Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Barántas
Title
An Barántas
Author(s)
Ó Súilleabháin, Tadhg Gaelach,
Compiler/Editor
Ó Fiannachta, Pádraig
Composition Date
1784
Publisher
(Má Nuad: An Sagart, 1978)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BARÁNTAS AN HATA A Éigse is suadha Ag so ordú fuinniúil feidhmláidir fíochmhar foirtil fíorárrachtach, nimhneach neartmhar namhaidiúil neamhcharthanach, cróga calma cabharthach, ríoga rafar réimdhíreach, séimh sultmhar sothuigseana, rúnmhar reachtmhar róthiarnúil, créachtmhar ámhar úrmhaiseach, dlúfar dána dásachtach, chum gach uile chonstábla bumbáille mórmhaor taistealach agus feidhmeannach fórsúil fíorfhorránta do bhaineann re cúirt shochraigh shobhéasaigh shaoithiúil shoineanda sholasbhriathraigh na ndámhscol ndántach ndea-shamplach agus chum Eoghain mhic Parthaláin Uí Shúilleabháin go sonrách agus a lucht cabhartha.
A éigse is suadha Shléibhe Luachra éistíg linne seal, I laoithibh éifeacht daoibh go léifead fé mar scriosadh mé. Foghlaí tíre tháinig araoir is óm' thaobh do goideadh leis Hata fáinneach cumtha ceardach péacach uilleannach. Do bhí sé maisiúil éadrom dathúil fé mar thuigimse, Is banda síoda casta ina thimpeall - céim nárbh iongnadh. Ba bhreá í a scéimh is bláth gach éinne féna dhuille sin. Lonrach lasmhar cumhra cneasta caomhnach cumannach. Seo an hata gan bhréig faoi ndeara do Dheirdre thréig rí Uladh seal Taitneamh a croí do thabhairt do Naois an tréanfhear cumasach, Fé mar aithrisid fáithe an tseanchais in éachtaibh iomdha I gcathaibh na Craoibhe, i dtreascairt na mílte laoch gan toirmeasc. Sé scéimh an hata seo an chéim faoi ndeara do Hélen cumannsearc Do thabhairt do Pháris ó chathair Phriámus ó nGréig gur imigh leis. Sé an t-ábhar is an fáth d'fhág Aicill is Ájax faon, is iomad flaith. Is Hector cróga, i ruagaibh comhraic do thraochadh trupanna. Is é ba dhíon is éadach cinn ar phlaosc Chú Chulainn seal, Bláthnaid mhaorga an tráth do thréig a céile cumainn dó. Is ar Jáson féin do ghluais le laochra, an tréanfhear curanta,
Lomra an óir ó Cholcis ar bord don Ghréig go dtugadar. 'S ar Hercules féin do smachtaigh an saol gan bhéim gan toirmeasc. Is ruathar ármhaigh Chonaill Chearnaigh féin do tugadh ris. Is dearbh gurb é bhí ar chloigeann Orpheus, an uair d'aontaigh Lucifer An chúileann tais do thabhairt tar n-ais gan bhéim ó ifreann. Is é do néamhaigh cló Mhic Mhaoil na mBó thug Gaeil go huireaspach Faoi shúistibh Gall go dúchroíoch fann gan réim gan cumas nirt. Is é bhí ar Dhiarmaid i ngoradh na nglia do thraoch an iomad fear, An tráth thug Gráinne cumann is páirt tar aon den fhoireann dó. Cá tairbhe domhsa a mhaitheas do chomhaireamh, d'éis a ghoidithe? 'S gurbh álainn gleoite snasta an tseoid é ag saorfhlaith cumasach. Níl ainnir ná béith do dhearcfadh an té ar a suidhfeadh seal Ná tabharfadh searc rún is gean a cléibh 's a cumann dó. Is cráite céasta tráite traochta tréith mé in' iongnais, Is mo ghéaga siúil gan réim gan lúth is is faon mo chuisleanna. d'imigh mo ghreann, do chailleas mo mheabhair, do chlaochlaigh m'inchinn. Go dtáinig óigfhear cumtha córach béasach milischeart, Inné dom' láthair is thug sé an mánual de réir a thuigseana, Go bhfuaras fardal uaidh is fáth cén taobh 'nar imigh sé. Thugas-sa ordú, fuinneamhail fórsúil faobhrach foirmleach Uaim is éiric fé mar léitear é sna luithibhse: As I am informed that pilfering roving rakes gan dearmad Iuris quoque contemptores fé mar chanaimse, Nightly stroll and haunt these borders - déanaíg faire cheart, To apprehend an cladhaire falathach feill den chlaonsprot chealgach. Cuardaíg maolchnoic coillte is caolta sléibhte is curraithe. Ó Chom na gCaolfhear go Baoi Bhéarra, is go hUíbh Mac Coille soir. Ó imeall Fionntrá go Sionainn na mbárc is go Clár na Gaillimhe. Is i mbroghaibh aolbhroig ó Chois Fhéile, síos go Luimneach. Cuardaíg póirsí, poill is seomraí, is féach i gcurpadaibh. Ná fágaíg bácús, lochta ná parlús,
saor gan briseadh dhó. Siúl gach soiléir is cúinne simné ós é is sailithe. Scartáil airgí is comhraí daingne, is réabaíg glaiseanna. Ar fháil an tséithligh, d'fhág mé i ndaorbhruid, fé mar d'iniseas, Léithrigh righne, déanaíg d'fhí i gceart ar a chuisleanna. Tugtar an scrúile chum na cúirte ar adhastar chugamsa. Go stollad go prap an croiceann le hairc ó phlaosc go troithibh de. Más ina seomraí ag mná óga gheobhair an hata seo, Déin a gceangal go diachrach daingean le cuibhreach gadaraigh. Má ghnéid gearán, ar a gcruachás, tabhair faobhar bata dóibh. Is muna ndéineadsa léirscrios fola ar an dtréad sin, déin a chasadh liom. Ag so barántas, duit a bhráthair, gan bhaol gan toirmeasc, Is leagfad mo lámh, go tapa ar a sháil, is séala m'oifige. Cuir gach ponc de in execution i bpéin do ghoirtithe, Ag dlí na suadha, is na ndraoithe suairce, saothrach socharach.
A ghasra fhial ghrianda dob úire uair. Contae Luimnigh mar aon le lánchuaird leathanlíonmhar Leatha Mogha. Le Seán Ó Tuama an Ghrinn aon de phríomhbhreithiúin na suadhéigse sna críochaibh céanna. Ag so réamhrabhadh nó réamhfhógra do gach aon ler mian athnuadhadh na sean-nós nÉireannach ar feadh na gcríoch réamhráite, go bithchinnte do gach aon ainmnithe san leathanach so le comhchruinniú go toirtiúil tromthionóil go teaghlach an bhreithimh réamhráite i gCromadh an tSubhachais an t-aonú lá fichead den ochtú míosa is neasa dá ngairmthear san mBéarla Gallda October chum an lae sin d'onórú re hiarguimhniú, athbheoú, agus síoraithris na saorghníomha saibhre socharmhianda do chleacht ár bhforas feasa, ár gcoinneal adhnta, ár gceap craoibhe, ár stoc stiúrtha, agus ár mbile buacach buafhoclach, eadhón, Seán geal Clárach Mac Dónaill, ardollamh insemse iathghlaise oileánaí Éireann ina chomhaimsir féin, chum cuidiú go cairdiúil ria aroile le greann agus gléirmhian do chothú agus do shíorchoimeád diaidh i ndiaidh fá chomhair ár lucht leanúna féin, amhail do rinne an t-éigeas iolbhuach a dúramar, agus mórán eile dár sinsearaibh romhainne
ó aimsir go haimsir. Óir dá laghad mhaireas anois dár dteangain ghaoisbhriathraigh Ghaeilge gan dul i mbáthadh agus i mórdhearmad trés gach doilíos trénar hionnarbadh í go nuige se, rachaidh go comair chum neamhní muna bhféacham meon dícheallach le cuidiú go caoin caomhchumainn le chéile go toiliúil rena coimeád ar bun. Ag sin bunús cúise an tsuadhthionóil nó na scolgharmtha so. Dá dhearbhadh sin, gach aon ghabhas air féin bheith i síth ré héigse nó le glémhian ár seanGhael, agus nach dtiocfaidh san gcomhdháil se mar a dúramar thuas, beidh deighilte ris an éigse agus gearrtha go hiomlán as comhluadar gach aon díobh go fuin a shaoil. Toirbheartha fám' láimh an 23 die Octobris 1754. Seán Ó Tuama.
A ghasra fhial ghrianda dob úire uair, Is gach leanbh den mhian iaidhfeas le hiúl na nduan, Ag scanadh gach rianriaghla is gach dúircheist chruaidh, Tagaíg go dian d'iarracht ar chúirt na suadh. A Dhiarmaid, tabhair mo bheannacht le diandúthracht Do thriath Conmara, mo chara is mo chliath chumhdaigh, Ag riar na ranna is ag canadh na gcianúdar, Trialladh feasta ag amharc ár ngrianchúirte. An tAthair Uilliam Ó Mulriain, An tAthair Diarmaid Ó hÍcí, Seán Uasal Mac Conmara, do threibh na Conairthe Móire, Tomás de Barra Na Rátha, agus an chuid eile.
Ag so barántas scríofa. Barántas Sheosaef Mhic Gearailt ar Mhuiris Ó Catháin .i. spaidmháistir scoile, millteoir nó scallathóir, scruibleálaí nó míosaí mangach mangaire, nó fánaí fíorscriosadóra fleascaigh, nó geannachán gruama géarfhiaclach, nó donán díomhaoin daorcháinteach, noch do ghaibh air féin aoir agus iomcháineadh do dhéanamh ar ógaibh na tíre etc.
Ag so barántas scríofa, go láidir líonmhar, re hordú saoithe is cúirte, Do tarraingeadh d'óinmhid, raga ná fónann d'aicme ná d'ógaibh dúiche. Muiris mustarach
meata mursanta Ó Catháin curraiceach cúthail. Do chuir leadhb den donas mar chím go follas ar lánchuid d'fholaibh na cúige. Whereas gur hinseadh, do láthair binse, beart a dh'fhoilsíos dúinne, Gur rinn sé gníomh nach fearrde an tír re dánta doighire dúra, Dordáin bhriste do rócháin sinne, is mórán mac is cúileann. Thug iarracht easmailteach droch-chroíoch aithiseach do ghéarghoin cealg ár gclú ar fad. Wherefore these are, in ainm an chinéil chalma chirtfhéil chúirte. Ar gclos na ngearán, ar scraiste na mbothán, scraba na mbrachán dtútach, Gan chasadh gan chongbháil gan superchrostáil gan filleadh re scríobáil múchta. Bhur dtaca re gabháil, glamaire an ghearáin, sclogaire mearbhráid i gcúinge. An Teist nó an Tuarascbháil do tugadh air Spreallaire baoth do chaitheas a shaol 'na bholg re gréin ar ghlasbhánta. Tollaire taodach d'imigh re héad; ní feasach dom féin cá hoileán dó. Clamhaire caca leamhscaire maga foghlaí scraiste drochfháistineach. Fánaí fleascaigh, bolgaire smeartha, rothaire ratha róghránna. Ailteoir uallach tráthaí tuata arraí uaigneach ar ghorm-mhíola. Ragaí ruathair, braiteoir buartha, cleasaí cuasnach, cac i mbríste. Deargthóir duaiseach, fealltóir fuafar, cealgóir cruatan casaoideach. Feartaire fuadaigh, callaire cluasach, scrathaire trua gan ealaí ar bith. Starthóir stalcach, cealgóir cleasach, scriostóir dartach daorcháinteach. Ráiteoir ruathar, salachán suaite, bagarthóir buartha, baotháthais. Millteoir meascaithe, trodathóir teallaire feallathóir feallaire fíorphráisceach. Mallachtóir mangaire curracóir cleasaitheach, millteoir acmhainneach, earráideach. Bruinnire bracach, sruimile salach, lomaire lochtach leithíseal. Crutaire cnapach,
bramaire bacach, conablach carthach, ceartraoiceach. Gadrach geangach, sracaire santach, racaire ranntach, rathánach, Feargthóir faobhrach, lastathóir léanmhar, sceathadóir scaobach scrathánta. Scallathóir scíosmhar, tradathóir tuídeach maslathóir millteach mearchrúcach. Mealltóir maíteach, scanróir scríobach, ionróir íotmhar anúineach. Clathadóir cloíte, meascathóir mídheas, aithiseoir íorchas anráiteach. Ruagaire righinchlamh, cuathaire críonchas, cluanaire cinnte an Cathánach. Note Bene Ag seo gach comhartha atá ar an lóiste scraiste dóite doshásta: Atá haitín rua air, agus peiribhig ruainneach, agus éadan cruachas, cnocánach. Atá súile sramacha agus cluasa fada aige agus béal beag pusach fíorghágach. Srón mhór smugairleach, smeigín curraiceach, féasóg phollaitheach, phiastánach. Fiacla fostaitheach', is gialla gorma, is malaí mongacha, fadróinneach. Teanga thruisleach, leathan, luitheach leata, liosta, lánlótach. Píopán fothaí, slinneáin choirtbhuí, cliabhrach clasaí cnoc-choirneach. Drom docht díomhaoin, ag an mogha mbocht míosaí, an gangaire is cíocraí ar chóisir. Bolg brocach, tonna torrach, lofa lochtach, lánghúngach. Ascla odhara clasacha cúnga, faltacha foghtacha fáschlúmhacha. Magairle dreoite, is buidín leointe, slipín d'fhóir ar sheanamhná. Rumpa garbhthach, stumpach stracaitheach, gúngach cealgach, garbhchrústach. Loirgne clogaithe, ó iomarca loiscithe, is troitheacha ina dtobracha bracháin. Ladhracha lofa, bréana boga, céasta crosta, ó scríobáil. Sé toil na saoithe, agus maithibh an bhinse, agus choiste na n-ársaidh - Faraire an ghrinn nár staon i ndíol
ar chlár an tábhairne, De chalmstoc Laighean ba thaca in am coimheascair a náimhdibh, Seán Ó Murchú an scafaire do bheartú chum bheith 'na bháille. A Mhic Uí Mhurchú, déinse cruinniú, ar bháillí fearga. Ná bí ag gearán, 's bí go ceannard, is bíodh togha maide agat. Déin do chuardú, de réir d'ordú, is ná bíodh eagla ort. Cuir fear ar gach cúinne, leasa agus lomchnoic, mín is machaire. Ná fág dúiche I gCúige Mumhan ar fad ná ar tarsna. Agus bí go hárrachta d'eagla práisce, ná lucht magaidh. Ól do dhóthain, i ngach tigh ósta d'eagla tarta. Agus siúl gach bóthar ó Thigh Móire go Cluain gheal Meala. Faigh togha cáirte ó Uilliam an drawer, is ná déin faillí. Éirigh don Charraig, de thogha reatha, is ná bí ar mearaí. Faigh do chrannán, ó Mhac Uí Chall'náin, mar do thaithís. Is éirigh don stáir sin ar cosa in airde go Caladh Ghreanaí. Cas arís ar lorg an daoi, go bruach Easa. Is ná déin scíth, de lá ná d'oíche, ar fad go Seanainn. Cas tar th'ais gan mhoill go rachair go habhainn Tarra. Is ná dein stad, go rachair ó dheas, go Poinnte an Chalaidh. Cuardaigh curraithe, móinte is fosaithe, leasa agus lánchnoic; Goirt is garraithe, is cúinní, clathacha, fearann is fásach; Corra agus ceartlár scairte agus caisleáin, faill is fána. Ná fág leathanchnoc, ná croí carraige, ná poll coinín; Sliabh ná mínleach tuath ná tíre, ná bun seanchlaí; Gleann ná gaortha abhainn ná caolshruth ná pit caillí. I gcás mná óige, ní bhfuil aon ghnó dhe; thiormaigh a shlaitín. An scoilín dreoite, gidh mór a mhórtas, d'imigh as a thaithí. Ná fág scioból, go fiú na bhfuinneog, ná teach fásaigh; Ná fág teach bracha ná stábla capall ná cró cránach. Ná fág muileann, ná lár loinge ná teach áithe. Ionad cos capaill, ná crúb asail, ná nead préacháin.
Ná fág umar ná cúil chluthair, ná bolg ceártan. Ná fág fail mhuice ná cliath chirce in aon tigh bochtáin. I gcás tí mhóir de, is annamh a chuaird ann, mura dtéadh le gearán. Ná fág nead circe ná fail mhuice gan lorg don phocán. Ná fág póirse, siolla ná seomra, in aon bhothán. Idir taos is losaid, idir arán agus greideall, agus fé bhéal corcáin. Loirg an séithleach, fé bhéal méise, is fé bhéal copáin. Ná fág buidéal ná cliabh simné, ná bosca láidir. Ná fág poitín, corn ná cainnín, sac ná mála, Arg ná comhra, ná poll bróinte, ná clais tálach. Ná fág lomchlaí, ná nead francaigh in aon stáca. Ag ól an mheidhg is minic do theigheadh, nó ag slogadh bainne. Ná fág baraille, in aon tigh reachtaire, bowl ná meadar; Múnla cáise, cupa ná scála, ná clais phreasa, Canna ná maolán; stanna ná tubán, is cuir lorg na leastar. Ná fág lomphlot, ná fothrach teampaill, ar racach ná ar réiteach, Fraoch ná ruithineach aiteann ná bruithineach, ná gairfean sléibhe, Gan brú is briseadh, is réabadh ar mire, go bhfaighe tú an meirleach. Ná féach do sheanóir, ná do bhacach dearóil ná do mhnaoi aosta. Má gheibh tú crochaire an chinn nár choisirig sagart ná bráthair, Ceangail a reathacha go lom re drisleacha, is cuir ar láimh é. Ná tabhair deoch uisce dhó ná greim re n-ithe dhó, in aon tsórt áite. Go dtugtar chum teastais é, in áit ar mhaslaigh sé, is go mbainfear de sásamh. Dob fhearrde an tír choíche dá dtreascarthaí an chuil Is fearr chum scríofa aoire ná canadh laoi suilt. Meárnamh míchuíosach do gharbhShíol mBloid Do cháinfeadh trí ríocht sul do mholfadh ní ar bith. Foircheann.
BARÁNTAS AN BHATA Ag so gearán do cuireadh im' láthair go daingean gan staonadh An fichiú lá den mhí is den Mhárta ar bhloscadh na gréine, Ocht gcéad déag blianta gan bhréag is é sin dáta, Aois Mhic Dé i bhfochair a cúig 's a sé agus a ceathair gan bhásta. Dearbhaíonn go lom, ar bheartaibh an leabhair dom, gan aon chraosól, Ná scrupal ar domhan, mar bhraitheas air fonn, cér gairid ár ngaol ris, Gur sciob re feall buinneán coll den fhás ba néata, d'fhás go sleamhain gan chuan gan cham gan aon éisling. Ní a dubhairt ár sceol gan dabht gur mhaith é a thréithe. Do bhí éide pláta déanta de phrás ar an gceann caol de. 'S an iall dob áille de leathar Spáinne faoina phléata. 'S an tairne buí dob áille do bhí thíos ar a éadan. 'S ar a mhóide arís gur bhailigh buíon ann óg is aosta. Lán an tí ba mhó insan tír ós gach taobh leis. An speal 's an claíomh, 's an tuairgín lín, i láimh gach éinne. Is daoine an fhill 's a n-iompáil lí i gclár a n-éadan. Ní fheadar ar domhan cé acu do labhair ag seachaint na bréige, Is dubhairt re meang, breith air thall, go daingean gan bhaochas. Do labhair an dara ceann leo go teann de ráiméis Béarla. Is dúirt by Jove he certainly go if you don't take him. Deireadh. Sé críoch mo sceoil is fáth mo bhróin gur dhearbhaigh Séamas Ó Coistealbha, as a láimh gur choinnimh sé an péarla. Ba thaca i mbun gleoigh é, chum seasamh re fórsa, ar mhachaire an eirligh. Dob é a ghunna is a chlaíomh é a chapall is a chaoire, a thalamh 's a thréada. Tráth gur treascradh na mílte flatha nár chinnte i gcathaibh na Trae leis; Do sheasaimh cuimsithe,
's dá dheascaibh gur cloíodh iad maithibh na Gréige. Dá dheascaibh thit Treoin ba chalma i ngleo le hOscar na mBéimeann. An Meargach Óg is a charaid ina dheoidh, ar fhaiche na Féinne. Dá dheascaibh thit Bóna in earraid le Seoirse, gur cailleadh na céadta. ...... farairí is ríthe cóige do hoileadh as daonnacht. Ar a lorg do tháinig Cromwell san áit seo 's tuilleadh dá mheirligh, Do shealbhaigh stáit is talamh re lámhneart Chlanna Milesians. 'S ar a lorg do tháinig na Danair ba láidir is clanna Turgésius. Ar lorg mo chána do sciobadh re garda ó Chathair na Gréige. Seo an bata tug Jáson calma 'na árthach tar uisce go hÉirinn, Gur leanadar táinte Danar thar sáile é ar aigne a thraochadh. Níorbh eol dom a shamhail ach bata bhí ag Fionn mar aithristear éigse, 'S lucht seanchais leabhar do scannadh le meabhair go gasta le héifeacht. Is é ba chána is ba bhata láimhe ag Fiannaibh Éireann. In am a ngátair 's i gcruaghráscair lena chéile. Is é do bhí ag Murchadh an uair d'éirigh chum catha le Conn tug céad cath. 'S ag Conall Cearnach an tan do tháinig go Binn Éadair. Is é gan dabht do bhí ag Goll is ag Donn Craosach. Is ag Dáire Donn dob áille glam ba chlos go hÉirne. Is é ba chána is ba bhata láimhe ag Brian dána ina láimh cheart, I gCath Chluain Tairbh go dian ag treascairt flatha agus laochra. Is ag Diarmaid Donn ná hiarrfadh cabhair, is ag Oisín éachtach. Is ag céad dream eile do bhí ann dob fhuirist' do léamh díbh. Is minic do gheobhainnse ginithe óir le fada dá ngéillfinn. Mé mhealladh níor dhóigh, go scarfainn lem' sheoid, go dtigeadh an laoch mear, Do sheasaimh an choróin, le fada d'ainneoin do Chlanna Mhilésius. An oíche is mó do bhíodh scamaill is ceo, is mearbhall spéire, Dá bhfaca-sa fós 'éis talamhchrith mór gan gealach gan réiltean, Do bhíodh solas im' chomhair óm' bhata ar gach fód go bhfeicinn in aonacht. i dtaobh spiorad ná samhail marbh ná beo - ní thigeadh i ngaobhar dom. Sin é anois maitheas an bhata agus a thréithe.
Ar maidin Dé Luain glac stuaim is comhairle is in ainm Dé buail ar fuaid na gcomharsan; ná fág bosca gan cuardach cruach ná comhra siolla ná ruaiteach ruadh ná mórchnoc. Ag seo barántas láidir fórsach óm' dhá láimh duit lán de chomhachta i gcumas chum cuardaigh uaimse gheobhairse i bhfocalaibh dána lán de fhórsa, cead briste más gátar, cead láimhte is dóite. Ordú láidir gabhála is tógtha, ar fhearaibh ar mhnáibh ar tháinte ar shlóite, Is ar ghiúistísí féin idir mhaoraibh is próbhais: Beir Muiris Cháit Rua leat mar bhuanna id' bhóthar mar atá sé buacach stuacach geocach ach é do fhaire monuar, ní mór, is dóigh liom, mar do ghlacfadh sé a dhualgas is do bhuailfeadh thorstu. Beiríg Seán cruaidh dána 'ac Eoin libh, fear soilbhir sámh atá i bpáirt na coróineach; cuirfidh sé táinte i bhfáinní tógtha, mura gcuirfear ar fáil mo chána domhsa. Gheobhair gunna agus claíomh agus bíonn do dhóthain, chun catha agus fill, táir críonn' is dóigh liom. Gheobhair cara mná tí ins gach tír ina ngeobhaidh tú, is in bhur gcodladh ná bíg, atá an rí go mór libh. In bhur gcoinnibh má bhíonn aon dlí ná fórsa, ná glacaíg aon sceimhle, is bígí rompu. Tarraing do chlaíomh gan mhoill chum comhraic. is bain géag ón gcroí go cruinn nó srón dóibh. Buail romhat siar go hiarthar Fódhla Do gheobhair deoch is bia go fial 'ge tigh Mhóire. Ná téigí níos sia go n-iarrfair comhairle is le heagla spiaireacht cuir srian red' ghlórtha. Bí tagarthach fial is riail led' ghnótha, is ná leathnaigh do chliath ach mar fhéadfair a thógaint, is dá olcas í an bhliain tabhair fia na feola go gcuirfidh tú an fiach 'na ndiaidh ag Seoirse. Ar Dhroichead na Bandan déin lom gach cóngair, is go Corcaigh na gcuan is ná stuaim go hEochaill. Ar Dhroichead Spár Thuamhan cuir suas do sheolta, nó in Inis na slua 's ag Dún Uí Dhónaill. Cuir faire ar gach cuan de chuantaibh Sheoirse, is ar Dhroichead Uí Ruairc atá ar bhruach na Bóinne, Idir calaithe is cuanta níor mhór duit 'fhógairt, a shamhail dá ngluaisfeadh suas do thógaint. Trí Chonnacht lastuaidh leat, buail gach teora go sroith B'l Áth' Luain is go tuamaibh doirse. I gCúige Laighean do gheobhair raidhse 'phóire, is le heagla bheith tinn aon mheadhg ná hól ann. Scinn go Biorra nuair shroisfir an cóngar
is trí Chúige Uladh tabhair urraim is cóir uait, mar tá siad modartha mursanta ró-olc gan poinn suim acu i ndlí cheart Sheoirse. Deargaig do phíopa is líon faoi dhó é, i dtigh Dhonchadh Dí atá in íochtar Fódhla. Curtha má bhír, tabhair oíche dóibh sin, is ar maidin bí id' shuí arís gan mhoill go rómhoch. Tabhair t'aghaidh aníos is fill gach cóngar, is i gCeatharlach an ghrinn cuir boinn faoi do bhróga, 's i gCill Choinnigh tabhair scilling as fógairt gur chailleas monuar mo chuaille comhraic. Suíg i gCallann is caithíg bhur ndóthain d'arán maith garbh is de ghreamanna feola. Trí Chill Dara gread ar gach cóngar is glaoig i gCaiseal go tigh Pheadair de hÓra. Má théir don Chathair ní fada as do bhóthar gabháil chum Mala is chum Baile na Móna, timpeall treasna go dtagair go Srónailt. Ansin suíg is caithíg greim reatha is deoch pórtair. Ná fág ag tigh leanna bracha ná beorach, giúistís sagart ná easpag ar m'eolas, ná fíodóir smeartha ná stracfair a sheolta, ná gabha ná fuirsfir a bhoilg le fórsa. Ná fág fear stanna ná meadra móire ná siúinéir bata ná smearfair le dornaibh. An táilliúir magaidh chúghaibh leagaíg is leonaíg, mar bíd siúd siúltach súgach sceoltach. Ná fág fear géim le méing dá ghlórtha, ná máistir léinn dá mhéid é 'eolas. Ná fág haicléir na maoraibh cróga ná gréasaí caoch do dhéanfadh bróga. Ná fág fear saille tré iomarca a sheodaibh ná fear coinneal ná bainfir an tsrón de. An muilteoir meilte, fear scilligthe na heornan, ná fós fear súilleadh le grúilleadh dá ceóilta. Ná fág aon d'aon cheird dár tógadh, ó aer go talamh faoi thearmainn Sheoirse, d'aon sórt creidimh ná in ifreann ná 'neosfair ard agus íseal rí agus rófhlaith, tiarna tíre is daoine móra. Má dheineann aon chúileann dúiche stró daoibh, dein í leagadh ar a cúl is dul fúithi a dóthain. Bíg ar siúl atá an cúrsa tógtha, ó thigh Dhonnchadh Dí go ríTheach Móire, Agus is é deireadh mo scríobh is brí mo ghnótha, bíg ag baile ar bhur gcluais ar bhuaint na móna.
Críoch. Chum Éamainn Brún giúiste 's a chóraim ó Thúirín a' Choic an fear soilbhir comhachtach do fuair clú agus ceannas go cothram go follas as óige le feabhas a theangan is acfainn chum comhraic.
An Diarmaid cas Mac Airt do dh'éileamh. Leath Mhogha maille re Mártan Lúitear, Cailbhin, Cromail, Zwingli, Beza, Melangton agus Cardinal Woolsey de príomh- cheannchomhairle Beilzebub chum gairm ordaithe agus barántas do thabhairt amach i gcoinne gach n-aon den chlé-eaglais choirpe chealgach choinnealbháite noch do thréig agus do dhiúltaigh do na grádaibh diaga dearscnach ceartbhriathrach agus do na hoird aoibhne áille fhíornaofa. De bhrí go bhfuaireamar deimhin agus léirchuntas gur cheangail agus gur mhóidigh duine dona diablaí áirithe chum bheith ina dheisceabal ag an ardmháistir sin inár gcoinne .i. Lucifer, go mbeidh sé modhúil miochair milis ómósach don ochtú hAnraí, do Rí Uilliam an Choncais, d'Anna Boleyn, agus do mhórán eile de na deamhain, darab é 'ainm agus a shloinne Diarmaid Ó hArta do bhí sealad 'na shagart poráiste thiar i gCairbreacha, tamall eile i gCarraig Tuathail fé thearmann Dhochtúir dhiaga dhearscnach dheiscréideach Mhic Cionnaith, Easpag Chluana, Chairbreacha agus Rois. Agus chum ná beadh mearaithne agaibh ar an Diarmaid réamhráite seo, bhéarfamna díbh a chomharthaí sóirt agus eolas ar a dhroichmhéin agus ar a ghníomhartha salacha mar leanas: Atá Diarmaid diablaí Ó hArta, achrannach, airceasach, ainmhianach bréagach bradach breallach, cancarach clamparach clamhach cealgach casaoideach, duairc drochghnóthach, dona dána diablaí, fealltach feargach fraochaí, gruama gráiniúil grollach glasghnéitheach, lomartha loitithe lándíobartha, meirgeach mairgeach mallaithe maslaitheach míbhéasach, peacúil púcúil pusramhar portshúileach; ríbhodach railledhubh, racaire rinnbhéalach, atá salach sramach síolach suarach searbhlabharthach, agus tóraí tuirinneach tubaisteach do chuir gleo agus buairt ar impireacht na bhflaitheas, do chréachtnaigh agus d'athnuaigh cneácha Chríost agus do chuir banríon gheal na n-aingeal ag sileadh na ndeor, do chuir cneá i gcroíthibh na Naomh is na nAspal, do chuir brón doilíos agus díomá ar eaglais dhiaga dhea-shamplach na críche seo Leatha Mogha agus ar mhórán eile de chléir mhilis deigh-mhéineach dhearscnach Inse Fáil. Uime sin an uair ná tagann agus é féin do thabhairt suas agus seasamh chum breithiúnais, fógraímid i bpéin priacail agus umhlacht do gach uile
chonstábla agus báille, gach uile chladhaire coirpe cealgach claon cailliúnach, agus gach uile bhithiúnach bréagach bradach ceanntréan cleasach suarach sliteach ar feadh na Leatha céanna mórfhódach Mogha de bhrí na mórchumhachta atá againne gan diúltadh:
An Diarmaid cas Mac Airt do dh'éileamh A lorg 's a chuardach buan gan traochadh, Ar fuaid curraithe, bogaithe is sléibhte, Bailte móra cuanta is céibhe. Cuardaíg ardchnoic bánta is gaortha, Caisleáin sheanda gleannta is féithe Cuasáin cumair is imeallaibh craosmhuir, Gach tráigh is cuan ar fuaid na hÉireann. Tosnaíg thiar in iarthraibh Béarra, Ná fágaíg cúirt, dún ná aolbhrogh, Long ná bád i gClár Loirc Fhéidhlim, Gan spiúnadh is lorg do stollaire an éithigh. Ná tugaíg Beantraí ar iontaoibh éinne, Cuan Dor na long ná Dún na Séadaibh, An Scibirín gan fuíoll gan éileamh Ar lorg an scramaire dhamanta chéasta. As san preabaíg go meanmnach saothrach, Go Corcaigh na gcuan go luaimneach léadmhar Is déiníg lorg go brostaitheach éigneach Ar Dhiarmaid glas Mac Airt an meirleach. Ach fóill, a dhaoine, do hinseadh scéal dom, Gur theith an raille lena anam mar fhaosamh Go hUíbh Mac Coille le hiomarca saothair Ag iarraidh coimirce i gcumaraibh éigin. Leanaíg go dlúth an sprionlach déistneach Is cuiríg a lorg go hobann le faobhar. Ná fágaíg gleann ná poll ná réchnoc Gan spiúnadh is súil go dlúth dá éileamh. Lá Fhéile Seáin do chuala ó uasal tréitheach Go bhfuil an fia i gCill Ia fá dhaolbhrat Agus é ina mhinistir choirpe chréimthe Is bean acarach aige agus cléireach. Nár mhaire sé a ghúna clúmhach ná a bhéabhar; Uchlán gruaim is buanchnead cléibhe, Saighead nimhe galair is greamanna is géarghoin, Gach aon lá is tráth dá chéasadh.
Go maire céad bliain sna pianta céanna, Is conairt na fola dá stolladh is dá chréimeadh; Naithreacha nimhe ina chroí dá réabadh, 'S a chionta mallaithe dá dhamaint 's dá dhaoradh. Beidh cnead 'na chlí dá dhroim is péinbhroid, A chroí is a cheann 's a mheabhair dá réabadh, Dá stracadh is dá fheannadh ag diabhail ar saothar, Mar thug sé a anam ar aithis gan éifeacht. Is droim do thabhairt le flaitheas Mhic Dé ghil, Is do chuir cogadh is gleo is brón ar naomhaibh, Is an mac míorúilteach muirneach naofa Gur fhulaing bás le grá don smeirle, Is gur iompair a chroch go doilbh déarach; Ar mhullach an chnoic is ansan do céasadh, Le hiomad pianta diana déistneach, Íosa milis chum sinne do shaoradh. Ciach ortsa, a Dhiarmaid, is léan ort, Uchlán dubhach is púr is créim ghoirt. Cá ngeobhair, cá rachair, cá stadfair ar aon chor? Is go mbeir Lá an Luain id' chuail bhocht dhaortha. Os comhair do shúl beidh scrúdadh is léirmheas, Is breithiúnas caoin ag Íosa dá dhéanamh, Dlíthe go cothrom is lorg is léirmheas, Ar do ghníomhartha damanta mallaithe, a mheirligh. Dob' é seo, a stráill bhocht, an lá léin duit, Cá gcaithfir do ghúnaí dubha is do bhéabhar? Cá ngeobhaidh do ghaisce do phearsa is do léimse? Nó an mheirdreach mhallaithe mhaslaigh is dhaor thú? Gráin ar do mháthair is créim ghoirt, Ó bhí ceard a beatha ag an gcaille gan béasa, Bheith 'na coillteoir muc ar fuid na hÉireann, Nár bhain sí asatsa an acara dhaor thú. Dob í seo, a chairde, máthair an smeirle, Seanrúisc caillí mharaíodh céad muc Mar chailleadh a meabhair in am a dhéanta, Le meisce ó thunna na buisinne bréine. Dar leatsa ba ghlan is ba mhear do léimse, Tar bonn, tar geata, tar caise nó féithe, Ag déanamh mustair le fuinneamh is faobhar, Ag taispeáint clú is lúth do ghéaga.
Turnamh treascairt is galar is créim ort Do rinn d'anam do dhamaint le léim choirp, Léim ler scarais le flaitheas Mhic Dé ghil Is léim do chuirfidh go hifreann daor thú. Beidh tú fannlag crannda créimthe; Beidh saighdibh nimhe tríd' chroí gan faosamh; Beidh do námhaid i gclár t'éadain, Meisce is drúis is tnúth is craos coirp. Ní thuigim gur tairbheach an teagasc so léamh duit, Ní baois ná gangaid ná glagaireacht bhréige, Go mbeidh mac Uí Arta 'na raille fá dhaorchnead I ngleanntaibh ifrinn tuilte de bhréantas. Cruatan báis ort, fán is eirleach Is buartha táid a lán ded' ghaolta, Eaglais ionraic mhúinte mhaorga, Do leanas go dlúth gach cúrsa naofa. Dochtúir Mac Airt an sagart léannta Is Tadhg do bhráthair lán de dhaonnacht, Táid faoi bhrón go deorach traochta, I dtaobh do dhamaint do mhasladh is do chlaonadh. A thrú bhocht ainnis créad mheasair do dhéanamh? Nó créad é an diabhal chuir ciach is daolbhrat Ar do radharc chum deighilt do dhéanamh Le hAonMhac Muire a dhlithe 's a naomhscript? Airiú, glac-sa comhairle i gcóir tú 'shaoradh, Spreag t'aigne is tabhairse géarghean, Do Chríost tar n-ais is glacfaidh sé leat, Má bhíonn do chroí dáiríribh céasta. Buail d'ucht is bíodh sruth déar leat, Is smaoin ó chroí ar do chríochaibh déanach'. Smaoin ar Íosa Críost mar céasadh, I gcrann na croise le dursan is daorbhreith. An Ceangal. Mo thrua thú feasta mura nglacair mo chomhairle i dtráth, Mo thrua mhór d'anam bheith damanta i mbrón go tláth I do chuail bhocht caite faoi leacaibh ag dreo go táir Is na sluaite deamhan dod' thachtadh is dod' dhó de ghnáth. Gnáthaigh feasta teacht ar ród na ngrás, Is gráigh le d'anam taitneamh mór na neámh; Fág an peaca is seachain cló na mbáb, 's ard bheidh gradam agad, glóire is cáil.
Do cháilse fós is deorach dubhach le cléir, Mar d'fhágbhais lóchrann glóire is cúirt na naomh; Do chairde i ngleo faoi bhrón is dubhach a scéal Is na táinte leo faoi cheo is faoi chumha id' dhéidh. Id' dhéidh is danaid liom cathaibh na dtáinte triath, Mar thréigis sealbh na bhflaitheas is grá na gcliar, Le gaethe cealgach mallaithe páirt is mian Do mheirdrigh dhamanta do shnaidhmigh thú ar láimh an diabhail. Adúirt Diarmaid Ó hArta mar leanas: Muna bhfuil mo chreideamh go cóir ar thaobh an óir is mé is liaigh; is duine dona tá mar táim gan an saol im' láimh ná Dia.
Ar an ábhar go dtáinig. Contae mór álainn lánaoibhinn Luimnigh mar aon le mórchuaird Mumhan go huile chum fianaise. Leis an Athair Uilliam Mac Gearailt .i. sagart socair sítheoilte saoithiúil soineanta sruithléannta, fial fearúil fíorfháilteach fáidhghlic forfhorasta, stiúirthreoraí, comhlain chosanta agus posta dídin paróiste an Chaisleáin Nua i gConallach - agus fós aon de phréimhshliocht na suadh-éigse san gcontae réamhráite etc. Tabhartha fám' lámh an chéad lá d'earrach, aois Chríost 1824. Whereas do tháinig inniu im' láthair an t-uasal Séamas Ó Coindealbháin .i. ollamh lánfhoghlumtha léarthuigseanach ins na hilbhéarlaibh agus go bithchinnte sáreolgaiseach i dteanga mhín mhúinte dhúchaiseach mháthartha chianársa na hÉireann, agus gur dhearbhaigh ar bhrí mhóide an phortúis dhiaga go bhfuair sé fáth agus fíorfhaisnéis ar ghráinghníomh feillebhirte fuathúil fíormhaslúil in aghaidh Dhlí Dé agus clanna Gael go sonrách. Do rinneadh agus do roghníomhadh re sruimileacháinín suarach buanta brúchtghránna mínáireach tarcaisneach tláthghníomhach darb ainm Seán Scoláire nó Seán Máistir Ua hÁinle - teideal suilt, scige, agus fochmhaide do ceapadh dhó mar ainm magaidh de thaobh a ghnáthghrágalaíl i measc bacach agus baothdhaoine, agus buíne ainbhiosaí na cúiltíre ina lonnaíonn .i. na Caitirinní mar a bhfiaraíonn an Mháigh ghealbhraonach an tSeanainn ghnúis-stoirmeach i dtuaith Chaonraoi, i bhfairche Luimnigh agus i bParóiste Chille Díomadh. Arna ndearbhadh don bhfaisnéisí-se a deir gur áitigh flaith fírinneach sochreidte do stadas agus do chomhnaíos san gcomharsanacht chéanna, go raibh uasal oirdhearc áirithe ina fhogasacht ag a raibh iomad de sheanleabhraibh barántúla agus d'annálacha ró-ársa na hÉireann, de dhéantúsaí
snasta slachtmhara na bhfilí agus de sheanchas álainn aosta uasal Ghaelaibh Éireann agus tuairisc ar fhearannaibh, ar bhailtibh, agus ar bheathaibh a sinsear ó theacht Pharthalóin go gabháltas Gall agus ar gach ... agus ó san anuas ar gach seachrán, anaird agus ainnise do tharlaigh dóibh go ré na daoirse-se noch b'ócáid agus fáth don ghráinghníomh réamhráite. Oíche áirithe dá raibh na buannaibh cosantacha so aicme Ghall agus lucht smachtaithe agus géarleanúna na nGaelaibh rena ráitear Lomairí ag lorg, ag spiúnadh agus ag mionchuardach áitreabha árais agus áit dídin na gcomharsan, do thángadar chum teaghlaigh an uasail réamhráite, agus tar éis é do léirchuardach go dlúth, mar dhea ag iarraidh airm, nó feallfháth éigin eile, le binb buile agus cuthach ifreanda do bhriseadar agus do lánréabadar mionarg dhlúthdhaingean dea-dhéanta ina bhfuaireadar an bruscar leabhartha úd, le rómhéid a n-ainbhis agus a ndíth eolais, i gcló uasal cathbhuach na Gaeilge, do shíleadar agus do lánmheasadar gur ba cartacha ceangail agus snaidhm-choinníollacha conbhearsáide agus comhluadair an Mal-Chroda Rock do bhí acu. Do bhailíodar leo iad go háthasach luathgháireach lánmheanmnach dochum iad do shuathmheascadh agus do lánscrúdadh do láthair comhthionól uachtaráin na tíre sin, i Machaire an Chuilinn lá cinnte na cúirte ba choimhneasa dóibh. Agus ar dteacht don lá san do cuireadh fios agus fiafraí, d'fhios agus d'fhiosrú an bhailbhmhaimilínigh seo .i. Seán Scoláire chum dubhnéal an ainbhis do scrios agus do ruagan ó intinnibh na n-uaisle le léaghadh na leabhartha so dhóibh. d'éis sruthfhéachain amasach neamheolach do thabhairt lena chaochdhearcaibh bolgshúileacha preabléimneacha do admháil, do chraobhscaoil, agus do ghlanáitigh go rabhadar in aghaidh dlí Dé, an tsaoil, agus na ríochta, agus fós is dóigh go ndearbhfadh sé gur ba Trod .i. Elephants iad dá mbeadh dóigh nó deimhintsiúrálta aige go bhfaigheadh duais díol nó barr cairdis dá bhíthin sin. Acht b'fhollas do na huaislibh iarracht a chlaonintinne agus a neamhthairiseacht chum na feadhma san do réiteach, agus uime sin do teilgeadh 'na chrancadh ó chlár na mionn é, fá ghráin ghnáis agus fuatha ag Dia agus ag daoine ó shin anuas. A bhuí re Dia gur ba de iarmhar Gaelaibh an spreallairín-se. Chum doithaithne agus léireolas do bheith air béarfad a chomharthaí ... go sothuigseanach uaim do gach n-aon ionas go séanfaidís mar phréachán é. Scríofa ... faisnéis an tSéamais réamhráite Uí Choindealbháin.
Ar an ábhar go dtáinig inniu im' láthair soilbhfhear sámhghlic, fíoreolach, Soineanta sásta, go hosnaitheach cásmhar dochrach cráite dianbhrónach. Is gur dhearbhaigh gan docúil, ar mhóide an phortúis, is san gan mearú céille, Go cathaitheach fadchumhach, meirfeach, lándubhach, an Dáiví seo d'fhuil úir Ghaelaibh: Go bhfuil cruinneacán soláthair gan fuinneamh gan fáltas d'imigh ar fán ó Phinse, Ina dhonán diomách, ó imeallaibh Cláir 'na sruimile is 'na ghráin-scaoinse.
Gan faice ar a ghiodán acht peilte pocáin, is mullach a ghorm-mháis bhréin tríd. Seanphluid ghráin ag dídean a chaocháin; 's an tseithe a chrúbáin níor théigh riamh. Le hiomarca an chruatain, is na huireaspa fuair sé is deimhin go mba thrua an scéala. Do bhrostaigh chum gluaiste an giobalach trua so, tar Sionainn ar thuairisc méile. A mheas sé leis féin Go mba mhaith an leithscéal chum a bheatha do shaorchuardach, Do bheith ina scoláire léinn, ó phosta go piléar, nó 'na ramaire baothluaileach. Is mar sin do bhí; do bheartaigh a scíth do cheapadh i gCaonraoi an tráth sin. 'S a dteach sheanduine shonaí, fuair iostas is cónaí go brothallach sochroíoch sásta. Le ceilg is drochghníomh do bhradaigh a iníon óna charaid mar dhíol táille. Is ó mheallaigh ris í do mheas an tseandís go mb'fhearr dóibh í do tháith ris. Ag se mar fuair an ramaire trua iostas agus tuar sáimhis, Cosnaimh is aointís, leath ionmhais is oirnís; dar Muiris do bhí an t-ádh ris. Ansan d'fhan sé, ina ghliogaire lánbhaoth, ag cnuasach is ag léamh dánta, 'Na shrathaire spairtbhréan, gangaideach ráigchlaon, amaideach aircbhléan, gágach, Ag achrann leis féin 'na bholg re gréin ag brath ar gach n-aon do lánchreach. Agus cé admhann go léadh, teanga na nGael, is le gangaid do dhéanfadh gnáth dhi. Paidir ná cré, ní abrann sé, is faoi eascaine Dé atá sé. Is mar bharra ar a phéin san ainnise gach lae 'na spalpaire clé cráite. Tá an feadhmaire claon ag cnuasach gach scéil 'na bhfaigheadh cogar nó bréagfháth air. Is dá chur san i gcéill, do chlann na nGael, is eisean dá mbréagáiteamh. Mar ghearradh ar mo scéal léigh an fhaisnéis do cuiredh inné im' láthair. 'S is follas ó mhéin an amhullaigh fhaoin, go dtuilleann ón tsaol gráin air. Ag se a chomharthaí, do gach uile threoraí, agus iad so ar a thóraíocht láithreach; Do gach taistealach slí
is feadhmannach fíor, má castar 'na shlí, an scoláire Craiplitheach crónbhuí danartha dreoghnaíoch cast'-dubh snódhchríon stádach: Abhacán aonda, amhullach aerach, airceasach aosta, anairdeach. Balcaire bléinbhreac breabaire bréagach bagarthach baolach beagbhráithreach. Cealgaire cléchleas cealgach créimeach castaire is créice crithchráite. Drannaire déistneach danartha daortha, draidearnach déirce díthchairdeach. Eascaraid éadmhar, earraideach éithigh, eascairneach éigeart, éignáireach. Feallaire fraochda, feargach faobhrach, feamaire is faolchoin fíorphráinneach. Glamaire gaofar, goireagach gréascach, gliogarach gaorthach guairneánach. Imdhearghthóir íogair, immdiolach íosal, ingireach intleach, iarsmáthach. Loscathach luaithchreach, lofa lánbhuailte, lomaire luaileach luathlámhach, Meascaithe maíteach mallaithe millteach marfach, is smíste míshásach. Nathair ndubh nimhneach nascaithe in ísleacht n-achrannach naimhdeach Nílghránna. Pusaire pollghnúiseach, plubaire pusphúiceach, preapaire pimpeamhail, príobháideach. Ramaire roitheamhail ragarnach rásamhail, racaire ráigeamhail, ráiteach. Seanchaí suarach, teipeagach tuatach, grabaire suarach, truaráiteach. Ag sin a thuairisc, fé mar do fuaireas, ó dhuine den uailldháimhe. 'S anois béarfad díbh, tuilleadh dá chomharthaí ionas go gcuirfí ar láimh é. Fear dorcha gearrchruinn, lodartha lánmhoill ceannachrom gnásghnaoi raomach, Caolscrogalach creatbhuí, mórbholgach sathchlaon, tollghorm garmaíoch gaofar. Lagioscaide luinnlom sálbhriste troighthrom, lagarlofa altlobhar créimeach. Folt dorcha doréitigh, ar bhaitheas an chréice, is mala chromléith mhínáireach, Ceangailte ar éadan sheirgthe an chréice, is smearasmuit gaorthach gnúisghránna. Tá breillephus fé sin,
sramaitheach séiteach, prioslaitheach pléideach, canránach, Is camasmig tréigthe ag casadh ar a bhréansmuit is tuile go tréan ag tál air. Tá brollach a chóta, ón sranga sin dreoite, is ní beag daoibh, mar dhóigh, an méid sin. Is seanchasóg air go himeall a thóna, is tollearradh odharchrónchríon bhréide. Agus reiceann idir mhná, ó chaitheamh cupán, gur feasach dó a ndán, 's a gcéile. Ó philip an scaoinse, gnáthshileann braon sinsir, do scalann go tinn a chréachta. Go galarach treighdeach ceasnach doleighiste an aicíd thall thinn do shaothraigh. Ag se ordú do gach soilbhfear saoithiúil cosnamhach dea-chlúch léannta Is lomaire sceimhliúil, ó Dhaingean san Mhumhain, go Teach Doinn i gcúil Éireann, Ó Ghaillimh na dtonn go Corcaigh na long is ó Dhoire go ciumhais Bhéarra, Ó imeall Fionntrá go Cloch an Stocáin a lorg do shárléirchur ...
A Sheáin Uí Mhurchú bí fuinneamhail faobhrach. A Sheáin Uí Mhurchú, bí fuinneamhail faobhrach, bí go gasta, nó is eagal go n-éifir; tar go tapa chum paitint do réiteach nó cluinfid cúigí an ponc dlí dhéanfad. Táimse lán de náire a dhéanamh, de bhrí mo choidrimh oraibh le tréimhse, 's go mba dhochar liom goradh do scéimhe, a bhuachaill ghreannamhair bharamhail bhéasaigh. Tar, a rúinín, is fiú daoibh éisteacht; glac mo chomhairle, is cóir a déanamh; ná seasaimh sa tsolas, tá an coiste dá thaoscadh, díotáil báis ó láimh gach n-aoin ort.
Táid dá rá, 's ba nár an saothar, go dtug an sagart duit leabhar beag tréimhse, ba chóir a ghlacadh, dá mbeadh agatsa an séala le hordú Cúirte Buird is Éigse. 'S gur ghluaisis go huallach éadrom fá thuairim nár bheag uaisle do véarsa, ag luí ar an ngreann le ceann gan éifeacht i ngníomh nárbh iongnadh tusa bheith traocht' ann. Níorbh fholáir don fhile bheith snoite glan faobhrach is bheith go líofa in intleacht 's i dtréithibh, a bheith eolach i gcódaibh na gcléireach, is bheith 'na staraí nó 'na eagnaí léannta. Má tá gur ghlacais an leabhar ón gcléireach ní déantar file de dhuine le sméide; is iomaí lá nárbh fholáir a shaothar theacht don chúirt ag múscailt na féithe. Dá bhrí sin, a dhíograis mo chléibhse, scoir ded' leamhas, ná meabhraigh aonréad de sheandáinín i ngleanntáinín sléibhe; bí oilte sa chúirt i bponcaibh géara. Ceap do leas ag teacht go saothrach; ná fág an Máistir Seán na n-ae istigh, bráthair Uí Mhacháin na féile, fear maith flaithiúil dathúil déanta. Táid na báillí 'na ngardaí tréana - Seán Ó Broin is Domhnall Ó Laocha - chum do ghofa go hobann sa phlé seo, is chum do ghearrtha le fáscadh téide. Atáid sanntach, gan amhras, féachtar, nó fós ar buile le gloine do thaoscadh; ná tabhair iontaoibh le sciúirsíbh saolta, iarrfaid breaba nó sracfaid thú is céasfaid. Tá duine acu ar liost go cliste i d'éagmais, Conchúr mac Thaidhg i dtaibhse an tsléibhe amuigh, Atá ag gleacaíocht le healaín gan traochadh; Bíodh an caistín fá haistíbh nó daorfaid. Táid dá rá nach ráfal bréige Seán Ó Broin gur thit sa cheird seo; más áiteamh fíor an gníomh gan éitheach, beidh sé thíos leis, brí na scéalta.
Cuirfimid Dinís Ó Hickey an caolfhear in ionad Sheáin mar bháille péacach, bhéarfas chúghainn an triúr so in éineacht le cúnamh Dhónaill chróga Uí Laocha. Fear nach mó leis, ba dhóigh liom féin sin, dreoilín beag cróilítheach do thraochadh, ná a dtabhairt ceangailte maidin go gléasta, do láthair Choiste na nOllamh i ndaorbhroid. Ní foláir don dís seo mhaím go héasca summons a thabhairt go humhal don méid seo: don Athair Conchúr, ar chruinniú an tréada, teacht go fuinniúil ag breithniú an scéil seo. Tagadh Réamann nach bréagach méin mhaith, is Uilliam fial fónta béasach, Seán de Barra nár dhearmaid féile, is tar scór fógairt ar Dhónall Ó Laocha. Baintear admháil a Ceallachán gléigeal Ó Charraig na Muc ag ar mhinic ann éigse; ní foláir bacaigh do tharraingt sa phlé so daill is lucht binnphort do phléascadh. Tomás Óg ní cóir gan glaoch air, ná fós Donnchadh an crobhaire gléigeal, ná ar Sheán an Dúna mar shúil go n-éisteadh le gach díotáil nó fíneáil do réiteach; Conchúr Gabha, ar lom gach saothair, bíodh 'na gheocach 'na gcomhair sa phéin seo; i dteannta an bharaille tagam le chéile, is beidh síocháin ag gach ríbhard is éisteacht. Suíodh sa choiste go cothrom an méid sin, ag déanamh ceart dlí gan faillí go héasca, mar thaitníos le gach staraí den éigse, ag ól a steancán le lúcháir is pléireacht. Ón lá sin suas bí fuadrach faobhrach ag déanamh striúncán i dtnúthán aerach, labhair go teann, ní bheidh ceann fé ort; tarraing do phas, bí gasta tréitheach. Bíodh a gcórú in ordú taobh leat, 's ní baol duit báillí ná ráflaíocht éithigh; an t-airgead baistí caithfíor é leat is ná cuir suim ná beinn ar éinneach.
Glacfaidh eagla bathlaigh an tsléibhe 'muigh; ní bheid suas ná anuas led' ré leat; is mór an spórt dod' shórtsa an méid sin, urraim d'fháil ón tsráid gan buíochas. Finit.
Géillim glacaim is gabhaim mar thriath thú i láimh. Ar bhfreagra an bharántais réamhráite. Géillim glacaim is gabhaim mar thriath thú i láimh, is téim fád' bhrataigh d'fháil mhaithimh 's ag iarraidh scáith véarsa neamhghlic má cheapas gan riaghail dámh, réifead leatsa go tapaidh i bhfianais' cláir. Más éad do ghabhais tré m'ealaín fhian-nocht d'fháil, a tréigean caithfead is atharrach riail do ghrá; 'na taobh ní mheasaim gur thairbheas fiacha cáirt, ag aoireacht rachad nó ag grafadh go dian ar phá. Is réidh dob fhanta dod' shamhail, a fhir chiallmhair ghráigh, 's gach laoch in aisce go bhfachtar tá riamh mar ghnás, gan daorbhreith aibidh a thabhairt i bhfianais' táin, agus éigse ar talamh go mairfidh i ndiaidh do bháis.
Barántas scríofa Barántas Thaidhg Uí Chonbhadh i dtaobh mná do dh'éigniú i ngarraí na bpataí.
Barántas scríofa tháinig ón tsaoi ghlain ar Thadhg Ó Conbhadh: Go bhfuígheadh sórt ní ar bith, ach gan é ghabháil faidhean, is duirionn do chuardaigh mé dhó agus na bádaibh. Gur inis duine dhom
tháinig ó Luimneach go raibh sé in Ardach. Creidimse, a chomharsain, gurb é ní is cóir dom, dul don Bhlarna. Is mara bhfaighead ann é dul dom' shánrith go Ceann tSáile. Ar mo ghabháil siar dhom, dul don iarthar 's go Cill Airne. Ar mo chasadh abhaile dhom, gabháil don Mhangartain, is do Dhroichead Áine. Is ar mo ghabháil síos dom dul den scríb sin go hAbhainn Ó gCearna. Do chuardaíos Tuamhain dó, Cnoc na Buaile, is Baile Uí Tháthil. Do chuarda' mé an Gleann dó cois Abha Leamhchaill, is Leaca na hÁtha. Fiche scilling do thairgeas don duine acu, gan ach é 'ghabháil dom, Nó 'thabhairt chun Dónaill, an fear caoin córach, go bhfaigheadh sásamh, Tríd an gcailín, bhí san ngarraí, ag buan na bpataí 's dá dtabhairt dá fádar. Do cuireadh an dochtúir ag féachain a portúis is do fríodh é bearnach. Is gurb é 'opinion gur gabhadh de mhagairle ar an áit sin. Bun coinle do chuaigh inti, fad mo lámha dhe, Nó ubh circe mar ar milleadh í 'ma náire. Teastas an óigfhir do léadh dómhsa, agus a ghníomhartha. Gur réab sé póirse le piostal póca bhí 'na bhríste. 'S i bPoll Uí Chlúmháin do rinn sé díobháil ag gabháil dá líog air. 'S a coileach comhraic do bhí chun spóirt aici, do ghabh sé píce ann.
BARÁNTAS AN GHÉ By Sir John Mollowny giúistís foghnach nach feargach. By Sir John Mollowny giúistís foghnach nach feargach, A justice most legal chun réiteach gach achrainn, A friend to each poet fear cróga chun labhartha, To decide all debates idir an gé agus an madra. The eighth of June do réir chúrsa an calander, I received information le héifeacht go dearfa,
As we were walking through bánta Dhrom Cara thoir, It was the goose assaulted, thug sí fáscadh chun an mhadra. With her mouth bill and beak thug sí pléasc insa mhalain dhó Is lena dhá sciathán insan chliathán go cealgach. The dog being couragous is gan staonadh aige ón achrann He instantly seized her 's is tréan do thug stracadh di. Not knowing the cause lenar tháinig an fhearg sin, Nor fearing the laws is í an chráin do bhí treascartha. You all petty jailors ar a nglaotar lucht mairsille Constables, bailiffs, is gach n-aon eile dhon aicme sin: - This is my supersedeas mo shéala agus m'ainm air, Let the dog pass and repass is ná bíodh éigse baoth' bagairt air, Till he stands his trial ag assizes na cathrach, And until guilty you will find him, bíodh cead aighnis is maga aige.
BARÁNTAS NA MBRÓG Contae an Chláir i gciumhais na hÉireann Contae an Chláir i gciumhais na hÉireann, ar aois Mhic Mhuire anois mar léitear, agus fiche bliain 'na dhiaidh ar aon cheart, táinig ag dearbhú 's ag ceartú a chéile, i láthair giúistís a bhí saoithiúil saothrach. Dearbhú fiomanta criomanta cróga: A réir mar a thuigim d'imigh mo bhróga. Dá bhrí sin tugaim le húdar dána, le dlí na ríocht' agus togha barántais: - cuartaigh go dlúth gach cúinne 'na stábla, lofta na gcearc 's ar chorp na sráide. Ná fág cuas ná cúinne ar d'iarraidh, faoi thóin leapa ná ar cúl an iarta. Móinte curraithe bogacha is abhainte ar bhruach na mara nó idir mharbh an teampaill. Ná fág claí ná poll díge béal curraigh ná sráide Coillte; Cuartaigh an Callán agus Sileáin Uí Shíoda. Agus ceartaigh i gceart Bléin na Gíge.
Cuartaigh na caisleáin is na hoileáin do d' bhróga, Droichead Bhéil Átha agus clogáis Leacht Domhna. Cuartaigh na tráite is Poll na dTóraí, Cuartaigh na sléibhte is Áth na Críche Agus Cnoc na Cathrach mar ar leagadh na mílte.
BARÁNTAS NA CASÓIGE Contae Chiarraí Contae Chiarraí mar aon le mórchuardaibh Shéamais Uí Chatháin, aon de phríomhbhreithiúnaibh na suadhéigse ar feadh na gcríoch chum a luchta cuardaigh. Ag seo gearán agus faisnéis Shéamais Uí Chuirc mhic Chormaic Báille ó Churrach na Cille, noch do chónaíos in imeall na coille crosta crostórtha mar bhruach na Bruice i gContae Chiarraí réamhráite. Dearbhaíonn mac an bháille mhóir, gan saobhmhionn ná buntáiste ar leacaibh dearga an tinteáin, ar mhaidíbh dubha an dorais, agus ar phortús a mháthar, go dtáinig sladaí liath lom leathnochtaithe, ciarbhuí coirtithe cróndearg, cromtha cromshlinneánach cliabhchumhang, bolgmhór bréananálach breacloirgneach, dorcha geocúil, agus é ina shruimile chéatach dhiabhlaí, mheabhlach mhallaithe, agus é ina scraiste scraistiúil, chraosbheolach chreatlom churraiceach, bhléanfhairsing, agus é ina phusaí phusúlach phrioslach phlámásach, shumgúil mhórsháitheach, agus é ina shirriam teallaigh, agus ina liairne tinteáin chamioscaideach fhadloirgneach leathanchrúbach, dhíomhaoin dhrochghnóthach, agus é ina chlúmhach bhuí bhreacshúileach chrínfhiaclach scrogmhuinéalach, fána chulaith smeartha gan náire, ag feitheamh agus ag faire na huaine air; gur nocht mac an bháille de, le dubhobair agus le brothall na coille glaise, ina léine agus ina bhríste, insan áit sin lena ráitear an tOileán Dorcha; agus gur ghaibh an táthaire réamhráite laistiar agus gur scuab uaidh a chasóg ghéarchóirithe chluthair-fhuaite, líonálta den mhínbhréidín chíordhubh chomhshnáitheach fána leathanchnaipíbh dearnálta, insan bhliain d'aois ár dTiarna 1785. Dá bhrí sin atá an barántas so mar leanas:
Contae Chiarraí ar fad le chéile gan fuíoll béime ag Tadhg Ó Conaill. Giúistís socair, séimh céillí, fuair ceart réime i ndlí is i dtuigsin. Fógraim do gach aon chonstábla, dá bhfuil sa lán so, cois na Bruice Do Sheon Langford is dá gharda
is d'ardchonstábla Chlainne Mhuiris mionchuardach anois do dhéanamh ina limistéirí ar gach duine. Is go speisialta ar gach n-aon ina bhfuil drochghéata iontu fuinte. Ag sin agatsa a Shéamais, fám' láimh féinig, cead chun reatha, Nó go dteangmha leat an séithleach creatbhuí claon a rinn tú 'chreachadh. Ar eagla ar dtús, go scaipfeadh do lúth, is go bhfaighfeá brú nó buille de bhata, Bailigh leat buíon fear óg den tír do bheidh go groí 's ná foighneoidh easmailt. Tugaíg ruathar, fada fuadrach ar é chuardach ann gach baile, Ó Ghleann na Léime, go barr na Féile, go bun na Sméarlaí, agus siar cois Mhainge. Ba ghnáthach scrogaire, ciarbhuí coirtithe, de shórt an duine seo i gCúil Ó Sochta. Ná fágaíg iothla ná bun truipile i ngleann ná in imeall cnoic gan a lorg dó. Cuiríg a thuairisc ar fuaid na tuaithe go Sliabh Luachra is go Crosaire an tSionnaigh; Go Gleann Ó Ruachta ba mhinic lucht cuardaigh is sladaí luaimneach acu dá chluiche. Cuardaíg go sármhaith, timpeall Chill Airne in imeall na sráide agus cois an locha. Ná stadaíg den stáir sin, go Daingean na mbárc, ar eagla an stráille do bheith 'na chodladh. Géaraíg ar siúl, is comhairíg chúghaibh Cruacha Dubha Mhic Giolla Choda. Déanaíg comhairle ansin cá ngeobhaidh sibh, is meabhraíg an t-eolas, ar a lorg. Atá Teach Mhóire, gan siúl fós uaibh, is creidim gur cóir daoibh, cur ar na cosa. Nuair chuirfidh sibh bhur n-amhras des na Gleannta, tugaíg fogha ar Chaisleán na Mainge. Cuardaíg go rómhaith, portaithe móna, do chrochaire an chorda, is cois na Fleasca. Ná fágaíg trinse, ná bun díge, ó Chrois Uí Fhloinn, go dtí Ard Fhearta, Ó Thigh Duibh, go Ceann Duimhche, go Baile Mhac Coinn, 's as san go Crota. Buailíg lastuaidh chum Ráth Tuaidh is tugaíg cuairt ar Bhaile an Chrosaigh. Fanaíg tar srúill, faoi Oireacht anonn, 's is eaglach liom, go mbeidh sibh cortha.
Bígíg múinte i mBéal Átha Longfoirt, tá droch-chriú ann, do réir mar chloisim. 'S is suarach an chúis d'iarrfaidís chúghaibh chun sibh do rúscadh, leis na clocha. Déanaíg bhur n-aghaidh go Carraig an Phoill, is ná déanaíg moill, ach bheith ar sodar. Ná blaisíg greim, grutha ná meidhg, ar eagla aon treighde do theacht 'n bhur mbolg. Ní mór an t-aistear daoibh dul go Tairbirt; ná téigíg thairis sin, óir níl sé dleathach. Ná fágaíg aitreabh, ar bhruach na farraige, cuasán carraige, cuan ná caladh. Siúlaíg timpeall, ard is íseal, gleannta is cnocáin, mín is garbh. Cuardaíg ciseáin tacair, is clathacha deacra bogaithe is móinteáin, díg is aiteann. Na fágaíg áitreabh cró nó stábla ar bhruach na Gáille, dó gan lorg. Thuas i Lios Tuathail, atá sé im' thuairim, is fuiscí uaithne aige dá shlogadh. Ar eagla anriochta, do bhí a leicne scramhaite, do bhí garbhphus ramhar air, agus é dubh smeartha. Do bhí sé ceannathrom; dronnach do bhí a dhrom; do bhí bun a shróna cam, is leathanbhreall ar a barra. Má fhaigheann sibh radharc air, cuiríg dubhghreim air, agus tugaíg an cladhaire, go Binn na Manach. Go gcuirtear ar adhastar, ceangailte taighte is mittimus Thaidhg leis an bhfear lochtach. Is mór an sásamh, do mhac an bháille, é fheicsin in airde, idir dhá mhaide. Ag sin agaibh críoch air, is nár fhóire Críost air, is fada ó thuill sé, an corda dá thachtadh.
Cuirim dá dtóraíocht Éadbhard de Nógla aon d'ardbhreithiúnaibh na héigse cct. I gContae agus i gcathair Chorcaí; dearbhtha diana daingeana diomácha Mhaitias Bhreatnaigh dom' láthair, duine uasal de shíolrach na seanBhreataine agus príomhshliocht Bhreatain Mhaoil mhic Némédius, an chéadphrionsa do thuirling san mBreatain d'éis na díleann agus do ghabh ceannas Breataine, Sacsan agus Alban, fa deara an Bhreatain Mhór do ghairm díobh, go raibh a chónaí i mBaile an Ghleanna i bparóiste Chathair Lágá sic, go dtáinig chum a stábla san oíche cúil ropairí agus foghlaithe gurbhriseadar
an glas agus rugadar leo a shrian agus a iallait, agus é féin bacach agus a chapall dall, ar modh go ndearnadar creach an daill agus an bhacaigh in éineacht, agus go bhfuil ó shin i leith 'na chamán craiplithe i gcúinne an cheangalaigh gan ord gan aifreann d'easpa nach féidir leis dul ar marcaíocht de bhrí dá dtíodh ar an gcapall dall gan srian nach bhfuil a fhios aige nach le faill mhara nó ar an seanfharraige do thabharfadh aghaidh; agus an tan do théadh ar an gcapall gcéanna agus an srian céanna leis - mar ba é seanchabhlach na fíoruaisle é, go gcoinníodh a cheann comh hard comh stáidiúil sin go meastaí daoibh gurbh é Alexander ag marcaíocht Bocephalus nó Cú Chulainn ar an Liath Macha do bhíodh ann; go ndeachaigh ar a bhreothartach i dteannta díse de churaíbh láidre d'ionsaí caillí feasa na gcártaí ag iarraidh feasa uirthi; gur fhág paidirín ómra na gcaogaidí n-airgid i ngeall le réal aici .i. comhartha sinsireachta d'fhág a athair agus a sheanathair aige, gurbh eagal leis geall titime do theacht air go bhfuair faisnéis uaithi gur bodach breallach brúidiúil bolgfhairsing de shliocht Thomáis mhic Lóbais mhic Liobair Lofa mhic Láigh an chúir táigtuta mac Tuathaláin Tarcaisnigh mhic Tomhaltaigh an Tuaiscirt mar aon le caille chnapach chruintilleach cholgach chealgánach don chinéal céanna do rug leo iad agus do dhíol iad le hardtaoiseach an mhathshluaigh seo atá ag cosaint an náisiúin mar do chuir a dhúil iontu an tan do connairc acu iad tré a raibh de chnaipíbh de bhiteannaibh agus de bhúclaíbh airgid iontu. Ar an ábhar sin cuirim mallacht cléiréigse eaglaise mar aon lem' bharántas 'na ndiaidh mar leanas:
Cuirim dá dtóraíocht, le cumas is cóirdhlí, cuideachta clóchaoin céimghlan. Curaí calma an choinníll charthanaigh, bilí baramhail béasach, Cabhailghlan cumasach, togha na foirinne, cabhair is cuisle na Féinne. Cuardaíg cumarach, cuaillí coille, 'gus uathghlinn uisce 'gus féitheach. Cuiríg an cúram ar Phiaras múinte dalta agus prionsa Gréagach. Glaoíg san Mainistir préamh d'fhuil Bharrach ar Shéamas seabhac na séimhe. Gluaisíg oraibh is cuardaíge fotharaigh fuairghlinn dorcha is gaothra. 'S go brách ná fillíg go hArd geal Dilíthe, is tá dá bhile den éigse ann. Cuiríg an cúram ar Chonchúr geal bile 'gus crú mear léannta, I gCluain Droichead is faigíg focal le glanchuaird chothrom dá n-éileamh. Gabhaig gach cóngar, as sin go Lóithirt, ná stadaíg le fórsa is faobhar, Gasaibh cuntas don Mhainistir súgach lile de chúirt na féile. Fillíg aduaigh go dei ...
Dá aithne táim do Dháiví de Barra bheith umhal. Do chuaigh Seán de Faoit dá ghearán le hÉamann Ó Flaithearta go Baile Nua na Sagart agus do chuir sé summons chum Dáiví mar leanas: Éamann Ó Flaithearta i mBaile Nua na Sagart, cóirbhreitheamh go bhfreasabhra san gcontae reimhráite: Dochum Dáiví de Barra i mBunastóigh i bparóiste Charraig Thuathail, dá aithne dhuit bheith i bpearsain im' láthair i mBaile Nua na hEagailse, an deichiú lá d'Fheabhra go dtuga tú, má hionriota aighneas agus oidhcóideacht sothronn soiléir, agus cuntas fírinneach fíorcheart ar d'ealaíona, agus ar d'eolas, agus go speisialta créad fá dtugais masla agus mícháil, táir tarcaisne agus míchlú don fhíoraon fháighiúil fhocalcheart urramach oiriúnach .i. Seán dea-mhúinte deascréideach dea-labhartha de Faoit, agus a liacht sagart suairc, cléireach cáidh, taoiseach tíreach mac deamtar díolúnach do bhí fá chioscháin aige Seán le caogaid do bhliantaibh gan toirmeasc gan christamuil, dhéanamh dhó. Agus tar dear ... gur thiteadar mórán de na sáruaislibh sin ba charthanaí ba thacú agus ghionnbhrit do Sheán mar bhíonn sé ... noch ghabhas do láimh páirt do ghlacadh leis agus a chás do chosaint ar a shon. Uime sin ar rochtain an t-ordú chughat ná bí leibideach, dein d'airm do líomhadh ... bro ... bhreacha do mhillinn do chur ar ingil do chuisle fileata ... freagra gan obadh an lá cinnte ceapaithe ... Ar túis dlúthchuardach do dhul ar láimh fé ... tir lorgaireacht. Toirbhearta fám' láimh an chéad lá d'Fheabhra ansa mbliain 1790. Éamann Ó Flaithearta.
Dá aithne táim do Dháiví de Barra bheith umhal Is freagairt im' láthair san áitreabh beannaithe dúrt, Go bhfeasfad ón bhfáidh créad fá 'nar masladh leis clú An fharaire stáit, gan fáltas beatha ach a chúl.
FREAGRA DHÁIVÍ A Éamainn cháin, a bhaird gan friotal líofa Dáiví de Barra i mBunastóigh chum Éamainn Uí Flaithearta i mBaile Nua na Sagart, dá chur in iúl agus i dtuiscint duit go bhfeaca mé bíodh gur fada ar thí teacht dó roinnt de rian do lámh fá dheoidh. Agus ba mhór m'iongnadh
ar rochtain do sheanpháipéir im' láthair an tan do chonarc an tuairim ardintinneach do bhí go casúrtha i d'aigne agus i d' intinn, agus toirbheartha fá do láimh .i. Éamann Ó Flaithearta cóirbhreitheamh go bhfreasabhra san gcontae reimheráite, agus cé lag do mheabhair agus mar bhraithim d'eolas, ba laige do thuigsint ar ghrafadh na mbriathra úd. Gidheadh, dá mbraithinnse puinn den amhras agat, ba mhóide mo dhithneas chum dul dá chíoradh riot é; agus ní ar comhar, ach gach n-aon do chur chum a dhíchill. Agus is dothuigseana go dtáinig Éamann in aois Mhurcha nó ní dhéanfadh an oiread úd dá mhíthapa, óir ba ghobsmeartha rian ... faobharmhairceach an scríbhinn agus ba mheasa an t-urléaghadh ... cé fad romhat d'fhéachais ag gabháil páipéir ... chrúibín bacaigh, feabhas na ceirde et méid an fháltais. Is dearbh nach dóigh dhuit sin do dhéanamh i ndóchas ná tuigfí liomsa é, óir an tan ba chomhchlos ar feadh na caomhthíre an Faoiteach do dhul san bhfódfheart, do tuigeadh duitse nach raibh aon oidhre ba chóra theacht isteach ar an mbeatha ná tú féin, de dhroim cúise ná háirmhim poiblí ach tuigfir féin as, amhail tuigimse más le gluaiseacht duit nach fuil an modh nó an friotal iarratais go prasmhilis id' chraptheangain, ná tú ábalta ar do dhéirc do altú go teanglíofa agus ó nach fiú liomsa dul ag triall ortsa, atá súil agam nách aon troigh as do ród duitse gabháil chúghamsa an tan ghluaisfidh tú ag tógáil sealbhú agus circuit timpeall do stáit. Gidheadh, muna mbeadh le himpí comharsan agus daoine muinteartha noch dheimhnigh agus mhóidigh dhom gur lagstaidéar nó raon gealaí fá ndeara an cás, agus do scríbhinn im' dháil, ba bheartaithe an beartú agus ba cheartaithe an ceartú, agus ba líofa ... léirbhearrtha do bhéarfainnse ar do chreat liath lom ar chor ná fágfainn ribe re fás, ná bun ribe re préamhú, ná fós an ithir ina bhfásfadh sí, gan luaithscrios le heidirchaint ón bhaitheas go talamh. Ach ó táim ag smachtú ar mo mhórthocht agus ag fáil bua ar mo ghéarfhearg, tiocfaidh mé i dtuas ... bhriathraibh míne ag scríobh mo ainme fá bhun an rianlámh, á chur in iúl agus i dtuiscint duit gur mó de chearrbhach iná theangmhaigh riamh leat Dáiví de Barra.
A Éamann cháin, a bhaird gan friotal líofa, Do rith faoi thlás id' rás isteach im' líonsa, Foghlaim tráth cé is fearr de bheart nó slí duit, Do rogha mo pháirt, nó do shlán do thabhairt fám' scríobhsa.
PAITIN Dá bhrí sin aitchim Contae caomhthorthach an Chláir, mar aon le mórchuairt Éireann uile. Paitin sond do réir Thomáis mhiantsuairc Uí Mhíocháin .i. ilreachtach éigse cúirte Thuadhmhumhan, agus aon de phríomhbhreithiúin bhinndhréachtach na bhfilí san ríocht réamhráite. Tomás Ó Míocháin cct.
De bhrí go dtángadar prímhcheap ilchreideamhach ionraic phoráiste fhírdheáthach Dhúire, agus fostaí feidhmiomdha fíoruaisle an cheantair uile im' láthair don chor so dá iarraidh go humhalchaoin iolcharthanach i mbrí phaitin phrionsapáilte saoirse suimiúil scóipleathan do cheapadh agus do shaordháil do Sheán ionúin uasal Ó hÓgáin .i. bráthair bocht binntsalmach d'ord Naomh Proinsias, do cuireadh, d'éis a chúrsa dhíl-chráifeach i dteampall an Tiarna, as seilbh an phoráiste réamhráite le húdarás an easpaig, ionas go gcaithfidh sé anois, do réir reacht an déircoird, dul ag cnuasach carthanacht na bhfíréan i measc na gcaoimhchinéil gcríostúil go forleathan.
Dá bhrí sin aitchim ar shaoithe fearainn, ar fhíorscoth flatha agus naoimhchléire, Ón Laoi go Gaillimh san líne ghairid 's ó ríghlic-Chaisil go Splinc Réithigh, Aíocht gan easpa, gan maíomh do thabhairt, ó croí don taistealach, díthréadach. Le Críost do ceapadh ina stíobhard teagaisc gan díol ach sealbh na fíordhéirce. Ba thaoiseach taitnimh an tsaoi re tamall, i nDroim na Manach, gan mídhaonnacht. 'S is fíor nár ghlasaigh, a chroí ná a gheata, roimh dhílleacht dealbh re linn béile. Níor fríoth é ag ceasnamh ar dhríodar deasca ná ar íochtar baraille binn réitigh, Ach ag leigheas gach galair do bhuín an aistir, le fíorshruth fairsing, na fíorfhéile. Gach baintreach teaspaigh, tá ag leigh le rachmall, i mínleach meala 's i nglinn sléibhe, 'S gach maoilreach seascair, tá i slí le fada na hadhairce a thachtadh le cruinnreálaibh, Ba chuí dhóibh creanadh, le ní na n-anam, is dá ndíon ar lasair, na daoirphéine, Mír den taisce, chuir Críost ina sealbh, do roinnt le teachtaire an Rí naofa. Ní broimseach bacaigh, ag bruíon le cailligh, 's a dhroim i dtaca, ag an ngeoiséaraí, Ná bíoma bealaigh i rílteach raca go ndíolann a fhallaing 's a mhaingéadaí, Mo chaoinfhear cneasta gan phoimp gan chealg tá suíte seasmhach soíscéalach, Is le fírinne freastail bheir mílte peacach ó dhaoirse greama na ríphéiste. Ós fíor go radaim óm' chroí don eagailseach príomhphas paitin is príbhléide, Gan chinnteacht nascaim a gcíos do ghlanadh go cruinn in aice gach naoimhfhéile.
Go síodhach glacfaidh an píosa garbh an líon 's a mbaraille síl déise, Is aghaidh gach earra, chuir Meidhbh i dtaisce, go doimhin in arg na troimphléiste. Leastíos ón Scairbh go Binn Bhunraite, 's trí chríocha Bhaiscinn go Cill Chambers, Ón Roinn don Cheapaigh, chum Maighe na gCailleach, is ó Dhroim Dhún Atha go Cinn Léime, Táid saoithe sagairt, is saoire teastas, do leigheasfas anacra an chlaoinchléirigh, Is d'éis fuílleach fleadha do líonfas pacaibh go raídhseach rabairneach ríméideach. Cois taoibh na mara chum seantí an chladaigh is trí gach eanach go n-uige Dean Queally, Ó thoinn Lios Ceannúir, go Glinn na Manach is timpeall trasna chum Tuaim Gréine, Níl taoiseach teagaisc ná fíorghas flatha ná híocfaidh acmhainn go croímhéineach, 'S ar thíocht abhaile dhó maíodh le Peadar gur saoirse ó fhlaitheas a chaoilchléircheas. I linn nó i laithigh dá luíodh a chapall is a dhroim ag feacadh fá throimghréithre, Glaoidheadh dá chabhair an Loingseach tapa fear síofra 'ghreadadh san mBruín Chaorthainn. Gach n-aon do thabharfas cuibhreann ranna go saor do chantaire an rí ghléigil, Beidh choíche sailm dá nguí go flaitheas ó chuingbhroid mhallaithe an tsaoil bhréagaigh. Ó thíocht ar talamh, do Chríost ina leanbh, fó dhaoirse ag ceannach na druingdhaonna, Go suíomh mo phaitin go díleas dearbh fó ghrinnghlas dearg na bhfíréigse, Míle is seascaid seacht gcéad ar daichead do thimpeall ratha na ríghréine, Ach dís is gearra-dheich bliain dá easbhaidh gan fiaradh feasa ná fuíoll réime. Foircheann.
De bhrí gach réabadh Ag so an t-ordú leis an Athair Seán Ó Briain mar an gcéanna dá áireamh do na báillibh gach slí agus gach áit do ba mhian leis dóibh do thimpealladh agus gan dearmad do dhéanamh fá dhul go n-uig gach aon dá aois ghrádha ar feadh Leath Mhogha go hiomlán agus beatha agus sláinte do thabhairt uaidh féin do gach aon fá leith dhíobh, agus dá iarraidh orthu fá phéin umhlaíochta faire agus forchoiméad do dhéanamh nó go mbeiridís ar an mbráighe Seán Ó Lúba agus a chur ceangailte cruachuibhrithe chuige féin go Caisleán Ó Liatháin.
De bhrí gach réabadh ar dhlí na héigse leis dá ndearnthas, Gon uime d'ordaím agus ionchomhachtaím is údarásaím, Don uile ard- is fo-chonstábla is do gach báille Is chum buíne i gcontae i gcríochaibh Mumhan gan míchairde, Gibé cúinge coill ná cúil den Mhumhain réamhráite, Lámhaíg dúinne, Dáiví Brún, san ionad 'na bhfághthar; Gadrach cruarighin casaíg ar 'fhuaithnibh; leagthar a chnámha. Duais ná breabaireacht uaidh ná glacathar cuir ná slána. Tugthar go Caisleán cluthair Uí Liatháin ceangailte im' láthair, 'S chum aon duine eile ná léigthear eisean i bpéin bhur sláinte. Tuilleadh dá dhocúil - tugthar dhó lonnú go ceann spáis ann. 'S ina dhiaidh sin chúghainn a thriall dom' chúirt 'bé ionad is áil liom. Dá mbeith uaibhse ar chleith nó cuardaibh leanaíg ar lánrith. Is Dálaigh na hAnaí chleachtann an cleasaí, ná faigheadh scáth ann. Gluaistear libhse go luaimneach liosta go Tobraid Árann. Is ná déin dearmad céad dom' bheannachtaibh do Sheán Chlárach. Tuigim nach buailfe, ionad ba shuairce, chúghaibh sa tardal. Caithíg an oíche is glacaíg bhur scíth ann go dtí arna mhárach. Triall ar Luimneach siar go hinneallta is ibhíg mo shláinte ann. Is naiscíg ar Aodh Buí seasamh san taobh thíos; faireadh an tráth sin. Go hUíbh Breacáin, timpeall Challáin tuigim ná ráinig. Ionann is dainséar druidim le hAindréas d'fhile gan fáscadh, Somaidh le saoirse socair an intleacht
solas gach sásaimh. Cíocha dile na díse d'ibheas-sa, deocair a dtrágha. Seachnaíg róda is glacaíg cóngar tarsna na sáile. Risteard Ó Murchú cuiríg dá chluthú, in imeallaibh Rátha. Rithíg go Ciarraí, ciste na bhfialghníomh, is nochtaíg dom' bhráthair, Diarmaid fíorchaoin mac mhic Fhínghín, turas an chneáire. I gcríochaibh Cairbreach ní bhfaighidh tearmainn, cé dóigh fáilte ann, Ós fíor gur eatarthu bhíos mo dhalta dil, Eoghan Mac Cárthaigh. Iarraíg Donnchadh, grian na n-ollamhan, i gCorcaigh is gnáthach, d'fhíorfhuil chalma, ríora Raithleann, an fisigeach fáitheach. Is Dónall solascháidh Óg Ó Donnabháin, posta gan tlátha, Dár dual fuineadh gach uama is oimice is follas mo ghrá dó. Is Dónall dréachtchaoin stróire séimhí, file na Blarnan, Le baois shloinntear gé bhíos gaosmhar do Chlainn Chárthaigh. Fialmhac Mhurchú, an gliaire cruthchlúmhail 'sé mo bhráthair, Saoi le sioscathar laoithe snoite suilt, Seán na Rátha. Críoch bhur gcuarda, ar dtíocht go Cluain Molt, deocha 'bhur sásamh. Is fíonmhar milis, an tír 's a foireann, i bhfochair an Fháltaigh. Fáidh ná file, ná fágthar libhse, san Mhumhain ársa, Gan fáil ina choinnibh ar lár go gcuirid an Brúnach bearnach. Do mhaímh an Brúnach buíon dá chúnamh mar aos dána. Is díobh sin Tomás caoinmhic Thiarnáin, 's Mac Giolla Pádraig. Is díobh Parthalón an bráthair Códach, rannaire Dháithbhe, Is gliaire cumais, Uilliam de Bhriotaibh, is duine ná háirmhim. Gach n-aon eile, is an méad so deirim, do chúnamh Dháithbhe, Tabhraíg chúghainne, fá thearmainn cúirte cumais na bhfáidhe. Gach n-aon nár foilceadh i dtobar na fíoréigse, Is nár léigh ar nodaibh ná foras na príomhGhaeilge, Ní céim a moladh má chosmhalaid gaois Éamainn 'S ní béim ar fhoirtile a dtrodaireacht tslimchéille. Foircheann.
De bhrí go gcuala Contae Luimnigh le Muiris Ó Gríofa. Ag so faisnéis agus barántas ón bhfear céanna ar Sheán Ó hAnnáin .i. Fairisíneach faon fíoruallach meabhlach searbh-bhriathrach cleasach cealgrúnach scáinte scagfhiaclach liosta liodartha leonta luaithintinneach .i. cocól coirpe casadharcach; fuad fuadarach fuathrógach agus carrfhia cocard ceannéadrom noch atá ag imeacht ar nós Welcome Shúgaigh ina gheilt ghliogartha ghlibriabhach charrach ghearbach bhreacmhíolach i ndiaidh ban bocht agus baothchailleach is ag leághadh le lánansacht dóibh, bíodh nach le greann ná le gean orthu leanas an lánréim sin, ach d'eagla go bhfoilseoidh cách go coiteann a éad agus a fhantas príobháideach ag nochtadh a mhioscaise agus a mhírúin don aicme réamhráite ler créachtnaíodh an crochaire ceannleointe-se. Óir ar dtréigin a chumainn dá chompánach is beag nach é nós an phréacháin bhuinní doní noch d'fhuathaíos a nead féin ar bhfáil cac na corréisce inti agus d'imíos ar lageitil a luí agus a lomghoraíocht ar lomneadaibh athchaite na n-éan eile, gur mar sin do luigh an millteoir meata mírúnach so ar mheirdreachas go bhfuair cealg agus claonadhairt ina dheireadh go prap príobháideach ionas gur leathnaigh olc agus urchóid na hiaróige sin go hiarchreimeach nimh nathrach ar feadh a choirp 's a chaolchráige ler cuireadh cor fimidh i gcamthóin an choillteánaigh dhána dhíchoiscithe sin, dála mná an mhuilleora ghairmeas an t-ainm sin don drong dea-iompair dhiúltaíos go dhrochbhéasa; agus de bhrí go ndearna an cuaisce tanaí tónbhriste, agus an chú airce chluaisghearrtha mhórbheannach bhurdúnach so gan foras gan fondaiméad in aghaidh dlí agus reacht na héigse do chuireamair an barántas so ina dhiaidh mar leanas:
De bhrí go gcuala go bhfuil cuaisce nó fíorchréice, Anois ag gluaiseacht go fíoruallach ar díth céille. Seán Ó hAnnáin ainm an spreasáin, nó cúiréibe, Bhíos ina chúán i ndiaidh gach aonmhná mar leigheas éada. Bíonn an cocól so ann gach aon ló fá líg traochta, I ndóigh go gcuirfeadh ansin duanóg, nó críontsaothar. Nuair nach féidir leis a dhréacht a chur in aiste chirt, Bíonn an séithleach ina spreas gan éifeacht ag síor-reacaireacht. Is cóir is is faobhrach doghní véarsa deir gach seanbhean. Nuair a thig an réice gliogair gan chéill-se chucu ag bladaireacht. Ní bhfuair an bochtán dona so sciúrsáil riamh san mbaile-se Gur chuir rabhán chugainn, an sacán, go fíormhaslaitheach.
Dá bhrí sin fógraim díbhse, a óga, ar feadh na dúiche: Bíodh an tóir againn ina dheoidh go fíorshiúlach. Cuardaíg garbhchnoic ina mbeith beannaphoic ar bhinn sléibhte, Óir is cleachtadh leis dul chun reatha leo go fíoraerach. Ná fágbhaíg achrann, ina mbeith caladh ar bith, i dtír Éireann, Dó gan taistealadh go bhfaighthí amharc air i gcríoch éigin. Gidheadh beartaím, díbh an dailtín do sheachaint ar aonach, d'eagla Chathaoir is foireann na stafaí do theacht d'bhur plaoscadh. In áit eile ar bith ina gcluinfí an reithe bocht muiniceach maol so Dhul ar teitheadh uaibh, déanaíg deifir ann; brisíg is réabaíg. An tan gheabhtar radharc air leanaíg gan mhoill é an sruithire séithligh. Beiríg ar adhairc air, cuiríg fá ghreim é, an cuirrice créice. Díbh ní heagla go rachaidh chun reatha uaibh tá sé léigneach. Ar an abhar sin bíodh sé ceangailte le cor téide. Gibé ar bith bothóg, ag scige le síorthóir, 'na bhfaighthí an t-éagann, Tugaíg an cocól chugainn dá aimhdheoin fá dhlí na héigse. Siúlaíg feasta gach barrachnoc lom do Sheán Mar a mbíonn garbhphoic mhaga is gabhair ar fán. Níl rúiscbhuí chaillí ó Chaiseal go Gleann na Máighe, Ná músclann sealad chum peaca dá dtabhairt fé dháir.
Toirbhearta faoim' láimh, Muiris Ó Gríofa.
BARÁNTAS MHUIRIS UÍ GHRÍOFA le hEoghan Rua Ó Súilleabháin 1781 De bhrí go bhfuaras fíorfhaisnéis re ceart áitimh Críocha mínáille Mumhan agus an chuid eile d'Éirinn iathghlas oileánach le hEoghan Ó Súilleabháin .i. aon de dhearbh- bhreithiúin na saoithe éigse
ar feadh na críche réamhráite go huile. De bhrí go bhfuaras fíorfhaisnéis re ceart áitimh díse dea- dhaoine .i. Mícheál Ó Clúmháin do chónaíos i mBealach Uafar Átha, agus Uilliam Ó hAinnín do chónaíos ar Ród-Chros Thobar an Nae: Iar n-éag d'éigsibh éifeachtacha ealaíonta, do shaormhacaibh léannta láneolacha, do shuadhaibh snoite sians- scothacha, is d'fhíobhaibh frofa fíorfhoghlamtha, do bhardaibh bleachta binnbhriathracha, agus do dhámhaibh dearfa dea-shamplacha, do dhraoithibh diamhar-rúntacha dántacha agus do ghruagaibh dáilteacha snaisrialacha agus d'fháidhibh fonnmhara feidhmdhlitheacha Leithe maghfhairsinge Mogha, noch ba dhearbhúdair dréachta dánta agus laoithe, duanta na ndea-ealaíon san tan gcéanna is san gcruinnaimsir ionar mhaireadar na taoisigh teagaisc agus na saoithe sárlabharthacha cúirtghairmtheacha mianmhara meidhirchaointeacha dleachta dílse d'fhíorscoth uasal urramach gréithre gaoismhara Gael, gur neadaigh is gur dhlúthghnáthaigh balbh-bhairdín breillbhriathrach bunscolóige agus cnáimhseálaí ciarsánach cianaosta agus dúrdhradaire díoscair dítheolach, is fíorfhuirseoir foghaltach faonghníomhach, agus glimsín glafaídeach glamghlórach agus leamhlorgaire liodartha lomathach, agus maolmheilit maíteach míghníomhach, agus neascóid neantach neamhcharthanach, agus pótaire pleidhciúil plámásach, agus ráiméisí righin rúnchealgach, agus tirimtharabhán tóirtéiseach, i gcuasphollaibh diamhaire agus i gcumaraibh doimhne do-eolais an tSléibhe Riabhaigh dárab dearbhainm Muirisín maol malachlúmhach meangach mailíseach Ó Gríofa .i. feallaire noch do dhíolfadh an fíorbheagán d'iarmhar na héigse, atá ina bhfuíoll áir is áirní ar fianscor, agus ar foluail trí inghreim Danar agus foirneart eachtrann a saorchríochaibh sean agus sinsear clanna meidhreánaí Míleadh, ar bhrúchtsháith buisinne amhail ba ghnáth ris do dhéanamh. Áitíthear fós ag an bhfaisnéisí seo go mbíonn an burdúnaí beagnáireach so ag imeacht idir sheasc-chailleacha Cois Sléibhe ina fhear leighis lusa luibhe agus asarlaíochta fá ghné dochtúra fíorfhoghlamtha ban re tabhairt clainne dhóibh ris na healaíonaibh .i. an gníomh ná táinig ris do dhéanamh anallód tré dhíth dea- uirlise agus lachta lántorthúla giniúna. Bíonn fós an bladaire baothghlórach so, an tan mheathaid na cearda réamhráite air, ag iomlot ó thigh go tigh ina phaidreachán chrábhaidh is coinsiasa i measc caschaillichíní ciartha coirtithe ina gcríocha agus ina n-áitribh réamhainmnithe ag teagasc 's ag múineadh salm an altaithe agus a shamhail eile sin de phrácas urnaithe nár ordaigh Dia ná duine do rá ná d'éisteacht, mar shlí bheatha agus mar ábhar cothaithe dó féin, ó ráinig ina thuathalán cidh tréan-aineolach i rialacha léinn is lánfhoghlamtha, cidh deiliúsach d'ordaíonn don bhuíon so Bhealaigh Átha gan m'ordú sa ghlacadh mar dhlí i ndóigh clú agus meas do thuilleamh dó féin tré thíocht i gcomhchóraíocht riumsa nó rem' shamhail eile i gcúlghearrthóireacht mhailísigh, gan uaim aiste ná údarás, ach ag déanamh deimhin dar leis féin den charadas san do shnaidhmeas ris agus dob éigean dom go haimhdheonach a scaoileadh tré míchádhas an chríonchlamhaire seo. Tar éis na fáthaibh sin, ordaím do gach file feasach fáigiúil fíorGhaelach an bairdín seo do dhiandíbirt agus do rianruagairt óna gcomhthionólaibh agus óna gcomhluadar; is dá n-oifigíbh dearfa a cheangal is a chruachuibhreach agus a bhreith ar an ordú san ina chime chraiplithe chruachuibhrithe do láthair ceachtar de bhinnbhreithiúin na saoithe éigse go n-íoca a chríonchorpán creatlom caisleatharach as leamhlabharthaibh
a theangan atá tarsna tuisleach tuathalach teircfheolach, agus dochum na nithe sin do chur i bhfórsa, ag sin barántas tarraingthe faoim' láimh an cúigiú lá fichead d'August, san mbliain d'aois an Tiarna 1781.
Sirim slua uaimhneach na saoithe sean Barántas Eoghain Uí Shúilleabháin ar Mhuiris Ó Gríofa De bhrí go bhfuaireas áiteamh dís dea-dhaoine gur neadaigh agus gur dhlúthchónaigh balbh-bhairdín breallbhriathrach, bunscológ, ar neamhéigse éifeacht ná ealaí dó, ordaím do shaoimhacaibh léannta láneolach na hÉireann, do Mhícheál Ó Clúmháin do chónaíos i mBealach Úir Átha agus Uilliam Ó hAinnín do chónaíos ar Ród Chroise Thobar an Nae, go bhfuil tallaire ciarsánach críonaosta, dúrdhraidire díthuigseanach do-eolais agus fíor-dheoirseoirín fealltach faonghníomhach agus glimsín gliadarach glamghlórach agus leamhlorgaire lodartha lomthónach agus maolmheilitín maíteach míghníomhach agus neascóid namhdach neamhcharthanach, agus pótaire pleidhciúil plámásach, agus sruthaire silte sleamhainchreimeach agus truán truaillithe teircfheolach do chónaíos i gcuasaibh, pollaibh doimhnibh daingeana do-eolais an tSléibhe Riabhaigh, gurab ainm Muirisín mangach malachlúmhach mílabhartha casleatharach Ó Gríofa, an feallaire noch do dhíolfadh an fíorbheagán d' fhíorbhardaibh na héigse tá ar fán, fuair foghlaim uachtaráin. Ar bhrúchtaíl buisinne amhail ba ghnách leis i dtigh a mháthar áitíor fós go mbíonn an breabaire cealgach cailliúnach ag iomlaid ó thigh go tigh ar measc chailleacha ciara coirtithe na gcríoch ráite, agus a shamhail sin de phrácas ar urnaithe nár ordaigh Dia ná duine a rá ná d'éisteacht. Tugaimse ordú do gach file fáigiúil foghlamtha fíreolach et dá n-oifigí dearfa-san an bairdín seo do dhiandhíbirt agus do rinnruagairt, agus do thabhairt 'na chime chrimechraiplithe chruachuibhrithe i láthair cheachtar de bhreithiúin na suadh éigse, go n-íocfadh a chríonchorpán creatlom casleatharach as leamhlabhartha a theangan tá trasna tuisleach truathuathalach chum na nithibh do chur i bhfeidhm agus in eagar air. Seo bhur mbarántas duit faoim' láimh:
Sirim slua uaimhneach na saoithibh sean Ba chliste suairc duainte is laoithe ceart, Cuiríg luathruagairt nó cuibhreach gaid, Ar Mhuirisín luath-thuathalach Ó Gríofa gan mheas.
De bhrí go bhfuaireas go fíor an tuairisc Chum faisnéis Chontae an Chláir agus Chóige Mumhan go forleathan. Ag seo ordú údarásach ó aon de phríomhghiúistísí na Contae réamhráite, dá ngoirtear Páidín Thoirdhealbhaigh, i ndiaidh Thomáis Mhic Shiúrtáin .i. táilliúir siúltach suarach saobhnósach, do ghabh air féin, le húdarás ceanndána, ball éadaigh oirearc úsáideach do dhéanamh do Mícheál Ó Raghallaigh, aon de sheanchaíbh fíoreolacha na cóige riomhráite agus do mhill go míthreorach míthuigseanach an ball céanna. Tar éis trí bhanláimh flainnín fíormhín sármhaiseach do chur amú leis, ar an ábhar sin, atá barántas mar seo leanas:
De bhrí go bhfuaireas, go fíor an tuairisc, inniu do chráigh mé; Fear dlí na suadha, ba chaoin i suairceas, ag teach an tábhairne. A chaoinchrot uasal, ar theacht an fhuachta, do bheith á chárnadh. Ag síordhúluachair, na gaoithe aduaidh, 's a chom gan báinín. Fógraím ruaig i ndiaidh mhic an fhuadaigh do mhill an t-éadach. Is buainfead cluas de má fhaighim a thuairisc i mbailtibh Éireann. As seo go Cluaine, nó go Cill Da Lua soir, má fhaighim an séithleach. Ní fhágfad ruainne ar a chloigeann guaireach gan stothadh in éineacht. Seo ordú láidir, toghadh barántais, chuireas i gcóir dó, Chum cead tóraíocht' ar feadh na tíre bheith ar an lómthach. Má thagann in bhur líonta, bainigí an bríste dhe go fórsach. 'S a hata dá mhaoil, go ndéanfaidh leorghníomh ar mhullach an bhóthair, Le cara na héigse, seanchaí saothrach, fiosrach, fáilteach, Dár mhinic ag béithe meas ar a thréithe - 's is minic bhí fáth leis. Geallaimse féin dó nach mbeidh ár dtaobh leis, nuair gheabhad chum láimhe é; Go bhfágfad créim air, lena ré, do chuirfidh an ghráin air. Ag mná na hÉireann, bíodh gurab éadrom, é mar tá sé. Is gur beag an éiric linn ina shaothar, a sheoid 's a shnáthad. Caithfidh sé íoc i bhflainnín Mhíchíl do chur gan tuairisc,
Nó rachaidh sé síos go gcnagthar a phíob, is gan aon trua dhó. Más neach as an mbruín atá ar a thí, is do rug uaidh é, Déanadh gearán leis an Athair Tomás, is cuirfidh an ruaig air. Is minic ar teallaigh duine dá ealaí, nó i dtigh ósta! Leis sin, a Mhíchíl, ná déan faillí go gcuirimíd tóir air. Nó rachaidh le gaoith, is le hearlaíocht, i bhfad ó chóngar. A chara mo chroí, tá an méid seo scríofa, is cuir i bhfórsa é. Tá dís laochaibh ar an dtaobh so, rachadh sa tsiúl duit: Míchéal Ó Brógáin, tá sé eolach ar gach dúiche, Is Tailte rábach, sliocht na sárfhear, thabharfaidh chúghainn é. Is má bhíd mná, ag cur aon stró air, rachad chúthu. Cuartaíg sléibhte, as so go Bréintre, is go Sliabh Eilbhe. Líogaibh móra chnoc na Boirne, 's ar ais don Eidhnigh. Mura bhfaighthí a thuairisc insa ruaig sin bígí foighneach, Óir gibé cúinne i bhfuil an snúire, cuirfear greim air. Ó tá sibh láidir bígí dána, mar a raghaidh sibh. Brisíg, réabaíg, glais is géibheann ar gach teaghlach. Glaoig is ólaíg ar an mbóthar, gach a bhfaighe sibh. Bíodh ag Brógán tobac a dhóthain, nó tiocfa treighid air. Tugaigí an píopa do na mná críonna, is beidh siad mór libh. Is ar mhnáibh óga, ná ceil orlach dá bhfuil uathu. Ná bígí súgach in bhur siúlta ach bígí stuama. 'S ar mhaitheas na Mumhan ná scaraíg leis siúd, go dtugthar suas é. Is mór an sceimhle torann na díse mar a ngeobha siad. Bainfid bíogadh as na seandaoine is crithfidh cóbaigh. Geallaimse dhíbh nach gcasfaid arís go dtugaid leo é. Ansin, a Mhíchíl, dein do rogha íde den fhear dreoite. Críoch.
De bhrí go dtáinig dís dom' láthair Uilliam Buinneán do Sheán Míodhach De bhrí go dtáinig dís dom' láthair, dem' dhlúthchomharsain, Dá dhearbhadh suíte fá bhrí an Bhíobla an fichiú lá d'fhómhar Go bhfuil Clann Tomáis ag dul in earráid ní nár chóir dhóibh, An dream chiaptha choirpe chiardhubh den tsíol ró-olc. Do fuaireas cullóid ag an siosón i mbéal na tulcha Ó Mhac Cuirtín is ó gach giúistís dá bhfuair commission, Tré Chlann Órla bheith ar an nós so 'dul as riagail Is gach dlí córach ag an gcóip sin dá shíorstialladh. Atá duine éigin den tsíol chéanna ar na bailtibh seo, Do cheannaigh diallait, dóchaint iarla, spuir is geamaisis. Atá naoi mbúcla chum a ndúnta i gceann a giorta. Is deir liom Seán go bhfuil punt práis ina puimeil. Ní hé an súisín atá ina chúisín dar mo bhriathar, Ach canvas ciumhaisbhuí is leathar gaimhnín as Áth Cliath amach. Atá breastplate cíordhubh is pliataí buí uirthi ó Shliabh Taurus. Adeir liom Síle gur leathar ón Scythia a cover gan amhras. Do bhí Clann Vulcáin seachtain is naoi lá ag déanamh stíoróipí Is do bhí dhá cheardán lá dá bprásáil adeir Seán Ó Bruadaí. Adeir Mac Uí Dhála aréir le Pádraig i dtigh Mhileachlainn Gur neeb maith cnáibe ó Chill Airne atá dá ceangal. Adeir liom Tomhaltach, is ní mar shúgradh, acht mar dháiríribh, Gur fiú naoi scillinge ar mharga Mhurchaidh a cuid síoda. Adeir liom Mícheál gur fríoth dá dhíotáil airbhe nae air, Is go bhfuil air fíonáil
fós tré líonáil do chur lena bhéibhear. Táim lán d'eagla go bhfaighfear damanta mac mo chomharsan, Tré na hachtaibh do rinn ár n-aithreacha do shíorleonadh. Ní mé is ciontach ní mé dúirt leis ceannach na srianta. Ná ní mé dúirt leis spuir ó Lundain do cheannach ná d'iarraidh. Ba mhaith an diallait, dar mo bhriathar, do mhac scolóige, Súisín riabhach is mata fé' thiaraigh agus croiceann maith fóisce. Ní dhéanfainn iongantas gad ná giorta nó gas cnáibe. 'S ba mhaith an stíoróip cúpla bruinnleog bíodh nár ghá iad. Dá bhrí seo, a Shéamais, ós tú an receiver, glaoig leat Dónall. Is buail go héasca suas do phléisc is tabhair an tóir air. Má gheibhir ligean air tá mac Uí Urthaile ar bhéal na slí reomhat Is glaoig chugat Murchadh is beidh sé coinnithe mura bhfuil draíocht air. Má tá 'ndán duit go bhfaighir chum lámha é bris na srianta. Ceangail a shála is caol a lámha agus cac sa diallait. Tabhair leat ceangailte é mar do bheadh madra d'ólfadh crútach, Go gcurthar cara suas chun a thachtaithe le gad súiste. Atá duine saor ag Seán Puirséal do gheabhadh anam dó, Dá dtagadh i mbannaí is i dtacaíocht ná rachadh ar eachara, Go dtiubhradh a shrianta a spuir 's a dhiallait, suas don Eaglais; Ní bhfaigheadh acht pionós tré' ndearna d'éagóir ar na hachtaibh sin: A dhó ina láimh le lúib corcáin nó le teanachair. 'S a chur ar mhuin pocáin Thaidhg Uí Lorcáin trí lá marga. Baintear de a bhríste is buailtear thíos é le gas cuilinn. Cuirtear dos píbe nó cos píopa in ionad a shuite. Tumthar naoi n-uaire i mbreallán an fhuail é chun a fholcaithe. Baintear leathchluas de is cuirtear béim cuardaigh san gcluais eile leis. Sracthar dá mhailí agus fós dá chadarnaí an guaireach le teanachair, Is d'fhabharthaí a shúl, agus san go bliantúil ar feadh a bheatha arís.
Uilliam Breatnach bile buach .... ádhmhar binnghuthach agus .... gaol greannmhar an aois dháimhe san gcontae réamhráite chum gach constábla ard agus íseal taobh istigh do theorainn na contae .... a lucht cúnta agus go speisialta chuim Dhónaill Uí Chonaill agus a chomhairle. Tháinig Domhnall Ó Sé inniu dom' láthair, aon dar mhian lorgair ...na gaoisGhaeilge, file, fáidh, agus flaith feasach fíoreolach, dochtúir dána... láidir agus lannaire líofa agus do dhearbhaigh ar mhóide an Bhíobla bheannaithe .... cleasaí cealgrúnach dá ngoirthear Silvy S. scoláire ó Ráth Chomáin .... rug leis ar chomhartha falsa ó thigh Uilliam Uí Naodh san mbaile réamhráite leabhar Gaeilge ina raibh scríofa mórán duanta, dáin, readhma, taodhma agus ... oirearca, oráidibh agus orthaí beannaithe d'fhóirfeadh neach ó bhruid éaga agus bhaol cuirrithe ar aosáin spéire, ar gheilt ghlinne agus ar dheamhain ifrinn agus fós go rug an cleasaí céanna an leabhar so leis do láthair Mhic Crae mórmhallaithe ... an seanóir diablaí as iathaibh ifrinn. Agus mar do bhí an leabhrán beannaithe ... ar dheamhnaibh air agus fós gur chuir an cleasaí réamhráite an leabhar in áit nach féidir leis an bhfaisnéisí an leabhar d'fháil go dtug ordú ar feadh thuaithibh Mumhan fám' láimh agus faoi shéala m'údaráis mar leanas etc.
De bhrí go dtáinig inniu dom' láthair is go dtug an mánual cliste san ... Aon den dáimhe laoch den tsárfhuil saorfhlaith cráifeach .... Adeir an fáidh seo go milis ráiteach go ndeinfidh .... Gur ghluais cneáire, guagach gránna i bhfoirm máistir ... se ... ... sladaí creimeach creatbhuí breillsce dail .... cleasaí ... claon ... d'iompaigh aibíd se beartaíocht ghoid an do bhíodh .... thaithíos teampall choillinne Silvy cladhaire ...
tannuidhe sruthaire spadaí ginte le g ... do bhailíos na nithe teagmhaois leis go b ... leabhar mar chaipín ar bheal cainín inar bailíodh bainne ? ... in a mbeadh madraí ag ól aon chasdí ná fós leanaí o ...
... ling deoraí tnúthach teolaí chonnairc an tóraíocht ar an bhfaiche. Adúirt nár mhór é thabhairt le fórsaí complacht pólios os coinne an ghadaí.
Tugais an feallaire na duana abhaile ris le luas a chamachos do láthair an chléirigh, I modh go bhféadfaí an siollaire séimhí ar son na ndréachtlaoi a chur i ngéibheann. ... bhí fabharach ní rug dlúth i dteampall greim ar ghreann gnáth an Dáibhí léannta. Sin ní ár mheabhraigh Mac Crae an Chlampair scaoil an leabhar ris an ngadaí céanna. Dá bhrí sin gluaisíg, déiníg cuardach tríd na tuatha gnuig an Léinloch. Gleann Ua Ruachta Sléibhte Luachra, an Dá Chích buailíg as sin go Béarra. Casaíg ar ais go hinnealta pras, síoth, fos, stad, le sosa ná déiníg. Cuardaíg Neidín, ar thuairisc geiltín, scuab de sheilpín leabhar Gaeilge. Déanaíg machnamh a Léim an tSagairt cuirtheacht in gach baile tá taobh ris. Dá mbeadh a shamhail i nGleann an Chapaill bheadh sé greamaithe ag eagnach aosta. ... go ... aolbhinn ann 'na chónaí, flaith is eolaí, file róléannta. Dá mbeadh tréanlaoich triaith nach dóith poinn ní bheadh an gleo sin i nganfhios dó féin ann. Déanaíg láithreach ar Chill Airne; ar fuad na sráide bíodh cloig dá bpléascadh. Ag tairgsin dualgais as a thuairisc; ná bíodh an fuaice tar bhur n-éis ann. Imíg den stáir sin go Cathair Uíbh Ráthach; ann ba ghnáthach duine dá cheird so. Ná déiníg dearmad do Thomás Ó Rathaile; insíg eachtra Mhic Uí Shé dhó. Ansin triallaíg ar Dhonnchadh Ó Riada; ní bheadh san iarthar gan 'fhios an séithleach. Go Daingean gan mhoill is ná stadaíg go fíormhullach Chnoic Bhréanainn. .... tach Fionntrá a ... ag eitiollaigh i measc fraoigh na heilistrim seachnaíg é ... gcás le tuirse díomách do Dháibhí don dáimh is binne san áit ... ...... Ó Bruic d'fhuil chumais mhic Luirc i dtreasa ba mhinic ag cosnamh na héigse. ... eadh aon tigh ná nead fé chirc as sin go muir gan lorg don bhaothlach. ...... aniar re fuinneamh go dian stracaíg bhur ndiaidh ceangailte ar théada An feallaire fiaigh, fear chreachta na gcliar má castar bhur dtriall orthu an téifid . Cuiríg a thuairisc
tré bhur gcuardaibh ar gach buachaill is reachtaire caorach. Glacaígse uaimse go ndíolfad dualgas cruinn chomh luath is gheobhad faisnéise. Ar theacht go Trá Lí stadaíg im' ghnáth-thíos; gheabh sibh árthaí tuilte do shaorphuins. Ólaíg sláintí, slóite fáigí, cuardaíg fá thrí oifig an Chraochaigh. Ná fágaíg seomra, paodh ná póirse, i Séipéal an Dóchais, gan lorg gan bhaochas. Ba mhinic re fuaice mar é so luamar an clog do bhualadh ar theacht Mhic Chroachaigh. Ná fágaíg bothán cúil ná leachtán ar thuaith an Oileáin ... gan lorg, gan bhaochas. Fraoch ná fionnán cnoc ná cnocán, cannadh hussa ma dh .... .... buailíg chuim Leasa Tuathail do rug ...
FRITHORDÚ NA MUICEOLA sunn De bhrí gur dhearbhaigh daoiste danartha Contae lánaoibhinn Luimnigh mar aon le mórchuaird dhá chóige mhórfhairsing mhínleathan na Mumhan, le Seán Ó Tuama, aon de phríomh-bhreithiúin fhíordhlitheacha na fíoréigse is na críochaibh réamhráite: Ag seo gearán gríofa géarthuirseach do rinne an tAthair Seán Ó hÓgáin .i. eagailseach uasal ardléannta aoibhinn ilteangthach: go dtug féin agus an tAthair Mathúin Ó Géaráin .i. sagart suaimhneach sítheoilte dearscnach dea-shamplach réamhrabhadh agus forógra follas forleathan don phobal a bheith rompu seachtain ón lá san go bithchinnte ag teach áirithe den pharáiste chum a n-ullmhaithe mar is dual agus mar is dleathach san gcreideamh Chríostúil; gurab é rinn tuathbhodach an tí réamhráite, teitheadh go hiargúlta óna theaghlach féin an lá ainmnithe sin; óir do líonadar foraoisí fíordhúnta fiatúla a chroí re doghar agus re doghram dúr doichill d'eagla go dtiubhradh a bheag ná a mhór dá bhrúidbheatha don dís naomheaglaiseach réamhráite, agus gurbh éigean dóibh féin cuid den bhagún do bhí ina phríosúnach, crochta istigh d'éis liathadh re seacht lánbhliana roimhe sin
de cheal chaithmhe, d'fhuascailt óna dhaorchuibhreach agus d'ullmhú dhóibh féin mar aon le glasraí gorma garbhdhreasacha do bhí in iargúl gairdín an bhodaigh réamhráite; go measann an mogha mór fiabhodaigh sin dlí daor damaineach na ndubhghall do chur a bhfoirm agus a bhfeidhm orthu; gidh mar nach téann dlí ar riachtanas, agus dá bhrí sin gabhaimse re hais a ndíon agus a gcaomhnadh ó chumhacht gacha suime dá dtiocfaidh orthu dá thaobh in aon áit ná ionad cúirte ná comhthionóil tré cheithre ranna oileáin iathghlais fhearannghlain úraoibhinn Éireann; gur dá dhearbhadh sin atá an réamhchosc so síos ar a dtugtar supersedeas i nuashlí Gall:
De bhrí gur dhearbhaigh, daoiste danartha, ar dhís den Eaglais fhíoraonta, Gur mhaígh go maslaitheach millteach mallaithe re dlí go gcreachfadh na naoimhchléirigh. Do thaoibh gur leagadar píosa de sheanamhuic do bhí aige i bhfraitheacha an tí i ndaorbhroid, Is gur scaoil an eaglais ghrinn ón gceangal é le fíorneart fairsinge is fíorfhéile. Chum dlí dá rachadh an faingce fleascaigh níl díon ná cabhair dó i gCríoch Éibhir. Ó ríbhrogh Chaisil go fíobhaí an Daingin is timpeall mar sin go Baoi Bhéarra, Nó síos dá rachadh go díontsreabh Dhealgan, mar ar cloíodh na Danair le príomhGhaelaibh. Beidh roímhe 'na sheasamh an bhuíon do ghreadfas a chroí is a chraiceann le righinchaolach. Suim ná gabhaig san ríceach reatha-sa; a dhlí ná a labhartha, ní cuí a n-éisteacht. Níl maíomh ná maitheas ná brí ina bheartaibh ach a chroí re cealg chun círéipe. Maím is measaim gur gníomh ó fhlaitheas do scaoil as ceangal na righintéide, An daoirseach deataigh de dhíth a chaithmhe tug aimsir fhada i bhfíorghéibhinn. Ceangal Mo dhíth, mo bhrón is dóite an bheart dar leamsa, Dís den ord is de phór na bhflatha seanda, Fá dhlí tar cóir ag cóbach cleasach cantlach Ag maíomh a lóta dhreoigh de cheal a rannta! Ní coir ar Eaglais bheannaithe mhíorúileach A gcuid do tharraingt as glasaibh na daoithiúlacht Is gur fios a dteagasc is aitheanta an Rí dhúinne ag cur na marbh is ag amharc na bpríosúnach.
De bhrí gur dhearbhaigh saoi de shagartaibh Contae Luimnigh mar aon le mórchuaird Éireann go huile, le Seán Ó Tuama. Ag so gearán géarthuirseach an Athar Seán Ó hEidhin, .i. sagart suaimhneach sítheoilte suáilceach saoirbhéasach, chónaíos san mBearnainChoill san gcontae réamhráite Luimnigh do láthair Sheáin Uí Thuama an Ghrinn, aon de phríomhbhreithiúin fhírdhleathacha na suadhéigse san ríocht réamhráite an treas lá den mhíosa Abráin san mbliain d'aois an Tiarna 1750: Gur dhearbhaigh an sagart réamhráite ar mhóide an phortúis dhiaga go dtáinig tionól mallachtach i ndubhdhoirche na hoíche timpeall a theaghlaigh, agus mar aon riú sin ceithearnach cnámhársa cuirriceach cromcheannach cíordhubh crosta cróinfhiaclach, buí borrthach brachshúileach, pusach pioslach pollghnúiseach, agus é ag iomlot ina chranca chromcheannach chamstágach, ina chaimearthach chrácach chaolscrogallach, agus ina shruimile shraoilleach spairtshiúlach, dhraíochtach dhuáilceach dhrochfhaicseana; gur ghoid an conablach clamhchliathartaí sin ón sagart réamhráite: - Éan éadrom aerach éagsúil, fearúil fearga fírniata, meidhreach maisiúil mórálach buacach beannaithe binnghlórach, uasal álainn ámharach ealaíonta, ba fhearr mian méid agus maise, cruth creat agus cuntanós, ábhar ealaí agus aireachas, faire forcamhás agus forchoiméad, tréithe tráthaíocht agus tráthúlacht, d'éanaibh na cruinne go comhlán: Ag seo an barántas:
De bhrí gur dhearbhaigh saoi de shagartaibh go cuimhneach cathaitheach caoidheorach. Gur shín leis aicme den bhuín sin d'eascair ó dhríodar Danar de dhroim bóchna. Le díoltas daingean do rinn a chreachadh san oíche gan fhios dá phríomhchomharsain. Do bhí ina bhfarraid sin straoille seanduine, draíochtach danartha, díthchomhairleach. Tríos gach milleadh do rinn an scruta le díoltas buile agus le míchóthrom, Thug sí re fuinneamh ar ríghas coiligh do bhí ag an siollaire croímhórga. Ler mhínghoid misneach mo ghroíre curaidh de bhrí gur imigh an tsaoi threorach, Ba díon ba dile ba caoin le coimirce an tí is na foirinne ó mhillteoireacht. Ba saoi le binneas, an ghroíghin choiligh san oíche ag feitheamh na gcaoilnóimeant. Le gaois le gliocas do shíolraigh chuige ón NaoimhSprid mhilis le príomhchumhachta,
Ag glaoch gan tuirse go cuimseach cliste is go bríomhar bileamhail binnghlórach. Gan díth gan milleadh de shíor gur choinnimh A bhuíon fá choimirce an rí ghlórmhair. Ba buacach baramhail muarga maiseamhail suaimhneach seasmhach sítheoilte, An gruagach greannmhar dualach dathannach fuadrach fearamhail, fíorchróga. Ba luaimneach lasamhail uasal acmhainneach cruaidh do ghreadadh le groí-óirspoir, Anuas i mbathas nó i mbuaic a namhad go buan chun reatha dá shíorsheoladh. Ó Luan go Satharn is trua na cearca fá ghuais ag screadaigh go scinnghlórach. Go luath ó cailleadh a gcuaille casnaimh ba dual dá samhail ar shlí tórmaigh. Monuar is measa liom buartha cathaitheach mo shuaircfhear seasmhach sítheoilte. Ó ghruanna an tsagairt anuas go dtagaid na sluaite srathanna síordheora. Ar shuadhaibh aitchim, gach suaircfhear searcach, is lucht duana a chanadh go caoineolach, Ba fuadrach feasach i dtuairim ranna in uaim in aiste 's i scríbhneoireacht, 'Nbhur gcluain dá dtagadh an fuaice fleascaigh nó fuaid dá shamhailt in aon bhóthar, Buailíg, bascaíg; a chruachreat greadaíg, gan trua gan taise don fhíorlómach. Fuagraím feasta dom' Ruairí reatha 'nois cuardaíg leasa agus groí-mhórchnoic. Cuardaíg leathanchnaip, Tuath faoi aireachas is slua sí sealga ar thaoibh Bóinne, MuarChlíona acmhainneach suas faoin ngarbhchloich, Ruairí an Ghleanna chois Tí Mhóire. Cuardaíg Cearbhall Chluana Aoird acmhainnigh is buabhuíon mhaiseamhail Dhoinn dhóidghil. Cuardaíg mar sin dó cuantaí is cealla na slua sí seasaimh sin Droim Eolainn. Gach nuashlí calaidh is tuaithibh treafa ar fuaid suim bailte poirt Chríoch Fódhla. An tan buafíor amharc an fhuaid bhuí scrata libh a chuail chríon ceangalaíg, síorfhógraim. Bíodh a uaithní ag cnagarnaigh i gcruashnaidhm ghadaraigh; 's is trua a phíp agamsa i gcaoilchorda. Go fíochmhar feargach tíodh an gasra gruig Aoibheall Chraige na ngroíleogan. Is má bhíonn an raiste, fá dhíon a tearmainn, scoilíg fairsinge
an ríróid leis. De shíor ná stadaíg, dá bhfuigheadh sibh amharc air go binn dá chartadh ins gach aon bhóthar, Go tíocht abhaile cois taoibh an Gheata fé dhaoirse ceangail don fhíorlómach. Ceangal Fógraim faoi dhó anois do thogha na bhfear: Tógaíg bhur seolta go lonn le neart an stróinse seo seolaíg go crom ar nasc Cois Mhór-Gheata Mhóngrait ag Lom na nEach.
Toirbhearta faoim' láimh, Seán Ó Tuama. Foircheann.
Contae an Chláir mar aon re mórchuaird Leatha Mogha go huile, maille le Tadhg mac Sheáin aon d'ord ollmhúinte na hardLeatha réamhráite. De bhrí go dtáinig Séamas Ó Seachnasa .i. scolamháistir uileolach ollmhúinte do chónaíos ag eadartheagasc na n-aos n-ealaíonta ag an nGeata Dubh in iarthar Chorca Bhaiscne san gcontae réamhráite dom' láthair agus gur dhearbhaigh ar mhóide an naoimhBhíobla go dtáinig foghlaí falsa feillbhéasach san am mharbh den oíche, timpeall a scoltheaghlaigh gur nocht ar a dheigh-chliathán é agus gur bhradaigh leis go feillbheartach as dá thaobhán réidhe rófhada d'adhmad an teaghlaigh sin, ionas go bhfuil sé féin agus a dheisceabail re fuacht agus re fán agus fá urchóid na síne ó shin i leith de dheasca na foghla sin.
De bhrí gur mhóidigh an scolaí eolach fá bhrí an Bhíobla, Go dtáinig cóbach de Chlainn Órla fá choim oíche. Do rinn fórsa fána dhoirne ar a theaghlach. d'fhúig sé stróicthe, briste breoite, ar díth adhmaid. Deirim gur cladhaire, coirpe deimhneach is fíorchneámhaire, Do nocht teaghlach, is do shlad adhmad, an chaoinmháistir. Is mór an easpa mar a mbíodh taithí, na naoi mbéithe, Bheith ar neamhchrích i ngeall ar ghadaí, do rinn eirleach.
Gona uime sin fuagraim dom' lucht cuarda taisteal is tardal. Leantar an fhuaid libhse gan fuaradh feasta go sármhaith. Breith ar an gcóbach, 's a thabhairt ar scornaigh, ceangailte im' láthair, Go dtuga cuntas créad fár iompar leis an t-ádhmad. Chum cúirt mairseal chur ar an bhfleascach linn gan chairde, Agus a chrochadh suas go follas le rinn cábla. Ná fágtar cluain ná cumar cois cuain, leirg ná arda. Is fós na hAnnaí, dob eol don ghadaí, cnoc ná fánta. Is aitheanta daoibhse, ar olcas a ghníomhartha, agus a thréithe Nach d'fhuil Mhíleadh an t-aitheach suíte le míbhéasaibh. Ach de shliocht dhíleas, Chairbre Chinnchait, do thit le Tuathal. Lenar bh'aoibhinn scrios is díbirt, bheith ar uaislibh. Nó Clainn Thomáis bhíos ag grotháil go fíorthútach. d'fhúig an bothán sin ar neamhaird ar díth clúdaigh. Séamas Risteaird cuirim dá ghabháil mar chonstábla. Is Tadhg Ó Seasnáin, bíodh mar chompán, leis ina thardal. Ná fágaíg leataoibh claí ná scartaí, ó Cheann Léime Go Ceann Caillí, gort ná garraí gan lomscaobadh. Ná fós bogach maing ná currach fiodh ná gaortha. Is bíg neamhchortha ar eagla dulta ar chúl scéithe. Ann gach pobal bígíg ullamh chum a fhógra. Bíodh nach gnáthach fear a cháilibh ag devotion. Ar gach cóisir nó teach ósta in bhur n-iarraidh, Bígí gnóthach, ann gach seomra is ann gach spiara. Ná bíodh póirse, cúil ná comhra cis ná bearna , Libh gan tóracht go fíoreolach ar feadh Dáil gCais. Dá dteangmhadh bainis in bhur mbealach ná tigh tórraimh, Is eol díbh suairceas gach re n-uair do dhéanamh dóibh sin. Séamas seal le draoidheacht is le binncheolta.
Is Tadhg go sultmhar ag déanamh ar gach tórtha. Gluaistear suas libh, gan míshuaimhneas, chum Béal Átha. Is má ghaibh an fhuaid bhocht geabhthaí tuairisc tríd an áit sin. Bígí múinte in bhur siúlta in Uíbh Breacáin Ar eagla scléipe bheith le héinneach de Chlainn Ghormáin. Ná bíodh bothán ar Shliabh Colláin libh gan spiúnadh. Is má gheibhthí Vulcán ann ná spáráil bheith dá dhiúgadh. Iarraíg eolas cois na bóchna chum Machaire Ruainne, Is má bhíonn an cóbach in bhur mbóthar ceanglaíg uaime. I mBruíon na gCloch ní bhfaighidh sibh locht ar ghabháil tríthi. Is i dTuaith an Mhachaire, geabha sibh caradas ó na saoithe. 'S i dTuaith Chlaodh má chuaigh an meirleach ní bhfaighidh díon ann. Is beidh an retreat air mar fhia saothair trí na tíortha, Go hUíbh Cormaic má chuaigh an stollaire, uaibh ar coimhlinn. Beirim m'fhocal díbh go mbeidh sé coinnithe mar a bhfuil draíocht air. Iarraíg an t-eolas trí gach cóngar go Tuaith na Fearna, 'S go Tuaith an Chalaithe táimse dearfa nach air a tharla. Bígí ceáfra tar na hArda chun an Charbhaill Ar eagla an chneámhaire do dhul san mbád uaibh le tairmeasc. Críoch bhur dtaisteal timpeall cladaigh chuin an chuibhrinn, Go Dún Atha Is go Cill Bheathach mar a mbímse. Faoim' láimhse scríofa an cúigiú lá cinnte de mhí Feabhra, Aois ár dTiarna áireamh blianta mar atá rannta Seacht gcéad déag is sé ar seascaid leis gan amhras.
Contae an Chláir mar aon le mórchuaird Leatha Mogha go huile, maille le Tomás Paor d'ord ollmhúinte na hardLeatha réamhráite. Ag seo tromchasaoid agus géarmhilleán shagairt agus mhuintir Dhún Atha ar Sheán de hÓra .i. scológ scallaídeach scoithbhéarlach, ciabhliath crosta cabluaith, dubhach dordha doshásta dona dranntánach, éilmheach eascaoin éagórach, feargach fairsingfhéasógach, gruama gortach gleaim-ghéagach, lúbach lachtna lúbarnach, d'éalaigh gan chead gan ceileabhradh ó ríbhainis do bhí dá caitheamh i nDún Atha réamhráite, gan fhios a shiúil ag na fialbhuíne sin ó shin i leith. Agus is í is ealaí don leamhscaire sin mar fuaireamairne anocht ó lucht inisin na scéal, ó lucht taistil na ród, agus ó lucht léite na leabhar, bheith de shíor ag ardmholadh clanna daoithe mar atá saoir, maoir agus muilleoraí, Sagsanaigh, bodóglaigh, samharthaigh, fiatacha mná lena rachadh, agus gach daoraicme eile ar a bhfuil mallacht a sinsir ó aimsir na háirce de shliocht Chéin agus Chairbre Chinnchait, do rinn feall ar shaorchlannaibh Éireann go bhfuaireadar fortacht in aimsir ó Oliver Cromwell ar mbuaint a chinn don Rí Cormac, agus ó shin anuas go bhfuilid ag dul i bpoimp agus i móráil agus ag tabhairt tarcaisne do na fíoruaislibh agus do na héigsibh feasacha fíoreolacha mar aon lena bhfilí breallacha; ar na hábharaibh sin, más ea, fógraim agus ordaím do gach fochonstábla is do gach báille agus go speisialta don Athair Séamas Ó Conchúir agus a chúntaithe breith ar an ríceach seo agus a cheangal agus a chruachuibhreach le putóig muice agus a thabhairt chugamsa go Moinín Rois nó do láthair pearsa éigin eile den dáimh; go mba a dheighleáil as do réir an dlí. Tugtha fám' láimh agus mo shéalta an ceathrú lá de Mhárta, aois Chríost 1776.
De bhrí gur mhóidigh triúr den chóip sin anso dom' láthair, Go ceart díreach fá bhrí an Bhíobla an ceathrú lá 'Mhárta. Gur éalaigh an Hórach leis ón gcóisir go míshásta, Mar a bheadh sladaí dhéanfadh gadaíocht nó gníomh náireach. Ós fíor gur théarnaigh go míbhéasach go Dún Atha, Is a liacht crúsca do bhí gan diúgadh ag na flatha. Faightear scéala créad fár éalaigh go mímhúinte. Bíodh gurbh é 'ealaí bheith ag srathaíocht ar fuaid Mumhan. Gona uime sin fógraim dom' lucht cuarta taisteal is tardal, Dul dá thóraíocht gan rún cónaí ar feadh Dál gCais; Gan dá oíche a chodladh in aon tigh in bhur siúltaibh Go bhfaighthe libh scríobh air sul do scinnfe' tar na triúcha.
An tAthair Séamas croí na féile mar chonstábla, Bíodh 'na dhéigh sin chum an mheirligh do thabhairt dom' láthair. Siúltar éasca anois lem' laoch mear cois na bóchna, Insan réim sin ó Cheann Léime go Ceann Boirne. Ná fágtar cluain ná conair i dTuamhain gan lorg go sármhaith. Is fós na hAnnaí a mbíonn a thaithí, curtar garda ann. Iar ghabháil suas duit bí ar a thuairisc i mBéal Átha, Mar do bhíonn sé 'ríleáil le maolrabháin, do mhnáibh tábhairne. Nocht do Thomás caoin ó Míocháin atá in ard thoir, - I dtigh Uí Dhónaill tá ar cóngar bíonn sa ráfla: Bí ar do choimeád, in Uíbh Breacáin ar eagla an chóbaigh Dhul do leataoibh ghoirt ná garraí in aon bhóthar. Cuir dá fhógairt an fíorlómach ann gach pobal. Is ná fágaíg cóisir, ná teach ósta, gan a lorg ann. Ná bíodh bothán ar Shliabh Colláin leat gan spiúnadh, Ar eagla an donáin, bheith i gcoimeád in aon chúinne. Gaibh go héasca soir trí Shléibhte fraoigh dhuith Eachtaí, Is bí ar a thuairisc le croí suaircis trí na bealaí. Tá an chliar fábhrach ann gach áit duit, ar feadh na deoise, Chun a lámhú gibé áras a bhfaighid dóith air. Cuardaigh gleannta curraigh is allta is mothara dlúithe. Cuardaigh fánta is uchtaibh arda cuirrithe is mongtha. Cuardaigh go dlúth dhó, idir an cúbhar fhágas an t-uisce. Cuardaigh múrtha faobhrtha is géartha go róchliste. Ná fág srothán ná bruach locháin fiodh ná gaortha, Ná fós liochtán ná cuas smotáin gan ionscaobadh. Ná fágaíg póirse cis ná comhra poll ná spiara, Ná fós seomra gan a thóracht ná cúil iarta. Ná fág siabhnán ná clúid cliabháin
ná nead circe, Do réir th'ordú gan léirchuardú, ná pluic pite. Ionsaigh an cóngar ó Ghleann Ómra go Clár Tuamhan. Má ghaibh an lómach ansa ród san gheabhair a thuairisc. Seachain an cladhaire, go rithfeadh gan mhoill uait, tar na srúille. Má fhaighir radharc air coinnimhse greim ceangailte cúil air. Ná glac bannaí ná fós tacaíocht ar an hÓrach, Go ndéana aithrí, is teacht faoi smacht dlí mar is cóir dó. Ná glac duais ná breab ón bhfuaid ná leathscéalta, Gan a thabhairt leat ceangailte go cruaidh craplaithe chun a dhaortha. Críoch do chuarda, a chroí gan chruatan, ionsaigh an baile, Cois na feorann tré gach bóthar chum tí Pheadair.
Gearán et truaíocht Mhíchíl Uí Choinníola, táilliúir saorbhéasach lántuigseach léannta príomhoilte i dteanga na saoithe seanda, agus glinncheardach ar mhaithibh Leatha Mogha, do chuir d' ionsaí mná an Ghleanna Móire ag éagaoineadh léi mar goideadh uaidh an méid giúise do bhain ar feadh trí lá, do bhí aige le haghaidh solas geimhridh. Ag seo im dhiaidh an barántas do bheir an bhean dá caraid, agus an t-ordú cuardaithe do réir cumhachta Shíle bhodáladh fána láimh 1754. Is é áit ina gcónaíonn an saor Mhícheálse i nGarraí an tSagairt don taobh theas do Chonaithe.
Do thaisteal chugainn ó shleasaibh Bríde gníomh nar lean aithinsint; scéal do bhuair mé go beacht, is chuir mo chroí i gceasacht ... Mar tháinig an rangartach spartchluasach, agus an feannaire fadchuardach, i marbh na hoíche go hucht an tsléibhe, ag bradú giúise Mhíchíl aobhdha. Cár mhiste fear an mhórghabháltais do scrios nó scramaire snídhearnach? Ba chuma liom neach san mbith seoch mo charaid chléibh do scrios. Bíodh mar dhíol aige dá chionn
tine shíor péine is bruid. Dhá lá fada go teacht na hoíche tug Mícheál gan bhia faoi íota san bpluid nduibh ar míchóthrom ag tochailt giúise i bpoill mhóna. Do bhí súil a chlainne go meidhreach lena shaothar mar thine gheimhridh go dtáinig an bolgaire ruainneach is do rug uathu mórchuid giúise. Is doilghe liom go mór ná sin gan bheith taobh leis ag ardú a ualaigh Is go ndéanfainn míreanna beaga dá chnámha, is dá dtigeadh liom do gheobhadh anbhás; níl leigheas air ach seo amháin, cuardach a dhéanamh gach aon lá ar feadh míosa i ngach dóigh - ní miste cuairt ar andóigh, sé t'ordú agus do rogha - fá chríochaibh áille Leatha Mogha, ná fág coill ann ná mothar mullach sléibhe riasc otar poll puathais ná póirse, ar feadh an dá mhórchóige, cuas clas ná béal carraige, uaimh tulach mong ná calafort, lúb scairte cúl claí, praip scairte ná gairdín, bruíon talún, cealla seanda, craos cumair ná binn teampaill, tithe muilinn, clasa sáil fán roth uisce nó san gcáith, ucht sléibhe, sídh, leas, 's an tigh 'na ndéineadh daoine a gcac, tithe áithe is fail mhuice, dá laghad áitreabh, is pluc pite, súil droichid, fuilín cearc, tor aitinn, foraois leacht, poll broic, luí fiaidh, gleann tulaigh ná ardrian, buaic crainn, athphort abhann; bheadh sé agaibh - chuirfinn geall. Mar a ndóitear dhá tigh ní feas ná beadh an clamhaire ar phit. Ná fág alamóir ann ná cúinne, leabharchomhra gan léirspiúnadh. Má ghabhair spreasán, tabhair leat an cladhaire; gnuig fiú a mhagarla curthar fadhal air, mar sin cuibhrithe tugthar chúghamsa é, nó gnuig giúistís eile don dúthaigh.
Gan suí breithimh, cuirfeam corda air, le snaidhm reatha fána scornain. Cuirfeam garda tábhachtach dlúth air. Crochfam go hard an breaclúirgneach. Go múnaidh san gcroich ní thiocfaidh anuas. Bainfeam de a dhá chluais. Ansin cuirfeam an fearbach fiar i slí eolach na gceithre rian. Ós cionn a chinn beidh scríofa an chúis, mar ghoid ón nduine gan fhios an ghiúis. I gcás ná tiocfadh an spreas chun t'áraigh, go raibh dá choimhdeacht de shíor mo ráite: - fuacht le fán gan díon 'na chomhair; go mbuaile an phláigh an mealltóir; gan bonn a ceathair dá shaoltacht istigh ná amuigh le féachaint. An uile dhíomua guím dá chrá; a cheann le fána is in aghaidh gach ard, ar nós an diabhail in ardghaoith; go raibh dá chiapadh ag slóigh sí; a ré nuair thiocfaidh nárbh fhada; go dtí an t-am, réim gach galair, go dtaga gan mhoill anabhuinn stiúir síos go giall ag tabhairt cúrsa na mírial dh'eagla sosa d'fháil ansúd, raghaidh gnuig Liútar asteach san dún, mar a bhfaighidh méadú gach mírún; súiste Oscair go daorphléascach, le fonn gach buille dá ghéarchéasadh; tráth brúifear ansin a chuiripe amach raghaidh do chuireadh ní miste atharach, ag tabhairt cuntais go dtí an ló ina dtabharfar breath na léirshlógh.
Do Dhiarmaid Álainn Mac Fhlannchaí Faobhar is áiteamh do rinneadh im' láthair an chéad mhí 'Shamhradh, Le Diarmaid Álainn ó Loch na Ceártan - is dubh do dhearbhaigh, Ar a ndearnthas, ó aimsir Phádraig, de leabhra dearga Is ar a rinneadh sa Róimh
ó bhliain a dó de chulathaibh aifrinn. Carn aoiligh bhí le hais an tí aige bhí go han-mhaith, De réir eolais is finné comharsan ná déanfa' ain-cheart. Bhí last báid ann go trom tábhachtach agus é tairbheach. 'S is mór go mb'fhearr é ná aoileach stábla idir dhá gheata istigh. Bhí duilleabhar daraí, coll is glasdraíon, is bláth an aitinn ann; Raithneach fhíorghlas, féar is foinse, lóch is feamnach, Aoileach stábla, chruinníodh Máire go ró-an-mhoch, I ndiaidh chapall na gcomharsan, ar na bóithre, 'teacht ón margadh. D'fhinné mhóráin thairg Uilliam Ó Colmáin, punt is daichead air, Chum leapacha teo do dhéanfadh só do chríochaibh Banba. Dá bhfaigheadh sé é ba mhór a réim is ba rócheannasach. Do bhuailfeadh sé ar a raibh dá cheird as siúd go hAlbain. Mar do bhí an botún, 'na chomhair sa chinniúin, níor bhac sé an tairgsin, Gan a bhreith anonn leis go Baile na Cúirte, gurab ann ab fhearra leis, Go gcuirfeadh na potátaí i mbarra gach ardchlaí amach a garrathaibh. 'S go mbeadh fear na ndeachún ag fáil flagún ó lucht a gceannaithe. Fuair sé comhairle éirí go rómhoch is a tharrang le capallaibh. d'imigh sé an bóthar i measc a chomharsan ar lorg eachra, Nó gur tharlaigh foireann an bháid air ná raibh ar mhaithe leis. Mar bhíodar le chéile santach bréagach do rinneadar margadh. d'fhinné Bhríde is mhórán daoine is Uilliam Mhic Coitir thoir, Crúsca bríomhar de dhúlionn cíordhubh as corp an bharaille Ba mhór mar shóltas, fara píosa feola is anlann cnaisteanna, Do bheirfeadh Diarmaid Álainn d'fhoireann an bháid sin i gcomhair a chreachaithe. Adúirt an máta go ciúintais náireach, réad dob annamh leis, Go ngeobhadh sé timpeall do cheann na tíre 's do Phointe an Bharraigh thoir; Go socródh compás, ar Charraig an Ghrianáin, i gcóir na farraige. Is go rachadh den tseol sin go béal Trá Móire, 's go mbuailfeadh talamh ann. Adúirt an captaein, ba mhór caithréim,
go raibh sin aistreach. Imeacht an vage sin timpeall Éireann gan poinn tairbhe; Go ngeobhadh an cóngar, do dhruim an phóirt soir, gan scáth ná eagla. Is go mbuailfeadh an t-árthach darna mhárach san Leacain Ghairbh thoir. Ag gluaiseacht dóibh sin, le togha córach, gan stoirm gan eagla. Ach uireaspa tionscail, do bhain don chúpla, ná raibh beannaithe. Do bhuail an t-árthach talamh is tráigh, is d'fhan ar an aiste sin, Fé shúil an áirse, 's a clab in airde, ar feadh naoi seachtaine, Nó go ndearna ceo is connadh dóite dá cuid earra orthu. Go raibh sé 'na sheó acu ar fuaid bóithre, is cúinní marshanna, Gach aon chomharsa, dá raibh i gcóngar, ag déanamh magaidh fé, Is tá Diarmaid Álainn de dhroim tí is áite, 's is mór an eachtra é. Ar an abhar sin ní páipéar falsa is cóir do tharrac dóibh, Ach ordú rómhaith do rachas i bhfórsa gan scáth ná eagla, Ar a mbeith Tapee is Clayton, Ross is Taylor, Moore is Parkinson, Agus maoir an Mhéara, na daoine céanna, ná glacfadh breabanna. Cuardaíg dúinn iad tríd an dúthaigh go Ros Ó gCairbre; Ó Chiarraí timpeall, ná fágaíg coill ann, ná cuais carraige. Timpeall Éireann go Cuan Bhinn Éadair 's go Cluain Tairbh leis; Baile Átha Cliath láimh leis trí gach lána, poll is achrann. Cuiríg a dtuairisc ar gach cuallacht suas go Ceatharlach; Agus go Durlas trí gach cúinne, agus scairt achrainn. Go Carraig na Siúire, má thugadar rúid ann, le haonchorp eagla; Nó go Port Láirge, ar lorg árthaigh, chum dul go Sagsana. Cuardaíg romhaibh iad suas chun Eochaille trí gach cladaraigh. Is dar ndóigh cuardaíg Droichead na Tuaraí - ná déanaíg dearmad. Gheobhaidh sibh na cladhairí, isna failltí, cois na farraige. Nó i mbothán Raidhrí ar talamh Cheidhlí i gcnoc an Leath-throigh. Nuair do gheobhaidh sibh, an dá stróinse, bídís ceangailte, Le cóir corda ar gach aon orlach, ó chluais go haltanaibh, Go dtabharthaí láithreach, chum Séamas Bearnach ar a n-aitheantas, An giúistís cumhachtach 'nar mór é 'eolas is ná fuil an-cheart, Go dtabhraid sásamh, do Dhiarmaid Álainn, 'tá 'ndeireadh an anama.
A éigse fheasach fhíoreolach, éistíg le haoir an ardbhúiste bhundúnaigh .i. bolg féir fleascaigh, agus gad boilg boidichín, ruathaire reatha póirsí, sleasaire treasca dea-chuire, taistealach gach tábhairne, fiacal ar síoról dríodar caca na bhfíorlómach, scraiste bléanlom gacha cóisireach agus foghadóir gach botha .i. an sruimile sramach sraothartach garbh gréiscithe gortach gardraoite, súmaire dríbe d'eascair as críonláib Éireann le' ráitear Seáinín Rua Ó hEachiarainn. Gidh ea, fuaireamairne amach ó lucht inste na scéal agus ó lucht na leabhar, méid na tarcaisne tug an Seán réamhráite d'fholaibh bochta fíoruaisle Uíbh Mócuille agus mar an gcéanna go mbíonn sé ag daoirsiú agus ag ardach a bhfeirmeach beag ar chlannaibh scológ agus lábánach. Ag seo údarás fé láimh Sheáin na Ráithíneach chum gach báille dá bhfuil sa Mhumhain breith air agus a thabhairt dom' láthairse mar a bhfuilim im' chathair agus im' chathaoir bhreithiúnais i gCairthe na bhFear.
Gaige gruama spreallach stuacach Seáinín Rua na Léige. Míolach ceartach ríceach reatha straoille bradach éithigh. Síol na bhfleascach, síolrach bodach daoiste caca créachtach. Lóiste dúnsa, lómach tútach, óinmhid ghiuncach mhéiscreach. Rothaire reatha, stollaire an bhrama, slogaire smeartha ... Fualtán fuailtí stuacard guagach cruanid ... ... Priocaire an chreacháin, druingire an bhotháin, sruimile spriosáin fuafar. Donán cruachas bochtán truamhail maolbhreac ... ... A scornain scaoileas tóirse gaoithe bhreos na mílte i ndaorbhroid. Conablach goirgeach, ó dtig boltanas, tréna chogansach craosach. Seáinín róleamh, fuath na gcomharsan, fuaid gan treoir, gan éifeacht. Caimiteán coimhtheach d'eascair táiríseal, d'aicme ghráin chíordhubh chréimtheach. Is réic mar chluinim, Seán smeirle gliogair, táiréifid buile in éide.
Duaircghin dearóil, cuaille fonóid' truaille bithbhróin bréantais. Madra deannaigh, scramaire salach callaire cleasach gréisceach. Gaige gruama spreallach suaite, Seáinín Rua na Léige.
BARÁNTAS AN PHOCÁIN Contae fearannghlas ró-álainn Chiarraí ré Séamas Ó Fiachtain do léitheoirí na gaoisdháimhe seo san gcontae roimráite. Whereas do tharlaigh cúis uaill-chruacháis trualéim agus fíoratuirse dom ar an seachtú lá déag den mhíosa August le cinniúin an-chuimhneach mhór-lotaiteach thubaisteach thuirseach dhubhach thrioblóideach thruamhéileach iongantach éagsamhail alta cruachneá agus lonfheoil mo thrualorgan do thrombhrúdh, do lánbhascadh, do mhilleadh, do lot, do dhianchréachtadh agus do ghrodleonadh go cian díleighiste trí mhioscaí mhífhoirtiúnach mhí-ádmharach bhithbhuartha bréanphocáin choimhthigh mhallaithe do bhí ag imeacht trí thriúchaibh ina ainmhí ghráiniúil dhíobhálach ghangaideach fhuafar dhamáisteach gharbhfhéasógach agus é ag gluaiseacht re fíor-ainteasaíocht raithíochta ionas go gcuirfeadh músbholadh a ghearreireabaill, agus na mball eile ná hainmníthear, i laigíbh agus i dtáimhnéalaibh neach ar bith do bheadh i ngiorracht acra fearainn dó. Do bhí ag rangás agus ag pocáil go huallach fíoréadrom nó go ráinig go Gort Curaon, míle ó Lios Tuathail siar insan chontae roimráite, áit ar bhuail borb-bhuille colgfhíochmhar brostaitheach namhadach géarnimhneach dá ramharadhairc orm féin, do thuar dom an toirmeasc roimráite. Dá bhrí sin ag seo fógra ceartúdarásach daoibh, in ainm na héigse, á chur léircheangailte oraibhse, agus ar gach aon díbh, leis an meon so chum dianlorgaireachta agus leathanchuardaithe do dhéanamh go cruinndúthrachtach i ngach caladh agus aonach, ina bhfuil amhras nó tuarascbháil agaibh an pocán so do bheith ar feadh mórthimpeall na contae céanna; agus má gabhtar libh sa líon san é daorcheangaltar agus cruachuibhrítear libh é go doscaoilte go dtugthaoi dhom' láthairse é go gceartaítear é do réir na dlí. Chum sin do dhéanamh ag seo ordú diongbhálta daoibh, tabhartha fám' láimh an treas lá den mhíosa September san bhliain de Aois Chríost 1775. Chum gach constábla, ard agus íseal, san chontae roimráite, agus go speisialta chum P. Gh. agus a chúntóirí:
Is fíor go bhfuaireas sceimhle is cruatan, a dhaoine m'anama! Do líon de ghuais mo chroí is de bhuairt do chloífeas sealad mé. Anfhochain dhubhach bhocht mharafach thúirseach shín fá chara orm, Le smagaide fealltach srathaire amplach coimhtheach airceasach. Creim is táire fuair fear álainn in Inse fhearannghlas. Bréanghabhar cnápach á mhilleadh is á thnáthadh le fíorchalmacht. Cath ródhuaiseach thugas le dualphoc gan aon mhearthall, Do theilg anuas ar talamh go cruaidh mé ar tí mo mharaithe. Scéal te náireach, é le háireamh, do réir mar mheastar dom: Smagaide pocáin dom' chur i gcruachás le méid 'acmhainne. Do rinneadh mo dhíobháil - ná bígí ag béadán le haon tarcaisne. Do bhéarfaidh muineál righin an phocáin díol mo mhasla dom. Mo lorga leonadh - is dona an sceol dom é le haithris. Tubaiste is ciach air i bhfoirm an diabhail; do bhí an poc mallaithe. Do thraochfadh Ájax an laoch láidir úd is do threascarfadh. Is Hector álainn mar Phriámus is úr do leagfadh coirp. Ní sheasódh Caesar ná Oscar tréan ag tabhairt catha dó. Is is beag mar iongnadh daoibh mar thurnaigh mise in anbhroid. Is fearrde an tír 'na mbeidh sé tnaoith ann gan aon dearmad. Déanfaidh cullóid do gach foltóir arna gcasfar é. Power is order go lom fém' láimhse do gach teachtaire, Thabharfaidh cuaird, ar feadh na tuatha, i ndiaigh an gharbhphoic. A Phocáin choimhthigh, mhaslaithigh mhilltigh, is tú do chealg mé. Ní fhágfad leadhb má gheibhim greim ort gonuig fiú an mhagairle. Aitchim gach fáidhfhear, ó Ghaillimh go Gáille, do scríobhfadh ranna ceart Dáimh is cléirigh, baird is éigse, is cruinn an eagna: Cuiríg triúr agus duine i ngach cúil, 'na dhiaigh dá cheangal dom, Do thabharfaidh chúghamsa ar bhun dúide an fia fearba. Rachaidh go luaimneach
scathadh den fhoireann so ag déanamh gazetting, Is ag fógairt dualgais do pé suaircfhear chuirfidh fá dhaingean é. Déanfaidh a chlíothrach do mhórán críocha maoin is tairbhe. ...... ...... a righinleatharach. ...... de nach call d'insint insan aiste seo. ...... lán mar sparán airgid. ...... de le linn a leagaithe. Déanfaidh a sheithe díon ar bhaitheas a gcinn do mhórán eagailsibh.
Contae Chorcaí le Dáiví de Barra, ollamh et éigsean i ngutha tuaipliseacha baothchiallacha an chontae roimheráite. Dobheirim fios fáthúil agus nótas údarásach dom' chomharsain agus dom' lucht leanúna, agus do gach fear cumainn lenarab uch mé, agus fós d'ollamhaibh agus d'éigse na tíre: Go bhfuilim buartha trua seangchliabhach le haghaidh na Nollag de dhroim beartaí bradach truaillithe spadánta do thug amus san oíche i gcúil iargúil atá i bhfogas dom' thigh chum tairbhe et úsáide na cistean, agus gur ghoid suim áirithe, gan tairbhe ina n-áireamh, de chrannaibh tuídithe crua tiubhdhuilleacha den bheatha ladharaigh uanta ar a nglaonn uaisle agus daoine galánta coleworth nó flower of vegitables. Agus ós dom féin atá a dhíth, is ná braithim aon ar tí mo chabhartha, tabharfad barántas le haghaidh a chuardaigh i ndóigh go gcuirfinn cumaoine orm féin agus ar an ndúiche 'na bhfuilim ag tabhairt an bhradaire chum leorghnímh agus solais:
Mar atá go dtáinig aréir cois m'árais i gcúil bhí leasaithe, Le feamnaigh trágha is aoileach stábla, - bhí aol is gainimh air, An beartaí suarach de bhradaí bhuartha le croí bhí cealgach. Is ghoid 'na mhála, mo chuid cabáiste do bhí róthaitneamhach. Greadadh ar na peelers is maith do dhíolaim leo gan tairbhe, Ach codladh san oíche is slogadh na dí
dhe sháil gach baraille. Is é maith a ghníd dúinn: - thánadar timcheall is rugadh arm leo. 'S an madra bhíodh ag faire ár dtí ní foláir a bheith ceangailte. Ní bheadh leo spleáchas d'aon chonstábla, don fhear tá 'bhfarraid dom, An fear toghaí láidir 'na nglaotar gnáthach Risteard Mhac Gearailt. "Imigh, a shárfhir, glac liom páirt, tóg béatar bata leat. Is beir mo bharántas daingean id' láimh mar dhíon chum seasaimh dhuit. Cuardaigh seomraí poill is póirsí is faoi thóin gach leapa acu. Bris is réab is srac ó chéile iad go ró-acmhainneach. Cuardaigh botháin is bris na corcáin is ladharáil anairthe. Ná fág cupóg ar a dtóin ná billeog ar a dtaoibh i ganfhios duit. Ná fág poll circe ná cróitín muice ná cúinne garbhchnoic, Díg ná puathais ná cúinne ruaitigh 'na mbeadh cré dhearg ann. Do choiscéim tóg, go cruinn le fórsa, is má thír in' aice sin, Mar dhiallait nua, faoi mharcach mómhrach, do bheadh sé a' cnagarnaigh. Ná fág cumar, ná poll uisce, ná díg leasaithe, Ná cruaichín móna is na cuirceoga 'na mbeadh beacha iontu. Bris gach suíste gheobhair cois na grísce, ar a suíd mná seascaire. Is má chír satchel mhór ar a dtaoibh ná póca, cuir do lapa orthu. Má gheibhir tátal in aon áit air is urusa é aithne. Do bhí sé bán mar chiarsúir lawn 'na mbeadh roinnt sneachtaigh air, Is fáth an gháire 'na ghnúis de ghnáth mar scoilt a barra aige. Is má thagair taoibh leis beidh sé ag gíogadh mar bheadh sé ag freagairt duit. Má thíonn cóbach, treasna an róid leat, 'na mbeadh béal smeartha aige, Tabhair fogha ded' mhórstaf, 'na chlab le fórsa go bun a charabaill. Tabhair rop nó dhó dhe i bpoll a thóna ach ná bí ar mearthall. Nuair gheabha' sé an ghaoth ná bí ar a chaoi nó is deimhin go leagfaidh thú. Is beartaí séithligh, de bhradaí caorach, atá ró-easmailteach, 'Na bhfuil a phluc scólta,
ó alpadh feola, is ó ól gach dradarnaigh, Do cheap gur nócht dhó béile sóil do bheadh bog sochaite aige, Le smior is smúsach is crobh 'luaithreach, do bhíonn san ranga acu. Is aon is dóigh liom, tá 'déanamh dó dhíom, is rug mo lachain leis: - Iad 'sciobadh dhen linn lá Domhnaigh is daoine ag éisteacht aifrinn. Má chuireann sé roímhe orm casadh arís go raibh a loirgne cnagaithe, Is go raibh mothall a chinn 'na stothallach chríon, le fíorghá aiscithe. Má gheibhir an súbhaire, staith is brúigh é is tabhair é ceangailte, Go bhfeasam a chúis, is go gcuiream air cúirt, i ndíol ár sladaithe. Más maslaithe í 'chlú cuirfeam é anonn san áit ná casfadh sé. Nó bainfeam go dlúth dhe, díograis mionn, gan goid faid mhairfeadh sé.
Toirbhearta fám' láimh an 7ú lá déag de Dheasrán 1823. Dáiví de Barra.
Ar bhfáil barántais dom ó Dháiví de Barra chum a chuid cabáiste agus lachan a chuardach, agus ó phointeálais ormsa seach aon duine eile sa dúiche, is duit nach miste sin, óir ní spárálfad mo bhróga ná mo chosa go gcaithfead go glúine iad; agus ní spárálfad mo shláinte an fad bheas aon lúth ionam; ní spárálfad mo theanga acht ag síorchur a dtuairisc go dtugad an bithiúnach ceangailte id' láthair, nó caillfead an t-anam leis.
Ag so an barántas daingean láidir agus seo mé ag gluaiseacht, Ar lorg an chabáiste goideadh ó Dháiví, agus a lachain uaisle. Do thug ón Spáinn iad; ba mhór le háireamh gach paiste dá ngruaga. A gcuid clúimh bhí dearg i gcumasc thaitnimh buí bán is uaithne. Cuardód an paróiste uair nó dhó dóibh is timpeall na gcuanta. Cuardód na comharsain sul rachad tar m'eolas
go gcuirfead a dtuairisc. Ar ngabháil an róid dom, theangmhaigh liom ógbhean, is dúirt liom gluaiseacht. d'fhreagras í den chomhrá chaoin gur oir sí go mór dom. Adúirt sí as m'ainm: "an ndeachais go tigh Raithil nó a' rinnis é chuardach? Atá na comharsain aige creachta ag goid uathu i ganfhios is ag gabháil leastuaidh díobh. Goideann sé na caoirigh is lachain ón linn agus garbhthoir mhóra. Goideann sé an anairt is braitlíní geala is tá an baile aige suaite." Do ritheas go tapa go ndeachas go tigh Raithil is do rinneas é chuardach. An tan chuas-sa tar tarsaigh, do phreab sé ina sheasamh is d'fhiafraigh créad do bhí uaimse. Adúrtsa á fhreagairt go raibh mo bharántas daingean is go gcaithfinn é chuardach. Is do shás mo staf bata siar chun na leapa is gach cúinne eile fuaireas. Do fuaireas na lachain i bpoll insa bhalla is na garbhthoir mhóra. Is do chuas go dtí Raithil go ndéanfainn é cheangal is go dtabharfainn é suas duit. Do bhain sé chum reatha soir chum an Daingin is bharra Dhún Guairne, Go Cluain Molt an mharcaigh is go Tulaigh an airm is go hEochaill do chuamair. Is do chuamair den stáir sin, soir go Port Láirge is go Contae Loch Garman; Contae an Rí - do ghabhamar tríd, agus go Contae na Gaillimhe. Contae Bhaile Áth Cliath do leanas 'na dhiaidh is go Contae Cheatharlach. Trí Chontae na Mí do chasas aníos chum Contae Luimnigh. Níor fhágas gleann ná coill gan é thiomáint tríd is trí gach garbhchnoc. I mBaile Mhistéala, thánag taobh leis, is dúrt leis seasamh dom. Do thóg sé a lámh is do chaith sé speár liom, is chuir an-ghearradh ionam. Do thiteas láithreach óir bhí sé láidir is bhuail sé daingean mé. Do chrom ar mé chiceáil, lena dhá sháil, gur bhris trí easna ionam. Gur fhág sé sínte gan tapa ná brí mé is gur chruinnigh an baile chúgham. d'imigh sé chum siúil uaim tríd an dúiche is ní fios cá stadfar leis. Is ar n-éirí im' shuí dhom, d'fhéachas im' thimpeall, is ní fheadar cá leanfainn é. d'imíos don stáir sin chum Cinn tSáile is chum Bráid an Chalaidh siar.
Is do fuaireas bád ceangailte ar thráigh is sheolas chun farraige. Do chuas gan mhoill go hOileán Spíc is chuardaíos gach daingean dó. Do chuardaíos an Cóbh is an tOileán Mór is Cúirt an Bharraigh dó. Chuardaíos an tOileán Meánach trína lár siar is ní bhfuaireas amharc air. Is Oileáin Fóite, chuardaíos seó dhe mar bhí sé achrannach. Oileán Thomáis Uí Fhloinn, do chuardaíos tríd, is Oiléan Moghlaise thiar. An tOileán Beag, do chuardaíos dó agus Baile an Bhallanaigh. Ar mo chasadh don stáir sin Droichead an Oileáin dom do bhuail umam seanduine, 'Na shuí ar shuíste ar bruach na díge is é ag briseadh carraigeach'. d'fhiafraíos féin de chomhrá séimh de, an bhfeaca sé an Raithileach. Is é freagra dúirt sé liom drochmhúinte: "don diabhal a bhfeaca-sa é!" "Do bhí dhá bhata aige is é camashalach is loirgne fada aige. Do bhí a ghlúine ag camadh is ag lúbadh is iad ag cnagarnaigh. Do bhí leathadh 'na ghabhal is leagadh 'na dhrom is tóin mhór fhairsing air. Do bhí píosa buid as bun a choirp is togha na magairle. Bhí a chliabh clúmhach ar dhath an tsúigh is muineál gearra aige. Do bhí féasóg liath trína ghiall is í gan bearradh de. Bhí dhá mhala dhubha is féachaint bunscionn is drannadh madra air. Do bhí 'shrón leathan is cnopóg ar a barra mar bheadh sceachaill mhór. Do bhí a cheann mór groí ar dhath an fhraoigh, is hata beag leathair air. Is ná haithneofá an stróinse ag gabháil an ród má ghaibh sé le seachtain ann." "Níl fiche nóimint ó ghabh sé an ród siar is teangmhóidh tú i gCorcaigh leis." Ritheas go meidhreach go Gleann Maighre is chuardaíos na Bricils dó. Chuardaíos Shandon Street suas is ard an Gheata Nua agus Bóthar na Blarnan. Chuardaíos fá thuirse, bun Ghabhal an Spurra, gach cúinne is lána. Chuardaíos go ceart Léitrim amach is Youghal Lane dó. Ghabhas an Droichead Nua isteach, 's an tSráid Mhór ó dheas, gur chuardaíos Cove Lane dó.
Do chuardaíos go ceart an South Mall, agus Shitten Lane dhó. d'imíos ag rith trí Parliament Bridge is chuardaíos Barrack Hill go léir dhó. Do chuardaíos na Flags agus an Leathan ó dheas agus an Change dhó. Níor fhágas aon tigh i Lána na gCócairí 'stigh féachaint an raibh sé ar dinnéar ann, Chuardaíos an Seamblas Mór, is chum an phríosúin ó thuaidh, is na céanna go léir dhó. Gur fhásc orm tart, is bhí mo phócasa lag, ní raibh ach leathréal ann. Do thuigeas gur mhaith dhom cnagaire grog, chum mo scornach a réiteach, Is do chuas-sa isteach go tigh Sign an Black Cock chum go bhfachainn an méid sin. Cé chífinn ach an Raithil 's a phíopa aige á tharraingt is é sínte ar a thraosta. Do ghlaos-sa ar an ngarda bhí i gceann an lána is do thánadar go léir chúgham. Do shíneas mo bharántas gonuig an Sargent chum é cheangal le téid dhom, Chum go mbéarfainn é i láthair an Bharraigh sin Dháiví go Dún Ghleanna Ó Léithe. Gurab é sin do chuid cabáiste agus a bithiúnach id' láthair is cuir coiste go daor air.
Fáilte Dháiví roimh an gConstábla agus Triail an Bhrá.
Dé bheatha id' shláinte ós tú an fear grámhar nár ghlac breabanna. Do rinnis an cuardach bíodh gur chruaidh é d'fhonn na maitheasa. Cá bhfuil an brá so, tugais im' láthair? lig dom amharc air, Go bhfeasad a chúis nó an é bhí ciontach i ngoid na beatha uaim. Adúirt an brá: "A chara na dáimhe is deimhin gur fearra liom, Teacht id' láthair, ná bheith dom' cháible ag fear nach cara dhom; Is duine bocht tréith mé cráite ón saol do rinn ródhealbh mé. Is ní ceart díom dóigh do dhéanamh ar ndóigh chum grinn ná tarcaisne.
Do bhí roinnt chabáiste agam im' mhála, do thug bean chneasta dhom, Mar chúnamh tís, i gcóir na saoire, dom' scata leanbh bocht. Cé gurb ainnis mé im' shlí, ní ghoidim aon ní - is i dtaobh na lachan sin, Do cuireadh mé i dtabharthas leo chum cabhrach d'fháil don teachtaire. Is an fear so láithreach in ainm constábla do thug mé ceangailte, Ná creid a ráite, gaige bleagaird, is tá róchealgach; Má briseadh a chnámha, ag titim sa tsráid, ó shíoról dramanna, Is gur ag iarraidh cuairde, staitheadh a ghruaig de, i measc na straipeanna." Adúirt Risteard: "A scrogaire ghránna, adúirís cheana liom Go dtugas m'éitheach. Ach thugais féin é is is fíor a n-abraim. Gach ní adúrtsa i láthair cúirte, is deimhin beidh dearfa. Go bhfaighead corda an réitigh ar do scornaigh féithligh d'fhonn do thachtaithe." Adúirt Dáiví: "Is cruaidh an cás atá id' choinne, a cheatharnaigh. Is tabharfad ar láimh thú, suas don gharda, go gcuirid i gcarcair thú. Um Fhéil' Phádraig gheobhair triail do cháis idir trí ceathrair. Is ó ghiúistís álainn na wige báine ná déanfaidh bladar leat. Ar an abhar sin, tógaim mo pheann im' dhóid is scríobhaim leat mittimus Chum seighleora an phríosúin nua atá thuas ag feitheamh riot. Mar Cerberus cúthail beidh sé súgach leat sa mhullach air. Is nuair gheabhaidh 'na dhún tú Is deimhneach liúm nach baol go rithfir uaidh."
Dáiví de Barra. Bunasdó an 6ú lá fichead de Dheasrán 1823.
BARÁNTAS SHEÁIN DE FAOIT. Mar atá gur dhearbhaigh Dáiví de Barra. Ag so dearbhú agus faisnéis Sheámais Uí Anluain im' láthairse gur tharlaigh i dtigh taoisigh den dúiche mar ar theangmhaigh le leacaire leatharmhangach crosfhiaclach cneasriabhach corpghránna lagioscadach camloirgneach
garbh-chrúbach risa ráitear Seán de Faoit mar ar mheas le fothrom mealbhóg agus le gáróid chainte, agus fós le héagosc is le forlámhas is le faobhair chleithe a phas agus a ghairm eolais do bhaint den fhíoraon mhacánta .i. Séamas Ó hAnluain. Agus is dá dhearbhadh sin atá an barántas mar leanas:
Mar atá gur dhearbhaigh, go dlúth i m'aicese, ciúinfhear carthanach na snasaibhghlórtha, An title rachmais so is deimhin gur gearradh dhó, chum feidhm is ratha ar na seangheocaigh. Gur tharla srathaire, na málaí leathair leis an Faoiteach easmartlach, na mealbhóga. Gur shíl go gaisceamhail, brí a bhata bhig, a bhreeze 's a bheatha 'bhaint den fharaire fhónta. Scaoinse scramaire tá millteach mallaithe, nar líofa a ladar ann gach garbhlóta. Ó Bhríd go farraige, tá luí a phaidire, 'fáil im le heagla, is greamaibh feola. Níl caoinbhean mharthanach dá mbíonn ar 'aithne ná tíonn an bladaire le seanghlórtha, Ag maíomh a bheartanna, 's a ghníomhartha maitheasa, is gach ní acu á tharraingt as a bheannaibh chlóca. Bíonn an plíoma bacaigh so 'cur draíocht is agartha, ar na daoine dalla so, ná braitheann eolas, Ag maíomh gach ainnire nar líon a mheadar dhó bheith síos go daingean ina phaidir sóchais. Bíonn fós an raga so ar gach pósadh 'á n-abarthar ón gCóf go hAiriglinn is go sleasaibh Móire, Faoin gclár ag sracaireacht, na gcnámh ón madra, is gach árthach smeartha ar bith dá gcuiridís thórstu. Mnaoi dís ag faire air, cois claí agus failleannaibh i ndígibh garbhchnoic is camabhóithre. An caoinfhear carthanach, Ó Céitinn calma, is Ó Finn seasmhach 'narb ainm Eogan, An scaoinse smalaire, má thíonn 'bhur dtaisteal libh, gan mhoill é ceanglaíg le daingeanchorda. Is go fíochmhar tairringíg a chaincín smearthadhubh, go dtí go drannadhphus, le garbhfhórsa. So síos a mharcanna, gan mhoill go dearfa: - bíonn binn leis ceangailte 'na gcarnann stór léi. I bpoill na sionnacha, ní baol go rachaidh sé; bíonn druinn 'na sheasamh air is leathadh mór fé. Bíonn go seasmhach cois tí gach tabhairne 's a phíp dá searradh aige, ag faire ar dhoirse. Ní leomhfaidh gasra ná dís dá n-abrainn dul choíche i ganfhios dó, i dtigh ná 'bpóirse. Gach caoinfhear carthanach do chífidh feasta é ná bíodh ar mearthall cad is cóir dó: Go santach ceangladh
a cheann 's a chreatalach, i dteannta mharafach, le garbhrópa. A mheill fachaim leasaithe, le doirnibh daingeana, le feidhm é tairringíg, i bhfarraid domhsa. 'S is deimhin gurab aiteas libh, mar leidhbfead leatharach an phleidhce bacaigh so de dheasca a ghnótha. Aitchimse gach faraire le dréacht is dán, Is go dearfa na bacaigh so ná réann le Seán, Bhur ngatha bíodh in achrann go tréan 'na bhráid, Is staithíg é is tairringíg le scléip is gáir.
Do réir ordú Éadbhaird de Nógla .i. aon de bhreathúnaibh na héigse idir Chorca Mhór Mumhan et Oileán Chiarraí et fós san réim dhírigh ó Chumar glantsruthánach na Caillí go Cathair Dhúna hIasc mar aon le mórchuaird Éireann go huile. Whereas go dtáinig Seán meanmnach maiseach modhúil mín meidhreach mórálach Ó Muláin, ógbhuinneán béasach bithbhuach maille le grásaibh Dé agus le gnáthghreann a chomharsan agus a ghnáthghaol le sagartaibh déarcúla daonnachtacha dea-shamplacha ó iarthar Mhúscraí go barra Chontae Luimnigh, gur dhearbhaigh ar mhóide an leabhair dhiaga go dtáinig d'ionsaí a theaghlaigh atá ar bhéal bóthair, tráth éigin, ní fiosach créad an uair, de ló nó d' oíche, buigiún bog, bodach breallach bolgfhairsing béalcham, gan mhodh gan bhéasa, gan Bhéarla gan rince, acht sg siúl dúichí agus ag luí istigh ar bhochtánaibh neamhthuigseanacha ina shirriam teallaigh i leith gurab údar is mac léinn é: Gur ghoid ón mbuinneán rialta réamhráite leabhrán líofa na solasbhriathra maille re glanGhaeilge, teagasc diachta et fionnachta, et faisnéis is friotal na bhfealsóntaithe, et gach ní chuim oideachais don óg don ársa et don aosta ó chláirín na leanbh gus an bhfoclóir, et fós ó chluiche púirín go bás duine, maille re seanchas na hÉireann ó theacht na díleann go teacht an dara hAnraí; agus seanchas na hÉireann ar dtús .i. Inis Ealga, Inis Ír, Inis Fáil, Inis na Sinardhacht, Muicinis, dá ngoirthear san mBéarla Ireland, Hibernia, Scotia, Fódhla, Banba agus Éire; agus dá n-éis uile, Oileán na Naomh;
agus fós tuarascbháil gach drong do shealbhaigh Éire ón dílinn go sealbhas Gall, mar atá Partlánus, Néimidius, Fómharaigh ón Afraic, Fir Bolg, Tuatha Dé Danann, Clanna Míleadh; Lochlannaigh do ghabháil ceannas na hÉireann trí huaire; ar dtúis Tuirgéisius an tíoránach agus a bhuíon gur scriosadh iad uile le Maolsheachlainn; an dara feacht Siothrach mac Amhlaoibhe le Ceallachán Caisil, agus le Cinnéide mac Lorcáin; agus an treas feacht le Brian Bóirimhe i gCluain Tairbh; agus seanchas na hÉireann do ghairm isteach i gcomhairle na dtrí mblian eile le hOllamh Fódhla .i. aon ardrí os cionn fhichead de Chlanna Míleadh; agus an té do cheap malartú armas d'uaislibh na hÉireann go ginearálta. Do bhí de bhua ag an leabhar so go leigheasfadh millteoireacht aosáin riabhacha, brionglóid, múisiúin, briollóga, léana agus mearbhall, míghreann i mnáibh troma, i lagmhnáibh uaisle, i mnáibh aosta, i maighdeanaibh, agus fós teagasc agus treoir do lagmháistiríbh scoile, do scoláiríbh bochta, do bhodcheathrannachaibh, do phasandraibh, do ghiollaíbh con, do shratharaíbh tíre bhíonn gan d'fháil bheatha acu acht oíche anseo et eadartha ansiúd. Más aon díobh so, nó cibé duine ar bith do ghoid an leabhar so, cuirim 'na dhiaidh i gceann gach mallacht do chuireadh i ndiaigh chaipión Uilliam Brún: - Mallacht Mhorrison ó Chúil an Fheadáin, agus má tá Cúil gan Feadán aige, mar aon le bean Thomáis Buitléir; Éamann Rúibí Webb ón SeanChaisleán; Wise ón Doire; Donnchadh Ramhar ón nDripseach; Conchubhar ó Liain; mallacht mhná Sheáin Laifin et mar aon leis sin na horduithe diana so mar leanas:
Mo bharántas dian ar Charránach crua, mar leannán ag triall, go ceartlár gach tuath, ó Dhriseáin aniar go Port Láirge an chuain, Is ó Chruacháin na liag don Churráith ó thuaidh. Gach clochán gach cliath gach polláir gach puais ó Dhollán na srian go Siolán na mbruach, ar dtiomáint 'na dhiaigh go forránta luath go trosáilte ag triall tar leachtánaibh crua. Gach cosán gach gort gach cnocán gach scairt, gach portán gach port, gach leachtán gach leacht, gach lochán gach loch, gach creagán gach scailp, gach caisleán gach cnoc, gach stacán gach craig. I gcuasaibh gach tor, i gcuardaibh thar lear, in uaigneas gach cnoc, i bpluaisibh gach craig, faoi scuabadh na sop, i dtuairim na dtreas, gach puaithis gach scoilt, ó thuaidh is ó dheas. Ó Dhún glan na Séad go Léitroim soir, ó chiumhais Chnoic an Éin go Céim Chlainne Lir, ó bhoird Locha Léin go Binn Éadair 'na rith, is ó Dhurlas na gcraobh go Léimibh na gCon. Ó Ghuirtín na Stuac go Páirtín na Sruth, ó chois Laoi na gcuan go Craig Chlíona an lis, ó Ghort Inse Guaire ar fad síos go muir, gach coigríoch in bhur ruaig go faithibh Tí Ghuil.
I dtaithí gach ród 's a bhforaois gach gleann, gach gadaí do gheobhair, cuir fó choistibh go lom; ná scar choíche leo gan solaoid ba throm, go dtachtfuíor i gcorda an drochghníomhach cam. Gach stollaire bocht lochartha do gheobhaidh an tslí 'S i mbrollachaibh na bpoibileach gur mhór a mhaíomh, Más foistineach san ropaireacht an stócach buí Go molaimse dhó folascrios an chorda chaoil. Cú chosanta ná loirgeadh ná fóirithint gaoil, Tabharthas ná bronnathar don chomhairle dhlí; Ní cosmhail sin gur fortacht duit a bhfórsa caoin, Go gcoiscithear ó thoirbheart a sceolbhach bhuí. Gach doillitheach ba bhronnathach ar chóbach díobh, In bhur bhfochairse más foistineach an sórt so thíos, Guím coisgithear a bholg san ar bord is aíocht, Is lomathar i gcorraghad i gcóir na slí. Ná gabhaig ón té sin plé ná abhcóideacht, An fallaitheach éachtach éadrom anghlórach, Ach gabhaig mo réir is daor an fealsónta Gan aiseaig i dtéid in éiric 'fheallghnótha. Ceangal Screadaíg ó chroí a bhuíon do chluin an méid seo, Ar bhanaltra an AoinMhic trínne ar croich do céasadh, Ar í sheachaint go fíor de shíor ar choirthe daora 'S an té do scríbh é, guígig flaitheas Dé dhó. Finis.
Ag seo barántas Eoghain Uí Chomhraí i ndiaidh rachta tí scoile do goideadh uaidh.
Mo ghearán cruaidh mo bhuairt mo bhrónsa! Mo dhíomá buan chum fuascailt domhsa Mar táim am' luascadh i gcruatan róghoirt Cráite i nguais, gan suan, gan sóchas!
Ba thláith mé am' ruagadh ar fuaid na mbóithre, Am' charnadh i gcuasaibh uaigneach brónach, Gan áras buan, gan cuan chum stróireacht Tar fán gan tuairim buachaill bó 'gam. Níl cliar ná tiarna riamh ar m'eolas Sáirfhear fial ná biatach meonach Ardghin diaga ag riail paróiste Ná cnápach ciar d'fhuil riabhach Mhic Lóbais, Nár lámhaigh stiall de rian mo dhóide, Ar bhánbhrat liamh go niamhacht gleoite; I mbláth nó 'mbriathar Dia sea bhreoigh sinn; 'S i ráite ciansliocht Ghliaigh mhic Scóta. Níor ghráigh aon spriata riamh 'n tsórtsa, Gnás ná triall lucht riartha an eolais; 'S mo chrá! má d'fhéadfas iamh ná góbhail leo, Go dtarla i gCliath Chill Fhiarach cóir dhom. Seo an áit nár iadar riamh a ndoirse, Ar fhánach riain ná ar dhianbhocht breoite, Acht fáilte 's riar gach mian le cóir mhaith, álmhach iarla ar aíocht nuair gheobhadh ann. Dob áthas cléibh leo aon dem' shórtsa, 'Trácht 'na ngaobhar chum léinn do sheoladh, Ar scáile niamhdha, ar réim is nóite, I gcás gach céim dá n-aosaibh óga. Mo thásc is léir gur scéinn tar teorainn, Tráth ar éifeacht céille 's córa, In ardMhagh Craobha, saora an eolais, Dá bharr gur aontaigh tréad go leor mé. A haithle an scéil sin b'éigean domhsa, Áras caomh fionnaolda 'thógaint, A d'fhágfadh saorghlan réidh a ndóthaint Is áit leathchéad gan éinne 'góbhail leis. Níor fhás in Éirinn shéanmhar fhódghlas, Aon stát ná aon chríoch caomh san Eoraip, An Áifric féin nó san Asia mhór thoir, Ná aon áit san tsaol aon ghéag comh mór leis. Ní nár dom féin a léamh dom' chomharsa, An tráth nár chraobhach préamhach' móra, A mbláth go séimhghlan saor bileogach, Lán de scéimh na gléghas' óga.
Tan bádh le chéile an saol 's a shlóite, Ach amháin an méid sin d'aontas Nóah 'S é a d'fhág an tréantuile éachtmhar mór san, Ar lár fá thaobh poirt sléibhe na móna. Cás mo chléibh! 's mo chréacht gan fóirithint; Táim dá éagmais créimtheach scólta, I mbothán gaofar fé anfhorlann Ard gach sceirde ar thaobh an bhóthair. 'Ardmhic Dé fuair péin gan teora, I gcás sliocht Éabha 'shaoradh ó mhórbhruid, Méadaighse an scéal so 's méad m'éagóra, Is sásamh daor bain féin den chóbach. Iarraim 's glaoim tú, 'aon Mhic Comhachtaigh, Grá gach n-aon tú, is éist lem' ghlórtha, Ardaigh béim ded' ghéig go cróga, Is fág gan léim gan réim gan treoir é. Guím go cruaidh thú, 'Uain ghil ghlórmhair, Scaoil gach buairt is guais is brón air; Díbir uaidh gach tuar compordach, Is bíodh gach uair na sluaite deor leis. Guím gach uair chúghat suas gach nóimint, Sceimhle is ruaig 's luanscrios leonta air, Guím díth buan is scuardach dhreoite air, Treighid is luas gan trua go deo air. Screadaim arís le caoighoirt deor ort, Aitchim fó thrí shuíomh do mhórlot, Scaipeadh ar a thíos gan buín gan bólacht, Leagadh agus leíghe gan leígheas gan fóir air. Peannaid is pian is ciach go leor air, Galar 'na chliabh 's diachair fós air, Cnapa agus fiaradh liaithe is mórchrith, Dalladh ina dhiaidh 's iarsma srón' air. Anachain riabhach na bliana nua air, Eascaine chian ó chliar na Rómha air, Fearg ag Dia leis, 's an diabhal dá phógadh, 'S Peadar go dian ag iamh na ndoirse. Guím go cráite ár is tóir air, 'S tinte plá gach lá dá scóladh; Guím é ar lár 's gan fáil é thógaint, 'S guím croch ard 'na dheáigh dó 's cróchar.
Feallaire fola 'gus crochaire an chorda, Shlad mo thigh scoile go fogas dom' chomharsa; Mallacht an phobail go follas dá sheoladh I mbealach 's i gconair an donais faid beo é, Go follas an stollaire bhreoigh mé, 'S deireadh na bhfocal ar glothar 'na scornain, Oiread le hochtar go cothrom den bhrón air, 'S gan leithead mo stoca air dá chosaint ón gcorda. Far a bhfuil ráite a chairde, is rún liom, Faire agus garda láidir lúbach, Ag ceapadh chum ráis trí lár na dúiche 'S a gceannas barántais láncheart dlúth leo. Goirim captaon gan séan nó gó ar bith; Bheirimse saor do Shéamas Óg é; Lieutenant Keane, mar aon leis seolaim, Is fiche fear gléasta in éide comhraic. Ceapaíg mar chúrsa ar dtús Cill Fhiarach, Leathan is cúng is gach cúinne riamh de, d'aisce go dlúth fó chúig más mian libh, Ar eagla an sprionla úd 'bheith ar iarraidh ann. Tugaígse ruaig is cuardach rómhaith, I mBaile na Cluaise 's gluastar fós libh, As sin anuas go luath le fórsa, Don Bhaile Dubh buailíg go cruaidh na bóithre. Arís gan dearmad, gabhaig gan chairde, Trí Ghort Eagailse 's Baile na Páirce, Sceinníg tarsna go tapa más áil libh, Tríd an dTearmainn, 's labharaíg dána ann. Bíodh nach aicme iad tá in easpa smutánaibh, Bíonn sruthghadaithe eatarthu i ngnáthaimh; Scaoilíg, stracaíg, 's leagaíg le fána Tíos gach scraiste acu, nach fearamhail, fáilteach. Agus gan toirmeasc goirimse slán libh, 'S casaíg gan leisce don Doichilligh láimh libh, Gidh mheasaim ná faighthear an feillespreasán ann, Do shladfadh ná ghoidfeadh leathphéirse óm' choláiste. Leanaíg don scríb sin díreach siar libh, Go Dún Áth buí 's go Cill Chaoi na n-iascaibh; 'S measaim nach cuí díbh choíche triall ann, Gan blaiseadh na dí, 's ná bígí dian air.
Muna bhfuil tuar ná tuairisc fós air, Leanaíg leastuaidh cois cuain na mórshruth; Gabhaig ar cuaird 's is dual gur cóir sin, Seal ar an bhFuathaigh, is cuardaíg leo é. Más eagal libh Tadhg, nó feidhm Mhathóna ann, Geallaim go deimhin ná raghaidh chum gleo libh; Ach leanfaidh 'n bhur gcoim trí choillte is móinte, Mo rachta go bhfaighid, nó an cladhaire thóig é. Gabhaíg arís, ní timpeall mór é, Garbhchnoic Fraoigh, Móibhín, 's gach póirse, Is as sin go hUidhill, ná moill an ród díbh; 'S cá bhfios ná faighthí greim cois Feora air. Gabhaig le fuinneamh chois uisce gach orlach, As sin go himeall Dún Lice i ngach cóngar; Is mara bhfuil tuitim aon tsionnaigh dá shórt ann, Ná stadaíg go sroicheadh libh Muileann an Ghóilín. Measaim nach miste díbh filleadh ar bhur sáil ann, Is casaíg go hionad na bhfinneChathánach; Geallaim ná ligfear chun suite sibh tráth ann, Gan blaiseadh an ghloine den mhilisbhiotáille. Is dearbh go gcuirfidh an fhoireann soghrách so Teachtaire soineanta libhse theaspánfas Fearann na droinge tá ar fán ón áit sin Is canaíg le cumann gan mioscais céad slán leo. Taistealaíg tráth gach ard darb eol díbh, Leaba agus áras gnáth aon stróinse; As sin gach ard go tráigh Chill Chróna, Leanaíg an rás trí lár na móna air. Muna bhfuil teastas ná eachtra fós air, Gabhaig gan eagal cois calaithe is feorann, As sin go dtagair gan mhairg gan leonadh Isteach go Dún Atha is ná glacaíg leathsceol ann, Gan colann is baitheas do ghearradh 's do strócadh, Stolladh agus masla do thabhairt go mór dóibh; Stollaíg is stracaíg go talamh gach seomra Lochta agus leaba 'na mbraithfear gur dóigh é. Gabhaig gan spás aichearr gach cóngair, As sin go ceárta Sheáin de hÓra; Geallaim go bhfaighidh sibh arán is feoil uaidh, Is baraille lán le tál 'n bhur ngeolbhach.
Ná fágaíg tráth bothán gan spiúnadh, Ón dtráigh go hÁth an Ghalláin gan súchas - Is má tá i ndán ná fágfar iontu é, Is gearr uaibh trácht go lár Fhurúrach. Ní foláir nó tá an leannán cinniúnach, Is an stáig gan aird le fáil 'n bhur gcúrsa; Má tá, gan spás, faighíg lámh ar urla; Is lán a chnámh de chnáib air dúbail. Tugaíg an séithleach baoth so chúghamsa, Ceangailte ar théid is glaofad cúirt air; Caithfidh sé géilleadh is staonadh dhúinne, Is seasamh go n-éistfear plé na cúise. Is gairid, is léir, go nglaofar jury, Is rachaid le chéile ag déanamh cúinse; Caithfid le héifeacht, a réir na n-údar, 'S is dearbh gur daor tar éis na mionn é. Glacfadsa réim is céim breithiún air, Is seachtain long day gan bhréag ní thabharfad; Leagfad mo mhéar le héigean dúthracht, Is fairis mo shéala ar an execution. Beidh anfa cléibh is séideadh 's múchadh air, Ar fhaicsin na téide is aoirde an chrúca; Bainfear le héifeacht scéal gan amhras As an reacaire bréan do léirchleacht ampla. Tá seisear ón éag is dosaon ón sciúirse, Ag Lieutenant Keane tar éis a shiúlta; Is do bheirim an créice do réir an chúinse, Má fheicim go ndéanfaidh féin urrús air. Ach caithfidh, más féidir, trí gach cúrsa, Mo rachta go héasca léigean chúghamsa. Lash is seacht gcéad le faobhar sciúirse, Leagfar dá éis ó bhléin go cúl air. Cuirfead fó gheasaibh é seasamh seacht nDomhnach, Nochtaithe i bpearsain, ar bhaitheas an Teampaill, Cuirfead seacht ngarbhchailleacha 'gus slabhra Acu ar a chadairne, is stracadh go lom air! Bainfead gan dearmad, mala 'gus cluais de, Is scriosfad dá bhallaibh an leathar le cuaille, Cuirfead dá bhearradh gach maidean Dé Luain é, Is cuirfead dos aitinn mar leaba chum suain fé.
Cuirfead gan dearmad artha na bpiast dó, Is léifead salm na mallacht 'na dhiaidh air; Cuirfead dá cheangal go daingean seacht mbliana é, In ionad an easpaig nár chleacht a bheith fialmhar.
Ó Phádraig gabhaig mo leathanphas saor go suairc. Contae Luimnigh mar aon re mórchuaird Éireann go huile etc. Ag so saorchead sonaí le sítheoltacht do Phádraig uasal Ó Conaill chum siúil agus síorimeachta ar feadh poiblíocha prinsiopálta an phrímhchreidimh in Éirinn réamhráite i measc uaisle, triatha, taoiseacha, agus tánaistí éigse eagnacha agus ollún, mar aon le gach Críostaí carthanach coinsiasach ó san amach, re toil Dé, féachain re súile na trócaire agus na truamhéile air féin agus ar a cheathrar dílleachtaithe, re cúnamh clúdaithe do fháil dóibh dá gcaomhnadh ar ghalar ghríofa ghrodgháifeach na gaoithe gailshíonach goimhiúla gargfhaobhracha an gharg-gheimhridh, agus bhéarfaidh a bhuí sin mar is dual le Dia mór na n-uilechumhacht, mar aon ris an gcúirt ainglí. Tabhartha faoim' láimh an treas lá de Shamhain san mbliain d'Aois Chríost 1765.
Ó Phádraig gabhaig mo leabhanphas saor go suairc, Ins gach áit a ngeabhaidh i mbailte poirt Éireann uais, Go brách dá chabhair dá chasnamh is dá chaomhnadh buan Gan bhá gan bhascadh gan mhairg gan bhaol gan bhuairt. Buairt ná aithis ná tagaradh aon don fhear; Ba mhór a chaithis fé rachmas an tsaoghail seal; Níor chruaidh a ghreamanna, is feasach nár dhaor a bhreith, Gur bhuail an ainnise le dearbhthoil Dé ina theach. Teach flatha nó taoisigh díbh 'na stadfaidh ar cuairt, Go geanamhail bíodh gach saoi le taise is le trua, Cum fairsinge bídh agus dí agus leapa chum suain, Dom' gharbhfhear Ghaolach ghrinn gan ghangaid gan ghruaim. Gruaim ná doicheall ná cloistear le héigse an ghrinn Roimh stuaire an bhrollaigh ghil mhogallaigh bhéasaigh bhinn, Go buacach bronnaitheach gach ollamh glan éasca bíodh Nó is buan ár ngutha dá gcoscairt go daor fá chíos.
Tháinig gearán. Do Dhonnchadh Ó Néill do chaill a bhróga ag teacht ó Chorcaigh. Tháinig gearán chugam ón Oileán i dtús na seachtaine. Ó dhuine dá ngéillfinn do réir a bhréithre ná fuil aincheart, Buachaill tréitheach den fhíorfhuil Ghaelach d'uaisle Banba. Donnchadh Ó Néill, is ainm don té úd; ag so mar dhearbhaigh: - Ar aonach Chorcaí, níorbh fhéidir lochtaí, d'fháil ina mhargadh. Cheannaigh sé pumpaí ar mhaithibh na dúthaí 's ní fáth reacaireacht'. Bhíodar gleoite, cumtha córach díonmhar tairbheach. Is do réir mar chuala ba mhór a dtuairisc i dtaobh a maitheasa. Do bhí a mboinn 's a sála de leathar Spáinneach gan aon dearmad. 'S a n-uachtar dlúithmhín, de sheithe fhionnlaoigh do bhí leasaithe. Ba ghreanta na stropaí, bhí 'na mbrollaí, gan fuíoll ceartaithe. Ba mhaise chum búclaí, 'cheangal i dtiúin díobh, i gcomhair lae an oireachtais. Ní reacaire éithigh de ghréasaí Gaelach do rinne a gceapadh dhó, Ná fear stracshúl, na leathar gan leasú, do bheadh ar margadh, Ach ceardaí greadhnach ó lár na Fraince ná raibh air pairilis. Sé do ghlanfhuaigh le meanaidh de ghealchruaidh gach aon lasca acu. Do bhí sé an lá sin go róshásta mar do fuair margadh. Chuaigh sé in áras, mar a raibh scáth air is shuigh cois baraille. Do ghlaoigh a chomharsain, dís nó dhó acu, go rócharthanach. d'itheadar spóla, d'ól a dhóthain, is ní rinne ragairne. Do ghluais ar aonach, ar lomshaothar, a' triall chum baile dhó. Is níor tharlaigh aon duine air dhéanfadh léan dó nó gur theangmhaigh leis An captaen, an té nárbh fhearrde é do chur an artha dhó, Chum dul don Ghleann síos go tigh hAnraí, mar do bhí an ainnise air.
Do bhain le fórsa, an fear dá bhóthar, 's ní ar mhaithe leis. Do ghlaoigh a chomharsain, Éire is Eoghanacht, an réad nárbh annamh leis. Ba leathan gach slugóg, dá dtíodh in' uchtóig, siar 'na charball. Ba mhór í a chullóid, ag ithe bhullóg 's a slugadh dramanna. Ag seo breis cuntais, do réir údar, ar a thuilleadh dá imeachtaibh; Is cad ba chríoch dóibh i ndeireadh na hoíche nuair do scaipeadar. Do caitheadh an captaen, dá mhéid a chaithréim, de dhroim balla isteach. Is d'fhan san áit sin 's a thóin in airde, go rug an mhaidean air. Sé críoch na n-éachta, brí na scéalta, is túis na hainnise, Gur imigh na bróga, is nach fios cén stróinse lenar ghabhadar. Mar is duine Conchúr ná raibh Críostúil ó fhág sé a bhanaltra. Ní haon díchúis é chur sa phríosún go ceann chúig seachtaine. Tá Donnchadh i gcruachás, dá lomadh ag an uafás, ní dob annamh ris. Gur iomdha cuasán fochma 'gus fuachtán tá dá ndeascaibh air, Ó cailleadh ar anaird, leathar an chineáil, bhí rómharthanach, d'ardódh intinn am an rince - réad ba chleachtadh ris. An Barántas. Ag so ordú láidir díbhse láithreach anois chum cuardaigh, Ann gach áitreabh dá bhfuil ón áit seo soir go Tuaraigh, Agus an lán sin, chum Baile Uí Bhráthar, 's anoir chun Cluana, Go Caladh Rátha go Cionn tSáile is cois na gcuanta. Atáid daoine I gCloch na Coillte 'na bhfuil amhras. Is tagaíg timpeall, ar feadh na tíre chum na Bandan. Ceapaim an tslí dhíbh, do shleasaibh na bhFiaraí, chum Magh Chromtha. Táid bithiúnaigh, i mBaile Bhuirne, mar a mbíodh Colthurst. 'Niar trí Mhuisire má bhíonn tuirse oraibh, ní haistear díbh glaoch ann. Caithíg oíche, i dtigh an taoisigh, Donnchadh Mac Éamainn, Mar a bhfaighe sibh rídháil, ime agus aráin, is mórán féile, Mar a bhfaighidh Labhrás, lán an tsiogáin, nuair thé' dá n-éileamh. Síos arís libh go Cluain Míne, agus go Mala libh.
Ná leanaíg an bóthar, ach gabhaig an cóngar, chun Móin Ainmne. 'Bé agaibh is túisce go B'lá' Úla, gheobhaidh sé caladh ann. 'S ná déanaíg dearmhad dul go Gleannmhair cé tá sé aistreach. Aduaidh arís libh, lom gach dírigh, chum an chuaille; 'S i nGleann an Phréacháin, ná fágaíg bothán, ann gan cuardach. Tagaíg timpeall, lom gach dírigh, chum tí Thaidhg an Ghaortha. Do gheobaidh sibh cineál, ó Bhríd Ní Risteaird ach dul dá féachain. Tá lucht fuadaigh, i dtigh na scuaibe, is bíd go minic ann. Déanaíg cuardach, is cuiríg tuairisc, ar gach nduine acu. Mar is ann d'fhág Conchúr an gearrán cruthúil in éiric buisinne; Ama agus súgán, srathar is fáscán, le togha trucaile. Ní cúrsaí deimhin é, ach má gheibhidh sibh, fáth ná amhras Ar óg ná críonna, d'fhear ná 'mhnaoi acu, beiríg thall air. Tugaíg a gcorpán go Corcaigh na gcaisleán, is ceangal na gcaol air. Go mbiaid na spreasáin, fé chuing sealáin, againn dá ndaoradh. Críoch.
BARÁNTAS AN CHÁNA Míle seacht gcéad sé dheich agus a naoi, le trí agus a cúig ceart d'aois Mhic Dé, ar thaitneamh na gréine, an fichiú lá de shamhradh: Tháinig im' láthair fear galánta do bhí insa dúthaigh, Nach ainnis a cheard, is maiseach a cháil, is grinn 's is múinte. Cia hé féin ach Ó Cinnéide,
an cine nár chráite; Garraíodóir séimh ag Seoirse Lake in imeall na sráide. Do mhionnaigh go lom nár mhiste dhó labhairt go seasmhach dána. Ar bheatha na naomh do dhearbhaigh sé gur goideadh a chána. Buinneán geal coll, gan cnap gan dronn, a d'fhás go díreach, Gan chuan gan cham gan stuaic gan beann gan ard gan íseal. Réidhghas sámh de dhath dob álainn aerach aoibhinn. Éide phláta déanta de phrás mhaith ar an dtaobh thíos de. Dá bhrí seo, a Bhaitéar, is díot do ním féin ardchonstábla. Atá tú luaithléir mearchroíoch aintréan fearúil rábach. Atá tú eolgach cliste leonda lúithmhear láidir. Is puinn do dhóthain, agad fád' chomhair féin, le haghaidh t'fhritheoilte. Freagair is tarrthaighse, a Phipeardaigh, atá tú cróga. Beir barántas, faoi mo dheasláimh leat scríofa i gcóir cheart, Líonta láidir i bhfoclaibh dána i ndlí cheart Sheoirse. Má theastaíonn uait cúnamh glaoighse chúgat an bhuíon is eol duit. Seachain Bartley; fág ag baile é i gcuiric na móna. Ná beir leat é, do ghlacfadh sé breab is gheabhadh sé thórstu. Glaoig ar an Sítheach, is preabaire líofa é mallaithe óg mear. Buailíg síos le taobh na taoide is cois na feorann. Beir leat garda, seasmhach láidir, in airm 's in éide. Cuartaigh cois calaithe - ná glac eagla, geallaim nach baol duit. Imigh ansúd, go Daingean Uí Chúise, tar imeall na sléibhte. Ar do ghabháil trí Chiarraí do gheabhair gan fiafraí, oineach is féile. Do réir mar chualas, is flaithiúil suairc gach nduine isna réim sin, Gan doicheall ná gruaim, roimh fhearaibh an tslua mar aithrisid céadta. Cuartaigh leat an Tuath laisteas ar fad go dté tú Go Corca na gcuan, is gan a thuairisc, ná cas ar aon chor. Cuartaigh go dlúth ar fuaid na long is insna bádaibh, Ar eagla é dhul go NuaShagsana nó go Gibralter. Ní foláir duit pas chun dul isteach go fort Chinn tSáile. Tá gunnaí móra, is arm Sheoirse,
i bhfórsa ann láidir. Siúil gach aonach ar fuaid na hÉireann, is cuartaigh dlúth iad. Ar eagla plé ná achrann scléipe tabhair an sword leat. Atáid na hUltaigh coirpe stollta, danartha láidir. Beir blunderbus trom leat, piostail is holstair chum murdail más gá duit. Cuartaigh go doimhin dó ar fuaid na Laighneach is tuaith na gConnachtach. Buail lastáll trí Chontae an Chláir cí gurb ann do rugadh mé. Labhair go séimh leo; tá togha laoch ann, stollta coirpe, Dá mba tú aonmhac rí na Gréige, ná tabharfadh urraim duit. Ná fág pórsa, siléar ná seomra, in do shiúlta, Ná cuartóidh tú ar fheabhas na Fódhla, tré chroídhúthracht. Bris le fórsa glas gach comhra, dá gcur as amhras. Má thigeann aon óigbhean, ag déanamh stró dhuit, téire chúichi. Cuartaigh go haithrinneach, gach tuath is gach baile poirt, i gclár na hÉireann. Ar eagla an dearmaid, bí anso ag baile chum rás Ráth Caola. Má gheibhir eatarthu, an cladhaire mallaithe, do shantaigh an séad so, A bhaill go gcreaplam, béarfam scannal dhó is náire shaolta. Stoithfeam a shúsán, déanfam é sciúrsáil trí lá margaidh. Greadfam a chliathán, 's a dhá shlinneán, le togha leathracha. Ní fhágfaimid puinn, ó ard a chinn, den fheoil go talamh air. Nár fhóire Críost, ná fós na naoimh, ná cumhachta flaitheas air. Cuirfeam geoch bhrád, air le fórsáil, chum a thachtaithe. Ceangail a dhá láimh, le gad leamháin, síos dá throitheachaibh. Fáisc an téad chnáibe ar a phíopán go daor damanta. Streachail id' dheabhaidh trí lár na habhann é mar ba madra. Tarraing aníos gan anam as Daoil é ach amháin ná slogfadh sé. Cuir salann is neantóg, isteach 'na loit bheo mar bharr dochair air. Scríob le cárta, a chlí 's a tharr, is ná fág tochas air. Scaoil 'na shómpla ar fuaid na gcomharsan, 'na chorpán lomartha é. Ceangail go lom é ar phocaide gabhair is beartán aitinn faoi, Nó trasna ar mhiúile atá thoir ag Munsail
ós í is mallaithe. Luítear na gadhair leis, scaoiltear ar aghaidh é go dté go Acheron. Is béarfaidh Cháron, trasna 'na bhád é, má gheibheann leathphingin. Scaoiltear an taismeartach síos go Tartarus ar sodar drig Pluto Go cuibhrithe ceangailte, fá dhaoirse dhamanta, ag obair do dheamhnaibh. Beidh súiste ag Oscar ag rúscadh an chruit aige, dhéanfas ramhar é. Is fágtar eatarthu é, i bpáirt le Tantalus, go lá an chuntais. An Ceangal. Gan chuntas beidh sciúrsaí nimhe le faobhar, Ag naoi gcúpla de dheamhnaibh dá ghreadadh ar gach taobh, Idir gach cúil is cúinne ar fuaid ifrinn daoir, Nó go múintear an scrúile i gcaitheamh a shaoil. Foircheann.
Ag seo barántas bunúsach bríomhar buanchumhachtach uaimse chum na n-uasal inár ndiaidh um an reathaire ráiméiseach dá ngoirthear Dónall Ó hEachiarainn agus gach radaire raidéiseach eile dá shamhailt do ghabháil agus do chur i ngéibhinn le bású go haibéil in íoc na n-iolcheard do leanaid go mailíseach ag mealladh na n-uasal neamhaireach go coitcheann. Aodh Buí Mac Cruitín cct.
Tháinig im' láthair iomad dem' chairdibh is droing den tírse Ag déanamh gearáin go ndearnadh ár ndíobháil insa gcríchse. Go bhfuil trudaire de dhroim tubaiste ag déanamh uaille, Dá rá mar aitheasc go bhfuair teagasc ó na suadhaibh, Is go bhfuil eolach insna códaibh is insa tseanchas. An ní nach dual don ghillín ghuagach do chloígh le feamachas. Níl ó Bhéarra go Binn Éadair áit nár chuartaigh I ngioll ar arán d'fháil ar rabháin do ghoid nó d'fhuadaigh.
Níl rann ná amhrán dogheibh ar seachrán ar feadh na cóige, Nach tug an spreasán do lucht antláis in am póite. Adeir an radaire nách fuil aiste ar bith dár chan eolach, Nach bhfuil aigesean cidh tá easpaitheach insa tsórt san. Adeir an fuad so gan fios uama an roinn dírigh, Go ndéanfadh aistí, lena chleasaíocht do thriath tíre. Is fíor gur uras dó bheith go sutalach ó d'éag draoithe, Is gur beag tuigseanach líonmhar againne i measc ár mbíobhadh. An méid tá eolach insa chóige ní thig dá láthair, Ach téid ar chóisir i measc deorach gan fios ábhair. Ansin is dóigh go bhfaighidh a dhóchain líon a mhála. Is go gcuirfidh geoin as mar gach geocach mar dhíol sa tsáith sin. Ag so aistí an fhódóir ag fastaím feadh na críche Go dtáinig chugainne mar dhall goinithe go lár na tíre. Dá bhrí sin cuirimse ar uaisle ár bhfoirinne a thabhairt im' láthair. Is cuirfid an ní so le ceart dlí 'nois mar chóir bháis air. Mara n-éalaí an truán téiglí nó dul san fharraige, Nó dul i ngleannta ag iarraidh teannta nó i gcuas carraige, Ag so faoim' láimhse ordú láidir chuim na n-uasal: É do ghabháil, an scoigín seachráin, gan fios ná fuaradh. Cuirim na triatha, Tadhg is Piaras, Brian is Séamas, Ag ruagadh an chleasaí, gus na hEannaí ina mbeith baol air. Cuirim ar Phroinsias i bpéin a choinsias ródaibh Luimnigh; Triath Ó gCoileáin, dó is díobháil má ligeann ruthag leis. A Mhic Giolla Riabhaigh, A Chonchúir, iarraim ort gan faillí, Ná codailse choíche, gan faire gach oíche ar na hEannaí. A Dhónaill ghrámhair, cosain an t-áth sin, Droichead Uí Bhriain dom, Is do gheobhair cúnamh Thoirdhealbhaigh shúgaigh is tuilleadh má iarrair. A Sheoin Ringrós do chleachtas dea-nós
freagair gan guasacht. Cuirim tré ansacht Inis Cealltrach, Is Cill Da Lua ort. A Shéamais ghreannmhair, aire do d'aimsear is bí go fuadrach. Beir leat sraithbhuíon timpeall chailcthí Mhuintir Bhruadair. A Thomáis m'anama ná déin dearmad ród an Chroisín, Ar do phriacail nó rithfidh an fia thort tré pholl coinín. A Shéamais Crafton, déinse gastacht, a chroí gan fallás. Cuirim go cinnte ort ródaibh Inse is Cill Bhreacáin. A Robuic 's a Dhónaill cosnaigíse ród Corra Fine sin. Súitear cannaí ar an sladaí ann gach ionad libh. Chugad a Thoirdhealbhaigh, cosain an taobh san 'Bhaile Uí Bheacháin dom. Nó rithfidh an radaire de dhroim carraige i gcom seanbháid. A Mhíchíl mo chroí, bíodh ort an tslí go hInse na Caorach. Nó rachaidh an gealtán ó Shliabh Calláin siar go Léim ort, Bí ró-aireach is cuir uait faire a shaoi, a Shéarlais. Fágaim cumhdach na gcuan gcúng san siar go Léim ort, A Sheáin uasail Uí Mhaoil Ruana is ar do chliamhain; Oraibh is córach Ard Rinn Fóidre is faire na n-iarthar. A dhá Thomás ná déiníg fallás acht coimeád cruaidh libh Ar an bhfear doghla; bíodh Carraig an Chabhla' is an Aill Rua oraibh. A Shéarlais dhílis glaoig leat Stíobhna is cosnaíg na hoileáin, d'eagla an tsíofra de ló nó d'oíche d'imeacht tar coimeád. A Sheáin Uí Icí atá mo mhuinín, a shaoi gan aon locht, Nach ligfir an sruthaire ins na slite sin do rith ná léim thort. Sibhse a mhuintir chumhdaíos cinnte na cuir faoi chosán, Ar ór ná airgead ná lige an bealach leis gan é ghabháil. Dobhéarsa luaghacht don té is luaithe chuirfeas greim air. Má ligthear a rás leis go hUíbh Ráthach ní bhfaigheam feidhm air. Is fearr a mharú nó a shlí 'cheartú ná bheith beo dhó. Is muna dtaga faoi riaghail
faoi cheann bliana, ná tabhair níos mó dhó. Ag so cairde má tá sásta teacht faoi riaghail. Nó is daor a chúinse dá mbeadh giúistís aige mar fhiadhain. A Fhogharach riabhach do hiadh ó sholas an lae, Do chiorrfadh mo chiall an fhiaile ag folcadh do ghné. Ó chaillis do thriath ná hiarr bheith sona led' ré Is Donnchadh fial do thiarna Ó Lochlainn i gcré. Foircheann.
Ataoim buartha i m'aigne is suaite ar mearthall dubhach gan labhartha in éifeacht. Gan suan ach srathaibh go buan óm' dhearcaibh lem' ghrua go talamh in éineacht. Ón uair do dhearcas-sa i nduain Uí Sheachnasaigh shuairc an faraire léannta, Monuar gur cailleadh leis tuairim ranna trí shuathadh dramanna is daorphuins. Gidh suarach tagartha trua Mhaoilsheachlainn in uaim is in aiste na Gaeilge. Ní dual go rachaidh gan cuardach geallaim gidh luaim go searbh mar véarsa. Níl suadh ná sagart ná druadh san gcathair do chuala teacht ar an éacht sin, Gan uaill ag tafann ar Uan n-aingeal a bhuairt do scaipeadh go héasca. Sin uaimse pas ag an mbuachaill maiseamhail muarga mear, an Ruiséalach, Chum gluaiseacht feasta go luath san mbealach go buacach baramhail éadrom. Is pé tuata ghreamaigh nó fuair sa lathaigh le scuabadh i ganfhios na dréachta, De stuaic a bhaithis faoin Luan is neasa beidh cluas nó mala aige Séamas.
Níl cuan ná calaithe ar fuaid na Banba ó bhruach an Daingin go hÉirne, Cuas i gcarraig, ná tuar goirt bhranair i mbuaic ná 'mbarra chnoc sléibhe, Cluain ná garraithe, cruach in ainbhfios ar an gcruaghas seasmhach séimhghlic, Ná tuama fanatic nua do athraigh stua is reachtaibh an AonMhic. San gcuairt ní fearra leis tua chum treascair ná cuaille is bachall den chaoldair Le tuargan treascair mar Thuathal Teachtmhar le fuaim is fearg ar faobhar. San ruaig sin measaim nár mhór dó spaga is luach an leanna gan éileamh. Is gur suairc do chaithfeadh gan gruaim ar bhailigh le cruas an creachaire Déamar. Gan uamhain aitchim air bualadh an bealach re ruathar reatha go Maothail. Tré Thuath an Reanna gan duar go Gaillimh is go Tuaim cidh fada óna chéile. Is dual go gcasfaidh aduaidh go fearannGhort Ghuaire an ghaisce is na féile. Is i dTuamhain is feasach go mór a ghradam ag uaisle gaithleanna is cléirigh. Den chuardach leanadh ar luas tar Seanainn gan dua go sleasaibh Chnoic Gréine. Is ar Luan go Caiseal na slua is na salm is go Cluain gheal Meala na ngréithre. San bhfuadar casfar lem' ghruagach greanta pé fuaid nó amaid do léan sibh. 'S gan stuaim do bhradaigh an duain óm' charaid 's é 'nguais 'na heaspa re tréimhse. Do thuarfainn peannaid le fuarma thabhairt dó suas ag faiche na ndaorchroch. 'S gan trua na spearacha fuara 'ghearradh dhe ag uachtar altaibh a chaolchos. Na guaille 'sracadh dhe, 'nuas le teanachair fual is aiseag dá chaochadh. Agus buarach ceangailte crua mar charabhat nua ar gach magairle méith ris.
Contae Chiarraí le hEoin Hasset ardsirriam na Contae réimhráite. Ar mbeith do shagart áirithe dárbh ainm Aonghas ar aonach Dhaingin Uí Chúise i gContae Chiarraí ionar cheannaigh sé coileach, agus ag dearcadh 'na thimcheall do chonairc seirbhíseach airdsirriam na dútha, dárbha ainm Séamas Ua Síobharráin, ar ar aisc, ar bheith dó ag filleadh abhaile ón aonach, an t-éan d'fhágáil ag a lannchumhdaí, mar bhá a n-árais i ngrod dá chéile. Ach d'éis an aonaigh, ar rochtain a dhúna don tsagart, mar nach bhfuair an t-éan, scríobhann litir antlásach gus an airdsirriam ag gearán an éagóra d'imir Mac Uí Shíobharráin air. Ris sin tugann an sirriam a bharántas le gabháil Mhic Uí Shíobharráin ar an modh so:
Whereas Aeneas fáithchliste sagart cráifeach Críostaithe Do theacht inniu dom' láthairse le gearán cáis is fírinne: - Gur cheannaigh coileach dárshleachta dá chearcaibh sráide is tí bhaile, Ba bhréatha scread is bláithmhaise, baic le scáil gach líondatha. Tug sé caogad mínscilling ar an éan dob aoibhinn cúilbhrice. Do sciob síofra é go draíochtaithe ó aonach chinn na dúiche-se. Bhí gá dá shamhailt d'áirithe, coileach screadtha is dúiscithe, Do bheith in aire ar shámhchodladh i dtráth gach easpairturnaithe. M'ordú díbhse, ar an ábhar sin, a bháillí stáit mo chúirte-se, Déanaíg cuartú sáirshlite 'na dhiaidh le díograis dúthrachta, Ná fágbhaíg sagart tuarastail, dá bhfuil in bhur bhfuarmáil, Gan scíos an éin so d'fuadachain d'fhógairt dóibh 'na bpoibleachán. Gluaistear libh le húdarás, A Eibhlín ard 'níon Uallacháin,
Siobhán fhada an scúilleacháin, is gach bean dá sórt den tsluamhionnán. Ná fágbhaíg lios ná síchnocán, 'na gcluinfí glór ná gliongaráil Gan dul ar lorg an tSíobharráin do rinn an gníomh le plundaráil. Whatsoever cuaiseachán 'na bhfaighthí é mar thórpachán, Tugaíg libh é ar ruainseachán go gcrochad é mar dhreolacán. And for so doing d'oibreagáil seo dhíbh uaim bhur n-údarás, Faoi scríobh mo lámh le cleiteachán an lá so d'aois an Uachtaráin.
Toirbhearta faoim' láimh Eoin Haiséad ó mo scríobhchaoin an 13 lá don naoú mí 1717.
BARÁNTAS NA hÉIGSE. Le Seán Ó Tuama aon de phríomhbhreithiúin fhíordhleathacha na suadh-éigse. Ag so barántas ón bhfear céanna go fairsing foirleathan chum gach oifigigh uasail ollghníomhaigh bhaineas ris na gcúirt shuadhaigh, go speisialta agus go bithchinnte chum Shéamais Mhic Cinnéide Séamas Gratham agus Séamas mac Aogáin, mar aon lena lucht cabhartha ar faid agus ar foirleithne an dá chúige mhórfhairsinge mhínleathana Mumhan, chum gach mursaire meata mírúnach d'iarmhar na n-athach tuath is de dhubhriascaibh dúraigeantacha na ndaorchlann atá sna críochaibh céanna sin ag rith le rannaibh agus ag iomlat le hamhránaibh gan chead gan chomhairle ón gcúirt réamhráite, do cheangal agus do chruachuibhreach go dtigid do láthair uachtaráin na cúirte céanna go Baile an Fhantaigh i gContae Luimnigh, mar a bhfaighid fios riala ranna agus reachta san dteangain ghaoisbhriathraigh ghlaineolaigh Gaeilge mar aon le peannaidí pianghonta pionóis, dá gcrádh, dá gcéasadh, dá gciorrbhadh, agus dá gcnámhghearradh muna ndéinid leorghníomh
láithreach ina lochtaibh. Agus fós ní ba foláir dóibh éiricí troma agus cáincheannach cumasach crobhscaoilte thabhairt d'abhcóidí agus d'aighneasóirí na cúirte ionas go ndéanfaidís argamhaint acmhainneach agus abhcóideacht iongantach ilbhuach ar a son re ndéanamh síocháin dóibh. Gur do dhearbhadh na nithe sin atá an barántas so síos:
Whereas áiteamh faobhrach fátha is a thabhairt le díogras, Tug an báille 'nniu dom' láthair fá dhearbhadh an Bhíobla: Go bhfuil triar spreas fána n-iarraidh do dhiúltaigh comhairle, Is nár lean na riala, cheap na triatha i gcúirt an eolais. Bíd fá líogaibh, go meán oíche - tuilleadh dá n-antlás. Ní bhfaighid dá bharr, de thaibhreamh dána, ach seinm ar dhrantán. Má léann an smeirle véarsa Gaeilge, ar aithris uasal, Ina dhóchas féin, ní mór go ndéanfaidh, ranna agus duanta. Nuair is cruaidh dhó, is ná faigheann fuascladh tig boilg is teannta air. Glacann ar lánláimh, ranna do thácláil, is bíonn i gclampar. Is samhail le riastáil, ar mhachaire riascbháin, gach stracadh dá scríobh pinn; Marcanna is spotaí is leachta de lochtaí, ar leathadh ina líntibh. Bíonn mórchuid páipéar, fuaite ag fáiméar, i gcúil go taiscithe, Go dtaga 'na chlabhta ar maidin Dé Domhnaigh chúghainn chun aifrinn. I radharc an phobail go taibhseach toranta, suíonn ar thuartán. Mara mbí Lochlainn, Mathúin modartha, Is Tadhg an tsuasáin. Is iomdha aingréis, múta raingléis, furcó furcáin, Do léas an lóiste fá neart mórtais do Chlann Tomáis. Ní ríomh ar shuairceas saoithe is suadha, thoghaid an aicme sin, Acht an teanga Ghaeilge, is reacht na héigse, 'thabhairt ar dearmad. Dá bhrí sin fógraim, díbh go cróga, - agus sáraím - Do gach constábla, siúlach sárghlic, agus dom' bháillí: Tar gach aon is cóir do Shéamas, is dá lucht cabhartha, Gach iarsma den tsórt so d'fhiach go cróga 's a dtabhairt ceangailte. Muna dtitfid go humhal, ar mhullach a nglún, nuair tiocfar dá ngabháil, Bristear a gceann,
a ngoile is a ndrom, má léigid ar chrostáil. Cordaí cnáibe, ar a scornaí fáiscíg, is feidheal mhaith gadraigh - Is cuir céad cruachor den téid ruainnigh faoina rathacha; Go dtagaid chun cúirte is go dtabhraid cuntas ina mbeartaibh oilc. Is go léigtear chun siúil iad, go sciomartha sciúrtha, d'éis a gceartaithe. Whereof fail not to search all places ar fad go hiarthar, Go hard Sléibhe Mis, go barr Féile, is go Dún Diamhair, Ó bhun Damhsa, go Cnoc Teamhrach, 's go Caiseal Mumhan. Siar trí Chruachain, go Sliabh Uí Luascain, 's go Cnoc Fiontain. Ná fág slí ar bith, Ard ná íseal, dóibh ná siúlfair, Go dtugtar na fualáin ceangailte ar shuasáin, chun na cúirte. Ag so ordú, fuinneamhach fórsúil, díbh fá shéala, Faoi láimh shuadha, rídháimh' uaisle, breitheamh na héigse. An Coimhcheangal. Siúil feasta an Mhumhain agus Éire Airt, Is tabhair leat chun cúirte gach éigeas ait, Gach dúrscraith nach umhal duit chum géill' 'od reacht, Is brúfam gach cúinne dá phlaosc le staic. Tabhartha faoim' láimh Seán Ó Tuama. Whereas cúigear tháinig chúghainne le hinformation, Equally sworn upon oath of declaration. Go bhfuil stuacán cuirriceach uallán
do chocól éadmhar, Insa chríoch so 'déanamh mílis do na héigsibh. Seán den dá Sheán bhíonn ag máirseáil i dtimpeall Shaidhbhe. Seán gan sáiteán is ainm don chráiteán, nó cú adhairce. Diabhal dubh coiripe thriall ó ifreann chugainn le haindlí. Spriata muiniceach cliabhchlamh tubaisteach, den tslua dheamhnaí, Dár dhearbhaigh tríochad fiche agus míle laoch mear soineanta Gur de phríomhshliocht Phlútó chríonna an lionsca liodartha. Do thug an scrúile an méid sin dúchais leis ó Lucifer, Gur do na héigse nó don chléire doghníodh toirmeasc. Tig Seán Ó Bearáin chúghainn le gearán ar an gcladhaire. Gur bádh a ghearrán 's a dhá bhullán san Áth sin tSaidhbhe. Fuair sé turraing in Áth an Tulca is é ar muin lárach. Tréna ghleacaíocht chaill sé 'mharcaíocht ar an áit sin. Níor stad an fuad sin riamh dá ruathar mar do bhí an donas air. Go dtug sé cuaird ar Sheán Ó Tuama ní nár chuibhe dhó. Ar an ábhar san a bháillí an anma, m'ordú dhíbhse, Cuardaíg fairsinge, bánta is clathacha, is cuardaíg dígeach. Cuardaíg garbhchnoic coillte is carraigeach' is cuardaíg sléibhte. Is cuiríg a thuairisc insna cuantaibh i gcríochaibh Éireann. Tógaíg comharthaí de lóma an lóipín, as a dhealramh. Scuibile tútach, mursanta srúnfhliuch, agus é geancach. A chrínghlib thanaí, chíordhubh bhreacshníoch, ar mhullach a stuaice. Na mílte caisirnín, trinseach deargbhuí, tá ar a chruascroig. Atáid adharca, ag fás go taibhseach ar an gclamhlobhar. Do chaill a chluasa, níl a dtuairisc ar a chnaitcheann. Therefore fail not, in nomine regis, don't neglect to Search the traitor in all places being suspected. 'Bé ar bith póirse 'na bhfaighthí an cóbach, beiríg ar chúl air; Beiríg an cladhaire ceangailte ar adhastar, chun na cúirte.
Bíodh greim ar bhathas is feidheal mhaith gadraigh ar an gcnapach. When he is taken by all means show your orders. Foircheann.
Contae Chorcaí le Uilliam Sionán, ceartbhreitheamh den chontae chéanna. Whereas cuntas tháinig chúghamsa gan aon mhearaí, Gur i Seandrom atá an clamhaire, Dónall Maistín. Bíonn an snamhaire ag déanamh amplaisc ar lucht ealaíon. Is beidh sé i dteannta, tréna labhartha, againn fá smacht dlí. Bíonn an dailtín, críondubh casbhuí, mar chuid mórtais, Ag déanamh rannaíocht, do lucht ealaíon, ní nár chóir dó. Clamhlobhar tútach, creatlom gúngach de shliocht Órla, Nár dhual dó ceathrú dána a athrú, ná 'chur i gcóir chirt. Ordú dílis dobheirim scríofa do gach báille: - Cuardaíg díoga, gleannta coillte, agus bánta. Gibé ar bith cuasán 'na bhfaighthí an fualán, beiríg ar bhráid air. Fáiscíg cruathéad, ar an bhfuairnéal go dtige sé im' láthair. Ag so comharthaí, bheirim fós díbh ar an séithleach: - Is gnáthach fuachtáin ar a chruasháil fadhb is méiscre. Bálta garbh tiugh mar chlár srathrach fána chaolspeir. Atá dhá loirgín dóite ón dtine ar an arcán créimeach. Fotharach brúidiúil, ag an scúille úd, is caolghúnga. Tá dhá eagán ar an arcán os a chionnsan. Sopcheann suasáin, ag an stuacán, mar a mbíd míola,