Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Laoithe na Féinne
Title
Laoithe na Féinne
Compiler/Editor
An Seabhac
Composition Date
1772
Publisher
(B.Á.C.: Clólucht an Talbóidigh Teor, 1941)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AGALLAMH OISÍN AGUS PHÁDRAIG. 'Oisín, is fada do shuan, éirigh suas is éist an salm; d'imthigh do lúth is do neart gidh chuirtheá cath i ngleo gharbh. D'imthigh mo lúth is mo rath ó nach maireann cath ag Fionn; i gcléircibh ní fhuil mo spéis, ceol dá n-éis ní binn liom. Ní chualais a chomhmaith de cheol ó thús an domhain mhóir gus indiu; Atá tú ársa aimhghlic liath gidh go gcuirtheá gliadh ar chnoc. Do chuirinn-se gliadh ar chnoc a Phádraig, is docht do rún; is mairg duit do cháin mo chruth is nach fuair mé guth ar dtús. Dochuala ceol dob fhearr ná bhur gceol gidh mór mholas tú an chliar, scaltarnach luin Leitreach Laoi 's an fhuaim do-níodh an Dórd Fiann. Smólach ró-bhinn Ghleanna an Scáil nó morgháir na mbarc le tráigh; ba bhinne liom trost na gcon ná do scol-sa, a chléirigh cháidh. Cnú Dhearóil, cnú mo chuirp an t-abhac beag dobhí ag Fionn, nuair do sheinneadh cuir is puirt dobhíodh san gcruit go binn súbhach. Bláthnuit an inghean óg nach tug móid le fear fán ngréin, acht Cnú Dhearóil agus í uch, a rí! ba bhinn a béal. Dhá ghadhar déag dobhí ag Fionn nuair do leigeadh iad fá Ghlionn Rath, ba bhinne ná ádhbha ciúil is a n-aghaidh ón tSiúir amach. Nuair do shuidheadh Fionn ar chnoc 's do sheinneadh gan locht an Dórd Fiann, do cuireadh 'na gcodladh an sluagh le monabhar ba bhinne ná an chliar.
Atá scéal beag agam ar Fhionn ní rabhamair ann acht cúig fir déag, do ghabhamair rí Sacsan na bhfleadh is chuireamair cath ar rígh Gréag. Do gabhadh linn Mághnus mór mac Ríogh Lochlann na slógh teann, i bhFlóndras thángamair isteach 's do ghabhamair neart ós a gceann. Do ghabhamair an Leath ar fad ba mhór ár neart is ár dtréin, críoch Lochlann 's an India Mhór thigeadh a n-ór gus an bhFéinn. Thug sé naoi gcatha san Spáinn is naoi bhfichid cath i nÉirinn uill; níl ón sruth 'nar baisteadh Críost nach tigeadh a gcíos go teach Fhinn. Thug sé ocht gcatha san Spáinn theas is Árd-rí Sacsan ar láimh ris; is beacht dobhí an domhan fá n-a chíos is é ba rí ar an nGréig Bhig. Ní raibh coimhmeas leis ó Chríost ní fheaca rí ós a chionn gidh mór; mairg dom a mhaireann dá éis is gan mo spéis i gcluiche ná i gceol. Ní hiongnadh mé gan ghreann, gan chroidhe nuair smaoinim ar na fir bhí garbh; ar easbaidh catha, bídh is dighe trí neithe riamh do chleachtainn. Im dhamh chríon d'aithle na sluagh uch! is truagh mé bheith beo; gidh gur mhór mo thréan-neart seal anois is lag mé, uch uch ón! Is minic dobhíos fá ghreann aoibhinn gan ceann síos ag neach dár bheo; ba lúthmhar m'imirt ar chleasaibh lúith gidh táim anois ag seargadh 's ag feodhadh. Is truagh, a Phádraig, an scéal mé tar éis na bhfear go fann ag éisteacht le cliar na gclog is mé im sheanóir bhocht dall. Dá maireadh Fionn is an Fhiann do thréigfinn-se cliar na gcros, do leanfainn an fiadh fán ngleann is badh mhian liom breith an a chois. Iarr-sa, a Phádraig, neamh ar Dhia d'Fhionn na bhFiann agus dá chlainn, is déin guidhe ar an bhflaith nach cuala a chomhmaith lem linn. Ní iarrfad-sa neamh d'Fhionn a fhir ghrinn lér éirigh m'fhearg, is gurbh é a mhian le n-a linn bheith i nglinn le siansán sealg.
Dá mbeitheá-sa fairis an bhFiann a Phádraig na gcliar is na gclog, ní thiubharthá aire do Dhia is bheith ag riar cliar is scol. Ní thréigfinn-se Mac Dé Bhí ar a dtáinig thoir is thiar; a Oisín an chreidimh bhig is olc rachas duit díoghal na gcliar. Is beag mo thuairim duit ná dod chléir a Phádraig naomhtha na mbachall, is measa liom Fionn glac-ghléigeal rí na Féinne ar mo theastaint. Is dubhach liom gan a choin ag léimrigh 's a ghadhair go léir 'na n-aice; dá mbeidís sin 's a laochradh níor bhaoghal liom-sa aithis. Sin an bhaois le n-ar thréigis agus Fianna Éireann flaitheas, do chreideamh riamh níor ghéillis acht do neart géag is do chathaibh. Dá maireadh Fionn 'na shláinte 's an Fhiann ró-áluinn gharbh badh mhó leo a gcoin 'na sáin-rith ná cead áitribh na bhflaitheas. Is fann atá an Fhiann 's is daor gan cead laochais i dtigh na bpian, de bhrígh nach tugadar riamh géilleadh don Athair Naomhtha i n-aon rian. Dob ionmhain le Fionn na bhflaith siansán a chon i bhfad ar sliabh coin allta ag fágáil a gcuan mór-dháil na sluagh dob é a mhian. Dob ionmhain le Fionn béim sciath coscairt laoch agus fiadhach cnuic is binn-ghlór a ghadhar ar saothar ná réir cléire, cill, ná cluig. Is iomdha mian dobhí ag Fionn nach cuirtear i suim dá éis; ní mhaireann Fionn ná a choin is ní mhairfidh tusa, a Oisín fhéil. Is mó de scéal Fionn ná sinn 's ná a dtáinig le n-ár linn riamh; a ndeachaidh díobh 's a bhfuil beo dob fhearr Fionn fá ór ná iad. Gach ar bhronnais-se is Fionn d'ór is olc rachas dó agus duit; tá sé i nIfreann i ngeall mar do-níodh feall agus broid. Is beag chreidim-se ded ghlór a fhir ón Róimh na leabhar mbán, go mbeadh Fionn, an flaith fial ag deamhan ná ag Dia ar láimh.
A Phádraig na mbachall bhfiar is olc do theist ar Dhia, dom dhóigh, go gcuirfeadh go teach na bpian an té bhronnadh biadh ar gach slógh. Fionn, flaith féinne na slógh an té do bhronnadh ór ar dháimh, ar chomhairle duine ná Dia ní rachadh go tigh na bpian dá chrádh. Tá Fionn i nIfreann ar láimh an flaith sámh do bhronnadh ór, i n-éiric easurama ar Dhia tá sé i dtigh na bpian fá bhrón. Dá mbeidís Clanna Mórna istigh nó Clanna Baoiscne, na fir ba thréan, dothabharfaidís Fionn amach nó dobheadh an teach aca féin. Cúig cúigí Éireann fá seach 's na seacht gcatha dobhí san bhFéinn, ní thiubhraidís Fionn amach gér mhór a neart is a dtréin. Dá maireadh Faolán agus Goll Diarmaid Donn is Oscar áigh, i dtigh dár chum deamhan ná Dia ní bheadh Fionn na bhFiann ar láimh. Dá maireadh Faolán agus Goll is a raibh ann den Fhéinn riamh ní thiubhraidís Fionn amach as an dteach 'na bhfuil i bpian. Dá mbeidís siúd agus Fionn, an rí go teann mar dobhíodar sealad níor cumadh ifreann ná flaitheas riamh do chongbhóchadh iad fá ghlasaibh. Tá Fionn i nglasaibh go daor i bpiantaibh daora na ndiabhal, gidh dóigh leat-sa gur mór a thréin is nárbh fhéidir é bheith fá iadh. Ní chreidfinn go mb'fhéidir le Dia dá mhéid a thréin is a neart ná le diabhal dá dtáinig riamh Fionn na bhFiann do chur fá ghlas. Ní thug Fionn, an flaith láidir a chíos le háireamh riamh do Dhia ná do neach ar bith dá dtáinig roimhe, ná atá anois 'na dhiaidh. Is iomdha cath do chosnaimh Fionn ba láidre é ná Dia na bhFlaitheas, níor ghéill do dá láidre rí ó tháinig Críost ná raimhe. Créad dorinn Fionn ar Dhia acht bheith ag riar cliar is scol, greas mór ag bronnadh an óir is greas eile le meadhair a chon? I ngeall le meadhair na gcon is le riar na scol gach lá, is gan aire aige ar Dhia atá Fionn na bhFiann ar láimh.
Adeir tusa, a Phádraig na rann nach tiubhradh an Fhiann Fionn amach ná cúig cúige Éireann leo gér mhór a neart fá seach. Dob éigean do géilleadh do Dhia mar is éigean don domhan uile; tá sé i nIfreann na bpian ag díol go dian as a choirthe. A Phádraig is truagh an scéal an rí-fhéinnidhe do bheith fá ghlasaibh; croidhe gan aingidheacht gan fuath croidhe cruaidh ag cosnamh catha. Dá liacht cath do chosnaimh Fionn ní dhearnaidh toil Dé ar áird; tá san 'na choir ós a chionn i bpiantaibh dá shíor-chrádh. Is éagcóir nár mhaith le Dia ór is biadh do thabhairt do neach; níor dhiúltuigh Fionn tréan ná truagh Ifreann fuar má's é a theach. Dá mhéid riamh a chuid óir 's a thigh is cruaidh a chuibhreach i dtigh na bpian, gan lonnradh solais ná amharc soillse mar is amhail do thuill ó Dhia. Ba mhian le Fionn amharc soillse 'na chúirt ghrinn, deoch is biadh, má tá san i nIfreann ghnaoi-dhubh ní ró a shuim i ndiabhlaidheacht pian. Mian mhic Cumhaill fa maith gnaoi éisteacht le faoidhe Droma Deirg, codladh fá shruth Easa Ruaidh is fiadh Gaillmhe na gcuan do sheilg. Scolaidheacht luin Leitreach Laoi Tonn Rúdhraighe ag buain le trácht, dordán an daimh ó Mháigh Mhaoin búithreach an laoigh ó Ghleann Dá Mhál. Foghar seilge Sléibhe gCrot fuaim na n-os um Shliabh gCua; mongháir faoileann Iorruis thall gáir na mbadhbh ós cionn an tsluaigh.
Túrnamh creat na mbarc le tuinn an-uaill chonairt do Dhruim Lis, briathra branáin Chnuic an Scáil is gáir na dtrí sreabh um Shliabh Mis, Glaodh Oscair ag dul do sheilg gotha gadhar ar leirg na bhFiann, bheith 'na shuidhe ameasc na ndámh dob é sin de ghnáth a mhian. Mian de mhianaibh Oscair fhéil bheith ag éisteacht le béim sciath, bheith i gcath ag coscairt cnámh dob é sin de ghnáth a mhian. Sé fir déag dochuamair siar do sheilg ar Fhormaoil na bhFiann, láimh le héadan Chnuic an Scáil d'fhéachain céad-reatha ár gcoileán. Anmanna an dá ochtar grinn do-bhéaradh duit, a Thailginn; bheith dá n-éis is truagh an chúis monuar is méala a n-iomthúis. Mé féin is an flaith Fionn is mo mhac Oscar na mbéimionn, is an té do bhain ua Baoiscne a bruid an fear, ua Duibhne, Diarmaid. Tháinig linn Faolán feardha agus triúr mac Aonchearda, Glas, Gearr is Gobha nár ghann do chleacht mór-éacht i gcomhlann. Tháinig linn Conán gan mhoing is Caol céad-ghoineach ua Neamhoin, Mac Lughach nár bhanda 's nár thim is Goll mac Mórna don fhuirinn. Dobhí 'nár mbuidhin Liagán Luaimneach maraon is Dáire Duanach, Gobha Gaoithe mac Conchubhair an áigh is Caoilte mac Cronchair mic Rónáin. Dobhí Bran ar choin-éill ag Fionn is agam-sa bhí Sceolann, Fearonn ag Diarmaid na mBan is Adhnuaill ághmhar ag Oscar. Cléibhreach ag Faolán mac Finn ag Glas mac Aonchearda Eitill, ag Gearr is ag Gobha na n-each nglan dobhí Fead agus Fostadh. Dobhí Searc ag Conán Maol is Éisteacht ag Caol le n-a thaobh, ag Lugha láidir is ag Goll dobhí Fuaim agus Fothrom. Dobhí Luas ag Liagán Luaimneach is Dathchaoin ag Dáire Duanach, Léim ag Gobha Gaoithe gan ghráin is Daol ag Caoilte mac Rónáin.
Scaoiltear dúinn gadhair mhic Mórna fá imeallaibh cnuic 'na dtáintibh. fá chiumhsaibh corpordha Coráin is béal na Leamhán le fánaidh. As súd soir go Binn Bóthair linn ba cheolmhar a ngártha; fir Dháire i gcoill go guthbhinn is iad ag osnaighil ar tháintibh. Seacht bhfichid damh allaidh láidir ó Rinn Ráthach go Fochaoin, caogad faolchon, triochad mór-thorc gníomh ár n-óg-chon i bhFormaoil. Sin an chéad lá ar scaoileadh dár saoithibh con chun cluiche; ní mhaireann dá raibh i láthair uch, a Phádraig, ach mise. A Phádraig, is truagh mise im sheanóir fá atuirse, gan réim, gan tapadh, gan treoir ag triall chun Aifrinn go haltóir. Gan árd-fhiadhach Luachra Deadhaidh gan míolta muighe Sléibhe gCalainn, gan dul i ngliadhaibh le Fionn gan riar scol mar chleachtainn. Gan deabhadh, gan déanamh creach gan imirt ar chleasaibh lúith, gan dul ar suirghe ná ar seilg dá cheird i n-a raibh mo thnúth. Gan áireamh laoch, gan iomchur sleagh ó chailleas Oscar agus Fionn; d'fhág sin mé, a Phádraig, gan ghreann im chrann críon ag meath fá phudhar. Scuir, a sheanóir, leig dod bhaois ní beag duit a ndubhrais; smaoin ar na piantaibh atá romhat d'imthigh an Fhiann agus imtheo'ir. Má's imtheacht dom nár fhágtar tusa a fhir an chrábhaidh toirmiscthe; dá maireadh Conán im dháil ní leigfeadh leat do chiarsán. Is mó smaoinim ar chúirt Fhinn mar a mbíodh fleadha milse is ól, ná ar chorthaibh is ar pheacaíbh dá mhéid díobh atá tharm nó romham. Níl i n-ionad chúirt Fhinn a Oisín ghníomh-uilc, acht neanntóg is é féin is a throm-shlóighte i nIfreann ar chóisir gan fóir.
Ní ghéillim duit, a Phádraig dá mhéid do chrábhadh is do chreideamh, 's is mór mo thuairim, is ní bréag gur leis an ndiabhal do sheilbh. Monuar (an t)Oscar áigh do cailleadh le sleagh Chairbre, dá maireadh le bheith im dháil ní bhfaghthá-sa cead labhartha. Creid, a Oisín, uaim féin go bhfuil Oscar i nglasaibh, gan cead labhartha ná suain acht pianta is guais 'á ghreadadh. Greadadh Ifrinn an chraois dhuibh ort féin is ar do chléire, ná bí dá luadh feasta liom go bhfuil Oscar i ndaor-bhruid. Diabhail is Ifreann má tá ann 's an Fhiann má's ann mar aon leo, ní thiocfadh leo buadh do bhreith ar neart Oscair ná Finn i ngleo. Is dubhach liom gan bheith 'na bhfochair cibé i nIfreann nó i bhFlaitheas dóibh, nó iad-san i bhfochair do chléire-se a Phádraig na caol-chod's an dobróin. Dá mb'é an lá dobhí Fionn i gcathaibh Aille an Áir go ceart, tháinig an Cholann gan Cheann chugainn go Gleann Dá Dhamh. "Is chugat a thána óm theach féin is breághtha dath, scéimh is gnaoi ag iarraidh aisce ar an bhFéinn is féidir leo féin a dhíol." "Do-gheobhair airgead, ór is bruit bíodh sin agat ar do chuaird, imthigh anois," do ráidh Fionn "is mithid liom tú dhul uainn." "Ní gheobhad airgead chugam, ná ór a rí-fhéinnidhe an ghlóir dhil, acht tú féin, gan cheilt ar an bhFéinn do bheith agam mar chéile fir." "Is briathar domh-sa," do ráidh an rí "dá mbeinn-se gan mnaoi lem ré, nach beinn agat-sa mar fhear ar a bhfuil ó neamh go féar." "Ó thugais do bhriathar ar dtús a Oisín, i gclos don Fhéinn, cuirim-se tusa fám gheis muna ndeinir feis liom féin." An uair do smaoineas ar mo luighe thugas an tsuim sin i gcéill, do ghabhas léi ós árd mar dob í mo sháth de mhnaoi.
Ar theacht don Fhéinn chun baile 'na dtriúir, 'na gceathrair 'na gcúigir, ag féachaint drádh na mná dhóibh níor chuma leo cér thúisce. Ar theacht don Cholainn gan Cheann dobhí súd san ngleann dár dteacht, is iomdha draoi dobhí fá chlú deich gcéad cú agus deich gcéad each, Deich gcéad each go n-a srian deich gcéad cú go n-a gcoin-iall, deich gcéad giolla 'na raibh neart deich gcéad fear don imtheacht, Deich gcéad corn n-a mbíodh ól deich gcéad claidheamh cóir is sciath, dá mbadh maoidhte dhom deich gcéad bó thugas dom chéile i n-aon ló (iad). "Do-bhéar fáinne d'Oisín fhial," ar sí, "is mithid dom triall dom thigh; dogheobhaidh tú gach aisce uaidh acht gan uisce do bhuain ris." Tháinig fáinleog fán bhFéinn is rug an fáinne fán loch; d'imthigh an fáinne ó shin anuas gan a thuairisc gus anocht. Éan ruadh na sciathán riabhach is éan beag eile thuas 'na bhéal, ag gabháil magcuaird ós ár gcionn ag seinnim na bhfonn san aer. Dobhíos-sa agus Fionn féin ag féachain na n-éan le seal. gan tuairisc cá ndeachaidh an t-éan ná fios scéil cá ndeachaidh an bhean. Is beag sin de, a mhic Fhinn ní raibh agat innti acht seal; fearr fanamhain mar ataoi ná dul ar an bhFéinn arís ar ais. Dob fhearr liom dul ar an bhFéinn arís a Phádraig, dá mbeidís beo, ná dul go Flaitheas Chríost is bheith fá chíos aige go deo. A sheanóir atá ar baois ní dhíolfá cíos ar bith go deo; dá mbeitheá i bhFlaitheas Chríost ní fheicfeá choidhche cath ná gleo.
Dob fhearr liom bheith i gcúirt Fhinn ag éisteacht guth gadhar gach maidean 's ag smaoineamh ar chathaibh cruadha ná bheith i gcúirt Chríost go dearbh. Dob fhearr duit lón den ghlóire is a fhagháil aon ló ó Dhia ná a bhfuairis d'ionnmhus an domhain (ó Fhionn 's) ón bhFéinn uile riamh. Dob fhusa dhom biadh is deoch d'fhagháil gan locht i gcúirt Fhinn ná id dhún-sa 's i ndún Dia a Phádraig nach fial fán roinn. Gráin ort, a sheanóir léith nach tuigeann gurab é Rí Neimhe a thugadh biadh d'Fhionn féin agus d'Fhiannaibh Éireann uile. A Phádraig, ní ghéillim dod bhriathraibh gurbh é Dia do bheathuigh Fionn acht iomad creach de bharr tonn is neart a ghéag is a lúth. Is é Dia do chum gach creach is gach fairrge dá thréine tonn; dá bhrígh sin, a Oisín ait is aige atá neart an domhain. Ní thug Fionn, an flaith láidir a chíos le háireamh riamh do Dhia ná do neach eile dá dtáinig ná atá anois 'na dhiaidh. Is iongnadh liom-sa, a Phádraig diabhal dá láidre i dtigh na bpian go mb'fhéidir leis le neart a lámh buadhadh go bráth ar Fhionn na bhFiann. Anois atá Fionn na mbán-ghlac ar aon láthair ag díol le Dia; gidh gur mhór a neart san ármhaigh is fann atá i nglasaibh pian. Tá buadh ag an diabhal ar Fhionn a Oisín, gér thréan a thóir, 's an Fhiann uile acht tusa amháin 'na chomhdháil fá dhobrón. Mo dhoiligh is mo dhobrón féin nach dom féin i bhfochair Fhinn, ní chuirfinn i suim go bráth aon diabhal dá ghráinne gnaoi. Is fearra dhuit dar liom féin bheith i bhfochair na cléire mar táir ná i gcomhdháil Fhinn 's na bhFiann atá i nIfreann gan rian le fagháil.
Dar do leabhar go n-a bhrígh dar do bhachaill is dar th'íomháigh, dob fhearr liom-sa sin féin ná ameasc cléire an tsíor-gholáin. Is briathar baoise do ráidh tú a sheanóir atá liath fann. gan bheith 'na bhfochair acht prap súile dob fhada túirseach leat beith ann. Is sia liom aon lá amháin i gcomhluadar cléire na gclog ná bheith i nIfreann na bpian an fhaid a bhéas Dia ar neamh. Is truagh liom do thoisc, 's is brón a Oisín, is tú crannda críon, do chos ar bhruach na huaighe is nach faghaim uait filleadh ar Chríost. Dob fhearr liom filleadh ar an bhFéinn a Phádraig, gidh críon mo chruth, ná filleadh ort-sa is ar Chríost is bheith fé árd-chíos agaibh. Má tá mo chos ar bhruach na huaighe 's an bás ag gluaiseacht im chomhair, muna bhfaghad cabhair ón bhFéinn is beag mo spéis i Neamh na n-órd. Má táid mo ruisc gan radharc agus mo bhaill gan lúth gan bhrígh, filleadh ort-sa ná ar do chléir ní mian liom é, ná ar Chríost. Má táim gan lúth gan neart gan iomchur sleagh i dtús sluagh, ní hionmhain liom tú ná do chléir admhuighim féin, dar Duach. Má táim gan comhluadar na bhFiann 's nach greann le Dia mo thoisc, ní fhuil spéis agam ná grádh is ná cuireadh sé i gcás mo choir. Má táim ameasc na gcliar im sheanóir liath go fann, dob fhearr bheith i nIfreann na bpian ná bheith fé dhian-smacht ann. A Oisín nach binn ráidhte dobhís-se borb láidir seal, is doiligh liom, ós gearr uait tú bheith ag cur suas do Neamh. Cuirim suas díot-sa is ded chléir agus cuirim go léir druim le Neamh, in do leabhar ní fhuil mo spéis ná id bhachaill gidh naomhtha leat.
Ní fhuil spéis agam id ghlór is ní binn liom seord do chlog, ní greann liom do shalm saor gidh dóigh leat féin a bheith gan locht. Ní greann liom an tAifreann caomh ná do channtlamh is léir truaighe, ní greann liom ní san mbith dá mbaineann libh, a Phádraig nua. Ná habair sin, a sheanóir thruaighe má's cur suas duit don chléir ná meastar leat go bhfaghair go bráth dul go háitreabh Neamh na Naomh. Cuirim druim leat-sa, a Phádraig is go lá an bhráth leis an gcléir, agus fós le Neamh na n-órd is le na slóighte uile naomh. Is docht an éiric ort-sa sin druim do chur le Neamh 's le Dia; is truagh sin, na Flaithis chaomh' do reic go saor ar theach na bpian. Tuig, a thruagháin is saobh ciall gur imthigh dorian is do lúth; triall don úir is gearr uait is ní bhéarfair buadh air siúd. Tá do chiabh liath gan bhrígh tá do ghnaoi go seirgthe truagh, tá do bhéal ba chorcra scáil is na bhfriotal nguth-árd, go fuar. Táid do ruisc gan amharc slighe ar mire bhíodh i gcathaibh cruadha; tá do lámha na mbéimeann mbuadhach gan imirt gan chruadhas gan lúth. A mhic Calpruinn an ghlóir shéimh is mairg bheir taobh le cléir na gclog, dobhíos-sa is Caoilte, mo luadh is dobhíomair uair is níor bhocht. A Oisín, is binn do ghlór beannacht fós le hanmain Fhinn is aithris dúinn cá mhéid fiadh thuit ar Shliabh na mBan bhFeimhin. Do scaoileamair aon mhíle cú dob fhearr lúth is dobí garg; do thuit le gach coin dá fhiadh sul do cuireadh iall le harg,
Do scaoileamair amach cú bheag eile ba leor treise is cruinne; do thuit léi sin dá fhiadh is oiread le coin na bhFiann uile. Mar seo do cothromuigheadh iad idir iall-choin is giolla mar ba ghnáth, gach iall-chú i n-a ceart féin is maithe na Féinne ar gach árd. Dhá choin déag i Sliabh Luachra dhá choin mhóra i mBearnán Scalla dhá choin i n-iarthar an Romhair is dá choin ar Abhainn Bhanna. Dhá choin i mBuirinn na gcloch dhá choin ar loch Inse Chuinn, dhá choin i bhFormaoil na bhFiann is dhá choin ar Shliabh na mBan bhFeimhin. Seacht bhfichid cairrfhiadh ar chnoc seacht bhfichid broc leathan teann; Seacht bhfichid míol-muighe mear do marbhadh le Bran i n-aon ghleann. Cosa buidhe dobhí ag Bran dhá thaobh uaine agus tárr geal, drom donn ar dhath na n-ae is dhá chluais chruinne chomh-dhearga. Ceol le gcodlad Fionn go doich lachainn ó Loch na dTrí gCaol, scaltarnach luin Doire an Chairn búithreach daimh ó Ghleann na gCaor. Dhá lachainn ó Loch Éirne dhá dhobharchoin ó Loch Meilghe, dhá ghirrfhiadh ón muine thall is dhá sheabhac Sléibhe Conaill. Fead an fhiolair ó Ghleann na mBuadh nó ó scairt chruaidh Druim le Sruth, cearca fraoigh ó Chruachain Chuinn nó fead dobhráin ó Dhruim Dá Chon. Scaltarnach luin Doire an Chairn ní chuala riamh dar go deimhin ceol ba bhinne liom ná é acht go mbéinn fá bhun a neide. Is mairg dom do ghlac baiste riamh is olc an onóir dar liom, ar ghann-bhiadh is gan deoch ag déanamh troscaidh is úrnuighthe. Ní holc, a sheanóir, dar liom gheobhair naoi bhfichid bairighin den arán go n-a n-annlan fíona is feola 's is olc a n-abair tú, a sheanóir.
An béal so as a labhraim leat nár labhraidh sé le sagart, go mb'fhearr liom bruscar tighe Fhinn ná mo chuid d'bhur gcomhroinn. Dob é sin cnósach na bport agus fiadhach na ngarbh-chnoc, Ifreann fuar fá dheireadh ar scáth bhur ndroch-chreidimh. A Phádraig, dá mhéid do chreideamh ní dóigh liom anois ná riamh go raibh agat proinn ar bith ná fleadhchas mar fhleadh na bhFiann. Gach ar chaith an Fhiann go húr le neart lúith is le creach fonn, is doilbh anois a ndún-árus gan proinn, dá gcrádhadh ameasc deamhan. Ba thruagh sin is ba dhíombhádh A Phádraig, dá mbadh scéal fíor, is a bhfuil i Neamh na n-órd nach tiocfadh leo féile Fhinn. Ba mhó féile Dé ar phrap na súl - is olc do rún agus do ghlór - ná féile Fhinn is na bhFiann ó geineadh iad go himtheacht dóibh. Ní cosmhail leat-sa ná led chliar gurabh fhear fial é Dia; is gann gortach bhur bproinn gan feoil gan fíon gan iasc.
Is leor libh-se mar gháir ghrinn seordán is fuaim clog, sléachtain agus canntlamh bróin gach aoibhinn-nóin is maidin doich. A Oisín, is truagh an chéim nach tugann tú géill do Dhia is bheith dá mholadh de ghnáth amhail atáim-se is an chliar. Níorbh iongnadh liom-sa a luadh go molfá go suairc an Fhiann, is Fionn do bhronnadh an t-arán is gach aisce níos fearr ná iad. Gach ar bronnadh leat is le Fionn is leis an bhFéinn uile mar sibh, is gearr rachadh ar thabharthas Dé uair de lae innisim duit. Dob fhiadhain mé, a Phádraig na gcliar gur chaith Fionn 's an Fhiann 'na dháil aon fhleadh amháin, i dTeamhair, ba mhó ná a dtug 's a dtiubhraidh Dia go bráth. Ná habair sin, a sheanóir thruaighe ná bí ag luadh na bhFiann de ghnáth; a ndeachaidh 's a bhfuil fós beo b'fhearr i n-aon ló Dia na ngrás, Dob iongnadh liom dá mb'fhíor do ghlór a Phádraig nua na mbachall mbán, go mbeitheá is do chliar ag golán ag iarraidh an aráin ar fhear dá cháil. Innis dom, a Phádraig, gan goimh má's gaol duit an fear sin Dia, créad fáth n-a mbír is do chléire i n-ármhach daor ar an mbiadh. Innis dom fós gan imreasán créad an fáth n-ar gnáth leo bheith ag bualadh a n-ucht gach uair is ag sléachtain go truagh gach nóin. Innsim duit den chéad fheacht nach uireasbhaidh bídh ná dighe fá deara dhúinn bheith dá ármhach acht do shíor-sheachaint peacadh an chraois. Is obann do chreidfinn do bhriathra a sciath na gcliar ón Róimh áigh. acht gur gann do roinnir liom féin is nach iarrfainn craos gach lá.
Ní do sheachnadh peacadh an chraois ná le heagla Ríogh na naomh dogheobhainn le ganntan aráin acht nach tigeann liom a fhagháil ón gcléir. Innis dom arís fós gan gó an é fáth bhur n-uall ós árd a fhaid atá Dia ós bhur gcionn nó an áil leis canntlamh is glámh. Don dara feacht innsim duit gurab é fáth sléachtain na gcliar - ag déanamh aithrighe agus crádhnais d'eagla crádh-ghoin na bpian. Is iongnadh liom tré mhéid bhur ngrádha don fhear sin ráidhtear libh Críost go maoidhfeadh go deo oraibh méid bhur gcoda is bhur ndighe. Slán le Fionn na bhFiann mór dob fhairsing slógh agus roinn, ní hionann is an fear san Dia is fós ní iarradh aithrighe ná díol. Is minic do roinn Fionn iomad fíona is feola ar an bhFéinn, is níorbh fhiadhain mé aon tráth gur iarr sléachtain ná gol géar. Mo chumha-sa anocht an Fhiann d'fhág mé im iarsma fá bhrón ag feitheamh le harán ón gcléir is le mac Dé dá thabhairt dóibh. Mo chumha-sa anocht go bráth Fionn mar atá i bhfad ón roinn, d'fhág mé gan deoch gan arán fá shúil Phádraig agus Chríost. Mo chumha-sa is ní fán bpeacadh acht bheith gan imirt, gan fiadhach, gan ceol, fá smacht na cléire agus Dé acht nach minic dom géilleadh dhóibh. Bhus aithreach leat féin sin fós gan géilleadh dhóibh le ceart riaghail, an tan is duit fá dhian-chrádh pian i bhfochair na bhFiann fá leath-riar. Is mór leat-sa, a Oisín truaighe do phian mar luadhair ameasc na gcliar is ní fhuil ann acht flaitheas sámh seoch an áit n-a bhfuil do thriall. Má's mó mo leath-riar annsúd a Phádraig nach úr fán mbiadh, ná ameasc do chléire-se i bhfos mo thruagh sin is docht an phian!
Ná luaidh liom feacht ar bith a Phádraig, de ghoin na bhFiann, ní ghéillim gur fíor do ghlór 's ní chreidim fós do bhrígh do Dhia. A Oisín, ó nach creidir mé le briathra Dé go fíor id chluais, is beacht bhus cuimhin leat thall i bpiantaibh go fann gach uair. Pian ar muin péine ar m'anam a Phádraig, ní chanaim acht fíor go mbadh rogha liom-sa sin féin ná bheith i dtréadhnas mar bhím. Dá mb'fhios duit, a Oisín ghrínn tuirse is gníomh uagha na bpian. badh rogha leat le saoghal na saoghal fasc na cléire ná amharc mar iad. A hucht Dé, gidh nach fial innis má's fiadhain ortha thú, fíoghair ar phianta Ifrinn má's scéal sin thiocfadh leat dúinn. Ní thiocfadh liom go lá an Luain a Oisín, is truagh an toisc linn, pianta léir-ghonta is díothchúis Ifrinn úd do chur i gcrích. Gidheadh innsim duit go fíor pianta an tsaoighil i bhfus go léir gur gonta prap na súl annsúd ná a bhfulang dúinn le saoghal na saoghal. Is mór mo dhóchas féin go fíor má's ann atá triath na bhFiann, nach fuilid na pianta róghonta is na diabhail go bhfuil fá smacht dian. Is saobh na briathra ráidhtear leat a Oisín, is measta gur baois, a dtiocfaidh 's a dtáinig acht Dia ní bhfaghaidís iad fá smacht ná cuing. Is fiadhain mé go dtug an Fhiann ar an gcnoc so thiar cath ba mhó ná a dtugadh ó thúis an domhain i nIfreann ná i bhFlaitheas fós.
Níorbh é sin ba bheatha dhúinn féin acht ár líonadh d'fhíon is d'fheoil, tosach cirt is comhthrom fleadha deocha mílse is cách dá n-ól. Is crádh liom Diarmaid is Goll agus Feargus ba bhinn glór, nuair nach leigthear dúinn a luadh a Phádraig nua ón Róimh. Badh chead linn tú dá luadh acht go dtiubharthá aire do Dhia ar dtús; ó's anois is deireadh dot aois scuir det bhaois, a fhir gan lúth. A Phádraig, innis dom tré rún ó's agat atá an t-eolas is fearr, an leigfear mo ghadhar nó mo chú liom go cúirt ríogh na ngrás? A sheanóir atá ar baois is nach faghaim críoch do chur ort, ní leigfear do ghadhar ná do chú leat go cúirt ríogh na reacht. Dá mb'agam-sa bheadh aithne ar Dhia is go mbeadh mo chú dom réir, do pháirteochainn é lem choin gibé do-bhéarfadh biadh dom féin. Ná habair sin, a sheanóir is tú i ndeireadh th'aoise, ní comhthrom, gan bhréag, an bhreith do-bheirir ar mo rígh-se. Dob fhearr aon churadh amháin láidir dá raibh ar Fhiannaibh Éireann ná Tighearna an chrábhaidh agus tusa féin, a chléirigh. A Oisín na ngéar-lann chanas na briathra buile, dob fhearr Dia le haon ló ná Fianna Éireann uile. Gidh táim-se anois gan flaitheas is mé iar gcaitheamh m'aoise, a Phádraig, ná tabhair aithis do mhaithibh Chlanna Baoiscne. Dá mbeadh agam Conán Maol fear mí-labhartha na Féinne, do bhrisfeadh sé do mhuineál istigh i lár do chléire. Dá maireadh agat Conán ná aon fhear eile ded Fhéinn-se, ní rachadh aon fhear póite isteach don chathair ghléigil, Óir ní fíonta ná feolta bhíonn ag na haingil naomhtha, acht cumhacht an Aon-mhic ghlórmhair dá gcothú san gcathair ghléigil. Bheith ag sír-theacht thar an bhFéinn a sheanóir, is baoth do chor; cuimhnigh go dtáinig do ré is gaibh Mac Dé ar do shon. Ní hiongnadh mise teacht thar an bhFéinn is tusa teacht thar Mac Dé gan sos;
dá ndeineadh leath-oiread leis an bhFéinn badh mhór é, a chléirigh na gcros. A Oisín an ainbhfis mhóir tréig an glór nach fuil ceart; éist trátha cléire Dé is beidh tú i bhFlaitheas Dé go deas. Dá maireadh Conán Maol do-níodh dán 'nár dtaobh go cóir, bhur dtrátha níor bhinn leis a Phádraig na gclog n-óir. A Oisín nach binn glór glac mo chomhairle is déin do leas, is beidh tú i ndún Ríogh na nDúl is na muintire is úr fleadh. Cé fearr muintir neimhe, a Phádraig ná uaisle iomlán na Féinne, an mbíonn cruas 'na gcroidhthibh nó an ndiúltuighid siad éinne? A mhic Calpruinn fhéil ós agat atá an t-iúl, an leigfidh tú go Flaitheas Dé mo ghadhar beag nó mo chú? Ní rachadh an chuil chrónánach ná fós an gath gréine gan fios don rígh neamhdha isteach don chathair naomhtha. Níor mar sin do mhac Cumhaill dobhí 'na rí ar na Fiannaibh, dorachaidís fir an domhain fá n-a theach gan fhiafraighe. Ní rachadh Fionn ná an Fhiann fá theach mo thighearna go bráth, 's a sheanóir atá liath fann ní dul duit-se ann acht mar chách. Is mór mholas tusa Fionn is gach maith dá ndearnaidh sé; ní raibh Fionn 'na dhuine cheart dá raibh ar fóghnamh ar an bhFéinn. A Phádraig mhic Calpruinn réidh cá bhfuairis féin na scéala? dá macsamhla-na an Fhiann ní fheaca riamh deilbh is déanamh. Dob fhearr Fionn ná tusa féin fá ór, fá airgead, fá bhiadh, fá aon ní dá raibh ag Fionn dob fhearr Fionn faoi ná Dia. Cá bhfuilid an Fhiann anois? cá bhfuil a dtreise ná a dtréin? d'imthigh an Fhiann gan trácht is glac-se creideamh, a Oisín fhéil. Do chreideamh-sa ní ghlacfaidh mé a chléirigh gan bheith fial, is gur thréig an sonas Éire ó thángais féin is do chliar. Ní raibh an sonas ar Éire go dtánga féin is mo chliar; gach a dtáinig romhainn go hÉirinn atáid i nIfreann na ndaor-phian. Dobhí an sonas ar Éire agus rath mór le n-ár linn an Fhiann; ní hé an uair sin dobheinn-se beo gan mo leath-dóithin den bhiadh. Biadh an anma is é is fearr a Oisín na gcomhrádh ndian;
cá bhfuil do neart ná treise do lámh nach leanair gach lá an fiadh? A Phádraig, freagair mo ghéire ní thig tréine tré bheith fann; a chléirigh na mbachall bhfiar ní fhaghaim an biadh acht go gann. A Oisín, beannuigh romhat an biadh is beir buidheachas le Rí na reann leig an t-ainbhfios díot ar gcúl is bíodh do dhúil san bhflaitheas thall. Adeirid lucht na bhféasóg réidh an drong daor ibheas go gann, nuair altuighid a gcuid lem thaobh "ní thugamair ár ndéirc don dall." Tógaid nuair a ghlanaid a mbéil an drong dárab léir gan locht, duanaighil mar chonairt i nglinn dob fhearr liom a mbeith 'na socht. Aon-bheatha bhíos duit-se is dóibh is déin an aithrighe chóir ar ball dá mbeitheá istigh i bhflaitheas Dé ní bheadh baoghal ort bheith id dhall. Dobhíos-sa i gcathair seal dem aois i n-a arm ag Rí nár ghann, cion míosa dá gcaitheann sibh de bhiadh dogheibhidís an chonairt gach ceann. Atá tú ársa foirbhthe liath d'imthigh do chiall is do ghreann, leig díot an comhrádh dian is beidh do leaba i bhFlaitheas thall. Minic do chodlas ar shliabh fá dhrúcht liath fá bharr crann; níor chleachtas leaba gan biadh an feadh bheadh fiadh san gcnoc thall. Táir ar mearughadh i ndeireadh th'aoise idir shlighe dhírigh agus cham; seachain slighe cham na bréige is tiocfaidh aingil Dé fád cheann. Dá mbeinn-se agus Feargus fial agus Diarmaid ar an mball gach slighe dhíreach ar ghabhmair riamh gan cead do chliar dogheobhaimís ann.
Fóill, 'Oisín, ná masluigh an chliar chanas briathra Dé i ngach ball; muna leigir díot an comhrádh dian is mór an phian atá id cheann. Dobhíos-sa agus flaith na bhFiann agus torc ar iarraidh uainn san ngleann, ba mheasa liom uaim an fiadh ná do chliar-sa bheith gan cheann. Tá tú dolásach gan chiall is measa sin ná bheith id dhall; dá bhfaghthá radharc istigh badh mhór do chion ar fhlaitheas thall. Dob aite liom radharc an bhruic nó léim an phuic idir dhá ghleann ná a ngeallann do bhéal-sa dhom ná a bhfaghainn de shult i bhFlaitheas thall. Tá do mhuinighin baoth gan sliocht d'imthigh do shult agus do ghreann; muna ngabhair comhairle go glic ní bhfaghaidh tú bheith i bhfus ná thall. Dá mbeinn-se is an Fhiann indiu i mbinn cnuic ag tarraing lann d'aimhdheoin leabhair, cléir' is cluig is aguinn dobheadh an ball. Ní raibh ionnta acht mar ghal suip nó mar shruth idir dhá ghleann nó mar shídhe gaoithe ar mhaoilinn chnuic gach lucht aguibh dá raibh riamh ann. Dobhíos-sa i nAlmhain ar mo chur i bhfochair lucht na n-arm dteann, dob fhearr liom ár n-árd-rí agum ná an trup so na mbachall gcam. Dogheobhair ón Árd-rígh do chuid déin leor-ghníomh is ná caill thall, ná bí meallta i gcomhairle an chuirp is maith leo sin teacht anall.
Is maith atá a fhios agam cá bhfuilid is coir 'na gceann; sciúirsí dá ruagadh le nimh is gan lucht nirt le teacht dá gcabhair. Ní binn liom do ghlór gan sult gidh tá tú glic ar do rann; ní chluinim féin fead an luin breac ó shruth ná muc ó ghleann. Dá mbeadh Scolbsceine agam nó Oscar glic na gcath dteann, ní bheimís gan feolmhach anocht ar chomhairle chluig na seacht mbeann. A Oisín, d'imthigh do chiall glac na briathra so le greann, is deimhin go dtréigfir an Fhiann is go ngeobhair le Rígh na reann. Is iongnadh liom do chomhrádh dian a chléirigh do thriall i ngach ball a rádh go dtréigfinn an Fhiann drong fhairsing fhial nár ghann. Dá bhfeictheá-sa muintir Dé a suidheamh go gléasta is a bhfleadh; is fairsinge aca bhíos gach sógh ná ag muintir Fhinn, gidh mór a meas. Is fearr mo scéal-sa anois gléire dhil is cur 'na cheann; glac an aithrighe chóir anois déin leor-ghníomh i bhfus 's ná caill thall. Do chaill mise mo chiall i bhfus is ní ba mheasa liom ná sin; do chaill mise Fionn an áigh is na fir áille dobhíodh lem chois. Tá Fionn is an Fhiann anois go dobrónach ar lic na bpian; gaibh-se le Mac Dé 'na n-áit 's ní bheir go bráth gan amharc ar Dhia. Ní chreidim féin do ghlór glan a chléirigh na mbachall gcam, go mbeadh Fionn 's an Fhiann istigh muna bhfaghaidís sult a bheith ann. Déin an aithrighe chóir anois sula gcuirfear fios id chionn; géill do Dhia is beidh 'fhios agat ciaca amuich nó istigh atá Fionn. Dá mbeadh Fionn agam is Mac an Luin fear nár dhruid ó ghleo na lann. d'aindeoin do chléire is a gcluig is againn dobheadh an ball. Ní bheidh sin choidhche ar bhur gcur is fearr an lucht a tháinig ann;
Mac Ríogh Neimhe dhíbreas na huilc is mór a chion ar dhuine dhall. Má's dall atá muintir Dia 's gurb iad na daill is annsa leis, is cosmhail nach cuirfid an Fhiann go teach na bpian dá scrios. Cráidhteacht ort, a sheanóir chanas na briathra buile dob fhearr Dia d'aon ló ná Fianna Éireann uile. A Phádraig na bachaille caime dobheir orm freagra dána dobheadh do bhachall 'na bruscar dá mbeadh Uscar do láthair. Créad dorinn Fionn le Dia acht ag riar cliar agus scol, greas mhór ag bronnadh óir is greas eile le meadhair a chon. I ngioll le meadhair na gcon is le riar scol gach lá is gan aire aige ar Dhia dobheir Fionn na bhFiann ar láimh. Cionnus dob fhéidir le Dia ná a chliar bheith níos fearr ná Fionn, flaith na bhFiann duine fial dobhí gan cháim? Gach a n-abair tusa 's an chliar do réir riaghlach Ríogh na Reann dobhí súd ag Fiannaibh Finn is táid i bhflaitheas Dé go teann. Dá mbeadh áit ann thíos ná thuas dob fhearr ná flaitheas Dé, is ann dorachadh Fionn is a raibh aige den Fhéinn. Adeir tusa nach téid fial go hIfreann na bpian go bráth, ní raibh aon neach san bhFéinn nach raibh fial ameasc cách. Má bheireann tú mise do na flaithis agus seacht gcatha na bhFiann is tú an duine is fearr buidhean dá ndeachaidh san tír sin riamh. Mar dá bhfeictheá-sa, a chléirigh cháidh an Fhiann lá ar an dtráigh úd theas nó i Nás Laighean na sruth séimh ar an bhFéinn badh mhór do mheas.
CATH CHNUIC AN ÁIR. Innis dúinn, a Oisín suairc, cionnus do ghluais tús an ghleoidh, is na curaidhe calma nirt san gcath do thuit i ndeoidh ar ndeoidh. Dobhíomair-ne an Fhiann 's Fionn i gcóimhthionól ar an gcnoc so thiar, ag imirt ar chleasaibh lúith is sinn go subhach ag caitheamh liag. Cidh trácht dúinn amhail sin dubhairt draoi Teamhrach go glic linn: "Is eagal liom, a Fhinn na bhFiann nach fada an rian gur doiligh díbh." "Créad so anois," do ráidh Fionn "le dtuigtear leat ár nguais dobróin, is nach fuil tóir anois fán ngréin nach fuil san bhFéinn seasamh leo?" "Creid uaim, a Fhinn na gcruadh-lann go bhfuil an tóir i bhfogas díbh; féach na néalla fola úd ag bagairt dubhach taoibh ar taoibh." d'fhéach Fionn ós a chionn suas is dochonnairc tuar fola go tréan; "Is eagal liom," adubhairt sé "go dtiocfaidh ár-bhéim ar an bhFéinn." Do ghoir Fionn chuige Oscar is dubhairt: "A churaidh na lann ngéar, is cuibhe dhuit bheith ag éirghe féach ar shíonaibh an aeir." "A rí na Féinne," do ráidh Oscar "ná glac bíodhg ná an-uamhain tríd, tá neart is lúth id ghéagaibh is trom-shluagh tréanmhar led thaoibh." Do chaitheamair uile an Fhiann sealad ag grinn-amharc na néall; dobhí dream againn go subhach is dream eile dubhach 'na ngné.
Do labhair Conán de ghuth árd is dob é a rádh go borb teann: "Ní fhuil neach dár athruigh gné admhaim féin, acht fear fann." "A Fhinn mhic Cumhaill," do ráidh an draoi "tionóil do bhuidhean go grod id dháil, is roinntear iad leath ar leath go ndéanaid faire ar theacht na námhad." Do sheinn Fionn an Dórd Fiann is do fhreagair siad an gháir; gach fear um a luaithe 'teacht idir fhlaith, thriath is tháin. "Aithneochad anois," ar Fionn, "go fíor gach neach dem bhuidhin lérb ionmhain mé is fós gach neach 'gá bhfuil dom fuath má chuirid suas de bheith dom réir." "A Oscair," do ráidh Fionn ar dtús "ó's tú ursa is lúth na bhFiann, an bhfairfidh tú go lá le cách teacht na námhad tá chugainn ag triall." "Fiafruighim díot anois, a Fhinn an dul chun suain dob áil leat? níor mhaise dhuit is badh mhí-cháil má's eagal leat námhaid ag teacht." "Ní le heagla roimh láimh chách dorachainn tráth chun suain, acht gur gnáth taidhbhreamh do theacht chugham má's gearr dúinn cath nó guais." "Ní dhiúltóchad faire le cách níl orm scáth ná an-uamhain 's is eagal liom," ar sé, "a Fhinn gur beag den bhuidhin nach fuil." Goireas Fionn ar Dhiarmaid Donn is fiafruigheas go ceannsa den fhear áigh, an bhfairfeadh mar aon le hOscar "má's ionmhain leat mé is cách." "Níor thoib mise fós, a Fhinn i gcath ná i gcoimheascar na dtromshluagh, acht go mbeadh Oscar, rún mo chléibh romham nó im dhéidh le teacht buadh."
"A Ghuill chalma na gcruadh-lann an cumann leat rí na bhFiann, an bhfairfidh tú i bhfochair díse na mór-ghníomh is na ngarg-ghliadh?" "Ní heagal liom lámh dá chruadhacht ó tá Oscar na nguas im dháil, is Diarmaid fearamhail cródha, do shuan ní mór linn duit go lá." Tháinig Faolán do láthair Fhinn 's do labhair go fíochmhar guth-árd is dubhairt: "A rí na bhFiann beidh mise mar iad go lá." "A Chonáin Mhaoil," do ráidh Fionn "fan-sa i gciumhsaibh an Leath-áird ó's tú is gairbhe uall-gháir bhinn chun scarta má's tidheacht don námhaid." "Má's dul dom, a Fhinn, don uaimh ag faire ar bhuaidhirt ná ar tháin im aonar, gan tuilleadh den Fhéinn go ngointear mé trém lár!" "Ní cuibhe dhuit, a Chonáin Mhaoil diúltadh Fhinn," do ráidh Mac Lughach, "Atá 'na rí ós cionn na bhFiann i gcoimirc, i mbiadh is i n-ór dúinn." "Má tá Fionn 'na rí is 'na thriath a Mhic Lughach," do ráidh Conán, "ní cosmhail gur cuibhe dhom féin dul im aon go huaimh Leath-áird." "Níl san bhFéinn," ar Mac Lughach "fear do chlóidh chun guith gáir-bhinn, is cluinfidh an Fhiann do ghlór má's teacht don tóir led thaoibh." "Ná bí feasta dá luadh liom a Mhic Lughach na mín-ghéag, d'Fhionn ná don Fhéinn ní rachad don uaimh cuirim suas de le mo ré." "Éirigh ann, a Chonáin," ar Oscar "is beir leat Aodh Beag id dháil, Fearonn, Sceolann is Bran luath Bog-léim, Fuaim agus Meargán." Do ghluais Conán ar chomhairle Oscair is ráinig go doras na huamha; na coin is Aodh Beag mac Finn do leanadar díreach san gcuaird.
Dochuaidh Fionn annsan do shuan is ní cian dobhí ar suaimhneas ann an tan do samhluigheadh do tríd Aodh Beag mac Fhinn do bheith gan cheann. Do teasbáineadh tar 'éis sin dó go raibh Goll cródha i láimh-ghléidh le gaiscidheach neartmhar calma dar ba ainm Tailc mac Tréin. Do mhúscail as a chodladh go prap is go ghoir chuige maith na bhFiann dar ba chomh-ainm de ghnáth-shíor draoi ealadhan nó fear fáth-chiall. d'fhaisnéis a rún iomlán don draoi i ngach taidhbhreamh díobh súd; do ráidh Fionn - "A bhfáth-chiall sin innis anois gan mhoill dúinn." "Tiocfaidh ruathar ar an bhFéinn a Fhinn, is baoghal," do ráidh an draoi, "gidheadh ní goinfear an dís do luadhadh Goll cruaidh ná Aodh Beag mac Fhinn." Níorbh fhada amhail sin dúinn an tan chualamair uall-gháir; do sheinn Fionn an Dórd Fiann is d'fhreagair dian-scairt Chonáin. Do ghluais Conán 'na tháin-rith is na coin ar lán-rith 'na dhiaidh; d'fhan Aodh Beag ar bhruach na huamha gur cluineadh leis fuaim na sciath. Do sheinn Fionn an Dórd fian is ráinig iad Conán Maol; "Créad so, a Chonáin," ar Oscar "tá an tóir chugainn, cá bhfuil Aodh?" "Dobhí Aodh i ndoras na huamha an tan do ghluais mise ar lúth; níor amharcas im dhiaidh tar m'ais is níorbh é Aodh ba dhainid liom!" "Cia eile ba dhainid?" ar Oscar "a Chonáin† liosta †mhaoil gan chéill; cia aca Fionn na bhfleadh nó mise nó cia'n fear eile den Fhéinn?" "Ní Fionn, tusa, ná neach ar bith ba dhainid liom ná ba léan, gidh gur mhian liom bhur maith uile ní sibh ba dhoiligh liom acht mé féin."
Do ghluais Oscar de lúth thréan go ráinig sé doras na huamha, is fuair Aodh Beag mac Finn fhéil gan anbhuain, gan éag, gan buaidhirt. "Créad fá ndeara dhuit, 'Aoidh Bhig fuireach amuich 'ndiaidh an fhir mhaoil, is námhaid taobh leat ag rith a leinbh nár thuig gur beag th'aois?" "Gidh bhí an tóir i bhfogas dom is mé amuich ó fhosc na bhFiann, níor leomhaidh m'intinn ná mo chroidhe criothnughadh roimh buidhin na ngliadh." Mo thuirse, mo chreach, mo chumha! a Phádraig is umhal do Dhia, dá maireadh Aodh Beag im dháil ba dhoiligh do ghláimh na gcliar. Aithris dúinn, a Oisín mhic Fhinn críoch catha an chnuic seo thiar; ní mhaireann Aodh Beag id dháil is ná cuir i gcás gláimh na gcliar. Cnoc an Áir an cnoc so thiar go lá an bhráth biaidh dá ghairm; a Phádraig na mbachall mbán ní gan fáth a tugadh an t-ainm. Ná glac taom, a Oisín fhéil ag smaoineamh ar léan na bhFiann; a ndeachaidh is a bhfuil beo neamh-ní dhóibh acht amháin Dia. Níor neamh-ní Fionn na bhFiann níor neamh-ní Diarmaid ua Duibhne; níor neamh-ní Oscar na lann ná neach dá raibh ann acht Conán liosta. De bhrígh gur neamh-ní Fionn Diarmaid Donn is Oscar áigh, is an Fhiann uile mar iad ní mhairid mar Dhia na ngrás. A Phádraig, ní i seal na bhFiann is tuigthe do Dhia-se bheith ann; is dearbh dá mbeith' na rian nach beadh do thighearna ós do cheann. Bhí Dia ann i seal na bhFiann atá ann riamh is beidh go bráth, maireann is mairfidh gan éag 's ní mar sin don Fhéinn, a bhochtáin.
A Phádraig, má's fíor do ghlór an t-éag gan gó go bhfuair an Fhiann ná cluinim choidhche tú dá luadh gurab é rug buadh ortha Dia. Ba mhaith an Fhiann is a ngníomh a Oisín ghrinn, acht so amháin: nár adhradh leo an t-aon Dia úd anois lean dúinn ar Chnoc an Áir. Do thriall annsúd ar an bhFéinn Oscar is Aodh Beag 'na dháil; dob ionmhaine linn a dteacht go fíor ná teacht Ríogh dhil na ngrás. d'fhiafruigh Fionn d'Oscar áigh an bhfeacaidh táin na ngrod-laoch; adubhairt leis go bhfeacaidh iad is go raibh a n-iarracht ar an bhFéinn. Do chaitheamair mar sin go lá is níor leomhaigh cách teacht fár ndéin a Phádraig, mo scéal truaighe níorbh fhada gur chruaidh an chéim. Aithris anois gan mhoill dúinn a mhic (mic) Cumhaill, is ná glac brón; aithris, is mo bheannacht ort scéal fíor is ná can gó. Ní chanaimís an Fhiann gó bréag leo níor samhluigheadh riamh, acht le fírinne 's le neart ár lámh thagaimís slán as gach gliadh. d'éirigheamair go moch amach Fianna Éireann na n-each seang, ar an gcnoc so líon an tslóigh is níorbh iongnadh leo teacht le teann. Aon-bhean dob áille ná'n ghrian do-chí an Fhiann ag teacht san leirg, d'Fhionn mhac Cumaill, innsim duit beannuigheas ríoghan an bhruit deirg. "Cia thú, a ríoghan," ar Fionn féin "is fearr méinn 's is áille dealbh? Is binne linn fuaim do bheoil ná a bhfuil de cheol ar talamh." "Niamh Nua-chruthach is é m'ainm inghean Gharraidh mhic Dolair déin, Árd-rí Gréag, mo mhallacht air is é do rad mé do Thailc mhac Tréin."
"Créad dobheir dá sheachnadh thú? ná dein rún orm anois, gabhaim do choimirc go lá an bhráth is gabhaim do láimh thú thar a chrois." "Ní gan ádhbhar thugas do fuath dath an ghuail dobhí ar a ghné, dhá chluais, earball, is ceann cait dobhí air is níor mhaith a scéimh. "Do shiubhlas-sa an domhan fá thrí is níor fhágas ann rí ná flaith nár shireas acht sibh-se an Fhiann is níor gheall triath m'anacal air." "Díonfad thú, a inghean óg," do ráidh mac Cumhaill nár claoidheadh riamh, "go dtuitidh uile ar do scáth na seacht gcatha atá fám riar." "Dar do láimh-se féin, a Fhinn is guais linn go ndearnais bréag, 's an té ór theich mise i bhfad tuiteann leis cath agus céad. "An fear mór adeirim libh is é d'fhág mé le fada i bpéin; sular nascadh mé leis gan gó do scriosadh leis fá dhó an Ghréig." "Ná déin iomrádh ar a ghaisce a fholt chas ar dhath an óir; níl anois laoch fán ngréin nach faghadh san bhFéinn fear a chlóidh." Ní fada go bhfeacamair ag teacht Rí Fear gCaitcheann ba chruaidh lámh; níor bheannuigh is níor umhluigh d'Fhionn acht d'iarr cath thar cionn a mhná. Chuireamair deich gcéad 'na dháil ba mhaith lámh do láthair ghleodh; Níor fhill duine dhíobh ar ais gan tuitim le Tailc mac Treoin. Deich gcéad taoiseach, monuar, laoch taobh ar thaobh dár muintir féin, a Phádraig an chreidimh chruaidh is eadh theastuigh uainn den Fhéinn. Iarras Oscar cead ar Fhionn gér dhoiligh liom é dá luadh, dul do chomhrac an tréan-laoich nuair dochonnairc díth na sluagh.
"Dogheobhair uaim cead," do ráidh Fionn "gidh guais liom do thuitim tríd; gluais is beir mo bheannacht leat cuimhnigh do ghail is do ghníomh." Éirigheas Oscar, an fear áigh ar a láimh nár cuireadh béim, an laoch oirdhearc dob fhearr smacht nó go ráinig Tailc mac Tréin. "Tabhair-se aghaidh dhomh-sa féin a Thailc mhic Tréin," ar Oscar áigh, "óir bainfead-sa dhíot an ceann i ndíoghal an dream a ghoin do lámh." "Dar do láimh-se, 'Oscair áigh gidh buidheach díot bárd is bean, beir agam-sa anocht gan chionn is beidh an fear, Fionn, go leamh." Ar feadh cúig n-oidhche is cúig lá dobhí an dís nár thláth i ngleic, gan biadh gan deoch, ar díth suain gur thuit Tailc le buadh mo mheic. Tógaimíd trí gártha ós árd tar éis an chomhraic ba gharbh gleac - gáir chaointe tré a ndeachaidh den Fhéinn is dhá gháir mhaoidhte tré éag Thailc. Niamh Nua-chruthach, mór an scéal nuair dochonnairc méid an áir, gabhas náire an ghruadh-dhearg-ghlan is tuiteas marbh ameasc cách. Bás na ríoghna, d'éis gach uilc is é is mó do chuir ar chách; ar an gcnoc so d'éis an ghliadh do bhaist an Fhiann Cnoc an Áir.
LAOIDH MHEARGAIGH NA LANN. Níorbh fhada dhúinn mar sin, gidh nárbh aoibhinn subhach sinn, gur thriall annsúd fá n-ár ndéin gaiscidheach éachtach ba chruaidh gníomh. Níor bheannuigh sé don Fhéinn, 's níor umhluigh d'Fhionn acht mar iad, acht d'fhiafruigh de ghlór ba bhorb cá raibh ár gcosnamh is ár dtriath. "Cia thú féin, a ghaiscidhigh áigh?" ar Aodh Beag nár scáinte croidhe, "nó créad thug don dul so thú cá fhaid do shiubhal nuair scarfair linn?" "Ní thiubhrad duit scéal ar bith smaoin, a leinbh, gur beag t'aois; fios mo rúin ní thiubhrad do neach go bhfaghad dul d'agallamh Fhinn." "Do-bhéar-sa eolas duit ar Fhionn a ghaiscidhigh mhúinte na mínghéag; ní fada uainn an áit 'na bhfuil ar chor an chnuic mar ar leagadh Tréan." Do ghluais Aodh Beag roimhe ar lúth 's an gaiscidheach go dlúth 'na dhéidh go rángadar leirg an áir 'na raibh ar lár Tailc mac Tréin. An tan do-chí an Fhiann is Fionn an dís úd ag teacht 'na ndáil: "Is eagal liom," do ráidh an draoi "nach fada is aoibhinn do mhac Cumhaill." "Ag seo é Fionn," do ráidh Aodh Beag "t'uirgheall do innis go daor; a shlán fút má's olc do rún ná laoch ar úir anois fán ngréin." "An tú Fionn?" ar an fear calma "má's tú, ní cuibhe do dhearbh-laoch 'ainm do shéanadh go lá an bhráth nach tú do shár-ghoin Tailc mac Tréin?"
"Ní le buadh mo lámh-sa thuit an fear dá ngoirir Tailc mac Tréin; innis dúinn t'ainm féin anois is gheobhair fios cia leag an laoch." "Meargach cruaidh na nglas-lann is ainm damh-sa, 'Fhinn mhic Cumhaill; níor dhearg arm ar mo chorp fós is níor buadhadh leo mé chur ar gcúl." Do ghluais Oscar fá ghuith an ghlóir is d'fhiafruigh an leomhan gan scáth: "An de bhuaidh do lámh nó do lann nach gointear ann tú go bráth?" "Níl ar talamh na dtrom-fhód i gcath ná i gcomhrac garbh-ghliadh, Laoch dá thréine i ngníomh gaisce do dhearg le harm orm riamh." "Ní bheir mar sin," ar Oscar áigh "muna teacht duit le páirt don Fhéinn, A Mheargaigh chruaidh na nglas-lann goinfear ann tú go haedhibh." "A ghaiscidhigh, id chló gidh dearbh-laoch ded fhriotal ní dhéanaim cás, dá mhéid do dhóich as neart na bhFiann tuitfir agus iad lem láimh. "Muna bhfuil agat acht buadh airm géag' neart-chalma cuirp is gníomh, do-bheirim mar dhearbh duit mo lámh go ngoinfear thú tré lár do chroidhe." "Innis dom, a mhic Cumhaill chalma do réir mar gheallais dom ar dtús, cia leis nó cionnus do thuit Tailc an nirt is an gheal-rúin?" "Do thuit Tailc mac Tréin mear le buadh is neart Oscair áigh; do thuit le Tailc ar dtús den Fhéinn líon deich gcéad d'fhearaibh Fáil." "Nár mhór an náire dhuit-se, 'Fhinn d'fhulaing an rí-bhean dob fhearr cáil do chur chun báis leis an bhFéinn a tuitim is éag d'fhearaibh Fáil." "Ní mise ná neach den Fhéinn thug aithne ar an éag don mhnaoi, Acht nuair chonnairc díth an tslóigh i n-éagaibh bróin dochuaidh sí.
"Má's comhrac atá uait," ar Fionn "i n-éiric bháis Thailc 's a mhná dogheobhair é ó fhear den Fhéinn nó imthigh go séimh le páirt." "Gidh go bhfuilid mo shlóighte dom i bhfogas ar chor an chnuic ní iarrfad a gcongnamh, a Fhinn 's ní fhúigfead acht dís beo agaibh." "Cia hiad an dís sin fhágfair beo a Mheargaigh na slóighte?" ar Fionn; "is iongnadh liom go dtuigtear leat bás led neart do thabhairt dúinn." "Tuigtear liom bhur mbás uile acht amháin tusa is do mhac Aodh; ní fhágfad an cnoc go lá an bhráth go ndíoghlad bás Thailc mhic Tréin." "Nach leor leat, a Mheargaigh na lann dís thar a cheann a thuitim den Fhéinn, is gan comhrac do thabhairt ar chách 's a liacht fear cáidh do thuit leis féin." "Níor leor liom-sa, a Fhinn na bhFiann dís nó triar i ndíoghal a bháis; dá mbadh líon don Fhéinn níos mó a dtuitim is dóigh lem láimh." "Ná cuir i ndóigh dhuit féin," ar Fionn "gurbh fhulaing liom dís ná aon i n-éiric bháis Thailc 's a mhná do thuitim led láimh den Fhéinn." "Dá fheabhas bhur lámha is bhur ngníomh is dá mhéid bhur líon d'fhearaibh cruadha, ní scarfad libh go lá an bhráth díoghal 'na mbás go bhfaghad uaibh." A Phádraig, ní cheilfead mo rún do ghlac an-uamhain Fionn 's an Fhiann acht amháin Oscar na mbéimeann fear nár chrith roimh éinne riamh. "A Mheargaigh chruaidh na nglas-lann" ar Fionn go teann i ngarbh-ghlór, "do-gheobhair comhrac id aonarán nó tuilleadh id dháil ón bhFéinn gan gó." "Má's cuibhe leat-sa, a Fhinn mhic Cumhaill mise do chomhrac do mhór-shluaigh ó fhear go fear nó d'aon bhéim diúltadh ní bhéarfad duit uaim."
"Má thigeann tusa is do bhuidhean chum catha linn leath ar leath - ó dhuine go céad caithfidh an Fhiann buille lámh dian a chongbháil leat." "Rachad-sa 'nois, a Fhinn mhic Cumhaill mar a bhfuil comhrac agam le fagháil d'fhios mo shluaigh, is ní fada uaim is ná hob uaim go moch de lá." "Tabhair do shlógh do láthair leat ar maidin má's maith," ar Fionn; "ní fhuil ceilg le himirt ort beimíd-ne ullamh fád chionn." "Bíodh ar mo theacht," do ráidh Meargach "an laoch is calma ar an bhFéinn, i n-arm 's i n-éide romham gan fuigheal go bhfeiceam a ghníomh san ngléidh." d'imthigh Meargach na nglas-lann 's níor stadadh leis go ceann a shluaigh; do chuir Fionn tionól ar an bhFéinn is d'fhaisnéis dóibh méid a nguais. Dorinn seacht gcatha annsin díobh is gach roinn i n-ionad duail; "Éistidh lem chomhairle," ar sé "is gairid an baoghal uainn." Do labhair ar dtús leis an gcéad chath dá ngairtí Cath na Laoch Mionúr, is d'fhiafruigh díobh de ghuth ós árd an dtroidfidís de ghnáth 'na chúis. d'fhreagradar d'aon aonta d'Fhionn go dtroidfidís thar a chionn go bráth; is dubhairt Cath na dTaoiseach amhail go leanfaidís tagairt na gcéad lámh. Adubhairt Cath na bhFear Meódhnach i gcath is i ngleo dá thréine gliadh, nár fhúigeadar féin a rí cáidh is nach tréigfidís go bráth a dtriath. Adubhairt Cath na bhFear bhFeosach nár theibe dhóibh go lá an bháis; is Cath na mBun-fhear amhail gcéadna go leanfaidís féin é mar chách. Adubhairt Cath na bhFear mBeag fós is an Cath 'na ndeoidh - na hIarmharáin, go rabhadar féin dílis 'na ngníomh san leirg dhírigh mar chách.
Do ghoir Fionn chuige Oscar mar fhear tosaigh ar an gCath Mionúr, is d'fhiafruigh an comhrac aonair do Mheargach bhéarfadh ar dtús. Adubhairt Oscar go dtiubhradh féin comhrac do thar cionn na bhFiann - "Is má's tuitim dom, a Fhinn," ar sé "is eagal gur baoghal díbh im dhiaidh." "Ní hamhlaidh sin is cóir," ar Fionn "Badh dhíth dúinn tú 'thuitim tríd; is tú ár dtreoir agus ár sciath ár dtaca, ár rian is ár ndíon." "Is ionann sin is súd, a Fhinn" ar Oscar, "ná bí dá luadh; má's tuitim d'aon neach den Fhéinn ní rachaidh leis saor fá bhuadh." Do ghoir Fionn Goll ba chalma neart 's ba chruaidh gníomh sleagh agus claidhimh, is d'fhiafruigh an ndéanfadh comhrac le Meargach mór an árd-mhaoidhimh. "A Fhinn," ar Goll, go gasta glic "is fíor nach ionmhain leat mé; badh mhian leat mé chur i nguais is Oscar ón mbuaidhirt do bheith saor." "Nár gheallais ded thoil saor go gcuirfeá tú féin i nguais ar mo shon-sa mar gheall cách gan seasamh is náireach uait." "Do gheallas, a Fhinn, go fíor go leanfainn do ghníomh mar chách; ní rachad ar gcúl ón gcath má ghabhann gach fear é do láimh." Do ghoir ar Dhiarmaid Donn is d'fhiafruigh Fionn de go caoin an dtiubhradh comhrac aonaráin do Mheargach áigh na lonn-ghníomh. "Ní rachad i ngliadh go bráth le Meargach dána na lann; Acht, a Fhinn, má's coitchionn don chath biad chomh maith le fear ann." d'fhiafruigh d'Fhaolán de ghuth árd an ndéanfadh comhrac ar a shon; adubhairt sé le Fionn na bhFiann "Níorbh fhada mo chiach-sa ort."
"Do shíleas-sa," ar Fionn flaith "nach amhail sin do gheallais dúinn." "Gach ar gheallas," ar Faolán "ann lem ré ní rachad ar gcúl." d'fhiafruigh de gach fear díobh an rachaidís 'na n-aonar leis, is dubhairt gach n-aon den Chath Mionúr "Do-bheirimíd diúltadh dhuit." d'fhiafruigh mar an gcéadna an raibh i gCath na dTaoiseach fear láimh-theann Do-bhéarfadh bualadh lámh ar láimh do Mheargach dána na nglas-lann. Dubhradar uile beol ar bheol nach raibh fear do leomhfadh a luadh, acht go rachaidís le chéile i gcath dá thréine trom-shluagh. Do labhair leo ó chath go cath 's ní fhuair ó neach den iomlán dul do chomhrac Mheargaigh na lann gur thuit an crann ar na hIarmharáin. Do labhair le rígh na nIarmhar is níor loic fear iarsma ón ngléidh, Is dubhairt gach n-aon díobh go deireadh go leanfadh gan teibe Caoinléith. Do thóg Fionn is Oscar áigh uall-gháir ós árd ag maoidheamh na hIarmhair do ghabháil an chatha 's na sé catha do dhiúltamh. Dochuamair uile chun suain 's níor shádhail suaimhneas dúinn go lá; d'éirigheamair go moch ar maidin is níorbh fhada go bhfeacamair an táin. Do ghlac Caoinléith éide is arm 's do bhuail béim catha go teann; tháinig Meargach na lann nglas 's a shluagh go pras ar an mball. d'fhiafruigh Meargach na nglas-lann de mhac Cumhaill le greann gomh-ghlóir: Arbh é sin an laoch tagartha bhí i n-éide catha ós a chomhair. "Ní hé go fíor," ar Fionn fial "acht Caoinléith, triath na nIarmharán; níor chuibhe le neach eile den Fhéinn tú chomhrac acht é i n'aonarán." "Cuirfead-sa, 'Fhinn, 'na chomhdháil siúd fear dar liom dá mhacsamhail féin; téighidís le chéile béim ar bhéim," ar Meargach tréan na lann ngéar.
Do ghoir Meargach ar fhear leis féin dárbh ainm ghnáith Donn Dorcáin; d'ionnsuigh an dís a chéile annsin go calma glic ar Chnoc an Áir. Ba líomhtha feargach fíochmhar Donn Dorcáin agus Caoinléith ag goin is ag créachtnughadh a chéile gan ceachtar ag géilleadh ar aon taobh. Dobhí an Fhiann ar thaobh den chnoc ag amharc croth na bhfíor-laoch, Meargach is a shluagh teann ag feitheamh le ceann Chaoinléith. Do labhair Conán go borb dian gérbh fhada siar é ón ngléidh: "Tapadh ar do láimh go dtuitidh Donn a Chaoinléith chruaidh na lann," ar sé. Dobhí an dís nár thláth gnúis ag gearradh go húr corp is ball ó orgailt gréine go nóin dóibh gur thuit Donn dórrdha gan cheann. Tógaimíd-ne an Fhiann ós árd uall-gháir mhaoidhte tré mar éag Donn Dorcáin Mheargaigh na lann gidh tháinig chughainn fann Caoinléith. Adubhairt Fionn annsin le Conán "Ó chianaibh dob árd do ghlór; féach anois neart do lámh id aonarán le fear den tslógh." "Ní fhéachfad-sa féin mo neart le haon neach, ná fós mo ghníomh; dá mbadh tuitim dom san gcath mo chumha níorbh fhada ort, a Fhinn." An tan chonnairc Meargach na lann go dtug Caoinléith Donn fá lár do ghléas a chorp cruth-áluinn glan i n-éide catha, madhma is báis. Do ghluais gan spás d'agallamh Fhinn is dubhairt leis de bhorb-ghlór theann é féin do ghabháil an chatha nó an laoch dob fhearra do chur ann. Do labhair Fionn de bhorb-ghlór is dubhairt: "Nach leor leat ar thuit fós?" Adubhairt seisean 's is do dob fhíor nár leor i ndíoghal Thailc mhic Treoin. Do ghoir Fionn ar Bhuanán bhinn is tháinig gan scíth ar lom-lúth: "Is mór an tarcaisne," ar Meargach "a shamhail sin d'fhear do luadh liom."
"Goirfead-sa mo throm-shluagh uile," ar Meargach fá fheirg le Fionn; "scaoilfimíd na laochra fá chéile iarmhar na Féinne ná luaidh liom." Níorbh fhada go bhfeacamair ag teacht Oscar aigeanta na mbéimeann gcruaidh, a lann líomhtha 'na dheas-dóid bhí a Phádraig, is díth an fear do luadhaim. Aithris dúinn, a Oisín suairc, cionnus dochuaidh an cath don dís, nó an le Meargach na lann nglas do thuit do mhac, an tOscar groidhe? Innsim duit, a Phádraig, ar dtús gur doiligh liom mé bheith mar táim i ndiaidh Oscair is na bhFiann ameasc na gcliar gan puinn aráin. A thruagháin bhoicht, is dainid léir nach ameasc na cléire dhuit ó thús; ní bheitheá anois gan chiall is do leanfá go fial Rí na nDúl. Truagh gan taise chugat féin agus go fíor chun do chléire; ná bí dá luadh go leanfainn Dia 's go dtréigfinn triath na Féinne. Ná bí dá shuidheamh, 'Oisín, linn cuir dúinn críoch ar Chnoc an Áir dobhí an Fhiann tréan go leor anois is dóibh go tláth. A Phádraig, má's é Dia na ngrás thug an tásc sin ar an bhFéinn, ná creid uaidh as so suas aon ní luaidhfidh feadh a ré. Aithris dom anois, a Phádraig an é an Dia grádhmhar sin adubhairt go rug féin ortha buadh is gurb é Ifreann fuar a gclúid. Innsim duit, is ní bréag gur dhearbhuigh béal Dé dhúinn - an dream nach déanfadh a réir Ifreann gan bhréag gurb é a ndún.
Ní dhearnaidh an Fhiann a réir riamh ná creid-se Dia na saobh-ghlór; innis dom, má's é rug buadh cá bhfuair sluagh i gcumas dóibh. 'Sé Dia rug buadh ar an bhFéinn is níor iarr sé dá dhéanamh slógh acht a chomhacht féin in 'aonarán is creidte gach tráth a ghlór. Ná creid ní ar bith dá luadhann má deir go rug buadh ar an bhFéinn, gan sluagh ná tóir 'na dháil ná géill go bráth, acht é féin. 'Sé Dia féin an uile shlógh 'sé Dia tóir is neart chách, 'sé Dia rug buadh ar an bhFéinn 's ní le tóir laoch ná cruadhtháin. Anois fá bhrígh do leabhair bháin is fá fheart do bhachaille caomh, fá shiansán do chluig ghuth-bhinn an abrair linn id aithris bréag? A Oisín, creid uaim go fíor gach friotal innsim duit ar Dhia, go bhfuilid gan cheilg gan bhréag is gurb é féin do sheol dúinn iad. I ngach tásc dár aithris duit ní mór mo cheist, acht amháin má deir leat gur bhuaidh féin ar an bhFéinn i n'aonarán. Rug sé buadh ar a dtáinig fós ó thús an domhain mhóir go fíor; is béarfaidh buadh ar a dtiocfaidh dá thréine cumas go deireadh an tsaoighil. Ná creid focal dá ndubhairt riamh ná fós dá ndéarfaidh le n-a ré, ós gnáth leis bheith dá luadh gurb é rug buadh ar an bhFéinn. Is dearbh leat-sa gurbh fhearr an Fhiann ná a dtáinig riamh 's a dtiocfaidh fós; 's is dearbh liom-sa gurbh fhearr Dia ná tusa agus iad, a sheanóir. Is cosmhail nach feaca tú an Fhiann 'na dtionól gliadh i n-am gleodh; níor shamhail le siansán salm ná le clog garbh ag ceol.
Níor chosmhail le Dia i n'aonarán an sluagh mórdhálach oirdhearc úd; ní chuala tásc a éacht riamh acht a gcuirir-se 's an chliar dá chlú. Níor aithris mise ná an chliar ó thús duit trian a mhaith-ghníomh; maith do-chríochnuighthe a mhaith a Oisín, is eadh go fíor. Ní ghéillim, a Phádraig, dod Dhia ná fós dod bhriathraibh leamh-ghlóir gur mhaith é féin ná a ghníomh ó's duine é bhíos gan cath ná slógh. Ní iarrann cath ná slógh teann a Oisín na lann, 'na dháil, Acht ceart d'imirt go coitchionn do réir a thoile de shíor-ghnáth. Creid uaim fós is géill go fíor a Oisín bhaoith nach grádhann Dia, pé aca maith nó olc leat é is é chuir cosc le réim na bhFiann. Do chanais bréag, ní hé Dia rug buadh na bhFiann, ná a mbás; 's dá ndearnadh ceart nó comhthrom riamh do roinnfeadh go fial an t-arán. Ní lugha rug buadh ar an bhFéinn ná dorinn ceart riamh do chách; mar fhiadhnaise air sin, a chléirigh a luighead a gheibhim féin den arán. Nach faghann tú arán is deoch gach mionca is gheibheann an chliar; tuigtear dom gur náireach duit bheith ag samhlughadh mí-chirt le Dia. Má gheibhim-se arán is deoch gach mionca is gheibheann an chliar, A Phádraig, ní mheasaim féin do Dhia go bhfeiceann an leath-riar. Cionnus dob fhéidir do leath-riar an tan dogheibhir biadh mar chách? is cosmhail nach leathchuma sin a Oisín, is minic do ghlámh. A Phádraig, ní chreidfinn do Dhia tusa ná do chliar nach caoin, má's comh minic a bhíos ár mbéile gurb ionann dothéid an roinn.
A Oisín, ná cuir suim níos mó 'na bhfuairis d'anródh ameasc na gcliar; leathchuma ní dhearnadar ort 's is fearr a n-olc ná maith na bhFiann. Olc agus argain ó gach áird go dtagaid i ndáil na gcliar! is ná rabhair-se saor ón ngoimh níor chosmhail sibh le sluagh na bhFiann. Is olc liom, a sheanóir léith nach ionmhain leat cliar ná Dia; tiocfaidh tráth n-ar díth leat é go doilbh i ndaor-ghlas pian. Is leor liom de dhaor-ghlas pian bheith ameasc na gcliar mar táim ag feitheamh le grásaibh Dé a roinneas go caol an t-arán. Níor chosmhail sibh ná bhur nDia le Fionn ag riar 's ag roinn aráin; Níor mhuirear leis sluagh na bhFiann is a dtigeadh nach iad 'na dháil. Níor amhail duit-se is dod chléir ná d'bhur saor-fhlaith is mór libh cáil; is muirear libh truaghán gan lúth 'nbhur ndáil fá phúdhar i n'aonarán. Dob ionmhain linn-ne is le Dia seanóir liath do bheith dár réir ná bheith saobh-ráidhteach liosta mar bhíos tusa, a Oisín bhaeith. A Phádraig, dodhéanfainn do réir is dob ionmhain liom féin do Dhia acht a mhionca dhuit dá luadh gurbh é rug buadh ar an bhFéinn. Beannacht le cathaibh na bhFiann ba thréanmhar iad 's ba mhaith cáil; aithris dúinn anois le fonn cia rug buadh ar Chnoc an Áir
Aithriseochad féin sin duit a mhic Calpruinn na salm sámh gleo gáibhtheach mo mhic láimh-nirt le Meargach dána na dtréan-lámh. Gidh gur mian liom a dtrácht súd do bheith ar siubhal le hiomad páirt, leanfad duit má gheibhim riar ar choinsgleo dhian Chnuic an Áir. d'ionnsuigh Meargach na nglas-lann is Oscar go teann i gcomh-ghléidh; A Phádraig, dá bhfeictheá an dís ní mholfá gníomh Aon-mhic Dé. Dobhíomair uile an Fhiann i gcreathaibh diana go tláth le han-uamhain gur thuitim dár laoch le Meargach tréan na gcruadh-lámh. Dobhí sluagh Mheargaigh na lann gan chroidhe, gan ghreann, ag dortadh déar d'eagla marbhtha a gceann-triath le hOscar dian na lann ngéar. A Phádraig, dá mbeitheá-sa id fhiadhain ar gach rian-chuilg-bhéim chruaidh dá raibh ar chorpaibh na laoch neart do Dhé ní bheitheá a luadh. A Oisín, scaoil thort go fóill do bhriathra baoise is lean ded thrácht; Innis dúinn cioca den dís do bhuaidh an gníomh ar Chnoc an Áir. "A Mheargaigh," ar Oscar ós árd "do dhearg mo lámh ar do chorp, do gearradh liom t'fheoil go cnámh tá anbhuaine an bháis ag teacht ort." "Ní heagal liom triall an bháis do theacht ód láimh, a Oscair fhéil; Is dearbh liom do thuitim linn 's a maireann led linn den Fhéinn." "Is dearbh linn, a Mheargaigh chruaidh nach fada uait guais an bháis, 's go dtuitfir-se is do shluagh liom-sa is le sluagh Fiann Fáil." Do ghlac Oscar goimh is fraoch is do thóg a lann lán-bhuadhach; le mire meanman is neart lámh do theilg fá lár Meargach cruaidh.
Níorbh fhada don laoch ar talmhain an tan d'éirigh go tapaidh arís; do ghaibh náire iar sin an fear is do mhéaduigh i neart 's i ngníomh. Do chaith an dís deagh-laoch glan ó amharc maidne go hiarnóin gan síth gan sosadh gan cháirdeas uch, a Phádraig, i ndian-ghleo. d'fhiafruigh Meargach d'Oscar áigh an dtréigfeadh go lá an ghléadh; adubhairt Oscar: "Do-gheobhair do mhian" is do scuradar iad ar aon. Thugadar an dís lámh ar láimh is ghaibh an fánaidhe a shluagh féin; do ghluais Oscar go calma mear san leirg amach roimh an bhFéinn. Dobhí dream againn go subhach is dream eile go dubhach tláth go teacht do lá arn-a bhárach 's go teacht na námhad 'nár ndáil. Dochuaidh Oscar i n-éide catha 's do ghlac a arm 's a sciath 'na dhóid; do thriall i gcomhdháil 's i gcoinne Mheargaigh mhire, an tréan-leon. d'ionnsuigh an dís an dara lá ar maidin, go lámh-ghrod dian, ag gearradh is ag créachtadh cnámh is níorbh fhada gur gháir an Fhiann. Créad an fáth ar gháir an Fhiann a Oisín na ngliadh, aithris dúinn, ná dearmad, aitchim, do thásc is milis do ráidhte air siúd. Níor gháir mhaoidhte, a Phádraig nua a thóg an Fhiann an tráth úd, acht gáir chaointe agus chráidhteacht gáir gholáin is gáir chumhadh. Créad fá ar gháir an Fhiann úd is fada liom go nochtair fáth? is cosmhail mar leanas do laoidh go raibh Oscar i líon cruadhcháis. Dob é fáth fár gháir an Fhiann a Phádraig na gcliar, go dearbh, an treas bhéim thug Meargach na lann d'fhúig Oscar go fann fá thalamh.
An tan chonncamair Oscar ar lár do shíleamair is cách go raibh marbh; acht nárbh fhada don laoch chródha an tan d'éirigh go beodha 'na sheasamh. "A Oscair," ar Fionn na bhFiann "ní fheaca riamh do chorp ar lár ar úir talmhan gus indiu ag gaiscidheach dá bhuirbe lámh." "Is dearbh liom-sa," ar Meargach na lann "go mbeidh Oscar go fann gan spás, agus fós an chuid eile den Fhéinn acht tusa is Aodh Beag amháin." "Dubhshlán na Féinne," ar Oscar, "fút a Mheargaigh chruaidh na nglas-lann, ó deargadh liom ar do chorp caomh ní heagal liom féin do theann." "Cuimhnigh 'Oscair," ar Conán Maol "do thuitim don Fhéinn gur díth cuimhnigh gach cath is taom cruaidh do sheasmhais do shluaightibh Fhinn." Do spreag Conán Oscar áigh thug aghaidh go dána ar Mheargach thréan; is ní fheacathas fós, a Phádraig cath ba dhásaighe idir dís laoch. Dob é siúd an cath ba dhian a Phádraig na ngcliar, gan gó, cath gan sosadh, cath gan pháirt cath gan staonadh ba gharbh gleo. Dobhí an dís dob áille cneas Oscar is Meargach adeir mé, an dara lá ar theacht don nóin 's níorbh aithnid a gcló ná a scéimh. Ní raibh ball dá gcorpaibh caomh gan rian créacht is goin lann ó bhathas cinn go bonn trácht dúinn-ne is do chách níor ghreann. "A Oscair cuimhnigh gur led láimh do thuit Gruag-fhear na ndún-ghliadh; má cuirtear le Meargach tú ar gcúl ní haithnid dúinn tú," ar Fionn na bhFiann.
"Nach cuimhin leat," ar Fionn áigh "gur led láimh a thuit Tailc mac Tréin, 's gach gaiscidheach is trom-shlógh thar lear thug tóir ar an bhFéinn. "Nach cuimhin leat-sa gurab teann bhí Noisniadh flannda an Dúin Óir; ó nach aitheantar do ghnúis linn cluinimís gach tráth do ghlór." Ba dhearbh linn uile an Fhiann nárbh fhada an dias ón éag; ba ghearr gurbh aoibhinn dúinn ar thuitim gan lúth don fhear tréan. Gidh thuit ar talamh an laoch i gcreathaibh 's i n-éag, dar linn, d'éirigh go calma mear arís is dubhairt: "Is díth so don Fhéinn." Dobhí an nóin i bhfogas dúinn is tuigeadh d'Fhionn is do chách go mbadh chuibhe an dís laoch do scur ón ngléidh go lá. Do labhair Fionn leis na fir chalma is dubhairt go mbadh mhaise dhóibh araon staonadh ón gcath de thoil a chéile go héirghe gréine is amharc lae. Adubhairt Meargach na nglas-lann "Is cuibhe sin, a Fhinn mhic Cumhaill, is ní thárla riamh liom féin a shamhail seo de laoch ar lúth." "Ó 'nocht amach, a Mheargaigh chruaidh cuirim suas díot-sa 's d'Fhionn, de ló ná d'oidhche scur go bráth nó gur bás do cheachtar dúinn." Do scuir an dís deagh-laoch an oidhche sin 's ba chréachtach tinn a gcuirp, a bhfeoil 's a gcnámha gan bhrígh, gan bhláth, gan feidhm. Arn-a bhárach ar amharc lae d'ionnsuigh a chéile an dís go dian, ba chalma neart is gníomh lámh ar an talamh dá dtáinig riamh. Dob iad súd, a Phádraig an dís ba gharbh is ba theann gleo 's is fearr a chuireadh go cnámh lann dá láimh dá bhfeaca fós. Ní fheaca fós dís mar iad i neart, i rian 's i dtréan-lúth, i gcalmacht, i mire 's i misneach 's i n-imirt ur-mheanman, dar liom.
Ní fheaca a samhail araon ag fulaing trom-bhéimeann cruaidh, ag gearradh feola is cneas caomh ag seasamh gan fleadh gan suan. I dtreise, i dtréine 's i lúth gan teirce a bhfonn 'na ndáil, dobhí an dís gan scur ón ngníomh de ló ná oidhche ar feadh deich lá. "A Mheargaigh chruaidh na nglas-lann," ar Oscar go teann ós árd, "is aidhbhéil an náire dhúinn araon a mhoille tá an gléadh ar láimh." "A Oscair, is tú is cruaidhe lámh dár imir im chomhdháil riamh, do thuitim liom is é do chríoch," ar Meargach, "is do líon na bhFiann." "Ní hé mo chríoch ná críoch na bhFiann a Mheargaigh chruaidh na nglas-lann, tuitim mar luadhair led láimh," ar Oscar na ráidhte teann. Do ghlac Oscar na lann ngéar meanma, gér bhaoth a shnuadh; níorbh fhada tar éis an teann-ghlóir go ndubhairt Meargach: "Badh ró-mhaith suan." "Beidh tú ar díth bídh ná suain a Mheargaigh chruaidh," ar Oscar áigh, "nó gur duit ar díth cinn nó domh-sa, mar mhaoidhis, ar lár." Níorbh fhada dhúinn taobh ar thaobh ag feitheamh 's ag éisteacht leo go raibh Meargach ar cúl scéithe ag Oscar na mbéimeann gcró. Ní fhuair sos ná scíth ó Oscar acht gach béim coilg dá leagadh go teann, i bhfoirceann an chomhraic chruaidh de Mheargach gur bhuain a cheann. Do thóg an Fhiann gáir mhaoidhte is cách gáir chaointe go cruaidh; adubhairt mac Mheargaigh na lann "Tagadh fear im chomhdháil uaibh." Tháinig 'na choinne 's 'na chomhdháil Longadán mac Bruaidín na n-each; comh-ainm mhic Mheargaigh na lann Ciardán dob fhoghlach i dtreas.
Sul tugad tásc an chatha nua Oscar, badh thruagh gan cur i suim, bhí líonta de chréachtaibh móra ó Mheargach cródha na gcruadh-ghníomh. Rugamair ár laoch calma linn ó amharc na sluagh dtréan; is d'iarr cead ar Fhionn an dtús dul do chomhrac an mhic féin. Níor aontuigh Fionn don laoch cháidh dul do chomhrac le Ciardán mear; do cuireadh leigheas 'na chneadhaibh gonta 's is gearr gur dhoiligh uainn an fear. An tan d'fhágamair ár laoch sínte faon ar leabaidh shuain is lucht freastail 'na chomhdháil thángamair do láthair an chatha ar luas. d'ionnsuigh Ciardán go calma is Longadán ba gharbh gleo, is níorbh fhada dhóibh i gcath an tan cuireadh ár bhfear ar feodh. Do thuit, a Phádraig, dár bhFéinn le Ciardán in' aonar an chéad lá deichneabhar is céad d'fhearaibh cruadha ba dhainid uainn Oscar áigh. Do thuit leis an dara lá gan deargadh ar a bhán-chneas caomh, dhá chéad fear ba chalma lúth a Phádraig, ba dhubhach an chéim. An tan chonnairc mac Mórna Ciardán cródha ag ciorrbhadh an tsluaigh do ghluais féin 'na chomhdháil 's níorbh fhada ar lár go bhfuair. Iar dtuitim do Chiardán le Goll do gháir go lom is do chaoin cách; do gháir le lúthgháir an Fhiann gidh nár shaor iad ó dhíombáidh. Tháinig dearbhráthair do Chiardán dár ba chomh-ainm Liagán mear; ba chródha calma an laoch 's ar fheabhas na Féinne d'fhógair cath. Tháinig i gcomhlann leis siúd Céirín mac Lughach ba dhian lámh; níorbh fhada dhóibh, a Phádraig naomhtha go raibh fear na Féinne ar lár. Tháinig an dara fear den Fhéinn darbh ainm Maoghnas mac Labhráin; do thuit féin is céad 'na dheoidh le Liagán cródha i n'aonarán.
Do ghluais Conán nár dhian i gcath 's nár iarr cáil gaiscidh ná gnímh i ndáil Liagáin 's ar dteacht do luaidh "Is baoth do chuaird, a fhir mhaoil." Iar dteacht do Chonán i bhfogas dó do thóg Liagán go cródha a lámh; "Is treise ort an fear ar do chúl ná mise romhat," ar Conán. d'amharc Liagán cródha 'na dhiaidh is ba thapaidh an iarracht ag Conán, ní ráinig leis féachaint tar ais an ceann gur scar ón muineál. Níor sheasaimh Conán an ball is níor iarr fear do theacht in' áit; do ghluais de thóir reatha fán bhFéinn is do chaith a lann féin as a láimh. d'fhiafruigh Faolán den fhear mhaol créad mar chéill nár sheasaimh an ball, gur náireach an gníomh dorinn 's gur le ceilg do thuit Liagán ann. "Dá dtigeadh liom-sa d'aon-bhéim an sluagh go léir do chur i ndísc le ceilg, níor nár liom an bheart 's ní bhfaghaidís fasc ameasc na bhFiann." "Imthigh," ar Faolán ós árd "is glac id láimh do lann arís; fógair cath go calma cródha ar an bhfear den tslógh is fearr gníomh." "Ní ghabhaim do chomhairle," ar Conán "gibé neach n-ar nár leis mo ghníomh fógradh féin cath is comhrac ar fhear nó dhó den tsluagh-bhuidhin." "Triall im dháil-se," ar Faolán "is congaibh láimh liom san ngléidh má thuitim leis an té thiocfas goir-se chugat fear den Fhéinn." "Ní rachad im aonarán ná id dháil-se, ar Conán Maol; "dá mbadh tuitim duit-se ann níorbh é am dom bheith ag glaodhach." "Tar mar aon liom a fhir mhaoil is tabhair leat arís do lann; ná fan im fhochair má's áil má's eagal leat cách dod cheann." Do thriall Faolán is an fear maol go rángadar araon cos ar chois an áit 'na raibh Liagán ar lár "'Fhaoláin," ar Conán, "bí id thost!"
Do thóg an fear maol a lann 's do rith go teann tar ais fán bhFéinn; d'fhuagair Faolán an cath go hárd ar fheabhas slógh cách i gcomh-ghléidh. Tháinig go héascaidh 'na chomhdháil laoch corpánta ba gharbh glór dá ngoiridís de ghnáth Daolchiabh a lann 's a sciath 'na dheas-dóid. Níorbh fhada an dís i dtroid na lann go bhfeacamair, is ba ghreann le cách, Faolán cliste, ár ngarbh-laoch ar cúl scéithe ag Daolchiabh áin. Do thógadar cách gártha grinn gér dhoiligh a ngnaoi tré bhás Liagáin; do thógamair-ne gártha goil le tréigean nirt ár bhFaoláin. Do-chualaidh Oscar ár n-uall-gháir ar a leabaidh ar a raibh go fann "Tá an cath coitchionn," ar sé "'s ní bheidh neach den Fhéinn fá cheann." Níorbh fhada go bhfeacamair ag teacht an laoch calma ar tréan-lúth; níorbh fhios dúinn gurbh é bhí ann gur bheannuigh go ceannsa d'Fhionn. "Do shíleas, a Fhinn," ar Oscar áigh "an tan chuala an gháir dobróin nach raibh laoch oscurtha ar an gcnoc is duine agaibh nach raibh beo." Dobhí Faolán is Daolchiabh áigh i ngleo go dána 's i gcomhrac chruaidh ag gearradh feola is corp caomh a n-amharc araon ba thruagh. D'iarr Fionn ar an laoch calma Oscar aigeanta is é a luadhaim, dul arís tar ais don dún is gan fuireach fá lúth na sluagh. "Ní rachad tar m'ais, a Fhinn cháidh," ar Oscar nár thláth i ngliaidh, "nó go bhfeasad ciaca den dís a thuitfeas san ngníomh go dian."
Dobhí Faolán dá thraochadh go mór ag Daolchiabh ba chródha teann, "a Fhaoláin," ar Oscar na lann ngéar "do thuitim le Daol níor ghreann," D'fhéach Faolán, is ba chruaidh a chás ar Oscar is díombáidh 'na ghnúis; "A bhláith na laoch gcalma," ar sé "má thuitim ná tréig mo chúis." "Má's tuitim duit le Daolchiabh a Fhaoláin, gidh tréan a throm-shlógh, tuitfead-sa agus sluagh na bhFiann nó tuitfidh Daolchiabh id dheoidh. "Cuimhnigh, 'Fhaoláin," ar Oscar tréan "gurbh iomdha laoch do thuit led láimh, is nach cuibhe dhuit i n-amharc na bhFiann gan seasamh le Daolchiabh i ndáil." Níorbh fhada dhúinn mar sin go bhfeacamair, is b'ionmhain an scéal, Daolchiabh ag Faolán gan cheann is thógamair gáir le greann mar d'éag. Do ráidh Oscar de ghuth árd "Tigeadh cách uile d'aon tsuim is gheobhaidh cath coitchionn garbh gan mhoill le fearadh ó shluaightibh Fhinn." "Ní scurfad-sa," ar Faolán na lann "go dtuitidh ann tuilleadh den tslógh lem láimh féin 'na haonarán muna gcuirtear le cách mé ar feodh." Innis dom, a Oisín, gan bhréag má's sibh-se an Fhiann dob fhearr lúth, créad nach cath coitchionn teann fuair Meargach 's a dhream ar dtús?" A Phádraig, níor ghnáth leis an bhFéinn gan rogha gléadh a thabhairt do chách; níorbh ionmhain leo cealg ná meang ná neach den dream níorbh é a cháil.
Níor dhiúltuigh an Fhiann le n-a linn i gcath ná i gcoimheascar na sluagh dtréan, cath coitchionn nó aonarán do thabhairt do chách d'iarrfadh é. Ded thuarasgabháil go fíor lean go bhfaghaimíd críoch catha an áir, nó ar thuit an fear borb de ghnáth a goirtear leat Faolán. Tar éis Daolchiabh a chur chun báis d'iarr Faolán cead ar Fhionn dul do chomhrac gan cháirde ar bith le laoch eile de shluagh chách. Aontadh na Féinne an tan fuair d'fhógair go cruaidh cath ar chách; tháinig laoch dár ba chomh-ainm Cian mac Lachtna 'na chomhdháil. d'ionnsuigh an dís deagh-laoch a chéile go tréan, calma, cruaidh; níorbh fhada gurbh aoibhinn dúinn is cách go dubhach fá lán-ghruaim. Ní thug Faolán an dara béim chun Céin mhic Lachtna na gcruadh-lámh an tan dochonncamair ag teacht an ríoghan chailce fá dhéin an áir. Do thuit mac Lachtna le Faolán sul ráinig sí i bhfogas dúinn; do scuir an gleo ar gach taobh ag feitheamh na déagh-mhná úd. Do tógadh le cách gártha caoi ar aithne na rí-mhná dhóibh; dobhí an Fhiann 'na sost go huile dá hamharc ag sileadh na ndeor. Ar a ceann dobhí folt órdha a Phádraig, ní gó a mhaoidhim. nach feaca tusa ná do Dhia a shamhail de chiabh ar aon mhnaoi. d'fhiafruigh sí de ghlór shochma cá raibh Fionn oirdhearc, rí na bhFiann, nó ar thuit a céile caomh mear is a dís mhac cár ghaibh siad? "Cia hé do chéile caomh," ar Fionn "innis dúinn, is do dhís mhac? má's tuitim dóibh ar Chnoc an Áir dogheobhair a dtásc, a bhean." "Ainm mo chéile ba mhór buadh Meargach cruaidh na lann nglas, 's mo dhís mhac, Ciardán ba thréan is Liagán nár thréith i gcath." "A ríoghan cháidh," ar Fionn na bhFiann "do thuit an triar do luaidh tú, gidh gur thapaidh lámh-thréan i gcath 's i ngléidh iad 's i lúth."
Do scread is do gháir an rí-bhean is a basa do ghread le cumha, do shil go guirt frasa deor is dubhairt "Mo bhrón! cá bhfuil mo thriúr?" Do ghluais an ríoghan chailce go dian ag screadaigh fán ár go ráinig sí an áit go beacht 'na raibh a fear 's a dís mhac ar lár. Do thionóil an Fhiann anoir 's aniar 's do thionóil cách mar iad go tláth ó gach taobh is áird den chnoc ag éisteacht le caoi-ghuth na mná. A Phádraig, ní fheacaidh do Dhia mór do chliar fós, ná tú féin, macasamhail na mná úd i bpearsain, i gclú is i méin. An tan tháinig ós cionn na gcorp do stoith a folt ar dhath an óir, do shín tarsna ar an dtriúr gan tapadh gan lúth gan treoir. d'athruigh a héadan maiseach mín a dearca grinn 's a dearg-ghruadh, a leaca, a béal 's a cruth go léir a samhail don éag ba thruagh. Níorbh fhada dhúinn, a Phádraig, mar sin go ndeachaidh sí i néallaibh báis; do thóg an námhaid uall-chaoi ghéar is an Fhiann féin bhí fá dhíombáidh. Do shíleamair-ne is fós cách go bhfuair bás an ríoghan cheannais; tháinig 'na cruth tar ais arís 's do chan an chaoi-laoidh mar leanas:
LAOIDH MNÁ MHEARGAIGH. .i. Caoine Áille Shnuadh-gheal ar Chnoc an Áir. A Mheargaigh na nglas-lann ngéar, dob iomdha gliadh is tréan-chath i dtionól sluagh 's id aonarán do thuit led chruadh-láimh-se seal. Níorbh fhiadhain mé go raibh 'na ndeoidh deargadh leoin ná créacht id chorp; 's is dearbh liom gur ceilg, a ghrádh, 's nach neart lámh do bhuaidh ort. Dob fhada do thriall i n-imchéin ód thír ba chaomh go hInis Fáil d'ionnsaighe Fhinn is na bhFiann do chealg mo thriar don bhás. Díombádh dod chéile do cheann do chaillis le meang na bhFiann, 's mo dhís óglách, mo dhís mhac mo dhís d'fhearaibh ba gharbh gliadh. Mo chumha! mo bhiadh is mo dheoch mo chumha! mo chosc ó gach áird, mo chumha! mo thriall i n-imchéin is gur chailleas mo laochradh cáidh. Mo chumha! mo dhún ar lár mo chumha! mo scáth is mo sciath, mo chumha! Meargach is Ciardán mo chumha! Liagán ba bhreágh cliabh. Mo chumha! mo choimhéad is mo dhíon mo chumha! mo bhrígh is mo theann, mo chumha! mo chosnamh ón olc mo chumha anocht sibh go fann! Mo chumha! mo lúthgháir is mo ghreann mo chumha! mo gheall i ngach áird, mo chumha! mo lúth is mo neart mo chumha ó 'nocht amach go bráth! Mo chumha! mo threoir is mo thriall mo chumha! mo mhian go lá an bháis, mo chumha! mo bhláth is mo scéimh mo chumha mo laochradh ba cháidh.
Mo chumha! mo leaba is mo shuan mo chumha! mo chuaird is mo theacht, mo thruagh! m'éide 's mo bhládh mo chumha chráidhte mo thriúr fear! Mo chumha! mo mhaise is mo scéimh mo chumha! mo shéada is mo thaisce, mo chumha! mo chiste is mo mhaoine mo chumha! mo thrí coinnle gaisce. Mo chumha! mo cháirde 's mo ghaol mo chumha! mo mhuintir 's mo charaid, mo chumha! m'athair is mo mháthair mo chumha 's mo chás sibh marbh! Mo chumha! mo pháirt is m'fháilte mo chumha! mo shláinte gach am, mo chumha! mo mheidhir is mo shólás mo dhoiligh dóláis sibh go fann! Mo chumha! mo shleagh is mo lann mo chumha! mo cheannsacht is mo ghrádh, mo chumha! mo thír is mo bhaile mo chumha sibh do scaipeadh óm dháil! Mo chumha! mo chuan is mo chaladh mo chumha! mo thairbhe is mo shéan, mo chumha! mo mhórdhacht is mo ríoghacht mo chumha is mo chaoi sibh go héag! Mo chumha! mo rath go hiomlán mo chumha! m'imreasán gníomh, mo chumha! mo thionól slógh mo chumha! mo thriar león ngroidhe! Mo chumha! m'imirt is m'ól mo chumha! mo cheol is m'aoibhneas, mo chumha! mo ghrianán is mo bhantracht mo chumha channtlach sibh claoidhte! Mo chumha! m'fhonn agus m'fhiadhach mo chumha! mo thriar dearbh-laoch, mo chumha! och, mo chumha iad 's a leagadh i n-imchian don Fhéinn! D'aithin mé ar na slóghaibh go tréan dobhí i ngléidh ós comhair an dúin, ar an bhfoghar i nglinntibh an aeir nárbh fhada an baoghal óm thriúr.
D'aithin mé ar an bhfoghar-ghuth sídhe ag teacht go cinnte im chluais nárbh fhada uaim goimh nua-scéil bhur dtuitim is é do thuair. D'aithin mé i dtús an lae do scar mo thriúr laoch liom ar amharc deor fola 'na ngruadh nárbh fhilleadh fá bhuadh dhóibh chugam. D'aithin mé ar ghuth na mbadhbh i nbhur gcathair mheidhir gach nóin, ó scarabhair liom go crothach caomh gurbh fhogas dom léan is brón. Nach cuimhin liom, a thriúir ba chaomh gur mhinic mé libh dá luadh dá mbadh teacht go hÉirinn daoibh nach feicfinn bhur ngnaoi fá bhuadh. D'aithin mé ar ghuth an fhiaigh gach maidin ó thriall sibh uaim gur thuitim do cheachtar díbh mo dhainid is fíor an duan. D'aithin mé, a thriúir ba cháidh ar ndearmad bhur n-ál-chon daoibh nárbh fhilleadh dhaoibh don tír le buadh gan cheilg ó shluaightibh Fhinn. D'aithin mé, a choinnle gaisce sruth an easa le taobh an dúin bheith i n' fhuil le linn bhur dtriall an fheall riamh go raibh i bhFionn. D'aithin mé ar chuaird an fhiolair gach nóin ag filleadh ós an dún nárbh fhada go gcluinfinn féin tásc droch-scéil ón dtriúr. D'aithin mé an tan d'fheoidh an bile 'dir ghéag is dhuille ós comhair an dúin. nár theacht fá bhuadh tar ais daoibh ó chealgaibh Fhinn mhic Cumhaill. "Ná hiomcháin Fionn, a ríoghan áigh is fós ná hiomcháin sluagh na bhFiann; ní le cealg ná le meang do thuiteadar ann an triar." Ní thug an ríoghan freagra ar bith ar Ghráinne 's níor chuir suim 'na glór, acht leanamhaint dá réim ag caoi go fras ag síor-shileadh deor. D'aithin mé ar amharc 'bhur ndiaidh an lá do thriall sibh ón dún, ar eitil dubh-fhiaigh romhaibh amach nár chomhartha maith ar chasadh chugham.
D'aithin mé ar choin Chiardáin ag glam-gholán gach nóin, nárbh fhada go bhfaghainn mo phian bhur dtásc, a thriair, mo dhobrón. D'aithin mé ar laighead mo shuain gach n-oidhche buan fá shruthaibh déar, óm roscaibh ó scar sibh liom nár thuar cumhdaigh daoibh-se é. D'aithin mé ar thaidhbhreamh anbhuain do theasbáin mo ghuais dom féin gur gearradh mo cheann 's mo lámha díom gur sibh-se dobhí gan réim. D'aithin mé ar Uaithnín bhinn-ghlórach gadhar ba ró-shearc lem Liagán, ag glamghail gach maidin go moch mo thriúr go roibh i gcruadhchás. D'aithin mé nuair teasbáineadh dom an loch fola ar áit an dúin, torchartha go raibh mo thriar ón gceilg riamh nár shaor Fionn. "Ná bí ag aithis Fhinn," ar Gráinne "a bhean gidh cráidhte do chroidhe; tréig feasta bheith ag iomcháineadh na bhFiann mórdhálach ná Finn." "A Ghráinne," ar ríoghan na n-ór-chiabh "dá mbadh leat an triar so ar lár, iomcháineadh is aithis níor leor leat mar dhíoghal dearbh i n-a mbás." "Dá bhfanaidís 'na gcathair féin a ríoghan séimh," ar Gráinne Fhinn, "'s gan teacht ag díoghailt bháis mhic Treoin ón bhFéinn níor dhóibh badh dhíth." "Dá mbadh tuitim dóibh le comhthrom lann gan cheilg ná meang, a Ghráinne chaoin, ní iomcháinfinn-se an Fhiann is ní mhairid chun fiadhain linn." "Dá mairidís, a ríoghan cháidh ní iomcháinfidís féin an Fhiann, mar is fiadhain duit a gceann nach le meang do leagadh iad."
"Dob fhéidir, a Ghráinne, adeirim a leagadh le ceilg 's le meang is i ndiaidh bheith craiplighthe dhóibh a ndí-cheannadh le fóirneart lann." "Creid uaim, a ríoghan," ar Gráinne "nach raibh cealg san láimh, ná meang, do leag Meargach na lann nglas is do theilg le neart de a cheann. "Innsim duit fós gan bhréag an dís do leag go faon do chlann, nár chuibhe aithis do thabhairt dóibh a ríoghan óg 's go bhfuilid gan meang." "A Ghráinne," ar an ríoghan áigh dár chomh-ainm Áille Gheal-snuadhach, "ní chreidim uait ná ón bhFéinn nár thuitim dom laochradh mar luadhaim." "Ná bí feasta liom dá luadh is ná glac tríd guais, a Áille gheal; ní raibh ceilg riamh san bhFéinn 's ní mó leigid le héinne a gceart." "Innsim duit fós gan bhréag nach táinig riamh laoch 'na ndáil Rug a mbuadh i gceart na lann is go mbeid amhlaidh go lá a mbáis." "Dá dtugaidís ceart don triar a Ghráinne ró-fhialmhar, i ngléidh, is dá sluagh tréanmhar cathbhuadhach is dearbh gur bhuan iad dá n-éis." "A Áille Gheal-snuadhach," ar Gráinne Fhinn "ó nach creidtear leat sinn dá luadh, leagfaidh an Fhiann is ní le ceilg tuilleadh ar an leirg ded throm-shluagh." "A Ghráinne," ar an ríoghan óg "ar son na gcródh-fhear do dhul d'éag, tá dearbh-dhóigh agam as cách go gcuirfid ár ar an bhFéinn."
"A Áille," ar Gráinne an ghrinn "is dearbh linn gur fada do thriall tar maraon liom 's leis an bhFéinn go gcaitheam le chéile deoch is biadh." Do dhiúltuigh Áille Gheal-snuadhach an cuireadh fuair ó Ghráinne Fhinn is dubhairt nár chuibhe léi féin fleadh ná féasta ó lucht a ngníomh. "Go ngearrtar mo chorp fám lár!" do ráidh Conán de gharbh-ghlór, "go n-íocfair-se, a Áille Gheal-snuadhach iomcháineadh ár sluagh-ne gan chóir." "A fhir mhaoil is gránna deilbh ar aon leirg dá bhfeaca fós, is dearbh liom gur íocas go cruaidh a n-iomcháin is ba thruagh an sceol." "Íocfaidh tú níos cruaidhe," ar Conán "aithis is iomcháin na bhFiann; bainfead-sa do cheann ór-fhuilt díot má gheibhim cead Fhinn gan chiach." "Gidh mór toirteamhail do chorp 's gur leathan, lom, crot do mhaeil, is tú reamhar-chnámhach righin-fhéitheach mear geallaim-se nach maith an laoch." Do thógamair uile, an Fhiann gáir ba dhian grinn, is cách, an tan d'imdhearg an bhean an fear maol leamh, is d'iomcháin. Do ghlac an fear maol mór-fhearg is do labhair de gharbh-ghuth árd: "Cúis chaoi is srotha déar guidhim don Fhéinn is do chách." Tharraing a lann as a thruaill taisce is thug sídhe garbh chun na mná; do bhuail Oscar air cruadh-bhéim do bhain fuaim soiléir as a lár. D'uaill Conán is d'fhéach go truaighe ar Oscar na gcruadh-lann ngéar, adubhairt, "'Oscair, is nár an gníomh do ghoinis mo chlí ó thaobh taobh."
"Ní ghoinfinn do chlí ná do chorp acht go bhfeaca gurbh olc do mhéin; níor chuibhe dhuit nochtadh do chlaidhimh ar amharc gnaoi na mná is a scéimh." "Níl mo shuim i scéimh na mná 'na gnúis áluinn ná 'na gnaoi, is measa liom aithis gan chiall agus iomcháin na bhFiann agus Finn." Do ghluais Fionn 's an Fhiann ón gcnoc is Oscar aco 'na fhear cinn-riain; do thriall cách 's an ríoghan séimh ar a dtaoibh féin go prap mar iad. Arn-a bhárach tháinig an Fhiann go goimheamhail dian chun áir 's níorbh fhada go bhfeacamair ag teacht Áille Shnuadh-gheal agus cách. Do ghluais Gráinne 'na gcomhdháil is rug ar láimh ar an ríoghain óig; comhshnadhmtha ar aon rian mar sin thángadar go cliste i dtús an tslóigh. Fán am n-a rángadar sinn do sheinn Dáire go binn cath-cheol. do sheinn Fionn an Barr Buadh is do ghairm fá luas a throm-shlógh. "A Áille Shnuadh-gheal," ar Gráinne "an amhlaidh is áil leat dís laoch do dhul i gcomh-ghléidh na lann nó cath coitcheann ar gach taobh?" "A Ghráinne," ar Áille gheal-snuadhach "is amhlaidh is cuibhe ar gach taobh triocha de laochradh na bhFiann is triocha mar iad i gcomh-bhéim". "Gairm chughat do thriocha laoch (ar Gráinne) ar an leirg 'na n-aonarán; goirfead-sa triocha na bhFiann go dtugaid cath dian ar Chnoc an Áir." "A Thuardáin," ar Áille Shnuadh-gheal "do thuit led láimh i n-aon ló triúr agus céad fear calma tar-se ag tagradh id cheann gleodh."
"A Chiabháin," ar Gráinne ós árd "do thuit led láimh-se i n-aon chath trí chéad agus sé fir déag seasaimh ar thaobh le n'ais." "A Mheanúir," ar Áille Shnuadh-gheal "dobheireadh an fiadh leat ón sliabh le rith do dhá chos lúth-chruaidh ní meathta is dual do ghliadh." "A Ruathaire," ar Gráinne Fhinn "ní bhriseann fád throigh an críonán le déine do thóir ar lom-lúth beir cliste do súd i gcomhdháil." "A Chonaráin nár fhág riamh cnámh ná fiacail slán ag laoch dár fhear leat cath agus gleo measaim gurab cóir tú ghlaodhach." "A Choscaire," ar Gráinne go teann "do chuireadh an ceann d'aon-bhéim míle ón gcolainn d'fhearann úr gabhaim-se tú 'na chomh-ghléidh," "A Eirire na mór-chréacht ar chorpaibh tréan-laoch do chuir, ní meathta is dual do ghlia is cuimhnigh ar an dtriar do thuit." Dobhí an dís de mhnáibh áilne Áille is Gráinne, bean Fhinn, ag gairm 's ag togha na bhfear gur líon triocha beacht ar gach taoibh. d'ionnsuigh na tréan-fhir a chéile gach dís garbh-laoch i gcomh-ghléidh; i bhfoirceann an chatha níor mhair den líon a Phádraig, acht dís den Fhéinn. Dár dtriochaid-ne do mhair an dís is fann mo chroidhe de bheith dá luadh; ní tréigfear liom mo thrácht go fóill a Phádraig ón Róimh an chreidimh chruaidh. An tan dochonnairc an Fhiann an tuitim go dian ar chách, do thógadar trí ghártha grinn ba chlos i nglinn is i n-árd. "A Áille Gheal-snuaidh," ar Gráinne "is mór an cás ar gach taoibh - ár na laoch ba chruaidh gaisce triall leat 's a maireann ded bhuidhin."
"Ní thriallfad féin ná iad súd a Ghráinne, dár ndúthaigh féin nó gur thuitim dóibh go deireadh go bhfaghaid díbheirg ar an bhFéinn." "Innsim duit, a Áille Shnuadh-gheal go mb'fhearr daoibh stad den tóir, go rochtain bhur dtír áluinn féin nó fear scéil ní rachaidh beo." "Ní triall dúinn dár dtír, a Ghráinne gur tuitim d'iomlán ár slógh, nó go mbeiream linn i ndíoghal chách ceann Fhinn cruadh-lámh i ngleo." An tan dochualaidh sluagh na bhFiann glór ainmhianach na mná úd do sheinn Fionn an Barr Buadh caismeartha is fuaim-gháir dúinn. Do chruinnigh ó gach áird den chnoc an líon againn dobhí ar bun ann; adubhairt Fionn de ghuth árd linn "Comh-ghleo is díoghal daoibh anois go teann." Ní raibh ársa ná óglach mear de shluaighte calma cródha Fhinn nár ghlach go prap arm is éide is ghlac cách gan staonadh mar sinn. "A Áille Shnuadh-gheal, is doiligh liom do bhriathra," ar Fionn na gcruadh-ghleo, "innsim duit is ní glór bréige nach mairfidh agat aon neach beo." Do sheinn Fionn annsan ós árd an Dórd le gár-ghoimh chun gliadh, d'ionnsuigheadar a chéile ar gach taobh d'fhearadh tréan-chatha go dian. Uch, a Phádraig, dob é siúd an cath ba thréine is ba chalma teann-ghleo dár fearadh ó thús an domhain is don ríoghain teann ba dhobrón. Do thriall Oscar i dtús na bhFiann 's a lann líomhtha 'na dheasdóid go rángadar féin is cách leirg an áir is an chomh-ghleodh. A Phádraig, ní chanaim acht fíor gér chruadh-lámhach gníomhach cách, do thuiteadar uile leis an bhFéinn acht triar's an déagh-bhean amháin.
Do thuit san gcath úd ba gharbh dian de líon sluagh na bhFiann féin deichneabhar agus sé chéad fear de laochradh ba gharbh gliadh. d'imthigh an ríoghan 's an triúr úd is níorbh fheas dúinn cár gabhadh leo; ba dhubhach dóibh ar a dtriall a Phádraig na gcliar, 's ba dhobrón. Ag sin críoch an chatha chruaidh a Phádraig nua na mbachall mbán; ag sin an fáth n-ar bhaist an Fhiann ar an gcnoc so thiar Cnoc an Áir.
ANMANNA NA BPRÍOMH-LAOCH DEN FHÉINN. do thuit ar Chnoc an Áir le sluagh Mheargaigh. Innis dúinn, a Oisín, gan gó na laochradh cródha den Fhéinn, i n-éagmais an triochad cháidh, do thuit san Ár-chnoc i ngléidh. Tuarasgbháil do-bhéarfad duit ar gach príomh-cheart-gharbh-laoch do thuit ar an gCnoc le cách is leis an bhfear dána, Tailc mac Tréin. Do thuit ar an gcnoc so thiar Conn Ciabhrach ba gharbh gleo, dob fhearr lámh is neart i ngléidh ná Mac Dé gidh leat is mór. Is ann do thuit, 's is díomdha leam Draladh Flannda ba bhuan cath d'imreochadh ar lúth i láimh-ghníomh le Mac Dé Bhí 's ní thiubhradh cead. Is ann do thuit, 's is truagh linn Luanán Gaois na dtrom-lann, a thugadh an torc ón sliabh de rith lán-dian a gharbh-bhall. Is ann do thuit Cruadhán calma d'itheadh an mart d'aon phroinn is dá fhichid bairghin den arán dá maireadh ba ghráin leis cliar na Roimhe. Is ann do thuit Caol luaimneach ar lúth ba luaithe ná an ghaoth; Ciarnán na gcréacht-lann gcruaidh dá maireadh níor shuairc dod chléir. Is ann do thuit Diorcán mear dob fhearr i gcath ná Dia úd; do ghearradh cuirp agus cnámha is do roinneadh an t-arán go húr. Is ann do thuit Caol duanach mear Bolgaire, Searc is Criagán, ceathrar garbh de laochradh cruaidh mo dhainid gach uair is mo dhíombádh! Is ann do thuit Liagán mín-ghéag ba chliste is ba thréan i gcath, dobhíodh ag freastal na bhFiann go fairsing úr-fhial 'na sheal.
Is ann do thuit Meangán caomh ba thorchartha béim i dtrom-ghleo, Meanduire is Cianadán calma triúr ba mhór maith gan gó. Is ann do thuit Lorgaire ba theann Ciardán Donn ba chneasta méinn, Gorgán do choscaradh cnámha Mianán is Donn Gláire ba thréan. Is ann do thuit Céirín cos-chaol Cruadhán is Aodh na n-ór-mheann. triar dob fhairsing cáil is clú is ba mhaith lúth i ngleo na lann. Is ann do thuit Follmhán buadhach Biasán, Luaine, Daoise is Láig Cainte, Leanán, is Gáine séimh Druadhladh, Blaodh agus Ciantáir. Is ann do thuit Cúrnán beodha Roighne, Glóirne, Ciar is Brad, Beallaire, Cúirnín is Meanndán Laisne, Fraoch, Niall is Glas. Is ann do thuit Muallán na n-each i gcruadh-dháil na gcath ba theann, Agus iomad eile, a Phádraig nua nach fuilim a luadh anois ann.
SEILG LOCHA LÉIN. Innis dom má's cuimhin leat cár trialladh leat is leis an bhFéinn ar bhfágáil an Ár-chnuic daoibh; lean go fíor is ná can bréag. Do chruinnigheamair ár gcoin 's ár ngadhair, a chléirigh, fá fheidhm is ní bréag; do luadhamair uile dul do sheilg ar bhruach 's ar leirg Locha Léin. Is fada mise, a Phádraig nua gan deigh-bheatha ag luadh dhuit scéal; ní cosmhail leat ná led Dhia gur ionmhain libh an Fhiann ná mé. Tabhair tuarasgabháil na seilge dhúinn a Oisín, is fúig t'iomcháin; Innis anmanna na gcon saoithe 's na ngadhar dob aoibhinn guth-gháir. A Phádraig, dogheobhainn go lá an bhráth imtheacht is trácht ar an bhFéinn, ar a gconaibh 's ar a ngadhair ghuth-bhinn uch! is truagh an ní bheith dá n-éis. Gluaisimíd-ne an líon do mhair tar éis catha an Áir don Fhéinn go rángamair an faithche féar-ghlas úd ar bhruach-chiumhsaibh Locha Léin. Sin é an loch is áille scéimh dá bhfuil fán ngréin go beacht; is iomdha stór atá ón bhFéinn ann gan bhréag i dtaisce anocht. Innis dúinn, a Oisín fhéil cionnus d'fhan ón bhFéinn san loch; cia aca ór nó airgead é is créad an chéim dorinn a chosc?
Atá annsúd san taobh thuaidh caogad lúireach gorm glas; atá ann san taobh thiar caogad clogad ar aon leacht. Atá ann san taobh theas deich gcéad claidheamh leathan glan, deich gcéad sciath 's an Dórd Fiann 's an Barr Buadh ar aon rian. Atá ann san taobh thoir ór is éadach go leor is goil (?), stór dob iomarcach le rádh thigeadh i gcéin gach lá, le muir. A raibh againn de chonaibh saoithe is de ghadhair ghuth-bhinn dogheobhair uaim, gidh doiligh do sheanóir 'na ndeoidh a Phádraig, fá bhrón dá luadh. Dobhí ann Sceolann agus Bran Lonaire, Brad agus Lomúth, cúig coin i dtús seilge is gnímh nach scaradh choidhche le Fionn. Dobhí ag Fionn de ghadhraibh guth-bhinn Uaithnín bríoghmhar is Uaill-bheo, Steallaire, Reachtaire is Dian-rás Callaire, Fiadhmán is Sciorlóg. Dobhí aige Manaire is Tréan Luas, Saothar, Searc is Cuaird, Bandaire, Cathbhuadh is Liasán Radaire, Grianán agus Fuaim. Dobhí aige Lom-bhall is Manarán Feargach, Fearán, Bonn is Rás, Cnagaire, Féirín agus Dallúir Meallaire, Tréan-lúth is Rinn-bharr. Dobhí aige fós Duanán mear Suanán, Beart agus Feall, Leagaire, Foraire is Sliabhán Crithire, Iarmharán is Geall. Ag sin agat, a Phádraig bháin an líon con áille agus gadhar tréan a rug Fionn ó chnoc an chatha go leirg 's go sleasaibh Locha Léin. Dobhí ag Oscar de shaoith-chonaibh Fead is Fosta, Cluain is Faobhar, Aire, Mire, Faire is Gual Daol, Gruaim, Fíor agus Caol. Dobhí 'na ndáil de ghadhraibh binne Cleas, Filleadh, Maig is Ruaig, Altán, Faraire, Sídh-chuaird is Géar Dranaire, Réim, Obann is Cuan. Dobhí aige Lorgaire, Feitheamh is Bonn Coscaire, Feam, Bualtán is Fraoch, Cealgán, Meang, Preabaire is Pian Stracaire, Rian, Glórán is Caomh.
Dobhí ag Faolán de chonaibh áille Adhnuaill ághmhar, Uaill is Fosta, Barcán, Feamaire, Caolán is Cuach Daolán, Suan, Earr is Fothrom. Dobhí aige de ghadhraibh binn-ghlórach' Marbhán, Forógra, Fiar is Teilg, Colgan, Fáscadh, Snámhán is Creach Léirscrios, Feall, Uaill-bhinn is Leirg. Dobhí aige fós Glaisín is Bialán Formaoil, Ciarbhán, Gluais is Lorg, Truaghnán, Ciarbhocht is Cian-chuaird Ochtán, Iolghuair, Fleadh is Dochar. Dobhí ag Goll, de chonaibh saoithe Gluaire, Bíodhgadh, Créacht is Arc, Cian-radharc, Éisteacht agus Páirt Tréan-lúth, Báire, Eiteal is Feas. Dobhí aige Fulang is Éadtrom Fuarán, Éaga agus Teannán, Árd-léim, Sár-rith agus Imchian Garbhán, Fial agus Leannán. Dobhí aige de ghadhraibh uaill-bhinn Bog-léim, Scíth, Golán is Tóir, Searbhán, Grod-uaill agus Seachrán Foluaim, Fead-gháir is Ranntóir. Dobhí aige fós Maoilinn bhinn Tuargaire, Ring is Amalán, Drannaire, Nimh-fhiacal is Stracadh Cluanaire, Trom-ghearradh is Searcán. Dobhí de chonaibh ag Mac Lughach Seabhac, Lúingeach is Éirleach, Mór-tháin, Cumán is Fuarma Aolán, Scuaine agus Faobhar. Dobhí aige de ghadhraibh beodha Luaidreán, Seoladh agus Taca, Cúl-fhaobhar, Mion-gháire agus Stuaim Biadán, Bruachaire is Casadh. Dobhí aige fós Iomlán is Cruaidh Caorán, Duairc agus Cuileog, Argain, Breac-bhall is Donúir Mear-bhall, Fionnúir is Truslóg. Dobhí ag mac Rónáin ghrinn de chonaibh luaithe agus saoithe Cuan-choimeád is Machaire mear Cnámhach, Úrlach is Gaoithe. Dobhí aige fós Niamhrach luath Ainmhear, Tuairt agus Néall, Eolach, Ladrain is Bolg seang Meanma, Feam agus Traost. Dobhí aige de ghadhraibh foluaimneach' Craipléir, Suan, agus Toisc, Cúinne, Géagán, Docht is Dóich Buanán, Fóir agus Foisc. Dobhí aige Duardán is Snap Lomán, Cath agus Coimheascar. Caibín, Gealán is Luath-ghléas Feoithnín, Béas agus Baoiste.
Dobhí aige fós Garbh-uaill ghéar Fuaithín, Taom agus Lorcán, Alpaire, Grod-gháir is Tearc Cuanair, Bonnlaice is Uamhán. Dobhí ag Diarmaid ua Duibhne do chonaibh saoithe i lom-lúth Cóisir, Nóinín is Géar-léana Duilleog, Léim-fhada agus Clúid. Dobhí aige de ghadhraibh seilge Cualán, Leirgeach agus Glámh Dubh-ghreim, Glamaire agus Racht Fuarcán, Fallaire is Aonarán. Dobhí de chonaibh ag Glas caomh Treabhaire, Saosc agus Mórdháil, Lúbán, Bonnsach, Seangaire is Triall Lorgán, Stiallaire is Rachtán. Dobhí de ghadhraibh aige 'na bhfochair Gallán, Corcair, Treas is Trú, Cianán, Gaimlín, Falla is Tréan Rianán, Séirse, Barc is Crú. Dobhí ag Feargus, file Fhinn de chonaibh ba ghníomhach lúth, Giodán, Fuadach agus Rinn-rith Luadrán, Fuinneamh, Géibheann is Dúil. Dobhí aige de ghadhraibh glam-bhinne Fuathán, Dlacht, Fíor is Leannán Cuasach, Bith-bhinn is Guagach Beacht, Uamach is Dlachtán. Dobhí agam-sa féin, a Phádraig agus ag cách ó shin suas, i n-éagmais na gcon is na ngadhar úd deich gcéad ar lúth nach fuilim do luadh. Aithris anois, a Oisín na n-éacht laoi gan bhréag na seilge féin; Is iongnadh liom nó is gearr gur thuit fiadh sin leirge Locha Léin. A Phádraig, an gcuala tú an tsealg a mhic Calpruinn na salm sámh, mar dorinneadh i n'aonar le Fionn 's gan aon neach ann 'na chomhdháil?
Ní dóich go gcuala, a mhic an Ríogh a Oisín ghlic na ngníomh ngarg; aithris dúinn is ná can gó cionnus dorinneadh leo an tsealg. Ní chanaimís-ne an Fhiann gó bréag linn fós níor samhluigheadh riamh; le fírinne is le neart ár lámh dothigimís slán as gach gliadh. Níor shuidh cléireach i gcill a Phádraig is binn glór, dob fhírinnighe ná Fionn féin fear nach caol do bhronnadh ór. Níor shuidh neach díobh i gcill gidh binn libh do chanaid salm, dob fhearr focal ná an Fhiann fir nár claoidheadh i ngliadh gharbh. Dá maireadh mac Mórna mear nó Goll calma nár char séad, nó mac uí Dhuibhne na mban an laoch do chuireadh cath ar chéad; Dá maireadh Feargus, file Finn fear a gcirt do roinn ar an bhFéinn, nó Dáire do sheinneadh gan locht i nguth do chlog ní bheadh mo spéis. Dá maireadh mac Garraidh na lann an fear nár ghann ag cur an áir, Oscar nó mac Rónáin grinn do chrónán san gcill níor shámh. Dá maireadh Aodh Beag mac Finn nó Faolán grinn nár éar neach, nó Conán Maol dobhí gan ghruaig is iad d'fhág mé fá ghruaim le seal. Nó an t-abhac beag dobhí ag Fionn do chuireadh cách i dtoirchim suain; badh bhinne liom fuaim a mhéar ná a bhfuil den chléir i gcill 's i dtuaith. Ó's anocht nach maireann an Fhiann ná Fionn fial na nduas, do bhodhair siansán na salm is glór garbh na gclog mo chluas. Scuir do bhéal, a sheanóir shuairc ná bí feasta ag luadh na bhFiann, 's go ndeachadar thart mar an gceo 's go mbeid go deo i nglas na bpian. Ná habair sin, a Phádraig ghlic 's nach raibh ar bith ná ar neamh na ngrás Aon laoch dobhearfadh buadh ar cheann an tsluaigh, Fionn an áigh. Dá mhéid cluig atá id chill ag seinm 's ag siansán salm, ní chreidfinn do bhreith ar an bhFéinn ná breith do chléire acht amhail.
Minic a chodlas amuich ar shliabh fé dhrúcht liath fé bharr crann, ach níor chleacht liom leaba gan biadh feadh bheadh fiadh ar an gcnoc úd thall. Ní bhíonn agat leaba gan biadh gheibheann tú seacht mbairrghin aráin agus meascán mór den im is ceathramha mhairt gach aon lá. Dochonnairc mé caor caorthainn ba mhó fá dhó ná do mheascán; 's dochonnairc mé duilleog eidhneáin ba mhó 's ba leithe ná do bhairrghin aráin. Dochonnairc mé ceathramha luin ba mhó ná do cheathramha mhartáin; is é do líon mo chroidhe le tuirse bheith id thigh-se, a bhochtáin. Is minic dobhíos-sa go fial i ndún an ríogh nár ghann; ar feadh míos a gcaithim den bhiadh dobheadh tar m'éis, gach ceann. Muna mbeadh na geasa dobhí ar Fhionn is nárbh fhéidir leis gan tuitim tríd, a raibh ar neamh 's a bhfuil ar lár ní chlaoidhfidís lámh mo ríogh. Is é mo Rí-se do dhealbhuigh Neamh is é do-bheir neart na laoch, is é do chum an bith buan is é do-bheir bláth na gcraobh. Is é do dhealbhuigh éasca is grian is é do-bheir iasc ar linn, is é do chruthuigh gort is féar ní hionann is éachta Fhinn. Ní ar chruthughadh guirt ná féir thug mo rí-se féin a dhúil acht ar choscairt corpa laoch ag cosnamh críoch 's ag cur a chlú. Ar shuirghe, ar imirt, ar sheilg ar nochtadh meirge i dtús gleodh, ar imirt fithchille 's ar shnámh is feitheamh chách ameasc an óil. A Phádraig, cá raibh do Dhia an tan tháinig an dias tar lear, thug leo bean ríogh Lochlann 'na long lér thuit iomad fann san treas? Nó an tan tháinig an Dearg dian mac ríogh Lochlann na sciath n-óir, créad nár fhortuigh Rí na naomh dóibh ar bhéimibh an fhir mhóir? Nó an tan tháinig Mághnus mór an fear ba bhorb glór nár thim? is cosmhail, dá maireadh do Dhia go gcuideochadh le Fiannaibh Finn.
Nó an tan tháinig Tailc mac Tréin an fear ar an bhFéinn do chuir an t-ár? ní le Dia do thuit an curadh acht le neart Uscair ameasc cách. Atán mac Badhna mhóir lé milltí Teamhair na slógh dtréan, níor leoimh sibh-se ná bhur Rí dul dá chlaoidhe acht Fionn féin. Iomdha cath, madhm is gliadh do comóradh le Fiannaibh Fáil; ní chuala go ndearnaidh éacht Rí na naomh, ná gur dhearg a lámh. Leigimís dár gcomórtas ar gach taoibh a sheanóir chrín atá gan chéill, tuig go bhfuil Dia ar neamh na n-órd is Fionn 's a shlóighte uile i bpéin. Badh mhór an náire sin do Dhia gan glas na bpian do bhaint d'Fhionn, is Dia féin, dá mbeadh i mbroid an flaith do throidfeadh tar a chionn. Níor fhulaing Fionn ar feadh a ré neach do bheith i bpéin ná i nguais gan fuascladh air le hairgead nó ór i gcath nó i ngleo go mbéarfadh buadh. Is maith an ceannach dom ar Dhia bheith ameasc na gcliar mar táim gan biadh gan éadach gan cheol gan bheith ag bronnadh óir ar dháimh. Gan gáir na ngadhar ná na stoc gan bheith ag coimhéad port ná cuan, 'chionn a bhfuaireas d'easbaidh bídh maithim do Rígh neimhe im udhacht. Gan snámh gan fiadhaigheacht, gan fonn gan suirghe fial-bhan gan spórt, gan suidhe i n-ionad mar ba dhú gan foghluim cleas lúth ná gleodh. A sheanóir chrín atá ar baois scuir is ná bí ag friotal gan chéill; maithfear le Dia dhuit a ndearnais feasta má's áil leat a réir. Sásamh duit féin ná dod Dhia a chléirigh na gcliar, ní thiubhar; líon a ndearna dá mhí-réir súd ní buidheachas liom a mhaitheamh.
Is truagh liom do chruth críon a Oisín, ná bí i bhfriotal gan chéill; is náireach duit, dar liom féin easmailt do bhéil de ghnáth ar Dhia. A Phádraig, dá mbeinn-se gan chéill do scarfainn led chléirigh a gcinn, ní bheadh bachall ná leabhar bán ná clog trátha id chill. Leig-se de bheith dá ríomh a mhic an ríogh ba mhaith clú, géill don té do-ní gach feart crom do cheann is feac do ghlúin. Buail t'ucht is doirt do dheoir is creid don té tá ós do chionn; gidh gurab iongnadh leat a luadh is é rug buadh ar Fhionn. A Phádraig, mo scéal truaighe! ní binn liom fuaim do bheoil; goilfead go prap is ní fá Dhia acht Fionn 's an Fhiann gan bheith beo. Mar do gheallais aithris dúinn tréig seachrán, fuath is fearg innis dúinn is ná can gó cionnus dorinneadh leo an tsealg.
LAOIDH NA SEILGE NÓ SEILG SLÉIBHE CUILINN. Lá dá raibh Fionn, flaith, ar an bhfaithche i nAlmhain úir, dochonnairc chuige san ród eilit óg ar léim lúith. Do ghlaoidh ar Sceolann is ar Bhran is do léig fead ortha araon, gan fhios do chách i dtigh an óil do lean san ród an eilit mhaol. Ní raibh ag Fionn acht Mac an Luin a dhá choin agus é féin, ar lorg na heilte go dian go Sliabh gCuilinn na rian réidh. Ar dhul don eilit fán sliabh is Fionn 'na diaidh is a dhá choin, níorbh fhios do soir seachas siar cár ghaibh an fiadh san gcnoc. Do ghaibh Fionn soir go dian is a dhá choin siar ar lúth, 's, a Phádraig, nár thruaigh le Dia mar thugadar an triar a gcúl. Dochualaidh Fionn, 's níor chian uaidh bean ar bhruach an locha ag caoi is ann dobhí an macaomh mná dob fhearr cáil dá bhfeacaidh 's gnaoi. Ba dheirge a gruadh ná an rós dobhí a beol ar dhath na gcaor, a cneas cailce mar an mbláth is a leaca bhán mar an aol. Ar dhath an óir dobhí a folt mar réaltain seaca a rosc dobhí, a Phádraig, dá bhfeictheá a dreach do-bhéarfá do shearc don mhnaoi. Nár fhaghad-sa amharc Dé úd ná seilbh dhún na naomh-órd, go mb'fhearr liom-sa páirt na mná ná an flaitheas úd d'fhagháil go deo! Ná habair sin, a fhir léith liom-sa níor spéis a páirt, is ionmhaine liom Flaitheas Dé a sheanóir, ná scéimh na mná.
Dar mionna do leabhair bháin dar fearta is dar páis do bhachall, gur ghile liom páirt ón mnaoi ná tusa agus Rí na bhFlaitheas. Gráin ort! ná samhluigh Críost le hionnmhas fíor an tsaoghail, is neamh-ní an domhan 's a bhfuil ann idir mhaitheas is dream, acht Dia féin. Badh neamh-ní liom do Dhia badh neamh-ní liom do chliar i gcill, badh neamh-ní liom tusa agus Flaitheas seachas grádh do tharraing ón mnaoi. A Phádraig, géill-se dom ghlór a dreach 's a cló dá mb'amharc díbh, do thréigfeá do bhachall 's do leabhar bán ar annsacht 's ar ghrádh ón mnaoi. A Oisín, ná bí dá luadh a dreach, a snuadh, ná a gnaoi, ní thréigfinn-se ar a cumann go bráth ná ar mhaitheas dob fhearr ná ceachtar díobh. Do thréigfeá mac Dé is a chliar flaitheas na bhfial is glór na gclog, t'altóir, is siansán na salm do leabhar 's do bhachall dá n-iarradh ort. Is truagh, a sheanóir gan chéill adeir go dtréigfinn Mac Dé Bhí, agus seilbh an fhlaithis neámhdha ar annsacht 's ar ghrádh ón mnaoi. A sheanóir atá ar baois ná cluinim choidhche tu 'ghá luadh, go dtréigfinn ar annsacht mhná an bheatha úd atá bith-bhuan. Do thréigfinn-se, a Phádraig nua Mac Dé atá thuas go hárd, tusa agus an chliar gan ghreann ar mhaise is ar annsacht mhná. Is doiligh liom fáth do rúin is ní hionmhain liom do ghlór, is eagal liom go leanfair iad go huaigh na bpian, a sheanóir. A Phádraig a thuaras an t-olc labhair is nocht do ghlór, cia hiad a leanfad, mar luadhair go seilbh uagha an dobróin? Leanfaidh tú Fionn is an Fhiann is 'na ndiaidh atá do thriall dom dhóigh, go dún-árus na ndeamhan ndúr mar a mbeir fá phudhar i ngach ló. Ná tabhair aithis don Fhéinn ar son bheith i ngéibheann dóibh; níor chomórtas dóibh do Dhia ná fós do chliar is leamh glór,
Fá luadh annsacht na mná a Oisín, táir-se gan chéill; fág fós iomrádh na bhFiann is lean dúinn go fial ar do scéal. Druideas Fionn ag iarraidh scéil ar mhnaoi shéimh na gcuach n-óir; agus d'fhiafruigh den ghnúis ghloin "An bhfeaca tú mo choin sa tóir?" "In do sheilg níl mo spéis is ní fheaca mé do choin; a rí na Féinne gan tlás is measa liom fáth mo ghoil." "An é do chéile a fuair bás t'inghean áluinn nó do mhac, Nó créad fá bhfuil tú ag caoi a ainnir chaoin is áille dreach? "Nó créad as a bhfuil do bhrón a ainnir óg na mbas mín, nó an féidir t'fhurtacht," ar Fionn "is dubhach liom tú bheith mar chím?" "Fail óir dobhí ar mo ghlaic," do ráidh ríoghan na mbas réidh "do thuit le fánaidh na sreabh sin é an fáth fá bhfuilim i bpéin. "Geasa nach fulaingid fíor-laoich chuirim ort-sa, a rí na bhFiann, an fáinne 'rís do thabhairt tar n-ais do thuit le fánaidh na sreabh ndian." Níor fhulaing Fionn cur na ngeas nochtas a chneas go geal glé, chuaidh fá bhruach an locha do 'shnámh ar thoil mhná na rosc réidh. Do chuarduigh sé an loch fá chúig níor fhág cúil ann ná cearn, an fáinne arís tar n-ais go bhfuair do chaill ríoghan na ngruadh ndearg. Tráth fuair an fáinne tar n-ais ní ráinig leis teacht go bruach an tan dorinne seanóir liath de rígh na bhFiann, fa scéal truaighe. Dobhíomair-ne, Fianna Finn i nAlmhain slim na sluagh séimh, ag imirt fithchille is ag ól ag clos ceoil is ag bronnadh séad. Éirigheas Caoilte ameasc cách is d'fhiafruigh ós árd de gach fear an bhfeacaidh mac Cumhaill fhéil na gcaoimh-reacht séimh is na sleagh. Adubhairt Conán mac Mórna "Ní chuala riamh ceol dob aoibhne; mac Cumhaill má tá ar iarraidh go raibh i mbliadhna, a Chaoilte.
"Mac Cumhaill má theasta uait a Chaoilte chruaidh na gcos gcaol, gabhaim-se orm de láimh ós cionn cách bheith im mhaor." Dobhíomair an Fhiann fá bhrón fá cheann ár slógh bheith dár ndíth, acht tháinig orainn gean gáire an tan dob ádhbhar dúinn bheith ag caoi. Do ghluaiseamair as Almhain amach buidhean calma na gcath gcruaidh, ar lorg a dhá chon is Fhinn triúr grinn dobheireadh buadh. Bhíos-sa agus Caoilte ar dtús is an Fhiann go dlúth 'nár ndáil; go Sliabh gCuilinn ó thuaidh rugamair-ne buadh ar chách. Amharc dá dtugamair uainn i ndiaidh na ruaige thug an Fhiann, chonncamair ar bhruach an locha shlim an seanóir críon is é liath. Do dhruideamair uile 'na dháil do chuirfeadh gráin ar gach fear, cnámha loma dobhí críon ag ceilt a ghnaoi is a ghean. Do shíleamair gur díth bídh thug ar an laoch bheith gan chruth; nó gur i n'iascaire dobhí sé tháinig i gcéin leis an sruth. d'fhiafruigheas den fhear chríon an bhfeacaidh laoch ba gheal cruth agus iad roimhe san ród eilit óg agus dhá choin. Ní thug seisean freagra dhúinn do luigh taom ar fhlaith na bhFiann, dobhí sé éagcaoineach dubhach gan léim, gan lúth, gan rith, gan rian. Nochtaim-se mo chlaidheamh géar is prap 's is tréan do nocht an Fhiann: "Is gearr go bhfaghair aithne an bháis muna dtugair uait tásc an triair." Níor mheas Fionn innsint 'na scéal gurbh é féin rí na bhFiann nó gur léig le Caoilte a rún fear ar lúth dobhí dian. Nuair fuaireamair dearbh an scéil gurbh é Fionn féin dobhí ann, do léigeamair trí gártha guil do chuirfeadh bruic as gach gleann. Éirigheas Conán Maol go borb is nochtas a cholg go dian; do mhalluigh sé Fionn go beacht 's do mhalluigh fá seach an Fhiann. "Dar mo láimh-se féin, a Fhinn bainfead-sa dhíot do cheann ó is tú nár mhaoidh mo ghníomh ná mo ghaisce riamh i n-am. "Is é m'aon-locht ar do chruth gan an Fhiann uile bheith mar táir, go ndeargainn mo shleagh is mo lann is go dtagadh leam do leacht is do lá.
"Ón lá marbhadh Cumhall na gcliar le mac Mórna na sciath n-óir, níor scarais ó shin ar ár dtí 's ar mhair dinn ní ded dheoin." "Scuir ded ghlórtha baoise a Chonáin Mhaoil, is ded cheol nach raibh riamh acht gan chéill is nár choisc béim i n-am gleodh." "Scuir-se ded ghlór féin a Oscair mhic Oisín bhaoith; créad an mhaith dobhí i bhFionn féin acht ag cogaint a mhéir' go smaois?" "Muna mbeadh an Fhiann do bheith fá bhrón is Fionn fós do bheith mar tá, a Chonáin Mhaoil atá gan chéill do bhrisfinn do bhéal go cnámh." "Nuair nach maireann Goll im dháil fear gan scáth i gcomhrac críoch, féacham araon ós comhair cách neart ár lámh agus ár ngníomh. "Sinn-ne féin de dhéanadh an gníomh is ní hiad Clanna Baoiscne bog; beidh t'athair-se i ndiaidh chách ag iomchur leabhar mbán is clog. "Clanna Baoiscne nár mhaith cáil is gach cúis gábhaidh riamh gur ob; a Oscair óig, leig ded bhaois ní glór dhearbhas acht gníomh grod." D'éirigh Oscar an aigne mhir is Conán do rith ameasc cách, do chuir a choimirce ar an bhFéinn furtacht air ó phéin an bháis. D'éirigheamair an Fhiann go borb do chosc Oscair na n-arm n-áigh; idir mo mhac is Conán Maol do cheanglamair síth agus páirt. Dar mo láimh, a chléirigh na gclog dar do láimh-se, is ní dolaidh, ní bheadh cluig id chill, ná cliar dá mbeadh Oscar na bhFiann im fhochair. An uair d'aithin Conán é dá mbeadh Dia féin ar a dheas-láimh, a Phádraig, an chreidimh chruaidh dob eagal do guais an bháis. Gach baois dá luaidhtear leat a Oisín na gcreach, badh chead linn acht amháin d'aithis ar Dhia lér thuiteadar Fianna Fhinn. Is fuath liom-sa tusa 's do Dhia is fuath liom do chliar ag gláimh; ní thiubhrainn a chead duit ná dóibh bheith go deo dá iomcháin.
Lean dúinn anois mar ar thréigis ar aithris éachtmhair sheilge Fhinn; tá Oscar go fann fá ghruaim gidh gur chruaidh é a neart 's a ghníomh. d'fhiafruigh Caoilte go pras de mhac Cumhaill na gcleas n-áigh; "Cia chuir as do ghnáth-chruth thú nó bhfuil leigheas do gheas le fagháil?" "Inghean Chuilinn," do ráidh Fionn "geasa im chionn do chuir sí: dul de bhruach an locha do shnámh d'iarraidh an fháinne do thuit síos." "Nár théighimíd-ne slán ón gcnoc," do ráidh Conán nárbh olc méinn, "go n-íocaidh Cuileann gan mhoill dúinn muna gcuiridh Fionn 'na chruth féin." Chruinnigheamair anoir is aniar is chuireamair ár sciatha faoi go deas; go Sliabh gCuilinn ó thuaidh rugamair Fionn ar ghuaillibh fear. Ag tochailt an tsídhe gan tlás ar feadh seacht lá dobhí an sluagh nó go dtáinig Cuileann de phreab chugainn amach as an uaimh. Ar theacht aníos do Chuileann chóir corn óir dobhí 'na láimh, do dháil deoch do rígh na bhFiann dobhí ar an sliabh go tinn tláth. Ibheas Fionn an deoch gan mhoill as an gcorn sídhe dobhí 'na láimh, tháinig a chruth 's a dheilbh féin do rígh na Féinne acht an léithe 'mháin. Do thaithn liom-sa 's leis an bhFéinn dath na léithe bheith ar a fholt, is dubhairt Fionn le Cuileann caomh go mbadh mhaith leis é bheith air. A Phádraig na mbachall mbán dar do láimh ní chanaim bréag, dob fhearr linn ná Flaitheas d'fhagháil Fionn 'na shláinte bheith 's 'na ghné.
Uch, is dubhach mé i ndiaidh mo ríogh 's i ndiaidh na laoch dobhí garg, a Phádraig is gann fán mbiadh sin mar rinn an Fhiann an tsealg. Mise Oisín† truaighe †mac Fhinn i dtuirse chroidhe ag comhaireamh cloch; pé uair a gheibhim an greim is fada arís go bhfaghaim an deoch. Do-bhéar-sa dhuit, a Oisín ghrinn ó chuiris críoch ar an Seilg dúinn, biadh is deoch go bhfágair fuigheal glac intinn tríd is ná bí dubhach. Thug Pádraig biadh agus deoch chun Oisín do choisc a gháir, adubhairt Oisín - Mo scéal truaighe dob annamh liom uait a fhagháil. A Phádraig ná labhair le hiomcháin ar Fhionn ná ar iomlán na bhFiann, ó so suas go lá an bhráth is leanfad duit i dtráth sa rian. Ná tabhair, a Oisín mhic Finn aithis ná mí-ghnaoi do Dhia, domh-sa ná don chléir uile 's ní mór linn duit moladh na bhFiann. A Phádraig, má's locht leat orm Fionn do mholadh agus fós an Fhiann ós cionn Dé is do chléire liom níorbh fhéidir do dheagh-riar. A Oisín, níorbh ionmhain liom nach molfá ar dtús Dia mór ós cionn Fhinn agus na bhFiann ar imthigh 's a dtriallfaidh fós. A Phádraig, ní mholfad-sa Dia tusa ná do chliar go lá an bhráth, roimh Fionn na bhFiann ba cháidh neart 's a shluaighte beir leat 'na dháil. Ná bí ag iomrádh as do Dhia a Phádraig na gcliar nach maith, is tráchtfad duit anois tráth ar mheisce is ar rádh na mban. Innis dúinn a mhic mic Cumhaill scéal binn gan bhréag ar na mnáibh; cionnus a ráinig dóibh san treas nó créad an bheart do theagmhuigh dáibh?
LAOIDH AN BHRUIT nó Meisce agus Rádh na mBan. Lá dá raibh Fionn ag ól i nAlmhain ar bheagán slógh, seisear fear is seisear ban, giolla is ainnir úr-gheal. Fionn is mise dobhí ann, Caoilte, Oscar 's Diarmaid Donn Conán Maol nárbh fhann modh, Is mná na seisear laoch son. An tan do ghaibh meisce na mná thug siad a luighe annamh-ghnáth: nach raibh ar an talmhain truim seisear ban ba chomh-ionnraic. Do ráidh Fionn, fáidh an duine ilcheardach é an domhain: "Gidh maith sibh-se, is iomdha bean nár fionnadh riamh acht d'aon-fhear." Níorbh fhada bhíodar mar sin an tan tháinig bean do láthair, brat uimpi go n-áille agus í n-a haon-tsnáithe. Fiafruigheas Fionn go ngáire d'inghin an bhruit go n-áille: "Créad dobheir tú id aon-tsnáithe ag teacht anois dár láthair?" "Cuid de bhuadh mo bhruit go n-áille," ar an inghean áluinn úd; "mí-ionnraiceas gach mná 'nochtadh a Fhinn† shéimh shochma †mhic Cumhaill." "Tabhair an brat dom mhnaoi féin," ar Conán Maol, "a inghean óg, nó go bhfeasam an briathar mear thug na mná ar mhaithe leo." "Glacfad-sa an brat, a Chonáin," ar an bhean dob áille gnúis, "gidh mór ghoilleas orm féin a né tú dem mhí-réir gan chúis."
Gabhas bean Chonáin gan chéill an brat uimpi féin go dlúth; an tan fuair an brat ag casadh gan fhios don fhear mheathta d'fhúig. "A bhean," ar Conán go borb "créad an doiligh duit, má's fíor na briathra groda ó chianaibh an brat ar iasacht do thomhais led chlí." "Do ghabhas-sa an brat roimhe seo a Chonáin, coisc do bhéal leamh, is brígh ar bith ní géilltear liom do bheith annsúd do mhnaoi ná d'fhear." "Ná bí dá luadh, a bhean," ar Conán "gaibh an brat go n-áille chugat, nó go bhfeasam an fíor an glór mar aon leo do chanais dúinn." "Geobhad-sa an brat chugam arís a Chonáin," ar sí de chrith-ghlór, "ní fhuil acht neamh-ní san mbrat cuirim i n-ath duit gan gó." Do ghaibh bean Chonáin Mhaoil an brat fíor uimpi go mear; ba ghairid a chuaidh a chuaird ba dhoiligh dá luadh an bhean. An tan dochonnairc Conán Maol an brat fá n-a taobh ag casadh, nochtas a chraoiseach go nimh an inghean nár ghlic gur mhairbh. Glacas bean Diarmada Dhuinn an brat ó mhnaoi Chonáin Mhaoil, gidh gurbh í an tsaoi gan locht go dtí n-a hocht níor fholuigh cruinn. "A Dhiarmaid," ar an bhean chaomh "ná tabhair géilleadh do bhuadh an bhruit; atáim féin ionnraic go leor ar son nach fóghnann sé dhom." "Géillim-se do bhuadh an bhruit a bhean ó thús," ar Diarmaid Donn, "níor ghéilleas fós do bhriathra ban i n-ionnraiceas ar feadh an domhain." "A Dhiarmaid," ar an bhean chaomh "ná cás liom féin go bráth bheith neamh-ionnraic duit mar fhear tré bhuadh feasa an bhrait bháin." "Is fiadhain mé, a bhean, go minic ar ionnraiceas foluightheach mná; níor chreideas riamh a nglór is ní mó do-dhéan go bráth."
"Ní rabhais go teacht don inghin úd mí-ionnraic as gean do mhná; tabhair dom aithne ar an éag a Dhiarmaid, má's géilleadh don bhrat bhán." "Ní chuirfead-sa bean chun báis a mian gach tráth is feasach liom; fear eile má fuair uait páirt ní baoghal duit tráth is innis dom." "A Dhiarmaid, má's bás nó beatha san gcás so do gealladh dom féin, ní fiú mo choir anois do luadh is ní nochtfar í uaim lem ré." "Imthigh, a bhean, slán fá bhuadh," ar Diarmaid, "uaim go lá an bhráth." dogheobhair-se céile fir caoin 's ní ghlacfad-sa choidhche céile mná." Do thriall bean Dhiarmada Dhuinn 's ní haithristear linn cár ghaibh; níor cheangail Diarmaid i gcomhdháil aon chéile mná ón lá do scar. "A Ghealluir," ar Oscar na lann "is fada ár ngreann i gcomhdháil, gaibh chugat iasacht an bhruit go bhfeasam an mbeidh do shíor-ghnáth." Glacas bean Oscair an brat dob fhada, fairsing, comhréidh, gérbh fhada cuaird an bhruit bháin a himleacán níor fholuigh sé. "A Oscair," ar Gealluir chaoin "ní curtha i suim mo choir; má's fiosach í don inghin úd is cead liom í d'fhaisnéis duit." "A inghean áluinn an bhruit bháin," ar Oscar, "an áil leat súd, má's fios duit cionta na mná a nochtadh gan cháirde dhúinn?" Do shíl Gealluir go meallfadh sí inghean chaoin an bhruit bháin, is nach nochtfadh a cortha féin d'Oscar, dá céile cáidh. "A Oscair na gcruadh-lann ngéar is tuigthe dhuit féin a gníomh, féach go cruinn ar luighe an bhruit 's is léir duit sin ar an mnaoi." "A Ghealluir," ar Oscar tréan "imthigh mar aon led bhuidhin, ná feicim do ghnúis im dháil mo mhallacht go bráth it shlighe." Do ghluais Gealluir ó n-a chéile is ní feasach mé cár thriall; níor ghaibh mo mhac le mnaoi ghnáith ó d'imthigh, a Phádraig na gcliar.
Adubhairt Fionn le n-a mhnaoi féin dár ba ainm glaoidhte Mánás: "Gaibh chugat an brat go mear 's nár scaraidh leat mar scar le cách." "Má géilltear leat do bhuadh an bhruit a Fhinn† fháth-ghlic †mhic Cumhaill, cuimhin gurb é an buadh tá aige na geasa atá istigh 'na chlúid." Do ghlac Mánás, bean Fhinn na slógh an brat fa leor mí-ghreann; is gearr dochuaidh cuaird an bhruit iomlán a cluas níor fholuigh. Nochtas Fionn de lán-phreib a chlaidheamh 's ba dhoiligh leis féin, do mhairbh a bhainchéile gan stad is do theilg an brat dá taobh. Glacas mo bhean-sa go fann an brat, is ba throm a glór; dob aithreach liom féin sin nuair chonnarc gur di i ndobrón. Do ghaibh sí uimpi an brat ba dhubhach a creat is a gnúis, d'fholuigh sé a corp uile ó rinn gur chuimil don úir. Ba thaithnte liom, a Phádraig ionnraiceas mo mhná do bheith fíor; d'aistrigh sí go minic dath sul baineadh an brat dá taoibh. Nochtas bean mhic Criomhthain a taobh is b'ain-deas leis féin a gníomh, dochuaidh an brat go sleamhain slán léi go lár a cuirp síos. "A mhic Criomhthain na mbriathar nglic ní dhearna riamh de chiontaibh acht aon phóg, is ní le goid do mhac uí Dhuibhne, do Dhiarmaid." "Tabhraidh dom, a mhná, mo bhrat is mé an inghean, is dearbh díbh, nár shín mo thaobh le fear riamh acht lem aon-fhear gan chiach, 'Fhinn. "Rachad feasta uaibh amach fúigfead an teach agaibh, a mhná; scéal ní fhuil agaibh orm scéal beag agam oraibh tá."
"Beir mo mhallacht, imthigh uainn," do ráidh Fionn ba chruaidh lámh, "fá eolchaire ár mná d'fhúigis imthigh is ná tar chugainn go bráth." Ag sin, a Phádraig nua ón Róimh mar thárla dhóibh, d'ár mnáibh; mo dhoiligh gan mé is an Fhiann mar bhíomair is do Dhia níor shámh. Is é Dia atá go sámh is beidh go bráth, a fhir léith, i bhflaitheas ag caitheamh na glóire is an Fhiann fá bhrón i bpéin. Do chleachtadh an Fhiann gach ló bheith i ngleo 's i gcathaibh cruadha, is gibé i nIfreann nó i bhFlaitheas dóibh bainfid cóir amach gan ghuais. Ó's i nIfreann atá an Fhiann a Oisín gan chiall id ghlór, ní bhfaghaid ann cumas ar smacht Dia na bhfeart ní bheidh leo. Dá mbeadh mo mhac Oscar is Dia lámh ar láimh ar an gcnoc so thiar, dá bhfeicinn Oscar ar lár do chreidfinn gurbh fhear láidir Dia. Gach a dtiocfaidh is fós a dtáinig 's a mbeith ar árd an chnuic seo thiar, dá mbadh thoil le Dia a dtuitim dobheidís uile ar lár gan gliadh. Dá mbeidís Fianna Fáil ann is a dtriath láidir Fionn na slógh, a bhfuil i nIfreann 's i bhFlaitheas d'áireamh ceann ar bhrághaid ní bheadh san ngleo. Ní raibh is níl 'na gcomhachtaibh a Oisín, gan gó dhuit, buadh ar Dhia, is gur tré n-a bhreith amháin atáid dá gcrádh i dtigh na bpian. Tré n-a bhreith ná neart a lámh ní thiocfadh leis bás na bhFiann, ná fós dá mbeadh 'na chomhdháil tusa 's do lucht crónáin, an chliar. Ná habair sin, a sheanóir is tú i ndeireadh th'aoise; is dearbh nach comhthrom an bhreith dobheirir ar mo rígh-se. Dob fhearr curadh amháin láidir dá raibh againn tráth ar an bhFéinn, a Phádraig, ná tusa is do Thighearna is líon bhur gcliar inbhur ndéidh.
A Oisín na ngéar-lann chanas na briathra buile, dob fhearr Dia 'na aonar ná Fianna Éireann uile. Do mhaith féin is maith do Dhé i gceann a chéile fá bhrígh buadh, ó thús an domhain gus indiu ní mór againn anois le luadh. Níl i nDia acht fíor-mhaith uile grásta 'na dtuile gan trághadh; 'sé an mhaith é ó dtig gach maith ní hionann is feara Fáil. Is é Dia, a sheanóir léith ár rian, ár dtréin' 's ár ngníomh, ár mbiadh, is ár ndeoch gach lá is ár maith iomlán, a fhir chrín. Ní fheaca-sa aon mhaith ó Dhia i seal na bhFiann, a Phádraig nua, ná fós ó shin acht beagán bídh mar adeir tú linn, 's ní fiú a luadh. Ní mar sin ag an bhFéinn dochínn a léir-mhaith gach lá; 's iad is doiligh liom uaim i bhfad 's ní tusa ná an Fear sin go bráth. Nach tuigthear leat, a fhir chrín gur de mhaitheas díreach Dé, tusa d'fhágáil beo mar sin it chrann crioth dá cháin gach lae. A Phádraig, do ghéillfinn dod ghlór go mbeadh roinn cómhachta ag Dia, dá dtrialltá liom dá dhún go bhfeicinn an úr a roinneann biadh. A Oisín, is leamh do ghlór ar Dhia ní mar sin a thriallfam ann, nó gur glan ó chortha dhúinn dul dá dhún is ní le teann. A Phádraig, nigh mise má's áil ó rinn bháirr go bonn síos seal; má's fear duineamhail Dia ní choiscfidh ár dtriall 'na theach. Ní ar nighe an chuirp do labhraim acht nighe an anma ó gach smáilc, is ár n-aire do thabhairt ar Dhia triallfam ann le toil a ghrás. A Phádraig, innis dom fá rún má's agat atá an t-eolas is fearr, an leigfear mo ghadhar nó mo chú liom go dún Ríogh na ngrás? A sheanóir atá ar baois is nach fuil ort crích ná áird, ní leigfear do ghadhar ná do chú leat go dún Ríogh na ngrás. Dá mbeadh agam-sa biadh ar Dhia is go mbeadh an dias sin dom réir dá dtugadh sé biadh dhom féin do roinnfinn leo é gan bhréag.
Cá fearr muintir Neimhe, a Phádraig ná uaisle iomlán na Féinne; an mbíonn cruadhas 'na gcroidhthibh nó an ndiúltaid siad éinne? Ní rachadh an chuil chrónánach ná an dádamh san ngath gréine, gan fhios don Rígh mhórdhálach isteach don chathair naomhtha. Ní mar sin do mhac Cumhaill dobhí 'na rígh ar na Fiannaibh, dorachaidís na slóighte isteach fá n-a theach gan iarraidh. Ní rachaidh Fionn ná an Fhiann go teach mo thighearna go bráth; is, a sheanóir atá liath fann ní rachair-se ann acht mar chách. A Phádraig, gidh táim gan flaitheas is mé ar gcaitheamh m'aoise. ná cluinim tú ag tabhairt aithise ar mhaithibh Clainne Baoiscne. Dá maireadh agam-sa Conán fear úd millte na Féinne, do bhrisfeadh sé do mhuineál istigh i lár do chléire. Ní thiubhrainn-se aithis dóibh a Oisín na ngleodh 's na ngéar-lann, ná duit-se féin, a sheanóir liaith acht bhur n-iomcháin ar Dhia na reann. A Phádraig ná bí dá luadh 'na sheanmóir chluana gach lá, gur fear deaghthach é do Dhia go gcaithimíd biadh 'na áit. Is eagal liom, a Oisín truaighe an tan bheir i nguais an bháis; anois ós dearmad leat Dia nach goirfir é ag iarraidh grás. Ní ghoirfead air go lá an bhráth gidh mór agat a cháil 's a chlú go dtriallair liom go bhfaicead an bhfuil fial fairsing 'na dhún. Is é uair is cuibhe dhuit triall ag amharc ar Dhia na ngrás an tan scarfaidh t'anam led chorp is do bhuaidhfidh ort an bás. Muna bhfaghad-sa cabhair ó Dhia a Phádraig, go triall don bhás, cuirim suas de le mo ré dá mhaith féin agus dá ghrás. Is gearr do cháirde i bhfus seach an fhaid a bheidh tú thall; is cuibhe dhuit t'anam bheith go glan nó bhus aithreach leat dul ann. Is doilghe liom bheith gan biadh ameasc do chliar gan ghreann ná cad is críoch dom anam an tan scarfaidh san tsaoghal thall.
Badh dhoilghe t'anam bheith i bpéinn a sheanóir gan chéill is tú liath, aon lá amháin i bhfochair cách ná do chorp go bráth a bheith gan biadh. Dob fhearr liom-sa gan bhréag bheith i bhfochair na Féinne mar bhínn, gan rian, gan éadach, gan arán go dealbh ná i nÁrd-Fhlaitheas Chríost. Is olc liom uait 's is doiligh t'iomcháin is do dhí-mholadh ar Dhia, de bhriathraibh buile de ghnáth ag iomrádh ar chumas na bhFiann. Ní cuibhe dhuit anois, a Phádraig aithis ná iomcháin do chasadh liom; nach abair tusa gur maith Dia agus deirim-se an Fhiann agus Fionn. Badh chead liom tú 'mholadh na bhFiann a ngaisce, a ngliadha 's a lúth; is doiligh, is leamh 's is saobh iomcháineadh Dé is moladh ar Fhionn. Níorbh aithnid domh-sa Dia dob aithnid dom an Fhiann is Fionn, má's fearr Dia ná iad súd a mhaith ná a chlú níorbh fheas dúinn. Nach cuimhin leat, a thruagháin bhoicht a sheanóir is cruaidhe doichte croidhe, gur minic do nochtas duit punnc ar fheartaibh is ar chumhachtaibh Chríost. Is cuimhin liom, a Phádraig nua gur minic dá luadh thú linn, is ní chreidim nach canair air bréag ní nach canaim-se ar éachtaibh Fhinn. Ní chanaim-se bréag ar Dhia i bhfeartaibh, i bhfial, ná i ngníomh; a sheanóir nach cneasta luadh a mhaitheas atá buan do shíor. Ní chreidfeadh do ghlór ar Dhia a mhaitheas, a fhial, ná a roinn, go dtigidh tú liom 'na dhún go bhfeiceadh lem shúile an fíor. Dá mbeitheá-sa i bhFlaitheas Dé a sheanóir gan chéill gan ghreann, créad a chífeá is an dún is go bhfuilid do shúile dall.
Má tá Dia fial i bhfeartaibh badh thruagh leis mo shamhail gan radharc, dá mbadh dhom taobh istigh den doras d'iarrfainn air go hobann mo leigheas. Dá mbadh dhómh-sa sa dún úd dá ngairtear cúirt Ríogh na nGrás, gidh táim críona agus dall do bhraithfinn an ann dob fhearr. Dogheobhainn fós aithne ar Dhia an bhfuil duineamhail fial san roinn; má tá aige iomad an aráin d'fhanfainn 'na dháil do shíor. A Phádraig, má's duine Mac Dé a roinneas mar an gcléir is tú, dá mhéid a fhearta is a ghrása nár shroichead go bráth a dhún. Is eagal liom dá mb'é do mhian dul go dún niamh-ghlan Mhic Dé, nach foláir duit a thuilleamh níos fearr nó nach sroichfear go bráth leat é. Ní miste liom sin gan gó gan imtheacht go deo dá dhún muna bhfaghainn ann iomad an aráin mar gheibhinn de ghnáth ó Fhionn. Dá mbeitheá-sa i ndún Mhic Dé ní chuirfeá id spéis an t-arán; gidh gur ann atá iomad na rann ní bheitheá aon am 'na ghábhadh. A Phádraig, dob ionmhain liom bheith san dún sin de shíor-ghnáth, acht amháin nár dhom fá smacht is go bhfaghainn lem ais an t-arán. A Phádraig, is fiosach tu féin gurbh fhial an saor-fhlaith Fionn is gur mhaith fós cáil na bhFiann is go mbadh thaca dho iad 'na dhún. Badh thaca maith dóibh-sin Dia dá dtuillidís triall 'na chúirt; táid dá íoc anois, a fhir léith nár thuilleadar é ó thús. A Phádraig, do mholfainn tú féin is do mholfainn mar aon an chliar acht gluaiseacht liom fá lán-lúth go bhfeiceam an dún sin Dia.
Ní hé triall na bhFiann do sheilg ná a dtriall fá mheirg' i dtús gleodh ár dtriall go dún Mhic Dé ná géill gurb é, a sheanóir. A Phádraig, má's ionmhain leat Dia is ionmhain le Dia fós tú, má's ionmhain leis do shíor-ghlór beidh fáilte aige romhat 'na dhún. Ní raibh neach dob ionmhain le Fionn nárbh ionmhain leis dlúth 'na dháil; ba chead leis iad do bheith 'na theach is thugadh dóibh searc is páirt. Is mór mo ghráin ar do neamh-chéill is nach tuigir gur baoth de ghnáth, ag comhbhualadh Fhinn is a shlóighte le Dia uile-chomhachtach na ngrás. Is amhlaidh is cóir dúinn araon triall le chéile don dún; má tá Dia fáilteamhail fial cuireadh fios ar na Fiannaibh 's ar Fhionn. Ní chuirfidh Dia fios ar an bhFéinn ná ar Fhionn tréan na dtrom-shlógh, mar táid i nIfreann na bpian is beid fé iarsma ann go deo. An tan nochtfaidh tusa, a Phádraig d'fhear dá cháilibh, éachta Fhinn i gcogadh, i gcruas 's i láimh-neart ní dhiúltóchaidh a dteacht mar aon linn. Diúltóchaidh sinn is iad súd dul dá dhún go lá an bhráth. muna ngrádham é ós cionn gach nídh ní leigfidh sinn choidhche 'na dháil. Grádhfad é an fhaid mhairfead beo nuair thriallfaimíd leo 'na dhún má roinneann an biadh go fial gan iomcháin na bhFiann ná Fionn. Déan ar dtús mar déar-sa leat a Oisín, má's maith leat triall go dún-árus Aon-mhic Dé is géillfidh tú féin gurb í an chiall.
Má's dearbh leat-sa dul don dún a Phádraig, fá lúth triall liom; leanfad do réim is do rian má bheirir leat an Fhiann is Fionn. Ní bhéarfad liom Fionn ná an Fhiann a Oisín, ar mo thriall don dún, mar táid i nglasaibh go daor is go doimhin i ngéibheann dubhach. Má táid go daor fá ghreim gan fortacht ná leigheas 'na ngaobhar, an tan thriallfaimíd don dún béarfaidh Dia chugainn iad saor. Ní fhuil nídh is mian leat nach déanfad le searc 's le méin; má's iompódh dhuit ar do leas rachair isteach i ndún Dé. Innis, a Phádraig, do Dhia úd nach raibh 'fhios ag Fionn ná ag an bhFéinn go raibh sé ann le n-a linn is dá mb'fhios go mbadh ghnaoi leo a réir. Abair leis gan dearmad tráth muna leigidh dá láthair an Fhiann, mise do chur fán bhFéinn ag fulang na péine mar iad. Má's triall duit linn don dún 's go bhfaghaidh tú flúirse den bhiadh, is iongnadh liom tú dá luadh go rachthá i nguais na bhFiann. A Phádraig, dá fheabhas do Dhia is a theach gidh fial, 's a chúirt, d'fhúigfinn iad uile go bráth is do thriallfainn gan spás ar Fhionn. Mar a bhfuil Fionn is an Fhiann is ann atá do thriall is baoghal, a Oisín, is dearbh liom súd is ní go dún Aon-mhic Dé. Dá mbeadh Fionn is a shluagh tréan a Phádraig, lem thaobh fá bhuadh, ní luaidhfinn leat ná le Dia cuireadh gan iarraidh ar mo chuaird. Dá mbeadh Fionn 's a shlóighte Fiann i gcumas, i rian 's i lúth amhail dobhíodar le linn a ngeas ní iarrfainn sealbh an dúin úd. Tuarasgabháil na ngeas go fíor a Oisín, craobhscaoil-se dhúinn; is iarrfad-sa ar Mhac Dé tú leigean go saor 'na dhún.
Craobhscaoilfead na geasa go beacht a Phádraig na gcliar gan gó, gidh gur doiligh liom bheith dá luadh óir athnuadhfaidh sé mo bhrón níos mó. A Oisín go cinnte innis dúinn is ná dearmhad do thoisc dar linn ná ceil a bheag de na geasa úd óir creidim gur cruaidh a snaidhm.
SEILG SLÉIBHE FUAID. Lá dá raibh Fionn 's a shlóighte go líonmhar cródha calma mear ag seilg ar mhullach Sléibhe Fuaid an fiadh do ghluais i dtús na bhfear. Do leanadh leo fá luas an fiadh, gach laoch go dian 'na tháin-rith; dobhí an fiadh go beannach borb ag seasamh san lorg go dána. Níor stad an fiadh fá throst gharbh gur fhág go dearbh amach an sliabh; do lean an Fhiann é fá lom-lúth gur shroicheadar úr-chnoc Liais. Do thriall go tréan ó Chnoc Liais gan laige i rian ná i léim, ó shin arís go Carraigín cruaidh do leanadar ar luas a réim. An tan tháinig an borb-fhiadh go Carraigín Chinn-triath na gcloch, níorbh fheas dóibh thoir seach thiar cár ghaibh an fiadh san gcnoc. Do thriall dream againn siar is dream go dian soir is óthuaidh, dream arís san áird ba dheas 's ár gcoin go pras san gcuaird. Do thóg Sceolann an fiadh is do leanamair go dian san tseilg go dtáinig tar ais san gcuaird go bruach Sléibhe Fuaid san teicheadh. Do leanamair san leirg an tafann go dtángamair tar ais fán sliabh; do ghlac folach orainn arís 's níorbh fheas dúinn san tír cár thriall. Do scar Fionn is Dáire binn sealad ó shlighe na bhFiann, is níorbh fhada dóibh fá cheilt go nárbh fheas dóibh soir seach siar. An tan d'aithin Fionn is Dáire go raibh an seachrán 'na gcomhdháil, do seinneadh le Dáire trom-chumha is do seinneadh le Fionn an Seachrán. Dochualamair-ne uile an Fhiann Dáire is ár dtriath ag ceol, nuair a meastaí linn ó thuaidh dob fhada theas uainn an glór.
Do meastaí linn uair eile gur san áird thoir ba dhóibh; an tan ghluaisimís fá n-a dtriall do meastaí linn thiar an glór. Do líon ceo doilbhthe draoidheachta timcheall Fhinn agus Dáire, go nárbh fheas dóibh cá raibh a dtriall soir ná siar an tráth sin. Do ghluais Fionn agus Dáire rómpa gan 'fhios dóibh créad an áird, is sinn-ne dá lorg ar lom-lúth 's nárbh fheas dúinn cá raibh a ngáir. Dobhádar an dís ag triall go rángadar san tsliabh go fann an macaomh mná dob áille snuadh comhpháirt gan ghruaim agus greann. Dochonnairc Fionn is Dáire binn ag teacht go grinn 'na gcomhair aon mhacaomh áluinn mná ba ghile is ba bhreághtha snódh. D'fhiafruigh Fionn na bhFiann den ghnúis ba sciamhach snuadh "Créad dobheir tú id aonar i n-imeall cnuic Sléibhe Fuaid?" "Mé féin is mo chéile fíor dobhí ag triall tríd an leirg; dochualaidh sé guth gadhair binn do scar linn 's do lean an tseilg. "Ní luaithe do thriall uaim ná líon ceo duairc im thimcheall; domh-sa cá rabhas níorbh fheas ó shin go teacht chugam díbh-se." "Créad an t-ainm atá ort féin a dheigh-bhean séimh na ngruadh rós; agus ainm do chéile ghrinn nó cár ghaibh laoigh na seilge ar seol?" "Labharán ainm mo chéile mo chomh-ainm féin Glanluadh; ní feas dom cár thriall súd ná an tseilg ar lúth cár ghluais. "Is cosmhail led ghnúis áluinn gur laoch tú atá ar cuaird 's is dearbh mar an gcéadna liom gur tú Fionn na n-arm gcruaidh." "Liom-sa," ar Fionn na bhFiann, "an tsealg a ríoghan chailce na n-ór-chuach; Ní feas dom anois soir seach siar cár ghaibh an Fhiann ná an fiadh uaim."
"Cionnus do scarais leis an bhFéinn a Fhinn na n-éacht ba chruaidh? is iongnadh liom nach fuil id dháil drong nó táin ded shluagh." "Do ghluaiseas féin is Dáire go lom seach cách i ndeoidh an fhiaidh; ní feas dúinn, a ríoghan, anois cár gabhadh linn, soir ná siar. "Triall-sa linn, a Ghlanluadh shéimh is gibé taobh 'na ngluaistear linn, béarfam tusa 'nár gcomhdháil is ní fhúigfeam go bráth do ghnaoi." "Dá mbadh dhóigh liom-sa, a Fhinn na bhFiann ar an leirg ag triall go bhfuil an tsealg do thriallfainn 'nbhur ndáil gan cháirde 's do chomhairle, 'Fhinn ghrádhmhair, ghlacfainn." Níor chian dóibh ag labhairt go caoin an tan chualadar sídh-cheol suain dá sheinm go binn le n-a dtaobh do ghluais fothrom 'na ndéidh is fuaim. "An leat-sa an ceol, a inghean chaomh dá sheinm lem thaobh go foghar-bhinn? níorbh fhada liom bheith id dháil a ríoghan áigh, acht an Fhiann 'om dhíth." "Ní fhuil ceol ar bith im dháil acht tusa is Dáire go fíor, ná neach eile fá an ngréin acht mar chíonn sibh féin mo ghnaoi." Do mhéaduigh an ceol is an fhuaim i dtollaibh a gcluas go géar; ba thuitim i dtrom-néallaibh dóibh ag feacadh 's ag feodh go faon. "A Fhinn mhic Cumhaill," ar an ríoghan "atáim-se 'om shnoidh-ghoid go léir." "Is amhlaidh dom," ar Fionn na dtáinte "Ní maith atáim-se," ar Dáire féin." Níorbh fhada dhóibh amhlaidh sin gur thuiteadar uile chun láir; dochuaidh an triúr ba chaomh a Phádraig, i dtrom-néallaibh báis. Ar dteacht as na néallaibh dóibh i gcruth, i gcló, i ndath 's i snuadh dochonnarcadar le n-a dtaoibh dún breágh ríoghdha fá réim buadh.
"An bhfeiceann tú an dún órdha úd a Fhinn mhic Cumhaill?" ar Dáire séimh; "Do-chím go soiléir glan, a Dháire" "A Fhinn," ar an áighbhean, "chím-se féin." Dochonnarcadar timcheall ortha fairrge eochair-ghorm tonn-tréan; do ghluais ón ndún amach san tsnámh laoch corpánta is bean chaomh. "Is baoghal liom-sa, a Fhinn," ar Dáire "is a ríoghan bhláth-gheal, a Ghlanluadh, an dís san tsnámh ag triall orainn dúinn is doiligh 's nach réim buadh." Do ghreamuigh an laoch 's an bhean úd a Phádraig, go dlúth an triar, go rugadar iad 'na ndeoidh don dún órdha san tsnámh go dian. "Is fada mise, a Fhinn na meang ag leanmhain go teann id dháil; ós duit anois fám dhian-smacht ní dul duit amach go lá an bhráth." "Cia tú féin, a ghaiscidhigh mhóir tá am iomcháin gan chóir go dearbh? Is náireach an gníomh do laoch gan imirt i méinn 's i gcló cheart. "Nach cuimhin leat, a Fhinn, an feall ar Mheargach na lann dorinnis tráth is ar a dhís de mhacaibh caomh' Tailc mac Tréin 's a raibh 'na dháil?" "Is cuimhin liom," ar Fionn áigh "gur thuiteadar le láimh na bhFiann; ní le ceilg ná fós meang acht le cruadh-lann is comh-ghliadh." "Is le ceilg, a Fhinn na gcleas a tugadh libh cath Chnuic an Áir, i n-ar thuit le hiomad bhur meang Meargach na lann 's a raibh 'na dháil." "Dob fhiadhain iad féin, a fhir mhóir dá mbeidís beo, gur neart lámh thug dóibh aithne ar an éag 's nach cealg ón bhFéinn ar Chnoc an Áir." "Is ionann liom cealg nó meang is ionann liom teann nó neart lámh, íocfaidh tusa, 'Fhinn mhic Cumhaill a dtuitim súd ar Chnoc an Áir.
"Is leor linn mar fhiadhain fhíor Áille an ghrinn do bheith mar tá; is iomdha cath is trom-shlógh anois fá bhrón 'na diaidh go tláth." "Créad do ghaol-sa le hÁille an ghrinn a fhir mhóir líomhtha is garbh glór?" "Mise a dearbhráthair gan bhréag is mo chomh-ainm féin Draoidheantóir." Do ceangladh Fionn, Dáire, is Glanluadh i gcuibhreach chruaidh le Draoidheantóir; do chuir i gcarcair dhoimhin iad gan cheannas, gan rian, gan treoir. Dobhádar an triar go dubhach 's an Fhiann fá phúdhar i ndeoidh a ríogh, ar a lorg ar feadh na gcríoch uile ar lúth 's ar mire de ghnáth-shíor. Dobhí an triar ar feadh cúig lá agus cúig n-oidhche iomlán gan gó san gcarcair dhoimhin réamh-ráidhte úd gan biadh, 'fá phudhar, gan deoch gan cheol. "A Áille Shnuadh-gheal," ar Fionn áigh "ar Chnoc ar Áir is cuimhin leat go bhfuairis cuireadh fial na bhFiann gidh lom an triar so anois fád smacht." "A Fhinn," do ráidh Áille, de ghlór thruaighe "ní gó go bhfuaireas cuireadh fial ód bhainchéile, Gráinne an ghrinn dul do chaitheamh bídh na bhFiann." "Ní cuibhe dhuit-se, a ríoghan suairc fád smacht ó fuairis go docht sinn, ár gcur gan cháirde chun báis ná biadh gach tráth gan roinnt linn." "Dob fhearr liom, a Fhinn, gan bhréag an Fhiann le chéile go mbeidís tláth san gcarcair i gcuibhreach chruaidh id dháil, is níor thruagh liom a gcás." "Ó nochtais do rún, a bhean, dúinn gidh doiligh ár bpudhar 's ár gcruadh-chás agus sinn go dian fád smacht ár slán fád gheasa muna mbeadh amháin."
"Créad é amháin, a Fhinn na nduas leat dá luadh?" ar Áille an ghrinn; "ní thiocfadh leat go lá an bhráth le cealgaibh gnáith na geasa chlaoidhe." D'fhiafruigh Áille de Ghlanluadh créad fáth ar ghluais le himtheacht Fhinn Is a bhainchéile chaoin aige féin "Dod shamhail ní séimh an gníomh." Do nocht Glanluadh gan bhréag a turas féin i dtaobh Fhinn go glic, nárbh fheasach í soir seach siar go bhfeacaidh riamh é roimhe sin. "Is cosamhail," ar Áille "má's fíor a Ghlanluadh, mar innsir scéal dúinn, nach cuibhe dhúinn tu bheith fá smacht san gcarcair i nglas gan chúis." Do nocht Áille an luadh go fíor 's a scéal i mbrígh do Dhraoidheantóir ar módh go dtáinig don charcair is Glanluadh ó n-a geasa gur fhóir. An tan fuair Glanluadh a réim ba dhoiligh léi i ngéibheann Fionn; d'fhág slán aige 's ag Dáire binn is ba dhoilbh a gnaoi 's a geal-ghnúis. An tan d'fhág Glanluadh an charcair fuair biadh le caitheamh ó Áille, do thuit sí go beacht i néallaibh is ba thruagh, a chléirigh, bean a cáile. Ar théarnódh dhi as na néallaibh thug an déigh-bhean di gan spás deoch as ballán geasa sídhe nó cleas-chorn dobhí 'na láimh. An tan d'ibh Glanluadh an deoch tháinig go grod 'na ghnáth-ghné, 'na réim is 'na cló-scéimh cheart acht Fionn i nglas ba dhoiligh léi. "Is dearbh gur aithnid id ghnaoi a Ghlanluadh, go fíor," ar Draoidheantóir, "nach ionmhain leat Fionn is Dáire i ngéibheann mar táid gan fóir."
"Ní gaol dom Fionn ná Dáire" ar Glanluadh, "ná táin na bhFiann, acht is truagh liom go fíor a samhail do bheith i gcarcair, gan deoch gan biadh." "Má's ionmhain leat-sa, a Ghlanluadh biadh gach uair a thabhairt don dís dogheobhaidh é," ar Draoidheantóir "is beidh a ngeasa gan fóir i mbrígh." "Ní iarraim a gcosnamh ar an éag ná ón gcarcair a réim do luadh, acht amháin go bhfaghaid an biadh a Áille fhial," do ráidh Glanluadh. "Ní chuirfead-sa Fionn ná Dáire go grod chun báis," ar Draoidheantóir, "d'fhéachain an bhfaghainn an Fhiann go léir go cruaidh i ngéibheann mar aon leo. "Atá an Fhiann uile gan bhréag ar lúth go léir ar lorg Fhinn; 's is dearbh liom-sa féin go beacht go bhfaghad fé ghéar-smacht a líon." Do ghoir Áille ar Ghlanluadh ag gabháil cuarda an dúin óir, 's ní raibh seod ann dá áille nár theasbáin tráth don ríoghain óig. "A Áille," ar Glanluadh caoin "atá an dís san gcarcair féig d'easbaidh na bhfleadh ba ghnáth leo do chaitheamh gach ló i gcath 's i ngléidh." Rug Áille agus Glanluadh biadh fá luas do láthair Fhinn gus an gcarcair 'na raibh féin is Dáire mar aon leis gan bhrígh. An tan chonnairc Fionn is Dáire an dís bhan áluinn úd ag teacht do shileadar frasa deor go dian ag caoineadh na bhFiann do bheith tar lear. Do bheannuigh Glanluadh d'Fhionn do ghoil go dubhach ar amharc a ghnaoi; níor labhair Áille aon fhocal níor thruagh léi i ndochar mo rí. Do caitheadh le Fionn is le Dáire annsin, a Phádraig, deoch is biadh; do ghluais an dís bhan ar lúth is d'fhágadar dubhach Fionn na bhFiann.
d'fhiafruigh díobh Draoidheantóir cá rabhadar ar cuaird, an dís; do nochtadar do gur i bhfochair Fhinn is Dáire an ghrinn le biadh. d'fhiafruigh Draoidheantóir díobh cionnus dob fhear grinn Dáire; do nochtadar do gan gó go raibh greannmhar i gceol 's i gcáile. "Badh mhian liom," ar Draoidheantóir "go gcluinfinn a cheol má tá binn." "Atá go dearbh," ar Glanluadh "ní bréag a luadh, agus fós caoin." Do thriall Draoidheantóir don charcair is le Dáire do labhair go borb teann - "Dochuala mé is ní fios an fíor go seinnir go binn is le greann." "Dá mbeidís an Fhiann im dháil badh ghreann leo de ghnáth mo cheol; creidim nach ionmhain leat-sa mo cheol go dearbh ná mo ghlór." "Seinn dúinn anois do cheol binn go bhfeasam an fíor an cháil úd; má's searbh ní greann liom é" a Phádraig, is é adubhairt. "Nílim-se i bhfonn chun ceoil a Dhraoidheantóir," ar Dáire binn, "Táim féig fíor-lag neamh-shuairc ód gheasaibh a rug buadh mo ghrinn." "Tógfad-sa buadh mo gheasa ód dháil go seinntear leat tráth do cheol; má tá binn i bhfoghar 's i bhfuaim ní fhágfad i nguais fear do chló." "Ní thiocfadh liom seinm go binn ar fheicsint Fhinn i nglasaibh daor; is doilighe liom é féin 's an Fhiann ba fhleadhach fial ná mé féin." "Tógfad-sa buadh na ngeas d'Fhionn is seinn dúinn, a Dháire an ghrinn; má's binn liom fuaim do mhéar béarfad saor tú ón gcarcair linn." Do chuir Draoidheantóir i neambrígh geasa Fhinn is Dháire shuairc; thug dóibh biadh is deoch is do sheinn Dáire gan locht binn-fhuaim.
Do thaithnigh go mór le Draoidheantóir mar seinneadh an ceol le Dáire; do ghairm don charcair Glanluadh ag éisteacht leis an bhfuaim, is Áille. Do thaithnigh leo uile an ceol do sheinn Dáire dhóibh go binn; ba ghreann ádhbhal le Glanluadh nach feacaidh i ngruaim mar bhí. "Badh lúthgháir liom," ar Draoidheantóir "Fionn go fóill fám smacht ó tá, gibé áird den domhan 'na bhfuilid a shlóighte uile do bheith 'na dháil." Gach críoch, gach áird, gach iath gach tuath dár thriall don Fhéinn ar lorg Fhinn agus Dháire ar an leirg seo thángadar taobh le taobh. Dobhí Dáire ag seinm go binn fán am n-ar theacht don Fhéinn úd fá lom-lúth agus mire i bhfogas do bhinneas an tsídh-dhúin. An tan dochualaidh an Fhiann an ceol dian ag Dáire, ní fada do héisteadh leo gur tógadh leo uall-ghártha. An tan dochualaidh Draoidheantóir garbh-ghlór sin na Féinne, do chuir a gheasa i mbuadh-bhrígh i ndáil na díse le chéile. Do balbhadh an ceol le Dáire 's an Fhiann ag gárthaigh go lom; ní fada go gcualamair fothrom is fuaim in' fhochair, is gáir tonn. Ní raibh neach de shluaightibh Fhinn nár thuit gan scíth i néallaibh báis an tan cuireadh le Draoidheantóir a gheasa, mo bhrón! 'na ndáil. Tháinig Draoidheantóir is Áille amach san tsnámh go dlúth; níor fhágadar neach den Fhéinn nach rugadar le chéile don dún. Adubhairt Draoidheantóir go borb an tan fuair gan chosnamh an Fhiann, "Ó's daoibh anois fám dhian-smacht cuirfead go beacht sibh ó rian."
Níor fhág fear ar bith díobh gan ceangal fá chuibhreach chruaidh; do chuir i gcarcair iad gan cháirde i bhfochair Dháire is Fhinn i nguais. An tan chonnairc Fionn is Dáire an Fhiann ag teacht láithreach don charcair, do shileadar go dian frasa déar 's an Fhiann le chéile do fhreagair. d'fhág Draoidheantóir sinn uile fá gheasaibh gan duine 'nár ndlúth-dháil san gcarcair dhaingin dhoimhin úd mar a rabhamair go dubhach fá chás. "A Dhraoidheantóir," ar Glanluadh "ó's don Fhéinn i nguais fád smacht, má thaithnigh leat ceol Dháire a sheinm dúinn, tráth, badh mhaith." "Má's mian leat-sa, a Ghlanluadh ceol binn suairc," ar Draoidheantóir, caithfidh Dáire a sheinm dúinn is fós d'Fhionn is dá shlógh." Tháinig Draoidheantóir don charcair Áille chneasta is Glanluadh; sinn-ne fá gheasaibh is fá chuibhreach is doiligh linn bheith dá luadh. "Seinn dúinn go binn," ar Draoidheantóir "a Dháire, do cheol suairc Fiann; is ionmhain le Glanluadh chaoin is le hÁille an ghrinn do sheinm ghliadh." "Is neamh-shuairc atáim-se," ar Dáire "chun seinm an tráth so le greann agus Fionn 's a shlóighte go duairc fá gheasaibh is cruadh-smacht teann." "Cuirfead mo gheasa ar neambrígh ód dháil-se arís," ar Draoidheantóir, "nó go seinntear leat go binn dúinn do cheol cumadh is do chaismirt gleodh."
"Níor sheinneas riamh ceol binn" ar Dáire grinn le Draoidheantóir; "An tan is doiligh don Fhéinn is gnáth liom féin bheith doiligh leo." "Cuirfead-sa i neambrígh geasa Fhinn go seinnir go binn dúinn ceol; fúigfead catha na bhFiann ins na geasaibh go dian fá dhobrón." "Ní fhéadfainn-se," do ráidh Dáire "seinm go bráth téid-bhinn suairc, a Dhraoidheantóir, tuig go soiléir dá mbeadh fear den Fhéinn go duairc!" Do chuir Draoidheantóir i neambrígh na geasa ó dháil Fhinn 's a shluaigh nó gur seinneadh le Dáire dhóibh go téid-bhinn ceol is gáir-fhuaim. Do thaithnigh le Draoidheantóir foghar binn an cheoil sin Dháire; do sheinn annsin a chumha féin is cumha na Féinne do láthair. Adubhairt annsin Draoidheantóir nárbh fhada dhóibh, don Fhéinn, go bhfaghaidís uile le chéile aithne gan bhréag ar an éag. Do thógamair-ne uile an Fhiann uall-gháir dian caoi agus déar an tan adubhairt Draoidheantóir nárbh fhada dhóibh gan aithne ar an éag. Do dúnadh annsin le Draoidheantóir le geasaibh na dóirse go tapaidh; d'fhúig san gcarcair an Fhiann agus Fionn go dian i nglasaibh. "Ní rabhamair fós," ar Fionn "i ngéibhinn dlúth le chéile, an Fhiann; is dearbh dúinn anois go fíor nach fagham choidhche cead ár riain." Dobhí Draoidheantóir is Áille lán de gháirdeas trésan bhFéinn do bheith aca san gcarcair is Glanluadh fá dheacair i bpéin. Thug Draoidheantóir fá deara go raibh Glanluadh go dearbh dubhach doilbh dobrónach 'na gnúis-ghnaoi ag sileadh do shíor go foghar-chiúin.
"Is dearbh liom," ar Draoidheantóir "a Ghlanluadh, gurab brón leat féin do réir mar amharcaim do ghnúis an Fhiann is Fionn do bheith fám réir." "Ní doiligh liom," ar Glanluadh "Fionn 's a shluagh bheith fád réir, acht is doiligh liom 's is crádh mo chéile Labharán do bheith i bpéin." "Ná glac dobrón ar bith a ríoghan ghil," ar Draoidheantóir; "do-bhéar-sa a chead 's a rian dod chéile óm dhian-smacht gan gó." Do ghluais annsin Draoidheantóir don charcair 'nar dhóibh, don Fhéinn, do bhain a gheasa gan spás de Labharán ba chráidhte i bpéin. Tháinig Labharán mar aon le Draoidheantóir i réim buaidhe; do thuit sé i dtrom-néallaibh nuair chonnairc mí-scéimh Ghlanluaidhe. Do thuit Glanluadh mar an gcéadna i bhfochair a céile i néallaibh báis; do shíl Draoidheantóir is Áille nárbh éirghe dhóibh go lá an bhráth. An tan dob éirghe don dís úd ar bhfagháil a lúith ó na néallaibh, do thuit trí deora fola anuas le dearg-ghruadhaibh Áille i n-éinfheacht. An tan dochonnairc Labharán súd na deora i ngnúis na rí-mhná, do thaithnigh leis is dubhairt leis féin gur chomhartha don Fhéinn teacht slán. Fán am san do seinneadh le Dáire ceol uall-ghártha agus trom-chaoi; níorbh fhada go dtáinig san doras Draoidheantóir go borb amh-chaoin. Do hoscladh leis an doras úd is dob aithreach liom a theacht isteach; d'fhéach an Fhiann air go truaighe is níor dhainid leis gruaim na bhfear. Dochonnairc Fionn ar sileadh síos le n-a ghruadh ba ghnaoi lán-dolaidh. is thaithnigh leis an t-amharc d'fhagháil - trí braoin 'na tháin-rith dearg-fhola.
Dochonnairc an Fhiann uile iad ag rith go dian le hais a ghruaidhe acht amháin an drong do cailleadh de bhrígh na ngeasa san gcarcair chruaidh. Níor seinneadh ní ba mhó le Dáire an tan tháinig Draoidheantóir go ndubhairt Fionn leis arís seinm go binn gan cead dóibh. Do sheinn Dáire, ar chomhairle Fhinn an ceol go téid-bhinn don Fhéinn; do ghaibh fearg Draoidheantóir "Is gairid gur brón daoibh," ar sé. Do dúnadh leis an charcair go lom daingean ar an bhFéinn Is tháinig tar ais ar cuaird mar a raibh Glanluadh is Áille shéimh. Ní raibh Labharán 'na gcomhdháil d'fhiafruigh go hárd cár ghaibh sé; d'innis Glanluadh is Áille dó nárbh fheas dóibh cár ghaibh an laoch. Do scairt go borb ós árd ar Labharán i gclos don Fhéinn; do fhreagair sé i gclúid den dún do ghluais ar lúth go ráinig é. "Cá rabhais, a Labharáin, ar cuaird?" ar Draoidheantóir go gruamdha teann; "Is dearbh liom ód thriall fá leith gur mian leat mé bheith go fann." Thug leis Labharán gan spás mar a raibh cách i nglasaibh cruaidh; do chuir é fá bhrígh a gheasa is d'fhúig san gcarcair é fá ghruaim. Dobhí roimhe i mbruinnibh báis triar is céad sár-fhear den Fhéinn; do baineadh le Draoidheantóir díobh go tapaidh na cinn gan bhréag. Dobhí ag teacht chun Conáin Mhaoil 's a lann líomhtha 'na dhóid go teann; "Cá bhfuil do thriall, a Dhraoidheantóir? fan go fóill, ná déin orm feall." Dobhí Draoidheantóir fá gharbh-throst 's a lann gan chosc ós cionn Chonáin; d'éirigh an fear maol de phreab is iall níor fhan ar a shuidheachán. "Coisc do lámh," ar Conán go truaighe "is leor mo dhuabhais mar táim; ní fhuil dul agam ón éag ná cuir truaighmhéil chun báis."
Do thriall Draoidheantóir uainn san gcarcair fá ghruaim d'fhúig sinn, doiligh dobrónach lán-dubhach gan léim gan lúth, ar easbaidh grinn. Do labhair Labharán le Fionn is dubhairt go ciúin gan fhios do chách - "Atá san dún leigheas ár ngeas dá dtigeadh linn teacht ar a fhagháil." "Créad é sin?" ar Fionn na bhFiann "dobhéarfadh rian ó n-ár ngeasaibh dúinn? is truagh gan é anois ar fagháil a Labharáin, má tá san dún." "Atá ballán, a Fhinn, san dún dobhéarfadh dúinn lúth is rian; dá mbeadh sé againn anois níorbh fhada an goimh 'nár bpian." "An bhfeacaidh tú féin," ar Fionn "an ballán úd, a Labharáin chaoimh, d'fhóirfeadh sinn anois ó ghuais nó an gcualaidh tú dá luadh a bhrígh?" "Dochualaidh mé ag Glanluadh gur fhóir í féin ar ghuais an bháis; is d'innis dom fós tré rún go leighisfeadh gach pudhar dá bhfuil 'nár ndáil." Níorbh fhada dhúinn mar sin Draoidheantóir go dtig don charcair, a lann 'na dhóid go líomhtha dian chun an Fhiann uile do dhícheannadh. "A fhir mhaoil," do ráidh Draoidheantóir "gléas do mhór-cheann is gaibh mo bhéim; ní fhúigfead neach óg ná ársaidh nach cuirfead chun báis den Fhéinn." "Atáim-se im thruagh-lobhar bhocht" ar Conán go doiligh lán-dubhach; "ná cuir choidhche mé chun báis go leighistear leat mo chneádha ar dtús." Do ghoir Draoidheantóir ar Áille is tháinig sí láithreach chugainn; d'fhéach sí go gruamdha géar ar shluagh na Féinne is ar Fhionn. "Tabhair dom," ar Draoidheantóir "ballán órdha na ngeas gcruaidh nó go leighisead goin tóna an fhir mhaoil mhóir seo fá ghruaim."
"Ná leighis an fear maol úd" ar Áille, "ní pudhar linn a chás; ná tabhair do cáirde ar bith ná don Fhéinn acht a gcur chun báis." "Ní iarraim air mé chur ón mbás a Áille," do ráidh Conán Maol "acht amháin nach beinn im lobhar ar dteacht do thonn anois ón éag." d'imthigh Áille de gharbh-throst is d'fhéach go docht 'na diaidh ar Fhionn; níorbh fhada go dtáinig arís is croiceann dobhí aici lán de chlúmh. "Ceangail é seo, a Dhraoidheantóir" ar sí, "ar thóin an fhir mhaoil úd; leighisfidh gan spás goin a chréacht is tabhair an t-éag dóibh is d'Fhionn." Do ghlac Draoidheantóir go prap an croiceann 's do cheap do thóin Chonáin; do lean de ón lá san gur thriall is ní raibh riamh gan for-ainm 'na dháil. "Ná cuir-se mise chun báis" ar Conán go tláth, "a Dhraoidheantóir, fanfad id dháil ó so suas mo dhícheannadh badh thruagh gan chóir." "A Dhraoidheantóir," ar Labharán "má's mian leat ár mbás go léir is leor duit sin, mo scéal truaighe! is an fear maol duairc do shaoradh ón éag." "Ní dhearnas cealg ná meang gaisce ná teann ní raibh im dháil, dá bhrígh sin, a Dhraoidheantóir ní cuibhe dhuit leo anois mo bhás." "Ní chuirfead-sa chun báis tú a Chonáin dhubhach," ar Draoidheantóir, "is beidh tú im chomhdháil féin ar feadh do ré gan cead dóibh." Do ghluais Conán le Draoidheantóir as an gcarcair ar seol lom-lúith; níor stadadh leo go trost-gharbh go rángadar cor gheasa an dúin.
Do ghoir Draoidheantóir ós árd ar Ghlanluadh 's ar Áille an ghrinn; tháinig Glanluadh fá lom-lúth is Áille don chor 'na raibh an dís. D'innis Draoidheantóir do na mnáibh go dtug Conán ó shluagh na bhFiann, go dtógfadh brígh a gheasa ó n-a dháil is go mbeadh 'na chomhdháil 's 'na rian. "Is eagal liom, a Dhraoidheantóir" ar Áille, "gurab brón agus guais duit-se agus domh-sa go lá an bhráth Conán id dháil do bheith buan." "Créad is eagal dúinn, a Áille," ar sé "ón bhfear maol do bheith 'nár ndáil?" "Ar eagla na meang," ar sise "do bheith buan 'na ghoile mar chách." "Ní thiubhrad-sa cáirde ar bith don Fhéinn gan aithne ar an éag do thabhairt dóibh," ar Draoidheantóir le hÁille "is ní féidir le Conán a bhfóir." Níor labhair Conán focal leo go dtug Draoidheantóir 'na dheasláimh an ballán úd na ngeas a chlaoidhe gur thóg a mbrígh go prap as a dháil. Fán am sin dochualadar go binn ceol cumhadh do sheinn dóibh Dáire; do ghluais Draoidheantóir chugainn don charcair fá lúth go dtáinig. Ní raibh laoch de chathaibh Fhinn nach raibh lom críon i gcruth-ghné gan lúth, gan tapa, gan treoir ó gheasaibh 'na gcló go tréith. Do dhearmhad Draoidheantóir an ballán órdha ag Conán; do thriall féin agus Glanluadh don charcair go luath i gcomhdháil. "Créad do thoisc, a fhir mhaoil fár leanais sinn?" ar Glanluadh. "Go bhfaghainn amharc ar an bhFéinn le linn a n-éag 's a dtriall uainn." "Cá bhfuil an ballán," ar Draoidheantóir "thugas duit d'fhóir do gheasa cruadha?" "d'fhágas é," ar Conán lán-mhaol "mar a bhfuaireas é, slán fá bhuadh."
Do ghluais Draoidheantóir go luath de gharbh-throst uainn fá lán-lúth; níor stadadh leis go ráinig sé an cor 'na raibh gréithre an dúin. d'fhóir Conán Oscar is Fionn ó na geasaibh dlúth dobhí 'na ndáil sul a dtáinig Draoidheantóir tar ais fá sheol gan fios an bhalláin. Do ghaibh Oscar an ballán de láimh 's a lann líomhtha go dána 'na dhóid; níor fhulaing sé a theacht don charcair an Fhiann ó na geasaibh gur fhóir. Do sheinn Fionn an Dórd go binn is Dáire le n-a thaoibh fá ghreann; do gháir an Fhiann uile ós árd de bhorb-ghuth ba ráidhte teann. Do ghluais Áille is Glanluadh de gharbh-throst chruaidh don charcair; "Tá réim ag an bhFéinn go fíor a Áille," ar Draoidheantóir, "is dearbh." Do bhuail Áille na basa go lom is do labhair i bhfoghar nár chaoin; adubhairt Conán léi ós árd "Cúis cruadh-cháis chughaibh agus caoi!" "A Dhraoidheantóir," do ráidh Oscar "níl do chomas feasta ar an bhFéinn, díolfaidh tú go cruaidh ar a shon sinn a bheith san gcarcair i bpéin." Do ghaibh eagla is uamhan Áille gur thuit ar lár lag tréith; tar éis ar imir sí de chrádh is do thuit gan spás leis an éag. "Tá cumas na Féinne gan gó" ar Draoidheantóir, "orm is fíor, i n-éiric mo gheas is a mbuadh a chur ón bhfear nduairc i neambrígh." "Níl dul agat ón éag anois a dhraoi ghlic," ar Oscar áigh; "dogheobhair comhrac aon láimhe gan cheilg id dháil ó shluaightibh Fhinn." Níor labhair sé le hOscar tréan do ghlac a lann ghéar 'na dheasdóid, gur fhiafruigh Oscar den dara feacht "An amhail is maith leat, a Dhraoidheantóir?"
"Is amhail go dearbh," ar an draoi "do-bhéar-sa cruadh-ghníomh glac-lámh do gach aon fhear den Fhéinn gur tuitim dom féin nó dóibh 'na dtáin." Do ghluais an Fhiann amach as an gcarcair 'na raibh seal dubhach; dobhí Áille gan anam san tslighe is Glanluadh ag caoi fá phúdhar. "Créad so thárlaidh d'Áille an ghrinn?" ar Oscar de ghlór chaoin lán-bhuaidhe. "Fuair sí aithne ar an éag" ar Conán, "is ní scéal truaighe." Dobhí a lann líomhtha 'na dhóid ag Draoidheantóir ar an doras ag feitheamh le Conán ameasc cách chun a chur chun báis gan fhios. Dochonnairc Oscar Draoidheantóir 's a lann 'na dhóid i samhail catha; adubhairt leis - "Ná bí dá luadh go roicheam cuaird na faithche." Níor labhair leis an Draoidheantóir is níor fhág an fód 'na raibh 'na sheasamh go bhfuair amharc ar Chonán Maol go dtug amus-bhéim ar a dhícheannadh. Ní ráinig an lann an fear maol do scairt go tréan ar Oscar áigh; d'ionnsuigh Oscar Draoidheantóir is thug gan gó dho aithne an bháis. Do chaitheamair uile an Fhiann deoch is biadh san dún go subhach; arn-a bhárach tar éis ár suain ní raibh againn tuarasgabháil an dúin. Dobhí cuid de bhrígh na ngeas úd a Phádraig, dar liom i ndáil na bhFiann ón lá úd go lá a mbáis is leis thuiteadar tráth is ní le Dia. Nach abair tú go rabhadar beo tar éis leon na ngeas úd; dá bhrígh sin is cneasta an fhiadhain gur thuiteadar le Dia na ndúl. Is é deirim leat, a Phádraig nach rabhadar ón dtráth úd tréan i gcath ná i ngníomh na lann 's é chlaoidh a dteann 's ní Mac Dé.
LAOIDH LOCHA DEIRG nó Seilg na Féinne ós cionn Locha Deirg. An gcualaidh tú Fianna Finn a Phádraig† mhóir, a †mhic Calpruinn, ag éirghe ós cionn Locha Deirg mar aon is cách i gcómhsheilg? Piast dobhí ar loch an tsléibhe lér cuireadh ár na Féinne; fiche céad nó níis mó dá dtug bás i n-aon ló. Óglách maith dobhí ag Fionn innsim duit, a Thailginn, Ablach an Óir, mac Ríogh Gréag do thuigeadh glór ó gach péist. "An dtuige an ní adeir an phéist?" do ráidh Ablach leis an bhFéinn, "caogad each nó caogad bó do chur chuice gach aon ló." "Innis di go bhfaghaidh sí sin a Ablaigh an chrotha ghil; is fearr sin ná aon laoch lonn do thuitim léi i gcomhlonn." An phiast an oidhche sin gan biadh codla níor thionnscain an Fhiann; ar theacht na maidne go moch do chuir anfadh ar an loch. Ar theacht don phéist ar an dtráigh do léigeadar an Fhiann gáir, dob iomdha fear ag briseadh a chrainn is iomad laoch 'na timcheall. Sul a dtáinig meádhon don ló ba lia ár mairbh ná ár mbeo; ba samhail le sluagh cille uireasbhaidh ár laochraidhe. Do sloigeadh léi mac Ríogh Gréag agus Oisín gidh mór an béad; do sloigeadh léi go beacht fear agus céad i n-éinfheacht. Níor sloigeadh mac Cumhaill léi ná an mhéid bhí amuich dá Fhéinn, is ní raibh díobh gan dul thart acht beagán le hucht imtheacht. Do sloigeadh Daolgus agus Goll is Fionn mac Rosa na gcomhlonn,
is Conán Maol, scéal nár mhaith is Diarmaid déid-gheal tréanmhar. Thug Fionn an sídhe prap gabhas an phiast ar alt, is thug cor go dian di gur chuir a cliabh anáirde. Mar chonnairc Dáire mac Finn an rí-fhéinnidhe cionn a gcinn, thug léim i mbéal na péiste dob é sin an sidhe aidhbhéile. Ar dhul do Dháire 'na cliabh is ann do chuimhnigh ar a sciain; dorinn slighe do féin amach b'é sin an coscar iongantach. Dá chéad beo aiste den Fhéinn Oisín agus mac Ríogh Gréag; gníomh ba bheodha ná sin annamh duine dochualaidh. An dá chéad tháinig amach dobhádar gan folt, gan éadach; maith do cheannuigh Fianna Fhinn a bhfuair siad riamh i nÉirinn. Turas Chonáin mar nár chóir i mbroinn an bheithidhigh ró-mhóir, mar nach raibh gruaig ar a cheann níor fhan leadhb ar a chloigeann. Fionnloch Deirg fa hainm don loch ar dtús, a chorr-chléirigh; d'fhan Loch Dearg air le beo ó ár na Féinne i n-aon ló. Trí lá is mí is bliadhain dobhí Loch Dearg fá dhiamhair, ó ló marbhtha Féinne Fhinn adeirim leat, a Thailginn. Is mé Caoilte i ndiaidh na bhFiann a Phádraig dhealbhas gach grian; an scéal sin innsim daoibh annamh duine dochualaidh.
SEILG SLÉIBHE gCROT nó Seilg Muca Draoidheachta Aongais an Bhrogha. Éistidh, a uaisle bhfear bhFáil an chúis dá dtárlaidh iomarbháidh, go sloinnead daoibh gan gheis tachar Fhinn agus Aongais. Fleadh do comóradh gan cheilg le mac an Daghdha dreach-dheirg; beirtear sinn-ne dá hól soir go bruidhin mhór-ghloin na Bóinne. Is é líon dochuamair ann d'Fhiannaibh arm-ghlana Éireann, i n-éagmais Chonáin is Ghuill deich gcéad taoiseach Féinne. Bruit uaine fán bhFéinn go rath bruit chaomh-chorcra dá gcumhdach, sróll dearg fán gceithrinn amhas ag teaghlach aobhdha Aongais. Suidheas Fionn san mbruidhin mbrais taobh le taobh Aongais, suail go bhfeaca súil mar sin dís chomh maith ar talmhain. Mar do suidheadh leo san teach dob iongnadh le coimhightheach iomad a gcorn i ngach glaic a gcuach agus a gcupard. Mar do suidheadh an teach arís do badh iongnadh mar dobhídís cuirn óir ó láimh go láimh ar luadhaill 'na n-aonarán. Do ráidh Aongas de ghuth mhór istigh do chuir sin tocht ar na fir, "Fearr an bheatha so ná seilg" ar mac an Daghdha dreach-dheirg. "Measa an bheatha so ná seilg" do ráidh mac Cumhaill lán d'fheirg "gan coin ann, gan eich áille gan catha, gan comh-gháire." "Na coin sin adeirir, a Fhinn do bheith agat féin go grinn, créad fá n-abair tú an ghuth is nach muirfidís aon mhuc?" "Níl agat-sa féin," ar Fionn "ná ag sluagh Thuath Dé Danann, muc dár imthigh ar talmhain truim nach muirfeadh Bran is Sceoluinn.
"Cuirfead chugaibh-se muc mhór mharbhóchas bhur gcoin i gcéadóir, rachas uait féin ar an maigh ón bhFéinn is ó n-a gconaibh." Adubhairt de ghuth mhór istigh reachtaire an bhrogha bhuadhaigh - "Sul bheidh sibh ar meisce mhir trialladh gach neach dá iomdhaidh." Adubhairt Fionn le na Fiannaibh "Gabhaidh umaibh agus triallaidh; nílim acht im uathaidh ann idir Thuatha Dé Danann." Gluaisimíd as sin seacha siar gus an mball a raibh an Fhiann; ann dobhí an Fhiann 's a gcoin ar Shliabh Fuaid an oidhche soin. Dobhámair bliadhain ceann i gceann agus Tuatha Dé Danann nó go ndearnamair an tseilg dárbh iomdha fuil ar finnleirg. Is í seilg dorinneadh linn le mac Cumhaill go nglór ngrinn: Sliabh gCua, Sliabh gCrot, Sliabh gCuilinn go hInbhear Críche i nUltaibh. Suidhtear linn an tseilg mhór le mac Cumhaill is le n-a shlógh ó Mhaigh Cobha go Cruachain Chais go Fionnabhraigh is go Fionnais. An tseilg dorinneadh annsain le mac Cumhaill a hAlmhain do ba dítheach Aongas di is dob easbadhach sinn-ne. Cuireas Aongas teachta 'nár gcionn go hárd-fhlaith na bhFiann bhfolt-fhionn, mac Cumhaill gidh gur mhór modh ag iarraidh a bhréithre do chomholl. Suidheas Fionn, flaith na Féinne ar an gcnoc ós cionn an tsléibhe; suidheas an Fhiann agus a gcoin ar an sliabh an lá soin. Suidhim-se féin ar an sliabh mar a raibh Fionn flaith na bhFiann, go nach beadh ar shliabh aonair flaith na bhFiann i ró-bhaoghal. Anmanna con na Féinne sloinnfead daoibh gan claoin chéille, ró bheag dá gconaibh dar liom gidh aidhbhseach libh a n-áiriomh. Adhnuaill im láimh-se féin Bran i láimh an fhir go scéimh, agus Sceolann san láimh oile ag mac Cumhaill Almhoine. Ablach ag Oisín mac Fhinn Lonn i láimh Bhrain Bhig go ngrinn, Scal, Caoile agus Luas gan athmhaoin ar chruas i láimh Fhirdomhaoin. Airchis teann i láimh mhic Smóil an Chordhubh ag ua Conbhróin, Meadhair is Mearann is Maoin i láimh Gharraidh ó Fhormaoil.
Dordán duthach dob iongnadh i láimh Bheinne na mbíodhbha, Mac an Smóil is Dothla teann i láimh Dhuthaigh dhath-áluinn. Éachtach ag Diarmaid Donn Mac an Truim ag Oscar oll, Rith Fada ag Conán go gcáil agus an Garradh ag Faolán. Gairid dúinn-ne ann mar sin ag cur géill as ár gconaibh go bhfeacamair san maigh anoir tréad mór-uathmhar de mhucaibh. Dob iongnadh le Fionn na bhFiann gach muc i n-aoirde fiadh; aon mhuc rompa, garbh a líth fa duibhe í ná gual gabhann. Fa haoirde ná seol-chrann suas fionnadh a leacan 's a cluas; fa samhail le muine a dath fionnadh a súl 's a sean-mhala. Léigim-se i dtaobh na leirge Adhnuaill i dtús na seilge; do mhairbh an chéad mhuc gan chleith gér líonmhar coin na Féinne. Adhnuaill do mhairbh an mhuc mhór de thréad Aongais i gcéadóir, ó shin is tuigthe dhuit i leith atá Gleann na Céad Mhuice. Briseas Bran a hiall go fíor siubhlas sí as láimh an ríogh, na muca fa mór meire do ghabhsad dá comh-ghleiceadh. "Truagh sin, a Bhrain bhuadhaigh bhinn a mhic Fhearghusa fholt-fhinn, duit-se nocha gníomh feardha mo mhac-sa do lán-mharbhadh." Mar dochualaidh Bran an ghuth do chlaochluigh a ciall 's a cruth, gabhas sí ar bhrághaid an mhuc agus tógbhas an chruadh-chuid. Gabhas sí an mhuc ar bhrághaid an greim sin ba ghreim námhad, níor leig an mhuc a gabháil is do chongaibh a gearr-anáil. Muna ndearnaidh Bran go bráth de ghníomh nó ghaisce 'na dheáidh. acht an mhuc sin ar an maigh do dhiongbháil do na Fiannaibh - Gér mhór ag Aongas a thréad i n-a raibh muc agus céad, ní raibh aon mhuc díobh gan oil um thráthnóna 'na beathoidh. Áirmhid annsin an Fhiann tháinig anoir agus aniar, i n-éagmais giolla agus con bhí deich gcéad fear ar n-easbaidh. Do ráidh Oscar de ghuth mhór le mac Cumhaill is le n-a shlógh - "Déanaidh eolas ar an mbruidhin is díoghlam ár ár muintire." "Badh chomhairle fir gan chéill" do ráidh Oisín le Fionn féin, "dá bhfágadh na muca mar sin dothiocfadh arís 'na mbeathaidh.
"Déanaidh na muca do loscadh is badh móide bhur gcoscar, agus loiscidh na muca dhe is cuiridh a luaith le fairrge." Seacht gcatha dobhámair ann d'Fhiannaibh amhra na hÉireann. thall le himeall an locha seacht dteinte gach aon chatha. Seacht dteinte gach catha dhíobh mar d'órduigh dúinn an rí, dá n-áirmhinn iad uile dhuit nochar loisceamair aon mhuc. Imthigheas Bran uainn amach go hathlamh is go heolach, dobheir trí crainn léi 'na crobh ní feas cá coill ó dtugadh. Do cuireadh na crainn fán teine is do ghabhsat mar an gcoinnill, do loisceadh na muca de 's do cuireadh a luaith le fairrge. Do ráidh Oisín de ghuth mhór le mac Cumhaill is le n-a shlógh "Déanaidh eolas ar an mbruidhin is díoghlam ár ár muintire." Gach foigse dá ndeachaimís dáibh dá bhfearaibh móra is dá mnáibh, docloistí iad go cinnte i bhfraighthibh na fiormaiminte. Gáir con is ban is daoine is macaomh ag éagcaoine, ní chuala ba thuaidh ná theas aon lá ba sháimhe m'éisteacht. Cuireas Aongas teachta 'nár gcionn mar a raibh an flaith féinne Fionn; do ghabháil einigh ar fhlaith Fáil nach millfeadh a mhuintir i gcéad-áir. "Nocha naiscim eineach ort a Aongais is caoimhe corp, feadh bhias aon tigh thiar ná thoir id bhrugh mhór gan díoscur." "Gidh holc leat do mhuintir mhín a Fhinn, a athair Oisín, congbhuigh do chumha is do smacht doilghe dhomh-sa mo dheagh-mhac. "An mhuc mhór dobhí san maigh romhat-sa is red chonaibh, do-bheirim mo bhriathar anois gurab é deagh-mhac Aongais. "Do-bheirim briathar oile a mhic Chumhaill Almhoine. nach beo anocht dem chine neach dárab tú árd-rí. "Do thuit mac ríogh Mara Seang is mac ríogh Mara Saoileann leat, is mac ríogh Aongais áin is mac Ilbhric mhic Mhanannáin. "Seacht bhfichid mac fá ghnaoi dorinn mac ríogh le rí-mhnaoi do thuit leat is led Fhéinn chalma ar an sliabh go hallmhardha. "Muintir ghlan mo bhrogha bhinn bhí roimh do chonaibh fán nglinn, 'sé do mhill mo bhrígh 's mo mhodh i gcéin dóibh féin dá loscadh. "Seacht mbliadhna, a Bhrain bhinn tú im thigh-se dod altruim; is níor shíleas fós go beacht go muirbhfeá-sa mo dheagh-mhac.
"Truagh dhuit, a Bhrain bhuadhaigh bhinn a mhic Fheargusa fholt-fhinn, ní dhearnais gníomh molta mar do mharbhais do chomhdhalta. "Triocha céad dúithche ag t'athair idir choill agus achaidh, badh chuibhe led ré dhuit ná bheith id cheann ar chonairt. "Mallócham thusa, a Bhrain seach gach coin ar talmhain go nach faicidh do shúil de aon fhiadh mhuirbhfeas tú choidhche." "Dá malluighidh-se féin Bran mo choileán-sa gasta glan, ní bheidh thiar ná thoir aon teach id bhruidhin mhóir gan loscadh." "Cuirfead crainn agus clocha id aghaidh i dtús gach catha is muirbhfidh mé t'Fhiann uile ó mhac ríogh go ró-dhuine." "Féachfad oraibh trím fháinne" ar mac Cumhaill go n-áille, "is beidh a fhios agam, a fhir cá líonmhar do bhur gcathaibh." "Córa dhaoibh maitheamh eadraibh féin" do ráidh Oisín, fear go céill, "déanaidh altrom gach fir ann is íocaidh ár n-eineachlann." Roighne geal an ghutha ghrinn dob é sin deagh-mhac Fhinn, dob é tús a síthe ann a thabhairt d'Aongas ar altrom. Deagh-mhac Aongais go mbrígh tugadh sin ar láimh an ríogh; ó shin i leith dhóibh i bhfus atá an t-altrom faltanuis. Truagh liom Eochaidh na haoibhe do thuitim i dtigh Fhormaoile, go nach beadh aca cabhair Eochadha ag sluagh ághmhar Aongasa. Is mé Caoilte mac Ronáin ruaidh truagh m'fhuireach tar éis an tsluaigh, is nach mairid Fiann Fhinn dom dá n-éis ní haoibhinn. Is mé Caoilte mac Ronáin cóir truagh m'fhuireach tar éis an tslóigh; théarnuigh mo lúth is mo neart fada liom bheith dá n-éisteacht.
SEILG SLÉIBHE NA MBAN. Lá dá ndeachaidh Fionn na bhFiann do sheilg ar Shliabh na mBan Fionn, trí mhíle de mhaithibh na bhFiann sul ndeachaidh grian ós ár gcionn. 'Oisín, is binn liom do ghlór, is beannacht fós le hanmain Fhinn; innis dúinn cá mhéid fiadh do thuit ar Shliabh na mBan bhFeimhin. Ba mhór na creacha l'ár slóigh a ndeachaidh uainn is ní spleadh ar thuit ar Shliabh na mBan Fionn d'fhiadhach le Fionn na bhfleadh. Innis dom roimh gach scéal is beannacht ar do bhéal gan gó, an mbíodh éide oraibh ná arm ag dul do shealg gach aon ló. Dobhíodh éide orainn is arm ag dul do shealg linn mar sin, is ní bhíodh féinnidhe díobh dom dhóich gan léine sróill is dhá choin, Gan cotún is síoda séimh is lúireach barraigh ghéir ghlain, is cinn-bheart chloch-órdha chóir is dhá shleigh i ndóid gach fir, Gan sciath uaine ar a mbíodh buadh is lann chruaidh lé scoithtí cinn; dá sirthí an domhan fá seach ní raibh neach dob fhearr ná Finn. Is é dob oinighe is dob áighe ní dheachaidh lámh ós a chionn, ag dul do thaisteal na gcuan ngeal gan faicsin ar fhear mar Fhionn. Conadh é eagar dochuamair siar do sheilg ar Shliabh na mBan Fionn; a Phádraig, a cheann na gcliar dob áluinn grian ós ár gcionn. An uair do shuidheadh Fionn ár gcoin dob iomdha anoir agus aniar guth gadhair ag dul fán gcnoc ag dúiseacht torc agus fiadh. Dobhí Fionn féin agus Bran 'na suidhe seal ar an sliabh - gach fear i n-ionad a shealg gur éirigh cealg na bhfiadh. Do léigeamair trí mhíle cú dob fhearr lúth is dobhí garg; do mhairbh gach cú dhíobh dá fhiadh sul do cuireadh iall le harg.
Do mharbhamair sé mhíle fiadh is an ngleann dobhí san tsliabh, i n-éagmais agh agus fearb - ní dearnadh sealg mar sin riamh. Dob é deireadh ár seilge thiar a chléirigh na gcliar is na gclog, deich gcéad cú go n-a slabhraidhe óir do thuit um nóin le céad torc. Do thuiteadar linn na tuirc dorinn na huilc ar an sléibh; muna mbeadh ár lann is ár lámh chuirfidís ár ar an bhFéinn. A Phádraig na mbachall bhfiar ní fheaca mé thiar ná thoir seilg aon-lae ag Fiannaibh Fhinn le mo linn ba mhó ná sin. Ag sin sealg dorinne Fionn a mhic Calpruinn na mionn mbláth; gáir ár gcoileán is an nglinn uch, a Phádraig, ba bhinn an lá.
SEILG TUIRC GHLEANNA AN SCÁIL. Go mbeannuighthear duit, a sheanóir shuairc, chugat ar cuaird táinig mé; a laoich mhileata dob áille dreach, a fhir nár dhiúlt neach fán ngréin. Fios dob áil liom d'fhagháil uait, a mhic mic Cumhaill ba chruaidh colg, an t-éigean is mó 'na raibh an Fhiann, ós tú bhí riamh ar a lorg. Fios do-bheirim duit air sin a mhic Calpruinn na salm ghrinn, an t-éigean is mó ortha bhí ó gairmeadh díobh Fianna Finn. Ba chuimhin liom lá go moch n-a raibh drong againn d'Fhiannaibh Fáil, dochuamair féin is ár gcoin do sheilg tuirc Ghleanna an Scáil. Trí chaogaid gadhar, dá chaogad cú marar mhó a líon níor lugha; dobhí i n-ár mbuidhin fiche céad mar aon linn féin is Clanna Smóil. Táinig chugainn Clanna Daoighir cúig mhíle chum an aonaigh, cú is gadhar is dá chaoin-tsleigh ag gach aon de na laochra. Táinig chugainn Clanna Buadhain ba mhaith éagcosc na buidhne, cúig mhíle chum an aonaigh is líon catha de Chlanna Baoiscne. Táinig chugainn Clanna Mórna na gníomh-fhir mhóra mheara, cúig mhíle faoi n-a sciathaibh is a gcoin ar iallaibh aca. Annsin do labhair Goll go hárd "Cia ghlacas scáth roimh an muic? Curthar liom meabhraidhe fán ngleann 's rachad ann do bhrath an tuirc." Annsin dubhairt Conán neamh-ghrinn grís-fhear maoidhte Fianna Fáil, "A mhic Mórna na ráidhte grinn cia aca dínn nach rachadh id dháil.
"Atá tusa," do ráidh an saoi "is dar an mionn so fám cheann; ní mar dhroch-mheas ar an bhFéinn adubhart féin go rachainn ann." D'éirigh Faolán feardha tréan leoghan sparainneach gach cnocáin, is a chosc riamh níorbh fhéidir gur bhain trí bhéic as Conán. Annsin d'éirigh Goll na mbéimeann an laoch thar céadaibh curadh, is a chosc riamh níorbh fhéidir gur leag céad ar an dtulaigh. Annsin do labhair Oscar go feargach le Goll† meanmnach †mac Mórna: "Muna mbeadh mo gheallamh dhuit ba shearbh leat do ghnótha." Lá dá raibh an uair sin an dís fhear uasal cródha, tráth d'fhiafruigh Goll d'Oscar "An tú fear cosanta na coróineach?" "Ba mhaith mo chongnamh chuige" do ráidh Oscar na n-arm nimhe, "focal adubhart ná adéarfainn 's mé nach séanfadh é ar dhuine." "Urraim ní bhfaghair uaim-se" ar Goll gruama le hOscar, "Is mise mhairbh do shinsear Cumhall gníomhach i gcath Chnocha." d'ionnsuigh Oscar agus Goll a chéile go grod dian tnáitheach; do chuirfidís bruic as gach gleann le fuaim a lann dá mbearnadh. Gur éirigh Faolán fearamhail is Diarmaid déid-gheal ua Duibhne, is cuirid cách ó chéile gidh mór tréineacht na buidhne. Do leigeamair fá Chiarraighe siar naoi míle sciath, do bhrath an tuirc, ní raibh neach aca riamh gan gadhar 'na dhiaidh is dá choin. Do leigeamair fá an leirg an gadhar ba thaidhbhsighe cruibh, ag gluaiseacht 'nár mbuidhin go meadhrach 's ár gcoin ar aoirde gach cnuic. Dobhíos-sa agus Oscar 'na ndiaidh is Diarmaid a chuir catha 'na suidhe, Goll foirtil lán-ghéar agus Faolán mac Finn. Cheithre míle broc is eilit mhaol cúig mhíle poc dá bheann, naoi míle don fhiadhach mhór dobhíodh leo ag teacht 'nár gceann.
Dar do láimh-se, a chléirigh dochuamair uile fán ngleann 's ní tháinig duine againn gan lot is d'fhan an torc uainn go teann. Seinntear ár mbarr buadh-chruit is tógtar ár nduis le mian; gluaisimíd go Teamhair na slógh tar éis comhraic an tuirc fhiadhain. Ag sin duit-se eachtra mo scéil a chléirigh na salm ghrinn; is go mb'fhearr liom ná flaitheas Dé Fionn 's an Fhiann do bheith mar bhí.
FIADHACH FIANN ÉIREANN AR SHLIABH TRUIM nó Laoidh na hOllphéiste. Lá dobhámair ar Shliabh Truim, Fianna Finn fa lán de ghoil; dob iomdha deagh-laoch is cú ann ba mhaith lúth ar mhoigh. Ní raibh laoch díobh gan sciath ar an sliabh agus dá choin, is gan cúpla gadhar san nglinn i dtimcheall Fhinn dob árd goil. Do sreathnuigheadh sinn ar gach gleann fa maith ár dteann i gceann cnoc, an bhuidhean churanta chrobh-theann ár dtreise fa lonn gan locht. Dúisightear linn ós barr beann fiadhach na ngleann agus a dtuirc; ar gach taobh dinn marbh san leirg dob iomdha eilit is bruic. Dob iomdha ann laoch is coin ag éirghe ar an moigh go luath, ag déanamh sealg ar gach glionn is d'éirigh Fionn, triath na dtuath. Dá choin i láimh gach fir dár éirigh annsin den bhFéinn; agam féin atá a fhios uch, gidh táim anois gan chéill. Adéar gan dearmad gan on cuid d'anmanna con an tsluaigh; níor leigeadh cú ann dá héill nárbh aithnid dom féin a buaidh. Do leig ua Baoiscne Bran dian agus Sceolann fa cian rith; do leig Oisín Buadhach mór is Ablach Óg dá ndéis sin. Ód-chonnairc mac Breasail saoir coin an ríogh ag dul re teann do leig a dhá choin fa garg Uchtárd agus an Fearb seang. Do leig Oscar mear nár thim Mac an Truim dá shlabhradh óir; do leig Caol Cródha go gclú Léim ar Lúth is an Chú Chrón. Do leig Garradh na n-arm glan Fearann is Foghar is Maoin; do leig ua Duibhne go deas Éachtach na gcleas agus Daoil.
Do leig mac Muirne go ngoil grinn Airchis agus Rinn an áigh; do leig ua Conbhróin go gcruth Cor Dubh 'na ndiaidh agus Máigh. Do leig Conán go ngníomh grod Rith Grod agus Rith re hÁrd; do leig Faolán thar a chionn Carragán agus Guth Garg. Do leig mac Eadaoin iar sin Cosluath caoin is Fuath dá láimh; do leig mac Muirn an ghrinn Árannán is Árd-na-seágha. Do leig Feardomhain mac Finn Ciarchuill do chinn ar gach coin; do leig mac Reithe go rún Sciathúr agus Lúth an Loin. Do leig Caoilte Fuath go mbuaidh agus Cuilsceach fa cruaidh treas; do leig Dáire, fear na nduan Síneach Suain agus Luath deas. Do leig Cairreall, an laoch muar Gaithlionn is Guaire is Gal; do leig mac Dubháin, an fear fial Rian ina ndiaidh agus Scal. Do leig Dáire Dearg mac Finn Árd na Sealg agus Lon cruaidh; do leig Mac Lughach go mear Cruthach geal agus Lear uaidh. Do leig Aodh Beag fa fear prap Marbhadh na gCat agus Taom; do leig Conán mac an Léith Leagán dá héill agus Laom. Leigthear Scannar agus Gáir dá choin Iollainn áird mhic Smóil; Oscar mac Criomhthain nár dhoirbh do leig sé Soirbh agus Nóin. Do leig Feargus, file glan gan dearmad Sciath agus Faoidh; Colla mac Caoilte, an fear fial do leig uaidh Rian agus Laoidh. Do leig Dáire mac Rónáin Díbhearg is Dobhrán go dian; do leigeadh uainn-ne gan táire go luath coin áille na bhFiann. Do leig siad clann an Chearda a gconairt sealga gan brón: Cor agus Dearg agus Drithleann Coirrbheann, Rith Teann agus Treoir. Do leig Cnú Dhearóil eolach Aindeoin is Ceolach fá réim; Uath na seilge nár bheag lámhach do leigeadh scread ghábhaidh gan béim. Criomhthan na mbéimeann is Conn dá mhac dobhí ag Goll an áigh, do leigsead Dochar is Daor do leigsead Caor agus Gáir Do leig teaghlach na flatha go heolach gan taca a gcoin; 'na ndiaidh de bhrígh na sealga dobhádar learga lán d'fhuil.
Dob iomdha cú ag rith ar fhiadh 'nár dtimcheall san tsliabh ba dheas; dobhádar na catha ar a lorg dá bhfeitheamh, ba bhorb an treas. Dob iomdha guth fiadh agus tuirc ar an sliabh dár thuit den tseilg; ó choscar laoch agus con dob iomdha fuil ar an leirg. Níorbh áidhbhle liom gáir chatha gidh iomdha cath i raibh ariamh, ar ndul do chonairt fá tháintibh ná gártha torc agus fiadh. Ní dheachaidh fiadh soir ná siar ná torc ar shliabh dá raibh beo díobh sin uile nach raibh marbh ón gconairt sin fa garbh gleo. Do mharbhamair deich gcéad fiadh ar an sliabh agus deich gcéad torc; ár gconairt ar mhéid a bhfearg d'fhágadar dearg gach gort. Níor háirmheadh eilte ná bruic ná míolta dár thuit san leirg, gion gur háirmheadh iad ag Fionn mór dar liom an chuid dár seilg. Fiadhach aon-laoi is mó dár marbhadh i gcrích Bhanbha i ngach tráth 's is fearr dobhí le mo linn an tseilg dorinn Fionn an lá. Mar do mharbhamair an tseilg tángamair ar árd dá roinn, chruinnigheamair na sluaigh gan locht ó gach cnoc i dtimcheall Fhinn. Dobhí roinn is rogha ag Goll gérbh iomdha laoch lonn san bhFéinn, ó na sluaghaibh gér mhór a ngoil fuair sé sin dá eagla féin. Roinntear an tseilg re Goll glan níor fhág sé fear díobh gan díol, níor dhearmaid sé duine den bhFéinn acht é féin agus mise díobh. Do chanas re Goll nár thim is dob aithreach linn a rádh: "An fala thug fá dear, a Ghuill mo dhearmad san roinn tar cách?" "Níorb chuibhe do neach fán ngréin aithis orm féin fá roinn; is truagh nach fuilim id ghar a fhir thógbhas an fala rinn." Dá fhreagra glacaim mo cholg tagra borb ó bhí ag Goll; an laoch fa maith réim is cáil dochuas i n-a dháil go lonn. Do thógaibh Fionn Mac an Luin a shleagh go nimh 's a sciath áigh, agus tig go cliste trés an tsluagh gur ghabh mé go luath ar láimh.
Coisctear le Fionn go luath ár bhfearg do ghabh mo chuid den tsealg air féin; níor lámhas fala ná fíoch do chur idir dhís den bhFéinn. Níor fhágaibh Fionn tréan, an triath mac Muirne fial na sciath ndearg gur shíothuigh eadram is Goll gér mhór ár nglonn 's ár bhfearg. Dorónsad teinte gan locht go cinnte ar gach cnoc den tsliabh i dtimcheall Fhinn ba chaomh corp d'fhulacht torc agus fiadh. Mar do chaitheamair an tsealg na catha sin fa dearg snuadh, do thriallamair Fianna Finn ó Shliabh Truim go Loch Cuan. Fuaireamair piast ar an loch is níor shochar dúinn bheith ann, ag a féachain dúinn 'nár dtocht fa mó ná gach cnoc a ceann. A tuarasgabháil re n-a moladh ní haithristear, ní nár dúnn do thoillfeadh gér mhór a fraoch céad laoch i log a dhá súl. Fa mó ná gach crann ar coill a fiacla do thuill gach gráin; fa mó ná comhla cathrach cluasa na nathrach 'nár ndáil. Sia ná ochtar gan easbaidh a hearball seasmhach re a druim; ba reamhaire an chuid ba chaoile ná dair díleann i gcoill. Mar dochonnairc uaithe an sluagh d'iarr, is ba mhuar a fraoch, biadh ar mhac Muirne gan on nó comhrac con agus laoch. "Ní de phiastaibh Éireann tú a thrú nach maith cruth ná ciall; innis cá háit as a dtangais" adubhairt Fionn feardha fial. "Táinig mise anois ón nGréig im réim go ráinig Loch Cuan ag iarraidh comhraic ar an bhFéinn is do ghabháil tréine a sluagh. "Cuirim forlann ar gach tuaith do thuiteadar sluaigh rem ghleo; uaibh muna bhfaghad mo dhíol agaibh ní fúifead síol beo. "Tugaidh dom comhrac go luath gidh mór de shluagh ataoi, 'Fhinn nó go bhféachad oraibh gan acht mo neart tar éis teacht thar tuinn."
"Ar ghrádh heinigh innis dúinn gidh mór do shúil is do ghráin scéala hathar agus t'ainm sul caitheam ár n-airm id dháil." "Arracht cinnte atá san nGréig canfad gan bhréig a ainm ghnáth, Crom na Carraige fa hárd bloidh ar fairrge ag Cloich thoir tá. "Piast is maith goil 's is olc gnaoi fa hí sin a mhnao gan tlacht; is tearc cathair thoir nár bhris agus rugadh mise dho mar mhac. "d'fhágas tursa ar gach faith Árd na gCath go deimhin m'ainm; a Fhinn is maith tásc is buadh ní cás linn do shluaigh ná hairm. "Ag so an scéala d'iarrais orm a fhir is maith colg is glac, tabhair dom iorghail go dian gidh líonmhar t'Fhiann is do neart." Do ráidh Fionn gér chruaidh an chéim ris an bhFéinn dul dá troid; dá cosc chuadar na sluaigh is fuaireadar uaithe broid. Táinig an phiast fá'r gcathaibh mór dár mathaibh do thuit léi; fa mór ár ndíth ó n-a coscar níor thualang sinn cosnamh léi. Teilgthear sleagha léi go cuimneach ar an bpéist go tuillmeach borb do chroith orainn go geintligheach na ceatha teintighe re n-a colg. Dobhámair-ne uaithe tursach rinn níor chuimseach an spairn; do shluigeadh gér lór d'éigean laoch idir éide is arm. Do shluig sí Fionn na mbéimeann gur leig siad Fianna Éireann gáir; dobhámair tréimhse gan chabhair 's an phiast ag tabhairt ár n-áir. Doras ar gach taobh dá corp dorinne Fionn nárbh olc méinn, amach gur leig gan fuireach gach neach do sluigeadh den bhFéinn. Fionn ón gcomhrac dorinne d'fhóir sé uile ár sluagh, gur fhuascail sé le tréine lámh sinn-ne le séan, ágh is buadh. Do chomhraic Fionn 's í le chéile mór an tréine dul dá cosc; dá comhlann gér chruaidh níor fhan gur scar a hanam re 'corp. Ar thuit de phiastaibh re Fionn ní cuirthear i suim go bráth; a ndearnaidh d'ágh is d'éachtaibh a n-áireamh ní fhéadfadh cách. Do mhairbh sé piast i mBinn Éadair a cosc níor féadadh i gcath; agus ollphiast Locha Cuilinn do mhairbh mac Cumhaill na gcleas.
Fuath is piast Ghlinne Dorcha do torchradh sin leis an bhflaith; do mhairbh sé piast Locha nEachach is arracht Ghleanna Smóil go prap. Do thuit piast Éirne gér ghorm leis, agus piast Locha Riach; do mhairbh gér thréan a chroidhe piast agus cat i nÁth Cliath. Do mhairbh sé fuath Locha Léin mór an fhéidhm dul dá claoidhe; do mhairbh sé fuath i nDruim Chliabh fuath agus piast ar Loch Ríbh. Do mhairbh Fionn fa mór croidhe fuath Ghlinne Righe na ród; gach piast le neart a bhéimeann i ngleanntaibh Éireann níor fhág beo. Fuath agus piast Ghlinne hArma do mhairbh Fionn gér chalma iad; gur dhíbir sé re buadh is treise gach piast dá bhfeiceadh ar talamh riamh. Do mhairbh piast Locha Síleann tug brath díleann ar ár sluagh, agus dá phéist Locha Feabhail d'imir orainn deabhadh cruaidh. Piast Árd Fhionáin, gníomh ba diocair do coisceadh sin tré ghliocas an ríogh, do chlaoidh an rí uasal gan time is piast Locha Reimhir do thuit sí. Do mhairbh Fionn na gcéimeann cródha fuath Sléibhe Cuilinn gér bhorb, agus dá phéist Ghlinne hInne do thuiteadar sin re n-a cholg. Do mhairbh piast Locha Meilghe lór a treise do láimh Fhinn, agus ollphiast Locha Cearra leis is arracht i nÁth Truim. Dobhí piast ar Loch Measca fa mór a treasa ar fhearaibh, tar éis comhrac fuilteach d'fhagháil Fionn dá láimh do threascair. Fuath Locha Lurgan go dian re Fionn na bhFiann do thuit sí; ní hinnstear go bráth mbuan gach ar chuir dár sluagh do dhíth. Ar Loch Laoghaire go cinnte piast do-níodh teinte dobhí, i n-íoc a bhfuair dá fala do dhí-cheann le n-a arm í. Fuath Dubhais, lór a teinne agus aimid Sléibhe Cláir, do mhairbh Fionn le Mac an Luin gér bhorb a ngoil is a ngráin.
Thárlaidh orainn ag Loch Feargais piast gan faitchíos ba ghraince cruth, an taobh ba dheas de Chruachain Chonnacht dobhí na gleannta lán d'fhuil. Do thuit piast ar Bhanna bhinn le láimh Fhinn na gcomhlann gcruaidh. dob iomdha ár ndíth ón dtreas gur claoidheadh í i nEas Ruaidh.
LAOIDH AN DEIRG MHIC DROCHUIL. D'aithreosainn caithréim an fhir mhóir tháinig anoir i gcéadóir; tréin-fhear dobhí lán de ghuil - an Dearg† dána †mac Drochuil. Fá thásc na bhFiann fa maith guil triallas an Dearg mac Drochuil anoir ó chrích na bhFear bhFionn go hiath oirear-mhín Éirionn. Móide thug an laoch lán sul táinig chugainn tar sáil nach geobhadh gan géilleadh i nglas ó gach féinnidhe dá fheabhas. Iar dteacht anoir don laoch lonn lér himreadh céad comhlonn, gabhas an Dearg déid-gheal cuan i mBinn Éadair na mór-shluagh. Dobhíodar dís nár chumhang cáil ag coimhéad an chuain chubharbháin - Roighne Rosc-leathan mac Finn is Caol Cródha mac Criomhthainn. Níor choimhéad an dís an cuan acht do thuit 'na dtoirchim suain go dtáinig barc an fhir mhóir i dtír sa chuan 'na gceart-chomhair. Ag feitheamh na fairrge dhóibh is a n-airm gaiscidh 'na ndóid, dochonncadar óglaoch andeas i n-eire áluinn odhar-ghlas. "Má's é an Dearg tháinig i leith an fear lér thuiteadar slóighte ar a theacht ó thír go tír is fíor, a laoich, go dtuitfimíd." "Is cuma liom cia tháinig ann" do ráidh Roighne rosc-mhall, "ní fhuil sin san mbeatha mbán laoch nach déanfam a dhiongbháil."
"Gura fíor a n-abarthar leat is gura beacht a bhfuil id bhéal is má claoidhtear leat an fear tiocfad leat ar leath na scéal." Léimeas an Dearg fa maith dreach i dtír de chrannaibh a chraoiseach, is tug a bharc arn-a snaoidhe ar an dtrácht gheal ghainmhidhe. Folt fionn-bhuidhe mar ór cheard ós cionn a mhailidhe ngruadh-dhearg, dá dheirc ghorma mar ghloine ós geal-ghnúis an deagh-ruire. Lann nimhe lé leadarthaí cuirp ag an laoch go nguais comhraic, mionn cumhdaigh cloch-órdha corr um an mileadh sochma súl-ghorm. Dá chraoisigh chrann-reamhra chatha i nglaic láimhe an árd-fhlatha, sciath óir ar a ghualainn chlí ag mac uasal an árd-ríogh. Geall gaiscidh an domhain toir do chosnaimh an Dearg mac Drochuil, ar mhéid is ar neart i gcath i gcomhlann cheart le céadaibh. Éirigheas Roighne na lann is Caol Cródha na mbéimeann; gabhaid a n-airm i n-a láimh agus rithid 'na chomhdháil. Fuaradar rómpa an fear séimh an curadh lúthmhar aidhbhéil; ag siubhal gainimhe ar bórd an chuain dobhí mac Drochuil na mór-uaill'. Ar bhruach na trágha bhí an fear fionn an laoch láidir séimh seang; ag amharc an chuain dobhí sé fear mascallach na mín-ghéag. An fear nárbh fhaitcheach roimh buidhin mhóir is do chuireadh scaipeadh ar mhór-shlógh d'fháiltigh sé roimh an dís Dearg dána na mór-ghníomh. Dob é freagra thug an dís ar mhac Drochuil na mór-ghníomh - "Is breágh do lann 's is geal do lámh 's is aoibhinn binn do shiansán. "Is tú an curadh is áille snódh 's is breághtha leaca gan imshnódh, is deas do bhalla gan cham gan fiar 's do chulaith gaiscidh i ngach rian.
"Tabhair scéal dúinn, a fhir mhuair orainn atá coimhéad an chuain, dís mhac ríogh go sár-bhuaidh sonn d'fholaibh uaisle na hÉirionn." "An chríoch ó dtáinig mé anois ní hiomdha neach 'na hainbhfios; is mé an Dearg, mac Ríogh na bhFionn ag iarraidh árd-chíosa Éirionn." Chuadar i n-ainbhfios a chéile le glór borb agus aimhréidhe, Roighne rosc-ghlan 's mac Criomthain binn 's an Dearg dána an chomhlainn. Do ráidh Roighne an aigne mhir go dian le Dearg mac Drochuil: "Ní bhfuighe tusa, a laoich luinn urraim ná cíos i nÉirinn. "Gidh maith sibh-se, a dhís laoch chanas fearg agus fraoch, cia bhacas díom-sa anois a gabháil, a creachadh 's a léir-scrios?" "Dá n-áirmhinn duit gach fear díobh a Dheirg, a mhic an árd-ríogh, is iomdha laoch adéarfainn ann dogheobhadh le n'ais do chomhlann. "Is díobh Oisín mac Finn agus Oscar na mór-ghníomh - fear dian an taoibh ghil is Fraoch† fiallach †mac Feamhair." "Cá bhfuil laoch díobh sin anois?" do ráidh an Dearg dreachmhais "go bhféachaimís le chéile ár bhfíoch is ár ró-thréine." "Dearbhaim duit, a laoich luinn" ar Caol Cródha mac Criomhthainn, "gur seo mise led chlaoidhe anois a laoich úd tháinig tairis." Annsin léimeas an Dearg nár dh'reoil fá fhíoch is fá fheirg mhóir go Caol Cródha fa dearg dreach mairg lér chomhraic an tréan-fhear. Dorinne an Dearg comhlann cruaidh is Caol Cródha go mór-uaill; dob é sin an torann teann ag scoltadh sciath agus caomh-cheann. Dob é iomthús na déise san iorghail sin le chéile gur cheangail an Dearg go glan Caol Cródha san gcomhrac. Annsin d'éirigh Roighne mac Finn d'éis Caoil Cródha do cheangal mac ríogh na Féinne gan táir chum an tréan-fhir, 'na chomhdháil.
Dob iomdha cleasa gaile dobhí san iorghail eatarra gur ceangladh, gidh cruaidh an céim Roighne ró-fhada le luath-bhéim. "Gidh mór an gníomh 's an deabhadh duit sinn-ne araon do cheangal, scaoil ár gcuibhreach go beacht is beir leat sinn id choimhdeacht." Scaoileas Dearg na nglas ngéar cuibhreach na díse deagh-laoch, is baineas a mhóid de gach fear gan arm do thógbháil i n'aghaidh. Iar ndul do go Teamhraigh go Cormaic an mhór-theaghlaigh, mac Drochuil na ngéar-lann mbuadh i dtigh Teamhrach na dtrom-shluagh. Annsin d'éirigheadar amach laochradh tighe Teamhrach dob iomdha fear donn-bhruit sróill i dtigh Chormaic i gcéadóir. Iar dteacht ar an bhfaithche dhóibh ameasc Chormaic 's a chath-shlóigh, do mhac Drochuil an t-óg cuimseach léigtear an ród go ró-shoillseach. Annsin tig tréan-fhir Inse Fáil tar éis a chéile 'na chomhdháil, is tig chuca go dána an fear feardha fíor-chalma. Do ráidh triath Teamhrach gan on "Suidhidh, a chliar chalma curadh, ní heagal díbh meirge an fhir is ná tógaidh arm 'na aghaidh." Ar dteacht ar an bhfaithche dhó do mhac Drochuil na mór-ghleodh, beannuigheas don óg innealta cuimseach an cath-mhileadh meanmnach ró-shoillseach. Beannuigheas an Dearg de ghlór bhinn do rí Teamhrach go haoibhinn; freagras an flaith gan doghra do thréan-mhileadh na tréan-fhoghla. Iar suidhe do mhac Ríogh na bhFionn fiafruigheas Árd-rí Éirionn; "Fáth do thurais go Teamhraigh innis, a laoich mheanmnaigh." "Fáth mo thurais go Teamhraigh a mhic Airt, a Chormaic, géill Éireann dob áil liom nó freas-bhéimeann 'na thimcheall." "Géill Éireann do bhreith tar muir gidh minic do shirdís tréan-fhir níor fríth 's ní fhaghthar go bráth tobhach Éireann le haon óglách."
"Ó nach faghaim, a Chormaic flaitheas uaibh-se gan comhrac, tabhair comhrac céad curadh a fhlaith fhial gan urdhubhadh." Cuireas Cormac céad calma do chlaoidhe an óg-fhir allmhardha; do thóg san a mheirge nár lag i bhfeirg 'na gcoinnibh i gcomhrac. Dob é iomthús mhic Ríogh na bhFionn gur thuit an céad san gcomhlonn, is dá chéad eile, gníomh gan gó do mhairbh an Dearg i n-aon ló. Mar dochonnairc an tÁrd-rí an Dearg ag déanamh daor-ármhaigh seolas a theachta go luath d'ionnsaighe mhic Cumhaill arm-ruaidh. Tig chuca arn-a bhárach Fionn mac Cumhaill go mór-dhálach, trí míle gaiscidheach gan on nár thuill easbaidh ná scannol. Clogad óir fá cheann gach fir de mhuintir Fhinn ó Almhain; sciath fighte go n-imlibh óir go gcumhdach síthe saor-shróill. Fearas Cormac gan time fáilte roimh Fionn Almhaine fuair slógh mhic Muirne na gcreach fáilte 's cuirm i dtigh Teamhrach. Ar dteacht dóibh ar an bhfaithche don tsluagh churata chóirighthe, thógbhadar trí míle cleas lúith ba mhór an t-ádhbhar iomthnúith. Annsin dochuaidh mac Cumhaill fhéil chum na puible den chéad-réim agus beannuigheas annsin don Dearg an laoch anaithne árd-gharg. Ar mbeannughadh don fhlaith nár tháir freagras an laoch dreach-náir is iarras cumha go luath lonn ar mhac Cumhaill, nó comhlonn. "Gidh mór do neart-sa, a fhir" do ráidh flaith féinne Gaedheal, "ní thiubhrad-sa cumha dhuit a Dheirg, ar eagla comhraic." "Má's chugam-sa do thriall sibh a laochradh léidmheach' Laighean, ar chomhlann is umhal sinn a dheagh-mhic Cumhaill arm-ghlain. "Béarfaidh mise liom im luing cinn na bhfear ó Almhuin i gcomhrac céadta curaidhe uait, a mhic Cumhaill arm-ghrinn." Do chuir mo rí-se céad annsin do chlaoidhe an Deirg, dá mhuintir, fá Dhorn-donn mac Scáile is fá Chonn mac Conáilbhe. Do thuit leis Conn mac Conáilbhe is Dorn-donn mac Scáile; do thuit le n-a láimh gan locht an céad curadh faobhar-nocht.
An uair dochonnairc mo rí-se ar chlaoidh an Dearg dá mhuintir, do bhrostuigh sé a chipe catha do chosc mic an árd-fhlatha. Éirigheas Faolán go bhfeirg mhóir is gabhas a mheirge de mhaoth-shróll, dochuaidh do chosc an laoich láin - mairg do thriall 'na chomhdháil. Annsin folcaid a lanna i n-a gcorpaibh cneas-gheala agus brisid a n-airm n-áigh ar a chéile san teagmháil.
Gabhaid annsin compar a chéile d'éis na hurlaidhe aidhbhéile, gur cheangail an Dearg gan locht Faolán cródha na nguasocht. Annsin labhras Fionn le Goll "a mhic Mórna na mór-ghlonn, a lámh chródha nach tláth i nguil coisc dínn comhrac mhic Drochuil." "Leat féin de thús dála tús aisce is éadála; trí míle uinge óir fá thrí uaim-se dhuit," ar an tÁrd-rí. "Gidh do fuagradh led fhine clanna Mórna mong-bhuidhe, do-bhéarfad féin mo chomhlann leat a thriath na Féinne, dod fhurtacht." D'éirigh Goll nár fhulaing táir 'na chulaith catha go hiomlán, do thóg leis an tsleagh go tric do chleachtadh sé chum comhraic. Tug an Dearg chum comhraic Ghuill na hairm nimhe bhí 'na oirchill agus tig go díomsach dána ar aghaidh chum na teagmhála. Féachaid air sin iomghoin a gcleas le n-a chéile san mór-threas, is sochtaid fir Éireann uile le clos béimeann na hiorghuile. Annsin cuimhnighid a bhfala na fir bhorba thréan-chalma, ag snaoidhe clogad agus ceann dobhí mac Drochuil is Iollann. Ó n-a gcomhrac ar feadh trí lá dob anbhfann fir agus mná, gur torchradh an Dearg déid-gheal ann le mac Mórna na mbéimeann.
Dá leigtí suan ná codladh do laoch na ngruadh gcorcordha treise Éireann do badh leis dobheadh ár ngéill 'na luingeis. Othar bliadhna luighe Ghuill ó chruadh-chomhrac an laoich luinn, i dtigh Rí Teamhrach gan cheas dobhí mac Mórna dá leigheas. Fuair Goll ar gealladh dó ó mhac Cumhaill nár ob gleo; ba bhuidheach an flaith go mbuaidh do chomhrac Iollainn arm-ruaidh. Dorinne an Dearg dícheall borb fa dítheach sinn-ne dá cholg, do thuit trí chéad dínn-ne 'na throid is sé chéad de mhuintir Chormoic. Is mé Feargus, file Fhinn de ghnáth-Fhéinn mhic Cumhaill ó thásc na bhfear sin nár lag trian a ngaisce ní aithreosad.
LAOIDH NA MNÁ MÓIRE THAR LEAR nó Seilg Ghleanna an Smóil. A Oisín, is binn liom do bhéal ag innsin scéil agus duain ar gach árd-fhlaith dobhíodh san bhFéinn dobheireadh béim i ngach céim chruaidh. Lá dá rabhamair Oisín is Fionn, is Feargus binn a mhac féin, Oscar fuilteach, Diarmaid Donn Conán Maol is tuilleadh den Fhéinn, Ag triall chun seilge maidean cheoidh fá Ghleann an Smóil le n-ár ngadhair go moch, dar do láimh-se, a chléirigh chóir ba mhór ár ndóchas as luas ár gcon. Dobhí Sceolann is Bran ar éill ag Fionn réidh i n-a dhóid; dobhí cú ag gach duine den Fhéinn 's a ngadhair bhéil-bhinne ag déanamh ceoil. Do ghluaiseamair chun tulcha ós cionn glinne mar arbh aoibhinn duille ar chrainn ag fás; bhí éanlaith ag ceileabhar ann go suairc is fuaim na cuaiche ba bhinn san áit. Do leig a rabhamair ann den Fhéinn ár gconairt go léimneach fán ngleann; do scaoil Fionn a dhá ghadhar déag 's ba bhinne linn ná téada a nglam. Dúistear leo an eilit mhaol ba ghile a taobh ná eala ar tuinn, an taobh eile ar dhath an ghuail is ba luaithe í ná seabhac i gcoill. Do scaoil gach duine a chú 'na déidh is do scaoil Fionn féin Bran; d'imthigheadar as ár n-amharc go léir is ba bheag ár ngaobhar dul 'na ngar.
Is mór an t-iongnadh dorinn an rí don eilit mhaoil, fá n-a luas le n-ar sháruigh coin na gcríoch is Bran groidhe nár leig seilg uaidh. Ó mhoch maidne ba mhór an fiadhach do lean go dian an eilit lúith go dtáinig dubhadh na hoidhche is nach feacamair gadhar ná cú. Do chuir Fionn a ordóg 'na bhéal is do chogain í fá n-a dhéad go cruaidh, annsin d'fhiafruigh Conán Maol - "Cár ghaibh ár ngadhair bhéil-bhinn uainn?" "Dar do láimh-se, a Chonáin Mhaoil" do ráidh Fionn groidhe, an flaith, "ní fhillfidh gadhar thar n-ais arís dár lean an eilit mhaoil acht Bran." Do thuit an Fhiann go mór i mbrón 's níorbh iongnadh dhóibh de dhíth a gcon; 'sé dubhradar nár sheilg chóir a thárlaidh dóibh san ngleann go moch. Níorbh fhada go bhfeacamair san ngleann Bran is í sáruighthe suaidhte fliuch, is ar dteacht di dár láthair dar do láimh ba thruagh a cruth. Luigh sí síos i bhfiadhnaise Fhinn do ghoil go fuidheach is do scread go truaighe; "Is cosmhail, a choileáin," do ráidh Fionn "go bhfuil ár gcinn i gconntabhairt chruaidh." "Neamh-ní linn-ne," do ráidh an Fhiann "laoch dá thréine dá dtig tar muir; measa linn a bheith dár ndíth ár ngadhair bhéil-bhinn is ár gcoin." Ar rádh na bhfocal tig do láthair bean dob áille is ba ghile snuadh, folt ór-bhuidhe léi ag fás ag rochtain a sál anuas. Dobhí a gruadh mar an rós is a braoithe módhmhar ar éadan úr, a rosca glasa glana gan cheo 's a béilín binn do labhair go ciúin.
Is é adubhairt "Tá cuireadh agam duit 's dá bhfuil ann agaibh d'Fhiannaibh Fhinn, go teaghlach inghine árd-ríogh Gréag atá i nÉirinn gan fhios daoibh. I nOileán Inse tá céad barc thug a hathair mar fhéirín di; is iomdha óigbhean eagnach bhláth a tháinig léi tar sáil anoir. "Is iomdha loingeas líonta d'ór d'airgead, de shróll, is de shíoda bhán, tháinig linn anoir san ród is go leor eile nach fuil mé 'rádh. "Is iomdha dabhach lán bheoir is iomdha bior fá fheoil dá gríos, is iomdha corn nighte as ór tá réidh rómhaibh lán d'fhíon. "Is iomdha loingeas atá ar muir is iomdha pálás geal ar tír, is iomdha trillseán soillseach lasta tá réidh fád chomhair feasta, a Fhinn." "Dar do láimh-se," ar Conán Maol "ní fhuaireas im shaoghal cuireadh ab fhearr; Is mór m'ocras agus m'íota is é mo dhíth gan mé san áit." Fillis an bhean dob áille scéimh san ród chéadna 'na dtáinig 'nár ngar, is do leanamair í go luath go hOileán Inse shluaigh na mban. Do fáiltigheadh romhainn ag bantracht Gréag suidhtear búird is gléastar biadh, cuirtear ortha fíon is beoir mar ba chóir do rígh is do thriath. Tráth choscamair ár n-ocras de bhiadh is ár n-íota d'fhíon is de bheoir, do labhair Fionn go prap is dubhairt go rachadh chun suain go fóill. Ar rádh na bhfocal sin tig do láthair an bhean ba ghránna ar bith snódh, cinnbheart óir fá n-a ceann is folt garbh slim ag fás 'na deoidh. Dobhí a draid taobh amuich dá béal ag an bpéist nárbh aoibhinn cruth, a déad fiacal barr-ghéar is réama léi síos 'na shruth. Dobhí guaireach fhada dhubh mar fionnadh tuirc ag fás 'na bléin ag sileadh síos léi go troigh mar bheadh cruit le fuireann téad.
Dobhí brat fairsing fada sróill dá folach go bróig, is taobh de geal, an taobh eile ar dhath an ghuail 's ní raibh bean san tsluagh ba ghránna dreach. "Fáilte rómhat, a rí na bhFiann" is iad na briathra do chan sí; "is leat iomlán mo chuid barc mo bhantracht is mé mar mhnaoi. "Is mé inghean Árd-ríogh Gréag ní dhearna cumann le céile fir go dtáinig mé anoir fád dhéin a Rí na Féinne, tar mór-mhuir. "Dogheobhair airgead, dogheobhair ór dogheobhair urraim fós is buadh, tar a bhfuil de laochraidh chródha san domhan mór theas is thuaidh." "Dar do láimh-se, a inghean an ríogh" do ráidh Fionn, croidhe nár mheirbh, "ní gheobhad féin leat mar mhnaoi 's gur tú bhí id eilit mhaoil san tseilg. "Aithnighim ar dhath do bhruit sróill gur tú bhí i nGleann an Smóil go moch is fiafruighim díot an maireann beo ár ngadhair ceoil-bhinn is ár gcoin?" "Dar do láimh-se féin, a Fhinn gér mhór é fíoch bhur gconart garg, táid siad uile marbh gan bhrígh acht Bran, an rí rug buadh gach sealg. "Is iomdha laoch láidir luath is gaiscidheach cruaidh i gcath, do thuit liom-sa i dtosach sluaigh 's ar mo bhuaidh ní bheireadh neart. "Is ní mó ní fhillfead uait go mbeiread buadh liom ón bhFéinn; scoithfead bhur gcinn d'bhur gcoirp gidh mór bhur niort is bhur dtréin." Do sheinn sí ceol ró-bhinn sídhe lér chaill gach laoch againn a neart, gur ceangladh sinn le hinghin an ríogh gidh mór ár ngníomh i ngach cath. Do tharraing a lann fuilteach líomhtha is í lán d'fhíoch, 'na láimh dheas, gur scoith na cinn de chéad laoch is ba mhór an t-uamhan a méid a mheas.
Ní raibh beo san Inse acht mé Conán Maol is Diarmaid Donn, Feargus file is Oscar tréan an tan do labhair m'athair Fionn. "Gabhaim do choimirc, a inghean an ríogh ná cuir den tsaoigheal aon neach níos mó, is go ngeobhainn leat mar mhnaoi muna mbeadh Goll caoch na n-arm gcró. "Dá ndéanainn malairt ar mo mhnaoi do chuirfeadh mé den tsaoigheal chun báis; an bhean do ghabhas i dtús mo shaoighil ar an bhfear caoch go bhfuil a páirt." "Dar do láimh-se féin, a Fhinn bainfead-sa a gcinn de Gholl mhór is dá ngabhann leis den Fhéinn muna nglacaidh mé mar ríoghain dóibh." Gléasas an cabhlach mórdha 's a seolta go hárd le gaoith, gur ghaibh talamh i mBinn Éadair na slógh mar a raibh Goll cródha na lann caoin. An tan chonnairc Goll tréan an cabhlach gléasta ag teacht chun cuain, is é adubhairt nár mhaith an scéal 's a mhéid den Fhéinn a theastuigh uaidh. Annsin d'fhiafruigh Goll tréan cia bhéarfadh scéala chuige ón gcuan; adubhairt Caoilte gurbh é féin dobhéarfadh scéala ón sluagh. Gluaiseas an laoch láidir luath meanmnach, buan, lán de bhrígh; sula ráinig corp an tslóigh dobhí an bhean mhór roimhe i dtír. Ar fheicsin mí-scéimh na mná méid a cnámh agus a fíoghair, chriothnuigh sé ó bhonn go barr gidh d'fhiafruigh go hárd cárbh as don mhnaoi. "Mise inghean Árd-ríogh Gréag do-ghní comhrac le deich gcéad laoch; beir sin uaim-se mar scéala mar a bhfuil an Fhiann is Goll caoch. "Aithris dóibh fós gan bhréag go scriosfaidh mé feara Fáil muna dtoghaid mé mar chéile do rígh na Féinne, Fionn an áigh."
Ar theacht do Chaoilte tar ais san ród is ar chlos sceoil do Gholl tréan, Do ghléasadar deich gcéad cródha chun dul do chomhrac inghine Ríogh Gréag. Ní raibh neach den deich gcéad laoch nár thuit leis an mnaoi san gcath; do thuit léi sul deachaidh an ghrian faoi deich gcéad laoch eile fá seach. Ní raibh neach dobhí tréan i n-arm nár leagadh san gcath leis an mnaoi, go ndubhairt Goll dá ngéilleadh cách go dtiubhradh díoghal 'na ndearnaidh sí. Go moch de ló éirigheas Goll fá chlogad throm is fá sciath, a chlaidheamh fuilteach i n-a dhóid chun dul do chomhrac ris an mnaoi. Gidh go mba laoch láidir Goll ba bheag lorg a lann san mnaoi; gidh gur chruaidh a lúireach 's a sciath is iomdha cneadh dobhí 'na thaoibh. M'amhgar croidhe! ar feadh trí lá gan biadh, gan codladh, gan suan, dobhí an dís go tréan forránta gan fios tláithe ná treise buaidhe. Dobhámair, a raibh san Inse den Fhéinn is Conán Maol nach raibh gan ghruaim, dár gcoimhéad ag caogaid ban go ndeachadar uile chun suain. Dobhí bruinneall ba mhaith dealbh a déad cailce mar bhláth is nua, ag faire dhóibh ar mhódh nár thréith go ndéanaidís a ndaethin suain. Labhras Diarmaid déid-gheal grinn de chomhrádh chaoin leis an óigh - "M'amhgar croidhe, a spéir-bhean mhín gan mé 'gus tú fé bhrataibh fós. "Is tú is binne péarlaidhe cuach is tú is áille snuadh tar mhnáibh; do róis-leaca gheal gan ghruaim is do dhéad uaine gorm cnámh.
"Is tusa is áille niamh tar mhnáibh is glaise, módhmhaire, silleadh súl, a ghrádh thar neach de mhnáibh an domhain éalódh leat is é mo rún." "Dar go deimhin má's fíor do scéal" do ráidh an ógh de chomhrádh chaoin, "fuasclóchad tú as do phéin 's a bhfuil den Fhéinn annso ar do shlighe." "Fuascail sinn as ár bpéin is leat go deimhin ní dhéanfainn bréag 's go mbeir agam-sa mar mhnaoi an fhaid mhairfead arís ar an bhFéinn." Do thóg dinn an draoidheacht gan mhoill is thug dúinn ár lúth 's ár neart; toirbhreas Diarmaid teora póg don mhacaomh óg dob áille dreach. Do bhain Conán an ceann gan mhoill le n-a lainn den mhacaomh úr d'fhuascail é ó n-a phéin 's a raibh den Fhéinn fá phudhar. Thug Diarmaid strac-bhuille ar an bhFéinn 's ar Chonán Mhaol bhí riamh go holc; muna mbeadh Oscar do chosc a lann do stróicfeadh sé an ceann dá chorp. Labhras Diarmaid go rachtmhar fíochmhar lán d'fheirg is d'fhíoch 'na mhéin - "Créad an fáth ar bhainis a ceann den mhnaoi d'fhuascail sinn ó phéin?" "Dá mb'inghean domh-sa í," ar Conán "nó fós an mháthair a rug mé féin, do bhainfinn a ceann di gan stad i dtaobh a fhaid a bhíos i bpéin." Muna mbeadh cosaint Oscair go fíor do chaillfeadh Conán a cheann gan stad tré mharbhadh an mhacaoimh mhná d'fhuascail i dtráth ár nglas. Do ghluaiseamair gan stad gan scíth mar ar teascadh an Fhiann leis an mnaoi thréin; ar theacht dúinn fán láthair dochonncamair ár na laoch.
Dobhí Goll fá chlogad 's fá sciath ag síor-chomhrac le hinghin an ríogh, is í dá ghoin le mór-iomad créacht d'fhág an laoch gan neart gan bhrígh. Iarras Oscar cead ar Gholl dul do chomhrac leis an mnaoi, is dubhairt gur dhoilbh leis a chás bheith fá chneádha 's fá mhí-ghnaoi. "Níl aon laoch san domhan beo ná i nÉirinn, dá aoirde cáil, a leigfinn-se do chomhrac leis an mnaoi go bhfaghad díoghal ar son an áir." Labhras Feargus na mbriathar gceart ó's é scaipeadh ór ar dhraoi, go bhfuair Oscar cead ó Gholl dul chun comhraic leis an mnaoi. Gléasas Oscar a chlaidheamh 's a sciath a shleagh ghéar 's a chlogad cruaidh; ní raibh san gcruinne beo 'na bheathaidh neach dothabharfadh urraim uaidh. Dobhí an dís láidir, luaith do chuiridís ceatha fá néallaibh le neart troda is comhraic ag feol-choscairt a chéile. Labhras Feargus béal-bhinn suairc is Conán nach raibh tréan ar arm, "A mhic Oisín, cuimhnigh an uair n-a rabhais fá ghruaim na gceangal ngarbh." Caitheas Oscar léim leoin tar chorp an tslóigh mhóir amach gur chuir an tsleagh le neart a dhóid tré chroidhe na mná móire isteach. Do thógamair trí ghártha san bhFéinn 's níor mhaith le Goll tréan-bhuilleach sin, mar thuit an bhean le hOscar áigh dobhí lúthmhar, ághmhar, calma, glic. Ar thuitim chun talmhan don mhnaoi "Mo mhallacht," ar sí, "dom athair féin! dobhí taobh liom-sa mar inghin is do chuir, mo dhíth! fá gheasaibh mé. "Draoithe do dhearbhuigh faistine dhó mo mhallacht dóibh go bráth arís! go mbéarfainn mac do scriosfadh an Ghréig is do bhainfeadh de féin a cheann gan scíth.
"Dá bhfaghainn neach a gheobhadh liom mar mhnaoi ceannphort, rí, nó ceann slóigh, dobhéarfainn mac dá ngéillfeadh an domhan is dobheinn féin arís im chlódh. "Dobhíos-sa lá, is bocht mo scéal! ar áilleacht mná ag silleadh súl; le draoidheacht chrosta m'athar féin do chailleas mo scéimh is mo shnuadh." An lá sin do marbhadh an bhean mhór do scriosadh fós a cabhlach ban; ag sin agat, a chléirigh chóir eachtra na mná móire thar lear.
LAOIDH AN DUIRN. Feis árd-aisce tighe Teamhrach ba líonmhar líon ár dteaghlaigh de churadha mhic Con na gcath dobhí i nÉirinn 'na árd-fhlaith. 'Sé buidhean a tháinig 'nár gceann de mhaithibh Éireann gan feall: dá árd-rí catha céadta mac Con is Fionn, flaith féinne. Breasal meadhrach, fear do bhuaidh ar righ Laighean le hiomad sluaigh; Cormac, caraid is bráthair do mhac Con, mac a mháthar. Tháinig chugainn as Cruachain Liagán Luaimneach luath-chliste, is an laoch nár chúthail i gcath Iollann mac Mórna Muchna. Suidheas mac Mórna móir is gach fear i n-ionad óil; fir Éireann mar ba dhual i dtigh Teamhrach na dtrom-shluagh. Annsin suidheas Lugha Lágha ar ghualainn Ghuill go dána, ar aghaidh Fhinn na slógh dil 's ar ghualainn Bhreasail bheol-deirg. Is ann adubhairt Lugha Lágha 's níorbh fhearrde é an focal dána: "Curadha mar so i dTeamhair truim an bhfeacais riamh, a thréan-Ghuill?" "Dochonnarc," ar Goll, "muintear mhór i dtigh Chuinn is iad ag ól; dob iomdha ann curadh catha agus gnúis uasal árd-fhlatha." "Níorbh fhearr riamh iad muintear Chuinn ná muintear mhic Con ón dTuinn; níor lia iad fá n-a gcathaibh d'uaislibh ná d'árd-fhlathaibh."
"Is mór dobheir tú guth ar Chonn adeirim riut," do ráidh Goll, is gurbh é do mhairbh san treas Maicniadh agus Mogh Nuadhat." "Is maith dhíoghlas sin, a Ghuill is mé mhairbh Art mac Cuinn; do mhuirbhfinn is a mhac sin is dá dteagmhadh orm Cairbre." "Gheallais is tú 'teacht tar tuinn go dtuitfeadh leat Art mac Cuinn; is mairg gur bréag do chanais 's gurbh fhear marbh do dhí-cheannais." Tógbhas Lugha Lágha a lámh is níorbh fhéidir a dhiongbháil; radas dorn ar a mhalainn ag mac Mórna mhór-ghalach. An mhala lér bhain an dorn níor scar sí riamh gan bheith gorm; gur bhris cnámh leacan an laoich do chrithnigh cuilithe a chinn. Naoi n-easna annsin gur ghoin i gcompar cléibh an churoidh; scáthán a ghlún gér ghlan is é do bhain den deagh-fhear. Cúig méara an dá throighe do bhrúigh an dorn náimhdidhe, gur chuir an dorn éachtach glan go caol na láimhe sa talamh. Buaileas Goll dorn eile ar mhac Eoghain tré mhór-fheirg, gur bhris naoi bhfiacla 'na cheann is naoi n-easna 'na chorp lán-teann. "Mise féin do rad an dorn" do ráidh Lugha na lann ngorm; "bhéarfad comhrac thar bhur gceann do mhac Mórna na ngéarlann. Iar sin éirigheas cách fá chéile 's níorbh é sin an t-ádhbhar réidhtigh; b'iomdha buille is béim san dáil is fead claidhmhe le cruadh-chnámh. Tugas Lugha ionnsaighe cródha i ndiaidh Ghuill ba chruaidh comhrac, gur bhain le n-a sciain san treas naoi n-áladh as a chorp caoindeas. Tarraingeas Goll a scian féin is níorbh é sin an comhrac réidh; thug sé naoi ngona go luath ar mhac Eoghain na mór-uaill'. Annsin téid Goll fá n-a sciath laoch forránta na mór-ghliadh; d'fhógair comhrac meardha mear ar Leath Mogha na mileadh.
Seacht bhfir, seacht bhfichid is seacht gcéad idir othar agus éag, do thuit le claidheamh Ghuill an áigh sular féadadh a n-eadrán. A dhá oiread súd le háireamh do thuit go luath le Lugha Lágha ar lár-mheadhon na laochradh le mac Mogha Nuadhat maordha. Níorbh fhearrde Lugha Lágha fuireach ó roichin chum Guill nó go dtug dá sciain ághmhair deich n-áladh 'na chorp caoindeas. Annsin éirigheas mac Con cneas-gheal do dhéanamh síthe nár lag: "Cuiridh bhur gcomhrac tar ais a rí-mhileadha na gcaomh-chneas." "Dogheobhaidh tú breith Fhinn na bhfleadh is breith na Féinne gan fuireach, acht breith Chonáin Mhaoil amháin duit-se, a Ghuill, id theagmháil." "Dá leigthí mise san mbreith" do ráidh Conán gan chleith; "ceann ar Mhuimhneach ní bheadh inn ó Thráigh Aoine go Duibhlinn. "Ná as sin go Sionainn siar ná tar ais go Bóinn aniar, sula maoidhfí ar Leath Chuinn dorn Mhuimhnigh i gceann Iolluinn." "A Chonáin mhic Mórna gan chleith dá ndéantá-sa an leath-bhreith, ní chosóndaois orm tú Fianna Finn go mbeadh do cheann gan cholainn." "Muimhnigh is Laighnigh go léir is iad uile d'aon mhéinn; slán cách fó cheann a lot go sroiche sé Cruachain Chonnocht." Annsin téid Goll thar Sionainn siar go Formaoil aoibhinn na bhFiann; deich gcéad dá choimhdeacht san uair de Chlanna Mórna mór-shluaigh. Seachtmhain agus dá mhí bhán dobhí Iollann gan bheith slán; ní chuirfead-sa bréag im laoidh sul leighsead é i bhFormaoil. Dobhí Lugha Lágha tinn theas bliadhain i nEatharla dá leigheas; ní raibh ón lá sin go bráth gan rian na scine 'na scamhán.
Dob é sin an comhrac meardha mear dorinn an dias dána deagh-fhear; beidh a gcuimhne go lá an Luain 's go deireadh an domhain bhith-bhuain. Dar do láimh-se, a chinn na gcliar ní raibh laoch ann thoir ná thiar nach muirbhfeadh Goll le n-a linn dá bhfaghadh comhthrom comhlainn. Och is och! monuar is truagh mar cailleadh an curadh buan; ad is ad mo chroidhe Fionn 'na luighe fán líg. Créad nach caoinfinn-se cách is mé dá n-éis ar seachrán im sheanóir chríon gan lúth gan ghoil gan altrom gadhar, ná coin. Och och! do bhris sin mo chroidhe d'éis a chéile gan ró-bhrígh ag caoineadh na Féinne feoidhte fá líg agus Oscair na mór-ghníomh. Dar do láimh-se, a Phádraig ní raibh Goll ionchomhraic riamh ón lá sin go hoidhche a bháis níor thréan a chomhlann i gcath-ghliadh. Lá dá raibh an Fhiann i gcrích Lochlann na mór-sciath cuibhrighthe le Mac an Dáin acht Goll amháin a bhí uainn. Is amhlaidh a bhíomair-ne 'nár suidhe agus Lochlannach idir gach laoich sic Gur ceangladh sinn le draoidheacht dil idir thréan-fhear is laoch slim. A Phádraig, ba chruaidh an chéim nuair a bhí cách i n-imgéin, is gan súil againn go bráth le furtacht ná cabhair d'fhagháil. Breith a bhéil go docht ann tug Mac an Dáin go teann: ár gcinn do scur dár gcolainn le n-a chlaidheamh géar 's a lann. Ar bhreith breithe don Dán tigeas Goll ar ais go dian, do bhuail a sciath go lom loiscneach is d'iarr comhrac na bhfear bhFiann. Cúig céad laoch lonn 'na dháil dofuair Goll; a dtrí n-oiread eile ba ghníomh do 's a dtuitim le Goll i n'aonor.
Briseadh catha dorinn an laoch le goin a shleagh dobhí mear faobhair; Mac an Dáin gér mhór a bhéim do chaill a cheann le Goll, gan réim. Réabas Goll go beacht teach ur-ghlic draoidheachta an Dáin, go bhfuair sé Fionn meirbh lag is an chuid eile den Fhéinn, Scuras Goll na n-arm tlacht gach fear díobh ó phéin; ní raibh puinn lúith ná neart 'sna seacht gcatha bhí ann den Fhéinn. Gluaiseas an uair seo amach iomlán Fiann Éireann gan feall, eagartha don uile thlacht buidhean gaisce agus cleas lann. Do ghluais Goll go hoirdhearc tlacht i dtús cathmhileadh 'na thimcheall - mar bhí Conán, Caoilte is Conn clúmhar Clú Donn is Dáire uí Bhaoiscne. Cairreall caoin is Dáire Dearg Arnall mac Garraidh déid-gheal, Fionn ua Baoiscne barr-ghlan Oscar éachtach is Faolán feardha. Oisín grinn is Diarmaid Donn Duagán dubhach agus Fionn Ó Néill; Faolán fial is Crónán binn is Áinle grianach na n-arm ngéar. Aodh mac Fhinn is Mac Lughach na gcreach Mac Smóil an ghrinn is Oilioll fial; Gobha Gaoithe is Faillim óir ag seinm ceoil gach fear go sians. Armas Goll na seacht gcatha ar fad is foiligheas brághaid gach fir; gluaiseas fá dheagh-bhuaidh go hAlmhain Laighean an mór-shluagh. Dar do láimh-se, a Phádraig gidh mór a ghrádhas tú do chliar; dá mbeitheá i dtaithighe Ghuill an áir badh mhó do ghrádh dho ná do Dhia.
LAOIDH MNÁ AN CHURACHÁIN .i. Laoidh Easa Ruaidh nó fós Laoidh an Bhoidhre Bhoirb. Atá scéal beag agam ar Fhionn, scéal is ionchurtha i suim, ar mhac Cumhaill ba mhaith gail budh cuimhin leam sin lem linn. dobhíomair-ne beagán sluaigh ag Eas Ruaidh mhic Modhairn feacht; dochonncamair chugainn fá sheol curachán mór 's gan ann acht bean. Caogad laoch dúinn um an rígh ba mhaith ár ngnaoi 's ár ngart - fear dár n-éis is mairg do-chí - do ghabhamair ar gach crích neart. Éirighimíd uile go dian acht Fionn na bhFiann is Goll, d'fheitheamh an churacháin fa mall céim 'na réim ag scoltadh na dtonn. Níor fhan an curach gan tocht gur ghaibh caladh i bport ghnáith; mar ráinig gus an eas d'éirigh as an macaomh mná. Dob ionann deallradh dhi is don ghréin dob fhearr a méinn is a deilbh, an inghean tháinig i gcéin dobhíomair féin roimpi go soirbh. Mar ráinig sise puball Fhinn do bheannuigh go grinn dó; do fhreagair mac Cumhaill nár thim an beannachadh binn gan gó. Fiafruigheas Fionn fa dearg dreach cá tír don inghin dath-ghlain úir; "Cá treabh as a dtángais, a bhean innis scéala go beacht dúinn." "Is mé inghean ríogh Thíre fó Thuinn inneosad duit go cruinn mo dháil - ní fhuil treabh ann fán ngréin nár iarras féin, a fhlaith Fáil."
"Brígh do shiubhail i ngach ród a ríoghan óg is maith dealbh, an t-adhbhar fá dtángais i gcéin tabhair a fhios dom féin go dearbh." "Mo choimirce ort, má's tú Fionn" do ráidh linn an macaomh mná; "Ar th'eineach is ar do bhuaidh gaibh mo choimirce go luath tráth." "Glac mo lámh, a Ghuill an áigh is mé 'mo dheoraidhe deagh-mhná, ar do mhéin, ar th'eineach 's ar th'ucht a mhic árd-ríogh Féinne Connacht." Do ráidh mo rí ba mhaith fios "Tabhair fios cé tá ar do thí; gabhaim-se do choimirce, a bhean ar gach fear dá bhfuil i gclí." "Atá im dhiaidh fá fhíoch tar muir laoch is maith goil ar mo lorg, mac ríogh na Sorcha is géar airm is é a ainm Boidhre Borb. "Geasa chuireas 'na chionn go mbeirinn ar Fhionn tar sáil, gan mé bheith aige mar mhnaoi gér mhaith a ghnaoi is a dháil." Do labhair Oscar an rúin mhir fear do choisceadh dinn gach rí: "Nó go bhfuasclaidh Fionn do gheis ní rachair-se leis mar mhnaoi." Do-chímíd chugainn ar stéad laoch is a mhéad ós gach fear ag siubhal na fairrge go tréan san iúl chéadna n-ar ghaibh an bhean. Clogad cruaidhe ar a cheann ar an bhfear nárbh fhann 's nár thréith, agus sciath dhrolach le n'ais le 'gcoisceadh gach fear fán ngréin. Claidheamh toirteamhail nár ghann go teann ar thaobh an fhir mhóir, é ag imirt chleas ós a chionn ag teacht do i gcionn an tslóigh. Dobhí ar ucht an fhir mhóir scaball líomhtha den ór dhearg arn-a cheangal le ceard glan d'airgead, d'ór 's d'fhionndran. Dhá chraoisigh gaisce go mbuaidh 'na seasamh le guala gach scéith; ar neart, ar ghaisce, ar ghail ní fheaca fear mar sin acht é.
Dobhí inneall flatha is rosc ríogh fán bhfear sámh sin fa caomh cruth; maith a shnuadh, fa geal a dhéad fa luaithe a stéad ná'n sruth. Caogad laoch dúinn ar an eas gér mhór ár neart, scéal náir, ar dteacht don laoch i dtír ní raibh laoch dinn gan ghráin. Mar tháinig an stéad i dtír 's an fear nár mhín leis an bhFéinn, ní fheaca ionnamhail an fhir ag teacht go nuige sin i gcéin. Ón tuinn mar tháinig san gcrích d'fhiafruigh an rí ba mhaith clú - "An aithnigheann tú féin é, a bhean an é siúd an fear adeir tú?" "Aithnighim, a mhic Cumhaill ghrinn 's is pudhar linn é don Fhéinn; tairgfidh mise do bhreith leis gidh mór do threis, a Fhinn fhéil." Éirigheas Oscar agus Goll ba dhoirbh a gcoscar i gcath, 'na seasamh i ngar don chuan idir an laoch cruaidh 's a bhean. Tig an laoch sin fa maith tlacht le fíoch is le neart 'nár gcionn is do fhuaduigh uainn an bhean dobhí ar a ghualainn ag Fionn. Tug mac Mórna urchur dian go cródha 'na dhiaidh den tsleigh; níor stad an t-urchar nár thréith dá scéith go ndearnaidh dhá leith. Do chaith Oscar ba mhór fearg an chraoiseach dhearg dá láimh dheis, do mhairbh don fhear mhór a stéad - ba mhór an béad dorinneadh leis. Ar dtuitim dá stéad san leirg iompuigheas le feirg is le fraoch; do fhógair, gér bhorb an taom comhrac ar an gcaogaid laoch. Leathmuich dhíom-sa féin is d'Fhionn caogad laoch nár thím 'na dháil, gér thréan a ngaisce 's a dtroid do gheall a gcosc le n-a láimh. Do cheangail trí naonbhair go mbuaidh san iorghail chruaidh sul do scuir; gér dheacair, ceangal na gcúig gcaol ar gach n-aon aca do chuir. Flann mac Mórna, cruaidh an cás fuair bás acht, gér mhór an t-éacht, ní raibh neach dá dtáinig as díobh gan a dhá thaoibh lán de chréacht.
Do-bheir sé dhá bhéim go mear go dian ar gach fear díobh sin; dobheidís uile san uaigh dá bhfaghadh uainn-ne comhrac fir. Muna mbeadh an caogad laoch garg ag dul i n-arm do go leór dobheimís uile gan chabhair ó neach dá bhfaghadh uainn ceart ná cóir. Dochuaidh Goll an aigne mhir do leadradh an fhir i ngar dhó; gibé chífeadh iad mar sin ba gharbh a ngoil is a ngleo. Bhíodar a gclaidhmhte gan tocht ag snaoidhe corp agus scéith; a chomhmaith de chomhrac ag dís ní fheicfeadh arís lem ré. Torchradh le Goll na n-arm n-áigh mac ríogh na Sorcha, gér chás cruaidh; mairg tír i dtáinig an bhean fár thuit an fear san gcuan. Adhlaicthear linn ag an eas an laoch fa teann treas is gníomh; cuirthear leis fá bhrághaid gach meoir fáinne óir i n-onóir mo ríogh. d'éis tuitime an fhir mhóir ar bhórd an chuain, truagh an chéim, dobhí inghean ríogh Thíre fó Thuinn bliadhain ag Fionn ins an bhFéinn. Leath-bhliadhain do Gholl an áigh an laoch lonn nár thláth i gcath, 'na luighe, fa deigh-fhios linn dá leigheas ag Fionn na bhfleadh. Mac 'athar féin fa dearg dreach níor éar neach, truagh ná tréan, anois ó théarnuigh mo chruth is mithid dom scur dem scéal.
LAOIDH MHÁGHNUIS MHÓIR. A chléirigh chanas na sailm, dar liom féin ní maith do chiall nach éisteann tú tallann scéil ar an bhFéinn nach cualais riamh. Dar mo chubhais, a dheigh-mhic Fhinn, gidh binn leat teacht thar an bhFéinn, rith na salm ar feadh mo bheol gurb é is ceol liom féin. Ó táir ag iomarbháidh na salm le Fiannaibh Gaedheal na n-arm nocht, a chléirigh, is aithreach leam nár scaras do cheann red chorp. Gabhaim do choimirc, a fhir mhóir guth do bheoil is binn liom féin an tallann thógbhais ar Fhionn is maith liom a chlos uait féin. Dar do láimh-se, a chléirigh cháidh dá mbeitheá ar an dtráigh so theas ag Eas Laoghaire na sreabh séimh ar an bhFéinn ba mhór de mheas. Eas Laoghaire an t-eas so thiar eas fá ndearnadh an Fhiann seilg; eas aoibhinn is áille sroth fá mbíodh gártha con ar leirg. Beannacht le hanmain an laoich ba dhorrdha fraoch anns gach greis, árd-rí Laighean, ceann an tslóigh is air do sloinneadh an t-eas. Lá dúinn ag fiadhach ar an leirg ní ráinig seilg i n-ár ngar, go bhfeacamair iomad bárc gus an dtrácht ag teacht tar lear. Cuirid a gcabhlach fá thír i gcladach nár mhín dar linn; dob iomdha sár-phuball sróill dá thógbháil dóibh ós a gcionn. Cuirid a ngasra fán gcoill theannadar ortha a n-airm n-áigh; ualach gualann gach fir móir 's eadh rugadar leo go tráigh.
d'fhaduigheadar a dteannál tréan siúd é 'na scéal nach raibh go tim; a samhail anoir ná aniar ní fheacaidh riamh Fianna Finn. Tigimíd anoir 's aniar cruinnighid an Fhiann as gach áird, seacht gcatha i n-eagar go prap tigid go mac Cumhaill re táisc. d'fhiosruigh mac Cumhaill dá fhéinn an bhfionnfadh cia ceann na mbárc; "nó 'n bhfuil 'fhios agaibh cá slógh do-ní tionól ar an dtráigh?" Is é glór do chan sé linn Fianna Finn, flaith na sluagh; gibé rachadh d'iarraidh scéil go bhfaghadh féin a bhladh 's a bhuadh. Do labhair annsin Conán Maol mac Mórna mór fa claon ciall: "A mhic Cumhaill chródha na gcath cia bheadh ann acht flaith nó triath?" "Dá bhfaghainn-se neach dár bhFéinn fear gabhála scéil an tsluaigh," do ráidh Fionn, flaith na bhfear "go bhfaghadh breath agus buaidh." Labhras Conán leis arís "A dheigh-Fhinn, cia rachadh ann acht Feargus fír-ghlic do mhac ó's é chleacht dul thar do cheann?" "Mallacht ort, a Chonáin Mhaoil" do ráidh Feargus ba chaoin cruth, "rachad-sa ag iarraidh scéil ar grádh don Fhéinn 's ní fád ghuth." Gluaiseas Feargus an mac óg isan ród i gcoinnibh na bhfear, is d'fhiafruigh díobh de ghuth mhór cia na slóigh sin táinig tar lear. "Atá Mághnus orainn 'na thriath mac an Mhiadhaigh na sciath mbreac, 's é rí Lochlann ceann ár slóigh an laoch is mór fraoch is neart." "Créad do ghluais an bhuidhean bhorb le rí Lochlann na long mbreac; an ag iarraidh cumainn na bhFiann táinig an triath tar lear?"
Adubhairt Mághnus go borb árd-rí Lochlann na long mbreac: "Béarfad-sa a bhean ó Fhionn dá aimhdheoin liom, agus Bran. "Do-bhéarfaidh an Fhiann comhrac cruaidh sula leigid uatha Bran agus cuirfidh Fionn cath i ndlús sula dtugaidh uaidh a bhean." "Dar do láimh-se, 'Fhearguis fhéil as an bhFéinn gidh mór do theann, béarfaidh mise liom Bran nó comhrac dian fear dá cheann." "Dar do láimh-se, a Mhághnuis mhóir as do shlógh gidh mór do mhaoidheamh, an líon tháinig leat tar lear ní bhéarfaid leo Bran tar tuinn." D'fhill Feargus, mo bhráthair féin ba shamhail le gréin a chruth; d'aithris do mhac Muirne mhór ar chanadar na slóigh tar muir, "Árd-rí Lochlann súd san tráigh ní gheabhaidh sé fáth gan chreich gan comhrac díbheirgeach dlúth nó do bhean 's do chú fá n-a bhreith." "Ní thiubhraidh mise mo bhean d'fhear go ndeachaidh mé i gcré, is ní thiubhraidh mé Bran d'áis go ndeachaidh an bás im bhéal." Annsin do ráidh Fionn le Goll "Is mór an glonn dúinn bhur dtocht, gan comhrac díbheirgeach teann le rígh Lochlann na n-arm nocht." Annsin do ráidh Oscar go mbrígh "Coiscfead díot rí Ínse Orc, is clann an dá chomhdhalta déag bíodh ar mo cheann féin a gcosc. "Dar mo láimh-se, a mhic Cumhaill gidh chí tú mar táim anocht, rí díonmhar na gcomhlann teann scarfad a cheann re n-a chorp." Adubhairt Mac Lughach an áigh "Rí Fionn-Lochlann, dáil gan gó, coiscfead-sa é sin den Fhéinn cá bhfuil aca éacht is mó?" "Iarla na hIoruaidhe gidh teann" do ráidh Diarmaid Donn gan on, "coiscfead-sa é sin dár bhFéinn nó tuitfead féin ar a shon."
"Aisling do-chonnarc aréir" ar Faolán, "fa leor a ceart, rí thíre na bhfear ngorm gur scaras a cheann le n-a chorp." "Beiridh beannacht; beiridh buadh" ar mac Cumhaill na ngruadh ndearg, "Mághnus mac Miadhaigh na slógh coiscfead é gidh mór a fhearg." Cruinnighimíd annsin an Fhiann foirtil dian na n-arm n-áigh a shleagh ar ghualainn gach fir móir is tiaghaimíd rómhainn go tráigh. An oidhche sin dúinn go lá mar ba ghnáthach linn ag ól, fíon is cruithneacht, cróch is céir 'sé bhíodh ag an bhFéinn fá bhórd. Mar sin gus an dara ló go bhfeacamair slógh le purt meirge rí Lochlann go hárd dá thógbháil ón dtráigh l'ár n-ucht. Iomdha cotún, iomdha triath iomdha sciath is lúireach garbh, iomdha taoiseach is mac ríogh is ní raibh laoch díobh gan arm. Iomdha claidheamh go ndornchlainn óir iomdha sróll dá chur re crann i gcath fuilteach Fhinn na bhfleadh dob iomdha sleagh ós ár gceann. Dob iomdha ann clogad cruaidh dob iomdha ann tuagh is gath i gcath rí Lochlann go fíor dob iomdha rí agus flaith. Nochtar Galgréine re crann bratach Fhinn fa garg i dtreas, lán de chlochaibh Thíre an Óir dar linn féin fa mór a meas. Nochtar annsin Fulaing Tóir bratach Ghuill† mhóir †mhic Mórna; minic fuair an sróll crosach deireadh 's tosach fíor-mhaiseach. Ar gcromadh a chinn san gcath dorinn gach flaith mar do gheall; Fiann Éireann na gcomhlann gcruaidh brisid ar shluagh Ínse Gall. Tárla mac Cumhaill na gcuach is rí Lochlann na ruag n-áigh le chéile ar tosach na sluagh uch, a chléirigh ba chruaidh an dáil.
Dorinneadar imreasán teann a mbuillí ba shamhail le dhá órd; comhrac fuilteach an dá ríogh fa gontach a mbrígh 's a ngleo. Leagtar rí lochlann an áigh i bhfiadhnaise chách ar an raon, 's air sin gidh nárbh onóir ríogh cuireadh ceangal na dtrí gcaol. Ceangaltar rí Lochlann na dtreas le mac Cumhaill na n-arm n-áigh; eisean gidh gur mhór an gníomh do cheangail Fionn é gan spás. Annsin labhras Conán Maol an fear dobhí riamh go holc: "Druid suas ó Mhághnus na lann go scarad a cheann re 'chorp." "Níl páirt agam leat ná gaol a Chonáin gan chéill, gan mhaith; ó thárla mé fá iocht Fhinn céad fearr linn ná bheith fád bhreath." "Ó thárla tú fám mhéin féin ní imeorad béad ar fhlaith; fuaisceolad tusa ón bpéin a lámh shéin ag cur mór-chath. "Do dhá roghain duit arís má's leat dul slán dod thír féin; cumann, caoimhneas agus grádh nó do shlán do bheith fán bhFéinn." "Freitim-se leis sin go bráth an gcéin mhairfeas dáil im chorp, aon bhuille bhualadh id aghaidh aithreach liom a ndearnas ort." "Ní horm-sa dorinnis é ort féin dorinnis an call, a dtugais de shluagh ód thír beag fhillfeas arís díobh ann." An cabhlach sin táinig adtuaidh 'na sluagh lé gcuirtí gach gleo, chugainn, acht gér mhór a dtairm ba lia dá mairbh ná dá mbeo. Dar do láimh-se, a chléirigh dá mbeitheá ar an dtaobh so theas 's an cabhlach úd táinig i gcéin ar an bhFéinn ba mhór do mheas. Ag sin duit-se go grinn scéala Fhinn is Fianna Fáil, is comhrac Mhághnuis na n-arm ngéar noch táinig go tréan 'nár ndáil. Ó táim anois meathta, gan sliocht beag agat brígh mo scéil;
táim anois gan chródh, gan seilg ort ag feitheamh 's ar do chléir. Mé féin is m'athair is Goll triúr fá mó glonn san bhFéinn, gidh táim gan chraoisigh, gan cholg ag éisteacht le dord ag cléir. Ag sin duit-se brígh mo scéil a chléirigh úd na leabhar mbán, dá mbeadh agam ceol na ngadhar uch, a Phádraig, ba bhinn anlá.
COMHRAC MHÁGHNUIS MHIC RÍOGH LOCHLANN. Ris an bhFéinn. Leacht Ghuill do chráidh mo chroidhe, tréan-fhear Éireann iath-ghloine; ionmhain an té fán leacht atá, iomdha laoch ar ar imir forrán. Gér mhaith Tréanmhór agus Fionn, gér mhaith Baoiscne agus Cumhall, do ghabh Iollann a ngéill uile, idir thriath agus ró-dhuine. Naoi naonbhair dochuamair amach de mhaithibh na bhFiann bhfuilteach, fá Fhionn is fá Gharradh ghlan fá Chaoilte is fá Oscar. Do ghabhamair d'áirde na mbeann Fionn, flaith féinne, is Iollann, do ghabháil giall na mara ar na tonnaibh taobh-ghlana. Den taobh thuaidh de Thír na dTrácht dochonncamair mórán bárc ag seoladh san gcuan ngleannach dá mhíle long Lochlannach. Dá mhíle long táinig ann Mághnus mór mac Ríogh Lochlann; trí chéad i ngach carb den chabhlach is níor mheirbh an tréan-teaghlach. Táinig Mághnus mór i dtír re tréan-fhaobhar go hain-mhín; loisceadh leis ó fhraoch go tuinn den taobh dá dtárla d'Éirinn. Comhrac fiche céad ar thráigh iarras Mághnus dá dheas-láimh, agus tairgeas dá láimh chlí go dtroidfeadh ris an Árd-rígh. Tig an scéal go Fiannaibh Fáil Mághnus do theacht ina ndáil, 's nach géabhadh gan comhrac teann d'fhagháil ó Fhiannaibh Éireann. Is í comhairle tug an sluagh d'Fhionn mac Cumhaill arm-ruadh - an tír d'fhágbháil don bhfear sula muirbhfeadh a mhuintear. Do thriallsam d'imtheacht annsin 's do ghabh uamhan ár muintir; tigid i mbárc ag dul tar tuinn an tráth táinig Iollann.
Fiafruigheas Iollann tré fheirg d'Fhionn mac Cumhaill arm-dheirg: "Créad fár smuainis-se gan chleith go bhfúigfeá d'amhas Éire?" "Tá laoch mór iar dteacht anall chugainn a iathaibh Lochlann do ghabháil giall Éireann uile le neart claidheamh is cathuighthe." "C'áit a bhfuil maithe na bhFiann nach déanaidís comhrac dian nach tiubhraidís comhrac teann do Mhághnus mac Ríogh Lochlann? "Cá bhfuil clanna Cumhaill fhéil Oscar nó Oisín na ndearg-éacht, nó Caoilte re gcuirtear cath nó Gobha Gaoithe nó Mac Lughach? "C'áit a bhfuil Mac Lughach na n-each nó Diarmaid Donn deigh-bhreathach? c'áit a bhfuil Dáire mac Smóil nó Cairreall† cruaidh †ua Conbhróin? "Cá bhfuil seacht mic Fheargais Fhinn nó Scáile† beag †ua Neamhain? c'áit a bhfuil an Fhiann uile nach cathuighid re haon duine?" "Dar do láimh-se, a Ghuill ghreadhnaigh iar n-áireamh duit mo theaghlaigh, fearr leo dul i dtalamh ghlas ná dul do throid le Mághnas. "Dar do láimh, a Ghuill ghruama ní thig duine beo uaidhe; sula gclaoidhfear uaill an fhir cuirfidh ár sluagh i dtalmhain. "Dar do láimh, a Ghuill gan ghráin ní lámhann duine dul 'na dháil, treise a luinne is méad a bhuile is truime thréan a bhrathbhuille." "C'áit ar hoileadh Mághnus mór mac an árd-fhlatha gan bhrón, créad nach buailfeadh neach eile buille air i n-am iorghaile?" "Leithne a scéithe is clár a uchta truime is géire a lann gcorcra; gan coimhmeas ris fán ngréin ngrinn acht tusa féin, a Iollainn." Ní rachadh d'uirgheall re giallaibh acht Fionn mór ós na Fiannaibh an feadh mhairfeadh Goll nó Garradh áluinn réim a lúireacha. "Dá mb'áil leat, a Iollainn fhéil dul do chomhrac ris ón bhFéinn
do chuirfinn-se mo bhraighde id theach amach go Cruachain Chonnacht." "Ó nach faghaim-se san bhFéinn fear a fhreastail acht mé féin rachad do throid tar bhur gceann re Mághnus mac Ríogh Lochlann." Tairgeas Fionn d'Iollann mhór comhthrom Mhághnuis de dhearg-ór fán gcomhrac do shíneadh amach go maidin arn-a bhárach. Annsin adubhairt Goll greadhnach ionmhain croidhe mear meadhrach, go mb'fhearr leis comhrac an fhir ná maith ar talmhain truim-ghil. Comhraiceas Iollann ar an dtráigh agus Mághnus lámh ar láimh; do roicheadh néalla neimhe drithleanna teine teintidhe. Re sáthadh na sleagh nimhneach i gcneas na gcuradh gcomhshuimneach do roich siad seamanna na sleagh lasra uaine is deallradh. d'éirigh cioth fola ruaidhe de na sleághaibh slios-uaine; an tan ba dhearg an talamh ghlas tig fíoch Iollainn re Mághnas. Buaileas Iollann béim ar ais ós bile scéithe Mhághnais; treascras an lámh ghníomhach ghlan annsin de gus an talamh. Gabhas an lámh i n-airde ionmhain croidhe go ngairge; baineas an ceann dá bhrághaid bháin is tógbhas é 'na dheas-láimh. Gach comhrac dá dtigeadh go fíor go Teamhair rathmhair na ríogh, Iollann do choisceadh iad uile 's do chosnaimh clú na hAlmhuine. Do thuit le láimh éachtaigh Ghuill triar inghean Chonaráin Choruinn, Iarnach agus Caomhóg chas is Cuileann árd odharghlas. Do thuit Iarnach le láimh Ghuill is Cuileann odhar-ghlas aoibhinn; do thuit, ó's dá luadh, le n-a lann Oillearán mac ríogh Lochlann. Measa liom-sa Oscar amhra do thuitim i mór-chath Ghabhra ná fir an bheatha go beacht 's a mbeith uile fá aon-leacht.
SEILG GHLINNE DIAMHAIR. Lá dhúinn<-ne> i nGleann Diamhair, lucht fiadhaigh críche Bhanbha, Fionn, Caoilte agus Oscar, lucht brostuighthe gach calmacht. Goll mórdha 's mac Aonchearda, dias ba láidir i n-aghaidh náimhde; Cairreall cródha is Conán, laoich nach cuireadh cath ar cáirde. Annsin labhras Conán go faobhrach le clanna Baoiscne breaghdha "Ní leigfear cú san eanach gan clann m'athar i láthair." Annsin labhras ann Caoilte mac Rónáin críonna calma: "Thuillis díombuaidh, a Chonáin is gheabhair ón iomlán masla." Annsin éirigheas Faolán feargach fear sparainne gach cnocáin; a choscadh linn níorbh fhéidir gur bhean béiceach as Chonán. Annsin éirigheas Goll na mbéimeann laoch thar céadaibh an curadh a choscadh linn níorbh fhéidir gur leag céada ar tulaigh. Annsin labhras linn Oscar mac Oisín coscrach calma - "Mara bhféachainn dod aostacht dobhéarfainn díbh-se scathadh." "Urraim ní iarraim uait-se" ol Goll gruama le hOscar, "óir is liom do thuit do shinnsir - dhortas linnte a bhfola." Éirgheas ann Clanna Baoiscne go borb bríoghmhar óirdhearc, agus cuimhnighid a bhfala do Chlannaibh neartmhra Mórna. Olc do glacadh an siosma le Fionn fiosach fíor-chalma, is maoidheas Clanna Mórna ba threoir dóibh ar Almhain. Éirgheas ann Aodh, flaith fialmhar agus Diarmaid ua Duibhne; cuirid an Fhiann ó chéile gidh cruaidh réidhteach na bruighne.
Sular fhágsam Gleann Diamhair lucht fiadhaigh críche Bhanbha, do scaoil maithe na Féinne a gcoin éachta chun sealga. Tig orainn ceo draoidheachta for gach taoibh tar na gleannaibh, ar scaoileadh an dlúimh dorcha ní fheacsam aon dár gconaibh. Cuireas Fionn ordóg fá n'fhiacail fear nárbh iadhta re file, do thaidhbhsigh do le n-a linn gur san nglinn dobhí ár gcoin-ne. Do leig seacht gcatha na Féinne sinn i n-éinfheacht fán nglinn sin, fuair sinn ár gcoin ar iallaibh ag an Diamhair mac Mithir. Fosclam a chathair gan cumhangrach 's mac Mithir súgach ceanglam, nó gurbh éigean do scaoileadh gan ró-scíos dár gconaibh. Diamhair mac Mithir súgach laoch ba chlúmhar san domhan, dothug sinn é go hAlmhain i ngeall ceangla ár gconart. Ar son scaoileadh do mhac Mithir do dheimhin dúinn go dtiubhradh breith a bhéil do mhac Cumhaill ar leigean ar iúl gan diúlta. Fuasclam annsin do Dhiamhair tar éis iacadh na cánach - deich gcéad bó, deich gcéad caora thug an Diamhar san áit sin. Deich gcéad each agus diallaid fá shrianaibh snasta órdha, deich gcéad brat snáitheach síoda deich gcéad sróll íodhain uaine. Deich gcéad de chornaibh cumhdaigh thug dúinn-ne mar an gcéadna, deich gcéad searrach 's a máithre fuair do láthair ó mhac Mithir. Is mise Oisín mac an fhlatha tig d'easbaidh mo dhil-cháirde; dá mbeadh an Fhiann ar marthain badh flaith mise an lá sin.
LAOIDH LAIGHNE MHÓIR NÓ Teacht Laighne Mhóir ar an bhFéinn. Lá dá rabhamair i nDún Baoi, Fiann Éireann, líon ár gcuraidhe, ag coimhéad an chuain, gér dheacair, ó Chairbre† lonn †Lifeachair. Gearr dobhámair mar sin, a mhic Calpruinn, a chléirigh, go dtáinig chugainn Laighne Mór aon-mhac Árd-ríogh na bhFomhór. Trí leithbhliadhna roimhe sin nach deachaidh laoch dinn tar muir le heagla fíoch an fhir mhóir a chléirigh léigheas an chanóin. Ar dteacht do anoir tar muir do chlos anfadh na fairrge ó iomramh lámh an fhir mhóir 's ó bhuillíbh rámha an fhomhóir. A mhic Bhlaidhe, inghean an Deirg beannacht ar do bhéal gan cheilg, agus innis dúinn mar sin a ndearnabhair féin 's an fear sin. Do leag seisean a sheol i bportaibh díleann i ngar dóibh. agus do leig eachraidhe amach ó ainmnighthear an t-ollmhach Dob é fa claidheamh catha do mhac sin an árd-fhlatha - lorg-fhearsad den iarann fhuar trí chéad caor iarainn 'na leath-bhruach. Dobhí coimhéad fán lorg mhór lomlán d'airgead agus d'ór, is de chlochaibh buaidhe eile d'uaislibh Thíre Tairngeire. Ar dteacht do-san i dtír béiceas ar mhodh nár mhín ag iarraidh troda don fhear agus teagmhála don mhileadh. Ní raibh aon laoch ar an bhFéinn againn-ne, truagh ná tréan, nach tiubhradh sé dár n-uaislibh tuitim ar a thuarastal.
Is í comhairle dorinn Fionn le mac Mórna na mbéimionn, dul go pubaill an fhir mhóir i riocht fileadh i gcéadóir. Do ghluais agus Feargus amach Cnú Dhearóil agus Blathnat, go ráinig siad an phuball chóir 'na raibh mac ríogh na bhFomhór. Beannuigheas Fionn don fhear mhór freagras sin go binn dóibh is ní fheacadar thiar ná thoir d'uillphéist eile a shamhoil. Suidheas 'na phubaill annsin d'onóir roimh na filidh; cuireas Feargus dá láimh chlí agus Fionn ar a dheas-taoibh. Beireas chuige fá n-a bhrat Cnú Dhearóil agus Blathnat; seinnid ceol sítheach suain le ngabhdís draoithe deagh-dhuain. Fiafruigheas mac Cumhaill fhéill den óglach uathmhar aidhbhéil "Caidhe hainm bunaidh go beacht nó cia an tír a bhfuil himtheacht." "Mac ríogh na bhFomhor thoir mé, a dhraoi uasail íodhain; Laighne Mór m'ainm bhunaidh ag cur gliadh gach aon churaidh." "Innis, a churaidh chalma" do ráidh Fionn fa mór meanma, "créad an fáth fá dtige anoir go hÉirinn áluinn iascaigh?" "Inneosaidh mé duit-se sin a dheagh-dhraoi áluinn ionmhuin, an chúis fá dtánag óm thigh go hÉirinn áluinn iubhraigh. "Braighde Éireann is a ngialla 's a gcíos chugam gacha bliadhna, nó gan síol duine d'fhágbháil i nÉirinn iathghlais fhód-bháin." "Iomdha óglaoch romhat riamh táinig i nÉirinn d'iarraidh giall; neach díobh níor fhill tar a n-ais ós duit atáim dá athrais." "A dtáinig chugaibh anoir 's aniar 's a raibh i nÉirinn rómpa riamh, ní thiubhrainn áit suidhe d'aon fhear d'eagla comhlainn do dhéanamh." Fiafruigheas an curadh calma de na draoithibh deagh-amhra: "Caidhe an díol is díol libh a chuideachta ághmhar ionmhuin? "Do-gheobhaidh sibh airgead is ór 's gach ní is áil le bhur n-onóir, do-gheobhthaoi uaim gach aisceadh gach ní atá i n-uireasbhaidh."
"Draoithe sinn lán d'eagna" do ráidh Fionn dá fhreagradh; "cádhas uait-se dlighidh sinn ar heineach is é iarraim." Do gheall sé go dtiubhradh sin cádhas don chléir go cubhaidh - "An fhaid bhiad san mbeatha i bhfos is dearbh nach éarfad éigios." "Tabhair-se do bhriathar leis sin" do ráidh mac Cumhaill ó Almhuin "a bheith dílis dearbh led linn is dá ngabhann linn d'Éirinn." Tug sin a bhriathar gan gó nach sirfeadh air re n-a bheo, ná ar dhraoi dá dtiocfadh 'na theach cíos ná cáin ná cabhlach. "Mithid duit imtheacht tar hais dearbh go ndearnais do thuras; liom-sa anois ghabhas Éire is mé Fionn, flaith na Féinne." "Má's tusa Fionn na Féinne" do ráidh Laighne go bhféile; "ní thugas-sa briathar rem ais acht do dhraoithibh gan ainbhfeas." "Draoi mise, a churaidh chalma is fearr fil i n-iath Bhanbha; mo ghliocas níor sháruigh neach dár thaistil an bith braonach." "Ag aighneas ort ní bhiad féin a Fhinn mhic Cumhaill arm-ghéar, ó thugas briathar go ngnaoi déanam síoth, tréigeam eissíoth." Dorinn seisean síoth go cóir Fionn mac Cumhaill mic Tréanmhóir, do féin agus d'Éirinn uile ba mhór an gliocas d'aon duine. Tomhaiseas Fionn gan fhios dó an t-óglaoch gan iomarghó; fahádhbhal le n'aithris duit fad an óglaoich 's a leathad. Seacht gcomhfhaid mhic Cumhaill gan bhréag dobhí i Laighne lán-tréan, 's a dhá chomhfhaid ar a tharsain b'uathmhar an fhaid d'aon phearsain. Tiaghaid Fionn i gceann a shlóigh beireas leis fíon agus feoil, eire gearráin cruinn de lón de mhiodh agus de bhrogóid. Do rad aoidheacht don fhear thréan ní chualas a chomh-mhór ó chléir;
an oidhche sin go beacht le ceol agus le cluicheacht. Téid arn-a mhárach uainne tar na tonnaibh taobh-uaine, ceileabhras don Fhéinn i bhfus ró-bhuidheach iad dá thurus. Do-bheirim duit-se mo mhóid a Phádraig táinig ón Róimh, nach rabhsam ná clanna Cuinn i dteannta ar mheasa ár bhfulaing, Is mé Oisín do bhronnadh ór do ghrádh na bhfileadh 's na n-abhlóir, is truagh anocht mar atáim ó smuaineadh air gach aon lá.
LAOIDH NA CON DUIBHE. Lá dá raibh Fionn, flaith na bhFiann, sular las grian ar gach fíodh, dochonnairc chuige san leirg fear cochaill deirg is con duibhe. Ba dheirge a ghruadh ná an rós dobhí a bheol ar dhath na sugha; ba ghile a chorp ná eala ar tuinn, a dhraoi-fholt slim is é dubh. Bhí coróin ríoghdha ar a cheann 's a chlaidheamh go teann fá n-a chrios; slat airgid 'na láimh chlí is réilthean ríogh ar a thaoibh dheis. Bhí brat fighte go bláthmhar ag folach a churacháin go léir, oibrighthe den ór cheárdáltha de na dathanna ba bhreághtha fán ngréin. Dobhí corn fíona 'na láimh dheis is dob áluinn a chruth 's a scéimh; slabhradh óir fá bhrághaid a chon ag teacht le cogadh fán bhFéinn. Ar dteacht don ghruagach as an gcuraigh roimh mac Cumhaill níor ghaibh col, acht d'fhógair go cruaidh ar an bhFéinn comhrac tréan na ngarbh-chon. "Mo lámh duit, a Chonáin," do ráidh Fionn "nach feaca samhail Bhrain go dtí indiu, an mhéid seo tháinig dem shaoghal go dtáinig 'nár ngaobhar an chú dhubh." "Dar mo bhriathar, 'Fhinn!" do ráidh Conán "is iongnadh liom tú bheith gan chéill,
is gur fearr mo choileán, Ceann Doscuthach ná an chú adeir tú féin." d'éirigh an gruagach beag go luath ar uachtar an churacháin de léim; níor ghaibh scáth ná eagla é gur fhógair comhrac con ar an bhFéinn. Annsin do léigeamair ár gconairt síos ár ngadhair bhinn' dobhí riamh ar bun; an chú dhubh, gidh beag a clí do mhairbh sí orainn naoi gcéad con. Trí caogaid con dob fhearr léim rian, méin, scéimh is cáil, annsúd do chailleamair iad sa túr fá mhór-chumha tríd an gcoileán. "Teachtaire uaim," do ráidh Fionn gan stad "chun Cormac mac Airt mic Cuinn, d'iarraidh coileáin seilge na Teamhrach cúig céad coileán seang guth-bhinn." Dotháinig chugainn gan bhréag dá fhichid déagh-choileán con; Is ba luaithe leo ag gabháil siar ná eilit-fhiadh idir dhá chnoc. Do ghléasamair dá fhichid deagh-chú dob fhearr lúth, léim is rith; sula ndeachaidh grian faoi arn-a bhárach bhíodar ar lár ag an gcoin duibh. "A Chonáin Mhaoil bháin," do ráidh Fionn "léig síos Ceann Doscuthach indiu, mar shúil 's go mbuaidhtí léi an lá is go mbeadh an táir ar an gcoin duibh." "Dar do láimh, 'Fhinn!" do ráidh Conán "ní léigfead-sa síos mo Cheann Doscuthach féin, is dá ndéantá seilg indiu ná a mbárach ní thiubharthá greim ná cnámh don fhear mhaol." d'éirigh Manannán mac Lir amach dobhí seacht mbliadhna i bhfolach san gCéis; "A Chonáin Mhaoil, léig síos Ceann Doscuthach nó mar chú 'seadh rachaidh tú léi." "Dar brígh mo bhriathar!" do ráidh Conán "táim sásta go leor ar an scéal, acht go bhfaghaidh mé cead mo lámh chun mo lann gearrtha chur 'na taobh."
"Déanfad-sa cosa con ded lámha agus ceann con áluinn ded cheann féin; cuirfidh mé tú i bhfuirm con chun a bheith ar aon dol léi. "Cuirfidh mé tú i bhfuirm con chun a bheith ar aon dol léi; cheithre cosa cuirfead fút is mar chú rachaidh tú léi." "Ar a bhfuil d'airgead i dTeamhair is d'ór dhearg ag Rígh Gréag, ní rachainn-se i gcomhrac leis an gcoin fhiadhain n-a bhfuil naoi ngéaráin aici ar gach taobh. "Acht léigfead síos Ceann Doscuthach is má chím mo chú ag fagháil loit, an gruagach úd a tháinig i gcéin dogheobhaidh aithne ar an éag le cioth cloch." Léigeamair síos Ceann Doscuthach is níorbh fhada dhúinn go bhfuair lot; baineadh trí iompódh as an ngruagach caomh an tráth chaith an fear maol cioth cloch. "Tóg Ceann Doscuthach as an ngleo a Chonáin chóir," ar Fionn le gean, "nuair nach fuil againn de choin na hÉireann ach maoidheamh cruaidh géar ar Bhran." Annsin do léigeamair síos an dís con ba mhaith gníomh; gidh go mbadh mhaith comhrac Bhrain is iomdha lot a bhí ar a taoibh. Ar feadh naoi n-oidhche is naoi lá dobhí an comhrac go tréan teann; "Is eagal liom," ar Fionn an fáidh "go bhfuil Bran ar lár go tláth fann." "Crádh chugat féin!" do ráidh Conán "'s a liacht fios atá id mhéir, nach cuirfeá id bhéal í aon nómant amháin le congnamh led choileán féin. "Nó má's doilgheas atá ort tríd tabhair domh-sa í fám ghéaráin; is beidh fios do láimhe agam go fíor feadh mhairfead sa tsaoigheal go bráth."
"A Chonáin Mhaoil bháin!" do ráidh Fionn "dá dtugainn-se í fád ghéaráin, san olc atá anois ort féin níor liom féin go héag mo lámh." Annsin chuir Fionn suas 'órdóg is níorbh fhada go bhfuair fios: nach raibh fagháil marbhtha ar an gcoin duibh go nglaodhfaí a hainm 'na haghaidh "Cor." D'fhaisnéis Fionn go hiomlán a rún do Chonán mar fuair sé; do ghaibh meanma é 'gus lúthgháir is do scairt go hárd an fear maol. "A Bhran bhuadhach uaibhreach," ar Conán "a choileáin uasail nach fuair riamh béim, nach tú bhuaidh ar Phorcán gan Cheann lér ceangladh le meang sinn don chré. "Nach leat do thuit torc na binne is cat nimhe Chruachna na séad, is Lomnachtán Sléibhe Riffe is mórán eile nach áirmhim féin. "Ná cuir suim anois im ghlór ná héist níos mó lem ghearán, acht éirigh go buadhach binn cóir croith agus cor, a choileáin!" Le maoidheamh Chonáin an lá úd dochuaidh an gnó sin ar bun, is le gníomh Bhrain arn-a bhárach do fágadh ar lár an chú dhubh. "A ghruagaigh bhig a tháinig i gcéin," ar Conán Maol, "led ghearr-chú, aithris dúinn anois gan bhréag cá hainm na ríoghachta darb as tú." "Sliomán Ó Siama is é m'ainm ón nGréig Dhearg a tháinig mé; d'fhéachain comhrac bhur gcon lúith 'seadh thugas chugaibh mo chú féin. "Muna mbeadh an fios do bheith ag Fionn is maoidheamh Chonáin go géar ar Bhran, ní raibh riamh aon chú i nÉirinn do chuirfeadh créacht ar Chor. "Beannacht libh feasta, 'Fhianna Fáil is le comhthroid na gcoileán indiu; mithid dom dul dom thír féin ó chuaidh an t-éag ar Chor." "Dar brígh mo bhriathar!" do ráidh Conán "badh mhithid cheana dá léigimís doit, ach i n-éiric ár gcon 's ár gcoileán tabharfad-sa bás duit le cioth cloch."
Ní tháinig stoirm ar shliabh riamh ná cioth cloich-shneachta aniar ar loch, ba thiugha is ba líonmhaire ag teacht ná mar chaith an fear maol cioth cloch. "Mo choimirc oraibh, a Chlanna Baoiscne is a Ghuill† aoibhinn †mhic Mórna, ó táim i bhfad óm mhuintir ná léig don fhear mhaol mé thórrthadh." "Dár brígh mo bhriathar!" do ráidh Goll "níl ní sa domhan is lugha dhéanfadh sé ná an ní is mó d'iarrfaimís air bíodh 'fhios agat anois gan bhréag. "Acht an breitheamhnas do-ghním idir gaiscidhigh is sílim go bhfuil ceart - an dís laoch do dhul chun spairn go teann is an té bhíos ar lár an ceann de 'bhaint." "Dar brígh mo bhriathar," do ráidh Conán "táim ró-shásta ar an scéal, acht go bhfaghad greim bhásta ar an ngruagach a tháinig i gcéin." Cá mbéarfadh ar an ngruagach go dian acht ar ghreim fiadhain 's ar chorrán géill go docht. is chualamair uile Fianna Fáil an tuairt chráidhte bhain sé as a chorp. "A ghruagaigh bhig Dhún an Óir sílim gan gó go bhfuil tú ar lár; sín siar go fada, fuar, fann go dtarraingead ort mo lann ghearr." Annsúd do shín an gruagach siar go fuar, fada, leibideach, fann; níor chuir cor de chois ná láimh gur thóg Conán a ghéar-lann. "Bí id shuidhe, a ghruagaigh bhig," ar Conán "níl mo lámh ghearrtha fós i bhfaobhar; ní fiú liom tú chur chun báis ach triall gan spás dod thír féin." Is é iongantas dobhí ar Fhionn is ar a raibh ann den Fhéinn gan gó - an t-athsmaoineamh dorinn Conán go grod is an gruagach beag d'fhágaint beo. "Dar brigh mo bhriathar!" do ráidh Fionn "is tú is sia saoghal fán ngréin dom dhóigh; dá fhaid shiubhlamair-ne le Conán sin a bhfeaca dá ghrása fós."
"Dar mo mhóid!" do ráidh Conán "ní le grása dorinn mé é; nuair chonnarc chomh tabhartha é don bhás go mbadh ró-náireach liom é chur don éag." Dochuadhamair uile annsin ag ól an iomad slógh don dún, is do sheol an gruagach dá thír féin san bhfuirm chéadna gan aon chú. Gach bliadhain ar feadh aon bhliadhain déag do chuireadh an Gruagach long lán d'ór mar bhronntanas ó an nGréig go Conán Maol chun a shláinte d'ól. "Siúd oraibh, a Fhianna Fáil! ar Conán is ólaimís go folláin deoch; ní fheaca éinne fós is fearr ná an fear gearr ar ar bhuail mé an chloch." Dún an Duibh an dún so thiar flaith na bhFiann ba dhoilbh gnúis, impighim ort, a Phádraig na bhfeart go bhfaghaidh tú mo leacht sa dún. Mise Oisín† truaighe †mac Finn atá 'ghá innsint díbh anocht féibh mar chruthuigh Bran an gníomh - gurab í sin Laoidh na Con.
LAOIDH AIRGHINN MHÓIR MHIC ANGCAIRT NA LONG nó Laoidh an Fhíocha. Lá dá raibh Pádraig i nDún, gan salm ar a úidh ná órd, téid go teach Oisín mhic Finn, an seanóir grinn ba bhinn glór. Beannacht ort, a sheanóir shuairc, is chugat ar cuaird táinig mé, a laoich-mhíleadh is maith dreach, a fhir nár éar neach fán ngréin. Scéala dob áil liom d'fhagháil uait a uí Chumhaill ba chruaidh colg, cia'n teannta is mó a raibh an Fhiann an feadh bhís riamh ar a lorg. Dogheabhaidh tú a fhios sin uaim a chléirigh sin na salm mbinn, an teannta is mó a raibh na fir ó goireadh sinn Fianna Finn. Dearmad fleidhe dorinne Fionn i nAlmhain re linn na laoch ar dhís den Fhéinn ó Dhrom Dearg fár éirigh a bhfearg 's a bhfraoch. Ar Chaoilte mac Cronchair chóir ua Rónáin an ghlóir ghrinn; ar Áinle mac Criomhthain suairc dias do dheargadh go luath a lainn. D'éis a ndearmaid um an ól tug an dias sin is dóigh linn - mac Cronchair is Áinle úr freiteach bliadhna re múr Fhinn. Cuirid go tapaidh ag triall a laoidheang go dian ar linn; téid an dá fhéinnidhe fhial' go rígh Lochlann na srian slim. 'Sé ba rí Lochlann san uair an fear bheireadh buaidh gach áigh - Airgheann mac Angcairt na long rí ba chruaidh lonn agus lámh. Muinteardhas bliadhna ón rígh gheibhid an dís fa dearg dreach - mac Cronchair na sleagh ngéar agus Áinle nár éar neach.
Mar sin don dá fhéinnidhe úr' dís nár chuir cúl le huaill, seal dá n-aimsir ag an rígh 'na n-amhsaibh dobhí san uair. d'aithle na bliadhna gan brón ar theaghlach mhór an ríogh, gan easbaidh aoibhnis nó óil tig milleadh an tsóigh dá mhnaoi. Tug bean ríogh Lochlann na sciath grádh dian nach raibh gan gheis d'Áinle ghreadhnach na n-arm ngéar i gceilg léi go ndearnaidh feis. Gluaisid ó theaghlach an ríogh so an gníomh fár doirteadh fuil, go hAlmhain Laighean na bhFiann gluaisid go dian tar muir. Cruinnigheas rí Lochlann go luath a theaghlach 's a shluagh meardha, ocht rí déag ann, monuar! táinig an uair sin 'n fharradh. Seolaid ar bóchna go hard go crích Éireann na n-arm n-áigh, go hAlmhain Laighean na bhFiann gluaisid go cian ón dtráigh. Suidheas a phuible go luath rí Lochlann 's a shluagh nár thim ar thulchaibh leathana san muigh i ngar don bhruigh a raibh teach Fhinn. Cuireas a theachta go luath go mac Cumhaill na gcuach n-óir d'fhios an dtáinig a bhean go hAlmhain mhín na bhfleadh sóigh. "Do chuirfimís cumha uainn gus an tsluagh táinig i gcéin go rígh Lochlann na gcolg sean mar aon agus a bhean féin." Lochlannaigh, an bhuidhean bhorb le calmacht a gcolg i ngléidh, ní gheabhdís cumha dár chum Dia dá mbeith beo an Fhiann dá n-éis. Ní gheabhadh Airgheann na ruag cíos ón tsluagh ar son a mhná acht Éire ó thuinn go tuinn is sinn do choscairt go cnámh. "Ní fhágfad-sa agaibh teach ná beann ná abhainn ná tulach, acht Éire na gcnocán nglas do thógbháil liom im luingeas." Teachtaireacht ráinig go Fionn scéal do ghoill ar ár sluagh, comhrac aonair d'Fhiannaibh Finn d'fhagháil d'Airgheann ann, monuar!
Freagras Áinle an comhrac cruaidh scéal truaghach ráinig san bhFéinn - baitheas mhic Criomhthain mic Lir do thuit ar an dara béim. Ocht dtaoisigh fichead den bhFéinn agus Áinle féin ar dtús do thuit le láimh Airghinn mhóir sul dochuaidh ár slóigh i ndlús. Dorinneamair comhairle chruaidh a Phádraig dár dual gach ádh, cath do rígh Lochlann is dá shluagh beartuigheadh uainn ár n-ár. Fiafruigheas Fionn, flaith na gcuach de mhaithibh sluaigh Inse Fáil: "Cia choiscfeas Airgheann san treas sul rachas thar ais thar sáil?" Do freagradh súd le Goll an sonn do chosain gach clú; "Leig mise is Airgheann san treas go roinntear eadrainn cleas lúith." "Beannacht do bheith ar do bhéal minic do labhrais scéal maith; cuir leat cath an chlaidhimh chruaidh iomdha neach dochuaidh led chath. "Beir leat ceathrar den bhFéinn le nach eagal céim ar gcúl; bídís sin leat ded láimh dheis de shíol gCumhaill na gcleas lúith - "Mac Lughach agus Oscar oll Diarmaid Donn is Mac an Léith dod dhídean ar bhéim an laoich bídís ar gach taoibh ded scéith. "Beir-se leat caogad fear mór nach furus do chlódh i gcath, dod anacal ar bhuille an ríogh de Chlainn Mhórna na ngníomh ngarg." Adubhairt Iollann gan time "Ní thiubhrad liom aon duine go ndeargad mo shleagh is mo lann i gcneas Airghinn, rí Lochlann." Freagraid a chéile go grod an dias laoch nár bhog báidh, Goll mac Mórna ba mhór fíoch is Airgheann, an rí nár thláith. Ceart-choimhmeas comhraic na dtriath ní fheaca mé riamh, ná a bhfearg; trí lá is trí oidhche gan biadh dobhí an dias san scainnear dhearg.
Mar ghaoith earraigh ar an sliabh dobhí gach tréad ag triall 'nár gceann mar shruth uisce do cluintí a mbéim ag tuitim for scéith na mbeann. d'éirigheadh ós cionn na laoch cioth teine dá n-airm le gaoith, cioth fola de chneasaibh na bhfear dob ádhbhar bróin agus maoith. Dob é a n-iomthús fá dheoidh gidh arbh ádhbhar bróin dá shluagh, Airgheann do thuitim san gcath do láimh Ghuill lé mbeartaí buaidh. Ocht lá dhúinn-ne gan támh ag síor-chur áir ar an slógh, ceann ríogh Lochlann na sciath ndonn do mhaoidh Goll ar an naomhadh ló. Lochlannaigh, an bhuidhean bhorb ba mhaith a gcolg i n-am áigh, ó do marbhadh Airgheann na sciath ba thuirseach a dtriall thar sáil. Áine ní Bhalcáin rí Gréag b'í muime Airghinn is ní bréag, re ham bainte a chinn dá dalta ba dá shamhailt a himtheachta. Oscar is Oisín an áigh Conán is Cairreall cneas-bhán, muna mbeith meas Finn na bhfear do bhainfeadh sí a gcinn den cheathrar. Ba líonmhar féinnidhe agus sonn agus curadh ba throm trost; acht samhail Oscair, mo mhac ní raibh aca thall ná i bhfos. Seacht bhfichid is míle sonn do thuit le Garradh is le Goll ó d'éirigh an ghrian go moch go ndeachaidh sí siar an-mhoch. Seacht bhfichid de chlanna ríogh ba mhór gaisceadh agus gníomh, do thuit súd le hOscar an áigh le Cairreall is le Conán. Dar an mbaisteadh thugais orm a chléirigh chanas na sailm, do thuit liom-sa 's le Fionn na bhfear cóimhlíon ceann ris an gceathrar. Seacht gcatha de bharr an tsluaigh do thuit le hOscar na mbuadh; acht mac Cumhaill 's a shluagh garg mar chaor theine 'na mór-fhearg. Muna ndeachaidh neach le baois do ghluais le gaoith nó le gréin de shluagh Lochlann, dearbh daoibh ní dheachaidh neach dá thír féin. Dá bhfaghadh sé comhthrom na n-arm deagh-mhac Angcairt na long nglas, i nAlmhain leabhair ar thriath ní glaodhfaí, acht an Fhiann as.
Tuilleadh agus leath ár bhFiann do thuit ar an sliabh ó dheas; acht an tráth do luigh an ghrian ní mó ná ár dtrian dochuaidh as. Dobhádhas féin isan ruaig a Phádraig dár dhual gach crábh, acht gidh tángamair-ne as ní dhearnamair ár leas an lá.
GARRADH GLÚNDUBH AGUS NA MNÁ. A mhná áille Féinne Finn, imridh-se féin bhur bhfithchill; sibh-se sósair an ríogh ghlic, mise im sheanóir aimh-nirt. Bruth aoise do mhearuigh me, im chomh-aois do bhur n-aithre; is aithe gach dealg isso, ní comh-dhír ár gcomh-chluicheo. Cumhan liom lá ag Loch an Eoin - ní maith seanóir gan sean-sceol - dá dtáinig ár n-ár uile tré iomarbháidh aon-chluiche. Dobhí Guaire, giolla Fhinn ag fáith-imirt ar fithchill agus Fionn Bán mac Breasail dá dtárla dóibh imreasain. Fa fearr d'imearthachFionn Bán ná Guaire ó Ghlais Bearráin; rug Fionn Bán ceithre cluiche ní rug Guaire aon-chluiche. Fásas fearg mhór i nGuaire re mac Breasail brat-uaine; do ráidh olc dáiríribh ris tré n-a bheirt ndírigh ndílis. Mar do hiomcháineadh Fionn Bán tógas go luath a leath-lámh gur bhean do bhéal Ghuaire dhil dorn ó mhac bhuadhach Breasail. Éirghid suas an Fhiann amhra fhial oscardha fhíor-chalma; saoth leo giolla na flatha do bhualadh um dhroch-fhatha. Éirghid suas fianna Fhinn Bháin is fiann Fhinn† mhóir †mhic Dubháin fiann Chaoilte, fiann Chonáin chain fiann Oscair is Fridomhain.
Éirghid a los Guaire ghlain fiann Fhinn féin, fiann Mhaoil Eanaigh; fiann Duibh Dromann a Ros Guill fiann Ghuill agus fiann Iorghuill. Éirghid uile an Fhiann amhra arm-ghéar áluinn oscardha, tug truaill gan claidheamh, is cluin lúith a ndéagh-fhear le harmaibh. Is annsin adubhairt Fionn féin "Éirigh dá fhios, a mhic mhór-thréin, créad dá bhfuil fearg na Féinne créad dá bhfuil a gcoimh-éirghe." "Guaire do ghiolla-sa féin" ar Camán† blasta an †Bhláith-shléibh', "ní suaill an t-ádhbhar dá bhfuil a mharbhadh do mhac Breasuil." "Gabhthar mac Breasail," ol Fionn "ná gabhthar comhtha dá chionn; nár ba comairce dho dhe Diarmaid, Oisín ná Caoilte." "Dar do láimh, a Fhinn go nglóir dar huaisle is dar honóir, ní muirbhfidhear mac Breasail ó thárla i n-imreasain." "A athair, oiris go mín a mhic Cumhaill," ar Oisín, "breith dhíreach is dú do fhlaith nocha briathar baoghal-bhraith. "Gidh sinn-ne dobhiadh gan chosc díot-sa dlighthear ár dteagosc; tabhair fád dhéid fis do mhéar ná beir luath-bhreith ar leathscéal." "Gabhthar Faolchú mac Máil Chruim giolla mhic Breasail bharr-dhuinn; mar do marbhadh Guaire glan marbhthar leat-sa féin Faolcha." Tiaghmaoid i n-aghaidh Fhinn Bháin ó mhac Cumhaill eineach-náir, go rugsam mac Breasail lenn go teagh Fhinn, rí Fiann nÉirenn. Do fhiafruigh Fionn d'Fhionn eile caithmhileadh árd Almhaine: "Créad do rala dhuit-se dhe ó do mharbhais ann Guaire?" "Guaire do ghiolla-sa, a Fhinn bachlach dobhí fád fhithchill; táinig trí maidne muiche dom ghreannadh um aon-chluiche. "Bheireas ceithre cluiche air-san ar Ghuaire," ol binn-Bhreasal, "rom-loisc an uair ba lonn leis tré uaill agus tré aitheis.
"Do rad orm aithis teann i bhfiadhnaise Fiann nÉireann - níorbh im ghiolla, níorbh im laoch tan ba hairc níorbh im óglaoch. "Gabhaim-se suas an lámh dheis is ní tardas ann éisleis, go dtugas dorn tar a bhéal ní innisim acht fíor-scéal." "Beannacht ar an láimh tug dhó" ar Óisín, "ní hiomarghó dod ghiolla, a Fhinn na bhfleadh ní gan fátha do buaileadh. "Muna maithe an dorn da íocfaidhear riot, a ró-fhlaith, rod-fia uinge óir gach fir an líon táimíd d'Fhiannaibh. "Dóigh dá mbadh maith leat-sa sin a n-olc do chosc ar ghiollaibh, Guaire, Camán is Saltrann seang ag imdheargadh Fiann nÉireann. "Guaire d'imdheargadh Finn Bháin Glas d'imdheargadh do Chamán, mó gach scéal Saltrann Solamh do rádh uilc re Feardomhan. "Fionn mac Breasail ó Ráith Orc mar tug dorn dod ghiolla-so, tabhair, a fhlaith na gcorn chain dorn do ghiolla mhic Breasail." "Mo bheannacht, éirigh dod thoigh" do ráidh Fionn re mac Breasoil; "luach a ndubhairt Guaire féin dlighidh searbh-bhriathar sár-bhéim." "Iarraim-se fós d'aisce ort a fhlaith na bhFiann bhfaobhar-nocht, nár badh béas ó so go bráth giolla de mheas re hóglách." Tugsam luighe ó bhéal go béal Fiann Éireann uile d'aon-scéal, nach lámhfadh bheith i bhféinn Fhinn giolla nach dtiubhradh urraim. Mise is giolla dhaoibh-se anocht urraim uaim daoibh, a bhantrocht; tugas mo bhriathar deagh-luighe nach trodfainn re hinghean-raidh. Gidh cian dobheimís maille a bhantracht Fhinn Almhaine, an gcéin bhus cumhan liom an lá ní imrim libh-se, a mhná.
TÓITEÁN TIGHE FINN nó Laoidh na Truaighe. Truagh liom sin, a láithreach lis mar a ndearnadh an aincis; atáid sonn bhur scéala, meabhair linn bhur ndroich-scéala. Méala liom tú bheith mar sin, a láithreach bhuadhach bhárr-ghluin, Clanna Mórna gan bhrígh fó leacht tug comhlann an láithreach. Do ráidh Ailbhe, cuimhin linn "Guais an áit i bhfaghthar sinn; dá dtigeadh aon neach tar lear ní bhfaghadh bean dínn ag a fear." Do ráidh siad na mná go fíor le hinghin dath-ghil an ríogh: "Ó nach fuil comhgair dár gcomhair féacham congnamh ar sheanóir. "Leigeam gáir chatha gan cheilg san mbruidhin dath-ghil sróll-deirg, go bhféacham cá posta is fearr dár bhfostadh is dár gcongbháil. "Garradh mac Mórna, an laoch lonn dá gcluineadh gáir éagcomhlonn dothiocfadh gan cheilt fán ngáir 's do-dhéantaí leis ár lúthgháir. "Ceanglam a fhionnadh 's a fholt do thaoibh na bruidhne go docht go nach tiubhradh ár r'ár linn ó thárla 'na shuan-toirchim." Do cheangladar na mná go fíor mac Mórna, fa mór an gníomh; do leig siad gáir chatha gan chóir dóibh sin dob ádhbhar dobróin.
Preabas Garradh leis an ngáir fágbhas a fholt 's a fheoil go cnámh, dochuaidh fá na mnáibh amach níorbh fháth sin dá mbeadh díomsach. Adubhairt-sean dá gcur san dún "Dob é bhur leas gan iompughadh; bhur ngáir mhagaidh díbh ba nár beidh sibh ar maidin 'nbhur dteannál." "A sheanóir chrín, bí id thost leig dúinn-ne tú do theagosc; do-dhéan-sa mioth-uaill air sin crioth-fhuar mná d'éis a foilce." "Gidh táim-se im sheanóir thréith is fada ó ghlacas mo scéith; díoghlad oraibh bhur scigeadh lasfad ceann an aithinne." Éirigheas Garradh thall is tigh gabhas 'na láimh tuaigh conaidh; do bhain san gcoil gan tséana naoi ngabhla fuinnsean tréana. d'fhaduigh teine san tigh mhór ó theinteán go soiche a mheadhon; do chuir mór-dhóghadh is an teach níorbh é an seanóir trócaireach. Iadhas seacht ndóirse tighe Fhinn do chuir seacht nglais ar gach ursain; do-ghnídh teine dá marbhadh dá dtáinig a mór-dheacra. "Leig mise amach ar son m'athar" ar inghean Chuinn Chéad-chathaigh, "orm féin nó ar bhuidheachas Fhinn a Gharraidh uasail an fhuilt fhinn." "Ní leigfead amach tú ar t'athair a inghean Chuinn Chéad-chathaigh, ort féin ná ar bhuidheachas Fhinn tusa amach ní leigfinn." "Leig-se bean Chonáin an áigh is bean Chaoilte amach 'na deáidh, agus bean mhic an Reithe má áil leat cumann cleithe." "Tar, a bhean mhic Reithe, ibhfos cumann cleithe noch ndearnois; ó nach fuil mac Réithe ibhfos ní fhuilim féin dá chumos." "Gaibh coibhche, a Gharraidh go nglóir" ar deagh-inghean uí Chuinn chóir, "lán duirn dár bhfuilt sa dún do leigean leat gan iompughadh."
Do gheall Garradh coibhche chóir do na mná, gion gur chómhaill dóibh, go bhfeaca dual ó gach mnaoi 'na ghlaic chuanna den chéid-ní. Dochonnairc Garradh nár thim a raibh istigh de chlannaibh ríogh; i ndiaidh na dála gan ghus d'iaidh go dána an dorus. "Nára beo Garradh do bráth ó táthaoi istigh go teann, má leigim duine isteach ná duine amach dá bhfuil ann." Gluaiseas Garradh fán nglinn mar bhí an tigh ag tuitim; do chodail go meadhon laoi ghlain i nGleann Cuach fán Mumhain. "Iongnadh an ní tárfas dom" do ráidh an féinnidhe gan on: "gáir chon is ban is daoine dá loscadh is ag éagcaoineadh." "Créad an ceo so chugainn aniar?" do ráidh Fionn, flaith na bhFiann, "is ceo éag-choscair dá chur nó tighthe dá ngéar-loscadh." Tugaimíd léim iongantach árd fágbham ár seilg i ngach áird, ní raibh slán dár dtighthibh thoir acht bun gach cleithe i dtalmhoin. Do chuir gach fear crann a shleighe fán mbantracht san mór-theine; ní fhuaireadar dá mnáibh gráidh acht oirdne beaga toiteáin. An bás sin fuair Mac Lughach níor bhás cneasta do churadh: a dhul d'éag de chumha a mhná Lugha† géar †mac Lucharmáin. Ní raibh Fionn na Féinne 'na bheathaidh gidh bhí dá héise; neart mná seolta fá n-a chéile ní raibh san bhflaith féinne. Do loisceadh san mbruidhin tsiar an bhean is fearr bhí ag Fionn riamh; fa solas a gruadh 's a dearc Ailbhe† áluinn †inghean Chormaic. Do loisceadh ann dá each Fhinn is a charbad árd aoibhinn; ba mhór easbaidh an tighe do mhac Cumhaill Almhaine. Do loisceadh céad sciath dualach agus céad cotún cath-bhuadhach, dá chéad lúireach is céad lann dá chéad scabal is cathbharr.
Do loisceadh céad each mín-ghlan d'eachaibh Fhinn, an t-árd-fhlaith, go n-a muincibh gloinidhe go n-a srianaibh órdhaithe. Do loisceadh trí chéad coileán con fa mór an easbaidh iad son, le Garradh i mbruidhin Fhinn de chonaibh áille mhic Cumhaill. Do loisceadh trí chéad ciste mór do choimhéadadh airgead 's ór; do loisceadh, is ní bréag a rádh trí chéad corn agus cupán. Do-bheirim briathar do Dhia fám chlaidheamh is fám sciath, gur éag de chumha a mban deich céad mar Mhac Lughach láimh-gheal. Do loisceadh ann cruit Dháire do chuireadh suan ar tháinte; an tan do seinntí gan gheis Fianna Éireann do chodladh leis. Do loisceadh trí chéad seanóir seang de rígh-mhathaibh Fiann nÉireann, de chlannaibh taoiseach maille de chlannaibh meara bríoghmhara. Do loisceadh trí chéad cailleach san mbruidhin áluinn árd-bhladhach, is altrom mac ríogh fá leith ar mhac Cumhaill Almhaine. Do loisceadh trí chéad inghean mhaol ba sholasda ucht agus taobh; ba áluinn an bhantracht bhan dá loscadh is dá niomh-ghon. Naoi dtrátha dhúinn iar sin ag lorgaireacht Gharraidh; fuaireamair Garradh an gharbh-ghnímh annsan gcarraig ós an gCraoibh. Mar dochonncadar i gcian Garradh, Fionn agus an Fhiann, dís fa calma ar gach cosán ann go dtugsad achmhusán. "Scíth uainn 's faitchíos ort, a fhir a Gharraidh ghairbh ghnúis-ghil; do loiscis ár mná maordha duit-se is ádhbhar aithmhéala. "Tiaghadh uainn gus an uamhaidh drong ró-mhór dár sluaghaibh; gabhaidh an féitheach fionnach tabhraidh amach an sein-sionnach." "Ó's tú féin atá dom sheilg a Fhinn mhic Cumhaill arm-dheirg, tar san uamhaidh dom fhionnadh is gabh go cruaidh an sein-sionnach."
Do ráidh Fionn flaith Féinne Fáil "Tabhraidh Garradh libh ar láimh, deinidh a luighe is a leacht mar ar loisceadh an bhantracht." Deichneabhar ar fhichid, céad ochtar agus sé fir déag do thuit le Garradh san uamhaidh is mór an t-ár aon uaire. Tré 'fhaid dobhí Garradh gan biadh tug urchar uaidh dá sciaith, tug lámh fá n-a bhruinne bhán is táinig amach in' aonarán. Mian cluiche ná gáire 's gan toil aon ní dá áille, ní raibh ar Gharradh gharbh go bhfeacaidh an bhantracht lán-mharbh. Leigeas gáire ós a gcionn ba lán-chlos d'Fhiannaibh Éirionn: "Aoibhinn liom bhur mbeith mar san a bhantracht," do ráidh Garradh. "Ionnus nach gnáthóchaidh sibh go buan fonómhaid fá sheanóir lán-truagh, bhur marbh amuich is maith liom féin" do ráidh Garradh nár mhaith méinn. "Iarraim d'athchuinghe ort, 'Fhinn" do ráidh Garradh ó Liathdruim, "gan mé do mharbhadh anos go héirghe gréine imbároch." "Is leat an athchuinghe sin uaim" do ráidh mac Cumhaill arm-ruadh, "gan do mhilleadh ar an maigh go héirghe gréine imbárach." Garradh an oidhche sin gan biadh dá choimhéad dobhí an Fhiann; ag éirghe don ghréin go moch d'éaluigh Garradh fán éadoch. D'éaluigh Garradh ón bhFéinn 's níorbh fhios do neach díobh a raon; gan 'fhios dóibh ar talmhain truim cár ghaibh Garradh ó Liathdruim. Tar sliabh Tulchan go fíor go ráinig go Tuath Inbhir; ó Thuaith Inbhir Garradh na nglonn uchón! is damhna déar-throm - Go Maigh an Róid tar gach raon go Dún Macha na mór-naomh, go Carnán Éile inghine Eachach gluaiseas Garradh géar-reathach. Go Maigh an Bhaill Bheo 'na réim lámh dheas le Dún an Fhir Léith, tárla i nGleann Beacáin binn láimh le ceann Locha Liathdruim.
Iar sin go hárd ós muir do Gharradh gharbh mhala-dhubh. téid san uamhaidh sin de léim codlas an Garradh garbh-léith. Níor mhothuigh Garradh an Fhiann go dtángadar anoir 's aniar, go leigid san uamhaidh gáir a chodladh níor chodladh sámh. Comhraiceas Garradh agus Aodh gur baineadh, fa damhna déar, an ceann san uaimh dá athair fa gníomh uathmhar anaithnid. An lámh sin do mhairbh Garradh do líon d'fhuacht 's de ghnáth-ghalar; fuil Gharraidh dochuaidh fán láimh ba chóir gach galar dá gabháil. Táinig Aodh amach 'na réim ní fhuair duine ann den Fhéinn; báthas é féin is an tuinn Aodh mac Garraidh ó Liathdruim. Adhlacthar Garradh agus Aodh ar slios an chuain taobh re taobh; tré smaoineadh ortha gach uair is tinn mo chroidhe 's is ró-thruagh. Ag sin duit, a Phádraig, scéal is mé Oisín go n-iomad n-éacht; is ionann 's nimh dom bheith dá luadh is tinn mo chroidhe fá amhluadh.
Oisín mac Finn d'AODH MAC GARRAIDH GLÚNDUBH. Ceard ghaisce do fhóghnadh d'Aodh gidh tá a leacht le taobh an chuain; dursan nach táinig sé slán lámh do chuireadh ár na sluagh. Cosmhail fuaim a bhuille i gcath le fuaim a luinge do loch; ionmhain lámh do scoilteadh sciath gidh tá i gcarcair chriadh is chloch. Aodh mac Garraidh, maith an mál níor chaith a fhala ar ól; ba leor a ghaisce i ngliadh nochar áirde sliabh re slógh. Aodh ón nGlais-linn grádh na mban lámh chaomh ó n-a caislinn chor, cúl slat-cham ar ar shill bean glún ghlan ag altrom cinn con. Inghean fhionn ag reabhradh ris dá mheadhradh ó chionn go cois; bean ag reic iorna chúil chais le súil nglais mhic ríoghna Rois. Glacach d'óghaibh go nAodha bhfionn dá bhfoghail re taobh na dtonn; ionmhain seang-mhéar gan sugh ann ag crú na gcrann gceann-réidh gcorr. Mac Garraidh sciath-ghlan gan sceinm i ndeabhaidh do bhiathadh baidhbh; claidheamh leathan i n-a láimh loinn mar threathan do thuinn a thairm. Aodh mac Garraidh an ghlúin ghlain ar a chúl níor thaithigh troigh; tug cath gan cháirde don mhuir is cath gur mhuigh an fhairrge air.
Aodh na Cruachna, croidhe bog bile luachra nachar lag, snuadh a chéibhe ar lí na leag gár bheag di a féire 's a fad. An tAodh† sin †mac Garraidh garg ní thug ós ard urchur gearr; nochan fhacaidh mé den Fhéinn fear seacht mbliadhan ndéag ba fearr. Aodh fa séaghainn ar seilg fear go ndeilbh ndéadla ndeirg ó dochuaidh a ghal 's a ghníomh dá aithle fa críon gach ceard.
LAOIDH AN TSEISIR. Seisear dochuamair le mac Cumhaill ar sleasaibh Almhan an fheoir mhín; é féin ós a gcionn ní cheilim, Fionn an seiseadh dearbhtha draoi. Dobhí Oisín deigh-bhreathach ann is Diarmaid Donn, laoch nárbh fhann; réim idir a gcinn 's a gcosa Conán féin is Oscar ann. "Sloinnidh dúinn, a ghasra dheagh-laoch" do ráidh Fionn a fuair gach fios, "is cuiridh ar iúl dúinn mar sin cá ceol is binne libh san mbith." "'Sé an ceol is ceol domh-sa" do ráidh Fionn, flaith an tslóigh, "an ghaoth ag buain lem bhrataigh réim tréan-laoch fá shacaibh óir." "'Sé an ceol is ceol domh-sa" do ráidh Oisín i n-a dheoidh, "aos dána 's a nduais i dtaiscidh sámh lem chluais a gcluinstean ceoil." "'Sé an ceol is ceol domh-sa" do ráidh Mac Lughach na n-arm sean, "léim ar gcliabh mo chon dá chlaoidhe le fiadh dá chur as doire damh." Adubhairt Conán gurabh í an imirt ceoil ba bhinne dá gcualaidh féin: luas láimhe ar feadh bruidhne an fear maol gan chuimhne ar chéill. Neart a chuilg i dtír námhad dá ndeacha i gcath ní choigeoladh sé; leadairt a gcinn is a gcosa ceol ba bhinne le hOscar fhéil. "'Sé an ceol is ceol domh-sa" do ráidh Diarmaid na ndearc mall gidh go dtugadar ró-ghrádh domh-sa comhrádh ban is annsa leam."
LAOIDH AN OCHTAIR. Is cumhain liom imtheacht ochtair is é bheir tocht ar mo mheanmain; cuid dá n-eachtra ní cheilim ó nach fuilim go calma. Oscar is Caoilte cruthach, Mac Lughach, laoch go moltar, Fionn féin is Diarmaid déid-gheal cúigear léidmheach dár n-ochtar. Mé féin, Roighne is Cairreall b'iad an fhuireann gan locht sin, cinneadh linn as chrích Bhanbha ag sin anmna an ochtair. Imtheacht orainn, scéal dearbhtha inn go calma fán sotal; d'fhágamair dún mic Cumhaill cumhain liom imtheacht ochtair. Do gabhadh linn dún Ríogh Alban gér chalma an gníomh ochtair; gabhadh linn a gcumha 's a ngéille cumhain liom imtheacht ochtair. Do gabhadh linn dún Ríogh Sacsan gerbh iomdha glas is eochair; do gabhadh an rí le mac Cumhaill is cumhain liom imtheacht ochtair. Do gabhadh linn dún Ríogh na Spáinne a dtáinte 's a sochmhainne do ghabhamair a gcumha 's a ngéille is cumhain liom imtheacht ochtair. Do gabhadh linn dún Ríogh Fraince ó's ann dobhí gach dochar; do gabhadh an rí le mac Cumhaill is cumhain liom imtheacht ochtair. Thugamair cath na hEadáile de bhrígh teagmhála 'na portaibh, ar ár dtriall chun na hIndia a Dhia! ba sinn-ne an t-ochtar. Thugamair cath na Breatan b'eaglach é is ba docair; thógamair géill an domhain cumhain liom imtheacht ochtair. Do thuit Crom na Carraige ar an bhfairrge le hOscar - gníomh curaidh ba mhac domh-sa cumhain liom imtheacht ochtair.
Níl ó Éirinn go Sliabh Alp gidh garbh sin mar aistear, ó thigh Mághnuis go Fánaid nach raibh fá cháin ag an ochtar. Mhairbh Goll Mághnus ar an tráigh is cumhain liom imtheacht an ochtair; mhairbh sé an Dearg Mór i dTeamhair is cumhain liom imtheacht an ochtair. Do mhairbh Diarmaid críoch na mbuadh is cumhain liom imtheacht an ochtair; do mhairbh Oscar lámh na mbuadh is cumhain liom imtheacht an ochtair. Do mhairbh sé féin a dhearbhráthair is cumhain liom imtheacht an ochtair, an dís i n-iorghail Ríogh Lochlann is cumhain liom imtheacht an ochtair. Do thuit leis an bhean mhór is cumhain liom imtheacht an ochtair, ar thráigh Bhinn Éadair na slógh is cumhain liom imtheacht an ochtair. Do thuit leis Tailc mac Treoin is cumhain liom imtheacht an ochtair; do thuit le Goll an Boidhre Borb is cumhain liom imtheacht an ochtair. Is le Goll do thuit Airgheann na n-arm is cumhain liom imtheacht an ochtair; do thuit Adhluinn na mbéimeann mór le láimh Oscair thréin, mo mhac-sa. Do thuit Aillean na n-arm nglic le hOscar glic an uair do mhair sé, i gcrích Lochlann na sciath n-óir is cumhain liom imtheacht ochtair. Le linn Chormaic mhic Airt do thuit Cairbre le hOscar, i gcath Gabhra na mbéimeann is cumhain liom imtheacht ochtair. Do chuireamair cath ar Rígh Gréige is cumhain liom imtheacht ochtair; ní raibh ríoghacht ar an domhan mhór nach raibh fá cháin ag an ochtar. Is mé Oisín mac na flatha tús catha riamh níor locas; ó nach maireann Clanna Baoiscne biad ag caoineadh an ochtair.
FIADHACH AN OCHTAIR. Cuimhin liom lá leithleana, ort ní cheilim, a chléirigh, Caoilte fial is Mac Lughach, dias nár chumhang le héigsibh. Fionn féinne, mac Muirinne, mac uí Dhuibhne is Oscar; Cairreall is Goll mac Mórna fa buidhean cródha an t-ochtar. Ocht gcoin agus ocht ngadhair ocht sleagha is ocht lanna; ocht mbruit go n-imlibh órdha ní raibh mórán 'nár bhfarradh. Suidhimíd ar thaobh an ghleanna an t-ochtar d'fhearaibh móra, léigimíd ár ngadhair ghasta fá choilltibh cneasta na Fodhla. Dúistear linn damh-laoigh donna eilte cróna is fiadh-thuirc; bruic is míolta Muighe Tuagháin fa maith ár gconách fiadhaigh. Do thuit mór-thuirc, do thuit fearba do thuit eilte is míolta do thuit céad de gach aicme linn-ne d'aithle an tsíolraidh. A Phádraig an oinigh ghortaigh gidh thárla mé i ndochar, an gcualais a comhmaith de shealg is mó ná a ndearnaidh an t-ochtar. Do-bheirim a dheimhin duit-se a Oisín do-bheir na garma, nach cuala is nach feacas fiadhach riamh a mhacsamhail. A Phádraig na gclog toll-bháin gidh táim lom-lán de chaoidhe is nach iongnadh me bheith i ndochar tar éis an ochtair is cuimhin.