Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dhá Sgéal Artúraíochta
Title
Dhá Sgéal Artúraíochta
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Mhac an tSaoi, Máire
Composition Date
1679
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1946)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA MHELÓRA AGUS ORLANDO. Feacht n-aon dia roibh Cing Airtiúir mac Úir mheic Ambróis mhic Úter Pendragon .i. Rí an Domhain ina dhúnadh agus ina dheaghbhaile féin .i. Dúnadh an Halla Dheirg. Agus is amhlaidh do bhí an rí sin, ní roibh rí nó flaith fon chruinne cheathardha ba lia ridire óg uasal agus gaisgidheach gníomhéachtach air a theaghlach ná é, óir ní roibh rí nó roithighearna fo cheithre foghurrannaibh an domhain gan mac nó bráthair dhó air teaghlach Ching Airtiúir. Tarla do Ching Airtiúir mun n-am so go roibhe inghean áluinn aontumha aige dairbh ainm Melóra, agus do rug an inghean sin barr air chlannuibh ríogh agus rothighearnadh in domhain, air dheilbh agus air dhénamh, air mhodh agus air bhéasaibh agus air dheaghmhúnadh, agus air an uile shúbhailce dar chóir a bheith a n-inghin rígh nó rofhlatha. Tarla don inghin so aoidhche áiridhe, go bhfacaidh fís agus aisling do chuir buadhradh mór air a hintinn. Agus iseadh ad chonnuirc .i. dair lé féin gur éirigh an ghrian ó dheas agus go ttáinic gath gréine ón ghréin sin gur bhuail a mbéal a hochta agus a húrbhruinne í, agus go madh lán d'aoibhnius agus d'urghairdiugh í ón méid taitnimh ro ghabh don ghath ghréine sin. Agus iar sin go ttáinic marcach eich dhuibh idir í agus an gath gréine, agus gur mhúch soillsi an ghatha gréine urtha air mhodh nár léir dhí énní; agus as a haithle sin go ttáinic leóghan dá hionnsoigh agus go ttucc beangán do chrann na pailme ina láimh, agus gur bhuail marcach an eich dhuibh do bhuille do
chrann na pailme agus gur thuit marbh don bhuille sin, agus gur shoillsigh an gath gréine urtha arís, ionnus gur taibhseadh dhi gurbh as a com caomháluinn do bhí an ghrian uile ag dealradh. Air musgladh dhi as an ccodladh sin do ghabh imshníomh mór í; agus airna mháireach iseadh do rinne dul d'ionnsoigh air dhraoi ro-eagnaidh eólach do bhí ag an rí, darbh ainm Meirlín, agus nochtus an aisling dó ó thús cco deireadh. Adubhairt Meirlín: "A ríoghan," air sé, "tiucfaidh mac rígh ó dheisceart an domhain dot thochmhairc-si, agus do bhéra tusa grádh dhó; agus gidh eadh, cuirfidhear toirmeisg eadruibh re daoinibh urchóideacha eile, air mhodh go bfhuighe tusa agus eision mórán imshníomha agus urchóide suil thiocfus díbh a bheith dá chéile. Acht a cheana, is díotsa thiocfus gach buaidheirt agus gach imshníomh dá ttiucfaidh trésan ghrádh sin do thabhairt chum cinn agus chum críche. Gidh eadh, ní gan dochar mór do dhénas tú sin." Cidh trácht ní di leanus an stair fós seal oile; acht tarla mun n-am so rí uasal, oireaghdha cudrama ceirtbhreathach a rígheacht na Teasáille, darbh ainm Gustábhus. Tarla aige an rí se mac óg uaibhreach aigiontach ardinntinneach do b'fhearr lúth agus lámhach agus lánchoibhleadh, deilbh agus dénamh agus deagh-ghníomha, d'fhearaibh óga nó arsaidhe na cruinne go comhiomlán, darbh ainm Orlando. Agus do chuaidh teist agus tuarasgbháil an mhic sin fo rannuibh iartharacha an domhain uile. Acht cheana, do chuaidh alla agus árdnós theaghlaigh Dhúine an Halla Dheirg fon chruinne cheathordha go comhchoitcheann, agus go háiridhe go baile rígh na Teasáille, ionnus gur ghabh fonn ainmhianach Orlando mac Rígh na Teasáille dul seal dá aimsir go Dúnadh an Halla Dheirg.
Agus do críochnuigheadh an chomhairle sin leis, agus do iarr cead air an rígh, agus tucc an rí an cead sin dó maille rena bheannacht, agus do hullmhuigheadh gach ní badh cubhaidh do mhac rígh nó rothighearna re hucht aistair agus imtheachta dhó. Agus an aoidhche roimhe thriall dó, do chonnuirc fís agus aisling, agus isí aisling tárfás dó .i. dair leis go roibh inna lúbhghort fíneamhna, agus go roibhe crann árd áluinn isin lúbhghort sin air a roibheadar tórtha agus ubhla aipche ionchaithmhe dob áille dá bfhacaidh ariamh, agus gur shín a lámh do bhuain an ubhaill dob áille dá bfhacaidh air an ccrann, agus air síneadh a láimhe dhó go ttáinic athair nimhe chuige agus gur iadh fó chaol a dhá chos agus gur leag é, agus go roibhe a ngéibhionn aig an athair nimhe amhlaidh sin nó go ttáinic don ubhall sin gus ar shín sé a lámh tuitiom don gcrann air an athair nimhe, ionnus go ndearna dhá leath don athair nimhe agus gur fhóir Orlando óna ghéibhionn. Dúisgeas Orlando as a haithle, agus do bhí aig síorsmuainiugh air an aisling nó go ttáinic an lá. Agus air n-éirghe don lá gona lántshoillsi éirgheas Orlando agus téid gusan draoi do bhí re haghaidh fiosa agus foghloma agá athair, agus do nocht an aisling dó. Agus iseadh adubhairt an draoi: "Do bhéra tusa," air sé, "grádh do mhnaoi bhias rochumhachtach agus rosgiamhach, agus do bhéra sisi an céadna duitsi; agus níos taosga nó do bhuaidheóchair í do ghéabha tú mórán duaidh agus dochair agus bia tú a n-éigean mhór báis," air sé. "Gidh eadh, isí an bhean sin do bhérus fuasgladh dhuit fá dheóidh, agus fhóirfeas
ó gach imshníomh tú, agus bia sibh go sona síthchánta aigá chéile ó sin amach." Haithle na breatha sin tucc an draoi air an aisling, gabhus Orlando lámh air imtheacht agus téid ina loing. Agus níor comhnaidheadh leis cco ráinic Dúnadh an Halla Dheirg mur a roibhe Cing Airtiúir agus a theaghlach. Agus air tteacht don mbaile dhó tig sgéala cco Cing Airtiúir, mac Rígh na Teasáille do theacht 'na dháil. Cuirios Rí an Domhain fuireann dona ridiraibh fá huaisle agus fá honóraighe nó a chéile do bhí air a theaghlach d'fhurbháiltiugh roimhe agus dá thabhairt don dúnadh. Agus air tteacht do láthair Rí an Domhain dó, do léig air a ghlúinibh é agus do rinne comharrtha umhlachta agus urrama dhó, agus ráidheas go ttáiníc air impidhe a athara d'fheitheamh air-sion agus do dhénamh seirbhíse dhó, agus d'admháil an árdsmachta do bhaoi ag Cing Airtiúir air ríghthibh agus air rothighearnadhaibh an domhain. Gabhus an rí air láimh é as a haithle sin agus fáiltigheas roimhe, agus orduigheas áit agus ionadh dhó air an mBord Chruinn, mur a mbídís clann ríghthe agus rothighearnadh fá mó meas agus onóir nó a chéile ag Rí an Domhain. Ciodh tráchta ní roibh mac rígh nó rofhlatha, nó fear nó bean isin teaghlach sin uile, nár ghabh iongnadh adhbhalmhór fá óige agus fá áille agus fá dheaghmhaise mheic Rígh na Tessáille, agus fána iomláine ina bhriathraibh agus ina chaoinchomhrádh agus i n-an uile chérd fá cubhaidh do mhac rígh nó rofhlatha. Óir géar líonmhur rena áireamh an trénteaghlach sin, do rug Orlando a mbarr uile ann gach cáilidhiocht dhíobh so. Dála Mhelóra inghine Rígh an Domhain: air bhfaicsin mheic Rígh na Tessáille dhi, ní fhuair suan nó codladh nó comhsanadh ina hintinn acht lán do smúainighibh buartha baothluaimneacha, agus ní fhéadadh a súil do
théarnó uadha in gach ionadh ina bfhaiceadh é. Agus níor lugha leision don taoibh eile é, óir do bhí deilph agus deaghmhaise Mhelóra ag géarghuin a chraoidhe agus aig buain suain agus cudallta agus míon bídh agus dighe dhe. Gidh eadh, níor léig an eagla dhó sin do nochtadh dhi nó d'aoinneach oile, óir nior bh'fheas dó a chara seacha a námha isin dúnadh so bheós. Ciodh tráchta fá gnáth 'mun am so a mbailtibh rígh agus rothighearnadh cluiche dá ngoirthidh giústáil nó iomruagadh, agus isé an cluiche sin: marcuidheacht, agus lámhach, agus briseadh sleagh a ccorpuibh agus a ccneasaibh a chéile, agus meabhrugh croibhnirt agus cleasa goile agus gaisgidh; agus fá gnáthach na tréithre sin dá meabhrugh a nDúnadh in Halla Dheirg, áit a roibheadar clanna ríogh an domhain cruinn air aon láthair. Acht atá aon ní cheana, is le hOrlando do bhíodh buaidh gach cluiche agus gach báire agus gach berna, ionnus gur ghabh Rí an Domhain greim agus taitneamh dhe, agus go ttucc seirc agus síorghrádh dhó tair chách, agus gur leis do léigeadh a rún agus a shecréit; agus fós isé do chuireadh le biadh agus le digh dá bhórd féin agus le teachtaireacht go seómra Mhelóra, go ttáinic dhe sin gur nocht a rún dí agus go ndearnadar comhcheangal gráidh re chéile, agus go ttuccadar gealladh air gach leith gan claonadh air a chéile re heagla báis nó pinúis. Tarla a nDúnadh an Halla Dheirg an uair sin ridire cródha cathbhuadhach dairbh ainm Sir Mádor mac Rígh na hIsbeirne, agus ba duine aingidh anuaibhreach an ridire sin, agus do bhí grádh folaightheach aige do Mhelóra. Agus do bhreathnaigh Melóra sin air go minic gé nár léig an faitíos dó a fhoillsiugh dhi go soilléir. Ciodh trácht do conncus do Shir Mádor annso go ndeachaidh Orlando a 'bfhoghar an rígh agus Mhelóra comh mór agus sin nach roibhe tábhocht dhó féin dúil
do bheith aige re Melóra go bráth, agus nach roibhe dúil aige nó go nglacfadh sí toil agus taitneamh do Orlando tré romhéad a alla agus a airdnóis. Agus iseadh do rinne ó sin amach fuath agus miosguis do thógbháil d'Orlando, agus mísgéal bréagach 'bheith dhá chur idir é agus na ridiradh oile d'fhios an ttiucfadh dhe sin fuath an rígh agus an teaghlaigh do thairring air, agus dá bhrígh sin go madh héidir dhó an chúirt d'fhágbháil agus triall dá chrích féin. Giodh eadh, ní hamhlaidh tárla, óir do bhí do mhéad annsachta an rígh agus an teaghlaigh do Orlando, agus d'fheabhus a ghníomh agus a dheaghbhéas, gurb ag méadugh do bhí céim agus cálidhiocht Orlando go laitheamhail. Airna fhaicsin do Shir Mádor nár ghabh an tshlighe si greim, do smuain slighe oile ina mheanmain, agus isé sin, dol d'ionnsoigh air dhraoi eagnaidh eólach do bhí aig Rí an Domhain darbh ainm Meirlín agus a ghairm leis a 'bfhód fo leith, agus iseadh adubhairt ris: "A Mheirlín," air sé, "atá cúis shecréite agam lena nochtadh dhuit dá ttugthá do choinghioll damh rún maith do dhénamh air. Agus dá ttigeadh dhíot an ní d'inneósainn duit do leasugh, do bhéaruinn breith do bhéil féin duit, agus badh leat orlámhus mo chríche agus mo dhúthaighe agus gach a mbiadh um chumhachtaibh ó so amach go bráth." "Nocht damh gach a bhfuil fot intinn," air Meirlín, "agus más ní bhus féidir do leasugh é, do dhén-sa gach a 'bfhéadfa sinn dot mhaith, agus mun badh eadh, is é ní is lugha thiucfus linn, rún do dhénamh air go bráth." "Máiseadh," air Sir Mádor, "do bhí seirc agus síorghrádh agam do Mhelóra inghin Rígh an Domhain agus níor nocht mé mo ghrádh dhi fós. Agus anois do chím go bhfuil Orlando mac Rígh na Tessáille ina secréit agus ina síorthathaighe, agus fós go bhfuil sé a 'bfhoghur an rígh comh mór agus sin go bhfuilim dearbhtha gur thoirmeisg sé oram an uile shlighe lear bh'fhéidir liom taitneamh Mhelóra do thairring oram. Agus dá ttíosadh
dhíotsa," air sé, "Orlando do mhilleadh, nó go háiridhe fuath an rígh agus Mhelóra do tharring air, ní bhfuil ní dá mbiadh ann mo chumhachtaibh-si go bráth nach badh leatsa a chaitheamh agus a urlámhus go síordhaidhe," air sé. "Biú foighid agad," air Meirlín, "agus gabhuim-si do láimh nach ba mór trom bhéarus mac rígh na Teasáille ort féin nó air neach oile ó so amach go bráth, acht go 'bfhagha misi foill agus uain air m'ealadhain dhraoidheachta d'imirt fair." - Agus is amhlaidh ro bhaoi Meirlín, ní roibh fon chruinne cheathardha ina chomhaimsir féin duine ba mó adhmhilleadh agus aimsiughadh draoidheachta agus diabhlaidheachta iná é. Ba luathgháireach Sir Mádor don sgéal sin, agus bhádor amhlaidh nó go ttáinic lá dh'áiridhe dár bh'fhéidir do mhac Rí na Tessáille dul air a sheal go Foraois na nIongnadh, ionnus go ttugadh sgéal iongantach ionghnáthigh d'ionnsoigh Rí an Domhain aisde. Óir is amhlaidh ro bhaoi Cing Airtiúir, fá geis dó pruinn nó tomhaltus do chaitheamh nó cco n-innistí sgéal iongantach ionghnáith an fhiadhnaise. Agus is amhlaidh mur do bhí Foraois na nIongnadh, ní roibh aonlá ariamh nach bhfuighthí iongnadh inte nach 'bfhacus agus nach ccualus a leithit ariamh roimhe. Agus tárla do Orlando an lá so gur bh'fhéidir dhó dul air a sheal go Foraois na nIongnadh d'fhaicsin iongantuis ren innsi don rí re hucht n-aoidhche. Iar sin gabhus Orlando a earradh áigh agus iorghaile uime, agus triallus 'na uathadh agus 'na aonar go Foraois na nIongnadh. Agus air ndol don bhforaois dó, ní fada do bhaoi aigá taisteal an tan ad chí dhá láimh ríogha romhaiseacha gan chorp gan cholainn gan chuideachta, agus cloidheamh géar glanfhaobhrach in gach láimh dhíobh, agus iad ag tuargain agus ag
treaghdadh a chéile go neartmhar naimhdidhe neamhcharrthannach, ionnus go ccluinfidhe fo cheithre beannaibh na foraoisi an toronn agus an trénbhualadh do bhí eatorra. Do bhí Orlando treimhsi agus tamall dá bhféachain, agus adubhairt: "Measuim," air sé, "go ccaithfeadh Rí an Domhain a phruinn agus a thomhulltus ris an iongnadh sin. Gidh eadh, ní fhúigfead an fhoraois nó go bhfaice mé iongnadh oile, d'eagla nach badh sásta an rí ris an iongnadh so." Iar sin gabhus ag taisteal na foraoise seal eile, agus ní fada do chuaidh an tan ad chonnuirc long luchtmhar lánaibhseach go gceithre seóltaibh éxamhla urtha, agus gan cloch nó crann nó ádhmad oile innte acht gloine tana taobhthaitneamhach, agus í ag seóladh tar bharraibh crann agus fiodhbhuidhe níosa ghéire nó gach long air muir, agus gan d'fhuirinn inte acht madh ealta do ghéisiph glégheala do bhaoi ag caintin chéol agus oirfide air haiste uachtarach na luinge sin. Do bhaoi Orlando seal ag féchain na luinge amhlaidh sin agus adubhairt: "Measuim go ccaithfeadh Rí an Domhain a phruinn re sgéal is neamhiongantaighe iná soin. Gidh eadh, féachfad an fhoraois seal oile." Agus do ghabh ag siubhal seal oile go 'bfhacaidh óglách aig siubhal roimhe agus a cheann airna theasgadh dá cholainn, agus srotha fola réna ghuaillibh agus rena shlinnénuibh as a mhéidhe mhaoldhearg, agus an ceann ina ucht aige agus é dá chíoradh re cír do chnáimh elephinte. Do bhí Orlando treimhse agus tamall dá fhéchain. "Anois," air sé, "is mithigh dhamh an fhoraois d'fhágbháil, óir creidim go ndearna Cing Airtiúir a bhiadh uair éigin re hiongnadh is lugha ná a bhfaca mé." Agus is leis sin gabhus lámh air an fhoraois d'fhágbháil, agus air mbeith ag filleadh dhó, do chonnuirc aonóglách
árd úraibhseach agus é air leithchois agus air leathláimh, agus air leathshúil, agus cruit chaointéadach cheóilbhinn ina ucht aige; agus aois galair agus easláinte, fir ghonta agus mná ria n-iodhnaibh an domhain, do chodeóldís ris an cceól shíorrachtach shíorbhinn do bhí sé do sheinm air an ccruit sin; agus én áloinn iongantach 'na shuidhe air corr na cruite agus go madh samhalta re haingeal as purt Parrdhuis an comhcheól cainceach comhmbinn do bhí an t-én do dhénamh mar aon ris an gcláirsigh. Airna fhaicsin sin do Orlando, do ghabh an uirid sin do thaitneamh isin gceól é gur dhearmaid fir agus mná an domhain, agus gurb eadh do rinne, fear na cruite do leanmhain in gach áit ar ghabh nó go rucc neóin agus deireadh laoi ortha. Agus air tteacht thráthnóna do ló, do chí Orlando dúnadh ríogha romhaiseach agus piláit áluinn iongantach dob áille dá 'bfhacaidh súil ariamh. Agus téid óglách na cruite asteach inte agus do lean Orlando é; agus air ndol asteach d'Orlando, do sgar fear na cruite ris agus ní fhaca é níosa mhó. Gidh eadh, do chonnuirc gach ní fá taitneamhach re súil dhaonda ann, acht amháin nach 'bfhacaidh fear nó bean don Ádhamhchloinn ann. Ciodh tráchta do chonnuirc fithcheal chuanna cheardamhail fosluigthe air bórd áloinn iontláis, agus aon lámh amháin ón ghualoinn anuas aig frasimirt gach ré mbeirte thall agus abhos air an cclár. Agus air mbeith treimhse agus tamall mur sin don láimh, do thóguibh an taibhfleasg don mbord, agus do fholaigh an bord d'éadaighuibh líoghdha lánmhaiseacha agus do sgáraoídibh sgiamhghlana, agus do chuir biadha saora sochaithmhe agus deocha millsi meisgamhla air an mbord, agus do dheasaigh cathaoir áluinn órdhaidhe don taoibh ba faicsi do Orlando don mbórd; agus do thuig Orlando gurbh aig iarraidh air biadh do chaitheamh do bhádhus. Agus leis sin suidheas Orlando air an mbord agus ro
chaith a lórdhaothain bídh agus dighe; agus do bhaoi ceól agus oirfide do chaintin dó an feadh do bhaoi ag caitheamh an bhídh sin. Acht cheana, air ccaitheamh an bhídh sin, do chí aonchailleach chrapach chuislionnach dhiabhlaidhe dhathghránda dá ionnsoighe, agus go madh duibhe ná gual gaibhnidhe gabhann gach alt agus gach áighe dhi. Agus iseadh adubhairt: "A mhic Rígh na Teasáille," air sí, "ciodh taitneamhach leat an t-ionadh so ina ttarla thú anocht do b'fhearr duit nach ttaigeobhadh ann thú." "Créad sin?" air Orlando. "Atá," air sí, "go mbia tú a ndaoirsi agus a ndochar agus a n-amhghur, gan cuideachta gan comhluadar, gan soillsi gréine nó eusga, annso go bráth," air sí. "As adhbhar uamhain agus úrghráine an sgéal insis tú, agus créad uma ttiucfadh sin?" air Orlando. "Thusa," air sí, "do bhaoi aig suirghe re hinghin Rí an Domhain," air sí, "agus do bhaoi grádh folaightheach aig fear oile dhi .i. Sir Mádor mac Rí na hIsbeirne. Agus do conncas do Shir Mádor go ndeacha tusa a secréit an rígh agus a inghine, agus gur thoirmeisg tú gach slighe lear bh'fhéidir leis grádh na hinghine do tharring air. Agus dá bhrígh sin do thairg cumhtha agus tairgsiona móra do Mheirlín .i. draoi Ching Airtiúir re thusa do mhilleadh," air sí, "agus isé Meirlín fear na cruite do thairring annso thú. Agus bia tú gan soillsi gréine nó eusga, gan uirghioll gan urlabhra, gan neach fir nó mná d'fhaicsin, annso go bráth feasta," air sí, "acht madh misi amháin bhias dot chumhdach amhlaidh sin; óir is mé bhíos aig teachtaireacht, agus aig taisteal idir Mheirlín agus deamhain ifrinn," air sí, "agus an Mhilltionach m'ainm," air sí. "Agus beanfa mé h'uirghioll díotsa anois," air sí, "d'eagla go ndéntá
urnaighe nó eadarghuidhe d'ionnsoigh air Dhia nó air dheamhnaibh, amhlaidh mur do ordaigh Meirlín damh." "Sul bheanfus tú m'uirghioll díom," air Orlando, "innis damh an bhfuil furtacht a ndán damh go bráth ón daoirsi sin," air sé. "Ní bhfuil cheana," air sí, "acht re trí seódaibh atá a n-iarthear domhain d'fhagháil, mur atá: an tshleagh tá aig an tShamhdán Mhór .i. Rí na Babilóin, do bhí ag Lagínus .i. an fear don ghárda réar tolladh taobh Íosa Críost, agus ní bhrisfeadh ní air dhomhan an charraic dhraoidheachta atá a ttimcheall na huamhcha so acht an tshleagh sin; agus líog lóghmhar atá aig inghin Rígh na Narsinga a n-iarthur Innia darb ainm carbuncail, agus is leis an ccarbuncail sin do sgaoilfidhe an dorchadus atá isin áit so," air sí; "agus ola mhuice Túis atá ag Rígh na hAsia Móire, agus is leis an ola sin do bhlasadh do thiucfadh h'uirghioll chugad arís. Agus ní bhfuil ridire nó gaisgidheach air tuinn talmhan rena ttiucfadh na trí seóid sin d'fhagháil," air sí. Agus leis sin do chumail a lámh chiorclach chíordhubh do ghnúis agus d'aghaidh Orlando, agus do bhean cumhachta urlabhra agus uirghill de. Agus do imdhigh uadh iar sin, agus do múchadh an solus agus an ceól, go nach roibh a ttimcheall Orlando ann acht uaimh chaol chumhang chomhdhorcha, áit a 'bfhúigfeam é go fóill mur dhuine do bhiadh a ttíaghuis éigin do thíaghuisaibh ifrinn, acht amháin go smuaineadh go minic air an aisling do chonnuirc agus air an bhreith tucc an draoi urrtha. Dála King Airtiúir annso: do bhí an aoidhche sin gan bhiadh do choimhlíonadh a gheasa, agus airna mhárach do ghluais maille rena theaghlach go Foraois na nIongnadh d'iarraidh sgéal Orlando. Agus ar ccuartughadh na foraoise dháibh, agus air bhfaicsin an iomad iongantus, ní fhuaradar aonfhocal do sgéalaibh
Orlando, agus do fhilledar go Dúnadh an Halla Dheirg go tuirseach iomshníomhach. Agus air rochtain na sgéal sin go Melóra inghin Rígh an Domhain, ní féidir a fhaisnéis nó innse gach ar ghabh sí do thuirsi agus do dhólás ina hinntinn. Agus do smuain go minic air an aisling do chonnuirc agus air mharcach an eich dhuibh do mhúch an gath gréine urrtha, agus do mheas aice féin go madh éidir go madh é Sir Mádor do chuirfeadh slighe mhillte air Orlando, óir do aithin sí air go roibhe grádh folaightheach aige dhi, acht nár léig eagla dhó a fhoillsiughadh. Agus iseadh do rinne ó sin amach, bheith furbhfáilteach furánach air Shir Mádor gach áit a ttagbhadh ris, d'fhéachain an mbeanfadh admháil as fá sgéalaibh air bith do bheith aige ó Orlando. Do bhaoi mur sin treimhse agus tamall nó go ttáinic Sir Mádor lá áiridhe asteach a seómra Mhelóra, agus isi 'na huathadh agus 'na haonar ann, níos dhána nó thigeadh uair air bioth oile roimhe sin, do bhrígh, dair leis féin, gur bhreathnaigh nísa mhó do thaitneamh aice air a chuideachta anois nó mur do bhí riamh roimhe. Agus air tteacht asteach dhó, éirgheas Melóra agus do fhear fáilte fris agus do chuir 'na shuidhe ina fochair é, agus do rinne comhrádh caoin carrthannach fris, go ndubhairt: "A Shir Mádor," air sí, "as annamh do chuairt mur a mbím-se, agus nach bhfuil mac rígh nó rofhlatha isan teaghlach sa is annsa linne ná thú." "A ríoghan," air Sir Mádor, "dá 'bfheasuinn-se sin ort do bhéinn nísa mhionca id chuideachta nó bhím." "Go deimhin," air sí, "muna bheith eagla oram go tteabhradh Orlando mac Rígh na Tessáille do chuir m'athair ag feitheamh oram agus do thig le biadh agus le digh chugam," air sí, "drochbharamhail dúinn, do chuirfinn fios ort go minic ionnus go ndénmaois cuideachta agus carrthannacht re chéile."
"Is maith mur atá, a ríoghan," air Sir Mádor, "ní chuirfe Orlando eagla ort féin nó air dhuine oile go bruinne mbrátha agus mbeatha." "Dá mbiadh deimhin agamsa air sin," air Melóra, "do dhénainn slighe rena 'bfhéadfuinn féin agus tusa bheith do thoil a chéile gach uair badh mian linn gan eagla gan uamhan", air sí. "A ríoghan," air Sir Mádor, "dá ttugthá-sa deimhniughadh dhamhsa air do ghrádh, agus rún maith do dhénamh air gach ní dá nochtfuinn duit, do bhéaruinn sgéala dhuit ón ccrích táinic re mac Rígh na Tessáille," air sé. "Ní léigionn tú a leas," air Melóra, "rún do cheangal díom, óir, dair liom féin, is lór do dheimhniugh dhamh mo ghrádh agus mo shecréit do nochtadh dhuitse," air sí, ".i. an ní nachar nocht mé d'aoinneach oile romhad ariamh." "As fíor sin, a ríoghan," air Sir Mádor, "agus do bhrígh go bhfuilim dearbhtha as do choinghioll anois, inneósa mé dhuit an ní nár shaoil mé d'innsi d'aoinneach go forcheann mo shaoghail," air sé. "As amhlaidh mur tárla, a ríoghan," air Sir Mádor, "go roibh grádh dofhulaing agamsa dhuitsi, agus nár léig h'eagla féin agus eagla h'athara dhamh aithniugh oram. Agus fós do conncas damh gur ghlac an rí mac Rí na Tesáille go mór ina shecréid, agus mur an ccéadna go roibh taithighe mhór aige ad láthair-se, agus do mheas mé leis sin go ttiucfadh sé eadrom agus tusa agus go ttoirmeisgfeadh gach uile shlighe léir bh'fhéidir liom do ghrádh-sa do thairring orm. Agus iseadh do rinne mé, cumha agus tairgsiona móra do ghealladh do Mheirlín draoi le hOrlando do mhilleadh, agus do rinne Meirlín sin," air sé. Agus do nocht dhi ó thús go deireadh amhail mur do bhí Orlando isin uaimh chairrge, agus an charrag dúnta uime, agus gan dáil chabhra aige acht ris na trí
seódaibh adubhramar thuas d'fhagháil; agus gur fháguibh Meirlín do gheasaibh air gan fear dár iomchuir arm ariamh do bhúadhiúgh na ttrí seód sin d'áis no d'éigin, agus mur sin nach bhfuigheadh duine don Ádhamhchloinn aonfhocal do sgéalaibh Orlando go bruinne mbrátha agus mbeatha. Air cclos an chomhráidh sin do Mhelóra, táinic airrdheana báis agus buainéaga ina craoidhe, agus do chlaochlaigheadar a céadfadha corpordha go huilidhe agus go hiomlán, agus iseadh do rinne éirghe 'na seasamh d'eagla go n-aitheónadh Sir Mádor claochlódh air bioth uirthe. Agus do bhí treimhse agus tamall nár fhéad aonfhocal do labhairt; agus air tteacht do thaom dá céadfadh chuice, do labhair, agus iseadh adubhairt: "Má iseadh, a Shir Mádor," air sí, "iseadh do dhénas misi imtheacht as an mbaile si gan fhios d'aoinneach, agus a bheith treimhse agus tamall amuigh. Agus mur nach 'bfhuighthear aonfhocal sgéal uaim, cuirfe an rí tairgsiona móra agus cumha don tí ghéabhus sgéala uaim. Agus tiucfa misi annsin," air sí, "a ndeilbh agus a n-éadach anaithnidh, agus iarrfad breith mo bhéil féin air an rí do chionn sgéal a inghine d'fhagháil agus do bhéara an rí sin damh, agus isé breith iarrfus misi cead mo rogha fir dá bhfuil isin teaghlach. Isé rogha ghéabhus misi thusa," air sí. "Agus bí-se air siubhal anois," air sí, "agus ná seachain an dúnadh so madh fada gearr bhias misi amuigh, agus ná léig do rún re duine air dhomhan go filleadh dhamhsa arís," air sí. Imdhigheas Sir Mádor as an tsheómra lán do luathgháir agus do mhéad meanma. Dála Mhelóra feasta. Air n-imtheacht Shir Mádor, do chuir a héadach ríoghna dhi agus do ghabh éadach ridire urthe. Agus téid as sin go carcair na n-arm, agus do thogh amach as sin rogha arm agus éididh, agus do cheangail a caomhchorp ina ccathéideadh sic
cadad comhdhaingean cruadha, agus do ghabh ionar do mhaothshról ghorm air uachtar an éididh sin, óir is leis an ionar do bhíodh air uachtar an éididh an uair sin, dá ngoirthaoi cót éidigh, do haitheantaidh na ridireadh an uair sin, do bhrígh go mbídís a 'bfholach ó bhonn go bathais acht amháin a ndá shúil agus a mbéal agus a srón. Air ngabháil arm agus éididh uimpi amhlaidh sin, téid mur a roibhe eachraidh an rígh, agus do thogh aisdiobh an t-each do b'fhearr lúth agus luas agus lánaigneadh, agus téid air mharcaigheacht as a haithle. Agus triallus as chríochaibh Breatan gan mhothugh gan airiugh d'aonduine d'fhearaibh dhomhain, agus ní dhearna fos nó comhnaidhe dhá aoidhche a n-énbhaile nó go ráinic crích na Bábiloin. Agus air ndol don ccrích dhi, iseadh do fuair na bailte agus na cathrachadh airna ndóghadh agus airna losgadh agus an tír 'na fásach fada féaruaine. Agus do bhí ag siubhal na críche treimhse agus tamall mar sin nó go ttarla óglách air an fhásach dhi, agus iair mbeannú don óglách dhi fochtus sgéala dhe, cia hí an tír sin nó créad tug 'na fásach í. "Is cosmhail," air an t-óglách, "gurb aineólach isna tírthaibh so thú, an tan nach bhfuilid sgéala na críche so agad," air in t-óglách. "Is aineólach go deimhin," air sí. "Cia hí an chrích darb díobh thú féin?" air in t-óglách. "Do chríochaibh Breatan a ttuasgeart dhomhain," air sí. "Agus Ridire an Earraidh Ghuirm m'ainm, agus ridire óg ainiúil mé atá aig taisteal an domhain re foghlaim agus re meabhrugh ceard goile agus gaisgidh," air sí. "Is ní air a bhfuil féidhm isin ccrích so sin," air an t-óglách. "Agus isé is ainm don ccrích si críoch na Babilóin," air sé, "agus atá cogadh agus conbhliocht aig Rí na hAifrice air rí na críche si re cian d'aimsir,"
air sé, "agus do loisg sé agus do dhódh sé a chathracha, agus do mharbh sé a dhaoine agus a ridireadh, agus atá a mhac oighreachta a mbruid agus a ngéibhionn aige. Agus fós, ní bhfuil dúnadh nó deaghbhaile aig rí na críche si anois, acht aonbhaile amháin ina bhfuil sé féin agus beagán mhairios dá mhuintir astigh ann; agus atá Rí na hAifrice, sluagh líonmhur, re hucht an bhaile sin, agus ní éirghionn de go bráth nó go ttoirbheiridh Rí na Babilóin a cheart agus a choróin dó, agus go ttigidh féin agus an beagán sin mhairios dá mhuintir fona ghrásuibh, gebé is toil leis do dhénamh leó," air sé. "Agus aig sin sgéala na críche si dhuit," air in t-óglách. "Déna-sa eólus damhsa gusan ccathraigh," air Ridire an Earraidh Ghuirm, - óir is faoi an ainm sin shiubhlas Melóra seal oile. Do ní an t-óglách eólus dó gusan ccathraigh, agus air ndol isin ccathair dhó, tigid muintear an rí na thimcheall air gach leath agus beirid a láthair an rígh é. Agus fochtus an rí sgéala dhe, cia hé féin nó cá crích dhó. Adubhairt seision gurbh as críochaibh Breatan dó, agus gurbh ridire óg uasal é do ghabh grádha ridire go nua, agus go roibhe aig taisteal an domhain le meabhrugha gacha glanghaisgidh, agus mur do chualaidh cogadh agus conbhliocht do bheith airsion go ttáinic do thabhairt a chonganta leis. "Is iongnadh liom," air an rí, "do theacht dom ionnsoigh-si seach mo námhaid, óir isiad is neartmhaire agus is líonmhaire, is fearr tuillmhe agus tuarusdal; agus is mó do chreidfinn," air sé, "gurb dom námhaid thú agus gurb do bhrath an bhaile si tánguis." "Ní mur sin is dú nó is dual do ridire gaisgidh," air Ridire an Earraidh Ghuirm, "acht a chongnamh do thabhairt don rann is laige, agus an t-anbhann do neartugh, agus an éccóir do chur air ccúl; agus gurb eadh dhénas tusa, a rí," air sé, - "féch mise a n-aghaidh
do námhad um aonar nó le cuideachta, agus annsin biaidh a fhios agad cia haca mé, cara nó námhaid." "Do dhéna mé amhlaidh sin," air an rí. Agus iar sin beireas an rí leis don bpálás é, agus do orduigh seómra agus lucht feithmhe dhó ann, agus do bhí amhlaidh go maidin airna mhárach. Agus a mochdheaghail na maidne, éirgheas Rideire an Earraidh Ghuirm agus gabhus earradh áigh agus iorghaile uime, agus téid mur a roibhe an rí. Agus is amhlaidh mur do bhaoi Rí na Babilóin, ní dheacha sé féin nó aonneach dá mhuintir re cian d'aimsir roimhe sin tair gheaphtaibh na cathracha amach re heagla a námhad, do bhrígh nach roibh líon catha nó comhloinn dóibh agus gur marbhadh urmhór a roibh le feidhm aige. Agus adubhairt Ridire an Earraidh Ghuirm leis: "A rí," air sé, "ní meatacht re hucht anfhorlainn is fearr; agus an feadh bhias tusa do chomhnaidhe amhlaidh so, biaidh do bhiodhbhaidh ag dul a neart, is biaidh tusa ag dol a laige agus a neamhneart, agus biaidh do lón bídh agus dighe aig laghdugh. Agus iseadh is dénta dhuit," air sé, "deabhaidh laitheamhail do thabhairt dot námhuid, go nach aithnighdís do laige agus nach braithfidís do chumhachta airna laghdughadh." "Is briathra deaghlaoich sin," air an rí, "agus féachfum an lá aniugh ad chuideachta," air sé. Agus leis sin fógrus an rí dá chathaibh, acht géar bheag iad, udhmughadh, agus do níd amhlaidh sin go hurlamh iméasgaidh, agus tiaghuid amach as an ccathair. Agus airna fhaicsin sin do shluaghaibh na hAifrice, tigid 'na ccoinne agus 'na ccomhdháil 'na ndrongaibh diana dásachtacha, agus 'na mbuidhnibh troma taiphseacha, agus 'na mbróintibh armtha éidighthe innillte. Ciodh tráchta níor chudroma an choimhéirghe sin, óir do
bhí sluagh na hAifrice deichneabhar fon duine dá roibhe Rí na Babilóin. Giodh eadh, tuccadar an dá shluagh sin aghaidh air a chéile, agus níorbh ionnsoigh dhá charad an ionnsoigh sin, óir dob iomdha ridire óg uasal agus curadh calma cathbhuadhach gan anmuin ann; agus dob iomdha lámh airna teasgadh, agus súil airna siabhradh, agus beól aig blasdarnaigh, agus searbhghártha badhbh agus branén, agus sruthlinnte fola fordheirge ar an láthair sin. Acht cheana, gach áit agus gach ionadh ina mbíodh baoghal bérnaidh nó brisidh air mhuintir Rígh na Babilóin do bhíodh Ridire an Earraidh Ghuirm rompo agus 'na ndiaidh mur sgéith dhídin, ionnus, nó go n-áireómhthar gaineamh mara agus duille feadha, nach áirmhighthear leath nó trian air thuit leis do shluaghaibh na hAifrice an lá sin. Gidh eadh, tarla do Rí na Babilón air an láthair sin, tré mhéad anfhorlainn agus tré líonmhuireacht a námhad agus tré uathadh a charad, gur leagadh dá each é air lár an chatha, agus gur iadhadar 'na thimchioll a námhaid air gach leath, ionnus nach roibhe dul as aige gan a mharbhadh nó bráighe do dhénamh dhe. Air bhfaicsin an anfhorlainn sin air an rí do Ridire an Earraidh Ghuirm, tig dá chabhair agus dá fhoirighín amhail leómhan luathaigeantach ag teacht fó dhásacht feirge chum ealbha do bheitheachaibh brúideamhla - iseadh an torann do rug tríotha agus fútha, ionnus go madh samhalta nár marbhadh air fuaid an chatha roimhe soin acht air mharbh Ridire an Earraidh Ghuirm a ttimcheall Rígh na Babilóin air an láthair sin; agus do chuir an rí ag marcaigheacht arís. Agus tarla mac dearbhráthara do Rígh na hAifrice leis air an láthair sin do bhí 'na thaoiseach air na sluaghaibh, agus tug béim cloidhimh dhó gur sgoilt a sgiamhchorp go ráinic béal ochta agus urbhruinne agus gur thuit marbh gan anmain. Air bhfaicsin do shluagh na hAfrice na
hára agus na heasbhadha tucc Ridire an Earraidh Ghuirm ortha, agus fós mur do thuit an taoiseach do bhaoi ortha leis, do ghabh uamhan agus eagla roimhe iat, agus do ghlacadar briseadh chuca acht muna bheith go ttáinic an aoidhche ortha annsin, agus gur bh'fhéidir dhóibh sgaradh air gach leath .i. Rí na Babilóin don ccathraigh agus sluagh na hAifrice dá 'bfháslongphort sic. Ní hionann mur do bhádhus aige an dá shluagh sin an tan so, óir do bhádar sluagh na hAifrice go tuirseach imshníomhach fona n-easbhadhaibh agus fo bhás a ttaoisigh .i. mac dearbhráthara an rígh, agus do bhádar sluagh na Babilóin go huallach árdaigiontach fá bhuaidh aonlaoi do bhreith air a mbiodhbhaibh agus air a n-easccairuid. Acht atá aonní cheana, ní féidir innse nó a fhaisnéis, méad na muirne agus na honóra do rinneadh fó Ridire an Earraidh Ghuirm a ccathair na Babilóin a n-alt na huaire si, agus tucc an rí ceannus agus cumus a ridireadh agus a mhuintiri uile fona smacht agus fona chumhachtaibh. Dála Rígh na hAifrice, do ghabh racht agus mire é fo n-air chaill dá dhaoinibh agus fo dhiombuaidh chatha an lae sin, agus iseadh do rinne, teachtaireacht do chur go Rí na Babilóin do rádha ris teacht ina phersainn do chomhrac agus do chomhlann ris féin, nó a rogha ridire dá mhuintir air a shon, air acht, dá madh é Rí na hAifrice do claoidhfidhe isin ccomhlann, go ttógeóbhadh an sluagh don ccathraigh agus go sgaoilfeadh a mhac as a bhraighdeanus, agus go ndéanadh lórghníomh in gach ní dair mhill ó tháinic go ríogheacht na Babilóin; agus dá madh é Rí na Babilón do claoidhfidhe ann, a cheart agus a choróin agus a dhignit ríoghdha do thoirbheirt dhósan. Air rochtain na sgéal sin go Rí na Babilóin, cuirios gairm air feadh mhuintire uile, gidhbé dhíobh do ghéabhadh comhrac Righ na hAifrice do láimh air a shon, do bhrigh nach roibh féin ionchomhraic fris, dá
madh leis badh treisi go ttiobhradh ceirtleith a thíre agus a thigheardais dó, maille re ceirtleith a sheód agus ionnmhuis agus iolmhaoine agus gach maithius talmhan dá roibh aige. Gidh eadh, ní fhuair ridire nó gaisgidheach do ghéabhadh an comhrac do láimh air a shon, do bhrígh go madh deacair comhmeas nó cathughadh re Rí na hAifrice air neart a chuirp agus air a thréithribh goile agus gaisgidh, agus air mhéad a lúith agus a lánchoibhlidh. Dála Ridire an Earraidh Ghuirm annso, do mheas aige féin, dá ttíosadh dhe cathugh re Rí na hAifrice, nach biadh toirmeasg air gan an tshleagh d'fhagháil ó Rí na Babilóin, agus dá madh ridire oile do dhénadh an comhrac, gurbh é is mó do bhiadh a 'bfhoghar an rí go bráth, agus nach biadh do mheas air féin acht mur gach ridire oile dair ob an comhrac; agus dá bhrígh sin, do chuir roimhe tuitiom air an láthair sin nó aoibh Rí na Babilóin do thuilleamh. Agus leis sin téid mur a roibh an rí agus adubhairt: "A rí agus a thighearna," air sé, "ó nach bhfaicim ridire nó gaisgidheach eile ag gabháil comhraic Rígh na hAifrice do láimh air do shon-sa, dá mbeinn deimhneach go ndéntá-sa do ghealladh go maith dham do rachfuinn do chomhrac re Rí na hAifrice air do shon." "A mhic ghrádhuigh," air an rí, "ní hionchomhraic ridire comh óg anaosach leatsa fris, agus níor mhaith liomsa do thuitiom a bhforcheann an chomhraic agus mé féin do chaill mo choróna agus mo dhignite ríoghdha uile," air sé. "Is amhlaidh mur atá," air Ridire an Earraidh Ghuirm, "ní ghéabhuinn maithius na talmhan gan dol ann, acht amháin go ccomhlíona tusa gach cumha dar gheall tú," air sé. "Luighim fon Dia dhúileach", air an rí, "madh leat bhus treise isin ccomhlann, go ccoimheóla mé gach ar gheall mé, agus go mbia tú mur mhac agus mur oighre agam."
"Má iseadh," air Ridire an Earraidh Ghuirm, "fuagair an comhlann do Rí na hAifrice a n-arrcéis na maidne 'márach." Do níthear amhlaidh sin, agus a mocha na maidne airna mhárach éirgheas Ridire an Earraidh Ghuirm agus ceanglus a chorp ina chathéideadh catha. Agus do éirgheadar na sluaigh air gach leath, agus do suidheadh agus do horduigheadh ionadh agus áit an chomhraic, agus do daingnigheadh agus do ceangladh an cuntar agus an cunradh air gach taoibh. Agus iar sin táinic Rí na hAifrice go háit an chomhraic agus each ceannard craosach cliabhfhairsing cíordhubh faoi, agus sgiath mórdhrolach dualach airna ceangal don deargór air clár ochta, agus cloidheamh claisleathán sic casgartha air a thaobh chlí, agus sleagh chinnghéar chrófhairrsing chrannreamhar ina láimh, agus a dhá shúil mur lóchrainn chiaracha air lasadh ina cheann tré mhéad an dásacht agus an dóchais do bhaoi ann chum díoghaltais. Tig Ridire an Earraidh Ghuirm don leath oile agus each dualach dubhghorm dásachtach díbhruice faoi, agus go madh samhalta re hiara ag léimnigh idir chrannaibh, an lúth agus an borrfadh agus an buanaigneadh do bhaoi innte, agus sgiath go ndealbhaibh leómhan agus liopard agus gríobh n-eingneach, agus beathach n-éxamhail oile, air ghualainn chlí, cloidhiomh iontláis órdhuirn aige agus sleagh shleamhain shlimghorm shlinnleathán sic ina láimh, agus do sheasaimh ina ionadh urdhalta agus ina áit iombuailte. Annsin do sinneadh na caismeartadh catha agus na beanna buabhaill agus na hadharcadh ciúil air gach leath, agus do fhuagair na boillsuireadh dona ridiraibh a ndícheall do dhénamh. Ciodh trácht ba neamhchudrama an chathiorghal so, mur atá, fear borrfadhach borbneartmhar buanaigeantach air thaoibh agus maighdion chiúin chaoin cheannsa ghnúisnáireach don
thaoibh oile. Acht a cheana, do bhí do mhéad na tola agus na hinntinne do bhaoi aice furtacht agus fuasgladh d'fhagháil dá seirc agus dá síorghrádh dh'fhearaibh an bheatha .i. mac Rígh na Teasáille, gur mheas í féin ionchathaigh re curadh nó re cathmhílidh air druim dhomhain, agus fós nach roibhe ag iarraidh fadugh rée air bith dhi féin muna 'bfhaghadh furtacht dhósan. As annsin tuccadar an dias ridireadh so dhá ionnsoigh a ccoinne agus a ccomhairrcis a chéile amhail leómhan agus aonbheannach ag dul chum comhraic re roile .i. an dá bheathach is neartmhaire agus is neimhnighe agus námhadaighe san domhan; agus tuccadar sáite neartmhara naimhdidhe dá sleaghaibh slinnghéara a ccorpaibh agus a ccneasaibh a chéile gur mínigheadh agus gur mionbhrúghadh na sgiatha agus na lúireacha, agus gur bhriseadar na sleagha agus go ndeachadar a muinighín na ccloidheamh cclaisleathán sic ccolgdhíreach, agus gur ghabadar ag leó agus aig leadradh a chéile gan taisi gan trócaire. Ciodh tráchta do bhaoi Ridire an Earraidh Ghuirm a n-éigean mhór aig béimeannaibh básamhla borbneartmhara Rígh na hAifrice; agus airna fhaicsin dó .i. méad an ghábhaidh ina roibhe agus méad an neithe do bhí ina ghioll uadha, do árduigh a aigneadh agus do mhéadaigh a mheanma, agus do luathaigh a láimh agus do dhlúthigh a bhuilleadh, agus do bheir béim cloidhimh do Rí na hAifrice ós árd a chinn agus a cheannmhullaigh, gur sgoilt an cathbharr agus gur chuir an cloidheamh go cúl in ghualainn deis, go ndearna áladh domhain doleighuis ann, agus gur thuit a chloidheamh as láimh Rígh na hAifrice re neimh an álaidh; agus do bheir Ridire an Earraidh Ghuirm béim oile dhó, gur theasg sróndhídean na clogaide agus an tshrón féin gus a bheag dhe, gur thuit faon fótarsna chum láir agus lántalmhan. Agus leis sin toirlingeas
Ridire an Earraidh Ghuirm agus cuirios rinndhéis a chloidhimh air ubhall a bhrághad, agus dob áil leis a chur tríd go talmhain. Is annsin adubhairt Rí na hAifrice: "Fóill! a ridire óig uasail, is lór dhuit mo bhuaidh agus mo chosgar do bhreith agus gan mo mharbhadh," air sé. "Agus déna bráighe dhíom agus do dhén leasughadh in gach ní dar mhill mé fo Rí na Babilón." Do naisg seision sin air, agus tucc-san grian agus eusga agus ranna nimhe agus talmhan re sin do chomhall dó. Iar sin do léig éirghe do Rí na hAifrice agus do bheir leis a ngéibhionn agus a ccuibhreach a láthair Rígh na Babilón é, agus iar sin tiaghaid don ccathraigh lán d'aoibhneas agus d'úrghairdios; agus do bhádar sluagh na hAifrice go hathtuirseach imshníomhach don leath oile. Ciodh tráchta air mbeith seal a mbaile Rígh na Babilóin dhóibh mur sin, do rinneadh síth agus réidhteach idir na ríghthe sin, agus do chuir Rí na hAifrice fios agus teachta air cheann mheic Rígh na Babilóin do bhí a mbraighdionus aige go nuige sin. Agus do imdhigh Rí na hAifrice maille rena thoicheasdal as crích na Babilón, iar ndénamh síotha agus caradraidh agus iar ndénamh lórghníomha in gach air mhíleasaigh ó tháinic inte. Iar n-imtheacht Rígh na hAifrice agus iar tteacht 'na bhaile do mhac Rígh na Babilón as a bhraighdionus, darbh ainm Leuander, do bhaoi Rí na Babilóin go subhach somheanmnach; gidh eadh, do bhaoi Ridire an Earraidh Ghuirm lán do thuirsi agus d'iomshníomh air fhad leis do bhaoi 'na chomhnaidhe, agus tré chumhaidh a charad .i. Orlando mhic Rígh na Teasáille. Agus air mbeith seal áiridhe san mBabilóin mur sin, téid aon do ló a láthair an rígh, agus adubhairt ris: "A rí agus a thighearna," air sé, "is mian liom féin
coimhlíonadh d'fhagháil in gach air gheall tusa dhamh do chionn comhraic re Rígh na hAifrice." "A mhic ghrádhaigh," air an rí, "do ghéabha tú sin, do bhrígh gurb ort atá cumaoin m'anma agamsa, agus neart mo námhad agus m'easccarad do thógbháil dom thír agus dom thigheardus." "Má iseadh," air Ridire an Earraidh Ghuirm, "do gheall tú roinn leatha dhamh ann do thír agus an do thigheardus, in do mhaoin agus ann do shéadaibh." "Do gheallus go deimhin," air an rí, "agus do dhéna mé a mhaith dhe." "Má iseadh," air Ridire an Earraidh Ghuirm, "ní iarrfa mé roinn críche nó fearuinn ort, acht amháin iarrfa mé iasacht énsheóid amháin dot shéadaibh ort; agus fós atá rún secréideach agam lena nochtadh dhuit." Agus leis sin goirios an rí leis a 'bfhód fo leath agus nochtus a thoisg agus a thuras dó ó thús go deireadh, agus gurbh ag iarraidh na sleighe ro bhaoi, d'fhurtacht agus d'fhóirighín a charad .i. mac Rígh na Teasáille; agus innsios do mur an ccéadna gurbh inghean do Rígh an Domhain í féin, agus taisbeánus a hucht agus a húrbhruinne mur dhearbhugh air sin. Agus airna fhaicsin sin don rí, do ghabh iongnadh adhbhalmhór é, agus adubhairt: "A inghean ghrádhach," air sé, "is truagh doilghidh an sgéal innsios tú, agus fós is iongnadh ádhbhalmhór na gníomhéachta do rinneadh leat go nuige so; agus air son na sleighe agus gach ní oile dá bhfuil air chumus nó air chumhochtaibh dhamhsa, is leatsa iat. Gidh eadh, na seóid oile air a ttráchtann tú, mur atá, ola mhuice Túis agus an carbuncail, níl gníomh is doilghe nó a 'bfhagháil; acht amháin cuirfiod-sa mo mhac féin atá 'na ridire chródha chríonna leat, óir, dá ttagmhadh dhíobh tuitiom ann, ní measa liomsa eision do thuitiom ann nó thusa. Agus cuirfiod mo long féin libh, agus isí long is fearr agus as luaithe san domhan í."
Ciodh trácht do naisg Ridire an Earraidh Ghuirm air gan an rún so do nochtadh dá mhac nó do neach oile air dhomhan go ttuitiom sic nó go ttearno sic dháibh, agus do gheall an rí sin dó. Agus as a haithle sin, do hullmhaigheadh long an rígh dháibh agus do cuireadh gach tincuire inte badh riachtanasach dáibh; agus do ghabh Leuander mac Rígh na Babilóin ionar easnadhach órchiumhsach do mhaothshról uaine air uachtar earraidh agus éididh, ionnus go madh leis sin do haitheontaidh é .i. Ridire an Earraidh Uaine. Agus do bheir an rí an tshleagh do Ridire an Earraidh Ghuirm agus fá luathgháireach uime sin é. Iar sin do cheileabhradar don rígh agus tiaghaid air muir, agus ní haithristear sgéaluigheacht ortha go rochtain a ttír a mbaile Rí na hAsia dháibh. Agus isí sin uair agus aimsear fá ttarla Rí na hAsia agus maithe agus móruaisle a chríche a n-aonach agus a n-ardoireachtus air faithche in dúnaidh, agus air 'bfhaicsin na deise ridireadh chuca, do bhreathnuigheadar gurbh as críochaibh ainiúil dáibh. Agus air tteacht a láthair an rí dháibh, fochtus sgéala dhíobh. Ro innsidar dhó gur dias ridireadh as críochaibh Breatan iad do mhuintir Rígh an Domhain do bhí ag taisdiol gach críche re foghluim cerdcha goile agus gaisgidh. Airna chlos sin don rí, do lonnadh agus do feargadh uime go mór, agus do ráidh rena mhuintir breith ortha agus a ccreapall agus a gcuibhreach, do bhrígh nach roibh san domhan neach badh lugha air ná Cing Airtiúr, agus gurbh iongnadh leis cionnus do fuair ann féin Rí an Domhain do ghairm dhe féin agus nach ttug seision nó duine dar bhean ris urraim nó umhlocht dhó ariamh agus nach ttiubhradh go bráth; agus fós, go roibh a dheimhin aige gur do bhrath a thíre agus a thighearduis do chuir sé iadsan, agus nach rachdís le sgéaluibh air ais chuige go bráth, acht go ttiobhradh féin bás foiréigneach dhóibh
gan chairde. Iar sin, do rugadar muintear an rígh ortha, agus do ceangladh go daor docrach iad, agus do cuireadh a bprísún dhomhain dhorcha iad gan soillsi gréine nó eusga; agus do bhádar amhlaidh go ttáinic an aoidhche agus go ndeachaidh an rí agus na huaisle don bpálás. Tarla dhóibh mun n-am sin gurbh as críochaibh Breatan don cheannphort do bhí air an ghárda do bhaoi aig cumhdach an phrísúin, agus is é fá hainm dhó Uránus. Agus is amhlaidh tarla dhó bheith isin ccéim sin aig Rí na hAsia .i. go ttáinic athair Uránuis as críochaibh Breatan cian d'aimsir roimhe sin go críochaibh Asia agus go ndérna gníomhéacht mór isin ccogadh do bhí idir Rí na hAsia agus an tImpire Rómhánach, agus dá bhrígh sin go ndearna Rí na hAsia ceannphort air ghárda chuirp féin de, agus an tan do marbhadh an t-athair, gur thuit an áit agus an céim céadna d'ionsoigh air Uránus, do bhaoi 'na bhuachaill óg anaosach aig tiecht dá athair go críochaibh na hAsia. Dála Uránuis, air ndol do mhuintir na cathracha chum suain agus codalta, téid asteach isin bprísún agus labhrus a tteangaidh na Briotáine ris na ridiraibh. Agus do fhreagair Ridire an Earraidh Ghuirm isin teangaidh chéadna, agus fiafraigheas Uránus sgéala dhíobh cia haca d'fhearaibh uaisle nó anuaisle na Breatan iad. Adubhairt Ridire an Earraidh Ghuirm nach sénfudís a bhfuil nó a 'bfholaidheacht re hucht anfhorlainn, agus gur don fhuil ríogha iad, agus gur bhráithre fogus do Rí an Domhain iat, agus go ndíoghólfadh Rí an Domhain a mbás go maith, agus fós, ce bé lena ttiucfadh caomhna a n-anma do dhénamh dhóibh, nach biadh duine ós a cheann ag Rí an Domhain go bráth ó sin amach. "Má iseadh," air Uránus, "is do chríochaibh Breatan misi agus mo shean romham," air sé, agus do nocht dhóibh ó thús go deireadh amach mur tháinic sé féin
agus a athair go críochaibh na hAsia. "Agus do dhéna caomhna bhur n-anma dhíobhsi," air sé, "acht amháin go n-innse sibh dhamh fáth bhur tturais go fírinneach don ccrích si." "Dá mbeimís deimhneach dhe sin," air Ridire an Earraidh Ghuirm, "do b'fhusaide linn ar rún do léigean leat é, acht go mbéidir gur do bhrath ar n-inntinne táinic tusa," air sé. Do chuir Uránus ranna nimhe agus talmhan a ccoraigheacht air fána bheith dílios dáibh agus fá shábháil a n-anma an méad gurbh fhéidir leis. Dá bhrígh sin ro innis Ridire an Earraidh Ghuirm dhó fáth a tturais .i. gurbh aig iarraidh ola mhuice Túis tángadar, agus go roibh mórán 'na chontabhairt uatha. "Má iseadh," air Uránus, "is ní dofhaghála sin, óir is a ttimcheall an rí féin bhíos do ghnáth. Agus is amhlaidh mur dhéntar," air sé: "rachaidh an rí do sheilg fo shléiphtibh na hAsia amárach, agus ní bhfuil do mhoill air gan bás d'imirt oraibhsi acht filleadh 'na bhaile dhó. Agus béara misi sibhsi as so anocht, agus cuirfiod éadach air nós na hAsia oraibh, agus tiaghaidh isin tsheilg fear mur chách. Agus bíthí a ngar don rí nó go sgaoilid cách a ttóraidheacht na sealga, agus mur do ghéabha sibh 'na aonar é, teachaidh dhá ionnsoigh agus léigeadh fear aguibh air a bheith balbh agus iarradh an fear oile air an rí blasadh na hola do thabhairt dó. Agus do dhéna seision sin mur is gnáth leis, óir saoilfidh gurb do mhuintir na hAsia sibh; agus muna 'bfhagha sibh amus urrtha mur sin, ní dóigh dhíbh a fagháil go bráth. Agus biaidh misi a ngar dhíobh, agus má éirgheann libh, do dhéna eólus as an ccrích dhíbh." Iar sin sgaoileas an ghéibhionn do bhí ortha agus do bheir leis amach as an ccathraigh iad agus fágbhus a n-ionadh uaigneach iad. Agus téid air ais don ccathraigh agus do bheir dhá chulaidh air nós agus air
fhasiún na hAsia chuca, agus cuirid ortha iat; agus do bheir a n-eachraidh féin as a haithle chuca. Agus anuid annsin go maidin nó go bhfacadar an rí agus na huaisle air cheana ag triall chum na sealga, agus trialluid féin 'na measg. Agus do fhanadar do ghnáth a n-aice in rígh nó gur dúisgeadh leómhain agus lipuird agus beathaigh allta na foraoise agus gur sgaoileadar na huaisle cco comhchoitcheann 'na ndiaidh, agus gur fágbhadh an rí 'na uathadh agus 'na aonar air an láthair. Agus leis sin tigid na ridireadh dhá ionnsoigh, agus do léig Ridire an Earraidh Ghuirm air féin a bheith balbh agus do labhair Ridire an Earraidh Uaine .i. mac Rígh na Babilón agus iseadh adubhairt: "A rí agus a thighearna," air sé, "aig so mac iarla dot mhuintir, agus atá sé balbh gan uirghioll ó rugadh é; agus do chualamar go bhfuil ní agadsa do bheir urlabhra don tí bhíos balbh, agus táinic fo do ghrásaibh d'iarraidh fóirighín ort," air sé. Fiafraigheas an rí ca haca d'fhearaibh uaisle na hAsie é, agus ro fhreagair mac Rígh na Babilón dó ann gach éncheist amhail mur do theguisg Uránus dóibh. Leis sin cuirios an rí lámh ina fhochrus agus tairrngeas an buidél ina roibhe an ola amach, agus tungus re béal Ridire an Earraidh Ghuirm é. Agus leis sin beirios Ridire an Earraidh Uaine siothadh santach air agus fáisgios an buidéal go foiréigneach as a dhórn, agus do bheir i lláimh Ridire an Earraidh Ghuirm é. Agus beirios air an rí as a haithle sin agus trasguras go lár agus go lántalmhain é, agus ceanglus go daor docrach é gan cead uirghill nó iorlabhra nó gluasacht coisi nó láimhe aige, agus tiaghaid air a n-eachaibh as a haithle sin. Agus tig Uránus dá n-ionnsoighe, agus níor comhnaidheadh leó nó go rángadar an cuan ina roibhe a long, agus tiaghaid innte gan chairde, iar 'bfhágbháil Rí na hAsia creapailte cruadhchuibhrighthe air mullach
in tshléibhe agus gan sgéala aig aon neach dá mhuintir uadha. Agus do ghabhadar aig taisteal mara agus tíre nó go rángadar a ttír a ríogheacht na Narsinga a n-iarthear India, agus air tteacht a ttir dháibh adubhairt Ridire an Earraidh Uaine: "Iseadh is dénta dhúinn," air sé, "ar n-airm agus ar n-earraidh d'fhágbháil isin luing agus ar n-aitheachadh ciúil agus oirfide do bhreith linn, agus a rádha gur lucht ciúil agus oirfide sinn, d'eagla go nglacfaidhe san ccrích si sinn mur do glacadh a ccrích na hAsia sinn." Do críochnuigheadh an chomhairle sin leó, agus tiaghaid go dúnadh Rígh na Narsinga. Agus air ndol do láthair an rígh dháibh adubhradar gurbh as críochaibh Breatan dáibh agus gurbh é Rí an Domhain do chuir dá ionnsoigh-sion iad, mur lucht ciúil agus oirfide, agus do cheangal gráidh agus caradraidh eatorra. Fáiltigheas an rí reampa, agus gabhuid na ridireadh a n-ionstruminteadh chiúil chuca agus do shinneadar ceól taidhiúir taitneamhach nach ccualaidh an rí a leithit nó a ionnamhail ariamh roimhe, óir níor ghnáthach lucht ciúil air bioth san ccrích sin riamh roimhe. Agus do ghlac an rí taitneamh mór isan cceól, agus adubhairt go roibhe robhuidheach do Rí an Domhain um iad san do chur chuige, agus adubhairt go ccuirfeadh féin lán luinge do phérladhaibh na hInnia chuigesion mur an ccéadna. Agus do ordaigh do Ridire an Earraidh Uaine bheith a bhfochair a inghine darbh ainm Veróna do dhénamh ceóil agus cuideachta dhi, agus do chongaibh Ridire an Earraidh Ghuirm ina sheómra féin. Agus is amhlaidh mur do bhaoi an carbuncail, do bhíodh a ttimcheall an rí féin air iomchur air léas lae, agus do bhíodh aige ina sheómra isin aoidhche, agus isí do níodh soillsi air feadh an dúnaidh
go comhchoitcheann air léas aoidhche; agus ní léigeadh an rí air iocht dhuine air dhomhan í acht é féin amháin. Do bhádar na ridireadh seal áiridhe mur sin fá aoibhnius agus fá mhuirn aig Rí na Narsinga go ttarla dhó lá áiridhe bheith aig fiafraighe bhéas agus ghnáthadh theaghlaigh Rígh an Domhain don ridiraibh. Do innsedar na ridireadh dhó nach roibhe air druim dhomhain rí nó flaith badh lia ridire cródha cathbhuadhach agus gaisgidheach gníomhéachtach air a theaghlach nó Rí an Domhain, agus gurbh é Dúnadh an Halla Dheirg dúnadh badh deise bantracht agus bandháil, agus badh líonmhuire ceól agus caismearta isin domhan. Ro fhiafraigh an rí dhíobh 'nair ghnáth le Rí an Domhain ceól nó caismeart do bheith aige re linn catha nó troda nó re linn a bheith air fairge dhó. Adubhradar-san go mbíodh an iomad do sheórtaibh ceóil agus caismeirt aige air muir agus air tír, agus, dá madh toil rena ghrásaibh-san dul mur a roibhe in long tug iat féin don ccrích se, go ttaisbénfaidís cuid don chaismeirt fá gnáth leis do bheith aige air muir dhó. Adubhairt an rí go rachadh, do bhrígh gur romhaith leis amharc d'fhagháil air. Gluaiseas an rí agus na ridiradh agus inghean an rígh .i. Veróna agus tiaghaid mur a roibh an long. Agus tiaghaid amach air an loing uile a n-aoinfheacht, agus téid Ridire an Earraidh Ghuirm agus an rí agus inghean an rí faoi haiste, agus gabhus Ridire an Earraidh Ghuirm beann bhángheal bhinnghlórach bhuabhaill don airgid áloinn aithleaghtha ina láimh, dá ngoirthear galltrompa aniúgh, agus sinneas cuir agus caismearta air amhail fá gnáthach a nDúnadh an Halla Dheirg re linn catha nó comhlainn, nó re linn coimhthionól nó comhghluasacht air bioth do theacht eatorra. Agus gabhus an rí iongnadh agus taitneamh mór isan mbeinn mbuabhaill sin, agus do bhaoi ag gabháil tuillidh sgéal
do Ridire an Earraidh Ghuirm. Ciodh tráchta an feadh do bhí Rí na Narsinga agus Ridire an Earraidh Ghuirm ag comhrádh ré chéile faoi haiste, iseadh do rinne Ridire an Earraidh Uaine agus Uránus a n-ancaireadh do thairring agus na seólta do thógbháil agus a ccábladh do cheangal, agus tús do thabhairt do mhuir agus deireadh do thír, agus seóladh isin áidhbhéis aibhsidhe eochairghuirm gan airiugh gan mhothughadh do Rí na Narsinga. Acht a cheana, ní fada do bhaoi an rí ann, an tan do chualaidh gearán agus golghuire na ttonn ccainteach ccubhrach ccaisaoídeach re taobhaibh agus re bolgánaibh na leathánluinge, agus gleic agus géarchasaoid na gaoithi siubhlaighe síorchaintighe ris na bréidibh snasta snáthrighne, agus curr thaobhthana shrónéttrom thosaigh na loinge ag sgoilteadh agus ag sgaoileadh na ttonn ttinniusnach ttulbhorb. Tig an rí aníos air druim haiste iar sin, agus iseadh do chí an long air 'bfhágbháil radharc tíre agus talmhan air gach uile thaoibh dhe. Do labhair an rí go feargach forniata ris na ridiraibh agus fiafraigheas díobh créad é sin dob áil leó do dhénamh. Adubhairt Ridire an Earraidh Ghuirm, aig breith air an rí agus dá chur 'na shuidhe air bórd na luinge: "A rí agus a thighearna," air sé, "dob áil linn an carbuncail atá agadsa d'fhagháil uait d'fhurtacht agus d'fhóirighín carad atá fo chiamhair draoidheachta," air sé. "Agus ní dáil fuasgail dó acht re trí seódaibh atá ag trí ríghthibh d'fhagháil, mur atá: sleagh Rígh na Babilóin, agus ola mhuice Túis ag Rí na hAsia, agus an carbuncail fil agadsa. Agus fuaramar an tshleagh agus an ola," air sé, "agus is mian linn an carbuncail d'fhagháil mur an ccéadna, agus do bhéaram ranna nimhe agus talmhan agus grian agus éasga a ccoraigheacht oruinn fána haisioc ort féin arís. Agus fós, is mian linn thusa do bhreith linn go Dúnadh an Halla Dheirg,"
air sé, "agus síoth agus caradradh do dhénamh idir thú féin agus Rí an Domhain, agus do chur slán dochum do thíre féin arís." "Dá mbeath a dheimhin agam," air an rí, "tiecht slán air mh'ais dochum mo chríche féin, do badh maith liom Rí an Domhain agus a theaghlach d'fhaicsin," air sé. Tucc Ridire an Earraidh Ghuirm grian agus éasga, agus ranna nimhe agus talmhan, a ccoraigheacht air fána chur slán dá chrích féin arís dá ndeachadh leó go toiltionach go Dúnadh an Halla Dheirg. Leis sin cuirios an rí lámh ina fhochrus agus do bheir an carbuncail i lláimh Ridire an Earraidh Ghuirm, agus fá luathgháireach dhe sin é. As a haithle sin do rinneadar iomramh aigiontach iméasgaidh gan tuisleadh gan tormeasg, gan ghuasacht mara nó tíre, nó go rángadar a ttír a ccríochaibh Breatan. Agus air tteacht a ttír dháibh ann, do labhair Ridire an Earraidh Ghuirm, agus iseadh adubhairt: "A thighearnadh," air sé, "aig so mo thír agus mo thalamh-sa, agus iseadh is mian liom, sibhsi do bheith air mo chomhairle agus air m'impidhe féin an feadh bhias sibh innti, agus tús uirghill agus urlabhra do léigin dham a bhfiadhnaise Rígh an Domhain, do bhrígh gur mé is fearr gnáthugh agus eólus air féin agus air a theaghlach." Adubhairt Rí na Narsinga agus Leuander mac Rígh na Babilóin gur thoil leó féin sin, agus go ngéabhdís gach comhuirle do bhéaradh ortha an feadh do bhiadís a ccríochaibh Breatan. "Má iseadh," air sé, "iseadh is dénta dhúinn éadach agus earradh ridireadh gaisgidh do ghabháil umainn ré ndul dúinn go Dúnadh an Halla Dheirg, go nach 'bfheasadh an rí cia sinn nó go ccríochnaigheam cuid d'adhbhar ar tturais agus ar n-eachtra." Do críochnaigheadh an chomhairle sin leó, agus do bheir
Ridire an Earraidh Ghuirm éideadh agus airm agus each d'ionnsoigh air gach aon díobh, agus do chuir éadach líoghdha lánmhaiseach air Veróna inghin Rígh na Narsinga. Agus do ghluaiseadar fon tuairim sin go Dúnadh an Halla Dheirg, agus níor comhnaidheadh leó go rángadar faithche in dúnaidh. Agus léigfiom dhínn labhairt ortha go fóill, acht laibheóram beagán beag air Rí an Domhain agus air a theaghlach annso. Dála Rígh an Domhain annso: air n-imtheacht a inghine as Dúnadh an Halla Dheirg gan fhios gan airiugh d'aoinneach, agus air cconnsughadh Orlando mhic rígh na Tesáille agus gan aonfhocal dá sgéalaibh air 'bfhághail, do mheas aige féin gur imtheacht re chéile do rinne an lánamhain sin agus do chuir cuid dá theaghlach in gach énchearnaidh don riogheacht d'fhagháil sgéal uatha. Gidh eadh, ní fhuarus focal do sgéalaibh cheachtair dhíobh, agus ó nach 'bfhuair, seólus a theachta go crích na Tesáille d'fhagháil sgéal uatha ann, agus ní fríth énní dhá sgéalaibh. Agus fá tuirseach imshníomhach Rí na Teasáille air 'bfhagháil dhrochsgéala óna mhac, agus níor lugha le Rí an Domhain fán inghin é, agus ní féidir a fhaisnéis méad na heólchaire do rinne an ríoghan .i. bean Ching Airtiúir darbh ainm Gunevér, fána hinghin. Ciodh trácht iseadh do rinne an rí garmáil agus craitháil do chur amach, giodh bé neach fir nó mná do bhéaradh sgéala beó nó mairbh a inghine nó mheic Rígh na Tesáille dhá ionnsoighe, go tteabhradh breith a bhéil féin dó, gidh bé san domhan é. Gidh eadh, ní 'bfhuair duine air dhomhan do bhéaradh sgéala dhó. Dála Ridire an Earraidh Ghuirm agus a chuideachta annso: air ttuirling dáibh air an 'bfhaithche amhail adubhramar, tig sgéala d'ionnsoigh an rí, ceathrar ridireadh uasal anaithnidh air a roibhe inneall agus éideadh coigríche do thorling air an 'bfhaithche.
Cuirios an rí ridire uasal oirdnidhe dá mhuintir darbh ainm Sir Brandámor dá ttabhairt don bpálás. Agus air tteacht do láthair an rí dháibh, do léigeadar air a nglúinibh iad agus do rinnedar comharrtha umhla agus urrama dhó; agus do thóguibh an rí a lámh ós a ccionn agus do ráidh riú éirghe agus tucc cead uirghill agus iorlabhro dáibh, agus fochtus sgéala dhíoph cia d'fholaibh uaisle nó anuaisle an domhain iat. Do fhreagair Ridire an Earraidh Ghuirm dhó a ghlanbhérla chríche Breatan, agus iseadh adubhairt: "Do mhuintir na críche si féin mise, a rí agus a thighearna," air sé, "agus ní féidir liom m'fhuil nó m'fholaidheacht do nochtadh fós, nó go ccríochnuighe mé bladh dom eachtra tá gan chríochnughadh fós. Agus an triúr so eile do chí tú, tá fear dhíobh as chrích na Babilón, agus fear oile as crích na hInnia, agus an treas fear as chríochaibh Asia," air sé; "agus atámaoid re seal áiridhe ag taisteal an domhain re meabhrugh gacha gaisgidh, agus tángamar dot ionnsoighe-si, a rí agus a thighearna," air sé, "ionnus go mbeimís seal air do theaghlach, aig foghluim ceardcha guile agus gaisgidh, béas agus deaghmhúnaidh." "Gurb é bhur mbeatha chugamsa," air an rí, "agus do ghéabha sibh tuillmhe agus tuarusdal uaim mur gach mac rígh agus rofhlatha dá bhfuil air mo theaghlach. Agus fós," air an rí, "atá ní oile agam lena fhiafraighe dhiobh, agus dá mbeadh énní do sgéalaibh an neithe sin ag ceachtar agaibhsi, do bhéarainn breith a bhéil agus a theanga féin dó." "Créad an ní sin, a rí?" air sé. "Atá," air an rí, "ridire óg uasal do bhí air an teaghlach so .i. Orlando mac Rígh na Tesáille, agus do chuaidh lá áiridhe go Foraois na nIongnadh d'fhaicsin iongantuis ann re ccaithfinn-si mo phruinn," air an rí, "Agus ní fhacamar é féin nó énfhocal dá sgéalaibh ón ló sin i lleath. Agus go grod 'na dhíadh sin," air an rí, "do
bhí éninghean amháin agamsa darbh ainm Melóra, agus do connsuigheadh a 'bfhéagmhuis an dúinidh si í, agus ní fhuaramar sgéala a beó nó a mairbh ón uair sin gus anois," air sé. Agus ag rádh na mbriathar sin dó, do shil frassa diandhíochra dér, agus do stad uirghioll agus urlabhra uadh. Agus airna fhaicsin sin do Ridire an Earraidh Ghuirm, níor fhéad fulang a eólchaire, agus tucc a chúla ris an rí, agus do sging sruth dianchuimseach déar uadh. Ciodh trácht do iontoigh Ridire an Earraidh Ghuirm air an rí arís, agus iseadh adubhairt: "A rí agus a thighearna," air sé, "atá bladh dom eachtra-sa gan chríochnughadh isin ccrích so, agus iseadh is mian liom, thusa maille re mathuibh do theaghlaigh do dhol gus an ionadh inar dóigh liom m'eachtra do chríochnughadh, agus má chríochnaighthear an t-eachtra sin liom, do ghéabha tú sgéla uaim chuirfios luathgháir mhór agus ulghairdiugh ort." Air gclos na mbriathar sin don rí, fógrus dá theaghlach udhmughadh, agus do tharrngeadar air an bhfhaithche amach. Agus ní léaghthear a ccroinic nó a stair san domhan gur chruinnigh air aonláthair ariamh faoi chumhochtaibh rígh nó rofhlatha ionnamhuil an mhórtheaghlaigh sin, air líonmhaireacht sármhac rígh agus rothigherna, agus ridire dearsgnaigh deaghghníomhach, agus curadh cródha cathbhuadhach, agus arsaidh iorghaile, agus ógmhacaomh áluinn iolchrotach, do bhaoi ann, agus air éxamhlacht a n-arm agus a n-earradh agus a n-éideadh, agus air dheacruidheacht a ccleas lúith agus lámhaigh dá ttabhairt ós áird, agus air áille a mban agus a mbantracht. Ciodh trácht air mbeith ullumh ionimtheachta dháibh mur sin, do ghluaiseadar uile d'énláimh nó go rángadar go Foraois na nIongnadh. Agus air tteacht annsin dáibh, tiaghuid gusan ccarruic chloiche do bhí a leithimeal na foraoise, agus gabhus Ridire an Earraidh Ghuirm sleagh Rígh na Babilóin
ina láimh agus téid gus an ccarruic. Agus do bheir trí sáite don tsleigh innte agus ris an treas sáthadh do ghéim an charraic, ionnus go madh samhalta re blaosg tana taobhthirim an aiéir air mbriseadh, nó ris an talamh tromfhóideach air 'bfhosgladh, an torann agus an tóirneach do rinne an charraic air sgáineadh ó chéile dhi, gur léig craos cabach comhdhorcha béalfhosluigthe chugtha. Agus air 'bfhosgladh dhi mur sin, do sging an bhandhraoí dheamhnaidhe, darbh ainm an Mhilltionach, do bhaoi ag cumhdach an sic draoidheachta, amach as an uamhaidh, 'na meall taibhseach teineadh a 'bfhroighthibh na firminte. Iar sin téid Ridire an Earraidh Ghuirm asteach isin uamhaidh, agus tarrngios an carbuncail as a fhochrus amach agus nochtus isin uamhaidh í, ionnus, tré mhéad a lonnraidh agus a soillsi, go madh léir ruithne dá laghad inte. Agus air ttabhairt soillsi san uamhaidh amhlaidh sin, do gheibh mac Rígh na Tesáille 'na dheilbh uathmhair anaithnidh, nó mur thaise mairbh air n-aithéirghe, gan aithne gan urlabhra, gan énní do dheilbh dhaonda fair, acht madh féithe agus finnleathar ag congbháil a chnámh agus a bhall re chéile. Beirios Ridire an Earraidh Ghuirm air láimh fair agus do bheir amach a measg na slógh é, agus ba hiongnadh mór ris an rí agus ris na sluaghaibh an ní do chonncudar. Agus as a haithle sin tairrngios an buidél ina roibh ola mhuice Túis as a choim, agus adubhairt: "A mhic Rígh na Teasáille," air sé, "ibh cuid don íc atá isin mballán so, agus badh ferrde dhíot é go forcheann do bheatha." Agus congbhus féin an ballán rena bhéal, agus do ibh Orlando trí bolguim as an mballán, agus iar n-ól an treas bolguim dhó táinic a chruth agus a dheilbh, a innioll agus éccosg féin air. Agus do bheir an rí agus
na ridireadh aithne fair, agus do iadhadar uime fair gach leath agus do phógadar go dil díochra é. Agus as a haithle sin fiafraigheas an rí sgéla dhe, creád tug isna rochtaibh sin é, nó créad do sgar fris an teaghlach é. Ro innis Orlando gurbh é Sir Mádor mac Rígh na hIsbeirne agus Meirlíno an draoi do imir draoidheacht agus diabhlaidheacht fair, agus nach roibhe dáil chabhra dhó acht ris na trí séodaibh adubhramar d'fhagháil, agus nach roibh súil aige féin ris an fhurtacht sin d'fhagháil go saoghal na saoghal. "Má iseadh," air an rí, "an bhfuil aithne agad air an ridire so d'fhuasgail duit?" "Ní bhfuil go deimhin," air Orlando, "óir ní feasach mé cia d'fhearaibh uaisle nó anuaisle an domhain é." Leis sin, iontoigheas Ridire an Earraidh Ghuirm air an rí, agus do léig air a dhá ghlún é, agus adubhairt: "A rí agus a thigherna," air sé, "ní bhiad-sa níos faide dom cheilt féin ort." Agus leis sin do chuir a cheinbheirt chatha agus chruadhchomhlainn de agus do nocht a aghuidh agus a édan, agus adubhairt: "A rí agus a athair ghrádhuidh," air sí, "aig so h'inghean .i. Melóra." Leis sin do bheir an rí aithne furtha, agus gabhus air láimh hí agus pógus go dil díochra í, agus do shil frasa tromaidhbhle dér tré romhéad luathghára agus ulgháirdis. Agus ro fhiafraigh sgéla dhi cionnus ro fháguibh sí an dúnadh gan fhios, nó cionnus do tháinic dhi fuasgladh do mhac Rígh na Teasáille. Do nocht sisi dhó ó thús go deireadh amhail mur do bhean sí admháil na ceilge as mac Rígh na hIsbeirne, agus nachair bh'fédir le fear dar rugadh riamh fuasgladh dhó, gur ghabh sí féin airm ghaisgidh furtha agus go ndeachaidh d'iarraidh na seód do bhéaradh furtacht dhó. Agus do nocht a heachtra agus a himeacht ó thosach go deireadh, agus
gach móréacht dar éirigh lé a mbaile Rígh na Babilóin, agus amhail mur do thucc Rí na Babilóin an tshleagh dhi, agus mar do chuir a mhac féin .i. Leuander mac Rígh na Babilóin do thabhach ola mhuice Túis do bhaoi ag Rí na hAsia, agus amhail mur do thucc Rí na hAsia breathamhnus báis ortha agus mur do fhuasgail Uránus .i. captín an ghárda dhóibh, agus mur do sheól dáibh cionnus do ghéabhdís an ola a ttimchioll an rí air mbeith aig seilg dhó, agus mur do fhágadar Rí na hAsia creapailte cruadhchuibhrighthe air an 'bfhásach 'na uathadh agus 'na aonar. Do nocht mur an ccéadna mur do chuadar 'na dtriúr go crích Rí na Narsinga agus amhail mar do mhealladar é féin agus a inghean leó air fairrge, agus gurbh é an ceathramhadh fer do bhí a ndeilbh ridire mar aon riú é. A haithle na n-árdsgéal sin, iontoigheas Rí an Domhain air Rí na Narsinga agus air mhac Rí na Babilóin agus fáiltigheas rumpo go mín muinteardha, agus do bheir buidheachus mór dháibh agus mur an ccéadna do Uránus tré shábháil a inghine agus mic Rígh na Babilóin as lámhuibh Rígh na hAsia. Air 'bfhaicsin do mhac Rígh na Babilóin agus do Rí na Narsinga, gur maighdion mhín mhilisbhriathrach agus inghean Airdrígh an Domhain do bhaoi mur fhear cuideachta agus caitheamh aimsire aca, agus lena ndearnadh móréachta nár bh'fhéidir le ridire nó le gaisgidheach eile do dhénamh, do ghabh iongnadh agus uathbhás iad agus do innsedar don rí agus dona sluaghaibh a maithghníomha agus a móréachta go fairsing foirleathan. Ciodh tráchta do bheir an rí fo deara breith air Shir Mádor mac Rígh na hIsbeirne agus air Meirlín .i. an draoi, agus creapall agus cruadhchuibhreach do chur orra. Agus as a haithle sin, do ghluaiseadar an tromshóchraide sin d'énláimh nó go rángadar Dúnadh an Halla Dheirg. Agus shuidh an rí ina ionadh cubhaidh
agus do suidheadh Rí na Narsinga air a ghualainn deis agus mac Rígh na Babilóin air a ghualainn chlí, agus do shuidh an ríoghan don taoibh air aill agus Melóra air thaoibh dhi, agus mac Rígh na Teasáille air an taoibh oile, agus na huaisle air cheana ó sin amach. Agus do bheirthear Sir Mádor agus Meirlín do láthair an rígh, agus do admhadar d'admháil a mbéil agus a tteangtha féin gach feall agus gach meabhal dar chumadar chum Orlando mheic Rígh na Teasáille. Agus dá bhrígh sin do bheir an rí agus an chomhairle breatheamhnus orrtha, a losgadh air faithche an dúnaidh amhail mur do thuill a míghníomha dháibh, agus do mholadar cách go coitcheann an breatheamhnus sin. Is annsin do labhair Melóra, agus iseadh adubhairt: "A rí agus a thighearna," air sí, "do gheall tú breith a bhéil féin don tí do bhéaradh sgéla mo bheó nó mo mhairbh-si, nó beó nó mairbh mhic Rígh na Tessáille chugad; agus ós misi tug sgéala gach ceachtair dhíobh dhuit, is mian liom aithchuinghidh d'fhagháil uait." "Do ghéabha tú sin go deimhin," air an rí, "gach a n-iarrfa tú." "Má iseadh," air Melóra, "do bhrígh gurb as mo shiocair-si do rinne mac Rígh na hÍsbeirne gach míghníomh dá nderna sé, iseadh is mian liom pardún anma d'fhagháil dó féin agus don draoi agus a ccur air díbeirt ón dúnadh so. Agus an dara haithchuinghidh naisgim ort, mac Rígh na Teasáille d'fhagháil mur fhear agus mur chaoimhchéile dhamh pfhéin." Mholadar cách go coitcheann taisi agus trócaire na hóigríoghna agus cródhacht a mórghníomh; agus do aontoigh an rí dhi gach ar iarr sí air don chur sin. Agus do pósadh í féin agus mac Rígh na Tessáille re chéile, agus do pósadh Leauander mac Rígh na Babilón agus Veróna inghean Rígh na Narsinga mur an ccéadna, agus do bheir Rí an Domhain mórán seód agus maoine agus ionnmhuis dáibh.
Agus do bhádor na huaisle eachtrann sin seal fada a bhfochair Rí an Domhain fá aoibhneas agus fá mhuirn, nó gur ghabh mian Rí na Narsinga triall dá chrích féin. Agus airna airiugh sin do Rí an Domhain, do ullmhaigh trénchabhlach trom taibhseach do thionnlacadh Rí na Narsinga dá chrích agus dá dhúthaigh féin. Agus air mbeith ag triall dó, tig Melóra dá ionnsoigh agus an carbuncail ina láimh lé agus sleagh Rígh na Babilóin isin láimh oile, agus iseadh itbert: "A Rí na hInnia," air sí, "ó do chríochnaigh misi mo mhóreachtra agus gur fhuasgail mé dom charuid, agus gur gheall mé thusa do chur slán dot chrích féin, aig so dhuit air ais an carbuncail maille re buidheachus agus re mo mhaith-si go bruinne mbrátha agus mbeatha. Agus a mhic Rígh na Babilóin," air sí, "aig so dhuitsi sleagh h'athara, agus táim-si buidheach dhíot tré a bhfuaruis do dhúa agus do dhochar um' chuideachta feadh m'eachtra aig taisteal an domhain." "Má iseadh," air Rí na Narsinga, "bronnuim-si ort féin rís í;" agus do bhronn mac Rígh na Babilóin an tsleagh air Ching Airtiúir. Agus as a haithle sin, téid Rí na Narsinga air muir; agus aig so anmannadh na ridireadh fá huaisle agus fá honóraighe dá ndeachaidh dá thionnlacadh dá thír féin. Do chuadar ann dá ridire dhéag na cródhachta do bhíodh do ghnáth a ttimcheall chuirp an rí féin dá chumhdach, amhail mur adeirthear gallógláigh cúlchoiméada aniugh. Aig so a n-anmannadh: Sir Gabhín mac deirbhshíaracha Rígh an Domhain agus a dhias dearbhráthar .i. Sir Garet agus Sir Gahéris; Sir Brandámor mac Rígh na hEadáille; Sir Marrábhus mac Rígh Éireann; Sir Frol, Sir Tor agus Sir Ector, agus ní feas dúinn a n-aithre; Sir Lameric as críochaibh Dobhar, ridire rochródha; Sir Bébhus, Sir Bóbus agus Sir Lanselot mac Rígh na Binne Brice; agus mórán oile do ridiraibh rochródha nach ainmnighthear annso.
Agus ní haithristear a bheag dá sgéaluigheacht go rochtain a ttír a ccrích na hInnia dháibh. Agus air tteacht go dúnadh Rígh na Narsinga dháibh, ní féidir innse nó a fhaisnéis méad na muirne agus na honóra do rinneadh umpa ann. Agus do nocht Rí na Narsinga dá mhathaibh agus dá mhóruaisle a eachtra agus a imtheacht ó thús go deireadh, agus amhail mur do rugadh go Dúnadh an Halla Dheirg é. Agus air mbeith seal fada do na ridiraibh ina fhochair do ghabhadar lámh air imtheacht, agus do chuir an rí an cabhlach céadna leó lán do phérlaibh agus do gheamhaibh agus do líoguibh lánmhaiseacha lóghmhara, agus do sheódaibh rígh agus rofhlatha, maille le comharrtha umhla agus urrama do Rí an Domhain. Agus air tteacht go Dúnadh an Halla Deirg dháibh, ní fada do bhádar ann an tan do cuireadh cuid dhíobh le mac Rígh na Babilóin agus le hinghin Rígh na Narsinga go críochaibh na Babilóin, agus an chuid oile le mac Rígh na Tessáille agus le Melóra inghin Rígh an Domhain go críochaibh cuanáille na Teasáille, áit air chaitheadar a ré agus a n-aimsear mur fá haoibhinn leó féin. Agus do díbreadh Sir Mádor mac Rígh na hIsbeirne agus Meirlín, an draoi, go síordhaidhe suthain as Dúnadh an Halla Dheirg air 'bfhagháil maitheamhnuis anma tré Mhelóra. Gonadh é sin eachtra agus imtheacht Melóra inghine Rígh an Domhain agus Orlando mhic Rígh na Tesáille go nuige sin.
CÉILIDHE IOSGAIDE LÉITHE ANNSO SÍOS. Rí uasal airmhidneach molbhthach cródha curata ceartbhreathach ro ghabhastar flaitheas agus forlamhas for chríochaibh glanáille cnuasthorthacha na Gaisgúine feacht n-aill. Agus do bhí an rí sin gan chloinn aige agus gan neach ar shliocht na fola ríoghdha do-ghébhadh ríghe dá éis. Agus do bhí béasa ag na ríoghaibh isin aimsir sin .i. an neach do bhiadh gan chloinn aige fleadh oireaghdha do ullmhughadh, agus an tan ba hullamh an fhleadh tigdís maithe agus móruaisle na críche go coitcheann dá tochaitheamh, agus ní curthaoi uasal a n-ionadh an ísil acht gach aon ina ionadh urdhalta féin. Agus is amhlaidh so do fodhailtí an aimsir aca .i. an chéadtrian don lá re hól agus re haoibhneas, agus an dara trian re haonach agus re hardoireachtus, agus an trian déidheanach don lá agus trian tosaigh na haoidhche re ceóluibh agus re hoirfideadh agus re healadhna; agus an dara lá aige na laochuibh re trosgadh, agus an treas lá le fleadhughadh; an ceathramhadh lá re lántrosgadh, agus an cúigeadh lá re hól agus re fleadhughadh; agus an seisiugh lá re trosgadh ag na tuaithibh, agus dá éis sin a n-athchuinghe d'iarraidh a ccionn an seachtmhadh lá. Agus do-rinneadh aig an rí sin amhuil do-níthí aige na righthiobh eile, agus do ghuidheadar na sluaigh sin an Dúileamhuin um iardhraoighe d'fhagháil do Rí na Gaisgúinne do-ghéabhadh ríghe dá éis. Agus fuaradur an athchuinghe sin go dearbhtha ó Dhia, agus dá dhearbhadh sin, ní fada gur hairigheadh an ríoghan do
bheith taobhthrom torrach agus a ccionn naoi míosa do thuismidh gin mór muilleathan don rí. Agus tángadar maithe agus móruaisle na críche dá iarraidh rena altrom, agus níor fhaomh an t-ardrí d'aonduine aca é. Agus d'iarr an rí a macaoimh agus a n-óigmhic-sin do chur a bhfarradh a mhic fein dá n-oileamhuin, agus do rinneadh amhlaidh sin. Agus do hoileadh go huasal onórach é, nó gur mhionmheabhruighdar teanga gacha tuaithe agus béarla gach críche agus gaisgeadh gacha cinéil agus oileamhain gacha haicme, agus ní ghairmthí énainm don ógmhac sin acht an Macaomh Gníomharthach Gasgúinneach; agus an Mhacraidh Ghníomharthach Ghasgúnnach do ghoirthí dá mhacraidh do ghrés. Do éirigh iar sin gal agus gaisgeadh an mhic sin agus d'éirigh a uaisle agus a oineach agus a urradhus, agus do ghabhastar cogadh agus cointinn ris na críochaibh fá chomhneasa dhó. Agus ó nach roibh do chloinn aige an rí acht an t-aonmhac sin, rob fhada ris na críochuibh do bhí gan ríoghan a dhiongbhála do bheith aige. Agus ro fhiafraigh cách go coitcheann cá bhfuigheadh ríoghan a dhiongbhála, agus fuaradar a fhios go raibh inghean óg áluinn a n-aontumha aige Rí na Buille Bradanaighe. Ó do-chualaidh an Macámh Gníomharthach Gaisgúineach iomthús na hinghine, do-chuaidh dá tochmharc, agus rug deich ccéad macaomh mear móraigiontach do mhacraidh na Gaisgúinne leis, agus tugastar do mhnaoi agus do chaoimchéile í. Agus fuair crodh cainteach congháireach leis an inghin, eadhón beann bhláitheagair bhuabhaill, agus dob iad buadha na beinne sin, .i. an tráth do sinntí í, ní bhíodh beathadhaigh écceannsaidhe a ndiamhraibh, loccaibh nó a bhfásuighibh nach
ttigeadh fá ghuth na beinne buaibhille sin; agus do fuair coin áille iongantacha ó nach ttigeadh ainmhidhe allta gan leadradh agus gan luathmharbhadh. Rob é sin crodh mhic Rí na Gasgúine. Agus tuccastar a bhean leis dá thigh don turas sin, agus do rinneadh fleadh bhuanthiodhlaictheach bainnsi leó annsin agus do suidhigheadh an dúnadh do gach duine do réir a uaisle agus onóra. Agus do bhádar aig ól is aig aoibhneas gurbho meisge meadhairchaoin iad, agus ro thiodhlaiceadh ór agus ionnmhus agus iolmhaoine aca iar sin d'fhileadhaibh agus d'ollamhainibh. Do éirigh iomorro bollsaire san ccathraigh iar sin 'na cholamhain chomhdhíreach, agus do fhiarfaigh: "An bhfacabhair, a óga," ar sé, "cathair san chruine bu fearr sluagh agus sochuidhe, ór agus airgiod dá phronneadh, ceól, oirfideadh agus ealadh, adhbhar rí agus iarla, iná an chathair si?" Do éirigh neach oile san chathraigh agá chloistin sin, agus adubhairt, gér mhaith an chathair sin go raibhe dúnadh isin domhan ris nár chóir a cudrumadh .i. dúnadh Ching Artúir mhic Iubhair .i. Airdrí an Domhain uile, agus nár chóir cathair eile do chomhardadh rena chathraigh, nó teaghlach rena theaghlach, agus nárbho ri nó ríghdhamhna aoinneach san chruinne go comhlán nó go mbeith bunadhus bliadhna ar teaghlach Rí an Domhain. "Uair do-gheóbha oileamhuin gacha hoiléin, béarla gacha críche agus teanga gacha tuaithe agus gaisgeadh gacha cinéil do bhunadh isin mbaile sin, agus féadaidh gach aon dá n-oiltear ann siubhal gach críche go coitcheann, uair comhaltadha dá chéile mic ríogh an domhain uadha. Agus ní fhaicim-si cúis comhardaidh ag duine san domhan fris an rígh sin, uair ní dhearnadh aonach ariamh ina bhaile nach beith míle poball a n-íobhthaoi fíon ar fhaithche a chathrach,
agus a n-éistfidhe ciúil, agus a mbronntaoi ór; agus níor shuidhestar Cing Artúir ariamh gan trí chaoga cathaoir ina chomhfhogas ina mbíodh pill chorcra agus siad fo láimh do ghrés fá chomhair uasail agus airdríogh, co nach éirgheadh neach as a ionadh urdhalta a mbíodh ré neach eile. Agus giodh diongbhála bhar ndúnadh-sa agus giodh calma bhar ccuraidh, ní fhaicim-si cúis bhar ccomharduidh ris an dúnadh sin," ar an t-óglach. Mur do-chualaidh an Macámh glanarmach Gaisgúinneach na briathra sin do chan in t-óglach, adubhairt: "A mhacraidh mheanmnach," ar sé, "déanaidh-se comhnuidhe san chrích si feadh bliadhna, agus rachad-sa beagán do mhnáibh agus drong do dheaghfhearuibh a ccríochaibh buaináille Breatan, agus bied bliadhain isin chrích sin agus do-ghéantar (ridire) dhíom. Agus ní hé m'ainm féin bhus ainm dhamh acht Ridire na Sealga, uair béarad mo bheann bhlátheagair bhuabhaill liom don chur sa agus mo thrí coin, agus do-bhéraid a sáith feólmhaigh agus fiadhaigh d'fhearuibh an domhain ris an mbliadhain sin." Agus do hullmhuigheadh long don ridire amhuil do ordaigh féin agus do ghluaisiodar rompa fon samhla sin, agus níor fhanadar nó go ranghadar i ccríochaibh beannghorma Breatan. Agus do bhí aonach agá chommóradh ag Airtuir an lá sin, uair ba bés bunaidh dhó gan a bheith énlá gan oireachtus, agus do-chonnairc Cing Artúir an bheagbhuidhean sin dá n-ionnsaighe gacha ndíreach. Agus ar tteacht do láthair dáibh beannuighis cách díobh don rígh, agus do fhreagair an rí go faoilidh iad. Agus do shuidh an rí .i. Cing Artúir a ccathaír chumhachta, agus do shuidheadar-san 'na fharradh, agus fhiarfaighas
an rí sgéala dhíoph. Agus freagras an Macámh Gasgúinneach é, agus aseadh adubhairt: "Ridire misi," ar sé, "táinicc d'fhoghlaim gaisgidh chugaibhse mur thigit mic ríogh an domhain. Agus do chualas fós gurab í an chathair si cathair is fearr san chruine, agus gurab í as fearr curaidh agas gaisgidhigh agus aidhmeadha gaisgidh isin domhan, agus nach ionluaite sluaigh isin domhan re slóightibh na cathrach sa, iná teaghlach re teaghlach an deaghdhúnaidh si. Agus isé is ainm dhamhsa Ridire na Sealga, agus isé adhbhar an anma sin .i. buaidh fiadhaigh agus fianchosgair atá air mo chonaibh agus ar an adhairc si fám bhrághaid; óir an tan do-chluinit guth na glanadhairce si freagrait na huile fhiadhach, agus ní théid ainmhidhe beó ó na luathchonaibh si. Agus anfad féin bliadhain isin mbaile si, agus do-bhéar a sáith fiadhaigh d'fhearaibh an dúnaidh si agus dá mnáibh, dá leardhacht dá mbiaidh siad, re ré na bliadhna sin." "Ro-t-fiaidh buaidh agus beannacht," ar an rí. "Do-ghéabhair grádh agus mórmhiadh isin ccathraigh si ar do dheaghghníomhaibh." Tugadh ionadh cobhsaidh comhnuidhe don Ridire iar sin. Agus ar tteacht na maidne arna mhárach do ghluais an Ridire do sheilg, agus do ghluais an rí cona shluaighibh leis, agus ní raibhe énduine dá fheabhus nó dá olcas aca nach bhfuair sé a sháith fiadhaigh agus fianchosgair do thoradh na sealga sin. Ar n-iompódh do chách ón tseilg do fhág siad Ridire na Sealga 'na uathadh agus 'na aonar isin bhforaois, agus níorbho cian dhó an tan ad-chonnairc agh áluinn allaidh dá ionnsaighe, agus ní raibhe dath nó deallradh isin domhan nach raibh innte. "A Dhia uilechumhachtach," ar an macámh, "créd
do-ghéan ris an ainmhidhe iongantach úd? Uair dá léigear mo choin di, do-ghéabha sí bás leó agus dá légear uaim í do-ghéabha bás dá grádh, agus ní chreidfidhe mé dá innsin go bhfacas a leithid." Agus is í comhairle ar ar chinn, a hionnsaighe, agus do sgaoil a choin agus do léig ris an oigh iad agus níorbho tarbha dhó an tromléigin sin, uair do-chuaidh sí ó na conuibh gan chréachtnughadh. Do ghabh náire ádhbhalmhór an Ridire ime sin, uair ba náir leis an agh do léigean uadha, agus do iompóidh go tuirrseach dá thoigh an oidhche sin. Do éirigh go moch arna mhárach agus táinicc gusan tulaigh céadna, agus táinicc Rí an Domhain cona shluaghibh leis. Agus do shuidh an rí ar an tulaigh, agus do shuidheadar a n-uaisle agus a n-ardmhaithe ina thimchiall, agus fuaradar a sáith sealga ón Ridire an lá sin. Agus tángadar dá ttighibh iar sin, agus do fhan Ridire na Sealga 'na aonar dá n-éisi. Gairid dhó arna fhágbháil agus é lán d'imshníomh, go bhfacaidh an agh chéadna dá ionnsaighe gan mhoill. Adubhairt an macámh: "Níba tarbha dhuit a bheith ag síorleanmhuin oram, uair ní léigeabh mo choin a ccuntabhairt leat, agus is lór leam a bhfuaras d'esonóir uait." Táinicc an agh a bhfogus dona conaibh annsin agus ba mór an machtnadh leis an Ridire a dol uadha, agus gidh eadh, do léig a choin ria ina coinne. Agus níorbho tarbha an tóraidheacht sin uair do iompóidar na coin gusan Ridire gan conách sealga, agus roba mór a aithmhéala an lá sin iná an lá roimhe sin, agus do iompóidh dá thigh. Agus do rugadar as an oidhche sin, agus do bhí Ridire na Sealga lán d'aithmhéala agus d'imshníomh.
Agus do-chuaidh go fíormhoch an tres lá don fhoraois, agus tugastair a bhréithir fíorlaoich go sirfeadh trí fodhalranna an domhain don té thug náire dhá chonaibh nó go bhfaghadh é. Agus do mharbhastar feólmhach do na fearaibh an lá sin, agus do imgheadar dá ttigh iar sin, agus do fhan Ridire na Sealga isin bhforaois. Agus do-chonnairc an agh chéadna chuige agus do léigiostar a choin ina ceartaghaidh. Agus do lean an Ridire go dícheallach iad nó go ttarla dhó isin bhforaois lubhghort fíoráluinn (agus) bruidhean ilghréasach ghormfhuinneógach innte. Agus do ionnsaigh an Ridire an bhruidhean sin go hathlamh, agus do-chonnairc inghean mhín mhacánta mhongbhuidhe agus brat sgiamhach scoithreamhail sgárlóide impe agus léine do shról lánmhaiseach re grian a geilchnis agus fleasg fhada fionnairgid fána folt, agus í ina suidhe ar chosaibh na hiomdhaidhe agus a hardleaptha. Do fhearastar an inghean fíorchaoin fáilte go friochnamhach fris an Macámh ina ainm agus ina uasalshloinneadh, agus adubhairt an inghean go faoilidh fris: "As misi atá tú do sheilg agus d'fhiadhach leis na trí laithibh si, agus ní fhacus fiadhach dob annsa liom iná bheith ag féchain do dheilbhe. Agus as air théighinn isan riocht úd .i. searc agus síorghrádh tugas duit, agus ní tré chion cuirp nó colla tugus an grádh sin," ar sí, "agus do-ghéabhair seóid, maoine agus mathus uaim an gcéin bhus áil leat anmhuin agam." Do fhan an Ridire ag an inghin nó go ttáinicc fuinne neóill nóna agus do-chuaidh dá thigh féin an oidhche sin. Agus do éirigh go moch arna mhárach agus dochuaidh go háittreibh na hinghine agus do bhí ann go deireadh an lae, agus do-chuaidh dá thigh iar sin. Agus do bhíodh seacht laithe na seachtmhaine ag adhradh
don inghin agus ag dol don bhforaois agus ag teacht gacha nóna dá thigh féin. As annsin do mheas bean Ridire na Sealga gur bean do bhí aige agus gurab dá hionnsaighe do théigheadh gach laoi. Agus do lean sí an Ridire gan fhios dó féin ar a dhruim, agus ráinicc isin mbruidhin a raibh an inghean: As annsin do éirigh an inghean do bhí isin mbruidhin, agus do fhear fáilte re mnaoi an Ridire: "Mo chion do thoidheacht," ar sí, "agus is a n-iarmháracht do chéile tángais." "Ní cubhaidh leamsa iarmhóracht do dhénamh," ar an inghean, "ar son nach bhfuil a fhios sin agadsa." Iomthús mhná na bruidhne, do ghrádhaigh bean an Ridire go mór í, agus ba amhlaidh sin disi, níor lugha a grádh do mhnaoi an Ridire, agus adubhairt fria: "As briathar dhamhsa," ar sí, "nach rabhas aige fear d'fhearuibh an domhain iná ag t'fhear-sa go háiridhe. Agus an áil libhse an fhoraois d'fhágbháil?" ar sí, "agus madh áil libh, rachad-si libh d'ionnsaighe bhar n-adhbhadh féin." "As áil iomorro", ar an Ridire, "uair dá bhfantá-sa do anfamaois-ne, agus uair bhus áil leatsa tiocfamaoid-ne agus tusa dochum fiadhaigh na foraoisi agus dochum na bruidhne si." Do ghluaisiedar as an bhforaois dochum an aonaigh mur a roibh Cing Artúir, agus do shuidh an inghean anaithnidh ar ghualainn deis Rí an Domhain. Agus do fhiafraigh an rí sgéla don inghin, agus adubhairt an inghion: "Ní d'innsin sgél tháinic (mé) acht d'fhéachain an deaghdhúinidh si, agus do bhreith aithne ar bhar mbantracht-si, agus ar céilidhe dochum bhar ccaoimh-shluaigh-si." Agus ba haoibhneas meanma agus aigionnta leis na
sluaghaibh a féachain agus éisteacht rena briathraibh binne deaghchomhráiteacha banamhla, agus géar mhór grádh na hinghine aige na deaghfhearuibh robu mó a grádh aige an mbantracht sin an bhaile. Bliadhain di ar an mBord Chruinn amhlaidh sin. Ar ghualainn Rí an Domhain do chaitheadh a cuid ris an mbliadhain sin agus a mbruidhin Ridire na Sealga do chodladh do ghrés, agus do thidhlaiceadh sí ór agus airgead go mór ris an mbliadhain sin. Agus do-rinne léine álainn ilghrésach dá compánach agus dá fear éntoighe, eadhón do Ridire na Sealga, agus dob iad so buadha na bláith-léineadh so .i. gan guin arm agus gan aimseachadh uisge agus gan treaghdadh tineadh do bhuain ris an té fá mbiadh. Agus do hinnseadh d'Artúir buadha na léineadh sin do thiodhailc an inghean. Agus adubhairt inghion Rí na Buille rena mhnaoi chumainn: "Dámadh liom-sa an léine," ar sí, "is duitsi do-bhérainn í dot choimhéad ar urchóidibh anaitheanta." "Is cumaoin," ar an inghean, "an rún do cheilfinn-si ar sluaghaibh an domhain go comhlán, ní cheilfinn ortsa é." "Ní shaoilim-si drochrún no deaghrún do bheith agad gan a fhios do bheith agam féin," ar an inghean. "A inghean Rí na Buille, is beag atá dot éagmhais de," ar an inghean, "agus an mhéid atá ní bhiaidh. Agus ní bhfuil san domhan neach dá n-inneósainn é acht thusa at aonar, agus dár ndóigh ní léigim a leas (a) aithne dhíot gan a innsi do neach oile go bráth." "Truaigh sin!" ar inghion Rí na Buille, "is ionann liom is mé dá innsi an uiread sin d'amhras do dhénamh oram." "Más eadh," ar an inghean, "atá leasainm dom leanmhuin-si, agus ní cheilfe (mé) ortsa é. Agus isé as leasainm dhamh, Iosgaid Liath dá rádha liom, agus isé
adhbhar an leasanma sin .i. tom liath atá a mbacán m'iosgaide agus ní dheargaid reanna nó faobhair fair, agus ní bhfuil san domhan neach do chífeadh é nach ttiubhradh fuath fíoradhbhal damh dá bhfaiceadh é." "Mairg adubhairt sin!" ar inghean Rí na Buille, "agus is doiligh linn a fhios sin d'fhagháil." "Truaigh," ar sisi, "an tír iná an talamh a bhfaghthar a fhios súd oramsa! Fágbhuim an fearann sin go fíoraibéil. Agus ná luaidh-si an sgéal sin lioms nó re daoinibh eile." Agus tug inghean Rí na Buille a luighe nach déanadh go bráth. Do imgheadar na mná sin isin maidin iaramh, agus do shuidh an inghean ar ghualainn Rígh an Domhain, agus do-chuaidh inghean Ríogh na Buille mur a roibhe bunadhus an bhantrachta: "Créd an chuairt ainmhinic si ar an inghin si Rí na Buille?" ar an bhantracht. "Uair an bhliadhain atá isin mbaile si ní thángais ar cuairt chugainne gus anois." Adubhairt inghion Ching Artúir fria: "Ní maith do chuir céilidhe do chumpánaigh linne .i. do bhean éntighe, uair ní háil lér bhfearuibh sinn féin d'fhaicsin ó tháinicc sí don bhaile si." "Do imigh ar ccuid don chuintinn sin oruinne," ar inghean Rí na Buille. "Más eadh, créd in luach do-bhéaradh sibhse dhamhsa dá ccoisginn an doghráinn sin díbh?" "Ní bhfuil sin ar domhan luach, agus a bheith againne, nach bhfuighir," ar siad. "Más eadh," ar sí, "atáid sgéala na mná sin agamsa díbh. Atá leasainm ag leanmhain na mná sin, agus fágbhaidh sí gach ionadh a ttabharthar urrtha é. Agus is é fáth an anma sin .i. tom liath atá ina hiosgaid, agus Iosgaid Liath a leasainm ime sin. Agus ní ghearraid
reanna ináid faobhair énruibe don gharbhfholt sin, agus gach aon do-chloin nó do-chí é do-bheirid fuath a n-anma dhí. Agus dénmaoid-ne a n-aoinfheacht do thubha an anma sin fria, agus tabhram náire dhí a bhfiadhnaise an rí agus an teaghlaigh. Agus abradh inghean Rí na hAntuaithe .i. bean Sir Bhalbhuaidh de Cornabas, gurab olc céilidhe Iosgaide Léithe ar an mBórd Chruinn, agus déaramaid-ne a n-aoinfheacht an céadna." As annsin (do) éirgheadar na mná míorúnacha go hairm a mbaoi an inghean, agus do shuidh bean Sir Bhalbhuaidh ar ghualainn Rígh an Dhomhain. Agus do shuidheadar an bhantracht agus do iarradar éisteacht friú, agus do héisteadh. Adubhairt bean Síor Bhalbhuaidh do ghuth ardmhór fhollasghlan a bhfiadhnaise an rí agus an teaghlaigh: "Bean táinicc don bhaile si," ar sí, "agus atá sí bliadhain ann, agus ní raibhe bean dhínn aige a fear féin ris an mbliadhain sin; agus ní dhéanaid áinios nó iomagallamh frinn agus ní iompóighoid a n-aighthe linn do ghrádh na hinghine sin at arradh, a Artúir, agus atá sí agár milleadh go mór mur do mhill sí mórán do mhnáibh an domhain. Agus dá bhfeastá-sa agus do theaghlach, a Artúir, an t-ainm fil orrtha agus an fáth fá a bhfuil an t-ainm sin, ní thiubharthá taobhadh fria, dóigh tum do fhionnfadh gharbhliath ina leith-iosgaid agus gach aon do-chí nó do-chluin é do-bheirid miosgais lánadhbhal agus mórfhuath dhí, agus Iosgaid Liath a leasainm ime sin." Mur do-chualaidh an bhanntracht sin do labhradar, agus iseadh adubhradar: "As olc céilidhe Iosgaide Léithe ar an mBórd Chruinn do bhuain ar bhfear dhínne!" Mur do-chualaidh an inghean an comhrádh sin ón
mbantracht do-rinneadh ronuall corcra ó bhonn go bathais dí, agus do chuir a huille ar ghlún an airdríogh agus do dhúineastar a dorn deas agus do bhuail bean Sior Bhalbhuaidh don dorn sin goro bhris a dlúthdhéada mun a chéile. Agus adubhairt an inghean: "A Ching Artúir," ar sí, "an bhfaiceann tú énduine adéaradh nár chóir an dorn úd do bhuladh? Agus dá bhfaictheá, do thiocfadh a cheann dá cholainn. Agus, a Artúir," ar sí, "fuarus féin náire adhbhalmhór aguibhsi, agus dámadh ó fhearuibh do thiocfadh a tabhairt dhamh do bheidís gan mhná, agus ós ó mhnáibh do fuarus náire beid na mná gan fheara. Agus, a Artúir," ar sí, "do-bhéar-sa taisbéanadh dhíbhsi don athuis adubhradh do bheith oram, agus tabhraidh-si ar bhar mnáibh taisbénadh do thabhairt ina aghaidh." Is annsin do éirigh an inghean agus do thógaibh a héadach tar a hiosgaidibh suas, agus géarbh áluinn a cos roimpe dob áille ina diaidh go mór í, agus gach duine nach ttug grádh anma dhí roimhe sin tugasdar grádh adhbhal an uair sin (di). "A Ching Artúir," ar an inghean, "tabhair an bhanntracht chugainn go bhfaicmís deireadh gach deaghmhná dhíobh." Agus tugadh do láthair iad, agus dob éigion dáibh éirghe athlamh urédrom do dhénimh a bhfiadhnaise na sluagh. Agus do thógbhadar a n-éduighe go hárd tar a n-iosgaidibh, agus ní raibh bean dá huaisle nó dá honóraighe aca nach raibh tom liath a mbél iosgaide gacha mná dhíobh. "A Ching Artúir," ar an inghean "fuarus féin náire adhbhalmhór agaibh-si, agus an t-ainm do hinnseadh díbhse do bheith oramsa níorbh é sin m'ainm a ttigh Salibearna, nó a ttigh Ghruagaigh an Mhonaidh, nó a ttigh Láimhe Láidre. Agus, a Artúir," ar an inghean,
"budh maith agus budh saith do mhórán ar dheireadh domhain an náire si fuarus aguibhsi. Agus fágbhuim do bhuaidhaibh ar an sgél si, trésan náire adhbhalmhór sa fuairus, coimhdhi bliadhna do gach aon agus éisteacht ris, agus gach neach dá n-éistfidh biaidh rath cloinne agus conáigh air. Agus ní bhiaidh an sgéal sa aon-aoidhche go deireadh an domhain gan deich ccéad agá chomhiarraidh re a éisteacht, agus giodh náir dhamhsa an drochsgéal sa budh oirrdhearc mé tríd ar deireadh an domhain." Agus adubhairt an laoidh mur so síosana:
Budh oirrdheirc mo chéilidhe ar an mBórd Chruinn gan chealga, dá ttugas grádh éccmhaisi do Ridire na Sealga. A riocht oighe allaidhe tánac chuige ina fhoraois; as uime do thángas-sa gurbh é mo chéile comhaois. Do bhámur a n-énsheomra misi 's a bhean re bliadhain; do chumas dó caoimhléine a n-ionadh álainn dhiamhair. Sgél beag tré chúis mhiosgaisi do chuir oramsa a chéile: go roibh a mbél m'iosgaide tom d'fhionnfadh ba lór léithe. Giodh oirrdheirc mo chomhainm-si thiar a n-iarthar an domhain, níorbh é sin mo chomhainm-si a ttigh Ghruagaigh an Mhonaidh.
Giodh oirrdheirc an forainm-si a n-iarthar Innsi hEalga, níorbh é sin mo chomhainm-si a ttigh Rí Saile-bearna. Go teach Láimhe Láidire rachaidh misi rem éagnach; bead a n-ionadh áirighthe mur a ccomhreóc is Céadach. Giodh oirrdheirc mo chéilidhe, ní sochuidhe ro chuala; ní badh hiomdha ar mh'éisi-si neach agá mbéidh a buadha. Giodhbé teach nua a n-innisthear mo chéilidhe tré chéaduibh, marbh as nocha n-imeóchaidh, ní bhiaidh gan bhiadh gan éadach. Giodhbé chluin mo chéilidhe, coimhdhe bliadhna gan bhréige, 's inneósas dár n-éisi-ne céilidhe Iosgaide Léithe. Ar láimh rí nó ridire, ar ghualainn rí nó flatha, ann dleaghar a hinnisin 's gan bheith gan éadach datha. Tiocfaidh sunn dom iarraidh-si laoch réimhidhe as maith oirbheirt, ulcha air go ngnéghile, ('s é) cumthach uasal oirrdheirc.
A haithle na laoidhe sin adubhairt an inghean: "A mhná," ar sí, "giodh náir dhamhsa a ndubhrabhair
bú mór a dhiombuaidh dhíbhsi. Agus fágbhaim-si d'onóir agus d'airmhidin ar mo chéilidhe gurab air láimh ríogh nó ridire nó rofhlatha, nó a n-édaighibh datha inneóstar í. Agus giodhbé rí nó rofhlaith dá ccluinfe mo chéilidhe ag dol ar toisg nó ar tromionnsaighe, budh soirbh dhó a shéd agus a shiubhal gan amhras. Agus, a mhná," ar an inghean, "ní bhfuil do bhuadhaibh maithe dhamhsa dhe nach bhfuil do dhrochbhuadhaibh dhíbhsi, uair is bantracht gan ágh, gan amhaintear, gan fhearchéile sibh, óir is briathar dhamhsa nach biaidh a fear féin nó fear eile go bruinne an bhrátha agus go forcheann an bheatha ag énmhnaoi agaibh." Goirid dóibh a haithle na hiomagallmha sin go bhfacadar chuca isin bhfaithche dá n-ionnsaighe carbad álainn iongantach órdhaidhe, agus pobal uasal ilghréasach arna chórughadh ós cionn an charbaid, agus trí heich áille iongantacha chruinne go srianuibh órdhaidhe ag iomchar an charabáid sin agus gruagach deas deagh-dhéanmhach ag brodadh an chairbáid agus na heachraidhe, agus do anasdair 'na chomhnuidhe ar lár na faithche. Iomthúsa na hinghine ó 'd-chonnairc an gruagach do éirigheasdair go hathlamh uirésgaidh agá fhaicsin, agus do ráidh: "A Artúir, atá annsúd an té do dhíogheólas mo dhímhiadh féin dá ccluineadh sé an náire adhbhalmhór fuarus, agus dom chubhuis! do-ghéabhdís na múir a milleadh agus na dúin a ndíonsgaoileadh. Agus, a Ching Artúir," ar sí, "éirigh-si agus maithe do mhuintire leamsa go ndeachmaois d'agallaimh an ghruagaigh." Agus do éirgheadar cách go coitcheann a ccoimheadacht an ríogh agus do-chuadar d'ionnsaighe an ghruagaigh. Agus do-chuaidh an inghean rompa isin bpobal, agus rángadar-san 'na diaidh. Agus do-chonncadar-san isin bpobal óglach álainn ildhealbhach agus cathbharr
ilghréasach órdhaidhe fána cheann, agus lég loinneardha lóghmhar a cceartmhullach an chathbhairr, agus cotún álainn órshnáithe im chorp an churaidh, agus dreach ríoghdha ruitheanta ag an óglach; agus do iadhasdair an inghean a dá láimh leabhra lánáille fá bhrághuid an óglaigh agus do phógastar go foisdineach é. Agus do fhiafraigh an gruagach don inghin: "An buidheach thú dot chuairt agus dot chéilidhe isin chathraigh si, a inghin?" ar sé. "As buidheach agus ní robhuidheach, as diombuidheach agus ní rodhimbuidheach," ar an inghean. "Cionnas sin, a inghin?" ar an gruagach. "As buidheach dá bhfearaibh mé agus ní buidheach dá mnáibh mé," ar an inghean, "uair do imdheargsat mé gan ádhbhar. Agus ní rodhiomdhach mé tríd sin, uair is dúthcha dáibh drochní do dhéanamh iná ní maith, agus a ndearnsat orm do dhíoghlus orra é, agus an mhéid nár dhíoghlus dígheóltar go fírinneach é. Agus, a oide ionmhuin," ar sí, "ná dén fearg re fearaibh an dúnaidh si, uair is maith a modha agus a mbéasa." Ro ráidh Artúir iar sin: "A inghean," ar sé, "abair ris an óglach teacht isin dúnadh." "Agus is briathar dhamhsa," ar sí, "nár chaith an t-óglach úd biadh nó deoch ariamh gan ór arna amhladh ina thimcheall isin chathraigh a mbíodh, agus ní bhfuil teadhais órdhaidhe agadsa dhó. Agus an-sa a bhfarradh an airdrígh," ar an inghean, "go ndeachainn-si do chórughadh na cathracha." Do imigh an inghean iar sin do chórughadh na cathracha agus táinicc tar éis a chóirighthe ar cheann an óglaigh agus cáich go coitcheann, agus níor fháguibh an bhanntracht gan a mbreith isin mbruidhin. Agus is amhlaidh fuaradar an chathair ar a ccionn .i. a dhá ttrian
arna córughadh do chlochaibh criostail agus carrmhogail agus do léguibh lánmhaiseacha lóghmhara arna niamhadh do dheargór dhaithálainn, agus an treas trian gan niamhadh ón inghin. Do chuir sí iar sin an t-óglach anaithnidh a n-ionadh ríogh, agus Artúir a n-ionadh airdrígh, agus cách ó sin amach ina n-ionadhuibh cuibhdhe comhaoisi isin ccathraigh sin, agus an trian d'fháguibh an inghean gan córughadh don chathraigh do chuir na hingheana ann. Agus ar ccaitheamh forgla a ccoda dhóibh do iarr an inghean éisteacht fria agus adubhairt do ghuth árdmhór fhollasghlan mhionfhoclach: "A uaisle agus a ardmhaithe," ar sí, "táncas-sa air cuairt agus ar céilidhe chugaibhsi agus fuairus náire adhbhalmhór agaibh, a bhanntrocht liosta labharthach an bhaile si, agus is briathar dhamhsi nach biaidh a fear féin nó fear eile ag énmhnaoi aguibh go bruinne bhrátha agus beatha. Agus ní bheithi-si gan mná," ar sí, "uair giodh iomdha bhar sluagh agus bhar sochuidhe do fhéadfainn-si a sháith do mhnaoi dhílis d'fhagháil do gach fear aguibh, agus ní headh amháin, acht atá sáith Rí an Domhain ar uaisle agus ar fholaidhacht an gach énmhnaoi díobh. Agus, a Ardrí an Domhain," ar sí, "as lia bean ar mo bhantracht féin iná fear ar do theaghlach-sa, agus do-bhéar-sa chugaibh bantracht bhus fearr iná bhar mbantracht féin agus bhus fearr rún agus fírinne iná iad." Agus adubhairt an laoidh mur so síos:
Ní maith rún bhar mbantrachta, a theaghlach Artúir uasail, giodh cródha bhar ccalmacht-sa, sibhsi gan bhar sáith nuachair. Don bhanntrocht lonn liosta-sa má do rádhas rún bréige, dhá n-éis do fríth m'iosgaid-si gan fionnfadh liath gan léithe.
Gach bean chluin mo chéilidhe 's nach mailleóchaidh an bhantracht, nárab soirbh a seaghaidhe, nár fhagha fear nó fearrdhacht. Inghean Dáire Dhoinnsgiathaigh Ailleann Daithgheal adeirim, teach m'athar a ndobhliadhain, ní fríth bruidhean bú fearr inneall. Séadna Súlghlas sáirghéagach mo dhearbhbhráthair gan duibhe, Céadach, fear deas deaghdhéanmhach, leis bheirthar buaidh gach cluiche. Bean uaim dá gach énduine agá bhfuil bean san mbruidhin, luach mo chuarta céilidhe ar an mBord Chruinn gan chuireadh. Go teach rí na roshealga tiucfaidh liom as a haithle; béid bhar mná go drochmheanmnach, oram ní thugsat aithne.
"As fearr dhamhsa mo sgéala féin d'innsin duibhsi, a uaisle agus a airdmhaithe," ar sí. "Inghean Dáire Dhoinnsgiathaigh misi, a Artúir," ar an inghean, "agus is é an Dáire sin Rí na Cruitheantuaithe. Agus is uime ghairthear an forainm sin de .i. sgiath donn dathálainn atá aige arna niamhadh d'ór thíre na hAráipe agus ní ghontar fúithe, tríthe nó tairisi ar a tighearna, agus budh maidhm roimpe ann gach conair a ttéid a ttreas nó a tteagbháil, agus is í as áille do sgiathaibh an domhain.
Agus níor cuireadh a n-airde an tromsgiath sin ariamh gan deich ccéad sgiath 'na timchiall agá tógbháil. Agus is í as bean don rí sin, Rathleann inghean Ioruaidhe, inghean Rí Inse Tile, agus is í as máthair dhamhsa. Agus ní bhfuil do chloinn aige acht aonmhac agus misi, agus d'éntoirbheirt rugadh sinn araon. Agus an tráth do bhí an ríoghain taobhthrom torrach do shir an rí rathmhur sin ar do ghualainn, a Artúir, an torrcheas sin do thabhairt dó féin dá altrom, agus go hiomhadh dhó é. Agus do rug an ríoghain sin dís don torcheas sin .i. misi agus an t-aonmhac is fearr atá fo thrí fodhailreanna an bheatha .i. Séadna Súilghlas mac Dháire Dhoinnsgiathaigh. Agus Ailleann Daithgheal m'ainm-si, agus Rí Salabearna ar n-oide araon, agus ag sin ar do ghualainn é, a Artúir. Agus Gruagach an Mhonaidh ainm eile dhó, uair ní bhfuil san chruinne cumhachtaidh is fearr iná é, agus is é adhbhar an anma sin, uair gach monadh is áil leis do dhéanamh do-ní sé é do bharraibh crann agus do fhér na faithche, do thaobh na talmhan, ionnas go bhféadann sé fir na talmhan do cheannach ar ór agus ar ionmhus ar énláthair. Agus dá ttíosadh a dhá dhóid fán ccruinne go comhlán do chuirfeadh an leith síos suas agus an leith suas síos, agus is uime sin deirthar Lámh Láidir ris, an uair is comhmór a chumhachta a bfhrithaibh na firmameinte agus eidir néallaibh nimhe, agus is trén ar arrachtuibh Iffrinn ann gach uile chrích san ccruinne go comhlán an gruagach sin. Agus ní bhfuil do chloinn aige acht aoninghean namá .i. Bé Thuinne, agus is bean dom bhantrachtsa an inghean sin. Agus dar do láimh-si, a Ching Artúir, atá fiche céad bean um' bhantracht-sa agus diongbhála gach deaghrí isin domhan do bhanchéile an gach mhnaoi díoph fo leith. Agus atá mo rogha céile isin ccruinne ar mo chumas féin, agus fós, is mé an treas duine is mó cumhachta san domhan .i. misi agus Gruagach an
Mhonaidh agus Séadna Súlghlas; agus do measadh nach roibh san domhan uile énmhacámh dob oirdheirce nó Séadna Súilghlas agus nach raibh éninghean san domhan bu mó bladh agus buanteist iná misi. Agus inneósad díbhsi adhbhar mo chuarta ar an mBórd Cruinn." "Inneosa misi fáth do chuarta," ar an Gruagach. Dalta dhamhsa an inghean sin ar do ghualainn, a Artúir," ar an Gruagach, ".i. Ailleann Dathgheal, inghean Dáire Dhoinnsgiathaigh, agus d'fhiafraighdar sluaigh Inse Tile agus sluagh críche na Cruitheantuaidhe agus maithe agus móruaisle chríche Salabearna an raibhe a hénsháith d'fhear nó d'fhírchéile a ccríochaibh na Cruitheantuaithe go coitcheanna. Agus táinicc do neach díobhtha sin do rádha go raibh rí a ccríochaibh na Cruitheantuaithe go coitcheanna. Agus táinicc do neach díobhtha sin do rádha go raibh rí a ccríochaibh Mara tTorrian dá ngoirthí an Donn Díormhach, agus nach raibh a ccríochaibh an domhain mhóir tighearna bu mó teaghlach agus tromthinól iná in rí sin: "Uair atáid seacht ndoirsi ar a dhúnadh agus an tráth théid an Donn Díormhach anna charbad teaguid ceithre chaogad carbad tré gach ndoras díobhtha sin, agus trí heich fo gach carbad dhíobh, agus triar trénfhear an gach carbad; agus ceithre heich fo charbad an Doinn Díormhaigh féin agus comhdheas dáibh muir agus tír do shiubhal. Agus ní bhfuil do chloinn aige an Donn Díormhach acht aoninghean agus énmhac, agus ní bhfuil san ccruinne dís is fearr deilbh agus déanamh iná an dias sin, eadhón, Céadach Crithirdhéadach comhainm an mhic sin agus Dathchaoimh ainm na hinghine. Agus atáid seóid iomdha aig an mhac sin, agus is díobhtha cláirseach cheólbhinn chaointédach agus rogha gacha seanama san ccruinne éisteacht fria, agus is do bhuadhaibh na cláirsighe sin, gach aon ghlacas í a sháith seanma do bheith aige dá héis. Agus créd fá mbiadh bean san
chruinne nach biadh (a) diongbhála d'aonfhear a n-énmhac an Doinn Díormhaigh?" Agus do roich an comhrádh sin a n-aigiontuibh na n-uasalríogh, agus do mholadar go mór an cleamhnus sin do dhéanamh. Agus rángadar na ráite sin a ccrích na cCaolach, agus do-chuaidh Céadach Crithirdhéadach a ccarbad (a) athara féin .i. a ccarbad an Doinn Díormhaigh, agus níor fanadh leis go ráinicc go teach Dháire Dhonnsgiathaigh a riocht deighfhir dána agus ardollamhan, agus ro haithnigheadh an t-ardmhílidh aca. Agus do ghrádhuigh an fear sin inghean an airdrí, agus do char cách an cleamhnus gan chuntabhairt." "Is fíor a n-abair an Gruagach," ar an inghean. "Agus tarr-sa leamsa, (a) Artúir," ar an inghean, "go Mainistear na Marbh agus do-ghébhair céilidhe agam bhus fearr iná an céilidhe fuarus féin agadsa, a ardrí. Agus do-ghéabhair deaghbhean a n-ionadh do dhrochmhná .i. bean as fearr deilbh agus dénimh san domhan .i. Dathchaoimh inghean an Doinn Díormhaigh. Agus do-bhéar-sa bean do gach fear dot theaghlach, agus ní thiobhra fear grádh do mhnaoi aroile, agus ní thiobhra bean grádh d'fhear aroile díobhtha. Agus, a mhná úd thall, dénaidh go dubhach dobhrónach anocht isin mbruidhin so, agus ní bhiaidh sibh énoidhche isin mbruidhin sa ó nocht go ttí an bráth; agus déanadh bhur bhfir go súgach," ar an inghean, "agus béarad-sa amárach sibh mur a bhfuighthí mná míngheala móraigiontacha agus ríoghna corpreamhra, agus seóid, maoine agus maitheasa; agus ní bhiaidh imshníomh lóin nó leasuighthe ar bhar laochaibh." Agus rugadar as an aoidhche sin agus d'éirgheadar go moch arna mhárach go móraigiontach. Agus do éirigh Rí an Domhain agus ro ghabh a chulaidh aisdir
agus imtheachta ime. Agus do-rinne an teaghlach mur an ccéadna, agus d'ionnsoighdar a longa agus a luathbhárca go lánurlamh. Agus do-chonncadar na féinneadha sin fiodhbhaidh álainn uatha agus a barr ar lasadh uile. "Créd súd, a inghin?" ar Artúir. "Magh na cColl Corcra súd," ar an inghean, "agus Magh an Toraidh ainm eile dhó, uair fásaidh trí fiodhbhaidhe ar an mhagh úd .i. coill chorcra, agus fiodhbhaidh sin ar a mbí mur feadh láimhe laoich dá gach énchnaoi uirre; agus fiodhbhaidh álainn fíneamhna ós ceann na ccoll ccorcra; agus fiodhbhaidh eile mur chéir chorcra ós a cceann sin d'anacal an dá choilleadh ar dearthain agus ar doininn." Agus rángadar a ttír go tinneasnach agus (do) chaitheadar gan toirrsi ní do thoirthibh na ccoll ccorcra, agus ba subhach na sluaigh óna searchnaibh sin uair do bhí blas meala agus sásadh deighbhídh ar na torrthibh sin. Agus (do) fhágbhadar an magh sin dá n-éis agus do-chonncadar tulach ard uraoibhinn ina ccomhghar, agus do shuidheadar na sluaigh ar taobh na tulacha. Agus do bhádar ag féachain ina ttimchial agus do-chonncadar damh iongantach allaidh dá n-ionnsaighe agus dá bhéinn álainn órdhaidhe air, agus ceithre beanna fichead ar gach mbinn díobh, agus do rachadh fear gan chromadh eidir gach dá chuirr don damh allaidh sin. Agus do ionnsaigh an tulach ar a bhfacaidh na sluaigh ina suidhe; agus do léigiodar na sluaigh uile a ccoin 'na cheartaghaidh. Agus do fhan an damh ris na conaibh, agus do thógbhadh cú ar gach béinn do na ceithre beannaibh fichead do bhí fair, agus do chroith na coin fána chluasaibh, agus do mhill na deaghchoin go míchéillidh. Agus ní dheachaidh cú díchill nó dearmaid ón damh gan mhilleadh díobh. Agus do chaitheadar na
sluaigh a sleagha a n-aoinfheacht ris an damh, agus do bhris an damh na hairm gan fhuireach. Do labhair Cing Artúir agas aseadh adubhairt: "Do milleadh ar ccoin, agus atámoid a n-éagmhais ar n-arm, agus, a Ailleann Dathgheal, ní maith an turas a ttángamar." "Giodh olc leatsa sin, ní measa leat é iná liomsa an náire fuairus ar an mBord Chruinn"; agus adubhairt an inghean iar sin, "Tiagham isin mainistir," ar sí. Agus tiaghaid na sluaigh lé iar sin agus do-chonncadar an bile buadha ar fosadhlár na faithche a ndorus na mainistreach agus eóin áille ar an mbile sin ag canamhuin ciúil do n sluagha, agus rogha gach ceóil an ceól sin. Agus do bhádar na sluaigh agá éisteacht a bhfad, agus tug Gruagach an Mhonaidh a rogha mná do gach aon do na huaislibh. Agus tug Artúir grádh anma d'inghin an Doinn Díormhaigh, agus tug Sior Balbhuaidh grádh d'inghin Ghruagaigh an Mhonaidh. "Fágbhaidh an bhruidhean," ar Ailleann Dathgheal. Tiaghaid na sluaigh as an mbruidhin agus suidhitt ar an tulaigh chéadna. Agus do fhan an inghean agus Gruagach an Mhonaidh isin ccathraigh agus do choisgeadar an ceól, agus do leansat na sluaigh as a haithle. Agus adubhairt Gruagach an Mhonaidh rena mhuinntir: "A uaisle agus (a) ardmhaithe," ar sé, "atá Rí an Domhain ar tteacht d'iarraidh Dathchaoimhe inghine an Doinn Díormhaigh don turus sa, agus atáid ar Magh na cColl Corcra." As annsin do éirgheadar na sluaigh sin go hathlamh uiréasgaidh mur a roibh Cing Artúir cona mhuinntir, agus níor mhó an grádh tugastar a ccéadmhná dháibh ná mná na cathracha sin, agus ba mó grádh Dathchaoimhe inghine an Doinn Díormhaigh ar Artúir. Is
annsin do-chonncadar bél uamha uatha agus cúig chéd cat do chataibh fionnfadhacha forghránna ag teacht tar dhorusbhél na huamhadh sin amach, agus níor mhó torc trebhliadhnach iná gach cat díobh, agus drúcht fola ar gach aonruainne dá bhfionnfadh. "Créd iad na huilc úd, a óga?" ar Artúir. "Ní bhfuil a fhios againne créd iad," ar cách, "acht dar linn gur cait iad." Do-chuadar cúig céad ridire do chomhrac ris na cataibh, agus níor tharbha dhóibh uair ní dheargaidís na sleagha ináid na ccloidhmhe ar énchat díobhtha, agus an crobh do-bheireadh cat díobhtha ar fhear aca do léigeadh a abach agus ionathar as ar lár 'na bhfiadhnoisi. Rugadar na cait a ccuirp leó san uamhaidh. "An olc leat, a Artúir, oidheadh do mhuinteara?" ar an inghean. "Is olc go deimhin," ar Artúir. "Gidh eadh," ar an inghean, "is olc liomsa an náire fuarus ar an mBórd Chruinn." Do-chonncadar 'na dhiaidh sin sé chéad sárlár groighe as an uamhaidh chéadna, agus fá cíordhubh crimneach iad, agus gan ruainne fuilt nó fionnfaidh ar na capluibh sin. "Créd iad súd, a inghean?" ar Artúir. "As Iffrionn tángadar súd, agus ag iarraidh comhraic oruibhse atá siad." "Éirghidh dá n-ionnsaighe súd, a óga," ar Artúir. Agus d'éirigh drong do na deaghfhearaibh do chomhrac riú; agus do ghabhadh an láir (a fear) féin díobhtha ar pluic a mhuinéil agus do reathadh leis san uamhaidh, agus ní ghabhadh airm nó iolfhaobhar iad féin, agus do milleadh muinntear Artúir amhlaidh sin. "Is olc leat súd, a Artúir," ar an inghean.
"Is fíor gurab olc," ar Artúir. "Is olc leamsa an náire fuarus agibhsi," ar an inghean. Ciodh trácht do-chonncadar fear mór dá n-ionnsaighe as an uamhaidh chéadna, agus cú chluasdhearg ghlégheal ar slabhradh órdha aige agus sí ag tarruing an tslabhraidh do rochtain fon tsluagh. Agus d'fhan ar an tulaigh ar chomhair cháich, agus do líon an tulach 'na thimchial do luathchonuibh, agus do iarr an t-óglach comhrac a ccéadóir. "Éirghidh, a óga," ar Artúir, "d'ionnsaighe an chomhraic úd, acht misi agus Sior Balbhuaidh amháin." Téighid iomorro na mílidh mhórdhálach sin dochum an chomhraic agus d'fhearadur gliadh athgharbh ainiarmurthach ris na conuibh. Agus ní dheachaidh aoinfhear díchill nó dearmuid ó na mórchonaibh díobhtha, agus rugadar 'san uamhaidh iad. Agus do bhí an fear mór agus a chú aig comhtharring an tslabhraidh ó chéile, agus adubhairt Sur Balbhuaidh re hArtúir: "Is deimhin gurab dom ghreandughadh atá an chú úd, agus tuitfidh sí leam gan amhras." Agus d'ionnsuigh Sior Balbhuaidh an chú go curata iar sin agus d'fhear comhrac go cródha curata ris an ccoin, agus ní ghabhadar airm nó iolfhaobhar dá raibh aige í. Agus mur do-chonnairc an ridire nach raibh tarbha dhó ina armuibh catha d'imirt ar an ccoin, do iadhastar a dhá ghealghlaic fá bhrághuid na mórchon agus do thrasgair go talmhain í. Agus do sgréachastar Ailleann Dathgheal ag faicsin na con dá cuibhreach, agus adubhairt: "Do bhean féin sin agad!" ar sí. "Agus, a Artúir," ar an inghean, "do-ghéabhair do mhuintear slán uile gan uireasbhaidh, agus a n-airm go hiomlán agus a ccoin gan cunntabhairt."
Agus do chonnairc Sior Balbhuaidh an chú do bhí ina láimh ar ndéanimh macaoimh mérleabhair dhí .i. Bé Thuinne inghean Ghruagaigh an Mhonaidh, agus do-chonnairc iar sin a mhuintear go hiomlán ag teacht as an uamhaidh agus a bhean féin a bhfarradh gach aoinfhir aca agus a lámha tar bhrághuid a chéile. "Ag súd, a Artúir," ar an inghean, "do mhuintear slán cona cconaibh. Agus a mná féin do bhí ag comhrac riú, agus dob áil leó dá ttéighdís a ccríochaibh Breatan oil ghaisgidh do bheith aca ar a bhfearaibh. Agus is fearr do chéilibh iad súd, a Artúir, iná na mná do bhí aguibhsi ann bhur ttigh," ar an inghean, agus adubhairt an laoidh:
Maith do chéilidhe, a Artúir, atá gach maith dot chumas; taoi ar Magh na cColl Corcra, ní bhfuil locht air do thuras. Re hinghin an Duinn Díormhaigh bean is fíorghlaine caidreabh déana-sa feis go fearrdha, éirgheadh do mheanma is h'aigneadh. Fuarais arís do mhuintear, as a ccluintear do bheith meanmnach, do choin is h'airm go hiomshlán agus iompóidh do theaghlach. Inghean rí Sale-bearna bean is mó meanma is maithios; bean Sior Balbhuaidh, Bé Thuinne, uirrthe ariamh ní fríth athais.
Céilidhe Iosgaide Léithe - ainm gan tréidhe fuair misi; do chéilidhe, a Artúir uasail, an t-ainm do luathaigh sibhsi. Rogha mná do gach fear, bhar ccéilidhe is cuairt thoraidh; mo chéilidhe bhus cumhain, dar mo chubhais, ní romhaith.
As a haithle sin adubhairt an inghean: "Éirigh anois don dúnadh agus déantar banais na mban aguibh, agus bronntar ór agus airgiod libh d'ollamhnuibh agus d'fhilidhibh." Agus do-chuadar iar sin go Mainistir na Marbh agus do shuidheadar cách go coitcheann. Agus do shuidh gach bean don bhanntracht ar ghualainn a fir féin, agus do caitheadh an fhleadh aige na huaislibh amhlaidh sin. Agus do choisgeadar cách do chaint iar sin, agus do labhair an inghion agus aseadh adubhairt: "Is maith do thuras don tigh si, a Artúir," ar sí, "óir fuaruis tighearnus na ttrí ttrénrí as fearr san domhan, agus do-ghéabhair na seóid is fearr san ccruinne maille re sin, agus beir leat iad. Agus ní hé sin mo thuras féin ar an mBord Chruinn, acht fuairus náire agus imdheargadh, agus budh buaine mo chéilidhe ar fud an domhain iná na seóid sin." Agus adubhairt an laoidh mur so síos:
(Is) maith do thurus ód thoigh, (a) Artúir mhóir mhic Iubhair; maith saith mo thurus a le, budh oirdheirc mo chéilidhe.
Seóid is maoine agus mná beir leat, bíd agad red lá; beidh agam-sa, ar (a) shon de, náire is imdheargadh m'aighthe. Beir-si sgiath dathchaoímh Dháire, maidhm roimpe, is í as áille; bérad-sa gan diombuaidh dhe a ccluinfe mo chéilidhe. Cloidheamh rí Sale-bearna beir leat, móide do mheanma; mairfidh mo sgél go bráth beacht 's biaidh deich ccéad dá iarmhóireacht. Carbad caoímh cheithre n-each nDuinn, is cláirseach Chéaduigh chliabhchuirr, leat na seóid sin uile dhe; is liomsa mo chéilidhe. Maitheas Mhainister na Marbh, agus toradh corcra a crann, budh buan fo dheireadh dhe Céilidhe Iosgaide Léithe.
A haithle na laoidhe sin adubhairt an inghean: "Déanaidh go subhach sobhrónach, a uaisle," ar sí, "agus imeóchamuid a moch na maidne amárach, a Artúir," ar sí. "Do-bhéar-sa fleadh míosa dhuit féin agus d'fhearuibh an domhain uile, agus bead-sa agus Séadna Súilghlas agus Céadach Crithirdhéadach re headh chúig mbliadhan at fharradh ar do theaghlach ag comhmóradh do ríghe agus do fhlaitheamhnuis".
Agus do coimhlíonadh an comhrádh sin na hinghine, agus tángadar na sluagha dá ttighibh cona mnáibh. Agus do bhí an triúr sin ag commóradh Rí an Domhain .i. Cing Artúir, agus is í inghean an Duinn Díormhaigh ba bean do Artúir ó shin amach. Conadh Céilidhe Iosgaide Léithe go nuige sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services