Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dhá Sgéal Artúraíochta

Title
Dhá Sgéal Artúraíochta
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Mhac an tSaoi, Máire
Composition Date
1679
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1946)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



EACHTRA MHELÓRA AGUS ORLANDO.



Feacht n-aon dia roibh Cing Airtiúir mac Úir mheic
Ambróis mhic Úter Pendragon .i. Rí an Domhain ina
dhúnadh agus ina dheaghbhaile féin .i. Dúnadh an Halla Dheirg.
Agus is amhlaidh do bhí an rí sin, ní
roibh rí nó flaith fon chruinne cheathardha ba lia ridire
óg uasal agus gaisgidheach gníomhéachtach air a
theaghlach ná é, óir ní roibh rí nó roithighearna fo
cheithre foghurrannaibh an domhain gan mac nó
bráthair dhó air teaghlach Ching Airtiúir.



Tarla do Ching Airtiúir mun n-am so go roibhe
inghean áluinn aontumha aige dairbh ainm Melóra, agus
do rug an inghean sin barr air chlannuibh ríogh agus
rothighearnadh in domhain, air dheilbh agus air dhénamh,
air mhodh agus air bhéasaibh agus air dheaghmhúnadh,
agus air an uile shúbhailce dar chóir a bheith a n-inghin
rígh nó rofhlatha. Tarla don inghin so aoidhche áiridhe,
go bhfacaidh fís agus aisling do chuir buadhradh mór
air a hintinn. Agus iseadh ad chonnuirc .i. dair lé féin
gur éirigh an ghrian ó dheas agus go ttáinic gath gréine
ón ghréin sin gur bhuail a mbéal a hochta agus a
húrbhruinne í, agus go madh lán d'aoibhnius agus
d'urghairdiugh í ón méid taitnimh ro ghabh don ghath
ghréine sin. Agus iar sin go ttáinic marcach eich
dhuibh idir í agus an gath gréine, agus gur mhúch soillsi
an ghatha gréine urtha air mhodh nár léir dhí énní;
agus as a haithle sin go ttáinic leóghan dá hionnsoigh
agus go ttucc beangán do chrann na pailme ina láimh,
agus gur bhuail marcach an eich dhuibh do bhuille do


L. 2


chrann na pailme agus gur thuit marbh don bhuille sin,
agus gur shoillsigh an gath gréine urtha arís, ionnus
gur taibhseadh dhi gurbh as a com caomháluinn do bhí
an ghrian uile ag dealradh.



Air musgladh dhi as an ccodladh sin do ghabh
imshníomh mór í; agus airna mháireach iseadh do rinne
dul d'ionnsoigh air dhraoi ro-eagnaidh eólach do bhí ag
an rí, darbh ainm Meirlín, agus nochtus an aisling dó ó
thús cco deireadh. Adubhairt Meirlín:



"A ríoghan," air sé, "tiucfaidh mac rígh ó dheisceart
an domhain dot thochmhairc-si, agus do bhéra tusa
grádh dhó; agus gidh eadh, cuirfidhear toirmeisg
eadruibh re daoinibh urchóideacha eile, air mhodh go
bfhuighe tusa agus eision mórán imshníomha agus
urchóide suil thiocfus díbh a bheith dá chéile. Acht a
cheana, is díotsa thiocfus gach buaidheirt agus gach
imshníomh dá ttiucfaidh trésan ghrádh sin do thabhairt
chum cinn agus chum críche. Gidh eadh, ní gan dochar
mór do dhénas tú sin."



Cidh trácht ní di leanus an stair fós seal oile; acht
tarla mun n-am so rí uasal, oireaghdha cudrama ceirtbhreathach
a rígheacht na Teasáille, darbh ainm
Gustábhus. Tarla aige an rí se mac óg uaibhreach
aigiontach ardinntinneach do b'fhearr lúth agus lámhach
agus lánchoibhleadh, deilbh agus dénamh agus deagh-ghníomha,
d'fhearaibh óga nó arsaidhe na cruinne go
comhiomlán, darbh ainm Orlando. Agus do chuaidh
teist agus tuarasgbháil an mhic sin fo rannuibh
iartharacha an domhain uile.



Acht cheana, do chuaidh alla agus árdnós theaghlaigh
Dhúine an Halla Dheirg fon chruinne cheathordha go
comhchoitcheann, agus go háiridhe go baile rígh na
Teasáille, ionnus gur ghabh fonn ainmhianach Orlando
mac Rígh na Teasáille dul seal dá aimsir go Dúnadh an Halla Dheirg.


L. 3


Agus do críochnuigheadh an chomhairle
sin leis, agus do iarr cead air an rígh, agus tucc
an rí an cead sin dó maille rena bheannacht, agus do
hullmhuigheadh gach ní badh cubhaidh do mhac rígh
nó rothighearna re hucht aistair agus imtheachta dhó.



Agus an aoidhche roimhe thriall dó, do chonnuirc
fís agus aisling, agus isí aisling tárfás dó .i. dair leis go
roibh inna lúbhghort fíneamhna, agus go roibhe crann
árd áluinn isin lúbhghort sin air a roibheadar tórtha
agus ubhla aipche ionchaithmhe dob áille dá bfhacaidh
ariamh, agus gur shín a lámh do bhuain an ubhaill
dob áille dá bfhacaidh air an ccrann, agus air síneadh a
láimhe dhó go ttáinic athair nimhe chuige agus gur
iadh fó chaol a dhá chos agus gur leag é, agus go roibhe
a ngéibhionn aig an athair nimhe amhlaidh sin nó go
ttáinic don ubhall sin gus ar shín sé a lámh tuitiom
don gcrann air an athair nimhe, ionnus go ndearna dhá
leath don athair nimhe agus gur fhóir Orlando óna
ghéibhionn.



Dúisgeas Orlando as a haithle, agus do bhí aig
síorsmuainiugh air an aisling nó go ttáinic an lá. Agus
air n-éirghe don lá gona lántshoillsi éirgheas Orlando
agus téid gusan draoi do bhí re haghaidh fiosa agus
foghloma agá athair, agus do nocht an aisling dó. Agus
iseadh adubhairt an draoi:



"Do bhéra tusa," air sé, "grádh do mhnaoi bhias
rochumhachtach agus rosgiamhach, agus do bhéra sisi
an céadna duitsi; agus níos taosga nó do bhuaidheóchair
í do ghéabha tú mórán duaidh agus dochair agus bia
tú a n-éigean mhór báis," air sé. "Gidh eadh, isí an bhean
sin do bhérus fuasgladh dhuit fá dheóidh, agus fhóirfeas


L. 4


ó gach imshníomh tú, agus bia sibh go sona síthchánta
aigá chéile ó sin amach."



Haithle na breatha sin tucc an draoi air an aisling,
gabhus Orlando lámh air imtheacht agus téid ina loing.
Agus níor comhnaidheadh leis cco ráinic Dúnadh an
Halla Dheirg mur a roibhe Cing Airtiúir agus a theaghlach.
Agus air tteacht don mbaile dhó tig sgéala cco Cing
Airtiúir, mac Rígh na Teasáille do theacht 'na dháil.
Cuirios Rí an Domhain fuireann dona ridiraibh fá
huaisle agus fá honóraighe nó a chéile do bhí air a
theaghlach d'fhurbháiltiugh roimhe agus dá thabhairt
don dúnadh. Agus air tteacht do láthair Rí an Domhain
dó, do léig air a ghlúinibh é agus do rinne comharrtha
umhlachta agus urrama dhó, agus ráidheas go ttáiníc
air impidhe a athara d'fheitheamh air-sion agus do
dhénamh seirbhíse dhó, agus d'admháil an árdsmachta
do bhaoi ag Cing Airtiúir air ríghthibh agus air
rothighearnadhaibh an domhain. Gabhus an rí air
láimh é as a haithle sin agus fáiltigheas roimhe, agus
orduigheas áit agus ionadh dhó air an mBord Chruinn,
mur a mbídís clann ríghthe agus rothighearnadh fá mó
meas agus onóir nó a chéile ag Rí an Domhain.
Ciodh tráchta ní roibh mac rígh nó rofhlatha, nó fear
nó bean isin teaghlach sin uile, nár ghabh iongnadh
adhbhalmhór fá óige agus fá áille agus fá dheaghmhaise
mheic Rígh na Tessáille, agus fána iomláine ina
bhriathraibh agus ina chaoinchomhrádh agus i n-an
uile chérd fá cubhaidh do mhac rígh nó rofhlatha. Óir
géar líonmhur rena áireamh an trénteaghlach sin, do
rug Orlando a mbarr uile ann gach cáilidhiocht dhíobh so.



Dála Mhelóra inghine Rígh an Domhain: air
bhfaicsin mheic Rígh na Tessáille dhi, ní fhuair suan
nó codladh nó comhsanadh ina hintinn acht lán do smúainighibh
buartha baothluaimneacha, agus ní fhéadadh a súil do


L. 5


théarnó uadha in gach ionadh ina bfhaiceadh é. Agus
níor lugha leision don taoibh eile é, óir do bhí deilph
agus deaghmhaise Mhelóra ag géarghuin a chraoidhe
agus aig buain suain agus cudallta agus míon bídh
agus dighe dhe. Gidh eadh, níor léig an eagla dhó sin
do nochtadh dhi nó d'aoinneach oile, óir nior bh'fheas
dó a chara seacha a námha isin dúnadh so bheós.



Ciodh tráchta fá gnáth 'mun am so a mbailtibh rígh
agus rothighearnadh cluiche dá ngoirthidh giústáil nó
iomruagadh, agus isé an cluiche sin: marcuidheacht,
agus lámhach, agus briseadh sleagh a ccorpuibh agus
a ccneasaibh a chéile, agus meabhrugh croibhnirt
agus cleasa goile agus gaisgidh; agus fá gnáthach na
tréithre sin dá meabhrugh a nDúnadh in Halla Dheirg,
áit a roibheadar clanna ríogh an domhain cruinn air
aon láthair. Acht atá aon ní cheana, is le hOrlando
do bhíodh buaidh gach cluiche agus gach báire agus
gach berna, ionnus gur ghabh Rí an Domhain greim
agus taitneamh dhe, agus go ttucc seirc agus síorghrádh
dhó tair chách, agus gur leis do léigeadh a rún agus a
shecréit; agus fós isé do chuireadh le biadh agus le
digh dá bhórd féin agus le teachtaireacht go seómra
Mhelóra, go ttáinic dhe sin gur nocht a rún dí agus go
ndearnadar comhcheangal gráidh re chéile, agus go
ttuccadar gealladh air gach leith gan claonadh air a
chéile re heagla báis nó pinúis.



Tarla a nDúnadh an Halla Dheirg an uair sin ridire
cródha cathbhuadhach dairbh ainm Sir Mádor mac
Rígh na hIsbeirne, agus ba duine aingidh anuaibhreach
an ridire sin, agus do bhí grádh folaightheach aige do
Mhelóra. Agus do bhreathnaigh Melóra sin air go minic
gé nár léig an faitíos dó a fhoillsiugh dhi go soilléir.
Ciodh trácht do conncus do Shir Mádor annso go
ndeachaidh Orlando a 'bfhoghar an rígh agus Mhelóra
comh mór agus sin nach roibhe tábhocht dhó féin dúil


L. 6


do bheith aige re Melóra go bráth, agus nach roibhe
dúil aige nó go nglacfadh sí toil agus taitneamh do
Orlando tré romhéad a alla agus a airdnóis. Agus
iseadh do rinne ó sin amach fuath agus miosguis do
thógbháil d'Orlando, agus mísgéal bréagach 'bheith dhá
chur idir é agus na ridiradh oile d'fhios an ttiucfadh
dhe sin fuath an rígh agus an teaghlaigh do thairring
air, agus dá bhrígh sin go madh héidir dhó an chúirt
d'fhágbháil agus triall dá chrích féin. Giodh eadh,
ní hamhlaidh tárla, óir do bhí do mhéad annsachta an
rígh agus an teaghlaigh do Orlando, agus d'fheabhus a
ghníomh agus a dheaghbhéas, gurb ag méadugh do bhí
céim agus cálidhiocht Orlando go laitheamhail. Airna
fhaicsin do Shir Mádor nár ghabh an tshlighe si greim,
do smuain slighe oile ina mheanmain, agus isé sin, dol
d'ionnsoigh air dhraoi eagnaidh eólach do bhí aig Rí an
Domhain darbh ainm Meirlín agus a ghairm leis a
'bfhód fo leith, agus iseadh adubhairt ris:



"A Mheirlín," air sé, "atá cúis shecréite agam lena
nochtadh dhuit dá ttugthá do choinghioll damh rún
maith do dhénamh air. Agus dá ttigeadh dhíot an
ní d'inneósainn duit do leasugh, do bhéaruinn breith do
bhéil féin duit, agus badh leat orlámhus mo chríche agus
mo dhúthaighe agus gach a mbiadh um chumhachtaibh
ó so amach go bráth."



"Nocht damh gach a bhfuil fot intinn," air Meirlín,
"agus más ní bhus féidir do leasugh é, do dhén-sa gach
a 'bfhéadfa sinn dot mhaith, agus mun badh eadh, is
é ní is lugha thiucfus linn, rún do dhénamh air go bráth."



"Máiseadh," air Sir Mádor, "do bhí seirc agus síorghrádh
agam do Mhelóra inghin Rígh an Domhain agus níor
nocht mé mo ghrádh dhi fós. Agus anois do chím go
bhfuil Orlando mac Rígh na Tessáille ina secréit agus
ina síorthathaighe, agus fós go bhfuil sé a 'bfhoghur an
rígh comh mór agus sin go bhfuilim dearbhtha gur
thoirmeisg sé oram an uile shlighe lear bh'fhéidir liom
taitneamh Mhelóra do thairring oram. Agus dá ttíosadh


L. 7


dhíotsa," air sé, "Orlando do mhilleadh, nó go háiridhe
fuath an rígh agus Mhelóra do tharring air, ní bhfuil
ní dá mbiadh ann mo chumhachtaibh-si go bráth nach
badh leatsa a chaitheamh agus a urlámhus go
síordhaidhe," air sé.



"Biú foighid agad," air Meirlín, "agus gabhuim-si do
láimh nach ba mór trom bhéarus mac rígh na Teasáille
ort féin nó air neach oile ó so amach go bráth, acht go
'bfhagha misi foill agus uain air m'ealadhain dhraoidheachta
d'imirt fair." - Agus is amhlaidh ro bhaoi Meirlín,
ní roibh fon chruinne cheathardha ina chomhaimsir
féin duine ba mó adhmhilleadh agus aimsiughadh
draoidheachta agus diabhlaidheachta iná é.



Ba luathgháireach Sir Mádor don sgéal sin, agus
bhádor amhlaidh nó go ttáinic lá dh'áiridhe dár bh'fhéidir
do mhac Rí na Tessáille dul air a sheal go Foraois na
nIongnadh, ionnus go ttugadh sgéal iongantach ionghnáthigh
d'ionnsoigh Rí an Domhain aisde. Óir is
amhlaidh ro bhaoi Cing Airtiúir, fá geis dó pruinn nó
tomhaltus do chaitheamh nó cco n-innistí sgéal iongantach
ionghnáith an fhiadhnaise. Agus is amhlaidh mur do
bhí Foraois na nIongnadh, ní roibh aonlá ariamh nach
bhfuighthí iongnadh inte nach 'bfhacus agus nach
ccualus a leithit ariamh roimhe. Agus tárla do Orlando
an lá so gur bh'fhéidir dhó dul air a sheal go Foraois na nIongnadh
d'fhaicsin iongantuis ren innsi don rí re
hucht n-aoidhche.



Iar sin gabhus Orlando a earradh áigh agus iorghaile
uime, agus triallus 'na uathadh agus 'na aonar go
Foraois na nIongnadh. Agus air ndol don bhforaois dó,
ní fada do bhaoi aigá taisteal an tan ad chí dhá láimh
ríogha romhaiseacha gan chorp gan cholainn gan
chuideachta, agus cloidheamh géar glanfhaobhrach in
gach láimh dhíobh, agus iad ag tuargain agus ag


L. 8


treaghdadh a chéile go neartmhar naimhdidhe neamhcharrthannach,
ionnus go ccluinfidhe fo cheithre
beannaibh na foraoisi an toronn agus an trénbhualadh
do bhí eatorra. Do bhí Orlando treimhsi agus tamall
dá bhféachain, agus adubhairt:



"Measuim," air sé, "go ccaithfeadh Rí an Domhain a
phruinn agus a thomhulltus ris an iongnadh sin. Gidh
eadh, ní fhúigfead an fhoraois nó go bhfaice mé iongnadh
oile, d'eagla nach badh sásta an rí ris an iongnadh so."



Iar sin gabhus ag taisteal na foraoise seal eile, agus
ní fada do chuaidh an tan ad chonnuirc long luchtmhar
lánaibhseach go gceithre seóltaibh éxamhla urtha, agus
gan cloch nó crann nó ádhmad oile innte acht gloine
tana taobhthaitneamhach, agus í ag seóladh tar bharraibh
crann agus fiodhbhuidhe níosa ghéire nó gach long air
muir, agus gan d'fhuirinn inte acht madh ealta do ghéisiph
glégheala do bhaoi ag caintin chéol agus oirfide air
haiste uachtarach na luinge sin. Do bhaoi Orlando
seal ag féchain na luinge amhlaidh sin agus adubhairt:



"Measuim go ccaithfeadh Rí an Domhain a phruinn
re sgéal is neamhiongantaighe iná soin. Gidh eadh,
féachfad an fhoraois seal oile."



Agus do ghabh ag siubhal seal oile go 'bfhacaidh
óglách aig siubhal roimhe agus a cheann airna theasgadh
dá cholainn, agus srotha fola réna ghuaillibh agus rena
shlinnénuibh as a mhéidhe mhaoldhearg, agus an ceann
ina ucht aige agus é dá chíoradh re cír do chnáimh
elephinte. Do bhí Orlando treimhse agus tamall dá
fhéchain.



"Anois," air sé, "is mithigh dhamh an fhoraois
d'fhágbháil, óir creidim go ndearna Cing Airtiúir a
bhiadh uair éigin re hiongnadh is lugha ná a bhfaca mé."



Agus is leis sin gabhus lámh air an fhoraois d'fhágbháil,
agus air mbeith ag filleadh dhó, do chonnuirc aonóglách


L. 9


árd úraibhseach agus é air leithchois agus air leathláimh,
agus air leathshúil, agus cruit chaointéadach cheóilbhinn
ina ucht aige; agus aois galair agus easláinte, fir ghonta
agus mná ria n-iodhnaibh an domhain, do chodeóldís
ris an cceól shíorrachtach shíorbhinn do bhí sé do
sheinm air an ccruit sin; agus én áloinn iongantach 'na
shuidhe air corr na cruite agus go madh samhalta re
haingeal as purt Parrdhuis an comhcheól cainceach
comhmbinn do bhí an t-én do dhénamh mar aon ris an
gcláirsigh. Airna fhaicsin sin do Orlando, do ghabh
an uirid sin do thaitneamh isin gceól é gur dhearmaid
fir agus mná an domhain, agus gurb eadh do rinne, fear
na cruite do leanmhain in gach áit ar ghabh nó go rucc
neóin agus deireadh laoi ortha.



Agus air tteacht thráthnóna do ló, do chí Orlando
dúnadh ríogha romhaiseach agus piláit áluinn iongantach
dob áille dá 'bfhacaidh súil ariamh. Agus téid óglách
na cruite asteach inte agus do lean Orlando é; agus
air ndol asteach d'Orlando, do sgar fear na cruite ris
agus ní fhaca é níosa mhó. Gidh eadh, do chonnuirc
gach ní fá taitneamhach re súil dhaonda ann, acht amháin
nach 'bfhacaidh fear nó bean don Ádhamhchloinn ann.
Ciodh tráchta do chonnuirc fithcheal chuanna cheardamhail
fosluigthe air bórd áloinn iontláis, agus aon lámh
amháin ón ghualoinn anuas aig frasimirt gach ré mbeirte
thall agus abhos air an cclár. Agus air mbeith treimhse
agus tamall mur sin don láimh, do thóguibh an
taibhfleasg don mbord, agus do fholaigh an bord
d'éadaighuibh líoghdha lánmhaiseacha agus do sgáraoídibh
sgiamhghlana, agus do chuir biadha saora sochaithmhe
agus deocha millsi meisgamhla air an mbord, agus do
dheasaigh cathaoir áluinn órdhaidhe don taoibh ba
faicsi do Orlando don mbórd; agus do thuig Orlando
gurbh aig iarraidh air biadh do chaitheamh do bhádhus.
Agus leis sin suidheas Orlando air an mbord agus ro


L. 10


chaith a lórdhaothain bídh agus dighe; agus do bhaoi
ceól agus oirfide do chaintin dó an feadh do bhaoi ag
caitheamh an bhídh sin.



Acht cheana, air ccaitheamh an bhídh sin, do chí
aonchailleach chrapach chuislionnach dhiabhlaidhe dhathghránda
dá ionnsoighe, agus go madh duibhe ná gual
gaibhnidhe gabhann gach alt agus gach áighe dhi.
Agus iseadh adubhairt:



"A mhic Rígh na Teasáille," air sí, "ciodh taitneamhach
leat an t-ionadh so ina ttarla thú anocht do b'fhearr
duit nach ttaigeobhadh ann thú."



"Créad sin?" air Orlando.



"Atá," air sí, "go mbia tú a ndaoirsi agus a ndochar
agus a n-amhghur, gan cuideachta gan comhluadar, gan
soillsi gréine nó eusga, annso go bráth," air sí.



"As adhbhar uamhain agus úrghráine an sgéal insis
tú, agus créad uma ttiucfadh sin?" air Orlando.



"Thusa," air sí, "do bhaoi aig suirghe re hinghin Rí an
Domhain," air sí, "agus do bhaoi grádh folaightheach
aig fear oile dhi .i. Sir Mádor mac Rí na hIsbeirne.
Agus do conncas do Shir Mádor go ndeacha tusa a
secréit an rígh agus a inghine, agus gur thoirmeisg tú
gach slighe lear bh'fhéidir leis grádh na hinghine do tharring
air. Agus dá bhrígh sin do thairg cumhtha agus
tairgsiona móra do Mheirlín .i. draoi Ching Airtiúir
re thusa do mhilleadh," air sí, "agus isé Meirlín fear na
cruite do thairring annso thú. Agus bia tú gan soillsi
gréine nó eusga, gan uirghioll gan urlabhra, gan neach
fir nó mná d'fhaicsin, annso go bráth feasta," air sí,
"acht madh misi amháin bhias dot chumhdach amhlaidh
sin; óir is mé bhíos aig teachtaireacht, agus aig taisteal
idir Mheirlín agus deamhain ifrinn," air sí, "agus an
Mhilltionach m'ainm," air sí. "Agus beanfa mé
h'uirghioll díotsa anois," air sí, "d'eagla go ndéntá


L. 11


urnaighe nó eadarghuidhe d'ionnsoigh air Dhia nó air
dheamhnaibh, amhlaidh mur do ordaigh Meirlín damh."



"Sul bheanfus tú m'uirghioll díom," air Orlando,
"innis damh an bhfuil furtacht a ndán damh go bráth
ón daoirsi sin," air sé.



"Ní bhfuil cheana," air sí, "acht re trí seódaibh atá a
n-iarthear domhain d'fhagháil, mur atá: an tshleagh tá
aig an tShamhdán Mhór .i. Rí na Babilóin, do bhí ag
Lagínus .i. an fear don ghárda réar tolladh taobh Íosa
Críost, agus ní bhrisfeadh ní air dhomhan an charraic
dhraoidheachta atá a ttimcheall na huamhcha so
acht an tshleagh sin; agus líog lóghmhar atá aig inghin
Rígh na Narsinga a n-iarthur Innia darb ainm
carbuncail, agus is leis an ccarbuncail sin do sgaoilfidhe
an dorchadus atá isin áit so," air sí; "agus ola mhuice
Túis atá ag Rígh na hAsia Móire, agus is leis an ola sin
do bhlasadh do thiucfadh h'uirghioll chugad arís. Agus
ní bhfuil ridire nó gaisgidheach air tuinn talmhan rena
ttiucfadh na trí seóid sin d'fhagháil," air sí.



Agus leis sin do chumail a lámh chiorclach chíordhubh
do ghnúis agus d'aghaidh Orlando, agus do bhean
cumhachta urlabhra agus uirghill de. Agus do imdhigh
uadh iar sin, agus do múchadh an solus agus an ceól,
go nach roibh a ttimcheall Orlando ann acht uaimh
chaol chumhang chomhdhorcha, áit a 'bfhúigfeam é go
fóill mur dhuine do bhiadh a ttíaghuis éigin do
thíaghuisaibh ifrinn, acht amháin go smuaineadh go
minic air an aisling do chonnuirc agus air an bhreith
tucc an draoi urrtha.



Dála King Airtiúir annso: do bhí an aoidhche
sin gan bhiadh do choimhlíonadh a gheasa, agus airna
mhárach do ghluais maille rena theaghlach go Foraois
na nIongnadh d'iarraidh sgéal Orlando. Agus ar
ccuartughadh na foraoise dháibh, agus air bhfaicsin an
iomad iongantus, ní fhuaradar aonfhocal do sgéalaibh


L. 12


Orlando, agus do fhilledar go Dúnadh an Halla Dheirg
go tuirseach iomshníomhach. Agus air rochtain na sgéal
sin go Melóra inghin Rígh an Domhain, ní féidir a
fhaisnéis nó innse gach ar ghabh sí do thuirsi agus
do dhólás ina hinntinn. Agus do smuain go minic air
an aisling do chonnuirc agus air mharcach an eich dhuibh
do mhúch an gath gréine urrtha, agus do mheas aice
féin go madh éidir go madh é Sir Mádor do chuirfeadh
slighe mhillte air Orlando, óir do aithin sí air go roibhe
grádh folaightheach aige dhi, acht nár léig eagla dhó a
fhoillsiughadh. Agus iseadh do rinne ó sin amach,
bheith furbhfáilteach furánach air Shir Mádor gach áit
a ttagbhadh ris, d'fhéachain an mbeanfadh admháil as
fá sgéalaibh air bith do bheith aige ó Orlando.



Do bhaoi mur sin treimhse agus tamall nó go ttáinic
Sir Mádor lá áiridhe asteach a seómra Mhelóra, agus
isi 'na huathadh agus 'na haonar ann, níos dhána
nó thigeadh uair air bioth oile roimhe sin, do bhrígh, dair
leis féin, gur bhreathnaigh nísa mhó do thaitneamh aice
air a chuideachta anois nó mur do bhí riamh roimhe.
Agus air tteacht asteach dhó, éirgheas Melóra agus do
fhear fáilte fris agus do chuir 'na shuidhe ina fochair é,
agus do rinne comhrádh caoin carrthannach fris, go
ndubhairt:



"A Shir Mádor," air sí, "as annamh do chuairt mur
a mbím-se, agus nach bhfuil mac rígh nó rofhlatha isan
teaghlach sa is annsa linne ná thú."



"A ríoghan," air Sir Mádor, "dá 'bfheasuinn-se sin
ort do bhéinn nísa mhionca id chuideachta nó bhím."



"Go deimhin," air sí, "muna bheith eagla oram go
tteabhradh Orlando mac Rígh na Tessáille do chuir
m'athair ag feitheamh oram agus do thig le biadh
agus le digh chugam," air sí, "drochbharamhail dúinn, do
chuirfinn fios ort go minic ionnus go ndénmaois cuideachta
agus carrthannacht re chéile."


L. 13


"Is maith mur atá, a ríoghan," air Sir Mádor, "ní
chuirfe Orlando eagla ort féin nó air dhuine oile go bruinne
mbrátha agus mbeatha."



"Dá mbiadh deimhin agamsa air sin," air Melóra,
"do dhénainn slighe rena 'bfhéadfuinn féin agus tusa
bheith do thoil a chéile gach uair badh mian linn gan
eagla gan uamhan", air sí.



"A ríoghan," air Sir Mádor, "dá ttugthá-sa
deimhniughadh dhamhsa air do ghrádh, agus rún maith
do dhénamh air gach ní dá nochtfuinn duit, do bhéaruinn
sgéala dhuit ón ccrích táinic re mac Rígh na Tessáille,"
air sé.



"Ní léigionn tú a leas," air Melóra, "rún do cheangal
díom, óir, dair liom féin, is lór do dheimhniugh dhamh
mo ghrádh agus mo shecréit do nochtadh dhuitse," air
sí, ".i. an ní nachar nocht mé d'aoinneach oile romhad
ariamh."



"As fíor sin, a ríoghan," air Sir Mádor, "agus do
bhrígh go bhfuilim dearbhtha as do choinghioll anois,
inneósa mé dhuit an ní nár shaoil mé d'innsi d'aoinneach
go forcheann mo shaoghail," air sé. "As amhlaidh
mur tárla, a ríoghan," air Sir Mádor, "go roibh grádh
dofhulaing agamsa dhuitsi, agus nár léig h'eagla féin
agus eagla h'athara dhamh aithniugh oram. Agus
fós do conncas damh gur ghlac an rí mac Rí na Tesáille
go mór ina shecréid, agus mur an ccéadna go roibh
taithighe mhór aige ad láthair-se, agus do mheas mé
leis sin go ttiucfadh sé eadrom agus tusa agus go
ttoirmeisgfeadh gach uile shlighe léir bh'fhéidir liom do
ghrádh-sa do thairring orm. Agus iseadh do rinne mé,
cumha agus tairgsiona móra do ghealladh do Mheirlín
draoi le hOrlando do mhilleadh, agus do rinne Meirlín
sin," air sé.



Agus do nocht dhi ó thús go deireadh amhail mur
do bhí Orlando isin uaimh chairrge, agus an charrag
dúnta uime, agus gan dáil chabhra aige acht ris na trí


L. 14


seódaibh adubhramar thuas d'fhagháil; agus gur fháguibh
Meirlín do gheasaibh air gan fear dár iomchuir arm
ariamh do bhúadhiúgh na ttrí seód sin d'áis no d'éigin,
agus mur sin nach bhfuigheadh duine don Ádhamhchloinn
aonfhocal do sgéalaibh Orlando go bruinne mbrátha agus
mbeatha.



Air cclos an chomhráidh sin do Mhelóra, táinic
airrdheana báis agus buainéaga ina craoidhe, agus do
chlaochlaigheadar a céadfadha corpordha go huilidhe
agus go hiomlán, agus iseadh do rinne éirghe 'na
seasamh d'eagla go n-aitheónadh Sir Mádor claochlódh
air bioth uirthe. Agus do bhí treimhse agus tamall nár
fhéad aonfhocal do labhairt; agus air tteacht do thaom
dá céadfadh chuice, do labhair, agus iseadh adubhairt:



"Má iseadh, a Shir Mádor," air sí, "iseadh do dhénas
misi imtheacht as an mbaile si gan fhios d'aoinneach,
agus a bheith treimhse agus tamall amuigh. Agus mur
nach 'bfhuighthear aonfhocal sgéal uaim, cuirfe an rí
tairgsiona móra agus cumha don tí ghéabhus sgéala
uaim. Agus tiucfa misi annsin," air sí, "a ndeilbh agus
a n-éadach anaithnidh, agus iarrfad breith mo bhéil
féin air an rí do chionn sgéal a inghine d'fhagháil agus
do bhéara an rí sin damh, agus isé breith iarrfus misi
cead mo rogha fir dá bhfuil isin teaghlach. Isé rogha
ghéabhus misi thusa," air sí. "Agus bí-se air siubhal
anois," air sí, "agus ná seachain an dúnadh so madh
fada gearr bhias misi amuigh, agus ná léig do rún re duine
air dhomhan go filleadh dhamhsa arís," air sí.



Imdhigheas Sir Mádor as an tsheómra lán do luathgháir
agus do mhéad meanma.



Dála Mhelóra feasta. Air n-imtheacht Shir Mádor,
do chuir a héadach ríoghna dhi agus do ghabh éadach
ridire urthe. Agus téid as sin go carcair na n-arm,
agus do thogh amach as sin rogha arm agus éididh,
agus do cheangail a caomhchorp ina ccathéideadh sic


L. 15


cadad comhdhaingean cruadha, agus do ghabh ionar
do mhaothshról ghorm air uachtar an éididh sin, óir
is leis an ionar do bhíodh air uachtar an éididh an uair
sin, dá ngoirthaoi cót éidigh, do haitheantaidh na
ridireadh an uair sin, do bhrígh go mbídís a 'bfholach ó
bhonn go bathais acht amháin a ndá shúil agus a mbéal
agus a srón. Air ngabháil arm agus éididh uimpi
amhlaidh sin, téid mur a roibhe eachraidh an rígh, agus do
thogh aisdiobh an t-each do b'fhearr lúth agus luas agus
lánaigneadh, agus téid air mharcaigheacht as a haithle.
Agus triallus as chríochaibh Breatan gan mhothugh
gan airiugh d'aonduine d'fhearaibh dhomhain, agus ní
dhearna fos nó comhnaidhe dhá aoidhche a n-énbhaile
nó go ráinic crích na Bábiloin.



Agus air ndol don ccrích dhi, iseadh do fuair na
bailte agus na cathrachadh airna ndóghadh agus airna
losgadh agus an tír 'na fásach fada féaruaine. Agus
do bhí ag siubhal na críche treimhse agus tamall mar sin
nó go ttarla óglách air an fhásach dhi, agus iair mbeannú
don óglách dhi fochtus sgéala dhe, cia hí an tír sin nó
créad tug 'na fásach í.



"Is cosmhail," air an t-óglách, "gurb aineólach isna
tírthaibh so thú, an tan nach bhfuilid sgéala na críche
so agad," air in t-óglách.



"Is aineólach go deimhin," air sí.



"Cia hí an chrích darb díobh thú féin?" air in t-óglách.



"Do chríochaibh Breatan a ttuasgeart dhomhain," air
sí. "Agus Ridire an Earraidh Ghuirm m'ainm, agus
ridire óg ainiúil mé atá aig taisteal an domhain re foghlaim
agus re meabhrugh ceard goile agus gaisgidh," air sí.



"Is ní air a bhfuil féidhm isin ccrích so sin," air an
t-óglách. "Agus isé is ainm don ccrích si críoch na
Babilóin," air sé, "agus atá cogadh agus conbhliocht
aig Rí na hAifrice air rí na críche si re cian d'aimsir,"


L. 16


air sé, "agus do loisg sé agus do dhódh sé a chathracha,
agus do mharbh sé a dhaoine agus a ridireadh, agus atá
a mhac oighreachta a mbruid agus a ngéibhionn aige.
Agus fós, ní bhfuil dúnadh nó deaghbhaile aig rí na
críche si anois, acht aonbhaile amháin ina bhfuil sé
féin agus beagán mhairios dá mhuintir astigh ann; agus
atá Rí na hAifrice, sluagh líonmhur, re hucht an bhaile
sin, agus ní éirghionn de go bráth nó go ttoirbheiridh
Rí na Babilóin a cheart agus a choróin dó, agus go ttigidh
féin agus an beagán sin mhairios dá mhuintir fona
ghrásuibh, gebé is toil leis do dhénamh leó," air sé.
"Agus aig sin sgéala na críche si dhuit," air in t-óglách.



"Déna-sa eólus damhsa gusan ccathraigh," air Ridire
an Earraidh Ghuirm, - óir is faoi an ainm sin shiubhlas
Melóra seal oile.



Do ní an t-óglách eólus dó gusan ccathraigh, agus
air ndol isin ccathair dhó, tigid muintear an rí na
thimcheall air gach leath agus beirid a láthair an rígh é.
Agus fochtus an rí sgéala dhe, cia hé féin nó cá crích
dhó. Adubhairt seision gurbh as críochaibh Breatan dó,
agus gurbh ridire óg uasal é do ghabh grádha ridire go
nua, agus go roibhe aig taisteal an domhain le
meabhrugha gacha glanghaisgidh, agus mur do chualaidh
cogadh agus conbhliocht do bheith airsion go ttáinic
do thabhairt a chonganta leis.



"Is iongnadh liom," air an rí, "do theacht dom
ionnsoigh-si seach mo námhaid, óir isiad is neartmhaire
agus is líonmhaire, is fearr tuillmhe agus tuarusdal;
agus is mó do chreidfinn," air sé, "gurb dom námhaid
thú agus gurb do bhrath an bhaile si tánguis."



"Ní mur sin is dú nó is dual do ridire gaisgidh,"
air Ridire an Earraidh Ghuirm, "acht a chongnamh do
thabhairt don rann is laige, agus an t-anbhann do
neartugh, agus an éccóir do chur air ccúl; agus gurb
eadh dhénas tusa, a rí," air sé, - "féch mise a n-aghaidh


L. 17


do námhad um aonar nó le cuideachta, agus annsin
biaidh a fhios agad cia haca mé, cara nó námhaid."



"Do dhéna mé amhlaidh sin," air an rí.



Agus iar sin beireas an rí leis don bpálás é, agus do
orduigh seómra agus lucht feithmhe dhó ann, agus do
bhí amhlaidh go maidin airna mhárach. Agus a
mochdheaghail na maidne, éirgheas Rideire an Earraidh
Ghuirm agus gabhus earradh áigh agus iorghaile
uime, agus téid mur a roibhe an rí. Agus is amhlaidh
mur do bhaoi Rí na Babilóin, ní dheacha sé féin nó
aonneach dá mhuintir re cian d'aimsir roimhe sin tair
gheaphtaibh na cathracha amach re heagla a námhad,
do bhrígh nach roibh líon catha nó comhloinn dóibh
agus gur marbhadh urmhór a roibh le feidhm aige.
Agus adubhairt Ridire an Earraidh Ghuirm leis:



"A rí," air sé, "ní meatacht re hucht anfhorlainn is
fearr; agus an feadh bhias tusa do chomhnaidhe
amhlaidh so, biaidh do bhiodhbhaidh ag dul a neart,
is biaidh tusa ag dol a laige agus a neamhneart, agus
biaidh do lón bídh agus dighe aig laghdugh. Agus
iseadh is dénta dhuit," air sé, "deabhaidh laitheamhail
do thabhairt dot námhuid, go nach aithnighdís do
laige agus nach braithfidís do chumhachta airna
laghdughadh."



"Is briathra deaghlaoich sin," air an rí, "agus féachfum
an lá aniugh ad chuideachta," air sé.



Agus leis sin fógrus an rí dá chathaibh, acht géar bheag
iad, udhmughadh, agus do níd amhlaidh sin go hurlamh
iméasgaidh, agus tiaghuid amach as an ccathair. Agus
airna fhaicsin sin do shluaghaibh na hAifrice, tigid 'na
ccoinne agus 'na ccomhdháil 'na ndrongaibh diana
dásachtacha, agus 'na mbuidhnibh troma taiphseacha,
agus 'na mbróintibh armtha éidighthe innillte. Ciodh
tráchta níor chudroma an choimhéirghe sin, óir do


L. 18


bhí sluagh na hAifrice deichneabhar fon duine dá roibhe
Rí na Babilóin. Giodh eadh, tuccadar an dá shluagh
sin aghaidh air a chéile, agus níorbh ionnsoigh dhá
charad an ionnsoigh sin, óir dob iomdha ridire óg uasal
agus curadh calma cathbhuadhach gan anmuin ann;
agus dob iomdha lámh airna teasgadh, agus súil airna
siabhradh, agus beól aig blasdarnaigh, agus searbhghártha
badhbh agus branén, agus sruthlinnte fola fordheirge ar
an láthair sin. Acht cheana, gach áit agus gach ionadh
ina mbíodh baoghal bérnaidh nó brisidh air mhuintir
Rígh na Babilóin do bhíodh Ridire an Earraidh Ghuirm
rompo agus 'na ndiaidh mur sgéith dhídin, ionnus, nó
go n-áireómhthar gaineamh mara agus duille feadha,
nach áirmhighthear leath nó trian air thuit leis do
shluaghaibh na hAifrice an lá sin.



Gidh eadh, tarla do Rí na Babilón air an láthair
sin, tré mhéad anfhorlainn agus tré líonmhuireacht
a námhad agus tré uathadh a charad, gur leagadh dá
each é air lár an chatha, agus gur iadhadar 'na thimchioll
a námhaid air gach leath, ionnus nach roibhe dul as
aige gan a mharbhadh nó bráighe do dhénamh dhe.
Air bhfaicsin an anfhorlainn sin air an rí do Ridire an
Earraidh Ghuirm, tig dá chabhair agus dá fhoirighín
amhail leómhan luathaigeantach ag teacht fó dhásacht
feirge chum ealbha do bheitheachaibh brúideamhla -
iseadh an torann do rug tríotha agus fútha, ionnus go
madh samhalta nár marbhadh air fuaid an chatha roimhe
soin acht air mharbh Ridire an Earraidh Ghuirm a
ttimcheall Rígh na Babilóin air an láthair sin; agus do
chuir an rí ag marcaigheacht arís. Agus tarla mac
dearbhráthara do Rígh na hAifrice leis air an láthair
sin do bhí 'na thaoiseach air na sluaghaibh, agus tug
béim cloidhimh dhó gur sgoilt a sgiamhchorp go ráinic
béal ochta agus urbhruinne agus gur thuit marbh
gan anmain. Air bhfaicsin do shluagh na hAfrice na


L. 19


hára agus na heasbhadha tucc Ridire an Earraidh Ghuirm
ortha, agus fós mur do thuit an taoiseach do bhaoi ortha
leis, do ghabh uamhan agus eagla roimhe iat, agus do
ghlacadar briseadh chuca acht muna bheith go ttáinic
an aoidhche ortha annsin, agus gur bh'fhéidir dhóibh
sgaradh air gach leath .i. Rí na Babilóin don ccathraigh
agus sluagh na hAifrice dá 'bfháslongphort sic.



Ní hionann mur do bhádhus aige an dá shluagh
sin an tan so, óir do bhádar sluagh na hAifrice go
tuirseach imshníomhach fona n-easbhadhaibh agus fo
bhás a ttaoisigh .i. mac dearbhráthara an rígh, agus do
bhádar sluagh na Babilóin go huallach árdaigiontach fá
bhuaidh aonlaoi do bhreith air a mbiodhbhaibh agus
air a n-easccairuid. Acht atá aonní cheana, ní
féidir innse nó a fhaisnéis, méad na muirne agus
na honóra do rinneadh fó Ridire an Earraidh Ghuirm
a ccathair na Babilóin a n-alt na huaire si, agus tucc
an rí ceannus agus cumus a ridireadh agus a mhuintiri
uile fona smacht agus fona chumhachtaibh.



Dála Rígh na hAifrice, do ghabh racht agus mire é
fo n-air chaill dá dhaoinibh agus fo dhiombuaidh chatha
an lae sin, agus iseadh do rinne, teachtaireacht do chur
go Rí na Babilóin do rádha ris teacht ina phersainn
do chomhrac agus do chomhlann ris féin, nó a rogha
ridire dá mhuintir air a shon, air acht, dá madh é Rí na
hAifrice do claoidhfidhe isin ccomhlann, go ttógeóbhadh
an sluagh don ccathraigh agus go sgaoilfeadh a mhac
as a bhraighdeanus, agus go ndéanadh lórghníomh in
gach ní dair mhill ó tháinic go ríogheacht na Babilóin;
agus dá madh é Rí na Babilón do claoidhfidhe ann, a
cheart agus a choróin agus a dhignit ríoghdha do
thoirbheirt dhósan.



Air rochtain na sgéal sin go Rí na Babilóin, cuirios
gairm air feadh mhuintire uile, gidhbé dhíobh do
ghéabhadh comhrac Righ na hAifrice do láimh air a
shon, do bhrigh nach roibh féin ionchomhraic fris, dá


L. 20


madh leis badh treisi go ttiobhradh ceirtleith a thíre
agus a thigheardais dó, maille re ceirtleith a sheód agus
ionnmhuis agus iolmhaoine agus gach maithius
talmhan dá roibh aige. Gidh eadh, ní fhuair ridire nó
gaisgidheach do ghéabhadh an comhrac do láimh air a
shon, do bhrígh go madh deacair comhmeas nó cathughadh
re Rí na hAifrice air neart a chuirp agus air a thréithribh
goile agus gaisgidh, agus air mhéad a lúith agus a
lánchoibhlidh. Dála Ridire an Earraidh Ghuirm annso,
do mheas aige féin, dá ttíosadh dhe cathugh re Rí na
hAifrice, nach biadh toirmeasg air gan an tshleagh
d'fhagháil ó Rí na Babilóin, agus dá madh ridire oile
do dhénadh an comhrac, gurbh é is mó do bhiadh a
'bfhoghar an rí go bráth, agus nach biadh do mheas air
féin acht mur gach ridire oile dair ob an comhrac;
agus dá bhrígh sin, do chuir roimhe tuitiom air an láthair
sin nó aoibh Rí na Babilóin do thuilleamh. Agus leis
sin téid mur a roibh an rí agus adubhairt:



"A rí agus a thighearna," air sé, "ó nach bhfaicim
ridire nó gaisgidheach eile ag gabháil comhraic Rígh na
hAifrice do láimh air do shon-sa, dá mbeinn deimhneach
go ndéntá-sa do ghealladh go maith dham do rachfuinn
do chomhrac re Rí na hAifrice air do shon."



"A mhic ghrádhuigh," air an rí, "ní hionchomhraic
ridire comh óg anaosach leatsa fris, agus níor mhaith
liomsa do thuitiom a bhforcheann an chomhraic agus mé
féin do chaill mo choróna agus mo dhignite ríoghdha
uile," air sé.



"Is amhlaidh mur atá," air Ridire an Earraidh
Ghuirm, "ní ghéabhuinn maithius na talmhan gan dol
ann, acht amháin go ccomhlíona tusa gach cumha
dar gheall tú," air sé.



"Luighim fon Dia dhúileach", air an rí, "madh leat
bhus treise isin ccomhlann, go ccoimheóla mé gach ar
gheall mé, agus go mbia tú mur mhac agus mur oighre
agam."


L. 21


"Má iseadh," air Ridire an Earraidh Ghuirm, "fuagair
an comhlann do Rí na hAifrice a n-arrcéis na maidne
'márach."



Do níthear amhlaidh sin, agus a mocha na maidne
airna mhárach éirgheas Ridire an Earraidh Ghuirm
agus ceanglus a chorp ina chathéideadh catha. Agus
do éirgheadar na sluaigh air gach leath, agus do
suidheadh agus do horduigheadh ionadh agus áit an
chomhraic, agus do daingnigheadh agus do ceangladh
an cuntar agus an cunradh air gach taoibh. Agus iar
sin táinic Rí na hAifrice go háit an chomhraic agus each
ceannard craosach cliabhfhairsing cíordhubh faoi, agus
sgiath mórdhrolach dualach airna ceangal don deargór
air clár ochta, agus cloidheamh claisleathán sic casgartha
air a thaobh chlí, agus sleagh chinnghéar chrófhairrsing
chrannreamhar ina láimh, agus a dhá shúil mur lóchrainn
chiaracha air lasadh ina cheann tré mhéad an dásacht
agus an dóchais do bhaoi ann chum díoghaltais. Tig
Ridire an Earraidh Ghuirm don leath oile agus each
dualach dubhghorm dásachtach díbhruice faoi, agus go
madh samhalta re hiara ag léimnigh idir chrannaibh,
an lúth agus an borrfadh agus an buanaigneadh do bhaoi
innte, agus sgiath go ndealbhaibh leómhan agus liopard
agus gríobh n-eingneach, agus beathach n-éxamhail
oile, air ghualainn chlí, cloidhiomh iontláis órdhuirn
aige agus sleagh shleamhain shlimghorm shlinnleathán sic
ina láimh, agus do sheasaimh ina ionadh urdhalta agus
ina áit iombuailte.



Annsin do sinneadh na caismeartadh catha agus na
beanna buabhaill agus na hadharcadh ciúil air gach
leath, agus do fhuagair na boillsuireadh dona ridiraibh
a ndícheall do dhénamh. Ciodh trácht ba neamhchudrama
an chathiorghal so, mur atá, fear borrfadhach
borbneartmhar buanaigeantach air thaoibh agus
maighdion chiúin chaoin cheannsa ghnúisnáireach don


L. 22


thaoibh oile. Acht a cheana, do bhí do mhéad na
tola agus na hinntinne do bhaoi aice furtacht agus
fuasgladh d'fhagháil dá seirc agus dá síorghrádh
dh'fhearaibh an bheatha .i. mac Rígh na Teasáille, gur
mheas í féin ionchathaigh re curadh nó re cathmhílidh
air druim dhomhain, agus fós nach roibhe ag iarraidh
fadugh rée air bith dhi féin muna 'bfhaghadh furtacht
dhósan.



As annsin tuccadar an dias ridireadh so dhá ionnsoigh
a ccoinne agus a ccomhairrcis a chéile amhail leómhan
agus aonbheannach ag dul chum comhraic re roile
.i. an dá bheathach is neartmhaire agus is neimhnighe
agus námhadaighe san domhan; agus tuccadar sáite
neartmhara naimhdidhe dá sleaghaibh slinnghéara a
ccorpaibh agus a ccneasaibh a chéile gur mínigheadh
agus gur mionbhrúghadh na sgiatha agus na lúireacha,
agus gur bhriseadar na sleagha agus go ndeachadar a
muinighín na ccloidheamh cclaisleathán sic ccolgdhíreach,
agus gur ghabadar ag leó agus aig leadradh a chéile gan
taisi gan trócaire. Ciodh tráchta do bhaoi Ridire an
Earraidh Ghuirm a n-éigean mhór aig béimeannaibh
básamhla borbneartmhara Rígh na hAifrice; agus airna
fhaicsin dó .i. méad an ghábhaidh ina roibhe agus méad
an neithe do bhí ina ghioll uadha, do árduigh a aigneadh
agus do mhéadaigh a mheanma, agus do luathaigh a
láimh agus do dhlúthigh a bhuilleadh, agus do bheir
béim cloidhimh do Rí na hAifrice ós árd a chinn agus
a cheannmhullaigh, gur sgoilt an cathbharr agus gur
chuir an cloidheamh go cúl in ghualainn deis, go
ndearna áladh domhain doleighuis ann, agus gur thuit a
chloidheamh as láimh Rígh na hAifrice re neimh an
álaidh; agus do bheir Ridire an Earraidh Ghuirm béim
oile dhó, gur theasg sróndhídean na clogaide agus an
tshrón féin gus a bheag dhe, gur thuit faon fótarsna
chum láir agus lántalmhan. Agus leis sin toirlingeas


L. 23


Ridire an Earraidh Ghuirm agus cuirios rinndhéis a
chloidhimh air ubhall a bhrághad, agus dob áil leis a
chur tríd go talmhain. Is annsin adubhairt Rí na
hAifrice:



"Fóill! a ridire óig uasail, is lór dhuit mo bhuaidh
agus mo chosgar do bhreith agus gan mo mharbhadh,"
air sé. "Agus déna bráighe dhíom agus do dhén
leasughadh in gach ní dar mhill mé fo Rí na Babilón."



Do naisg seision sin air, agus tucc-san grian agus
eusga agus ranna nimhe agus talmhan re sin do chomhall
dó. Iar sin do léig éirghe do Rí na hAifrice agus do bheir
leis a ngéibhionn agus a ccuibhreach a láthair
Rígh na Babilón é, agus iar sin tiaghaid don ccathraigh
lán d'aoibhneas agus d'úrghairdios; agus do bhádar
sluagh na hAifrice go hathtuirseach imshníomhach don
leath oile.



Ciodh tráchta air mbeith seal a mbaile Rígh na
Babilóin dhóibh mur sin, do rinneadh síth agus réidhteach
idir na ríghthe sin, agus do chuir Rí na hAifrice fios
agus teachta air cheann mheic Rígh na Babilóin do bhí
a mbraighdionus aige go nuige sin. Agus do imdhigh
Rí na hAifrice maille rena thoicheasdal as crích na
Babilón, iar ndénamh síotha agus caradraidh agus iar
ndénamh lórghníomha in gach air mhíleasaigh ó tháinic
inte.



Iar n-imtheacht Rígh na hAifrice agus iar tteacht
'na bhaile do mhac Rígh na Babilón as a bhraighdionus,
darbh ainm Leuander, do bhaoi Rí na Babilóin go
subhach somheanmnach; gidh eadh, do bhaoi Ridire
an Earraidh Ghuirm lán do thuirsi agus d'iomshníomh
air fhad leis do bhaoi 'na chomhnaidhe, agus tré
chumhaidh a charad .i. Orlando mhic Rígh na Teasáille.
Agus air mbeith seal áiridhe san mBabilóin mur sin,
téid aon do ló a láthair an rígh, agus adubhairt ris:



"A rí agus a thighearna," air sé, "is mian liom féin


L. 24


coimhlíonadh d'fhagháil in gach air gheall tusa dhamh
do chionn comhraic re Rígh na hAifrice."



"A mhic ghrádhaigh," air an rí, "do ghéabha tú sin,
do bhrígh gurb ort atá cumaoin m'anma agamsa,
agus neart mo námhad agus m'easccarad do thógbháil
dom thír agus dom thigheardus."



"Má iseadh," air Ridire an Earraidh Ghuirm, "do
gheall tú roinn leatha dhamh ann do thír agus an do
thigheardus, in do mhaoin agus ann do shéadaibh."



"Do gheallus go deimhin," air an rí, "agus do dhéna
mé a mhaith dhe."



"Má iseadh," air Ridire an Earraidh Ghuirm, "ní
iarrfa mé roinn críche nó fearuinn ort, acht amháin
iarrfa mé iasacht énsheóid amháin dot shéadaibh ort;
agus fós atá rún secréideach agam lena nochtadh dhuit."



Agus leis sin goirios an rí leis a 'bfhód fo leath agus
nochtus a thoisg agus a thuras dó ó thús go deireadh,
agus gurbh ag iarraidh na sleighe ro bhaoi, d'fhurtacht
agus d'fhóirighín a charad .i. mac Rígh na Teasáille;
agus innsios do mur an ccéadna gurbh inghean do Rígh an
Domhain í féin, agus taisbeánus a hucht agus a
húrbhruinne mur dhearbhugh air sin. Agus airna
fhaicsin sin don rí, do ghabh iongnadh adhbhalmhór
é, agus adubhairt:



"A inghean ghrádhach," air sé, "is truagh doilghidh
an sgéal innsios tú, agus fós is iongnadh ádhbhalmhór
na gníomhéachta do rinneadh leat go nuige so; agus
air son na sleighe agus gach ní oile dá bhfuil air chumus
nó air chumhochtaibh dhamhsa, is leatsa iat. Gidh
eadh, na seóid oile air a ttráchtann tú, mur atá, ola
mhuice Túis agus an carbuncail, níl gníomh is doilghe
nó a 'bfhagháil; acht amháin cuirfiod-sa mo mhac féin
atá 'na ridire chródha chríonna leat, óir, dá ttagmhadh
dhíobh tuitiom ann, ní measa liomsa eision do thuitiom
ann nó thusa. Agus cuirfiod mo long féin libh, agus
isí long is fearr agus as luaithe san domhan í."


L. 25


Ciodh trácht do naisg Ridire an Earraidh Ghuirm air
gan an rún so do nochtadh dá mhac nó do neach oile
air dhomhan go ttuitiom sic nó go ttearno sic dháibh, agus
do gheall an rí sin dó. Agus as a haithle sin, do
hullmhaigheadh long an rígh dháibh agus do cuireadh
gach tincuire inte badh riachtanasach dáibh; agus do
ghabh Leuander mac Rígh na Babilóin ionar easnadhach
órchiumhsach do mhaothshról uaine air uachtar
earraidh agus éididh, ionnus go madh leis sin do
haitheontaidh é .i. Ridire an Earraidh Uaine. Agus do bheir
an rí an tshleagh do Ridire an Earraidh Ghuirm
agus fá luathgháireach uime sin é.



Iar sin do cheileabhradar don rígh agus tiaghaid air
muir, agus ní haithristear sgéaluigheacht ortha go rochtain
a ttír a mbaile Rí na hAsia dháibh. Agus isí sin uair
agus aimsear fá ttarla Rí na hAsia agus maithe agus
móruaisle a chríche a n-aonach agus a n-ardoireachtus
air faithche in dúnaidh, agus air 'bfhaicsin na deise
ridireadh chuca, do bhreathnuigheadar gurbh as críochaibh
ainiúil dáibh. Agus air tteacht a láthair an rí dháibh,
fochtus sgéala dhíobh. Ro innsidar dhó gur dias
ridireadh as críochaibh Breatan iad do mhuintir Rígh an
Domhain do bhí ag taisdiol gach críche re foghluim
cerdcha goile agus gaisgidh. Airna chlos sin don rí,
do lonnadh agus do feargadh uime go mór, agus do
ráidh rena mhuintir breith ortha agus a ccreapall agus
a gcuibhreach, do bhrígh nach roibh san domhan
neach badh lugha air ná Cing Airtiúr, agus gurbh
iongnadh leis cionnus do fuair ann féin Rí an Domhain
do ghairm dhe féin agus nach ttug seision nó duine
dar bhean ris urraim nó umhlocht dhó ariamh agus
nach ttiubhradh go bráth; agus fós, go roibh a dheimhin
aige gur do bhrath a thíre agus a thighearduis do
chuir sé iadsan, agus nach rachdís le sgéaluibh air ais chuige
go bráth, acht go ttiobhradh féin bás foiréigneach dhóibh


L. 26


gan chairde. Iar sin, do rugadar muintear an rígh
ortha, agus do ceangladh go daor docrach iad, agus do
cuireadh a bprísún dhomhain dhorcha iad gan soillsi
gréine nó eusga; agus do bhádar amhlaidh go ttáinic an
aoidhche agus go ndeachaidh an rí agus na huaisle
don bpálás.



Tarla dhóibh mun n-am sin gurbh as críochaibh
Breatan don cheannphort do bhí air an ghárda do bhaoi
aig cumhdach an phrísúin, agus is é fá hainm dhó Uránus.
Agus is amhlaidh tarla dhó bheith isin ccéim sin aig
Rí na hAsia .i. go ttáinic athair Uránuis as críochaibh
Breatan cian d'aimsir roimhe sin go críochaibh Asia
agus go ndérna gníomhéacht mór isin ccogadh do bhí
idir Rí na hAsia agus an tImpire Rómhánach, agus dá
bhrígh sin go ndearna Rí na hAsia ceannphort air
ghárda chuirp féin de, agus an tan do marbhadh an
t-athair, gur thuit an áit agus an céim céadna
d'ionsoigh air Uránus, do bhaoi 'na bhuachaill óg anaosach
aig tiecht dá athair go críochaibh na hAsia. Dála
Uránuis, air ndol do mhuintir na cathracha chum suain
agus codalta, téid asteach isin bprísún agus labhrus a
tteangaidh na Briotáine ris na ridiraibh. Agus do
fhreagair Ridire an Earraidh Ghuirm isin teangaidh
chéadna, agus fiafraigheas Uránus sgéala dhíobh cia
haca d'fhearaibh uaisle nó anuaisle na Breatan iad.
Adubhairt Ridire an Earraidh Ghuirm nach sénfudís
a bhfuil nó a 'bfholaidheacht re hucht anfhorlainn, agus
gur don fhuil ríogha iad, agus gur bhráithre fogus do
Rí an Domhain iat, agus go ndíoghólfadh Rí an Domhain
a mbás go maith, agus fós, ce bé lena ttiucfadh caomhna
a n-anma do dhénamh dhóibh, nach biadh duine ós a
cheann ag Rí an Domhain go bráth ó sin amach.



"Má iseadh," air Uránus, "is do chríochaibh Breatan
misi agus mo shean romham," air sé, agus do nocht
dhóibh ó thús go deireadh amach mur tháinic sé féin


L. 27


agus a athair go críochaibh na hAsia. "Agus do dhéna
caomhna bhur n-anma dhíobhsi," air sé, "acht amháin
go n-innse sibh dhamh fáth bhur tturais go fírinneach
don ccrích si."



"Dá mbeimís deimhneach dhe sin," air Ridire an
Earraidh Ghuirm, "do b'fhusaide linn ar rún do léigean
leat é, acht go mbéidir gur do bhrath ar n-inntinne
táinic tusa," air sé.



Do chuir Uránus ranna nimhe agus talmhan a
ccoraigheacht air fána bheith dílios dáibh agus fá shábháil
a n-anma an méad gurbh fhéidir leis. Dá bhrígh sin
ro innis Ridire an Earraidh Ghuirm dhó fáth a tturais
.i. gurbh aig iarraidh ola mhuice Túis tángadar, agus
go roibh mórán 'na chontabhairt uatha.



"Má iseadh," air Uránus, "is ní dofhaghála sin, óir
is a ttimcheall an rí féin bhíos do ghnáth. Agus is amhlaidh
mur dhéntar," air sé: "rachaidh an rí do sheilg fo
shléiphtibh na hAsia amárach, agus ní bhfuil do mhoill
air gan bás d'imirt oraibhsi acht filleadh 'na bhaile
dhó. Agus béara misi sibhsi as so anocht, agus cuirfiod
éadach air nós na hAsia oraibh, agus tiaghaidh isin tsheilg
fear mur chách. Agus bíthí a ngar don rí nó go sgaoilid
cách a ttóraidheacht na sealga, agus mur do ghéabha
sibh 'na aonar é, teachaidh dhá ionnsoigh agus léigeadh
fear aguibh air a bheith balbh agus iarradh an fear
oile air an rí blasadh na hola do thabhairt dó. Agus
do dhéna seision sin mur is gnáth leis, óir saoilfidh gurb
do mhuintir na hAsia sibh; agus muna 'bfhagha sibh
amus urrtha mur sin, ní dóigh dhíbh a fagháil go bráth.
Agus biaidh misi a ngar dhíobh, agus má éirgheann
libh, do dhéna eólus as an ccrích dhíbh."



Iar sin sgaoileas an ghéibhionn do bhí ortha agus
do bheir leis amach as an ccathraigh iad agus fágbhus
a n-ionadh uaigneach iad. Agus téid air ais don
ccathraigh agus do bheir dhá chulaidh air nós agus air


L. 28


fhasiún na hAsia chuca, agus cuirid ortha iat; agus
do bheir a n-eachraidh féin as a haithle chuca. Agus
anuid annsin go maidin nó go bhfacadar an rí agus na
huaisle air cheana ag triall chum na sealga, agus
trialluid féin 'na measg. Agus do fhanadar do ghnáth
a n-aice in rígh nó gur dúisgeadh leómhain agus lipuird
agus beathaigh allta na foraoise agus gur sgaoileadar
na huaisle cco comhchoitcheann 'na ndiaidh, agus gur
fágbhadh an rí 'na uathadh agus 'na aonar air an láthair.
Agus leis sin tigid na ridireadh dhá ionnsoigh, agus do
léig Ridire an Earraidh Ghuirm air féin a bheith balbh
agus do labhair Ridire an Earraidh Uaine .i. mac Rígh
na Babilón agus iseadh adubhairt:



"A rí agus a thighearna," air sé, "aig so mac iarla
dot mhuintir, agus atá sé balbh gan uirghioll ó rugadh
é; agus do chualamar go bhfuil ní agadsa do bheir
urlabhra don tí bhíos balbh, agus táinic fo do ghrásaibh
d'iarraidh fóirighín ort," air sé.



Fiafraigheas an rí ca haca d'fhearaibh uaisle na
hAsie é, agus ro fhreagair mac Rígh na Babilón dó ann
gach éncheist amhail mur do theguisg Uránus dóibh.
Leis sin cuirios an rí lámh ina fhochrus agus tairrngeas
an buidél ina roibhe an ola amach, agus tungus re béal
Ridire an Earraidh Ghuirm é. Agus leis sin beirios
Ridire an Earraidh Uaine siothadh santach air agus
fáisgios an buidéal go foiréigneach as a dhórn, agus
do bheir i lláimh Ridire an Earraidh Ghuirm é. Agus
beirios air an rí as a haithle sin agus trasguras go lár
agus go lántalmhain é, agus ceanglus go daor docrach
é gan cead uirghill nó iorlabhra nó gluasacht coisi nó
láimhe aige, agus tiaghaid air a n-eachaibh as a haithle
sin. Agus tig Uránus dá n-ionnsoighe, agus níor
comhnaidheadh leó nó go rángadar an cuan ina roibhe
a long, agus tiaghaid innte gan chairde, iar 'bfhágbháil
Rí na hAsia creapailte cruadhchuibhrighthe air mullach


L. 29


in tshléibhe agus gan sgéala aig aon neach dá mhuintir
uadha.



Agus do ghabhadar aig taisteal mara agus tíre nó
go rángadar a ttír a ríogheacht na Narsinga a n-iarthear
India, agus air tteacht a ttir dháibh adubhairt Ridire
an Earraidh Uaine:



"Iseadh is dénta dhúinn," air sé, "ar n-airm agus
ar n-earraidh d'fhágbháil isin luing agus ar n-aitheachadh
ciúil agus oirfide do bhreith linn, agus a rádha gur lucht
ciúil agus oirfide sinn, d'eagla go nglacfaidhe san ccrích si
sinn mur do glacadh a ccrích na hAsia sinn."



Do críochnuigheadh an chomhairle sin leó, agus
tiaghaid go dúnadh Rígh na Narsinga. Agus air ndol
do láthair an rígh dháibh adubhradar gurbh as críochaibh
Breatan dáibh agus gurbh é Rí an Domhain do chuir
dá ionnsoigh-sion iad, mur lucht ciúil agus oirfide, agus
do cheangal gráidh agus caradraidh eatorra.
Fáiltigheas an rí reampa, agus gabhuid na ridireadh
a n-ionstruminteadh chiúil chuca agus do shinneadar
ceól taidhiúir taitneamhach nach ccualaidh an rí a
leithit nó a ionnamhail ariamh roimhe, óir níor
ghnáthach lucht ciúil air bioth san ccrích sin riamh
roimhe. Agus do ghlac an rí taitneamh mór isan cceól,
agus adubhairt go roibhe robhuidheach do Rí an
Domhain um iad san do chur chuige, agus adubhairt go
ccuirfeadh féin lán luinge do phérladhaibh na hInnia
chuigesion mur an ccéadna. Agus do ordaigh do
Ridire an Earraidh Uaine bheith a bhfochair a inghine
darbh ainm Veróna do dhénamh ceóil agus cuideachta
dhi, agus do chongaibh Ridire an Earraidh Ghuirm ina
sheómra féin. Agus is amhlaidh mur do bhaoi an
carbuncail, do bhíodh a ttimcheall an rí féin air iomchur
air léas lae, agus do bhíodh aige ina sheómra isin
aoidhche, agus isí do níodh soillsi air feadh an dúnaidh


L. 30


go comhchoitcheann air léas aoidhche; agus ní léigeadh
an rí air iocht dhuine air dhomhan í acht é féin amháin.



Do bhádar na ridireadh seal áiridhe mur sin fá
aoibhnius agus fá mhuirn aig Rí na Narsinga go ttarla
dhó lá áiridhe bheith aig fiafraighe bhéas agus
ghnáthadh theaghlaigh Rígh an Domhain don ridiraibh.
Do innsedar na ridireadh dhó nach roibhe air
druim dhomhain rí nó flaith badh lia ridire cródha
cathbhuadhach agus gaisgidheach gníomhéachtach air a
theaghlach nó Rí an Domhain, agus gurbh é
Dúnadh an Halla Dheirg dúnadh badh deise bantracht agus
bandháil, agus badh líonmhuire ceól agus caismearta
isin domhan.



Ro fhiafraigh an rí dhíobh 'nair ghnáth le Rí an
Domhain ceól nó caismeart do bheith aige re linn
catha nó troda nó re linn a bheith air fairge dhó.
Adubhradar-san go mbíodh an iomad do sheórtaibh
ceóil agus caismeirt aige air muir agus air tír, agus, dá
madh toil rena ghrásaibh-san dul mur a roibhe in long
tug iat féin don ccrích se, go ttaisbénfaidís cuid don
chaismeirt fá gnáth leis do bheith aige air muir dhó.
Adubhairt an rí go rachadh, do bhrígh gur romhaith
leis amharc d'fhagháil air.



Gluaiseas an rí agus na ridiradh agus inghean an
rígh .i. Veróna agus tiaghaid mur a roibh an long.
Agus tiaghaid amach air an loing uile a n-aoinfheacht,
agus téid Ridire an Earraidh Ghuirm agus an rí agus
inghean an rí faoi haiste, agus gabhus Ridire an Earraidh
Ghuirm beann bhángheal bhinnghlórach bhuabhaill don
airgid áloinn aithleaghtha ina láimh, dá ngoirthear
galltrompa aniúgh, agus sinneas cuir agus caismearta
air amhail fá gnáthach a nDúnadh an Halla Dheirg re
linn catha nó comhlainn, nó re linn coimhthionól nó
comhghluasacht air bioth do theacht eatorra. Agus
gabhus an rí iongnadh agus taitneamh mór isan mbeinn
mbuabhaill sin, agus do bhaoi ag gabháil tuillidh sgéal


L. 31


do Ridire an Earraidh Ghuirm. Ciodh tráchta an feadh
do bhí Rí na Narsinga agus Ridire an Earraidh Ghuirm
ag comhrádh ré chéile faoi haiste, iseadh do rinne Ridire
an Earraidh Uaine agus Uránus a n-ancaireadh do
thairring agus na seólta do thógbháil agus a ccábladh do
cheangal, agus tús do thabhairt do mhuir agus deireadh
do thír, agus seóladh isin áidhbhéis aibhsidhe
eochairghuirm gan airiugh gan mhothughadh do Rí na
Narsinga.



Acht a cheana, ní fada do bhaoi an rí ann, an tan
do chualaidh gearán agus golghuire na ttonn ccainteach
ccubhrach ccaisaoídeach re taobhaibh agus re bolgánaibh
na leathánluinge, agus gleic agus géarchasaoid na gaoithi
siubhlaighe síorchaintighe ris na bréidibh snasta
snáthrighne, agus curr thaobhthana shrónéttrom
thosaigh na loinge ag sgoilteadh agus ag sgaoileadh na
ttonn ttinniusnach ttulbhorb. Tig an rí aníos air druim
haiste iar sin, agus iseadh do chí an long air 'bfhágbháil
radharc tíre agus talmhan air gach uile thaoibh dhe.
Do labhair an rí go feargach forniata ris na ridiraibh
agus fiafraigheas díobh créad é sin dob áil leó do dhénamh.
Adubhairt Ridire an Earraidh Ghuirm, aig breith air
an rí agus dá chur 'na shuidhe air bórd na luinge:



"A rí agus a thighearna," air sé, "dob áil linn an
carbuncail atá agadsa d'fhagháil uait d'fhurtacht agus
d'fhóirighín carad atá fo chiamhair draoidheachta," air
sé. "Agus ní dáil fuasgail dó acht re trí seódaibh atá
ag trí ríghthibh d'fhagháil, mur atá: sleagh Rígh na
Babilóin, agus ola mhuice Túis ag Rí na hAsia, agus
an carbuncail fil agadsa. Agus fuaramar an tshleagh
agus an ola," air sé, "agus is mian linn an carbuncail
d'fhagháil mur an ccéadna, agus do bhéaram ranna
nimhe agus talmhan agus grian agus éasga a ccoraigheacht
oruinn fána haisioc ort féin arís. Agus fós, is mian
linn thusa do bhreith linn go Dúnadh an Halla Dheirg,"


L. 32


air sé, "agus síoth agus caradradh do dhénamh idir
thú féin agus Rí an Domhain, agus do chur slán dochum
do thíre féin arís."



"Dá mbeath a dheimhin agam," air an rí, "tiecht
slán air mh'ais dochum mo chríche féin, do badh maith
liom Rí an Domhain agus a theaghlach d'fhaicsin,"
air sé.



Tucc Ridire an Earraidh Ghuirm grian agus éasga,
agus ranna nimhe agus talmhan, a ccoraigheacht air
fána chur slán dá chrích féin arís dá ndeachadh leó go
toiltionach go Dúnadh an Halla Dheirg. Leis sin cuirios
an rí lámh ina fhochrus agus do bheir an carbuncail i
lláimh Ridire an Earraidh Ghuirm, agus fá luathgháireach
dhe sin é.



As a haithle sin do rinneadar iomramh aigiontach
iméasgaidh gan tuisleadh gan tormeasg, gan ghuasacht
mara nó tíre, nó go rángadar a ttír a ccríochaibh
Breatan. Agus air tteacht a ttír dháibh ann, do labhair
Ridire an Earraidh Ghuirm, agus iseadh adubhairt:
"A thighearnadh," air sé, "aig so mo thír agus mo
thalamh-sa, agus iseadh is mian liom, sibhsi do bheith
air mo chomhairle agus air m'impidhe féin an feadh
bhias sibh innti, agus tús uirghill agus urlabhra do
léigin dham a bhfiadhnaise Rígh an Domhain, do
bhrígh gur mé is fearr gnáthugh agus eólus air féin
agus air a theaghlach."



Adubhairt Rí na Narsinga agus Leuander mac
Rígh na Babilóin gur thoil leó féin sin, agus go
ngéabhdís gach comhuirle do bhéaradh ortha an feadh
do bhiadís a ccríochaibh Breatan.



"Má iseadh," air sé, "iseadh is dénta dhúinn éadach
agus earradh ridireadh gaisgidh do ghabháil umainn
ré ndul dúinn go Dúnadh an Halla Dheirg, go nach
'bfheasadh an rí cia sinn nó go ccríochnaigheam cuid
d'adhbhar ar tturais agus ar n-eachtra."



Do críochnaigheadh an chomhairle sin leó, agus do bheir


L. 33


Ridire an Earraidh Ghuirm éideadh agus airm
agus each d'ionnsoigh air gach aon díobh, agus do chuir
éadach líoghdha lánmhaiseach air Veróna inghin Rígh
na Narsinga. Agus do ghluaiseadar fon tuairim sin go
Dúnadh an Halla Dheirg, agus níor comhnaidheadh leó
go rángadar faithche in dúnaidh. Agus léigfiom dhínn
labhairt ortha go fóill, acht laibheóram beagán beag
air Rí an Domhain agus air a theaghlach annso.



Dála Rígh an Domhain annso: air n-imtheacht a
inghine as Dúnadh an Halla Dheirg gan fhios gan airiugh
d'aoinneach, agus air cconnsughadh Orlando mhic rígh
na Tesáille agus gan aonfhocal dá sgéalaibh air 'bfhághail,
do mheas aige féin gur imtheacht re chéile do rinne an
lánamhain sin agus do chuir cuid dá theaghlach in
gach énchearnaidh don riogheacht d'fhagháil sgéal uatha.
Gidh eadh, ní fhuarus focal do sgéalaibh cheachtair
dhíobh, agus ó nach 'bfhuair, seólus a theachta go crích
na Tesáille d'fhagháil sgéal uatha ann, agus ní fríth
énní dhá sgéalaibh. Agus fá tuirseach imshníomhach
Rí na Teasáille air 'bfhagháil dhrochsgéala óna mhac,
agus níor lugha le Rí an Domhain fán inghin é,
agus ní féidir a fhaisnéis méad na heólchaire do rinne
an ríoghan .i. bean Ching Airtiúir darbh ainm Gunevér,
fána hinghin. Ciodh trácht iseadh do rinne an rí garmáil
agus craitháil do chur amach, giodh bé neach fir nó
mná do bhéaradh sgéala beó nó mairbh a inghine nó
mheic Rígh na Tesáille dhá ionnsoighe, go tteabhradh
breith a bhéil féin dó, gidh bé san domhan é. Gidh
eadh, ní 'bfhuair duine air dhomhan do bhéaradh sgéala
dhó.



Dála Ridire an Earraidh Ghuirm agus a chuideachta
annso: air ttuirling dáibh air an 'bfhaithche amhail
adubhramar, tig sgéala d'ionnsoigh an rí, ceathrar
ridireadh uasal anaithnidh air a roibhe inneall agus
éideadh coigríche do thorling air an 'bfhaithche.


L. 34


Cuirios an rí ridire uasal oirdnidhe dá mhuintir darbh
ainm Sir Brandámor dá ttabhairt don bpálás. Agus air
tteacht do láthair an rí dháibh, do léigeadar air a
nglúinibh iad agus do rinnedar comharrtha umhla agus
urrama dhó; agus do thóguibh an rí a lámh ós a ccionn
agus do ráidh riú éirghe agus tucc cead uirghill agus
iorlabhro dáibh, agus fochtus sgéala dhíoph cia
d'fholaibh uaisle nó anuaisle an domhain iat. Do
fhreagair Ridire an Earraidh Ghuirm dhó a ghlanbhérla
chríche Breatan, agus iseadh adubhairt:



"Do mhuintir na críche si féin mise, a rí agus a
thighearna," air sé, "agus ní féidir liom m'fhuil nó
m'fholaidheacht do nochtadh fós, nó go ccríochnuighe
mé bladh dom eachtra tá gan chríochnughadh fós.
Agus an triúr so eile do chí tú, tá fear dhíobh as chrích
na Babilón, agus fear oile as crích na hInnia, agus an
treas fear as chríochaibh Asia," air sé; "agus atámaoid
re seal áiridhe ag taisteal an domhain re meabhrugh
gacha gaisgidh, agus tángamar dot ionnsoighe-si, a
rí agus a thighearna," air sé, "ionnus go mbeimís seal
air do theaghlach, aig foghluim ceardcha guile agus
gaisgidh, béas agus deaghmhúnaidh."



"Gurb é bhur mbeatha chugamsa," air an rí, "agus
do ghéabha sibh tuillmhe agus tuarusdal uaim mur
gach mac rígh agus rofhlatha dá bhfuil air mo
theaghlach. Agus fós," air an rí, "atá ní oile agam
lena fhiafraighe dhiobh, agus dá mbeadh énní do
sgéalaibh an neithe sin ag ceachtar agaibhsi, do bhéarainn
breith a bhéil agus a theanga féin dó."



"Créad an ní sin, a rí?" air sé.



"Atá," air an rí, "ridire óg uasal do bhí air an teaghlach
so .i. Orlando mac Rígh na Tesáille, agus do chuaidh
lá áiridhe go Foraois na nIongnadh d'fhaicsin iongantuis
ann re ccaithfinn-si mo phruinn," air an rí, "Agus ní
fhacamar é féin nó énfhocal dá sgéalaibh ón ló sin i
lleath. Agus go grod 'na dhíadh sin," air an rí, "do


L. 35


bhí éninghean amháin agamsa darbh ainm Melóra,
agus do connsuigheadh a 'bfhéagmhuis an dúinidh si í,
agus ní fhuaramar sgéala a beó nó a mairbh ón uair
sin gus anois," air sé. Agus ag rádh na mbriathar sin
dó, do shil frassa diandhíochra dér, agus do stad uirghioll
agus urlabhra uadh.



Agus airna fhaicsin sin do Ridire an Earraidh Ghuirm,
níor fhéad fulang a eólchaire, agus tucc a chúla ris an
rí, agus do sging sruth dianchuimseach déar uadh.
Ciodh trácht do iontoigh Ridire an Earraidh Ghuirm
air an rí arís, agus iseadh adubhairt:



"A rí agus a thighearna," air sé, "atá bladh dom
eachtra-sa gan chríochnughadh isin ccrích so, agus iseadh
is mian liom, thusa maille re mathuibh do theaghlaigh
do dhol gus an ionadh inar dóigh liom m'eachtra do
chríochnughadh, agus má chríochnaighthear an t-eachtra
sin liom, do ghéabha tú sgéla uaim chuirfios luathgháir
mhór agus ulghairdiugh ort."



Air gclos na mbriathar sin don rí, fógrus dá theaghlach
udhmughadh, agus do tharrngeadar air an bhfhaithche
amach. Agus ní léaghthear a ccroinic nó a stair san
domhan gur chruinnigh air aonláthair ariamh faoi
chumhochtaibh rígh nó rofhlatha ionnamhuil an
mhórtheaghlaigh sin, air líonmhaireacht sármhac rígh agus
rothigherna, agus ridire dearsgnaigh deaghghníomhach,
agus curadh cródha cathbhuadhach, agus arsaidh
iorghaile, agus ógmhacaomh áluinn iolchrotach, do bhaoi
ann, agus air éxamhlacht a n-arm agus a n-earradh
agus a n-éideadh, agus air dheacruidheacht a ccleas
lúith agus lámhaigh dá ttabhairt ós áird, agus air áille
a mban agus a mbantracht. Ciodh trácht air mbeith
ullumh ionimtheachta dháibh mur sin, do ghluaiseadar
uile d'énláimh nó go rángadar go Foraois na nIongnadh.



Agus air tteacht annsin dáibh, tiaghuid gusan ccarruic
chloiche do bhí a leithimeal na foraoise, agus gabhus
Ridire an Earraidh Ghuirm sleagh Rígh na Babilóin


L. 36


ina láimh agus téid gus an ccarruic. Agus do bheir
trí sáite don tsleigh innte agus ris an treas sáthadh
do ghéim an charraic, ionnus go madh samhalta re
blaosg tana taobhthirim an aiéir air mbriseadh, nó ris
an talamh tromfhóideach air 'bfhosgladh, an torann
agus an tóirneach do rinne an charraic air sgáineadh
ó chéile dhi, gur léig craos cabach comhdhorcha
béalfhosluigthe chugtha. Agus air 'bfhosgladh dhi mur
sin, do sging an bhandhraoí dheamhnaidhe, darbh ainm
an Mhilltionach, do bhaoi ag cumhdach an sic draoidheachta,
amach as an uamhaidh, 'na meall taibhseach teineadh a
'bfhroighthibh na firminte. Iar sin téid Ridire an
Earraidh Ghuirm asteach isin uamhaidh, agus tarrngios
an carbuncail as a fhochrus amach agus nochtus isin
uamhaidh í, ionnus, tré mhéad a lonnraidh agus a soillsi,
go madh léir ruithne dá laghad inte. Agus air ttabhairt
soillsi san uamhaidh amhlaidh sin, do gheibh mac Rígh
na Tesáille 'na dheilbh uathmhair anaithnidh, nó mur
thaise mairbh air n-aithéirghe, gan aithne gan urlabhra,
gan énní do dheilbh dhaonda fair, acht madh féithe
agus finnleathar ag congbháil a chnámh agus a bhall
re chéile.



Beirios Ridire an Earraidh Ghuirm air láimh fair
agus do bheir amach a measg na slógh é, agus ba
hiongnadh mór ris an rí agus ris na sluaghaibh an ní
do chonncudar. Agus as a haithle sin tairrngios an
buidél ina roibh ola mhuice Túis as a choim, agus
adubhairt:



"A mhic Rígh na Teasáille," air sé, "ibh cuid don
íc atá isin mballán so, agus badh ferrde dhíot é go
forcheann do bheatha."



Agus congbhus féin an ballán rena bhéal, agus do
ibh Orlando trí bolguim as an mballán, agus iar n-ól
an treas bolguim dhó táinic a chruth agus a dheilbh, a
innioll agus éccosg féin air. Agus do bheir an rí agus


L. 37


na ridireadh aithne fair, agus do iadhadar uime fair
gach leath agus do phógadar go dil díochra é. Agus
as a haithle sin fiafraigheas an rí sgéla dhe, creád tug
isna rochtaibh sin é, nó créad do sgar fris an teaghlach
é. Ro innis Orlando gurbh é Sir Mádor mac Rígh na
hIsbeirne agus Meirlíno an draoi do imir draoidheacht
agus diabhlaidheacht fair, agus nach roibhe dáil chabhra
dhó acht ris na trí séodaibh adubhramar d'fhagháil,
agus nach roibh súil aige féin ris an fhurtacht sin
d'fhagháil go saoghal na saoghal.



"Má iseadh," air an rí, "an bhfuil aithne agad air an
ridire so d'fhuasgail duit?"



"Ní bhfuil go deimhin," air Orlando, "óir ní feasach
mé cia d'fhearaibh uaisle nó anuaisle an domhain é."



Leis sin, iontoigheas Ridire an Earraidh Ghuirm air
an rí, agus do léig air a dhá ghlún é, agus adubhairt:



"A rí agus a thigherna," air sé, "ní bhiad-sa níos
faide dom cheilt féin ort."



Agus leis sin do chuir a cheinbheirt chatha agus
chruadhchomhlainn de agus do nocht a aghuidh agus a
édan, agus adubhairt:



"A rí agus a athair ghrádhuidh," air sí, "aig so
h'inghean .i. Melóra."



Leis sin do bheir an rí aithne furtha, agus gabhus
air láimh hí agus pógus go dil díochra í, agus do shil
frasa tromaidhbhle dér tré romhéad luathghára agus
ulgháirdis. Agus ro fhiafraigh sgéla dhi cionnus ro
fháguibh sí an dúnadh gan fhios, nó cionnus do tháinic
dhi fuasgladh do mhac Rígh na Teasáille. Do nocht sisi
dhó ó thús go deireadh amhail mur do bhean sí admháil
na ceilge as mac Rígh na hIsbeirne, agus nachair bh'fédir
le fear dar rugadh riamh fuasgladh dhó, gur ghabh sí
féin airm ghaisgidh furtha agus go ndeachaidh d'iarraidh
na seód do bhéaradh furtacht dhó. Agus do nocht a
heachtra agus a himeacht ó thosach go deireadh, agus


L. 38


gach móréacht dar éirigh lé a mbaile Rígh na Babilóin,
agus amhail mur do thucc Rí na Babilóin an tshleagh
dhi, agus mar do chuir a mhac féin .i. Leuander mac
Rígh na Babilóin do thabhach ola mhuice Túis do
bhaoi ag Rí na hAsia, agus amhail mur do thucc Rí na
hAsia breathamhnus báis ortha agus mur do fhuasgail
Uránus .i. captín an ghárda dhóibh, agus mur do sheól
dáibh cionnus do ghéabhdís an ola a ttimchioll an rí
air mbeith aig seilg dhó, agus mur do fhágadar Rí
na hAsia creapailte cruadhchuibhrighthe air an 'bfhásach
'na uathadh agus 'na aonar. Do nocht mur an ccéadna
mur do chuadar 'na dtriúr go crích Rí na Narsinga
agus amhail mar do mhealladar é féin agus a inghean
leó air fairrge, agus gurbh é an ceathramhadh fer do
bhí a ndeilbh ridire mar aon riú é.



A haithle na n-árdsgéal sin, iontoigheas Rí an Domhain
air Rí na Narsinga agus air mhac Rí na Babilóin agus
fáiltigheas rumpo go mín muinteardha, agus do bheir
buidheachus mór dháibh agus mur an ccéadna do Uránus
tré shábháil a inghine agus mic Rígh na Babilóin as
lámhuibh Rígh na hAsia. Air 'bfhaicsin do mhac Rígh
na Babilóin agus do Rí na Narsinga, gur maighdion
mhín mhilisbhriathrach agus inghean Airdrígh an
Domhain do bhaoi mur fhear cuideachta agus caitheamh
aimsire aca, agus lena ndearnadh móréachta nár bh'fhéidir
le ridire nó le gaisgidheach eile do dhénamh,
do ghabh iongnadh agus uathbhás iad agus do innsedar
don rí agus dona sluaghaibh a maithghníomha agus a
móréachta go fairsing foirleathan.



Ciodh tráchta do bheir an rí fo deara breith air Shir
Mádor mac Rígh na hIsbeirne agus air Meirlín .i.
an draoi, agus creapall agus cruadhchuibhreach do chur
orra. Agus as a haithle sin, do ghluaiseadar an
tromshóchraide sin d'énláimh nó go rángadar
Dúnadh an Halla Dheirg. Agus shuidh an rí ina ionadh cubhaidh


L. 39


agus do suidheadh Rí na Narsinga air a ghualainn deis
agus mac Rígh na Babilóin air a ghualainn chlí, agus
do shuidh an ríoghan don taoibh air aill agus Melóra
air thaoibh dhi, agus mac Rígh na Teasáille air an taoibh
oile, agus na huaisle air cheana ó sin amach. Agus
do bheirthear Sir Mádor agus Meirlín do láthair an
rígh, agus do admhadar d'admháil a mbéil agus a
tteangtha féin gach feall agus gach meabhal dar chumadar
chum Orlando mheic Rígh na Teasáille. Agus dá bhrígh
sin do bheir an rí agus an chomhairle breatheamhnus
orrtha, a losgadh air faithche an dúnaidh amhail mur
do thuill a míghníomha dháibh, agus do mholadar cách
go coitcheann an breatheamhnus sin. Is annsin do
labhair Melóra, agus iseadh adubhairt:



"A rí agus a thighearna," air sí, "do gheall tú breith
a bhéil féin don tí do bhéaradh sgéla mo bheó nó mo
mhairbh-si, nó beó nó mairbh mhic Rígh na Tessáille
chugad; agus ós misi tug sgéala gach ceachtair dhíobh
dhuit, is mian liom aithchuinghidh d'fhagháil uait."



"Do ghéabha tú sin go deimhin," air an rí, "gach a
n-iarrfa tú."



"Má iseadh," air Melóra, "do bhrígh gurb as mo
shiocair-si do rinne mac Rígh na hÍsbeirne gach
míghníomh dá nderna sé, iseadh is mian liom pardún
anma d'fhagháil dó féin agus don draoi agus a ccur
air díbeirt ón dúnadh so. Agus an dara haithchuinghidh
naisgim ort, mac Rígh na Teasáille d'fhagháil mur fhear
agus mur chaoimhchéile dhamh pfhéin."



Mholadar cách go coitcheann taisi agus trócaire
na hóigríoghna agus cródhacht a mórghníomh; agus do
aontoigh an rí dhi gach ar iarr sí air don chur sin. Agus
do pósadh í féin agus mac Rígh na Tessáille re chéile,
agus do pósadh Leauander mac Rígh na Babilón agus
Veróna inghean Rígh na Narsinga mur an ccéadna,
agus do bheir Rí an Domhain mórán seód agus maoine
agus ionnmhuis dáibh.


L. 40


Agus do bhádor na huaisle eachtrann sin seal fada a
bhfochair Rí an Domhain fá aoibhneas agus fá mhuirn,
nó gur ghabh mian Rí na Narsinga triall dá chrích féin.
Agus airna airiugh sin do Rí an Domhain, do ullmhaigh
trénchabhlach trom taibhseach do thionnlacadh Rí na
Narsinga dá chrích agus dá dhúthaigh féin. Agus air
mbeith ag triall dó, tig Melóra dá ionnsoigh agus an
carbuncail ina láimh lé agus sleagh Rígh na Babilóin
isin láimh oile, agus iseadh itbert:



"A Rí na hInnia," air sí, "ó do chríochnaigh misi
mo mhóreachtra agus gur fhuasgail mé dom charuid,
agus gur gheall mé thusa do chur slán dot chrích féin,
aig so dhuit air ais an carbuncail maille re buidheachus
agus re mo mhaith-si go bruinne mbrátha agus mbeatha.
Agus a mhic Rígh na Babilóin," air sí, "aig so dhuitsi
sleagh h'athara, agus táim-si buidheach dhíot tré a
bhfuaruis do dhúa agus do dhochar um' chuideachta
feadh m'eachtra aig taisteal an domhain."



"Má iseadh," air Rí na Narsinga, "bronnuim-si ort
féin rís í;" agus do bhronn mac Rígh na Babilóin an
tsleagh air Ching Airtiúir.



Agus as a haithle sin, téid Rí na Narsinga air muir;
agus aig so anmannadh na ridireadh fá huaisle agus
fá honóraighe dá ndeachaidh dá thionnlacadh dá thír
féin. Do chuadar ann dá ridire dhéag na cródhachta do
bhíodh do ghnáth a ttimcheall chuirp an rí féin dá
chumhdach, amhail mur adeirthear gallógláigh cúlchoiméada
aniugh. Aig so a n-anmannadh: Sir Gabhín
mac deirbhshíaracha Rígh an Domhain agus a dhias
dearbhráthar .i. Sir Garet agus Sir Gahéris; Sir
Brandámor mac Rígh na hEadáille; Sir Marrábhus mac
Rígh Éireann; Sir Frol, Sir Tor agus Sir Ector, agus
ní feas dúinn a n-aithre; Sir Lameric as críochaibh
Dobhar, ridire rochródha; Sir Bébhus, Sir Bóbus agus
Sir Lanselot mac Rígh na Binne Brice; agus mórán
oile do ridiraibh rochródha nach ainmnighthear annso.


L. 41


Agus ní haithristear a bheag dá sgéaluigheacht go
rochtain a ttír a ccrích na hInnia dháibh.



Agus air tteacht go dúnadh Rígh na Narsinga dháibh,
ní féidir innse nó a fhaisnéis méad na muirne agus
na honóra do rinneadh umpa ann. Agus do nocht Rí
na Narsinga dá mhathaibh agus dá mhóruaisle a eachtra
agus a imtheacht ó thús go deireadh, agus amhail mur
do rugadh go Dúnadh an Halla Dheirg é. Agus air
mbeith seal fada do na ridiraibh ina fhochair do ghabhadar
lámh air imtheacht, agus do chuir an rí an cabhlach
céadna leó lán do phérlaibh agus do gheamhaibh agus
do líoguibh lánmhaiseacha lóghmhara, agus do
sheódaibh rígh agus rofhlatha, maille le comharrtha
umhla agus urrama do Rí an Domhain.



Agus air tteacht go Dúnadh an Halla Deirg dháibh,
ní fada do bhádar ann an tan do cuireadh cuid dhíobh
le mac Rígh na Babilóin agus le hinghin Rígh na Narsinga
go críochaibh na Babilóin, agus an chuid oile le mac
Rígh na Tessáille agus le Melóra inghin Rígh an Domhain
go críochaibh cuanáille na Teasáille, áit air chaitheadar
a ré agus a n-aimsear mur fá haoibhinn leó féin. Agus
do díbreadh Sir Mádor mac Rígh na hIsbeirne agus
Meirlín, an draoi, go síordhaidhe suthain as
Dúnadh an Halla Dheirg air 'bfhagháil maitheamhnuis anma tré
Mhelóra.



Gonadh é sin eachtra agus imtheacht Melóra inghine
Rígh an Domhain agus Orlando mhic Rígh na Tesáille
go nuige sin.




L. 42


B 1755ls 18L
GzzzzzL
U 0201

Mzzzzz8
CÉILIDHE IOSGAIDE LÉITHE ANNSO SÍOS.
Rí uasal airmhidneach molbhthach cródha curata
ceartbhreathach ro ghabhastar flaitheas agus forlamhas
for chríochaibh glanáille cnuasthorthacha na Gaisgúine
feacht n-aill. Agus do bhí an rí sin gan chloinn aige
agus gan neach ar shliocht na fola ríoghdha do-ghébhadh
ríghe dá éis. Agus do bhí béasa ag na ríoghaibh isin
aimsir sin .i. an neach do bhiadh gan chloinn aige fleadh
oireaghdha do ullmhughadh, agus an tan ba hullamh an
fhleadh tigdís maithe agus móruaisle na críche go coitcheann
dá tochaitheamh, agus ní curthaoi uasal a
n-ionadh an ísil acht gach aon ina ionadh urdhalta féin.
Agus is amhlaidh so do fodhailtí an aimsir aca .i. an
chéadtrian don lá re hól agus re haoibhneas, agus an
dara trian re haonach agus re hardoireachtus, agus an
trian déidheanach don lá agus trian tosaigh na haoidhche
re ceóluibh agus re hoirfideadh agus re healadhna;
agus an dara lá aige na laochuibh re trosgadh, agus an
treas lá le fleadhughadh; an ceathramhadh lá re
lántrosgadh, agus an cúigeadh lá re hól agus re fleadhughadh;
agus an seisiugh lá re trosgadh ag na tuaithibh,
agus dá éis sin a n-athchuinghe d'iarraidh a ccionn an
seachtmhadh lá.



Agus do-rinneadh aig an rí sin amhuil do-níthí aige
na righthiobh eile, agus do ghuidheadar na sluaigh sin
an Dúileamhuin um iardhraoighe d'fhagháil do Rí na
Gaisgúinne do-ghéabhadh ríghe dá éis. Agus fuaradur
an athchuinghe sin go dearbhtha ó Dhia, agus dá
dhearbhadh sin, ní fada gur hairigheadh an ríoghan do


L. 43


bheith taobhthrom torrach agus a ccionn naoi míosa
do thuismidh gin mór muilleathan don rí. Agus
tángadar maithe agus móruaisle na críche dá iarraidh
rena altrom, agus níor fhaomh an t-ardrí d'aonduine
aca é. Agus d'iarr an rí a macaoimh agus a n-óigmhic-sin
do chur a bhfarradh a mhic fein dá n-oileamhuin,
agus do rinneadh amhlaidh sin. Agus do hoileadh go
huasal onórach é, nó gur mhionmheabhruighdar teanga
gacha tuaithe agus béarla gach críche agus gaisgeadh
gacha cinéil agus oileamhain gacha haicme, agus ní
ghairmthí énainm don ógmhac sin acht an Macaomh
Gníomharthach Gasgúinneach; agus an Mhacraidh
Ghníomharthach Ghasgúnnach do ghoirthí dá mhacraidh
do ghrés.



Do éirigh iar sin gal agus gaisgeadh an mhic sin
agus d'éirigh a uaisle agus a oineach agus a urradhus,
agus do ghabhastar cogadh agus cointinn ris na críochaibh
fá chomhneasa dhó. Agus ó nach roibh do chloinn aige
an rí acht an t-aonmhac sin, rob fhada ris na críochuibh
do bhí gan ríoghan a dhiongbhála do bheith aige. Agus
ro fhiafraigh cách go coitcheann cá bhfuigheadh ríoghan
a dhiongbhála, agus fuaradar a fhios go raibh inghean
óg áluinn a n-aontumha aige Rí na Buille Bradanaighe.
Ó do-chualaidh an Macámh Gníomharthach Gaisgúineach
iomthús na hinghine, do-chuaidh dá tochmharc, agus
rug deich ccéad macaomh mear móraigiontach do
mhacraidh na Gaisgúinne leis, agus tugastar do mhnaoi
agus do chaoimchéile í. Agus fuair crodh cainteach
congháireach leis an inghin, eadhón beann bhláitheagair
bhuabhaill, agus dob iad buadha na beinne sin, .i. an tráth
do sinntí í, ní bhíodh beathadhaigh écceannsaidhe
a ndiamhraibh, loccaibh nó a bhfásuighibh nach


L. 44


ttigeadh fá ghuth na beinne buaibhille sin; agus do
fuair coin áille iongantacha ó nach ttigeadh ainmhidhe
allta gan leadradh agus gan luathmharbhadh. Rob é
sin crodh mhic Rí na Gasgúine.
Agus tuccastar a bhean leis dá thigh don turas sin,
agus do rinneadh fleadh bhuanthiodhlaictheach bainnsi
leó annsin agus do suidhigheadh an dúnadh do gach
duine do réir a uaisle agus onóra. Agus do bhádar aig ól
is aig aoibhneas gurbho meisge meadhairchaoin iad, agus
ro thiodhlaiceadh ór agus ionnmhus agus iolmhaoine
aca iar sin d'fhileadhaibh agus d'ollamhainibh. Do
éirigh iomorro bollsaire san ccathraigh iar sin 'na cholamhain
chomhdhíreach, agus do fhiarfaigh:
"An bhfacabhair, a óga," ar sé, "cathair san chruine
bu fearr sluagh agus sochuidhe, ór agus airgiod dá
phronneadh, ceól, oirfideadh agus ealadh, adhbhar rí
agus iarla, iná an chathair si?"
Do éirigh neach oile san chathraigh agá chloistin
sin, agus adubhairt, gér mhaith an chathair sin go
raibhe dúnadh isin domhan ris nár chóir a cudrumadh .i.
dúnadh Ching Artúir mhic Iubhair .i. Airdrí an Domhain
uile, agus nár chóir cathair eile do chomhardadh rena
chathraigh, nó teaghlach rena theaghlach, agus nárbho
ri nó ríghdhamhna aoinneach san chruinne go comhlán
nó go mbeith bunadhus bliadhna ar teaghlach Rí
an Domhain. "Uair do-gheóbha oileamhuin gacha
hoiléin, béarla gacha críche agus teanga gacha tuaithe
agus gaisgeadh gacha cinéil do bhunadh isin mbaile sin,
agus féadaidh gach aon dá n-oiltear ann siubhal gach
críche go coitcheann, uair comhaltadha dá chéile mic
ríogh an domhain uadha. Agus ní fhaicim-si cúis
comhardaidh ag duine san domhan fris an rígh sin, uair
ní dhearnadh aonach ariamh ina bhaile nach beith
míle poball a n-íobhthaoi fíon ar fhaithche a chathrach,


L. 45


agus a n-éistfidhe ciúil, agus a mbronntaoi ór; agus níor
shuidhestar Cing Artúir ariamh gan trí chaoga cathaoir
ina chomhfhogas ina mbíodh pill chorcra agus siad fo
láimh do ghrés fá chomhair uasail agus airdríogh, co nach
éirgheadh neach as a ionadh urdhalta a mbíodh ré neach
eile. Agus giodh diongbhála bhar ndúnadh-sa agus giodh
calma bhar ccuraidh, ní fhaicim-si cúis bhar ccomharduidh
ris an dúnadh sin," ar an t-óglach.
Mur do-chualaidh an Macámh glanarmach Gaisgúinneach
na briathra sin do chan in t-óglach, adubhairt:
"A mhacraidh mheanmnach," ar sé, "déanaidh-se
comhnuidhe san chrích si feadh bliadhna, agus rachad-sa
beagán do mhnáibh agus drong do dheaghfhearuibh a
ccríochaibh buaináille Breatan, agus bied bliadhain isin
chrích sin agus do-ghéantar (ridire) dhíom. Agus ní hé
m'ainm féin bhus ainm dhamh acht Ridire na Sealga,
uair béarad mo bheann bhlátheagair bhuabhaill liom
don chur sa agus mo thrí coin, agus do-bhéraid a sáith
feólmhaigh agus fiadhaigh d'fhearuibh an domhain ris an
mbliadhain sin."
Agus do hullmhuigheadh long don ridire amhuil do
ordaigh féin agus do ghluaisiodar rompa fon samhla sin,
agus níor fhanadar nó go ranghadar i ccríochaibh beannghorma
Breatan. Agus do bhí aonach agá chommóradh
ag Airtuir an lá sin, uair ba bés bunaidh dhó gan a bheith
énlá gan oireachtus, agus do-chonnairc Cing Artúir an
bheagbhuidhean sin dá n-ionnsaighe gacha ndíreach.
Agus ar tteacht do láthair dáibh beannuighis cách díobh
don rígh, agus do fhreagair an rí go faoilidh iad. Agus
do shuidh an rí .i. Cing Artúir a ccathaír chumhachta,
agus do shuidheadar-san 'na fharradh, agus fhiarfaighas


L. 46


an rí sgéala dhíoph. Agus freagras an Macámh Gasgúinneach
é, agus aseadh adubhairt:
"Ridire misi," ar sé, "táinicc d'fhoghlaim gaisgidh
chugaibhse mur thigit mic ríogh an domhain. Agus
do chualas fós gurab í an chathair si cathair is fearr san
chruine, agus gurab í as fearr curaidh agas gaisgidhigh
agus aidhmeadha gaisgidh isin domhan, agus nach
ionluaite sluaigh isin domhan re slóightibh na cathrach
sa, iná teaghlach re teaghlach an deaghdhúnaidh si.
Agus isé is ainm dhamhsa Ridire na Sealga, agus isé
adhbhar an anma sin .i. buaidh fiadhaigh agus fianchosgair
atá air mo chonaibh agus ar an adhairc si fám
bhrághaid; óir an tan do-chluinit guth na glanadhairce
si freagrait na huile fhiadhach, agus ní théid ainmhidhe
beó ó na luathchonaibh si. Agus anfad féin bliadhain
isin mbaile si, agus do-bhéar a sáith fiadhaigh d'fhearaibh
an dúnaidh si agus dá mnáibh, dá leardhacht dá mbiaidh
siad, re ré na bliadhna sin."
"Ro-t-fiaidh buaidh agus beannacht," ar an rí. "Do-ghéabhair
grádh agus mórmhiadh isin ccathraigh si ar
do dheaghghníomhaibh."
Tugadh ionadh cobhsaidh comhnuidhe don Ridire
iar sin. Agus ar tteacht na maidne arna mhárach do
ghluais an Ridire do sheilg, agus do ghluais an rí cona
shluaighibh leis, agus ní raibhe énduine dá fheabhus nó
dá olcas aca nach bhfuair sé a sháith fiadhaigh agus
fianchosgair do thoradh na sealga sin. Ar n-iompódh
do chách ón tseilg do fhág siad Ridire na Sealga 'na
uathadh agus 'na aonar isin bhforaois, agus níorbho
cian dhó an tan ad-chonnairc agh áluinn allaidh dá
ionnsaighe, agus ní raibhe dath nó deallradh isin domhan
nach raibh innte.
"A Dhia uilechumhachtach," ar an macámh, "créd


L. 47


do-ghéan ris an ainmhidhe iongantach úd? Uair dá
léigear mo choin di, do-ghéabha sí bás leó agus dá légear
uaim í do-ghéabha bás dá grádh, agus ní chreidfidhe
mé dá innsin go bhfacas a leithid."
Agus is í comhairle ar ar chinn, a hionnsaighe, agus
do sgaoil a choin agus do léig ris an oigh iad agus níorbho
tarbha dhó an tromléigin sin, uair do-chuaidh sí ó na
conuibh gan chréachtnughadh. Do ghabh náire ádhbhalmhór
an Ridire ime sin, uair ba náir leis an agh do
léigean uadha, agus do iompóidh go tuirrseach dá thoigh
an oidhche sin.
Do éirigh go moch arna mhárach agus táinicc gusan
tulaigh céadna, agus táinicc Rí an Domhain cona
shluaghibh leis. Agus do shuidh an rí ar an tulaigh,
agus do shuidheadar a n-uaisle agus a n-ardmhaithe ina
thimchiall, agus fuaradar a sáith sealga ón Ridire an
lá sin. Agus tángadar dá ttighibh iar sin, agus do fhan
Ridire na Sealga 'na aonar dá n-éisi. Gairid dhó arna
fhágbháil agus é lán d'imshníomh, go bhfacaidh an agh
chéadna dá ionnsaighe gan mhoill. Adubhairt an
macámh:
"Níba tarbha dhuit a bheith ag síorleanmhuin oram,
uair ní léigeabh mo choin a ccuntabhairt leat, agus is
lór leam a bhfuaras d'esonóir uait."
Táinicc an agh a bhfogus dona conaibh annsin
agus ba mór an machtnadh leis an Ridire a dol uadha,
agus gidh eadh, do léig a choin ria ina coinne. Agus
níorbho tarbha an tóraidheacht sin uair do iompóidar
na coin gusan Ridire gan conách sealga, agus roba mór a
aithmhéala an lá sin iná an lá roimhe sin, agus do
iompóidh dá thigh. Agus do rugadar as an oidhche sin,
agus do bhí Ridire na Sealga lán d'aithmhéala agus
d'imshníomh.


L. 48


Agus do-chuaidh go fíormhoch an tres lá don fhoraois,
agus tugastair a bhréithir fíorlaoich go sirfeadh trí
fodhalranna an domhain don té thug náire dhá chonaibh
nó go bhfaghadh é. Agus do mharbhastar feólmhach
do na fearaibh an lá sin, agus do imgheadar dá ttigh
iar sin, agus do fhan Ridire na Sealga isin bhforaois.
Agus do-chonnairc an agh chéadna chuige agus do
léigiostar a choin ina ceartaghaidh. Agus do lean an
Ridire go dícheallach iad nó go ttarla dhó isin bhforaois
lubhghort fíoráluinn (agus) bruidhean ilghréasach ghormfhuinneógach
innte. Agus do ionnsaigh an Ridire an
bhruidhean sin go hathlamh, agus do-chonnairc inghean
mhín mhacánta mhongbhuidhe agus brat sgiamhach
scoithreamhail sgárlóide impe agus léine do shról lánmhaiseach
re grian a geilchnis agus fleasg fhada fionnairgid
fána folt, agus í ina suidhe ar chosaibh na
hiomdhaidhe agus a hardleaptha. Do fhearastar an
inghean fíorchaoin fáilte go friochnamhach fris an
Macámh ina ainm agus ina uasalshloinneadh, agus
adubhairt an inghean go faoilidh fris:
"As misi atá tú do sheilg agus d'fhiadhach leis na trí
laithibh si, agus ní fhacus fiadhach dob annsa liom iná
bheith ag féchain do dheilbhe. Agus as air théighinn
isan riocht úd .i. searc agus síorghrádh tugas duit,
agus ní tré chion cuirp nó colla tugus an grádh sin,"
ar sí, "agus do-ghéabhair seóid, maoine agus mathus
uaim an gcéin bhus áil leat anmhuin agam."
Do fhan an Ridire ag an inghin nó go ttáinicc fuinne
neóill nóna agus do-chuaidh dá thigh féin an oidhche
sin. Agus do éirigh go moch arna mhárach agus dochuaidh
go háittreibh na hinghine agus do bhí ann go
deireadh an lae, agus do-chuaidh dá thigh iar sin. Agus
do bhíodh seacht laithe na seachtmhaine ag adhradh


L. 49


don inghin agus ag dol don bhforaois agus ag teacht
gacha nóna dá thigh féin.
As annsin do mheas bean Ridire na Sealga gur bean
do bhí aige agus gurab dá hionnsaighe do théigheadh
gach laoi. Agus do lean sí an Ridire gan fhios dó féin
ar a dhruim, agus ráinicc isin mbruidhin a raibh an
inghean: As annsin do éirigh an inghean do bhí isin
mbruidhin, agus do fhear fáilte re mnaoi an Ridire:
"Mo chion do thoidheacht," ar sí, "agus is a n-iarmháracht
do chéile tángais."
"Ní cubhaidh leamsa iarmhóracht do dhénamh," ar
an inghean, "ar son nach bhfuil a fhios sin agadsa."
Iomthús mhná na bruidhne, do ghrádhaigh bean an
Ridire go mór í, agus ba amhlaidh sin disi, níor lugha
a grádh do mhnaoi an Ridire, agus adubhairt fria:
"As briathar dhamhsa," ar sí, "nach rabhas aige
fear d'fhearuibh an domhain iná ag t'fhear-sa go háiridhe.
Agus an áil libhse an fhoraois d'fhágbháil?" ar sí,
"agus madh áil libh, rachad-si libh d'ionnsaighe bhar
n-adhbhadh féin."
"As áil iomorro", ar an Ridire, "uair dá bhfantá-sa
do anfamaois-ne, agus uair bhus áil leatsa tiocfamaoid-ne
agus tusa dochum fiadhaigh na foraoisi agus dochum na
bruidhne si."
Do ghluaisiedar as an bhforaois dochum an aonaigh
mur a roibh Cing Artúir, agus do shuidh an inghean
anaithnidh ar ghualainn deis Rí an Domhain. Agus do
fhiafraigh an rí sgéla don inghin, agus adubhairt an
inghion:
"Ní d'innsin sgél tháinic (mé) acht d'fhéachain an
deaghdhúinidh si, agus do bhreith aithne ar bhar
mbantracht-si, agus ar céilidhe dochum bhar ccaoimh-shluaigh-si."
Agus ba haoibhneas meanma agus aigionnta leis na


L. 50


sluaghaibh a féachain agus éisteacht rena briathraibh
binne deaghchomhráiteacha banamhla, agus géar mhór
grádh na hinghine aige na deaghfhearuibh robu mó a
grádh aige an mbantracht sin an bhaile. Bliadhain di
ar an mBord Chruinn amhlaidh sin. Ar ghualainn Rí
an Domhain do chaitheadh a cuid ris an mbliadhain sin
agus a mbruidhin Ridire na Sealga do chodladh do
ghrés, agus do thidhlaiceadh sí ór agus airgead go mór
ris an mbliadhain sin. Agus do-rinne léine álainn
ilghrésach dá compánach agus dá fear éntoighe, eadhón
do Ridire na Sealga, agus dob iad so buadha na bláith-léineadh
so .i. gan guin arm agus gan aimseachadh uisge
agus gan treaghdadh tineadh do bhuain ris an té fá
mbiadh. Agus do hinnseadh d'Artúir buadha na léineadh
sin do thiodhailc an inghean. Agus adubhairt inghion
Rí na Buille rena mhnaoi chumainn:
"Dámadh liom-sa an léine," ar sí, "is duitsi do-bhérainn
í dot choimhéad ar urchóidibh anaitheanta."
"Is cumaoin," ar an inghean, "an rún do cheilfinn-si
ar sluaghaibh an domhain go comhlán, ní cheilfinn
ortsa é."
"Ní shaoilim-si drochrún no deaghrún do bheith agad
gan a fhios do bheith agam féin," ar an inghean.
"A inghean Rí na Buille, is beag atá dot éagmhais
de," ar an inghean, "agus an mhéid atá ní bhiaidh. Agus
ní bhfuil san domhan neach dá n-inneósainn é acht
thusa at aonar, agus dár ndóigh ní léigim a leas (a) aithne
dhíot gan a innsi do neach oile go bráth."
"Truaigh sin!" ar inghion Rí na Buille, "is ionann
liom is mé dá innsi an uiread sin d'amhras do dhénamh
oram."
"Más eadh," ar an inghean, "atá leasainm dom leanmhuin-si,
agus ní cheilfe (mé) ortsa é. Agus isé as
leasainm dhamh, Iosgaid Liath dá rádha liom, agus isé


L. 51


adhbhar an leasanma sin .i. tom liath atá a mbacán
m'iosgaide agus ní dheargaid reanna nó faobhair fair,
agus ní bhfuil san domhan neach do chífeadh é nach
ttiubhradh fuath fíoradhbhal damh dá bhfaiceadh é."
"Mairg adubhairt sin!" ar inghean Rí na Buille,
"agus is doiligh linn a fhios sin d'fhagháil."
"Truaigh," ar sisi, "an tír iná an talamh a bhfaghthar
a fhios súd oramsa! Fágbhuim an fearann sin go
fíoraibéil. Agus ná luaidh-si an sgéal sin lioms nó
re daoinibh eile."
Agus tug inghean Rí na Buille a luighe nach déanadh
go bráth.
Do imgheadar na mná sin isin maidin iaramh, agus
do shuidh an inghean ar ghualainn Rígh an Domhain,
agus do-chuaidh inghean Ríogh na Buille mur a roibhe
bunadhus an bhantrachta:
"Créd an chuairt ainmhinic si ar an inghin si Rí
na Buille?" ar an bhantracht. "Uair an bhliadhain atá
isin mbaile si ní thángais ar cuairt chugainne gus
anois."
Adubhairt inghion Ching Artúir fria:
"Ní maith do chuir céilidhe do chumpánaigh linne
.i. do bhean éntighe, uair ní háil lér bhfearuibh sinn
féin d'fhaicsin ó tháinicc sí don bhaile si."
"Do imigh ar ccuid don chuintinn sin oruinne,"
ar inghean Rí na Buille. "Más eadh, créd in luach do-bhéaradh
sibhse dhamhsa dá ccoisginn an doghráinn
sin díbh?"
"Ní bhfuil sin ar domhan luach, agus a bheith
againne, nach bhfuighir," ar siad.
"Más eadh," ar sí, "atáid sgéala na mná sin agamsa
díbh. Atá leasainm ag leanmhain na mná sin, agus
fágbhaidh sí gach ionadh a ttabharthar urrtha é. Agus
is é fáth an anma sin .i. tom liath atá ina hiosgaid, agus
Iosgaid Liath a leasainm ime sin. Agus ní ghearraid


L. 52


reanna ináid faobhair énruibe don gharbhfholt sin, agus
gach aon do-chloin nó do-chí é do-bheirid fuath a n-anma
dhí. Agus dénmaoid-ne a n-aoinfheacht do thubha an
anma sin fria, agus tabhram náire dhí a bhfiadhnaise an
rí agus an teaghlaigh. Agus abradh inghean Rí na
hAntuaithe .i. bean Sir Bhalbhuaidh de Cornabas, gurab
olc céilidhe Iosgaide Léithe ar an mBórd Chruinn, agus
déaramaid-ne a n-aoinfheacht an céadna."
As annsin (do) éirgheadar na mná míorúnacha go
hairm a mbaoi an inghean, agus do shuidh bean Sir
Bhalbhuaidh ar ghualainn Rígh an Dhomhain. Agus
do shuidheadar an bhantracht agus do iarradar éisteacht
friú, agus do héisteadh. Adubhairt bean Síor Bhalbhuaidh
do ghuth ardmhór fhollasghlan a bhfiadhnaise an rí
agus an teaghlaigh:
"Bean táinicc don bhaile si," ar sí, "agus atá sí
bliadhain ann, agus ní raibhe bean dhínn aige a fear féin
ris an mbliadhain sin; agus ní dhéanaid áinios nó
iomagallamh frinn agus ní iompóighoid a n-aighthe linn
do ghrádh na hinghine sin at arradh, a Artúir, agus
atá sí agár milleadh go mór mur do mhill sí mórán do
mhnáibh an domhain. Agus dá bhfeastá-sa agus do
theaghlach, a Artúir, an t-ainm fil orrtha agus an fáth
fá a bhfuil an t-ainm sin, ní thiubharthá taobhadh fria,
dóigh tum do fhionnfadh gharbhliath ina leith-iosgaid
agus gach aon do-chí nó do-chluin é do-bheirid miosgais
lánadhbhal agus mórfhuath dhí, agus Iosgaid Liath a
leasainm ime sin."
Mur do-chualaidh an bhanntracht sin do labhradar,
agus iseadh adubhradar:
"As olc céilidhe Iosgaide Léithe ar an mBórd Chruinn
do bhuain ar bhfear dhínne!"
Mur do-chualaidh an inghean an comhrádh sin ón


L. 53


mbantracht do-rinneadh ronuall corcra ó bhonn go bathais
dí, agus do chuir a huille ar ghlún an airdríogh agus do
dhúineastar a dorn deas agus do bhuail bean Sior
Bhalbhuaidh don dorn sin goro bhris a dlúthdhéada
mun a chéile. Agus adubhairt an inghean:
"A Ching Artúir," ar sí, "an bhfaiceann tú énduine
adéaradh nár chóir an dorn úd do bhuladh? Agus
dá bhfaictheá, do thiocfadh a cheann dá cholainn. Agus,
a Artúir," ar sí, "fuarus féin náire adhbhalmhór aguibhsi,
agus dámadh ó fhearuibh do thiocfadh a tabhairt
dhamh do bheidís gan mhná, agus ós ó mhnáibh do
fuarus náire beid na mná gan fheara. Agus, a Artúir,"
ar sí, "do-bhéar-sa taisbéanadh dhíbhsi don athuis
adubhradh do bheith oram, agus tabhraidh-si ar bhar
mnáibh taisbénadh do thabhairt ina aghaidh."
Is annsin do éirigh an inghean agus do thógaibh a
héadach tar a hiosgaidibh suas, agus géarbh áluinn a cos
roimpe dob áille ina diaidh go mór í, agus gach duine
nach ttug grádh anma dhí roimhe sin tugasdar grádh
adhbhal an uair sin (di).
"A Ching Artúir," ar an inghean, "tabhair an bhanntracht
chugainn go bhfaicmís deireadh gach deaghmhná
dhíobh."
Agus tugadh do láthair iad, agus dob éigion dáibh
éirghe athlamh urédrom do dhénimh a bhfiadhnaise na
sluagh. Agus do thógbhadar a n-éduighe go hárd tar a
n-iosgaidibh, agus ní raibh bean dá huaisle nó dá honóraighe
aca nach raibh tom liath a mbél iosgaide gacha
mná dhíobh.
"A Ching Artúir," ar an inghean "fuarus féin náire
adhbhalmhór agaibh-si, agus an t-ainm do hinnseadh
díbhse do bheith oramsa níorbh é sin m'ainm a ttigh
Salibearna, nó a ttigh Ghruagaigh an Mhonaidh, nó a
ttigh Láimhe Láidre. Agus, a Artúir," ar an inghean,


L. 54


"budh maith agus budh saith do mhórán ar dheireadh
domhain an náire si fuarus aguibhsi. Agus fágbhuim do
bhuaidhaibh ar an sgél si, trésan náire adhbhalmhór sa
fuairus, coimhdhi bliadhna do gach aon agus éisteacht
ris, agus gach neach dá n-éistfidh biaidh rath cloinne
agus conáigh air. Agus ní bhiaidh an sgéal sa aon-aoidhche
go deireadh an domhain gan deich ccéad agá
chomhiarraidh re a éisteacht, agus giodh náir dhamhsa
an drochsgéal sa budh oirrdhearc mé tríd ar deireadh
an domhain."
Agus adubhairt an laoidh mur so síosana:




Budh oirrdheirc mo chéilidhe
ar an mBórd Chruinn gan chealga,
dá ttugas grádh éccmhaisi
do Ridire na Sealga.



A riocht oighe allaidhe
tánac chuige ina fhoraois;
as uime do thángas-sa
gurbh é mo chéile comhaois.



Do bhámur a n-énsheomra
misi 's a bhean re bliadhain;
do chumas dó caoimhléine
a n-ionadh álainn dhiamhair.



Sgél beag tré chúis mhiosgaisi
do chuir oramsa a chéile:
go roibh a mbél m'iosgaide
tom d'fhionnfadh ba lór léithe.



Giodh oirrdheirc mo chomhainm-si
thiar a n-iarthar an domhain,
níorbh é sin mo chomhainm-si
a ttigh Ghruagaigh an Mhonaidh.


L. 55


Giodh oirrdheirc an forainm-si
a n-iarthar Innsi hEalga,
níorbh é sin mo chomhainm-si
a ttigh Rí Saile-bearna.



Go teach Láimhe Láidire
rachaidh misi rem éagnach;
bead a n-ionadh áirighthe
mur a ccomhreóc is Céadach.



Giodh oirrdheirc mo chéilidhe,
ní sochuidhe ro chuala;
ní badh hiomdha ar mh'éisi-si
neach agá mbéidh a buadha.



Giodhbé teach nua a n-innisthear
mo chéilidhe tré chéaduibh,
marbh as nocha n-imeóchaidh,
ní bhiaidh gan bhiadh gan éadach.



Giodhbé chluin mo chéilidhe,
coimhdhe bliadhna gan bhréige,
's inneósas dár n-éisi-ne
céilidhe Iosgaide Léithe.



Ar láimh rí nó ridire,
ar ghualainn rí nó flatha,
ann dleaghar a hinnisin
's gan bheith gan éadach datha.



Tiocfaidh sunn dom iarraidh-si
laoch réimhidhe as maith oirbheirt,
ulcha air go ngnéghile,
('s é) cumthach uasal oirrdheirc.




A haithle na laoidhe sin adubhairt an inghean:
"A mhná," ar sí, "giodh náir dhamhsa a ndubhrabhair


L. 56


bú mór a dhiombuaidh dhíbhsi. Agus fágbhaim-si
d'onóir agus d'airmhidin ar mo chéilidhe gurab air láimh
ríogh nó ridire nó rofhlatha, nó a n-édaighibh datha
inneóstar í. Agus giodhbé rí nó rofhlaith dá ccluinfe
mo chéilidhe ag dol ar toisg nó ar tromionnsaighe,
budh soirbh dhó a shéd agus a shiubhal gan amhras.
Agus, a mhná," ar an inghean, "ní bhfuil do bhuadhaibh
maithe dhamhsa dhe nach bhfuil do dhrochbhuadhaibh
dhíbhsi, uair is bantracht gan ágh, gan amhaintear, gan
fhearchéile sibh, óir is briathar dhamhsa nach biaidh
a fear féin nó fear eile go bruinne an bhrátha agus go
forcheann an bheatha ag énmhnaoi agaibh."
Goirid dóibh a haithle na hiomagallmha sin go
bhfacadar chuca isin bhfaithche dá n-ionnsaighe carbad
álainn iongantach órdhaidhe, agus pobal uasal ilghréasach
arna chórughadh ós cionn an charbaid, agus trí heich
áille iongantacha chruinne go srianuibh órdhaidhe ag
iomchar an charabáid sin agus gruagach deas deagh-dhéanmhach
ag brodadh an chairbáid agus na heachraidhe,
agus do anasdair 'na chomhnuidhe ar lár na faithche.
Iomthúsa na hinghine ó 'd-chonnairc an gruagach do
éirigheasdair go hathlamh uirésgaidh agá fhaicsin, agus
do ráidh:
"A Artúir, atá annsúd an té do dhíogheólas mo
dhímhiadh féin dá ccluineadh sé an náire adhbhalmhór
fuarus, agus dom chubhuis! do-ghéabhdís na múir a
milleadh agus na dúin a ndíonsgaoileadh. Agus, a Ching
Artúir," ar sí, "éirigh-si agus maithe do mhuintire leamsa
go ndeachmaois d'agallaimh an ghruagaigh."
Agus do éirgheadar cách go coitcheann a ccoimheadacht
an ríogh agus do-chuadar d'ionnsaighe an ghruagaigh.
Agus do-chuaidh an inghean rompa isin bpobal,
agus rángadar-san 'na diaidh. Agus do-chonncadar-san
isin bpobal óglach álainn ildhealbhach agus cathbharr


L. 57


ilghréasach órdhaidhe fána cheann, agus lég loinneardha
lóghmhar a cceartmhullach an chathbhairr, agus cotún
álainn órshnáithe im chorp an churaidh, agus dreach
ríoghdha ruitheanta ag an óglach; agus do iadhasdair an
inghean a dá láimh leabhra lánáille fá bhrághuid an
óglaigh agus do phógastar go foisdineach é. Agus do
fhiafraigh an gruagach don inghin:
"An buidheach thú dot chuairt agus dot chéilidhe isin
chathraigh si, a inghin?" ar sé.
"As buidheach agus ní robhuidheach, as diombuidheach
agus ní rodhimbuidheach," ar an inghean.
"Cionnas sin, a inghin?" ar an gruagach.
"As buidheach dá bhfearaibh mé agus ní buidheach
dá mnáibh mé," ar an inghean, "uair do imdheargsat
mé gan ádhbhar. Agus ní rodhiomdhach mé tríd sin,
uair is dúthcha dáibh drochní do dhéanamh iná ní maith,
agus a ndearnsat orm do dhíoghlus orra é, agus an mhéid
nár dhíoghlus dígheóltar go fírinneach é. Agus, a oide
ionmhuin," ar sí, "ná dén fearg re fearaibh an dúnaidh si,
uair is maith a modha agus a mbéasa."
Ro ráidh Artúir iar sin:
"A inghean," ar sé, "abair ris an óglach teacht isin
dúnadh."
"Agus is briathar dhamhsa," ar sí, "nár chaith an
t-óglach úd biadh nó deoch ariamh gan ór arna amhladh
ina thimcheall isin chathraigh a mbíodh, agus ní bhfuil
teadhais órdhaidhe agadsa dhó. Agus an-sa a bhfarradh
an airdrígh," ar an inghean, "go ndeachainn-si do chórughadh
na cathracha."
Do imigh an inghean iar sin do chórughadh na
cathracha agus táinicc tar éis a chóirighthe ar cheann
an óglaigh agus cáich go coitcheann, agus níor fháguibh
an bhanntracht gan a mbreith isin mbruidhin. Agus is
amhlaidh fuaradar an chathair ar a ccionn .i. a dhá ttrian


L. 58


arna córughadh do chlochaibh criostail agus carrmhogail
agus do léguibh lánmhaiseacha lóghmhara arna niamhadh
do dheargór dhaithálainn, agus an treas trian gan
niamhadh ón inghin. Do chuir sí iar sin an t-óglach
anaithnidh a n-ionadh ríogh, agus Artúir a n-ionadh
airdrígh, agus cách ó sin amach ina n-ionadhuibh cuibhdhe
comhaoisi isin ccathraigh sin, agus an trian d'fháguibh
an inghean gan córughadh don chathraigh do chuir na
hingheana ann. Agus ar ccaitheamh forgla a ccoda
dhóibh do iarr an inghean éisteacht fria agus adubhairt
do ghuth árdmhór fhollasghlan mhionfhoclach:
"A uaisle agus a ardmhaithe," ar sí, "táncas-sa air
cuairt agus ar céilidhe chugaibhsi agus fuairus náire
adhbhalmhór agaibh, a bhanntrocht liosta labharthach
an bhaile si, agus is briathar dhamhsi nach biaidh a
fear féin nó fear eile ag énmhnaoi aguibh go bruinne
bhrátha agus beatha. Agus ní bheithi-si gan mná,"
ar sí, "uair giodh iomdha bhar sluagh agus bhar sochuidhe
do fhéadfainn-si a sháith do mhnaoi dhílis d'fhagháil do
gach fear aguibh, agus ní headh amháin, acht atá sáith
Rí an Domhain ar uaisle agus ar fholaidhacht an gach
énmhnaoi díobh. Agus, a Ardrí an Domhain," ar sí,
"as lia bean ar mo bhantracht féin iná fear ar do theaghlach-sa,
agus do-bhéar-sa chugaibh bantracht bhus fearr
iná bhar mbantracht féin agus bhus fearr rún agus
fírinne iná iad."
Agus adubhairt an laoidh mur so síos:




Ní maith rún bhar mbantrachta,
a theaghlach Artúir uasail,
giodh cródha bhar ccalmacht-sa,
sibhsi gan bhar sáith nuachair.



Don bhanntrocht lonn liosta-sa
má do rádhas rún bréige,
dhá n-éis do fríth m'iosgaid-si
gan fionnfadh liath gan léithe.


L. 59


Gach bean chluin mo chéilidhe
's nach mailleóchaidh an bhantracht,
nárab soirbh a seaghaidhe,
nár fhagha fear nó fearrdhacht.



Inghean Dáire Dhoinnsgiathaigh
Ailleann Daithgheal adeirim,
teach m'athar a ndobhliadhain,
ní fríth bruidhean bú fearr inneall.



Séadna Súlghlas sáirghéagach
mo dhearbhbhráthair gan duibhe,
Céadach, fear deas deaghdhéanmhach,
leis bheirthar buaidh gach cluiche.



Bean uaim dá gach énduine
agá bhfuil bean san mbruidhin,
luach mo chuarta céilidhe
ar an mBord Chruinn gan chuireadh.



Go teach rí na roshealga
tiucfaidh liom as a haithle;
béid bhar mná go drochmheanmnach,
oram ní thugsat aithne.




"As fearr dhamhsa mo sgéala féin d'innsin duibhsi,
a uaisle agus a airdmhaithe," ar sí. "Inghean Dáire
Dhoinnsgiathaigh misi, a Artúir," ar an inghean, "agus
is é an Dáire sin Rí na Cruitheantuaithe. Agus is uime
ghairthear an forainm sin de .i. sgiath donn dathálainn
atá aige arna niamhadh d'ór thíre na hAráipe agus ní
ghontar fúithe, tríthe nó tairisi ar a tighearna, agus
budh maidhm roimpe ann gach conair a ttéid a ttreas
nó a tteagbháil, agus is í as áille do sgiathaibh an domhain.


L. 60


Agus níor cuireadh a n-airde an tromsgiath sin ariamh
gan deich ccéad sgiath 'na timchiall agá tógbháil. Agus
is í as bean don rí sin, Rathleann inghean Ioruaidhe,
inghean Rí Inse Tile, agus is í as máthair dhamhsa.
Agus ní bhfuil do chloinn aige acht aonmhac agus misi,
agus d'éntoirbheirt rugadh sinn araon. Agus an tráth
do bhí an ríoghain taobhthrom torrach do shir an rí
rathmhur sin ar do ghualainn, a Artúir, an torrcheas
sin do thabhairt dó féin dá altrom, agus go hiomhadh
dhó é. Agus do rug an ríoghain sin dís don torcheas
sin .i. misi agus an t-aonmhac is fearr atá fo thrí fodhailreanna
an bheatha .i. Séadna Súilghlas mac Dháire
Dhoinnsgiathaigh. Agus Ailleann Daithgheal m'ainm-si,
agus Rí Salabearna ar n-oide araon, agus ag sin ar do
ghualainn é, a Artúir. Agus Gruagach an Mhonaidh
ainm eile dhó, uair ní bhfuil san chruinne cumhachtaidh
is fearr iná é, agus is é adhbhar an anma sin, uair gach
monadh is áil leis do dhéanamh do-ní sé é do bharraibh
crann agus do fhér na faithche, do thaobh na talmhan,
ionnas go bhféadann sé fir na talmhan do cheannach
ar ór agus ar ionmhus ar énláthair. Agus dá ttíosadh
a dhá dhóid fán ccruinne go comhlán do chuirfeadh
an leith síos suas agus an leith suas síos, agus is
uime sin deirthar Lámh Láidir ris, an uair is comhmór
a chumhachta a bfhrithaibh na firmameinte agus eidir
néallaibh nimhe, agus is trén ar arrachtuibh Iffrinn ann
gach uile chrích san ccruinne go comhlán an gruagach
sin. Agus ní bhfuil do chloinn aige acht aoninghean
namá .i. Bé Thuinne, agus is bean dom bhantrachtsa
an inghean sin. Agus dar do láimh-si, a Ching Artúir,
atá fiche céad bean um' bhantracht-sa agus diongbhála
gach deaghrí isin domhan do bhanchéile an gach mhnaoi
díoph fo leith. Agus atá mo rogha céile isin ccruinne
ar mo chumas féin, agus fós, is mé an treas duine is mó
cumhachta san domhan .i. misi agus Gruagach an


L. 61


Mhonaidh agus Séadna Súlghlas; agus do measadh nach
roibh san domhan uile énmhacámh dob oirdheirce nó
Séadna Súilghlas agus nach raibh éninghean san domhan
bu mó bladh agus buanteist iná misi. Agus inneósad
díbhsi adhbhar mo chuarta ar an mBórd Cruinn."
"Inneosa misi fáth do chuarta," ar an Gruagach.
Dalta dhamhsa an inghean sin ar do ghualainn, a
Artúir," ar an Gruagach, ".i. Ailleann Dathgheal, inghean
Dáire Dhoinnsgiathaigh, agus d'fhiafraighdar sluaigh Inse
Tile agus sluagh críche na Cruitheantuaidhe agus maithe
agus móruaisle chríche Salabearna an raibhe a hénsháith
d'fhear nó d'fhírchéile a ccríochaibh na Cruitheantuaithe
go coitcheanna. Agus táinicc do neach díobhtha sin do
rádha go raibh rí a ccríochaibh na Cruitheantuaithe
go coitcheanna. Agus táinicc do neach díobhtha sin do
rádha go raibh rí a ccríochaibh Mara tTorrian dá ngoirthí
an Donn Díormhach, agus nach raibh a ccríochaibh an
domhain mhóir tighearna bu mó teaghlach agus tromthinól
iná in rí sin:
"Uair atáid seacht ndoirsi ar a dhúnadh agus an
tráth théid an Donn Díormhach anna charbad teaguid
ceithre chaogad carbad tré gach ndoras díobhtha sin,
agus trí heich fo gach carbad dhíobh, agus triar trénfhear
an gach carbad; agus ceithre heich fo charbad an Doinn
Díormhaigh féin agus comhdheas dáibh muir agus tír
do shiubhal. Agus ní bhfuil do chloinn aige an Donn
Díormhach acht aoninghean agus énmhac, agus ní bhfuil
san ccruinne dís is fearr deilbh agus déanamh iná an dias
sin, eadhón, Céadach Crithirdhéadach comhainm an mhic
sin agus Dathchaoimh ainm na hinghine. Agus atáid
seóid iomdha aig an mhac sin, agus is díobhtha cláirseach
cheólbhinn chaointédach agus rogha gacha seanama san
ccruinne éisteacht fria, agus is do bhuadhaibh na
cláirsighe sin, gach aon ghlacas í a sháith seanma do
bheith aige dá héis. Agus créd fá mbiadh bean san


L. 62


chruinne nach biadh (a) diongbhála d'aonfhear a n-énmhac
an Doinn Díormhaigh?"
Agus do roich an comhrádh sin a n-aigiontuibh na
n-uasalríogh, agus do mholadar go mór an cleamhnus sin
do dhéanamh. Agus rángadar na ráite sin a ccrích na
cCaolach, agus do-chuaidh Céadach Crithirdhéadach a
ccarbad (a) athara féin .i. a ccarbad an Doinn Díormhaigh,
agus níor fanadh leis go ráinicc go teach Dháire Dhonnsgiathaigh
a riocht deighfhir dána agus ardollamhan,
agus ro haithnigheadh an t-ardmhílidh aca. Agus do
ghrádhuigh an fear sin inghean an airdrí, agus do char
cách an cleamhnus gan chuntabhairt."
"Is fíor a n-abair an Gruagach," ar an inghean.
"Agus tarr-sa leamsa, (a) Artúir," ar an inghean, "go
Mainistear na Marbh agus do-ghébhair céilidhe agam
bhus fearr iná an céilidhe fuarus féin agadsa, a ardrí.
Agus do-ghéabhair deaghbhean a n-ionadh do dhrochmhná
.i. bean as fearr deilbh agus dénimh san domhan
.i. Dathchaoimh inghean an Doinn Díormhaigh. Agus
do-bhéar-sa bean do gach fear dot theaghlach, agus ní
thiobhra fear grádh do mhnaoi aroile, agus ní thiobhra
bean grádh d'fhear aroile díobhtha. Agus, a mhná úd
thall, dénaidh go dubhach dobhrónach anocht isin
mbruidhin so, agus ní bhiaidh sibh énoidhche isin
mbruidhin sa ó nocht go ttí an bráth; agus déanadh
bhur bhfir go súgach," ar an inghean, "agus béarad-sa
amárach sibh mur a bhfuighthí mná míngheala móraigiontacha
agus ríoghna corpreamhra, agus seóid,
maoine agus maitheasa; agus ní bhiaidh imshníomh lóin
nó leasuighthe ar bhar laochaibh."
Agus rugadar as an aoidhche sin agus d'éirgheadar
go moch arna mhárach go móraigiontach. Agus do
éirigh Rí an Domhain agus ro ghabh a chulaidh aisdir


L. 63


agus imtheachta ime. Agus do-rinne an teaghlach mur
an ccéadna, agus d'ionnsoighdar a longa agus a luathbhárca
go lánurlamh.
Agus do-chonncadar na féinneadha sin fiodhbhaidh
álainn uatha agus a barr ar lasadh uile.
"Créd súd, a inghin?" ar Artúir.
"Magh na cColl Corcra súd," ar an inghean, "agus
Magh an Toraidh ainm eile dhó, uair fásaidh trí fiodhbhaidhe
ar an mhagh úd .i. coill chorcra, agus fiodhbhaidh
sin ar a mbí mur feadh láimhe laoich dá gach énchnaoi
uirre; agus fiodhbhaidh álainn fíneamhna ós ceann na
ccoll ccorcra; agus fiodhbhaidh eile mur chéir chorcra
ós a cceann sin d'anacal an dá choilleadh ar dearthain
agus ar doininn."
Agus rángadar a ttír go tinneasnach agus (do) chaitheadar
gan toirrsi ní do thoirthibh na ccoll ccorcra,
agus ba subhach na sluaigh óna searchnaibh sin uair do
bhí blas meala agus sásadh deighbhídh ar na torrthibh
sin. Agus (do) fhágbhadar an magh sin dá n-éis agus
do-chonncadar tulach ard uraoibhinn ina ccomhghar,
agus do shuidheadar na sluaigh ar taobh na tulacha.
Agus do bhádar ag féachain ina ttimchial agus do-chonncadar
damh iongantach allaidh dá n-ionnsaighe
agus dá bhéinn álainn órdhaidhe air, agus ceithre beanna
fichead ar gach mbinn díobh, agus do rachadh fear gan
chromadh eidir gach dá chuirr don damh allaidh sin.
Agus do ionnsaigh an tulach ar a bhfacaidh na sluaigh
ina suidhe; agus do léigiodar na sluaigh uile a ccoin
'na cheartaghaidh. Agus do fhan an damh ris na conaibh,
agus do thógbhadh cú ar gach béinn do na ceithre
beannaibh fichead do bhí fair, agus do chroith na coin
fána chluasaibh, agus do mhill na deaghchoin go
míchéillidh. Agus ní dheachaidh cú díchill nó dearmaid
ón damh gan mhilleadh díobh. Agus do chaitheadar na


L. 64


sluaigh a sleagha a n-aoinfheacht ris an damh, agus do
bhris an damh na hairm gan fhuireach. Do labhair
Cing Artúir agas aseadh adubhairt:
"Do milleadh ar ccoin, agus atámoid a n-éagmhais
ar n-arm, agus, a Ailleann Dathgheal, ní maith an turas
a ttángamar."
"Giodh olc leatsa sin, ní measa leat é iná liomsa an
náire fuairus ar an mBord Chruinn"; agus adubhairt
an inghean iar sin, "Tiagham isin mainistir," ar sí.
Agus tiaghaid na sluaigh lé iar sin agus do-chonncadar
an bile buadha ar fosadhlár na faithche a
ndorus na mainistreach agus eóin áille ar an mbile sin
ag canamhuin ciúil do n sluagha, agus rogha gach
ceóil an ceól sin. Agus do bhádar na sluaigh agá éisteacht
a bhfad, agus tug Gruagach an Mhonaidh a rogha mná
do gach aon do na huaislibh. Agus tug Artúir grádh
anma d'inghin an Doinn Díormhaigh, agus tug Sior
Balbhuaidh grádh d'inghin Ghruagaigh an Mhonaidh.
"Fágbhaidh an bhruidhean," ar Ailleann Dathgheal.
Tiaghaid na sluaigh as an mbruidhin agus suidhitt
ar an tulaigh chéadna. Agus do fhan an inghean agus
Gruagach an Mhonaidh isin ccathraigh agus do choisgeadar
an ceól, agus do leansat na sluaigh as a haithle.
Agus adubhairt Gruagach an Mhonaidh rena mhuinntir:
"A uaisle agus (a) ardmhaithe," ar sé, "atá Rí an
Domhain ar tteacht d'iarraidh Dathchaoimhe inghine
an Doinn Díormhaigh don turus sa, agus atáid ar Magh
na cColl Corcra."
As annsin do éirgheadar na sluaigh sin go hathlamh
uiréasgaidh mur a roibh Cing Artúir cona mhuinntir,
agus níor mhó an grádh tugastar a ccéadmhná dháibh
ná mná na cathracha sin, agus ba mó grádh Dathchaoimhe
inghine an Doinn Díormhaigh ar Artúir. Is


L. 65


annsin do-chonncadar bél uamha uatha agus cúig chéd
cat do chataibh fionnfadhacha forghránna ag teacht tar
dhorusbhél na huamhadh sin amach, agus níor mhó
torc trebhliadhnach iná gach cat díobh, agus drúcht
fola ar gach aonruainne dá bhfionnfadh.
"Créd iad na huilc úd, a óga?" ar Artúir.
"Ní bhfuil a fhios againne créd iad," ar cách,
"acht dar linn gur cait iad."
Do-chuadar cúig céad ridire do chomhrac ris na
cataibh, agus níor tharbha dhóibh uair ní dheargaidís
na sleagha ináid na ccloidhmhe ar énchat díobhtha, agus
an crobh do-bheireadh cat díobhtha ar fhear aca do
léigeadh a abach agus ionathar as ar lár 'na bhfiadhnoisi.
Rugadar na cait a ccuirp leó san uamhaidh.
"An olc leat, a Artúir, oidheadh do mhuinteara?"
ar an inghean.
"Is olc go deimhin," ar Artúir.
"Gidh eadh," ar an inghean, "is olc liomsa an náire
fuarus ar an mBórd Chruinn."
Do-chonncadar 'na dhiaidh sin sé chéad sárlár
groighe as an uamhaidh chéadna, agus fá cíordhubh
crimneach iad, agus gan ruainne fuilt nó fionnfaidh ar
na capluibh sin.
"Créd iad súd, a inghean?" ar Artúir.
"As Iffrionn tángadar súd, agus ag iarraidh comhraic
oruibhse atá siad."
"Éirghidh dá n-ionnsaighe súd, a óga," ar Artúir.
Agus d'éirigh drong do na deaghfhearaibh do chomhrac
riú; agus do ghabhadh an láir (a fear) féin díobhtha ar
pluic a mhuinéil agus do reathadh leis san uamhaidh,
agus ní ghabhadh airm nó iolfhaobhar iad féin, agus do
milleadh muinntear Artúir amhlaidh sin.
"Is olc leat súd, a Artúir," ar an inghean.


L. 65


"Is fíor gurab olc," ar Artúir.
"Is olc leamsa an náire fuarus agibhsi," ar an
inghean.
Ciodh trácht do-chonncadar fear mór dá n-ionnsaighe
as an uamhaidh chéadna, agus cú chluasdhearg
ghlégheal ar slabhradh órdha aige agus sí ag tarruing
an tslabhraidh do rochtain fon tsluagh. Agus d'fhan ar
an tulaigh ar chomhair cháich, agus do líon an tulach 'na
thimchial do luathchonuibh, agus do iarr an t-óglach
comhrac a ccéadóir.
"Éirghidh, a óga," ar Artúir, "d'ionnsaighe an
chomhraic úd, acht misi agus Sior Balbhuaidh amháin."
Téighid iomorro na mílidh mhórdhálach sin dochum
an chomhraic agus d'fhearadur gliadh athgharbh ainiarmurthach
ris na conuibh. Agus ní dheachaidh aoinfhear
díchill nó dearmuid ó na mórchonaibh díobhtha, agus
rugadar 'san uamhaidh iad. Agus do bhí an fear mór
agus a chú aig comhtharring an tslabhraidh ó chéile,
agus adubhairt Sur Balbhuaidh re hArtúir:
"Is deimhin gurab dom ghreandughadh atá an chú úd,
agus tuitfidh sí leam gan amhras."
Agus d'ionnsuigh Sior Balbhuaidh an chú go curata
iar sin agus d'fhear comhrac go cródha curata ris an
ccoin, agus ní ghabhadar airm nó iolfhaobhar dá raibh
aige í. Agus mur do-chonnairc an ridire nach raibh
tarbha dhó ina armuibh catha d'imirt ar an ccoin, do
iadhastar a dhá ghealghlaic fá bhrághuid na mórchon
agus do thrasgair go talmhain í. Agus do sgréachastar
Ailleann Dathgheal ag faicsin na con dá cuibhreach, agus
adubhairt:
"Do bhean féin sin agad!" ar sí. "Agus, a Artúir,"
ar an inghean, "do-ghéabhair do mhuintear slán uile gan
uireasbhaidh, agus a n-airm go hiomlán agus a ccoin
gan cunntabhairt."


L. 67


Agus do chonnairc Sior Balbhuaidh an chú do bhí
ina láimh ar ndéanimh macaoimh mérleabhair dhí .i.
Bé Thuinne inghean Ghruagaigh an Mhonaidh, agus
do-chonnairc iar sin a mhuintear go hiomlán ag teacht
as an uamhaidh agus a bhean féin a bhfarradh gach
aoinfhir aca agus a lámha tar bhrághuid a chéile.
"Ag súd, a Artúir," ar an inghean, "do mhuintear
slán cona cconaibh. Agus a mná féin do bhí ag comhrac
riú, agus dob áil leó dá ttéighdís a ccríochaibh Breatan
oil ghaisgidh do bheith aca ar a bhfearaibh. Agus is
fearr do chéilibh iad súd, a Artúir, iná na mná do bhí
aguibhsi ann bhur ttigh," ar an inghean, agus adubhairt
an laoidh:




Maith do chéilidhe, a Artúir,
atá gach maith dot chumas;
taoi ar Magh na cColl Corcra,
ní bhfuil locht air do thuras.



Re hinghin an Duinn Díormhaigh
bean is fíorghlaine caidreabh
déana-sa feis go fearrdha,
éirgheadh do mheanma is h'aigneadh.



Fuarais arís do mhuintear,
as a ccluintear do bheith meanmnach,
do choin is h'airm go hiomshlán
agus iompóidh do theaghlach.



Inghean rí Sale-bearna
bean is mó meanma is maithios;
bean Sior Balbhuaidh, Bé Thuinne,
uirrthe ariamh ní fríth athais.


L. 68


Céilidhe Iosgaide Léithe -
ainm gan tréidhe fuair misi;
do chéilidhe, a Artúir uasail,
an t-ainm do luathaigh sibhsi.



Rogha mná do gach fear,
bhar ccéilidhe is cuairt thoraidh;
mo chéilidhe bhus cumhain,
dar mo chubhais, ní romhaith.




As a haithle sin adubhairt an inghean:
"Éirigh anois don dúnadh agus déantar banais na
mban aguibh, agus bronntar ór agus airgiod libh
d'ollamhnuibh agus d'fhilidhibh."
Agus do-chuadar iar sin go Mainistir na Marbh agus
do shuidheadar cách go coitcheann. Agus do shuidh
gach bean don bhanntracht ar ghualainn a fir féin, agus
do caitheadh an fhleadh aige na huaislibh amhlaidh sin.
Agus do choisgeadar cách do chaint iar sin, agus do
labhair an inghion agus aseadh adubhairt:
"Is maith do thuras don tigh si, a Artúir," ar sí,
"óir fuaruis tighearnus na ttrí ttrénrí as fearr san
domhan, agus do-ghéabhair na seóid is fearr san ccruinne
maille re sin, agus beir leat iad. Agus ní hé sin mo thuras
féin ar an mBord Chruinn, acht fuairus náire agus
imdheargadh, agus budh buaine mo chéilidhe ar fud
an domhain iná na seóid sin." Agus adubhairt an laoidh
mur so síos:




(Is) maith do thurus ód thoigh,
(a) Artúir mhóir mhic Iubhair;
maith saith mo thurus a le,
budh oirdheirc mo chéilidhe.


L. 69


Seóid is maoine agus mná
beir leat, bíd agad red lá;
beidh agam-sa, ar (a) shon de,
náire is imdheargadh m'aighthe.



Beir-si sgiath dathchaoímh Dháire,
maidhm roimpe, is í as áille;
bérad-sa gan diombuaidh dhe
a ccluinfe mo chéilidhe.



Cloidheamh rí Sale-bearna
beir leat, móide do mheanma;
mairfidh mo sgél go bráth beacht
's biaidh deich ccéad dá iarmhóireacht.



Carbad caoímh cheithre n-each nDuinn,
is cláirseach Chéaduigh chliabhchuirr,
leat na seóid sin uile dhe;
is liomsa mo chéilidhe.



Maitheas Mhainister na Marbh,
agus toradh corcra a crann,
budh buan fo dheireadh dhe
Céilidhe Iosgaide Léithe.




A haithle na laoidhe sin adubhairt an inghean:
"Déanaidh go subhach sobhrónach, a uaisle," ar sí,
"agus imeóchamuid a moch na maidne amárach, a
Artúir," ar sí. "Do-bhéar-sa fleadh míosa dhuit féin
agus d'fhearuibh an domhain uile, agus bead-sa agus
Séadna Súilghlas agus Céadach Crithirdhéadach re headh
chúig mbliadhan at fharradh ar do theaghlach ag
comhmóradh do ríghe agus do fhlaitheamhnuis".


L. 70


Agus do coimhlíonadh an comhrádh sin na hinghine,
agus tángadar na sluagha dá ttighibh cona mnáibh.
Agus do bhí an triúr sin ag commóradh Rí an Domhain
.i. Cing Artúir, agus is í inghean an Duinn Díormhaigh
ba bean do Artúir ó shin amach. Conadh Céilidhe
Iosgaide Léithe go nuige sin.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services