Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Siabhradh Mhic na Míchomhairle
Title
Siabhradh Mhic na Míchomhairle
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Ceithearnaigh, Séamus
Composition Date
1766
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1955)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SIABHRADH SÍGHTHE AGUS INNÉIRGHE MHIC NA MÍODHCHOMHAIRLE, A BPRÓS AGUS A BHÉARS, AR A' BHFONN DO CUMADH LE CEARBHAL Ó DÁLAIGH FRISA RÁIDHTEAR AISTE CHEARBHAIL, AD DHÍAIGH MUR LEANAS.
Mar gcualaidh sibh-se, ní miste díbh a fhíafraídhe dhíom an modh úaigneach aisdeach air ar casadh mé féin a sígh, gan bhaois gan mhaga ní chanfa mé bréag dá thaoibh, ós é fuígheal na mallacht thug agam mur sgéula é dhíbh. Lá dá rabhus air aistear líom féin sa tslíghe, idir Bhéul Átha Seanna, Dún Gheannuin is Fánoid shíos,
idir Shliabh Beatha, Sliabh Gleatha agus Náas na Ríogh, mín-bhrogh Chaisil, Cnoc Aiste agus Carnn Chlann Aoidh - Agus ag sin a thomhus oiribh-se cía harradh sin áit a raibh mise an uair sin - Air ndul don ghréin dá leabaidh, níor bhfeas dam cá háit cá tír san gcríoch so a rabhus, ionn ar talamh nó 'n áirde bhíos; féuchaim thoram go ceathruigh is go sgáthmhur baoith, is le taobh an bhealaigh go bhfeacus gan spás an tsígh. Druidim 'na farradh, gé gur dheacair 's gur dhána an gníomh, is do chonnairc mé an ainnir mur aingiol san áit 'na suídhe, a caoin-chorp seada, gan alta, gan chnámh, gan bhrígh, a níamh ghlan daitte mur fuinfidhe í as bláith na gcaoir.
Bhí gleó crúaidh frithir, gan time, gan tlás, gan sgíth, ag an rós a gcoimeas le lili gach lá do shíor a ngnúis an leinibh ba ghile 's ba bháine píob, 's go fóil níl fhios cia as fainne san dáil don dís. Acht atá nídh cheana, do gheallus an sgéul go fíor díbh-se d'aithris, gan meabhal, do réir mur bhí; 's gach aoineach agaibh dhéanfa sgrupal go ndéanfuinn claoin, go ttugadh Rígh Nimhe do gach nduine again lúach a chroídhe! - Agus tuille mór eile fós. Dar do láimh-se, a Mhaoil Mhóradh, inneósad fós díbh-se réim dhíreach na heachtra mur tharla mé don mhnaoi-si.
.i. Lá n-aon dá rabhus, re hucht Bealltuinne, dá lá d'éis lae Sámhna, a gceart-lár Mhárta an Earraigh, mur shaoilim, a ndeire an tSámhra,
agus mé ag siúbhal go lán-úaigneach líom féin, ionnus go ttárla, gan fhios, gan airiúghadh dham, mé a ndíamhair úaigneach dhoigheóluis, agus a ttír ainiúl annaithnigh fhíor-áluinn, gan fios a húil, a haithne, ná a hainnime agam -. Acht atá nídh cheana, ní fheaca súil, agus ní chúala clúas, is níor smaoinigh inntinn a háithghin, a samhuil, nó a túarusgabháil, air bhreághdhacht a fuinn, a sreabh, a foithreadh agus a fiodhbhaidhe. Óir budh leór d'adhbhar aithbheódha air dhaoinibh marbha a bheith ag éisteacht re caoin-cheóil eabhraighe na n-éunlaighthe, agus le ceileábhradh fír-bhinn na bhfíor-bheach, agus le forfhuighle na sreabh síansáineach gorm-chriosdail fóghar-tháidhúir ag tibearson agus ag síorshnuídhe seachnóin na tíre, agus í 'na haoin-tuinn feóir agus fásaidh. Air bhfeicsin na tíre lán-mhaise sin domh-sa, ní rabhus gan lúthgháir adhbhal-mhór oram, óir do shíleas go lán-dearbhtha gurab é Parrathus nimhe do bhí ann, agus gurab é Dia
neart-chuímseach nimhe do threóraidh mise ann, dom naomhadh agus do leasúghadh mo bheatha. Agus, dar mo chúbhais, dob olc an bharramhuil dómh-sa sin, óir níor dhúthrachtach an seirbhíseach do Dhía roimhe sin mé aríamh. Gidh trácht, níor smaoinghís air sin an úair sin, agus as é adúbhrus:
Tír a samhuil ní fheacus, is ní chualus teacht air mhíne, air mhaise, air dheise a cúan 's a sreabh, braoin-drúcht meala ar bharraibh a craobh air fad, is síansa na mbeach mbeag dá taithigh chuirfeadh aoibhne air neach.
Acht amhal as dúal agus is dleacht fóircheann as fínit air gach nídh acht flaithios Dé amháin, is mar sin tárla don lá sin, nó go raibh néulta dúbha duaimhsiocha dreach-úathmhara na hoídhche úaimhain urchóide ag follach gnúise lán-tsoilbhire
na firmaminte, agus go ndeachaidh an ghrían gheal-rádharcach ghlan-tsolasda dhealbhdha dá hadhbhaidh chodalta. As annsin do fhéuchus na cheithre háirde imleathna air gach thaobh dhíom, mur atá, soir, síar, budh dheas agus budh thúadh, agus ní fhacus d'áitreabh nó d'fhorgnamh ann acht aoin-teach áluinn éagsamhuil, dob fharsinge urlár, bo mó compás, dob airde sgeimhil agus dob fhearr innioll dá bhfeacus aríamh. Agus glúaisim air amus an tíghe sin, agus as é nídh fuairius air mo chionn ann .i. dorus mór-adhbhal béal-fhosgailte air ghrían-bhrogh taithneach taoibh-bhláith slios-chaoimh ceárrdámhuil, agus gríanán gríos-sholuis búadh-chlochach brat-shlím bláith-shníghte, agus rígh-dhún ruithneach réultannach rían-áluinn rém-éasgadh, agus grúagach foirtil fíor-árrachtach go ngnúis mhaordha, go nglór úránach, go labharaibh beódha, agus go gceann-chumhdach óir gonna chóir-bheart sróil, 'na shuídhe 'na chathaoir óir-loisgeadh air na mionn-agar do chlochaibh Parrathuis Ádhaimh,
agus inghín mhaordha mhíonla mhacánta chlódhcheart cheólmhur chómpásach 'na suídhe air láimh dheis an Ghrúagaidh, agus folt dúal-bhuídhe dlaoightheach sgaoilteach cochal-lúbach 'na haisir ghlain-chíortha air gach taobh dhí, agus léine eangach shír-éttrochta sróil umá caoin-chnis, agus eó áluinn óir isan mbrat os a bruinne, agus ainnir óg ghlórmhur mur níamh-aingiol, mur ghréin maidne, nó mur líag lóghmhur, nó mur ghealaígh fóghmhuir, 'na suíghe san leath eile don teach; dearca glasa gléa-shuaimhneacha mur réultannaibh loinneardha liomnardha a n-oídhche sheac-cruaidh gheímhriota aice, agus déid níamhdha neamhónda a n-aon aiste i gcarcair théagartha chorcair-thirim chaomh-áluinn léithe, maillíghe caola cómh-dhíreach os úr a háigheadh,
agus dá ghrúadh mhaola gheala agus crithir-chaor do bheódh-ghríos 'na gcert-mheódhan, folt fada famthannach buídhe-chúachach 'na throm-ualach tar a geal-ghúaile, agus brat d'ionnar asnadhach ór-shnáitheach uimpe agá cómh-fholach, agus cruit cheól-bhinn chaoin-téadach ionna hucht aice, agus í dá fras-shinnim go binn-ghothach. Cíodh trácht, airna faicsin ámhalaidh sin dómh-sa, ní rabhus gan iongantus agus lán-uathbhás oram, ag mídheamhuin agus ag mór-smaoineadh cia hí an áit sin ionna ttárla mé; agus dá mbo óglach anbhfonn cúlánta eile do bheith am áit an úair sin, nach bhfaca ádhbhar uamhain nó imeagla ríamh, ní bhfuil a fhios agam nach mbeith a thróm-úalach féin eagla air; gidh eadh, ós
mise féin do bhí ann, atá fhios agam cionnus do bhí mé; agus as é adúbhrus:
A Rígh na cruinne, is breágh an t-ionnid so a ttárla mé, a rígh-bhrogh slios-gheal do cumadh mur árus Mhéaidhbh; samhuil Dhún Ailigh, nó is aithghin do Phárrthas é; is ní bhfuilim ró-dhímhin nách a mbruídhin atáim gan bhréig. As aoibhne an t-amharc so nó Teamhair is Náas go léir is na trí craobha a n-Eamhuinn, bhí tamal na n-adhbhaidh laoch, fíontach farsing, nach ainnis is nach cráidhte gléus, sguirfiod dá thaisdiol go bhfeasad cía áitigheas é.
Téighim-si isteach san teach sin air mbreithniúghadh na deágh-chuideachtan dómh-sa; agus beannuíghis an Gruagach dham, agus as é adúbhairt: "As fada támaoidne gan duine nó daoine d'fhaicsin rómhat-sa do chuirfeadh lúthgháir nó iolghárdachus oruinn. Agus is mall an chúaird sin tugais oruinn, agus 'fhaid atámaoidne ag súil lead chúaird-si; óir ní bhfuil do chloinn ná do chómhéirghe againn acht an inghín sin thall, agus sinn dá hoilleamhuinn agus dá hárd-leasúghadh ó aimsir a naointeacht ad th'uirchill-si agus ad chómhair, chum a beith 'na mnaoi agus 'na cómhlionán agad-sa." Do fhreagair mise don Ghruagach, agus as é adubhrus: "Dar mo chúbhuis, dá mbeith a fhios sin agam-sa," gé gur dheacair dham é, agus gan fhios agam cá háit san dómhann air a raibh sí "as fada ó do thiocfuinn da hionnsuídhe nó go
bhfeicin féin í, gé bé aco bás nó beatha do thiocfa dham as." Leis sin do éirghidh an Grúagach ionna sheasamh, agus do chuir mise 'mo shuídhe inna chathaoir féin; agus tug cathaoir eile chuige féin, agus do shuigh innte. Agus adúbhairt liom-sa m'earradh aistir agus imtheachta do bhúain díom: "Óir," air an Grúagach, "atá sguibhéirigh agus giollaídhe óg' an tíghalaigh si, le seacht mbliadhna, a gcuine catha agus cómhdhála atá idir Thrómcheódh Draoigheachta ó Dhún Aoile agus Rúadhan Lúaimneach Locha hAoidhin .i. síthguídhe as Oiléan na bhFear nDorcha" air an Grúagach, "agus as é as fochain agus as fíor-ádhbhar do na cómhdhálaibh sin .i. Trómcheódh Draoigheachta do thabhairt dís mac Righ Oiléain na mBeó leis, gan chead, gan fhios, gan airiúghadh, go Dún Aoile, a ndóchus go mbeith síad 'no n-oighribh air féin a ndiaigh a bháis, óir ní rugadh mac ná inghín dó féin ariamh. Acht cheana, an tan do chúalaidh rígh Oiléain na mBeó, umora, a chlanna do bhreith úadha,
do luídhe brón agus tróm-chúmhadh mhór air, ionnus goma foicsi bás ná beatha dhó. "Rúadhan Luaimneach, iomorro, an tan do-chualaidh fear 'éintire do bheith annsan éigionn sin, do chuir cruinniúghadh air shíthbhróghaibh an dómhainn tsoir go hiomlán, óir is eisionn budh general os a gcionn; agus tángadur leis an urfhógradh sin, 'na mbúadhnaibh dímhóra doghbheag' neartmhura; agus tug Rúadhan Lúaimneach mionna móra mairbhtheacha nách déanamh síoth nó fhosa nó go n-airge agus go n-ionreadh Dún Aoile, agus go ndíthcheana Trómcheódh Draoigheachta maile re maithe a thághlaigh, agus go ttiúbhradh dís mac Rígh Oiléin na mBeó leis slán fuláin chum a n-athar féin go doirísi, agus go bhfágfa Dún Aoilidh 'na dhóighir dhonn-rúadh dearg-lasarach, d'aimhdhéoin
lucht a chosanta. Agus do mháirseál sé féin agus a mhór-shlóigh isna ródaibh réidhe ro-dhíreacha ciana cómhfhada a gcoímhdeacht na gaoithe go Dún Aoile. "Ó do foillsiúghadh an cóimhéirghe sin do Thrómcheódh Draoigheachta, do chuir sé fios agus teachta agus taighléirighe ag íarraidh cuidigh agus cúmhanta air a aos comain agus carada féin seochnóin mara agus tíre as gach áit a rabhadur. Ar ttúis do chuir sé fios air Dhonn Céibhfhionn Máigh thÍghe as Cúige Chonnacht, agus air Dhonn Fírinn Ó gCoinuill as Cúige Múmhann, agus air Dhonn Bine Eachlabhra fris a ráidhtir Binn Eachluainne aniugh agus is uime adeirthaoi Binn Eachlabhra ris an mbinn sin .i.
a ttráthaibh na Sámhna do thigeadh each sleámhainn slionchaidh mór-úathbhásach as an mbinn amach go roiche a lár, agus do labharradh do ghlór dhaona re cách; agus do bheireadh fios foirbhthe fíor-eólach do gach aon dá n-iarradh sgéala air fá gach nídh dá n-éireóchadh go cionn bliadhna ón tSamhainn sin arís; agus do fágthaoi pronnta agus tiodhlaicthe móra aice ag an mbinn sin, agus do ghéilidís na poibliochadh go háimsir Pháttruicc agus na naoimh-chléire dhi. "Do chuir sé fios chúgham-sa mur an gcéana" air an Grúagach, "agus do chuaidh úaine inna chómdháil fithche míle taoiseach troitheach agus chúig mhíle dhéug deaigh-mharcach fána ndíol each, airm, agas éadaigh, agus as cuma godé sin a bhforamh a ttáinig as na síoth-bhroghaibh eile do hainnimniúghadh líom
do chuidiúghadh agus do chábhair Thrómcheódh Draoigheachta. "Agus as íad so na hárd-mhaithe do chuaidh air an éirghe amach so, .i. Giolla Bríghide beag Ó Beoláin, síoguídhe as na Déisibh a Múmhainn atá 'na Gheneral camptha ag Donn Fírinn Ó gConnuill; agus an Giolla Fíamhach Ó Deóráin, atá an' árd-chomándar ag Dhonn Céibhfhionn Maigh hÍ, .i. síothguídhe d'fhíor-phréimh na Crúachna; agus Colla sgiamhach Ó Deóráin, atá 'na gheneral ag Donn Binne Eachlabhra, agus atá fós an' árd-chomándar a gceannus armála chúige Uladh, maile re mórán eile nách áirmhighthear ann so. "Air mo shon féin" air an Gruagach "ní bhfuil mé acht neachtardha, óir ní bhfuilim acht air son mo láimhe féin amháin gan géile d'aoinneach eile agam. Agas atá machaire eadruinne agus muinntear an dómhainn shoir amáireach a n-Aoile, agus gidh bé again do brisfídhthear ann, ní bhiadh cuid tionól nó
tiomsuighthe aco d'fhacfuinn dá éis sin go bráth. Agus as mían líom-sa bheith a gcionn mo mhuinntire féin ann sin, agus as maith liom do chuideachta-sa agus fós do chuidiúghadh agus do chómhnamh do bheith agam; agus má thuillionn do dheágh-ghníomhurtha féin dhuit é, do-bhéara mise an inghín thall duit mur mhnaoi agus mur bhean-chéile, má thigimíd ón gcaith air aon. Agus mur bhias na hárd-mhaithe eile ag cuidiúghadh lena muinntear féin, biadh tusa agus mise ag cuidiúghadh lenár muinntir féin ann. Agus ag sin agad-sa an t-ádhbhar fá bhfuilmídne cómh úaigneach so anois. Gidh eadh, biadh go leór beó agus marbh san táighleach so, 'san oídhche amáireach." Ciodh trácht, air gclos na sgéala lán-úathbhásach sin dómh-sa, agus air ttuigsin dham gur a mbruíghin do bhíos gan ámhrus, as iongna nách
dearrnadh geilt dhíom le méad m'eagla agus mo úathbhás. Acht cheana, do thuigeas dá n-aithníghdís sin orm gurab móide do dhéanfadís baoghal spóirti agus maga díom, agus do chuirius mo dhóthchus go daingean diongaibhálta a nDía neart-chuímseach nimhe agus talmhann ionnus go ndéanfuinn neamhnídh agus neamh-chúis do gach nídh nó go mbeire an lá orm: nídh eile fós is mó do bhí air m'aire inná Día féin, .i. inghin an Ghruagaigh, óir níor bhfada líom dá mbein a bpríosun purgodóra agus isi do bheith air m'amharc ann, le méid an ghrádh tugas dí; agus ní raibh air mo chumus gan a bheith ag amharc os ísiol agus ós árd air inghín an Ghruagaigh; agus mur do thuig an Grúagach sin orm-sa, adúbhairt an beagán bríathra so síos, ag foillsiúghadh méid a lúthgháire reomham-sa; agus, dar mo láimh-si, as cuma cionnus do bhí seisionn air a bheól a bhforamh mur do bhí mise air mo chroídhe, mur do bhí Día
diombuídheach díom-sa; agus as é adubhairt an Grúagach:
"Ní bhfuil is na trí rannaibh-si ag Marcus 's aig Saosar án 's aig Poimpidhe, an flaith-fhear nár chaigil a spré air dháimh, aon 'na bheatha do gheabhadh an réult so amháin acht tusa, 'charra; 's go maire tú féin 'na dáil!"
A haithle na hiomagallamh sin an Ghrúagaigh do bhín-si tamal go súbháilceach agus tamal eile do dúbhailceach, óir nuair do smaoinin go gcaithfin a dhol go hAoileadh airna mháireach do dhubhadh agus do bhánghlasa mo ghnúis, agus do thigeadh tiomheal air mo ruisg, ionnus náchar bhfeas dham cá háit a mbínn; agus do smaoinín arís gur bheag do mhíorbhuilibh Dé nách gcuímhneóch an Grúagach orm, agus go mbeinn féin agus inghean an Ghrúagaigh a bhfochuir a
chéile go teacht dó-san tar ais go doiríghsi; is ann sin do thigeadh mo chéadfadh ionna n-áit féin arís. Air mbeith dhómh-sa is na smaointighthibh beag-thairbheacha sin, íarruis an Grúagach deoch do thabhairt chuige; is ann sin d'éirghe an macaomh mná ina seaseamh agus do thug sí cornn cómhfhleasgach cloch-bhuadhach caoin-dealbhthach cearrdamhuil do dhearg-ór lé anuas, agus do dháil don Ghruagach é; agus ólas an Gruagach oram-sa, agus as é adubhairt: "Ó thárla tusa cómh búartha sin a n-inntinn agus atá tú, as fearrde thú deoch d'ól as an ccorn so, do chosg do shíor-ghlúaisde idir chinnteacht agus éigcinnteacht; óir is do bhúadhaibh an chorinn si nách gcuímhneach le neach dúagh ná dochar dá mbíon roimhe sin air, nó 'na dhíaigh, an tan ólus deoch as; agus do gheabhadh fir an dómhainn deoch as a n-éinfheacht, agus a rógha deoch do gach aon aco."
Glacaim-si an cornn air sin, agus d'ólus deoch air mhnaoi an Ghrúagaigh; agus a háithle na díghe sin nior chuímhneach líom sgáith nó critheagla dá raibh orm air feadh na hoidhche roimhe sin; is ann sin ólus bean an Ghrúagaigh deoch as, agus níor luíghide an cornn air ibhemair as. "As maith an séad-so agad-so, a Ghruagaigh," air Mac na Míodhchómhairle .i. Cearbhal Ó Dálaigh. "Bronnaim féin ort-sa é," air an Grúagach, "óir as mór fhóghnus sé dhuit, do chur meannamna agus mór-aigeanta ort san ccaith amáireach." "Go raibh maith agus mór-bhuídheachus agad-sa, 'Ghrúagaigh," air Mac na Míodhchómhairle; "agus innis dómh-sa annois cía hainnim atá ort féin agus air an áit so ionna bhfuil do chómhnuídhe, agus cía haco d'fhollaibh úaisle nó ann-úaisle an dómhainn do bhean." "Gruagach Thíre gan Taithíghe m'ainnim," air sé; "agus inghin do Rígh Thíre an Úaignis mo bhean; agus an Dún Sothghlúaiste as ainnim don
dún so; agus as uime goirthear an Dún Sothghlúaiste de, do bhrígh nách usa líom-sa bheith ann so nó san ccuid as siá úait don chríoch so san oídhche amáireach." A háithle sin fíafríghis an Grúagach dhíom-sa 'n imeóruin cluithche fris. Fíafríughim-si dhe sin créad é an gléus imeartha do bhí aige. "Táiplis, fuirionn, agus péighre díslíghe," air an Grúagach. Adúbhrusa go n-imireóin, acht amháin gan leatróm do dhéanamh orm tré dhraoigheachta. Adubhairt seisionn na déanach. Is annsin tugadh táiplis, fuirionn, agus péighre díslíghe anuas, go bhfollach sróill uimpe. Agus as ámhalaidh do bhí an táiplis sin déanta .i. do chlárthaoi fionndruinne, agus fleasg fíor-emerail, agus títhe do chnámha fíor-áluinn eliphante, agus gríanán carrabhonncail, ionnus go n-imeóradh
dall gan tsúileibh oídhche rae dhorcha uirthe re méad na soillse do bhí ag éirghe dhi; leathfhuirinn di déanta d'ór, agus leathfhuirinn eile d'airgiod bhán, airna n-eagar air aon go lán-intleachtach le láimhaibh saorshúadh agus le grinn-eólus glan-cheárd, do chlochaibh Parrathuis Ádhaimh agus do gheamaibh fíor-áluinn criostail; agus péighre díslíghe nach feas cá cinneál fán ccruinne dá ndearnadh íad, air an gcomhórdúghadh céadhna.
Is annsin do shuídhmuir an fhuireann, agus do chaitheamuir na díslíghe; agus d'fhíafraigh an Grúagach dhíom-sa cia an cluithche d'imeóiruinn fris. Adúbharusa go rabhadur do mheabhair liom fíor-bhearta an tsioca, agus lúaith-imirt an gheamain, agus cinneál imirtha na táipilise móire. "Maise," air an Gruagach, "imirimíd cluithche táipilise móire." Adubharusa gur thoil liom féin sin do dhéanamh. Annsin do shuígheamair an fhuirionn, agus do chaithighmur na díslíghe; agus ní fada do bhádhmuir ag imirt an tan do ghoin an Gruagach triúr dom fhuirinn-si, agus do bhí mo chluithche cailte air sin. Annsin íarruim-si beart theagaisg air iníghin an Ghrúagaigh. "Caith," air sí, "aon agus dó, agus cuir an t-aon a gcaluith agus an bheart eile air thí a dó." Is annsin ghlacaim-si na díslíghe go ceathruighthe mí-thapaidh míodh-úirmhisneach móir-dheithfireach; agus dar líom, agus fós dar mo láimh, níor
bhfearr líom flaithius an dómhainn do bheith agam am aonar nó an t-aon 's a' dó sin do chaithiomh agus d'imirt amhuil do theagaisg sisi dhamh. Air sin caithim-si na díslíghe, idir dhóthchus agus éadóthchus, go mearruighthe agus go mídh-chéadfádhach mór-chritheagalach, agus as é urchur do chaithios an t-urchur nár breacadh air dhíslí ariamh .i. cealltair fhollamh. Leis sin do ghlac fearg agus lasamh mé, agus an deámhaun maide do rug mo dhá láimh gur sguirios. "Sílim féin nach maith imirios tusa," air an Gruagach; "gidh eadh, bronnuim féin a' táipilis so ort re háighidh fóghlumtha uirthe, óir is fearr imirim féin ná thusa." Ní raibh a fhios agam-sa créad é an modh air a dtabharinn buídheachus a chinníghil don Ghrúagach, acht amháin go raibh eagla orm go gcaithfinn cúntus generáilte do thabhairt a nAoile a n-éinfheacht ann. Acht, dar a
bhfuil ó Mháighe go Trágha Mhóir, níorbh iongna gan mise do bhreith an chluithche sin, óir gé bhí mo chorp os cionn cláir ag an nGrúagach, as é áit a raibh m'inntleacht agus m'inntinn, m'amharc agus mo mheannmna, san leath eile don teach, mar a raibh inghin an Ghrúagaigh; agus as eagal líom gurab tosach tubaiste dham é, mura bhfuil ag Dia; agus as é adubhrus:
A Rígh na cruinne, gan misi 's an fhaoilionn bhán air aon ag imirt ár gcluithche ó oidhche go lá, gan dís nó duine bheith dár ngoire dár shíolraigh ó Ádhamh acht aon, ge bé eile bheith agam-sa shíos 'na clár. Air thioc, air gheaman, air bhranna, nó air tháipilis mhóir, ní mhaithfin féin maide go maidionn don naoi bhig óig, acht m'fhear-sa bheith a gcaluith, is beart agam air thí a dó,
is gan cead a bheith aice-si obadh ná diúlta dhóibh.
Ní beag sin nó go gcluinne sibh créad é an t-órdúghadh bígh agus dígh do cuireadh air Mhac na Míodhchómhairle a ttigh Ghrúagaigh Thíre gan Taithighe an oídhche sin. A háithle na himeartha sin do fuilígheadh na bóird do sgóiridíbh sgíamhacha lí-ghlanna lán-mhaisiocha, agus do cuireadh bíadha saora sothchaimhe air an mbórd sin, agus tógha gacha sórt díghe air cheana; agus do shuigh an Grúagach a ttosach an bhúird sin, agus do chuir mise 'mo shuídhe os a chómhair, agus 'inghín air mo láimh dheis, agus a bhean air a láimh chlí féin; agus do chaitheamur ar leór-dhóchuinn bídh agus díghe air an órdúghadh sin. Is annsin adúbhairt an Grúagach: "Is mithid dúine codhladh agus cómhnuíghe
do dhéanamh feasta, óir is fada uainn Aoile, agus go gcaithfiom a bheith ann air a hocht don chlog airna mháireach air maidion." Mur do chúalaidh mise iomrádh air a dhol go hAoile, níor fhág sé cuímhne agam air shóigh ná air sheasgaireacht dá bhfúair mé air feadh na hoídhche roimhe sin, air mhéad m'fhuaith agus mo ghráine, m'úamhainn agus m'imeagla air a dhol ann; óir níor chruithigh Día ríamh ionnad ba lúgha orm ná é, óir do bhí mé cinnte dom bhás do theacht as go lán-dearbhtha ann. Agus do mheas mé nídh éigin do bheith 'mo thiompchioll air árd-theist na hinghine sin agus air an áit inna bhfúairius í, ionnus, ge bé duine do gheabhadh mise marbh a háithle an chatha sin, go bhfuígh cáil éigin iomchuímhnighthe dá tuarusgabháil 'mo thíompchioll; agus tugus peann agus dubh agus pápér chúgham, agus do sgríobhus mur atá am dhíaigh ann so:
A síth go dimhin do chonnáirc mé féin an stáid,
grúadh na ndrithlinn is gile ná géis air snámh, éanlaith binne nach minic a bhfúacht air fagháil tar a gúailibh ag sileadh 's ag fille go lúaith 'na n-áit. Le bheith dá hamharc do lasus go léir dá grádh, mo chróidhe gur mearadh is nach faicim-si léus don lá: a píob mur shneachta 's a mama chroinn ghlégeal bhreádha; is, dar an Rígh, ní maith líom nach agam-sa féin atá. An sgéal, mur theangbhus le ainnir na mbaoithchrobh mbláith, air aon ní cheilfiod-sa feasta, ós fíor mo bhás; is má shílion duine air bith nách bhfuilim-si 'na díaigh dam chrádh, nár bhudh saoghalach mise go bhfuil 'fhios ag Día mur táim.
Is annsin do cóirígheadh iomdha agus árd-leaba dómh-sa, ar gcríochniúghadh an bheagáin sgríbhneóireacht sin shúas dhamh, agus do luígheas uirthe go hatuirseach imshníomhach anbhfann éidtreórach; agus do chuaidh an Grúagach dá leabaidh luídhe féin, air bhfágbháil imchoimirce beatha agus sláinte agam-sa; agus do chóirigh an inghín a leabaidh féin os cómhair mo leabtha-sa, agus do thuigeas uirthe go raibh agá aithine dhíom-sa éirghe agus tríal dá fios féin an oídhche sin, ionnus go ttug sí go leór misnigh dhómh-sa maile rena súilibh agus gach cómhurtha suiríghe eile air cheana; agus adúbhairt líom fós gan sgáith ná crith-eagla do bheith orm do thaobh na sgéala móra úathbhásacha sin d'innis a hathair dham do thaobh an mhórchatha sin do bhí idir Thrómcheódh Draoigheachta agus Ruádhan Lúaimneach Locha hÉidhin. "Óir,"
air sí, "air mhaithius na talmhann trom-fhóduíghe ní bhéarradh sé duine air bith saoghalta leis ann." Tug an cómhrádh sin croídhe agus meannamna, aige agus mór-mhisneach dómh-sa; agus do thugus buídheachus di-se ar son a sgéil. Do luídhe an inghín inna leabaidh féin, agus do mhúch coinnle agus soillsi an tíghe, agus do chuaidh cách chum súaimhnis. Níor chían dómh-sa ámhalaidh sin an tan ghlúais mo chinneamhuinn chrosda choirpe mhídhchuímhneach a bheith dom sporadh a gceann m'aímhleasa, air mhodh nár fhéadus súan ná sádhaile ná síor-chodladh do dhéanamh, nó gurbh éigion dam éirghe go hinghin an Ghrúagaigh. Glúaisim dá hionnsuídhe go réim-dhíreach, agus an tan do shíleas a bheith a ngar nó 'ngoire dá leabaidh, as é áit a bhfúairios m'eólus a ndíamhair úaigneach dhoigheóluis, gan taithaíghe duine nó ainnimhidhe ann. Is annsin do thuigeas go féigh fíor-dheimhneach ná rabhus
gan draoigheacht agus áimsighthe agus áibhseóireacht agá imirt orm ag mo locht aoin-tíghe an úair sin. Níor chían dómh-sa air sin ag éisteacht re bonánaigh agus re bócánaigh agus le heithidibh ádhúathmhura úathbhásacha urchóideacha na coille sin, an tan do chúalus an trost tróm-adhbhal agus an uall-ghuith adhúathmhar agus an sgreadach ghuth-árd ghéar-loisgneach chúgham san gcoill gacha ndíreach. Ní raibh do mhéad mo cheathruigh-se nó m'eagla roimhe sin nár chuir sin spriod ghealtacht ionnam, ionnus gur ghlúaiseas reómham mur gheilt air n-imtheacht as ár, nó mur áinle ag éirghe dá neid, nó mur fhíaigh airna dhúiseacht as a leabaidh luídhe, air bhfaicsint a námhad agus 'easgcarrad ullamh tar a chionn: as é sin trice agus tarpaíghe agus tréan-lúas do rinne mé.
Agus an uair do shíleas réighteach as an gcoill amach, as é áit a bhfúarus m'eólus air mháigh thaobh-leathan thaithneamhach, a lár agus a n-eidirmheódhan an ghleanna sin; agus do bhí cnocán lán-chroinn fíor-árd a gceart-lár na máighe, agus do bhí d'áirde an chnoic sin gur shíleas féin dá mbeinn shúas air nár bhaoghalach dham duine nó ainnimhídhe dá raibh san gcoill an oídhche sin. Gluaisim-si air amus an chnoic sin; agus air tteacht dá ionnsuídhe dham, as ámhlaidh fúairios é airna thíompchiolladh do chriosaibh fionnagheala amhuil iomaireacha, air mhodh go roichfeadh céim mhic a gcionn a mhíosa ón gcrios go chéile dhíobh. Do mheas mise gomo fusaide dham féin a dhol suas air a bheith ámhalaidh sin dhó. Is annsin glúaisim-si 'mo chéimionnaibh tinneasnacha
troith-éasga agus 'mo rúathar ró-thréan lúaith-reatha, nó go ndeachus air árd an chnuic sin suas; agus as é ní fúairius tar mo chionn ann .i. muir áidhibhseach thiúgh-thonnach agus cúan cainteach cubhar-anfadhach, gan slíghe a hachamoire nó a tíompchiolladh óna faid agus óna himchíane. Do bhí mise air síubhal re cois an chúain chubhar-anfadhaigh sin, nó go bhfúaireas sean-átharach briste, do chuir an tonn a ttír a bhfad roimhe sin, 'na luídhe ar an ttráigh. Mheas mise gurab é Dia neart-chuímseach nimhe agus talmhann do chuir ann sin é, re haighidh mise do shábháil air aithmhilleadh na ndúileadh n-éigceannsaighthe sin do bhí
'mo dhíaig, dá leanadís mé ní bo sia ar tí m'aithisiúghadh. Is annsin gabhaim-si ag leasughadh an atharraigh sin agus agá lán-chórúghadh; agus níor chían dómh-sa air aon staid, óir níorbh í sin an obair gan féim, nó an saothar gan tairbhe, nó an aimsir dá caithiomh go diomhaoin. Níor chían dam fós ámhlaidh sin an tan do chúalus na gotha grána gearránacha, agus an uall-ghuith adhúathmhur, agus an sgreadach éidhmhe chaol ghuith-árd ghéar-loisgneach chúgham 'san ngleann gacha ndíreach; agus ó atá fhios ag gach duine bhíos gealtach cionnus do bhí mise an uair sin, ní tráith anois a bheith agá innsin. Is ann sin do chuirios an t-ádhtharrach sin amach ó thír, agus do chuaidh mé féin ann, agus
gabhuim agá stiúradh agus agá dhíriúghadh air dhoimhneach agus air dhaingneach an uisge. Cíodh trácht, ní cían ón oirthear do chúadhas an tan do éirghe an ghaoith ghlórach shiúbhalghrod os dóirsibh tuinnighthe na talmhann, air mhodh gur chuir cogadh agus coinnsgleódh fá uisgeadhaibh na talmhann go huile. Agus an tan do mhothuigh an t-uisge an cómhéirghe sin na gaoithe inna áighidh, do éirghe féin 'na bhróintibh brúchtmharra baoth-aigmhéile bráthamhla, agus inna chisilibh cáinteacha díoghchoisgithe do-eadrána, agus 'na throm-chladhaibh doirbh-osgurtha iomiol-fhliucha, agus 'na shrothaibh siúbhalacha searbha sár-lúaithe, agus na shléibhe
coigeadalacha cubhar-anfadhacha, agus 'na mhothar mheasgaighthe mhurdhúchannta, agus 'na cholbhádhuibh toirteacha tróm-bhraonacha, agus 'na ghleanntaibh doimhine dos-liaithe doigh-éoluisi, agus 'na chnocaibh ceann-gharbha coracha cíach-dhorcha. Is annsin do thuigios gur mhionnaighdur na déithibh cealgacha claon-bhreathacha sin leath air leath .i. A Eolus, día na gaoithe, agus Neptunus, día na fairge, nách ndéanfadís síth ná osa re chéile nó go mbaisgaidh agus go mbúanbháitaídh mise eatortha. Acht atá nídh cheana, do bhí do dhoirbhe a gcoimeas re chéile, agus d'olcus an ádhtharraigh sin inna raibh mise, agus do dhoghfhulang na gaoithe, go raibh an sáile searbhrúadh 'na shrothaibh agus 'na shruith-linntibh agus 'na chith-bhraonaibh ag teacht isteach air gach taobh orm.
An úair do chonnairc mise mo chríoch dhéighionach cómh cinte sin agam, do léigios éighmhe fhada fhír-thrúadh agus gárrtha groda géar-chaointe os árd asam, ag íarraidh air Dhía na ndúil mo shábháil as an ngábhadh gúasachtach lán-chrúaigh sin ina raibh mise; agus do bhí do mhéid mo chongáire-se go gcualaidh an Grúagach mé, agus gur fhógair solus do lasa. d'éirghe an inghin, agus do las sí solus lonnrach lán-dheallradhach go deagh-thapaidh, agus do tháine sí féin agus a hathair a' fóir mo ghearáin-se; agus as é áit a bhfúaireadur mise, air shíothail mhór-leathan bheárna do bhí astigh. Agus as ámhalaidh do thárla an t-ionnad suírghe sin dómh-sa .i. an tan do éirghe mise as mo leabaidh ag dul d'ionnsuídhe inghine an Ghrúagaigh, agus ní cían do chuadhas an tan do thuigeas go rabhus air seacharán. Agus do
bhí cait astigh air phíochraidh, agus gabhuid ag sgreada agus ag sgréachadh go lán-úathbhásach, ionnus gur mheas meise gurab beathaídhigh urchóideacha oile do bhí ann, ionnus gur ghlacus sgaol agus sgeiteadh agus sgannradh chúgham. Agus gluaisim rómham am réim ró-ghealtachta, go lúas áinnle, feirbe, nó fíaigh-mhíol; agus as é áit a bhfúarus m'eólus a soilléur a' Ghrúagaigh. Agus do bhí an dádhbhach lán-mhór sa 'na suidhe a gceart-lár an tsoilléir, lán do lionn úr do téaghadh an lá sin féin, gan fháill do bheith aige oibriúghadh air bith do dhéanamh; agus amhuil fá gnáith síothail luadhala d'fhágbháil ann gach lionn úr chum a olmhaighthe, as
ámhalaidh sin do thárla an tsíothal san dádhbhach an uair sin. Agus do bhí do mhéid m'eagla-sa gur táibhrídhe dham gurab seannádhtharrach briste do bhí ann, agus gurab cnoc árd an dádhbhach, agus gurab fairge lán-úathbhásach an lionn, agus gurab íad funnsuidhe na dádhbhche na hiomaireacha sin do bhí tíompchioll an chnoic. Agus an úair do shíol mise a bheith sábháilte air urchóid air bith, is ansin do chúalas na cait ag teacht do dhorus an tsoilléir: lingim-si amach air an tsíothail ag ceart-lár na dáidhbhche dom shaora féin ortha, óir do shíolios gurabh bheathádhigh urchóideacha eile do bhí ann; is ann sin do thionnsgainn an lionn oibriúghadh do dhéanamh, ionnus gur mheas mise gurab annfadh lán-mhór do bhí ann; an ghaoith, umoro, as é do budh fochain agus do budh fíor-ádhbhar dhi .i. fuinneóg do fágadh osgailte air an soilléur, agus an ghaoith do theacht air an ttaobh sin don teach an oídhche sin, agus a bheith
ag teacht isteach air an bhfuinneóig, amhuil do chúalamhar. Acht atá nídh cheana, do tháine an Grúagach agus a inghion os mo chionn san dádhbhach, agus do mheabhaidh a ghean gáire air gach nduine dhíobh. Agus, dar mo bhréithir, dob fhearr líom-sa na cait féin dom ithe ná íad sin dom fháil ámhlaidh sin. Agus is é adúbhairt an Grúagach: "As cosamhuil gurab mór an fonn máirnéaltacht sin do bhí ort an úair do chuaidh tú inna chómhchúmhang sin d'adhtharrach, gan lón gan lán-chostus leat; agus más ag dul d'ionnsuídhe m'inghine-se do bhí tú, dob fhusa dhuit teacht air mór-thír dá hionnsuidhe ná air muir; agus ná héirghe níos mó go raibh tú cinte cá racha tú; agus tríal d'ionnsuídhe do leabtha feasta." Adúbharus go rachuinn, agus go rabhus buídheach dhe sin ar son a chómhairle.
Gluaisim-si amach, mur mhairnéileach air mbáthadh a loinge, agus tríalluim d'ionnsuídhe mo leaptha go hatuirseach imshníomhach éagcrúaidh; agus do luídheas uirthe ámhlaidh sin. Agus gabhuim ag iomcháine na huaire do thionnsgainn mé an éirghe sin do dhéanamh, agus ag órdúghadh mé féin do bheith fithche léige ón tteach sin sul do chídhfinn glan-tsolus an lae airna mháirioch, air son ná raibh acht sgarramhuin cinn re collainn dam ann agus inghean an Ghrúagaigh d'fhágbháil am dhíaigh. Agus as é adúbhrus:
As trúadh nách bhfuilimsi, 'sgan duine faoi an ngréin 'mo dháil, thíos 'sna Glinnibh, is gan siolla dom sgéal air fáil,
gan péarla bheith umam dár comadh le saothar láimh acht an t-éadach brollaigh bhíos fó Nollaicc air sléibhte Carnn. Gach dúadh, gach dochar, gach peannuid, gach pian go páis, gach gúais, gach galar, gach aicios, gach búairt, gach gráin, ó neamh go talamh, ag fearthuinn 'mo dhiaigh atá, ó chuadhas san dadhbhach 's a' talamh glan réigh air fáil! Ní mór go mairim, 's as fogus dom béul an bás, 's is ro-mhór m'eagla nách bhfaicfead go héug an lá; is gach aon nách gcreidionn go bhfuilim-si a bpéin 's a gcás, uch, fios mo ghallair-si thairis nár théid go bráth.
AN DARA CAIBIDIL.
Mo chúaird-si arís dá hionnsuídhe as truadh mur do thionnsgnas a dhéanamh; agus éistigh líom go n-innsiod brígh cinnte mo sgéala.
Ar ndul don Ghrúaguch do chodladh inna leabaidh, do mhúch an inghean a' choinnioll, agus do luidh ionna leabaidh féin doridhis; agus budh cuma créad é gach misneach dá ttug sí dhómh-sa a ttosach na hoídhche a bhforamh a ttug sí dam an darra húair, agus a ndeire, do chealga agus do chaoin-úrais agus do mhín-chomhrádh agus do bhinn-bhríathraibh fríom an uair sin; gidh eadh, níor thóig misi súil nó síor-rádhairc le bréithir ná le cómhartha aco sin,
acht amhuil nach bhfeicin agus nách gcluinnfuin íad. Agus ní cían do do bhí mé air an órdúghadh sin an tan do thuit támh neamhshúaimhneach codalta orm; agus níorbh é sin an codhladh coisreactha, óir ní raibh taisbéanadh nó taidhbhreadh ná síothbhradh, ó neamh go cúan Acheron, agus go sruith Stix a n-ifrionn, nach raibh dá thaidhbhreadh agus dá thaisbáineadh dham, ionnus gur dhúisghe mé as mo chodhladh. Agus air mhúsgladh dhamh, níor chuímhneach líom buaidhreadh ná trioblóid dár éirghe dhamh air feadh na hoídhche roimhe sin. Gidh eadh, do bhí glan-chuímhne agam air an áit a raibh leabaidh na hiníghine, agus do mheasas ná raibh teacht ó náire agam gan cúaird do dhéanamh aice, tar éis a ttug sí do chómharthuídhe, do mhisneach agus do mhillisbhríathraibh dhamh a ttosach na hoídhche; agus nídh eile fós do mheasas, dá mbeith sisi ag cuidiúghadh líom, nárbh ádhbhur eagla dham nó go bhfágainn an áit sin a rabhus, agus nach raibh
air bith úain nó áimsir dob fhearr ná an úair do bhí do láthair má bhí Día ag gealamh maithisi dham, óir ní raibh acht seacht ttroighthe ó mo leabaidh-sa an leaba air a raibh sisi, agus í 'na húadhtha agus 'na haonar ann. Is annsin chlisim-si 'mo sheasamh go mear mí-thapadh mearuighthe mídh-urmhisneach, agus glúaisim air amus na hinghine, agus an tan do shílios a bheith a ngar no 'ngoire dá leabaidh, tar éis a bheith srían air fághan agus air fíarlóid agus air seacharán air feadh na hoídhche roimhe sin, do shaoilius gur shiubhlus seacht míle ón am fár éirghios as mo leabaidh go halt na huaire sin, agus as é áit a bhfuairios m'eólus air fhaithche thaobh-leathan thaithniomhach, gan taithíghe duine nó ainnimhídhe ann. Is annsin do chuímhnígheas go féigh fíor-dheimhinach air gach búaireadh agus air gach seacharán dár éirghe dham air feadh na hoidhche
roimhe sin; agus ní barr misnigh do thug sin dham, acht barr meatacht agus mídhthreóire, óir do thuigeas nách raibh acht tosach air bhúaidhreadh agam; agus gabhuim ag féachaint air gach taobh 'mo thiompchioll d'fhéachain cá seólfadh Dia dham a dhol. Agus ní fada do bhí mise 'sna smaointighthibh beag-thairbheacha sin an tan do chonnarcus an beathádhach dubh díabhluighthe daith-ghrána ceann-tróm crónnánach dom ionnsuídhe san bhfaithche gacha ndíreach, ionnus go bhfanfadh mionn-ubhall nó mór-áirne air bharr úachtarach gach róine don mhuing ghairbh ghráinneamhuil do bhí air chír a dhroma agus a leath-mhuinghíl, agus dá shúil thámhacha loch-líathe linneacha inna cheann, soc faon-fhada fán-ghleannach gainn-fheólach aige, cosa gearra giobacha garbh-fhionacha gearra-chnámhacha agá iomfhulang
'na sheasamh, agus é ag teacht fán toichim agus fán túarusgabháil sin 'mo choinne agus 'mo chómhdháil. Agus an tan do thuig mise gurab chúgham féin do bhí sé ag teacht, chum díth agus díoghbhála do dhéanamh, do ghlac failc fíor-adhbhal díghchoisge agus tuile thróm-thréan thiúláidir eagla mé, óir ní fheacus díghean nó daingean agam chum a rachuinn air teitheadh nó air iongabháil roimhe. Acht atá nídh cheana, do thuigios nár thráith fuirigh dham an úair sin, agus mo námhaid agus m'easgcarruid cómh fogus sin dam, agus gan lucht annaicail nó eadráin eadrom agus é. Trusdáluim-si mo léine os meallaibh agus os beannaibh mo mháis, agus do léigios air siúbhal mé féin am shíth sgáthmhur sgannraightheach chrith-eaglach, agus am réim dhísgir lúaithreatha, go ttáinic mé go hiomiol na faithche;
agus as é ní fuairius tar mo cheann ann .i. buinne ro-thréan rábharta d'abhainn mhór-leathan bháighte, gan slíghe coisígh nó marcaigh uirthe. Is annsin do shaoilius ná raibh a fhios agam cía díobh do ghlacfuinn do rógha nó dob fhearra dham dam ithe, dom dhíthúghadh agus dom bhúan-bhásúghadh .i. mo bháthadh san abhuinn aidhbhsi annamhbhal bhaoghalaigh bhorbthonnaigh bhaoth-lúaimneach shrobh-láidir shruith-ogail dhóghair-dhorcha dhoilighe sin, nó an beathádhach daor-chúmtha díablúigthe dath-úathmhur dealbh-ghrána úathbhásach úathmhur aingídhe sin dom ithe. Gidh eadh, do smaoineas go gcualas go minnic agá rádh agus agá dhearbhadh ag daoinibh foirbhthe feasacha gurab minnic do shnáimh duine re heagla nár shnáimh aon-bhanngc ariamh roimhe sin; agus do bhí mise dearbhtha, má thug eagla nó úathbhás, úamhain nó úr-mheatacht, sgáith nó sgannra, nó iomsgarradh céille agus céadfádha, snámh chum duine air bith ariamh, go snáimheóchuinn féin an úair sin gan ámhrus.
Is annsin do bhainneas mo léine dhíom, agus do chuireas fá bhrannruibh mo bhrághad í; agus do fhéachus air gach taobh 'mo thiompchioll, d'fhéachuin air bhfada uaim do bhí an beathádhach daor dealbh-ghránna sin do bhí am thóruígheacht; agus do chonnarcus air mo chúl é, agus a bhéal agus a chraos úr-fhosgailte chúgham. Agus ní cathúghadh ná áighidh dhána dhíolmhúnta do thugas air, ná áighidh sleádha ná cloídhimh do choingemháil air, acht mo bhaoith-léim árd éannamhuil eadarbhúasach éadrom do thabhairt a lár an leabhairbhuinne, agus a n-idirmhéodhan na mborbthonn, agus a gceart-dhoimhne na mór-thuile, agus a neart-shruith gháibhtheach gharbh-fhóghrach na hadhbhal-ábhann; agus gabhuim ag iomlat mo chos agus mo láimh go lán-tsaothrach ag íarraidh snáimh do dhéanamh. Agus as ró-bheag an tádhbhacht nó an tairbhe do bhí dhomh-sa
san mór-shaothar sin do dhéanamh. Óir is ámhlaidh do bhí an t-uisge 'na mhothar chrithir-dhlúth dhoigh-dhealbhuighthe, agus 'na mhámannuibh móra measgaithe, agus 'na chaobaibh ceangailte cóimhiadhta, agus na throm-cholbhuíghibh tiúghbha tróm-théachtaighthe, air mhodh nach bhféadfadh long nó laoidheang, bárc, eathar, nó árd-leasdar, a snámh, a héasg-shnámh, a seóladh, nó a síor-imtheacht, óna liostacht agus óna lán-aimhréidhe. Is annsin do mheas mise go lán-dearbhtha leór-dheímhin gurab a muir théachta do thárla mé, agus nách bhfágfuinn í nó go mbasgaidh agus go mbúan-bháitídhe agus go n-ídhshluicídhe innte mé, nó go n-ithe agus go ndíth-shaoghaladh agus go ndíth-láithrighe éunluighthe cíochracha craosfhosgailte an aeghair m'fhuil agus m'fhéoil
agus m'fhinn-leathar. Cíodh trácht, an úair do chonnairc mise mo chríoch dhéaghnach comh cinte sin agam, do léigios éimhghe úathmhur úathbhásach úr-ghránna chrúaidh chaol chómhghearánach, agus sgreadach sgáthmhur sgáth-ghéar sían-trúadh ós árd asam ag íarraidh air Dhía na ndúl mo shábháil as an ngábhadh gúasachtach agus as an mbaoghal mbáis mbith-chinnte sin ionna rabhus. Agus do bhí d'aithbhéile an déarchaointe, d'uille na héimhghe, agus do ghéire an ghearáin do rinneas, go gcúalaidh an Grúagach na núalla neamhghnáitheacha sin, ionnus gur fhóguir solus do lasamh d'fhéuchain créad dob ádhbhar do na glaoidh-ghárthaibh gníomh-náireacha géar-chaointeacha glám-uallmhura sin. Agus d'éirghe an inghín go dian deifirach agus go deágh-éasga, agus do las sí solus lasamhuinn lonnrach go lán-tapa, agus do tháinicc sí féin agus a haithir for amus na trúadh-cheillamhuinne sin; agus a sé
áit a bhfúaireadur mise sínte síar a n-umar mhór-fhairsing inna mbíodh uisge agus troisg ag muclach an Ghrúagaigh, agus mo bheól agus mo bholg fúm, agus mé ag iarraidh snámh do dhéanamh; agus as ró-bheag an tairbhe do bhí dhomh-sa 'san mór-shaothar sin do thionnsgnamh nó do chómh-thriall, óir do ghreamuigh an troisg agus an t-uisge dhíom, air mhodh nách raibh air mo chumus aon chor do chur dhíom. Acht atá nídh cheanan, do tháinicc an Grúagach agus a inghín os mo chionn 'san umar, agus do mheabhaidh a ghean gáire air gach nduine díobh, agus as é adúbhairt an Grúagach: "Más fonn foilce nó fothraigthe do bhí ort-sa, dob fhearra dhuit ionnad agus uisge budh gloinne agus búdh deágh-bholaidh nó an áit sin d'fhághail." An úair do chúalus an glór daona os mo chionn,
do thógbhus mo cheann súas d'fhéachuin cía do labhair liom, agus do bhí mo bhéal agus mo shúile lom-lán don uisge agus don troisg, air mhodh nár léir aon-nídh. Agus air nglanna mo shúl dham, aithnídhim an Grúagach agus a inghín 'na seasamh air gach taobh dhíom, agus aithnídhim gurab astigh do bhádhus connuige sin; agus féachaim air gach thaobh 'mo thiompchioll, d'fhéuchain an bhfeicinn an beathádhach daor dealbh-ghrána díablaidhe sin do bhí 'mo thórruígheacht, agus do-chím re taobh na háite sin inna rabhus é .i. peata muice duíbhe do bhí ag an nGrúagach; agus, mur is annsan áit sin ionna rabhus do ghnáithuígheadh sí beátha d'fhághail, as í sin úair agus áimsir inna raibh ag teacht dá ionnsuíghe an tan d'éirghe mise an darra húair go hinghín an Ghrúagaigh;
agus as é áit a ttárla dhómh-sa é a gceart-lár an úrláir, agus glacaim-si crith-úamhan agus úathbhás agus imeagla agus úr-mheatacht roimhe, agus glúaisim re barr gealtacht agus gnáith-eagla, mur lúas áinle, feirbe, nó fíaigh-mhíol, nó go ndeachus san umar so mur cualaidh sibh-se. Agus air ttuigsin gach búaidhreamh lán-urchóideach dár éirghe dham, as iongnamh nár éaluigh m'anam le náire asam fá íad sin dom fhághail amhlaidh sin. Is annsin adúbhairt an Grúagach: "Éirghe amach as an ionnad sin, agus glúais d'ionnsuidhe do leaptha, agus ná héirghe níos mó nó go raibh tú cinnte cá racha tú; agus más ag dul d'ionnsuídhe m'inghíne do bhí tú, dob usa dhuit siúbhal ad chois ná teacht a gcoite dá hionnsuídhe; agus ní bhful na déithibh toilleámhuil
air sibh-si do bheith a gcuideachta chéile nó go raibh sibh pósta do mholadh na ndéithibh sin aguinne; óir as iad do thasbáin a míoramhuile féin ort, mur do chuiris romhad peacadh a n-áighidh a reachta agus a ndlíghthe. Agas éirghe feasta, agus bí ag teacht d'ionnsuídhe do leaptha, agus coduil támh beag go fóil an feadh bhias mise ag gléus na n-each do-bhéaram linn go h-Aoile, óir ní bhfuil an lá leath-úair úait anois, agus as feárrde thú támh beag do chodladh roimh ghlúaiseacht duit tar éis do bhúarthadh agus t'fhaid-ghúiseachta." Is annsin éirghim-si amach as an ionnad trúadhlighthe sin inna rabhus; agus níor léig an náire dham aon fhocal do labhairt; agus glúaisim d'ionnsuídhe mo leaptha, agus do luígheas uirthe go claon náireach crithánach critheaglach cóimh-thuirseach. Acht atá nídh cheana, níor bhfearr don Ghrúagach deoch dhearmuid do thabhairt dómhsa nó an beagán bríathra sin adubhairt liom,
agus do chuirios mo cheann faoi an mbrat mbúadhchorcradh do bhí ar an leabaidh, agus do thuit súan tróm-chodalta oram. Agus as é nídh do mhúsgail mé airna mháireach .i. fóghar agus tormán do bhí ag an ngaoith le copóig mhór-leathain do bhí os mo chionn a n-áit an bhrait mhór-lúadhach sin do bhí thoram a ttosach na hoídhche. Is annsin clisimsi am sheasamh; agus as é áit bhfúarus me féin am aonar air mhúr sean-leasa, gan teach, gan árrus, gan áitreabh am ghoire; agus air m'fhághail féin ámhlaidh sin dham, do thuitius a ttaisibh agus a ttáimhneóluibh báis, do chúmhaidh agus do shearc na mná sin. Is annsin do thugus mionnaigh móra marbhthacha, agus móid mhear bhaoith-chéillíghe, nách ccodlóchuinn dá oídhche a n-aon áit go bhfághuinn arís í. Gluaisim rómham, agus níor fhágbhus
síoth nó carruig nó cúasbhrúigheann, díamhair nó droibhéal, dáighionn nó dún-lios, a n-Éirinn nár chaitheas ló go n-oídhche ann air aon chuid caor agus fír-uisge, nó gur chaitheas chúig lá dhéug agus trí bliadhna. Agus a gcionn na rae agus na háimsire sin do thángus san áit chéadhna anair éirghios as mo chodladh; agus do chaitheas an oídhche sin ann mur gach áit eile. Agus nídh raibh do sgéalaibh agam air n-a mháireach acht go bhfeacus aisling an oídhche sin adúbhairt líom nách raibh maith dham níos mó dá tórruigheacht do dhéanamh, agus go raibh sí pósta le fear eile le bliadhain roimhe sin. Ní bhfuil mise dearbhtha dhe sin go fóil, agus ní bhead choídhche, nó go bhfeicidh mo shúile féin í, má tá sé a ndhán dam go bhfeicidh mé go bráth an t-amharc sin, agus as éadóith é, mura bhfuil an tseamair Mhuire air mo chrios agam. Agus as é adubharus:
Ní búan mo mharthuinn mar' bhfaicead í arís gan spás, an stúadh ghlan ghartha tug m'aigne 'na díaigh mur tá;
le méad mo mhearuidh ní aithnighim nách sliabh an tráigh, is, dar fíaigh, ní aithníghim nach mac tíre an feílicán. A Dhía dá gcreidim, is cosamhuil gur naomhtha amháin do tharla mise, nó nach bhfuilim don éug faoi cháin, an úair do chonnarc mé lili na gcraobh-fholt mbláith, nách é mo bhás do cinneadh re sileadh a réult-ndearc mbreágha. Gan súan go bhfuilim le tuile agus míle lá, le grádh air an ainnir tug peannuid is pían am lár; a n-úaigneas leaptha mura rabhad is í gan spás, mígh nó seachtmhuinn ní bhiadh mise a mbliadhna slán -
Agus mura raibh mise slán a mblíaghna, as éadóith mé bheith slán air an mblíaghuinn so chughain. Agus is beag an dochar na huile
dhíomdha do bheith air an tí do-bheir cúl re críoch mhaitheasa, agus nách smúainíghean créad an ní as a ttiocfa a leas, agus do-bheir amus fuireachair air 'áimhleas, mur do rin mise ag tabhairt searc m'annama agus mo choirp don mhnaoi úd, nár bhfeas dam cía hí féin nó a hathair, acht mar budh toil leis an nGrúagach sin d'innsin dham, agus nách bhfuil a fhios agam air an dómhann cá háit a bhfuil sí féin nó an Grúagach aniugh. Agus ge bé bhias beó go bhfuíghe sé bean, agus nách aon bhean amháin acht dís, nó triúr, nó uimhir as mó go mór má bhíon dúil aige annta; agus ós mise do thuigios sin anois, dar mo láimh, ní reachaidh gean aon mhná fám chroidhe arís go bráth; agus ní mó is mían líom ní do thaisdiol nó do shíor-imtheacht do dhéanamh d'iarraidh na mná sin, nó aon bhean eile 'na díaigh, go bráth. Agus dá dhearbhadh sin, ag so abharán a chruthaighthe: ann so síos mur leanus:
Sguirim féin feasta do thaisdiol gan bhrígh gan áird,
is, dar ndóith, ní beag dham a mbeith agam leam shaoighal do mhná, is gurab é adeirid an tan thasduídheas a bhfíorfhear grádha: "uch ná cuir ceist air, ní heisionn atá isa tír amháin!"
FOIRCHEANN. Airna sgríobhadh le Díarmuid Ó Mulchaoinne chum úsáide a charrad ionnmhuin .i. Aindrías Mac Mathghamhna, an tarna lá deug do Octóbear, aois an Tíghearna míle seacht gcéad trí fithchid agus a sé. Agus sirim air gach léightheóir cáidhe, má tá dearmad ná drochur síos ann so, mo leath-sgéal do ghabháil, óir do sgríobhus mur fúairios reómham: gidh eadh, téid beart do úghdur, agus do chídh an t-amadán í.
TREAS ÉIRGHE MHIC NA MÍOCHOMHAIRLE. Blúire ná fuil i 23 L 24, supra lch. 55, ach atá le fagháil i F.V. 3 277-282 agus i 12.E.25 19-22. Agus adubhairt an Gruagach: "Codail támh beag go fóill an feadh a bhías mise 'gléus na n-arm agus na n-each a bhíus linn go hÍle, óir níel an lá leath-uair uainn anois." Mur do chuala mise iomrádh air a dhol go hÍle níor fháig sin cuimhne agam air bhuadhairt nó air thrioblóid dár éirigh dhamh air feadh na hoidhche roimhe sin, óir níor chruthaigh Día ionad nó áit budh lugha orm nó é, óir do bhí mé dearbhtha, an uair do chuir aon triúr amháin urad buaidhridh orm agus do chuala sibh, dá mbíadh ní budh mhó dá seórt ann nach mbíadh áireamh nó innsighe sgéil air a ndéanaidis orm. Agus mur do thuig an Gruagach sin is uime do lúagh ar Íle, óir budh mhaith leis mise fuireach mo chomhnaidhe ní budh sia, agus cead suaimhnis d'fhagháil dhó féin.
Adubhrus féin go ndéanfuinn, agus nach ccuirfinn romham éirghe nísa mhó go maidin; agus asé adubhrus:
A shíogaidh leinibh bheir m'aigneadh faoi bhuairt mur tá, gan súan, gan cholladh, acht acc osnaigh, ós fíor mo bhás, tabhair faoíseamh is osadh faoi mhaidin, a mhíle grádh, nó, tair éis m'iodhlacaidh, béidh mise do da bhuaidhreadh a ghnáth.
Air ndol don Ghruagach a chodladh an treas uair, do mhúch an inghean coinnle agus soilsi an toighe, agus d'éirigh sí chugam do chum mo leabadh, do chuir sí a lámha fó mo bhrághaid, agus do thoirbhir sí mé do phógaibh go dil díochra tairisi, agus do thug sí an uile mheisneach dhamh mur áon lena súile, lena béul, agus lena lámha; agus adubhairt sí liom fós gan níos mó d'eagla do bheith orm an oidhche sin, agus murab é nachar leig eagla a hathara dhí é, go luighfeadh sí féin agam. Gidh eadh, níor thóig mise súil nó fíor-radharc le aon chomhartha dhíobh sin acht amhuil nach ccluinfinn agus nach bhfaicfinn íad. Ansin do chuaidh an inghean dá leabaidh féin, agus d'fháig sí soilsi lasta ionnus go madh fhusaide dhamh-sa eólus d'fhágháil é.
Níor chian damh amhlaidh sin an tan do thuit támh codalta orm, agus do chlisios as an ccodladh sin a cceadóir. Ansin do smuainigheas air inghin an Ghruagaigh, agus níor bhféidir liom codladh nó comhnaidh d'fhagháil nó gur éirgheas dá hionsaidh. Agus an uair do shaoileas sitheamh do thabhairt fána leabaidh, asé áit a bhfuarus m'eólus air mágh úr-ghlas áluinn lán-iongantach, a lár gleanna mhór-uathbhásaigh lán d'aimhréiteach. Agus is amhlaidh do bhí an gleann sin .i. balla láidir lán-uathbhásach 'na thimchiall air gach taoibh dhé, air mhodh nach bhfuigheamh duine nó ainmhidhe san ccruinne thairis, agus faithche dheas fíor-áluinn a lár an ghleanna, agus crann mór-áidhbheil lán-uathbhásach 'na cheart-lomsheasamh a lár na faithche, arna sgabadh le beangáin agus le géagáin air gach taoibh dhé. Níor chían damh ansin an tan do chonnairc mé an beathach droch-dhealbhach dath-ghránna fad-shocach maol-chlúasach camshearach chugam go díreach, agus dhá shúil loinneacha ro-luath ina cheann. Agus an uair do chonnairc sí misi, do thug sí léim ard éonamhuil ro-lúthmhar fó mo bhráighid; agus an uair a d'aithin mise gur dochum díthe agus doluighthe do dhéanamh dhamh do bhí sé, do mheas mé nachar thráth fuiridh dhamh; agus ní
mór nachar thrasgair sí go lár agus go lán-talmhain mise leis an sitheamh do thug sí orm. Ansin do ghluaisios romham 'mo chéimionnaibh tinnisneach tréan-luatha, agus níor bhféidir liom an gleann d'fhágbháil ón mbábhún lán-uathbhásach sin a bhí 'na thimchiall, agus ní fhacas díon nó daingneach, a bhfogus damh nó a bhfad úaim, ina rachfuinn air teitheamh roimhe, acht aon chrann adhbhal éagsamhuil do bhí a lár na faithche; agus do mheas mise dá mbéinn féin shúas air go mbéin sábháilte air an mbeitheach sin; agus do shnámaoís mo dhá láimh a ngéagáin an chroinn, agus do chuadhus súas amhlaidh sin air; agus do bhí an beathach sin aig síor-léimnigh fá mo thúairim; gidh eadh, do chúadhus súas san ccrann comhfad agus d'fhéadus. Níor chían damh amhlaidh sin an tan do lasadh soillsi, lasracha, agus tinntibh le bun an chroinn, agus do bhí na lasracha sin ag éirghidh air gach taoibh 'mo thimchiall. An sin d'aithnighios go lán-dearbhtha nach bhfúigfinn an áit sin nó go ndóithfidh mo chnámha agus mo chroicinn. Ansin do thugus sitheamh air bheangán don chrann, agus do sgathus liom é, agus do thuitius air chúl mo chinn air ghéagán eile, air dhóigh nach raibh air mo chumus aon chor do chur dhíom.
Acht atá ní cheana, an tan do chonnairc me na lasracha aig teannadh liom, agus air gach taoibh mo thimchiall, do léigios gláodh-bhéic mhór-adbhbal os áird aig iarraidh air Dhía mo shádhbháil air a leithide sin bás d'fhághail; do bhí do mhéad mo chongháire go ccuala an Gruagach mé, agus d'iarr solus do lasadh. d'éirigh inghean an Ghruagaigh iar sin, agus do las sí solus, agus táinic sí féin agus a hathair fo fhoghair mo ghearáin-si. Agus as é áit a bhfuair síad mise a mbarr coinnleóra móir uathfásaigh, a cceart-lár pháláis an Ghruagaigh, an treas uair sin a d'éirigh misi go hinghin an Ghruagaigh. Agus an beathach dealbh-ghránna sin do tháinic chugam .i. cuileán maol con do bhí ag an Grúagach, a bhféagmhuis 'urbuill, agus an uair do éirigh misi, do tháinic sí 'mo choinne aig déanamh lúthghára agus lústair romham-sa, aig éirghe suas orm; agus le méad m'eagla-sa do taibhseadh dhamh gur chum urchóide do dhéanamh dhamh do bhí sé. An bábhún, immorra, as é ní do bhí ann ballaigh na bruighne. An crann as é ní do bhí ann cainnleór lán-mhór do bhí a cceart-lár a' pháláis; agus is amhlaidh do bhí an coinnleór sin do bhí deich soillsi agus fiche ann, agus coinnle ar lasadh an gach solus díobhtha; agus do taibhseadh dhamhsa gurbh iad na soilsi géagáin an chroinn. Agus an uair do rugus ar sholus díobh do tháinic sé liom, agus do
thuiteas air chúl mo chinn air sholus eile air an ordamh chéadna a bhfuair an Gruagach mé. Do tháinic mé anúas as an ccoinnleór ansin, agus níor léig an náire dhamh aon fhocal amháin do labhairt. Agus as é dubhairt an Gruagach: "Codail támh beag go fóill, an feadh a bhíus mise 'gléus na n-arm agus na n-each a bhíus linn go hÍle, óir ní bhfuil an lá leath-uair uait anois." Mur do chúala mise iomrádh air a dhol go hÍle, níor fháig sé cuimhne agam air bhuairt nó air thriobhlóid dár éirigh dhamh air feadh na hoidhche roimhe sin, óir níor chruthaigh Dia ionad nó áit budh lugha orm nó é, óir do bhí mé cinte an uair do chuir aon triúr amháin an urad sin buaidhridh orm agus do chuir, dá mbiadh ní budh mó dá seórt ann nach biadh áireamh nó innsidhe sgéil air a ndéanaidis orm; agus mur do thuig an Gruagach sin is uime do lúadh air Íle, óir ba mhaith leis mise fuireach mo chomhnaidh ó sin amach, agus cead suaimhnis d'fhágháil dó féin, óir do théid a neart air neimhní ó mheadhón oidhche amach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services