Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Irish Bardic Poetry
Title
Irish Bardic Poetry
Compiler/Editor
Greene, David agus Kelly, Fergus
Composition Date
1609
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1970)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cc. A leabhráin ainmnighther d'Aodh, atá libh léighionn neamhdhaor, go hInis bfódghloin na bFionn, bhus milis d'ógbhuidh Éirionn. Atá a tteanguidh ar máthar sonn - ga saoire soláthar? - léighionn bhus cian ar cuimhne a bfiadh Éirionn iathghuirme. Atá arna tionól sonna cnuasach glan déas ndíoghlioma, do thriath sluaghaidh Gulban Guirt, as cluanuidh ughdar n-ordhuirc. Teagusc diadha ar a dhruim sin, eolus ealadhna an ghaisgidh, d'iath Éirionn agoibh anois, léighionn caguidh is cunntois. Ag ceangal chairdeas a síodh, ag toirmeasg uilc is fhairbríogh, nó ag triall caguidh gi-bé bheas, ní habuidh é acht led t'oideas. Meic eagailsi gidh iad ann, tarbhach don lucht ros-léaghann, 'san ord ghaisgidh gi-bé bheas, bhur bhfaigsin ní hé a aimhleas.
Aodh Ó Domhnaill, dóthchus cáigh, arnad léaghadh, a leabhráin, a bfuil leibh labhair iar soin, ná ceil ar dhaghfhuil nDáluigh. Ar Shíol nEoghain, druim ar dhruim, nó ar laochraidh Chinél cConuill, ná bíodh t'fhoilcheas, toill a ttoil, oircheas roinn ris an ríoghraidh. Ná ar neach don chloinn charfus sibh, Ír, Éiriomhóin nó Éibhir, nó Luighdheach mheic Íotha fhéil, ní bad sgíotha ód reic riúiséin. Ní bad sgíotha dot sgéulaibh na Búrcaigh, na Builtéaruigh, na Gearoltuigh do thuill toil tar seanfholtaibh fhuinn Fhionntoin. Ar neach do shliocht Gaoidhil Ghlais ná ceil gach iúl dá n-úarais, ná ar Sheanghallaibh fóid na bhFionn, lér cheanglamair óig Éirionn. Meic ollamhan Innsi Fáil, beid romhuibh lán do lúthgháir, god choimhreic ó bheól go bél, budh oirdhreic t'eól san oilén. Tabhair ar gach n-aon umhla don aos eagnoidh ealadhna; connailbhe as dú ris an dreim, tú ar a ccomairghe cuireim. Ar son go sealbhuighim sibh d'Ú Dhomhnaill tar fonn bFionntain, an fonn ar gach taobh tiomchuil, ronn ris gach n-aon d'Éirionnchaibh.
Ar nGaoidhil ar bFionnghoill féin beannacht tré dhíograis dóibhséin beir mo bheannacht go fonn bFáil beannacht sonn leibh, a leabhráin. A leabhráin.
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cc. Dána an turas tríalltar sonn, fada atá ag tocht 'na thimcholl, geall re hoighidh an eachtra, doiligh earr na huaisleachta.
Le leathtrom cogaidh Chráoi Fhloinn do mealladh mac Uí Dhomhnoill, ag triall ré haigneadh n-anba i ccaidreabh fhían n-eachtranda. Dána an chúis do chuir roimhe, gá ttám acht tug Rudhroighe aighidh ar an lucht ros ling, lér airigh d'ulc 'na oirchill. Deacair aghaidh orra soin, iomdha ar a cheann cúis bhaoghail, lucht crúadhaighthe caingneadh réidh, grúamaighthe airrdhean n-aigmhéil. Atáid re a ucht a n-Áth Clíath óig ar ar himreadh mídhíach, mór ngoimhfhéchsin ré a ghnúis ngloin, cúis roidhéisdin a rochtoin. Iomdha cúis imnidh aca, iomdha mairg mhná deórata, iomdha leacht as a lossoin, diongna a theacht ón turus-soin. Na róid ina roicheadh soin go ttrásda a ttreallmhaibh cogaidh, taidlidh go síothchánna sonn fíochnámha aingidh eachtronn. Taisbéntor sunn seal oile gnúis úathmhar na hamhsoine 'na dreich raighil sháordha sháimh, 'na haighidh mháordha mhacáimh.
Gibé an tráth sa theagmhus dó, iomdha foireann fúair anró, do tháirthéghadh a thocht sin ag fáithléghadh olc idir. Atáid, narab díth dhosan, croidhe a chomthach foghlasan ag léim d'orghráin na heachtra, budh céim d'foghbháil aigeanta. Iomdha ag úaislibh Insi Breagh, ag mnáibh, ag macoibh fileadh, ré léghadh leóin as a los, meóir dá ttéghadh fan turos. Gidh eadh measaid óig Eamhna, do dhruim toice a ttighearna, an turussa fa ttéigh mé, 'na chéim urusa aige. Foghla gráineamhla an ghille ní chuimhnigh cath Duibhlinne, lé fonn a síothoighthe soin fa fhonn bfíochfhoirbhthe bFionntoin. A ndearna orra, as é a shuim, maithtear do mhac Uí Dhomhnaill, gur thaiséntor tocht 'na cceann, aisécthar olc na hÉireann. Tugadh leó a bfíoch sa bformad, ar rún ceannsa ar cháonchomhrag, fúath a-roile, a rún cogaidh, ar rún toile tugadair. Tiad gnúisi giolladh ndorrdha reimhe a reachtoibh searcamhla, meanma goimheamhla Gall ndúr le a bharr soidhealbhdha ag síothlúdh.
Móide a rofháilte roimhe go bfúair síad síodh Rudhraighe, an gartoirear far ghlé Conn, nar haltoigheadh é ag eachtronn. Ón tráth fa ttáinig 'na cceann fear ionaidh airdríogh Éireann, brígh 'na ccéimiondaibh ní chuir, sídh Éirionnaigh ní híarthuir. Leis an ngealladh gealltar lais, lé humhla meic meic Maghnais, do reactha rún gacha fir, do feactha glún gach Gáoidhil. Faigsin codhnaigh Chlann Dálaigh i nÁth Clíath a ccomhdhálaibh dáil cháomhanta do chrích Ghall, aonshompla síth na sáorchlann. Gibé tráth tí 'na fhrithing, mór ccúis n-égnaigh d'oirichill ag Rudhraighe, ga dulc dhó? le a lucht furnaidhe is fado. Dana. Mór ríoghan um Ráith Logha tarla do nós Núaladha fan ccéim do-chluinsi 'na ceann a bpéin tuirsi 'na timcheall. Fúaras lé a los a shiobhail, ó's doilghe na déidhionaigh, nach smúain an t-imneadh oile fúair inghean ar nAodhaine. Dana.
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cc. Rob soruidh t'eachtra, a Aodh Ruaidh, an Coimsidh do-chí ar n-anbhuain, gabhaidh sé t'innfheitheamh air, go mbé ag rinnfheitheamh romhaibh. Ná tí ribh, a rí Suca, triall sonna i sín gheamhruta, amuigh ón chuainsin Chliodhna, tar muir nduaibhsigh ndoighiordha. Dia dot eadráin san amsa ar ghluasacht ngaoth ccodarsna, ar ghoin n-ainchridhigh gach fhir, 's ar mhoir n-ainbhthinigh idir. Go ttréigitt a ttrealbha laoch dea séite na síonghaoth; go ttille an ghaothmhuir a geóin, nach saobhthuir inne an aeeóir. Go mbé an toice, a thriath Gaillmhe, duitse ag crúdh gach comhairle; ná deach faoibh fréamh ar ndoibheart, rob sén daoibh do dheóraidheacht.
Rob suilbhir aghaidh gach fhir róibhsi, a rí rátha Sligigh, títhe orláir do ghruadh ngeal, rob tuar soghráidh a silleadh. Gibé rabh a rí Chonaill i n-aincheas bhar n-urfhoghaill go mbé a chroidhe gá chrúdh sin le rún toile dot thuigsin. Rob gar leigheas dar leónadh, sgeóil dá ttiocfa ar ttaithbheódhadh, go mbeidh oraibh dá reic ruinn, rob soraidh dheit gach dodhuing. An énlong lér imthigh sibh, na coill bhárc bhréideadh súaithnidh go ttargha an luingsin tar lear, go hadhbha ttuirsigh tTailltean. Gá ttú acht as tingheall sláinte do thoisg, nó as tuar anbhfáilte, gibé thí do thaobh t'eachtra, do shní, a Aodh, ar n-aigeanta. Na laoich, a llos a n-annsa, na mná, na meic eaccalsa, clanna ar saor, meic ar moghadh, dheit, a Aodh, fá énomhan. d'furtacht shleachta Gaoidhil Ghlais tar muir ón tráth do thriallais, atáid croidhe sonn gá sníomh le trom n-oire gach airdríogh. Atáid m'ionnsamhla eile, atúsa, a Aodh, d'áiridhe, dom buing do bhithin t'eachtra i ttuinn fhichidh mh'aigeanta.
Ní chorraigh muir nach measg sinn, ní éir gaoth nach gluais mh'intinn, ní aithrigh síon séis mbuinne nach sníomh dot éis oruinne. Ní hé aithbhear bhar n-olc féin, ní hé ainbhthine an aeéir do chor ort budh urlamh linn, acht turbhadh d'olc na hÉireann. Inis Chuinn do chleacht leónadh, gá ttám as dí theigeómhadh, dá ttíste ruibh god rochtain tar muir ngríste nguasachtaigh. Do cuireadh clódh a teadhma uaibhsi a n-ucht na cinneamhna, do fhéch sibh do chríchsi Chuinn, dá ndigh díbhsi, a Uí Dhomhnuill. Mór dá haos cumtha archeana do chuir a n-áit oidheadha an bhréiginsi lér fhaoi Art, ar aoi a héiginsi d'fhurtacht. Iomdha imshníomh fhuair fá a ceann Tuathal Teachtmhar, triath Éireann, ar ttocht tar muinchinn muire d'oirchill a holc d'iomghuire. Cuairt dar chosain a heineach do-rad Conghal Cláireineach, go ttug gleó eidir ghleanntaibh tonn, nár theó i tteanntaibh na tiomcholl. Eoghan Mór mhac Mogha Néid, do-chuaidh trá toisg a leithéitt, don talamhsoin gar thriall sibh, ó fhiadh fhalarsaidh Uisnigh.
Ríghe cogthach Chláir na Niall, lingis Mac Con mac Maicniadh rinn ghlasmhuire ar aba a huilc, amhsoine as fhada iarmuirt. Tusa, a rí fhréimhe hEachaidh, ag triall ar iocht éineathair, gé meastoir do thocht a tteann, do dheasgaibh olc na hÉireann. Atá san luingsin tar lear oireachas Insi Gaoidheal, a síodh, a guaisbhearta, a glóir, díon a huaisleachta, a honóir. Go bhfille ar sliocht Gaoidhil Ghlais, a mhic Aodha, a ua Mhaghnais, rob dimbríogh gach tonn dá ttuil, gach imshníomh sonn rob soruidh. Rob soruidh.
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird. Truagh do chor a chroidhe tim; beag an díoth t'olc no t'inghreim: ón mhéid toirbhire do thoil téid bhar n-oirbhire a n-asgoidh. Urusa t'ionntódh ar ais, mór do-gheibh fios bhar bhforais; truagh do chor, ní cás do shíodh, gá ttás do dhol a ndeimbríogh. Ná seachnadh duine ar domhan bhar ngríosadh, bhar ngortoghadh: as t'uchd ní hintinn meisi, gá dulc t'inntinn uaisleisi? Gibé sgél do reacadh ruinn an tráthsa a ttaobh Í Dhomhnuill, mo náire 'na amhghar ort, adhbhor gáire do ghluasocht. Do-chím tar chenn gach diomdha uaim dar thuill mo thighiorna ar a chneidh nach coduil sibh, neimh bhar gcoguidh do-cíthir. Caidhe an chúis do chuiris róibh, caidhe an uaisle no an onóir, caidhe an fhearggomh ané anois, más sé do threaghdadh tárrois?
A ndíaigh a n-abruim oruibh, a chroidhe bocht banamhail, fa fhlaith sriobhshrotha Sligigh, maith t'ionghotha im fhoighidin. Lámh Í Dhomhnuill Dúna ós Sáimh d'easgor más fhíor san Eadáill, cúis bhar n-amhluaigh ós sí soin, ní hí an anbhuain gan fhochoin. Gidh eadh, ní hé h'eagla féin budh cás libh, gér lór d'oilbhéim, achd don triall tarla roimhe, 's d'iath Bhanbha go mbeanfoidhe. d'éis a ndearna go nua anois san easgor fuair flaith Bearnois, gá ttás robadh soiréidh sionn achd cás oiléin na hÉirionn. Gibé mar tá ar reacadh ruinn dá gcluineadh críoch Clann gConuill, do mheasfadh a míobhuadh féin, an easghlan shíodhfhuar shoilléir. Dá gcluineadh sliocht Gaoidhil Ghlais a gcuala ó mhac mheic Maghnais, budh mór bhfáth gcomhrúin fá a cheann ag bláth fhionnmhúir na hÉireann. As sé adéara gach duine, dá bhfilltí réim Rudhruidhe cía linn do laoidhfidhe anocht, ó saoilfidhe inn d'fhurtocht? An Coimsidh do-chí bhar ndáil, a chríoch Mhac Míleadh Easbáinn, go bhfégha ort is oirne, sgéla ar olc nár fhaghoimne.
Bíodh nach cás ar dearbhadh dhúinn, bíodh nach budh filleadh fortúin, iomdha anoss fá dhoghruing de, 's ní a los Í Dhomhnuill Daoile. Easgar láimhe laoich Éirne tug ar chridhibh coimhéirghi: an teidhm tárra go ttí uadh, ní bhí achd námha léan neamhthruagh. Truagh.
Fúarus iongnadh, a fhir chumainn, cádhus úatha ní fhúair mé, na dáoine dar dhúal ar n-ionramh, as úar náoidhe an t-iongnadh é. Meisi folamh, féch nach diongna, 's dáoine dáora ar nár dhúal gean sunna ón Spáin ag agháil ionnmhuis a n-anáir chláir bhionnghlais Bhreagh. Mná anúaisle buirb is bathluigh a mbeartaibh óir san aird thall atáid trá agus sinn gan édáil, dar linn atá égáir ann.
Re foluibh ísli fhuinn Luighdheach dár las um chorp crithir thnúidh, a mhic Fíthil ó íadh Énna, grían do dhíchil déna dhúin. A cheinnbhile chathrach Túama, tuig cheana nach cubhaidh rinn gan bheith a ngoire d'fuil úasail, cuir ó chroidhe súasuin sinn. Thíar do fhágbhus earr mo chonáigh, mo chéidní ó do chaith mé; má atá do thal leam, a Fhlaithrí, budh geall damh ré haithní é. Nír bheag let athair mar iongnadh gan m'ana ag fás, foirfe an coll, is toice ag fás ag mac moghadh, a shlat dár fhás toradh trom. Cing Artúir, úaithne na talmhan, trén ar an mbioth dobhí sé; teacht 'na dhál do dhligh gach duine, do thil clár na cruinne cé. Bíadh ná cuirm ní chaitheadh Artúr gan iongnadh núa, núaidhe in barr, go hég íar rúachtain san ríghe, gég úachtair na tíre thall. Ní léigfind dó, díochra an bhríathar, dá mbeinn ann an úair do mhair, rí an chruine na ccosgar ccoimhthe, luighe is trosgadh oidhche air. San Bhord Chruinn ar chomhair Artúir do inneósuinn a hucht m'ord mé fá bhrón tré bheith a n-anchruth, is ór ar breith bathlach mborb.
Do chaithfiodh a chuid ó'd-chluinfeadh clanna ladrann lán do mhoirn, is méd mh'anshóidh fá fhuil nGáoidheal ní fhuil anóir áoidheadh oirn. A ccúirt Labháin na learg ccorcra ar comhroinn thoir atá mé, mar tám is ionnsa lem aithghin, nár liomsa dom aithribh é. Atá seanbháidh ag slait Thúama risin ttreibh ó ttáinig sinn, má tá sin a mbun na báidhe, do dhligh cur a láimhe linn. San aimsir dob ollamh fileadh Flaithrí mac Fíthil fúair áoibh, dobhíadh connailbhe 'na chroidhe, sgíath comairghe Mhoighe Máoin. Reulta eólais érlamh nUisnigh, airdeasbag Connocht, cruth fíal, sáoi do mhol gach file fíre, cridhe sgol na tíre thíar. Éigne Bhúille, bradán Chonga, craobh do lubhghort leasa Té, ésga órrtha ar nár fhás dubhadh, sás mórtha na n-umhal é. Sruith díadha nach dearna formad, flaith corónta chosnus tnúdh, buinne milis a táobh tolcha, iris náomh nach ronnfa a rún. Ua Cuinn chédchathaigh Cnuic Mhaisdion, mac Onóra, eineach búan, tamhan úr ón Bhanbha bhráointe, rún m'anma, fáoilti nach fúar. Fuar.
Mag Aonghusa, aigneadh faoilidh, fáilte ghnáth do-gheibhinn úadh, dobhíodh a thoil ar tí a dáilte, nírbh í soin an fháilte fhúar. Conn mac Í Rúairc na renn ndoinnte, damhna Connocht, cneas mar úan, a dhá chaomthach re feadh bfaghla, cáolshruth sean is adhbha fhúar. Téighim tar teaguscc na n-easbal tre aithighidh na n-olc mbúan, eagal mo char as a chumann, ná rabh Peadar umam fúar. Fúarus. Fearghal Óg Mac an Bhaird cct. Slán agaibh, a fhiora Mumhan, meanma fhuirigh ní fhuil fúm: do-ghéan an uairse ar fhiadh nOiligh, triall uaibhse gé doiligh dhún.
Mo shlán agaibh re hucht m'eachtra, ós éigean damh dul budh thuaidh: re dul go Doire, is dál abaigh, slán ó chroidhe agaibh uaim. Fiora Mumhan na múr sochraidh, sluagh síthe ag nach saoghlach fíon, laoich danab dual dál a mbleidheadh, slán uam ag gach deighfhear dhíobh. Tearc tír badh cuirthe 'na coimeas, clár Mumhan is míne gné, uaidh ó tám ag clódh don chúigeadh, gan slán d'ól ní fhúigeabh é. Ó táim ag triall go Tír Conaill - críoch mic Maicniadh na múr dtais, slán don tír fhionnbhothaigh ealaigh mhín tiormshrothaigh greaghaigh glais. Slán dá dúintibh is díol seirce, slán dá haibhnibh nách ard nglóir: meinic dámh uaidhe gan easbaidh, slán uainne dá heasgraibh óir. 'Na mbothaibh dobhínn im luighe, mo lucht cumainn, cead a luadh; trágh ar a n-inntleacht ní fhaca, slán ré n-imtheacht aca uam.
Beireadh Peadar is Pól easbal d'fhéachain nimhe na naoi ngrádh - bíd tar cheart ag labhradh linne - tar neart m'fhaghladh sinne slán. Slán. Fearghal Óg Mac an Bhaird cct. Truagh liom Máire agas Mairgrég, ní beó bláth na n-umhailghég: do chuir siad a nduilli dhíobh, dá bhuime iad don imshníomh. Faríor, faríor, nocha nfhuil braon 'na ccroidhibh ón chumhaidh: dá sheisi shuadh fhóid Uladh, truagh mar táid ar ttiormughadh.
Ionand toirrsi dhamhsa is dóiph, Aodh Ruadh céd-damhna ar cciachbhróin, Rughroidhe Cabha dár ccrádh, mana turbhuidhe a thérnádh. Tréd bhocht gan aodhaire inn. Cathbharr, cend einigh Éiriond, fá líg thrá, ga truaighe dál, atá uainde san Eadáill. San Eadáill na n-eas dtana, ionand is ég Nualadha, atá géis chnómhoighe Chuinn, cróluighe dhá héis oruinn. Nualaidh dhuaislíonmhar, dóigh cháigh, mairfidh go laithe an luanbhráith, tosach garma chrú gCriomhthain, clú a hanma idir Eiriondchaibh. Do beanadh dhínn, dia do chor, abhus ar tús, tuar cumhadh, súil mhallghlas dar chreite a ccath, Maghnas eite na nUlltach. Ar Mhaghnas mac Í Dhomhnoill, a ccrích Uisnigh iobhardhuind, cuire a chomhaoisi nír chinn, ro-Naoisi fola Feidhlim. Ceithre héigneadha ón Bhóinn bhrais, ceithre mic d'Aodh mac Maghnais, cuan dreagan nár dháil a rún, dháibh nír bh'eagal acht iomthnúdh. Ní faicfidhear, foirbhthe an béd, lorg a ccraoitheadh ná a ccroimsdéd fán Eithne, fán Máigh mallfhuair, ceithre cráidh an Chonallshluaigh.
Seabhaic uaisli Innsi Fáil, ceithre creacha chnuic Chruacháin, ceithre troimchreacha Teamhra na doindchleatha doigheardha. Iongnadh Máire do mharthain, 'sna haibhne nach ionarthroigh, as fiodhbhaidh chríon chraoi Uisnigh do shíor ag caoi an cheathrair-sin. Ní filltear fiodhradh abhla le hubhlaibh feadh fionn-Bhanbha, ná fiodhradh chaillghég le cnoibh, iongnadh Mairgrég do mharthain. Ní hí Mairgrég ná Máire chaoinim, is cúis diombáighe, acht an cor-sa ar cró na bhFionn, mó sa mhó osna Éiriond. A gceithre dearbhbhráithre ar ndol, Máire is Mairgrég mhúir Chruachan, cosg ag dol do shíor ar shuan, a ccor fa ríor is rothruagh.
A fhir ghlacas a ghalldacht, bhearras an barr bachalldocht, seang-ghlac atú do thogha, ní tú deagh-mhac Donnchadha. Ní thréicfea, da madh tú soin, do ghruag ar ghalldacht thacair - maisi as fhearr fá fhíadh bhFódla - 'sní bhíadh do cheann corónda. Ní modh leatsa an barr buidhe; fuath leision na locuidhe, is bheith maol ar ghrés na nGall - bhar mbés ar-aon ní hionann. Fear nár ghrádhaigh an ghalldacht Eóghan Bán, searc saor-bhanntracht, don ghalldacht ní thug a thoil, an alltacht rug do roghain. Ní bhean th'aigneadh d'Eóghan Bhán, do-bhéradh brísdi ar bhegán, fear nár iarr do chlóca acht ceirt, lé nár mian cóta is coisbeirt. Fuath leis ar chaol a choisi mionn sbuir ar bhróig bhuataisi, nó sdocaidhe ar sdair na nGall; locaidhe air ní fhágbhann.
Ráipér maol nach muirfeadh cuil, ní maisi lé mac Donnchaidh meadh meanaidh thiar ar a thóin, ag triall go tealaigh thionóil. Beg a brígh a mbrat órdha, ná a mbanna ard sholónda nó a bhfail óir far ghabhtha ghoimh, nó a sgarfa sróill go sálaibh. Dúil a leaba chlúimh ní chuir, annsa leis luighi ar luachair; teach garbh-shlat ná táille tuir, sáimhe lé dagh-mhac Donnchaidh. Bró mharc-shluagh ar bhrú mbeirne, troid gharbh, comhlann ceitheirne, cuid do mhianuibh meic Donnchaidh, 's gleic d'iarraidh ar allmhurchaibh. Ní hionann is Eóghan Bán gáirit 'mad chois ar chlochán truagh nach bfacas libh bhar locht, a fhir ghlacas an ghalldacht.
Laoiseach Mac an Bhaird cct. Mochean duitsi, a thulach thall, fád thuisleadh ní subhach sionn; damhna sgíthi do sgeach dhonn, cleath chorr do-cíthe ós do chionn. Sgeach na conghára, crádh cáigh, 'na háit comhdhála do-chínn; buain na craoibhe, mo lá leóin, daoire 'na dheóidh mar tá an tír. Dubhach mo chridhisi um chum fád bhilisi, a thulach thall; an chleath ó bhfaicinn gach fonn, do sgeach chorr ní fhaicim ann. Dobhíoth dhamh ag dénaimh eóil, an ghégsoin fá gar do mhaoin; fada siar ón tírsi thuaidh aniar uaim do-chinnsi an gcraoibh. An ghaoth ar bhfoghal a fréamh, craobh gan bhloghadh doba buan; ní tearc neach dá ndearna díon, sníomh na sgeach fá teadhma truagh. Gég chruthach bá corcra lí, mé dubhach má dol fá dhlaoi; mairg nár smuain ar dhaoirsi nDé, 's go bfuair mé fád chraoibhsi caoi.
Do teasgadh ar n-aoinchreach uainn, an chaoimhsgeach dob easdadh d'eón; sgé a samhla níor fhás a húr, dhúnn go bás badh damhna deór. Mo chréidhim go bruach mo bháis, mo-nuar nach éirghionn ar-ís; ní fhaicim cnoc na gcleath gcnuais nach gluais lot na sgeach mo sgís. Cnoc na gconghár, crádh na sgol, a n-orláimh námhad a-niodh; d'éis a learg as dubhach dhamh, tulach ghlan do chealg mo chion. Mo.
Mochion dot bhronnadh, a Bhriain, a mhic na flatha a finnChliaigh, a aistrigh an toirbheirt truim, h'aisgidh badh oirdheirc aguinn. Ní chuala go bhfuair ollamh meadh don aisgidh fhuaramar; dot ghruaidh ttaidhleach téid a mheas tar mhéid ainbhreath na n-éigeas.
Cearc Bhoirche fhréimhe Rosa, fhuair clú d'fhine Fhearghosa, gér chúis iomráidh a hainm sin, ní gairm ionráidh mar aisgidh. Ó Mhaoil Sheachluinn eacht oile d'ardollamh fhóid Ughoine, nírbh iongnadh, tarla ar a thoil, fionnbhrugh Banbha ré bliadhoin. Nír chosmhail a chur a suim síneadh cinn do Choin Chuluinn, d'fhior tuaighe táinic tar sál, ó ráinic uaidhe iomshlán. Eochaidh éachtach na n-arm nglan, ní thug acht éanshúil d'ollamh, giodh toirbheartus do thuair teann, le bhfuair oirdhearcus Éireann. Do dhearlaic sibhsi, asé a shuim, tré bheith 'na n-amhghar oruinn, do dhá ghoirmdhearc dhamhsa am dhall, almsa bhus oirdhearc agam. Do-bhéaradh, a bharr na mionn, dámadh leis aoibhnios Éirionn ar son a radhairc, rún grinn, dhúnn, 's a thabhairt fá thuairim. Gi-bé do bhronn a dhá rosg, fá chrodh ní cóir a theagosg, barr gleannach dá ttarla ar ttol, eallach Banbha do bhronnfadh. A ttugsat cách, beag a bhrígh, d'Aithirne is d'Eochaidh Éigsín, ar mheas lóigh na ngormrosg nglan an dornasg óir níorbh iongnadh.
Ní thuigim nach feart féile fuarus uait gan aimhréidhe, do radharc, a thaobh mar thuinn, 's an t-amharc mar aon aguinn. Gá ttám ris, ní rádh bréige, go bráth, a mhic Mairgréige, biad mar mhalairt, más lór lat, do lógh bhur n-amhairc agat. Go n-íoca Dia red dhreich ndil bronnadh lé léighim litir is ré sgríobhuim seal mar so is mochean d'fhíorroinn m'anmo. Mo.
A Niocláis, nocht an gcláirsigh! léig imtheacht don fhuaráin-sin; seinn ilcheóla naoidhe anos, faoidhe ó n-imtheógha m'fhiabhras.
Aisdrigh na slighthe seanma, tráigh ar ttuile mímheanma, coisgthe dheid d'eólchaire inn, leig don cheólchroidhe cuislinn. Toigébhaid téda do chroinn seól aigeanta d'aos mearbhaill; lúth na healbha ót ocht méraibh, socht ar meanma moisgélaidh. Mná ré n-iodhnaibh, aos galair, codlaid léd cheól síodhamhail; an tráth nochta an gcruit gcoraigh, luit chorcra ní cronaghair. Ní thabhair aon dá aire an nasg do-ní an sgallaire, ré bruach bhar srotha seanma, náid gotha cuach gCéiteamhna. Cia an díthreabh nó an dionn folaigh, cia an síodh trá a ttarrabhair barr do chara ar an gceól gcrot, nárbh eól dá rabha romhat? An í do mhúin díoghrais duit, lámh Chraiftine an cheóil ordhruic, siansa do mheóir ar mhodhaibh, nó is d'iarsma cheóil Chaschoraigh? Nó an gcualabhair cuid dár sheinn an tí rug ó dhoilbh Doirinn, lér lean sibh an séis bportaigh ó sin tar éis Ábhartaigh?
Nó an é fós fuarais d'oide rí an chiúil, céile Bhláthnaide, dá gcoimhchreideadh an fáidh Fionn, tar bháigh oirfideadh Éireann? Nó an tnúth oirfideach oile dá raibhe a tTír Tarngaire do chuir as na síodhaibh sibh, a ndíoghail do chuir chaoinchigh? Más don fhior as fhearr cridhe gealltar an ghlóir ainglidhe, fear do dhaigcridhe do dhligh neamh, a Chraibhtine Chaisil. Balsam cobhartha cédfadh, liaigh don teidhm nach taisbéntar, cosg fiabhrasa ré bél mbáis, do mhér niamhdhasa, a Niocláis.
Fear Flatha Ó Gnímh cct. Beannacht ar anmain Éireann, inis na gcéimeann gcorrach: atá Treabh Briain na mbogglór dom dhóigh ar dhobrón torrach. Ionann is éag na Fódla ceilt a córa 's a creidimh, táire a saormhac 's a saoithe, más fíor laoithe ná leitir. Deacair nach bás don Bhanbha d'éis an tréid chalma churadh do thriall ar toisg don Easbáin mo thruaighe beangáin Uladh. Ní leigeann eagla an ghallsmaicht damh a hanstaid do nochtadh: atá an chríoch réidhse ríNéill do chrú fíréin dá folcadh. Ni fhuil cion innte ar fhéiltibh, ní fhuil ná ar chléircibh caingean, ní mhaireann greann a dáimhe, ní mhaireann náire a hainnear.
Atáid gan lúth gan lámhach, mór an t-árach ar Éirinn, gan ágh gan innmhe ógán i n-Inis fhódbhán Fhéilim. Dursan milleadh na macaomh, díorma ghlacshaor chleas ngoile: craosól ag clódh a gcéille, ag sin a dtréidhe oile. Ní mhaireann aicme Chonaill, dream budh rothoil i n-iomrádh, no síol Eoghain na mbéimeann - d'fhearaibh Éireann is iomnár. Ní mhaireann acht a n-iarmhar crú na n-iarladh ó Sheanaid laochraidh Máighe agus Méinne mo thruaighe gléire Gearailt. Clann Charthaigh gan cheann feadhna, mór na teadhma ré n-aithris: ag so na síona saobha - dobudh baoghal teacht tairis. Dobudh mór an meall dearmaid gan saoirshliocht seanBhloid d'fhaisnéis caor rathmhar gan rún cionnta gion go bhfuil ionnta aithspéis. Ó Ruairc agus Mág Uidhir, laoich nár fhuirigh ó ghábhadh; is cealgach croidhe an chriothshluagh, mo bhraon diombuan a mbádhadh. Síol gConchubair, rádh rodhocht, ríoghraidh Connacht anallód, giodh saithe saor na slata, gan ríghe aca acht anshódh.
Sliocht Murchadha is Ó Mórdha, féinnidh fá cródha i ngliathaibh, tearc aoinneach don tsíol shaoróg 'gá bhfuil aonfhód dá n-iathaibh. Síol na saorchlann ó Bhéarra, laochraidh gan éara i ndeabhaidh, do chuir mé ar caoi mearbhaill, Ó Cearbhaill is Ó Ceallaigh. D'éag a huaisle 's a hoireacht gan toidheacht aice ón oilbhéim, dá lamhadh sinn a mhaoidheamh, d'fhine Gaoidheal is oilchéim. Atá ó bhéim súl Balair i dteidhm galair a gealghort a hioth gan bhláth i dtalmhain bíodh ar a hanmain beannacht. Beannacht.
Cuimseach sin, a Fhearghail Óig, fuarois tiodhloicthi ón Tríonóitt; gan feidhm ndaghoide ar do dhán ag deilbh ghlanoige ar ghearrán. Gan boith ndiamhoir, gan deacoir, cead áinis as airdcheapaidh, scor raifhérach, radharc cnoc, amharc aiérach accat. Donnchadh Mór bu mhillsi dán, Giolla Brighde is beó iomrádh, días do thobhoigh grádh dá ngaois, dán ar conair ní cheapdaois.
Ní bhiadh ag feithiomh gach fuinn cnuasach milis mheic Cearbhoill, fa Chluain Fraoich gér saoi soinnimh gan chnaoi ccaoich 'na chrobhoingibh. Bliadhain iomshlán d'Aonghas Ruadh re hucht ngill ar ghrés n-ionnfhuar; níor thaobh re mailís molta an fPailís chaomh chlárchorcra. Níor chum Sgolb, in dá rinn róibh, saoi gan énlocht, nó an t-Órthóir, dol tar a riaghail d'ágh ort, dán gan diamhoir gan dorchacht. Ní gluaisti le Gothfroidh Fionn dán ar nach dénadh dítheall; re blaosgach dobhiadh folamh riamh dob aonsgoth ealadhan. A leapthaibh dhénta duan ngill aghaidh Thaidhg Óig Í Uiginn, ní hionand méin duitse as dí, dá huiscce féin do foilcthi. Misi féin dá ndearnoinn dán, maith leam - lughoide ar seachrán - bac ar ghriangha um theachta as-teagh, leaptha diamhra 'gar ndídean. Eadrom is eatoil ghlana muna n-iadhoinn m'aphradha, mar dhlaoi díona ar lés an laoi díogha dom ghrés do-ghéntaoi. Ni hionand gnáth damhsa is duitt, dá ndeachoinn do dheilbh adhmoid, fada m'uain ar aoidhidh roinn, uaill as mo laoidhibh locoim. Coimseach sin.
Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais: rug ar Bhanbha mbarrúrthais nach dualghas athar is fhearr i n-achadh fhuarghlas Éireann. Do héirgheadh dhóibh thuaidh is teas nach bí ar breith don ord éigeas labhairt ar oigdhe a n-aithreadh: malairt oibre ionnsaighthear. Ní sníthe snátha an fheasa, ní leanta craobh choibhneasa, gréas duan ní déanta d'fhighe, luadh dréachta ní dlighfidhe. An céidfhear do-chuaidh re dán, mairg dó nach dearna a chlaochládh: neamhshuthain an céim ro char: béim bhar n-ealathain d'ollamh. Dursan nár mhúin oide an fhis riadh stéad nó stiúradh loingis, nó snaidhm chéacht i ndeaghaidh damh, d'fhearaibh na ndréacht do dhéanamh.
Mairg d'ollamh dá nárbh aithnidh ceard nábudh cúis iomaithbhir, d'uaim chláraidh, do dheilbh dhabhcha, sul tárraidh feidhm foghlamtha. Ní fhuighthe ar uaim na rithlearg umhla ó fhearaibh ísilcheard; monuar gan aoibh na moghadh 'gan chaoir shuadh ar shaothrughadh. Tairnig onóir na héigse, teasta cion an choimhéidse, 'na gcriadhairibh oir gurbh fhearr do sgoil fhiadhoirir Éireann. Ná gabhaid chuca seach cách dísbeagadh a ndréacht neamhghnáth: ní dóibh a-bháin do-bhearair táir, acht don ghlóir Ghaoidhealaigh. Ní dá n-oirchiseacht d'fhéin Ghall chaomhnaid séada sluagh bhFréamhann; an deaghshlógh nach dáil a gcródh, dáibh is neamhlón do-níothar. Do dhul a-mudha don mhaoin, do bhuain a n-ionnmhais d'aontaoibh don mhacraidh bheannghairthe Bhreagh, bacthair dearlaighthe dhíbhsean. Do thrághadh a dtonn meanma, do cheilt chroidheadh n-aitheardha fá fhéin Bhreagh na mbrat srólltais, do bhac cean is chomórtais - Do mhionughadh na mac ríogh, cuirthear na duana i ndimbríogh, d'fholach ceirt na ríogh reampa, do cheilt na ngníomh nGaoidhealta.
Gaoidhil uirre ó do hagradh, cia haca is fhearr caradradh, nó is lia do fhóir an éigse, cia dán cóir a coimhéidse? Ó rug éigeantas ortha, déanta don druing fhoghlamtha an tslighe do-roinne riamh i gcoinne fhine Irial. Ó's aca tar fhéin mBanbha tarla tús na healadhna - síol Róigh na sliomaitreabh sean - tiomaintear dhóibh a deireadh. Éigean dóibh, dá dhearbhadh sin, dá chéad déag draoi do dhraoithibh, do dhíoth chothroim eacht oile, teacht go rochloinn Rudhraighe. Triall isan dturus gcéadna do sgolaibh fhóid fhinnShéadna go mac Fir Dhorcha dlighthir, ór ligh ortha d'éilighthibh. Do léigeadh breith an bháire go heisiomal aonláimhe, gurb é féithleann Chláir Chobha dáibh is éincheann urrumha. Mág Aonghusa is é thargaidh sgol Teamhrach do theasargain: re buige nó re cruas gcáigh chuige do-cuas dá gcongbháil. Mar do-gheibh geall gach aoinfhir feadh cruais sleachta seanGhaoidhil, dobhiadh barr ar fhéile ag Art, an tann budh déine an daonnacht.
Mac Fir Dhorcha ag dáil a shéad, seoid cháich dá gcur i gcoimhéad; cách ag congbháil an taigidh, bláth an domhnáin dearlaigidh. Oiread ar imthigh d'fhéile a croidhibh chlann saoirChréidhe, i n-aonchroidhe ag Art do an, tar smacht laochraidhe Lundan. Rug ar aithris Chon na gcleas do thigh Airt an t-ord éigeas dóigh a-nú agus a-nallain do chrú Róigh do-rónamair. Mairg.
Fúar liom an adhaighsi dh'Aodh, cúis tuirse truime a ciothbhraon; mo thrúaighe sein dár seise, neimh fhúaire na hoidhcheise. Anocht, is neimh rem chridhe, fearthar frasa teintidhe a gcomhdháil na gclá seacdha mar tá is orghráin aigeanta. Do hosgladh ós ochtaibh néll doirse uisgidhe an aiér: tug sé minlinnte 'na muir, do sgé an fhirminnte a hurbhuidh.
Gémadh fíaidhmhíol a bhfiodhbhaidh, gémadh éigne ar inbhiormhuir, gémadh ealta, is doiligh dhi soighidh ar eachtra an úairsi. Sáoth leamsa Aodh Mhág Uidhir anocht a gcrích chomhoidhigh, fá ghrís ndeirg gcáorshoighnén gceath fá fheirg bhfáobhoirnél bhfuileach. A gcóigeadh Chloinne Dáire dursan linn dár leannáinne idir dhorchladh bhfúairfhliuch bhfeóir is confadh úaibhreach aieóir. Fúar liom dá leacain shubhaigh fráoch na n-iodhlann n-earrchamhail, ag séideadh síongháoth na reann fá ríoghláoch ngéigeal nGaileang. Sáoth linn, do loit ar meanmain, learg thais a thaoibh míndealbhaigh 'gá meilt a ngrúamoidhche ghairbh, a mbeirt fhúarfhoirfe íairn. Bos tláith na dtachar n-édtláth, síon oighridh dá fhúaighealtáth re crann rionnfhúar gcáol gceise ionnfhúar dh'Aodh san oidhcheise. Nárab aithreach leis ná leam a thurus timcheall Éireann; go ndeach tharainn - ná tí m'olc - an ní fá ngabhaim gúasacht. Dá dtí ris an toisg do thríall, do chur chúarta Chráoi Mhaicniadh - ní tháirtheamar séd mar soin - créd acht snáithghearradh sáoghail?
Líonaid re hucht na n-ánrath brúaigh ísle na n-úaránshroth; clúana sgor fá sgingbheirt reóidh dá gcor tar inghelt d'aimhdheóin. Folchar a gciomhsa cheana, nach léir do lucht foirgneamha brúaigh easgadh na ngríanshroth nglan, seasgadh fíanbhoth ní fédtar. Eagail dó, díochra an anbhúain, coill eachraidh is aradhshlúaigh, sul dighthir tar síothLáoi síar, a slighthibh míonchráoi Mhaicniadh. Ní hé budh uireasbhaidh linn, a thurus an tráth smúainim; lór do chor chúarta ar gcridhe gomh fhúachta na haimsire. Gidh eadh, is adhbhar téighthe dhá ghnúis shúaithnidh shoiléirthe slios gach múir ghormsháothraigh gil 'na dhlúimh thonngháothmhair theintigh. Téighidh teannál an adhnaidh sging reóidh an ruisg shocarghlain, geimhle chuisne a chorrghlac ndonn, donnbhrat luisne nos leaghonn. Seachnóin Mhumhan na múr ngeal iomdha ó airgtheóir fhuinn Gháoidheal cúirte brúachnochta a mbeirt smóil, ag ceilt fhúardhochta an aieóir.
Iomdha ó chuairt Aoidh Mhéig Uidhir feadh íarthair fhóid fhionnfhuinidh cúirt 'na doighir, ní díoth núa, críoch gan oighir gan íarmhúa. Fuar. Ionmholta malairt bhisigh: tárraidh sinde 'san amsa iomlaoid go suarrach sona, do-chuaidh a sochar dhamhsa. Do thréig sind sreatha caola foirceadal bhfaobhrach ffrithir ar shórt gnáthach grés robhog, is mó as a moltar sinde.
Le dorchacht na ngrés snoighthe dobhínnse ag tuilliodh gráine: fa hí ughachta mhóráin nár dhíol róghráidh ar ndáinne. Maithim, giodh mór an sonas, énbhonn feasda dá thoradh, má théid énrand gan tuigse dom dhánsa ó dhuine ar domhan. Dán bog ar bhél na slighiodh, ós é anois siorthior oraind, cuirfeadsa dhíom na fiacha go ccead d'iarla Chlann gConaill. Mo gheallsa ar bhuga ar mhaoile ní bhérdaois daoithe an bheatha: do-chuaidh mé, maith an tuicsi, le cách fá uisge an cheatha. Do thréig mé - gá mó sonas? - mo shlighthe docra diamhra: dá ccluine cuid dar ndáinne, beanfaidh gáire as an iarla. d'eagla mo chora as gárda ón mhéid dá ttárras loise, diúltaimse flaith ó gConaill do dhol oraind a ccoisde. Is iomdha tré dhán bhfallsa lán dom annsacht a mbliadhna: do thuillfinn tuilleadh ceana muna bheith eagla an iarla. Mac Aodha, aigneadh fosaidh, fear ler robhog ar ccruaidhne, ní cás dúinn dénamh tapaidh, ó tharla a Saxaibh uainne.
Beag nach brisiodh mo chroidhe gach dán roimhe dá gcumainn: is mór an t-adhbhor sláinte an nós so táinig chugainn. Dá lochtaighe triath Bearnais énrand dá ndealbhthor linde budh iomdha ag cor 'na aghaidh - ionmholta malairt bhisigh. Ionmholta.
Ó Heóghusa .i. Eochaidh cct. Ní mé bhur n-aithne, a aos gráidh, ná sginnidh re sgáth seachráin: fúar dár seisi im ionad ionn, spiorad mheisi nach maireann. An dóigh libh, a lucht m'fhéghtha, nach taidhbhsi a ttruaill aiértha, nó spiorad anma fhallsa, tarla im ionad agamsa? A aithne as éidir dhamhsa, sibh gan fhíacha oramsa: dá mbeth cás fám ég oruibh mo bhás créd nach cúalabhair?
Trúagh sin, a dhaoine dona, do cláochlódh bhur ccédfadha; as eadh tharla am ainmsi ann, taidhbhsi anma gan anam. Ní misi an duine as dóich libh, adhradh dhamh as díth creidimh: taidhbhsi buile gan aird inn, a Mhuire! as mairg do mhillfinn. Dá bhféchtha fir na cruinne, annamh fúair dúil daonaidhe dá ré ar an saoghal acht sinn - do náomhadh mé má mhairim. Gidhbé adéradh nach deachadh, ní fhuil ann acht aimseachadh: ní tráth damhsa a rádha rom, cára almsa rem anam. Creidim féin go bfuaras bás, cumhain liom an lá theasdás, ar son an mhéda mharas, ag cor mh'éga a n-amharas. Ní hanbhúain, ní hiomlat mbáis, rom mharbhsa, acht meisci shóláis: ní sgís meanma - ga mó broid? - ní ró teadhma ná treabhloid. Más dúil do dhúilibh nimhe tug lé taibhreadh n-ainglidhi goid mh'anma gan iodhna báis, iongna damhna mo dhóláis.
A radharc ó ránuig sinn, uch, a Chríost, créd fá mairfinn? - dúil do mharbh an uile fhear, as duine marbh nach muirbhfeadh. Ní tonn líonmhar leanna duibh, ní neamhgrádh neith ar talmhain, ní hannsa duine - ga dás? rom dhallsa uile acht úathbhás. Ar n-éirghe as an riocht reimhe - creididh sinn go simplidhe: do mharbh sé don úamhain inn - do-chualaidh mé go mairim. A hégosg ní fhidir mé, ní fhéd súil silleadh uirrthi: a hamharc gin gur fhéd sinn, a radharc do fhég mh'intinn. Ó's síabhradh meallta meisi, gan súil éirghe ón ainccisi, nár fhaice súil éinfhir í, an dúil chéillidh ad-chluintí. Ar ttaithbheóadh suil tí dhi, Día dár n-anacal uirrthi: ní tharla cás roimhe rinn, an bás oile 'nar n-oirchill. Cíall mh'anma an uair do mharas, tearc eólach 'na amharas: sadh gá mbí ciall agus cruth iar agus í gan fholach.
T'aire riomsa a rí ó nUidhir, égnach cáigh ní cuirthi a suim, an uair nach éisde ret fhilidh, a éisge shluaigh chinidh Chuinn. Iomdha agam, a fhir chumtha, cás égnaigh, dá n-éisde rinn; dá mbeinn dod ghnúis dreachnáir diomdhach, is cúis neamhcháir t'innlach inn. Fuarus, a rí fhréimhe hUidhir, fearann Corráin na ccíoch ngorm ód ghnúis tonnghlain ar lí lasrach, gan ní ar tolmhain d'aslach orm. Gidh eadh, atáid ar tí ar mbuana, buidhne iomdha, a ua na ríogh, ag cur um cheann d'aonghuth uile, baoghlach leam gach duine dhíobh.
Ní bhíom lá idir laochraidh Corráin gan crois chugam ón chaoir shluaigh, dá bhfuilnge rí Gabhra a ghabháil, ní tarbha ní d'fhagháil uaidh. Do ghlór éinfhir as é adeirid mar dhíoghuil orm, olc do-níd, cnuic ané ba fearonn faolchon, nach treabhonn mé ar aonchor iad. Dá ccreideadh sliocht Aodha an einigh m'fhearonn uaid, a abhra mall, dá mbeinn gan tairmeasc ar talmhain, dob aimhleasg leinn anmhain ann. Cladh tórann la tíribh foghladh, fód comhraic na cceithre rian, ród ríogh a ccinnionn gach congháir, imioll nár dhíol roghráidh riamh. Dá tharbha fós ní fríth linne leth ar chaillios re cion luircc, ní bhí ráithe gan raon ccreachlorg, snáithe caol re leathbhord Luirg. Bíodh nach baoghlach bheith 'na bhfochair, fine Conuill is clann Néill, aicme Chorráin is daor dhamhsa 's commbáidh bhur maor bhfallsa féin. Fearonn oile a n-égmhais Chorráin, ó's chuige atá ar tharruing mé, ní mór dhamhsa, is Aodh 'na fhochair, asna caol gan fhothain é. Muna bhfaghthar fearonn oile d'áit innill ót érla nocht, dá ttí síon fhaobhrach an earraigh, baoghlach díol an eallaigh ort.
Tusa chuirfios crodh 'na n-ionadh, a ua Mhagnuis nár mhaoith guin; munab olc leibhse a n-ég aguinn, créd fá mbeinnsi ag cagaill chruidh? Uaid fuarus a bhfuil um urláimh, ort iarrfad a n-iarrfa sinn, léig do chioth an cradh nó caomhnaidh ní díoth dhamh gan aonbhoin inn.
A dhuine chuirios an crann, cía bhus beó ag búain a ubhall? ar bfás don chráoibh ghégaigh ghil, ré a fhégoin dáoibh an deimhin? Gan t'fhuireach ré a bhláth do bhoing san lubhghort úaine áluinn smúain, a fhir na ccleath do chor, mo chreach! ag sin an sáoghal. d'éis a aibchighthi as é ad láimh, an tú chaithfius, a chompáin, bláth garrdha na ngég solus? tarrla ón ég a n-amharus. Ní críonna dhuit, a dhuine, ga mbí an choille chumhraidhe, th'aire ar fhás na n-abhall lag, 'sgan cás at anam agad. Ad.
A sgríbhionn luigheas tar lear ar amus innsi Gáoidheal, déna mar aderam ruibh ar senfhonn frémha Fíachaidh. Gluaisidh reamhuibh tar Muir Meann ar amus Uilliam Nuinnseann: triall ar céilidhe 'na cheann, ar ccéiline d'íath Éireann. Innis uaimsi dá ucht slim an ceó tuirrsi atá ar m'inntinn: nocht cúis m'imnidh dá aithle dá ghnúis tibhrigh thonnghairthe. Doighthe cuartaighthe croidhe mo lucht gáoil, m'aos ionmhuine: na caraid dár threisi ar ttoil, ní mharuid 's meisi ar marthuin.
Barr ar gach teidhm mar tá sinn d'éis meanman Uilliam Nuinnsinn: am beó ar sgarthain ré a ghné ghil - ní marthain é, ní hoighidh. Dursan damhsa a dheaghuil ruinn, fuighioll áir m'áosa cumuinn, grian m'inntleachta úair oile, clúain inghealta m'ionmhuine. Áineas gan imdheargadh n-áoin, féile ghnáth gan ghlóir ndíomháoin, searc pobal, freagra go bfos, tobar eagna gan fhorus. Fuarusa re hais an fhir seal dob áoibhne dárbh fhéidir fan ráith ccuirr um bhráoinlios mBreagh, 's gan áoibhneas an fhuinn d'áireamh. Ní bhínn fiú an énláoi ré a ais gan ghabhlán n-úaigneach n-eólais: ar cceileabhradh dhúin is dó neimhiongnadh m'úidh ar íarghnó. Atú re treimhsi ndubhuigh mar ésga a n-am urdhubhuidh: dortadh flatha Dealbhna dhamh fatha meanma do mhúchadh. Do tsholus gnáth gun ghealaigh ní bhí, as bladh dá hairdheanuibh, acht an tan dearlaicthior dhi bladh do ghealruithniodh gréine. Gibé tráth a tteagoimh soin don dara taoibh don talmhuin, ní reich mong gréine 'na gar tar méidhe trom na talmhan.
Tig cláochlódh dá cruth corcra, tréigidh a tlacht íasochta mun amsa a n-úair dheaghla dhi ré a bfuair ón ghealgha gréine. Mé an t-ésga, eision in ghrían; mo ghlóir 's m'áineas ó Uilliam: lá ar sgaraidh do sgaruid rum, amhuil ní anuid agam. Ní hiongnadh nach soisionn sinn gach dealradh úaidh dá bfuighinn, grían shídhe fionnbhrogha Floinn - tíre is iolmhara eadroinn. Atá an tuirrsisi fam thuinn mar thoirrcheas n-elphant aguinn: re deich mbliadhnuibh rom chná an chneadh, ó dobhá a ngrianmhuigh Gaoidheal. Measuim féin nach fédfa mé trághadh tobair mo thuirrse, nach deich mbliadhnasa dá mbeinn ag sgeith m'fhíabhrasa as m'inntinn. A litir léigim anonn, ní feas damh, móide ar mearbhall, gé tarla an toisgse a ndán dáoibh, doidse nach dál bhus díomháoin. An lámh do fhoisgeóladh ibh, gé táoi ag triall go tír bfuinidh, mo thrúaighe, ní feas nach fuil ré cneas úaidhe nó ar uluidh. Dá ttigeadh litir a-le, ní feas fós nach bíadh reimpe ina sreath chnámh ccríon a ccill an lámh rod sgríobh, a sgríbhinn. A Sgríbhionn.
Giolla Brighde Ó Heoghusa cct. Deacair suan ar chneidh gcarad: gar d'airdheanaibh easgarad an t-aos comtha nach geabh gráin re horchra gcneadh a gcompáin. Gidhbé uaibh do fhéadfadh soin codladh ar chneadh a chomthaigh d'aos chomtha ní croidhe glan gan orchra ar-oile d'iomchar. Aos comtha an chumainn dearbhtha, coitcheann cúis a mbuaidheartha, ionann orchra, ionann ceas ortha agus ionann áineas. Mar sin damhsa, diochra an léan, fat' orchra a inghean Uáitéar neimh na cneidhe rod chreimse 'na cneidh eile ar m'intinnse. Bíth h'osnadh do dhruim dheacra ag clódh chéadfadh mh'éisdeachta; bíth do dheór, a chnú chridhe, ag deól chrú as ar gcridhine. Dá gcoisginn cion mo thuirse sunna dhíot dod dhoghuilse, ar ndoigh ní budh dimbríogh linn, ná a bhfoil d'imshníomh ar mh'intinn. Ní fhuil, tar a n-abraim ribh, do chumha mar chúis t'imnidh; adhbhal truime do thuirse, uille a hadhbhar agaibhse. Rugadh uaid, dia do dhoghra, do mhac, oighre th'athardha, do chosg bróin, th'aondalta ar n-éag, do ghlóir shaoghalta, a Shinéad.
Oighre Sgríne na sgoth nglas, brath Dealbhna na ndionn solas glún uaislighthe an fhine ó bhfuil, cridhe an ghuaisbheithre i ngalaibh. Bláth ógán Innse na bhFionn, foithne Rois, Risdeard Nuinnsionn, draig roighreanta, beithir borb, feithimh móirshleachta Marbhord. Saor an sgoth do sgar ruibhse, ní hiongnadh t'fháth doghuilse: ba triall raith, ba gaoth i ngal, ba laoch, ba flaith, ba feallsamh. Níor chlannaigh fa choim na neamh ní nach fuair fios a airrdhean, re hais gcearcaill na cruinne, ná a seantruim thais talmhaidhe. Do thiomchuil, turas bladhach, ciorcla na gcorp n-uachtarach, an dá pholas tuaidh is teas, a bhforas fhuair gan aincheas. Gidh eadh trá, dá dhoilghe dhuit, má taoi ar an tí ros tiodhluic, a ndeaghaidh na dtairtheadh tug, dleaghair a aithbhear orad. Dia athar - ga huaisle ceard? dó féin do-rinne Risdeard: ní huaibhse rug an nglaic ngloin, is ní dait tug ó thosoigh.
Dorus beathadh bás an fhir, ní cúis imshníomha a oighidh: cia an neach a gcás budh cuirthe, dá ndeach le bás mbeannaighthe? Glan budh-easd th'aghaidh dtuirsigh, tiormaigh do ghruaidh ngrianluisnigh, an doigh do-chuaidh ad chridhe, ad-roigh uaibh ar mh'impidhe.
Mathghamhain Ó Hifearnáin cct. Ceist! cia do cheinneóchadh dán? a chiall is ceirteólas suadh: an ngéabhadh, nó an áil le haon, dán saor do-bhéaradh go buan? Gé dán sin go snadhmadh bhfis, gach margadh ó chrois go crois do shiobhail mé an Mhumhain leis - ní breis é a-nuraidh ná a-nois. d'éirneist gémadh beag an bonn, níor chuir fear ná éinbhean ann, níor luaidh aoinfhear créad dá chionn, níor fhéagh liom Gaoidheal ná Gall.
Ceard mar so ní sochar dhún, gé dochar a dol fa lár: uaisle dul re déiniomh cíor - ga bríogh d'éinfhior dul re dán? Ní mhair Corc Chaisil ná Cian, nár chaigil a gcrodh ná a luagh, na réidhfhir ag díol na ndámh - slán lé síol Éibhir mon-uar. Geall bronnta níor beanadh dhíobh, Cobhthach go teasda agus Tál: iomdha drong diongbhaim dá luadh, uaim anonn dá ndiongnainn dán. Mé im luing cheannaigh ar gcaill laist d'éis Chlann nGearailt do thuill teist: ní chluinim - is cás rom loisg: fás an toisg fá gcuirim ceist.
Fear Feasa ón Cháinti cct. Gluais a litir go Lunndain, ó'd-chí aidhbhle mh'fhíorchumhgaigh: reic mh'inmhidh, nárab leasg libh, imdhigh bhú-dheasd is deibhthrigh. Tuig mh'urchóid re hathaidh, luathaidh féin fear h'iomachair; ná bí a bhfad, dá bhféadair libh, ná stad go féagain bhFínghin. Aoibhinn duit dul dá fhéaghain, a bhille bhig bhoirbsgéalaigh, is é do bhreith oirbh as mh'uchd, is bheith ar th'fhoirm ag amharc. Truagh nach roichimsi a riocht eóin, nó a ccruth airdreannaigh aieóir, tar muir mbraitfhinn dtaobhfhuair tréin, go bhfaicinn aonuair eiséin. Ó's críoch duitsi dul 'na cheann, d'éis t'oslaigthe go haithghearr rem rann d'fholaibh na n-oireacht labhair thall mo theachtoireacht.
Dot osgladh an uair bheithir, cuimhnigh dona céidneithibh ar mbeannaichtne do dháil dó, 'sar mbáidh ceangailte ón chéadló. An dara ní is nochta dhuid do Mhág Carrthaigh, dom charuid, an cás searbhso a bhfoilim féin, gidh doibhinn leamsa is leiséin. Reac a ttrice mar tá mé ón chomharsain go chéile, mar ubhall ó thuinn go tuinn, ag fulang luim is leattruim. Innis dó, diochra an siobhal, nach faghaim a n-éinionadh a ngar don bhliadhain a mbáidh ? ní ciallaidh damh mar díoghbháil. Ní bhraithim a ndúthracht damh, Clann Charrthaigh dar chóir móradh; siad na ndaoinibh mar gach ndreim, más Gaoidhil iad ní aithnim. Re cheannach nó gan cheannach, aonfhód, anba an t-aithearrach, ní fhaghmaid ó dhuine dhíobh, tarnaig ar n-uile fhairbhríogh. Má tá-san mar atáid damh, measaim nach maith mo thorchar; do chaill mé an sáirfhine sonn, 'sgan é d'áirithe agam. Re mac Donnchaidh mhic Domhnoill reac, a bhille bhriatharmhaill, gur thréig mé Éireanncha air, gidh é is déidheancha dearbhthair. Má tá ag Fínghean, muna bhfuil, áit éintighe d'iath Fhionntain, fóireadh m'fhorraoin, madh áil leis, ar bháidh nó ar chommaoin ccairdis.
Nó ar mo bheith air ag oirchill, nó ar an éigsi iomairchim, nó ar ar ndualas sonn go se, nó ar an dtrom fhuarus uime. Ná cuireadh d'fhiachuibh ormsa triall sonn a sín chodarsna tar ardmhuir cciachdhuibh 'na cheann ó arduibh iarthuir Éireann. Lór dom fhuireach ó eachtra, dá mbeinn éasgaidh n-aigeanta, dom pearsain más pudhair leis, easbaidh culaidh is costtais. Cách thoir ní tuigfidhe liom, 's ní thuigfidís uaim mh'fhuighioll; gidh beag leam a ndéinim dhi, a nÉirinn is fhearr mh'éigsi. Cia is iontaobhtha d'fhearaibh Breagh díomsa dá ndeachadh Fínghean? dá ndiúlta meisi, um láimh liom, báidh ar sheisi ní shirfiom. Fágbhaim an t-adhbhar faoi féin, ní beag nod d'fhior mur eiséin: fíoradh mo dhóigh druim ar dhruim, sgríobhadh mar as cóir chuguinn. A liteir láimhe Fínghin, tú an luibh fhóirfeas m'fhairbríghneimh, dearbh do bhuantoil le barr luais, tar dom ruachtain is roghluais.
An tú m'aithne, a fhalluing donn? ataoi feadh th'aithne agam, mithidh damh, gé tuar tuirrse, do char uaim a fhalluing-se. Nó gur lomais fam lámhaibh id chiomhsaibh, a chompánaigh, iomdha coinne 'nar chuir mé na cruibh i gcoinne a chéile. Tugas cuairt do chois Bearbha - móide id dhiaidh mo dhoimheanma - i gcionn gach faithche is-tír thoir dobhínn d........... Dochuadhas leat lá oile imeasg oireacht Osruighe: a dhonn-bhrait ar dhath an tsróil, ach! dob orrdhraic bhar n-onóir. Ret fhoirfeacht, a fhalluing donn, dá dtugadh amhghar orom do thógbháil fán dtír amach, bím ag ógmhnáibh dot fholach.
Mithidh damh dealughadh ruibh, beag nár lom do leath íochtair: tearc flaitheas nach fuighe cor - do chaitheas uile th'uachtar. An lom uile, a fhalluing donn, do sgaoil ó chéile ar gcumann: a-nocht mo thruaighe thusa! ruainne ort níor fhágbhusa. Fa tú an meirge ba mó cion agam i n-íochtar Laighean: tús comhóil duit ó gach druing, cuid dot onóir, a fhalluing.
Aonar dhamhsa eidir dhaoinibh, atú anocht go neamhfhaoiligh: am aonarán a ccionn cháigh, 's ionn gan aobharán d'fagháil. Ní thuig mé an lucht so ag labhra, gá dtá ar tteanga mháthardha: ar n-aos aithnigh ní léir linn, mh'aithghin féin ó nach faicim. Ionann liom gach longphort lán is uaigneas d'éis mo chompán: mar sin budh daoinighe dhamh, aoinfhile as tigh dhá tteagmhadh. Teóra cearcha 'nar chleacht sinn áineas d'fagháil dom intinn, nach taighlim na trí cearcha, do shní fhaighlinn mh'aigeanta. Teach meabhraighthe ar mac soirbhidh, rob áit oiris d'ógbhuidhnibh, grís deargtha agus sí solas, rob í ar gceardcha céadamhas.
Teach luighe ar lochta samhla, uinivers na healadhna, dánbhoth ór dhoichealgtha sinn, roicheardcha ar n-ánroth innill. Teach breithibh gach gréasa gloin an treas tech dar ttrí cceardchoibh, ór lia snáth féithleannta fis, 'nar ghnáth éincheardcha an oiris. Trí rómha a ngabhmaois grádha, trí ceardchadha congmhála do dhreamuibh dile re dán, tighe ceanguil na gcompán. Beannocht leó a los a saoire, dronga ar nár cheisd cruadhlaoighe, an coimhthionál dar chóir searc, doircheadhán dóibh nír dhoircheacht. Ba haithghearr eatorra sin lá earraigh, aghaidh gheimhrigh: an lucht téarnó do-ní a-nois mí don éanló 'na n-éagmhois. Ionnsa an t-anshaothar orra, nach fuighid fir fhoghloma gréas snáthsholas na suadh nglan, dar dhual fáthfhoras focal. Dursan an taobh dhá dtáinig a mhoille thrá thionáilid; fatha sgaoilidh na sgoile Gaoidhil Macha ag moghsoine.
Fogus orchra don éigsi: gá ttás cur ré coiméidsi? do bhean sí céill do chabhuir; ní réidh í ó orchradhaibh. Ar n-éigsi as neimhní annosa, dá ttí tásg Hí Eódhusa; sgeing na haithmhéile dí is dloigh, fá bainchéile í d'Eochaidh. An cádhus do chleacht idir ionnsa a dhul a ndímhigin: gar léan a dínsighthi dhi, nél a híslighthi uaisdi. Do-rad dó tar gach nduine sgaith a heóil 'sa hionmhuine, nó gur léigsi agus lúdh ann glún na héigse dá altram.
Léir ar ghnaoi a ghréasa annosa seinmhéin doilbhthe an dánasa ann 'na breólasair gur bhruinn, tall don eólasoin urruinn. Do-chuaidh tré screaptraibh na sgol, fuair fréamha eóil na n-ughdor: dual mórthuireadh uainn don fhior, fuair an órthuidhean fhileadh. Cnú na ccollsa ó bhfaghthaoi fios fá dhlaoi do-fhuair an t-éigios; ó ros boing ceas dona cnaibh, na croinn lé meas ag meabhsain. Coimhdheas chumus an file bucca an bhéarla theibidhe, 'sna fuighle dorcha 'na dhán, a chuimhne ortha is iomshlán. Tig 'na cheann, ní cungnamh slim, óradh ughdar an léighinn, 'na dhán as-teach go ttabhair; dál na mbeach a bharamhail. Na beich ó bhruach gach oirir teaguid leó dá lóntoighibh sugh na sgoth mbreachtnoighthe mbog 's bleachttoirthe na gcloch gcadott. Macasamhla dár seise, níor fháguibh don éigsesi breith a ghill uaidh ní homhan tim ná cruaidh gan chuartoghadh.
Na hoideadha as ollmha a bhfios as é éirnios a n-ainchios; earr ár ttagraine asé sin, a-dlé abdhuine uaisdibh. Uathadh do chách ar nach cuir an teidhmsi ag tinnmhe an olluimh: créad acht goin chló tré chroidhe, doigh as mó lé millfidhe? Mo chumhasa fá a chruth nár as imneadh bó fá a baothán: brón go séis síreachta soin - am dhílleachta d'éis Eochaidh. An éigse do-chuaidh dá cuing, munab slán mac Maoil Sheachluinn: neach dá léim níor saoileadh so, aoinfhear don chléir ní charfo. Fogus.
Labhair linn, a Mhuire Mháthar, suidhigh sinn sa rícheadh, ná tar am aghaidh lem fhéichemh, labhair damh fad dícheal. Léig an freagra as fhearr red t'fagháil leam ar eagla an ainiúil; sinn ar n-ég dhuit nábadh doiléir, a chruit na ttéd ttaidhiúir. Dobhaoi do dhaonnacht fam Dhia-sa ad naomhchorp naoi míosa; as tú an t-ionadh fhuair na grása, a thruaill iodhan Íosa. Beir m'anam, a Ógh, ó shechrán, ná labhair glór guthchlaon; saor mé mar nach dual óm dhrochrún, a ghruadh ar ghné subhchraobh. Saor mo mhóid agus mo mhionna, a Ógh gan bhaos mbanna; cuid dod thréd gan innremh orra, fég, a inghen Anna.
Ná léig mo locht d'agra ar m'anmain, olc tagra gan torbhaidh, a ghruaidh mar ghréin, a ghnúis suilbhir, mo chúis féin go bfolchair. Acht an té do dhealbh na dúile, dearbh lem chéill nach cuala leth do mhíorbhal a ndúil daonna, a úir bhríoghmhar bhúadha. Bí dom dhíon ar áis no ar éigin ar cháir Chríosd má fhédair; bíom ar do sgáth, a sgiath dídin, a ttráth a fhiach d'fhégain. Ós egail lem Luan an chíosa um chenn, cruaidh an cása, an chroch dherg agus ég Íosa, do Leanb brég an lása. Ar ndódh leis an saoghal sédmhar, mór baoghal na mbréigfhleadh, mairg chleachtas an t-ól, a Óigbhean, a Ógh dhearcghlas dhéidgheal. A chruth fial, a ghnúis as gile, rug tú Dia 'na dhuine, fagh mo dhírgheadh uadh as m'fhaire, th'Uan míngheal, a Mhuire. Fuair an Ógh oiread na páisi, Moire ger mór sgíosa, is Mac Dé san úaidh dá héisi, sa gruaidh mar ghné gríosa.
A mhaoir Íosa, a aingil iodhain, sgaoil m'ainimh san fhalaidh, saor sinn ó dhíchéill an domhain, a Mhíchéil, linn labhair. Labhair. A Hot Friend Cooling. Ní mhairenn oighre Murchaidh - mór cumthair dona brégaibh - dá maradh ní bheith choidhche lá go n-oidhche inar n-égmais. Ag techt chugainn as uainne dobhíoth daoine uaisle oile; ag techt chugainn is chugainn dobhíoth m'fher cumainn croidhe. Créd dhénuid muinnter Dhálaigh ón mbás-soin dá ttí an cogadh? fa meinic laodh mo chroidhe ós cenn m'fhine dá cosnamh. Fa dhó sa ló dar bféghuin, an té fa ndénuim osnadh, dothigedh sé go bádhach ó Áoibh Rátha go Brosnuigh. Do-chuaidh Diarmuid, mo thruaighe, fúinne a bhfuaire nár bhrethnuigh: ní thig sé chugainn choidhche - acht ocht n-oidhche sa tsechtmhuin.
Diarmuid tar éis a éuga, a fhir dhénta na huaidhe, ná bí dá chur a ttalmhuin, ní gar dhó anmhuin uainne. Ní.
Tiar táinig tús na seanma; gnáth dúil a ndiaigh oileamhna; críoch Mhumhan na séadmhúr sídh bunadh na ccéadghlún cciníl. Cá beag d'fhiadhnaise air sin imreasuin dá mhac Mílidh, ag roinn fhóid bhláthchoille Breagh don dámhchoinne óig fhéinneadh. Tugsad go hÉirinn eidir fhilidh agus oirfididh, a slios Tuir bhratghloin Bhreoghain, tar muir n-atmhair n-ainbhtheanaigh.
Onaoi dob ainm don fhior chiúil, Cior mac Cis ceann ar seiniúil; ní leanfam dá slonnadh sin, dá ollamh mearchlann Mílidh. Ordaighis Éibhear amhra crannchor fa a n-aos ealadhna ar mbeith d'Éireamhón ón fhior ar leith gléimheadhón Gaoidheal. Do thaoibh Éibhir - gárbh fhearr céim? tarla an t-oirfideach ainnséin: re gnúis mbuig ngeilmhíolla ngloin fa neimhdhíogha an cuid crannchoir. Ríoghdhacht na seanma ó so lat ag leanmhuin luirg na ríomhac: atá ag seinshliocht Éibhir Fhinn eighriocht re a n-éirigh inntinn. Dá mbeith fós nach raibh reimhe, atá an uairsi dh'áiridhe fréamh an cheóil a muigh Mhumhan, sgeóil ar a bhfuil fíadhnughadh. Atá aniugh ag Nioclás Dall, ar cheart ar chumas n-adhbhann, mír curadh cheóil na Banbha, bunadh eóil na healadhna. Cumadóir na ccleas ndoilbhthe, gaduidhe na geamhoidhche, musgladh brón baoithchridhe ban, glór nach saoilfidhe a síothbhrugh.
Adhbhar caomhnaidhe cumhadh, sás meanman do mhórughadh, siansa ón girre laoi leabhra, nach binne caoi Céideamhna. Colloid ré caoine a sheanma na beathadhaigh bhrúideamhla, ag éisdeacht mharbhchor a mhér mbras, do anfadh én re a amas. Líonmhaire 'ná an fér ag fás ar leath ó lámhuibh Nioclás, sreatha a ghéag cceathbhraonach cciúin do ghealchaolach téad ttaighiúir. Mar dheilbh a ndiaigh a rionnta, ní fios d'aos aigeanta, séis marbhghlan a mheóir rathmhair d'adhnadh an cheóil chuimhrighthi. Tiar.
Tríall, a reacaire, reac m'fhuighle, imthigh go grod, ná gabh sgís gan dol d'fhéaghain chinn ar ccoimhghe: fill ré sgéulaibh oirne arís. Beir leat úaim go hoighre Domhnaill díoghrais bríathar a mbía brígh: tabhair aghaidh a ttáoibh thola ar chráoibh taraidh fhola hÍr. Aithin meisi do Mhac Carthaigh, ná ceil air a n-abair mé: mo bheith mar tám cuir 'na chlúasoibh, as nár dá fhuil úasail é. Ba ná capuill, ór ná airgiod, ní fhuil agam, innis só: labhair agus déana deinmne, tabhair sgéula deimhne dhó.
Crúacha as muca d'easbaidh oram, ní hé amháin do ísligh m'úaill: ceachtar dhíbh ní fhoil ar m'fhagháil, mar soin do shín m'anáir úaim. Mé táoibh rém ealadhuin d'ionnmhus, aithnidh damh nach drud ré sdór: gé beag ag cách í fan úair-si, dobhí tráth nárbh úaisle an t-ór. Duit budh béim mo bheith ar éattráigh, a úa Carthaigh nár chláon cairt; beir oirne má táoi rém thógbháil, a oighre chráoi fhódbháin Airt. Cuir a suim nách mé do mharcach, a mheic Domhnaill nár dhiúlt cléir: mé tar chách do-chóidh amugha, is tráth ó chóir dá chura a ccéill. Tabhairt éra ar áoinneach eile ní heól úaibh - gá hairde nós? béim ar do bhronnadh ní foghar, acht th'ollamh féin folamh fós. Tríall ar éigsibh na ccóig ccóigeadh ad cheann, a chodhnaigh Chúain Dor; lór ar fhéaghadh é mar iongna mé um éanar fa dhiomdha ag dol. An galar tromsa ina ttarla, tráth a leighis ná léig thort; a chnúas géag Oilill as Fhíachaidh, féag an bfoilim d'fhíachaibh ort. A reacaire, foillsigh feasda fada an rún do-rinneas ríamh: druid romham go ceann ó cCairbre, as romhall leam thairge tríall. Tríall.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services