Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mac na Míchomhairle
Title
Mac na Míchomhairle
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Watson, Seosamh
Composition Date
1733
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1979)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<?xml version="1.0" encoding="UTF-8"?> <!DOCTYPE TEI [ <!ENTITY hellip "…"> ]> <TEI><teiHeader type="text"> <fileDesc> <titleStmt><title type="main">Mac na Míchomhairle</title><author><name type="main">Anaithnid; Eag. Watson, Seosamh</name></author><respStmt> <resp>Electronic edition compiled by</resp> <name>Deirdre D'Auria and Eilís Ní Mhearraí</name> </respStmt> </titleStmt><editionStmt> <edition> <note type="N">L041</note> <note type="L">131</note> <note type="B">1733ls 18L</note> <note type="C">Prós</note> <note><p>Description of how and why changes were made</p></note> </edition> </editionStmt><publicationStmt> <publisher>Foclóir na Nua-Ghaeilge</publisher> <pubPlace>19 Dawson Street, Dublin 2</pubPlace> <pubPlace>http://www.ria.ie/research/focloir-na-Nua-Ghaeilge.aspx</pubPlace><date>2016</date><idno>L041</idno><distributor>Royal Irish Academy</distributor> <availability> <p>Creative Commons Attribution Non-Commercial Share Alike (cc by-nc-sa)</p> </availability> </publicationStmt> <sourceDesc><bibl><title>Mac na Míchomhairle</title><author>Anaithnid; Eag. Watson, Seosamh</author><imprint><publisher>B.Á.C.: An Clóchomhar Tta.</publisher><date>1733ls 18L</date></imprint> </bibl></sourceDesc></fileDesc> </teiHeader> <text><body><div><p/> <lb n="0"/> <lb n="1"/><p><span>Siabhradh Sí agus Innéirí Mhic na Míchomhairle i véarsa agus</span> <lb n="2"/><span>i bprós ar an bhfonn do cumadh le Cearbhall Ó Dálaigh fris a ráitear</span> <lb n="3"/><span>Aiste Chearbhaill.</span></p> <lb n="4"/> <lb n="5"/><p><span>CzzzzzFil.</span> <lb n="6"/><span>Mise Mac na Míchomhairle</span></p> <lb n="7"/> <lb n="8"/><p><span>Mur' gcuala sibhse é ní miste dhaoibh a fhiafraí dhíom</span> <lb n="9"/><span>an modh uaigneach, aisteach ar casadh mé féin i sí.</span> <lb n="10"/><span>Gan bhaos, gan mhagadh ní chanfa mé bréag dá thaoibh</span> <lb n="11"/><span>ós é fuíoll na mallacht thug agam mar scéal é dhaoibh.</span></p> <lb n="12"/> <lb n="13"/><p><span>Lá dá rabhas ar aistear liom féin sa tslí</span> <lb n="14"/><span>idir Béal Átha Seanaigh, Dún Gheanainn is Fánaid thíos,</span> <lb n="15"/><span>idir Shliabh Beatha, Shliabh Gleatha agus Nás na Rí,</span> <lb n="16"/><span>mínbhrú Caisil, Cnoc Aiste agus Carn Chlainne Aoidh,</span></p> <lb n="17"/> <lb n="18"/><p><span>Iar ndul don ngréin dá leabaidh níorbh fhios dhamh cá háit nó tír</span> <lb n="19"/><span>sa gcrích se a rabhas 'n ar talamh nó in airde bhíos.</span> <lb n="20"/><span>Féachaim tharam go cearthaíoch 's go scáfar, baoth</span> <lb n="21"/><span>'s le taobh an bhealaigh go bhfacas gan spás an tsí.</span></p> <lb n="22"/> <lb n="23"/><p><span>Druidim na farradh gér dheacair 's gur dhána an gníomh</span> <lb n="24"/><span>'s do chonairc mé an ainnir mar aingeal san áit na suí,</span> <lb n="25"/><span>a caoinchorp seada gan alta, gan chnáimh, gan bhrí,</span> <lb n="26"/><span>niamh ghlandhaite mar fuinfí as bláth na gcaor.</span></p> <lb n="27"/> <lb n="28"/><p><span>Do bhí gleo crua, frithir gan time, gan tlás, gan scíth</span> <lb n="29"/><span>ag an rós i gcoimeas ria an lile gach lá de shíor</span> <lb n="30"/><span>i ngnúis an linbh ba gile is ba báine píob</span> <lb n="31"/><span>'s go fóill ní bhfuil fios cia is fainne sa dáil den dís.</span></p> <lb n="32"/> <lb n="33"/><p><span>Ach atá ní cheana do gheallas an scéal go fíor</span> <lb n="34"/><span>dhaoibhse d'aithris gan mheabhail do réir mar bhí</span> <lb n="35"/><span>'s gach aon neach agaibh dhéanadh scrupall go ndéanainn claon</span> <lb n="36"/><span>go dtugaidh Rí Neimhe do gach duine againn luach a chroí</span> <lb n="37"/><span>agus tuilleadh fós.</span> <lb n="38"/></p> </div> <pb n="132"/> <div><lb n="39"/><p><span>Dar dhá láimh Mhaolmhórdha</span> <lb n="40"/><span>ineosad féin dhaoibhse</span> <lb n="41"/><span>réim dhíreach na heachtra so</span> <lb n="42"/><span>mar tharla mé don mnaoi se.</span></p> <lb n="43"/> <lb n="44"/><p><span>CzzzzzPrós</span> <lb n="45"/><span>Lá n-aon dá rabhas re hucht Bealtaine, dhá lá d'éis lá Samhna,</span> <lb n="46"/><span>i gceartlár Mhárta an earraigh, nó, mar shaoilim, i ndeireadh an</span> <lb n="47"/><span>tsamhraidh ag siúl go lánuaigneach liom féin agus do tharla gan airiú,</span> <lb n="48"/><span>gan fhios dhamh mé i ndiamhair uaigneach, do-eolais agus i dtír</span> <lb n="49"/><span>ainiúil, anaithnid, gan fios a hanma nó a haithne, a hiúil nó a</span> <lb n="50"/><span>heolais. Ach atá ní cheana ní chuala cluas agus ní fhaca súil tír a</span> <lb n="51"/><span>macasamhla ar bhreácht a foinn, a sreabh, a foraoise agus a fíobhaí</span> <lb n="52"/><span>óir ba leor d'athbheoú ar dhaoine marbha éisteacht le caoincheol</span> <lb n="53"/><span>labhartha na n-éanlaithe agus le ceiliúr fíorbhinn na bhfíorbheach</span> <lb n="54"/><span>agus le forfhuighle na sreabh ag teibearsain agus ag síorshní seachnóin</span> <lb n="55"/><span>na tíre lánmhaisí sin agus í ina haon toinn fheoir agus fhásaigh.</span> <lb n="56"/><span>Iar bhfaicsin na tíre sin dhamhsa do ghlac lúcháir ábhal</span> <lb n="57"/><span>mé óir do shaoileas go lándearfa gurb é parthas do bhí ann agus</span> <lb n="58"/><span>gurb é Dia neartchuimseach neimhe do threoraigh mise dom naomhú</span> <lb n="59"/><span>agus do leasú mo bheatha ann. Ach dar mo chúis dob olc an bharúil</span> <lb n="60"/><span>dhamhsa sin, óir níor mhaith an searbhóntaí do Dhia mé roimhe sin</span> <lb n="61"/><span>riamh. Ach níor smuaineas air sin an uair sin agus is ea adúras:</span></p> <lb n="62"/> <lb n="63"/><p><span>CzzzzzFil.</span> <lb n="64"/><span>Tír dá samhail ní fhacas 's ní chualas teist</span> <lb n="65"/><span>ar mhíne, ar mhaise, ar dheise a cuan 's a sreabh.</span> <lb n="66"/><span>Braon-ndrúcht meala le barraibh a craobh fo seach</span> <lb n="67"/><span>is siansán na mbeach beag dá dtaithí chuirfeadh aoibh ar neach.</span></p> <lb n="68"/> <lb n="69"/><p><span>CzzzzzPrós</span> <lb n="70"/><span>Ach amhail is dual agus is dleacht foircheann agus fínid ar gach</span> <lb n="71"/><span>ní ach flaitheas Dé amháin is mar sin a tarla don lá soin .i. go raibh</span> <lb n="72"/><span>dúnéala dreachuafara, duaibhseacha na hoíche ag folach glanghnúise</span> <lb n="73"/><span>lánsoilbhire na firmiminte agus go ndeachaidh an ghrian</span> <lb n="74"/><span>dhealraitheach, ghlansholasta dá hadhbha chodalta. Is ansin a</span> <lb n="75"/><span>d'fhéachas na ceithre hairde imeall-leathna ar gach taobh dhíom,</span> <lb n="76"/><span>mar atá, soir agus siar, ba dheas agus ba thuaidh agus ní fhacas</span> <lb n="77"/><span>d'áitreabh nó d'fhoirgneamh um ghaire ach aon teach álainn,</span> <lb n="78"/><span>éagsúil dob fhairsinge urlár, ba mó compás, dob fhearr inneallt agus</span> <lb n="79"/><span>dob airde sceimheal dá bhfacas riamh roimhe sin.</span> <lb n="80"/></p> </div> <pb n="133"/> <div><lb n="81"/><p><span>Gluaisim ar amas an tí sin, agus is é ní fuaras ar mo cheann ansin</span> <lb n="82"/><span>.i. trí doirse móráibhéil, béalscaoilte, lánfhoscailte agus gruagach</span> <lb n="83"/><span>foirtil, fíorarrachtach go ngnúis mhórga, go labhra bheoga agus</span> <lb n="84"/><span>ceannchumhdach óir fána chorp, beart óir órloiscthe air agus é ina</span> <lb n="85"/><span>shuí i gcathaoir órloiscthe arna mioneagrú de chlochaibh parthais</span> <lb n="86"/><span>Ádhaimh agus iníon mhórga, mhíonla, mhacánta, dhealfa, cheolmhar</span> <lb n="87"/><span>chlócheart, chompásach na suí ar láimh dheis an Ghruagaigh, brat</span> <lb n="88"/><span>sciamhghlan, dea-fhite uimpe ag a caomhfholach agus eo álainn óir</span> <lb n="89"/><span>sa mbrat os a broinne agus ainnir óg, ghlórmhar, bhinnráiteach mar</span> <lb n="90"/><span>neamhaingeal, mar ghréin mhaidne, mar léig lóghmhair nó mar</span> <lb n="91"/><span>ghealaigh fhómhair na suí sa leith eile den teach, dearca glas-shuaimhneach</span> <lb n="92"/><span>mar réalta loinneartha, lóghmhara in oíchibh sioc-chrua</span> <lb n="93"/><span>geimhridh aice, agus déad niamhdha, néamhanda in aon aiste</span> <lb n="94"/><span>i gcarcair théagartha, chorcarthirim a cinn, le malaí caola, comhdhíreach</span> <lb n="95"/><span>os úire a haghtha, dhá ghrua mhaothgheala mar chaoir de</span> <lb n="96"/><span>bheoghríos ina ceartmheán, folt fada, feamainneach, buíchuachach</span> <lb n="97"/><span>ina thromualach tar a gealghuaillibh, beart donn d'ionar easnach</span> <lb n="98"/><span>uimpe ag a caomhfholach, cruit cheolbhinn, chaointéadach ina hucht</span> <lb n="99"/><span>aice dá fras-seinm go binnghuthach agus boird áilne, ordaithe arna</span> <lb n="100"/><span>bhfolach de scaraoidibh sciamhghlana agus biadha saora, sochaife</span> <lb n="101"/><span>ar na bordaibh sin agus rogha gacha sórt dí ar cheana.</span></p> <lb n="102"/> <lb n="103"/><p><span>Ach atá ní cheana ar bhfaicsin na dea-chuideachta sin dhamhsa</span> <lb n="104"/><span>ní rabhas gan iontas agus lánuafás orm ag meabhrú agus ag mórsmuaineamh</span> <lb n="105"/><span>cia an áit a dtarla mé agus dá mba óglach anbhann,</span> <lb n="106"/><span>cúlánta, maothchroíoch eile nach bhfaca ábhar uamhain nó imeagla</span> <lb n="107"/><span>roimhe riamh do bhiadh in m'áitse an uair sin ní bhfuil a fhios</span> <lb n="108"/><span>agam nach biadh a thromualach eagla air. Gidheadh ós mise féin</span> <lb n="109"/><span>do bhí ann, atá a fhios agam cionas do bhí mé agus is ea adúras:</span></p> <lb n="110"/> <lb n="111"/><p><span>CzzzzzFil.</span> <lb n="112"/><span>"A Aonmhic Mhuire is breá an t-ionad so a dtarla mé,</span> <lb n="113"/><span>i ríbhrú sliosgheal do cumadh mar áras Mheidhbh'.</span> <lb n="114"/><span>Samhail Dhúin Uladh nó athghin de pharthas é,</span> <lb n="115"/><span>'s nílim ródheimhin nach i mbruidhean atáim gan bhréig.</span></p> <lb n="116"/> <lb n="117"/><p><span>Is deise an t-amharc so ná Teamhair 's ná Nás go léir</span> <lb n="118"/><span>'s na trí craobha ó Eamhain bhí tamall na n-adhbha laoch.</span> <lb n="119"/><span>Fialteach fairsing nach ainnis 's nach cráite gléas</span> <lb n="120"/><span>scoirfead dá theastas go bhfionnad cia áitíos é."</span> <lb n="121"/></p> </div> <pb n="134"/> <div><lb n="122"/><p><span>CzzzzzPrós</span> <lb n="123"/><span>Tiaghaim isteach ar mbreathnú na dea-chuideachta sin dhamh</span> <lb n="124"/><span>agus beannaíos an Gruagach dhamh agus is ea ro ráidh, "Is fada</span> <lb n="125"/><span>atámaoidne gan duine nó daoine d'fhaicsin romhadsa do chuirfeadh</span> <lb n="126"/><span>lúcháir nó ilghairdeas orainn agus is fada fós atámaidne ag súil</span> <lb n="127"/><span>riotsa do theacht ar cuairt chugainn, óir ní bhfuil de chlainn nó</span> <lb n="128"/><span>d'oidhríbh againn ach an iníon sin thall agus sinn dá hoiliúin agus</span> <lb n="129"/><span>dá hardleasú ó aimsir a leanbaíocht chum a bheith na mnaoi agus</span> <lb n="130"/><span>na caomhleannán agadsa."</span></p> <lb n="131"/> <lb n="132"/><p><span>"Dar mo chúis," ar Mac na Míchomhairle, "dá mbiadh an fios</span> <lb n="133"/><span>sin agamsa, gér dheacair dhamh é agus gan fios agam cá háit sa</span> <lb n="134"/><span>domhan a raibh sí, is fada ó thiocfainn dá fios, cé bás nó beatha</span> <lb n="135"/><span>thiocfadh dhamh dhe, nó go bhfaicinn í."</span></p> <lb n="136"/> <lb n="137"/><p><span>Leis sin do éirigh an Gruagach na sheasamh agus do chuir mise</span> <lb n="138"/><span>mo shuí ina chathaoir féin agus do thug sé cathaoir eile chuige féin</span> <lb n="139"/><span>agus do shuidh inti agus adúirt liomsa m'earra aistir agus imeachta</span> <lb n="140"/><span>do bhuain díom, "Óir atá giollaí óga agus scuibhéirí an teaghlaigh</span> <lb n="141"/><span>se le seacht mbliana i gcoinne catha agus comhdhála atá idir Ruán</span> <lb n="142"/><span>Luaimneach ó Loch hAoin .i. Síogaí ó Oileán na bhFear nDorcha</span> <lb n="143"/><span>agus Tromcheo Draíochta ó Dhún Íle," ar an Gruagach. "Agus is</span> <lb n="144"/><span>é is fachain agus is fíorábhar do na comhdhálaibh sin .i. Tromcheo</span> <lb n="145"/><span>Draíochta do thabhairt dias mac Rí Oileán na mBeo leis gan fhios</span> <lb n="146"/><span>go Dún Íle i ndóchas go mbeidís na n-oidhríbh air féin d'éis a bháis,</span> <lb n="147"/><span>óir níor rugadh mac nó iníon dó féin riamh. Rí Oileán na mBeo</span> <lb n="148"/><span>iomorra an tan do chuala a chlann do bhreith uaidh do luigh brón</span> <lb n="149"/><span>agus tromchumha fair ionas go mba foicse bás ná beatha dhó. Ruán</span> <lb n="150"/><span>Luaimneach an tan do chuala a fhear aon tíre do bheith san éigean</span> <lb n="151"/><span>sin do chuir fios agus tiomsú ar shíbhrúibh an domhain thoir dá</span> <lb n="152"/><span>fhógra dhóibh go hiomlán, óir is é féin fá ginearál campa os a gceann</span> <lb n="153"/><span>agus tug Ruán Luaimneach mionna marfach nach déanadh síth</span> <lb n="154"/><span>nó osadh nó go n-argfadh agus go n-ionradh Dún Íle agus go</span> <lb n="155"/><span>ndícheannadh Tromcheo Draíochta maille le maithibh a theaghlaigh</span> <lb n="156"/><span>agus go dtiobhradh dias mac Rí Oileán na mBeo leis slán folláin</span> <lb n="157"/><span>dochum a n-athara féin arís agus go bhfúigfeadh Dún Íle na dhaighir</span> <lb n="158"/><span>dhonnrua dhearglasracha d'ainneoin lucht a chosanta agus do</span> <lb n="159"/><span>mhairseáil sé féin agus a mhórshlua i gcoimhideacht na gaoithe go</span> <lb n="160"/><span>Dún Íle. Ó do foilseadh an chomhéirí sin do Thromcheo Draíochta</span> <lb n="161"/><span>do chuir fios agus teachta uaidh d'iarraidh cuidithe agus cúnta ar</span> <lb n="162"/><span>a aos cumainn agus caradraidh féin seachnóin mara agus tíre go</span> <lb n="163"/><span>n-uige sin gach áit a rabhadar agus do chuir a litreacha agus a</span></p> </div> <pb n="135"/> <div><lb n="164"/><p><span>theachta go Donn Fírinn Ó gConaill go Cóige Mumhan, go Donn</span> <lb n="165"/><span>Céibhfhionn Mhaí hAoi go Cóige Chonnacht agus go Donn Binn</span> <lb n="166"/><span>Eachlabhra fris a ráitear Binn Eachlainne inniu as Cóige Uladh.</span> <lb n="167"/><span>Agus is uime adéarthaoi Binn Eachlabhra fris an mbinn sin .i. i</span> <lb n="168"/><span>dtráthaibh na Samhna do thigeadh each sleamhain, slíocthaí, móruafásach</span> <lb n="169"/><span>as an mbinn amach go roicheadh i bhfianaise na slua agus</span> <lb n="170"/><span>do labhradh de ghlór dhaonna fria chách agus do bheireadh fios,</span> <lb n="171"/><span>foirfe, fíoreolach do gach neach dá n-iarradh scéala air fá gach ní</span> <lb n="172"/><span>dá n-éireochadh dhó go ceann bliana ón tSamhain sin. Agus do</span> <lb n="173"/><span>fháigthí pronnta agus tíolaicthe móra aice ag an mbinn agus do</span> <lb n="174"/><span>ghéillidís na poibleacha dhi go haimsir Phádraig agus na naomhchléire.</span> <lb n="175"/><span>Agus do chuir fios chugamsa mar gach aon eile. Do chuaidh</span> <lb n="176"/><span>uainne na chomhdháil i gcuma cáich .i. fiche míle troitheach agus</span> <lb n="177"/><span>cúig mhíle dhéag marcach fána ndíol eachraidh, airm agus éididh.</span> <lb n="178"/><span>Agus is cuma gad é sin i bhfochair a dtáinig as na síbhrúibh eile do</span> <lb n="179"/><span>háirmheadh liom de chuidiú agus de chabhair Thromcheo Draíochta.</span></p> <lb n="180"/> <lb n="181"/><p><span>"Ag so anmanna na n-ardmhaithe do chuaidh uainn ar an éirí</span> <lb n="182"/><span>amach sin .i. Giolla Bríde Beag Ó Beoláin, síogaí as na Déisibh</span> <lb n="183"/><span>Mumhan atá na ghinearál campa ag Donn Fírinn Ó gConaill agus</span> <lb n="184"/><span>Giolla Fiamhach Ó Treoráin atá na ardchomandar ag Donn Céibhfhionn</span> <lb n="185"/><span>Mhaí hAoi, síogaí d'fhíorfhréimh na Cruachna, agus Colla</span> <lb n="186"/><span>Sciamhach Ó Deoráin atá na ghinearál ag Donn Binn Eachlabhra</span> <lb n="187"/><span>agus atá fós in ardcheannas armáil Chóige Uladh, maille le mórán</span> <lb n="188"/><span>eile nach n-áirmhthear sunn.</span></p> <lb n="189"/> <lb n="190"/><p><span>"Ach ar mo shon féin," ar an Gruagach, "ní bhfuil mé ach</span> <lb n="191"/><span>neachtartha óir ní bhfuil mé ach ar son mo láimhe féin amháin gan</span> <lb n="192"/><span>géilleadh d'aon neach ar bith eile. Agus atá machaire amárach</span> <lb n="193"/><span>eadrainn agus muintir an domhain toir in Íle agus gibé hagainn ar</span> <lb n="194"/><span>a mbrisfidhear ann ní bhiaidh cuid tionóil nó tiomsaithe aca go brách</span> <lb n="195"/><span>ó sin amach. Agus is mian liomsa a bheith i gceann mo mhuintire</span> <lb n="196"/><span>féin ansin agus is maith liom do chúnamhsa do bheith agam agus</span> <lb n="197"/><span>má thuilleann do ghníomhartha maith dhuitse é do bhéara mise an</span> <lb n="198"/><span>iníon sin thall mar mhnaoi agus mar bhanchéile dhuit má thigmíd</span> <lb n="199"/><span>beo ón gcath. Agus gibé hagainn a bhias beo an teaghlach so gona</span> <lb n="200"/><span>mbeanann ris do bheith aige agus mar bhias na hardmhaithe eile</span> <lb n="201"/><span>ag cuidiú lena muintir féin biaidh tusa agus mise ag treisiú ar</span> <lb n="202"/><span>muintire féin agus ag sin agadsa an t-ábhar fá bhfuilmidne comh</span> <lb n="203"/><span>uaigneach agus so anocht. Gidheadh biaidh go leor beo agus marbh</span> <lb n="204"/><span>sa teaghlach so san oíche amárach."</span> <lb n="205"/></p> </div> <pb n="136"/> <div><lb n="206"/><p><span>Ciodh trácht iar gclos na scéal lánuafásach sin dhamhsa is ionadh</span> <lb n="207"/><span>nach dearnadh geilt dhíom le méad m'eagla agus m'uafáis. Ach atá</span> <lb n="208"/><span>ní cheana do thuigeas dá n-aithnidís sin orm gurb móide dhéanadaois</span> <lb n="209"/><span>magadh agus baol spóirt dhíom é agus do chuireas mo dhóchas go</span> <lb n="210"/><span>daingean, diongbhála i nDia neartchuimseach neimhe go ndéanfainn</span> <lb n="211"/><span>neamhchás de gach ní nó go mbeireadh an lá orm. Agus ní eile fós</span> <lb n="212"/><span>is mó do bhí ar m'aire ná Dia féin .i. iníon an Ghruagaigh, óir níorbh</span> <lb n="213"/><span>fhada liom dá mbeinn i bpríosún purgadóra agus ise do bheith ar</span> <lb n="214"/><span>m'amharc le méad an ghrá tugas di ar mhodh nach raibh ar mo</span> <lb n="215"/><span>chumas gan a bheith ag amharc os ard agus os íseal ar iníon an</span> <lb n="216"/><span>Ghruagaigh. Agus mar do thuig an Gruagach sin ormsa adúirt an</span> <lb n="217"/><span>beagán briathra so d'fhoilsiú a lúchára romhamsa agus dar mo láimh</span> <lb n="218"/><span>ba cuma gad é mar bhí seisean ar a bhéal i bhfarradh mar do bhí</span> <lb n="219"/><span>mise ar mo chroí mar do bhí Dia diomaíoch dhíom agus is ea adúirt</span> <lb n="220"/><span>an Gruagach:</span></p> <lb n="221"/> <lb n="222"/><p><span>CzzzzzFil.</span> <lb n="223"/><span>"Ní bhfuil sna trí rannaibh se tug Marcus agus Caesar áin,</span> <lb n="224"/><span>'s Pompaí an flaithfhear nár choigil a spré ar dháimh</span> <lb n="225"/><span>aon na bheatha do gheabhadh an réalt so amháin</span> <lb n="226"/><span>ach tusa, a charaid, 's go maire tú féin na dáil."</span></p> <lb n="227"/> <lb n="228"/><p><span>CzzzzzPrós</span> <lb n="229"/><span>A haithle na mbriathar sin do bhí mise tamall go dubhach agus</span> <lb n="230"/><span>tamall go subhach óir nuair do smuaininn ar a dhul go hÍle arna</span> <lb n="231"/><span>mhárach in oirchill an mhórchatha sin do dhubhadh agus do bhánghlasadh</span> <lb n="232"/><span>mo ghnúis agus do thigeadh teimheal ar mo rosc ionas nárbh</span> <lb n="233"/><span>fhios dhamh cá háit a mbínn ach do smuaininn arís gur bheag de</span> <lb n="234"/><span>mhíorúile Dé nach gcuimhneochadh an Gruagach orm agus go</span> <lb n="235"/><span>mbeinn féin agus an iníon i gcuideachta a chéile go teacht dhósan</span> <lb n="236"/><span>ar ais arís ón gcath iarna mhárach. Ansin do shocraigh mo mheanma</span> <lb n="237"/><span>agus do ísligh mo léanta agus do philleadar mo spioraid dochum a</span> <lb n="238"/><span>n-oifige féin arís iad.</span></p> <lb n="239"/> <lb n="240"/><p><span>Ciodh trácht iar mbeith dhamhsa isna smuaintibh beagthábhachtacha</span> <lb n="241"/><span>sin, iarrais an Gruagach deoch do thabhairt chuige. Do</span> <lb n="242"/><span>éirigh an iníon na seasamh agus tug corn cumhdaigh, caomhfhleascach,</span> <lb n="243"/><span>clochbhuach léi agus do dháil don nGruagach é. Ólas an</span> <lb n="244"/><span>Gruagach deoch ormsa agus is ea a ro ráidh, "Ó tharla thusa comh</span> <lb n="245"/><span>buartha in intinn agus atá" ar sé, "idir chinnteacht agus éiginnteacht</span> <lb n="246"/><span>is fearrde thú deoch a ól as an gcorn so óir is de bhuaibh an</span> <lb n="247"/><span>choirn se gibé neach ólfas deoch as nach ba cuimhneach leis dua nó</span></p> </div> <pb n="137"/> <div><lb n="248"/><p><span>dochar dá mbiaidh roimhe nó na dhiaidh an tan ólfas í agus do </span> <lb n="249"/><span>gheabhadh fir dhomhain deoch as mar an gcéanna agus a rogha</span> <lb n="250"/><span>deoch do gach aon duine."</span></p> <lb n="251"/> <lb n="252"/><p><span>Glacaimse an corn iar sin agus ibhim deoch ar mhnaoi an</span> <lb n="253"/><span>Ghruagaigh agus a haithle na dí sin d'ól dhamhsa níor chuimhin</span> <lb n="254"/><span>liom scáth nó critheagla dá raibh orm feadh na hoíche roimhe sin.</span> <lb n="255"/><span>Do ól bean an Ghruagaigh deoch as mar an gcéanna agus níor lúide</span> <lb n="256"/><span>an corn ar ibheamar as.</span></p> <lb n="257"/> <lb n="258"/><p><span>"Is maith an seod an corn so agad, a Ghruagaigh," ar Mac na</span> <lb n="259"/><span>Míchomhairle.</span></p> <lb n="260"/> <lb n="261"/><p><span>"Pronnaim ortsa é," ar an Gruagach, "óir is mór fhoigheonas</span> <lb n="262"/><span>sé dhuit do chur meanma ionad sa gcath amárach."</span></p> <lb n="263"/> <lb n="264"/><p><span>"Go raibh maith agus mórbhuíochas agus onóir agad, a Ghruagaigh,</span> <lb n="265"/><span>agus aithris dhamh féin cá hainm atá ort nó ar an áras so ina</span> <lb n="266"/><span>bhfuilir do chónaí, nó cia haca d'fholaibh uaisle nó anuaisle an</span> <lb n="267"/><span>domhain do bhean."</span></p> <lb n="268"/> <lb n="269"/><p><span>"Gruagach Tíre Gan Taithí m'ainmse," ar sé, "agus iníon do</span> <lb n="270"/><span>Rí Thíre an Uaignis mo bhean agus an Dún Soghluaiste is ainm don</span> <lb n="271"/><span>dún so. Agus is uime gairthear an Dún Soghluaiste dhe, de bhrí</span> <lb n="272"/><span>nach usa linn a bheith anso anocht ná sa gcuid is faide uainn den</span> <lb n="273"/><span>domhan san oíche amárach."</span></p> <lb n="274"/> <lb n="275"/><p><span>Is ansin do fhiafraigh an Gruagach dhíom an n-imeorainn cluiche</span> <lb n="276"/><span>leis. Do fhiafraigh mise dhe gad é an gléas imeartha do bhí aige.</span> <lb n="277"/><span>Adúirtsean go raibh táifleasc, foireann agus péire díslí. Adúras féin</span> <lb n="278"/><span>go n-imeorainn ach gan eisean do dhéanamh leatrom orm de thaoibh</span> <lb n="279"/><span>draíochta. Adúirt an Gruagach nach déanadh.</span></p> <lb n="280"/> <lb n="281"/><p><span>Is ansin a tugadh táifleasc, foireann agus péire díslí anuas agus</span> <lb n="282"/><span>is amhlaidh do bhí an táifleasc sin .i. dhá chlár fiondruine do bhí</span> <lb n="283"/><span>inte agus folach eimearald uirre agus tighe de chnáimh álainn</span> <lb n="284"/><span>eilifinte agus grianán carrmhogail ionas go n-imeoradh dall gan</span> <lb n="285"/><span>súilibh oíche ré ndorcha re méad na soilse do bhí ag éirí dhi agus</span> <lb n="286"/><span>leath dá foirinn déanta d'ór álainn agus a leathfhoireann eile déanta</span> <lb n="287"/><span>d'airgead arna n-eagar araon go lánintleachtach le lámhaibh sua</span> <lb n="288"/><span>agus saorcheárta, de chlochaibh parthais Ádhaimh agus de gheamaibh</span> <lb n="289"/><span>fíoráilne criostail agus carrmhogail agus péire díslí nach fios</span> <lb n="290"/><span>sa domhan cá cinéal dá ndearnadh iad arna gcomhordú cheana.</span> <lb n="291"/><span>Do shuíomar an fhoireann agus chaitheamar na díslí. Ansin do</span> <lb n="292"/><span>fhiafraigh an Gruagach dhíom créad é an cluiche do imeorainn.</span> <lb n="293"/><span>Adúras-sa go rabhadar i meabhair liom fíorbhearta an tioca agus</span> <lb n="294"/><span>cinéal imeartha na táiflisce móire agus luathimirt an gheamain.</span> <lb n="295"/></p> </div> <pb n="138"/> <div><lb n="296"/><p><span>"Muise," ar an Gruagach, "imreamaoid cluiche na táiflisce</span> <lb n="297"/><span>móire."</span></p> <lb n="298"/> <lb n="299"/><p><span>Adúras féin gur thoil liom sin. Gidheadh ní fada do bhámar ag</span> <lb n="300"/><span>imirt an chluiche an tan do ghoin an Gruagach triúr dem fhoirinn</span> <lb n="301"/><span>agus do bhí mo chluiche caillte.</span></p> <lb n="302"/> <lb n="303"/><p><span>Iarraim ansin beart theagaisc ar inín an Ghruagaigh.</span></p> <lb n="304"/> <lb n="305"/><p><span>"Caith," ar sí, "aon agus dó agus cuir an t-aon i gcaladh is</span> <lb n="306"/><span>an bheirt ar thí an dó."</span></p> <lb n="307"/> <lb n="308"/><p><span>Glacaimse na díslí iar sin agus dar mo láimh dob fhearr liom ná</span> <lb n="309"/><span>flaitheas an domhain do bheith cinnte agam an t-aon agus an dó</span> <lb n="310"/><span>sin do chaitheamh agus d'imirt amhail do theagasc sise dhamh.</span> <lb n="311"/><span>Caithim na díslí iar sin go cearthaíoch, míthapa, mí-urmhaisneach</span> <lb n="312"/><span>agus is é urchar do chaitheas .i. an t-urchar nár caitheadh agus nár</span> <lb n="313"/><span>breacadh ar dhíslí riamh .i. cealtair fholamh. Leis sin glacas fearg</span> <lb n="314"/><span>agus lasán mé agus don deamhan maide do rug mé i láimh nó gur</span> <lb n="315"/><span>stadas.</span></p> <lb n="316"/> <lb n="317"/><p><span>"Saoilim féin nach maith imreas tú," ar an Gruagach. "Gidheadh</span> <lb n="318"/><span>pronnaim féin an táifleasc so ort le haghaidh imeartha agus</span> <lb n="319"/><span>foghlamtha óir is fearr imrim féin ná thú."</span></p> <lb n="320"/> <lb n="321"/><p><span>Ní raibh a fhios agam ansin gad é an gléas a dtiubhrainn buíochas</span> <lb n="322"/><span>a chinéil don nGruagach ach amháin go raibh eagla orm go gcaithfinn</span> <lb n="323"/><span>cuntas ginearálta do thabhairt uaim sa gcath iarna mhárach. Ach</span> <lb n="324"/><span>cheana ba deacair d'aineolaí nach bhfaca comhchosúlacht nó macasamhla</span> <lb n="325"/><span>na táiflisce sin riamh roimh an am sin aire do thabhairt</span> <lb n="326"/><span>do chluiche ach a bheith ag breathnú a caoindealfa. Ach dar a bhfuil</span> <lb n="327"/><span>ó mhá go trá níorbh ionadh gan mise do bhreith cluiche, óir cé go</span> <lb n="328"/><span>raibh mo chorp os ceann cláir ag an nGruagach is é áit a raibh</span> <lb n="329"/><span>m'intinn sa leith eile den teach mar a raibh iníon an Ghruagaigh</span> <lb n="330"/><span>agus is eagal liom gur tosach tubaiste mura bhfuil ag Dia. Atá so</span> <lb n="331"/><span>ag teacht arís:</span></p> <lb n="332"/> <lb n="333"/><p><span>CzzzzzFil.</span> <lb n="334"/><span>A Rí na Cruinne gan mise is an fhaoileann bhán</span> <lb n="335"/><span>araon ag imirt ar gcluiche ó oíche go lá,</span> <lb n="336"/><span>gan dís nó duine dár ngaire dár shíol ó Ádhamh</span> <lb n="337"/><span>is aon gibé heile bheith agamsa síos na clár.</span></p> <lb n="338"/> <lb n="339"/><p><span>Ar thioc, ar gheaman, ar bhrannamh nó ar tháiflisc mhóir</span> <lb n="340"/><span>ní mhaithfinn féin maide go maidin don naoi bhig óig</span> <lb n="341"/><span>ach m'fhearsa bheith i gcaladh agus beirt agam ar thí an dó</span> <lb n="342"/><span>'s gan cead a bheith aicese obadh nó diúltú dhó.</span> <lb n="343"/></p> </div> <pb n="139"/> <div><lb n="344"/><p><span>CzzzzzPrós</span> <lb n="345"/><span>Ní beag dhaoibh sin go gcluine sibh gad é an t-ordú bídh agus</span> <lb n="346"/><span>dí do cuireadh ar Mhac na Míchomhairle i dtigh Ghruagaigh Thíre</span> <lb n="347"/><span>gan Taithí an oíche sin. Óir a haithle na himeartha sin do folchadh</span> <lb n="348"/><span>boird shlimleathna na caithreacha sin d'éadaíbh agus de scaraoideacha</span> <lb n="349"/><span>fíoruaisle síoda agus sciamhshróil agus do cuireadh biadha</span> <lb n="350"/><span>saora, sochaife ar na bordaibh sin agus rogha gacha sórt dí ar cheana.</span> <lb n="351"/><span>Do shuidh an Gruagach i dtosach an bhoird agus do cuireadh mise</span> <lb n="352"/><span>mo shuí os a chomhair agus a iníon ar mo láimh dheis agus a bhean</span> <lb n="353"/><span>féin ar a láimh chlí agus do chaitheamar ar leordhóthain bídh agus</span> <lb n="354"/><span>dí ar an ordú sin. Is ansin do labhair an Gruagach ag rá, "Is mithid</span> <lb n="355"/><span>dhúinn codladh feasta," ar sé, "óir is fada uainn Íle go gcaithfeam</span> <lb n="356"/><span>a bheith ann ar a hocht a chlog ar maidin."</span></p> <lb n="357"/> <lb n="358"/><p><span>Nuair do chuala mise iomrá ar a dhul go hÍle níor fháig sé</span> <lb n="359"/><span>cuimhne agam ar shó nó ar sheascaireacht dá bhfuair mé feadh na</span> <lb n="360"/><span>hoíche roimhe sin, óir níor chruthaigh Dia ionad ba lú orm ná é óir</span> <lb n="361"/><span>do bhí mé cinnte de mo bhás go lándearfa ann. Is ansin do mheasas</span> <lb n="362"/><span>gurbh oircheas dhamh foilsiú éigin do bheith mo thimpeall d'ardtheiste</span> <lb n="363"/><span>na hiníne sin agus ar an áit a bhfacas í ionas gibé duine do </span> <lb n="364"/><span>gheabhadh mise marbh a haithle an chatha go bhfaigheadh cáil dá</span> <lb n="365"/><span>tuarascáil mo thimpeall agus thugas peann agus páipéar chugam</span> <lb n="366"/><span>agus do scríobhas mar atá na dhiaidh so síos:</span></p> <lb n="367"/> <lb n="368"/><p><span>CzzzzzFil.</span> <lb n="369"/><span>I sí go deimhin do chonairc mé féin an stáid,</span> <lb n="370"/><span>grua na ndrithleann ba gile ná géis ar snámh,</span> <lb n="371"/><span>éanlaith bhinne nach minic i bhfuacht ar fáil</span> <lb n="372"/><span>tar a guaillibh ag sileadh is ag pilleadh go luath na n-áit.</span></p> <lb n="373"/> <lb n="374"/><p><span>Ó bheith dá hamharc do lasas go léir dá grá</span> <lb n="375"/><span>'s mo chroí gur mhearaigh nach bhfaicimse léas den lá,</span> <lb n="376"/><span>a píob mar shneachta is a mamaí cruinn, gléala, breá</span> <lb n="377"/><span>'s dar an Rí ní maith liom nach agamsa féin atá.</span></p> <lb n="378"/> <lb n="379"/><p><span>An scéal mar theagmhas le hainnir na maothchrobh mbláith</span> <lb n="380"/><span>ar aon ní cheilfead súd feasta ós fíor mo bhás</span> <lb n="381"/><span>'s má shaoileann duine ar bith nach bhfuilim na diaidh dom chrá</span> <lb n="382"/><span>nár ba saolach mise mur' bhfuil fhios ag Dia mar atáim.</span></p> <lb n="383"/> <lb n="384"/><p><span>CzzzzzPrós</span> <lb n="385"/><span>Is ansin do chóirigh an iníon iomdha agus ardleabaidh dhamhsa</span> <lb n="386"/><span>agus do luíos uirre agus do chuaidh an Gruagach dá leabaidh luí</span></p> </div> <pb n="140"/> <div><lb n="387"/><p><span>féin iar bhfágbháil imchoimirce beatha agus sláinte agamsa. Do</span> <lb n="388"/><span>chóirigh an iníon a leabaidh iar sin os comhair mo leapasa sa</span> <lb n="389"/><span>tseomra chéanna agus do thuigeas uirre gur mhaith léi mise do</span> <lb n="390"/><span>theacht dá hionsaí gan fhios óir do thug sí go leor misní dhamh</span> <lb n="391"/><span>mar aon lena béal, lena súilibh agus lena lámhaibh agus le gach</span> <lb n="392"/><span>comhartha eile suirí. Adúirt sí liom fós gan scáth nó critheagla do</span> <lb n="393"/><span>bheith orm de thaoibh na scéal lánuafásach sin do inis a hathair</span> <lb n="394"/><span>dhamh i dtosach na hoíche fá dhul go hÍle arna mhárach in araicis</span> <lb n="395"/><span>an mhórchatha sin do bhí idir Ruán Luaimneach agus Tromcheo</span> <lb n="396"/><span>Draíochta. "Óir ar mhaitheas an domhain," ar sí, "ní bhéaradh</span> <lb n="397"/><span>sé duine saolta ar bith ann."</span></p> <lb n="398"/> <lb n="399"/><p><span>Tug an comhrá sin croí agus misneach ábhalmhór dhamhsa agus</span> <lb n="400"/><span>tugas buíochas dise ar son a scéal. Luíos an iníon ina leabaidh iar</span> <lb n="401"/><span>múchadh soilsí na caithreacha. Níor chian damhsa iar sin an tan do</span> <lb n="402"/><span>ghluais mo chinniúin chrosta, choirpe, mhíchomhnaitheach a bheith</span> <lb n="403"/><span>dom sporadh i gceann m'aimhlis ar mhodh nár fhéadas suan sáil nó</span> <lb n="404"/><span>síorchodladh do dhéanamh nó gurbho héigean dhamh éirí go hiníon</span> <lb n="405"/><span>an Ghruagaigh. Gluaisim ansin go réimdhíreach dá hionsaí agus an</span> <lb n="406"/><span>tan do shaoileas a bheith i ngar nó i ngaire dá leabaidh is é áit a</span> <lb n="407"/><span>bhfuair mé m'eolas i ndiamhair uaigneach, dho-eolais coilleadh gan</span> <lb n="408"/><span>taithí duine nó ainmhí ann.</span></p> <lb n="409"/> <lb n="410"/><p><span>Ach atá ní cheana do thuigeas nach rabhas gan aimsiú áibhirseoireachta</span> <lb n="411"/><span>dá imirt ag mo lucht aon tí fón am sin orm. Níor chian</span> <lb n="412"/><span>damh iar sin ag éisteacht le bánánaibh agus le bocánaibh agus le</span> <lb n="413"/><span>heithidí adhuafara, ró-urchóideach na coilleadh sin an tan do chualas</span> <lb n="414"/><span>an uaillghuth urchóideach, adhuafar agus an screadfach guthard,</span> <lb n="415"/><span>géarloiscneach chugam sa ngleann gacha ndíreach. Ní raibh de mhéad</span> <lb n="416"/><span>mo chearthaí nó m'eagla nár chuir sin spiorad gealtacht ionam</span> <lb n="417"/><span>ionas gur ghluaiseas romham amhail geilt ar n-imeacht as ár nó as</span> <lb n="418"/><span>gábh nó mar fhia ar ndúscadh as a leabaidh luí ag faicsin a bhíobha</span> <lb n="419"/><span>agus a eascarad ullamh, urlaicthe ar a cheann. Is é sin trice, tairpí,</span> <lb n="420"/><span>dithne agus déine an torainn thréanreatha do ríneas. Agus nuair</span> <lb n="421"/><span>do shaoileas réiteach as an gcoill amach is é áit a bhfuaras m'eolas</span> <lb n="422"/><span>.i. ar má taobhleathan, taitneamhach i gceartlár an ghleanna agus</span> <lb n="423"/><span>is amhlaidh do bhí an má sin .i. cnocán lán-chruinn, fíor-ard ina</span> <lb n="424"/><span>cheartlár agus do bhí d'airde an chnoic sin gur mheas mise dá mbeinn</span> <lb n="425"/><span>thuas air, nár bhaol dhamh duine nó ainmhí dá raibh sa gcoill an</span> <lb n="426"/><span>oíche sin.</span></p> <lb n="427"/> <lb n="428"/><p><span>Gluaisim ar amas an chnoic sin agus ar dteacht dá ionsaí dhamh</span> <lb n="429"/><span>is amhlaidh fuaras é arna thimpeallradh re criosaibh fionngheala</span></p> </div> <pb n="141"/> <div><lb n="430"/><p><span>amhail iomaireacha ar modh go roicheadh céim mic i gceann a</span> <lb n="431"/><span>mhíosa ón gcrios go chéile dhíobh. Do mheas mise go mba usaide</span> <lb n="432"/><span>dhamh a dhul suas ar a bheith amhlaidh sin dó agus gluaisim mo</span> <lb n="433"/><span>chéimeannaibh tinneasnacha, tréanluatha agus mo réim ndíscir,</span> <lb n="434"/><span>luathreatha go ndeachas ar ard an chnoic sin suas agus is é ní fuaras</span> <lb n="435"/><span>ar mo cheann ann .i. muir aibhseach, thiúthonnach agus cuan</span> <lb n="436"/><span>cainteach, coigeadalach gan slí taithí nó timpeallraidh óna faide agus</span> <lb n="437"/><span>óna himchéine.</span></p> <lb n="438"/> <lb n="439"/><p><span>Do bhí mise ag siúl re hais an chuain chaintigh, chúr-anfaigh</span> <lb n="440"/><span>sin tamall nó go bhfacas seanlong bhriste, bhearnach do chuir an</span> <lb n="441"/><span>tonn i dtír i bhfad roimhe sin na luí ar an trá. Do mheas mise gurb é</span> <lb n="442"/><span>Dia neartchuimseach neimhe do threoraigh mise dochum na seanloinge</span> <lb n="443"/><span>sin agus mar an gcéanna do chuir ise dochum na háite sin</span> <lb n="444"/><span>chum mise do shábháil ar adhmhilleadh nó ar dhul a d'éag ansin.</span> <lb n="445"/><span>Gabhaim ag leasú agus ag lánchóiriú na seanloinge sin agus níorbh</span> <lb n="446"/><span>í sin an obair gan fheidhm nó an aimsir dá caitheamh go díomhaoin.</span> <lb n="447"/><span>Agus ní cian do bhí mise ar an ordú sin an tan do chualas an uaillghuth</span> <lb n="448"/><span>agus an scréachach ghránna, ghearánach, adhuafar chugam sa</span> <lb n="449"/><span>ngleann gacha ndíreach. Ach atá fhios ag an té bhíos gealtach</span> <lb n="450"/><span>cionas do bhí mise an uair sin. Ach atá ní cheana - ní tráth anois a</span> <lb n="451"/><span>bheith dá inisin - is ansin do chuireas an tseanáirc sin amach ó thír</span> <lb n="452"/><span>agus gabhaim dá stiúradh ar dhaingne agus ar dhoimhne an uisce sin.</span> <lb n="453"/><span>Ciodh trácht ní cian ón oirear do chuas an tan do éirigh an ghaoth</span> <lb n="454"/><span>ghlórach, ghrodshiúlach as doirsibh toinne na talún ar mhodh gur</span> <lb n="455"/><span>chuir cogadh agus coinscleo fá uiscíbh na talúna go huile. An tan do</span> <lb n="456"/><span>mhothaigh an t-uisce an chomhéirí sin na gaoithe ina haghaidh,</span> <lb n="457"/><span>do éirigh féin na broinntibh brúchtmhara, cainteacha, díchoiscthe,</span> <lb n="458"/><span>do-eadrána agus na dromchlaibh doirbhe, imeall-fhliucha, oscartha</span> <lb n="459"/><span>agus na sléibhtibh coigeadalacha, cúr-mhearanfacha agus ina mothar</span> <lb n="460"/><span>mheascthaí, mhear-dhúthonnach agus na srutha siúlacha, searbha,</span> <lb n="461"/><span>sárluatha agus na coilltibh toirteacha, trombhraonacha, barrcheathannacha</span> <lb n="462"/><span>agus na cnocaibh ceanngharbha, corracha, ciachdhorcha</span> <lb n="463"/><span>agus na gleanntaibh doimhne, do-eolais. Is ansin do</span> <lb n="464"/><span>thuigeas gur mhionnaigh na dée cealgacha, claonbhreitheacha sin</span> <lb n="465"/><span>leath ar leath .i. Aeolus, dia na gaoithe, agus Neptunus, dia na</span> <lb n="466"/><span>farraige, gan síth nó osadh do dhéanamh re chéile nó go mbásadh</span> <lb n="467"/><span>agus go mbuanbháthadh mise eatarra. Ach atá ní cheana do bhí</span> <lb n="468"/><span>de dhoirbhe a gcoimis re chéile agus d'olcas na seanáirce sin ina</span> <lb n="469"/><span>rabhas mar aon re dofhulang na gaoithe agus de dhíchoiscthe na</span></p> </div> <pb n="142"/> <div><lb n="470"/><p><span>dtonn go raibh an sáile searbhrua na shrutha, ina linntibh agus na</span> <lb n="471"/><span>chithbhraonaibh ag teacht isteach ar gach taobh den tseanárthach sin</span> <lb n="472"/><span>orm. An tan do chonairc mise mo chríocha déanacha comhchinnte</span> <lb n="473"/><span>agus sin agam do léigeas éimhe fada, fíorthrua agus gártha groda</span> <lb n="474"/><span>géarchaointe os ard asam ag iarraidh ar Dhia mo shábháil as an</span> <lb n="475"/><span>ngábh lánchrua sin ina rabhas agus do bhí de mhéad mo chaointe</span> <lb n="476"/><span>agus mo chongháire go gcualaidh an Gruagach mé agus gur fhógair</span> <lb n="477"/><span>solas do lasadh.</span></p> <lb n="478"/> <lb n="479"/><p><span>Do éirigh an iníon agus do las sí solas gan mhoill agus do tháinig</span> <lb n="480"/><span>sí féin agus a hathair fá fhoghar mo ghearáinse agus is é áit a bhfuair</span> <lb n="481"/><span>siad mise ar shíothail mhóir mo shuí i gceartlár dabhcha lánmhóire</span> <lb n="482"/><span>leanna nó díleanna do bhí istigh agus is amhlaidh a tharla an</span> <lb n="483"/><span>t-ionad suirí sin dhamhsa .i. nuair do éirigh mise go hiníon an</span> <lb n="484"/><span>Ghruagaigh ní cian do chuas an tan do thuigeas go rabhas ar seachrán</span> <lb n="485"/><span>agus do bhí cat fo pheithreadh istigh agus do shaoil mise gurb</span> <lb n="486"/><span>beithíoch urchóideach eile do bhí ann. Glacaim scaoll agus scéin</span> <lb n="487"/><span>chugam agus is é áit a bhfuaras m'eolas i siléar an Ghruagaigh. Ní</span> <lb n="488"/><span>cian do chuas an tan do tharla an dabhach lánmhór so liom na suí</span> <lb n="489"/><span>i gceartlár an tsiléir agus í lán de leann úr do téadh an lá sin féin</span> <lb n="490"/><span>agus gan faill aige oibriú do dhéanamh agus amhail is gnáth soitheach</span> <lb n="491"/><span>luaile d'fhágbháil in gach leann úr chum ullmhaithe is amhlaidh sin</span> <lb n="492"/><span>tarla an tsíothal sa dabhaigh an uair sin. Agus le méad m'eaglasa</span> <lb n="493"/><span>do thaibhseadh dhamh gurb seanáirc bhriste do bhí ann agus gurb</span> <lb n="494"/><span>cnoc ard an dabhach agus gurb farraige lánuafásach an leann agus</span> <lb n="495"/><span>gurb fonsaí úra na dabhcha na hiomaireacha sin do bhí timpeall an</span> <lb n="496"/><span>chnoic agus nuair do shaoileas a bheith sábháilte ar urchóid ar bith</span> <lb n="497"/><span>is ansin do chualas an cat ag doras an tsiléir. Clisimse ar an tsíothal</span> <lb n="498"/><span>i gceartlár na dabhcha do mo shábháil féin uirre óir do mheasas</span> <lb n="499"/><span>gurb beithíoch adhmhillteach eile do bhí ann. Is ansin do thionscain</span> <lb n="500"/><span>an leann oibriú do dhéanamh ionas gan chontúirt gur shaoil mise</span> <lb n="501"/><span>gur anfa lánmhór do bhí ann. An ghaoth iomorra is é dob fhachain</span> <lb n="502"/><span>agus dob fhíorábhar dhi .i. fuinneog do fágbhadh foscailte ar an</span> <lb n="503"/><span>tsiléar agus an ghaoth do theacht ar an taoibh sin den tigh an oíche</span> <lb n="504"/><span>sin agus a bheith ag teacht isteach orm amhail do chualabhair.</span></p> <lb n="505"/> <lb n="506"/><p><span>Ach cheana thig an Gruagach agus a iníon os mo cheann sa</span> <lb n="507"/><span>dabhaigh agus do mhaígh a ngean gháire ar gach duine dhíobh agus</span> <lb n="508"/><span>dar mo bhriathar dob fhearr liomsa an cat féin dom ithe ná iadsan</span> <lb n="509"/><span>dom fháil amhlaidh sin. Agus is ea adúirt an Gruagach, "Is cosúil</span> <lb n="510"/><span>gur mór an fonn spóirt nó mairnéalachta sin do bhí ort," ar sé, "an</span></p> </div> <pb n="143"/> <div><lb n="511"/><p><span>tan do chuaidh tú ina chomhchúng sin de loing nó d'áirc gan lón,</span> <lb n="512"/><span>gan lánchostas leat agus más ag dul d'ionsaí m'inínese do bhí tú</span> <lb n="513"/><span>dob usa dhuit teacht ar mórthír dá hionsaí ná ar muir agus bí ag</span> <lb n="514"/><span>teacht d'ionsaí do leapa feasta agus ná héirí níos mó go raibh tú</span> <lb n="515"/><span>cinnte cá racha tú."</span></p> <lb n="516"/> <lb n="517"/><p><span>Adúras féin go rachainn agus go rabhas buíoch dhesean ar son</span> <lb n="518"/><span>a chomhairle. Do éiríos amach as an dabhaigh mar mhairnéalach</span> <lb n="519"/><span>iar mbáthadh a loinge agus triallaim d'ionsaí mo leapa go hatuirseach,</span> <lb n="520"/><span>imníoch agus adúirt an Gruagach gan ní sa mó de bhuaireamh</span> <lb n="521"/><span>do chur orm an oíche sin agus do chuaidh féin agus a iníon dá leapachaibh</span> <lb n="522"/><span>iar múchadh soilse na gcoinneal dhóibh. Is ansin do ghabh</span> <lb n="523"/><span>mise ag imcháineadh na huaire do thionscain mé an innéirí sin do</span> <lb n="524"/><span>dhéanamh agus ag ordú mé féin a bheith fiche léig ón teach sin sul</span> <lb n="525"/><span>fá dtigeadh maidin iarna mhárach ar son nach raibh ach scarúin</span> <lb n="526"/><span>cinn re colainn dhamh an iníon d'fhágbháil mo dhiaidh agus is ea</span> <lb n="527"/><span>adúras:</span></p> <lb n="528"/> <lb n="529"/><p><span>CzzzzzFil.</span> <lb n="530"/><span>"Is trua nach bhfuilim 's gan duine faoin ngréin mo dháil</span> <lb n="531"/><span>thíos sna glinnibh 's gan siolla den scéal ar fáil</span> <lb n="532"/><span>gan péarla bheith umam dár cumadh le saothar lámh</span> <lb n="533"/><span>ach an t-éadach brollaigh bhíos fá Nollaig fo shléibhte Cairn.</span></p> <lb n="534"/> <lb n="535"/><p><span>Gach dua, gach dochar, gach peannaid, gach pian, gach páis,</span> <lb n="536"/><span>gach guais, gach galar, gach aicis, gach buairt, gach gráin</span> <lb n="537"/><span>ó neamh go talamh ag fearthainn mo dhiaidh atá</span> <lb n="538"/><span>ó chuaidh mé sa dabhaigh is an talamh glan, réidh ar fáil.</span></p> <lb n="539"/> <lb n="540"/><p><span>Ní mór má mhairim 's is fogas do mo bhéal an bás</span> <lb n="541"/><span>'s is rómhór m'eagla nach bhfaicim go héag an lá.</span> <lb n="542"/><span>'S gach aon nach gcreideann go bhfuilimse i bpéin sa gcás</span> <lb n="543"/><span>uch! fios mo ghalairse thairis nár thé go brách.</span></p> <lb n="544"/> <lb n="545"/><p><span>Mo chuairt arís dá hionsaí</span> <lb n="546"/><span>is trua thionscnas a dhéanamh.</span> <lb n="547"/><span>Éistidh liomsa go n-insead</span> <lb n="548"/><span>brí chinnte mo scéala."</span></p> <lb n="549"/> <lb n="550"/><p><span>CzzzzzPrós</span> <lb n="551"/><span>Ar ndul don nGruagach a chodladh do mhúch an iníon coinnle</span> <lb n="552"/><span>agus soilsí an tí agus do luigh sí ina leabaidh féin arís agus ba cuma</span></p> </div> <pb n="144"/> <div><lb n="553"/><p><span>gad é gach comhartha dá dtug sí dhamh i dtosach na hoíche i</span> <lb n="554"/><span>bhfarradh gach a dtug sí dhamh an dara huair. Ciodh trácht níor</span> <lb n="555"/><span>thóig mise súil nó cluas nó síor-radharc le haon chomhartha dhíobh</span> <lb n="556"/><span>sin ach amhail nach bhfaicfinn iad. Agus ní cian do bhí mé ar an</span> <lb n="557"/><span>ordú sin an tan do thit támh neamhshuaimhneach codlata orm agus</span> <lb n="558"/><span>níorbh é sin an codladh coisreactha óir ní raibh taibhse nó taispeánadh</span> <lb n="559"/><span>ó neamh go cuan Achaeron agus go sruth Stiocs nach raibh</span> <lb n="560"/><span>dá thaibhreamh agus dá thaispeánadh damh nó gur chliseas as mo</span> <lb n="561"/><span>chodladh agus níor chuimhin liom scáth nó critheagla dá raibh orm</span> <lb n="562"/><span>feadh na hoíche roimhe sin. Gidheadh do bhí glanchuimhne agam</span> <lb n="563"/><span>ar an áit a raibh leabaidh na hiníne agus do mheasas nach raibh</span> <lb n="564"/><span>teacht ó náire agam gan cuairt do dhéanamh aice tar éis a dtug sí</span> <lb n="565"/><span>de mhisnigh dhamh i dtosach na hoíche agus ní eile fós do mheasas</span> <lb n="566"/><span>.i. dá mbeith sise ag cuidiú liom nárbh ábhar eagla dhamh nó go</span> <lb n="567"/><span>bhfágainn an áit sin a rabhas agus nach raibh ar bith uair no am</span> <lb n="568"/><span>dob fhearr ná an uair do bhí i láthair má bhí Dia ag gealladh maitheasa</span> <lb n="569"/><span>dhamh óir ní raibh ach seacht dtroithe ó mo leabaidhse an</span> <lb n="570"/><span>áit a raibh sise agus í na huathadh agus na haonar. Clisimse mo</span> <lb n="571"/><span>sheasamh go mear, míthapa, mí-urmhaisneach agus gluaisim ar</span> <lb n="572"/><span>amas na hiníne agus an tan do shaoileas a bheith i ngar nó i ngaire</span> <lb n="573"/><span>dá leabaidh - do shaoileas go sibheolainn seacht míle ón am fár</span> <lb n="574"/><span>éiríos go halt na huaire sin - is é áit a bhfuaras m'eolas ar faiche</span> <lb n="575"/><span>thaobhleathan, thaitneamhach gan tadhall duine nó ainmhí ar bith</span> <lb n="576"/><span>uirre.</span></p> <lb n="577"/> <lb n="578"/><p><span>Is ansin do thuigeas go fíordheimhin go rabhas ar seachrán agus</span> <lb n="579"/><span>do chuimhnigh mé ar gach siabhradh agus ar gach trioblóid dar</span> <lb n="580"/><span>éirigh dhamh feadh na hoíche roimhe sin agus ní barr misní tug sin</span> <lb n="581"/><span>dhamh ach barr meatacht agus mílaochtacht óir do thuig mé nach</span> <lb n="582"/><span>raibh ach tús ar bhuaireamh agam. Gabhaim ag amharc mo</span> <lb n="583"/><span>thimpeall d'fhéachain cá seolfadh Dia dhamh a dhul. Níor chian</span> <lb n="584"/><span>damh iar sin an tan do chonairc mé an beithíoch dubh, diabhlaí,</span> <lb n="585"/><span>ceannchrom, crónánach chugam sa bhfaiche gacha ndíreach agus</span> <lb n="586"/><span>go n-anfadh mion-úll nó mór-airne ar barr gach ruainne den moing</span> <lb n="587"/><span>ghairbh, ghráiniúil do bhí ar chír a dhroma agus a leathanmhuinéil,</span> <lb n="588"/><span>dá shúil thámhacha, lochliatha, lainneacha ina cheann, soc faon,</span> <lb n="589"/><span>fada, gleannach, gannfheolach aige agus cosa gearra, giobacha ag a</span> <lb n="590"/><span>imfhulang ina sheasamh agus é ag teacht fán toichim agus fán</span> <lb n="591"/><span>tuarascáil sin mo choinne agus i mo chomhdháilse.</span></p> <lb n="592"/> <lb n="593"/><p><span>Nuair do smuainigh mise gurb chugam féin do dhéanamh díthe</span> <lb n="594"/><span>agus díobhála do bhí sé ag teacht do ghlac folc fíoráibhéil, díchoiscthe</span></p> </div> <pb n="145"/> <div><lb n="595"/><p><span>agus tuile tromthréan, tiúláidir eagla mé. Óir ní fhacas</span> <lb n="596"/><span>díon nó daingne agam ina rachainn ar teitheadh nó ar imghabháil</span> <lb n="597"/><span>roimhe, agus ní mó bhí cara nó comhchéile dom ghaire dhéanadh</span> <lb n="598"/><span>anacal nó eadráin eadram agus é. Ach atá ní cheana, do thuigeas</span> <lb n="599"/><span>nár tráth fuirigh dhamh agus mo namhaid agus m'eascaraid comh</span> <lb n="600"/><span>fogas agus sin dhamh. Trustalaimse mo léine os beannaibh mo mhás</span> <lb n="601"/><span>go lán-ard agus gluaisim mo shí scáfar, scanradhach, critheaglach</span> <lb n="602"/><span>go dtángas go himeall na faiche agus is é ní fuaras ar mo cheann</span> <lb n="603"/><span>ann .i. buinne róthréan rabharta d'abhainn mhórleathan bháite gan</span> <lb n="604"/><span>slí coisí nó marcaigh uirre. Níorbh fhios dhamh ansin cia haca dob</span> <lb n="605"/><span>fhearr dhamh do dhéanamh .i. mo bháthadh nó an beithíoch dealbhghránna</span> <lb n="606"/><span>sin dom ithe. Gidheadh do chualas go minic dá rá gurb</span> <lb n="607"/><span>iomaí uair do shnámh duine nár shnámh aon bhang riamh re heagla</span> <lb n="608"/><span>agus do bhí mise dearfa má shnámh duine ar bith re heagla riamh go</span> <lb n="609"/><span>snámhfainn féin gan amhras an uair sin. Is ansin do bheanas mo</span> <lb n="610"/><span>léine dhíom agus do cheanglas fá bhranraibh mo bhrád í agus do</span> <lb n="611"/><span>fhéachas gach taobh dhíom d'fhéachain cá fada uaim do bhí an</span> <lb n="612"/><span>beithíoch dealbhghránna sin do bhí mo thóraíocht agus is é áit a</span> <lb n="613"/><span>bhfacas ar mo chúla é agus a chraosbheol foscailte chugam. Agus</span> <lb n="614"/><span>ní haghaidh dhána, dhíolúnta tugas air ach mo bhaothléim ard,</span> <lb n="615"/><span>éanúil do thabhairt i lár agus in idirmheán na haibhne sin agus</span> <lb n="616"/><span>gabhaim ag iomlat mo chos agus mo lámh go lántsaothrach ag</span> <lb n="617"/><span>iarraidh snámh do dhéanamh ach is beag an tairbhe do bhí dhamhsa</span> <lb n="618"/><span>an mórshaothar sin do chur orm óir is amhlaidh do bhí an t-uisce sin</span> <lb n="619"/><span>na broinntibh tromthéachtaí ionas nach bhféadfainn snámh do</span> <lb n="620"/><span>dhéanamh agus nach mó d'fhéadfadh long nó lánáirc siúl nó sárimeacht</span> <lb n="621"/><span>do dhéanamh uirre óna liostacht agus óna lánaimhréidh. Is</span> <lb n="622"/><span>ansin do thuigeas go féigh, fíordheimhin gurb i muir théachtaí do</span> <lb n="623"/><span>tharla mé agus nach bhfúigfinn í go brách nó go mbáifí mé agus go</span> <lb n="624"/><span>n-itheadh éanlaith chonfacha an aidheoir m'fheoil agus m'fhionnleathar</span> <lb n="625"/><span>dhíom. Is ansin do ghabhas ag cáineadh uaire mo ghiniúna</span> <lb n="626"/><span>agus ag mallú uair mo chinniúna agus ag idirghuí Dé na nDúil fá mo</span> <lb n="627"/><span>shábháil as an ngábh lánchrua sin ina rabhas. Do chuala an Gruagach</span> <lb n="628"/><span>na haiscthe lántrua sin agus fógras solas do lasadh d'fhéachain créad</span> <lb n="629"/><span>dob ábhar do na mórghárthaibh sin. Do las an iníon coinneal agus</span> <lb n="630"/><span>táinig sí féin agus a hathair fá fhoghar mo ghearáinse agus is é áit</span> <lb n="631"/><span>a bhfuair siad mise in umar mhórfhairsing ina mbíodh uisce agus</span> <lb n="632"/><span>triosc ag muclach an Ghruagaigh agus mo bhéal fúm agus mé ag</span> <lb n="633"/><span>iomlat mo chos agus mo lámh ag iarraidh snámh do dhéanamh. Ach</span> <lb n="634"/><span>is beag an tairbhe do bhí dhamhsa an mórshaothar sin do chur orm</span></p> </div> <pb n="146"/> <div><lb n="635"/><p><span>óir do cheangail an triosc dhíom ionas nach raibh ar mo chumas aon</span> <lb n="636"/><span>chor do chur dhíom. Ach atá ní cheana táinig an Gruagach agus a</span> <lb n="637"/><span>iníon os mo cheann agus sheasaimh duine aca ar gach taoibh dhíom</span> <lb n="638"/><span>agus is ea adúirt an Gruagach más fonn snámha nó fothraigthe do </span> <lb n="639"/><span>bhí orm go mba uras dhamh uisce ba glaine ná sin d'fháil. An tan do </span> <lb n="640"/><span>chualas an glór daonna dó thógbhas mo cheann agus do bhí mo bhéal</span> <lb n="641"/><span>agus mo shúile lomlán den uisce agus den triosc ionas nach raibh ar</span> <lb n="642"/><span>mo chumas mo shúile d'fhoscladh agus iar nglanadh mo shúl damh</span> <lb n="643"/><span>féachaim cia labhair liom agus aithním an Gruagach agus a iníon</span> <lb n="644"/><span>agus iad na seasamh ar gach taoibh dhíom agus aithním fós gur sa</span> <lb n="645"/><span>teach do bhás go n-uige sin. Agus féachaim fós an bhfaicfinn an</span> <lb n="646"/><span>beithíoch dealbhghránna sin do bhí mo thóraíocht agus is ea do </span> <lb n="647"/><span>choncas na sheasamh le taoibh an ionaid sin a rabhas é .i. peata</span> <lb n="648"/><span>muice duibhe do bhí ag an nGruagach agus mar is san áit sin a raibh</span> <lb n="649"/><span>mise do ghnáthadh sí beatha d'fháil is í sin uair agus aimsir a raibh</span> <lb n="650"/><span>ag teacht dá hionsaí .i. an dara huair do éirigh mise go hiníon an</span> <lb n="651"/><span>Ghruagaigh agus is é áit a dtarla damh í .i. i gceartlár an urláir.</span></p> <lb n="652"/> <lb n="653"/><p><span>Iar dtuigsin gach buaireamh lánurchóideach dár éirigh dhamh</span> <lb n="654"/><span>feadh na hoíche is ionadh nach dearnadh geilt dhíom agus fós nachar</span> <lb n="655"/><span>éalóidh m'anam den náire asam fá iadsan dom fháil amhlaidh sin.</span></p> <lb n="656"/> <lb n="657"/><p><span>"Éirigh," ar an Gruagach, "agus bí ag teacht a d'ionsaí do leapa</span> <lb n="658"/><span>feasta óir níl an lá leathuair uait anois. Agus is cosúil ó do mheath</span> <lb n="659"/><span>an dá ghléas innéirí sin do ghlac tú .i. an tsíothal agus an t-umar</span> <lb n="660"/><span>nach n-éiríonn ádh nó éadáil leat agus is í mo bharúilse go mba neasa</span> <lb n="661"/><span>dhuit í dot chois ná le teacht i gcoite nó i mbáda dá hionsaí. Óir ní</span> <lb n="662"/><span>bhfuil Dia toilteanach ar sibh a bheith i gcuideachta a chéile nó go</span> <lb n="663"/><span>raibh sibh pósta de mholadh na ndée se againne, óir is iad do</span> <lb n="664"/><span>thaispeáin na míorúile úd ort óir chuiris romhad peaca in aghaidh</span> <lb n="665"/><span>a reachta agus a ndlíthe do dhéanamh."</span></p> <lb n="666"/> <lb n="667"/><p><span>Éirímse amach as an ionad thruaillithe, shalach sin a rabhas</span> <lb n="668"/><span>agus níor léig an náire dhamh aon fhocal do labhairt.</span></p> <lb n="669"/> <lb n="670"/><p><span>"Codail feasta," ar an Gruagach, "óir ní bhfuil an lá leathuair</span> <lb n="671"/><span>uait."</span></p> <lb n="672"/> <lb n="673"/><p><span>Adúras féin go ndéanainn agus nach gcuirfinn romham éirí ní </span> <lb n="674"/><span>sa mó go maidin agus is ea adúras:</span></p> <lb n="675"/> <lb n="676"/><p><span>CzzzzzFil.</span> <lb n="677"/><span>"A shíogaí linbh bheir m'aigne faoi bhuairt mar atá</span> <lb n="678"/><span>gan suan, gan chodladh ach ag osna ós fíor mo bhás,</span> <lb n="679"/><span>tabhair faoiseamh is osadh faoi mhaidin dhamh, a mhíle grá,</span> <lb n="680"/><span>nó tar éis m'adhlaicthe biaidh mise dod bhuaireamh a ghnáth."</span> <lb n="681"/></p> </div> <pb n="147"/> <div><lb n="682"/><p><span>CzzzzzPrós</span> <lb n="683"/><span>Ar ndul don nGruagach a chodladh nuair do mhúch an iníon</span> <lb n="684"/><span>coinnle agus soilse an tí do éirigh sí chugam dochum mo leapa agus</span> <lb n="685"/><span>do chuir sí a lámh fá mo bhráid agus do thoirbhir sí mé de phógaibh</span> <lb n="686"/><span>go dil agus go díochra tar éis sin agus do thug sí an uile mhisneach</span> <lb n="687"/><span>dhamh lena súilibh agus lena lámhaibh agus adúirt sí liom fós gan</span> <lb n="688"/><span>níos mó d'eagla bheith orm an oíche sin agus ach murab é nár léig</span> <lb n="689"/><span>eagla a hathara dhi é go luífeadh sí agam. Ciodh trácht níor thóig</span> <lb n="690"/><span>mise súil nó síor-radharc le haon chomhartha dhíobh. Ansin do </span> <lb n="691"/><span>chuaidh an iníon dá leabaidh féin agus do fháig sí soilse lasta ionas</span> <lb n="692"/><span>go mba usaide dhamhsa eolas d'fháil é.</span></p> <lb n="693"/> <lb n="694"/><p><span>Níor chian damh iar sin an tan do thit támh codlata orm agus</span> <lb n="695"/><span>do chliseas as an gcodladh sin i gcéaduair. Is ansin do smuaineas</span> <lb n="696"/><span>ar iníon an Ghruagaigh agus níorbh fhéidir liom codladh nó cónaí</span> <lb n="697"/><span>d'fháil nó gur éiríos dá hionsaí agus nuair do shaoileas sitheadh do</span> <lb n="698"/><span>thabhairt dá hionsaí dochum a leapa is é áit a bhfuaras m'eolas ar</span> <lb n="699"/><span>má úrghlas, lániontach i lár gleanna uafásach, lánaimhréidh. Agus</span> <lb n="700"/><span>is amhlaidh do bhí an gleann sin .i. múr uafásach, an-láidir balla na</span> <lb n="701"/><span>thimpeall ar gach taoibh ar mhodh nach bhfuigheadh duine nó</span> <lb n="702"/><span>ainmhí sa gcruinne thairis agus faiche dheas, fhíorálainn i lár an</span> <lb n="703"/><span>ghleanna agus crann mórábhal, lánuafásach na cheart-lomsheasamh</span> <lb n="704"/><span>i lár na faiche arna scabadh le beangáin agus le géagáin ar gach</span> <lb n="705"/><span>taobh dhe.</span></p> <lb n="706"/> <lb n="707"/><p><span>Níor chian damh iar sin an tan do chonairc mé beithíoch diabhlaí,</span> <lb n="708"/><span>dathghránna, fadshocach, maolchluasach, camearrach chugam</span> <lb n="709"/><span>gacha ndíreach agus dhá shúil lainneacha, róluatha ina cheann.</span> <lb n="710"/><span>Agus nuair do chonairc sí mise do thug sí léim ard, éanúil, rólúfar</span> <lb n="711"/><span>fá mo bhráid agus nuair do thuigeas gurb chum díthe do dhéanamh</span> <lb n="712"/><span>dhamh do bhí sí, do thuigeas nár thráth fuirigh dhamh óir ní mór</span> <lb n="713"/><span>nár threascair sí mé go lár agus go lántalúin leis an tsitheadh do </span> <lb n="714"/><span>thug sí orm. Ciodh trácht do ghluaiseas romham mo chéimeannaibh</span> <lb n="715"/><span>tinneasnacha, tréanluatha agus níorbh fhéidir liom an gleann a</span> <lb n="716"/><span>fhágbháil ón mbábhún lánuafásach sin do bhí na thimpeall. Agus</span> <lb n="717"/><span>ní fhacas díon nó daingne um ghaire ina rachainn ar teicheadh</span> <lb n="718"/><span>roimpe ach aon chrann éagsúil do bhí i lár na faiche agus do mheasas</span> <lb n="719"/><span>dá mbeinn thuas air go mbeinn sábháilte ar an mbeithíoch sin agus</span> <lb n="720"/><span>do shnadhmas mo dhá láimh i ngéagáin an chrainn agus do chuas</span> <lb n="721"/><span>suas amhlaidh sin a fhad agus d'fhéadas ar an gcrann agus do bhí an</span> <lb n="722"/><span>beithíoch sin ag síorléimnigh fá mo thuairim. Níor chian damh</span> <lb n="723"/><span>amhlaidh sin an tan do lasadh soilsí, lasracha agus tinte le bun an</span></p> </div> <pb n="148"/> <div><lb n="724"/><p><span>chrainn agus do bhí na lasracha sin ag éirí suas ar gach taoibh dhíom.</span> <lb n="725"/><span>Is ansin do thuigeas go lándearfa nach bhfáigfinn an áit sin nó go</span> <lb n="726"/><span>ndóití mo chnámha.</span></p> <lb n="727"/> <lb n="728"/><p><span>Sitheadh dá dtugas ar bheangán den chrann do scoitheas den</span> <lb n="729"/><span>chrann é agus do thiteas ar cúl mo chinn ar ghéagán eile ar dhóigh</span> <lb n="730"/><span>nach raibh agam aon chor do chur dhíom. An tan do chonairc mé</span> <lb n="731"/><span>na lasracha ag teannadh agus ar gach taoibh mo thimpeall do</span> <lb n="732"/><span>léigeas glao ábhalmhór os ard ag iarraidh ar Dhia mo shábháil ar a</span> <lb n="733"/><span>leithéid sin d'anbhás d'fháil agus le méad mo chongháire do chuala</span> <lb n="734"/><span>an Gruagach mé agus d'fhógair solas do lasadh. Do éirigh an iníon</span> <lb n="735"/><span>iar sin agus do las sí solas agus tháinig sí féin agus a hathair fá fhoghar</span> <lb n="736"/><span>mo scairtí-se agus is é áit a bhfuair siad mise ar coinnleoir mhóruafásach</span> <lb n="737"/><span>i gceartlár pháláis an Ghruagaigh an treas uair do éirigh</span> <lb n="738"/><span>mise chum na hiníne. Agus an beithíoch dealbhghránna sin do </span> <lb n="739"/><span>tháinig chugam coileán maol con do bhí ag an nGruagach i bhféagmhais</span> <lb n="740"/><span>a eireabaill. Agus nuair do éirigh mise do tháinig sé mo</span> <lb n="741"/><span>choinne ag déanamh lúchára agus lústair romhamsa ag éirí suas orm.</span> <lb n="742"/><span>Agus le méad m'eaglasa do thaibhseadh dhamh gur chum urchóide</span> <lb n="743"/><span>dhamh do bhí sé. An bábhún iomorra is é ní do bhí ann .i. ballaí na</span> <lb n="744"/><span>bruíne, an crann is é ní do bhí ann .i. coinnleoir lánmhór do bhí i</span> <lb n="745"/><span>gceartlár an pháláis agus is amhlaidh do bhí an coinnleoir sin .i. do </span> <lb n="746"/><span>bhí tríochad soilsí ann agus coinnle ar lasadh uile ionta agus do</span> <lb n="747"/><span>taibhseadh dhamhsa gurbh iad na soilsí géagáin an chrainn agus</span> <lb n="748"/><span>nuair do rugas ar sholas díobh táinig sé liom agus do thiteas ar cúl</span> <lb n="749"/><span>mo chinn ar sholas eile ar an ordú céanna a bhfuair an Gruagach mé.</span> <lb n="750"/><span>Do tháinig mé anuas as an gcoinnleoir iar sin agus níor léig an náire</span> <lb n="751"/><span>dhamh aon fhocal amháin do labhairt. Agus is ea adúirt an Gruagach,</span> <lb n="752"/><span>"Codail támh beag go fóill," ar sé, "an feadh a bhias mise ag</span> <lb n="753"/><span>gléas na n-arm agus na n-each a bhias linn go hÍle óir ní bhfuil an</span> <lb n="754"/><span>lá leathuair uainn."</span></p> <lb n="755"/> <lb n="756"/><p><span>Mar do chuala mise iomrá ar a dhul go hÍle níor fháig sé cuimhne</span> <lb n="757"/><span>agam ar bhuairt nó ar thrioblóid dar éirigh dhamh feadh na hoíche</span> <lb n="758"/><span>roimhe sin óir níor chruthaigh Dia ionad ba lú orm ná é. Óir do bhí</span> <lb n="759"/><span>mé dearfa nuair do chuir aon triúr amháin an oiread sin de bhuaireamh</span> <lb n="760"/><span>orm agus do chuir dá mbeith níos mó dá sórt ann nach biadh</span> <lb n="761"/><span>áireamh nó inisin ar a ndéanadaois orm. Agus mar do thuig an</span> <lb n="762"/><span>Gruagach sin is uime do luaidh sé air óir do ba maith leis mise</span> <lb n="763"/><span>d'fhuireach mo chónaí ó sin amach agus cead suaimhnis d'fháil dó</span> <lb n="764"/><span>féin óir théid a neart ar neamhní ó mheán oíche amach.</span> <lb n="765"/></p> </div> <pb n="149"/> <div><lb n="766"/><p><span>Ach atá ní cheana níorbh fhearr dhó deoch dhearmaid do thabhairt</span> <lb n="767"/><span>dhamhsa ná an beagán comhrá adúirt óir do chuireas mo cheann</span> <lb n="768"/><span>faoin mbrat mhórluachach sin do bhí ar an leabaidh agus do thiteas</span> <lb n="769"/><span>mo thoirchim suain agus síorchodlata agus is é ní do mhúscail mé</span> <lb n="770"/><span>arna mhárach .i. foghar agus torann do bhí ag an ghaoith agus ag</span> <lb n="771"/><span>copógaibh mórleathna do bhí os mo cheann in áit an bhrait a bhí</span> <lb n="772"/><span>tharam i dtosach na hoíche.</span></p> <lb n="773"/> <lb n="774"/><p><span>Éirím mo sheasamh agus is é áit a bhfuaras mé féin ar mhúr</span> <lb n="775"/><span>sheanleasa gan teach, gan áras dá ghaire. Titimse i dtaisibh agus</span> <lb n="776"/><span>i dtámhnéalaibh báis de chumha na mná sin agus tugas mionnaí</span> <lb n="777"/><span>móra, marfacha nach gcoideolainn dhá oíche in aon áit nó go</span> <lb n="778"/><span>bhfaicfinn arís í. Gluaisim romham agus níor fhágbhas diamhair nó</span> <lb n="779"/><span>doirbhealach, sí nó carraig nár chaitheas ló gona oíche ann ar aon</span> <lb n="780"/><span>chuid caor agus fíoruisce nó gur chaitheas cúig lá dhéag agus trí</span> <lb n="781"/><span>bliana ar an ordú sin agus i gceann na ré sin tángas gus an áit ar</span> <lb n="782"/><span>mhúsclas as mo chodladh agus do chaitheas an oíche sin ann mar</span> <lb n="783"/><span>gach áit eile. Agus ní raibh dá scéalaibh agam ar maidin ach go</span> <lb n="784"/><span>bhfacas aisling an oíche sin d'fhoilsigh dhamh nach raibh maith</span> <lb n="785"/><span>dhamh ní sa mhó dá tóraíocht a dhéanamh agus go raibh sí pósta</span> <lb n="786"/><span>ag fear eile re bliain roimhe sin. Ní bhfuil mé cinnte dhe sin go fóill</span> <lb n="787"/><span>agus ní bhiad nó go bhfaicidh mo shúile féin í, má atá sé i ndán</span> <lb n="788"/><span>damh go bhfaicfe an t-amharc sin uirre go brách agus is éadóigh é</span> <lb n="789"/><span>mura bhfuil an tseamair Mhuire ar mo chrios agus is ea adúras:</span></p> <lb n="790"/> <lb n="791"/><p><span>CzzzzzFil.</span> <lb n="792"/><span>"Ní buan mo mharthain mur' bhfaice mé arís gan spás</span> <lb n="793"/><span>an stua ghlan, ghortha thug m'aigne na diaidh mar atáim.</span> <lb n="794"/><span>Le méad mo chearthaí ní aithním nach sliabh an trá</span> <lb n="795"/><span>'s dar fia ní aithním nach mac tíre an féileacán.</span></p> <lb n="796"/> <lb n="797"/><p><span>A Dhia na gcreidmheach is cosúil gur naofa amháin</span> <lb n="798"/><span>do tharla mise nó nach bhfuilim don éag faoi cháin</span> <lb n="799"/><span>an uair do chonairc mé lile na gcraobhfholt mbán</span> <lb n="800"/><span>nach é mo bhás do cinneadh le silleadh a réalt-ndearc mbreá.</span></p> <lb n="801"/> <lb n="802"/><p><span>Gan suan go bhfuilim le tuilleadh agus míle lá</span> <lb n="803"/><span>le grá ar an ainnir tug peannaid is pian mo lár.</span> <lb n="804"/><span>Ar uaigneas leapa mur' rabhadsa agus í gan spás</span> <lb n="805"/><span>mí agus seachtain ní bhiaidh mise i mbliana slán."</span> <lb n="806"/></p> </div> <pb n="150"/> <div><lb n="807"/><p><span>CzzzzzPrós</span> <lb n="808"/><span>Agus mura raibh mé slán ar an mbliain se is éadóigh mé bheith</span> <lb n="809"/><span>slán ar an mbliain se chugainn agus is beag an dochar na huile</span> <lb n="810"/><span>dhíomua do bheith ar an té do bheir cúl re críoch maitheasa agus</span> <lb n="811"/><span>do bheir amas fuireachair ar a aimhleas agus nach smuaineann go</span> <lb n="812"/><span>ndéan ní as nach dtiocfadh a leas mar do rinne mise ag tabhairt</span> <lb n="813"/><span>searc m'anma don mnaoi nach fios damh cia hí féin nó a hathair</span> <lb n="814"/><span>ach do réir mar thoil leis an nGruagach sin d'inisin dhamhsa agus</span> <lb n="815"/><span>nach fios damh gad é an aird sa gcruinne a bhfuil sí féin nó an</span> <lb n="816"/><span>Gruagach sin inniu.</span></p> <lb n="817"/> <lb n="818"/><p><span>Ach gibé bhias beo go bhfuighe sé bean agus nach aon bhean</span> <lb n="819"/><span>amháin ach dias nó triúr. Agus ós anois thuigimse sin dar mo</span> <lb n="820"/><span>láimh ní rachaidh grá aon mhná fá mo chroí níos mó agus ní mó is</span> <lb n="821"/><span>mian liom taisteal nó mianiarraidh do dhéanamh i ndiaidh na mná</span> <lb n="822"/><span>sin nó mná eile na diaidh agus dá dhearbhú sin ag so amhrán</span> <lb n="823"/><span>cruthaithe air:</span></p> <lb n="824"/> <lb n="825"/><p><span>CzzzzzFil.</span> <lb n="826"/><span>Scoirim féin feasta de mo thaisteal gan bhrí gan aird.</span> <lb n="827"/><span>'S é mo dhóigh nach beag dhamh a mbiaidh agam le mo shaol de mhnáibh</span> <lb n="828"/><span>'s gurb é ní adeirid nuair theastaíos a bhfíorfhear grá,</span> <lb n="829"/><span>"Uch! ná cuir ceist air ní heisean 'tá istír amháin."</span></p> <lb n="830"/> <lb n="831"/><p> <lb n="832"/></p></div></body></text></TEI>
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services