Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Laoithe na Féinne

Title
Laoithe na Féinne
Compiler/Editor
An Seabhac
Composition Date
1772
Publisher
(B.Á.C.: Clólucht an Talbóidigh Teor, 1941)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AGALLAMH OISÍN AGUS PHÁDRAIG.



'Oisín, is fada do shuan,
éirigh suas is éist an salm;
d'imthigh do lúth is do neart
gidh chuirtheá cath i ngleo gharbh.



D'imthigh mo lúth is mo rath
ó nach maireann cath ag Fionn;
i gcléircibh ní fhuil mo spéis,
ceol dá n-éis ní binn liom.



Ní chualais a chomhmaith de cheol
ó thús an domhain mhóir gus indiu;
Atá tú ársa aimhghlic liath
gidh go gcuirtheá gliadh ar chnoc.



Do chuirinn-se gliadh ar chnoc
a Phádraig, is docht do rún;
is mairg duit do cháin mo chruth
is nach fuair mé guth ar dtús.



Dochuala ceol dob fhearr ná bhur gceol
gidh mór mholas tú an chliar,
scaltarnach luin Leitreach Laoi
's an fhuaim do-níodh an Dórd Fiann.



Smólach ró-bhinn Ghleanna an Scáil
nó morgháir na mbarc le tráigh;
ba bhinne liom trost na gcon
ná do scol-sa, a chléirigh cháidh.



Cnú Dhearóil, cnú mo chuirp
an t-abhac beag dobhí ag Fionn,
nuair do sheinneadh cuir is puirt
dobhíodh san gcruit go binn súbhach.



Bláthnuit an inghean óg
nach tug móid le fear fán ngréin,
acht Cnú Dhearóil agus í
uch, a rí! ba bhinn a béal.



Dhá ghadhar déag dobhí ag Fionn
nuair do leigeadh iad fá Ghlionn Rath,
ba bhinne ná ádhbha ciúil
is a n-aghaidh ón tSiúir amach.



Nuair do shuidheadh Fionn ar chnoc
's do sheinneadh gan locht an Dórd Fiann,
do cuireadh 'na gcodladh an sluagh
le monabhar ba bhinne ná an chliar.


L. 2


Atá scéal beag agam ar Fhionn
ní rabhamair ann acht cúig fir déag,
do ghabhamair rí Sacsan na bhfleadh
is chuireamair cath ar rígh Gréag.



Do gabhadh linn Mághnus mór
mac Ríogh Lochlann na slógh teann,
i bhFlóndras thángamair isteach
's do ghabhamair neart ós a gceann.



Do ghabhamair an Leath ar fad
ba mhór ár neart is ár dtréin,
críoch Lochlann 's an India Mhór
thigeadh a n-ór gus an bhFéinn.



Thug sé naoi gcatha san Spáinn
is naoi bhfichid cath i nÉirinn uill;
níl ón sruth 'nar baisteadh Críost
nach tigeadh a gcíos go teach Fhinn.



Thug sé ocht gcatha san Spáinn theas
is Árd-rí Sacsan ar láimh ris;
is beacht dobhí an domhan fá n-a chíos
is é ba rí ar an nGréig Bhig.



Ní raibh coimhmeas leis ó Chríost
ní fheaca rí ós a chionn gidh mór;
mairg dom a mhaireann dá éis
is gan mo spéis i gcluiche ná i gceol.



Ní hiongnadh mé gan ghreann, gan chroidhe
nuair smaoinim ar na fir bhí garbh;
ar easbaidh catha, bídh is dighe
trí neithe riamh do chleachtainn.



Im dhamh chríon d'aithle na sluagh
uch! is truagh mé bheith beo;
gidh gur mhór mo thréan-neart seal
anois is lag mé, uch uch ón!



Is minic dobhíos fá ghreann aoibhinn
gan ceann síos ag neach dár bheo;
ba lúthmhar m'imirt ar chleasaibh lúith
gidh táim anois ag seargadh 's ag feodhadh.



Is truagh, a Phádraig, an scéal
mé tar éis na bhfear go fann
ag éisteacht le cliar na gclog
is mé im sheanóir bhocht dall.



Dá maireadh Fionn is an Fhiann
do thréigfinn-se cliar na gcros,
do leanfainn an fiadh fán ngleann
is badh mhian liom breith an a chois.



Iarr-sa, a Phádraig, neamh ar Dhia
d'Fhionn na bhFiann agus dá chlainn,
is déin guidhe ar an bhflaith
nach cuala a chomhmaith lem linn.



Ní iarrfad-sa neamh d'Fhionn
a fhir ghrinn lér éirigh m'fhearg,
is gurbh é a mhian le n-a linn
bheith i nglinn le siansán sealg.


L. 3


Dá mbeitheá-sa fairis an bhFiann
a Phádraig na gcliar is na gclog,
ní thiubharthá aire do Dhia
is bheith ag riar cliar is scol.



Ní thréigfinn-se Mac Dé Bhí
ar a dtáinig thoir is thiar;
a Oisín an chreidimh bhig
is olc rachas duit díoghal na gcliar.



Is beag mo thuairim duit ná dod chléir
a Phádraig naomhtha na mbachall,
is measa liom Fionn glac-ghléigeal
rí na Féinne ar mo theastaint.



Is dubhach liom gan a choin ag léimrigh
's a ghadhair go léir 'na n-aice;
dá mbeidís sin 's a laochradh
níor bhaoghal liom-sa aithis.



Sin an bhaois le n-ar thréigis
agus Fianna Éireann flaitheas,
do chreideamh riamh níor ghéillis
acht do neart géag is do chathaibh.



Dá maireadh Fionn 'na shláinte
's an Fhiann ró-áluinn gharbh
badh mhó leo a gcoin 'na sáin-rith
ná cead áitribh na bhflaitheas.



Is fann atá an Fhiann 's is daor
gan cead laochais i dtigh na bpian,
de bhrígh nach tugadar riamh géilleadh
don Athair Naomhtha i n-aon rian.



Dob ionmhain le Fionn na bhflaith
siansán a chon i bhfad ar sliabh
coin allta ag fágáil a gcuan
mór-dháil na sluagh dob é a mhian.



Dob ionmhain le Fionn béim sciath
coscairt laoch agus fiadhach cnuic
is binn-ghlór a ghadhar ar saothar
ná réir cléire, cill, ná cluig.



Is iomdha mian dobhí ag Fionn
nach cuirtear i suim dá éis;
ní mhaireann Fionn ná a choin
is ní mhairfidh tusa, a Oisín fhéil.



Is mó de scéal Fionn ná sinn
's ná a dtáinig le n-ár linn riamh;
a ndeachaidh díobh 's a bhfuil beo
dob fhearr Fionn fá ór ná iad.



Gach ar bhronnais-se is Fionn d'ór
is olc rachas dó agus duit;
tá sé i nIfreann i ngeall
mar do-níodh feall agus broid.



Is beag chreidim-se ded ghlór
a fhir ón Róimh na leabhar mbán,
go mbeadh Fionn, an flaith fial
ag deamhan ná ag Dia ar láimh.


L. 4


A Phádraig na mbachall bhfiar
is olc do theist ar Dhia, dom dhóigh,
go gcuirfeadh go teach na bpian
an té bhronnadh biadh ar gach slógh.



Fionn, flaith féinne na slógh
an té do bhronnadh ór ar dháimh,
ar chomhairle duine ná Dia
ní rachadh go tigh na bpian dá chrádh.



Tá Fionn i nIfreann ar láimh
an flaith sámh do bhronnadh ór,
i n-éiric easurama ar Dhia
tá sé i dtigh na bpian fá bhrón.



Dá mbeidís Clanna Mórna istigh
nó Clanna Baoiscne, na fir ba thréan,
dothabharfaidís Fionn amach
nó dobheadh an teach aca féin.



Cúig cúigí Éireann fá seach
's na seacht gcatha dobhí san bhFéinn,
ní thiubhraidís Fionn amach
gér mhór a neart is a dtréin.



Dá maireadh Faolán agus Goll
Diarmaid Donn is Oscar áigh,
i dtigh dár chum deamhan ná Dia
ní bheadh Fionn na bhFiann ar láimh.



Dá maireadh Faolán agus Goll
is a raibh ann den Fhéinn riamh
ní thiubhraidís Fionn amach
as an dteach 'na bhfuil i bpian.



Dá mbeidís siúd agus Fionn, an rí
go teann mar dobhíodar sealad
níor cumadh ifreann ná flaitheas riamh
do chongbhóchadh iad fá ghlasaibh.



Tá Fionn i nglasaibh go daor
i bpiantaibh daora na ndiabhal,
gidh dóigh leat-sa gur mór a thréin
is nárbh fhéidir é bheith fá iadh.



Ní chreidfinn go mb'fhéidir le Dia
dá mhéid a thréin is a neart
ná le diabhal dá dtáinig riamh
Fionn na bhFiann do chur fá ghlas.



Ní thug Fionn, an flaith láidir
a chíos le háireamh riamh do Dhia
ná do neach ar bith dá dtáinig
roimhe, ná atá anois 'na dhiaidh.



Is iomdha cath do chosnaimh Fionn
ba láidre é ná Dia na bhFlaitheas,
níor ghéill do dá láidre rí
ó tháinig Críost ná raimhe.



Créad dorinn Fionn ar Dhia
acht bheith ag riar cliar is scol,
greas mór ag bronnadh an óir
is greas eile le meadhair a chon?



I ngeall le meadhair na gcon
is le riar na scol gach lá,
is gan aire aige ar Dhia
atá Fionn na bhFiann ar láimh.


L. 5


Adeir tusa, a Phádraig na rann
nach tiubhradh an Fhiann Fionn amach
ná cúig cúige Éireann leo
gér mhór a neart fá seach.



Dob éigean do géilleadh do Dhia
mar is éigean don domhan uile;
tá sé i nIfreann na bpian
ag díol go dian as a choirthe.



A Phádraig is truagh an scéal
an rí-fhéinnidhe do bheith fá ghlasaibh;
croidhe gan aingidheacht gan fuath
croidhe cruaidh ag cosnamh catha.



Dá liacht cath do chosnaimh Fionn
ní dhearnaidh toil Dé ar áird;
tá san 'na choir ós a chionn
i bpiantaibh dá shíor-chrádh.



Is éagcóir nár mhaith le Dia
ór is biadh do thabhairt do neach;
níor dhiúltuigh Fionn tréan ná truagh
Ifreann fuar má's é a theach.



Dá mhéid riamh a chuid óir 's a thigh
is cruaidh a chuibhreach i dtigh na bpian,
gan lonnradh solais ná amharc soillse
mar is amhail do thuill ó Dhia.



Ba mhian le Fionn amharc soillse
'na chúirt ghrinn, deoch is biadh,
má tá san i nIfreann ghnaoi-dhubh
ní ró a shuim i ndiabhlaidheacht pian.



Mian mhic Cumhaill fa maith gnaoi
éisteacht le faoidhe Droma Deirg,
codladh fá shruth Easa Ruaidh
is fiadh Gaillmhe na gcuan do sheilg.



Scolaidheacht luin Leitreach Laoi
Tonn Rúdhraighe ag buain le trácht,
dordán an daimh ó Mháigh Mhaoin
búithreach an laoigh ó Ghleann Dá Mhál.



Foghar seilge Sléibhe gCrot
fuaim na n-os um Shliabh gCua;
mongháir faoileann Iorruis thall
gáir na mbadhbh ós cionn an tsluaigh.


L. 6


Túrnamh creat na mbarc le tuinn
an-uaill chonairt do Dhruim Lis,
briathra branáin Chnuic an Scáil
is gáir na dtrí sreabh um Shliabh Mis,



Glaodh Oscair ag dul do sheilg
gotha gadhar ar leirg na bhFiann,
bheith 'na shuidhe ameasc na ndámh
dob é sin de ghnáth a mhian.



Mian de mhianaibh Oscair fhéil
bheith ag éisteacht le béim sciath,
bheith i gcath ag coscairt cnámh
dob é sin de ghnáth a mhian.



Sé fir déag dochuamair siar
do sheilg ar Fhormaoil na bhFiann,
láimh le héadan Chnuic an Scáil
d'fhéachain céad-reatha ár gcoileán.



Anmanna an dá ochtar grinn
do-bhéaradh duit, a Thailginn;
bheith dá n-éis is truagh an chúis
monuar is méala a n-iomthúis.



Mé féin is an flaith Fionn
is mo mhac Oscar na mbéimionn,
is an té do bhain ua Baoiscne a bruid
an fear, ua Duibhne, Diarmaid.



Tháinig linn Faolán feardha
agus triúr mac Aonchearda,
Glas, Gearr is Gobha nár ghann
do chleacht mór-éacht i gcomhlann.



Tháinig linn Conán gan mhoing
is Caol céad-ghoineach ua Neamhoin,
Mac Lughach nár bhanda 's nár thim
is Goll mac Mórna don fhuirinn.



Dobhí 'nár mbuidhin Liagán Luaimneach
maraon is Dáire Duanach,
Gobha Gaoithe mac Conchubhair an áigh
is Caoilte mac Cronchair mic Rónáin.



Dobhí Bran ar choin-éill ag Fionn
is agam-sa bhí Sceolann,
Fearonn ag Diarmaid na mBan
is Adhnuaill ághmhar ag Oscar.



Cléibhreach ag Faolán mac Finn
ag Glas mac Aonchearda Eitill,
ag Gearr is ag Gobha na n-each nglan
dobhí Fead agus Fostadh.



Dobhí Searc ag Conán Maol
is Éisteacht ag Caol le n-a thaobh,
ag Lugha láidir is ag Goll
dobhí Fuaim agus Fothrom.



Dobhí Luas ag Liagán Luaimneach
is Dathchaoin ag Dáire Duanach,
Léim ag Gobha Gaoithe gan ghráin
is Daol ag Caoilte mac Rónáin.


L. 7


Scaoiltear dúinn gadhair mhic Mórna
fá imeallaibh cnuic 'na dtáintibh.
fá chiumhsaibh corpordha Coráin
is béal na Leamhán le fánaidh.



As súd soir go Binn Bóthair
linn ba cheolmhar a ngártha;
fir Dháire i gcoill go guthbhinn
is iad ag osnaighil ar tháintibh.



Seacht bhfichid damh allaidh láidir
ó Rinn Ráthach go Fochaoin,
caogad faolchon, triochad mór-thorc
gníomh ár n-óg-chon i bhFormaoil.



Sin an chéad lá ar scaoileadh
dár saoithibh con chun cluiche;
ní mhaireann dá raibh i láthair
uch, a Phádraig, ach mise.



A Phádraig, is truagh mise
im sheanóir fá atuirse,
gan réim, gan tapadh, gan treoir
ag triall chun Aifrinn go haltóir.



Gan árd-fhiadhach Luachra Deadhaidh
gan míolta muighe Sléibhe gCalainn,
gan dul i ngliadhaibh le Fionn
gan riar scol mar chleachtainn.



Gan deabhadh, gan déanamh creach
gan imirt ar chleasaibh lúith,
gan dul ar suirghe ná ar seilg
dá cheird i n-a raibh mo thnúth.



Gan áireamh laoch, gan iomchur sleagh
ó chailleas Oscar agus Fionn;
d'fhág sin mé, a Phádraig, gan ghreann
im chrann críon ag meath fá phudhar.



Scuir, a sheanóir, leig dod bhaois
ní beag duit a ndubhrais;
smaoin ar na piantaibh atá romhat
d'imthigh an Fhiann agus imtheo'ir.



Má's imtheacht dom nár fhágtar tusa
a fhir an chrábhaidh toirmiscthe;
dá maireadh Conán im dháil
ní leigfeadh leat do chiarsán.



Is mó smaoinim ar chúirt Fhinn
mar a mbíodh fleadha milse is ól,
ná ar chorthaibh is ar pheacaíbh
dá mhéid díobh atá tharm nó romham.



Níl i n-ionad chúirt Fhinn
a Oisín ghníomh-uilc, acht neanntóg
is é féin is a throm-shlóighte
i nIfreann ar chóisir gan fóir.


L. 8


Ní ghéillim duit, a Phádraig
dá mhéid do chrábhadh is do chreideamh,
's is mór mo thuairim, is ní bréag
gur leis an ndiabhal do sheilbh.



Monuar (an t)Oscar áigh
do cailleadh le sleagh Chairbre,
dá maireadh le bheith im dháil
ní bhfaghthá-sa cead labhartha.



Creid, a Oisín, uaim féin
go bhfuil Oscar i nglasaibh,
gan cead labhartha ná suain
acht pianta is guais 'á ghreadadh.



Greadadh Ifrinn an chraois dhuibh
ort féin is ar do chléire,
ná bí dá luadh feasta liom
go bhfuil Oscar i ndaor-bhruid.



Diabhail is Ifreann má tá ann
's an Fhiann má's ann mar aon leo,
ní thiocfadh leo buadh do bhreith
ar neart Oscair ná Finn i ngleo.



Is dubhach liom gan bheith 'na bhfochair
cibé i nIfreann nó i bhFlaitheas dóibh,
nó iad-san i bhfochair do chléire-se
a Phádraig na caol-chod's an dobróin.



Dá mb'é an lá dobhí Fionn
i gcathaibh Aille an Áir go ceart,
tháinig an Cholann gan Cheann
chugainn go Gleann Dá Dhamh.



"Is chugat a thána óm theach féin
is breághtha dath, scéimh is gnaoi
ag iarraidh aisce ar an bhFéinn
is féidir leo féin a dhíol."



"Do-gheobhair airgead, ór is bruit
bíodh sin agat ar do chuaird,
imthigh anois," do ráidh Fionn
"is mithid liom tú dhul uainn."



"Ní gheobhad airgead chugam, ná ór
a rí-fhéinnidhe an ghlóir dhil,
acht tú féin, gan cheilt ar an bhFéinn
do bheith agam mar chéile fir."



"Is briathar domh-sa," do ráidh an rí
"dá mbeinn-se gan mnaoi lem ré,
nach beinn agat-sa mar fhear
ar a bhfuil ó neamh go féar."



"Ó thugais do bhriathar ar dtús
a Oisín, i gclos don Fhéinn,
cuirim-se tusa fám gheis
muna ndeinir feis liom féin."



An uair do smaoineas ar mo luighe
thugas an tsuim sin i gcéill,
do ghabhas léi ós árd
mar dob í mo sháth de mhnaoi.


L. 9


Ar theacht don Fhéinn chun baile
'na dtriúir, 'na gceathrair 'na gcúigir,
ag féachaint drádh na mná dhóibh
níor chuma leo cér thúisce.



Ar theacht don Cholainn gan Cheann
dobhí súd san ngleann dár dteacht,
is iomdha draoi dobhí fá chlú
deich gcéad cú agus deich gcéad each,



Deich gcéad each go n-a srian
deich gcéad cú go n-a gcoin-iall,
deich gcéad giolla 'na raibh neart
deich gcéad fear don imtheacht,



Deich gcéad corn n-a mbíodh ól
deich gcéad claidheamh cóir is sciath,
dá mbadh maoidhte dhom deich gcéad bó
thugas dom chéile i n-aon ló (iad).



"Do-bhéar fáinne d'Oisín fhial,"
ar sí, "is mithid dom triall dom thigh;
dogheobhaidh tú gach aisce uaidh
acht gan uisce do bhuain ris."



Tháinig fáinleog fán bhFéinn
is rug an fáinne fán loch;
d'imthigh an fáinne ó shin anuas
gan a thuairisc gus anocht.



Éan ruadh na sciathán riabhach
is éan beag eile thuas 'na bhéal,
ag gabháil magcuaird ós ár gcionn
ag seinnim na bhfonn san aer.



Dobhíos-sa agus Fionn féin
ag féachain na n-éan le seal.
gan tuairisc cá ndeachaidh an t-éan
ná fios scéil cá ndeachaidh an bhean.



Is beag sin de, a mhic Fhinn
ní raibh agat innti acht seal;
fearr fanamhain mar ataoi
ná dul ar an bhFéinn arís ar ais.



Dob fhearr liom dul ar an bhFéinn arís
a Phádraig, dá mbeidís beo,
ná dul go Flaitheas Chríost
is bheith fá chíos aige go deo.



A sheanóir atá ar baois
ní dhíolfá cíos ar bith go deo;
dá mbeitheá i bhFlaitheas Chríost
ní fheicfeá choidhche cath ná gleo.


L. 10


Dob fhearr liom bheith i gcúirt Fhinn
ag éisteacht guth gadhar gach maidean
's ag smaoineamh ar chathaibh cruadha
ná bheith i gcúirt Chríost go dearbh.



Dob fhearr duit lón den ghlóire
is a fhagháil aon ló ó Dhia
ná a bhfuairis d'ionnmhus an domhain
(ó Fhionn 's) ón bhFéinn uile riamh.



Dob fhusa dhom biadh is deoch
d'fhagháil gan locht i gcúirt Fhinn
ná id dhún-sa 's i ndún Dia
a Phádraig nach fial fán roinn.



Gráin ort, a sheanóir léith
nach tuigeann gurab é Rí Neimhe
a thugadh biadh d'Fhionn féin
agus d'Fhiannaibh Éireann uile.



A Phádraig, ní ghéillim dod bhriathraibh
gurbh é Dia do bheathuigh Fionn
acht iomad creach de bharr tonn
is neart a ghéag is a lúth.



Is é Dia do chum gach creach
is gach fairrge dá thréine tonn;
dá bhrígh sin, a Oisín ait
is aige atá neart an domhain.



Ní thug Fionn, an flaith láidir
a chíos le háireamh riamh do Dhia
ná do neach eile dá dtáinig
ná atá anois 'na dhiaidh.



Is iongnadh liom-sa, a Phádraig
diabhal dá láidre i dtigh na bpian
go mb'fhéidir leis le neart a lámh
buadhadh go bráth ar Fhionn na bhFiann.



Anois atá Fionn na mbán-ghlac
ar aon láthair ag díol le Dia;
gidh gur mhór a neart san ármhaigh
is fann atá i nglasaibh pian.



Tá buadh ag an diabhal ar Fhionn
a Oisín, gér thréan a thóir,
's an Fhiann uile acht tusa amháin
'na chomhdháil fá dhobrón.



Mo dhoiligh is mo dhobrón féin
nach dom féin i bhfochair Fhinn,
ní chuirfinn i suim go bráth
aon diabhal dá ghráinne gnaoi.



Is fearra dhuit dar liom féin
bheith i bhfochair na cléire mar táir
ná i gcomhdháil Fhinn 's na bhFiann
atá i nIfreann gan rian le fagháil.


L. 11


Dar do leabhar go n-a bhrígh
dar do bhachaill is dar th'íomháigh,
dob fhearr liom-sa sin féin
ná ameasc cléire an tsíor-gholáin.



Is briathar baoise do ráidh tú
a sheanóir atá liath fann.
gan bheith 'na bhfochair acht prap súile
dob fhada túirseach leat beith ann.



Is sia liom aon lá amháin
i gcomhluadar cléire na gclog
ná bheith i nIfreann na bpian
an fhaid a bhéas Dia ar neamh.



Is truagh liom do thoisc, 's is brón
a Oisín, is tú crannda críon,
do chos ar bhruach na huaighe
is nach faghaim uait filleadh ar Chríost.



Dob fhearr liom filleadh ar an bhFéinn
a Phádraig, gidh críon mo chruth,
ná filleadh ort-sa is ar Chríost
is bheith fé árd-chíos agaibh.



Má tá mo chos ar bhruach na huaighe
's an bás ag gluaiseacht im chomhair,
muna bhfaghad cabhair ón bhFéinn
is beag mo spéis i Neamh na n-órd.



Má táid mo ruisc gan radharc
agus mo bhaill gan lúth gan bhrígh,
filleadh ort-sa ná ar do chléir
ní mian liom é, ná ar Chríost.



Má táim gan lúth gan neart
gan iomchur sleagh i dtús sluagh,
ní hionmhain liom tú ná do chléir
admhuighim féin, dar Duach.



Má táim gan comhluadar na bhFiann
's nach greann le Dia mo thoisc,
ní fhuil spéis agam ná grádh
is ná cuireadh sé i gcás mo choir.



Má táim ameasc na gcliar
im sheanóir liath go fann,
dob fhearr bheith i nIfreann na bpian
ná bheith fé dhian-smacht ann.



A Oisín nach binn ráidhte
dobhís-se borb láidir seal,
is doiligh liom, ós gearr uait
tú bheith ag cur suas do Neamh.



Cuirim suas díot-sa is ded chléir
agus cuirim go léir druim le Neamh,
in do leabhar ní fhuil mo spéis
ná id bhachaill gidh naomhtha leat.


L. 12


Ní fhuil spéis agam id ghlór
is ní binn liom seord do chlog,
ní greann liom do shalm saor
gidh dóigh leat féin a bheith gan locht.



Ní greann liom an tAifreann caomh
ná do channtlamh is léir truaighe,
ní greann liom ní san mbith
dá mbaineann libh, a Phádraig nua.



Ná habair sin, a sheanóir thruaighe
má's cur suas duit don chléir
ná meastar leat go bhfaghair go bráth
dul go háitreabh Neamh na Naomh.



Cuirim druim leat-sa, a Phádraig
is go lá an bhráth leis an gcléir,
agus fós le Neamh na n-órd
is le na slóighte uile naomh.



Is docht an éiric ort-sa sin
druim do chur le Neamh 's le Dia;
is truagh sin, na Flaithis chaomh'
do reic go saor ar theach na bpian.



Tuig, a thruagháin is saobh ciall
gur imthigh dorian is do lúth;
triall don úir is gearr uait
is ní bhéarfair buadh air siúd.



Tá do chiabh liath gan bhrígh
tá do ghnaoi go seirgthe truagh,
tá do bhéal ba chorcra scáil
is na bhfriotal nguth-árd, go fuar.



Táid do ruisc gan amharc slighe
ar mire bhíodh i gcathaibh cruadha;
tá do lámha na mbéimeann mbuadhach
gan imirt gan chruadhas gan lúth.



A mhic Calpruinn an ghlóir shéimh
is mairg bheir taobh le cléir na gclog,
dobhíos-sa is Caoilte, mo luadh
is dobhíomair uair is níor bhocht.



A Oisín, is binn do ghlór
beannacht fós le hanmain Fhinn
is aithris dúinn cá mhéid fiadh
thuit ar Shliabh na mBan bhFeimhin.



Do scaoileamair aon mhíle cú
dob fhearr lúth is dobí garg;
do thuit le gach coin dá fhiadh
sul do cuireadh iall le harg,


L. 13


Do scaoileamair amach cú bheag eile
ba leor treise is cruinne;
do thuit léi sin dá fhiadh
is oiread le coin na bhFiann uile.



Mar seo do cothromuigheadh iad
idir iall-choin is giolla mar ba ghnáth,
gach iall-chú i n-a ceart féin
is maithe na Féinne ar gach árd.



Dhá choin déag i Sliabh Luachra
dhá choin mhóra i mBearnán Scalla
dhá choin i n-iarthar an Romhair
is dá choin ar Abhainn Bhanna.



Dhá choin i mBuirinn na gcloch
dhá choin ar loch Inse Chuinn,
dhá choin i bhFormaoil na bhFiann
is dhá choin ar Shliabh na mBan bhFeimhin.



Seacht bhfichid cairrfhiadh ar chnoc
seacht bhfichid broc leathan teann;
Seacht bhfichid míol-muighe mear
do marbhadh le Bran i n-aon ghleann.



Cosa buidhe dobhí ag Bran
dhá thaobh uaine agus tárr geal,
drom donn ar dhath na n-ae
is dhá chluais chruinne chomh-dhearga.



Ceol le gcodlad Fionn go doich
lachainn ó Loch na dTrí gCaol,
scaltarnach luin Doire an Chairn
búithreach daimh ó Ghleann na gCaor.



Dhá lachainn ó Loch Éirne
dhá dhobharchoin ó Loch Meilghe,
dhá ghirrfhiadh ón muine thall
is dhá sheabhac Sléibhe Conaill.



Fead an fhiolair ó Ghleann na mBuadh
nó ó scairt chruaidh Druim le Sruth,
cearca fraoigh ó Chruachain Chuinn
nó fead dobhráin ó Dhruim Dá Chon.



Scaltarnach luin Doire an Chairn
ní chuala riamh dar go deimhin
ceol ba bhinne liom ná é
acht go mbéinn fá bhun a neide.



Is mairg dom do ghlac baiste riamh
is olc an onóir dar liom,
ar ghann-bhiadh is gan deoch
ag déanamh troscaidh is úrnuighthe.



Ní holc, a sheanóir, dar liom
gheobhair naoi bhfichid bairighin den arán
go n-a n-annlan fíona is feola
's is olc a n-abair tú, a sheanóir.


L. 14


An béal so as a labhraim leat
nár labhraidh sé le sagart,
go mb'fhearr liom bruscar tighe Fhinn
ná mo chuid d'bhur gcomhroinn.



Dob é sin cnósach na bport
agus fiadhach na ngarbh-chnoc,
Ifreann fuar fá dheireadh
ar scáth bhur ndroch-chreidimh.



A Phádraig, dá mhéid do chreideamh
ní dóigh liom anois ná riamh
go raibh agat proinn ar bith
ná fleadhchas mar fhleadh na bhFiann.



Gach ar chaith an Fhiann go húr
le neart lúith is le creach fonn,
is doilbh anois a ndún-árus
gan proinn, dá gcrádhadh ameasc deamhan.



Ba thruagh sin is ba dhíombhádh
A Phádraig, dá mbadh scéal fíor,
is a bhfuil i Neamh na n-órd
nach tiocfadh leo féile Fhinn.



Ba mhó féile Dé ar phrap na súl
- is olc do rún agus do ghlór -
ná féile Fhinn is na bhFiann
ó geineadh iad go himtheacht dóibh.



Ní cosmhail leat-sa ná led chliar
gurabh fhear fial é Dia;
is gann gortach bhur bproinn
gan feoil gan fíon gan iasc.


L. 15


Is leor libh-se mar gháir ghrinn
seordán is fuaim clog,
sléachtain agus canntlamh bróin
gach aoibhinn-nóin is maidin doich.



A Oisín, is truagh an chéim
nach tugann tú géill do Dhia
is bheith dá mholadh de ghnáth
amhail atáim-se is an chliar.



Níorbh iongnadh liom-sa a luadh
go molfá go suairc an Fhiann,
is Fionn do bhronnadh an t-arán
is gach aisce níos fearr ná iad.



Gach ar bronnadh leat is le Fionn
is leis an bhFéinn uile mar sibh,
is gearr rachadh ar thabharthas Dé
uair de lae innisim duit.



Dob fhiadhain mé, a Phádraig na gcliar
gur chaith Fionn 's an Fhiann 'na dháil
aon fhleadh amháin, i dTeamhair, ba mhó
ná a dtug 's a dtiubhraidh Dia go bráth.



Ná habair sin, a sheanóir thruaighe
ná bí ag luadh na bhFiann de ghnáth;
a ndeachaidh 's a bhfuil fós beo
b'fhearr i n-aon ló Dia na ngrás,



Dob iongnadh liom dá mb'fhíor do ghlór
a Phádraig nua na mbachall mbán,
go mbeitheá is do chliar ag golán
ag iarraidh an aráin ar fhear dá cháil.



Innis dom, a Phádraig, gan goimh
má's gaol duit an fear sin Dia,
créad fáth n-a mbír is do chléire
i n-ármhach daor ar an mbiadh.



Innis dom fós gan imreasán
créad an fáth n-ar gnáth leo
bheith ag bualadh a n-ucht gach uair
is ag sléachtain go truagh gach nóin.



Innsim duit den chéad fheacht
nach uireasbhaidh bídh ná dighe
fá deara dhúinn bheith dá ármhach
acht do shíor-sheachaint peacadh an chraois.



Is obann do chreidfinn do bhriathra
a sciath na gcliar ón Róimh áigh.
acht gur gann do roinnir liom féin
is nach iarrfainn craos gach lá.


L. 16


Ní do sheachnadh peacadh an chraois
ná le heagla Ríogh na naomh
dogheobhainn le ganntan aráin
acht nach tigeann liom a fhagháil ón gcléir.



Innis dom arís fós gan gó
an é fáth bhur n-uall ós árd
a fhaid atá Dia ós bhur gcionn
nó an áil leis canntlamh is glámh.



Don dara feacht innsim duit
gurab é fáth sléachtain na gcliar -
ag déanamh aithrighe agus crádhnais
d'eagla crádh-ghoin na bpian.



Is iongnadh liom tré mhéid bhur ngrádha
don fhear sin ráidhtear libh Críost
go maoidhfeadh go deo oraibh
méid bhur gcoda is bhur ndighe.



Slán le Fionn na bhFiann mór
dob fhairsing slógh agus roinn,
ní hionann is an fear san Dia
is fós ní iarradh aithrighe ná díol.



Is minic do roinn Fionn
iomad fíona is feola ar an bhFéinn,
is níorbh fhiadhain mé aon tráth
gur iarr sléachtain ná gol géar.



Mo chumha-sa anocht an Fhiann
d'fhág mé im iarsma fá bhrón
ag feitheamh le harán ón gcléir
is le mac Dé dá thabhairt dóibh.



Mo chumha-sa anocht go bráth
Fionn mar atá i bhfad ón roinn,
d'fhág mé gan deoch gan arán
fá shúil Phádraig agus Chríost.



Mo chumha-sa is ní fán bpeacadh
acht bheith gan imirt, gan fiadhach, gan ceol,
fá smacht na cléire agus Dé
acht nach minic dom géilleadh dhóibh.



Bhus aithreach leat féin sin fós
gan géilleadh dhóibh le ceart riaghail,
an tan is duit fá dhian-chrádh pian
i bhfochair na bhFiann fá leath-riar.



Is mór leat-sa, a Oisín truaighe
do phian mar luadhair ameasc na gcliar
is ní fhuil ann acht flaitheas sámh
seoch an áit n-a bhfuil do thriall.



Má's mó mo leath-riar annsúd
a Phádraig nach úr fán mbiadh,
ná ameasc do chléire-se i bhfos
mo thruagh sin is docht an phian!


L. 17


Ná luaidh liom feacht ar bith
a Phádraig, de ghoin na bhFiann,
ní ghéillim gur fíor do ghlór
's ní chreidim fós do bhrígh do Dhia.



A Oisín, ó nach creidir mé
le briathra Dé go fíor id chluais,
is beacht bhus cuimhin leat thall
i bpiantaibh go fann gach uair.



Pian ar muin péine ar m'anam
a Phádraig, ní chanaim acht fíor
go mbadh rogha liom-sa sin féin
ná bheith i dtréadhnas mar bhím.



Dá mb'fhios duit, a Oisín ghrínn
tuirse is gníomh uagha na bpian.
badh rogha leat le saoghal na saoghal
fasc na cléire ná amharc mar iad.



A hucht Dé, gidh nach fial
innis má's fiadhain ortha thú,
fíoghair ar phianta Ifrinn
má's scéal sin thiocfadh leat dúinn.



Ní thiocfadh liom go lá an Luain
a Oisín, is truagh an toisc linn,
pianta léir-ghonta is díothchúis
Ifrinn úd do chur i gcrích.



Gidheadh innsim duit go fíor
pianta an tsaoighil i bhfus go léir
gur gonta prap na súl annsúd
ná a bhfulang dúinn le saoghal na saoghal.



Is mór mo dhóchas féin go fíor
má's ann atá triath na bhFiann,
nach fuilid na pianta róghonta
is na diabhail go bhfuil fá smacht dian.



Is saobh na briathra ráidhtear leat
a Oisín, is measta gur baois,
a dtiocfaidh 's a dtáinig acht Dia
ní bhfaghaidís iad fá smacht ná cuing.



Is fiadhain mé go dtug an Fhiann
ar an gcnoc so thiar cath ba mhó
ná a dtugadh ó thúis an domhain
i nIfreann ná i bhFlaitheas fós.


L. 18


Níorbh é sin ba bheatha dhúinn féin
acht ár líonadh d'fhíon is d'fheoil,
tosach cirt is comhthrom fleadha
deocha mílse is cách dá n-ól.
Is crádh liom Diarmaid is Goll
agus Feargus ba bhinn glór,
nuair nach leigthear dúinn a luadh
a Phádraig nua ón Róimh.



Badh chead linn tú dá luadh
acht go dtiubharthá aire do Dhia ar dtús;
ó's anois is deireadh dot aois
scuir det bhaois, a fhir gan lúth.



A Phádraig, innis dom tré rún
ó's agat atá an t-eolas is fearr,
an leigfear mo ghadhar nó mo chú
liom go cúirt ríogh na ngrás?



A sheanóir atá ar baois
is nach faghaim críoch do chur ort,
ní leigfear do ghadhar ná do chú
leat go cúirt ríogh na reacht.



Dá mb'agam-sa bheadh aithne ar Dhia
is go mbeadh mo chú dom réir,
do pháirteochainn é lem choin
gibé do-bhéarfadh biadh dom féin.



Ná habair sin, a sheanóir
is tú i ndeireadh th'aoise,
ní comhthrom, gan bhréag, an bhreith
do-bheirir ar mo rígh-se.



Dob fhearr aon churadh amháin láidir
dá raibh ar Fhiannaibh Éireann
ná Tighearna an chrábhaidh
agus tusa féin, a chléirigh.



A Oisín na ngéar-lann
chanas na briathra buile,
dob fhearr Dia le haon ló
ná Fianna Éireann uile.



Gidh táim-se anois gan flaitheas
is mé iar gcaitheamh m'aoise,
a Phádraig, ná tabhair aithis
do mhaithibh Chlanna Baoiscne.



Dá mbeadh agam Conán Maol
fear mí-labhartha na Féinne,
do bhrisfeadh sé do mhuineál
istigh i lár do chléire.



Dá maireadh agat Conán
ná aon fhear eile ded Fhéinn-se,
ní rachadh aon fhear póite
isteach don chathair ghléigil,



Óir ní fíonta ná feolta
bhíonn ag na haingil naomhtha,
acht cumhacht an Aon-mhic ghlórmhair
dá gcothú san gcathair ghléigil.



Bheith ag sír-theacht thar an bhFéinn
a sheanóir, is baoth do chor;
cuimhnigh go dtáinig do ré
is gaibh Mac Dé ar do shon.



Ní hiongnadh mise teacht thar an bhFéinn
is tusa teacht thar Mac Dé gan sos;


L. 19


dá ndeineadh leath-oiread leis an bhFéinn
badh mhór é, a chléirigh na gcros.



A Oisín an ainbhfis mhóir
tréig an glór nach fuil ceart;
éist trátha cléire Dé
is beidh tú i bhFlaitheas Dé go deas.



Dá maireadh Conán Maol
do-níodh dán 'nár dtaobh go cóir,
bhur dtrátha níor bhinn leis
a Phádraig na gclog n-óir.



A Oisín nach binn glór
glac mo chomhairle is déin do leas,
is beidh tú i ndún Ríogh na nDúl
is na muintire is úr fleadh.



Cé fearr muintir neimhe, a Phádraig
ná uaisle iomlán na Féinne,
an mbíonn cruas 'na gcroidhthibh
nó an ndiúltuighid siad éinne?



A mhic Calpruinn fhéil
ós agat atá an t-iúl,
an leigfidh tú go Flaitheas Dé
mo ghadhar beag nó mo chú?



Ní rachadh an chuil chrónánach
ná fós an gath gréine
gan fios don rígh neamhdha
isteach don chathair naomhtha.



Níor mar sin do mhac Cumhaill
dobhí 'na rí ar na Fiannaibh,
dorachaidís fir an domhain
fá n-a theach gan fhiafraighe.



Ní rachadh Fionn ná an Fhiann
fá theach mo thighearna go bráth,
's a sheanóir atá liath fann
ní dul duit-se ann acht mar chách.



Is mór mholas tusa Fionn
is gach maith dá ndearnaidh sé;
ní raibh Fionn 'na dhuine cheart
dá raibh ar fóghnamh ar an bhFéinn.



A Phádraig mhic Calpruinn réidh
cá bhfuairis féin na scéala?
dá macsamhla-na an Fhiann
ní fheaca riamh deilbh is déanamh.



Dob fhearr Fionn ná tusa féin
fá ór, fá airgead, fá bhiadh,
fá aon ní dá raibh ag Fionn
dob fhearr Fionn faoi ná Dia.



Cá bhfuilid an Fhiann anois?
cá bhfuil a dtreise ná a dtréin?
d'imthigh an Fhiann gan trácht
is glac-se creideamh, a Oisín fhéil.



Do chreideamh-sa ní ghlacfaidh mé
a chléirigh gan bheith fial,
is gur thréig an sonas Éire
ó thángais féin is do chliar.



Ní raibh an sonas ar Éire
go dtánga féin is mo chliar;
gach a dtáinig romhainn go hÉirinn
atáid i nIfreann na ndaor-phian.



Dobhí an sonas ar Éire
agus rath mór le n-ár linn an Fhiann;
ní hé an uair sin dobheinn-se beo
gan mo leath-dóithin den bhiadh.



Biadh an anma is é is fearr
a Oisín na gcomhrádh ndian;


L. 20


cá bhfuil do neart ná treise do lámh
nach leanair gach lá an fiadh?



A Phádraig, freagair mo ghéire
ní thig tréine tré bheith fann;
a chléirigh na mbachall bhfiar
ní fhaghaim an biadh acht go gann.



A Oisín, beannuigh romhat an biadh
is beir buidheachas le Rí na reann
leig an t-ainbhfios díot ar gcúl
is bíodh do dhúil san bhflaitheas thall.



Adeirid lucht na bhféasóg réidh
an drong daor ibheas go gann,
nuair altuighid a gcuid lem thaobh
"ní thugamair ár ndéirc don dall."



Tógaid nuair a ghlanaid a mbéil
an drong dárab léir gan locht,
duanaighil mar chonairt i nglinn
dob fhearr liom a mbeith 'na socht.



Aon-bheatha bhíos duit-se is dóibh
is déin an aithrighe chóir ar ball
dá mbeitheá istigh i bhflaitheas Dé
ní bheadh baoghal ort bheith id dhall.



Dobhíos-sa i gcathair seal dem aois
i n-a arm ag Rí nár ghann,
cion míosa dá gcaitheann sibh de bhiadh
dogheibhidís an chonairt gach ceann.



Atá tú ársa foirbhthe liath
d'imthigh do chiall is do ghreann,
leig díot an comhrádh dian
is beidh do leaba i bhFlaitheas thall.



Minic do chodlas ar shliabh
fá dhrúcht liath fá bharr crann;
níor chleachtas leaba gan biadh
an feadh bheadh fiadh san gcnoc thall.



Táir ar mearughadh i ndeireadh th'aoise
idir shlighe dhírigh agus cham;
seachain slighe cham na bréige
is tiocfaidh aingil Dé fád cheann.



Dá mbeinn-se agus Feargus fial
agus Diarmaid ar an mball
gach slighe dhíreach ar ghabhmair riamh
gan cead do chliar dogheobhaimís ann.


L. 21


Fóill, 'Oisín, ná masluigh an chliar
chanas briathra Dé i ngach ball;
muna leigir díot an comhrádh dian
is mór an phian atá id cheann.



Dobhíos-sa agus flaith na bhFiann
agus torc ar iarraidh uainn san ngleann,
ba mheasa liom uaim an fiadh
ná do chliar-sa bheith gan cheann.



Tá tú dolásach gan chiall
is measa sin ná bheith id dhall;
dá bhfaghthá radharc istigh
badh mhór do chion ar fhlaitheas thall.



Dob aite liom radharc an bhruic
nó léim an phuic idir dhá ghleann
ná a ngeallann do bhéal-sa dhom
ná a bhfaghainn de shult i bhFlaitheas thall.



Tá do mhuinighin baoth gan sliocht
d'imthigh do shult agus do ghreann;
muna ngabhair comhairle go glic
ní bhfaghaidh tú bheith i bhfus ná thall.



Dá mbeinn-se is an Fhiann indiu
i mbinn cnuic ag tarraing lann
d'aimhdheoin leabhair, cléir' is cluig
is aguinn dobheadh an ball.



Ní raibh ionnta acht mar ghal suip
nó mar shruth idir dhá ghleann
nó mar shídhe gaoithe ar mhaoilinn chnuic
gach lucht aguibh dá raibh riamh ann.



Dobhíos-sa i nAlmhain ar mo chur
i bhfochair lucht na n-arm dteann,
dob fhearr liom ár n-árd-rí agum
ná an trup so na mbachall gcam.



Dogheobhair ón Árd-rígh do chuid
déin leor-ghníomh is ná caill thall,
ná bí meallta i gcomhairle an chuirp
is maith leo sin teacht anall.


L. 22


Is maith atá a fhios agam
cá bhfuilid is coir 'na gceann;
sciúirsí dá ruagadh le nimh
is gan lucht nirt le teacht dá gcabhair.



Ní binn liom do ghlór gan sult
gidh tá tú glic ar do rann;
ní chluinim féin fead an luin
breac ó shruth ná muc ó ghleann.



Dá mbeadh Scolbsceine agam
nó Oscar glic na gcath dteann,
ní bheimís gan feolmhach anocht
ar chomhairle chluig na seacht mbeann.



A Oisín, d'imthigh do chiall
glac na briathra so le greann,
is deimhin go dtréigfir an Fhiann
is go ngeobhair le Rígh na reann.



Is iongnadh liom do chomhrádh dian
a chléirigh do thriall i ngach ball
a rádh go dtréigfinn an Fhiann
drong fhairsing fhial nár ghann.



Dá bhfeictheá-sa muintir Dé
a suidheamh go gléasta is a bhfleadh;
is fairsinge aca bhíos gach sógh
ná ag muintir Fhinn, gidh mór a meas.



Is fearr mo scéal-sa anois
gléire dhil is cur 'na cheann;
glac an aithrighe chóir anois
déin leor-ghníomh i bhfus 's ná caill thall.



Do chaill mise mo chiall i bhfus
is ní ba mheasa liom ná sin;
do chaill mise Fionn an áigh
is na fir áille dobhíodh lem chois.



Tá Fionn is an Fhiann anois
go dobrónach ar lic na bpian;
gaibh-se le Mac Dé 'na n-áit
's ní bheir go bráth gan amharc ar Dhia.



Ní chreidim féin do ghlór glan
a chléirigh na mbachall gcam,
go mbeadh Fionn 's an Fhiann istigh
muna bhfaghaidís sult a bheith ann.



Déin an aithrighe chóir anois
sula gcuirfear fios id chionn;
géill do Dhia is beidh 'fhios agat
ciaca amuich nó istigh atá Fionn.



Dá mbeadh Fionn agam is Mac an Luin
fear nár dhruid ó ghleo na lann.
d'aindeoin do chléire is a gcluig
is againn dobheadh an ball.



Ní bheidh sin choidhche ar bhur gcur
is fearr an lucht a tháinig ann;


L. 23


Mac Ríogh Neimhe dhíbreas na huilc
is mór a chion ar dhuine dhall.



Má's dall atá muintir Dia
's gurb iad na daill is annsa leis,
is cosmhail nach cuirfid an Fhiann
go teach na bpian dá scrios.



Cráidhteacht ort, a sheanóir
chanas na briathra buile
dob fhearr Dia d'aon ló
ná Fianna Éireann uile.



A Phádraig na bachaille caime
dobheir orm freagra dána
dobheadh do bhachall 'na bruscar
dá mbeadh Uscar do láthair.



Créad dorinn Fionn le Dia
acht ag riar cliar agus scol,
greas mhór ag bronnadh óir
is greas eile le meadhair a chon.



I ngioll le meadhair na gcon
is le riar scol gach lá
is gan aire aige ar Dhia
dobheir Fionn na bhFiann ar láimh.



Cionnus dob fhéidir le Dia
ná a chliar bheith níos fearr
ná Fionn, flaith na bhFiann
duine fial dobhí gan cháim?



Gach a n-abair tusa 's an chliar
do réir riaghlach Ríogh na Reann
dobhí súd ag Fiannaibh Finn
is táid i bhflaitheas Dé go teann.



Dá mbeadh áit ann thíos ná thuas
dob fhearr ná flaitheas Dé,
is ann dorachadh Fionn
is a raibh aige den Fhéinn.



Adeir tusa nach téid fial
go hIfreann na bpian go bráth,
ní raibh aon neach san bhFéinn
nach raibh fial ameasc cách.



Má bheireann tú mise do na flaithis
agus seacht gcatha na bhFiann
is tú an duine is fearr buidhean
dá ndeachaidh san tír sin riamh.



Mar dá bhfeictheá-sa, a chléirigh cháidh
an Fhiann lá ar an dtráigh úd theas
nó i Nás Laighean na sruth séimh
ar an bhFéinn badh mhór do mheas.


L. 24


B 1806-55lsc 19T
U Anaithnid
CATH CHNUIC AN ÁIR.



Innis dúinn, a Oisín suairc,
cionnus do ghluais tús an ghleoidh,
is na curaidhe calma nirt
san gcath do thuit i ndeoidh ar ndeoidh.



Dobhíomair-ne an Fhiann 's Fionn
i gcóimhthionól ar an gcnoc so thiar,
ag imirt ar chleasaibh lúith
is sinn go subhach ag caitheamh liag.



Cidh trácht dúinn amhail sin
dubhairt draoi Teamhrach go glic linn:
"Is eagal liom, a Fhinn na bhFiann
nach fada an rian gur doiligh díbh."



"Créad so anois," do ráidh Fionn
"le dtuigtear leat ár nguais dobróin,
is nach fuil tóir anois fán ngréin
nach fuil san bhFéinn seasamh leo?"



"Creid uaim, a Fhinn na gcruadh-lann
go bhfuil an tóir i bhfogas díbh;
féach na néalla fola úd
ag bagairt dubhach taoibh ar taoibh."



d'fhéach Fionn ós a chionn suas
is dochonnairc tuar fola go tréan;
"Is eagal liom," adubhairt sé
"go dtiocfaidh ár-bhéim ar an bhFéinn."



Do ghoir Fionn chuige Oscar
is dubhairt: "A churaidh na lann ngéar,
is cuibhe dhuit bheith ag éirghe
féach ar shíonaibh an aeir."



"A rí na Féinne," do ráidh Oscar
"ná glac bíodhg ná an-uamhain tríd,
tá neart is lúth id ghéagaibh
is trom-shluagh tréanmhar led thaoibh."



Do chaitheamair uile an Fhiann
sealad ag grinn-amharc na néall;
dobhí dream againn go subhach
is dream eile dubhach 'na ngné.


L. 25


Do labhair Conán de ghuth árd
is dob é a rádh go borb teann:
"Ní fhuil neach dár athruigh gné
admhaim féin, acht fear fann."



"A Fhinn mhic Cumhaill," do ráidh an draoi
"tionóil do bhuidhean go grod id dháil,
is roinntear iad leath ar leath
go ndéanaid faire ar theacht na námhad."



Do sheinn Fionn an Dórd Fiann
is do fhreagair siad an gháir;
gach fear um a luaithe 'teacht
idir fhlaith, thriath is tháin.



"Aithneochad anois," ar Fionn, "go fíor
gach neach dem bhuidhin lérb ionmhain mé
is fós gach neach 'gá bhfuil dom fuath
má chuirid suas de bheith dom réir."



"A Oscair," do ráidh Fionn ar dtús
"ó's tú ursa is lúth na bhFiann,
an bhfairfidh tú go lá le cách
teacht na námhad tá chugainn ag triall."



"Fiafruighim díot anois, a Fhinn
an dul chun suain dob áil leat?
níor mhaise dhuit is badh mhí-cháil
má's eagal leat námhaid ag teacht."



"Ní le heagla roimh láimh chách
dorachainn tráth chun suain,
acht gur gnáth taidhbhreamh do theacht chugham
má's gearr dúinn cath nó guais."



"Ní dhiúltóchad faire le cách
níl orm scáth ná an-uamhain
's is eagal liom," ar sé, "a Fhinn
gur beag den bhuidhin nach fuil."



Goireas Fionn ar Dhiarmaid Donn
is fiafruigheas go ceannsa den fhear áigh,
an bhfairfeadh mar aon le hOscar
"má's ionmhain leat mé is cách."



"Níor thoib mise fós, a Fhinn
i gcath ná i gcoimheascar na dtromshluagh,
acht go mbeadh Oscar, rún mo chléibh
romham nó im dhéidh le teacht buadh."


L. 26


"A Ghuill chalma na gcruadh-lann
an cumann leat rí na bhFiann,
an bhfairfidh tú i bhfochair díse
na mór-ghníomh is na ngarg-ghliadh?"



"Ní heagal liom lámh dá chruadhacht
ó tá Oscar na nguas im dháil,
is Diarmaid fearamhail cródha,
do shuan ní mór linn duit go lá."



Tháinig Faolán do láthair Fhinn
's do labhair go fíochmhar guth-árd
is dubhairt: "A rí na bhFiann
beidh mise mar iad go lá."



"A Chonáin Mhaoil," do ráidh Fionn
"fan-sa i gciumhsaibh an Leath-áird
ó's tú is gairbhe uall-gháir bhinn
chun scarta má's tidheacht don námhaid."



"Má's dul dom, a Fhinn, don uaimh
ag faire ar bhuaidhirt ná ar tháin
im aonar, gan tuilleadh den Fhéinn
go ngointear mé trém lár!"



"Ní cuibhe dhuit, a Chonáin Mhaoil
diúltadh Fhinn," do ráidh Mac Lughach,
"Atá 'na rí ós cionn na bhFiann
i gcoimirc, i mbiadh is i n-ór dúinn."



"Má tá Fionn 'na rí is 'na thriath
a Mhic Lughach," do ráidh Conán,
"ní cosmhail gur cuibhe dhom féin
dul im aon go huaimh Leath-áird."



"Níl san bhFéinn," ar Mac Lughach
"fear do chlóidh chun guith gáir-bhinn,
is cluinfidh an Fhiann do ghlór
má's teacht don tóir led thaoibh."



"Ná bí feasta dá luadh liom
a Mhic Lughach na mín-ghéag,
d'Fhionn ná don Fhéinn ní rachad don uaimh
cuirim suas de le mo ré."



"Éirigh ann, a Chonáin," ar Oscar
"is beir leat Aodh Beag id dháil,
Fearonn, Sceolann is Bran luath
Bog-léim, Fuaim agus Meargán."



Do ghluais Conán ar chomhairle Oscair
is ráinig go doras na huamha;
na coin is Aodh Beag mac Finn
do leanadar díreach san gcuaird.


L. 27


Dochuaidh Fionn annsan do shuan
is ní cian dobhí ar suaimhneas ann
an tan do samhluigheadh do tríd
Aodh Beag mac Fhinn do bheith gan cheann.



Do teasbáineadh tar 'éis sin dó
go raibh Goll cródha i láimh-ghléidh
le gaiscidheach neartmhar calma
dar ba ainm Tailc mac Tréin.



Do mhúscail as a chodladh go prap
is go ghoir chuige maith na bhFiann
dar ba chomh-ainm de ghnáth-shíor
draoi ealadhan nó fear fáth-chiall.



d'fhaisnéis a rún iomlán don draoi
i ngach taidhbhreamh díobh súd;
do ráidh Fionn - "A bhfáth-chiall sin
innis anois gan mhoill dúinn."



"Tiocfaidh ruathar ar an bhFéinn
a Fhinn, is baoghal," do ráidh an draoi,
"gidheadh ní goinfear an dís do luadhadh
Goll cruaidh ná Aodh Beag mac Fhinn."



Níorbh fhada amhail sin dúinn
an tan chualamair uall-gháir;
do sheinn Fionn an Dórd Fiann
is d'fhreagair dian-scairt Chonáin.



Do ghluais Conán 'na tháin-rith
is na coin ar lán-rith 'na dhiaidh;
d'fhan Aodh Beag ar bhruach na huamha
gur cluineadh leis fuaim na sciath.



Do sheinn Fionn an Dórd fian
is ráinig iad Conán Maol;
"Créad so, a Chonáin," ar Oscar
"tá an tóir chugainn, cá bhfuil Aodh?"



"Dobhí Aodh i ndoras na huamha
an tan do ghluais mise ar lúth;
níor amharcas im dhiaidh tar m'ais
is níorbh é Aodh ba dhainid liom!"



"Cia eile ba dhainid?" ar Oscar
"a Chonáin† liosta †mhaoil gan chéill;
cia aca Fionn na bhfleadh nó mise
nó cia'n fear eile den Fhéinn?"



"Ní Fionn, tusa, ná neach ar bith
ba dhainid liom ná ba léan,
gidh gur mhian liom bhur maith uile
ní sibh ba dhoiligh liom acht mé féin."


L. 28


Do ghluais Oscar de lúth thréan
go ráinig sé doras na huamha,
is fuair Aodh Beag mac Finn fhéil
gan anbhuain, gan éag, gan buaidhirt.



"Créad fá ndeara dhuit, 'Aoidh Bhig
fuireach amuich 'ndiaidh an fhir mhaoil,
is námhaid taobh leat ag rith
a leinbh nár thuig gur beag th'aois?"



"Gidh bhí an tóir i bhfogas dom
is mé amuich ó fhosc na bhFiann,
níor leomhaidh m'intinn ná mo chroidhe
criothnughadh roimh buidhin na ngliadh."



Mo thuirse, mo chreach, mo chumha!
a Phádraig is umhal do Dhia,
dá maireadh Aodh Beag im dháil
ba dhoiligh do ghláimh na gcliar.



Aithris dúinn, a Oisín mhic Fhinn
críoch catha an chnuic seo thiar;
ní mhaireann Aodh Beag id dháil
is ná cuir i gcás gláimh na gcliar.



Cnoc an Áir an cnoc so thiar
go lá an bhráth biaidh dá ghairm;
a Phádraig na mbachall mbán
ní gan fáth a tugadh an t-ainm.



Ná glac taom, a Oisín fhéil
ag smaoineamh ar léan na bhFiann;
a ndeachaidh is a bhfuil beo
neamh-ní dhóibh acht amháin Dia.



Níor neamh-ní Fionn na bhFiann
níor neamh-ní Diarmaid ua Duibhne;
níor neamh-ní Oscar na lann
ná neach dá raibh ann acht Conán liosta.



De bhrígh gur neamh-ní Fionn
Diarmaid Donn is Oscar áigh,
is an Fhiann uile mar iad
ní mhairid mar Dhia na ngrás.



A Phádraig, ní i seal na bhFiann
is tuigthe do Dhia-se bheith ann;
is dearbh dá mbeith' na rian
nach beadh do thighearna ós do cheann.



Bhí Dia ann i seal na bhFiann
atá ann riamh is beidh go bráth,
maireann is mairfidh gan éag
's ní mar sin don Fhéinn, a bhochtáin.


L. 29


A Phádraig, má's fíor do ghlór
an t-éag gan gó go bhfuair an Fhiann
ná cluinim choidhche tú dá luadh
gurab é rug buadh ortha Dia.



Ba mhaith an Fhiann is a ngníomh
a Oisín ghrinn, acht so amháin:
nár adhradh leo an t-aon Dia úd
anois lean dúinn ar Chnoc an Áir.



Do thriall annsúd ar an bhFéinn
Oscar is Aodh Beag 'na dháil;
dob ionmhaine linn a dteacht go fíor
ná teacht Ríogh dhil na ngrás.



d'fhiafruigh Fionn d'Oscar áigh
an bhfeacaidh táin na ngrod-laoch;
adubhairt leis go bhfeacaidh iad
is go raibh a n-iarracht ar an bhFéinn.



Do chaitheamair mar sin go lá
is níor leomhaigh cách teacht fár ndéin
a Phádraig, mo scéal truaighe
níorbh fhada gur chruaidh an chéim.



Aithris anois gan mhoill dúinn
a mhic (mic) Cumhaill, is ná glac brón;
aithris, is mo bheannacht ort
scéal fíor is ná can gó.



Ní chanaimís an Fhiann gó
bréag leo níor samhluigheadh riamh,
acht le fírinne 's le neart ár lámh
thagaimís slán as gach gliadh.



d'éirigheamair go moch amach
Fianna Éireann na n-each seang,
ar an gcnoc so líon an tslóigh
is níorbh iongnadh leo teacht le teann.



Aon-bhean dob áille ná'n ghrian
do-chí an Fhiann ag teacht san leirg,
d'Fhionn mhac Cumaill, innsim duit
beannuigheas ríoghan an bhruit deirg.



"Cia thú, a ríoghan," ar Fionn féin
"is fearr méinn 's is áille dealbh?
Is binne linn fuaim do bheoil
ná a bhfuil de cheol ar talamh."



"Niamh Nua-chruthach is é m'ainm
inghean Gharraidh mhic Dolair déin,
Árd-rí Gréag, mo mhallacht air
is é do rad mé do Thailc mhac Tréin."


L. 30


"Créad dobheir dá sheachnadh thú?
ná dein rún orm anois,
gabhaim do choimirc go lá an bhráth
is gabhaim do láimh thú thar a chrois."



"Ní gan ádhbhar thugas do fuath
dath an ghuail dobhí ar a ghné,
dhá chluais, earball, is ceann cait
dobhí air is níor mhaith a scéimh.



"Do shiubhlas-sa an domhan fá thrí
is níor fhágas ann rí ná flaith
nár shireas acht sibh-se an Fhiann
is níor gheall triath m'anacal air."



"Díonfad thú, a inghean óg,"
do ráidh mac Cumhaill nár claoidheadh riamh,
"go dtuitidh uile ar do scáth
na seacht gcatha atá fám riar."



"Dar do láimh-se féin, a Fhinn
is guais linn go ndearnais bréag,
's an té ór theich mise i bhfad
tuiteann leis cath agus céad.



"An fear mór adeirim libh
is é d'fhág mé le fada i bpéin;
sular nascadh mé leis gan gó
do scriosadh leis fá dhó an Ghréig."



"Ná déin iomrádh ar a ghaisce
a fholt chas ar dhath an óir;
níl anois laoch fán ngréin
nach faghadh san bhFéinn fear a chlóidh."



Ní fada go bhfeacamair ag teacht
Rí Fear gCaitcheann ba chruaidh lámh;
níor bheannuigh is níor umhluigh d'Fhionn
acht d'iarr cath thar cionn a mhná.



Chuireamair deich gcéad 'na dháil
ba mhaith lámh do láthair ghleodh;
Níor fhill duine dhíobh ar ais
gan tuitim le Tailc mac Treoin.



Deich gcéad taoiseach, monuar, laoch
taobh ar thaobh dár muintir féin,
a Phádraig an chreidimh chruaidh
is eadh theastuigh uainn den Fhéinn.



Iarras Oscar cead ar Fhionn
gér dhoiligh liom é dá luadh,
dul do chomhrac an tréan-laoich
nuair dochonnairc díth na sluagh.


L. 31


"Dogheobhair uaim cead," do ráidh Fionn
"gidh guais liom do thuitim tríd;
gluais is beir mo bheannacht leat
cuimhnigh do ghail is do ghníomh."



Éirigheas Oscar, an fear áigh
ar a láimh nár cuireadh béim,
an laoch oirdhearc dob fhearr smacht
nó go ráinig Tailc mac Tréin.



"Tabhair-se aghaidh dhomh-sa féin
a Thailc mhic Tréin," ar Oscar áigh,
"óir bainfead-sa dhíot an ceann
i ndíoghal an dream a ghoin do lámh."



"Dar do láimh-se, 'Oscair áigh
gidh buidheach díot bárd is bean,
beir agam-sa anocht gan chionn
is beidh an fear, Fionn, go leamh."



Ar feadh cúig n-oidhche is cúig lá
dobhí an dís nár thláth i ngleic,
gan biadh gan deoch, ar díth suain
gur thuit Tailc le buadh mo mheic.



Tógaimíd trí gártha ós árd
tar éis an chomhraic ba gharbh gleac -
gáir chaointe tré a ndeachaidh den Fhéinn
is dhá gháir mhaoidhte tré éag Thailc.



Niamh Nua-chruthach, mór an scéal
nuair dochonnairc méid an áir,
gabhas náire an ghruadh-dhearg-ghlan
is tuiteas marbh ameasc cách.



Bás na ríoghna, d'éis gach uilc
is é is mó do chuir ar chách;
ar an gcnoc so d'éis an ghliadh
do bhaist an Fhiann Cnoc an Áir.


L. 32


B 1809-61ls 19T
LAOIDH MHEARGAIGH NA LANN.



Níorbh fhada dhúinn mar sin,
gidh nárbh aoibhinn subhach sinn,
gur thriall annsúd fá n-ár ndéin
gaiscidheach éachtach ba chruaidh gníomh.



Níor bheannuigh sé don Fhéinn,
's níor umhluigh d'Fhionn acht mar iad,
acht d'fhiafruigh de ghlór ba bhorb
cá raibh ár gcosnamh is ár dtriath.



"Cia thú féin, a ghaiscidhigh áigh?"
ar Aodh Beag nár scáinte croidhe,
"nó créad thug don dul so thú
cá fhaid do shiubhal nuair scarfair linn?"



"Ní thiubhrad duit scéal ar bith
smaoin, a leinbh, gur beag t'aois;
fios mo rúin ní thiubhrad do neach
go bhfaghad dul d'agallamh Fhinn."



"Do-bhéar-sa eolas duit ar Fhionn
a ghaiscidhigh mhúinte na mínghéag;
ní fada uainn an áit 'na bhfuil
ar chor an chnuic mar ar leagadh Tréan."



Do ghluais Aodh Beag roimhe ar lúth
's an gaiscidheach go dlúth 'na dhéidh
go rángadar leirg an áir
'na raibh ar lár Tailc mac Tréin.



An tan do-chí an Fhiann is Fionn
an dís úd ag teacht 'na ndáil:
"Is eagal liom," do ráidh an draoi
"nach fada is aoibhinn do mhac Cumhaill."



"Ag seo é Fionn," do ráidh Aodh Beag
"t'uirgheall do innis go daor;
a shlán fút má's olc do rún
ná laoch ar úir anois fán ngréin."



"An tú Fionn?" ar an fear calma
"má's tú, ní cuibhe do dhearbh-laoch
'ainm do shéanadh go lá an bhráth
nach tú do shár-ghoin Tailc mac Tréin?"


L. 33


"Ní le buadh mo lámh-sa thuit
an fear dá ngoirir Tailc mac Tréin;
innis dúinn t'ainm féin anois
is gheobhair fios cia leag an laoch."



"Meargach cruaidh na nglas-lann
is ainm damh-sa, 'Fhinn mhic Cumhaill;
níor dhearg arm ar mo chorp fós
is níor buadhadh leo mé chur ar gcúl."



Do ghluais Oscar fá ghuith an ghlóir
is d'fhiafruigh an leomhan gan scáth:
"An de bhuaidh do lámh nó do lann
nach gointear ann tú go bráth?"



"Níl ar talamh na dtrom-fhód
i gcath ná i gcomhrac garbh-ghliadh,
Laoch dá thréine i ngníomh gaisce
do dhearg le harm orm riamh."



"Ní bheir mar sin," ar Oscar áigh
"muna teacht duit le páirt don Fhéinn,
A Mheargaigh chruaidh na nglas-lann
goinfear ann tú go haedhibh."



"A ghaiscidhigh, id chló gidh dearbh-laoch
ded fhriotal ní dhéanaim cás,
dá mhéid do dhóich as neart na bhFiann
tuitfir agus iad lem láimh.



"Muna bhfuil agat acht buadh airm
géag' neart-chalma cuirp is gníomh,
do-bheirim mar dhearbh duit mo lámh
go ngoinfear thú tré lár do chroidhe."



"Innis dom, a mhic Cumhaill chalma
do réir mar gheallais dom ar dtús,
cia leis nó cionnus do thuit
Tailc an nirt is an gheal-rúin?"



"Do thuit Tailc mac Tréin mear
le buadh is neart Oscair áigh;
do thuit le Tailc ar dtús den Fhéinn
líon deich gcéad d'fhearaibh Fáil."



"Nár mhór an náire dhuit-se, 'Fhinn
d'fhulaing an rí-bhean dob fhearr cáil
do chur chun báis leis an bhFéinn
a tuitim is éag d'fhearaibh Fáil."



"Ní mise ná neach den Fhéinn
thug aithne ar an éag don mhnaoi,
Acht nuair chonnairc díth an tslóigh
i n-éagaibh bróin dochuaidh sí.


L. 34


"Má's comhrac atá uait," ar Fionn
"i n-éiric bháis Thailc 's a mhná
dogheobhair é ó fhear den Fhéinn
nó imthigh go séimh le páirt."



"Gidh go bhfuilid mo shlóighte
dom i bhfogas ar chor an chnuic
ní iarrfad a gcongnamh, a Fhinn
's ní fhúigfead acht dís beo agaibh."



"Cia hiad an dís sin fhágfair beo
a Mheargaigh na slóighte?" ar Fionn;
"is iongnadh liom go dtuigtear leat
bás led neart do thabhairt dúinn."



"Tuigtear liom bhur mbás uile
acht amháin tusa is do mhac Aodh;
ní fhágfad an cnoc go lá an bhráth
go ndíoghlad bás Thailc mhic Tréin."



"Nach leor leat, a Mheargaigh na lann
dís thar a cheann a thuitim den Fhéinn,
is gan comhrac do thabhairt ar chách
's a liacht fear cáidh do thuit leis féin."



"Níor leor liom-sa, a Fhinn na bhFiann
dís nó triar i ndíoghal a bháis;
dá mbadh líon don Fhéinn níos mó
a dtuitim is dóigh lem láimh."



"Ná cuir i ndóigh dhuit féin," ar Fionn
"gurbh fhulaing liom dís ná aon
i n-éiric bháis Thailc 's a mhná
do thuitim led láimh den Fhéinn."



"Dá fheabhas bhur lámha is bhur ngníomh
is dá mhéid bhur líon d'fhearaibh cruadha,
ní scarfad libh go lá an bhráth
díoghal 'na mbás go bhfaghad uaibh."



A Phádraig, ní cheilfead mo rún
do ghlac an-uamhain Fionn 's an Fhiann
acht amháin Oscar na mbéimeann
fear nár chrith roimh éinne riamh.



"A Mheargaigh chruaidh na nglas-lann"
ar Fionn go teann i ngarbh-ghlór,
"do-gheobhair comhrac id aonarán
nó tuilleadh id dháil ón bhFéinn gan gó."



"Má's cuibhe leat-sa, a Fhinn mhic Cumhaill
mise do chomhrac do mhór-shluaigh
ó fhear go fear nó d'aon bhéim
diúltadh ní bhéarfad duit uaim."


L. 35


"Má thigeann tusa is do bhuidhean
chum catha linn leath ar leath -
ó dhuine go céad caithfidh an Fhiann
buille lámh dian a chongbháil leat."



"Rachad-sa 'nois, a Fhinn mhic Cumhaill
mar a bhfuil comhrac agam le fagháil
d'fhios mo shluaigh, is ní fada uaim
is ná hob uaim go moch de lá."



"Tabhair do shlógh do láthair leat
ar maidin má's maith," ar Fionn;
"ní fhuil ceilg le himirt ort
beimíd-ne ullamh fád chionn."



"Bíodh ar mo theacht," do ráidh Meargach
"an laoch is calma ar an bhFéinn,
i n-arm 's i n-éide romham gan fuigheal
go bhfeiceam a ghníomh san ngléidh."



d'imthigh Meargach na nglas-lann
's níor stadadh leis go ceann a shluaigh;
do chuir Fionn tionól ar an bhFéinn
is d'fhaisnéis dóibh méid a nguais.



Dorinn seacht gcatha annsin díobh
is gach roinn i n-ionad duail;
"Éistidh lem chomhairle," ar sé
"is gairid an baoghal uainn."



Do labhair ar dtús leis an gcéad chath
dá ngairtí Cath na Laoch Mionúr,
is d'fhiafruigh díobh de ghuth ós árd
an dtroidfidís de ghnáth 'na chúis.



d'fhreagradar d'aon aonta d'Fhionn
go dtroidfidís thar a chionn go bráth;
is dubhairt Cath na dTaoiseach amhail
go leanfaidís tagairt na gcéad lámh.



Adubhairt Cath na bhFear Meódhnach
i gcath is i ngleo dá thréine gliadh,
nár fhúigeadar féin a rí cáidh
is nach tréigfidís go bráth a dtriath.



Adubhairt Cath na bhFear bhFeosach
nár theibe dhóibh go lá an bháis;
is Cath na mBun-fhear amhail gcéadna
go leanfaidís féin é mar chách.



Adubhairt Cath na bhFear mBeag fós
is an Cath 'na ndeoidh - na hIarmharáin,
go rabhadar féin dílis 'na ngníomh
san leirg dhírigh mar chách.


L. 36


Do ghoir Fionn chuige Oscar
mar fhear tosaigh ar an gCath Mionúr,
is d'fhiafruigh an comhrac aonair
do Mheargach bhéarfadh ar dtús.



Adubhairt Oscar go dtiubhradh féin
comhrac do thar cionn na bhFiann -
"Is má's tuitim dom, a Fhinn," ar sé
"is eagal gur baoghal díbh im dhiaidh."



"Ní hamhlaidh sin is cóir," ar Fionn
"Badh dhíth dúinn tú 'thuitim tríd;
is tú ár dtreoir agus ár sciath
ár dtaca, ár rian is ár ndíon."



"Is ionann sin is súd, a Fhinn"
ar Oscar, "ná bí dá luadh;
má's tuitim d'aon neach den Fhéinn
ní rachaidh leis saor fá bhuadh."



Do ghoir Fionn Goll ba chalma neart
's ba chruaidh gníomh sleagh agus claidhimh,
is d'fhiafruigh an ndéanfadh comhrac
le Meargach mór an árd-mhaoidhimh.



"A Fhinn," ar Goll, go gasta glic
"is fíor nach ionmhain leat mé;
badh mhian leat mé chur i nguais
is Oscar ón mbuaidhirt do bheith saor."



"Nár gheallais ded thoil saor
go gcuirfeá tú féin i nguais
ar mo shon-sa mar gheall cách
gan seasamh is náireach uait."



"Do gheallas, a Fhinn, go fíor
go leanfainn do ghníomh mar chách;
ní rachad ar gcúl ón gcath
má ghabhann gach fear é do láimh."



Do ghoir ar Dhiarmaid Donn
is d'fhiafruigh Fionn de go caoin
an dtiubhradh comhrac aonaráin
do Mheargach áigh na lonn-ghníomh.



"Ní rachad i ngliadh go bráth
le Meargach dána na lann;
Acht, a Fhinn, má's coitchionn don chath
biad chomh maith le fear ann."



d'fhiafruigh d'Fhaolán de ghuth árd
an ndéanfadh comhrac ar a shon;
adubhairt sé le Fionn na bhFiann
"Níorbh fhada mo chiach-sa ort."


L. 37


"Do shíleas-sa," ar Fionn flaith
"nach amhail sin do gheallais dúinn."
"Gach ar gheallas," ar Faolán
"ann lem ré ní rachad ar gcúl."



d'fhiafruigh de gach fear díobh
an rachaidís 'na n-aonar leis,
is dubhairt gach n-aon den Chath Mionúr
"Do-bheirimíd diúltadh dhuit."



d'fhiafruigh mar an gcéadna an raibh
i gCath na dTaoiseach fear láimh-theann
Do-bhéarfadh bualadh lámh ar láimh
do Mheargach dána na nglas-lann.



Dubhradar uile beol ar bheol
nach raibh fear do leomhfadh a luadh,
acht go rachaidís le chéile
i gcath dá thréine trom-shluagh.



Do labhair leo ó chath go cath
's ní fhuair ó neach den iomlán
dul do chomhrac Mheargaigh na lann
gur thuit an crann ar na hIarmharáin.



Do labhair le rígh na nIarmhar
is níor loic fear iarsma ón ngléidh,
Is dubhairt gach n-aon díobh go deireadh
go leanfadh gan teibe Caoinléith.



Do thóg Fionn is Oscar áigh
uall-gháir ós árd ag maoidheamh
na hIarmhair do ghabháil an chatha
's na sé catha do dhiúltamh.



Dochuamair uile chun suain
's níor shádhail suaimhneas dúinn go lá;
d'éirigheamair go moch ar maidin
is níorbh fhada go bhfeacamair an táin.



Do ghlac Caoinléith éide is arm
's do bhuail béim catha go teann;
tháinig Meargach na lann nglas
's a shluagh go pras ar an mball.



d'fhiafruigh Meargach na nglas-lann
de mhac Cumhaill le greann gomh-ghlóir:
Arbh é sin an laoch tagartha
bhí i n-éide catha ós a chomhair.



"Ní hé go fíor," ar Fionn fial
"acht Caoinléith, triath na nIarmharán;
níor chuibhe le neach eile den Fhéinn
tú chomhrac acht é i n'aonarán."



"Cuirfead-sa, 'Fhinn, 'na chomhdháil siúd
fear dar liom dá mhacsamhail féin;
téighidís le chéile béim ar bhéim,"
ar Meargach tréan na lann ngéar.


L. 38


Do ghoir Meargach ar fhear leis féin
dárbh ainm ghnáith Donn Dorcáin;
d'ionnsuigh an dís a chéile annsin
go calma glic ar Chnoc an Áir.



Ba líomhtha feargach fíochmhar
Donn Dorcáin agus Caoinléith
ag goin is ag créachtnughadh a chéile
gan ceachtar ag géilleadh ar aon taobh.



Dobhí an Fhiann ar thaobh den chnoc
ag amharc croth na bhfíor-laoch,
Meargach is a shluagh teann
ag feitheamh le ceann Chaoinléith.



Do labhair Conán go borb dian
gérbh fhada siar é ón ngléidh:
"Tapadh ar do láimh go dtuitidh Donn
a Chaoinléith chruaidh na lann," ar sé.



Dobhí an dís nár thláth gnúis
ag gearradh go húr corp is ball
ó orgailt gréine go nóin dóibh
gur thuit Donn dórrdha gan cheann.



Tógaimíd-ne an Fhiann ós árd
uall-gháir mhaoidhte tré mar éag
Donn Dorcáin Mheargaigh na lann
gidh tháinig chughainn fann Caoinléith.



Adubhairt Fionn annsin le Conán
"Ó chianaibh dob árd do ghlór;
féach anois neart do lámh
id aonarán le fear den tslógh."



"Ní fhéachfad-sa féin mo neart
le haon neach, ná fós mo ghníomh;
dá mbadh tuitim dom san gcath
mo chumha níorbh fhada ort, a Fhinn."



An tan chonnairc Meargach na lann
go dtug Caoinléith Donn fá lár
do ghléas a chorp cruth-áluinn glan
i n-éide catha, madhma is báis.



Do ghluais gan spás d'agallamh Fhinn
is dubhairt leis de bhorb-ghlór theann
é féin do ghabháil an chatha
nó an laoch dob fhearra do chur ann.



Do labhair Fionn de bhorb-ghlór
is dubhairt: "Nach leor leat ar thuit fós?"
Adubhairt seisean 's is do dob fhíor
nár leor i ndíoghal Thailc mhic Treoin.



Do ghoir Fionn ar Bhuanán bhinn
is tháinig gan scíth ar lom-lúth:
"Is mór an tarcaisne," ar Meargach
"a shamhail sin d'fhear do luadh liom."


L. 39


"Goirfead-sa mo throm-shluagh uile,"
ar Meargach fá fheirg le Fionn;
"scaoilfimíd na laochra fá chéile
iarmhar na Féinne ná luaidh liom."



Níorbh fhada go bhfeacamair ag teacht
Oscar aigeanta na mbéimeann gcruaidh,
a lann líomhtha 'na dheas-dóid bhí
a Phádraig, is díth an fear do luadhaim.



Aithris dúinn, a Oisín suairc,
cionnus dochuaidh an cath don dís,
nó an le Meargach na lann nglas
do thuit do mhac, an tOscar groidhe?



Innsim duit, a Phádraig, ar dtús
gur doiligh liom mé bheith mar táim
i ndiaidh Oscair is na bhFiann
ameasc na gcliar gan puinn aráin.



A thruagháin bhoicht, is dainid léir
nach ameasc na cléire dhuit ó thús;
ní bheitheá anois gan chiall
is do leanfá go fial Rí na nDúl.



Truagh gan taise chugat féin
agus go fíor chun do chléire;
ná bí dá luadh go leanfainn Dia
's go dtréigfinn triath na Féinne.



Ná bí dá shuidheamh, 'Oisín, linn
cuir dúinn críoch ar Chnoc an Áir
dobhí an Fhiann tréan go leor
anois is dóibh go tláth.



A Phádraig, má's é Dia na ngrás
thug an tásc sin ar an bhFéinn,
ná creid uaidh as so suas
aon ní luaidhfidh feadh a ré.



Aithris dom anois, a Phádraig
an é an Dia grádhmhar sin adubhairt
go rug féin ortha buadh
is gurb é Ifreann fuar a gclúid.



Innsim duit, is ní bréag
gur dhearbhuigh béal Dé dhúinn -
an dream nach déanfadh a réir
Ifreann gan bhréag gurb é a ndún.


L. 40


Ní dhearnaidh an Fhiann a réir riamh
ná creid-se Dia na saobh-ghlór;
innis dom, má's é rug buadh
cá bhfuair sluagh i gcumas dóibh.



'Sé Dia rug buadh ar an bhFéinn
is níor iarr sé dá dhéanamh slógh
acht a chomhacht féin in 'aonarán
is creidte gach tráth a ghlór.



Ná creid ní ar bith dá luadhann
má deir go rug buadh ar an bhFéinn,
gan sluagh ná tóir 'na dháil
ná géill go bráth, acht é féin.



'Sé Dia féin an uile shlógh
'sé Dia tóir is neart chách,
'sé Dia rug buadh ar an bhFéinn
's ní le tóir laoch ná cruadhtháin.



Anois fá bhrígh do leabhair bháin
is fá fheart do bhachaille caomh,
fá shiansán do chluig ghuth-bhinn
an abrair linn id aithris bréag?



A Oisín, creid uaim go fíor
gach friotal innsim duit ar Dhia,
go bhfuilid gan cheilg gan bhréag
is gurb é féin do sheol dúinn iad.



I ngach tásc dár aithris duit
ní mór mo cheist, acht amháin
má deir leat gur bhuaidh féin
ar an bhFéinn i n'aonarán.



Rug sé buadh ar a dtáinig fós
ó thús an domhain mhóir go fíor;
is béarfaidh buadh ar a dtiocfaidh
dá thréine cumas go deireadh an tsaoighil.



Ná creid focal dá ndubhairt riamh
ná fós dá ndéarfaidh le n-a ré,
ós gnáth leis bheith dá luadh
gurb é rug buadh ar an bhFéinn.



Is dearbh leat-sa gurbh fhearr an Fhiann
ná a dtáinig riamh 's a dtiocfaidh fós;
's is dearbh liom-sa gurbh fhearr Dia
ná tusa agus iad, a sheanóir.



Is cosmhail nach feaca tú an Fhiann
'na dtionól gliadh i n-am gleodh;
níor shamhail le siansán salm
ná le clog garbh ag ceol.


L. 41


Níor chosmhail le Dia i n'aonarán
an sluagh mórdhálach oirdhearc úd;
ní chuala tásc a éacht riamh
acht a gcuirir-se 's an chliar dá chlú.



Níor aithris mise ná an chliar
ó thús duit trian a mhaith-ghníomh;
maith do-chríochnuighthe a mhaith
a Oisín, is eadh go fíor.



Ní ghéillim, a Phádraig, dod Dhia
ná fós dod bhriathraibh leamh-ghlóir
gur mhaith é féin ná a ghníomh
ó's duine é bhíos gan cath ná slógh.



Ní iarrann cath ná slógh teann
a Oisín na lann, 'na dháil,
Acht ceart d'imirt go coitchionn
do réir a thoile de shíor-ghnáth.



Creid uaim fós is géill go fíor
a Oisín bhaoith nach grádhann Dia,
pé aca maith nó olc leat é
is é chuir cosc le réim na bhFiann.



Do chanais bréag, ní hé Dia
rug buadh na bhFiann, ná a mbás;
's dá ndearnadh ceart nó comhthrom riamh
do roinnfeadh go fial an t-arán.



Ní lugha rug buadh ar an bhFéinn
ná dorinn ceart riamh do chách;
mar fhiadhnaise air sin, a chléirigh
a luighead a gheibhim féin den arán.



Nach faghann tú arán is deoch
gach mionca is gheibheann an chliar;
tuigtear dom gur náireach duit
bheith ag samhlughadh mí-chirt le Dia.



Má gheibhim-se arán is deoch
gach mionca is gheibheann an chliar,
A Phádraig, ní mheasaim féin
do Dhia go bhfeiceann an leath-riar.



Cionnus dob fhéidir do leath-riar
an tan dogheibhir biadh mar chách?
is cosmhail nach leathchuma sin
a Oisín, is minic do ghlámh.



A Phádraig, ní chreidfinn do Dhia
tusa ná do chliar nach caoin,
má's comh minic a bhíos ár mbéile
gurb ionann dothéid an roinn.


L. 42


A Oisín, ná cuir suim níos mó
'na bhfuairis d'anródh ameasc na gcliar;
leathchuma ní dhearnadar ort
's is fearr a n-olc ná maith na bhFiann.



Olc agus argain ó gach áird
go dtagaid i ndáil na gcliar!
is ná rabhair-se saor ón ngoimh
níor chosmhail sibh le sluagh na bhFiann.



Is olc liom, a sheanóir léith
nach ionmhain leat cliar ná Dia;
tiocfaidh tráth n-ar díth leat é
go doilbh i ndaor-ghlas pian.



Is leor liom de dhaor-ghlas pian
bheith ameasc na gcliar mar táim
ag feitheamh le grásaibh Dé
a roinneas go caol an t-arán.



Níor chosmhail sibh ná bhur nDia
le Fionn ag riar 's ag roinn aráin;
Níor mhuirear leis sluagh na bhFiann
is a dtigeadh nach iad 'na dháil.



Níor amhail duit-se is dod chléir
ná d'bhur saor-fhlaith is mór libh cáil;
is muirear libh truaghán gan lúth
'nbhur ndáil fá phúdhar i n'aonarán.



Dob ionmhain linn-ne is le Dia
seanóir liath do bheith dár réir
ná bheith saobh-ráidhteach liosta
mar bhíos tusa, a Oisín bhaeith.



A Phádraig, dodhéanfainn do réir
is dob ionmhain liom féin do Dhia
acht a mhionca dhuit dá luadh
gurbh é rug buadh ar an bhFéinn.



Beannacht le cathaibh na bhFiann
ba thréanmhar iad 's ba mhaith cáil;
aithris dúinn anois le fonn
cia rug buadh ar Chnoc an Áir


L. 43


Aithriseochad féin sin duit
a mhic Calpruinn na salm sámh
gleo gáibhtheach mo mhic láimh-nirt
le Meargach dána na dtréan-lámh.



Gidh gur mian liom a dtrácht súd
do bheith ar siubhal le hiomad páirt,
leanfad duit má gheibhim riar
ar choinsgleo dhian Chnuic an Áir.



d'ionnsuigh Meargach na nglas-lann
is Oscar go teann i gcomh-ghléidh;
A Phádraig, dá bhfeictheá an dís
ní mholfá gníomh Aon-mhic Dé.



Dobhíomair uile an Fhiann
i gcreathaibh diana go tláth
le han-uamhain gur thuitim dár laoch
le Meargach tréan na gcruadh-lámh.



Dobhí sluagh Mheargaigh na lann
gan chroidhe, gan ghreann, ag dortadh déar
d'eagla marbhtha a gceann-triath
le hOscar dian na lann ngéar.



A Phádraig, dá mbeitheá-sa id fhiadhain
ar gach rian-chuilg-bhéim chruaidh
dá raibh ar chorpaibh na laoch
neart do Dhé ní bheitheá a luadh.



A Oisín, scaoil thort go fóill
do bhriathra baoise is lean ded thrácht;
Innis dúinn cioca den dís
do bhuaidh an gníomh ar Chnoc an Áir.



"A Mheargaigh," ar Oscar ós árd
"do dhearg mo lámh ar do chorp,
do gearradh liom t'fheoil go cnámh
tá anbhuaine an bháis ag teacht ort."



"Ní heagal liom triall an bháis
do theacht ód láimh, a Oscair fhéil;
Is dearbh liom do thuitim linn
's a maireann led linn den Fhéinn."



"Is dearbh linn, a Mheargaigh chruaidh
nach fada uait guais an bháis,
's go dtuitfir-se is do shluagh
liom-sa is le sluagh Fiann Fáil."



Do ghlac Oscar goimh is fraoch
is do thóg a lann lán-bhuadhach;
le mire meanman is neart lámh
do theilg fá lár Meargach cruaidh.


L. 44


Níorbh fhada don laoch ar talmhain
an tan d'éirigh go tapaidh arís;
do ghaibh náire iar sin an fear
is do mhéaduigh i neart 's i ngníomh.



Do chaith an dís deagh-laoch glan
ó amharc maidne go hiarnóin
gan síth gan sosadh gan cháirdeas
uch, a Phádraig, i ndian-ghleo.



d'fhiafruigh Meargach d'Oscar áigh
an dtréigfeadh go lá an ghléadh;
adubhairt Oscar: "Do-gheobhair do mhian"
is do scuradar iad ar aon.



Thugadar an dís lámh ar láimh
is ghaibh an fánaidhe a shluagh féin;
do ghluais Oscar go calma mear
san leirg amach roimh an bhFéinn.



Dobhí dream againn go subhach
is dream eile go dubhach tláth
go teacht do lá arn-a bhárach
's go teacht na námhad 'nár ndáil.



Dochuaidh Oscar i n-éide catha
's do ghlac a arm 's a sciath 'na dhóid;
do thriall i gcomhdháil 's i gcoinne
Mheargaigh mhire, an tréan-leon.



d'ionnsuigh an dís an dara lá
ar maidin, go lámh-ghrod dian,
ag gearradh is ag créachtadh cnámh
is níorbh fhada gur gháir an Fhiann.



Créad an fáth ar gháir an Fhiann
a Oisín na ngliadh, aithris dúinn,
ná dearmad, aitchim, do thásc
is milis do ráidhte air siúd.



Níor gháir mhaoidhte, a Phádraig nua
a thóg an Fhiann an tráth úd,
acht gáir chaointe agus chráidhteacht
gáir gholáin is gáir chumhadh.



Créad fá ar gháir an Fhiann úd
is fada liom go nochtair fáth?
is cosmhail mar leanas do laoidh
go raibh Oscar i líon cruadhcháis.



Dob é fáth fár gháir an Fhiann
a Phádraig na gcliar, go dearbh,
an treas bhéim thug Meargach na lann
d'fhúig Oscar go fann fá thalamh.


L. 45


An tan chonncamair Oscar ar lár
do shíleamair is cách go raibh marbh;
acht nárbh fhada don laoch chródha
an tan d'éirigh go beodha 'na sheasamh.



"A Oscair," ar Fionn na bhFiann
"ní fheaca riamh do chorp ar lár
ar úir talmhan gus indiu
ag gaiscidheach dá bhuirbe lámh."



"Is dearbh liom-sa," ar Meargach na lann
"go mbeidh Oscar go fann gan spás,
agus fós an chuid eile den Fhéinn
acht tusa is Aodh Beag amháin."



"Dubhshlán na Féinne," ar Oscar, "fút
a Mheargaigh chruaidh na nglas-lann,
ó deargadh liom ar do chorp caomh
ní heagal liom féin do theann."



"Cuimhnigh 'Oscair," ar Conán Maol
"do thuitim don Fhéinn gur díth
cuimhnigh gach cath is taom cruaidh
do sheasmhais do shluaightibh Fhinn."



Do spreag Conán Oscar áigh
thug aghaidh go dána ar Mheargach thréan;
is ní fheacathas fós, a Phádraig
cath ba dhásaighe idir dís laoch.



Dob é siúd an cath ba dhian
a Phádraig na ngcliar, gan gó,
cath gan sosadh, cath gan pháirt
cath gan staonadh ba gharbh gleo.



Dobhí an dís dob áille cneas
Oscar is Meargach adeir mé,
an dara lá ar theacht don nóin
's níorbh aithnid a gcló ná a scéimh.



Ní raibh ball dá gcorpaibh caomh
gan rian créacht is goin lann
ó bhathas cinn go bonn trácht
dúinn-ne is do chách níor ghreann.



"A Oscair cuimhnigh gur led láimh
do thuit Gruag-fhear na ndún-ghliadh;
má cuirtear le Meargach tú ar gcúl
ní haithnid dúinn tú," ar Fionn na bhFiann.


L. 46


"Nach cuimhin leat," ar Fionn áigh
"gur led láimh a thuit Tailc mac Tréin,
's gach gaiscidheach is trom-shlógh
thar lear thug tóir ar an bhFéinn.



"Nach cuimhin leat-sa gurab teann
bhí Noisniadh flannda an Dúin Óir;
ó nach aitheantar do ghnúis linn
cluinimís gach tráth do ghlór."



Ba dhearbh linn uile an Fhiann
nárbh fhada an dias ón éag;
ba ghearr gurbh aoibhinn dúinn
ar thuitim gan lúth don fhear tréan.



Gidh thuit ar talamh an laoch
i gcreathaibh 's i n-éag, dar linn,
d'éirigh go calma mear arís
is dubhairt: "Is díth so don Fhéinn."



Dobhí an nóin i bhfogas dúinn
is tuigeadh d'Fhionn is do chách
go mbadh chuibhe an dís laoch
do scur ón ngléidh go lá.



Do labhair Fionn leis na fir chalma
is dubhairt go mbadh mhaise dhóibh araon
staonadh ón gcath de thoil a chéile
go héirghe gréine is amharc lae.



Adubhairt Meargach na nglas-lann
"Is cuibhe sin, a Fhinn mhic Cumhaill,
is ní thárla riamh liom féin
a shamhail seo de laoch ar lúth."



"Ó 'nocht amach, a Mheargaigh chruaidh
cuirim suas díot-sa 's d'Fhionn,
de ló ná d'oidhche scur go bráth
nó gur bás do cheachtar dúinn."



Do scuir an dís deagh-laoch
an oidhche sin 's ba chréachtach tinn
a gcuirp, a bhfeoil 's a gcnámha
gan bhrígh, gan bhláth, gan feidhm.



Arn-a bhárach ar amharc lae
d'ionnsuigh a chéile an dís go dian,
ba chalma neart is gníomh lámh
ar an talamh dá dtáinig riamh.



Dob iad súd, a Phádraig
an dís ba gharbh is ba theann gleo
's is fearr a chuireadh go cnámh
lann dá láimh dá bhfeaca fós.



Ní fheaca fós dís mar iad
i neart, i rian 's i dtréan-lúth,
i gcalmacht, i mire 's i misneach
's i n-imirt ur-mheanman, dar liom.


L. 47


Ní fheaca a samhail araon
ag fulaing trom-bhéimeann cruaidh,
ag gearradh feola is cneas caomh
ag seasamh gan fleadh gan suan.



I dtreise, i dtréine 's i lúth
gan teirce a bhfonn 'na ndáil,
dobhí an dís gan scur ón ngníomh
de ló ná oidhche ar feadh deich lá.



"A Mheargaigh chruaidh na nglas-lann,"
ar Oscar go teann ós árd,
"is aidhbhéil an náire dhúinn araon
a mhoille tá an gléadh ar láimh."



"A Oscair, is tú is cruaidhe lámh
dár imir im chomhdháil riamh,
do thuitim liom is é do chríoch,"
ar Meargach, "is do líon na bhFiann."



"Ní hé mo chríoch ná críoch na bhFiann
a Mheargaigh chruaidh na nglas-lann,
tuitim mar luadhair led láimh,"
ar Oscar na ráidhte teann.



Do ghlac Oscar na lann ngéar
meanma, gér bhaoth a shnuadh;
níorbh fhada tar éis an teann-ghlóir
go ndubhairt Meargach: "Badh ró-mhaith suan."



"Beidh tú ar díth bídh ná suain
a Mheargaigh chruaidh," ar Oscar áigh,
"nó gur duit ar díth cinn
nó domh-sa, mar mhaoidhis, ar lár."



Níorbh fhada dhúinn taobh ar thaobh
ag feitheamh 's ag éisteacht leo
go raibh Meargach ar cúl scéithe
ag Oscar na mbéimeann gcró.



Ní fhuair sos ná scíth ó Oscar
acht gach béim coilg dá leagadh go teann,
i bhfoirceann an chomhraic chruaidh
de Mheargach gur bhuain a cheann.



Do thóg an Fhiann gáir mhaoidhte
is cách gáir chaointe go cruaidh;
adubhairt mac Mheargaigh na lann
"Tagadh fear im chomhdháil uaibh."



Tháinig 'na choinne 's 'na chomhdháil
Longadán mac Bruaidín na n-each;
comh-ainm mhic Mheargaigh na lann
Ciardán dob fhoghlach i dtreas.


L. 48


Sul tugad tásc an chatha nua
Oscar, badh thruagh gan cur i suim,
bhí líonta de chréachtaibh móra
ó Mheargach cródha na gcruadh-ghníomh.



Rugamair ár laoch calma
linn ó amharc na sluagh dtréan;
is d'iarr cead ar Fhionn an dtús
dul do chomhrac an mhic féin.



Níor aontuigh Fionn don laoch cháidh
dul do chomhrac le Ciardán mear;
do cuireadh leigheas 'na chneadhaibh gonta
's is gearr gur dhoiligh uainn an fear.



An tan d'fhágamair ár laoch
sínte faon ar leabaidh shuain
is lucht freastail 'na chomhdháil
thángamair do láthair an chatha ar luas.



d'ionnsuigh Ciardán go calma
is Longadán ba gharbh gleo,
is níorbh fhada dhóibh i gcath
an tan cuireadh ár bhfear ar feodh.



Do thuit, a Phádraig, dár bhFéinn
le Ciardán in' aonar an chéad lá
deichneabhar is céad d'fhearaibh cruadha
ba dhainid uainn Oscar áigh.



Do thuit leis an dara lá
gan deargadh ar a bhán-chneas caomh,
dhá chéad fear ba chalma lúth
a Phádraig, ba dhubhach an chéim.



An tan chonnairc mac Mórna
Ciardán cródha ag ciorrbhadh an tsluaigh
do ghluais féin 'na chomhdháil
's níorbh fhada ar lár go bhfuair.



Iar dtuitim do Chiardán le Goll
do gháir go lom is do chaoin cách;
do gháir le lúthgháir an Fhiann
gidh nár shaor iad ó dhíombáidh.



Tháinig dearbhráthair do Chiardán
dár ba chomh-ainm Liagán mear;
ba chródha calma an laoch
's ar fheabhas na Féinne d'fhógair cath.



Tháinig i gcomhlann leis siúd
Céirín mac Lughach ba dhian lámh;
níorbh fhada dhóibh, a Phádraig naomhtha
go raibh fear na Féinne ar lár.



Tháinig an dara fear den Fhéinn
darbh ainm Maoghnas mac Labhráin;
do thuit féin is céad 'na dheoidh
le Liagán cródha i n'aonarán.


L. 49


Do ghluais Conán nár dhian i gcath
's nár iarr cáil gaiscidh ná gnímh
i ndáil Liagáin 's ar dteacht do luaidh
"Is baoth do chuaird, a fhir mhaoil."



Iar dteacht do Chonán i bhfogas dó
do thóg Liagán go cródha a lámh;
"Is treise ort an fear ar do chúl
ná mise romhat," ar Conán.



d'amharc Liagán cródha 'na dhiaidh
is ba thapaidh an iarracht ag Conán,
ní ráinig leis féachaint tar ais
an ceann gur scar ón muineál.



Níor sheasaimh Conán an ball
is níor iarr fear do theacht in' áit;
do ghluais de thóir reatha fán bhFéinn
is do chaith a lann féin as a láimh.



d'fhiafruigh Faolán den fhear mhaol
créad mar chéill nár sheasaimh an ball,
gur náireach an gníomh dorinn
's gur le ceilg do thuit Liagán ann.



"Dá dtigeadh liom-sa d'aon-bhéim
an sluagh go léir do chur i ndísc
le ceilg, níor nár liom an bheart
's ní bhfaghaidís fasc ameasc na bhFiann."



"Imthigh," ar Faolán ós árd
"is glac id láimh do lann arís;
fógair cath go calma cródha
ar an bhfear den tslógh is fearr gníomh."



"Ní ghabhaim do chomhairle," ar Conán
"gibé neach n-ar nár leis mo ghníomh
fógradh féin cath is comhrac
ar fhear nó dhó den tsluagh-bhuidhin."



"Triall im dháil-se," ar Faolán
"is congaibh láimh liom san ngléidh
má thuitim leis an té thiocfas
goir-se chugat fear den Fhéinn."



"Ní rachad im aonarán
ná id dháil-se, ar Conán Maol;
"dá mbadh tuitim duit-se ann
níorbh é am dom bheith ag glaodhach."



"Tar mar aon liom a fhir mhaoil
is tabhair leat arís do lann;
ná fan im fhochair má's áil
má's eagal leat cách dod cheann."



Do thriall Faolán is an fear maol
go rángadar araon cos ar chois
an áit 'na raibh Liagán ar lár
"'Fhaoláin," ar Conán, "bí id thost!"


L. 50


Do thóg an fear maol a lann
's do rith go teann tar ais fán bhFéinn;
d'fhuagair Faolán an cath go hárd
ar fheabhas slógh cách i gcomh-ghléidh.



Tháinig go héascaidh 'na chomhdháil
laoch corpánta ba gharbh glór
dá ngoiridís de ghnáth Daolchiabh
a lann 's a sciath 'na dheas-dóid.



Níorbh fhada an dís i dtroid na lann
go bhfeacamair, is ba ghreann le cách,
Faolán cliste, ár ngarbh-laoch
ar cúl scéithe ag Daolchiabh áin.



Do thógadar cách gártha grinn
gér dhoiligh a ngnaoi tré bhás Liagáin;
do thógamair-ne gártha goil
le tréigean nirt ár bhFaoláin.



Do-chualaidh Oscar ár n-uall-gháir
ar a leabaidh ar a raibh go fann
"Tá an cath coitchionn," ar sé
"'s ní bheidh neach den Fhéinn fá cheann."



Níorbh fhada go bhfeacamair ag teacht
an laoch calma ar tréan-lúth;
níorbh fhios dúinn gurbh é bhí ann
gur bheannuigh go ceannsa d'Fhionn.



"Do shíleas, a Fhinn," ar Oscar áigh
"an tan chuala an gháir dobróin
nach raibh laoch oscurtha ar an gcnoc
is duine agaibh nach raibh beo."



Dobhí Faolán is Daolchiabh áigh
i ngleo go dána 's i gcomhrac chruaidh
ag gearradh feola is corp caomh
a n-amharc araon ba thruagh.



D'iarr Fionn ar an laoch calma
Oscar aigeanta is é a luadhaim,
dul arís tar ais don dún
is gan fuireach fá lúth na sluagh.



"Ní rachad tar m'ais, a Fhinn cháidh,"
ar Oscar nár thláth i ngliaidh,
"nó go bhfeasad ciaca den dís
a thuitfeas san ngníomh go dian."


L. 51


Dobhí Faolán dá thraochadh go mór
ag Daolchiabh ba chródha teann,
"a Fhaoláin," ar Oscar na lann ngéar
"do thuitim le Daol níor ghreann,"



D'fhéach Faolán, is ba chruaidh a chás
ar Oscar is díombáidh 'na ghnúis;
"A bhláith na laoch gcalma," ar sé
"má thuitim ná tréig mo chúis."



"Má's tuitim duit le Daolchiabh
a Fhaoláin, gidh tréan a throm-shlógh,
tuitfead-sa agus sluagh na bhFiann
nó tuitfidh Daolchiabh id dheoidh.



"Cuimhnigh, 'Fhaoláin," ar Oscar tréan
"gurbh iomdha laoch do thuit led láimh,
is nach cuibhe dhuit i n-amharc na bhFiann
gan seasamh le Daolchiabh i ndáil."



Níorbh fhada dhúinn mar sin
go bhfeacamair, is b'ionmhain an scéal,
Daolchiabh ag Faolán gan cheann
is thógamair gáir le greann mar d'éag.



Do ráidh Oscar de ghuth árd
"Tigeadh cách uile d'aon tsuim
is gheobhaidh cath coitchionn garbh
gan mhoill le fearadh ó shluaightibh Fhinn."



"Ní scurfad-sa," ar Faolán na lann
"go dtuitidh ann tuilleadh den tslógh
lem láimh féin 'na haonarán
muna gcuirtear le cách mé ar feodh."



Innis dom, a Oisín, gan bhréag
má's sibh-se an Fhiann dob fhearr lúth,
créad nach cath coitchionn teann
fuair Meargach 's a dhream ar dtús?"



A Phádraig, níor ghnáth leis an bhFéinn
gan rogha gléadh a thabhairt do chách;
níorbh ionmhain leo cealg ná meang
ná neach den dream níorbh é a cháil.


L. 52


Níor dhiúltuigh an Fhiann le n-a linn
i gcath ná i gcoimheascar na sluagh dtréan,
cath coitchionn nó aonarán
do thabhairt do chách d'iarrfadh é.



Ded thuarasgabháil go fíor lean
go bhfaghaimíd críoch catha an áir,
nó ar thuit an fear borb
de ghnáth a goirtear leat Faolán.



Tar éis Daolchiabh a chur chun báis
d'iarr Faolán cead ar Fhionn
dul do chomhrac gan cháirde ar bith
le laoch eile de shluagh chách.



Aontadh na Féinne an tan fuair
d'fhógair go cruaidh cath ar chách;
tháinig laoch dár ba chomh-ainm
Cian mac Lachtna 'na chomhdháil.



d'ionnsuigh an dís deagh-laoch
a chéile go tréan, calma, cruaidh;
níorbh fhada gurbh aoibhinn dúinn
is cách go dubhach fá lán-ghruaim.



Ní thug Faolán an dara béim
chun Céin mhic Lachtna na gcruadh-lámh
an tan dochonncamair ag teacht
an ríoghan chailce fá dhéin an áir.



Do thuit mac Lachtna le Faolán
sul ráinig sí i bhfogas dúinn;
do scuir an gleo ar gach taobh
ag feitheamh na déagh-mhná úd.



Do tógadh le cách gártha caoi
ar aithne na rí-mhná dhóibh;
dobhí an Fhiann 'na sost go huile
dá hamharc ag sileadh na ndeor.



Ar a ceann dobhí folt órdha
a Phádraig, ní gó a mhaoidhim.
nach feaca tusa ná do Dhia
a shamhail de chiabh ar aon mhnaoi.



d'fhiafruigh sí de ghlór shochma
cá raibh Fionn oirdhearc, rí na bhFiann,
nó ar thuit a céile caomh mear
is a dís mhac cár ghaibh siad?



"Cia hé do chéile caomh," ar Fionn
"innis dúinn, is do dhís mhac?
má's tuitim dóibh ar Chnoc an Áir
dogheobhair a dtásc, a bhean."



"Ainm mo chéile ba mhór buadh
Meargach cruaidh na lann nglas,
's mo dhís mhac, Ciardán ba thréan
is Liagán nár thréith i gcath."



"A ríoghan cháidh," ar Fionn na bhFiann
"do thuit an triar do luaidh tú,
gidh gur thapaidh lámh-thréan
i gcath 's i ngléidh iad 's i lúth."


L. 53


Do scread is do gháir an rí-bhean
is a basa do ghread le cumha,
do shil go guirt frasa deor
is dubhairt "Mo bhrón! cá bhfuil mo thriúr?"



Do ghluais an ríoghan chailce
go dian ag screadaigh fán ár
go ráinig sí an áit go beacht
'na raibh a fear 's a dís mhac ar lár.



Do thionóil an Fhiann anoir 's aniar
's do thionóil cách mar iad go tláth
ó gach taobh is áird den chnoc
ag éisteacht le caoi-ghuth na mná.



A Phádraig, ní fheacaidh do Dhia mór
do chliar fós, ná tú féin,
macasamhail na mná úd
i bpearsain, i gclú is i méin.



An tan tháinig ós cionn na gcorp
do stoith a folt ar dhath an óir,
do shín tarsna ar an dtriúr
gan tapadh gan lúth gan treoir.



d'athruigh a héadan maiseach mín
a dearca grinn 's a dearg-ghruadh,
a leaca, a béal 's a cruth go léir
a samhail don éag ba thruagh.



Níorbh fhada dhúinn, a Phádraig, mar sin
go ndeachaidh sí i néallaibh báis;
do thóg an námhaid uall-chaoi ghéar
is an Fhiann féin bhí fá dhíombáidh.



Do shíleamair-ne is fós cách
go bhfuair bás an ríoghan cheannais;
tháinig 'na cruth tar ais arís
's do chan an chaoi-laoidh mar leanas:


L. 54


B 1806-55lsc 19T
LAOIDH MNÁ MHEARGAIGH.
.i. Caoine Áille Shnuadh-gheal ar Chnoc an Áir.



A Mheargaigh na nglas-lann ngéar,
dob iomdha gliadh is tréan-chath
i dtionól sluagh 's id aonarán
do thuit led chruadh-láimh-se seal.



Níorbh fhiadhain mé go raibh 'na ndeoidh
deargadh leoin ná créacht id chorp;
's is dearbh liom gur ceilg, a ghrádh,
's nach neart lámh do bhuaidh ort.



Dob fhada do thriall i n-imchéin
ód thír ba chaomh go hInis Fáil
d'ionnsaighe Fhinn is na bhFiann
do chealg mo thriar don bhás.



Díombádh dod chéile do cheann
do chaillis le meang na bhFiann,
's mo dhís óglách, mo dhís mhac
mo dhís d'fhearaibh ba gharbh gliadh.



Mo chumha! mo bhiadh is mo dheoch
mo chumha! mo chosc ó gach áird,
mo chumha! mo thriall i n-imchéin
is gur chailleas mo laochradh cáidh.



Mo chumha! mo dhún ar lár
mo chumha! mo scáth is mo sciath,
mo chumha! Meargach is Ciardán
mo chumha! Liagán ba bhreágh cliabh.



Mo chumha! mo choimhéad is mo dhíon
mo chumha! mo bhrígh is mo theann,
mo chumha! mo chosnamh ón olc
mo chumha anocht sibh go fann!



Mo chumha! mo lúthgháir is mo ghreann
mo chumha! mo gheall i ngach áird,
mo chumha! mo lúth is mo neart
mo chumha ó 'nocht amach go bráth!



Mo chumha! mo threoir is mo thriall
mo chumha! mo mhian go lá an bháis,
mo chumha! mo bhláth is mo scéimh
mo chumha mo laochradh ba cháidh.


L. 55


Mo chumha! mo leaba is mo shuan
mo chumha! mo chuaird is mo theacht,
mo thruagh! m'éide 's mo bhládh
mo chumha chráidhte mo thriúr fear!



Mo chumha! mo mhaise is mo scéimh
mo chumha! mo shéada is mo thaisce,
mo chumha! mo chiste is mo mhaoine
mo chumha! mo thrí coinnle gaisce.



Mo chumha! mo cháirde 's mo ghaol
mo chumha! mo mhuintir 's mo charaid,
mo chumha! m'athair is mo mháthair
mo chumha 's mo chás sibh marbh!



Mo chumha! mo pháirt is m'fháilte
mo chumha! mo shláinte gach am,
mo chumha! mo mheidhir is mo shólás
mo dhoiligh dóláis sibh go fann!



Mo chumha! mo shleagh is mo lann
mo chumha! mo cheannsacht is mo ghrádh,
mo chumha! mo thír is mo bhaile
mo chumha sibh do scaipeadh óm dháil!



Mo chumha! mo chuan is mo chaladh
mo chumha! mo thairbhe is mo shéan,
mo chumha! mo mhórdhacht is mo ríoghacht
mo chumha is mo chaoi sibh go héag!



Mo chumha! mo rath go hiomlán
mo chumha! m'imreasán gníomh,
mo chumha! mo thionól slógh
mo chumha! mo thriar león ngroidhe!



Mo chumha! m'imirt is m'ól
mo chumha! mo cheol is m'aoibhneas,
mo chumha! mo ghrianán is mo bhantracht
mo chumha channtlach sibh claoidhte!



Mo chumha! m'fhonn agus m'fhiadhach
mo chumha! mo thriar dearbh-laoch,
mo chumha! och, mo chumha iad
's a leagadh i n-imchian don Fhéinn!



D'aithin mé ar na slóghaibh go tréan
dobhí i ngléidh ós comhair an dúin,
ar an bhfoghar i nglinntibh an aeir
nárbh fhada an baoghal óm thriúr.


L. 56


D'aithin mé ar an bhfoghar-ghuth sídhe
ag teacht go cinnte im chluais
nárbh fhada uaim goimh nua-scéil
bhur dtuitim is é do thuair.



D'aithin mé i dtús an lae
do scar mo thriúr laoch liom
ar amharc deor fola 'na ngruadh
nárbh fhilleadh fá bhuadh dhóibh chugam.



D'aithin mé ar ghuth na mbadhbh
i nbhur gcathair mheidhir gach nóin,
ó scarabhair liom go crothach caomh
gurbh fhogas dom léan is brón.



Nach cuimhin liom, a thriúir ba chaomh
gur mhinic mé libh dá luadh
dá mbadh teacht go hÉirinn daoibh
nach feicfinn bhur ngnaoi fá bhuadh.



D'aithin mé ar ghuth an fhiaigh
gach maidin ó thriall sibh uaim
gur thuitim do cheachtar díbh
mo dhainid is fíor an duan.



D'aithin mé, a thriúir ba cháidh
ar ndearmad bhur n-ál-chon daoibh
nárbh fhilleadh dhaoibh don tír le buadh
gan cheilg ó shluaightibh Fhinn.



D'aithin mé, a choinnle gaisce
sruth an easa le taobh an dúin
bheith i n' fhuil le linn bhur dtriall
an fheall riamh go raibh i bhFionn.



D'aithin mé ar chuaird an fhiolair
gach nóin ag filleadh ós an dún
nárbh fhada go gcluinfinn féin
tásc droch-scéil ón dtriúr.



D'aithin mé an tan d'fheoidh an bile
'dir ghéag is dhuille ós comhair an dúin.
nár theacht fá bhuadh tar ais daoibh
ó chealgaibh Fhinn mhic Cumhaill.



"Ná hiomcháin Fionn, a ríoghan áigh
is fós ná hiomcháin sluagh na bhFiann;
ní le cealg ná le meang
do thuiteadar ann an triar."



Ní thug an ríoghan freagra ar bith
ar Ghráinne 's níor chuir suim 'na glór,
acht leanamhaint dá réim ag caoi
go fras ag síor-shileadh deor.



D'aithin mé ar amharc 'bhur ndiaidh
an lá do thriall sibh ón dún,
ar eitil dubh-fhiaigh romhaibh amach
nár chomhartha maith ar chasadh chugham.


L. 57


D'aithin mé ar choin Chiardáin
ag glam-gholán gach nóin,
nárbh fhada go bhfaghainn mo phian
bhur dtásc, a thriair, mo dhobrón.



D'aithin mé ar laighead mo shuain
gach n-oidhche buan fá shruthaibh déar,
óm roscaibh ó scar sibh liom
nár thuar cumhdaigh daoibh-se é.



D'aithin mé ar thaidhbhreamh anbhuain
do theasbáin mo ghuais dom féin
gur gearradh mo cheann 's mo lámha díom
gur sibh-se dobhí gan réim.



D'aithin mé ar Uaithnín bhinn-ghlórach
gadhar ba ró-shearc lem Liagán,
ag glamghail gach maidin go moch
mo thriúr go roibh i gcruadhchás.



D'aithin mé nuair teasbáineadh dom
an loch fola ar áit an dúin,
torchartha go raibh mo thriar
ón gceilg riamh nár shaor Fionn.



"Ná bí ag aithis Fhinn," ar Gráinne
"a bhean gidh cráidhte do chroidhe;
tréig feasta bheith ag iomcháineadh
na bhFiann mórdhálach ná Finn."



"A Ghráinne," ar ríoghan na n-ór-chiabh
"dá mbadh leat an triar so ar lár,
iomcháineadh is aithis níor leor leat
mar dhíoghal dearbh i n-a mbás."



"Dá bhfanaidís 'na gcathair féin
a ríoghan séimh," ar Gráinne Fhinn,
"'s gan teacht ag díoghailt bháis mhic Treoin
ón bhFéinn níor dhóibh badh dhíth."



"Dá mbadh tuitim dóibh le comhthrom lann
gan cheilg ná meang, a Ghráinne chaoin,
ní iomcháinfinn-se an Fhiann
is ní mhairid chun fiadhain linn."



"Dá mairidís, a ríoghan cháidh
ní iomcháinfidís féin an Fhiann,
mar is fiadhain duit a gceann
nach le meang do leagadh iad."


L. 58


"Dob fhéidir, a Ghráinne, adeirim
a leagadh le ceilg 's le meang
is i ndiaidh bheith craiplighthe dhóibh
a ndí-cheannadh le fóirneart lann."



"Creid uaim, a ríoghan," ar Gráinne
"nach raibh cealg san láimh, ná meang,
do leag Meargach na lann nglas
is do theilg le neart de a cheann.



"Innsim duit fós gan bhréag
an dís do leag go faon do chlann,
nár chuibhe aithis do thabhairt dóibh
a ríoghan óg 's go bhfuilid gan meang."



"A Ghráinne," ar an ríoghan áigh
dár chomh-ainm Áille Gheal-snuadhach,
"ní chreidim uait ná ón bhFéinn
nár thuitim dom laochradh mar luadhaim."



"Ná bí feasta liom dá luadh
is ná glac tríd guais, a Áille gheal;
ní raibh ceilg riamh san bhFéinn
's ní mó leigid le héinne a gceart."



"Innsim duit fós gan bhréag
nach táinig riamh laoch 'na ndáil
Rug a mbuadh i gceart na lann
is go mbeid amhlaidh go lá a mbáis."



"Dá dtugaidís ceart don triar
a Ghráinne ró-fhialmhar, i ngléidh,
is dá sluagh tréanmhar cathbhuadhach
is dearbh gur bhuan iad dá n-éis."



"A Áille Gheal-snuadhach," ar Gráinne Fhinn
"ó nach creidtear leat sinn dá luadh,
leagfaidh an Fhiann is ní le ceilg
tuilleadh ar an leirg ded throm-shluagh."



"A Ghráinne," ar an ríoghan óg
"ar son na gcródh-fhear do dhul d'éag,
tá dearbh-dhóigh agam as cách
go gcuirfid ár ar an bhFéinn."


L. 59


"A Áille," ar Gráinne an ghrinn
"is dearbh linn gur fada do thriall
tar maraon liom 's leis an bhFéinn
go gcaitheam le chéile deoch is biadh."



Do dhiúltuigh Áille Gheal-snuadhach
an cuireadh fuair ó Ghráinne Fhinn
is dubhairt nár chuibhe léi féin
fleadh ná féasta ó lucht a ngníomh.



"Go ngearrtar mo chorp fám lár!"
do ráidh Conán de gharbh-ghlór,
"go n-íocfair-se, a Áille Gheal-snuadhach
iomcháineadh ár sluagh-ne gan chóir."



"A fhir mhaoil is gránna deilbh
ar aon leirg dá bhfeaca fós,
is dearbh liom gur íocas go cruaidh
a n-iomcháin is ba thruagh an sceol."



"Íocfaidh tú níos cruaidhe," ar Conán
"aithis is iomcháin na bhFiann;
bainfead-sa do cheann ór-fhuilt díot
má gheibhim cead Fhinn gan chiach."



"Gidh mór toirteamhail do chorp
's gur leathan, lom, crot do mhaeil,
is tú reamhar-chnámhach righin-fhéitheach mear
geallaim-se nach maith an laoch."



Do thógamair uile, an Fhiann
gáir ba dhian grinn, is cách,
an tan d'imdhearg an bhean
an fear maol leamh, is d'iomcháin.



Do ghlac an fear maol mór-fhearg
is do labhair de gharbh-ghuth árd:
"Cúis chaoi is srotha déar
guidhim don Fhéinn is do chách."



Tharraing a lann as a thruaill taisce
is thug sídhe garbh chun na mná;
do bhuail Oscar air cruadh-bhéim
do bhain fuaim soiléir as a lár.



D'uaill Conán is d'fhéach go truaighe
ar Oscar na gcruadh-lann ngéar,
adubhairt, "'Oscair, is nár an gníomh
do ghoinis mo chlí ó thaobh taobh."


L. 60


"Ní ghoinfinn do chlí ná do chorp
acht go bhfeaca gurbh olc do mhéin;
níor chuibhe dhuit nochtadh do chlaidhimh
ar amharc gnaoi na mná is a scéimh."



"Níl mo shuim i scéimh na mná
'na gnúis áluinn ná 'na gnaoi,
is measa liom aithis gan chiall
agus iomcháin na bhFiann agus Finn."



Do ghluais Fionn 's an Fhiann ón gcnoc
is Oscar aco 'na fhear cinn-riain;
do thriall cách 's an ríoghan séimh
ar a dtaoibh féin go prap mar iad.



Arn-a bhárach tháinig an Fhiann
go goimheamhail dian chun áir
's níorbh fhada go bhfeacamair ag teacht
Áille Shnuadh-gheal agus cách.



Do ghluais Gráinne 'na gcomhdháil
is rug ar láimh ar an ríoghain óig;
comhshnadhmtha ar aon rian mar sin
thángadar go cliste i dtús an tslóigh.



Fán am n-a rángadar sinn
do sheinn Dáire go binn cath-cheol.
do sheinn Fionn an Barr Buadh
is do ghairm fá luas a throm-shlógh.



"A Áille Shnuadh-gheal," ar Gráinne
"an amhlaidh is áil leat dís laoch
do dhul i gcomh-ghléidh na lann
nó cath coitcheann ar gach taobh?"



"A Ghráinne," ar Áille gheal-snuadhach
"is amhlaidh is cuibhe ar gach taobh
triocha de laochradh na bhFiann
is triocha mar iad i gcomh-bhéim".



"Gairm chughat do thriocha laoch (ar Gráinne)
ar an leirg 'na n-aonarán;
goirfead-sa triocha na bhFiann
go dtugaid cath dian ar Chnoc an Áir."



"A Thuardáin," ar Áille Shnuadh-gheal
"do thuit led láimh i n-aon ló
triúr agus céad fear calma
tar-se ag tagradh id cheann gleodh."


L. 61


"A Chiabháin," ar Gráinne ós árd
"do thuit led láimh-se i n-aon chath
trí chéad agus sé fir déag
seasaimh ar thaobh le n'ais."



"A Mheanúir," ar Áille Shnuadh-gheal
"dobheireadh an fiadh leat ón sliabh
le rith do dhá chos lúth-chruaidh
ní meathta is dual do ghliadh."



"A Ruathaire," ar Gráinne Fhinn
"ní bhriseann fád throigh an críonán
le déine do thóir ar lom-lúth
beir cliste do súd i gcomhdháil."



"A Chonaráin nár fhág riamh
cnámh ná fiacail slán ag laoch
dár fhear leat cath agus gleo
measaim gurab cóir tú ghlaodhach."



"A Choscaire," ar Gráinne go teann
"do chuireadh an ceann d'aon-bhéim
míle ón gcolainn d'fhearann úr
gabhaim-se tú 'na chomh-ghléidh,"



"A Eirire na mór-chréacht
ar chorpaibh tréan-laoch do chuir,
ní meathta is dual do ghlia
is cuimhnigh ar an dtriar do thuit."



Dobhí an dís de mhnáibh áilne
Áille is Gráinne, bean Fhinn,
ag gairm 's ag togha na bhfear
gur líon triocha beacht ar gach taoibh.



d'ionnsuigh na tréan-fhir a chéile
gach dís garbh-laoch i gcomh-ghléidh;
i bhfoirceann an chatha níor mhair den líon
a Phádraig, acht dís den Fhéinn.



Dár dtriochaid-ne do mhair an dís
is fann mo chroidhe de bheith dá luadh;
ní tréigfear liom mo thrácht go fóill
a Phádraig ón Róimh an chreidimh chruaidh.



An tan dochonnairc an Fhiann
an tuitim go dian ar chách,
do thógadar trí ghártha grinn
ba chlos i nglinn is i n-árd.



"A Áille Gheal-snuaidh," ar Gráinne
"is mór an cás ar gach taoibh -
ár na laoch ba chruaidh gaisce
triall leat 's a maireann ded bhuidhin."


L. 62


"Ní thriallfad féin ná iad súd
a Ghráinne, dár ndúthaigh féin
nó gur thuitim dóibh go deireadh
go bhfaghaid díbheirg ar an bhFéinn."



"Innsim duit, a Áille Shnuadh-gheal
go mb'fhearr daoibh stad den tóir,
go rochtain bhur dtír áluinn féin
nó fear scéil ní rachaidh beo."



"Ní triall dúinn dár dtír, a Ghráinne
gur tuitim d'iomlán ár slógh,
nó go mbeiream linn i ndíoghal chách
ceann Fhinn cruadh-lámh i ngleo."



An tan dochualaidh sluagh na bhFiann
glór ainmhianach na mná úd
do sheinn Fionn an Barr Buadh
caismeartha is fuaim-gháir dúinn.



Do chruinnigh ó gach áird den chnoc
an líon againn dobhí ar bun ann;
adubhairt Fionn de ghuth árd linn
"Comh-ghleo is díoghal daoibh anois go teann."



Ní raibh ársa ná óglach mear
de shluaighte calma cródha Fhinn
nár ghlach go prap arm is éide
is ghlac cách gan staonadh mar sinn.



"A Áille Shnuadh-gheal, is doiligh liom
do bhriathra," ar Fionn na gcruadh-ghleo,
"innsim duit is ní glór bréige
nach mairfidh agat aon neach beo."



Do sheinn Fionn annsan ós árd
an Dórd le gár-ghoimh chun gliadh,
d'ionnsuigheadar a chéile ar gach taobh
d'fhearadh tréan-chatha go dian.



Uch, a Phádraig, dob é siúd an cath
ba thréine is ba chalma teann-ghleo
dár fearadh ó thús an domhain
is don ríoghain teann ba dhobrón.



Do thriall Oscar i dtús na bhFiann
's a lann líomhtha 'na dheasdóid
go rángadar féin is cách
leirg an áir is an chomh-ghleodh.



A Phádraig, ní chanaim acht fíor
gér chruadh-lámhach gníomhach cách,
do thuiteadar uile leis an bhFéinn
acht triar's an déagh-bhean amháin.


L. 63


Do thuit san gcath úd ba gharbh dian
de líon sluagh na bhFiann féin
deichneabhar agus sé chéad fear
de laochradh ba gharbh gliadh.



d'imthigh an ríoghan 's an triúr úd
is níorbh fheas dúinn cár gabhadh leo;
ba dhubhach dóibh ar a dtriall
a Phádraig na gcliar, 's ba dhobrón.



Ag sin críoch an chatha chruaidh
a Phádraig nua na mbachall mbán;
ag sin an fáth n-ar bhaist an Fhiann
ar an gcnoc so thiar Cnoc an Áir.


L. 64


B 1781-1823ls 18D
U Anaithnid
ANMANNA NA BPRÍOMH-LAOCH DEN FHÉINN.
do thuit ar Chnoc an Áir le sluagh Mheargaigh.



Innis dúinn, a Oisín, gan gó
na laochradh cródha den Fhéinn,
i n-éagmais an triochad cháidh,
do thuit san Ár-chnoc i ngléidh.



Tuarasgbháil do-bhéarfad duit
ar gach príomh-cheart-gharbh-laoch
do thuit ar an gCnoc le cách
is leis an bhfear dána, Tailc mac Tréin.



Do thuit ar an gcnoc so thiar
Conn Ciabhrach ba gharbh gleo,
dob fhearr lámh is neart i ngléidh
ná Mac Dé gidh leat is mór.



Is ann do thuit, 's is díomdha leam
Draladh Flannda ba bhuan cath
d'imreochadh ar lúth i láimh-ghníomh
le Mac Dé Bhí 's ní thiubhradh cead.



Is ann do thuit, 's is truagh linn
Luanán Gaois na dtrom-lann,
a thugadh an torc ón sliabh
de rith lán-dian a gharbh-bhall.



Is ann do thuit Cruadhán calma
d'itheadh an mart d'aon phroinn
is dá fhichid bairghin den arán
dá maireadh ba ghráin leis cliar na Roimhe.



Is ann do thuit Caol luaimneach
ar lúth ba luaithe ná an ghaoth;
Ciarnán na gcréacht-lann gcruaidh
dá maireadh níor shuairc dod chléir.



Is ann do thuit Diorcán mear
dob fhearr i gcath ná Dia úd;
do ghearradh cuirp agus cnámha
is do roinneadh an t-arán go húr.



Is ann do thuit Caol duanach mear
Bolgaire, Searc is Criagán,
ceathrar garbh de laochradh cruaidh
mo dhainid gach uair is mo dhíombádh!



Is ann do thuit Liagán mín-ghéag
ba chliste is ba thréan i gcath,
dobhíodh ag freastal na bhFiann
go fairsing úr-fhial 'na sheal.


L. 65


Is ann do thuit Meangán caomh
ba thorchartha béim i dtrom-ghleo,
Meanduire is Cianadán calma
triúr ba mhór maith gan gó.



Is ann do thuit Lorgaire ba theann
Ciardán Donn ba chneasta méinn,
Gorgán do choscaradh cnámha
Mianán is Donn Gláire ba thréan.



Is ann do thuit Céirín cos-chaol
Cruadhán is Aodh na n-ór-mheann.
triar dob fhairsing cáil is clú
is ba mhaith lúth i ngleo na lann.



Is ann do thuit Follmhán buadhach
Biasán, Luaine, Daoise is Láig
Cainte, Leanán, is Gáine séimh
Druadhladh, Blaodh agus Ciantáir.



Is ann do thuit Cúrnán beodha
Roighne, Glóirne, Ciar is Brad,
Beallaire, Cúirnín is Meanndán
Laisne, Fraoch, Niall is Glas.



Is ann do thuit Muallán na n-each
i gcruadh-dháil na gcath ba theann,
Agus iomad eile, a Phádraig nua
nach fuilim a luadh anois ann.


L. 66


B 1823-60 19T
U Anaithnid
SEILG LOCHA LÉIN.
Innis dom má's cuimhin leat
cár trialladh leat is leis an bhFéinn
ar bhfágáil an Ár-chnuic daoibh;
lean go fíor is ná can bréag.



Do chruinnigheamair ár gcoin 's ár ngadhair,
a chléirigh, fá fheidhm is ní bréag;
do luadhamair uile dul do sheilg
ar bhruach 's ar leirg Locha Léin.



Is fada mise, a Phádraig nua
gan deigh-bheatha ag luadh dhuit scéal;
ní cosmhail leat ná led Dhia
gur ionmhain libh an Fhiann ná mé.



Tabhair tuarasgabháil na seilge dhúinn
a Oisín, is fúig t'iomcháin;
Innis anmanna na gcon saoithe
's na ngadhar dob aoibhinn guth-gháir.



A Phádraig, dogheobhainn go lá an bhráth
imtheacht is trácht ar an bhFéinn,
ar a gconaibh 's ar a ngadhair ghuth-bhinn
uch! is truagh an ní bheith dá n-éis.



Gluaisimíd-ne an líon do mhair
tar éis catha an Áir don Fhéinn
go rángamair an faithche féar-ghlas úd
ar bhruach-chiumhsaibh Locha Léin.



Sin é an loch is áille scéimh
dá bhfuil fán ngréin go beacht;
is iomdha stór atá ón bhFéinn
ann gan bhréag i dtaisce anocht.



Innis dúinn, a Oisín fhéil
cionnus d'fhan ón bhFéinn san loch;
cia aca ór nó airgead é
is créad an chéim dorinn a chosc?


L. 67


Atá annsúd san taobh thuaidh
caogad lúireach gorm glas;
atá ann san taobh thiar
caogad clogad ar aon leacht.



Atá ann san taobh theas
deich gcéad claidheamh leathan glan,
deich gcéad sciath 's an Dórd Fiann
's an Barr Buadh ar aon rian.



Atá ann san taobh thoir
ór is éadach go leor is goil (?),
stór dob iomarcach le rádh
thigeadh i gcéin gach lá, le muir.



A raibh againn de chonaibh saoithe
is de ghadhair ghuth-bhinn dogheobhair uaim,
gidh doiligh do sheanóir 'na ndeoidh
a Phádraig, fá bhrón dá luadh.



Dobhí ann Sceolann agus Bran
Lonaire, Brad agus Lomúth,
cúig coin i dtús seilge is gnímh
nach scaradh choidhche le Fionn.



Dobhí ag Fionn de ghadhraibh guth-bhinn
Uaithnín bríoghmhar is Uaill-bheo,
Steallaire, Reachtaire is Dian-rás
Callaire, Fiadhmán is Sciorlóg.



Dobhí aige Manaire is Tréan
Luas, Saothar, Searc is Cuaird,
Bandaire, Cathbhuadh is Liasán
Radaire, Grianán agus Fuaim.



Dobhí aige Lom-bhall is Manarán
Feargach, Fearán, Bonn is Rás,
Cnagaire, Féirín agus Dallúir
Meallaire, Tréan-lúth is Rinn-bharr.



Dobhí aige fós Duanán mear
Suanán, Beart agus Feall,
Leagaire, Foraire is Sliabhán
Crithire, Iarmharán is Geall.



Ag sin agat, a Phádraig bháin
an líon con áille agus gadhar tréan
a rug Fionn ó chnoc an chatha
go leirg 's go sleasaibh Locha Léin.



Dobhí ag Oscar de shaoith-chonaibh
Fead is Fosta, Cluain is Faobhar,
Aire, Mire, Faire is Gual
Daol, Gruaim, Fíor agus Caol.



Dobhí 'na ndáil de ghadhraibh binne
Cleas, Filleadh, Maig is Ruaig,
Altán, Faraire, Sídh-chuaird is Géar
Dranaire, Réim, Obann is Cuan.



Dobhí aige Lorgaire, Feitheamh is Bonn
Coscaire, Feam, Bualtán is Fraoch,
Cealgán, Meang, Preabaire is Pian
Stracaire, Rian, Glórán is Caomh.


L. 68


Dobhí ag Faolán de chonaibh áille
Adhnuaill ághmhar, Uaill is Fosta,
Barcán, Feamaire, Caolán is Cuach
Daolán, Suan, Earr is Fothrom.



Dobhí aige de ghadhraibh binn-ghlórach'
Marbhán, Forógra, Fiar is Teilg,
Colgan, Fáscadh, Snámhán is Creach
Léirscrios, Feall, Uaill-bhinn is Leirg.



Dobhí aige fós Glaisín is Bialán
Formaoil, Ciarbhán, Gluais is Lorg,
Truaghnán, Ciarbhocht is Cian-chuaird
Ochtán, Iolghuair, Fleadh is Dochar.



Dobhí ag Goll, de chonaibh saoithe
Gluaire, Bíodhgadh, Créacht is Arc,
Cian-radharc, Éisteacht agus Páirt
Tréan-lúth, Báire, Eiteal is Feas.



Dobhí aige Fulang is Éadtrom
Fuarán, Éaga agus Teannán,
Árd-léim, Sár-rith agus Imchian
Garbhán, Fial agus Leannán.



Dobhí aige de ghadhraibh uaill-bhinn
Bog-léim, Scíth, Golán is Tóir,
Searbhán, Grod-uaill agus Seachrán
Foluaim, Fead-gháir is Ranntóir.



Dobhí aige fós Maoilinn bhinn
Tuargaire, Ring is Amalán,
Drannaire, Nimh-fhiacal is Stracadh
Cluanaire, Trom-ghearradh is Searcán.



Dobhí de chonaibh ag Mac Lughach
Seabhac, Lúingeach is Éirleach,
Mór-tháin, Cumán is Fuarma
Aolán, Scuaine agus Faobhar.



Dobhí aige de ghadhraibh beodha
Luaidreán, Seoladh agus Taca,
Cúl-fhaobhar, Mion-gháire agus Stuaim
Biadán, Bruachaire is Casadh.



Dobhí aige fós Iomlán is Cruaidh
Caorán, Duairc agus Cuileog,
Argain, Breac-bhall is Donúir
Mear-bhall, Fionnúir is Truslóg.



Dobhí ag mac Rónáin ghrinn
de chonaibh luaithe agus saoithe
Cuan-choimeád is Machaire mear
Cnámhach, Úrlach is Gaoithe.



Dobhí aige fós Niamhrach luath
Ainmhear, Tuairt agus Néall,
Eolach, Ladrain is Bolg seang
Meanma, Feam agus Traost.



Dobhí aige de ghadhraibh foluaimneach'
Craipléir, Suan, agus Toisc,
Cúinne, Géagán, Docht is Dóich
Buanán, Fóir agus Foisc.



Dobhí aige Duardán is Snap
Lomán, Cath agus Coimheascar.
Caibín, Gealán is Luath-ghléas
Feoithnín, Béas agus Baoiste.


L. 69


Dobhí aige fós Garbh-uaill ghéar
Fuaithín, Taom agus Lorcán,
Alpaire, Grod-gháir is Tearc
Cuanair, Bonnlaice is Uamhán.



Dobhí ag Diarmaid ua Duibhne
do chonaibh saoithe i lom-lúth
Cóisir, Nóinín is Géar-léana
Duilleog, Léim-fhada agus Clúid.



Dobhí aige de ghadhraibh seilge
Cualán, Leirgeach agus Glámh
Dubh-ghreim, Glamaire agus Racht
Fuarcán, Fallaire is Aonarán.



Dobhí de chonaibh ag Glas caomh
Treabhaire, Saosc agus Mórdháil,
Lúbán, Bonnsach, Seangaire is Triall
Lorgán, Stiallaire is Rachtán.



Dobhí de ghadhraibh aige 'na bhfochair
Gallán, Corcair, Treas is Trú,
Cianán, Gaimlín, Falla is Tréan
Rianán, Séirse, Barc is Crú.



Dobhí ag Feargus, file Fhinn
de chonaibh ba ghníomhach lúth,
Giodán, Fuadach agus Rinn-rith
Luadrán, Fuinneamh, Géibheann is Dúil.



Dobhí aige de ghadhraibh glam-bhinne
Fuathán, Dlacht, Fíor is Leannán
Cuasach, Bith-bhinn is Guagach
Beacht, Uamach is Dlachtán.



Dobhí agam-sa féin, a Phádraig
agus ag cách ó shin suas,
i n-éagmais na gcon is na ngadhar úd
deich gcéad ar lúth nach fuilim do luadh.



Aithris anois, a Oisín na n-éacht
laoi gan bhréag na seilge féin;
Is iongnadh liom nó is gearr gur thuit
fiadh sin leirge Locha Léin.



A Phádraig, an gcuala tú an tsealg
a mhic Calpruinn na salm sámh,
mar dorinneadh i n'aonar le Fionn
's gan aon neach ann 'na chomhdháil?


L. 70


Ní dóich go gcuala, a mhic an Ríogh
a Oisín ghlic na ngníomh ngarg;
aithris dúinn is ná can gó
cionnus dorinneadh leo an tsealg.



Ní chanaimís-ne an Fhiann gó
bréag linn fós níor samhluigheadh riamh;
le fírinne is le neart ár lámh
dothigimís slán as gach gliadh.



Níor shuidh cléireach i gcill
a Phádraig is binn glór,
dob fhírinnighe ná Fionn féin
fear nach caol do bhronnadh ór.



Níor shuidh neach díobh i gcill
gidh binn libh do chanaid salm,
dob fhearr focal ná an Fhiann
fir nár claoidheadh i ngliadh gharbh.



Dá maireadh mac Mórna mear
nó Goll calma nár char séad,
nó mac uí Dhuibhne na mban
an laoch do chuireadh cath ar chéad;



Dá maireadh Feargus, file Finn
fear a gcirt do roinn ar an bhFéinn,
nó Dáire do sheinneadh gan locht
i nguth do chlog ní bheadh mo spéis.



Dá maireadh mac Garraidh na lann
an fear nár ghann ag cur an áir,
Oscar nó mac Rónáin grinn
do chrónán san gcill níor shámh.



Dá maireadh Aodh Beag mac Finn
nó Faolán grinn nár éar neach,
nó Conán Maol dobhí gan ghruaig
is iad d'fhág mé fá ghruaim le seal.



Nó an t-abhac beag dobhí ag Fionn
do chuireadh cách i dtoirchim suain;
badh bhinne liom fuaim a mhéar
ná a bhfuil den chléir i gcill 's i dtuaith.



Ó's anocht nach maireann an Fhiann
ná Fionn fial na nduas,
do bhodhair siansán na salm
is glór garbh na gclog mo chluas.



Scuir do bhéal, a sheanóir shuairc
ná bí feasta ag luadh na bhFiann,
's go ndeachadar thart mar an gceo
's go mbeid go deo i nglas na bpian.



Ná habair sin, a Phádraig ghlic
's nach raibh ar bith ná ar neamh na ngrás
Aon laoch dobhearfadh buadh
ar cheann an tsluaigh, Fionn an áigh.



Dá mhéid cluig atá id chill
ag seinm 's ag siansán salm,
ní chreidfinn do bhreith ar an bhFéinn
ná breith do chléire acht amhail.


L. 71


Minic a chodlas amuich ar shliabh
fé dhrúcht liath fé bharr crann,
ach níor chleacht liom leaba gan biadh
feadh bheadh fiadh ar an gcnoc úd thall.



Ní bhíonn agat leaba gan biadh
gheibheann tú seacht mbairrghin aráin
agus meascán mór den im
is ceathramha mhairt gach aon lá.



Dochonnairc mé caor caorthainn
ba mhó fá dhó ná do mheascán;
's dochonnairc mé duilleog eidhneáin
ba mhó 's ba leithe ná do bhairrghin aráin.



Dochonnairc mé ceathramha luin
ba mhó ná do cheathramha mhartáin;
is é do líon mo chroidhe le tuirse
bheith id thigh-se, a bhochtáin.



Is minic dobhíos-sa go fial
i ndún an ríogh nár ghann;
ar feadh míos a gcaithim den bhiadh
dobheadh tar m'éis, gach ceann.



Muna mbeadh na geasa dobhí ar Fhionn
is nárbh fhéidir leis gan tuitim tríd,
a raibh ar neamh 's a bhfuil ar lár
ní chlaoidhfidís lámh mo ríogh.



Is é mo Rí-se do dhealbhuigh Neamh
is é do-bheir neart na laoch,
is é do chum an bith buan
is é do-bheir bláth na gcraobh.



Is é do dhealbhuigh éasca is grian
is é do-bheir iasc ar linn,
is é do chruthuigh gort is féar
ní hionann is éachta Fhinn.



Ní ar chruthughadh guirt ná féir
thug mo rí-se féin a dhúil
acht ar choscairt corpa laoch
ag cosnamh críoch 's ag cur a chlú.



Ar shuirghe, ar imirt, ar sheilg
ar nochtadh meirge i dtús gleodh,
ar imirt fithchille 's ar shnámh
is feitheamh chách ameasc an óil.



A Phádraig, cá raibh do Dhia
an tan tháinig an dias tar lear,
thug leo bean ríogh Lochlann 'na long
lér thuit iomad fann san treas?



Nó an tan tháinig an Dearg dian
mac ríogh Lochlann na sciath n-óir,
créad nár fhortuigh Rí na naomh
dóibh ar bhéimibh an fhir mhóir?



Nó an tan tháinig Mághnus mór
an fear ba bhorb glór nár thim?
is cosmhail, dá maireadh do Dhia
go gcuideochadh le Fiannaibh Finn.


L. 72


Nó an tan tháinig Tailc mac Tréin
an fear ar an bhFéinn do chuir an t-ár?
ní le Dia do thuit an curadh
acht le neart Uscair ameasc cách.



Atán mac Badhna mhóir
lé milltí Teamhair na slógh dtréan,
níor leoimh sibh-se ná bhur Rí
dul dá chlaoidhe acht Fionn féin.



Iomdha cath, madhm is gliadh
do comóradh le Fiannaibh Fáil;
ní chuala go ndearnaidh éacht
Rí na naomh, ná gur dhearg a lámh.



Leigimís dár gcomórtas ar gach taoibh
a sheanóir chrín atá gan chéill,
tuig go bhfuil Dia ar neamh na n-órd
is Fionn 's a shlóighte uile i bpéin.



Badh mhór an náire sin do Dhia
gan glas na bpian do bhaint d'Fhionn,
is Dia féin, dá mbeadh i mbroid
an flaith do throidfeadh tar a chionn.



Níor fhulaing Fionn ar feadh a ré
neach do bheith i bpéin ná i nguais
gan fuascladh air le hairgead nó ór
i gcath nó i ngleo go mbéarfadh buadh.



Is maith an ceannach dom ar Dhia
bheith ameasc na gcliar mar táim
gan biadh gan éadach gan cheol
gan bheith ag bronnadh óir ar dháimh.



Gan gáir na ngadhar ná na stoc
gan bheith ag coimhéad port ná cuan,
'chionn a bhfuaireas d'easbaidh bídh
maithim do Rígh neimhe im udhacht.



Gan snámh gan fiadhaigheacht, gan fonn
gan suirghe fial-bhan gan spórt,
gan suidhe i n-ionad mar ba dhú
gan foghluim cleas lúth ná gleodh.



A sheanóir chrín atá ar baois
scuir is ná bí ag friotal gan chéill;
maithfear le Dia dhuit a ndearnais
feasta má's áil leat a réir.



Sásamh duit féin ná dod Dhia
a chléirigh na gcliar, ní thiubhar;
líon a ndearna dá mhí-réir súd
ní buidheachas liom a mhaitheamh.


L. 73


Is truagh liom do chruth críon
a Oisín, ná bí i bhfriotal gan chéill;
is náireach duit, dar liom féin
easmailt do bhéil de ghnáth ar Dhia.



A Phádraig, dá mbeinn-se gan chéill
do scarfainn led chléirigh a gcinn,
ní bheadh bachall ná leabhar bán
ná clog trátha id chill.



Leig-se de bheith dá ríomh
a mhic an ríogh ba mhaith clú,
géill don té do-ní gach feart
crom do cheann is feac do ghlúin.



Buail t'ucht is doirt do dheoir
is creid don té tá ós do chionn;
gidh gurab iongnadh leat a luadh
is é rug buadh ar Fhionn.



A Phádraig, mo scéal truaighe!
ní binn liom fuaim do bheoil;
goilfead go prap is ní fá Dhia
acht Fionn 's an Fhiann gan bheith beo.



Mar do gheallais aithris dúinn
tréig seachrán, fuath is fearg
innis dúinn is ná can gó
cionnus dorinneadh leo an tsealg.


L. 74


B 1782-1826ls 18D
U Anaithnid
LAOIDH NA SEILGE
NÓ SEILG SLÉIBHE CUILINN.



Lá dá raibh Fionn, flaith,
ar an bhfaithche i nAlmhain úir,
dochonnairc chuige san ród
eilit óg ar léim lúith.



Do ghlaoidh ar Sceolann is ar Bhran
is do léig fead ortha araon,
gan fhios do chách i dtigh an óil
do lean san ród an eilit mhaol.



Ní raibh ag Fionn acht Mac an Luin
a dhá choin agus é féin,
ar lorg na heilte go dian
go Sliabh gCuilinn na rian réidh.



Ar dhul don eilit fán sliabh
is Fionn 'na diaidh is a dhá choin,
níorbh fhios do soir seachas siar
cár ghaibh an fiadh san gcnoc.



Do ghaibh Fionn soir go dian
is a dhá choin siar ar lúth,
's, a Phádraig, nár thruaigh le Dia
mar thugadar an triar a gcúl.



Dochualaidh Fionn, 's níor chian uaidh
bean ar bhruach an locha ag caoi
is ann dobhí an macaomh mná
dob fhearr cáil dá bhfeacaidh 's gnaoi.



Ba dheirge a gruadh ná an rós
dobhí a beol ar dhath na gcaor,
a cneas cailce mar an mbláth
is a leaca bhán mar an aol.



Ar dhath an óir dobhí a folt
mar réaltain seaca a rosc dobhí,
a Phádraig, dá bhfeictheá a dreach
do-bhéarfá do shearc don mhnaoi.



Nár fhaghad-sa amharc Dé úd
ná seilbh dhún na naomh-órd,
go mb'fhearr liom-sa páirt na mná
ná an flaitheas úd d'fhagháil go deo!



Ná habair sin, a fhir léith
liom-sa níor spéis a páirt,
is ionmhaine liom Flaitheas Dé
a sheanóir, ná scéimh na mná.


L. 75


Dar mionna do leabhair bháin
dar fearta is dar páis do bhachall,
gur ghile liom páirt ón mnaoi
ná tusa agus Rí na bhFlaitheas.



Gráin ort! ná samhluigh Críost
le hionnmhas fíor an tsaoghail,
is neamh-ní an domhan 's a bhfuil ann
idir mhaitheas is dream, acht Dia féin.



Badh neamh-ní liom do Dhia
badh neamh-ní liom do chliar i gcill,
badh neamh-ní liom tusa agus Flaitheas
seachas grádh do tharraing ón mnaoi.



A Phádraig, géill-se dom ghlór
a dreach 's a cló dá mb'amharc díbh,
do thréigfeá do bhachall 's do leabhar bán
ar annsacht 's ar ghrádh ón mnaoi.



A Oisín, ná bí dá luadh
a dreach, a snuadh, ná a gnaoi,
ní thréigfinn-se ar a cumann go bráth
ná ar mhaitheas dob fhearr ná ceachtar díobh.



Do thréigfeá mac Dé is a chliar
flaitheas na bhfial is glór na gclog,
t'altóir, is siansán na salm
do leabhar 's do bhachall dá n-iarradh ort.



Is truagh, a sheanóir gan chéill
adeir go dtréigfinn Mac Dé Bhí,
agus seilbh an fhlaithis neámhdha
ar annsacht 's ar ghrádh ón mnaoi.



A sheanóir atá ar baois
ná cluinim choidhche tu 'ghá luadh,
go dtréigfinn ar annsacht mhná
an bheatha úd atá bith-bhuan.



Do thréigfinn-se, a Phádraig nua
Mac Dé atá thuas go hárd,
tusa agus an chliar gan ghreann
ar mhaise is ar annsacht mhná.



Is doiligh liom fáth do rúin
is ní hionmhain liom do ghlór,
is eagal liom go leanfair iad
go huaigh na bpian, a sheanóir.



A Phádraig a thuaras an t-olc
labhair is nocht do ghlór,
cia hiad a leanfad, mar luadhair
go seilbh uagha an dobróin?



Leanfaidh tú Fionn is an Fhiann
is 'na ndiaidh atá do thriall dom dhóigh,
go dún-árus na ndeamhan ndúr
mar a mbeir fá phudhar i ngach ló.



Ná tabhair aithis don Fhéinn
ar son bheith i ngéibheann dóibh;
níor chomórtas dóibh do Dhia
ná fós do chliar is leamh glór,


L. 76


Fá luadh annsacht na mná
a Oisín, táir-se gan chéill;
fág fós iomrádh na bhFiann
is lean dúinn go fial ar do scéal.



Druideas Fionn ag iarraidh scéil
ar mhnaoi shéimh na gcuach n-óir;
agus d'fhiafruigh den ghnúis ghloin
"An bhfeaca tú mo choin sa tóir?"



"In do sheilg níl mo spéis
is ní fheaca mé do choin;
a rí na Féinne gan tlás
is measa liom fáth mo ghoil."



"An é do chéile a fuair bás
t'inghean áluinn nó do mhac,
Nó créad fá bhfuil tú ag caoi
a ainnir chaoin is áille dreach?



"Nó créad as a bhfuil do bhrón
a ainnir óg na mbas mín,
nó an féidir t'fhurtacht," ar Fionn
"is dubhach liom tú bheith mar chím?"



"Fail óir dobhí ar mo ghlaic,"
do ráidh ríoghan na mbas réidh
"do thuit le fánaidh na sreabh
sin é an fáth fá bhfuilim i bpéin.



"Geasa nach fulaingid fíor-laoich
chuirim ort-sa, a rí na bhFiann,
an fáinne 'rís do thabhairt tar n-ais
do thuit le fánaidh na sreabh ndian."



Níor fhulaing Fionn cur na ngeas
nochtas a chneas go geal glé,
chuaidh fá bhruach an locha do 'shnámh
ar thoil mhná na rosc réidh.



Do chuarduigh sé an loch fá chúig
níor fhág cúil ann ná cearn,
an fáinne arís tar n-ais go bhfuair
do chaill ríoghan na ngruadh ndearg.



Tráth fuair an fáinne tar n-ais
ní ráinig leis teacht go bruach
an tan dorinne seanóir liath
de rígh na bhFiann, fa scéal truaighe.



Dobhíomair-ne, Fianna Finn
i nAlmhain slim na sluagh séimh,
ag imirt fithchille is ag ól
ag clos ceoil is ag bronnadh séad.



Éirigheas Caoilte ameasc cách
is d'fhiafruigh ós árd de gach fear
an bhfeacaidh mac Cumhaill fhéil
na gcaoimh-reacht séimh is na sleagh.



Adubhairt Conán mac Mórna
"Ní chuala riamh ceol dob aoibhne;
mac Cumhaill má tá ar iarraidh
go raibh i mbliadhna, a Chaoilte.


L. 77


"Mac Cumhaill má theasta uait
a Chaoilte chruaidh na gcos gcaol,
gabhaim-se orm de láimh
ós cionn cách bheith im mhaor."



Dobhíomair an Fhiann fá bhrón
fá cheann ár slógh bheith dár ndíth,
acht tháinig orainn gean gáire
an tan dob ádhbhar dúinn bheith ag caoi.



Do ghluaiseamair as Almhain amach
buidhean calma na gcath gcruaidh,
ar lorg a dhá chon is Fhinn
triúr grinn dobheireadh buadh.



Bhíos-sa agus Caoilte ar dtús
is an Fhiann go dlúth 'nár ndáil;
go Sliabh gCuilinn ó thuaidh
rugamair-ne buadh ar chách.



Amharc dá dtugamair uainn
i ndiaidh na ruaige thug an Fhiann,
chonncamair ar bhruach an locha shlim
an seanóir críon is é liath.



Do dhruideamair uile 'na dháil
do chuirfeadh gráin ar gach fear,
cnámha loma dobhí críon
ag ceilt a ghnaoi is a ghean.



Do shíleamair gur díth bídh
thug ar an laoch bheith gan chruth;
nó gur i n'iascaire dobhí sé
tháinig i gcéin leis an sruth.



d'fhiafruigheas den fhear chríon
an bhfeacaidh laoch ba gheal cruth
agus iad roimhe san ród
eilit óg agus dhá choin.



Ní thug seisean freagra dhúinn
do luigh taom ar fhlaith na bhFiann,
dobhí sé éagcaoineach dubhach
gan léim, gan lúth, gan rith, gan rian.



Nochtaim-se mo chlaidheamh géar
is prap 's is tréan do nocht an Fhiann:
"Is gearr go bhfaghair aithne an bháis
muna dtugair uait tásc an triair."



Níor mheas Fionn innsint 'na scéal
gurbh é féin rí na bhFiann
nó gur léig le Caoilte a rún
fear ar lúth dobhí dian.



Nuair fuaireamair dearbh an scéil
gurbh é Fionn féin dobhí ann,
do léigeamair trí gártha guil
do chuirfeadh bruic as gach gleann.



Éirigheas Conán Maol go borb
is nochtas a cholg go dian;
do mhalluigh sé Fionn go beacht
's do mhalluigh fá seach an Fhiann.



"Dar mo láimh-se féin, a Fhinn
bainfead-sa dhíot do cheann
ó is tú nár mhaoidh mo ghníomh
ná mo ghaisce riamh i n-am.



"Is é m'aon-locht ar do chruth
gan an Fhiann uile bheith mar táir,
go ndeargainn mo shleagh is mo lann
is go dtagadh leam do leacht is do lá.


L. 78


"Ón lá marbhadh Cumhall na gcliar
le mac Mórna na sciath n-óir,
níor scarais ó shin ar ár dtí
's ar mhair dinn ní ded dheoin."



"Scuir ded ghlórtha baoise
a Chonáin Mhaoil, is ded cheol
nach raibh riamh acht gan chéill
is nár choisc béim i n-am gleodh."



"Scuir-se ded ghlór féin
a Oscair mhic Oisín bhaoith;
créad an mhaith dobhí i bhFionn féin
acht ag cogaint a mhéir' go smaois?"



"Muna mbeadh an Fhiann do bheith fá bhrón
is Fionn fós do bheith mar tá,
a Chonáin Mhaoil atá gan chéill
do bhrisfinn do bhéal go cnámh."



"Nuair nach maireann Goll im dháil
fear gan scáth i gcomhrac críoch,
féacham araon ós comhair cách
neart ár lámh agus ár ngníomh.



"Sinn-ne féin de dhéanadh an gníomh
is ní hiad Clanna Baoiscne bog;
beidh t'athair-se i ndiaidh chách
ag iomchur leabhar mbán is clog.



"Clanna Baoiscne nár mhaith cáil
is gach cúis gábhaidh riamh gur ob;
a Oscair óig, leig ded bhaois
ní glór dhearbhas acht gníomh grod."



D'éirigh Oscar an aigne mhir
is Conán do rith ameasc cách,
do chuir a choimirce ar an bhFéinn
furtacht air ó phéin an bháis.



D'éirigheamair an Fhiann go borb
do chosc Oscair na n-arm n-áigh;
idir mo mhac is Conán Maol
do cheanglamair síth agus páirt.



Dar mo láimh, a chléirigh na gclog
dar do láimh-se, is ní dolaidh,
ní bheadh cluig id chill, ná cliar
dá mbeadh Oscar na bhFiann im fhochair.



An uair d'aithin Conán é
dá mbeadh Dia féin ar a dheas-láimh,
a Phádraig, an chreidimh chruaidh
dob eagal do guais an bháis.



Gach baois dá luaidhtear leat
a Oisín na gcreach, badh chead linn
acht amháin d'aithis ar Dhia
lér thuiteadar Fianna Fhinn.



Is fuath liom-sa tusa 's do Dhia
is fuath liom do chliar ag gláimh;
ní thiubhrainn a chead duit ná dóibh
bheith go deo dá iomcháin.


L. 79


Lean dúinn anois mar ar thréigis
ar aithris éachtmhair sheilge Fhinn;
tá Oscar go fann fá ghruaim
gidh gur chruaidh é a neart 's a ghníomh.



d'fhiafruigh Caoilte go pras
de mhac Cumhaill na gcleas n-áigh;
"Cia chuir as do ghnáth-chruth thú
nó bhfuil leigheas do gheas le fagháil?"



"Inghean Chuilinn," do ráidh Fionn
"geasa im chionn do chuir sí:
dul de bhruach an locha do shnámh
d'iarraidh an fháinne do thuit síos."



"Nár théighimíd-ne slán ón gcnoc,"
do ráidh Conán nárbh olc méinn,
"go n-íocaidh Cuileann gan mhoill dúinn
muna gcuiridh Fionn 'na chruth féin."



Chruinnigheamair anoir is aniar
is chuireamair ár sciatha faoi go deas;
go Sliabh gCuilinn ó thuaidh
rugamair Fionn ar ghuaillibh fear.



Ag tochailt an tsídhe gan tlás
ar feadh seacht lá dobhí an sluagh
nó go dtáinig Cuileann de phreab
chugainn amach as an uaimh.



Ar theacht aníos do Chuileann chóir
corn óir dobhí 'na láimh,
do dháil deoch do rígh na bhFiann
dobhí ar an sliabh go tinn tláth.



Ibheas Fionn an deoch gan mhoill
as an gcorn sídhe dobhí 'na láimh,
tháinig a chruth 's a dheilbh féin
do rígh na Féinne acht an léithe 'mháin.



Do thaithn liom-sa 's leis an bhFéinn
dath na léithe bheith ar a fholt,
is dubhairt Fionn le Cuileann caomh
go mbadh mhaith leis é bheith air.



A Phádraig na mbachall mbán
dar do láimh ní chanaim bréag,
dob fhearr linn ná Flaitheas d'fhagháil
Fionn 'na shláinte bheith 's 'na ghné.


L. 80


Uch, is dubhach mé i ndiaidh mo ríogh
's i ndiaidh na laoch dobhí garg,
a Phádraig is gann fán mbiadh
sin mar rinn an Fhiann an tsealg.



Mise Oisín† truaighe †mac Fhinn
i dtuirse chroidhe ag comhaireamh cloch;
pé uair a gheibhim an greim
is fada arís go bhfaghaim an deoch.



Do-bhéar-sa dhuit, a Oisín ghrinn
ó chuiris críoch ar an Seilg dúinn,
biadh is deoch go bhfágair fuigheal
glac intinn tríd is ná bí dubhach.



Thug Pádraig biadh agus deoch
chun Oisín do choisc a gháir,
adubhairt Oisín - Mo scéal truaighe
dob annamh liom uait a fhagháil.



A Phádraig ná labhair le hiomcháin
ar Fhionn ná ar iomlán na bhFiann,
ó so suas go lá an bhráth
is leanfad duit i dtráth sa rian.



Ná tabhair, a Oisín mhic Finn
aithis ná mí-ghnaoi do Dhia,
domh-sa ná don chléir uile
's ní mór linn duit moladh na bhFiann.



A Phádraig, má's locht leat orm
Fionn do mholadh agus fós an Fhiann
ós cionn Dé is do chléire
liom níorbh fhéidir do dheagh-riar.



A Oisín, níorbh ionmhain liom
nach molfá ar dtús Dia mór
ós cionn Fhinn agus na bhFiann
ar imthigh 's a dtriallfaidh fós.



A Phádraig, ní mholfad-sa Dia
tusa ná do chliar go lá an bhráth,
roimh Fionn na bhFiann ba cháidh neart
's a shluaighte beir leat 'na dháil.



Ná bí ag iomrádh as do Dhia
a Phádraig na gcliar nach maith,
is tráchtfad duit anois tráth
ar mheisce is ar rádh na mban.



Innis dúinn a mhic mic Cumhaill
scéal binn gan bhréag ar na mnáibh;
cionnus a ráinig dóibh san treas
nó créad an bheart do theagmhuigh dáibh?


L. 81


B 1820-61ls 19T
U Anaithnid
LAOIDH AN BHRUIT

Meisce agus Rádh na mBan.



Lá dá raibh Fionn ag ól
i nAlmhain ar bheagán slógh,
seisear fear is seisear ban,
giolla is ainnir úr-gheal.



Fionn is mise dobhí ann,
Caoilte, Oscar 's Diarmaid Donn
Conán Maol nárbh fhann modh,
Is mná na seisear laoch son.



An tan do ghaibh meisce na mná
thug siad a luighe annamh-ghnáth:
nach raibh ar an talmhain truim
seisear ban ba chomh-ionnraic.



Do ráidh Fionn, fáidh an duine
ilcheardach é an domhain:
"Gidh maith sibh-se, is iomdha bean
nár fionnadh riamh acht d'aon-fhear."



Níorbh fhada bhíodar mar sin
an tan tháinig bean do láthair,
brat uimpi go n-áille
agus í n-a haon-tsnáithe.



Fiafruigheas Fionn go ngáire
d'inghin an bhruit go n-áille:
"Créad dobheir tú id aon-tsnáithe
ag teacht anois dár láthair?"



"Cuid de bhuadh mo bhruit go n-áille,"
ar an inghean áluinn úd;
"mí-ionnraiceas gach mná 'nochtadh
a Fhinn† shéimh shochma †mhic Cumhaill."



"Tabhair an brat dom mhnaoi féin,"
ar Conán Maol, "a inghean óg,
nó go bhfeasam an briathar mear
thug na mná ar mhaithe leo."



"Glacfad-sa an brat, a Chonáin,"
ar an bhean dob áille gnúis,
"gidh mór ghoilleas orm féin
a né tú dem mhí-réir gan chúis."


L. 82


Gabhas bean Chonáin gan chéill
an brat uimpi féin go dlúth;
an tan fuair an brat ag casadh
gan fhios don fhear mheathta d'fhúig.



"A bhean," ar Conán go borb
"créad an doiligh duit, má's fíor
na briathra groda ó chianaibh
an brat ar iasacht do thomhais led chlí."



"Do ghabhas-sa an brat roimhe seo
a Chonáin, coisc do bhéal leamh,
is brígh ar bith ní géilltear liom
do bheith annsúd do mhnaoi ná d'fhear."



"Ná bí dá luadh, a bhean," ar Conán
"gaibh an brat go n-áille chugat,
nó go bhfeasam an fíor an glór
mar aon leo do chanais dúinn."



"Geobhad-sa an brat chugam arís
a Chonáin," ar sí de chrith-ghlór,
"ní fhuil acht neamh-ní san mbrat
cuirim i n-ath duit gan gó."



Do ghaibh bean Chonáin Mhaoil
an brat fíor uimpi go mear;
ba ghairid a chuaidh a chuaird
ba dhoiligh dá luadh an bhean.



An tan dochonnairc Conán Maol
an brat fá n-a taobh ag casadh,
nochtas a chraoiseach go nimh
an inghean nár ghlic gur mhairbh.



Glacas bean Diarmada Dhuinn
an brat ó mhnaoi Chonáin Mhaoil,
gidh gurbh í an tsaoi gan locht
go dtí n-a hocht níor fholuigh cruinn.



"A Dhiarmaid," ar an bhean chaomh
"ná tabhair géilleadh do bhuadh an bhruit;
atáim féin ionnraic go leor
ar son nach fóghnann sé dhom."



"Géillim-se do bhuadh an bhruit
a bhean ó thús," ar Diarmaid Donn,
"níor ghéilleas fós do bhriathra ban
i n-ionnraiceas ar feadh an domhain."



"A Dhiarmaid," ar an bhean chaomh
"ná cás liom féin go bráth
bheith neamh-ionnraic duit mar fhear
tré bhuadh feasa an bhrait bháin."



"Is fiadhain mé, a bhean, go minic
ar ionnraiceas foluightheach mná;
níor chreideas riamh a nglór
is ní mó do-dhéan go bráth."


L. 83


"Ní rabhais go teacht don inghin úd
mí-ionnraic as gean do mhná;
tabhair dom aithne ar an éag
a Dhiarmaid, má's géilleadh don bhrat bhán."



"Ní chuirfead-sa bean chun báis
a mian gach tráth is feasach liom;
fear eile má fuair uait páirt
ní baoghal duit tráth is innis dom."



"A Dhiarmaid, má's bás nó beatha
san gcás so do gealladh dom féin,
ní fiú mo choir anois do luadh
is ní nochtfar í uaim lem ré."



"Imthigh, a bhean, slán fá bhuadh,"
ar Diarmaid, "uaim go lá an bhráth."
dogheobhair-se céile fir caoin
's ní ghlacfad-sa choidhche céile mná."



Do thriall bean Dhiarmada Dhuinn
's ní haithristear linn cár ghaibh;
níor cheangail Diarmaid i gcomhdháil
aon chéile mná ón lá do scar.



"A Ghealluir," ar Oscar na lann
"is fada ár ngreann i gcomhdháil,
gaibh chugat iasacht an bhruit
go bhfeasam an mbeidh do shíor-ghnáth."



Glacas bean Oscair an brat
dob fhada, fairsing, comhréidh,
gérbh fhada cuaird an bhruit bháin
a himleacán níor fholuigh sé.



"A Oscair," ar Gealluir chaoin
"ní curtha i suim mo choir;
má's fiosach í don inghin úd
is cead liom í d'fhaisnéis duit."



"A inghean áluinn an bhruit bháin,"
ar Oscar, "an áil leat súd,
má's fios duit cionta na mná
a nochtadh gan cháirde dhúinn?"



Do shíl Gealluir go meallfadh sí
inghean chaoin an bhruit bháin,
is nach nochtfadh a cortha féin
d'Oscar, dá céile cáidh.



"A Oscair na gcruadh-lann ngéar
is tuigthe dhuit féin a gníomh,
féach go cruinn ar luighe an bhruit
's is léir duit sin ar an mnaoi."



"A Ghealluir," ar Oscar tréan
"imthigh mar aon led bhuidhin,
ná feicim do ghnúis im dháil
mo mhallacht go bráth it shlighe."



Do ghluais Gealluir ó n-a chéile
is ní feasach mé cár thriall;
níor ghaibh mo mhac le mnaoi ghnáith
ó d'imthigh, a Phádraig na gcliar.


L. 84


Adubhairt Fionn le n-a mhnaoi féin
dár ba ainm glaoidhte Mánás:
"Gaibh chugat an brat go mear
's nár scaraidh leat mar scar le cách."



"Má géilltear leat do bhuadh an bhruit
a Fhinn† fháth-ghlic †mhic Cumhaill,
cuimhin gurb é an buadh tá aige
na geasa atá istigh 'na chlúid."



Do ghlac Mánás, bean Fhinn na slógh
an brat fa leor mí-ghreann;
is gearr dochuaidh cuaird an bhruit
iomlán a cluas níor fholuigh.



Nochtas Fionn de lán-phreib
a chlaidheamh 's ba dhoiligh leis féin,
do mhairbh a bhainchéile gan stad
is do theilg an brat dá taobh.



Glacas mo bhean-sa go fann
an brat, is ba throm a glór;
dob aithreach liom féin sin
nuair chonnarc gur di i ndobrón.



Do ghaibh sí uimpi an brat
ba dhubhach a creat is a gnúis,
d'fholuigh sé a corp uile
ó rinn gur chuimil don úir.



Ba thaithnte liom, a Phádraig
ionnraiceas mo mhná do bheith fíor;
d'aistrigh sí go minic dath
sul baineadh an brat dá taoibh.



Nochtas bean mhic Criomhthain a taobh
is b'ain-deas leis féin a gníomh,
dochuaidh an brat go sleamhain slán
léi go lár a cuirp síos.



"A mhic Criomhthain na mbriathar nglic
ní dhearna riamh de chiontaibh
acht aon phóg, is ní le goid
do mhac uí Dhuibhne, do Dhiarmaid."



"Tabhraidh dom, a mhná, mo bhrat
is mé an inghean, is dearbh díbh,
nár shín mo thaobh le fear riamh
acht lem aon-fhear gan chiach, 'Fhinn.



"Rachad feasta uaibh amach
fúigfead an teach agaibh, a mhná;
scéal ní fhuil agaibh orm
scéal beag agam oraibh tá."


L. 85


"Beir mo mhallacht, imthigh uainn,"
do ráidh Fionn ba chruaidh lámh,
"fá eolchaire ár mná d'fhúigis
imthigh is ná tar chugainn go bráth."



Ag sin, a Phádraig nua ón Róimh
mar thárla dhóibh, d'ár mnáibh;
mo dhoiligh gan mé is an Fhiann
mar bhíomair is do Dhia níor shámh.



Is é Dia atá go sámh
is beidh go bráth, a fhir léith,
i bhflaitheas ag caitheamh na glóire
is an Fhiann fá bhrón i bpéin.



Do chleachtadh an Fhiann gach ló
bheith i ngleo 's i gcathaibh cruadha,
is gibé i nIfreann nó i bhFlaitheas dóibh
bainfid cóir amach gan ghuais.



Ó's i nIfreann atá an Fhiann
a Oisín gan chiall id ghlór,
ní bhfaghaid ann cumas ar smacht
Dia na bhfeart ní bheidh leo.



Dá mbeadh mo mhac Oscar is Dia
lámh ar láimh ar an gcnoc so thiar,
dá bhfeicinn Oscar ar lár
do chreidfinn gurbh fhear láidir Dia.



Gach a dtiocfaidh is fós a dtáinig
's a mbeith ar árd an chnuic seo thiar,
dá mbadh thoil le Dia a dtuitim
dobheidís uile ar lár gan gliadh.



Dá mbeidís Fianna Fáil ann
is a dtriath láidir Fionn na slógh,
a bhfuil i nIfreann 's i bhFlaitheas d'áireamh
ceann ar bhrághaid ní bheadh san ngleo.



Ní raibh is níl 'na gcomhachtaibh
a Oisín, gan gó dhuit, buadh ar Dhia,
is gur tré n-a bhreith amháin
atáid dá gcrádh i dtigh na bpian.



Tré n-a bhreith ná neart a lámh
ní thiocfadh leis bás na bhFiann,
ná fós dá mbeadh 'na chomhdháil
tusa 's do lucht crónáin, an chliar.



Ná habair sin, a sheanóir
is tú i ndeireadh th'aoise;
is dearbh nach comhthrom an bhreith
dobheirir ar mo rígh-se.



Dob fhearr curadh amháin láidir
dá raibh againn tráth ar an bhFéinn,
a Phádraig, ná tusa is do Thighearna
is líon bhur gcliar inbhur ndéidh.


L. 86


A Oisín na ngéar-lann
chanas na briathra buile,
dob fhearr Dia 'na aonar
ná Fianna Éireann uile.



Do mhaith féin is maith do Dhé
i gceann a chéile fá bhrígh buadh,
ó thús an domhain gus indiu
ní mór againn anois le luadh.



Níl i nDia acht fíor-mhaith uile
grásta 'na dtuile gan trághadh;
'sé an mhaith é ó dtig gach maith
ní hionann is feara Fáil.



Is é Dia, a sheanóir léith
ár rian, ár dtréin' 's ár ngníomh,
ár mbiadh, is ár ndeoch gach lá
is ár maith iomlán, a fhir chrín.



Ní fheaca-sa aon mhaith ó Dhia
i seal na bhFiann, a Phádraig nua,
ná fós ó shin acht beagán bídh
mar adeir tú linn, 's ní fiú a luadh.



Ní mar sin ag an bhFéinn
dochínn a léir-mhaith gach lá;
's iad is doiligh liom uaim i bhfad
's ní tusa ná an Fear sin go bráth.



Nach tuigthear leat, a fhir chrín
gur de mhaitheas díreach Dé,
tusa d'fhágáil beo mar sin
it chrann crioth dá cháin gach lae.



A Phádraig, do ghéillfinn dod ghlór
go mbeadh roinn cómhachta ag Dia,
dá dtrialltá liom dá dhún
go bhfeicinn an úr a roinneann biadh.



A Oisín, is leamh do ghlór ar Dhia
ní mar sin a thriallfam ann,
nó gur glan ó chortha dhúinn
dul dá dhún is ní le teann.



A Phádraig, nigh mise má's áil
ó rinn bháirr go bonn síos seal;
má's fear duineamhail Dia
ní choiscfidh ár dtriall 'na theach.



Ní ar nighe an chuirp do labhraim
acht nighe an anma ó gach smáilc,
is ár n-aire do thabhairt ar Dhia
triallfam ann le toil a ghrás.



A Phádraig, innis dom fá rún
má's agat atá an t-eolas is fearr,
an leigfear mo ghadhar nó mo chú
liom go dún Ríogh na ngrás?



A sheanóir atá ar baois
is nach fuil ort crích ná áird,
ní leigfear do ghadhar ná do chú
leat go dún Ríogh na ngrás.



Dá mbeadh agam-sa biadh ar Dhia
is go mbeadh an dias sin dom réir
dá dtugadh sé biadh dhom féin
do roinnfinn leo é gan bhréag.


L. 87


Cá fearr muintir Neimhe, a Phádraig
ná uaisle iomlán na Féinne;
an mbíonn cruadhas 'na gcroidhthibh
nó an ndiúltaid siad éinne?



Ní rachadh an chuil chrónánach
ná an dádamh san ngath gréine,
gan fhios don Rígh mhórdhálach
isteach don chathair naomhtha.



Ní mar sin do mhac Cumhaill
dobhí 'na rígh ar na Fiannaibh,
dorachaidís na slóighte isteach
fá n-a theach gan iarraidh.



Ní rachaidh Fionn ná an Fhiann
go teach mo thighearna go bráth;
is, a sheanóir atá liath fann
ní rachair-se ann acht mar chách.



A Phádraig, gidh táim gan flaitheas
is mé ar gcaitheamh m'aoise.
ná cluinim tú ag tabhairt aithise
ar mhaithibh Clainne Baoiscne.



Dá maireadh agam-sa Conán
fear úd millte na Féinne,
do bhrisfeadh sé do mhuineál
istigh i lár do chléire.



Ní thiubhrainn-se aithis dóibh
a Oisín na ngleodh 's na ngéar-lann,
ná duit-se féin, a sheanóir liaith
acht bhur n-iomcháin ar Dhia na reann.



A Phádraig ná bí dá luadh
'na sheanmóir chluana gach lá,
gur fear deaghthach é do Dhia
go gcaithimíd biadh 'na áit.



Is eagal liom, a Oisín truaighe
an tan bheir i nguais an bháis;
anois ós dearmad leat Dia
nach goirfir é ag iarraidh grás.



Ní ghoirfead air go lá an bhráth
gidh mór agat a cháil 's a chlú
go dtriallair liom go bhfaicead
an bhfuil fial fairsing 'na dhún.



Is é uair is cuibhe dhuit triall
ag amharc ar Dhia na ngrás
an tan scarfaidh t'anam led chorp
is do bhuaidhfidh ort an bás.



Muna bhfaghad-sa cabhair ó Dhia
a Phádraig, go triall don bhás,
cuirim suas de le mo ré
dá mhaith féin agus dá ghrás.



Is gearr do cháirde i bhfus
seach an fhaid a bheidh tú thall;
is cuibhe dhuit t'anam bheith go glan
nó bhus aithreach leat dul ann.



Is doilghe liom bheith gan biadh
ameasc do chliar gan ghreann
ná cad is críoch dom anam
an tan scarfaidh san tsaoghal thall.


L. 88


Badh dhoilghe t'anam bheith i bpéinn
a sheanóir gan chéill is tú liath,
aon lá amháin i bhfochair cách
ná do chorp go bráth a bheith gan biadh.



Dob fhearr liom-sa gan bhréag
bheith i bhfochair na Féinne mar bhínn,
gan rian, gan éadach, gan arán
go dealbh ná i nÁrd-Fhlaitheas Chríost.



Is olc liom uait 's is doiligh
t'iomcháin is do dhí-mholadh ar Dhia,
de bhriathraibh buile de ghnáth
ag iomrádh ar chumas na bhFiann.



Ní cuibhe dhuit anois, a Phádraig
aithis ná iomcháin do chasadh liom;
nach abair tusa gur maith Dia
agus deirim-se an Fhiann agus Fionn.



Badh chead liom tú 'mholadh na bhFiann
a ngaisce, a ngliadha 's a lúth;
is doiligh, is leamh 's is saobh
iomcháineadh Dé is moladh ar Fhionn.



Níorbh aithnid domh-sa Dia
dob aithnid dom an Fhiann is Fionn,
má's fearr Dia ná iad súd
a mhaith ná a chlú níorbh fheas dúinn.



Nach cuimhin leat, a thruagháin bhoicht
a sheanóir is cruaidhe doichte croidhe,
gur minic do nochtas duit punnc
ar fheartaibh is ar chumhachtaibh Chríost.



Is cuimhin liom, a Phádraig nua
gur minic dá luadh thú linn,
is ní chreidim nach canair air bréag
ní nach canaim-se ar éachtaibh Fhinn.



Ní chanaim-se bréag ar Dhia
i bhfeartaibh, i bhfial, ná i ngníomh;
a sheanóir nach cneasta luadh
a mhaitheas atá buan do shíor.



Ní chreidfeadh do ghlór ar Dhia
a mhaitheas, a fhial, ná a roinn,
go dtigidh tú liom 'na dhún
go bhfeiceadh lem shúile an fíor.



Dá mbeitheá-sa i bhFlaitheas Dé
a sheanóir gan chéill gan ghreann,
créad a chífeá is an dún
is go bhfuilid do shúile dall.


L. 89


Má tá Dia fial i bhfeartaibh
badh thruagh leis mo shamhail gan radharc,
dá mbadh dhom taobh istigh den doras
d'iarrfainn air go hobann mo leigheas.



Dá mbadh dhómh-sa sa dún úd
dá ngairtear cúirt Ríogh na nGrás,
gidh táim críona agus dall
do bhraithfinn an ann dob fhearr.



Dogheobhainn fós aithne ar Dhia
an bhfuil duineamhail fial san roinn;
má tá aige iomad an aráin
d'fhanfainn 'na dháil do shíor.



A Phádraig, má's duine Mac Dé
a roinneas mar an gcléir is tú,
dá mhéid a fhearta is a ghrása
nár shroichead go bráth a dhún.



Is eagal liom dá mb'é do mhian
dul go dún niamh-ghlan Mhic Dé,
nach foláir duit a thuilleamh níos fearr
nó nach sroichfear go bráth leat é.



Ní miste liom sin gan gó
gan imtheacht go deo dá dhún
muna bhfaghainn ann iomad an aráin
mar gheibhinn de ghnáth ó Fhionn.



Dá mbeitheá-sa i ndún Mhic Dé
ní chuirfeá id spéis an t-arán;
gidh gur ann atá iomad na rann
ní bheitheá aon am 'na ghábhadh.



A Phádraig, dob ionmhain liom
bheith san dún sin de shíor-ghnáth,
acht amháin nár dhom fá smacht
is go bhfaghainn lem ais an t-arán.



A Phádraig, is fiosach tu féin
gurbh fhial an saor-fhlaith Fionn
is gur mhaith fós cáil na bhFiann
is go mbadh thaca dho iad 'na dhún.



Badh thaca maith dóibh-sin Dia
dá dtuillidís triall 'na chúirt;
táid dá íoc anois, a fhir léith
nár thuilleadar é ó thús.



A Phádraig, do mholfainn tú féin
is do mholfainn mar aon an chliar
acht gluaiseacht liom fá lán-lúth
go bhfeiceam an dún sin Dia.


L. 90


Ní hé triall na bhFiann do sheilg
ná a dtriall fá mheirg' i dtús gleodh
ár dtriall go dún Mhic Dé
ná géill gurb é, a sheanóir.



A Phádraig, má's ionmhain leat Dia
is ionmhain le Dia fós tú,
má's ionmhain leis do shíor-ghlór
beidh fáilte aige romhat 'na dhún.



Ní raibh neach dob ionmhain le Fionn
nárbh ionmhain leis dlúth 'na dháil;
ba chead leis iad do bheith 'na theach
is thugadh dóibh searc is páirt.



Is mór mo ghráin ar do neamh-chéill
is nach tuigir gur baoth de ghnáth,
ag comhbhualadh Fhinn is a shlóighte
le Dia uile-chomhachtach na ngrás.



Is amhlaidh is cóir dúinn araon
triall le chéile don dún;
má tá Dia fáilteamhail fial
cuireadh fios ar na Fiannaibh 's ar Fhionn.



Ní chuirfidh Dia fios ar an bhFéinn
ná ar Fhionn tréan na dtrom-shlógh,
mar táid i nIfreann na bpian
is beid fé iarsma ann go deo.



An tan nochtfaidh tusa, a Phádraig
d'fhear dá cháilibh, éachta Fhinn
i gcogadh, i gcruas 's i láimh-neart
ní dhiúltóchaidh a dteacht mar aon linn.



Diúltóchaidh sinn is iad súd
dul dá dhún go lá an bhráth.
muna ngrádham é ós cionn gach nídh
ní leigfidh sinn choidhche 'na dháil.



Grádhfad é an fhaid mhairfead beo
nuair thriallfaimíd leo 'na dhún
má roinneann an biadh go fial
gan iomcháin na bhFiann ná Fionn.



Déan ar dtús mar déar-sa leat
a Oisín, má's maith leat triall
go dún-árus Aon-mhic Dé
is géillfidh tú féin gurb í an chiall.


L. 91


Má's dearbh leat-sa dul don dún
a Phádraig, fá lúth triall liom;
leanfad do réim is do rian
má bheirir leat an Fhiann is Fionn.



Ní bhéarfad liom Fionn ná an Fhiann
a Oisín, ar mo thriall don dún,
mar táid i nglasaibh go daor
is go doimhin i ngéibheann dubhach.



Má táid go daor fá ghreim
gan fortacht ná leigheas 'na ngaobhar,
an tan thriallfaimíd don dún
béarfaidh Dia chugainn iad saor.



Ní fhuil nídh is mian leat
nach déanfad le searc 's le méin;
má's iompódh dhuit ar do leas
rachair isteach i ndún Dé.



Innis, a Phádraig, do Dhia úd
nach raibh 'fhios ag Fionn ná ag an bhFéinn
go raibh sé ann le n-a linn
is dá mb'fhios go mbadh ghnaoi leo a réir.



Abair leis gan dearmad tráth
muna leigidh dá láthair an Fhiann,
mise do chur fán bhFéinn
ag fulang na péine mar iad.



Má's triall duit linn don dún
's go bhfaghaidh tú flúirse den bhiadh,
is iongnadh liom tú dá luadh
go rachthá i nguais na bhFiann.



A Phádraig, dá fheabhas do Dhia
is a theach gidh fial, 's a chúirt,
d'fhúigfinn iad uile go bráth
is do thriallfainn gan spás ar Fhionn.



Mar a bhfuil Fionn is an Fhiann
is ann atá do thriall is baoghal,
a Oisín, is dearbh liom súd
is ní go dún Aon-mhic Dé.



Dá mbeadh Fionn is a shluagh tréan
a Phádraig, lem thaobh fá bhuadh,
ní luaidhfinn leat ná le Dia
cuireadh gan iarraidh ar mo chuaird.



Dá mbeadh Fionn 's a shlóighte Fiann
i gcumas, i rian 's i lúth
amhail dobhíodar le linn a ngeas
ní iarrfainn sealbh an dúin úd.



Tuarasgabháil na ngeas go fíor
a Oisín, craobhscaoil-se dhúinn;
is iarrfad-sa ar Mhac Dé
tú leigean go saor 'na dhún.


L. 92


Craobhscaoilfead na geasa go beacht
a Phádraig na gcliar gan gó,
gidh gur doiligh liom bheith dá luadh
óir athnuadhfaidh sé mo bhrón níos mó.



A Oisín go cinnte innis dúinn
is ná dearmhad do thoisc dar linn
ná ceil a bheag de na geasa úd
óir creidim gur cruaidh a snaidhm.


L. 93


B 1820-40lsc 19T
SEILG SLÉIBHE FUAID.



Lá dá raibh Fionn 's a shlóighte
go líonmhar cródha calma mear
ag seilg ar mhullach Sléibhe Fuaid
an fiadh do ghluais i dtús na bhfear.



Do leanadh leo fá luas an fiadh,
gach laoch go dian 'na tháin-rith;
dobhí an fiadh go beannach borb
ag seasamh san lorg go dána.



Níor stad an fiadh fá throst gharbh
gur fhág go dearbh amach an sliabh;
do lean an Fhiann é fá lom-lúth
gur shroicheadar úr-chnoc Liais.



Do thriall go tréan ó Chnoc Liais
gan laige i rian ná i léim,
ó shin arís go Carraigín cruaidh
do leanadar ar luas a réim.



An tan tháinig an borb-fhiadh
go Carraigín Chinn-triath na gcloch,
níorbh fheas dóibh thoir seach thiar
cár ghaibh an fiadh san gcnoc.



Do thriall dream againn siar
is dream go dian soir is óthuaidh,
dream arís san áird ba dheas
's ár gcoin go pras san gcuaird.



Do thóg Sceolann an fiadh
is do leanamair go dian san tseilg
go dtáinig tar ais san gcuaird
go bruach Sléibhe Fuaid san teicheadh.



Do leanamair san leirg an tafann
go dtángamair tar ais fán sliabh;
do ghlac folach orainn arís
's níorbh fheas dúinn san tír cár thriall.



Do scar Fionn is Dáire binn
sealad ó shlighe na bhFiann,
is níorbh fhada dóibh fá cheilt
go nárbh fheas dóibh soir seach siar.



An tan d'aithin Fionn is Dáire
go raibh an seachrán 'na gcomhdháil,
do seinneadh le Dáire trom-chumha
is do seinneadh le Fionn an Seachrán.



Dochualamair-ne uile an Fhiann
Dáire is ár dtriath ag ceol,
nuair a meastaí linn ó thuaidh
dob fhada theas uainn an glór.


L. 94


Do meastaí linn uair eile
gur san áird thoir ba dhóibh;
an tan ghluaisimís fá n-a dtriall
do meastaí linn thiar an glór.



Do líon ceo doilbhthe draoidheachta
timcheall Fhinn agus Dáire,
go nárbh fheas dóibh cá raibh a dtriall
soir ná siar an tráth sin.



Do ghluais Fionn agus Dáire rómpa
gan 'fhios dóibh créad an áird,
is sinn-ne dá lorg ar lom-lúth
's nárbh fheas dúinn cá raibh a ngáir.



Dobhádar an dís ag triall
go rángadar san tsliabh go fann
an macaomh mná dob áille snuadh
comhpháirt gan ghruaim agus greann.



Dochonnairc Fionn is Dáire binn
ag teacht go grinn 'na gcomhair
aon mhacaomh áluinn mná
ba ghile is ba bhreághtha snódh.



D'fhiafruigh Fionn na bhFiann
den ghnúis ba sciamhach snuadh
"Créad dobheir tú id aonar
i n-imeall cnuic Sléibhe Fuaid?"



"Mé féin is mo chéile fíor
dobhí ag triall tríd an leirg;
dochualaidh sé guth gadhair binn
do scar linn 's do lean an tseilg.



"Ní luaithe do thriall uaim
ná líon ceo duairc im thimcheall;
domh-sa cá rabhas níorbh fheas
ó shin go teacht chugam díbh-se."



"Créad an t-ainm atá ort féin
a dheigh-bhean séimh na ngruadh rós;
agus ainm do chéile ghrinn
nó cár ghaibh laoigh na seilge ar seol?"



"Labharán ainm mo chéile
mo chomh-ainm féin Glanluadh;
ní feas dom cár thriall súd
ná an tseilg ar lúth cár ghluais.



"Is cosmhail led ghnúis áluinn
gur laoch tú atá ar cuaird
's is dearbh mar an gcéadna liom
gur tú Fionn na n-arm gcruaidh."



"Liom-sa," ar Fionn na bhFiann, "an tsealg
a ríoghan chailce na n-ór-chuach;
Ní feas dom anois soir seach siar
cár ghaibh an Fhiann ná an fiadh uaim."


L. 95


"Cionnus do scarais leis an bhFéinn
a Fhinn na n-éacht ba chruaidh?
is iongnadh liom nach fuil id dháil
drong nó táin ded shluagh."



"Do ghluaiseas féin is Dáire
go lom seach cách i ndeoidh an fhiaidh;
ní feas dúinn, a ríoghan, anois
cár gabhadh linn, soir ná siar.



"Triall-sa linn, a Ghlanluadh shéimh
is gibé taobh 'na ngluaistear linn,
béarfam tusa 'nár gcomhdháil
is ní fhúigfeam go bráth do ghnaoi."



"Dá mbadh dhóigh liom-sa, a Fhinn na bhFiann
ar an leirg ag triall go bhfuil an tsealg
do thriallfainn 'nbhur ndáil gan cháirde
's do chomhairle, 'Fhinn ghrádhmhair, ghlacfainn."



Níor chian dóibh ag labhairt go caoin
an tan chualadar sídh-cheol suain
dá sheinm go binn le n-a dtaobh
do ghluais fothrom 'na ndéidh is fuaim.



"An leat-sa an ceol, a inghean chaomh
dá sheinm lem thaobh go foghar-bhinn?
níorbh fhada liom bheith id dháil
a ríoghan áigh, acht an Fhiann 'om dhíth."



"Ní fhuil ceol ar bith im dháil
acht tusa is Dáire go fíor,
ná neach eile fá an ngréin
acht mar chíonn sibh féin mo ghnaoi."



Do mhéaduigh an ceol is an fhuaim
i dtollaibh a gcluas go géar;
ba thuitim i dtrom-néallaibh dóibh
ag feacadh 's ag feodh go faon.



"A Fhinn mhic Cumhaill," ar an ríoghan
"atáim-se 'om shnoidh-ghoid go léir."
"Is amhlaidh dom," ar Fionn na dtáinte
"Ní maith atáim-se," ar Dáire féin."



Níorbh fhada dhóibh amhlaidh sin
gur thuiteadar uile chun láir;
dochuaidh an triúr ba chaomh
a Phádraig, i dtrom-néallaibh báis.



Ar dteacht as na néallaibh dóibh
i gcruth, i gcló, i ndath 's i snuadh
dochonnarcadar le n-a dtaoibh
dún breágh ríoghdha fá réim buadh.


L. 96


"An bhfeiceann tú an dún órdha úd
a Fhinn mhic Cumhaill?" ar Dáire séimh;
"Do-chím go soiléir glan, a Dháire"
"A Fhinn," ar an áighbhean, "chím-se féin."



Dochonnarcadar timcheall ortha
fairrge eochair-ghorm tonn-tréan;
do ghluais ón ndún amach san tsnámh
laoch corpánta is bean chaomh.



"Is baoghal liom-sa, a Fhinn," ar Dáire
"is a ríoghan bhláth-gheal, a Ghlanluadh,
an dís san tsnámh ag triall orainn
dúinn is doiligh 's nach réim buadh."



Do ghreamuigh an laoch 's an bhean úd
a Phádraig, go dlúth an triar,
go rugadar iad 'na ndeoidh
don dún órdha san tsnámh go dian.



"Is fada mise, a Fhinn na meang
ag leanmhain go teann id dháil;
ós duit anois fám dhian-smacht
ní dul duit amach go lá an bhráth."



"Cia tú féin, a ghaiscidhigh mhóir
tá am iomcháin gan chóir go dearbh?
Is náireach an gníomh do laoch
gan imirt i méinn 's i gcló cheart.



"Nach cuimhin leat, a Fhinn, an feall
ar Mheargach na lann dorinnis tráth
is ar a dhís de mhacaibh caomh'
Tailc mac Tréin 's a raibh 'na dháil?"



"Is cuimhin liom," ar Fionn áigh
"gur thuiteadar le láimh na bhFiann;
ní le ceilg ná fós meang
acht le cruadh-lann is comh-ghliadh."



"Is le ceilg, a Fhinn na gcleas
a tugadh libh cath Chnuic an Áir,
i n-ar thuit le hiomad bhur meang
Meargach na lann 's a raibh 'na dháil."



"Dob fhiadhain iad féin, a fhir mhóir
dá mbeidís beo, gur neart lámh
thug dóibh aithne ar an éag
's nach cealg ón bhFéinn ar Chnoc an Áir."



"Is ionann liom cealg nó meang
is ionann liom teann nó neart lámh,
íocfaidh tusa, 'Fhinn mhic Cumhaill
a dtuitim súd ar Chnoc an Áir.


L. 97


"Is leor linn mar fhiadhain fhíor
Áille an ghrinn do bheith mar tá;
is iomdha cath is trom-shlógh
anois fá bhrón 'na diaidh go tláth."



"Créad do ghaol-sa le hÁille an ghrinn
a fhir mhóir líomhtha is garbh glór?"
"Mise a dearbhráthair gan bhréag
is mo chomh-ainm féin Draoidheantóir."



Do ceangladh Fionn, Dáire, is Glanluadh
i gcuibhreach chruaidh le Draoidheantóir;
do chuir i gcarcair dhoimhin iad
gan cheannas, gan rian, gan treoir.



Dobhádar an triar go dubhach
's an Fhiann fá phúdhar i ndeoidh a ríogh,
ar a lorg ar feadh na gcríoch uile
ar lúth 's ar mire de ghnáth-shíor.



Dobhí an triar ar feadh cúig lá
agus cúig n-oidhche iomlán gan gó
san gcarcair dhoimhin réamh-ráidhte úd
gan biadh, 'fá phudhar, gan deoch gan cheol.



"A Áille Shnuadh-gheal," ar Fionn áigh
"ar Chnoc ar Áir is cuimhin leat
go bhfuairis cuireadh fial na bhFiann
gidh lom an triar so anois fád smacht."



"A Fhinn," do ráidh Áille, de ghlór thruaighe
"ní gó go bhfuaireas cuireadh fial
ód bhainchéile, Gráinne an ghrinn
dul do chaitheamh bídh na bhFiann."



"Ní cuibhe dhuit-se, a ríoghan suairc
fád smacht ó fuairis go docht sinn,
ár gcur gan cháirde chun báis
ná biadh gach tráth gan roinnt linn."



"Dob fhearr liom, a Fhinn, gan bhréag
an Fhiann le chéile go mbeidís tláth
san gcarcair i gcuibhreach chruaidh
id dháil, is níor thruagh liom a gcás."



"Ó nochtais do rún, a bhean, dúinn
gidh doiligh ár bpudhar 's ár gcruadh-chás
agus sinn go dian fád smacht
ár slán fád gheasa muna mbeadh amháin."


L. 98


"Créad é amháin, a Fhinn na nduas
leat dá luadh?" ar Áille an ghrinn;
"ní thiocfadh leat go lá an bhráth
le cealgaibh gnáith na geasa chlaoidhe."



D'fhiafruigh Áille de Ghlanluadh
créad fáth ar ghluais le himtheacht Fhinn
Is a bhainchéile chaoin aige féin
"Dod shamhail ní séimh an gníomh."



Do nocht Glanluadh gan bhréag
a turas féin i dtaobh Fhinn go glic,
nárbh fheasach í soir seach siar
go bhfeacaidh riamh é roimhe sin.



"Is cosamhail," ar Áille "má's fíor
a Ghlanluadh, mar innsir scéal dúinn,
nach cuibhe dhúinn tu bheith fá smacht
san gcarcair i nglas gan chúis."



Do nocht Áille an luadh go fíor
's a scéal i mbrígh do Dhraoidheantóir
ar módh go dtáinig don charcair
is Glanluadh ó n-a geasa gur fhóir.



An tan fuair Glanluadh a réim
ba dhoiligh léi i ngéibheann Fionn;
d'fhág slán aige 's ag Dáire binn
is ba dhoilbh a gnaoi 's a geal-ghnúis.



An tan d'fhág Glanluadh an charcair
fuair biadh le caitheamh ó Áille,
do thuit sí go beacht i néallaibh
is ba thruagh, a chléirigh, bean a cáile.



Ar théarnódh dhi as na néallaibh
thug an déigh-bhean di gan spás
deoch as ballán geasa sídhe
nó cleas-chorn dobhí 'na láimh.



An tan d'ibh Glanluadh an deoch
tháinig go grod 'na ghnáth-ghné,
'na réim is 'na cló-scéimh cheart
acht Fionn i nglas ba dhoiligh léi.



"Is dearbh gur aithnid id ghnaoi
a Ghlanluadh, go fíor," ar Draoidheantóir,
"nach ionmhain leat Fionn is Dáire
i ngéibheann mar táid gan fóir."


L. 99


"Ní gaol dom Fionn ná Dáire"
ar Glanluadh, "ná táin na bhFiann,
acht is truagh liom go fíor a samhail
do bheith i gcarcair, gan deoch gan biadh."



"Má's ionmhain leat-sa, a Ghlanluadh
biadh gach uair a thabhairt don dís
dogheobhaidh é," ar Draoidheantóir
"is beidh a ngeasa gan fóir i mbrígh."



"Ní iarraim a gcosnamh ar an éag
ná ón gcarcair a réim do luadh,
acht amháin go bhfaghaid an biadh
a Áille fhial," do ráidh Glanluadh.



"Ní chuirfead-sa Fionn ná Dáire
go grod chun báis," ar Draoidheantóir,
"d'fhéachain an bhfaghainn an Fhiann go léir
go cruaidh i ngéibheann mar aon leo.



"Atá an Fhiann uile gan bhréag
ar lúth go léir ar lorg Fhinn;
's is dearbh liom-sa féin go beacht
go bhfaghad fé ghéar-smacht a líon."



Do ghoir Áille ar Ghlanluadh
ag gabháil cuarda an dúin óir,
's ní raibh seod ann dá áille
nár theasbáin tráth don ríoghain óig.



"A Áille," ar Glanluadh caoin
"atá an dís san gcarcair féig
d'easbaidh na bhfleadh ba ghnáth leo
do chaitheamh gach ló i gcath 's i ngléidh."



Rug Áille agus Glanluadh
biadh fá luas do láthair Fhinn
gus an gcarcair 'na raibh féin
is Dáire mar aon leis gan bhrígh.



An tan chonnairc Fionn is Dáire
an dís bhan áluinn úd ag teacht
do shileadar frasa deor go dian
ag caoineadh na bhFiann do bheith tar lear.



Do bheannuigh Glanluadh d'Fhionn
do ghoil go dubhach ar amharc a ghnaoi;
níor labhair Áille aon fhocal
níor thruagh léi i ndochar mo rí.



Do caitheadh le Fionn is le Dáire
annsin, a Phádraig, deoch is biadh;
do ghluais an dís bhan ar lúth
is d'fhágadar dubhach Fionn na bhFiann.


L. 100


B 1820-40lsc 19T
U Anaithnid



d'fhiafruigh díobh Draoidheantóir
cá rabhadar ar cuaird, an dís;
do nochtadar do gur i bhfochair Fhinn
is Dáire an ghrinn le biadh.



d'fhiafruigh Draoidheantóir díobh
cionnus dob fhear grinn Dáire;
do nochtadar do gan gó
go raibh greannmhar i gceol 's i gcáile.



"Badh mhian liom," ar Draoidheantóir
"go gcluinfinn a cheol má tá binn."
"Atá go dearbh," ar Glanluadh
"ní bréag a luadh, agus fós caoin."



Do thriall Draoidheantóir don charcair
is le Dáire do labhair go borb teann -
"Dochuala mé is ní fios an fíor
go seinnir go binn is le greann."



"Dá mbeidís an Fhiann im dháil
badh ghreann leo de ghnáth mo cheol;
creidim nach ionmhain leat-sa
mo cheol go dearbh ná mo ghlór."



"Seinn dúinn anois do cheol binn
go bhfeasam an fíor an cháil úd;
má's searbh ní greann liom é"
a Phádraig, is é adubhairt.



"Nílim-se i bhfonn chun ceoil
a Dhraoidheantóir," ar Dáire binn,
"Táim féig fíor-lag neamh-shuairc
ód gheasaibh a rug buadh mo ghrinn."



"Tógfad-sa buadh mo gheasa ód dháil
go seinntear leat tráth do cheol;
má tá binn i bhfoghar 's i bhfuaim
ní fhágfad i nguais fear do chló."



"Ní thiocfadh liom seinm go binn
ar fheicsint Fhinn i nglasaibh daor;
is doilighe liom é féin 's an Fhiann
ba fhleadhach fial ná mé féin."



"Tógfad-sa buadh na ngeas d'Fhionn
is seinn dúinn, a Dháire an ghrinn;
má's binn liom fuaim do mhéar
béarfad saor tú ón gcarcair linn."



Do chuir Draoidheantóir i neambrígh
geasa Fhinn is Dháire shuairc;
thug dóibh biadh is deoch
is do sheinn Dáire gan locht binn-fhuaim.


L. 101


Do thaithnigh go mór le Draoidheantóir
mar seinneadh an ceol le Dáire;
do ghairm don charcair Glanluadh
ag éisteacht leis an bhfuaim, is Áille.



Do thaithnigh leo uile an ceol
do sheinn Dáire dhóibh go binn;
ba ghreann ádhbhal le Glanluadh
nach feacaidh i ngruaim mar bhí.



"Badh lúthgháir liom," ar Draoidheantóir
"Fionn go fóill fám smacht ó tá,
gibé áird den domhan 'na bhfuilid
a shlóighte uile do bheith 'na dháil."



Gach críoch, gach áird, gach iath
gach tuath dár thriall don Fhéinn
ar lorg Fhinn agus Dháire
ar an leirg seo thángadar taobh le taobh.



Dobhí Dáire ag seinm go binn
fán am n-ar theacht don Fhéinn úd
fá lom-lúth agus mire
i bhfogas do bhinneas an tsídh-dhúin.



An tan dochualaidh an Fhiann
an ceol dian ag Dáire,
ní fada do héisteadh leo
gur tógadh leo uall-ghártha.



An tan dochualaidh Draoidheantóir
garbh-ghlór sin na Féinne,
do chuir a gheasa i mbuadh-bhrígh
i ndáil na díse le chéile.



Do balbhadh an ceol le Dáire
's an Fhiann ag gárthaigh go lom;
ní fada go gcualamair fothrom
is fuaim in' fhochair, is gáir tonn.



Ní raibh neach de shluaightibh Fhinn
nár thuit gan scíth i néallaibh báis
an tan cuireadh le Draoidheantóir
a gheasa, mo bhrón! 'na ndáil.



Tháinig Draoidheantóir is Áille
amach san tsnámh go dlúth;
níor fhágadar neach den Fhéinn
nach rugadar le chéile don dún.



Adubhairt Draoidheantóir go borb
an tan fuair gan chosnamh an Fhiann,
"Ó's daoibh anois fám dhian-smacht
cuirfead go beacht sibh ó rian."


L. 102


Níor fhág fear ar bith díobh
gan ceangal fá chuibhreach chruaidh;
do chuir i gcarcair iad gan cháirde
i bhfochair Dháire is Fhinn i nguais.



An tan chonnairc Fionn is Dáire
an Fhiann ag teacht láithreach don charcair,
do shileadar go dian frasa déar
's an Fhiann le chéile do fhreagair.



d'fhág Draoidheantóir sinn uile
fá gheasaibh gan duine 'nár ndlúth-dháil
san gcarcair dhaingin dhoimhin úd
mar a rabhamair go dubhach fá chás.



"A Dhraoidheantóir," ar Glanluadh
"ó's don Fhéinn i nguais fád smacht,
má thaithnigh leat ceol Dháire
a sheinm dúinn, tráth, badh mhaith."



"Má's mian leat-sa, a Ghlanluadh
ceol binn suairc," ar Draoidheantóir,
caithfidh Dáire a sheinm dúinn
is fós d'Fhionn is dá shlógh."



Tháinig Draoidheantóir don charcair
Áille chneasta is Glanluadh;
sinn-ne fá gheasaibh is fá chuibhreach
is doiligh linn bheith dá luadh.



"Seinn dúinn go binn," ar Draoidheantóir
"a Dháire, do cheol suairc Fiann;
is ionmhain le Glanluadh chaoin
is le hÁille an ghrinn do sheinm ghliadh."



"Is neamh-shuairc atáim-se," ar Dáire
"chun seinm an tráth so le greann
agus Fionn 's a shlóighte go duairc
fá gheasaibh is cruadh-smacht teann."



"Cuirfead mo gheasa ar neambrígh
ód dháil-se arís," ar Draoidheantóir,
"nó go seinntear leat go binn dúinn
do cheol cumadh is do chaismirt gleodh."


L. 103


"Níor sheinneas riamh ceol binn"
ar Dáire grinn le Draoidheantóir;
"An tan is doiligh don Fhéinn
is gnáth liom féin bheith doiligh leo."



"Cuirfead-sa i neambrígh geasa Fhinn
go seinnir go binn dúinn ceol;
fúigfead catha na bhFiann
ins na geasaibh go dian fá dhobrón."



"Ní fhéadfainn-se," do ráidh Dáire
"seinm go bráth téid-bhinn suairc,
a Dhraoidheantóir, tuig go soiléir
dá mbeadh fear den Fhéinn go duairc!"



Do chuir Draoidheantóir i neambrígh
na geasa ó dháil Fhinn 's a shluaigh
nó gur seinneadh le Dáire dhóibh
go téid-bhinn ceol is gáir-fhuaim.



Do thaithnigh le Draoidheantóir
foghar binn an cheoil sin Dháire;
do sheinn annsin a chumha féin
is cumha na Féinne do láthair.



Adubhairt annsin Draoidheantóir
nárbh fhada dhóibh, don Fhéinn,
go bhfaghaidís uile le chéile
aithne gan bhréag ar an éag.



Do thógamair-ne uile an Fhiann
uall-gháir dian caoi agus déar
an tan adubhairt Draoidheantóir
nárbh fhada dhóibh gan aithne ar an éag.



Do dúnadh annsin le Draoidheantóir
le geasaibh na dóirse go tapaidh;
d'fhúig san gcarcair an Fhiann
agus Fionn go dian i nglasaibh.



"Ní rabhamair fós," ar Fionn
"i ngéibhinn dlúth le chéile, an Fhiann;
is dearbh dúinn anois go fíor
nach fagham choidhche cead ár riain."



Dobhí Draoidheantóir is Áille
lán de gháirdeas trésan bhFéinn
do bheith aca san gcarcair
is Glanluadh fá dheacair i bpéin.



Thug Draoidheantóir fá deara
go raibh Glanluadh go dearbh dubhach
doilbh dobrónach 'na gnúis-ghnaoi
ag sileadh do shíor go foghar-chiúin.


L. 104


"Is dearbh liom," ar Draoidheantóir
"a Ghlanluadh, gurab brón leat féin
do réir mar amharcaim do ghnúis
an Fhiann is Fionn do bheith fám réir."



"Ní doiligh liom," ar Glanluadh
"Fionn 's a shluagh bheith fád réir,
acht is doiligh liom 's is crádh
mo chéile Labharán do bheith i bpéin."



"Ná glac dobrón ar bith
a ríoghan ghil," ar Draoidheantóir;
"do-bhéar-sa a chead 's a rian
dod chéile óm dhian-smacht gan gó."



Do ghluais annsin Draoidheantóir
don charcair 'nar dhóibh, don Fhéinn,
do bhain a gheasa gan spás
de Labharán ba chráidhte i bpéin.



Tháinig Labharán mar aon
le Draoidheantóir i réim buaidhe;
do thuit sé i dtrom-néallaibh
nuair chonnairc mí-scéimh Ghlanluaidhe.



Do thuit Glanluadh mar an gcéadna
i bhfochair a céile i néallaibh báis;
do shíl Draoidheantóir is Áille
nárbh éirghe dhóibh go lá an bhráth.



An tan dob éirghe don dís úd
ar bhfagháil a lúith ó na néallaibh,
do thuit trí deora fola anuas
le dearg-ghruadhaibh Áille i n-éinfheacht.



An tan dochonnairc Labharán súd
na deora i ngnúis na rí-mhná,
do thaithnigh leis is dubhairt leis féin
gur chomhartha don Fhéinn teacht slán.



Fán am san do seinneadh le Dáire
ceol uall-ghártha agus trom-chaoi;
níorbh fhada go dtáinig san doras
Draoidheantóir go borb amh-chaoin.



Do hoscladh leis an doras úd
is dob aithreach liom a theacht isteach;
d'fhéach an Fhiann air go truaighe
is níor dhainid leis gruaim na bhfear.



Dochonnairc Fionn ar sileadh síos
le n-a ghruadh ba ghnaoi lán-dolaidh.
is thaithnigh leis an t-amharc d'fhagháil
- trí braoin 'na tháin-rith dearg-fhola.


L. 105


Dochonnairc an Fhiann uile iad
ag rith go dian le hais a ghruaidhe
acht amháin an drong do cailleadh
de bhrígh na ngeasa san gcarcair chruaidh.



Níor seinneadh ní ba mhó le Dáire
an tan tháinig Draoidheantóir
go ndubhairt Fionn leis arís
seinm go binn gan cead dóibh.



Do sheinn Dáire, ar chomhairle Fhinn
an ceol go téid-bhinn don Fhéinn;
do ghaibh fearg Draoidheantóir
"Is gairid gur brón daoibh," ar sé.



Do dúnadh leis an charcair
go lom daingean ar an bhFéinn
Is tháinig tar ais ar cuaird
mar a raibh Glanluadh is Áille shéimh.



Ní raibh Labharán 'na gcomhdháil
d'fhiafruigh go hárd cár ghaibh sé;
d'innis Glanluadh is Áille dó
nárbh fheas dóibh cár ghaibh an laoch.



Do scairt go borb ós árd
ar Labharán i gclos don Fhéinn;
do fhreagair sé i gclúid den dún
do ghluais ar lúth go ráinig é.



"Cá rabhais, a Labharáin, ar cuaird?"
ar Draoidheantóir go gruamdha teann;
"Is dearbh liom ód thriall fá leith
gur mian leat mé bheith go fann."



Thug leis Labharán gan spás
mar a raibh cách i nglasaibh cruaidh;
do chuir é fá bhrígh a gheasa
is d'fhúig san gcarcair é fá ghruaim.



Dobhí roimhe i mbruinnibh báis
triar is céad sár-fhear den Fhéinn;
do baineadh le Draoidheantóir díobh
go tapaidh na cinn gan bhréag.



Dobhí ag teacht chun Conáin Mhaoil
's a lann líomhtha 'na dhóid go teann;
"Cá bhfuil do thriall, a Dhraoidheantóir?
fan go fóill, ná déin orm feall."



Dobhí Draoidheantóir fá gharbh-throst
's a lann gan chosc ós cionn Chonáin;
d'éirigh an fear maol de phreab
is iall níor fhan ar a shuidheachán.



"Coisc do lámh," ar Conán go truaighe
"is leor mo dhuabhais mar táim;
ní fhuil dul agam ón éag
ná cuir truaighmhéil chun báis."


L. 106


Do thriall Draoidheantóir uainn
san gcarcair fá ghruaim d'fhúig sinn,
doiligh dobrónach lán-dubhach
gan léim gan lúth, ar easbaidh grinn.



Do labhair Labharán le Fionn
is dubhairt go ciúin gan fhios do chách -
"Atá san dún leigheas ár ngeas
dá dtigeadh linn teacht ar a fhagháil."



"Créad é sin?" ar Fionn na bhFiann
"dobhéarfadh rian ó n-ár ngeasaibh dúinn?
is truagh gan é anois ar fagháil
a Labharáin, má tá san dún."



"Atá ballán, a Fhinn, san dún
dobhéarfadh dúinn lúth is rian;
dá mbeadh sé againn anois
níorbh fhada an goimh 'nár bpian."



"An bhfeacaidh tú féin," ar Fionn
"an ballán úd, a Labharáin chaoimh,
d'fhóirfeadh sinn anois ó ghuais
nó an gcualaidh tú dá luadh a bhrígh?"



"Dochualaidh mé ag Glanluadh
gur fhóir í féin ar ghuais an bháis;
is d'innis dom fós tré rún
go leighisfeadh gach pudhar dá bhfuil 'nár ndáil."



Níorbh fhada dhúinn mar sin
Draoidheantóir go dtig don charcair,
a lann 'na dhóid go líomhtha dian
chun an Fhiann uile do dhícheannadh.



"A fhir mhaoil," do ráidh Draoidheantóir
"gléas do mhór-cheann is gaibh mo bhéim;
ní fhúigfead neach óg ná ársaidh
nach cuirfead chun báis den Fhéinn."



"Atáim-se im thruagh-lobhar bhocht"
ar Conán go doiligh lán-dubhach;
"ná cuir choidhche mé chun báis
go leighistear leat mo chneádha ar dtús."



Do ghoir Draoidheantóir ar Áille
is tháinig sí láithreach chugainn;
d'fhéach sí go gruamdha géar
ar shluagh na Féinne is ar Fhionn.



"Tabhair dom," ar Draoidheantóir
"ballán órdha na ngeas gcruaidh
nó go leighisead goin tóna
an fhir mhaoil mhóir seo fá ghruaim."


L. 107


"Ná leighis an fear maol úd"
ar Áille, "ní pudhar linn a chás;
ná tabhair do cáirde ar bith
ná don Fhéinn acht a gcur chun báis."



"Ní iarraim air mé chur ón mbás
a Áille," do ráidh Conán Maol
"acht amháin nach beinn im lobhar
ar dteacht do thonn anois ón éag."



d'imthigh Áille de gharbh-throst
is d'fhéach go docht 'na diaidh ar Fhionn;
níorbh fhada go dtáinig arís
is croiceann dobhí aici lán de chlúmh.



"Ceangail é seo, a Dhraoidheantóir"
ar sí, "ar thóin an fhir mhaoil úd;
leighisfidh gan spás goin a chréacht
is tabhair an t-éag dóibh is d'Fhionn."



Do ghlac Draoidheantóir go prap
an croiceann 's do cheap do thóin Chonáin;
do lean de ón lá san gur thriall
is ní raibh riamh gan for-ainm 'na dháil.



"Ná cuir-se mise chun báis"
ar Conán go tláth, "a Dhraoidheantóir,
fanfad id dháil ó so suas
mo dhícheannadh badh thruagh gan chóir."



"A Dhraoidheantóir," ar Labharán
"má's mian leat ár mbás go léir
is leor duit sin, mo scéal truaighe!
is an fear maol duairc do shaoradh ón éag."



"Ní dhearnas cealg ná meang
gaisce ná teann ní raibh im dháil,
dá bhrígh sin, a Dhraoidheantóir
ní cuibhe dhuit leo anois mo bhás."



"Ní chuirfead-sa chun báis tú
a Chonáin dhubhach," ar Draoidheantóir,
"is beidh tú im chomhdháil féin
ar feadh do ré gan cead dóibh."



Do ghluais Conán le Draoidheantóir
as an gcarcair ar seol lom-lúith;
níor stadadh leo go trost-gharbh
go rángadar cor gheasa an dúin.


L. 108


Do ghoir Draoidheantóir ós árd
ar Ghlanluadh 's ar Áille an ghrinn;
tháinig Glanluadh fá lom-lúth
is Áille don chor 'na raibh an dís.



D'innis Draoidheantóir do na mnáibh
go dtug Conán ó shluagh na bhFiann,
go dtógfadh brígh a gheasa ó n-a dháil
is go mbeadh 'na chomhdháil 's 'na rian.



"Is eagal liom, a Dhraoidheantóir"
ar Áille, "gurab brón agus guais
duit-se agus domh-sa go lá an bhráth
Conán id dháil do bheith buan."



"Créad is eagal dúinn, a Áille," ar sé
"ón bhfear maol do bheith 'nár ndáil?"
"Ar eagla na meang," ar sise
"do bheith buan 'na ghoile mar chách."



"Ní thiubhrad-sa cáirde ar bith don Fhéinn
gan aithne ar an éag do thabhairt dóibh,"
ar Draoidheantóir le hÁille
"is ní féidir le Conán a bhfóir."



Níor labhair Conán focal leo
go dtug Draoidheantóir 'na dheasláimh
an ballán úd na ngeas a chlaoidhe
gur thóg a mbrígh go prap as a dháil.



Fán am sin dochualadar go binn
ceol cumhadh do sheinn dóibh Dáire;
do ghluais Draoidheantóir chugainn
don charcair fá lúth go dtáinig.



Ní raibh laoch de chathaibh Fhinn
nach raibh lom críon i gcruth-ghné
gan lúth, gan tapa, gan treoir
ó gheasaibh 'na gcló go tréith.



Do dhearmhad Draoidheantóir
an ballán órdha ag Conán;
do thriall féin agus Glanluadh
don charcair go luath i gcomhdháil.



"Créad do thoisc, a fhir mhaoil
fár leanais sinn?" ar Glanluadh.
"Go bhfaghainn amharc ar an bhFéinn
le linn a n-éag 's a dtriall uainn."



"Cá bhfuil an ballán," ar Draoidheantóir
"thugas duit d'fhóir do gheasa cruadha?"
"d'fhágas é," ar Conán lán-mhaol
"mar a bhfuaireas é, slán fá bhuadh."


L. 109


Do ghluais Draoidheantóir go luath
de gharbh-throst uainn fá lán-lúth;
níor stadadh leis go ráinig sé
an cor 'na raibh gréithre an dúin.



d'fhóir Conán Oscar is Fionn
ó na geasaibh dlúth dobhí 'na ndáil
sul a dtáinig Draoidheantóir
tar ais fá sheol gan fios an bhalláin.



Do ghaibh Oscar an ballán de láimh
's a lann líomhtha go dána 'na dhóid;
níor fhulaing sé a theacht don charcair
an Fhiann ó na geasaibh gur fhóir.



Do sheinn Fionn an Dórd go binn
is Dáire le n-a thaoibh fá ghreann;
do gháir an Fhiann uile ós árd
de bhorb-ghuth ba ráidhte teann.



Do ghluais Áille is Glanluadh
de gharbh-throst chruaidh don charcair;
"Tá réim ag an bhFéinn go fíor
a Áille," ar Draoidheantóir, "is dearbh."



Do bhuail Áille na basa go lom
is do labhair i bhfoghar nár chaoin;
adubhairt Conán léi ós árd
"Cúis cruadh-cháis chughaibh agus caoi!"



"A Dhraoidheantóir," do ráidh Oscar
"níl do chomas feasta ar an bhFéinn,
díolfaidh tú go cruaidh ar a shon
sinn a bheith san gcarcair i bpéin."



Do ghaibh eagla is uamhan Áille
gur thuit ar lár lag tréith;
tar éis ar imir sí de chrádh
is do thuit gan spás leis an éag.



"Tá cumas na Féinne gan gó"
ar Draoidheantóir, "orm is fíor,
i n-éiric mo gheas is a mbuadh
a chur ón bhfear nduairc i neambrígh."



"Níl dul agat ón éag anois
a dhraoi ghlic," ar Oscar áigh;
"dogheobhair comhrac aon láimhe
gan cheilg id dháil ó shluaightibh Fhinn."



Níor labhair sé le hOscar tréan
do ghlac a lann ghéar 'na dheasdóid,
gur fhiafruigh Oscar den dara feacht
"An amhail is maith leat, a Dhraoidheantóir?"


L. 110


"Is amhail go dearbh," ar an draoi
"do-bhéar-sa cruadh-ghníomh glac-lámh
do gach aon fhear den Fhéinn
gur tuitim dom féin nó dóibh 'na dtáin."



Do ghluais an Fhiann amach
as an gcarcair 'na raibh seal dubhach;
dobhí Áille gan anam san tslighe
is Glanluadh ag caoi fá phúdhar.



"Créad so thárlaidh d'Áille an ghrinn?"
ar Oscar de ghlór chaoin lán-bhuaidhe.
"Fuair sí aithne ar an éag"
ar Conán, "is ní scéal truaighe."



Dobhí a lann líomhtha 'na dhóid
ag Draoidheantóir ar an doras
ag feitheamh le Conán ameasc cách
chun a chur chun báis gan fhios.



Dochonnairc Oscar Draoidheantóir
's a lann 'na dhóid i samhail catha;
adubhairt leis - "Ná bí dá luadh
go roicheam cuaird na faithche."



Níor labhair leis an Draoidheantóir
is níor fhág an fód 'na raibh 'na sheasamh
go bhfuair amharc ar Chonán Maol
go dtug amus-bhéim ar a dhícheannadh.



Ní ráinig an lann an fear maol
do scairt go tréan ar Oscar áigh;
d'ionnsuigh Oscar Draoidheantóir
is thug gan gó dho aithne an bháis.



Do chaitheamair uile an Fhiann
deoch is biadh san dún go subhach;
arn-a bhárach tar éis ár suain
ní raibh againn tuarasgabháil an dúin.



Dobhí cuid de bhrígh na ngeas úd
a Phádraig, dar liom i ndáil na bhFiann
ón lá úd go lá a mbáis
is leis thuiteadar tráth is ní le Dia.



Nach abair tú go rabhadar beo
tar éis leon na ngeas úd;
dá bhrígh sin is cneasta an fhiadhain
gur thuiteadar le Dia na ndúl.



Is é deirim leat, a Phádraig
nach rabhadar ón dtráth úd tréan
i gcath ná i ngníomh na lann
's é chlaoidh a dteann 's ní Mac Dé.


L. 111


B 1782-1855lsc 18D
U Anaithnid
LAOIDH LOCHA DEIRG

Seilg na Féinne ós cionn Locha Deirg.



An gcualaidh tú Fianna Finn
a Phádraig† mhóir, a †mhic Calpruinn,
ag éirghe ós cionn Locha Deirg
mar aon is cách i gcómhsheilg?



Piast dobhí ar loch an tsléibhe
lér cuireadh ár na Féinne;
fiche céad nó níis mó
dá dtug bás i n-aon ló.



Óglách maith dobhí ag Fionn
innsim duit, a Thailginn,
Ablach an Óir, mac Ríogh Gréag
do thuigeadh glór ó gach péist.



"An dtuige an ní adeir an phéist?"
do ráidh Ablach leis an bhFéinn,
"caogad each nó caogad bó
do chur chuice gach aon ló."



"Innis di go bhfaghaidh sí sin
a Ablaigh an chrotha ghil;
is fearr sin ná aon laoch lonn
do thuitim léi i gcomhlonn."



An phiast an oidhche sin gan biadh
codla níor thionnscain an Fhiann;
ar theacht na maidne go moch
do chuir anfadh ar an loch.



Ar theacht don phéist ar an dtráigh
do léigeadar an Fhiann gáir,
dob iomdha fear ag briseadh a chrainn
is iomad laoch 'na timcheall.



Sul a dtáinig meádhon don ló
ba lia ár mairbh ná ár mbeo;
ba samhail le sluagh cille
uireasbhaidh ár laochraidhe.



Do sloigeadh léi mac Ríogh Gréag
agus Oisín gidh mór an béad;
do sloigeadh léi go beacht
fear agus céad i n-éinfheacht.



Níor sloigeadh mac Cumhaill léi
ná an mhéid bhí amuich dá Fhéinn,
is ní raibh díobh gan dul thart
acht beagán le hucht imtheacht.



Do sloigeadh Daolgus agus Goll
is Fionn mac Rosa na gcomhlonn,


L. 112


is Conán Maol, scéal nár mhaith
is Diarmaid déid-gheal tréanmhar.



Thug Fionn an sídhe prap
gabhas an phiast ar alt,
is thug cor go dian di
gur chuir a cliabh anáirde.



Mar chonnairc Dáire mac Finn
an rí-fhéinnidhe cionn a gcinn,
thug léim i mbéal na péiste
dob é sin an sidhe aidhbhéile.



Ar dhul do Dháire 'na cliabh
is ann do chuimhnigh ar a sciain;
dorinn slighe do féin amach
b'é sin an coscar iongantach.



Dá chéad beo aiste den Fhéinn
Oisín agus mac Ríogh Gréag;
gníomh ba bheodha ná sin
annamh duine dochualaidh.



An dá chéad tháinig amach
dobhádar gan folt, gan éadach;
maith do cheannuigh Fianna Fhinn
a bhfuair siad riamh i nÉirinn.



Turas Chonáin mar nár chóir
i mbroinn an bheithidhigh ró-mhóir,
mar nach raibh gruaig ar a cheann
níor fhan leadhb ar a chloigeann.



Fionnloch Deirg fa hainm don loch
ar dtús, a chorr-chléirigh;
d'fhan Loch Dearg air le beo
ó ár na Féinne i n-aon ló.



Trí lá is mí is bliadhain
dobhí Loch Dearg fá dhiamhair,
ó ló marbhtha Féinne Fhinn
adeirim leat, a Thailginn.



Is mé Caoilte i ndiaidh na bhFiann
a Phádraig dhealbhas gach grian;
an scéal sin innsim daoibh
annamh duine dochualaidh.


L. 113


B 1778-1855ls 18D
SEILG SLÉIBHE gCROT

Seilg Muca Draoidheachta Aongais an Bhrogha.



Éistidh, a uaisle bhfear bhFáil
an chúis dá dtárlaidh iomarbháidh,
go sloinnead daoibh gan gheis
tachar Fhinn agus Aongais.



Fleadh do comóradh gan cheilg
le mac an Daghdha dreach-dheirg;
beirtear sinn-ne dá hól soir
go bruidhin mhór-ghloin na Bóinne.



Is é líon dochuamair ann
d'Fhiannaibh arm-ghlana Éireann,
i n-éagmais Chonáin is Ghuill
deich gcéad taoiseach Féinne.



Bruit uaine fán bhFéinn go rath
bruit chaomh-chorcra dá gcumhdach,
sróll dearg fán gceithrinn amhas
ag teaghlach aobhdha Aongais.



Suidheas Fionn san mbruidhin mbrais
taobh le taobh Aongais,
suail go bhfeaca súil mar sin
dís chomh maith ar talmhain.



Mar do suidheadh leo san teach
dob iongnadh le coimhightheach
iomad a gcorn i ngach glaic
a gcuach agus a gcupard.



Mar do suidheadh an teach arís
do badh iongnadh mar dobhídís
cuirn óir ó láimh go láimh
ar luadhaill 'na n-aonarán.



Do ráidh Aongas de ghuth mhór istigh
do chuir sin tocht ar na fir,
"Fearr an bheatha so ná seilg"
ar mac an Daghdha dreach-dheirg.



"Measa an bheatha so ná seilg"
do ráidh mac Cumhaill lán d'fheirg
"gan coin ann, gan eich áille
gan catha, gan comh-gháire."



"Na coin sin adeirir, a Fhinn
do bheith agat féin go grinn,
créad fá n-abair tú an ghuth
is nach muirfidís aon mhuc?"



"Níl agat-sa féin," ar Fionn
"ná ag sluagh Thuath Dé Danann,
muc dár imthigh ar talmhain truim
nach muirfeadh Bran is Sceoluinn.


L. 114


"Cuirfead chugaibh-se muc mhór
mharbhóchas bhur gcoin i gcéadóir,
rachas uait féin ar an maigh
ón bhFéinn is ó n-a gconaibh."



Adubhairt de ghuth mhór istigh
reachtaire an bhrogha bhuadhaigh -
"Sul bheidh sibh ar meisce mhir
trialladh gach neach dá iomdhaidh."



Adubhairt Fionn le na Fiannaibh
"Gabhaidh umaibh agus triallaidh;
nílim acht im uathaidh ann
idir Thuatha Dé Danann."



Gluaisimíd as sin seacha siar
gus an mball a raibh an Fhiann;
ann dobhí an Fhiann 's a gcoin
ar Shliabh Fuaid an oidhche soin.



Dobhámair bliadhain ceann i gceann
agus Tuatha Dé Danann
nó go ndearnamair an tseilg
dárbh iomdha fuil ar finnleirg.



Is í seilg dorinneadh linn
le mac Cumhaill go nglór ngrinn:
Sliabh gCua, Sliabh gCrot, Sliabh gCuilinn
go hInbhear Críche i nUltaibh.



Suidhtear linn an tseilg mhór
le mac Cumhaill is le n-a shlógh
ó Mhaigh Cobha go Cruachain Chais
go Fionnabhraigh is go Fionnais.



An tseilg dorinneadh annsain
le mac Cumhaill a hAlmhain
do ba dítheach Aongas di
is dob easbadhach sinn-ne.



Cuireas Aongas teachta 'nár gcionn
go hárd-fhlaith na bhFiann bhfolt-fhionn,
mac Cumhaill gidh gur mhór modh
ag iarraidh a bhréithre do chomholl.



Suidheas Fionn, flaith na Féinne
ar an gcnoc ós cionn an tsléibhe;
suidheas an Fhiann agus a gcoin
ar an sliabh an lá soin.



Suidhim-se féin ar an sliabh
mar a raibh Fionn flaith na bhFiann,
go nach beadh ar shliabh aonair
flaith na bhFiann i ró-bhaoghal.



Anmanna con na Féinne
sloinnfead daoibh gan claoin chéille,
ró bheag dá gconaibh dar liom
gidh aidhbhseach libh a n-áiriomh.



Adhnuaill im láimh-se féin
Bran i láimh an fhir go scéimh,
agus Sceolann san láimh oile
ag mac Cumhaill Almhoine.



Ablach ag Oisín mac Fhinn
Lonn i láimh Bhrain Bhig go ngrinn,
Scal, Caoile agus Luas gan athmhaoin
ar chruas i láimh Fhirdomhaoin.



Airchis teann i láimh mhic Smóil
an Chordhubh ag ua Conbhróin,
Meadhair is Mearann is Maoin
i láimh Gharraidh ó Fhormaoil.


L. 115


Dordán duthach dob iongnadh
i láimh Bheinne na mbíodhbha,
Mac an Smóil is Dothla teann
i láimh Dhuthaigh dhath-áluinn.



Éachtach ag Diarmaid Donn
Mac an Truim ag Oscar oll,
Rith Fada ag Conán go gcáil
agus an Garradh ag Faolán.



Gairid dúinn-ne ann mar sin
ag cur géill as ár gconaibh
go bhfeacamair san maigh anoir
tréad mór-uathmhar de mhucaibh.



Dob iongnadh le Fionn na bhFiann
gach muc i n-aoirde fiadh;
aon mhuc rompa, garbh a líth
fa duibhe í ná gual gabhann.



Fa haoirde ná seol-chrann suas
fionnadh a leacan 's a cluas;
fa samhail le muine a dath
fionnadh a súl 's a sean-mhala.



Léigim-se i dtaobh na leirge
Adhnuaill i dtús na seilge;
do mhairbh an chéad mhuc gan chleith
gér líonmhar coin na Féinne.



Adhnuaill do mhairbh an mhuc mhór
de thréad Aongais i gcéadóir,
ó shin is tuigthe dhuit i leith
atá Gleann na Céad Mhuice.



Briseas Bran a hiall go fíor
siubhlas sí as láimh an ríogh,
na muca fa mór meire
do ghabhsad dá comh-ghleiceadh.



"Truagh sin, a Bhrain bhuadhaigh bhinn
a mhic Fhearghusa fholt-fhinn,
duit-se nocha gníomh feardha
mo mhac-sa do lán-mharbhadh."



Mar dochualaidh Bran an ghuth
do chlaochluigh a ciall 's a cruth,
gabhas sí ar bhrághaid an mhuc
agus tógbhas an chruadh-chuid.



Gabhas sí an mhuc ar bhrághaid
an greim sin ba ghreim námhad,
níor leig an mhuc a gabháil
is do chongaibh a gearr-anáil.



Muna ndearnaidh Bran go bráth
de ghníomh nó ghaisce 'na dheáidh.
acht an mhuc sin ar an maigh
do dhiongbháil do na Fiannaibh -



Gér mhór ag Aongas a thréad
i n-a raibh muc agus céad,
ní raibh aon mhuc díobh gan oil
um thráthnóna 'na beathoidh.



Áirmhid annsin an Fhiann
tháinig anoir agus aniar,
i n-éagmais giolla agus con
bhí deich gcéad fear ar n-easbaidh.



Do ráidh Oscar de ghuth mhór
le mac Cumhaill is le n-a shlógh -
"Déanaidh eolas ar an mbruidhin
is díoghlam ár ár muintire."



"Badh chomhairle fir gan chéill"
do ráidh Oisín le Fionn féin,
"dá bhfágadh na muca mar sin
dothiocfadh arís 'na mbeathaidh.


L. 116


"Déanaidh na muca do loscadh
is badh móide bhur gcoscar,
agus loiscidh na muca dhe
is cuiridh a luaith le fairrge."



Seacht gcatha dobhámair ann
d'Fhiannaibh amhra na hÉireann.
thall le himeall an locha
seacht dteinte gach aon chatha.



Seacht dteinte gach catha dhíobh
mar d'órduigh dúinn an rí,
dá n-áirmhinn iad uile dhuit
nochar loisceamair aon mhuc.



Imthigheas Bran uainn amach
go hathlamh is go heolach,
dobheir trí crainn léi 'na crobh
ní feas cá coill ó dtugadh.



Do cuireadh na crainn fán teine
is do ghabhsat mar an gcoinnill,
do loisceadh na muca de
's do cuireadh a luaith le fairrge.



Do ráidh Oisín de ghuth mhór
le mac Cumhaill is le n-a shlógh
"Déanaidh eolas ar an mbruidhin
is díoghlam ár ár muintire."



Gach foigse dá ndeachaimís dáibh
dá bhfearaibh móra is dá mnáibh,
docloistí iad go cinnte
i bhfraighthibh na fiormaiminte.



Gáir con is ban is daoine
is macaomh ag éagcaoine,
ní chuala ba thuaidh ná theas
aon lá ba sháimhe m'éisteacht.



Cuireas Aongas teachta 'nár gcionn
mar a raibh an flaith féinne Fionn;
do ghabháil einigh ar fhlaith Fáil
nach millfeadh a mhuintir i gcéad-áir.



"Nocha naiscim eineach ort
a Aongais is caoimhe corp,
feadh bhias aon tigh thiar ná thoir
id bhrugh mhór gan díoscur."



"Gidh holc leat do mhuintir mhín
a Fhinn, a athair Oisín,
congbhuigh do chumha is do smacht
doilghe dhomh-sa mo dheagh-mhac.



"An mhuc mhór dobhí san maigh
romhat-sa is red chonaibh,
do-bheirim mo bhriathar anois
gurab é deagh-mhac Aongais.



"Do-bheirim briathar oile
a mhic Chumhaill Almhoine.
nach beo anocht dem chine
neach dárab tú árd-rí.



"Do thuit mac ríogh Mara Seang
is mac ríogh Mara Saoileann
leat, is mac ríogh Aongais áin
is mac Ilbhric mhic Mhanannáin.



"Seacht bhfichid mac fá ghnaoi
dorinn mac ríogh le rí-mhnaoi
do thuit leat is led Fhéinn chalma
ar an sliabh go hallmhardha.



"Muintir ghlan mo bhrogha bhinn
bhí roimh do chonaibh fán nglinn,
'sé do mhill mo bhrígh 's mo mhodh
i gcéin dóibh féin dá loscadh.



"Seacht mbliadhna, a Bhrain bhinn
tú im thigh-se dod altruim;
is níor shíleas fós go beacht
go muirbhfeá-sa mo dheagh-mhac.


L. 117


"Truagh dhuit, a Bhrain bhuadhaigh bhinn
a mhic Fheargusa fholt-fhinn,
ní dhearnais gníomh molta
mar do mharbhais do chomhdhalta.



"Triocha céad dúithche ag t'athair
idir choill agus achaidh,
badh chuibhe led ré dhuit
ná bheith id cheann ar chonairt.



"Mallócham thusa, a Bhrain
seach gach coin ar talmhain
go nach faicidh do shúil de
aon fhiadh mhuirbhfeas tú choidhche."



"Dá malluighidh-se féin Bran
mo choileán-sa gasta glan,
ní bheidh thiar ná thoir aon teach
id bhruidhin mhóir gan loscadh."



"Cuirfead crainn agus clocha
id aghaidh i dtús gach catha
is muirbhfidh mé t'Fhiann uile
ó mhac ríogh go ró-dhuine."



"Féachfad oraibh trím fháinne"
ar mac Cumhaill go n-áille,
"is beidh a fhios agam, a fhir
cá líonmhar do bhur gcathaibh."



"Córa dhaoibh maitheamh eadraibh féin"
do ráidh Oisín, fear go céill,
"déanaidh altrom gach fir ann
is íocaidh ár n-eineachlann."



Roighne geal an ghutha ghrinn
dob é sin deagh-mhac Fhinn,
dob é tús a síthe ann
a thabhairt d'Aongas ar altrom.



Deagh-mhac Aongais go mbrígh
tugadh sin ar láimh an ríogh;
ó shin i leith dhóibh i bhfus
atá an t-altrom faltanuis.



Truagh liom Eochaidh na haoibhe
do thuitim i dtigh Fhormaoile,
go nach beadh aca cabhair Eochadha
ag sluagh ághmhar Aongasa.



Is mé Caoilte mac Ronáin ruaidh
truagh m'fhuireach tar éis an tsluaigh,
is nach mairid Fiann Fhinn
dom dá n-éis ní haoibhinn.



Is mé Caoilte mac Ronáin cóir
truagh m'fhuireach tar éis an tslóigh;
théarnuigh mo lúth is mo neart
fada liom bheith dá n-éisteacht.


L. 118


B 1778ls 18D
SEILG SLÉIBHE NA MBAN.



Lá dá ndeachaidh Fionn na bhFiann
do sheilg ar Shliabh na mBan Fionn,
trí mhíle de mhaithibh na bhFiann
sul ndeachaidh grian ós ár gcionn.



'Oisín, is binn liom do ghlór,
is beannacht fós le hanmain Fhinn;
innis dúinn cá mhéid fiadh
do thuit ar Shliabh na mBan bhFeimhin.



Ba mhór na creacha l'ár slóigh
a ndeachaidh uainn is ní spleadh
ar thuit ar Shliabh na mBan Fionn
d'fhiadhach le Fionn na bhfleadh.



Innis dom roimh gach scéal
is beannacht ar do bhéal gan gó,
an mbíodh éide oraibh ná arm
ag dul do shealg gach aon ló.



Dobhíodh éide orainn is arm
ag dul do shealg linn mar sin,
is ní bhíodh féinnidhe díobh dom dhóich
gan léine sróill is dhá choin,



Gan cotún is síoda séimh
is lúireach barraigh ghéir ghlain,
is cinn-bheart chloch-órdha chóir
is dhá shleigh i ndóid gach fir,



Gan sciath uaine ar a mbíodh buadh
is lann chruaidh lé scoithtí cinn;
dá sirthí an domhan fá seach
ní raibh neach dob fhearr ná Finn.



Is é dob oinighe is dob áighe
ní dheachaidh lámh ós a chionn,
ag dul do thaisteal na gcuan ngeal
gan faicsin ar fhear mar Fhionn.



Conadh é eagar dochuamair siar
do sheilg ar Shliabh na mBan Fionn;
a Phádraig, a cheann na gcliar
dob áluinn grian ós ár gcionn.



An uair do shuidheadh Fionn ár gcoin
dob iomdha anoir agus aniar
guth gadhair ag dul fán gcnoc
ag dúiseacht torc agus fiadh.



Dobhí Fionn féin agus Bran
'na suidhe seal ar an sliabh -
gach fear i n-ionad a shealg
gur éirigh cealg na bhfiadh.



Do léigeamair trí mhíle cú
dob fhearr lúth is dobhí garg;
do mhairbh gach cú dhíobh dá fhiadh
sul do cuireadh iall le harg.


L. 119


Do mharbhamair sé mhíle fiadh
is an ngleann dobhí san tsliabh,
i n-éagmais agh agus fearb
- ní dearnadh sealg mar sin riamh.



Dob é deireadh ár seilge thiar
a chléirigh na gcliar is na gclog,
deich gcéad cú go n-a slabhraidhe óir
do thuit um nóin le céad torc.



Do thuiteadar linn na tuirc
dorinn na huilc ar an sléibh;
muna mbeadh ár lann is ár lámh
chuirfidís ár ar an bhFéinn.



A Phádraig na mbachall bhfiar
ní fheaca mé thiar ná thoir
seilg aon-lae ag Fiannaibh Fhinn
le mo linn ba mhó ná sin.



Ag sin sealg dorinne Fionn
a mhic Calpruinn na mionn mbláth;
gáir ár gcoileán is an nglinn
uch, a Phádraig, ba bhinn an lá.


L. 120


B 1820-40lsc 19T
U Anaithnid
SEILG TUIRC GHLEANNA AN SCÁIL.



Go mbeannuighthear duit, a sheanóir shuairc,
chugat ar cuaird táinig mé;
a laoich mhileata dob áille dreach,
a fhir nár dhiúlt neach fán ngréin.



Fios dob áil liom d'fhagháil uait,
a mhic mic Cumhaill ba chruaidh colg,
an t-éigean is mó 'na raibh an Fhiann,
ós tú bhí riamh ar a lorg.



Fios do-bheirim duit air sin
a mhic Calpruinn na salm ghrinn,
an t-éigean is mó ortha bhí
ó gairmeadh díobh Fianna Finn.



Ba chuimhin liom lá go moch
n-a raibh drong againn d'Fhiannaibh Fáil,
dochuamair féin is ár gcoin
do sheilg tuirc Ghleanna an Scáil.



Trí chaogaid gadhar, dá chaogad cú
marar mhó a líon níor lugha;
dobhí i n-ár mbuidhin fiche céad
mar aon linn féin is Clanna Smóil.



Táinig chugainn Clanna Daoighir
cúig mhíle chum an aonaigh,
cú is gadhar is dá chaoin-tsleigh
ag gach aon de na laochra.



Táinig chugainn Clanna Buadhain
ba mhaith éagcosc na buidhne,
cúig mhíle chum an aonaigh
is líon catha de Chlanna Baoiscne.



Táinig chugainn Clanna Mórna
na gníomh-fhir mhóra mheara,
cúig mhíle faoi n-a sciathaibh
is a gcoin ar iallaibh aca.



Annsin do labhair Goll go hárd
"Cia ghlacas scáth roimh an muic?
Curthar liom meabhraidhe fán ngleann
's rachad ann do bhrath an tuirc."



Annsin dubhairt Conán neamh-ghrinn
grís-fhear maoidhte Fianna Fáil,
"A mhic Mórna na ráidhte grinn
cia aca dínn nach rachadh id dháil.


L. 121


"Atá tusa," do ráidh an saoi
"is dar an mionn so fám cheann;
ní mar dhroch-mheas ar an bhFéinn
adubhart féin go rachainn ann."



D'éirigh Faolán feardha tréan
leoghan sparainneach gach cnocáin,
is a chosc riamh níorbh fhéidir
gur bhain trí bhéic as Conán.



Annsin d'éirigh Goll na mbéimeann
an laoch thar céadaibh curadh,
is a chosc riamh níorbh fhéidir
gur leag céad ar an dtulaigh.



Annsin do labhair Oscar go feargach
le Goll† meanmnach †mac Mórna:
"Muna mbeadh mo gheallamh dhuit
ba shearbh leat do ghnótha."



Lá dá raibh an uair sin
an dís fhear uasal cródha,
tráth d'fhiafruigh Goll d'Oscar
"An tú fear cosanta na coróineach?"



"Ba mhaith mo chongnamh chuige"
do ráidh Oscar na n-arm nimhe,
"focal adubhart ná adéarfainn
's mé nach séanfadh é ar dhuine."



"Urraim ní bhfaghair uaim-se"
ar Goll gruama le hOscar,
"Is mise mhairbh do shinsear
Cumhall gníomhach i gcath Chnocha."



d'ionnsuigh Oscar agus Goll
a chéile go grod dian tnáitheach;
do chuirfidís bruic as gach gleann
le fuaim a lann dá mbearnadh.



Gur éirigh Faolán fearamhail
is Diarmaid déid-gheal ua Duibhne,
is cuirid cách ó chéile
gidh mór tréineacht na buidhne.



Do leigeamair fá Chiarraighe siar
naoi míle sciath, do bhrath an tuirc,
ní raibh neach aca riamh
gan gadhar 'na dhiaidh is dá choin.



Do leigeamair fá an leirg
an gadhar ba thaidhbhsighe cruibh,
ag gluaiseacht 'nár mbuidhin go meadhrach
's ár gcoin ar aoirde gach cnuic.



Dobhíos-sa agus Oscar 'na ndiaidh
is Diarmaid a chuir catha 'na suidhe,
Goll foirtil lán-ghéar
agus Faolán mac Finn.



Cheithre míle broc is eilit mhaol
cúig mhíle poc dá bheann,
naoi míle don fhiadhach mhór
dobhíodh leo ag teacht 'nár gceann.


L. 122


Dar do láimh-se, a chléirigh
dochuamair uile fán ngleann
's ní tháinig duine againn gan lot
is d'fhan an torc uainn go teann.



Seinntear ár mbarr buadh-chruit
is tógtar ár nduis le mian;
gluaisimíd go Teamhair na slógh
tar éis comhraic an tuirc fhiadhain.



Ag sin duit-se eachtra mo scéil
a chléirigh na salm ghrinn;
is go mb'fhearr liom ná flaitheas Dé
Fionn 's an Fhiann do bheith mar bhí.


L. 123


B 1782-1855ls 18D
U Anaithnid
FIADHACH FIANN ÉIREANN AR SHLIABH TRUIM

Laoidh na hOllphéiste.



Lá dobhámair ar Shliabh Truim,
Fianna Finn fa lán de ghoil;
dob iomdha deagh-laoch is cú
ann ba mhaith lúth ar mhoigh.



Ní raibh laoch díobh gan sciath
ar an sliabh agus dá choin,
is gan cúpla gadhar san nglinn
i dtimcheall Fhinn dob árd goil.



Do sreathnuigheadh sinn ar gach gleann
fa maith ár dteann i gceann cnoc,
an bhuidhean churanta chrobh-theann
ár dtreise fa lonn gan locht.



Dúisightear linn ós barr beann
fiadhach na ngleann agus a dtuirc;
ar gach taobh dinn marbh san leirg
dob iomdha eilit is bruic.



Dob iomdha ann laoch is coin
ag éirghe ar an moigh go luath,
ag déanamh sealg ar gach glionn
is d'éirigh Fionn, triath na dtuath.



Dá choin i láimh gach fir
dár éirigh annsin den bhFéinn;
agam féin atá a fhios
uch, gidh táim anois gan chéill.



Adéar gan dearmad gan on
cuid d'anmanna con an tsluaigh;
níor leigeadh cú ann dá héill
nárbh aithnid dom féin a buaidh.



Do leig ua Baoiscne Bran dian
agus Sceolann fa cian rith;
do leig Oisín Buadhach mór
is Ablach Óg dá ndéis sin.



Ód-chonnairc mac Breasail saoir
coin an ríogh ag dul re teann
do leig a dhá choin fa garg
Uchtárd agus an Fearb seang.



Do leig Oscar mear nár thim
Mac an Truim dá shlabhradh óir;
do leig Caol Cródha go gclú
Léim ar Lúth is an Chú Chrón.



Do leig Garradh na n-arm glan
Fearann is Foghar is Maoin;
do leig ua Duibhne go deas
Éachtach na gcleas agus Daoil.


L. 124


Do leig mac Muirne go ngoil grinn
Airchis agus Rinn an áigh;
do leig ua Conbhróin go gcruth
Cor Dubh 'na ndiaidh agus Máigh.



Do leig Conán go ngníomh grod
Rith Grod agus Rith re hÁrd;
do leig Faolán thar a chionn
Carragán agus Guth Garg.



Do leig mac Eadaoin iar sin
Cosluath caoin is Fuath dá láimh;
do leig mac Muirn an ghrinn
Árannán is Árd-na-seágha.



Do leig Feardomhain mac Finn
Ciarchuill do chinn ar gach coin;
do leig mac Reithe go rún
Sciathúr agus Lúth an Loin.



Do leig Caoilte Fuath go mbuaidh
agus Cuilsceach fa cruaidh treas;
do leig Dáire, fear na nduan
Síneach Suain agus Luath deas.



Do leig Cairreall, an laoch muar
Gaithlionn is Guaire is Gal;
do leig mac Dubháin, an fear fial
Rian ina ndiaidh agus Scal.



Do leig Dáire Dearg mac Finn
Árd na Sealg agus Lon cruaidh;
do leig Mac Lughach go mear
Cruthach geal agus Lear uaidh.



Do leig Aodh Beag fa fear prap
Marbhadh na gCat agus Taom;
do leig Conán mac an Léith
Leagán dá héill agus Laom.



Leigthear Scannar agus Gáir
dá choin Iollainn áird mhic Smóil;
Oscar mac Criomhthain nár dhoirbh
do leig sé Soirbh agus Nóin.



Do leig Feargus, file glan
gan dearmad Sciath agus Faoidh;
Colla mac Caoilte, an fear fial
do leig uaidh Rian agus Laoidh.



Do leig Dáire mac Rónáin
Díbhearg is Dobhrán go dian;
do leigeadh uainn-ne gan táire
go luath coin áille na bhFiann.



Do leig siad clann an Chearda
a gconairt sealga gan brón:
Cor agus Dearg agus Drithleann
Coirrbheann, Rith Teann agus Treoir.



Do leig Cnú Dhearóil eolach
Aindeoin is Ceolach fá réim;
Uath na seilge nár bheag lámhach
do leigeadh scread ghábhaidh gan béim.



Criomhthan na mbéimeann is Conn
dá mhac dobhí ag Goll an áigh,
do leigsead Dochar is Daor
do leigsead Caor agus Gáir



Do leig teaghlach na flatha
go heolach gan taca a gcoin;
'na ndiaidh de bhrígh na sealga
dobhádar learga lán d'fhuil.


L. 125


Dob iomdha cú ag rith ar fhiadh
'nár dtimcheall san tsliabh ba dheas;
dobhádar na catha ar a lorg
dá bhfeitheamh, ba bhorb an treas.



Dob iomdha guth fiadh agus tuirc
ar an sliabh dár thuit den tseilg;
ó choscar laoch agus con
dob iomdha fuil ar an leirg.



Níorbh áidhbhle liom gáir chatha
gidh iomdha cath i raibh ariamh,
ar ndul do chonairt fá tháintibh
ná gártha torc agus fiadh.



Ní dheachaidh fiadh soir ná siar
ná torc ar shliabh dá raibh beo
díobh sin uile nach raibh marbh
ón gconairt sin fa garbh gleo.



Do mharbhamair deich gcéad fiadh
ar an sliabh agus deich gcéad torc;
ár gconairt ar mhéid a bhfearg
d'fhágadar dearg gach gort.



Níor háirmheadh eilte ná bruic
ná míolta dár thuit san leirg,
gion gur háirmheadh iad ag Fionn
mór dar liom an chuid dár seilg.



Fiadhach aon-laoi is mó dár marbhadh
i gcrích Bhanbha i ngach tráth
's is fearr dobhí le mo linn
an tseilg dorinn Fionn an lá.



Mar do mharbhamair an tseilg
tángamair ar árd dá roinn,
chruinnigheamair na sluaigh gan locht
ó gach cnoc i dtimcheall Fhinn.



Dobhí roinn is rogha ag Goll
gérbh iomdha laoch lonn san bhFéinn,
ó na sluaghaibh gér mhór a ngoil
fuair sé sin dá eagla féin.



Roinntear an tseilg re Goll glan
níor fhág sé fear díobh gan díol,
níor dhearmaid sé duine den bhFéinn
acht é féin agus mise díobh.



Do chanas re Goll nár thim
is dob aithreach linn a rádh:
"An fala thug fá dear, a Ghuill
mo dhearmad san roinn tar cách?"



"Níorb chuibhe do neach fán ngréin
aithis orm féin fá roinn;
is truagh nach fuilim id ghar
a fhir thógbhas an fala rinn."



Dá fhreagra glacaim mo cholg
tagra borb ó bhí ag Goll;
an laoch fa maith réim is cáil
dochuas i n-a dháil go lonn.



Do thógaibh Fionn Mac an Luin
a shleagh go nimh 's a sciath áigh,
agus tig go cliste trés an tsluagh
gur ghabh mé go luath ar láimh.


L. 126


Coisctear le Fionn go luath ár bhfearg
do ghabh mo chuid den tsealg air féin;
níor lámhas fala ná fíoch
do chur idir dhís den bhFéinn.



Níor fhágaibh Fionn tréan, an triath
mac Muirne fial na sciath ndearg
gur shíothuigh eadram is Goll
gér mhór ár nglonn 's ár bhfearg.



Dorónsad teinte gan locht
go cinnte ar gach cnoc den tsliabh
i dtimcheall Fhinn ba chaomh corp
d'fhulacht torc agus fiadh.



Mar do chaitheamair an tsealg
na catha sin fa dearg snuadh,
do thriallamair Fianna Finn
ó Shliabh Truim go Loch Cuan.



Fuaireamair piast ar an loch
is níor shochar dúinn bheith ann,
ag a féachain dúinn 'nár dtocht
fa mó ná gach cnoc a ceann.



A tuarasgabháil re n-a moladh
ní haithristear, ní nár dúnn
do thoillfeadh gér mhór a fraoch
céad laoch i log a dhá súl.



Fa mó ná gach crann ar coill
a fiacla do thuill gach gráin;
fa mó ná comhla cathrach
cluasa na nathrach 'nár ndáil.



Sia ná ochtar gan easbaidh
a hearball seasmhach re a druim;
ba reamhaire an chuid ba chaoile
ná dair díleann i gcoill.



Mar dochonnairc uaithe an sluagh
d'iarr, is ba mhuar a fraoch,
biadh ar mhac Muirne gan on
nó comhrac con agus laoch.



"Ní de phiastaibh Éireann tú
a thrú nach maith cruth ná ciall;
innis cá háit as a dtangais"
adubhairt Fionn feardha fial.



"Táinig mise anois ón nGréig
im réim go ráinig Loch Cuan
ag iarraidh comhraic ar an bhFéinn
is do ghabháil tréine a sluagh.



"Cuirim forlann ar gach tuaith
do thuiteadar sluaigh rem ghleo;
uaibh muna bhfaghad mo dhíol
agaibh ní fúifead síol beo.



"Tugaidh dom comhrac go luath
gidh mór de shluagh ataoi, 'Fhinn
nó go bhféachad oraibh gan acht
mo neart tar éis teacht thar tuinn."


L. 127


"Ar ghrádh heinigh innis dúinn
gidh mór do shúil is do ghráin
scéala hathar agus t'ainm
sul caitheam ár n-airm id dháil."



"Arracht cinnte atá san nGréig
canfad gan bhréig a ainm ghnáth,
Crom na Carraige fa hárd bloidh
ar fairrge ag Cloich thoir tá.



"Piast is maith goil 's is olc gnaoi
fa hí sin a mhnao gan tlacht;
is tearc cathair thoir nár bhris
agus rugadh mise dho mar mhac.



"d'fhágas tursa ar gach faith
Árd na gCath go deimhin m'ainm;
a Fhinn is maith tásc is buadh
ní cás linn do shluaigh ná hairm.



"Ag so an scéala d'iarrais orm
a fhir is maith colg is glac,
tabhair dom iorghail go dian
gidh líonmhar t'Fhiann is do neart."



Do ráidh Fionn gér chruaidh an chéim
ris an bhFéinn dul dá troid;
dá cosc chuadar na sluaigh
is fuaireadar uaithe broid.



Táinig an phiast fá'r gcathaibh
mór dár mathaibh do thuit léi;
fa mór ár ndíth ó n-a coscar
níor thualang sinn cosnamh léi.



Teilgthear sleagha léi go cuimneach
ar an bpéist go tuillmeach borb
do chroith orainn go geintligheach
na ceatha teintighe re n-a colg.



Dobhámair-ne uaithe tursach
rinn níor chuimseach an spairn;
do shluigeadh gér lór d'éigean
laoch idir éide is arm.



Do shluig sí Fionn na mbéimeann
gur leig siad Fianna Éireann gáir;
dobhámair tréimhse gan chabhair
's an phiast ag tabhairt ár n-áir.



Doras ar gach taobh dá corp
dorinne Fionn nárbh olc méinn,
amach gur leig gan fuireach
gach neach do sluigeadh den bhFéinn.



Fionn ón gcomhrac dorinne
d'fhóir sé uile ár sluagh,
gur fhuascail sé le tréine lámh
sinn-ne le séan, ágh is buadh.



Do chomhraic Fionn 's í le chéile
mór an tréine dul dá cosc;
dá comhlann gér chruaidh níor fhan
gur scar a hanam re 'corp.



Ar thuit de phiastaibh re Fionn
ní cuirthear i suim go bráth;
a ndearnaidh d'ágh is d'éachtaibh
a n-áireamh ní fhéadfadh cách.



Do mhairbh sé piast i mBinn Éadair
a cosc níor féadadh i gcath;
agus ollphiast Locha Cuilinn
do mhairbh mac Cumhaill na gcleas.


L. 128


Fuath is piast Ghlinne Dorcha
do torchradh sin leis an bhflaith;
do mhairbh sé piast Locha nEachach
is arracht Ghleanna Smóil go prap.



Do thuit piast Éirne gér ghorm
leis, agus piast Locha Riach;
do mhairbh gér thréan a chroidhe
piast agus cat i nÁth Cliath.



Do mhairbh sé fuath Locha Léin
mór an fhéidhm dul dá claoidhe;
do mhairbh sé fuath i nDruim Chliabh
fuath agus piast ar Loch Ríbh.



Do mhairbh Fionn fa mór croidhe
fuath Ghlinne Righe na ród;
gach piast le neart a bhéimeann
i ngleanntaibh Éireann níor fhág beo.



Fuath agus piast Ghlinne hArma
do mhairbh Fionn gér chalma iad;
gur dhíbir sé re buadh is treise
gach piast dá bhfeiceadh ar talamh riamh.



Do mhairbh piast Locha Síleann
tug brath díleann ar ár sluagh,
agus dá phéist Locha Feabhail
d'imir orainn deabhadh cruaidh.



Piast Árd Fhionáin, gníomh ba diocair
do coisceadh sin tré ghliocas an ríogh,
do chlaoidh an rí uasal gan time
is piast Locha Reimhir do thuit sí.



Do mhairbh Fionn na gcéimeann cródha
fuath Sléibhe Cuilinn gér bhorb,
agus dá phéist Ghlinne hInne
do thuiteadar sin re n-a cholg.



Do mhairbh piast Locha Meilghe
lór a treise do láimh Fhinn,
agus ollphiast Locha Cearra
leis is arracht i nÁth Truim.



Dobhí piast ar Loch Measca
fa mór a treasa ar fhearaibh,
tar éis comhrac fuilteach d'fhagháil
Fionn dá láimh do threascair.



Fuath Locha Lurgan go dian
re Fionn na bhFiann do thuit sí;
ní hinnstear go bráth mbuan
gach ar chuir dár sluagh do dhíth.



Ar Loch Laoghaire go cinnte
piast do-níodh teinte dobhí,
i n-íoc a bhfuair dá fala
do dhí-cheann le n-a arm í.



Fuath Dubhais, lór a teinne
agus aimid Sléibhe Cláir,
do mhairbh Fionn le Mac an Luin
gér bhorb a ngoil is a ngráin.


L. 129


Thárlaidh orainn ag Loch Feargais
piast gan faitchíos ba ghraince cruth,
an taobh ba dheas de Chruachain Chonnacht
dobhí na gleannta lán d'fhuil.



Do thuit piast ar Bhanna bhinn
le láimh Fhinn na gcomhlann gcruaidh.
dob iomdha ár ndíth ón dtreas
gur claoidheadh í i nEas Ruaidh.


L. 130


B 1782-1860ls 18D
LAOIDH AN DEIRG MHIC DROCHUIL.



D'aithreosainn caithréim an fhir mhóir
tháinig anoir i gcéadóir;
tréin-fhear dobhí lán de ghuil -
an Dearg† dána †mac Drochuil.



Fá thásc na bhFiann fa maith guil
triallas an Dearg mac Drochuil
anoir ó chrích na bhFear bhFionn
go hiath oirear-mhín Éirionn.



Móide thug an laoch lán
sul táinig chugainn tar sáil
nach geobhadh gan géilleadh i nglas
ó gach féinnidhe dá fheabhas.



Iar dteacht anoir don laoch lonn
lér himreadh céad comhlonn,
gabhas an Dearg déid-gheal cuan
i mBinn Éadair na mór-shluagh.



Dobhíodar dís nár chumhang cáil
ag coimhéad an chuain chubharbháin -
Roighne Rosc-leathan mac Finn
is Caol Cródha mac Criomhthainn.



Níor choimhéad an dís an cuan
acht do thuit 'na dtoirchim suain
go dtáinig barc an fhir mhóir
i dtír sa chuan 'na gceart-chomhair.



Ag feitheamh na fairrge dhóibh
is a n-airm gaiscidh 'na ndóid,
dochonncadar óglaoch andeas
i n-eire áluinn odhar-ghlas.



"Má's é an Dearg tháinig i leith
an fear lér thuiteadar slóighte
ar a theacht ó thír go tír
is fíor, a laoich, go dtuitfimíd."



"Is cuma liom cia tháinig ann"
do ráidh Roighne rosc-mhall,
"ní fhuil sin san mbeatha mbán
laoch nach déanfam a dhiongbháil."


L. 131


"Gura fíor a n-abarthar leat
is gura beacht a bhfuil id bhéal
is má claoidhtear leat an fear
tiocfad leat ar leath na scéal."



Léimeas an Dearg fa maith dreach
i dtír de chrannaibh a chraoiseach,
is tug a bharc arn-a snaoidhe
ar an dtrácht gheal ghainmhidhe.



Folt fionn-bhuidhe mar ór cheard
ós cionn a mhailidhe ngruadh-dhearg,
dá dheirc ghorma mar ghloine
ós geal-ghnúis an deagh-ruire.



Lann nimhe lé leadarthaí cuirp
ag an laoch go nguais comhraic,
mionn cumhdaigh cloch-órdha corr
um an mileadh sochma súl-ghorm.



Dá chraoisigh chrann-reamhra chatha
i nglaic láimhe an árd-fhlatha,
sciath óir ar a ghualainn chlí
ag mac uasal an árd-ríogh.



Geall gaiscidh an domhain toir
do chosnaimh an Dearg mac Drochuil,
ar mhéid is ar neart i gcath
i gcomhlann cheart le céadaibh.



Éirigheas Roighne na lann
is Caol Cródha na mbéimeann;
gabhaid a n-airm i n-a láimh
agus rithid 'na chomhdháil.



Fuaradar rómpa an fear séimh
an curadh lúthmhar aidhbhéil;
ag siubhal gainimhe ar bórd an chuain
dobhí mac Drochuil na mór-uaill'.



Ar bhruach na trágha bhí an fear fionn
an laoch láidir séimh seang;
ag amharc an chuain dobhí sé
fear mascallach na mín-ghéag.



An fear nárbh fhaitcheach roimh buidhin mhóir
is do chuireadh scaipeadh ar mhór-shlógh
d'fháiltigh sé roimh an dís
Dearg dána na mór-ghníomh.



Dob é freagra thug an dís
ar mhac Drochuil na mór-ghníomh -
"Is breágh do lann 's is geal do lámh
's is aoibhinn binn do shiansán.



"Is tú an curadh is áille snódh
's is breághtha leaca gan imshnódh,
is deas do bhalla gan cham gan fiar
's do chulaith gaiscidh i ngach rian.


L. 132


"Tabhair scéal dúinn, a fhir mhuair
orainn atá coimhéad an chuain,
dís mhac ríogh go sár-bhuaidh sonn
d'fholaibh uaisle na hÉirionn."



"An chríoch ó dtáinig mé anois
ní hiomdha neach 'na hainbhfios;
is mé an Dearg, mac Ríogh na bhFionn
ag iarraidh árd-chíosa Éirionn."



Chuadar i n-ainbhfios a chéile
le glór borb agus aimhréidhe,
Roighne rosc-ghlan 's mac Criomthain binn
's an Dearg dána an chomhlainn.



Do ráidh Roighne an aigne mhir
go dian le Dearg mac Drochuil:
"Ní bhfuighe tusa, a laoich luinn
urraim ná cíos i nÉirinn.



"Gidh maith sibh-se, a dhís laoch
chanas fearg agus fraoch,
cia bhacas díom-sa anois
a gabháil, a creachadh 's a léir-scrios?"



"Dá n-áirmhinn duit gach fear díobh
a Dheirg, a mhic an árd-ríogh,
is iomdha laoch adéarfainn ann
dogheobhadh le n'ais do chomhlann.



"Is díobh Oisín mac Finn
agus Oscar na mór-ghníomh -
fear dian an taoibh ghil
is Fraoch† fiallach †mac Feamhair."



"Cá bhfuil laoch díobh sin anois?"
do ráidh an Dearg dreachmhais
"go bhféachaimís le chéile
ár bhfíoch is ár ró-thréine."



"Dearbhaim duit, a laoich luinn"
ar Caol Cródha mac Criomhthainn,
"gur seo mise led chlaoidhe anois
a laoich úd tháinig tairis."



Annsin léimeas an Dearg nár dh'reoil
fá fhíoch is fá fheirg mhóir
go Caol Cródha fa dearg dreach
mairg lér chomhraic an tréan-fhear.



Dorinne an Dearg comhlann cruaidh
is Caol Cródha go mór-uaill;
dob é sin an torann teann
ag scoltadh sciath agus caomh-cheann.



Dob é iomthús na déise
san iorghail sin le chéile
gur cheangail an Dearg go glan
Caol Cródha san gcomhrac.



Annsin d'éirigh Roighne mac Finn
d'éis Caoil Cródha do cheangal
mac ríogh na Féinne gan táir
chum an tréan-fhir, 'na chomhdháil.


L. 133


Dob iomdha cleasa gaile
dobhí san iorghail eatarra
gur ceangladh, gidh cruaidh an céim
Roighne ró-fhada le luath-bhéim.



"Gidh mór an gníomh 's an deabhadh
duit sinn-ne araon do cheangal,
scaoil ár gcuibhreach go beacht
is beir leat sinn id choimhdeacht."



Scaoileas Dearg na nglas ngéar
cuibhreach na díse deagh-laoch,
is baineas a mhóid de gach fear
gan arm do thógbháil i n'aghaidh.



Iar ndul do go Teamhraigh
go Cormaic an mhór-theaghlaigh,
mac Drochuil na ngéar-lann mbuadh
i dtigh Teamhrach na dtrom-shluagh.



Annsin d'éirigheadar amach
laochradh tighe Teamhrach
dob iomdha fear donn-bhruit sróill
i dtigh Chormaic i gcéadóir.



Iar dteacht ar an bhfaithche dhóibh
ameasc Chormaic 's a chath-shlóigh,
do mhac Drochuil an t-óg cuimseach
léigtear an ród go ró-shoillseach.



Annsin tig tréan-fhir Inse Fáil
tar éis a chéile 'na chomhdháil,
is tig chuca go dána
an fear feardha fíor-chalma.



Do ráidh triath Teamhrach gan on
"Suidhidh, a chliar chalma curadh,
ní heagal díbh meirge an fhir
is ná tógaidh arm 'na aghaidh."



Ar dteacht ar an bhfaithche dhó
do mhac Drochuil na mór-ghleodh,
beannuigheas don óg innealta cuimseach
an cath-mhileadh meanmnach ró-shoillseach.



Beannuigheas an Dearg de ghlór bhinn
do rí Teamhrach go haoibhinn;
freagras an flaith gan doghra
do thréan-mhileadh na tréan-fhoghla.



Iar suidhe do mhac Ríogh na bhFionn
fiafruigheas Árd-rí Éirionn;
"Fáth do thurais go Teamhraigh
innis, a laoich mheanmnaigh."



"Fáth mo thurais go Teamhraigh
a mhic Airt, a Chormaic,
géill Éireann dob áil liom
nó freas-bhéimeann 'na thimcheall."



"Géill Éireann do bhreith tar muir
gidh minic do shirdís tréan-fhir
níor fríth 's ní fhaghthar go bráth
tobhach Éireann le haon óglách."


L. 134


"Ó nach faghaim, a Chormaic
flaitheas uaibh-se gan comhrac,
tabhair comhrac céad curadh
a fhlaith fhial gan urdhubhadh."



Cuireas Cormac céad calma
do chlaoidhe an óg-fhir allmhardha;
do thóg san a mheirge nár lag
i bhfeirg 'na gcoinnibh i gcomhrac.



Dob é iomthús mhic Ríogh na bhFionn
gur thuit an céad san gcomhlonn,
is dá chéad eile, gníomh gan gó
do mhairbh an Dearg i n-aon ló.



Mar dochonnairc an tÁrd-rí
an Dearg ag déanamh daor-ármhaigh
seolas a theachta go luath
d'ionnsaighe mhic Cumhaill arm-ruaidh.



Tig chuca arn-a bhárach
Fionn mac Cumhaill go mór-dhálach,
trí míle gaiscidheach gan on
nár thuill easbaidh ná scannol.



Clogad óir fá cheann gach fir
de mhuintir Fhinn ó Almhain;
sciath fighte go n-imlibh óir
go gcumhdach síthe saor-shróill.



Fearas Cormac gan time
fáilte roimh Fionn Almhaine
fuair slógh mhic Muirne na gcreach
fáilte 's cuirm i dtigh Teamhrach.



Ar dteacht dóibh ar an bhfaithche
don tsluagh churata chóirighthe,
thógbhadar trí míle cleas lúith
ba mhór an t-ádhbhar iomthnúith.



Annsin dochuaidh mac Cumhaill fhéil
chum na puible den chéad-réim
agus beannuigheas annsin don Dearg
an laoch anaithne árd-gharg.



Ar mbeannughadh don fhlaith nár tháir
freagras an laoch dreach-náir
is iarras cumha go luath lonn
ar mhac Cumhaill, nó comhlonn.



"Gidh mór do neart-sa, a fhir"
do ráidh flaith féinne Gaedheal,
"ní thiubhrad-sa cumha dhuit
a Dheirg, ar eagla comhraic."



"Má's chugam-sa do thriall sibh
a laochradh léidmheach' Laighean,
ar chomhlann is umhal sinn
a dheagh-mhic Cumhaill arm-ghlain.



"Béarfaidh mise liom im luing
cinn na bhfear ó Almhuin
i gcomhrac céadta curaidhe
uait, a mhic Cumhaill arm-ghrinn."



Do chuir mo rí-se céad annsin
do chlaoidhe an Deirg, dá mhuintir,
fá Dhorn-donn mac Scáile
is fá Chonn mac Conáilbhe.



Do thuit leis Conn mac Conáilbhe
is Dorn-donn mac Scáile;
do thuit le n-a láimh gan locht
an céad curadh faobhar-nocht.


L. 135


An uair dochonnairc mo rí-se
ar chlaoidh an Dearg dá mhuintir,
do bhrostuigh sé a chipe catha
do chosc mic an árd-fhlatha.



Éirigheas Faolán go bhfeirg mhóir
is gabhas a mheirge de mhaoth-shróll,
dochuaidh do chosc an laoich láin
- mairg do thriall 'na chomhdháil.



Annsin folcaid a lanna
i n-a gcorpaibh cneas-gheala
agus brisid a n-airm n-áigh
ar a chéile san teagmháil.



<Annsin gabhaid a gclaidhmhe géara
is leadraid san iorghail a chéile
is do ceangladh, gér chéim chruaidh>
<Faolán feardha fíor-chruaidh.>



Gabhaid annsin compar a chéile
d'éis na hurlaidhe aidhbhéile,
gur cheangail an Dearg gan locht
Faolán cródha na nguasocht.



Annsin labhras Fionn le Goll
"a mhic Mórna na mór-ghlonn,
a lámh chródha nach tláth i nguil
coisc dínn comhrac mhic Drochuil."



"Leat féin de thús dála
tús aisce is éadála;
trí míle uinge óir fá thrí
uaim-se dhuit," ar an tÁrd-rí.



"Gidh do fuagradh led fhine
clanna Mórna mong-bhuidhe,
do-bhéarfad féin mo chomhlann leat
a thriath na Féinne, dod fhurtacht."



D'éirigh Goll nár fhulaing táir
'na chulaith catha go hiomlán,
do thóg leis an tsleagh go tric
do chleachtadh sé chum comhraic.



Tug an Dearg chum comhraic Ghuill
na hairm nimhe bhí 'na oirchill
agus tig go díomsach dána
ar aghaidh chum na teagmhála.



Féachaid air sin iomghoin a gcleas
le n-a chéile san mór-threas,
is sochtaid fir Éireann uile
le clos béimeann na hiorghuile.



Annsin cuimhnighid a bhfala
na fir bhorba thréan-chalma,
ag snaoidhe clogad agus ceann
dobhí mac Drochuil is Iollann.



Ó n-a gcomhrac ar feadh trí lá
dob anbhfann fir agus mná,
gur torchradh an Dearg déid-gheal ann
le mac Mórna na mbéimeann.


L. 136


Dá leigtí suan ná codladh
do laoch na ngruadh gcorcordha
treise Éireann do badh leis
dobheadh ár ngéill 'na luingeis.



Othar bliadhna luighe Ghuill
ó chruadh-chomhrac an laoich luinn,
i dtigh Rí Teamhrach gan cheas
dobhí mac Mórna dá leigheas.



Fuair Goll ar gealladh dó
ó mhac Cumhaill nár ob gleo;
ba bhuidheach an flaith go mbuaidh
do chomhrac Iollainn arm-ruaidh.



Dorinne an Dearg dícheall borb
fa dítheach sinn-ne dá cholg,
do thuit trí chéad dínn-ne 'na throid
is sé chéad de mhuintir Chormoic.



Is mé Feargus, file Fhinn
de ghnáth-Fhéinn mhic Cumhaill
ó thásc na bhfear sin nár lag
trian a ngaisce ní aithreosad.


L. 137


B 1778-1861ls 18D
LAOIDH NA MNÁ MÓIRE THAR LEAR

Seilg Ghleanna an Smóil.



A Oisín, is binn liom do bhéal
ag innsin scéil agus duain
ar gach árd-fhlaith dobhíodh san bhFéinn
dobheireadh béim i ngach céim chruaidh.



Lá dá rabhamair Oisín is Fionn,
is Feargus binn a mhac féin,
Oscar fuilteach, Diarmaid Donn
Conán Maol is tuilleadh den Fhéinn,



Ag triall chun seilge maidean cheoidh
fá Ghleann an Smóil le n-ár ngadhair go moch,
dar do láimh-se, a chléirigh chóir
ba mhór ár ndóchas as luas ár gcon.



Dobhí Sceolann is Bran ar éill
ag Fionn réidh i n-a dhóid;
dobhí cú ag gach duine den Fhéinn
's a ngadhair bhéil-bhinne ag déanamh ceoil.



Do ghluaiseamair chun tulcha ós cionn glinne
mar arbh aoibhinn duille ar chrainn ag fás;
bhí éanlaith ag ceileabhar ann go suairc
is fuaim na cuaiche ba bhinn san áit.



Do leig a rabhamair ann den Fhéinn
ár gconairt go léimneach fán ngleann;
do scaoil Fionn a dhá ghadhar déag
's ba bhinne linn ná téada a nglam.



Dúistear leo an eilit mhaol
ba ghile a taobh ná eala ar tuinn,
an taobh eile ar dhath an ghuail
is ba luaithe í ná seabhac i gcoill.



Do scaoil gach duine a chú 'na déidh
is do scaoil Fionn féin Bran;
d'imthigheadar as ár n-amharc go léir
is ba bheag ár ngaobhar dul 'na ngar.


L. 138


Is mór an t-iongnadh dorinn an rí
don eilit mhaoil, fá n-a luas
le n-ar sháruigh coin na gcríoch
is Bran groidhe nár leig seilg uaidh.



Ó mhoch maidne ba mhór an fiadhach
do lean go dian an eilit lúith
go dtáinig dubhadh na hoidhche
is nach feacamair gadhar ná cú.



Do chuir Fionn a ordóg 'na bhéal
is do chogain í fá n-a dhéad go cruaidh,
annsin d'fhiafruigh Conán Maol
- "Cár ghaibh ár ngadhair bhéil-bhinn uainn?"



"Dar do láimh-se, a Chonáin Mhaoil"
do ráidh Fionn groidhe, an flaith,
"ní fhillfidh gadhar thar n-ais arís
dár lean an eilit mhaoil acht Bran."



Do thuit an Fhiann go mór i mbrón
's níorbh iongnadh dhóibh de dhíth a gcon;
'sé dubhradar nár sheilg chóir
a thárlaidh dóibh san ngleann go moch.



Níorbh fhada go bhfeacamair san ngleann
Bran is í sáruighthe suaidhte fliuch,
is ar dteacht di dár láthair
dar do láimh ba thruagh a cruth.



Luigh sí síos i bhfiadhnaise Fhinn
do ghoil go fuidheach is do scread go truaighe;
"Is cosmhail, a choileáin," do ráidh Fionn
"go bhfuil ár gcinn i gconntabhairt chruaidh."



"Neamh-ní linn-ne," do ráidh an Fhiann
"laoch dá thréine dá dtig tar muir;
measa linn a bheith dár ndíth
ár ngadhair bhéil-bhinn is ár gcoin."



Ar rádh na bhfocal tig do láthair
bean dob áille is ba ghile snuadh,
folt ór-bhuidhe léi ag fás
ag rochtain a sál anuas.



Dobhí a gruadh mar an rós
is a braoithe módhmhar ar éadan úr,
a rosca glasa glana gan cheo
's a béilín binn do labhair go ciúin.


L. 139


Is é adubhairt "Tá cuireadh agam duit
's dá bhfuil ann agaibh d'Fhiannaibh Fhinn,
go teaghlach inghine árd-ríogh Gréag
atá i nÉirinn gan fhios daoibh.



I nOileán Inse tá céad barc
thug a hathair mar fhéirín di;
is iomdha óigbhean eagnach bhláth
a tháinig léi tar sáil anoir.



"Is iomdha loingeas líonta d'ór
d'airgead, de shróll, is de shíoda bhán,
tháinig linn anoir san ród
is go leor eile nach fuil mé 'rádh.



"Is iomdha dabhach lán bheoir
is iomdha bior fá fheoil dá gríos,
is iomdha corn nighte as ór
tá réidh rómhaibh lán d'fhíon.



"Is iomdha loingeas atá ar muir
is iomdha pálás geal ar tír,
is iomdha trillseán soillseach lasta
tá réidh fád chomhair feasta, a Fhinn."



"Dar do láimh-se," ar Conán Maol
"ní fhuaireas im shaoghal cuireadh ab fhearr;
Is mór m'ocras agus m'íota
is é mo dhíth gan mé san áit."



Fillis an bhean dob áille scéimh
san ród chéadna 'na dtáinig 'nár ngar,
is do leanamair í go luath
go hOileán Inse shluaigh na mban.



Do fáiltigheadh romhainn ag bantracht Gréag
suidhtear búird is gléastar biadh,
cuirtear ortha fíon is beoir
mar ba chóir do rígh is do thriath.



Tráth choscamair ár n-ocras de bhiadh
is ár n-íota d'fhíon is de bheoir,
do labhair Fionn go prap
is dubhairt go rachadh chun suain go fóill.



Ar rádh na bhfocal sin tig do láthair
an bhean ba ghránna ar bith snódh,
cinnbheart óir fá n-a ceann
is folt garbh slim ag fás 'na deoidh.



Dobhí a draid taobh amuich dá béal
ag an bpéist nárbh aoibhinn cruth,
a déad fiacal barr-ghéar
is réama léi síos 'na shruth.



Dobhí guaireach fhada dhubh
mar fionnadh tuirc ag fás 'na bléin
ag sileadh síos léi go troigh
mar bheadh cruit le fuireann téad.


L. 140


Dobhí brat fairsing fada sróill
dá folach go bróig, is taobh de geal,
an taobh eile ar dhath an ghuail
's ní raibh bean san tsluagh ba ghránna dreach.



"Fáilte rómhat, a rí na bhFiann"
is iad na briathra do chan sí;
"is leat iomlán mo chuid barc
mo bhantracht is mé mar mhnaoi.



"Is mé inghean Árd-ríogh Gréag
ní dhearna cumann le céile fir
go dtáinig mé anoir fád dhéin
a Rí na Féinne, tar mór-mhuir.



"Dogheobhair airgead, dogheobhair ór
dogheobhair urraim fós is buadh,
tar a bhfuil de laochraidh chródha
san domhan mór theas is thuaidh."



"Dar do láimh-se, a inghean an ríogh"
do ráidh Fionn, croidhe nár mheirbh,
"ní gheobhad féin leat mar mhnaoi
's gur tú bhí id eilit mhaoil san tseilg.



"Aithnighim ar dhath do bhruit sróill
gur tú bhí i nGleann an Smóil go moch
is fiafruighim díot an maireann beo
ár ngadhair ceoil-bhinn is ár gcoin?"



"Dar do láimh-se féin, a Fhinn
gér mhór é fíoch bhur gconart garg,
táid siad uile marbh gan bhrígh
acht Bran, an rí rug buadh gach sealg.



"Is iomdha laoch láidir luath
is gaiscidheach cruaidh i gcath,
do thuit liom-sa i dtosach sluaigh
's ar mo bhuaidh ní bheireadh neart.



"Is ní mó ní fhillfead uait
go mbeiread buadh liom ón bhFéinn;
scoithfead bhur gcinn d'bhur gcoirp
gidh mór bhur niort is bhur dtréin."



Do sheinn sí ceol ró-bhinn sídhe
lér chaill gach laoch againn a neart,
gur ceangladh sinn le hinghin an ríogh
gidh mór ár ngníomh i ngach cath.



Do tharraing a lann fuilteach líomhtha
is í lán d'fhíoch, 'na láimh dheas,
gur scoith na cinn de chéad laoch
is ba mhór an t-uamhan a méid a mheas.


L. 141


Ní raibh beo san Inse acht mé
Conán Maol is Diarmaid Donn,
Feargus file is Oscar tréan
an tan do labhair m'athair Fionn.



"Gabhaim do choimirc, a inghean an ríogh
ná cuir den tsaoigheal aon neach níos mó,
is go ngeobhainn leat mar mhnaoi
muna mbeadh Goll caoch na n-arm gcró.



"Dá ndéanainn malairt ar mo mhnaoi
do chuirfeadh mé den tsaoigheal chun báis;
an bhean do ghabhas i dtús mo shaoighil
ar an bhfear caoch go bhfuil a páirt."



"Dar do láimh-se féin, a Fhinn
bainfead-sa a gcinn de Gholl mhór
is dá ngabhann leis den Fhéinn
muna nglacaidh mé mar ríoghain dóibh."



Gléasas an cabhlach mórdha
's a seolta go hárd le gaoith,
gur ghaibh talamh i mBinn Éadair na slógh
mar a raibh Goll cródha na lann caoin.



An tan chonnairc Goll tréan
an cabhlach gléasta ag teacht chun cuain,
is é adubhairt nár mhaith an scéal
's a mhéid den Fhéinn a theastuigh uaidh.



Annsin d'fhiafruigh Goll tréan
cia bhéarfadh scéala chuige ón gcuan;
adubhairt Caoilte gurbh é féin
dobhéarfadh scéala ón sluagh.



Gluaiseas an laoch láidir luath
meanmnach, buan, lán de bhrígh;
sula ráinig corp an tslóigh
dobhí an bhean mhór roimhe i dtír.



Ar fheicsin mí-scéimh na mná
méid a cnámh agus a fíoghair,
chriothnuigh sé ó bhonn go barr
gidh d'fhiafruigh go hárd cárbh as don mhnaoi.



"Mise inghean Árd-ríogh Gréag
do-ghní comhrac le deich gcéad laoch;
beir sin uaim-se mar scéala
mar a bhfuil an Fhiann is Goll caoch.



"Aithris dóibh fós gan bhréag
go scriosfaidh mé feara Fáil
muna dtoghaid mé mar chéile
do rígh na Féinne, Fionn an áigh."


L. 142


Ar theacht do Chaoilte tar ais san ród
is ar chlos sceoil do Gholl tréan,
Do ghléasadar deich gcéad cródha
chun dul do chomhrac inghine Ríogh Gréag.



Ní raibh neach den deich gcéad laoch
nár thuit leis an mnaoi san gcath;
do thuit léi sul deachaidh an ghrian faoi
deich gcéad laoch eile fá seach.



Ní raibh neach dobhí tréan i n-arm
nár leagadh san gcath leis an mnaoi,
go ndubhairt Goll dá ngéilleadh cách
go dtiubhradh díoghal 'na ndearnaidh sí.



Go moch de ló éirigheas Goll
fá chlogad throm is fá sciath,
a chlaidheamh fuilteach i n-a dhóid
chun dul do chomhrac ris an mnaoi.



Gidh go mba laoch láidir Goll
ba bheag lorg a lann san mnaoi;
gidh gur chruaidh a lúireach 's a sciath
is iomdha cneadh dobhí 'na thaoibh.



M'amhgar croidhe! ar feadh trí lá
gan biadh, gan codladh, gan suan,
dobhí an dís go tréan forránta
gan fios tláithe ná treise buaidhe.



Dobhámair, a raibh san Inse den Fhéinn
is Conán Maol nach raibh gan ghruaim,
dár gcoimhéad ag caogaid ban
go ndeachadar uile chun suain.



Dobhí bruinneall ba mhaith dealbh
a déad cailce mar bhláth is nua,
ag faire dhóibh ar mhódh nár thréith
go ndéanaidís a ndaethin suain.



Labhras Diarmaid déid-gheal grinn
de chomhrádh chaoin leis an óigh -
"M'amhgar croidhe, a spéir-bhean mhín
gan mé 'gus tú fé bhrataibh fós.



"Is tú is binne péarlaidhe cuach
is tú is áille snuadh tar mhnáibh;
do róis-leaca gheal gan ghruaim
is do dhéad uaine gorm cnámh.


L. 143


"Is tusa is áille niamh tar mhnáibh
is glaise, módhmhaire, silleadh súl,
a ghrádh thar neach de mhnáibh an domhain
éalódh leat is é mo rún."



"Dar go deimhin má's fíor do scéal"
do ráidh an ógh de chomhrádh chaoin,
"fuasclóchad tú as do phéin
's a bhfuil den Fhéinn annso ar do shlighe."



"Fuascail sinn as ár bpéin
is leat go deimhin ní dhéanfainn bréag
's go mbeir agam-sa mar mhnaoi
an fhaid mhairfead arís ar an bhFéinn."



Do thóg dinn an draoidheacht gan mhoill
is thug dúinn ár lúth 's ár neart;
toirbhreas Diarmaid teora póg
don mhacaomh óg dob áille dreach.



Do bhain Conán an ceann gan mhoill
le n-a lainn den mhacaomh úr
d'fhuascail é ó n-a phéin
's a raibh den Fhéinn fá phudhar.



Thug Diarmaid strac-bhuille ar an bhFéinn
's ar Chonán Mhaol bhí riamh go holc;
muna mbeadh Oscar do chosc a lann
do stróicfeadh sé an ceann dá chorp.



Labhras Diarmaid go rachtmhar fíochmhar
lán d'fheirg is d'fhíoch 'na mhéin -
"Créad an fáth ar bhainis a ceann
den mhnaoi d'fhuascail sinn ó phéin?"



"Dá mb'inghean domh-sa í," ar Conán
"nó fós an mháthair a rug mé féin,
do bhainfinn a ceann di gan stad
i dtaobh a fhaid a bhíos i bpéin."



Muna mbeadh cosaint Oscair go fíor
do chaillfeadh Conán a cheann gan stad
tré mharbhadh an mhacaoimh mhná
d'fhuascail i dtráth ár nglas.



Do ghluaiseamair gan stad gan scíth
mar ar teascadh an Fhiann leis an mnaoi thréin;
ar theacht dúinn fán láthair
dochonncamair ár na laoch.


L. 144


Dobhí Goll fá chlogad 's fá sciath
ag síor-chomhrac le hinghin an ríogh,
is í dá ghoin le mór-iomad créacht
d'fhág an laoch gan neart gan bhrígh.



Iarras Oscar cead ar Gholl
dul do chomhrac leis an mnaoi,
is dubhairt gur dhoilbh leis a chás
bheith fá chneádha 's fá mhí-ghnaoi.



"Níl aon laoch san domhan beo
ná i nÉirinn, dá aoirde cáil,
a leigfinn-se do chomhrac leis an mnaoi
go bhfaghad díoghal ar son an áir."



Labhras Feargus na mbriathar gceart
ó's é scaipeadh ór ar dhraoi,
go bhfuair Oscar cead ó Gholl
dul chun comhraic leis an mnaoi.



Gléasas Oscar a chlaidheamh 's a sciath
a shleagh ghéar 's a chlogad cruaidh;
ní raibh san gcruinne beo 'na bheathaidh
neach dothabharfadh urraim uaidh.



Dobhí an dís láidir, luaith
do chuiridís ceatha fá néallaibh
le neart troda is comhraic
ag feol-choscairt a chéile.



Labhras Feargus béal-bhinn suairc
is Conán nach raibh tréan ar arm,
"A mhic Oisín, cuimhnigh an uair
n-a rabhais fá ghruaim na gceangal ngarbh."



Caitheas Oscar léim leoin
tar chorp an tslóigh mhóir amach
gur chuir an tsleagh le neart a dhóid
tré chroidhe na mná móire isteach.



Do thógamair trí ghártha san bhFéinn
's níor mhaith le Goll tréan-bhuilleach sin,
mar thuit an bhean le hOscar áigh
dobhí lúthmhar, ághmhar, calma, glic.



Ar thuitim chun talmhan don mhnaoi
"Mo mhallacht," ar sí, "dom athair féin!
dobhí taobh liom-sa mar inghin
is do chuir, mo dhíth! fá gheasaibh mé.



"Draoithe do dhearbhuigh faistine dhó
mo mhallacht dóibh go bráth arís!
go mbéarfainn mac do scriosfadh an Ghréig
is do bhainfeadh de féin a cheann gan scíth.


L. 145


"Dá bhfaghainn neach a gheobhadh liom mar mhnaoi
ceannphort, rí, nó ceann slóigh,
dobhéarfainn mac dá ngéillfeadh an domhan
is dobheinn féin arís im chlódh.



"Dobhíos-sa lá, is bocht mo scéal!
ar áilleacht mná ag silleadh súl;
le draoidheacht chrosta m'athar féin
do chailleas mo scéimh is mo shnuadh."



An lá sin do marbhadh an bhean mhór
do scriosadh fós a cabhlach ban;
ag sin agat, a chléirigh chóir
eachtra na mná móire thar lear.


L. 146


B 1799-1855lsc 18D



LAOIDH AN DUIRN.
Feis árd-aisce tighe Teamhrach
ba líonmhar líon ár dteaghlaigh
de churadha mhic Con na gcath
dobhí i nÉirinn 'na árd-fhlaith.



'Sé buidhean a tháinig 'nár gceann
de mhaithibh Éireann gan feall:
dá árd-rí catha céadta
mac Con is Fionn, flaith féinne.



Breasal meadhrach, fear do bhuaidh
ar righ Laighean le hiomad sluaigh;
Cormac, caraid is bráthair
do mhac Con, mac a mháthar.



Tháinig chugainn as Cruachain
Liagán Luaimneach luath-chliste,
is an laoch nár chúthail i gcath
Iollann mac Mórna Muchna.



Suidheas mac Mórna móir
is gach fear i n-ionad óil;
fir Éireann mar ba dhual
i dtigh Teamhrach na dtrom-shluagh.



Annsin suidheas Lugha Lágha
ar ghualainn Ghuill go dána,
ar aghaidh Fhinn na slógh dil
's ar ghualainn Bhreasail bheol-deirg.



Is ann adubhairt Lugha Lágha
's níorbh fhearrde é an focal dána:
"Curadha mar so i dTeamhair truim
an bhfeacais riamh, a thréan-Ghuill?"



"Dochonnarc," ar Goll, "muintear mhór
i dtigh Chuinn is iad ag ól;
dob iomdha ann curadh catha
agus gnúis uasal árd-fhlatha."



"Níorbh fhearr riamh iad muintear Chuinn
ná muintear mhic Con ón dTuinn;
níor lia iad fá n-a gcathaibh
d'uaislibh ná d'árd-fhlathaibh."


L. 147


"Is mór dobheir tú guth ar Chonn
adeirim riut," do ráidh Goll,
is gurbh é do mhairbh san treas
Maicniadh agus Mogh Nuadhat."



"Is maith dhíoghlas sin, a Ghuill
is mé mhairbh Art mac Cuinn;
do mhuirbhfinn is a mhac sin
is dá dteagmhadh orm Cairbre."



"Gheallais is tú 'teacht tar tuinn
go dtuitfeadh leat Art mac Cuinn;
is mairg gur bréag do chanais
's gurbh fhear marbh do dhí-cheannais."



Tógbhas Lugha Lágha a lámh
is níorbh fhéidir a dhiongbháil;
radas dorn ar a mhalainn
ag mac Mórna mhór-ghalach.



An mhala lér bhain an dorn
níor scar sí riamh gan bheith gorm;
gur bhris cnámh leacan an laoich
do chrithnigh cuilithe a chinn.



Naoi n-easna annsin gur ghoin
i gcompar cléibh an churoidh;
scáthán a ghlún gér ghlan
is é do bhain den deagh-fhear.



Cúig méara an dá throighe
do bhrúigh an dorn náimhdidhe,
gur chuir an dorn éachtach glan
go caol na láimhe sa talamh.



Buaileas Goll dorn eile
ar mhac Eoghain tré mhór-fheirg,
gur bhris naoi bhfiacla 'na cheann
is naoi n-easna 'na chorp lán-teann.



"Mise féin do rad an dorn"
do ráidh Lugha na lann ngorm;
"bhéarfad comhrac thar bhur gceann
do mhac Mórna na ngéarlann.



Iar sin éirigheas cách fá chéile
's níorbh é sin an t-ádhbhar réidhtigh;
b'iomdha buille is béim san dáil
is fead claidhmhe le cruadh-chnámh.



Tugas Lugha ionnsaighe cródha
i ndiaidh Ghuill ba chruaidh comhrac,
gur bhain le n-a sciain san treas
naoi n-áladh as a chorp caoindeas.



Tarraingeas Goll a scian féin
is níorbh é sin an comhrac réidh;
thug sé naoi ngona go luath
ar mhac Eoghain na mór-uaill'.



Annsin téid Goll fá n-a sciath
laoch forránta na mór-ghliadh;
d'fhógair comhrac meardha mear
ar Leath Mogha na mileadh.


L. 148


Seacht bhfir, seacht bhfichid is seacht gcéad
idir othar agus éag,
do thuit le claidheamh Ghuill an áigh
sular féadadh a n-eadrán.



A dhá oiread súd le háireamh
do thuit go luath le Lugha Lágha
ar lár-mheadhon na laochradh
le mac Mogha Nuadhat maordha.



Níorbh fhearrde Lugha Lágha
fuireach ó roichin chum Guill
nó go dtug dá sciain ághmhair
deich n-áladh 'na chorp caoindeas.



Annsin éirigheas mac Con cneas-gheal
do dhéanamh síthe nár lag:
"Cuiridh bhur gcomhrac tar ais
a rí-mhileadha na gcaomh-chneas."



"Dogheobhaidh tú breith Fhinn na bhfleadh
is breith na Féinne gan fuireach,
acht breith Chonáin Mhaoil amháin
duit-se, a Ghuill, id theagmháil."



"Dá leigthí mise san mbreith"
do ráidh Conán gan chleith;
"ceann ar Mhuimhneach ní bheadh inn
ó Thráigh Aoine go Duibhlinn.



"Ná as sin go Sionainn siar
ná tar ais go Bóinn aniar,
sula maoidhfí ar Leath Chuinn
dorn Mhuimhnigh i gceann Iolluinn."



"A Chonáin mhic Mórna gan chleith
dá ndéantá-sa an leath-bhreith,
ní chosóndaois orm tú Fianna Finn
go mbeadh do cheann gan cholainn."



"Muimhnigh is Laighnigh go léir
is iad uile d'aon mhéinn;
slán cách fó cheann a lot
go sroiche sé Cruachain Chonnocht."



Annsin téid Goll thar Sionainn siar
go Formaoil aoibhinn na bhFiann;
deich gcéad dá choimhdeacht san uair
de Chlanna Mórna mór-shluaigh.



Seachtmhain agus dá mhí bhán
dobhí Iollann gan bheith slán;
ní chuirfead-sa bréag im laoidh
sul leighsead é i bhFormaoil.



Dobhí Lugha Lágha tinn theas
bliadhain i nEatharla dá leigheas;
ní raibh ón lá sin go bráth
gan rian na scine 'na scamhán.


L. 149


Dob é sin an comhrac meardha mear
dorinn an dias dána deagh-fhear;
beidh a gcuimhne go lá an Luain
's go deireadh an domhain bhith-bhuain.



Dar do láimh-se, a chinn na gcliar
ní raibh laoch ann thoir ná thiar
nach muirbhfeadh Goll le n-a linn
dá bhfaghadh comhthrom comhlainn.



Och is och! monuar is truagh
mar cailleadh an curadh buan;
ad is ad mo chroidhe
Fionn 'na luighe fán líg.



Créad nach caoinfinn-se cách
is mé dá n-éis ar seachrán
im sheanóir chríon gan lúth gan ghoil
gan altrom gadhar, ná coin.



Och och! do bhris sin mo chroidhe
d'éis a chéile gan ró-bhrígh
ag caoineadh na Féinne feoidhte fá líg
agus Oscair na mór-ghníomh.



Dar do láimh-se, a Phádraig
ní raibh Goll ionchomhraic riamh
ón lá sin go hoidhche a bháis
níor thréan a chomhlann i gcath-ghliadh.



Lá dá raibh an Fhiann
i gcrích Lochlann na mór-sciath
cuibhrighthe le Mac an Dáin
acht Goll amháin a bhí uainn.



Is amhlaidh a bhíomair-ne 'nár suidhe
agus Lochlannach idir gach laoich sic
Gur ceangladh sinn le draoidheacht dil
idir thréan-fhear is laoch slim.



A Phádraig, ba chruaidh an chéim
nuair a bhí cách i n-imgéin,
is gan súil againn go bráth
le furtacht ná cabhair d'fhagháil.



Breith a bhéil go docht ann
tug Mac an Dáin go teann:
ár gcinn do scur dár gcolainn
le n-a chlaidheamh géar 's a lann.



Ar bhreith breithe don Dán
tigeas Goll ar ais go dian,
do bhuail a sciath go lom loiscneach
is d'iarr comhrac na bhfear bhFiann.



Cúig céad laoch lonn
'na dháil dofuair Goll;
a dtrí n-oiread eile ba ghníomh do
's a dtuitim le Goll i n'aonor.


L. 150


Briseadh catha dorinn an laoch
le goin a shleagh dobhí mear faobhair;
Mac an Dáin gér mhór a bhéim
do chaill a cheann le Goll, gan réim.



Réabas Goll go beacht
teach ur-ghlic draoidheachta an Dáin,
go bhfuair sé Fionn meirbh lag
is an chuid eile den Fhéinn,



Scuras Goll na n-arm tlacht
gach fear díobh ó phéin;
ní raibh puinn lúith ná neart
'sna seacht gcatha bhí ann den Fhéinn.



Gluaiseas an uair seo amach
iomlán Fiann Éireann gan feall,
eagartha don uile thlacht
buidhean gaisce agus cleas lann.



Do ghluais Goll go hoirdhearc tlacht
i dtús cathmhileadh 'na thimcheall -
mar bhí Conán, Caoilte is Conn clúmhar
Clú Donn is Dáire uí Bhaoiscne.



Cairreall caoin is Dáire Dearg
Arnall mac Garraidh déid-gheal,
Fionn ua Baoiscne barr-ghlan
Oscar éachtach is Faolán feardha.



Oisín grinn is Diarmaid Donn
Duagán dubhach agus Fionn Ó Néill;
Faolán fial is Crónán binn
is Áinle grianach na n-arm ngéar.



Aodh mac Fhinn is Mac Lughach na gcreach
Mac Smóil an ghrinn is Oilioll fial;
Gobha Gaoithe is Faillim óir
ag seinm ceoil gach fear go sians.



Armas Goll na seacht gcatha ar fad
is foiligheas brághaid gach fir;
gluaiseas fá dheagh-bhuaidh
go hAlmhain Laighean an mór-shluagh.



Dar do láimh-se, a Phádraig
gidh mór a ghrádhas tú do chliar;
dá mbeitheá i dtaithighe Ghuill an áir
badh mhó do ghrádh dho ná do Dhia.


L. 151


B 1782-1855lsc 18D



LAOIDH MNÁ AN CHURACHÁIN
.i. Laoidh Easa Ruaidh nó fós Laoidh an Bhoidhre Bhoirb.



Atá scéal beag agam ar Fhionn,
scéal is ionchurtha i suim,
ar mhac Cumhaill ba mhaith gail
budh cuimhin leam sin lem linn.



dobhíomair-ne beagán sluaigh
ag Eas Ruaidh mhic Modhairn feacht;
dochonncamair chugainn fá sheol
curachán mór 's gan ann acht bean.



Caogad laoch dúinn um an rígh
ba mhaith ár ngnaoi 's ár ngart -
fear dár n-éis is mairg do-chí
- do ghabhamair ar gach crích neart.



Éirighimíd uile go dian
acht Fionn na bhFiann is Goll,
d'fheitheamh an churacháin fa mall céim
'na réim ag scoltadh na dtonn.



Níor fhan an curach gan tocht
gur ghaibh caladh i bport ghnáith;
mar ráinig gus an eas
d'éirigh as an macaomh mná.



Dob ionann deallradh dhi is don ghréin
dob fhearr a méinn is a deilbh,
an inghean tháinig i gcéin
dobhíomair féin roimpi go soirbh.



Mar ráinig sise puball Fhinn
do bheannuigh go grinn dó;
do fhreagair mac Cumhaill nár thim
an beannachadh binn gan gó.



Fiafruigheas Fionn fa dearg dreach
cá tír don inghin dath-ghlain úir;
"Cá treabh as a dtángais, a bhean
innis scéala go beacht dúinn."



"Is mé inghean ríogh Thíre fó Thuinn
inneosad duit go cruinn mo dháil -
ní fhuil treabh ann fán ngréin
nár iarras féin, a fhlaith Fáil."


L. 152


"Brígh do shiubhail i ngach ród
a ríoghan óg is maith dealbh,
an t-adhbhar fá dtángais i gcéin
tabhair a fhios dom féin go dearbh."



"Mo choimirce ort, má's tú Fionn"
do ráidh linn an macaomh mná;
"Ar th'eineach is ar do bhuaidh
gaibh mo choimirce go luath tráth."



"Glac mo lámh, a Ghuill an áigh
is mé 'mo dheoraidhe deagh-mhná,
ar do mhéin, ar th'eineach 's ar th'ucht
a mhic árd-ríogh Féinne Connacht."



Do ráidh mo rí ba mhaith fios
"Tabhair fios cé tá ar do thí;
gabhaim-se do choimirce, a bhean
ar gach fear dá bhfuil i gclí."



"Atá im dhiaidh fá fhíoch tar muir
laoch is maith goil ar mo lorg,
mac ríogh na Sorcha is géar airm
is é a ainm Boidhre Borb.



"Geasa chuireas 'na chionn
go mbeirinn ar Fhionn tar sáil,
gan mé bheith aige mar mhnaoi
gér mhaith a ghnaoi is a dháil."



Do labhair Oscar an rúin mhir
fear do choisceadh dinn gach rí:
"Nó go bhfuasclaidh Fionn do gheis
ní rachair-se leis mar mhnaoi."



Do-chímíd chugainn ar stéad
laoch is a mhéad ós gach fear
ag siubhal na fairrge go tréan
san iúl chéadna n-ar ghaibh an bhean.



Clogad cruaidhe ar a cheann
ar an bhfear nárbh fhann 's nár thréith,
agus sciath dhrolach le n'ais
le 'gcoisceadh gach fear fán ngréin.



Claidheamh toirteamhail nár ghann
go teann ar thaobh an fhir mhóir,
é ag imirt chleas ós a chionn
ag teacht do i gcionn an tslóigh.



Dobhí ar ucht an fhir mhóir
scaball líomhtha den ór dhearg
arn-a cheangal le ceard glan
d'airgead, d'ór 's d'fhionndran.



Dhá chraoisigh gaisce go mbuaidh
'na seasamh le guala gach scéith;
ar neart, ar ghaisce, ar ghail
ní fheaca fear mar sin acht é.


L. 153


Dobhí inneall flatha is rosc ríogh
fán bhfear sámh sin fa caomh cruth;
maith a shnuadh, fa geal a dhéad
fa luaithe a stéad ná'n sruth.



Caogad laoch dúinn ar an eas
gér mhór ár neart, scéal náir,
ar dteacht don laoch i dtír
ní raibh laoch dinn gan ghráin.



Mar tháinig an stéad i dtír
's an fear nár mhín leis an bhFéinn,
ní fheaca ionnamhail an fhir
ag teacht go nuige sin i gcéin.



Ón tuinn mar tháinig san gcrích
d'fhiafruigh an rí ba mhaith clú -
"An aithnigheann tú féin é, a bhean
an é siúd an fear adeir tú?"



"Aithnighim, a mhic Cumhaill ghrinn
's is pudhar linn é don Fhéinn;
tairgfidh mise do bhreith leis
gidh mór do threis, a Fhinn fhéil."



Éirigheas Oscar agus Goll
ba dhoirbh a gcoscar i gcath,
'na seasamh i ngar don chuan
idir an laoch cruaidh 's a bhean.



Tig an laoch sin fa maith tlacht
le fíoch is le neart 'nár gcionn
is do fhuaduigh uainn an bhean
dobhí ar a ghualainn ag Fionn.



Tug mac Mórna urchur dian
go cródha 'na dhiaidh den tsleigh;
níor stad an t-urchar nár thréith
dá scéith go ndearnaidh dhá leith.



Do chaith Oscar ba mhór fearg
an chraoiseach dhearg dá láimh dheis,
do mhairbh don fhear mhór a stéad
- ba mhór an béad dorinneadh leis.



Ar dtuitim dá stéad san leirg
iompuigheas le feirg is le fraoch;
do fhógair, gér bhorb an taom
comhrac ar an gcaogaid laoch.



Leathmuich dhíom-sa féin is d'Fhionn
caogad laoch nár thím 'na dháil,
gér thréan a ngaisce 's a dtroid
do gheall a gcosc le n-a láimh.



Do cheangail trí naonbhair go mbuaidh
san iorghail chruaidh sul do scuir;
gér dheacair, ceangal na gcúig gcaol
ar gach n-aon aca do chuir.



Flann mac Mórna, cruaidh an cás
fuair bás acht, gér mhór an t-éacht,
ní raibh neach dá dtáinig as díobh
gan a dhá thaoibh lán de chréacht.


L. 154


Do-bheir sé dhá bhéim go mear
go dian ar gach fear díobh sin;
dobheidís uile san uaigh
dá bhfaghadh uainn-ne comhrac fir.



Muna mbeadh an caogad laoch garg
ag dul i n-arm do go leór
dobheimís uile gan chabhair ó neach
dá bhfaghadh uainn ceart ná cóir.



Dochuaidh Goll an aigne mhir
do leadradh an fhir i ngar dhó;
gibé chífeadh iad mar sin
ba gharbh a ngoil is a ngleo.



Bhíodar a gclaidhmhte gan tocht
ag snaoidhe corp agus scéith;
a chomhmaith de chomhrac ag dís
ní fheicfeadh arís lem ré.



Torchradh le Goll na n-arm n-áigh
mac ríogh na Sorcha, gér chás cruaidh;
mairg tír i dtáinig an bhean
fár thuit an fear san gcuan.



Adhlaicthear linn ag an eas
an laoch fa teann treas is gníomh;
cuirthear leis fá bhrághaid gach meoir
fáinne óir i n-onóir mo ríogh.



d'éis tuitime an fhir mhóir
ar bhórd an chuain, truagh an chéim,
dobhí inghean ríogh Thíre fó Thuinn
bliadhain ag Fionn ins an bhFéinn.



Leath-bhliadhain do Gholl an áigh
an laoch lonn nár thláth i gcath,
'na luighe, fa deigh-fhios linn
dá leigheas ag Fionn na bhfleadh.



Mac 'athar féin fa dearg dreach
níor éar neach, truagh ná tréan,
anois ó théarnuigh mo chruth
is mithid dom scur dem scéal.


L. 155


B 1778-1844ls 18D
LAOIDH MHÁGHNUIS MHÓIR.



A chléirigh chanas na sailm,
dar liom féin ní maith do chiall
nach éisteann tú tallann scéil
ar an bhFéinn nach cualais riamh.



Dar mo chubhais, a dheigh-mhic Fhinn,
gidh binn leat teacht thar an bhFéinn,
rith na salm ar feadh mo bheol
gurb é is ceol liom féin.



Ó táir ag iomarbháidh na salm
le Fiannaibh Gaedheal na n-arm nocht,
a chléirigh, is aithreach leam
nár scaras do cheann red chorp.



Gabhaim do choimirc, a fhir mhóir
guth do bheoil is binn liom féin
an tallann thógbhais ar Fhionn
is maith liom a chlos uait féin.



Dar do láimh-se, a chléirigh cháidh
dá mbeitheá ar an dtráigh so theas
ag Eas Laoghaire na sreabh séimh
ar an bhFéinn ba mhór de mheas.



Eas Laoghaire an t-eas so thiar
eas fá ndearnadh an Fhiann seilg;
eas aoibhinn is áille sroth
fá mbíodh gártha con ar leirg.



Beannacht le hanmain an laoich
ba dhorrdha fraoch anns gach greis,
árd-rí Laighean, ceann an tslóigh
is air do sloinneadh an t-eas.



Lá dúinn ag fiadhach ar an leirg
ní ráinig seilg i n-ár ngar,
go bhfeacamair iomad bárc
gus an dtrácht ag teacht tar lear.



Cuirid a gcabhlach fá thír
i gcladach nár mhín dar linn;
dob iomdha sár-phuball sróill
dá thógbháil dóibh ós a gcionn.



Cuirid a ngasra fán gcoill
theannadar ortha a n-airm n-áigh;
ualach gualann gach fir móir
's eadh rugadar leo go tráigh.


L. 156


d'fhaduigheadar a dteannál tréan
siúd é 'na scéal nach raibh go tim;
a samhail anoir ná aniar
ní fheacaidh riamh Fianna Finn.



Tigimíd anoir 's aniar
cruinnighid an Fhiann as gach áird,
seacht gcatha i n-eagar go prap
tigid go mac Cumhaill re táisc.



d'fhiosruigh mac Cumhaill dá fhéinn
an bhfionnfadh cia ceann na mbárc;
"nó 'n bhfuil 'fhios agaibh cá slógh
do-ní tionól ar an dtráigh?"



Is é glór do chan sé linn
Fianna Finn, flaith na sluagh;
gibé rachadh d'iarraidh scéil
go bhfaghadh féin a bhladh 's a bhuadh.



Do labhair annsin Conán Maol
mac Mórna mór fa claon ciall:
"A mhic Cumhaill chródha na gcath
cia bheadh ann acht flaith nó triath?"



"Dá bhfaghainn-se neach dár bhFéinn
fear gabhála scéil an tsluaigh,"
do ráidh Fionn, flaith na bhfear
"go bhfaghadh breath agus buaidh."



Labhras Conán leis arís
"A dheigh-Fhinn, cia rachadh ann
acht Feargus fír-ghlic do mhac
ó's é chleacht dul thar do cheann?"



"Mallacht ort, a Chonáin Mhaoil"
do ráidh Feargus ba chaoin cruth,
"rachad-sa ag iarraidh scéil
ar grádh don Fhéinn 's ní fád ghuth."



Gluaiseas Feargus an mac óg
isan ród i gcoinnibh na bhfear,
is d'fhiafruigh díobh de ghuth mhór
cia na slóigh sin táinig tar lear.



"Atá Mághnus orainn 'na thriath
mac an Mhiadhaigh na sciath mbreac,
's é rí Lochlann ceann ár slóigh
an laoch is mór fraoch is neart."



"Créad do ghluais an bhuidhean bhorb
le rí Lochlann na long mbreac;
an ag iarraidh cumainn na bhFiann
táinig an triath tar lear?"


L. 157


Adubhairt Mághnus go borb
árd-rí Lochlann na long mbreac:
"Béarfad-sa a bhean ó Fhionn
dá aimhdheoin liom, agus Bran.



"Do-bhéarfaidh an Fhiann comhrac cruaidh
sula leigid uatha Bran
agus cuirfidh Fionn cath i ndlús
sula dtugaidh uaidh a bhean."



"Dar do láimh-se, 'Fhearguis fhéil
as an bhFéinn gidh mór do theann,
béarfaidh mise liom Bran
nó comhrac dian fear dá cheann."



"Dar do láimh-se, a Mhághnuis mhóir
as do shlógh gidh mór do mhaoidheamh,
an líon tháinig leat tar lear
ní bhéarfaid leo Bran tar tuinn."



D'fhill Feargus, mo bhráthair féin
ba shamhail le gréin a chruth;
d'aithris do mhac Muirne mhór
ar chanadar na slóigh tar muir,



"Árd-rí Lochlann súd san tráigh
ní gheabhaidh sé fáth gan chreich
gan comhrac díbheirgeach dlúth
nó do bhean 's do chú fá n-a bhreith."



"Ní thiubhraidh mise mo bhean
d'fhear go ndeachaidh mé i gcré,
is ní thiubhraidh mé Bran d'áis
go ndeachaidh an bás im bhéal."



Annsin do ráidh Fionn le Goll
"Is mór an glonn dúinn bhur dtocht,
gan comhrac díbheirgeach teann
le rígh Lochlann na n-arm nocht."



Annsin do ráidh Oscar go mbrígh
"Coiscfead díot rí Ínse Orc,
is clann an dá chomhdhalta déag
bíodh ar mo cheann féin a gcosc.



"Dar mo láimh-se, a mhic Cumhaill
gidh chí tú mar táim anocht,
rí díonmhar na gcomhlann teann
scarfad a cheann re n-a chorp."



Adubhairt Mac Lughach an áigh
"Rí Fionn-Lochlann, dáil gan gó,
coiscfead-sa é sin den Fhéinn
cá bhfuil aca éacht is mó?"



"Iarla na hIoruaidhe gidh teann"
do ráidh Diarmaid Donn gan on,
"coiscfead-sa é sin dár bhFéinn
nó tuitfead féin ar a shon."


L. 158


"Aisling do-chonnarc aréir"
ar Faolán, "fa leor a ceart,
rí thíre na bhfear ngorm
gur scaras a cheann le n-a chorp."



"Beiridh beannacht; beiridh buadh"
ar mac Cumhaill na ngruadh ndearg,
"Mághnus mac Miadhaigh na slógh
coiscfead é gidh mór a fhearg."



Cruinnighimíd annsin an Fhiann
foirtil dian na n-arm n-áigh
a shleagh ar ghualainn gach fir móir
is tiaghaimíd rómhainn go tráigh.



An oidhche sin dúinn go lá
mar ba ghnáthach linn ag ól,
fíon is cruithneacht, cróch is céir
'sé bhíodh ag an bhFéinn fá bhórd.



Mar sin gus an dara ló
go bhfeacamair slógh le purt
meirge rí Lochlann go hárd
dá thógbháil ón dtráigh l'ár n-ucht.



Iomdha cotún, iomdha triath
iomdha sciath is lúireach garbh,
iomdha taoiseach is mac ríogh
is ní raibh laoch díobh gan arm.



Iomdha claidheamh go ndornchlainn óir
iomdha sróll dá chur re crann
i gcath fuilteach Fhinn na bhfleadh
dob iomdha sleagh ós ár gceann.



Dob iomdha ann clogad cruaidh
dob iomdha ann tuagh is gath
i gcath rí Lochlann go fíor
dob iomdha rí agus flaith.



Nochtar Galgréine re crann
bratach Fhinn fa garg i dtreas,
lán de chlochaibh Thíre an Óir
dar linn féin fa mór a meas.



Nochtar annsin Fulaing Tóir
bratach Ghuill† mhóir †mhic Mórna;
minic fuair an sróll crosach
deireadh 's tosach fíor-mhaiseach.



Ar gcromadh a chinn san gcath
dorinn gach flaith mar do gheall;
Fiann Éireann na gcomhlann gcruaidh
brisid ar shluagh Ínse Gall.



Tárla mac Cumhaill na gcuach
is rí Lochlann na ruag n-áigh
le chéile ar tosach na sluagh
uch, a chléirigh ba chruaidh an dáil.


L. 159


Dorinneadar imreasán teann
a mbuillí ba shamhail le dhá órd;
comhrac fuilteach an dá ríogh
fa gontach a mbrígh 's a ngleo.



Leagtar rí lochlann an áigh
i bhfiadhnaise chách ar an raon,
's air sin gidh nárbh onóir ríogh
cuireadh ceangal na dtrí gcaol.



Ceangaltar rí Lochlann na dtreas
le mac Cumhaill na n-arm n-áigh;
eisean gidh gur mhór an gníomh
do cheangail Fionn é gan spás.



Annsin labhras Conán Maol
an fear dobhí riamh go holc:
"Druid suas ó Mhághnus na lann
go scarad a cheann re 'chorp."



"Níl páirt agam leat ná gaol
a Chonáin gan chéill, gan mhaith;
ó thárla mé fá iocht Fhinn
céad fearr linn ná bheith fád bhreath."



"Ó thárla tú fám mhéin féin
ní imeorad béad ar fhlaith;
fuaisceolad tusa ón bpéin
a lámh shéin ag cur mór-chath.



"Do dhá roghain duit arís
má's leat dul slán dod thír féin;
cumann, caoimhneas agus grádh
nó do shlán do bheith fán bhFéinn."



"Freitim-se leis sin go bráth
an gcéin mhairfeas dáil im chorp,
aon bhuille bhualadh id aghaidh
aithreach liom a ndearnas ort."



"Ní horm-sa dorinnis é
ort féin dorinnis an call,
a dtugais de shluagh ód thír
beag fhillfeas arís díobh ann."



An cabhlach sin táinig adtuaidh
'na sluagh lé gcuirtí gach gleo,
chugainn, acht gér mhór a dtairm
ba lia dá mairbh ná dá mbeo.



Dar do láimh-se, a chléirigh
dá mbeitheá ar an dtaobh so theas
's an cabhlach úd táinig i gcéin
ar an bhFéinn ba mhór do mheas.



Ag sin duit-se go grinn
scéala Fhinn is Fianna Fáil,
is comhrac Mhághnuis na n-arm ngéar
noch táinig go tréan 'nár ndáil.



Ó táim anois meathta, gan sliocht
beag agat brígh mo scéil;


L. 160


táim anois gan chródh, gan seilg
ort ag feitheamh 's ar do chléir.



Mé féin is m'athair is Goll
triúr fá mó glonn san bhFéinn,
gidh táim gan chraoisigh, gan cholg
ag éisteacht le dord ag cléir.



Ag sin duit-se brígh mo scéil
a chléirigh úd na leabhar mbán,
dá mbeadh agam ceol na ngadhar
uch, a Phádraig, ba bhinn anlá.


L. 161


B 1814-44ls 19T
U Anaithnid
COMHRAC MHÁGHNUIS MHIC RÍOGH LOCHLANN.
Ris an bhFéinn.



Leacht Ghuill do chráidh mo chroidhe,
tréan-fhear Éireann iath-ghloine;
ionmhain an té fán leacht atá,
iomdha laoch ar ar imir forrán.



Gér mhaith Tréanmhór agus Fionn,
gér mhaith Baoiscne agus Cumhall,
do ghabh Iollann a ngéill uile,
idir thriath agus ró-dhuine.



Naoi naonbhair dochuamair amach
de mhaithibh na bhFiann bhfuilteach,
fá Fhionn is fá Gharradh ghlan
fá Chaoilte is fá Oscar.



Do ghabhamair d'áirde na mbeann
Fionn, flaith féinne, is Iollann,
do ghabháil giall na mara
ar na tonnaibh taobh-ghlana.



Den taobh thuaidh de Thír na dTrácht
dochonncamair mórán bárc
ag seoladh san gcuan ngleannach
dá mhíle long Lochlannach.



Dá mhíle long táinig ann
Mághnus mór mac Ríogh Lochlann;
trí chéad i ngach carb den chabhlach
is níor mheirbh an tréan-teaghlach.



Táinig Mághnus mór i dtír
re tréan-fhaobhar go hain-mhín;
loisceadh leis ó fhraoch go tuinn
den taobh dá dtárla d'Éirinn.



Comhrac fiche céad ar thráigh
iarras Mághnus dá dheas-láimh,
agus tairgeas dá láimh chlí
go dtroidfeadh ris an Árd-rígh.



Tig an scéal go Fiannaibh Fáil
Mághnus do theacht ina ndáil,
's nach géabhadh gan comhrac teann
d'fhagháil ó Fhiannaibh Éireann.



Is í comhairle tug an sluagh
d'Fhionn mac Cumhaill arm-ruadh -
an tír d'fhágbháil don bhfear
sula muirbhfeadh a mhuintear.



Do thriallsam d'imtheacht annsin
's do ghabh uamhan ár muintir;
tigid i mbárc ag dul tar tuinn
an tráth táinig Iollann.


L. 162


Fiafruigheas Iollann tré fheirg
d'Fhionn mac Cumhaill arm-dheirg:
"Créad fár smuainis-se gan chleith
go bhfúigfeá d'amhas Éire?"



"Tá laoch mór iar dteacht anall
chugainn a iathaibh Lochlann
do ghabháil giall Éireann uile
le neart claidheamh is cathuighthe."



"C'áit a bhfuil maithe na bhFiann
nach déanaidís comhrac dian
nach tiubhraidís comhrac teann
do Mhághnus mac Ríogh Lochlann?



"Cá bhfuil clanna Cumhaill fhéil
Oscar nó Oisín na ndearg-éacht,
nó Caoilte re gcuirtear cath
nó Gobha Gaoithe nó Mac Lughach?



"C'áit a bhfuil Mac Lughach na n-each
nó Diarmaid Donn deigh-bhreathach?
c'áit a bhfuil Dáire mac Smóil
nó Cairreall† cruaidh †ua Conbhróin?



"Cá bhfuil seacht mic Fheargais Fhinn
nó Scáile† beag †ua Neamhain?
c'áit a bhfuil an Fhiann uile
nach cathuighid re haon duine?"



"Dar do láimh-se, a Ghuill ghreadhnaigh
iar n-áireamh duit mo theaghlaigh,
fearr leo dul i dtalamh ghlas
ná dul do throid le Mághnas.



"Dar do láimh, a Ghuill ghruama
ní thig duine beo uaidhe;
sula gclaoidhfear uaill an fhir
cuirfidh ár sluagh i dtalmhain.



"Dar do láimh, a Ghuill gan ghráin
ní lámhann duine dul 'na dháil,
treise a luinne is méad a bhuile
is truime thréan a bhrathbhuille."



"C'áit ar hoileadh Mághnus mór
mac an árd-fhlatha gan bhrón,
créad nach buailfeadh neach eile
buille air i n-am iorghaile?"



"Leithne a scéithe is clár a uchta
truime is géire a lann gcorcra;
gan coimhmeas ris fán ngréin ngrinn
acht tusa féin, a Iollainn."



Ní rachadh d'uirgheall re giallaibh
acht Fionn mór ós na Fiannaibh
an feadh mhairfeadh Goll nó Garradh
áluinn réim a lúireacha.



"Dá mb'áil leat, a Iollainn fhéil
dul do chomhrac ris ón bhFéinn


L. 163


do chuirfinn-se mo bhraighde id theach
amach go Cruachain Chonnacht."



"Ó nach faghaim-se san bhFéinn
fear a fhreastail acht mé féin
rachad do throid tar bhur gceann
re Mághnus mac Ríogh Lochlann."



Tairgeas Fionn d'Iollann mhór
comhthrom Mhághnuis de dhearg-ór
fán gcomhrac do shíneadh amach
go maidin arn-a bhárach.



Annsin adubhairt Goll greadhnach
ionmhain croidhe mear meadhrach,
go mb'fhearr leis comhrac an fhir
ná maith ar talmhain truim-ghil.



Comhraiceas Iollann ar an dtráigh
agus Mághnus lámh ar láimh;
do roicheadh néalla neimhe
drithleanna teine teintidhe.



Re sáthadh na sleagh nimhneach
i gcneas na gcuradh gcomhshuimneach
do roich siad seamanna na sleagh
lasra uaine is deallradh.



d'éirigh cioth fola ruaidhe
de na sleághaibh slios-uaine;
an tan ba dhearg an talamh ghlas
tig fíoch Iollainn re Mághnas.



Buaileas Iollann béim ar ais
ós bile scéithe Mhághnais;
treascras an lámh ghníomhach ghlan
annsin de gus an talamh.



Gabhas an lámh i n-airde
ionmhain croidhe go ngairge;
baineas an ceann dá bhrághaid bháin
is tógbhas é 'na dheas-láimh.



Gach comhrac dá dtigeadh go fíor
go Teamhair rathmhair na ríogh,
Iollann do choisceadh iad uile
's do chosnaimh clú na hAlmhuine.



Do thuit le láimh éachtaigh Ghuill
triar inghean Chonaráin Choruinn,
Iarnach agus Caomhóg chas
is Cuileann árd odharghlas.



Do thuit Iarnach le láimh Ghuill
is Cuileann odhar-ghlas aoibhinn;
do thuit, ó's dá luadh, le n-a lann
Oillearán mac ríogh Lochlann.



Measa liom-sa Oscar amhra
do thuitim i mór-chath Ghabhra
ná fir an bheatha go beacht
's a mbeith uile fá aon-leacht.


L. 164


B 1855lsc 19L
SEILG GHLINNE DIAMHAIR.



Lá dhúinn<-ne> i nGleann Diamhair,
lucht fiadhaigh críche Bhanbha,
Fionn, Caoilte agus Oscar,
lucht brostuighthe gach calmacht.



Goll mórdha 's mac Aonchearda,
dias ba láidir i n-aghaidh náimhde;
Cairreall cródha is Conán,
laoich nach cuireadh cath ar cáirde.



Annsin labhras Conán go faobhrach
le clanna Baoiscne breaghdha
"Ní leigfear cú san eanach
gan clann m'athar i láthair."



Annsin labhras ann Caoilte
mac Rónáin críonna calma:
"Thuillis díombuaidh, a Chonáin
is gheabhair ón iomlán masla."



Annsin éirigheas Faolán feargach
fear sparainne gach cnocáin;
a choscadh linn níorbh fhéidir
gur bhean béiceach as Chonán.



Annsin éirigheas Goll na mbéimeann
laoch thar céadaibh an curadh
a choscadh linn níorbh fhéidir
gur leag céada ar tulaigh.



Annsin labhras linn Oscar
mac Oisín coscrach calma -
"Mara bhféachainn dod aostacht
dobhéarfainn díbh-se scathadh."



"Urraim ní iarraim uait-se"
ol Goll gruama le hOscar,
"óir is liom do thuit do shinnsir
- dhortas linnte a bhfola."



Éirgheas ann Clanna Baoiscne
go borb bríoghmhar óirdhearc,
agus cuimhnighid a bhfala
do Chlannaibh neartmhra Mórna.



Olc do glacadh an siosma
le Fionn fiosach fíor-chalma,
is maoidheas Clanna Mórna
ba threoir dóibh ar Almhain.



Éirgheas ann Aodh, flaith fialmhar
agus Diarmaid ua Duibhne;
cuirid an Fhiann ó chéile
gidh cruaidh réidhteach na bruighne.


L. 165


Sular fhágsam Gleann Diamhair
lucht fiadhaigh críche Bhanbha,
do scaoil maithe na Féinne
a gcoin éachta chun sealga.



Tig orainn ceo draoidheachta
for gach taoibh tar na gleannaibh,
ar scaoileadh an dlúimh dorcha
ní fheacsam aon dár gconaibh.



Cuireas Fionn ordóg fá n'fhiacail
fear nárbh iadhta re file,
do thaidhbhsigh do le n-a linn
gur san nglinn dobhí ár gcoin-ne.



Do leig seacht gcatha na Féinne
sinn i n-éinfheacht fán nglinn sin,
fuair sinn ár gcoin ar iallaibh
ag an Diamhair mac Mithir.



Fosclam a chathair gan cumhangrach
's mac Mithir súgach ceanglam,
nó gurbh éigean do scaoileadh
gan ró-scíos dár gconaibh.



Diamhair mac Mithir súgach
laoch ba chlúmhar san domhan,
dothug sinn é go hAlmhain
i ngeall ceangla ár gconart.



Ar son scaoileadh do mhac Mithir
do dheimhin dúinn go dtiubhradh
breith a bhéil do mhac Cumhaill
ar leigean ar iúl gan diúlta.



Fuasclam annsin do Dhiamhair
tar éis iacadh na cánach -
deich gcéad bó, deich gcéad caora
thug an Diamhar san áit sin.



Deich gcéad each agus diallaid
fá shrianaibh snasta órdha,
deich gcéad brat snáitheach síoda
deich gcéad sróll íodhain uaine.



Deich gcéad de chornaibh cumhdaigh
thug dúinn-ne mar an gcéadna,
deich gcéad searrach 's a máithre
fuair do láthair ó mhac Mithir.



Is mise Oisín mac an fhlatha
tig d'easbaidh mo dhil-cháirde;
dá mbeadh an Fhiann ar marthain
badh flaith mise an lá sin.


L. 166


B 1778-1844ls 18D
U Anaithnid
LAOIDH LAIGHNE MHÓIR

Teacht Laighne Mhóir ar an bhFéinn.



Lá dá rabhamair i nDún Baoi,
Fiann Éireann, líon ár gcuraidhe,
ag coimhéad an chuain, gér dheacair,
ó Chairbre† lonn †Lifeachair.



Gearr dobhámair mar sin,
a mhic Calpruinn, a chléirigh,
go dtáinig chugainn Laighne Mór
aon-mhac Árd-ríogh na bhFomhór.



Trí leithbhliadhna roimhe sin
nach deachaidh laoch dinn tar muir
le heagla fíoch an fhir mhóir
a chléirigh léigheas an chanóin.



Ar dteacht do anoir tar muir
do chlos anfadh na fairrge
ó iomramh lámh an fhir mhóir
's ó bhuillíbh rámha an fhomhóir.



A mhic Bhlaidhe, inghean an Deirg
beannacht ar do bhéal gan cheilg,
agus innis dúinn mar sin
a ndearnabhair féin 's an fear sin.



Do leag seisean a sheol
i bportaibh díleann i ngar dóibh.
agus do leig eachraidhe amach
ó ainmnighthear an t-ollmhach



Dob é fa claidheamh catha
do mhac sin an árd-fhlatha -
lorg-fhearsad den iarann fhuar
trí chéad caor iarainn 'na leath-bhruach.



Dobhí coimhéad fán lorg mhór
lomlán d'airgead agus d'ór,
is de chlochaibh buaidhe eile
d'uaislibh Thíre Tairngeire.



Ar dteacht do-san i dtír
béiceas ar mhodh nár mhín
ag iarraidh troda don fhear
agus teagmhála don mhileadh.



Ní raibh aon laoch ar an bhFéinn
againn-ne, truagh ná tréan,
nach tiubhradh sé dár n-uaislibh
tuitim ar a thuarastal.


L. 167


Is í comhairle dorinn Fionn
le mac Mórna na mbéimionn,
dul go pubaill an fhir mhóir
i riocht fileadh i gcéadóir.



Do ghluais agus Feargus amach
Cnú Dhearóil agus Blathnat,
go ráinig siad an phuball chóir
'na raibh mac ríogh na bhFomhór.



Beannuigheas Fionn don fhear mhór
freagras sin go binn dóibh
is ní fheacadar thiar ná thoir
d'uillphéist eile a shamhoil.



Suidheas 'na phubaill annsin
d'onóir roimh na filidh;
cuireas Feargus dá láimh chlí
agus Fionn ar a dheas-taoibh.



Beireas chuige fá n-a bhrat
Cnú Dhearóil agus Blathnat;
seinnid ceol sítheach suain
le ngabhdís draoithe deagh-dhuain.



Fiafruigheas mac Cumhaill fhéill
den óglach uathmhar aidhbhéil
"Caidhe hainm bunaidh go beacht
nó cia an tír a bhfuil himtheacht."



"Mac ríogh na bhFomhor thoir
mé, a dhraoi uasail íodhain;
Laighne Mór m'ainm bhunaidh
ag cur gliadh gach aon churaidh."



"Innis, a churaidh chalma"
do ráidh Fionn fa mór meanma,
"créad an fáth fá dtige anoir
go hÉirinn áluinn iascaigh?"



"Inneosaidh mé duit-se sin
a dheagh-dhraoi áluinn ionmhuin,
an chúis fá dtánag óm thigh
go hÉirinn áluinn iubhraigh.



"Braighde Éireann is a ngialla
's a gcíos chugam gacha bliadhna,
nó gan síol duine d'fhágbháil
i nÉirinn iathghlais fhód-bháin."



"Iomdha óglaoch romhat riamh
táinig i nÉirinn d'iarraidh giall;
neach díobh níor fhill tar a n-ais
ós duit atáim dá athrais."



"A dtáinig chugaibh anoir 's aniar
's a raibh i nÉirinn rómpa riamh,
ní thiubhrainn áit suidhe d'aon fhear
d'eagla comhlainn do dhéanamh."



Fiafruigheas an curadh calma
de na draoithibh deagh-amhra:
"Caidhe an díol is díol libh
a chuideachta ághmhar ionmhuin?



"Do-gheobhaidh sibh airgead is ór
's gach ní is áil le bhur n-onóir,
do-gheobhthaoi uaim gach aisceadh
gach ní atá i n-uireasbhaidh."


L. 168


"Draoithe sinn lán d'eagna"
do ráidh Fionn dá fhreagradh;
"cádhas uait-se dlighidh sinn
ar heineach is é iarraim."



Do gheall sé go dtiubhradh sin
cádhas don chléir go cubhaidh -
"An fhaid bhiad san mbeatha i bhfos
is dearbh nach éarfad éigios."



"Tabhair-se do bhriathar leis sin"
do ráidh mac Cumhaill ó Almhuin
"a bheith dílis dearbh led linn
is dá ngabhann linn d'Éirinn."



Tug sin a bhriathar gan gó
nach sirfeadh air re n-a bheo,
ná ar dhraoi dá dtiocfadh 'na theach
cíos ná cáin ná cabhlach.



"Mithid duit imtheacht tar hais
dearbh go ndearnais do thuras;
liom-sa anois ghabhas Éire
is mé Fionn, flaith na Féinne."



"Má's tusa Fionn na Féinne"
do ráidh Laighne go bhféile;
"ní thugas-sa briathar rem ais
acht do dhraoithibh gan ainbhfeas."



"Draoi mise, a churaidh chalma
is fearr fil i n-iath Bhanbha;
mo ghliocas níor sháruigh neach
dár thaistil an bith braonach."



"Ag aighneas ort ní bhiad féin
a Fhinn mhic Cumhaill arm-ghéar,
ó thugas briathar go ngnaoi
déanam síoth, tréigeam eissíoth."



Dorinn seisean síoth go cóir
Fionn mac Cumhaill mic Tréanmhóir,
do féin agus d'Éirinn uile
ba mhór an gliocas d'aon duine.



Tomhaiseas Fionn gan fhios dó
an t-óglaoch gan iomarghó;
fahádhbhal le n'aithris duit
fad an óglaoich 's a leathad.



Seacht gcomhfhaid mhic Cumhaill gan bhréag
dobhí i Laighne lán-tréan,
's a dhá chomhfhaid ar a tharsain
b'uathmhar an fhaid d'aon phearsain.



Tiaghaid Fionn i gceann a shlóigh
beireas leis fíon agus feoil,
eire gearráin cruinn de lón
de mhiodh agus de bhrogóid.



Do rad aoidheacht don fhear thréan
ní chualas a chomh-mhór ó chléir;


L. 169


an oidhche sin go beacht
le ceol agus le cluicheacht.



Téid arn-a mhárach uainne
tar na tonnaibh taobh-uaine,
ceileabhras don Fhéinn i bhfus
ró-bhuidheach iad dá thurus.



Do-bheirim duit-se mo mhóid
a Phádraig táinig ón Róimh,
nach rabhsam ná clanna Cuinn
i dteannta ar mheasa ár bhfulaing,



Is mé Oisín do bhronnadh ór
do ghrádh na bhfileadh 's na n-abhlóir,
is truagh anocht mar atáim
ó smuaineadh air gach aon lá.


L. 170


B 1861ls 19L
U Anaithnid
LAOIDH NA CON DUIBHE.



Lá dá raibh Fionn, flaith na bhFiann,
sular las grian ar gach fíodh,
dochonnairc chuige san leirg
fear cochaill deirg is con duibhe.



Ba dheirge a ghruadh ná an rós
dobhí a bheol ar dhath na sugha;
ba ghile a chorp ná eala ar tuinn,
a dhraoi-fholt slim is é dubh.



Bhí coróin ríoghdha ar a cheann
's a chlaidheamh go teann fá n-a chrios;
slat airgid 'na láimh chlí
is réilthean ríogh ar a thaoibh dheis.



Bhí brat fighte go bláthmhar
ag folach a churacháin go léir,
oibrighthe den ór cheárdáltha
de na dathanna ba bhreághtha fán ngréin.



Dobhí corn fíona 'na láimh dheis
is dob áluinn a chruth 's a scéimh;
slabhradh óir fá bhrághaid a chon
ag teacht le cogadh fán bhFéinn.



Ar dteacht don ghruagach as an gcuraigh
roimh mac Cumhaill níor ghaibh col,
acht d'fhógair go cruaidh ar an bhFéinn
comhrac tréan na ngarbh-chon.



"Mo lámh duit, a Chonáin," do ráidh Fionn
"nach feaca samhail Bhrain go dtí indiu,
an mhéid seo tháinig dem shaoghal
go dtáinig 'nár ngaobhar an chú dhubh."



"Dar mo bhriathar, 'Fhinn!" do ráidh Conán
"is iongnadh liom tú bheith gan chéill,


L. 171


is gur fearr mo choileán, Ceann Doscuthach
ná an chú adeir tú féin."



d'éirigh an gruagach beag go luath
ar uachtar an churacháin de léim;
níor ghaibh scáth ná eagla é
gur fhógair comhrac con ar an bhFéinn.



Annsin do léigeamair ár gconairt síos
ár ngadhair bhinn' dobhí riamh ar bun;
an chú dhubh, gidh beag a clí
do mhairbh sí orainn naoi gcéad con.



Trí caogaid con dob fhearr léim
rian, méin, scéimh is cáil,
annsúd do chailleamair iad sa túr
fá mhór-chumha tríd an gcoileán.



"Teachtaire uaim," do ráidh Fionn gan stad
"chun Cormac mac Airt mic Cuinn,
d'iarraidh coileáin seilge na Teamhrach
cúig céad coileán seang guth-bhinn."



Dotháinig chugainn gan bhréag
dá fhichid déagh-choileán con;
Is ba luaithe leo ag gabháil siar
ná eilit-fhiadh idir dhá chnoc.



Do ghléasamair dá fhichid deagh-chú
dob fhearr lúth, léim is rith;
sula ndeachaidh grian faoi arn-a bhárach
bhíodar ar lár ag an gcoin duibh.



"A Chonáin Mhaoil bháin," do ráidh Fionn
"léig síos Ceann Doscuthach indiu,
mar shúil 's go mbuaidhtí léi an lá
is go mbeadh an táir ar an gcoin duibh."



"Dar do láimh, 'Fhinn!" do ráidh Conán
"ní léigfead-sa síos mo Cheann Doscuthach féin,
is dá ndéantá seilg indiu ná a mbárach
ní thiubharthá greim ná cnámh don fhear mhaol."



d'éirigh Manannán mac Lir amach
dobhí seacht mbliadhna i bhfolach san gCéis;
"A Chonáin Mhaoil, léig síos Ceann Doscuthach
nó mar chú 'seadh rachaidh tú léi."



"Dar brígh mo bhriathar!" do ráidh Conán
"táim sásta go leor ar an scéal,
acht go bhfaghaidh mé cead mo lámh
chun mo lann gearrtha chur 'na taobh."


L. 172


"Déanfad-sa cosa con ded lámha
agus ceann con áluinn ded cheann féin;
cuirfidh mé tú i bhfuirm con
chun a bheith ar aon dol léi.



"Cuirfidh mé tú i bhfuirm con
chun a bheith ar aon dol léi;
cheithre cosa cuirfead fút
is mar chú rachaidh tú léi."



"Ar a bhfuil d'airgead i dTeamhair
is d'ór dhearg ag Rígh Gréag,
ní rachainn-se i gcomhrac leis an gcoin fhiadhain
n-a bhfuil naoi ngéaráin aici ar gach taobh.



"Acht léigfead síos Ceann Doscuthach
is má chím mo chú ag fagháil loit,
an gruagach úd a tháinig i gcéin
dogheobhaidh aithne ar an éag le cioth cloch."



Léigeamair síos Ceann Doscuthach
is níorbh fhada dhúinn go bhfuair lot;
baineadh trí iompódh as an ngruagach caomh
an tráth chaith an fear maol cioth cloch.



"Tóg Ceann Doscuthach as an ngleo
a Chonáin chóir," ar Fionn le gean,
"nuair nach fuil againn de choin na hÉireann
ach maoidheamh cruaidh géar ar Bhran."



Annsin do léigeamair síos
an dís con ba mhaith gníomh;
gidh go mbadh mhaith comhrac Bhrain
is iomdha lot a bhí ar a taoibh.



Ar feadh naoi n-oidhche is naoi lá
dobhí an comhrac go tréan teann;
"Is eagal liom," ar Fionn an fáidh
"go bhfuil Bran ar lár go tláth fann."



"Crádh chugat féin!" do ráidh Conán
"'s a liacht fios atá id mhéir,
nach cuirfeá id bhéal í aon nómant amháin
le congnamh led choileán féin.



"Nó má's doilgheas atá ort tríd
tabhair domh-sa í fám ghéaráin;
is beidh fios do láimhe agam go fíor
feadh mhairfead sa tsaoigheal go bráth."


L. 173


"A Chonáin Mhaoil bháin!" do ráidh Fionn
"dá dtugainn-se í fád ghéaráin,
san olc atá anois ort féin
níor liom féin go héag mo lámh."



Annsin chuir Fionn suas 'órdóg
is níorbh fhada go bhfuair fios:
nach raibh fagháil marbhtha ar an gcoin duibh
go nglaodhfaí a hainm 'na haghaidh "Cor."



D'fhaisnéis Fionn go hiomlán
a rún do Chonán mar fuair sé;
do ghaibh meanma é 'gus lúthgháir
is do scairt go hárd an fear maol.



"A Bhran bhuadhach uaibhreach," ar Conán
"a choileáin uasail nach fuair riamh béim,
nach tú bhuaidh ar Phorcán gan Cheann
lér ceangladh le meang sinn don chré.



"Nach leat do thuit torc na binne
is cat nimhe Chruachna na séad,
is Lomnachtán Sléibhe Riffe
is mórán eile nach áirmhim féin.



"Ná cuir suim anois im ghlór
ná héist níos mó lem ghearán,
acht éirigh go buadhach binn cóir
croith agus cor, a choileáin!"



Le maoidheamh Chonáin an lá úd
dochuaidh an gnó sin ar bun,
is le gníomh Bhrain arn-a bhárach
do fágadh ar lár an chú dhubh.



"A ghruagaigh bhig a tháinig i gcéin,"
ar Conán Maol, "led ghearr-chú,
aithris dúinn anois gan bhréag
cá hainm na ríoghachta darb as tú."



"Sliomán Ó Siama is é m'ainm
ón nGréig Dhearg a tháinig mé;
d'fhéachain comhrac bhur gcon lúith
'seadh thugas chugaibh mo chú féin.



"Muna mbeadh an fios do bheith ag Fionn
is maoidheamh Chonáin go géar ar Bhran,
ní raibh riamh aon chú i nÉirinn
do chuirfeadh créacht ar Chor.



"Beannacht libh feasta, 'Fhianna Fáil
is le comhthroid na gcoileán indiu;
mithid dom dul dom thír féin
ó chuaidh an t-éag ar Chor."



"Dar brígh mo bhriathar!" do ráidh Conán
"badh mhithid cheana dá léigimís doit,
ach i n-éiric ár gcon 's ár gcoileán
tabharfad-sa bás duit le cioth cloch."


L. 174


Ní tháinig stoirm ar shliabh riamh
ná cioth cloich-shneachta aniar ar loch,
ba thiugha is ba líonmhaire ag teacht
ná mar chaith an fear maol cioth cloch.



"Mo choimirc oraibh, a Chlanna Baoiscne
is a Ghuill† aoibhinn †mhic Mórna,
ó táim i bhfad óm mhuintir
ná léig don fhear mhaol mé thórrthadh."



"Dár brígh mo bhriathar!" do ráidh Goll
"níl ní sa domhan is lugha dhéanfadh sé
ná an ní is mó d'iarrfaimís air
bíodh 'fhios agat anois gan bhréag.



"Acht an breitheamhnas do-ghním
idir gaiscidhigh is sílim go bhfuil ceart -
an dís laoch do dhul chun spairn go teann
is an té bhíos ar lár an ceann de 'bhaint."



"Dar brígh mo bhriathar," do ráidh Conán
"táim ró-shásta ar an scéal,
acht go bhfaghad greim bhásta
ar an ngruagach a tháinig i gcéin."



Cá mbéarfadh ar an ngruagach go dian
acht ar ghreim fiadhain 's ar chorrán géill go docht.
is chualamair uile Fianna Fáil
an tuairt chráidhte bhain sé as a chorp.



"A ghruagaigh bhig Dhún an Óir
sílim gan gó go bhfuil tú ar lár;
sín siar go fada, fuar, fann
go dtarraingead ort mo lann ghearr."



Annsúd do shín an gruagach siar
go fuar, fada, leibideach, fann;
níor chuir cor de chois ná láimh
gur thóg Conán a ghéar-lann.



"Bí id shuidhe, a ghruagaigh bhig," ar Conán
"níl mo lámh ghearrtha fós i bhfaobhar;
ní fiú liom tú chur chun báis
ach triall gan spás dod thír féin."



Is é iongantas dobhí ar Fhionn
is ar a raibh ann den Fhéinn gan gó -
an t-athsmaoineamh dorinn Conán go grod
is an gruagach beag d'fhágaint beo.



"Dar brigh mo bhriathar!" do ráidh Fionn
"is tú is sia saoghal fán ngréin dom dhóigh;
dá fhaid shiubhlamair-ne le Conán
sin a bhfeaca dá ghrása fós."


L. 175


"Dar mo mhóid!" do ráidh Conán
"ní le grása dorinn mé é;
nuair chonnarc chomh tabhartha é don bhás
go mbadh ró-náireach liom é chur don éag."



Dochuadhamair uile annsin ag ól
an iomad slógh don dún,
is do sheol an gruagach dá thír féin
san bhfuirm chéadna gan aon chú.



Gach bliadhain ar feadh aon bhliadhain déag
do chuireadh an Gruagach long lán d'ór
mar bhronntanas ó an nGréig
go Conán Maol chun a shláinte d'ól.



"Siúd oraibh, a Fhianna Fáil! ar Conán
is ólaimís go folláin deoch;
ní fheaca éinne fós is fearr
ná an fear gearr ar ar bhuail mé an chloch."



Dún an Duibh an dún so thiar
flaith na bhFiann ba dhoilbh gnúis,
impighim ort, a Phádraig na bhfeart
go bhfaghaidh tú mo leacht sa dún.



Mise Oisín† truaighe †mac Finn
atá 'ghá innsint díbh anocht
féibh mar chruthuigh Bran an gníomh
- gurab í sin Laoidh na Con.


L. 176


B 1775-1820ls 18D
U Anaithnid
LAOIDH AIRGHINN MHÓIR MHIC ANGCAIRT
NA LONG

Laoidh an Fhíocha.



Lá dá raibh Pádraig i nDún,
gan salm ar a úidh ná órd,
téid go teach Oisín mhic Finn,
an seanóir grinn ba bhinn glór.



Beannacht ort, a sheanóir shuairc,
is chugat ar cuaird táinig mé,
a laoich-mhíleadh is maith dreach,
a fhir nár éar neach fán ngréin.



Scéala dob áil liom d'fhagháil uait
a uí Chumhaill ba chruaidh colg,
cia'n teannta is mó a raibh an Fhiann
an feadh bhís riamh ar a lorg.



Dogheabhaidh tú a fhios sin uaim
a chléirigh sin na salm mbinn,
an teannta is mó a raibh na fir
ó goireadh sinn Fianna Finn.



Dearmad fleidhe dorinne Fionn
i nAlmhain re linn na laoch
ar dhís den Fhéinn ó Dhrom Dearg
fár éirigh a bhfearg 's a bhfraoch.



Ar Chaoilte mac Cronchair chóir
ua Rónáin an ghlóir ghrinn;
ar Áinle mac Criomhthain suairc
dias do dheargadh go luath a lainn.



D'éis a ndearmaid um an ól
tug an dias sin is dóigh linn -
mac Cronchair is Áinle úr
freiteach bliadhna re múr Fhinn.



Cuirid go tapaidh ag triall
a laoidheang go dian ar linn;
téid an dá fhéinnidhe fhial'
go rígh Lochlann na srian slim.



'Sé ba rí Lochlann san uair
an fear bheireadh buaidh gach áigh -
Airgheann mac Angcairt na long
rí ba chruaidh lonn agus lámh.



Muinteardhas bliadhna ón rígh
gheibhid an dís fa dearg dreach -
mac Cronchair na sleagh ngéar
agus Áinle nár éar neach.


L. 177


Mar sin don dá fhéinnidhe úr'
dís nár chuir cúl le huaill,
seal dá n-aimsir ag an rígh
'na n-amhsaibh dobhí san uair.



d'aithle na bliadhna gan brón
ar theaghlach mhór an ríogh,
gan easbaidh aoibhnis nó óil
tig milleadh an tsóigh dá mhnaoi.



Tug bean ríogh Lochlann na sciath
grádh dian nach raibh gan gheis
d'Áinle ghreadhnach na n-arm ngéar
i gceilg léi go ndearnaidh feis.



Gluaisid ó theaghlach an ríogh
so an gníomh fár doirteadh fuil,
go hAlmhain Laighean na bhFiann
gluaisid go dian tar muir.



Cruinnigheas rí Lochlann go luath
a theaghlach 's a shluagh meardha,
ocht rí déag ann, monuar!
táinig an uair sin 'n fharradh.



Seolaid ar bóchna go hard
go crích Éireann na n-arm n-áigh,
go hAlmhain Laighean na bhFiann
gluaisid go cian ón dtráigh.



Suidheas a phuible go luath
rí Lochlann 's a shluagh nár thim
ar thulchaibh leathana san muigh
i ngar don bhruigh a raibh teach Fhinn.



Cuireas a theachta go luath
go mac Cumhaill na gcuach n-óir
d'fhios an dtáinig a bhean
go hAlmhain mhín na bhfleadh sóigh.



"Do chuirfimís cumha uainn
gus an tsluagh táinig i gcéin
go rígh Lochlann na gcolg sean
mar aon agus a bhean féin."



Lochlannaigh, an bhuidhean bhorb
le calmacht a gcolg i ngléidh,
ní gheabhdís cumha dár chum Dia
dá mbeith beo an Fhiann dá n-éis.



Ní gheabhadh Airgheann na ruag
cíos ón tsluagh ar son a mhná
acht Éire ó thuinn go tuinn
is sinn do choscairt go cnámh.



"Ní fhágfad-sa agaibh teach
ná beann ná abhainn ná tulach,
acht Éire na gcnocán nglas
do thógbháil liom im luingeas."



Teachtaireacht ráinig go Fionn
scéal do ghoill ar ár sluagh,
comhrac aonair d'Fhiannaibh Finn
d'fhagháil d'Airgheann ann, monuar!


L. 178


Freagras Áinle an comhrac cruaidh
scéal truaghach ráinig san bhFéinn -
baitheas mhic Criomhthain mic Lir
do thuit ar an dara béim.



Ocht dtaoisigh fichead den bhFéinn
agus Áinle féin ar dtús
do thuit le láimh Airghinn mhóir
sul dochuaidh ár slóigh i ndlús.



Dorinneamair comhairle chruaidh
a Phádraig dár dual gach ádh,
cath do rígh Lochlann is dá shluagh
beartuigheadh uainn ár n-ár.



Fiafruigheas Fionn, flaith na gcuach
de mhaithibh sluaigh Inse Fáil:
"Cia choiscfeas Airgheann san treas
sul rachas thar ais thar sáil?"



Do freagradh súd le Goll
an sonn do chosain gach clú;
"Leig mise is Airgheann san treas
go roinntear eadrainn cleas lúith."



"Beannacht do bheith ar do bhéal
minic do labhrais scéal maith;
cuir leat cath an chlaidhimh chruaidh
iomdha neach dochuaidh led chath.



"Beir leat ceathrar den bhFéinn
le nach eagal céim ar gcúl;
bídís sin leat ded láimh dheis
de shíol gCumhaill na gcleas lúith -



"Mac Lughach agus Oscar oll
Diarmaid Donn is Mac an Léith
dod dhídean ar bhéim an laoich
bídís ar gach taoibh ded scéith.



"Beir-se leat caogad fear mór
nach furus do chlódh i gcath,
dod anacal ar bhuille an ríogh
de Chlainn Mhórna na ngníomh ngarg."



Adubhairt Iollann gan time
"Ní thiubhrad liom aon duine
go ndeargad mo shleagh is mo lann
i gcneas Airghinn, rí Lochlann."



Freagraid a chéile go grod
an dias laoch nár bhog báidh,
Goll mac Mórna ba mhór fíoch
is Airgheann, an rí nár thláith.



Ceart-choimhmeas comhraic na dtriath
ní fheaca mé riamh, ná a bhfearg;
trí lá is trí oidhche gan biadh
dobhí an dias san scainnear dhearg.


L. 179


Mar ghaoith earraigh ar an sliabh
dobhí gach tréad ag triall 'nár gceann
mar shruth uisce do cluintí a mbéim
ag tuitim for scéith na mbeann.



d'éirigheadh ós cionn na laoch
cioth teine dá n-airm le gaoith,
cioth fola de chneasaibh na bhfear
dob ádhbhar bróin agus maoith.



Dob é a n-iomthús fá dheoidh
gidh arbh ádhbhar bróin dá shluagh,
Airgheann do thuitim san gcath
do láimh Ghuill lé mbeartaí buaidh.



Ocht lá dhúinn-ne gan támh
ag síor-chur áir ar an slógh,
ceann ríogh Lochlann na sciath ndonn
do mhaoidh Goll ar an naomhadh ló.



Lochlannaigh, an bhuidhean bhorb
ba mhaith a gcolg i n-am áigh,
ó do marbhadh Airgheann na sciath
ba thuirseach a dtriall thar sáil.



Áine ní Bhalcáin rí Gréag
b'í muime Airghinn is ní bréag,
re ham bainte a chinn dá dalta
ba dá shamhailt a himtheachta.



Oscar is Oisín an áigh
Conán is Cairreall cneas-bhán,
muna mbeith meas Finn na bhfear
do bhainfeadh sí a gcinn den cheathrar.



Ba líonmhar féinnidhe agus sonn
agus curadh ba throm trost;
acht samhail Oscair, mo mhac
ní raibh aca thall ná i bhfos.



Seacht bhfichid is míle sonn
do thuit le Garradh is le Goll
ó d'éirigh an ghrian go moch
go ndeachaidh sí siar an-mhoch.



Seacht bhfichid de chlanna ríogh
ba mhór gaisceadh agus gníomh,
do thuit súd le hOscar an áigh
le Cairreall is le Conán.



Dar an mbaisteadh thugais orm
a chléirigh chanas na sailm,
do thuit liom-sa 's le Fionn na bhfear
cóimhlíon ceann ris an gceathrar.



Seacht gcatha de bharr an tsluaigh
do thuit le hOscar na mbuadh;
acht mac Cumhaill 's a shluagh garg
mar chaor theine 'na mór-fhearg.



Muna ndeachaidh neach le baois
do ghluais le gaoith nó le gréin
de shluagh Lochlann, dearbh daoibh
ní dheachaidh neach dá thír féin.



Dá bhfaghadh sé comhthrom na n-arm
deagh-mhac Angcairt na long nglas,
i nAlmhain leabhair ar thriath
ní glaodhfaí, acht an Fhiann as.


L. 180


Tuilleadh agus leath ár bhFiann
do thuit ar an sliabh ó dheas;
acht an tráth do luigh an ghrian
ní mó ná ár dtrian dochuaidh as.



Dobhádhas féin isan ruaig
a Phádraig dár dhual gach crábh,
acht gidh tángamair-ne as
ní dhearnamair ár leas an lá.


L. 181


B 1813-45ls 19T
U Anaithnid
GARRADH GLÚNDUBH AGUS NA MNÁ.



A mhná áille Féinne Finn,
imridh-se féin bhur bhfithchill;
sibh-se sósair an ríogh ghlic,
mise im sheanóir aimh-nirt.



Bruth aoise do mhearuigh me,
im chomh-aois do bhur n-aithre;
is aithe gach dealg isso,
ní comh-dhír ár gcomh-chluicheo.



Cumhan liom lá ag Loch an Eoin
- ní maith seanóir gan sean-sceol -
dá dtáinig ár n-ár uile
tré iomarbháidh aon-chluiche.



Dobhí Guaire, giolla Fhinn
ag fáith-imirt ar fithchill
agus Fionn Bán mac Breasail
dá dtárla dóibh imreasain.



Fa fearr d'imearthachFionn Bán
ná Guaire ó Ghlais Bearráin;
rug Fionn Bán ceithre cluiche
ní rug Guaire aon-chluiche.



Fásas fearg mhór i nGuaire
re mac Breasail brat-uaine;
do ráidh olc dáiríribh ris
tré n-a bheirt ndírigh ndílis.



Mar do hiomcháineadh Fionn Bán
tógas go luath a leath-lámh
gur bhean do bhéal Ghuaire dhil
dorn ó mhac bhuadhach Breasail.



Éirghid suas an Fhiann amhra
fhial oscardha fhíor-chalma;
saoth leo giolla na flatha
do bhualadh um dhroch-fhatha.



Éirghid suas fianna Fhinn Bháin
is fiann Fhinn† mhóir †mhic Dubháin
fiann Chaoilte, fiann Chonáin chain
fiann Oscair is Fridomhain.


L. 182


Éirghid a los Guaire ghlain
fiann Fhinn féin, fiann Mhaoil Eanaigh;
fiann Duibh Dromann a Ros Guill
fiann Ghuill agus fiann Iorghuill.



Éirghid uile an Fhiann amhra
arm-ghéar áluinn oscardha,
tug truaill gan claidheamh, is cluin
lúith a ndéagh-fhear le harmaibh.



Is annsin adubhairt Fionn féin
"Éirigh dá fhios, a mhic mhór-thréin,
créad dá bhfuil fearg na Féinne
créad dá bhfuil a gcoimh-éirghe."



"Guaire do ghiolla-sa féin"
ar Camán† blasta an †Bhláith-shléibh',
"ní suaill an t-ádhbhar dá bhfuil
a mharbhadh do mhac Breasuil."



"Gabhthar mac Breasail," ol Fionn
"ná gabhthar comhtha dá chionn;
nár ba comairce dho dhe
Diarmaid, Oisín ná Caoilte."



"Dar do láimh, a Fhinn go nglóir
dar huaisle is dar honóir,
ní muirbhfidhear mac Breasail
ó thárla i n-imreasain."



"A athair, oiris go mín
a mhic Cumhaill," ar Oisín,
"breith dhíreach is dú do fhlaith
nocha briathar baoghal-bhraith.



"Gidh sinn-ne dobhiadh gan chosc
díot-sa dlighthear ár dteagosc;
tabhair fád dhéid fis do mhéar
ná beir luath-bhreith ar leathscéal."



"Gabhthar Faolchú mac Máil Chruim
giolla mhic Breasail bharr-dhuinn;
mar do marbhadh Guaire glan
marbhthar leat-sa féin Faolcha."



Tiaghmaoid i n-aghaidh Fhinn Bháin
ó mhac Cumhaill eineach-náir,
go rugsam mac Breasail lenn
go teagh Fhinn, rí Fiann nÉirenn.



Do fhiafruigh Fionn d'Fhionn eile
caithmhileadh árd Almhaine:
"Créad do rala dhuit-se dhe
ó do mharbhais ann Guaire?"



"Guaire do ghiolla-sa, a Fhinn
bachlach dobhí fád fhithchill;
táinig trí maidne muiche
dom ghreannadh um aon-chluiche.



"Bheireas ceithre cluiche air-san
ar Ghuaire," ol binn-Bhreasal,
"rom-loisc an uair ba lonn leis
tré uaill agus tré aitheis.


L. 183


"Do rad orm aithis teann
i bhfiadhnaise Fiann nÉireann -
níorbh im ghiolla, níorbh im laoch
tan ba hairc níorbh im óglaoch.



"Gabhaim-se suas an lámh dheis
is ní tardas ann éisleis,
go dtugas dorn tar a bhéal
ní innisim acht fíor-scéal."



"Beannacht ar an láimh tug dhó"
ar Óisín, "ní hiomarghó
dod ghiolla, a Fhinn na bhfleadh
ní gan fátha do buaileadh.



"Muna maithe an dorn da
íocfaidhear riot, a ró-fhlaith,
rod-fia uinge óir gach fir
an líon táimíd d'Fhiannaibh.



"Dóigh dá mbadh maith leat-sa sin
a n-olc do chosc ar ghiollaibh,
Guaire, Camán is Saltrann seang
ag imdheargadh Fiann nÉireann.



"Guaire d'imdheargadh Finn Bháin
Glas d'imdheargadh do Chamán,
mó gach scéal Saltrann Solamh
do rádh uilc re Feardomhan.



"Fionn mac Breasail ó Ráith Orc
mar tug dorn dod ghiolla-so,
tabhair, a fhlaith na gcorn chain
dorn do ghiolla mhic Breasail."



"Mo bheannacht, éirigh dod thoigh"
do ráidh Fionn re mac Breasoil;
"luach a ndubhairt Guaire féin
dlighidh searbh-bhriathar sár-bhéim."



"Iarraim-se fós d'aisce ort
a fhlaith na bhFiann bhfaobhar-nocht,
nár badh béas ó so go bráth
giolla de mheas re hóglách."



Tugsam luighe ó bhéal go béal
Fiann Éireann uile d'aon-scéal,
nach lámhfadh bheith i bhféinn Fhinn
giolla nach dtiubhradh urraim.



Mise is giolla dhaoibh-se anocht
urraim uaim daoibh, a bhantrocht;
tugas mo bhriathar deagh-luighe
nach trodfainn re hinghean-raidh.



Gidh cian dobheimís maille
a bhantracht Fhinn Almhaine,
an gcéin bhus cumhan liom an lá
ní imrim libh-se, a mhná.


L. 184


B 1810-44lsc 19T
TÓITEÁN TIGHE FINN

Laoidh na Truaighe.



Truagh liom sin, a láithreach lis
mar a ndearnadh an aincis;
atáid sonn bhur scéala,
meabhair linn bhur ndroich-scéala.



Méala liom tú bheith mar sin,
a láithreach bhuadhach bhárr-ghluin,
Clanna Mórna gan bhrígh fó leacht
tug comhlann an láithreach.



Do ráidh Ailbhe, cuimhin linn
"Guais an áit i bhfaghthar sinn;
dá dtigeadh aon neach tar lear
ní bhfaghadh bean dínn ag a fear."



Do ráidh siad na mná go fíor
le hinghin dath-ghil an ríogh:
"Ó nach fuil comhgair dár gcomhair
féacham congnamh ar sheanóir.



"Leigeam gáir chatha gan cheilg
san mbruidhin dath-ghil sróll-deirg,
go bhféacham cá posta is fearr
dár bhfostadh is dár gcongbháil.



"Garradh mac Mórna, an laoch lonn
dá gcluineadh gáir éagcomhlonn
dothiocfadh gan cheilt fán ngáir
's do-dhéantaí leis ár lúthgháir.



"Ceanglam a fhionnadh 's a fholt
do thaoibh na bruidhne go docht
go nach tiubhradh ár r'ár linn
ó thárla 'na shuan-toirchim."



Do cheangladar na mná go fíor
mac Mórna, fa mór an gníomh;
do leig siad gáir chatha gan chóir
dóibh sin dob ádhbhar dobróin.


L. 185


Preabas Garradh leis an ngáir
fágbhas a fholt 's a fheoil go cnámh,
dochuaidh fá na mnáibh amach
níorbh fháth sin dá mbeadh díomsach.



Adubhairt-sean dá gcur san dún
"Dob é bhur leas gan iompughadh;
bhur ngáir mhagaidh díbh ba nár
beidh sibh ar maidin 'nbhur dteannál."



"A sheanóir chrín, bí id thost
leig dúinn-ne tú do theagosc;
do-dhéan-sa mioth-uaill air sin
crioth-fhuar mná d'éis a foilce."



"Gidh táim-se im sheanóir thréith
is fada ó ghlacas mo scéith;
díoghlad oraibh bhur scigeadh
lasfad ceann an aithinne."



Éirigheas Garradh thall is tigh
gabhas 'na láimh tuaigh conaidh;
do bhain san gcoil gan tséana
naoi ngabhla fuinnsean tréana.



d'fhaduigh teine san tigh mhór
ó theinteán go soiche a mheadhon;
do chuir mór-dhóghadh is an teach
níorbh é an seanóir trócaireach.



Iadhas seacht ndóirse tighe Fhinn
do chuir seacht nglais ar gach ursain;
do-ghnídh teine dá marbhadh
dá dtáinig a mór-dheacra.



"Leig mise amach ar son m'athar"
ar inghean Chuinn Chéad-chathaigh,
"orm féin nó ar bhuidheachas Fhinn
a Gharraidh uasail an fhuilt fhinn."



"Ní leigfead amach tú ar t'athair
a inghean Chuinn Chéad-chathaigh,
ort féin ná ar bhuidheachas Fhinn
tusa amach ní leigfinn."



"Leig-se bean Chonáin an áigh
is bean Chaoilte amach 'na deáidh,
agus bean mhic an Reithe
má áil leat cumann cleithe."



"Tar, a bhean mhic Reithe, ibhfos
cumann cleithe noch ndearnois;
ó nach fuil mac Réithe ibhfos
ní fhuilim féin dá chumos."



"Gaibh coibhche, a Gharraidh go nglóir"
ar deagh-inghean uí Chuinn chóir,
"lán duirn dár bhfuilt sa dún
do leigean leat gan iompughadh."


L. 186


Do gheall Garradh coibhche chóir
do na mná, gion gur chómhaill dóibh,
go bhfeaca dual ó gach mnaoi
'na ghlaic chuanna den chéid-ní.



Dochonnairc Garradh nár thim
a raibh istigh de chlannaibh ríogh;
i ndiaidh na dála gan ghus
d'iaidh go dána an dorus.



"Nára beo Garradh do bráth
ó táthaoi istigh go teann,
má leigim duine isteach
ná duine amach dá bhfuil ann."



Gluaiseas Garradh fán nglinn
mar bhí an tigh ag tuitim;
do chodail go meadhon laoi ghlain
i nGleann Cuach fán Mumhain.



"Iongnadh an ní tárfas dom"
do ráidh an féinnidhe gan on:
"gáir chon is ban is daoine
dá loscadh is ag éagcaoineadh."



"Créad an ceo so chugainn aniar?"
do ráidh Fionn, flaith na bhFiann,
"is ceo éag-choscair dá chur
nó tighthe dá ngéar-loscadh."



Tugaimíd léim iongantach árd
fágbham ár seilg i ngach áird,
ní raibh slán dár dtighthibh thoir
acht bun gach cleithe i dtalmhoin.



Do chuir gach fear crann a shleighe
fán mbantracht san mór-theine;
ní fhuaireadar dá mnáibh gráidh
acht oirdne beaga toiteáin.



An bás sin fuair Mac Lughach
níor bhás cneasta do churadh:
a dhul d'éag de chumha a mhná
Lugha† géar †mac Lucharmáin.



Ní raibh Fionn na Féinne
'na bheathaidh gidh bhí dá héise;
neart mná seolta fá n-a chéile
ní raibh san bhflaith féinne.



Do loisceadh san mbruidhin tsiar
an bhean is fearr bhí ag Fionn riamh;
fa solas a gruadh 's a dearc
Ailbhe† áluinn †inghean Chormaic.



Do loisceadh ann dá each Fhinn
is a charbad árd aoibhinn;
ba mhór easbaidh an tighe
do mhac Cumhaill Almhaine.



Do loisceadh céad sciath dualach
agus céad cotún cath-bhuadhach,
dá chéad lúireach is céad lann
dá chéad scabal is cathbharr.


L. 187


Do loisceadh céad each mín-ghlan
d'eachaibh Fhinn, an t-árd-fhlaith,
go n-a muincibh gloinidhe
go n-a srianaibh órdhaithe.



Do loisceadh trí chéad coileán con
fa mór an easbaidh iad son,
le Garradh i mbruidhin Fhinn
de chonaibh áille mhic Cumhaill.



Do loisceadh trí chéad ciste mór
do choimhéadadh airgead 's ór;
do loisceadh, is ní bréag a rádh
trí chéad corn agus cupán.



Do-bheirim briathar do Dhia
fám chlaidheamh is fám sciath,
gur éag de chumha a mban
deich céad mar Mhac Lughach láimh-gheal.



Do loisceadh ann cruit Dháire
do chuireadh suan ar tháinte;
an tan do seinntí gan gheis
Fianna Éireann do chodladh leis.



Do loisceadh trí chéad seanóir seang
de rígh-mhathaibh Fiann nÉireann,
de chlannaibh taoiseach maille
de chlannaibh meara bríoghmhara.



Do loisceadh trí chéad cailleach
san mbruidhin áluinn árd-bhladhach,
is altrom mac ríogh fá leith
ar mhac Cumhaill Almhaine.



Do loisceadh trí chéad inghean mhaol
ba sholasda ucht agus taobh;
ba áluinn an bhantracht bhan
dá loscadh is dá niomh-ghon.



Naoi dtrátha dhúinn iar sin
ag lorgaireacht Gharraidh;
fuaireamair Garradh an gharbh-ghnímh
annsan gcarraig ós an gCraoibh.



Mar dochonncadar i gcian
Garradh, Fionn agus an Fhiann,
dís fa calma ar gach cosán
ann go dtugsad achmhusán.



"Scíth uainn 's faitchíos ort, a fhir
a Gharraidh ghairbh ghnúis-ghil;
do loiscis ár mná maordha
duit-se is ádhbhar aithmhéala.



"Tiaghadh uainn gus an uamhaidh
drong ró-mhór dár sluaghaibh;
gabhaidh an féitheach fionnach
tabhraidh amach an sein-sionnach."



"Ó's tú féin atá dom sheilg
a Fhinn mhic Cumhaill arm-dheirg,
tar san uamhaidh dom fhionnadh
is gabh go cruaidh an sein-sionnach."


L. 188


Do ráidh Fionn flaith Féinne Fáil
"Tabhraidh Garradh libh ar láimh,
deinidh a luighe is a leacht
mar ar loisceadh an bhantracht."



Deichneabhar ar fhichid, céad
ochtar agus sé fir déag
do thuit le Garradh san uamhaidh
is mór an t-ár aon uaire.



Tré 'fhaid dobhí Garradh gan biadh
tug urchar uaidh dá sciaith,
tug lámh fá n-a bhruinne bhán
is táinig amach in' aonarán.



Mian cluiche ná gáire
's gan toil aon ní dá áille,
ní raibh ar Gharradh gharbh
go bhfeacaidh an bhantracht lán-mharbh.



Leigeas gáire ós a gcionn
ba lán-chlos d'Fhiannaibh Éirionn:
"Aoibhinn liom bhur mbeith mar san
a bhantracht," do ráidh Garradh.



"Ionnus nach gnáthóchaidh sibh go buan
fonómhaid fá sheanóir lán-truagh,
bhur marbh amuich is maith liom féin"
do ráidh Garradh nár mhaith méinn.



"Iarraim d'athchuinghe ort, 'Fhinn"
do ráidh Garradh ó Liathdruim,
"gan mé do mharbhadh anos
go héirghe gréine imbároch."



"Is leat an athchuinghe sin uaim"
do ráidh mac Cumhaill arm-ruadh,
"gan do mhilleadh ar an maigh
go héirghe gréine imbárach."



Garradh an oidhche sin gan biadh
dá choimhéad dobhí an Fhiann;
ag éirghe don ghréin go moch
d'éaluigh Garradh fán éadoch.



D'éaluigh Garradh ón bhFéinn
's níorbh fhios do neach díobh a raon;
gan 'fhios dóibh ar talmhain truim
cár ghaibh Garradh ó Liathdruim.



Tar sliabh Tulchan go fíor
go ráinig go Tuath Inbhir;
ó Thuaith Inbhir Garradh na nglonn
uchón! is damhna déar-throm -



Go Maigh an Róid tar gach raon
go Dún Macha na mór-naomh,
go Carnán Éile inghine Eachach
gluaiseas Garradh géar-reathach.



Go Maigh an Bhaill Bheo 'na réim
lámh dheas le Dún an Fhir Léith,
tárla i nGleann Beacáin binn
láimh le ceann Locha Liathdruim.


L. 189


Iar sin go hárd ós muir
do Gharradh gharbh mhala-dhubh.
téid san uamhaidh sin de léim
codlas an Garradh garbh-léith.



Níor mhothuigh Garradh an Fhiann
go dtángadar anoir 's aniar,
go leigid san uamhaidh gáir
a chodladh níor chodladh sámh.



Comhraiceas Garradh agus Aodh
gur baineadh, fa damhna déar,
an ceann san uaimh dá athair
fa gníomh uathmhar anaithnid.



An lámh sin do mhairbh Garradh
do líon d'fhuacht 's de ghnáth-ghalar;
fuil Gharraidh dochuaidh fán láimh
ba chóir gach galar dá gabháil.



Táinig Aodh amach 'na réim
ní fhuair duine ann den Fhéinn;
báthas é féin is an tuinn
Aodh mac Garraidh ó Liathdruim.



Adhlacthar Garradh agus Aodh
ar slios an chuain taobh re taobh;
tré smaoineadh ortha gach uair
is tinn mo chroidhe 's is ró-thruagh.



Ag sin duit, a Phádraig, scéal
is mé Oisín go n-iomad n-éacht;
is ionann 's nimh dom bheith dá luadh
is tinn mo chroidhe fá amhluadh.


L. 190


B 1814-59ls 19T
Oisín mac Finn d'AODH MAC GARRAIDH GLÚNDUBH.



Ceard ghaisce do fhóghnadh d'Aodh
gidh tá a leacht le taobh an chuain;
dursan nach táinig sé slán
lámh do chuireadh ár na sluagh.



Cosmhail fuaim a bhuille i gcath
le fuaim a luinge do loch;
ionmhain lámh do scoilteadh sciath
gidh tá i gcarcair chriadh is chloch.



Aodh mac Garraidh, maith an mál
níor chaith a fhala ar ól;
ba leor a ghaisce i ngliadh
nochar áirde sliabh re slógh.



Aodh ón nGlais-linn grádh na mban
lámh chaomh ó n-a caislinn chor,
cúl slat-cham ar ar shill bean
glún ghlan ag altrom cinn con.



Inghean fhionn ag reabhradh ris
dá mheadhradh ó chionn go cois;
bean ag reic iorna chúil chais
le súil nglais mhic ríoghna Rois.



Glacach d'óghaibh go nAodha bhfionn
dá bhfoghail re taobh na dtonn;
ionmhain seang-mhéar gan sugh ann
ag crú na gcrann gceann-réidh gcorr.



Mac Garraidh sciath-ghlan gan sceinm
i ndeabhaidh do bhiathadh baidhbh;
claidheamh leathan i n-a láimh loinn
mar threathan do thuinn a thairm.



Aodh mac Garraidh an ghlúin ghlain
ar a chúl níor thaithigh troigh;
tug cath gan cháirde don mhuir
is cath gur mhuigh an fhairrge air.


L. 191


Aodh na Cruachna, croidhe bog
bile luachra nachar lag,
snuadh a chéibhe ar lí na leag
gár bheag di a féire 's a fad.



An tAodh† sin †mac Garraidh garg
ní thug ós ard urchur gearr;
nochan fhacaidh mé den Fhéinn
fear seacht mbliadhan ndéag ba fearr.



Aodh fa séaghainn ar seilg
fear go ndeilbh ndéadla ndeirg
ó dochuaidh a ghal 's a ghníomh
dá aithle fa críon gach ceard.


L. 192


B 1789ls 18D
U Anaithnid
LAOIDH AN TSEISIR.



Seisear dochuamair le mac Cumhaill
ar sleasaibh Almhan an fheoir mhín;
é féin ós a gcionn ní cheilim,
Fionn an seiseadh dearbhtha draoi.



Dobhí Oisín deigh-bhreathach ann
is Diarmaid Donn, laoch nárbh fhann;
réim idir a gcinn 's a gcosa
Conán féin is Oscar ann.



"Sloinnidh dúinn, a ghasra dheagh-laoch"
do ráidh Fionn a fuair gach fios,
"is cuiridh ar iúl dúinn mar sin
cá ceol is binne libh san mbith."



"'Sé an ceol is ceol domh-sa"
do ráidh Fionn, flaith an tslóigh,
"an ghaoth ag buain lem bhrataigh
réim tréan-laoch fá shacaibh óir."



"'Sé an ceol is ceol domh-sa"
do ráidh Oisín i n-a dheoidh,
"aos dána 's a nduais i dtaiscidh
sámh lem chluais a gcluinstean ceoil."



"'Sé an ceol is ceol domh-sa"
do ráidh Mac Lughach na n-arm sean,
"léim ar gcliabh mo chon dá chlaoidhe
le fiadh dá chur as doire damh."



Adubhairt Conán gurabh í an imirt
ceoil ba bhinne dá gcualaidh féin:
luas láimhe ar feadh bruidhne
an fear maol gan chuimhne ar chéill.



Neart a chuilg i dtír námhad
dá ndeacha i gcath ní choigeoladh sé;
leadairt a gcinn is a gcosa
ceol ba bhinne le hOscar fhéil.



"'Sé an ceol is ceol domh-sa"
do ráidh Diarmaid na ndearc mall
gidh go dtugadar ró-ghrádh domh-sa
comhrádh ban is annsa leam."


L. 193


B 1789-1818ls 18D
U Anaithnid
LAOIDH AN OCHTAIR.



Is cumhain liom imtheacht ochtair
is é bheir tocht ar mo mheanmain;
cuid dá n-eachtra ní cheilim
ó nach fuilim go calma.



Oscar is Caoilte cruthach,
Mac Lughach, laoch go moltar,
Fionn féin is Diarmaid déid-gheal
cúigear léidmheach dár n-ochtar.



Mé féin, Roighne is Cairreall
b'iad an fhuireann gan locht sin,
cinneadh linn as chrích Bhanbha
ag sin anmna an ochtair.



Imtheacht orainn, scéal dearbhtha
inn go calma fán sotal;
d'fhágamair dún mic Cumhaill
cumhain liom imtheacht ochtair.



Do gabhadh linn dún Ríogh Alban
gér chalma an gníomh ochtair;
gabhadh linn a gcumha 's a ngéille
cumhain liom imtheacht ochtair.



Do gabhadh linn dún Ríogh Sacsan
gerbh iomdha glas is eochair;
do gabhadh an rí le mac Cumhaill
is cumhain liom imtheacht ochtair.



Do gabhadh linn dún Ríogh na Spáinne
a dtáinte 's a sochmhainne
do ghabhamair a gcumha 's a ngéille
is cumhain liom imtheacht ochtair.



Do gabhadh linn dún Ríogh Fraince
ó's ann dobhí gach dochar;
do gabhadh an rí le mac Cumhaill
is cumhain liom imtheacht ochtair.



Thugamair cath na hEadáile
de bhrígh teagmhála 'na portaibh,
ar ár dtriall chun na hIndia
a Dhia! ba sinn-ne an t-ochtar.



Thugamair cath na Breatan
b'eaglach é is ba docair;
thógamair géill an domhain
cumhain liom imtheacht ochtair.



Do thuit Crom na Carraige
ar an bhfairrge le hOscar -
gníomh curaidh ba mhac domh-sa
cumhain liom imtheacht ochtair.


L. 194


Níl ó Éirinn go Sliabh Alp
gidh garbh sin mar aistear,
ó thigh Mághnuis go Fánaid
nach raibh fá cháin ag an ochtar.



Mhairbh Goll Mághnus ar an tráigh
is cumhain liom imtheacht an ochtair;
mhairbh sé an Dearg Mór i dTeamhair
is cumhain liom imtheacht an ochtair.



Do mhairbh Diarmaid críoch na mbuadh
is cumhain liom imtheacht an ochtair;
do mhairbh Oscar lámh na mbuadh
is cumhain liom imtheacht an ochtair.



Do mhairbh sé féin a dhearbhráthair
is cumhain liom imtheacht an ochtair,
an dís i n-iorghail Ríogh Lochlann
is cumhain liom imtheacht an ochtair.



Do thuit leis an bhean mhór
is cumhain liom imtheacht an ochtair,
ar thráigh Bhinn Éadair na slógh
is cumhain liom imtheacht an ochtair.



Do thuit leis Tailc mac Treoin
is cumhain liom imtheacht an ochtair;
do thuit le Goll an Boidhre Borb
is cumhain liom imtheacht an ochtair.



Is le Goll do thuit Airgheann na n-arm
is cumhain liom imtheacht an ochtair;
do thuit Adhluinn na mbéimeann mór
le láimh Oscair thréin, mo mhac-sa.



Do thuit Aillean na n-arm nglic
le hOscar glic an uair do mhair sé,
i gcrích Lochlann na sciath n-óir
is cumhain liom imtheacht ochtair.



Le linn Chormaic mhic Airt
do thuit Cairbre le hOscar,
i gcath Gabhra na mbéimeann
is cumhain liom imtheacht ochtair.



Do chuireamair cath ar Rígh Gréige
is cumhain liom imtheacht ochtair;
ní raibh ríoghacht ar an domhan mhór
nach raibh fá cháin ag an ochtar.



Is mé Oisín mac na flatha
tús catha riamh níor locas;
ó nach maireann Clanna Baoiscne
biad ag caoineadh an ochtair.


L. 195


B 1818-69lsc 19T
U Anaithnid
FIADHACH AN OCHTAIR.



Cuimhin liom lá leithleana,
ort ní cheilim, a chléirigh,
Caoilte fial is Mac Lughach,
dias nár chumhang le héigsibh.



Fionn féinne, mac Muirinne,
mac uí Dhuibhne is Oscar;
Cairreall is Goll mac Mórna
fa buidhean cródha an t-ochtar.



Ocht gcoin agus ocht ngadhair
ocht sleagha is ocht lanna;
ocht mbruit go n-imlibh órdha
ní raibh mórán 'nár bhfarradh.



Suidhimíd ar thaobh an ghleanna
an t-ochtar d'fhearaibh móra,
léigimíd ár ngadhair ghasta
fá choilltibh cneasta na Fodhla.



Dúistear linn damh-laoigh donna
eilte cróna is fiadh-thuirc;
bruic is míolta Muighe Tuagháin
fa maith ár gconách fiadhaigh.



Do thuit mór-thuirc, do thuit fearba
do thuit eilte is míolta
do thuit céad de gach aicme
linn-ne d'aithle an tsíolraidh.



A Phádraig an oinigh ghortaigh
gidh thárla mé i ndochar,
an gcualais a comhmaith de shealg
is mó ná a ndearnaidh an t-ochtar.



Do-bheirim a dheimhin duit-se
a Oisín do-bheir na garma,
nach cuala is nach feacas
fiadhach riamh a mhacsamhail.



A Phádraig na gclog toll-bháin
gidh táim lom-lán de chaoidhe
is nach iongnadh me bheith i ndochar
tar éis an ochtair is cuimhin.


L. 196


B 1818lsc 19T
LAOIDH NA GCEITHRE FEARA FICHEAD.



Ceathrar ar fhichid dobhí againn ann,
d'fhearaibh nárbh fhann i gcomhrac;
ní raibh an fhear - sean ná óg -
gan dá ghadhar ceoil is fideog.



Dúisigheadh linn i dteacht don neoin
cairrfhiadh mór na n-iomad beann;
dáréag dinn gach taobh den tsrubh,
báthadh na gcon dob é a gcríoch.



Cruinnighimíd uile i gceann a chéile
na fir go dubhach is Fionn fá bhrón,
níor léir dúinn talamh ná tom
is níor léir dúinn tonn tar tráigh.



Níor léir dúinn carraig ná cloch
níor léir dúinn an cnoc ba mhó,
níor léir dúinn ár lámh tar ceo
gur thuiteamair i n-áit ár mbonn.



Lá is bliadhain chaitheamair ann
ceathrar is fiche go mór fá bhrón;
ní tháinig neach againn ón éag
acht mise féin is Fionn an áigh.



A Oisín, is binn liom glór do bhéil
ná hinnis bréag dom ar Fhiannaibh Fáil,
cionnus a mhair sibh i ndiaidh na Féinne
's a liacht géibheann a raibh sibh ann.



Measa liom gan amharc im shúil
is gan lúth do bheith im chois,
scéal bréige do shamhladh liom
rud nach ndearna riamh ná indiu.



Acht dá líg shleamhaine cloch
dochonnac ag Fionn an óir
is iad a choinnigh sinn beo
do choinnigheamair 'nár mbéal iad gach ló.



Annsin ar n-imtheacht uainn don cheo
's go bhfeacamair fós an lá bán,
dochonnacamair chugainn san ród
an fear mór nár cheil a ghráin.


L. 197


Aoirde triúir dobhí ann
ó mhullach a chinn go bonn a chos,
ba dhuibhe a chorp ná an gual
is lorg chruadhach ann a láimh.



Do dhruid mé féin 'na choinne sa ród
bheannuigh mé dó go socair sámh;
tar éis mo chomhrádh do dhéanamh leis
do mhalluigh sé dom go hárd.



Thug sé buille den lorg im cheann
chuaidh mé i ngreim ina bharr
is ar thabhairt an chuir dó thart
do bhuail mé snaidhm air fá n-a lár.



do chomhraic mé féin is an fear mór
ar feadh trí n-oidhche is trí lá,
acht tar éis ár gcomhraic chruaidh
do ceangladh liom é an treas lá.



"Fód glas ós do chionn, a ghaiscidhigh
ó thig liom tú chur 'un báis;
aithris uait is ná ceil do rún
cia tú féin nó cia hé t'á'air.



...
...
nó cia an réigiún ar b'as duit
nó cia hé fáth do theachtaireacht?"



"Is mise an fiadh do bháith bhur gcoin
a tháinig ag déanamh díoghaltais im mhac;
do shíl mé i n-aghaidh gach fiacail 'nbhur gceann
ceann a thabhairt liom i ngad."



Annsin do tharraing mé féin mo lámh
nár theip orm i n-am ná i n-uair,
agus dearbhaim duit, a chléirigh cháidh
gur scar mé a cheann le n-a chorp.



Rug mé ar lorg an fhir mhóir
's do thochaill mé gach fód fám neart;
beirt is fiche da thogha na bhFiann
do chuir mé go dian san bhfeart.



Sin agat, a Phádraig na n-eol
teacht an fhir mhóir ar muir
go críochaibh Éireann na n-arm n-áigh
's ar a bhás d'aithriseas duit.


L. 198


B 1787-1855lsc 18D
U Anaithnid
ROSC OSCAIR MHIC OISÍN
re hucht chatha Gabhra.



Éirigh, 'Oscair fhéil,
a fhir an choscair chruaidh,
le do bhrataigh áigh
beir neart agus buaidh.



A mhic Oisín na mbéimeann,
gaibh treise gach comhlainn,
ná féach do mhéad t'fhorlainn
ar chách nó go dtoirnir.



Gaibh brostadh ón bhfile
go hOscar mac Garraidh;
na righthe atá it aghaidh
traochaidh agus tanuigh.



Ionnsuigh ar mhac Chormaic
gabh ceannsala an chomhraic
nó go bhfaghthar éiric
le do shleigh dhiubhraic.



Biaidh brain-eoin go duaibhseach
ó theandáil do chraoiseach,
freagair iad go taidhbhseach
dá leadradh is dá n-oirleach.



A mhic ríogh gan táire
do-ní gníomh is foghla,
budh dearbhtha do scéala
go meanmnach i nGabhra.



A shaor-fhlaith go ngairge
claon go luath a meirge,
san gcogadh is airde
scar a rath le Cairbre.



Bí mar thuinn i dtuile
gion gur trom an t-eire,
tabhair faoidheadh gola
ó gach rígh go 'roile.



Ná gaibh osadh uatha
coscair a ríogha;
a Oscair, éirigh fútha
tarsa agus tríotha.



A ghnúis is caoimhe crotha
éirigh i dtús a gcatha,
lean le feirg mo ghotha
a meirg is dearg datha.



Déana marbhtha troma
bí ar confadh goile,
cinn ar do lucht fala
is gan Fionn id ghoire.


L. 199


Ceannas do na Fiannaibh
do leanas d'óg-scéala,
cosain ágh is áireamh
tabhair gártha i dTeamhraigh.



Gidh is buadhach a n-oireacht
budh buadhach do thuras,
do chatha dá n-amus
cuir flatha dá gcumas.



A Oscair chruthaigh áluinn
bí go subhach sír-bhinn;
a chara dhámh Éireann
lámh ar do ghnúis mhín-duinn.



A Oscair nach tug eiteach
go coscar nach obthach,
cuir tormán do bhratach
dá n-argain go dochrach.



Fraoch géire do lainne
ó thréine do bhuille,
go luath ós gach duine
do luadh-sa fán gcruinne.



Tabhair frasa tréana
gabh treise i nGabhra,
atáid Fianna Banbha
ort ag iarraidh cabhra.



A ghnúis is airde moladh
a mhír chalma na gcuradh,
a ghlóir Éireann uile
tabhair léan ar Fhéinn Uladh.



A fhlaith na sluagh sochaidhe
maith do luadh ar eachraidhe
beir leat do sciath chorcraidhe
a fhir, ná tréig athraidhe.



Do shleagha go ndoghraing
le fobhadh do bhéimeann,
do chloidhmhe go ndíoghainn
do chlaoidheadh bhfear nÉireann.



Do lanna dá mbualadh
déan tana dá bhfiannaibh;
do ghaisce ná fuaradh
freastail iad is éirigh.


L. 200


B 1769-1855ls 18D
LAOIDH CHATHA GABHRA.



Innis dúinn, a Oisín,
ar th'oineach is ar th'eagnamh,
cia hí an lámh ghaisce
dob fhearr bhí isna Fiannaibh?



Mac Cumhaill mic Tréanmhóir,
mé féin agus Oscar;
dobheirimís gach buadh
agus geall gacha gaisce.



Cia hé an ceathramha duine
A Oisín, a mhic na flatha,
dob fhearr gaisce agus buille
adéarthaí, i n-ionad catha?



Dobhí ceathrar againn-ne
nár claoidheadh riamh i gcomhrac -
Faolán fial agus Cairreall
Mac Lughach agus Diarmaid.



Dobhádar aicme tréanmhar
againn-ne isna Fiannaibh,
do ghabhaidís tosach bealaigh
i n-ionad catha is féadhma.



Beir mo bheannacht, a Oisín
is binn linn do scéala,
is sloinn dúinn gan easbaidh
an aicme atáim d'iarraidh.



Art is Goll is Garradh
lucht fala dár bhFiannaibh,
is Oscar dob fhearr faicsin
cuid den aicme sin, a chliairigh.



Dobhádar lucht gaisce
Conán nár mhaith focal,
Maedán agus Basrán
is Aodán geal ón Roca.



Innis dúinn, a Oisín
le hanam Fiann nÉireann,
cia agaibh ba threise
i gcath Gabhra na mbéimeann.



Ní rabhamair ann acht beagán
ag dul i n-aghaidh Críche Fódhla;
dobhí Fionn is a mhuintir
ar thuras slighe na Rómha.



Innis dom, a Oisín
dála tús do chomhráidh,
cá líon de mhacaibh ríogh
dobhí sibh san gcomhdháil.



Dobhámair deich mic fichead
de shliocht Fhinn na Féinne
ag a mbíodh sciath agus claidheamh
i dtosach catha is féadhma.



Ag fágáil Binne hÉadair
is é líon dobhámair uile -
deich gcéad gaiscidheach Féinne
i ngasradh gach duine.



Dobhí gasradh Fiann Alban
agus Árd-rí Breatan
ar ghrádh Fhinn Almhaine
farainn-ne san gcath san.




L. 201


Dobhí Fiann Lochlann láidir
ó thaoiseach go naonbhar,
'nár bhfochair san láthair
chun déanta na hiorghaile.



Dobhí Cairbre Lifeachair
agus mór-shluaighte Éireann
i n-aghaidh ár gcomhacht-na
i gcath Gabhra na mbéimeann.



Dobhí Oscar mac Garraidh
is deich gcéad curadh cliste
ag comóradh an chatha
i n-aghaidh mo mhic-se.



Naoi gcatha d'fhearaibh Uladh
is fir Mumhan le Cairbre;
iad sin 'n-ár n-aghaidh-ne
is fir Laighean le chéile.



Rí Connacht is a mhuintir
'nár n-aghaidh-ne san teagmháil;
níor chomhthrom an roinn sin
's gan againn-ne acht beagán.



Fiafruigheas rí Éireann
d'Oscar mac Garraidh:
"An ngeobhaidh tú id aonar
de láimh Oscar eile?"



Tug mac Garraidh a bhriathar
fa mór an focal,
nach raibh laoch ar talmhain
dodhéanfadh comhrac Oscair.



Annsin adubhairt Cairbre
le mac Garraidh an choscair
"Mairg táinig ó Albain
muna gcoiscidh tú Oscar.



"Do mharbhadar Clanna Tréanmhóir
hathair-se, a mhic Garraidh,
maoth-chlanna Baoiscne
is cuimhnigh ar th'fhala."



Arís adubhairt Cairbre
le mac Garraidh an choscair -
"Coiscfidh mise a meirge
is comhraic-se Oscar."



Do sheol rí Éireann
is mac Garraidh mic Mórna
a nglan-tsluagh is a meirge
i dtosach catha Gabhra.



Mar dochonnairc Oscar
rann tosaigh ag rí Éireann
geallais Cairbre a bhascadh
's a choscairt le n-a ghéar-lann.



Annsin iarras Oscar
orm-sa is ar Chairreall
tosach catha an lae sin
do féin is dá chlaidheamh.



Adubhairt Cairreall cneas-gheal
le hOscar na mbéimeann -
"Gheobhad-sa tosach catha
i n-aghaidh bhfear nÉireann."



Adubhairt Mac Lughach meardha
dobheireadh buadh gach foghla -
"Bead-sa agus Cairreall
i dtosach catha Gabhra."



Adubhairt Beinne Mac Breasail
go mear coscarthach calma -
"Bead-sa is Fiann Breatan
fara hOscar Eamhna."


L. 202


Tug Cairreall rogha an urchair
den chraoisigh tré lasair
gur chuir an tsleagh chontair
tré chompar mhic Bhreasail.



Fiafruigheas Oscar Eamhna
go feargach de Chairreall -
"Créad fáth ar chaith tú mo bhráthair
a mhic Fhinn mhic Cumhaill?"



Adubhairt Cairreall cneas-gheal
de ghuth mhór le hOscar -
"Má's tusa mac Oisín
dob fhuiris liom do bhascadh."



Gabhais fearg mo mhac-sa
le cloistin an uirghill,
a ghlacadh níorbh féadadh
go ráinig sé Cairreall.



Tig mac na flatha
i gcoinnibh Oscair fhéil,
gibé bheadh dá bhféachain
ba chorrach a chéill.



Dochuaidh Cairreall is Oscar
do bhualadh a chéile;
dochuamair-ne dá gcosnadh
Faolán agus Fiachra.



Gibé bheadh dá bhfeitheamh
badh mhór a n-urghráin;
dorinneamair a n-eadargáin
gér chruaidh é an dáil.



Dob é iomthús Oscair
agus Chairrill chéadaigh
gur marbhadh dá gcosnadh
deich gcéad taoiseach Féinne.



Tógaimíd ár meadhair
i dtosach catha Gabhra,
Oscar is Fiann Laighean
i n-aghaidh mhic Mórna.



Dobhí Feargus file
oifideach na flatha,
'gár mbrostughadh san iomghoin
dul d'ionnsaighe an chatha.



Dochuamair fá chéile
sinn-ne agus iad-san;
ní bheidh an confadh céadna
ag duine le hinnsin.



Do marbhadh Fiann Breatan
gér linn-ne bhí a gcongnamh,
le deich gcéad mhic Garraidh
's níor chabhair mhór dúinn-ne.



Do thuit mac ríogh Lochlann
leis, agus Fiann Alban
do mhairbh sé san turraing
deich gcéad curadh calma.



Táinig mo mhac-sa
fá chathaibh na Teamhrach
mar sheabhac tré ealtain
nó mar charraig thóirnigh.



Tug sé turraing scaoilteach
ar shluaghaibh bhfear nÉireann;
do thuit trí chéad taoiseach
le hOscar na mbéimeann.



Deich gcéad laoch gan time
do éirigh ós cathaibh
do thuit le láimh Oscair
sul ráinig mac Garraidh.



Táinig mac Garraidh cneas-gheal
tar éis freastail an chatha,
i gcoinnibh mo mhic-se
go coscrach comh-fhlathach.


L. 203


Cheithre cneádha fichead
i gcneas Oscair ón scannaill
ag teacht ó mhuintir Chairbre
go meirge mhic Garraidh.



Dobhí i gcneas mhic Garraidh
ag teacht ó chathaibh Oscair
sé fichid cneadh créachtach
nárbh éachtach na hOscair!



Dochuaidh Oscar Eamhna
is mac Mórna fá dhíoghail;
do-chífí i ngleannta
teinte na lann bhfaobhrach.



D'éisteadar Fir Éireann
gér chruaidh é an t-osadh,
le cloistin na mbéimeann
idir an dá Oscar.



Líon dachad de sciathaibh
i gcliathaibh gach foghla
do bhris mac Garraidh grianda
is mo mhac-sa i gcath Gabhra.



D'éirigh trí ceatha
ós a gcionn isna cliathaibh -
cith fola, cith teine
cith cailce dá sciathaibh.



Do claoidheadh mac Garraidh
gér dhoiligh a dhéanamh
le hOscar nár mealladh
i gcúis oinigh le dámhaibh



Do luathuigh rí Éireann
gá raibh na hairm nimhe
i gcoinnibh Oscair na mbéimeann
nó gur ghoin sé a chroidhe.



Níor lugha le mo mhac-sa
nach fuair bascadh feadhma,
gur chuir an tsleagh ghasta
go crois tré Chairbre.



Do goireadh rí Éireann
do mhac Cairbre chrann-ruaidh;
do thuit san uair chéadna
le hOscar go hanbhuain.



An cuimhin leat, a Oisín
ó's ort-sa rug baiste,
cá líon de mhacaibh ríogh
do thuit le láimh Oscair?



Do mhairbh sé rí Mumhan
gér phúdhar, san scannaill;
do thuit mac ríogh an domhain
leis, is mac Garraidh.



Is leis do marbhadh Cairbre
gá raibh meirge shíoda;
do thuit leis i n-ainbheartaibh
airc airgthe gach tíre.



Do mhairbh sé rí Chonnacht
fear nár chorrach feadhma;
do thuit leis san iomghoin
le chéile agus Cairbre.



Do thuit caogad tréan-ríogh
dár éirigh ós cathaibh
le hOscar insan iorghail
le chéile is mac Garraidh.



Mór-sheisear san gcath sin
dár dhual rígheacht Éireann,
do thuit le mo mhac-sa
i ndiaidh Chairbre na mbéimeann.



Go n-áirmhthear féar faithche
is léar-ghaineamh tráighe,
ar thuit le mo mhac-sa
ní fhéadtar a n-áireamh.


L. 204


Is liom-sa thuit rí Uladh
gérbh ionnsaighe calma;
is mór an díth daoine
ar claoidheadh ar mhaigh Ghabhra.



Do marbhadh rí Laighean
le meadhair mic Rónáin;
go bráth ní bhfaghthar innsin
ar thuit linn san gcomhdháil.



Do marbhadh an dá Oscar
san gcath gcoscrach gcalma;
anois is ádhbhar osnadh
ar bascadh ar mhaigh Ghabhra.



Do thuit Cairreall is Faolán
dá mhac ríogh na bhFiann,
is leo do-nímís comhrádh
comhairle agus triall.



Do marbhadh mo mhac-sa
dobh é sin olc na Féinne;
do thuit sé san gcath sin
is Cairbre le chéile



Do marbhadh an dá Oscar
dobhí ag cosnadh an chatha;
Atáimíd-ne fá easbaidh
ag Easbog Árdmacha.



Do thuit clann Chaoilte chéadaigh
lucht airgthe gach tíre,
is tréan-laoich na Féinne
acht mé féin im aonar.



Do thuit Fionn mac Dubháin
is trí chéad eile is Fionn;
do thuit fiann clainne Dubháin
's rí Osraighe ós a gcionn.



Dob iomdha linnte fola
ar mhaigh ghointe Ghabhra,
agus cinn gan colla
ó bhrisleach na foghla.



d'imthigh ár ngaisce
ár n-intinn 's ár meanma,
ón gcath sin fó dheireadh
tugadh le rígh Banbhan.



Ag sin duit, a Phádraig
mar do claoidheadh Fianna Féil;
ó imtheacht na laoch san
atáimíd-ne fá léan.



Ná bí-se go feargach
má's eagal leat Ifreann;
ná caoin do cháirde
a mhic Fhinn mhic Cumhaill.



Gidh comhairle ionnraic
dobheir tú dhom, a chéirigh,
is doiligh dom mo mhuintir
ná m'athair do thréigean.



Innis dom, a Phádraig
i n-onóir do léighinn,
an bhfuil neamh d'áirithe
ag maithibh Fiann nÉireann?



Dobheirim duit, a dheimhin
a Oisín chóir na lann,
nach fuil neamh ag t'athair
ag Oscar ná ag Goll.



Uch! is truagh na scéala
bheir tú dhom, a chléirigh,
mise ag déanamh crábhaidh
is gan neamh ag na Fiannaibh.



Ba bhinne le mac Cumhaill
is le huaislibh na Féinne
guth gadhair do chloistin
ná trócaire d'iarraidh.


L. 205


Uch! ba thruagh an rogha sin
dobhí ag Fiannaibh is Fionn
gur bhinne leo a ngadhair
ná bheith ag guidhe na mionn.



A Oisín na ngéar-lann
ó táir i ndiaidh na bpeacach,
nach maith leat dul id aonar
gan do ghaol chun na cathrach?



Ba bheag an mheadhar liom-sa
bheith im aonar san gcathair
gan Oscar is Caoilte
mar aon liom, is m'athair.



Dob fhearr duit gnúis Mhic Muire
d'fhaicsin le haon lá
ná ór glan na cruinne
do bheith agat go hiomlán.



d'aithris mé dhuit, a Phádraig
scéala catha Gabhra;
innis dom go hathlamh
scéal na cathrach neamhdha.



Tuarasgabháil na cathrach sin
fhiafruigheas tú, a sheanóir,
gan íota, gan ocras
gan oircheas, gan anshógh.


L. 206


B 1769-1859ls 18D
TUARASGABHÁIL CHATHA GABHRA.



Mór anocht mo chumha féin,
a Phádraig; gidh táim dod réir,
ar smaoineamh an chatha chruaidh
tugsam is Cairbre crann-ruadh.



Do chongbhamair fala tar tuinn,
sinn-ne is clanna caomh-Chuinn,
gus an gcath sin Chairbre chruaidh,
níor smaoin sinn olc ná anbhuain.



An mac sin Chormaic uí Chuinn
mairg don Fhéinn tárla fá n-a chuing,
rí gan spéis um chath do chur
agus gan báidh le bíodhbha.



Adubhairt Cairbre le n-a shluagh
- óir dobhí a fhala buan -
"Is fearr linn tuitim maille
sinn is an Fhiann le chéile



"Ioná ríoghacht an bheatha mhir
agus an Fhiann 'na mbeathaidh -
lucht caithmhe cruidh na gcloch
's a lucht áitribh fá imshníomh."



Adubhairt Cairbre go prap
"Cuimhne Mhuchroimhe, cuimhne Airt,
tuitim bhur sinnsear maille
de bhrígh fala na Féinne.



"Cuimhnigh na cíosa cruadha
agus méid na hanuaille -
gan cóigidheach de chlannaibh Cuinn
acht fá chíos do mhac Cumhaill."



Dob í comhairle Chlainne Cuinn
agus an laoich ó Liathdruim
iad féin a thabhairt dá gceann
agus an Fhiann do dhí-cheann'.



Dá bhfaghaidís bás 'na dhiaidh
gion go mbeidís ar aon ghliaidh,
go mairfeadh dá n-éis a mbladh
iar ndí-chur Fiann Almhan.



Cuirimíd-ne teachta siar
go mac Mhic Con mic Maicniadh,
is cuirimíd-ne teachta soir
go Fatha mhic an Arsoidh,
go dtigeadh chugainn gan feall
do ghabháil righe nÉireann.



Cruaidh an fheidhm sin d'imthigh oirbh
cur i n-aghaidh ríogh Éireann doirbh;
tuilleadh uabhair díbh-se de
dul do mharbhadh a chéile.



Dá dtigdís allmhuraigh anoir
chugaibh i nÉirinn fhíor-ghloin,
a Oisín, cia choiseonadh Fionn
i ndiaidh iarsma Fiann Éirionn?


L. 207


Dar do láimh-se, a chléirigh cháidh
ní raibh san mBanbhain mbáin
acht beagán laochradh go mbladh
agus d'ógaibh nár dearbhadh.



Ní raibh rí dá dtiocfadh annsin
nach faghadh Fódhla i n-aiscidh,
gan chath, gan iorghail, gan ágh
gan iomghoin, gan achmhasán.



Ní raibh ón India anoir
go fuinn-iarthar an domhain
rí nach raibh fá'r smacht l'ár linn
gus an gcath sin, a Thailginn.



Dob iomdha ar feadh an domhain mhóir
neach lérbh aoibhinn díth ár slóigh,
na féinnidhigh leath ar leith
do thuitim le chéile.



Fuaireadar a mian fá riar
laochradh Fódhla ar aon rian;
do thuitsead tré fhala an ríogh
deich gcatha fichead fíor-laoch.
is dá chéad rí-dhamhna linn
dár dhual árd-ríoghacht Éireann.



Tugamair-ne go calma
an cath gáibhtheach sin Ghabhra;
do thuit an Fhiann ceann i gceann
is ocht rí déag uile Éireann.



Innis mar is cumhain leat
a dheigh-mhic Fhinn na ngeal-ghlac,
tuarasgabháil do mhic san gcath
tabhair dúinn, a Oisín, eolas.



Bíodh a theist ar an gCoimhdhe
fa maith linn a luath-bhuille,
nár iaidh a dhá chois um each
neach dob fhearr eagnamh is oineach.



Ní tháinig roimhe ná 'na dhiaidh
i nÉirinn thoir ná thiar
nach muirbhfeadh Oscar le n-a linn
dá bhfaghadh comhthrom comhlainn.



A Oisín, innis an scéal
ar chur an chatha go tréan,
ar thuitim do mhic san gcath
nó an rugais air ag urlabhra.



Ós cionn mo mhic Oscar áin
táinig mise ar gcur an áir;
agus táinig Caoilte de
ós cionn a sheachtar clainne.



Tiagaid ar mhair beo den Fhéinn
ós cionn a gcarad budhéin;
drong gan labhra díobh annsin
is drong eile gan anmain.



A Phádraig na mbachall mbán
gibé dochífeadh an t-ár!
fa mór an truagh, dar linn
uaisle Éireann do thuitim.



Dob iomdha cathbharra caomh
agus bratach de shíoda shaor
agus sciath tarsna ar an maigh
agus a dtriath gan anmain.



Níor thógamair d'fhaidhb an tsluaigh
acht baill ar a rabhadar buaidh;
ní rugsam as an gcath
acht faidhb ríogh nó árd-fhlaith.


L. 208


Is amhlaidh fuaireas mo mhac féin
'na luighe ar a uilinn chlé,
a sciath láimh leis ar lár
agus a lann 'na dheas-láimh,



Is é ag tonnadh fola dhe
tar béalaibh a luirighe,
laoch nár leonadh roimhe i gcath
fa damhna bróin, mo dheagh-mhac.



Féachais Oscar orm suas
agus fa leor liom a chruas,
sínis chugam a lámh
do mhian éirghe im chomhdháil.



Gabhaim-se lámh mo mhic chaoimh
is do shuidheas le n-a thaoibh
agus d'iompuigh orm i leith
- ní raibh mo spéis san gcruinne.



Adubhairt mo mhac go feardha
liom d'fheabhas a urlabhra -
"A bhuidhe leis an Dúileamh sin
do bheith-se slán, a athair."



Léigim-se mo shleagh ar lár
is rinneas ós a chionn támh;
a Phádraig, do smaoineas annsin
créad dodhéanfainn 'na dheaghaidh.



Nocha ndearnaidh mise gó
ní raibh agam freagra dhó;
táinig Caoilte ann mar sin
chugainn-ne d'fhéachain Oscair.



Do ráidh mac Ronáin an áigh
"Cionnus ataoi, a Oscair ghráidh?"
"Atáim," ar Oscar," mar is dligh
ag dul i gcomhar síol Ádhaimh."



"Do shíleas, a Oscair go mblaidh
dá mbeidís laochradh an domhain
ad aghaidh-se leath ar leith
go mbeitheá uatha id bheathaidh."



"Ó dhian-tuargain laoich ar bith
ná ar chruadh-shleagha ná claidhimh,
acht sleagh Chairbre mhic mic Cuinn
dár tairngreadh mo thuitim.



"Muna mbeith an tsleagh ar a raibh buadh
dobhí ag Cairbre ceann an tsluaigh
do thuitfidís liom-sa maille
a raibh ar shliocht Chuinn Chéad-chathaigh."



Créacht ó shleigh Chairbre chruaidh
fá imlinn Oscair arm-ruaidh;
lámh Chaoilte go huilinn de
dochuaidh i gcréacht na sleighe.



Siris a chneadh go maith dhó
nó go bhfuair créacht eile nó dhó
agus go bhfuair a dhruim de
arn-a ghearradh den ghéar-shleigh.



"Truagh sin, a Oscair fhéil
do scaradh tú le n-ár bhFéinn;
scarfaidh a chatha le Fionn
beidh fá chíos ag Clannaibh Mórna."



Tógaimíd-ne an tOscar feardha
ar chrannaibh ár sleagh anairde,
rugsam é ar thulaigh ghlain
d'fhothragadh an fhéinnidh.


L. 209


Leithead na boise dá chorp
ní raibh slán de go a fholt
ó n-a cheann go soiche a lár
acht a aghaidh 'na haonarán.



Seal fada dhúinn mar sin
ag coimhéad a chuirp chaomh-ghil;
do-chímíd chugainn um nóin
Fionn mac Cumhaill mic Tréanmhóir.



Iar rochtain do gus an ár
is drong-bhuidhean d'Fhiannaibh Fáil,
do-chí sinn Clanna Baoiscne mhir
'nár gcosair chró san iorghail.



Truagh, a Dhé, scréachach na bhfear
agus béiceach na mileadh
is gáir na ngiollaí gan treoir
ar feadh an chatha chomh-móir.



Ní dhearnaidh mac Muirne mór
acht imtheacht uile trés an slógh
d'iarraidh mo chuirp-se san gcath
is corp Oscair arm-ghlan.



Iar bhfaicsin dúinn meirge Fhinn
agus a shleagh ós a chionn,
gluaisidh chugainn as an ár
is gluaisimíd-ne 'na chomhdháil.



Do bheannuigheamair uile d'Fhionn
is níor fhreagair sé sinn
acht dul ar thulaigh na dtréan
mar a raibh Oscar arm-ghéar.



Adubhairt Oscar annsin
le mac Muirne san uair sin -
"Mo-chean feasta leis an éag
led fhaicsin, a Fhinn arm-ghéar."



"Truagh, a Oscair fheardha fhéil
a mhic mic ríogh na Féinne,
mé id dhiaidh feasta is fann
agus i ndiaidh Fiann nÉireann.



"Measa mar dobhí tú thoir
maidin catha Binne hÉadair:
dorachaidís eoin tréd chneas
rugadh fáth ar do leigheas."



"Mo leigheas ní fhuil i bhfáth
is ní diongantar go dtí an bráth;
nocha bhfuil daoibh dom tharbha
acht an seal so dem urlabhra.



"Uch! is í aon-ghoin Chairbre
do scar mise lem chairde;
aladh de shleigh Naoise
idir m'fhordhrom is m'imlinn."



"Mallacht Airt Aonair go mbuadh
táinig indiu fám shluagh;
do dearbhadh orm gach ní
gur chuir mo ghlan-tsliocht ar neamh-chrích.



"Slán uaim d'iorghail is d'ágh
slán uaim cíos do thógbháil,
slán gach maith uaim-se 'nos
acht a bhfaghad den donos.


L. 210


"Slán ceileabhradh d'Inis Fáil
slán d'oileamhain ban is macámh;
slán gan aoibhneas, gan gleo lann
acht fá dhaor-smacht muir-eachtrann.



"Slán uaim do fhleadhaibh saora
is do ríoghnaibh folt-chaomha,
gach cóigeadh dobhíodh fám smacht
iar scrios, fuath agus arracht.



"Gan cíos as tuaith ná as baile
gan tochmarc ban mal-ghlaine,
gan altrom gadhar ná con
gan triocha céad i gcóigeadh.



"Gan tuath i ngach triocha céad
gan baile i dtuaith gan ró-bhéad,
gan ceathramha i ngach baile faoi dheoidh
do mhac Cumhaill loinn lán-mhóir.



"Uinge d'ór um eilit duinn
uinge d'ór um dhamh thruim,
agus caora i ndíol a gcán
is uinge d'ór um dhobhrán.



"Uinge d'ór as gach mnaoi ghrinn
dá mbeadh i n-aontumha i nÉirinn,
nó a tochmarc le Fiannaibh Fáil
dá bhfaghadh fear a diongbháil.



"Uinge d'ór dogheibheadh Fionn
le ndul do thuar an fhearainn,
agus uinge d'ór eile
le ndul go teagh sean-bhaile.



"Dobhí, níor bheag an cumha
maighdean as a haontumha
ag mac Cumhaill, ceann a gceann
dá raibh ag maithibh Éireann.



"Gan urdháil an bhric go mblaidh
nó an bhaoth-laoigh áluinn allaidh,
gan cíos do thabhairt um fhéile
do mhac Cumhaill lann-ghéire.



"Gan athrughadh d'aon eile
ó bhuaile go sean-bhaile
gan cíos do thabhairt le n-a linn
do mhac Cumhaill arm-ghrinn.



"Gan long do dhul soir ná siar
ar Muir Ruaidh ná ar Muir dToirrian
ná ar Muir nIocht na sean-tonn tsoir
gan cíos fá lainn truim Oscair.



"Gan talamh fán aigéan-mhuir
de mhór-chríocha an domhain
ná bíodh a bpríomh-chíos ar mo láimh
nuair dochídís mo mhacámh.



"Briathar do bhain díom mac Con
ar nár shíleas gur chóir obadh,
dár thuilleas mallacht mo ríogh
tug mo ghlan-tsliocht ar neamh-ní.



"Is í briathar do bhain díom
Lugha mac Con mic Maicniadh
dá gcuireadh chun Inse Fáil
gan dul 'na aghaidh ar aon dáil."



Mar do thréig aingil Neimhe
árd-fhlaitheas an Tighearna,
mar sin daoibh-se, a Fhianna Fáil
gan sliocht i nÉirinn d'fhágbháil.


L. 211


Iar gclos an ghlóir sin Fhinn
anam as Oscar do ling,
sínis uadha a dhá láimh
is dúnais a ruisc rionn-bhláth.



Táinig chugainn fiche céad
- ag sin ar mhair beo dár bhFéinn -
ós cionn Oscair de chlainn ghail
gabhaid uile dá phógadh.



Gabhaimíd ag féachain a chréacht
is ag áireamh a mhór-éacht,
fa mór an cás dúinn annsin
go bhfuair bás fá'r lámhaibh.



Screadais mac Rónáin annsin
agus tuitis go talmhain,
buailis fá lár a chorp
tarraingis a fhionnfadh is a fholt.



Acht mise féin agus Fionn
a rabhamair d'fhiannaibh ós a chionn,
léigseam trí gártha san uair
ro-chlos fá Éirinn adhfhuair.



Iompuighis Fionn linn a chúl
agus silis déara go dúr;
acht fá Oscar is fá Bhran
ní dhearnaidh deor ar talmhain.



Níor chaoin duine a mhac féin
níor chaoin a charaid budhéin,
iar bhfaicsin mo mhic-se mar sin
cách uile ag caoineadh Oscair.



Deich gcéad againn mar sin
idir óg agus ársaidh,
ní raibh duine slán díobh sin
againn den deich gcéad sin;



Acht fear naoi ngon go nimh
an té fa lugha againn de chréachtaibh,
sin go n-easbaidh laochradh Fhinn
fa ciamhair is fa iarghnó intinn.



An oidhche sin dúinn san ár
ag adhlacadh corp go lá,
ag tógáil clannmhaicne Fhinn
ar thulchaibh áille aoibhne.



Naoi bhfichid céad is deich gcéad
arn-a chomhaireamh d'Fhionn féin,
marbh den Fhéinn ar an maigh
gan aon duine 'na n-easbaidh.



A dtrí n-urdháil is ní gó
is dá rígh Éireann, scéal ba mhó,
dobhí marbh don taobh eile
de shluagh Éireann arm-gheile.



Ní raibh Fionn soilbhir ná slán
ón ló sin go hoidhche a bháis,
an gleo níorbh fhearrde a ghean
ríoghacht an bheatha dá bhfaghadh.



Ón ló sin chatha Ghabhra
ní dhearnamair teann-labhra;
ní rabhsam oidhche ná ló
nach leigimís osna lán-mhór.



Adhlaicimíd an tOscar amhra
san taobh thuaidh de mhór-Ghabhra;
is Oscar mac Garraidh na nglonn
is Oscar mac ríogh Lochlonn.



'S an té nár chumhang fá ór
Mac Lughach, an laoch lán-mhór;
clann Chaoilte i n-a bhfeartaibh fáil
nochar linn-ne nár dhiombáidh.


L. 212


Do thochlamair-ne fearta
i n-ionad ríoghdha ró-fhairseanga,
fearta na nOscar n-ádhbal ngrinn
fearta mhic Garraidh is mhic Oisín.



Do ghaibh an ráth mhór ar fad
feart Oscair mhóir ón mBeirbheadh,
cian ó chairdibh an laoch nár lag
i n-a luighe ameasc Fiann Almhan.



Guidhim-se Rí an bheatha bhinn
is guidh-se, a Phádraig mhic Calpruinn,
go dtugadh tlacht ar mo ghlór
- mo chumha anocht is ró-mhór.


L. 213


B 1849-60ls 19L
U Anaithnid
LAOIDH OISÍN AR THÍR NA nÓG.



A Oisín uasail, a mhic an ríogh,
dob fhearr gníomh gaisce agus gliadh,
aithris dúinn anois gan mhairg
cionnus do mhairis d'éis na bhFiann.



Inneosad duit, a Phádraig nuaidh,
gidh doilbh liom a luadh ós árd,
tar éis catha Ghabhra chruaidh
'nar marbhadh, monuar! Oscar áigh.



Lá dá rabhamair uile an Fhiann
Fionn fial 's ar mhair dinn ann,
gidh gur dhoilbh dubhach ár scéal
d'éis ár laochradh bheith go fann.



Ag seilg dúinn maidin cheoidh
i n-imeall-bhórdaibh Locha Léin,
mar a raibh crainn ba chumhra bláth
is ceol gach tráth go binn ag éin.



Dúisigheadh linn an eilit mhaol
dob fhearr léim, rith is lúth,
dobhí ár gcoin 's ár ngadhair go léir
go dlúth 'na déidh fá lán-tsiubhal.



Níorbh fhada go bhfeacamair aniar
an marcach dian ag teacht chugainn -
aon mhacaomh mná dob áille dreach
ar chaol-each bhán ba mhire lúth.



Do stadamair uile den tseilg
ar amharc deilbhe na rí-mhná;
do ghaibh iongantas Fionn 's an Fhiann
nach feacadar riamh bean chomh breágh.



Bhí mionn ríoghdha ar a ceann
is brat donn den tsíoda dhaor,
buailte le réaltaibh dearg-óir
ag folach a bróg síos go féar.



Bhí fáinne óir ar crochadh síos
as gach dual buidhe dá dlaoi mar ór,
a rosca gorma glana gan smúit
mar bhraon den drúcht ar bharr an fheoir.



Ba dheirge a gruadh ná'n rós
ba ghile a snódh ná ealla ar tuinn,
ba mhilse blas a béilín fós
ná mil dá hól tré dheirg-fhíon.


L. 214


Dobhí brat fairsing, fada, réidh
ag folach an stéid-eich bháin;
diallaid ghreanta de dhearg-ór
is srian béal-óir 'na deas-láimh.



Bhí cheithre crúdha go cúmtha faoi
den ór bhuidhe ba ghlaine scáil;
fleasc airgid i gcúl a chinn
's ní raibh san tsaoigheal each dob fhearr.



Tháinig sí do láthair Fhinn
do labhair go caoin cneasta i stuaim,
dubhairt sí: "A Rí na bhFiann
duit is cian anois mo chuaird."



"Cia thú féin, a ríoghan óg
is fearr cló, maise 'gus gnaoi?
aithris dúinn-ne fáth do scéil
t'ainm féin is fós do thír."



"Niamh Chinn Óir is é m'ainm
a Fhinn ghasta na mór-shlógh.
tar mhnáibh an domhain fuaireas bladh
is mé inghean áluinn Ríogh na nÓg."



"Aithris dúinn, a ríoghan tais
fáth do theacht tar lear i gcéin;
an é do chéile d'imthigh uait
nó cé'n bhuaidhirt atá ort féin?"



"Ní hé mo chéile d'imthigh uaim
is fós níor luadhadh mé le fear,
a Rí na Féinne is aoirde cáil
acht searc is grádh a thugas dod mhac."



"Ciaca dem chlainn, a inghean bhláth
dá dtugais grádh is fós gean?
ná ceil orainn anois an fáth
acht aithris dúinn do chás, a bhean."



"Inneosad féin sin duit, a Fhinn
'sé do mhac grinn, arm-chruaidh,
Oisín meanmnach na dtréan-lámh
an laoch atáim anois a luadh."



"Créad an fáth fá dtugais grádh
a inghean áluinn an fhuilt réidh,
dom mhac geal féin seachas cách
is a liacht flaith árd fán ngréin?"



"Ní gan ádhbhar, a Rí na bhFiann
thángas i gcian fá n-a dhéin
acht tuarasgabháil d'fhagháil ar a ghaisce
feabhas a phearsan is a mhéin.



"Is iomdha mac ríogh is árd-fhlaith
a thug dom gean is síor-ghrádh;
níor aontuigheas riamh d'aon fhear
go dtugas searc d'Oisín áigh."



Dar an láimh sin ort, a Phádraig
is ní náireach liom mar scéal,
ní raibh ball díom nach raibh i ngrádh
le hinghin áluinn an fhuilt réidh.



Rugas ar a láimh im dhóid
is dubhart de ghlór ghuth-bhinn:
"Fíor-chaoin fáilte fearaim romhat
a ríoghan óg, don tír.


L. 215


"Is tú is gile 's is finne bláth
is tú dob fhearr liom mar mhnaoi,
is tú mo rogha tar mhnáibh an domhain
a réaltan mhodhmhail is deise gnaoi."



"Geasa nach fulaingidh fíor-laoch
a Oisín fhéil, cuirim id chomhair:
teacht liom féin anois ar m'each
go righeam tar ais go Tír na nÓg.



"Sí'n tír í is aoibhne le fagháil
an tír is mó cáil anois fán ngréin;
crainn ag cromadh le toradh is bláth
is duilleabhar ag fás go barr géag.



"Is fairsing innti mil is fíon
is gach uile ní dá bhfeacaidh súil;
ní rachaidh caitheamh ort led ré
meath ná éag ní fheicfidh tú.



"Gheobhair fleadh, imirt is ól
gheobhair ceol ró-bhinn ar théad,
gheobhair airgead agus ór
gheobhair fós an iomad séad.



"Gheobhair céad míle claidheamh gan gó
céad brat sróill de shíoda dhaor;
gheobhair céad each is mire i ngleo
gheobhair céad leo de chonaibh géar'.



"Gheobhair mionn ríoghdha Ríogh na nÓg
nach tug fós do neach fán ngréin,
soillseach, breágh fá chlochaibh buadh
nach féidir a luach a chur i gcéill.



"Gheobhair lúireach chumhdaigh, chóir
is claidheamh cinn-óir is cliste béim,
nár théarnuigh neach riamh uaidh beo
dá bhfeacaidh fós an t-arm géar.



"Gheobhair céad éide is léine sróill
gheobhair céad bó is fós céad laogh,
gheobhair céad caora fá lomraibh óir
gheobhair céad seod nach fuil san tsaoghal.



"Gheobhair céad maighdean, meidhreach, óg
soillseach, glórmhar mar an ngréin,
is fearr dealbh, déanamh is snódh
's is binne beol ná ceol na n-éan.


L. 216


"Gheobhair céad laoch is tréine i ngleo
's is cliste fós i gcleasaibh lúith,
armtha, éidthe, ós do chomhair
i dTír na nÓg má thigir liom.



"Gheobhair gach ní dá ndubhras leat
is aoibhneas eile gan cheas gan chaoi,
gheobhair maise, neart agus réim
is bead-sa féin agat mar mhnaoi."



"Diúltadh ar bith ní bhéarfad uaim
a ríoghan suairc na gcuach n-óir;
is tú mo rogha tar mhnáibh an domhain
is rachad le fonn go Tír na nÓg."



Ar mhuin an eich chuamair araon
ar mo bhéalaibh do shuidh an ógh,
is dubhairt: "A Oisín, fanam go réidh
go righeam béal an mhara mhóir."



Annsin d'éirigh an t-each ar lúth
an tráth righeamair ciumhais na trágha;
do chroith é féin annsin chun siubhail
's do léig trí gnúsa as ós árd.



An tráth dochonnairc Fionn 's an Fhiann
an t-each go dian san tsiubhal
ag tabhairt aighthe ar an tréan-mhuir
do léigeadar trí géar-ghuil cumhadh.



"A Oisín," ar Fionn, go meirbh tréith
"mo chumha féin tú d'imtheacht uainn
's gan súil againn arís led theacht
chugainn tar ais fá lán-bhuaidh."



d'aistrigh a dhealbh is a scéimh
's do shil leis frasa déar anuas
gur fhliuch a bhroinne 's a gheal-ghné
is dubhairt: "Mo léan tú, 'Oisín uaim!"



A Phádraig, ba dhubhach an scéal
ár scaramhain le chéile annsúd -
scaramhain an athar le n-a mhac féin
is dubhach lag mé bheith dá luadh.



Do phógas m'athair go caoin caomh
's an chomaoin chéadna fuaireas uaidh;
d'fhágas slán uile ag an bhFéinn
's do shil na déara lem ghruaidh.


L. 217


Is 'mó lá aoibhinn bhíos-sa 's Fionn
's an Fhiann 'nár gcionn fá lán-réim,
ag imirt fithchille 's ag ól
's ag clos ceoil, an bhuidhean ba thréan.



Ag sealgaireacht i ngleanntaibh mín'
's ár ngadhair bhéil-bhinn againn ann;
sealad eile dhúinn i ngarbh-ghléidh
ag treascairt laoch go lán-teann.



A Oisín bhaoith, tréig go fóill
do ghaisce mór ar an bhFéinn;
cionnus dochuais go Tír na nÓg
lean dúinn gan gó ar do scéal.



Thugamair ár gcúl don tír
's ár n-aghaidh go díreach, glan siar;
do thráigh an mhín-mhuir romhainn
's do líon 'na bróintibh 'nár ndiaidh.



Dochonncamair iongantais 'nár siubhal
- cathracha, cúirteanna is caisleáin,
pioláití geala is dúnta
grianáin lonnracha is páláis.



Dochonncamair fós le n-ár dtaobh
an eilit mhaol ar léim lúith
agus gadhar cluais-dearg, bán
'á tafann go dána san tsiubhal.



Dochonncamair fós gan gó
ainnir óg ar stéid-each donn,
ubhall óir 'na deas-láimh
is í ag siubhal ar bharr na dtonn.



Dochonncamair gar beag 'na deoidh
marcach óg ar stéad ró-bhán
fá bhrat de chorcur 's de dhearg-shróll
is claidheamh cinn-óir 'na dheas-láimh.



"Cia hiad an dís úd do-chím
a ríoghan chaoin, innis dom fáth;
an bhean úd is áille gnaoi
is marcach slim an eich bháin?"



"Ná cuir do shuim 'na bhfeicfidh tú
a Oisín umhail, ná 'na bhfeacais fós,
níl ionnta uile acht neamh-ní
go righeam go Tír Ríogh na nÓg."



Dochonncamair uainn i gcian
pálás grianmhar, ucht-bhláth,
ba bhreághtha dealbh agus gné
dá raibh san tsaoghal ar fad le fagháil.


L. 218


"Cia an dún ríoghdha, ró-bhreágh
is fós is áille dá bhfeacaidh súil,
n-a bhfuilimíd ag triall 'na dháil
nó cia is árd-fhlaith annsúd?"



"'Sí inghean Ríogh Thír na mBeo
is bainríoghan fós isan dún
thug Fomhor Builleach Druime Lóghach
leis le fóirneart géag is lúith.



"Geasa chuir sí ar an dtréan
gan bean do dhéanamh di go bráth
go bhfaghadh sí curadh nó fíor-laoch
do sheasóchadh gléidh leis lámh ar láimh."



"Beir buadh is beannacht, a Niamh Chinn Óir
ní chuala de cheol riamh dob fhearr
ná guth ró-bhinn do mhilis-bheol
gidh mór an brón linn bean dá cáil.



"Téigheam anois dá fios don dún
agus b'fhéidir gur dúinn atá sé i ndán
an tréan-laoch úd do thuitim liom
i gcleasaibh lúith mar ba ghnáth."



Dochuamair annsin don dún
is tháinig chugainn an ríoghan óg;
dob ionann deallradh dhi 's don ghréin
is do chuir sí céad fáilte romhainn.



Dobhí culaith de shíoda bhuidhe
ar an ríoghain dob áille snódh,
a cneas cailce mar eala ar tuinn
's a dhá gruaidh bhí ar dhath na rós.



Ar dhath an óir dobhí a folt
a gorm-rosca glana gan cheo,
béilín meala ar dhath na gcaor
a mala chaol ba ghreanta cló.



Do shuidheamair annsin síos
gach aon dinn ar chathaoir óir;
do leagadh chugainn mórán bídh
is cuirn dighe bhí líonta 'bheoir.



An tráth chaitheamair ár sáith bídh
is iomad fíonta milis óil,
do labhair an ríoghan óg, chaoin
is dubhairt sí - "Éist liom go fóill."



d'innis dúinn fios is fáth a scéil
's do shil na déara le n-a gruaidh;
adubhairt nárbh fhilleadh dhi dá tír féin
's an fathach tréan do bheith go buan.



"Bí id thost, a ríoghan óg
scuir ded bhrón is ná bí 'caoi
agus do-bheirim duit mo lámh
an fathach áir go dtuitfidh linn."


L. 219


"Níl laoch anois ar bith le fagháil
dá thréine cáil ar fud an tsaoghail
do-bhéarfadh comhrac lámh ar láimh
d'fhathach dána na gcruadh-bhéim."



"Innsim duit, a ríoghan chaomh
nach scáthmhar liom a théacht im dháil
muna dtuitidh de bhrígh mo ghéag
go dtuitfead féin ar do scáth."



Is gearr go bhfeacamair ag téacht
an fathach tréan ba mhó gráin,
beart air de chroicnibh fiadh
is lorg-fhearsad iarainn 'na láimh.



Níor bheannuigh is níor umhluigh dúinn
acht d'fhéach i ngnúis na hóg-mhná;
d'fhuagair cath is comhrac tréan
is chuas féin i n-a chomhdháil.



Ar feadh trí n-oidhche is trí lá
dobhámair san ngráscar teann,
is gidh gur thréan é an fathach mór
do bhaineas fá dheoidh de a cheann.



An tráth chonnairc an dís bhan óg
an fathach mór faon ar lár
do léigeadar trí ghártha grinn
le mór-mhaoidheamh is lúthgháir.



Dochuamair annsin don dún
is bhíos-sa brúighte lag, faon,
ag sileadh fola go húr
ag teacht go dlúth as mo chréacht.



Tháinig inghean Ríogh na mBeo
go fíor ag fóirthin orm féin;
do chuir sí ící im chneádha
is dobhíos féin slán 'na déidh.



Do chuireamair an fear mór
i bhfeart fód-doimhin, fairsing, réidh;
do thógbhas a lia ós a leacht
is scríobhas a ainm i n-ogham chraobh.



Do chaitheamair ár bproinn go subhach
's ba mheadhrach dúinn annsin dá éis;
do cóirigheadh fúinn isan dún
leabthacha clúid de chlúmh na n-éan.



Arn-a bhárach, ar amharc laoi
do dhúisigheamair as ár néall,
"Is mithid dúinn," ar inghean an ríogh
"triall gan scíth dár dtír féin."



Do ghléasamair orainn gan stad
is ghabhamair ár gcead leis an óigh,
ba dhubhach, dobrónach sinn 'na diaidh
's níor thaise don ghrian-bhean 'nár ndeoidh.


L. 220


Ní feas dom féin, a Phádraig shéimh
créad a thárla don ríoghain óig
ón lá do scaramair léi
nó ar fhill féin go Tír na mBeo.



Níor innsis dúinn, a Oisín ghrinn
cia an tír 'na rabhais féin;
foillsigh dúinn anois a hainm
is lean arís rian do scéil.



Tír na mBuadh an tír úd
is go deimhin ní bréag an t-ainm;
má tá glóire i bhFlaitheas mar bhí ann
do Dhia le greann thabharfainn gairm.



Thugamair ár gcúl don dún
is ár stéad fúinn fá lán-réim;
ba luaithe linn an t-each bán
ná gaoth Mhárta ar dhruim sléibhe.



Níorbh fhada gur dhorchuigh an spéir
is gur éirigh gaoth is anfadh árd,
do las an mhór-mhuir go tréan
is ní raibh amharc ar ghréin le fagháil.



Sealad dúinn ag amharc na néall
is ar na réalta bhí fá smúid,
d'ísligh an t-anfadh 's an ghaoth
is do shoillsigh Phoebus ós ár gcionn.



Dochonncamair le n-ár dtaoibh
tír ró-aoibhinn fá lán-bhláth,
magha maiseacha, réidhe, mín'
is dún ríoghdha ba ró-bhreágh.



Ní raibh dath dá bhfeacaidh súil
de ghorm úr, d'uaine is bán,
de chorcur dhearg is de bhuidhe
nach raibh san rí-bhrog taoim a rádh.



Dobhí ar an taoibh eile den dún
grianáin lonnracha is páláis
déanta uile de chlochaibh buadha
ó lámhaibh suadh is saor-cheárd.



"Cia an tír áluinn atá annsúd
a inghean chiúin na dtriopall n-óir,
is breághtha dreach dá bhfeacaidh súil
nó 'n í 'n tír úd Tír na nÓg?"



"Is í go deimhin, a Oisín fhéil
níor innseas bréag duit dá taoibh;
níl ní dár gheallas-sa dhuit féin
nach fuil soiléir agat do shíor."



Is gearr go bhfeacamair chugainn
ag triall ón dún i n-ár gcomhdháil,
trí caogaid laoch dob fhearr lúth
sciamh, clú, is dob aoirde cáil.


L. 221


Tháinig chugainn i n-a dheoidh
céad bean óg dob áille scéimh,
fá bhrataibh síoda líonta d'ór
ag fáiltiughadh romhainn dá dtír féin.



Dochonncamair arís ag téacht
buidhean de ghléire ghlain na sluagh
is rí oirdhearc, comhachtach tréan
dob fhearr scéimh, deilbh is buadh.



Bhí léine bhuidhe de shíoda shróill
is niamh-bhrat órdha ós a chionn,
bhí coróin drithleannach den ór
go soillseach, lonnrach ar a cheann.



Dochonncamair ag teacht 'na dheoidh
an bhainríoghan óg dob aoirde cáil,
is caogad bruinneal milis cóir
dob áille cló 'na comhdháil.



Ar theacht dóibh uile ar aon bhall
do labhair go ceannsa Rí na nÓg
is dubhairt - "'Sé seo Oisín mac Finn
céile caoin Niamh Chinn Óir."



Rug sé orm annsin ar láimh
is dubhairt i gcomhnárd don tslógh -
"A Oisín chalma, a mhic an rí
céad míle fáilte romhat!



"An tír seo i n-a dtángais féin
ní cheilfead a scéala ort, gan gó,
is fada buan a bhéas do shaoghal
is beidh tú féin choidhche óg.



"Níl aoibhneas dár smaoin an croidhe
nach fuil san tír seo fá do chomhair;
a Oisín, creid-se uaim go fíor
gur mise rí Thír na nÓg.



"Ag seo an bhainríoghan chaomh
is m'inghean féin Niamh Chinn Óir
dochuaidh thar mín-mhuir fád dhéin
chun bheith mar chéile aici go deo."



Do ghabhas buidheachas leis an rígh
is d'umhluigheas síos don ríoghain chóir;
níor stadadh annsin go héascaidh linn
go rángamair rí-bhrugh Ríogh na nÓg.



Tháinig uaisle na cathrach caoimh'
'dir fhear is mhnaoi 'nár gcomhdháil;
bhí fleadh is féasta ann de shíor
ar feadh deich n-oidhche is deich lá.



Do pósadh mé le Niamh Chinn Óir
a Phádraig ón Róimh na mbachall mbán;
sin mar chuas go Tír na nÓg
gidh doilbh brónach liom-sa trácht.



Lean dúinn feasta ar do sceol
a Oisín óir na n-arm n-áir,
cionnus d'fhágais Tír na nÓg?
is fada liom fós go nochtair fáth;


L. 222


Innis dúinn anois le greann
an raibh clann agat le Niamh,
nó'n fada bhís i dTír na nÓg?
aithris gan brón dúinn do scéal.



Dobhí agam le Niamh Chinn Óir
de chlainn ba ró-mhaith gnaoi is scéimh,
dob fhearr dealbh, cruth agus snódh
dís mhac óg agus inghean chaomh.



A Oisín suairc lean ded scéal
is innis dom féin cá bhfuil do chlann;
tabhair dom a n-ainme gan mhoill
agus an chríoch n-a bhfuilid ann.



Dobhí ag Niamh fá n-a gcomhair
Tír na nÓg, na mBeo 's na mBuadh,
fleasc is coróin den rí-ór
is iomad seod nach ním a luadh.



Thug Niamh ar mo dhís mhac
ainme m'athar 's mo dheagh-mhic -
Fionn oirdhearc áigh, ceann na slógh
is Oscar óir na n-arm nglic.



Thugas féin dom chaomh-inghin
le haonta Niamh ba mhó gean,
de bhuaidh a maise 's a mór-mhín'
an t-ainm fíor sin, Plúr na mBan.



Do chaitheas tréimhse fada, cian
- trí chéad bliadhain is níis mó -
gur smaoin mé féin go mb'é mo mhian
Fionn 's an Fhiann d'fheicsin beo.



d'iarras féin cead ar an rígh
's ar mo chéile caoin, Niamh Chinn Óir,
dul go hÉirinn tar m'ais arís
d'fhéachain Fhinn is a mhór-shlóigh.



"Dogheobhair cead," ar an inghean chaomh
"gidh doilbh liom an scéal dá luadh
ar eagla nár theacht duit arís led ré
dom thír-se féin, a Oisín bhuadhaigh."



"Créad is eagal dúinn, a ríoghan bhláth
is an t-each bán do bheith fám réir?
múinfidh an t-eolas dom go sámh
is fillfead slán tar m'ais chugat féin."


L. 223


"Cuimhnigh, 'Oisín, créad táim a rádh
má leagair trácht ar thalamh réidh
nach teacht duit choidhche arís go bráth
don tír áluinn 'na bhfuilim féin.



"Adeirim leat-sa arís gan gó
má thúirlingir fós den each bhán
nach tiocfair choidhche go Tír na nÓg
a Oisín óir na n-arm n-áigh.



"Adeirim leat den treas fheacht
má's teacht den each duit féin
go mbeir id sheanóir chríon dall
gan lúth, gan ghreann, gan rith, gan léim.



"Is doiligh liom, a Oisín ghrinn
tú dhul go hÉirinn ghlais go deo;
níl sí anois amhail dobhí
's ní fheicfir choidhche Fionn na slógh.



"Níl anois i nÉirinn uill
acht athara uird is slóighte naomh;
a Oisín ghrinn, seo dhuit mo phóg
- go Tír na nÓg ní chasfair, mo léan!"



d'fhéachas suas 'na gnúis le truagh
is do shil óm shúilibh dortadh deor;
a Phádraig, badh thruagh leat í
ag réabadh dlaoi a cinn óir.



Do chuir sí mé fá gheasaibh cruaidh
dul is teacht gan buain le bán
is dubhairt sí liom do bhuaidh a mbrígh
dá mbrisinn iad nach casfainn slán.



Do gheallas di gach ní gan bhréig
go ndéanfainn féin a ndubhairt sí liom;
do-chuas ar mhuin an eich bháin
is d'fhágas slán ag lucht an dúin.



Do phógas-sa mo chéile caoin
's ba dhubhach sinn ag scaradh léi;
mo dhís mhac is m'inghean óg
dobhí fá bhrón ag sileadh déar.



Do ghléasas orm chun siubhail
is thugas mo chúl do Thír na nÓg;
do rith an t-each go héascaidh fúm
mar dorinn liom 's le Niamh Chinn Óir.



A Phádraig na n-órd is na naomh
níor innseas bréag duit riamh fós,
sin agat-sa fáth mo scéil
's mar d'fhágas féin Tír na nÓg.



Dá mbeinn-se féin, a Phádraig
amhail dobhíos an lá úd féin
do chuirfinn do chléir go léir chun báis
is ceann ar bhrághaid ní bheadh im dhéidh.


L. 224


Dá bhfaghainn-se flúirse den arán
mar dogheibhinn gach tráth ó Fhionn
do ghuidhfinn chun Ríogh na ngrás
tú bheith go slán dá chionn.



Dogheobhair arán agus deoch
gan aon locht anois uaim féin;
is binn liom briathra do bheol
lean dom fós arís ar do scéal.



Ní aithristear ár scéala go beacht
ar gach ní dár theagmhuigh dom féin
nó go dtánga arís tar m'ais
go hÉirinn ghlais na n-iomad séad.



Ar theacht dom féin annsin i dtír
d'fhéachas cruinn i ngach uile áird;
dob eagal liom annsin go fíor
nach raibh tuairisc Fhinn agam le fagháil.



Níorbh fhada dhom is níor chian
go bhfeaca aniar ag teacht fám dhéin
marcshluagh mór idir fheara is mhná
is thángadar im láthair féin.



Beannuighid dom go caoin séimh
is do ghaibh iongantas gach n-aon díobh
ar fheicsin méid mo phearsan féin
mo dhealbh, mo ghné agus mo ghnaoi.



D'fhiafruigheas féin annsin díobh súd
an gcualadar Fionn do bheith beo
nó ar mhair aon eile den Fhéinn
nó créad an léan do bhain dóibh.



"Dochualamair-ne trácht ar Fhionn
ar neart, ar lúth is ar thréin',
nach raibh riamh a shamhail súd
i bpearsain, i gclú ná i méin.



"Is iomdha leabhar scríobhtha síos
ag éigsibh binne milse Gaedheal
nach léir linn aithris duit go fíor
ar éachtaibh Fhinn is ar an bhFéinn.



"Dochualamair go raibh ag Fionn
mac ba lonnrach sciamh is cló,
go dtáinig óig-bhean fá n-a dhéin
's go ndeachaidh léi go Tír na nÓg."



Nuair chuala féin an comhrádh úd
nár mhair Fionn ná neach den Fhéinn -
do ghlacas tuirse 's mór-chumha
's ba lán-dubhach mé i n-a ndéidh.



Níor stadas-sa annsin den réim
go luath éascaidh gan aon mhoill,
go dtugas m'aghaidh go glan réidh
ar Almhain éachtaigh Leathan-Laighean.


L. 225


Ba mhór é m'iongantas annsúd
nach feaca cúirt Fhinn na slógh;
ní raibh 'na hionad ann go fíor
acht fiadhaile, flíodh is neanntóg.



Uch, a Phádraig, is uch monuar!
ba dhealbh an chuaird agam é,
gan tuairisc Fhinn ná na bhFiann
d'fhág fá phian mé le mo ré.



"'Oisín, scuir anois ded bhrón
sil do dheoir ar Dhia na ngrás;
tá Fionn 's an Fhiann tláth go leor
is níl a bhfóirthin súd go bráth.



Badh mhór an truagh sin, a Phádraig
Fionn go bráth do bheith i bpéin;
créad an tóir a rug air buadh
's a liacht laoch cruaidh do thuit leis féin?



Is é Dia rug buadh ar Fhionn
is ní neart namhad ná tréan-lámh,
agus ar an bhFéinn uile mar é
i nIfreann daor dá síor-chrádh.



A Phádraig stiúruigh mé don áit
'na bhfuil Fionn ar láimh, is an Fhiann,
is níl Ifreann ná Flaitheas ann
do chuirfeadh fá cheann-smacht iad.



Má's ann atá Oscar, mo mhac féin
an laoch ba thréine i dtrom-ghleo
níor cumadh i nIfreann ná i bhFlaitheas Dé
buidhean dá mhéid a sheasfadh leo.



Leigimís dár n-iomarbháidh ar gach taobh
is lean ded scéal, a Oisín áigh;
cad a thárla dhuit 'na dhéidh
tar éis na Féinne bheith ar lár?



Inneosad féin sin duit, a Phádraig
tar éis mé d'fhágáil Almhan Laighean
ní raibh aon áitreabh i raibh an Fhiann
nár chuarduigheas go dian gan aon mhoill.



Ar ghabháil dom tré Ghleann an Smóil
dochonnarc mór-chruinniughadh ann
trí chéad fear is ní ba mhó
dobhí romham ins an ngleann.


L. 226


Do labhair duine liom den tréad
is dubhairt sé de ghuth ós árd -
"Tar dár gcabhair, a rí-laoich
is fuascail sinn as an gcruadh-chás."



Tháinig mé annsin do láthair
is liag mhór mharmair ag an slógh -
bhí meádhchan na leice ortha anuas
is a cur díobh suas níorbh fhéidir leo.



An chuid aca bhí fán lic thíos
dobhíodar dá gclaoidhe go fann;
le truime an ualaigh mhóir
do chaill go leor díobh a meabhair.



Do labhair duine de na maoir
is dubhairt - "A rí-ghaiscidhigh óig,
fuascail feasta ar mo bhuidhin
nó duine dhíobh ní bheidh beo."



"Is náireach an bheart anois le rádh
is an oiread atá d'fhearaibh ann,
nach tiocfadh le neart an tslóigh
an liag a thógáil go lán-teann.



"Dá maireadh Oscar mac Oisín
bhéarfadh ar an líg 'na láimh,
chuirfeadh d'urchar í tar an sluagh
- bréag ní dual dom riamh do rádh."



Luigheas ar mo chliathán deas
rugas ar an leac im láimh,
le neart is le lúth mo ghéag
chuireas seacht bpéirse í ón áit.



Le feidhm na lice lán-mhóir
do bhris ceangal óir an eich bháin,
thánga anuas go lán-docht
ar bhonn mo dhá chos ar an mbán.



Ní túisce tháinig mé anuas
ná ghlac uamhan an t-each bán;
d'imthigh annsin chun siubhail
is mise fá phudhar go lag, tláth.



do chailleas amharc mo shúl
mo dhealbh, mo ghnúis agus mo scáil;
dobhíos im sheanóir bhocht, dall
gan bhrígh, gan mheabhair, gan áird.



A Phádraig, sin agat mo scéal
mar thárla dhom féin gan gó;
mo dhul is m'imtheachta go beacht
is mo theacht tar m'ais ó Thír na nÓg.


L. 227


B 1819-55ls 19T
CAOI OISÍN I NDIAIDH NA FÉINNE.



Ádhbhar mo chaoi mar táim gan lúth, gan treoir,
gan amharc fós, gan luadh, gan réim,
críon, seirgthe, lom, cráidhte, d'reoil,
im chuail cnóis gan rith, gan lúth.



Is fada liom mo throscadh gan crábhas
gidh nach le grádh ná le gean do Dhia,
acht d'easbaidh bídh is ró-shoghltais,
fán nganntan aráin is leath-riar.



Is gnáth mo thart 's is dom aimhdheoin
deoch cóir níor ibheas le cian,
cúis mo chaoi 's is fíor mar sin
go bhfuilim ar díth nirt agus riain.



Dá maireadh Fionn na n-each seang
is Oscar teann na lann ngéar,
do bhainfidís biadh de dhiabhal nó de dheamhan
's ní bheadh Oisín fann gan taca cléibh.



Is minic dobhí Fionn 'na cheann feadhna
go lúthmhar, neartmhar, lán-réimneach,
is go mb'fhuras fleadh ur-fhairsing fhial
d'fhagháil do sheacht gcatha na Gnáth-Fhéinne.



Slán le suirghe is le seilg
slán le meisce is le saor-cheol,
slán le cathaibh is le trodaibh
slán le lannaibh géara fós.



Slán le lúth agus le neart
slán le cead is le saor-ghuib,
slán le cian agus le teacht
slán le malairt is le gléagaibh.



Slán le biadh agus le digh
slán le rith is le léimneach,
slán le fiadhach gach garbh-chnuic
slán le curaidhe na dtréan-fhear.



Slán leat, a Fhinn na gcruadh-lann
dob úr neamh-ghann béile,
ní hionann is Pádraig gan beatha
dá mhéid a chara san gcléire.



Slán leat, a Fhinn, arís is arís
céad slán leat, a rí na Féinne
ó's tú do choiscfeadh mo thart
ní hionann is prap na cléire.


L. 228


Slán leat ag cur an áir
slán leat, a lámh lán-láidir,
slán leat, a shaor-dháil na gcríoch
is dubhach mo smaointe 's is cráidhte.



Slán leat i gcoscairt na gcnámh
gidh nach sámh do Phádraig mar innsim,
acht nach fuilim-se dho fá shásamh
ná a thrú dána 'na thimcheall.



Is truagh dhuit-se, a mhic Cumhaill
nach cuireann chugam-sa biadh is deoch
gibé ionad 'na bhfuil tú
gan cead do dhiabhal ná deamhan ad chosc.



Ó nach maireann acht mo thaise
is mór mo thuirse gan mé mar aon leat,
gibé i nIfreann nó i bhFlaitheas
dogheobhainn ann beatha taobh leat.



Adeir Pádraig an channtlaimh liom
gur fairsing úr é a rí-fhéinnidh,
is ní fheicim aige de shubhchas
acht cluig am bhodhradh is gleo cléire.



Adeir Pádraig gur mór é Dia
is gur furas biadh uaidh d'fhagháil;
dar mo láimh-se is dar mo bhriathar!
is gann do riarann mise is cách.



Adeir sé liom fós mar fhriotal
gurab ag Dia atá tusa i ndaor-bhruid,
's is bréag san seachas a n-abair
de bhriathraibh cealga gan éifeacht.



Is truagh nach agam-sa féin
atá roinn choda is bhéile,
do chaithfinn biadh agus deoch
níos mionca ná a dhéanaim.



Adeir cléireach na gclog liom-sa
go bhfuilim-se súighte i loc na bpian;
is é adeirim-se 's adubhart leis
nach leigfir chuca ceart ná rian.



Uch! a Fhinn, a chumainn, má's fíor
go bhfuil tú thíos i n-uaimh na bpian,
ná fulaing do dhiabhal ná do dheamhan
arm buaidhe ná cead a riain.



Mo dhainid chráidhte mar atáim
im sheanóir ársaidh, gan bhrígh, gan lúth,
's is truagh mhór anois mo chás
i bhfochair Phádraig 's a chlog go dubhach.


L. 229


Is tuirseach tláth dobhím de ghnáth
ag smaoineamh ar gháir na laochradh,
gan bheith ag éisteacht gutha gadhar
is le dórd seinnsach na Féinne.



Is minic mé go dubhach tláth
ag amharc Phádraig 's a chléire,
i n-a bhfochair gan biadh gan sámhas
níorbh ionann is fleádha na Féinne.



Is é biadh is mó ag Pádraig
cluig ag gláimh is ag béicigh,
a bhachall 's a leabhar trátha
is sléachtain ghnáith na cléire.



Dá mhéid a gcrábhadh 's a n-úrnaighthe
ní dhearcaim flúirse i n'éiric
acht tréadhnas fada agus ganntan
ar gcaitheamh abhlann is béile.



Is mór a ndóchas as a dtighearna
is deirid gurab fial a roinneann leo;
adeirim-se, dar mo bhriathar!
nach fíor iad is go gcanaid gó.



Gidh mór ghoirid ar thideal a dtighearna
go moch is go déidheanach i ngach ló,
bruscar bídh ná iar-ndisc dighe
ní amharcaim choidhche ar a mbórd.



Ní fheicim aca maighdean óg
ná bean phósta ná aontumha
le n-a mbeidís ag ceilt dobróin
acht uilileo na gclog ar siubhal.



Fiafruigheann Pádraig an channtlaimh díom-sa
- nach binn sin guth cléireach?
is deirim-se, ní is fior dom
nach binn is nach tréitheach.



Ní fheaca fuireann riamh mar iad
is lugha ciall agus éifeacht,
ag síor-channtlamh salm gan biadh
is a gcluig ag dian-bhéicigh.



Slán leat, a Oscair na lann nimhe
slán leat, a churaidh ghníomh-éachtaigh,
dá mbeitheá agam mar ursain
dobheadh ruaig druime ar an gcléire.



Uch! ní chluinim Oscar, mo chaoi!
's ní fheicim suim mo bhéile,
siansán salm am bhodhradh
ag amhastraigh is ag béicigh.



Is dubhach liom gan amharc Sceoláin
i ndeoidh comh-gháir na Féinne,
i n-am an fhiaidh a dhúiseacht
is meidhreach d'fhúiginn dá héil í.


L. 230


Slán leat arís, a Oscair na lann
gidh iongnadh leam nach éistir,
is gan tú fé smacht ag Dia ná ag deamhan
is nach tigheann tú ag dí-cheannadh na cléire.



Bíonn an cléireach 's a chléir gach nóin
ós comhair altórach ag sléachtain
ag déanamh úrnaighthe is cruadh-cháis
is Oisín tláth dá bhféachain.



Innis dom, a Fhinn mhic Cumhaill
cár ghaibh do lúth ná do rian,
is go bhfuil tú an fhaid seo amuich
is Oisín go bocht ameasc na gcliar.



Ní ghéillim go bhfuil ná go raibh
ná fós go mbeidh go deireadh an domhain,
diabhal ná deamhan dá thréine neart
ag gabháil chumais ós do cheann.



Acht cheana ní thugaim géilleadh
gidh deirid gur tréan an fear é Dia,
le glas Flaitheas leis go mb'fhéidir
tú a chlaonadh ná a chosc ded rian.



Uch! a Fhinn, tar féin is Oscar áigh
ameasc cléire Phádraig
is fágfam ar díth ceann iad uile
is coiscfeam na cluig buile ó ghárthadh.



Dorinnis-se féin is Oscar go minic
gníomh le cumas lamh neart-chruaidh
ná déineann cléir na leabhar
ná Dia na bhFlaitheas, ná Pádraig nua.



Ní rachadh aon neach díobh súd
ar Muir Ruaidh na dtréan-tonn toir,
mar a gcluintí an torann trom
a thugadh an tonn go spéir gan chosc.



Ní rachadh aon neach díobh súd
lá an fhóghmhair ar an gcnoc so thiar
n-a gcuirtí an phunnann go n-a cuibhreach
tríd an gcroidhe ag an duine siar.



Ní rachadh aon neach díobh súd
i gcomh-lúth le Tailc mac Treoin
an lá d'fhág sé siúd ar díth
is ag fuar-chaoineadh an mór-shlógh.



Uch! a Chonáin liosta mhaoil
créad nach tigheann tú dam fhéachain?
is go bhfaghthá cead grinn is millte
ar feadh líonmhaire na cléire.


L. 231


Tá an nóin i bhfogus dom
's cá bhfuil seacht gcatha na Gnáth-Fhéinne?
is iongnadh liom cá conair dóibh uile
is nach tigid dom fhéachain.



Is cian mé ag ochlán fá chumha
gan fleadh úr ná greann béile,
is gann dogheibhim ibheadh agus fuadh
's is fada fuar ó chéile.



Ba mhó fuigheall aon fhleidhe amháin
dár chaitheabhair tráth im fhochair
ná a bhfeaca riamh ag Pádraig
d'úr-fhleadhanna is de shochar.



An tan éirigheann Pádraig ar maidin
bíonn go tapaidh ag sléachtain
ós comhair altórach is Aifrinn
is cluig dá spreagadh ag cléircibh.



Is neamh-úr 's is neamh-fhairsing
a chaithid a mbeacht-bhéile.
ní bhídh ceolta ar bith aca
acht canntlamh sleachtana na cléire.



Ní bhíonn de fhriotal aca
acht Dia is Neamh is naomhthacht;
badh bhinne liom-sa go fada
glór caismeartha na Féinne.



Ní ghéillim, is ní chreidim Pádraig
adeir gurab deághthach Dia,
's gurab gann neamh-fhairsing bocht
do roinneas leis deoch agus biadh.



Adeir gurab é Dia roinneas go cóir
ar an domhan mór go coitchionn;
is é adeirim-se agus adubhart
nach furas súd d'aithint ortha.



Ar an ádhbhar dá mbadh fear Dia
a bheadh ag riar go coitchionn
dogheobhadh Oisín deoch is biadh
is ní bheadh gan riar badh chosmhail.



Adeir cléireach na gclog liom
go bhfuilim ar baois im ghníomhaibh;
adeirim-se fós leis-sean
nár badh slán eisean dá innsint.



Is deimhin má tá biadh ag Dia
dá mbeinn-se mar a bhfuil i n'fhochair,
go mbeadh sé lámh-neartmhar go leor
nó go ndéanfainn scór do bhronnadh.



Dá bhfaghainn-se amharc ar an mbiadh
ag deamhan ná ag diabhal dá chumas
is dóigh liom, gan cead do Dhia
go mbainfinn mo riar as go furas.


L. 232


Is amhlaidh do ghéillfinn go bhfuil Dia láidir
dá mbeadh biadh comhpháirteach againn araon
agus eisean le buadh neart láimhe
do chosnamh an iomláine dho féin.



Dá mbadh dhóigh liom go bhfuil Dia ann
do chuirfinn canntlamh dá láthair
is má tá sé deághthach ná duineamhail
tabharfaidh sé sprionn aráin dom.



Tíodhlaic súd dom, a Dhia mhóir
- cuid ded phroinnibh mísle;
acht creidim gurab díomhaoin mo ghlór
's gurab gann sóghltas do thíre.



Dá mbeinn-se i bhfochair Dé thuas
is biadh muar a bheith 'na thimcheall
badh dhoiceamhail do mé ruagain
go bhfaghainn uaidh cion cuibhrinn.



Dá mbeinn-se socair leis an bhFéinn
gibé ionad i n-a mbíd,
dá bhfaghainn eolas ar Dhia
do chaithfeadh cuid den bhiadh a roinn.



"Éirigh, a Oisín," ar Pádraig na mbachall
"is éist le cantain na cléire."
adeirim-se dá fhreagairt go cruaidh
"nár badh slán uaidh mé, a chléirigh."



Adeir seisean liom go dána
"Éist le hAifreann na gcliar gcáidh."
adeirim gurab measa liom go mór
gan Fionn 's a shlóighte ar fagháil.



Atáim gan fonn, gan fiadhach, gan ceol
ameasc Phádraig 's a chléire
ag ochlán is ag deor-chaoi de ghnáth
ag iarraidh scátha na dtruaill-chléireach.



Dá mbeadh ceannas agat-sa, 'Dhia
ní fhágfá mise im aonar
i bhfochair Phádraig na haithise
ceann feadhna na gann-chléire.



Mo chumha anocht go ró-mhór
is ní chanaim ró-bhréige,
tabhraidh toradh ar mo ghlór
agus lom-ró-scrios na cléire.



Is iongnadh liom má's agat, a Dhia
atá riar ar an gcléir seo
nach coisceann tú iad ar sheordán
agus méadughadh ar a mbéile.


L. 233


Má's amhla mhéaduighir-se do bhuidhean
le glór clog is canntlamh salm
ní hiongnadh liom-sa do chuid bídh
do sheasamh choidhche gan caitheamh.



Ní ghéillim-se, gidh mór briathra Phádraig
ag cur do chlú-sa, a Dhia chomhachtaigh,
dá mbeadh agat deoch ná biadh
go mbeadh do chliar gan sóghltas.



Minic a chonnarc aon fhleadh amháin
i gcúirt ríogh mhóir na Féinne
dob fhearr ná a raibh riamh ag Pádraig
is ag iomláine na cléire.



Ní Dia tú a thuigeann m'ocras
gidh fada mé ar tréadhnas;
dar mo bhriathar ní hiontuigthe
gurab furas duit a réidhteach.



Uch! cár ghaibh an Fhiann uile
nach tugaid gléacht ar Oisín truaighe?
is iongnadh gan cead diabhal ná deamhan
nach tagaid ann anois ar cuaird.



Tréigfead feasta bheith ag cruadh-chás
an tan nach faghaim toradh ar mo ghlór;
d'fhúig an Fhiann mé fá ochlán
's ní thuigid ceasnán mo dhobróin.



Dá mbeinn-se amhail dobhíos tráth
ní ghoirfinn go bráth oraibh mar Fhéinn;
do bhainfinn ceart do Dhia nó do dhiabhal
is ní bheinn gan biadh idir an chléir.



Uch! slán libh, a Fhinn 's a Oscair
slán le tús is deireadh na Féinne,
gearr-shaoghal do Phádraig
is chun iomláine na cléire.



Uch! a Fhinn na bhFiann is na slógh
a Oscair na ngleodh, mo mhac.
an bhfuil sibh beo nó cá tír daoibh
agus Oisín gan gníomh ná neart?



Uch! is mise an seanóir críon
ar easbaidh bídh, dighe is suain,
fé leathtrom Phádraig 's a chliar
i n-easbaidh, i gciach, 's i dtruaighe.


L. 234


Uch! is truagh, monuar! an toisc
mise ar ceal anois ón bhFéinn
ag éisteacht le seordán clog
monuar-sa! anocht ní séan.



Uch! a bhuidhean chatha ba thréan
ba mhór bhur mian laochais seal;
cár ghaibh bhur ndúthchas ba dhual
d'Oisín, nach truagh libh a mheath?



Uch! is díombádhach mo chríoch
ó chailleas mo bhrígh is mo neart,
gan fiadhach, gan fonn im dháil
ag smaoineamh ar áilleacht na bhfear.



Uch! gidh deir Pádraig ón Róimh
an Fhiann, gan gó, nach mairid,
ní tuigtear liom gur fíor a ghlór
is níl mo speois i mbrígh a shalm.



Uch! cár ghabhadar na fir ba thréan
nach tigid i n-éisteacht is mé chabhair,
a Oscair na mbuadh-lann ngéar
triall is réidh ón mbroid seo t'athair.



Uch! a Fhinn, atá fós id dháil
gibé áird 'n ar duit 's dod shlógh,
ná bí mall, leat níor ghnáth
i gcill gan arán is mór mo bhrón.



Uch! cá bhfuil Mac Lughach tréan
ba ghníomh-éachtach i n-am gleodh?
triall le cách nó gan iad
ba mhinic leat riar go sóghmhail.



Uch! a Dhiarmaid na mban go léir
lér mhian bheith caoin fairsing fial,
is iongnadh liom nach dáilir truagh
is mé gan luadhail ameasc na gcliar.



Uch! a Chaoilte† ghrinn †mhic Rónáin
ba thréan lúth, gaisce agus gliadh,
dob éadtrom rith agus comh-rás
smaoin ár bpáirt is orm triall.



Uch! dá mbeinn-se i bhfochair na bhFiann
is neach den bhuidhin do bheith gan arán
amhail atáim-se i gcill na gcliar
dobhéarfainn iarracht air i dtráth.



Uch! is truagh sin 's is dobrón géar
an té gan réim do chleacht gach mian
do bheith anois 'na sheanóir bhaoth
gan fleadh ná féasta, deoch ná biadh.



Uch! nach truagh sin púdhar mo scéil
ag déanamh tréadhnais i gcill na mbocht;
teirce aráin is ganntan dighe
d'fhúig gan bhrígh, gan neart, mo chorp.


L. 235


Uch! a chliar, is mairg, tráth
do thuit 'nbhur ndáil-se go dealbh,
gan tuairisc Fhinn ná 'shlóighte im dháil
'sé d'fhúig gan áird mo chruth le fada.



Uch! a Fhinn, is iongnadh an cás
má's Ifreann áitreabh daoibh nó Flaitheas,
deamhan ná diabhal dá threise lámh
bhur mbuadh d'fhagháil gan teacht fám ghairm.



Uch! is dearbh gur scéal gan gó
i bhFlaitheas mór na gcliar má's daoibh,
má's tugtha géilleadh d'fhear na Rómha
le Dia nach dóigh gur muirear sinn.



Uch! dá mb'fhíor a n-abraid siúd
a mbachall úird 's a leabhar bán,
do-chífinn breis, barr nó suim
de ló nó d'oidhche ar a gcuid aráin.



Uch! mo shlán indiu is de shíor
libh-se, a bhuidhean ba fhlúirseach arán,
ní ghoilfinn fá Dhia ná fán gcléir
dá mbeinn ar aon chor 'nbhur gcomhdháil.



Uch! a Chonáin† liosta †Mhaoil
ba mhór mí-ghníomh agam-sa seal,
anois ní maise m'agairt tríd
tar le saoirse is réidh mo ghlas.



Uch! a chlanna Mórna mear'
dob fhearr searc agus méin,
nach truagh libh Oisín fá smacht
ag Pádraig nach ait 's a chléir.



Uch! i n-ionad gutha gadhar
ba bhinn meadhrach gach maidean
seordán clog, ceol nach caomh liom
is canntlamh cléire gan aiteas.



Uch! i n-ionad seilge is fiadhaigh
'na raibh mo mhian is mo thnúth,
uaigneas fada gan arán
gidh deir Pádraig - "Déan go subhach."



Uch! i n-ionad catha is gleodh
'nar ghnáth mo speois is mo thaithneamh,
bachall Phádraig dá hiomchur
's a chliar-chomplacht ag caismirt.



Uch! i n-ionad fleadh is féasta
fuaireas féin mar chleachtadh,
tréadhnas fada óm bhéile
do scuabfadh gaoth tar sleasaibh.


L. 236


Uch! 'sé deirid liom de ghnáth
nach arán is maith le Dia
acht iomad úrnaighthe agus tréadhnais
dá chéird nár leanas riamh.



Uch! is doiligh liom go fíor
Fianna Fhinn má táid beo
go gcluinfidís mo cheasnaighil
's nach cuirfidís suim im ghlór.



Uch! is dóigh liom gur dearbh fós
dá mbeidís beo anois le fagháil
nárbh fholáir go gcluinfidís mo ghlór
agus triall dom fhóirthin gan spás.



Uch! ní ghéillim do rádh na gcliar
Fionn 's an Fhiann gan bheith beo,
go mb'fhearr dom féin mar charaid Dia
ná bheith mar iad ná 'na gcomhair.



Uch! dá bhfaghainn-se mo mhian
ní shéanfainn ar Dhia go deo,
ar Phádraig, ná ar a chléir
go leanfainn le chéile an slógh.



Uch! do leanfainn Fionn gan spás
is Oscar áigh, mo leanbh grinn,
gidh nach léir dóibh mo chrádh
is mé ar fán ar easbaidh bídh.



Uch! do leanfainn Caoilte go mear
is Diarmaid na mban do bheith linn;
do leanfainn Goll mac Mórna na gcath
is ní bheinn i bhfad i gcill Chríost.



Uch! do leanfainn gach neach den Fhéinn
i gcath dá thréine go tapaidh,
do thréigfinn dóibh cill is órd
Pádraig ón Róimh 's a bhachall.



Uch! do leanfainn neach ar bith
dobhéarfadh me ó ghlas na gcliar,
gidh mór mholaid gach tráth
a gcumann 's a bpáirt le Dia.



Uch! is éascaidh is is umhal
dorachainn chugat, a Dhia,
dá bhfaghainn radharc ar Fhionn
nó go bhfaghainn flúirse den bhiadh.



Uch! ní léir dom créad do-dhéan
an Fhiann má thréigid mo chor;
ní fheadar cá leanfainn a rian
d'fhúig sin mé im iarsma go docht.



Uch! mo léir! cár ghaibh mo lúth
radharc mo shúl ná mo rath,
éisteacht mo chluas, mo rian siubhail
cár ghaibh súd anois ní feas.



Uch! a Dhia thug Pádraig don chléir
iarraim féin ort le gean
gan féachain ar an arán go caol
ós dom ar tréadhnas 'na measc.



Uch! dár riar flaith na bhFiann
uch! de bhiadh dob fhairsing stór
uch! dá shluagh is calma gliadh
uch! a Dhia, cár ghabhais leo?


L. 237


Uch! a Dhia innis dom, tráth
is bead-sa i bpáirt leat sa rún,
an bhfuil Fionn 's an Fhiann id dháil
uch! má táid is iongnadh liom.



Uch! a Dhia aitchim arís
féach mo ghnaoi is ná ceil do rún -
má tá Fionn 's a shlóighte id thír
mé thriall 'na slighe nó a leigean chugam.



Uch! a Dhia, adeir Pádraig
gur flaith tú atá fairsing fial;
is pras do ghéillfinn dá ghlór
acht dá mhéid abrann is tearc a bhiadh.



Uch! a Dhia má's truagh leat seanóir
féach gach nóin orm anuas
is do-chífir cúis mo ghearáin
go dubhach tláth gan biadh 's gan suan.



Uch! a Dhia is tuirseach atáim
i ndáil Phádraig gan mheas,
Fionn is an Fhiann uaim ar fán
is uatha gheobhainn cion is fleadh.



Uch! dá mbeinn-se amhail bhíos
i n-aimsir sceimhle Chnuic an Áir,
muna bhfaghainn réir is riar
do chuirfinn do chliar bhocht ar fán.



Uch! dá mbeinn-se i neart 's i lúth
mar bhíos gan pudhar i Cuan Fionntrágha,
ní bheinn 'om bhodhradh i gcill na gclog
's do chuirfinn cosc ar a gcrónán.



Uch! dá mbeinn-se i dtapadh-bhrígh
amhail bhíos ar Faithche Chanáin
'gus Fionn 's a shlóighte lem thaobh
ní bheinn ag éisteacht a ngláimh.



Uch! dá mbeinn-se amhail bhíos
i gcath nó i gcoimheascar riamh
ní ghéillfinn do Phádraig gan chéill
atá gan réim, gan deoch, gan biadh.



Uch! dá mbeinn-se ameasc na gcliar
an tan do thriall chugainn Tailc mac Tréin
ní fhágfainn ceann ar bhrághaid
dá bhfuil ag Pádraig, ná air féin.



Uch! a Dhia má's tú ghaibh neart
ar Fhionn na bhflaith is ar an bhFéinn
do leanfainn do cháil go fial
acht mo bhreith mar iad ón gcléir.



Uch! a Dhia is aoibhinn réim
má's fíor dod chléir gur dearbh leo
gur fád smacht atá an Fhiann
bí go fial fairsing leo.


L. 238


Uch! a Dhia, dob aoibhinn mé
dá mbeinn ón gcléir i bhfochair Fhinn;
is do réir mar curtar do thásc
dogheobhainn uait arán sa roinn.



Uch! a Dhia, atá ar neamh na n-órd
tuigim fós má's fíor don chléir
go bhfaghainn uait breis aráin is dighe
sin dá ní 'na bhfuil mo spéis.



Uch! gidh táim gan léim gan lúth
go dealbh, dubhach ar easbaidh riain,
is éascaidh mear do leanfainn Fionn
ní cóir duit diúltadh dhom, a Dhia.



Uch! 'sé mo mhian is tuigthe, tráth
Fionn im dháil dá mbeadh 's an Fhiann,
do chuirfinn Neamh as mo láimh
is gan scáth do leanfainn iad.



Uch! a Dhia, do-bheir gach aisce
má's fíor a n-abair ceap na gcliar
ná glac fearg trém ghrádh d'Fhionn
nár chumhduigh riamh go tearc an biadh.



Uch! is dearbh liom, a Dhia mhóir
nach cluinir mo ghlór, le gnaoi
's go gcuirir d'fhiachaibh ar an bhFéinn
chun Oisín atá féidh, gan tidheacht.



Uch! a Dhia, ná déin mar súd
glac id chúirt mé fá ghreann,
's má's ann agat atá an Fhiann
is ró-shúgach a bheinn 'na gceann.



Uch! mar thréigeas neart is lúth
radharc mo shúl, is mo chéadfadh lag,
nó is fad' ó shin, a Dhia na ndúl
nach beinn ag tnúth le dul id theach.



Uch! dá mbeadh agam-sa siubhal
dorachainn le conncas chugat suas,
is muna bhfaghainn fáilte na bhFlaitheas
níorbh fhuras as mo chur anuas.



Uch! dá dtaithneadh liom an áit
is nach faghainn fáilte ar mo chuaird
dobhéarfainn do Dhia mo lámh
nach tiocfainn gan ár anuas.


L. 239


Uch! má rugadh buadh ar Fhionn
is doiligh liom 's is olc an scéal,
is is ró-mhór m'iongnadh tríd
má's tidheacht ar neamh don Fhéinn.



Uch! dob ionann liom gan gó
dá mbadh beo anois don Fhéinn
dá bhfaghainn a n-amharc arís
is fada ón gcill dobheadh mo spéis.



Uch! a Fhinn, cia rug ort buadh?
uch! a Oscair, cár ghaibh do thréin'?
uch! nach airigheann sibh Oisín uaibh?
uch! is truagh mar chanaim scéal.



Uch! ní deamhan, uch! ní Dia
uch! ní gliadh, uch! ní slógha,
uch! a rug oraibh buadh
acht geasa cruadha d'bhur gcur ar feodh.



Uch! a Dhiarmaid, do chabhair go minic
ar gheasa bhriseadh 's chur ar gcúl,
is iongnadh liom as mhéid bhur ngliocais
nach tigeann sibh le cruinneas chugam,



Uch! ní mheasaim, uch! ní fíor
uch! gur daoibh i nglasaibh cruadha.
iongnadh liom créad thárla dhaoibh
is Oisín gan suim gan buadh.



Uch! a Dhia, is fonn liom fós
iarracht dóchais do thabhairt ort
acht gur fhúig easbaidh an lóin
gan bhrígh gan treoir mo chorp.



Uch! a Dhia, uch! a Dhia mhóir!
cluinim gach nóin anois do thásc;
uch! ó táir go duineamhail fial
cuir chugam iarracht toirteamhail aráin.



Uch! a chliar is mairg atá
ag feitheamh bhur n-aráin 's bhur ndighe,
is gach a bhfeaca de bhur mbladh
gur mhó aon lá fleadh Fhinn.



Uch! is truagh, ón, uch! is truagh
Oisín dubhach sa chill fá ghruaim;
uch cár mhiste gach díth
acht fán Fhinn is a throm-shluaigh.



Uch! níor dhíth liom ná easbaidh
bheith gan acmhuinn, neart nó lúth,
acht íota tarta is troscadh fada
do ghoid mo thapadh ó thréigeas Fionn.



Uch! ar smaoineamh dom ar ghníomh
an tan bhím ar leabaidh gan suan
is éagsamhail an bheart liom
Dia dhom ghnúis nach glacann truagh.



Uch! arís nuair chluinim an chléir
is gan m'anacra féin do luadh,
ná trácht ar Fhionn ná ar an bhFéinn
badh mhaise é do Dhia mo thruagh.


L. 240


Uch! a Dhia, is cosmhail an bheart
go bhfuilir i bhfad ós mo chionn,
is go bhfuilim-se i bhfad síos
is nach fuil mo shuim ó chailleas Fionn.



Uch! dá mbeadh Fionn is an Fhiann
agam-sa, a Dhia, uait anuas,
lem ré ní scarfainn riú
's ní bheinn i gcumha gan dul suas.



Uch! a Dhia, má táir i bhfeirg
ón ngrádh do-bheirim do Fhionn
ní curtha i bhfáth mo ghlór
easbaidh mhór a bhaineas liom.



Is fada mo chasaoid bróin
's gan toradh ar mo ghlór ibhfus ná thall,
acht ní hiongnadh liom Dia
seach an Fhiann uile is Fionn.



Uch! a Dhia, ó's éigean dúinn
bheith go dubhach gan an Fhiann;
ó's agat-sa atá do radharc
féach is leigheas anois mo chiach.



Uch! an uair thigheann mo bhéile
is smaoinighim ar fhéasta Fhinn,
is iongnadh liom croidhe cloiche
nach glacann dolaidh trém chrích.



Uch! dá bhfeiceadh Fionn 's an Fhiann
mo bhéile-se ar iar-nóin
deamhan ná diabhal dá dtáinig riamh
ní choiscfeadh óm dháil a dtreoir.



Uch, a Dhia, do réir do tháisc
níl teirce aráin ná dighe ort;
is ó tá truagh is taise id dháil
roinn le páirt Oisín bocht.



Uch! a Dhia, atáim i ngábhadh
is an Fhiann óm dháil ar ceal;
d'éistfinn le guth na gcliar
dá bhfaghainn riar mar badh cheart.



Uch, a Dhia, an aithnid duit
nó an gcualais mo theist ar an bhFéinn?
cuirfead críoch ar mo rádh
is mar gheibhim arán ón gcléir.



Uch! is mise Oisín mac Finn
gan fonn, gan gnaoi, ag comhaireamh cloch;
gibé uair dogheibhim an greim
is fada arís go bhfaghaim an deoch.


L. 241


B 1798-1844ls 18D
U Anaithnid
BUILE OISÍN
i ndiaidh na Féinne.



Fionn fairsing fial,
barr gaisce bhfear bhFáil,
rí mórdhálach caomh
fa mór ag díol dámh.



A chroidhe oscailte mear,
is é fa maith luadh;
Fionn fír-ghlic Fáil,
fáidh fa mór buadh.



Fa glan gorm a rosc
a fholt mar an ór,
scéimh an ríogh fa buan
a ghruadh mar an rós.



Gach bean lán dá shearc
a chneas mar chailc bháin,
mac Muirne fa caoimh
Fionn, rí na n-arm n-áigh.



Trí chéad orgán binn
i dtimcheall Fhinn go bhfuil,
is trí chéad uinge óir
de chionn gach ceoil díobh sin.



Níor leig mo rí rosc
ná duain as gan ní;
dá mbadh olc gach ceol
dobheireadh ór dá shaoi.



Dob é uaigneas mo thréith
an tan bhámair féin ann -
cath eagar gan bhrón
fá ól nacharbh fhann.



Dochonnarc lem linn
ag Fionn flaith gach n-óil
deich gcéad corn go bhfleascaibh
fá n-a gcneasaibh óir.



Dobhí dá bhruidhin déag
fa lór a méad i ndún,
ag mac inghine Taidhg
ó Almhain na bhFiann úr.



Dobhí dá chéad de thinte
go cinnte ann gach tigh,
fear is céad gan gainne
fó gach teine díobh sin.



An tan tógtaí fíoch
na laoch sin le feirg
do choisceadh Fionn le haon-uair
gémadh mór a meirg.


L. 242


Ní thug éaradh do thruagh
ná diúltadh do shaith;
uch, fa maith gach cúis
dár ghaibh Fionn na bhflaith.



Imirt do-ghníodh Fionn
go grinn leis an bhFéinn -
iad uile bheith in' aghaidh
's gan aige acht é féin.



Dobhí aon-bharr áigh
ag an bhfáidh ós ár gcionn;
ní raibh ar talamh nithe
gan a bhfios ag Fionn.



Ní dheachaidh mo thriath
i ngliadh ná i gcath
gan deich gcéad sciath dhearg
go harad leis an bhflaith.



Meirge suaichneach sróill
is árd-chrann óir faoi,
trí chéad fear nár mheathta
fá bhrataigh mo ríogh.



Deich gcéad sciath órdha
noch d'fhóirfeadh gach scim,
is deich gcéad sciath uaine
ar gach gualainn dinn.



Deich gcéad sciath ghorm
ar lorg Fhinn na bhFiann,
ailm óir ar gach fear
ann gach cath 'na dhiaidh.



Deich gcéad sciath ghléigeal
fá riaghail mhic Muirne,
ann gach cath dá mhire
ní bhíodh time oirne.



Ag sin an dara cath bríoghmhar
dob fhearr faoibhear feidhme;
is leo do gabhthaí a gcongnamh
i n-am tornaimh go deimhneach.



Gidh táim-se fá bhrón
's mé gan treoir gan neart,
bhíodh fiche céad sciath
ann gach gliaidh lem mhac.



Dob é sluagh Chlainne Rónáin
le mór-dháil mhic Muirinne -
deich gcéad sciath nár mheathta
b'é a bhfreastal chuguinn-ne.



Gidh táim-se fá bhrón
's mé gan treoir anocht
théigheadh fiche céad de shlógh
liom i ngleo gan locht.



Dobhídís Clanna Smóil ngrinn
dom bhuidhin ann gach ród,
deich gcéad sciath nár thim
ag teacht linn ann gach gleo.



Ag sin an ceathramhadh cath
ba mhó maitheas linn;
gidh táim-se dá n-innsin
ní liom-sa nach tinn.



Dob é éirghe-amach mic Eitiodhain
fá riaghail mhic Muirinne -
deich gcéad fichead tréanfhear
ann gach aon chath chuguinn-ne.



Ag sin an cúigmhadh cath
dobhí ag flathaibh Fáil,
nárbh áil gan bheith romhainn
ann gach foghail áir.



Cuid eile dár sluaghaibh
fianna buadhacha Breatan,
ocht gcéad déag an congnamh
dobheirdís dúinn i gcathaibh.


L. 243


Dá chéad déag fear Lochlann
dár sochraid fá mhaise
do fhreagradh mac Cumhaill
go humhal re gaisce.



Ag sin an seiseadh cath
ba mhó maith agus réim,
is ba mhó cion de ghnáth
ag Fionn Bán féin.



Thigdís fir chruadha Shacsan
nach fuair bascadh catha,
an seachtmhadh cath eile
fá mheirge na flatha.



Thigdís clanna Duibh-dhíorma
ann gach íorghail ruaidhe,
trí mhíle gan cheilg
ar gach leirg mbuaidhe.



Ag sin an t-ochtmhadh cath
fa mó maith agus nimh;
is leo do gabhthaí neart
ar gach treabh san mbith.



Dothigeadh chugainn ó Albain
gidh ba chalma de dhaoine -
cath eile gan eagla
is é do fhreagradh mo rí-se.



Ag sin an naomhadh cath
ba mhó meanma i nÉirinn,
nach tug troigh ar gcúlaibh
ó mhac Cumhaill na mbéimionn.



Dothigeadh ua Duibhne déid-gheal
's a shaor-mhaicne ba theann -
deich gcéad fichead tréan-fhear
ann gach aon chath 'nár gceann.



Dothigdís clanna Dubháin
i gcomháireamh ár sluaigh -
trí mhíle gan cheilg
ar gach leirg go mbuaidh.



Aon chath déag gan doghraing
ba chobhair ar gach scim,
dob é sin a gcóimh-éirghe
ag teacht i n-éinfheacht linn.



Dob iad an mhuintir ait
dobhí fá smacht mo ríogh;
dob áidhbhseach a méad
nuair doghnídís féin síoth.



Gidh toirneadh mo lúth
mo chlú is mo spéis,
ó nach fuilid beo
ní binn ceol dá n-éis.



Dobhí flaitheas m'athar
i gcathaibh 's i ngléidhthibh
gan rí ós a chionn
dar liom acht Rí gréine.



Ba shéimh ar gach árd
's é b'fhearr ná gach fear
B'é fear gacha cuirm
mac Muirinne mear.



Fa aon-mheadhar chródha
fa lón gach céille,
dochuaidh srian ar m'intinn
tar éis Finn na Féinne.



Atá Fódhla gan chéile
dochuaidh a féile ar gcúlaibh;
tar éis Finn do bheith marbh
tá Banbha gan congnamh.



Tan tógtaí gach anfadh
ní raibh fear ba thréine;
ba choinnmhidhe ar chathaibh
is ba chathaidhe ar chéadaibh.


L. 244


Fa aon-tor tar chách
fa é ár gach sluaigh,
fa é an croidhe fial
rí na bhFiann go mbuaidh.



Fa maraidhe é glan
fa gean ris gach gairm,
fa nua gacha lán
fa grádh gacha hairm.



Ós gach fear a mhéad
's a mhéad gan bheith ann,
ar gach rígh ba thréan
b'é an ghéag ós gach crann.



Níor thuill mo rí guth
's é b'fhearr cruth san bhFéinn,
dobhíobh deich gcéad dámh
do do ghnáth-sheinnim téad.



Dobhádar trí chéad ollamh
gan obadh 'na thigh;
ní raibh ann, a Phádraig
fear dob fhearr ná sin.



Le n-a mhuintir fa maith
gach cath is gach gliadh;
gach áit 'na mbíodh gleo
ní bhíodh puinn beo 'na ndiaidh.



Is leis do biadhthaí baidhbh
is do hiadhthaí gach uaigh,
ceann cumhduighthe na gcath
Fionn flaith na mbuadh.



Fa gasta fá sciath
fa triath ann gach seilg
fa file, fa rí
fa saoi ann gach ceird.



Do theagaisc mo rí
an tslighe fár chaoimh deilbh,
fa draoi é is fa flaith
ann gach cath níor mheirbh.



Fa marcach é grinn
fa binn leis gach cliar,
is do tógtaí gach neart
fó theacht ríogh na bhFiann.



Fionn flaith an óir
fó mbíodh an t-eo fis,
fa scol ris gach ceol
níor chóir tagradh ris.



Le gach anbhfainn ba mhín
is le gach righ ba thréan;
níorbh é an breitheamh claoin
ba chuibhe ameasc mbé.



Ní tháinig dá ghráinne
ná go háirithe daoi
ná dá olcas neach
as a theach gan ní.



Ní ghairmid díom ach bú
is mé an trú gan chiall,
is mé an sean-laoch gan chrích
tar éis Finn na bhFiann.



Do traochadh m'aigne árd
ós marbh don Fhéinn;
ó do claoidheadh mo rí
d'imthigh mo ghnaoi féin.



Ag sin díbh mo bhuile
mar aon le tuile déara
do chaoineadh Finn láidir
nach tug ar dháimh éaradh.



Is truagh nach deachas d'éag
nuair bhíos féin le n-a linn;
a Phádraig na mbuadh
ag sin áireamh sluagh Fhinn.


L. 245


B 1819-42ls 19T
U Anaithnid
AITHRIGHE AGUS BÁS OISÍN.



Ná bí feasta ag luadh na bhFiann
acht goir ar Dhia, a chrín-seanóir,
anois má's mian leat triall dá dhún
goir air chugat gach am den ló.



Má gheallann tú dhom gan gó
triall liom go fóill dá dhún súd
ní bheidh mé ag luadh ar an bhFéinn
go dtigeam araon tar ais fá lúth.



Má's triall don dún úd dúinn
ag amharc ar ghnúis Ríogh na nGrás
a Oisín, innsim duit go hait
nach fillfeam tar ais go bráth.



An tan do thriallfam annsúd
a Phádraig, fúig-se ibhfus an chliar,
is iarr ar Dhia na mór-fheart
fios do chur ar theacht na bhFiann.



Ná cluinim feasta tú dá luadh
ar imtheachtaibh shluaighte Fhinn,
ná ag iomcháin ar Dhia na nGrás
is éistfidh sé tráth led ghuidhe.



An éistfidh sé lem ghuidhe-ghlór
Fionn 's a shlóighte theacht dá dhún
má déantar liom a réir féin
's do réir-se mar an gcéadna, go triall dúinn?



Éistfidh sé leat ag déanamh a réir
is molfaidh tú féin gurb í an chiall;
ní bheidh ort easbaidh ná brón
ag caitheamh na glóire i ndún Dia.



Iarraim-se ar Dhia ar dtús
sul rachad dá dhún le teann,
flúirse chur chugam den arán
- cár ghabhais, a Phádraig, anois uaim.



Táim-se i bhfogus duit, 'Oisín
créad an ghuidhe seo agat dá luadh?
is cosmhail anois led ráidhte
go dtiubhrair grádh don fhear thuas.




L. 246


Do-bhéarfad do grádh gan ghuais
a Phádraig, ní luadhfad bréag,
má chuireann chugam an t-arán
go triall dá árus dúinn araon.



d'órduigh Pádraig dá mhnaoi thighe
flúirse dighe agus fós arán
do chur chun Oisín truaighe
go dtuigeadh go bhfuair ó Dhia na ngrás.



An tan do mhúscail Oisín mac Finn
is prap do shín a lámh ar cuaird.
dofuair an deoch 's an t-arán
do chaith a sháith 's do mhol an Fear thuas.



Dobhí Pádraig i bhfogus dó
's do thaithnigh leis an glór dá luadh.
rug a bhuidhe le Dia na naomh
Oisín saoibh-chéille do theacht anuas.



Do scairt Oisín ós árd-ghlór
ar Phádraig na Rómha go luath;
tháinig an cléireach ar ball
's labhair leis ceannsa an fear truaighe.



Is maith an fear é do Dhia
a Phádraig 's is fial dar liom féin
do chuir chugam an tsáith aráin
is deoch 'na dháil le héirghe lae.



Má's mian leat-sa, 'Oisín truaighe
bheith go buan i searc-pháirt Dé,
ná caith feasta iomad den bhiadh
ní hionmhain le Dia an craos.



Uch a Phádraig, nach cuimhin leat
do bhriathra le seal ar an Dia úd;
is dearbh má's labhartha fíor
nach cuirfidh i suim an biadh roinnt liom.



Do gheallas is cóimhlíonfad súd
gan trácht ar Fhionn ná ar an bhFéinn;
níor gheallas duit nach iarrfainn arán
ar Dhia na ngrás má gheibhim é.



Ní tuigtear liom gur dainid ná díth
duit-se go fíor ná dod chléir,
Dia fial ó tá aige an t-arán
é roinnt gach tráth liom féin.


L. 247


Buail t'ucht is féach suas
is goir go cruaidh ar thabharthas Dé;
is gearr uait triall an bháis
ná cluinim iomcháin ná labhairt saobh.



Uch, a Phádraig, dá mbadh dhóigh liom
nach geobhadh an Dia úd fearg tríd
is fada 's is díomdha mór liom
gan trácht ar shluaightibh Fhinn i ngníomh.



Ná labhair ar Fhionn ná ar an bhFéinn
nó geobhaidh Mac Dé leat fearg tríd;
ní leigfidh tú dá dhún go bráth
's ní chuirfidh chugat arán gach laoi.



Dá labhrainn ar Fhionn 's ar an bhFéinn
eadrainn araon, a Phádraig nua,
acht amháin gan labhairt ós árd
ní chluinfeadh go bráth sinn dá luadh.



Dá ísle do luadhfaimís
ar shluaightibh Fhinn, a ngníomh 's a gcáil,
ní bheadh a n-ainbhfios ar Dhia
bíonn fios ár mbriathra aige de ghnáth.



Is uaigneach doiligh an díombáidh
liom-sa, a Phádraig na naomh-chliar,
gan labhairt go minic ar an bhFéinn
is fúigfead é má's fearg ar Dhia.



Ná luaidhtear leat ní ar bith
leath amuich de thabharthas Dé
nó má bhír ag luadh ar chách
ní triall duit tráth go teach na naomh.



Déanfad-sa, a Phádraig, a réir
ar Fhionn ná ar an bhFéinn ní luaidhfead
ar eagla feirge chur 'na dháil
má's gnáth leis a bheith gruamdha.



Ní bheidh i bhfeirg ná i ngruaim
leat-sa acht gan luadh níos mó
ar do shaobh-ráidhtibh síor-ghnáith
is ionmhain leis tráth do ghuidhe-ghlór.



Guidhim-se an Dia úd gan spás
guidhim gach tráth é, gach uair de ló,
muna ngeobhaidh fearg ná gruaim
mo thriall leis suas go dún na n-ógh.


L. 248


Is dearbh liom-sa, 'Oisín truaighe
gur maith do luadh anois le Dia;
is ionmhain leis do ghuidhe-ghlór
- ná labhair níos mó ar Fhionn na bhFiann.



Monuar, a Phádraig, is truagh an scéal
gan labhairt ar éachtaibh Fhinn na slógh
is iongnadh liom go ngeobhadh fearg
Dia na bhFlaitheas trém thruagh-ghlór.



Le linn na mbriathar san do rádh
d'Oisín ársa dob ionmhain dúil
do mhothuigh sé an chéad shaighead ghéar
do chaith an t-éag fá n-a chlúid.



A Phádraig na mbachall mbán
innis gan spás d'Oisín truaighe
créad an módh ar a dtig an bás
leat is gnáth bheith dá luadh.



An eagal leat a thriall chugat
a Oisín, do rún ná ceil tráth;
má chír i bhfogus a thriall duit
a thruagháin, goir ar Dhia na ngrás.



Do mhothuigheas amhail goimh ó bhéim
ag saighid im thaobh go cruaidh;
do chuimhnigh mé ar theacht im dháil
don daol-bhás a bhír a luadh.



Is dearbh liom-sa, 'Oisín truaighe
gur saighead é sin ó ghuais an bháis,
's go dtiocfaidh saighead eile 'na dhéidh
doirt do dhéar ar Dhia na ngrás.



A Phádraig dá n-iarrainn ar Dhia
an bás do thriall uaim seal fós
ar bhaoghal dom a fhearg do luadh
is doiligh 's is truagh anois mo bhrón.



Guidh Dia mór na n-uile ghrás
anois is gach tráth ar feadh do ré
méadughadh ar ghoimh do phéine
is t'anam do shaoradh ón mbreith ndéin.



Uch a Phádraig, is truagh an scéal
athchaint Mhic Dé fá mhéadughadh bróin;
is leor do sheanóir an phian mar tá
gan tuilleadh 'na dháil, a fhir ón Róimh.




L. 249


Ná habair sin, a Oisín ró-thruaighe
tiocfaidh ort guais an bháis go grod;
déin do shíothcháin le Dia mór
roimh theacht bróin 's anbhuaine ort.



Dob fhearr liom-sa, a Oisín truaighe
tú d'amharc suas ar Dhia go fíor
is 'athchaint fá mhaitheamh t'ainriain
ná bheith ag iarraidh tuilleadh saoighil.



Iarr fós orm-sa 's ar an gcléir
maitheamh i ngach saobh-ghlór
dár chanais leo agus liom gan chúis
's ná cuimhnigh ar Fhionn ná ar a shlógh.



Iarraim maitheamh ar Dhia ar dtús
is ort-sa fá rún, a Phádraig nua;
ní iarrfad maitheamh ar an gcléir
ní cuibhe dhuit é do bheith dá luadh.



Muna dtugair maitheamh do na huile
a Oisín, ní cuibhe dhuit féin
maitheamh d'iarraidh id chiontaibh móra
anois ná go deo ar Aon-mhac Dé.



Maithim duit-se agus dóibh súd
a Phádraig, ó rún mo chléibh,
is creidim gurab fios do Dhia
nach iad an chliar do thuill uaim é.



An feasach duit-se, a Phádraig
an mbeadh gráin ag Aon-mhac Dé
orm dá dtráchtainn ar Fhionn
acht gan labhairt dúinn ar thuilleadh den Fhéinn.



Ná labhair is ná trácht ar Fhionn
ná fós, gidh pudhar, ar Oscar thréan,
ar a ngaisce ná ar a n-éachtaibh cruadha
ná bí dá luadh, a Oisín bhaeth.



Is doiligh liom-sa, a Phádraig
Dia gidh grásmhar ionmhain fial,
gan labhairt go minic ar Fhionn
is díombáidh liom, 's ar shluagh na bhFiann.



Cionnus is aithnid dom ar do Dhia
a Phádraig na gcliar, má's fearg?
Ní fada gur feas duit é
a sheanóir léith, is liom is dearbh.


L. 250


Do ghoir Pádraig ar a chléireach
is dubhairt leis "Éist liom tré rún;
buail lom baise ar Oisín
ghoinfeas go croidhe é fá phudhar."



Do bhuail an cléireach go luath
lom baise ar ghruadh an fhir léith;
d'uaill i bhfoghar-ghuth ghráineamhail
's do ghairm ar chongnamh Aon-mhic Dé.



Créad so, a Oisín? ar Pádraig
do bhain na gártha asat go garbh?
Bas do buaileadh orm go cruaidh
do ghoin mo ghruadh is mo leaca.



Is cuimhin leat gur tú Oisín.
Is cuimhin go fíor, a Phádraig nua,
do thuillis fearg Aon-mhic Dé
is eagal liom féin, tréd luadh.



Is iongnadh liom, a Phádraig
Dia ós grásmhar truaighe is ceart,
go ngoinfeadh sé go cruaidh
bochtán ar a ghruadh le lom-bais.



Tóg suas do chroidhe is féach ar Dhia
'Oisín do thriall is gearr uait;
maith do na huilibh go lán bhfonn
tá an tsaighead lom ag teacht go luath.



Iarraim maitheamhnas ar Dhia mhór
maitheamhnas fós do-bheirim do chách;
gaibh chugat id dhún mé, a Dhia
is Fionn 's an Fhiann, gan stad, im dháil.



Do pheacuighis, 'Oisín, go leor
is Fionn 's a shlóighte d'iarraidh id dháil;
ní rachaidh aon díobh súd
go flaitheas na ndúl go lá an bhráth.



Má ghlacais fearg trém ghlór
ar luadh slóighte Fhinn, mo ghuais
ní tráchtfad ortha, a Dhia, go bráth
maitheamh im ráidhtibh tabhair uait.



Do líon anbhfainne is guais an bháis
ar Oisín tráth go lán-truaighe;
uch! annsin níor fhan aige spéis
i nOscar thréan ná i bhFionn na sluagh.


L. 251


Níor fhan meabhair ná ciall 'na cheann
a ruisc dobhí dall ag fulang bróin;
do réab an croidhe meanmnach mear
ba thréan i gcath na dtrom-shlógh.



Do thréig an corp uile i ngach ball
a lúth, a theann, a neart 's a rian;
do claoidheadh mar sin leis an éag
Oisín na Féinne ba shaobh ciall.



Ag sin mar do shlad an t-éag
Oisín ba thréan neart is lúth,
amhail dhéanfas an uile laoch
dá dtiocfaidh 'na dhéidh ar an úir.



Is é chlaoidhfeas a dtiocfaidh tráth
is é do chlaoidh a dtáinig fós
gan idirdhealughadh modh ná spéis
mádh truaighe nó tréanmhar dóibh.



Céad moladh le Mac Dé
is é do-bheir an t-éag bheith ann;
cuireann an duine ar an saoghal
chun a ghairm chuige féin gach am.



Is ceart don pheacach bheith ar staid na ngrás
an tan thiocfas an bás úd;
má bhíonn saor ó pheacadh nó brón
béarfaidh Mac Dé gan gó é 'na dhún.



Gidh nár shroich linn fios d'fhagháil fós
cár gabhadh an tráth úd le hOisín truaighe
an tan do shlad é an t-éag
mar deir an dán réamhráidhte thuas.



Tá súil agam le Rígh na ngrás
ó ghlac Oisín an creideamh cóir
ó Phádraig dob fhearr cáil
gur thriall go hárus Dé na gcomhacht.


L. 252


B 1778-1825ls 18D
U Anaithnid
MOLADH GHUILL MHIC MÓRNA.



Árd-aighneach Goll,
fear cogaidh Fhinn,
laoch leabhair lonn,
foghail nach tim.



Goll cruthach caomh,
saor-eineach suadh,
saor-shnuidhte a thaobh,
múrach na sluagh.



Mac Mórna mear
fa cródha a ghoil,
a chlú fa sean
fear saineamhail soin.



Laoch-fhéinnidhe fial
is gile glór,
ní saobh a chiall
laoch aobhdha mór.



Mar théid i gcath
réim flatha faoi,
gidh mín a chneas
ní tais do-ní.



A mhéin ní mion
a scéimh gan ghron,
'sé 's glaine d'fhior
oide na scol.



Fear déid-gheal fial
nach tréigeann dámh,
i gcogadh riamh
níor lag a lámh.



Ós barraibh beann
iarras ort roinn,
fa heagal liom
tagra riot, 'Fhinn.



Gidh trom a chlú
's maith Goll um ní,
gidh mór ní tréith
saith sluaigh do rígh.



Caidreamh na ndámh
leadradh na slógh,
tonn fairrge tréan
Goll meanmnach mór.



Fear cinnte ceart
fraoch millte neart;
dá dteagmhadh riot
ba heagal leat.


L. 253


'Fhinn an fhuilt chais
ar Gholl ná bris,
a mheirge ní tais
mairg theagmhas ris.



Gráin chéad ar Gholl
ar mhéad, ar theann,
i gcath ní tim
flaith é gan feall.



Adeirim riot, 'Fhinn
comhaill is geall
síoth bhuan do Gholl
gan fuath, gan feall.



Adeirim riot, 'Fhinn
na dtrilis ndonn,
bíodh ar eagla Ghuill
haigne go trom.



Gidh buan re maith
i gcath ní dóigh;
ionnsaightheach áigh
cionnsalach slóigh.



Uasal a ghean
'eineach ní mion,
faoileach an fear
aobhdha a chion.



Fos flatha fial
oirdhearc a luadh,
toirbheartach tréan
cosc catha is buan.



Iomlán a chorp
lom-lán dá shearc,
duinne 'na fholt
bruinne mar chailc.



Éire fá chíos
budh chóir dá chúis,
is meanmnach bhíos
dealbhdha a ghnúis.



Níl fear ós Goll
ní cheil ort, 'Fhinn,
treise ná tonn
a ghaisce grinn.



Flaitheamhail a fhos
dathamhail a chneas,
ar Gholl ná clis
ní slim i dtreas.



Mileata mór
bronntach a dháil
confadhach a threoir
a fhearg is áigh.



Dá rádh go bráth
a ágh 's a fhíoch
a bhuanna ar chách
lámhach an laoch.



Leomhan ar ágh
cródha a ghníomh,
leabhair a lámh
rogha na ríogh.



Cleath chumais bhuan
sonas na bhFiann,
mórdhálach caoin
iorghalach dian.



Buan rún an fhir
éigneach a stair,
buadh comhlann air
léidmheach a ghail.


L. 254


Sonas 'na ród
solas a dhéad,
cuiridh sé léan
ar thréan dá mhéad.



Orgán na gcon
ró-ghrádh na mban,
bídh dáimh gan on
do ghnáth 'na ghar.



Flaith fleascach caomh
fáidh-fheasach úr,
fear cliste saor
fear briste múr.



Leathan a lann
cathardha Goll,
rí-thaoiseach teann
na gcraoiseach gcorr.



Tréig t'fhíoch, a Ghuill
bí síothdha linn,
led ré gan mheing
trian fiadhaigh Fhinn.



Do scuir mo ghruaim
díbh, 'Fheargais fhéil,
tréigim-se m'fhíoch
ní fuar mo mhéin.



Cara gan cheilg
béal-tana dearg,
eineach ar lúth
do chlú ós ard.


L. 255


B 1715-1855lsc 18T



ROSC GHUILL MHIC MÓRNA.



Goll mear mileata,
ceap na cródhachta,
lámh fhial arrachta,
mian na mórdhachta.



Fraoch nach fuarathar,
laoch go lán-neimhe;
réim an rí-churaidh
Mar léim lán-teineadh.



Leomhan luath-ádhbhal
leonadh lán-bhíodhbhadh,
tonn ar tréan-tuargain
Goll na ngnáth-iorghail.



Ágh gan fhuarachadh
mál ag méadachadh,
laoch gach lámhachta
nár thraoth i dtréan-tachar.



Leomhan longathach
beodha binn-duanach,
créachtach conghalach
éachtach iol-bhuadhach.



Díth ar deagh-dhaoinibh
fíoch i n-oll-bhuadhaibh,
uaill ós árd-ríoghaibh
buadh ós borb-shluaghaibh.



Triath na trom-chána
briathra binn-mhalla,
míleadh mear-dhána
díle diongbhála.



Tréan-fhear tréan-lámhach
séimh-fhear slógh-armach,
fear lonn lán-bhuadhach
Goll mear mórdhálach.



Scál ar sciamhdhaire
flaith go mbuan-áille,
tuile tréan-sléibhe
buille a bhuan-láimhe.



Mórdha i mór-iomghoin
cródha i gcath-iorghoil,
túr i dtréan-fhoghail
muir ós mion-aibhnibh.



Tonn ós tréan-fhairrge
Goll nach glór-dhorrdha
searc na síor-fhoghla
mac mear mór-Mhórna..


L. 256


Díth ar Dhanaraibh
cíos ar chineadhaibh,
scíos ar churadhaibh
fial re fileadhaibh.



Flaith nach fír-dhiamhair
ar gach tír ba thréan,
grian ós glan-fhíodhbhaidh
fear faoilidh ailghéan.



Duas go ndearbh-fhéile
cruas gach comhshláine,
mac dian deagh-Dháire
triath gach trom-dháimhe.



Súr gach síodh-oirir
clú nach cáinfithear,
grís bheo 'n bhuan-einigh
breo nach báithfithear.



Féinnidh fearann-mhín
céillidhe comhall-ghlóir,
béim Ghuill ghlan-ghaiscidh
mar thuinn torann-mhóir.



Rúireach rionn-ghlórach
súileach síor-shluaghach
dealbhdha deagh-ghníomhach
feardha fíor-bhuadhach.



Curadh cruadh-reannach
d'ógbhaidh Éireannach;
colg luath-bhuilleach
Goll borb-bhéimeannach.



Flaith na bhfoghail-chreach
maith gan mudha gnáth,
sruth ar siubhal luath
cruth mar chubhar-bhláth.



éin-fhear iodh-armach
tréan-fhear trom-fholtach,
sciath na sceimhealtach
cliath na gConnachtach.



Ceann sluaigh saor-urraim
ágh gan aon fhochain,
a ghreas taobh-fhairsing
mar threas tréan-tamhain.



Feidhm nach feidhm fallsa
béim an mór-Ghuill-si,
cródha an comhlann-sa
mórdha an mear-Gholl-sa.


L. 257


B 1819-55lsc 19T
U Anaithnid
TIOMNA GHUILL MHIC MÓRNA.



A bhean, beir leat mo léine,
gaibh umat í is éirigh;
triall ar himtheacht a ghruadh-dhearg ghlan,
ar maidin tig mo mharbhadh.



A Ghuill, cá slighe 'na rachad?
mairg bhíos ar beagán carad
mar bhean fir nach bí a rath
acht bheith gan cheann gan chodhnach.



Go longphort Fhinn mhóir na bhFiann
mar a bhfuil don dtaoibh so thiar
faoidh ann, a bhéal-dearg mhalla
le deighfhear do dhiongbhala.



Cia an fear lé bhfaoidhfinn féin
a Ghuill mhóir ón Maigh réidh,
's do chomh-maith-se thiar ná thoir
nach fuighbhinn d'fhear im iomdhaidh.



An rogha leat Oisín mac Finn
nó Naoise mac Aodha grinn,
nó Cairreall fiata fuilteach
nó an Cosluath céad-ghuineach.



Ní rogha liom Oisín mac Finn
ná Naoise mac Aodha grinn;
ó do lá-sa, a Ghuill chalma
ní háil triath ná tighearna.



Do ghabhas don tráigh iathghlain
is trém bhuile gan admhail
do loisceas an tír mar sin
's do radas maidhm ar a muintir.



An India is críoch na Gréige
's críoch Sacsan go mór-thréadach.
do phúidhreas cathracha nárbh fhann
's do radas ár bhfear Lochlann.



D'fhágbhas an Eadáil gan cheann
's an Almáin gidh gníomh ró-theann,
d'fhágbhas an Scadal gan bhrígh
is Ínse hOrc gan árd-rígh.



Thugas rí na Sorcha tar lear
's braighde i ngéill ó rígh Alban;
cíos na gcaol-ríogh so go beacht
thugas go cóige Chonnacht.


L. 258


Ó Dhia athair go méad do ghleic
do ráidh mac árd-ríogh na bhFrancach,
do thuit siad agus ní gó
le neart mo láimhe i n-aon ló.



Caogad dabhach den ór dhearg
trí caogaid each bláth binn-ard,
fuaireas ó rígh Breatan glic
i gcomaoin ar son comhlainn;



Cath Caitcheann is cuimhin liom
is maidhm Concheann na mbéimionn,
díol na ndrong so fó leith
is cíos fomhar ar fairrge.



Dearg mac Drochuil glan
ar chách go ndearnaidh éirleach,
do bheanas go beacht de a cheann
i bhfiadhnaise slógh bhfear nÉireann.



Inghean Chonaráin nár shlim
do mharbhas í i gceart comhlainn;
thugas bás don inghin eile
go n-a hairm gheintlidhe."



Deich dtráth fichead beo gan biadh
an raibh aon neach roimhe riamh;
céad do gach ló led láimh loinn
do mharbhais i gcreig chumhaing.



Nuair do dheasuigheadar ort na hairde
is tú i gcaol chumhang cairrge
is gorta an bhídh dod bhrath
's an íota dod shárughadh.



Gidh mór gorta an bhídh dom bhrath
gidh mór cogadh na gcúig gcath,
mó do bhain a gné dem ghruaidh
ól an tsáile searbh-ruaidh.



Caith na cuirp-se le do thaoibh
a Ghuill mhóir ón Maigh Maoin;
fóirfidh híota i ndiaidh na bhfear
bainne mo chíoch do chaitheamh.



Is truagh mar thárla an scéal
a inghean Chonaill, ní chéal,
comhairle mná thuaidh ná theas
ní dhearna riamh 's ní dhéanfad.



Muna mbeith na geasa thárla ort
a Ghuill mhóir, ó sheang do chorp,
d'fhóirfinn híota go beacht
le bainne mo chíoch do chaitheamh.



Dodhéanfainn fulacht go luath
de chorpaibh seanga na sluagh
i gcaoi nach beitheá go fann
i gcomhrac na bhfiann ró-theann.



Mo naoi mbráithre fichead féin
's a marbhadh re neach fán ngréin
dodhéanfainn leis síoth annsin
le cosc aon uaire m'íotadh.



A Ghuill, is doilghe dom féin
im thimcheall cúig catha nó sé,
i lúib cairrge luime cruaidhe
dár dteascadh le haon-uaire.


L. 259


Ag sin, a inghean déid-gheal mhín
m'aon-eagla ar muir 's ar tír,
Fionn is an Fhiann ar ár ndruim
i gcaol chumhang carraige.



Tiocfaidh mac Smáile mhic Smóil
ambárach is iarrfaidh cóir
do dhíoghaltas a athar ort
a Ghuill na n-arm bhfaobhar-nocht.



Aithreach liom gur léigeas díom
bheith do sheilg na dtorc ariamh,
gan acht draoi dá dhearbhadh dham
go ndéanfadh muc mo mharbhadh.



Siúd an mhuc adubhradh ann
a mhic Mórna na mbéimeann,
's mór do cailleadh gan díoghal
a Ghuill chródha na ngéar-lann.



Má thigh mac Smáile mhic Smóil
ambárach is deireadh dom dháil
mar ba mhuc Smáile mac Smóil
gidh náireach so le n'innsin.



'S gur dheargas m'arm go mór
i gcorpaibh fear mic Tréanmhóir,
thugas dóibh fulaing is duagh
do mharbhas Cumhall crannruadh.



Eochaidh Balldearg mac an Mháil
árd-rí Uladh go hiomlán,
do ghoineas an laoch dom shleagh
d'fhágbhas é fá bhrón ádhbhal.



Lugha Lágha i dtigh Teamhrach
gidh mór a mhéad 's a mheanma,
do ghoineas a scamh lem scín
gidh mór fuaireas dá chomaoin.



Ní bhfuil sin ar muir ná'r tír
i nÉirinn gidh mór an gníomh,
nach fuil a bhfala liom anocht
acht amháin Cúige Connocht.



Ó Olltaibh ní bhfuighim an biadh
mo bheith mar táim 'sé a mian;
is mó mharbhas dá bhfearaibh
ná d'fhágbhas gá mnáibh de mhacaibh.



Ní fada mhairfeas mé beo
ní liom biadh, deoch ná ceol,
ó theasta mo ghné 's mo chreat
imthigh uaim go luath, a bhean.




L. 260


B 1788-1859ls 18D
U Anaithnid
ABHAC BEAG DOBHÍ AG FIONN.



Abhac dofuair Fionn feardha
dobhí d'fheabhas a mheabhra
gach a gcluineadh thiar is toir
dobhíodh aige do mheabhoir.



Cnú Dhearóil ainm an fhir
i nÉirinn níorbh an-aithnid;
ionmhain leinbhín fa glic glór
dár ba comh-ainm Cnú Dhearóil.



Inneosad daoibh, rádh gan locht
mar dofuair Fionn an t-abhoc;
ba ghein tsochair dofrith ann
aon-mhac Lógha mic Eithleann.



Dobhámair i bhfarradh Fhinn
idir Chrota is Sliabh Ban Finn;
dochualamair ceol gan chol
ar an bhfód i n-ár bhfarrodh.



Dobhámair ag éisteacht ris
a cheol níor cheol go n-eisleis;
beag nachar chuir sinn 'nár suan
an ceol sireachtach síor-bhuan.



Annsin dubhairt an rí-ruire
Fionn mac Cumhaill Almhuine.
"Cá as tige-se, a fhir bhig
sheinneas an chruit go caomh-ghlic?"



"Tángas ó Shídhe Ban Fionn
áit a n-ibhthear miodh is lionn,
agus tángas liom go beacht
do bheith treall id choimhdeacht."



"Dogheobhair seoid is maoine
is ór dearg is deagh-dhaoine,
óir taithneann liom do dhála
is dogheobhair mo lán grádha."



Do rad a lámh i láimh Fhinn
annsin do ba subhach sinn,
is tugmíd hé linn i le
do ba caomh ár dtorchairthe.


L. 261


Cheithre duirn i n-áirde an fhir
trí duirn i n-a chruit chaomh-ghil;
mór tairm na bláithe buige
binn foghar na caomh-chruite.



Do radadh chuige maille
cúig oirfidigh na Féinne,
gur fhoghluimsead ceol sídhe
thall ó Chnaí go caoimhlíne.



Díobh sin mac Seannaigh maille
Seannach mór agus Doighre;
dorónsat foghluim go hán
agus dorinne Cúán.



Ba cheist le Fionn na Féinne
a abhac gan bainchéile,
óir níorbh áil don fhior chródha
na mná reamhra ró-mhóra.



Adubhairt Fionn an flaith mór
go dtiubhradh airgead is ór
don tí uainn d'fhinnfeadh sin
i nÉirinn bean a chosmhail.



Adubhairt Scí mac Eoghain
óglaoch go n-aigne leomhain
"Inneosad, is scéal ádha
bean fil a dhiongabhála."



"Beir mo bheannacht, éirigh dod thoigh
a mhic Eoghain ionmhoin
agus innis dúinn tré spéis
an chrích i bhfuil re faisnéis."



"Éirigh go Teach nDuinn i Mumhain
a Fhinn chródha chomhramhaigh.
atá ann is oirfidh dhuit
inghean dár comh-ainm Bláthnuit."



Annsin do thriallsam go tric
um fhlaith na bhFiann bhfaobhar-ghlic.
go Teach nDuinn d'iarraidh na mná
ba mhóide linn ár meanma.



Fuaireamair Bláthnuit san tsídhe
tugamair linn í go fíor
ro fhoiseat thall is tigh mhór
Bláthnuit agus Cnú Dhearóil.



Tugmaid uinge óir gach fir
an líon dobhámair d'Fhiannaibh
i gcoibhche na mná gan locht
do radadh linn don abhoc.



Cheithre duirn i n-áirde an fhir
trí duirn 'na chruit chaomh-ghil;
áirde an bhean ná an fear
ionmhain lánamha láimh-gheal.



Lámhdha an domhain ag an mnaoi
imirt óir is airgid gan gaoi;
laisin bhfear fa mór an modh
slóigh an domhain d'oirfidiodh.



Ní raibh ríoghan san bhFéinn
ná taoiseach ná flaith go gcéill
nach tug grádh agus maoine
don lánamhain lán-nao dhe.


L. 262


Mar dothigeadh doineann dúr
ar an bhFéinn fa ríoghdha rún
dobhídís ag Fionn fá a bhrat
Bláthnuit agus an t-abhac.



An tan thigeadh maith don Fhéinn
ní cheileadh Bláthnuit go gcéill;
an tan thigeadh dóibh olc
ní cheileadh ortha an t-abhoc.



Nochan fhuil ceol ar talmhain
i neach ba mhian le meanmain
nár shuaill foghar i dtigh óil
acht a gcanadh Cnú Dhearóil.



Trí torchairthe is fearr fuair riamh
Fionn an flaith féinne fíor-fhial:
Bran agus Sceolann gan locht
Bláthnuit araon 's an t-abhoc.


L. 263


B 1778-1830ls 18D
A THULACH DO THARRAING SINN.



A thulach do tharraing sinn
ort, i n-aimsir mhic Cumhaill,
coin áille ar iallaibh glana,
eich, fianna is fithchealla.



Lá dá raibh an Fhiann uile
ort, a thulach Almhuine,
do-chíd bean san áird anoir
gan fear, gan bean 'na fochoir.



Léine maoth-shróill fá 'cneas bhláith
go gciumhsaibh síoda ór-shnáith,
agus brat go n-imlibh óir
um an inghin séaghdha seang-mhóir.



Dob í an inghean dob áille snuadh
ba gheal a déad, dearg a gruadh,
ba ghile ná an gath gréine
a brághaid fá n-a caoimh-léine.



Tig chugainn 'na mnaoi mhánla
go foistineach fíor-dhána
ar theacht di ar an tulaigh ghlais
do rad uirthe buaidh dealbha.


L. 264


Suidheas i bhfiadhnaise Ghuill
do láimh dheis Fhinn mhic Cumhuill;
gach féinneach dár shill a dreach
ar a chéile féin níor chuimhneach.



"Gabh mo choimirce féin
ort, a Fhinn na n-arm n-aidhbhéil,
truagh, a laoich, ná léig m'oidhe
a fhir nár thréig riamh comraidhe.



"A mhic Mórna, gabh mo lámh
ó táim im dheoraidhe deagh-mhná,
ar hiocht, ar hfheidhm, ar hainciocht
a mhic árd-ríogh Fiann Connocht.



"Gabh mé do láimh, 'Oisín úir
's a Oscair go mbuaidh deagh-rúin
de bhrígh an fhill dorinneadh linn
díon mé, a Chaoilte 's a Chairrill.



"Inghean an Treoin mise thoir
a mhic Cumhaill Almhoine,
a bheith i n-aon-teach níor fhaomh sinn
is Aodh mac Céadaigh dá chloistin.



"Gabhas scéal mór uime sin
Aodh mac Céadaigh an uair sin,
tré mise gan luighe lais
measa an rogha rugas.



"Ní fhuil ó chathaibh an Treoin
iath ná inse ná oileoin
nár iarras a gcabhair uile
is mór an t-uamhan aon-duine."



Ba ghairid dúinn-ne mar sin
is ár n-aire ar an inghin
go bhfeacamair ó an muir
an té fa háirde i nÉirinn.



Léine maoth-shróill fá 'chneas bhláith
is ionar easnach ór-shnáith,
lúireach uime an ngeal seang
ar gach crích mar do thadhall.



Dobhí re gualainn an fhir mhóir
sciath chorr-dhualach dhearg-óir,
fleasc den ór fá n-a fholt ghlan
ag an bhfear nár ob bruighean.



Do tharraing sé a long i dtír
ag teacht chugainn go hain-mhín;
dob é an fear mór málda
'na stuadh teine allmhardha.



Le fraoch feirge d'Fhiannaibh Finn
a theacht mar chaor theine chugainn,
fá lúireach catha uaibhreach
is tréan-scaball breacht-bhuailteach.



Cinn-bheart cloch-órdha séimhidhe
ós cionn a aighthe ghil-mhín;
éide den tsróll um an bhfear
ciumhsa síoda dá cheangal.



Dobhí ag Aodh ba mhór séan
colg fada leathan-ghéar,
dá shleigh chruadha 'na láimh loinn
ag teacht fán dtulaigh chugainn.


L. 265


Do tógbhadh míle corr-lann
timcheall Fhinn nár ob comhlann,
míle sciath fa háluinn dreach
do tógbhadh ós cionn na tulcha.



Cuireas Aodh go mbuaidh neartaidh
a lámh fán gcéis chaol-cheannaigh
dár threascair an bhean mhánla
'na ceathair caoin cudrama.



"An oil ghaiscidh so fuair sinn"
do ráidh Oscar mac Criomhthain,
"níor briseadh riamh roimhe
ar choimirce Fiann Almhoine."



Iompuigheas roimhe an fear mór
ar an bhFéinn fágbhas mór-bhrón,
gabhas an raon céadna soir
's Fianna Éireann dá leanmhoin.



Thug Goll go ngné gcaoine
rogha urchair an uair sin
dár chuir cithleanna ar a thaobh sheang
gur goineadh Aodh san treas trom.



Tuiteas Aodh san bhfairrge ghlais
leis na Fiannaibh mór b'áthas,
nó gur dhonn ó ghoin an ghaith
gach tonn, d'fhuil is d'fholracht.



Tógtar linn an feart fód-fhionn
ar an dtulaigh, a Thailginn
feart na mná fa saor dreach
ós do chionn-sa, a thulach.



Dar linn-ne ba mhaith iad
A Phádraig na mbachall bhfiar,
beannacht ar a n-anam araon
tabhair do bheannacht, a naoimh-chléir.


L. 266


B 1715-1829ls 18T
AOIS FLATHA NA FÉINNE.



I gceann a naoi mbliadhan fuair Fionn
ceannas ar Fhiannaibh Éirionn
ó Thadhg mac Nuadhad na n-each,
rí gan uaill gan eiteach.



Sé fichid bliadhain fá dhó
is deich mbliadhna nísa mhó
saoghal Fhinn fá bhuadh 's fá rath,
fá bhreith géill ó gach árd-fhlaith.



Dob é saoghal Oisín mhic Finn
trí chéad bliadhain go haoibhinn
seacht mbliadhna déag fá dhó
mí, seachtmhain agus aon ló.



Fiche bliadhain is a hocht déag
saoghal Oscair agus ní bréag,
gan troigh ar ais ag cur catha
's ag breith giall gach aon fhlatha.



Trí bliadhna déag ar dhá chéad
saoghal Chaoilte na mór-thréad
ón ló rugadh an fial fionn
gur báthadh é i Liathdrom.



Naoi bhfichid bliadhain go beacht
saoghal Chumhaill fa mór neart;
cíos an domhain ina dháil
do go humhal dá thógbháil.



Ceithre céad bliadhain agus mí
saoghal mhic Mórna fa maith gnaoi
nár leig aon neach siar ná soir
uadha gan comhrac aon-fhir.



Seacht bhfichid bliadhain fá sheol
saoghal Chonáin mhallachtaigh mhóir
ag iomarbháidh idir an bhFéinn
ag bualadh duirn le do-mhéinn.



Sé fichid bliadhain 's a dó-dhéag
saoghal Mhic Lughach is ní bréag;
ar ghail, ar ghaisce ar ghreann
aon-bharr áighe na hÉireann.


L. 267


Ocht bhfichid bliadhain le suirghe
saoghal Dhiarmada uí Dhuibhne;
naoi mbliadhna don mhacaomh óg
le cluiche lúibe 's liathróid.



Cúig fichid bliadhain is dearbh linn
saoghal Chairrill† mhóir †mhic Finn,
ní dhearnaidh ris comhrac lann
neach nár bhuain Cairreall a cheann.


L. 268


B 1819-55ls 19T
U Anaithnid
CAITHRÉIMH FHINN MHIC CUMHAILL.



Dursan tuitim an t-eo óir,
Fionn mac Cumhaill mhic Tréanmhóir,
ár maoin, ár muintear, ár maith,
Ár n-eo, ár n-urradh, ár n-árd-fhlaith.



Ar n-eolach, ár dtreorach teann,
ár gcuinge calma cómh-theann,
ár ngein saor-shochrach sluaghach,
ár saoi amhra iol-bhuadhach.



Ár bhflaith séaghainn, ár saoi
ár mbreitheamh, ár ndruadh, ár n-árd-rí,
ár gceann cumhdaigh, ár sliocht slóigh
Fionn mac Cumhaill mhic Tréanmhóir.



Dá chéad bliadhain go mblaidh
is fiche bliadhain gan tláithe,
righe Finn, fa fada a ré
gur torchradh é ag Léim Aoife.



Deich mbliadhna 'na rígh go raith
dobhí Oisín 'na árd-fhlaith,
nó gur ghabh Fatha an tír
's gur thréig siad an Fhiann Oisín.



Seacht rí déag, lán-mheabhair liom
do ghabh righ-fhéinnidheacht Éireann;
dob fhearr Fionn ná iad uile
caithmhileadh árd Almhuine.



Dob é Fionn an cúigeadh laoch
uallach forasta fíor-ghaoth,
dob fhearr dealbh agus dreach
dob fhearr eagnamh is oineach -



Lugha mac Céin mhic Cáinte anall
Cúchulainn agus Conall,
Lugha Lágha fa gheal dreach
is Fionn ua Baoiscne arm-ghlan.



Cúigear dob fhearr gaisce glan
dá dtáinig ar tuinn talmhan
de shluaghaibh Inse Ealga
do chinn siad i gcaoin-chearda -



Éireamhóin mac Mileadh mhóir
Iughoine d'éis Éireamhóin,
Aongus tuirmheach, fuirm ndil
Conaire is Fionn ua Baoiscne.


L. 269


Cúigear is féile fríth ariamh
dob fhearr um ór agus um biadh,
ba chaoimhe le cáirde i leith
is nár thláth le heascáirde -



Lugha nár lag is Aongus áin
Cú na ceardchan cath-ruadh áigh,
Conaire caomh-ghlan, cruth nár chlaon
Fionn is Mac Luigheach i n-aon raon.



Cúigear druadh is fearr táinig
chum na hÉireann mar áirmhid,
is meabhair liom-sa go beacht
a bhfaisnéis 'na ndraoidheacht -



Cathbhadh Badhna ó Shídhe Badhna
is Cathbhadh draoi deagh-amhra,
Ciothruadh mac Fíor-chaogaid chaoimh
Mogh Ruith is Fionn i bhFormaoil.



Cúigear file, uaisle an dream
is fearr thárrthuigh iath Éireann,
is meabhair liom-sa go beacht
a bhfaisnéis 'na bhfilidheacht -



Cairbre file fuair tar lear
is Aimhirgin Inse Gaedheal.
Feircheirtne réidh, Labhraidh Lorc
Mogh Ruith is Fionn faobhar-nocht.



Cúigear leagh, lí n-amhra
is fearr táinig go Banbha;
gidh cian atáim-se dá n-éis
is meabhair liom a bhfaisnéis -



Miadhach is Oirmhiadhach dréim dreacht
's a sean-athair Diancheacht,
Gabhrán, liagh, tar muir anoir
is Fionn ua Baoiscne barr-ghloin.



Cúigear gabhann gaoth-ghlan grinn
is fearr táinig i nÉirinn,
is fearr dá gcuala gan eacht
agus dobhí re gaibhneacht -



Gaibhnean mac Eithleann go mblaidh
agus Gaibhneann mac Loirgnigh,
Greasach mac Néalaigh go n-aoibh
Glan-ghrealach is Fionn Formaoil.



Cúigear ceard le ceardacht ghlain
is fearr táinig go Teamhraigh,
is fearr dá gcuala gan eacht
agus dobhí le ceardacht -



Creidhne, ceard, cruth-ghlan caomh
Dáileamh dháileas gach n-aon,
Eocha Ealga díon go n-aoibh
Aodh Ealga is Fionn Formaoil.



Cúigear tiompánach gan bhrón
do thárrthuigh Banbha na mór-shlógh,
is fearr chuala gan eacht
is dobhí le tiompántacht -



Lugha Lámh-fhada sonn go soin
agus Suanach mac Seannoigh,
Greasach guth-bhinn tar gach n-ádh
Fionn féin agus Manannán.



Cúigear crutaire gan bhrón
thárrthuigh Banbha na mór-shlógh
is fearr chuala gan eacht
is dobhí le crutaireacht -



Lugha Lámh-fhada sonn go se
is Craiftine, crutaire,
Seannach ua Doighre dá dheoin
Fionn féin is Cnú Dhearóil.


L. 270


Cúigear séaghainn re suirghe
is fearr thárrthuigh rem chuimhne,
agus is mó fuair de mhnáibh
ó iath Éireann go hEaspáin -



Cearmad Milbheoil, clú go mbuadh
Naoise mac Uisneach arm-ruadh,
Fiamhain mac Forra sonn de
Fionn agus Diarmaid ua Duibhne.



Cúigear eolach mara mín
is fearr thárrthuigh muir is tír,
is fearr ad-chuala frith ibhfus
agus dobhí le heolus -



Manannán mór-ghlonnach an áigh
Cuireog inghean Mhanannáin,
Ciabhán Casmhongach na gcreach
Fionn is Breacán builleach.



Cúigear is gaoithe um chéill ghrinn
dá raibh i n-aon-tigh i nÉirinn.
Fitheal is Flaithrí, a mhac
Fionn, Ailbhe is Cormac.



An cheist do-ghnídís tré chéill
is prap d'fhuascladh Fionn féin;
an cheist do-ghníodh Fionn na bhfleadh
neach den cheathrar ní scaoileadh.



Tréan-fhear é ar neart nglonn
cuingidh catha agus comhlonn,
cléireach ar chreideamh a ndé
agus fáidh ar fhírinne.



Níor éarastar duine riamh
um ór, um airgead, um bhiadh,
ní mó do athchuinghe neach
gémadh líonmhar a oineach.



Dá mbeith seacht dteangtha im chionn
go bráth nocha tiocfadh liom
ar fhlaitheas fhir na learg lán
maitheas an ríogh do ró-rádh.



Is mise Caoilte croidhe
d'éis na laoch gan lúthmhaire;
coimirce ríogh an talmhan truim
ar anamain an ríogh rádhaim.


L. 271


B 1814-59ls 19T



LAOIDH BHINNE BOILBIN.



A Bhinn Boilbin is dubhach indiu,
a bhinn ba chaoin 's dob fhearr cruth;
an tan sin, a mhic Calpruinn,
dob áluinn bheith ar a mullach.



Dob iomdha cú agus giolla
gáir bhuabhall agus gadhar
bhíodh ar do lios, is laoch láidir
a bhinn árd na gcomhlann.



Bhíodh lán de chorraibh san oidhche
is cearca fraoich ar a sléibhtibh
le chéile is ceol éin beig
dob aoibhinn bheith dá n-éisteacht.



Gáir na ngadhar ann a gleanntaibh
an macalla dob iongantach;
's gach aon den Fhéinn dobhí 'láthair
a gcoin áille ar a n-iallaibh.



Dob iomdha cnuastóir coille
de mhnáibh fionna na Féinne
agus caor de bhlas cumhra
sugha craobh agus sméara.



Móineóga caomha corcra
biolar fochan is gleorán.
is ingheana cas caol-fhionna
ba bhinn fuaim a n-orgáin.



Ba ádhbhar a bheith meanmnach
bheith ag féachaint 's ag éisteacht
le gáir uaigneach an fhiolair
is le cannrán na ndobhran;



Is le comhrádh na sionnach
an lon dubh ar inbhear sceiche
's í ag seinnim go fír-bhinn
dearbhaim duit go mbadh áit aoibhinn.



Bhíomair-ne ar an gcnoc so
seacht gcatha na Féinne;
anocht is tearc mo charaid
is nach truagh leat mo scéala.


L. 272


B 1789ls 18D
U Anaithnid
LAOIDH AN CHLUIG.



"An bhfuil ag Pádraig de chléir
aon neach d'inneosadh dom féin
créad iad na comhachta cain
lér dhíbir sibh na deamhain?"



Ráidh easpog Seagad nár lag
"Inneosad duit mar tháinig
an clog lér fóireadh ár mbroid
fare comhachta Phádroig.



"Trí caogaid arcaingeal grinn
tháinig as tigh neimhe chugainn
anuas le clog na bhfeart
go Pádraig dá choimhdeacht.



"Ní raibh arbhar aca i dtuar
ní raibh bainne i bhféar-chluain,
ní mó dobhí cnuas ar choill
ria teacht Phádraig i nÉirinn.



"An chéad bhuille den chlog bhinn
thug Pádraig ar an gceolán mbuadh
leis do chuir arbhar i dtuar
sugha is ola i bhféar-chluain.



"An dara buille den chlog bhláith
thug mac Calpruinn dá dheas-láimh
lacht i mbuar is cnuas ar choill
arbhar i dtuar, éisc ar linn.



"An treas bhuille thug nár lag
do dhíbir na deamhain arracht
bhí cruinn roimhe ar an gCruaich
chuir iad uile ar anbhuain.



"Go log na ndeamhan amach
do chuir iad uile go baileach;
níor leig deamhan siar ná sair
ó shin díobh gan báthadh.



"Dar do láimh-se, 'Oisín mhic Finn
gidh taoi id sheanóir i gCruimghlinn,
ní chuirfeá iad uile amach
mar do chuir an corr-chléireach."



Adubhairt Oisín go prap
de ghuth mhór is é i n-ainreacht -
"Brisfead ar do cheann do chlog
gidh taoi i bhfiadhnaise Phádroig."



"Is maith liom tú bheith gan súile
a Oisín, ó taoi droch-mhúinte;
mairg dobheir onóir doit
mar do-bhéarthaí do rígh nó d'easpog."


L. 273


"Ní fiú m'onóir-se féin
- mairg dogheobhadh aisti toibhéim -
ar bheagán bídh agus dighe
ag tráthaireacht 's ag urnaighe."



"Ní holc th'onóir-se amháin
- seacht bhfichid bairghean d'arán
fá n-a n-uirinn d'iasc is d'fheoil
olc a labhras tú, a sheanóir."



"Dar an uirghill so ním leat
nár fhaoidhe mé í do shagart
go mb'fhearr liom sprúilleach tighe Fhinn
agam ná bhur gcomhroinn."



"An é sin fiadhach na gcnoc
agus cnósach na ngarbh-phort
agus ifreann fá dheireadh
ar scáth bhur ndroch-chreidimh."



"Ní headh acht fíon agus feoil
tosach cuirn agus comh-óil
dogheibhinn, agus miodh misce
gidh maoidhfeadh sibh-se orm-sa.



"A mhic Calpruinn fhéil
cá bhfeacais leithéid Fhinn féin
ag teacht chugaibh thiar ná thoir
agat ariamh nó an bhfuil?"


L. 274


B 1766-1859ls 18L
AOIBHINN CHAITHIM AN BHLIADHAIN.



Aoibhinn chaithim an bhliadhain,
is mé Diarmaid ua Duibhne,
an lá nach díolaim cliara
bím ag fiadhach lem ríghne.



Lá dom is mé im aonar
i mBinn Éadair mhic Éadghaoith,
tárla dom le hucht nóna
dá laoch óga go n-aon mhnaoi.



Do ráidh mé: "Críoch bhur gcúise
labhraidh liom-sa, a dhís tréanfhear;
cá tír díbh nó cá talamh
nó'n libh ghabhas an aon-bhean?"



"Le rígh Alban ár gcoimhmeas
dochuamair loingeas Francach
's do marbhadh linn, gér chéim dheacair
cheithre céad d'fhearaibh Alban.



"Mór díobh nár áirimh sinn-ne
do marbhadh linn-ne an lá sin,
do thuit linn an rí féinne
ag so a chéile do láthair.



"Cia tusa féin, a mhacaoimh
lór linn a gcanmaoid díbh-se?"
"Ní gnáth m'ainm ar iarraidh
is mé Diarmaid ua Duibhne.



"Is liom ón bhFéinn mír churaidh
buadh riamh ní rugadh orm;
seisear agus aon-bhean eile
mo dhíol feise gach nóna."



"Tocht ar do bhéal, a Dhiarmaid
nílmíd led bhriathraibh ag éisteacht;
dóigh linn gur bréag a chantaoi
dar linn ní bhfaghthaoi aon bhean."



"Dodhéan-sa connradh libh-se
nach tugbhair fós d'bhur n-aire,
gibé leanfaidh sí ón láthair
sealbh na mná do bheith aige."



Annsin gluaisid ón dtulaigh
an triar curadh 's an aon-bhean;
'sé comhrádh do chan sise
"Soraidh libh, a dhís tréan-fhear."



Do ghluais sí liom-sa an aon-bhean
tar meas na déise fial-mhac;
dobhí gan cheas im pháirt-se
gur chaith ráithe 's trí bliadhna.



Ag sin deireadh mo dhála
ris an mnaoi mánla mbéil-bhinn;
ní mé aon-fhear do mealladh
bím sealad ag gach aon mhnaoi.


L. 275


B 1782-1818lsc 18D
LAOIDH DHIARMADA UÍ DHUIBHNE.



Tabhair éin-digh dhamh-sa, a Fhinn,
a dheagh-mhic chródha Cumhaill;
fuaireas olc mar fuair Naoise
ó thorc ruadh na comh-aoise.



Créad fá dtiubhrainnse digh dhuit
créad fá bhfóirfinn do dheacair
is nach ndearnais riamh mo leas
nach dearnais 'na dhiaidh m'aimhleas?



Do ba mhaith dhuit mé, a Fhinn
dob fhearr duit fós go mairfinn,
an tan dobhí an Déid-gheal dod ghoin
is tú i n-éigean gabhaidh.



Dá mb'é an uair dobhí sin
Déid-gheal dearg-bhéil dod iomghoin
do thréigeas mórán dem fhuil
digh den fhuarán damh tabhuir.



Dobhí i gcath Sléibhe Suibhne
dachad is fiche céad fear,
agus deich gcéad 'na bhfarradh
is ní fearrde a chuimhne.



I mBruidhin Chaorthainn is tú ar láimh
ba mhaith duit mo theagmháil
dod chosnamh, a Fhinn, ar gach goil
is mé i gcoscar 's i n-iorghoil.



Bíodh chum Oisín mac an ríogh
bíodh chum Oscair na mór-ghníomh;
bíodh chum maithe na Féinne
gur mhaith dhuit mo chomhéirghe.



Is mé dalta Aongais an Bhrogha
dobheireadh rogha an urchair;
do mharbhainn fear re fogha
truagh m'oidheadh ar Bhinn Gholbain.



Cuimhin liom lá i gCeis Chorainn
Cairbre romhainn 's a mhuintir;
Fionn 's an Fhiann 'na dhiaidh
truagh m'oidheadh ar Bhinn Gholbain.



Truagh m'oidheadh-se ar Bhinn Gholbain
is mé ar deireadh mo nearta;
gidh mise mac uí Dhuibhne
slán uaim don tsuirghidh feasta?



Dá gcluineadh mac na flatha
na créachta so ar mo dhéad-sa
badh cruaidh leis an bhfial fholt-fhionn
badh holc le hOisín m'éagsa.


L. 276


Dá gcluineadh mo mhná suirghidh
mo thuirse tar éis m'eachtra;
ní cian go ndeacha mise
tóg mo lighe is mo leachta.



Dá n-ibhinn Bóinn is Bearbha
faraoir! níorbh fhearrde m'aigneadh;
do thréig mé mo ghal 's mo ghaisceadh
tabhair dom digh feasta nó ná tabhair.


L. 277


B 1800-49ls 19T
U Anaithnid
TRÁCHT AR LEABAIDH DHIARMADA.



Ag so 'n leaba i mbíodh Diarmaid
fá mbídís Fianna Cumhaill,
agus Gráinne inghean Chormaic
mac oirdhearc uasal mic Cuinn.



Ionmhain laoch dobhí san iomdhaidh
níor thearc bíodhbha dá fhógradh,
ua Duibhne na sleagh slíom-ghlan
leannán séimh-ghlan ban Fódhla.



Ioldánach Éireann uile
cumhachtach maighe Meidhbhe,
dalta grádha Aonguis an Bhrogha
tréan-fhear go rogha ndeilbhe.



Snámhaidhe caol-locha Tibre
guais-sheabhac iarthair Éireann,
cuarduightheoir Leithe Mogha
darna rogha na Féinne.



Mac uí Dhuibhne ó Dhún Maighe
ba shámh le mnaoi a shamhail,
an dearg-dhála ón tseang fhada
ag so 'n leaba i mbíodh Diarmaid.



Lon Doire an Chairn.



Binn sin, a luin Doire an Chairn,
ní chualas i n-áird san mbith
ceol ba bhinne ná do ghuth
agus tú fá bhun do nid.



Aon-cheol is binne fán mbith
mairg nach éisteann ris go fóill;
a mhic Calpruinn na gclog mbinn
's go mbéarthá arís ar do nóin.



Agat, mar atá agam féin
dá mbeith deimhin scéil an eoin
dodhéantá déara go dian
's ní bhiadh t'aire ar Dhia go fóill.



I gcrích Lochlann na sreabh ngorm
fuair mac Cumhaill na gcorn ndearg
an t-éan do-chíthí anois
ag sin a scéal duit go dearbh.



Doire an Chairn an choill úd thiar
mar a ndeindís an Fhiann fos;
ar áille is ar chaoimhe a crann
'seadh do cuireadh ann an lon.


L. 278


Scolghaire luin Doire an Chairn
búithreadh an daimh ó Fhaill na gCaor,
ceol lé 'gcodladh Fionn go moch
lachain ó Loch na dTrí gCaol;



Cearca fraoich um Chruachain Chuinn
feadghail dobhráin Druim Dá Loch,
gutha fiolair Ghlinn na bhFuath
longhaire cuach Chnuic na Scoth;



Gotha gadhar Ghleanna Caoin
is gáir fhiolair chaoich na sealg,
tairm na gcon ag triall go moch
isteach ó Thráigh na gCloch nDearg.



An tráth do mhair Fionn 's an Fhiann
dob annsa leo sliabh ná cill,
fa binn leo-san fuighle lon
gotha na gclog leo níor bhinn.



B 1818-45ls 19T



Beannacht ar lucht an tSíodha.
Caoilte cct.
ag fágbháil slán agus beannacht ag lucht Síodha Easa
Ruaidh iarn-a lán-leigheas le Béibhinn, bean sídhe an
leasa sin.



Beannacht ar lucht an tsíodha,
idir rígh agus ríoghna;
slán bith-shlán don chuire chas,
fuaireas uile a n-óglachas.



Maith mo thuras is an tsídh
dá bhfuaireas ann miodh is fíon,
feabhas a mban 's a bhfear de
binn ceol a n-éanlaithe.



Maith mo thurus isin sídh
fuaras ann faeilte gan fhích
feabhus a fer 's a flatha
is a n-étach n-ildatha.



Beannacht ar Bhéibhinn gan chiadh
inghean Ealcmair, mo bhainliagh;
is maith a ciall is a croth
fágbhaim ibhfus mo bheannocht.


L. 279


B 1778-1855ls 18D
U Anaithnid
TRUAGH LIOM TULACH NA FÉINNE.



Truagh liom tulach na Féinne,
bheith ag cléircibh fá dhaoirse;
is dána do lucht na mbachall
suidhe i n-ionad Chlanna Baoiscne.



Cumhain liom, a Ráth Chruachan
bheith fád bhruachaibh go súgach;
beag do saoileadh mar thairngre
an Tailgeann ar do mhullach.



Dob iomdha sciath agus sleagh
cú agus gadhar fád mhullach
gidh tharlais, a chnuic na Féinne
fá chléircibh is fá bhachallaibh.



A fhir an trostáin bhuidhe
doní an suidhe sonnda,
is maith dhuit nach maireann Conán
dodhéanfadh donán gan ceann díot.



A fhir an chluig, mar shaoilim
dá mbeadh Díorrang 'na bheatha
dobheadh do chlog 'na réabthach
thall fá éadan an chairthe.



A fhir na bachaille cruime
gidh is tusa an duine dána,
dobheadh do bhachall 'na bhroscar
dá mbeadh Oscar do láthair.



Dá maireadh mac uí Dhuibhne
a fhir na luirge croise,
dobheadh do lorg 'na min-mhíribh
briste fón gcairthe cloiche.



Dá maireadh an dias dathamhail
ní bheadh t'athmhaoin ag cléircigh -
Fionn Bán is Mac Lughach
truagh liom tulach na Féinne.


L. 280


B 1814-59ls 19T
U Anaithnid
MOLADH BINNE HÉADAIR.



An Chéad Fhile:
Aoibhinn bheith i mBinn Éadair,
fír-bhinn bheith ós a bán-mhuir;
cnoc lánmhar longmhar líonmhar,
beann fhíonmhar fhonnmhar ághmhar.



Beann i mbíodh Fionn is fianna
beann i mbíodh cuirn is cuacha,
beann dá rug ua Duibhne dána
lá, Gráinne de dhruim ruaga.



Beann is tom-ghlan gach tulach
is gach mullach comhghlas corrach,
beann bhileach mhongach bheannach
cnoc creamhach cnódhach crannach.



Beann is aoibhne d'úir Éireann
glé-bheann ós fairrge faoileann,
a tréigean is céim chruaidh liom
beann† áluinn †Éadair aoibhinn.



An Dara File:
Minic fán maoilinn mhongaigh
laoch is laoidheang gan laige;
go lomaid bord a luighe luinge
re tonnaibh úra árd-fhaille.



Ar áille a magh 's a mór-bheann
's a feorann ós tuinn tséaghainn,
go ró-chluain Chairn† chaoimh-†Fhinn
ós brú aoibhinn árd Éireann.



An Treas Fhile:
Beann is aoirde ná gach tulach
a mullach comhghlas corrach,
beann mhíolach mhongach mhangach
cnoc crannach creamhach corrach.



Chítear ded mhaoilinn mhongaigh
longa 's laochradh dá leadradh;
baintear clár a taoibh luinge
de bhrígh buille árd-aille.



Is mairg an banna bristear
le faobhar fuinnimh bhur dtaistil
's go mbriseann tonn le tréan-osna
easna isna longaibh lasta.


L. 281


B 1778-1844ls 18D
U Anaithnid
A THULACH ÁRD AOIBHINN-SE
.I. LAOIDH TULCHA NA BHFIANN.



A thulach árd aoibhinn-se
gus tigdís Fianna fionna,
fa gnáth longphort lán-ádhbhal
ort, is gasraidhe giolla.



Fa hí ár gcuid re comhaireamh
thigmís ar mhághaibh míne
sméara sciamhdha sceachóra
cná de chollaibh Chinntíre.



Maotháin drise deilgnighe
gasáin creamha gan críonaidh,
do chaithmís gach Bealtaine
buinnéin bhláithe fír-bhiorair.



Eoin a doiribh diamhaire
ro roichdís fulacht Féinne,
toghmaill bhreaca Bhearramhan
nid bheaga a beannaibh sléibhe.



Bradáin luatha a Linnmuine
eascona Sionna saoire,
coiligh feadha Fidhrinne
dobhráin a diamhraibh Daoile.



Iascach mara muiridhe
a críochaibh Baoi is Béirre,
meadhbhán Faoide fíor-ghlaine
duileasc a cuantaibh Cléire.



Snámh na loingse lochaidhe
fa minic ag Mac Lughach;
thigmís sluagh is sochaidhe
ar do thaoibh thall, a thulach.



Mise is Oisín oll-bhladhach
théighmís i gcoraibh curach;
fuaireas gáibhthe glas-mhara
i dtimcheall tonn is tulach.


L. 282


B 1778ls 18D
GUTH GADHAIR UM CHNOC NA BHFIANN.



Guth gadhair um chnoc na bhFiann,
ionmhain liom an sliabh fá bhfuil;
fa minic linn fulacht Fiann
idir an sliabh agus muir.



Annso dobhíodh teaghlach Fhinn
gasra lér bhinn gotha téad;
ba ionmhain liom an bhuidhean mhear
dothigeadh ar feacht mór-gcéad.



Dar liom fa sochraidh sealg
mór damh ndearg do thuit le'r n-áigh;
iomdha cú dath-bhallach dian
ag toigheacht san tsliabh 'nár ndáil.



Bran agus Sceolann go scéimh
a choin féin i láimh an ríogh;
dob ionmhain le Fionn na coin
ba mhaith a ngoil is a ngníomh.



Cnú Dhearóil i n-ucht an ríogh
deagh-mhac Luigheach fa caomh cruth
is é ag seinm cruite d'Fhionn
an fear fionn ba ró-mhór guth.



Gach taoiseach naonbhair san bhFéinn
dothigeadh féin chum an ríogh
do chomóradh na sealg mór
do-níodh an slógh i nDruim Chaoin.



Caogad damh ba líonmhar beann
is é do thuit ann lem rígh
mar aon le seacht gcaogaid torc
gidh atáim anocht gan ní.



Longphort do lucht Rónáin ruaidh
ar an taobh-se thuaidh den ghleann;
ba shochraidh an fulacht fiann
do-níodh an Fhiann i n-ionadh beann.



Clanna Mórna fa buidhean mhear
Clanna Ceit den taobh so theas
minic bheiridís gleo cruaidh
minic thigdís fá bhuaidh as.



Fuireann agus fosach na bhFiann
Feargus fa mín gus;
fiann Breatan na fir fa tréan
an bhuidhean fear fa binn guth.



Dochuala guth gadhair dheirg
ar an leirg láimh leis an tsruth,
do thógaibh tonna mo chinn
faoidh an ghadhair is binn guth.



Is mé Oisín mac an ríogh
is fada ó do chríon mo chruth;
gidh atá mo chroidhe go tinn
nocha linn nach binn an guth.


L. 283


B 1818-59ls 19T
U Anaithnid
BEARRACH BHREAC, ÓN, BEARRACH BHREAC.



Caoilte mac Rónáin cct. ar bhás Bearraighe Brice inghean
Chais Chuailnge.



Bearrach Bhreac, ón, Bearrach Bhreac,
inghean Chais Chuailnge, mo shearc;
do ba ríoghan fhuilt bhuidhe,
fa bean díoghla deagh-dhuine.



Do marbhadh í ar an tráigh
dob é sin an gníomh neamh-cháir;
do radadh teine 'na dún
dob é an fhoghail go mí-rún.



Trí chéad sciath i n-a tigh thall
trí chéad brannamh is fithcheall
is trí chéad bleidhe re hól
fris a dtabhartha dearg-ór.



Nochar éar sí duine riamh
fa maith a cruth is a ciall;
an bail i ttá a leacht go mblaidhe
fris a ráidhtear Feart Bhearroighe.



B 1839-59ls 19L
TRUAGH LIOM OIDHEADH CONBICE.



Caoilte cct.
ar bhás Conbice .i. cú ghrádhach le Fionn mac Cumhaill, noch do
bháith Goll mac Mórna le holc ar Fhionn, mar leanas: -



Truagh liom oidheadh Conbice
cú bheag ba lór nglaine;
ní fheaca ba chrobh-ghlice
i ndiaidh muice ná aighe.



Saoth liom oidheadh Conbice
cú bheag an ghutha ghairge;
ní fheaca cú ba mhire
ag marbhadh daimh gan chairde.



Saoth liom oidheadh Conbice
ós tonnaibh árda uaine;
a hoidheadh ba comhraimhe
a bás fa lór do thruaighe.


L. 284


B 1819-44lsc 19T
MAIRG FÉINNEACH ATCHUALA AN SCÉAL.



Fionn mac Cumhaill cct. ag smaoineamh ar 'olcas do chuir
sé a óige agus giorracht na haimsire dobhí aige le caitheamh ar
an saoghal so, agus ag réimh-innsint geineamhain Chiaráin naemh.



Mairg féinneach atchuala an scéal
iar dteacht dúinn go Snámh Dá Éan -
oidheadh Chonáin Mhaoil den Mhuigh
agus oidheadh Fhirdomhuin.



Druim nDiamhair, ón, Druim nDiamhair
a ainm so gus na Fiannaibh,
Druim nÉana ó shin i le
d'éanach Fhinn is na Féinne.



Is amhra an ghein béarar ann
de dheoin Ruire na ró-chlann,
nac diongbhála Ríogh Neimhe
aingil ag a fhurnaidhe.



Budh eisidhe Ciarán cáidh
is é béarar san rí-ráith;
geabhaidh leath Éireann maille
mac an tSaoir a Muirtheimhne.



Roichfidh foghlach a chille
bás obann do ruadh-rinne,
creachadh is riaghadh gan rath
agus ifreann íochtarach.



Adeirim-se ribh-se dhe
is fíor dom an fhaitsine,
creidim Athair agus Mac
is Spiorad Naemh i n-éinfheacht.



Ailim flaitheas Ríogh Nimhe
is fearr iná gach fine;
an Rí rom-chuir ar cairde
ním-leigfe fó bhith-mhairge.



B 1818lsc 19T
COMHAIRLE FHINN MHIC CUMHAILL
do Mac Lughach.



A mhic Lughach, mo chomhairle gabh,
má 's é hórd an t-óglachas,
gurab súgach teaghlach tréan,
bí go doiligh i ndroibhéal.



Ná buail do choin gan ciona
ná lí do bhean go bhfionnair;
ná bean le cléireach i gcath
ná tréig an teagasc tarbhach.



Dá dtrian do mhíne le mnáibh
is le heachlachaibh urláir,
re haos dána is déanta duan
nár badh dian le daoscarsluagh.


L. 285


Ná himdhearg duine má cáidh
ná déin le cléir iomarbháidh,
ná ró-tháirigh i maille
ar amaid ná ar dhroch-dhuine.



Ná tabhair-se bréithir mhóir
ná habair nach tiubhra cóir,
fearr gan a rádh go teann
muna dtí díot a chomhall.



Ná tréig-se tráth do ruire
go braith an gcéin bhus leacaidhe,
ar ór ná ar airgead bith cé
ná tréig-se do chomairce.



Ná rad buan-scéala bréagach
ná rad labhartha luadh-bhéadach,
gidheadh hiomdha do chneádha
ná rad dod bhíodhbhadh sádhaile.



Nárab diúltach tú um bhiadh
nár badh caomhthach duit ainbhfial,
furáil ar mhaith is ar shaith
gaibh eagna ó gach árd-fhlaith.



Nárab siubhlach tighe an óil
nárab iongnadh ar sheanóir,
ná bean re claoine gan chóir
ná bean re duine dearóil.



Ná hathbhuail-se duine marbh
gidh dorinn leat gleo glas-gharbh;
adeirim riot gan fuaradh
gan an fear marbh d'athbhualadh.



Déan ró-éifeacht re teagasc
déan dá réir go deagh-tharbhach,
dóigh ní fheadrais, mór an modh
nach beadh t'eascara id fharodh.



Déana héadach, déana harm
ná bí i ngleo ghlas-gharbh,
ná déana dlighe gan rath
ná déana do mhíne, a Mhic Lughach.



B 1819-59ls 19T
TÚ SIN, A DHRUIMDEIRG DÁNA.



Fionn mac Cumhaill cct, ag fostadh óglach dá mhuintir dobhí ag
imtheacht uaidh.



Tú sin, a Dhruimdeirg dána,
a oirdhearc na hurbhádha;
gidh taoi ag imtheacht indiu
is dubhach liom ceileabhradh.



Do radas duit ag Áth Cró
trí caogaid uinge i n-aon ló,
lán mo chuaich i gCarn Ruidhe
d'airgead agus d'ór bhuidhe.



An cuimhin leat ag Ráith Naoi
dá bhfuaireamair an dá mhnaoi
agus duadhamair na cná
mise ann agus tusa?


L. 286


B 1778-1838lsc 18D
U Anaithnid
TAISCE NA BHFIANN.



Atá fá thonnaibh na dtonn
leac fá bhfuilid laochra lonn;
atá fá n-a grinneal go cóir
deich gcéad uinge den ór.



Atá fúithe fán taoibh theas
caogad lúireach garbh-ghlas,
caogad coire, caogad srian
fúithe, is caogad caol-scian.



Atá fúithe fán taoibh thiar
fá an taoibh a luigheann grian,
trí fichid cuach óir gan oil
fúithe 's gloine geal airgid.



Atá fúithe fán taoibh thoir
caogad cupa comh-sholois,
caogad bos barr-gheal mín
fúithe, agus caogad claidheamh.



Atá fúithe fán taoibh thuaidh
corn dearg-óir mic ríogh Norbhuaidhe;
meádhchan ríogh den airgead bhán
fúithe, agus mac Cúán.



Beagán eile fút-sa thiar
a leac fhionn-ghlas dhonn-liath,
barrbuabhall is fithcheall Fhinn
fút-sa, is cruit téad cheol-bhinn.



Uaigh gach taoisigh chráidh mo chroidhe
a bhfaicsin, a cléirigh cháidh;
inneosad mar is feasach dom
gach uaigh atá ann gach áit.



Atá fán tulaigh so fúinn
fear a bhíodh i mbroid de ghnáth:
Conán fear scaoilte gach rúin
fán tulaigh so fúinn atá.



Atá fán tulaigh so theas
mac uí Dhuibhne, cneas mar bhláth,
fear nár éimigh neach fá neith
acht go mbeadh aige 'na láimh.



Atá fán tulaigh so thiar
an fear ba mhian leis na mnáibh,
Mac Rónáin na n-iomad sciath
fán tulaigh so thiar atá.


L. 287


Atá fán tulaigh so thíos
an fear dobheireadh cíos tar sáil
Mac Lughach fear coiscthe gach laoich
fán tulaigh so thíos atá.



Atá fán tulaigh so thoir
Oscar glic na n-arm n-áigh,
fear traochta gach laoich i dtroid
fán tulaigh so thoir atá.



Atá fán tulaigh so thuaidh
mac Cumhaill ba chruaidh i gcomhlann,
mac inghine Thaidhg dhéid-ghil
nach tug bréithir nár chomhall.



Imtheacht ar a sliocht gan lorg
clann curadh na gcoscar gcruaidh;
rachad-sa gan mhoill 'na measc
is scaoilfead go prap an uaigh.



B 1818ls 19T
U Anaithnid
AG SO AN FEART I BHFUIL FIONN.



Ag so an feart i bhfuil Fionn,
nochan eadh nach cuimhin liom;
Muireann máthair an mhic mhóir,
bean do Chumhall mac Tréanmhóir.



Oisín mac Finn, fear go ngail
ro geanair i gCluain Íochtair;
inghean Deirg a mháthair mhaith
torrach naoi mís ón mac-fhlaith.


L. 288


B 1750-1821ls 18L
U Anaithnid
LAOIDH AN AMADÁIN MHÓIR.



Dochuala scéal uaibhreach gan bhréig
ar óinmhid dá ngéillid slógha -
fear meanmnach nár dhearg air arm
dár chomh-ainm an tAmadán Mór.



Críocha an domhain do ghabh sé -
an fear nár thréith 's dobhí borb -
ní de threise sciath ná lann
acht neart a bhall 's a dhá dhorn.



Leanamhain fhada do-ní sé
gurbh iomdha laoch ar ar ghabh smacht;
scéal beag gearr 'na dheireadh thall
is tuigtear ann nach raibh sé lag.



Lá dá gcualaidh an tAmadán Mór
go raibh ag Rígh Lochlann 'na dháil
an bhean ba bhreághtha dreach is scéimh
dá raibh ar an saoghal le fagháil.



Do ghluais air de lom-lúth
go faithche na Beirbhe tráth,
chun amharc d'fhagháil ar an mnaoi
ba bhreághtha bhí aige le fagháil.



Thárla óglach garbh fionn
air ag siubhal cois na trágha;
d'fhiafruigh de an tslighe 'na bhfuigheadh
radharc ar an ríoghain mhná.



D'innis do go raibh sí i gcúirt
daingean chumhdaigh cois na trágha
's go raibh seacht bhfichid laoch calma
'na ngárda sheasaimh dá coimeád.



Do ghluais an fear mór go dian luath
go ndeachaidh de rith 'na measc;
fiafruigheas scéala díobh go humhal
cia an chúirt 'na raibh an bhean.



Do labhair Feargus mór go hárd
"Créad is fáth dod lorg bhaoth?
ar ór 's ar airgead an domhain
ní bhfaghthá labhairt ná dul 'na gaobhar."



"Dá mbeith 'fhios agam cá bhfuil an bhean
is áille gné, dreach is cló,


L. 289


gan cead duit-se ná díbh go léir
níorbh fhada an chéim go mbeinn 'na comhair."



"Dar do láimh, a óglaigh mhóir
ar son do ghlór bheith borb teann,
dá gcuirtheá chun dul 'na comhair
ba ghearr an dóich dhuit bheith gan cheann."



Do ghlac fearg an tAmadán Mór
is greamuigheas Feargus idir a lámha,
adubhairt leis tuairisc na mná thabhairt do
nó dhéanfadh broscar de n-a chnámha.



Éirigheas cách go borb teann
is beireas gach aon ar an bhfear mór;
ba ghearr an mhoill air iad go léir
dá ngoin go haedhibh, gan lúth, gan treoir.



Seacht bhfichid laoch calma cruaidh
tháinig do bhualadh an fhir mhóir,
is dá mhéid a ngoineadh ná 'nguais
is beag an tsuim a bhí aige dhóibh.



Gach n-aon aca mar thigeadh air
do chaitheadh é de phleist ar lár
gur leag gach aon díobh le fuaim
treascartha i nguais an bháis.



Annsin dochuaidh san gcúirt
'na raibh an chúilfhionn mhaiseach mhná;
rug leis í go dána dian
is fear a choisc ní raibh le fagháil.



Lá dá raibh an tAmadán Mór
i n-iarthar Lochlann na gceol gcaoin,
é féin is 'aon mhacaomh mná
- ní chuala a n-áilleacht de dhís.



Thárla gleann diamhair dóibh
nach rabhadar fós roimhe riamh,
dob fhearr féar, fíodhbhadh is fonn
is fuaim na dtonn le sleasaibh liag.



Dubhairt annsin an macaomh mná
"A fhir is fearr lámh dá bhfeacthas ann,
do shiubhail mé an domhan fá thrí
's ní fheaca tír mar an ngleann."



Tháinig chuca ar an dtráigh
an gruagach dob áille brat,
corn ór-loiscthe leis 'na dhorn
mar shamhail cuirn 'na mbeadh deoch.



Dubhairt annsin an tAmadán Mór
"Ní rabhas fós ar feadh mo ré
aon uair gur mhó mo thart
- is maith liom a theacht gibé."


L. 290


Do ráidh annsin an macaomh mná
"Ná hibh a dheoch is ná blais a bhiadh
nó go bhfeasam cad é an gleann
nach rabhamair ann roimhe riamh."



Beannuigheas Gruagach an bhruit óir
don Amadán Mór is dá mhnaoi:
"Bí go subhach, a óg-laoich mhóir
agus ól deoch ó chroidhe."



Thug sin an chomaoin chéadna dhó
ar fhreagra ghasta 's ar ghlór ghlic,
is thug sítheadh sanntach borb
's níor fhág braon sa chorn nár ibh.



Iar n-imtheacht do Ghruagach an chuirn
níor bhuaidhe a chuirm le n-a hól -
an dá chois ó n-a ghlúinibh síos
dobhí de dhíth ar an bhfear mór.



Adubhairt annsin an macaomh mná
"is cruaidh an cás 'na bhfuil tú 'nois,
is tearc do charaid sa domhan mhór
's ní truagh leo tú bheith gan chois."



"Éist, éist, a ghailtheann óg
ná bíodh brón ort 's bí id thost;
ní bheidh aon chos isan gcrích
nó gheobhad-sa arís mo dhá chois."



Dochualadar ar a n-aghaidh san ngleann
guth gadhair ba bhinn glór;
rug seisean a sciath 's a lann
ins an eanach dob fhearr dóich.



Ins an eanach 'nar ghabh siad
tig an fiadh beannach borb,
agus gadhar cluais-dearg bán
ag tafann go dána ar a lorg.



Gluaisid annsin araon
- an bhean 's an laoch dob fhearr trost;
ba luaithe an tAmadán ar a dhá ghlúin
ná seisear ar lúth a gcos.



Thug annsin an tAmadán Mór
urchar gasta nach raibh fiar,
do chuir an tsleagh faid láimhe laoich
tré n-a dhá thaoibh ag an bhfiadh.



Beireas ar an ngadhar bán
i n-a láimh is chuir é ar éill;
"Beidh tú agam ag déanamh ceoil
nó go dtig neach nó tóir id dhéidh."



Chonncadar chuca san ngleann
gruagach fionn go ndeallradh an óir,
lann leathan ar a thaoibh chlí
dá chraoisigh is sciath 'na dhorn.


L. 291


Beannuigheas Gruagach an bhruit óir
don bhfear mór is dá mhnaoi;
fiafruighid scéala dhe go beacht
cá ríoghacht do chleacht nó cá tír.



"Gruagach an Ghadhair Bháin is é m'ainm
dar go dearbh, a mhacaoimh mhóir,
i gcrích Lochlann bhím de shíor
is ar gach buidhin do bhrisim slógh."



"Bheirim a dheimhin duit gan bhréag
a Ghruagaigh shéimh is áille rosc,
nach beidh Gruagach an Ghadhair Bháin
ó indiu go bráth dá ghairm ort."



"Nach leor duit, a óg-laoich mhóir
chun bheith go cóir isan roinn
mo shealg uile ar do láimh
's ár ngadhar bán do leigeann linn."



"Mise féin dorinn an tsealg"
do ráidh an tAmadán garg dian,
"gibé againn is treise lámh
bíodh aige an gadhar bán 's an fiadh."



"Ó thárla mo ghadhar bán ar do láimh
's do chosa go bráth dod dhíth,
biadh is éadach ar feadh do ré
do-bhéar duit féin is dod mhnaoi."



Annsin do ráidh an macaomh mná
"An gadhar bán tabhair-se dhó."
"Do-bhéarfainn agus gadhar breac
is dá mb'áil leat ní badh mhó.



"Do-bheirim do san an gadhar bán
ar th'impidhe, a ghrádh thar gach bean,
's mur gcoimhlíonaidh gach ní dár gheall
bainfead de an ceann 's an gadhar."



"Ní dhearna mise ariamh bréag"
do ráidh an Gruagach 's a dhéad mar bhláth;
"ní iarrfad ort-sa ar a shon súd
acht coimhéad mo chúirte 's mo mhná."



"Bheirim a dheimhin duit gan bhréag
a Ghruagaigh do léig liom do rún,
nach léigfead do bhean go héag
le neach fán ngréin, ná do chúirt."



Annsin ghluaiseadar an triúr
isan iúl 'nar ghabh an fear;
chuir an óinmhid ar a mhuin an fiadh
i gcrannóig a sciath is a bhean.


L. 292


Annsin chonncadar le n-a dtaobh
cathair chaomh go ndeallradh an óir;
ní raibh dath dá bhfeacaidh súil
nach raibh san gcúirt ní ba mhó.



Annsin d'fhiafruigh an fear mór
"Cia an chúirt óir úd ar ár gcionn?
cia is triath nó tighearna don teach
nó'n féidir a bhrath nó a shiubhal?"



"Dún an Óir is é a hainm
dún garguil lán de rath;
níl dá bhuidhin fear le fagháil
acht mise amháin is mo bhean.



"An gleann sin ar ghabh tú tríd
lán de dhraoidheacht dobhíonn gach lá;
is beag an fóghnadh do-ním féin
acht ag coimhéad méin mo mhná."



Fuaireadar rompa isan dún
inghean úr dob áille gné;
ba ghile ná sneachtadh a corp
gorm a rosc, mar chailc a déad.



D'fhiafruigh annsin a bhean féin
den Ghruagach séimh go luath prap;
"Cia hí an macaomh déid-gheal óg
nó an fear mór dá dtug sí searc?"



"Bean an fhir mhóir úd thall do-chír
inghean Ríogh ghil Thíre an Óir
agus é féin an fear meanmnach
dárab ainm an tAmadán Mór.



"Is é is fearr lúth is réim
isan tsaoghal dá bhfeaca fós;
críocha an domhain fá n-a bhéim
is mise féin gur ghéill dó."



"Mo cheist ort, a dhéid-gheal
cia an fear mór dá dtug tú móid?"
"Ríghthe an domhain dobhí dá réir
is mise do ghéill maille leo."



"Is iongnadh liom a bhfuil tú 'rádh
an domhan má tá fá n-a smacht
créad fár léig sé a chosa leo
's a liacht slógh ar ar ghabh sé neart?"



"Innsim duit gur fíor gan gó
ríoghacht an domhain gur ghabh de láimh,
's nach fuil rí ná flaith san tsaoghal
nach tug géilleadh do neart a lámh.



"Gidh gur beag tháinig dá shaoghal
dobhí san nGréig 'na ghamal óg;
ba ghearr an mhoill air míle laoch
do threascradh fé ar uair de ló.


L. 293


"Ní raibh clogad, claidheamh ná sciath
ná arm géar ag an bhfear óg
acht bheith 'á gcaitheamh de phleist uaidh
marbh, fuar, gan dath, gan snódh.



"Ní fhuil ríoghacht ar bith san domhan
nach tug go lom cath ar gach tóir;
ní raibh neach chuir air le faobhar
nár ghearr a réim aige beo.



"Tháinig Colgach na gcruadh-lámh
an fear gan scáth ón Aisia mhóir
's níor dhearg arm ar a chlí
gidh ghaibh sé tríd an domhan mhór.



"Do chuir air go ró-thapaidh
a chulaith airm go cliste cóir
is dubhairt go rachadh do chomhrac leis
nuair chualaidh teist an fhir mhóir.



"D'fhiafruigh de cár fhág 'na dhiaidh
a chlogad, a sciath ná a chlaidheamh cóir;
adubhairt seisean fós nár iarr
d'arm riamh acht a dhá dhóid.



"Adubhairt Colgach gurbh olc an chiall
gan arm d'iarraidh chun dul i ngleo;
"is baistim-se ort mar ainm
an fhaid mhairfir - An tAmadán Mór."



"Tar éis sin do rádh, thug le faobhar
buille tréan don fhear mhór
gur ghearr go cnámh 's do bhuain béic
as le béim an bhuille mhóir.



"Beireas go lom idir a dhá ghéig
ar Cholgach tréan na gcruadh-lámh
gur chuir 'ionathar le fáscadh nimhe
tríd síos gan roinn spáis.



"Do-bheirim a dheimhin duit gan bhréag
slógha an domhain gur ghéill dó,
is mur mbeadh draoidheacht an chuirn chrosta
nach leigfeadh sé na cosa leo.



"Rachad féin anois do sheilg
de chuaird eile go Gleann an Smóil;
coimhéad-se mo ráth ar mo chúl
mo bhean, mo chúirt 's mo chuid óir.



"Má's fada gearr bhead-sa amuich
ná déin codladh 's ná crom do cheann,
ná léig aon duine isteach
ná duine amach dá bhfuil ann."


L. 294


An Gruagach, an gadhar bán 's an chú
d'imthigheadar an triúr do sheilg;
an dias bhan 's an tAmadán Mór
d'fhan san gcathair órtha dheirg.



San gcathair órtha níor fágadh ann
acht an dias inghean saor ba ghlan,
gur ghlac codladh an fear mór
's do ghoir chuige dom dhóigh a bhean.



Do ráidh léi an tAmadán Mór
"A ghailtheann óg, tar fám cheann;
tá na codladh mór dom bhuair'
gidh nach obair dom suan san ngleann."



Tháinig an ghailtheann fá n-a cheann
- ba shamhail a deallradh leis an ngréin -
's do ráidh leis an Amadán Muar
nár thráth suain do dhéanamh é.



Tar éis luighe don óglach mhór
tig súd gaiscidheach óg isteach,
de mhnaoi an Ghruagaigh do bhain póg
's níorbh olc léi, dom dhóigh, a theacht."



Éirigheas an ríoghan ba bhreágh snuadh
is beireas go cruaidh ar a cheann
agus dubhairt leis an Amadán Muar
"Dorinn tú suan is níorbh é am.



"Is olc an t-am," ar sí fá chás
"'s is mí-thráthach dorinn tú suan,
atáthar ar do thí istigh
's is eagal duit gur céim chruaidh."



"Muna mbeadh an codladh trom go leor
ní léigfinn an gaiscidheach óg isteach,
's nó go dtí Gruagach Dhúna an Óir
ní rachaidh sé dem dheoin amach."



Ar lár an dorais do shuidh sé
ar a scéith dorug 'na dhóid;
níor chum gabha, saor ná ceard
comhla ba dhaingne ná'n fear mór.



Éirigheas an gaiscidheach donn deas
is rug go prap ar a scéith;
"Fág an doras, a óg-laoich mhóir
ní háit chóir 'nar shuidh tú féin."


L. 295


Dob é freagra an Amadáin Mhóir
ar an ngaiscidheach, de ghlór theann;
"Nó go dtí an Gruagach atá amuich
beidh tú istigh nó do cheann."



"Dogheobhaidh tusa, a óglaigh mhóir
lán trí ndabhach d'ór ghlan,
ba is groigh is fearann saor
agus léig mé féin amach."



"Do-bheirim mo bhriathar duit gan gó
gidh maith fós a bhfuil tú a rádh,
acht go dtí Gruagach Dhúna an Óir
go n-íocfaidh tú póg a mhná."



"Dogheobhaidh tú súd uaim-se fós
mo chulaith sróill agus m'each -
is comh-dheas di muir is tír
ar mo leigean arís amach."



"Do-bheirim a dheimhin duit gan gó
gidh maith fós a bhfuil tú a rádh,
acht go dtí Gruagach Dhúna an Óir
beir-se i ngeall le póig a mhná."



"Do bhain mé den Ghruagach an corn
ag dul do 'na luing isteach;
dogheobhair an leath-chos is an t-ór
is léig mé san ród amach."



'S annsin do ráidh an ghailtheann óg
"Léig an gaiscidheach cródha amach,
ach go gcuiridh sé do leath-chos fút
's go ndéanfam le chéile siubhal go beacht."



"Má áil leat-sa, a ghailtheann óg
leigfead-sa an gaiscidheach óg amach;
Cuireadh sé mo leath-chos fúm
is imthigheadh ar siubhal go beacht."



Séideas le draoidheacht go deas faoi
an leath-chos mar bhí roimhe riamh.
Do ráidh an gaiscidheach dobhí glic
"Bímíd uile anois ag triall."



Adubhairt leis an tAmadán Mór
"Fanfair fós annso go mall,
an leath-chos eile, gidh céim chruaidh
dobhéarfair uait nó do cheann."



Dobhí an Gruagach i gcás chruaidh
is thug léim go luath i n-ucht na mná:
"Gabh mo choimirce, a bhean
is mo dhíon go beacht ón mbás."



"Ní heagal duit-se an bás"
do ráidh an bhean dob áille dealbh,
"an leath-chos eile tabhair-se uait
is díon ón nguais seo t'anam."


L. 296


Níor léig eagla tagra dhó -
dobhí an fear mór ós a chionn,
thug an leath-chos eile dhó
- scéal gan gó mar deir an pionn.



"Anois ó thárla do chosa fút
is ró-mhaith do lúth i ngach am,
triallaimís a dtriúr amach
go ngabham neart i ngach ball."



"Na cosa do baineadh díom
ní leigfear arís leat ná leo,
's ní mó rachair dom dheoin amach
go dtí Gruagach Dhúna an Óir."



"Is baoth do thoisc, a mhacaoimh mhóir
chuireas tú i gcomhair lúith is riain;
ba chóir dá mbeadh ar chumas duit
nár mhian leat mo mhí-riar."



"Dá dtugthá dhomh-sa tuilleadh cos
is gach maith dá bhfeaca súil,
ní thréigfinn air sin mo rún
ná mo chumann d'fhear an dúin."



"Fear an dúin ní thiocfaidh arís
triall do shlighe 's ná bí 'na chás,
béarfad liom an bhean dom féin
's ní scarfad léi go lá an bháis."



"Atá an Gruagach fós le teacht
gidh nach maith leat-sa a thrách
íocfaidh tú a ndearnais air
geallaim duit gidh teann do rádh."



"Le n-a theacht nó a dhul ar ceal
glac gach maith atáim a rádh;
triallfam féin 's ár ndís bhan
is gheobham neart i ngach áird."



"Bean an Ghruagaigh ní leat go bráth
le neart lámh ná le toil;
triallfaidh sí im dháil-se féin
muna teacht dá céile, is bí id thost."



"Nach fuil bean eile agat féin
is maith méinn, gnaoi agus rosc,
is náireach dhuit, a mhacaoimh mhóir
mise fá bhrón anois do chosc."



"Ní tháinig riamh 's ní thiocfaidh fós
gaiscidheach cródha ná teann-laoch
dogheobhadh bean an Ghruagaigh Óir
go dtigidh fós fá n-a déin."



"Is olc do nádúir is do rún
"'s is mór do chlú i gcríochaibh cian,
thugas-sa dhuit siubhal is lúth
's is mairg duit mo mhí-riar."



"Thugais dom siubhal is lúth
's gur le mí-rún do chailleas iad;
dá mbeinn' na n-easbaidh go lá an bhráth
ón nGruagach ní bhfaghair-se triall."



"Do-bhéar gach aisce, ór is maoin
do-bhéar gach ní dhuit is mian,
ní dhéanfad feasta olc ná díth
is fulaing sinn anois do thriall."


L. 297


"Olc ná díth ní gheobhainn uait
ná fós duais ar chor san tsaoghal;
bean an Ghruagaigh ná cead riain
ní bhfaghair iad go teacht do féin."



"Innsim duit, a mhacaoimh mhóir
creid gan gó mo bhriathar fíor,
nach tiocfaidh Gruagach Dhúna an Óir
's go mbeir-se fós aithreach tríd."



"Dob aithreach liom an Gruagach caomh
má's é sin suim a bhfuil tú a rádh
's dá mbeadh gan teacht ní saor do ghuais
go n-íocair cruaidh i bpóig a mhná."



"Is briathar domh-sa, a mhacaoimh mhóir
go bhfuilid slóighte agam im dháil,
a bhéarfas bean an Ghruagaigh óir
gan cead dóibh ná duit 'na ndáil."



"Gidh táim-se anois 's an dís bhan
gan Gruagach deas na slógh,
ní leigfead go bráth tú dhul amach
go dtigidh isteach má tá beo.



"Ní heagal liom do shluagh tréan
do dhraoidheacht féin ná do neart,
íocfair liom-sa nó leis siúd
do theacht don dún gan a chead."



"Má thugas póg don mhnaoi chaeimh
's gur mhaith léi féin mo theacht,
nach lór leat-sa mar dhíol uaim
í dá luadh mé dhul amach?"



"Ní ghlacfainn mar íoc í dá luadh
's ní maise an tuairim a thagairt léi;
ná bí ag tuar do thriall amach
- ní scarfad leat go dtigidh sé."



"Dá mbaininn uait do chosa arís
badh mhór do dhíth 's badh leamh do ghreann,
ná coisc mé feasta ar thriall amach
nó beir 'na n-easbaidh, is fós do cheann."



"Má tá do ghníomh do réir do ghlóir"
ar an fear mór is é ar an doras,
"féachaimís araon le chéile
cia againn is tréine ceann is cosa."



Annsin adubhairt an ghailtheann óg
"A fhir ba chródha gaisce is gliadh,
cailleamhain do chosa dhuit arís
badh mhí-ghnaoi is easbaidh dhian."


L. 298


"A bhean is áille scéimh is dealbh
ní heagal duit-se go deo arís,
le draoidheacht doilbh ná neart lámh
cos ná lámh do bheith dom dhíth."



"Ní tuigtear leat i n-éifeacht fós
mar chaillis cló, maise is gnaoi
le geasa draoidheachta an chuirn chrosta
scuirfidh do chosa seal dod dhíth."



"Ó fuaireas mo chosa arís i gcóir
mo neart is mo chló go dearbh,
ní heagal duit go lá an bhráth
go bhfaghaidh do lámh a gcealg.



"A ghaiscidhigh úd na mbriathar dteann
do bhagair ceann is cosa 'om dhíth
triall ar th'aghaidh is déin an bheart
má thig leat, is meathta an gníomh."



"Nach eagal leat do chosa arís
easbaidh bríghe, lúith is riain;
atáid na geasa céadna arís
le himirt ort má thuillir iad."



"Ná bhí feasta baoth gan chéill
led ghlór shaobh do chanair linn
nó go dtí an Gruagach ceannsa teann
do shaoghal ní scarfar linn."



"Creid-se, a mhacaoimh, scéal gan gó
an Gruagach cóir go bhfuil gan bhrígh;
dá bhrígh sin féach ort féin
nó is duit is baoghal, geallaim díbh."



"Do-bhéar duit cumas, neart an domhain
buadh agus rogha ar muir 's ar tír,
do theacht slán ó ghliadhaibh cruadha
's gan béim ná guais do namhad dod chlaoidhe.



"Do-bhéar fós duit corn buaidhe
ó gheasa druadh dhéanfas díon,
cló na hóige beidh agat féin
is faid mhór saoghail ag do mhnaoi."



"Is maith gach duais dá bhfuil tú a rádh
acht dá fheabhas a gcáil, a maith 's a ngníomh
triall amach ní bhfaghair go bráth
i bpóig na mná go dtugair díol."



"Ní cuibhe dhuit-se, a mhacaoimh mhóir
mo chosc i ndóigh go ngeobhainn díth;
ní fheicfir Gruagach Dhúna an Óir
ag teacht id chomhair go bráth arís."


L. 299


"Dá mbeadh gan teacht go deireadh an domhain
ó do phéin ní bhfaghair-se fóir;
níl do thriall go bráth amach
go dtugair díol go beacht san bpóig."



"Ní le goimh a thugas di póg
acht le ró-sheirc cumainn dá gnaoi;
is gur cailleadh Gruagach Dhúna an Óir
ní foláir go dtiocfaidh linn féin í."



"Má cailleadh Gruagach Dhúna an Óir
is géar an brón 's is doilbh linn;
agus é bheith marbh nó beo
beir-se fós gan cead na slighe."



Adubhairt an ghailtheann óg
"Do scéal ní dóigh go bhfuil fíor;
tiocfaidh an Gruagach tar 'ais fós
is san bpóig do-bhéarfair díol."



Adubhairt an tAmadán Mór
"Ní foláir go fóill go ndéanfair moill
má's gan teacht don Ghruagach Óir
mise dó chum seasaimh boill."



"Ní tuigtear liom gur briathar cóir
a mhacaoimh mhóir, a chanair linn,
an té thug ort cabhair is fóir
gur mian leat brón do ná díth."



"Dá bhfaghainn-se ceart na lann
cos ná ceann ní léigfinn leat
ná le laochradh gaisce an domhain
le draoidheacht go lom dorinnis beart."



"Nach tuigtear leat-sa, a mhacaoimh mhóir
go bhfuil im chomhachtaibh geasa arís
tusa bheith gan cosa id chomhair
- díth ba mhó ná póg ó mhnaoi."



"Dá gcaillinn cosa agus ceann
lúth mo bhall is fuil mo chroidhe,
ní léigfinn leat-sa an bhean ar ball
do ghlór, gidh teann, ní heagal linn."



Aitchim ort, a mhacaoimh mhóir"
do ráidh bean óg an Ghruagaigh chaomh,
"nuair nach dearnaidh olc ba mhó
tabhair an ród do go séimh."



"Gidh deacair linn, a chiabh an óir
tú i ndobrón do dhiúltadh tríd
ar ar iomchuir an talamh d'ór
ní thiubhrainn fós do imtheacht slighe."


L. 300


"Ní hamhlaidh is cóir, a mhacaoimh mhóir
díth ná brón ní dhearnaidh dúinn;
badh dhoilbh liom-sa tusa fós
do chlaoidhe, dom dheoin, le geasaibh draoidheacht'."



"A bhean is áille cló is gnaoi
ná glac tríom-sa uamhan bróin;
i n-a gheasaibh níl mo shuim
ní bhfaghaidh 'na gceangal mé go deo."



Do labhair an ghailtheann, go caomh caoin
is dubhairt: "A mhacaoimh na mbuadh lán,
ní fiú coir an ghaiscidhigh gan cead
is géilleadh dho anois d'fhagháil."



"Do-bhéarfainn cead riain is slighe
dá roicheadh sinn an Gruagach áigh;
go dtigidh sin ní scarfaidh linn
ar chomhairle chinnte fir ná mná."



Do ráidh an gaiscidheach de ghlór theann
"Cosa is ceann beir dá ndíth;
an dís bhan béarfad liom
géill go humhall nó is aithreach díbh."



Annsin thug an macaomh mór
baoth-léim chródha ar fuaid an dúin
go bhfuair a lann líomhtha is a shleagh
i n-a dhá láimh de lom lúith.



Do ráidh na mná dob áille dealbh
"A mhacaoimh, t'fhearg cuir ar gcúl
nó is bás dúinn-ne tríd go beacht
- ná déin beart nár mhaise dhúinn.



"Ó fuairis do chosa do chur fút
rith is lúth, neart is rian,
níor chuibhe dhuit mar gheall ar phóig
ná díth, ná brón, bheith gan iad."



"Má bhíodar mo chosa dom dhíth
scéal de bhrígh geasa cruaidh,
atáid fúm anois i gcóir
is leat ná leo ní leigfead iad."



"Is maith do mhéinn, a mhacaoimh mhóir
is glan go leor atá do rún,
is mise Gruagach Dhúna an Óir
do chuir do chosa go cóir fút.



"Is mé Gruagach an Ghadhair Bháin
do ghlac ar láimh go dearbh thú;
is mé do bhuain do chosa dhíot
d'fhéachain do ghníomh is do rúin.



"Is mé do dhearbhráthair caomh
is fada mo réim ar do lorg,
anois ó thárlamair le chéile
táim-se saor ar dhraoidheacht an choirn."



Annsin rug siad lámh ar láimh
grádh ar ghrádh, méinn ar mhéinn;
phógadar a chéile le cumann croidhe
's ní hiongnadh linn sin mar scéal.


L. 301


Is iomdha suairceas is comhrádh caoin
do chan an dís sin go lá;
d'innis Gruagach Dhúna an Óir
go gairid dóibh go raibh an námha.



Annsin d'fhiafruigh an fear mór
créad an ród 'na raibh an námha;
"Diúltuighim staonadh dhuit ná dhóibh
go bhfaghad cóir ar dhul 'na ndáil."



Gluaisid rómpa, iad araon
an Gruagach tréan 's an fear mór;
ní raibh an dís sin fán ngréin
ba threise réim, neart is cló.



d'innis an Gruagach do go roibh
cúirt gan locht a bhfogas dóibh,
is cúigear athach ar a ndeallramh
gur mhór an scannradh dul 'na gcomhair.



Níorbh fhada chuadar ins an ngleann
is iad go teann, measadh dóibh
go gcluinid fothrom, trost is fuaim
ag athach gruamdha an bhuille mhóir.



Dochonncadar ag teacht go dian
is sár-lorg iarainn i n-a dhóid;
ba leithe a shúil ná an ré
's ba mhó a phlaosc ná bolg bó.



Níor labhair focal leo ná gíog
acht teacht le fíoch-nimh i n-a ndeoidh,
den tsár-lorg iarainn do bhuail béim
anuas i bplaosc an Amadáin Mhóir.



Do thuit an tAmadán ar a dhá ghlúin
annsin le pudhar an bhuille chóir;
do phreab 's do ghreamuigh le fáscadh nimhe
fá bhun a chíoch an t-athach mór.



Thugadar cuir go teann tréan
goin is baoghal is dainid bróin;
ní raibh samhail dóibh araon
le neart i n-aon bhall den domhan mhór.



Do chuiridís cnuic ar crith go mór
le neart dóide, cuirp is cléibh;
do-nídís tobar de thalamh chruaidh
's do bhainidís fuaim as clocha sléibh'.



Dob iongnadh leis an Amadán Mór
an t-athach cródha, neart a ghéag,
go bhféadfadh seasamh leis chomh fada
ná fear san domhan le neart a bhéim.


L. 302


Do ghlac fearg an tAmadán Mór
is thug go cródha goin go haedhibh
ar an athach le fáscadh nimhe
gur bhuain as bíodhgadh is cnead cléibh.



Do thóg sé an t-athach ar a chorp
's do bhuail é ar chloich 'na phleist ar lár,
do bhris a chorp 's a chroidhe 'na chliabh
go raibh 'na liaghairne marbh tláth.



An uair fuair an lorg 'na dhóid
fear a chlóidh ní raibh le fagháil;
ní raibh an laoch sin fán ngréin
ar a bhfaghadh béim nach raibh ar lár.



Triallas annsin isteach don chúirt
an Gruagach fionn 's an fear mór,
is fuair siad ceathrar athach ann
dobhí teann i neart 's i nglór.



"Comhraic-se le fear den bhuidhin
a Ghruagaigh chaoin Dhúna an Óir,
is fágtar orm-sa bualadh an triúir
's ní mhaithfead bonn ná buille dhóibh."



Is lom do bhuail gach n-aon den triúr
buille dlúth ar an bhfear mór,
's is gearr gur bhris a gcroidhe na gcliabh
le sár-lorg iarainn an athaigh mhóir.



An t-athach óg dobhí go buan
ag comhrac Ghruagaigh Dhúna an Óir,
do scread go luath is go lom
is d'iarr cabhair ar an bhfear mór.



"Dogheobhair sin uaim-se go fíor
má bhír dílis dom go deo."
Do gheall seisean ar feadh a shaoghail
go ndéanfadh réir an fhir mhóir.



Do ghlac seilbh i ngach ball
'na raibh anois a chuid stóir,
ní raibh samhail díobh ibhfus ná thall
le neart a mball san domhan mhór.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services