Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Ridire na Leomhan

Title
Eachtra Ridire na Leomhan
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Chróinín, Áine
Composition Date
1716
Publisher
(B.Á.C.: O.S., l952)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



EACHTRA RIDIRE NA LEOMHAN.



Ridire rathmhar ro-chonáigh foisdionach fíor-ghlic
feidhm-láidir ríogha rosg-leathan caomh-álain
ro ghabh flaithuis, forba, agus fearainn isin
bhFraing feacht n-aill darbho comhainm Don
Cláro. Agus ba mór agus ba maith clú, alla, agus oirdhearcas
an ridire thoirbheartaigh mhór-ghrádhaigh sin.



Agus a ttús a fhlaithis agus aoise do tuismeadh mac
miadhach mór-álainn dó, agus níorbh áilne aon don
Ádhamh-chloinn iná é. Agus iar mbeith dá chaomhna
agus dá oileamhain dia oideaghuibh agus dia
aithreachaibh gur sháruigh ocht mbliadhna dég
dhá aois, is amhlaidh a tárla dhó .i. a bheith 'na
óinmhid agus 'na amadán, ionnus nach aithnigheadh
an dubh tair an mbán nó an bán tair an dubh,
agus fós nach aithnigheadh an tí ina mbíodh do
ghnáth 'na chúallacht seach an tí nach bhfacaidh
roimhe ríamh; ionnus gur tuirsigheadh aithre agus
oidigheadh foghloma dhá leasughadh agus dhá
shíor-mhúnadh fón seóladh sin, gur cinneadh


L. 2


caingean agus comhairle leó créad fa hindéanta
dhóibh um dhála an mhic bhaoíth óinbhidigh sin.



Dóigh dhamh ba machtna mór-ádhbhal leis an
ridire a aon-mhac féin, agus gan do chloinn nó do
chaomh-íarghradhuibh aige, nó fós déanadh nó
cosamhlacht air a bheith aige, acht é ina aonar,
agus é a bheith ina adhbhar fanóide, sgige, agus cleasaigheachta
ina fhiadhnuisi fón samhla sin ag gach
aon seachneóin na críche go coitchionn.



Acht atá ní cheana, ar mbeith don ridire cona
cháirdibh ag siubhal lé taobh na mara agus na háibhése
a ccomhfhogus dá chúirt agus dá dheadh-bhaile féin
ag coimharliughadh um an adhbhar sin, níor
chían dóibh amhlaidh sin go bhfacuidh long
luchtmhar leabhair-théadach agus an bárc breac-dhathach
mór-aibhseach chuca gacha ndíreach isin
bhfairge. Agus fa mór tairm agus treathan agus tréan-lúas
na seang-luinge ádhbhal-mhóire sin ag
cumach agus ag tréan-chasgairt na haibhéise
mór-anfaidh roimpe gacha ndíreach, agus í ag
siobhal a lúas áinle, íara, nó feirbe, a sidheadh
gaoíthe géire earchaidhe ós mhaoilionnaibh na
ttonn n-eochair-ghorm, agus iol-iomad seól mbreac-ndathach
ag dían-ghabháil na gaoíthe ag trén-tabhach
siubhail na loinge réumh-ráite, agus aon-óglach
mór míleata 'na sguilb-sheasamh air fíor-bhárr


L. 3


an tseóil-chrainn mheodhónaigh innte. Agus
do theilgeadh seacht n-ubhla lán-chruinne díaigh
a ndíaigh a bhfraoitheadh fíor-árda na firmameint,
agus do theilgeadh 'na ndíaigh sin seacht ngaeithe
comh-fhada roinn-ghéara co nach bhfágadh
ubhall gan amas fris na roinn-ghaeithe sin. Agus
gér mhór agus gérbh ádhbhal siobhal agus tréan-lúas
na seang-luinge sin ní imghiodh gath nó ubhall
dhíobha sin gan a ngabháil a n-airde fris an
tréan-laoch dorís, agus iol-iomad cleas oile agus lúth
nach áirmhighthear sunn; ionnas gur ghabh
uomhan agus imeagla ádhbhal an ridire Franc cona
choimhthionól, agus dámó mian leó teitheadh nach
roibh ar a ccumas an tan táinic an laoch réumh-ráite
chuca do láthair, agus ní fhacadar don Ádhamh-chloinn
aríamh aon dob áilne agus dob fhearr cuma
agus caomh-dhéanadh iná é.



Agus beannaighios dóibh go suilbhir séimh-shuairc
so-charrthannach tréasna hilbhéarlaibh, agus do
fhreagradar-san fón ccuma chéadna é; agus fochtas
Don Cláro sgéala dhe, agus as eadh ro ráidh:



"A ghaisgidh is ríogha agus is cródha innioll agus
gaisgeadh dá bhfacamar san saoghal sa fós, aithris
dhúinn cía d'fholaibh úaisle an domhain dhuit


L. 4


agus cá críoch as a ttángais, nó cá háit a bhfuil do
thriall, nó do dhían-imtheacht, óir is cían linn go
bhfagham do sgéala?"



"Do-ghéabhthaoi-si mo sgéala-sa go lán-ullamh"
ol an tréan-mhílidh "óir is misi Rígh na Sorcha
freum innisin, agus is díom a goirthear an
Macaomh Mór mhac Rígh na Sorcha," ol sé. "Agus
'sé fáth m'astair don chrích si ag teacht d'iarraidh
oileamhna agus dalta ort-sa, a Dhon Cláro."



"Trúagh sin, a thréan-laoich," ol Don Cláro,
"ní feidhm ar laochdhacht nó ar chródhacht
d'énlaoch mar thusa labhairt sgige nó mhagaidh
do bheith aige, nó a bheith ag fanóid faoí mo
leithide féin, agus a fhios agam féin agus ag cách
oile gomadh dúcha dhamh-sa oileamhain d'iarraidh
ar rígh, nó do rígh oileamhain d'iarraidh
form, agus gan mé féin acht 'mo ridire bhocht
shimplidhe," ar sé.



"Luighim fám armaibh guil' agus gaisgidh," ol
an Macaomh Mór, "nach magadh nó fanámhaid
do-ním-si, acht deimhin mo sgéoil agus fáth m'astair
do fhoillsiughadh dhuit gan édeimhin."



"Más eadh," ol Don Cláro, "is amhlaidh atáim
féin gan gein mhic nó inghine agam acht aon-mhac,


L. 5


agus is amhlaidh atá an mac sin féin 'na dhuine
mhíotharbhach ar díth forais céille agus caomh-réasúin
ó oidhche 'gheineamhna fós, agus is deimhin
dá mbeith h'iarraidh-si agam gomadh leat é
úaim go humhal."



"Is bríathar dhamh-sa," ol an Macaomh Mór,
"nach fearr liom-sa cruth ina bhfuil, óir is eól
dhamh-sa a mbeag-aimsir an t-éigchíallaidh do
chiallughadh agus an cíallaighthe d'éighchíallughadh;
gurab aire sin má bheir tusa an mac dá
oileamhain dhamh aon-bhliadhain amháin, go
ttiubhrad chugad san ionadh céanna sa i cceann
ina bliadhna sin é a ccéill agus a ccaoimh-réasún
daonna, agus do-bheirim grían agus éusga, ranna neimhe
agus talmhan, a ccoruigheacht agus a ccomh-cheangal
form ris sin do choimhlíonadh bliadhain ó 'niodh
isin ionadh chéadhna so."



Acht atá ní cheana toirbhrios Don Cláro a
mhac don rígh air na hachtaibh sin, agus fiafraighios
an rígh fios anma an óig-mhic, agus foillsighios an
ridire sin dó gur Séarlas dob ainm dhó, agus ann sin
gabhas an rígh an glan-mhacaomh ar bárr baise
agus geal-ghlaice, agus ceileabhras don Dhon Cláro cona
chuideachta. Agus ba meanmnach leis a thurus


L. 6


agus Séarlus d'fhagháil, agus lingid araon go luinneach
don luing réumh-ráite, agus tugadar araon a n-aghaidh
for na hiol-mharaibh céadna gur fhágbhadar
amharc tíre agus fosgadh oilén don réim sin. Agus ní
haireastar a n-imtheacht go rángadar críocha na
Gréige agus as sin gus an Sorcha. Agus gabhas an
Macaomh Mór ag teagasg agus ag lán-mhúnadh
Shéarluis, mac Don Cláro, go roimheanmnach i
ccleasaibh goile agus gaisgidh. Agus níorbh é sin an
teagasg gan tógbháil nó an múnadh ar ndol
amugha, óir ní chluineadh a chlúas agus ní fhaiceadh
a shúil cleas nó cluithe nó mór-thréithe nach
bíodh i ndírim agus a nglan-mheabhair aige, agus
fós nach sárughadh tréithe gaisgidh san mbioth
air, ionnas nach roibh aon gan mór-iongantas
dhá bhfaiciodh nó dá ccluineadh a thréighthe agus a
mhór-ghníomha sul táinic leath na bliadhna sin
dá aimsir, agus fós ní fhaiceadh aon d'fhear nó do
mhnaoí é nach bíodh lán dá sheirc agus dá ionmhuine.



Cioth trácht, a ndála co n-uig sin.



Dála Dhon Cláro innistear sunn; íar n-imtheacht
don Mhacaomh Mhór agus dá mhac uadha .i. Séarlus,
glúaisios féin chona chuideachta asteach dá
dhúnadh agus dá dheadh-bhaile, agus innsios dá mhnaoí
agus dá theaghlach dála an mhic, agus gabhas an
bhean ag iomaithfir fair fá iomsgaradh fris an mac


L. 7


ar an modh sin. Agus do bhí sí féin a n-doghra agus a
n-anaoibh anbháil gan faoiseadh gan furtacht an
géin ro bhí a mac 'na féugmhais.



Agus do bhádar amhlaidh sin go ceann bliadhna
agus na cairde do bhí fán mac do fhillseat arís,
agus cuirios an ridire cruinniughadh ar a chairde
chuige, agus gluaisid go húir na tráighe, agus gabhaid
ag silleadh agus ag síor-fhéachuin na bóchna briocht-úaine
dían-anfaidh tréimhsi. Agus níor chían dóibh
ann sin go bhfacadar an fhairge arna ciorbhadh
agus an bhóchna arna tógbháil agus an mhuir arna
dían-choinntinn agus arna teilgion as a hionadh
gnáth-chomhnaighe le tréan-neart iomraimh na
laoch forsan seang-luing réamh-ráite sin ag teacht
ina ndochum. Agus is amhlaidh do bhádar ag
stiubhradh na luinge lán-mhóire sin agus beirt deadh-laoch
nach ttáinic samhail dá n-áilne dá méad
nó dá ccalmacht 'na seasamh a mbárr dhá chrann
mhór-aidhbhle siúil dá roibh innte, agus iol-iomad
seól áilne ó sin amach innte. Agus gabhaid-sion ag
timchiolladh a chéile idir na crannaibh sin do
réidh-léimnibh, agus aighthe gach aoin dhíobh seachnóin
na ccrann ccomh-fhada sin ó thaiste go sír-bhárr,
agus ní tháinic iara nó áinle darbh féidir
lúth nó lúas do dhéanamh mar do-níodh gach
aon dhíobh an tan sin.


L. 8


Ba deimhin le Don Cláro cona chuideachta aon
díobh, nó íad araon, do thuitim a bhfodhomhain
na mara, óir ba minic íad ag teacht 'na comhfhogus;
is amhlaidh do éirghidís go haidhearrdha éanamhail
go ccinnidís a mbarr na ccrann-seól ccéadhna.
Agus ba hiomdha cumas oile do thógbhadar amhlaidh
sin nárbh uras a thuismeadh agus nárbh ion-chreite
ó úathaibh nó ó leabhraibh feasacha fíor-eolacha
go tteacht a ttír isin trácht gheal-ghainmheach
a roibh Don Cláro cona chuideachta. Agus lingid
amach as an luing go rángadar gus an láthair a
rabhadar na huaisle sin do bhí ag anmhain friú.
Agus beannaighid go n-áinios iomaglamh agus go
gcaoinios comhráidh dhóibh, agus do fhreagradar-san
fán ccuma chéadna íad. Agus léigios an macaomh
óg álainn do bhí ar deireadh ar a ghlúine é, agus
naisgios beannacht a athar a bhfiadhnaisi Dhon Cláro.



Féachas Don Cláro fair agus níor smuain a aigneadh
nó a mheanma gurab é a mhac do bhí ann agus as
eadh ro ráidh:



"A mhacaoimh, créd fá sirir mo bheannacht-sa
seach beannocht gach aoin oile?"



"Atá," ol an macaoimh, "do bhrígh gurab
tusa m'athair," ar sé.


L. 9


"Guidhim thú, a mhacaoimh," ol Don Cláro,
"agus ná himdheargaigh mé, agus 'fhios agam féin nach
raibh agam aríamh acht aon-mhac amháin agus nach
bhfuil foill mearaithne um fhéagmhais."



"Luighim fám armaibh gaisgidh," ol an
Macaomh, "nach raibh do chlaochló agam-sa
mar athair gus aniodh."



Agus dearbhas an Macaomh Mór an ccéadna; agus
as eadh ro ráidh:



"A Dhon Cláro," ar sé, "sin do mhac gan
amhras, agus inneósad sgéal dhuit. Do shiubhlas
féin an domhan, acht modh beagáin, le neart
mo lámh agus le cumas mo ghaisgidh, agus ní fhacas
fear mo chlaoite an fad sin. Agus atá leannán draoí
agus mór-ghaoisi agam, agus ní bhfuil a shamhail lé
heagna agus ré mór-eólas isin mbioth uile acht é féin
'na aonar, agus is dóigh dhamh go bhfoillsighthear
fios agus fáisdine dhó re claochla na síon agus na ngaoth,
agus isin nGréig do chomhnaighios, agus is ann sin do
sheólas m'aighisdir ar mbreith do mhic-si liom,
gur ghearr an fear sin an leac óinmhideachta
do bhí ag caoch-dhalladh aignidh an mhic sin
maille le hiomad oile múinte agus maithiosa do-rinne


L. 10


fair. Agus is é ainm an draoí sin Ságe Malanto,
agus do-rinne fáisdine go ttiucfadh allmharraigh agus
eachtrannaigh do sgriosfadh misi as m'inmhe agus as
mo fhlaithios, agus ní mé amháin acht an Spáin agus
urmhór na hEorpa; agus do dhearbhuigh dhamh
mar do bhí an mac sa agad-sa ar baoís agus ar
easbhaidh céille agus caoímh-réasúin, agus do ráidh
friom teacht dá iarraidh ort-sa amhail do-rinneas
tré charrthannacht, agus gan aimhdheóin d'imeirt
uime, óir nach bíadh maith dhamh ann, agus nach
bhfoigheónadh dona cásadh do thiocfadh 'na
dhíaigh, agus gurab é amháin do shaorfadh misi agus
cách oile go hiomlán as ar mór-bhruid. Sin
fáth m'oileamhna agus mo mhuirne féin ar do mhac-sa
do fhill ann súd," ar sé, "agus ní tré charthannacht
do iarfuinn é muna mbeith teagasg an eagnaidh
dhamh, óir do-bhéaruinn d'aimhdheóin na Fraince
uile liom é, ó nach roibh féin i ccéill chosanta.
Agus anois atá ion-chéille ré gach aon isin mbioth
uile, agus ní mheasaim gurab do gach aon is cóir
easaonta fris. Agus sin mo sgéal féin agus eachtra an
óig-mhic dhuit ó do imidh uait go teacht do-rídhis,"
ar an Macaomh Mór.



Ba meanmnach an ridire cona chairdibh dona
sgéala sin an Mhacaoimh Mhóir, agus cuirios Don


L. 11


Cláro dhá dhúnadh agus dá dheadh-bhaile é, agus gluaisid
ann leith ar leith, agus dáilidh fleadh agus féasta rena
linn isin dúnadh feadh thrí n-oidhche agus teóra
lá. Agus a cceann na rée agus na haimsire sin gabhas
Rígh na Sorcha lámh ar astar agus ar imcheacht, agus
as eadh ro ráidh:



"A Shéarluis," ar sé, "dá ngabhthá mo chomhairle
do rachfá liom féin bliadhain oile go
ndéanmaois araon cuairt ag Sage Malanto an
t-eagnaidh, óir is deimhin nach ttiucfadh dochar
cheachtair dhínn dhe."



"Luighim fám armaibh," ol an macaomh, "go
rachad cheana acht go bhfaomhadh m'athair cead
dhamh."



"Trúagh sin," ol an t-athair, "is imeaglach
aon a ndíaigh aon-gheine amháin ar ndol a ccéin
as a radharc."



"Ná bí dhe, a athair, acht ceaduigh dhamh
aon-bhliadhain amháin maille le saor-bheannacht,
agus go ccead don Choimhdhe chomhachtach tiocfad
chugad i cceann na rée sin."



"Dar mo choróin," ar an rígh, "dá ndeachair
aon-bhliadhain amháin liom-sa isin turus so, ní
bhfuil don Ádhamh-chloinn anois aon budh mó
alla agus iomrádh, gníomh agus éachta, iná thú."


L. 12


Acht cheana aontuigheas Don Cláro an macaomh
d'imtheacht bliadhain oile, agus ceileabhras féin agus an
rígh do chách, agus ba lúgháireach íad araon um an
chead sin d'fhagáil. Agus gabhaid ar seóladh don
Ghréig mar a roibh Sage Malanta, agus ní tharla
gúais nó gábhadh dhóibh fris an rée sin gur
ghabhadar cúan isin inis úaignidh a leith-imiol na
Gréige ball a roibh an t-eagnaidh. Agus éirghios
amach 'na ccoinne, agus fáiltighios friú go forbhaoileach,
agus treóruigheas dhá dhún íad. Agus íar mbeith
treimhsi ag caoineas comhráidh dhóibh éirghios an
draoí, agus fágbhas íad-san ag caoín-agallamh a
chéile. Agus ní cían do bhí 'na bhféagmhais an tan
táinic chuca do-rídhis agus as eadh ro ráidh:



"A Rígh na Sorcha," ol sé, éirghidh gan mhoill
agus céimnidh agus oirnidh an mac so a ngrádha ridireachta,
agus gabh na hairm agus an tseóid so agus déan
a n-úaim agus a mealadh dhó."



Ann sin éirghios an rígh ina sheasamh agus Séarlus
ar a ghlúine, agus gabhas an rígh fo thrí 'na thimchioll
gur hoirneadh leis é. Toirbhrios an t-eagnaidh
éideadh clúduigh do-bhriste dhó go ndath úaine,
agus fúaighios agus figheas féin agus an rígh uime é go
deadh-chóirighthe, agus do ráidh an draoí gur chían


L. 13


do bhí agá chumhdach dó, agus nach roibh isin
domhan a shamhail oile d'éideadh, agus tug
cathbharra cadad cruaidh-righin anúas, agus cuireas
fána cheann í, agus dhá lámhainn agartha mhalaird
do théigheadh ó bhárr a mhéor tair áird a ghuailleadh,
agus a tug chuige cloidhiomh slíopadh
slinnghér nach bhfágadh fuighioll do bhuille nó
do bhéim do chloich nó do chruaidh-charrtha dia
mbainfeadh, agus tug dhó sgíath chlúdaigh dho-bhriste
ar nach ttollfadh arm dá ghéire, agus
a tug chuige dhá mhanaois rinn-ghéara thrí-uillionnacha
gomadh soillse an rée dhorcha
arna nochtadh, agus dob anbháil a méid, agus a tug
chuige each seang séitreach troigh-éusgaidh lúthmhar
léidmheach lán-chumasach, agus íar ngabháil
sin chuige fiafraighios de cá súaithiontas budh
luinn leis 'na sgéith. Agus do ráidh Séarlus
gurab trí leomhain agus troid le haon-ridire dob
fhearr leis do dhealbhadh innte gan mhoill. Agus
do-rinne amhlaidh gurab uime sin do hainmnigheadh
Ridire na Leomhan fair isin chuing ridireacht'
agus éidighthe sin. Agus do ráidh an draoí:



"Is deimhin nach bhfuil samhail oile an éidigh,
an airm, nó an eich sin agad isin domhan, acht


L. 14


íad féin amháin, agus aon-chloidhiomh oile; agus rachair-si
a n-gúais mhór fris muna saoraidh an t-éideadh
sin agus an cloidhiomh thú agus do neart féin. Agus is uime
sin mar do foillsigheadh do chontar dhamh-sa,
do shaothruighios na hionstrumeinte si uile dhuit,"
ar sé, "agus go meala tú an t-earradh sin, agus is deimhin
go bhfásfaidh do chlú ós iomad críoch agus
cinidheacha na cruinne."



Acht atá ní cheana tug éideadh agus airm eile
do Rígh na Sorcha ar a raibh iomad búadha oile.



Cioth trácht, do éirghidh an draoi iar sin, agus a
tug ubhall-mheall órrdha chuige as a haithle, agus
do ráidh:



"A Ridire na Leomhan," ar sé, "atá aon-chleas
gaisgidh agam fád chomhair, agus do sháruigh ar
Rígh na Sorcha a dhéanamh, agus is mór 'fheidhm
ort-sa dá ttí dhíot a dhéanamh; óir ní cían go
ccuirfighthear a ccuntar leis thú, agus gabh an
t-ubhall-mheall sa id láimh, agus teilg fá do dhíthchioll
um éadan-sa é d'fhéachuin a ccoiseónainn mé air."



Acht cheana do-rinne Don Carlas amhlaidh, agus
do bhádar ag coimh-theilgion an chleasa for a
chéile, agus níor chían go roibh Don Caralus .i.
Ridire na Leomhan, níos lúthmhaire cumasuigh
ar an ccleas ná an draoí féin.


L. 15


"Beir búaidh agus beannachtain, a churaidh
chródha," ar an draoí, "is mór an fheidhm atá
agad leis an ccleas sin, agus ní cían go bhféuchfuighthear
thú ann."



Mur sin dóibh tréimhsi dá n-aimsir dá múnadh
agus dá mór-theagasg leis an draoí. Ceann tréimhsi
íar sin ceileabhraid fris, agus ba meanmnach íad ag
imtheacht, agus tógbhaid a seólta ar amus chríche
na Sorcha. Agus íar mbeith teóra ló cona n-oidhche
ar seóladh na mara, níor chían íar sin go bhfacadar
dhá luing mhór-ádhbhal chuca go dían dísgir
dásachtach, agus íarna bhfaicsin sin dóibh-sion
seólaid go dían na ndochum. Agus íar tteacht 'na
ccomh-fhogus dóibh do-chualadar na saoithe cráite
aon-truagh ghola agus mhór-thuirsi agus mairgneach
thruagh-bhéalach, ar mhodh go ccuirfeadh truaighe
agus mór-thuirsi ar an tí nár fhaomh trócaire
'na chroidhe aríamh a bheith ag éisteacht an
éagnaoi chaoin-truaigh agus an ghearáin chráite
sin ro éisdeadar an laochra go rángadar a n-áit
imagallamh a chéile. Agus do fhíafraigh Don
Carolus cía híad féin nó créd ba chíall don éagnach
chaoin-truaigh sin do bhí isin luing acu. Do
bhádar seisior aitheach nó amhas éugsamhla bán-shúileacha
a n-uachtar gacha taisde don dá


L. 16


luing euchtrann sin, agus do fhreagair aon díobh é,
agus as eadh ro ráidh:



"A mhacaoimh bhaoith," ol sé, "ba córa
dhuit imtheacht ar do thurus, dá léigthigh an
tslighe dhuit, nó a bheith ag fíafraigh neithe
nach beanann dhuit."



"Luighim fám armaibh," ol Don Carolus, "go
mbainfead sgéala dhíbh ar ais nó ar éigin, nó go
mbíamaoid a n-énbhruid fris an druing chráite
sin fil aguibh."



Agus íar sin gabhas long ar gach taobh dhíobhtha
agus sáithid a ccrúcaigh tréan-láidire a luing na
ndeadh-laoch go cruaidh do-sgaoilte. Acht
cheana gérbh íad-san, ba lámh a néid naithreacha
neimhe, nó snadhmadh tighe ós ghlonnmhuir
ghleodhomhain, nó túarguin darach do mhaol-dornaibh,
nó snámh a n-aghaidh tréan-easa
dhóibh aghaidh a thabhairt ar bhreith búadha
na beirte deadh-laoch sin gérbh uadhach íad a
n-aghaidh iolair. Acht is ann sin do éirigh an
brat tair bhrúach agus an tuile gan trághadh agus an
leomhan ar lán-níatacht agus an tonn rabharta ro-mhear
agus an mílidh mear mór-dhálach .i. Don
Carolus, dá ngoirthear Ridire na Leomhan, agus


L. 17


darab ainm Séarlus amadáin, agus do thóig a bhrígh,
agus do árduigheadh aigneadh, agus gabhas mire
mheanman agus mór-aigionta é, agus lingeas do bhárr
a shleadh agus a chraoíseach gur thuirn a luing
na n-aitheach. Agus is mairg tráth chum a ttáinic
fón mire mheanman sin a cconfa a fheirge, acht
gér bhaoghlach d'iomad laoch a bheith isin
ccuntar a ttarluigh é, óir lingid tríochad aitheach
oile mar aon fris an seisior ina aghaidh; agus arna
bhfaicsin dó-san ní tlás nó ro-mheatacht do ghabh,
acht tuairgios a sgíath agus a chloidhiomh forra, agus
gabhas dá cciorrbadh agus dá ndíothláithriúghadh,
dhá ccomach agus dhá ttréan-chascairt, agus ní thabhradh
an dara béim do chiorbadh aon díobh agus
do roinniodh tair dhó é, agus is ro-mhinic do-níodh
ceithre hoirne do bheirt dhíobhtha d'énbhuille,
agus gabhas mire mheanman agus mór-aigionta é, ionnas
go ttabhradh an tí dob fhaide óna dhían-bhuille
léim amach tair bhord isin aibhéis ar uomhan
teacht fó fhaobhar a chloidhiomh, agus is mór
dhíobhtha do báitheadh amhlaidh. Gidh eadh
ní cían do bhí ag teasgadh an tseisir ar thríochad
sin dhíobhtha.


L. 18


Dála Rígh na Sorcha iomorra ar n-imtheacht
a dhalta agus a chompáin úadh tug-san léim fearrrdha
mór-aigeantach isin dara luing, agus do éirigh an
comhlión céadna 'na aghaidh, agus do ghabh-san
agá n-uirleach agus dá n-athchuma go ndeachaidh
tair ríomh agus tair áiriomh méad an áir a tug
orrtha, gur chruinnidh cách dhíobh 'na thimchioll
co ná roibh aige fá dheóigh acht ag dían-chongbháil
a sgéithe idir é agus trén-bhuillidhe na n-aitheach,
go gcluinfidhe a bhfraoicheadh na firmameint
macalla na sgéithe agá ttuarguin; gurab é sin
uair agus aimsir do thóg Ridire na Leomhan a cheann,
agus do smuain ar Rígh na Sorcha go bhfacaidh isin
éigion-dáil sin é isin dara luing, agus clisios le mire
mheanman gur thuirn idir an rígh agus na dían-bhuillidhe.
Agus an sin tuairgios na haithigh go
hain-iarmartach co ná ccúala clúas agus nach
bhfaca súil samhail nó baramhail nó cosamhlacht
dá uirleach ó thosach an domhain gus an uair
sin, agus ní mór gur fhéad Rígh na Sorcha amharc
'na thimchioll an tan ba dían-mharbh a roibh ar
an láthair sin acht aon-aitheach do fuair faill agus
cinnios léim do thabhairt faoí theasda a measg


L. 19


na n-anbhann agus na mbochtán do bhí a mbruid agus
a ngimhiol.



Féuchas an rígh 'na thimchioll, agus ba do-chreite
leis a shúile féin fán ngníomh do-chonairc, agus as
eadh ro ráidh:



"Dom chubhais, a Ridire na Leomhan," ar
sé, "do theagmhadh dhamh féin a bheith ag
aithris do ghníomha guile agus gaisgidh amhail do-chím
féin ar m'aghaidh do chách oile, agus ba doichreite
úaim é, óir is doichreite liom féin é agus mo
shúile féin d'fhíaghuin fair."



"A churaidh chródha," ol Don Carolus, "ní
haidhbhsighthe leat-sa mo ghníomha-sa iná liom-sa
do mhóir-bhéimionnaibh-si ar na hamhasaibh
éagsamhla úd."



Gluaisid íar sin síos fán luingios iar ngreamadh
na long go maith agus go daingin dá-roile. Agus an
chéad long do chuartuigheadar do fuaradar
inghion chruthach chaomh-álainn ba háilne don
druing dhaonna isin chéad-sheomra agus bantracht
mhasglach bhith-álainn 'na timchioll ann, agus an
mhéid do rug an Mhuir Rúadh ós na maighridhibh,
an Ioruaidhe ós an énlaighthe, agus Slíabh Sióin ós na
sléibhtibh, do rug an inghion sin do bhárr crotha
agus céille agus caoín-ndealbha ó fhearaibh agus ó
mhnáibh na cruinne go comhlán é, gur líonastar


L. 20


Rígh na Sorcha do thuile trom-ghrádha agus sruth
síor-adhbhal seirce na hinghine, co nach roibh fad
orlaigh dhá chorp gan eire agus mór-ualach air día
hionmhuine.



Féachas an inghion 'na timchioll, agus ar bhfaicsin
na beirte ridireadh caomh-álainn dhi, nach bhfaca
go suighe sin, fáiltighios a croidhe re faicsin a
ndeilbhe agus a n-déanamh; acht gér dheimhin léithe
gur a mbruid a mbraighdionas a tángadar
ann; acht ba hiongnadh léithe a n-airm agus a
n-éideadh do bheith orra, gurab aire sin do mheas
gurab do ghnáth-mhuintir na luinge íad, gidh
nach bhfacaidh féin íad go sin, go bhfacaidh
Rígh na Sorcha ag breith sitheadh go dían
dásachtach air an aitheach do éuloigh úatha, gur
cheangail agus gur chruaidh-chuibhrigh é agus íar sin do
ráidh ris in inghin:



"A ríoghan," ar sé, "ná bíodh uomhan nó
imeagla ort romhuinne, agus más cara dhuit an
t-aitheach úd do-ghéabhair a sgaoileadh chugad
arís, agus naisgim fort bhar sgéala féin agus sgéala
na n-aitheach úd d'innisin dhúinn madh toil libh
'fhíafraigh dhíbh, agus is dóigh dhamh go roibh
daor-bhreith agus an-fhlaithios dhá imirt oraibh."



"A churaidh chródha," ar an inghion, "do


L. 21


shíleasa go suighe sin gurab díobha súd sibh-si,
agus ní thig liom innisin cia híad na haithigh mhí-ghrásamhla
fill isin luingeas, acht dom thaobh
féin dá mbeith úain nó faill agam do inneósuinn
mo dhála dhíbh, acht is dearbh go ttiucfaidh na
haithigh gan mhoill, agus go sgriosfaid sibh-si, agus
nach dáil furtachta dhúinne."



"Luighim-si fám armaibh," ol an rígh, "má
tá níos mhó dhíobh 'na mbeathaidh, agus ní budh
fáth uomhain nó ursgátha dhíbh-si íad féin nó
aon oile don Ádhamh-chloinn an ccéin a bhíadhmaoid-ne
aguibh," ar sé.



Agus íar sin chuartuigheas féin agus Don Carolus an
long go hárd agus go hísiol, agus ní bhfuaradar aon 'na
bheathaidh innte acht a roibh a mbruid agus a
mbraighdionas. Agus do sgaoíleadar íad uile, agus ba
hádhbhal maoín agus saidhbhrios an dá long sin.
Agus tillid gus an ríoghan dorís, agus gabhaid ag caoíneas
comhráidh fria, agus innsios an ríoghan a sgéala
dhóibh, agus as eadh ro ráidh:



"Inghion do Rígh na Calidonia misi, agus is
cumhachtach an tréan-rígh sin. Agus tarla misi agus an
bhantracht so um fharradh ag déanamh aidheoir
ar an tráigh ré taobh pháláis m'athar a ló
taitneamhach gréine. Agus do-choncamar an dá
luing fána lán seól ag teacht gacha ndíreach


L. 22


chugainn, agus arna fhaicsin dhúinn do ghabhamar
sgáth agus mór-theitheadh chuguinn, agus ní roibh
tarbha dhúinn ann óir do rugadar oruinn, agus
gluaisid dá loing linn gurab é aniodh an naoidheadh
lá dhúinn foir muir ar seóladh na n-aitheach mí-ghrásamhla
úd," air sí; "agus ag sin mo sgéala
féin dhíbh a bheirt churadh is ríogha réim agus is
cródha lámh dár shiubhail ar muir nó ar tír
aríamh, agus ní fheadar sgéala na n-aitheach acht
mar adubhras."



Fíafraighios Rígh na Sorcha sgéala don aitheach,
agus do innis gurab é féin Rígh na Ciprus, agus gurab
lucht gaoil agus cómhpháirte dhó an drong oile do
marbhadh, agus go gcualaidh iomrádh inghine Rígh
na Calidonia go ttáinic féin cona bhráithribh dá
fagháil ar ais nó ar éigin, go ttarla chuca í amhail
do innis féin dhíbh go n-uige sin; agus do ráidh nár
shíleadar a cclaoí le neart laoch isin mbioth go
n-uige sin.



"Is cubhais dhamh-sa," ol an rígh, "nár
ghníomh garma nó gaisgidh nó coinghioll ríogha
d'fhear d'anma-sa ríoghan d'fhúadach le
foiréigin. Gidh eadh, a inghion," ar sé, "ó taoí-si ar


L. 23


do chumas féin anois madh áil leat Rígh na Ciprus
fil ann súd mar chéile dhuit féin go toiltionach
do-ghéabhair cead úainne imtheacht saor leis, agus
gibé oile is áil leat cuirfuim-ne do réir do thola
féin saor, thú féin agus do bhantracht."



Altuigheas an inghion friú gach maith a
d'fhuráladar furrthe, agus do ráidh dá mbeith gan
chéile go foirchionn an bheatha nach géabhadh
mar chéile leis. "Dóigh dhamh," ar sí, "nach
bhfacas don Ádhamh-chloinn, agus fós nach ccúalas
dá iomrádh aon is mío-ghrásamhla agus is neamh-shubháilcidh
agus fós is measa coinghioll ná é fein agus
an uibhir úd oile do díochuireadh libh-si, a
bhuidhion shuairc charthannach do horduigheadh
fris an Choimhdhe chumhachtach d'fhurtacht
amhgair na n-anmhann. Agus guidhim sibh," ar
sí, "gan mo thréigin feasda go n-íodhlaicthear
úaibh mé dom thír féin."



Do labhair an rígh agus as eadh ro ráidh:



"A ríoghan," ar sé, "ná huaimhnighthear uime sin
thú, óir luighim-si fám choróin agus fám ghaisgeadh
nach ba baoghal dhuit-si én-ní an ccéin a mhairfios
sinne, acht do réir do thola féin, go rabhair
slán id thír féin; agus fós, sul sgarfas an t-aitheach
úd linn, go n-íocfaidh gach masla agus gach easonóir
dá ttug dhuit."


L. 24


Altuigheas an ríoghan fris an rígh gacha a
ndubhairt ría, agus as a haithle séolaid ar amus na
Sorcha gacha ndíreach, agus gabhaid ag caoíneas
comhráidh agus ag iomagallaimh a chéile go suairc
so-charthannach gur ghabhadar cúan agus caladhphort
isin Sorcha sholas-chríochaigh, agus as sin go pálás
an rígh, áit ar dáileadh fleadha mílsi so-chaithmhe
agus féasduighe líonmhara acmhuinneacha fortha
treimhsi fhada dá n-aimsir, agus úaisle na críche ag
teacht go laethamhail d'fháiltiúghadh friana
ttighearna agus d'fhochtain sgéala dhe.



Ciodh thrácht, ar mbeith feadh aimsir imchéin
ar an seóladh sin dhóibh, do labhair Ridire na
Leomhan agus do ráidh:



"A rígh agus a phrionnsa chumachtaigh," ar sé,
"créad is áil leat do dhéanamh fris an ríoghain
nó fós fris an aitheach mío-ghrásamhail do-rinne
inghreim agus easonóir uirthe?"



"A chara ionmhuin," ar an rígh, "atáim-si le
treimhsi ag anmhain fris an cceist sin úaid-si,
óir is duit féin a dlighthear a mbreathnughadh
agus ní dhamh-sa; acht aon-ní innsim dhuit, a dhalta
ionmhuin," ar sé, "gur fhortamhluigh saighiod an
ghrádha mo chroidhe ar bhfaicsin deilbh na
ríoghna úd dhamh, agus le húsáid agus le gnáthughadh
a subháilce nach bhfuil tráth dá ttig nach


L. 25


méadaighionn ionnas gur fhortamhluigh go hiomlán
form, agus is cían gur chuiris ceist orom go n-éagnuighinn
an t-adhbhar sin friot, agus gibé bhus áil
leat-sa isna hadhbhair sin is é is áil liom-sa, a
láoich agus a thréan-mhílidh," ar sé.



Ba hiongnadh le Don Carolus aigneadh an rígh,
agus do fhreagair go ndubhairt:



"Is í mo chomhairle dhuit, a rígh agus a
thighearna," ar sé, "do ghrádh d'fhoillsiughadh
don ríoghain, agus a rádh fría más í a toil do ghrádh
do ghlacadh go mbíair aice dhá chionn, agus munab
eadh go ccuirfir dá crích agus dá fearann í agus an tí
do-rinne inghreim urthe go ccuirfir ina cheimidh
chreapuilte agus 'na bhráighe doisgaoílte léithe é a
ngioll a masla. Agus labhair go suairc fría, óir ní
sásadh dhuit a bheith dhá neamh-thoil féin agad,"
ar sé.



"Beir búaidh agus beannacht, a dhalta ionmhuin,"
ol an rígh, "agus is tusa féin is áil dhamh-sa do
labhairt na mbríathar sin fría," ar sé, "óir is
deimhin liom nach bhfuil sí go hiomlán a n-ainbhfios
mo ghrádha, agus dá labhrainn sin adeirir-si léithe,
agus gan a toil féin do bheith leis, dob éidir go sílfeadh
gurab go foiréigneach budh mían liom a congbháil.


L. 26


Agus is briathar dhamh-sa nach géabhuinn-si maithios
na talmhan agus sin do dhéanamh gan a toil
iomlán fris."



"Más eadh," ar Ridire na Leomhan, "is éusgaidh
misi dochum do thola-sa do dhéanamh an ccéin
a mhairfiod um bheathaidh," ar sé, "agus rachfad
isin turus sin gibé ní do thiucfas dhe."



Agus íar sin ceileabhraid dá-roile, agus glúaisios Don
Carolus ar amas na hinghine.



Inneastar sunn seal oile: ar ccluinsin iomagallamh
an rígh dhi fá aontughadh dó Rígh na
Cíprus agus ar bhfagháil uaignis dí gabhas ag tuirsi
agus ag truaghbhéile, agus goirios ar an ccuid dá bantracht
ba tairisi léithe, agus í a cceas bróin agus tuirsi, agus tángadar-san
chuice agus í mar sin, agus fochtaid sgéala dhi, agus as
eadh ráidhseat:



"A ríoghan úasal urghrádhach, créd is adhbhar
bróin nó búan-tuirsi dhuit, nó créd do chlaochluigh
do chruth nó do dheilbh agus 'fheabhas mar do
éirghe dhuit féin agus dhúinne ó tharla an bheirt
dheadh-laoch is cródha neart agus is uaisle gníomha,
modh agus cáiligheacht dár shiobhail an bioth uile?"
ar síad; "agus dar linne budh córa dhuit-si


L. 27


meanmna maith do ghlaca chugad, ná a bheith
ag glacadh tuirsi chugad tair éis ar saoradh as
an mór-bhruid agus as an mór-dhochar a rabhamar,
agus gan súil le cabhair aguinn gur chuir an Tríonnóid
uile-chumhachtach chugainn íad."



"Más eadh," ar an inghion, "a bhantracht
ionmhain, as í adhbhar mo thuirsi féin, agus ní
cheilfead oruibh-si é go ttugus toil agus trom-ghrádh do
Rígh na Sorcha ar fheabhas a mhuibh agus a bhéusa,
a dheadh-cháiligheacht agus a ghníomha gaisgidh,
agus do bhreathnuigheas ar shilleadh a shúl agus a
ghnúisi orom go roibh-sion amhlaidh dhamh agus
go ttug roghuin dhamh tilleadh dom thír féin nó
gabháil fris an aitheach uathmhar allata éugsamhail
úd. Agus atáim a ndochar meanman agus aigionta
dhá bhreathnughadh sin, ionnus gur measa liom
mo dhála anois nó mo bhruid ag an aitheach."



"A ríoghan," ar aon dhíobhtha, "ná himnighthear
uime sin thú, óir is iomdha féachuin agus
dearbha íarraid na daoine críonna ar shubháilcidhe
na mban sul nochtaid a rún díamhair dhóibh, agus
ní lughaide do bheith grádh folaightheach ag an
rígh dhuit-si na comh-rogha sin a tug dhuit, acht
go bhféuchadh cionnas do-ghéabhtaoi agaibh é."



Acht cheana ar mbeith ar na comhráite sin
dóibh, is ann a táinic Ridire na Leomhan a


L. 28


n-aireaguil a rabhadar, agus arna airiughadh dhóibh-sion
ann gabhas an ríoghan meanma agus mór-aigneadh
chuice, agus gluaisios 'na chuinne go haoibheamhail
aigiontach, agus beannaighios go deadh-oileamhanta
dhó, agus gabhus Ridire na Leomhan
ag caoíneas comhráidh ris an ríoghain, agus gluaisid
an bhantracht don láthair, agus mar a fuair Ridire
na Leomhan uaigneas na haimsire labhras ris an
ríoghain mar so:



"A ríoghan ro-úasal," ar sé, "atáid beagán
uirghill agus bríathar agam féin ré a fhoillsiughadh
dhíbh-si, agus ní háil liom a labhairt go bhfághadh
mé párdún agus focal úaibh-si gan sáobh-nós do
dhéanamh liom muna ttaitnidh leat, óir ní dhéanainn
dochar ar bith dhuit a ccás nach ttaitneónadh
leat, gurab aire sin íaraim párdún sul inneósat én-neithe."



"A churaidh chródha," ar sí, "atá uirid d'eólas
agam-sa ar do shubháilcibh go measaim nach
laibheórthá tré olc friom, gurab aire sin atá sáor
agad gach a labheórair liom."



"Más eadh, a ríoghan," ar sé, "tángas féin a
tteachtaireacht ó Rígh na Sorcha chugad .i. neach
atá iomlán líonta d'onóir agus do shubháilcibh, do
neart agus do mór-cheannas, do chumhachtaibh agus do
chalmacht, ionnus gurab tearc rígh nó prionnsa ó
luighe gréine go héirghe gréine gan crith-eagla
ríana mhór-neart. Agus a tug sé searc agus mór-ghrádh
dot shubháilcibh-si, gur chuir misi dá nochtadh


L. 29


dhíbh, d'eagla dá labhradh féin libh ar ttús go
measfá go mbeith ar tí do chongbháil tair do
thoil, agus geallaim-si dhuit nach bhfuil ní ar bith
do-bhéaradh air do neamh-ríar do dhéanamh,
agus más toil leat gan mhoill tríall dot thír féin
go rachad-sa agus eision gan mhoill leat go ttoirbhriom
dot hathair féin thú."



Tochtas an inghion sealadh, agus fa hiomdha
déalradh deadh-mhaiseach a táinic dhi re headh
na hiomagallmha sin, agus gidh nach roibh isin mbioth
uile comhrádh ba hannsa ría iná sin, do bhí a
cceas sealad cionnas do fhreigeóradh dhó, agus fá
dheóigh do fhreagair dhó mar so, agus as eadh
ro ráidh:



"A uasail agus 'árd-fhlaith," air sí, "is fírinneach
nach fiú misi an t-úasal oirdheirc dom shantughadh
amhail adeirir, agus gidh eadh ní hagam-sa atáim
féin le tabhairt uaim acht ag m'áthair, agus do
bhrígh gur thaisbéin Rígh na Sorcha agus tusa, a
árd-fhlaith chródha, deadh-mhéin dom cheann-sa
dom shaoradh as an mbruid is crúaidhe-bhoichte
a roibh ríoghan nó bean aríamh romham, budh
daor an bhreith dhamh-sa gan deadh-fhreagra do
thabhairt don árd-fhlaith. Agus as í mo chomhairle,
teachta d'fagháil le litreacha uaim-si go m'athair
ré fios mo sgéal agus m'eachtra, agus a dhearbha go
bhfuilim féin agus mo bhantracht slán ar ar n-astar
dochum na Calidonia gan mhoill. Agus ar ndol an
sin dúinn is éidir libh an t-adhbhar do nochtadh


L. 30


dom athair, agus is deimhin go ccuirfidh chugam-sa é,
agus do-chífe an t-árd-fhlaith mo chongnamh-sa
dhó uime, agus fós geallaim dhó, an mhéad gur fiú
misi do shásadh Rígh na Sorcha, nach gabhaim
neach oile ar a bhéalaibh. Agus ag sin mo chomhairle
agus mo fhreagra dhíbh, a bhuidhean charrthannach,"
ar sí.



Altuigheas Ridire na Leomhan fris an ríoghain
Máriana, óir budh hé sin a hainm budhdhéin, gacha
a ndubhairt. Ceileabhrus dhí, agus ba meanmnach
leis a thurus dona sgéala sin do bheith aige dá
chompánach, agus is dóigh liom-sa nár lugha ríai-si.



Agus táinic Don Carolus gus an rígh, agus innsios a
thurus agus freagra agus comhairle na hinghine dó. Fá
lúthgháireach an rígh dona sgéala sin, agus altuigheas
le Don Carolus gach a ndearna ina sheirbhéis, agus
gluaisid araon go pálás Mháriana áit ar thráchtadar
gan fhaitchios ar gach ní ba hindéanta dhóibh,
agus an sin sgríobhas an inghion litire gan mhoill, agus
seólas an rígh teachta leó, agus do-bheir eólas eagna
agus uirghill dhóibh, agus do ráidh friú fuireach fris féin
isin Chalidonia, áit inar glacadh go hiol-ghrádhach
íad. Agus do thoirbhreadar a ttosga agus litreacha na
hinghine íar sin don rígh, agus léighios an rígh íad
amhail mar leanus:



"A uasail árd-chumhachtach agus 'athair ionmhuin,
Is fírinneach gur chuir an Fíor-Dhía uile-chumhachtach
a nfurtúin gur fhúadaigh an


L. 31


t-aitheach éugsamhail agus an dúil dhoidhealbhtha
.i. Friston rígh na Cíprus, maille hochtmhoghad
aitheach ar aon-ndéanamh ris féin fá lúireach
gáoil agus comhpháirte dhó, misi agus mo bhantracht
leó gan airiughadh d'aon-neach ó dhorus mo
ghríanáin, gur chuireadar dá long sinn, agus nár
himriudh leath an uilc agus an tírántais do-rinneadar
oruinn féin, agus ar an iomad oile do
bhí a láimh agus a ngimheal aca, ar dhaoíne san
saoghal feadh naoí lá, gurab an sin do thoiligh
Stiúraightheóir na n-Uile agus an Tríonnóid
Naomhtha a n-anbhforlann do chlaoí agus
fuasgladh dhúinn le neart agus le cródhacht
beirte deadh-laoch, nach bhfacaidh aon isin
domhan a samhail nó baramhail dá neart nó
dá ccalmacht ó do bhí Sámson ag cathughadh
fris na Filistíneacha gus an tráth sa; óir
ní bhfuil beól do chreidfeadh leath a ccalmacht'
nó a neirt; gur díthcheannadh na haithidh
uile leó, agus atáid dá thabhairt cugaibh-si mar
bhráighe ghill ré mo mhasla-sa agus ris an
míomhodh do himreadh leó orom féin agus ar mo
bhantracht, go bhfuilid anois ag glacadh an
aistair liom-sa dom aitreabhadh chugaibh-si.
Agus as íad na hárd-mhaithe sin .i. Séadhna
Saor-bhéasach .i. Rígh na Sorcha agus iomad do
chríochaibh eile don chruinne, agus aon-ridire
óg an-aithnidh oile dá ngoirthear Ridire na
Leomhan. Agus níor chúib an taladh trom-fhóideach


L. 32


ar a mhuin isin n-aimsir si céad
ridire nach bhfuil ion-chomhraic leó. Agus má
ba saoghlach é budh mór a tháin ar feadh
na cruinne, agus gidh calma na curaidh íad is
mó iná sin feabhas a subháilce, a muibh agus a
mbéasa, agus is onórach a tugadar a thoradh
dhamh-sa, agus atámuid anois ar ar n-astar
chugaibh-si, a athair ionmhuin.



.i. d'inghion agus do mhórdháil ríogha
Máriana



Baltásanus Rígh na Calidonia."



Air léughadh na litrei sin do Bhaltásanus is
súaill nach bhfuair éug agus uighe re méad iolghairdis
agus lúthghára, agus do thóg a rosg a n-áirde, agus altuigheas
leasan Tríonnóid na págánaigh thíoránta do
chlaoí, agus gan a neart do dhol for 'inghin, agus é
féin d'fagháil a sgéal mar sin. Agus do-rinne onóir
mhór fá na teachta, agus a tug ordughadh dhá
lucht feadhma agus fritheólmha an chathair do
chórughadh gan mhoill, agus ollmhughadh fleadha agus
féusta do thionsgna gan fhuireach. Agus do-rinneadh
acu amhlaidh, agus ba hadhbhal foirm agus
méad an ullmhuighidh sin.


L. 33


Dála Rígh na Sorcha cona chuideachta: ar
n-imtheacht na tteachtaibh úadha triallas féin agus
an ríoghan agus Ridire na Leomhan agus Friston .i.
Rígh na Cíprus, maille re hiomad oile, ar a n-astar
agus ar a n-imtheacht. Agus ar mbeith ocht lá ag siobhal
tré lán lúais a stéud tarla íad a ttír anaithnidh,
agus a tarla gabhal mhara dhóibh san slighe agus
droichiod ar an ghabhal mhara sin, agus céd ridire
rathmhar ro-chródha ar an droichiod agus ar gach
taobh dhe. Agus a tarla Ridire na Leomhan a réumh-thús
a mhuintire, agus níor chomhnaidh go ráinic
an droichiod. Arna fhaicsin sin do ridiribh an
droichid druidid 'na choinne, agus níorbh áil leó a
léigion ar aghaidh go ndíoladh cíos an droichid.



"Créad is cíos ann?" ol an macaomh.



"Marc airgid nó uirid d'ór ar a ccois do dhuine
nó do bheathadhach dá ngéabhadh ann, nó
comhrac fris na ridiribh."



Féuchas Ridire na Leomhan ar an rígh, agus do
ráidh fris fuireach ag an ríoghain d'eagla sgáth
nó úomhan dá glacadh, go nglanfadh féin an
tslighe roimpe. Agus íar sin do fhiofraigh don ridire
an ngéabhadh a aithearrach sin do cheannach
úadha, agus do ráidh-sion nach ngéabhadh.



"Más eadh," ar Ridire na Leomhan, "ag súd
misi gus an droichiod, agus éirgheadh dá chúmhdach
gibé leanab áil."



Arna fhaicsin sin dona ridiribh uile dlúithid
idir é agus an droichiod, acht is ann sin do fearguidheadh


L. 34


an bheithir bheódha agus an nathair mhiosguiseach
agus an tonn rabhartha, agus do chuimhnidh ar
an ccleas fáthach an ubhaill, agus nochtas eatarra é,
co nach tteilgeadh urchar nach leagadh seisior
nó ochtar nó deineabhar do gach urchar, agus do
thilleadh an cleas na láimh féin dorídhis, co nach
cían go ndearna cumach cíordhubh cnáimh-bhrúite
íad acht modh beagáin, agus do ísligheadar an dream
sin íad féin, agus gabhaid comairce agus cuimrighe ag
an tréan-laoch, agus tug-san maithiomh na ccoirthe
dhóibh ar choinghioll gan an cíos sin d'iarraidh
arís, agus tugadar cor agus coinghioll ris sin do chomhall.
Agus ba himeaglach an ríoghan cona bantracht gus
an tráth sin ar feadh an iombhuailte sin, muna
mbeith an rígh agá ccoimhdhaingniughadh. Agus
ar n-úmhlughadh dona ridiribh gabhaid na ríoghna
ag iongantas cródhacht an churadh, agus níor lugha
ris na ridiribh sin an droichid, agus do ráidhseat
nach roibh neach ó ccreidfidís a ghníomha muna
bhfaicfidís féin é.



Acht atá ní cheana, ar mbeith treas dóibh ag
athmholadh Ridire na Leomhan, tríallaid ar a
n-imtheacht, agus ní haireastar a n-eachtra go rángadar
a ccomhghar do Fílandor .i. cathair inmhe agus
chaithmhe Rí na Calidonia. Agus an sin sgaoílid
teachta re sgéala gus an rígh, agus ar bhfagháil sgéala
don rígh fá meanmnach é, agus gluaisios gan mhoill
maille le cúig céad cairptheach a leith amuich do
mharcshluagh 'na ccoinne agus 'na ccomhaircis


L. 35


trí mhíle ón ccathraigh, gurab ann sin tárla dhá
chéile íad, agus nach dearna roimhe sin nó 'na dhíaigh
samhail an ulghairdis do rinneadh leó ag Rígh na
Calidónia ar an láthair sin. Agus a tug mór-altughadh
agus buidheachas fris na laochaibh fá aisioc 'inghine.
Agus íar sin beannuighios do Rígh na Cíprus go
fáthach neamh-thais, agus is deimhin go roibh-sen
lán do thuirsi frisin ré sin. Agus íar sin glúaisid leith
ar leith gus an dún, áit a ttáinic an bhantracht
'na ndáil go ccornaibh ccaomh-chúmhduighthe,
go leastraibh soineamhla, lán do chinél gacha
fíona so-óla iná chéile, agus do cóiruigheadh an dún
ar a cceann, agus do dáileadh cuirm agus féastuidhe
líonmhara do chách íar sin, agus Rígh na Cíprus
maille friú. Agus ar ttabhairt treas isin ól do chách
fíafraighios Rígh na Calidonia don aitheach créd
fár fhuadaigh 'inghean féin, nó "créd fár imris
do thíorántas doifhulaing fuirre?"



"Is bríathar dhamh-sa," ar Rígh na Cíprus,
"go n-inneósad an fhírinne dhuit, a rígh-mhílidh,
uime sin, do bhrígh go gcúalas iomrádh h'inghine-si
dá aithris agus dá luadh a mbéul gach áoin, agus
do bhí do mhéad mo ghrádha dhí gur chuirios
romham a beith agam féin ar ais nó air éigin.
Agus do ghlúaisios dá bhrígh sin, mé féin agus an uibhir
úd oile dom lucht gaoil do dhíthcheannaigh an
bheirt dheadh-laoch sin do láthair, dá breith linn,
óir níor bheag linn sin dochum do thíre-si agus do


L. 36


rígheachta do dhíchur agus d'ionarbhadh, agus is deimhin
nár bheag muna mbeith neart na deisi sin nach
measaim gur neart daonna atá ionnta; óir do
shiúbhlas an domhan le neart, agus níor mheasas agus
ní fhacas céad laoch le gaisgeadh isin n-imtheacht
sin, dá mbeith gach áon díobh 'na fhear comhlainn
céad, atá ion-chomhraic le haon dhíobh, agus ós
anois a thuigim é agus do-chím mo mhíofhurtún féin,
dá léigtheá-sa as braighdionas mé do-bheirim fom
bhréithir ríogha go mbíad feasda fá do ríar féin
áird" ar sé, "agus gibé cáin nó ionaclann bhus toil
libh do chur orom go mbíad úmhal air ar feadh
mo bheatha, agus adhbhar oile fár chóir amharc
orom .i. méad na búadha do rugadh orom féin
agus ar na laochaibh fris nár gabhadh aríamh a
ccathaibh nó a cclíathaibh roimhe sin. Óir luighim
fam armaibh dá mbéinn-si nó aon oile dhíobh
ar n-aonar ag cur dochum do thíre-si, a bhfuil
id ríoghacht uile nár bhforlann le ceachtar dhínn
íad 'nar n-aghaidh, acht gan an días deadh-laoch
sin do láthair, nó ceachtar dhíobh do bheith
dábhar ndíon. Más é is luinne libh gabháil agam
amhail adubhras, ó nach bhfuil agam acht mé
féin ann so le tabhairt a n-uradhas an choinghill
sin dhíbh, cuirim grían agus éusga, ranna neimhe agus
talmhan, a ccoruighacht agus a bhfocal orom gacha
ar gheallas an sin díbh go bruinne an bhrátha agus
an bheatha do chomhal dhíbh, agus muna ndéantar
is deimhin go ttiucfaidh olc is mó iná a ttáinic


L. 37


dhe, óir tiucfaidh Impire na Persia cona neart
agus ríoghachta na Ciprus go n-iomad ríoghachta agus
impireachta seachndeóin an domhain dár ndíoghailt,
óir is cáirde agus lucht gaoil dhamh-sa íad, agus
dá léigthí misi amach coisgfead uile íad."



Freagras Don Carolus é agus as eadh ro ráidh:



"Dar mo chubhais," ar sé, "ní bhfuil a bheag
nó a mhór dá n-eagla oruinn, agus dá mbeith adhbhar
ar bith aguinn fá do chongbháil-si nó fá do chur
dochum báis gurab d'fhéachuin an bhfuighthí
an dream adeirthaoi ar én-láthair dá n-uigheadh
uile. Gidh eadh ní chuirim féin barradh ar do
léigin amach acht do réir chomhairle an rígh agus
cháich a ccoitchinn."



"Más eadh," ar Rígh na Calidonia, "do-dhéantar
comhairle aguinn uime sin go hathghearr."



Léigid an chaint sin seachad, agus gabhaid ag
ól agus ag iontlas meanman agus aigionta gurab bhó
meisge meadhar-chaoín na sochaidhe. Ciodh
thrácht, do chaitheadar treimhsi fá mhuirn agus fá
onóir a bhfarradh Rígh na Calidonia. Agus do
labhair Ridire na Leomhan le Rígh na Sorcha araill,
agus as eadh ro ráidh gur mhithe leis imtheacht
dochum na Fraince d'eagla go mbainfeadh
'athair dúil dhe, "óir is gearr gus an aimsir do
gheallus dó tilleadh."



"A chara ionmhain agus a chompáin thairis," ar
an rígh, "is sgarfuin cinn fria choluinn nó eilid'
fría laodh nó a meic mhuirnigh fria a mháthair


L. 38


mo sgarthadh-sa friot, agus fós nár labhras aon-fhocal
fós fris an rígh um dhála na hinghine, agus gurab
tusa amháin m'aon-labhairt agus m'aon-chomhairle
isin mbioth, agus budh mhaith liom tú do
ghluasacht an chleamhnais gan mhoill."



"Is éusgaoi misi chuige sin," ol Don Carolus,
"agus luighim fám armaibh mun budh deóntach
leis é go ttiocfaidh a mhairg dhó sul fhúigfiom an
tír-si, gé mór mo dheifir-si don bhFrainc."



Agus íar sin glúaisios Don Carolus don láthair go
hairm a roibh an rígh, an bhanríoghan, agus Mairiána,
agus íad 'na ttriúr ar aon-láthair, agus an ríoghan ag
innisin a dála ó do rugadh ar siobhal í agus méad na
calmachta do-rinneadar an días gaisgidheach agá
sábháil féin cona bantracht, agus treas mór-mholta
aice ar na laochaibh, gur thoirmisg teacht an
mhacaoimh do láthair a ccomhrádh, agus do fhorbhfáiltigh
uile roimhe, agus do shuigh Ridire na Leomhan,
agus as eadh ro ráidh:



"Is ro-mhaith liom féin teagbháil dhíbh bhár
ttriúr ar an úaignios sin, óir atámaoid féin dochum
ar n-astair do ghlacadh gan mhoill, agus do-chonarcas
dhamh urán cleamhnais do ghluasacht idir Rígh
na Sorcha agus sibh-si a aird-rí, agus do-chonarcas
dhamh gur mhaith do thiucfadh Mariána agus Rígh
na Sorcha ré chéile tré mhéad agus fheabhas a
subháilce ar aon, tré fheabhas a maisi agus a ndeadh-cháilidheacht:
agus adhbhar oile fós, gurab lámh a
nead naithreach neimhe d'aon-rígh nó d'aonneach


L. 39


oile fán mbioth uile cláon nó éagcóir d'iarraidh
air féin nó ar aon dá mbíadh 'na chleamhnas;
gurab aire sin, ós é is mían dhíbh-si, a ard-fhlaith,
agus don ríoghain féin fós a snamadh ré chéile
éigin isin domhan, nach bhfeidir dhamh-sa cía
an chéile do hiarrfidhe tair Rígh na Sorcha agá
bhfuil cosnadh agus cathughadh gacha críche ar a
chumas, maille ré gach subháilce, ré gach eagna, agus
ré gach eólas dár chóir do rígh do bheith aige, agus
'fhuil agus 'uaisle dá réir sin. Agus ó tharla sibh-si ar aon-láthair
budh maith liom-sa fios freagra d'fhagháil
úaibh ó támaóid féin dochum ar n-astair do
ghlacadh gan mhoill."



"Más eadh a churaidh chródha," ar an rígh,
"is deimhin gur díol fir dom inghin-si Rígh na
Sorcha, agus dá mbeith beagán d'easbhuidh air mar
nach bhfuil, go bhfúair iomad gúaisi, contair, agus
saothair, maille ré do chongnamh-sa, a thréin-fhir,
dá cosnadh air ainfhlaithios agus ar éagcóir,
go ttugaim-si slán í maille ré gach sásadh meanman
agus aigionta ba luinn liom féin d'fhagháil
ina mhasla dhó, agus is deimhin nach bíaidh an
inghion féin 'na aghaidh sin ar én-chor; agus a
inghion ionmhain," ar sé, "fionnaim úaibh bhar
ttoil um an dáil úd, óir is deimhin gurab tú breitheamh
is fearr don dul sa."



Ba meanmnach an ríoghan tréas na comhráite
sin, gi go roibh mall-fhoclach ina freagra tré
náire; agus fá dheóigh freagras dóibh ar impidhe a


L. 40


hathar, agus as eadh ro ráidh nár fheidir cionnas do
fhreigeóradh dóibh do bhrígh nár chuir an rígh
urán ar bith uirrthe an uair is mó do fhéad a
chur; "agus a athair ionmhain," ar sí, "cé deirim sin
ní chuirim a n-iongnadh ar a fhíor-shuibháilce
gan a dhéanamh d'eagla go ccuirfeadh manna
orom-sa d'aithle a ndearnadar na fathaigh orom,
agus a athair ionmhain, déan-sa do thoil féin friom-sa
gibé bhus áil leat, agus bíad-sa ar do thoil agus go háirighe
do Rígh na Sorcha."



Agus níor leasg le ceachtar dhíobhtha 'na ttriúr
dochum na dála sin; agus níor chían go ttáinic Rígh
na Sorcha chuca, agus do hathnuaigheadh an
comhrádh le Don Carolus. Agus a haithle sin
téid Rígh na Calidonia agus a chomhairleacha a
ndáil comhairle, agus do aontuigh cách dhíobhtha
go humhal an cleamhnas sin do shnadhmadh,
agus do ráidhseat nach roibh isin domhan uile céile
dob fhearr leó d'fhagháil don ríoghain ná Rígh
na Sorcha agá roibh cosnadh córa agus aindhlighidh
ar a láimh a n-aghaidh gach aóin do chuirfeadh
chuige é. Agus foillsigheas an rígh sin uile do Rígh
na Sorcha, co nach ttáinic isin ccruinne neach ba
mó lúthgháire ná é.



Iar sin do horduigheadh lá pósta agus bainnsi acu
caocaois ón lá sin, agus fa hiomdha curadh cródha agus
gaisgidheach gníomh-éachtach agus marcshlúagh
sdéad-álainn ag teacht fa thoichim na bainnsi
d'fhéachuin a ccumais agus a neirt i ngiústáil, óir fa


L. 41


dearbh leó go mbeith iomad cluitheadh mar sin
ann. Agus ar tteacht an laoí chinnte an phósta do-chuadar
gusan eaglais, áit ar snadhmadh an
lánamha ré chéile do réir an dlighidh.



Agus ba meanmnach cách uile ag tilleadh dhóibh,
agus do líonadh an rígh-chathair sin do ghléire deadh-laoch
agus d'úaisle agus d'árdfhlaitheadh ar-cheana.
Agus do suidheadh gach aon aca 'na n-ionadhaibh
cuibhdhe coimheagair, gur dáileadh orrtha féastadhaibh
lán-mhóra, gur bho subhach meadhar-chaoín cách,
ionnas gur chaitheadar an lá sin ó
éirghidh gréine don ló a mí medháin shamhraidh
gur baineadh deich mbuille do chlog isin oidhche.
Agus do cuireadh an lánamha sin dá n-ionadh agus dá
ccodaltoigh, agus do ghlacadar sásadh a chéile ann
go cíocrach lán-ghrádhach gur thuit a ttoirchim
súain agus codalta forrtha. Agus do bhádhar amhlaidh
gur éirghidh an ghrían ruithneach 'na ciorcuil
chomh-sholasta chaomh-dhealrach arna mhárach,
gurab ann sin do éirgheadar an lánamha
choinghill sin.



As a haithle toisighid cluithigheadh agus giúsdáil
gur shuigh na ríogha agus na ríoghna sin a ttrónaibh
saidhbhre mór-chostasach' ós cionn agus ós comhair
cháich; agus táinic an Ridire Fionn mac Rígh na
hÍsbeirne isin madh, agus lingeas an Ridire Dubh
mhac Dúibhche na Burguinne chuige, agus ba cródha
neartmhaire dona ridiribh sin, agus tugadar treas
fheardha lán-churata for a chéile, acht fá dheóigh


L. 42


do leagadh an Ridire Dubh; agus níor sguir an
Ridire Fionn gur leag ochtar.



Is amhlaidh tarla Rígh na Sorcha cona chéile
agus Ridire na Leomhan astigh isin ghrianán agá
ngléas féin dochum teacht amach fán ghiústáil, agus
íad ag féuchuin ag fheabhas do bhí an Ridire
Fionn agá iomgabháil, agus níor chían dóibh amhlaidh
an tan do-choncadar cúig céad ridire lán-chalma
ag ionsuighe na ridireadh amuich, agus
nochtaid a bhfaobhair agus a ranna ar na ridiribh, agus
gabhaid agá ccasgairt agus agá ndían-ghearradh
go hathlamh, ionnas go rabhadar dá leadradh 'na
ccosar chró seachneóin an mhuighe sin agus gan
d'arm ag ridiribh na tíre acht airm mhaola dochum
giústála. Agus do goireadh caismearta agus caomh-adharca
agus núall-ghubha ré faicsin na feille agus na
mór-fhionghuile sin seachneóin na caithreach agus an mhuighe.



Arna fhaicsin sin don bheirt dheadh-laoch do
bhí isin ghrianán dá n-ullmhughadh, gabhas
gráin agus truaighe íad fá fheill agus fá dhúinmharbha
do dhéanamh ar ridiribh na tíre amhlaidh sin, agus
lingid a meodhón a n-arm agus a n-éidigh, agus cinnid
forra sdéudaibh, agus ionnsaighid an catha mar lúas
áinle nó íara nó mar dhá bhuinne rabhartha do
dhruim árd-shléibhe. Agus is mairg chum a ttáinic
an dá bheithir neimhneacha agus an dá choin ar
lán-chonfadh agus an dá mhathghamhain ionghlonach'
agus an dá leomhan ar lán-mhire agus an dá nathair


L. 43


n-athmhiosguisdheach' neimhe agus an dá phosta
choimdhíona sin, dingthe líonta d'fheirg agus do
mhire, do rachta agus do lán-chonfa. Agus druidid go
prab eidir na ridiribh agus lucht na feille, agus tairngid
a bhfaobhar agus a ranna forra, co nach ttugadh
neach dhíobha an dara béim d'aon dá mbiodhbha,
agus ní ghabhadh sgíath nó lúireach nó cruaidh-chathbharrtha
ré haon-bhéim, gur chuireadar caoi
mhearaighthe agus misge orrtha don chéad-chuinsgleo;
agus mar fuaradar na ridirigh uile faill agus dóigh ón
iomchosnamh lingid fán dúnadh do ghabháil a
n-arm umpa.



Acht cheana is an sin do ghabh meanmna agus
rabharta ro-aigionta Ridire na Leomhan, agus spurus
go dían isin áit is dlúithe agus is daingne a bhfacaidh
a bhíodhbha, agus a tugsat deich mbéimionna
cloidhimh, agus gearras agus roinneas fiche ridire
lán-chródha 'na cceathrachaibh órduin dona tréan-bhuillidhibh
sin, ionnas nach bhfacaidh cara nó
námha a thúarguin nár chuir iongnamh agus
úathbhás fair. Ba hadhbhal uomhan agus imeagla
Rígh na Calidonia gus an am sin, agus ar bhfaicsin
béimionn Ridire na Leomhan dó gabhas meanmna
maith, agus as eadh ro ráidh nach bhfaca iongnamh
aríamh ba haidhbhle leis nó méad a neirt agus a
chalmacht agus a ghníomh do thuilleadh a n-áon
don Ádhamh-chloinn; "óir is minic do smúainim
nach bhfaicim an ní ad-chím acht gur codladh


L. 44


fil orom, agus gurab aisling nó buaidhreadh na
leannán a taibhrear dhamh.



Is ann sin a tarla Rígh na Sorcha agus tríath na
ridiribh ar a chéile, agus tuairgios an rígh a sgíath
fair, agus cuireas ar a chúl é. Áirighios ridire ro-neartmhar
do mhuintir an ridire anaithnidhe sin,
agus tig do leith a dhroma do theasarguin a charad
agus é a n-ionadh agus a n-am na sleagha do
sháthadh tréna dhruim. Is ann féachas Ridire
na Leomhan 'na thimcheall go bhfacaidh an
ghúais 'na roibh an rígh, agus dob fhoda úadh-san
é, agus cuimhnighios ar a ubhall-chleas go ttug rogha
an urchair dhi gur bhuaileastar a lár a ochta é, agus
gur chuir an t-ubhall tréna chroidhe gur thuit
marbh ar chúl Rígh na Sorcha.



"Is bríathar dhamh-sa," ar Ridire na Leomhan,
"nach baoghal dhuit aon do theacht feasta do
leith do dhroma fort."



Agus íar sin tug fobhart bíodhbha 'tiomsughadh
tréada forrtha gur sgaith agus gur dhealuigh leis íad
uile uidhe imchían ó na laochaibh; agus gér chalma
an ridire anaithnidhe do díthcheannadh le Rígh
na Sorcha ar an láthair sin é. Arna fhaicsin sin
do Ridire na Leomhan gabhas sían-ghléus dían-mharbhtha
for an ccuid eile, ionnus nár fhágbadh
fear 'na bheathaidh dhíobhtha acht aon-nduine
amháin do fhasdoigh Rígh na Sorcha dochum
sgéal na coda eile d'fhagháil úadha.



Fa hí sin aimsir a rabhadar na ridireadha do-chuaidh


L. 45


dá n-éideadh féin don dún ag tilleadh
go háit na hiorghoile, agus is dearbh nach fada do
bhádar dá ngléas. Gidh eadh ní bhfuaradar aon
'na sheasadh ar a ccionn isin magh acht Rígh na
Sorcha agus Ridire na Leomhan agus an t-aon-ridire do
gabhadh leó. Agus gabhaid na ridireadha ag féuchuin
aníar agus ní tháinic iongantas fá mó leó nó tuitim
na ridireadha anaithnidhe uile le neart deisi deadh-laoch
isin mbioth agus fós 'na chomh-ghearr agus sin
d'aimsir, gan congnamh ó neach acht íad féin ar
aon. Agus ba haidhbhle iná sin a n-iongnadh fá
mhéad na n-áladha do-chonacadar ar na marbhaibh
nach bhfacadar agus nach ccualadar agus fós nár léigheadar
a shamhail oile ó chruthughadh an chéad-duine
gus an am sin. Agus ar mbeith treimhsi ag
iongantas mar sin dóibh uile, cruinnighid mar a
roibh Rígh na Calidonia, agus éirghios an rígh as a
chathaoir ríoga d'fhorbhfáiltiughadh fris an mbeirt
dheadh-laoch sin, agus teannus réna ucht agus ré
urbhruinne íad as a haithle agus as eadh ro ráidh:



"A chairde ionmhaine," ar sé, "atá 'na mhór-iongnamh
ar chách uile, agus orom féin, an talamh
trom-fhóideach dá bhar n-iomchar ar aidhbhle
bhar ccoimsi agus bhar cceinéil, bhar muidh agus bhur
mbéas, bhar n-áilne agus bhar ndeisi, bhar neart agus
bhar níadhachuis, bhar ccalmacht agus bhar ccródhacht,
bhar méad meanman agus bhar n-aigneadh, óir ní
cosmhail le daoine sibh a n-am troda nó tachuir
acht ré leomhain fhíoch-aingidhe nó re dragúin


L. 46


mhór-chonfadhacha nó ré mathghamhnaibh ar
lán-mhire, agus go háirighe an Ridire óg so na Leomhan.
Is deimhin liom nach bhfuil a shamhail ar dhruim
thalmhan, agus gur doiligh a mheas go mbíaidh 'na
dhiaigh go bráth faoí sholas na gréine ann gach
céim dá ndubhras cheana. Agus is maith dhúinne
bhar marthain óir is líonmhar bhar ccothughadh
agus bhar bhféidhm chosunta a ccéin agus a bhfogus
dár ríoghna agus dár ccaomh-inghine, dár ttríathaibh
agus dár ttighearnaibh, dár ridiribh agus dár láthuibh
goile agus gaisgidh go huilidhe, agus is fírinneach gurab
é an tÁrd-Chodhnach fil ós cach do bhar neart
agus do bhar lúth agus bhar subháilce agus do chuir chuguinn
sibh dar tteasearguin."



Agus ní roibh neach fir nó mná dá bhfacaidh íad
nach ttug treas athmholta forra.



Is ann sin do fhiafraigh Rígh na Calidonia
don ridire anaithnidhe cía hé féin nó na ridiridh
oile do fágadh maille fris, "nó créad fár thairgeadar
feall do dhéanamh oruinn?" ar sé.



"Ridire na Sleagha Gile, mac Rígh na hArabia
táinic ann súd," ar sé, "ar ttabhairt seirce gráidh
dot inghin-si léna hiomrádh, agus táinic féin agus na
ridireadha úd oile dá hiarraidh a ttabhartus
oruibh-si, a árd-fhlaith; agus ar tteacht a ccomhfhogus
na háite si dhúinn do hinnseadh dhúinn go roibh
h'inghion-sa dáltach le fear oile, ar mhodh gur
ghabh dóigh éada mac Rígh na hArabia co nach
géabhadh gan teacht dá buain amach ar ais nó


L. 47


ar éigion. Agus do shaoil go ttiucfadh leis a cheann
do bhuain don Mhacaoimh Mhór isin ghiústáil, agus
neart slúaigh do thabhairt leis iar sin do bhuain
na hinghine amach ar éigin; agus ba laoch neartmhar
an prionnsa úd agus fós gach aon don chuideachta
úd do marbhadh fri sin, agus níorbh urus ríomh nó
áiriomh dá gcleasaibh guile agus gaisgidh, agus ba mór
a mheas isin Arábia agus a n-iomad críoch oile don
chruinne ar-cheana, gidh claoideadh agus gidh cailleadh
sin uile le neart aon-ndeisi amháin ridireadha. Agus
ní mheasuim gur ridireadha talmhaidhe a tarla
ris an muintir úd agus dámadh eadh níorbh fhéidir
leó seasamh lena neart súd, gurab uime sin a
mheasaim gurab dúile do-bhásuighthe íad do chuir
an Fír-Dhía uile-chumhachtach dochum na
talmhan do mhúchadh úaille agus mí-bhéus lucht an
díomais. Agus ag sin mo sgéala-sa dhíbh," ar an
ridire.



"Beir buaidh agus beannachtain agus is cosmhail nár
mhór do Rígh na Sorcha méad a neirt agus a ghaisgidh
a n-aghaidh gach feille agus gach mío-choinghill dá
bhfuiltear uile d'ullmhughadh chuige."



Agus íar sin do cinneadh comhairle leó um dhála
Rígh na Ciprus agus an ridire anaithnighe sin do
gabhadh le prionnsa na hArabia. Agus as eadh do
horduigheadh aca a sgaoileadh amach agus nár chóir
maille le honóir iomláin bás nó geimhiol d'imirt
fortha ó do ghnáthuigh aca a ccúalacht an fad sin
agus fós ó do cailleadh go leór oile a n-éiric a ndíomais


L. 48


agus míochoinghill, agus gurab amhlaidh do horduigheadh
maith do dhéanamh a n-aghaidh an uilc. Agus do
críochnuigheadh leó ar sin.



Agus do goireadh chuca Rígh na Ciprus agus an ridire
anaithnidhe, agus foillsighid sin dóibh. Agus do léigeadh
ar a ccumas féin íad, agus do féastuigheadh íad go
honórach a ccuma cháich treimhsi fada, gur mhithe
le cách sgaoileadh agus triall dá ttíorthaibh bunaidh
féin. Agus ann sin gabhus Rígh na Sorcha cona chéile
agus Ridire na Leomhan maille léna chuideachta lámh
ar astar go críochaibh na Sorcha, agus ceileabhraid
don rígh agus don mbanríoghain na Calidonia cona
n-uaisle agus do Rígh na Ciprus agus don ridire sin na
hArabia. Agus gabhaid for a n-astar, agus fá tuirseach
cách uile 'na ndíaigh, agus ba hadhbhal a cclú agus a
mór-mheas isin Chalidonia uile. Agus ceileabhras
Rígh na Ciprus agus an ridire anaithnidhe agus cách
ar-cheana, agus tug gach aon aghaidh dhá thír féin.



Dála Rígh na Sorcha agus Ridire na Leomhan cona
ccuideachta gabhaid a mbealach tréas an Ghréig
ar cuairt go Sage Malanta, agus ba hoirdheirc íad;
óir do-chuaidh a n-alla agus a n-árdnós a bhfad agus a
gcéin, co nach lamhadh aon a ttathal acht ré
caoíneas agus ré síth go ráinicseat a ngearr-aimsir go
dún agus go hárus an draoí .i. Sage Malanto. Agus ba
luinneach lán-gháireach an t-eagnaidhe rompa, agus
do chaitheadar treimhsi 'na fharradh go lúthgháireach,
gur mhithe leó imtheacht, agus do labhair an
draoí, agus adubhairt:


L. 49


"A Ridire na Leomhan," ar sé, "is imeagla
liom go bhfuilir ag déanamh moille ód thír féin,
óir a tug inghion Rígh Franc tuile trom-ghráidh
dhuit, gidh nach bhfacaigh thú fós, as do mhór-tháin
do-chluin si as béal gach aoín. Agus atá sí
agá sárughadh uime sin, agus iomad ríogh don uile
ríoghacht dá hiarraidh, agus a hathair dá shárughadh
leó ar a líonmhaire atáid agá agallaimh um an
inghin. Agus as é eólas do mhúin a haigneadh dhi
.i. móid do thabhairt nach bíonn ag fear ar bith
go ceann bliadhna, agus giústáil do dhéanamh 'na
fíadhnaisi, agus isi ar bhárr a grianáin agá bhféachuin,
agus gibé bhus fearr lámh ghaisgidh isin ghiústáil sin,
gurab aige do bhías. Agus muna luaithighe thú
chuice is mór an ghuais go ccaillfir í. Agus is deimhin
go bhfuil díol gach fir san domhan do mhnaoí
innte, agus is iomdha mac rígh agus gaisgidheach
gníomh-éachtach agus curadh cliste anois isin ghiústáil
sin na Fraince. Agus sul imeochair uaim-si do-ghéabhair
tuille lúth agus cleas co nach bhfaghair
do shamhail ar muir nó air tír. Agus dearbhaim
go bhfuil t'fhortún cruaidh, agus muna ttí tú
d'fhurtacht Rígh na Sorcha an uair íarrfas ort é
go bhfúigfighthear é féin agus go ccaillfigh a rígheacht
agus rígheacht na Calidonia agus mórán oile don Eórpa
ar-cheana, agus ag sin mo sgéala dhuit," ar sé, "agus
freastal go maith é."



Agus an sin berios leis é dá thigh draoidheacht, co


L. 50


nár fhágbhuigh cleas nó lúth gan déanamh dhó
dár fhoghlaim don ghaisgeadh go hiomlán. Agus ann
sin tug air dealughadh le Rígh na Sorcha, agus téid
féin leis do mhúnadh na sligheadh dhó, agus do
chongbháil cuideachta dhó. Agus fá tuirseach an
sgarthain sin eidir é agus Rígh na Sorcha agus an ríoghan
Máriana, agus ceileabhraid go gruaidh-fhliuch
ath-tuirseach dár-oile, agus ní haireastar a bheag dá
n-iomrádh ar gach leith go ttáinic gach aon
díobh 'na thír féin ar ndol don bhFrainc do Ridire
na Leomhan.



Ceileabhras an draoí dhó, agus tilleas tair ais do-ridhis,
agus níor sguir Ridire na Leomhan go ttáinic
go dún agus go deadh-bhaile a athar. Agus níor
haithnigheadh ann sin é gur chuir 'éideadh dhe,
agus ann sin is súaill nár sging a n-anmanna as
a aithre tré mhéad lúthghára, óir is beag nár
bhainseat cíall dá fhaicsin chaoiche. Agus ba meanmnach
a cháirde agus a chomharsa tréna thoigheacht
slán. Agus do dáileadh fleadh agus féasta ré a linn agus 'na
onóir, agus níorbh iongnamh muirn agus onóir do
dhéanamh uime dá bhfeasdís a ghníomha agus a
bhéasa, a mhodh agus 'onóir, a neart agus a níadhachas,
a lúth agus a lámhach, a thréighthe agus a thíodhlaice, agus
fós a tháin agus 'onóir, a mheas agus a mhór-chlú, seachneóin
na ccríoch oile. Acht ba hainchleachtach
íad-san ina tháin acht modh beagáin. Gidh
eadh ba mór a lúthgháire ré a fhaicsin, agus go háirighe
Don Cláro cona chéile.


L. 51


Agus ar mbeith treimhsi fhada dháibh ag cathamh
na fleadha do sgaoilseat íar sin dá n-árusaibh
bunaidh budhdhéin. Agus ar n-imcheacht dhóibh agus
ar bhfagháil uaignis do Dhon Carolus do labhair
léna athair agus rena mháthair aon do laethibh, agus as
eadh ro ráidh go rachadh d'iarraidh agus d'agallaimh
Chlára Chneis Ghil, .i. inghion Rígh na Fraince,
mar chéile.



"Na can an t-urghioll sin, a mhic ionmhain," ol
Don Cláro, "óir ní hé amháin adhbhar sgige agus
fanóide ag gach aon thú, acht fós do-dhéantaoi
guin ghalann agus míreanna beaga búan-bhriste dot
chorp tréna iomrádh amháin, agus gan rígh nó
prionnsa isin mbioth uile nach bhfuil féin nó a
mhac nó a oighre dílios comh-fhosaidh gaoil a ndún
agus a ndeadh-bhaile Rígh na Fraince ag cluitheadh
agus ag coimh-ghiústáil d'fhios cia haca féin
dá ttiubhradh an inghion adeirthaoi a toil agus a
trom-ghrádh, agus gan neart ag aon acu comhrádh
nó uradhal do dhéanamh ría; óir is amhlaidh
atá sisi a ngrianán choimh-dhaingean
chlúdhuighthe chomh-árd chomh-dhíreach agus coimhéad
chéad laoch lán-chalma ar dhorus an árd-ghrianáin
sin agus eochracha na ndorus ccéadna ar
taisgidh na hinghine, co nach bhfuil slighe urcheadail
nó suirigheadh ag aon don Ádhamh-chloinn
urthe acht gibé lenab áil a féachuin amháin.
Óir bí sí féin agus a bantracht ag aonach ar chách


L. 52


do bharr an ghrianáin go laethamhail, agus do-gheibh
gach aon a dhíol dá féachuin lenab áil
amhlaidh sin. Agus adeirid daoine go bhfuil searc
anbháil agus grádh aice ar neach éigin atá a ccéin, agus
mar do chuir an rígh roimhe a tabhairt do mhac
rígh éigin dona tríathaibh sin tug sí móid nach
biadh ag fear don Ádhamh-chloinn go ceann
bliadhna, agus do orduigh an ghiústáil réamh-ráite
do bheith ar siobhal go ceann bliadhna ar faithche
an dúin, agus tug gealladh dhá hathair gibé lámh
ghaisgidh dob fhearr tréithe a cceann na rae sin
go bhfaobhthaoí leis í. Agus fós measaim gurab é
Dorn Déad-sholus .i. Rígh Lochlann an tí sin,
óir is é is cródha dá ttáinic ann fós, agus is gearr go
teacht na bliadhna sin asteach," ar sé, "óir
ní bhfuil acht easbaidh ar mhí gan chríochnughadh
dhe, agus atá Rígh Lochlann isin mbúaidh cheana, agus
do-chluinim nach bhfuil sí tairis dhó tar a cheann
sin. Gidh eadh budh héigin dí a bríathar agus
a geallamh do choimhlíonadh don rígh .i. a hathair,
óir atá arna thoirsiughadh dhi; gurab aire sin
nach bhfuil acht mire agus díth chéille dhuit-si
labhairt uirthe; agus fós measaidh gach aon
dá ccúalaidh h'óinmhideachta roimhe so go bhfuilir
amhlaidh fós; agus ní dóigh liom-sa gibé agá
mbiaidh sí go ttiocfaidh iomad díoghbhála aisde
dhó féin agus do Rígh na Fraince, gurab aire sin
nach molaim dhuit-si buain uimpe agus 'usacht do
dhíol céile thiocfas dhuit ann gach céim dá bhfuil


L. 53


iomad nó ós a cheann d'fhagháil gan ghuais nó
imreasan 'na timchioll; agus ag sin sgéala na
hinghine agus fós mo chomhairle-si dhuit, a mhic
ionmhain," ol Don Cláro.



"Luighim fóm armaibh," ar Ridire na Leomhan,
nach bhfuil a bheag nó a mhór dá n-eagla sin
uile orom-sa," ar sé, "agus nach ccomhnaighim go
bhfaice mé í, agus tabhair-si agus mo mháthair bhar
mbeannacht dhamh, agus ná huaimhnighthear
sibh umam, óir ní tháinic mo shamhail-si chuca
fós agus dá ndeachuid uile d'aon-leith um aghaidh-si
ní mór mo chás ann."



"Atá ar mbeannacht agad do ghnáth," ar
íad-san, "agus dá ngabhthá ar ccomhairle ní rachfá
don turas sin."



Ciodh thrácht ceileabhraid dá chéile íar sin, agus
ní haireastar a dhála go ráinic go Páris .i. cathair
inmhe agus oireachtais Rígh Franc; agus dearcas 'na
thimchioll, agus do-chonairc faithche na fíor-chathrach
sin líonta sgartha do churadheadh cath-chalma
agus do ghléire gasraidheadh agus do roighneadh ríogh;
agus táinic 'na ttimchioll sul do labhair le haon; agus
gabhas iongnamh cách dhe le feabhas a chóirightheadh
gaisgidh, 'innill agus 'éagcoisg, 'eich agus 'éidigh, agus
fós fá mhionaca a táinic 'na ttimchioll gan labhairt
le haon dhíobh, agus do chruinnidh iomad 'na choinne


L. 54


d'fhios cia hé féin agus d'iarraidh gleice fair, agus do
fhíafraigh ridire an-dóthchasach a tarla 'na
measg a sgéala. Do fhreagair-sion é agus as eadh
ro ráidh:



"A óig-ridire," ar sé, "ní fheidir féin nach
tusa neach is cródha agus dár córa sgéala d'fhagháil
dá bhfuil ar an láthair. Gidh eadh is iomdha
neach is sine agus lenab cosmhaile córtus foirceadail
agus sgéala d'fhíafraigh agus d'fhagháil ná thú,
gur aire sin nach innsim-si aon-fhocal dhuit go
bhfeasad cía thú."



"Ní bhfuighir sgéala uime sin an uair si," ar
an t-óg-ridire, "acht éirghiom isin magh, agus gibé
bhus cródha ann tabhradh sgéala agus umhlacht
don bhfear oile."



"Is bríathar dhamh-sa," ar Ridire na Leomhan,
"gur lán-toil liom-sa an conradh sin."



Agus íar sin druidid isin magh, agus tugsat dhá
thsuinseadh thréan-neartmhara a ccoinne agus a
ccomhaircis ar-oile, gur bhuail Ridire na Leomhan
é a mbéal 'ochta gur leag don chéad éucht é, agus íar
sin cromas go hathlámh fair, agus tógbhas súas 'na
leathláimh é, agus spurus a sdéad isin magh go
ndeachaidh amach tair chách, agus ann sin do
fhíafraigh cía hé nó an ttiubhradh a chonradh
dhó.



"Is deimhin go ttiubhrad," ar an Ridire, "óir
is dóigh liom gur cóir dhuit 'fhagháil, agus gidh
liónmhar do laochaibh an mhagha so ní bhfuil


L. 55


ann fear déanta an ghníomha sa anois .i. misi
d'iomchar fám éideadh an fad sa. Agus dearbhaim
gur misi Ridire an Ghleana mac Rígh na Bohémia,
agus ba tearc fear beartha mo bhúadha romhad-sa,
agus ag sin an fhírinne," ar sé, "agus bíad-sa feasda
dot réir-si gibé bhus luinn leat."



Is ann sin do chruinnigheadar na ridirigh as
gach áird don magh chuige, agus do fhiafraighdar
sgéala dhe.



"Ní dom sheanchas féin a táinic cugaibh ann
so," ar sé, "munab é tréighthe is fearr a moltar
san ghiústáil si é, agus más eadh do-dhéan-sa díthchioll
an uair do-chluinfead cía sibh féin, óir ní hanaithnighe
libh-si mé ná liom-sa sibh-si, gurab aire sin
a tánag ann so d'fhoghlaim agus d'fhéachuin bhar
ccumais, agus luighim fám ridireacht nach bíadh
mo sgéala ag aon-nduine agaibh go críochnughadh
na giústála-sa munab treisi sibh iná mé."



Is ann sin a táinic Dorn Déad-sholus .i. Rígh
Lochlann do láthair, agus ar mbeith ag éisdeacht
na mbríathar sin dó, fógras do Ridire na Leomhan
é féin do fhreastal go bhféuchadh an ttiucfadh
dhe sgéala do bhuain dhe.



Iompuigheas Don Carolus fris, agus a tug cách
dhíobha treas a ccoinne ar-oile, agus a tug Ridire
na Leomhan tréan-urchar fair gur bhúail fón lár
é gan ro-chleas, gur mheasadar cách uile gur
mharbh an leagadh sin an rígh. Agus do ghabhadar
iol-iomad dhíobh a n-airm agus a n-iolfhaobhair do


L. 56


dhíoghuilt an ghníomha sin, óir do bhí an rígh a
néull tré mhéad an leaca sin treimhsi fhada, agus fá
doaíneach cáirdeach é isin ghiústáil sin, agus níor
fhan fear imeartha faobhar nó tógbháil airm
dhíobha nach ttug a n-aighthe a n-aoneacht do
chasgairt agus do mhór-leadradh an ghlan-mhacaoimh.



Arna fhaicsin sin don bheithir bheódha agus
don lasair neimhnighthe agus don tSamson dhíoghaltach
gabhas mire mheanman é, agus gabhas a
shíath-ghléas agus a shúath-ghléas agus a theagluim-chleas
agus a chleas go ccumas, co nár fhág tréan
nó trúagh, óg nó sean, cara nó námha, dá roibh
isin magh uile nár dhing agus nár chruinnigh a n-aice
a chéile comh cruaidh comh cumhang agus sin co
nárbh fhéidir le haon díof uile a lámha do shíneadh
nó a ccosa d'iomlat ón chruinniughadha a tug
orrtha, agus an sin fógras dóibh do ghuth árd fhollus-ghlan
agus as eadh ro ráidh:



"Luighim fám m'armaibh gaisgidh go gcaithfidh
sibh uile bhar sgéala do thabhairt dhamh-sa, ós ar
sgéalaighacht agus ar sheanchas is treisi sibh, óir ní
fhacas féin bhar n-urdail daoine aríamh is meatha
iná sibh agus is mí-chíallaidhe neamh-chródha iná
sibh an tan do chuireabhair uile dochum aon-ridire
amháin do chiorbhadh tair an uile choingheall
ridireacht' agus tair an uile chuing ghaisgidh,
óir ní fhacabhair éagcóir agam-sa agá dhéanamh
cheana acht ag cosnamh mo chóra féin, agus fhéadfuinn


L. 57


sibh-si uile do dhith-cheannadh anois dámadh áil
liom féin, agus do bhrígh nach do mharbhadh daoine
a tánag ann so acht d'fhaicsin lúth' agus lámhaigh,
ní nach measaim do bheith ag aon agaibh-si, ní
háil liom bhar n-inghreim acht go rabhthaoi dom
réir feasta, ó nach bhfuil sibh ion-chathaighthe
um aghaidh."



Ar gclos na mbríathar ngrásamhail sin dona
ridireadh uile do thuigeadar ceart agus onóir ann, agus
léigid uile ar a nglúineadh íad, agus gabhaid comairce
agus pardún aige, agus admhuid gurab íad féin fá measa
agus nach dearna-san ní tair cheart, agus dá ndéanadh
an ceart féin fortha-san, ó tharla ar a chumas íad,
go ttiubhradh breith dhealaighthe idir a cceannaibh
agus a ccolnaibh.



"Más eadh," ar sé, "innisidh dhamh cía an
ridire úd isin néull do leagas féin ó chianaibh."



"Atá ann súd Dorn Déad-sholus .i. Rígh
Lochlann a táinic d'iarraidh inghine Rígh Franc
mar chách ann so, agus ní ghéabha sí leis go críochnughadh
na giústála so nó lé fear oile dá ttáinic,
agus do shíl sé féin agus sinne go mbúadhachadh í go
ttáinic tusa, agus anois ní mheasuim go bhfuil ar
chlár talmhan fear dá búain dhíot acht dot thoil
féin, a churaidh chródha is fearr ann gach céim
dár shiubhail an bioth bunaidh uile," ar sé.



"Éirghidh sibh-si dá chabhair," ar Ridire na
Leomhan, "dóigh ní mheasuim-si a bheith acht


L. 58


a néull, óir ní thugas-sa béim nó guin mharbhtha
dhó, gurab aire sin is dóigh a bheith a néull tré
an-shocracht an leaca. Agus tugadar-san treas
mholta agus buidheachuis dó agus tíagaid d'fhurtacht
Rígh Lochlann go ttugadar as a néull é, agus fá
tuirseach leis a dhála.



Dála Chlára Chneis Ghil is amhlaidh a tárla
í ar bhárr a grianáin san am a raibh an saobhadh
agus an leadradh adhbhal sin ar na slúaghaibh amuich
'na fíadhnaisi, agus goireas a bantracht chuice agus as
eadh ro ráidh:



"Iongnamh ro-mhór liom a' ní ad-chím re mo
shúileadh, agus ní chreidim úaim féin é go roibh
fíaghuin agam air."



Agus a tug a bantracht uile do láthair gurbhó
soilléir so-fhaicsiona dhóibh uile é, agus ba mór an
t-iongnamh leó a bhfacadar amuich dá dhéanamh
le cumas láimhe aon-duine isin mbioth, agus do ráidh
an inghion:



"A Dhía do chruthuigh neamh agus talamh, grían
agus éusga, daoine agus ceathra, agus gach ní eile do fill
ann, an féidir gur dúil dhaonna nó neach saoghalta
atá ag déanamh na láimhe sin ad-chím os comhair
mo shúl a mbeag aimsir, nó an ccualaidh sibh
isin domhan sa dhá iomrádh neach ar bith dobudh
baramhail libh do bheith annsúd, óir is doichreite
liom go bhfuil ar aon-chor, muna ccruthaidh le


L. 59


cumhachtaibh na Tríonnóide ann é amhail do
léighthear ar Shamson ag troid leis na Filistíneach',
acht níor churtha a n-iongnadh go han-mhór
duine do mharbhadh an-iomad daoine oile le
béimionnaibh bráth-bhuilleadh agus le lámhach agus le
cleasuibh guile ar-cheana, acht an slúagh uile do
roighneadh curaidheadh gacha críche isin mbioth
uile do theaghluim agus do chomh-chruinniugheadh
a maingir chomh-chruinn gan fhuighleach gan
deargadh ar aon dhíobh co nár lamhadar a lámha
do thógbháil óna ccuim nó óna ccneasaibh, nó a
ccosaibh d'iomlat, le him-uomhan aon-ghaisgidhigh
amháin, agus íad uile ag cur fána ndíthchioll dochum
a mharbhtha don chéad-éacht a n-aghaidh choinghill
cheirte an uile dhlighidh, agus an tan ba deimhin
leó é d'imirt ceirt-bhreithe a chloidhimh ortha
ar sléachtain agus ar n-úmhlughadh 'na onóir go ttug
maitheamh agus anaclann dhóibh, agus gur chuir
d'fhéachuin agus d'fhurtacht Rígh Lochlann do thrasgair
ó chíanaibh íad, agus ba dóchusach an rígh
as a chródhacht féin a ttús an laoí aniodh; agus a
Dhía, is truagh gan fhios againn cía hé do churaidheadha
na cruinne. Gidh eadh," ar sí, "do-chúalas
iomrádh ar ridire óg do threibh na
ríoghachta .i. mac do Dhon Cláro, agus do bhí sé 'na
óinmhid agus 'na amadán gur dhruid ocht mbliadhna
dég dá aoís, gur ghlac Séadna Saor-bhéasaibh .i.
Rígh na Sorcha mar dhalta é, agus do rug dá leasughadh


L. 60


agus dá mhúnadh leis é dochum na Gréige, áit 'na
bhfuil compánach fíor-chumainn aige .i. draoí do
mhúineas iomad gaisgidh agus gér-inntleachta don tí
léna toil leis féin, agus do-chúalas nach bhfuil
samhail an mhic sin lé gaisgeadh isin domhan sa
uile; agus do-rinneadh tairngaire mhór dhó, agus do
ghabh sé Rígh na Ciprus ar marbhadh ceithre
fichid aitheach día mhuinntir, agus is líonmhar a
tháin agus a iomrádh seachneóin an domhain, agus
is dóigh liom-sa gurab é a bheith ann súd ar
ttilleadh dhó ar cuairt go' áitreabhadh, agus dob
fhearr gurab é seach choimhthighe, dóigh is ádhbhal
an cosnamh clú agus leatroim a ríoghacht ar bith é."



Agus íar sin féachuid amach an athnúair, agus do-chíd
eision ag sáthadh seacht mbeara fada rinn-ghéara
isin bhfaithche, agus nár ghéire rinn sleadha nó
gach roinn chaol fhaobhrach dá roibh ar gach
bior dhíobh. Agus íar sin éirghios féin d'eitil éanamhail
a bhfraoithibh na firmameint' úasda a n-áirde,
gur thumastar a ucht agus a urbhruinne ar ceann
gach gath, go ttáinic thart fá sheacht amhlaidh
sin ar bhárr an bheara, agus lingeas go héanamhail
ar an dara bior co nár fhág aon bhior dhíobha
gan teacht fó sheacht thart ar a bhárr sul ráinic
go talamh, agus gan snáithe earraidh nó éidigh idir
é agus na ranna faobhrach sin, agus táinic slán go talmhain
íar sin agus as eadh ro ráidh:



"A óga," ar sé, "ag súd mo sheanchas féin


L. 61


dhíbh agus má do-ní aon-nduine aguibh-si mar súd
do-dhéan-sa tuilleadh seanchuis dhíbh."



Acht cheana ní fríth Rígh Lochlann nó neach
oile do lamh an cleas do dhéanamh.



"A Rígh Lochlann," ar an macaoimh, "dar
liom níl lúth nó gaisgeadh agad féin, nó ag aon
dá bhfuil ad chuallacht isin ghiústáil si, agus an
bhfaghann sibh cuideachta nó comhluadar ó inghin
an Rígh isin n-aimsir nach bíthí a giústáil 'na
fiadhnuisi?"



"Is bríathar dhamh-sa," ol Rígh Lochlann,
"nach bhfaghamaid cheana, óir atá sí fá íathaibh
ghlais 'na grianán, agus ní héidir a tadhal dá neamhthoil
ann."



"Dair liom-sa," ar Ridire na Leomhan, "is
baoth do neach a bheith a ghnáth a ccath a
seirbhís mná agus gan a bheag nó a mhór d'fhios a
méine, nó a cáile a d'fhagháil uaithe, agus gan fhios
nach boghar nó balbh atá sí, nó nach bhfuil a
coinghioll ceangailte ag fear oile, agus mar sin go
mbeith a shaothar díomhaín dhi."



"Is dóigh liom-sa," ol an rígh, "gidh maith
do chomhrádh agus fós do ghaisgeadh nach rachair
féin dá hagallamh gan a toil féin dot tharraing
ann, óir is doibhriste an dún agus is cruaidh a ghlas
agus is calma an cúmhdach fil air, co nach bhfuil
slighe ar bith air muna ttigeadh neach ar eitil
isin aidheor ann."



"Dair mo chulaidh chatha bíaidh sin ré a


L. 62


fhéachuin agam féin anois," ar Ridire na Leomhan,
"óir is dá féachuin a tháinic ann so, agus ní
chaithfiod a bheag dom aimsir ría go bhfaciod í,
agus go labhrad ría, agus muna bhfaicead gurab áil léithe
mé ní bhíad dom thruailleadh ría."



Agus íar sin glúaisios don ghrianán, agus féachas 'na
thimchioll, agus ba daingion doibhriste an dún,
agus do-chonairc an ríoghan úadha forsan dorus
árd do bhí a mbárr an dúin, agus ba hálainn an
inghion sin ré a féachuin agus í ag silleadh agus ag síor-fhéuchuin
fair-sion agus í 'síor-íarraidh a sgéal; agus
íar sin druidios for a chúl gur éirghidh do léim
árd éanamhail d'urlannaibh a shleadh agus do bharraibh
a chraoíseach, gur thuirn don mbaoth-léim
sin forsan dorus réumhráite, agus arna fhaicsin
don ríoghain cona bantracht gáirid agus glaoidhid
go hadhbhal, agus gabhaid comairce agus cuimrighe an
ghaisgidhe gan inghreim nó aithmhilleadh do
dhéanamh orrtha, óir níor fheidir síad créd an
bharamhail do-bhéirdis dhó, agus léigid uile ar a
nglúinibh íad 'na fhiadhnaisi.



"A ríoghan, éirghidh dot ghlúinibh maille lé
do bhantracht," ar sé, "agus ní dhéan-sa díth nó
dochar ar bith dhíbh acht cúairt aithghearr agus
beagán bríathar agus caoínos comhráidh do dhéanamh
aguibh agus íar sin imtheacht úaibh isin conar
a ttáinic chugaibh."



Suighois an ríoghan íar sin cona bantracht, agus


L. 63


cuireas eision ar a haghaidh 'na shuighe agus fíafraighios
sgéala dhe agus as eadh ro ráidh:



"A churaidh is cródha agus is fearr lámh dá
bhfacamar aríamh san saoghal sa, dámadh toil
leat do chathbharra do sgaoileadh agus h'éideadh go
bhfaicimís an bhfuil do ghnúis nó do chruth do
réir do láimhe nó do ghníomh dobudh mór ar
mbuidheachas dhuit dá chionn, óir is deimhin
go bhfuil do ghníomha doimheasdha gan coimeas
nó baramhail."



Is ann sin do éirghidh an macaomh 'na sheasamh
go hathlamh, agus sgaoileas a chathbharra agus a
éideadh dhe gurbhó soilléir sofhaicsiona dhóibh
a ghnúis álainn ainglidhe do rug bárr maisi agus
sgéimhe ó bhfacadar san saoghal roimhe sin.



"Guidhim féin thú," ar an inghion, "fá innisin
dhúinn cía thú féin nó caidhe h'ainm nó cía do
chinidheacha na cruinne dhuit."



"Inneósat sin," ar sé, "oír is díom a goirthí
roimhe so Séarlus amadáin, mac Don Cláro, isin
rígheachta so, agus do bhádhus um óinmhid agus
um amadán ocht mbliadhna dég, agus atáim anois
comh chríonna le neach oile, agus ainm oile fil orom
tréam ghrádh ridireacht' Don Carolus, agus an treas
ainm fil orom .i. Ridire na Leomhan, agus ar mbeith
ag siobhal an domhain dhamh le neart mo láimhe
a tárla isin Ghréig mé, áit 'na ccúalas iomrádh
na giústála sa isin mbaile si agus bhar n-iomrádh-sa,
a ríoghan," ar sé, "go ttáinic don mbaile so ané agus


L. 64


ar bhféachuin beagáin dona ridiribh dhamh do
smúainios cuairt do dhéanamh agad-sa a ríoghan,"
ar sé, "go bhfeasainn an budh áil leat mo chuairt
nó mo sheirbhís nó an budh áil leat mé mar fhear,
nó mar fhíor-chéile, agus damadh áil is mian liom
do bheith agam, madh olc maith ré a mbíaídh
um aghaidh é, agus munab áil ní chuirfiod búaidhreadh
nó trioblóid ar neach oile iomad; gurab é
sin mo sgéala agus adhbhar mo chuarta chugaibh
a ríoghan," ar sé, "agus foillsigh dhamh re do thoil
fírinne na n-adhbhar sin, óir níor fhoghlaim misi
suirigheadh nó síthmhearadh acht gaisgeadh agus
cródhacht agus gach ní do chríochnughadh gan
fhadáil acht do réir éigin." As ann sin do labhair
an ríoghan agus adubhairt:



"A ridire úasail," ar sí, "is neamh-olc linn
fear do láimhe, do thána agus do mhór-ghníomh, do
phearsann agus do mhaisi agus do dheadh-mhéine, do
bheith dár ttír agus dár ccrích féin, agus do-chuala-sa
h'alla agus h'iomrádh dá innisin a mbéul gach aoin
roimhe so, gur chuireas romham gan géalleadh
d'fhior nó d'fhíor-chéile isin domhan go bhfaicinn
féin thú; agus ar ccur teanta agus éigin dom athair
orom fám rogha céile dá roibh dom íarraidh do
ghlacadh, agus gan agam dul tair a chomhairle, do
fhuaras d'aisgidh úadha an ghiústáil úd d'fhógra
go ceann bliadhna, agus do gheallus dó gibé dob
fhearr lámh ann go bhfaomhthaoi mé dó, óir do


L. 65


mheas mé go rachadh iomrádh an chruinnidhe sin
a ccéin, agus go ttiucfá-sa do réir do chródhachta
ann mar chách, agus go bhfuighinn eólas mar sin
ort. Agus ní cheilim ort féin é anois, do bhrígh go
ccluinim thú dhá rádh nár chleachtais suirighe nó
sibheanradh as h'óige acht do chloichthighe agus
h'iolfhaobhair, agus nach áil liom-sa féin cealg nó
fad-thríall do dhéanamh acht m'fhírinne d'fhoillsiughadh
go fonnmhar dhuit, agus innisim dhuit nach
ttugas toil nó aonta d'aon-neach romhat, agus nach
ttiubhra ad dhíaidh an ccéin a mhairfir munab
ciontach thú féin de. Agus gidh eadh," air sí, "is
gúais liom nach ba deóntach m'athair leis an
ccomhrádh sin do aontughadh dhamh; agus ag sin
m'fhírinne dhuit, a chéad-shearc agus a chéad-ionmhuine,"
ar sí, "agus is deimhin go rabhas-sa a
cceas agus a ttuirsi d'eagla nach bhfaicfidh isin
chriunniughadh úd thú ar én-chor, agus anois is dóigh
liom go bhfuilid ridiridh na giústála sásda ar
imtheacht, agus fós nach ttig ní bhus mó ann tréasan
iomrádh do-chluinfid uaid-si, agus ní fheidir cionnas
do cuirfidhthear an t-adhbhar chum an rígh .i. m'athair."



"Ná bíodh sin 'na chás ort a ríoghan," ar sé,
"óir do-dhéan-sa féin an teachtaireacht sin, agus
luighim fám armaibh munba deóntach leis é go
mbainfiod-sa dhá bhfuil isin uile chumhachta dá
bhfuil aige faoí Dhía dhe thú ó do aontuigheis
féin dhamh."


L. 66


"Truagh sin," ar sí, "ní héidir sin gan mo
dhíth-si do theacht as, óir dá ccailtear thusa ann
atáim-si fá dhíth, agus dá marbhthar an rígh nó a
dhaoine is díth agus is díoghbháil damh-sa é."



"Ní dom dheóin-si thiucfas olc nó díth ann,"
ar Ridire na Leomhan.



Mar sin dhóibh go ttáinic neóin agus deireadh
an lae, agus ceileabhras an macaoimh don inghin agus
don mbantracht ar-cheana, agus gabhas an tslighe
chéadna amach ina ndeachaidh asteach, agus ba
hiomdha súil agá fhéachuin, agus níor bheag a
n-iongnadh fá bhfacadar d'iongantas lúith agus
lámhaigh aige.



A tárla an rígh ar an bhfaithche fón am sin a
ttáinic amach, ar tteacht fó iomrádh an iongantais
do-chualaidh dá n-aithris ó Ridire na Leomhan.
Agus ar ndul amach don macaomh tógbhas a
chleasa goile agus gaisgidh ós ard isin aidhér, agus fá
líonmhar na cleasa sin, agus teilgios seacht n-ubhla
úadha isin bhfirmameint a ndíaigh ar-oile, agus caithios
seacht ngaeithe leó, agus níor fhág ubhall gan amas
gan mharcadh dona rinn-ghaethibh sin, agus berios a
n-áirde 'na dheas-láimh a ndiaigh a chéile orrtha,
agus an sin teilgios na seacht ngaeithe an dara feacht
a ndíaigh a n-urluinne, agus teilgios na seacht n-ubhla
riú co nár fhág gath gan ubhall do ghreamughadh
for a mbárr, agus berios a ndíaigh ar-oile a n-áirde
fortha. Agus íar sin togbhus a shíath-chleas 'na
thimchioll co nach roibh ruinn ruisg nó radharc


L. 67


do aitheónadh gomadh dúil do déanamh duine
rena fhaicsin é acht gurab colamhain chomh-dhíreach
gheal-chruaidhe é do fhás as an talmhain,
óir níor bhreathnuigh súil dá bhfacaidh é go
mbíodh iomlat nó gluasacht bheag nó mhór aige
dá dhéanamh, gidh gurab le lúth agus re dlús do
theilgeadh 'airm 'na thimchioll. Do meastaidhe
mar sin é co nach bhféadfadh fir an bheatha guin
nó forghuin fair an feadh do bheith an cleas sin
'na thimchioll; agas gabhas fó thrí isin magh
ar an seóladh sin, co nár fhág aon, dá úaisle nó
dá ísle, gan uomhan agus imeagla dá bhfacaidh an
cleas iongantach sin; agus ba hiongantach é réna
fhaicsin; agus ba hiomdha cleas oile ro imreastar
ós comhair cháich do-chuaidh tair ríomh agus tair
áiriomh, do chuir aigneadh cháich ar aon-bhúaidhreadh
ag breathnughadh agus ag tráchtadh cía hé;
agus ní roibh meanmain aon-duine, ó bheag go
mór, ó ísiol go húasal, ó fhear go mnaoí, ó leanabh
go seanóir isin ccathraigh uile acht air féin amháin,
agus fós níor mheas a bhforgla gurab dúil nó déanamh
duine é acht dúil éigin táinic do thadhal na
talmhan le hiobriughadh na Tríonnóide dochum
an díoghaltais ar an lucht do thuillios é, gur
huaimhnigheadh uile íad, agus níor lamh aon-duine
sgéala d'iafraigh dhe, agus do bhí an ríoghan cona
bantracht agá fheithiomh. Agus, a léightheóir,
fíafraigh dhíot féin cionnas do bhí a meanmna
uime an uair sin.


L. 68


Dearcas an macaomh 'na thimchioll go bhfacaidh
an rígh do thaoibh dhe agá fheithiomh agus
éirghios ina dháil agus beannuighios go deadh-bhéasach
dhó agus léigios ar a ghlúinibh é 'na fhíadhnaise, gur
fháiltigh aigneadh cháich agus an rígh féin lena
fhaicsin agus na humhlachta do-rinne agus a tug don
rígh; agus tógbhas an rígh dia ghlúinibh é, agus fíafraighios
sgéala mar so.



"A mhacaoimh uasail," ar sé, "atá 'na iongnamh
linn cía thú, agus ní lamhaid na ridire si do
sgéala d'fhíafraigh, óir adeirid nach cúmhach
do-chuaidh dhóibh an mhéid do fhiafraighdar
dhíot; agus gurab aire sin dámadh toil leat do chathbharra
do sgaoileadh go bhfacaimís do ghnúis agus fios
do sgéala féin d'innisin dhúinn .i. cía d'úaisle an
domhain si dhuit, nó cáidh h'ainm nó do shloinneadh."



"A airdrigh," ar an macaomh, "do-ghéabhair
mo sgéala, agus do-ghéabhadh na sochaidhe eile don
chéad-fhéucht é dámo toil leó a fhíafraigh dhíom
a ccaoineas nó a ccinél, óir is don chríche si m'aithre
agus mo chinél, is díom do goirthidhe Séarlus amadáin,
mac Don Cláro, óir do bhádhus um óinmhid ocht
mbliadhna dég go bhfuarus mo leighios isin
Ghréig, áit inar hoirneadh a ngrádha ridireachta
mé agus 'nar fhoghlamas mo chleasa gaisgidh,
agus Ridire na Leomhan is ainm dhamh tréasan
sgéith si agam, agus ní bhfuilim anois gan chéil
acht críonna mar neach oile. Tángus d'iarraidh


L. 69


h'inghine-si ann so, agus tugthar dhamh í nó sgéala
dhá cheann; agus ag sin mo sgéala dhuit do láthair,
a airdrígh," ar sé.



"Ní fhéadaim-si sin d'fhoillsiughadh dhuit
anois," ol an rígh, "gan a chur 'na cead féin, óir
is í féin is comhairleach air, agus íar sin a chur a
ccead mo choimhairleacha oile do bhíos do ghnáth-chomhairleach'
orom."



"Go deimhin," ol an macaomh, "da ttugthá-sa
agus do chomhairle uile dhamh í gan a toil féin leis ní
ghéabhainn-si í. Gidh eadh cheana goir-si chugad
do chomhairleacha, óir is dóigh dhamh-sa gur beag
dhíobha nach bhfuil isin ccathraigh si ag aonach
agus ag aidhér forsan ghiústáil si, agus bíodh fios freagra
agad dhamh-sa go haithghearr, agus rachad-sa féin
d'agallamh na hinghine gidh nach cleasa suirghe
do ghnáthaighios, agus má dhiúltann sí mé luighim
fam bhréithir nach iaraim ort í, agus má iontuighann
dhamh go mbíaidh sí agam d'aimhdheóin a
mbíaidh um aghaidh."



"Do-dhéan-sa do chomhairle uime sin," ar an
rígh.



Agus beirios an macaomh agus dream oile dona húaisle
agus dona ridiribh sin leis dá dhún agus dá phálás féin
and oidhche sin, agus dealaighid cách ré giústáil
dhíobha ó sin amach, agus gluaisid cách dhíobha dá
ttíorrthaibh féin, agus do bhádar iomad d'úaislibh na
críche lán d'aigneadh agus do lúthgháire ar ccluinsin


L. 70


gurab don chrích féin an gaisgidheach do rug
bárr maisi, cumais, neirt, agus lúth ó churadhaibh na
cruinne fón am sin, agus fós iomad dhíobhtha 'na
lucht gaoil páirte agus cumainn agá athair agus agá
shinsiribh, co nach roibh lán beóil nó buan-teangtha
a ttalamh na Fraince uile an uair sin
acht Don Carolus amháin.



Dála na ríoghna, umorro, ar n-imtheacht gach
aoin don mhadh agus ar tteacht na hoidhche gabhus
ag teacht agus ag iomrádh ar Ridire na Leomhan
agus do ráidh:



"A bhantracht ionmhain," ar sí, "cía haghaibh-si
do-chonairc nó do-chualaidh isin domhan sa
fós samhail neirt agus nídhachuis, lúith agus lámhaigh,
maisi agus béus, frisin ridire si dár ccrích féin, agus a
bhuidhe risin Tríonnóid gurab é táinic ann, óir
ní mheasaim go bhfuil ó luighe gréine go héirighe
aon neach mar é, is é is úaisle modh agus onóir,
pearsa agus maise agus an uile shúbháilce oile dá bhfuil
isin mbioth uile. Acht cheana créad is úaisle
ann acht ceann agus foghluim, neart agus fortún, agus
fós sgéimh, agus atáid sin uile an san co nach fios ar
bith láoch is fearr iná é; agus ó aon athair amháin
a tángamar ar aon gur ghabhluigh mar sin, gidh
gur uaisligheadh agus gur ísligheadh gach dream agus
gach aicme agus gach duine ó sin a leith do réir na
subháilce réumh-ráite. Agus dearbhughadh oile atá
liom," ar an inghion, "go ttugas féin toil agus trom-ghrádh
dhá thréighthibh re cloistin 'iomráidh sul


L. 71


do-chonairc é agus sul do-chonairc an gaisgeadh lán-chródha
agus an lúth doiinnisin do-chím rem shúilibh,
agus nach bhfuil críoch nó cineadh dá ccúaladh
iomrádh fair nó dá bhfacaidh é gan mór-eagla agus
uomhan roimhe, agus gurab beag sin a bhfochair a
bhfuil dá aimsir roimhe ré clú agus ré móir-mheas do
thuilleadh dá bhfagha saoghal. Agus is maith liom
nach d'fhortún ar bith tugus searc nó toil acht
dona subháilcibh réamh-ráite, agus is eagail liom
nach aontuigheann an rígh dó mé, agus ní feairde
dhó, óir do-bheirim-si fom bhréithir nach bíadh
a chlaochló-san d'fhear agam an ccéin a mhairfiod
'mo bheathaidh, agus is mairg dhamh-sa dá
ndéantar feall nó fionghall air le druing éigin
dona ridiribh úd do chlaoidh san mbaile si, agus
is deimhin nach béinn féin beó 'na dhíaidh."



Agus ann sin tug sí peann agus páipéar chuice agus do
sgríobh litir chuige mar so:



A churaidh chródha agus 'én-ghrádh don chruinne,
Atáim lán do bhuaidhreadh um inntinn
d'eagla dream éigin dona ridiribh úd do
chlaoidhis isin ghiústáil do dhéanamh feille
agus fionghuile chughad, óir is deimhin gur lia
dot h'easccairdibh isin ccathraigh si ná dot
chairdibh, agus guidhim thú tabhair h'aire go
grinn dhuit féin agus cuingbhuigh agad an
búachaill si do chuireas chugaibh, óir is
maith an búachaill é agus is cúrumach grinn-bhéasach


L. 72


é, agus ní baoghal olc ad ghoire an
feadh bhíos dot choimhéad. Secranus 'ainm,
agus is eólach misi ar a bhéasaibh, óir is damh
féin do bhí ag fóghnamh ré treimhsi, gurab é
sin teagasg agus comhairle do chompáin go bás
.i. Clára.



Do Ridire na Leomhan darab ainm Séarlus.



Iar sin tug chuice inghion chruthach mhín-álainn
dá bantracht, neoch do bhíodh do ghnáth ina rún-chaidreadh,
agus cuireas éideadh sguibhéir 'na
timchioll. Tug an litir dhi, agus do theagaisg í ar-cheana,
agus cuireas leis an litir sin í; agus gluaisios
an sguibhéir, agus táinic mar a roibh Don Carolus,
agus tug an sgríbhinn dhó ina láimh, gur léigh í.
Agus do ráidh íar sin gurab óna athair a táinic, agus
gurab é an buachaill a sguibhéir féin; agus gabhas
an sguibhéir ag fóghnamh dhó amhail do bheith
aríamh roimhe aige.



Mar sin dóibh go héirighe gréine arna mhárach.
Agus éirghios an rígh íaramh, agus goirios a chonsuil agus
a chomhairleacha chuige agus cuireas an chúis
sin chuca.



"Más eadh, a Rígh agus a Thighearna," ar aon
acu, "ní cóir dot mhórdhacht-sa tár nó tarcuisne
d'fhulang nó do ghlacadh ar th'fhuil ríogha dá
chomh-shimplidhe súd do mhac ridire bhoicht
dot mhuintir féin, agus clanna ríogh agus prionnsaidhe


L. 73


líonmhar an domhain d'éara uimpe, agus ní mholaim
féin é ar én-chor."



Agus do ráidheadar uile an céadna. Agus adubhairt
dream aca gurab amhlaidh budh cóir, ó thárla
astigh aca é a bhféaghmhais arm agus édigh, cruinniughadh
uime agus a cheangail agus a chuibhriughadh
don chur sin agus bás agus bith-éaga do thabhairt dhó.



"Dar mo chubhais," ar fear aca, "ní hé sin mo
chomhairle féin don rígh, óir ní móide go
n-éireochadh an gníomh sin adeirthaoí libh, agus dá
n-éirgheadh ní maith rúne na feille. Agus is cosnamh
clú agus córa an tí úd, agus is dóigh liom gur tearc bean
isin chruinne nach díol fir dhí é. Agus dá nochtair
bhar mío-rúne fair budh dócha bhar n-olc féin do
theacht dhe ná 'olc-san, agus dá n-éirgheadh cogadh
nó coinsgleó oruibh ó phrionsa ar bith dá ttáinic
ann súd do budh maith an fortún an fear úd
agaibh da bhar tteasearguin agus é d'fhuil agus do
nádúir na tíre, agus molaim féin don rígh a fhágbháil
ag an ríoghain féin do roghain, óir is deimhin
nach ccuirionn an laoch úd chuice dá ndiúltaidh
sí aon uair amháin dhó. As í sin mo chomhairle-si,"
ar sé.



A tárla an sguibhéir óg .i. Sécranus gan
airiughadh dhóibh ina n-éisdeacht, agus lingeas go
hathlamh mar a roibh Don Carolus, agus foillsigheas
dó gacha a ccualaidh, agus do iarr air a éideadh
troda agus catha do ghabháil uime agus go roibh an
rígh agus a chomhairle isin imreasan sin.


L. 74


Iar cclos na sgéal sin do Ridire na Leomhan
gabhas a threalamh troda agus catha uime, agus a téid
mar a roibh an rígh agus adubhairt:



"A Rígh Franc," ar sé, "harrthuigthear leat
ar do chomhairle agus fionnaim úaid faoí neóin
anocht í, agus rachad-sa d'agallamh h'inghine go
bhfeasad a rún, nó cuir féin fios uirrthe go bhfeastar
a hintinn; óir luighim-si fóm armaibh nach
ccuirfead-sa na hairm nó an t-éideadh dhíom go
bpóstar an inghion muna ndiúltaidh féin dhamh,
agus nach bhfuil aon dá mbíadh um aghaidh uime
nach déanad guin ghalann dia chorp sul fhúigfead
an t-ionadh comhairle na bhfuilid, óir is deimhin
nach é a ccomhairle bhías de madh olc leó é."



"Cuirfead-sa fios uirthe féin," ar an rígh, "agus
ná fearguidhthear thú."



Imgheas an ridire úadh d'agallamh a sguibhéir
agus do thabhairt buidhe dhó, agus fágbhas an rígh
mar sin:



"Do-chím féin," ar an ridire sin dob óige don
chomhairle, "gurab í mo comhairle féin is fearr
anois, agus dá ttairgthidh a haithearrach go rabhamar
uile mílte."



"Is deimhin gurab fíor sin," ar an rígh, "agus
is í do chomhairle a bhías de."



Agus ba hadhbhal a n-eagla uile ar bhfaicsin Ridire
na Leomhan ina éideadh agus 'na arm. Agus cuirid
teachta go hathlamh ar ceann na hinghine, agus a
táinic sí gan fhuireach gus an rígh, agus nochtas an


L. 75


rígh dhí fáth a fheasa féin uirthe .i. go rabhadar
iomad rígh agus prionnsaidhe dhá hiarraidh, agus a
measg cháich go ttáinic aon-ridire amháin a táinic
go simplidhe dhá hiarraidh, agus gur don chrích
féin a chinél, agus gurab é lámh ghaisgidh dob fhearr
isin mbioth uile é, agus nach géabhadh gan isi
d'fhagháil muna ndiúltadh sí féin dhó, agus dá
ndéanadh nach iarrfadh í. "Agus anois," ar sé,
"dá ndiúltá é do shílfeadh gurab sinne do chuirfeadh
d'fhíachaibh ort é, agus ní ba sinn, óir ní
mheasuim go bhfuil don Ádhamh-chloinn inghion
rígh nach maith an chéile dhí é ar mhéad, ar
mhaisi, ar mhórdhacht, agus ar chródhacht, agus ar
lúth, agus ar lámhach, ar ghaisgeadh agus ar neart, co
nach bhfeadruim a shamhail oile do lúadh nó
d'iomrádh fám eólas isin domhan sa. Agus, a
inghion," ar sé, "déan-sa do chomhairle uime sin
anois, agus fáguim-si agad féin é acht gurab mó
mholaim dhuit a ghlacadh chugad mar chéile."



Do labhair an ríoghan a ccionn trill agus as eadh
ro ráidh:



"A athair ionmhain," ar sí, "dá ttugthá-sa
th'fhocal dhamh-sa gan fearg do dhéanamh liom
do-bhéaruinn fios fírinneach m'intinne dhuit fán
adhbhar sin."



"Geallaim dhuit nach bíonn fearg orom gibé
bhus toil leat a fhoillsiughadh."



"Más eadh," ar sí, "is deimhin go ccualas teist
agus iomrádh an ghaisgidhigh úd ría tteacht don


L. 76


chrích si dó, gurab uime sin do ttiúltas a ttáinic
dom iarraidh d'fhearaibh ar mhéad an ghrádha
tugas dá iomrádh agus dá thuairisg, agus is uime fós
do iarras an ghiústáil do fhógra a ndóchas go
ttiucfadh 'na measg amhail a táinic anois. Agus a
athair ionmhain," ar sí, "gibé díol is áil leat
orom dhá chionn, as í sin an fhírinne, agus measuim
gurab tearc rígh nó prionnsa isin mbioth uile is
mó iomrádh ná é agus is lia eagla roimhe ná é, agus
madh saoghlach é is deimhin go mbíaidh 'na
rígh agus go mbíaidh ríghthe ag géilleadh dhó; agus ag
sin m'intinn," ar an inghion.



"Más eadh," ar an rígh, "do chríochnuigh sin
ar ccomhairle, agus cuirfeam anois gairm air go
ccríochnuighthear an cleamhnas do réir a orduighthe
féin."



Agus do-rinneadh amhlaidh sin. Agus ar tteacht a
láthair don mhacaomh do nochtadh breith na
hinghine dhó, agus ba hadhbhal a lúthgháire agus a
mheanmna dhe sin, agus níor lugha meanmna na
hinghine. Agus íar sin do leathnuigh an sgéal sin
fána críochaibh go huilidhe, agus a táinic iomad
don ríoghacht fá cheann na bainnsi sin, agus a
táinic Don Cláro ann maille lé hiomad oile. Agus
do bhí an bhanais sin arna chongbháil aimsir
imchían, agus do pósadh an lánamhain sin re chéile
go sásadh tola agus aigionta cháich uile agus go háirighe
Don Cláro.



Agus an tan budh sáimh leó uile a n-aigneadh


L. 77


is ann ad-choncadar óglach dá n-ionnsaighe agus
glac mhór litreacha ina láimh leis, agus íarras eólas
go Ridire na Leomhan. Agus ar tteacht dá láthair
dhó úmhluigheas go deadh-oileamhannta dhó, agus
toirbhreas a thosga agus a litreacha dhó. Agus féachas
Ridire na Leomhan na litreacha agus as eadh do
fuair íad arna sgríobha leis an draoí .i. Sage
Malanta mur so:



"A úasail agus a ard-fhlaith," ar sé, "is
deimhin nach do chodladh do bhádhais an
tan do mharbhuigh na haithigh éugsamhla
.i. bráithre Rígh na Ciprus, agus do gabhadh é
féin leat-sa agus lé Rígh na Sorcha ar an bhfairrge,
agus do fhurtaigh sibh éigion agus bruid Mháriana
inghion Rígh na Calidonia .i. banríoghan na
Sorcha anois, agus fós mar do mharbhuigh Ridire
na Sleighe Deirge agus mac Rígh na hAribía an
tan táinic d'fhealladh oruibh féin agus ar ridiridh
na giústála. Agus an tan do léigeabhair an
t-aitheach úaibh agus an ridire anaithnidh níor
sguireadar ó sin amach acht ag cruinniughadh
na ccríoch agus na ccinidheacha agus lucht páirte
agus muinteardhais gur thógbhadar neart na
Pearsia na hArabia na Fénicia agus na Ciprus
agus iomad oile críoch agus cineadhacha, co nach
féidir ríomh nó áireamh dá n-aidhbhle nó
dá n-iomad, agus íad anois ar a n-astar do
dhíothláithreadh na Cailidonia do chéad-neithibh


L. 78


agus íar sin an Eóroip má fhéadadh,
agus atáid comh líonmhar agus sin go measuid
an chuid sin don domhan do chur dá réir
féin. Ar ccloistin na sgéal sin dhamh-sa do
sgríobhas a n-aoineacht chugad-sa agus go Rígh
na Sorcha, agus gabhaidh chugam-sa ann so go
seólainn dhíbh beagán atá riachtanas agus fós
go n-anadh sibh ré chéile ann so, agus muna
lúathaidh is deimhin go ttiucfaidh milleadh
mór as, agus go háirighe go ccaillfidhthear
Calidonia, óir is ann do thiucfat.



Agus ag sin bhar ccaraid .i. Malanta."



Iar léigheadh na sgríbhne do Dhon Carolus
gabhas socht agus brón adhbhal-mhór é, agus
fíafraighios an rígh agus an ríoghan adhbhar a bhróin
agus a thuirsi dhe. Innsios dhóibh, agus taisbeánas an
sgríbhinn dhóibh agus fós innsios ó thús go deireadh
máthair an chogaidh sin dóibh. Ba tuirseach
uile íad d'aithle an sgéoil sin.



"Más eadh," ar an rígh, "cuirfead-sa slúadh
líonmhar lán-mhór leat-sa dot threisiughadh agus do
chongnamh friot a n-aghaidh gach anbhforlainn agus
gach leatroim dá ttiucfadh ort."



"Is bríathar dham-sa," ar an macaomh, "nach
béarad aon-nduine liom acht mé féin agus an teachtaire
úd a táinic chugam leis na litreacha, óir do-dhéanaigh
sé eólas maith dhamh san tslighe."


L. 79


"Is gúais liom-sa anbhforlann do theacht ort
d'easbhaidh daoine do threiseóchadh thú."



"Truagh sin, a Aird-rígh," ar sé, "ní hé sin
is baoghal liom-sa acht an tan do-cluinnfidhthear
a ccéin misi d'imcheacht as an tír is gúais liom
dream éigin dona saor-chlannaibh úd do bhí ag
iarraidh h'inghine-si do theacht le neart slóigh
dot h'inghreim-si agus do bhreith na ríoghna leó, agus
luighim-si fámm armaibh dá ttí síad ann sin,
dá siubhlaid an bioth uile, go leanfad-sa íad agus nach
bhfágfad-sa a ccaomhna ar muir nó air tír faoí
thalamh nó ós a chionn. Agus is eagail liom inghreim
na hinghine. Gidh eadh ní fhéaduim oirisiugh
do dhéanamh gan mo choinghioll agus mo ghealladh
do chomhal."



Acht do chaitheadar an oidhche sin go
hathtuirseach imshníomhach. Agus gabhas arna
mhárach Don Carolus lámh ar astar agus ar imtheacht,
agus do ráidh ris an ríoghain agus fris an rígh gan tuirsi
do dhéanamh uime: "agus fós dá ttí lucht bhar
n-ionghrama oruibh ná bíodh amhras agaibh go
ttiubhra-sa sásamh bhar meanman féin dhíbh ar
tilleadh dhamh."



Agus do ráideadar-san gur dhoiligh léo a ghúais
féin nó baoghal ar bith dá roibh chuca féin 'na
fhéagmhais.



Ciodh thrácht ceileabhras an macaomh don
rígh agus don ríoghain, agus pógas go dil agus go díochra íad
araon agus Don Cláro .i. a athair, agus fágbhas iomairce


L. 80


beatha agus sláinte ag cách ó sin amach. Agus
cinneas for aisdeadh chliste chéim-lúthmhair, agus
ba fliuch súile agus ruisg ag banchuire agus ag cách
uile 'na dhíaigh. Agus ní haireastar a sgéala go
ráinic an Ghréig agus ann sin go dúnadh Ságe Malanto.
Agus a n-aoineacht táinic féin agus an Macaomh Mór
ann, agus ní héidir ré béal nó ré peann 'innisin nó a
fhoillsiughadh méad na lúthgháire do-ronsat
re aroile. Agus do-rinne Sage Malanto an céadna
riú araon, agus do thairngair a séun agus a bhfortún
dóibh araon; gidh go roibh cruaidh do-iomchair
ba meanmnach leó é, agus do chaitheadar treimhsi 'na
fharradh ag foghlaim cleasa agus cloith' agus gaisgidh,
gur cheaduigh an t-eagnaidh dhóibh imtheacht.



Agus do-chuaidh féin leó go hImpire na Gréige, agus
téid an Sage gus an impire gur innis táin agus
tuarasgbháil na deisi deadh-laoch dhó agus fáth a
tturais agus an ghúais a roibh féin muna saoradh
neart na ndeadh-fhear úd féin é agus iomad críoch
oile don rann Eorpa. Agus do-rinne mórán fáisdine
orrtha don impire. Agus téid an t-impire a ccuinne
na ndeadh-laoch uidhe imchían, agus do gabhadh aige
go muirneach íad, agus do freastuladh go honórach
leis íad, agus do chruinnidh slúadh lán-mhór leis
dóibh .i. fithche míle marcach agus dá fhithchiod
míle troigheánach do thogha agus do roighneadh a
mhuintire, agus do orduigh an urad oile do bheith a
n-ordughadh féadhma aige 'na n-oirchill léna
ngairm. Agus budh lúthgháireach é rompa, óir


L. 81


dob eólach an Sage agus do dhearbhuigh go minic a
fháisdine, agus fós do-chualaidh iomrádh na laoch
roimhe sin, óir do leathnuigh a ttáin agus a ttuarasgbhail
fon rann Eórpa uile.



Ba buidheach íad-san don impire agus dá chinél, agus
adubhairt Ridire na Leomhan nach bíadh ina
bheathaidh muna ccuidigheadh a chinél fris.



Acht cheana ar ccathamh treimhsi mar sin
dóibh a bhfochair an impire ceileabhruid dhó, agus
fágbhaid an slúagh adhbhal-mhór sin na ndíaigh
agus gabhaid féin rompa, agus ní hairistear a n-imtheacht
go ttángadar an Chalidonia.



Agus ar cclos don rígh go rabhadar ina ghoire
gabhas lonnas mór é, agus is súaill an úir thalmhan dá
iomchar le méad a lúthghára rompa, agus a tug
coinne agus comhaircis dóibh feadh thrí míle ón
ccathraigh go ttárla dhá chéile íad. Agus is
iongnadh mádh do-rinneadh roimhe sin nó ó sin
anúas nó má do-níothar san saoghal go bruinne an
bhrátha leath nó trían a ndearnsat d'iolghárdus
agus do lúthgháire fri aroile. Agus iar ccríochnughadh
dhá lúta glúaisid go meanmnach
aigiontach leith ar leith gus an ccathraigh. Do
tuirngeadh agus do dían-thoirmeadhdha srotha agus
aibhne agus uisgeadha na ród rompa gus an ccathraigh,
agus do tonnadh agus do líonadh íad súas an
athuair do chinél gacha blais fíona, co nach
biadh easbhaidh dighe ré tomaltus ar na sochaidhibh


L. 82


gan a bhfreastal ar na ródaibh go rángadar
gus an dún go meadhair agus go mór-onóir. Agus do
cóirigheadh an dún ar a ccionn co nárbh fhurus
'innisin nó a fhaisnéis leath nó trían a n-innill nó
a n-éagcoisg seachndeóin na caithreach uile. Agus
do bhádar amhlaidh go ttáinic na slúaigh Ghréagacha
chuca; má do bhí easbhaidh ar én-ní go
n-uige sin do leasuigheadh an sin é, agus do freastladh
agus do fritheóladh íad-séin go n-onóir ndoi-fháisnéisi
aithidh fhada.



Agus íar mbeith aimsir mar sin dóibh go meadhrach
is ann ad-choncadar leagáidigh agus teachtaighe chuca
ó Rígh na Ciprus le litreachaibh agus sgéala ag
iarraidh ar Rígh na Calidonia é féin cona choróin
ríoghachta do thabhairt dhó féin gan mhoill agus do
Rígh na hArabia a n-éiric na díoghbhála ro-mhóire
do-rinneadh dhó as a los dhóibh ar aon .i. aon
agus aon-oighre Rígh na hÁrabia .i. Ridire na Sleagha
Gile maille lé cúig céad ridire oile do roighnibh
a mhuintire do mharbhadh, ceithre fithchid gaisgidheach
gníomh-éachtach budh dearbhráithre do
Rígh na Ciprus agus budh lucht gaoil dhó do
mharbhadh mar an ccéadna, agus é féin do bheith
a mbraighdionas maslamhail aithidh fhada, gurab
aire sin táinic lé mór-neart na Ciprus, na hArabía,
na Persia, na Phénicia, agus iomad oile don domhan,
"atá 'nois a n-imeal do dhúithche agus do thalaimh
ar ndol tair an abhainn darab ainm Pontus," agus
gurab ionann dréim léna n-áiriomh agus le réaltaibh


L. 83


na firmameint'. Agus do ráidh fós nach iarrfadh
tabhartas coróna fair go mbaineadh amach í
maille léna cheann agus lé iomad ceann ar-cheana don
Eóroip "do shásadh mo dhíoghbhála." Agus do
chuir iomad oile do bhríathraibh sbídeamhla
chuige.



Agus ba tuirseach Rígh na Calidonia dhe sin, agus
do nocht na hadhbhair sin uile dona húaislibh
sin uile idir Ghréagachaibh agus oile, agus ba
meanmnach Ridire na Leomhan agus Rígh na Sorcha
don uirid sin dhá mbiodhbhaibh do bheith ar
aon-láthair aca léna cciorbhadh a ccionn an
anfhlaithis ro thairgseat agus an éagcóra. Agus adubhradar
fris an rígh gan dubha nó brón do bheith
fair go bhfaicfeadh féin an sásadh do-ghéabhaidís
uatha-san go huileadh. Agus ar síad "is calma agus is
tréan ríoghradh na Gréige linn agus an urdail oile
as an Spáinn agus as críochaibh lán-mhóra na Sorcha
agus gasraidh éachtacha na Calidonia, agus a-gion go
roibh an urad sin féin dá ttraoitheadh ba beag a
shochar bunuidh inar n-aghaidh-inne, agus go háiridhe
budh beag sochar an aithigh .i. Rígh na Ciprus
de má gheibh ceachtar aguinn radharc air a n-áit
a bhualte é." Agus cuirid an fhreagra sin, maille
lé tuilleadh, leis na leagáidibh céadna.



Agus ar n-imtheacht dhóibh do chruinnidh Rígh
na Calidonia a neart slóigh go ndearna ceithre
mhíle fhithchiod fear n-armach do chois agus d'each
iomlán súas. Agus íar sin do ghluaisidar an dá


L. 84


leomhan anghlonach' sin a réimthús a mhuintire,
agus cuirid an Sage a ccuinne slúaigh na Spáinne agus
na Sorcha agus dá ttreórughadh chuca go hionadh
an iombhúailte. Agus budh mairg mór don tslúagh
ar a roibh aghaidh na ccuradh sin a n-alt na
húaire sin dá bhfeasdís a ndála, gidh líonmhar a
slúagh agus a neart daoine.



Cidh thrácht ar ttoilleadh dona leagáidigh
réumh-ráite go Rígh na Ciprus, agus ar ccloistin
Ridire na Leomhan agus Rígh na Sorcha do bheith
ag teacht 'na chuinne gabhas uomhan mór é, agus
do ráidh go soilléir a measg cháich:



"A cháirde ionmhuin'," ar sé, "is baoghlach
dhíbh-si an bheirt dheadh-laoch úd, gidh líonmhar
do-áirmhe bhar ngasraidh agus bar ndeadh-laoich,
óir luighim-si fá na déeibh adhartha nach measuim
baramhail dá ccródhacht ar chlár fairsing na
talmhan ar lúth, ar lámhach, agus ar aigneadh,
ar laodhacht, ar neart, agus ar chródhacht, ionnus
gurab adhbhal an t-iongnadh liom úir na talmhan
dia n-iomchar ar mhéad a ccumais ann gach aon-ghné;
agus a cháirde ionmhaine, anois rigthaoí a leas
calmacht do dhéanamh, óir is deimhin go bhfuighe
sibh bhar ccur chuige," ar sé, "agus má theithchionn
sibh is gearradh saoghail dhíbh é gan amhras, agus
ní bhfuil do chumhdach oruibh acht calmacht agus
cródhacht mhór, aigneadh agus méad meanman do
ghlachaibh chugaibh, óir is cían 'na dhíaigh so


L. 85


a bhías gníomha gach duine dá innisin; agus ní bás
don tí a chuireas a chlú agus 'áireamh bith-bhúan
ar a ghníomhaibh goile agus gaisgidh a n-aghaidh
deagh-laodhach mar íad; agus ó tá sibh an urad sin
do roighneadh curadh ar aon-láthair anois, fionnaim
úaibh cía dhíbh choisgfeas an bheirt úd fris nach
ionchomhraic úathadh nó beagán buidhne, agus ar
ttús cía choisgfios Ridire na Leomhan san treas?"



"Misi chuige," ol Dúice na cCleas, mac Rígh
na hArabia, "óir is deimhin má chím radharc
air go cclaoifead a bhorr agus a úaill do chlár
comhleathan na talmhan so a ndíoghailt mo
bhráthar ros mharbh."



Agus is amhlaidh do bhí an mílidh sin, dá ndeachadís
na slóighte ar cumairce aon-láimhe isin mbioth
uile is ar a chúl do rachadís, óir ní roibh ó luighe
gréine go héirighe aon ba mó alla agus iomrádh
gaisgidh iná é, agus níor fhág cleas nó cluithe dár
fhoghluim don chatha a n-aon-aird dár shiobhail
don mbioth uile nár fhoghluim as 'óige, co nach
roibh do lán beóil nó búan-teangtha isin rann
Aifraic agus isin Aisia acht é 'na aonar.



"Beir búaidh agus beannachtain," ar an rígh, "agus
is deimhin gur deadh-mhaith do lámh chuige sin
do chomhal. Gidh eadh is gúais lán-mhór linn
do thuitim isin treas dá ndeachair ad aonar fris
an milidh úd, dóigh ní mar dhuine dhaonna
chaithigheas ar én-chor."


L. 86


Luighim-si fóm armaibh," ol Dúice na cCleas,
"gur chreathnuigh an gaisgidheach úd thú ionnas
nach measair fear dhá chlaoí do bheith ann, agus má
thig chugam-sa a n-éinfheacht, agus dá ndeachair-si
dá thaoibh, go ttraofad-sa sibh araon, agus nach
bhfuighe-sion a dhíon ar muir nó ar tír orom má
gheibhim radharc fair."



Gabhas fearg an rígh fris, agus do ráidh nach fada
go bhfaicfeadh sin ttá ttí an ridire Francach.



"Cá súaidheantus fil air?" ol an dúice.



"Ní beag dá innisin," ol an rígh, "méad a
bhuille agus balc a bhríghe, dlús 'iombhuailte agus
iongantais a neirt, agus atá sgíath aige as a n-ainmnithear
é ina bhfuil deilbh thrí leomhan ag troid
re haon-ghaisgidheach, agus is deimhin go bhfuighir-si
eólas fair go lór-ollamh," ar an rígh. "Agus
anois cía choisgeas Rígh na Sorcha isin deabhaidh
si?" ar sé.



"Sinne chuige," ol triúr chloinne Rígh Innsi
Chithidh .i. Ridire na Fleisge, Ridire na Sleighe
Buidhe, agus Ridire na nEach, agus is comhrac aonfir
comhrac linn, óir is d'aon-toirbhirt sinn," ar síad.



Agus is amhlaidh do bhádar an triúr sin agus fleasg
lán-fhada ag an chéad-fhear 'na láimh chlí d'ór
álainn Aifraice, agus dob adhbhal í, agus níor chúram
do mhac míosa a hiomchar ar a héadruime; agus an
tan ba hanbhfonn dó a ttreasaibh nó a ccomhlannaibh
do chraitheadh an fhleasg ar aghaidh a chéile
comhraic go ccuirfeadh tréasan saoghal a bhfíansgar


L. 87


é, go léigeadh féin a sgíth, agus an bheirt oile 'na
dhíaidh ag tabhairt a n-aire dhó. An dara fear
.i. Ridire na Sleighe Buidhe, do bhí sleagh thrí-uillionnach
órailte aige, agus is súaill má do slánuigheadh
aon-neach for ar dheargadh fria. Agus an
treas ridire .i. Ridire na nEach, do bhádar trí
heich bhláithe dheadh-bhéasach' aige agus dá
leagthaoi gach feacht é do ghéabhadh each
dhíobhtha, nó íad 'na ttriúr, ar a nglúinibh 'na
ghoire go lingeadh urthaoi, agus ní lamhadh aon a
ttadhal acht a ttríath féin a n-aimsir iomghona; agus
ba cródha mór-mheanmnach na tréan-ridireadha
sin; agus do ráidh an rígh dá ngabhadís uile a
chomhairle go mbéardís neart slóigh friú; agus do
ráidheadar-san cheana nach déndís a chomhairle.



"Más eadh," ar an rígh, "luighim-si fóm
armaibh nach ttuillionn aon agaibh tair ais arís
ina bheathaidh dá mbéardís na ridirigh úd a
n-áit iombhuailte oruibh."



Acht cheana do bhádar-san ag sgige agus ag fanóid
fon rígh.



Iomthúsa an tSage do-chuaidh do threórughadh
slúagh na nGréagach go hionadh na ccuinne, go
ttárla Rígh na Sorcha, Ridire na Leomhan, agus
slúagh adhbhal na Calidonia dhóibh, agus ba hadhbhal
a lúthgháire fair, agus is é líon do bhádar ann sin
.i. céad agus fithche míle eidir chois agus each, agus ba


L. 88


cródha mór-mheanmnach an t-sochraid sin, agus do
fhoillsigh agallamh Rígh na Ciprus lé Dúice na
cCleas agus ré triúr mac Rígh Innsi Chithigh do Ridire
na Leomhan agus do Rígh na Sorcha.



"Más eadh," ol Ridire na Leomhan, "geallaim-si
Dúice na cCleas do chosg isin treas sin."



Agus do gheall Rígh na Sorcha an céanna ar chloinn
Rígh Innsi Cithidh.



Do sinneadh aca a n-iomad guth binne agus a
n-adharca furfhógra agus a ccaismearta toghthighe
lán-siubhail, agus ní haireastar a n-eachtra go rángadar
aghaidh ar aghaidh frisin slúagh n-eachtrann, co
nach roibh acht an abhann eatarra darab ainm
Pontus. Agus ba deireadh laoí an tan sin, agus do chuir
cách dhíobhtha a bhforraireadha teanna tréan-neartmhara
ós comhair a chéile an oidhche sin
go héirigh gréine arna mhárach. Agus do shuigheadar
a bpuible agus a longphuirt ós comhair ar-oile,
agus fá cóirighe cliste sgáthmhar furachair cách
dhíobha ós imlibh na habhanna sin agus ag ordughadh
na slúagh sin a n-oirchill an laoí arna mhárach.



Acht cheana ar ttuitim do rée dhorcha na
hoidhche do labhair Ridire na Leomhan ré Rígh
na Sorcha agus as eadh ro ráidh:



"Do mholfuinn féin dhúinn cúairt do dhéanamh
a longphort na nDanar anocht," ar sé, "agus ar
sdéada d'fhágbháil, óir is amhlaidh is lugha
braithfithear sinn go n-imrimis neart ar lúith agus ar
lámhaigh dár ccois orrtha."


L. 89


"Beir búaidh agus beannacht, a laoich nár ob
cuntar nó deabhaidh dá chrúas aríamh," ol an
rígh, "is maith an chomhairle sin, agus déantar
linne í gan mhoill."



Agus ar n-innioll a mhuintire dhóibh ar sgáth a
ttríath agus a luthghoile glúaisid féin gan fhios gan
áiriomh gus an abhainn mhór-chonfadhach sin,
agus do éirgheadar ar aon go héanamhail aidhéardha
d'urlannaibh a sleadh agus do bharraibh a ccraoiseach
go ndeachadar tair an abhainn lán-fhairsing sin
gan ro-chás agus as sin go longphort na nDanar.
Agus gabhaid ag éisdeacht cháich sealad. Agus gach
aon dá bhfaiceadh íad ní shamhluigheadh nach
dá mhuintir féin íad, gur chaitheadar seal don
oidhche amhlaidh sin.



Is ann sin adubhairt Ridire na Leomhan gur
mhithe leis a chúairt do dhéanamh agus tilleadh
go a mhuintir d'eagla amus longphuirt do thabhairt
orrtha. Agus druidios ar aghaidh longphuirt Rígh na
Persia a ccoithchionn, agus teilgios a ubhall-chleas
fris gur mharbhastar go lán-tobann é. Agus íar sin
gabhaid ar aon ag uirleadh agus ag leadradh agus ag
marbhadh agus ag lán-ghearradh corp agus cnámh agus
caomh-cholna seachndeóin an longphuirt mhór-fhairsing
sin, gur trom-loiteadh laoich, gur dían-bhásuigheadh
curaidheadh, agus gur dalladh mílidheadh
sul dob éidir a n-airiughadh. Acht cheana do
cuireadh coinsgleo agus mór-fhúasnadh isin ccampa
go huilidhe. Gidh eadh ní ar meatacht nó ar


L. 90


míolaodhacht do gabhadh sin ag an dá charaic
dhoibhriste, acht gabhaid mire mheanman agus
aigionta chuca, agus gabhaid ag gearradh, ag
sluigheadh, ag sléachtadh, ag sraonadh agus ag
leadradh, ag madhmadh agus ag díothláireadh corp
agus ceann, cos agus caomh-cholna treimhsi fhada don
oidhche, co nárbh fhéidir ríomh nó áiriomh nó
meas do chur ar méad an mharbhtha do-rinne
an dá anchoin lán-chonfadhacha sin ar na slúaghaibh
ar feadh treimhsi, co nár smúainidar na
hallmharaigh uile nach roibh iol-mhílte agá ttrasgairt
go ttáinic deireadh oidhche chuca. Agus
an sin gabhaid go huaigneach tréasna cathaibh
go ttángadar an abhann réumh-ráite, agus go ttángadar
go héanamhail thairsi, agus muna mbeith giorra na
hoidhche ní bheith áireamh ar an díthláithreadh
do-dhéantaoi friú. Agus ar n-imtheacht, is ann do
chruinnidar na slúagha adhbhal-mhór' as gach
aird don chath, agus ní bhfuaradar acht an t-ionadh
fholamh íar ndéanamh díthe doiaisnéisi dona tréan-fhearaibh
sin do imidh úatha; agus ní tháinic
iongnadh ba háidhbhle leó-san nó cionnas tángas
orrtha gan airiugh, ar fheabhas a lucht faire agus
coimhéada, go ttáinic Rígh na Ciprus do láthair
agus go ndubhairt riú gan iongnadh do bheith orrtha,
agus ar sé:



"Gidh iongnadh adhbhal ribh-si súd, is cuma
ag an dreim do-rinne é. Agus do-chífe sibh iomad
iongantais is aidhbhle iná é ag an mbeirt dheadh-laoch


L. 91


a táinic ann súd, óir ní tháinic chugaibh
acht íad cheana, agus níor chás leó teacht tair an
abhainn; agus atáid agam-sa," ar sé, "naoí leomhain
neimhe, agus trí mathghamhna chonfadhacha, agus cúig
chéud amhas fromhtha arna ndearbha a neart agus a
ccumas gaisgidh, agus is fearr comhlainn céad gach
aon dona haitheachaibh sin agus ní measa na leomhain
agus na mathghamhna, agus dá ngabhthá mo chomhairle-si,
a Dhúibhce na cCleas, do-bhéarthá na leomhain
leat id thimchioll dochum comhraic Ridire na
Leomhan, óir is dearbh nach ionchomhraic neach
isin mbioth fris dá bhfagha cothrom diúbhra ice, co
nach roibh guth ar neach a dhíthchioll do dhéanamh
air san am do bhí a láthair. Agus do mholfainn
do chloinn Rígh Innsi Chithidh céad amhas do
bhreith leó dochum an Mhacaoimh Mhóir, agus muna
ndearnair amhlaidh bu díoghbhálach sibh féin dhe.
Agus sin mo chomhairle féin dhíbh," ar sé.



Do moladh sin le cách uile acht amháin Rígh
na hArabía tug móid nach géabhadh ór na cruinne
agus leatrom comhraic nó comhlainn d'iarraidh ar
neach isin mbioth acht lúth a láimhe agus neart a
chuirp agus faobhar agus ranna a arm. Agus adubhradar
clann Rígh Innsi Chiothidh an ccéadna. Agus tugadar
uile a mionna nach bhfuil aon dá ttiucfadh dá
ttreisioghadh isin iomghuin sin nach déanadís
féin air amhail a mbiodhbha. Agus do cuireadh
fógra ar an chomhrac sin go Ridire na Leomhan
agus go Séadhna Saor-bhéusach, agus ba luinneach lúthgháireach


L. 92


cách dhíobhtha um an fhuráil láin-ullamh
sin. Agus freagraid go haibéil é, agus do toghadh
ionadh an chomhraic eatarra leith air leith, agus gabhas
gach aon díobha a n-earradh áidh agus iorghuile
umpa, agus glacaid a sdéada lúthmhara troigh-éusgaidhe,
agus do sinneadh aca a ccaismearta furfhógra,
agus druidid an seisior saor-churadh sin a ccuinne
ar-oile go ttángadar go hionadh ionchaithmhe a
n-arm dá chéile. Is an sin do síneadh na sé sróil-mheirgeadha
catha sin eidir na Samsonaibh
doieadrána agus na sé hEarcuill anghlonach' agus na
sé cairge doibhrisde agus na sé buineadha brátha agus
na sé cinneadha catha, agus gabhaid ag teilgion a
ccleas lán-fhaobhrach lúith fri ar-oile. Is ann sin
do chuimhnidh Dúibhce na cCleas a fhíoch agus a
fhala agus a mhiosgais do Ridire na Leomhan, agus a
tuarngios a sgíath go hainíarmartach fair agus a
tug béim neartmhar aintréan doichríochnuighthe
saoghail a mullach a chinn agus a chinbheirte, gur
chuir táimhnéull mearaighthe agus tinntighthe
dofhulaing a ccionn agus a ccroidhe an churadh,
co nach roibh a bheag nó a mhór dhá chéadfaidh
for a chumas, acht é ar chomh-mheisge a nglaic
a sdéide seachneóin an mhuighe mhór-fhairsing
sin, agus muna mbeith dearbhthacht a chinnbheirte
do sgoiltfeadh an béim sin go smig é. Is ann
sin do chlis an mílidh as a néall .i. an tan do
goireadh iolghártha ad-chlos a bhfraoiche na
firmameinte .i. gáir mhaofe na bPágánach agus gáir


L. 93


chaointe na cCríostaidhe; agus is truagh mar do
bhádar a n-alt na huaire sin, agus go háirighe Séadhna
Saor-bhéasach, dá ndochar deabhtha agus dá tteanta
anbháil, gur chlis agus gur bhíogastar an curaidh
cath-chalma a nglaic a sdéide agus is súaill nár
éirghe 'sna firmainte le mire feirge agus le méad
meanman agus le rachta aigionta. Agus tuilleas ar
Dhúibhce na cCleas, agus is mairg for a ttug aghaidh
fón am sin a tteas a fhirge agus a mhór-chonfa; agus a
tug béim díoghla agus achbhusán ogla don Dúibhce
a mullach a chinnbheirte, agus gidh do chuir an
Dúibhce a sgíath ro-dhearbhtha eidir é agus an
bhuille do sgoilteadh an sgíath tair dhó, agus an
cathbharra lán-chruaidh, gur sgaith blaosg chnáimh
an chinn do dhíon na hinghine gur thuit an mílidh
a ttaisibh agus a ttáimhnéullaibh gan éirghe nó neart
conganta aige ar féin nó ar neach oile.



Féachas Ridire na Leomhan 'na thimchioll, agus
ad-chonairc Séadhna Saor-bhéusach ar marbhadh
Ridire na Sleagha Buidhe, agus Ridire na Fleisge ar
ttógbháil na fleisge draoidheachta eidir é agus an
sdéad sgáthmhar ar a roibh Rígh na Sorcha, gur
chuir fíansgar agus dían-mhire uirrthe, co nár fhéad
an rígh a stiúbhradh nó a congbháil acht í ar
dían-mhire seachndeóin an mhuighe mhóir-fhairsing
sin, agus Ridire na nEach ina dhían-leanmhain, agus a
dhá sdéad chlisde lúthmhara ro-bhéasacha 'na
leanmhain ag cur náire agus aithmhéala ar an churaidh.
Arna bhfaicsin amhlaidh sin do Ridire na Leomhan


L. 94


druidios a ccuinne Ridire na Fleisge, agus do thóg
an fhleasg a ccéadóir gur thill an sdéad le draoidheacht
na fleisge. Cuimhnígheas Ridire na Leomhan
ar a ubhall-chleas, go ttug urchar coimh-dhíreach
neamh-chlaon di, gur bhuaileastar a sinistribh a
chluas é, go rug méad an ubhaill dá inchin tair
an chluais ar-aill. Agus díthcheannas Ridire na
Leomhan é, agus íar sin thógbhas an fhleasg chuige
féin; agus íar sin iompuighis Rígh na Sorcha, íar
n-imtheacht na fleisge, le Ridire na nEach, agus tug
urchar áigh dia omna fair, gur bhuaileastar a lár
a sgéithe an Ridire, gur tholl agus gur lán-bhris an
sgíath dhaingion dhoibhrisde agus an lúireach shreabhnaidhe
shaor-ghréasach agus an cotún cadad comhdhlúith,
gur chuireastar tré chroidhe an churadh
gan choigill é, gur thuit marbh ar díth anma
íaramh, agus díthcheannas é.



'Na díaigh sin tógbhaid an dá shlúagh sin iol-ghárrtha
úathmhara allata ós áird, ionnas gurab
suaill nach ccuirfidhe mná agus leinibh a ttaisibh agus
a ttáimh-néullaibh báis le húathmhuire agus re
hollghlór na mór-ghárrtha sin .i. na Págánaigh
ag caoíneadh a ndíthe agus na Críostaidhe ag comaoidheadh
na n-éacht sin.



Dála Ridire na Leomhan, glúaisios go haibéil go
hairm ar fhág Dúibhce na cCleas, agus níorbh fhorainm
a ainmiughadh as a chleasa guile agus gaisgidh, lúith
agus láin-neirt, go halt na huaire sin, agus a táinc
ós a chionn agus fiafraighios cionnas ro bhí.


L. 95


"Atáim go hanbhfann," ar sé, "agus níor shíleas,
a churaidh is fearr lámh, fear dom chlaoí do bheith
faoí choim na gréine go ttárla thusa liom, a
ghaisgidh is fearr tréithe dár shiobhail ar bhioth,
agus atá ina iongnadh an talamh trom-fhóideach dot
iomchar ar áidhbhle do ghníomh guile, agus dá
mbéinn-si ad th'eólas mar do bhí Rígh na Ciprus
is deimhin nach éireóchuinn id h'aghaidh ar
én-chor, agus ós anois atáim a n-eólas do lúith is
dursan gan mo bheith slán dochum síthe do
shadhmadh eadruinn leith ar leith."



"Luighim fóm armaibh," ar Ridire na Leomhan,
"gur measa liom gúais do bháis nó gúais an
chogaidh si uile, óir ní fhacas fear do ghníomh nó
do neirt aríamh romhad acht amháin an Macaomh
Mór .i. Rígh na Sorcha."



Is ann sin a táinic an Macaomh Mór chuca
amhail do bhádar ar an ccaoineas comhráidh sin,
agus do ráidh le Ridire na Leomhan go bhfacaidh
slúagh na nDanar uile ag glúasacht amhail do
bheithdís ag tríall chuca, agus do ráidh Ridire na
Leomhan gur bheag a chás féin ionta.



"Ná habair sin, a ghaisgigh is fearr san mbioth,"
ar Ridire na cCleas, "oir atá neart doi-fhaisnéisi
ann súd nach bhféaduim-si tréam anbhfuinne agus
tréam neimh d'fhoillsiughadh dhíbh, agus imidh ré
búaidh an laoí aniodh, agus díthcheannaigh misi, óir
ní shílim a bheith beó ar én-chor, nó beiridh libh
mé do réir bhar ttola."


L. 96


"Dom chubhais ní mhuirfium thú," ar Ridire
na Leomhan, "agus má féidir lear leaghaibh do
leighios do-dhéantar linne é, óir ní fhacas lámh
mhaith ghaisgidh aríamh nach ccaillfeadh a bhás
orom gion go muirfuinn féin a cceart comhlainn
é, agus gabh-sa aigneadh chugad óir ní thaisdeóchaidh
aon-ní úaid."



Gabhas an dúibhce buidheachas fris, agus iarras a
thógbháil ar each. Agus do-rinneadar amhlaidh, agus
glúaisid leith ar leith go a longphort, agus ba hádhbhal
lúthgháire a muintire rompa, agus níor chás leó a
mbás uile ag cosna córa na ndeadh-laoch sin.
Agus do éirghidh neart agus aigneadh isna slúaghaibh
le faicsin cródhacht na ndeadh-laoch réamh-ráite.
Agus do thigseat leagha feasacha fír-eólacha dochum
an dúibhce gur ghlansat agus núa-chóiridhseat
cneadha agus créachta a chinn agus a chuirp, agus gabhaid
do láimh a leighios gan gúais báis go haithghearr;
agus ba meanmnach Ridire na Leomhan dona
sgéalaibh sin.



Ciodh thrácht ba tuirseach Rígh na Ciprus
cona longphort an oidhche sin, agus do chuir fógra
catha go Rígh na Sorcha arna mhárach, agus do
ráidh nach bhfuigheadh féin nó aon dá mhuintir
a ndíon nó a n-anacal ar muir nó ar tír air dá


L. 97


ndéndís énghreim nó easonóir don dúibhce.



Do raidh Rígh na Sorcha gur dhoilighe leis
éisteacht a bhríathar agus borr a theangtha, agus go
ndíogheóladh fair é. Agus cuireas an t-aitheasg
sin ris na teachtaibh tair a n-ais, agus goireas Dúibhce
na hArabia na teachta chuige, agus sgríobhas leó
dochum an tí fá ceann fora a mhuintir .i. for
cheithre fithchid míle fear n-armach do mhuintir
na hArabia, agus do íar fair fá phéin a mhilte agus a
mhughaidh an slúagh sin do tharraing as an
ccampa a n-aimsir na deabhtha agus na troda arna
mhárach, agus gan congnamh do thabhairt dhóibh
go bhfaghadh claochló sgéal uadha-san do-rídhis.
Agus tillid na líagáidigh tair a n-ais, agus foillsighid a
sgéala do chách, agus do ráidheadar fós gomadh
adhbhar uomhain agus ursgátha buain le comhrac
Rígh na Sorcha cona mhuintir.



"Is bríathar dhamh-sa," ol Rígh na Ciprus,
"nár chás linn a muintir dá mbeith a n-urdail
fó thrí inar n-aghaidh dá ccoisgfigh Ridire na
Leomhan agus Séadhna Saor-bhéusach amháin
dhíom, agus gidh eadh má fhéadaim-si go ccoisgfead
íad isin iomghuin si amárach."



Agus íar sin cuireas fios agus gairm ar a chúig chéad


L. 98


aitheach, ar a leomhain, agus ar a mhathghamhnaibh,
agus goireas ar Ridire na mBúadha mac Dúibhche
on Trebisond agus as eadh ro ráidh fris:



"A Ridire na mBúadha," ar sé, "is fírinneach
díleas an t-ainm dhuit Ridire na mBúadha, agus is
dóigh liom nach rugadh buaidh ort aríamh lé haon
don Ádhamh-chloinn gidh líonmhar do féuchadh
a ccathaibh agus a ccomhlannaibh thú seach na
cruinne, agus atá mo dhóigh féin gurab tú bhéaras
búaidh Ridire na Leomhan, agus cuirfead-sa na naoí
leomhain chonfadhach agus na trí mathghamhna
anghlonnach do-rinneadh agus do hoileadh dochum
an fheadhma sa leat, agus céad aitheach go ccomhlann
céad ann gach aon dhíobh ad thimchioll dot
chúmhdach ar dhían-bhuilleadhuibh Ridire na
Leomhan. Agus is dóigh liom-sa gomadh ionchathuighthe
thú re haon don chinél dhaonna, agus
fionnaim do bhrígh agus do chródhacht, h'uaisle agus do
lán-bhrígh ar Ridire na Leomhan 'na aonar, agus
ná tabhair h'úidhe nó h'aire d'fhéim ar bith isin
treas acht é 'na aonar, óir is beag ar ccás búaidh
do bhreith ar rann Eórpa dá ccoisgir Ridire na
Leomhan dhínn," ar sé.



Gabhas Ridire na mBúadh do láimh go ccoisgfeadh
Ridire na Leomhan isin treas sin, agus do
cuireadh na leomhain, na mathghamhna agus an céad


L. 99


aitheach réamh-ráite chuige dá longphort an
oidhche sin a n-oirchill na maidhne arna mhárach,
agus fá meanmnach leis a aigneadh san ccéim sin
d'fhagháil.



Agus íar sin táinic Ridire na Beirte Úaine ón Affraic
do láthair, agus do ráidh go ccoisgfeadh féin an lámh
oile ghaisgidh ba baoghlach ag na Críostaidhibh.



"Beir búaidh agus saor-bheannacht, a churaidh
chródha," ol an rígh: "is maith t'fheidhm agus do
thréithe guile ris sin do chomhall, agus cuirfead-sa
ceithre chéad aitheach go neart céad an gach aon
dhíobh umad-sa dot chumhdach ar fhaobhraibh
cíocracha Rígh na Sorcha, agus ní cás linn na
sochraide oile do chiorbhadh dá ccoisgfighthe an
bheirt sin dínn," ar sé.



Agus gabhas ann sin ag ordughadh a mhuintire go
dlúith daingean doibhrisde ar feadh na hoidhche
sin go héirghe gréine 'na ruithneadh ghlan-sholasda
arna mhárach.



Dála Séadhna saoi-bhéusaigh cona mhuintir
gabhaid ag ordughadh a muintire mar an ccéadna
go ndearna ceithre catha commóra dhíobha, agus
do horduigheadh dhóibh gan cathughadh isin
iomghuin sin go bhfaiceadh dlús an iombhúailte,
agus an sin an t-éigion budh mó do fhreasdal lé druing


L. 100


don uibhir sin, agus gan bun an tslóigh do chur isin
ngleó go ttigeadh ordughadh Rígh na Sorcha. Agus
a tugadh ordughadh na cceithre ccatha oile
don Ridire Fhionn mhac Rígh na hEaspáinne ar
an ccéad-chath, agus an Ridire Clisde mhac Iarla na
nGarmann ón Spáinn ar an dara catha, agus stíobhard
an Impire Ghréagach ar an treas córughadh, agus
dearbhráthair do Rígh na Calidonia ar an cceathramh
cath. Agus do thógsat míle ridire do roighne
na slúagh uile do ghárda ar Ridire na Leomhan
agus ar Rígh na Sorcha, óir do innis an Ságe .i. an
t-eagnaidh, dhóibh an t-ineall marbhtha agus mughaidh
do cumadh chuca.



"Luighim fám armaibh," ar Ridire na Leomhan,
"gur beag a tharbha sin dóibh, óir an mhéid is
féidir dhóibh d'ollmhughadh ar dhruim domhain
fár ccuinne nach saorann úainne íad, agus nach
bhfaghaid na haithidh nó fós Rígh na Ciprus a
ndíon ar muir nó ar tír oruinn."



Do-chualaidh Dúibhce na cCleas na bríathra
sin agus adubhairt:



"A Ridire na Leomhan," ar sé, "is deimhin
liom gurab tú amháin aon-lámh ghaisgidh na
cruinne agus gurab é Rígh na Sorcha an dara lámh.


L. 101


Gidh eadh tabhraidh do bhar n-aire nach bhfuil,
agus nach roibh, agus nach bhfacais féin nó aon oile
gúais nó gábhadh mar an ghúais a bhfuiltidh ar
aon anois, agus do choisg misi mo mhuintir féin dhíbh
don dul sa, agus is deimhin dá mbéinn um shláinte
nach léigfinn leatrom oruibh-si go feadh mo
chumais muna ttigeadh dhíom síth do dhéanamh
eadraibh-si, óir do ghrádhaighios go hadhbhal sibh
tré fheabhas bhar ngníomh agus bhar miotail."



"Is bríathar dhamh-sa," ar Ridire na Leomhan,
"gurab cumaoin dhuit agus gur measa liom do
chuntar nó mo ghúais isin iomghuin amárach, agus
guidhim thú d'eagla na bhfiabhras coisg dot
chaint."



Agus do íarr ar na doctúiribh dúthracht leighios
do dhéanamh dhó, agus fágbhas iomchomhairce
beatha agus sláinte aige, agus ba hádhbhal a chúram uime.



Íar n-imtheacht do Ridire na Leomhan ón
Dúibhce ba doimheasta a chúram agus méad a
dhoilghios d'eagla Ridire na Leomhan nó Rígh
na Sorcha do thuitim isin deabhaidh sin, agus gér
mhór a thinnios agus a dhócal do sgríobh an dara
feacht go ginerál a shluaigh, agus do orduigh dhó
fa phéin 'anma agus a inmhe cúram súl do
chongbháil ar Ridire na Leomhan agus ar Rígh na
Sorcha, agus dá bhfaice ceachtar dhíobha nó íad ar


L. 102


aon a mór-ghúais é féin agus iomlán a mhuintire do
thiacht dá ccabhair, agus gan sin do dhéanamh acht
maille lé héigion doifhulaing. Agus do chuir a
sguibhéir féin leis an sgríbhinn sin co nach
ttiobhradh cách baramhail do neach oile, agus
sgríobhas litir eile go Rígh na Ciprus co nach
braithfidhe an sguibhéir ar aon-mhodh. Agus do
imghidh an sguibhéir, agus do thoirbhir a litir don
rígh don chéad-fheacht agus íar sin don ghenerál gan
airiughadh do neach ar bith, agus tuilleas go Dúibhce
na cCleas.



A ndála go n-uige sin.



Dála na slúagh ar gach leith do éirgheadar go
moch-sholas gréine arna mhárach, agus gabhas
gach aon a réim féin isin deabhaidh, agus do labhair
Ridire na Leomhan lé Séadhna Saor-bhéusach,
agus as eadh ráidh:



"A chara ionmhain," ar sé, "is deimhin nach
bhfuil do sheilg ag na Págánachaibh si ataoí inar
n-aghaidh acht sinne ar aon, óir dá cclaoidhid sinn
is leó búaidh do bhreith ar an rann Eórpa oile don
chur sa, gurab aire sin nár chás sinne do thuitim
dhe a bhfochair na n-olc oile do shílim dá bhíthin,
agus ní léigim-si a leas sibh-si do ghríosughadh, óir is


L. 103


tú féin aon-lámh ghaisgidh na talmhan, agus do-chluinim-si
go bhfuil Ridire na mBuadha mac
Dúibhce na Trebisond chugam-sa aniodh maille
naoí leomhain agus trí mathghamhna anghlonnacha,
agus íad uile fromhtha déanta dochum na deabhtha
sa, agus céad aitheach go neart céd ann gach aon
dhíobha, agus má fhéadaim-si ní bhfuighid a ndíon
form aniodh," ar sé. "Agus a chompáin ionmhain,
is imeaglach mé umad-sa, óir is doimheasta
comhrac Ridire na Beirte Úaine ón Affraic go
cceithre chéad aitheach."



"Ní bhfuil a n-eagla orom" ol Rígh na Sorcha
"agus is mó m'eagla-sa dhuit-si fó thrí ná dhamh
féin."



Is ann sin a táinic an Sage Malanto chuca agus
adubhairt:



"A Ridire na Leomhan," ar sé, "níor fhágbhas-sa
aon-chleas dár fhoghuin don ló aniodh gan
déanamh dhuit, agus atá sdéad agad nach ttrasgarthar
neach dá druim, agus do chuireas-sa éideadh
éadrom soiomchair uimpe ar nach deargaid ranna
ná iol-fhaobhair, agus ní claoítear í, agus anois éirghidh
amach ar séun ratha, agus is gúais liom gidh maith
sdéad an rígh go cclaoifidhtear í. Acht cheana


L. 104


cuimhnighidh a mhéad atá ann bhar ngeall aniodh
don domhan sa" ar sé.



Agus íar sin ceileabhraid dá chéile, agus tugadar-san
a bhféim chubhaidh do chách, agus gabhaid féin
rompa mar dhá ghréin shuaitheanta ro-dheallracha,
go lasfadh an t-aidhér amhlaidh do thaithneamh
a n-arm go ccuirfidís ceatha do splancach aoibhleach
teineadh ro-neimhnidhe a bhfraoithche na
firmameint agus na néull le fraoch-chíocaras deabhtha
agus lé saint a ndiúbhraice, agus fós a sdéada ar lán-chonfa
go rachadh gan éidimhin mac míosa a
n-arg pholláire agus ar shinistribh a srón ag garbh-shrobadh
ag iarraidh cead imtheacht for a n-aghaidh,
co nach bhfacaigh súil íad dárbh fhéidir
a rádha go mbainiodh a ccosa nó a n-ingne
fulluing le teóruinn fuinn nó le clár féur-úaine
na talmhan acht amhail do bheithdís ar lúth
eitiolaigh ós ciumhais féir agus talmhan. Agus
gabhaid a ccleasa lúith, guile, agus gaisgidh chuca agá
n-imirt isin aidhér ionnas, go n-áirmhighthear fér
faithche agus duille crann, nach éidir leath a n-iolchleasa
d'áireamh nó d'innisin, agus íad chuca agus úatha
amhail na mbeach mbeag ag cruinniughadh agus
ag imtheacht dhá n-adhbhachaibh bunaidh, co
nach bhfacaidh aon dá mbíodhbhaibh íad nár
ghlac uamhan agus imeagla iomlán íad rompa re
faicsin a n-iolchleas agus an éigcoisg for a rabhadar


L. 105


agá rochtain. Agus níor comhnuigheadh leó-san go
rángadar longphort a mbíodhbhadh áit ar sgaoileadar
frasa gér-neimhneacha do chinél gach cleasa,
ionnas nár fhan aon ré hádh nó re hiomghuin
rompa gan sgaoileadh agus mór-theitheadh do
ghlacadh chuca go ndeachadar ar chúl a longphuirt.



Is ann sin do fhógair Rígh na Ciprus ar Ridire
na mBúadh agus ar Ridire na Beirte Úaine, agus do
ráidh riú a ngeallamh do choimhlíonadh. Agus íar
sin tug Ridire na mBuadha aghaidh ar Ridire
na Leomhan cona aitheachaibh agus cona leomhnaibh
uime, agus fógras go haibéil fair anmhuin réna
ghleó féin.



Dearcas Ridire na Leomhan fair, agus do-chonairc
na naoí leomhain agus na trí mathghamhna ar
lán-chonfa chuige. Is ann sin chuimhnighios ar
'ubhall-chleas, agus teilghios friú é, agus níor sguir an
cleas gur mharbhastar eidir mhathghamhna agus
leomhain íad uile.



"Is bríathar dhamh-sa," ar Ridire na Leomhan,
"go mbíaidh sé leis so aguinn."



Agus ann sin tógbhas a shíath-chleas uime gur chuir
ar caoí mheisge agus mhearaighthe íad uile, agus
gabhas raon máma agus mór-bhrisde chuca, agus Ridire
na Leomhan dá tteasgadh agus dá mór-mharbhadh


L. 106


gan choigill. Agus ní thabhradh acht aon-bhéim
d'aon-neach, agus ní ghabhadh sgíath nó lúireach nó
cruaidh-chathbharra re haon-bhéim dhíobha,
óir do-bheireadh ón aidhér anúas do sgoilteadh
go a chrios 'an tí fris a mbainiudh, agus an béim do-bheireadh
tarsna do roinneadh ar dhó an tí dá
mbainiudh. Agus féuchas ar Ridire na mBúadh, agus
a tug sitheadh chuige gur bhúail béim ro-neartmhar
ina mhuiníl fair, gur theasg an ceann
agus an lámh chlí dhe don mbuille sin.



Dála Rígh na Sorcha inneastar aguinn seal
oile: tárla é féin agus Ridire na Beirte Úaine cona
cheithre chéad aitheach ré chéile, agus gabhas
robharta ro-fheirge an rígh ionnas nach bhfágbhadh
fear a n-ionadh a choisi nó troigheadh dhíobha,
co nárbh fhéidir áiriomh nó innisin méad an áir agus
na heasbhaidhe tug fortha gur mharbhastar dhá
chéad dona haithigh, agus ba créachtach é féin dá
bhíthin. Is ann sin do ghreas agus do aslaigh Rígh
na Ciprus a aithidh a n-aghaidh Shéadhna Shaorbhéusaigh
ionnas gur thóig a meanmna agus a
n-aigneadh, agus cuirios an comhlíon céadna do
marbha dhíobha ina n-ionadh co nár choingbhadar


L. 107


coinghioll nó ceart comhlainn dhó isin
ghleó sin, agus do chruinnigheadar uime as gach
áird, agus fearuid gleó go hainíarmartach. Agus ní tar
thime nó tar thlás do gabhadh sin ag an rígh
acht túairngios go hathlamh íad día dheis agus día
chlí, día chúl agus dia aighidh, agus ní marbhthaoi
nach ccurthaoi an uibhir chéadna 'na n-áit, agus
níor bhfeairde dháif, óir do fhortamhluigh-sion
ortha uile gur cuireadh dia chois go haimhdheónach
é, agus ní lugha do bhí agá bhfreastal a bheith dhá
chois, go ttáinic ioliomad dona sluaghaibh 'na
aghaidh, co nach roibh ar a chumas troid leó dia
chois.



Arna fhaicsin sin do Ghenerál na hArabía
doirteas a mhuintir dia fhurtacht go ttugadar úain
troda agus tachair dó, agus comhraicios féin agus
Ridire na Beirte Úaine ré chéile gur thuit an
ridire le fras-bhéimionnaibh Rígh na Sorcha. Agus
beirios ar 'each ann sin, agus cinnios uirrthe, agus
gabhas féin agus muintir na hArabia ag dían-mharbhadh
mhuintir na Persia.



A ndála go n-uige sin.



Dála Ridire na Leómhan inneastar sunn: ar


L. 108


marbha Ridire na mBúadh, agus iar ccur ár na
n-aitheach uile is ann do chuimhnidh ar Rígh na
Sorcha, agus do chuimhnidh fós mar do innis an
t-eagnaidh nach gclaoífidh' a sdéad féin gémadh
héugcosmhail a ghúais. Agus íar sin clisios an athúair,
agus gabhas mire mheanman agus dámhghaire aigeanta
é, agus spurais a sdéad lúthmhar chéim-éusgaidh
tréasna cathaibh, agus tug chuige a ruathar-chleas
agus a theaghluim-chleas, co nár fhág ridire dhá
chródha, nó laoch dhá neartmhaire, nó gaisgidheach
dá fheabhas, nó tríath dhá dhaingne, nó
dhá dhiongbhála seachneóin an chatha eachtrann
sin, gidh gur líonmhar doiáirmhe íad, nár thimchill
a bhfáinne fó thrí íad, gur dhing agus gur dhían-chruinnidh
go comh-dhlúith íad, co nárbh fhéidir
le haon-neach dhíobh iomlat coisi nó láimhe nó
buill ar bith dá mballaibh do dhéanamh, acht
amhail do bheith fonsadh íarnaidhe fortha
uile, go ttarlaidh Séadhna Saorbhéusach fair agus é
a n-anbhfainne lúith agus neirt fón am sin. Agus innsios
a dhála dhó, agus mar do fhurtaigheadar na
hArabians fair, agus do thaobh ris a mhaith do
dhéanamh agus gur cailleadh é féin gan amhras.



Cuireas Ridire na Leomhan iodhlaicidh agus gárda


L. 109


leis an rígh dhá longphort, agus do ráidh ris meanmna
maith do ghlacadh agus go ndéanamh-san an gníomh
sin do dhíoghailt ar an lucht do mhair, agus celeabhras
dhó, agus a tug aghaidh far na sluaghaibh, agus
a tug ghairm do shlúagh na hÁrabia seasamh
a bhfochair a chéile agus a mhuintire féin, agus do
rinneadar amhlaidh. Agus a Dhé, is mairg do bhí a
n-eagar comhluinn agus a bhfál doibhrisde ós comhair
Ridire na Leómhan a tteas a fheirge, agus a
neart a chonfa, agus a bhfonn a dhíoghla ar na
cathaibh sin, agus gan neart iomlat nó siobhail as
ionad a mbonn aca. Timchiollas an ceathradh
feacht íad go ttarla Rígh na Ciprus fair, agus a tug
amach as measg cháich é, agus comhraicios ris a
ccéadóir gur bhain a cheann dhe; agus gabhaid
na Gréugaigh agus na Spáinigh ag díothláithreadh
na nDanar gan choigill.



Íar sin airighios Ridire na Leomhan, agus fógras
dóibh fá phéin a milte gan ní bhus mó do mharbhadh,
agus a n-úaisle uile do dhían-ghabháil. Agus
do-rinneadh amhlaidh, co nárbh fhéidir ríomh nó
áiriomh dár gabhadh ann amháin .i. cúig céad
mac rígh agus dúibhcidhibh agus iarladhadh agus lucht
mór-gharma oile ó sin amach. Agus gáirid an slúagh


L. 110


ó sin amach faoidhe lán-trúagha ós áird ag
iarraidh cumairce agus maithiomh 'na ccortha.
Agus teilgid a n-airm uile fón lár, agus a tug Ridire na
Leomhan ar a mhuintir féin a ttógbháil fo chéadóir,
agus a tug fuasglaiceadh dhóibh as an mór-bhruid
'na rabhadar. Agus tugadar cuntas agus áiriomh for a
muintir, agus do fríth deich míle eidir othar agus éug
do dhíth ar shlúagh na cCríostaidhe, agus dhá chath
ina roibh trí fithchid míle ann gach cath dhíobh
'dhíth ar shlúagh na n-Ancríostaidhe, agus do
cuireadh gárdaidheadh teanna ó Ridire na
Leomhan ar an méid do mhair dhíobha. Agus
glúaisios féin go haibéil go hairm a mbí Rígh na
Sorcha, agus fa hadhbhal na cneadha do bhí for an
rígh, agus gidh anbhfann do bhí do íath a lámha fá
Ridire na Leomhan, agus pógas go dil agus go díochra
é, agus as eadh ro ráidh:



"Ó chara ionmhain, agus a dhalta, agus a aon-chompáin
d'fhearaibh dhomhain, bheirim-si a
bhuidhe ré hAon-Dia na nUile-chumhachtach
thusa do mharthin agus gan time nó gearradh saoghail
do thiacht ort, agus is maith don rann Eórpa do
mharthin, óir is tú ad h'aonar do shaor ar bhruid
agus ar sglábhaigheacht, ar bhás agus ar dhían-oidhgheadh


L. 111


síorrthaidhe, íad uile, agus ní meas duine budh cóir
do thabhairt dhuit acht teachtaire nó aon do thogh
an Tríonnóid Naomhtha dochum furtacht na
n-anbhfann, óir is doichreite do ghníomh, do
bhéusa, agus do cháiligheacht, agus ní bhfuil béul ó
ccreidfidhe é muna bhfaiciodh súil an duine féin
é, agus an sin féin go mbíodh 'na amhras ar na súilibh
féin go lán-mhór. Agus a ghaisgidh is fearr lámh,
béusa agus neart, modh, caoineas agus macántas,
grása agus suibháilce, innis dhúinn cionas atáthar
agad, nó an bhfúarais gona gúasachtacha nó
créachta doileighis?"



Freagras Ridire na Leomhan é agus as eadh ro
ráidh:



"A úasail agus a airdrígh," ar sé, "atá slán acht
modh beagáin atá faoí leighios, agus dob fhearr go
mbeitheá-sa amhlaidh."



"Is briathar dhamh-sa," ol an Rígh, "nach
cás liom-sa mo dhochar féin agus tusa do bheith go
maith, agus guidhim thú cuimhnidh Dúibhce na
cCleas do fhreastal gibé bhus oighe dhamh-sa ó
so amach, óir ní bhéinn anois um bheathaidh
muna mbeith an t-ordughadh a tug dá mhuintir
a bhféim do thabhairt dhúinn dámadh riachtanas


L. 112


dhúinn é, agus is maith do chongnaimh liom-sa agus
lér sluaghaibh, óir do fúicfidhe uile sinn muna
mbeithdís."



Ceileabhraid d'aroile ann sin, agus a téid
go hairm a raibh Dúibhce na cCleas, agus beannaighios
dhó go carthannach lán-ghrádhach, agus freagras an
Dúibhce fán ccuma chéadna, agus fíafraighios sgéala
dhe cionnas do bhí d'aithle an chomhraic, agus
do innis dhó go roibh go maith, agus a tug an
Dúibhce mór-altughadh fris na déeibh dá n-adhradh
uime sin, agus as eadh adubhairt.



"A Ridire na Leomhan," ar sé, "madh beó
marbh misi is neamh-olc liom m'eólas comhraic
leat, agus is dóigh liom gur líonas ó bhonn go bathais
dot sheirc agus dot h'ansacht, agus ní bhéinn mar
sin muna mbeith mo chomhrac leat, agus níor shílios-sa
aon-neach do bheith comh-neartmhar
leat faoí sgáile na gréine, agus dá bhfaghain
mo shláinte nó biseach óm chréachtaibh budh maith
liom dhá mhéad eólas agus muinteardhas dá mbeith
eadruinn."



"Is mór mo bhuidheachas ort," ar Ridire na
Leomhan, "ar mhéad do chonganta dhamh isin
ghleó ané a n-aghaidh Rígh na Ciprus, óir is


L. 113


deimhin go bhfuigheadh Séadhna Saor-bhéasach
timdhibhe saoghail ann muna mbeith do shlúagh
agus do chongnamh, agus anois atáid na sochraide
uile ann súd arna bhfágbháil as a n-armaibh, agus
a n-úaisle uile a láimh agam-sa acht do mhuintir-si
amháin, agus is mían liom thusa do bheith id bhreithiomh
úaim ortha, ionnas dá mbeith cairdeas nó
muinteardhas idir thú féin agus aon-chuid aca go
ttiúbhrainn cead do thola féin dhuit ortha, agus
níor mhaith liom ainbhfios do dhéanamh ar aon
budh muinteardha leat-sa," ar sé.



"Beir búaidh agus beannacht, a úasail," ar an
Dúibhce, "is mór agus is ádhbhal an charthannacht
do fhurálais form-sa agus laghad h'eólais orom, acht
aon-ní: do mheasas go nochtann an duine a
shubháilce a mbeag-aimsir dá lucht cumuinn; agus
do-bhéar-sa comhairle fón adhbhar sin dhuit go
haithghearr, agus curthar fios chugam ar na húaislibh
do gabhadh libh go n-aigillinn íad."



Agus do-rinneadh amhlaidh agus ar tteacht 'na
láthair dhóibh as eadh ro ráidh riú:



"A úaisle, agus a árd-mhaithe," ar sé, "cionnas
do thigmíd sinn féin do bheith iomchuibhidh
caoimh-réasúnta an tan do thógamar an urdail


L. 114


slúaigh úd agus fár éirgheamar amach as ar ttíorthaibh
agus as ar ccríochaibh téugartha comh-chlúduighthe
ar impidhe Rígh na Ciprus, agus gur bheag dob
fhiú é féin agus a fhlaithios, gidh mór ar ndíoghbháil
anois tar a cheann, agus é féin d'fhágbháil maille leó.
Agus cé dhearbhaidh dhamh-sa díthcheannadh mo
dhearbhráthar lé Rígh na Sorcha, tair a cheann
sin dá bhfeasuinn-si an ceart do bhí ina mharbhadh
is deimhin nach iarrfuinn ionaclann ann, óir ní
maith íarsma an díomais a n-anfhlaithios na
héaccóra, agus níor éirgheadar-san air-siomh nó oruinne
anois nó aroimhe, agus do éirghi-sion, agus anois
agus fá dhó roimhe, ina n-aighe-sion gan adhbhar
ar bith uatha-san; agus cionnas is ionghotha ar
neach é féin do chosnamh ar dhíomas cháich oile
agus go háiridhe an dream úd nach baoghal agus nach
cóir d'amas a slighe ar bith? Agus is dóigh dhamh-sa
gidh bé do-ghéana gurab dó bhus measa amhail
is iontuigthe oruinne féin anois a táinig ré
húaill agus ré díomas ré neart na hAffraice, na hÁisia,
agus a bhfuil eatarra, d'iarraidh agus do thabhach
éagcóra na laoch is cródha agus is fearr lámh agus
iongnadh, modh agus béusa, neart agus lúth, gal agus gaisgeadh,
cara agus coinghioll, rath agus eineach, dár shiubhail
an bith buidhneach aríamh; agus is dóigh liom-sa
nach maith do-chuaidh sin dhúinn, agus ní fearr don


L. 115


tí do tharraing sinn. Agas anois féuchaidh créad
is indéanta agaibh, óir do claoidheadh sibh le
neart deisi curadh, agus tugadar ar mo bhreith-si
sibh don chur-sa, agus is breith dhealaighthe eidir
ar cceannaibh agus ar ccolnadha do thuilleamar
uile úatha."



Íar cclos na mbríathar sin do chách do léigeadar
a nglúine fútha, agus do ghlacadar cumairce agus lán-chuimrighe
na laoch, agus fós an dúibhce, fá bhreith
thrócairigh do bhreith orrtha agus a n-anmanna
do spáráil, agus gan ór, nó airgiod, dúithche,
nó fearuinn, nó ceathra, maoin nó áirnéis do
spáráil dá cheann.



Ciodh thrácht, do orduigh Dúibhce na cCleas
cíos ríogha ann gach crích dar éirghidh a
n-aghaidh na ndeagh-laoch an ccéin do mhairfidís
ina mbeathaidh. Agus a tug féin agus na húaisle
eile do bhí a láimh cor agus coinghioll ris sin do
chomhall go bliadhnamhail maille lé héirghe 'mach
shlóigh agus sochraide gach uair budh riachtanas.
Agus do snadhmadh síth agus caradradh eatarra iar sin,
agus tríallaid cách dhíobh dá ttíorthaibh féin
budhdhéin, agus beirid a n-aois gunta dhá leighios
leó, agus beirios Rígh na Sorcha agus Ridire na Leomhan
Dúibhce na cCleas dá leighios dochum na Calidonia, agus
ba créachtach gúasachtach an rígh féin.


L. 116


Agus ní haireastar a bheag dá n-iomrádh go
rángadar an Chalidonia. Agus ba hádhbhal lúthgháire
an Rígh agus cháich rompa, agus ní héidir innisin go
deireadh dhomhain leath nó trían ar caitheadh do
mhaoin agus do mhaitheas ré a linn ann. Agus is cían
go raibh Rígh na Sorcha agus Dúibhce na cCleas
slán, agus tan ba slán íad budh faoilidh cách
dhe.



Dála na nGréagach umorro, ní haireastar a
n-eachtra go rángadar cathair na hAithne san
nGréig, agus ní roibh dá n-easbaidh ó imtheacht go
tilleadh acht dhá mhíle agus aon-chéad. Agus fiafraighios
an Rígh sgéala dhíobha.



"Trúagh sin," ar síad: "ar ndul dhúinne agus
dar slúaghaibh uile do láthair an treasa úd ní
roibh aon aguinn do shíl nó do mheas tilleadh
dar ccrích nó dar ttalamh féin dorídhis go foircheann
an bheatha, agus níorbh iongnadh sin; ní dóigh
ní bhfuil 'na bheathaidh anois beó aon do-chonairc
leath nó trían a neirt slúaigh agus sochraide agus
calmacht na laoch do bhí inar n-aghaidh, ionnas
goma doichreite ó bhél nó ó iomad béul gomadh
éidir don uibhir do-bhámair-ne ann seasadh


L. 117


fria a neart agus réna líonmhaire; agus is fíor nárbh
fhéidir muna ccuireadh an Tríonnóid dhochlaoite,
agá bhfuil fréumh agus substaint na maitheasa agas
an neirt, an dá lasair dhomhúchta as na flaitheasaibh
neamhdha dár ndíon agus dár n-anacal co nárbh
fhéidir díth nó dochar 'dhéanamh dhúinn, agus
go háiridhe aon-ridire ro-árrachtach dá ngoirthear
Ridire na Leomhan; agus ní fheidir cía leanab éidir
a chanamhain le teanga, agus fós cía chreidfeadh óna
shúilibh féin dá mbeath 'na fhiadhnaisi, agus mar
do imir a lúth, agus a neart, agus a ghal, agus a
ghaisgeadh, agus an cumach a tug tair chách
dhíobha roimhe, gur chruinnidh agus gur theaghluim
a n-aon-mhaingir amháin íad, co nach bhfacaidh
súil aríamh iongnadh budh mó ná an cruaidh-dhinge
a tug ortha, co nachar fhéadadar suighe
nó éirghidh, sgaoileadh nó iomlat, as ionadh a
ccosgair gur thoilidh féin dhóibh é, agus gur gabhadh
dhíobh an mhéd budh luinn leis a mbraighdionas
ar marbhadh Rígh na Ciprus agus ioliomad eile
nárbh fhéidir d'áiriomh nó d'innisin, co nárbh
fhéidir aon dá mhuintir d'fhortamhladh tar a


L. 118


chumairce; agus muna mbeith méad a ghníomh-san
budh doichreite lámh Rígh na Sorcha; gurab
amhlaidh sin do claoidheadh an neart slóigh is
mó a táinic aríamh," ol stíobhard Rígh Gréag.



"Is maith an sgéal sin," ol Rígh Gréag, "óir
do chuirfighdís sin a neart uile ós na rannaibh."



Dála Rígh na Sorcha agus Righdire na Leomhan,
ar bhfagháil leighis agus sláinte do chách dhóibh
ba meanmnach Rígh na Calidonia agus íad-san uile;
agus an tan ba haoibhne dhóibh ag iontlás meanmann
agus aigionta is ann a táinic an Sage Malanto
chuca agus aon-óglách 'na chuideachta agus glac
litreacha ina láimh leis, agus toirbhreas do Righdire
na Leomhan go hathlamh íad, agus do luigh socht
adhbhal fair as a haithle treimhsi.



"Is iongnamh liom," ol Dúibhce na cCleas,
"an socht ádhbhal sin for a bhfuilir, a aon-lámh
ghaisgidh na cruinne uile, tair éis búadha do
bhreith ar fhorgla fhear dhomhain, agus gan aon-chearn
don domhan budh toil leat féin nárbh
fhéidir leat a ngairm, nó rígh nó impire dá bhfuil
ionta bhus loinn leat féin; agus innis dhúinn más
éidir leat fáth do dhóláis, ionnas mara ttí linn
congnamh leat go rabham páirteach a ndoilghios
friot."


L. 119


"Inneósad a dheimhin sin dhíbh, a cháirde
ionmhain'," ar Ridire na Leomhan: ".i. an uair
a táinic féin ón bhFrainc ann so d'fhágbhas mo
chéile .i. inghion Rígh Franc um dhéigh arnam
shnadhmadh fría an treas oidhche ría tteacht
dhamh, ar bhéulaibh Rígh Lochlann a táinic dá
tochmhairce go Paris agus iomad eile táinic dá
tabhairt, go ttug éura tochmhairce forra uile;
agus ar n-imtheacht dhamh-sa úaithe ann so
tuillios Rígh Lochlann go neart slóigh dochum na
Fraince, go rug go foiréigneach leis í, ar ndéanamh
iomad díoghbhála dá ceann. Agus do chuir sí geasa
agus airmbearta fair gan luighe 'na hiomdhaidh
go ceann bliadhna, a ndóchas go ttiubhrainn-si
fúaslacadh dhí faoí sin. Agus ag sin brígh na
sgríbhinne úd, agus fáth mo dhóláis," ol Ridire
na Leomhan.



"Is maith an sgéul sin," ol Dúibhce na cCleas,
"óir luighim-si fóm armaibh go rachad féin go
muirfighthear mé ann h'ádhbhar dlisdionach nó
go bhfaicfead rem shúilibh dot ríoghadh a n-ionad
an rígh sin thú."



"Is neamh-olc linn an sgéul do-chluinmíd,"
ol Rígh na Sorcha, "óir ní hoiriseadh dhúinn go


L. 120


rabham ann, agus go ttugam ár díoth-fhoghla ar
chríochaibh Lochlann."



"Trúagh sin," ar Ridire na Leomhan, "óir ní
bhfuiltí-si ionastair nó ionchomhraic fós, agus dá
mbeithidh, budh beag mo chás a Rígh Lochlann
cona neart slóigh agus gan iarraidh dá ttraothadh
acht sibh-si ar-aon agus mé féin."



"Is bríathar dhamh-sa," ol Rígh na Sorcha,
"go bhfuilmíd gan díth gan easbaidh, agus go racham
ann gion go ndeachair féin linn nó nach ttéighir."



"Beir búaidh agus beannacht," ar Ridire na
Leomhan, "is beag mo shuim-si a Rígh Lochlann
an feadh a bheithidh liom."



Ciodh thrácht, do chaitheadar treas don aimsir
ag iontlás meanman agus aigionta a bhfochair Rígh
na Calidonia, gur dhearbhadar na leagha agus na
doctúiridh dhóibh go rabhadar slán gan ghúais
ar bith óna ccneadhaibh. Agus ann sin gabhaid
lámh ar imtheacht, agus ceileabhraid do Rígh na
Calidonia, agus fá hathtuirseach an rígh 'na
ndíaigh. Agus ní haireastar a n-eachtra go rángadar
críochaibh na Sorcha, agus go dún an rígh, áit a
ttáinic an ríoghan 'na ccoine agus 'na ccomharcís.
Agus is súaill má do-rinneadh is an saoghal trían na
lúthghára do-rinneadh an ríoghan rompa agus na


L. 121


huaisle ó sin amach. Agus do fhanadar ann sin
trí hoidhche agus teóra lá, agus a cceann na rée sin
ceileabhraid don ríoghain agus dona húaisle ar-cheana.
Agus do bhádar triar curadhadh na cruinne
agus trí húaithnidhe gaisgidh na talmhan ar aon-réim
siubhail agus astair a bhfochair a chéile, gan
gúais gan cuntar, treimhsi fhada dá n-aimsir, go
ttarla íad aon do ló ar siubhail do leataobh
foraoisi fír-áilne. Agus a tugadar súil 'na ttimchioll
go bhfacadar an cairfhíadh ina bhfochair agus beanna
óir fair agus an taobh deas dhe 'na airgiod chaoin-gheal
agus ceithre cosa fionnruinne faoí. Tárla sdéad
Ridire na Leomhan an lá sin ag Dúibhce na
cCleas tré shocamhla a siubhail, agus síneas a ndíaigh
an fhiadha, agus leanaid cách oile é. Gidh eadh do
bhí do lúas an eich gur fhág amharc Ridire na
Leomhan go haithghearr, agus do choingidh Rígh
na Sorcha 'na amharc é do ghnáth, agus do ghabh
an fíadh rompa gacha ndíreach go ndeachaidh
asdeach a n-úaimh do leataobh na mara móir-anfaidh,
agas leanaid-sion go dorus na húamha
é, agus choncadar sean-aitheach gránna athúathmhar
do leataobh na húamha agus nár mhó
mór-thulach shléibhe iná 'cheann agus nárbh fhaide


L. 122


caol-bhuinnén fuinsionn iná 'mhuinél, agus dhá
chlúais chíordhubh chríon-fhionnfacha ar an
cceann sin; agus gérmh ádhbhal méad an chinn sin dob
aidhbhle na clúasa faoí dhó iná é, agus srón mhór
ghorm chnapach go rachadh laoch dhá mhéad
fóna arm ar gach sinistre dhá pholláiribh
ramhar smugacha, agus béul úathmhar ramhar-phusach
ar an mór-cheann sin, agus nárbh aidhbhle
mór-ghleann idir dhá árd-shlíabh iná an craos-bhéul
sin an tan do labhradh leis, agus dhá láimh
chnapacha chruaidh-fhéitheach fair, agus nár
chaoile bog-shibhinn a d'fhásfadh a ndomhuin-uisge
iná íad, agus mar chrann siubhail príomh-luinge
dó, dhá chois ghiobacha fhad-fhionnfacha
faoí agus nár chaoile dhá lorgain chorra
iná íad, acht toirt an fhionnfaidh dhá n-aidhbhsiughadh,
agus dhá spáig mhóra ingneacha faoí
an dá chaol-lorgain sin, agus aon tsúil amháin a
cceartlár 'aighthe agus 'éadain, agus nár ghile cnap
canaigh iná í. Agus arna fhaicsin sin do Dhúibhce
na cCleas gabhas iongnamh mór é, agus do bhí ag
agallamh fris go ttáinic an rígh chuca. Agus ar


L. 123


tteacht do láthair dhó do ghabh dá shíor-choisreagtha
treimhsi, óir, gidh iomdha dúil
éugsamhail do-chonairc roimhe sin, ní fhacaigh
samhail an fhathaigh sin aríamh roimhe sin. Agus
fiafraighios Dúibhce na cCleas sgéala dhe.



"Trúagh sin," ar an t-aitheach, "is leis an
fhíadh adeirthaoi do cuireadh misi isna rachtaibh
éugsamhla a bhfaicidhthe mé; agus mo thruaighe!
dá mbeith na sgéala agam-sa an úair sin, an tan
do bhádhas um neart féin, amhail atá anois, dob
urus an fiadh úd d'fhagháil, óir ní bhíonn aon-mhaidin
isin mbliadhain nach tteid tréasan uaimh
si amach, agus muna mbeith an oidhche ann anois
do thaisbéanfain-si slighe ghabhála an fhíadha
dhíbh, agus munab áil libh sin gabhaidh do gach
taobh dhíom-sa, agus tóguidh mé ar an tulaigh
sin súas agus taisbéanfad an uile ghléas dá
bhfuil air dhíbh."



Tuirlingid ar-aon íar sin, agus gabhaid ar gach
taobh dhe gur thógbhadar ar áird an chnuic é.
Is ann sin do tharraing an t-aitheach míochoinghiollach
slat dhoilfe dhraoidheachta amach, agus a


L. 124


n-áit na sgéal do shíleadar d'fhagháil ón aitheach
is amhlaidh do-rinne an tslat do bhualadh ar
gach aon dhíobha, go ndéarna dhá chollamhain
chloiche choimhdhíreach dhíobha ar-aon, agus fágbhus
amhlaidh sin íad.



Dála Ridire na Leomhan umorro. Do bhí ar
siubhail fána dhíthchioll dá n-iarraidh ar feadh
an laoí sin go ttáinic iomdhorcha na hoidhche; agus
ann sin níor bhfeidir cá ngéabhadh, agus íar mbeith
dhó amhlaidh ad-chonairc soillsighe líonmhara
ina chomhfhogus, agus glúaisios fána dhéin agus ad-chonairc
an dúnadh ríogha ro-álainn agus an bruth
beann-árd bláth-chaomh agus an t-íosdas fionn-álainn
flatha 'na chomhfhogus, agus glúaisios asteach
ann, agus do fuair teaghlach ríogha ro-líonmhar ar a
cheann ann agus flaith fhorasta ghnúis-álainn a
n-ionadh flatha agus rígh eatarra. Agus ar bhfaicsin
Ridire na Leomhan dóibh do éirgheadar ina
chomhdháil uile, agus do-rinneadar úmhla fosaidh agus
fritheóilte dhó, agus do cuireadh 'na shuidhe a
bhfochair tríath na bruighne é, agus níor fochtadh
sgéala dhe gur dáileadh bíadha saora sochaithmhe
agus deocha aosda meisgeamhla fair; agus do bhí-sion


L. 125


lán do bhuairt tré chailleamh a chuideachta.
Agus fa dheóigh fiafraighios an fhlaith-ríogh dhe
cá háit a roibh, nó cía hé, nó cá háit a roibh a
thriall, nó cía d'fholaimh an domhain dhó.



"As an bhFrainc mé," ar sé, ".i. mac Ridire
darab ainim Don Cláro, agus do bhádhas ocht
mbliadhna dég um amadán, agus atáim anois críonna,"
ar sé, "agus atáim ar seachrán ar feadh an laoí aniodh
um chuideachta; óir do bhádhus féin agus beirt
dheadh-laoch eile ag siubhal na sligheadh, agus
níor chían go bhfacamar carrfhíadh fúasgrach
fothlúaimneach go mbeannaibh óir, go ttaobh
airgid, agus go ccosaibh fionnruimhe úainn, agus do
reatheamar chuige, agus do imidh féin agus mo
chuideachta úaim-si gan fios a ndíola ó shoin
go ttárla oruibh-si mé ar bhfaicsin soillsi an
dúnadh-sa dhamh. Agus do bhreathnuighios comhairle
agus lorgaireacht d'fhagháil úaibh. Agus ag sin
mo sgéala dhíbh," air sé.



"Trúagh sin," ar an grúagach, "is gúais mhór
gur cailleadh do chuideachta mar do cailleadh
an iomad do dhaoine maithe ris an síabhradh
sin, agus ní mholaim-si dhuit-si nó do neach oile a
leanmhain go bráth. Agus inneósad-sa dhuit a bhfuil


L. 126


dá sgéalaibh agam féin, agus is beag liom do chongnamh
dhuit é:



"Is é is ainm dhamh-sa Alasdrann na cCon
mBreac, Rígh na Beag-Innsi, agus is é adhbhar
m'fhoranma as na conaibh breaca, .i. íall do
chonaibh breaca a tárla agam, agus ní roibh an
m'eólas isin domhan coin dob fhearr ná íad,
óir ní imgheadh cluithe nó seilg ar bith orra; agus
do ghrádhaighios seilg na ccon agus íad féin go
mór; agus do shíoghlaidh na coin sin agam, agus do
bhíodh gach cú dá ttigeadh úatha breac agus na
buadha ceádhna orra. Agus lá n-aon dá rabhas ar
faithche an dúnadh-sa agus mo dhá dhearbh-chomhalta
dhéag um fharradh do-choncamar an fíadh sin
adearthaoí do thaoibh dhínn. Agus leanaid ar
ccoin é, agus leanmaoid-ne uile íad. Agus ní cían
do-chúamar an tan do-choncamar an fíadh ag dul
asdeach a ndorus na húamha atá le taobh na
fairge ann so shíos. Agus do leanamar ann sin é, agus
do fuaramar ar ccoin 'na luighe a ndorus na
huamha réimh-ráite, agus do-choncamar do leataobh
na húamha aitheach uathmhar éugsamhail


L. 127


chugainn, agus do ráidh go ndéanadh eólas dhúinn
ar an bhfíadh. Agus do leanamar-ne é go céim-dhíreach,
agus do-gheibhmíd dún ro-álainn don
taobh eile dá úaimh sin. Agus tiaghmaoíd asteach
ann, agus do fúaramar ceithearnach fíata mór-fhoclach
ann, agus a tárla deireadh an laoí agus
tosach oidhche ann fán am sin. Agus do íarr an
t-aitheach oruinn suighe, agus do-rinneamar amhlaidh,
agus ba hádhbhal ar n-iongnadh fán áit sin do
bheith chomhfhogus agus sin dhúinn agus gan sinn dá
fhaigsin ríamh roimhe. Agus fógras an ceithearnach
cluithe cleasuigheacht' oruinn, agus a tugadar
líothróid óir chuca, agus do fhoráladar d'fhear
dom mhuintir-si é féin do chosnamh ar a lámhach
san ría.



Ciodh thrácht, níor sguir an fear sin da lámhach
an chleasa gur leag mo chomhaltaidhe féin uile
leis. Agus táirngid amach as an dún uile íad, agus
do-rinneadar dhá chollamhain dhég chloiche dhíobha
um fhíadhnaisi féin ar an láthair sin. Agus tillid
orom féin, agus a tugadar an fíadh réamh-ráite
asteach. Agus fíafraighid dhíom nar mhaith liom
an fíadh sin do bhronnadh orom, agus gabhaid ag
sgige agus ag fanóid fúm. Agus éirghim forra ann sin,


L. 128


agus nochtaim mo lann agus m'iolfhaodhbhair ortha, agus
dob aithreach liom, óir gér mhór mo bharamhail-si
as mo láimh féin tug an céile comhraic sin do
bhí agam cloidheamh caomh-chlasach solasda
roidhealramhach amach, agus craitheas as mó
chomhair féin é, agus arna fhaicsin dhamh-sa téid
mo neart uile ar ccúl, agus a tug mo chéile comhraic
ceangal cruaidh do-sgaoilte form, agus teilgios faoí
shileadh na ríogh-choinle mé. Agus ba hádhbhal mo
phían an oidhche sin go ttáinic inghion chruthach
chaomh chugam ar cuairt, agus arnam fhaicsin
dhi gabhas truaighe umam í. Agus tug aighaidh ar
an aitheach a ccéadóir, agus naisgios fair mo bhreith
ón choinnil agus sócal braighdionais do thabhairt
dhamh an oidhche sin, agus tug-san sin di. Agus ba
tuirseach brónach an inghion. Agus fíafraighim sgéala
don aitheach cía hé féin, nó cá háit as a ttáinic,
nó créad fá roibh ag dhamh féin.



Do innis dhamh go ttáinic as íarthar na
hAmerica gus an áit si dochum inghreama agus
dochair do dhéanamh do gach aon, agus go ccúalaidh
gur misi budh tríath forsan chrích agus go ccaithfeadh


L. 129


féin a stiubhradh d'fhagháil dó féin.



Agus do labhras-sa go mín leis, agus do gheallas go
léigfinn stiúbhradh na críche dhó agus mé féin do
léigion amach, agus fós go n-íocfuinn cíos ríogha
fris. Agus gabhas an ríoghan réamh-ráite dá ghuidhe
uime sin do ghlacadh, agus aontuigheas fá dheóigh
sin do dhéanamh. Agus do fhíafraighios dhe
an budh éidir dhamh mo chomhaltaidhe
d'fhagháil, agus adubhairt-san nárbh fhéidir, agus go
rabhadar fá dhíamhair aige féin, agus nach bhfuighdís
féin nó neach oile dá roibh ann furtacht úadha
go ttigeadh laoch bú cródha ná é féin agus ar nach
luighfeadh draoidheacht nó easurlaigheacht, agus do
chlaoithfeadh é féin isna cleasaibh gaisgidh budh
toghtha leis féin dá roibh aige. "Agus ní tháinic
agus ní thiucfaidh aon don Ádhamhchloin dárab
éidir misi do chlaoidh um ghaisgeadh féin, agus
fós ní bhfuil san domhan neach is mó draoidheacht
iná mé; agus muna mbeith acht búadha mo
chláoidhimh agam ní baoghal dhamh aon san
mbioth da bhuain dhom, óir ní fhágann
fuigheall dá bhuille, agus ní deargthar ar an tí agá


L. 130


mbí re reannaibh nó le faobhraibh arm." Agus
do fhíafraighios sgéala na hinghine óige iol-chrothaighe
dhe, agus do innis dhamh gurab
dalta dhó í .i. inghion Rígh na tTulach nÓir, "óir
ní bhfuil tulach nó mullach 'na thír gan a
bheith líonta do mhíanach óir agus do chlochaibh
úaisle búadha ar-cheana, agus as é prionnsa is
saidhbhre isin mbioth uile é. Agus is tuirseach ria
fad na háite si úadh agus do dhén leam instrumentidhe
do bhéaras um ghoire é."



Tug an t-aitheach arna mhárach cead imtheacht
dhamh ar impidhe na hinghine, agus ní fhacas é ó
shoin, agus ní héidir ríomh nó áiriomh do chur ar
uiligheacht laoch agus ridire cródha fágthar fris.
Agus is deimhin gur cailleadh do chuideachta-sa
fris," ol Alasdrann na cCon mBreac.



"Is baoghal liom sin," ol Ridire na Leomhan.



Do rugadar as an oidhche sin go moch-éirghidh
gréine arna mhárach. Is ann sin do éirghidh
Ridire na Leomhan, agus do cheangail a chorp a
meodhón earraidh agus éidigh, agus gabhas a threalamh
troda agus catha uime, agus musglas Alasdrann na cCon
mBreac, agus íarras an t-eólas do mhúnadh dhó
gus an aitheach.


L. 131


"Truagh sin," ar Alasdrann, "óir ar ór an
bheatha ní rachfuinn, agus ní mholfuinn dhuit
féin dul ann, óir fúigfighthar ris an aitheach
thú."



"Is bríathar dhamh-sa," ol Ridire na
Leomhan, "muna ttí thú dod dheóin go ttiucfair
dot h'aimhdheóin."



Agus do rug air, agus do cheangail go crúaidh é,
agus do-rinne an céadna rena theaghlach.



"A ridire chródha," ar Alasdrann, "sgaoil
díom, agus gibé thiucfas de rachfad féin leat, gidh
nach dóigh ceachtar dhínn do thilleadh go bráth."



Sgaoileas Ridire na Leomhan dhíobha uile íar
sin.



"Is bríathar dhamh-sa," ol Alasdrann, "gurab
iomdha treas agus comhlann a tárla dhamh
aríamh, agus nár claoidhiomh mé romhad acht claoí
an aithidh, agus gur measa liom faoí dhó an fásgadh
docheangail orom nó ceangal an aithidh uile."



Agus a tugadh bíadha saora so-bhlasda, agus deocha
so-óla chuca, agus iar sin glúaisid ar-aon go húaimh


L. 132


an aithidh. Agus níor chían go ttarla sdéad Ridire
na Leomhan orrtha, agus a tárla an fíadh réumh-ráite
dhóibh. Agus leanas Ridire na Leomhan é go
céim-dhíochra, agus sporas an stéad lúthmhar lán-éusgaoi,
co nach cían do imidh fair an tan do
rug ar adhairc fair, agus do chuingimh fair an
ngreim sin é go ttáinic Alasdrann chuige.
Agus ceanglaid go crúaidh é, agus béicios an fíadh
íaramh, co nár fhág úath, nó arracht, nó geilt
ghleinne a n-úaimh nó a n-droibhél gan dúsgadh
don mór-bhúirfeadh sin. Do-chúalaidh an
t-aitheach an t-árd-bhúireadh, agus do athain gur
chaill an fíadh, agus ba caill agus claoidh gheasa
dhó é. Agus gabhas a threalamh catha agus
draoidheachta go hathlamh uime, agus lingeas
amach as an úaimh go ttárla an bheirt
dheadh-laoch fair a ndoras na húamha agus an
fíadh cuibhrighthe aca.



"Dom chubhais, 'Alasdrainn," ar sé, "ní
hé sin conradh ar ar léigios úaim roimhe so thú,
agus íocfair anois go maith do dhroch-chomhairle agus
do dhroch-choingheall friom."



"Sguir dot bhríathraibh go bhfionnad do
ghníomh," ol Ridire na Leomhan.


L. 133


Agus is amhlaidh sin do-rinneadh, agus gabhaid an
bheirt sin ag túargain a chéile aithidh imchían
gan fios tláis nó fainne ar cheachtar dhíobha.



Ba hiongnadh ris an aitheach an comhrac
codroma do bhí eatarra mar sin, agus tóigeas for a
chleasaibh, agus teilgios a ubhal for Ridire na
Leomhan. Airigheas Ridire na Leomhan chuige é,
agus gabhas a n-airde é, agus caitheas ris an aitheach
é dorídhis. Gabhas an fomhóir 'na láimh é, agus ba
hiongnadh ádhbhal leis an cleas do bheith ag
neach ar bith acht é féin iona aonar, agus caitheas é
an dara feacht agus an treas feacht, agus níorbh fheairde
dhó, óir dob eólach Ridire na Leomhan ar an
ccleas mar é féin.



Ciodh thrácht, níor fhág an bheirt sin neart gan
fhásgadh, cleas gan imirt, gaisgeadh gan nochtadh,
nó lúth gan taisbeánadh go haindreanta d'aroile
a n-alt na húaire sin, co nach bhfacaidh súil, agus nach
ccúalaidh clúas, agus nár smúain croidhe aríamh
cleas goile, nó cluithe lúith, nó neart aignidh,
nó gaisgeadh fíoch nó fala, nár chaitheadar an
bheirt sin ré chéile san mómeint sin, go rabhadar
ar aon arna n-anbhfuinneadh ó dhlús na ngléas,
agus ó iomad na ngaisgeadh ro fearadh leó ar aon,
gan fhios tláis nó time ar cheachtar dhíobh ó


L. 134


thosach an laoí sin go tosach an laoí arna
mhárach. Agus gér fhada an rée sin ag dlúth-chomhrac
ní druid ó chéile do-ronsat, acht a n-aigneadh
do thógbháil, agus dlúthudh ré chéile, agus mire rachta agus
fheirge dá ngabháil ar aon, agus teannadh agus dlúthadh
fri aroile, ionnas dá ttigeadh mac nó bráthair nó
céile comhfhoguis gach fir dhíobha nach aitheónadh
ceachtar dhíobha tair chéile ó dhlús a
n-iombhuailte, co nach aitheóntaoi gurab daoine
íad treall acht collamhain coimhgheala crúaidh-iarnaidhe
ó chasnaidh na ngeal-lann ngorm-fhaobhracha
ina ttimchioll.



Dála Alasdrainn na cCon mBreac umorra fris
an rée sin, do bhí ag féachuin an chomhraic sin,
agus do éirghidh 'na sheasamh ar cúl Ridire na
Leomhan, agus as eadh roi ráidh:



"A churaidh na cruinne, agus 'aon-úaithne
ghaisgidh na talmhan, is iongnamh úir na talmhan
féin dot iomchar ar aidhbhle do ghníomh, ar
fheabhas do láimhe, agus ar chródhacht do chuirp;
agus a churaidh fhír-úasail, is iomdha duine a
ngeall comhraic an laoí 'niodh; agus a lóchrann
fhíor-úasal an ghaisgidh, is deimhin gurab dochum


L. 135


aidhmhillidh na ccinidheacha atá an uilphéist
úathmhar aithigh sin fris a ccomhraicir, agus nach
bhfuil fear dhá chlaoí ar chlár na cruinne acht
thú féin amháin, agus tuig gurab mairg do fúigfighthe
fris a gcoigrighe agus uiligheacht duine a ngioll
red chomhrac; agus a mhír chródha na ccuradh,
tóig h'aigneadh agus féuch an ttiucfadh dhíot
an cloidheamh búadha úd ina láimh do bhuain
dhe, agus níl muill ar do bhúaidh ó sin amach, agus is
iomdha súil d'fhíaghuin ar do chomhrac ó thánguis
ann."



Tug an macaomh silleadh beag dia shúilibh
'na thimchioll tré dhearmad, d'fhéuchuin na sluagh
ar ar labhair Alasdrann, agus gér bheag é tug faill
don aitheach léim do thabhairt faoína sgéidh
fair, gur íathustar a lámha éugsamhla éugcumpa
ina thimchioll. Éirighios an glan-mhacaomh é,
agus a tug fásgadh foirtill féidhm-láidir ar a chorp
féin, agus beirios 'na ghlaic ar dheas-láimh an aithigh
gur chuir sníomh agus casadh innte, co nár léur
go roibh an claoidheamh solasda mór-bhúadhach
'na láimh aríamh, agus iompúigheas tair a
chúl, agus muighios agus bagras a fhaobhar ar an
aitheach.


L. 136


"Fóill ort, a ghaisgigh," ol an t-aitheach,
"coingbhaigh úaim fós do lámh, agus muna ndéana
maith dhuit a choingbhéal ní dhéana sé olc,
óir is briathar dhamh-sa gibé neach do bhain
an lann sin ar éigin dhíom-sa go bhfuil ionchomhraic
lé gach aon isin ccruinne an feadh a
bhías 'na mhaighistar fair, agus ní headh amháin
acht le hilmhílte, agas tabhair-si fosadh agus cead
agallamh dhamh-sa agus inneósad sgéala dhuit."



"Do-ghéabhair cead agallamh," ar Ridire na
Leomhan, "acht go bhfúaslaicthir gan mhoill an
bheirt ridireadha do gabhadh leat úaim ané ann
so agus dhá chomhalta dhég Alasdrainn na cCon
mBreac, agus dar m'armaibh gaisgidh ní bhfuighir
cáirde aon-úair ón mbás gan sin."



"Do-ghéabhthaoi sin uile," ol an t-aitheach,
"agus glúais liom mar a bhfuilid do thaobh na
tulcha sa."



Gluaisid ann sin leath ar leath, agus ar ndul mar a
rabhadar dóibh tógbhas an fomhóir an díamhair
draoidheachta do chuir umpa dhíof, gur léig ameasg
cháich íad, agus budh lúthgháireach cách dhíof
fri aroile, agus suighid ann sin ar dhruim na tulcha,


L. 137


agus fíafraighios Ridire na Leomhan fios a anma don
aitheach.



"An Dolbh Éugcumpa mhac Luirc na nGlún
mhic Úmhóir na nGleann mhic Leasraidh Dhaite
m'ainm," ar sé, "agus inneósa sgéala dhíbh, a
bhuidhean shuairc churadha. Fán am fár
rugadh mé do bhí mé a ndeilbh éagcumpa
gan amhras mar do bhádar mo sheanaibh agus mo
shinsiribh romham, agus a tarla íomháigh
chroisi agus aon dhá chéusa uirre idir mo shlinnén.
Agus ba híongnamh adhbhal liom aithribh an
deilbh sin, agus gidh go rabhadar féin gaosmhar
a gceardchaibh geintleachta níor thuigeadar
fáigheodóracht na híomháighe. Agus do shiubhlaighdar
a bhfad agus a ngearr liom idir iomad
fallsúnacha gur tairrngaireadh go mbéinn um
Chríosdaighe ria mbás, agus go gclaoídhfidhe
ioliomad Críosdaighe liom sul do bhéinn féin um
aon. Agus níor fágadh cleas, nó cluithe, nó siabhradh
draoidheachta gan mhúnadh dhamh a n-oirchill
sgreasa na cCríosdaighe. Agus do fúair mé an


L. 138


cloidhiomh iolbhúadhach solasda sin do bheanais
dhíom; agus ní fhágann fuighioll dia bhuille,
agus ní trasgarthar an tí agá mbí 'na láimh an feadh a
bhías aige. Agus atá agam sdéad lúthmhar lánéusgaidh
nach bhfuil a hionamhail oile isin mbioth
uile, agus do fúaras mo theagasg ann gach cleas dár
fhoghuin don ngaisgeadh cé gur dhíomhaoin
dhamh é ad t'aghaidh-si, a bhárr áigh na
cruinne. Agus do síleadh go gclaoidhfinn-si an
Chríosduigheacht sul do chlaoífighe mé, agus muna
mbeith a lúas do fosduidheadh an fíadh, ní
claoidhfighe agus ní béarthaoi mar súd mo bhuadha-sa.
Agus is mac dhamh-sa an fíadh úd, agus is duine do
ghnáth, agus ní roibh, agus ní bhfuil isin domhan sa
each nó beathach eile do bhéaradh air an bhfíadh
úd do lúas cos acht m'each féin amháin, agus dearbhráthair
eile dhi do bhí ag Rígh na tTulach
nÓir; agus do gadadh úadha é, agus is í sin agad-sa í;
agus dá measuinn-si gurab í do bheith ann, an tan
do gabhadh a marcach liom roimhe so do ghlacfuinn
cúram uimpe, agus ní bhfuightheá-sa í
lem fiadh-sa d'fhasdógh. Agus ní claoifí misi ar
én-chor dá mbeith an fíadh úd dá réir féin,


L. 139


óir ní tháinic agus ní thiucfaidh neach budh
mó easurlaigheacht iná é go n-uige súd. Agus ag
sin mo sgéala dhíbh," ol an t-aitheach.
"Agus anois ó do chaillios mo shéun
guidhim sibh agus déanaidh déirc orom an
ní do fioghradh agus do tairngaireadh dhamh do
thabhairt dhamh .i. mo bhaisdeadh, ionnas go
mbéinn 'mo Chríosdaighe; óir a tuigim
nárbh fhéidir buadha do bhreith orom acht le
hárd-chumhachtaibh an Spioraid Naoimh, agus
diúltuim do chumhachtaibh na ndéeibh dár
ghéillios cheana, agus adhraim agus géillim dona
cumhachtaibh is fearr agus is mó, agus diúltuim do
chealgaibh bith-fhallsa díomhaoine dá nach féidir
seasadh a n-aghaidh na n-árd-chumhachta lér
claoidheadh misi agus iomad oile romham."



Ba hiongnadh adhbhal lé Ridire na Leomhan
comhrádh an Duilbh, agus níor lugha le cách oile é, agus
go háirighe Dúibhce na cCleas, óir do bhí 'na
Phágánach an sin, agus is adhbhal an meas do rug
ar a chaint. Is an sin do ghoir Ridire na Leomhan
Dúibhce na cCleas agus Alasdrann na cCon
mBreac chuige, do choimhairliughadh riú créd do


L. 140


dhéanamh fris an Dolbh. Agus do mholadar-san dó
a bhaisdeadh, agus do ráidh an Dúibhce gur mhaith
leis é féin do bhaisdeadh agus a theagasg isin
ccreidiomh fhíre. Agus ba lúthgháireach íad uile dhe
sin. Agus tillid gus an Dolbh dorídhis, agus adubhairt
Ridire na Leomhan fris, dá ndéanamh féin agus a
mhac aithrighe fhírinneach agus creidiomh go
fírinneach isin Tríonnóidí, nach é amháin go
bhfuigheadh a bhaisdeadh, acht mar an ccéadhna
go bhfuighedís ar aon maitheamh an' anacluinn
agus a léigion saor ar a ttoil féin.



"Trúagh sin," ar an Dolbh, "luighim-si fá a
ttonguid mo thúatha do mhionnaibh nach cás ar
bith liom-sa mo bhás dá mbéinn um Chríosdaighe
ghlan aon-úair amháin, agus ó sin amach nach
siubhólainn aon-chéim isin saoghal sa go bráth
acht a seirbhís an fhír-Dhía Uile-chumhachtaigh
agus dot réir, gibé bhus luinn leat, dá ttugthar
maithiomh m'anma dhamh."



Sgaoilid don fhíadh íar sin, agus nochtaid as a
earradh draoidheachta é, agus cuirid fán ccoinghioll
chéadhna, agus a tug sin dóibh go humhal.
Agus beirios an Dolbh leis dá thigh íad an oidhche
sin, agus cuirid comhaltaidhe Alasdrainn a ccoinne
ab naomhtha do bhí a mainisdir na caithreach


L. 141


dá thabhairt do bhaisdeadh na druinge sin. Agus a
táinic chuca gidh gur leasg leis é, agus do bhaist an
triúr sin .i. Dúibhce na cCleas, an Dolbh, agus
Sighra .i. mac an Duilbh neach do bhí 'na fhíadh
roimhe sin. Agus is ádhbhal do dhoirteadar íad féin
do Dhía íarna mbaisdeadh. Agus do suigheadh íad
íar sin a n-eagar a chéile, agus do dáileadh bíadha
saora sochaithmhe, agus deocha meara roimhilsi
dhóibh.



Agus a táinic Righ na tTulach nÓir chuca, agus
fearas fáilte friú, agus suighios 'na bhfarradh, agus
gabhaid ag ól agus ag iontlás meanman agus aigionta
gurbho subhach cách dá ttomhaltas. Agus a
tarla Dúibhce na cCleas ós comhair na hinghine
go díreach, agus gabhas ag breathnughadh fuirre
gur sháith ruinn a rusg agus a radharc 'na deilbh,
gur bhreathnuigh Ridire na Leomhan agus Rígh
na Sorcha amhlaidh sin é. Agus ar bhfagháil úain
isin ól dóibh goirid an Dúibhce chuca, agus fíafraighid
nar chuir spéis nó aire isin inghin.



"Is bríathar dhamh-sa," ar sé, "gur chuireas
cheana, acht gur mheasas nach féidir dhamh a
beith agam .i. isi 'na Págánach agus misi anois
um Chríosdaighe."


L. 142


"Léig sin a seachad," ol Ridire na Leomhan,
"óir is deimhin má iontuigheann dhuit féin
go mbíadh sí gan mhoill ar do chreideadh, agus
cuirfead-sa an Dolbh dia hagallamh cona mhac
.i. Sighra."



Tug an Dúibhce mór-altughadh fris, agus
goirios Ridire na Leomhan agus Rígh na Sorcha an
Dolbh agus Sighra leó a n-úaignios, agus fíafraighid
sgéala na hinghine dhíobhtha.



"Is bríathar dhamh-sa," ol an Dolbh, "gurab
í súd inghion rígh is saidhbhre isin domhan uile,
agus gurab fhusa dhó íosduighe óir do dhéanamh
iná do ríghthibh oile mion-fhoirgneamh. Agus is
cumhachtach an rígh é," ar sé, "agus is subháilceach
béasadh na hinghine úd, agus ní mairg lé bhfaobhfuighthear
í, óir ní bhíaidh duine budh saidhbhre
iná é."



"Más eadh," ar Ridire na Leomhan, "atá ann
so mac rígh ro-chumhachtaidh .i. mac Rígh na
hArabia, agus dá ndeachthá-sa d'agallaimh na
hinghine tair a cheann do rachmaoisi ar aon dia
agallamh-san, dochum go cceanglamaois dá
chéile íad ria n-imtheacht dhúinn, óir ní


L. 143


fhéadmaid moill do dhéanamh ar én-chor,"
ar sé, "gurab aire sin gur mhaith linn lúathadh ar
gach leith."



"Is bríathar dhamh-sa go ccaithfidh sí a
bheith aige má toil leis féin agus libh-si, óir is
misi féin is oide dhi, agus as í mo bhean a buime,
agus is deimhin go bhféadaim-si féin saidhbhrios
do-fhaisnéisi do thabhairt dhi gion nach
ttiubhradh a hathair aon-ní dhi," ar an Dolbh.



Agus imghios íar sin d'agallamh na hinghine,
agus do innis comhrádh Ridire na Leomhan agus
Rígh na Sorcha um an ccleamhnas sin di.



"Is fírinneach," ar an inghion, "gurab maith
an céile dhamh-sa agus do gach inghin rígh agus ró-fhlatha
eile mac Rígh na hArabia, gidh eadh
is gúais liom go mbíadh m'athair ina aghaidh
tré a bheith anois ina Chríosdaighe dhó."



"Léig sin seachad," ol Sighra mhac Duilbh,
"óir caithfidh an rígh toil m'athar agus mo thoil-si
do dhéanamh, agus lúathuidhthear ar do sgéala,
óir ní fheadaid moill do dhéanamh."



"Más eadh," ar sí, "atá m'athair a n-imchían
úainn, agus déantar libh-si bhar ttoil féin liom-sa


L. 144


um an adhbhar sin, agus biad-sa ar bhar ttoil."



Ba meanmnach an Dolbh agus Sighra dhe sin,
agus tillid arís gus na flatha sin, agus ceanglaid an
cleamhnas sin leith ar leith, agus ní dheárnsat muill
íar sin an tan do íarr sisi a baisdeadh. Agus do-rinneadh
amhlaidh, agus do pósadh an lánamha sin
íaramh go n-iomad iolghárdais ag cách iompa.
Agus gabhaid ag ól, agus ag cluitheadh, ag iontlás
meanman, agus aigionta, ar feadh cáocaoisi.



A cceann na rée sin adubhairt Ridire na
Leomhan gur mhithe leis féin imtheacht do
lorgaireacht a mhná féin, ó do fhág a chuideachta
agus a cháirde féin sítheóilte gan trioblóid.



Do fhíafraigh Sighra mac an Duilbh dhe
créd an lorgaireacht do bhí for a mhnaoí aige, nó
créd a tarla dhi. Ciodh thrácht, do innis
Ridire na Leomhan ó thús go deireadh dhó
sgéala a mhná agus mar rug Rígh Lochlann go
foiréigneach leis í íar n-imtheacht dhó féin ar
chogadh Rígh na Ciprus.



Ba meanmnach an Dolbh agus a mhac dona sgéala
sin, agus a tugadar a mór-mhionna go rachadaoís
féin leis, agus nach bhfuigheadh Rígh Lochlann a


L. 145


dhíon ar muir nó ar tír orra. Agus adubhairt
Alasdrann na cCon mBreuc go rachadh leó mar
an ccéadhna.



"Más eadh," ol Rígh na Sorcha, "is cóir do
Dhúibhce na cCleas fuireach ó thárla núadh-phósda é."



"Dar m'armaibh gaisgidh," ol an Dúibhce,
"ar mhnáibh na talmhan ní fhanfuinn-si gan
dul lé mo chompán go ccríochnuigh' a chogadh, agus
go mbainiom críocha Lochlann amach cona coróin,
agus go bhfaghaidh Ridire na Leomhan an choróin sin
a ndíol a mhasla agus 'asdair."



Gabhas Ridire na Leomhan buidheachas mór
fris an Dúibhce, agus fria cách ar-cheana, agus do
ráidh nach bhfúigfeadh inghion Rígh na tTulach
'na haonar gan coimhéad uirre.



"Do-bhéaram linn í," ar an Dolbh, "agus ní
muirghin oruinn í."



"Más eadh," ol sí, "is maith liom sin, óir
ní bhfuil ní dob fhearr liom ná amharc dom
shúilibh ar Chlára Chneis-ghil, ó tharla dhíbh-si
uile a bheith a ccomh-cheangal carthannacht


L. 146


mar ataoí, ionnas go mbéinn féin 'na heólas ó
thárla an tslighe agam chuice."



Do mholadar uile an chomhairle sin iar mbeith
subhach so-mheanmnach dhóibh. Tug an Dolbh
a sdéad stuaidh-leabhair sgíamh-álainn chuca, agus as
eadh ro ráidh:



"A Ridire na Leomhan, bíodh an t-each-sa
agad-sa, óir as í each is fearr dar shiubhail féur
nó fonn aríamh í, agus is dearbhráthair dhi h'each
féin, agus tabhair do Rígh na Sorcha í, agus tugadh
Rígh na Sorcha 'each féin do Dhúibhce na
cCleas, agus tabhair do chloidhiomh féin dhamh-sa,
ó tá mo chloidhiomh-sa agad-sa go tilleadh ó
Lochlannaibh dhúinn."



Agus do-rinneadh amhlaidh sin gan mhoill. Agus
gabhaid lámh air imtheacht, agus is mairg tír nó
talamh ar a roibh a n-aghaidh a n-alt na húaire
sin, óir dob íad seisior curadhadh dob fhearr
gal agus gaisgeadh neart agus niadhchas dár shiubhail
an talamh san am sin íad ar lasadh feirce chuca.



Is ann sin do gléusadh long leabhair-shéadach
dhóibh, agus do cuireadh trí tionchaire luinge innte,
mar atá, biadh a n-ionadh a chaithmhe, agus ór a
n-ionadh a bhronta, agus arm a n-ionadh a
dhiúbhraice. Agus tógbhaid a seólta ós na hiolmharaibh,


L. 147


agus ba hiomdha gúais mhara tarla
dhóibh go teacht go críochaibh Lochlann.
Tángadar ann a ccéadóir go méad meanman agus
mór-aigeanta, agus níor stadsat go rángadar go
faithche na Beirbhe Lochlannaigh. Agus is amhlaidh
a tárla Rígh Lochlann an tan sin, agus ollmhughadh
fleagha agus féasda aige, agus ioliomad ríogh agus ro-fhlatha
cona mór-shochraide ar cuireadh an fhéusda sin
aige a n-oirchill inghine Rígh Franc do phósadh
san oidhche sin. Agus a tárla é féin agus na húaisle
sin ag seilg agus ag fíadhach an lá sin fá na foraoisibh
budh comhfhoigsi dhóibh, ionnas gur fágbhadh
an dún go húaigneach a n-easbaidh daoine, acht
madh aois frithéolmha an dúna agus cusbóradha
na cathrach, an tan a tángadar na haoidhe
úaisle éan-uaire sin ann. Agus ba hadhbhal
suaitheantas an t-seisir saor-churadh sin fón am
sin. Agus arna bhfaicsin do chách amhlaidh sin do
iathadar doirsi na caithreach, agus do sgaoileadar
re sgéalaibh seachneóin na críche go huilidhe, agus
gus an Amhas Ór-armach .i. dearbhráthair an rígh
cona thrí chéad amhas.



Dála an t-seisir réumh-ráite. Do ionsuighdar


L. 148


rompa gacha ndíreach gus an ccathraigh, agus do-gheibhid
a doirsi dúnta ar a ccionn. Acht cheana
budh díomhaoin an t-íathadh glais sin, óir níor
lúaithe íad-san chuca iná glais oslaice le doirn
nó le suinseadh dá ttugadh an Dolbh nó a mhac
Síoghra forra, agus níor sguirseat an seisior sin go rángadar
an pálás ríoghdha, agus do goireadh comharca
agus caismearta isin dún le faiscin an fheadhma sin.



Iarna chloisdin d'inghin Rígh Franc clisios an
luighe liúin agus lán-tuirsi ina roibh, agus fíafraighios
don mbantracht créad é adhbhar an fhúachtnaigh
sin. Agus do inniseadar sin dhi, agus smuainighas
an inghion go mb'éidir gurab é Ridire na Leomhan
táinic ann. Gidh eadh do bhí do mhéad a bróin agus
a tuirsi go ndeachaidh a n-éadóchas nár mhair sé,
agus nach bhfaicfeadh féin chaoiche é, agus as eadh ro
ráidh:



"Is cuma dhamh-sa cia fil ann," ar sí, "óir
is dochum dóláis tuirsi agus míofhortúin na beatha
saoghalta d'fhulang do chuir an Trínnóid
Neamhdha dochum an tsaoghail si mé, óir dámadh
liom ceannas na cruinne uile gan uireasbaidh, is
beag a shochar nó a shólás dhamh agus m'én-shearc
agus m'én-ionmhaine do bheith um éugmaois,
ós é féin do ghlacas do roghain tair gach inmhe


L. 149


saoghalta uile. Agus is deimhin, dá mbeith sé ina
bheathaidh nach bíadh an comh-fhad sa gan mo
leanmhain, gidh fada nó geárr do-bhéarthaoí
uadha mé, gurab aire sin is deimhin liom a bhás,
agus is beag an sgéal mo bhás-sa agus mo dhólás ina
fharradh san. Agus uch!, a Dhé dhil, níor chás forom-sa
a bhás dá bhfaicinn día oidheadh é, nó dá
bhfaicinn a chorp marbh um fhíadhnaise,
ionnas go bhfuighinn aon-bhlaiseadh a bhéil, agus
go leanadh m'anom 'anam-san agus go n-íodhlaicthídhe
sinn a n-aon-leabaidh thalmhan. Agus
anois sílidh Rígh Lochlann misi do bheith aige
féin mar mhnaoí agus mar leannánn; gidh eadh is
díomhaoin dó, óir is deimhin mo bhás a bheith a
ngar dhamh, agus ní holc liom é, acht gan mo
chorp do bheith a n-aon-úaimh le Ridire na
Leomhan."



Agus íar sin tuiteas a ttaiseadh agus a ttáimhnéullaibh
dá éis sin.



Ba hádhbhal iongantas na bantrachta do
chomhrádh na hinghine, agus gabhas truaighe íad
uimpe, agus gabhaid agá comh-fhurtacht go ttáinic
tair a hais as a néull. Fá hí sin úair fá ttángadar
na sé huaithnidhe comh-theanna sin, ré heólas


L. 150


druinge dár ghabhadar do mhuintir na cathrach
go gríanán na hinghine, agus do íarr Ridire na
Leomhan ar an Dolbh anmhuin ar deireadh aca
d'eagla sgátha nó eagla do chur ar an inghin,
agus do mhol an Dolbh an chomhairle sin, agus anas
amuich día n-éisi. Agus tiaghaid-sion asteach íar sin,
agus níor áiridh an inghion nó an bhantracht íad gur
bheannaigh Ridire na Leomhan go forbhfaoilidh
dhóibh, agus sgaoileas a chathbharra go huirlamh
dhe. Féachas an inghion fair, agus ar a fhaicsin
dhi as eadh ro ráidh:



"Uch!, a Dhé Uile-chumhachtaidh, agus a
Stiughruightheóir na néull agus na n-uile, an féidir
go ccreidfind ó mo shúilibh go bhfaicim go substainteach
corpordha mo chéad-searc agus m'én-ghrádh,
mo lúth agus mo láthar, mo shláinte agus mo
mheisneach? Agus uch!, a Dhé, más aisling fil orom
anois, agus nach bhfaicim an ní dair liom do-chím,
acht búaidhreamh na leannán ag oibriughadh
ionam, fóir ar m'anam, óir is deimhin gurab í
m'aisling dhéaghnach í."



Ar cclos na mbríathar sin do Ridire na Leomhan
lingios ar an inghin, agus tógbhas 'na ucht í, agus gabhas
agá pógadh go milis miochair, agus níor fhéad a


L. 151


shúile gan déura troma falcmhara d'fhearthain
tré chomhrádh na hinghine; agus ní hé amháin, acht
cách uile; agus go háirighe inghion Rígh na tTulach
nÓir, dob ádhbhal a tuirsi agus a brón um an
ríoghain. Agus fáisgios Ridire na Leomhan ré a ucht
agus léna chroidhe í, agus as eadh ro ráidh:



"A ríoghan," ar sé, "ná bíodh úamhan ort
nís sía, óir atáim-si ann so agad, agus is bríathar
dhamh-sa go n-íocfaid an dream tug annso thú
do mhasla, agus mo mhasla-sa fós, agus astar na n-uasal
sa ar-cheana, agus ní sgarfair-si liom-sa do-rídhis
an géin bhus beó sinn ar aon. Agus ag sin agad Rígh
na Sorcha .i. Séadhna Saor-bheásach, agus is dílios
dhamh-sa é, agus as é lámh ghaisgidh is fearr san
mbioth é agus ag súd oile Dúibhce na cCleas, mac
Rígh na hArabia, agus a chéile .i. inghion Rígh na
tTulach nÓir, agus a táinic an ríoghan úd d'aon-adhbhar
linn do bhreith ort-sa; agus ag sin
agad Alasdrann na cCon mac Rígh na Sisiole,
agus is cródha an gaisgidheach é; agus ag súd oile
Síoghra mhac an Duilbh ón Affraic. Agus atá 'athair
fós .i. an Dolbh féin linn ar an eachtra so, agus do
bhrígh go bhfuil deilbh éugsamhail fair do
fhágamar amuich ón ghríanán sa é, d'eagla


L. 152


uamhain nó sgátha do chur ar h'aigneadh-sa
go ttigtheá 'na eólas; agus is deimhin go ttiucfaidh
do dhíoghail h'éagcóra-sa, agus a mhac mar aon leis,
agus do sgriosfaidís féin 'na n-aonar an chríoch
so. Agus ag sin deimhin sgéala do charad anaithnidh
agad a ríoghan," ar sé, "agus tóig h'aigneadh, agus
dealaigh le do bhrón feasda."



A haithle an chomhráidh sin tógbhas a rosg,
agus a tug mór-altughadh ris an Trínnóid fá na
sgéala sin, agus a tug altughadh agus buidhe ré gach
aon fó leith dona huaisle sin, agus go háirighe
d'inghin Rígh na tTulach nÓir, agus pógas go dil í.
Agus íar sin do labhair an inghion agus adubhairt:



"A Dhé Uile-chumhachtach, is mairg nach
altuighionn Do thiodhlaice, gidh crúaidh nó bog,
saidhbhrios nó daidhbhrios, do-bhéarthá do neach;
agus is gearr ó do bhádhas a n-éadóchas m'fhurtúin go
bráth, agus is prab a tugais m'fhurtacht dhamh, agus
anois íarraim pardún ann m'earráid, agus do-bheirim
mór-altughadh ad thiodhlaicibh Dhuit, a
Thighearna. Agus anois," ar sí, "léigthí-si a leas
calmacht do dhéanamh, óir is iomdha oirchill


L. 153


oruibh isin chrích si, agus ní huras a innisin ar
én-chor; agus éirghidh i cceann bhar n-arm
bhfeadhma. Agus atá an rígh go n-iomad prionnsaidhe
oile ag seilg aniodh; agus dob fhearr dhíbh-si
anois díthchioll do dhéanamh ar imtheacht, ó
tá uaignios isin ccathraigh, nó fuireach re
cogadh na críche-si atá lán do neart agus do bhorr,
agus dob fhearr dhíbh dá bhar lorgaireacht íad nó
fuireach réna ngleó."



"Dar mo chloidhiomh catha," ol Síoghra mhac
an Duilbh, "ní fhúigfiom an chríoch sa go ttugam
a n-ár agus a n-easbhaidh, agus go raib ar ttríath féin
.i. Ridire na Leomhan 'na rígh corónta ann a
n-díoghail a mhasla, agus an anfhlaithis do-rinneadh
oruibh-si, a ríoghan; agus fanaidh-si uile ann so, agus ó
thárla m'athair-si amuich isin bhfaithche rachad-sa
dá fhios agus d'fhorchoimhéad dhíbh-si, agus
cumhduigh-si an gríanán go tilleadh dhamh-sa
arís."



Agus do mholadar cách comhrádh Shíoghra, agus
glúaisios Síoghra amach íaramh. Agus ar ndul ar an
bhfaithche dhó as eadh do-chonairc an Dolbh .i.
'athair, a ndochar mór deabhtha agus an t-Amhas
Ór-armach cona thrí chéad dég amhas a n-éanacht
día ghuin. Acht is ann sin do chlis an brat


L. 154


barbardha, agus an t-iolchleasaidh iol-bhúadhach,
agus an nathair n-athmhiosguiseach, agus an bheithir
bheódha, agas an coimsigh an-aithnidh, agus an
charraic dho-bhrisde, agus an tí nár fhuiling dochar
deabhtha ar a charaid, agus go sunradhach ar a
athair, ó do ghabh an chéad-arm gaisgidh go haoís
na húaire sin; agus túairgeas a sgíath go borb-neartmhar
conár fhág cúirt gan chrithnughadh,
nó halla gan bhriseadh, nó staighre gan trothlúgha,
nó curadh gan úaimhniughadha, nó síth gan
chonsgaradh, nó iasg gan a n-inmhearaibh
d'ísliughadh le borb-neart bloisge na mór-sgéithe
arna túarguin, go cclos fá na críochaibh
a ccoitchinne an macalla mór-iongantach sin,
agus go sunradhach a chairde féin isin ghríanán
agus Rígh Lochlann cona shochruide ar a sheilg.



Do labhair Clára Chneis-gheal, agus is eadh ro
ráidh:



"Is truagh ar ndála anois," ar sí, "óir is é súd
an t-Amhas Ór-armach .i. dearbhráthair Rígh
Lochlann ag fógra oruibh-si dochum deabhtha,
agus ní hion-chomhraic fir na talmhan leis féin agus lena
thrí chéad dég amhas, agus is mairg fil roimhe anois
fón fheirg ina bhfuil. Agus a Dhé, is trúagh nach bás


L. 155


do fuaras-sa oidhche mo gheineamhna sul
bhéinn 'mo instrument uilc nó báis daoine is
fearr iná mé féin."



"Is bríathar dhamh-sa," ol Aoífe Chúil-fhionn,
"gurab í súd foghar sgéithe Shíoghra mhic an
Duilbh, agus nár ghlac arm 'na láimh aríamh aon
nach bhfuil an fear úd ion-chomhraic fris, gion
gur claoídheadh le Ridire na Leomhan é féin agus
m'oide-si .i. a athair."



Acht do éirgheadar amach nó súas ar bhárr an
ghríanáin, ionnas go rabhadar ar amharc comhraic
na laoch; agus ní bhfuil béul ó ccreidfidhe
méad na láimhe do bhí an Dolbh agus a mhac do
dhéanamh ar na hamhasaibh, go ttáinic an rígh
cona chuideachta agus a thrúpaibh, 'na mbuinneadhaibh
dían-sgaoilteacha, agus 'na mbróintibh
toirteamhla, agus 'na cceithearnaibh confadhacha,
óna seilg chuca, lé foghar bhlosgadh na sgéithe arna
sgread-bhúaladh. Agus ag faicsin an Amhais Ór-armaigh
cona amhasaibh a ndochar deabhtha ag
beirt isin mbioth ba hadhbhal a n-iongnadh dhe;
agus níor lugha a n-úamhan ag faicsin éugsamhlacht
deilbh agus lúith an Duilbh agus a mhic Síoghra; agus a
tugadar uile a n-aghaidh fortha dia ttúargain;


L. 156


agus níor bhfeairde dhóibh, dóigh ní roibh aon díobha
nach bhfuair cumaoín a ghona agus freastal a
dheabhtha amhail do bheith triúr a n-aghaidh an
duine don mór-shlúagh sin an Dolbh agus a mhac
Síoghra, conach bhfacaidh súil ar bith aríamh
iongnadh ba haidhbhle nó an cumach cathláithreach,
agus an ciorbhadh croisleónta, agas an
measgadh mío-thapaidh, tugadar ar na sluaghaibh
a ccoitchinne.



Tárla Ridire na Leomhan cona chuideachta
fán am sin ag féachuin an áir sin dá thabhairt ar
na slúaghaibh; agus arna bhfaicsin amhlaidh do
éirgheadar a meadhón a n-arm agus a n-iollfhaobhar,
agus fágbhaid Dúibhce na cCleas a ccoimhdeacht na
beirte ríoghna sin ag cumhdach an ghrianáin go
tilleadh dóibh do-rídhis. Agus éirghid amach íaramh
.i. Ridire na Leomhan, Rígh na Sorcha, agus Alasdrann
na cCon, agus is deimhin gurab mairg lé roibh a
bhfearg agus ar a roibh a n-aghaidh fón am sin, agus
ní hinneastar a ndála go ttángadar áit na
himreasna. Agus is ann sin do shíneadar na lámha
a ccleasaibh guile agus léna n-armaibh aith-ghéara,
agus gabhaid ag túargain agus ag ciorbhadh corp agus ceann agus


L. 157


caomh-cholna, conach gabhadh sgíath nó lúireach
nó cruaidh-cathbharra lé haon-bhéim dá ttugadís;
agus dingid asteach a meadhón na slúagh conár
thighthe líonmhaire cith cloch-shneachta ag
tuitim as néullaibh fhionnúara na firmameint' ná
'n-iol-chleasa agá bhfras-theilgin fris na slúaghaibh
Lochlannach, gur chuireadar ar caoí mheisge
agus mhearaighthe uile íad, conár léir le cách, fútha
nó ós a ccionn, talamh nó aidhér, gur leagadh
conar choitchionn agus ród ró-fhairsing dona
laochaibh sin go hairm a roibh an Dolbh agus an
t-Amhus Ór-armach ag comhrac go hainíarmartach,
agus Síoghra mac an Duilbh a ndochar deabhtha
ag Rígh Lochlann agus ag trí chéad déag amhus agus ag
cách oile ó sin amach.



Acht cheana ar tteacht a láthair do Ridire na
Leomhan agus ar bhfaicsin a bhíodhbha ós a
chuinne is ann do éirghidh 'fhearg, do fhiuch a
chroidhe, do las a bhorr, agus do neartaigh a aigneadh,
agus a tug 'aghaidh go fíochmhar fair. Arna
fhaicsin chuige mar sin don rígh gabhas ag
greasacht na n-amhus ann, agus nocharbh fheairde
dhó, óir gabhas mire mheanman agus robharta ro-aigionta
Ridire na Leomhan, co nach gabhadh


L. 158


líonmhaire laoch, nó neart curadh, nó cruas
cathbharra, lúireach, nó colg le bailc-bhéimionnaibh
míothrócaireach' an churadh, go nár
fhágbhaibh fear a n-ionadh a throigheadh
dhíobha go ránic an rígh an athúair. Lingeas
rígh na Sorcha idir é agus na hamhuis, agus gabhas féin agus
Síoghra agus Alasdrann agá cciorbhadh go hainíarmartach.



Dála Ridire na Leomhan. Comhraicios féin agus
Rígh Lochlann fri aroile gur díthcheannadh an
rígh re dían-bhuilleadhibh Ridire na Leomhan,
agus tógbhas an mionn ríogha ós áird, agus muigheas
ós na slóghaibh é; agus do híachtadh go hadhbhal an
gníomh sin re Lochlannachaibh go cclos an gháir
chaoínte tugadar a bhfraoíthchibh na firmameint'
agus a n-imlibh na ccríoch go huilidhe,
co nár fhan fear iomchair airm ann nach ttáinic
fón mór-choinsgleó sin.



As ann sin do críochnuighe saoghal na n-amhus
oile le Rígh na Sorcha, lé Síoghra, agus lé Alasdrann,
acht an t-Amhus Ór-armach a tárla fris an Dolbh,
agus dá tteagmhadh neach ó íarthar go hoirthear
an domhain d'fhéuchain iongnadh nó spóirt comhraic
beirte isin ccruinne uile, ní hionmheasta


L. 159


go bhfaicfeadh a samhail oile acht íad féin, le
feabhas a n-iomghona, agus ar líonmhaire a
n-iolchleas, gan bárr ag aon díobha ar 'chéile a
n-imirt cleas lúith nó neirt.



Agus ba deireadh laoí agus tosach oidhche an tan sin,
agus sireas an t-Amhas Ór-armach osamh comhraic
go héirghidh gréine arna mhárach, agus do fúair sin
go toileamhail.



Glúaisios gach aon dá n-árusaibh féin an
oidhche sin, .i. Ridire na Leomhan cona
chompánacha don ghríanán a roibh Dúibhce na
cCleas agus na ríoghna ar-cheana, agus an t-Amhus
Ór-armach cona mhuintir dá dhún. Agus ba brónach
atuirseach an chathair uile an oidhche sin, agus a
roibh a ccríochaibh Lochlann uile ag cruinniugha
fá thásg Rígh Lochlann agus a d'fhios sgéala na
n-eachtrann sin a táinic ann, co nárbh fhuras
ríomh nó áiriomh dá n-aidhbhle nó dá líonmhaire.



Ní mar sin don tseisior trén-laoch oile: ba
meanmnach leó a n-aigionta agus Rígh Lochlann do
dhíthcheannadh, agus gabhaid ag urghairdiugha
meanman agus aigionta treimhsi; agus íar sin do ghlacadar
a súaimhnios gur éirghidh grían arna mhárach.
Agus an sin do ghabhadar a n-earradh áigh agus iorghoile


L. 160


umpa, agus glúaisid amach acht Dúibhce na cCleas
do fágbhadh dá aimhdheóin ag cumhdach an
dúin agus na ríoghan. Agus ar ndol isin bhfaithche
dhóibh do íarr an Dolbh chomhrac an Amhuis
Ór-armaigh, agus do ráidh Síoghra nach bhfuigheadh
"agus déanaidh-si bhar lámh ar na slúaghuibh, agus
bíodh eadrom-sa agus an t-Amhus Ór-armach."



Agus do cinneadh leó ar sin agus thuairgeadar a
sgíatha go hainíarmartach for na slúaghuibh, gur
himeagladh cách leó. Éirghios an t-Amhus
Ór-armach amach, agus do íarr comhrac én-fhir
dhó féin ar chonradh dá cclaoithidh é, gan
imreasan do bheith ann ó sin amach. Do ceangladh
an conradh leith air leith, agus do ráidh Síoghra gur
dá athair féin budh ceart a fhagháil, agus gur aontuigh
dhó féin é, "agus mar sin gurbh anfhlaitheas agus
éacceart a thabhairt a ccéudthús dhamh agus a
bhuain díom an athúair."



Agus íar cclos a bhríathar do Ridire na Leomhan
beirios ar Shíoghra, agus fáisgios ré a ucht agus ré a
urbhruinne é, agus as eadh ro ráidh:



"A chara ionmhain, ní tré olc dhuit-si, nó dot
hathair, do-ním se é, acht nár mhaith liom neach
ar bith dom ionmhuine do thuitim friom dom
láthair a ccomhrac aon-fhir gan mé féin dom


L. 161


chosnamh agus a d'fhulang cuntair aon-fhir um
chás féin."



"Luighim-si fóm armaibh," ol Síoghra, "nach
bím-si sásda muna cceaduighir an comhrac
dhamh, agus ar ghrádh h'einidh ná héur uime mé."



Acht cheana do cheaduigh an comhrac dhó lé
breitheamhnas Rígh na Sorcha agus cháich ó sin
amach. Agus ba lúthgháireach Síoghra don chead
sin, agus gabhas earradh troda agus teagbhála uime go
hathlamh, agus éirghios go meanmnach isin madh
áit a roibh an t-Amhus Ór-armach ag fuireach
fris.



"A Shíoghra," ar an tAmhus Ór-armach, "do
chuala-sa h'iomrádh-sa roimhe so, agus iomrádh
h'athar, agus is minic do orduigheas teagbháil
ribh a ccomhrac go múchainn bhar mborr agus bhar
n-úaill don tsaoghal uile, agus is lán-mhaith liom
bhar tteagbháil liom anois go ndéanuinn guin
ghalann dhíbh ar aon, agus is eagcóir nach ttugais
an Dolbh a n-íneacht leat um aghaidh-si; agus
éirghidh anois 'na chuinne, agus tabhair leat é, agus
do-dhéan-sa comhrac ribh ar aon."



"Níor mharbhais mé fós," ar Síoghra, "agus
ní baoghal dhuit mo mharbhadh; agus coisg do
bhéul, agus imir do lámh, agus cosain thú féin, óir is


L. 162


lem armaibh do bhagraim-si do ghnáth, agus ní
le mo theanga."



Acht cheana, is ann sin do follmhuigheadh an
magh eatarra leith ar leith, agus do nochtadar a
ccuilg chlais-leathna fhaobhar-ghéara chailcidhe,
agus do shíneadar a lámha cruaidh-fhéitheacha bailc-bhéimionnacha
ré saint bhualaidh, co nár fhágbhadar
cleas, nó cluithe, nó lúth, nó lámhach,
neart nó gaisgeadh, dár himreadh ó thús an
chruthaighthe agus an chéd-ghaisgidh gus an
am sin gan chathughadh re aroile a mbeag-aimsir;
agus níor fhuilidh, agus níor fhortamhlaigh ceachtar
dhíobha ar a chéile; agus do-rinneadh dhá dhamh
dhíana dhásachtacha, dhá bhuinne rabharta,
dhá earcal anghlonnach, dhá bheithir bheódha,
agus dhá leomhan ar lán-mhire, co nach bhfacaidh
súil rompa aríamh samhail nó baramhail a
n-iombuailte. Agus do chathuídar comh santach re
chéile, co nach roibh ar chlár talmhan neach dá
fheabhas rinn ruisg agus radharc do aitheónadh
aon dhíobha tair a chéile; agus fós ní roibh draoidheacht
nó oideas foghluma ag aon seach a chéile
díobha nachar fhéachadar seal re araile, gur
imeagluighdar a ccáirde umpa; agus fós do bhí saint
agus dlús a n-iombhuailte comh mór sin, dámadh


L. 163


mían do chách a n-eadrán, nach bhféadfadh fir
an bheatha dol 'na ngoire ó thús an chaomh-laoí
go deireadh. Agus ar tteacht dorchacht na hoidhche
ní druid ó chéile do-rónsat, acht do theilgeadar a
n-arm agus a n-iolfhaobhair úatha, agus do íathadar a
lámha doileónta tair chorpaibh a chéile, agus gabhaid
ag coraidheacht agus ag comhshúathadh aroile gur
éirghigh an ghrían 'na ciorcuill comh-sholasta
arna mhárach; gurab ann sin tug Síoghra fásgadh
réim-neartmhar agus tógbháil thrén-láidir ar an
Amhas Ór-armach ós áird a chuirp, gur bhúail
fó leacaibh tuintithe na talmhan, gur bhris agus gur
mhór-leadair a chroidhe a meodhón a chuirp don
fhuirmheadh mór-leaca sin, gur sgéithiosdar
crú a chroidhe tair shineastribh a shrón agus a bhéil go
hathlamh, agus gur ling a anom as a ccéadóir. Agus
tuiteas Síoghra a ttaisibh agus a ttáimhnéullaibh as
a haithle gurbh fhoisge a bhás nó a bheatha ar an
láthair sin. Agus ba hádhbhal na hiolghárrtha do
goireadh isin aonach ar faithche na Beirbhe
Lochlannaigh ag caoíneadh an Amhuis Ór-armaigh
mhic Rígh Lochlann, agus an cúigear oile ag caoineadh
Síoghra mhic an Duilbh. Agus reathuid go lán-aibéil
dia ionsaighe, agus beirios Ridire na Leomhan air,


L. 164


agus sgaoileas búcladh a lúirighe agus a chathbharra
agus 'éidighe ar-cheana go ttug fionn-fhúacht agus
gaoth dhá chorp agus día inchin. Gidh eadh níor
shil aon díobha gur mhair ar én-chor, agus gabhaid
ag tuirsi agus ag úaill-chaoineadh ós cionn an ghaisgeadhaigh.



"Is trúagh liom do bhás, a Shíoghra," ar
Ridire na Leomhan, "óir is deimhin nach roibh do
shamhail oile isin mbioth uile, ar neart láimhe
agus mór-chroidhe, ar líonmhaireacht do chleas guile,
ar fheabhas do mhéine agus do shubháilce agus do
rádh: d'énfhocal, níor shiúbhail talamh aon dob
fhearr ná thú, agus mo mhíle trúaighe féin thú; agus do
gheárr do bhás mo chroidhe, óir ní dheachaidh bás
a mbél aon-nduine aríamh is mó chráidhios mé
iná thú, agus luighim fám armaibh gurab lán-ghúais
mo bhás do theacht dot bhithin; agus a Dhé, is
trúagh do-chonairc mé féin thú aríamh más
deimhin do bhás, óir do chasgair do bhás mé uile
gan choigil."



Agus íar sin sileas a shúile frasa díana fliucha dér,
agus gabhas ag dubha dearbhráthar ós cionn Shíoghra
co nach ttáinic trúaighe bu mó nó éisdeacht a
thuirsi agus a ghuil uime, go ttáinic an Dolbh agus


L. 165


cách ar-cheana dia fhurtacht, gidh go rabhadar
féin arna mbuaidhreadh go hádhbhal uime.



Acht cheana is ann sin ad-chonacadar isin magh
buidhion seisir, agus aon-óglach forusta fionn-líath
ina réim-thús agus a fholta ar bhfás go a chrios, co
nár léir do neach ar bith aon-ní dia aghaidh
ar 'aidhbhle do fhás a fhionnfhadh; agus níor
haithnigheadh aca é nó aon día chuideachta
gur léigseat a ngluineadh ré lár agus ré talmhain a
bhfiadhnaisi na n-úasal; agus as eadh ro ráidh:



"A bhuidhion úasal árrachtach is fearr modh
agus béusa, eineach agus eagna, neart agus lúth, faobhar agus
láthar, gal agus gaisgeadh, racht agus riaghal, dár shiubhail
talamh aríamh, éirghidh súas as bhar mbrón,
agus léigidh misi 'bhar n-ionadh go bhféuchuinn an
ttiocfadh liom congnamh libh nó comh-fhurtacht
an ghaisgidh atá do bhar mbúaidhreadh."



Is ann sin do fhéach Rígh na Sorcha agus Ridire na
Leomhan go grinn fair, agus do aithnigheadar gurab
é an Ságe Malanto do bhí ann, agus do lingeadar
fair gur thoirbhreadar do phógaibh dlúith-mhilsi
é, agus ba hiongnamh ádhbhal-mhór le cách uile


L. 166


méad a lúthghára roimhe an óglach anaithnidh
sin a tárla ann.



"Sguiridh a chairde," ol an Sage, "go bhféuchuinn
an t-othar ro bhúair bhar n-aigneadh, óir
is deimhin go bhfuil a lán-ghúais."



Agus iar sin druidios gus an néullán, agus cuireas
balsum agus luibhe íce 'na chneadhaibh, fána
shinistribh, agus fána chorp uile, gur chuir 'na shuighe
as an mór-néull sin, gidh go raibh a cceasnaoí
agus a n-anbhfuinne anbháil; agus as eadh ro ráidh:



"A chairde," ol sé, "gabhaidh meanmna
maithe feasda, óir muna bhfuil do bhuaidhreadh
oruibh acht súd gabhaim-si do láimh a leighios
feasta. Agus ní hionchreite ó aon ar bith méad an
gháirdeachais agus an aignidh do ghabhadar a
ngéarr-aimsir chuca an bhuidhion sin do bhí isin
cceas is mó a rabhadar daoine aríamh rompa
ar an úair roimhe sin.



Ciodh thrácht, do íarr an Ságe Síoghra do
bhreith ó radharc na néull agus na bplanéid; agus
do-rinneadh amhlaidh go haibeíl, agus ba hadhbhal
lúthgháire na beirte ríoghna .i. Clára Chneis-gheal
inghion Rígh Franc agus Aoífe Chúil-fhionn .i.
inghion Rígh na tTulach nÓir rompa uile; agus do
dáileadh bíadha saora soichaithmhe, agus deocha


L. 167


aosda meisgheamhla dhóibh íaramh, agus ba
meanmnach an bheirt rioghan réumh-ráite fris an
Ságe, agus do chaitheadar an oidhche sin go
luinneach lúthgháireach go héirghidh gréine arna
mhárach, agus a tug cách dhíobha cuairt ag
Síoghra ar n-éirghidh dhóibh, agus ba maith
a mheanmna agus a bhiseach fán am sin.



Is ann sin do labhair an t-eagnaidh dá ngoirthear
an Ságe agus as eadh ro ráidh:



"A úaisle agus 'árd-mhaithe," ar sé, "do-bhéaruinn
féin comhairle dhíbh .i. fógra do chur go
Lochlannachaibh um choróin ríoghachta do
thabhairt do Ridire na Leomhan, agus a cur fair go
haontach, agus mé féin do chur isin toisg sin, agus cead
canamhna na coda eile d'fhágbháil agam friú."



Do mholadar-san uile an chomhairle sin, agus
do chaitheadar a mbíadha saora sochaithmhe agus a
ndeocha deagh-bhlasda, agus íar sin glúaisios an
Ságe cona chuideachta féin, agus ní gheabhadh an
Dolbh gan dul friú; agus ní haireastar a n-eachtra
go rángadar an chathair áit a roibh maithe
Lochlann uile agus sochraid Rígh Lochlann agus an
Amhuis Ór-armaigh. Agus arna bhfaicsin do
dhoirseóiridh an dúin do íathadar a nglais agus


L. 168


a ndoirsi rompa, óir do úaimhnigheadar uile re
faicsin an Doilbh, agus do reatheadar féin gus na
hárd-mhaithe do bhí isin dún re sgéalaibh dála an
Duilbh agus an eagnaidhe.



Ar bhfaicsin na ngeataidhe dúnta amhlaidh sin
rompa don Dolbh, gabhas fearg é, agus ionsuigheas an
dún go neamh-thais, agus búailios dorn fón ccomhlaidh
go ndearna bladha búan-réapa dhi. Agus is mairg
ar a roibh a aghaidh fán am sin, óir do shéidseat a
shrón amhail bholga gabhann, agus do rúaimnigheadar
a shúile amhail splancach aoidhbhle teineadh
tríchim-rúaidh, agus do bhánaidhseat agus do shiabhraigh
a bhéul agus a phuisínidh gomadh soilléir sofhaicsiona
do leith a chúil íad amhail a aighthe, agus a
theanga ar teipiosladh 'na cheann, agus a bhuill uile
ar aon-chrith; ionnus nach ttáinic laoch re
gaisgeadh nó arsaidh iorghuile dhá fheabhas
nach rachadh a sgéin agus a tteitheadh re faicsin na
n-iolriocht éugcrumpa 'na ndeachaidh ag teacht
gus an dorus dhó. Agus níor fhág staidhre gan
chrothadh, nó bord gan trothlughadha, nó corn,


L. 169


nó cúach, nó copán, gan bhladha coimhbhrisde do
dhéanamh dhíobha uile tréas an chrothadh tug
forsan dún uile a n-alt na húaire sin. Agus ní roibh
'na shuighe roimhe nár éirghidh 'na sheasamh, agus
ní roibh 'na sheasamh nár léig ar a nglúinibh íad,
ar mhéad a n-uamhain agus a n-imeagla roimhe an
tréan-laoch, go ráinic an t-eagnaidhe dá ngoirthear
an Ságe go dían dísgir idir é agus an teaghlach, agus
naisgios fair oiriseadh go labhradh féin fris an
teaghlach.



"Luighim fám armaibh gaisgidh," ol an
Dolbh, "muna mbeith a lúas a tángais orom
nach léigfinn aon dá bhfuil san ccathraigh úaim
gan timdhibhe saoghail do thabhairt dhóibh; agus
cluinim gan mhuill do labharra riú, óir is cían
linn go ccluiniom íad, ionnas go ttiubhram dhóibh
cumaoin a ccinéil dhúinn."



Is ann sin do éirgheadar na slógha go trúagh
tuirseach a bhfiadhnaise an eagnaidhe, agus do
ghabhadar faoíse agus cumairce aige fá gan díth
nó dochar do léigion na ndáil, agus go ttiubhradaois
íad féin cona n-uile mhaoin agus mhaitheas ar
ionchuibh na laoch a táinic orrtha: "agus is córuide


L. 170


féuchuin oruinn sin," ar síad, "do bhrígh go
raibh ina ainbhfhios oruinn a ndearna eidir ar
ttríath agus sibh-si, agus nach guth oruinn a bheith
umhal dar ttighearna; gurab aire sin go
nguidhmíd sibh fá fhéuchuinn oruinn, agus bíam
feasda do gach réir bhus toil libh."



"Más eadh," ar an t-eagnaidhe, "is é sin is
áil linn d'fhagháil úaibh, agus gan ní bhus mó 'dhíth
'dhéanamh dhíbh; óir ní thiucfadh na húaisle
do dhéanamh dochair do bhar ttír dámadh áil do
Rígh Lochlann gan céile Ridire na Leomhan .i.
inghean Rígh Franc arna pósadh fris do bhreith
go haimhdheónach úadha ar mbeith dhó féin a
n-imchéin; gurab aire sin a táinic 'na díaidh
maille ris na húaisle úd oile; agus is dóigh liom-sa
gion nach ttiucfadh leis acht é féin 'na aonar agus
an tí si fil ann so, nó a mhac, gomadh lór do
ghabháil na críche si íad; agus gabhaidh-si uime
mar bhar rígh corónta agus céimnighthear libh mar
sin é gan mhoill, agus ní dhéantar bhar ndíth nó
bhar ndochar ní bhus mó."



Acht cheana tugadar-san aon-gháir ós áird do
mholadh na mbríathar sin, agus tugadar mionna agus
coinghioll go ndéandeis amhlaidh arna mhárach.
Agus íar sin do shocruigh an Dolbh, agus suigheas féin agus


L. 171


an t-eagnaidhe, agus do dáileadh núadh gacha
fritheólmha dhóibh gurbhó subhach solabhartha
íad araon; agus ann sin ceileabhruid dona
sochaidhuibh, agus gluaisid go a muintir féin íaramh,
agus innsid amhail a d'éirghigh dhóibh; agus ba faoilidh
cách dona sgéalaibh sin.



Ciodh thrácht do rugadar as an oidhche sin
leith ar leith go tráth éirghidh gréine arna mhárach.
Is ann sin do éirgheadar na curadha réumh-ráite
sin a meodhón a n-arm agus a n-iolfhaobhar, agus tiaghaid
amach ar an bhfaithche go hathlamh, agus tógbhaid
a ccleasaibh guile agus gaisgidh ós a cceannaibh
isin aidhér agus isin bhfirmameint, ionnas, go
n-áirmhighthear féur faithche, agus duille feadha,
gaineadh trágha, agus réalta an aidhéir, nach
féidir ríomh nó áiriomh ar leath a n-iolchleasa,
agus íad chuca agus uatha amhail mbeach mbeag ag
sgaoileadh agus ag tiomsughadh a laethibh fíor-áilne
fóghmhuir d'ionsaighe a mbeach-adhbha; co nach
bhfacaidh aon íad nachar sganraigh agus nachar
úaimhnigh rompa. Agus arna bhfaicsin amhlaidh
d'úaislibh Lochlann osglaid doirsi agus sinistribh an
rígh-dhunaidh, agus tíaghaid féin amach agus a n-ionadh
ríogha leó, gur ríoghadh Ridire na Leomhan leó


L. 172


gan fhuireach maille re sollamhuin ádhbhal agus
ré hiolgháirdios doifhaisnéisi feadh aimsire
imchéine; gur chruinnidar Lochlannaibh uile as
gach áird chuca, agus gur adbhadar agus gur
thaisbéinseat a lúta agus a ccarthannacht do Ching
Carolus. Agus is adhbhal do bronnadh ór agus airgiod
agus iolmhaoine ré linn an rígh sin d'éigsibh, agus
d'fhollamhnaibh, do lucht íarrata achmhuinge,
do bhochtaibh, agus do dheibhléannaibh deireóile,
agus do gach aon a ráinic a leas maoin nó maitheasa
d'iarraidh nó d'fhagháil; gur ghráidheadar
finigheacha na ccríoch an t-óig-rígh sin go
haithghéarr, co nach ttáinic roimhe aríamh a
ccríochaibh Lochlann rígh ba mó searc agus síor-ionmhaine
ag cách ná é a ngeárr-aimsir.



Ciodh thrácht do sgaoíleadh teachtuidhe agus
léugáide go prab dochum na Fraince le fios na
mór-eachtra sin Ching Carolus, agus a d'iarraidh
air Rígh na Fraince teacht fóna ndéin go
críochaibh Lochlann agus go sunradhach ar Dhun
Cláro cona chéile .i. athair agus máthair Ching Carolus.
Agus ar ndul don bhFrainc dona teachta sin do
thoirbhreadar a ttosga don Rígh agus do Dhon
Cláro íar sin, agus do chách ó sin amach, co nach


L. 173


ccúalaidh clúas iongnadh isin saoghal ba haidhbhle
ná a bheith ag éisdeacht na ngárrtha lúthghárra
agus gach soilmeint ar-cheana dá ndeárna seachneóin
na Fraince uile fón am sin.



Agus a haithle an iolghárdais sin do gléusudh loingios
ádhbhal-mhór do Dhon Cláro agus don Rígh agus dona
huaislibh ar-cheana; agus do líonadh an loingios ádhbhal
sin do roighneadh gasraidheadh agus deagh-dhaoine, agus
do thógadar a seólta tar dhrom-chladhaibh na
bóchna briocht-úaine, agus do léigeadar a lán isna
hanartaibh ó chiumhsaibh cúain agus calaidh, co
nach airistear a n-eachtra gur ghabhsat cúan agus
caladh a ccríochaibh níamh-ghothacha Lochlann.
Agus ar ndul a ttír dhóibh do sgaoileadar a tteachta
re sgéalaibh gusan óig-rígh, gur ullmhuigh é féin
agus an ríoghan, inghean Rígh na tTulach nÓir, agus
a cháirde ó sin amach, agus uaisle na críche, go
ndeachadar 'na ndáil cúig mhíle cairpeadh cona
ccomhlíon marcshlúaigh trí mhíle léig ón
ccathraigh amach, gurab ann sin a tárla na
huaisle agus na hárd-mhaithe sin dá chéile. Agus
ar tteagbháil dá chéile dhóibh lingeas Cing Carolus
cona ríoghain asa ccairpeadha, agus do léigeadar a
nglúine fria lár go hollamh éusgaidh, agus
sléachtaid don Rígh a ccéad-thús agus do Dhon


L. 174


Cláro íar sin, agus do iarradar a mbeannacht, agus
dob urus sin d'fhagháil. Agus iar ccríochnughadh
don óig-rígh agus do chách, táinic inghion Rígh na
tTulach nÓir d'fhorbhfáiltiughadh don Rígh agus
dona maithibh ar-cheana, agus do innis Cing
Carolus seanchas cháich don Rígh, agus ba hádhbhal
lúthgáire na n-úasal sin fria ar-oile.



Acht cheana níor chían íar sin go ttáinic an
Dolbh chuca, agus dearcas Rígh na Fraince go
grinn fair, agus as eadh ro ráidh:



"A Thríonnóid Naomhtha Uile-chumhachtach
do chruthaigh neamh agus talamh agus a bhfuil eatarra,
an féidir gurab don chruthughadh daonna thú,
'óglaigh?" ar sé.



Agus gabhas iongnadh adhbhal é uime, gur labhair
Cing Carolus an athúair, agus as eadh ro ráidh:



"A thríath agus a athair ionmhain," ar sé, "dá
mbeith eólas agad-sa ar an tí úd, budh hadhbhal
do mheas fair, óir is deimhin gurab tearc rígh nó
prionsa is fearr ioná é ann gach céim is dleacht
don úaisle .i. ar eineach ar mhórdhacht agus ar
onóir, ar choinghioll ar fhírinne agus ar thábhacht,
ar lúth ar neart agus ar ghaisgeadh, ar chongbháil
creidigh agus ar chrábhadh, agus is deimhin nár ghlac
sgíath nó arm 'na láimh aríamh aon nach bhfuil
an fear úd ion-chomhraic fris; agus atá mac dhó


L. 175


ar an eachtra so, agus is iongnadh mór an talamh
dhá n-iomchar ar mhéad a neirt agus a niadhachais,
acht amháin oibriughadha na Tríonnóide agá
bhfuil cumhachta agus stiubhradh ós an uile go
huilidhe; agus is cara dhá ríribh dhamh-sa an fear
úd, gidh gur deacair do fúaras é."



Agus gabhas ag innisin 'eachtra ó thús go
deireadh: amhail a tárla an Dolbh cona mhac
dhó, agus mar do ghlacadar baisdeadh agus creideadh,
agus gach gníomh eile dár chomhlíonadar ó thárla
dhó féin íad. Agus an sin táinic an t-eagnaidh .i.
Sage Malanto, agus innsios eachtra agus imtheacht na
n-úasal go hiomlán do Rígh Franc agus d'úaislibh
na Fraince agus críche Lochlann air an láthair, ó
thús a n-eachtra go suighe sin; agus ba hadhbhal
iongnadh Rígh Franc agus cháich ó sin amach a
ccrúas a bhfortúin agus gach gábhadh dár fhuilingeadar
fris an rée sin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services