Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Irish Bardic Poetry

Title
Irish Bardic Poetry
Compiler/Editor
Greene, David agus Kelly, Fergus
Composition Date
1609
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1970)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cc.



A leabhráin ainmnighther d'Aodh,
atá libh léighionn neamhdhaor,
go hInis bfódghloin na bFionn,
bhus milis d'ógbhuidh Éirionn.



Atá a tteanguidh ar máthar
sonn - ga saoire soláthar? -
léighionn bhus cian ar cuimhne
a bfiadh Éirionn iathghuirme.



Atá arna tionól sonna
cnuasach glan déas ndíoghlioma,
do thriath sluaghaidh Gulban Guirt,
as cluanuidh ughdar n-ordhuirc.



Teagusc diadha ar a dhruim sin,
eolus ealadhna an ghaisgidh,
d'iath Éirionn agoibh anois,
léighionn caguidh is cunntois.



Ag ceangal chairdeas a síodh,
ag toirmeasg uilc is fhairbríogh,
nó ag triall caguidh gi-bé bheas,
ní habuidh é acht led t'oideas.



Meic eagailsi gidh iad ann,
tarbhach don lucht ros-léaghann,
'san ord ghaisgidh gi-bé bheas,
bhur bhfaigsin ní hé a aimhleas.


L. 26


Aodh Ó Domhnaill, dóthchus cáigh,
arnad léaghadh, a leabhráin,
a bfuil leibh labhair iar soin,
ná ceil ar dhaghfhuil nDáluigh.



Ar Shíol nEoghain, druim ar dhruim,
nó ar laochraidh Chinél cConuill,
ná bíodh t'fhoilcheas, toill a ttoil,
oircheas roinn ris an ríoghraidh.



Ná ar neach don chloinn charfus sibh,
Ír, Éiriomhóin nó Éibhir,
nó Luighdheach mheic Íotha fhéil,
ní bad sgíotha ód reic riúiséin.



Ní bad sgíotha dot sgéulaibh
na Búrcaigh, na Builtéaruigh,
na Gearoltuigh do thuill toil
tar seanfholtaibh fhuinn Fhionntoin.



Ar neach do shliocht Gaoidhil Ghlais
ná ceil gach iúl dá n-úarais,
ná ar Sheanghallaibh fóid na bhFionn,
lér cheanglamair óig Éirionn.



Meic ollamhan Innsi Fáil,
beid romhuibh lán do lúthgháir,
god choimhreic ó bheól go bél,
budh oirdhreic t'eól san oilén.



Tabhair ar gach n-aon umhla
don aos eagnoidh ealadhna;
connailbhe as dú ris an dreim,
tú ar a ccomairghe cuireim.



Ar son go sealbhuighim sibh
d'Ú Dhomhnaill tar fonn bFionntain,
an fonn ar gach taobh tiomchuil,
ronn ris gach n-aon d'Éirionnchaibh.


L. 27


Ar nGaoidhil ar bFionnghoill féin
beannacht tré dhíograis dóibhséin
beir mo bheannacht go fonn bFáil
beannacht sonn leibh, a leabhráin.
A leabhráin.



B 1603 17T
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cc.



Dána an turas tríalltar sonn,
fada atá ag tocht 'na thimcholl,
geall re hoighidh an eachtra,
doiligh earr na huaisleachta.


L. 28


Le leathtrom cogaidh Chráoi Fhloinn
do mealladh mac Uí Dhomhnoill,
ag triall ré haigneadh n-anba
i ccaidreabh fhían n-eachtranda.



Dána an chúis do chuir roimhe,
gá ttám acht tug Rudhroighe
aighidh ar an lucht ros ling,
lér airigh d'ulc 'na oirchill.



Deacair aghaidh orra soin,
iomdha ar a cheann cúis bhaoghail,
lucht crúadhaighthe caingneadh réidh,
grúamaighthe airrdhean n-aigmhéil.



Atáid re a ucht a n-Áth Clíath
óig ar ar himreadh mídhíach,
mór ngoimhfhéchsin ré a ghnúis ngloin,
cúis roidhéisdin a rochtoin.



Iomdha cúis imnidh aca,
iomdha mairg mhná deórata,
iomdha leacht as a lossoin,
diongna a theacht ón turus-soin.



Na róid ina roicheadh soin
go ttrásda a ttreallmhaibh cogaidh,
taidlidh go síothchánna sonn
fíochnámha aingidh eachtronn.



Taisbéntor sunn seal oile
gnúis úathmhar na hamhsoine
'na dreich raighil sháordha sháimh,
'na haighidh mháordha mhacáimh.


L. 29


Gibé an tráth sa theagmhus dó,
iomdha foireann fúair anró,
do tháirthéghadh a thocht sin
ag fáithléghadh olc idir.



Atáid, narab díth dhosan,
croidhe a chomthach foghlasan
ag léim d'orghráin na heachtra,
budh céim d'foghbháil aigeanta.



Iomdha ag úaislibh Insi Breagh,
ag mnáibh, ag macoibh fileadh,
ré léghadh leóin as a los,
meóir dá ttéghadh fan turos.



Gidh eadh measaid óig Eamhna,
do dhruim toice a ttighearna,
an turussa fa ttéigh mé,
'na chéim urusa aige.



Foghla gráineamhla an ghille
ní chuimhnigh cath Duibhlinne,
lé fonn a síothoighthe soin
fa fhonn bfíochfhoirbhthe bFionntoin.



A ndearna orra, as é a shuim,
maithtear do mhac Uí Dhomhnaill,
gur thaiséntor tocht 'na cceann,
aisécthar olc na hÉireann.



Tugadh leó a bfíoch sa bformad,
ar rún ceannsa ar cháonchomhrag,
fúath a-roile, a rún cogaidh,
ar rún toile tugadair.



Tiad gnúisi giolladh ndorrdha
reimhe a reachtoibh searcamhla,
meanma goimheamhla Gall ndúr
le a bharr soidhealbhdha ag síothlúdh.


L. 30


Móide a rofháilte roimhe
go bfúair síad síodh Rudhraighe,
an gartoirear far ghlé Conn,
nar haltoigheadh é ag eachtronn.



Ón tráth fa ttáinig 'na cceann
fear ionaidh airdríogh Éireann,
brígh 'na ccéimiondaibh ní chuir,
sídh Éirionnaigh ní híarthuir.



Leis an ngealladh gealltar lais,
lé humhla meic meic Maghnais,
do reactha rún gacha fir,
do feactha glún gach Gáoidhil.



Faigsin codhnaigh Chlann Dálaigh
i nÁth Clíath a ccomhdhálaibh
dáil cháomhanta do chrích Ghall,
aonshompla síth na sáorchlann.



Gibé tráth tí 'na fhrithing,
mór ccúis n-égnaigh d'oirichill
ag Rudhraighe, ga dulc dhó?
le a lucht furnaidhe is fado.
Dana.



Mór ríoghan um Ráith Logha
tarla do nós Núaladha
fan ccéim do-chluinsi 'na ceann
a bpéin tuirsi 'na timcheall.



Fúaras lé a los a shiobhail,
ó's doilghe na déidhionaigh,
nach smúain an t-imneadh oile
fúair inghean ar nAodhaine.
Dana.


L. 31


B 1602 17T
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cc.



Rob soruidh t'eachtra, a Aodh Ruaidh,
an Coimsidh do-chí ar n-anbhuain,
gabhaidh sé t'innfheitheamh air,
go mbé ag rinnfheitheamh romhaibh.



Ná tí ribh, a rí Suca,
triall sonna i sín gheamhruta,
amuigh ón chuainsin Chliodhna,
tar muir nduaibhsigh ndoighiordha.



Dia dot eadráin san amsa
ar ghluasacht ngaoth ccodarsna,
ar ghoin n-ainchridhigh gach fhir,
's ar mhoir n-ainbhthinigh idir.



Go ttréigitt a ttrealbha laoch
dea séite na síonghaoth;
go ttille an ghaothmhuir a geóin,
nach saobhthuir inne an aeeóir.



Go mbé an toice, a thriath Gaillmhe,
duitse ag crúdh gach comhairle;
ná deach faoibh fréamh ar ndoibheart,
rob sén daoibh do dheóraidheacht.


L. 32


Rob suilbhir aghaidh gach fhir
róibhsi, a rí rátha Sligigh,
títhe orláir do ghruadh ngeal,
rob tuar soghráidh a silleadh.



Gibé rabh a rí Chonaill
i n-aincheas bhar n-urfhoghaill
go mbé a chroidhe gá chrúdh sin
le rún toile dot thuigsin.



Rob gar leigheas dar leónadh,
sgeóil dá ttiocfa ar ttaithbheódhadh,
go mbeidh oraibh dá reic ruinn,
rob soraidh dheit gach dodhuing.



An énlong lér imthigh sibh,
na coill bhárc bhréideadh súaithnidh
go ttargha an luingsin tar lear,
go hadhbha ttuirsigh tTailltean.



Gá ttú acht as tingheall sláinte
do thoisg, nó as tuar anbhfáilte,
gibé thí do thaobh t'eachtra,
do shní, a Aodh, ar n-aigeanta.



Na laoich, a llos a n-annsa,
na mná, na meic eaccalsa,
clanna ar saor, meic ar moghadh,
dheit, a Aodh, fá énomhan.



d'furtacht shleachta Gaoidhil Ghlais
tar muir ón tráth do thriallais,
atáid croidhe sonn gá sníomh
le trom n-oire gach airdríogh.



Atáid m'ionnsamhla eile,
atúsa, a Aodh, d'áiridhe,
dom buing do bhithin t'eachtra
i ttuinn fhichidh mh'aigeanta.


L. 33


Ní chorraigh muir nach measg sinn,
ní éir gaoth nach gluais mh'intinn,
ní aithrigh síon séis mbuinne
nach sníomh dot éis oruinne.



Ní hé aithbhear bhar n-olc féin,
ní hé ainbhthine an aeéir
do chor ort budh urlamh linn,
acht turbhadh d'olc na hÉireann.



Inis Chuinn do chleacht leónadh,
gá ttám as dí theigeómhadh,
dá ttíste ruibh god rochtain
tar muir ngríste nguasachtaigh.



Do cuireadh clódh a teadhma
uaibhsi a n-ucht na cinneamhna,
do fhéch sibh do chríchsi Chuinn,
dá ndigh díbhsi, a Uí Dhomhnuill.



Mór dá haos cumtha archeana
do chuir a n-áit oidheadha
an bhréiginsi lér fhaoi Art,
ar aoi a héiginsi d'fhurtacht.



Iomdha imshníomh fhuair fá a ceann
Tuathal Teachtmhar, triath Éireann,
ar ttocht tar muinchinn muire
d'oirchill a holc d'iomghuire.



Cuairt dar chosain a heineach
do-rad Conghal Cláireineach,
go ttug gleó eidir ghleanntaibh tonn,
nár theó i tteanntaibh na tiomcholl.



Eoghan Mór mhac Mogha Néid,
do-chuaidh trá toisg a leithéitt,
don talamhsoin gar thriall sibh,
ó fhiadh fhalarsaidh Uisnigh.


L. 34


Ríghe cogthach Chláir na Niall,
lingis Mac Con mac Maicniadh
rinn ghlasmhuire ar aba a huilc,
amhsoine as fhada iarmuirt.



Tusa, a rí fhréimhe hEachaidh,
ag triall ar iocht éineathair,
gé meastoir do thocht a tteann,
do dheasgaibh olc na hÉireann.



Atá san luingsin tar lear
oireachas Insi Gaoidheal,
a síodh, a guaisbhearta, a glóir,
díon a huaisleachta, a honóir.



Go bhfille ar sliocht Gaoidhil Ghlais,
a mhic Aodha, a ua Mhaghnais,
rob dimbríogh gach tonn dá ttuil,
gach imshníomh sonn rob soruidh.
Rob soruidh.


L. 35


B 1608c 17T
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird.



Truagh do chor a chroidhe tim;
beag an díoth t'olc no t'inghreim:
ón mhéid toirbhire do thoil
téid bhar n-oirbhire a n-asgoidh.



Urusa t'ionntódh ar ais,
mór do-gheibh fios bhar bhforais;
truagh do chor, ní cás do shíodh,
gá ttás do dhol a ndeimbríogh.



Ná seachnadh duine ar domhan
bhar ngríosadh, bhar ngortoghadh:
as t'uchd ní hintinn meisi,
gá dulc t'inntinn uaisleisi?



Gibé sgél do reacadh ruinn
an tráthsa a ttaobh Í Dhomhnuill,
mo náire 'na amhghar ort,
adhbhor gáire do ghluasocht.



Do-chím tar chenn gach diomdha
uaim dar thuill mo thighiorna
ar a chneidh nach coduil sibh,
neimh bhar gcoguidh do-cíthir.



Caidhe an chúis do chuiris róibh,
caidhe an uaisle no an onóir,
caidhe an fhearggomh ané anois,
más sé do threaghdadh tárrois?


L. 36


A ndíaigh a n-abruim oruibh,
a chroidhe bocht banamhail,
fa fhlaith sriobhshrotha Sligigh,
maith t'ionghotha im fhoighidin.



Lámh Í Dhomhnuill Dúna ós Sáimh
d'easgor más fhíor san Eadáill,
cúis bhar n-amhluaigh ós sí soin,
ní hí an anbhuain gan fhochoin.



Gidh eadh, ní hé h'eagla féin
budh cás libh, gér lór d'oilbhéim,
achd don triall tarla roimhe,
's d'iath Bhanbha go mbeanfoidhe.



d'éis a ndearna go nua anois
san easgor fuair flaith Bearnois,
gá ttás robadh soiréidh sionn
achd cás oiléin na hÉirionn.



Gibé mar tá ar reacadh ruinn
dá gcluineadh críoch Clann gConuill,
do mheasfadh a míobhuadh féin,
an easghlan shíodhfhuar shoilléir.



Dá gcluineadh sliocht Gaoidhil Ghlais
a gcuala ó mhac mheic Maghnais,
budh mór bhfáth gcomhrúin fá a cheann
ag bláth fhionnmhúir na hÉireann.



As sé adéara gach duine,
dá bhfilltí réim Rudhruidhe
cía linn do laoidhfidhe anocht,
ó saoilfidhe inn d'fhurtocht?



An Coimsidh do-chí bhar ndáil,
a chríoch Mhac Míleadh Easbáinn,
go bhfégha ort is oirne,
sgéla ar olc nár fhaghoimne.


L. 37


Bíodh nach cás ar dearbhadh dhúinn,
bíodh nach budh filleadh fortúin,
iomdha anoss fá dhoghruing de,
's ní a los Í Dhomhnuill Daoile.



Easgar láimhe laoich Éirne
tug ar chridhibh coimhéirghi:
an teidhm tárra go ttí uadh,
ní bhí achd námha léan neamhthruagh.
Truagh.


L. 41


B 1618obc 17T
U Fearghal Óg Mac an Bhaird



Fúarus iongnadh, a fhir chumainn,
cádhus úatha ní fhúair mé,
na dáoine dar dhúal ar n-ionramh,
as úar náoidhe an t-iongnadh é.



Meisi folamh, féch nach diongna,
's dáoine dáora ar nár dhúal gean
sunna ón Spáin ag agháil ionnmhuis
a n-anáir chláir bhionnghlais Bhreagh.



Mná anúaisle buirb is bathluigh
a mbeartaibh óir san aird thall
atáid trá agus sinn gan édáil,
dar linn atá égáir ann.


L. 42


Re foluibh ísli fhuinn Luighdheach
dár las um chorp crithir thnúidh,
a mhic Fíthil ó íadh Énna,
grían do dhíchil déna dhúin.



A cheinnbhile chathrach Túama,
tuig cheana nach cubhaidh rinn
gan bheith a ngoire d'fuil úasail,
cuir ó chroidhe súasuin sinn.



Thíar do fhágbhus earr mo chonáigh,
mo chéidní ó do chaith mé;
má atá do thal leam, a Fhlaithrí,
budh geall damh ré haithní é.



Nír bheag let athair mar iongnadh
gan m'ana ag fás, foirfe an coll,
is toice ag fás ag mac moghadh,
a shlat dár fhás toradh trom.



Cing Artúir, úaithne na talmhan,
trén ar an mbioth dobhí sé;
teacht 'na dhál do dhligh gach duine,
do thil clár na cruinne cé.



Bíadh ná cuirm ní chaitheadh Artúr
gan iongnadh núa, núaidhe in barr,
go hég íar rúachtain san ríghe,
gég úachtair na tíre thall.



Ní léigfind dó, díochra an bhríathar,
dá mbeinn ann an úair do mhair,
rí an chruine na ccosgar ccoimhthe,
luighe is trosgadh oidhche air.



San Bhord Chruinn ar chomhair Artúir
do inneósuinn a hucht m'ord
mé fá bhrón tré bheith a n-anchruth,
is ór ar breith bathlach mborb.


L. 43


Do chaithfiodh a chuid ó'd-chluinfeadh
clanna ladrann lán do mhoirn,
is méd mh'anshóidh fá fhuil nGáoidheal
ní fhuil anóir áoidheadh oirn.



A ccúirt Labháin na learg ccorcra
ar comhroinn thoir atá mé,
mar tám is ionnsa lem aithghin,
nár liomsa dom aithribh é.



Atá seanbháidh ag slait Thúama
risin ttreibh ó ttáinig sinn,
má tá sin a mbun na báidhe,
do dhligh cur a láimhe linn.



San aimsir dob ollamh fileadh
Flaithrí mac Fíthil fúair áoibh,
dobhíadh connailbhe 'na chroidhe,
sgíath comairghe Mhoighe Máoin.



Reulta eólais érlamh nUisnigh,
airdeasbag Connocht, cruth fíal,
sáoi do mhol gach file fíre,
cridhe sgol na tíre thíar.



Éigne Bhúille, bradán Chonga,
craobh do lubhghort leasa Té,
ésga órrtha ar nár fhás dubhadh,
sás mórtha na n-umhal é.



Sruith díadha nach dearna formad,
flaith corónta chosnus tnúdh,
buinne milis a táobh tolcha,
iris náomh nach ronnfa a rún.



Ua Cuinn chédchathaigh Cnuic Mhaisdion,
mac Onóra, eineach búan,
tamhan úr ón Bhanbha bhráointe,
rún m'anma, fáoilti nach fúar.
Fuar.


L. 44


Mag Aonghusa, aigneadh faoilidh,
fáilte ghnáth do-gheibhinn úadh,
dobhíodh a thoil ar tí a dáilte,
nírbh í soin an fháilte fhúar.



Conn mac Í Rúairc na renn ndoinnte,
damhna Connocht, cneas mar úan,
a dhá chaomthach re feadh bfaghla,
cáolshruth sean is adhbha fhúar.



Téighim tar teaguscc na n-easbal
tre aithighidh na n-olc mbúan,
eagal mo char as a chumann,
ná rabh Peadar umam fúar.
Fúarus.



Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.



Slán agaibh, a fhiora Mumhan,
meanma fhuirigh ní fhuil fúm:
do-ghéan an uairse ar fhiadh nOiligh,
triall uaibhse gé doiligh dhún.




L. 45


Mo shlán agaibh re hucht m'eachtra,
ós éigean damh dul budh thuaidh:
re dul go Doire, is dál abaigh,
slán ó chroidhe agaibh uaim.



Fiora Mumhan na múr sochraidh,
sluagh síthe ag nach saoghlach fíon,
laoich danab dual dál a mbleidheadh,
slán uam ag gach deighfhear dhíobh.



Tearc tír badh cuirthe 'na coimeas,
clár Mumhan is míne gné,
uaidh ó tám ag clódh don chúigeadh,
gan slán d'ól ní fhúigeabh é.



Ó táim ag triall go Tír Conaill -
críoch mic Maicniadh na múr dtais,
slán don tír fhionnbhothaigh ealaigh
mhín tiormshrothaigh greaghaigh glais.



Slán dá dúintibh is díol seirce,
slán dá haibhnibh nách ard nglóir:
meinic dámh uaidhe gan easbaidh,
slán uainne dá heasgraibh óir.



'Na mbothaibh dobhínn im luighe,
mo lucht cumainn, cead a luadh;
trágh ar a n-inntleacht ní fhaca,
slán ré n-imtheacht aca uam.


L. 46


Beireadh Peadar is Pól easbal
d'fhéachain nimhe na naoi ngrádh -
bíd tar cheart ag labhradh linne -
tar neart m'fhaghladh sinne slán.
Slán.



Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.



Truagh liom Máire agas Mairgrég,
ní beó bláth na n-umhailghég:
do chuir siad a nduilli dhíobh,
dá bhuime iad don imshníomh.



Faríor, faríor, nocha nfhuil
braon 'na ccroidhibh ón chumhaidh:
dá sheisi shuadh fhóid Uladh,
truagh mar táid ar ttiormughadh.


L. 47


Ionand toirrsi dhamhsa is dóiph,
Aodh Ruadh céd-damhna ar cciachbhróin,
Rughroidhe Cabha dár ccrádh,
mana turbhuidhe a thérnádh.



Tréd bhocht gan aodhaire inn.
Cathbharr, cend einigh Éiriond,
fá líg thrá, ga truaighe dál,
atá uainde san Eadáill.



San Eadáill na n-eas dtana,
ionand is ég Nualadha,
atá géis chnómhoighe Chuinn,
cróluighe dhá héis oruinn.



Nualaidh dhuaislíonmhar, dóigh cháigh,
mairfidh go laithe an luanbhráith,
tosach garma chrú gCriomhthain,
clú a hanma idir Eiriondchaibh.



Do beanadh dhínn, dia do chor,
abhus ar tús, tuar cumhadh,
súil mhallghlas dar chreite a ccath,
Maghnas eite na nUlltach.



Ar Mhaghnas mac Í Dhomhnoill,
a ccrích Uisnigh iobhardhuind,
cuire a chomhaoisi nír chinn,
ro-Naoisi fola Feidhlim.



Ceithre héigneadha ón Bhóinn bhrais,
ceithre mic d'Aodh mac Maghnais,
cuan dreagan nár dháil a rún,
dháibh nír bh'eagal acht iomthnúdh.



Ní faicfidhear, foirbhthe an béd,
lorg a ccraoitheadh ná a ccroimsdéd
fán Eithne, fán Máigh mallfhuair,
ceithre cráidh an Chonallshluaigh.


L. 48


Seabhaic uaisli Innsi Fáil,
ceithre creacha chnuic Chruacháin,
ceithre troimchreacha Teamhra
na doindchleatha doigheardha.



Iongnadh Máire do mharthain,
'sna haibhne nach ionarthroigh,
as fiodhbhaidh chríon chraoi Uisnigh
do shíor ag caoi an cheathrair-sin.



Ní filltear fiodhradh abhla
le hubhlaibh feadh fionn-Bhanbha,
ná fiodhradh chaillghég le cnoibh,
iongnadh Mairgrég do mharthain.



Ní hí Mairgrég ná Máire
chaoinim, is cúis diombáighe,
acht an cor-sa ar cró na bhFionn,
mó sa mhó osna Éiriond.



A gceithre dearbhbhráithre ar ndol,
Máire is Mairgrég mhúir Chruachan,
cosg ag dol do shíor ar shuan,
a ccor fa ríor is rothruagh.


L. 49


B 1600fl 17T
U Laoisioch Mac an Bhaird



A fhir ghlacas a ghalldacht,
bhearras an barr bachalldocht,
seang-ghlac atú do thogha,
ní tú deagh-mhac Donnchadha.



Ní thréicfea, da madh tú soin,
do ghruag ar ghalldacht thacair -
maisi as fhearr fá fhíadh bhFódla -
'sní bhíadh do cheann corónda.



Ní modh leatsa an barr buidhe;
fuath leision na locuidhe,
is bheith maol ar ghrés na nGall -
bhar mbés ar-aon ní hionann.



Fear nár ghrádhaigh an ghalldacht
Eóghan Bán, searc saor-bhanntracht,
don ghalldacht ní thug a thoil,
an alltacht rug do roghain.



Ní bhean th'aigneadh d'Eóghan Bhán,
do-bhéradh brísdi ar bhegán,
fear nár iarr do chlóca acht ceirt,
lé nár mian cóta is coisbeirt.



Fuath leis ar chaol a choisi
mionn sbuir ar bhróig bhuataisi,
nó sdocaidhe ar sdair na nGall;
locaidhe air ní fhágbhann.


L. 50


Ráipér maol nach muirfeadh cuil,
ní maisi lé mac Donnchaidh
meadh meanaidh thiar ar a thóin,
ag triall go tealaigh thionóil.



Beg a brígh a mbrat órdha,
ná a mbanna ard sholónda
nó a bhfail óir far ghabhtha ghoimh,
nó a sgarfa sróill go sálaibh.



Dúil a leaba chlúimh ní chuir,
annsa leis luighi ar luachair;
teach garbh-shlat ná táille tuir,
sáimhe lé dagh-mhac Donnchaidh.



Bró mharc-shluagh ar bhrú mbeirne,
troid gharbh, comhlann ceitheirne,
cuid do mhianuibh meic Donnchaidh,
's gleic d'iarraidh ar allmhurchaibh.



Ní hionann is Eóghan Bán
gáirit 'mad chois ar chlochán
truagh nach bfacas libh bhar locht,
a fhir ghlacas an ghalldacht.


L. 51


Laoiseach Mac an Bhaird cct.



Mochean duitsi, a thulach thall,
fád thuisleadh ní subhach sionn;
damhna sgíthi do sgeach dhonn,
cleath chorr do-cíthe ós do chionn.



Sgeach na conghára, crádh cáigh,
'na háit comhdhála do-chínn;
buain na craoibhe, mo lá leóin,
daoire 'na dheóidh mar tá an tír.



Dubhach mo chridhisi um chum
fád bhilisi, a thulach thall;
an chleath ó bhfaicinn gach fonn,
do sgeach chorr ní fhaicim ann.



Dobhíoth dhamh ag dénaimh eóil,
an ghégsoin fá gar do mhaoin;
fada siar ón tírsi thuaidh
aniar uaim do-chinnsi an gcraoibh.



An ghaoth ar bhfoghal a fréamh,
craobh gan bhloghadh doba buan;
ní tearc neach dá ndearna díon,
sníomh na sgeach fá teadhma truagh.



Gég chruthach bá corcra lí,
mé dubhach má dol fá dhlaoi;
mairg nár smuain ar dhaoirsi nDé,
's go bfuair mé fád chraoibhsi caoi.


L. 52


Do teasgadh ar n-aoinchreach uainn,
an chaoimhsgeach dob easdadh d'eón;
sgé a samhla níor fhás a húr,
dhúnn go bás badh damhna deór.



Mo chréidhim go bruach mo bháis,
mo-nuar nach éirghionn ar-ís;
ní fhaicim cnoc na gcleath gcnuais
nach gluais lot na sgeach mo sgís.



Cnoc na gconghár, crádh na sgol,
a n-orláimh námhad a-niodh;
d'éis a learg as dubhach dhamh,
tulach ghlan do chealg mo chion.
Mo.


L. 63


B 1632ls 17T
U Brian Ó Corcrán



Mochion dot bhronnadh, a Bhriain,
a mhic na flatha a finnChliaigh,
a aistrigh an toirbheirt truim,
h'aisgidh badh oirdheirc aguinn.



Ní chuala go bhfuair ollamh
meadh don aisgidh fhuaramar;
dot ghruaidh ttaidhleach téid a mheas
tar mhéid ainbhreath na n-éigeas.


L. 64


Cearc Bhoirche fhréimhe Rosa,
fhuair clú d'fhine Fhearghosa,
gér chúis iomráidh a hainm sin,
ní gairm ionráidh mar aisgidh.



Ó Mhaoil Sheachluinn eacht oile
d'ardollamh fhóid Ughoine,
nírbh iongnadh, tarla ar a thoil,
fionnbhrugh Banbha ré bliadhoin.



Nír chosmhail a chur a suim
síneadh cinn do Choin Chuluinn,
d'fhior tuaighe táinic tar sál,
ó ráinic uaidhe iomshlán.



Eochaidh éachtach na n-arm nglan,
ní thug acht éanshúil d'ollamh,
giodh toirbheartus do thuair teann,
le bhfuair oirdhearcus Éireann.



Do dhearlaic sibhsi, asé a shuim,
tré bheith 'na n-amhghar oruinn,
do dhá ghoirmdhearc dhamhsa am dhall,
almsa bhus oirdhearc agam.



Do-bhéaradh, a bharr na mionn,
dámadh leis aoibhnios Éirionn
ar son a radhairc, rún grinn,
dhúnn, 's a thabhairt fá thuairim.



Gi-bé do bhronn a dhá rosg,
fá chrodh ní cóir a theagosg,
barr gleannach dá ttarla ar ttol,
eallach Banbha do bhronnfadh.



A ttugsat cách, beag a bhrígh,
d'Aithirne is d'Eochaidh Éigsín,
ar mheas lóigh na ngormrosg nglan
an dornasg óir níorbh iongnadh.


L. 65


Ní thuigim nach feart féile
fuarus uait gan aimhréidhe,
do radharc, a thaobh mar thuinn,
's an t-amharc mar aon aguinn.



Gá ttám ris, ní rádh bréige,
go bráth, a mhic Mairgréige,
biad mar mhalairt, más lór lat,
do lógh bhur n-amhairc agat.



Go n-íoca Dia red dhreich ndil
bronnadh lé léighim litir
is ré sgríobhuim seal mar so
is mochean d'fhíorroinn m'anmo.
Mo.


L. 112


B 1640c 17L
U Fear Flatha Ó Gnímh



A Niocláis, nocht an gcláirsigh!
léig imtheacht don fhuaráin-sin;
seinn ilcheóla naoidhe anos,
faoidhe ó n-imtheógha m'fhiabhras.


L. 113


Aisdrigh na slighthe seanma,
tráigh ar ttuile mímheanma,
coisgthe dheid d'eólchaire inn,
leig don cheólchroidhe cuislinn.



Toigébhaid téda do chroinn
seól aigeanta d'aos mearbhaill;
lúth na healbha ót ocht méraibh,
socht ar meanma moisgélaidh.



Mná ré n-iodhnaibh, aos galair,
codlaid léd cheól síodhamhail;
an tráth nochta an gcruit gcoraigh,
luit chorcra ní cronaghair.



Ní thabhair aon dá aire
an nasg do-ní an sgallaire,
ré bruach bhar srotha seanma,
náid gotha cuach gCéiteamhna.



Cia an díthreabh nó an dionn folaigh,
cia an síodh trá a ttarrabhair
barr do chara ar an gceól gcrot,
nárbh eól dá rabha romhat?



An í do mhúin díoghrais duit,
lámh Chraiftine an cheóil ordhruic,
siansa do mheóir ar mhodhaibh,
nó is d'iarsma cheóil Chaschoraigh?



Nó an gcualabhair cuid dár sheinn
an tí rug ó dhoilbh Doirinn,
lér lean sibh an séis bportaigh
ó sin tar éis Ábhartaigh?


L. 114


Nó an é fós fuarais d'oide
rí an chiúil, céile Bhláthnaide,
dá gcoimhchreideadh an fáidh Fionn,
tar bháigh oirfideadh Éireann?



Nó an tnúth oirfideach oile
dá raibhe a tTír Tarngaire
do chuir as na síodhaibh sibh,
a ndíoghail do chuir chaoinchigh?



Más don fhior as fhearr cridhe
gealltar an ghlóir ainglidhe,
fear do dhaigcridhe do dhligh
neamh, a Chraibhtine Chaisil.



Balsam cobhartha cédfadh,
liaigh don teidhm nach taisbéntar,
cosg fiabhrasa ré bél mbáis,
do mhér niamhdhasa, a Niocláis.


L. 115


B 1609c 17T
Fear Flatha Ó Gnímh cct.



Beannacht ar anmain Éireann,
inis na gcéimeann gcorrach:
atá Treabh Briain na mbogglór
dom dhóigh ar dhobrón torrach.



Ionann is éag na Fódla
ceilt a córa 's a creidimh,
táire a saormhac 's a saoithe,
más fíor laoithe ná leitir.



Deacair nach bás don Bhanbha
d'éis an tréid chalma churadh
do thriall ar toisg don Easbáin
mo thruaighe beangáin Uladh.



Ní leigeann eagla an ghallsmaicht
damh a hanstaid do nochtadh:
atá an chríoch réidhse ríNéill
do chrú fíréin dá folcadh.



Ni fhuil cion innte ar fhéiltibh,
ní fhuil ná ar chléircibh caingean,
ní mhaireann greann a dáimhe,
ní mhaireann náire a hainnear.


L. 116


Atáid gan lúth gan lámhach,
mór an t-árach ar Éirinn,
gan ágh gan innmhe ógán
i n-Inis fhódbhán Fhéilim.



Dursan milleadh na macaomh,
díorma ghlacshaor chleas ngoile:
craosól ag clódh a gcéille,
ag sin a dtréidhe oile.



Ní mhaireann aicme Chonaill,
dream budh rothoil i n-iomrádh,
no síol Eoghain na mbéimeann -
d'fhearaibh Éireann is iomnár.



Ní mhaireann acht a n-iarmhar
crú na n-iarladh ó Sheanaid
laochraidh Máighe agus Méinne
mo thruaighe gléire Gearailt.



Clann Charthaigh gan cheann feadhna,
mór na teadhma ré n-aithris:
ag so na síona saobha -
dobudh baoghal teacht tairis.



Dobudh mór an meall dearmaid
gan saoirshliocht seanBhloid d'fhaisnéis
caor rathmhar gan rún cionnta
gion go bhfuil ionnta aithspéis.



Ó Ruairc agus Mág Uidhir,
laoich nár fhuirigh ó ghábhadh;
is cealgach croidhe an chriothshluagh,
mo bhraon diombuan a mbádhadh.



Síol gConchubair, rádh rodhocht,
ríoghraidh Connacht anallód,
giodh saithe saor na slata,
gan ríghe aca acht anshódh.


L. 117


Sliocht Murchadha is Ó Mórdha,
féinnidh fá cródha i ngliathaibh,
tearc aoinneach don tsíol shaoróg
'gá bhfuil aonfhód dá n-iathaibh.



Síol na saorchlann ó Bhéarra,
laochraidh gan éara i ndeabhaidh,
do chuir mé ar caoi mearbhaill,
Ó Cearbhaill is Ó Ceallaigh.



D'éag a huaisle 's a hoireacht
gan toidheacht aice ón oilbhéim,
dá lamhadh sinn a mhaoidheamh,
d'fhine Gaoidheal is oilchéim.



Atá ó bhéim súl Balair
i dteidhm galair a gealghort
a hioth gan bhláth i dtalmhain
bíodh ar a hanmain beannacht.
Beannacht.


L. 118


B 1610c 17T
U Ó Gnímh



Cuimseach sin, a Fhearghail Óig,
fuarois tiodhloicthi ón Tríonóitt;
gan feidhm ndaghoide ar do dhán
ag deilbh ghlanoige ar ghearrán.



Gan boith ndiamhoir, gan deacoir,
cead áinis as airdcheapaidh,
scor raifhérach, radharc cnoc,
amharc aiérach accat.



Donnchadh Mór bu mhillsi dán,
Giolla Brighde is beó iomrádh,
días do thobhoigh grádh dá ngaois,
dán ar conair ní cheapdaois.


L. 119


Ní bhiadh ag feithiomh gach fuinn
cnuasach milis mheic Cearbhoill,
fa Chluain Fraoich gér saoi soinnimh
gan chnaoi ccaoich 'na chrobhoingibh.



Bliadhain iomshlán d'Aonghas Ruadh
re hucht ngill ar ghrés n-ionnfhuar;
níor thaobh re mailís molta
an fPailís chaomh chlárchorcra.



Níor chum Sgolb, in dá rinn róibh,
saoi gan énlocht, nó an t-Órthóir,
dol tar a riaghail d'ágh ort,
dán gan diamhoir gan dorchacht.



Ní gluaisti le Gothfroidh Fionn
dán ar nach dénadh dítheall;
re blaosgach dobhiadh folamh
riamh dob aonsgoth ealadhan.



A leapthaibh dhénta duan ngill
aghaidh Thaidhg Óig Í Uiginn,
ní hionand méin duitse as dí,
dá huiscce féin do foilcthi.



Misi féin dá ndearnoinn dán,
maith leam - lughoide ar seachrán -
bac ar ghriangha um theachta as-teagh,
leaptha diamhra 'gar ndídean.



Eadrom is eatoil ghlana
muna n-iadhoinn m'aphradha,
mar dhlaoi díona ar lés an laoi
díogha dom ghrés do-ghéntaoi.



Ni hionand gnáth damhsa is duitt,
dá ndeachoinn do dheilbh adhmoid,
fada m'uain ar aoidhidh roinn,
uaill as mo laoidhibh locoim.
Coimseach sin.


L. 120


B 1610c 17T
U Fear Flatha Ó Gnímh



Mairg do-chuaidh re ceird ndúthchais:
rug ar Bhanbha mbarrúrthais
nach dualghas athar is fhearr
i n-achadh fhuarghlas Éireann.



Do héirgheadh dhóibh thuaidh is teas
nach bí ar breith don ord éigeas
labhairt ar oigdhe a n-aithreadh:
malairt oibre ionnsaighthear.



Ní sníthe snátha an fheasa,
ní leanta craobh choibhneasa,
gréas duan ní déanta d'fhighe,
luadh dréachta ní dlighfidhe.



An céidfhear do-chuaidh re dán,
mairg dó nach dearna a chlaochládh:
neamhshuthain an céim ro char:
béim bhar n-ealathain d'ollamh.



Dursan nár mhúin oide an fhis
riadh stéad nó stiúradh loingis,
nó snaidhm chéacht i ndeaghaidh damh,
d'fhearaibh na ndréacht do dhéanamh.


L. 121


Mairg d'ollamh dá nárbh aithnidh
ceard nábudh cúis iomaithbhir,
d'uaim chláraidh, do dheilbh dhabhcha,
sul tárraidh feidhm foghlamtha.



Ní fhuighthe ar uaim na rithlearg
umhla ó fhearaibh ísilcheard;
monuar gan aoibh na moghadh
'gan chaoir shuadh ar shaothrughadh.



Tairnig onóir na héigse,
teasta cion an choimhéidse,
'na gcriadhairibh oir gurbh fhearr
do sgoil fhiadhoirir Éireann.



Ná gabhaid chuca seach cách
dísbeagadh a ndréacht neamhghnáth:
ní dóibh a-bháin do-bhearair
táir, acht don ghlóir Ghaoidhealaigh.



Ní dá n-oirchiseacht d'fhéin Ghall
chaomhnaid séada sluagh bhFréamhann;
an deaghshlógh nach dáil a gcródh,
dáibh is neamhlón do-níothar.



Do dhul a-mudha don mhaoin,
do bhuain a n-ionnmhais d'aontaoibh
don mhacraidh bheannghairthe Bhreagh,
bacthair dearlaighthe dhíbhsean.



Do thrághadh a dtonn meanma,
do cheilt chroidheadh n-aitheardha
fá fhéin Bhreagh na mbrat srólltais,
do bhac cean is chomórtais -



Do mhionughadh na mac ríogh,
cuirthear na duana i ndimbríogh,
d'fholach ceirt na ríogh reampa,
do cheilt na ngníomh nGaoidhealta.


L. 122


Gaoidhil uirre ó do hagradh,
cia haca is fhearr caradradh,
nó is lia do fhóir an éigse,
cia dán cóir a coimhéidse?



Ó rug éigeantas ortha,
déanta don druing fhoghlamtha
an tslighe do-roinne riamh
i gcoinne fhine Irial.



Ó's aca tar fhéin mBanbha
tarla tús na healadhna -
síol Róigh na sliomaitreabh sean -
tiomaintear dhóibh a deireadh.



Éigean dóibh, dá dhearbhadh sin,
dá chéad déag draoi do dhraoithibh,
do dhíoth chothroim eacht oile,
teacht go rochloinn Rudhraighe.



Triall isan dturus gcéadna
do sgolaibh fhóid fhinnShéadna
go mac Fir Dhorcha dlighthir,
ór ligh ortha d'éilighthibh.



Do léigeadh breith an bháire
go heisiomal aonláimhe,
gurb é féithleann Chláir Chobha
dáibh is éincheann urrumha.



Mág Aonghusa is é thargaidh
sgol Teamhrach do theasargain:
re buige nó re cruas gcáigh
chuige do-cuas dá gcongbháil.



Mar do-gheibh geall gach aoinfhir
feadh cruais sleachta seanGhaoidhil,
dobhiadh barr ar fhéile ag Art,
an tann budh déine an daonnacht.


L. 123


Mac Fir Dhorcha ag dáil a shéad,
seoid cháich dá gcur i gcoimhéad;
cách ag congbháil an taigidh,
bláth an domhnáin dearlaigidh.



Oiread ar imthigh d'fhéile
a croidhibh chlann saoirChréidhe,
i n-aonchroidhe ag Art do an,
tar smacht laochraidhe Lundan.



Rug ar aithris Chon na gcleas
do thigh Airt an t-ord éigeas
dóigh a-nú agus a-nallain
do chrú Róigh do-rónamair.
Mairg.


L. 124


B 1600c 17T
U Eochaidh Ó Heóghusa



Fúar liom an adhaighsi dh'Aodh,
cúis tuirse truime a ciothbhraon;
mo thrúaighe sein dár seise,
neimh fhúaire na hoidhcheise.



Anocht, is neimh rem chridhe,
fearthar frasa teintidhe
a gcomhdháil na gclá seacdha
mar tá is orghráin aigeanta.



Do hosgladh ós ochtaibh néll
doirse uisgidhe an aiér:
tug sé minlinnte 'na muir,
do sgé an fhirminnte a hurbhuidh.


L. 125


Gémadh fíaidhmhíol a bhfiodhbhaidh,
gémadh éigne ar inbhiormhuir,
gémadh ealta, is doiligh dhi
soighidh ar eachtra an úairsi.



Sáoth leamsa Aodh Mhág Uidhir
anocht a gcrích chomhoidhigh,
fá ghrís ndeirg gcáorshoighnén gceath
fá fheirg bhfáobhoirnél bhfuileach.



A gcóigeadh Chloinne Dáire
dursan linn dár leannáinne
idir dhorchladh bhfúairfhliuch bhfeóir
is confadh úaibhreach aieóir.



Fúar liom dá leacain shubhaigh
fráoch na n-iodhlann n-earrchamhail,
ag séideadh síongháoth na reann
fá ríoghláoch ngéigeal nGaileang.



Sáoth linn, do loit ar meanmain,
learg thais a thaoibh míndealbhaigh
'gá meilt a ngrúamoidhche ghairbh,
a mbeirt fhúarfhoirfe íairn.



Bos tláith na dtachar n-édtláth,
síon oighridh dá fhúaighealtáth
re crann rionnfhúar gcáol gceise
ionnfhúar dh'Aodh san oidhcheise.



Nárab aithreach leis ná leam
a thurus timcheall Éireann;
go ndeach tharainn - ná tí m'olc -
an ní fá ngabhaim gúasacht.



Dá dtí ris an toisg do thríall,
do chur chúarta Chráoi Mhaicniadh -
ní tháirtheamar séd mar soin -
créd acht snáithghearradh sáoghail?


L. 126


Líonaid re hucht na n-ánrath
brúaigh ísle na n-úaránshroth;
clúana sgor fá sgingbheirt reóidh
dá gcor tar inghelt d'aimhdheóin.



Folchar a gciomhsa cheana,
nach léir do lucht foirgneamha
brúaigh easgadh na ngríanshroth nglan,
seasgadh fíanbhoth ní fédtar.



Eagail dó, díochra an anbhúain,
coill eachraidh is aradhshlúaigh,
sul dighthir tar síothLáoi síar,
a slighthibh míonchráoi Mhaicniadh.



Ní hé budh uireasbhaidh linn,
a thurus an tráth smúainim;
lór do chor chúarta ar gcridhe
gomh fhúachta na haimsire.



Gidh eadh, is adhbhar téighthe
dhá ghnúis shúaithnidh shoiléirthe
slios gach múir ghormsháothraigh gil
'na dhlúimh thonngháothmhair theintigh.



Téighidh teannál an adhnaidh
sging reóidh an ruisg shocarghlain,
geimhle chuisne a chorrghlac ndonn,
donnbhrat luisne nos leaghonn.



Seachnóin Mhumhan na múr ngeal
iomdha ó airgtheóir fhuinn Gháoidheal
cúirte brúachnochta a mbeirt smóil,
ag ceilt fhúardhochta an aieóir.


L. 127


Iomdha ó chuairt Aoidh Mhéig Uidhir
feadh íarthair fhóid fhionnfhuinidh
cúirt 'na doighir, ní díoth núa,
críoch gan oighir gan íarmhúa.
Fuar.



Ionmholta malairt bhisigh:
tárraidh sinde 'san amsa
iomlaoid go suarrach sona,
do-chuaidh a sochar dhamhsa.



Do thréig sind sreatha caola
foirceadal bhfaobhrach ffrithir
ar shórt gnáthach grés robhog,
is mó as a moltar sinde.


L. 128


Le dorchacht na ngrés snoighthe
dobhínnse ag tuilliodh gráine:
fa hí ughachta mhóráin
nár dhíol róghráidh ar ndáinne.



Maithim, giodh mór an sonas,
énbhonn feasda dá thoradh,
má théid énrand gan tuigse
dom dhánsa ó dhuine ar domhan.



Dán bog ar bhél na slighiodh,
ós é anois siorthior oraind,
cuirfeadsa dhíom na fiacha
go ccead d'iarla Chlann gConaill.



Mo gheallsa ar bhuga ar mhaoile
ní bhérdaois daoithe an bheatha:
do-chuaidh mé, maith an tuicsi,
le cách fá uisge an cheatha.



Do thréig mé - gá mó sonas? -
mo shlighthe docra diamhra:
dá ccluine cuid dar ndáinne,
beanfaidh gáire as an iarla.



d'eagla mo chora as gárda
ón mhéid dá ttárras loise,
diúltaimse flaith ó gConaill
do dhol oraind a ccoisde.



Is iomdha tré dhán bhfallsa
lán dom annsacht a mbliadhna:
do thuillfinn tuilleadh ceana
muna bheith eagla an iarla.



Mac Aodha, aigneadh fosaidh,
fear ler robhog ar ccruaidhne,
ní cás dúinn dénamh tapaidh,
ó tharla a Saxaibh uainne.


L. 129


Beag nach brisiodh mo chroidhe
gach dán roimhe dá gcumainn:
is mór an t-adhbhor sláinte
an nós so táinig chugainn.



Dá lochtaighe triath Bearnais
énrand dá ndealbhthor linde
budh iomdha ag cor 'na aghaidh -
ionmholta malairt bhisigh.
Ionmholta.


L. 133


B 1612ob 17T
Ó Heóghusa .i. Eochaidh cct.



Ní mé bhur n-aithne, a aos gráidh,
ná sginnidh re sgáth seachráin:
fúar dár seisi im ionad ionn,
spiorad mheisi nach maireann.



An dóigh libh, a lucht m'fhéghtha,
nach taidhbhsi a ttruaill aiértha,
nó spiorad anma fhallsa,
tarla im ionad agamsa?



A aithne as éidir dhamhsa,
sibh gan fhíacha oramsa:
dá mbeth cás fám ég oruibh
mo bhás créd nach cúalabhair?


L. 134


Trúagh sin, a dhaoine dona,
do cláochlódh bhur ccédfadha;
as eadh tharla am ainmsi ann,
taidhbhsi anma gan anam.



Ní misi an duine as dóich libh,
adhradh dhamh as díth creidimh:
taidhbhsi buile gan aird inn,
a Mhuire! as mairg do mhillfinn.



Dá bhféchtha fir na cruinne,
annamh fúair dúil daonaidhe
dá ré ar an saoghal acht sinn -
do náomhadh mé má mhairim.



Gidhbé adéradh nach deachadh,
ní fhuil ann acht aimseachadh:
ní tráth damhsa a rádha rom,
cára almsa rem anam.



Creidim féin go bfuaras bás,
cumhain liom an lá theasdás,
ar son an mhéda mharas,
ag cor mh'éga a n-amharas.



Ní hanbhúain, ní hiomlat mbáis,
rom mharbhsa, acht meisci shóláis:
ní sgís meanma - ga mó broid? -
ní ró teadhma ná treabhloid.



Más dúil do dhúilibh nimhe
tug lé taibhreadh n-ainglidhi
goid mh'anma gan iodhna báis,
iongna damhna mo dhóláis.


L. 135


A radharc ó ránuig sinn,
uch, a Chríost, créd fá mairfinn? -
dúil do mharbh an uile fhear,
as duine marbh nach muirbhfeadh.



Ní tonn líonmhar leanna duibh,
ní neamhgrádh neith ar talmhain,
ní hannsa duine - ga dás?
rom dhallsa uile acht úathbhás.



Ar n-éirghe as an riocht reimhe -
creididh sinn go simplidhe:
do mharbh sé don úamhain inn -
do-chualaidh mé go mairim.



A hégosg ní fhidir mé,
ní fhéd súil silleadh uirrthi:
a hamharc gin gur fhéd sinn,
a radharc do fhég mh'intinn.



Ó's síabhradh meallta meisi,
gan súil éirghe ón ainccisi,
nár fhaice súil éinfhir í,
an dúil chéillidh ad-chluintí.



Ar ttaithbheóadh suil tí dhi,
Día dár n-anacal uirrthi:
ní tharla cás roimhe rinn,
an bás oile 'nar n-oirchill.



Cíall mh'anma an uair do mharas,
tearc eólach 'na amharas:
sadh gá mbí ciall agus cruth
iar agus í gan fholach.


L. 136


B 1600c 17T
U Eochaidh Ó Heóghusa



T'aire riomsa a rí ó nUidhir,
égnach cáigh ní cuirthi a suim,
an uair nach éisde ret fhilidh,
a éisge shluaigh chinidh Chuinn.



Iomdha agam, a fhir chumtha,
cás égnaigh, dá n-éisde rinn;
dá mbeinn dod ghnúis dreachnáir diomdhach,
is cúis neamhcháir t'innlach inn.



Fuarus, a rí fhréimhe hUidhir,
fearann Corráin na ccíoch ngorm
ód ghnúis tonnghlain ar lí lasrach,
gan ní ar tolmhain d'aslach orm.



Gidh eadh, atáid ar tí ar mbuana,
buidhne iomdha, a ua na ríogh,
ag cur um cheann d'aonghuth uile,
baoghlach leam gach duine dhíobh.


L. 137


Ní bhíom lá idir laochraidh Corráin
gan crois chugam ón chaoir shluaigh,
dá bhfuilnge rí Gabhra a ghabháil,
ní tarbha ní d'fhagháil uaidh.



Do ghlór éinfhir as é adeirid
mar dhíoghuil orm, olc do-níd,
cnuic ané ba fearonn faolchon,
nach treabhonn mé ar aonchor iad.



Dá ccreideadh sliocht Aodha an einigh
m'fhearonn uaid, a abhra mall,
dá mbeinn gan tairmeasc ar talmhain,
dob aimhleasg leinn anmhain ann.



Cladh tórann la tíribh foghladh,
fód comhraic na cceithre rian,
ród ríogh a ccinnionn gach congháir,
imioll nár dhíol roghráidh riamh.



Dá tharbha fós ní fríth linne
leth ar chaillios re cion luircc,
ní bhí ráithe gan raon ccreachlorg,
snáithe caol re leathbhord Luirg.



Bíodh nach baoghlach bheith 'na bhfochair,
fine Conuill is clann Néill,
aicme Chorráin is daor dhamhsa
's commbáidh bhur maor bhfallsa féin.



Fearonn oile a n-égmhais Chorráin,
ó's chuige atá ar tharruing mé,
ní mór dhamhsa, is Aodh 'na fhochair,
asna caol gan fhothain é.



Muna bhfaghthar fearonn oile
d'áit innill ót érla nocht,
dá ttí síon fhaobhrach an earraigh,
baoghlach díol an eallaigh ort.


L. 138


Tusa chuirfios crodh 'na n-ionadh,
a ua Mhagnuis nár mhaoith guin;
munab olc leibhse a n-ég aguinn,
créd fá mbeinnsi ag cagaill chruidh?



Uaid fuarus a bhfuil um urláimh,
ort iarrfad a n-iarrfa sinn,
léig do chioth an cradh nó caomhnaidh
ní díoth dhamh gan aonbhoin inn.



B 1614ob 17T
<U An Brathair Bocht GiollaBrigde Alias
Bonabhentura Ó hEoghusa>



A dhuine chuirios an crann,
cía bhus beó ag búain a ubhall?
ar bfás don chráoibh ghégaigh ghil,
ré a fhégoin dáoibh an deimhin?



Gan t'fhuireach ré a bhláth do bhoing
san lubhghort úaine áluinn
smúain, a fhir na ccleath do chor,
mo chreach! ag sin an sáoghal.



d'éis a aibchighthi as é ad láimh,
an tú chaithfius, a chompáin,
bláth garrdha na ngég solus?
tarrla ón ég a n-amharus.



Ní críonna dhuit, a dhuine,
ga mbí an choille chumhraidhe,
th'aire ar fhás na n-abhall lag,
'sgan cás at anam agad.
Ad.


L. 139


U Giolla Brighde Ó Heoghusa



A sgríbhionn luigheas tar lear
ar amus innsi Gáoidheal,
déna mar aderam ruibh
ar senfhonn frémha Fíachaidh.



Gluaisidh reamhuibh tar Muir Meann
ar amus Uilliam Nuinnseann:
triall ar céilidhe 'na cheann,
ar ccéiline d'íath Éireann.



Innis uaimsi dá ucht slim
an ceó tuirrsi atá ar m'inntinn:
nocht cúis m'imnidh dá aithle
dá ghnúis tibhrigh thonnghairthe.



Doighthe cuartaighthe croidhe
mo lucht gáoil, m'aos ionmhuine:
na caraid dár threisi ar ttoil,
ní mharuid 's meisi ar marthuin.


L. 140


Barr ar gach teidhm mar tá sinn
d'éis meanman Uilliam Nuinnsinn:
am beó ar sgarthain ré a ghné ghil -
ní marthain é, ní hoighidh.



Dursan damhsa a dheaghuil ruinn,
fuighioll áir m'áosa cumuinn,
grian m'inntleachta úair oile,
clúain inghealta m'ionmhuine.



Áineas gan imdheargadh n-áoin,
féile ghnáth gan ghlóir ndíomháoin,
searc pobal, freagra go bfos,
tobar eagna gan fhorus.



Fuarusa re hais an fhir
seal dob áoibhne dárbh fhéidir
fan ráith ccuirr um bhráoinlios mBreagh,
's gan áoibhneas an fhuinn d'áireamh.



Ní bhínn fiú an énláoi ré a ais
gan ghabhlán n-úaigneach n-eólais:
ar cceileabhradh dhúin is dó
neimhiongnadh m'úidh ar íarghnó.



Atú re treimhsi ndubhuigh
mar ésga a n-am urdhubhuidh:
dortadh flatha Dealbhna dhamh
fatha meanma do mhúchadh.



Do tsholus gnáth gun ghealaigh
ní bhí, as bladh dá hairdheanuibh,
acht an tan dearlaicthior dhi
bladh do ghealruithniodh gréine.



Gibé tráth a tteagoimh soin
don dara taoibh don talmhuin,
ní reich mong gréine 'na gar
tar méidhe trom na talmhan.


L. 141


Tig cláochlódh dá cruth corcra,
tréigidh a tlacht íasochta
mun amsa a n-úair dheaghla dhi
ré a bfuair ón ghealgha gréine.



Mé an t-ésga, eision in ghrían;
mo ghlóir 's m'áineas ó Uilliam:
lá ar sgaraidh do sgaruid rum,
amhuil ní anuid agam.



Ní hiongnadh nach soisionn sinn
gach dealradh úaidh dá bfuighinn,
grían shídhe fionnbhrogha Floinn -
tíre is iolmhara eadroinn.



Atá an tuirrsisi fam thuinn
mar thoirrcheas n-elphant aguinn:
re deich mbliadhnuibh rom chná an chneadh,
ó dobhá a ngrianmhuigh Gaoidheal.



Measuim féin nach fédfa mé
trághadh tobair mo thuirrse,
nach deich mbliadhnasa dá mbeinn
ag sgeith m'fhíabhrasa as m'inntinn.



A litir léigim anonn,
ní feas damh, móide ar mearbhall,
gé tarla an toisgse a ndán dáoibh,
doidse nach dál bhus díomháoin.



An lámh do fhoisgeóladh ibh,
gé táoi ag triall go tír bfuinidh,
mo thrúaighe, ní feas nach fuil
ré cneas úaidhe nó ar uluidh.



Dá ttigeadh litir a-le,
ní feas fós nach bíadh reimpe
ina sreath chnámh ccríon a ccill
an lámh rod sgríobh, a sgríbhinn.
A Sgríbhionn.


L. 143


Giolla Brighde Ó Heoghusa cct.



Deacair suan ar chneidh gcarad:
gar d'airdheanaibh easgarad
an t-aos comtha nach geabh gráin
re horchra gcneadh a gcompáin.



Gidhbé uaibh do fhéadfadh soin
codladh ar chneadh a chomthaigh
d'aos chomtha ní croidhe glan
gan orchra ar-oile d'iomchar.



Aos comtha an chumainn dearbhtha,
coitcheann cúis a mbuaidheartha,
ionann orchra, ionann ceas
ortha agus ionann áineas.



Mar sin damhsa, diochra an léan,
fat' orchra a inghean Uáitéar
neimh na cneidhe rod chreimse
'na cneidh eile ar m'intinnse.



Bíth h'osnadh do dhruim dheacra
ag clódh chéadfadh mh'éisdeachta;
bíth do dheór, a chnú chridhe,
ag deól chrú as ar gcridhine.



Dá gcoisginn cion mo thuirse
sunna dhíot dod dhoghuilse,
ar ndoigh ní budh dimbríogh linn,
ná a bhfoil d'imshníomh ar mh'intinn.



Ní fhuil, tar a n-abraim ribh,
do chumha mar chúis t'imnidh;
adhbhal truime do thuirse,
uille a hadhbhar agaibhse.



Rugadh uaid, dia do dhoghra,
do mhac, oighre th'athardha,
do chosg bróin, th'aondalta ar n-éag,
do ghlóir shaoghalta, a Shinéad.


L. 144


Oighre Sgríne na sgoth nglas,
brath Dealbhna na ndionn solas
glún uaislighthe an fhine ó bhfuil,
cridhe an ghuaisbheithre i ngalaibh.



Bláth ógán Innse na bhFionn,
foithne Rois, Risdeard Nuinnsionn,
draig roighreanta, beithir borb,
feithimh móirshleachta Marbhord.



Saor an sgoth do sgar ruibhse,
ní hiongnadh t'fháth doghuilse:
ba triall raith, ba gaoth i ngal,
ba laoch, ba flaith, ba feallsamh.



Níor chlannaigh fa choim na neamh
ní nach fuair fios a airrdhean,
re hais gcearcaill na cruinne,
ná a seantruim thais talmhaidhe.



Do thiomchuil, turas bladhach,
ciorcla na gcorp n-uachtarach,
an dá pholas tuaidh is teas,
a bhforas fhuair gan aincheas.



Gidh eadh trá, dá dhoilghe dhuit,
má taoi ar an tí ros tiodhluic,
a ndeaghaidh na dtairtheadh tug,
dleaghair a aithbhear orad.



Dia athar - ga huaisle ceard?
dó féin do-rinne Risdeard:
ní huaibhse rug an nglaic ngloin,
is ní dait tug ó thosoigh.


L. 145


Dorus beathadh bás an fhir,
ní cúis imshníomha a oighidh:
cia an neach a gcás budh cuirthe,
dá ndeach le bás mbeannaighthe?



Glan budh-easd th'aghaidh dtuirsigh,
tiormaigh do ghruaidh ngrianluisnigh,
an doigh do-chuaidh ad chridhe,
ad-roigh uaibh ar mh'impidhe.



B 1640obc 17L
Mathghamhain Ó Hifearnáin cct.



Ceist! cia do cheinneóchadh dán?
a chiall is ceirteólas suadh:
an ngéabhadh, nó an áil le haon,
dán saor do-bhéaradh go buan?



Gé dán sin go snadhmadh bhfis,
gach margadh ó chrois go crois
do shiobhail mé an Mhumhain leis -
ní breis é a-nuraidh ná a-nois.



d'éirneist gémadh beag an bonn,
níor chuir fear ná éinbhean ann,
níor luaidh aoinfhear créad dá chionn,
níor fhéagh liom Gaoidheal ná Gall.


L. 146


Ceard mar so ní sochar dhún,
gé dochar a dol fa lár:
uaisle dul re déiniomh cíor -
ga bríogh d'éinfhior dul re dán?



Ní mhair Corc Chaisil ná Cian,
nár chaigil a gcrodh ná a luagh,
na réidhfhir ag díol na ndámh -
slán lé síol Éibhir mon-uar.



Geall bronnta níor beanadh dhíobh,
Cobhthach go teasda agus Tál:
iomdha drong diongbhaim dá luadh,
uaim anonn dá ndiongnainn dán.



Mé im luing cheannaigh ar gcaill laist
d'éis Chlann nGearailt do thuill teist:
ní chluinim - is cás rom loisg:
fás an toisg fá gcuirim ceist.


L. 151


B 1600c 17T
Fear Feasa ón Cháinti cct.



Gluais a litir go Lunndain,
ó'd-chí aidhbhle mh'fhíorchumhgaigh:
reic mh'inmhidh, nárab leasg libh,
imdhigh bhú-dheasd is deibhthrigh.



Tuig mh'urchóid re hathaidh,
luathaidh féin fear h'iomachair;
ná bí a bhfad, dá bhféadair libh,
ná stad go féagain bhFínghin.



Aoibhinn duit dul dá fhéaghain,
a bhille bhig bhoirbsgéalaigh,
is é do bhreith oirbh as mh'uchd,
is bheith ar th'fhoirm ag amharc.



Truagh nach roichimsi a riocht eóin,
nó a ccruth airdreannaigh aieóir,
tar muir mbraitfhinn dtaobhfhuair tréin,
go bhfaicinn aonuair eiséin.



Ó's críoch duitsi dul 'na cheann,
d'éis t'oslaigthe go haithghearr
rem rann d'fholaibh na n-oireacht
labhair thall mo theachtoireacht.


L. 152


Dot osgladh an uair bheithir,
cuimhnigh dona céidneithibh
ar mbeannaichtne do dháil dó,
'sar mbáidh ceangailte ón chéadló.



An dara ní is nochta dhuid
do Mhág Carrthaigh, dom charuid,
an cás searbhso a bhfoilim féin,
gidh doibhinn leamsa is leiséin.



Reac a ttrice mar tá mé
ón chomharsain go chéile,
mar ubhall ó thuinn go tuinn,
ag fulang luim is leattruim.



Innis dó, diochra an siobhal,
nach faghaim a n-éinionadh
a ngar don bhliadhain a mbáidh ?
ní ciallaidh damh mar díoghbháil.



Ní bhraithim a ndúthracht damh,
Clann Charrthaigh dar chóir móradh;
siad na ndaoinibh mar gach ndreim,
más Gaoidhil iad ní aithnim.



Re cheannach nó gan cheannach,
aonfhód, anba an t-aithearrach,
ní fhaghmaid ó dhuine dhíobh,
tarnaig ar n-uile fhairbhríogh.



Má tá-san mar atáid damh,
measaim nach maith mo thorchar;
do chaill mé an sáirfhine sonn,
'sgan é d'áirithe agam.



Re mac Donnchaidh mhic Domhnoill
reac, a bhille bhriatharmhaill,
gur thréig mé Éireanncha air,
gidh é is déidheancha dearbhthair.



Má tá ag Fínghean, muna bhfuil,
áit éintighe d'iath Fhionntain,
fóireadh m'fhorraoin, madh áil leis,
ar bháidh nó ar chommaoin ccairdis.


L. 153


Nó ar mo bheith air ag oirchill,
nó ar an éigsi iomairchim,
nó ar ar ndualas sonn go se,
nó ar an dtrom fhuarus uime.



Ná cuireadh d'fhiachuibh ormsa
triall sonn a sín chodarsna
tar ardmhuir cciachdhuibh 'na cheann
ó arduibh iarthuir Éireann.



Lór dom fhuireach ó eachtra,
dá mbeinn éasgaidh n-aigeanta,
dom pearsain más pudhair leis,
easbaidh culaidh is costtais.



Cách thoir ní tuigfidhe liom,
's ní thuigfidís uaim mh'fhuighioll;
gidh beag leam a ndéinim dhi,
a nÉirinn is fhearr mh'éigsi.



Cia is iontaobhtha d'fhearaibh Breagh
díomsa dá ndeachadh Fínghean?
dá ndiúlta meisi, um láimh liom,
báidh ar sheisi ní shirfiom.



Fágbhaim an t-adhbhar faoi féin,
ní beag nod d'fhior mur eiséin:
fíoradh mo dhóigh druim ar dhruim,
sgríobhadh mar as cóir chuguinn.



A liteir láimhe Fínghin,
tú an luibh fhóirfeas m'fhairbríghneimh,
dearbh do bhuantoil le barr luais,
tar dom ruachtain is roghluais.


L. 157


B 1632ls 17T
U Anaithnid
An tú m'aithne, a fhalluing donn?
ataoi feadh th'aithne agam,
mithidh damh, gé tuar tuirrse,
do char uaim a fhalluing-se.



Nó gur lomais fam lámhaibh
id chiomhsaibh, a chompánaigh,
iomdha coinne 'nar chuir mé
na cruibh i gcoinne a chéile.



Tugas cuairt do chois Bearbha -
móide id dhiaidh mo dhoimheanma -
i gcionn gach faithche is-tír thoir
dobhínn d...........



Dochuadhas leat lá oile
imeasg oireacht Osruighe:
a dhonn-bhrait ar dhath an tsróil,
ach! dob orrdhraic bhar n-onóir.



Ret fhoirfeacht, a fhalluing donn,
dá dtugadh amhghar orom
do thógbháil fán dtír amach,
bím ag ógmhnáibh dot fholach.


L. 158


Mithidh damh dealughadh ruibh,
beag nár lom do leath íochtair:
tearc flaitheas nach fuighe cor -
do chaitheas uile th'uachtar.



An lom uile, a fhalluing donn,
do sgaoil ó chéile ar gcumann:
a-nocht mo thruaighe thusa!
ruainne ort níor fhágbhusa.



Fa tú an meirge ba mó cion
agam i n-íochtar Laighean:
tús comhóil duit ó gach druing,
cuid dot onóir, a fhalluing.


L. 159


B 1620c 17T
Aonar dhamhsa eidir dhaoinibh,
atú anocht go neamhfhaoiligh:
am aonarán a ccionn cháigh,
's ionn gan aobharán d'fagháil.



Ní thuig mé an lucht so ag labhra,
gá dtá ar tteanga mháthardha:
ar n-aos aithnigh ní léir linn,
mh'aithghin féin ó nach faicim.



Ionann liom gach longphort lán
is uaigneas d'éis mo chompán:
mar sin budh daoinighe dhamh,
aoinfhile as tigh dhá tteagmhadh.



Teóra cearcha 'nar chleacht sinn
áineas d'fagháil dom intinn,
nach taighlim na trí cearcha,
do shní fhaighlinn mh'aigeanta.



Teach meabhraighthe ar mac soirbhidh,
rob áit oiris d'ógbhuidhnibh,
grís deargtha agus sí solas,
rob í ar gceardcha céadamhas.


L. 160


Teach luighe ar lochta samhla,
uinivers na healadhna,
dánbhoth ór dhoichealgtha sinn,
roicheardcha ar n-ánroth innill.



Teach breithibh gach gréasa gloin
an treas tech dar ttrí cceardchoibh,
ór lia snáth féithleannta fis,
'nar ghnáth éincheardcha an oiris.



Trí rómha a ngabhmaois grádha,
trí ceardchadha congmhála
do dhreamuibh dile re dán,
tighe ceanguil na gcompán.



Beannocht leó a los a saoire,
dronga ar nár cheisd cruadhlaoighe,
an coimhthionál dar chóir searc,
doircheadhán dóibh nír dhoircheacht.



Ba haithghearr eatorra sin
lá earraigh, aghaidh gheimhrigh:
an lucht téarnó do-ní a-nois
mí don éanló 'na n-éagmhois.



Ionnsa an t-anshaothar orra,
nach fuighid fir fhoghloma
gréas snáthsholas na suadh nglan,
dar dhual fáthfhoras focal.



Dursan an taobh dhá dtáinig
a mhoille thrá thionáilid;
fatha sgaoilidh na sgoile
Gaoidhil Macha ag moghsoine.


L. 183


B 1617c 17T
Fogus orchra don éigsi:
gá ttás cur ré coiméidsi?
do bhean sí céill do chabhuir;
ní réidh í ó orchradhaibh.



Ar n-éigsi as neimhní annosa,
dá ttí tásg Hí Eódhusa;
sgeing na haithmhéile dí is dloigh,
fá bainchéile í d'Eochaidh.



An cádhus do chleacht idir
ionnsa a dhul a ndímhigin:
gar léan a dínsighthi dhi,
nél a híslighthi uaisdi.



Do-rad dó tar gach nduine
sgaith a heóil 'sa hionmhuine,
nó gur léigsi agus lúdh ann
glún na héigse dá altram.


L. 184


Léir ar ghnaoi a ghréasa annosa
seinmhéin doilbhthe an dánasa
ann 'na breólasair gur bhruinn,
tall don eólasoin urruinn.



Do-chuaidh tré screaptraibh na sgol,
fuair fréamha eóil na n-ughdor:
dual mórthuireadh uainn don fhior,
fuair an órthuidhean fhileadh.



Cnú na ccollsa ó bhfaghthaoi fios
fá dhlaoi do-fhuair an t-éigios;
ó ros boing ceas dona cnaibh,
na croinn lé meas ag meabhsain.



Coimhdheas chumus an file
bucca an bhéarla theibidhe,
'sna fuighle dorcha 'na dhán,
a chuimhne ortha is iomshlán.



Tig 'na cheann, ní cungnamh slim,
óradh ughdar an léighinn,
'na dhán as-teach go ttabhair;
dál na mbeach a bharamhail.



Na beich ó bhruach gach oirir
teaguid leó dá lóntoighibh
sugh na sgoth mbreachtnoighthe mbog
's bleachttoirthe na gcloch gcadott.



Macasamhla dár seise,
níor fháguibh don éigsesi
breith a ghill uaidh ní homhan
tim ná cruaidh gan chuartoghadh.


L. 185


Na hoideadha as ollmha a bhfios
as é éirnios a n-ainchios;
earr ár ttagraine asé sin,
a-dlé abdhuine uaisdibh.



Uathadh do chách ar nach cuir
an teidhmsi ag tinnmhe an olluimh:
créad acht goin chló tré chroidhe,
doigh as mó lé millfidhe?



Mo chumhasa fá a chruth nár
as imneadh bó fá a baothán:
brón go séis síreachta soin -
am dhílleachta d'éis Eochaidh.



An éigse do-chuaidh dá cuing,
munab slán mac Maoil Sheachluinn:
neach dá léim níor saoileadh so,
aoinfhear don chléir ní charfo.
Fogus.


L. 189


B 1632ls 17T
Labhair linn, a Mhuire Mháthar,
suidhigh sinn sa rícheadh,
ná tar am aghaidh lem fhéichemh,
labhair damh fad dícheal.



Léig an freagra as fhearr red t'fagháil
leam ar eagla an ainiúil;
sinn ar n-ég dhuit nábadh doiléir,
a chruit na ttéd ttaidhiúir.



Dobhaoi do dhaonnacht fam Dhia-sa
ad naomhchorp naoi míosa;
as tú an t-ionadh fhuair na grása,
a thruaill iodhan Íosa.



Beir m'anam, a Ógh, ó shechrán,
ná labhair glór guthchlaon;
saor mé mar nach dual óm dhrochrún,
a ghruadh ar ghné subhchraobh.



Saor mo mhóid agus mo mhionna,
a Ógh gan bhaos mbanna;
cuid dod thréd gan innremh orra,
fég, a inghen Anna.


L. 190


Ná léig mo locht d'agra ar m'anmain,
olc tagra gan torbhaidh,
a ghruaidh mar ghréin, a ghnúis suilbhir,
mo chúis féin go bfolchair.



Acht an té do dhealbh na dúile,
dearbh lem chéill nach cuala
leth do mhíorbhal a ndúil daonna,
a úir bhríoghmhar bhúadha.



Bí dom dhíon ar áis no ar éigin
ar cháir Chríosd má fhédair;
bíom ar do sgáth, a sgiath dídin,
a ttráth a fhiach d'fhégain.



Ós egail lem Luan an chíosa
um chenn, cruaidh an cása,
an chroch dherg agus ég Íosa,
do Leanb brég an lása.



Ar ndódh leis an saoghal sédmhar,
mór baoghal na mbréigfhleadh,
mairg chleachtas an t-ól, a Óigbhean,
a Ógh dhearcghlas dhéidgheal.



A chruth fial, a ghnúis as gile,
rug tú Dia 'na dhuine,
fagh mo dhírgheadh uadh as m'fhaire,
th'Uan míngheal, a Mhuire.



Fuair an Ógh oiread na páisi,
Moire ger mór sgíosa,
is Mac Dé san úaidh dá héisi,
sa gruaidh mar ghné gríosa.


L. 191


A mhaoir Íosa, a aingil iodhain,
sgaoil m'ainimh san fhalaidh,
saor sinn ó dhíchéill an domhain,
a Mhíchéil, linn labhair.
Labhair.



A Hot Friend Cooling.



Ní mhairenn oighre Murchaidh -
mór cumthair dona brégaibh -
dá maradh ní bheith choidhche
lá go n-oidhche inar n-égmais.



Ag techt chugainn as uainne
dobhíoth daoine uaisle oile;
ag techt chugainn is chugainn
dobhíoth m'fher cumainn croidhe.



Créd dhénuid muinnter Dhálaigh
ón mbás-soin dá ttí an cogadh?
fa meinic laodh mo chroidhe
ós cenn m'fhine dá cosnamh.



Fa dhó sa ló dar bféghuin,
an té fa ndénuim osnadh,
dothigedh sé go bádhach
ó Áoibh Rátha go Brosnuigh.



Do-chuaidh Diarmuid, mo thruaighe,
fúinne a bhfuaire nár bhrethnuigh:
ní thig sé chugainn choidhche -
acht ocht n-oidhche sa tsechtmhuin.


L. 192


Diarmuid tar éis a éuga,
a fhir dhénta na huaidhe,
ná bí dá chur a ttalmhuin,
ní gar dhó anmhuin uainne.
Ní.


L. 197


B 1632ls 17T
Tiar táinig tús na seanma;
gnáth dúil a ndiaigh oileamhna;
críoch Mhumhan na séadmhúr sídh
bunadh na ccéadghlún cciníl.



Cá beag d'fhiadhnaise air sin
imreasuin dá mhac Mílidh,
ag roinn fhóid bhláthchoille Breagh
don dámhchoinne óig fhéinneadh.



Tugsad go hÉirinn eidir
fhilidh agus oirfididh,
a slios Tuir bhratghloin Bhreoghain,
tar muir n-atmhair n-ainbhtheanaigh.


L. 198


Onaoi dob ainm don fhior chiúil,
Cior mac Cis ceann ar seiniúil;
ní leanfam dá slonnadh sin,
dá ollamh mearchlann Mílidh.



Ordaighis Éibhear amhra
crannchor fa a n-aos ealadhna
ar mbeith d'Éireamhón ón fhior
ar leith gléimheadhón Gaoidheal.



Do thaoibh Éibhir - gárbh fhearr céim?
tarla an t-oirfideach ainnséin:
re gnúis mbuig ngeilmhíolla ngloin
fa neimhdhíogha an cuid crannchoir.



Ríoghdhacht na seanma ó so lat
ag leanmhuin luirg na ríomhac:
atá ag seinshliocht Éibhir Fhinn
eighriocht re a n-éirigh inntinn.



Dá mbeith fós nach raibh reimhe,
atá an uairsi dh'áiridhe
fréamh an cheóil a muigh Mhumhan,
sgeóil ar a bhfuil fíadhnughadh.



Atá aniugh ag Nioclás Dall,
ar cheart ar chumas n-adhbhann,
mír curadh cheóil na Banbha,
bunadh eóil na healadhna.



Cumadóir na ccleas ndoilbhthe,
gaduidhe na geamhoidhche,
musgladh brón baoithchridhe ban,
glór nach saoilfidhe a síothbhrugh.


L. 199


Adhbhar caomhnaidhe cumhadh,
sás meanman do mhórughadh,
siansa ón girre laoi leabhra,
nach binne caoi Céideamhna.



Colloid ré caoine a sheanma
na beathadhaigh bhrúideamhla,
ag éisdeacht mharbhchor a mhér mbras,
do anfadh én re a amas.



Líonmhaire 'ná an fér ag fás
ar leath ó lámhuibh Nioclás,
sreatha a ghéag cceathbhraonach cciúin
do ghealchaolach téad ttaighiúir.



Mar dheilbh a ndiaigh a rionnta,
ní fios d'aos aigeanta,
séis marbhghlan a mheóir rathmhair
d'adhnadh an cheóil chuimhrighthi.
Tiar.


L. 200


Tríall, a reacaire, reac m'fhuighle,
imthigh go grod, ná gabh sgís
gan dol d'fhéaghain chinn ar ccoimhghe:
fill ré sgéulaibh oirne arís.



Beir leat úaim go hoighre Domhnaill
díoghrais bríathar a mbía brígh:
tabhair aghaidh a ttáoibh thola
ar chráoibh taraidh fhola hÍr.



Aithin meisi do Mhac Carthaigh,
ná ceil air a n-abair mé:
mo bheith mar tám cuir 'na chlúasoibh,
as nár dá fhuil úasail é.



Ba ná capuill, ór ná airgiod,
ní fhuil agam, innis só:
labhair agus déana deinmne,
tabhair sgéula deimhne dhó.


L. 201


Crúacha as muca d'easbaidh oram,
ní hé amháin do ísligh m'úaill:
ceachtar dhíbh ní fhoil ar m'fhagháil,
mar soin do shín m'anáir úaim.



Mé táoibh rém ealadhuin d'ionnmhus,
aithnidh damh nach drud ré sdór:
gé beag ag cách í fan úair-si,
dobhí tráth nárbh úaisle an t-ór.



Duit budh béim mo bheith ar éattráigh,
a úa Carthaigh nár chláon cairt;
beir oirne má táoi rém thógbháil,
a oighre chráoi fhódbháin Airt.



Cuir a suim nách mé do mharcach,
a mheic Domhnaill nár dhiúlt cléir:
mé tar chách do-chóidh amugha,
is tráth ó chóir dá chura a ccéill.



Tabhairt éra ar áoinneach eile
ní heól úaibh - gá hairde nós?
béim ar do bhronnadh ní foghar,
acht th'ollamh féin folamh fós.



Tríall ar éigsibh na ccóig ccóigeadh
ad cheann, a chodhnaigh Chúain Dor;
lór ar fhéaghadh é mar iongna
mé um éanar fa dhiomdha ag dol.



An galar tromsa ina ttarla,
tráth a leighis ná léig thort;
a chnúas géag Oilill as Fhíachaidh,
féag an bfoilim d'fhíachaibh ort.



A reacaire, foillsigh feasda
fada an rún do-rinneas ríamh:
druid romham go ceann ó cCairbre,
as romhall leam thairge tríall.
Tríall.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services