Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caithréim Conghail Cláiringhnigh
Title
Caithréim Conghail Cláiringhnigh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
MacSweeney, P.M.
Composition Date
1650
Publisher
(Londain: I.T.S., 1904)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Caithréim Conghail Cláiringhnigh. An Chéad Cuid. Righ ro ghabhustair Righe n-Éirionn darbho comhainm Lughaidh Luaighne mac Ionnadmhair mhic Nia Seadhmuin do chloinn Eimir Fhinn mhic Milidh, agus ó do ghabhsidein geill agus teannta agus treabhaire Éirionn do chóraigh riogha ar chóigedhaibh a n-Éirinn re a aimsir .i. tuccustair righe dhá chóigeadh Mumhan do Deaghaidh mac Sin, agus as aige do bhí an chlann oirdheirc .i. xl mac amhuil asbeart an file:
Deich mic fhichiod ag Deaghaidh Do chloinn as fearr fo dheaghail Is mic eile air anuas, Comhlann caogadh ar chomhchruas.
Agus Conrach cas a righe chóigidh Connacht, Art mac Sciolmuinn a righe Laighion; agus do righne Lughaidh Luaighne anfhlaith mhór for Olltaibh ann sin .i. do orrduigh dha righ forra agus as é cédrigh do ríoghaibh Éirionn do orrduigh dhá righ for Olltaibh ariamh é; uair tugustair an leath tuaisgeartach d'Ulltaibh do Chonghal Cláiringhneach mac Rudhruidhe .i. ó Mhulladh go Beinn m-Boirce, agus tuccustair an leath deisgeartach d'Fheargus mac Leide .i. ó Bhanna go Drobhaois. Ba h-olc tráth do bhádar Ulaidh re righe an dá righ sin, óir ba sladach síntioch, sáruightheach, fóbartach, foiréignioch do bhádar, agus do bhí cách dhíbh ag cuimhniughadh a nuafhola agus a sheanfhola dha chéile.
Do rónadh cómhairle ag maithibh Uladh agus clannaibh Rughruidhe uile a n-Eamhuin mhín-aluinn Mhacha a bfhéugmuis an dá righ sin, agus as íad so na maithe táinic ann .i. Fachtna Fathaidh mac Rosa ruaidh mhic Rughruidhe, agus Uitheachair athair Cealtchair, agus Aimhergin athair Conuill Chearnaigh, agus Niall Níamhghlonnach mac Rosa, agus Carbhraeth mac Luighdhioch athair Bhricne, agus Lughaidh féin. "As olc dhuinn amh," ar síad, "an righe so do orrduigh Righ Éirionn oruinn." "Nach bhfidir sibhsi, a fhiora," bhar Fachtna Fionn File, "gurab do mhilleadh bhur ccóigidhsi tugustair righ Éirionn an t-anfhlaithios-so foruibh oir? Ní measa bhur rioghdhamhna ionaid rioghdhamhna Éireann ar cheana." "Dobhéarsa cómhairle dhaoibhsi, a fhiora," bhar Carbhraeth mac Luighdhioch. "Ca cómhairle sin alé?" bhar íadsan. "Déantar comhfhuireadh fleidhe móire agaibhse isan árdbhaile oireaghdha-sa .i. a n-Eamhuin agus bithi uile ag turgnamh agus ag comhmóradh na fleidhe sin, agus an tan bhus urrlamh an fhleadh tabharthar Ulaidh uile um an dá righ atá forra do thochaithiomh na fleidhe, agus ó bhéid Ulaidh uile ann gabhthar libhsi an dá rígh sin agus marbhthar agaibh íad, agus iar sin tabharthar Righe an choigidh d'éinfhear agaibh as a h-aithle, agus cosnaidh righe n-Éirionn daoibh féin amhail ba ghnáth libh ariamh roimhe." As í sin cómhairle ar ar chinnsiod maithe Uladh, agus do rinneadh an fhleadh mhór sin aca no gurbh urlamh í nach raibhe uireasbhaidh iona féaccmuis acht iolar sluaigh agus sochraidhe d'fhagháil d'a tochaithsiomh, agus as íad sin dob'ussa d'fhagháil ann. Do thionóladar Ulaidh uile um an dá righ do bhádar forra go h-Eamhuin Mhacha. Do h-easradh agus do h-úrlúacradh righ-theach na h-Eamhna, agus do dheisighdur an dá righ sin ar
colbhadhaibh cúmhdach glana an tighe, agus do bhádar lucht an choguir agus an mhíorúin ar fód fo leith, óir do h-orduigheadh leósan lucht a n-urgabhala agus a marbhtha d'anradhaibh Uladh, agus an chóigidh fo seach; agus do chuala Fachtna Fionn File .i. ollamh an chóigidh sin, agus ba dhoiligh leis an fiordhíthiúghadh fionghaile do fhóbradar clanna Rúdhraighe, agus do éirigh ina sheasamh agus do éirgheadar éiccsi Uladh uile, agus do leicc Fachtna sin le na h-éigsibh co n-deisighdar idir an dá righ sin d'a ccaomhna agus d'a ccoimhéd ar an bhfeill sin; agus tángadar lucht na fionghaile iar sin asdeach agus ni fheadadar cid do dhéndaois ó do choncadar na fileadha agus na h-ollamhuin ag a n-anacall óir ba dhoiligh leó na h-ollamhuin do shárughadh; agus tángadar crótha iomdha écsamhla dhíobh, agus do shilliosdair Conghal forra ann sin, agus ó do athain na h-iolchrótha táinic dhíobh do smuain gurab do dhéanamh uilc riu 'na ndís no re ceachtar dhíobh tangadar. Do léig le Fachtna Fionn File an bharamhuil sin. "As fior duitsi sin, a áirdrigh," bhar Fachtna Fionn File, "óir do chrioccnadar Ulltaidh uile sibhsi do mharbhadh tré bhur n-éccoraibh féin agus tré anfhlaithios righ Éirionn forra, agus ar a mhéd do milleadh an cóigeadh eadruibh." "Éccoir dhaoibhsi sin, amh," bhar Conghal, "feall no fiongaile do dhéanamh oruinne, uair ni misde re righ Éirionn a dhéanamh dhaoibh agus do ba ... uair ní badh misde le righ Érend itir, agus robo cóir chena damadh énfhear againne do mhillfeadh an cúigeadh no do bheith ar éccóir a ghabháil agus a chuibhreachadh, agus a chur a n-glas no a n-gébheann no gom' riarach dhoibh fein é; agus da madh sinn ar ndís robadh chóir ár cceangal agus ár ccuiphreachadh agus ár m-beith i forlamhas aca ina fingal bráithris do dhénamh
oruind agus ro badh chóir dhoibh righe an chúiccidh do thabhairt do neoch eile do chlannaibh Rughraidhe." Agus ód'chualadar Ulaidh uile sin tángadar an righraidhe asteach iarttain, agus ro boi ollamh urlamh .i. Fachtna Fionn File agus adubhairt: "comhairle amhra agam dhibh, a Ullta," ar esiun, "agus déntar libhsi uile í; uair atáit an rioghraidhe-si ar mo chomairce-si agus ar chomairce na n-écces uile ar chena, agus suidhidhtear bhar tteach n-óla aguibh, agus tabharthar cach na n-ionadhuibhh comhadhusa agus cóirighther an Rioghraidhe ina n-ionadhuibh féin, agus leiccidh as bhar mírún agus biid co h-aoibinn isan oidhche-si anocht, agus béradsa mádain amárach in da Righsi go Teamhruigh co triochad carpthad mar aon ré gach aon dhíbh agus cuirfed Conghal i ttús na slighedh agus Ferccus ina deireadh agus bíad fén a médhon etarro, uair is ar mo chomairce-si dhóibh ar aonar noco roisit co Teamruigh agus adérsa re Righ Érionn Righe n-Uladh do thabhairt d'aoinfher dibh no do Righ-damhna éiccin eile do chlannaibh Rudhraighe mar atá aoin righ ar gach cúigeadh eile a n-Éirinn ar chena." "Rodfia buaidh agus beannachtáin, a Fhactna," bar íad, "em, uair as cómhairle ar leis agus ar lith Uladh an chomhairle sin; agus dogéntar amhlaidh sin," agus do bhádar Ulaidh co h-aoibhinn an oidhche sin no gur scitheach óil agus aoibhneasa íad, agus idbert Congal na comráithesi: "Is olc dibhsi amh a óga," bhar esiom, "mírún na mórfhuath dhuinne tre fheall agus tre fhorrmad áirdrigh Éreann agus do bheursa cómhairle eile dibh: na feallaidh ar tighearna tre bithég uair as misi as tigherna bunaidh dibh." "Truagh, amh, sin a airdrigh," bhar íadsan, "ár n-gabhail omhuin uile. Ar mhaithes an domhain ni
dhingnemaois-ne feall no fingal fortsa," agus idbert in laoi ann:
Cómhairle uaim do móireacht Gan meing agus gan meabhail ... na dénuidh gníomh meabhla Tre ghníomh n-dremhna gan deghail ... Feargus feirgniomhach Robsat ile a libherna ... adeirim go tend Ni maith feall ar thigherna Táncatar necni nachni Nach maith bed gan roghairbhe ... a fos an tesrigh As isin mo chomhairle. Comhairle.
Ro bhádar ag ól agus ag aoibhneas agus ro fhaomhadar an chómhairle sin leth ar leth, agus do chuaidh cach d'a ccodail-tighibh uile as a h-áithle; agus adracht Factna Fionn File um sholus-tráth erghe ar na mharach, agus táinic isin tegh a raibhe Conghal cláiréineach, agus idbert ris: "Erigh, a righ, a Chonghail," ar sé, "no go n-deacham go Teamhraigh"; agus táinic an file i ccoduil-teach Ferccusa mhic Leide agus doraidh an cédna ris. Ro erghedar an dá righ sin co líon a muinntire agus ro gabhadh a n-eich dhóibh agus ro h-innledh a ccarpait agus táinic Conghal mar do orduigh Factna Fionn File triochadh cairpat i ttús na slighedh agus táinic Ferccus tríochadh cairpat eile 'na deireadh, agus táinic Fachtna Fionn File a medhon eatarra agus is amhlaidh sin tángadar go Teamhraigh. Is amhlaidh umorro do bhí Teamhair an tan sin agus tighe oireghdha agus ferann soinighthe ag gach cuigedhach a n-Éirinn innte, agus tángadarsan go raith Uladh ris a n-abar saith na n-doirseorach an tansa, agus as áire donithi sin, go m-beith feis na céd-oidhche ag gach fer dhíobh, ar tteacht go Temhraigh dhóibh, agus go madh 'na ttighibh féin ro benta a
n-erradha agus a n-éduighe aisdir agus imthechta díbh, gomadh as sein do dhechdis i tteach Ri Éirionn agus ro benta a n-earradha agus a n-eduigh do dha Righ Uladh ina ttighthibh fén; agus adchuala Righ Érionn a ttorrachtain co Teamhraig uair ro bhádar cúiccedaigh Érionn rompa uile na n-iongnuis amhain ann agus ro suidhigedh Teach medhrach Miodhcuarta aigesiom dhóibh annsin agus rochuir neach d'fhorthabhairt fáilte ré rioghuibh Uladh agus tuccadh i tteach Righ Érionn uile íad agus ro orduighsium ina n-ionaduibh oil agus aoibhnesa íad, agus do shuidh féin ina ionad Righ, agus do chuir Deghaidh mac Sin ar a laim dheis agus do cuireadh Conrachcas Righ Connacht a n-ursoin descertaigh in tighe, agus do cuiredh Art mac Mesdelmainn a n-ursain oirtheardhescertaigh an tighe cédna, agus do cuiredh da Ri Uladh for slios rothuaiscertach tighe móir miodhcuarta uair as é Righ cúiccidh da ttabharthar comhardadh ionaidh ré Righ Érionn i tTemraigh do ghres é eric agus eneaclann Righ Érionn fós dó agus tuccadh da iomdai dhoibh gur thuill gach Righ dhíbh agus a thriocad deghmhuintire ina n-iomdaibh agus ro fordhaileadh fledh forra iarttain agus ro forrigdaileadh biadh ar a m-beulaibh agus ro thimchill dáil teallaigh aca. Is ann sin adconnchadarsan chuctha an inghen chaimhcruthaigh chaindhealbach in neoch do dheirscnaigh do mhnaibh ar dhelbh; uair an deirscnughadh beres grian do reannoibh na firmamente rugusdair a delbhsi do mhnaibh glana Gaoidhiol uile agus tri chaoga finnbhen ina fochair, agus cathaoir grinn gloinidhe a n-urthógbhail eatarra for mhoghaibh móra is í innte 'ga h-iomarchur, agus ro leccedar an chathaoir ar lár a fosadhlar
in tighe ar ionchuibh Rioghraidhe Érend agus ro coirgheadh osairleabaidh urluachra 'na timcheall, agus tuccadh cerchuill cetharchiumhsach áluinn airgidhe isin chathaoir sin, agus go n-desig an rioghan uraigh innte, agus ro shuidhsiot an bantracht bith aluinn isin osairleabhaidh urluachra ina h-uirthimcill agus as í robhaoi ann sin, Fionnabair inghean Lughaidh luaighne inghean righ Éreann agus ro shillestair si uaithe ar Rioghraidhe Éreann co h-ingantach agus roshaidhestair rinn a menman, a h-aigenta agus a ruisc i n-dealbhaibh Rioghraidhe Éreann agus Uladh. "Maith, amh, a bhantracht bhitháluinn," bhar sí, "as mór in tathaoir dealbha do Rioghraidhe Éreann dha Righ Uladh do thabhairt a n-aointeach riu, uair is innsa Righi Éreann do bheith ag neac eile acht ag neach do chlannaibh Rúdhraighe. Uair ní mó na dealbh guail adharce ar n-a loscadh í morc móirthenidh ina dealbh Rioghraidhe Éreann a n-athfheughadh Rioghraidhe Uladh." "Uair as amhlaidh atá Conghal," ar sí, "agus as é ruidhneach ruaidhdhearg agus folt casruadh fair agus rosc glas glemhileata na cheann agus ulcha dhonnruadh dheaghghabhlanach fair agus brat corcarghlan uime agus dealg ordha isin bhrat os a bhruinne agus léne ildhealbhach go n-ór ré a chnes agus go loinn siothfhada co n-ór for a shliastaibh; sciath as mó agus as mileta do sciathaibh go n-ór fuil ar dealgan os a chionn; slegha móra mileta for tairsceo tar-lethair a sceith; úruath agus gráin Righ fair. Feargus umorro, giolla suairc socharthanach é agus sé óg eded ...; rosc riogdha cochlach caomhglas ina chionn agus tinulcha dubh lais agus folt cas fionn fair agus sé nua naoidheanta uile 's é suairc socharthanach lesna h-ulibh ilibhdhaoinibh agus brat uaine uime agus dealg airccid isin bhrat os a bhruinne agus léne gheal re a chnes agus cloidhemh gealduirn for
a shliastaibh agus troimsciath uaine ar dealgan uas a slegha aite imchrine fa tarrsceo tarrleathair di." "Maith, a inghin," bhar íadsan, "as fiamhach fathach fírglic tuccadh a n-dealbha agus a d-tuaruscbhala let agus mochion nobhiadh agud' bhreith agus agud' h-altrom damadh gradh dobheurtha do neoch dhíbh." "Tuccus go deimhin," bhar an inghen, "taebhriudh n-gradha do neoch dhíbh, uair immar lionnus robhartha mara ó Muir Eocht cuain agus calaidh romlionusdair gradh Ferccusa mic Leide." ... .i. re Croich ingen Criomhtuinn, ... ... agus do rinde in laoi ann:
A Chroch inghin Chriomhthuinn chaoimh Ercc go mac Lede Lán-shaóir Berim chomharc uaim do'n ghríb Uair rocharus seach Gach Rígh. Is misi inghen Luighdeach, A shearc agam as cuimhneach, Do rinne toll im' chridhe A sherc go trom teintidhe, Igéin mhairsean amhne Nacha ttrécceabh ar dhuine. Ieuraidh assunn re mo linn A Chroch inghin Criomhtuinn. A Croch.
Atracht Croch inghen Criomhthuinn iarsin fiar-tharsna in tighe go h-airm i raibhe Ferccus mac Leide "slán fort a Fhearccus mhic Léide," ar si, "aiscidh fhuirghe leamsa dhuit ó inghin Righ Éreann go loinne meanman agus go n-grádh mor
dhuit leis." "Mochensa seimhe an tí ó ttucadh an aiscidh sin ó Fionnabhair inghin Luighdheach, uair gidh mór an leath bhias aicisi dhe, ni lugha in leth bhias agamsa; uair as é as leath immurro an grádh roinnter ar dho"; agus gabhais in giolla an copán agus ibhis digh as agus tug a láimh Chroiche é iar ttain agus táinic Croch rempe go h-airm a m-boi a comdhalta. Ro innis an grádh dermhair tug Ferccus mac Leide dhi agus tug sin méd mhenman agus aigenta inntesi. Is annsin do éirigh Fachtna Fionn File re beinn m-blaithegair m-buabhuill agus idbert: "slan foruibh, a fhiora aille Éreann," ar sé, "agus a rig Érenn ar cheana." "In ccédna dhuitsi, a ollamhuin," bhar íadsan, "agus cred as adhbhar let?" "Maithe chloinne Rudhraidhi romcuir chugadsa lesan da righ do ordaighis ortha agus ni fhlaitius firinne dhuitsi gach cóicced i n-Éirinn ina shithchain ratha agus énchóicced re milleadh a n-Érinn agad agus do raidhsedar ritsa lucht an chúiccidh sin, Righe do thabhert d'énfher dhibh no d'fher eile do rioghdhamhna Uladh agus ni ra teacht red' fhlaithiusa atáid acht conac derna ecctra forra seach gach cóiccedac eile do chóiccedhachuibh Éreann agus tabhairsi in cúiccedh d'énduine éiccin aca." "Do-géntar aguinne sin," bhar Lughaidh, "agus ni fhurail comhairle fer nÉreann uile uime sin." Ro shuidestair in fer ceadna ar sin agus ro tiodhluiceadh seóid agus maoine iomdha dhó agus do chuadar na maite sin uile d'a ccoduiltighthibh agus rugadar as an adhaidh sin.
Agus ro éirigh Rí Éreann go moch ar n-a mharach uair ba do geasaibh Righ Éreann grian d' erghe fair i tTeamraigh agus táinic go tiobruid na laochraidhi ar úr na Teamhrach agus ro ionnail a lámha agus a ghnúis Rioghdha agus táiníc go Duma na Rioghraidhe leith re Muillenn Chiarnaidhe uair as ann ro shuidis in Rioghraidhe do ghrés; agus adchonnaic an enmhnaói for a chionn ann. "Bean i ccoinne fhir thu, a inghin," ar Righ Éreann. "Asedh go deimhin," ar an inghen, "uair maith an fer i ttangus na choinne .i. Righ Éreann, m'athair féin." "Maith, a inghin a Fhionnabair," bhar Ri Éreann, "cioth rodtógbhuais dot' choilcthaibh chluimhdherghuigthe agus ó do shuan sheimhchodalta amuchasa eidir acht muna tísta ré morglifid mhoir?" "Nir chadhlus an adhaidh aréir gidh a bheag," ar an inghen, "ré smuaintiughadh n-aigenta, re cesd menman." "Cred rocuirestair i ccestaibh mar sin thu, a inghin?" ar sé. "Adhbar cesda agam," ar ise, "in da righsi táinic a h-Ulltaibh, cia dhíbh dia ttibresa an Righe." "Nach cuma dhuitsi, a inghin," ar Righ Éreann, "gidhbé dhíbh d'a ttiúbharsa an Righe?" "Ni cuma idir ... ... in Righe, atá uruath agus gráin Righ fair agus da ... ... riotsu, uair do thairrngir faidhe dho go madh ... ... do Ferccus dobeura in Righe," bar an inghen. "Bidh let a righise féin agus as é ...
do gheuna." "Is doigh liom do charuis Ferccus," ar sé, agus do labhair an inghen:
"A ingin in Righ rathmhair Innis go mín dot' athair Gan brón isin tulaigh the Do ghlór le Lughaidh Luaighne Ca fer do charuis díbh Cia do thoghuis do'n dá righ' A innis i tré chuibhde A shloinneadh tré mhinshuirgi Is tócha liom Ferccus fionn As é céle as cosmhuil liom As é is annsa liom re h-éd As é dile na n-inghen. A."
"Da m-béidis maithe fer n-Éreann im' fhochair anois ro comhairlighfinn sin riú." "Béidhit, trá, imurro," ar an inghen, "uair rachaidh Cróch ar a ccend"; agus táinic Cróc rempe go Temhraigh co codal-tighthibh Rioghruidhe Éreann agus do dhúisigh íad agus lucht cómhairle Righ Éreann leó agus tángadar gusan dúmha a raibhe Righ Éreann agus a n-dubhairt an inghen rompa asedh roraidhsedarsuidhe uile. "Ciodh as áil libhsi, uimesin?" ar Righ Éreann. "In righe d' Fherccus mac Léde," bar íadsan, "uair ni ferr linn cara Righ do chlannoibh Rudhraighe aguinn inas é." "Dortadh flaithesa, a óga," ar Ri Éreann, ".i. Righe do'n t-sosar roimh an tsinnsior." "Tabhairsi leasughadh eile ar Conghal ionnus go madh cara dhaoibh é." "Do bersa, ámh," ar eisinn, "triocha cét in gach cúigedh a n-Éirinn dó agus in trioca cét bhus ferr leis um Theamhraigh agus leth ruin agus cogair re feruibh Éreann agus triocha dhó im' chuirmtheachsa acht giodh uathadh bhédhid fir Éreann ann agus coimhlethedh a aighthe d' ór dó leis gacha bliadhna agus saormacantacht
Éreann uile dhó agus ni ferr dó leithrighe n-Uladh na sin"; agus do chinnsiodar uile ar in ccómhairle sin, agus robó Righ Ferccus mac Lede dhé sin gén gur fhidir, agus do chuaidh cach ré caemhthoisc díbh no go ttáinic am óil agus aoibhneasa dhóibh agus ro suidhedh a tteac n-óla an oidhce sin mar do ghníthi do ghrés, agus roghabhadar ag ól agus ag aoibhnes no gur thimchill dáil teallach forra. Is annsin do eirigh Fachtna Fionn File le beinn m-buabhail m-blaithegair. "Maith, a righ Éreann," ar sé, "mar cómhairlighis righe do thabhairt do neoch díbhso seoch a chéile." Ro chromusdair Ri Éreann a chenn agus ro labhair Deghaidh mac Sin: "Tuccadh imurro righe n-Uladh d' Fergus mac Lede agus tuccadh do Chonghal triocha céd in gach cóiccedh i n-Éirinn agus in triocha céd bus ferr leis um Theamhraigh, leth rúin agus cógair re feruibh Éreann uile agus triocha i tteac n-óil Righ Éreand giodh uathadh bhés ann agus coimhleithedh a aighthe d' ór agus saormacantacht Éreann ar sin anuas." Odchuala Conghal tugusdair beim d'a dhruim ré froighidh tighe miodhcuarta gur thuitsat scéith d'a sgíathruighibh ann agus a slegha d'a n-aighleannoibh agus a ccloidhmhe a h-inntibh bodhba agus nir ibh achd a chuid do'n dáil sin robo nesa dhó agus táinic amac remhe co sluaighteach n-Uladh agus robo corrach a chodhladh an oidhche sin ann; agus ro éirigh go moch ar na mharach agus táinic reimhe co lios na Riograidhe ris a n-abarthar Lios Torna Éccis an tansa go teach Chairbre Chruim righ tuath m-Bregh agus Midhe agus táinic go coduilteach an Righ. "Mochen deit, a Chongail," ar Cairbre, "agus cia h-aguibh d'a ttuccadh in Righe?" "Tuccadh d'Fearccus mac Léde," ar Conghal. "Is dortadh flaithesa sin," ar Cairbre, ".i. Righe do'n tsosar reimhe an tsinnsior"; "agus cred na comhadha
targus duitsi?" ar Cairbre. Ro innis Conghal dhó na comhadha tarccus dhó uile. "Nar ghabhaisiu sin?" ar Cairbre. "Nir ghabhus eidir," ar Conghal. "Asedh aderimsi rit": ar Cairbre, "'h-ulca do dhiaghuilt airsion, uair ni neach d'a nach urusa a uilc do dhioghailt tusa, uair adhbha sochuidhe thu agus an fer bhus adhbha sochaidhe coiseóna féin Righe." "Dobherimsi dom' bhreithir," ar Conghal, "agus tuingim bham sciath agus bham chlaidhimh nach geubha ní bhus mó na bhus lugha 'na thairgsin damh d' fearann uadha nogo ccoiseóna mé righe n-Éreann ris." "Is cuma a dhénamh mar sin," ar Cairbre Crom, "uair atá mac agamsa in neoch as comhdhalta dhuitfein .i. Cairbre Congancnesach mac Cairbre Cruim agus rachaidh se leatsa." "Is mocensa reimhe," ar Congal; agus robhádar tri lá agus tri h-oidhce ag ól agus ag aoibhnes ann sin. Agus odchuala sin dha mhac Rí maithe do Connactaibh .i. Oilioll Teóra Gaet mac Feicc agus Oilill Teóra Crioc mac Airtigh Uicht Lethain mic Firchoga; uair do bhádar féin ar ionnarbadh ó Chonrachcas ó Righ Connacd ag Deghaid mac Sin theas, agus do thángadar rompa go líon a muintire d'ionnsoigidh Conghail; agus do innis Cairbre da mhac Righ Connacht do theacht dha ched laoch chum Chonghail agus do rinneadar a muinteras agus a ccoraidheacht re Conghal. Agus odchuala sin Criomhthann mac Ferccusa Fairrge .i. mac Ri gairbh desceirt Éreand ris a raidhtear Ua Cennsealaigh, agus odchuala sin Muiredhach Mergech mach Righ Alban 's é ar n-a dhiochar tre n-a analtoibh féin a h-Alban amach agus sé ar saorchuairt ag Righ Éreann, agus tháinicside go líon a mhuintire agus do rinne a choraidheacht re Conghal. Odchuala sin Anadhal mac Righ Conchenn cona thri chéd Concend ar n-a ndichur tre n-a mighniomhaibh a criocaibh
Coincenn agus do rinne a choraidheacht re Conghal fa'n cuma cédna. Cith trá acht ro bhaoi Conghal fiche céd do chuingibh catha in tan ro ghluais a tigh Cairbre Chruim amach. Is ann sin ro ghluais Conghal reimhe agus tug a aghuidh ar a chúicced féin agus anuair rángadar go Bennuibh Anann risa raidhtear Benna Breag adconncadar in m-buidhin móir da n-ionnsaiccidh agus as aige ro bhaoi in bhuidhen sin .i. Criomhtann Caomh mac Lughaidh Luaighne .i. mac Righ Éreann agus trí chaoga do mhacaomhuibh Righ Éreann ina fharradh ag toigheacht do shaorchuairt Éreann go Temhraigh. Is amhlaid ro bhaoi agus a shenchaidhi agus a sceulaidhi 'na fhochair .i. Fiaca file agus sé ag déanamh dinnshenchais na criche reimhe dho. "Ca h-ainm in ath so ar Boinn, a Fhiacha?" ar Criomhthann. "Ath fuar a ainm an tansa," ar Fiaca file, "agus as ris adearar ath in oighe aniu." "Cidh ma n-abar na hanmanna sin ris?" ar Criomhtann. "Is aire adearar Ath fuar ris," ar in file, ".i. as ann chomhruices an t-uisce agus an sáile re céle agus as fuairide é sin; agus as aire adearar ath an oighe ris .i. as air ro marbhadh an chéd agh n-allaidh a n-Érinn agus Fionntan ro mharbh í." Agus an tan tairnic dhoibh in dinnshenchas sin do dhénamh is ann adchonncadar Conghal chuca agus ro ghráinedar 'ga fhaicsin agus niorbo gráin gan adhbhar dhóibhsium sin da bhfesdaoís an t-olc do bhí dhé. "Atá Conghal chuguinn," ar síad. "Nocha nfuil adhbhar iomghabhála againne air bhar macaomhaibh amhlaidh sin, a Chriomhthuinn?" ar Conghal. "As amhlaidh chena," ar Criomhthann, "agus cia h-aguibhsi d'a ttuccadh an Righe do'n chursa?" "Tuccadh í d' Fherccus mac Léde," ar
Conghal. "Dortadh flaitheasa sin," ar Criomhthann. "Ní tusa nach ttuitfe ann sin," ar Conghal. Do ghluais Conghal an laimh fair agus tucc béim cloidhimh dho nogur díceannadh go deghtapaidh é, agus ro thuitsiot na tri chaoga macaomh Righ robhádar a bhfochair Chriomhthuinn le Conghal cona mhuintir achtmadh Fiaca file a aonar; agus adubhert Conghal rision: "Erigh a n-onoir th'égsi agus th'ealadhna agus innis do Righ Érenn gur dhioghuilmisni do Righe n-Uladh air agus go n-dighél in blagh ele." Roghabh ag comhmaoidhiomh mic Righ Éreann, agus adberadh an laoí and: -
Bisi ann sin, a Chriomhtuinn chaoimh A mhic Luighdheach go lán-aoibh! Do chorp ar in tulaigh dhe Ar olc le Lughaidh Luaighne; A Fhiacha innis leat dó Do righ Éreann gan iomarghó A mhacsan ro marbhadh linn Go n-dorchuir do magh imrim Rug Lughaidh breath robho gó Oramsa ro imir anró Criomhthann gérbho caomh a lí As í mo lámh rosbí. Bise.
Ro imigh Conghal remhe iarsin go crich Rois agus i Magh Temil Mhara risan abar Fochaird Mhór Muirthemhne agus in n-Garbhshlighidh risan abar slighe mhór Mhiodhluachra, d'Iubhar Chinnchoidhce mic Neachtain risin abar Iubhar Cinn Trachta an tansa agus d'Áth mór risin abar Áth Cruithne agus i Magh Cobha Cenn-mhór soir agus do Cnuc Diamhrach go ráinic go Carn macu Buachalla go lár-medhon Uladh risa raidhtear
Báile ón Dongaile aniu, agus rogabhadh socht agus longport aindsein; agus tángadar cuca ainnsein trí comhdhaltadha Conghail .i. trí mhich Righ Cruitneach n-Uladh .i. Fraoch agus Fercc agus Frithnas a n-anmanna agus do rinnedar a ccoraidheacht ré Conghal. Iomthusa Conghail go nuighe sin. Iomthusa Fhiacha fhile, táinic remhe go Temhraigh agus do innis do Righ Éreann a mhac fén do mharbhadh agus a mhacraidhe do mharbhadh uile do Conghal, agus robhoi Temhair uile 'na n-uallghubha agus ina m-bróntoirsi dhé sin. "Cóir bhar m-beithsi amhlaidh sin," ar Righ Éreann, "uair éccóir tugabhairsi oramsa do dhénamh .i. Righe n-Uladh do bhuain do Conghal." "Atá ní nach usa ná sin duitsi ann," ar íad san, "uair do gheubha 'hinghen bás do ghradh Ferccusa mhic Lede muna ttugair dho í." "Is lór dhamsa easbaidh mo mhic oram géngo m-beth easbaidh mh' inghine leis, agus tabhruidh chuguibh Ferccus go ttugarsa mh' inghen dó"; agus tuccadh Ferccus cuca agus ro naisceadh an inghen dó agus do gheallsan céd da gach cród ina coibhce; agus do ghabhusdair Deaghaidh ag agallamh Ferccusa: "Is mór do mhaith do rinne Lughaidh ort, a Fherccuis .i. tug righe n-Uladh dhuit, agus tug a inghen as a h-aithle, agus ní dlighid a thighernas do ghoin." "Ní thrécceabhsa eider é," ar Ferccus, "in ccéin bam beó agus bhesium 'na righ a n-Éirinn"; agus ro comhmóradh banais inghene Righ Éreann an oidhche sin leis, agus tuccadh d'Fherccus í, agus robhádar tri lá agus trí h-aidhche ar a banuis.
Is annsin do raidh Ferccus: "Maith, a anam amh, a Lughaidh, as mithid damhsa dul do ghabháil Righe n-Uladh, agus do dhichur Conghail esde, agus cuirsi tuilleadh socraide lium." "Cuirfiod, imurro," ar Righ Éreann, "Derg mac Deghaidh mac Righ Mumhan agus Meas Domhnann mac Airt mac Righ Laighean agus Tinne mac Conrach mac Righ Connacht agus mac Righ Éreann agus a n-aosógbhaidh uile leó." "Rodfia buaidh agus bennachtáin, a Ri," ar Ferccus, "as maith an tuilleadh socraide sin; agus ro gluaisdar rompa in sluagh sin ó Theamraigh no go rángadar go h-Eamain Mhacha, agus ro bhí fledh rioghdha ro mhór ar a chionn: agus táinic tionól Uladh uile d'a n-ionnsoighidh agus tángadar timceall Ferccusa agus do ghoireadar gairm righ dhe; agus táinic Ferccus mac Rosa and a ccumusc caich, agus as í sin bliadhoin roghabhusdair Ferccus mac Rosa a chedfherann chuige; agus ro suidheadh le Ferccus mac Lede a theach oil agus aoibhneasa an oidhche sin, agus adbert ré Ferccus mac Rosa: "c'áit a m-bia-su isin tighsi anocht? im' fharradhsa bheir no 'san ochla feinnidh." "Is fearr lem' shluagh a comhcomhmóradh fén ina bheith ag comhmóradh shluaigh duine ele, agus béd isin ochla feinnidh." Agus tucc Ferccus mac Lede a onóir a dhiongmana dha gach aon duine do mhaithibh Uladh agus fer n-Éreann ar chena an oidhche sin. Agus as amhlaidh ro boi Fearccus agus cíos miletha aige, orbha slán a cuig bliadhna, agh tri nglac agus ian measctha caogadh do mhiodh no do chuirm, agus ba h-éiccin sin dó in gach tigh d'a tteigheadh a n-Ulltaibh ré taobh gacha fesi eile d'a bhfaghadh. Agus
ro chuinncedar muintir Ferccusa an oidhce sin an cíos sin agus raidhsiodar muinter Fearccusa mic Lede: "ni h-aimsir do sin anocht," ar íadsan, "uair atáid maithe fher n-Éreann isin m-baile-si anocht"; agus ro raidhseadar muintir Fearccusa mic Rosa go ndigheóladaoís orra san sin. "Acht mun' dheachthaoi do chomhmóradh dibhercce oruinne mar aon ré Conghal cláiríngneach ní fhuil aguibh ní mhillti oruinne," ar íadsan; agus ráinic a n-iomarbhaidh ghaoidhilge sin agus a n-imréasoin fhechemhanta. Do rónsad muintir Fergus d'ionnsoighidh na bhFerccus féin; agus an ní ro raidhsiodar a muintersan, do raidhsiodar fén amhlaidh, gur éirigh fioch bunaidh agus mírún menman ag cach d'a chéile dhíbh; agus ro h-innsedh d'Fherccus mac Rosa a chios amhlaidh do bhuain d'Fherccus mac Leide dhe. "Do bheirimsi mo bhrethir ris," ar Ferccus mac Rosa, "con digheólsa sin airsiom cona fhiachaibh cána, innus nach bá bés le neach do chlannaibh Rudhráighe arís mo chíos do bhuain diomsa"; agus rugadar as an oidhche sin, agus ro éirigh Ferccus mac Rosa go moch ar n-a mharach go líon a mhuintire do chomhcomhmoradh dibercce le Conghal mac Rudhraidhe ar Ferccus mac Lede. Do chóruigh Ferccus a mhuintir ar sin, agus do rinne cró áigh agus irghaile dhíbh, oir nir fhidir nach leanfadh Ferccus mac Lede é d'a mharbhadh no dá ghabháil, agus do sheol remhe d'ionnsoighidh longphuirt Chonghail agus adconchadar foraire Conghail sin .i. na h-iodhna áigh os cendaibh na ccuradh. Bá deimhin leó gurab íad biodhbhaidh Conghail adconncadar agus tángadar go robhadh agus n-oirciseacht leó do Chonghal, agus do éirigh Conghal a mhacraidhe agus a mhuinter go h-écciallaidh allmharadha agus do bhí do mhéd a
menman acht giodh íad fir Éreann uile do bheith ann go n-ionnsochadaois 'san uair sin íad; agus ro eagair Conghal a chath agus ar n-a egar dhó adconnairc dirimh sluaigh Ferccusa mic Rosa da n-ionnsoighidh, agus adconnairc Ferccus a ttús an tsluaigh agus aithnighes é ag tegusc a mhuintire aga radha riu a n-iodhna aigh do thoirneamh ó nach do dheabhaidh do chuadar. Agus ódchuala Conghal sin táinic as in ccath dh'a cheile agus tug a lámh tar braghaid Fherccusa agus tug póig dho agus rofher fáilte fris. "Mocén do theachd a Righ mhóir, a Fearccus," ar se, - uair ni dubhairtsiomh guth riamh ré Ferccus acht, a Righ mhóir, - agus do innis dó an ní 'man dheachuidh. "Cuma duitsi sin," ar Conghal, "uair gach maith bhias aguinne, as riotsa caithfidher í agus da n-gabhuind-si Righe n-Ereann uile robadh letsa a fhorlamhas agus is foleamsa clanna Rudhraighe am' aghaidh ó thanguis at' aonar chuguinn"; agus rogabhadh longphort ag Fesccus sic ar sin agus ro saitheadh a phupuill agus do nitha a m-botha agus a m-bélsgála. Agus tángadar a n-oireachtas i pupall Chonghail uile as a h-aithle; agus tugusdair Conghal a h-uillinn secha risin ccoilcigh cluimhdhearaighthe agus risin ccercheaill cciumhsoigh robhí fa'n iomdaidh, agus do chuaidh Fachtna finn file i cceann sgoruidheacht do dheunamh dhó, agus táinic an chiall bhreugach chuige .i. an codladh, agus adconnaic fís amhra agus aisling agus ro lingesdair go m-boi 'na shesamh ar urlár a phupaill agus do nocht a chloidhiomh. Ro eirigh Fachtna finn file, agus ro iadhusdair a dha dhóid righ go h-athlamh uime. "Slán fort, a righ, a
Chonghail," ar sé, "agus cred adconnarcais tred' chodladh?" "Adconnarcas aislincc uathmhar iongantach forghranna," ar sé, "an neoch tuc tochradh menman agus aigenta dham." "Cred adconnarcais, a righ?" ar Fachtna finn file. "Adconnarcas mo dhul ar faithce fheurghlais fhionnmhóir, agus torc allaidh urbhadhach do thegmhail am' aghaidh ann agus cumusc duinn ré chéle, agus ár mo shluaighsi uile dho, agus a thuitimsium limsa fa dheoidh i ccriocaibh in chomhlainn"; agus idbert an laoi and:
Adconnarc aisling, a Ullta, Feochair n-goile! Adconnarc ár mo shluaigh uile ré shluagh oile; Adconnarc mo dhul ar faithce clár fíar fionnmhór; Adconnarc torc allaidh anbail ar a h-urlár; Adconnairc me fer do thernomh tre mo ghlonnacht; Tuccus bás do'n torc tre trom arc d'ulc adconnarc.
"Bersi breath na h-aislinge sin damhsa," ar Conghal. "Beurmaoid, imurro," ar Fachtna finn file agus ar Fraoch draoí: "As í an faithce ar a bhfacais do bheith .i. do dhul ar fairrge, agus as é an torc allaidh adconnarcais, allmarrach do bheura cath ar fairrge dhuit agus do gheubhair éiccion mór uathaidh agus dofhaoth an torc letsa .i. a thighearna." "Agus as cosmhuil go rofíreanta," ar Conghal, "agus déna faisdine fhire dhamh, a Fhraoich, c'áit a bhfuigheann an éiccion mór sin." Do chuaidh Fraoch a muinighin a fheasa agus a
eoluis agus ro túiredh fios dó agus roceileadh ainfhios fair, agus táinic d'ionnsoighidh Conghail, agus fiarfaigheas Conghal sceula dhe, agus ro fhregairsium é, agus adbert:
Sgél liom dhuit a rígh réil For faithce sluaigh an gniomh gér Thall 'san moigh gairfid broin Fearfuidh fuil figi dreann As glann niadh dercais broin Mór an scél. Sgél.
"Is adhbhal an móirscél sin," ar Conghal, "agus bidh adhbhal re innisin é, agus dénsa faisdine ele dhamhsa, cionnus bhías mo chathughadh agus mo chogadh do'n chursa agus Ferccus mac Lede, in n-gabhuinnsi Righe n-Uladh do'n chursa"; agus do chuaidh Fraoch arís a muinighin a eóluis agus a fhoghlamtha, agus ro foillsigheadh fírinne dhó, agus táinic mar a raibhe Conghal. "Ni ghabhaisi righe n-Uladh do'n chursa, a Conghail," ar Fraoch, "agus cuirfir ar fairrcce thu agus eireocha Ferccus fort ré fáda agus cuirfidhter i n-iltíribh ciana comhaightheaca thu go ccaithfir ré fháda inntibh .i. cúig bliadhna dég agus gurab a criocaibh Loclann geubhas tu nert agus righe ar tús agus gébhthar bruighen ort ann agus geubsa bruighen for neach eile .i. for Ferccus mac Lede, agus ro fhaothsad sluaigh agus sochruidhe iomdha ann eadruibh, agus beid colla cróderga im an m-bruighin sin agus geubhairsi neart Éreann uile giodh fáda go nuige"; agus adbert an laoi and: -
Abair riom, a Fhraoich rioghdha An férsa ar sluagh brón dioghla? Cionnus bemid, toluibh gus! d'ar ccogadh agus Fearccus? Dofaothsat sluaigh a m-bruighin, Beid cuirp cerptha dhi i fuilibh; Dofaothsat sluaigh linne dhe, Thall ag toghail na bruighne;
Sinne curthar tar fairrge Go galluibh na glasfairrge; Síadsan anus sunn as tír Ní h-eadh bu áil linde, a Fhraoich. Abair.
"Déntar cómhairle aguibhse, a óga, uime sin," ar Conghal, "agus tabhair maithe ár muintire chugainn." Tuccadh chuctha da mhac Righ Connacht agus mac Righ Laighen agus Muireadach mac Rí Alban agus Anadhal mac Righ Conchend agus a thri comhdhaltadha féin .i. Fraoch agus Fercc agus Frithúas, agus ro aigill Conghal uile íad, agus adbert ríu: adcluintí faistine bar ndruagh, a óga," ar sé, "agus déntar cómhairle aguibhse uime sin." "Déna féin agus Factna finn file," ar íad san, "uair is ar bhar cómhairle anfaimne uile." "Déna cómhairle dhuinn, a Fhachtna," ar Conghal. "As í mo chómhairle-si dhíbh," ar in file, "gan cath gan cogadh gan comhfhuagra ar Ulltaibh do'n dhulsa uair ní h-íad as ciontac ribh." "Is fíor sin," ar Conghal, "agus éirghedh fios uaimsi go h-Eamain agus abradh re h-Ulltaibh an neoch bus caraid agus bus fiormhuinter dhamhsa dhíbh teguid lem ar in fhoghuil agus gach neach ris ba feárr anadh a bhfocair Fearccusa mic Lede. "Cia rachus annsin alé?" ar íadsan. "Angotha mac Anluin Aleitir," ar esiun, "agus ticcidh Bricne ann," - Uair ní raibhe tigherna bunaidh ag Bricne annsin acht Ferccus, uair as le Ferccus do chuaidh Bricne. Uair ni raibhe tighearna bunaidh ríamh ag Bricne acht Ferccus, uair nír fhuluing neach eile neimhnighe Bhricne ríamh acht Fearccus, - "agus ionnsoighidh go h-Eamain," ar Conghal, ".i. gach neach bus caruid duinn d' Ulltaibh tegadh go h-Aonach Tuaidhe agus raghmuidne go Blena Corra Crincosaigh,
risa raiter Lena an Gharbhaidh an tansa"; agus do rinne an laoí and:
A Angotha ercc go h-Emoin Go cloinn Rudhraighe reabhaigh; Teguid go h-Aonach Tuaidhe, Curaidh cródha craobhruaidhe; Atámoidne líon catha Do dheghmhacaibh deghfhlatha; As fear céd gach aoinfhear dhíbh Do neoch iadhas 'man airdrigh; Gach aon díbh anus abhus Na fherann féin ar Ferccus Madh ferr leó anadh aga Abairsi riú, a Angotha. A Angotha.
Agus tángadar na teachta sin rompa go h-Eamhuin agus tángadar go tegh na Rioghraidhe a n-Eámhoin an tansin. Agus as ann do bhí Fearccus mac Lede agus macraidhe Éirend uime ann agus rofhiarfaigh sgeula dhíbsiom. "Canas tánagabair, idir, a Anghotha?" ar Ferccus. "An baile as a bhfuil adhbhar flatha Éreann," ar Anghota, "agus mic riogh na h-Eorpa uime and .i. Conghal mac Rudhraighe a n-iongnus na flatha Ferccusa." "Cred adhbar bhar n-iomluaidhsi uaidhe, eidir?" ar Feargus. "Tángamairne ar ceann cloinne Rudhraighe," ar Bricne, "gach aon díbh lerb' áil Feargus agus Congal do leanmain uair as fearr d'iarmairt dhóibh é ná bheith í n-Ulltoibh; agus gach aon nach ba cara dhuinne díobh," ar Bricne, "airgfidher a chrioch agus a fherann agus bidh biodhbhaidh sinne dhóibh doghrés." "Ni badh uabairt ágha sin," ar Niall Niamhglonnach mac Rudhruidhe, "uair gach neach ar a m-béruimne dhíbh, ni rachadh chucasan agus da n-dechdaoís and fós robeanfidher a chrioch agus a fherann díbh, agus an fer do chuaidh and digeóltar fair é" .i. Ferccus mac Rosa, - ó nach fes a ghniomhriadhe gaile madh gose, - "uair dingeubhadsa a choigeadh d'Ulltoibh
uile." "Tiucfaidh riotsa, a Néill," ar Bricne, "a n-abraidh ré Fearccus, uair ni bhiaidh do shaoghal agad acht go ccomhruice re Ferccus, agus as í do chrioch aoincrioch d'a n-a' nesa a h-arccuin i n-Ulltaibh"; agus ro bhádar na teachta an aidhce sin i n-Eamhain. Iomthusa Conghail, robhaoí i cCarn macu Buachalla i lár-mhedhon Uladh an oidhce sin agus ro éirigh go moch ar n-a mharach cona shluaghaibh agus tángadar co Blena corra Crioncosaigh agus rogabhadh socht agus longport aca ann an aidhce sin. Iomthusa na teachta i n-Eamhain tángadarsén rompa mochtrath ar n-a mharach d'ionnsoighidh Conghail, agus iar roctain dóibh do fhiarfaigh Fachtna finn file sceula dhíbh: "cred ro raidsedar maithe cloinne Rudhruidhe ribh." "Do rónsad brigh beg díbhsi," ar Bricne, "agus gach cara díbhsi do chlannaibh Rudhruidhe beanfaidsiun a chrich agus a fherann díbh, agus ro raidh Niall Niamhglonnach go n-dingeubhadh bhar ccoigeadh sa uile d'Ulltaibh"; "agus tug oilbriatar," ar Fearccus, "agus ni tucc airiomh im' ghoil no im' ghaiscidh eider." "Ar is briathar dhamsa," ar Fearccus, "go n-digheóltar fairsium sin da bhfeudarsa." "Do fhedarsa mar is chóir dhibh do dhénamh," ar Fachtna finn file, "tabhraidh fios da bhar ccaruid agus tabhraidh chugaibh da bhar n-acallamh íad." "Rachaidh fios uaimsi," ar Conghal, "ar ceand mh'oide .i. Fionntan fial mac Rudhruidhe agus tabhraidh a thri mhic leis .i. Meirne, Semhne, agus Lathairne"; agus cuiredh a n-ede agus a n-indile ar cumairce Aimhirgin go Dún Sobhairce; agus idbeart an laói and:
Cuirther fios co Fionntan fíal Co h-oirther Sleibhe Seinnliadh, Is tabhair cugainn amach Fionntan crodha coscarach;
Agus tabhair a thrí mheic Meirne as Lathairne Láinghlic, Agus Seimhne mhaoidhes cath, In triar brathar borrfadhach! Madh da ttí chugainn, ni chél, Ar sen agus ar sinnser fén, Bidh móide ar m-brigh is ar m-blagh, Dul ar a cend, is cuirthear. Cuirtear.
Do chuadar teachta ó Conghal ar cenn a oide .i. Fionntan, agus tuccadh Fionntan da n-ionnsoighidh agus ó ráinic go h-airm i raibhe Conghal - "Maith, a Fhionntain," ar Conghal, "in tigi-si linne ar in fhoghail-si agus ar in ionnarbadh no ar in dibhercc no caidhé do chómhairle dhuinn?" "Nir comhadhus a radha riomsa dul ar foghail eider," ar sé, "agus rachaid mo thri mhicsi leat, agus as í mo chómhairlesi dhuit," ar Fionntan, "gan coccadh do dhénamh red' bhraithribh féin, uair ní neach dhíbh as cionntach riot acht Righ Éreann agus tóguibh féin do bhladh agus timcill Érinn." "Asedh as áil liomsa," ar Conghal, "Ferccus mac Rossa do dhul dar ccionn Neill Niamhglonnaigh go Dun da Beann agus d'a mharbhadh féin cona mhacuibh agus cona mhuintir agus do thabhairt a bhainchele cona bantracht i m-broid .i. Craobh inghen Durthachta"; agus idbert an laoi and:
Tiagham dar ccionn duine Néill In ár cath in ár cruaidh céim; Gabham Niall féin co m-bé i ccath Agus Craobh inghen Durthacht. Airgther linn a mhuinter mhór Idir tsocruide agus tslógh; Tabhair a bhantracht ale Go mbeid a n-Aonach Tuaidhe.
Niall Niamhglonnach rogheall cath d'Ferccus garbh gloinnbémneach. Dar ccionn a dhuin, is mór blagh, Masa mithidh libh, tiaghar. T.
Tángadar do'n arccuin sin da mhac Rí Connacht agus mac Rí Laighen agus mac Rí Alban agus Anadhal mac Ri Conchend, agus na mic Rióg ar chena, deich céd ar fhichit céd catharmach, agus tángadar rompa co Carn Fertais móir risa raiter Feartus Camsa an tansa agus óthá sin co Dún da Bheann agus ó rángadar do fhuagair foghra foghla for faithce an bhaile, agus ro ergedar sluaigh an bhaile .i. na tri chaogaid do theaghlach Neill robhaói ann agus Eoghan fuileach mac Conuill Chearnaigh dálta do Niall; agus do ghabhadarsan ag gabháil an bhaile agus múir na cathrach no gur bhrisiodar in múr agus no gur cuireadh tre smuirdhiadh agus dheathad an baile uile orra. "Eirghidh dhuinn, a fhiora," ar Eoghan, "uair buaine bladh ná saoghal, agus tabhraidh cath ré cathraigh amuigh do na mórshluaghaibh." Ro fhágsad an Dún agus tugadar cath ar in fhaithce amuigh do shluaghaibh Conghail agus d'Fheargus agus torcradar a ccoimlíon le teaghlach Neill agus torcair céd le h-Eoghan fuileach, agus do rinned dun-bhuaile bodhba uime ann agus do rinnedh guin galann de agus torcair marbh ina chrólinn i ccrioslach a sceith agus ro dhicend Fergus é ar sin, agus ro múradh in baile leó ar mharbhadh Eoghain agus a theaghlaigh agus ro cuireadh tre corthair teineadh uile é, agus ro marbhadh gach aon do bhí ineucta and agus roghabhsat a bhrait agus a bhothainte, a sheoid agus a mhaoine agus a ionnmhusa, a chuirm agus a chopanna, a bhrannubh agus a fhithchealla agus ilar gacha maitheasa ar chena agus a bhantrachta caomha cnesgheala.
Agus tuccadh fós Rioghan an bhaile i láimh leó .i. Craobh inghen Durthachta mic Athgno, agus tángadar rompa go Fertais Camais, agus ódchonnaic an inghen Fearccus tre lár in tsluaigh agus do thóg a guth blaith banda os áird: "a righ, a Fherccuis, éccoir duit cumhal agus ben-bhroide do dhénamh d'inghin dheigfhir d'Ulltoibh agus do mhnaoi fhir mhaith do clannaibh Rudhruidhe." "Da ffesainnsi do bheith amhlaidh sin," ar Ferccus, "nocha bhethea agus anuair do fhedar noca bhia; agus cá láimh atái, a rioghain?" ar sé. "I láimh Anadail mic Rí Conchend agus Oiliolla mic Airthigh," ar sí. "Léiccidh damhsa an inghen," ar Ferccus, "agus bídh mo chuid do'n chreich uile aguibh d'a cinn." Ro léiccsiot an inghen uathaibh iarsin agus do imighsiot na sluaigh uaithe ainnséin agus rofágadh an inghen na h-aonar ar bru na Banna; agus ódchonnaic an chreach mhór sheocha ag na sluaghuibh, agus ódchonnaic Dun da Bend ar n-a loscadh agus ar n-a arccuin uile: "Saeth liom t'fhaisgin amhlaidh sin," ar sí, "agus ba h-adhba riogh agus rodhaoine thu go ttrasda agus rob' iomdha maoine agus maithesa ionnad agus as rioghdha an chreach adchíamaid," ar sí, "agus as maircc dá n-adh 'h-esccara é; agus bidh righ ar bhroinigh Banbha é, agus gach faisdine doghnithear dhó fiorfuidhear agus comhailtear uile íad, agus ni líonmhar Dun da Bheann tar éis muintire Conghail agus Fearccusa"; agus adbert an laoi ann:
Fasach aniú Dun da bhend I raibhe rioghruidh ro-teand;
Atát uile a n-uagh imnigh Ó sluagh Conghail chláiríngnigh; Conghal cláiríngnech calma, In rí as in righdhamhna! Morfhlaith Uladh gébé dhe! As lionfaidh Magh Muirthemhne. Is maircc duine teagmas ris, Ré Conghal co ccaoimhecnis, Bidhrigh ar bhroinigh Banbha; Badh rioghdha do ridhamhna; Baoi brandubh ann, baoi fithcioll, Is baoi brothrach árd aireda; Bádar ann bantracht dimbras. Agus ionmus arcena; Bádar ann groidhe glasa Agus carbuid srianmhasa Agus iomad ngiall prap Agus ór agus arccad; Nocha n-feadar, a dhaoine! Gach a m-baoí ann do mhaoine; Ribh ba mór a thest amach Gé tá aniú 'na fasach. Fasach.
"Truagh, amh, sin," ar an inghen, "is ben broide aderthear riomsa ba dhesta agus bídh oilthubha ag deghaos dána agus ag lucht raite maithesa agus uilc é"; agus roling bha comhair isin es robaoí ar in m-Banna, agus robaithedh í ann gurab uaithe ainmnaighter an t-eas sin .i. Eas Craoibhe ó Craoibh inghin Durthachta mic Athgno. Agus ráinic fios na h-airccne sin co h-Eamhoin co h-airm í raibhe Ferccus mac Lede agus Niall Niamhglonnach agus maithe Uladh mar chena; agus ba béim re h-anbhuain agus re h-aiccnedh do Niall sin, agus do éirigh uair nir fhulaing a esdeacht
sin; agus roghabh a arma agus rogabhadh a eich dho agus do h-innledh a charbad agus táinic remhe co Dún da Bheann agus adchonnaich a ghrianan gloinidhe agus a pheloide rioghdha ar n-a loscadh agus in chathair mhór ar n-a múradh agus adconnaic iolar do chollaibh cro-dearcca ar chennportaibh na cathrach agus adconnaich an ní roba doilge leis ina sin uile .i. Eoghan Fuileach mac Conuill Cernaigh a dhalta gradhach ar bhfagbháil bháis agus oighedha agus mar do bhaoi amhlaidh sin doriacht drem d'a mhuintir fén chuige agus ro innseadar oighidh Craoibhe dhó. "Ni córuide dhuinne bheith co subhach sin," ar Niall; agus do rinne in Laoi and:
Uchbhadhach mo chroidhe chain! Asedh craidhes mo mhenmain Oighidh Chraoibhe a's Eoghain; Aseadh dombeir go deóluigh Eoghan Fuileach, rochleacht goil, Deaghmhac Conuill caoin Cernoigh, Bheith ina linntibh fola; Asedh dombeir fo dhubha. Saoth liom a ttuitim ar aon! Eoghan fuileach agus Craobh Gan a marthain sunn ar sain, Mana bróin tre uchbhadhaigh. Uchbhadhach.
Agus ní mó na deredh na laoidhe sin tairnic dhó do dhénamh anuair tángadar mic riogh Érend robhádar a n-Emhoin d'a ionsoiccidh .i. Tinne mac Conrach .i. mac righ Connacht, agus Dercc mac Deghaidh, mach righ Mumhan, agus Mes Domhnann mac Airtigh, mac righ Laighen co macaibh taoisioch agus oirrigh Érend leó mar tángadar ó Theamhraigh d'fhoirithin Ferccusa mic Lede agus d'ionnarbhadh Conghail a h-Ulltoibh agus as íad sin socruide rochuir Ferccus mac Lede ré Niall Niamhglonnach do dhioghail a chreiche agus a airccne ar Ferccus agus ar Conghal.
"Maith, a Neill!" ar íadsan, "Erighsi linne co ndeacham d'ionnarbhadh Conghail agus Feargusa co ndioghlam ortha na mór-uilc do rónsat riotsa." "Beridh buaidh agus beannachtáin, a mhaca ionmhoine," ar Niall, "agus is maith liom socruide d'fhaghbháil d'ionnarbadh Ferccusa agus Conghail ar chena co n-dioghlam m'uilc ortha"; agus ro éirigh sium ar sin agus ro chuir a bhrón agus a dhubha dhé agus rochóirighedh a chath agus tángadar rompa ar sliocht na sluagh. Iomthusa Conghail ó ráinic Ferccus mac Rosa cona chreachaibh ro faccuibh Bleun Corro Chríonchosaigh, agus táinic go h-Aonach Inbhir Tuaighe annsin, agus ní cian dobhádar ann an tan adconncadar na h-iodhna áigh agus iorghuile agus na merccedha mearshiubhlacha ar crannoibh ro-árda roruadha agus taithniomh na gréne glánshoillsi riú co lasamhail ré guailibh agus na laocraidhe agus na catha ceangailte ar n-a ccórughadh co h-ainsergach, agus ro h-innisedh sin do Conghal. "Is fior sin," ar Conghal, "Ferccus mac Lede sin agus sochruide fer n-Éreann ina fhochair do thabhairt catha dhamsa no dom' ionnarbadh a h-Érinn agus do gheubhad cath gan contabhairt." "Robadh ferr comadh é do bheith and," ar muintir Conghail, "uair do múirfidhe gan amharus linne é, agus dobhiadh righe n-Uladh aguinne fén, agus ro coisénmaoís righe n-Éreann ré Lughaidh Luaighne." Ro éirigh Conghal iar sin agus ro chorrigh a chath agus ro ghrés a mhuintir imchalma do dhénamh do'n dul sin; agus do gheall Ferccus co m-brisfeadh an chath in lá sin le Conghal. Is annsin ro ionnsoigh cach a cheile dhíbh ar sin agus ba h-aighthe namhad an ré catha sin agus nirbh aighthe carad im chuirm. Ro dhiubhruic cach a chele dhíbh do shoighdibh siothghorma agus do gháibh
faobhracha fuileacha agus do chlachuibh cruinne agus do chuadar ar sin ar na h-armaibh iomghona agus iombuailte co ndorcradar tiugh-ár na sluagh do na treasaibh sin etarra; agus tucc Niall Niamhglonnach co macoibh Riogh Éreann uime a aghaidh go h-aneuchtach ar cath Conghail, agus ro reidhigh berna catha agus slighe sairmhileadh ann agus rochuirsiot mic riogh Ereann ára móra ar mhuintir Conghail, agus ro airighsiod muintir Conghail sin. Ro éirigh a bhfearcc agus do rinnedh leomhain lonna dhíbh conar gabhadh riú gach conair d'a ttéidi. Is ann sin tucc Anadhal mac Ri Coinchenn aghaidh ar chath mac Riogh Éreann agus táinic Muiredhach Mercceach mac Righ Alban agus da mhac Righ Connacht, .i. Oilill teora gaoth agus Oilill teora crioc, fo'n ccath cédna, agus tuccsat ára móra ar mhuintir mac Riogh Érend. Is ann sin tug Fergus mac Rudhraidhe a aghaidh ar macoibh Riogh Érend, agus roba cédleagadh mearsheabhaic go mineunoibh an cédchathughadh sin Ferccusa, agus ba lamhach laoich agus ga gal curadh agus ba neart niadh leis an lá sin; agus tucc Conghal fós amus diochra for na deighfheroibh, agus robhen a bhrath-mileadh agus a bhémenna biodhbhadh co h-arnaidh ortha; agus táinic ann sin Criomhtann caomh mac Fergusa Faircce agus Cairbre Congancnesach mac Cairbre Cruim mac righ Bregh, Merne, Semhne agus Lathairne .i. tri comhdhaltadha Conghail ina fhiadhnuise uile agus ro thanuighset an cath da gach taobh a ttimcheall a ttigherna agus ro gabhadh ionadh catha aca uile a ttimchioll Conghail isin cath. Imthusa Neill Niamhglonnaigh nir ghabh cath no cliathbherna ris no go ráinic gusan ccró ccatha a raibhe Anadhal mac
Righ Coincheann conach raibhe d'edragain etarra achtmadh a scéith 'ga scathdhiden, agus ro thógbhadar a lamha le cloidhmhibh faobhracha fírgéra agus do ghabhadar ag tuarccabháil scéth a chéle co curata. Roba comhrac da damh n-dileann in comhrac sin uair do clos fa'n ccath cechtardha gloinnbhémeanna a n-gelsciath agus coigedal a ccloidhiomh agus roghabhadar ag dingbhail a chéle 'san chath car an caomhlaoi la choidhce. Iomthusa na ccath ccechtardha ro ghabhadar ag cur an chatha co coimhdiocra agus as é dlús fo fighedh an cath sin co roicfidis roth carbaid o'n uillinn go chéle dhíbh re dlús na h-iomghona conarbho dluithe cliatha leinedh ar n-a dluthadh no slegha slinnghéra aga ccongbháil tre chorpuibh na ccuradh eidir na cathoibh cechtardha. Is ann sin tarla Tinne mac Conrach mac righ Connacht i ccenn da mac righ Connacht robhádar a bhfocair Conghail .i. Oilill teora gaoth agus Oilill teora crioch, agus ro chrectnaigh cach a chéle dhíbh co diochra, agus ro fhoirrngedar in da mhac Tinne mac Conrach a ccedóir. Adconnaic Dearcc mac Deaghaidh sin. Táinic d'fhoirithin Tinni tar n-ais, agus athgonais an da Oilill gur chuir as a lathair chatha amach uile íad, agus rug Tinne ... agus tuairsena beg da an m... and. Odchonnaic Ferccus sin, táinic co h-arnaidh a n-aghaidh Deirg mic Deghaidh agus ro comhruicsiot ar aon ann sin, agus as doigh rob' orrac ar chath an comhrac agus an comhlann sin. Atracht nert agus fioch Fherccusa tar Dercc mac nDeghaidh ar deredh an chomhluinn co rodus di ... aid, agus ro ghab Anadhal agus Niall Niamhglonnach ag cothughadh a ccomhluinn risin ré sin co rodhiocra no gur brisedh scemheal an chatha go coitchionn, agus
torchuir Niall Niamhglonnach le h-Anadhal i ccríochaibh an chomhluinn, agus ro chuir a iolach coscair agus comhmaoidhmhe as a h-aithle agus ro meabhadh an cath ré Conghal co h-athlamh ainnsein, agus giodh líonmhar tángadar macraidhe Éreann ann sin, as uathadh terna dhíbh ó Chonghal cona mhuintir, agus gerbh é Conghal féin rob' iomdha a easbadha gén go n-airmhighter co h-iomarcach íad. Gonadh é cath Aonach Tuaighe a ttorchair Niall Niamhghlonnach mac Rudhraidhe; agus arccuin Duin da Bend agus Oighidh Craoibhe inghine Durthachta ar chaithréim Conghail conuige sin. Iomthusa Conghail robhoi ag leighes a mhuintire risin mí sin a n-Inbhear Tuaighe agus adubhairt Fachtna Fionn File ré Conghal agus ré n-a mhuintir: "ó do chuireabhair bhar m-biodbhaidh do chloinnibh Rudhraidhe dhíbh, tionóilter bhar longa agus bhar laoidhenga agus tabhraidh chuguibh co dubhthracht uile íad uair bídh moide bhar mbrigh agus bhar mbladh acht co ccluinter bhar ndul ar muir agus ar mórfhairrge." "Do géntar againne an chómhairle sin," ar Conghal; agus do rinne an laoi and: -
Tiagar uainn ar ceann ár mbarc, Tabhraidh cugainn co dubhthracht Lion ár long a's ár n-ethar A's ár ccurach ccraoislethan; Cairbre dom' laimh dheis, damh áigh! Criomhtand dom' chli chomhdalaigh, Ferccus romham isin chath, An da Oilill árd aghach; Dá ttoirsedh ar longa alle Cugainn co h-Inber Tuaighe Bi moide ár mbrigh 's ár mbladh Dul ar a ccend, is tiaghar. Tiagar.
Dochuas uaithibh sin ar cenn a long agus a luathbharc agus tuccadh chuctha go dubhthracht uile íad agus ro ghabhadar ag daingniughadh a loing eidir ramhach agus ruadhclárach. Is ann sin benas tallann sceoil eile risin Caithréim so Conghail.
An Dara Cuid. Sgeul. Righ roghabhustair righe na h-Uardha darbho comhainm Nabhgodon mac Ioruaith, agus as amhlaidh roboisen agus ben mhaith a chomhadhas aige .i. Bebid inghen Dornglain agus táinic urchra n-aimsire a ccionn athaidh da h-iondsoighidhsén agus fuair bás ann; agus ro ghabh tromghalar Nabgodon do chumhaidh a mhna agus nir dheilig taobh ré derccadh dhó acht a bheith a serg siorghalair agus ní derna eidergleo cesda na caingne, ól na aoibhnes na aines, agus robhí go ceann mbliadhna amhlaidh sin agus robhás ag milleadh a righe ó chomhcriochuibh fairsiumh risin mbliadhain sin uime co mór agus ro thionóiledar lucht na h-Uardha ainnsein agus tángadar d'ionnsoighidh an Righ. "Maith, a Nabhgodoin," ar síad, "cred an galar mór sa rodgabhas uair in neach do mhill do righe agus do fhlaithemhnas uile umad, uair do luighedar coiccriocha ort; agus innis duinn cá galar atá ort co ndéntar do leighes agus do lesughadh againne." "Nocha n-áil liomsa a innisin," bhar esion. "Damadh í comha do mhna do bheith ort nior chubhaidh riot cumha mna do chur ort, uair sírfidher na críocha agus na cenéla uile againne agus dá raibhe ag fer na a n-aontomha isin domhan bean bhus diongmhala dhuit dobhéraimne chugad ar ais no ar éiccion í." "Atá go deimhin," ar Nabgadon. "Cá tír a bhfuil, a áirdrigh?" bar iadsan. "Oilen atá a n-iarthair Eórpa," ar eision, "agus Inis Fuinidh a h-ainm agus fir bheaga áille bheodha
innte agus mna luchaire lándealbhdha, agus da bhfaghar isin domhan ben diongmhala damhsa do gheubhair innte í." "Cuirthear," ar maithe na h-Uardha, "feasa agus teachta d'iarraidh Éreann do thogha mna dhuit innte." Is annsin ro ordaighsiumh triocha trénfhear d'a thrénmhuintir d'iarraidh mna uadha co h-Érinn, agus ro scibedh bairc bhronnfhairsing aca as a h-aithle agus ro tógbhadh a seol aluinn aladhbhreac uaisde agus tángadar rompa ar an aiccén n-anfosaidh ó gach druim tuinne dar oile co rángadar co h-Érinn; agus adconncadar uathaibh Inis na m-Barc risa raiter Rachruinn a n-Dalriada agus adchonncadar an chathair rioghdha romhór urárd oireghdha uathibh agus na tighe fionna fairsiongadha agus na grianána gloinidhe agus na peloide rioghdha rofhairsionga. "Is rioghdha an chathair úd," ar muintir Nabhgadoin, "agus cá ferr dhuinn ionad a ccuirfemaois scíth dhínd ar tteacht a n-oirear Éreann inas innte," agus tugadar praispuirt ar a luing d'ionnsoighidh na cathrach. Adconcadar reampa ba h-óige agus ba h-aille do'n Adhaimhchloinn co nglaisi ruisc, co ccaisi fuilt, co m-binne n-gotha co suarca n-urlabhra, agus do shuidh cona bantracht isin n-fochla feinnidh eile agus do ghabhadar ag dénamh a ndruine agus a ndeghlamh agus do ghabh sisi ag teccusc an bhantrachta. Do bhádar muinter Nabhgadoinn ag feachaint dealbha agus innill na h-inghine, agus do shaithsiod rinn a ruisc agus a radhairc ina deilbh. "Is maith tharla dhúinn ár ttoisc agus ár tturus," ar muintir Nabhgadoin "uair gidh é in bioth uile do iarrfamaois ni fhuighmis mnaoi ba comhmaith riasúd ann, agus bérmaoidne go Nabhgadon í"; agus da fhiarfaighedar do'n lucht ba coimhnesa dóibh: "cia h-é an
t-óglach rioghdha roáluinn úd as tigherna do'n tighsi?" ar síad. "Ri Dhonn mac Iomchadha mic Miodhna mic Caischlothaigh do chloinn Cermada Milbheoil mic an Daghdha do bhunadhfremhe Thuaithe de Danann Ri na h-innsi-se súd." "Cia an inghen oireghdha úd as bainchenn do'n bhantracht?" ar síad. "Is fior," ar na fregartaidhe, "is a n-oilen mara do h-oileadh sibh ó nach ccuala sibh an inghen úd .i. Taisi Taoibhgheal inghen Righ Duinn." Is annsin tuccadh a lórdhaothain bídh agus leanna chuca, agus ó thairnic dhóibh do fhiarfaigh Ri Donn díbh; "canas a ttángadar na h-óicc no cia aga mbíd?" ar sé. "Do mhuintir Nabhgadoin mic Ioruaidh sinne," ar síad, "agus d'iarraidh mná annso tángamar uadha." "Cia an bhen?" ar Ri Dhonn. "Th' inghensa," ar síad, ".i. Taisi Thaoibhgheal ann súd." "Do gheubhthaoisi freagra uaimsi gen chomhairle uime sin," ar Ri Donn, "gion go mbeith m'inghensa ag fer oile ni tiubhroinnsi dhósan í uair rofhada uaim foghnamh a cleamhnusa." "Cia an fer ag a bhfuil 'h inghen?" ar íadsan. "Atá si ar seilbh Conghail Cláiríngnigh mic Rudhraidhe .i. mic Righ Érend"; agus dob'fhíor dósan sin, oir an trath do comhmóradh an fhleadh mhór a n-Eamhain Mhacha agus do cuas fa'n Righe go Teamhraigh ro naisceadh an inghen sin do Chonghal agus ni ráinic les fes le. "Tiocfaidh riotsa, a Ri Duinn," ar íadsan, "eura tochmairc do thabhairt duinne uair tiucfaidh Nabgadon dot' ionnsoighidhsi agus lucht na h-Uardha les agus marbhfaither do chathair uile agus milfither Ére uile trídsin agus múirfidher thu fén agus bérthar 'h inghen ar ais no ar éiccin." "Is briathar dhamhsa," ar Ri Donn, "mun'bhidh feall ar eineach damhsa é ni rachadh fear innisin scél uaimsi gan marbhadh díbh a ccionnaibh bar ccomhráidh." Do legedar an oidhce sin, agus do freastladh agus do friothoileadh íad.
Ro erccedar co moch ar n-a mharach, agus tángadar d'ionnsoiccidh a loinge agus do chuadar rompa ar in muir ccraoislethain ccédna; agus tángadar d'ionnsoiccidh na h-Uarda co h-airm a raibhe Nabhgadon. Do fhiarfaigh Nabgadon sgéala dhíbh: an bhfuaradar an dhiongmhala dhósan? "Fuaramar, imurro," ar íadsan, "bean do dhiongmhala go deimhin duit, agus ni fhacamar oile dhecc a dealba ar mhnaoi no ar fher do mhnaibh no d'fheraibh an domhain roimpe riamh agus robadh in-imbertha dhuit fén bás ar in mnaoi do bhí agad roimpe iar rochtain a faghála." Ro lionustair gradh na h-inghine an Rígh ódchuala an tuaruscbháil sin tugadar na teachta uirthe, agus do éirigh co sonairt ina shuidhe agus do fhiarfaigh: "cia athair na h-inghine sin?" ar sé, "agus cred fadhera dhíbhsi gan a tabhairt ar ais no ar éiccin libh?" "Ri Donn mac Iomchadha mic Miodna mic Caisclothaigh do chloinn Cermada Milbheoil mic an Daghdha do bhunadhfreimhe Tuaithe da Danann d'a h-athair," ar síad, "agus ní dheacamairne lion catha cath do thabhairt dhó agus muna mbeithmis ar a éneach fén as bás do imeoradh foruinn a ccionnaibh a inghine do iarraidh. Asedh adubhairt gion go mbeth a inghen ag fer oile nach ttiubradh duitsi í." "C'áit a bhfuil in fer sin?" ar Nabgadon. "Inis atá a n-oirer Éreann," ar síad. "Is innte atá Ri Donn," ar síad, "agus cathair árd mór aireghdha aige innte agus socraide coilggeura cédfadhacha fós." "Tarfaithear fairsiumh sin," ar Nabgadon, "air béradsa tionól na h-Uardha d'a ionnsoiccidh agus murfaither a chathair in a cheann agus tuitfaidh féin innte agus biaidh a inghen agamsa fa dheoidh agus biaidh ferann claidhimh damh in t-oilean sin iaramh." Is annsin do comhmóradh fleadh ag Nabgadon agus tuccadh maithe na h-Uardha uile d'a ionnsoighidh agus robhas ag tochaithiomh na
fleidhi no co ttairnic sí agus ó tháirnic dhoibh an fhleadh do chaithemh, adbert Nabgadon riu: "Urlamhaidh bhar longa agus bhar laidhenga co ndechmais do ghabháil na cathrach sin agus go ttugam an inghen este fo cédóir." "Dogéntar sin aguinne," ar síad; agus ro cóirgheadh a longa agus a laidhenga leó gurbh urlamh in-imtheachta iad. Imthusa Nabgadoin mic Ioruaid conuige sin. Iomthusa Righ Duinn, imurro, do roichdis raibhte iomdha Ioruaidh d'a ionnsoighid. Iomthusa Conghail inneasdair aguinn ba dheasta. Ro baoí séin a n-Aonach Thuaidhe ag daingniughadh a long agus a luathbharc; agus adubhairt Fachtna Fionn File: "Fagbham Ére leg. Erinn ba dheasta uair dá roichset clanna Ruadhraidhe d'ar n-ionnsoighidh do gheubham éiccean uatha." "Na h-abair sin, a Fhachtna," ar Conghal, "uair dororchair linne an biodhbha bunaidh rob' eaglaidhi linne díbh .i. Niall Niamhglonnach mac Rudhraidhe, agus an fer as ferr anois díbh .i. Ferccus mac Lede, dingeubhadsa díbhse a niort comhluinn é isin ccath." "Gidhedh," ar Fachtna, "as mithidh díbhsi imtheacht a h-Érinn," agus adubhairt an laoí:
Mithidh duinn dol tar muir meann; Ar n-arccain chríche n-Éreann, Dobharfiocfath imale Maithe cloinne Rudhruighe. Na h-abairsi sin, a fhir! A Fhachtna Fhinn Fhilidh! Dingeubhad dhíbh 'san tres te Ferccus Laoch mór mac Lede, Ar n-arccuin dhuinn Dunaidh Neill, Ar ccur a n-ionnmais a ccén; Go roichim go Dun mic Lir, Dul ar muir as mithidh. Mithidh.
Tuccadh cuigesium maithe a mhuintire agus do rinne cómhairle friu; agus asedh adubhradar uile gur mhithidh leó uile Ere d'fágbháil. "Fágmaoidne í," ar Conghal, "agus tiagam co teach Ri Duinn co ndernuinnsi feis le h-ingin Righ Duinn." Dala Righ Duinn, umorro, ráinic raibhte fíre roimh Nabgadon chuige, agus adubhradar a mhuinter le Righ Dhonn nar choir dhó bheith ar cionn luchta na h-Uarda ina inis féin ó nach dideonn draoitheacht no cumhachta inchlethi é. "Is ferr dhamhsa maseadh," ar sé, "dol ar cend Conghail gurab é fein choiseónas a bhean friu ó nach bhfuilimsi líon catha d'a cosnamh acht muna didne dobhar-cheo draoitheachta sinn no muna fóiridh Conghal oruinn." Táinicsiomh iaromh as an oilen amach ar ceann Conghail; agus do thairnic do Chonghal a longa do leasughadh agus a fhoirne d'ordughadh agus a chabhlach do chórughadh adchonncadar aonchurach ar fud mara agus aiccén d'a n-ionnsoiccidh agus aon óglach alainn osardha ann, agus dobhádar aga fheuchaint re h-athaidh. "Dobherimsi aithne ar an óglach atá isin churach," ar Conghal, "uair as é Ri Donn mac Iomchadha é ag teacht ar mo chendsa ma's ullamh ... bainnsi a inghine." Tug Ri Donn aghaidh a churaigh ar luing Conghail agus do bheannaigh dhó. "Ca slighidh a mbeir an cobhlach sa, a Chonghail?" ar Ri Donn. "Gud' thighsi," ar Conghal. "As ferrde linn bhar tteachtsa ann sin," ar sé, "uair atá dáil cobhlaigh as mó ina síbhsi d'ár n-ionnshoiccidh." "Cia an cobhlach sin?" ar Conghal. "Nabgadon mac Ioruaidh táinic d'iarraidh do mhna-sa oramsa," ar Ri Donn, "agus ni
thugusa dho í agus atá sesion agus lion cobhlaigh ag teacht d'a breth ar éccin uaimsi agus tarsa fén dá cosnamh friu." "Erighsi romham," ar Conghal, "agus frithoilter let na maithe-si atá im fhocairsi, agus abair re Taisi Thaoibhghil go ndingeubhadsa Nabgadon uair dá ttí sé d'a tochmarcsa tuitfe sé liom" agus idbert in laoi:
A Ri Dhuinn erigh do'n dún, Cóirigh ár ccoilcidh 's ár ccluimh; Friothoilter let imale Maithe cloinne Rudhraidhe; Abair re Taisi thaidhe Risin ingin n-iomuallaigh Nabgodon ar tteacht a ttuaidh, Dingeubhadsa i ccath ar nuair Nabgodon da ttí sé a tthuaidh, Ri na h-Uardha go líon sluaigh Is derbh dofaoth os in tuinn, Aderim rit a Ri Duinn.
Is ann sin do sgar Ri Donn riu agus táinic rompa d'a chatraigh féin d'a bhfrestealadh agus d'a bhfrithaileadh; agus táinic Conghal co líon a shochruide ina dhiaigh; agus do rindedh fliuchcaomhna foilcthe agus fothraicthe dhóibh agus tuccadh a n-airighthe bidh agus lenna cuca, agus tángadar isin mbruigin mhóir uile as a h-aithle. Uair as amhlaidh dobhí Ri Donn agus bruighion aige ar n-a chórughadh fa comhair Conghail re dunadh amuigh. "A Chonghail," ar sé, "orduigh féin feasta do theach n-ola agus suidhigh do mhuinter." "Abair, a Fhraoich dhraoi, cionnus bhías an bhruigheansa anocht," ar Conghal. "As í so an bhruighean do thairingertsa do
ghabháil ort," ar Fraoch, "agus as cóir dhuit a h-oirchill go maith do dhénamh," ar síad, "uair ciodh líonmhar tí Nabgodon d'ar n-ionnsoighidh badh tresi dhuinne ina dhó." Is annsin táinic Conghal isin mbruighin, agus do shuidh ina ionad rioghdha. "Maith, a Fheargus," ar Conghal, "c'ait istighsi a m-bia-su anocht?" "Bíad isin fochla thuaiscertach an tige," ar Ferccus, "uair dá ttí Nabhgodon is annsan bport ba thuaidhe thiocfas"; agus táinic Ferccus do thóccbháil a arma os a chionn isin fhocla fheinnidh, agus táinic Muiredhach Mergech mac
soillsi na lochrann ar lasadh do mhuin mhara amuigh. "Maith, a lucht an eoluis!" ar Nabgadon, "c'áit a bhfuil an tsoillsi mhór úd adchiamuid?" "Asedh as doigh linne," ar síad, "gurab a bhfiadhnuise Righ Duinn atá sí, agus as ann atá an bhen do iarramarne dhuitsi agus as doigh linne gurab é an fer d'a ttucadh í do bhiadh ann ar a banais anocht .i. mac Righ Éreann." "Dob' fherr linn go madh é do bhiadh ann," ar Nabgadon, "agus teicchidh foirionn tri long uaibh d'fhios na h-innsi, agus tabhrat leó sgéla na cathrach chugoinn"; agus tángadar sin rompa d'fhios na hinnsi. Dála Ferccusa, imurro, dobhísen ag ésteacht re mongar an mhara do'n taoib thuaidhe agus adchuala ruchtladh na luinge lánmhoire ag gabháil acarsoide isin innsi. Do éirigh Ferccus amach, agus do ghlac a arma go hathlamh annsin, agus ódconnaic Muireadhach Mergeach mac Righ Alban sin, táinic a ndeaghaidh Ferccusa amach, agus comh luath d'Ferccus dochum an chalaidh agus do'n chedluing ag teacht a ttír díbhsin, agus do iadh Ferccus a dha ghlaic mhora mhileta fa chuirrthosach na luinge agus tuccustair etharcrathadh anbhail fuirre gur chriothnaigh a cláracha go curada, agus ro scinnedar a tairrngadha cengail agus comhdlutha eisde uile, agus do scaoilesdair o'n ccuirrthosach d'a chéle gan contabairt uile í go rabhadar a foireann ag teacht trithe ar fud na tragha ... sledhaibh; agus do ghabusdair Muiredhac Mergeach mac Righ Alban ag ionnarbhadh na foirne go fuirechair; agus táinic Ferccus isin luing fa nesa dho iar sin, agus do bhí sé ag marbhadh na foirne, agus táinic Muiredhach mór 'na dheaghaidh in gach luing d'a longaibh go ráinic leo
foirend na ttri long do lánmharbhadh ar a n-ordughadh sin; agus tángadar isin mbruighin as a haithle agus do thógbhadar a n-arma uaisdib agus do shuidhedar ina n-ionadaibh féin iar sin, agus nir chomhmaoidhsiot na h-euchta do rinnedar idir. Is ann sin táinic Nabgadon líon a luingsi a ndeaghaidh a mhuintire, agus as amhlaidh fuair íad ina ccosrachuibh gearrtha comhmbuailte fa chorrthosachaibh a long, agus a longa ar n-a luaithbhriseadh. "Is uathmhar mar bidh ar muinter," ar Nabgodon, "agus as nertmar do marbhadh re h-edh n-athgoirid uile íad"; agus do chualadar greadhan mór isin mbruigin. "Dénam d'ionnsoigidh na bruighne, a fhiora!" ar Nabgodon, "co ndioghlam ár muinter ar a bhfuil d'Erenchaibh innte, agus tabhraidh cairrcce agus clocha o'n ccaladh libh go mbed aguinn do bhriseadh na bruighne." Is amhlaidh tángadarsan d'ionnsoigidh na bruighne agus ualuighe aidhbhle leó do chlochaibh tuinne na tragha, agus ó rángadar í tuccadar frais barbardha do'n bhruighin gur léccsed a sceth agus a sleagha agus a ccloidmhe ina beannoibh agus a seancolaman do bhi ina shesamh re dreich na bruighne do chongbháil ina sesamh gan tuitim ortha. Is annsin do éirigh Ferccus agus táinic amach, agus táinic Muiredhach Merccach ina dheaghaidh; agus tuccadar luathchuairt a ttimchill na bruighne, agus tugadar urchur ferdha feramhail o'n mbruighin amach orra, agus do thuit céd laoch agus tángadar isin mbruighin anonn as a haithle; agus do thógbhadar a n-airm uirdgéra uaisdibh innte, agus do ibheadar a ndigh tharta agus iotan as a h-aithle. Tángadar na h-allmharraigh
uile arís d'ionnsoighidh na bruighne, agus do ghabhadar doirsi na bruighne da gach áird impe. Ódchonnaic Anadhal Euchtach mac Righ Conchenn cona thri céd Concheannach, tángadar amach agus tugadar ára móra ar muintir, Nabgadoin; agus do chuiredar a raon madhma agus moirtheichidh uile íad o'n mbruighin go hairm a raibhe Nabhgadon; agus tángadar isin mbruighin cédna iarsin agus do ibhedar a ndigh tharta. Iarsin do ghres Nabgadon a mhuintir dochum na bruighne go h-athlamh agus tángadar da gach aird dí, agus do gháiredar uimpe; agus táinic Ferccus amach agus Muiredhach Mergach arís agus do chuiredar ára móra ar na sluaghaibh gur sraoineadh ar gach leth o'n mbruighin íad, agus tángadar isin mbruighin agus do shuidhedar ina n-ionaduibh fén arís. Is annsin adubhairt Nabgadon; "Éirig duinn," ar sé, "agus loiscter an bhruighen im chennaibh fuil innte do shluaghaibh." Táinic dírim mhór do mhacaomhoibh Riogh na h-Uardha d'iondsoighidh na bruighne agus do dhiubhracadar do shaighdibh teneadh an bhruighin. Tángadar amach annsin dhá mhac Righ Connacht .i. Ailill Teóra Gaoth agus Ailill Teóra Crioch, agus do rónsad coscar mór amuigh, agus tángadar isin mbruighin iar sin, agus do chuir sin socht mór ar lucht na h-Uardha uile. "Ni chualamar iomradh bhfer n-Éreann ima n-engnamh roimhe so riamh," ar Nabgadon. Agus táinic cath mór d'ionnsoighidh na bruighne agus do fhóbhradar doirsi na bruighne do bhrisedh. Táinic Ferccus agus Muireadhach Mergach amach arís, agus tuccadar a ndes risin mbruighin, agus do chuireadar a raibhe 'na timchill uile a raen madhma noco rángadar a costadh, agus tángadar isin
mbruighin iar sin agus ní mór go ráinic dhóibh a ndeoch d'ibhe anuair do ghairedar na sluagha arís fa'n m-bruighin. Táinic amach annsin Criomhthann coscarach mac Ferccusa Faircce agus Cairbre Conganchnesach mac Cairbre Chruim; agus tug fear díbh a chle risin mbruighin agus fer ele a dhes, agus do fheradar a ccomhlann timchill na bruighne gur dhichuirsiot na sluaigh uile uaithe; agus ní thairnic leó acht a n-arma do thógbháil in tan tángadar na sluaigh arís dochum na bruighne. Ro éirigh Ferccus agus Muiredhach Mergach amach arís, agus ger' líonmhar na slóigh do dhichuirsiot o'n mbruighin uile íad go lár na n-allmharrach, agus tángadar isin mbruighin tré lár an chatha d'a n-aimhdheóin agus do thógaibh Muiredhach a iolach coscair os áird annsin. Is annsin adubhairt Nabgadon: "As é céd? eccraidh téd mo shluaghsa," ar se, "a bhfarradh an tsluaigh atá isin mbruighin agus ergidh uile, a rioghraidhe!" ar sé, "go mbrisiom an bhruighin, uair ní furáil dhuinn uile teacht da h-iondsoighe." Tángadar na sluaigh uile 's an mbruighin annsin agus do ghairedar da gach áird agus da gach airchenn dí, agus do chuireadar teinidh ar gach áird innte. Ro erccedar tri comhaltadha Conghail amach annsin .i. Merne, Semne agus Lathairne, agus tángadar tar dhorus descertach na bruighne amach agus do mhuchsad na tentidhe tendala agus do mharbhsad lucht a n-adhnaidh, agus tuccsad a ndes risin mbruighin as a haithle agus nir gabhadh riú no go rángadar an dorus cédna, agus is do reandaibh a slegh agus d'fhaobraibh claidhiomh gur chuirsiot na sluaigh 'san mbruighin íad, agus robhensad na h-allmharraigh go borb risin mbruighin gur bhrisiot doirsi na bruighne gur bhuaidersiot ól agus aoibhnes um lucht na cathrach; agus rugsat as an oidhce sin go fuachdha fuireachair nogo ttáinic lá cona lánshoillsi ar n-a mharach. Agus nuair thainic an lá adubhairt Conghal: "Eirccidh, a
fhiora," ar sé, "agus gabhaidh bhar n-arma agus tabhraidh bhar n-aighthe ar doirsibh na bruighne." Is annsin dogabhadh leósan sceth d'a sciathrachaibh agus slegha d'a n-aidhlendaibh gur chriothnuigh an bhruighion uile go h-aighmheil athgarbh uair ní raibhe bruighion ríamh dob' ionnann do'n bhruighin sin o'n chriothnughadh tuccadar na catha cechtardha fuirre. Is ann sin do éirigh Ferccus agus do ghabh a arma agus táinic amach as in mbruighin, agus tucc a aghaidh ar na sluaghoibh, agus an áit ba tighe do na sluaghoibh as ann do ionnsoigh Ferccus ied agus do rinne slighe sármhileadh tresna sluaghoibh. Is ann sin táinic Conghal amach agus do chóirigh a chath a n-aghaidh na n-allmharrach cona mhergedhuibh áille iomdha ioldathacha os a cceandaibh. Odchonnaic Ri na hUardha sin, do chóirigh a chath agus do rinne leibhionn do sciathoibh allata allmhardha ina uirthimchill. Agus ódconnaic cách a chéle do mheabhaidh bloiscbhém bodhbha do na cathaibh i cceann a chéle agus tuccadh frasa áigh agus iorghuile eatarro agus dobheir cach díbh a bhern chatha a cath ar oile. Táinic Ferccus annsin agus do reidhigh sé slighidh mhileadh i ccath na n-allmharrach. Is annsin airmhidhther cédfhercc Ferccusa do theacht ariamh. Táinic Anadhal mac Righ Concenn cona thri chéd conceandach fo'n ccath, agus do léccsed a n-anala tentidhe fa na sluaghoibh agus robhen bern chatha as an ccath agus tuccsat scaoileadh agus scannradh ar na cathaibh. Is ann sin do éirigh lonnas agus luaithfhercc Nabgadoin agus do ionnsoigh fa sluaghoibh Conghail, agus nior ghabh cath no comhlann ris, agus tucc d'a uid gurb' fada uadha foirithin agus ba cuma les bás d'fhagháil
acht go mairidh a bhladh do bhunadh; agus rucc ruathar rioghdha ro-naimhdighe mar a raibhe Conghal isin chath, agus do chomhruicsiot na curaidh re chéle. Dóigh ámh ba comhrac dhá churadh sin agus ba ledgaire dha leomhan agus ba mire dha mhathgaman agus ba dasacht dha dhamh ndileann, agus nior fhuluing neach bheith i ccomhfhoccus dóibh edh triochadh troigheadh ar gach leath le crodhacht a ccomhlainn agus re h-iomfhoiccsi a n-anala agus dobhádar isin ccomhrac sin ó shoillsi na maidne muiche gur dheireadh do'n ló. Ro éirigh fearcc agus neimhnighe Nabgadoin tar Conghal annsin; agus as amhlaidh bádar agus aos dána agus airfididh, mna agus macaoimh na cathrach uile aga ccoimhfhechemh a ccomhfhoccus dóibh; agus dobhí Bricne ann fós, agus odchonnaic sé Conghal aga fhorrach, ro screch Bricne os cionn na cathrach conach raibhe d'Ulltaibh uile éndhuine nar fhech fair; agus idbert: "Ort do choll uathbháis a Chonghail!" ar Bricne, "uair is aire do ionnarb Fearccus mac Lede a h-Ulltaibh thú re mhéd do mhetachta agus do mhilaochuis, agus is aire bhenfas Nabgadon do chend diot agus béras do mhnaoi uait." Is annsin táinic a neart féin agus a chumhachta do Conghal, agus tug béim naimhdighe do Nabgadon gur dhluigh a scíath go sgeamhaighmar agus dorad an t-aithbém dhó gur bhen a chenn d'a choluinn, agus do ghabh an cenn ina láimh agus do chomhmaoidh a bhfiadhnuise an tsluaigh uile é; ionnus gur mhuigh ar lucht na h-Uardha uile andsin, agus dobadh comhang a cconair teichidh muna dhechdís isin fhairge agus gurbho tiugh an t-ár ar láthair an chatha dobú tige isna h-aireroibh é ar rochtoin a long do na laochaibh; ionnus gur thuitedar sluaigh na h-Uardha uile le Conghal cona mhuintir, agus do rinnedar carn d'a cceannaibh agus dumha d'a n-eduighibh andsin agus tuccadh a choscar go Conghal, agus gidh íad muinter Conghail ann fós dob' iomdha a n-easbadha agus doba creuchtach a churaidh agus dobhí Conghal
féin 'na chreuchtnughadh co mór. Táinic Ri Donn agus a inghen .i. Taisi Thaibhgheal d'feachaint Conghail. Tucc an inghen láimh tar braghoid dó agus do ghabh ag feuchaint a chneadh agus a chreucht agus do ghabh ag feuchaint cinn Nabgodoin. "Is rioghdha an cennsa," ar sí, "agus as maith linn n-euccmuis a anma agus as maith d'Ulltaibh fós bheith mar atá agus is cuma liom aga radh"; agus idbert an laoi: -
Tángadar anonn isin mbruighin as a h-aithle agus do cuireadh a ngrianán gloinidhe íad agus a ttighthibh fionna fairsionga fíornuidhe; agus tuccadh legha d'a leighes agus dobhádar caoicdhis ar mís a ndunadh Ri Duind mar sin; agus ba maith an mhuinter aga rabhadar agus as maith do chaithedar riu; agus ó thairnic dhoibh a leighes agus a mbeith in-shiubhail agus an fhleadh mhór agus an bhanuis sin do chaithemh, adubhairt Ri Donn: "Maith, a Chonghail," ar sé, "ber do mhnaoi let agus iarr fén fearonn ar chlandaibh Rudhraidhe dhí uair ni h-áil liomsa Ulltaidh do bheith ina mbiodhbhaibh dhamh uimpe." "Ni bhiaid idir," ar Conghal, "acht teighid Anghotha mac Anluin agus Bricne mac Carbhre go h-Eamain Mhacha agus iarruid feronn dhamhsa dom' mhnaoi ar Ferccus mac Lede agus ar maithibh Uladh agus dingeubhadsa mo choccadh agus
coccadh Ferccusa mic Rosa díbhsiomh d'a chionn." Tángadarsan rompa iarsin go h-Emhoin, agus as taosca rángadar a sceula go h-Emhoin inas íad féin, uair ba baidh leó uile an cath sin do bhris Conghal ar lucht na h-Uardha re cédthinnsceadal a choccaidh agus do feradh fáilte riu ag na rioghuibh sin agus do fhiarfaighedar sceula an chatha sin díobh agus do innsedar sin dóibh uile. "Créd ima ttangabhairsi annso?" ar maithe Uladh. "D'iarraidh feroinn oruibhsi tángamar do mhnaoi Conghail," ar siad, ".i. d'inghin Righ Duinn agus dingeubhaidh Conghal a choccadh féin agus coccadh Ferccusa mic Rosa d'Ulltaibh d'a chionn." "Ticcidh Conghal féin a n-Érinn," ar Fergus mac Lede, "agus ó do gheall a choccadh do dhiongbháil d'Ulltoibh dobheursa righe n-Uladh dhó, uair as sine agus as uaisle é ina misi." "Ni gheubhasan sin," ar Angotha, "uair tug d'a bhrethir nach geubhadh righe n-Uladh no go ccoiseonadh Righe n-Éreann ar tus." "Madh é sin adubhairtsion," ar Ferccus mac Lede, "dobheursa fonn maith dh'a mhnaoision." "Cia an ferand sin?" ar íadsan. "In triochad céd as coimhfhoigsi d'fherann a h-athar fén," ar Ferccus. "As cuma duitsi do thabhairt dó," ar Bricne, "uair do bhiadh righe n-Uladh at' fhegmuis acht muna ttugtha sin uait." "Damadh é sin bu áil leission," ar Ferccus, "dogheubha uaimsi gan imresoin é." Is annsin tángadar na teachta d'ionnsoighidh Conghail go teach Ri Duinn. Do fhiarfaigh Ferccus sgeula dhíbh, an bhfuaradar an fearand do chuadar d'iarraidh. "Fuaramar," ar síad, "agus dobheura Ferccus mac Leide righe n-Uladh dhuitsi damadh áil leat agus tug an triocha céd as nesa d'fherann a h-athar dot' mhnaoi go Dún Sobhairce"; agus doba maith le Conghal sin agus do chuir Ri Donn a inghen agus maithios iomdha lé ar in triochad chéd sin, agus do rinneadh Dún aicesi ann .i. Dún Taisi agus Dún Taisi ainm na renna i raibhe fós.
An Treas Chuid. Iomthusa Conghail innistear sonn scéal oile. Adubhairt re n-a mhuintir a chobhlach do chórughadh agus dul d'ionnsoighidh Lochlann. Do ghluaisiodar rompa ar muir agus ar mórfhairrge agus roba ríoghdha an cobhlach sin Conghail agus roba mór leó a meanma agus a meisneach ag dul d'ionnsoighidh Lochlonn agus as é dobú righ Lochlann in tansin .i. Amhlaoi mac Scoinne agus is ann dobhí a dhunadh a ndescert Lochland .i. ag Eassuidhe. As isin uair agus aimsir dobhí Ri Lochlann ar múr a bhaile agus a dhraoí ina fharradh .i. Ferccna file; agus adconncadar in loingeas lánmhór d'a n-ionnsoighidh agus na siuil ilbhreaca iongantacha uaistibh. "Is adhbhal an cobhlach úd ad-chiamuid, a Fherccna," ar Rí Lochlann, "agus an ttabhraidh aithne forro?" "Dobheirimse aithne forro," ar Fearccna, "as é cobhlach Conghail Chlairingnigh mic Rudhraidhi é agus is leis do thuit Nabgadon mac Ioruaidh, rí na h-Uardha." "Cia in sluagh atá 'na fharradh?" ar rí Lochlonn. "Ni tháionic a h-Érinn amach riamh mac riogh as fearr muintire inas é," ar Ferccna, "uair atáid dha mhac rígh Connacht ina fhocair ann .i. Aillil Teora Gaoth agus Aillil Teora Críoch, agus mac righ Alban agus mac righ Laighen agus mac righ Concend ar n-a n-ionnarbadh as a ccríochaibh féin agus neoch as ferr inaid sin uile .i. Ferccus mac Rosa, righmhileadh Éreann agus macurraidhe Éreann ó sin ale"; agus adubhradar in laoi and: -
A Fhearccna as aluinn an dream Táinic a h-iath Éreand;
Nocha nfaca mise abhus Sluagh do bhiadh fo a ccosmuilius; Cionnus atáid siad na fir? Inad crodha na curaidh Mar tiaghad i ccenn catha? Caidé anmanna a n-árdfhlatha? Conghal cláiríngneach, an rí! Mac rioghdha do Rudhruidhí! Fearccus mac Rosa, reim ngle! 'S an da Ailill oirdnidhe, Trí mic Tabhairne na ttres, Leó adfaothsat laoich d'a luaith-treas In triar ele as calma i cclí Mac Fionntuin mic Rudruidhi. Anadhal Euchtach ar nuair Rí Coincend an choccaidh chruaidh Cairbre na ccles is na cceard, Mac rígh Midhe na móirceard; Cionnus atáid féin na fir Im ghniomhaibh gaile is gaisccidh? Anad blath Ferccusa a mbladh? An abra riom, a Fhearccna. A Fhearccna.
Is andsin adubhairt Ferccna le rígh Loclann: "Fersa fáilte riusúd go suilbhir," ar sé, "agus déna maith orra, uair gé madh amhluidh do bhethea a bhfeuccmuis do righe do choiseóndaois súd righe duit agus gidh cogadh do bheith ort do dhingeubhadaois dhiot é." "Dogheubhadsan maith agamsa dé sin," ar rí Loclonn. Doghabhadarsan acorsaid isin ccaladh annsin, agus do ghabhadar a n-arma umpa, agus dorónsat cró comhdhaingean catha dhíobh, agus táinic in Rí ina ccomhdáil agus ferais fáilte friú, agus adubhairt an laoi and: -
Mochén duit, a Chonguil chrúaidh! Táinic a h-Érinn go mbúaidh, Do gheubhairsi fáilte dhe Agamsa 's ag Bebherre.
Beiuda as í as fearr do mhnáibh, Agus Aralt, dearbh an dáil! Fearfuid fáilte sibh uile Eidir ri as rodhuine. Naoisi mo mhac, imlibh slogh! Fear 'ga bhfuigthi fáilte mhór Adeura riot, is ní chéal, A Chonghuil seacha cach mochéan. Mo.
Agus tángadar maithe Lochlonn uile ina n-aghaidh agus rofersad fáilte friú, agus do folmhuigheadh grianán in Righ dóibh, agus do cuireadh Conghal go maithibh a mhuintire ann, agus tuccadh tighe oireghdha do'n fhianlach gaiscidh ó sin amach; agus do rinnedar gleire foilcthe agus fothruigthe dhóibh uile. Is annsin tuccadh maithe Lochlann dochum righ Lochlann, agus adubhairt riu: "caidhé bhar ccómhairle, a mhaithe Lochlann, ré Conghal cona rioghdhamhnuibh?" ar sé. "As edh adermidne," ar síad, "an mhaith as mo fhédfomh do dhénamh air co ndiongnam í agus dénasa gach maith as féidir air fós." "Beridh buaidh agus bennachtain, a mhaithe," ar Rí Lochlann, "as cómhairle deghmhuintire sin"; agus as amhlaidh dobhúisiumh agus fledh mhor aige do mhaitibh Lochlann agus do thaisben an fhled do Conghal agus tug ar a cumus agus ar a ordughadh uile í. "Asedh aderimsi," ar Conghal, "a tabhairt damsa agus do mhaithibh Lochlann." "A n-éntigh le céle agus maithe Lochland bias tú no i ttigh let fén?" ar Rí Lochlonn. "An t-ionadh a ccuirfem iul ar a chéile is ann bhemid do'n chursa," ar Conghal; agus tángadar a sluaightheach in Righ agus tuccadh an dara leith dé do mhaithibh Lochlonn agus in leith eile do Conghal cona mhuintir. Agus do shuidh
Conghal ar slios an righthighe agus Ferccus ar a láimh dheis agus Muiredach Mergech ar a láimh chli agus do cuireadh Anadal mac righ Conceann cona thrí céd Conceandhach isin fochla fheinnidh fa nesa do Conghal; agus do cuireadh Aillil Teora Gaoth agus Aillil Teora Crích isin fochla fheinnidh ele agus Criomhtann mac Ferccusa Fairge ina bhfarradh agus Cairbre Conganchneasach mac Cairbre Cruim; agus do cuiredh Merne Semhne agus Lathairne a bhfarradh Conghail agus do shuidh Fachtna Finn File agus Bricne mac Cairbhre agus Fraoch draoi a bhfiadhnuise Conghail agus Ferccusa. Suidhiughadh lethe Conghail conuige sin. Táinic Rí Lochlann isin slis tuaidhe do'n tigh agus do cuireadh rioghraidhe Lochlonn ar a láimh dhes, agus do cuiredh Naoisi agus Aralt a dha mhac isin fochla fheinnidh agus do cuiredh Bebheire a bhean ar a láimh chlith agus Beiuda a inghen go líon a bantrachta isin fhocla fheinnidh eile; agus do dáileadh fíon agus seinmhiodh ar na sluaghaibh agus do gabhadh duana agus duthchonna ca, agus do chuir cách a n-aithentus ar a chéle do laochraidhe Lochlann agus do churadhoibh Conghail; agus do ghabh Bricne ag dénamh cuarta ag maithibh Lochlann agus fuair maoine agus ionmusa iomdha ann agus do sháidhedar sbeis mhor a mBricne. Táinic Bricne iarsin a bhfiadhnuise Pheiuda cona bantracht. "Slán fort, a Bheiuda," ar sé. "Cred as áil let d'fhagháil, a ollaimh?" ar sí. "Ní seoid náid maoine iarruim, a inghen," ar Bricne. "Cred oile iarrair?" ar sí. "An é nach bhfidir tusa, a inghen," ar Bricne, "cred do iomluaidh Conghal mac Rudhraidhe a h-Erinn do'n dul so?" "Ni h-agamsa atáid a rúin," ar in ingen, "acht do chuala gurab ar ionnarbadh táinic." "Is fíor sin," ar Bricne, "agus gidheadh atá adhbhar eile ann." "Cred an t-adhbhar sin?"
ar an inghen. "Do chuala do bhethsi a n-óige agus a n-aontumha agus nach bhfuil do shamhuil do mhnaibh an domhain agus as í sin ben dob'áil laisiom, ó derscaigh féin do mhacoibh riogh an domhain, agus tug gradh dhuit agus as dod' iarraidh táinic do'n chursa." "Dia bhfagha san dhamhsa 'n choibhce iarroim ar macoibh riogh ele an domain tig dom' iarraidh faoidhfed les." "Cred an choibhce sin?" ar Bricne. "Trí h-eoin inghine Cairrtinn Chuirr," ar sí, "agus do choideoldaois fir agus mná na talmhan acht gidh a n-éccomlann bhédís ré ceól na n-én sin, agus cuing charbhuid Cirb agus cathbharr Micscenmais, agus nocha ttáinic fir rogheubhadh dhamsa na nethe sin agus ni shaoilim a tteacht agus beudsa a n-aontumha go bhfaghar uile íad." "Do gheubhairsi sin, a inghen," ar Bricne, "uair as amhlaidh atáid clanna Rudhraidhe agus an ní nach féduid daoine eile do dhénamh doghnidsiomh re h-edh n-athgoirid é agus an comhlann nach bhféduid curaidh do dhénamh donid clanna Rudhraidhe é agus fuaisceóla Conghal na cesta sin"; agus adubhairt an laoi ann: -
A inghen nadcair céile! A gnuis go ngile gréne! Diongmhala duit as gach modh Cur comhramhach mar Conghal. Gidh maith letsa, a Bhricne bhuain! Conghal mac Rudhraidhe ruaidh, Nocha carabsa é tra Nogo n-ioca mo chesta Caidhé na cesta cuinge? Go bhfionnam caidhe an doilge, Nocha nfuige, tolaibh gal, Acht muna bhfagha Conghal. Trí h-eóin inghine Cairrthinn Go cceól, taisbeanadh tlaithbhind!
As cuing carpait Cirb gan gheis Agus cathbarr Micscenmeis, Do gheubhasa sin uile, A inghen fhionn fholtbhuidhe! Gacha sire, codhnaiph gal, Do gheubha uile, a inghen! A inghen.
"C'áit a bhfuilid na neithe sin, a inghen," ar Bricne, "co ndechmaois d'a n-iarraidh?" "Atáid i ccathraigh Muirne bainghaiscedhaigh," ar sí. "C'áit a bhfuil an chathair sin?" ar Bricne. "Eirccidhsi d'a h-iarraidh sóir," ar an inghen, "agus muna bhfagthar thóir í erccidh síar, agus muna bhfaghuidh thíar eirccidh ba dheas, agus muna bhfagthaoi ba dheas í eirccidh ba thuaidh, agus narab mac maith dhaoibh nogo bhfagthaoi d'eólus uaimsi acht sin." Ro eirigh Bricne iar sin agus táinic a bhfiadhnuise Conghail agus Ferccusa, agus tug a chenn a n-inisle iomagallaimhe orra, agus asedh adubhairt: "Maith bar tturus a h-Érinn a óga," ar Bricne, "uair an inghen tug eura tochmairc ar macoibh riogh an domhain .i. Beiuda inghen righ Lochlann tug gradh carthannach do Conghal agus do athcuingeadh coibhce air .i. tri h-eóin inghine Cairrthinn agus cuing charbaid Cirb agus cathbharr Micscenmais ... chathrach Muirne banghaisgedhaigh agus do chuir si geasa agus airmid oruinn an choibhce sin d'fhagháil dhi .i. da n-o phill for buailidh bhar mbertha agus bar n-airm faona frithnocht fuibh; gurrob sleamhnuighther re h-omh eascoinne gach ferann for a salteorthaoi; troigh mhna troghuin foruibh; Saoghal neoil chaille ar ...
chrotnughadh aguibh; nior thoimhle sibh nomhaidhe muna bhfagthaoi an coibhce sin do h-iarradh oruibh." Is annsin tugustair Ferccus preab a mbruinne gur bhenastair risin tana romhóir dobhí ina fhiadhnuise, gurbho tennobair do lucht freastola an tighe a anacal uirre. Tug Conghal buille d'a dhruim risin bhfroighidh conach raibhe astigh colbha na cathaoir nar chriothnaigh. Ódchonnaic Ri Lochlann sin agus a athair dobhí ar a ghualoinn .i. Scoinne sciathamhlach, óglach arsaidh éisen; "Cred rodcuir a sniomh mar sin, a chaithmhilidh, a Chonghail?" ar Ri Lochlann, "agus cred fa rabhabhair da bhar n-ollamh?" Do eirigh Fachtna Finn File ina bhfiadhnuise uile annsin go ccualadar maithi Lochlann a aithesc agus adubhairt: "Ceann imchaisde Érend súd," ar Fachtna Finn File, ".i. Bricne mac Carbhre agus do rinne coimhshercus gan iarraidh eidir 'hinghinsi agus Conghal, agus do iarr uirthe féin 'hinghensa géngo ndubhradh ris é, agus do chuir ceast ar Conghal nach saoilter d'fagháil idir." "Maircc ar ar cuingeadh na ceasta sin," ar Ri Lochlann, "uair dia mbédis sluaigh na talmhan aga n-iarraidh ni bhfuighdis íad." "An bhfedruisi, a Righ, c'áit a bhfuil síad?" ar Fachtna Finn File. "Atáid i ccathraigh Muirne Molbhthaidhe a ndesceart na Fuardha," ar eséin, "agus da ndechdaois fir dhomhain dochum na cathrach sin do gheubhdaois a saith cathuighthe re cathraigh amuigh a n-iongnus luchta na cathrach fén, agus atá seóladh caicdhis ar mhís ó Lochlannaibh soirthir do mhuir an chathair sin." "Is doiligh linne an cesd sin do cuiredh
oruinn," ar Conghal, "ar tteacht i ccrích Lochlann." "Na h-abair sin, a Chonghail," ar Ferccus, "uair da bhfagha neach isin domhan an choibhce do iarr an inghen as sinne do gheubha, gíon go ndeach neach eile ann," ar Ferccus, "rachadsa ann." "Rachadsa ann," ar Conghal, "agus asedh as doilghe linn eólus an mhara d'fhagháil." "Dobheursa aiscidh dhuit, a Chonghail," ar Scoinne, "agus ni gheubha cath no comhlann riot uair senoir mé féin, agus dobhér mo sciath dhuitsi óir do tairrngeradh damhsa nach bhfuighinn tigherna tar éis mo bháis no tar m'éis féin acht mac righ Éreann. Is tusa esein, a Chonghail, agus nir ghabh neach re a ghualoinn sciath as fearr ina í"; agus adubhairt: -
A Chonghail ber leat mo sciath Urrunta a triath, obais troid Buaile curadh, ersce cearb Dia scing an ga dercc a troid; Saothar saoirsleighi, triocha cath; Fer go rath ni furail di; Minic dobhermis a cath No go mbeth ar ár leth chli; Go n-eccar airccid re a cnes Eidir an des is a ttuaidh, Go ndeilbh leomain ar a taoibh, Go mbile iaroinn chaoil chruaidh, d'a corrán chrithir chais Do thelgmis a frais mór ttor, Minic dobhermis an cath Con faccmis an agh mor con. A Chonghail.
Tuccadh an sciath asteach iarsin, agus tuccadh do Chonghal í. d'fhech Conghal in sciath, agus do chuir ar a dealgain uasa í. "Atá cómhairle agamsa dhuit, a Chonghail," ar Amhlaibh. "Cred í, a áirdrigh?" ar íadsan. "Cuiridh scís an mhara agus an chatha do chuireabhair dhibh," ar sé, "agus leiccidh seachaibh an gemhreadh oir dogebhthaoi co soinmheach sadhal agamsa ann, agus
scíamhdhaingnither bhar sceth agus sliopthar bhar slegha agus cóirighther bar ccloidhme uair atá agamsa neach dobhí d'a fhoghloim 'san chathraigh, agus as é innsios sceula dhúinn .i. Uirgreann draoi, mo dhraoi-si féin, agus anuair bhus mithidh díbhsi dul d'arccuin na catrach sin rachaidh sé romhuibh ar eólus." "As í sin cómhairle dogénuimne," ar Fachtna Finn File. Tucc sin subhachus agus sobrón mór do Chonghal cona mhuintir agus dorónsat mar adubhairt an draoi, agus do leccedar seacha an gemhreadh. Is annsin adubhairt Conghal re righ Loclann a cceann na geimhridhe: "ullmhighter lón agus longa dhuinn," ar sé, "uair as mithidh linn dul d'iarraidh an choibhce do h-iarradh orainn"; agus do rónadh amhlaidh sin aca. Ro tóccbhadh mórchoblach leósan ar muir, agus dobhí seóladh caicdhís ar mís o chríochaibh Loclann co cathraigh Muirne Molbhthaidhe, agus dobhádar ag seóladh re mís sairthir. Ni fhacadar ní acht an fiormament os a ccionnaibh agus an faircce ina ttimchill, agus do chonncadar uatha ar a ccenn slíabh mór ar lár an aiccén; agus dob' adhbhal a fhad agus ceann dé bu dheas agus ceann ele bu thuaidh, agus a mhullach ar derglasadh. "Cred é an slíabh úd, a Uirgrinn draoi?" ar Conghal. "As é súd in slíabh teineadh atá romhuibhsi," ar in draoi. "Cá conair a racham seacha súd?" ar Conghal. "Nocha nfuil conair ba dhes no ba thuaidhe seacha súd agad," ar in draoi, "uair da ttí tú do'n leth thuaidhe dhé doghébha muirtheucht cona tonnaibh ann agus da ttí do'n leth dhes dé dogéubha ciothghalchleas sneachta an mhara mhoir ann i ccomhrac na h-uardha agus na teintidhe; agus damadh
comh mór risin slíabh do gach én long dod' chobhlach dobhrisfadh gach tonn d'á bhfuil airsion íad"; adupairt in laoi: -
'Sé súd an slíabh ar lasadh, Ciodh árd an cathairfhossadh, Ni h-urus a léim, dar leam! Nocha nfoccus a thimcheall, Madh da ttís do'n leith thuaidh Do gheubha olc re h-enuair, Do fia muirtheucht cona tonna Imeoras ort anglonna; Madh da ttís do'n leth andes As dearbh do gheubha cruaidhtres Claochlodfaidh do shluagh a ngné Adeirim riot asé. Ase.
"Cionnus do dhénam uime sin, a Uirgrinn?" ar Conghal, "an bhfuil eólus eile agadsa dhuinn?" "Atá imurro," ar in draoi, "uair as amhlaidh atá an sliabh úd agus poll trid, agus ní bhfuighdis fir na talmhan eolus d'ionnsoighidh na cathrach gusa tteighisi acht tre lár in tsleibhi úd, agus do fedarsa an chómhairle as dénta daoibh," ar in draoi, "ceangailter bhar longa d'a cheile agus tabharthar long Conghail ar tús rompa agus misi innte go mberar eolus agus longa an chobhlaigh ina diaigh, agus cengaltar corra na long d'a chéle aguibh diaigh a ndiaigh." Do rónadh amhlaidh sin aca; agus long Anadhail mic righ Concenn así dobhí fa dheireadh, agus do chuirsiot lesbaire gloinidhe ar gach loing dhíbh agus tángadar d'ionnsoiccidh an tsléibhe mar sin; agus dobhí seóladh laoi co n-oidhce dóibh dul tresan slíabh sin agus iar ndul trid dóibh dobhí seóladh caoicdhisi uatha co cathraigh Muirne Molbhthaidhe. A ccionn na rée sin adconcadar cathair theinntidhe Muirne uatha, agus adubhairt Conghal: "Cred an chathair theintidhe úd adchiamuid, a Uirgrinn?" ar sé. "As í súd in chathair atathaoisi d'iarraidh," ar in draoí, "agus mur teineadh ina timchill."
Is annsin do ghabh Conghal a arma agus adubhairt risna sluaghoibh: "Cóirighidh bhar n-airm n-aigh ós bhar ccennoibh agus bhar sleagha ós bordaibh bhar long, agus righidh bhar siuil a mbarraibh bhar ccrann agus tabhraidh frais ainiarmarthach iomramha d'ionnsoiccidh na cathrach a ccédóir." Do rónadh amhlaid sin acasan nogur rángadar dorus muir na cathrach. "Déntar leibhenna da bhar lonccaibh anois," ar in draoi, "agus cengailter slios gach luinge d'a chéile aguibh uair as deimhin go bhfuighthi deabhaidh agus imreasoin go h-athgoirid, agus as maircc loincces ainiuil táinic isin bpurtsa uair ni dheachaidh neach ina bheathaidh as d'a ttáinic ann ríamh agus ní mó rachas sibhsi; uair atá triur isin chathraigh úd," ar sé, "agus as íad cédchomhlann do gheubhthaoisi íad agus do chlaoidhfeadh fir domhain o'n triur sin .i. cailleach atá ann agus Saighed inghen Charrthoinn Chuirr a h-ainm agus inghen mathar do Muirn í; agus da onchoin atá ann agus as íad leigtear ar tús do chur áir gach sluaigh dá tticc annso, agus as comhlann céd gach cu díobh a n-eagmhuis na caillighi"; agus adubhairt an laoidh: -
As í so an chathair theineadh 'Madtá in mur, gach móirthemheall Ó do riachtamar ina port Dogheubham mór n-eccomnort; Dá onchoin atá 'san dún Chugainn dobheurad mirun; As comhlann céd cechtar dhe A n-iongnuis na caillighe, Soighead inghean Charrtoinn Cuirr; Frecceoruidh sibhsi tar tuinn, Claochloidhfidh do laochuibh lí, Aderimsi ribhse as í. As i.
Iomthusa sluaigh na cathrach ódchonncadar sluaigh lánmóra agus na foirne feramhla fedmláidire, roghabhustair iongantus adhbhal mór uile íad agus do cuireadh a múr mórlasrach 'ma ttimchioll teintidhe leó fá'n ccathraigh accédóir; agus nir chian do chobhlach Conghail ann an trath adconncadar aon duine mór d'a n-ionnsoiccidh as an cathraigh, fear tarbhdha taobhodhar righremhar romhór é agus idh imremhar iarainn ima bhraghaid agus slabhra iaroinn esde agus idh eile iaroinn ar in ccenn eile do'n tslabhraidh; agus táinic d'ionnsoiccidh cairrthe mhóir dobhí ar in traigh agus do chraith an slabhraidh. "Cred é súd, a dhraoi?" ar Conghal. "Fer ag iarraidh comhloinn oruibhsi súd," ar in draoi, "agus as iongnadh in comhlann iarras .i. fer do thabhairt a dhroma risin cairrthe úd do'n dara leith agus esen do'n leith eile, idh iaroinn fa bhraghaid gach fir dhíbh agus slabhra iaroind etarra fa chenn an chairrthe, agus in slabhra aca ccomhtharruing etarra co ndeachadh ar cechtar dhibh agus is amhlaidh sin benas a cheann da gach aon." "Teighidh neach uaibhsi isin ccomhlann úd," ar Conghal. "Damadh comhrac airm no iolfaobhar é," ar síad, "dobadh usaide linde a fhregra uair as nemhaithneach dhuinn." "Rachad uaibh ina aghaidh," ar Anadhal Euchtach mac righ Coinceand. Ro eirighsen agus do ghaph a arma agus rolincc i ccuirrthosach a luinge go raibhe ar tul na tragha, agus táinic d'ionnsoighidh in chairrthe iarsin agus do ghaph an idh iaroinn ima bhraghaid, agus do ghabh an fer mór an idh eile, agus tug an fear mór sreangtharruing ar Anadhal go ráinic a chend comh árd re cenn an chairthe, agus tug Anadhal urthógbháil ar a cheann agus ar a mhuineul go ro thóguibh an fer mór ele ó lár go ttarla druim an athaigh risin ccairthe. Tug an t-aitheach tarruing
oile airsen go ttarla Anadhal ina shuidhe ar mullach an chairthe. Is ann sin do eirigh fioch agus aingidheacht Anadhail, agus tug béim ferdha fearamhail d'a dhruim risin ccairthe, agus tug tarraing d'a cheand agus d'a mhuinél ar in slabhraidh gur tharruing an idh iaroinn tré muinél an athaigh gur dhiubhruic a cheand dé ar in traigh go tinneasnach; agus táinic Anadhal ina luing iarsin agus do comhmhaoidh an comhlann. Doba moide menma Conghail cona mhuintir in fear sin do thuitim leó, uair niorbh ionchomhluinn neach gonuige sin ris. Goirid dobhádar ann iar sin intan adconncadar fear mór ele d'a n-ionnsoighidh as in ccathraigh amach, agus as é fa mó d'feruibh na talmhan, agus nir dhuibhe sengual soileach ar n-a bhathadh a n-uisce ina gac ball dé ó a bhonn go a bhathais. Duibhsciath iaruinn for a chliú cona slabhraduibh dogharbh glaisiaroinn for a ghualoinn, agus claidhiomh lethfhaobair lánmhór ina láimh, agus bíor boirbiaroinn isin láimh eile dho mar tuireadh riogcoinnle tighe deghdhuine agus as í sin dob' énslegh do'n aitheach. "Cia súd, a Uirgrinn?" ar Conghal. "Deoghbhaire an bhaile-si súd," ar in draoi, "agus fer congmhala coinnle na cathrach é, agus as í aiscidh ro iarr ar lucht in bhaile a leicceadh fein d'ionnsoighidh an tsluaigh ainiuil ticc do'n chathraigh go bhferidh a chluiche curaidh riú." Do ghabh Conghal ag feuchaint a mhuintire ina thimchioll, agus ódconnaic Muiredhach Mergach mac righ Alban sin, do ghabh a arma agus táinic dochum an chomhluinn agus do bhen cach dhíbh re chéile go dighair deghtápaidh, agus do ghabh an t-aitheach ag forrach Muiredaigh, agus do chreuctnaigh go dighair é, agus ódconnaic na sluaig sin uile doba doiligh leó an t-anforlonn a
raibhe Muiredach mac righ Alban. Do éirigh Bricne ann sin agus adubhairt: "A mhic righ Alban," ar sé, "as náir duit gurab é fer congbhala coinnle na cathrach diongbhas a ccomhrac thú." Do h-imdergadh fa Muiredhach ódchuala na briathra sin agus táinic a fherg risan aitheach agus do shaith a chlaidhimh iná chorp gur dianbhriseadh a dhruim isin deoghbaire ar ndul tre n-a innibh gan fuireach, agus tug béim ele dho gur dhiubhruic a cheann d'a choluinn agus táinic ina luing iarsin. "Rodfia buaidh agus beannachtain, a chaithmhilidh," ar Conghal, "as comhlann curaidh sin agus is mór d'a uilc fuarais." "As mór," ar Muiredhach, "uair domfarraigh claidhemh lethfaobhair an choinnealbhra," agus idbert an laoi: -
Do thuit an deoghbhaire dían, A righ Uladh na n n-áirdghíall! Ar méd agus ar áirde an fhir, As maircc dobhiadh 'na chumhaidh, A chlaidhiomh lethfaobhair lonn Do imbir éigen orum; Ni fhuil arm a mhacsamhla; Romchrechnaigh in coinnealbhra Domriacht deogbaire dorcha Nir cendais, an fer comtha, As dom' ghniomh goile as derbh dhuit Ar in traighsi thuaidh do thuit. Do thuit.
Is ann sin adconncadar triar odhar allmhardha trénfhear as an ccathraigh amach agus trí sceith duaibhseacha forra agus sleagha móra mergacha ina lámhaibh leó agus trí cloidhmhe coinnealda cruaidhgheura ar árdghabháil curadh aca, agus tángadar ar tul na tragha, agus do iarradar comhlann a
ccédóir. "Cia hí súd, a Uirgrinn?" ar Conghal. "Trí mhic do Shoighid inghin Carrthoinn súd do'n chailligh do chualabhair," ar in draoi, ".i. Trén agus Trothlamh agus Triscatal a n-anmanna, agus nemhthnighe dhaoibhsi gach comhlann d'a bhfuarabhair ríamh aga bhfeughadh súd." "An tríar brathar íad?" ar Bricne. "Asedh go deimhin," ar in draoi. "Cred acht tríar brathar eile uainne 'na n-aghaidh?" ar Bricne, ".i. Merne, Semhne, agus Lathairne, trí comhaltadha Conghail." "Roba doiligh duinne comhlonn 'na n-aghaidh," ar íadsan, "agus tusa d'a furáil oruinn acht ciodh bás dogheubham ann." Do ghabhadar iar sin a n-arma agus tángadar gusan traigh, agus do dhiubhruic cách a chéile dhíobh 'na seser .i. an triar Ulltach agus an triar allmarrach, agus do thuaircc cach a chéile aca, agus do éirigh gaisceadh na nGaoidheal ós na h-allmarrchaibh gur thuitedar trí mic inghine Carrthuinn isin ccomhlonn agus ro dhicheannsad mic Fionntáin íad agus tugadar a ccinn leó d'a maoidhiomh go Conghal. "Beiridh buaidh agus beannachtain," ar Conghal. "Gach maith dhuit, a áirdrí," ar íadsan, "agus gach comhlann righ tuitfas ortsa dingeubham diot é lessúd"; agus idbert: -
Gach maith dhuit, a righ Uladh! Go líon céd agus curadh, Dororcradar linni imalle Triar cloinne na caillighe, Trén, Trisatal, as Trothlamh; Trén dobhí oruinn a n-omhan, Torchradar go luath linne, An chlann choscrach Chairrthinde, An ccéin bhem ar in sluaghadh Gan ainíos gan fionnfhuaradh, Gach comhland rodshoich, a fhlaith! Dingeubhmaoidne dhiot go maith. Gach.
Is ann sin do leicceadh dha onchoin chuca as an ccathruigh, agus ódconncadar na sluaigh na brodonchoin gairbhfhionnfadhacha ghraineamhla sin dochuir a socht mhór íad a bhfaicsin. "Maith, a aos cumhtha," ar Uirgreann draoi, "do gheubha síbh uile bás leósud uair as amhlaidh atáid na coin úd, ni ghabhuid renna náid faobhair íad agus as comhlann céd gach cú dhíobh." "Ní fhuil 'san chruinne ní ba cesd linne acht go n-gabhdaois ar n-airm íad," ar cach. Is ann sin do éirigh a bhfioch confaidh ar na conuibh go raibhe duracht forderge ar gach énfhiond d'a ccorpuibh, agus do shnaidhsiot an mhuir amach dochum na sluagh. Ódconncadar na sluaig sin, do líon omhan agus imegla mhór uile íad. Ódconnaic Criomhthann caomh mac Fergusa Fairrge an egla mhór sin ar na sluaghoibh ris na conaibh, do ling as a luing isin muir amach, agus do shnaidh an fairrge d'ionnsoighidh na n-onchon, uair as amhlaidh dobhí an fer sin coimdes ar muir agus ar tír agus do ionnsoighedar na coin eisen. Do chuirsen a cheand 'san oigen uatha agus do chromsat na dobharchoin 'na dheaghaidh. Do éirighsion suas uatha arís agus do thóccaibh a chend agus ag erge dhó ro erighsiot na coin a n-aoinfheacht fair agus do bhensat a fheoil agus a fhinnlethar o'n ccnáimh coimhgheal do'n churadh, agus do chuaidhsén uatha arís fo'n muir agus do leanadar na h-onchoin é. Ro erighsén arís edir na conaibh agus gabhais cu gacha laimhe dhó dhibh ar chois agus tairrnges les íad gusan ccarruic lesan erghenn an tonn, agus do thuairg an charraic dhiobh co ttuc a n-inchinn tar a ccluasaibh amach, gur bhris a ccnámha i medhon
a ccroiccenn, agus ódconncadar na sluaigh sin, do chomhmaoidhsiot an t-écht go h-athlamh. "Is mór do ghaiscceadh do chonncabair ríamh," ar Bricne, "agus as é sin gaiscceadh as mó neart agus as crodhacht dorinneadh o thús an domhain gusan trathso agus as moghenar le ttangais od' thigh, a chomhthaigh!, agus as buaidh ngaiscidh do ghniomh"; agus idbheart an laoi: -
Maith do thurus ó do thoigh, A Chriomhthuinn chaoimh choscaroigh! Mocen le ttangais alle, A mhic Fesccusa sic Fairrge! Do raduis léim as do luincc; Tuccais do thaobh re tréntuinn; As ar in snamh go trén thoir Do mharbhuis an da onchoin; Da onchoin dobhí 'san dún Cuguinn do radsat mirún; Do mharbhais pudharchoin ar mbreaith, Do chongnamh linn as lánmhaith. Maith.
Gairid do bhádar ann as a h-aithle antan adconncadar forgharmanghnuis odharchaillighe cuirre cnámhaighe craosghairbhe amach as in ccathraigh agus eudach odhardha uile uimpe agus trí h-eóin áille iongnathacha ar a guaillinn agus tlacht buidhe barráluinn d'or um na h-eunaibh agus én ar a gualoinn deis agus én ar a gualoinn clí agus én ar a h-ucht. "Créd súd, a Uirgrinn?" ar Conghal. "Truagh sin," ar in draoí, "as í súd thimdhibhes bhar saoghalso," ar sé, ".i. Saighed inghen Charrthuinn Chuirr agus as íad súd na tri h-eóin do iarr inghen righ Loclann oruibhsi agus eóin tsíthe íad agus do choideóldaois lucht gona agus galair na cruinne re n-a cceól. An tan thógbhas Saighed inghen Charthuinn a fedán cinnbhraghad fregruid na h-eoin í co ndénaid gadáin gniomhacha ghuthbhinne,
agus dá ccluindis lucht na talmhan eidir fhior agus mhnaoi íad, ciodh ina sesamh do bhédis is 'na luighe d'fuicfidis iad agus as é a ccodladh do thuitfeadh orra uile agus ni bhiadh nert mhna seola in gach duine díbh agus is é sin dogéntar ribhsi; canfuidher an ceol sin dhaoibh nogo ccodlaidh sibh uile agus benfaidh sí bhar ccinn in bhar ccodladh dhíbh agus digheolaidh sí a clann oruibh." Ro ghabh, umorro, uamhan agus imeagla na sluaigh uile ré h-innisin an sceoil sin dóibh. Ro thóccuibh an chailleach a ceól aicci agus do fhregradar na h-eóin go h-athlamh í. Ódchualadar na sluaigh sin tugadar a nguailne ré a longuibh agus do thuit a ccodladh uile orra achtmhadh Uirgreann draoi, Ferccus, agus Conghal. "Truagh, a dheghmhuintir!" ar in draoi, "táinic m'fhaistine-si dhaoibh agus atá an codladh dom' chealgadh agus tuitfaidh sibh in bhar ccodladh, a Chonghail agus a Fhearccus! agus benfaidhter bhar ccinn in bhar ccodladh dhíbh." Cioth thra acht do thuit a ccodladh uile orra acht Fergus a aonar, agus asedh tug dhósain gan codladh .i. tug an dealg óir do bhaoí in bhrat agus do ghabh ag guin a throigheadh agus a mher agus a dhearnann dhe agus do fhech thairis, agus adconnaic an sluagh uile ina ccodladh agus bá demhin lais go ttiucfadh faisdine an druadh dhóibh agus tug a lámh a ccobraid a sceith, agus tug leacan laoichmhileadh as agus tug urchar ferdha feramhail dé go ttarla a mullach a cruaidhchinn do'n chailligh go ruc a choibhés d'inchinn a dubheuduinn tré n-a ceann siar seachtair cur thuit an chailleach ar lár na tragha go tubuisteach, agus rolingsen do tharrachtain na n-én agus nir tharraighsen idir íad uair fuaradar na h-eoin bás agus tuitim do'n chailligh ina cceann agus an fad do bhaoisiomh ag cromadh ar na h-eunaibh d'a ndiubhraghadh uadha dochum na luinge tángadar amach d'iondsoigidh Fergusa sluaigh na cathrach.
Ódchonncadar diairm ar in traigh 'na aonar é, ro dhiubhruicedar frasa ferdha fuilecha fair agus na sleagha ro dhiubhracthaoi fair ro fhriothailedsiomh a ndennoibh a glac agus a lámh agus a ladhar uile íad, agus ro mharbh Ferccus fer gacha sleighe aca; agus as í gáir in tsluaigh a ttimchioll Ferccusa aga fhorrach do dhuisigh Conghal cona chathaibh; agus ro éirigh Bricne agus adconnairc a thigherna bunaidh ag a bhaoghlughadh .i. Fergus, agus do leigestair tri greucha bodhba as a bhraghaid, agus do éirigh Conghal a ccédóir agus do eagair a chatha re h-athaidh aon uaire do sciathoibh doinndearge dathaille agus do sleghaibh slioptha slinngheura agus do cloidhmhibh orduirn iontlaisi ar lár na tragha co tinneasnach; agus ro comhruic mór sluagh Muirne agus catha Conghail do'n chur sin, agus do h-egradh a n-iorghuil etarra agus ro dithighedh sluagh na loingsi go láindiochra le Cearbh agus le Muirn agus le Miscenmas, agus a chuing aluinn ordha dhaingen draoitheachta im bhraghaid Chirp, agus a chathbarr caomh cumhdachta im cheann Miscenmuis d'a dhiden ar armuibh, agus ni ghabhdais reanna náid faobhair íad, agus ní gabhadh cath no comhlonn friu, agus tugsad sraonadh calma for cathaibh Conghail. Iomthusa Ferccusa robhaoísen gan arma aige, agus adconnaic an t-éccen a rabhadar na h-Ulltaidh agus rob' olc le Fergus an t-anforlann sin da mbeith cumus a fhoirithine aige, agus rofhech leth a chúil ar in ccathraigh, agus adconnaic grianan gloine do thaobh dhoruis na cathrach, agus mic bega agus blaithinghena ann ag feuchadh uatha agus aon tor rioghdha ag cothughadh an chaoimhgrianain agus ro eirigh bruthmileadh agus ferg Fergusa agus táinic tar dhorus na cathrach agus ro iadh a dha dhóid rioghdha um in tor congbhála sin, agus tucustair crothadh anbhail uirre gur dheighbhris an grianan fa múr na cathrach go bhfuair a raibhe ann uile bás, agus tugsan an tor a
talmain agus táinic le d'ionnsoighidh an chatha accédóir agus roghabh ag a bhruthmhionughadh go barbardha biothnertmar, agus rochuir tiughára trommhóra ar na cathaibh agus do rinne énchath uile díobh eider a shluaghuiph fén agus muintir Muirne, agus rob' usa le dul i ccend a n-airm agus a n-iolfhaobhar fén ina bheith urtharsna ar ceann Fhearccusa; uair as uaill nach ttuitidís triocha trénfher lais da gach aon bhuille d'a mbenadh orra gur faccaibh ina bhfuiledhaibh fiormharbhtha ar lár na tragha d'forgla uile íad. Iomthusa Chirb rochuirsén ár anbhail ar cathaibh Conghail. Ódchuala Ferccus na feoilbéimenda sin, táinic d'ionnsoighidh Chirp tresna cathaibh agus mairbhter lionmar d'anradhaibh eatarra; agus ro dhiscaoil Ferccus uile íad no go ráinic gusan airm i raibhe Cearp isin cath agus tug béim d'ionnsoighidh Cirp, agus do thóccaibh Cearp a sciath ar a scath, agus do rinne blodha bega fo cosaibh an churaidh do'n chaoimhscét agus tug aithbém dhó, agus ó nach cumang aige a iomgabhála, dobhen an buille a mhullach a mhaoile gur fhaccaibh gan anmain isin ionadhsin é; agus do ghluais Ferccus roimhe do chuartughadh an chatha as a h-aithle, agus ro scaoil sluagh na cathrach roimhe ó do thuit Cearp lais, agus ní raibhe acmoing a gabhála ris dia essin aca. Dala Miscenmais ro ferustair comhlann re Cairbre Congancnesach mac Cairbre Cruim agus tugsan osnadh eccomhlainn ar Cairbre, agus do chuala Fergus sin agus táinic d'foirithin Chairbre agus tug Ferccus béim do Miscenmas gur bhris a sciath agus a cathbarr ima chenn agus fós gur bhris muinél an chaithmhileadh, agus roba doiligh le Muirn an mile sin d'a muintir do mharbhadh agus robhaoi féin ag fighe an chatha go curata agus ro ghabh cach a fheidhm catha annsin agus as é tighe ro fighedh an cath annsin go roichfeadh carbad cetirriada ó
n-uillinn go chéle dhe, agus táinic Anadhal mac righ Concenn agus Muiredhach Meirgeach mac righ Alban agus Criomhthann mac Fhergusa Fairrge agus Oilill Teora Gaoth agus Oillil Teora Críoch, agus dobhensad sin uile a mbern chatha agus a slighe mileadh as cath Muirne, agus táinic Merne, Semne, agus Laitherne, Fraoch, Fercc, agus Fithnius i ttuaiscert an chatha cédna, agus ro thanuighsiot sin an cath a ccédoir. Muirn umorro ro ghabhsidhe ag sloighe na sluagh no go ráinic go h-airm a raibhe Conghal. Ba h-amhlaidhsin do Conghal robhaoi ag a h-iarraidhsi ar fud an chatha go tarla air í agus tuc sciath re sciath dhi agus ba bainne re frais agus ba begán a ffail moráin gach comhlann d'ar cuireadh a bhfail an chomruicsin Conghail agus Muirne; uair as amhlaidh boi Muirn .i. go madh foirnert ar fheraibh an bheatha uile illos gaiscidh .i. neart céd i ccath no i ccomhland innte, agus ro ghaph ag forrach Conghail isin chomhlann gur ghéis a sgiath fair. Ó'dconnaic Bricne sin, ro screch go garg agus go gaibhtheach gur shilledair cach uile fair. "Ort do choll duaphais, a Chonghail!" ol Bricne, "uair ní mac righ Éreann thú agus as duthca dhamhsa in righe ina dhuit, agus abairsi gur thu Bricne agus leicc dhamsa an comhlann agus biaidh inghen righ Lochlonn agam." Is ann sin do éirigh fercc, confadh agus crodhacht Conghail, agus do ghabh ag forrach Muirne go ttabradh da bhéim im gac mbéim dhi, agus tucc cách caoga crechd ar a chéle, agus tug Conghal an chreacht uachtarach uirrisi .i. do bhen a ceann d'a coluinn agus do chraith agus do chomhmaoidh ar lar an chatha é.
Do chuaidh umorro a n-gráin agus a n-gaisceadh do mhuintir Mhuirne ó do thuit Muirn agus do mhuigh énmhaoidhm dhíbh uile isin ccathraigh agus níor dhidion dóibhsion sin, uair an neach dob' íon-mharbhtha dhíobh do marbhadh uile íad agus gach aon narbh' íon-mharbhtha do cuireadh a ndaoire íad an fad dobhádar isin ccathraigh do'n chur sin. Do aircceadh agus do h-indradh an tír uile leó, uair do bhí diol fher ttalman do mhaithes innte agus do bhádarsan aimsir fháda innte aga leighes agus ag caithemh gacha maithesa dhíobh sin no gurbho slán uile íad. Iar sin adubhradar muinter Chonghail: "as mithidh dhuinn imtheacht as in ccathraighsi," ar síad. Is ann sin tugadar a seóid agus a maoine agus a h-ionnmhusa d'ionnsoighidh Conghail agus do rónsat a ttrí íad .i. a trian dó fén agus an dá ttrian oile d'a mhacoibh riogh agus d'a mhuintir ar chena, agus tug a thrian féin d' Uirgrend draoi righ Lochlann; agus anuair dob' ullamh in-imtheachta íad, adubhairt Conghal riu: "múraidhsi an chathair-si duinn," ar sé, "conach raibhe aitreabh innte choidhche d'ar ndéis, conach millter an domhan esde ni bhus mó." Do múradh leosan í amhlaidh sin agus tángadar ina lonccaibh iaramh co n-iomad gacha maithesa leó, agus ba mór leó a menma annsin. Ro fhech Bricne ar in ccathraigh d'a és iarsin agus asedh adubhairt: "Is maith linne cathair Mhuirne d'fhaicsin amhlaidh súd," ar sé, "agus dobhí uair agus rob' iongnadh a bheth amhlaidh agus muna bheith Ferccus mac Rosa ni roichfeadh fer a mbethaidh aguinn esde ó sluaghoibh Muirne, uair as é do mharbh Cirb, Miscenmas, agus Saighed inghen Charrthuinn"; agus adubhairt in laoi ann: -
Fasach Dún Muirne móire, Imar chuirsemar gáire!
Fáda dobhí in maithes! Do mhillsiom a mhormhaithes; Muna bheith Fearccus mac Rosa Do ghniomhaibh garga gosa, Ni thérnobhadh fer uainn de O sloghuibh Muirne móire. Do mhillsiomar uile a dún Is do mhúrsamar a mhúr Dobo chaoín a phort amach Acht gé tá anocht na fhasach. Fasach.
Do thógbhadar a siuil a n-áirde íarsin agus tángadar rompa isin slighidh cédna agus do chuadar a ngráin do na maroibh draoidheachta bádar rompa mar do chuaidh do'n chathraigh fén; agus dobhádar caoicdis ar mís ar muir no go rángadar críocha Loclonn; agus tuccadh aithne forra ag teacht dochum tíre agus tángadar rioghraidhe Lochlann ina n-aghaidh d'fherthuin fáilte friú, agus ruccadh a tteach a righ íad, agus dobhádar ag fledh ól agus ag aoibhnes an oidhche sin, agus go cenn tri lá agus teóra h-oidhche ina dhiaigh. Ro fhiarfaighedar maithe Lochlonn scéla dhibh iarsin agus do chuaidh Bricne a ccend scél d'innisin, agus do innis gniomhradh agus comhrac gach aoinfhir fo léith do na laochaibh. "Is mór d' ulc fuair gach fer ann," ol sé, "agus gidh mór do maith do rónsat uile, do chinn Fergus orra, agus Beiuda as í fodera gach olc da bhfuaramar d'fhagháil duinn," ar Bricne; agus idbert in laoi: -
Rángamar cathair Muirne; Fuaramar mór do duilge, Ar cruas a curadh gan on As ar ghairge a h-onchon. Fearccus do mharbh Cirb 'san chath; Miscenmus dobhí 'gar mbrath;
Ár an tsluaigh ó sin amach Do chuaidh for mhuintir na cathrach. A Bheiuda gusan n-dreich n-dil! Fuaramar uait mór n-imnigh. Ár an dunaidh, nach ár gar! Do chuirsem ó rangamar. Ran.
"Ni chualamar ríamh gaisceadh ba iongantaighe ina sin," ar righ Lochlonn, "uair dar linn gidh íad fir na talmhan do bhiadh ag toghail na cathrach sin nocha rachdaoís uile uirre, agus ní tiubhruidis geill no braighde d'a h-aimhdeóin esde." Is ann adubhairt righ Lochlann: "dobheursa an inghen do Conghal," ar sé, "agus caithfed tighernas Lochlann ris in ccén bhias a n-éccmuis Érend." Tuccadh an choibhce d'inghin righ Lochlonn ann sin, agus ódchuala si gniomhradh Conghail tug gradh dermair dó agus dobhí an inghen go dubhach dobrónach do gradh Conghail agus do fhiarfaigh ri Lochlann di: "Cred an dubha no an domheanmain sin ort, a inghen!" ar sé, "do dhichuir do dhealbh agus do dhénamh?" "Ni fhéduimsi sin do cheilt, a ri," ar an inghen, "uair as é gradh Conghail atá agam ag dichur mo chrotha agus mo dhealbha dhiom." Is annsin tuccadh Conghal d'ionnsoighidh righ Lochlann. "A Chonghail," ar sé, "ni cóir duit bheith gan mnaoi agad mar sin, agus tabhair m'inghensa." "Ní thiubharsa í ider," ar Conghal, "uair biodhbha dhamh í, uair dochuir si gesa agus airmid oram fén agus ar mo mhuintir fa coibhce nar shaoil sí d'fagháil ionnus go bhfagmaois bás aga h-iarraidh, agus ní thiubharsa í ar an adhbhar sin, acht tabhairsi d'fior eile í, uair ni bhia mo namha um' leabaidhse." Dála inghine righ Lochlann conuige sin.
Iomthusa Conghail cona mhuintir ro chaithsat ré n-aimsire i ccríochaibh Lochland, agus niorbh' aoibhne do righ Lochlann ina do Conghal cona mhuintir acht muna bheith a fhad leis bheth a n-eugmuis Éreann. Tuccadh aon do lo maithe a mhuintire cuige d'a agallaimh, agus adubhairt riu: "acht cidh aoibhinn duinn bheth a bhfegmuis Éreann mar atámaoid ag caithiomh righe Lochlonn, as mithidh duinn dul do ghabháil Érenn." "Masa denmnedach letsa sin, a Chonghail," ar síad, "ní lugha as edh linne"; "agus déntar a chomhairliughadh sin le righ Lochlann," ar cách. Do comhairligheadh sin risin rígh. "Ni dhiongna sibhsi sin," ar in rí, "gan a chomhairliughadh re maithibh Lochlann uile." Do rónadh fledh mhor ag in righ do mhaithibh Lochland agus tuccadh chuige íad uile, agus adubhairt riu: "Conghal," ar sé, "atá ag dul d'ionnsoighidh Éreann, agus cred aderthí ris?" "Adermid," ar síad, "go madh olc linn a imtheacht acht muna do ghabháil righe n-Éreann téid, agus masedh rachmaoidne lais uile." "Na h-abraidh sin," ar Conghal, "uair ní thiucfa neach liomsa do ghabháil Éreann acht an líon táinic liom esde, acht amháin cuiridhsi fiche céd do laochruidh Lochlann limsa agus d'a n-ogbhadh, agus dá n-gabharsa righe n-Éreann budh cara dhaoibhsi mé." "Doghébhtar sin go failteach uainne," ar maithe Lochlann. Do tógbhadh cobhlach Conghail ar muir, agus do cheileabhair do mhaithibh Lochlann, agus ba dubhach dobrónach bádar na maithe sin ag eisdeacht re a cheleabhradh. Táinic Conghal líon a loing-si d'ionnsoighidh Fionnlochlann agus na n-oilen, agus do ghabh righe Muile agus Ile agus Cinntire; agus do clos a ccríochaibh Bretan, Alban agus Saxon Conghal do bheith ag gabháil forneirt ar na h-oileanaibh
agus ag dithiughadh a ndaoine; agus do comhmoradh sluaighte móra ag lucht Innsi Bretan re h-aghaidh Conghail, agus dobhídis sochraidhedha iomdha isna h-oireraibh aca ag forcoimhéd ar Conghal cona chathaibh. As é ba ri Bretan an tansin .i. Artur mór mac Iubhair, agus as é ba righ Sagson ann .i. Torna mac Tinne. Agus do chuir Artur mac Iubhair teachta go Conghal d'a radha ris go ttiubradh fén righe Bretan dó; "agus na tabhradh a loinges do mhilleadh na crichesi," ar sé, "acht teighidh d'ionnsoighidh righ Sagsan uair biodhbha dhamhsa é." Tángadar na teachta sin d'iarraidh Conghail a ttraigh Bretan a n-oirer Alban, agus d'fhiarfaigh Conghal; "canas a ttángadar na teachta úd," ar sé. "Ó Artur mac Iubhair, ó righ Breatan tángamar do thabhairt righe Bretan duitsi ó Artur," ar síad, "agus d'a radha let do shluaighte do bhreith í ccríochaibh Sagson dochum Torna mic Tinne, uair biodhbha duitsi agus dósan é, agus adeir go ttiubhra sé cath dhuitsi." "Dénaidhsi imtheacht," ar Conghal risna teachtaibh, "agus bí fleadh ag Righ Bretan am' oirchillsi"; agus tugsan seóid agus maoine do na teachtaibh, agus do imghedar go buidheach. Dála Conghail, nir fháguibh an t-oirer sin no gur ghiallsat na h-Albanaigh dho; agus do bhíadaois go traigh m-Breatan gach n-oidhce, agus adubhairt Fachtna Finn File re Conghal; "maith, a rígh," ar sé, "as mithidh dhuitsi dol do ghabháil righe Saxon, ó do ghabhais righe Alban agus na n-oilen." "Mar adeura in righ mór Ferccas, is amhlaidh do dhénam," ar Conghal. "Aderim-si riot," ar Ferccus, "fuireach ad' longport fén agus dobheur-sa cath do righ Sagsan no go ngeubhad a righe dhuitsi." "Ber buaidh agus bennachtain, a rí mhóir," ar Conghal, "agus is sinn uile rachas ann."
Agus do chuadar móirthionól mór ar aonsluaigheadh i ccríochaibh Sagsan, agus dobhádar maithe Saxon ima Righ tionóilte ar a cceann; agus ódconncadar Conghal cona chathaibh chuca, doghabh eagla agus uamhan mór íad ag a fhaicsin. "Erghidh duinn, a fhiora," ar Rí Saxan, "agus cóirighidh bar ccatha a n-aghaidh Conghail." "Na h-abair-si sin, a righ," ar maithe Sagsan, "uair ni fuilmidne líon catha do Chonghal, uair gach eólus d'a ttabhair a aghaidh as dó as trési, agus ní thucsad laochraidhe Lochlonn cath dhó, agus dobhéraimne righe dhó, agus athcuirfem thusa as do righe." "Rachad-sa d'a riarughadh, masedh," ar righ Saxon, - uair ni obannsan óglach d'a ttí ina theach acht ciodh fála bhias dó ris. Do ghluais an rí roimhe go ráinic gusan ccarraic dobhí os cionn an chalaidh inar ghabh cobhlach Conghail; agus as amhlaidh dobhádarséin agus buird a long cengailte d'a chele aca agus leibhionn longdha ar n-a ndénamh díbh. Do labhair rí Sagsan riú do'n charruic, agus asedh adubhairt: "A Chonghail," ar sé, "is do thabhairt do bhrethe fén duit tánag-sa, agus teguid bar n-áos dána am' aghaidh-se"; agus tángadar a n-aghaidh an rígh, agus rugadar d'ionnsoiccidh Conghail é. "Da bhar riarughadh tánac-sa do'n chur-sa," ar in rí, "tar ceann mo chríche agus m'fheroinn, agus as fearr díbhsi misi da bhár riarughadh agus mo dhul libh d'arccuin oilein ele ina arccuin mo chríce-si do dhénamh dhíbhsi." "Is fíor sin," ar Conghal; agus do bhí aga n-agallaimh, agus adubhradar in laoí sunn: -
A loinges an mhara mir! Ca haitheasc fuilti d'iarraidh? An arccoinn iarraidh no an cath No in ngeubhthaoí síth gan anbhrath?
Fearr lind sith ina cath cruaidh Ar n-iarraidh dhuinn teas as thuaidh, Tógbhadh mur gu to ... Go madh uilide ar muinter; Rachad-sa libh go faoilidh Lucht caoga long do laochuibh d'arccuin tíre, torann tres! Madh ferrde libh mo loincces. A loinges.
"Tabhairsi righe m'fheroinn fén, a Chonghail," ar righ Sagsan. Tuccadh dhósan sin agus do rinneadh cadach agus caradradh eatarra. "Ticcidh a ttír feasda," ar Torne. Is annsin táinic Conghal a ttír cona mhuintir. Rogabhadh 'san phurt lethanarmach aca ann agus tuccadh fuireg fleidhe móire ó Righ Sagsan do Chonghal agus d'a chobhlach; agus dobhiodh ar ri fén a bhfochair Conghail gach én lá. Táinic macaomh cruaidh caomhaluinn do shluaghaibh Saxon a ccuma cháich d'a n-ionnsoiccidh, agus as é ní do rinne sé do dhénamh cluiche .i. rioth do bhord na luinge co a chele do'n chabhlach uile mar luasgadh ainnle no ferbe gan toirmeasc a reatha uime; agus dobhádar maithe an tsluaigh uile ag a fheuchain. "Cia in mac beg úd doní an gliocus gaiscidh ar na longaibh?" ar Conghal. "Mac damhsa súd," ar in ri, agus táinic dergadh mór dhe ag a radha. "Cá h-ainm atá air?" ar Conghal. "Artur Aoinfher," ar rí Sagsan. "Goirther cugoinn é," ar Conghal. Do goireadh é agus do shuidh a bhfiadhnuise Conghail agus do ghabh Conghal ag aines fair, agus as glic ro fhreaccair an macaomh é. Táinic ullmhughadh fleidhe do rígh Sagsan, agus tuccadh do Conghal cona mhuintir í no go ttairnic oidhchi. Is annso benas tallann sceoil oile do'n chaithremsi Conghail Clairingnigh.
Dála Artuir mhóir mic Iubhair .i. ri Bretan; anuair do ghabh Torna mac Tinne ríghe Sagsan ar éiccin ar tús dorinde creach ar Artur mac Iubhair, .i. ar righ Bretan, agus do aircc an dunadh i raibhe an rí fén agus do mharbh a mhuintir agus fuair ben bás and; agus dob' é so adhbhar a báis .i. torrach dobhí sí, agus táinic am tuismidh a toirrcesa d'a h-ionnsoiccidh ann sin, agus táinic sí agus a cumhal coimhideachta as in teach amach go taobh na tragha, agus tángadar idhain tuismidh a toircesa d'a h-ionnsoiccidh annsin; agus mar do chuala sí gáir an tsluaigh ag orrccain an bhaile, do rug an gein dobhí fa a bruinne, .i. mac, agus do fhritheoil an chumhal í; agus anuair ráinic an chathair d'argoin do scaoiledar sluaigh Sagsan d'iarraidh edala, agus tarla óglach do mhuintir righ Sagsan a ccenn na rioghna agus na cumhaile gur mharbh íad ar aon, agus idconnaic an naoidhe m-beg ag tuitim a coim na cumhaile. Ro ghabh destion é ima oirleach agus tug les ina ucht é mar a raibhe an rí, agus do thaisben dó é. "Ag so, a Rí!" ar sé, "turcurtha fuarusa"; agus do innis dó mar fuair é. "Folaigh agus taiscidh go maith é," ar rí Sagson, "agus oilter ar mo sheilbhsi é, uair ní fuil mac agam." Iarsin do h-oileadh ar sealbhadh in righ é; agus é sin an mac do chonnaic Conghal ag rith for na longaibh, agus adubhairt le rígh Sagsan nar' mac dhó an mac óg.
Iomthusa Artuir mic Iubhair .i. rí Bretan, dobhí a n-esláinte mhóir do cumhaidh mhna, agus ní raibhe mac no inghen aige, agus as mór do chuir air gan do chloinn do bheith aige, neach dogheubhadh a ionad dia éis; agus do clos fo na críochaibh fa coimhnesa dhó, rí Bretan do bheth gan cloinn aige. Do bhí brughaidh a n-oirear Alban agus trí mic gniomhacha aige re gaisceadh agus nior mhiadh leó an t-athair do bhí acu, agus do chualadar ri Bretan do bheth gan cloind. "Is olc dhuinn gan duthcus righ éiccin do bheith againn," ar síad, "ó do bheith do gniomh agus do gaisceadh agus do crodhacht aguinn a chosnamh, agus ga ferr dhuinn ní d'a ndingenmais ina dul d'ionnsoiccidh rígh Bretan agus a radha gurab meic dhó sinn." As í sin comhairle ar ar' innedh aca, agus do thionóilsiod sluaigh agus sochraide agus tángadar rompa d'ionnsoighidh righ Bretan, agus ó rángadar é do freasdladh agus do fritheoladh go maith íad agus do bhádar go cend seacht laithe ann. Do fhiarfaigh Artúr dhíb annsin cuich íad féin. "Is eadh, dar linne, gurab mic duitsi sinn," ar síad. "C'áit a ndernadh sibh?" ar sé. "An tan do bhádhais ar ionnarbadh a críochaibh Bretan is ann do rinnis sinn." "Is mór do mhnaibh do bhí agamsa annsin," ar in rí, "agus ni fhedar cia díobh bhar mathairsi, agus atá comhartha agamsa ar a ttiubhroinn aithne ar mo mhaicne bhunaidh," ar sé, "agus an té nach bhfuil díles damh ni gheubh agam é acht gé táim gan cloinn. Tuctar leac ubhuill chugainn," ar sé, "agus atá ubhall iaroinn agamsa agus caithidhsi in leac sin, agus an fer aguibh brisfer an leac do'n chéd urchar as mac dhamsa é gan amharus, uair as amhlaidh atá an aicme d'a bhfuilim-si nach ttabhair neach urchar
n-iomroill aca." "Tabharthar an leac sin cugainn," ar síad, "agus an t-ubhall iaroinn go ttugam urchar gach duine dhe"; agus tuccadh cucasan íad, agus do chaithedar urchar gach fir agus do chuiredar tairse. "Is fíor sin," ar Artur, "ni meic dhamhsa sibhsi, agus dobudh ferr liom go madh eadh agus nior dhligheabhairsi brecc do radh chugamsa"; agus idbert an laoi: -
Athcomharc daoibh liom gach laoí A mhacraidhe do luaidh an gaoí! Nocha n-fuil uaibh, tolaibh gal! Neach dan' dual righe Breatan. Da madh meic sibh do'n mnaoi mhait, d'ingin Edersceoil árdmhaith, Robsad dile lem' chridhe, A mhacraidhe co moirmhire! Sisi do faccbhadh am' aonar Go mba moide mo bhaoghal Sise nochar fhaguibh mac, Siaide uaim a h-athcomarc.
"Deunaidhsi imtheacht," ar sé, "agus gé táimsi gan loinn agam ni gheubh sibhsi." Do imghedar mic an bhrughaidh uadha annsin. Is ann sin tairnic do Conghal a fhledh a ttigh righ Sagsan, agus do chuadar uile as sin go teach righ Breatan agus fuaradar fáilte mhor ann agus dobhádar ag caitheamh na fleidhe dobhí ann go ceann caoicdhisi ar mhís; agus dobhí an macaomh óg sin .i. Art Énfher a bhfarradh Conghail risin ré sin, agus as amhlaidh dobhí Conghal agus ciall bhrethamhoil aige agus gliocus righ. Adconnaic gurab íad na beusa d'foghain do rígh Bretan, do fhoghain do'n macaomh, agus as amhlaidh dobhí Conghal agus righ Bretan
ar a láimh dhes agus rígh Sagsan ar a láimh chlí, agus adubhairt Conghal: "Maith, a Artuir!" ar sé, "an bhfuil clann no iardraidhe agad?" "Ni bhfuil, ider," ar sé. "Dursan do bheth amhlaidh," ar Conghal; agus dobhádar mar sin an adhaigh sin, agus rug Conghal righ Sagsan les ar n-a mharach a rún agus a ccogar. "Maith, a ri Sagsan!" ar Conghal, "innis damh an fhírinne um dháil an mhacaoimh úd adchím ad' sheilbh," ar sé, "uair ni mac dhuit é, idir, agus as cosmhail a bheusa agus a urlabhra le righ Bretan." "Adeur-sa riotsa a fhirinne sin," ar righ Sagsan, agus ro innis an scél uile amhuil tarla ó thus go deredh. Do suidhigheadh teach n-óla iarsin amhail donithi do bunadh, agus adbert Conghal: "maith, a Artuir!" ar sé, "cá luach dobheurtha dhamhsa dá bhfaghuinn mac diongmhala dhuit?" "Ni bhfuil isin bith agamsa ní nach ttiubhroinn duit," ar Artur, "acht gomadh mac díles damh é." Do innis Conghal an scél fíre uile dhó agus tuccadh brethemnas cuctha, agus do innis righ Sagson an fhírinne dhoibh, agus do rugsat do bhreith a mhac fén d'Artur annsin, agus adubhairt Conghal: "Deuna-sa altranas agus caradradh re righ Sagsan, a Artuir, agus bithi in bhar ccáirdibh d'a chéile." Dobhí Conghal ann sin noco ttairnic an fhledh agus dob' aoibhinn leó uile a menma ann sin uair do ghabhsad righe Sagsan, Bretan, agus na n-oilen uile; agus adubhairt Conghal: "beannacht fort, a Artuir!" ar sé, "fuaramar mórán maithesa agus onóra agad"; agus do ghabh ag celabradh dhó, agus idbert na briathru-sa ann: -
Mithidh duinn dul tar muir, A Artuir mhóir, mic Iubhair! Fuaramar do mhaith, fíor dhamh! As fo an flaith 'ga bhfuaramar; Fuaramar do fhleadh go fíor, Agus t'fháilte gan imshniom, Agus do mhaithes fíor dhe! Agus teaghlach do thighe;
Gé fuaramar sin uile Uait, a ri 's a rodhuine! Ar ttocht duinn ar muir mhic Lir Ceileabradh duit as mithidh. Mithidh.
Robhádar mar sin an adhaigh sin, agus do tógbhadh leó a ccoblach ar n-a mharach ar muir agus ar mórfhairrge, agus geill agus braighidh na ttírthe uile aca nogo rángadar Inis Tuaith Rois eidir Érinn agus Albain, agus do gabhadh longport leó innte, agus táinic Conghal suas a mullach na tulcha, agus tángdar a shluaigh leis. "Is fáda anois ár mbeith a bhféccmuis Éreann," ar sé, "agus déntar seoladh agus iomramh aguinn nogo roisiom Éirinn, agus mochen a rochtuin"; agus adbert: -
Anocht a n-Inis Tuaith Rois Filmid seacht ccatha dar ccois Fearr liom tola ... clann, Codladh a n-iath Éireand. Trí bliadhna dég duinne thall I ccríochuibh Leabhra Lochlann, A bhfégmuis ár bhferuinn de Is ár ccúiccidh go ccaoimhe. Fuaramar maith ina thoigh Ag Artur mór, mac Iubhair. Ni fhuil ri co n-iomad port Risa saimheul-sa é anochd. Ionmuin tír an tír úd thiar, Ulaidh go n-iomad n-giall! Ére go n-iomad a port Innte as áil liom bheith anocht. Anochd.
"Deuntar proinniughadh agus tomhaltus aguibh, a ócca," ar Conghal, "agus linccidh in bhar lonccaibh as a h-aithle conach raithighid fir Érend sinn nogo n-gabham a n-iath Uladh idir"; agus do sheólsad le lánshoillsi an eusca a n-oirear Uladh a ndereadh oidhce agus urthosach laoí; agus adubhairt Fergus mac Rosa:
"Rachadsa," ar sé, "d'fhios scél daoibh c'áit a bhfuil Ferccus mac Lede ri Uladh." Táinic Ferccus fa thír, agus tarla duine dhó, agus fuair a fhios uadha cia in t-ionad a raibhe Ferccus mac Lede; agus táinic Ferccus mac Rosa mar a raibhe a mhuinter. "Maith, a Fherccus," ar Conghal, "c'áit a bhfuil ri Uladh anocht?" "Atá sé ag teacht co Sliabh Slainge go teach Eochaidh Salbhuidhe anocht," ar Ferccus. "Is maith linne sin," ar cách, "uair geubham an bhruighensa air anocht gan amharos"; agus rangadarsan re dereadh do ló d'ionnsoighidh na bruighne nogo rángadar go h-Inbhear n-Gaoth risan abartar Tonn Rughraidhe agus i cceand na gairbhslighedh risa raiter Iomaire Muilleand agus go Carruic na Fairccsiona; agus adconncadar soillsi lochraind na bruighne uatha annsin. "Soillsi rioghcoinnle súd," ar Fraoch draoi; agus idbert na bhriathra-sa ann: -
Solus lochrainn rioghbhruigne Inne dhoibh co cleachluidis Ba fearr dhoibh conomgabhdais Geubdaid ealla aithreacuis Sunn re cliathoibh cloisdena Bu croidhearcc cuirp creuchtnaighthe Re siu tí lá lansholuis. Soillsi.
"Faistine sin, a Fhraoich," ar Conghal. "As edh, go deimhin," ar Fraoch, "agus bu olc dod' shluaghoibhsi agus do shluaghaibh Ferccusa mic Lede í, agus bú iomdha bhar n-easbadha o'n m-bruighin úd." Tángadarsan ina ccathaibh cóirighthe d'ionnsoiccidh bruighne Boirche go teach Eachaidh Salbhuidhe; agus as amhlaidh dobhí an bhruighean sion agus Ferccus mac Leide innte agus mic riogh agus rofhlatha Uladh agus Érenn ar cheana 'na fhochair ann, agus
dobhádar seacht n-doirsi for an m-bruighin sin, agus ní raibhe éndorus gan trenfher torardha no gan righdhamhna rochalma no tretill thrén nertmhar d'fhearaibh Éreann icca ccoimhéd. Rángadar muinter Conghail agus Ferccusa mic Rosa gur ghabhsat costadh ar in tulaigh ós an m-bruighin agus do cuireadh sluagh uatha d'arccoin na bruighne. Do bhí ar dorus do'n bhruighin sin na tri Duibh a h-Innis Tuir agus dobhí ar dhorus ele dhi Mescedhra mac Airt Mesdealbhainn mac righ Laighen, agus dobhí ar dorus eile Cet mac Maghach agus é i ccoimhideacht righ Uladh ann. Uair as amhlaidh dobhídís rioghraidhe Uladh agus buaidh n-óglachuis agus n-gaisccidh orra acht comadh aca dogheubhadh an t-óglach a chédarm agus as do na cédoidhchibh as cruaidhe ina raibhe Cet riamh an bhruighen sin. Do bhí ar dorus eile dhi Rosa ruadh mac Rughraidhe agus dobhí Fachtna Fathach a mhac ar dorus ele di, agus dobhí Maolcróich athair Chatbaidh ar dorus oile di fós, agus glere sluaigh Uladh agus Érend ó sin amach. Do ghairedar sluaigh Conghail da gach áird do'n bhruighin ann sin. "Conghal so," ar lucht foraire na cathrach, "agus sluaigh an domhain foir in farrge and." "Is fior go bhfuilid," ar Ferccus mac Lede, "agus dénuidhsi maith, a mhuintir ...," ar sé, "agus na toirmeascaidh súd bhar n-ól no bhar n-aoibhneas umuibh acht fritheólaidh seach bhar ccomhlann a n-dorus na bruighne go ttí lá cona lánsholus." Is annsin do éirghedar na trí Duibh a h-Innis Tuir amach, agus tángadar timchill na bruighne agus do chuirset ár mór ar na sluaghaibh amuigh agus tánccadar iomshlán isin mbruighin iarsin. Tángadar na sluaigh arís cusin m-bruighin agus do chaithedar frasa d'a soighdibh gorma agus d'a bhfaghadhuibh faobhracha fuileacha forra gur rogonsat lucht coimhéda
na n-doirsedh. Táinic Mescedra mac righ Laighen ann sin agus céd laoch les, agus fuair deabhaidh agus imreasain amuigh co ro marbhadh a mhuinter ann agus do dhichuir na sluaigh o'n mbruighin co borb agus táinic isin m-bruighin anonn air sin. Tángadar dochum an doruis desceartaigh iar sin lucht innsi Gall agus na n-oilean uile, agus is ar in dorus sin dobhí Fachtna Fathach mac Rosa, agus do éirigh amach agus do ghabh a arma agus do lenadar caoga laoch do glere a mhuintire é, agus do shaithsiot i ccenn an tsluaigh fa nesa dhóibh agus do shraóinedar o'n mbruighin íad uile, agus táinic féin isin mbruighin iar sin. Tángadar na sluaigh arís gusin m-bruighin, agus do ghairedar uimpe. Táinic Cet mac Maghach ina aonar amach d'ionnsoighidh na sluagh agus táinic fo thrí a ttimchill na bruighne agus do fháguibh cosair cro dhibh ina luighe liuin. Táinic féin arís iomshlán isin m-bruighin iar sin. Is ann sin do ghairedar na sluaigh uile fa'n m-bruighin arís agus do chaithedar do chairrgibh cenngharbha co h-athlamh í, agus do chuala Boirche Casurlach mac Eachaidh Salbhuidhe sin agus é i ccathaoír ar fosadhlár na bruighne, agus trí caoga macaomh uime and, agus do érghedar amach agus do thuit trí caoga laoch leó amuigh, agus tángadhar féin iomshlán isin m-bruighin arís agus dobhás aga moladh go mór. Táinic sceula an chomluinn sin co Conghal, agus adconnaic Art Aoinfher mac Artuir ina fhiadhnuise, agus adubhairet Conghal ris: "Erighsi dhamhsa, a Airt Aoinfhir, na trí caoga macaomh rioghdha táinic, agus tabhair ceand Bhoirche mic Eachaidh dom' ionnsoighese." Tángadar dochum na bruighne agus do ghairedar da gach áird uimpe; agus ódchuala Boirche gurabh aga iarraidh fén dobhádar, do ionnsoighidh co h-athlamh íad, agus is ann tarla da chéile íad ar urlár na bruighne agus do fheradar comhlann
re chéle agus dob' é a ccríoc gur thuit Boirche Casurlach mac Eachaidh Salbhuidhe cona thri caoga macaomh le h-Art Aoinfher mac righ Bretan, agus táinic fén iomshlán amach agus tucc ceann Bhoirche les go h-airm i raibhe Conghal. "Ag sin, a Chonghail, in ceand do iarrais orm," ar sé. "Ber buaidh agus beannachtain!" ar Conghal, "agus déna imtheacht feasta dochum do thíre fén agus rob' slán trénai." Ro imthigh an macaomh iarsin dochum a thíre .i. Críocha Breatan agus do ghabhsan righe Breatan dia éis gur' comhaimsir Conghal le h-Art Aoinfher desin. Ó'dconncadar sin na trí Duibh a h-Inis Tuir Boirche Casurlach do thuitim, ba doiligh leó é agus doghabhsat a n-arma agus tángadar amach. "Ní thiucfam asteach go n-dioghlam mac Eachaidh ar na h-allmarrchaibh"; agus nior ghabh cath no comhlann riú co ttarla Anadhal euchtach mac righ Conchenn riú agus do fhearadar comhlann crodha curata re chéle, agus do fhortamlaigh Anadhal orrasan gur bhen a ttrí chinn díbh co deaghthapaidh, agus do chuir a bhfiadhnuise Conghail íad. "Ag sin cinn na ttrí n-Dubh dhuit, a Chonghail," ar sé, agus idbert: -
Cinn duit, a Chonghail Chláraighnaigh! Trí mic dobhí 'gut' bhrathair! Dororcradar linn 'male; Tángadar a tiughlaithi; Na tri Duibh do mharbhusa, Tri meic Ceatba, triur curadh! As íadsin romcrechtnaighse, Romfágsad fo chru chumhaidh; Na trí Duibh a h-Innsi Tuir Do thorcradar liom go grinn. Sochaidhe do mharbhsatar, Is d'ar thallsatar a ccinn. C.
Do chuala Ferccus mac Lede an triar sin d'a mhuintir do thuitim, agus do ghabh aga n-éccaoine go mór agus aga n-adhmholadh, agus adbubhairt: "An fágaim neach dá n-dioghuilt súd?" ar sé. "Rachadsa ann," ar Cet mac Maghach, "agus ní thiucabh asteach noco ttugtar ceann mic righ Conchenn chugadsa." Táinic amach agus do shir an cath uile co ttarla Anadhal Euchtach air agus d'fhearadar comhland fiochda, fearamhail, calma, curata, neartmhar, naimhdighe, aghmhar, iongantach, agus do thuit Anadhal a ccríochaibh an chomhluinn, agus tucc a cheann leis isin m-bruighin anonn a bhfiadhnuise Ferccusa mic Lede, agus adubhairt an laoi ann: -
Ceann duit, a Fherccus Uladh! Óir as misi rosruladh; Ceann righ Coincheann, cruaidh cur! A n-dioghail chinn na ttri nDubh, As é do chuir ár ar sluaigh Ar doirsibh bruighne go m-buaidh; As aire tu ... muigh A n-dioghail ceann na ttrí nDubh. Ni thug a lámh a láim riogh Occlach dob' fhearr treisi gniomh Ina Anadal ... reand Cé doradus liom a chenn. C.
Odchuala sin Torna mac Tinne righ Sagsan doba dhoiligh leis Anadhal do thuitim le cruaidhbhémeandaibh Ceit, agus táinic anonn isin m-bruighin; agus do thuit naonbhar do bhairibh na bruighne, agus do fhuagair comhrac ar lucht na bruighne. Adchonnaic Mescedhra mac Airt Mesdealbhand .i. mac righ Laighen ina aghaidh, agus d'fheradar comhlann calma, comhláidir, curata re chéle, agus ba ruathar da righ aca agus ba gus dha gaisgeadhach agus ba tenne dha dhamh
n-dileann, agus dob' é críoch an chomhluinn gur thuit Torna mac Tinne le Mescedra, agus rucc a cheann les mar a raibhe Ferccus mac Lede; agus idbert in laoi: -
Ceann duit, a Fherccus Eamhna! Gurab móide do mhenma, Ní ceann achd cenn Torna thréin Táinic tar muir go mórcheill; Torna mac Teinne go m-buaidh, Ri Sagsan, saoire sluaigh, As é an fer sin co bhfuilibh Do chuir ár 'man árdbhruighin. Do fhersamar comhlann cruaidh Misi as Torna re h-énuair; As é romcreuchtnaigh co tend Gé doradus liom a cheann. Ceann.
Cioth tra acht ódchuala Conghal a thrénfhir do thuitim agus a mhilidh do mharbhadh agus a churaidh do cruaidhledradh agus a mhaithe do mhudhughadh, do éirigh féin agus Ferccus mac Rosa agus an costadh uile, agus do chuiredar teinidh agus tendala isin m-bruighin a n-énfheacht; agus adubhairt Fearccus mac Lede: "Eirccidh, a fhior!" ar sé, "uair atathar ag loscadh na bruighne oruinn, agus tabhruidh bhar n-aighthe rochalma eisde, uair as usa dhaoibh bhar marbhadh i ccath ina bhar loscadh a ttigh." Do erccedarsan uile annsin agus do chriothnaigh an talamh trómfhoideach ina ttimchill la béimeannaibh na mileadh ag briseadh na bruighne d'a n-guaillibh agus aga tógbháil dibh. Is annsin do cóirigheadh cath Ferccusa mic Lede co h-athlamh a ccertaghaidh chatha Conghail, agus doba cédfadhach an dá chath sin .i. Conghal cona allmarchaibh agus Ferccus mac Lede cona Ulltachaibh. Ro benadh béim borb i ccend a chéle do'n dá chath sin. Doba dluith an deabhaidh agus dob' fhoccus an imresoin do rónsad clanna Rughraidhe a n-aghaidh na
n-allmharrach gur cuireadh ár anbhail etarra co snaidhfidis mic mhiodh-aoisi ar na linntibh fola forderge dobhí fo cosaibh na ccuradh, agus do bhen Fergus mac Rosa a bhraithbhémenda biodhbhadh orra, agus do reidhigh Conghal conair curaidh tresna cathaibh gur mhuigh an cath ar Ferccus mac Lede agus ar Ulltachaibh; agus do iadh Rosa ruadh mac Rughruidhe agus Fachtne Fathach, a mhac, a ttimchill Ferccusa mic Lede, agus tuccadar sciath tar lorg do'n laochmhileadh, agus rugadar as niort a n-eisiomhuil agus a n-engnamho é, agus do loisceadh an baile uile ann sin le Conghal cona chathaibh agus odchonnaic Fachtna Finn File na h-ára móra sin timchill na bruighni, asedh adubhairt: "Is iomdha leachta Ulltadh sunn," ar sé, "agus as nemhmaith liomsa a m-beith amhlaidh sin, agus do fhedarsa leth ar leth .i. cúigear agus cethre chéd asedh do thuit d'Ulltaibh ann, agus deichneabhar agus fiche céd do thuit do'n tsluagh táinic linne tar muir agus tar mórfhairrge"; agus do bhí aga n-eccaoine co h-adhbalmór con-ebert: -
Fuil sunn leachta fo linn chró d'a bhfuil liom, damhna doghnó! Saoth liom ár Ulltach d'a ttoigh Agus anbuain re h-iorghuil; Cúiger as cethre chéd Asedh tuccadh d'Ulltoibh a n-écc; Sunna do thuitedar thrá Is and atáid a leachta; Deichneabhar as fiche céd Do'n tsluagh táinic sunn ar séd, Isin chath chédna do chuir A leachta sunn, conus fuil. Fuil.
"Acht ciodh olc do chach an bhruidhensa," ar Fachtna Finn File, "as measa d' Eochaidh Salbhuidhe í, óir do thuit mhach maith innte .i. Boirche Casurlach mac Eachaidh
Salbhuide, agus cá ferr ainm da mbeidheadh uirthe ina bruighen Bhoirche." "Déntar creacha Uladh aguinn, a ócca!" ar Conghal, "agus airgther críoch Eochaidh Salbhuidhe linn." "Na h-abair sin, a áirdrigh!" ar Fachtna Finn File, "óir as lór a ndernais d'ulc ar h-Ulltaibh acht cosoin righe n-Éreann ar tús, agus budh leat Ulaidh iar sin." Is ann sin adubhairt Conghal le n-a mhuintir: "gach neach as tualoing gaisceadh no luaighill aguibh ticcidh liomsa co Temhraigh d'ionnsoighidh ar righ Éreann go ttuitidh linn agus go ccosnarsa righe n-Éreann ris; agus táinic Conghal iar sin tar Fertais Ruire risa raidhter Cuan Snamha Aighneach agus tar Fertais na ... risa raidhter Fochaird Muirthemhne agus d'Ferta Conuire agus do Comarmara agus tar Ilath agus tar Boinn agus go Temhraigh na riogh, agus nior mhothuighsiodar sluaigh Teamhrach íad ar scur d'a n-oirfidighibh, agus ar n-ercce do'n righ roimhe go bhfaca ar an cath ar n-a chórughadh aca ar in faithce agus na mergedha ar n-a ttógbháil. Do h-innsedh do Lughaidh Luaighne sin, agus do bhiodhg co scenmdha lesin scél sin. "Do fhedarsa cuich íad sin," ar Lughaidh Luaighne, "Conghal mac Rughraidhe rug an réim righ sin agus ruathar curadh, agus do rinne an fear sin uilc móra a n-Éreind aréir, agus teighidh neach uaimse go luaighnibh Temhrach agus go tuathoibh Breagh agus Midhe"; agus do imgheadar na teachta go tinneasnach les na toscuiphsin, agus adubhairt Conghal re Fachtna Finn File: "Éirighsi go Lughaidh Luaighne," ar sé, "agus abair ris fágbhadh Temhair cona giallaibh agamsa no tabhradh cath dhamh." Táinic Fachtna Finn File co Teamhraigh, agus adubhairt re Lughaidh: "Atá Conghal," ol sé, "ar faithce na Temhrach agus adubhairt letsa Teamhair cona giallaibh d'fhágbháil no cath do thabhairt dó fén." "Ní righ da n-obadh cath," ar Lughaidh, "agus ní lécceaphsa Teamhair uaim gan cathughadh tar a
ceann, agus iarrsa, a ollamhain! cairde na h-oidhche anocht damhsa ar Conghal nogo ttí mo thionól, uair ní fial dhósain m' fhagháil am' aonar." Táinic Fachtna Finn File go Conghal, agus adubhairt an chairde sin do thabhairt do Lughaidh Luaighne. Tugsan an chairde sin dhó agus do ghabh Conghal longport a n-Acaill an oidhche sin nogo ttáinic solustráth erghe do ló ar n-a mharach. Do éirigh comhalta Chonghail andsin .i. Fráoch draoí: "Maith, a righ a Chonghail!" ar sé, "tabhair an cath feasda uair táinic nert isin tsein agus isin tsolaid agus fuagair cath ar Lughaidh isin ló sa." Do éirigh Conghal agus do chóirigh a chath a ccédóir, agus tug leibhionn do sciathoibh talcmara ina thimchill, agus do tógbhadh a meirgedha agus a n-onchoin o-bheulta uaisdibh, agus dobhí gráin agus urfhuath righ ar Conghal dochum an chatha sin. Is ann sin táinic a thionól go righ Ériond, agus do éirigh agus do chóirigh a chath go h-athlamh agus dobhádar baidhb agus brainén agus fuatha agus faoilinn um Theamhraigh do'n toruinn sin, uair dobhí cách dhíbh ag cuimhniughadh a bhfaltanais d'a chéle, uair dob' fala do Chonghal risein agus é fén 'na mhac righ Érionn a ionnarbhadh dhósan as a chúigeadh fén agus a dhearbhbhrathair do mharbhadh dhó roime ag cosnamh righe ris .i. Bresal Bódhiobadh mac Rughraidhe. Rob'fala do Lughaidh riséin a mhac do mharbhadh ar a chédfhoghnamh dó. Is annsin do chomhruicedar na catha ceachtardha sin ar tulaigh na Teamhrach agus do chaithedar a ccédarm catha re chéle agus do mhuigh bloiscbhem bodhba do na cathoibh cechtardha a ccenn a chéle gur dhluithigh an deabhaidh, gur iomfhoiccsigh a n-iomghuin, agus do ghabhsat tuatha Bregh agus Mídhe agus Luaighne Teamhrach ag comhdluthughadh an chatha gur chuirsiot ára móra ar mhuintir Conghail nogo
rángadar isin lathair chatha iraibhe Conghal agus Ferccus mac Rosa isin chath. Is annsin adubhairt Fachtna Finn File: "Maith amh, a anaim, a Chonghail!" ar sé, "deuna féin maith agus cosuin righe n-Éreann uair do marbhadh 'h allmharraigh uile." "Ni h-íad do chosoin righe an domhain damhsa neoch ro ghabhas dé," ar Conghal, "acht meic rioghraidhe Éreann dobhí um fhocair agus as íad bhrisfear an cathsa ar thuathaibh Teamhrach agus ar Lughaidh Luaighne"; agus do chuir sin menma mór i ccathaibh Conghail gur bhrisiodar bearna chéd gach curadh díbh i ccath righ Éreann. Is annsin do ghaph Conghal ag sloighe na sluagh agus do bhean a bhráth-bhémenda biodhbhadh orra agus do leanadar a thrí comhaltadha é .i. Merne, Semhne, agus Lathairne agus da mhac Cruithneach Uladh .i. Feargus agus Fithnes. Cioth tra acht ba bráth ar bhiodhbhadhaibh an caithmhileadh Conghal an lá sin, agus ba dith ar dheghdhaoinibh a ghniomhradh ag cuartughadh an chatha nogo ráinic mar a raibhe Lughaidh Luaighne isin cath, agus tug sciath re sciath dhó agus faobhar re formna, agus doba comhrac da anradh agus da uaiseach iorghaile agus da shonn catha an chomhtuarccain sin, agus do léicceadh lathair fairsing forleathan isin iorghuil sin dóibh le buirbe a m-builleadh agus le neimhnighe a n-arm agus do chuaidh neart agus niadhachas, calmacht agus curadacht Conghail tar Lughaidh Luaighne, agus tug béim adhbhal aitheasach dhó gur bhen a chenn d'a choluinn, agus tucc a iolach coscair agus comhmaoidhmhe os áird. Do mhuigh ar thuathaibh Teamhrach agus ar fheruibh Bregh agus Midhe agus ar Luaighnibh Teamhrach annsin ó do thuit a ttriath agus a ttigherna ar ccur áir agus urbhadha orra, uair as é sin ár as mó tuccadh ar Luaighnibh Teamhrach ríamh. Táinic Conghal roimhe do thigh
na Temhrach iarsin iar m-buaidh ccoscair agus ccomhmaoidhmhe. "Ber buaidh agus beannachtain, a Chonghail," ar Fachtna Finn File, "uair as ri Éreann gan amharus thú anois, uair atáid geill Éreann agad a tTeamhraigh, agus gairther ainm rígh dhiot." Do bhí Conghal agus maithe a mhuintire a ttigh na Temhrach an oidhche sin, agus do ghabh gialla fer m-Bregh agus Midhe agus Sentuatha na Temhrach, agus tángadar cuigedhaigh Éreann ann sin d'a rioghadh agus d'a riarughadhsan .i. Deaghadh mac Sin, ri da choicceadh Mumhan, agus Conrach cas ri Connacht, agus Art Misdealman, righ Laighen, agus tugsat righe dhósan agus do ghabh áirdnert Éreann uile ann sin, agus tugustair righe Ua cCinnsealaigh do Chriomhthann mac Fergusa Fairge, agus tugustair dá ttrian Connacht d'Oillill Teóra Gaoth agus d'Oillill Teóra Críoch, agus tugustair a dhuthaidh da gach deghdhuine d'a raibhe ina fhochair ar ionnarbadh. Iomthusa Fearccusa mic Lede asedh ro raidh rena mhuintir ó do ghabh Conghal righe n-Érend agus ó do thuit Lughaidh Luaighne leis: "Ní léiccfe a n-Érinn misi agus do dhéna m'ionnarbadh a h-Érinn amach agus rachadsa go Temhraigh d'a riarughadh"; agus ráinic Fergus mac Lede roimhe go Teamhraigh, agus nior mothuigheadh i tTemhraigh é nogo ráinic go coduilteach Conghail. "Do bhreith féin duit, a chaithmhilidh, a Chonghail," ar sé, "agus ni misi do rinne 'h aimriar riamh acht Lughaidh Luaighne agus do tharccusa righe n-Uladh dhuit nogur dhiultais féin í." "Búdh maith duitsi tocht go Teamhraigh mar sin," ar Conghal, "uair ni chuireabhsa a h-Érinn thú mar do chuir Lughaidh Luaighne misi"; agus do fher fáilte go miochair ris. Ba fáilidh Fearccus do'n comhradh sin Conghail, agus do bhádar a tTemhraigh an oidhche sin, agus do éirigh Conghal go moch, agus do chuaidh féin agus maithe a mhuintire do dhénamh comhairle cia d'a
ttiubhruidis righe n-Uladh agus as air do fuirgeadh aca uile a tabhairt do Rosa ruadh mac Rughraidhe agus saorcuairt Uladh do thabhairt d'Fhergus mac Lede, agus dobhí Ferccus mac Lede amhlaidh sin no gur ghabh Fachtna Fathach righe n-Éreann, agus go ttug righe n-Uladh dhósan ar marbhadh Rosa Ruaidh i ccath Locha Feabhail la h-allmarrchaibh; agus dobhí Ferccus mac Lede mar sin isin righe nogur marbhadh lesin b-pest ag Tuinn Rughraidhe é; agus gé dobhí Conghal mar sin ina righe as é Ferccus mac Rosa dobh' fherr cuid di re n-a linn, agus do lesaigh Fachtna Fionn File agus Bricne mac Carbhre, an scél sin, conadh í Caithrem Conghail Claireinigh mic Rughraidhe, agus gniomhraidhe Fearccusa mic Rosa conuige sin, agus do bhí Conghal cúig bliadhna dég i righe n-Érionn ina dheghaidh sin no gur thuit le Duach dallta Deaghoidh amhuil asbert an file: -
Conghal cuig bliadhna décc dóig, Do mac Rughruidhe romhóir, Lesin Duach dallta Deaghoidh Fuair gáir agus gairbhdheabhaidh. Finis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services