Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mac na Míchomhairle
Title
Mac na Míchomhairle
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Watson, Seosamh
Composition Date
1733
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1979)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Siabhradh Sí agus Innéirí Mhic na Míchomhairle i véarsa agus i bprós ar an bhfonn do cumadh le Cearbhall Ó Dálaigh fris a ráitear Aiste Chearbhaill.
Mise Mac na Míchomhairle Mur' gcuala sibhse é ní miste dhaoibh a fhiafraí dhíom an modh uaigneach, aisteach ar casadh mé féin i sí. Gan bhaos, gan mhagadh ní chanfa mé bréag dá thaoibh ós é fuíoll na mallacht thug agam mar scéal é dhaoibh. Lá dá rabhas ar aistear liom féin sa tslí idir Béal Átha Seanaigh, Dún Gheanainn is Fánaid thíos, idir Shliabh Beatha, Shliabh Gleatha agus Nás na Rí, mínbhrú Caisil, Cnoc Aiste agus Carn Chlainne Aoidh, Iar ndul don ngréin dá leabaidh níorbh fhios dhamh cá háit nó tír sa gcrích se a rabhas 'n ar talamh nó in airde bhíos. Féachaim tharam go cearthaíoch 's go scáfar, baoth 's le taobh an bhealaigh go bhfacas gan spás an tsí. Druidim na farradh gér dheacair 's gur dhána an gníomh 's do chonairc mé an ainnir mar aingeal san áit na suí, a caoinchorp seada gan alta, gan chnáimh, gan bhrí, niamh ghlandhaite mar fuinfí as bláth na gcaor. Do bhí gleo crua, frithir gan time, gan tlás, gan scíth ag an rós i gcoimeas ria an lile gach lá de shíor i ngnúis an linbh ba gile is ba báine píob 's go fóill ní bhfuil fios cia is fainne sa dáil den dís. Ach atá ní cheana do gheallas an scéal go fíor dhaoibhse d'aithris gan mheabhail do réir mar bhí 's gach aon neach agaibh dhéanadh scrupall go ndéanainn claon go dtugaidh Rí Neimhe do gach duine againn luach a chroí agus tuilleadh fós.
Dar dhá láimh Mhaolmhórdha ineosad féin dhaoibhse réim dhíreach na heachtra so mar tharla mé don mnaoi se.
Lá n-aon dá rabhas re hucht Bealtaine, dhá lá d'éis lá Samhna, i gceartlár Mhárta an earraigh, nó, mar shaoilim, i ndeireadh an tsamhraidh ag siúl go lánuaigneach liom féin agus do tharla gan airiú, gan fhios dhamh mé i ndiamhair uaigneach, do-eolais agus i dtír ainiúil, anaithnid, gan fios a hanma nó a haithne, a hiúil nó a heolais. Ach atá ní cheana ní chuala cluas agus ní fhaca súil tír a macasamhla ar bhreácht a foinn, a sreabh, a foraoise agus a fíobhaí óir ba leor d'athbheoú ar dhaoine marbha éisteacht le caoincheol labhartha na n-éanlaithe agus le ceiliúr fíorbhinn na bhfíorbheach agus le forfhuighle na sreabh ag teibearsain agus ag síorshní seachnóin na tíre lánmhaisí sin agus í ina haon toinn fheoir agus fhásaigh. Iar bhfaicsin na tíre sin dhamhsa do ghlac lúcháir ábhal mé óir do shaoileas go lándearfa gurb é parthas do bhí ann agus gurb é Dia neartchuimseach neimhe do threoraigh mise dom naomhú agus do leasú mo bheatha ann. Ach dar mo chúis dob olc an bharúil dhamhsa sin, óir níor mhaith an searbhóntaí do Dhia mé roimhe sin riamh. Ach níor smuaineas air sin an uair sin agus is ea adúras:
Tír dá samhail ní fhacas 's ní chualas teist ar mhíne, ar mhaise, ar dheise a cuan 's a sreabh. Braon-ndrúcht meala le barraibh a craobh fo seach is siansán na mbeach beag dá dtaithí chuirfeadh aoibh ar neach.
Ach amhail is dual agus is dleacht foircheann agus fínid ar gach ní ach flaitheas Dé amháin is mar sin a tarla don lá soin .i. go raibh dúnéala dreachuafara, duaibhseacha na hoíche ag folach glanghnúise lánsoilbhire na firmiminte agus go ndeachaidh an ghrian dhealraitheach, ghlansholasta dá hadhbha chodalta. Is ansin a d'fhéachas na ceithre hairde imeall-leathna ar gach taobh dhíom, mar atá, soir agus siar, ba dheas agus ba thuaidh agus ní fhacas d'áitreabh nó d'fhoirgneamh um ghaire ach aon teach álainn, éagsúil dob fhairsinge urlár, ba mó compás, dob fhearr inneallt agus dob airde sceimheal dá bhfacas riamh roimhe sin.
Gluaisim ar amas an tí sin, agus is é ní fuaras ar mo cheann ansin .i. trí doirse móráibhéil, béalscaoilte, lánfhoscailte agus gruagach foirtil, fíorarrachtach go ngnúis mhórga, go labhra bheoga agus ceannchumhdach óir fána chorp, beart óir órloiscthe air agus é ina shuí i gcathaoir órloiscthe arna mioneagrú de chlochaibh parthais Ádhaimh agus iníon mhórga, mhíonla, mhacánta, dhealfa, cheolmhar chlócheart, chompásach na suí ar láimh dheis an Ghruagaigh, brat sciamhghlan, dea-fhite uimpe ag a caomhfholach agus eo álainn óir sa mbrat os a broinne agus ainnir óg, ghlórmhar, bhinnráiteach mar neamhaingeal, mar ghréin mhaidne, mar léig lóghmhair nó mar ghealaigh fhómhair na suí sa leith eile den teach, dearca glas-shuaimhneach mar réalta loinneartha, lóghmhara in oíchibh sioc-chrua geimhridh aice, agus déad niamhdha, néamhanda in aon aiste i gcarcair théagartha, chorcarthirim a cinn, le malaí caola, comhdhíreach os úire a haghtha, dhá ghrua mhaothgheala mar chaoir de bheoghríos ina ceartmheán, folt fada, feamainneach, buíchuachach ina thromualach tar a gealghuaillibh, beart donn d'ionar easnach uimpe ag a caomhfholach, cruit cheolbhinn, chaointéadach ina hucht aice dá fras-seinm go binnghuthach agus boird áilne, ordaithe arna bhfolach de scaraoidibh sciamhghlana agus biadha saora, sochaife ar na bordaibh sin agus rogha gacha sórt dí ar cheana. Ach atá ní cheana ar bhfaicsin na dea-chuideachta sin dhamhsa ní rabhas gan iontas agus lánuafás orm ag meabhrú agus ag mórsmuaineamh cia an áit a dtarla mé agus dá mba óglach anbhann, cúlánta, maothchroíoch eile nach bhfaca ábhar uamhain nó imeagla roimhe riamh do bhiadh in m'áitse an uair sin ní bhfuil a fhios agam nach biadh a thromualach eagla air. Gidheadh ós mise féin do bhí ann, atá a fhios agam cionas do bhí mé agus is ea adúras:
"A Aonmhic Mhuire is breá an t-ionad so a dtarla mé, i ríbhrú sliosgheal do cumadh mar áras Mheidhbh'. Samhail Dhúin Uladh nó athghin de pharthas é, 's nílim ródheimhin nach i mbruidhean atáim gan bhréig. Is deise an t-amharc so ná Teamhair 's ná Nás go léir 's na trí craobha ó Eamhain bhí tamall na n-adhbha laoch. Fialteach fairsing nach ainnis 's nach cráite gléas scoirfead dá theastas go bhfionnad cia áitíos é."
Tiaghaim isteach ar mbreathnú na dea-chuideachta sin dhamh agus beannaíos an Gruagach dhamh agus is ea ro ráidh, "Is fada atámaoidne gan duine nó daoine d'fhaicsin romhadsa do chuirfeadh lúcháir nó ilghairdeas orainn agus is fada fós atámaidne ag súil riotsa do theacht ar cuairt chugainn, óir ní bhfuil de chlainn nó d'oidhríbh againn ach an iníon sin thall agus sinn dá hoiliúin agus dá hardleasú ó aimsir a leanbaíocht chum a bheith na mnaoi agus na caomhleannán agadsa." "Dar mo chúis," ar Mac na Míchomhairle, "dá mbiadh an fios sin agamsa, gér dheacair dhamh é agus gan fios agam cá háit sa domhan a raibh sí, is fada ó thiocfainn dá fios, cé bás nó beatha thiocfadh dhamh dhe, nó go bhfaicinn í." Leis sin do éirigh an Gruagach na sheasamh agus do chuir mise mo shuí ina chathaoir féin agus do thug sé cathaoir eile chuige féin agus do shuidh inti agus adúirt liomsa m'earra aistir agus imeachta do bhuain díom, "Óir atá giollaí óga agus scuibhéirí an teaghlaigh se le seacht mbliana i gcoinne catha agus comhdhála atá idir Ruán Luaimneach ó Loch hAoin .i. Síogaí ó Oileán na bhFear nDorcha agus Tromcheo Draíochta ó Dhún Íle," ar an Gruagach. "Agus is é is fachain agus is fíorábhar do na comhdhálaibh sin .i. Tromcheo Draíochta do thabhairt dias mac Rí Oileán na mBeo leis gan fhios go Dún Íle i ndóchas go mbeidís na n-oidhríbh air féin d'éis a bháis, óir níor rugadh mac nó iníon dó féin riamh. Rí Oileán na mBeo iomorra an tan do chuala a chlann do bhreith uaidh do luigh brón agus tromchumha fair ionas go mba foicse bás ná beatha dhó. Ruán Luaimneach an tan do chuala a fhear aon tíre do bheith san éigean sin do chuir fios agus tiomsú ar shíbhrúibh an domhain thoir dá fhógra dhóibh go hiomlán, óir is é féin fá ginearál campa os a gceann agus tug Ruán Luaimneach mionna marfach nach déanadh síth nó osadh nó go n-argfadh agus go n-ionradh Dún Íle agus go ndícheannadh Tromcheo Draíochta maille le maithibh a theaghlaigh agus go dtiobhradh dias mac Rí Oileán na mBeo leis slán folláin dochum a n-athara féin arís agus go bhfúigfeadh Dún Íle na dhaighir dhonnrua dhearglasracha d'ainneoin lucht a chosanta agus do mhairseáil sé féin agus a mhórshlua i gcoimhideacht na gaoithe go Dún Íle. Ó do foilseadh an chomhéirí sin do Thromcheo Draíochta do chuir fios agus teachta uaidh d'iarraidh cuidithe agus cúnta ar a aos cumainn agus caradraidh féin seachnóin mara agus tíre go n-uige sin gach áit a rabhadar agus do chuir a litreacha agus a
theachta go Donn Fírinn Ó gConaill go Cóige Mumhan, go Donn Céibhfhionn Mhaí hAoi go Cóige Chonnacht agus go Donn Binn Eachlabhra fris a ráitear Binn Eachlainne inniu as Cóige Uladh. Agus is uime adéarthaoi Binn Eachlabhra fris an mbinn sin .i. i dtráthaibh na Samhna do thigeadh each sleamhain, slíocthaí, móruafásach as an mbinn amach go roicheadh i bhfianaise na slua agus do labhradh de ghlór dhaonna fria chách agus do bheireadh fios, foirfe, fíoreolach do gach neach dá n-iarradh scéala air fá gach ní dá n-éireochadh dhó go ceann bliana ón tSamhain sin. Agus do fháigthí pronnta agus tíolaicthe móra aice ag an mbinn agus do ghéillidís na poibleacha dhi go haimsir Phádraig agus na naomhchléire. Agus do chuir fios chugamsa mar gach aon eile. Do chuaidh uainne na chomhdháil i gcuma cáich .i. fiche míle troitheach agus cúig mhíle dhéag marcach fána ndíol eachraidh, airm agus éididh. Agus is cuma gad é sin i bhfochair a dtáinig as na síbhrúibh eile do háirmheadh liom de chuidiú agus de chabhair Thromcheo Draíochta. "Ag so anmanna na n-ardmhaithe do chuaidh uainn ar an éirí amach sin .i. Giolla Bríde Beag Ó Beoláin, síogaí as na Déisibh Mumhan atá na ghinearál campa ag Donn Fírinn Ó gConaill agus Giolla Fiamhach Ó Treoráin atá na ardchomandar ag Donn Céibhfhionn Mhaí hAoi, síogaí d'fhíorfhréimh na Cruachna, agus Colla Sciamhach Ó Deoráin atá na ghinearál ag Donn Binn Eachlabhra agus atá fós in ardcheannas armáil Chóige Uladh, maille le mórán eile nach n-áirmhthear sunn. "Ach ar mo shon féin," ar an Gruagach, "ní bhfuil mé ach neachtartha óir ní bhfuil mé ach ar son mo láimhe féin amháin gan géilleadh d'aon neach ar bith eile. Agus atá machaire amárach eadrainn agus muintir an domhain toir in Íle agus gibé hagainn ar a mbrisfidhear ann ní bhiaidh cuid tionóil nó tiomsaithe aca go brách ó sin amach. Agus is mian liomsa a bheith i gceann mo mhuintire féin ansin agus is maith liom do chúnamhsa do bheith agam agus má thuilleann do ghníomhartha maith dhuitse é do bhéara mise an iníon sin thall mar mhnaoi agus mar bhanchéile dhuit má thigmíd beo ón gcath. Agus gibé hagainn a bhias beo an teaghlach so gona mbeanann ris do bheith aige agus mar bhias na hardmhaithe eile ag cuidiú lena muintir féin biaidh tusa agus mise ag treisiú ar muintire féin agus ag sin agadsa an t-ábhar fá bhfuilmidne comh uaigneach agus so anocht. Gidheadh biaidh go leor beo agus marbh sa teaghlach so san oíche amárach."
Ciodh trácht iar gclos na scéal lánuafásach sin dhamhsa is ionadh nach dearnadh geilt dhíom le méad m'eagla agus m'uafáis. Ach atá ní cheana do thuigeas dá n-aithnidís sin orm gurb móide dhéanadaois magadh agus baol spóirt dhíom é agus do chuireas mo dhóchas go daingean, diongbhála i nDia neartchuimseach neimhe go ndéanfainn neamhchás de gach ní nó go mbeireadh an lá orm. Agus ní eile fós is mó do bhí ar m'aire ná Dia féin .i. iníon an Ghruagaigh, óir níorbh fhada liom dá mbeinn i bpríosún purgadóra agus ise do bheith ar m'amharc le méad an ghrá tugas di ar mhodh nach raibh ar mo chumas gan a bheith ag amharc os ard agus os íseal ar iníon an Ghruagaigh. Agus mar do thuig an Gruagach sin ormsa adúirt an beagán briathra so d'fhoilsiú a lúchára romhamsa agus dar mo láimh ba cuma gad é mar bhí seisean ar a bhéal i bhfarradh mar do bhí mise ar mo chroí mar do bhí Dia diomaíoch dhíom agus is ea adúirt an Gruagach:
"Ní bhfuil sna trí rannaibh se tug Marcus agus Caesar áin, 's Pompaí an flaithfhear nár choigil a spré ar dháimh aon na bheatha do gheabhadh an réalt so amháin ach tusa, a charaid, 's go maire tú féin na dáil."
A haithle na mbriathar sin do bhí mise tamall go dubhach agus tamall go subhach óir nuair do smuaininn ar a dhul go hÍle arna mhárach in oirchill an mhórchatha sin do dhubhadh agus do bhánghlasadh mo ghnúis agus do thigeadh teimheal ar mo rosc ionas nárbh fhios dhamh cá háit a mbínn ach do smuaininn arís gur bheag de mhíorúile Dé nach gcuimhneochadh an Gruagach orm agus go mbeinn féin agus an iníon i gcuideachta a chéile go teacht dhósan ar ais arís ón gcath iarna mhárach. Ansin do shocraigh mo mheanma agus do ísligh mo léanta agus do philleadar mo spioraid dochum a n-oifige féin arís iad. Ciodh trácht iar mbeith dhamhsa isna smuaintibh beagthábhachtacha sin, iarrais an Gruagach deoch do thabhairt chuige. Do éirigh an iníon na seasamh agus tug corn cumhdaigh, caomhfhleascach, clochbhuach léi agus do dháil don nGruagach é. Ólas an Gruagach deoch ormsa agus is ea a ro ráidh, "Ó tharla thusa comh buartha in intinn agus atá" ar sé, "idir chinnteacht agus éiginnteacht is fearrde thú deoch a ól as an gcorn so óir is de bhuaibh an choirn se gibé neach ólfas deoch as nach ba cuimhneach leis dua nó
dochar dá mbiaidh roimhe nó na dhiaidh an tan ólfas í agus do gheabhadh fir dhomhain deoch as mar an gcéanna agus a rogha deoch do gach aon duine." Glacaimse an corn iar sin agus ibhim deoch ar mhnaoi an Ghruagaigh agus a haithle na dí sin d'ól dhamhsa níor chuimhin liom scáth nó critheagla dá raibh orm feadh na hoíche roimhe sin. Do ól bean an Ghruagaigh deoch as mar an gcéanna agus níor lúide an corn ar ibheamar as. "Is maith an seod an corn so agad, a Ghruagaigh," ar Mac na Míchomhairle. "Pronnaim ortsa é," ar an Gruagach, "óir is mór fhoigheonas sé dhuit do chur meanma ionad sa gcath amárach." "Go raibh maith agus mórbhuíochas agus onóir agad, a Ghruagaigh, agus aithris dhamh féin cá hainm atá ort nó ar an áras so ina bhfuilir do chónaí, nó cia haca d'fholaibh uaisle nó anuaisle an domhain do bhean." "Gruagach Tíre Gan Taithí m'ainmse," ar sé, "agus iníon do Rí Thíre an Uaignis mo bhean agus an Dún Soghluaiste is ainm don dún so. Agus is uime gairthear an Dún Soghluaiste dhe, de bhrí nach usa linn a bheith anso anocht ná sa gcuid is faide uainn den domhan san oíche amárach." Is ansin do fhiafraigh an Gruagach dhíom an n-imeorainn cluiche leis. Do fhiafraigh mise dhe gad é an gléas imeartha do bhí aige. Adúirtsean go raibh táifleasc, foireann agus péire díslí. Adúras féin go n-imeorainn ach gan eisean do dhéanamh leatrom orm de thaoibh draíochta. Adúirt an Gruagach nach déanadh. Is ansin a tugadh táifleasc, foireann agus péire díslí anuas agus is amhlaidh do bhí an táifleasc sin .i. dhá chlár fiondruine do bhí inte agus folach eimearald uirre agus tighe de chnáimh álainn eilifinte agus grianán carrmhogail ionas go n-imeoradh dall gan súilibh oíche ré ndorcha re méad na soilse do bhí ag éirí dhi agus leath dá foirinn déanta d'ór álainn agus a leathfhoireann eile déanta d'airgead arna n-eagar araon go lánintleachtach le lámhaibh sua agus saorcheárta, de chlochaibh parthais Ádhaimh agus de gheamaibh fíoráilne criostail agus carrmhogail agus péire díslí nach fios sa domhan cá cinéal dá ndearnadh iad arna gcomhordú cheana. Do shuíomar an fhoireann agus chaitheamar na díslí. Ansin do fhiafraigh an Gruagach dhíom créad é an cluiche do imeorainn. Adúras-sa go rabhadar i meabhair liom fíorbhearta an tioca agus cinéal imeartha na táiflisce móire agus luathimirt an gheamain.
"Muise," ar an Gruagach, "imreamaoid cluiche na táiflisce móire." Adúras féin gur thoil liom sin. Gidheadh ní fada do bhámar ag imirt an chluiche an tan do ghoin an Gruagach triúr dem fhoirinn agus do bhí mo chluiche caillte. Iarraim ansin beart theagaisc ar inín an Ghruagaigh. "Caith," ar sí, "aon agus dó agus cuir an t-aon i gcaladh is an bheirt ar thí an dó." Glacaimse na díslí iar sin agus dar mo láimh dob fhearr liom ná flaitheas an domhain do bheith cinnte agam an t-aon agus an dó sin do chaitheamh agus d'imirt amhail do theagasc sise dhamh. Caithim na díslí iar sin go cearthaíoch, míthapa, mí-urmhaisneach agus is é urchar do chaitheas .i. an t-urchar nár caitheadh agus nár breacadh ar dhíslí riamh .i. cealtair fholamh. Leis sin glacas fearg agus lasán mé agus don deamhan maide do rug mé i láimh nó gur stadas. "Saoilim féin nach maith imreas tú," ar an Gruagach. "Gidheadh pronnaim féin an táifleasc so ort le haghaidh imeartha agus foghlamtha óir is fearr imrim féin ná thú." Ní raibh a fhios agam ansin gad é an gléas a dtiubhrainn buíochas a chinéil don nGruagach ach amháin go raibh eagla orm go gcaithfinn cuntas ginearálta do thabhairt uaim sa gcath iarna mhárach. Ach cheana ba deacair d'aineolaí nach bhfaca comhchosúlacht nó macasamhla na táiflisce sin riamh roimh an am sin aire do thabhairt do chluiche ach a bheith ag breathnú a caoindealfa. Ach dar a bhfuil ó mhá go trá níorbh ionadh gan mise do bhreith cluiche, óir cé go raibh mo chorp os ceann cláir ag an nGruagach is é áit a raibh m'intinn sa leith eile den teach mar a raibh iníon an Ghruagaigh agus is eagal liom gur tosach tubaiste mura bhfuil ag Dia. Atá so ag teacht arís:
A Rí na Cruinne gan mise is an fhaoileann bhán araon ag imirt ar gcluiche ó oíche go lá, gan dís nó duine dár ngaire dár shíol ó Ádhamh is aon gibé heile bheith agamsa síos na clár. Ar thioc, ar gheaman, ar bhrannamh nó ar tháiflisc mhóir ní mhaithfinn féin maide go maidin don naoi bhig óig ach m'fhearsa bheith i gcaladh agus beirt agam ar thí an dó 's gan cead a bheith aicese obadh nó diúltú dhó.
Ní beag dhaoibh sin go gcluine sibh gad é an t-ordú bídh agus dí do cuireadh ar Mhac na Míchomhairle i dtigh Ghruagaigh Thíre gan Taithí an oíche sin. Óir a haithle na himeartha sin do folchadh boird shlimleathna na caithreacha sin d'éadaíbh agus de scaraoideacha fíoruaisle síoda agus sciamhshróil agus do cuireadh biadha saora, sochaife ar na bordaibh sin agus rogha gacha sórt dí ar cheana. Do shuidh an Gruagach i dtosach an bhoird agus do cuireadh mise mo shuí os a chomhair agus a iníon ar mo láimh dheis agus a bhean féin ar a láimh chlí agus do chaitheamar ar leordhóthain bídh agus dí ar an ordú sin. Is ansin do labhair an Gruagach ag rá, "Is mithid dhúinn codladh feasta," ar sé, "óir is fada uainn Íle go gcaithfeam a bheith ann ar a hocht a chlog ar maidin." Nuair do chuala mise iomrá ar a dhul go hÍle níor fháig sé cuimhne agam ar shó nó ar sheascaireacht dá bhfuair mé feadh na hoíche roimhe sin, óir níor chruthaigh Dia ionad ba lú orm ná é óir do bhí mé cinnte de mo bhás go lándearfa ann. Is ansin do mheasas gurbh oircheas dhamh foilsiú éigin do bheith mo thimpeall d'ardtheiste na hiníne sin agus ar an áit a bhfacas í ionas gibé duine do gheabhadh mise marbh a haithle an chatha go bhfaigheadh cáil dá tuarascáil mo thimpeall agus thugas peann agus páipéar chugam agus do scríobhas mar atá na dhiaidh so síos:
I sí go deimhin do chonairc mé féin an stáid, grua na ndrithleann ba gile ná géis ar snámh, éanlaith bhinne nach minic i bhfuacht ar fáil tar a guaillibh ag sileadh is ag pilleadh go luath na n-áit. Ó bheith dá hamharc do lasas go léir dá grá 's mo chroí gur mhearaigh nach bhfaicimse léas den lá, a píob mar shneachta is a mamaí cruinn, gléala, breá 's dar an Rí ní maith liom nach agamsa féin atá. An scéal mar theagmhas le hainnir na maothchrobh mbláith ar aon ní cheilfead súd feasta ós fíor mo bhás 's má shaoileann duine ar bith nach bhfuilim na diaidh dom chrá nár ba saolach mise mur' bhfuil fhios ag Dia mar atáim.
Is ansin do chóirigh an iníon iomdha agus ardleabaidh dhamhsa agus do luíos uirre agus do chuaidh an Gruagach dá leabaidh luí
féin iar bhfágbháil imchoimirce beatha agus sláinte agamsa. Do chóirigh an iníon a leabaidh iar sin os comhair mo leapasa sa tseomra chéanna agus do thuigeas uirre gur mhaith léi mise do theacht dá hionsaí gan fhios óir do thug sí go leor misní dhamh mar aon lena béal, lena súilibh agus lena lámhaibh agus le gach comhartha eile suirí. Adúirt sí liom fós gan scáth nó critheagla do bheith orm de thaoibh na scéal lánuafásach sin do inis a hathair dhamh i dtosach na hoíche fá dhul go hÍle arna mhárach in araicis an mhórchatha sin do bhí idir Ruán Luaimneach agus Tromcheo Draíochta. "Óir ar mhaitheas an domhain," ar sí, "ní bhéaradh sé duine saolta ar bith ann." Tug an comhrá sin croí agus misneach ábhalmhór dhamhsa agus tugas buíochas dise ar son a scéal. Luíos an iníon ina leabaidh iar múchadh soilsí na caithreacha. Níor chian damhsa iar sin an tan do ghluais mo chinniúin chrosta, choirpe, mhíchomhnaitheach a bheith dom sporadh i gceann m'aimhlis ar mhodh nár fhéadas suan sáil nó síorchodladh do dhéanamh nó gurbho héigean dhamh éirí go hiníon an Ghruagaigh. Gluaisim ansin go réimdhíreach dá hionsaí agus an tan do shaoileas a bheith i ngar nó i ngaire dá leabaidh is é áit a bhfuair mé m'eolas i ndiamhair uaigneach, dho-eolais coilleadh gan taithí duine nó ainmhí ann. Ach atá ní cheana do thuigeas nach rabhas gan aimsiú áibhirseoireachta dá imirt ag mo lucht aon tí fón am sin orm. Níor chian damh iar sin ag éisteacht le bánánaibh agus le bocánaibh agus le heithidí adhuafara, ró-urchóideach na coilleadh sin an tan do chualas an uaillghuth urchóideach, adhuafar agus an screadfach guthard, géarloiscneach chugam sa ngleann gacha ndíreach. Ní raibh de mhéad mo chearthaí nó m'eagla nár chuir sin spiorad gealtacht ionam ionas gur ghluaiseas romham amhail geilt ar n-imeacht as ár nó as gábh nó mar fhia ar ndúscadh as a leabaidh luí ag faicsin a bhíobha agus a eascarad ullamh, urlaicthe ar a cheann. Is é sin trice, tairpí, dithne agus déine an torainn thréanreatha do ríneas. Agus nuair do shaoileas réiteach as an gcoill amach is é áit a bhfuaras m'eolas .i. ar má taobhleathan, taitneamhach i gceartlár an ghleanna agus is amhlaidh do bhí an má sin .i. cnocán lán-chruinn, fíor-ard ina cheartlár agus do bhí d'airde an chnoic sin gur mheas mise dá mbeinn thuas air, nár bhaol dhamh duine nó ainmhí dá raibh sa gcoill an oíche sin. Gluaisim ar amas an chnoic sin agus ar dteacht dá ionsaí dhamh is amhlaidh fuaras é arna thimpeallradh re criosaibh fionngheala
amhail iomaireacha ar modh go roicheadh céim mic i gceann a mhíosa ón gcrios go chéile dhíobh. Do mheas mise go mba usaide dhamh a dhul suas ar a bheith amhlaidh sin dó agus gluaisim mo chéimeannaibh tinneasnacha, tréanluatha agus mo réim ndíscir, luathreatha go ndeachas ar ard an chnoic sin suas agus is é ní fuaras ar mo cheann ann .i. muir aibhseach, thiúthonnach agus cuan cainteach, coigeadalach gan slí taithí nó timpeallraidh óna faide agus óna himchéine. Do bhí mise ag siúl re hais an chuain chaintigh, chúr-anfaigh sin tamall nó go bhfacas seanlong bhriste, bhearnach do chuir an tonn i dtír i bhfad roimhe sin na luí ar an trá. Do mheas mise gurb é Dia neartchuimseach neimhe do threoraigh mise dochum na seanloinge sin agus mar an gcéanna do chuir ise dochum na háite sin chum mise do shábháil ar adhmhilleadh nó ar dhul a d'éag ansin. Gabhaim ag leasú agus ag lánchóiriú na seanloinge sin agus níorbh í sin an obair gan fheidhm nó an aimsir dá caitheamh go díomhaoin. Agus ní cian do bhí mise ar an ordú sin an tan do chualas an uaillghuth agus an scréachach ghránna, ghearánach, adhuafar chugam sa ngleann gacha ndíreach. Ach atá fhios ag an té bhíos gealtach cionas do bhí mise an uair sin. Ach atá ní cheana - ní tráth anois a bheith dá inisin - is ansin do chuireas an tseanáirc sin amach ó thír agus gabhaim dá stiúradh ar dhaingne agus ar dhoimhne an uisce sin. Ciodh trácht ní cian ón oirear do chuas an tan do éirigh an ghaoth ghlórach, ghrodshiúlach as doirsibh toinne na talún ar mhodh gur chuir cogadh agus coinscleo fá uiscíbh na talúna go huile. An tan do mhothaigh an t-uisce an chomhéirí sin na gaoithe ina haghaidh, do éirigh féin na broinntibh brúchtmhara, cainteacha, díchoiscthe, do-eadrána agus na dromchlaibh doirbhe, imeall-fhliucha, oscartha agus na sléibhtibh coigeadalacha, cúr-mhearanfacha agus ina mothar mheascthaí, mhear-dhúthonnach agus na srutha siúlacha, searbha, sárluatha agus na coilltibh toirteacha, trombhraonacha, barrcheathannacha agus na cnocaibh ceanngharbha, corracha, ciachdhorcha agus na gleanntaibh doimhne, do-eolais. Is ansin do thuigeas gur mhionnaigh na dée cealgacha, claonbhreitheacha sin leath ar leath .i. Aeolus, dia na gaoithe, agus Neptunus, dia na farraige, gan síth nó osadh do dhéanamh re chéile nó go mbásadh agus go mbuanbháthadh mise eatarra. Ach atá ní cheana do bhí de dhoirbhe a gcoimis re chéile agus d'olcas na seanáirce sin ina rabhas mar aon re dofhulang na gaoithe agus de dhíchoiscthe na
dtonn go raibh an sáile searbhrua na shrutha, ina linntibh agus na chithbhraonaibh ag teacht isteach ar gach taobh den tseanárthach sin orm. An tan do chonairc mise mo chríocha déanacha comhchinnte agus sin agam do léigeas éimhe fada, fíorthrua agus gártha groda géarchaointe os ard asam ag iarraidh ar Dhia mo shábháil as an ngábh lánchrua sin ina rabhas agus do bhí de mhéad mo chaointe agus mo chongháire go gcualaidh an Gruagach mé agus gur fhógair solas do lasadh. Do éirigh an iníon agus do las sí solas gan mhoill agus do tháinig sí féin agus a hathair fá fhoghar mo ghearáinse agus is é áit a bhfuair siad mise ar shíothail mhóir mo shuí i gceartlár dabhcha lánmhóire leanna nó díleanna do bhí istigh agus is amhlaidh a tharla an t-ionad suirí sin dhamhsa .i. nuair do éirigh mise go hiníon an Ghruagaigh ní cian do chuas an tan do thuigeas go rabhas ar seachrán agus do bhí cat fo pheithreadh istigh agus do shaoil mise gurb beithíoch urchóideach eile do bhí ann. Glacaim scaoll agus scéin chugam agus is é áit a bhfuaras m'eolas i siléar an Ghruagaigh. Ní cian do chuas an tan do tharla an dabhach lánmhór so liom na suí i gceartlár an tsiléir agus í lán de leann úr do téadh an lá sin féin agus gan faill aige oibriú do dhéanamh agus amhail is gnáth soitheach luaile d'fhágbháil in gach leann úr chum ullmhaithe is amhlaidh sin tarla an tsíothal sa dabhaigh an uair sin. Agus le méad m'eaglasa do thaibhseadh dhamh gurb seanáirc bhriste do bhí ann agus gurb cnoc ard an dabhach agus gurb farraige lánuafásach an leann agus gurb fonsaí úra na dabhcha na hiomaireacha sin do bhí timpeall an chnoic agus nuair do shaoileas a bheith sábháilte ar urchóid ar bith is ansin do chualas an cat ag doras an tsiléir. Clisimse ar an tsíothal i gceartlár na dabhcha do mo shábháil féin uirre óir do mheasas gurb beithíoch adhmhillteach eile do bhí ann. Is ansin do thionscain an leann oibriú do dhéanamh ionas gan chontúirt gur shaoil mise gur anfa lánmhór do bhí ann. An ghaoth iomorra is é dob fhachain agus dob fhíorábhar dhi .i. fuinneog do fágbhadh foscailte ar an tsiléar agus an ghaoth do theacht ar an taoibh sin den tigh an oíche sin agus a bheith ag teacht isteach orm amhail do chualabhair. Ach cheana thig an Gruagach agus a iníon os mo cheann sa dabhaigh agus do mhaígh a ngean gháire ar gach duine dhíobh agus dar mo bhriathar dob fhearr liomsa an cat féin dom ithe ná iadsan dom fháil amhlaidh sin. Agus is ea adúirt an Gruagach, "Is cosúil gur mór an fonn spóirt nó mairnéalachta sin do bhí ort," ar sé, "an
tan do chuaidh tú ina chomhchúng sin de loing nó d'áirc gan lón, gan lánchostas leat agus más ag dul d'ionsaí m'inínese do bhí tú dob usa dhuit teacht ar mórthír dá hionsaí ná ar muir agus bí ag teacht d'ionsaí do leapa feasta agus ná héirí níos mó go raibh tú cinnte cá racha tú." Adúras féin go rachainn agus go rabhas buíoch dhesean ar son a chomhairle. Do éiríos amach as an dabhaigh mar mhairnéalach iar mbáthadh a loinge agus triallaim d'ionsaí mo leapa go hatuirseach, imníoch agus adúirt an Gruagach gan ní sa mó de bhuaireamh do chur orm an oíche sin agus do chuaidh féin agus a iníon dá leapachaibh iar múchadh soilse na gcoinneal dhóibh. Is ansin do ghabh mise ag imcháineadh na huaire do thionscain mé an innéirí sin do dhéanamh agus ag ordú mé féin a bheith fiche léig ón teach sin sul fá dtigeadh maidin iarna mhárach ar son nach raibh ach scarúin cinn re colainn dhamh an iníon d'fhágbháil mo dhiaidh agus is ea adúras:
"Is trua nach bhfuilim 's gan duine faoin ngréin mo dháil thíos sna glinnibh 's gan siolla den scéal ar fáil gan péarla bheith umam dár cumadh le saothar lámh ach an t-éadach brollaigh bhíos fá Nollaig fo shléibhte Cairn. Gach dua, gach dochar, gach peannaid, gach pian, gach páis, gach guais, gach galar, gach aicis, gach buairt, gach gráin ó neamh go talamh ag fearthainn mo dhiaidh atá ó chuaidh mé sa dabhaigh is an talamh glan, réidh ar fáil. Ní mór má mhairim 's is fogas do mo bhéal an bás 's is rómhór m'eagla nach bhfaicim go héag an lá. 'S gach aon nach gcreideann go bhfuilimse i bpéin sa gcás uch! fios mo ghalairse thairis nár thé go brách. Mo chuairt arís dá hionsaí is trua thionscnas a dhéanamh. Éistidh liomsa go n-insead brí chinnte mo scéala."
Ar ndul don nGruagach a chodladh do mhúch an iníon coinnle agus soilsí an tí agus do luigh sí ina leabaidh féin arís agus ba cuma
gad é gach comhartha dá dtug sí dhamh i dtosach na hoíche i bhfarradh gach a dtug sí dhamh an dara huair. Ciodh trácht níor thóig mise súil nó cluas nó síor-radharc le haon chomhartha dhíobh sin ach amhail nach bhfaicfinn iad. Agus ní cian do bhí mé ar an ordú sin an tan do thit támh neamhshuaimhneach codlata orm agus níorbh é sin an codladh coisreactha óir ní raibh taibhse nó taispeánadh ó neamh go cuan Achaeron agus go sruth Stiocs nach raibh dá thaibhreamh agus dá thaispeánadh damh nó gur chliseas as mo chodladh agus níor chuimhin liom scáth nó critheagla dá raibh orm feadh na hoíche roimhe sin. Gidheadh do bhí glanchuimhne agam ar an áit a raibh leabaidh na hiníne agus do mheasas nach raibh teacht ó náire agam gan cuairt do dhéanamh aice tar éis a dtug sí de mhisnigh dhamh i dtosach na hoíche agus ní eile fós do mheasas .i. dá mbeith sise ag cuidiú liom nárbh ábhar eagla dhamh nó go bhfágainn an áit sin a rabhas agus nach raibh ar bith uair no am dob fhearr ná an uair do bhí i láthair má bhí Dia ag gealladh maitheasa dhamh óir ní raibh ach seacht dtroithe ó mo leabaidhse an áit a raibh sise agus í na huathadh agus na haonar. Clisimse mo sheasamh go mear, míthapa, mí-urmhaisneach agus gluaisim ar amas na hiníne agus an tan do shaoileas a bheith i ngar nó i ngaire dá leabaidh - do shaoileas go sibheolainn seacht míle ón am fár éiríos go halt na huaire sin - is é áit a bhfuaras m'eolas ar faiche thaobhleathan, thaitneamhach gan tadhall duine nó ainmhí ar bith uirre. Is ansin do thuigeas go fíordheimhin go rabhas ar seachrán agus do chuimhnigh mé ar gach siabhradh agus ar gach trioblóid dar éirigh dhamh feadh na hoíche roimhe sin agus ní barr misní tug sin dhamh ach barr meatacht agus mílaochtacht óir do thuig mé nach raibh ach tús ar bhuaireamh agam. Gabhaim ag amharc mo thimpeall d'fhéachain cá seolfadh Dia dhamh a dhul. Níor chian damh iar sin an tan do chonairc mé an beithíoch dubh, diabhlaí, ceannchrom, crónánach chugam sa bhfaiche gacha ndíreach agus go n-anfadh mion-úll nó mór-airne ar barr gach ruainne den moing ghairbh, ghráiniúil do bhí ar chír a dhroma agus a leathanmhuinéil, dá shúil thámhacha, lochliatha, lainneacha ina cheann, soc faon, fada, gleannach, gannfheolach aige agus cosa gearra, giobacha ag a imfhulang ina sheasamh agus é ag teacht fán toichim agus fán tuarascáil sin mo choinne agus i mo chomhdháilse. Nuair do smuainigh mise gurb chugam féin do dhéanamh díthe agus díobhála do bhí sé ag teacht do ghlac folc fíoráibhéil, díchoiscthe
agus tuile tromthréan, tiúláidir eagla mé. Óir ní fhacas díon nó daingne agam ina rachainn ar teitheadh nó ar imghabháil roimhe, agus ní mó bhí cara nó comhchéile dom ghaire dhéanadh anacal nó eadráin eadram agus é. Ach atá ní cheana, do thuigeas nár tráth fuirigh dhamh agus mo namhaid agus m'eascaraid comh fogas agus sin dhamh. Trustalaimse mo léine os beannaibh mo mhás go lán-ard agus gluaisim mo shí scáfar, scanradhach, critheaglach go dtángas go himeall na faiche agus is é ní fuaras ar mo cheann ann .i. buinne róthréan rabharta d'abhainn mhórleathan bháite gan slí coisí nó marcaigh uirre. Níorbh fhios dhamh ansin cia haca dob fhearr dhamh do dhéanamh .i. mo bháthadh nó an beithíoch dealbhghránna sin dom ithe. Gidheadh do chualas go minic dá rá gurb iomaí uair do shnámh duine nár shnámh aon bhang riamh re heagla agus do bhí mise dearfa má shnámh duine ar bith re heagla riamh go snámhfainn féin gan amhras an uair sin. Is ansin do bheanas mo léine dhíom agus do cheanglas fá bhranraibh mo bhrád í agus do fhéachas gach taobh dhíom d'fhéachain cá fada uaim do bhí an beithíoch dealbhghránna sin do bhí mo thóraíocht agus is é áit a bhfacas ar mo chúla é agus a chraosbheol foscailte chugam. Agus ní haghaidh dhána, dhíolúnta tugas air ach mo bhaothléim ard, éanúil do thabhairt i lár agus in idirmheán na haibhne sin agus gabhaim ag iomlat mo chos agus mo lámh go lántsaothrach ag iarraidh snámh do dhéanamh ach is beag an tairbhe do bhí dhamhsa an mórshaothar sin do chur orm óir is amhlaidh do bhí an t-uisce sin na broinntibh tromthéachtaí ionas nach bhféadfainn snámh do dhéanamh agus nach mó d'fhéadfadh long nó lánáirc siúl nó sárimeacht do dhéanamh uirre óna liostacht agus óna lánaimhréidh. Is ansin do thuigeas go féigh, fíordheimhin gurb i muir théachtaí do tharla mé agus nach bhfúigfinn í go brách nó go mbáifí mé agus go n-itheadh éanlaith chonfacha an aidheoir m'fheoil agus m'fhionnleathar dhíom. Is ansin do ghabhas ag cáineadh uaire mo ghiniúna agus ag mallú uair mo chinniúna agus ag idirghuí Dé na nDúil fá mo shábháil as an ngábh lánchrua sin ina rabhas. Do chuala an Gruagach na haiscthe lántrua sin agus fógras solas do lasadh d'fhéachain créad dob ábhar do na mórghárthaibh sin. Do las an iníon coinneal agus táinig sí féin agus a hathair fá fhoghar mo ghearáinse agus is é áit a bhfuair siad mise in umar mhórfhairsing ina mbíodh uisce agus triosc ag muclach an Ghruagaigh agus mo bhéal fúm agus mé ag iomlat mo chos agus mo lámh ag iarraidh snámh do dhéanamh. Ach is beag an tairbhe do bhí dhamhsa an mórshaothar sin do chur orm
óir do cheangail an triosc dhíom ionas nach raibh ar mo chumas aon chor do chur dhíom. Ach atá ní cheana táinig an Gruagach agus a iníon os mo cheann agus sheasaimh duine aca ar gach taoibh dhíom agus is ea adúirt an Gruagach más fonn snámha nó fothraigthe do bhí orm go mba uras dhamh uisce ba glaine ná sin d'fháil. An tan do chualas an glór daonna dó thógbhas mo cheann agus do bhí mo bhéal agus mo shúile lomlán den uisce agus den triosc ionas nach raibh ar mo chumas mo shúile d'fhoscladh agus iar nglanadh mo shúl damh féachaim cia labhair liom agus aithním an Gruagach agus a iníon agus iad na seasamh ar gach taoibh dhíom agus aithním fós gur sa teach do bhás go n-uige sin. Agus féachaim fós an bhfaicfinn an beithíoch dealbhghránna sin do bhí mo thóraíocht agus is ea do choncas na sheasamh le taoibh an ionaid sin a rabhas é .i. peata muice duibhe do bhí ag an nGruagach agus mar is san áit sin a raibh mise do ghnáthadh sí beatha d'fháil is í sin uair agus aimsir a raibh ag teacht dá hionsaí .i. an dara huair do éirigh mise go hiníon an Ghruagaigh agus is é áit a dtarla damh í .i. i gceartlár an urláir. Iar dtuigsin gach buaireamh lánurchóideach dár éirigh dhamh feadh na hoíche is ionadh nach dearnadh geilt dhíom agus fós nachar éalóidh m'anam den náire asam fá iadsan dom fháil amhlaidh sin. "Éirigh," ar an Gruagach, "agus bí ag teacht a d'ionsaí do leapa feasta óir níl an lá leathuair uait anois. Agus is cosúil ó do mheath an dá ghléas innéirí sin do ghlac tú .i. an tsíothal agus an t-umar nach n-éiríonn ádh nó éadáil leat agus is í mo bharúilse go mba neasa dhuit í dot chois ná le teacht i gcoite nó i mbáda dá hionsaí. Óir ní bhfuil Dia toilteanach ar sibh a bheith i gcuideachta a chéile nó go raibh sibh pósta de mholadh na ndée se againne, óir is iad do thaispeáin na míorúile úd ort óir chuiris romhad peaca in aghaidh a reachta agus a ndlíthe do dhéanamh." Éirímse amach as an ionad thruaillithe, shalach sin a rabhas agus níor léig an náire dhamh aon fhocal do labhairt. "Codail feasta," ar an Gruagach, "óir ní bhfuil an lá leathuair uait." Adúras féin go ndéanainn agus nach gcuirfinn romham éirí ní sa mó go maidin agus is ea adúras:
"A shíogaí linbh bheir m'aigne faoi bhuairt mar atá gan suan, gan chodladh ach ag osna ós fíor mo bhás, tabhair faoiseamh is osadh faoi mhaidin dhamh, a mhíle grá, nó tar éis m'adhlaicthe biaidh mise dod bhuaireamh a ghnáth."
Ar ndul don nGruagach a chodladh nuair do mhúch an iníon coinnle agus soilse an tí do éirigh sí chugam dochum mo leapa agus do chuir sí a lámh fá mo bhráid agus do thoirbhir sí mé de phógaibh go dil agus go díochra tar éis sin agus do thug sí an uile mhisneach dhamh lena súilibh agus lena lámhaibh agus adúirt sí liom fós gan níos mó d'eagla bheith orm an oíche sin agus ach murab é nár léig eagla a hathara dhi é go luífeadh sí agam. Ciodh trácht níor thóig mise súil nó síor-radharc le haon chomhartha dhíobh. Ansin do chuaidh an iníon dá leabaidh féin agus do fháig sí soilse lasta ionas go mba usaide dhamhsa eolas d'fháil é. Níor chian damh iar sin an tan do thit támh codlata orm agus do chliseas as an gcodladh sin i gcéaduair. Is ansin do smuaineas ar iníon an Ghruagaigh agus níorbh fhéidir liom codladh nó cónaí d'fháil nó gur éiríos dá hionsaí agus nuair do shaoileas sitheadh do thabhairt dá hionsaí dochum a leapa is é áit a bhfuaras m'eolas ar má úrghlas, lániontach i lár gleanna uafásach, lánaimhréidh. Agus is amhlaidh do bhí an gleann sin .i. múr uafásach, an-láidir balla na thimpeall ar gach taoibh ar mhodh nach bhfuigheadh duine nó ainmhí sa gcruinne thairis agus faiche dheas, fhíorálainn i lár an ghleanna agus crann mórábhal, lánuafásach na cheart-lomsheasamh i lár na faiche arna scabadh le beangáin agus le géagáin ar gach taobh dhe. Níor chian damh iar sin an tan do chonairc mé beithíoch diabhlaí, dathghránna, fadshocach, maolchluasach, camearrach chugam gacha ndíreach agus dhá shúil lainneacha, róluatha ina cheann. Agus nuair do chonairc sí mise do thug sí léim ard, éanúil, rólúfar fá mo bhráid agus nuair do thuigeas gurb chum díthe do dhéanamh dhamh do bhí sí, do thuigeas nár thráth fuirigh dhamh óir ní mór nár threascair sí mé go lár agus go lántalúin leis an tsitheadh do thug sí orm. Ciodh trácht do ghluaiseas romham mo chéimeannaibh tinneasnacha, tréanluatha agus níorbh fhéidir liom an gleann a fhágbháil ón mbábhún lánuafásach sin do bhí na thimpeall. Agus ní fhacas díon nó daingne um ghaire ina rachainn ar teicheadh roimpe ach aon chrann éagsúil do bhí i lár na faiche agus do mheasas dá mbeinn thuas air go mbeinn sábháilte ar an mbeithíoch sin agus do shnadhmas mo dhá láimh i ngéagáin an chrainn agus do chuas suas amhlaidh sin a fhad agus d'fhéadas ar an gcrann agus do bhí an beithíoch sin ag síorléimnigh fá mo thuairim. Níor chian damh amhlaidh sin an tan do lasadh soilsí, lasracha agus tinte le bun an
chrainn agus do bhí na lasracha sin ag éirí suas ar gach taoibh dhíom. Is ansin do thuigeas go lándearfa nach bhfáigfinn an áit sin nó go ndóití mo chnámha. Sitheadh dá dtugas ar bheangán den chrann do scoitheas den chrann é agus do thiteas ar cúl mo chinn ar ghéagán eile ar dhóigh nach raibh agam aon chor do chur dhíom. An tan do chonairc mé na lasracha ag teannadh agus ar gach taoibh mo thimpeall do léigeas glao ábhalmhór os ard ag iarraidh ar Dhia mo shábháil ar a leithéid sin d'anbhás d'fháil agus le méad mo chongháire do chuala an Gruagach mé agus d'fhógair solas do lasadh. Do éirigh an iníon iar sin agus do las sí solas agus tháinig sí féin agus a hathair fá fhoghar mo scairtí-se agus is é áit a bhfuair siad mise ar coinnleoir mhóruafásach i gceartlár pháláis an Ghruagaigh an treas uair do éirigh mise chum na hiníne. Agus an beithíoch dealbhghránna sin do tháinig chugam coileán maol con do bhí ag an nGruagach i bhféagmhais a eireabaill. Agus nuair do éirigh mise do tháinig sé mo choinne ag déanamh lúchára agus lústair romhamsa ag éirí suas orm. Agus le méad m'eaglasa do thaibhseadh dhamh gur chum urchóide dhamh do bhí sé. An bábhún iomorra is é ní do bhí ann .i. ballaí na bruíne, an crann is é ní do bhí ann .i. coinnleoir lánmhór do bhí i gceartlár an pháláis agus is amhlaidh do bhí an coinnleoir sin .i. do bhí tríochad soilsí ann agus coinnle ar lasadh uile ionta agus do taibhseadh dhamhsa gurbh iad na soilsí géagáin an chrainn agus nuair do rugas ar sholas díobh táinig sé liom agus do thiteas ar cúl mo chinn ar sholas eile ar an ordú céanna a bhfuair an Gruagach mé. Do tháinig mé anuas as an gcoinnleoir iar sin agus níor léig an náire dhamh aon fhocal amháin do labhairt. Agus is ea adúirt an Gruagach, "Codail támh beag go fóill," ar sé, "an feadh a bhias mise ag gléas na n-arm agus na n-each a bhias linn go hÍle óir ní bhfuil an lá leathuair uainn." Mar do chuala mise iomrá ar a dhul go hÍle níor fháig sé cuimhne agam ar bhuairt nó ar thrioblóid dar éirigh dhamh feadh na hoíche roimhe sin óir níor chruthaigh Dia ionad ba lú orm ná é. Óir do bhí mé dearfa nuair do chuir aon triúr amháin an oiread sin de bhuaireamh orm agus do chuir dá mbeith níos mó dá sórt ann nach biadh áireamh nó inisin ar a ndéanadaois orm. Agus mar do thuig an Gruagach sin is uime do luaidh sé air óir do ba maith leis mise d'fhuireach mo chónaí ó sin amach agus cead suaimhnis d'fháil dó féin óir théid a neart ar neamhní ó mheán oíche amach.
Ach atá ní cheana níorbh fhearr dhó deoch dhearmaid do thabhairt dhamhsa ná an beagán comhrá adúirt óir do chuireas mo cheann faoin mbrat mhórluachach sin do bhí ar an leabaidh agus do thiteas mo thoirchim suain agus síorchodlata agus is é ní do mhúscail mé arna mhárach .i. foghar agus torann do bhí ag an ghaoith agus ag copógaibh mórleathna do bhí os mo cheann in áit an bhrait a bhí tharam i dtosach na hoíche. Éirím mo sheasamh agus is é áit a bhfuaras mé féin ar mhúr sheanleasa gan teach, gan áras dá ghaire. Titimse i dtaisibh agus i dtámhnéalaibh báis de chumha na mná sin agus tugas mionnaí móra, marfacha nach gcoideolainn dhá oíche in aon áit nó go bhfaicfinn arís í. Gluaisim romham agus níor fhágbhas diamhair nó doirbhealach, sí nó carraig nár chaitheas ló gona oíche ann ar aon chuid caor agus fíoruisce nó gur chaitheas cúig lá dhéag agus trí bliana ar an ordú sin agus i gceann na ré sin tángas gus an áit ar mhúsclas as mo chodladh agus do chaitheas an oíche sin ann mar gach áit eile. Agus ní raibh dá scéalaibh agam ar maidin ach go bhfacas aisling an oíche sin d'fhoilsigh dhamh nach raibh maith dhamh ní sa mhó dá tóraíocht a dhéanamh agus go raibh sí pósta ag fear eile re bliain roimhe sin. Ní bhfuil mé cinnte dhe sin go fóill agus ní bhiad nó go bhfaicidh mo shúile féin í, má atá sé i ndán damh go bhfaicfe an t-amharc sin uirre go brách agus is éadóigh é mura bhfuil an tseamair Mhuire ar mo chrios agus is ea adúras:
"Ní buan mo mharthain mur' bhfaice mé arís gan spás an stua ghlan, ghortha thug m'aigne na diaidh mar atáim. Le méad mo chearthaí ní aithním nach sliabh an trá 's dar fia ní aithním nach mac tíre an féileacán. A Dhia na gcreidmheach is cosúil gur naofa amháin do tharla mise nó nach bhfuilim don éag faoi cháin an uair do chonairc mé lile na gcraobhfholt mbán nach é mo bhás do cinneadh le silleadh a réalt-ndearc mbreá. Gan suan go bhfuilim le tuilleadh agus míle lá le grá ar an ainnir tug peannaid is pian mo lár. Ar uaigneas leapa mur' rabhadsa agus í gan spás mí agus seachtain ní bhiaidh mise i mbliana slán."
Agus mura raibh mé slán ar an mbliain se is éadóigh mé bheith slán ar an mbliain se chugainn agus is beag an dochar na huile dhíomua do bheith ar an té do bheir cúl re críoch maitheasa agus do bheir amas fuireachair ar a aimhleas agus nach smuaineann go ndéan ní as nach dtiocfadh a leas mar do rinne mise ag tabhairt searc m'anma don mnaoi nach fios damh cia hí féin nó a hathair ach do réir mar thoil leis an nGruagach sin d'inisin dhamhsa agus nach fios damh gad é an aird sa gcruinne a bhfuil sí féin nó an Gruagach sin inniu. Ach gibé bhias beo go bhfuighe sé bean agus nach aon bhean amháin ach dias nó triúr. Agus ós anois thuigimse sin dar mo láimh ní rachaidh grá aon mhná fá mo chroí níos mó agus ní mó is mian liom taisteal nó mianiarraidh do dhéanamh i ndiaidh na mná sin nó mná eile na diaidh agus dá dhearbhú sin ag so amhrán cruthaithe air:
Scoirim féin feasta de mo thaisteal gan bhrí gan aird. 'S é mo dhóigh nach beag dhamh a mbiaidh agam le mo shaol de mhnáibh 's gurb é ní adeirid nuair theastaíos a bhfíorfhear grá, "Uch! ná cuir ceist air ní heisean 'tá istír amháin."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services