Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mac na Míchomhairle

Title
Mac na Míchomhairle
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Watson, Seosamh
Composition Date
1733
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1979)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Siabhradh Sí agus Innéirí Mhic na Míchomhairle i véarsa agus
i bprós ar an bhfonn do cumadh le Cearbhall Ó Dálaigh fris a ráitear
Aiste Chearbhaill.




Mise Mac na Míchomhairle



Mur' gcuala sibhse é ní miste dhaoibh a fhiafraí dhíom
an modh uaigneach, aisteach ar casadh mé féin i sí.
Gan bhaos, gan mhagadh ní chanfa mé bréag dá thaoibh
ós é fuíoll na mallacht thug agam mar scéal é dhaoibh.



Lá dá rabhas ar aistear liom féin sa tslí
idir Béal Átha Seanaigh, Dún Gheanainn is Fánaid thíos,
idir Shliabh Beatha, Shliabh Gleatha agus Nás na Rí,
mínbhrú Caisil, Cnoc Aiste agus Carn Chlainne Aoidh,



Iar ndul don ngréin dá leabaidh níorbh fhios dhamh cá háit nó tír
sa gcrích se a rabhas 'n ar talamh nó in airde bhíos.
Féachaim tharam go cearthaíoch 's go scáfar, baoth
's le taobh an bhealaigh go bhfacas gan spás an tsí.



Druidim na farradh gér dheacair 's gur dhána an gníomh
's do chonairc mé an ainnir mar aingeal san áit na suí,
a caoinchorp seada gan alta, gan chnáimh, gan bhrí,
niamh ghlandhaite mar fuinfí as bláth na gcaor.



Do bhí gleo crua, frithir gan time, gan tlás, gan scíth
ag an rós i gcoimeas ria an lile gach lá de shíor
i ngnúis an linbh ba gile is ba báine píob
's go fóill ní bhfuil fios cia is fainne sa dáil den dís.



Ach atá ní cheana do gheallas an scéal go fíor
dhaoibhse d'aithris gan mheabhail do réir mar bhí
's gach aon neach agaibh dhéanadh scrupall go ndéanainn claon
go dtugaidh Rí Neimhe do gach duine againn luach a chroí
agus tuilleadh fós.


L. 132


Dar dhá láimh Mhaolmhórdha
ineosad féin dhaoibhse
réim dhíreach na heachtra so
mar tharla mé don mnaoi se.




Lá n-aon dá rabhas re hucht Bealtaine, dhá lá d'éis lá Samhna,
i gceartlár Mhárta an earraigh, nó, mar shaoilim, i ndeireadh an
tsamhraidh ag siúl go lánuaigneach liom féin agus do tharla gan airiú,
gan fhios dhamh mé i ndiamhair uaigneach, do-eolais agus i dtír
ainiúil, anaithnid, gan fios a hanma nó a haithne, a hiúil nó a
heolais. Ach atá ní cheana ní chuala cluas agus ní fhaca súil tír a
macasamhla ar bhreácht a foinn, a sreabh, a foraoise agus a fíobhaí
óir ba leor d'athbheoú ar dhaoine marbha éisteacht le caoincheol
labhartha na n-éanlaithe agus le ceiliúr fíorbhinn na bhfíorbheach
agus le forfhuighle na sreabh ag teibearsain agus ag síorshní seachnóin
na tíre lánmhaisí sin agus í ina haon toinn fheoir agus fhásaigh.
Iar bhfaicsin na tíre sin dhamhsa do ghlac lúcháir ábhal
mé óir do shaoileas go lándearfa gurb é parthas do bhí ann agus
gurb é Dia neartchuimseach neimhe do threoraigh mise dom naomhú
agus do leasú mo bheatha ann. Ach dar mo chúis dob olc an bharúil
dhamhsa sin, óir níor mhaith an searbhóntaí do Dhia mé roimhe sin
riamh. Ach níor smuaineas air sin an uair sin agus is ea adúras:




Tír dá samhail ní fhacas 's ní chualas teist
ar mhíne, ar mhaise, ar dheise a cuan 's a sreabh.
Braon-ndrúcht meala le barraibh a craobh fo seach
is siansán na mbeach beag dá dtaithí chuirfeadh aoibh ar neach.




Ach amhail is dual agus is dleacht foircheann agus fínid ar gach
ní ach flaitheas Dé amháin is mar sin a tarla don lá soin .i. go raibh
dúnéala dreachuafara, duaibhseacha na hoíche ag folach glanghnúise
lánsoilbhire na firmiminte agus go ndeachaidh an ghrian
dhealraitheach, ghlansholasta dá hadhbha chodalta. Is ansin a
d'fhéachas na ceithre hairde imeall-leathna ar gach taobh dhíom,
mar atá, soir agus siar, ba dheas agus ba thuaidh agus ní fhacas
d'áitreabh nó d'fhoirgneamh um ghaire ach aon teach álainn,
éagsúil dob fhairsinge urlár, ba mó compás, dob fhearr inneallt agus
dob airde sceimheal dá bhfacas riamh roimhe sin.


L. 133


Gluaisim ar amas an tí sin, agus is é ní fuaras ar mo cheann ansin
.i. trí doirse móráibhéil, béalscaoilte, lánfhoscailte agus gruagach
foirtil, fíorarrachtach go ngnúis mhórga, go labhra bheoga agus
ceannchumhdach óir fána chorp, beart óir órloiscthe air agus é ina
shuí i gcathaoir órloiscthe arna mioneagrú de chlochaibh parthais
Ádhaimh agus iníon mhórga, mhíonla, mhacánta, dhealfa, cheolmhar
chlócheart, chompásach na suí ar láimh dheis an Ghruagaigh, brat
sciamhghlan, dea-fhite uimpe ag a caomhfholach agus eo álainn óir
sa mbrat os a broinne agus ainnir óg, ghlórmhar, bhinnráiteach mar
neamhaingeal, mar ghréin mhaidne, mar léig lóghmhair nó mar
ghealaigh fhómhair na suí sa leith eile den teach, dearca glas-shuaimhneach
mar réalta loinneartha, lóghmhara in oíchibh sioc-chrua
geimhridh aice, agus déad niamhdha, néamhanda in aon aiste
i gcarcair théagartha, chorcarthirim a cinn, le malaí caola, comhdhíreach
os úire a haghtha, dhá ghrua mhaothgheala mar chaoir de
bheoghríos ina ceartmheán, folt fada, feamainneach, buíchuachach
ina thromualach tar a gealghuaillibh, beart donn d'ionar easnach
uimpe ag a caomhfholach, cruit cheolbhinn, chaointéadach ina hucht
aice dá fras-seinm go binnghuthach agus boird áilne, ordaithe arna
bhfolach de scaraoidibh sciamhghlana agus biadha saora, sochaife
ar na bordaibh sin agus rogha gacha sórt dí ar cheana.



Ach atá ní cheana ar bhfaicsin na dea-chuideachta sin dhamhsa
ní rabhas gan iontas agus lánuafás orm ag meabhrú agus ag mórsmuaineamh
cia an áit a dtarla mé agus dá mba óglach anbhann,
cúlánta, maothchroíoch eile nach bhfaca ábhar uamhain nó imeagla
roimhe riamh do bhiadh in m'áitse an uair sin ní bhfuil a fhios
agam nach biadh a thromualach eagla air. Gidheadh ós mise féin
do bhí ann, atá a fhios agam cionas do bhí mé agus is ea adúras:




"A Aonmhic Mhuire is breá an t-ionad so a dtarla mé,
i ríbhrú sliosgheal do cumadh mar áras Mheidhbh'.
Samhail Dhúin Uladh nó athghin de pharthas é,
's nílim ródheimhin nach i mbruidhean atáim gan bhréig.



Is deise an t-amharc so ná Teamhair 's ná Nás go léir
's na trí craobha ó Eamhain bhí tamall na n-adhbha laoch.
Fialteach fairsing nach ainnis 's nach cráite gléas
scoirfead dá theastas go bhfionnad cia áitíos é."


L. 134



Tiaghaim isteach ar mbreathnú na dea-chuideachta sin dhamh
agus beannaíos an Gruagach dhamh agus is ea ro ráidh, "Is fada
atámaoidne gan duine nó daoine d'fhaicsin romhadsa do chuirfeadh
lúcháir nó ilghairdeas orainn agus is fada fós atámaidne ag súil
riotsa do theacht ar cuairt chugainn, óir ní bhfuil de chlainn nó
d'oidhríbh againn ach an iníon sin thall agus sinn dá hoiliúin agus
dá hardleasú ó aimsir a leanbaíocht chum a bheith na mnaoi agus
na caomhleannán agadsa."



"Dar mo chúis," ar Mac na Míchomhairle, "dá mbiadh an fios
sin agamsa, gér dheacair dhamh é agus gan fios agam cá háit sa
domhan a raibh sí, is fada ó thiocfainn dá fios, cé bás nó beatha
thiocfadh dhamh dhe, nó go bhfaicinn í."



Leis sin do éirigh an Gruagach na sheasamh agus do chuir mise
mo shuí ina chathaoir féin agus do thug sé cathaoir eile chuige féin
agus do shuidh inti agus adúirt liomsa m'earra aistir agus imeachta
do bhuain díom, "Óir atá giollaí óga agus scuibhéirí an teaghlaigh
se le seacht mbliana i gcoinne catha agus comhdhála atá idir Ruán
Luaimneach ó Loch hAoin .i. Síogaí ó Oileán na bhFear nDorcha
agus Tromcheo Draíochta ó Dhún Íle," ar an Gruagach. "Agus is
é is fachain agus is fíorábhar do na comhdhálaibh sin .i. Tromcheo
Draíochta do thabhairt dias mac Rí Oileán na mBeo leis gan fhios
go Dún Íle i ndóchas go mbeidís na n-oidhríbh air féin d'éis a bháis,
óir níor rugadh mac nó iníon dó féin riamh. Rí Oileán na mBeo
iomorra an tan do chuala a chlann do bhreith uaidh do luigh brón
agus tromchumha fair ionas go mba foicse bás ná beatha dhó. Ruán
Luaimneach an tan do chuala a fhear aon tíre do bheith san éigean
sin do chuir fios agus tiomsú ar shíbhrúibh an domhain thoir dá
fhógra dhóibh go hiomlán, óir is é féin fá ginearál campa os a gceann
agus tug Ruán Luaimneach mionna marfach nach déanadh síth
nó osadh nó go n-argfadh agus go n-ionradh Dún Íle agus go
ndícheannadh Tromcheo Draíochta maille le maithibh a theaghlaigh
agus go dtiobhradh dias mac Rí Oileán na mBeo leis slán folláin
dochum a n-athara féin arís agus go bhfúigfeadh Dún Íle na dhaighir
dhonnrua dhearglasracha d'ainneoin lucht a chosanta agus do
mhairseáil sé féin agus a mhórshlua i gcoimhideacht na gaoithe go
Dún Íle. Ó do foilseadh an chomhéirí sin do Thromcheo Draíochta
do chuir fios agus teachta uaidh d'iarraidh cuidithe agus cúnta ar
a aos cumainn agus caradraidh féin seachnóin mara agus tíre go
n-uige sin gach áit a rabhadar agus do chuir a litreacha agus a


L. 135


theachta go Donn Fírinn Ó gConaill go Cóige Mumhan, go Donn
Céibhfhionn Mhaí hAoi go Cóige Chonnacht agus go Donn Binn
Eachlabhra fris a ráitear Binn Eachlainne inniu as Cóige Uladh.
Agus is uime adéarthaoi Binn Eachlabhra fris an mbinn sin .i. i
dtráthaibh na Samhna do thigeadh each sleamhain, slíocthaí, móruafásach
as an mbinn amach go roicheadh i bhfianaise na slua agus
do labhradh de ghlór dhaonna fria chách agus do bheireadh fios,
foirfe, fíoreolach do gach neach dá n-iarradh scéala air fá gach ní
dá n-éireochadh dhó go ceann bliana ón tSamhain sin. Agus do
fháigthí pronnta agus tíolaicthe móra aice ag an mbinn agus do
ghéillidís na poibleacha dhi go haimsir Phádraig agus na naomhchléire.
Agus do chuir fios chugamsa mar gach aon eile. Do chuaidh
uainne na chomhdháil i gcuma cáich .i. fiche míle troitheach agus
cúig mhíle dhéag marcach fána ndíol eachraidh, airm agus éididh.
Agus is cuma gad é sin i bhfochair a dtáinig as na síbhrúibh eile do
háirmheadh liom de chuidiú agus de chabhair Thromcheo Draíochta.



"Ag so anmanna na n-ardmhaithe do chuaidh uainn ar an éirí
amach sin .i. Giolla Bríde Beag Ó Beoláin, síogaí as na Déisibh
Mumhan atá na ghinearál campa ag Donn Fírinn Ó gConaill agus
Giolla Fiamhach Ó Treoráin atá na ardchomandar ag Donn Céibhfhionn
Mhaí hAoi, síogaí d'fhíorfhréimh na Cruachna, agus Colla
Sciamhach Ó Deoráin atá na ghinearál ag Donn Binn Eachlabhra
agus atá fós in ardcheannas armáil Chóige Uladh, maille le mórán
eile nach n-áirmhthear sunn.



"Ach ar mo shon féin," ar an Gruagach, "ní bhfuil mé ach
neachtartha óir ní bhfuil mé ach ar son mo láimhe féin amháin gan
géilleadh d'aon neach ar bith eile. Agus atá machaire amárach
eadrainn agus muintir an domhain toir in Íle agus gibé hagainn ar
a mbrisfidhear ann ní bhiaidh cuid tionóil nó tiomsaithe aca go brách
ó sin amach. Agus is mian liomsa a bheith i gceann mo mhuintire
féin ansin agus is maith liom do chúnamhsa do bheith agam agus
má thuilleann do ghníomhartha maith dhuitse é do bhéara mise an
iníon sin thall mar mhnaoi agus mar bhanchéile dhuit má thigmíd
beo ón gcath. Agus gibé hagainn a bhias beo an teaghlach so gona
mbeanann ris do bheith aige agus mar bhias na hardmhaithe eile
ag cuidiú lena muintir féin biaidh tusa agus mise ag treisiú ar
muintire féin agus ag sin agadsa an t-ábhar fá bhfuilmidne comh
uaigneach agus so anocht. Gidheadh biaidh go leor beo agus marbh
sa teaghlach so san oíche amárach."


L. 136


Ciodh trácht iar gclos na scéal lánuafásach sin dhamhsa is ionadh
nach dearnadh geilt dhíom le méad m'eagla agus m'uafáis. Ach atá
ní cheana do thuigeas dá n-aithnidís sin orm gurb móide dhéanadaois
magadh agus baol spóirt dhíom é agus do chuireas mo dhóchas go
daingean, diongbhála i nDia neartchuimseach neimhe go ndéanfainn
neamhchás de gach ní nó go mbeireadh an lá orm. Agus ní eile fós
is mó do bhí ar m'aire ná Dia féin .i. iníon an Ghruagaigh, óir níorbh
fhada liom dá mbeinn i bpríosún purgadóra agus ise do bheith ar
m'amharc le méad an ghrá tugas di ar mhodh nach raibh ar mo
chumas gan a bheith ag amharc os ard agus os íseal ar iníon an
Ghruagaigh. Agus mar do thuig an Gruagach sin ormsa adúirt an
beagán briathra so d'fhoilsiú a lúchára romhamsa agus dar mo láimh
ba cuma gad é mar bhí seisean ar a bhéal i bhfarradh mar do bhí
mise ar mo chroí mar do bhí Dia diomaíoch dhíom agus is ea adúirt
an Gruagach:




"Ní bhfuil sna trí rannaibh se tug Marcus agus Caesar áin,
's Pompaí an flaithfhear nár choigil a spré ar dháimh
aon na bheatha do gheabhadh an réalt so amháin
ach tusa, a charaid, 's go maire tú féin na dáil."




A haithle na mbriathar sin do bhí mise tamall go dubhach agus
tamall go subhach óir nuair do smuaininn ar a dhul go hÍle arna
mhárach in oirchill an mhórchatha sin do dhubhadh agus do bhánghlasadh
mo ghnúis agus do thigeadh teimheal ar mo rosc ionas nárbh
fhios dhamh cá háit a mbínn ach do smuaininn arís gur bheag de
mhíorúile Dé nach gcuimhneochadh an Gruagach orm agus go
mbeinn féin agus an iníon i gcuideachta a chéile go teacht dhósan
ar ais arís ón gcath iarna mhárach. Ansin do shocraigh mo mheanma
agus do ísligh mo léanta agus do philleadar mo spioraid dochum a
n-oifige féin arís iad.



Ciodh trácht iar mbeith dhamhsa isna smuaintibh beagthábhachtacha
sin, iarrais an Gruagach deoch do thabhairt chuige. Do
éirigh an iníon na seasamh agus tug corn cumhdaigh, caomhfhleascach,
clochbhuach léi agus do dháil don nGruagach é. Ólas an
Gruagach deoch ormsa agus is ea a ro ráidh, "Ó tharla thusa comh
buartha in intinn agus atá" ar sé, "idir chinnteacht agus éiginnteacht
is fearrde thú deoch a ól as an gcorn so óir is de bhuaibh an
choirn se gibé neach ólfas deoch as nach ba cuimhneach leis dua nó


L. 137


dochar dá mbiaidh roimhe nó na dhiaidh an tan ólfas í agus do
gheabhadh fir dhomhain deoch as mar an gcéanna agus a rogha
deoch do gach aon duine."



Glacaimse an corn iar sin agus ibhim deoch ar mhnaoi an
Ghruagaigh agus a haithle na dí sin d'ól dhamhsa níor chuimhin
liom scáth nó critheagla dá raibh orm feadh na hoíche roimhe sin.
Do ól bean an Ghruagaigh deoch as mar an gcéanna agus níor lúide
an corn ar ibheamar as.



"Is maith an seod an corn so agad, a Ghruagaigh," ar Mac na
Míchomhairle.



"Pronnaim ortsa é," ar an Gruagach, "óir is mór fhoigheonas
sé dhuit do chur meanma ionad sa gcath amárach."



"Go raibh maith agus mórbhuíochas agus onóir agad, a Ghruagaigh,
agus aithris dhamh féin cá hainm atá ort nó ar an áras so ina
bhfuilir do chónaí, nó cia haca d'fholaibh uaisle nó anuaisle an
domhain do bhean."



"Gruagach Tíre Gan Taithí m'ainmse," ar sé, "agus iníon do
Rí Thíre an Uaignis mo bhean agus an Dún Soghluaiste is ainm don
dún so. Agus is uime gairthear an Dún Soghluaiste dhe, de bhrí
nach usa linn a bheith anso anocht ná sa gcuid is faide uainn den
domhan san oíche amárach."



Is ansin do fhiafraigh an Gruagach dhíom an n-imeorainn cluiche
leis. Do fhiafraigh mise dhe gad é an gléas imeartha do bhí aige.
Adúirtsean go raibh táifleasc, foireann agus péire díslí. Adúras féin
go n-imeorainn ach gan eisean do dhéanamh leatrom orm de thaoibh
draíochta. Adúirt an Gruagach nach déanadh.



Is ansin a tugadh táifleasc, foireann agus péire díslí anuas agus
is amhlaidh do bhí an táifleasc sin .i. dhá chlár fiondruine do bhí
inte agus folach eimearald uirre agus tighe de chnáimh álainn
eilifinte agus grianán carrmhogail ionas go n-imeoradh dall gan
súilibh oíche ré ndorcha re méad na soilse do bhí ag éirí dhi agus
leath dá foirinn déanta d'ór álainn agus a leathfhoireann eile déanta
d'airgead arna n-eagar araon go lánintleachtach le lámhaibh sua
agus saorcheárta, de chlochaibh parthais Ádhaimh agus de gheamaibh
fíoráilne criostail agus carrmhogail agus péire díslí nach fios
sa domhan cá cinéal dá ndearnadh iad arna gcomhordú cheana.
Do shuíomar an fhoireann agus chaitheamar na díslí. Ansin do
fhiafraigh an Gruagach dhíom créad é an cluiche do imeorainn.
Adúras-sa go rabhadar i meabhair liom fíorbhearta an tioca agus
cinéal imeartha na táiflisce móire agus luathimirt an gheamain.


L. 138


"Muise," ar an Gruagach, "imreamaoid cluiche na táiflisce
móire."



Adúras féin gur thoil liom sin. Gidheadh ní fada do bhámar ag
imirt an chluiche an tan do ghoin an Gruagach triúr dem fhoirinn
agus do bhí mo chluiche caillte.



Iarraim ansin beart theagaisc ar inín an Ghruagaigh.



"Caith," ar sí, "aon agus dó agus cuir an t-aon i gcaladh is
an bheirt ar thí an dó."



Glacaimse na díslí iar sin agus dar mo láimh dob fhearr liom ná
flaitheas an domhain do bheith cinnte agam an t-aon agus an dó
sin do chaitheamh agus d'imirt amhail do theagasc sise dhamh.
Caithim na díslí iar sin go cearthaíoch, míthapa, mí-urmhaisneach
agus is é urchar do chaitheas .i. an t-urchar nár caitheadh agus nár
breacadh ar dhíslí riamh .i. cealtair fholamh. Leis sin glacas fearg
agus lasán mé agus don deamhan maide do rug mé i láimh nó gur
stadas.



"Saoilim féin nach maith imreas tú," ar an Gruagach. "Gidheadh
pronnaim féin an táifleasc so ort le haghaidh imeartha agus
foghlamtha óir is fearr imrim féin ná thú."



Ní raibh a fhios agam ansin gad é an gléas a dtiubhrainn buíochas
a chinéil don nGruagach ach amháin go raibh eagla orm go gcaithfinn
cuntas ginearálta do thabhairt uaim sa gcath iarna mhárach. Ach
cheana ba deacair d'aineolaí nach bhfaca comhchosúlacht nó macasamhla
na táiflisce sin riamh roimh an am sin aire do thabhairt
do chluiche ach a bheith ag breathnú a caoindealfa. Ach dar a bhfuil
ó mhá go trá níorbh ionadh gan mise do bhreith cluiche, óir cé go
raibh mo chorp os ceann cláir ag an nGruagach is é áit a raibh
m'intinn sa leith eile den teach mar a raibh iníon an Ghruagaigh
agus is eagal liom gur tosach tubaiste mura bhfuil ag Dia. Atá so
ag teacht arís:




A Rí na Cruinne gan mise is an fhaoileann bhán
araon ag imirt ar gcluiche ó oíche go lá,
gan dís nó duine dár ngaire dár shíol ó Ádhamh
is aon gibé heile bheith agamsa síos na clár.



Ar thioc, ar gheaman, ar bhrannamh nó ar tháiflisc mhóir
ní mhaithfinn féin maide go maidin don naoi bhig óig
ach m'fhearsa bheith i gcaladh agus beirt agam ar thí an dó
's gan cead a bheith aicese obadh nó diúltú dhó.


L. 139



Ní beag dhaoibh sin go gcluine sibh gad é an t-ordú bídh agus
dí do cuireadh ar Mhac na Míchomhairle i dtigh Ghruagaigh Thíre
gan Taithí an oíche sin. Óir a haithle na himeartha sin do folchadh
boird shlimleathna na caithreacha sin d'éadaíbh agus de scaraoideacha
fíoruaisle síoda agus sciamhshróil agus do cuireadh biadha
saora, sochaife ar na bordaibh sin agus rogha gacha sórt dí ar cheana.
Do shuidh an Gruagach i dtosach an bhoird agus do cuireadh mise
mo shuí os a chomhair agus a iníon ar mo láimh dheis agus a bhean
féin ar a láimh chlí agus do chaitheamar ar leordhóthain bídh agus
dí ar an ordú sin. Is ansin do labhair an Gruagach ag rá, "Is mithid
dhúinn codladh feasta," ar sé, "óir is fada uainn Íle go gcaithfeam
a bheith ann ar a hocht a chlog ar maidin."



Nuair do chuala mise iomrá ar a dhul go hÍle níor fháig sé
cuimhne agam ar shó nó ar sheascaireacht dá bhfuair mé feadh na
hoíche roimhe sin, óir níor chruthaigh Dia ionad ba lú orm ná é óir
do bhí mé cinnte de mo bhás go lándearfa ann. Is ansin do mheasas
gurbh oircheas dhamh foilsiú éigin do bheith mo thimpeall d'ardtheiste
na hiníne sin agus ar an áit a bhfacas í ionas gibé duine do
gheabhadh mise marbh a haithle an chatha go bhfaigheadh cáil dá
tuarascáil mo thimpeall agus thugas peann agus páipéar chugam
agus do scríobhas mar atá na dhiaidh so síos:




I sí go deimhin do chonairc mé féin an stáid,
grua na ndrithleann ba gile ná géis ar snámh,
éanlaith bhinne nach minic i bhfuacht ar fáil
tar a guaillibh ag sileadh is ag pilleadh go luath na n-áit.



Ó bheith dá hamharc do lasas go léir dá grá
's mo chroí gur mhearaigh nach bhfaicimse léas den lá,
a píob mar shneachta is a mamaí cruinn, gléala, breá
's dar an Rí ní maith liom nach agamsa féin atá.



An scéal mar theagmhas le hainnir na maothchrobh mbláith
ar aon ní cheilfead súd feasta ós fíor mo bhás
's má shaoileann duine ar bith nach bhfuilim na diaidh dom chrá
nár ba saolach mise mur' bhfuil fhios ag Dia mar atáim.




Is ansin do chóirigh an iníon iomdha agus ardleabaidh dhamhsa
agus do luíos uirre agus do chuaidh an Gruagach dá leabaidh luí


L. 140


féin iar bhfágbháil imchoimirce beatha agus sláinte agamsa. Do
chóirigh an iníon a leabaidh iar sin os comhair mo leapasa sa
tseomra chéanna agus do thuigeas uirre gur mhaith léi mise do
theacht dá hionsaí gan fhios óir do thug sí go leor misní dhamh
mar aon lena béal, lena súilibh agus lena lámhaibh agus le gach
comhartha eile suirí. Adúirt sí liom fós gan scáth nó critheagla do
bheith orm de thaoibh na scéal lánuafásach sin do inis a hathair
dhamh i dtosach na hoíche fá dhul go hÍle arna mhárach in araicis
an mhórchatha sin do bhí idir Ruán Luaimneach agus Tromcheo
Draíochta. "Óir ar mhaitheas an domhain," ar sí, "ní bhéaradh
sé duine saolta ar bith ann."



Tug an comhrá sin croí agus misneach ábhalmhór dhamhsa agus
tugas buíochas dise ar son a scéal. Luíos an iníon ina leabaidh iar
múchadh soilsí na caithreacha. Níor chian damhsa iar sin an tan do
ghluais mo chinniúin chrosta, choirpe, mhíchomhnaitheach a bheith
dom sporadh i gceann m'aimhlis ar mhodh nár fhéadas suan sáil nó
síorchodladh do dhéanamh nó gurbho héigean dhamh éirí go hiníon
an Ghruagaigh. Gluaisim ansin go réimdhíreach dá hionsaí agus an
tan do shaoileas a bheith i ngar nó i ngaire dá leabaidh is é áit a
bhfuair mé m'eolas i ndiamhair uaigneach, dho-eolais coilleadh gan
taithí duine nó ainmhí ann.



Ach atá ní cheana do thuigeas nach rabhas gan aimsiú áibhirseoireachta
dá imirt ag mo lucht aon tí fón am sin orm. Níor chian
damh iar sin ag éisteacht le bánánaibh agus le bocánaibh agus le
heithidí adhuafara, ró-urchóideach na coilleadh sin an tan do chualas
an uaillghuth urchóideach, adhuafar agus an screadfach guthard,
géarloiscneach chugam sa ngleann gacha ndíreach. Ní raibh de mhéad
mo chearthaí nó m'eagla nár chuir sin spiorad gealtacht ionam
ionas gur ghluaiseas romham amhail geilt ar n-imeacht as ár nó as
gábh nó mar fhia ar ndúscadh as a leabaidh luí ag faicsin a bhíobha
agus a eascarad ullamh, urlaicthe ar a cheann. Is é sin trice, tairpí,
dithne agus déine an torainn thréanreatha do ríneas. Agus nuair
do shaoileas réiteach as an gcoill amach is é áit a bhfuaras m'eolas
.i. ar má taobhleathan, taitneamhach i gceartlár an ghleanna agus
is amhlaidh do bhí an má sin .i. cnocán lán-chruinn, fíor-ard ina
cheartlár agus do bhí d'airde an chnoic sin gur mheas mise dá mbeinn
thuas air, nár bhaol dhamh duine nó ainmhí dá raibh sa gcoill an
oíche sin.



Gluaisim ar amas an chnoic sin agus ar dteacht dá ionsaí dhamh
is amhlaidh fuaras é arna thimpeallradh re criosaibh fionngheala


L. 141


amhail iomaireacha ar modh go roicheadh céim mic i gceann a
mhíosa ón gcrios go chéile dhíobh. Do mheas mise go mba usaide
dhamh a dhul suas ar a bheith amhlaidh sin dó agus gluaisim mo
chéimeannaibh tinneasnacha, tréanluatha agus mo réim ndíscir,
luathreatha go ndeachas ar ard an chnoic sin suas agus is é ní fuaras
ar mo cheann ann .i. muir aibhseach, thiúthonnach agus cuan
cainteach, coigeadalach gan slí taithí nó timpeallraidh óna faide agus
óna himchéine.



Do bhí mise ag siúl re hais an chuain chaintigh, chúr-anfaigh
sin tamall nó go bhfacas seanlong bhriste, bhearnach do chuir an
tonn i dtír i bhfad roimhe sin na luí ar an trá. Do mheas mise gurb é
Dia neartchuimseach neimhe do threoraigh mise dochum na seanloinge
sin agus mar an gcéanna do chuir ise dochum na háite sin
chum mise do shábháil ar adhmhilleadh nó ar dhul a d'éag ansin.
Gabhaim ag leasú agus ag lánchóiriú na seanloinge sin agus níorbh
í sin an obair gan fheidhm nó an aimsir dá caitheamh go díomhaoin.
Agus ní cian do bhí mise ar an ordú sin an tan do chualas an uaillghuth
agus an scréachach ghránna, ghearánach, adhuafar chugam sa
ngleann gacha ndíreach. Ach atá fhios ag an té bhíos gealtach
cionas do bhí mise an uair sin. Ach atá ní cheana - ní tráth anois a
bheith dá inisin - is ansin do chuireas an tseanáirc sin amach ó thír
agus gabhaim dá stiúradh ar dhaingne agus ar dhoimhne an uisce sin.
Ciodh trácht ní cian ón oirear do chuas an tan do éirigh an ghaoth
ghlórach, ghrodshiúlach as doirsibh toinne na talún ar mhodh gur
chuir cogadh agus coinscleo fá uiscíbh na talúna go huile. An tan do
mhothaigh an t-uisce an chomhéirí sin na gaoithe ina haghaidh,
do éirigh féin na broinntibh brúchtmhara, cainteacha, díchoiscthe,
do-eadrána agus na dromchlaibh doirbhe, imeall-fhliucha, oscartha
agus na sléibhtibh coigeadalacha, cúr-mhearanfacha agus ina mothar
mheascthaí, mhear-dhúthonnach agus na srutha siúlacha, searbha,
sárluatha agus na coilltibh toirteacha, trombhraonacha, barrcheathannacha
agus na cnocaibh ceanngharbha, corracha, ciachdhorcha
agus na gleanntaibh doimhne, do-eolais. Is ansin do
thuigeas gur mhionnaigh na dée cealgacha, claonbhreitheacha sin
leath ar leath .i. Aeolus, dia na gaoithe, agus Neptunus, dia na
farraige, gan síth nó osadh do dhéanamh re chéile nó go mbásadh
agus go mbuanbháthadh mise eatarra. Ach atá ní cheana do bhí
de dhoirbhe a gcoimis re chéile agus d'olcas na seanáirce sin ina
rabhas mar aon re dofhulang na gaoithe agus de dhíchoiscthe na


L. 142


dtonn go raibh an sáile searbhrua na shrutha, ina linntibh agus na
chithbhraonaibh ag teacht isteach ar gach taobh den tseanárthach sin
orm. An tan do chonairc mise mo chríocha déanacha comhchinnte
agus sin agam do léigeas éimhe fada, fíorthrua agus gártha groda
géarchaointe os ard asam ag iarraidh ar Dhia mo shábháil as an
ngábh lánchrua sin ina rabhas agus do bhí de mhéad mo chaointe
agus mo chongháire go gcualaidh an Gruagach mé agus gur fhógair
solas do lasadh.



Do éirigh an iníon agus do las sí solas gan mhoill agus do tháinig
sí féin agus a hathair fá fhoghar mo ghearáinse agus is é áit a bhfuair
siad mise ar shíothail mhóir mo shuí i gceartlár dabhcha lánmhóire
leanna nó díleanna do bhí istigh agus is amhlaidh a tharla an
t-ionad suirí sin dhamhsa .i. nuair do éirigh mise go hiníon an
Ghruagaigh ní cian do chuas an tan do thuigeas go rabhas ar seachrán
agus do bhí cat fo pheithreadh istigh agus do shaoil mise gurb
beithíoch urchóideach eile do bhí ann. Glacaim scaoll agus scéin
chugam agus is é áit a bhfuaras m'eolas i siléar an Ghruagaigh. Ní
cian do chuas an tan do tharla an dabhach lánmhór so liom na suí
i gceartlár an tsiléir agus í lán de leann úr do téadh an lá sin féin
agus gan faill aige oibriú do dhéanamh agus amhail is gnáth soitheach
luaile d'fhágbháil in gach leann úr chum ullmhaithe is amhlaidh sin
tarla an tsíothal sa dabhaigh an uair sin. Agus le méad m'eaglasa
do thaibhseadh dhamh gurb seanáirc bhriste do bhí ann agus gurb
cnoc ard an dabhach agus gurb farraige lánuafásach an leann agus
gurb fonsaí úra na dabhcha na hiomaireacha sin do bhí timpeall an
chnoic agus nuair do shaoileas a bheith sábháilte ar urchóid ar bith
is ansin do chualas an cat ag doras an tsiléir. Clisimse ar an tsíothal
i gceartlár na dabhcha do mo shábháil féin uirre óir do mheasas
gurb beithíoch adhmhillteach eile do bhí ann. Is ansin do thionscain
an leann oibriú do dhéanamh ionas gan chontúirt gur shaoil mise
gur anfa lánmhór do bhí ann. An ghaoth iomorra is é dob fhachain
agus dob fhíorábhar dhi .i. fuinneog do fágbhadh foscailte ar an
tsiléar agus an ghaoth do theacht ar an taoibh sin den tigh an oíche
sin agus a bheith ag teacht isteach orm amhail do chualabhair.



Ach cheana thig an Gruagach agus a iníon os mo cheann sa
dabhaigh agus do mhaígh a ngean gháire ar gach duine dhíobh agus
dar mo bhriathar dob fhearr liomsa an cat féin dom ithe ná iadsan
dom fháil amhlaidh sin. Agus is ea adúirt an Gruagach, "Is cosúil
gur mór an fonn spóirt nó mairnéalachta sin do bhí ort," ar sé, "an


L. 143


tan do chuaidh tú ina chomhchúng sin de loing nó d'áirc gan lón,
gan lánchostas leat agus más ag dul d'ionsaí m'inínese do bhí tú
dob usa dhuit teacht ar mórthír dá hionsaí ná ar muir agus bí ag
teacht d'ionsaí do leapa feasta agus ná héirí níos mó go raibh tú
cinnte cá racha tú."



Adúras féin go rachainn agus go rabhas buíoch dhesean ar son
a chomhairle. Do éiríos amach as an dabhaigh mar mhairnéalach
iar mbáthadh a loinge agus triallaim d'ionsaí mo leapa go hatuirseach,
imníoch agus adúirt an Gruagach gan ní sa mó de bhuaireamh
do chur orm an oíche sin agus do chuaidh féin agus a iníon dá leapachaibh
iar múchadh soilse na gcoinneal dhóibh. Is ansin do ghabh
mise ag imcháineadh na huaire do thionscain mé an innéirí sin do
dhéanamh agus ag ordú mé féin a bheith fiche léig ón teach sin sul
fá dtigeadh maidin iarna mhárach ar son nach raibh ach scarúin
cinn re colainn dhamh an iníon d'fhágbháil mo dhiaidh agus is ea
adúras:




"Is trua nach bhfuilim 's gan duine faoin ngréin mo dháil
thíos sna glinnibh 's gan siolla den scéal ar fáil
gan péarla bheith umam dár cumadh le saothar lámh
ach an t-éadach brollaigh bhíos fá Nollaig fo shléibhte Cairn.



Gach dua, gach dochar, gach peannaid, gach pian, gach páis,
gach guais, gach galar, gach aicis, gach buairt, gach gráin
ó neamh go talamh ag fearthainn mo dhiaidh atá
ó chuaidh mé sa dabhaigh is an talamh glan, réidh ar fáil.



Ní mór má mhairim 's is fogas do mo bhéal an bás
's is rómhór m'eagla nach bhfaicim go héag an lá.
'S gach aon nach gcreideann go bhfuilimse i bpéin sa gcás
uch! fios mo ghalairse thairis nár thé go brách.



Mo chuairt arís dá hionsaí
is trua thionscnas a dhéanamh.
Éistidh liomsa go n-insead
brí chinnte mo scéala."




Ar ndul don nGruagach a chodladh do mhúch an iníon coinnle
agus soilsí an tí agus do luigh sí ina leabaidh féin arís agus ba cuma


L. 144


gad é gach comhartha dá dtug sí dhamh i dtosach na hoíche i
bhfarradh gach a dtug sí dhamh an dara huair. Ciodh trácht níor
thóig mise súil nó cluas nó síor-radharc le haon chomhartha dhíobh
sin ach amhail nach bhfaicfinn iad. Agus ní cian do bhí mé ar an
ordú sin an tan do thit támh neamhshuaimhneach codlata orm agus
níorbh é sin an codladh coisreactha óir ní raibh taibhse nó taispeánadh
ó neamh go cuan Achaeron agus go sruth Stiocs nach raibh
dá thaibhreamh agus dá thaispeánadh damh nó gur chliseas as mo
chodladh agus níor chuimhin liom scáth nó critheagla dá raibh orm
feadh na hoíche roimhe sin. Gidheadh do bhí glanchuimhne agam
ar an áit a raibh leabaidh na hiníne agus do mheasas nach raibh
teacht ó náire agam gan cuairt do dhéanamh aice tar éis a dtug sí
de mhisnigh dhamh i dtosach na hoíche agus ní eile fós do mheasas
.i. dá mbeith sise ag cuidiú liom nárbh ábhar eagla dhamh nó go
bhfágainn an áit sin a rabhas agus nach raibh ar bith uair no am
dob fhearr ná an uair do bhí i láthair má bhí Dia ag gealladh maitheasa
dhamh óir ní raibh ach seacht dtroithe ó mo leabaidhse an
áit a raibh sise agus í na huathadh agus na haonar. Clisimse mo
sheasamh go mear, míthapa, mí-urmhaisneach agus gluaisim ar
amas na hiníne agus an tan do shaoileas a bheith i ngar nó i ngaire
dá leabaidh - do shaoileas go sibheolainn seacht míle ón am fár
éiríos go halt na huaire sin - is é áit a bhfuaras m'eolas ar faiche
thaobhleathan, thaitneamhach gan tadhall duine nó ainmhí ar bith
uirre.



Is ansin do thuigeas go fíordheimhin go rabhas ar seachrán agus
do chuimhnigh mé ar gach siabhradh agus ar gach trioblóid dar
éirigh dhamh feadh na hoíche roimhe sin agus ní barr misní tug sin
dhamh ach barr meatacht agus mílaochtacht óir do thuig mé nach
raibh ach tús ar bhuaireamh agam. Gabhaim ag amharc mo
thimpeall d'fhéachain cá seolfadh Dia dhamh a dhul. Níor chian
damh iar sin an tan do chonairc mé an beithíoch dubh, diabhlaí,
ceannchrom, crónánach chugam sa bhfaiche gacha ndíreach agus
go n-anfadh mion-úll nó mór-airne ar barr gach ruainne den moing
ghairbh, ghráiniúil do bhí ar chír a dhroma agus a leathanmhuinéil,
dá shúil thámhacha, lochliatha, lainneacha ina cheann, soc faon,
fada, gleannach, gannfheolach aige agus cosa gearra, giobacha ag a
imfhulang ina sheasamh agus é ag teacht fán toichim agus fán
tuarascáil sin mo choinne agus i mo chomhdháilse.



Nuair do smuainigh mise gurb chugam féin do dhéanamh díthe
agus díobhála do bhí sé ag teacht do ghlac folc fíoráibhéil, díchoiscthe


L. 145


agus tuile tromthréan, tiúláidir eagla mé. Óir ní fhacas
díon nó daingne agam ina rachainn ar teitheadh nó ar imghabháil
roimhe, agus ní mó bhí cara nó comhchéile dom ghaire dhéanadh
anacal nó eadráin eadram agus é. Ach atá ní cheana, do thuigeas
nár tráth fuirigh dhamh agus mo namhaid agus m'eascaraid comh
fogas agus sin dhamh. Trustalaimse mo léine os beannaibh mo mhás
go lán-ard agus gluaisim mo shí scáfar, scanradhach, critheaglach
go dtángas go himeall na faiche agus is é ní fuaras ar mo cheann
ann .i. buinne róthréan rabharta d'abhainn mhórleathan bháite gan
slí coisí nó marcaigh uirre. Níorbh fhios dhamh ansin cia haca dob
fhearr dhamh do dhéanamh .i. mo bháthadh nó an beithíoch dealbhghránna
sin dom ithe. Gidheadh do chualas go minic dá rá gurb
iomaí uair do shnámh duine nár shnámh aon bhang riamh re heagla
agus do bhí mise dearfa má shnámh duine ar bith re heagla riamh go
snámhfainn féin gan amhras an uair sin. Is ansin do bheanas mo
léine dhíom agus do cheanglas fá bhranraibh mo bhrád í agus do
fhéachas gach taobh dhíom d'fhéachain cá fada uaim do bhí an
beithíoch dealbhghránna sin do bhí mo thóraíocht agus is é áit a
bhfacas ar mo chúla é agus a chraosbheol foscailte chugam. Agus
ní haghaidh dhána, dhíolúnta tugas air ach mo bhaothléim ard,
éanúil do thabhairt i lár agus in idirmheán na haibhne sin agus
gabhaim ag iomlat mo chos agus mo lámh go lántsaothrach ag
iarraidh snámh do dhéanamh ach is beag an tairbhe do bhí dhamhsa
an mórshaothar sin do chur orm óir is amhlaidh do bhí an t-uisce sin
na broinntibh tromthéachtaí ionas nach bhféadfainn snámh do
dhéanamh agus nach mó d'fhéadfadh long nó lánáirc siúl nó sárimeacht
do dhéanamh uirre óna liostacht agus óna lánaimhréidh. Is
ansin do thuigeas go féigh, fíordheimhin gurb i muir théachtaí do
tharla mé agus nach bhfúigfinn í go brách nó go mbáifí mé agus go
n-itheadh éanlaith chonfacha an aidheoir m'fheoil agus m'fhionnleathar
dhíom. Is ansin do ghabhas ag cáineadh uaire mo ghiniúna
agus ag mallú uair mo chinniúna agus ag idirghuí Dé na nDúil fá mo
shábháil as an ngábh lánchrua sin ina rabhas. Do chuala an Gruagach
na haiscthe lántrua sin agus fógras solas do lasadh d'fhéachain créad
dob ábhar do na mórghárthaibh sin. Do las an iníon coinneal agus
táinig sí féin agus a hathair fá fhoghar mo ghearáinse agus is é áit
a bhfuair siad mise in umar mhórfhairsing ina mbíodh uisce agus
triosc ag muclach an Ghruagaigh agus mo bhéal fúm agus mé ag
iomlat mo chos agus mo lámh ag iarraidh snámh do dhéanamh. Ach
is beag an tairbhe do bhí dhamhsa an mórshaothar sin do chur orm


L. 146


óir do cheangail an triosc dhíom ionas nach raibh ar mo chumas aon
chor do chur dhíom. Ach atá ní cheana táinig an Gruagach agus a
iníon os mo cheann agus sheasaimh duine aca ar gach taoibh dhíom
agus is ea adúirt an Gruagach más fonn snámha nó fothraigthe do
bhí orm go mba uras dhamh uisce ba glaine ná sin d'fháil. An tan do
chualas an glór daonna dó thógbhas mo cheann agus do bhí mo bhéal
agus mo shúile lomlán den uisce agus den triosc ionas nach raibh ar
mo chumas mo shúile d'fhoscladh agus iar nglanadh mo shúl damh
féachaim cia labhair liom agus aithním an Gruagach agus a iníon
agus iad na seasamh ar gach taoibh dhíom agus aithním fós gur sa
teach do bhás go n-uige sin. Agus féachaim fós an bhfaicfinn an
beithíoch dealbhghránna sin do bhí mo thóraíocht agus is ea do
choncas na sheasamh le taoibh an ionaid sin a rabhas é .i. peata
muice duibhe do bhí ag an nGruagach agus mar is san áit sin a raibh
mise do ghnáthadh sí beatha d'fháil is í sin uair agus aimsir a raibh
ag teacht dá hionsaí .i. an dara huair do éirigh mise go hiníon an
Ghruagaigh agus is é áit a dtarla damh í .i. i gceartlár an urláir.



Iar dtuigsin gach buaireamh lánurchóideach dár éirigh dhamh
feadh na hoíche is ionadh nach dearnadh geilt dhíom agus fós nachar
éalóidh m'anam den náire asam fá iadsan dom fháil amhlaidh sin.



"Éirigh," ar an Gruagach, "agus bí ag teacht a d'ionsaí do leapa
feasta óir níl an lá leathuair uait anois. Agus is cosúil ó do mheath
an dá ghléas innéirí sin do ghlac tú .i. an tsíothal agus an t-umar
nach n-éiríonn ádh nó éadáil leat agus is í mo bharúilse go mba neasa
dhuit í dot chois ná le teacht i gcoite nó i mbáda dá hionsaí. Óir ní
bhfuil Dia toilteanach ar sibh a bheith i gcuideachta a chéile nó go
raibh sibh pósta de mholadh na ndée se againne, óir is iad do
thaispeáin na míorúile úd ort óir chuiris romhad peaca in aghaidh
a reachta agus a ndlíthe do dhéanamh."



Éirímse amach as an ionad thruaillithe, shalach sin a rabhas
agus níor léig an náire dhamh aon fhocal do labhairt.



"Codail feasta," ar an Gruagach, "óir ní bhfuil an lá leathuair
uait."



Adúras féin go ndéanainn agus nach gcuirfinn romham éirí ní
sa mó go maidin agus is ea adúras:




"A shíogaí linbh bheir m'aigne faoi bhuairt mar atá
gan suan, gan chodladh ach ag osna ós fíor mo bhás,
tabhair faoiseamh is osadh faoi mhaidin dhamh, a mhíle grá,
nó tar éis m'adhlaicthe biaidh mise dod bhuaireamh a ghnáth."


L. 147



Ar ndul don nGruagach a chodladh nuair do mhúch an iníon
coinnle agus soilse an tí do éirigh sí chugam dochum mo leapa agus
do chuir sí a lámh fá mo bhráid agus do thoirbhir sí mé de phógaibh
go dil agus go díochra tar éis sin agus do thug sí an uile mhisneach
dhamh lena súilibh agus lena lámhaibh agus adúirt sí liom fós gan
níos mó d'eagla bheith orm an oíche sin agus ach murab é nár léig
eagla a hathara dhi é go luífeadh sí agam. Ciodh trácht níor thóig
mise súil nó síor-radharc le haon chomhartha dhíobh. Ansin do
chuaidh an iníon dá leabaidh féin agus do fháig sí soilse lasta ionas
go mba usaide dhamhsa eolas d'fháil é.



Níor chian damh iar sin an tan do thit támh codlata orm agus
do chliseas as an gcodladh sin i gcéaduair. Is ansin do smuaineas
ar iníon an Ghruagaigh agus níorbh fhéidir liom codladh nó cónaí
d'fháil nó gur éiríos dá hionsaí agus nuair do shaoileas sitheadh do
thabhairt dá hionsaí dochum a leapa is é áit a bhfuaras m'eolas ar
má úrghlas, lániontach i lár gleanna uafásach, lánaimhréidh. Agus
is amhlaidh do bhí an gleann sin .i. múr uafásach, an-láidir balla na
thimpeall ar gach taoibh ar mhodh nach bhfuigheadh duine nó
ainmhí sa gcruinne thairis agus faiche dheas, fhíorálainn i lár an
ghleanna agus crann mórábhal, lánuafásach na cheart-lomsheasamh
i lár na faiche arna scabadh le beangáin agus le géagáin ar gach
taobh dhe.



Níor chian damh iar sin an tan do chonairc mé beithíoch diabhlaí,
dathghránna, fadshocach, maolchluasach, camearrach chugam
gacha ndíreach agus dhá shúil lainneacha, róluatha ina cheann.
Agus nuair do chonairc sí mise do thug sí léim ard, éanúil, rólúfar
fá mo bhráid agus nuair do thuigeas gurb chum díthe do dhéanamh
dhamh do bhí sí, do thuigeas nár thráth fuirigh dhamh óir ní mór
nár threascair sí mé go lár agus go lántalúin leis an tsitheadh do
thug sí orm. Ciodh trácht do ghluaiseas romham mo chéimeannaibh
tinneasnacha, tréanluatha agus níorbh fhéidir liom an gleann a
fhágbháil ón mbábhún lánuafásach sin do bhí na thimpeall. Agus
ní fhacas díon nó daingne um ghaire ina rachainn ar teicheadh
roimpe ach aon chrann éagsúil do bhí i lár na faiche agus do mheasas
dá mbeinn thuas air go mbeinn sábháilte ar an mbeithíoch sin agus
do shnadhmas mo dhá láimh i ngéagáin an chrainn agus do chuas
suas amhlaidh sin a fhad agus d'fhéadas ar an gcrann agus do bhí an
beithíoch sin ag síorléimnigh fá mo thuairim. Níor chian damh
amhlaidh sin an tan do lasadh soilsí, lasracha agus tinte le bun an


L. 148


chrainn agus do bhí na lasracha sin ag éirí suas ar gach taoibh dhíom.
Is ansin do thuigeas go lándearfa nach bhfáigfinn an áit sin nó go
ndóití mo chnámha.



Sitheadh dá dtugas ar bheangán den chrann do scoitheas den
chrann é agus do thiteas ar cúl mo chinn ar ghéagán eile ar dhóigh
nach raibh agam aon chor do chur dhíom. An tan do chonairc mé
na lasracha ag teannadh agus ar gach taoibh mo thimpeall do
léigeas glao ábhalmhór os ard ag iarraidh ar Dhia mo shábháil ar a
leithéid sin d'anbhás d'fháil agus le méad mo chongháire do chuala
an Gruagach mé agus d'fhógair solas do lasadh. Do éirigh an iníon
iar sin agus do las sí solas agus tháinig sí féin agus a hathair fá fhoghar
mo scairtí-se agus is é áit a bhfuair siad mise ar coinnleoir mhóruafásach
i gceartlár pháláis an Ghruagaigh an treas uair do éirigh
mise chum na hiníne. Agus an beithíoch dealbhghránna sin do
tháinig chugam coileán maol con do bhí ag an nGruagach i bhféagmhais
a eireabaill. Agus nuair do éirigh mise do tháinig sé mo
choinne ag déanamh lúchára agus lústair romhamsa ag éirí suas orm.
Agus le méad m'eaglasa do thaibhseadh dhamh gur chum urchóide
dhamh do bhí sé. An bábhún iomorra is é ní do bhí ann .i. ballaí na
bruíne, an crann is é ní do bhí ann .i. coinnleoir lánmhór do bhí i
gceartlár an pháláis agus is amhlaidh do bhí an coinnleoir sin .i. do
bhí tríochad soilsí ann agus coinnle ar lasadh uile ionta agus do
taibhseadh dhamhsa gurbh iad na soilsí géagáin an chrainn agus
nuair do rugas ar sholas díobh táinig sé liom agus do thiteas ar cúl
mo chinn ar sholas eile ar an ordú céanna a bhfuair an Gruagach mé.
Do tháinig mé anuas as an gcoinnleoir iar sin agus níor léig an náire
dhamh aon fhocal amháin do labhairt. Agus is ea adúirt an Gruagach,
"Codail támh beag go fóill," ar sé, "an feadh a bhias mise ag
gléas na n-arm agus na n-each a bhias linn go hÍle óir ní bhfuil an
lá leathuair uainn."



Mar do chuala mise iomrá ar a dhul go hÍle níor fháig sé cuimhne
agam ar bhuairt nó ar thrioblóid dar éirigh dhamh feadh na hoíche
roimhe sin óir níor chruthaigh Dia ionad ba lú orm ná é. Óir do bhí
mé dearfa nuair do chuir aon triúr amháin an oiread sin de bhuaireamh
orm agus do chuir dá mbeith níos mó dá sórt ann nach biadh
áireamh nó inisin ar a ndéanadaois orm. Agus mar do thuig an
Gruagach sin is uime do luaidh sé air óir do ba maith leis mise
d'fhuireach mo chónaí ó sin amach agus cead suaimhnis d'fháil dó
féin óir théid a neart ar neamhní ó mheán oíche amach.


L. 149


Ach atá ní cheana níorbh fhearr dhó deoch dhearmaid do thabhairt
dhamhsa ná an beagán comhrá adúirt óir do chuireas mo cheann
faoin mbrat mhórluachach sin do bhí ar an leabaidh agus do thiteas
mo thoirchim suain agus síorchodlata agus is é ní do mhúscail mé
arna mhárach .i. foghar agus torann do bhí ag an ghaoith agus ag
copógaibh mórleathna do bhí os mo cheann in áit an bhrait a bhí
tharam i dtosach na hoíche.



Éirím mo sheasamh agus is é áit a bhfuaras mé féin ar mhúr
sheanleasa gan teach, gan áras dá ghaire. Titimse i dtaisibh agus
i dtámhnéalaibh báis de chumha na mná sin agus tugas mionnaí
móra, marfacha nach gcoideolainn dhá oíche in aon áit nó go
bhfaicfinn arís í. Gluaisim romham agus níor fhágbhas diamhair nó
doirbhealach, sí nó carraig nár chaitheas ló gona oíche ann ar aon
chuid caor agus fíoruisce nó gur chaitheas cúig lá dhéag agus trí
bliana ar an ordú sin agus i gceann na ré sin tángas gus an áit ar
mhúsclas as mo chodladh agus do chaitheas an oíche sin ann mar
gach áit eile. Agus ní raibh dá scéalaibh agam ar maidin ach go
bhfacas aisling an oíche sin d'fhoilsigh dhamh nach raibh maith
dhamh ní sa mhó dá tóraíocht a dhéanamh agus go raibh sí pósta
ag fear eile re bliain roimhe sin. Ní bhfuil mé cinnte dhe sin go fóill
agus ní bhiad nó go bhfaicidh mo shúile féin í, má atá sé i ndán
damh go bhfaicfe an t-amharc sin uirre go brách agus is éadóigh é
mura bhfuil an tseamair Mhuire ar mo chrios agus is ea adúras:




"Ní buan mo mharthain mur' bhfaice mé arís gan spás
an stua ghlan, ghortha thug m'aigne na diaidh mar atáim.
Le méad mo chearthaí ní aithním nach sliabh an trá
's dar fia ní aithním nach mac tíre an féileacán.



A Dhia na gcreidmheach is cosúil gur naofa amháin
do tharla mise nó nach bhfuilim don éag faoi cháin
an uair do chonairc mé lile na gcraobhfholt mbán
nach é mo bhás do cinneadh le silleadh a réalt-ndearc mbreá.



Gan suan go bhfuilim le tuilleadh agus míle lá
le grá ar an ainnir tug peannaid is pian mo lár.
Ar uaigneas leapa mur' rabhadsa agus í gan spás
mí agus seachtain ní bhiaidh mise i mbliana slán."


L. 150



Agus mura raibh mé slán ar an mbliain se is éadóigh mé bheith
slán ar an mbliain se chugainn agus is beag an dochar na huile
dhíomua do bheith ar an té do bheir cúl re críoch maitheasa agus
do bheir amas fuireachair ar a aimhleas agus nach smuaineann go
ndéan ní as nach dtiocfadh a leas mar do rinne mise ag tabhairt
searc m'anma don mnaoi nach fios damh cia hí féin nó a hathair
ach do réir mar thoil leis an nGruagach sin d'inisin dhamhsa agus
nach fios damh gad é an aird sa gcruinne a bhfuil sí féin nó an
Gruagach sin inniu.



Ach gibé bhias beo go bhfuighe sé bean agus nach aon bhean
amháin ach dias nó triúr. Agus ós anois thuigimse sin dar mo
láimh ní rachaidh grá aon mhná fá mo chroí níos mó agus ní mó is
mian liom taisteal nó mianiarraidh do dhéanamh i ndiaidh na mná
sin nó mná eile na diaidh agus dá dhearbhú sin ag so amhrán
cruthaithe air:




Scoirim féin feasta de mo thaisteal gan bhrí gan aird.
'S é mo dhóigh nach beag dhamh a mbiaidh agam le mo shaol de mhnáibh
's gurb é ní adeirid nuair theastaíos a bhfíorfhear grá,
"Uch! ná cuir ceist air ní heisean 'tá istír amháin."




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services