin ghleó sin, agus do chruinnigheadar uime as gach áird, agus fearuid gleó go hainíarmartach. Agus ní tar thime nó tar thlás do gabhadh sin ag an rígh acht túairngios go hathlamh íad día dheis agus día chlí, día chúl agus dia aighidh, agus ní marbhthaoi nach ccurthaoi an uibhir chéadna 'na n-áit, agus níor bhfeairde dháif, óir do fhortamhluigh-sion ortha uile gur cuireadh dia chois go haimhdheónach é, agus ní lugha do bhí agá bhfreastal a bheith dhá chois, go ttáinic ioliomad dona sluaghaibh 'na aghaidh, co nach roibh ar a chumas troid leó dia chois. Arna fhaicsin sin do Ghenerál na hArabía doirteas a mhuintir dia fhurtacht go ttugadar úain troda agus tachair dó, agus comhraicios féin agus Ridire na Beirte Úaine ré chéile gur thuit an ridire le fras-bhéimionnaibh Rígh na Sorcha. Agus beirios ar 'each ann sin, agus cinnios uirrthe, agus gabhas féin agus muintir na hArabia ag dían-mharbhadh mhuintir na Persia. A ndála go n-uige sin. Dála Ridire na Leómhan inneastar sunn: ar
marbha Ridire na mBúadh, agus iar ccur ár na n-aitheach uile is ann do chuimhnidh ar Rígh na Sorcha, agus do chuimhnidh fós mar do innis an t-eagnaidh nach gclaoífidh' a sdéad féin gémadh héugcosmhail a ghúais. Agus íar sin clisios an athúair, agus gabhas mire mheanman agus dámhghaire aigeanta é, agus spurais a sdéad lúthmhar chéim-éusgaidh tréasna cathaibh, agus tug chuige a ruathar-chleas agus a theaghluim-chleas, co nár fhág ridire dhá chródha, nó laoch dhá neartmhaire, nó gaisgidheach dá fheabhas, nó tríath dhá dhaingne, nó dhá dhiongbhála seachneóin an chatha eachtrann sin, gidh gur líonmhar doiáirmhe íad, nár thimchill a bhfáinne fó thrí íad, gur dhing agus gur dhían-chruinnidh go comh-dhlúith íad, co nárbh fhéidir le haon-neach dhíobh iomlat coisi nó láimhe nó buill ar bith dá mballaibh do dhéanamh, acht amhail do bheith fonsadh íarnaidhe fortha uile, go ttarlaidh Séadhna Saorbhéusach fair agus é a n-anbhfainne lúith agus neirt fón am sin. Agus innsios a dhála dhó, agus mar do fhurtaigheadar na hArabians fair, agus do thaobh ris a mhaith do dhéanamh agus gur cailleadh é féin gan amhras. Cuireas Ridire na Leomhan iodhlaicidh agus gárda
leis an rígh dhá longphort, agus do ráidh ris meanmna maith do ghlacadh agus go ndéanamh-san an gníomh sin do dhíoghailt ar an lucht do mhair, agus celeabhras dhó, agus a tug aghaidh far na sluaghaibh, agus a tug ghairm do shlúagh na hÁrabia seasamh a bhfochair a chéile agus a mhuintire féin, agus do rinneadar amhlaidh. Agus a Dhé, is mairg do bhí a n-eagar comhluinn agus a bhfál doibhrisde ós comhair Ridire na Leómhan a tteas a fheirge, agus a neart a chonfa, agus a bhfonn a dhíoghla ar na cathaibh sin, agus gan neart iomlat nó siobhail as ionad a mbonn aca. Timchiollas an ceathradh feacht íad go ttarla Rígh na Ciprus fair, agus a tug amach as measg cháich é, agus comhraicios ris a ccéadóir gur bhain a cheann dhe; agus gabhaid na Gréugaigh agus na Spáinigh ag díothláithreadh na nDanar gan choigill. Íar sin airighios Ridire na Leomhan, agus fógras dóibh fá phéin a milte gan ní bhus mó do mharbhadh, agus a n-úaisle uile do dhían-ghabháil. Agus do-rinneadh amhlaidh, co nárbh fhéidir ríomh nó áiriomh dár gabhadh ann amháin .i. cúig céad mac rígh agus dúibhcidhibh agus iarladhadh agus lucht mór-gharma oile ó sin amach. Agus gáirid an slúagh
ó sin amach faoidhe lán-trúagha ós áird ag iarraidh cumairce agus maithiomh 'na ccortha. Agus teilgid a n-airm uile fón lár, agus a tug Ridire na Leomhan ar a mhuintir féin a ttógbháil fo chéadóir, agus a tug fuasglaiceadh dhóibh as an mór-bhruid 'na rabhadar. Agus tugadar cuntas agus áiriomh for a muintir, agus do fríth deich míle eidir othar agus éug do dhíth ar shlúagh na cCríostaidhe, agus dhá chath ina roibh trí fithchid míle ann gach cath dhíobh 'dhíth ar shlúagh na n-Ancríostaidhe, agus do cuireadh gárdaidheadh teanna ó Ridire na Leomhan ar an méid do mhair dhíobha. Agus glúaisios féin go haibéil go hairm a mbí Rígh na Sorcha, agus fa hadhbhal na cneadha do bhí for an rígh, agus gidh anbhfann do bhí do íath a lámha fá Ridire na Leomhan, agus pógas go dil agus go díochra é, agus as eadh ro ráidh: "Ó chara ionmhain, agus a dhalta, agus a aon-chompáin d'fhearaibh dhomhain, bheirim-si a bhuidhe ré hAon-Dia na nUile-chumhachtach thusa do mharthin agus gan time nó gearradh saoghail do thiacht ort, agus is maith don rann Eórpa do mharthin, óir is tú ad h'aonar do shaor ar bhruid agus ar sglábhaigheacht, ar bhás agus ar dhían-oidhgheadh
síorrthaidhe, íad uile, agus ní meas duine budh cóir do thabhairt dhuit acht teachtaire nó aon do thogh an Tríonnóid Naomhtha dochum furtacht na n-anbhfann, óir is doichreite do ghníomh, do bhéusa, agus do cháiligheacht, agus ní bhfuil béul ó ccreidfidhe é muna bhfaiciodh súil an duine féin é, agus an sin féin go mbíodh 'na amhras ar na súilibh féin go lán-mhór. Agus a ghaisgidh is fearr lámh, béusa agus neart, modh, caoineas agus macántas, grása agus suibháilce, innis dhúinn cionas atáthar agad, nó an bhfúarais gona gúasachtacha nó créachta doileighis?" Freagras Ridire na Leomhan é agus as eadh ro ráidh: "A úasail agus a airdrígh," ar sé, "atá slán acht modh beagáin atá faoí leighios, agus dob fhearr go mbeitheá-sa amhlaidh." "Is briathar dhamh-sa," ol an Rígh, "nach cás liom-sa mo dhochar féin agus tusa do bheith go maith, agus guidhim thú cuimhnidh Dúibhce na cCleas do fhreastal gibé bhus oighe dhamh-sa ó so amach, óir ní bhéinn anois um bheathaidh muna mbeith an t-ordughadh a tug dá mhuintir a bhféim do thabhairt dhúinn dámadh riachtanas
dhúinn é, agus is maith do chongnaimh liom-sa agus lér sluaghaibh, óir do fúicfidhe uile sinn muna mbeithdís." Ceileabhraid d'aroile ann sin, agus a téid go hairm a raibh Dúibhce na cCleas, agus beannaighios dhó go carthannach lán-ghrádhach, agus freagras an Dúibhce fán ccuma chéadna, agus fíafraighios sgéala dhe cionnas do bhí d'aithle an chomhraic, agus do innis dhó go roibh go maith, agus a tug an Dúibhce mór-altughadh fris na déeibh dá n-adhradh uime sin, agus as eadh adubhairt. "A Ridire na Leomhan," ar sé, "madh beó marbh misi is neamh-olc liom m'eólas comhraic leat, agus is dóigh liom gur líonas ó bhonn go bathais dot sheirc agus dot h'ansacht, agus ní bhéinn mar sin muna mbeith mo chomhrac leat, agus níor shílios-sa aon-neach do bheith comh-neartmhar leat faoí sgáile na gréine, agus dá bhfaghain mo shláinte nó biseach óm chréachtaibh budh maith liom dhá mhéad eólas agus muinteardhas dá mbeith eadruinn." "Is mór mo bhuidheachas ort," ar Ridire na Leomhan, "ar mhéad do chonganta dhamh isin ghleó ané a n-aghaidh Rígh na Ciprus, óir is
deimhin go bhfuigheadh Séadhna Saor-bhéasach timdhibhe saoghail ann muna mbeith do shlúagh agus do chongnamh, agus anois atáid na sochraide uile ann súd arna bhfágbháil as a n-armaibh, agus a n-úaisle uile a láimh agam-sa acht do mhuintir-si amháin, agus is mían liom thusa do bheith id bhreithiomh úaim ortha, ionnas dá mbeith cairdeas nó muinteardhas idir thú féin agus aon-chuid aca go ttiúbhrainn cead do thola féin dhuit ortha, agus níor mhaith liom ainbhfios do dhéanamh ar aon budh muinteardha leat-sa," ar sé. "Beir búaidh agus beannacht, a úasail," ar an Dúibhce, "is mór agus is ádhbhal an charthannacht do fhurálais form-sa agus laghad h'eólais orom, acht aon-ní: do mheasas go nochtann an duine a shubháilce a mbeag-aimsir dá lucht cumuinn; agus do-bhéar-sa comhairle fón adhbhar sin dhuit go haithghearr, agus curthar fios chugam ar na húaislibh do gabhadh libh go n-aigillinn íad." Agus do-rinneadh amhlaidh agus ar tteacht 'na láthair dhóibh as eadh ro ráidh riú: "A úaisle, agus a árd-mhaithe," ar sé, "cionnas do thigmíd sinn féin do bheith iomchuibhidh caoimh-réasúnta an tan do thógamar an urdail
slúaigh úd agus fár éirgheamar amach as ar ttíorthaibh agus as ar ccríochaibh téugartha comh-chlúduighthe ar impidhe Rígh na Ciprus, agus gur bheag dob fhiú é féin agus a fhlaithios, gidh mór ar ndíoghbháil anois tar a cheann, agus é féin d'fhágbháil maille leó. Agus cé dhearbhaidh dhamh-sa díthcheannadh mo dhearbhráthar lé Rígh na Sorcha, tair a cheann sin dá bhfeasuinn-si an ceart do bhí ina mharbhadh is deimhin nach iarrfuinn ionaclann ann, óir ní maith íarsma an díomais a n-anfhlaithios na héaccóra, agus níor éirgheadar-san air-siomh nó oruinne anois nó aroimhe, agus do éirghi-sion, agus anois agus fá dhó roimhe, ina n-aighe-sion gan adhbhar ar bith uatha-san; agus cionnas is ionghotha ar neach é féin do chosnamh ar dhíomas cháich oile agus go háiridhe an dream úd nach baoghal agus nach cóir d'amas a slighe ar bith? Agus is dóigh dhamh-sa gidh bé do-ghéana gurab dó bhus measa amhail is iontuigthe oruinne féin anois a táinig ré húaill agus ré díomas ré neart na hAffraice, na hÁisia, agus a bhfuil eatarra, d'iarraidh agus do thabhach éagcóra na laoch is cródha agus is fearr lámh agus iongnadh, modh agus béusa, neart agus lúth, gal agus gaisgeadh, cara agus coinghioll, rath agus eineach, dár shiubhail an bith buidhneach aríamh; agus is dóigh liom-sa nach maith do-chuaidh sin dhúinn, agus ní fearr don
tí do tharraing sinn. Agas anois féuchaidh créad is indéanta agaibh, óir do claoidheadh sibh le neart deisi curadh, agus tugadar ar mo bhreith-si sibh don chur-sa, agus is breith dhealaighthe eidir ar cceannaibh agus ar ccolnadha do thuilleamar uile úatha." Íar cclos na mbríathar sin do chách do léigeadar a nglúine fútha, agus do ghlacadar cumairce agus lán-chuimrighe na laoch, agus fós an dúibhce, fá bhreith thrócairigh do bhreith orrtha agus a n-anmanna do spáráil, agus gan ór, nó airgiod, dúithche, nó fearuinn, nó ceathra, maoin nó áirnéis do spáráil dá cheann. Ciodh thrácht, do orduigh Dúibhce na cCleas cíos ríogha ann gach crích dar éirghidh a n-aghaidh na ndeagh-laoch an ccéin do mhairfidís ina mbeathaidh. Agus a tug féin agus na húaisle eile do bhí a láimh cor agus coinghioll ris sin do chomhall go bliadhnamhail maille lé héirghe 'mach shlóigh agus sochraide gach uair budh riachtanas. Agus do snadhmadh síth agus caradradh eatarra iar sin, agus tríallaid cách dhíobh dá ttíorthaibh féin budhdhéin, agus beirid a n-aois gunta dhá leighios leó, agus beirios Rígh na Sorcha agus Ridire na Leomhan Dúibhce na cCleas dá leighios dochum na Calidonia, agus ba créachtach gúasachtach an rígh féin.
Agus ní haireastar a bheag dá n-iomrádh go rángadar an Chalidonia. Agus ba hádhbhal lúthgháire an Rígh agus cháich rompa, agus ní héidir innisin go deireadh dhomhain leath nó trían ar caitheadh do mhaoin agus do mhaitheas ré a linn ann. Agus is cían go raibh Rígh na Sorcha agus Dúibhce na cCleas slán, agus tan ba slán íad budh faoilidh cách dhe. Dála na nGréagach umorro, ní haireastar a n-eachtra go rángadar cathair na hAithne san nGréig, agus ní roibh dá n-easbaidh ó imtheacht go tilleadh acht dhá mhíle agus aon-chéad. Agus fiafraighios an Rígh sgéala dhíobha. "Trúagh sin," ar síad: "ar ndul dhúinne agus dar slúaghaibh uile do láthair an treasa úd ní roibh aon aguinn do shíl nó do mheas tilleadh dar ccrích nó dar ttalamh féin dorídhis go foircheann an bheatha, agus níorbh iongnadh sin; ní dóigh ní bhfuil 'na bheathaidh anois beó aon do-chonairc leath nó trían a neirt slúaigh agus sochraide agus calmacht na laoch do bhí inar n-aghaidh, ionnas goma doichreite ó bhél nó ó iomad béul gomadh éidir don uibhir do-bhámair-ne ann seasadh
fria a neart agus réna líonmhaire; agus is fíor nárbh fhéidir muna ccuireadh an Tríonnóid dhochlaoite, agá bhfuil fréumh agus substaint na maitheasa agas an neirt, an dá lasair dhomhúchta as na flaitheasaibh neamhdha dár ndíon agus dár n-anacal co nárbh fhéidir díth nó dochar 'dhéanamh dhúinn, agus go háiridhe aon-ridire ro-árrachtach dá ngoirthear Ridire na Leomhan; agus ní fheidir cía leanab éidir a chanamhain le teanga, agus fós cía chreidfeadh óna shúilibh féin dá mbeath 'na fhiadhnaisi, agus mar do imir a lúth, agus a neart, agus a ghal, agus a ghaisgeadh, agus an cumach a tug tair chách dhíobha roimhe, gur chruinnidh agus gur theaghluim a n-aon-mhaingir amháin íad, co nach bhfacaidh súil aríamh iongnadh budh mó ná an cruaidh-dhinge a tug ortha, co nachar fhéadadar suighe nó éirghidh, sgaoileadh nó iomlat, as ionadh a ccosgair gur thoilidh féin dhóibh é, agus gur gabhadh dhíobh an mhéd budh luinn leis a mbraighdionas ar marbhadh Rígh na Ciprus agus ioliomad eile nárbh fhéidir d'áiriomh nó d'innisin, co nárbh fhéidir aon dá mhuintir d'fhortamhladh tar a
chumairce; agus muna mbeith méad a ghníomh-san budh doichreite lámh Rígh na Sorcha; gurab amhlaidh sin do claoidheadh an neart slóigh is mó a táinic aríamh," ol stíobhard Rígh Gréag. "Is maith an sgéal sin," ol Rígh Gréag, "óir do chuirfighdís sin a neart uile ós na rannaibh." Dála Rígh na Sorcha agus Righdire na Leomhan, ar bhfagháil leighis agus sláinte do chách dhóibh ba meanmnach Rígh na Calidonia agus íad-san uile; agus an tan ba haoibhne dhóibh ag iontlás meanmann agus aigionta is ann a táinic an Sage Malanto chuca agus aon-óglách 'na chuideachta agus glac litreacha ina láimh leis, agus toirbhreas do Righdire na Leomhan go hathlamh íad, agus do luigh socht adhbhal fair as a haithle treimhsi. "Is iongnamh liom," ol Dúibhce na cCleas, "an socht ádhbhal sin for a bhfuilir, a aon-lámh ghaisgidh na cruinne uile, tair éis búadha do bhreith ar fhorgla fhear dhomhain, agus gan aon-chearn don domhan budh toil leat féin nárbh fhéidir leat a ngairm, nó rígh nó impire dá bhfuil ionta bhus loinn leat féin; agus innis dhúinn más éidir leat fáth do dhóláis, ionnas mara ttí linn congnamh leat go rabham páirteach a ndoilghios friot."
"Inneósad a dheimhin sin dhíbh, a cháirde ionmhain'," ar Ridire na Leomhan: ".i. an uair a táinic féin ón bhFrainc ann so d'fhágbhas mo chéile .i. inghion Rígh Franc um dhéigh arnam shnadhmadh fría an treas oidhche ría tteacht dhamh, ar bhéulaibh Rígh Lochlann a táinic dá tochmhairce go Paris agus iomad eile táinic dá tabhairt, go ttug éura tochmhairce forra uile; agus ar n-imtheacht dhamh-sa úaithe ann so tuillios Rígh Lochlann go neart slóigh dochum na Fraince, go rug go foiréigneach leis í, ar ndéanamh iomad díoghbhála dá ceann. Agus do chuir sí geasa agus airmbearta fair gan luighe 'na hiomdhaidh go ceann bliadhna, a ndóchas go ttiubhrainn-si fúaslacadh dhí faoí sin. Agus ag sin brígh na sgríbhinne úd, agus fáth mo dhóláis," ol Ridire na Leomhan. "Is maith an sgéul sin," ol Dúibhce na cCleas, "óir luighim-si fóm armaibh go rachad féin go muirfighthear mé ann h'ádhbhar dlisdionach nó go bhfaicfead rem shúilibh dot ríoghadh a n-ionad an rígh sin thú." "Is neamh-olc linn an sgéul do-chluinmíd," ol Rígh na Sorcha, "óir ní hoiriseadh dhúinn go
rabham ann, agus go ttugam ár díoth-fhoghla ar chríochaibh Lochlann." "Trúagh sin," ar Ridire na Leomhan, "óir ní bhfuiltí-si ionastair nó ionchomhraic fós, agus dá mbeithidh, budh beag mo chás a Rígh Lochlann cona neart slóigh agus gan iarraidh dá ttraothadh acht sibh-si ar-aon agus mé féin." "Is bríathar dhamh-sa," ol Rígh na Sorcha, "go bhfuilmíd gan díth gan easbaidh, agus go racham ann gion go ndeachair féin linn nó nach ttéighir." "Beir búaidh agus beannacht," ar Ridire na Leomhan, "is beag mo shuim-si a Rígh Lochlann an feadh a bheithidh liom." Ciodh thrácht, do chaitheadar treas don aimsir ag iontlás meanman agus aigionta a bhfochair Rígh na Calidonia, gur dhearbhadar na leagha agus na doctúiridh dhóibh go rabhadar slán gan ghúais ar bith óna ccneadhaibh. Agus ann sin gabhaid lámh ar imtheacht, agus ceileabhraid do Rígh na Calidonia, agus fá hathtuirseach an rígh 'na ndíaigh. Agus ní haireastar a n-eachtra go rángadar críochaibh na Sorcha, agus go dún an rígh, áit a ttáinic an ríoghan 'na ccoine agus 'na ccomharcís. Agus is súaill má do-rinneadh is an saoghal trían na lúthghára do-rinneadh an ríoghan rompa agus na
huaisle ó sin amach. Agus do fhanadar ann sin trí hoidhche agus teóra lá, agus a cceann na rée sin ceileabhraid don ríoghain agus dona húaisle ar-cheana. Agus do bhádar triar curadhadh na cruinne agus trí húaithnidhe gaisgidh na talmhan ar aon-réim siubhail agus astair a bhfochair a chéile, gan gúais gan cuntar, treimhsi fhada dá n-aimsir, go ttarla íad aon do ló ar siubhail do leataobh foraoisi fír-áilne. Agus a tugadar súil 'na ttimchioll go bhfacadar an cairfhíadh ina bhfochair agus beanna óir fair agus an taobh deas dhe 'na airgiod chaoin-gheal agus ceithre cosa fionnruinne faoí. Tárla sdéad Ridire na Leomhan an lá sin ag Dúibhce na cCleas tré shocamhla a siubhail, agus síneas a ndíaigh an fhiadha, agus leanaid cách oile é. Gidh eadh do bhí do lúas an eich gur fhág amharc Ridire na Leomhan go haithghearr, agus do choingidh Rígh na Sorcha 'na amharc é do ghnáth, agus do ghabh an fíadh rompa gacha ndíreach go ndeachaidh asdeach a n-úaimh do leataobh na mara móir-anfaidh, agas leanaid-sion go dorus na húamha é, agus choncadar sean-aitheach gránna athúathmhar do leataobh na húamha agus nár mhó mór-thulach shléibhe iná 'cheann agus nárbh fhaide
caol-bhuinnén fuinsionn iná 'mhuinél, agus dhá chlúais chíordhubh chríon-fhionnfacha ar an cceann sin; agus gérmh ádhbhal méad an chinn sin dob aidhbhle na clúasa faoí dhó iná é, agus srón mhór ghorm chnapach go rachadh laoch dhá mhéad fóna arm ar gach sinistre dhá pholláiribh ramhar smugacha, agus béul úathmhar ramhar-phusach ar an mór-cheann sin, agus nárbh aidhbhle mór-ghleann idir dhá árd-shlíabh iná an craos-bhéul sin an tan do labhradh leis, agus dhá láimh chnapacha chruaidh-fhéitheach fair, agus nár chaoile bog-shibhinn a d'fhásfadh a ndomhuin-uisge iná íad, agus mar chrann siubhail príomh-luinge dó, dhá chois ghiobacha fhad-fhionnfacha faoí agus nár chaoile dhá lorgain chorra iná íad, acht toirt an fhionnfaidh dhá n-aidhbhsiughadh, agus dhá spáig mhóra ingneacha faoí an dá chaol-lorgain sin, agus aon tsúil amháin a cceartlár 'aighthe agus 'éadain, agus nár ghile cnap canaigh iná í. Agus arna fhaicsin sin do Dhúibhce na cCleas gabhas iongnamh mór é, agus do bhí ag agallamh fris go ttáinic an rígh chuca. Agus ar
tteacht do láthair dhó do ghabh dá shíor-choisreagtha treimhsi, óir, gidh iomdha dúil éugsamhail do-chonairc roimhe sin, ní fhacaigh samhail an fhathaigh sin aríamh roimhe sin. Agus fiafraighios Dúibhce na cCleas sgéala dhe. "Trúagh sin," ar an t-aitheach, "is leis an fhíadh adeirthaoi do cuireadh misi isna rachtaibh éugsamhla a bhfaicidhthe mé; agus mo thruaighe! dá mbeith na sgéala agam-sa an úair sin, an tan do bhádhas um neart féin, amhail atá anois, dob urus an fiadh úd d'fhagháil, óir ní bhíonn aon-mhaidin isin mbliadhain nach tteid tréasan uaimh si amach, agus muna mbeith an oidhche ann anois do thaisbéanfain-si slighe ghabhála an fhíadha dhíbh, agus munab áil libh sin gabhaidh do gach taobh dhíom-sa, agus tóguidh mé ar an tulaigh sin súas agus taisbéanfad an uile ghléas dá bhfuil air dhíbh." Tuirlingid ar-aon íar sin, agus gabhaid ar gach taobh dhe gur thógbhadar ar áird an chnuic é. Is ann sin do tharraing an t-aitheach míochoinghiollach slat dhoilfe dhraoidheachta amach, agus a
n-áit na sgéal do shíleadar d'fhagháil ón aitheach is amhlaidh do-rinne an tslat do bhualadh ar gach aon dhíobha, go ndéarna dhá chollamhain chloiche choimhdhíreach dhíobha ar-aon, agus fágbhus amhlaidh sin íad. Dála Ridire na Leomhan umorro. Do bhí ar siubhail fána dhíthchioll dá n-iarraidh ar feadh an laoí sin go ttáinic iomdhorcha na hoidhche; agus ann sin níor bhfeidir cá ngéabhadh, agus íar mbeith dhó amhlaidh ad-chonairc soillsighe líonmhara ina chomhfhogus, agus glúaisios fána dhéin agus ad-chonairc an dúnadh ríogha ro-álainn agus an bruth beann-árd bláth-chaomh agus an t-íosdas fionn-álainn flatha 'na chomhfhogus, agus glúaisios asteach ann, agus do fuair teaghlach ríogha ro-líonmhar ar a cheann ann agus flaith fhorasta ghnúis-álainn a n-ionadh flatha agus rígh eatarra. Agus ar bhfaicsin Ridire na Leomhan dóibh do éirgheadar ina chomhdháil uile, agus do-rinneadar úmhla fosaidh agus fritheóilte dhó, agus do cuireadh 'na shuidhe a bhfochair tríath na bruighne é, agus níor fochtadh sgéala dhe gur dáileadh bíadha saora sochaithmhe agus deocha aosda meisgeamhla fair; agus do bhí-sion
lán do bhuairt tré chailleamh a chuideachta. Agus fa dheóigh fiafraighios an fhlaith-ríogh dhe cá háit a roibh, nó cía hé, nó cá háit a roibh a thriall, nó cía d'fholaimh an domhain dhó. "As an bhFrainc mé," ar sé, ".i. mac Ridire darab ainim Don Cláro, agus do bhádhas ocht mbliadhna dég um amadán, agus atáim anois críonna," ar sé, "agus atáim ar seachrán ar feadh an laoí aniodh um chuideachta; óir do bhádhus féin agus beirt dheadh-laoch eile ag siubhal na sligheadh, agus níor chían go bhfacamar carrfhíadh fúasgrach fothlúaimneach go mbeannaibh óir, go ttaobh airgid, agus go ccosaibh fionnruimhe úainn, agus do reatheamar chuige, agus do imidh féin agus mo chuideachta úaim-si gan fios a ndíola ó shoin go ttárla oruibh-si mé ar bhfaicsin soillsi an dúnadh-sa dhamh. Agus do bhreathnuighios comhairle agus lorgaireacht d'fhagháil úaibh. Agus ag sin mo sgéala dhíbh," air sé. "Trúagh sin," ar an grúagach, "is gúais mhór gur cailleadh do chuideachta mar do cailleadh an iomad do dhaoine maithe ris an síabhradh sin, agus ní mholaim-si dhuit-si nó do neach oile a leanmhain go bráth. Agus inneósad-sa dhuit a bhfuil
dá sgéalaibh agam féin, agus is beag liom do chongnamh dhuit é: "Is é is ainm dhamh-sa Alasdrann na cCon mBreac, Rígh na Beag-Innsi, agus is é adhbhar m'fhoranma as na conaibh breaca, .i. íall do chonaibh breaca a tárla agam, agus ní roibh an m'eólas isin domhan coin dob fhearr ná íad, óir ní imgheadh cluithe nó seilg ar bith orra; agus do ghrádhaighios seilg na ccon agus íad féin go mór; agus do shíoghlaidh na coin sin agam, agus do bhíodh gach cú dá ttigeadh úatha breac agus na buadha ceádhna orra. Agus lá n-aon dá rabhas ar faithche an dúnadh-sa agus mo dhá dhearbh-chomhalta dhéag um fharradh do-choncamar an fíadh sin adearthaoí do thaoibh dhínn. Agus leanaid ar ccoin é, agus leanmaoid-ne uile íad. Agus ní cían do-chúamar an tan do-choncamar an fíadh ag dul asdeach a ndorus na húamha atá le taobh na fairge ann so shíos. Agus do leanamar ann sin é, agus do fuaramar ar ccoin 'na luighe a ndorus na huamha réimh-ráite, agus do-choncamar do leataobh na húamha aitheach uathmhar éugsamhail
chugainn, agus do ráidh go ndéanadh eólas dhúinn ar an bhfíadh. Agus do leanamar-ne é go céim-dhíreach, agus do-gheibhmíd dún ro-álainn don taobh eile dá úaimh sin. Agus tiaghmaoíd asteach ann, agus do fúaramar ceithearnach fíata mór-fhoclach ann, agus a tárla deireadh an laoí agus tosach oidhche ann fán am sin. Agus do íarr an t-aitheach oruinn suighe, agus do-rinneamar amhlaidh, agus ba hádhbhal ar n-iongnadh fán áit sin do bheith chomhfhogus agus sin dhúinn agus gan sinn dá fhaigsin ríamh roimhe. Agus fógras an ceithearnach cluithe cleasuigheacht' oruinn, agus a tugadar líothróid óir chuca, agus do fhoráladar d'fhear dom mhuintir-si é féin do chosnamh ar a lámhach san ría. Ciodh thrácht, níor sguir an fear sin da lámhach an chleasa gur leag mo chomhaltaidhe féin uile leis. Agus táirngid amach as an dún uile íad, agus do-rinneadar dhá chollamhain dhég chloiche dhíobha um fhíadhnaisi féin ar an láthair sin. Agus tillid orom féin, agus a tugadar an fíadh réamh-ráite asteach. Agus fíafraighid dhíom nar mhaith liom an fíadh sin do bhronnadh orom, agus gabhaid ag sgige agus ag fanóid fúm. Agus éirghim forra ann sin,
agus nochtaim mo lann agus m'iolfhaodhbhair ortha, agus dob aithreach liom, óir gér mhór mo bharamhail-si as mo láimh féin tug an céile comhraic sin do bhí agam cloidheamh caomh-chlasach solasda roidhealramhach amach, agus craitheas as mó chomhair féin é, agus arna fhaicsin dhamh-sa téid mo neart uile ar ccúl, agus a tug mo chéile comhraic ceangal cruaidh do-sgaoilte form, agus teilgios faoí shileadh na ríogh-choinle mé. Agus ba hádhbhal mo phían an oidhche sin go ttáinic inghion chruthach chaomh chugam ar cuairt, agus arnam fhaicsin dhi gabhas truaighe umam í. Agus tug aighaidh ar an aitheach a ccéadóir, agus naisgios fair mo bhreith ón choinnil agus sócal braighdionais do thabhairt dhamh an oidhche sin, agus tug-san sin di. Agus ba tuirseach brónach an inghion. Agus fíafraighim sgéala don aitheach cía hé féin, nó cá háit as a ttáinic, nó créad fá roibh ag dhamh féin. Do innis dhamh go ttáinic as íarthar na hAmerica gus an áit si dochum inghreama agus dochair do dhéanamh do gach aon, agus go ccúalaidh gur misi budh tríath forsan chrích agus go ccaithfeadh
féin a stiubhradh d'fhagháil dó féin. Agus do labhras-sa go mín leis, agus do gheallas go léigfinn stiúbhradh na críche dhó agus mé féin do léigion amach, agus fós go n-íocfuinn cíos ríogha fris. Agus gabhas an ríoghan réamh-ráite dá ghuidhe uime sin do ghlacadh, agus aontuigheas fá dheóigh sin do dhéanamh. Agus do fhíafraighios dhe an budh éidir dhamh mo chomhaltaidhe d'fhagháil, agus adubhairt-san nárbh fhéidir, agus go rabhadar fá dhíamhair aige féin, agus nach bhfuighdís féin nó neach oile dá roibh ann furtacht úadha go ttigeadh laoch bú cródha ná é féin agus ar nach luighfeadh draoidheacht nó easurlaigheacht, agus do chlaoithfeadh é féin isna cleasaibh gaisgidh budh toghtha leis féin dá roibh aige. "Agus ní tháinic agus ní thiucfaidh aon don Ádhamhchloin dárab éidir misi do chlaoidh um ghaisgeadh féin, agus fós ní bhfuil san domhan neach is mó draoidheacht iná mé; agus muna mbeith acht búadha mo chláoidhimh agam ní baoghal dhamh aon san mbioth da bhuain dhom, óir ní fhágann fuigheall dá bhuille, agus ní deargthar ar an tí agá
mbí re reannaibh nó le faobhraibh arm." Agus do fhíafraighios sgéala na hinghine óige iol-chrothaighe dhe, agus do innis dhamh gurab dalta dhó í .i. inghion Rígh na tTulach nÓir, "óir ní bhfuil tulach nó mullach 'na thír gan a bheith líonta do mhíanach óir agus do chlochaibh úaisle búadha ar-cheana, agus as é prionnsa is saidhbhre isin mbioth uile é. Agus is tuirseach ria fad na háite si úadh agus do dhén leam instrumentidhe do bhéaras um ghoire é." Tug an t-aitheach arna mhárach cead imtheacht dhamh ar impidhe na hinghine, agus ní fhacas é ó shoin, agus ní héidir ríomh nó áiriomh do chur ar uiligheacht laoch agus ridire cródha fágthar fris. Agus is deimhin gur cailleadh do chuideachta-sa fris," ol Alasdrann na cCon mBreac. "Is baoghal liom sin," ol Ridire na Leomhan. Do rugadar as an oidhche sin go moch-éirghidh gréine arna mhárach. Is ann sin do éirghidh Ridire na Leomhan, agus do cheangail a chorp a meodhón earraidh agus éidigh, agus gabhas a threalamh troda agus catha uime, agus musglas Alasdrann na cCon mBreac, agus íarras an t-eólas do mhúnadh dhó gus an aitheach.
"Truagh sin," ar Alasdrann, "óir ar ór an bheatha ní rachfuinn, agus ní mholfuinn dhuit féin dul ann, óir fúigfighthar ris an aitheach thú." "Is bríathar dhamh-sa," ol Ridire na Leomhan, "muna ttí thú dod dheóin go ttiucfair dot h'aimhdheóin." Agus do rug air, agus do cheangail go crúaidh é, agus do-rinne an céadna rena theaghlach. "A ridire chródha," ar Alasdrann, "sgaoil díom, agus gibé thiucfas de rachfad féin leat, gidh nach dóigh ceachtar dhínn do thilleadh go bráth." Sgaoileas Ridire na Leomhan dhíobha uile íar sin. "Is bríathar dhamh-sa," ol Alasdrann, "gurab iomdha treas agus comhlann a tárla dhamh aríamh, agus nár claoidhiomh mé romhad acht claoí an aithidh, agus gur measa liom faoí dhó an fásgadh docheangail orom nó ceangal an aithidh uile." Agus a tugadh bíadha saora so-bhlasda, agus deocha so-óla chuca, agus iar sin glúaisid ar-aon go húaimh
an aithidh. Agus níor chían go ttarla sdéad Ridire na Leomhan orrtha, agus a tárla an fíadh réumh-ráite dhóibh. Agus leanas Ridire na Leomhan é go céim-dhíochra, agus sporas an stéad lúthmhar lán-éusgaoi, co nach cían do imidh fair an tan do rug ar adhairc fair, agus do chuingimh fair an ngreim sin é go ttáinic Alasdrann chuige. Agus ceanglaid go crúaidh é, agus béicios an fíadh íaramh, co nár fhág úath, nó arracht, nó geilt ghleinne a n-úaimh nó a n-droibhél gan dúsgadh don mór-bhúirfeadh sin. Do-chúalaidh an t-aitheach an t-árd-bhúireadh, agus do athain gur chaill an fíadh, agus ba caill agus claoidh gheasa dhó é. Agus gabhas a threalamh catha agus draoidheachta go hathlamh uime, agus lingeas amach as an úaimh go ttárla an bheirt dheadh-laoch fair a ndoras na húamha agus an fíadh cuibhrighthe aca. "Dom chubhais, 'Alasdrainn," ar sé, "ní hé sin conradh ar ar léigios úaim roimhe so thú, agus íocfair anois go maith do dhroch-chomhairle agus do dhroch-choingheall friom." "Sguir dot bhríathraibh go bhfionnad do ghníomh," ol Ridire na Leomhan.
Agus is amhlaidh sin do-rinneadh, agus gabhaid an bheirt sin ag túargain a chéile aithidh imchían gan fios tláis nó fainne ar cheachtar dhíobha. Ba hiongnadh ris an aitheach an comhrac codroma do bhí eatarra mar sin, agus tóigeas for a chleasaibh, agus teilgios a ubhal for Ridire na Leomhan. Airigheas Ridire na Leomhan chuige é, agus gabhas a n-airde é, agus caitheas ris an aitheach é dorídhis. Gabhas an fomhóir 'na láimh é, agus ba hiongnadh ádhbhal leis an cleas do bheith ag neach ar bith acht é féin iona aonar, agus caitheas é an dara feacht agus an treas feacht, agus níorbh fheairde dhó, óir dob eólach Ridire na Leomhan ar an ccleas mar é féin. Ciodh thrácht, níor fhág an bheirt sin neart gan fhásgadh, cleas gan imirt, gaisgeadh gan nochtadh, nó lúth gan taisbeánadh go haindreanta d'aroile a n-alt na húaire sin, co nach bhfacaidh súil, agus nach ccúalaidh clúas, agus nár smúain croidhe aríamh cleas goile, nó cluithe lúith, nó neart aignidh, nó gaisgeadh fíoch nó fala, nár chaitheadar an bheirt sin ré chéile san mómeint sin, go rabhadar ar aon arna n-anbhfuinneadh ó dhlús na ngléas, agus ó iomad na ngaisgeadh ro fearadh leó ar aon, gan fhios tláis nó time ar cheachtar dhíobh ó
thosach an laoí sin go tosach an laoí arna mhárach. Agus gér fhada an rée sin ag dlúth-chomhrac ní druid ó chéile do-ronsat, acht a n-aigneadh do thógbháil, agus dlúthudh ré chéile, agus mire rachta agus fheirge dá ngabháil ar aon, agus teannadh agus dlúthadh fri aroile, ionnas dá ttigeadh mac nó bráthair nó céile comhfhoguis gach fir dhíobha nach aitheónadh ceachtar dhíobha tair chéile ó dhlús a n-iombhuailte, co nach aitheóntaoi gurab daoine íad treall acht collamhain coimhgheala crúaidh-iarnaidhe ó chasnaidh na ngeal-lann ngorm-fhaobhracha ina ttimchioll. Dála Alasdrainn na cCon mBreac umorra fris an rée sin, do bhí ag féachuin an chomhraic sin, agus do éirghidh 'na sheasamh ar cúl Ridire na Leomhan, agus as eadh roi ráidh: "A churaidh na cruinne, agus 'aon-úaithne ghaisgidh na talmhan, is iongnamh úir na talmhan féin dot iomchar ar aidhbhle do ghníomh, ar fheabhas do láimhe, agus ar chródhacht do chuirp; agus a churaidh fhír-úasail, is iomdha duine a ngeall comhraic an laoí 'niodh; agus a lóchrann fhíor-úasal an ghaisgidh, is deimhin gurab dochum
aidhmhillidh na ccinidheacha atá an uilphéist úathmhar aithigh sin fris a ccomhraicir, agus nach bhfuil fear dhá chlaoí ar chlár na cruinne acht thú féin amháin, agus tuig gurab mairg do fúigfighthe fris a gcoigrighe agus uiligheacht duine a ngioll red chomhrac; agus a mhír chródha na ccuradh, tóig h'aigneadh agus féuch an ttiucfadh dhíot an cloidheamh búadha úd ina láimh do bhuain dhe, agus níl muill ar do bhúaidh ó sin amach, agus is iomdha súil d'fhíaghuin ar do chomhrac ó thánguis ann." Tug an macaomh silleadh beag dia shúilibh 'na thimchioll tré dhearmad, d'fhéuchuin na sluagh ar ar labhair Alasdrann, agus gér bheag é tug faill don aitheach léim do thabhairt faoína sgéidh fair, gur íathustar a lámha éugsamhla éugcumpa ina thimchioll. Éirighios an glan-mhacaomh é, agus a tug fásgadh foirtill féidhm-láidir ar a chorp féin, agus beirios 'na ghlaic ar dheas-láimh an aithigh gur chuir sníomh agus casadh innte, co nár léur go roibh an claoidheamh solasda mór-bhúadhach 'na láimh aríamh, agus iompúigheas tair a chúl, agus muighios agus bagras a fhaobhar ar an aitheach.
"Fóill ort, a ghaisgigh," ol an t-aitheach, "coingbhaigh úaim fós do lámh, agus muna ndéana maith dhuit a choingbhéal ní dhéana sé olc, óir is briathar dhamh-sa gibé neach do bhain an lann sin ar éigin dhíom-sa go bhfuil ionchomhraic lé gach aon isin ccruinne an feadh a bhías 'na mhaighistar fair, agus ní headh amháin acht le hilmhílte, agas tabhair-si fosadh agus cead agallamh dhamh-sa agus inneósad sgéala dhuit." "Do-ghéabhair cead agallamh," ar Ridire na Leomhan, "acht go bhfúaslaicthir gan mhoill an bheirt ridireadha do gabhadh leat úaim ané ann so agus dhá chomhalta dhég Alasdrainn na cCon mBreac, agus dar m'armaibh gaisgidh ní bhfuighir cáirde aon-úair ón mbás gan sin." "Do-ghéabhthaoi sin uile," ol an t-aitheach, "agus glúais liom mar a bhfuilid do thaobh na tulcha sa." Gluaisid ann sin leath ar leath, agus ar ndul mar a rabhadar dóibh tógbhas an fomhóir an díamhair draoidheachta do chuir umpa dhíof, gur léig ameasg cháich íad, agus budh lúthgháireach cách dhíof fri aroile, agus suighid ann sin ar dhruim na tulcha,
agus fíafraighios Ridire na Leomhan fios a anma don aitheach. "An Dolbh Éugcumpa mhac Luirc na nGlún mhic Úmhóir na nGleann mhic Leasraidh Dhaite m'ainm," ar sé, "agus inneósa sgéala dhíbh, a bhuidhean shuairc churadha. Fán am fár rugadh mé do bhí mé a ndeilbh éagcumpa gan amhras mar do bhádar mo sheanaibh agus mo shinsiribh romham, agus a tarla íomháigh chroisi agus aon dhá chéusa uirre idir mo shlinnén. Agus ba híongnamh adhbhal liom aithribh an deilbh sin, agus gidh go rabhadar féin gaosmhar a gceardchaibh geintleachta níor thuigeadar fáigheodóracht na híomháighe. Agus do shiubhlaighdar a bhfad agus a ngearr liom idir iomad fallsúnacha gur tairrngaireadh go mbéinn um Chríosdaighe ria mbás, agus go gclaoídhfidhe ioliomad Críosdaighe liom sul do bhéinn féin um aon. Agus níor fágadh cleas, nó cluithe, nó siabhradh draoidheachta gan mhúnadh dhamh a n-oirchill sgreasa na cCríosdaighe. Agus do fúair mé an
cloidhiomh iolbhúadhach solasda sin do bheanais dhíom; agus ní fhágann fuighioll dia bhuille, agus ní trasgarthar an tí agá mbí 'na láimh an feadh a bhías aige. Agus atá agam sdéad lúthmhar lánéusgaidh nach bhfuil a hionamhail oile isin mbioth uile, agus do fúaras mo theagasg ann gach cleas dár fhoghuin don ngaisgeadh cé gur dhíomhaoin dhamh é ad t'aghaidh-si, a bhárr áigh na cruinne. Agus do síleadh go gclaoidhfinn-si an Chríosduigheacht sul do chlaoífighe mé, agus muna mbeith a lúas do fosduidheadh an fíadh, ní claoidhfighe agus ní béarthaoi mar súd mo bhuadha-sa. Agus is mac dhamh-sa an fíadh úd, agus is duine do ghnáth, agus ní roibh, agus ní bhfuil isin domhan sa each nó beathach eile do bhéaradh air an bhfíadh úd do lúas cos acht m'each féin amháin, agus dearbhráthair eile dhi do bhí ag Rígh na tTulach nÓir; agus do gadadh úadha é, agus is í sin agad-sa í; agus dá measuinn-si gurab í do bheith ann, an tan do gabhadh a marcach liom roimhe so do ghlacfuinn cúram uimpe, agus ní bhfuightheá-sa í lem fiadh-sa d'fhasdógh. Agus ní claoifí misi ar én-chor dá mbeith an fíadh úd dá réir féin,
óir ní tháinic agus ní thiucfaidh neach budh mó easurlaigheacht iná é go n-uige súd. Agus ag sin mo sgéala dhíbh," ol an t-aitheach. "Agus anois ó do chaillios mo shéun guidhim sibh agus déanaidh déirc orom an ní do fioghradh agus do tairngaireadh dhamh do thabhairt dhamh .i. mo bhaisdeadh, ionnas go mbéinn 'mo Chríosdaighe; óir a tuigim nárbh fhéidir buadha do bhreith orom acht le hárd-chumhachtaibh an Spioraid Naoimh, agus diúltuim do chumhachtaibh na ndéeibh dár ghéillios cheana, agus adhraim agus géillim dona cumhachtaibh is fearr agus is mó, agus diúltuim do chealgaibh bith-fhallsa díomhaoine dá nach féidir seasadh a n-aghaidh na n-árd-chumhachta lér claoidheadh misi agus iomad oile romham." Ba hiongnadh adhbhal lé Ridire na Leomhan comhrádh an Duilbh, agus níor lugha le cách oile é, agus go háirighe Dúibhce na cCleas, óir do bhí 'na Phágánach an sin, agus is adhbhal an meas do rug ar a chaint. Is an sin do ghoir Ridire na Leomhan Dúibhce na cCleas agus Alasdrann na cCon mBreac chuige, do choimhairliughadh riú créd do
dhéanamh fris an Dolbh. Agus do mholadar-san dó a bhaisdeadh, agus do ráidh an Dúibhce gur mhaith leis é féin do bhaisdeadh agus a theagasg isin ccreidiomh fhíre. Agus ba lúthgháireach íad uile dhe sin. Agus tillid gus an Dolbh dorídhis, agus adubhairt Ridire na Leomhan fris, dá ndéanamh féin agus a mhac aithrighe fhírinneach agus creidiomh go fírinneach isin Tríonnóidí, nach é amháin go bhfuigheadh a bhaisdeadh, acht mar an ccéadhna go bhfuighedís ar aon maitheamh an' anacluinn agus a léigion saor ar a ttoil féin. "Trúagh sin," ar an Dolbh, "luighim-si fá a ttonguid mo thúatha do mhionnaibh nach cás ar bith liom-sa mo bhás dá mbéinn um Chríosdaighe ghlan aon-úair amháin, agus ó sin amach nach siubhólainn aon-chéim isin saoghal sa go bráth acht a seirbhís an fhír-Dhía Uile-chumhachtaigh agus dot réir, gibé bhus luinn leat, dá ttugthar maithiomh m'anma dhamh." Sgaoilid don fhíadh íar sin, agus nochtaid as a earradh draoidheachta é, agus cuirid fán ccoinghioll chéadhna, agus a tug sin dóibh go humhal. Agus beirios an Dolbh leis dá thigh íad an oidhche sin, agus cuirid comhaltaidhe Alasdrainn a ccoinne ab naomhtha do bhí a mainisdir na caithreach
dá thabhairt do bhaisdeadh na druinge sin. Agus a táinic chuca gidh gur leasg leis é, agus do bhaist an triúr sin .i. Dúibhce na cCleas, an Dolbh, agus Sighra .i. mac an Duilbh neach do bhí 'na fhíadh roimhe sin. Agus is ádhbhal do dhoirteadar íad féin do Dhía íarna mbaisdeadh. Agus do suigheadh íad íar sin a n-eagar a chéile, agus do dáileadh bíadha saora sochaithmhe, agus deocha meara roimhilsi dhóibh. Agus a táinic Righ na tTulach nÓir chuca, agus fearas fáilte friú, agus suighios 'na bhfarradh, agus gabhaid ag ól agus ag iontlás meanman agus aigionta gurbho subhach cách dá ttomhaltas. Agus a tarla Dúibhce na cCleas ós comhair na hinghine go díreach, agus gabhas ag breathnughadh fuirre gur sháith ruinn a rusg agus a radharc 'na deilbh, gur bhreathnuigh Ridire na Leomhan agus Rígh na Sorcha amhlaidh sin é. Agus ar bhfagháil úain isin ól dóibh goirid an Dúibhce chuca, agus fíafraighid nar chuir spéis nó aire isin inghin. "Is bríathar dhamh-sa," ar sé, "gur chuireas cheana, acht gur mheasas nach féidir dhamh a beith agam .i. isi 'na Págánach agus misi anois um Chríosdaighe."
"Léig sin a seachad," ol Ridire na Leomhan, "óir is deimhin má iontuigheann dhuit féin go mbíadh sí gan mhoill ar do chreideadh, agus cuirfead-sa an Dolbh dia hagallamh cona mhac .i. Sighra." Tug an Dúibhce mór-altughadh fris, agus goirios Ridire na Leomhan agus Rígh na Sorcha an Dolbh agus Sighra leó a n-úaignios, agus fíafraighid sgéala na hinghine dhíobhtha. "Is bríathar dhamh-sa," ol an Dolbh, "gurab í súd inghion rígh is saidhbhre isin domhan uile, agus gurab fhusa dhó íosduighe óir do dhéanamh iná do ríghthibh oile mion-fhoirgneamh. Agus is cumhachtach an rígh é," ar sé, "agus is subháilceach béasadh na hinghine úd, agus ní mairg lé bhfaobhfuighthear í, óir ní bhíaidh duine budh saidhbhre iná é." "Más eadh," ar Ridire na Leomhan, "atá ann so mac rígh ro-chumhachtaidh .i. mac Rígh na hArabia, agus dá ndeachthá-sa d'agallaimh na hinghine tair a cheann do rachmaoisi ar aon dia agallamh-san, dochum go cceanglamaois dá chéile íad ria n-imtheacht dhúinn, óir ní
fhéadmaid moill do dhéanamh ar én-chor," ar sé, "gurab aire sin gur mhaith linn lúathadh ar gach leith." "Is bríathar dhamh-sa go ccaithfidh sí a bheith aige má toil leis féin agus libh-si, óir is misi féin is oide dhi, agus as í mo bhean a buime, agus is deimhin go bhféadaim-si féin saidhbhrios do-fhaisnéisi do thabhairt dhi gion nach ttiubhradh a hathair aon-ní dhi," ar an Dolbh. Agus imghios íar sin d'agallamh na hinghine, agus do innis comhrádh Ridire na Leomhan agus Rígh na Sorcha um an ccleamhnas sin di. "Is fírinneach," ar an inghion, "gurab maith an céile dhamh-sa agus do gach inghin rígh agus ró-fhlatha eile mac Rígh na hArabia, gidh eadh is gúais liom go mbíadh m'athair ina aghaidh tré a bheith anois ina Chríosdaighe dhó." "Léig sin seachad," ol Sighra mhac Duilbh, "óir caithfidh an rígh toil m'athar agus mo thoil-si do dhéanamh, agus lúathuidhthear ar do sgéala, óir ní fheadaid moill do dhéanamh." "Más eadh," ar sí, "atá m'athair a n-imchían úainn, agus déantar libh-si bhar ttoil féin liom-sa
um an adhbhar sin, agus biad-sa ar bhar ttoil." Ba meanmnach an Dolbh agus Sighra dhe sin, agus tillid arís gus na flatha sin, agus ceanglaid an cleamhnas sin leith ar leith, agus ní dheárnsat muill íar sin an tan do íarr sisi a baisdeadh. Agus do-rinneadh amhlaidh, agus do pósadh an lánamha sin íaramh go n-iomad iolghárdais ag cách iompa. Agus gabhaid ag ól, agus ag cluitheadh, ag iontlás meanman, agus aigionta, ar feadh cáocaoisi. A cceann na rée sin adubhairt Ridire na Leomhan gur mhithe leis féin imtheacht do lorgaireacht a mhná féin, ó do fhág a chuideachta agus a cháirde féin sítheóilte gan trioblóid. Do fhíafraigh Sighra mac an Duilbh dhe créd an lorgaireacht do bhí for a mhnaoí aige, nó créd a tarla dhi. Ciodh thrácht, do innis Ridire na Leomhan ó thús go deireadh dhó sgéala a mhná agus mar rug Rígh Lochlann go foiréigneach leis í íar n-imtheacht dhó féin ar chogadh Rígh na Ciprus. Ba meanmnach an Dolbh agus a mhac dona sgéala sin, agus a tugadar a mór-mhionna go rachadaoís féin leis, agus nach bhfuigheadh Rígh Lochlann a
dhíon ar muir nó ar tír orra. Agus adubhairt Alasdrann na cCon mBreuc go rachadh leó mar an ccéadhna. "Más eadh," ol Rígh na Sorcha, "is cóir do Dhúibhce na cCleas fuireach ó thárla núadh-phósda é." "Dar m'armaibh gaisgidh," ol an Dúibhce, "ar mhnáibh na talmhan ní fhanfuinn-si gan dul lé mo chompán go ccríochnuigh' a chogadh, agus go mbainiom críocha Lochlann amach cona coróin, agus go bhfaghaidh Ridire na Leomhan an choróin sin a ndíol a mhasla agus 'asdair." Gabhas Ridire na Leomhan buidheachas mór fris an Dúibhce, agus fria cách ar-cheana, agus do ráidh nach bhfúigfeadh inghion Rígh na tTulach 'na haonar gan coimhéad uirre. "Do-bhéaram linn í," ar an Dolbh, "agus ní muirghin oruinn í." "Más eadh," ol sí, "is maith liom sin, óir ní bhfuil ní dob fhearr liom ná amharc dom shúilibh ar Chlára Chneis-ghil, ó tharla dhíbh-si uile a bheith a ccomh-cheangal carthannacht
mar ataoí, ionnas go mbéinn féin 'na heólas ó thárla an tslighe agam chuice." Do mholadar uile an chomhairle sin iar mbeith subhach so-mheanmnach dhóibh. Tug an Dolbh a sdéad stuaidh-leabhair sgíamh-álainn chuca, agus as eadh ro ráidh: "A Ridire na Leomhan, bíodh an t-each-sa agad-sa, óir as í each is fearr dar shiubhail féur nó fonn aríamh í, agus is dearbhráthair dhi h'each féin, agus tabhair do Rígh na Sorcha í, agus tugadh Rígh na Sorcha 'each féin do Dhúibhce na cCleas, agus tabhair do chloidhiomh féin dhamh-sa, ó tá mo chloidhiomh-sa agad-sa go tilleadh ó Lochlannaibh dhúinn." Agus do-rinneadh amhlaidh sin gan mhoill. Agus gabhaid lámh air imtheacht, agus is mairg tír nó talamh ar a roibh a n-aghaidh a n-alt na húaire sin, óir dob íad seisior curadhadh dob fhearr gal agus gaisgeadh neart agus niadhchas dár shiubhail an talamh san am sin íad ar lasadh feirce chuca. Is ann sin do gléusadh long leabhair-shéadach dhóibh, agus do cuireadh trí tionchaire luinge innte, mar atá, biadh a n-ionadh a chaithmhe, agus ór a n-ionadh a bhronta, agus arm a n-ionadh a dhiúbhraice. Agus tógbhaid a seólta ós na hiolmharaibh,
agus ba hiomdha gúais mhara tarla dhóibh go teacht go críochaibh Lochlann. Tángadar ann a ccéadóir go méad meanman agus mór-aigeanta, agus níor stadsat go rángadar go faithche na Beirbhe Lochlannaigh. Agus is amhlaidh a tárla Rígh Lochlann an tan sin, agus ollmhughadh fleagha agus féasda aige, agus ioliomad ríogh agus ro-fhlatha cona mór-shochraide ar cuireadh an fhéusda sin aige a n-oirchill inghine Rígh Franc do phósadh san oidhche sin. Agus a tárla é féin agus na húaisle sin ag seilg agus ag fíadhach an lá sin fá na foraoisibh budh comhfhoigsi dhóibh, ionnas gur fágbhadh an dún go húaigneach a n-easbaidh daoine, acht madh aois frithéolmha an dúna agus cusbóradha na cathrach, an tan a tángadar na haoidhe úaisle éan-uaire sin ann. Agus ba hadhbhal suaitheantas an t-seisir saor-churadh sin fón am sin. Agus arna bhfaicsin do chách amhlaidh sin do iathadar doirsi na caithreach, agus do sgaoileadar re sgéalaibh seachneóin na críche go huilidhe, agus gus an Amhas Ór-armach .i. dearbhráthair an rígh cona thrí chéad amhas. Dála an t-seisir réumh-ráite. Do ionsuighdar
rompa gacha ndíreach gus an ccathraigh, agus do-gheibhid a doirsi dúnta ar a ccionn. Acht cheana budh díomhaoin an t-íathadh glais sin, óir níor lúaithe íad-san chuca iná glais oslaice le doirn nó le suinseadh dá ttugadh an Dolbh nó a mhac Síoghra forra, agus níor sguirseat an seisior sin go rángadar an pálás ríoghdha, agus do goireadh comharca agus caismearta isin dún le faiscin an fheadhma sin. Iarna chloisdin d'inghin Rígh Franc clisios an luighe liúin agus lán-tuirsi ina roibh, agus fíafraighios don mbantracht créad é adhbhar an fhúachtnaigh sin. Agus do inniseadar sin dhi, agus smuainighas an inghion go mb'éidir gurab é Ridire na Leomhan táinic ann. Gidh eadh do bhí do mhéad a bróin agus a tuirsi go ndeachaidh a n-éadóchas nár mhair sé, agus nach bhfaicfeadh féin chaoiche é, agus as eadh ro ráidh: "Is cuma dhamh-sa cia fil ann," ar sí, "óir is dochum dóláis tuirsi agus míofhortúin na beatha saoghalta d'fhulang do chuir an Trínnóid Neamhdha dochum an tsaoghail si mé, óir dámadh liom ceannas na cruinne uile gan uireasbaidh, is beag a shochar nó a shólás dhamh agus m'én-shearc agus m'én-ionmhaine do bheith um éugmaois, ós é féin do ghlacas do roghain tair gach inmhe
saoghalta uile. Agus is deimhin, dá mbeith sé ina bheathaidh nach bíadh an comh-fhad sa gan mo leanmhain, gidh fada nó geárr do-bhéarthaoí uadha mé, gurab aire sin is deimhin liom a bhás, agus is beag an sgéal mo bhás-sa agus mo dhólás ina fharradh san. Agus uch!, a Dhé dhil, níor chás forom-sa a bhás dá bhfaicinn día oidheadh é, nó dá bhfaicinn a chorp marbh um fhíadhnaise, ionnas go bhfuighinn aon-bhlaiseadh a bhéil, agus go leanadh m'anom 'anam-san agus go n-íodhlaicthídhe sinn a n-aon-leabaidh thalmhan. Agus anois sílidh Rígh Lochlann misi do bheith aige féin mar mhnaoí agus mar leannánn; gidh eadh is díomhaoin dó, óir is deimhin mo bhás a bheith a ngar dhamh, agus ní holc liom é, acht gan mo chorp do bheith a n-aon-úaimh le Ridire na Leomhan." Agus íar sin tuiteas a ttaiseadh agus a ttáimhnéullaibh dá éis sin. Ba hádhbhal iongantas na bantrachta do chomhrádh na hinghine, agus gabhas truaighe íad uimpe, agus gabhaid agá comh-fhurtacht go ttáinic tair a hais as a néull. Fá hí sin úair fá ttángadar na sé huaithnidhe comh-theanna sin, ré heólas
druinge dár ghabhadar do mhuintir na cathrach go gríanán na hinghine, agus do íarr Ridire na Leomhan ar an Dolbh anmhuin ar deireadh aca d'eagla sgátha nó eagla do chur ar an inghin, agus do mhol an Dolbh an chomhairle sin, agus anas amuich día n-éisi. Agus tiaghaid-sion asteach íar sin, agus níor áiridh an inghion nó an bhantracht íad gur bheannaigh Ridire na Leomhan go forbhfaoilidh dhóibh, agus sgaoileas a chathbharra go huirlamh dhe. Féachas an inghion fair, agus ar a fhaicsin dhi as eadh ro ráidh: "Uch!, a Dhé Uile-chumhachtaidh, agus a Stiughruightheóir na néull agus na n-uile, an féidir go ccreidfind ó mo shúilibh go bhfaicim go substainteach corpordha mo chéad-searc agus m'én-ghrádh, mo lúth agus mo láthar, mo shláinte agus mo mheisneach? Agus uch!, a Dhé, más aisling fil orom anois, agus nach bhfaicim an ní dair liom do-chím, acht búaidhreamh na leannán ag oibriughadh ionam, fóir ar m'anam, óir is deimhin gurab í m'aisling dhéaghnach í." Ar cclos na mbríathar sin do Ridire na Leomhan lingios ar an inghin, agus tógbhas 'na ucht í, agus gabhas agá pógadh go milis miochair, agus níor fhéad a
shúile gan déura troma falcmhara d'fhearthain tré chomhrádh na hinghine; agus ní hé amháin, acht cách uile; agus go háirighe inghion Rígh na tTulach nÓir, dob ádhbhal a tuirsi agus a brón um an ríoghain. Agus fáisgios Ridire na Leomhan ré a ucht agus léna chroidhe í, agus as eadh ro ráidh: "A ríoghan," ar sé, "ná bíodh úamhan ort nís sía, óir atáim-si ann so agad, agus is bríathar dhamh-sa go n-íocfaid an dream tug annso thú do mhasla, agus mo mhasla-sa fós, agus astar na n-uasal sa ar-cheana, agus ní sgarfair-si liom-sa do-rídhis an géin bhus beó sinn ar aon. Agus ag sin agad Rígh na Sorcha .i. Séadhna Saor-bheásach, agus is dílios dhamh-sa é, agus as é lámh ghaisgidh is fearr san mbioth é agus ag súd oile Dúibhce na cCleas, mac Rígh na hArabia, agus a chéile .i. inghion Rígh na tTulach nÓir, agus a táinic an ríoghan úd d'aon-adhbhar linn do bhreith ort-sa; agus ag sin agad Alasdrann na cCon mac Rígh na Sisiole, agus is cródha an gaisgidheach é; agus ag súd oile Síoghra mhac an Duilbh ón Affraic. Agus atá 'athair fós .i. an Dolbh féin linn ar an eachtra so, agus do bhrígh go bhfuil deilbh éugsamhail fair do fhágamar amuich ón ghríanán sa é, d'eagla
uamhain nó sgátha do chur ar h'aigneadh-sa go ttigtheá 'na eólas; agus is deimhin go ttiucfaidh do dhíoghail h'éagcóra-sa, agus a mhac mar aon leis, agus do sgriosfaidís féin 'na n-aonar an chríoch so. Agus ag sin deimhin sgéala do charad anaithnidh agad a ríoghan," ar sé, "agus tóig h'aigneadh, agus dealaigh le do bhrón feasda." A haithle an chomhráidh sin tógbhas a rosg, agus a tug mór-altughadh ris an Trínnóid fá na sgéala sin, agus a tug altughadh agus buidhe ré gach aon fó leith dona huaisle sin, agus go háirighe d'inghin Rígh na tTulach nÓir, agus pógas go dil í. Agus íar sin do labhair an inghion agus adubhairt: "A Dhé Uile-chumhachtach, is mairg nach altuighionn Do thiodhlaice, gidh crúaidh nó bog, saidhbhrios nó daidhbhrios, do-bhéarthá do neach; agus is gearr ó do bhádhas a n-éadóchas m'fhurtúin go bráth, agus is prab a tugais m'fhurtacht dhamh, agus anois íarraim pardún ann m'earráid, agus do-bheirim mór-altughadh ad thiodhlaicibh Dhuit, a Thighearna. Agus anois," ar sí, "léigthí-si a leas calmacht do dhéanamh, óir is iomdha oirchill
oruibh isin chrích si, agus ní huras a innisin ar én-chor; agus éirghidh i cceann bhar n-arm bhfeadhma. Agus atá an rígh go n-iomad prionnsaidhe oile ag seilg aniodh; agus dob fhearr dhíbh-si anois díthchioll do dhéanamh ar imtheacht, ó tá uaignios isin ccathraigh, nó fuireach re cogadh na críche-si atá lán do neart agus do bhorr, agus dob fhearr dhíbh dá bhar lorgaireacht íad nó fuireach réna ngleó." "Dar mo chloidhiomh catha," ol Síoghra mhac an Duilbh, "ní fhúigfiom an chríoch sa go ttugam a n-ár agus a n-easbhaidh, agus go raib ar ttríath féin .i. Ridire na Leomhan 'na rígh corónta ann a n-díoghail a mhasla, agus an anfhlaithis do-rinneadh oruibh-si, a ríoghan; agus fanaidh-si uile ann so, agus ó thárla m'athair-si amuich isin bhfaithche rachad-sa dá fhios agus d'fhorchoimhéad dhíbh-si, agus cumhduigh-si an gríanán go tilleadh dhamh-sa arís." Agus do mholadar cách comhrádh Shíoghra, agus glúaisios Síoghra amach íaramh. Agus ar ndul ar an bhfaithche dhó as eadh do-chonairc an Dolbh .i. 'athair, a ndochar mór deabhtha agus an t-Amhas Ór-armach cona thrí chéad dég amhas a n-éanacht día ghuin. Acht is ann sin do chlis an brat
barbardha, agus an t-iolchleasaidh iol-bhúadhach, agus an nathair n-athmhiosguiseach, agus an bheithir bheódha, agas an coimsigh an-aithnidh, agus an charraic dho-bhrisde, agus an tí nár fhuiling dochar deabhtha ar a charaid, agus go sunradhach ar a athair, ó do ghabh an chéad-arm gaisgidh go haoís na húaire sin; agus túairgeas a sgíath go borb-neartmhar conár fhág cúirt gan chrithnughadh, nó halla gan bhriseadh, nó staighre gan trothlúgha, nó curadh gan úaimhniughadha, nó síth gan chonsgaradh, nó iasg gan a n-inmhearaibh d'ísliughadh le borb-neart bloisge na mór-sgéithe arna túarguin, go cclos fá na críochaibh a ccoitchinne an macalla mór-iongantach sin, agus go sunradhach a chairde féin isin ghríanán agus Rígh Lochlann cona shochruide ar a sheilg. Do labhair Clára Chneis-gheal, agus is eadh ro ráidh: "Is truagh ar ndála anois," ar sí, "óir is é súd an t-Amhas Ór-armach .i. dearbhráthair Rígh Lochlann ag fógra oruibh-si dochum deabhtha, agus ní hion-chomhraic fir na talmhan leis féin agus lena thrí chéad dég amhas, agus is mairg fil roimhe anois fón fheirg ina bhfuil. Agus a Dhé, is trúagh nach bás
do fuaras-sa oidhche mo gheineamhna sul bhéinn 'mo instrument uilc nó báis daoine is fearr iná mé féin." "Is bríathar dhamh-sa," ol Aoífe Chúil-fhionn, "gurab í súd foghar sgéithe Shíoghra mhic an Duilbh, agus nár ghlac arm 'na láimh aríamh aon nach bhfuil an fear úd ion-chomhraic fris, gion gur claoídheadh le Ridire na Leomhan é féin agus m'oide-si .i. a athair." Acht do éirgheadar amach nó súas ar bhárr an ghríanáin, ionnas go rabhadar ar amharc comhraic na laoch; agus ní bhfuil béul ó ccreidfidhe méad na láimhe do bhí an Dolbh agus a mhac do dhéanamh ar na hamhasaibh, go ttáinic an rígh cona chuideachta agus a thrúpaibh, 'na mbuinneadhaibh dían-sgaoilteacha, agus 'na mbróintibh toirteamhla, agus 'na cceithearnaibh confadhacha, óna seilg chuca, lé foghar bhlosgadh na sgéithe arna sgread-bhúaladh. Agus ag faicsin an Amhais Ór-armaigh cona amhasaibh a ndochar deabhtha ag beirt isin mbioth ba hadhbhal a n-iongnadh dhe; agus níor lugha a n-úamhan ag faicsin éugsamhlacht deilbh agus lúith an Duilbh agus a mhic Síoghra; agus a tugadar uile a n-aghaidh fortha dia ttúargain;
agus níor bhfeairde dhóibh, dóigh ní roibh aon díobha nach bhfuair cumaoín a ghona agus freastal a dheabhtha amhail do bheith triúr a n-aghaidh an duine don mór-shlúagh sin an Dolbh agus a mhac Síoghra, conach bhfacaidh súil ar bith aríamh iongnadh ba haidhbhle nó an cumach cathláithreach, agus an ciorbhadh croisleónta, agas an measgadh mío-thapaidh, tugadar ar na sluaghaibh a ccoitchinne. Tárla Ridire na Leomhan cona chuideachta fán am sin ag féachuin an áir sin dá thabhairt ar na slúaghaibh; agus arna bhfaicsin amhlaidh do éirgheadar a meadhón a n-arm agus a n-iollfhaobhar, agus fágbhaid Dúibhce na cCleas a ccoimhdeacht na beirte ríoghna sin ag cumhdach an ghrianáin go tilleadh dóibh do-rídhis. Agus éirghid amach íaramh .i. Ridire na Leomhan, Rígh na Sorcha, agus Alasdrann na cCon, agus is deimhin gurab mairg lé roibh a bhfearg agus ar a roibh a n-aghaidh fón am sin, agus ní hinneastar a ndála go ttángadar áit na himreasna. Agus is ann sin do shíneadar na lámha a ccleasaibh guile agus léna n-armaibh aith-ghéara, agus gabhaid ag túargain agus ag ciorbhadh corp agus ceann agus
caomh-cholna, conach gabhadh sgíath nó lúireach nó cruaidh-cathbharra lé haon-bhéim dá ttugadís; agus dingid asteach a meadhón na slúagh conár thighthe líonmhaire cith cloch-shneachta ag tuitim as néullaibh fhionnúara na firmameint' ná 'n-iol-chleasa agá bhfras-theilgin fris na slúaghaibh Lochlannach, gur chuireadar ar caoí mheisge agus mhearaighthe uile íad, conár léir le cách, fútha nó ós a ccionn, talamh nó aidhér, gur leagadh conar choitchionn agus ród ró-fhairsing dona laochaibh sin go hairm a roibh an Dolbh agus an t-Amhus Ór-armach ag comhrac go hainíarmartach, agus Síoghra mac an Duilbh a ndochar deabhtha ag Rígh Lochlann agus ag trí chéad déag amhus agus ag cách oile ó sin amach. Acht cheana ar tteacht a láthair do Ridire na Leomhan agus ar bhfaicsin a bhíodhbha ós a chuinne is ann do éirghidh 'fhearg, do fhiuch a chroidhe, do las a bhorr, agus do neartaigh a aigneadh, agus a tug 'aghaidh go fíochmhar fair. Arna fhaicsin chuige mar sin don rígh gabhas ag greasacht na n-amhus ann, agus nocharbh fheairde dhó, óir gabhas mire mheanman agus robharta ro-aigionta Ridire na Leomhan, co nach gabhadh
líonmhaire laoch, nó neart curadh, nó cruas cathbharra, lúireach, nó colg le bailc-bhéimionnaibh míothrócaireach' an churadh, go nár fhágbhaibh fear a n-ionadh a throigheadh dhíobha go ránic an rígh an athúair. Lingeas rígh na Sorcha idir é agus na hamhuis, agus gabhas féin agus Síoghra agus Alasdrann agá cciorbhadh go hainíarmartach. Dála Ridire na Leomhan. Comhraicios féin agus Rígh Lochlann fri aroile gur díthcheannadh an rígh re dían-bhuilleadhibh Ridire na Leomhan, agus tógbhas an mionn ríogha ós áird, agus muigheas ós na slóghaibh é; agus do híachtadh go hadhbhal an gníomh sin re Lochlannachaibh go cclos an gháir chaoínte tugadar a bhfraoíthchibh na firmameint' agus a n-imlibh na ccríoch go huilidhe, co nár fhan fear iomchair airm ann nach ttáinic fón mór-choinsgleó sin. As ann sin do críochnuighe saoghal na n-amhus oile le Rígh na Sorcha, lé Síoghra, agus lé Alasdrann, acht an t-Amhus Ór-armach a tárla fris an Dolbh, agus dá tteagmhadh neach ó íarthar go hoirthear an domhain d'fhéuchain iongnadh nó spóirt comhraic beirte isin ccruinne uile, ní hionmheasta
go bhfaicfeadh a samhail oile acht íad féin, le feabhas a n-iomghona, agus ar líonmhaire a n-iolchleas, gan bárr ag aon díobha ar 'chéile a n-imirt cleas lúith nó neirt. Agus ba deireadh laoí agus tosach oidhche an tan sin, agus sireas an t-Amhas Ór-armach osamh comhraic go héirghidh gréine arna mhárach, agus do fúair sin go toileamhail. Glúaisios gach aon dá n-árusaibh féin an oidhche sin, .i. Ridire na Leomhan cona chompánacha don ghríanán a roibh Dúibhce na cCleas agus na ríoghna ar-cheana, agus an t-Amhus Ór-armach cona mhuintir dá dhún. Agus ba brónach atuirseach an chathair uile an oidhche sin, agus a roibh a ccríochaibh Lochlann uile ag cruinniugha fá thásg Rígh Lochlann agus a d'fhios sgéala na n-eachtrann sin a táinic ann, co nárbh fhuras ríomh nó áiriomh dá n-aidhbhle nó dá líonmhaire. Ní mar sin don tseisior trén-laoch oile: ba meanmnach leó a n-aigionta agus Rígh Lochlann do dhíthcheannadh, agus gabhaid ag urghairdiugha meanman agus aigionta treimhsi; agus íar sin do ghlacadar a súaimhnios gur éirghidh grían arna mhárach. Agus an sin do ghabhadar a n-earradh áigh agus iorghoile
umpa, agus glúaisid amach acht Dúibhce na cCleas do fágbhadh dá aimhdheóin ag cumhdach an dúin agus na ríoghan. Agus ar ndol isin bhfaithche dhóibh do íarr an Dolbh chomhrac an Amhuis Ór-armaigh, agus do ráidh Síoghra nach bhfuigheadh "agus déanaidh-si bhar lámh ar na slúaghuibh, agus bíodh eadrom-sa agus an t-Amhus Ór-armach." Agus do cinneadh leó ar sin agus thuairgeadar a sgíatha go hainíarmartach for na slúaghuibh, gur himeagladh cách leó. Éirghios an t-Amhus Ór-armach amach, agus do íarr comhrac én-fhir dhó féin ar chonradh dá cclaoithidh é, gan imreasan do bheith ann ó sin amach. Do ceangladh an conradh leith air leith, agus do ráidh Síoghra gur dá athair féin budh ceart a fhagháil, agus gur aontuigh dhó féin é, "agus mar sin gurbh anfhlaitheas agus éacceart a thabhairt a ccéudthús dhamh agus a bhuain díom an athúair." Agus íar cclos a bhríathar do Ridire na Leomhan beirios ar Shíoghra, agus fáisgios ré a ucht agus ré a urbhruinne é, agus as eadh ro ráidh: "A chara ionmhain, ní tré olc dhuit-si, nó dot hathair, do-ním se é, acht nár mhaith liom neach ar bith dom ionmhuine do thuitim friom dom láthair a ccomhrac aon-fhir gan mé féin dom
chosnamh agus a d'fhulang cuntair aon-fhir um chás féin." "Luighim-si fóm armaibh," ol Síoghra, "nach bím-si sásda muna cceaduighir an comhrac dhamh, agus ar ghrádh h'einidh ná héur uime mé." Acht cheana do cheaduigh an comhrac dhó lé breitheamhnas Rígh na Sorcha agus cháich ó sin amach. Agus ba lúthgháireach Síoghra don chead sin, agus gabhas earradh troda agus teagbhála uime go hathlamh, agus éirghios go meanmnach isin madh áit a roibh an t-Amhus Ór-armach ag fuireach fris. "A Shíoghra," ar an tAmhus Ór-armach, "do chuala-sa h'iomrádh-sa roimhe so, agus iomrádh h'athar, agus is minic do orduigheas teagbháil ribh a ccomhrac go múchainn bhar mborr agus bhar n-úaill don tsaoghal uile, agus is lán-mhaith liom bhar tteagbháil liom anois go ndéanuinn guin ghalann dhíbh ar aon, agus is eagcóir nach ttugais an Dolbh a n-íneacht leat um aghaidh-si; agus éirghidh anois 'na chuinne, agus tabhair leat é, agus do-dhéan-sa comhrac ribh ar aon." "Níor mharbhais mé fós," ar Síoghra, "agus ní baoghal dhuit mo mharbhadh; agus coisg do bhéul, agus imir do lámh, agus cosain thú féin, óir is
lem armaibh do bhagraim-si do ghnáth, agus ní le mo theanga." Acht cheana, is ann sin do follmhuigheadh an magh eatarra leith ar leith, agus do nochtadar a ccuilg chlais-leathna fhaobhar-ghéara chailcidhe, agus do shíneadar a lámha cruaidh-fhéitheacha bailc-bhéimionnacha ré saint bhualaidh, co nár fhágbhadar cleas, nó cluithe, nó lúth, nó lámhach, neart nó gaisgeadh, dár himreadh ó thús an chruthaighthe agus an chéd-ghaisgidh gus an am sin gan chathughadh re aroile a mbeag-aimsir; agus níor fhuilidh, agus níor fhortamhlaigh ceachtar dhíobha ar a chéile; agus do-rinneadh dhá dhamh dhíana dhásachtacha, dhá bhuinne rabharta, dhá earcal anghlonnach, dhá bheithir bheódha, agus dhá leomhan ar lán-mhire, co nach bhfacaidh súil rompa aríamh samhail nó baramhail a n-iombuailte. Agus do chathuídar comh santach re chéile, co nach roibh ar chlár talmhan neach dá fheabhas rinn ruisg agus radharc do aitheónadh aon dhíobha tair a chéile; agus fós ní roibh draoidheacht nó oideas foghluma ag aon seach a chéile díobha nachar fhéachadar seal re araile, gur imeagluighdar a ccáirde umpa; agus fós do bhí saint agus dlús a n-iombhuailte comh mór sin, dámadh
mían do chách a n-eadrán, nach bhféadfadh fir an bheatha dol 'na ngoire ó thús an chaomh-laoí go deireadh. Agus ar tteacht dorchacht na hoidhche ní druid ó chéile do-rónsat, acht do theilgeadar a n-arm agus a n-iolfhaobhair úatha, agus do íathadar a lámha doileónta tair chorpaibh a chéile, agus gabhaid ag coraidheacht agus ag comhshúathadh aroile gur éirghigh an ghrían 'na ciorcuill comh-sholasta arna mhárach; gurab ann sin tug Síoghra fásgadh réim-neartmhar agus tógbháil thrén-láidir ar an Amhas Ór-armach ós áird a chuirp, gur bhúail fó leacaibh tuintithe na talmhan, gur bhris agus gur mhór-leadair a chroidhe a meodhón a chuirp don fhuirmheadh mór-leaca sin, gur sgéithiosdar crú a chroidhe tair shineastribh a shrón agus a bhéil go hathlamh, agus gur ling a anom as a ccéadóir. Agus tuiteas Síoghra a ttaisibh agus a ttáimhnéullaibh as a haithle gurbh fhoisge a bhás nó a bheatha ar an láthair sin. Agus ba hádhbhal na hiolghárrtha do goireadh isin aonach ar faithche na Beirbhe Lochlannaigh ag caoíneadh an Amhuis Ór-armaigh mhic Rígh Lochlann, agus an cúigear oile ag caoineadh Síoghra mhic an Duilbh. Agus reathuid go lán-aibéil dia ionsaighe, agus beirios Ridire na Leomhan air,
agus sgaoileas búcladh a lúirighe agus a chathbharra agus 'éidighe ar-cheana go ttug fionn-fhúacht agus gaoth dhá chorp agus día inchin. Gidh eadh níor shil aon díobha gur mhair ar én-chor, agus gabhaid ag tuirsi agus ag úaill-chaoineadh ós cionn an ghaisgeadhaigh. "Is trúagh liom do bhás, a Shíoghra," ar Ridire na Leomhan, "óir is deimhin nach roibh do shamhail oile isin mbioth uile, ar neart láimhe agus mór-chroidhe, ar líonmhaireacht do chleas guile, ar fheabhas do mhéine agus do shubháilce agus do rádh: d'énfhocal, níor shiúbhail talamh aon dob fhearr ná thú, agus mo mhíle trúaighe féin thú; agus do gheárr do bhás mo chroidhe, óir ní dheachaidh bás a mbél aon-nduine aríamh is mó chráidhios mé iná thú, agus luighim fám armaibh gurab lán-ghúais mo bhás do theacht dot bhithin; agus a Dhé, is trúagh do-chonairc mé féin thú aríamh más deimhin do bhás, óir do chasgair do bhás mé uile gan choigil." Agus íar sin sileas a shúile frasa díana fliucha dér, agus gabhas ag dubha dearbhráthar ós cionn Shíoghra co nach ttáinic trúaighe bu mó nó éisdeacht a thuirsi agus a ghuil uime, go ttáinic an Dolbh agus
cách ar-cheana dia fhurtacht, gidh go rabhadar féin arna mbuaidhreadh go hádhbhal uime. Acht cheana is ann sin ad-chonacadar isin magh buidhion seisir, agus aon-óglach forusta fionn-líath ina réim-thús agus a fholta ar bhfás go a chrios, co nár léir do neach ar bith aon-ní dia aghaidh ar 'aidhbhle do fhás a fhionnfhadh; agus níor haithnigheadh aca é nó aon día chuideachta gur léigseat a ngluineadh ré lár agus ré talmhain a bhfiadhnaisi na n-úasal; agus as eadh ro ráidh: "A bhuidhion úasal árrachtach is fearr modh agus béusa, eineach agus eagna, neart agus lúth, faobhar agus láthar, gal agus gaisgeadh, racht agus riaghal, dár shiubhail talamh aríamh, éirghidh súas as bhar mbrón, agus léigidh misi 'bhar n-ionadh go bhféuchuinn an ttiocfadh liom congnamh libh nó comh-fhurtacht an ghaisgidh atá do bhar mbúaidhreadh." Is ann sin do fhéach Rígh na Sorcha agus Ridire na Leomhan go grinn fair, agus do aithnigheadar gurab é an Ságe Malanto do bhí ann, agus do lingeadar fair gur thoirbhreadar do phógaibh dlúith-mhilsi é, agus ba hiongnamh ádhbhal-mhór le cách uile
méad a lúthghára roimhe an óglach anaithnidh sin a tárla ann. "Sguiridh a chairde," ol an Sage, "go bhféuchuinn an t-othar ro bhúair bhar n-aigneadh, óir is deimhin go bhfuil a lán-ghúais." Agus iar sin druidios gus an néullán, agus cuireas balsum agus luibhe íce 'na chneadhaibh, fána shinistribh, agus fána chorp uile, gur chuir 'na shuighe as an mór-néull sin, gidh go raibh a cceasnaoí agus a n-anbhfuinne anbháil; agus as eadh ro ráidh: "A chairde," ol sé, "gabhaidh meanmna maithe feasda, óir muna bhfuil do bhuaidhreadh oruibh acht súd gabhaim-si do láimh a leighios feasta. Agus ní hionchreite ó aon ar bith méad an gháirdeachais agus an aignidh do ghabhadar a ngéarr-aimsir chuca an bhuidhion sin do bhí isin cceas is mó a rabhadar daoine aríamh rompa ar an úair roimhe sin. Ciodh thrácht, do íarr an Ságe Síoghra do bhreith ó radharc na néull agus na bplanéid; agus do-rinneadh amhlaidh go haibeíl, agus ba hadhbhal lúthgháire na beirte ríoghna .i. Clára Chneis-gheal inghion Rígh Franc agus Aoífe Chúil-fhionn .i. inghion Rígh na tTulach nÓir rompa uile; agus do dáileadh bíadha saora soichaithmhe, agus deocha
aosda meisgheamhla dhóibh íaramh, agus ba meanmnach an bheirt rioghan réumh-ráite fris an Ságe, agus do chaitheadar an oidhche sin go luinneach lúthgháireach go héirghidh gréine arna mhárach, agus a tug cách dhíobha cuairt ag Síoghra ar n-éirghidh dhóibh, agus ba maith a mheanmna agus a bhiseach fán am sin. Is ann sin do labhair an t-eagnaidh dá ngoirthear an Ságe agus as eadh ro ráidh: "A úaisle agus 'árd-mhaithe," ar sé, "do-bhéaruinn féin comhairle dhíbh .i. fógra do chur go Lochlannachaibh um choróin ríoghachta do thabhairt do Ridire na Leomhan, agus a cur fair go haontach, agus mé féin do chur isin toisg sin, agus cead canamhna na coda eile d'fhágbháil agam friú." Do mholadar-san uile an chomhairle sin, agus do chaitheadar a mbíadha saora sochaithmhe agus a ndeocha deagh-bhlasda, agus íar sin glúaisios an Ságe cona chuideachta féin, agus ní gheabhadh an Dolbh gan dul friú; agus ní haireastar a n-eachtra go rángadar an chathair áit a roibh maithe Lochlann uile agus sochraid Rígh Lochlann agus an Amhuis Ór-armaigh. Agus arna bhfaicsin do dhoirseóiridh an dúin do íathadar a nglais agus
a ndoirsi rompa, óir do úaimhnigheadar uile re faicsin an Doilbh, agus do reatheadar féin gus na hárd-mhaithe do bhí isin dún re sgéalaibh dála an Duilbh agus an eagnaidhe. Ar bhfaicsin na ngeataidhe dúnta amhlaidh sin rompa don Dolbh, gabhas fearg é, agus ionsuigheas an dún go neamh-thais, agus búailios dorn fón ccomhlaidh go ndearna bladha búan-réapa dhi. Agus is mairg ar a roibh a aghaidh fán am sin, óir do shéidseat a shrón amhail bholga gabhann, agus do rúaimnigheadar a shúile amhail splancach aoidhbhle teineadh tríchim-rúaidh, agus do bhánaidhseat agus do shiabhraigh a bhéul agus a phuisínidh gomadh soilléir sofhaicsiona do leith a chúil íad amhail a aighthe, agus a theanga ar teipiosladh 'na cheann, agus a bhuill uile ar aon-chrith; ionnus nach ttáinic laoch re gaisgeadh nó arsaidh iorghuile dhá fheabhas nach rachadh a sgéin agus a tteitheadh re faicsin na n-iolriocht éugcrumpa 'na ndeachaidh ag teacht gus an dorus dhó. Agus níor fhág staidhre gan chrothadh, nó bord gan trothlughadha, nó corn,
nó cúach, nó copán, gan bhladha coimhbhrisde do dhéanamh dhíobha uile tréas an chrothadh tug forsan dún uile a n-alt na húaire sin. Agus ní roibh 'na shuighe roimhe nár éirghidh 'na sheasamh, agus ní roibh 'na sheasamh nár léig ar a nglúinibh íad, ar mhéad a n-uamhain agus a n-imeagla roimhe an tréan-laoch, go ráinic an t-eagnaidhe dá ngoirthear an Ságe go dían dísgir idir é agus an teaghlach, agus naisgios fair oiriseadh go labhradh féin fris an teaghlach. "Luighim fám armaibh gaisgidh," ol an Dolbh, "muna mbeith a lúas a tángais orom nach léigfinn aon dá bhfuil san ccathraigh úaim gan timdhibhe saoghail do thabhairt dhóibh; agus cluinim gan mhuill do labharra riú, óir is cían linn go ccluiniom íad, ionnas go ttiubhram dhóibh cumaoin a ccinéil dhúinn." Is ann sin do éirgheadar na slógha go trúagh tuirseach a bhfiadhnaise an eagnaidhe, agus do ghabhadar faoíse agus cumairce aige fá gan díth nó dochar do léigion na ndáil, agus go ttiubhradaois íad féin cona n-uile mhaoin agus mhaitheas ar ionchuibh na laoch a táinic orrtha: "agus is córuide
féuchuin oruinn sin," ar síad, "do bhrígh go raibh ina ainbhfhios oruinn a ndearna eidir ar ttríath agus sibh-si, agus nach guth oruinn a bheith umhal dar ttighearna; gurab aire sin go nguidhmíd sibh fá fhéuchuinn oruinn, agus bíam feasda do gach réir bhus toil libh." "Más eadh," ar an t-eagnaidhe, "is é sin is áil linn d'fhagháil úaibh, agus gan ní bhus mó 'dhíth 'dhéanamh dhíbh; óir ní thiucfadh na húaisle do dhéanamh dochair do bhar ttír dámadh áil do Rígh Lochlann gan céile Ridire na Leomhan .i. inghean Rígh Franc arna pósadh fris do bhreith go haimhdheónach úadha ar mbeith dhó féin a n-imchéin; gurab aire sin a táinic 'na díaidh maille ris na húaisle úd oile; agus is dóigh liom-sa gion nach ttiucfadh leis acht é féin 'na aonar agus an tí si fil ann so, nó a mhac, gomadh lór do ghabháil na críche si íad; agus gabhaidh-si uime mar bhar rígh corónta agus céimnighthear libh mar sin é gan mhoill, agus ní dhéantar bhar ndíth nó bhar ndochar ní bhus mó." Acht cheana tugadar-san aon-gháir ós áird do mholadh na mbríathar sin, agus tugadar mionna agus coinghioll go ndéandeis amhlaidh arna mhárach. Agus íar sin do shocruigh an Dolbh, agus suigheas féin agus
an t-eagnaidhe, agus do dáileadh núadh gacha fritheólmha dhóibh gurbhó subhach solabhartha íad araon; agus ann sin ceileabhruid dona sochaidhuibh, agus gluaisid go a muintir féin íaramh, agus innsid amhail a d'éirghigh dhóibh; agus ba faoilidh cách dona sgéalaibh sin. Ciodh thrácht do rugadar as an oidhche sin leith ar leith go tráth éirghidh gréine arna mhárach. Is ann sin do éirgheadar na curadha réumh-ráite sin a meodhón a n-arm agus a n-iolfhaobhar, agus tiaghaid amach ar an bhfaithche go hathlamh, agus tógbhaid a ccleasaibh guile agus gaisgidh ós a cceannaibh isin aidhér agus isin bhfirmameint, ionnas, go n-áirmhighthear féur faithche, agus duille feadha, gaineadh trágha, agus réalta an aidhéir, nach féidir ríomh nó áiriomh ar leath a n-iolchleasa, agus íad chuca agus uatha amhail mbeach mbeag ag sgaoileadh agus ag tiomsughadh a laethibh fíor-áilne fóghmhuir d'ionsaighe a mbeach-adhbha; co nach bhfacaidh aon íad nachar sganraigh agus nachar úaimhnigh rompa. Agus arna bhfaicsin amhlaidh d'úaislibh Lochlann osglaid doirsi agus sinistribh an rígh-dhunaidh, agus tíaghaid féin amach agus a n-ionadh ríogha leó, gur ríoghadh Ridire na Leomhan leó
gan fhuireach maille re sollamhuin ádhbhal agus ré hiolgháirdios doifhaisnéisi feadh aimsire imchéine; gur chruinnidar Lochlannaibh uile as gach áird chuca, agus gur adbhadar agus gur thaisbéinseat a lúta agus a ccarthannacht do Ching Carolus. Agus is adhbhal do bronnadh ór agus airgiod agus iolmhaoine ré linn an rígh sin d'éigsibh, agus d'fhollamhnaibh, do lucht íarrata achmhuinge, do bhochtaibh, agus do dheibhléannaibh deireóile, agus do gach aon a ráinic a leas maoin nó maitheasa d'iarraidh nó d'fhagháil; gur ghráidheadar finigheacha na ccríoch an t-óig-rígh sin go haithghéarr, co nach ttáinic roimhe aríamh a ccríochaibh Lochlann rígh ba mó searc agus síor-ionmhaine ag cách ná é a ngeárr-aimsir. Ciodh thrácht do sgaoíleadh teachtuidhe agus léugáide go prab dochum na Fraince le fios na mór-eachtra sin Ching Carolus, agus a d'iarraidh air Rígh na Fraince teacht fóna ndéin go críochaibh Lochlann agus go sunradhach ar Dhun Cláro cona chéile .i. athair agus máthair Ching Carolus. Agus ar ndul don bhFrainc dona teachta sin do thoirbhreadar a ttosga don Rígh agus do Dhon Cláro íar sin, agus do chách ó sin amach, co nach
ccúalaidh clúas iongnadh isin saoghal ba haidhbhle ná a bheith ag éisdeacht na ngárrtha lúthghárra agus gach soilmeint ar-cheana dá ndeárna seachneóin na Fraince uile fón am sin. Agus a haithle an iolghárdais sin do gléusudh loingios ádhbhal-mhór do Dhon Cláro agus don Rígh agus dona huaislibh ar-cheana; agus do líonadh an loingios ádhbhal sin do roighneadh gasraidheadh agus deagh-dhaoine, agus do thógadar a seólta tar dhrom-chladhaibh na bóchna briocht-úaine, agus do léigeadar a lán isna hanartaibh ó chiumhsaibh cúain agus calaidh, co nach airistear a n-eachtra gur ghabhsat cúan agus caladh a ccríochaibh níamh-ghothacha Lochlann. Agus ar ndul a ttír dhóibh do sgaoileadar a tteachta re sgéalaibh gusan óig-rígh, gur ullmhuigh é féin agus an ríoghan, inghean Rígh na tTulach nÓir, agus a cháirde ó sin amach, agus uaisle na críche, go ndeachadar 'na ndáil cúig mhíle cairpeadh cona ccomhlíon marcshlúaigh trí mhíle léig ón ccathraigh amach, gurab ann sin a tárla na huaisle agus na hárd-mhaithe sin dá chéile. Agus ar tteagbháil dá chéile dhóibh lingeas Cing Carolus cona ríoghain asa ccairpeadha, agus do léigeadar a nglúine fria lár go hollamh éusgaidh, agus sléachtaid don Rígh a ccéad-thús agus do Dhon
Cláro íar sin, agus do iarradar a mbeannacht, agus dob urus sin d'fhagháil. Agus iar ccríochnughadh don óig-rígh agus do chách, táinic inghion Rígh na tTulach nÓir d'fhorbhfáiltiughadh don Rígh agus dona maithibh ar-cheana, agus do innis Cing Carolus seanchas cháich don Rígh, agus ba hádhbhal lúthgáire na n-úasal sin fria ar-oile. Acht cheana níor chían íar sin go ttáinic an Dolbh chuca, agus dearcas Rígh na Fraince go grinn fair, agus as eadh ro ráidh: "A Thríonnóid Naomhtha Uile-chumhachtach do chruthaigh neamh agus talamh agus a bhfuil eatarra, an féidir gurab don chruthughadh daonna thú, 'óglaigh?" ar sé. Agus gabhas iongnadh adhbhal é uime, gur labhair Cing Carolus an athúair, agus as eadh ro ráidh: "A thríath agus a athair ionmhain," ar sé, "dá mbeith eólas agad-sa ar an tí úd, budh hadhbhal do mheas fair, óir is deimhin gurab tearc rígh nó prionsa is fearr ioná é ann gach céim is dleacht don úaisle .i. ar eineach ar mhórdhacht agus ar onóir, ar choinghioll ar fhírinne agus ar thábhacht, ar lúth ar neart agus ar ghaisgeadh, ar chongbháil creidigh agus ar chrábhadh, agus is deimhin nár ghlac sgíath nó arm 'na láimh aríamh aon nach bhfuil an fear úd ion-chomhraic fris; agus atá mac dhó
ar an eachtra so, agus is iongnadh mór an talamh dhá n-iomchar ar mhéad a neirt agus a niadhachais, acht amháin oibriughadha na Tríonnóide agá bhfuil cumhachta agus stiubhradh ós an uile go huilidhe; agus is cara dhá ríribh dhamh-sa an fear úd, gidh gur deacair do fúaras é." Agus gabhas ag innisin 'eachtra ó thús go deireadh: amhail a tárla an Dolbh cona mhac dhó, agus mar do ghlacadar baisdeadh agus creideadh, agus gach gníomh eile dár chomhlíonadar ó thárla dhó féin íad. Agus an sin táinic an t-eagnaidh .i. Sage Malanto, agus innsios eachtra agus imtheacht na n-úasal go hiomlán do Rígh Franc agus d'úaislibh na Fraince agus críche Lochlann air an láthair, ó thús a n-eachtra go suighe sin; agus ba hadhbhal iongnadh Rígh Franc agus cháich ó sin amach a ccrúas a bhfortúin agus gach gábhadh dár fhuilingeadar fris an rée sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services