Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Siabhradh Mhic na Míchomhairle

Title
Siabhradh Mhic na Míchomhairle
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Ceithearnaigh, Séamus
Composition Date
1766
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



SIABHRADH SÍGHTHE AGUS INNÉIRGHE
MHIC NA MÍODHCHOMHAIRLE, A BPRÓS
AGUS A BHÉARS, AR A' BHFONN DO
CUMADH LE CEARBHAL Ó DÁLAIGH
FRISA RÁIDHTEAR AISTE CHEARBHAIL,
AD DHÍAIGH MUR LEANAS.




Mar gcualaidh sibh-se, ní miste díbh a
fhíafraídhe dhíom
an modh úaigneach aisdeach air ar casadh
mé féin a sígh,
gan bhaois gan mhaga ní chanfa mé bréag
dá thaoibh,
ós é fuígheal na mallacht thug agam mur sgéula
é dhíbh.
Lá dá rabhus air aistear líom féin sa tslíghe,
idir Bhéul Átha Seanna, Dún Gheannuin is
Fánoid shíos,


L. 2


idir Shliabh Beatha, Sliabh Gleatha agus Náas na
Ríogh,
mín-bhrogh Chaisil, Cnoc Aiste agus Carnn Chlann
Aoidh -



Agus ag sin a thomhus oiribh-se cía harradh
sin áit a raibh mise an uair sin -



Air ndul don ghréin dá leabaidh, níor bhfeas
dam cá háit cá tír
san gcríoch so a rabhus, ionn ar talamh nó 'n
áirde bhíos;
féuchaim thoram go ceathruigh is go sgáthmhur
baoith,
is le taobh an bhealaigh go bhfeacus gan spás
an tsígh.



Druidim 'na farradh, gé gur dheacair 's gur
dhána an gníomh,
is do chonnairc mé an ainnir mur aingiol
san áit 'na suídhe,
a caoin-chorp seada, gan alta, gan chnámh,
gan bhrígh,
a níamh ghlan daitte mur fuinfidhe í as
bláith na gcaoir.


L. 3


Bhí gleó crúaidh frithir, gan time, gan tlás,
gan sgíth,
ag an rós a gcoimeas le lili gach lá do shíor
a ngnúis an leinibh ba ghile 's ba bháine píob,
's go fóil níl fhios cia as fainne san dáil
don dís.



Acht atá nídh cheana, do gheallus an sgéul
go fíor
díbh-se d'aithris, gan meabhal, do réir mur bhí;
's gach aoineach agaibh dhéanfa sgrupal go
ndéanfuinn claoin,
go ttugadh Rígh Nimhe do gach nduine again
lúach a chroídhe! -



Agus tuille mór eile fós.



Dar do láimh-se, a Mhaoil Mhóradh, inneósad
fós díbh-se
réim dhíreach na heachtra mur tharla mé
don mhnaoi-si.




.i. Lá n-aon dá rabhus, re hucht Bealltuinne,
dá lá d'éis lae Sámhna, a gceart-lár Mhárta an
Earraigh, mur shaoilim, a ndeire an tSámhra,


L. 4


agus mé ag siúbhal go lán-úaigneach líom féin,
ionnus go ttárla, gan fhios, gan airiúghadh dham,
mé a ndíamhair úaigneach dhoigheóluis, agus a ttír
ainiúl annaithnigh fhíor-áluinn, gan fios a húil, a
haithne, ná a hainnime agam -. Acht atá nídh
cheana, ní fheaca súil, agus ní chúala clúas, is
níor smaoinigh inntinn a háithghin, a samhuil,
nó a túarusgabháil, air bhreághdhacht a fuinn,
a sreabh, a foithreadh agus a fiodhbhaidhe.
Óir budh leór d'adhbhar aithbheódha air
dhaoinibh marbha a bheith ag éisteacht re
caoin-cheóil eabhraighe na n-éunlaighthe, agus le
ceileábhradh fír-bhinn na bhfíor-bheach, agus le forfhuighle
na sreabh síansáineach gorm-chriosdail
fóghar-tháidhúir ag tibearson agus ag síorshnuídhe
seachnóin na tíre, agus í 'na haoin-tuinn
feóir agus fásaidh.



Air bhfeicsin na tíre lán-mhaise sin domh-sa,
ní rabhus gan lúthgháir adhbhal-mhór oram,
óir do shíleas go lán-dearbhtha gurab é
Parrathus nimhe do bhí ann, agus gurab é Dia


L. 5


neart-chuímseach nimhe do threóraidh mise ann,
dom naomhadh agus do leasúghadh mo bheatha.
Agus, dar mo chúbhais, dob olc an bharramhuil
dómh-sa sin, óir níor dhúthrachtach an
seirbhíseach do Dhía roimhe sin mé aríamh.
Gidh trácht, níor smaoinghís air sin an úair sin,
agus as é adúbhrus:




Tír a samhuil ní fheacus, is ní chualus teacht
air mhíne, air mhaise, air dheise a cúan 's a sreabh,
braoin-drúcht meala ar bharraibh a craobh air fad,
is síansa na mbeach mbeag dá taithigh
chuirfeadh aoibhne air neach.




Acht amhal as dúal agus is dleacht fóircheann as
fínit air gach nídh acht flaithios Dé amháin, is
mar sin tárla don lá sin, nó go raibh néulta dúbha
duaimhsiocha dreach-úathmhara na hoídhche
úaimhain urchóide ag follach gnúise lán-tsoilbhire


L. 6


na firmaminte, agus go ndeachaidh an ghrían
gheal-rádharcach ghlan-tsolasda dhealbhdha dá
hadhbhaidh chodalta. As annsin do fhéuchus na
cheithre háirde imleathna air gach thaobh
dhíom, mur atá, soir, síar, budh dheas agus budh
thúadh, agus ní fhacus d'áitreabh nó d'fhorgnamh
ann acht aoin-teach áluinn éagsamhuil, dob
fharsinge urlár, bo mó compás, dob airde sgeimhil
agus dob fhearr innioll dá bhfeacus aríamh.



Agus glúaisim air amus an tíghe sin, agus as é
nídh fuairius air mo chionn ann .i. dorus mór-adhbhal
béal-fhosgailte air ghrían-bhrogh taithneach
taoibh-bhláith slios-chaoimh ceárrdámhuil,
agus gríanán gríos-sholuis búadh-chlochach brat-shlím
bláith-shníghte, agus rígh-dhún ruithneach
réultannach rían-áluinn rém-éasgadh, agus grúagach
foirtil fíor-árrachtach go ngnúis mhaordha,
go nglór úránach, go labharaibh beódha, agus
go gceann-chumhdach óir gonna chóir-bheart sróil,
'na shuídhe 'na chathaoir óir-loisgeadh air na
mionn-agar do chlochaibh Parrathuis Ádhaimh,


L. 7


agus inghín mhaordha mhíonla mhacánta chlódhcheart
cheólmhur chómpásach 'na suídhe air
láimh dheis an Ghrúagaidh, agus folt dúal-bhuídhe
dlaoightheach sgaoilteach cochal-lúbach 'na haisir
ghlain-chíortha air gach taobh dhí, agus léine
eangach shír-éttrochta sróil umá caoin-chnis, agus
eó áluinn óir isan mbrat os a bruinne, agus ainnir
óg ghlórmhur mur níamh-aingiol, mur ghréin
maidne, nó mur líag lóghmhur, nó mur ghealaígh
fóghmhuir, 'na suíghe san leath eile don teach;
dearca glasa gléa-shuaimhneacha mur réultannaibh
loinneardha liomnardha a n-oídhche
sheac-cruaidh gheímhriota aice, agus déid
níamhdha neamhónda a n-aon aiste i gcarcair
théagartha chorcair-thirim chaomh-áluinn léithe,
maillíghe caola cómh-dhíreach os úr a háigheadh,


L. 8


agus dá ghrúadh mhaola gheala agus crithir-chaor
do bheódh-ghríos 'na gcert-mheódhan, folt fada
famthannach buídhe-chúachach 'na throm-ualach
tar a geal-ghúaile, agus brat d'ionnar asnadhach
ór-shnáitheach uimpe agá cómh-fholach, agus cruit
cheól-bhinn chaoin-téadach ionna hucht aice, agus
í dá fras-shinnim go binn-ghothach.



Cíodh trácht, airna faicsin ámhalaidh sin
dómh-sa, ní rabhus gan iongantus agus lán-uathbhás
oram, ag mídheamhuin agus ag mór-smaoineadh
cia hí an áit sin ionna ttárla mé; agus dá mbo
óglach anbhfonn cúlánta eile do bheith am áit
an úair sin, nach bhfaca ádhbhar uamhain nó
imeagla ríamh, ní bhfuil a fhios agam nach mbeith
a thróm-úalach féin eagla air; gidh eadh, ós


L. 9


mise féin do bhí ann, atá fhios agam cionnus do
bhí mé; agus as é adúbhrus:




A Rígh na cruinne, is breágh an t-ionnid so a ttárla mé,
a rígh-bhrogh slios-gheal do cumadh mur árus Mhéaidhbh;
samhuil Dhún Ailigh, nó is aithghin do Phárrthas é;
is ní bhfuilim ró-dhímhin nách a mbruídhin atáim gan bhréig.



As aoibhne an t-amharc so nó Teamhair is Náas go léir
is na trí craobha a n-Eamhuinn, bhí tamal na n-adhbhaidh laoch,
fíontach farsing, nach ainnis is nach cráidhte gléus,
sguirfiod dá thaisdiol go bhfeasad cía áitigheas é.


L. 10



Téighim-si isteach san teach sin air mbreithniúghadh
na deágh-chuideachtan dómh-sa; agus
beannuíghis an Gruagach dham, agus as é adúbhairt:



"As fada támaoidne gan duine nó daoine
d'fhaicsin rómhat-sa do chuirfeadh lúthgháir nó
iolghárdachus oruinn. Agus is mall an chúaird
sin tugais oruinn, agus 'fhaid atámaoidne ag súil
lead chúaird-si; óir ní bhfuil do chloinn ná do
chómhéirghe againn acht an inghín sin thall, agus
sinn dá hoilleamhuinn agus dá hárd-leasúghadh
ó aimsir a naointeacht ad th'uirchill-si agus ad
chómhair, chum a beith 'na mnaoi agus 'na
cómhlionán agad-sa."



Do fhreagair mise don Ghruagach, agus as é adubhrus:



"Dar mo chúbhuis, dá mbeith a fhios sin
agam-sa," gé gur dheacair dham é, agus gan
fhios agam cá háit san dómhann air a raibh sí
"as fada ó do thiocfuinn da hionnsuídhe nó go


L. 11


bhfeicin féin í, gé bé aco bás nó beatha do
thiocfa dham as."



Leis sin do éirghidh an Grúagach ionna sheasamh,
agus do chuir mise 'mo shuídhe inna chathaoir
féin; agus tug cathaoir eile chuige féin, agus do
shuigh innte. Agus adúbhairt liom-sa m'earradh
aistir agus imtheachta do bhúain díom:



"Óir," air an Grúagach, "atá sguibhéirigh
agus giollaídhe óg' an tíghalaigh si, le seacht
mbliadhna, a gcuine catha agus cómhdhála atá
idir Thrómcheódh Draoigheachta ó Dhún Aoile
agus Rúadhan Lúaimneach Locha hAoidhin .i.
síthguídhe as Oiléan na bhFear nDorcha" air
an Grúagach, "agus as é as fochain agus as fíor-ádhbhar
do na cómhdhálaibh sin .i. Trómcheódh
Draoigheachta do thabhairt dís mac Righ Oiléain
na mBeó leis, gan chead, gan fhios, gan airiúghadh,
go Dún Aoile, a ndóchus go mbeith síad
'no n-oighribh air féin a ndiaigh a bháis, óir ní
rugadh mac ná inghín dó féin ariamh. Acht
cheana, an tan do chúalaidh rígh Oiléain na
mBeó, umora, a chlanna do bhreith úadha,


L. 12


do luídhe brón agus tróm-chúmhadh mhór air,
ionnus goma foicsi bás ná beatha dhó.



"Rúadhan Luaimneach, iomorro, an tan do-chualaidh
fear 'éintire do bheith annsan
éigionn sin, do chuir cruinniúghadh air shíthbhróghaibh
an dómhainn tsoir go hiomlán, óir
is eisionn budh general os a gcionn; agus
tángadur leis an urfhógradh sin, 'na mbúadhnaibh
dímhóra doghbheag' neartmhura; agus tug
Rúadhan Lúaimneach mionna móra mairbhtheacha
nách déanamh síoth nó fhosa nó go n-airge agus
go n-ionreadh Dún Aoile, agus go ndíthcheana
Trómcheódh Draoigheachta maile re maithe a
thághlaigh, agus go ttiúbhradh dís mac Rígh
Oiléin na mBeó leis slán fuláin chum a n-athar féin
go doirísi, agus go bhfágfa Dún Aoilidh 'na
dhóighir dhonn-rúadh dearg-lasarach, d'aimhdhéoin


L. 13


lucht a chosanta. Agus do mháirseál
sé féin agus a mhór-shlóigh isna ródaibh réidhe
ro-dhíreacha ciana cómhfhada a gcoímhdeacht
na gaoithe go Dún Aoile.



"Ó do foillsiúghadh an cóimhéirghe sin do
Thrómcheódh Draoigheachta, do chuir sé fios agus
teachta agus taighléirighe ag íarraidh cuidigh agus
cúmhanta air a aos comain agus carada féin
seochnóin mara agus tíre as gach áit a rabhadur.
Ar ttúis do chuir sé fios air Dhonn Céibhfhionn
Máigh thÍghe as Cúige Chonnacht, agus air
Dhonn Fírinn Ó gCoinuill as Cúige Múmhann, agus
air Dhonn Bine Eachlabhra fris a ráidhtir
Binn Eachluainne aniugh agus is uime
adeirthaoi Binn Eachlabhra ris an mbinn sin .i.


L. 14


a ttráthaibh na Sámhna do thigeadh each
sleámhainn slionchaidh mór-úathbhásach as an
mbinn amach go roiche a lár, agus do labharradh
do ghlór dhaona re cách; agus do bheireadh fios
foirbhthe fíor-eólach do gach aon dá n-iarradh
sgéala air fá gach nídh dá n-éireóchadh go
cionn bliadhna ón tSamhainn sin arís; agus do
fágthaoi pronnta agus tiodhlaicthe móra aice
ag an mbinn sin, agus do ghéilidís na poibliochadh
go háimsir Pháttruicc agus na naoimh-chléire dhi.



"Do chuir sé fios chúgham-sa mur an
gcéana" air an Grúagach, "agus do
chuaidh úaine inna chómdháil fithche míle
taoiseach troitheach agus chúig mhíle dhéug deaigh-mharcach
fána ndíol each, airm, agas éadaigh,
agus as cuma godé sin a bhforamh a ttáinig as na
síoth-bhroghaibh eile do hainnimniúghadh líom


L. 15


do chuidiúghadh agus do chábhair Thrómcheódh Draoigheachta.



"Agus as íad so na hárd-mhaithe do chuaidh
air an éirghe amach so, .i. Giolla Bríghide beag
Ó Beoláin, síoguídhe as na Déisibh a Múmhainn
atá 'na Gheneral camptha ag Donn Fírinn Ó
gConnuill; agus an Giolla Fíamhach Ó Deóráin,
atá an' árd-chomándar ag Dhonn Céibhfhionn
Maigh hÍ, .i. síothguídhe d'fhíor-phréimh na
Crúachna; agus Colla sgiamhach Ó Deóráin,
atá 'na gheneral ag Donn Binne Eachlabhra,
agus atá fós an' árd-chomándar a gceannus
armála chúige Uladh, maile re mórán eile nách
áirmhighthear ann so.



"Air mo shon féin" air an Gruagach "ní
bhfuil mé acht neachtardha, óir ní bhfuilim
acht air son mo láimhe féin amháin gan géile
d'aoinneach eile agam. Agas atá machaire
eadruinne agus muinntear an dómhainn shoir
amáireach a n-Aoile, agus gidh bé again do
brisfídhthear ann, ní bhiadh cuid tionól nó


L. 16


tiomsuighthe aco d'fhacfuinn dá éis sin go
bráth. Agus as mían líom-sa bheith a gcionn
mo mhuinntire féin ann sin, agus as maith liom
do chuideachta-sa agus fós do chuidiúghadh agus
do chómhnamh do bheith agam; agus má
thuillionn do dheágh-ghníomhurtha féin dhuit
é, do-bhéara mise an inghín thall duit mur mhnaoi
agus mur bhean-chéile, má thigimíd ón gcaith air
aon. Agus mur bhias na hárd-mhaithe eile ag
cuidiúghadh lena muinntear féin, biadh tusa agus
mise ag cuidiúghadh lenár muinntir féin ann.
Agus ag sin agad-sa an t-ádhbhar fá bhfuilmídne
cómh úaigneach so anois. Gidh eadh, biadh go
leór beó agus marbh san táighleach so, 'san oídhche
amáireach."



Ciodh trácht, air gclos na sgéala lán-úathbhásach
sin dómh-sa, agus air ttuigsin dham gur a
mbruíghin do bhíos gan ámhrus, as iongna nách


L. 17


dearrnadh geilt dhíom le méad m'eagla agus
mo úathbhás. Acht cheana, do thuigeas dá
n-aithníghdís sin orm gurab móide do dhéanfadís
baoghal spóirti agus maga díom,
agus do chuirius mo dhóthchus go daingean
diongaibhálta a nDía neart-chuímseach nimhe
agus talmhann ionnus go ndéanfuinn neamhnídh
agus neamh-chúis do gach nídh nó go
mbeire an lá orm: nídh eile fós is mó do bhí
air m'aire inná Día féin, .i. inghin an Ghruagaigh,
óir níor bhfada líom dá mbein a bpríosun purgodóra
agus isi do bheith air m'amharc ann, le
méid an ghrádh tugas dí; agus ní raibh air mo
chumus gan a bheith ag amharc os ísiol agus ós árd
air inghín an Ghruagaigh; agus mur do thuig
an Grúagach sin orm-sa, adúbhairt an beagán
bríathra so síos, ag foillsiúghadh méid a lúthgháire
reomham-sa; agus, dar mo láimh-si, as cuma
cionnus do bhí seisionn air a bheól a bhforamh
mur do bhí mise air mo chroídhe, mur do bhí Día


L. 18


diombuídheach díom-sa; agus as é adubhairt an Grúagach:




"Ní bhfuil is na trí rannaibh-si ag Marcus 's aig Saosar án
's aig Poimpidhe, an flaith-fhear nár chaigil a spré air dháimh,
aon 'na bheatha do gheabhadh an réult so amháin
acht tusa, 'charra; 's go maire tú féin 'na dáil!"




A haithle na hiomagallamh sin an Ghrúagaigh
do bhín-si tamal go súbháilceach agus tamal eile
do dúbhailceach, óir nuair do smaoinin go
gcaithfin a dhol go hAoileadh airna mháireach
do dhubhadh agus do bhánghlasa mo ghnúis, agus
do thigeadh tiomheal air mo ruisg, ionnus náchar
bhfeas dham cá háit a mbínn; agus do smaoinín
arís gur bheag do mhíorbhuilibh Dé nách gcuímhneóch
an Grúagach orm, agus go mbeinn féin
agus inghean an Ghrúagaigh a bhfochuir a


L. 19


chéile go teacht dó-san tar ais go doiríghsi; is
ann sin do thigeadh mo chéadfadh ionna n-áit féin arís.



Air mbeith dhómh-sa is na smaointighthibh
beag-thairbheacha sin, íarruis an Grúagach deoch
do thabhairt chuige; is ann sin d'éirghe an
macaomh mná ina seaseamh agus do thug sí
cornn cómhfhleasgach cloch-bhuadhach caoin-dealbhthach
cearrdamhuil do dhearg-ór lé anuas,
agus do dháil don Ghruagach é; agus ólas an
Gruagach oram-sa, agus as é adubhairt:



"Ó thárla tusa cómh búartha sin a n-inntinn
agus atá tú, as fearrde thú deoch d'ól as an
ccorn so, do chosg do shíor-ghlúaisde idir
chinnteacht agus éigcinnteacht; óir is do bhúadhaibh
an chorinn si nách gcuímhneach le neach
dúagh ná dochar dá mbíon roimhe sin air,
nó 'na dhíaigh, an tan ólus deoch as; agus do
gheabhadh fir an dómhainn deoch as a n-éinfheacht,
agus a rógha deoch do gach aon aco."


L. 20


Glacaim-si an cornn air sin, agus d'ólus deoch
air mhnaoi an Ghrúagaigh; agus a háithle na
díghe sin nior chuímhneach líom sgáith nó critheagla
dá raibh orm air feadh na hoidhche roimhe
sin; is ann sin ólus bean an Ghrúagaigh deoch
as, agus níor luíghide an cornn air ibhemair as.



"As maith an séad-so agad-so, a Ghruagaigh,"
air Mac na Míodhchómhairle .i. Cearbhal Ó Dálaigh.



"Bronnaim féin ort-sa é," air an Grúagach,
"óir as mór fhóghnus sé dhuit, do chur meannamna
agus mór-aigeanta ort san ccaith amáireach."



"Go raibh maith agus mór-bhuídheachus agad-sa,
'Ghrúagaigh," air Mac na Míodhchómhairle;
"agus innis dómh-sa annois cía hainnim atá ort
féin agus air an áit so ionna bhfuil do
chómhnuídhe, agus cía haco d'fhollaibh úaisle nó
ann-úaisle an dómhainn do bhean."



"Gruagach Thíre gan Taithíghe m'ainnim," air
sé; "agus inghin do Rígh Thíre an Úaignis mo
bhean; agus an Dún Sothghlúaiste as ainnim don


L. 21


dún so; agus as uime goirthear an Dún
Sothghlúaiste de, do bhrígh nách usa líom-sa
bheith ann so nó san ccuid as siá úait don
chríoch so san oídhche amáireach."



A háithle sin fíafríghis an Grúagach dhíom-sa
'n imeóruin cluithche fris. Fíafríughim-si dhe
sin créad é an gléus imeartha do bhí aige.



"Táiplis, fuirionn, agus péighre díslíghe," air an Grúagach.



Adúbhrusa go n-imireóin, acht amháin gan
leatróm do dhéanamh orm tré dhraoigheachta.
Adubhairt seisionn na déanach.



Is annsin tugadh táiplis, fuirionn, agus péighre
díslíghe anuas, go bhfollach sróill uimpe. Agus
as ámhalaidh do bhí an táiplis sin déanta .i. do
chlárthaoi fionndruinne, agus fleasg fíor-emerail,
agus títhe do chnámha fíor-áluinn eliphante,
agus gríanán carrabhonncail, ionnus go n-imeóradh


L. 22


dall gan tsúileibh oídhche rae dhorcha
uirthe re méad na soillse do bhí ag éirghe dhi;
leathfhuirinn di déanta d'ór, agus leathfhuirinn
eile d'airgiod bhán, airna n-eagar
air aon go lán-intleachtach le láimhaibh saorshúadh
agus le grinn-eólus glan-cheárd, do
chlochaibh Parrathuis Ádhaimh agus do gheamaibh
fíor-áluinn criostail; agus péighre díslíghe nach
feas cá cinneál fán ccruinne dá ndearnadh
íad, air an gcomhórdúghadh céadhna.


L. 23


Is annsin do shuídhmuir an fhuireann, agus
do chaitheamuir na díslíghe; agus d'fhíafraigh an
Grúagach dhíom-sa cia an cluithche d'imeóiruinn
fris. Adúbharusa go rabhadur do mheabhair
liom fíor-bhearta an tsioca, agus lúaith-imirt an
gheamain, agus cinneál imirtha na táipilise móire.



"Maise," air an Gruagach, "imirimíd cluithche
táipilise móire."



Adubharusa gur thoil liom féin sin do
dhéanamh. Annsin do shuígheamair an fhuirionn,
agus do chaithighmur na díslíghe; agus ní fada do
bhádhmuir ag imirt an tan do ghoin an Gruagach
triúr dom fhuirinn-si, agus do bhí mo chluithche
cailte air sin. Annsin íarruim-si beart theagaisg
air iníghin an Ghrúagaigh. "Caith," air sí, "aon
agus dó, agus cuir an t-aon a gcaluith agus an bheart
eile air thí a dó."



Is annsin ghlacaim-si na díslíghe go ceathruighthe
mí-thapaidh míodh-úirmhisneach móir-dheithfireach;
agus dar líom, agus fós dar mo láimh, níor


L. 24


bhfearr líom flaithius an dómhainn do bheith
agam am aonar nó an t-aon 's a' dó sin
do chaithiomh agus d'imirt amhuil do theagaisg
sisi dhamh. Air sin caithim-si na díslíghe, idir
dhóthchus agus éadóthchus, go mearruighthe
agus go mídh-chéadfádhach mór-chritheagalach,
agus as é urchur do chaithios an t-urchur nár
breacadh air dhíslí ariamh .i. cealltair fhollamh.
Leis sin do ghlac fearg agus lasamh mé, agus an
deámhaun maide do rug mo dhá láimh gur sguirios.



"Sílim féin nach maith imirios tusa," air an
Gruagach; "gidh eadh, bronnuim féin a' táipilis
so ort re háighidh fóghlumtha uirthe, óir is fearr
imirim féin ná thusa."



Ní raibh a fhios agam-sa créad é an modh
air a dtabharinn buídheachus a chinníghil don
Ghrúagach, acht amháin go raibh eagla orm go
gcaithfinn cúntus generáilte do thabhairt a
nAoile a n-éinfheacht ann. Acht, dar a


L. 25


bhfuil ó Mháighe go Trágha Mhóir, níorbh
iongna gan mise do bhreith an chluithche sin,
óir gé bhí mo chorp os cionn cláir ag an
nGrúagach, as é áit a raibh m'inntleacht agus
m'inntinn, m'amharc agus mo mheannmna, san leath
eile don teach, mar a raibh inghin an Ghrúagaigh;
agus as eagal líom gurab tosach tubaiste dham é,
mura bhfuil ag Dia; agus as é adubhrus:




A Rígh na cruinne, gan misi 's an fhaoilionn bhán
air aon ag imirt ár gcluithche ó oidhche go lá,
gan dís nó duine bheith dár ngoire dár shíolraigh ó Ádhamh
acht aon, ge bé eile bheith agam-sa shíos 'na clár.



Air thioc, air gheaman, air bhranna, nó air tháipilis mhóir,
ní mhaithfin féin maide go maidionn don naoi bhig óig,
acht m'fhear-sa bheith a gcaluith, is beart agam air thí a dó,


L. 26


is gan cead a bheith aice-si obadh ná diúlta dhóibh.




Ní beag sin nó go gcluinne sibh créad é an
t-órdúghadh bígh agus dígh do cuireadh air Mhac na
Míodhchómhairle a ttigh Ghrúagaigh Thíre gan
Taithighe an oídhche sin. A háithle na himeartha
sin do fuilígheadh na bóird do sgóiridíbh sgíamhacha
lí-ghlanna lán-mhaisiocha, agus do cuireadh
bíadha saora sothchaimhe air an mbórd sin,
agus tógha gacha sórt díghe air cheana; agus do
shuigh an Grúagach a ttosach an bhúird sin, agus
do chuir mise 'mo shuídhe os a chómhair, agus
'inghín air mo láimh dheis, agus a bhean air a
láimh chlí féin; agus do chaitheamur ar leór-dhóchuinn
bídh agus díghe air an órdúghadh sin.



Is annsin adúbhairt an Grúagach:



"Is mithid dúine codhladh agus cómhnuíghe


L. 27


do dhéanamh feasta, óir is fada uainn Aoile,
agus go gcaithfiom a bheith ann air a hocht don
chlog airna mháireach air maidion."



Mur do chúalaidh mise iomrádh air a dhol go
hAoile, níor fhág sé cuímhne agam air shóigh
ná air sheasgaireacht dá bhfúair mé air feadh na
hoídhche roimhe sin, air mhéad m'fhuaith agus mo
ghráine, m'úamhainn agus m'imeagla air a dhol ann;
óir níor chruithigh Día ríamh ionnad ba lúgha
orm ná é, óir do bhí mé cinnte dom bhás do
theacht as go lán-dearbhtha ann. Agus do
mheas mé nídh éigin do bheith 'mo thiompchioll
air árd-theist na hinghine sin agus air an áit
inna bhfúairius í, ionnus, ge bé duine do
gheabhadh mise marbh a háithle an chatha sin,
go bhfuígh cáil éigin iomchuímhnighthe dá
tuarusgabháil 'mo thíompchioll; agus tugus
peann agus dubh agus pápér chúgham, agus do
sgríobhus mur atá am dhíaigh ann so:




A síth go dimhin do chonnáirc mé féin an stáid,


L. 28


grúadh na ndrithlinn is gile ná géis air snámh,
éanlaith binne nach minic a bhfúacht air fagháil
tar a gúailibh ag sileadh 's ag fille go lúaith 'na n-áit.



Le bheith dá hamharc do lasus go léir dá grádh,
mo chróidhe gur mearadh is nach faicim-si léus don lá:
a píob mur shneachta 's a mama chroinn ghlégeal bhreádha;
is, dar an Rígh, ní maith líom nach agam-sa féin atá.



An sgéal, mur theangbhus le ainnir na mbaoithchrobh mbláith,
air aon ní cheilfiod-sa feasta, ós fíor mo bhás;
is má shílion duine air bith nách bhfuilim-si
'na díaigh dam chrádh,
nár bhudh saoghalach mise go bhfuil 'fhios ag Día mur táim.


L. 29



Is annsin do cóirígheadh iomdha agus árd-leaba
dómh-sa, ar gcríochniúghadh an bheagáin
sgríbhneóireacht sin shúas dhamh, agus do
luígheas uirthe go hatuirseach imshníomhach
anbhfann éidtreórach; agus do chuaidh an
Grúagach dá leabaidh luídhe féin, air bhfágbháil
imchoimirce beatha agus sláinte agam-sa; agus
do chóirigh an inghín a leabaidh féin os cómhair
mo leabtha-sa, agus do thuigeas uirthe go raibh
agá aithine dhíom-sa éirghe agus tríal dá fios
féin an oídhche sin, ionnus go ttug sí go leór
misnigh dhómh-sa maile rena súilibh agus gach
cómhurtha suiríghe eile air cheana; agus adúbhairt
líom fós gan sgáith ná crith-eagla do bheith
orm do thaobh na sgéala móra úathbhásacha sin
d'innis a hathair dham do thaobh an mhórchatha
sin do bhí idir Thrómcheódh Draoigheachta
agus Ruádhan Lúaimneach Locha hÉidhin. "Óir,"


L. 30


air sí, "air mhaithius na talmhann trom-fhóduíghe
ní bhéarradh sé duine air bith saoghalta leis ann."



Tug an cómhrádh sin croídhe agus meannamna,
aige agus mór-mhisneach dómh-sa; agus do
thugus buídheachus di-se ar son a sgéil.



Do luídhe an inghín inna leabaidh féin, agus
do mhúch coinnle agus soillsi an tíghe, agus do
chuaidh cách chum súaimhnis. Níor chían
dómh-sa ámhalaidh sin an tan ghlúais mo
chinneamhuinn chrosda choirpe mhídhchuímhneach
a bheith dom sporadh a gceann
m'aímhleasa, air mhodh nár fhéadus súan ná
sádhaile ná síor-chodladh do dhéanamh, nó gurbh
éigion dam éirghe go hinghin an Ghrúagaigh.



Glúaisim dá hionnsuídhe go réim-dhíreach,
agus an tan do shíleas a bheith a ngar nó 'ngoire
dá leabaidh, as é áit a bhfúairios m'eólus a
ndíamhair úaigneach dhoigheóluis, gan taithaíghe
duine nó ainnimhidhe ann. Is annsin do
thuigeas go féigh fíor-dheimhneach ná rabhus


L. 31


gan draoigheacht agus áimsighthe agus áibhseóireacht
agá imirt orm ag mo locht aoin-tíghe an úair sin.



Níor chían dómh-sa air sin ag éisteacht re
bonánaigh agus re bócánaigh agus le heithidibh
ádhúathmhura úathbhásacha urchóideacha
na coille sin, an tan do chúalus an
trost tróm-adhbhal agus an uall-ghuith adhúathmhar
agus an sgreadach ghuth-árd ghéar-loisgneach
chúgham san gcoill gacha ndíreach. Ní
raibh do mhéad mo cheathruigh-se nó m'eagla
roimhe sin nár chuir sin spriod ghealtacht
ionnam, ionnus gur ghlúaiseas reómham mur
gheilt air n-imtheacht as ár, nó mur áinle ag
éirghe dá neid, nó mur fhíaigh airna dhúiseacht
as a leabaidh luídhe, air bhfaicsint a námhad
agus 'easgcarrad ullamh tar a chionn: as é sin
trice agus tarpaíghe agus tréan-lúas do rinne mé.


L. 32


Agus an uair do shíleas réighteach as an gcoill
amach, as é áit a bhfúarus m'eólus air mháigh
thaobh-leathan thaithneamhach, a lár agus a
n-eidirmheódhan an ghleanna sin; agus do bhí
cnocán lán-chroinn fíor-árd a gceart-lár na
máighe, agus do bhí d'áirde an chnoic sin gur
shíleas féin dá mbeinn shúas air nár bhaoghalach
dham duine nó ainnimhídhe dá raibh san gcoill
an oídhche sin.



Gluaisim-si air amus an chnoic sin; agus air
tteacht dá ionnsuídhe dham, as ámhlaidh fúairios
é airna thíompchiolladh do chriosaibh fionnagheala
amhuil iomaireacha, air mhodh go
roichfeadh céim mhic a gcionn a mhíosa ón
gcrios go chéile dhíobh. Do mheas mise gomo
fusaide dham féin a dhol suas air a bheith
ámhalaidh sin dhó.



Is annsin glúaisim-si 'mo chéimionnaibh tinneasnacha


L. 33


troith-éasga agus 'mo rúathar ró-thréan
lúaith-reatha, nó go ndeachus air árd an chnuic
sin suas; agus as é ní fúairius tar mo chionn
ann .i. muir áidhibhseach thiúgh-thonnach agus
cúan cainteach cubhar-anfadhach, gan slíghe a
hachamoire nó a tíompchiolladh óna faid agus
óna himchíane.



Do bhí mise air síubhal re cois an chúain
chubhar-anfadhaigh sin, nó go bhfúaireas sean-átharach
briste, do chuir an tonn a ttír a
bhfad roimhe sin, 'na luídhe ar an ttráigh. Mheas
mise gurab é Dia neart-chuímseach nimhe agus
talmhann do chuir ann sin é, re haighidh
mise do shábháil air aithmhilleadh na
ndúileadh n-éigceannsaighthe sin do bhí


L. 34


'mo dhíaig, dá leanadís mé ní bo sia ar tí m'aithisiúghadh.
Is annsin gabhaim-si ag leasughadh
an atharraigh sin agus agá lán-chórúghadh;
agus níor chían dómh-sa air aon staid, óir níorbh
í sin an obair gan féim, nó an saothar gan
tairbhe, nó an aimsir dá caithiomh go diomhaoin.



Níor chían dam fós ámhlaidh sin an tan do
chúalus na gotha grána gearránacha, agus an
uall-ghuith adhúathmhur, agus an sgreadach
éidhmhe chaol ghuith-árd ghéar-loisgneach chúgham
'san ngleann gacha ndíreach; agus ó
atá fhios ag gach duine bhíos gealtach
cionnus do bhí mise an uair sin, ní tráith
anois a bheith agá innsin.



Is ann sin do chuirios an t-ádhtharrach sin
amach ó thír, agus do chuaidh mé féin ann, agus


L. 35


gabhuim agá stiúradh agus agá dhíriúghadh air
dhoimhneach agus air dhaingneach an uisge.
Cíodh trácht, ní cían ón oirthear do chúadhas
an tan do éirghe an ghaoith ghlórach shiúbhalghrod
os dóirsibh tuinnighthe na talmhann, air
mhodh gur chuir cogadh agus coinnsgleódh fá
uisgeadhaibh na talmhann go huile. Agus an
tan do mhothuigh an t-uisge an cómhéirghe sin
na gaoithe inna áighidh, do éirghe féin 'na
bhróintibh brúchtmharra baoth-aigmhéile bráthamhla,
agus inna chisilibh cáinteacha díoghchoisgithe
do-eadrána, agus 'na throm-chladhaibh
doirbh-osgurtha iomiol-fhliucha, agus 'na shrothaibh
siúbhalacha searbha sár-lúaithe, agus na shléibhe


L. 36


coigeadalacha cubhar-anfadhacha, agus 'na
mhothar mheasgaighthe mhurdhúchannta, agus
'na cholbhádhuibh toirteacha tróm-bhraonacha,
agus 'na ghleanntaibh doimhine dos-liaithe doigh-éoluisi,
agus 'na chnocaibh ceann-gharbha coracha cíach-dhorcha.



Is annsin do thuigios gur mhionnaighdur na
déithibh cealgacha claon-bhreathacha sin leath
air leath .i. A Eolus, día na gaoithe, agus Neptunus,
día na fairge, nách ndéanfadís síth ná osa re
chéile nó go mbaisgaidh agus go mbúanbháitaídh
mise eatortha. Acht atá nídh cheana,
do bhí do dhoirbhe a gcoimeas re chéile, agus
d'olcus an ádhtharraigh sin inna raibh mise,
agus do dhoghfhulang na gaoithe, go raibh an
sáile searbhrúadh 'na shrothaibh agus 'na
shruith-linntibh agus 'na chith-bhraonaibh ag
teacht isteach air gach taobh orm.


L. 37


An úair do chonnairc mise mo chríoch
dhéighionach cómh cinte sin agam, do léigios
éighmhe fhada fhír-thrúadh agus gárrtha
groda géar-chaointe os árd asam, ag íarraidh
air Dhía na ndúil mo shábháil as an ngábhadh
gúasachtach lán-chrúaigh sin ina raibh mise;
agus do bhí do mhéid mo chongáire-se go
gcualaidh an Grúagach mé, agus gur fhógair solus do lasa.



d'éirghe an inghin, agus do las sí solus
lonnrach lán-dheallradhach go deagh-thapaidh,
agus do tháine sí féin agus a hathair a' fóir mo
ghearáin-se; agus as é áit a bhfúaireadur mise,
air shíothail mhór-leathan bheárna do bhí
astigh. Agus as ámhalaidh do thárla an
t-ionnad suírghe sin dómh-sa .i. an tan do éirghe
mise as mo leabaidh ag dul d'ionnsuídhe inghine
an Ghrúagaigh, agus ní cían do chuadhas an tan
do thuigeas go rabhus air seacharán. Agus do


L. 38


bhí cait astigh air phíochraidh, agus gabhuid
ag sgreada agus ag sgréachadh go lán-úathbhásach,
ionnus gur mheas meise gurab beathaídhigh
urchóideacha oile do bhí ann, ionnus gur ghlacus
sgaol agus sgeiteadh agus sgannradh chúgham.
Agus gluaisim rómham am réim ró-ghealtachta,
go lúas áinnle, feirbe, nó fíaigh-mhíol; agus as
é áit a bhfúarus m'eólus a soilléur a' Ghrúagaigh.
Agus do bhí an dádhbhach lán-mhór sa 'na suidhe
a gceart-lár an tsoilléir, lán do lionn úr do
téaghadh an lá sin féin, gan fháill do bheith
aige oibriúghadh air bith do dhéanamh; agus
amhuil fá gnáith síothail luadhala d'fhágbháil
ann gach lionn úr chum a olmhaighthe, as


L. 39


ámhalaidh sin do thárla an tsíothal san
dádhbhach an uair sin. Agus do bhí do mhéid
m'eagla-sa gur táibhrídhe dham gurab seannádhtharrach
briste do bhí ann, agus gurab cnoc
árd an dádhbhach, agus gurab fairge lán-úathbhásach
an lionn, agus gurab íad funnsuidhe na dádhbhche
na hiomaireacha sin do bhí tíompchioll an chnoic.
Agus an úair do shíol mise a bheith sábháilte air
urchóid air bith, is ansin do chúalas na cait ag
teacht do dhorus an tsoilléir: lingim-si amach
air an tsíothail ag ceart-lár na dáidhbhche dom
shaora féin ortha, óir do shíolios gurabh
bheathádhigh urchóideacha eile do bhí ann;
is ann sin do thionnsgainn an lionn oibriúghadh
do dhéanamh, ionnus gur mheas mise gurab
annfadh lán-mhór do bhí ann; an ghaoith,
umoro, as é do budh fochain agus do budh fíor-ádhbhar
dhi .i. fuinneóg do fágadh osgailte air
an soilléur, agus an ghaoith do theacht air an
ttaobh sin don teach an oídhche sin, agus a bheith


L. 40


ag teacht isteach air an bhfuinneóig, amhuil do chúalamhar.



Acht atá nídh cheana, do tháine an
Grúagach agus a inghion os mo chionn san
dádhbhach, agus do mheabhaidh a ghean
gáire air gach nduine dhíobh. Agus, dar mo
bhréithir, dob fhearr líom-sa na cait féin dom
ithe ná íad sin dom fháil ámhlaidh sin.



Agus is é adúbhairt an Grúagach:



"As cosamhuil gurab mór an fonn máirnéaltacht
sin do bhí ort an úair do chuaidh tú inna
chómhchúmhang sin d'adhtharrach, gan lón gan
lán-chostus leat; agus más ag dul d'ionnsuídhe
m'inghine-se do bhí tú, dob fhusa dhuit teacht
air mór-thír dá hionnsuidhe ná air muir; agus
ná héirghe níos mó go raibh tú cinte cá racha tú;
agus tríal d'ionnsuídhe do leabtha feasta."



Adúbharus go rachuinn, agus go rabhus
buídheach dhe sin ar son a chómhairle.


L. 41


Gluaisim-si amach, mur mhairnéileach air
mbáthadh a loinge, agus tríalluim d'ionnsuídhe
mo leaptha go hatuirseach imshníomhach éagcrúaidh;
agus do luídheas uirthe ámhlaidh sin.
Agus gabhuim ag iomcháine na huaire do
thionnsgainn mé an éirghe sin do dhéanamh,
agus ag órdúghadh mé féin do bheith fithche
léige ón tteach sin sul do chídhfinn glan-tsolus
an lae airna mháirioch, air son ná raibh acht
sgarramhuin cinn re collainn dam ann agus
inghean an Ghrúagaigh d'fhágbháil am
dhíaigh. Agus as é adúbhrus:




As trúadh nách bhfuilimsi, 'sgan duine faoi an ngréin 'mo dháil,
thíos 'sna Glinnibh, is gan siolla dom sgéal air fáil,


L. 42


gan péarla bheith umam dár comadh le saothar láimh
acht an t-éadach brollaigh bhíos fó Nollaicc air sléibhte Carnn.



Gach dúadh, gach dochar, gach peannuid, gach pian go páis,
gach gúais, gach galar, gach aicios, gach búairt, gach gráin,
ó neamh go talamh, ag fearthuinn 'mo dhiaigh atá,
ó chuadhas san dadhbhach 's a' talamh glan réigh air fáil!



Ní mór go mairim, 's as fogus dom béul an bás,
's is ro-mhór m'eagla nách bhfaicfead go héug an lá;
is gach aon nách gcreidionn go bhfuilim-si a bpéin 's a gcás,
uch, fios mo ghallair-si thairis nár théid go bráth.


L. 43



AN DARA CAIBIDIL.




Mo chúaird-si arís dá hionnsuídhe
as truadh mur do thionnsgnas a dhéanamh;
agus éistigh líom go n-innsiod
brígh cinnte mo sgéala.




Ar ndul don Ghrúaguch do chodladh inna
leabaidh, do mhúch an inghean a' choinnioll,
agus do luidh ionna leabaidh féin doridhis; agus
budh cuma créad é gach misneach dá ttug sí
dhómh-sa a ttosach na hoídhche a bhforamh a
ttug sí dam an darra húair, agus a ndeire, do
chealga agus do chaoin-úrais agus do mhín-chomhrádh
agus do bhinn-bhríathraibh fríom an
uair sin; gidh eadh, níor thóig misi súil nó
síor-rádhairc le bréithir ná le cómhartha aco sin,


L. 44


acht amhuil nach bhfeicin agus nách gcluinnfuin íad.



Agus ní cían do do bhí mé air an órdúghadh sin
an tan do thuit támh neamhshúaimhneach codalta
orm; agus níorbh é sin an codhladh coisreactha,
óir ní raibh taisbéanadh nó taidhbhreadh ná síothbhradh,
ó neamh go cúan Acheron, agus go sruith
Stix a n-ifrionn, nach raibh dá thaidhbhreadh
agus dá thaisbáineadh dham, ionnus gur dhúisghe
mé as mo chodhladh. Agus air mhúsgladh dhamh,
níor chuímhneach líom buaidhreadh ná trioblóid
dár éirghe dhamh air feadh na hoídhche roimhe
sin. Gidh eadh, do bhí glan-chuímhne agam air
an áit a raibh leabaidh na hiníghine, agus do
mheasas ná raibh teacht ó náire agam gan
cúaird do dhéanamh aice, tar éis a ttug sí do
chómharthuídhe, do mhisneach agus do mhillisbhríathraibh
dhamh a ttosach na hoídhche;
agus nídh eile fós do mheasas, dá mbeith sisi ag
cuidiúghadh líom, nárbh ádhbhur eagla dham nó
go bhfágainn an áit sin a rabhus, agus nach raibh


L. 45


air bith úain nó áimsir dob fhearr ná an úair do
bhí do láthair má bhí Día ag gealamh maithisi
dham, óir ní raibh acht seacht ttroighthe ó mo
leabaidh-sa an leaba air a raibh sisi, agus í 'na
húadhtha agus 'na haonar ann.



Is annsin chlisim-si 'mo sheasamh go mear
mí-thapadh mearuighthe mídh-urmhisneach,
agus glúaisim air amus na hinghine, agus an
tan do shílios a bheith a ngar no 'ngoire dá
leabaidh, tar éis a bheith srían air fághan agus
air fíarlóid agus air seacharán air feadh na
hoídhche roimhe sin, do shaoilius gur shiubhlus
seacht míle ón am fár éirghios as mo leabaidh
go halt na huaire sin, agus as é áit a bhfuairios
m'eólus air fhaithche thaobh-leathan thaithniomhach,
gan taithíghe duine nó ainnimhídhe ann.



Is annsin do chuímhnígheas go féigh fíor-dheimhinach
air gach búaireadh agus air gach
seacharán dár éirghe dham air feadh na hoidhche


L. 46


roimhe sin; agus ní barr misnigh do thug sin
dham, acht barr meatacht agus mídhthreóire,
óir do thuigeas nách raibh acht tosach air
bhúaidhreadh agam; agus gabhuim ag féachaint
air gach taobh 'mo thiompchioll d'fhéachain
cá seólfadh Dia dham a dhol.



Agus ní fada do bhí mise 'sna smaointighthibh
beag-thairbheacha sin an tan do chonnarcus an
beathádhach dubh díabhluighthe daith-ghrána
ceann-tróm crónnánach dom ionnsuídhe san
bhfaithche gacha ndíreach, ionnus go bhfanfadh
mionn-ubhall nó mór-áirne air bharr úachtarach
gach róine don mhuing ghairbh ghráinneamhuil
do bhí air chír a dhroma agus a leath-mhuinghíl,
agus dá shúil thámhacha loch-líathe linneacha
inna cheann, soc faon-fhada fán-ghleannach
gainn-fheólach aige, cosa gearra giobacha
garbh-fhionacha gearra-chnámhacha agá iomfhulang


L. 47


'na sheasamh, agus é ag teacht fán toichim
agus fán túarusgabháil sin 'mo choinne agus 'mo
chómhdháil. Agus an tan do thuig mise gurab
chúgham féin do bhí sé ag teacht, chum díth
agus díoghbhála do dhéanamh, do ghlac failc
fíor-adhbhal díghchoisge agus tuile thróm-thréan
thiúláidir eagla mé, óir ní fheacus díghean nó
daingean agam chum a rachuinn air teitheadh
nó air iongabháil roimhe.



Acht atá nídh cheana, do thuigios nár thráith
fuirigh dham an úair sin, agus mo námhaid
agus m'easgcarruid cómh fogus sin dam, agus
gan lucht annaicail nó eadráin eadrom agus
é. Trusdáluim-si mo léine os meallaibh agus os
beannaibh mo mháis, agus do léigios air siúbhal
mé féin am shíth sgáthmhur sgannraightheach
chrith-eaglach, agus am réim dhísgir lúaithreatha,
go ttáinic mé go hiomiol na faithche;


L. 48


agus as é ní fuairius tar mo cheann ann .i. buinne
ro-thréan rábharta d'abhainn mhór-leathan
bháighte, gan slíghe coisígh nó marcaigh uirthe.



Is annsin do shaoilius ná raibh a fhios agam
cía díobh do ghlacfuinn do rógha nó dob fhearra
dham dam ithe, dom dhíthúghadh agus dom bhúan-bhásúghadh
.i. mo bháthadh san abhuinn
aidhbhsi annamhbhal bhaoghalaigh bhorbthonnaigh
bhaoth-lúaimneach shrobh-láidir
shruith-ogail dhóghair-dhorcha dhoilighe sin,
nó an beathádhach daor-chúmtha díablúigthe
dath-úathmhur dealbh-ghrána úathbhásach úathmhur
aingídhe sin dom ithe. Gidh eadh, do
smaoineas go gcualas go minnic agá rádh agus
agá dhearbhadh ag daoinibh foirbhthe feasacha
gurab minnic do shnáimh duine re heagla nár
shnáimh aon-bhanngc ariamh roimhe sin; agus
do bhí mise dearbhtha, má thug eagla nó
úathbhás, úamhain nó úr-mheatacht, sgáith nó
sgannra, nó iomsgarradh céille agus céadfádha,
snámh chum duine air bith ariamh, go snáimheóchuinn
féin an úair sin gan ámhrus.


L. 49


Is annsin do bhainneas mo léine dhíom, agus
do chuireas fá bhrannruibh mo bhrághad í;
agus do fhéachus air gach taobh 'mo thiompchioll,
d'fhéachuin air bhfada uaim do bhí an beathádhach
daor dealbh-ghránna sin do bhí am
thóruígheacht; agus do chonnarcus air mo chúl
é, agus a bhéal agus a chraos úr-fhosgailte
chúgham. Agus ní cathúghadh ná áighidh
dhána dhíolmhúnta do thugas air, ná áighidh
sleádha ná cloídhimh do choingemháil air, acht
mo bhaoith-léim árd éannamhuil eadarbhúasach
éadrom do thabhairt a lár an
leabhairbhuinne, agus a n-idirmhéodhan na mborbthonn,
agus a gceart-dhoimhne na mór-thuile, agus a
neart-shruith gháibhtheach gharbh-fhóghrach na
hadhbhal-ábhann; agus gabhuim ag iomlat mo
chos agus mo láimh go lán-tsaothrach ag
íarraidh snáimh do dhéanamh. Agus as ró-bheag
an tádhbhacht nó an tairbhe do bhí dhomh-sa


L. 50


san mór-shaothar sin do dhéanamh. Óir is
ámhlaidh do bhí an t-uisge 'na mhothar chrithir-dhlúth
dhoigh-dhealbhuighthe, agus 'na mhámannuibh
móra measgaithe, agus 'na chaobaibh
ceangailte cóimhiadhta, agus na throm-cholbhuíghibh
tiúghbha tróm-théachtaighthe, air mhodh
nach bhféadfadh long nó laoidheang, bárc,
eathar, nó árd-leasdar, a snámh, a héasg-shnámh,
a seóladh, nó a síor-imtheacht, óna liostacht agus
óna lán-aimhréidhe.



Is annsin do mheas mise go lán-dearbhtha
leór-dheímhin gurab a muir théachta do thárla
mé, agus nách bhfágfuinn í nó go mbasgaidh
agus go mbúan-bháitídhe agus go n-ídhshluicídhe
innte mé, nó go n-ithe agus go ndíth-shaoghaladh agus
go ndíth-láithrighe éunluighthe cíochracha craosfhosgailte
an aeghair m'fhuil agus m'fhéoil


L. 51


agus m'fhinn-leathar. Cíodh trácht, an úair do
chonnairc mise mo chríoch dhéaghnach comh
cinte sin agam, do léigios éimhghe úathmhur
úathbhásach úr-ghránna chrúaidh chaol chómhghearánach,
agus sgreadach sgáthmhur sgáth-ghéar
sían-trúadh ós árd asam ag íarraidh air Dhía na
ndúl mo shábháil as an ngábhadh gúasachtach
agus as an mbaoghal mbáis mbith-chinnte sin ionna rabhus.



Agus do bhí d'aithbhéile an déarchaointe,
d'uille na héimhghe, agus do ghéire an ghearáin
do rinneas, go gcúalaidh an Grúagach na núalla
neamhghnáitheacha sin, ionnus gur fhóguir solus
do lasamh d'fhéuchain créad dob ádhbhar do
na glaoidh-ghárthaibh gníomh-náireacha géar-chaointeacha
glám-uallmhura sin. Agus d'éirghe
an inghín go dian deifirach agus go deágh-éasga,
agus do las sí solus lasamhuinn lonnrach go lán-tapa,
agus do tháinicc sí féin agus a haithir for
amus na trúadh-cheillamhuinne sin; agus a sé


L. 52


áit a bhfúaireadur mise sínte síar a n-umar
mhór-fhairsing inna mbíodh uisge agus troisg ag
muclach an Ghrúagaigh, agus mo bheól agus
mo bholg fúm, agus mé ag iarraidh snámh do
dhéanamh; agus as ró-bheag an tairbhe do bhí
dhomh-sa 'san mór-shaothar sin do thionnsgnamh
nó do chómh-thriall, óir do ghreamuigh an
troisg agus an t-uisge dhíom, air mhodh nách
raibh air mo chumus aon chor do chur dhíom.



Acht atá nídh cheanan, do tháinicc an Grúagach
agus a inghín os mo chionn 'san umar, agus do
mheabhaidh a ghean gáire air gach nduine díobh,
agus as é adúbhairt an Grúagach:



"Más fonn foilce nó fothraigthe do bhí ort-sa,
dob fhearra dhuit ionnad agus uisge budh gloinne
agus búdh deágh-bholaidh nó an áit sin d'fhághail."



An úair do chúalus an glór daona os mo chionn,


L. 53


do thógbhus mo cheann súas d'fhéachuin cía do
labhair liom, agus do bhí mo bhéal agus mo
shúile lom-lán don uisge agus don troisg, air
mhodh nár léir aon-nídh. Agus air nglanna
mo shúl dham, aithnídhim an Grúagach agus a
inghín 'na seasamh air gach taobh dhíom,
agus aithnídhim gurab astigh do bhádhus
connuige sin; agus féachaim air gach thaobh
'mo thiompchioll, d'fhéuchain an bhfeicinn an
beathádhach daor dealbh-ghrána díablaidhe sin
do bhí 'mo thórruígheacht, agus do-chím re taobh
na háite sin inna rabhus é .i. peata muice
duíbhe do bhí ag an nGrúagach; agus, mur is
annsan áit sin ionna rabhus do ghnáithuígheadh
sí beátha d'fhághail, as í sin úair agus áimsir
inna raibh ag teacht dá ionnsuíghe an tan d'éirghe
mise an darra húair go hinghín an Ghrúagaigh;


L. 54


agus as é áit a ttárla dhómh-sa é a gceart-lár an
úrláir, agus glacaim-si crith-úamhan agus
úathbhás agus imeagla agus úr-mheatacht roimhe,
agus glúaisim re barr gealtacht agus gnáith-eagla,
mur lúas áinle, feirbe, nó fíaigh-mhíol, nó go
ndeachus san umar so mur cualaidh sibh-se.



Agus air ttuigsin gach búaidhreamh lán-urchóideach
dár éirghe dham, as iongnamh nár
éaluigh m'anam le náire asam fá íad sin dom
fhághail amhlaidh sin. Is annsin adúbhairt an Grúagach:



"Éirghe amach as an ionnad sin, agus glúais
d'ionnsuidhe do leaptha, agus ná héirghe níos
mó nó go raibh tú cinnte cá racha tú; agus
más ag dul d'ionnsuídhe m'inghíne do bhí tú, dob
usa dhuit siúbhal ad chois ná teacht a gcoite dá
hionnsuídhe; agus ní bhful na déithibh toilleámhuil


L. 55


air sibh-si do bheith a gcuideachta
chéile nó go raibh sibh pósta do mholadh na
ndéithibh sin aguinne; óir as iad do thasbáin a
míoramhuile féin ort, mur do chuiris romhad
peacadh a n-áighidh a reachta agus a ndlíghthe.
Agas éirghe feasta, agus bí ag teacht d'ionnsuídhe
do leaptha, agus coduil támh beag go fóil an
feadh bhias mise ag gléus na n-each do-bhéaram
linn go h-Aoile, óir ní bhfuil an lá leath-úair
úait anois, agus as feárrde thú támh beag do
chodladh roimh ghlúaiseacht duit tar éis do
bhúarthadh agus t'fhaid-ghúiseachta."



Is annsin éirghim-si amach as an ionnad
trúadhlighthe sin inna rabhus; agus níor léig
an náire dham aon fhocal do labhairt; agus
glúaisim d'ionnsuídhe mo leaptha, agus do
luígheas uirthe go claon náireach crithánach critheaglach
cóimh-thuirseach.



Acht atá nídh cheana, níor bhfearr don
Ghrúagach deoch dhearmuid do thabhairt dómhsa
nó an beagán bríathra sin adubhairt liom,


L. 56


agus do chuirios mo cheann faoi an mbrat
mbúadhchorcradh do bhí ar an leabaidh, agus
do thuit súan tróm-chodalta oram.



Agus as é nídh do mhúsgail mé airna mháireach
.i. fóghar agus tormán do bhí ag an ngaoith le
copóig mhór-leathain do bhí os mo chionn a
n-áit an bhrait mhór-lúadhach sin do bhí
thoram a ttosach na hoídhche. Is annsin
clisimsi am sheasamh; agus as é áit bhfúarus
me féin am aonar air mhúr sean-leasa, gan
teach, gan árrus, gan áitreabh am ghoire; agus
air m'fhághail féin ámhlaidh sin dham, do
thuitius a ttaisibh agus a ttáimhneóluibh báis,
do chúmhaidh agus do shearc na mná sin.



Is annsin do thugus mionnaigh móra marbhthacha,
agus móid mhear bhaoith-chéillíghe, nách
ccodlóchuinn dá oídhche a n-aon áit go bhfághuinn
arís í. Gluaisim rómham, agus níor fhágbhus


L. 57


síoth nó carruig nó cúasbhrúigheann, díamhair
nó droibhéal, dáighionn nó dún-lios, a n-Éirinn
nár chaitheas ló go n-oídhche ann air aon chuid
caor agus fír-uisge, nó gur chaitheas chúig lá
dhéug agus trí bliadhna.



Agus a gcionn na rae agus na háimsire sin do
thángus san áit chéadhna anair éirghios as mo
chodladh; agus do chaitheas an oídhche sin ann
mur gach áit eile. Agus nídh raibh do sgéalaibh
agam air n-a mháireach acht go bhfeacus aisling
an oídhche sin adúbhairt líom nách raibh maith
dham níos mó dá tórruigheacht do dhéanamh,
agus go raibh sí pósta le fear eile le bliadhain roimhe
sin. Ní bhfuil mise dearbhtha dhe sin go fóil,
agus ní bhead choídhche, nó go bhfeicidh mo
shúile féin í, má tá sé a ndhán dam go bhfeicidh
mé go bráth an t-amharc sin, agus as éadóith é,
mura bhfuil an tseamair Mhuire air mo chrios
agam. Agus as é adubharus:




Ní búan mo mharthuinn mar' bhfaicead í arís gan spás,
an stúadh ghlan ghartha tug m'aigne 'na díaigh mur tá;


L. 58


le méad mo mhearuidh ní aithnighim nách sliabh an tráigh,
is, dar fíaigh, ní aithníghim nach mac tíre an feílicán.



A Dhía dá gcreidim, is cosamhuil gur naomhtha amháin
do tharla mise, nó nach bhfuilim don éug faoi cháin,
an úair do chonnarc mé lili na gcraobh-fholt mbláith,
nách é mo bhás do cinneadh re sileadh a réult-ndearc mbreágha.



Gan súan go bhfuilim le tuile agus míle lá,
le grádh air an ainnir tug peannuid is pían am lár;
a n-úaigneas leaptha mura rabhad is í gan spás,
mígh nó seachtmhuinn ní bhiadh mise a mbliadhna slán -




Agus mura raibh mise slán a mblíaghna, as
éadóith mé bheith slán air an mblíaghuinn so
chughain. Agus is beag an dochar na huile


L. 59


dhíomdha do bheith air an tí do-bheir cúl re
críoch mhaitheasa, agus nách smúainíghean créad
an ní as a ttiocfa a leas, agus do-bheir amus
fuireachair air 'áimhleas, mur do rin mise ag
tabhairt searc m'annama agus mo choirp don
mhnaoi úd, nár bhfeas dam cía hí féin nó a
hathair, acht mar budh toil leis an nGrúagach
sin d'innsin dham, agus nách bhfuil a fhios agam
air an dómhann cá háit a bhfuil sí féin nó an
Grúagach aniugh. Agus ge bé bhias beó go
bhfuíghe sé bean, agus nách aon bhean amháin
acht dís, nó triúr, nó uimhir as mó go mór má
bhíon dúil aige annta; agus ós mise do thuigios
sin anois, dar mo láimh, ní reachaidh gean aon
mhná fám chroidhe arís go bráth; agus ní mó
is mían líom ní do thaisdiol nó do shíor-imtheacht
do dhéanamh d'iarraidh na mná sin,
nó aon bhean eile 'na díaigh, go bráth. Agus dá
dhearbhadh sin, ag so abharán a chruthaighthe:
ann so síos mur leanus:




Sguirim féin feasta do thaisdiol gan bhrígh gan áird,


L. 60


is, dar ndóith, ní beag dham a mbeith agam
leam shaoighal do mhná,
is gurab é adeirid an tan thasduídheas a bhfíorfhear grádha:
"uch ná cuir ceist air, ní heisionn atá isa tír amháin!"




FOIRCHEANN.



Airna sgríobhadh le Díarmuid Ó Mulchaoinne chum
úsáide a charrad ionnmhuin .i. Aindrías Mac
Mathghamhna, an tarna lá deug do Octóbear, aois
an Tíghearna míle seacht gcéad trí fithchid agus a
sé. Agus sirim air gach léightheóir cáidhe, má tá
dearmad ná drochur síos ann so, mo
leath-sgéal do ghabháil, óir do sgríobhus
mur fúairios reómham: gidh eadh,
téid beart do úghdur, agus do chídh
an t-amadán í.


L. 61


TREAS ÉIRGHE MHIC NA MÍOCHOMHAIRLE.



Blúire ná fuil i 23 L 24, supra lch.
55, ach atá le fagháil i F.V. 3
277-282 agus i 12.E.25 19-22.



Agus adubhairt an Gruagach:



"Codail támh beag go fóill an feadh a bhías
mise 'gléus na n-arm agus na n-each a bhíus linn go
hÍle, óir níel an lá leath-uair uainn anois."



Mur do chuala mise iomrádh air a dhol go hÍle
níor fháig sin cuimhne agam air bhuadhairt nó
air thrioblóid dár éirigh dhamh air feadh na
hoidhche roimhe sin, óir níor chruthaigh Día
ionad nó áit budh lugha orm nó é, óir do bhí mé
dearbhtha, an uair do chuir aon triúr amháin
urad buaidhridh orm agus do chuala sibh, dá mbíadh
ní budh mhó dá seórt ann nach mbíadh áireamh
nó innsighe sgéil air a ndéanaidis orm. Agus
mur do thuig an Gruagach sin is uime do lúagh
ar Íle, óir budh mhaith leis mise fuireach mo
chomhnaidhe ní budh sia, agus cead suaimhnis
d'fhagháil dhó féin.


L. 62


Adubhrus féin go ndéanfuinn, agus nach ccuirfinn
romham éirghe nísa mhó go maidin; agus asé
adubhrus:




A shíogaidh leinibh bheir m'aigneadh faoi bhuairt mur tá,
gan súan, gan cholladh, acht acc osnaigh, ós fíor mo bhás,
tabhair faoíseamh is osadh faoi mhaidin, a mhíle grádh,
nó, tair éis m'iodhlacaidh, béidh mise do da bhuaidhreadh a ghnáth.




Air ndol don Ghruagach a chodladh an treas
uair, do mhúch an inghean coinnle agus soilsi an
toighe, agus d'éirigh sí chugam do chum mo
leabadh, do chuir sí a lámha fó mo bhrághaid,
agus do thoirbhir sí mé do phógaibh go dil díochra
tairisi, agus do thug sí an uile mheisneach dhamh
mur áon lena súile, lena béul, agus lena lámha; agus
adubhairt sí liom fós gan níos mó d'eagla do
bheith orm an oidhche sin, agus murab é nachar leig
eagla a hathara dhí é, go luighfeadh sí féin agam.
Gidh eadh, níor thóig mise súil nó fíor-radharc
le aon chomhartha dhíobh sin acht amhuil nach
ccluinfinn agus nach bhfaicfinn íad. Ansin do chuaidh
an inghean dá leabaidh féin, agus d'fháig sí soilsi
lasta ionnus go madh fhusaide dhamh-sa eólus d'fhágháil é.


L. 63


Níor chian damh amhlaidh sin an tan do thuit
támh codalta orm, agus do chlisios as an ccodladh
sin a cceadóir. Ansin do smuainigheas air inghin
an Ghruagaigh, agus níor bhféidir liom codladh nó
comhnaidh d'fhagháil nó gur éirgheas dá hionsaidh.
Agus an uair do shaoileas sitheamh do thabhairt
fána leabaidh, asé áit a bhfuarus m'eólus air
mágh úr-ghlas áluinn lán-iongantach, a lár gleanna
mhór-uathbhásaigh lán d'aimhréiteach. Agus is
amhlaidh do bhí an gleann sin .i. balla láidir
lán-uathbhásach 'na thimchiall air gach taoibh
dhé, air mhodh nach bhfuigheamh duine nó
ainmhidhe san ccruinne thairis, agus faithche dheas
fíor-áluinn a lár an ghleanna, agus crann mór-áidhbheil
lán-uathbhásach 'na cheart-lomsheasamh
a lár na faithche, arna sgabadh le beangáin agus le
géagáin air gach taoibh dhé.



Níor chían damh ansin an tan do chonnairc mé
an beathach droch-dhealbhach dath-ghránna fad-shocach
maol-chlúasach camshearach chugam go
díreach, agus dhá shúil loinneacha ro-luath ina cheann.
Agus an uair do chonnairc sí misi, do thug sí léim
ard éonamhuil ro-lúthmhar fó mo bhráighid; agus
an uair a d'aithin mise gur dochum díthe agus
doluighthe do dhéanamh dhamh do bhí sé, do
mheas mé nachar thráth fuiridh dhamh; agus ní


L. 64


mór nachar thrasgair sí go lár agus go lán-talmhain
mise leis an sitheamh do thug sí orm.



Ansin do ghluaisios romham 'mo chéimionnaibh
tinnisneach tréan-luatha, agus níor bhféidir liom an
gleann d'fhágbháil ón mbábhún lán-uathbhásach
sin a bhí 'na thimchiall, agus ní fhacas díon nó
daingneach, a bhfogus damh nó a bhfad úaim, ina
rachfuinn air teitheamh roimhe, acht aon chrann
adhbhal éagsamhuil do bhí a lár na faithche; agus
do mheas mise dá mbéinn féin shúas air go mbéin
sábháilte air an mbeitheach sin; agus do shnámaoís
mo dhá láimh a ngéagáin an chroinn, agus do
chuadhus súas amhlaidh sin air; agus do bhí an
beathach sin aig síor-léimnigh fá mo thúairim;
gidh eadh, do chúadhus súas san ccrann comhfad
agus d'fhéadus.



Níor chían damh amhlaidh sin an tan do lasadh
soillsi, lasracha, agus tinntibh le bun an chroinn, agus
do bhí na lasracha sin ag éirghidh air gach taoibh
'mo thimchiall.



An sin d'aithnighios go lán-dearbhtha nach
bhfúigfinn an áit sin nó go ndóithfidh mo chnámha
agus mo chroicinn. Ansin do thugus sitheamh air
bheangán don chrann, agus do sgathus liom é, agus do
thuitius air chúl mo chinn air ghéagán eile, air
dhóigh nach raibh air mo chumus aon chor do chur dhíom.


L. 65


Acht atá ní cheana, an tan do chonnairc me
na lasracha aig teannadh liom, agus air gach taoibh
mo thimchiall, do léigios gláodh-bhéic mhór-adbhbal
os áird aig iarraidh air Dhía mo shádhbháil air a
leithide sin bás d'fhághail; do bhí do mhéad mo
chongháire go ccuala an Gruagach mé, agus d'iarr
solus do lasadh.



d'éirigh inghean an Ghruagaigh iar sin, agus do
las sí solus, agus táinic sí féin agus a hathair fo fhoghair
mo ghearáin-si. Agus as é áit a bhfuair síad mise
a mbarr coinnleóra móir uathfásaigh, a cceart-lár
pháláis an Ghruagaigh, an treas uair sin a d'éirigh
misi go hinghin an Ghruagaigh. Agus an beathach
dealbh-ghránna sin do tháinic chugam .i. cuileán
maol con do bhí ag an Grúagach, a bhféagmhuis
'urbuill, agus an uair do éirigh misi, do tháinic sí 'mo
choinne aig déanamh lúthghára agus lústair
romham-sa, aig éirghe suas orm; agus le méad
m'eagla-sa do taibhseadh dhamh gur chum
urchóide do dhéanamh dhamh do bhí sé. An
bábhún, immorra, as é ní do bhí ann ballaigh na
bruighne. An crann as é ní do bhí ann cainnleór
lán-mhór do bhí a cceart-lár a' pháláis; agus is
amhlaidh do bhí an coinnleór sin do bhí deich
soillsi agus fiche ann, agus coinnle ar lasadh an gach solus
díobhtha; agus do taibhseadh dhamhsa gurbh iad
na soilsi géagáin an chroinn. Agus an uair do
rugus ar sholus díobh do tháinic sé liom, agus do


L. 66


thuiteas air chúl mo chinn air sholus eile air an
ordamh chéadna a bhfuair an Gruagach mé.



Do tháinic mé anúas as an ccoinnleór ansin, agus
níor léig an náire dhamh aon fhocal amháin do
labhairt. Agus as é dubhairt an Gruagach:



"Codail támh beag go fóill, an feadh a bhíus
mise 'gléus na n-arm agus na n-each a bhíus linn go
hÍle, óir ní bhfuil an lá leath-uair uait anois."



Mur do chúala mise iomrádh air a dhol go hÍle,
níor fháig sé cuimhne agam air bhuairt nó air
thriobhlóid dár éirigh dhamh air feadh na hoidhche
roimhe sin, óir níor chruthaigh Dia ionad nó áit
budh lugha orm nó é, óir do bhí mé cinte an uair
do chuir aon triúr amháin an urad sin buaidhridh
orm agus do chuir, dá mbiadh ní budh mó dá seórt
ann nach biadh áireamh nó innsidhe sgéil air a
ndéanaidis orm; agus mur do thuig an Gruagach sin
is uime do lúadh air Íle, óir ba mhaith leis mise
fuireach mo chomhnaidh ó sin amach, agus cead
suaimhnis d'fhágháil dó féin, óir do théid a neart
air neimhní ó mheadhón oidhche amach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services