Caithréim Conghail Cláiringhnigh.
An Chéad Cuid.
Righ ro ghabhustair Righe n-Éirionn darbho comhainm Lughaidh
Luaighne mac Ionnadmhair mhic Nia Seadhmuin do chloinn
Eimir Fhinn mhic Milidh, agus ó do ghabhsidein geill agus teannta
agus treabhaire Éirionn do chóraigh riogha ar chóigedhaibh a n-Éirinn
re a aimsir .i. tuccustair righe dhá chóigeadh Mumhan do
Deaghaidh mac Sin, agus as aige do bhí an chlann oirdheirc .i.
xl mac amhuil asbeart an file:
Deich mic fhichiod ag Deaghaidh
Do chloinn as fearr fo dheaghail
Is mic eile air anuas,
Comhlann caogadh ar chomhchruas.
Agus Conrach cas a righe chóigidh Connacht, Art mac Sciolmuinn
a righe Laighion; agus do righne Lughaidh Luaighne anfhlaith mhór
for Olltaibh ann sin .i. do orrduigh dha righ forra agus as
é cédrigh do ríoghaibh Éirionn do orrduigh dhá righ for
Olltaibh ariamh é; uair tugustair an leath tuaisgeartach
d'Ulltaibh do Chonghal Cláiringhneach mac Rudhruidhe .i. ó
Mhulladh go Beinn m-Boirce, agus tuccustair an leath deisgeartach
d'Fheargus mac Leide .i. ó Bhanna go Drobhaois.
Ba h-olc tráth do bhádar Ulaidh re righe an dá righ sin, óir
ba sladach síntioch, sáruightheach, fóbartach, foiréignioch do
bhádar, agus do bhí cách dhíbh ag cuimhniughadh a nuafhola agus a
sheanfhola dha chéile.
Do rónadh cómhairle ag maithibh Uladh agus clannaibh
Rughruidhe uile a n-Eamhuin mhín-aluinn Mhacha a bfhéugmuis
an dá righ sin, agus as íad so na maithe táinic ann .i. Fachtna
Fathaidh mac Rosa ruaidh mhic Rughruidhe, agus Uitheachair athair
Cealtchair, agus Aimhergin athair Conuill Chearnaigh, agus Niall
Níamhghlonnach mac Rosa, agus Carbhraeth mac Luighdhioch athair
Bhricne, agus Lughaidh féin. "As olc dhuinn amh," ar síad,
"an righe so do orrduigh Righ Éirionn oruinn." "Nach bhfidir
sibhsi, a fhiora," bhar Fachtna Fionn File, "gurab do mhilleadh
bhur ccóigidhsi tugustair righ Éirionn an t-anfhlaithios-so
foruibh oir? Ní measa bhur rioghdhamhna ionaid rioghdhamhna
Éireann ar cheana." "Dobhéarsa cómhairle dhaoibhsi, a
fhiora," bhar Carbhraeth mac Luighdhioch. "Ca cómhairle sin
alé?" bhar íadsan. "Déantar comhfhuireadh fleidhe móire
agaibhse isan árdbhaile oireaghdha-sa .i. a n-Eamhuin agus
bithi uile ag turgnamh agus ag comhmóradh na fleidhe sin, agus an
tan bhus urrlamh an fhleadh tabharthar Ulaidh uile um an
dá righ atá forra do thochaithiomh na fleidhe, agus ó bhéid Ulaidh
uile ann gabhthar libhsi an dá rígh sin agus marbhthar agaibh íad,
agus iar sin tabharthar Righe an choigidh d'éinfhear agaibh as a
h-aithle, agus cosnaidh righe n-Éirionn daoibh féin amhail ba ghnáth
libh ariamh roimhe." As í sin cómhairle ar ar chinnsiod maithe
Uladh, agus do rinneadh an fhleadh mhór sin aca no gurbh urlamh í
nach raibhe uireasbhaidh iona féaccmuis acht iolar sluaigh agus
sochraidhe d'fhagháil d'a tochaithsiomh, agus as íad sin dob'ussa
d'fhagháil ann.
Do thionóladar Ulaidh uile um an dá righ do bhádar
forra go h-Eamhuin Mhacha. Do h-easradh agus do h-úrlúacradh
righ-theach na h-Eamhna, agus do dheisighdur an dá righ sin ar
colbhadhaibh cúmhdach glana an tighe, agus do bhádar lucht an
choguir agus an mhíorúin ar fód fo leith, óir do h-orduigheadh
leósan lucht a n-urgabhala agus a marbhtha d'anradhaibh Uladh,
agus an chóigidh fo seach; agus do chuala Fachtna Fionn File .i.
ollamh an chóigidh sin, agus ba dhoiligh leis an fiordhíthiúghadh
fionghaile do fhóbradar clanna Rúdhraighe, agus do éirigh ina
sheasamh agus do éirgheadar éiccsi Uladh uile, agus do leicc
Fachtna sin le na h-éigsibh co n-deisighdar idir an dá righ
sin d'a ccaomhna agus d'a ccoimhéd ar an bhfeill sin; agus tángadar
lucht na fionghaile iar sin asdeach agus ni fheadadar cid
do dhéndaois ó do choncadar na fileadha agus na h-ollamhuin
ag a n-anacall óir ba dhoiligh leó na h-ollamhuin do
shárughadh; agus tángadar crótha iomdha écsamhla dhíobh, agus
do shilliosdair Conghal forra ann sin, agus ó do athain na
h-iolchrótha táinic dhíobh do smuain gurab do dhéanamh uilc
riu 'na ndís no re ceachtar dhíobh tangadar. Do léig le
Fachtna Fionn File an bharamhuil sin. "As fior duitsi sin,
a áirdrigh," bhar Fachtna Fionn File, "óir do chrioccnadar
Ulltaidh uile sibhsi do mharbhadh tré bhur n-éccoraibh féin agus tré
anfhlaithios righ Éirionn forra, agus ar a mhéd do milleadh an
cóigeadh eadruibh." "Éccoir dhaoibhsi sin, amh," bhar Conghal,
"feall no fiongaile do dhéanamh oruinne, uair ni misde re
righ Éirionn a dhéanamh dhaoibh agus do ba ...
uair ní badh misde le righ Érend itir, agus robo cóir chena
damadh énfhear againne do mhillfeadh an cúigeadh no do
bheith ar éccóir a ghabháil agus a chuibhreachadh, agus a chur a
n-glas no a n-gébheann no gom' riarach dhoibh fein é; agus da
madh sinn ar ndís robadh chóir ár cceangal agus ár ccuiphreachadh
agus ár m-beith i forlamhas aca ina fingal bráithris do dhénamh
oruind agus ro badh chóir dhoibh righe an chúiccidh do thabhairt do
neoch eile do chlannaibh Rughraidhe."
Agus ód'chualadar Ulaidh uile sin tángadar an righraidhe
asteach iarttain, agus ro boi ollamh urlamh .i. Fachtna
Fionn File agus adubhairt: "comhairle amhra agam dhibh, a
Ullta," ar esiun, "agus déntar libhsi uile í; uair atáit an
rioghraidhe-si ar mo chomairce-si agus ar chomairce na n-écces
uile ar chena, agus suidhidhtear bhar tteach n-óla aguibh, agus
tabharthar cach na n-ionadhuibhh comhadhusa agus cóirighther an
Rioghraidhe ina n-ionadhuibh féin, agus leiccidh as bhar mírún agus
biid co h-aoibinn isan oidhche-si anocht, agus béradsa mádain
amárach in da Righsi go Teamhruigh co triochad carpthad mar
aon ré gach aon dhíbh agus cuirfed Conghal i ttús na slighedh agus
Ferccus ina deireadh agus bíad fén a médhon etarro, uair is ar
mo chomairce-si dhóibh ar aonar noco roisit co Teamruigh agus
adérsa re Righ Érionn Righe n-Uladh do thabhairt d'aoinfher
dibh no do Righ-damhna éiccin eile do chlannaibh Rudhraighe
mar atá aoin righ ar gach cúigeadh eile a n-Éirinn ar chena."
"Rodfia buaidh agus beannachtáin, a Fhactna," bar íad, "em,
uair as cómhairle ar leis agus ar lith Uladh an chomhairle sin;
agus dogéntar amhlaidh sin," agus do bhádar Ulaidh co h-aoibhinn an
oidhche sin no gur scitheach óil agus aoibhneasa íad, agus idbert
Congal na comráithesi: "Is olc dibhsi amh a óga," bhar
esiom, "mírún na mórfhuath dhuinne tre fheall agus tre fhorrmad
áirdrigh Éreann agus do bheursa cómhairle eile dibh: na
feallaidh ar tighearna tre bithég uair as misi as tigherna
bunaidh dibh." "Truagh, amh, sin a airdrigh," bhar íadsan,
"ár n-gabhail omhuin uile. Ar mhaithes an domhain ni
dhingnemaois-ne feall no fingal fortsa," agus idbert in laoi
ann:
Cómhairle uaim do móireacht
Gan meing agus gan meabhail
... na dénuidh gníomh meabhla
Tre ghníomh n-dremhna gan deghail
... Feargus feirgniomhach
Robsat ile a libherna
... adeirim go tend
Ni maith feall ar thigherna
Táncatar necni nachni
Nach maith bed gan roghairbhe
... a fos an tesrigh
As isin mo chomhairle.
Comhairle.
Ro bhádar ag ól agus ag aoibhneas agus ro fhaomhadar an chómhairle
sin leth ar leth, agus do chuaidh cach d'a ccodail-tighibh uile as a
h-áithle; agus adracht Factna Fionn File um sholus-tráth erghe ar na
mharach, agus táinic isin tegh a raibhe Conghal cláiréineach,
agus idbert ris: "Erigh, a righ, a Chonghail," ar sé, "no go
n-deacham go Teamhraigh"; agus táinic an file i ccoduil-teach
Ferccusa mhic Leide agus doraidh an cédna ris. Ro erghedar
an dá righ sin co líon a muinntire agus ro gabhadh a n-eich dhóibh
agus ro h-innledh a ccarpait agus táinic Conghal mar do orduigh
Factna Fionn File triochadh cairpat i ttús na slighedh agus
táinic Ferccus tríochadh cairpat eile 'na deireadh, agus táinic
Fachtna Fionn File a medhon eatarra agus is amhlaidh sin
tángadar go Teamhraigh.
Is amhlaidh umorro do bhí Teamhair an tan sin agus tighe
oireghdha agus ferann soinighthe ag gach cuigedhach a n-Éirinn
innte, agus tángadarsan go raith Uladh ris a n-abar saith
na n-doirseorach an tansa, agus as áire donithi sin, go
m-beith feis na céd-oidhche ag gach fer dhíobh, ar tteacht go
Temhraigh dhóibh, agus go madh 'na ttighibh féin ro benta a
n-erradha agus a n-éduighe aisdir agus imthechta díbh, gomadh as
sein do dhechdis i tteach Ri Éirionn agus ro benta a n-earradha
agus a n-eduigh do dha Righ Uladh ina ttighthibh fén; agus adchuala
Righ Érionn a ttorrachtain co Teamhraig uair ro bhádar
cúiccedaigh Érionn rompa uile na n-iongnuis amhain ann
agus ro suidhigedh Teach medhrach Miodhcuarta aigesiom dhóibh
annsin agus rochuir neach d'fhorthabhairt fáilte ré rioghuibh
Uladh agus tuccadh i tteach Righ Érionn uile íad agus ro orduighsium
ina n-ionaduibh oil agus aoibhnesa íad, agus do shuidh
féin ina ionad Righ, agus do chuir Deghaidh mac Sin ar a laim
dheis agus do cuireadh Conrachcas Righ Connacht a n-ursoin
descertaigh in tighe, agus do cuiredh Art mac Mesdelmainn
a n-ursain oirtheardhescertaigh an tighe cédna, agus do cuiredh
da Ri Uladh for slios rothuaiscertach tighe móir miodhcuarta
uair as é Righ cúiccidh da ttabharthar comhardadh ionaidh ré
Righ Érionn i tTemraigh do ghres é eric agus eneaclann Righ
Érionn fós dó agus tuccadh da iomdai dhoibh gur thuill gach Righ
dhíbh agus a thriocad deghmhuintire ina n-iomdaibh agus ro fordhaileadh
fledh forra iarttain agus ro forrigdaileadh biadh ar a
m-beulaibh agus ro thimchill dáil teallaigh aca.
Is ann sin adconnchadarsan chuctha an inghen chaimhcruthaigh
chaindhealbach in neoch do dheirscnaigh do mhnaibh ar dhelbh; uair
an deirscnughadh beres grian do reannoibh na firmamente
rugusdair a delbhsi do mhnaibh glana Gaoidhiol uile agus tri
chaoga finnbhen ina fochair, agus cathaoir grinn gloinidhe a
n-urthógbhail eatarra for mhoghaibh móra is í innte 'ga
h-iomarchur, agus ro leccedar an chathaoir ar lár a fosadhlar
in tighe ar ionchuibh Rioghraidhe Érend agus ro coirgheadh osairleabaidh
urluachra 'na timcheall, agus tuccadh cerchuill cetharchiumhsach
áluinn airgidhe isin chathaoir sin, agus go n-desig
an rioghan uraigh innte, agus ro shuidhsiot an bantracht bith
aluinn isin osairleabhaidh urluachra ina h-uirthimcill agus as
í robhaoi ann sin, Fionnabair inghean Lughaidh luaighne
inghean righ Éreann agus ro shillestair si uaithe ar Rioghraidhe
Éreann co h-ingantach agus roshaidhestair rinn a menman, a
h-aigenta agus a ruisc i n-dealbhaibh Rioghraidhe Éreann agus
Uladh. "Maith, amh, a bhantracht bhitháluinn," bhar sí, "as
mór in tathaoir dealbha do Rioghraidhe Éreann dha Righ Uladh
do thabhairt a n-aointeach riu, uair is innsa Righi Éreann
do bheith ag neac eile acht ag neach do chlannaibh Rúdhraighe.
Uair ní mó na dealbh guail adharce ar n-a loscadh í morc
móirthenidh ina dealbh Rioghraidhe Éreann a n-athfheughadh
Rioghraidhe Uladh." "Uair as amhlaidh atá Conghal," ar sí,
"agus as é ruidhneach ruaidhdhearg agus folt casruadh fair agus rosc
glas glemhileata na cheann agus ulcha dhonnruadh dheaghghabhlanach
fair agus brat corcarghlan uime agus dealg ordha isin bhrat os
a bhruinne agus léne ildhealbhach go n-ór ré a chnes agus go loinn
siothfhada co n-ór for a shliastaibh; sciath as mó agus as mileta
do sciathaibh go n-ór fuil ar dealgan os a chionn; slegha
móra mileta for tairsceo tar-lethair a sceith; úruath agus
gráin Righ fair. Feargus umorro, giolla suairc socharthanach
é agus sé óg eded ...; rosc riogdha cochlach caomhglas
ina chionn agus tinulcha dubh lais agus folt cas fionn fair agus sé
nua naoidheanta uile 's é suairc socharthanach lesna h-ulibh ilibhdhaoinibh
agus brat uaine uime agus dealg airccid isin bhrat os
a bhruinne agus léne gheal re a chnes agus cloidhemh gealduirn for
a shliastaibh agus troimsciath uaine ar dealgan uas a slegha
aite imchrine fa tarrsceo tarrleathair di." "Maith, a
inghin," bhar íadsan, "as fiamhach fathach fírglic tuccadh a
n-dealbha agus a d-tuaruscbhala let agus mochion nobhiadh agud'
bhreith agus agud' h-altrom damadh gradh dobheurtha do neoch
dhíbh." "Tuccus go deimhin," bhar an inghen, "taebhriudh
n-gradha do neoch dhíbh, uair immar lionnus robhartha mara
ó Muir Eocht cuain agus calaidh romlionusdair gradh Ferccusa
mic Leide."
...
.i. re Croich ingen Criomhtuinn, ...
...
agus do rinde in laoi ann:
A Chroch inghin Chriomhthuinn chaoimh
Ercc go mac Lede Lán-shaóir
Berim chomharc uaim do'n ghríb
Uair rocharus seach Gach Rígh.
Is misi inghen Luighdeach,
A shearc agam as cuimhneach,
Do rinne toll im' chridhe
A sherc go trom teintidhe,
Igéin mhairsean amhne
Nacha ttrécceabh ar dhuine.
Ieuraidh assunn re mo linn
A Chroch inghin Criomhtuinn.
A Croch.
Atracht Croch inghen Criomhthuinn iarsin fiar-tharsna
in tighe go h-airm i raibhe Ferccus mac Leide "slán fort
a Fhearccus mhic Léide," ar si, "aiscidh fhuirghe leamsa dhuit
ó inghin Righ Éreann go loinne meanman agus go n-grádh mor
dhuit leis." "Mochensa seimhe an tí ó ttucadh an aiscidh sin
ó Fionnabhair inghin Luighdheach, uair gidh mór an leath bhias
aicisi dhe, ni lugha in leth bhias agamsa; uair as é as leath
immurro an grádh roinnter ar dho"; agus gabhais in giolla an
copán agus ibhis digh as agus tug a láimh Chroiche é iar ttain agus
táinic Croch rempe go h-airm a m-boi a comdhalta. Ro innis
an grádh dermhair tug Ferccus mac Leide dhi agus tug sin méd
mhenman agus aigenta inntesi.
Is annsin do éirigh Fachtna Fionn File re beinn m-blaithegair
m-buabhuill agus idbert: "slan foruibh, a fhiora aille
Éreann," ar sé, "agus a rig Érenn ar cheana." "In ccédna
dhuitsi, a ollamhuin," bhar íadsan, "agus cred as adhbhar let?"
"Maithe chloinne Rudhraidhi romcuir chugadsa lesan da righ
do ordaighis ortha agus ni fhlaitius firinne dhuitsi gach cóicced i
n-Éirinn ina shithchain ratha agus énchóicced re milleadh a n-Érinn
agad agus do raidhsedar ritsa lucht an chúiccidh sin, Righe do
thabhert d'énfher dhibh no d'fher eile do rioghdhamhna Uladh agus
ni ra teacht red' fhlaithiusa atáid acht conac derna
ecctra forra seach gach cóiccedac eile do chóiccedhachuibh
Éreann agus tabhairsi in cúiccedh d'énduine éiccin aca." "Do-géntar
aguinne sin," bhar Lughaidh, "agus ni fhurail comhairle
fer nÉreann uile uime sin." Ro shuidestair in fer ceadna
ar sin agus ro tiodhluiceadh seóid agus maoine iomdha dhó agus do
chuadar na maite sin uile d'a ccoduiltighthibh agus rugadar as
an adhaidh sin.
Agus ro éirigh Rí Éreann go moch ar n-a mharach uair ba
do geasaibh Righ Éreann grian d' erghe fair i tTeamraigh agus
táinic go tiobruid na laochraidhi ar úr na Teamhrach agus ro
ionnail a lámha agus a ghnúis Rioghdha agus táiníc go Duma na
Rioghraidhe leith re Muillenn Chiarnaidhe uair as ann ro
shuidis in Rioghraidhe do ghrés; agus adchonnaic an enmhnaói for a
chionn ann. "Bean i ccoinne fhir thu, a inghin," ar Righ Éreann.
"Asedh go deimhin," ar an inghen, "uair maith an fer i
ttangus na choinne .i. Righ Éreann, m'athair féin." "Maith,
a inghin a Fhionnabair," bhar Ri Éreann, "cioth rodtógbhuais
dot' choilcthaibh chluimhdherghuigthe agus ó do shuan sheimhchodalta
amuchasa eidir acht muna tísta ré morglifid mhoir?" "Nir
chadhlus an adhaidh aréir gidh a bheag," ar an inghen, "ré
smuaintiughadh n-aigenta, re cesd menman." "Cred rocuirestair
i ccestaibh mar sin thu, a inghin?" ar sé. "Adhbar
cesda agam," ar ise, "in da righsi táinic a h-Ulltaibh, cia
dhíbh dia ttibresa an Righe." "Nach cuma dhuitsi, a inghin,"
ar Righ Éreann, "gidhbé dhíbh d'a ttiúbharsa an Righe?" "Ni
cuma idir ...
... in Righe, atá uruath agus gráin Righ fair agus
da ...
... riotsu, uair do thairrngir faidhe dho
go madh ...
... do Ferccus dobeura in Righe," bar an inghen.
"Bidh let a righise féin agus as é ...
do gheuna." "Is doigh liom do charuis Ferccus," ar sé, agus do
labhair an inghen:
"A ingin in Righ rathmhair
Innis go mín dot' athair
Gan brón isin tulaigh the
Do ghlór le Lughaidh Luaighne
Ca fer do charuis díbh
Cia do thoghuis do'n dá righ'
A innis i tré chuibhde
A shloinneadh tré mhinshuirgi
Is tócha liom Ferccus fionn
As é céle as cosmhuil liom
As é is annsa liom re h-éd
As é dile na n-inghen. A."
"Da m-béidis maithe fer n-Éreann im' fhochair anois ro
comhairlighfinn sin riú." "Béidhit, trá, imurro," ar an
inghen, "uair rachaidh Cróch ar a ccend"; agus táinic Cróc
rempe go Temhraigh co codal-tighthibh Rioghruidhe Éreann agus
do dhúisigh íad agus lucht cómhairle Righ Éreann leó agus tángadar
gusan dúmha a raibhe Righ Éreann agus a n-dubhairt an inghen
rompa asedh roraidhsedarsuidhe uile. "Ciodh as áil libhsi,
uimesin?" ar Righ Éreann. "In righe d' Fherccus mac Léde,"
bar íadsan, "uair ni ferr linn cara Righ do chlannoibh
Rudhraighe aguinn inas é." "Dortadh flaithesa, a óga," ar
Ri Éreann, ".i. Righe do'n t-sosar roimh an tsinnsior."
"Tabhairsi leasughadh eile ar Conghal ionnus go madh cara
dhaoibh é." "Do bersa, ámh," ar eisinn, "triocha cét in gach
cúigedh a n-Éirinn dó agus in trioca cét bhus ferr leis um
Theamhraigh agus leth ruin agus cogair re feruibh Éreann agus triocha
dhó im' chuirmtheachsa acht giodh uathadh bhédhid fir Éreann ann
agus coimhlethedh a aighthe d' ór dó leis gacha bliadhna agus saormacantacht
Éreann uile dhó agus ni ferr dó leithrighe n-Uladh
na sin"; agus do chinnsiodar uile ar in ccómhairle sin, agus robó
Righ Ferccus mac Lede dhé sin gén gur fhidir, agus do chuaidh cach
ré caemhthoisc díbh no go ttáinic am óil agus aoibhneasa dhóibh agus ro
suidhedh a tteac n-óla an oidhce sin mar do ghníthi do ghrés,
agus roghabhadar ag ól agus ag aoibhnes no gur thimchill dáil
teallach forra. Is annsin do eirigh Fachtna Fionn File le
beinn m-buabhail m-blaithegair. "Maith, a righ Éreann,"
ar sé, "mar cómhairlighis righe do thabhairt do neoch díbhso
seoch a chéile." Ro chromusdair Ri Éreann a chenn agus ro
labhair Deghaidh mac Sin: "Tuccadh imurro righe n-Uladh
d' Fergus mac Lede agus tuccadh do Chonghal triocha céd in
gach cóiccedh i n-Éirinn agus in triocha céd bus ferr leis um
Theamhraigh, leth rúin agus cógair re feruibh Éreann uile agus
triocha i tteac n-óil Righ Éreand giodh uathadh bhés ann agus
coimhleithedh a aighthe d' ór agus saormacantacht Éreann ar sin
anuas."
Odchuala Conghal tugusdair beim d'a dhruim ré froighidh
tighe miodhcuarta gur thuitsat scéith d'a sgíathruighibh ann
agus a slegha d'a n-aighleannoibh agus a ccloidhmhe a h-inntibh
bodhba agus nir ibh achd a chuid do'n dáil sin robo nesa dhó
agus táinic amac remhe co sluaighteach n-Uladh agus robo corrach
a chodhladh an oidhche sin ann; agus ro éirigh go moch ar na
mharach agus táinic reimhe co lios na Riograidhe ris a
n-abarthar Lios Torna Éccis an tansa go teach Chairbre
Chruim righ tuath m-Bregh agus Midhe agus táinic go coduilteach an
Righ. "Mochen deit, a Chongail," ar Cairbre, "agus cia h-aguibh
d'a ttuccadh in Righe?" "Tuccadh d'Fearccus mac Léde," ar
Conghal. "Is dortadh flaithesa sin," ar Cairbre, ".i. Righe
do'n tsosar reimhe an tsinnsior"; "agus cred na comhadha
targus duitsi?" ar Cairbre. Ro innis Conghal dhó na comhadha
tarccus dhó uile. "Nar ghabhaisiu sin?" ar Cairbre. "Nir
ghabhus eidir," ar Conghal. "Asedh aderimsi rit": ar
Cairbre, "'h-ulca do dhiaghuilt airsion, uair ni neach d'a
nach urusa a uilc do dhioghailt tusa, uair adhbha sochuidhe thu agus
an fer bhus adhbha sochaidhe coiseóna féin Righe." "Dobherimsi
dom' bhreithir," ar Conghal, "agus tuingim bham sciath agus bham
chlaidhimh nach geubha ní bhus mó na bhus lugha 'na thairgsin damh
d' fearann uadha nogo ccoiseóna mé righe n-Éreann ris."
"Is cuma a dhénamh mar sin," ar Cairbre Crom, "uair atá
mac agamsa in neoch as comhdhalta dhuitfein .i. Cairbre
Congancnesach mac Cairbre Cruim agus rachaidh se leatsa."
"Is mocensa reimhe," ar Congal; agus robhádar tri lá agus tri
h-oidhce ag ól agus ag aoibhnes ann sin.
Agus odchuala sin dha mhac Rí maithe do Connactaibh .i.
Oilioll Teóra Gaet mac Feicc agus Oilill Teóra Crioc mac
Airtigh Uicht Lethain mic Firchoga; uair do bhádar féin ar
ionnarbadh ó Chonrachcas ó Righ Connacd ag Deghaid mac Sin
theas, agus do thángadar rompa go líon a muintire d'ionnsoigidh
Conghail; agus do innis Cairbre da mhac Righ Connacht do theacht
dha ched laoch chum Chonghail agus do rinneadar a muinteras agus a
ccoraidheacht re Conghal. Agus odchuala sin Criomhthann mac
Ferccusa Fairrge .i. mac Ri gairbh desceirt Éreand ris a
raidhtear Ua Cennsealaigh, agus odchuala sin Muiredhach Mergech
mach Righ Alban 's é ar n-a dhiochar tre n-a analtoibh
féin a h-Alban amach agus sé ar saorchuairt ag Righ Éreann,
agus tháinicside go líon a mhuintire agus do rinne a choraidheacht re
Conghal. Odchuala sin Anadhal mac Righ Conchenn cona thri
chéd Concend ar n-a ndichur tre n-a mighniomhaibh a criocaibh
Coincenn agus do rinne a choraidheacht re Conghal fa'n cuma
cédna. Cith trá acht ro bhaoi Conghal fiche céd do chuingibh
catha in tan ro ghluais a tigh Cairbre Chruim amach.
Is ann sin ro ghluais Conghal reimhe agus tug a aghuidh ar a
chúicced féin agus anuair rángadar go Bennuibh Anann risa
raidhtear Benna Breag adconncadar in m-buidhin móir da
n-ionnsaiccidh agus as aige ro bhaoi in bhuidhen sin .i. Criomhtann
Caomh mac Lughaidh Luaighne .i. mac Righ Éreann agus trí chaoga
do mhacaomhuibh Righ Éreann ina fharradh ag toigheacht do
shaorchuairt Éreann go Temhraigh. Is amhlaid ro bhaoi agus a
shenchaidhi agus a sceulaidhi 'na fhochair .i. Fiaca file agus sé ag
déanamh dinnshenchais na criche reimhe dho. "Ca h-ainm in
ath so ar Boinn, a Fhiacha?" ar Criomhthann. "Ath fuar
a ainm an tansa," ar Fiaca file, "agus as ris adearar ath in
oighe aniu." "Cidh ma n-abar na hanmanna sin ris?" ar
Criomhtann. "Is aire adearar Ath fuar ris," ar in file,
".i. as ann chomhruices an t-uisce agus an sáile re céle agus as
fuairide é sin; agus as aire adearar ath an oighe ris .i. as air
ro marbhadh an chéd agh n-allaidh a n-Érinn agus Fionntan ro
mharbh í." Agus an tan tairnic dhoibh in dinnshenchas sin do
dhénamh is ann adchonncadar Conghal chuca agus ro ghráinedar
'ga fhaicsin agus niorbo gráin gan adhbhar dhóibhsium sin da
bhfesdaoís an t-olc do bhí dhé. "Atá Conghal chuguinn," ar
síad. "Nocha nfuil adhbhar iomghabhála againne air bhar
macaomhaibh amhlaidh sin, a Chriomhthuinn?" ar Conghal. "As
amhlaidh chena," ar Criomhthann, "agus cia h-aguibhsi d'a ttuccadh
an Righe do'n chursa?" "Tuccadh í d' Fherccus mac Léde," ar
Conghal. "Dortadh flaitheasa sin," ar Criomhthann. "Ní
tusa nach ttuitfe ann sin," ar Conghal. Do ghluais Conghal
an laimh fair agus tucc béim cloidhimh dho nogur díceannadh go
deghtapaidh é, agus ro thuitsiot na tri chaoga macaomh Righ
robhádar a bhfochair Chriomhthuinn le Conghal cona mhuintir
achtmadh Fiaca file a aonar; agus adubhert Conghal rision:
"Erigh a n-onoir th'égsi agus th'ealadhna agus innis do Righ Érenn
gur dhioghuilmisni do Righe n-Uladh air agus go n-dighél in blagh
ele." Roghabh ag comhmaoidhiomh mic Righ Éreann, agus adberadh
an laoí and: -
Bisi ann sin, a Chriomhtuinn chaoimh
A mhic Luighdheach go lán-aoibh!
Do chorp ar in tulaigh dhe
Ar olc le Lughaidh Luaighne;
A Fhiacha innis leat dó
Do righ Éreann gan iomarghó
A mhacsan ro marbhadh linn
Go n-dorchuir do magh imrim
Rug Lughaidh breath robho gó
Oramsa ro imir anró
Criomhthann gérbho caomh a lí
As í mo lámh rosbí.
Bise.
Ro imigh Conghal remhe iarsin go crich Rois agus i Magh
Temil Mhara risan abar Fochaird Mhór Muirthemhne agus
in n-Garbhshlighidh risan abar slighe mhór Mhiodhluachra,
d'Iubhar Chinnchoidhce mic Neachtain risin abar Iubhar Cinn
Trachta an tansa agus d'Áth mór risin abar Áth Cruithne agus i
Magh Cobha Cenn-mhór soir agus do Cnuc Diamhrach go ráinic go
Carn macu Buachalla go lár-medhon Uladh risa raidhtear
Báile ón Dongaile aniu, agus rogabhadh socht agus longport
aindsein; agus tángadar cuca ainnsein trí comhdhaltadha
Conghail .i. trí mhich Righ Cruitneach n-Uladh .i. Fraoch agus
Fercc agus Frithnas a n-anmanna agus do rinnedar a ccoraidheacht ré
Conghal. Iomthusa Conghail go nuighe sin.
Iomthusa Fhiacha fhile, táinic remhe go Temhraigh agus do innis
do Righ Éreann a mhac fén do mharbhadh agus a mhacraidhe do
mharbhadh uile do Conghal, agus robhoi Temhair uile 'na n-uallghubha
agus ina m-bróntoirsi dhé sin. "Cóir bhar m-beithsi
amhlaidh sin," ar Righ Éreann, "uair éccóir tugabhairsi
oramsa do dhénamh .i. Righe n-Uladh do bhuain do Conghal."
"Atá ní nach usa ná sin duitsi ann," ar íad san, "uair
do gheubha 'hinghen bás do ghradh Ferccusa mhic Lede muna
ttugair dho í." "Is lór dhamsa easbaidh mo mhic oram
géngo m-beth easbaidh mh' inghine leis, agus tabhruidh chuguibh
Ferccus go ttugarsa mh' inghen dó"; agus tuccadh Ferccus cuca
agus ro naisceadh an inghen dó agus do gheallsan céd da gach
cród ina coibhce; agus do ghabhusdair Deaghaidh ag agallamh
Ferccusa: "Is mór do mhaith do rinne Lughaidh ort, a
Fherccuis .i. tug righe n-Uladh dhuit, agus tug a inghen as a
h-aithle, agus ní dlighid a thighernas do ghoin." "Ní thrécceabhsa
eider é," ar Ferccus, "in ccéin bam beó agus bhesium 'na righ
a n-Éirinn"; agus ro comhmóradh banais inghene Righ Éreann an
oidhche sin leis, agus tuccadh d'Fherccus í, agus robhádar tri lá
agus trí h-aidhche ar a banuis.
Is annsin do raidh Ferccus: "Maith, a anam amh, a
Lughaidh, as mithid damhsa dul do ghabháil Righe n-Uladh, agus do
dhichur Conghail esde, agus cuirsi tuilleadh socraide lium."
"Cuirfiod, imurro," ar Righ Éreann, "Derg mac Deghaidh
mac Righ Mumhan agus Meas Domhnann mac Airt mac Righ
Laighean agus Tinne mac Conrach mac Righ Connacht agus mac Righ
Éreann agus a n-aosógbhaidh uile leó." "Rodfia buaidh agus
bennachtáin, a Ri," ar Ferccus, "as maith an tuilleadh
socraide sin; agus ro gluaisdar rompa in sluagh sin ó Theamraigh
no go rángadar go h-Eamain Mhacha, agus ro bhí fledh
rioghdha ro mhór ar a chionn: agus táinic tionól Uladh uile d'a
n-ionnsoighidh agus tángadar timceall Ferccusa agus do ghoireadar
gairm righ dhe; agus táinic Ferccus mac Rosa and a
ccumusc caich, agus as í sin bliadhoin roghabhusdair Ferccus mac
Rosa a chedfherann chuige; agus ro suidheadh le Ferccus mac
Lede a theach oil agus aoibhneasa an oidhche sin, agus adbert ré
Ferccus mac Rosa: "c'áit a m-bia-su isin tighsi anocht? im'
fharradhsa bheir no 'san ochla feinnidh." "Is fearr lem'
shluagh a comhcomhmóradh fén ina bheith ag comhmóradh shluaigh
duine ele, agus béd isin ochla feinnidh." Agus tucc Ferccus
mac Lede a onóir a dhiongmana dha gach aon duine do
mhaithibh Uladh agus fer n-Éreann ar chena an oidhche sin. Agus
as amhlaidh ro boi Fearccus agus cíos miletha aige, orbha slán a
cuig bliadhna, agh tri nglac agus ian measctha caogadh do mhiodh no
do chuirm, agus ba h-éiccin sin dó in gach tigh d'a tteigheadh a
n-Ulltaibh ré taobh gacha fesi eile d'a bhfaghadh. Agus
ro chuinncedar muintir Ferccusa an oidhce sin an cíos sin agus
raidhsiodar muinter Fearccusa mic Lede: "ni h-aimsir do
sin anocht," ar íadsan, "uair atáid maithe fher n-Éreann
isin m-baile-si anocht"; agus ro raidhseadar muintir Fearccusa
mic Rosa go ndigheóladaoís orra san sin. "Acht mun'
dheachthaoi do chomhmóradh dibhercce oruinne mar aon ré
Conghal cláiríngneach ní fhuil aguibh ní mhillti oruinne," ar
íadsan; agus ráinic a n-iomarbhaidh ghaoidhilge sin agus a n-imréasoin
fhechemhanta. Do rónsad muintir Fergus d'ionnsoighidh
na bhFerccus féin; agus an ní ro raidhsiodar a muintersan, do
raidhsiodar fén amhlaidh, gur éirigh fioch bunaidh agus mírún
menman ag cach d'a chéile dhíbh; agus ro h-innsedh d'Fherccus mac
Rosa a chios amhlaidh do bhuain d'Fherccus mac Leide dhe.
"Do bheirimsi mo bhrethir ris," ar Ferccus mac Rosa, "con
digheólsa sin airsiom cona fhiachaibh cána, innus nach bá
bés le neach do chlannaibh Rudhráighe arís mo chíos do bhuain
diomsa"; agus rugadar as an oidhche sin, agus ro éirigh Ferccus
mac Rosa go moch ar n-a mharach go líon a mhuintire do
chomhcomhmoradh dibercce le Conghal mac Rudhraidhe ar
Ferccus mac Lede.
Do chóruigh Ferccus a mhuintir ar sin, agus do rinne cró áigh
agus irghaile dhíbh, oir nir fhidir nach leanfadh Ferccus mac Lede é
d'a mharbhadh no dá ghabháil, agus do sheol remhe d'ionnsoighidh
longphuirt Chonghail agus adconchadar foraire Conghail sin .i. na
h-iodhna áigh os cendaibh na ccuradh. Bá deimhin leó gurab
íad biodhbhaidh Conghail adconncadar agus tángadar go robhadh
agus n-oirciseacht leó do Chonghal, agus do éirigh Conghal a mhacraidhe
agus a mhuinter go h-écciallaidh allmharadha agus do bhí do mhéd a
menman acht giodh íad fir Éreann uile do bheith ann go
n-ionnsochadaois 'san uair sin íad; agus ro eagair Conghal a
chath agus ar n-a egar dhó adconnairc dirimh sluaigh Ferccusa
mic Rosa da n-ionnsoighidh, agus adconnairc Ferccus a ttús an
tsluaigh agus aithnighes é ag tegusc a mhuintire aga radha riu a
n-iodhna aigh do thoirneamh ó nach do dheabhaidh do chuadar.
Agus ódchuala Conghal sin táinic as in ccath dh'a cheile agus tug
a lámh tar braghaid Fherccusa agus tug póig dho agus rofher fáilte
fris. "Mocén do theachd a Righ mhóir, a Fearccus," ar se, -
uair ni dubhairtsiomh guth riamh ré Ferccus acht, a Righ mhóir,
- agus do innis dó an ní 'man dheachuidh. "Cuma duitsi sin," ar
Conghal, "uair gach maith bhias aguinne, as riotsa caithfidher
í agus da n-gabhuind-si Righe n-Ereann uile robadh letsa a
fhorlamhas agus is foleamsa clanna Rudhraighe am' aghaidh ó
thanguis at' aonar chuguinn"; agus rogabhadh longphort ag
Fesccus sic ar sin agus ro saitheadh a phupuill agus do nitha a m-botha
agus a m-bélsgála.
Agus tángadar a n-oireachtas i pupall Chonghail
uile as a h-aithle; agus tugusdair Conghal a h-uillinn secha
risin ccoilcigh cluimhdhearaighthe agus risin ccercheaill cciumhsoigh
robhí fa'n iomdaidh, agus do chuaidh Fachtna finn file i cceann
sgoruidheacht do dheunamh dhó, agus táinic an chiall bhreugach
chuige .i. an codladh, agus adconnaic fís amhra agus aisling agus ro
lingesdair go m-boi 'na shesamh ar urlár a phupaill agus do
nocht a chloidhiomh. Ro eirigh Fachtna finn file, agus ro iadhusdair
a dha dhóid righ go h-athlamh uime. "Slán fort, a righ, a
Chonghail," ar sé, "agus cred adconnarcais tred' chodladh?"
"Adconnarcas aislincc uathmhar iongantach forghranna," ar
sé, "an neoch tuc tochradh menman agus aigenta dham." "Cred
adconnarcais, a righ?" ar Fachtna finn file. "Adconnarcas
mo dhul ar faithce fheurghlais fhionnmhóir, agus torc allaidh
urbhadhach do thegmhail am' aghaidh ann agus cumusc duinn ré
chéle, agus ár mo shluaighsi uile dho, agus a thuitimsium limsa fa
dheoidh i ccriocaibh in chomhlainn"; agus idbert an laoi and:
Adconnarc aisling, a Ullta,
Feochair n-goile!
Adconnarc ár mo shluaigh uile
ré shluagh oile;
Adconnarc mo dhul ar faithce
clár fíar fionnmhór;
Adconnarc torc allaidh anbail
ar a h-urlár;
Adconnairc me fer do thernomh
tre mo ghlonnacht;
Tuccus bás do'n torc tre trom arc
d'ulc adconnarc.
"Bersi breath na h-aislinge sin damhsa," ar Conghal.
"Beurmaoid, imurro," ar Fachtna finn file agus ar Fraoch
draoí: "As í an faithce ar a bhfacais do bheith .i. do dhul ar
fairrge, agus as é an torc allaidh adconnarcais, allmarrach
do bheura cath ar fairrge dhuit agus do gheubhair éiccion mór
uathaidh agus dofhaoth an torc letsa .i. a thighearna."
"Agus as cosmhuil go rofíreanta," ar Conghal, "agus déna
faisdine fhire dhamh, a Fhraoich, c'áit a bhfuigheann an éiccion
mór sin." Do chuaidh Fraoch a muinighin a fheasa agus a
eoluis agus ro túiredh fios dó agus roceileadh ainfhios fair, agus táinic
d'ionnsoighidh Conghail, agus fiarfaigheas Conghal sceula dhe,
agus ro fhregairsium é, agus adbert:
Sgél liom dhuit
a rígh réil
For faithce sluaigh
an gniomh gér
Thall 'san moigh
gairfid broin
Fearfuidh fuil
figi dreann
As glann niadh
dercais broin
Mór an scél.
Sgél.
"Is adhbhal an móirscél sin," ar Conghal, "agus bidh adhbhal
re innisin é, agus dénsa faisdine ele dhamhsa, cionnus bhías mo
chathughadh agus mo chogadh do'n chursa agus Ferccus mac Lede, in
n-gabhuinnsi Righe n-Uladh do'n chursa"; agus do chuaidh Fraoch
arís a muinighin a eóluis agus a fhoghlamtha, agus ro foillsigheadh
fírinne dhó, agus táinic mar a raibhe Conghal. "Ni ghabhaisi
righe n-Uladh do'n chursa, a Conghail," ar Fraoch, "agus
cuirfir ar fairrcce thu agus eireocha Ferccus fort ré fáda agus
cuirfidhter i n-iltíribh ciana comhaightheaca thu go ccaithfir ré
fháda inntibh .i. cúig bliadhna dég agus gurab a criocaibh
Loclann geubhas tu nert agus righe ar tús agus gébhthar bruighen
ort ann agus geubsa bruighen for neach eile .i. for Ferccus
mac Lede, agus ro fhaothsad sluaigh agus sochruidhe iomdha ann
eadruibh, agus beid colla cróderga im an m-bruighin sin agus
geubhairsi neart Éreann uile giodh fáda go nuige"; agus
adbert an laoi and: -
Abair riom, a Fhraoich rioghdha
An férsa ar sluagh brón dioghla?
Cionnus bemid, toluibh gus!
d'ar ccogadh agus Fearccus?
Dofaothsat sluaigh a m-bruighin,
Beid cuirp cerptha dhi i fuilibh;
Dofaothsat sluaigh linne dhe,
Thall ag toghail na bruighne;
Sinne curthar tar fairrge
Go galluibh na glasfairrge;
Síadsan anus sunn as tír
Ní h-eadh bu áil linde, a Fhraoich.
Abair.
"Déntar cómhairle aguibhse, a óga, uime sin," ar Conghal,
"agus tabhair maithe ár muintire chugainn." Tuccadh chuctha
da mhac Righ Connacht agus mac Righ Laighen agus Muireadach mac
Rí Alban agus Anadhal mac Righ Conchend agus a thri comhdhaltadha
féin .i. Fraoch agus Fercc agus Frithúas, agus ro aigill Conghal uile
íad, agus adbert ríu: adcluintí faistine bar ndruagh, a
óga," ar sé, "agus déntar cómhairle aguibhse uime sin."
"Déna féin agus Factna finn file," ar íad san, "uair is ar
bhar cómhairle anfaimne uile." "Déna cómhairle dhuinn,
a Fhachtna," ar Conghal. "As í mo chómhairle-si dhíbh," ar in
file, "gan cath gan cogadh gan comhfhuagra ar Ulltaibh do'n
dhulsa uair ní h-íad as ciontac ribh." "Is fíor sin," ar
Conghal, "agus éirghedh fios uaimsi go h-Eamain agus abradh re
h-Ulltaibh an neoch bus caraid agus bus fiormhuinter dhamhsa dhíbh
teguid lem ar in fhoghuil agus gach neach ris ba feárr anadh
a bhfocair Fearccusa mic Lede. "Cia rachus annsin alé?"
ar íadsan. "Angotha mac Anluin Aleitir," ar esiun, "agus
ticcidh Bricne ann," - Uair ní raibhe tigherna bunaidh ag
Bricne annsin acht Ferccus, uair as le Ferccus do chuaidh
Bricne. Uair ni raibhe tighearna bunaidh ríamh ag Bricne
acht Ferccus, uair nír fhuluing neach eile neimhnighe Bhricne
ríamh acht Fearccus, - "agus ionnsoighidh go h-Eamain," ar
Conghal, ".i. gach neach bus caruid duinn d' Ulltaibh tegadh
go h-Aonach Tuaidhe agus raghmuidne go Blena Corra Crincosaigh,
risa raiter Lena an Gharbhaidh an tansa"; agus do rinne
an laoí and:
A Angotha ercc go h-Emoin
Go cloinn Rudhraighe reabhaigh;
Teguid go h-Aonach Tuaidhe,
Curaidh cródha craobhruaidhe;
Atámoidne líon catha
Do dheghmhacaibh deghfhlatha;
As fear céd gach aoinfhear dhíbh
Do neoch iadhas 'man airdrigh;
Gach aon díbh anus abhus
Na fherann féin ar Ferccus
Madh ferr leó anadh aga
Abairsi riú, a Angotha.
A Angotha.
Agus tángadar na teachta sin rompa go h-Eamhuin agus
tángadar go tegh na Rioghraidhe a n-Eámhoin an tansin.
Agus as ann do bhí Fearccus mac Lede agus macraidhe Éirend
uime ann agus rofhiarfaigh sgeula dhíbsiom. "Canas tánagabair,
idir, a Anghotha?" ar Ferccus. "An baile as a bhfuil
adhbhar flatha Éreann," ar Anghota, "agus mic riogh na h-Eorpa
uime and .i. Conghal mac Rudhraighe a n-iongnus na flatha
Ferccusa." "Cred adhbar bhar n-iomluaidhsi uaidhe, eidir?"
ar Feargus. "Tángamairne ar ceann cloinne Rudhraighe,"
ar Bricne, "gach aon díbh lerb' áil Feargus agus Congal do
leanmain uair as fearr d'iarmairt dhóibh é ná bheith í
n-Ulltoibh; agus gach aon nach ba cara dhuinne díobh," ar Bricne,
"airgfidher a chrioch agus a fherann agus bidh biodhbhaidh sinne dhóibh
doghrés." "Ni badh uabairt ágha sin," ar Niall Niamhglonnach
mac Rudhruidhe, "uair gach neach ar a m-béruimne
dhíbh, ni rachadh chucasan agus da n-dechdaoís and fós robeanfidher
a chrioch agus a fherann díbh, agus an fer do chuaidh and digeóltar
fair é" .i. Ferccus mac Rosa, - ó nach fes a ghniomhriadhe gaile
madh gose, - "uair dingeubhadsa a choigeadh d'Ulltoibh
uile." "Tiucfaidh riotsa, a Néill," ar Bricne, "a n-abraidh
ré Fearccus, uair ni bhiaidh do shaoghal agad acht go
ccomhruice re Ferccus, agus as í do chrioch aoincrioch d'a n-a'
nesa a h-arccuin i n-Ulltaibh"; agus ro bhádar na teachta an
aidhce sin i n-Eamhain.
Iomthusa Conghail, robhaoí i cCarn macu Buachalla i
lár-mhedhon Uladh an oidhce sin agus ro éirigh go moch ar n-a
mharach cona shluaghaibh agus tángadar co Blena corra Crioncosaigh
agus rogabhadh socht agus longport aca ann an aidhce sin.
Iomthusa na teachta i n-Eamhain tángadarsén rompa
mochtrath ar n-a mharach d'ionnsoighidh Conghail, agus iar roctain
dóibh do fhiarfaigh Fachtna finn file sceula dhíbh: "cred ro
raidsedar maithe cloinne Rudhruidhe ribh." "Do rónsad
brigh beg díbhsi," ar Bricne, "agus gach cara díbhsi do chlannaibh
Rudhruidhe beanfaidsiun a chrich agus a fherann díbh, agus ro raidh
Niall Niamhglonnach go n-dingeubhadh bhar ccoigeadh sa uile
d'Ulltaibh"; "agus tug oilbriatar," ar Fearccus, "agus ni tucc
airiomh im' ghoil no im' ghaiscidh eider." "Ar is briathar
dhamsa," ar Fearccus, "go n-digheóltar fairsium sin da
bhfeudarsa." "Do fhedarsa mar is chóir dhibh do dhénamh," ar
Fachtna finn file, "tabhraidh fios da bhar ccaruid
agus tabhraidh chugaibh da bhar n-acallamh íad." "Rachaidh
fios uaimsi," ar Conghal, "ar ceand mh'oide .i. Fionntan fial
mac Rudhruidhe agus tabhraidh a thri mhic leis .i. Meirne, Semhne,
agus Lathairne"; agus cuiredh a n-ede agus a n-indile ar cumairce
Aimhirgin go Dún Sobhairce; agus idbeart an laói and:
Cuirther fios co Fionntan fíal
Co h-oirther Sleibhe Seinnliadh,
Is tabhair cugainn amach
Fionntan crodha coscarach;
Agus tabhair a thrí mheic
Meirne as Lathairne Láinghlic,
Agus Seimhne mhaoidhes cath,
In triar brathar borrfadhach!
Madh da ttí chugainn, ni chél,
Ar sen agus ar sinnser fén,
Bidh móide ar m-brigh is ar m-blagh,
Dul ar a cend, is cuirthear.
Cuirtear.
Do chuadar teachta ó Conghal ar cenn a oide .i. Fionntan,
agus tuccadh Fionntan da n-ionnsoighidh agus ó ráinic go h-airm i
raibhe Conghal - "Maith, a Fhionntain," ar Conghal, "in tigi-si
linne ar in fhoghail-si agus ar in ionnarbadh no ar in dibhercc no
caidhé do chómhairle dhuinn?" "Nir comhadhus a radha riomsa
dul ar foghail eider," ar sé, "agus rachaid mo thri mhicsi leat,
agus as í mo chómhairlesi dhuit," ar Fionntan, "gan coccadh do
dhénamh red' bhraithribh féin, uair ní neach dhíbh as cionntach
riot acht Righ Éreann agus tóguibh féin do bhladh agus timcill
Érinn." "Asedh as áil liomsa," ar Conghal, "Ferccus mac
Rossa do dhul dar ccionn Neill Niamhglonnaigh go Dun da
Beann agus d'a mharbhadh féin cona mhacuibh agus cona mhuintir agus
do thabhairt a bhainchele cona bantracht i m-broid .i. Craobh
inghen Durthachta"; agus idbert an laoi and:
Tiagham dar ccionn duine Néill
In ár cath in ár cruaidh céim;
Gabham Niall féin co m-bé i ccath
Agus Craobh inghen Durthacht.
Airgther linn a mhuinter mhór
Idir tsocruide agus tslógh;
Tabhair a bhantracht ale
Go mbeid a n-Aonach Tuaidhe.
Niall Niamhglonnach rogheall cath
d'Ferccus garbh gloinnbémneach.
Dar ccionn a dhuin, is mór blagh,
Masa mithidh libh, tiaghar.
T.
Tángadar do'n arccuin sin da mhac Rí Connacht agus mac
Rí Laighen agus mac Rí Alban agus Anadhal mac Ri Conchend, agus na
mic Rióg ar chena, deich céd ar fhichit céd catharmach, agus
tángadar rompa co Carn Fertais móir risa raiter
Feartus Camsa an tansa agus óthá sin co Dún da Bheann agus ó
rángadar do fhuagair foghra foghla for faithce an bhaile, agus
ro ergedar sluaigh an bhaile .i. na tri chaogaid do theaghlach
Neill robhaói ann agus Eoghan fuileach mac Conuill Chearnaigh
dálta do Niall; agus do ghabhadarsan ag gabháil an bhaile agus
múir na cathrach no gur bhrisiodar in múr agus no gur cuireadh
tre smuirdhiadh agus dheathad an baile uile orra. "Eirghidh
dhuinn, a fhiora," ar Eoghan, "uair buaine bladh ná
saoghal, agus tabhraidh cath ré cathraigh amuigh do na mórshluaghaibh."
Ro fhágsad an Dún agus tugadar cath ar in
fhaithce amuigh do shluaghaibh Conghail agus d'Fheargus agus torcradar
a ccoimlíon le teaghlach Neill agus torcair céd le
h-Eoghan fuileach, agus do rinned dun-bhuaile bodhba uime
ann agus do rinnedh guin galann de agus torcair marbh ina
chrólinn i ccrioslach a sceith agus ro dhicend Fergus é ar sin, agus
ro múradh in baile leó ar mharbhadh Eoghain agus a theaghlaigh agus
ro cuireadh tre corthair teineadh uile é, agus ro marbhadh gach
aon do bhí ineucta and agus roghabhsat a bhrait agus a bhothainte, a
sheoid agus a mhaoine agus a ionnmhusa, a chuirm agus a chopanna, a
bhrannubh agus a fhithchealla agus ilar gacha maitheasa ar chena agus a
bhantrachta caomha cnesgheala.
Agus tuccadh fós Rioghan an bhaile i láimh leó .i. Craobh
inghen Durthachta mic Athgno, agus tángadar rompa go Fertais
Camais, agus ódchonnaic an inghen Fearccus tre lár in tsluaigh
agus do thóg a guth blaith banda os áird: "a righ, a Fherccuis,
éccoir duit cumhal agus ben-bhroide do dhénamh d'inghin dheigfhir
d'Ulltoibh agus do mhnaoi fhir mhaith do clannaibh Rudhruidhe."
"Da ffesainnsi do bheith amhlaidh sin," ar Ferccus, "nocha
bhethea agus anuair do fhedar noca bhia; agus cá láimh atái, a
rioghain?" ar sé. "I láimh Anadail mic Rí Conchend agus
Oiliolla mic Airthigh," ar sí. "Léiccidh damhsa an inghen,"
ar Ferccus, "agus bídh mo chuid do'n chreich uile aguibh d'a
cinn." Ro léiccsiot an inghen uathaibh iarsin agus do imighsiot
na sluaigh uaithe ainnséin agus rofágadh an inghen na h-aonar
ar bru na Banna; agus ódchonnaic an chreach mhór sheocha ag na
sluaghuibh, agus ódchonnaic Dun da Bend ar n-a loscadh agus ar n-a
arccuin uile: "Saeth liom t'fhaisgin amhlaidh sin," ar sí, "agus
ba h-adhba riogh agus rodhaoine thu go ttrasda agus rob' iomdha
maoine agus maithesa ionnad agus as rioghdha an chreach adchíamaid,"
ar sí, "agus as maircc dá n-adh 'h-esccara é; agus bidh
righ ar bhroinigh Banbha é, agus gach faisdine doghnithear dhó
fiorfuidhear agus comhailtear uile íad, agus ni líonmhar Dun da
Bheann tar éis muintire Conghail agus Fearccusa"; agus adbert
an laoi ann:
Fasach aniú Dun da bhend
I raibhe rioghruidh ro-teand;
Atát uile a n-uagh imnigh
Ó sluagh Conghail chláiríngnigh;
Conghal cláiríngnech calma,
In rí as in righdhamhna!
Morfhlaith Uladh gébé dhe!
As lionfaidh Magh Muirthemhne.
Is maircc duine teagmas ris,
Ré Conghal co ccaoimhecnis,
Bidhrigh ar bhroinigh Banbha;
Badh rioghdha do ridhamhna;
Baoi brandubh ann, baoi fithcioll,
Is baoi brothrach árd aireda;
Bádar ann bantracht dimbras.
Agus ionmus arcena;
Bádar ann groidhe glasa
Agus carbuid srianmhasa
Agus iomad ngiall prap
Agus ór agus arccad;
Nocha n-feadar, a dhaoine!
Gach a m-baoí ann do mhaoine;
Ribh ba mór a thest amach
Gé tá aniú 'na fasach.
Fasach.
"Truagh, amh, sin," ar an inghen, "is ben broide aderthear
riomsa ba dhesta agus bídh oilthubha ag deghaos dána agus ag
lucht raite maithesa agus uilc é"; agus roling bha comhair isin
es robaoí ar in m-Banna, agus robaithedh í ann gurab uaithe
ainmnaighter an t-eas sin .i. Eas Craoibhe ó Craoibh inghin
Durthachta mic Athgno.
Agus ráinic fios na h-airccne sin co h-Eamhoin co h-airm
í raibhe Ferccus mac Lede agus Niall Niamhglonnach agus maithe
Uladh mar chena; agus ba béim re h-anbhuain agus re h-aiccnedh
do Niall sin, agus do éirigh uair nir fhulaing a esdeacht
sin; agus roghabh a arma agus rogabhadh a eich dho agus do h-innledh a
charbad agus táinic remhe co Dún da Bheann agus adchonnaich a
ghrianan gloinidhe agus a pheloide rioghdha ar n-a loscadh agus in
chathair mhór ar n-a múradh agus adconnaic iolar do chollaibh
cro-dearcca ar chennportaibh na cathrach agus adconnaich an ní
roba doilge leis ina sin uile .i. Eoghan Fuileach mac Conuill
Cernaigh a dhalta gradhach ar bhfagbháil bháis agus oighedha agus mar
do bhaoi amhlaidh sin doriacht drem d'a mhuintir fén chuige agus
ro innseadar oighidh Craoibhe dhó. "Ni córuide dhuinne bheith
co subhach sin," ar Niall; agus do rinne in Laoi and:
Uchbhadhach mo chroidhe chain!
Asedh craidhes mo mhenmain
Oighidh Chraoibhe a's Eoghain;
Aseadh dombeir go deóluigh
Eoghan Fuileach, rochleacht goil,
Deaghmhac Conuill caoin Cernoigh,
Bheith ina linntibh fola;
Asedh dombeir fo dhubha.
Saoth liom a ttuitim ar aon!
Eoghan fuileach agus Craobh
Gan a marthain sunn ar sain,
Mana bróin tre uchbhadhaigh.
Uchbhadhach.
Agus ní mó na deredh na laoidhe sin tairnic dhó do
dhénamh anuair tángadar mic riogh Érend robhádar a
n-Emhoin d'a ionsoiccidh .i. Tinne mac Conrach .i. mac
righ Connacht, agus Dercc mac Deghaidh, mach righ Mumhan, agus
Mes Domhnann mac Airtigh, mac righ Laighen co macaibh
taoisioch agus oirrigh Érend leó mar tángadar ó Theamhraigh
d'fhoirithin Ferccusa mic Lede agus d'ionnarbhadh Conghail a
h-Ulltoibh agus as íad sin socruide rochuir Ferccus mac Lede
ré Niall Niamhglonnach do dhioghail a chreiche agus a airccne ar
Ferccus agus ar Conghal.
"Maith, a Neill!" ar íadsan, "Erighsi linne co ndeacham
d'ionnarbhadh Conghail agus Feargusa co ndioghlam ortha na
mór-uilc do rónsat riotsa." "Beridh buaidh agus beannachtáin,
a mhaca ionmhoine," ar Niall, "agus is maith liom socruide
d'fhaghbháil d'ionnarbadh Ferccusa agus Conghail ar chena co
n-dioghlam m'uilc ortha"; agus ro éirigh sium ar sin agus ro chuir a
bhrón agus a dhubha dhé agus rochóirighedh a chath agus tángadar rompa
ar sliocht na sluagh.
Iomthusa Conghail ó ráinic Ferccus mac Rosa cona
chreachaibh ro faccuibh Bleun Corro Chríonchosaigh, agus táinic
go h-Aonach Inbhir Tuaighe annsin, agus ní cian dobhádar ann
an tan adconncadar na h-iodhna áigh agus iorghuile agus na merccedha
mearshiubhlacha ar crannoibh ro-árda roruadha
agus taithniomh na gréne glánshoillsi riú co lasamhail ré
guailibh agus na laocraidhe agus na catha ceangailte ar n-a
ccórughadh co h-ainsergach, agus ro h-innisedh sin do Conghal. "Is
fior sin," ar Conghal, "Ferccus mac Lede sin agus sochruide
fer n-Éreann ina fhochair do thabhairt catha dhamsa no dom'
ionnarbadh a h-Érinn agus do gheubhad cath gan contabhairt."
"Robadh ferr comadh é do bheith and," ar muintir Conghail,
"uair do múirfidhe gan amharus linne é, agus dobhiadh righe
n-Uladh aguinne fén, agus ro coisénmaoís righe n-Éreann ré
Lughaidh Luaighne."
Ro éirigh Conghal iar sin agus ro chorrigh a chath agus ro ghrés a
mhuintir imchalma do dhénamh do'n dul sin; agus do gheall
Ferccus co m-brisfeadh an chath in lá sin le Conghal. Is
annsin ro ionnsoigh cach a cheile dhíbh ar sin agus ba h-aighthe
namhad an ré catha sin agus nirbh aighthe carad im chuirm. Ro
dhiubhruic cach a chele dhíbh do shoighdibh siothghorma agus do gháibh
faobhracha fuileacha agus do chlachuibh cruinne agus do chuadar ar
sin ar na h-armaibh iomghona agus iombuailte co ndorcradar
tiugh-ár na sluagh do na treasaibh sin etarra; agus tucc
Niall Niamhglonnach co macoibh Riogh Éreann uime a aghaidh
go h-aneuchtach ar cath Conghail, agus ro reidhigh berna catha agus
slighe sairmhileadh ann agus rochuirsiot mic riogh Ereann ára
móra ar mhuintir Conghail, agus ro airighsiod muintir Conghail
sin. Ro éirigh a bhfearcc agus do rinnedh leomhain lonna dhíbh
conar gabhadh riú gach conair d'a ttéidi. Is ann sin tucc
Anadhal mac Ri Coinchenn aghaidh ar chath mac Riogh Éreann agus
táinic Muiredhach Mercceach mac Righ Alban agus da mhac Righ
Connacht, .i. Oilill teora gaoth agus Oilill teora crioc, fo'n
ccath cédna, agus tuccsat ára móra ar mhuintir mac Riogh Érend.
Is ann sin tug Fergus mac Rudhraidhe a aghaidh ar macoibh
Riogh Érend, agus roba cédleagadh mearsheabhaic go mineunoibh
an cédchathughadh sin Ferccusa, agus ba lamhach laoich agus ga gal
curadh agus ba neart niadh leis an lá sin; agus tucc Conghal fós
amus diochra for na deighfheroibh, agus robhen a bhrath-mileadh
agus a bhémenna biodhbhadh co h-arnaidh ortha; agus táinic ann sin
Criomhtann caomh mac Fergusa Faircce agus Cairbre Congancnesach
mac Cairbre Cruim mac righ Bregh, Merne, Semhne agus
Lathairne .i. tri comhdhaltadha Conghail ina fhiadhnuise uile agus
ro thanuighset an cath da gach taobh a ttimcheall a ttigherna
agus ro gabhadh ionadh catha aca uile a ttimchioll Conghail isin cath.
Imthusa Neill Niamhglonnaigh nir ghabh cath no cliathbherna
ris no go ráinic gusan ccró ccatha a raibhe Anadhal mac
Righ Coincheann conach raibhe d'edragain etarra achtmadh a
scéith 'ga scathdhiden, agus ro thógbhadar a lamha le cloidhmhibh
faobhracha fírgéra agus do ghabhadar ag tuarccabháil scéth a
chéle co curata. Roba comhrac da damh n-dileann in
comhrac sin uair do clos fa'n ccath cechtardha gloinnbhémeanna
a n-gelsciath agus coigedal a ccloidhiomh agus
roghabhadar ag dingbhail a chéle 'san chath car an caomhlaoi
la choidhce. Iomthusa na ccath ccechtardha ro ghabhadar ag
cur an chatha co coimhdiocra agus as é dlús fo fighedh an cath
sin co roicfidis roth carbaid o'n uillinn go chéle dhíbh re dlús
na h-iomghona conarbho dluithe cliatha leinedh ar n-a
dluthadh no slegha slinnghéra aga ccongbháil tre chorpuibh
na ccuradh eidir na cathoibh cechtardha. Is ann sin tarla
Tinne mac Conrach mac righ Connacht i ccenn da mac righ
Connacht robhádar a bhfocair Conghail .i. Oilill teora gaoth
agus Oilill teora crioch, agus ro chrectnaigh cach a chéle dhíbh co
diochra, agus ro fhoirrngedar in da mhac Tinne mac Conrach a
ccedóir. Adconnaic Dearcc mac Deaghaidh sin. Táinic
d'fhoirithin Tinni tar n-ais, agus athgonais an da Oilill gur
chuir as a lathair chatha amach uile íad, agus rug Tinne ...
agus tuairsena beg da an m... and. Odchonnaic
Ferccus sin, táinic co h-arnaidh a n-aghaidh Deirg mic
Deghaidh agus ro comhruicsiot ar aon ann sin, agus as doigh rob'
orrac ar chath an comhrac agus an comhlann sin. Atracht
nert agus fioch Fherccusa tar Dercc mac nDeghaidh ar deredh
an chomhluinn co rodus di ... aid, agus ro ghab Anadhal agus
Niall Niamhglonnach ag cothughadh a ccomhluinn risin ré sin
co rodhiocra no gur brisedh scemheal an chatha go coitchionn, agus
torchuir Niall Niamhglonnach le h-Anadhal i ccríochaibh an
chomhluinn, agus ro chuir a iolach coscair agus comhmaoidhmhe as a
h-aithle agus ro meabhadh an cath ré Conghal co h-athlamh ainnsein,
agus giodh líonmhar tángadar macraidhe Éreann ann sin,
as uathadh terna dhíbh ó Chonghal cona mhuintir, agus gerbh é
Conghal féin rob' iomdha a easbadha gén go n-airmhighter co
h-iomarcach íad. Gonadh é cath Aonach Tuaighe a ttorchair
Niall Niamhghlonnach mac Rudhraidhe; agus arccuin Duin da
Bend agus Oighidh Craoibhe inghine Durthachta ar chaithréim Conghail
conuige sin.
Iomthusa Conghail robhoi ag leighes a mhuintire risin mí
sin a n-Inbhear Tuaighe agus adubhairt Fachtna Fionn File ré
Conghal agus ré n-a mhuintir: "ó do chuireabhair bhar m-biodbhaidh
do chloinnibh Rudhraidhe dhíbh, tionóilter bhar longa agus bhar
laoidhenga agus tabhraidh chuguibh co dubhthracht uile íad uair bídh
moide bhar mbrigh agus bhar mbladh acht co ccluinter bhar ndul ar
muir agus ar mórfhairrge." "Do géntar againne an chómhairle
sin," ar Conghal; agus do rinne an laoi and: -
Tiagar uainn ar ceann ár mbarc,
Tabhraidh cugainn co dubhthracht
Lion ár long a's ár n-ethar
A's ár ccurach ccraoislethan;
Cairbre dom' laimh dheis, damh áigh!
Criomhtand dom' chli chomhdalaigh,
Ferccus romham isin chath,
An da Oilill árd aghach;
Dá ttoirsedh ar longa alle
Cugainn co h-Inber Tuaighe
Bi moide ár mbrigh 's ár mbladh
Dul ar a ccend, is tiaghar.
Tiagar.
Dochuas uaithibh sin ar cenn a long agus a luathbharc
agus tuccadh chuctha go dubhthracht uile íad agus ro ghabhadar
ag daingniughadh a loing eidir ramhach agus ruadhclárach.
Is ann sin benas tallann sceoil eile risin Caithréim so
Conghail.
An Dara Cuid.
Sgeul.
Righ roghabhustair righe na h-Uardha darbho comhainm
Nabhgodon mac Ioruaith, agus as amhlaidh roboisen agus ben mhaith a
chomhadhas aige .i. Bebid inghen Dornglain agus táinic urchra
n-aimsire a ccionn athaidh da h-iondsoighidhsén agus fuair bás
ann; agus ro ghabh tromghalar Nabgodon do chumhaidh a mhna agus
nir dheilig taobh ré derccadh dhó acht a bheith a serg siorghalair
agus ní derna eidergleo cesda na caingne, ól na aoibhnes na
aines, agus robhí go ceann mbliadhna amhlaidh sin agus robhás ag
milleadh a righe ó chomhcriochuibh fairsiumh risin mbliadhain sin
uime co mór agus ro thionóiledar lucht na h-Uardha ainnsein agus
tángadar d'ionnsoighidh an Righ. "Maith, a Nabhgodoin," ar
síad, "cred an galar mór sa rodgabhas uair in neach
do mhill do righe agus do fhlaithemhnas uile umad, uair do
luighedar coiccriocha ort; agus innis duinn cá galar atá ort
co ndéntar do leighes agus do lesughadh againne." "Nocha
n-áil liomsa a innisin," bhar esion. "Damadh í comha do
mhna do bheith ort nior chubhaidh riot cumha mna do chur ort,
uair sírfidher na críocha agus na cenéla uile againne agus dá
raibhe ag fer na a n-aontomha isin domhan bean bhus diongmhala
dhuit dobhéraimne chugad ar ais no ar éiccion í."
"Atá go deimhin," ar Nabgadon. "Cá tír a bhfuil, a
áirdrigh?" bar iadsan. "Oilen atá a n-iarthair Eórpa,"
ar eision, "agus Inis Fuinidh a h-ainm agus fir bheaga áille bheodha
innte agus mna luchaire lándealbhdha, agus da bhfaghar isin domhan
ben diongmhala damhsa do gheubhair innte í." "Cuirthear," ar
maithe na h-Uardha, "feasa agus teachta d'iarraidh Éreann do
thogha mna dhuit innte." Is annsin ro ordaighsiumh triocha
trénfhear d'a thrénmhuintir d'iarraidh mna uadha co h-Érinn, agus
ro scibedh bairc bhronnfhairsing aca as a h-aithle agus ro tógbhadh
a seol aluinn aladhbhreac uaisde agus tángadar rompa ar an
aiccén n-anfosaidh ó gach druim tuinne dar oile co rángadar
co h-Érinn; agus adconncadar uathaibh Inis na m-Barc risa
raiter Rachruinn a n-Dalriada agus adchonncadar an chathair
rioghdha romhór urárd oireghdha uathibh agus na tighe fionna fairsiongadha
agus na grianána gloinidhe agus na peloide rioghdha
rofhairsionga. "Is rioghdha an chathair úd," ar muintir Nabhgadoin,
"agus cá ferr dhuinn ionad a ccuirfemaois scíth dhínd
ar tteacht a n-oirear Éreann inas innte," agus tugadar
praispuirt ar a luing d'ionnsoighidh na cathrach.
Adconcadar reampa ba h-óige agus ba h-aille do'n Adhaimhchloinn
co nglaisi ruisc, co ccaisi fuilt, co m-binne n-gotha
co suarca n-urlabhra, agus do shuidh cona bantracht isin n-fochla
feinnidh eile agus do ghabhadar ag dénamh a ndruine agus a ndeghlamh
agus do ghabh sisi ag teccusc an bhantrachta. Do bhádar muinter
Nabhgadoinn ag feachaint dealbha agus innill na h-inghine, agus do
shaithsiod rinn a ruisc agus a radhairc ina deilbh. "Is maith
tharla dhúinn ár ttoisc agus ár tturus," ar muintir Nabhgadoin
"uair gidh é in bioth uile do iarrfamaois ni fhuighmis mnaoi
ba comhmaith riasúd ann, agus bérmaoidne go Nabhgadon í"; agus
da fhiarfaighedar do'n lucht ba coimhnesa dóibh: "cia h-é an
t-óglach rioghdha roáluinn úd as tigherna do'n tighsi?" ar
síad. "Ri Dhonn mac Iomchadha mic Miodhna mic Caischlothaigh
do chloinn Cermada Milbheoil mic an Daghdha do
bhunadhfremhe Thuaithe de Danann Ri na h-innsi-se súd."
"Cia an inghen oireghdha úd as bainchenn do'n bhantracht?" ar
síad. "Is fior," ar na fregartaidhe, "is a n-oilen mara
do h-oileadh sibh ó nach ccuala sibh an inghen úd .i. Taisi
Taoibhgheal inghen Righ Duinn."
Is annsin tuccadh a lórdhaothain bídh agus leanna chuca, agus ó
thairnic dhóibh do fhiarfaigh Ri Donn díbh; "canas a ttángadar
na h-óicc no cia aga mbíd?" ar sé. "Do mhuintir
Nabhgadoin mic Ioruaidh sinne," ar síad, "agus d'iarraidh mná
annso tángamar uadha." "Cia an bhen?" ar Ri Dhonn.
"Th' inghensa," ar síad, ".i. Taisi Thaoibhgheal ann súd."
"Do gheubhthaoisi freagra uaimsi gen chomhairle uime sin," ar
Ri Donn, "gion go mbeith m'inghensa ag fer oile ni tiubhroinnsi
dhósan í uair rofhada uaim foghnamh a cleamhnusa."
"Cia an fer ag a bhfuil 'h inghen?" ar íadsan. "Atá si ar
seilbh Conghail Cláiríngnigh mic Rudhraidhe .i. mic Righ
Érend"; agus dob'fhíor dósan sin, oir an trath do comhmóradh
an fhleadh mhór a n-Eamhain Mhacha agus do cuas fa'n Righe go
Teamhraigh ro naisceadh an inghen sin do Chonghal agus ni ráinic
les fes le. "Tiocfaidh riotsa, a Ri Duinn," ar íadsan,
"eura tochmairc do thabhairt duinne uair tiucfaidh Nabgadon
dot' ionnsoighidhsi agus lucht na h-Uardha les agus marbhfaither
do chathair uile agus milfither Ére uile trídsin agus
múirfidher thu fén agus bérthar 'h inghen ar ais no ar éiccin."
"Is briathar dhamhsa," ar Ri Donn, "mun'bhidh feall ar
eineach damhsa é ni rachadh fear innisin scél uaimsi gan
marbhadh díbh a ccionnaibh bar ccomhráidh." Do legedar an
oidhce sin, agus do freastladh agus do friothoileadh íad.
Ro erccedar co moch ar n-a mharach, agus tángadar
d'ionnsoiccidh a loinge agus do chuadar rompa ar in muir ccraoislethain
ccédna; agus tángadar d'ionnsoiccidh na h-Uarda
co h-airm a raibhe Nabhgadon. Do fhiarfaigh Nabgadon
sgéala dhíbh: an bhfuaradar an dhiongmhala dhósan? "Fuaramar,
imurro," ar íadsan, "bean do dhiongmhala go deimhin
duit, agus ni fhacamar oile dhecc a dealba ar mhnaoi no ar
fher do mhnaibh no d'fheraibh an domhain roimpe riamh agus robadh
in-imbertha dhuit fén bás ar in mnaoi do bhí agad roimpe
iar rochtain a faghála." Ro lionustair gradh na h-inghine
an Rígh ódchuala an tuaruscbháil sin tugadar na teachta
uirthe, agus do éirigh co sonairt ina shuidhe agus do fhiarfaigh:
"cia athair na h-inghine sin?" ar sé, "agus cred fadhera dhíbhsi
gan a tabhairt ar ais no ar éiccin libh?" "Ri Donn mac
Iomchadha mic Miodna mic Caisclothaigh do chloinn
Cermada Milbheoil mic an Daghdha do bhunadhfreimhe
Tuaithe da Danann d'a h-athair," ar síad, "agus ní
dheacamairne lion catha cath do thabhairt dhó agus muna
mbeithmis ar a éneach fén as bás do imeoradh foruinn a
ccionnaibh a inghine do iarraidh. Asedh adubhairt gion go
mbeth a inghen ag fer oile nach ttiubradh duitsi í." "C'áit
a bhfuil in fer sin?" ar Nabgadon. "Inis atá a n-oirer
Éreann," ar síad. "Is innte atá Ri Donn," ar síad, "agus
cathair árd mór aireghdha aige innte agus socraide coilggeura
cédfadhacha fós." "Tarfaithear fairsiumh sin," ar
Nabgadon, "air béradsa tionól na h-Uardha d'a ionnsoiccidh
agus murfaither a chathair in a cheann agus tuitfaidh
féin innte agus biaidh a inghen agamsa fa dheoidh agus biaidh
ferann claidhimh damh in t-oilean sin iaramh." Is annsin
do comhmóradh fleadh ag Nabgadon agus tuccadh maithe na
h-Uardha uile d'a ionnsoighidh agus robhas ag tochaithiomh na
fleidhi no co ttairnic sí agus ó tháirnic dhoibh an fhleadh do
chaithemh, adbert Nabgadon riu: "Urlamhaidh bhar longa
agus bhar laidhenga co ndechmais do ghabháil na cathrach sin agus
go ttugam an inghen este fo cédóir." "Dogéntar sin
aguinne," ar síad; agus ro cóirgheadh a longa agus a laidhenga
leó gurbh urlamh in-imtheachta iad. Imthusa Nabgadoin
mic Ioruaid conuige sin.
Iomthusa Righ Duinn, imurro, do roichdis raibhte iomdha
Ioruaidh d'a ionnsoighid.
Iomthusa Conghail inneasdair aguinn ba dheasta. Ro
baoí séin a n-Aonach Thuaidhe ag daingniughadh a long agus a
luathbharc; agus adubhairt Fachtna Fionn File: "Fagbham Ére
leg. Erinn ba dheasta uair dá roichset clanna Ruadhraidhe
d'ar n-ionnsoighidh do gheubham éiccean uatha."
"Na h-abair sin, a Fhachtna," ar Conghal, "uair
dororchair linne an biodhbha bunaidh rob' eaglaidhi linne
díbh .i. Niall Niamhglonnach mac Rudhraidhe, agus an fer as ferr
anois díbh .i. Ferccus mac Lede, dingeubhadsa díbhse a
niort comhluinn é isin ccath." "Gidhedh," ar Fachtna, "as
mithidh díbhsi imtheacht a h-Érinn," agus adubhairt an laoí:
Mithidh duinn dol tar muir meann;
Ar n-arccain chríche n-Éreann,
Dobharfiocfath imale
Maithe cloinne Rudhruighe.
Na h-abairsi sin, a fhir!
A Fhachtna Fhinn Fhilidh!
Dingeubhad dhíbh 'san tres te
Ferccus Laoch mór mac Lede,
Ar n-arccuin dhuinn Dunaidh Neill,
Ar ccur a n-ionnmais a ccén;
Go roichim go Dun mic Lir,
Dul ar muir as mithidh.
Mithidh.
Tuccadh cuigesium maithe a mhuintire agus do rinne
cómhairle friu; agus asedh adubhradar uile gur mhithidh leó
uile Ere d'fágbháil. "Fágmaoidne í," ar Conghal, "agus
tiagam co teach Ri Duinn co ndernuinnsi feis le h-ingin
Righ Duinn."
Dala Righ Duinn, umorro, ráinic raibhte fíre roimh
Nabgadon chuige, agus adubhradar a mhuinter le Righ Dhonn nar
choir dhó bheith ar cionn luchta na h-Uarda ina inis féin ó nach
dideonn draoitheacht no cumhachta inchlethi é. "Is ferr
dhamhsa maseadh," ar sé, "dol ar cend Conghail gurab é
fein choiseónas a bhean friu ó nach bhfuilimsi líon catha d'a
cosnamh acht muna didne dobhar-cheo draoitheachta sinn no
muna fóiridh Conghal oruinn." Táinicsiomh iaromh as an
oilen amach ar ceann Conghail; agus do thairnic do Chonghal a
longa do leasughadh agus a fhoirne d'ordughadh agus a chabhlach do
chórughadh adchonncadar aonchurach ar fud mara agus aiccén
d'a n-ionnsoiccidh agus aon óglach alainn osardha ann, agus
dobhádar aga fheuchaint re h-athaidh. "Dobherimsi aithne ar
an óglach atá isin churach," ar Conghal, "uair as é Ri Donn
mac Iomchadha é ag teacht ar mo chendsa ma's ullamh ...
bainnsi a inghine." Tug Ri Donn aghaidh a churaigh ar luing
Conghail agus do bheannaigh dhó. "Ca slighidh a mbeir an
cobhlach sa, a Chonghail?" ar Ri Donn. "Gud' thighsi," ar
Conghal. "As ferrde linn bhar tteachtsa ann sin," ar sé,
"uair atá dáil cobhlaigh as mó ina síbhsi d'ár n-ionnshoiccidh."
"Cia an cobhlach sin?" ar Conghal. "Nabgadon mac Ioruaidh
táinic d'iarraidh do mhna-sa oramsa," ar Ri Donn, "agus ni
thugusa dho í agus atá sesion agus lion cobhlaigh ag teacht d'a
breth ar éccin uaimsi agus tarsa fén dá cosnamh friu." "Erighsi
romham," ar Conghal, "agus frithoilter let na maithe-si atá
im fhocairsi, agus abair re Taisi Thaoibhghil go ndingeubhadsa
Nabgadon uair dá ttí sé d'a tochmarcsa tuitfe sé liom"
agus idbert in laoi:
A Ri Dhuinn erigh do'n dún,
Cóirigh ár ccoilcidh 's ár ccluimh;
Friothoilter let imale
Maithe cloinne Rudhraidhe;
Abair re Taisi thaidhe
Risin ingin n-iomuallaigh
Nabgodon ar tteacht a ttuaidh,
Dingeubhadsa i ccath ar nuair
Nabgodon da ttí sé a tthuaidh,
Ri na h-Uardha go líon sluaigh
Is derbh dofaoth os in tuinn,
Aderim rit a Ri Duinn.
Is ann sin do sgar Ri Donn riu agus táinic rompa d'a
chatraigh féin d'a bhfrestealadh agus d'a bhfrithaileadh; agus
táinic Conghal co líon a shochruide ina dhiaigh; agus
do rindedh fliuchcaomhna foilcthe agus fothraicthe dhóibh agus
tuccadh a n-airighthe bidh agus lenna cuca, agus tángadar isin
mbruigin mhóir uile as a h-aithle. Uair as amhlaidh dobhí
Ri Donn agus bruighion aige ar n-a chórughadh fa comhair
Conghail re dunadh amuigh. "A Chonghail," ar sé, "orduigh
féin feasta do theach n-ola agus suidhigh do mhuinter." "Abair,
a Fhraoich dhraoi, cionnus bhías an bhruigheansa anocht,"
ar Conghal. "As í so an bhruighean do thairingertsa do
ghabháil ort," ar Fraoch, "agus as cóir dhuit a h-oirchill go
maith do dhénamh," ar síad, "uair ciodh líonmhar tí Nabgodon
d'ar n-ionnsoighidh badh tresi dhuinne ina dhó." Is annsin
táinic Conghal isin mbruighin, agus do shuidh ina ionad rioghdha.
"Maith, a Fheargus," ar Conghal, "c'ait istighsi a
m-bia-su anocht?" "Bíad isin fochla thuaiscertach an tige,"
ar Ferccus, "uair dá ttí Nabhgodon is annsan bport ba
thuaidhe thiocfas"; agus táinic Ferccus do thóccbháil a arma
os a chionn isin fhocla fheinnidh, agus táinic Muiredhach Mergech
mac <Righ Alban isin fochla fheinnidh oile ar ionchaibh
Ferccusa, agus táinic Anadhal Euchtach mac Righ Conchenn con
thri chéd Conceannach ar in dorus ba nesa do Chonghal isin
mbruighin, agus táinic Criomhtan Coscrach mac Ferccusa Fairge
agus Cairbre Congaincnesach mac Cairbre Chruim ar in dorus
ba nesa dhóibh sin, Oilill Teora Gaoth agus Oillill Teora Crioch
ar in dorus eile dhi, agus Ri Donn mac Iomchadha ar láimh deis
Conghail agus maithe Rachruinne ó Righ Donn co h-iarccuil;
agus tuccadh Taisi Thaoibhgheal cona bantracht ar láimh ele
Conghail agus do h-egrigh na mic riogh sin amach ar sleasoibh
na bruighne agus do shuidh Fachtna Fionn File agus Fraoch draoí a
bhfiadhnuise Conghail, agus gé do bhí faithches agus imeagla orra
ni lughaide bádar ag ól agus ag aoibnes agus ag airfidhidh go mór.
Iomthusa Nabgadoin mic Ioraidh do cuireadh a chobhlach amach
leis ar muir d'ionnsoiccidh Érionn ar ceann inghine Righ
Duinn agus as íad dob' eolaighe dhóibh .i. an lucht táinic roimhe
uatha co h-Érinn; agus tángadar rompa go Rachroinn agus adconcadar
soillsi na lochrann ar lasadh do mhuin mhara amuigh.
"Maith, a lucht an eoluis!" ar Nabgadon, "c'áit a bhfuil
an tsoillsi mhór úd adchiamuid?" "Asedh as doigh linne," ar
síad, "gurab a bhfiadhnuise Righ Duinn atá sí, agus as ann atá
an bhen do iarramarne dhuitsi agus as doigh linne gurab é an
fer d'a ttucadh í do bhiadh ann ar a banais anocht .i. mac
Righ Éreann." "Dob' fherr linn go madh é do bhiadh ann,"
ar Nabgadon, "agus teicchidh foirionn tri long uaibh d'fhios
na h-innsi, agus tabhrat leó sgéla na cathrach chugoinn"; agus
tángadar sin rompa d'fhios na hinnsi.
Dála Ferccusa, imurro, dobhísen ag ésteacht re mongar
an mhara do'n taoib thuaidhe agus adchuala ruchtladh
na luinge lánmhoire ag gabháil acarsoide isin innsi.
Do éirigh Ferccus amach, agus do ghlac a arma go hathlamh
annsin, agus ódconnaic Muireadhach Mergeach mac Righ Alban
sin, táinic a ndeaghaidh Ferccusa amach, agus comh luath
d'Ferccus dochum an chalaidh agus do'n chedluing ag teacht a
ttír díbhsin, agus do iadh Ferccus a dha ghlaic mhora mhileta
fa chuirrthosach na luinge agus tuccustair etharcrathadh anbhail
fuirre gur chriothnaigh a cláracha go curada, agus ro scinnedar
a tairrngadha cengail agus comhdlutha eisde uile, agus do
scaoilesdair o'n ccuirrthosach d'a chéle gan contabairt
uile í go rabhadar a foireann ag teacht trithe ar fud na
tragha ... sledhaibh; agus do ghabusdair Muiredhac
Mergeach mac Righ Alban ag ionnarbhadh na foirne go
fuirechair; agus táinic Ferccus isin luing fa nesa dho iar sin,
agus do bhí sé ag marbhadh na foirne, agus táinic Muiredhach mór
'na dheaghaidh in gach luing d'a longaibh go ráinic leo
foirend na ttri long do lánmharbhadh ar a n-ordughadh sin;
agus tángadar isin mbruighin as a haithle agus do thógbhadar a
n-arma uaisdib agus do shuidhedar ina n-ionadaibh féin iar
sin, agus nir chomhmaoidhsiot na h-euchta do rinnedar idir.
Is ann sin táinic Nabgadon líon a luingsi a ndeaghaidh
a mhuintire, agus as amhlaidh fuair íad ina ccosrachuibh
gearrtha comhmbuailte fa chorrthosachaibh a long, agus a
longa ar n-a luaithbhriseadh. "Is uathmhar mar bidh ar
muinter," ar Nabgodon, "agus as nertmar do marbhadh re
h-edh n-athgoirid uile íad"; agus do chualadar greadhan
mór isin mbruigin. "Dénam d'ionnsoigidh na bruighne, a
fhiora!" ar Nabgodon, "co ndioghlam ár muinter ar a
bhfuil d'Erenchaibh innte, agus tabhraidh cairrcce agus clocha
o'n ccaladh libh go mbed aguinn do bhriseadh na bruighne."
Is amhlaidh tángadarsan d'ionnsoigidh na bruighne agus
ualuighe aidhbhle leó do chlochaibh tuinne na tragha, agus ó
rángadar í tuccadar frais barbardha do'n bhruighin
gur léccsed a sceth agus a sleagha agus a ccloidmhe ina
beannoibh agus a seancolaman do bhi ina shesamh re
dreich na bruighne do chongbháil ina sesamh gan tuitim
ortha. Is annsin do éirigh Ferccus agus táinic amach, agus
táinic Muiredhach Merccach ina dheaghaidh; agus tuccadar
luathchuairt a ttimchill na bruighne, agus tugadar urchur
ferdha feramhail o'n mbruighin amach orra, agus do thuit céd
laoch agus tángadar isin mbruighin anonn as a haithle; agus do
thógbhadar a n-airm uirdgéra uaisdibh innte, agus do ibheadar
a ndigh tharta agus iotan as a h-aithle. Tángadar na h-allmharraigh
uile arís d'ionnsoighidh na bruighne, agus do ghabhadar
doirsi na bruighne da gach áird impe. Ódchonnaic
Anadhal Euchtach mac Righ Conchenn cona thri céd Concheannach,
tángadar amach agus tugadar ára móra ar muintir,
Nabgadoin; agus do chuiredar a raon madhma agus moirtheichidh
uile íad o'n mbruighin go hairm a raibhe Nabhgadon; agus
tángadar isin mbruighin cédna iarsin agus do ibhedar a
ndigh tharta. Iarsin do ghres Nabgadon a mhuintir
dochum na bruighne go h-athlamh agus tángadar da gach aird
dí, agus do gháiredar uimpe; agus táinic Ferccus amach agus
Muiredhach Mergach arís agus do chuiredar ára móra ar na
sluaghaibh gur sraoineadh ar gach leth o'n mbruighin íad,
agus tángadar isin mbruighin agus do shuidhedar ina n-ionaduibh
fén arís. Is annsin adubhairt Nabgadon; "Éirig duinn,"
ar sé, "agus loiscter an bhruighen im chennaibh fuil innte do
shluaghaibh." Táinic dírim mhór do mhacaomhoibh Riogh na
h-Uardha d'iondsoighidh na bruighne agus do dhiubhracadar do
shaighdibh teneadh an bhruighin. Tángadar amach annsin dhá
mhac Righ Connacht .i. Ailill Teóra Gaoth agus Ailill Teóra
Crioch, agus do rónsad coscar mór amuigh, agus tángadar isin
mbruighin iar sin, agus do chuir sin socht mór ar lucht na h-Uardha
uile. "Ni chualamar iomradh bhfer n-Éreann ima n-engnamh
roimhe so riamh," ar Nabgadon.
Agus táinic cath mór d'ionnsoighidh na bruighne agus do
fhóbhradar doirsi na bruighne do bhrisedh. Táinic Ferccus agus
Muireadhach Mergach amach arís, agus tuccadar a ndes risin
mbruighin, agus do chuireadar a raibhe 'na timchill uile a raen
madhma noco rángadar a costadh, agus tángadar isin
mbruighin iar sin agus ní mór go ráinic dhóibh a ndeoch d'ibhe
anuair do ghairedar na sluagha arís fa'n m-bruighin. Táinic
amach annsin Criomhthann coscarach mac Ferccusa Faircce agus
Cairbre Conganchnesach mac Cairbre Chruim; agus tug fear
díbh a chle risin mbruighin agus fer ele a dhes, agus do fheradar a
ccomhlann timchill na bruighne gur dhichuirsiot na sluaigh uile
uaithe; agus ní thairnic leó acht a n-arma do thógbháil in tan
tángadar na sluaigh arís dochum na bruighne. Ro éirigh
Ferccus agus Muiredhach Mergach amach arís, agus ger' líonmhar na
slóigh do dhichuirsiot o'n mbruighin uile íad go lár na n-allmharrach,
agus tángadar isin mbruighin tré lár an chatha d'a
n-aimhdheóin agus do thógaibh Muiredhach a iolach coscair os
áird annsin. Is annsin adubhairt Nabgadon: "As é céd?
eccraidh téd mo shluaghsa," ar se, "a bhfarradh an
tsluaigh atá isin mbruighin agus ergidh uile, a rioghraidhe!" ar
sé, "go mbrisiom an bhruighin, uair ní furáil dhuinn
uile teacht da h-iondsoighe." Tángadar na sluaigh uile 's
an mbruighin annsin agus do ghairedar da gach áird agus da gach
airchenn dí, agus do chuireadar teinidh ar gach áird innte.
Ro erccedar tri comhaltadha Conghail amach annsin .i.
Merne, Semne agus Lathairne, agus tángadar tar dhorus descertach
na bruighne amach agus do mhuchsad na tentidhe tendala agus
do mharbhsad lucht a n-adhnaidh, agus tuccsad a ndes risin
mbruighin as a haithle agus nir gabhadh riú no go rángadar an
dorus cédna, agus is do reandaibh a slegh agus d'fhaobraibh
claidhiomh gur chuirsiot na sluaigh 'san mbruighin íad, agus
robhensad na h-allmharraigh go borb risin mbruighin gur
bhrisiot doirsi na bruighne gur bhuaidersiot ól agus aoibhnes um
lucht na cathrach; agus rugsat as an oidhce sin go fuachdha
fuireachair nogo ttáinic lá cona lánshoillsi ar n-a mharach.
Agus nuair thainic an lá adubhairt Conghal: "Eirccidh, a
fhiora," ar sé, "agus gabhaidh bhar n-arma agus tabhraidh bhar
n-aighthe ar doirsibh na bruighne." Is annsin dogabhadh
leósan sceth d'a sciathrachaibh agus slegha d'a n-aidhlendaibh
gur chriothnuigh an bhruighion uile go h-aighmheil athgarbh
uair ní raibhe bruighion ríamh dob' ionnann do'n bhruighin
sin o'n chriothnughadh tuccadar na catha cechtardha fuirre. Is
ann sin do éirigh Ferccus agus do ghabh a arma agus táinic amach
as in mbruighin, agus tucc a aghaidh ar na sluaghoibh, agus an áit
ba tighe do na sluaghoibh as ann do ionnsoigh Ferccus
ied agus do rinne slighe sármhileadh tresna sluaghoibh. Is
ann sin táinic Conghal amach agus do chóirigh a chath a n-aghaidh na
n-allmharrach cona mhergedhuibh áille iomdha ioldathacha os a
cceandaibh. Odchonnaic Ri na hUardha sin, do chóirigh a chath
agus do rinne leibhionn do sciathoibh allata allmhardha ina
uirthimchill. Agus ódconnaic cách a chéle do mheabhaidh
bloiscbhém bodhbha do na cathaibh i cceann a chéle agus tuccadh
frasa áigh agus iorghuile eatarro agus dobheir cach díbh a bhern
chatha a cath ar oile. Táinic Ferccus annsin agus do
reidhigh sé slighidh mhileadh i ccath na n-allmharrach. Is
annsin airmhidhther cédfhercc Ferccusa do theacht ariamh.
Táinic Anadhal mac Righ Concenn cona thri chéd conceandach
fo'n ccath, agus do léccsed a n-anala tentidhe fa na
sluaghoibh agus robhen bern chatha as an ccath agus tuccsat scaoileadh
agus scannradh ar na cathaibh. Is ann sin do éirigh
lonnas agus luaithfhercc Nabgadoin agus do ionnsoigh fa sluaghoibh
Conghail, agus nior ghabh cath no comhlann ris, agus tucc d'a uid
gurb' fada uadha foirithin agus ba cuma les bás d'fhagháil
acht go mairidh a bhladh do bhunadh; agus rucc ruathar rioghdha
ro-naimhdighe mar a raibhe Conghal isin chath, agus do chomhruicsiot
na curaidh re chéle. Dóigh ámh ba comhrac dhá churadh sin agus
ba ledgaire dha leomhan agus ba mire dha mhathgaman agus ba
dasacht dha dhamh ndileann, agus nior fhuluing neach bheith i
ccomhfhoccus dóibh edh triochadh troigheadh ar gach leath le
crodhacht a ccomhlainn agus re h-iomfhoiccsi a n-anala agus dobhádar
isin ccomhrac sin ó shoillsi na maidne muiche gur dheireadh
do'n ló. Ro éirigh fearcc agus neimhnighe Nabgadoin tar Conghal
annsin; agus as amhlaidh bádar agus aos dána agus airfididh, mna agus
macaoimh na cathrach uile aga ccoimhfhechemh a ccomhfhoccus
dóibh; agus dobhí Bricne ann fós, agus odchonnaic sé Conghal aga
fhorrach, ro screch Bricne os cionn na cathrach conach
raibhe d'Ulltaibh uile éndhuine nar fhech fair; agus idbert:
"Ort do choll uathbháis a Chonghail!" ar Bricne, "uair is
aire do ionnarb Fearccus mac Lede a h-Ulltaibh thú re
mhéd do mhetachta agus do mhilaochuis, agus is aire bhenfas Nabgadon
do chend diot agus béras do mhnaoi uait." Is annsin
táinic a neart féin agus a chumhachta do Conghal, agus tug
béim naimhdighe do Nabgadon gur dhluigh a scíath go
sgeamhaighmar agus dorad an t-aithbém dhó gur bhen a chenn
d'a choluinn, agus do ghabh an cenn ina láimh agus do chomhmaoidh a
bhfiadhnuise an tsluaigh uile é; ionnus gur mhuigh ar lucht na
h-Uardha uile andsin, agus dobadh comhang a cconair teichidh
muna dhechdís isin fhairge agus gurbho tiugh an t-ár ar láthair
an chatha dobú tige isna h-aireroibh é ar rochtoin a long
do na laochaibh; ionnus gur thuitedar sluaigh na h-Uardha
uile le Conghal cona mhuintir, agus do rinnedar carn d'a
cceannaibh agus dumha d'a n-eduighibh andsin agus tuccadh a choscar
go Conghal, agus gidh íad muinter Conghail ann fós dob' iomdha
a n-easbadha agus doba creuchtach a churaidh agus dobhí Conghal
féin 'na chreuchtnughadh co mór. Táinic Ri Donn agus a inghen .i.
Taisi Thaibhgheal d'feachaint Conghail. Tucc an inghen láimh
tar braghoid dó agus do ghabh ag feuchaint a chneadh agus a chreucht
agus do ghabh ag feuchaint cinn Nabgodoin. "Is rioghdha an
cennsa," ar sí, "agus as maith linn n-euccmuis a anma agus as
maith d'Ulltaibh fós bheith mar atá agus is cuma liom aga
radh"; agus idbert an laoi: -
<Mór an cend úd isin ccnoc!
Anba a n-derna d'ar n-olc!
Dorinne mór d'ulc ar nuair,
Nabgodon mór nach Ioruaidh!
Nabgodon táinic a ttuaidh,
Ri na h-Uardha go líon sluaigh;
Conghal dobhen a chenn de,
Sinnsear cloinne Rudhruidhe
Gidheadh tángadar ale
Cugainn go cuan Rachruinne,
As ferr dóibh 'na bheith ag ól,
Mar do chuirsiom an cath mór.
Mor.
Tángadar anonn isin mbruighin as a h-aithle agus do cuireadh
a ngrianán gloinidhe íad agus a ttighthibh fionna fairsionga
fíornuidhe; agus tuccadh legha d'a leighes agus dobhádar caoicdhis ar
mís a ndunadh Ri Duind mar sin; agus ba maith an mhuinter
aga rabhadar agus as maith do chaithedar riu; agus ó thairnic dhoibh
a leighes agus a mbeith in-shiubhail agus an fhleadh mhór agus an bhanuis
sin do chaithemh, adubhairt Ri Donn: "Maith, a Chonghail,"
ar sé, "ber do mhnaoi let agus iarr fén fearonn ar chlandaibh
Rudhraidhe dhí uair ni h-áil liomsa Ulltaidh do bheith ina mbiodhbhaibh
dhamh uimpe." "Ni bhiaid idir," ar Conghal, "acht teighid
Anghotha mac Anluin agus Bricne mac Carbhre go h-Eamain
Mhacha agus iarruid feronn dhamhsa dom' mhnaoi ar Ferccus mac
Lede agus ar maithibh Uladh agus dingeubhadsa mo choccadh agus
coccadh Ferccusa mic Rosa díbhsiomh d'a chionn." Tángadarsan
rompa iarsin go h-Emhoin, agus as taosca rángadar
a sceula go h-Emhoin inas íad féin, uair ba baidh leó uile
an cath sin do bhris Conghal ar lucht na h-Uardha re
cédthinnsceadal a choccaidh agus do feradh fáilte riu ag na
rioghuibh sin agus do fhiarfaighedar sceula an chatha sin díobh agus do
innsedar sin dóibh uile. "Créd ima ttangabhairsi annso?"
ar maithe Uladh. "D'iarraidh feroinn oruibhsi tángamar
do mhnaoi Conghail," ar siad, ".i. d'inghin Righ Duinn
agus dingeubhaidh Conghal a choccadh féin agus coccadh Ferccusa
mic Rosa d'Ulltaibh d'a chionn." "Ticcidh Conghal féin a
n-Érinn," ar Fergus mac Lede, "agus ó do gheall a choccadh
do dhiongbháil d'Ulltoibh dobheursa righe n-Uladh dhó, uair as
sine agus as uaisle é ina misi." "Ni gheubhasan sin," ar
Angotha, "uair tug d'a bhrethir nach geubhadh righe n-Uladh no
go ccoiseonadh Righe n-Éreann ar tus." "Madh é sin
adubhairtsion," ar Ferccus mac Lede, "dobheursa fonn
maith dh'a mhnaoision." "Cia an ferand sin?" ar íadsan.
"In triochad céd as coimhfhoigsi d'fherann a h-athar fén," ar
Ferccus. "As cuma duitsi do thabhairt dó," ar Bricne,
"uair do bhiadh righe n-Uladh at' fhegmuis acht muna ttugtha
sin uait." "Damadh é sin bu áil leission," ar Ferccus,
"dogheubha uaimsi gan imresoin é." Is annsin tángadar
na teachta d'ionnsoighidh Conghail go teach Ri Duinn. Do
fhiarfaigh Ferccus sgeula dhíbh, an bhfuaradar an fearand
do chuadar d'iarraidh. "Fuaramar," ar síad, "agus dobheura
Ferccus mac Leide righe n-Uladh dhuitsi damadh áil leat agus
tug an triocha céd as nesa d'fherann a h-athar dot' mhnaoi
go Dún Sobhairce"; agus doba maith le Conghal sin agus do chuir
Ri Donn a inghen agus maithios iomdha lé ar in triochad chéd sin,
agus do rinneadh Dún aicesi ann .i. Dún Taisi agus Dún Taisi
ainm na renna i raibhe fós.
An Treas Chuid.
Iomthusa Conghail innistear sonn scéal oile. Adubhairt
re n-a mhuintir a chobhlach do chórughadh agus dul d'ionnsoighidh
Lochlann. Do ghluaisiodar rompa ar muir agus ar mórfhairrge
agus roba ríoghdha an cobhlach sin Conghail agus roba mór leó a
meanma agus a meisneach ag dul d'ionnsoighidh Lochlonn agus as é
dobú righ Lochlann in tansin .i. Amhlaoi mac Scoinne agus is
ann dobhí a dhunadh a ndescert Lochland .i. ag Eassuidhe. As
isin uair agus aimsir dobhí Ri Lochlann ar múr a bhaile agus a
dhraoí ina fharradh .i. Ferccna file; agus adconncadar in
loingeas lánmhór d'a n-ionnsoighidh agus na siuil ilbhreaca
iongantacha uaistibh. "Is adhbhal an cobhlach úd ad-chiamuid,
a Fherccna," ar Rí Lochlann, "agus an ttabhraidh aithne
forro?" "Dobheirimse aithne forro," ar Fearccna, "as
é cobhlach Conghail Chlairingnigh mic Rudhraidhi é agus is leis do
thuit Nabgadon mac Ioruaidh, rí na h-Uardha." "Cia in
sluagh atá 'na fharradh?" ar rí Lochlonn. "Ni tháionic a
h-Érinn amach riamh mac riogh as fearr muintire inas é," ar
Ferccna, "uair atáid dha mhac rígh Connacht ina
fhocair ann .i. Aillil Teora Gaoth agus Aillil Teora Críoch, agus
mac righ Alban agus mac righ Laighen agus mac righ Concend
ar n-a n-ionnarbadh as a ccríochaibh féin agus neoch as ferr
inaid sin uile .i. Ferccus mac Rosa, righmhileadh Éreann
agus macurraidhe Éreann ó sin ale"; agus adubhradar in
laoi and: -
A Fhearccna as aluinn an dream
Táinic a h-iath Éreand;
Nocha nfaca mise abhus
Sluagh do bhiadh fo a ccosmuilius;
Cionnus atáid siad na fir?
Inad crodha na curaidh
Mar tiaghad i ccenn catha?
Caidé anmanna a n-árdfhlatha?
Conghal cláiríngneach, an rí!
Mac rioghdha do Rudhruidhí!
Fearccus mac Rosa, reim ngle!
'S an da Ailill oirdnidhe,
Trí mic Tabhairne na ttres,
Leó adfaothsat laoich d'a luaith-treas
In triar ele as calma i cclí
Mac Fionntuin mic Rudruidhi.
Anadhal Euchtach ar nuair
Rí Coincend an choccaidh chruaidh
Cairbre na ccles is na cceard,
Mac rígh Midhe na móirceard;
Cionnus atáid féin na fir
Im ghniomhaibh gaile is gaisccidh?
Anad blath Ferccusa a mbladh?
An abra riom, a Fhearccna.
A Fhearccna.
Is andsin adubhairt Ferccna le rígh Loclann: "Fersa
fáilte riusúd go suilbhir," ar sé, "agus déna maith orra, uair
gé madh amhluidh do bhethea a bhfeuccmuis do righe do choiseóndaois
súd righe duit agus gidh cogadh do bheith ort do
dhingeubhadaois dhiot é." "Dogheubhadsan maith agamsa dé
sin," ar rí Loclonn. Doghabhadarsan acorsaid isin
ccaladh annsin, agus do ghabhadar a n-arma umpa, agus dorónsat
cró comhdhaingean catha dhíobh, agus táinic in Rí ina ccomhdáil agus
ferais fáilte friú, agus adubhairt an laoi and: -
Mochén duit, a Chonguil chrúaidh!
Táinic a h-Érinn go mbúaidh,
Do gheubhairsi fáilte dhe
Agamsa 's ag Bebherre.
Beiuda as í as fearr do mhnáibh,
Agus Aralt, dearbh an dáil!
Fearfuid fáilte sibh uile
Eidir ri as rodhuine.
Naoisi mo mhac, imlibh slogh!
Fear 'ga bhfuigthi fáilte mhór
Adeura riot, is ní chéal,
A Chonghuil seacha cach mochéan.
Mo.
Agus tángadar maithe Lochlonn uile ina n-aghaidh agus
rofersad fáilte friú, agus do folmhuigheadh grianán in Righ
dóibh, agus do cuireadh Conghal go maithibh a mhuintire ann, agus
tuccadh tighe oireghdha do'n fhianlach gaiscidh ó sin amach;
agus do rinnedar gleire foilcthe agus fothruigthe dhóibh uile.
Is annsin tuccadh maithe Lochlann dochum righ Lochlann, agus
adubhairt riu: "caidhé bhar ccómhairle, a mhaithe Lochlann, ré
Conghal cona rioghdhamhnuibh?" ar sé. "As edh adermidne,"
ar síad, "an mhaith as mo fhédfomh do dhénamh air co
ndiongnam í agus dénasa gach maith as féidir air fós." "Beridh
buaidh agus bennachtain, a mhaithe," ar Rí Lochlann, "as cómhairle
deghmhuintire sin"; agus as amhlaidh dobhúisiumh agus fledh mhor aige
do mhaitibh Lochlann agus do thaisben an fhled do Conghal agus tug
ar a cumus agus ar a ordughadh uile í. "Asedh aderimsi," ar
Conghal, "a tabhairt damsa agus do mhaithibh Lochlann." "A
n-éntigh le céle agus maithe Lochland bias tú no i ttigh let fén?"
ar Rí Lochlonn. "An t-ionadh a ccuirfem iul ar a chéile is
ann bhemid do'n chursa," ar Conghal; agus tángadar a sluaightheach
in Righ agus tuccadh an dara leith dé do mhaithibh Lochlonn
agus in leith eile do Conghal cona mhuintir. Agus do shuidh
Conghal ar slios an righthighe agus Ferccus ar a láimh dheis agus
Muiredach Mergech ar a láimh chli agus do cuireadh Anadal mac
righ Conceann cona thrí céd Conceandhach isin fochla fheinnidh
fa nesa do Conghal; agus do cuireadh Aillil Teora Gaoth agus
Aillil Teora Crích isin fochla fheinnidh ele agus Criomhtann mac
Ferccusa Fairge ina bhfarradh agus Cairbre Conganchneasach
mac Cairbre Cruim; agus do cuiredh Merne Semhne agus Lathairne
a bhfarradh Conghail agus do shuidh Fachtna Finn File agus
Bricne mac Cairbhre agus Fraoch draoi a bhfiadhnuise Conghail
agus Ferccusa. Suidhiughadh lethe Conghail conuige sin.
Táinic Rí Lochlann isin slis tuaidhe do'n tigh agus do
cuireadh rioghraidhe Lochlonn ar a láimh dhes, agus do cuiredh
Naoisi agus Aralt a dha mhac isin fochla fheinnidh agus do cuiredh
Bebheire a bhean ar a láimh chlith agus Beiuda a inghen go líon
a bantrachta isin fhocla fheinnidh eile; agus do dáileadh fíon agus
seinmhiodh ar na sluaghaibh agus do gabhadh duana agus duthchonna
ca, agus do chuir cách a n-aithentus ar a chéle do laochraidhe
Lochlann agus do churadhoibh Conghail; agus do ghabh Bricne ag
dénamh cuarta ag maithibh Lochlann agus fuair maoine agus
ionmusa iomdha ann agus do sháidhedar sbeis mhor a mBricne.
Táinic Bricne iarsin a bhfiadhnuise Pheiuda cona bantracht.
"Slán fort, a Bheiuda," ar sé. "Cred as áil let
d'fhagháil, a ollaimh?" ar sí. "Ní seoid náid maoine
iarruim, a inghen," ar Bricne. "Cred oile iarrair?" ar sí.
"An é nach bhfidir tusa, a inghen," ar Bricne, "cred do
iomluaidh Conghal mac Rudhraidhe a h-Erinn do'n dul so?"
"Ni h-agamsa atáid a rúin," ar in ingen, "acht do chuala
gurab ar ionnarbadh táinic." "Is fíor sin," ar Bricne,
"agus gidheadh atá adhbhar eile ann." "Cred an t-adhbhar sin?"
ar an inghen. "Do chuala do bhethsi a n-óige agus a n-aontumha
agus nach bhfuil do shamhuil do mhnaibh an domhain agus as í sin ben
dob'áil laisiom, ó derscaigh féin do mhacoibh riogh an domhain,
agus tug gradh dhuit agus as dod' iarraidh táinic do'n chursa."
"Dia bhfagha san dhamhsa 'n choibhce iarroim ar macoibh
riogh ele an domain tig dom' iarraidh faoidhfed les." "Cred
an choibhce sin?" ar Bricne. "Trí h-eoin inghine Cairrtinn
Chuirr," ar sí, "agus do choideoldaois fir agus mná na talmhan
acht gidh a n-éccomlann bhédís ré ceól na n-én sin,
agus cuing charbhuid Cirb agus cathbharr Micscenmais, agus nocha
ttáinic fir rogheubhadh dhamsa na nethe sin agus ni shaoilim a
tteacht agus beudsa a n-aontumha go bhfaghar uile íad."
"Do gheubhairsi sin, a inghen," ar Bricne, "uair as amhlaidh atáid
clanna Rudhraidhe agus an ní nach féduid daoine eile do
dhénamh doghnidsiomh re h-edh n-athgoirid é agus an comhlann
nach bhféduid curaidh do dhénamh donid clanna Rudhraidhe
é agus fuaisceóla Conghal na cesta sin"; agus adubhairt an laoi
ann: -
A inghen nadcair céile!
A gnuis go ngile gréne!
Diongmhala duit as gach modh
Cur comhramhach mar Conghal.
Gidh maith letsa, a Bhricne bhuain!
Conghal mac Rudhraidhe ruaidh,
Nocha carabsa é tra
Nogo n-ioca mo chesta
Caidhé na cesta cuinge?
Go bhfionnam caidhe an doilge,
Nocha nfuige, tolaibh gal,
Acht muna bhfagha Conghal.
Trí h-eóin inghine Cairrthinn
Go cceól, taisbeanadh tlaithbhind!
As cuing carpait Cirb gan gheis
Agus cathbarr Micscenmeis,
Do gheubhasa sin uile,
A inghen fhionn fholtbhuidhe!
Gacha sire, codhnaiph gal,
Do gheubha uile, a inghen!
A inghen.
"C'áit a bhfuilid na neithe sin, a inghen," ar Bricne, "co
ndechmaois d'a n-iarraidh?" "Atáid i ccathraigh Muirne
bainghaiscedhaigh," ar sí. "C'áit a bhfuil an chathair sin?"
ar Bricne. "Eirccidhsi d'a h-iarraidh sóir," ar an inghen,
"agus muna bhfagthar thóir í erccidh síar, agus muna bhfaghuidh thíar
eirccidh ba dheas, agus muna bhfagthaoi ba dheas í eirccidh ba
thuaidh, agus narab mac maith dhaoibh nogo bhfagthaoi d'eólus
uaimsi acht sin." Ro eirigh Bricne iar sin agus táinic a
bhfiadhnuise Conghail agus Ferccusa, agus tug a chenn a n-inisle
iomagallaimhe orra, agus asedh adubhairt: "Maith bar tturus
a h-Érinn a óga," ar Bricne, "uair an inghen tug eura
tochmairc ar macoibh riogh an domhain .i. Beiuda inghen righ
Lochlann tug gradh carthannach do Conghal agus do athcuingeadh
coibhce air .i. tri h-eóin inghine Cairrthinn agus cuing charbaid
Cirb agus cathbharr Micscenmais ... chathrach Muirne banghaisgedhaigh
agus do chuir si geasa agus airmid oruinn an choibhce sin
d'fhagháil dhi .i. da n-o phill for buailidh bhar mbertha agus
bar n-airm faona frithnocht fuibh; gurrob sleamhnuighther
re h-omh eascoinne gach ferann for a salteorthaoi;
troigh mhna troghuin foruibh; Saoghal neoil chaille ar ...
chrotnughadh aguibh; nior thoimhle sibh nomhaidhe muna
bhfagthaoi an coibhce sin do h-iarradh oruibh." Is annsin
tugustair Ferccus preab a mbruinne gur bhenastair risin
tana romhóir dobhí ina fhiadhnuise, gurbho tennobair do
lucht freastola an tighe a anacal uirre. Tug Conghal
buille d'a dhruim risin bhfroighidh conach raibhe astigh colbha
na cathaoir nar chriothnaigh. Ódchonnaic Ri Lochlann sin agus
a athair dobhí ar a ghualoinn .i. Scoinne sciathamhlach,
óglach arsaidh éisen; "Cred rodcuir a sniomh mar
sin, a chaithmhilidh, a Chonghail?" ar Ri Lochlann, "agus cred fa
rabhabhair da bhar n-ollamh?"
Do eirigh Fachtna Finn File ina bhfiadhnuise uile annsin
go ccualadar maithi Lochlann a aithesc agus adubhairt: "Ceann
imchaisde Érend súd," ar Fachtna Finn File, ".i. Bricne mac
Carbhre agus do rinne coimhshercus gan iarraidh eidir 'hinghinsi agus
Conghal, agus do iarr uirthe féin 'hinghensa géngo ndubhradh ris
é, agus do chuir ceast ar Conghal nach saoilter d'fagháil idir."
"Maircc ar ar cuingeadh na ceasta sin," ar Ri Lochlann,
"uair dia mbédis sluaigh na talmhan aga n-iarraidh ni bhfuighdis
íad." "An bhfedruisi, a Righ, c'áit a bhfuil síad?" ar
Fachtna Finn File. "Atáid i ccathraigh Muirne Molbhthaidhe
a ndesceart na Fuardha," ar eséin, "agus da ndechdaois fir
dhomhain dochum na cathrach sin do gheubhdaois a saith cathuighthe
re cathraigh amuigh a n-iongnus luchta na cathrach fén, agus atá
seóladh caicdhis ar mhís ó Lochlannaibh soirthir do mhuir an
chathair sin." "Is doiligh linne an cesd sin do cuiredh
oruinn," ar Conghal, "ar tteacht i ccrích Lochlann." "Na
h-abair sin, a Chonghail," ar Ferccus, "uair da bhfagha neach
isin domhan an choibhce do iarr an inghen as sinne do gheubha,
gíon go ndeach neach eile ann," ar Ferccus, "rachadsa
ann." "Rachadsa ann," ar Conghal, "agus asedh as doilghe
linn eólus an mhara d'fhagháil." "Dobheursa aiscidh dhuit,
a Chonghail," ar Scoinne, "agus ni gheubha cath no comhlann riot
uair senoir mé féin, agus dobhér mo sciath dhuitsi óir do tairrngeradh
damhsa nach bhfuighinn tigherna tar éis mo bháis no
tar m'éis féin acht mac righ Éreann. Is tusa esein, a
Chonghail, agus nir ghabh neach re a ghualoinn sciath as fearr
ina í"; agus adubhairt: -
A Chonghail ber leat mo sciath
Urrunta a triath, obais troid
Buaile curadh, ersce cearb
Dia scing an ga dercc a troid;
Saothar saoirsleighi, triocha cath;
Fer go rath ni furail di;
Minic dobhermis a cath
No go mbeth ar ár leth chli;
Go n-eccar airccid re a cnes
Eidir an des is a ttuaidh,
Go ndeilbh leomain ar a taoibh,
Go mbile iaroinn chaoil chruaidh,
d'a corrán chrithir chais
Do thelgmis a frais mór ttor,
Minic dobhermis an cath
Con faccmis an agh mor con.
A Chonghail.
Tuccadh an sciath asteach iarsin, agus tuccadh do Chonghal í.
d'fhech Conghal in sciath, agus do chuir ar a dealgain uasa
í. "Atá cómhairle agamsa dhuit, a Chonghail," ar Amhlaibh.
"Cred í, a áirdrigh?" ar íadsan. "Cuiridh scís an mhara agus
an chatha do chuireabhair dhibh," ar sé, "agus leiccidh seachaibh an
gemhreadh oir dogebhthaoi co soinmheach sadhal agamsa ann, agus
scíamhdhaingnither bhar sceth agus sliopthar bhar slegha agus
cóirighther bar ccloidhme uair atá agamsa neach dobhí d'a
fhoghloim 'san chathraigh, agus as é innsios sceula dhúinn .i. Uirgreann
draoi, mo dhraoi-si féin, agus anuair bhus mithidh díbhsi
dul d'arccuin na catrach sin rachaidh sé romhuibh ar eólus."
"As í sin cómhairle dogénuimne," ar Fachtna Finn File.
Tucc sin subhachus agus sobrón mór do Chonghal cona mhuintir
agus dorónsat mar adubhairt an draoi, agus do leccedar
seacha an gemhreadh.
Is annsin adubhairt Conghal re righ Loclann a cceann na
geimhridhe: "ullmhighter lón agus longa dhuinn," ar sé, "uair
as mithidh linn dul d'iarraidh an choibhce do h-iarradh orainn";
agus do rónadh amhlaidh sin aca. Ro tóccbhadh mórchoblach
leósan ar muir, agus dobhí seóladh caicdhís ar mís o chríochaibh
Loclann co cathraigh Muirne Molbhthaidhe, agus dobhádar ag
seóladh re mís sairthir. Ni fhacadar ní acht an fiormament
os a ccionnaibh agus an faircce ina ttimchill, agus do chonncadar
uatha ar a ccenn slíabh mór ar lár an aiccén; agus dob' adhbhal
a fhad agus ceann dé bu dheas agus ceann ele bu thuaidh, agus a mhullach
ar derglasadh. "Cred é an slíabh úd, a Uirgrinn draoi?"
ar Conghal. "As é súd in slíabh teineadh atá romhuibhsi," ar
in draoi. "Cá conair a racham seacha súd?" ar Conghal.
"Nocha nfuil conair ba dhes no ba thuaidhe seacha súd
agad," ar in draoi, "uair da ttí tú do'n leth thuaidhe dhé
doghébha muirtheucht cona tonnaibh ann agus da ttí do'n
leth dhes dé dogéubha ciothghalchleas sneachta an mhara
mhoir ann i ccomhrac na h-uardha agus na teintidhe; agus damadh
comh mór risin slíabh do gach én long dod' chobhlach dobhrisfadh
gach tonn d'á bhfuil airsion íad"; adupairt in laoi: -
'Sé súd an slíabh ar lasadh,
Ciodh árd an cathairfhossadh,
Ni h-urus a léim, dar leam!
Nocha nfoccus a thimcheall,
Madh da ttís do'n leith thuaidh
Do gheubha olc re h-enuair,
Do fia muirtheucht cona tonna
Imeoras ort anglonna;
Madh da ttís do'n leth andes
As dearbh do gheubha cruaidhtres
Claochlodfaidh do shluagh a ngné
Adeirim riot asé.
Ase.
"Cionnus do dhénam uime sin, a Uirgrinn?" ar Conghal,
"an bhfuil eólus eile agadsa dhuinn?" "Atá imurro," ar
in draoi, "uair as amhlaidh atá an sliabh úd agus poll trid, agus
ní bhfuighdis fir na talmhan eolus d'ionnsoighidh na cathrach
gusa tteighisi acht tre lár in tsleibhi úd, agus do fedarsa an
chómhairle as dénta daoibh," ar in draoi, "ceangailter
bhar longa d'a cheile agus tabharthar long Conghail ar tús
rompa agus misi innte go mberar eolus agus longa an chobhlaigh
ina diaigh, agus cengaltar corra na long d'a chéle aguibh diaigh
a ndiaigh." Do rónadh amhlaidh sin aca; agus long Anadhail
mic righ Concenn así dobhí fa dheireadh, agus do chuirsiot lesbaire
gloinidhe ar gach loing dhíbh agus tángadar d'ionnsoiccidh
an tsléibhe mar sin; agus dobhí seóladh laoi co n-oidhce dóibh dul
tresan slíabh sin agus iar ndul trid dóibh dobhí seóladh caoicdhisi
uatha co cathraigh Muirne Molbhthaidhe. A ccionn na rée sin
adconcadar cathair theinntidhe Muirne uatha, agus adubhairt
Conghal: "Cred an chathair theintidhe úd adchiamuid, a
Uirgrinn?" ar sé. "As í súd in chathair atathaoisi d'iarraidh,"
ar in draoí, "agus mur teineadh ina timchill."
Is annsin do ghabh Conghal a arma agus adubhairt risna
sluaghoibh: "Cóirighidh bhar n-airm n-aigh ós bhar ccennoibh agus
bhar sleagha ós bordaibh bhar long, agus righidh bhar siuil a
mbarraibh bhar ccrann agus tabhraidh frais ainiarmarthach
iomramha d'ionnsoiccidh na cathrach a ccédóir." Do rónadh
amhlaid sin acasan nogur rángadar dorus muir na cathrach.
"Déntar leibhenna da bhar lonccaibh anois," ar in draoi,
"agus cengailter slios gach luinge d'a chéile aguibh uair as
deimhin go bhfuighthi deabhaidh agus imreasoin go h-athgoirid, agus
as maircc loincces ainiuil táinic isin bpurtsa uair ni
dheachaidh neach ina bheathaidh as d'a ttáinic ann ríamh agus ní
mó rachas sibhsi; uair atá triur isin chathraigh úd," ar sé,
"agus as íad cédchomhlann do gheubhthaoisi íad agus do chlaoidhfeadh
fir domhain o'n triur sin .i. cailleach atá ann agus Saighed inghen
Charrthoinn Chuirr a h-ainm agus inghen mathar do Muirn í; agus da
onchoin atá ann agus as íad leigtear ar tús do chur áir gach
sluaigh dá tticc annso, agus as comhlann céd gach cu díobh a
n-eagmhuis na caillighi"; agus adubhairt an laoidh: -
As í so an chathair theineadh
'Madtá in mur, gach móirthemheall
Ó do riachtamar ina port
Dogheubham mór n-eccomnort;
Dá onchoin atá 'san dún
Chugainn dobheurad mirun;
As comhlann céd cechtar dhe
A n-iongnuis na caillighe,
Soighead inghean Charrtoinn Cuirr;
Frecceoruidh sibhsi tar tuinn,
Claochloidhfidh do laochuibh lí,
Aderimsi ribhse as í.
As i.
Iomthusa sluaigh na cathrach ódchonncadar sluaigh lánmóra
agus na foirne feramhla fedmláidire, roghabhustair iongantus
adhbhal mór uile íad agus do cuireadh a múr mórlasrach
'ma ttimchioll teintidhe leó fá'n ccathraigh accédóir; agus nir
chian do chobhlach Conghail ann an trath adconncadar aon
duine mór d'a n-ionnsoiccidh as an cathraigh, fear tarbhdha
taobhodhar righremhar romhór é agus idh imremhar iarainn ima
bhraghaid agus slabhra iaroinn esde agus idh eile iaroinn ar in ccenn
eile do'n tslabhraidh; agus táinic d'ionnsoiccidh cairrthe mhóir
dobhí ar in traigh agus do chraith an slabhraidh. "Cred é súd,
a dhraoi?" ar Conghal. "Fer ag iarraidh comhloinn oruibhsi
súd," ar in draoi, "agus as iongnadh in comhlann iarras .i.
fer do thabhairt a dhroma risin cairrthe úd do'n dara leith agus
esen do'n leith eile, idh iaroinn fa bhraghaid gach fir dhíbh agus
slabhra iaroind etarra fa chenn an chairrthe, agus in slabhra
aca ccomhtharruing etarra co ndeachadh ar cechtar dhibh agus is
amhlaidh sin benas a cheann da gach aon." "Teighidh neach
uaibhsi isin ccomhlann úd," ar Conghal. "Damadh comhrac
airm no iolfaobhar é," ar síad, "dobadh usaide linde a
fhregra uair as nemhaithneach dhuinn." "Rachad uaibh ina
aghaidh," ar Anadhal Euchtach mac righ Coinceand. Ro
eirighsen agus do ghaph a arma agus rolincc i ccuirrthosach a
luinge go raibhe ar tul na tragha, agus táinic d'ionnsoighidh in
chairrthe iarsin agus do ghaph an idh iaroinn ima bhraghaid, agus do
ghabh an fer mór an idh eile, agus tug an fear mór sreangtharruing
ar Anadhal go ráinic a chend comh árd re cenn an
chairthe, agus tug Anadhal urthógbháil ar a cheann agus ar a
mhuineul go ro thóguibh an fer mór ele ó lár go ttarla
druim an athaigh risin ccairthe. Tug an t-aitheach tarruing
oile airsen go ttarla Anadhal ina shuidhe ar mullach an
chairthe. Is ann sin do eirigh fioch agus aingidheacht Anadhail, agus
tug béim ferdha fearamhail d'a dhruim risin ccairthe, agus tug
tarraing d'a cheand agus d'a mhuinél ar in slabhraidh gur tharruing
an idh iaroinn tré muinél an athaigh gur dhiubhruic a
cheand dé ar in traigh go tinneasnach; agus táinic Anadhal
ina luing iarsin agus do comhmhaoidh an comhlann. Doba moide
menma Conghail cona mhuintir in fear sin do thuitim leó,
uair niorbh ionchomhluinn neach gonuige sin ris.
Goirid dobhádar ann iar sin intan adconncadar fear
mór ele d'a n-ionnsoighidh as in ccathraigh amach, agus as é fa
mó d'feruibh na talmhan, agus nir dhuibhe sengual soileach ar n-a
bhathadh a n-uisce ina gac ball dé ó a bhonn go a bhathais.
Duibhsciath iaruinn for a chliú cona slabhraduibh
dogharbh glaisiaroinn for a ghualoinn, agus claidhiomh lethfhaobair
lánmhór ina láimh, agus bíor boirbiaroinn isin láimh eile dho
mar tuireadh riogcoinnle tighe deghdhuine agus as í sin dob'
énslegh do'n aitheach. "Cia súd, a Uirgrinn?" ar Conghal.
"Deoghbhaire an bhaile-si súd," ar in draoi, "agus fer congmhala
coinnle na cathrach é, agus as í aiscidh ro iarr ar lucht in bhaile
a leicceadh fein d'ionnsoighidh an tsluaigh ainiuil ticc do'n
chathraigh go bhferidh a chluiche curaidh riú." Do ghabh Conghal
ag feuchaint a mhuintire ina thimchioll, agus ódconnaic Muiredhach
Mergach mac righ Alban sin, do ghabh a arma agus
táinic dochum an chomhluinn agus do bhen cach dhíbh re chéile go
dighair deghtápaidh, agus do ghabh an t-aitheach ag forrach
Muiredaigh, agus do chreuctnaigh go dighair é, agus ódconnaic na
sluaig sin uile doba doiligh leó an t-anforlonn a
raibhe Muiredach mac righ Alban. Do éirigh Bricne ann sin
agus adubhairt: "A mhic righ Alban," ar sé, "as náir duit
gurab é fer congbhala coinnle na cathrach diongbhas a
ccomhrac thú." Do h-imdergadh fa Muiredhach ódchuala na
briathra sin agus táinic a fherg risan aitheach agus do shaith a
chlaidhimh iná chorp gur dianbhriseadh a dhruim isin deoghbaire
ar ndul tre n-a innibh gan fuireach, agus tug béim ele dho gur
dhiubhruic a cheann d'a choluinn agus táinic ina luing iarsin.
"Rodfia buaidh agus beannachtain, a chaithmhilidh," ar Conghal,
"as comhlann curaidh sin agus is mór d'a uilc fuarais."
"As mór," ar Muiredhach, "uair domfarraigh claidhemh
lethfaobhair an choinnealbhra," agus idbert an laoi: -
Do thuit an deoghbhaire dían,
A righ Uladh na n n-áirdghíall!
Ar méd agus ar áirde an fhir,
As maircc dobhiadh 'na chumhaidh,
A chlaidhiomh lethfaobhair lonn
Do imbir éigen orum;
Ni fhuil arm a mhacsamhla;
Romchrechnaigh in coinnealbhra
Domriacht deogbaire dorcha
Nir cendais, an fer comtha,
As dom' ghniomh goile as derbh dhuit
Ar in traighsi thuaidh do thuit.
Do thuit.
Is ann sin adconncadar triar odhar allmhardha trénfhear
as an ccathraigh amach agus trí sceith duaibhseacha forra agus
sleagha móra mergacha ina lámhaibh leó agus trí cloidhmhe
coinnealda cruaidhgheura ar árdghabháil curadh aca, agus
tángadar ar tul na tragha, agus do iarradar comhlann a
ccédóir. "Cia hí súd, a Uirgrinn?" ar Conghal. "Trí mhic
do Shoighid inghin Carrthoinn súd do'n chailligh do chualabhair,"
ar in draoi, ".i. Trén agus Trothlamh agus Triscatal a n-anmanna,
agus nemhthnighe dhaoibhsi gach comhlann d'a bhfuarabhair ríamh aga
bhfeughadh súd." "An tríar brathar íad?" ar Bricne.
"Asedh go deimhin," ar in draoi. "Cred acht tríar
brathar eile uainne 'na n-aghaidh?" ar Bricne, ".i. Merne,
Semhne, agus Lathairne, trí comhaltadha Conghail." "Roba
doiligh duinne comhlonn 'na n-aghaidh," ar íadsan, "agus tusa
d'a furáil oruinn acht ciodh bás dogheubham ann." Do
ghabhadar iar sin a n-arma agus tángadar gusan traigh, agus do
dhiubhruic cách a chéile dhíobh 'na seser .i. an triar Ulltach
agus an triar allmarrach, agus do thuaircc cach a chéile aca, agus
do éirigh gaisceadh na nGaoidheal ós na h-allmarrchaibh
gur thuitedar trí mic inghine Carrthuinn isin ccomhlonn agus ro
dhicheannsad mic Fionntáin íad agus tugadar a ccinn leó d'a
maoidhiomh go Conghal. "Beiridh buaidh agus beannachtain," ar
Conghal. "Gach maith dhuit, a áirdrí," ar íadsan, "agus gach
comhlann righ tuitfas ortsa dingeubham diot é lessúd";
agus idbert: -
Gach maith dhuit, a righ Uladh!
Go líon céd agus curadh,
Dororcradar linni imalle
Triar cloinne na caillighe,
Trén, Trisatal, as Trothlamh;
Trén dobhí oruinn a n-omhan,
Torchradar go luath linne,
An chlann choscrach Chairrthinde,
An ccéin bhem ar in sluaghadh
Gan ainíos gan fionnfhuaradh,
Gach comhland rodshoich, a fhlaith!
Dingeubhmaoidne dhiot go maith.
Gach.
Is ann sin do leicceadh dha onchoin chuca as an
ccathruigh, agus ódconncadar na sluaigh na brodonchoin gairbhfhionnfadhacha
ghraineamhla sin dochuir a socht mhór íad a
bhfaicsin. "Maith, a aos cumhtha," ar Uirgreann draoi,
"do gheubha síbh uile bás leósud uair as amhlaidh atáid na
coin úd, ni ghabhuid renna náid faobhair íad agus as comhlann
céd gach cú dhíobh." "Ní fhuil 'san chruinne ní ba cesd linne
acht go n-gabhdaois ar n-airm íad," ar cach. Is ann sin do
éirigh a bhfioch confaidh ar na conuibh go raibhe duracht
forderge ar gach énfhiond d'a ccorpuibh, agus do shnaidhsiot
an mhuir amach dochum na sluagh. Ódconncadar na sluaig
sin, do líon omhan agus imegla mhór uile íad. Ódconnaic
Criomhthann caomh mac Fergusa Fairrge an egla mhór sin ar
na sluaghoibh ris na conaibh, do ling as a luing isin muir
amach, agus do shnaidh an fairrge d'ionnsoighidh na n-onchon, uair
as amhlaidh dobhí an fer sin coimdes ar muir agus ar tír agus do
ionnsoighedar na coin eisen. Do chuirsen a cheand 'san
oigen uatha agus do chromsat na dobharchoin 'na dheaghaidh. Do
éirighsion suas uatha arís agus do thóccaibh a chend agus ag erge
dhó ro erighsiot na coin a n-aoinfheacht fair agus do bhensat a
fheoil agus a fhinnlethar o'n ccnáimh coimhgheal do'n churadh, agus do
chuaidhsén uatha arís fo'n muir agus do leanadar na h-onchoin é.
Ro erighsén arís edir na conaibh agus gabhais cu gacha laimhe dhó
dhibh ar chois agus tairrnges les íad gusan ccarruic lesan
erghenn an tonn, agus do thuairg an charraic dhiobh co ttuc a
n-inchinn tar a ccluasaibh amach, gur bhris a ccnámha i medhon
a ccroiccenn, agus ódconncadar na sluaigh sin, do chomhmaoidhsiot
an t-écht go h-athlamh. "Is mór do ghaiscceadh do
chonncabair ríamh," ar Bricne, "agus as é sin gaiscceadh as
mó neart agus as crodhacht dorinneadh o thús an domhain gusan
trathso agus as moghenar le ttangais od' thigh, a chomhthaigh!, agus
as buaidh ngaiscidh do ghniomh"; agus idbheart an laoi: -
Maith do thurus ó do thoigh,
A Chriomhthuinn chaoimh choscaroigh!
Mocen le ttangais alle,
A mhic Fesccusa sic Fairrge!
Do raduis léim as do luincc;
Tuccais do thaobh re tréntuinn;
As ar in snamh go trén thoir
Do mharbhuis an da onchoin;
Da onchoin dobhí 'san dún
Cuguinn do radsat mirún;
Do mharbhais pudharchoin ar mbreaith,
Do chongnamh linn as lánmhaith.
Maith.
Gairid do bhádar ann as a h-aithle antan adconncadar
forgharmanghnuis odharchaillighe cuirre cnámhaighe
craosghairbhe amach as in ccathraigh agus eudach odhardha uile
uimpe agus trí h-eóin áille iongnathacha ar a guaillinn agus
tlacht buidhe barráluinn d'or um na h-eunaibh agus én ar a
gualoinn deis agus én ar a gualoinn clí agus én ar a h-ucht. "Créd
súd, a Uirgrinn?" ar Conghal. "Truagh sin," ar in draoí,
"as í súd thimdhibhes bhar saoghalso," ar sé, ".i. Saighed
inghen Charrthuinn Chuirr agus as íad súd na tri h-eóin do iarr
inghen righ Loclann oruibhsi agus eóin tsíthe íad agus do choideóldaois
lucht gona agus galair na cruinne re n-a cceól. An
tan thógbhas Saighed inghen Charthuinn a fedán cinnbhraghad
fregruid na h-eoin í co ndénaid gadáin gniomhacha ghuthbhinne,
agus dá ccluindis lucht na talmhan eidir fhior agus mhnaoi íad,
ciodh ina sesamh do bhédis is 'na luighe d'fuicfidis iad agus as é
a ccodladh do thuitfeadh orra uile agus ni bhiadh nert mhna seola
in gach duine díbh agus is é sin dogéntar ribhsi; canfuidher
an ceol sin dhaoibh nogo ccodlaidh sibh uile agus benfaidh sí
bhar ccinn in bhar ccodladh dhíbh agus digheolaidh sí a clann
oruibh." Ro ghabh, umorro, uamhan agus imeagla na sluaigh
uile ré h-innisin an sceoil sin dóibh. Ro thóccuibh an chailleach
a ceól aicci agus do fhregradar na h-eóin go h-athlamh í.
Ódchualadar na sluaigh sin tugadar a nguailne ré a
longuibh agus do thuit a ccodladh uile orra achtmhadh Uirgreann
draoi, Ferccus, agus Conghal. "Truagh, a dheghmhuintir!" ar in
draoi, "táinic m'fhaistine-si dhaoibh agus atá an codladh dom'
chealgadh agus tuitfaidh sibh in bhar ccodladh, a Chonghail agus a
Fhearccus! agus benfaidhter bhar ccinn in bhar ccodladh dhíbh."
Cioth thra acht do thuit a ccodladh uile orra acht Fergus a
aonar, agus asedh tug dhósain gan codladh .i. tug an dealg óir
do bhaoí in bhrat agus do ghabh ag guin a throigheadh agus a mher agus
a dhearnann dhe agus do fhech thairis, agus adconnaic an sluagh uile
ina ccodladh agus bá demhin lais go ttiucfadh faisdine an
druadh dhóibh agus tug a lámh a ccobraid a sceith, agus tug
leacan laoichmhileadh as agus tug urchar ferdha feramhail dé go
ttarla a mullach a cruaidhchinn do'n chailligh go ruc a choibhés
d'inchinn a dubheuduinn tré n-a ceann siar seachtair cur
thuit an chailleach ar lár na tragha go tubuisteach, agus rolingsen
do tharrachtain na n-én agus nir tharraighsen idir íad
uair fuaradar na h-eoin bás agus tuitim do'n chailligh ina
cceann agus an fad do bhaoisiomh ag cromadh ar na h-eunaibh
d'a ndiubhraghadh uadha dochum na luinge tángadar amach
d'iondsoigidh Fergusa sluaigh na cathrach.
Ódchonncadar diairm ar in traigh 'na aonar é, ro
dhiubhruicedar frasa ferdha fuilecha fair agus na sleagha ro
dhiubhracthaoi fair ro fhriothailedsiomh a ndennoibh a glac agus a
lámh agus a ladhar uile íad, agus ro mharbh Ferccus fer gacha sleighe
aca; agus as í gáir in tsluaigh a ttimchioll Ferccusa aga
fhorrach do dhuisigh Conghal cona chathaibh; agus ro éirigh Bricne
agus adconnairc a thigherna bunaidh ag a bhaoghlughadh .i. Fergus,
agus do leigestair tri greucha bodhba as a bhraghaid, agus do éirigh
Conghal a ccédóir agus do eagair a chatha re h-athaidh aon
uaire do sciathoibh doinndearge dathaille agus do sleghaibh
slioptha slinngheura agus do cloidhmhibh orduirn iontlaisi
ar lár na tragha co tinneasnach; agus ro comhruic mór sluagh
Muirne agus catha Conghail do'n chur sin, agus do h-egradh a
n-iorghuil etarra agus ro dithighedh sluagh na loingsi go láindiochra
le Cearbh agus le Muirn agus le Miscenmas, agus a chuing
aluinn ordha dhaingen draoitheachta im bhraghaid Chirp, agus a
chathbarr caomh cumhdachta im cheann Miscenmuis d'a dhiden
ar armuibh, agus ni ghabhdais reanna náid faobhair íad, agus ní
gabhadh cath no comhlonn friu, agus tugsad sraonadh calma for
cathaibh Conghail. Iomthusa Ferccusa robhaoísen gan arma
aige, agus adconnaic an t-éccen a rabhadar na h-Ulltaidh agus
rob' olc le Fergus an t-anforlann sin da mbeith cumus a
fhoirithine aige, agus rofhech leth a chúil ar in ccathraigh, agus adconnaic
grianan gloine do thaobh dhoruis na cathrach, agus mic bega
agus blaithinghena ann ag feuchadh uatha agus aon tor rioghdha ag
cothughadh an chaoimhgrianain agus ro eirigh bruthmileadh agus
ferg Fergusa agus táinic tar dhorus na cathrach agus ro iadh a
dha dhóid rioghdha um in tor congbhála sin, agus tucustair crothadh
anbhail uirre gur dheighbhris an grianan fa múr na
cathrach go bhfuair a raibhe ann uile bás, agus tugsan an tor a
talmain agus táinic le d'ionnsoighidh an chatha accédóir agus roghabh
ag a bhruthmhionughadh go barbardha biothnertmar, agus rochuir
tiughára trommhóra ar na cathaibh agus do rinne énchath uile
díobh eider a shluaghuiph fén agus muintir Muirne, agus rob' usa le
dul i ccend a n-airm agus a n-iolfhaobhar fén ina bheith urtharsna
ar ceann Fhearccusa; uair as uaill nach ttuitidís
triocha trénfher lais da gach aon bhuille d'a mbenadh orra
gur faccaibh ina bhfuiledhaibh fiormharbhtha ar lár na tragha
d'forgla uile íad. Iomthusa Chirb rochuirsén ár anbhail ar
cathaibh Conghail. Ódchuala Ferccus na feoilbéimenda
sin, táinic d'ionnsoighidh Chirp tresna cathaibh agus mairbhter
lionmar d'anradhaibh eatarra; agus ro dhiscaoil Ferccus uile
íad no go ráinic gusan airm i raibhe Cearp isin cath agus
tug béim d'ionnsoighidh Cirp, agus do thóccaibh Cearp a sciath
ar a scath, agus do rinne blodha bega fo cosaibh an churaidh do'n
chaoimhscét agus tug aithbém dhó, agus ó nach cumang aige a
iomgabhála, dobhen an buille a mhullach a mhaoile gur
fhaccaibh gan anmain isin ionadhsin é; agus do ghluais Ferccus
roimhe do chuartughadh an chatha as a h-aithle, agus ro scaoil
sluagh na cathrach roimhe ó do thuit Cearp lais, agus ní raibhe
acmoing a gabhála ris dia essin aca.
Dala Miscenmais ro ferustair comhlann re Cairbre
Congancnesach mac Cairbre Cruim agus tugsan osnadh eccomhlainn
ar Cairbre, agus do chuala Fergus sin agus táinic d'foirithin
Chairbre agus tug Ferccus béim do Miscenmas gur bhris a
sciath agus a cathbarr ima chenn agus fós gur bhris muinél an
chaithmhileadh, agus roba doiligh le Muirn an mile sin d'a
muintir do mharbhadh agus robhaoi féin ag fighe an chatha go
curata agus ro ghabh cach a fheidhm catha annsin agus as é tighe ro
fighedh an cath annsin go roichfeadh carbad cetirriada ó
n-uillinn go chéle dhe, agus táinic Anadhal mac righ Concenn agus
Muiredhach Meirgeach mac righ Alban agus Criomhthann mac
Fhergusa Fairrge agus Oilill Teora Gaoth agus Oillil Teora Críoch,
agus dobhensad sin uile a mbern chatha agus a slighe mileadh as cath
Muirne, agus táinic Merne, Semne, agus Laitherne, Fraoch, Fercc,
agus Fithnius i ttuaiscert an chatha cédna, agus ro thanuighsiot
sin an cath a ccédoir. Muirn umorro ro ghabhsidhe ag sloighe
na sluagh no go ráinic go h-airm a raibhe Conghal. Ba
h-amhlaidhsin do Conghal robhaoi ag a h-iarraidhsi ar fud an
chatha go tarla air í agus tuc sciath re sciath dhi agus ba bainne
re frais agus ba begán a ffail moráin gach comhlann d'ar
cuireadh a bhfail an chomruicsin Conghail agus Muirne; uair as
amhlaidh boi Muirn .i. go madh foirnert ar fheraibh an bheatha
uile illos gaiscidh .i. neart céd i ccath no i ccomhland innte,
agus ro ghaph ag forrach Conghail isin chomhlann gur ghéis a
sgiath fair. Ó'dconnaic Bricne sin, ro screch go garg agus
go gaibhtheach gur shilledair cach uile fair. "Ort do choll
duaphais, a Chonghail!" ol Bricne, "uair ní mac righ
Éreann thú agus as duthca dhamhsa in righe ina dhuit, agus abairsi
gur thu Bricne agus leicc dhamsa an comhlann agus biaidh inghen
righ Lochlonn agam." Is ann sin do éirigh fercc, confadh agus
crodhacht Conghail, agus do ghabh ag forrach Muirne go ttabradh
da bhéim im gac mbéim dhi, agus tucc cách caoga crechd ar a
chéle, agus tug Conghal an chreacht uachtarach uirrisi .i. do bhen a
ceann d'a coluinn agus do chraith agus do chomhmaoidh ar lar an
chatha é.
Do chuaidh umorro a n-gráin agus a n-gaisceadh do mhuintir
Mhuirne ó do thuit Muirn agus do mhuigh énmhaoidhm dhíbh uile isin
ccathraigh agus níor dhidion dóibhsion sin, uair an neach dob'
íon-mharbhtha dhíobh do marbhadh uile íad agus gach aon narbh'
íon-mharbhtha do cuireadh a ndaoire íad an fad dobhádar isin
ccathraigh do'n chur sin. Do aircceadh agus do h-indradh an
tír uile leó, uair do bhí diol fher ttalman do mhaithes innte
agus do bhádarsan aimsir fháda innte aga leighes agus ag caithemh
gacha maithesa dhíobh sin no gurbho slán uile íad. Iar sin
adubhradar muinter Chonghail: "as mithidh dhuinn imtheacht
as in ccathraighsi," ar síad. Is ann sin tugadar a seóid agus
a maoine agus a h-ionnmhusa d'ionnsoighidh Conghail agus do rónsat
a ttrí íad .i. a trian dó fén agus an dá ttrian oile d'a
mhacoibh riogh agus d'a mhuintir ar chena, agus tug a thrian féin
d' Uirgrend draoi righ Lochlann; agus anuair dob' ullamh
in-imtheachta íad, adubhairt Conghal riu: "múraidhsi an
chathair-si duinn," ar sé, "conach raibhe aitreabh innte choidhche
d'ar ndéis, conach millter an domhan esde ni bhus mó." Do
múradh leosan í amhlaidh sin agus tángadar ina lonccaibh
iaramh co n-iomad gacha maithesa leó, agus ba mór leó a menma
annsin. Ro fhech Bricne ar in ccathraigh d'a és iarsin agus
asedh adubhairt: "Is maith linne cathair Mhuirne d'fhaicsin
amhlaidh súd," ar sé, "agus dobhí uair agus rob' iongnadh a bheth
amhlaidh agus muna bheith Ferccus mac Rosa ni roichfeadh fer a
mbethaidh aguinn esde ó sluaghoibh Muirne, uair as é do
mharbh Cirb, Miscenmas, agus Saighed inghen Charrthuinn"; agus
adubhairt in laoi ann: -
Fasach Dún Muirne móire,
Imar chuirsemar gáire!
Fáda dobhí in maithes!
Do mhillsiom a mhormhaithes;
Muna bheith Fearccus mac Rosa
Do ghniomhaibh garga gosa,
Ni thérnobhadh fer uainn de
O sloghuibh Muirne móire.
Do mhillsiomar uile a dún
Is do mhúrsamar a mhúr
Dobo chaoín a phort amach
Acht gé tá anocht na fhasach.
Fasach.
Do thógbhadar a siuil a n-áirde íarsin agus tángadar
rompa isin slighidh cédna agus do chuadar a ngráin do na
maroibh draoidheachta bádar rompa mar do chuaidh do'n
chathraigh fén; agus dobhádar caoicdis ar mís ar muir no go
rángadar críocha Loclonn; agus tuccadh aithne forra ag teacht
dochum tíre agus tángadar rioghraidhe Lochlann ina n-aghaidh
d'fherthuin fáilte friú, agus ruccadh a tteach a righ íad, agus
dobhádar ag fledh ól agus ag aoibhnes an oidhche sin, agus go cenn
tri lá agus teóra h-oidhche ina dhiaigh. Ro fhiarfaighedar maithe
Lochlonn scéla dhibh iarsin agus do chuaidh Bricne a ccend scél
d'innisin, agus do innis gniomhradh agus comhrac gach aoinfhir fo léith
do na laochaibh. "Is mór d' ulc fuair gach fer ann," ol sé,
"agus gidh mór do maith do rónsat uile, do chinn Fergus
orra, agus Beiuda as í fodera gach olc da bhfuaramar
d'fhagháil duinn," ar Bricne; agus idbert in laoi: -
Rángamar cathair Muirne;
Fuaramar mór do duilge,
Ar cruas a curadh gan on
As ar ghairge a h-onchon.
Fearccus do mharbh Cirb 'san chath;
Miscenmus dobhí 'gar mbrath;
Ár an tsluaigh ó sin amach
Do chuaidh for mhuintir na cathrach.
A Bheiuda gusan n-dreich n-dil!
Fuaramar uait mór n-imnigh.
Ár an dunaidh, nach ár gar!
Do chuirsem ó rangamar.
Ran.
"Ni chualamar ríamh gaisceadh ba iongantaighe ina sin,"
ar righ Lochlonn, "uair dar linn gidh íad fir na talmhan do
bhiadh ag toghail na cathrach sin nocha rachdaoís uile uirre, agus
ní tiubhruidis geill no braighde d'a h-aimhdeóin esde." Is
ann adubhairt righ Lochlann: "dobheursa an inghen do
Conghal," ar sé, "agus caithfed tighernas Lochlann ris in ccén
bhias a n-éccmuis Érend." Tuccadh an choibhce d'inghin righ
Lochlonn ann sin, agus ódchuala si gniomhradh Conghail tug
gradh dermair dó agus dobhí an inghen go dubhach dobrónach do
gradh Conghail agus do fhiarfaigh ri Lochlann di: "Cred an dubha
no an domheanmain sin ort, a inghen!" ar sé, "do dhichuir do
dhealbh agus do dhénamh?" "Ni fhéduimsi sin do cheilt, a ri," ar
an inghen, "uair as é gradh Conghail atá agam ag dichur mo
chrotha agus mo dhealbha dhiom." Is annsin tuccadh Conghal
d'ionnsoighidh righ Lochlann. "A Chonghail," ar sé, "ni
cóir duit bheith gan mnaoi agad mar sin, agus tabhair m'inghensa."
"Ní thiubharsa í ider," ar Conghal, "uair biodhbha
dhamh í, uair dochuir si gesa agus airmid oram fén agus ar mo
mhuintir fa coibhce nar shaoil sí d'fagháil ionnus go bhfagmaois
bás aga h-iarraidh, agus ní thiubharsa í ar an adhbhar sin, acht
tabhairsi d'fior eile í, uair ni bhia mo namha um' leabaidhse."
Dála inghine righ Lochlann conuige sin.
Iomthusa Conghail cona mhuintir ro chaithsat ré n-aimsire
i ccríochaibh Lochland, agus niorbh' aoibhne do righ Lochlann ina do
Conghal cona mhuintir acht muna bheith a fhad leis bheth a
n-eugmuis Éreann. Tuccadh aon do lo maithe a mhuintire
cuige d'a agallaimh, agus adubhairt riu: "acht cidh aoibhinn
duinn bheth a bhfegmuis Éreann mar atámaoid ag caithiomh
righe Lochlonn, as mithidh duinn dul do ghabháil Érenn."
"Masa denmnedach letsa sin, a Chonghail," ar síad, "ní
lugha as edh linne"; "agus déntar a chomhairliughadh sin le righ
Lochlann," ar cách. Do comhairligheadh sin risin rígh. "Ni
dhiongna sibhsi sin," ar in rí, "gan a chomhairliughadh re
maithibh Lochlann uile." Do rónadh fledh mhor ag in righ
do mhaithibh Lochland agus tuccadh chuige íad uile, agus adubhairt
riu: "Conghal," ar sé, "atá ag dul d'ionnsoighidh Éreann,
agus cred aderthí ris?" "Adermid," ar síad, "go madh olc
linn a imtheacht acht muna do ghabháil righe n-Éreann téid, agus
masedh rachmaoidne lais uile." "Na h-abraidh sin," ar
Conghal, "uair ní thiucfa neach liomsa do ghabháil Éreann
acht an líon táinic liom esde, acht amháin cuiridhsi fiche céd
do laochruidh Lochlann limsa agus d'a n-ogbhadh, agus dá
n-gabharsa righe n-Éreann budh cara dhaoibhsi mé." "Doghébhtar
sin go failteach uainne," ar maithe Lochlann. Do
tógbhadh cobhlach Conghail ar muir, agus do cheileabhair do
mhaithibh Lochlann, agus ba dubhach dobrónach bádar na maithe sin
ag eisdeacht re a cheleabhradh.
Táinic Conghal líon a loing-si d'ionnsoighidh Fionnlochlann
agus na n-oilen, agus do ghabh righe Muile agus Ile agus Cinntire;
agus do clos a ccríochaibh Bretan, Alban agus Saxon
Conghal do bheith ag gabháil forneirt ar na h-oileanaibh
agus ag dithiughadh a ndaoine; agus do comhmoradh sluaighte móra
ag lucht Innsi Bretan re h-aghaidh Conghail, agus dobhídis
sochraidhedha iomdha isna h-oireraibh aca ag forcoimhéd ar
Conghal cona chathaibh.
As é ba ri Bretan an tansin .i. Artur mór mac Iubhair,
agus as é ba righ Sagson ann .i. Torna mac Tinne. Agus do
chuir Artur mac Iubhair teachta go Conghal d'a radha ris go
ttiubradh fén righe Bretan dó; "agus na tabhradh a loinges
do mhilleadh na crichesi," ar sé, "acht teighidh d'ionnsoighidh
righ Sagsan uair biodhbha dhamhsa é." Tángadar na teachta
sin d'iarraidh Conghail a ttraigh Bretan a n-oirer Alban,
agus d'fhiarfaigh Conghal; "canas a ttángadar na teachta úd,"
ar sé. "Ó Artur mac Iubhair, ó righ Breatan tángamar
do thabhairt righe Bretan duitsi ó Artur," ar síad, "agus d'a
radha let do shluaighte do bhreith í ccríochaibh Sagson dochum
Torna mic Tinne, uair biodhbha duitsi agus dósan é, agus adeir go
ttiubhra sé cath dhuitsi." "Dénaidhsi imtheacht," ar Conghal
risna teachtaibh, "agus bí fleadh ag Righ Bretan am' oirchillsi";
agus tugsan seóid agus maoine do na teachtaibh, agus do imghedar
go buidheach. Dála Conghail, nir fháguibh an t-oirer sin no
gur ghiallsat na h-Albanaigh dho; agus do bhíadaois go traigh
m-Breatan gach n-oidhce, agus adubhairt Fachtna Finn File re
Conghal; "maith, a rígh," ar sé, "as mithidh dhuitsi dol do
ghabháil righe Saxon, ó do ghabhais righe Alban agus na n-oilen."
"Mar adeura in righ mór Ferccas, is amhlaidh do dhénam," ar
Conghal. "Aderim-si riot," ar Ferccus, "fuireach ad' longport
fén agus dobheur-sa cath do righ Sagsan no go ngeubhad
a righe dhuitsi." "Ber buaidh agus bennachtain, a rí mhóir," ar
Conghal, "agus is sinn uile rachas ann."
Agus do chuadar móirthionól mór ar aonsluaigheadh i ccríochaibh
Sagsan, agus dobhádar maithe Saxon ima Righ tionóilte
ar a cceann; agus ódconncadar Conghal cona chathaibh chuca,
doghabh eagla agus uamhan mór íad ag a fhaicsin. "Erghidh
duinn, a fhiora," ar Rí Saxan, "agus cóirighidh bar ccatha a
n-aghaidh Conghail." "Na h-abair-si sin, a righ," ar maithe
Sagsan, "uair ni fuilmidne líon catha do Chonghal, uair gach
eólus d'a ttabhair a aghaidh as dó as trési, agus ní thucsad
laochraidhe Lochlonn cath dhó, agus dobhéraimne righe dhó, agus
athcuirfem thusa as do righe." "Rachad-sa d'a riarughadh, masedh,"
ar righ Saxon, - uair ni obannsan óglach d'a ttí ina theach
acht ciodh fála bhias dó ris. Do ghluais an rí roimhe go
ráinic gusan ccarraic dobhí os cionn an chalaidh inar ghabh
cobhlach Conghail; agus as amhlaidh dobhádarséin agus buird a long
cengailte d'a chele aca agus leibhionn longdha ar n-a ndénamh
díbh. Do labhair rí Sagsan riú do'n charruic, agus asedh
adubhairt: "A Chonghail," ar sé, "is do thabhairt do bhrethe
fén duit tánag-sa, agus teguid bar n-áos dána am' aghaidh-se";
agus tángadar a n-aghaidh an rígh, agus rugadar d'ionnsoiccidh
Conghail é. "Da bhar riarughadh tánac-sa do'n chur-sa," ar
in rí, "tar ceann mo chríche agus m'fheroinn, agus as fearr díbhsi
misi da bhár riarughadh agus mo dhul libh d'arccuin oilein ele ina
arccuin mo chríce-si do dhénamh dhíbhsi." "Is fíor sin," ar
Conghal; agus do bhí aga n-agallaimh, agus adubhradar in laoí
sunn: -
A loinges an mhara mir!
Ca haitheasc fuilti d'iarraidh?
An arccoinn iarraidh no an cath
No in ngeubhthaoí síth gan anbhrath?
Fearr lind sith ina cath cruaidh
Ar n-iarraidh dhuinn teas as thuaidh,
Tógbhadh mur gu to ...
Go madh uilide ar muinter;
Rachad-sa libh go faoilidh
Lucht caoga long do laochuibh
d'arccuin tíre, torann tres!
Madh ferrde libh mo loincces.
A loinges.
"Tabhairsi righe m'fheroinn fén, a Chonghail," ar righ
Sagsan. Tuccadh dhósan sin agus do rinneadh cadach agus caradradh
eatarra. "Ticcidh a ttír feasda," ar Torne. Is
annsin táinic Conghal a ttír cona mhuintir. Rogabhadh 'san
phurt lethanarmach aca ann agus tuccadh fuireg fleidhe móire ó
Righ Sagsan do Chonghal agus d'a chobhlach; agus dobhiodh ar ri
fén a bhfochair Conghail gach én lá. Táinic macaomh cruaidh
caomhaluinn do shluaghaibh Saxon a ccuma cháich d'a n-ionnsoiccidh,
agus as é ní do rinne sé do dhénamh cluiche .i. rioth
do bhord na luinge co a chele do'n chabhlach uile mar luasgadh
ainnle no ferbe gan toirmeasc a reatha uime; agus dobhádar
maithe an tsluaigh uile ag a fheuchain. "Cia in mac beg úd
doní an gliocus gaiscidh ar na longaibh?" ar Conghal.
"Mac damhsa súd," ar in ri, agus táinic dergadh mór dhe ag a
radha. "Cá h-ainm atá air?" ar Conghal. "Artur Aoinfher,"
ar rí Sagsan. "Goirther cugoinn é," ar Conghal. Do goireadh
é agus do shuidh a bhfiadhnuise Conghail agus do ghabh Conghal
ag aines fair, agus as glic ro fhreaccair an macaomh é.
Táinic ullmhughadh fleidhe do rígh Sagsan, agus tuccadh do
Conghal cona mhuintir í no go ttairnic oidhchi. Is annso benas
tallann sceoil oile do'n chaithremsi Conghail Clairingnigh.
Dála Artuir mhóir mic Iubhair .i. ri Bretan; anuair do
ghabh Torna mac Tinne ríghe Sagsan ar éiccin ar tús
dorinde creach ar Artur mac Iubhair, .i. ar righ Bretan,
agus do aircc an dunadh i raibhe an rí fén agus do mharbh a
mhuintir agus fuair ben bás and; agus dob' é so adhbhar a báis .i.
torrach dobhí sí, agus táinic am tuismidh a toirrcesa d'a
h-ionnsoiccidh ann sin, agus táinic sí agus a cumhal coimhideachta as
in teach amach go taobh na tragha, agus tángadar idhain
tuismidh a toircesa d'a h-ionnsoiccidh annsin; agus mar
do chuala sí gáir an tsluaigh ag orrccain an bhaile, do
rug an gein dobhí fa a bruinne, .i. mac, agus do fhritheoil an
chumhal í; agus anuair ráinic an chathair d'argoin do scaoiledar
sluaigh Sagsan d'iarraidh edala, agus tarla óglach do mhuintir
righ Sagsan a ccenn na rioghna agus na cumhaile gur mharbh
íad ar aon, agus idconnaic an naoidhe m-beg ag tuitim a coim
na cumhaile. Ro ghabh destion é ima oirleach agus tug les ina
ucht é mar a raibhe an rí, agus do thaisben dó é. "Ag so, a Rí!"
ar sé, "turcurtha fuarusa"; agus do innis dó mar fuair é.
"Folaigh agus taiscidh go maith é," ar rí Sagson, "agus oilter ar
mo sheilbhsi é, uair ní fuil mac agam." Iarsin do h-oileadh
ar sealbhadh in righ é; agus é sin an mac do chonnaic
Conghal ag rith for na longaibh, agus adubhairt le rígh Sagsan
nar' mac dhó an mac óg.
Iomthusa Artuir mic Iubhair .i. rí Bretan, dobhí a
n-esláinte mhóir do cumhaidh mhna, agus ní raibhe mac no inghen
aige, agus as mór do chuir air gan do chloinn do bheith aige,
neach dogheubhadh a ionad dia éis; agus do clos fo na críochaibh
fa coimhnesa dhó, rí Bretan do bheth gan cloinn aige. Do bhí
brughaidh a n-oirear Alban agus trí mic gniomhacha aige re
gaisceadh agus nior mhiadh leó an t-athair do bhí acu, agus do chualadar
ri Bretan do bheth gan cloind. "Is olc dhuinn gan
duthcus righ éiccin do bheith againn," ar síad, "ó do bheith
do gniomh agus do gaisceadh agus do crodhacht aguinn a chosnamh,
agus ga ferr dhuinn ní d'a ndingenmais ina dul d'ionnsoiccidh
rígh Bretan agus a radha gurab meic dhó sinn." As í sin
comhairle ar ar' innedh aca, agus do thionóilsiod sluaigh agus
sochraide agus tángadar rompa d'ionnsoighidh righ Bretan, agus
ó rángadar é do freasdladh agus do fritheoladh go maith íad agus
do bhádar go cend seacht laithe ann. Do fhiarfaigh Artúr
dhíb annsin cuich íad féin. "Is eadh, dar linne, gurab mic
duitsi sinn," ar síad. "C'áit a ndernadh sibh?" ar sé.
"An tan do bhádhais ar ionnarbadh a críochaibh Bretan is
ann do rinnis sinn." "Is mór do mhnaibh do bhí agamsa
annsin," ar in rí, "agus ni fhedar cia díobh bhar mathairsi, agus atá
comhartha agamsa ar a ttiubhroinn aithne ar mo mhaicne
bhunaidh," ar sé, "agus an té nach bhfuil díles damh ni gheubh
agam é acht gé táim gan cloinn. Tuctar leac ubhuill
chugainn," ar sé, "agus atá ubhall iaroinn agamsa agus caithidhsi
in leac sin, agus an fer aguibh brisfer an leac do'n chéd
urchar as mac dhamsa é gan amharus, uair as amhlaidh
atá an aicme d'a bhfuilim-si nach ttabhair neach urchar
n-iomroill aca." "Tabharthar an leac sin cugainn," ar
síad, "agus an t-ubhall iaroinn go ttugam urchar gach duine
dhe"; agus tuccadh cucasan íad, agus do chaithedar urchar gach
fir agus do chuiredar tairse. "Is fíor sin," ar Artur, "ni
meic dhamhsa sibhsi, agus dobudh ferr liom go madh eadh agus nior
dhligheabhairsi brecc do radh chugamsa"; agus idbert an laoi: -
Athcomharc daoibh liom gach laoí
A mhacraidhe do luaidh an gaoí!
Nocha n-fuil uaibh, tolaibh gal!
Neach dan' dual righe Breatan.
Da madh meic sibh do'n mnaoi mhait,
d'ingin Edersceoil árdmhaith,
Robsad dile lem' chridhe,
A mhacraidhe co moirmhire!
Sisi do faccbhadh am' aonar
Go mba moide mo bhaoghal
Sise nochar fhaguibh mac,
Siaide uaim a h-athcomarc.
"Deunaidhsi imtheacht," ar sé, "agus gé táimsi gan loinn
agam ni gheubh sibhsi." Do imghedar mic an bhrughaidh uadha
annsin.
Is ann sin tairnic do Conghal a fhledh a ttigh righ Sagsan,
agus do chuadar uile as sin go teach righ Breatan agus fuaradar
fáilte mhor ann agus dobhádar ag caitheamh na fleidhe dobhí
ann go ceann caoicdhisi ar mhís; agus dobhí an macaomh óg sin
.i. Art Énfher a bhfarradh Conghail risin ré sin, agus as amhlaidh
dobhí Conghal agus ciall bhrethamhoil aige agus gliocus righ. Adconnaic
gurab íad na beusa d'foghain do rígh Bretan, do
fhoghain do'n macaomh, agus as amhlaidh dobhí Conghal agus righ Bretan
ar a láimh dhes agus rígh Sagsan ar a láimh chlí, agus adubhairt
Conghal: "Maith, a Artuir!" ar sé, "an bhfuil clann no
iardraidhe agad?" "Ni bhfuil, ider," ar sé. "Dursan do
bheth amhlaidh," ar Conghal; agus dobhádar mar sin an adhaigh
sin, agus rug Conghal righ Sagsan les ar n-a mharach a rún agus
a ccogar. "Maith, a ri Sagsan!" ar Conghal, "innis damh
an fhírinne um dháil an mhacaoimh úd adchím ad' sheilbh," ar sé,
"uair ni mac dhuit é, idir, agus as cosmhail a bheusa agus a urlabhra
le righ Bretan." "Adeur-sa riotsa a fhirinne sin," ar
righ Sagsan, agus ro innis an scél uile amhuil tarla ó thus go
deredh. Do suidhigheadh teach n-óla iarsin amhail
donithi do bunadh, agus adbert Conghal: "maith, a Artuir!"
ar sé, "cá luach dobheurtha dhamhsa dá bhfaghuinn mac diongmhala
dhuit?" "Ni bhfuil isin bith agamsa ní nach ttiubhroinn
duit," ar Artur, "acht gomadh mac díles damh é." Do
innis Conghal an scél fíre uile dhó agus tuccadh brethemnas
cuctha, agus do innis righ Sagson an fhírinne dhoibh, agus do rugsat
do bhreith a mhac fén d'Artur annsin, agus adubhairt Conghal:
"Deuna-sa altranas agus caradradh re righ Sagsan, a Artuir,
agus bithi in bhar ccáirdibh d'a chéile." Dobhí Conghal ann sin
noco ttairnic an fhledh agus dob' aoibhinn leó uile a menma ann
sin uair do ghabhsad righe Sagsan, Bretan, agus na n-oilen uile;
agus adubhairt Conghal: "beannacht fort, a Artuir!" ar sé,
"fuaramar mórán maithesa agus onóra agad"; agus do ghabh ag
celabradh dhó, agus idbert na briathru-sa ann: -
Mithidh duinn dul tar muir,
A Artuir mhóir, mic Iubhair!
Fuaramar do mhaith, fíor dhamh!
As fo an flaith 'ga bhfuaramar;
Fuaramar do fhleadh go fíor,
Agus t'fháilte gan imshniom,
Agus do mhaithes fíor dhe!
Agus teaghlach do thighe;
Gé fuaramar sin uile
Uait, a ri 's a rodhuine!
Ar ttocht duinn ar muir mhic Lir
Ceileabradh duit as mithidh.
Mithidh.
Robhádar mar sin an adhaigh sin, agus do tógbhadh leó a
ccoblach ar n-a mharach ar muir agus ar mórfhairrge, agus geill
agus braighidh na ttírthe uile aca nogo rángadar Inis Tuaith
Rois eidir Érinn agus Albain, agus do gabhadh longport leó innte,
agus táinic Conghal suas a mullach na tulcha, agus tángdar a
shluaigh leis. "Is fáda anois ár mbeith a bhféccmuis
Éreann," ar sé, "agus déntar seoladh agus iomramh aguinn nogo
roisiom Éirinn, agus mochen a rochtuin"; agus adbert: -
Anocht a n-Inis Tuaith Rois
Filmid seacht ccatha dar ccois
Fearr liom tola ... clann,
Codladh a n-iath Éireand.
Trí bliadhna dég duinne thall
I ccríochuibh Leabhra Lochlann,
A bhfégmuis ár bhferuinn de
Is ár ccúiccidh go ccaoimhe.
Fuaramar maith ina thoigh
Ag Artur mór, mac Iubhair.
Ni fhuil ri co n-iomad port
Risa saimheul-sa é anochd.
Ionmuin tír an tír úd thiar,
Ulaidh go n-iomad n-giall!
Ére go n-iomad a port
Innte as áil liom bheith anocht.
Anochd.
"Deuntar proinniughadh agus tomhaltus aguibh, a ócca," ar
Conghal, "agus linccidh in bhar lonccaibh as a h-aithle conach
raithighid fir Érend sinn nogo n-gabham a n-iath Uladh idir";
agus do sheólsad le lánshoillsi an eusca a n-oirear Uladh a
ndereadh oidhce agus urthosach laoí; agus adubhairt Fergus mac Rosa:
"Rachadsa," ar sé, "d'fhios scél daoibh c'áit a bhfuil Ferccus
mac Lede ri Uladh." Táinic Ferccus fa thír, agus tarla duine
dhó, agus fuair a fhios uadha cia in t-ionad a raibhe Ferccus mac
Lede; agus táinic Ferccus mac Rosa mar a raibhe a mhuinter.
"Maith, a Fherccus," ar Conghal, "c'áit a bhfuil ri Uladh
anocht?" "Atá sé ag teacht co Sliabh Slainge go teach
Eochaidh Salbhuidhe anocht," ar Ferccus. "Is maith linne
sin," ar cách, "uair geubham an bhruighensa air anocht
gan amharos"; agus rangadarsan re dereadh do ló d'ionnsoighidh
na bruighne nogo rángadar go h-Inbhear n-Gaoth
risan abartar Tonn Rughraidhe agus i cceand na gairbhslighedh
risa raiter Iomaire Muilleand agus go Carruic na Fairccsiona;
agus adconncadar soillsi lochraind na bruighne uatha
annsin. "Soillsi rioghcoinnle súd," ar Fraoch draoi; agus
idbert na bhriathra-sa ann: -
Solus lochrainn rioghbhruigne
Inne dhoibh co cleachluidis
Ba fearr dhoibh conomgabhdais
Geubdaid ealla aithreacuis
Sunn re cliathoibh cloisdena
Bu croidhearcc cuirp creuchtnaighthe
Re siu tí lá lansholuis.
Soillsi.
"Faistine sin, a Fhraoich," ar Conghal. "As edh, go deimhin,"
ar Fraoch, "agus bu olc dod' shluaghoibhsi agus do shluaghaibh
Ferccusa mic Lede í, agus bú iomdha bhar n-easbadha o'n
m-bruighin úd."
Tángadarsan ina ccathaibh cóirighthe d'ionnsoiccidh
bruighne Boirche go teach Eachaidh Salbhuidhe; agus as amhlaidh
dobhí an bhruighean sion agus Ferccus mac Leide innte agus mic
riogh agus rofhlatha Uladh agus Érenn ar cheana 'na fhochair ann, agus
dobhádar seacht n-doirsi for an m-bruighin sin, agus ní raibhe
éndorus gan trenfher torardha no gan righdhamhna rochalma
no tretill thrén nertmhar d'fhearaibh Éreann icca ccoimhéd.
Rángadar muinter Conghail agus Ferccusa mic Rosa gur
ghabhsat costadh ar in tulaigh ós an m-bruighin agus do
cuireadh sluagh uatha d'arccoin na bruighne. Do bhí ar
dorus do'n bhruighin sin na tri Duibh a h-Innis Tuir agus dobhí
ar dhorus ele dhi Mescedhra mac Airt Mesdealbhainn mac
righ Laighen, agus dobhí ar dorus eile Cet mac Maghach agus é i
ccoimhideacht righ Uladh ann. Uair as amhlaidh dobhídís
rioghraidhe Uladh agus buaidh n-óglachuis agus n-gaisccidh orra acht
comadh aca dogheubhadh an t-óglach a chédarm agus as do na
cédoidhchibh as cruaidhe ina raibhe Cet riamh an bhruighen sin.
Do bhí ar dorus eile dhi Rosa ruadh mac Rughraidhe agus dobhí
Fachtna Fathach a mhac ar dorus ele di, agus dobhí Maolcróich
athair Chatbaidh ar dorus oile di fós, agus glere sluaigh Uladh
agus Érend ó sin amach. Do ghairedar sluaigh Conghail da gach
áird do'n bhruighin ann sin. "Conghal so," ar lucht foraire
na cathrach, "agus sluaigh an domhain foir in farrge and."
"Is fior go bhfuilid," ar Ferccus mac Lede, "agus dénuidhsi
maith, a mhuintir ...," ar sé, "agus na toirmeascaidh súd
bhar n-ól no bhar n-aoibhneas umuibh acht fritheólaidh seach
bhar ccomhlann a n-dorus na bruighne go ttí lá cona lánsholus."
Is annsin do éirghedar na trí Duibh a h-Innis Tuir
amach, agus tángadar timchill na bruighne agus do chuirset ár
mór ar na sluaghaibh amuigh agus tánccadar iomshlán isin
mbruighin iarsin. Tángadar na sluaigh arís cusin m-bruighin
agus do chaithedar frasa d'a soighdibh gorma agus d'a bhfaghadhuibh
faobhracha fuileacha forra gur rogonsat lucht coimhéda
na n-doirsedh. Táinic Mescedra mac righ Laighen ann sin
agus céd laoch les, agus fuair deabhaidh agus imreasain amuigh co ro
marbhadh a mhuinter ann agus do dhichuir na sluaigh o'n mbruighin
co borb agus táinic isin m-bruighin anonn air sin. Tángadar
dochum an doruis desceartaigh iar sin lucht innsi Gall agus na
n-oilean uile, agus is ar in dorus sin dobhí Fachtna Fathach mac
Rosa, agus do éirigh amach agus do ghabh a arma agus do lenadar
caoga laoch do glere a mhuintire é, agus do shaithsiot i ccenn an
tsluaigh fa nesa dhóibh agus do shraóinedar o'n mbruighin íad
uile, agus táinic féin isin mbruighin iar sin. Tángadar na
sluaigh arís gusin m-bruighin, agus do ghairedar uimpe.
Táinic Cet mac Maghach ina aonar amach d'ionnsoighidh na
sluagh agus táinic fo thrí a ttimchill na bruighne agus do fháguibh
cosair cro dhibh ina luighe liuin. Táinic féin arís iomshlán
isin m-bruighin iar sin. Is ann sin do ghairedar na sluaigh
uile fa'n m-bruighin arís agus do chaithedar do chairrgibh
cenngharbha co h-athlamh í, agus do chuala Boirche Casurlach mac
Eachaidh Salbhuidhe sin agus é i ccathaoír ar fosadhlár na
bruighne, agus trí caoga macaomh uime and, agus do érghedar amach
agus do thuit trí caoga laoch leó amuigh, agus tángadhar féin
iomshlán isin m-bruighin arís agus dobhás aga moladh go mór.
Táinic sceula an chomluinn sin co Conghal, agus adconnaic Art
Aoinfher mac Artuir ina fhiadhnuise, agus adubhairet Conghal ris:
"Erighsi dhamhsa, a Airt Aoinfhir, na trí caoga macaomh
rioghdha táinic, agus tabhair ceand Bhoirche mic Eachaidh dom'
ionnsoighese." Tángadar dochum na bruighne agus do ghairedar
da gach áird uimpe; agus ódchuala Boirche gurabh aga iarraidh
fén dobhádar, do ionnsoighidh co h-athlamh íad, agus is ann tarla
da chéile íad ar urlár na bruighne agus do fheradar comhlann
re chéle agus dob' é a ccríoc gur thuit Boirche Casurlach mac
Eachaidh Salbhuidhe cona thri caoga macaomh le h-Art Aoinfher
mac righ Bretan, agus táinic fén iomshlán amach agus tucc ceann
Bhoirche les go h-airm i raibhe Conghal. "Ag sin, a Chonghail,
in ceand do iarrais orm," ar sé. "Ber buaidh agus beannachtain!"
ar Conghal, "agus déna imtheacht feasta dochum do
thíre fén agus rob' slán trénai." Ro imthigh an macaomh
iarsin dochum a thíre .i. Críocha Breatan agus do ghabhsan righe
Breatan dia éis gur' comhaimsir Conghal le h-Art Aoinfher
desin. Ó'dconncadar sin na trí Duibh a h-Inis Tuir Boirche
Casurlach do thuitim, ba doiligh leó é agus doghabhsat a n-arma
agus tángadar amach. "Ní thiucfam asteach go n-dioghlam
mac Eachaidh ar na h-allmarrchaibh"; agus nior ghabh cath no
comhlann riú co ttarla Anadhal euchtach mac righ Conchenn
riú agus do fhearadar comhlann crodha curata re chéle, agus do
fhortamlaigh Anadhal orrasan gur bhen a ttrí chinn díbh
co deaghthapaidh, agus do chuir a bhfiadhnuise Conghail íad. "Ag
sin cinn na ttrí n-Dubh dhuit, a Chonghail," ar sé, agus idbert: -
Cinn duit, a Chonghail Chláraighnaigh!
Trí mic dobhí 'gut' bhrathair!
Dororcradar linn 'male;
Tángadar a tiughlaithi;
Na tri Duibh do mharbhusa,
Tri meic Ceatba, triur curadh!
As íadsin romcrechtnaighse,
Romfágsad fo chru chumhaidh;
Na trí Duibh a h-Innsi Tuir
Do thorcradar liom go grinn.
Sochaidhe do mharbhsatar,
Is d'ar thallsatar a ccinn.
C.
Do chuala Ferccus mac Lede an triar sin d'a mhuintir do
thuitim, agus do ghabh aga n-éccaoine go mór agus aga n-adhmholadh,
agus adbubhairt: "An fágaim neach dá n-dioghuilt súd?" ar sé.
"Rachadsa ann," ar Cet mac Maghach, "agus ní thiucabh
asteach noco ttugtar ceann mic righ Conchenn chugadsa."
Táinic amach agus do shir an cath uile co ttarla Anadhal
Euchtach air agus d'fhearadar comhland fiochda, fearamhail,
calma, curata, neartmhar, naimhdighe, aghmhar, iongantach, agus
do thuit Anadhal a ccríochaibh an chomhluinn, agus tucc a
cheann leis isin m-bruighin anonn a bhfiadhnuise Ferccusa
mic Lede, agus adubhairt an laoi ann: -
Ceann duit, a Fherccus Uladh!
Óir as misi rosruladh;
Ceann righ Coincheann, cruaidh cur!
A n-dioghail chinn na ttri nDubh,
As é do chuir ár ar sluaigh
Ar doirsibh bruighne go m-buaidh;
As aire tu ... muigh
A n-dioghail ceann na ttrí nDubh.
Ni thug a lámh a láim riogh
Occlach dob' fhearr treisi gniomh
Ina Anadal ... reand
Cé doradus liom a chenn.
C.
Odchuala sin Torna mac Tinne righ Sagsan doba dhoiligh
leis Anadhal do thuitim le cruaidhbhémeandaibh Ceit, agus
táinic anonn isin m-bruighin; agus do thuit naonbhar do
bhairibh na bruighne, agus do fhuagair comhrac ar lucht na
bruighne. Adchonnaic Mescedhra mac Airt Mesdealbhand
.i. mac righ Laighen ina aghaidh, agus d'fheradar comhlann
calma, comhláidir, curata re chéle, agus ba ruathar da righ aca
agus ba gus dha gaisgeadhach agus ba tenne dha dhamh
n-dileann, agus dob' é críoch an chomhluinn gur thuit Torna
mac Tinne le Mescedra, agus rucc a cheann les mar a
raibhe Ferccus mac Lede; agus idbert in laoi: -
Ceann duit, a Fherccus Eamhna!
Gurab móide do mhenma,
Ní ceann achd cenn Torna thréin
Táinic tar muir go mórcheill;
Torna mac Teinne go m-buaidh,
Ri Sagsan, saoire sluaigh,
As é an fer sin co bhfuilibh
Do chuir ár 'man árdbhruighin.
Do fhersamar comhlann cruaidh
Misi as Torna re h-énuair;
As é romcreuchtnaigh co tend
Gé doradus liom a cheann.
Ceann.
Cioth tra acht ódchuala Conghal a thrénfhir do thuitim agus a
mhilidh do mharbhadh agus a churaidh do cruaidhledradh agus a mhaithe
do mhudhughadh, do éirigh féin agus Ferccus mac Rosa agus an
costadh uile, agus do chuiredar teinidh agus tendala isin
m-bruighin a n-énfheacht; agus adubhairt Fearccus mac Lede:
"Eirccidh, a fhior!" ar sé, "uair atathar ag loscadh na
bruighne oruinn, agus tabhruidh bhar n-aighthe rochalma eisde, uair
as usa dhaoibh bhar marbhadh i ccath ina bhar loscadh a ttigh."
Do erccedarsan uile annsin agus do chriothnaigh an talamh
trómfhoideach ina ttimchill la béimeannaibh na mileadh
ag briseadh na bruighne d'a n-guaillibh agus aga tógbháil
dibh. Is annsin do cóirigheadh cath Ferccusa mic Lede co
h-athlamh a ccertaghaidh chatha Conghail, agus doba cédfadhach an
dá chath sin .i. Conghal cona allmarchaibh agus Ferccus mac Lede
cona Ulltachaibh. Ro benadh béim borb i ccend a chéle do'n
dá chath sin. Doba dluith an deabhaidh agus dob' fhoccus an
imresoin do rónsad clanna Rughraidhe a n-aghaidh na
n-allmharrach gur cuireadh ár anbhail etarra co snaidhfidis
mic mhiodh-aoisi ar na linntibh fola forderge dobhí fo cosaibh
na ccuradh, agus do bhen Fergus mac Rosa a bhraithbhémenda
biodhbhadh orra, agus do reidhigh Conghal conair curaidh tresna
cathaibh gur mhuigh an cath ar Ferccus mac Lede agus ar
Ulltachaibh; agus do iadh Rosa ruadh mac Rughruidhe agus Fachtne
Fathach, a mhac, a ttimchill Ferccusa mic Lede, agus tuccadar
sciath tar lorg do'n laochmhileadh, agus rugadar as niort a
n-eisiomhuil agus a n-engnamho é, agus do loisceadh an baile uile
ann sin le Conghal cona chathaibh agus odchonnaic Fachtna Finn
File na h-ára móra sin timchill na bruighni, asedh adubhairt:
"Is iomdha leachta Ulltadh sunn," ar sé, "agus as nemhmaith
liomsa a m-beith amhlaidh sin, agus do fhedarsa leth ar leth .i.
cúigear agus cethre chéd asedh do thuit d'Ulltaibh ann, agus deichneabhar
agus fiche céd do thuit do'n tsluagh táinic linne tar
muir agus tar mórfhairrge"; agus do bhí aga n-eccaoine co
h-adhbalmór con-ebert: -
Fuil sunn leachta fo linn chró
d'a bhfuil liom, damhna doghnó!
Saoth liom ár Ulltach d'a ttoigh
Agus anbuain re h-iorghuil;
Cúiger as cethre chéd
Asedh tuccadh d'Ulltoibh a n-écc;
Sunna do thuitedar thrá
Is and atáid a leachta;
Deichneabhar as fiche céd
Do'n tsluagh táinic sunn ar séd,
Isin chath chédna do chuir
A leachta sunn, conus fuil.
Fuil.
"Acht ciodh olc do chach an bhruidhensa," ar Fachtna
Finn File, "as measa d' Eochaidh Salbhuidhe í, óir do thuit
mhach maith innte .i. Boirche Casurlach mac Eachaidh
Salbhuide, agus cá ferr ainm da mbeidheadh uirthe ina bruighen
Bhoirche." "Déntar creacha Uladh aguinn, a ócca!" ar
Conghal, "agus airgther críoch Eochaidh Salbhuidhe linn." "Na
h-abair sin, a áirdrigh!" ar Fachtna Finn File, "óir as
lór a ndernais d'ulc ar h-Ulltaibh acht cosoin righe
n-Éreann ar tús, agus budh leat Ulaidh iar sin." Is ann sin
adubhairt Conghal le n-a mhuintir: "gach neach as tualoing
gaisceadh no luaighill aguibh ticcidh liomsa co Temhraigh d'ionnsoighidh
ar righ Éreann go ttuitidh linn agus go ccosnarsa
righe n-Éreann ris; agus táinic Conghal iar sin tar
Fertais Ruire risa raidhter Cuan Snamha Aighneach agus tar
Fertais na ... risa raidhter Fochaird Muirthemhne agus
d'Ferta Conuire agus do Comarmara agus tar Ilath agus tar Boinn
agus go Temhraigh na riogh, agus nior mhothuighsiodar sluaigh Teamhrach
íad ar scur d'a n-oirfidighibh, agus ar n-ercce do'n
righ roimhe go bhfaca ar an cath ar n-a chórughadh aca ar
in faithce agus na mergedha ar n-a ttógbháil. Do h-innsedh do
Lughaidh Luaighne sin, agus do bhiodhg co scenmdha lesin scél sin.
"Do fhedarsa cuich íad sin," ar Lughaidh Luaighne, "Conghal
mac Rughraidhe rug an réim righ sin agus ruathar curadh, agus do
rinne an fear sin uilc móra a n-Éreind aréir, agus teighidh
neach uaimse go luaighnibh Temhrach agus go tuathoibh Breagh
agus Midhe"; agus do imgheadar na teachta go tinneasnach les
na toscuiphsin, agus adubhairt Conghal re Fachtna Finn File:
"Éirighsi go Lughaidh Luaighne," ar sé, "agus abair ris fágbhadh
Temhair cona giallaibh agamsa no tabhradh cath dhamh."
Táinic Fachtna Finn File co Teamhraigh, agus adubhairt re
Lughaidh: "Atá Conghal," ol sé, "ar faithce na Temhrach agus
adubhairt letsa Teamhair cona giallaibh d'fhágbháil no cath
do thabhairt dó fén." "Ní righ da n-obadh cath," ar Lughaidh,
"agus ní lécceaphsa Teamhair uaim gan cathughadh tar a
ceann, agus iarrsa, a ollamhain! cairde na h-oidhche anocht
damhsa ar Conghal nogo ttí mo thionól, uair ní fial dhósain
m' fhagháil am' aonar." Táinic Fachtna Finn File go Conghal,
agus adubhairt an chairde sin do thabhairt do Lughaidh Luaighne.
Tugsan an chairde sin dhó agus do ghabh Conghal longport a
n-Acaill an oidhche sin nogo ttáinic solustráth erghe do
ló ar n-a mharach.
Do éirigh comhalta Chonghail andsin .i. Fráoch draoí:
"Maith, a righ a Chonghail!" ar sé, "tabhair an cath feasda
uair táinic nert isin tsein agus isin tsolaid agus fuagair
cath ar Lughaidh isin ló sa." Do éirigh Conghal agus do chóirigh a
chath a ccédóir, agus tug leibhionn do sciathoibh talcmara ina
thimchill, agus do tógbhadh a meirgedha agus a n-onchoin o-bheulta
uaisdibh, agus dobhí gráin agus urfhuath righ ar Conghal dochum an
chatha sin. Is ann sin táinic a thionól go righ Ériond, agus do
éirigh agus do chóirigh a chath go h-athlamh agus dobhádar baidhb agus
brainén agus fuatha agus faoilinn um Theamhraigh do'n toruinn sin,
uair dobhí cách dhíbh ag cuimhniughadh a bhfaltanais d'a chéle,
uair dob' fala do Chonghal risein agus é fén 'na mhac righ
Érionn a ionnarbhadh dhósan as a chúigeadh fén agus a dhearbhbhrathair
do mharbhadh dhó roime ag cosnamh righe ris .i. Bresal
Bódhiobadh mac Rughraidhe. Rob'fala do Lughaidh riséin a
mhac do mharbhadh ar a chédfhoghnamh dó. Is annsin do chomhruicedar
na catha ceachtardha sin ar tulaigh na Teamhrach agus
do chaithedar a ccédarm catha re chéle agus do mhuigh bloiscbhem
bodhba do na cathoibh cechtardha a ccenn a chéle gur dhluithigh
an deabhaidh, gur iomfhoiccsigh a n-iomghuin, agus do ghabhsat
tuatha Bregh agus Mídhe agus Luaighne Teamhrach ag comhdluthughadh
an chatha gur chuirsiot ára móra ar mhuintir Conghail nogo
rángadar isin lathair chatha iraibhe Conghal agus Ferccus mac
Rosa isin chath. Is annsin adubhairt Fachtna Finn File:
"Maith amh, a anaim, a Chonghail!" ar sé, "deuna féin maith
agus cosuin righe n-Éreann uair do marbhadh 'h allmharraigh
uile." "Ni h-íad do chosoin righe an domhain damhsa neoch
ro ghabhas dé," ar Conghal, "acht meic rioghraidhe Éreann
dobhí um fhocair agus as íad bhrisfear an cathsa ar thuathaibh
Teamhrach agus ar Lughaidh Luaighne"; agus do chuir sin menma mór
i ccathaibh Conghail gur bhrisiodar bearna chéd gach curadh
díbh i ccath righ Éreann.
Is annsin do ghaph Conghal ag sloighe na sluagh agus do bhean
a bhráth-bhémenda biodhbhadh orra agus do leanadar a thrí
comhaltadha é .i. Merne, Semhne, agus Lathairne agus da mhac
Cruithneach Uladh .i. Feargus agus Fithnes. Cioth tra acht ba
bráth ar bhiodhbhadhaibh an caithmhileadh Conghal an lá sin, agus
ba dith ar dheghdhaoinibh a ghniomhradh ag cuartughadh an
chatha nogo ráinic mar a raibhe Lughaidh Luaighne isin cath, agus
tug sciath re sciath dhó agus faobhar re formna, agus doba
comhrac da anradh agus da uaiseach iorghaile agus da shonn
catha an chomhtuarccain sin, agus do léicceadh lathair fairsing
forleathan isin iorghuil sin dóibh le buirbe a m-builleadh
agus le neimhnighe a n-arm agus do chuaidh neart agus niadhachas,
calmacht agus curadacht Conghail tar Lughaidh Luaighne, agus tug
béim adhbhal aitheasach dhó gur bhen a chenn d'a choluinn, agus
tucc a iolach coscair agus comhmaoidhmhe os áird. Do mhuigh ar
thuathaibh Teamhrach agus ar fheruibh Bregh agus Midhe agus ar
Luaighnibh Teamhrach annsin ó do thuit a ttriath agus a ttigherna
ar ccur áir agus urbhadha orra, uair as é sin ár as mó tuccadh
ar Luaighnibh Teamhrach ríamh. Táinic Conghal roimhe do thigh
na Temhrach iarsin iar m-buaidh ccoscair agus ccomhmaoidhmhe.
"Ber buaidh agus beannachtain, a Chonghail," ar Fachtna Finn
File, "uair as ri Éreann gan amharus thú anois, uair atáid
geill Éreann agad a tTeamhraigh, agus gairther ainm rígh
dhiot." Do bhí Conghal agus maithe a mhuintire a ttigh na
Temhrach an oidhche sin, agus do ghabh gialla fer m-Bregh agus Midhe
agus Sentuatha na Temhrach, agus tángadar cuigedhaigh Éreann
ann sin d'a rioghadh agus d'a riarughadhsan .i. Deaghadh mac
Sin, ri da choicceadh Mumhan, agus Conrach cas ri Connacht, agus
Art Misdealman, righ Laighen, agus tugsat righe dhósan agus do
ghabh áirdnert Éreann uile ann sin, agus tugustair righe Ua
cCinnsealaigh do Chriomhthann mac Fergusa Fairge, agus
tugustair dá ttrian Connacht d'Oillill Teóra Gaoth agus
d'Oillill Teóra Críoch, agus tugustair a dhuthaidh da gach
deghdhuine d'a raibhe ina fhochair ar ionnarbadh.
Iomthusa Fearccusa mic Lede asedh ro raidh rena mhuintir
ó do ghabh Conghal righe n-Érend agus ó do thuit Lughaidh Luaighne
leis: "Ní léiccfe a n-Érinn misi agus do dhéna m'ionnarbadh a
h-Érinn amach agus rachadsa go Temhraigh d'a riarughadh"; agus
ráinic Fergus mac Lede roimhe go Teamhraigh, agus nior
mothuigheadh i tTemhraigh é nogo ráinic go coduilteach
Conghail. "Do bhreith féin duit, a chaithmhilidh, a Chonghail,"
ar sé, "agus ni misi do rinne 'h aimriar riamh acht Lughaidh
Luaighne agus do tharccusa righe n-Uladh dhuit nogur dhiultais
féin í." "Búdh maith duitsi tocht go Teamhraigh mar sin," ar
Conghal, "uair ni chuireabhsa a h-Érinn thú mar do
chuir Lughaidh Luaighne misi"; agus do fher fáilte go miochair ris.
Ba fáilidh Fearccus do'n comhradh sin Conghail, agus do bhádar
a tTemhraigh an oidhche sin, agus do éirigh Conghal go moch, agus do
chuaidh féin agus maithe a mhuintire do dhénamh comhairle cia d'a
ttiubhruidis righe n-Uladh agus as air do fuirgeadh aca uile a
tabhairt do Rosa ruadh mac Rughraidhe agus saorcuairt Uladh
do thabhairt d'Fhergus mac Lede, agus dobhí Ferccus mac Lede
amhlaidh sin no gur ghabh Fachtna Fathach righe n-Éreann, agus go
ttug righe n-Uladh dhósan ar marbhadh Rosa Ruaidh i ccath
Locha Feabhail la h-allmarrchaibh; agus dobhí Ferccus mac
Lede mar sin isin righe nogur marbhadh lesin b-pest ag
Tuinn Rughraidhe é; agus gé dobhí Conghal mar sin ina righe as
é Ferccus mac Rosa dobh' fherr cuid di re n-a linn, agus do
lesaigh Fachtna Fionn File agus Bricne mac Carbhre, an scél
sin, conadh í Caithrem Conghail Claireinigh mic Rughraidhe, agus
gniomhraidhe Fearccusa mic Rosa conuige sin, agus do bhí
Conghal cúig bliadhna dég i righe n-Érionn ina dheghaidh sin
no gur thuit le Duach dallta Deaghoidh amhuil asbert an
file: -
Conghal cuig bliadhna décc dóig,
Do mac Rughruidhe romhóir,
Lesin Duach dallta Deaghoidh
Fuair gáir agus gairbhdheabhaidh.
Finis.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11