Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Barántas

Title
An Barántas
Author(s)
Ó Súilleabháin, Tadhg Gaelach,
Compiler/Editor
Ó Fiannachta, Pádraig
Composition Date
1784
Publisher
(Má Nuad: An Sagart, 1978)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BARÁNTAS AN HATA
A Éigse is suadha



Ag so ordú fuinniúil feidhmláidir fíochmhar foirtil fíorárrachtach,
nimhneach neartmhar namhaidiúil neamhcharthanach, cróga calma
cabharthach, ríoga rafar réimdhíreach, séimh sultmhar sothuigseana,
rúnmhar reachtmhar róthiarnúil, créachtmhar ámhar úrmhaiseach, dlúfar
dána dásachtach, chum gach uile chonstábla bumbáille mórmhaor
taistealach agus feidhmeannach fórsúil fíorfhorránta do bhaineann re
cúirt shochraigh shobhéasaigh shaoithiúil shoineanda
sholasbhriathraigh na ndámhscol ndántach ndea-shamplach agus
chum Eoghain mhic Parthaláin Uí Shúilleabháin go sonrách agus a
lucht cabhartha.




A éigse is suadha
Shléibhe Luachra
éistíg linne seal,
I laoithibh éifeacht
daoibh go léifead
fé mar scriosadh mé.
Foghlaí tíre
tháinig araoir
is óm' thaobh do goideadh leis
Hata fáinneach
cumtha ceardach
péacach uilleannach.



Do bhí sé maisiúil
éadrom dathúil
fé mar thuigimse,
Is banda síoda
casta ina thimpeall -
céim nárbh iongnadh.
Ba bhreá í a scéimh
is bláth gach éinne
féna dhuille sin.
Lonrach lasmhar
cumhra cneasta
caomhnach cumannach.



Seo an hata gan bhréig
faoi ndeara do Dheirdre
thréig rí Uladh seal
Taitneamh a croí
do thabhairt do Naois
an tréanfhear cumasach,
Fé mar aithrisid
fáithe an tseanchais
in éachtaibh iomdha
I gcathaibh na Craoibhe,
i dtreascairt na mílte
laoch gan toirmeasc.



Sé scéimh an hata seo
an chéim faoi ndeara do
Hélen cumannsearc
Do thabhairt do Pháris
ó chathair Phriámus
ó nGréig gur imigh leis.
Sé an t-ábhar is an fáth
d'fhág Aicill is Ájax
faon, is iomad flaith.
Is Hector cróga,
i ruagaibh comhraic
do thraochadh trupanna.



Is é ba dhíon
is éadach cinn
ar phlaosc Chú Chulainn seal,
Bláthnaid mhaorga
an tráth do thréig
a céile cumainn dó.
Is ar Jáson féin
do ghluais le laochra,
an tréanfhear curanta,


L. 35


Lomra an óir
ó Cholcis ar bord
don Ghréig go dtugadar.



'S ar Hercules féin
do smachtaigh an saol
gan bhéim gan toirmeasc.
Is ruathar ármhaigh
Chonaill Chearnaigh
féin do tugadh ris.
Is dearbh gurb é
bhí ar chloigeann Orpheus,
an uair d'aontaigh Lucifer
An chúileann tais
do thabhairt tar n-ais
gan bhéim ó ifreann.



Is é do néamhaigh cló
Mhic Mhaoil na mBó
thug Gaeil go huireaspach
Faoi shúistibh Gall
go dúchroíoch fann
gan réim gan cumas nirt.
Is é bhí ar Dhiarmaid
i ngoradh na nglia
do thraoch an iomad fear,
An tráth thug Gráinne
cumann is páirt
tar aon den fhoireann dó.



Cá tairbhe domhsa
a mhaitheas do chomhaireamh,
d'éis a ghoidithe?
'S gurbh álainn gleoite
snasta an tseoid é
ag saorfhlaith cumasach.
Níl ainnir ná béith
do dhearcfadh an té
ar a suidhfeadh seal
Ná tabharfadh searc
rún is gean
a cléibh 's a cumann dó.



Is cráite céasta
tráite traochta
tréith mé in' iongnais,
Is mo ghéaga siúil
gan réim gan lúth
is is faon mo chuisleanna.
d'imigh mo ghreann,
do chailleas mo mheabhair,
do chlaochlaigh m'inchinn.
Go dtáinig óigfhear
cumtha córach
béasach milischeart,



Inné dom' láthair
is thug sé an mánual
de réir a thuigseana,
Go bhfuaras fardal
uaidh is fáth cén
taobh 'nar imigh sé.
Thugas-sa ordú,
fuinneamhail fórsúil
faobhrach foirmleach
Uaim is éiric
fé mar léitear
é sna luithibhse:



As I am informed
that pilfering roving
rakes gan dearmad
Iuris quoque
contemptores
fé mar chanaimse,
Nightly stroll and
haunt these borders -
déanaíg faire cheart,
To apprehend an cladhaire
falathach feill
den chlaonsprot chealgach.



Cuardaíg maolchnoic
coillte is caolta
sléibhte is curraithe.
Ó Chom na gCaolfhear
go Baoi Bhéarra,
is go hUíbh Mac Coille soir.
Ó imeall Fionntrá
go Sionainn na mbárc
is go Clár na Gaillimhe.
Is i mbroghaibh aolbhroig
ó Chois Fhéile,
síos go Luimneach.



Cuardaíg póirsí,
poill is seomraí,
is féach i gcurpadaibh.
Ná fágaíg bácús,
lochta ná parlús,


L. 36


saor gan briseadh dhó.
Siúl gach soiléir
is cúinne simné
ós é is sailithe.
Scartáil airgí
is comhraí daingne,
is réabaíg glaiseanna.



Ar fháil an tséithligh,
d'fhág mé i ndaorbhruid,
fé mar d'iniseas,
Léithrigh righne,
déanaíg d'fhí i gceart
ar a chuisleanna.
Tugtar an scrúile
chum na cúirte
ar adhastar chugamsa.
Go stollad go prap
an croiceann le hairc
ó phlaosc go troithibh de.



Más ina seomraí
ag mná óga
gheobhair an hata seo,
Déin a gceangal
go diachrach daingean
le cuibhreach gadaraigh.
Má ghnéid gearán,
ar a gcruachás,
tabhair faobhar bata dóibh.
Is muna ndéineadsa léirscrios
fola ar an dtréad sin,
déin a chasadh liom.



Ag so barántas,
duit a bhráthair,
gan bhaol gan toirmeasc,
Is leagfad mo lámh,
go tapa ar a sháil,
is séala m'oifige.
Cuir gach ponc de
in execution
i bpéin do ghoirtithe,
Ag dlí na suadha,
is na ndraoithe suairce,
saothrach socharach.



B 1754 18L
U 0217

A ghasra fhial ghrianda dob úire uair.



Contae Luimnigh mar aon le lánchuaird leathanlíonmhar Leatha
Mogha. Le Seán Ó Tuama an Ghrinn aon de phríomhbhreithiúin na
suadhéigse sna críochaibh céanna.



Ag so réamhrabhadh nó réamhfhógra do gach aon ler mian athnuadhadh
na sean-nós nÉireannach ar feadh na gcríoch réamhráite, go
bithchinnte do gach aon ainmnithe san leathanach so le comhchruinniú
go toirtiúil tromthionóil go teaghlach an bhreithimh réamhráite i
gCromadh an tSubhachais an t-aonú lá fichead den ochtú míosa is
neasa dá ngairmthear san mBéarla Gallda October chum an lae sin
d'onórú re hiarguimhniú, athbheoú, agus síoraithris na
saorghníomha saibhre socharmhianda do chleacht ár bhforas feasa,
ár gcoinneal adhnta, ár gceap craoibhe, ár stoc stiúrtha,
agus ár mbile buacach buafhoclach, eadhón, Seán geal
Clárach Mac Dónaill, ardollamh insemse iathghlaise oileánaí
Éireann ina chomhaimsir féin, chum cuidiú
go cairdiúil ria aroile le greann agus gléirmhian do chothú agus do
shíorchoimeád diaidh i ndiaidh fá chomhair ár lucht leanúna
féin, amhail do rinne an t-éigeas iolbhuach a dúramar, agus mórán
eile dár sinsearaibh romhainne


L. 37


ó aimsir go haimsir. Óir dá laghad mhaireas anois dár dteangain
ghaoisbhriathraigh Ghaeilge gan dul i mbáthadh agus i mórdhearmad
trés gach doilíos trénar hionnarbadh í go nuige se, rachaidh go
comair chum neamhní muna bhféacham meon dícheallach le cuidiú go
caoin caomhchumainn le chéile go toiliúil rena coimeád ar bun.



Ag sin bunús cúise an tsuadhthionóil nó na scolgharmtha so. Dá
dhearbhadh sin, gach aon ghabhas air féin bheith i síth ré héigse
nó le glémhian ár seanGhael, agus nach dtiocfaidh san gcomhdháil se
mar a dúramar thuas, beidh deighilte ris an éigse agus gearrtha go
hiomlán as comhluadar gach aon díobh go fuin a shaoil.



Toirbheartha fám' láimh an 23 die Octobris 1754.



Seán Ó Tuama.




A ghasra fhial ghrianda dob úire uair,
Is gach leanbh den mhian iaidhfeas le hiúl na nduan,
Ag scanadh gach rianriaghla is gach dúircheist chruaidh,
Tagaíg go dian d'iarracht ar chúirt na suadh.



A Dhiarmaid, tabhair mo bheannacht le diandúthracht
Do thriath Conmara, mo chara is mo chliath chumhdaigh,
Ag riar na ranna is ag canadh na gcianúdar,
Trialladh feasta ag amharc ár ngrianchúirte.



An tAthair Uilliam Ó Mulriain,
An tAthair Diarmaid Ó hÍcí,
Seán Uasal Mac Conmara, do threibh na Conairthe Móire,
Tomás de Barra Na Rátha,
agus an chuid eile.



B 1762ls 18L
U 0304

Ag so barántas scríofa.



Barántas Sheosaef Mhic Gearailt ar Mhuiris Ó Catháin .i.
spaidmháistir scoile, millteoir nó scallathóir, scruibleálaí nó
míosaí mangach mangaire, nó fánaí fíorscriosadóra fleascaigh, nó
geannachán gruama géarfhiaclach, nó donán díomhaoin daorcháinteach,
noch do ghaibh air féin aoir agus iomcháineadh do dhéanamh ar
ógaibh na tíre etc.




Ag so barántas scríofa,
go láidir líonmhar,
re hordú saoithe
is cúirte,
Do tarraingeadh d'óinmhid,
raga ná fónann
d'aicme ná d'ógaibh dúiche.
Muiris mustarach


L. 38


meata mursanta
Ó Catháin curraiceach
cúthail.
Do chuir leadhb den donas
mar chím go follas
ar lánchuid d'fholaibh
na cúige.
Whereas gur hinseadh,
do láthair binse,
beart a dh'fhoilsíos
dúinne,
Gur rinn sé gníomh
nach fearrde an tír
re dánta doighire
dúra,
Dordáin bhriste
do rócháin sinne,
is mórán mac is
cúileann.
Thug iarracht easmailteach
droch-chroíoch aithiseach
do ghéarghoin cealg
ár gclú ar fad.
Wherefore these are,
in ainm an chinéil
chalma chirtfhéil
chúirte.
Ar gclos na ngearán,
ar scraiste na mbothán,
scraba na mbrachán
dtútach,
Gan chasadh gan chongbháil
gan superchrostáil
gan filleadh re scríobáil
múchta.
Bhur dtaca re gabháil,
glamaire an ghearáin,
sclogaire mearbhráid
i gcúinge.



An Teist nó an Tuarascbháil
do tugadh air



Spreallaire baoth
do chaitheas a shaol
'na bholg re gréin
ar ghlasbhánta.
Tollaire taodach
d'imigh re héad;
ní feasach dom féin
cá hoileán dó.
Clamhaire caca
leamhscaire maga
foghlaí scraiste
drochfháistineach.
Fánaí fleascaigh,
bolgaire smeartha,
rothaire ratha
róghránna.



Ailteoir uallach
tráthaí tuata
arraí uaigneach
ar ghorm-mhíola.
Ragaí ruathair,
braiteoir buartha,
cleasaí cuasnach,
cac i mbríste.
Deargthóir duaiseach,
fealltóir fuafar,
cealgóir cruatan
casaoideach.
Feartaire fuadaigh,
callaire cluasach,
scrathaire trua gan
ealaí ar bith.



Starthóir stalcach,
cealgóir cleasach,
scriostóir dartach
daorcháinteach.
Ráiteoir ruathar,
salachán suaite,
bagarthóir buartha,
baotháthais.
Millteoir meascaithe,
trodathóir teallaire
feallathóir feallaire
fíorphráisceach.
Mallachtóir mangaire
curracóir cleasaitheach,
millteoir acmhainneach,
earráideach.



Bruinnire bracach,
sruimile salach,
lomaire lochtach
leithíseal.
Crutaire cnapach,


L. 39


bramaire bacach,
conablach carthach,
ceartraoiceach.



Gadrach geangach,
sracaire santach,
racaire ranntach,
rathánach,
Feargthóir faobhrach,
lastathóir léanmhar,
sceathadóir scaobach
scrathánta.



Scallathóir scíosmhar,
tradathóir tuídeach
maslathóir millteach
mearchrúcach.
Mealltóir maíteach,
scanróir scríobach,
ionróir íotmhar
anúineach.



Clathadóir cloíte,
meascathóir mídheas,
aithiseoir íorchas
anráiteach.
Ruagaire righinchlamh,
cuathaire críonchas,
cluanaire cinnte
an Cathánach.



Note Bene
Ag seo gach comhartha atá ar an
lóiste scraiste dóite doshásta:



Atá haitín rua air,
agus peiribhig ruainneach,
agus éadan cruachas,
cnocánach.
Atá súile sramacha
agus cluasa fada aige
agus béal beag pusach
fíorghágach.
Srón mhór smugairleach,
smeigín curraiceach,
féasóg phollaitheach,
phiastánach.



Fiacla fostaitheach',
is gialla gorma,
is malaí mongacha,
fadróinneach.
Teanga thruisleach,
leathan, luitheach
leata, liosta,
lánlótach.
Píopán fothaí,
slinneáin choirtbhuí,
cliabhrach clasaí
cnoc-choirneach.
Drom docht díomhaoin,
ag an mogha mbocht míosaí,
an gangaire is cíocraí
ar chóisir.



Bolg brocach,
tonna torrach,
lofa lochtach,
lánghúngach.
Ascla odhara
clasacha cúnga,
faltacha foghtacha
fáschlúmhacha.



Magairle dreoite,
is buidín leointe,
slipín d'fhóir ar
sheanamhná.



Rumpa garbhthach,
stumpach stracaitheach,
gúngach cealgach,
garbhchrústach.



Loirgne clogaithe,
ó iomarca loiscithe,
is troitheacha ina dtobracha
bracháin.
Ladhracha lofa,
bréana boga,
céasta crosta,
ó scríobáil.



Sé toil na saoithe,
agus maithibh an bhinse,
agus choiste na n-ársaidh -
Faraire an ghrinn
nár staon i ndíol


L. 40


ar chlár an tábhairne,
De chalmstoc Laighean
ba thaca in am
coimheascair a náimhdibh,
Seán Ó Murchú
an scafaire do bheartú
chum bheith 'na bháille.



A Mhic Uí Mhurchú,
déinse cruinniú,
ar bháillí fearga.
Ná bí ag gearán,
's bí go ceannard,
is bíodh togha maide agat.
Déin do chuardú,
de réir d'ordú,
is ná bíodh eagla ort.
Cuir fear ar gach cúinne,
leasa agus lomchnoic,
mín is machaire.



Ná fág dúiche
I gCúige Mumhan
ar fad ná ar tarsna.
Agus bí go hárrachta
d'eagla práisce,
ná lucht magaidh.
Ól do dhóthain,
i ngach tigh ósta
d'eagla tarta.
Agus siúl gach bóthar
ó Thigh Móire
go Cluain gheal Meala.



Faigh togha cáirte
ó Uilliam an drawer,
is ná déin faillí.
Éirigh don Charraig,
de thogha reatha,
is ná bí ar mearaí.
Faigh do chrannán,
ó Mhac Uí Chall'náin,
mar do thaithís.
Is éirigh don stáir sin
ar cosa in airde
go Caladh Ghreanaí.



Cas arís
ar lorg an daoi,
go bruach Easa.
Is ná déin scíth,
de lá ná d'oíche,
ar fad go Seanainn.
Cas tar th'ais
gan mhoill go rachair
go habhainn Tarra.
Is ná dein stad,
go rachair ó dheas,
go Poinnte an Chalaidh.



Cuardaigh curraithe,
móinte is fosaithe,
leasa agus lánchnoic;
Goirt is garraithe,
is cúinní, clathacha,
fearann is fásach;
Corra agus ceartlár
scairte agus caisleáin,
faill is fána.



Ná fág leathanchnoc,
ná croí carraige,
ná poll coinín;
Sliabh ná mínleach
tuath ná tíre,
ná bun seanchlaí;
Gleann ná gaortha
abhainn ná caolshruth
ná pit caillí.



I gcás mná óige,
ní bhfuil aon ghnó dhe;
thiormaigh a shlaitín.
An scoilín dreoite,
gidh mór a mhórtas,
d'imigh as a thaithí.



Ná fág scioból,
go fiú na bhfuinneog,
ná teach fásaigh;
Ná fág teach bracha
ná stábla capall
ná cró cránach.
Ná fág muileann,
ná lár loinge
ná teach áithe.
Ionad cos capaill,
ná crúb asail,
ná nead préacháin.


L. 41


Ná fág umar
ná cúil chluthair,
ná bolg ceártan.
Ná fág fail mhuice
ná cliath chirce
in aon tigh bochtáin.
I gcás tí mhóir de,
is annamh a chuaird ann,
mura dtéadh le gearán.
Ná fág nead circe
ná fail mhuice
gan lorg don phocán.
Ná fág póirse,
siolla ná seomra,
in aon bhothán.
Idir taos is losaid,
idir arán agus greideall,
agus fé bhéal corcáin.
Loirg an séithleach,
fé bhéal méise,
is fé bhéal copáin.



Ná fág buidéal
ná cliabh simné,
ná bosca láidir.
Ná fág poitín,
corn ná cainnín,
sac ná mála,
Arg ná comhra,
ná poll bróinte,
ná clais tálach.
Ná fág lomchlaí,
ná nead francaigh
in aon stáca.



Ag ól an mheidhg
is minic do theigheadh,
nó ag slogadh bainne.
Ná fág baraille,
in aon tigh reachtaire,
bowl ná meadar;
Múnla cáise,
cupa ná scála,
ná clais phreasa,
Canna ná maolán;
stanna ná tubán,
is cuir lorg na leastar.



Ná fág lomphlot,
ná fothrach teampaill,
ar racach ná ar réiteach,
Fraoch ná ruithineach
aiteann ná bruithineach,
ná gairfean sléibhe,
Gan brú is briseadh,
is réabadh ar mire,
go bhfaighe tú an meirleach.
Ná féach do sheanóir,
ná do bhacach dearóil
ná do mhnaoi aosta.



Má gheibh tú crochaire
an chinn nár choisirig
sagart ná bráthair,
Ceangail a reathacha
go lom re drisleacha,
is cuir ar láimh é.
Ná tabhair deoch uisce dhó
ná greim re n-ithe dhó,
in aon tsórt áite.
Go dtugtar chum teastais é,
in áit ar mhaslaigh sé,
is go mbainfear de sásamh.



Dob fhearrde an tír choíche dá dtreascarthaí an chuil
Is fearr chum scríofa aoire ná canadh laoi suilt.
Meárnamh míchuíosach do gharbhShíol mBloid
Do cháinfeadh trí ríocht sul do mholfadh ní ar bith.



Foircheann.


L. 42


B 1815 19T
U 0413
BARÁNTAS AN BHATA



Ag so gearán
do cuireadh im' láthair
go daingean gan staonadh
An fichiú lá
den mhí is den Mhárta
ar bhloscadh na gréine,



Ocht gcéad déag
blianta gan bhréag
is é sin dáta,
Aois Mhic Dé
i bhfochair a cúig 's a sé
agus a ceathair gan bhásta.



Dearbhaíonn go lom,
ar bheartaibh an leabhair dom,
gan aon chraosól,
Ná scrupal ar domhan,
mar bhraitheas air fonn,
cér gairid ár ngaol ris,
Gur sciob re feall
buinneán coll
den fhás ba néata,
d'fhás go sleamhain
gan chuan gan cham
gan aon éisling.
Ní a dubhairt
ár sceol gan dabht
gur mhaith é a thréithe.



Do bhí éide pláta
déanta de phrás
ar an gceann caol de.
'S an iall dob áille
de leathar Spáinne
faoina phléata.
'S an tairne buí
dob áille do bhí
thíos ar a éadan.



'S ar a mhóide arís
gur bhailigh buíon ann
óg is aosta.
Lán an tí
ba mhó insan tír
ós gach taobh leis.



An speal 's an claíomh,
's an tuairgín lín,
i láimh gach éinne.
Is daoine an fhill
's a n-iompáil lí
i gclár a n-éadan.



Ní fheadar ar domhan
cé acu do labhair
ag seachaint na bréige,
Is dubhairt re meang,
breith air thall,
go daingean gan bhaochas.
Do labhair an dara ceann
leo go teann
de ráiméis Béarla.
Is dúirt by Jove
he certainly go
if you don't take him.



Deireadh.



Sé críoch mo sceoil
is fáth mo bhróin
gur dhearbhaigh
Séamas Ó Coistealbha,
as a láimh gur choinnimh sé
an péarla.



Ba thaca i mbun gleoigh é,
chum seasamh re fórsa,
ar mhachaire an eirligh.
Dob é a ghunna is a chlaíomh é
a chapall is a chaoire,
a thalamh 's a thréada.
Tráth gur treascradh na mílte
flatha nár chinnte
i gcathaibh na Trae leis;
Do sheasaimh cuimsithe,


L. 43


's dá dheascaibh gur cloíodh iad
maithibh na Gréige.



Dá dheascaibh thit Treoin
ba chalma i ngleo
le hOscar na mBéimeann.
An Meargach Óg
is a charaid ina dheoidh,
ar fhaiche na Féinne.
Dá dheascaibh thit Bóna
in earraid le Seoirse,
gur cailleadh na céadta.
...... farairí
is ríthe cóige
do hoileadh as daonnacht.



Ar a lorg do tháinig
Cromwell san áit seo
's tuilleadh dá mheirligh,
Do shealbhaigh stáit
is talamh re lámhneart
Chlanna Milesians.
'S ar a lorg do tháinig
na Danair ba láidir
is clanna Turgésius.
Ar lorg mo chána
do sciobadh re garda
ó Chathair na Gréige.



Seo an bata
tug Jáson calma
'na árthach tar uisce go hÉirinn,
Gur leanadar táinte
Danar thar sáile é
ar aigne a thraochadh.
Níorbh eol dom a shamhail
ach bata bhí ag Fionn
mar aithristear éigse,
'S lucht seanchais leabhar
do scannadh le meabhair
go gasta le héifeacht.
Is é ba chána
is ba bhata láimhe
ag Fiannaibh Éireann.
In am a ngátair
's i gcruaghráscair
lena chéile.
Is é do bhí ag Murchadh
an uair d'éirigh chum catha
le Conn tug céad cath.
'S ag Conall Cearnach
an tan do tháinig
go Binn Éadair.



Is é gan dabht
do bhí ag Goll
is ag Donn Craosach.
Is ag Dáire Donn
dob áille glam
ba chlos go hÉirne.



Is é ba chána
is ba bhata láimhe
ag Brian dána
ina láimh cheart,
I gCath Chluain Tairbh
go dian ag treascairt
flatha agus laochra.
Is ag Diarmaid Donn
ná hiarrfadh cabhair,
is ag Oisín éachtach.



Is ag céad dream eile
do bhí ann dob
fhuirist' do léamh díbh.
Is minic do gheobhainnse
ginithe óir
le fada dá ngéillfinn.
Mé mhealladh níor dhóigh,
go scarfainn lem' sheoid,
go dtigeadh an laoch mear,
Do sheasaimh an choróin,
le fada d'ainneoin
do Chlanna Mhilésius.



An oíche is mó
do bhíodh scamaill is ceo,
is mearbhall spéire,
Dá bhfaca-sa fós
'éis talamhchrith mór
gan gealach gan réiltean,
Do bhíodh solas im' chomhair
óm' bhata ar gach fód
go bhfeicinn in aonacht.
i dtaobh spiorad ná samhail
marbh ná beo -
ní thigeadh i ngaobhar dom.



Sin é anois
maitheas an bhata
agus a thréithe.


L. 44


Ar maidin Dé Luain glac stuaim is comhairle
is in ainm Dé buail ar fuaid na gcomharsan;
ná fág bosca gan cuardach cruach ná comhra
siolla ná ruaiteach ruadh ná mórchnoc.



Ag seo barántas láidir fórsach
óm' dhá láimh duit lán de chomhachta
i gcumas chum cuardaigh uaimse gheobhairse
i bhfocalaibh dána lán de fhórsa,
cead briste más gátar, cead láimhte is dóite.
Ordú láidir gabhála is tógtha,
ar fhearaibh ar mhnáibh ar tháinte ar shlóite,
Is ar ghiúistísí féin idir mhaoraibh is próbhais:
Beir Muiris Cháit Rua leat mar bhuanna id' bhóthar
mar atá sé buacach stuacach geocach
ach é do fhaire monuar, ní mór, is dóigh liom,
mar do ghlacfadh sé a dhualgas is do bhuailfeadh thorstu.
Beiríg Seán cruaidh dána 'ac Eoin libh,
fear soilbhir sámh atá i bpáirt na coróineach;
cuirfidh sé táinte i bhfáinní tógtha,
mura gcuirfear ar fáil mo chána domhsa.
Gheobhair gunna agus claíomh agus bíonn do dhóthain,
chun catha agus fill, táir críonn' is dóigh liom.
Gheobhair cara mná tí ins gach tír ina ngeobhaidh tú,
is in bhur gcodladh ná bíg, atá an rí go mór libh.
In bhur gcoinnibh má bhíonn aon dlí ná fórsa,
ná glacaíg aon sceimhle, is bígí rompu.
Tarraing do chlaíomh gan mhoill chum comhraic.
is bain géag ón gcroí go cruinn nó srón dóibh.
Buail romhat siar go hiarthar Fódhla
Do gheobhair deoch is bia go fial 'ge tigh Mhóire.
Ná téigí níos sia go n-iarrfair comhairle
is le heagla spiaireacht cuir srian red' ghlórtha.
Bí tagarthach fial is riail led' ghnótha,
is ná leathnaigh do chliath ach mar fhéadfair a thógaint,
is dá olcas í an bhliain tabhair fia na feola
go gcuirfidh tú an fiach 'na ndiaidh ag Seoirse.
Ar Dhroichead na Bandan déin lom gach cóngair,
is go Corcaigh na gcuan is ná stuaim go hEochaill.
Ar Dhroichead Spár Thuamhan cuir suas do sheolta,
nó in Inis na slua 's ag Dún Uí Dhónaill.
Cuir faire ar gach cuan de chuantaibh Sheoirse,
is ar Dhroichead Uí Ruairc atá ar bhruach na Bóinne,
Idir calaithe is cuanta níor mhór duit 'fhógairt,
a shamhail dá ngluaisfeadh suas do thógaint.
Trí Chonnacht lastuaidh leat, buail gach teora
go sroith B'l Áth' Luain is go tuamaibh doirse.
I gCúige Laighean do gheobhair raidhse 'phóire,
is le heagla bheith tinn aon mheadhg ná hól ann.
Scinn go Biorra nuair shroisfir an cóngar


L. 45


is trí Chúige Uladh tabhair urraim is cóir uait,
mar tá siad modartha mursanta ró-olc
gan poinn suim acu i ndlí cheart Sheoirse.
Deargaig do phíopa is líon faoi dhó é,
i dtigh Dhonchadh Dí atá in íochtar Fódhla.
Curtha má bhír, tabhair oíche dóibh sin,
is ar maidin bí id' shuí arís gan mhoill go rómhoch.
Tabhair t'aghaidh aníos is fill gach cóngar,
is i gCeatharlach an ghrinn cuir boinn faoi do bhróga,
's i gCill Choinnigh tabhair scilling as fógairt
gur chailleas monuar mo chuaille comhraic.
Suíg i gCallann is caithíg bhur ndóthain
d'arán maith garbh is de ghreamanna feola.
Trí Chill Dara gread ar gach cóngar
is glaoig i gCaiseal go tigh Pheadair de hÓra.
Má théir don Chathair ní fada as do bhóthar
gabháil chum Mala is chum Baile na Móna,
timpeall treasna go dtagair go Srónailt.
Ansin suíg is caithíg greim reatha is deoch pórtair.
Ná fág ag tigh leanna bracha ná beorach,
giúistís sagart ná easpag ar m'eolas,
ná fíodóir smeartha ná stracfair a sheolta,
ná gabha ná fuirsfir a bhoilg le fórsa.
Ná fág fear stanna ná meadra móire
ná siúinéir bata ná smearfair le dornaibh.
An táilliúir magaidh chúghaibh leagaíg is leonaíg,
mar bíd siúd siúltach súgach sceoltach.
Ná fág fear géim le méing dá ghlórtha,
ná máistir léinn dá mhéid é 'eolas.
Ná fág haicléir na maoraibh cróga
ná gréasaí caoch do dhéanfadh bróga.
Ná fág fear saille tré iomarca a sheodaibh
ná fear coinneal ná bainfir an tsrón de.
An muilteoir meilte, fear scilligthe na heornan,
ná fós fear súilleadh le grúilleadh dá ceóilta.
Ná fág aon d'aon cheird dár tógadh,
ó aer go talamh faoi thearmainn Sheoirse,
d'aon sórt creidimh ná in ifreann ná 'neosfair
ard agus íseal rí agus rófhlaith,
tiarna tíre is daoine móra.
Má dheineann aon chúileann dúiche stró daoibh,
dein í leagadh ar a cúl is dul fúithi a dóthain.
Bíg ar siúl atá an cúrsa tógtha,
ó thigh Dhonnchadh Dí go ríTheach Móire,
Agus is é deireadh mo scríobh is brí mo ghnótha,
bíg ag baile ar bhur gcluais ar bhuaint na móna.


L. 46


Críoch.



Chum Éamainn Brún giúiste 's a chóraim
ó Thúirín a' Choic an fear soilbhir comhachtach
do fuair clú agus ceannas go cothram go follas as óige
le feabhas a theangan is acfainn chum comhraic.



B 1774 18D
U 0283

An Diarmaid cas Mac Airt do dh'éileamh.



Leath Mhogha maille re Mártan Lúitear, Cailbhin, Cromail,
Zwingli, Beza, Melangton agus Cardinal Woolsey de príomh-
cheannchomhairle Beilzebub chum gairm ordaithe agus barántas do
thabhairt amach i gcoinne gach n-aon den chlé-eaglais choirpe
chealgach choinnealbháite noch do thréig agus do dhiúltaigh do na
grádaibh diaga dearscnach ceartbhriathrach agus do na hoird aoibhne
áille fhíornaofa.



De bhrí go bhfuaireamar deimhin agus léirchuntas gur cheangail
agus gur mhóidigh duine dona diablaí áirithe chum bheith ina
dheisceabal ag an ardmháistir sin inár gcoinne .i. Lucifer, go
mbeidh sé modhúil miochair milis ómósach don ochtú hAnraí, do Rí
Uilliam an Choncais, d'Anna Boleyn, agus do mhórán eile de na
deamhain, darab é 'ainm agus a shloinne Diarmaid Ó hArta do bhí
sealad 'na shagart poráiste thiar i gCairbreacha, tamall eile i
gCarraig Tuathail fé thearmann Dhochtúir dhiaga dhearscnach
dheiscréideach Mhic Cionnaith, Easpag Chluana, Chairbreacha
agus Rois.



Agus chum ná beadh mearaithne agaibh ar an Diarmaid réamhráite
seo, bhéarfamna díbh a chomharthaí sóirt agus eolas ar a
dhroichmhéin agus ar a ghníomhartha salacha mar leanas:



Atá Diarmaid diablaí Ó hArta, achrannach, airceasach, ainmhianach
bréagach bradach breallach, cancarach clamparach clamhach cealgach
casaoideach, duairc drochghnóthach, dona dána diablaí, fealltach
feargach fraochaí, gruama gráiniúil grollach glasghnéitheach,
lomartha loitithe lándíobartha, meirgeach mairgeach mallaithe
maslaitheach míbhéasach, peacúil púcúil pusramhar portshúileach;
ríbhodach railledhubh, racaire rinnbhéalach, atá salach sramach
síolach suarach searbhlabharthach, agus tóraí tuirinneach tubaisteach
do chuir gleo agus buairt ar impireacht na bhflaitheas, do
chréachtnaigh agus d'athnuaigh cneácha Chríost agus do chuir
banríon gheal na n-aingeal ag sileadh na ndeor, do chuir cneá i
gcroíthibh na Naomh is na nAspal, do chuir brón doilíos agus díomá
ar eaglais dhiaga dhea-shamplach na críche seo Leatha Mogha agus
ar mhórán eile de chléir mhilis deigh-mhéineach dhearscnach
Inse Fáil.



Uime sin an uair ná tagann agus é féin do thabhairt suas agus
seasamh chum breithiúnais, fógraímid i bpéin priacail agus umhlacht
do gach uile


L. 47


chonstábla agus báille, gach uile chladhaire coirpe cealgach claon
cailliúnach, agus gach uile bhithiúnach bréagach bradach ceanntréan
cleasach suarach sliteach ar feadh na Leatha céanna mórfhódach
Mogha de bhrí na mórchumhachta atá againne gan diúltadh:




An Diarmaid cas Mac Airt do dh'éileamh
A lorg 's a chuardach buan gan traochadh,
Ar fuaid curraithe, bogaithe is sléibhte,
Bailte móra cuanta is céibhe.



Cuardaíg ardchnoic bánta is gaortha,
Caisleáin sheanda gleannta is féithe
Cuasáin cumair is imeallaibh craosmhuir,
Gach tráigh is cuan ar fuaid na hÉireann.



Tosnaíg thiar in iarthraibh Béarra,
Ná fágaíg cúirt, dún ná aolbhrogh,
Long ná bád i gClár Loirc Fhéidhlim,
Gan spiúnadh is lorg do stollaire an éithigh.



Ná tugaíg Beantraí ar iontaoibh éinne,
Cuan Dor na long ná Dún na Séadaibh,
An Scibirín gan fuíoll gan éileamh
Ar lorg an scramaire dhamanta chéasta.



As san preabaíg go meanmnach saothrach,
Go Corcaigh na gcuan go luaimneach léadmhar
Is déiníg lorg go brostaitheach éigneach
Ar Dhiarmaid glas Mac Airt an meirleach.



Ach fóill, a dhaoine, do hinseadh scéal dom,
Gur theith an raille lena anam mar fhaosamh
Go hUíbh Mac Coille le hiomarca saothair
Ag iarraidh coimirce i gcumaraibh éigin.



Leanaíg go dlúth an sprionlach déistneach
Is cuiríg a lorg go hobann le faobhar.
Ná fágaíg gleann ná poll ná réchnoc
Gan spiúnadh is súil go dlúth dá éileamh.



Lá Fhéile Seáin do chuala ó uasal tréitheach
Go bhfuil an fia i gCill Ia fá dhaolbhrat
Agus é ina mhinistir choirpe chréimthe
Is bean acarach aige agus cléireach.



Nár mhaire sé a ghúna clúmhach ná a bhéabhar;
Uchlán gruaim is buanchnead cléibhe,
Saighead nimhe galair is greamanna is géarghoin,
Gach aon lá is tráth dá chéasadh.


L. 48


Go maire céad bliain sna pianta céanna,
Is conairt na fola dá stolladh is dá chréimeadh;
Naithreacha nimhe ina chroí dá réabadh,
'S a chionta mallaithe dá dhamaint 's dá dhaoradh.



Beidh cnead 'na chlí dá dhroim is péinbhroid,
A chroí is a cheann 's a mheabhair dá réabadh,
Dá stracadh is dá fheannadh ag diabhail ar saothar,
Mar thug sé a anam ar aithis gan éifeacht.



Is droim do thabhairt le flaitheas Mhic Dé ghil,
Is do chuir cogadh is gleo is brón ar naomhaibh,
Is an mac míorúilteach muirneach naofa
Gur fhulaing bás le grá don smeirle,



Is gur iompair a chroch go doilbh déarach;
Ar mhullach an chnoic is ansan do céasadh,
Le hiomad pianta diana déistneach,
Íosa milis chum sinne do shaoradh.



Ciach ortsa, a Dhiarmaid, is léan ort,
Uchlán dubhach is púr is créim ghoirt.
Cá ngeobhair, cá rachair, cá stadfair ar aon chor?
Is go mbeir Lá an Luain id' chuail bhocht dhaortha.



Os comhair do shúl beidh scrúdadh is léirmheas,
Is breithiúnas caoin ag Íosa dá dhéanamh,
Dlíthe go cothrom is lorg is léirmheas,
Ar do ghníomhartha damanta mallaithe, a mheirligh.



Dob' é seo, a stráill bhocht, an lá léin duit,
Cá gcaithfir do ghúnaí dubha is do bhéabhar?
Cá ngeobhaidh do ghaisce do phearsa is do léimse?
Nó an mheirdreach mhallaithe mhaslaigh is dhaor thú?



Gráin ar do mháthair is créim ghoirt,
Ó bhí ceard a beatha ag an gcaille gan béasa,
Bheith 'na coillteoir muc ar fuid na hÉireann,
Nár bhain sí asatsa an acara dhaor thú.



Dob í seo, a chairde, máthair an smeirle,
Seanrúisc caillí mharaíodh céad muc
Mar chailleadh a meabhair in am a dhéanta,
Le meisce ó thunna na buisinne bréine.



Dar leatsa ba ghlan is ba mhear do léimse,
Tar bonn, tar geata, tar caise nó féithe,
Ag déanamh mustair le fuinneamh is faobhar,
Ag taispeáint clú is lúth do ghéaga.


L. 49


Turnamh treascairt is galar is créim ort
Do rinn d'anam do dhamaint le léim choirp,
Léim ler scarais le flaitheas Mhic Dé ghil
Is léim do chuirfidh go hifreann daor thú.



Beidh tú fannlag crannda créimthe;
Beidh saighdibh nimhe tríd' chroí gan faosamh;
Beidh do námhaid i gclár t'éadain,
Meisce is drúis is tnúth is craos coirp.



Ní thuigim gur tairbheach an teagasc so léamh duit,
Ní baois ná gangaid ná glagaireacht bhréige,
Go mbeidh mac Uí Arta 'na raille fá dhaorchnead
I ngleanntaibh ifrinn tuilte de bhréantas.



Cruatan báis ort, fán is eirleach
Is buartha táid a lán ded' ghaolta,
Eaglais ionraic mhúinte mhaorga,
Do leanas go dlúth gach cúrsa naofa.



Dochtúir Mac Airt an sagart léannta
Is Tadhg do bhráthair lán de dhaonnacht,
Táid faoi bhrón go deorach traochta,
I dtaobh do dhamaint do mhasladh is do chlaonadh.



A thrú bhocht ainnis créad mheasair do dhéanamh?
Nó créad é an diabhal chuir ciach is daolbhrat
Ar do radharc chum deighilt do dhéanamh
Le hAonMhac Muire a dhlithe 's a naomhscript?



Airiú, glac-sa comhairle i gcóir tú 'shaoradh,
Spreag t'aigne is tabhairse géarghean,
Do Chríost tar n-ais is glacfaidh sé leat,
Má bhíonn do chroí dáiríribh céasta.



Buail d'ucht is bíodh sruth déar leat,
Is smaoin ó chroí ar do chríochaibh déanach'.
Smaoin ar Íosa Críost mar céasadh,
I gcrann na croise le dursan is daorbhreith.



An Ceangal.



Mo thrua thú feasta mura nglacair mo chomhairle i dtráth,
Mo thrua mhór d'anam bheith damanta i mbrón go tláth
I do chuail bhocht caite faoi leacaibh ag dreo go táir
Is na sluaite deamhan dod' thachtadh is dod' dhó de ghnáth.



Gnáthaigh feasta teacht ar ród na ngrás,
Is gráigh le d'anam taitneamh mór na neámh;
Fág an peaca is seachain cló na mbáb,
's ard bheidh gradam agad, glóire is cáil.


L. 50


Do cháilse fós is deorach dubhach le cléir,
Mar d'fhágbhais lóchrann glóire is cúirt na naomh;
Do chairde i ngleo faoi bhrón is dubhach a scéal
Is na táinte leo faoi cheo is faoi chumha id' dhéidh.



Id' dhéidh is danaid liom cathaibh na dtáinte triath,
Mar thréigis sealbh na bhflaitheas is grá na gcliar,
Le gaethe cealgach mallaithe páirt is mian
Do mheirdrigh dhamanta do shnaidhmigh thú ar láimh an diabhail.



Adúirt Diarmaid Ó hArta mar leanas:



Muna bhfuil mo chreideamh go cóir
ar thaobh an óir is mé is liaigh;
is duine dona tá mar táim
gan an saol im' láimh ná Dia.



B 1824 19T
U 0414

Ar an ábhar go dtáinig.



Contae mór álainn lánaoibhinn Luimnigh mar aon le mórchuaird
Mumhan go huile chum fianaise. Leis an Athair Uilliam Mac
Gearailt .i. sagart socair sítheoilte saoithiúil soineanta
sruithléannta, fial fearúil fíorfháilteach fáidhghlic forfhorasta,
stiúirthreoraí, comhlain chosanta agus posta dídin paróiste an
Chaisleáin Nua i gConallach - agus fós aon de phréimhshliocht
na suadh-éigse san gcontae réamhráite etc.



Tabhartha fám' lámh an chéad lá d'earrach, aois Chríost 1824.



Whereas do tháinig inniu im' láthair an t-uasal Séamas Ó
Coindealbháin .i. ollamh lánfhoghlumtha léarthuigseanach ins na
hilbhéarlaibh agus go bithchinnte sáreolgaiseach i dteanga mhín
mhúinte dhúchaiseach mháthartha chianársa na hÉireann, agus gur
dhearbhaigh ar bhrí mhóide an phortúis dhiaga go bhfuair sé
fáth agus fíorfhaisnéis ar ghráinghníomh feillebhirte fuathúil
fíormhaslúil in aghaidh Dhlí Dé agus clanna Gael go sonrách. Do
rinneadh agus do roghníomhadh re sruimileacháinín suarach buanta
brúchtghránna mínáireach tarcaisneach tláthghníomhach darb ainm
Seán Scoláire nó Seán Máistir Ua hÁinle - teideal suilt,
scige, agus fochmhaide do ceapadh dhó mar ainm magaidh de thaobh a
ghnáthghrágalaíl i measc bacach agus baothdhaoine, agus
buíne ainbhiosaí na cúiltíre ina lonnaíonn .i. na Caitirinní
mar a bhfiaraíonn an Mháigh ghealbhraonach an tSeanainn
ghnúis-stoirmeach i dtuaith Chaonraoi, i bhfairche Luimnigh
agus i bParóiste Chille Díomadh. Arna ndearbhadh don
bhfaisnéisí-se a deir gur áitigh flaith fírinneach sochreidte do
stadas agus do chomhnaíos san gcomharsanacht chéanna, go raibh
uasal oirdhearc áirithe ina fhogasacht ag a raibh iomad de
sheanleabhraibh barántúla agus d'annálacha ró-ársa na hÉireann,
de dhéantúsaí


L. 51


snasta slachtmhara na bhfilí agus de sheanchas álainn aosta uasal
Ghaelaibh Éireann agus tuairisc ar fhearannaibh, ar bhailtibh,
agus ar bheathaibh a sinsear ó theacht Pharthalóin go gabháltas
Gall agus ar gach ... agus ó san anuas ar gach seachrán, anaird agus
ainnise do tharlaigh dóibh go ré na daoirse-se noch b'ócáid agus
fáth don ghráinghníomh réamhráite. Oíche áirithe dá raibh na
buannaibh cosantacha so aicme Ghall agus lucht smachtaithe agus
géarleanúna na nGaelaibh rena ráitear Lomairí ag lorg, ag spiúnadh
agus ag mionchuardach áitreabha árais agus áit dídin na gcomharsan,
do thángadar chum teaghlaigh an uasail réamhráite, agus tar éis é do
léirchuardach go dlúth, mar dhea ag iarraidh airm, nó feallfháth
éigin eile, le binb buile agus cuthach ifreanda do bhriseadar
agus do lánréabadar mionarg dhlúthdhaingean dea-dhéanta ina
bhfuaireadar an bruscar leabhartha úd, le rómhéid a n-ainbhis
agus a ndíth eolais, i gcló uasal cathbhuach na Gaeilge, do
shíleadar agus do lánmheasadar gur ba cartacha ceangail agus
snaidhm-choinníollacha conbhearsáide agus comhluadair an
Mal-Chroda Rock do bhí acu.



Do bhailíodar leo iad go háthasach luathgháireach lánmheanmnach
dochum iad do shuathmheascadh agus do lánscrúdadh do láthair
comhthionól uachtaráin na tíre sin, i Machaire an Chuilinn lá
cinnte na cúirte ba choimhneasa dóibh. Agus ar dteacht don lá san
do cuireadh fios agus fiafraí, d'fhios agus d'fhiosrú an
bhailbhmhaimilínigh seo .i. Seán Scoláire chum dubhnéal an
ainbhis do scrios agus do ruagan ó intinnibh na n-uaisle
le léaghadh na leabhartha so dhóibh. d'éis sruthfhéachain amasach
neamheolach do thabhairt lena chaochdhearcaibh bolgshúileacha
preabléimneacha do admháil, do chraobhscaoil, agus do ghlanáitigh
go rabhadar in aghaidh dlí Dé, an tsaoil, agus na ríochta, agus fós
is dóigh go ndearbhfadh sé gur ba Trod .i. Elephants iad dá
mbeadh dóigh nó deimhintsiúrálta aige go bhfaigheadh duais díol nó
barr cairdis dá bhíthin sin. Acht b'fhollas do na huaislibh
iarracht a chlaonintinne agus a neamhthairiseacht chum na
feadhma san do réiteach, agus uime sin do teilgeadh 'na chrancadh
ó chlár na mionn é, fá ghráin ghnáis agus fuatha ag Dia agus ag
daoine ó shin anuas. A bhuí re Dia gur ba de iarmhar Gaelaibh
an spreallairín-se.



Chum doithaithne agus léireolas do bheith air béarfad a chomharthaí
... go sothuigseanach uaim do gach n-aon ionas go séanfaidís mar
phréachán é. Scríofa ... faisnéis an tSéamais réamhráite
Uí Choindealbháin.




Ar an ábhar go dtáinig
inniu im' láthair
soilbhfhear sámhghlic,
fíoreolach,
Soineanta sásta,
go hosnaitheach cásmhar
dochrach cráite
dianbhrónach.



Is gur dhearbhaigh gan docúil,
ar mhóide an phortúis,
is san gan mearú
céille,
Go cathaitheach fadchumhach,
meirfeach, lándubhach,
an Dáiví seo d'fhuil úir
Ghaelaibh:



Go bhfuil cruinneacán soláthair
gan fuinneamh gan fáltas
d'imigh ar fán
ó Phinse,
Ina dhonán diomách,
ó imeallaibh Cláir
'na sruimile is 'na ghráin-scaoinse.


L. 52


Gan faice ar a ghiodán
acht peilte pocáin,
is mullach a ghorm-mháis
bhréin tríd.
Seanphluid ghráin
ag dídean a chaocháin;
's an tseithe a chrúbáin
níor théigh riamh.



Le hiomarca an chruatain,
is na huireaspa fuair sé
is deimhin go mba thrua
an scéala.
Do bhrostaigh chum gluaiste
an giobalach trua so,
tar Sionainn ar thuairisc
méile.



A mheas sé leis féin
Go mba mhaith an leithscéal
chum a bheatha do shaorchuardach,
Do bheith ina scoláire léinn,
ó phosta go piléar,
nó 'na ramaire baothluaileach.



Is mar sin do bhí;
do bheartaigh a scíth
do cheapadh i gCaonraoi
an tráth sin.
'S a dteach sheanduine shonaí,
fuair iostas is cónaí
go brothallach sochroíoch
sásta.
Le ceilg is drochghníomh
do bhradaigh a iníon
óna charaid mar dhíol
táille.



Is ó mheallaigh ris í
do mheas an tseandís
go mb'fhearr dóibh í
do tháith ris.
Ag se mar fuair
an ramaire trua
iostas agus tuar
sáimhis,
Cosnaimh is aointís,
leath ionmhais is oirnís;
dar Muiris do bhí
an t-ádh ris.



Ansan d'fhan sé,
ina ghliogaire lánbhaoth,
ag cnuasach is ag léamh
dánta,
'Na shrathaire spairtbhréan,
gangaideach ráigchlaon,
amaideach aircbhléan,
gágach,
Ag achrann leis féin
'na bholg re gréin
ag brath ar gach n-aon
do lánchreach.
Agus cé admhann go léadh,
teanga na nGael,
is le gangaid do dhéanfadh
gnáth dhi.



Paidir ná cré,
ní abrann sé,
is faoi eascaine Dé
atá sé.
Is mar bharra ar a phéin
san ainnise gach lae
'na spalpaire clé
cráite.
Tá an feadhmaire claon
ag cnuasach gach scéil
'na bhfaigheadh cogar nó bréagfháth
air.
Is dá chur san i gcéill,
do chlann na nGael,
is eisean dá mbréagáiteamh.
Mar ghearradh ar mo scéal
léigh an fhaisnéis
do cuiredh inné
im' láthair.
'S is follas ó mhéin
an amhullaigh fhaoin,
go dtuilleann ón tsaol
gráin air.



Ag se a chomharthaí,
do gach uile threoraí,
agus iad so ar a thóraíocht
láithreach;
Do gach taistealach slí


L. 53


is feadhmannach fíor,
má castar 'na shlí,
an scoláire
Craiplitheach crónbhuí
danartha dreoghnaíoch
cast'-dubh snódhchríon
stádach:
Abhacán aonda,
amhullach aerach,
airceasach aosta,
anairdeach.
Balcaire bléinbhreac
breabaire bréagach
bagarthach baolach
beagbhráithreach.
Cealgaire cléchleas
cealgach créimeach
castaire is créice
crithchráite.
Drannaire déistneach
danartha daortha,
draidearnach déirce
díthchairdeach.
Eascaraid éadmhar,
earraideach éithigh,
eascairneach éigeart,
éignáireach.



Feallaire fraochda,
feargach faobhrach,
feamaire is faolchoin
fíorphráinneach.
Glamaire gaofar,
goireagach gréascach,
gliogarach gaorthach
guairneánach.



Imdhearghthóir íogair,
immdiolach íosal,
ingireach intleach,
iarsmáthach.
Loscathach luaithchreach,
lofa lánbhuailte,
lomaire luaileach
luathlámhach,



Meascaithe maíteach
mallaithe millteach
marfach, is smíste
míshásach.
Nathair ndubh nimhneach
nascaithe in ísleacht
n-achrannach naimhdeach
Nílghránna.



Pusaire pollghnúiseach,
plubaire pusphúiceach,
preapaire pimpeamhail,
príobháideach.
Ramaire roitheamhail
ragarnach rásamhail,
racaire ráigeamhail,
ráiteach.



Seanchaí suarach,
teipeagach tuatach,
grabaire suarach,
truaráiteach.
Ag sin a thuairisc,
fé mar do fuaireas,
ó dhuine den uailldháimhe.



'S anois béarfad díbh,
tuilleadh dá chomharthaí
ionas go gcuirfí
ar láimh é.



Fear dorcha gearrchruinn,
lodartha lánmhoill
ceannachrom gnásghnaoi
raomach,
Caolscrogalach creatbhuí,
mórbholgach sathchlaon,
tollghorm garmaíoch
gaofar.
Lagioscaide luinnlom
sálbhriste troighthrom,
lagarlofa altlobhar
créimeach.



Folt dorcha doréitigh,
ar bhaitheas an chréice,
is mala chromléith
mhínáireach,
Ceangailte ar éadan
sheirgthe an chréice,
is smearasmuit gaorthach
gnúisghránna.
Tá breillephus fé sin,


L. 54


sramaitheach séiteach,
prioslaitheach pléideach,
canránach,
Is camasmig tréigthe
ag casadh ar a bhréansmuit
is tuile go tréan ag
tál air.



Tá brollach a chóta,
ón sranga sin dreoite,
is ní beag daoibh, mar dhóigh,
an méid sin.
Is seanchasóg air
go himeall a thóna,
is tollearradh odharchrónchríon
bhréide.



Agus reiceann idir mhná,
ó chaitheamh cupán,
gur feasach dó a ndán,
's a gcéile.
Ó philip an scaoinse,
gnáthshileann braon sinsir,
do scalann go tinn
a chréachta.
Go galarach treighdeach
ceasnach doleighiste
an aicíd thall thinn
do shaothraigh.



Ag se ordú
do gach soilbhfear saoithiúil
cosnamhach dea-chlúch
léannta
Is lomaire sceimhliúil,
ó Dhaingean san Mhumhain,
go Teach Doinn i gcúil
Éireann,
Ó Ghaillimh na dtonn
go Corcaigh na long
is ó Dhoire go ciumhais
Bhéarra,
Ó imeall Fionntrá
go Cloch an Stocáin
a lorg do shárléirchur ...



B 1720c 18T
U 0284
A Sheáin Uí Mhurchú bí fuinneamhail faobhrach.



A Sheáin Uí Mhurchú, bí fuinneamhail faobhrach,
bí go gasta, nó is eagal go n-éifir;
tar go tapa chum paitint do réiteach
nó cluinfid cúigí an ponc dlí dhéanfad.



Táimse lán de náire a dhéanamh,
de bhrí mo choidrimh oraibh le tréimhse,
's go mba dhochar liom goradh do scéimhe,
a bhuachaill ghreannamhair bharamhail bhéasaigh.



Tar, a rúinín, is fiú daoibh éisteacht;
glac mo chomhairle, is cóir a déanamh;
ná seasaimh sa tsolas, tá an coiste dá thaoscadh,
díotáil báis ó láimh gach n-aoin ort.


L. 55


Táid dá rá, 's ba nár an saothar,
go dtug an sagart duit leabhar beag tréimhse,
ba chóir a ghlacadh, dá mbeadh agatsa an séala
le hordú Cúirte Buird is Éigse.



'S gur ghluaisis go huallach éadrom
fá thuairim nár bheag uaisle do véarsa,
ag luí ar an ngreann le ceann gan éifeacht
i ngníomh nárbh iongnadh tusa bheith traocht' ann.



Níorbh fholáir don fhile bheith snoite glan faobhrach
is bheith go líofa in intleacht 's i dtréithibh,
a bheith eolach i gcódaibh na gcléireach,
is bheith 'na staraí nó 'na eagnaí léannta.



Má tá gur ghlacais an leabhar ón gcléireach
ní déantar file de dhuine le sméide;
is iomaí lá nárbh fholáir a shaothar
theacht don chúirt ag múscailt na féithe.



Dá bhrí sin, a dhíograis mo chléibhse,
scoir ded' leamhas, ná meabhraigh aonréad
de sheandáinín i ngleanntáinín sléibhe;
bí oilte sa chúirt i bponcaibh géara.



Ceap do leas ag teacht go saothrach;
ná fág an Máistir Seán na n-ae istigh,
bráthair Uí Mhacháin na féile,
fear maith flaithiúil dathúil déanta.



Táid na báillí 'na ngardaí tréana -
Seán Ó Broin is Domhnall Ó Laocha -
chum do ghofa go hobann sa phlé seo,
is chum do ghearrtha le fáscadh téide.



Atáid sanntach, gan amhras, féachtar,
nó fós ar buile le gloine do thaoscadh;
ná tabhair iontaoibh le sciúirsíbh saolta,
iarrfaid breaba nó sracfaid thú is céasfaid.



Tá duine acu ar liost go cliste i d'éagmais,
Conchúr mac Thaidhg i dtaibhse an tsléibhe amuigh,
Atá ag gleacaíocht le healaín gan traochadh;
Bíodh an caistín fá haistíbh nó daorfaid.



Táid dá rá nach ráfal bréige
Seán Ó Broin gur thit sa cheird seo;
más áiteamh fíor an gníomh gan éitheach,
beidh sé thíos leis, brí na scéalta.


L. 56


Cuirfimid Dinís Ó Hickey an caolfhear
in ionad Sheáin mar bháille péacach,
bhéarfas chúghainn an triúr so in éineacht
le cúnamh Dhónaill chróga Uí Laocha.



Fear nach mó leis, ba dhóigh liom féin sin,
dreoilín beag cróilítheach do thraochadh,
ná a dtabhairt ceangailte maidin go gléasta,
do láthair Choiste na nOllamh i ndaorbhroid.



Ní foláir don dís seo mhaím go héasca
summons a thabhairt go humhal don méid seo:
don Athair Conchúr, ar chruinniú an tréada,
teacht go fuinniúil ag breithniú an scéil seo.



Tagadh Réamann nach bréagach méin mhaith,
is Uilliam fial fónta béasach,
Seán de Barra nár dhearmaid féile,
is tar scór fógairt ar Dhónall Ó Laocha.



Baintear admháil a Ceallachán gléigeal
Ó Charraig na Muc ag ar mhinic ann éigse;
ní foláir bacaigh do tharraingt sa phlé so
daill is lucht binnphort do phléascadh.



Tomás Óg ní cóir gan glaoch air,
ná fós Donnchadh an crobhaire gléigeal,
ná ar Sheán an Dúna mar shúil go n-éisteadh
le gach díotáil nó fíneáil do réiteach;



Conchúr Gabha, ar lom gach saothair,
bíodh 'na gheocach 'na gcomhair sa phéin seo;
i dteannta an bharaille tagam le chéile,
is beidh síocháin ag gach ríbhard is éisteacht.



Suíodh sa choiste go cothrom an méid sin,
ag déanamh ceart dlí gan faillí go héasca,
mar thaitníos le gach staraí den éigse,
ag ól a steancán le lúcháir is pléireacht.



Ón lá sin suas bí fuadrach faobhrach
ag déanamh striúncán i dtnúthán aerach,
labhair go teann, ní bheidh ceann fé ort;
tarraing do phas, bí gasta tréitheach.



Bíodh a gcórú in ordú taobh leat,
's ní baol duit báillí ná ráflaíocht éithigh;
an t-airgead baistí caithfíor é leat
is ná cuir suim ná beinn ar éinneach.


L. 57


Glacfaidh eagla bathlaigh an tsléibhe 'muigh;
ní bheid suas ná anuas led' ré leat;
is mór an spórt dod' shórtsa an méid sin,
urraim d'fháil ón tsráid gan buíochas.



Finit.



U 0204



Géillim glacaim is gabhaim mar thriath thú i láimh.



Ar bhfreagra an bharántais réamhráite.



Géillim glacaim is gabhaim mar thriath thú i láimh,
is téim fád' bhrataigh d'fháil mhaithimh 's ag iarraidh scáith
véarsa neamhghlic má cheapas gan riaghail dámh,
réifead leatsa go tapaidh i bhfianais' cláir.



Más éad do ghabhais tré m'ealaín fhian-nocht d'fháil,
a tréigean caithfead is atharrach riail do ghrá;
'na taobh ní mheasaim gur thairbheas fiacha cáirt,
ag aoireacht rachad nó ag grafadh go dian ar phá.



Is réidh dob fhanta dod' shamhail, a fhir chiallmhair ghráigh,
's gach laoch in aisce go bhfachtar tá riamh mar ghnás,
gan daorbhreith aibidh a thabhairt i bhfianais' táin,
agus éigse ar talamh go mairfidh i ndiaidh do bháis.



B 1796ls 18D
U 0201

Barántas scríofa



Barántas Thaidhg Uí Chonbhadh i dtaobh mná do dh'éigniú i
ngarraí na bpataí.




Barántas scríofa
tháinig ón tsaoi ghlain
ar Thadhg Ó Conbhadh:



Go bhfuígheadh sórt ní ar bith,
ach gan é ghabháil faidhean,
is duirionn do chuardaigh
mé dhó
agus na bádaibh.
Gur inis duine dhom


L. 58


tháinig ó Luimneach
go raibh sé in Ardach.



Creidimse, a chomharsain,
gurb é ní is cóir dom,
dul don Bhlarna.
Is mara bhfaighead ann é
dul dom' shánrith
go Ceann tSáile.



Ar mo ghabháil siar dhom,
dul don iarthar
's go Cill Airne.
Ar mo chasadh abhaile
dhom,
gabháil don Mhangartain,
is do Dhroichead Áine.
Is ar mo ghabháil síos dom
dul den scríb sin
go hAbhainn Ó gCearna.
Do chuardaíos Tuamhain dó,
Cnoc na Buaile,
is Baile Uí Tháthil.
Do chuarda' mé an Gleann dó
cois Abha Leamhchaill,
is Leaca na hÁtha.



Fiche scilling
do thairgeas don duine acu,
gan ach é 'ghabháil dom,
Nó 'thabhairt chun Dónaill,
an fear caoin córach,
go bhfaigheadh sásamh,
Tríd an gcailín,
bhí san ngarraí,
ag buan na bpataí
's dá dtabhairt dá fádar.
Do cuireadh an dochtúir
ag féachain a portúis
is do fríodh é bearnach.



Is gurb é 'opinion
gur gabhadh de mhagairle
ar an áit sin.
Bun coinle
do chuaigh inti,
fad mo lámha dhe,
Nó ubh circe
mar ar milleadh
í 'ma náire.



Teastas an óigfhir
do léadh dómhsa,
agus a ghníomhartha.
Gur réab sé póirse
le piostal póca
bhí 'na bhríste.
'S i bPoll Uí Chlúmháin
do rinn sé díobháil
ag gabháil dá líog air.
'S a coileach comhraic
do bhí chun spóirt aici,
do ghabh sé píce ann.



B 1794ls 18D
U 0201
BARÁNTAS AN GHÉ
By Sir John Mollowny giúistís foghnach nach feargach.



By Sir John Mollowny giúistís foghnach nach feargach,
A justice most legal chun réiteach gach achrainn,
A friend to each poet fear cróga chun labhartha,
To decide all debates idir an gé agus an madra.



The eighth of June do réir chúrsa an calander,
I received information le héifeacht go dearfa,


L. 59


As we were walking through bánta Dhrom Cara thoir,
It was the goose assaulted, thug sí fáscadh chun an mhadra.



With her mouth bill and beak thug sí pléasc insa mhalain dhó
Is lena dhá sciathán insan chliathán go cealgach.
The dog being couragous is gan staonadh aige ón achrann
He instantly seized her 's is tréan do thug stracadh di.



Not knowing the cause lenar tháinig an fhearg sin,
Nor fearing the laws is í an chráin do bhí treascartha.
You all petty jailors ar a nglaotar lucht mairsille
Constables, bailiffs, is gach n-aon eile dhon aicme sin: -



This is my supersedeas mo shéala agus m'ainm air,
Let the dog pass and repass is ná bíodh éigse baoth' bagairt air,
Till he stands his trial ag assizes na cathrach,
And until guilty you will find him, bíodh cead aighnis is maga aige.



B 1900lsc 19
U 0401
BARÁNTAS NA MBRÓG
Contae an Chláir i gciumhais na hÉireann



Contae an Chláir i gciumhais na hÉireann,
ar aois Mhic Mhuire anois mar léitear,
agus fiche bliain 'na dhiaidh ar aon cheart,
táinig ag dearbhú 's ag ceartú a chéile,
i láthair giúistís a bhí saoithiúil saothrach.



Dearbhú fiomanta criomanta cróga:
A réir mar a thuigim d'imigh mo bhróga.



Dá bhrí sin tugaim le húdar dána,
le dlí na ríocht' agus togha barántais: -
cuartaigh go dlúth gach cúinne 'na stábla,
lofta na gcearc 's ar chorp na sráide.



Ná fág cuas ná cúinne ar d'iarraidh,
faoi thóin leapa ná ar cúl an iarta.



Móinte curraithe bogacha is abhainte
ar bhruach na mara nó idir mharbh an teampaill.



Ná fág claí ná poll díge béal curraigh ná sráide Coillte;
Cuartaigh an Callán agus Sileáin Uí Shíoda.
Agus ceartaigh i gceart Bléin na Gíge.


L. 60


Cuartaigh na caisleáin is na hoileáin do d' bhróga,
Droichead Bhéil Átha agus clogáis Leacht Domhna.
Cuartaigh na tráite is Poll na dTóraí,



Cuartaigh na sléibhte is Áth na Críche
Agus Cnoc na Cathrach mar ar leagadh na mílte.



B 1785 18D
U 0413

BARÁNTAS NA CASÓIGE



Contae Chiarraí



Contae Chiarraí mar aon le mórchuardaibh Shéamais Uí Chatháin,
aon de phríomhbhreithiúnaibh na suadhéigse ar feadh na gcríoch
chum a luchta cuardaigh.



Ag seo gearán agus faisnéis Shéamais Uí Chuirc mhic Chormaic Báille
ó Churrach na Cille, noch do chónaíos in imeall na coille crosta
crostórtha mar bhruach na Bruice i gContae Chiarraí réamhráite.



Dearbhaíonn mac an bháille mhóir, gan saobhmhionn ná buntáiste ar
leacaibh dearga an tinteáin, ar mhaidíbh dubha an dorais, agus ar phortús
a mháthar, go dtáinig sladaí liath lom leathnochtaithe, ciarbhuí coirtithe
cróndearg, cromtha cromshlinneánach cliabhchumhang, bolgmhór
bréananálach breacloirgneach, dorcha geocúil, agus é ina shruimile chéatach
dhiabhlaí, mheabhlach mhallaithe, agus é ina scraiste scraistiúil,
chraosbheolach chreatlom churraiceach, bhléanfhairsing, agus é ina phusaí
phusúlach phrioslach phlámásach, shumgúil mhórsháitheach, agus é ina
shirriam teallaigh, agus ina liairne tinteáin chamioscaideach fhadloirgneach
leathanchrúbach, dhíomhaoin dhrochghnóthach, agus é ina chlúmhach bhuí
bhreacshúileach chrínfhiaclach scrogmhuinéalach, fána chulaith smeartha
gan náire, ag feitheamh agus ag faire na huaine air; gur nocht mac an
bháille de, le dubhobair agus le brothall na coille glaise, ina léine agus
ina bhríste, insan áit sin lena ráitear an tOileán Dorcha; agus gur ghaibh
an táthaire réamhráite laistiar agus gur scuab uaidh a chasóg ghéarchóirithe
chluthair-fhuaite, líonálta den mhínbhréidín chíordhubh chomhshnáitheach
fána leathanchnaipíbh dearnálta, insan bhliain d'aois ár dTiarna 1785. Dá
bhrí sin atá an barántas so mar leanas:




Contae Chiarraí
ar fad le chéile
gan fuíoll béime
ag Tadhg Ó Conaill.
Giúistís socair,
séimh céillí,
fuair ceart réime
i ndlí is i dtuigsin.
Fógraim do gach
aon chonstábla,
dá bhfuil sa lán so,
cois na Bruice
Do Sheon Langford
is dá gharda


L. 61


is d'ardchonstábla
Chlainne Mhuiris
mionchuardach
anois do dhéanamh
ina limistéirí
ar gach duine.
Is go speisialta
ar gach n-aon
ina bhfuil drochghéata
iontu fuinte.



Ag sin
agatsa a Shéamais,
fám' láimh féinig,
cead chun reatha,
Nó go dteangmha
leat an séithleach
creatbhuí claon
a rinn tú 'chreachadh.
Ar eagla ar dtús,
go scaipfeadh do lúth,
is go bhfaighfeá brú
nó buille de bhata,
Bailigh leat buíon
fear óg den tír
do bheidh go groí
's ná foighneoidh easmailt.
Tugaíg ruathar,
fada fuadrach
ar é chuardach
ann gach baile,
Ó Ghleann na Léime,
go barr na Féile,
go bun na Sméarlaí,
agus siar cois Mhainge.



Ba ghnáthach scrogaire,
ciarbhuí coirtithe,
de shórt an duine seo
i gCúil Ó Sochta.
Ná fágaíg iothla
ná bun truipile
i ngleann ná in imeall cnoic
gan a lorg dó.
Cuiríg a thuairisc
ar fuaid na tuaithe
go Sliabh Luachra
is go Crosaire an tSionnaigh;
Go Gleann Ó Ruachta
ba mhinic lucht cuardaigh
is sladaí luaimneach
acu dá chluiche.
Cuardaíg go sármhaith,
timpeall Chill Airne
in imeall na sráide
agus cois an locha.
Ná stadaíg den stáir sin,
go Daingean na mbárc,
ar eagla an stráille
do bheith 'na chodladh.



Géaraíg ar siúl,
is comhairíg chúghaibh
Cruacha Dubha
Mhic Giolla Choda.
Déanaíg comhairle
ansin cá ngeobhaidh sibh,
is meabhraíg an t-eolas,
ar a lorg.
Atá Teach Mhóire,
gan siúl fós uaibh,
is creidim gur cóir daoibh,
cur ar na cosa.
Nuair chuirfidh sibh bhur
n-amhras
des na Gleannta,
tugaíg fogha
ar Chaisleán na Mainge.
Cuardaíg go rómhaith,
portaithe móna,
do chrochaire an chorda,
is cois na Fleasca.
Ná fágaíg trinse,
ná bun díge,
ó Chrois Uí Fhloinn,
go dtí Ard Fhearta,



Ó Thigh Duibh,
go Ceann Duimhche,
go Baile Mhac Coinn,
's as san go Crota.
Buailíg lastuaidh
chum Ráth Tuaidh
is tugaíg cuairt
ar Bhaile an Chrosaigh.
Fanaíg tar srúill,
faoi Oireacht anonn,
's is eaglach liom,
go mbeidh sibh cortha.


L. 62


Bígíg múinte
i mBéal Átha Longfoirt,
tá droch-chriú ann,
do réir mar chloisim.
'S is suarach an chúis
d'iarrfaidís chúghaibh
chun sibh do rúscadh,
leis na clocha.
Déanaíg bhur n-aghaidh
go Carraig an Phoill,
is ná déanaíg moill,
ach bheith ar sodar.



Ná blaisíg greim,
grutha ná meidhg,
ar eagla aon treighde
do theacht 'n bhur mbolg.
Ní mór an t-aistear daoibh
dul go Tairbirt;
ná téigíg thairis sin,
óir níl sé dleathach.
Ná fágaíg aitreabh,
ar bhruach na farraige,
cuasán carraige,
cuan ná caladh.
Siúlaíg timpeall,
ard is íseal,
gleannta is cnocáin,
mín is garbh.
Cuardaíg ciseáin tacair,
is clathacha deacra
bogaithe is móinteáin,
díg is aiteann.
Na fágaíg áitreabh
cró nó stábla
ar bhruach na Gáille,
dó gan lorg.



Thuas i Lios Tuathail,
atá sé im' thuairim,
is fuiscí uaithne
aige dá shlogadh.
Ar eagla anriochta,
do bhí a leicne scramhaite,
do bhí garbhphus ramhar air,
agus é dubh smeartha.
Do bhí sé ceannathrom;
dronnach do bhí a dhrom;
do bhí bun a shróna cam,
is leathanbhreall ar a barra.
Má fhaigheann sibh radharc
air,
cuiríg dubhghreim air,
agus tugaíg an cladhaire,
go Binn na Manach.
Go gcuirtear ar adhastar,
ceangailte taighte
is mittimus Thaidhg leis
an bhfear lochtach.
Is mór an sásamh,
do mhac an bháille,
é fheicsin in airde,
idir dhá mhaide.



Ag sin agaibh críoch air,
is nár fhóire Críost air,
is fada ó thuill sé,
an corda dá thachtadh.



B 1750-70fl 18L
U 0277

Cuirim dá dtóraíocht



Éadbhard de Nógla aon d'ardbhreithiúnaibh na héigse cct.



I gContae agus i gcathair Chorcaí; dearbhtha diana daingeana
diomácha Mhaitias Bhreatnaigh dom' láthair, duine uasal de
shíolrach na seanBhreataine agus príomhshliocht Bhreatain
Mhaoil mhic Némédius, an chéadphrionsa do thuirling san
mBreatain d'éis na díleann agus do ghabh ceannas Breataine,
Sacsan agus Alban, fa deara an Bhreatain Mhór do ghairm
díobh, go raibh a chónaí i mBaile an Ghleanna i bparóiste
Chathair Lágá sic, go dtáinig chum a stábla san oíche cúil
ropairí agus foghlaithe gurbhriseadar


L. 63


an glas agus rugadar leo a shrian agus a iallait, agus é féin
bacach agus a chapall dall, ar modh go ndearnadar creach an daill
agus an bhacaigh in éineacht, agus go bhfuil ó shin i leith 'na
chamán craiplithe i gcúinne an cheangalaigh gan ord gan aifreann
d'easpa nach féidir leis dul ar marcaíocht de bhrí dá dtíodh ar
an gcapall dall gan srian nach bhfuil a fhios aige nach le faill
mhara nó ar an seanfharraige do thabharfadh aghaidh; agus an tan do
théadh ar an gcapall gcéanna agus an srian céanna leis - mar ba é
seanchabhlach na fíoruaisle é, go gcoinníodh a cheann comh
hard comh stáidiúil sin go meastaí daoibh gurbh é Alexander ag
marcaíocht Bocephalus nó Cú Chulainn ar an Liath Macha
do bhíodh ann; go ndeachaigh ar a bhreothartach i dteannta díse de
churaíbh láidre d'ionsaí caillí feasa na gcártaí ag iarraidh
feasa uirthi; gur fhág paidirín ómra na gcaogaidí n-airgid i
ngeall le réal aici .i. comhartha sinsireachta d'fhág a athair
agus a sheanathair aige, gurbh eagal leis geall titime do theacht
air go bhfuair faisnéis uaithi gur bodach breallach brúidiúil
bolgfhairsing de shliocht Thomáis mhic Lóbais mhic Liobair Lofa
mhic Láigh an chúir táigtuta mac Tuathaláin Tarcaisnigh
mhic Tomhaltaigh an Tuaiscirt mar aon le caille chnapach
chruintilleach cholgach chealgánach don chinéal céanna do
rug leo iad agus do dhíol iad le hardtaoiseach an mhathshluaigh
seo atá ag cosaint an náisiúin mar do chuir a dhúil iontu an tan
do connairc acu iad tré a raibh de chnaipíbh de bhiteannaibh agus
de bhúclaíbh airgid iontu. Ar an ábhar sin cuirim mallacht
cléiréigse eaglaise mar aon lem' bharántas 'na ndiaidh mar leanas:




Cuirim dá dtóraíocht,
le cumas is cóirdhlí,
cuideachta clóchaoin
céimghlan.
Curaí calma
an choinníll charthanaigh,
bilí baramhail
béasach,
Cabhailghlan cumasach,
togha na foirinne,
cabhair is cuisle
na Féinne.
Cuardaíg cumarach,
cuaillí coille,
'gus uathghlinn uisce
'gus féitheach.



Cuiríg an cúram
ar Phiaras múinte
dalta agus prionsa
Gréagach.
Glaoíg san Mainistir
préamh d'fhuil Bharrach
ar Shéamas seabhac
na séimhe.
Gluaisíg oraibh
is cuardaíge fotharaigh
fuairghlinn dorcha
is gaothra.
'S go brách ná fillíg
go hArd geal Dilíthe,
is tá dá bhile
den éigse ann.



Cuiríg an cúram
ar Chonchúr geal
bile 'gus crú mear
léannta,
I gCluain Droichead
is faigíg focal
le glanchuaird chothrom
dá n-éileamh.
Gabhaig gach cóngar,
as sin go Lóithirt,
ná stadaíg le fórsa
is faobhar,
Gasaibh cuntas
don Mhainistir súgach
lile de chúirt
na féile.



Fillíg aduaigh
go dei ...


L. 64


B 1790 18D
U 0306

Dá aithne táim do Dháiví de Barra bheith umhal.



Do chuaigh Seán de Faoit dá ghearán le hÉamann Ó Flaithearta go
Baile Nua na Sagart agus do chuir sé summons chum Dáiví mar
leanas:



Éamann Ó Flaithearta i mBaile Nua na Sagart, cóirbhreitheamh go
bhfreasabhra san gcontae reimhráite:



Dochum Dáiví de Barra i mBunastóigh i bparóiste Charraig
Thuathail, dá aithne dhuit bheith i bpearsain im' láthair i
mBaile Nua na hEagailse, an deichiú lá d'Fheabhra go dtuga tú,
má hionriota aighneas agus oidhcóideacht sothronn soiléir, agus
cuntas fírinneach fíorcheart ar d'ealaíona, agus ar d'eolas, agus
go speisialta créad fá dtugais masla agus mícháil, táir tarcaisne
agus míchlú don fhíoraon fháighiúil fhocalcheart urramach
oiriúnach .i. Seán dea-mhúinte deascréideach dea-labhartha
de Faoit, agus a liacht sagart suairc, cléireach cáidh, taoiseach
tíreach mac deamtar díolúnach do bhí fá chioscháin aige Seán le
caogaid do bhliantaibh gan toirmeasc gan christamuil, dhéanamh
dhó. Agus tar dear ... gur thiteadar mórán de na sáruaislibh
sin ba charthanaí ba thacú agus ghionnbhrit do Sheán mar
bhíonn sé ... noch ghabhas do láimh páirt do ghlacadh leis agus
a chás do chosaint ar a shon. Uime sin ar rochtain an t-ordú
chughat ná bí leibideach, dein d'airm do líomhadh ... bro ...
bhreacha do mhillinn do chur ar ingil do chuisle fileata ...
freagra gan obadh an lá cinnte ceapaithe ... Ar túis dlúthchuardach
do dhul ar láimh fé ... tir lorgaireacht. Toirbhearta fám'
láimh an chéad lá d'Fheabhra ansa mbliain 1790. Éamann Ó
Flaithearta.




Dá aithne táim do Dháiví de Barra bheith umhal
Is freagairt im' láthair san áitreabh beannaithe dúrt,
Go bhfeasfad ón bhfáidh créad fá 'nar masladh leis clú
An fharaire stáit, gan fáltas beatha ach a chúl.



U 0305



FREAGRA DHÁIVÍ
A Éamainn cháin, a bhaird gan friotal líofa



Dáiví de Barra i mBunastóigh chum Éamainn Uí Flaithearta i
mBaile Nua na Sagart, dá chur in iúl agus i dtuiscint duit go
bhfeaca mé bíodh gur fada ar thí teacht dó roinnt de rian
do lámh fá dheoidh. Agus ba mhór m'iongnadh


L. 65


ar rochtain do sheanpháipéir im' láthair an tan do chonarc an
tuairim ardintinneach do bhí go casúrtha i d'aigne agus i d'
intinn, agus toirbheartha fá do láimh .i. Éamann Ó Flaithearta
cóirbhreitheamh go bhfreasabhra san gcontae reimheráite, agus cé
lag do mheabhair agus mar bhraithim d'eolas, ba laige do
thuigsint ar ghrafadh na mbriathra úd. Gidheadh, dá
mbraithinnse puinn den amhras agat, ba mhóide mo dhithneas chum
dul dá chíoradh riot é; agus ní ar comhar, ach gach n-aon do chur
chum a dhíchill. Agus is dothuigseana go dtáinig Éamann in aois
Mhurcha nó ní dhéanfadh an oiread úd dá mhíthapa, óir ba
ghobsmeartha rian ... faobharmhairceach an scríbhinn agus ba
mheasa an t-urléaghadh ... cé fad romhat d'fhéachais ag gabháil
páipéir ... chrúibín bacaigh, feabhas na ceirde et méid an
fháltais. Is dearbh nach dóigh dhuit sin do dhéanamh i ndóchas
ná tuigfí liomsa é, óir an tan ba chomhchlos ar feadh na caomhthíre
an Faoiteach do dhul san bhfódfheart, do tuigeadh duitse nach
raibh aon oidhre ba chóra theacht isteach ar an mbeatha ná tú
féin, de dhroim cúise ná háirmhim poiblí ach tuigfir féin as,
amhail tuigimse más le gluaiseacht duit nach fuil an modh nó an
friotal iarratais go prasmhilis id' chraptheangain, ná tú ábalta
ar do dhéirc do altú go teanglíofa agus ó nach fiú liomsa dul ag
triall ortsa, atá súil agam nách aon troigh as do ród duitse
gabháil chúghamsa an tan ghluaisfidh tú ag tógáil sealbhú agus
circuit timpeall do stáit. Gidheadh, muna mbeadh le himpí
comharsan agus daoine muinteartha noch dheimhnigh agus mhóidigh
dhom gur lagstaidéar nó raon gealaí fá ndeara an cás, agus do
scríbhinn im' dháil, ba bheartaithe an beartú agus ba cheartaithe
an ceartú, agus ba líofa ... léirbhearrtha do bhéarfainnse ar do
chreat liath lom ar chor ná fágfainn ribe re fás, ná bun ribe re
préamhú, ná fós an ithir ina bhfásfadh sí, gan luaithscrios le
heidirchaint ón bhaitheas go talamh. Ach ó táim ag smachtú ar mo
mhórthocht agus ag fáil bua ar mo ghéarfhearg, tiocfaidh mé i
dtuas ... bhriathraibh míne ag scríobh mo ainme fá bhun
an rianlámh, á chur in iúl agus i dtuiscint duit gur mó de
chearrbhach iná theangmhaigh riamh leat Dáiví de Barra.




A Éamann cháin, a bhaird gan friotal líofa,
Do rith faoi thlás id' rás isteach im' líonsa,
Foghlaim tráth cé is fearr de bheart nó slí duit,
Do rogha mo pháirt, nó do shlán do thabhairt fám' scríobhsa.



B 1788 18D
U 0239

PAITIN
Dá bhrí sin aitchim



Contae caomhthorthach an Chláir, mar aon le mórchuairt Éireann
uile.



Paitin sond do réir Thomáis mhiantsuairc Uí Mhíocháin .i.
ilreachtach éigse cúirte Thuadhmhumhan, agus aon de
phríomhbhreithiúin bhinndhréachtach na bhfilí san ríocht
réamhráite. Tomás Ó Míocháin cct.


L. 66


De bhrí go dtángadar prímhcheap ilchreideamhach ionraic phoráiste
fhírdheáthach Dhúire, agus fostaí feidhmiomdha fíoruaisle an
cheantair uile im' láthair don chor so dá iarraidh go humhalchaoin
iolcharthanach i mbrí phaitin phrionsapáilte saoirse suimiúil
scóipleathan do cheapadh agus do shaordháil do Sheán ionúin uasal
Ó hÓgáin .i. bráthair bocht binntsalmach d'ord Naomh Proinsias,
do cuireadh, d'éis a chúrsa dhíl-chráifeach i dteampall an
Tiarna, as seilbh an phoráiste réamhráite le húdarás an easpaig,
ionas go gcaithfidh sé anois, do réir reacht an déircoird, dul ag
cnuasach carthanacht na bhfíréan i measc na gcaoimhchinéil
gcríostúil go forleathan.




Dá bhrí sin aitchim
ar shaoithe fearainn,
ar fhíorscoth flatha
agus naoimhchléire,
Ón Laoi go Gaillimh
san líne ghairid
's ó ríghlic-Chaisil
go Splinc Réithigh,
Aíocht gan easpa,
gan maíomh do thabhairt,
ó croí don taistealach,
díthréadach.
Le Críost do ceapadh
ina stíobhard teagaisc
gan díol ach sealbh
na fíordhéirce.



Ba thaoiseach taitnimh
an tsaoi re tamall,
i nDroim na Manach,
gan mídhaonnacht.
'S is fíor nár ghlasaigh,
a chroí ná a gheata,
roimh dhílleacht dealbh
re linn béile.
Níor fríoth é ag ceasnamh
ar dhríodar deasca
ná ar íochtar baraille
binn réitigh,
Ach ag leigheas gach galair
do bhuín an aistir,
le fíorshruth fairsing,
na fíorfhéile.



Gach baintreach teaspaigh,
tá ag leigh le rachmall,
i mínleach meala
's i nglinn sléibhe,
'S gach maoilreach seascair,
tá i slí le fada
na hadhairce a thachtadh
le cruinnreálaibh,
Ba chuí dhóibh creanadh,
le ní na n-anam,
is dá ndíon ar lasair,
na daoirphéine,
Mír den taisce,
chuir Críost ina sealbh,
do roinnt le teachtaire
an Rí naofa.



Ní broimseach bacaigh,
ag bruíon le cailligh,
's a dhroim i dtaca,
ag an ngeoiséaraí,
Ná bíoma bealaigh
i rílteach raca
go ndíolann a fhallaing
's a mhaingéadaí,
Mo chaoinfhear cneasta
gan phoimp gan chealg
tá suíte seasmhach
soíscéalach,
Is le fírinne freastail
bheir mílte peacach
ó dhaoirse greama
na ríphéiste.



Ós fíor go radaim
óm' chroí don eagailseach
príomhphas paitin
is príbhléide,
Gan chinnteacht nascaim
a gcíos do ghlanadh
go cruinn in aice
gach naoimhfhéile.


L. 67


Go síodhach glacfaidh
an píosa garbh
an líon 's a mbaraille
síl déise,
Is aghaidh gach earra,
chuir Meidhbh i dtaisce,
go doimhin in arg
na troimphléiste.



Leastíos ón Scairbh
go Binn Bhunraite,
's trí chríocha Bhaiscinn
go Cill Chambers,
Ón Roinn don Cheapaigh,
chum Maighe na gCailleach,
is ó Dhroim Dhún Atha
go Cinn Léime,
Táid saoithe sagairt,
is saoire teastas,
do leigheasfas anacra
an chlaoinchléirigh,
Is d'éis fuílleach fleadha
do líonfas pacaibh
go raídhseach rabairneach
ríméideach.



Cois taoibh na mara
chum seantí an chladaigh
is trí gach eanach
go n-uige Dean Queally,
Ó thoinn Lios Ceannúir,
go Glinn na Manach
is timpeall trasna
chum Tuaim Gréine,
Níl taoiseach teagaisc
ná fíorghas flatha
ná híocfaidh acmhainn
go croímhéineach,
'S ar thíocht abhaile dhó
maíodh le Peadar
gur saoirse ó fhlaitheas
a chaoilchléircheas.
I linn nó i laithigh
dá luíodh a chapall
is a dhroim ag feacadh
fá throimghréithre,
Glaoidheadh dá chabhair
an Loingseach tapa
fear síofra 'ghreadadh
san mBruín Chaorthainn.
Gach n-aon do thabharfas
cuibhreann ranna
go saor do chantaire
an rí ghléigil,
Beidh choíche sailm
dá nguí go flaitheas
ó chuingbhroid mhallaithe
an tsaoil bhréagaigh.



Ó thíocht ar talamh,
do Chríost ina leanbh,
fó dhaoirse ag ceannach
na druingdhaonna,
Go suíomh mo phaitin
go díleas dearbh
fó ghrinnghlas dearg
na bhfíréigse,
Míle is seascaid
seacht gcéad ar daichead
do thimpeall ratha
na ríghréine,
Ach dís is gearra-dheich
bliain dá easbhaidh
gan fiaradh feasa
ná fuíoll réime.



Foircheann.


L. 68


B 1761lsc 18L
U 0275

De bhrí gach réabadh



Ag so an t-ordú leis an Athair Seán Ó Briain mar an gcéanna dá
áireamh do na báillibh gach slí agus gach áit do ba mhian leis dóibh
do thimpealladh agus gan dearmad do dhéanamh fá dhul go n-uig
gach aon dá aois ghrádha ar feadh Leath Mhogha go hiomlán agus
beatha agus sláinte do thabhairt uaidh féin do gach aon fá leith
dhíobh, agus dá iarraidh orthu fá phéin umhlaíochta faire agus
forchoiméad do dhéanamh nó go mbeiridís ar an mbráighe
Seán Ó Lúba agus a chur ceangailte cruachuibhrithe chuige
féin go Caisleán Ó Liatháin.




De bhrí gach réabadh
ar dhlí na héigse
leis dá ndearnthas,
Gon uime d'ordaím
agus ionchomhachtaím
is údarásaím,
Don uile ard-
is fo-chonstábla
is do gach báille
Is chum buíne i gcontae
i gcríochaibh Mumhan
gan míchairde,



Gibé cúinge
coill ná cúil
den Mhumhain réamhráite,
Lámhaíg dúinne,
Dáiví Brún,
san ionad 'na bhfághthar;
Gadrach cruarighin
casaíg ar 'fhuaithnibh;
leagthar a chnámha.
Duais ná breabaireacht
uaidh ná glacathar
cuir ná slána.



Tugthar go Caisleán
cluthair Uí Liatháin
ceangailte im' láthair,
'S chum aon duine eile
ná léigthear eisean
i bpéin bhur sláinte.
Tuilleadh dá dhocúil -
tugthar dhó lonnú
go ceann spáis ann.
'S ina dhiaidh sin chúghainn
a thriall dom' chúirt
'bé ionad is áil liom.



Dá mbeith uaibhse
ar chleith nó cuardaibh
leanaíg ar lánrith.
Is Dálaigh na hAnaí
chleachtann an cleasaí,
ná faigheadh scáth ann.
Gluaistear libhse
go luaimneach liosta
go Tobraid Árann.
Is ná déin dearmad
céad dom' bheannachtaibh
do Sheán Chlárach.



Tuigim nach buailfe,
ionad ba shuairce,
chúghaibh sa tardal.
Caithíg an oíche
is glacaíg bhur scíth ann
go dtí arna mhárach.
Triall ar Luimneach
siar go hinneallta
is ibhíg mo shláinte ann.
Is naiscíg ar Aodh Buí
seasamh san taobh thíos;
faireadh an tráth sin.



Go hUíbh Breacáin,
timpeall Challáin
tuigim ná ráinig.
Ionann is dainséar
druidim le hAindréas
d'fhile gan fáscadh,
Somaidh le saoirse
socair an intleacht


L. 69


solas gach sásaimh.
Cíocha dile
na díse d'ibheas-sa,
deocair a dtrágha.



Seachnaíg róda
is glacaíg cóngar
tarsna na sáile.
Risteard Ó Murchú
cuiríg dá chluthú,
in imeallaibh Rátha.
Rithíg go Ciarraí,
ciste na bhfialghníomh,
is nochtaíg dom' bhráthair,
Diarmaid fíorchaoin
mac mhic Fhínghín,
turas an chneáire.



I gcríochaibh Cairbreach
ní bhfaighidh tearmainn,
cé dóigh fáilte ann,
Ós fíor gur eatarthu
bhíos mo dhalta dil,
Eoghan Mac Cárthaigh.



Iarraíg Donnchadh,
grian na n-ollamhan,
i gCorcaigh is gnáthach,
d'fhíorfhuil chalma,
ríora Raithleann,
an fisigeach fáitheach.



Is Dónall solascháidh
Óg Ó Donnabháin,
posta gan tlátha,
Dár dual fuineadh
gach uama is oimice
is follas mo ghrá dó.
Is Dónall dréachtchaoin
stróire séimhí,
file na Blarnan,
Le baois shloinntear
gé bhíos gaosmhar
do Chlainn Chárthaigh.



Fialmhac Mhurchú,
an gliaire cruthchlúmhail
'sé mo bhráthair,
Saoi le sioscathar
laoithe snoite suilt,
Seán na Rátha.
Críoch bhur gcuarda,
ar dtíocht go Cluain Molt,
deocha 'bhur sásamh.
Is fíonmhar milis,
an tír 's a foireann,
i bhfochair an Fháltaigh.



Fáidh ná file,
ná fágthar libhse,
san Mhumhain ársa,
Gan fáil ina choinnibh
ar lár go gcuirid
an Brúnach bearnach.
Do mhaímh an Brúnach
buíon dá chúnamh
mar aos dána.
Is díobh sin Tomás
caoinmhic Thiarnáin,
's Mac Giolla Pádraig.



Is díobh Parthalón
an bráthair Códach,
rannaire Dháithbhe,
Is gliaire cumais,
Uilliam de Bhriotaibh,
is duine ná háirmhim.
Gach n-aon eile,
is an méad so deirim,
do chúnamh Dháithbhe,
Tabhraíg chúghainne,
fá thearmainn cúirte
cumais na bhfáidhe.



Gach n-aon nár foilceadh i dtobar na fíoréigse,
Is nár léigh ar nodaibh ná foras na príomhGhaeilge,
Ní céim a moladh má chosmhalaid gaois Éamainn
'S ní béim ar fhoirtile a dtrodaireacht tslimchéille.



Foircheann.


L. 70


B 1769lsc 18L
U 0297

De bhrí go gcuala



Contae Luimnigh le Muiris Ó Gríofa. Ag so faisnéis agus barántas
ón bhfear céanna ar Sheán Ó hAnnáin .i. Fairisíneach faon
fíoruallach meabhlach searbh-bhriathrach cleasach cealgrúnach
scáinte scagfhiaclach liosta liodartha leonta luaithintinneach .i.
cocól coirpe casadharcach; fuad fuadarach fuathrógach agus carrfhia
cocard ceannéadrom noch atá ag imeacht ar nós Welcome Shúgaigh
ina gheilt ghliogartha ghlibriabhach charrach ghearbach
bhreacmhíolach i ndiaidh ban bocht agus baothchailleach is ag
leághadh le lánansacht dóibh, bíodh nach le greann ná le gean orthu
leanas an lánréim sin, ach d'eagla go bhfoilseoidh cách go
coiteann a éad agus a fhantas príobháideach ag nochtadh a
mhioscaise agus a mhírúin don aicme réamhráite ler créachtnaíodh an
crochaire ceannleointe-se. Óir ar dtréigin a chumainn dá
chompánach is beag nach é nós an phréacháin bhuinní doní noch
d'fhuathaíos a nead féin ar bhfáil cac na corréisce inti agus
d'imíos ar lageitil a luí agus a lomghoraíocht ar lomneadaibh
athchaite na n-éan eile, gur mar sin do luigh an millteoir meata
mírúnach so ar mheirdreachas go bhfuair cealg agus claonadhairt
ina dheireadh go prap príobháideach ionas gur leathnaigh olc agus
urchóid na hiaróige sin go hiarchreimeach nimh nathrach ar feadh a
choirp 's a chaolchráige ler cuireadh cor fimidh i gcamthóin an
choillteánaigh dhána dhíchoiscithe sin, dála mná an mhuilleora
ghairmeas an t-ainm sin don drong dea-iompair dhiúltaíos go
dhrochbhéasa; agus de bhrí go ndearna an cuaisce tanaí tónbhriste,
agus an chú airce chluaisghearrtha mhórbheannach bhurdúnach so
gan foras gan fondaiméad in aghaidh dlí agus reacht na héigse do
chuireamair an barántas so ina dhiaidh mar leanas:




De bhrí go gcuala
go bhfuil cuaisce
nó fíorchréice,
Anois ag gluaiseacht
go fíoruallach
ar díth céille.



Seán Ó hAnnáin
ainm an spreasáin,
nó cúiréibe,
Bhíos ina chúán
i ndiaidh gach aonmhná
mar leigheas éada.



Bíonn an cocól so
ann gach aon ló
fá líg traochta,
I ndóigh go gcuirfeadh
ansin duanóg,
nó críontsaothar.



Nuair nach féidir
leis a dhréacht a chur
in aiste chirt,
Bíonn an séithleach
ina spreas gan éifeacht
ag síor-reacaireacht.
Is cóir is is faobhrach
doghní véarsa
deir gach seanbhean.
Nuair a thig an réice
gliogair gan chéill-se
chucu ag bladaireacht.



Ní bhfuair an bochtán
dona so sciúrsáil
riamh san mbaile-se
Gur chuir rabhán
chugainn, an sacán,
go fíormhaslaitheach.


L. 71


Dá bhrí sin fógraim
díbhse, a óga,
ar feadh na dúiche:
Bíodh an tóir
againn ina dheoidh
go fíorshiúlach.
Cuardaíg garbhchnoic
ina mbeith beannaphoic
ar bhinn sléibhte,
Óir is cleachtadh leis
dul chun reatha leo
go fíoraerach.
Ná fágbhaíg achrann,
ina mbeith caladh ar bith,
i dtír Éireann,
Dó gan taistealadh
go bhfaighthí amharc air
i gcríoch éigin.



Gidheadh beartaím,
díbh an dailtín
do sheachaint ar aonach,
d'eagla Chathaoir
is foireann na stafaí
do theacht d'bhur plaoscadh.



In áit eile ar bith
ina gcluinfí an reithe bocht
muiniceach maol so
Dhul ar teitheadh uaibh,
déanaíg deifir ann;
brisíg is réabaíg.



An tan gheabhtar radharc air
leanaíg gan mhoill é
an sruithire séithligh.
Beiríg ar adhairc air,
cuiríg fá ghreim é,
an cuirrice créice.



Díbh ní heagla
go rachaidh chun reatha uaibh
tá sé léigneach.
Ar an abhar sin
bíodh sé ceangailte
le cor téide.



Gibé ar bith bothóg,
ag scige le síorthóir,
'na bhfaighthí an t-éagann,
Tugaíg an cocól
chugainn dá aimhdheoin
fá dhlí na héigse.



Siúlaíg feasta gach barrachnoc lom do Sheán
Mar a mbíonn garbhphoic mhaga is gabhair ar fán.
Níl rúiscbhuí chaillí ó Chaiseal go Gleann na Máighe,
Ná músclann sealad chum peaca dá dtabhairt fé dháir.





Toirbhearta faoim' láimh,
Muiris Ó Gríofa.



B 1781 18D
U 0216



BARÁNTAS MHUIRIS UÍ GHRÍOFA
le hEoghan Rua Ó Súilleabháin 1781



De bhrí go bhfuaras fíorfhaisnéis re ceart áitimh



Críocha mínáille Mumhan agus an chuid eile d'Éirinn iathghlas
oileánach le hEoghan Ó Súilleabháin .i. aon de dhearbh-
bhreithiúin na saoithe éigse


L. 72


ar feadh na críche réamhráite go huile.



De bhrí go bhfuaras fíorfhaisnéis re ceart áitimh díse dea-
dhaoine .i. Mícheál Ó Clúmháin do chónaíos i mBealach Uafar
Átha, agus Uilliam Ó hAinnín do chónaíos ar Ród-Chros Thobar an
Nae: Iar n-éag d'éigsibh éifeachtacha ealaíonta, do
shaormhacaibh léannta láneolacha, do shuadhaibh snoite sians-
scothacha, is d'fhíobhaibh frofa fíorfhoghlamtha, do bhardaibh
bleachta binnbhriathracha, agus do dhámhaibh dearfa dea-shamplacha,
do dhraoithibh diamhar-rúntacha dántacha agus do ghruagaibh
dáilteacha snaisrialacha agus d'fháidhibh fonnmhara
feidhmdhlitheacha Leithe maghfhairsinge Mogha, noch ba
dhearbhúdair dréachta dánta agus laoithe, duanta na ndea-ealaíon
san tan gcéanna is san gcruinnaimsir ionar mhaireadar na taoisigh
teagaisc agus na saoithe sárlabharthacha cúirtghairmtheacha
mianmhara meidhirchaointeacha dleachta dílse d'fhíorscoth uasal
urramach gréithre gaoismhara Gael, gur neadaigh is gur
dhlúthghnáthaigh balbh-bhairdín breillbhriathrach bunscolóige agus
cnáimhseálaí ciarsánach cianaosta agus dúrdhradaire díoscair
dítheolach, is fíorfhuirseoir foghaltach faonghníomhach, agus glimsín
glafaídeach glamghlórach agus leamhlorgaire liodartha lomathach, agus
maolmheilit maíteach míghníomhach, agus neascóid neantach
neamhcharthanach, agus pótaire pleidhciúil plámásach, agus ráiméisí
righin rúnchealgach, agus tirimtharabhán tóirtéiseach, i
gcuasphollaibh diamhaire agus i gcumaraibh doimhne do-eolais
an tSléibhe Riabhaigh dárab dearbhainm Muirisín maol
malachlúmhach meangach mailíseach Ó Gríofa .i. feallaire noch do
dhíolfadh an fíorbheagán d'iarmhar na héigse, atá ina bhfuíoll
áir is áirní ar fianscor, agus ar foluail trí inghreim Danar agus
foirneart eachtrann a saorchríochaibh sean agus sinsear clanna
meidhreánaí Míleadh, ar bhrúchtsháith buisinne amhail ba ghnáth
ris do dhéanamh.



Áitíthear fós ag an bhfaisnéisí seo go mbíonn an burdúnaí
beagnáireach so ag imeacht idir sheasc-chailleacha Cois Sléibhe
ina fhear leighis lusa luibhe agus asarlaíochta fá ghné dochtúra
fíorfhoghlamtha ban re tabhairt clainne dhóibh ris na healaíonaibh
.i. an gníomh ná táinig ris do dhéanamh anallód tré dhíth dea-
uirlise agus lachta lántorthúla giniúna.



Bíonn fós an bladaire baothghlórach so, an tan mheathaid na cearda
réamhráite air, ag iomlot ó thigh go tigh ina phaidreachán
chrábhaidh is coinsiasa i measc caschaillichíní ciartha coirtithe
ina gcríocha agus ina n-áitribh réamhainmnithe ag teagasc 's ag
múineadh salm an altaithe agus a shamhail eile sin de phrácas
urnaithe nár ordaigh Dia ná duine do rá ná d'éisteacht, mar shlí
bheatha agus mar ábhar cothaithe dó féin, ó ráinig ina thuathalán
cidh tréan-aineolach i rialacha léinn is lánfhoghlamtha, cidh
deiliúsach d'ordaíonn don bhuíon so Bhealaigh Átha gan m'ordú
sa ghlacadh mar dhlí i ndóigh clú agus meas do thuilleamh dó
féin tré thíocht i gcomhchóraíocht riumsa nó rem' shamhail eile
i gcúlghearrthóireacht mhailísigh, gan uaim aiste ná údarás, ach
ag déanamh deimhin dar leis féin den charadas san do shnaidhmeas
ris agus dob éigean dom go haimhdheonach a scaoileadh tré
míchádhas an chríonchlamhaire seo.



Tar éis na fáthaibh sin, ordaím do gach file feasach fáigiúil
fíorGhaelach an bairdín seo do dhiandíbirt agus do rianruagairt óna
gcomhthionólaibh agus óna gcomhluadar; is dá n-oifigíbh dearfa a
cheangal is a chruachuibhreach agus a bhreith ar an ordú san ina
chime chraiplithe chruachuibhrithe do láthair ceachtar de
bhinnbhreithiúin na saoithe éigse go n-íoca a chríonchorpán
creatlom caisleatharach as leamhlabharthaibh


L. 73


a theangan atá tarsna tuisleach tuathalach teircfheolach, agus
dochum na nithe sin do chur i bhfórsa, ag sin barántas tarraingthe
faoim' láimh an cúigiú lá fichead d'August, san mbliain
d'aois an Tiarna 1781.



B 1784ob 18D
Sirim slua uaimhneach na saoithe sean
Barántas Eoghain Uí Shúilleabháin ar Mhuiris Ó Gríofa



De bhrí go bhfuaireas áiteamh dís dea-dhaoine gur neadaigh agus
gur dhlúthchónaigh balbh-bhairdín breallbhriathrach, bunscológ, ar
neamhéigse éifeacht ná ealaí dó, ordaím do shaoimhacaibh léannta
láneolach na hÉireann, do Mhícheál Ó Clúmháin do chónaíos i
mBealach Úir Átha agus Uilliam Ó hAinnín do chónaíos ar Ród
Chroise Thobar an Nae, go bhfuil tallaire ciarsánach críonaosta,
dúrdhraidire díthuigseanach do-eolais agus fíor-dheoirseoirín
fealltach faonghníomhach agus glimsín gliadarach glamghlórach agus
leamhlorgaire lodartha lomthónach agus maolmheilitín maíteach
míghníomhach agus neascóid namhdach neamhcharthanach, agus pótaire
pleidhciúil plámásach, agus sruthaire silte sleamhainchreimeach
agus truán truaillithe teircfheolach do chónaíos i gcuasaibh,
pollaibh doimhnibh daingeana do-eolais an tSléibhe Riabhaigh,
gurab ainm Muirisín mangach malachlúmhach mílabhartha casleatharach
Ó Gríofa, an feallaire noch do dhíolfadh an fíorbheagán d'
fhíorbhardaibh na héigse tá ar fán, fuair foghlaim uachtaráin.



Ar bhrúchtaíl buisinne amhail ba ghnách leis i dtigh a mháthar
áitíor fós go mbíonn an breabaire cealgach cailliúnach ag iomlaid ó
thigh go tigh ar measc chailleacha ciara coirtithe na gcríoch
ráite, agus a shamhail sin de phrácas ar urnaithe nár ordaigh Dia
ná duine a rá ná d'éisteacht.



Tugaimse ordú do gach file fáigiúil foghlamtha fíreolach et dá
n-oifigí dearfa-san an bairdín seo do dhiandhíbirt agus do
rinnruagairt, agus do thabhairt 'na chime chrimechraiplithe
chruachuibhrithe i láthair cheachtar de bhreithiúin na suadh
éigse, go n-íocfadh a chríonchorpán creatlom casleatharach as
leamhlabhartha a theangan tá trasna tuisleach truathuathalach chum
na nithibh do chur i bhfeidhm agus in eagar air.



Seo bhur mbarántas duit faoim' láimh:




Sirim slua uaimhneach na saoithibh sean
Ba chliste suairc duainte is laoithe ceart,
Cuiríg luathruagairt nó cuibhreach gaid,
Ar Mhuirisín luath-thuathalach Ó Gríofa gan mheas.


L. 74


B 1850lsc 19L
U 0453

De bhrí go bhfuaireas go fíor an tuairisc



Chum faisnéis Chontae an Chláir agus Chóige Mumhan go
forleathan. Ag seo ordú údarásach ó aon de phríomhghiúistísí na
Contae réamhráite, dá ngoirtear Páidín Thoirdhealbhaigh, i
ndiaidh Thomáis Mhic Shiúrtáin .i. táilliúir siúltach suarach
saobhnósach, do ghabh air féin, le húdarás ceanndána, ball éadaigh
oirearc úsáideach do dhéanamh do Mícheál Ó Raghallaigh, aon de
sheanchaíbh fíoreolacha na cóige riomhráite agus do mhill go
míthreorach míthuigseanach an ball céanna. Tar éis trí bhanláimh
flainnín fíormhín sármhaiseach do chur amú leis, ar an ábhar sin,
atá barántas mar seo leanas:




De bhrí go bhfuaireas,
go fíor an tuairisc,
inniu do chráigh mé;
Fear dlí na suadha,
ba chaoin i suairceas,
ag teach an tábhairne.
A chaoinchrot uasal,
ar theacht an fhuachta,
do bheith á chárnadh.
Ag síordhúluachair,
na gaoithe aduaidh,
's a chom gan báinín.



Fógraím ruaig i ndiaidh
mhic an fhuadaigh
do mhill an t-éadach.
Is buainfead cluas de
má fhaighim a thuairisc
i mbailtibh Éireann.
As seo go Cluaine,
nó go Cill Da Lua soir,
má fhaighim an séithleach.
Ní fhágfad ruainne
ar a chloigeann guaireach
gan stothadh in éineacht.



Seo ordú láidir,
toghadh barántais,
chuireas i gcóir dó,
Chum cead tóraíocht'
ar feadh na tíre
bheith ar an lómthach.
Má thagann in bhur líonta,
bainigí an bríste
dhe go fórsach.
'S a hata dá mhaoil,
go ndéanfaidh leorghníomh
ar mhullach an bhóthair,



Le cara na héigse,
seanchaí saothrach,
fiosrach, fáilteach,
Dár mhinic ag béithe
meas ar a thréithe
- 's is minic bhí fáth leis.
Geallaimse féin dó
nach mbeidh ár dtaobh leis,
nuair gheabhad chum láimhe é;
Go bhfágfad créim air,
lena ré,
do chuirfidh an ghráin air.
Ag mná na hÉireann,
bíodh gurab éadrom,
é mar tá sé.
Is gur beag an éiric
linn ina shaothar,
a sheoid 's a shnáthad.



Caithfidh sé íoc
i bhflainnín Mhíchíl
do chur gan tuairisc,


L. 75


Nó rachaidh sé síos
go gcnagthar a phíob,
is gan aon trua dhó.
Más neach as an mbruín
atá ar a thí,
is do rug uaidh é,
Déanadh gearán
leis an Athair Tomás,
is cuirfidh an ruaig air.



Is minic ar teallaigh
duine dá ealaí,
nó i dtigh ósta!
Leis sin, a Mhíchíl,
ná déan faillí
go gcuirimíd tóir air.
Nó rachaidh le gaoith,
is le hearlaíocht,
i bhfad ó chóngar.
A chara mo chroí,
tá an méid seo scríofa,
is cuir i bhfórsa é.



Tá dís laochaibh
ar an dtaobh so,
rachadh sa tsiúl duit:
Míchéal Ó Brógáin,
tá sé eolach
ar gach dúiche,
Is Tailte rábach,
sliocht na sárfhear,
thabharfaidh chúghainn é.
Is má bhíd mná,
ag cur aon stró air,
rachad chúthu.



Cuartaíg sléibhte,
as so go Bréintre,
is go Sliabh Eilbhe.
Líogaibh móra
chnoc na Boirne,
's ar ais don Eidhnigh.
Mura bhfaighthí a thuairisc
insa ruaig sin
bígí foighneach,
Óir gibé cúinne
i bhfuil an snúire,
cuirfear greim air.



Ó tá sibh láidir
bígí dána,
mar a raghaidh sibh.
Brisíg, réabaíg,
glais is géibheann
ar gach teaghlach.
Glaoig is ólaíg
ar an mbóthar,
gach a bhfaighe sibh.
Bíodh ag Brógán
tobac a dhóthain,
nó tiocfa treighid air.



Tugaigí an píopa
do na mná críonna,
is beidh siad mór libh.
Is ar mhnáibh óga,
ná ceil orlach
dá bhfuil uathu.
Ná bígí súgach
in bhur siúlta
ach bígí stuama.
'S ar mhaitheas na Mumhan
ná scaraíg leis siúd,
go dtugthar suas é.



Is mór an sceimhle
torann na díse
mar a ngeobha siad.
Bainfid bíogadh
as na seandaoine
is crithfidh cóbaigh.
Geallaimse dhíbh
nach gcasfaid arís
go dtugaid leo é.
Ansin, a Mhíchíl,
dein do rogha íde
den fhear dreoite.



Críoch.


L. 76


B 1765c 18L
U 0314

De bhrí go dtáinig dís dom' láthair
Uilliam Buinneán
do Sheán Míodhach



De bhrí go dtáinig
dís dom' láthair,
dem' dhlúthchomharsain,
Dá dhearbhadh suíte
fá bhrí an Bhíobla
an fichiú lá d'fhómhar
Go bhfuil Clann Tomáis
ag dul in earráid
ní nár chóir dhóibh,
An dream chiaptha
choirpe chiardhubh
den tsíol ró-olc.



Do fuaireas cullóid
ag an siosón
i mbéal na tulcha
Ó Mhac Cuirtín
is ó gach giúistís
dá bhfuair commission,
Tré Chlann Órla
bheith ar an nós so
'dul as riagail
Is gach dlí córach
ag an gcóip sin
dá shíorstialladh.



Atá duine éigin
den tsíol chéanna
ar na bailtibh seo,
Do cheannaigh diallait,
dóchaint iarla,
spuir is geamaisis.
Atá naoi mbúcla
chum a ndúnta
i gceann a giorta.
Is deir liom Seán
go bhfuil punt práis
ina puimeil.



Ní hé an súisín
atá ina chúisín
dar mo bhriathar,
Ach canvas ciumhaisbhuí
is leathar gaimhnín
as Áth Cliath amach.



Atá breastplate cíordhubh
is pliataí buí uirthi
ó Shliabh Taurus.
Adeir liom Síle
gur leathar ón Scythia
a cover gan amhras.



Do bhí Clann Vulcáin
seachtain is naoi lá
ag déanamh stíoróipí
Is do bhí dhá cheardán
lá dá bprásáil
adeir Seán Ó Bruadaí.



Adeir Mac Uí Dhála
aréir le Pádraig
i dtigh Mhileachlainn
Gur neeb maith cnáibe
ó Chill Airne
atá dá ceangal.



Adeir liom Tomhaltach,
is ní mar shúgradh,
acht mar dháiríribh,
Gur fiú naoi scillinge
ar mharga Mhurchaidh
a cuid síoda.



Adeir liom Mícheál
gur fríoth dá dhíotáil
airbhe nae air,
Is go bhfuil air fíonáil


L. 77


fós tré líonáil
do chur lena bhéibhear.



Táim lán d'eagla
go bhfaighfear damanta
mac mo chomharsan,
Tré na hachtaibh
do rinn ár n-aithreacha
do shíorleonadh.



Ní mé is ciontach
ní mé dúirt leis
ceannach na srianta.
Ná ní mé dúirt leis
spuir ó Lundain
do cheannach ná d'iarraidh.



Ba mhaith an diallait,
dar mo bhriathar,
do mhac scolóige,
Súisín riabhach
is mata fé' thiaraigh
agus croiceann maith fóisce.



Ní dhéanfainn iongantas
gad ná giorta
nó gas cnáibe.
'S ba mhaith an stíoróip
cúpla bruinnleog
bíodh nár ghá iad.



Dá bhrí seo, a Shéamais,
ós tú an receiver,
glaoig leat Dónall.
Is buail go héasca
suas do phléisc
is tabhair an tóir air.



Má gheibhir ligean air
tá mac Uí Urthaile
ar bhéal na slí reomhat
Is glaoig chugat Murchadh
is beidh sé coinnithe
mura bhfuil draíocht air.
Má tá 'ndán duit
go bhfaighir chum lámha é
bris na srianta.
Ceangail a shála
is caol a lámha
agus cac sa diallait.



Tabhair leat ceangailte é
mar do bheadh madra
d'ólfadh crútach,
Go gcurthar cara
suas chun a thachtaithe
le gad súiste.



Atá duine saor
ag Seán Puirséal
do gheabhadh anam dó,
Dá dtagadh i mbannaí
is i dtacaíocht
ná rachadh ar eachara,



Go dtiubhradh a shrianta
a spuir 's a dhiallait,
suas don Eaglais;
Ní bhfaigheadh acht pionós
tré' ndearna d'éagóir
ar na hachtaibh sin:



A dhó ina láimh
le lúib corcáin
nó le teanachair.
'S a chur ar mhuin pocáin
Thaidhg Uí Lorcáin
trí lá marga.



Baintear de a bhríste
is buailtear thíos é
le gas cuilinn.
Cuirtear dos píbe
nó cos píopa
in ionad a shuite.



Tumthar naoi n-uaire
i mbreallán an fhuail é
chun a fholcaithe.
Baintear leathchluas de
is cuirtear béim cuardaigh
san gcluais eile leis.



Sracthar dá mhailí
agus fós dá chadarnaí
an guaireach le teanachair,
Is d'fhabharthaí a shúl,
agus san go bliantúil
ar feadh a bheatha arís.


L. 78


B 1806ls 19T
U 0416

Uilliam Breatnach bile buach .... ádhmhar binnghuthach agus ....
gaol greannmhar an aois dháimhe san gcontae réamhráite chum gach
constábla ard agus íseal taobh istigh do theorainn na contae ....
a lucht cúnta agus go speisialta chuim Dhónaill Uí Chonaill agus a
chomhairle.



Tháinig Domhnall Ó Sé inniu dom' láthair, aon dar mhian
lorgair ...na gaoisGhaeilge, file, fáidh, agus flaith feasach
fíoreolach, dochtúir dána... láidir agus lannaire líofa agus do
dhearbhaigh ar mhóide an Bhíobla bheannaithe .... cleasaí
cealgrúnach dá ngoirthear Silvy S. scoláire ó Ráth Chomáin ....
rug leis ar chomhartha falsa ó thigh Uilliam Uí Naodh san
mbaile réamhráite leabhar Gaeilge ina raibh scríofa mórán duanta,
dáin, readhma, taodhma agus ... oirearca, oráidibh agus orthaí
beannaithe d'fhóirfeadh neach ó bhruid éaga agus bhaol
cuirrithe ar aosáin spéire, ar gheilt ghlinne agus ar dheamhain
ifrinn agus fós go rug an cleasaí céanna an leabhar so leis do
láthair Mhic Crae mórmhallaithe ... an seanóir diablaí as
iathaibh ifrinn. Agus mar do bhí an leabhrán beannaithe ... ar
dheamhnaibh air agus fós gur chuir an cleasaí réamhráite an leabhar
in áit nach féidir leis an bhfaisnéisí an leabhar d'fháil go
dtug ordú ar feadh thuaithibh Mumhan fám' láimh agus faoi
shéala m'údaráis mar leanas etc.




De bhrí go dtáinig
inniu dom' láthair
is go dtug an mánual
cliste san ...
Aon den dáimhe
laoch den tsárfhuil
saorfhlaith cráifeach
....
Adeir an fáidh seo
go milis ráiteach
go ndeinfidh ....



Gur ghluais cneáire,
guagach gránna
i bhfoirm máistir ...



se ... ... sladaí
creimeach creatbhuí
breillsce dail ....



cleasaí
... claon ...
d'iompaigh aibíd



se beartaíocht
ghoid an
do bhíodh ....
thaithíos teampall choillinne
Silvy cladhaire ...




tannuidhe sruthaire spadaí ginte le g ... do bhailíos na nithe
teagmhaois leis go b ... leabhar mar chaipín ar bheal cainín inar
bailíodh bainne ? ... in a mbeadh madraí ag ól aon chasdí ná fós
leanaí o ...




... ling deoraí
tnúthach teolaí
chonnairc an tóraíocht
ar an bhfaiche.
Adúirt nár mhór é
thabhairt le fórsaí
complacht pólios
os coinne an ghadaí.


L. 79


Tugais an feallaire
na duana abhaile ris
le luas a chamachos
do láthair an chléirigh,



I modh go bhféadfaí
an siollaire séimhí
ar son na ndréachtlaoi
a chur i ngéibheann.
... bhí fabharach
ní rug dlúth i dteampall
greim ar ghreann gnáth
an Dáibhí léannta.
Sin ní ár mheabhraigh
Mac Crae an Chlampair
scaoil an leabhar
ris an ngadaí céanna.
Dá bhrí sin gluaisíg,
déiníg cuardach
tríd na tuatha
gnuig an Léinloch.
Gleann Ua Ruachta
Sléibhte Luachra,
an Dá Chích buailíg
as sin go Béarra.
Casaíg ar ais
go hinnealta pras,
síoth, fos, stad,
le sosa ná déiníg.
Cuardaíg Neidín,
ar thuairisc geiltín,
scuab de sheilpín
leabhar Gaeilge.



Déanaíg machnamh
a Léim an tSagairt
cuirtheacht in gach baile
tá taobh ris.
Dá mbeadh a shamhail
i nGleann an Chapaill
bheadh sé greamaithe
ag eagnach aosta.
... go ... aolbhinn
ann 'na chónaí,
flaith is eolaí,
file róléannta.
Dá mbeadh tréanlaoich
triaith nach dóith poinn
ní bheadh an gleo sin
i nganfhios dó féin ann.
Déanaíg láithreach
ar Chill Airne;
ar fuad na sráide
bíodh cloig dá bpléascadh.
Ag tairgsin dualgais
as a thuairisc;
ná bíodh an fuaice
tar bhur n-éis ann.
Imíg den stáir sin
go Cathair Uíbh Ráthach;
ann ba ghnáthach
duine dá cheird so.
Ná déiníg dearmad
do Thomás Ó Rathaile;
insíg eachtra
Mhic Uí Shé dhó.
Ansin triallaíg
ar Dhonnchadh Ó Riada;
ní bheadh san iarthar
gan 'fhios an séithleach.
Go Daingean gan mhoill
is ná stadaíg go fíormhullach
Chnoic Bhréanainn.
.... tach Fionntrá a ...
ag eitiollaigh i measc fraoigh
na heilistrim
seachnaíg é
... gcás
le tuirse díomách
do Dháibhí don dáimh
is binne san áit ...
...... Ó Bruic
d'fhuil chumais mhic Luirc
i dtreasa ba mhinic
ag cosnamh na héigse.
... eadh aon tigh
ná nead fé chirc
as sin go muir
gan lorg don bhaothlach.
...... aniar
re fuinneamh go dian
stracaíg bhur ndiaidh
ceangailte ar théada
An feallaire fiaigh,
fear chreachta na gcliar
má castar bhur dtriall
orthu an téifid .
Cuiríg a thuairisc


L. 80


tré bhur gcuardaibh
ar gach buachaill
is reachtaire caorach.
Glacaígse uaimse
go ndíolfad dualgas
cruinn chomh luath
is gheobhad faisnéise.
Ar theacht go Trá Lí
stadaíg im' ghnáth-thíos;
gheabh sibh árthaí
tuilte do shaorphuins.
Ólaíg sláintí,
slóite fáigí,
cuardaíg fá thrí
oifig an Chraochaigh.
Ná fágaíg seomra,
paodh ná póirse,
i Séipéal an Dóchais,
gan lorg gan bhaochas.
Ba mhinic re fuaice
mar é so luamar
an clog do bhualadh
ar theacht Mhic Chroachaigh.
Ná fágaíg bothán
cúil ná leachtán
ar thuaith an Oileáin ...
gan lorg, gan bhaochas.
Fraoch ná fionnán
cnoc ná cnocán,
cannadh hussa ma dh
....
.... buailíg
chuim Leasa Tuathail
do rug ...



B 1775ob 18D
U 0217

FRITHORDÚ NA MUICEOLA sunn
De bhrí gur dhearbhaigh daoiste danartha



Contae lánaoibhinn Luimnigh mar aon le mórchuaird dhá chóige
mhórfhairsing mhínleathan na Mumhan, le Seán Ó Tuama, aon de
phríomh-bhreithiúin fhíordhlitheacha na fíoréigse is na críochaibh
réamhráite: Ag seo gearán gríofa géarthuirseach do rinne an tAthair
Seán Ó hÓgáin .i. eagailseach uasal ardléannta aoibhinn
ilteangthach: go dtug féin agus an tAthair Mathúin Ó Géaráin .i.
sagart suaimhneach sítheoilte dearscnach dea-shamplach réamhrabhadh
agus forógra follas forleathan don phobal a bheith rompu seachtain
ón lá san go bithchinnte ag teach áirithe den pharáiste chum a
n-ullmhaithe mar is dual agus mar is dleathach san gcreideamh
Chríostúil; gurab é rinn tuathbhodach an tí réamhráite, teitheadh go
hiargúlta óna theaghlach féin an lá ainmnithe sin; óir do líonadar
foraoisí fíordhúnta fiatúla a chroí re doghar agus re doghram dúr
doichill d'eagla go dtiubhradh a bheag ná a mhór dá
bhrúidbheatha don dís naomheaglaiseach réamhráite, agus gurbh éigean
dóibh féin cuid den bhagún do bhí ina phríosúnach, crochta istigh
d'éis liathadh re seacht lánbhliana roimhe sin


L. 81


de cheal chaithmhe, d'fhuascailt óna dhaorchuibhreach agus
d'ullmhú dhóibh féin mar aon le glasraí gorma garbhdhreasacha
do bhí in iargúl gairdín an bhodaigh réamhráite; go measann an
mogha mór fiabhodaigh sin dlí daor damaineach na ndubhghall do
chur a bhfoirm agus a bhfeidhm orthu; gidh mar nach téann dlí ar
riachtanas, agus dá bhrí sin gabhaimse re hais a ndíon agus a
gcaomhnadh ó chumhacht gacha suime dá dtiocfaidh orthu dá thaobh
in aon áit ná ionad cúirte ná comhthionóil tré cheithre ranna
oileáin iathghlais fhearannghlain úraoibhinn Éireann; gur dá
dhearbhadh sin atá an réamhchosc so síos ar a dtugtar supersedeas
i nuashlí Gall:




De bhrí gur dhearbhaigh,
daoiste danartha,
ar dhís den Eaglais
fhíoraonta,
Gur mhaígh go maslaitheach
millteach mallaithe
re dlí go gcreachfadh
na naoimhchléirigh.
Do thaoibh gur leagadar
píosa de sheanamhuic
do bhí aige i bhfraitheacha
an tí i ndaorbhroid,
Is gur scaoil an eaglais
ghrinn ón gceangal é
le fíorneart fairsinge
is fíorfhéile.
Chum dlí dá rachadh
an faingce fleascaigh
níl díon ná cabhair dó
i gCríoch Éibhir.
Ó ríbhrogh Chaisil
go fíobhaí an Daingin
is timpeall mar sin
go Baoi Bhéarra,
Nó síos dá rachadh
go díontsreabh Dhealgan,
mar ar cloíodh na Danair
le príomhGhaelaibh.
Beidh roímhe 'na sheasamh
an bhuíon do ghreadfas
a chroí is a chraiceann
le righinchaolach.
Suim ná gabhaig
san ríceach reatha-sa;
a dhlí ná a labhartha,
ní cuí a n-éisteacht.
Níl maíomh ná maitheas
ná brí ina bheartaibh
ach a chroí re cealg
chun círéipe.
Maím is measaim
gur gníomh ó fhlaitheas
do scaoil as ceangal
na righintéide,
An daoirseach deataigh
de dhíth a chaithmhe
tug aimsir fhada
i bhfíorghéibhinn.



Ceangal



Mo dhíth, mo bhrón is dóite an bheart dar leamsa,
Dís den ord is de phór na bhflatha seanda,
Fá dhlí tar cóir ag cóbach cleasach cantlach
Ag maíomh a lóta dhreoigh de cheal a rannta!



Ní coir ar Eaglais bheannaithe mhíorúileach
A gcuid do tharraingt as glasaibh na daoithiúlacht
Is gur fios a dteagasc is aitheanta an Rí dhúinne
ag cur na marbh is ag amharc na bpríosúnach.


L. 82


B 1750 18L

De bhrí gur dhearbhaigh saoi de shagartaibh



Contae Luimnigh mar aon le mórchuaird Éireann go huile, le
Seán Ó Tuama.



Ag so gearán géarthuirseach an Athar Seán Ó hEidhin, .i. sagart
suaimhneach sítheoilte suáilceach saoirbhéasach, chónaíos san
mBearnainChoill san gcontae réamhráite Luimnigh do láthair
Sheáin Uí Thuama an Ghrinn, aon de phríomhbhreithiúin
fhírdhleathacha na suadhéigse san ríocht réamhráite an treas lá den
mhíosa Abráin san mbliain d'aois an Tiarna 1750:



Gur dhearbhaigh an sagart réamhráite ar mhóide an phortúis dhiaga
go dtáinig tionól mallachtach i ndubhdhoirche na hoíche timpeall a
theaghlaigh, agus mar aon riú sin ceithearnach cnámhársa cuirriceach
cromcheannach cíordhubh crosta cróinfhiaclach, buí borrthach
brachshúileach, pusach pioslach pollghnúiseach, agus é ag iomlot ina
chranca chromcheannach chamstágach, ina chaimearthach chrácach
chaolscrogallach, agus ina shruimile shraoilleach spairtshiúlach,
dhraíochtach dhuáilceach dhrochfhaicseana; gur ghoid an conablach
clamhchliathartaí sin ón sagart réamhráite: -



Éan éadrom aerach éagsúil, fearúil fearga fírniata, meidhreach
maisiúil mórálach buacach beannaithe binnghlórach, uasal álainn
ámharach ealaíonta, ba fhearr mian méid agus maise, cruth creat agus
cuntanós, ábhar ealaí agus aireachas, faire forcamhás agus
forchoiméad, tréithe tráthaíocht agus tráthúlacht, d'éanaibh na
cruinne go comhlán:



Ag seo an barántas:




De bhrí gur dhearbhaigh
saoi de shagartaibh
go cuimhneach cathaitheach
caoidheorach.
Gur shín leis aicme
den bhuín sin d'eascair
ó dhríodar Danar
de dhroim bóchna.
Le díoltas daingean
do rinn a chreachadh
san oíche gan fhios
dá phríomhchomharsain.
Do bhí ina bhfarraid sin
straoille seanduine,
draíochtach danartha,
díthchomhairleach.



Tríos gach milleadh
do rinn an scruta
le díoltas buile
agus le míchóthrom,
Thug sí re fuinneamh
ar ríghas coiligh
do bhí ag an siollaire
croímhórga.
Ler mhínghoid misneach
mo ghroíre curaidh
de bhrí gur imigh
an tsaoi threorach,
Ba díon ba dile
ba caoin le coimirce
an tí is na foirinne
ó mhillteoireacht.



Ba saoi le binneas,
an ghroíghin choiligh
san oíche ag feitheamh
na gcaoilnóimeant.
Le gaois le gliocas
do shíolraigh chuige
ón NaoimhSprid mhilis
le príomhchumhachta,


L. 83


Ag glaoch gan tuirse
go cuimseach cliste
is go bríomhar bileamhail
binnghlórach.
Gan díth gan milleadh
de shíor gur choinnimh
A bhuíon fá choimirce
an rí ghlórmhair.



Ba buacach baramhail
muarga maiseamhail
suaimhneach seasmhach
sítheoilte,
An gruagach greannmhar
dualach dathannach
fuadrach fearamhail,
fíorchróga.
Ba luaimneach lasamhail
uasal acmhainneach
cruaidh do ghreadadh
le groí-óirspoir,
Anuas i mbathas
nó i mbuaic a namhad
go buan chun reatha
dá shíorsheoladh.



Ó Luan go Satharn
is trua na cearca
fá ghuais ag screadaigh
go scinnghlórach.
Go luath ó cailleadh
a gcuaille casnaimh
ba dual dá samhail
ar shlí tórmaigh.
Monuar is measa liom
buartha cathaitheach
mo shuaircfhear seasmhach
sítheoilte.
Ó ghruanna an tsagairt
anuas go dtagaid
na sluaite srathanna
síordheora.
Ar shuadhaibh aitchim,
gach suaircfhear searcach,
is lucht duana a chanadh
go caoineolach,
Ba fuadrach feasach
i dtuairim ranna
in uaim in aiste
's i scríbhneoireacht,
'Nbhur gcluain dá dtagadh
an fuaice fleascaigh
nó fuaid dá shamhailt
in aon bhóthar,
Buailíg, bascaíg;
a chruachreat greadaíg,
gan trua gan taise
don fhíorlómach.



Fuagraím feasta
dom' Ruairí reatha 'nois
cuardaíg leasa
agus groí-mhórchnoic.
Cuardaíg leathanchnaip,
Tuath faoi aireachas
is slua sí sealga
ar thaoibh Bóinne,
MuarChlíona acmhainneach
suas faoin ngarbhchloich,
Ruairí an Ghleanna
chois Tí Mhóire.
Cuardaíg Cearbhall
Chluana Aoird acmhainnigh
is buabhuíon mhaiseamhail
Dhoinn dhóidghil.



Cuardaíg mar sin dó
cuantaí is cealla
na slua sí seasaimh sin
Droim Eolainn.
Gach nuashlí calaidh
is tuaithibh treafa
ar fuaid suim bailte poirt
Chríoch Fódhla.
An tan buafíor amharc
an fhuaid bhuí scrata libh
a chuail chríon ceangalaíg,
síorfhógraim.
Bíodh a uaithní ag cnagarnaigh
i gcruashnaidhm ghadaraigh;
's is trua a phíp agamsa
i gcaoilchorda.



Go fíochmhar feargach
tíodh an gasra
gruig Aoibheall Chraige
na ngroíleogan.
Is má bhíonn an raiste,
fá dhíon a tearmainn,
scoilíg fairsinge


L. 84


an ríróid leis.
De shíor ná stadaíg,
dá bhfuigheadh sibh amharc air
go binn dá chartadh
ins gach aon bhóthar,
Go tíocht abhaile
cois taoibh an Gheata
fé dhaoirse ceangail
don fhíorlómach.



Ceangal



Fógraim faoi dhó anois do thogha na bhfear:
Tógaíg bhur seolta go lonn le neart
an stróinse seo seolaíg go crom ar nasc
Cois Mhór-Gheata Mhóngrait ag Lom na nEach.





Toirbhearta faoim' láimh,
Seán Ó Tuama.
Foircheann.



B 1766 18L
U 0307



Contae an Chláir mar aon re mórchuaird Leatha Mogha go huile,
maille le Tadhg mac Sheáin aon d'ord ollmhúinte na hardLeatha
réamhráite. De bhrí go dtáinig Séamas Ó Seachnasa .i.
scolamháistir uileolach ollmhúinte do chónaíos ag eadartheagasc na
n-aos n-ealaíonta ag an nGeata Dubh in iarthar Chorca
Bhaiscne san gcontae réamhráite dom' láthair agus gur
dhearbhaigh ar mhóide an naoimhBhíobla go dtáinig foghlaí falsa
feillbhéasach san am mharbh den oíche, timpeall a scoltheaghlaigh
gur nocht ar a dheigh-chliathán é agus gur bhradaigh leis go
feillbheartach as dá thaobhán réidhe rófhada d'adhmad an
teaghlaigh sin, ionas go bhfuil sé féin agus a dheisceabail re
fuacht agus re fán agus fá urchóid na síne ó shin i leith de
dheasca na foghla sin.




De bhrí gur mhóidigh
an scolaí eolach
fá bhrí an Bhíobla,
Go dtáinig cóbach
de Chlainn Órla
fá choim oíche.



Do rinn fórsa
fána dhoirne
ar a theaghlach.
d'fhúig sé stróicthe,
briste breoite,
ar díth adhmaid.



Deirim gur cladhaire,
coirpe deimhneach
is fíorchneámhaire,
Do nocht teaghlach,
is do shlad adhmad,
an chaoinmháistir.



Is mór an easpa
mar a mbíodh taithí,
na naoi mbéithe,
Bheith ar neamhchrích
i ngeall ar ghadaí,
do rinn eirleach.


L. 85


Gona uime sin fuagraim
dom' lucht cuarda
taisteal is tardal.
Leantar an fhuaid
libhse gan fuaradh
feasta go sármhaith.



Breith ar an gcóbach,
's a thabhairt ar scornaigh,
ceangailte im' láthair,
Go dtuga cuntas
créad fár iompar
leis an t-ádhmad.



Chum cúirt mairseal
chur ar an bhfleascach
linn gan chairde,
Agus a chrochadh
suas go follas
le rinn cábla.



Ná fágtar cluain
ná cumar cois cuain,
leirg ná arda.
Is fós na hAnnaí,
dob eol don ghadaí,
cnoc ná fánta.



Is aitheanta daoibhse,
ar olcas a ghníomhartha,
agus a thréithe
Nach d'fhuil Mhíleadh
an t-aitheach suíte
le míbhéasaibh.



Ach de shliocht dhíleas,
Chairbre Chinnchait,
do thit le Tuathal.
Lenar bh'aoibhinn
scrios is díbirt,
bheith ar uaislibh.



Nó Clainn Thomáis
bhíos ag grotháil
go fíorthútach.
d'fhúig an bothán sin
ar neamhaird
ar díth clúdaigh.



Séamas Risteaird
cuirim dá ghabháil
mar chonstábla.
Is Tadhg Ó Seasnáin,
bíodh mar chompán,
leis ina thardal.



Ná fágaíg leataoibh
claí ná scartaí,
ó Cheann Léime
Go Ceann Caillí,
gort ná garraí
gan lomscaobadh.



Ná fós bogach
maing ná currach
fiodh ná gaortha.
Is bíg neamhchortha
ar eagla dulta
ar chúl scéithe.



Ann gach pobal
bígíg ullamh
chum a fhógra.
Bíodh nach gnáthach
fear a cháilibh
ag devotion.



Ar gach cóisir
nó teach ósta
in bhur n-iarraidh,
Bígí gnóthach,
ann gach seomra
is ann gach spiara.



Ná bíodh póirse,
cúil ná comhra
cis ná bearna ,
Libh gan tóracht
go fíoreolach
ar feadh Dáil gCais.



Dá dteangmhadh bainis
in bhur mbealach
ná tigh tórraimh,
Is eol díbh suairceas
gach re n-uair
do dhéanamh dóibh sin.



Séamas seal
le draoidheacht
is le binncheolta.


L. 86


Is Tadhg go sultmhar
ag déanamh ar
gach tórtha.



Gluaistear suas libh,
gan míshuaimhneas,
chum Béal Átha.
Is má ghaibh an fhuaid bhocht
geabhthaí tuairisc
tríd an áit sin.



Bígí múinte
in bhur siúlta
in Uíbh Breacáin
Ar eagla scléipe
bheith le héinneach
de Chlainn Ghormáin.



Ná bíodh bothán
ar Shliabh Colláin
libh gan spiúnadh.
Is má gheibhthí Vulcán
ann ná spáráil
bheith dá dhiúgadh.



Iarraíg eolas
cois na bóchna
chum Machaire Ruainne,
Is má bhíonn an cóbach
in bhur mbóthar
ceanglaíg uaime.



I mBruíon na gCloch
ní bhfaighidh sibh locht
ar ghabháil tríthi.
Is i dTuaith an Mhachaire,
geabha sibh caradas
ó na saoithe.



'S i dTuaith Chlaodh
má chuaigh an meirleach
ní bhfaighidh díon ann.
Is beidh an retreat air
mar fhia saothair
trí na tíortha,



Go hUíbh Cormaic
má chuaigh an stollaire,
uaibh ar coimhlinn.
Beirim m'fhocal díbh
go mbeidh sé coinnithe
mar a bhfuil draíocht air.



Iarraíg an t-eolas
trí gach cóngar
go Tuaith na Fearna,
'S go Tuaith an Chalaithe
táimse dearfa
nach air a tharla.



Bígí ceáfra
tar na hArda
chun an Charbhaill
Ar eagla an chneámhaire
do dhul san mbád uaibh
le tairmeasc.



Críoch bhur dtaisteal
timpeall cladaigh
chuin an chuibhrinn,
Go Dún Atha
Is go Cill Bheathach
mar a mbímse.



Faoim' láimhse scríofa
an cúigiú lá cinnte
de mhí Feabhra,
Aois ár dTiarna
áireamh blianta
mar atá rannta
Seacht gcéad déag
is sé ar seascaid
leis gan amhras.


L. 87


B 1776 18D
U 0302

Contae an Chláir mar aon le mórchuaird Leatha Mogha go huile,
maille le Tomás Paor d'ord ollmhúinte na hardLeatha
réamhráite.



Ag seo tromchasaoid agus géarmhilleán shagairt agus mhuintir Dhún
Atha ar Sheán de hÓra .i. scológ scallaídeach scoithbhéarlach,
ciabhliath crosta cabluaith, dubhach dordha doshásta dona
dranntánach, éilmheach eascaoin éagórach, feargach fairsingfhéasógach,
gruama gortach gleaim-ghéagach, lúbach lachtna lúbarnach,
d'éalaigh gan chead gan ceileabhradh ó ríbhainis do bhí dá
caitheamh i nDún Atha réamhráite, gan fhios a shiúil ag na
fialbhuíne sin ó shin i leith. Agus is í is ealaí don leamhscaire
sin mar fuaireamairne anocht ó lucht inisin na scéal, ó lucht
taistil na ród, agus ó lucht léite na leabhar, bheith de shíor ag
ardmholadh clanna daoithe mar atá saoir, maoir agus muilleoraí,
Sagsanaigh, bodóglaigh, samharthaigh, fiatacha mná lena rachadh,
agus gach daoraicme eile ar a bhfuil mallacht a sinsir ó aimsir na
háirce de shliocht Chéin agus Chairbre Chinnchait, do rinn
feall ar shaorchlannaibh Éireann go bhfuaireadar fortacht in
aimsir ó Oliver Cromwell ar mbuaint a chinn don Rí Cormac,
agus ó shin anuas go bhfuilid ag dul i bpoimp agus i móráil agus
ag tabhairt tarcaisne do na fíoruaislibh agus do na héigsibh
feasacha fíoreolacha mar aon lena bhfilí breallacha; ar na
hábharaibh sin, más ea, fógraim agus ordaím do gach fochonstábla
is do gach báille agus go speisialta don Athair Séamas Ó Conchúir
agus a chúntaithe breith ar an ríceach seo agus a cheangal agus
a chruachuibhreach le putóig muice agus a thabhairt chugamsa
go Moinín Rois nó do láthair pearsa éigin eile den dáimh; go
mba a dheighleáil as do réir an dlí. Tugtha fám' láimh agus
mo shéalta an ceathrú lá de Mhárta, aois Chríost 1776.




De bhrí gur mhóidigh
triúr den chóip sin
anso dom' láthair,
Go ceart díreach
fá bhrí an Bhíobla
an ceathrú lá 'Mhárta.



Gur éalaigh an Hórach
leis ón gcóisir
go míshásta,
Mar a bheadh sladaí
dhéanfadh gadaíocht
nó gníomh náireach.



Ós fíor gur théarnaigh
go míbhéasach
go Dún Atha,
Is a liacht crúsca
do bhí gan diúgadh
ag na flatha.



Faightear scéala
créad fár éalaigh
go mímhúinte.
Bíodh gurbh é 'ealaí
bheith ag srathaíocht
ar fuaid Mumhan.



Gona uime sin fógraim
dom' lucht cuarta
taisteal is tardal,
Dul dá thóraíocht
gan rún cónaí
ar feadh Dál gCais;



Gan dá oíche
a chodladh in aon tigh
in bhur siúltaibh
Go bhfaighthe libh scríobh air
sul do scinnfe'
tar na triúcha.


L. 88


An tAthair Séamas
croí na féile
mar chonstábla,
Bíodh 'na dhéigh sin
chum an mheirligh
do thabhairt dom' láthair.



Siúltar éasca
anois lem' laoch mear
cois na bóchna,
Insan réim sin
ó Cheann Léime
go Ceann Boirne.



Ná fágtar cluain
ná conair i dTuamhain
gan lorg go sármhaith.
Is fós na hAnnaí
a mbíonn a thaithí,
curtar garda ann.



Iar ghabháil suas duit
bí ar a thuairisc
i mBéal Átha,
Mar do bhíonn sé 'ríleáil
le maolrabháin,
do mhnáibh tábhairne.



Nocht do Thomás
caoin ó Míocháin
atá in ard thoir, -
I dtigh Uí Dhónaill
tá ar cóngar
bíonn sa ráfla:



Bí ar do choimeád,
in Uíbh Breacáin
ar eagla an chóbaigh
Dhul do leataoibh
ghoirt ná garraí
in aon bhóthar.



Cuir dá fhógairt
an fíorlómach
ann gach pobal.
Is ná fágaíg cóisir,
ná teach ósta,
gan a lorg ann.



Ná bíodh bothán
ar Shliabh Colláin
leat gan spiúnadh,
Ar eagla an donáin,
bheith i gcoimeád
in aon chúinne.



Gaibh go héasca
soir trí Shléibhte
fraoigh dhuith Eachtaí,
Is bí ar a thuairisc
le croí suaircis
trí na bealaí.



Tá an chliar fábhrach
ann gach áit duit,
ar feadh na deoise,
Chun a lámhú
gibé áras
a bhfaighid dóith air.



Cuardaigh gleannta
curraigh is allta
is mothara dlúithe.
Cuardaigh fánta
is uchtaibh arda
cuirrithe is mongtha.



Cuardaigh go dlúth dhó,
idir an cúbhar
fhágas an t-uisce.
Cuardaigh múrtha
faobhrtha is géartha
go róchliste.



Ná fág srothán
ná bruach locháin
fiodh ná gaortha,
Ná fós liochtán
ná cuas smotáin
gan ionscaobadh.



Ná fágaíg póirse
cis ná comhra
poll ná spiara,
Ná fós seomra
gan a thóracht
ná cúil iarta.



Ná fág siabhnán
ná clúid cliabháin


L. 89


ná nead circe,
Do réir th'ordú
gan léirchuardú,
ná pluic pite.



Ionsaigh an cóngar
ó Ghleann Ómra
go Clár Tuamhan.
Má ghaibh an lómach
ansa ród san
gheabhair a thuairisc.



Seachain an cladhaire,
go rithfeadh gan mhoill uait,
tar na srúille.
Má fhaighir radharc air
coinnimhse greim
ceangailte cúil air.



Ná glac bannaí
ná fós tacaíocht
ar an hÓrach,
Go ndéana aithrí,
is teacht faoi smacht dlí
mar is cóir dó.



Ná glac duais
ná breab ón bhfuaid
ná leathscéalta,
Gan a thabhairt leat ceangailte
go cruaidh craplaithe
chun a dhaortha.



Críoch do chuarda,
a chroí gan chruatan,
ionsaigh an baile,
Cois na feorann
tré gach bóthar
chum tí Pheadair.



B 1754 18L
U 0201

Gearán et truaíocht Mhíchíl Uí Choinníola, táilliúir saorbhéasach
lántuigseach léannta príomhoilte i dteanga na saoithe seanda,
agus glinncheardach ar mhaithibh Leatha Mogha, do chuir d'
ionsaí mná an Ghleanna Móire ag éagaoineadh léi mar goideadh uaidh
an méid giúise do bhain ar feadh trí lá, do bhí aige le haghaidh
solas geimhridh. Ag seo im dhiaidh an barántas do bheir an bhean
dá caraid, agus an t-ordú cuardaithe do réir cumhachta Shíle
bhodáladh fána láimh 1754. Is é áit ina gcónaíonn an saor
Mhícheálse i nGarraí an tSagairt don taobh theas do Chonaithe.




Do thaisteal chugainn ó shleasaibh Bríde
gníomh nar lean aithinsint;
scéal do bhuair mé go beacht,
is chuir mo chroí i gceasacht ...
Mar tháinig an rangartach spartchluasach,
agus an feannaire fadchuardach,
i marbh na hoíche go hucht an tsléibhe,
ag bradú giúise Mhíchíl aobhdha.
Cár mhiste fear an mhórghabháltais
do scrios nó scramaire snídhearnach?
Ba chuma liom neach san mbith
seoch mo charaid chléibh do scrios.
Bíodh mar dhíol aige dá chionn


L. 90


tine shíor péine is bruid.
Dhá lá fada go teacht na hoíche
tug Mícheál gan bhia faoi íota
san bpluid nduibh ar míchóthrom
ag tochailt giúise i bpoill mhóna.
Do bhí súil a chlainne go meidhreach
lena shaothar mar thine gheimhridh
go dtáinig an bolgaire ruainneach
is do rug uathu mórchuid giúise.
Is doilghe liom go mór ná sin
gan bheith taobh leis ag ardú a ualaigh
Is go ndéanfainn míreanna beaga dá chnámha,
is dá dtigeadh liom do gheobhadh anbhás;
níl leigheas air ach seo amháin,
cuardach a dhéanamh gach aon lá
ar feadh míosa i ngach dóigh -
ní miste cuairt ar andóigh,
sé t'ordú agus do rogha -
fá chríochaibh áille Leatha Mogha,
ná fág coill ann ná mothar
mullach sléibhe riasc otar
poll puathais ná póirse,
ar feadh an dá mhórchóige,
cuas clas ná béal carraige,
uaimh tulach mong ná calafort,
lúb scairte cúl claí,
praip scairte ná gairdín,
bruíon talún, cealla seanda,
craos cumair ná binn teampaill,
tithe muilinn, clasa sáil
fán roth uisce nó san gcáith,
ucht sléibhe, sídh, leas,
's an tigh 'na ndéineadh daoine a gcac,
tithe áithe is fail mhuice,
dá laghad áitreabh, is pluc pite,
súil droichid, fuilín cearc,
tor aitinn, foraois leacht,
poll broic, luí fiaidh,
gleann tulaigh ná ardrian,
buaic crainn, athphort abhann;
bheadh sé agaibh - chuirfinn geall.
Mar a ndóitear dhá tigh
ní feas ná beadh an clamhaire ar phit.
Ná fág alamóir ann ná cúinne,
leabharchomhra gan léirspiúnadh.



Má ghabhair spreasán, tabhair leat an cladhaire;
gnuig fiú a mhagarla curthar fadhal air,
mar sin cuibhrithe tugthar chúghamsa é,
nó gnuig giúistís eile don dúthaigh.


L. 91


Gan suí breithimh, cuirfeam corda air,
le snaidhm reatha fána scornain.
Cuirfeam garda tábhachtach dlúth air.
Crochfam go hard an breaclúirgneach.
Go múnaidh san gcroich ní thiocfaidh anuas.
Bainfeam de a dhá chluais.
Ansin cuirfeam an fearbach fiar
i slí eolach na gceithre rian.
Ós cionn a chinn beidh scríofa an chúis,
mar ghoid ón nduine gan fhios an ghiúis.
I gcás ná tiocfadh an spreas chun t'áraigh,
go raibh dá choimhdeacht de shíor mo ráite: -
fuacht le fán gan díon 'na chomhair;
go mbuaile an phláigh an mealltóir;
gan bonn a ceathair dá shaoltacht
istigh ná amuigh le féachaint.
An uile dhíomua guím dá chrá;
a cheann le fána is in aghaidh gach ard,
ar nós an diabhail in ardghaoith;
go raibh dá chiapadh ag slóigh sí;
a ré nuair thiocfaidh nárbh fhada;
go dtí an t-am, réim gach galair,
go dtaga gan mhoill
anabhuinn stiúir síos go giall
ag tabhairt cúrsa na mírial
dh'eagla sosa d'fháil ansúd,
raghaidh gnuig Liútar asteach san dún,
mar a bhfaighidh méadú gach mírún;
súiste Oscair go daorphléascach,
le fonn gach buille dá ghéarchéasadh;
tráth brúifear ansin a chuiripe amach
raghaidh do chuireadh ní miste atharach,
ag tabhairt cuntais go dtí an ló
ina dtabharfar breath na léirshlógh.



B 1780 18D
U 0308
Do Dhiarmaid Álainn Mac Fhlannchaí



Faobhar is áiteamh
do rinneadh im' láthair
an chéad mhí 'Shamhradh,
Le Diarmaid Álainn
ó Loch na Ceártan -
is dubh do dhearbhaigh,
Ar a ndearnthas,
ó aimsir Phádraig,
de leabhra dearga
Is ar a rinneadh sa Róimh


L. 92


ó bhliain a dó
de chulathaibh aifrinn.



Carn aoiligh
bhí le hais an tí aige
bhí go han-mhaith,
De réir eolais
is finné comharsan
ná déanfa' ain-cheart.
Bhí last báid ann
go trom tábhachtach
agus é tairbheach.
'S is mór go mb'fhearr é
ná aoileach stábla
idir dhá gheata istigh.



Bhí duilleabhar daraí,
coll is glasdraíon,
is bláth an aitinn ann;
Raithneach fhíorghlas,
féar is foinse,
lóch is feamnach,
Aoileach stábla,
chruinníodh Máire
go ró-an-mhoch,
I ndiaidh chapall na gcomharsan,
ar na bóithre,
'teacht ón margadh.



D'fhinné mhóráin
thairg Uilliam Ó Colmáin,
punt is daichead air,
Chum leapacha teo
do dhéanfadh só
do chríochaibh Banba.
Dá bhfaigheadh sé é
ba mhór a réim
is ba rócheannasach.
Do bhuailfeadh sé
ar a raibh dá cheird
as siúd go hAlbain.



Mar do bhí an botún,
'na chomhair sa chinniúin,
níor bhac sé an tairgsin,
Gan a bhreith anonn leis
go Baile na Cúirte,
gurab ann ab fhearra leis,
Go gcuirfeadh na potátaí
i mbarra gach ardchlaí
amach a garrathaibh.
'S go mbeadh fear na ndeachún
ag fáil flagún
ó lucht a gceannaithe.



Fuair sé comhairle
éirí go rómhoch
is a tharrang le capallaibh.
d'imigh sé an bóthar
i measc a chomharsan
ar lorg eachra,
Nó gur tharlaigh
foireann an bháid air
ná raibh ar mhaithe leis.
Mar bhíodar le chéile
santach bréagach
do rinneadar margadh.



d'fhinné Bhríde
is mhórán daoine
is Uilliam Mhic Coitir thoir,
Crúsca bríomhar
de dhúlionn cíordhubh
as corp an bharaille
Ba mhór mar shóltas,
fara píosa feola
is anlann cnaisteanna,
Do bheirfeadh Diarmaid Álainn
d'fhoireann an bháid sin
i gcomhair a chreachaithe.



Adúirt an máta
go ciúintais náireach,
réad dob annamh leis,
Go ngeobhadh sé timpeall
do cheann na tíre
's do Phointe an Bharraigh thoir;
Go socródh compás,
ar Charraig an Ghrianáin,
i gcóir na farraige.
Is go rachadh den tseol sin
go béal Trá Móire,
's go mbuailfeadh talamh ann.



Adúirt an captaein,
ba mhór caithréim,


L. 93


go raibh sin aistreach.
Imeacht an vage sin
timpeall Éireann
gan poinn tairbhe;
Go ngeobhadh an cóngar,
do dhruim an phóirt soir,
gan scáth ná eagla.
Is go mbuailfeadh an t-árthach
darna mhárach
san Leacain Ghairbh thoir.



Ag gluaiseacht dóibh sin,
le togha córach,
gan stoirm gan eagla.
Ach uireaspa tionscail,
do bhain don chúpla,
ná raibh beannaithe.
Do bhuail an t-árthach
talamh is tráigh,
is d'fhan ar an aiste sin,
Fé shúil an áirse,
's a clab in airde,
ar feadh naoi seachtaine,



Nó go ndearna ceo
is connadh dóite
dá cuid earra orthu.
Go raibh sé 'na sheó acu
ar fuaid bóithre,
is cúinní marshanna,
Gach aon chomharsa,
dá raibh i gcóngar,
ag déanamh magaidh fé,
Is tá Diarmaid Álainn
de dhroim tí is áite,
's is mór an eachtra é.
Ar an abhar sin
ní páipéar falsa
is cóir do tharrac dóibh,
Ach ordú rómhaith
do rachas i bhfórsa
gan scáth ná eagla,
Ar a mbeith Tapee is Clayton,
Ross is Taylor,
Moore is Parkinson,
Agus maoir an Mhéara,
na daoine céanna,
ná glacfadh breabanna.



Cuardaíg dúinn iad
tríd an dúthaigh
go Ros Ó gCairbre;
Ó Chiarraí timpeall,
ná fágaíg coill ann,
ná cuais carraige.
Timpeall Éireann
go Cuan Bhinn Éadair
's go Cluain Tairbh leis;
Baile Átha Cliath láimh leis
trí gach lána,
poll is achrann.



Cuiríg a dtuairisc
ar gach cuallacht
suas go Ceatharlach;
Agus go Durlas
trí gach cúinne,
agus scairt achrainn.
Go Carraig na Siúire,
má thugadar rúid ann,
le haonchorp eagla;
Nó go Port Láirge,
ar lorg árthaigh,
chum dul go Sagsana.



Cuardaíg romhaibh iad
suas chun Eochaille
trí gach cladaraigh.
Is dar ndóigh cuardaíg
Droichead na Tuaraí
- ná déanaíg dearmad.
Gheobhaidh sibh na cladhairí,
isna failltí,
cois na farraige.
Nó i mbothán Raidhrí
ar talamh Cheidhlí
i gcnoc an Leath-throigh.



Nuair do gheobhaidh sibh,
an dá stróinse,
bídís ceangailte,
Le cóir corda
ar gach aon orlach,
ó chluais go haltanaibh,
Go dtabharthaí láithreach,
chum Séamas Bearnach
ar a n-aitheantas,
An giúistís cumhachtach
'nar mór é 'eolas
is ná fuil an-cheart,
Go dtabhraid sásamh,
do Dhiarmaid Álainn,
'tá 'ndeireadh an anama.


L. 94


B 1755ob 18L
U 0274

A éigse fheasach fhíoreolach, éistíg le haoir an ardbhúiste
bhundúnaigh .i. bolg féir fleascaigh, agus gad boilg boidichín,
ruathaire reatha póirsí, sleasaire treasca dea-chuire, taistealach
gach tábhairne, fiacal ar síoról dríodar caca na bhfíorlómach,
scraiste bléanlom gacha cóisireach agus foghadóir gach botha .i. an
sruimile sramach sraothartach garbh gréiscithe gortach gardraoite,
súmaire dríbe d'eascair as críonláib Éireann le' ráitear Seáinín
Rua Ó hEachiarainn. Gidh ea, fuaireamairne amach ó lucht inste
na scéal agus ó lucht na leabhar, méid na tarcaisne tug an Seán
réamhráite d'fholaibh bochta fíoruaisle Uíbh Mócuille agus mar
an gcéanna go mbíonn sé ag daoirsiú agus ag ardach a
bhfeirmeach beag ar chlannaibh scológ agus lábánach.



Ag seo údarás fé láimh Sheáin na Ráithíneach chum gach báille dá
bhfuil sa Mhumhain breith air agus a thabhairt dom' láthairse
mar a bhfuilim im' chathair agus im' chathaoir bhreithiúnais
i gCairthe na bhFear.




Gaige gruama
spreallach stuacach
Seáinín Rua
na Léige.
Míolach ceartach
ríceach reatha
straoille bradach
éithigh.
Síol na bhfleascach,
síolrach bodach
daoiste caca
créachtach.
Lóiste dúnsa,
lómach tútach,
óinmhid ghiuncach
mhéiscreach.



Rothaire reatha,
stollaire an bhrama,
slogaire smeartha
...
Fualtán fuailtí
stuacard guagach
cruanid ...
...
Priocaire an chreacháin,
druingire an bhotháin,
sruimile spriosáin
fuafar.
Donán cruachas
bochtán truamhail
maolbhreac ...
...



A scornain scaoileas
tóirse gaoithe
bhreos na mílte
i ndaorbhroid.
Conablach goirgeach,
ó dtig boltanas,
tréna chogansach
craosach.
Seáinín róleamh,
fuath na gcomharsan,
fuaid gan treoir,
gan éifeacht.
Caimiteán coimhtheach
d'eascair táiríseal,
d'aicme ghráin chíordhubh
chréimtheach.



Is réic mar chluinim,
Seán smeirle gliogair,
táiréifid buile
in éide.


L. 95


Duaircghin dearóil,
cuaille fonóid'
truaille bithbhróin
bréantais.
Madra deannaigh,
scramaire salach
callaire cleasach
gréisceach.
Gaige gruama
spreallach suaite,
Seáinín Rua na
Léige.



B 1775 18D
U 0309

BARÁNTAS AN PHOCÁIN



Contae fearannghlas ró-álainn Chiarraí ré Séamas Ó Fiachtain do
léitheoirí na gaoisdháimhe seo san gcontae roimráite.



Whereas do tharlaigh cúis uaill-chruacháis trualéim agus
fíoratuirse dom ar an seachtú lá déag den mhíosa August le cinniúin
an-chuimhneach mhór-lotaiteach thubaisteach thuirseach dhubhach
thrioblóideach thruamhéileach iongantach éagsamhail alta cruachneá
agus lonfheoil mo thrualorgan do thrombhrúdh, do lánbhascadh, do
mhilleadh, do lot, do dhianchréachtadh agus do ghrodleonadh go
cian díleighiste trí mhioscaí mhífhoirtiúnach mhí-ádmharach
bhithbhuartha bréanphocáin choimhthigh mhallaithe do bhí ag
imeacht trí thriúchaibh ina ainmhí ghráiniúil dhíobhálach
ghangaideach fhuafar dhamáisteach gharbhfhéasógach agus é ag
gluaiseacht re fíor-ainteasaíocht raithíochta ionas go gcuirfeadh
músbholadh a ghearreireabaill, agus na mball eile ná hainmníthear,
i laigíbh agus i dtáimhnéalaibh neach ar bith do bheadh i
ngiorracht acra fearainn dó.



Do bhí ag rangás agus ag pocáil go huallach fíoréadrom nó go ráinig
go Gort Curaon, míle ó Lios Tuathail siar insan chontae
roimráite, áit ar bhuail borb-bhuille colgfhíochmhar brostaitheach
namhadach géarnimhneach dá ramharadhairc orm féin, do thuar dom an
toirmeasc roimráite.



Dá bhrí sin ag seo fógra ceartúdarásach daoibh, in ainm na héigse,
á chur léircheangailte oraibhse, agus ar gach aon díbh, leis an
meon so chum dianlorgaireachta agus leathanchuardaithe do dhéanamh
go cruinndúthrachtach i ngach caladh agus aonach, ina bhfuil
amhras nó tuarascbháil agaibh an pocán so do bheith ar feadh
mórthimpeall na contae céanna; agus má gabhtar libh sa líon san é
daorcheangaltar agus cruachuibhrítear libh é go doscaoilte go
dtugthaoi dhom' láthairse é go gceartaítear é do réir na dlí.



Chum sin do dhéanamh ag seo ordú diongbhálta daoibh, tabhartha fám'
láimh an treas lá den mhíosa September san bhliain de Aois
Chríost 1775.



Chum gach constábla, ard agus íseal, san chontae roimráite, agus go
speisialta chum P. Gh. agus a chúntóirí:


L. 96



Is fíor go bhfuaireas
sceimhle is cruatan,
a dhaoine m'anama!
Do líon de ghuais
mo chroí is de bhuairt
do chloífeas sealad mé.



Anfhochain dhubhach
bhocht mharafach thúirseach
shín fá chara orm,
Le smagaide fealltach
srathaire amplach
coimhtheach airceasach.



Creim is táire
fuair fear álainn
in Inse fhearannghlas.
Bréanghabhar cnápach
á mhilleadh is á thnáthadh
le fíorchalmacht.



Cath ródhuaiseach
thugas le dualphoc
gan aon mhearthall,
Do theilg anuas
ar talamh go cruaidh mé
ar tí mo mharaithe.



Scéal te náireach,
é le háireamh,
do réir mar mheastar dom:
Smagaide pocáin
dom' chur i gcruachás
le méid 'acmhainne.



Do rinneadh mo dhíobháil -
ná bígí ag béadán
le haon tarcaisne.
Do bhéarfaidh muineál
righin an phocáin
díol mo mhasla dom.



Mo lorga leonadh
- is dona an sceol dom
é le haithris.
Tubaiste is ciach air
i bhfoirm an diabhail;
do bhí an poc mallaithe.



Do thraochfadh Ájax
an laoch láidir úd
is do threascarfadh.
Is Hector álainn
mar Phriámus
is úr do leagfadh coirp.



Ní sheasódh Caesar
ná Oscar tréan
ag tabhairt catha dó.
Is is beag mar iongnadh
daoibh mar thurnaigh
mise in anbhroid.



Is fearrde an tír
'na mbeidh sé tnaoith ann
gan aon dearmad.
Déanfaidh cullóid
do gach foltóir
arna gcasfar é.



Power is order
go lom fém' láimhse
do gach teachtaire,
Thabharfaidh cuaird,
ar feadh na tuatha,
i ndiaigh an gharbhphoic.



A Phocáin choimhthigh,
mhaslaithigh mhilltigh,
is tú do chealg mé.
Ní fhágfad leadhb
má gheibhim greim ort
gonuig fiú an mhagairle.



Aitchim gach fáidhfhear,
ó Ghaillimh go Gáille,
do scríobhfadh ranna ceart
Dáimh is cléirigh,
baird is éigse,
is cruinn an eagna:



Cuiríg triúr
agus duine i ngach cúil,
'na dhiaigh dá cheangal dom,
Do thabharfaidh chúghamsa
ar bhun dúide
an fia fearba.



Rachaidh go luaimneach


L. 97


scathadh den fhoireann so
ag déanamh gazetting,
Is ag fógairt dualgais
do pé suaircfhear
chuirfidh fá dhaingean é.



Déanfaidh a chlíothrach
do mhórán críocha
maoin is tairbhe.
......
......
a righinleatharach.
...... de nach call d'insint
insan aiste seo.
...... lán
mar sparán airgid.
...... de
le linn a leagaithe.
Déanfaidh a sheithe díon
ar bhaitheas a gcinn
do mhórán eagailsibh.



B 1823 19T
U 0305

Contae Chorcaí le Dáiví de Barra, ollamh et éigsean i ngutha
tuaipliseacha baothchiallacha an chontae roimheráite.



Dobheirim fios fáthúil agus nótas údarásach dom' chomharsain agus
dom' lucht leanúna, agus do gach fear cumainn lenarab uch mé, agus
fós d'ollamhaibh agus d'éigse na tíre: Go bhfuilim buartha
trua seangchliabhach le haghaidh na Nollag de dhroim beartaí
bradach truaillithe spadánta do thug amus san oíche i gcúil iargúil
atá i bhfogas dom' thigh chum tairbhe et úsáide na cistean, agus
gur ghoid suim áirithe, gan tairbhe ina n-áireamh, de chrannaibh
tuídithe crua tiubhdhuilleacha den bheatha ladharaigh uanta ar a
nglaonn uaisle agus daoine galánta coleworth nó flower of
vegitables. Agus ós dom féin atá a dhíth, is ná braithim aon ar
tí mo chabhartha, tabharfad barántas le haghaidh a chuardaigh i
ndóigh go gcuirfinn cumaoine orm féin agus ar an ndúiche 'na
bhfuilim ag tabhairt an bhradaire chum leorghnímh agus solais:




Mar atá go dtáinig
aréir cois m'árais
i gcúil bhí leasaithe,
Le feamnaigh trágha
is aoileach stábla,
- bhí aol is gainimh air,
An beartaí suarach
de bhradaí bhuartha
le croí bhí cealgach.
Is ghoid 'na mhála,
mo chuid cabáiste
do bhí róthaitneamhach.



Greadadh ar na peelers
is maith do dhíolaim
leo gan tairbhe,
Ach codladh san oíche
is slogadh na dí


L. 98


dhe sháil gach baraille.
Is é maith a ghníd dúinn: -
thánadar timcheall
is rugadh arm leo.
'S an madra bhíodh
ag faire ár dtí
ní foláir a bheith ceangailte.



Ní bheadh leo spleáchas
d'aon chonstábla,
don fhear tá 'bhfarraid dom,
An fear toghaí láidir
'na nglaotar gnáthach
Risteard Mhac Gearailt.
"Imigh, a shárfhir,
glac liom páirt,
tóg béatar bata leat.
Is beir mo bharántas
daingean id' láimh
mar dhíon chum seasaimh dhuit.



Cuardaigh seomraí
poill is póirsí
is faoi thóin gach leapa acu.
Bris is réab
is srac ó chéile iad
go ró-acmhainneach.
Cuardaigh botháin
is bris na corcáin
is ladharáil anairthe.
Ná fág cupóg
ar a dtóin ná billeog
ar a dtaoibh i ganfhios duit.



Ná fág poll circe
ná cróitín muice
ná cúinne garbhchnoic,
Díg ná puathais
ná cúinne ruaitigh
'na mbeadh cré dhearg ann.
Do choiscéim tóg,
go cruinn le fórsa,
is má thír in' aice sin,
Mar dhiallait nua,
faoi mharcach mómhrach,
do bheadh sé a' cnagarnaigh.



Ná fág cumar,
ná poll uisce,
ná díg leasaithe,
Ná cruaichín móna
is na cuirceoga
'na mbeadh beacha iontu.
Bris gach suíste
gheobhair cois na grísce,
ar a suíd mná seascaire.
Is má chír satchel mhór
ar a dtaoibh ná póca,
cuir do lapa orthu.



Má gheibhir tátal
in aon áit air
is urusa é aithne.
Do bhí sé bán
mar chiarsúir lawn
'na mbeadh roinnt sneachtaigh air,
Is fáth an gháire
'na ghnúis de ghnáth
mar scoilt a barra aige.
Is má thagair taoibh leis
beidh sé ag gíogadh
mar bheadh sé ag freagairt duit.



Má thíonn cóbach,
treasna an róid leat,
'na mbeadh béal smeartha aige,
Tabhair fogha ded' mhórstaf,
'na chlab le fórsa
go bun a charabaill.
Tabhair rop nó dhó dhe
i bpoll a thóna
ach ná bí ar mearthall.
Nuair gheabha' sé an ghaoth
ná bí ar a chaoi
nó is deimhin go leagfaidh thú.



Is beartaí séithligh,
de bhradaí caorach,
atá ró-easmailteach,
'Na bhfuil a phluc scólta,


L. 99


ó alpadh feola,
is ó ól gach dradarnaigh,
Do cheap gur nócht dhó
béile sóil
do bheadh bog sochaite aige,
Le smior is smúsach
is crobh 'luaithreach,
do bhíonn san ranga acu.



Is aon is dóigh liom,
tá 'déanamh dó dhíom,
is rug mo lachain leis: -
Iad 'sciobadh dhen linn
lá Domhnaigh is daoine
ag éisteacht aifrinn.
Má chuireann sé roímhe
orm casadh arís
go raibh a loirgne cnagaithe,
Is go raibh mothall a chinn
'na stothallach chríon,
le fíorghá aiscithe.



Má gheibhir an súbhaire,
staith is brúigh é
is tabhair é ceangailte,
Go bhfeasam a chúis,
is go gcuiream air cúirt,
i ndíol ár sladaithe.
Más maslaithe í 'chlú
cuirfeam é anonn
san áit ná casfadh sé.
Nó bainfeam go dlúth dhe,
díograis mionn,
gan goid faid mhairfeadh sé.




Toirbhearta fám' láimh an 7ú lá déag
de Dheasrán 1823. Dáiví de Barra.



U 0417



Ar bhfáil barántais dom ó Dháiví de Barra chum a chuid cabáiste
agus lachan a chuardach, agus ó phointeálais ormsa seach aon duine
eile sa dúiche, is duit nach miste sin, óir ní spárálfad mo bhróga
ná mo chosa go gcaithfead go glúine iad; agus ní spárálfad mo
shláinte an fad bheas aon lúth ionam; ní spárálfad mo theanga
acht ag síorchur a dtuairisc go dtugad an bithiúnach ceangailte
id' láthair, nó caillfead an t-anam leis.




Ag so an barántas
daingean láidir
agus seo mé ag gluaiseacht,
Ar lorg an chabáiste
goideadh ó Dháiví,
agus a lachain uaisle.
Do thug ón Spáinn iad;
ba mhór le háireamh
gach paiste dá ngruaga.
A gcuid clúimh bhí dearg
i gcumasc thaitnimh
buí bán is uaithne.



Cuardód an paróiste
uair nó dhó dóibh
is timpeall na gcuanta.
Cuardód na comharsain
sul rachad tar m'eolas


L. 100


go gcuirfead a dtuairisc.
Ar ngabháil an róid dom,
theangmhaigh liom ógbhean,
is dúirt liom gluaiseacht.
d'fhreagras í
den chomhrá chaoin
gur oir sí go mór dom.



Adúirt sí as m'ainm:
"an ndeachais go tigh Raithil
nó a' rinnis é chuardach?
Atá na comharsain aige creachta
ag goid uathu i ganfhios
is ag gabháil leastuaidh díobh.
Goideann sé na caoirigh
is lachain ón linn
agus garbhthoir mhóra.
Goideann sé an anairt
is braitlíní geala
is tá an baile aige suaite."



Do ritheas go tapa
go ndeachas go tigh Raithil
is do rinneas é chuardach.
An tan chuas-sa tar tarsaigh,
do phreab sé ina sheasamh
is d'fhiafraigh créad do bhí uaimse.
Adúrtsa á fhreagairt
go raibh mo bharántas daingean
is go gcaithfinn é chuardach.
Is do shás mo staf bata
siar chun na leapa
is gach cúinne eile fuaireas.



Do fuaireas na lachain
i bpoll insa bhalla
is na garbhthoir mhóra.
Is do chuas go dtí Raithil
go ndéanfainn é cheangal
is go dtabharfainn é suas duit.
Do bhain sé chum reatha
soir chum an Daingin
is bharra Dhún Guairne,
Go Cluain Molt an mharcaigh
is go Tulaigh an airm
is go hEochaill do chuamair.



Is do chuamair den stáir sin,
soir go Port Láirge
is go Contae Loch Garman;
Contae an Rí -
do ghabhamar tríd,
agus go Contae na Gaillimhe.
Contae Bhaile Áth Cliath
do leanas 'na dhiaidh
is go Contae Cheatharlach.
Trí Chontae na Mí
do chasas aníos
chum Contae Luimnigh.



Níor fhágas gleann ná coill
gan é thiomáint tríd
is trí gach garbhchnoc.
I mBaile Mhistéala,
thánag taobh leis,
is dúrt leis seasamh dom.
Do thóg sé a lámh
is do chaith sé speár liom,
is chuir an-ghearradh ionam.
Do thiteas láithreach
óir bhí sé láidir
is bhuail sé daingean mé.



Do chrom ar mé chiceáil,
lena dhá sháil,
gur bhris trí easna ionam.
Gur fhág sé sínte
gan tapa ná brí mé
is gur chruinnigh an baile chúgham.
d'imigh sé chum siúil uaim
tríd an dúiche
is ní fios cá stadfar leis.
Is ar n-éirí im' shuí dhom,
d'fhéachas im' thimpeall,
is ní fheadar cá leanfainn é.



d'imíos don stáir sin
chum Cinn tSáile
is chum Bráid an Chalaidh siar.


L. 101


Is do fuaireas bád
ceangailte ar thráigh
is sheolas chun farraige.
Do chuas gan mhoill
go hOileán Spíc
is chuardaíos gach daingean dó.
Do chuardaíos an Cóbh
is an tOileán Mór
is Cúirt an Bharraigh dó.



Chuardaíos an tOileán Meánach
trína lár siar
is ní bhfuaireas amharc air.
Is Oileáin Fóite,
chuardaíos seó dhe
mar bhí sé achrannach.
Oileán Thomáis Uí Fhloinn,
do chuardaíos tríd,
is Oiléan Moghlaise thiar.
An tOileán Beag,
do chuardaíos dó
agus Baile an Bhallanaigh.



Ar mo chasadh don stáir sin
Droichead an Oileáin dom
do bhuail umam seanduine,
'Na shuí ar shuíste
ar bruach na díge
is é ag briseadh carraigeach'.
d'fhiafraíos féin
de chomhrá séimh de,
an bhfeaca sé an Raithileach.
Is é freagra dúirt sé
liom drochmhúinte:
"don diabhal a bhfeaca-sa é!"



"Do bhí dhá bhata aige
is é camashalach
is loirgne fada aige.
Do bhí a ghlúine
ag camadh is ag lúbadh
is iad ag cnagarnaigh.
Do bhí leathadh 'na ghabhal
is leagadh 'na dhrom
is tóin mhór fhairsing air.
Do bhí píosa buid
as bun a choirp
is togha na magairle.



Bhí a chliabh clúmhach
ar dhath an tsúigh
is muineál gearra aige.
Do bhí féasóg liath
trína ghiall
is í gan bearradh de.
Bhí dhá mhala dhubha
is féachaint bunscionn
is drannadh madra air.
Do bhí 'shrón leathan
is cnopóg ar a barra
mar bheadh sceachaill mhór.



Do bhí a cheann mór groí
ar dhath an fhraoigh,
is hata beag leathair air.
Is ná haithneofá an stróinse
ag gabháil an ród
má ghaibh sé le seachtain ann."
"Níl fiche nóimint
ó ghabh sé an ród siar
is teangmhóidh tú i gCorcaigh leis."
Ritheas go meidhreach
go Gleann Maighre
is chuardaíos na Bricils dó.



Chuardaíos Shandon Street suas
is ard an Gheata Nua
agus Bóthar na Blarnan.
Chuardaíos fá thuirse,
bun Ghabhal an Spurra,
gach cúinne is lána.
Chuardaíos go ceart
Léitrim amach
is Youghal Lane dó.
Ghabhas an Droichead Nua isteach,
's an tSráid Mhór ó dheas,
gur chuardaíos Cove Lane dó.


L. 102


Do chuardaíos go ceart
an South Mall,
agus Shitten Lane dhó.
d'imíos ag rith
trí Parliament Bridge
is chuardaíos Barrack Hill go
léir dhó.
Do chuardaíos na Flags
agus an Leathan ó dheas
agus an Change dhó.
Níor fhágas aon tigh
i Lána na gCócairí 'stigh
féachaint an raibh sé ar dinnéar ann,



Chuardaíos an Seamblas Mór,
is chum an phríosúin ó thuaidh,
is na céanna go léir dhó.
Gur fhásc orm tart,
is bhí mo phócasa lag,
ní raibh ach leathréal ann.
Do thuigeas gur mhaith dhom
cnagaire grog,
chum mo scornach a réiteach,
Is do chuas-sa isteach
go tigh Sign an Black Cock
chum go bhfachainn an méid sin.



Cé chífinn ach an Raithil
's a phíopa aige á tharraingt
is é sínte ar a thraosta.
Do ghlaos-sa ar an ngarda
bhí i gceann an lána
is do thánadar go léir chúgham.
Do shíneas mo bharántas
gonuig an Sargent
chum é cheangal le téid dhom,
Chum go mbéarfainn é i láthair
an Bharraigh sin Dháiví
go Dún Ghleanna Ó Léithe.



Gurab é sin do chuid cabáiste
agus a bithiúnach id' láthair
is cuir coiste go daor air.



U 0305

Fáilte Dháiví roimh an gConstábla agus Triail an Bhrá.





Dé bheatha id' shláinte
ós tú an fear grámhar
nár ghlac breabanna.
Do rinnis an cuardach
bíodh gur chruaidh é
d'fhonn na maitheasa.
Cá bhfuil an brá so,
tugais im' láthair?
lig dom amharc air,
Go bhfeasad a chúis
nó an é bhí ciontach
i ngoid na beatha uaim.



Adúirt an brá:
"A chara na dáimhe
is deimhin gur fearra liom,
Teacht id' láthair,
ná bheith dom' cháible
ag fear nach cara dhom;
Is duine bocht tréith mé
cráite ón saol
do rinn ródhealbh mé.
Is ní ceart díom dóigh
do dhéanamh ar ndóigh
chum grinn ná tarcaisne.


L. 103


Do bhí roinnt chabáiste
agam im' mhála,
do thug bean chneasta dhom,
Mar chúnamh tís,
i gcóir na saoire,
dom' scata leanbh bocht.
Cé gurb ainnis mé im' shlí,
ní ghoidim aon ní -
is i dtaobh na lachan sin,
Do cuireadh mé i dtabharthas
leo chum cabhrach
d'fháil don teachtaire.



Is an fear so láithreach
in ainm constábla
do thug mé ceangailte,
Ná creid a ráite,
gaige bleagaird,
is tá róchealgach;
Má briseadh a chnámha,
ag titim sa tsráid,
ó shíoról dramanna,
Is gur ag iarraidh cuairde,
staitheadh a ghruaig de,
i measc na straipeanna."



Adúirt Risteard:
"A scrogaire ghránna,
adúirís cheana liom
Go dtugas m'éitheach.
Ach thugais féin é
is is fíor a n-abraim.
Gach ní adúrtsa
i láthair cúirte,
is deimhin beidh dearfa.
Go bhfaighead corda an réitigh
ar do scornaigh féithligh
d'fhonn do thachtaithe."



Adúirt Dáiví:
"Is cruaidh an cás
atá id' choinne, a cheatharnaigh.
Is tabharfad ar láimh thú,
suas don gharda,
go gcuirid i gcarcair thú.
Um Fhéil' Phádraig
gheobhair triail do cháis
idir trí ceathrair.
Is ó ghiúistís álainn
na wige báine
ná déanfaidh bladar leat.



Ar an abhar sin, tógaim
mo pheann im' dhóid
is scríobhaim leat mittimus
Chum seighleora
an phríosúin nua
atá thuas ag feitheamh riot.
Mar Cerberus cúthail
beidh sé súgach
leat sa mhullach air.
Is nuair gheabhaidh 'na dhún tú
Is deimhneach liúm
nach baol go rithfir uaidh."





Dáiví de Barra.
Bunasdó an 6ú lá fichead de Dheasrán 1823.



B 1823fl 19T



BARÁNTAS SHEÁIN DE FAOIT.
Mar atá gur dhearbhaigh
Dáiví de Barra.



Ag so dearbhú agus faisnéis Sheámais Uí Anluain im' láthairse gur
tharlaigh i dtigh taoisigh den dúiche mar ar theangmhaigh le
leacaire leatharmhangach crosfhiaclach cneasriabhach corpghránna
lagioscadach camloirgneach


L. 104


garbh-chrúbach risa ráitear Seán de Faoit mar ar mheas le
fothrom mealbhóg agus le gáróid chainte, agus fós le héagosc is le
forlámhas is le faobhair chleithe a phas agus a ghairm eolais do
bhaint den fhíoraon mhacánta .i. Séamas Ó hAnluain. Agus is dá
dhearbhadh sin atá an barántas mar leanas:




Mar atá gur dhearbhaigh,
go dlúth i m'aicese,
ciúinfhear carthanach
na snasaibhghlórtha,
An title rachmais so
is deimhin gur gearradh dhó,
chum feidhm is ratha
ar na seangheocaigh.
Gur tharla srathaire,
na málaí leathair leis
an Faoiteach easmartlach,
na mealbhóga.
Gur shíl go gaisceamhail,
brí a bhata bhig,
a bhreeze 's a bheatha 'bhaint
den fharaire fhónta.



Scaoinse scramaire
tá millteach mallaithe,
nar líofa a ladar ann
gach garbhlóta.
Ó Bhríd go farraige,
tá luí a phaidire,
'fáil im le heagla,
is greamaibh feola.
Níl caoinbhean mharthanach
dá mbíonn ar 'aithne
ná tíonn an bladaire
le seanghlórtha,
Ag maíomh a bheartanna,
's a ghníomhartha maitheasa,
is gach ní acu á tharraingt
as a bheannaibh chlóca.



Bíonn an plíoma bacaigh so
'cur draíocht is agartha,
ar na daoine dalla so,
ná braitheann eolas,
Ag maíomh gach ainnire
nar líon a mheadar dhó
bheith síos go daingean
ina phaidir sóchais.
Bíonn fós an raga so
ar gach pósadh 'á n-abarthar
ón gCóf go hAiriglinn
is go sleasaibh Móire,
Faoin gclár ag sracaireacht,
na gcnámh ón madra,
is gach árthach smeartha ar bith
dá gcuiridís thórstu.



Mnaoi dís ag faire air,
cois claí agus failleannaibh
i ndígibh garbhchnoic
is camabhóithre.
An caoinfhear carthanach,
Ó Céitinn calma,
is Ó Finn seasmhach
'narb ainm Eogan,
An scaoinse smalaire,
má thíonn 'bhur dtaisteal libh,
gan mhoill é ceanglaíg
le daingeanchorda.
Is go fíochmhar tairringíg
a chaincín smearthadhubh,
go dtí go drannadhphus,
le garbhfhórsa.



So síos a mharcanna,
gan mhoill go dearfa: -
bíonn binn leis ceangailte
'na gcarnann stór léi.
I bpoill na sionnacha,
ní baol go rachaidh sé;
bíonn druinn 'na sheasamh air
is leathadh mór fé.
Bíonn go seasmhach
cois tí gach tabhairne
's a phíp dá searradh aige,
ag faire ar dhoirse.
Ní leomhfaidh gasra
ná dís dá n-abrainn
dul choíche i ganfhios dó,
i dtigh ná 'bpóirse.



Gach caoinfhear carthanach
do chífidh feasta é
ná bíodh ar mearthall
cad is cóir dó:
Go santach ceangladh


L. 105


a cheann 's a chreatalach,
i dteannta mharafach,
le garbhrópa.
A mheill fachaim leasaithe,
le doirnibh daingeana,
le feidhm é tairringíg,
i bhfarraid domhsa.
'S is deimhin gurab aiteas libh,
mar leidhbfead leatharach
an phleidhce bacaigh so
de dheasca a ghnótha.



Aitchimse gach faraire le dréacht is dán,
Is go dearfa na bacaigh so ná réann le Seán,
Bhur ngatha bíodh in achrann go tréan 'na bhráid,
Is staithíg é is tairringíg le scléip is gáir.



B 1750-70fl 18L
U 0277

Do réir ordú Éadbhaird de Nógla .i. aon de bhreathúnaibh na
héigse idir Chorca Mhór Mumhan et Oileán Chiarraí et fós san
réim dhírigh ó Chumar glantsruthánach na Caillí go Cathair
Dhúna hIasc mar aon le mórchuaird Éireann go huile.



Whereas go dtáinig Seán meanmnach maiseach modhúil mín meidhreach
mórálach Ó Muláin, ógbhuinneán béasach bithbhuach maille le
grásaibh Dé agus le gnáthghreann a chomharsan agus a ghnáthghaol
le sagartaibh déarcúla daonnachtacha dea-shamplacha ó iarthar
Mhúscraí go barra Chontae Luimnigh, gur dhearbhaigh ar mhóide
an leabhair dhiaga go dtáinig d'ionsaí a theaghlaigh atá ar
bhéal bóthair, tráth éigin, ní fiosach créad an uair, de ló nó d'
oíche, buigiún bog, bodach breallach bolgfhairsing béalcham, gan
mhodh gan bhéasa, gan Bhéarla gan rince, acht sg siúl dúichí agus
ag luí istigh ar bhochtánaibh neamhthuigseanacha ina shirriam
teallaigh i leith gurab údar is mac léinn é:



Gur ghoid ón mbuinneán rialta réamhráite leabhrán líofa na
solasbhriathra maille re glanGhaeilge, teagasc diachta et fionnachta,
et faisnéis is friotal na bhfealsóntaithe, et gach ní chuim
oideachais don óg don ársa et don aosta ó chláirín na leanbh gus
an bhfoclóir, et fós ó chluiche púirín go bás duine, maille re
seanchas na hÉireann ó theacht na díleann go teacht an dara
hAnraí; agus seanchas na hÉireann ar dtús .i. Inis Ealga,
Inis Ír, Inis Fáil, Inis na Sinardhacht, Muicinis, dá
ngoirthear san mBéarla Ireland, Hibernia, Scotia, Fódhla,
Banba agus Éire; agus dá n-éis uile, Oileán na Naomh;


L. 106


agus fós tuarascbháil gach drong do shealbhaigh Éire ón dílinn go
sealbhas Gall, mar atá Partlánus, Néimidius, Fómharaigh ón
Afraic, Fir Bolg, Tuatha Dé Danann, Clanna Míleadh;
Lochlannaigh do ghabháil ceannas na hÉireann trí huaire; ar
dtúis Tuirgéisius an tíoránach agus a bhuíon gur scriosadh
iad uile le Maolsheachlainn; an dara feacht Siothrach mac
Amhlaoibhe le Ceallachán Caisil, agus le Cinnéide mac Lorcáin;
agus an treas feacht le Brian Bóirimhe i gCluain Tairbh; agus
seanchas na hÉireann do ghairm isteach i gcomhairle na dtrí
mblian eile le hOllamh Fódhla .i. aon ardrí os cionn fhichead
de Chlanna Míleadh; agus an té do cheap malartú armas
d'uaislibh na hÉireann go ginearálta. Do bhí de bhua ag an
leabhar so go leigheasfadh millteoireacht aosáin riabhacha,
brionglóid, múisiúin, briollóga, léana agus mearbhall, míghreann i
mnáibh troma, i lagmhnáibh uaisle, i mnáibh aosta, i maighdeanaibh,
agus fós teagasc agus treoir do lagmháistiríbh scoile, do scoláiríbh
bochta, do bhodcheathrannachaibh, do phasandraibh, do ghiollaíbh
con, do shratharaíbh tíre bhíonn gan d'fháil bheatha acu acht
oíche anseo et eadartha ansiúd. Más aon díobh so, nó cibé duine ar
bith do ghoid an leabhar so, cuirim 'na dhiaidh i gceann gach
mallacht do chuireadh i ndiaigh chaipión Uilliam Brún: -
Mallacht Mhorrison ó Chúil an Fheadáin, agus má tá Cúil gan
Feadán aige, mar aon le bean Thomáis Buitléir; Éamann Rúibí Webb
ón SeanChaisleán; Wise ón Doire; Donnchadh Ramhar ón
nDripseach; Conchubhar ó Liain; mallacht mhná Sheáin Laifin
et mar aon leis sin na horduithe diana so mar leanas:




Mo bharántas dian
ar Charránach crua,
mar leannán ag triall,
go ceartlár gach tuath,
ó Dhriseáin aniar
go Port Láirge an chuain,
Is ó Chruacháin na liag
don Churráith ó thuaidh.



Gach clochán gach cliath
gach polláir gach puais
ó Dhollán na srian
go Siolán na mbruach,
ar dtiomáint 'na dhiaigh
go forránta luath
go trosáilte ag triall
tar leachtánaibh crua.



Gach cosán gach gort
gach cnocán gach scairt,
gach portán gach port,
gach leachtán gach leacht,
gach lochán gach loch,
gach creagán gach scailp,
gach caisleán gach cnoc,
gach stacán gach craig.



I gcuasaibh gach tor,
i gcuardaibh thar lear,
in uaigneas gach cnoc,
i bpluaisibh gach craig,
faoi scuabadh na sop,
i dtuairim na dtreas,
gach puaithis gach scoilt,
ó thuaidh is ó dheas.



Ó Dhún glan na Séad
go Léitroim soir,
ó chiumhais Chnoic an Éin
go Céim Chlainne Lir,
ó bhoird Locha Léin
go Binn Éadair 'na rith,
is ó Dhurlas na gcraobh
go Léimibh na gCon.



Ó Ghuirtín na Stuac
go Páirtín na Sruth,
ó chois Laoi na gcuan
go Craig Chlíona an lis,
ó Ghort Inse Guaire
ar fad síos go muir,
gach coigríoch in bhur ruaig
go faithibh Tí Ghuil.


L. 107


I dtaithí gach ród
's a bhforaois gach gleann,
gach gadaí do gheobhair,
cuir fó choistibh go lom;
ná scar choíche leo
gan solaoid ba throm,
go dtachtfuíor i gcorda
an drochghníomhach cam.



Gach stollaire bocht lochartha do gheobhaidh an tslí
'S i mbrollachaibh na bpoibileach gur mhór a mhaíomh,
Más foistineach san ropaireacht an stócach buí
Go molaimse dhó folascrios an chorda chaoil.



Cú chosanta ná loirgeadh ná fóirithint gaoil,
Tabharthas ná bronnathar don chomhairle dhlí;
Ní cosmhail sin gur fortacht duit a bhfórsa caoin,
Go gcoiscithear ó thoirbheart a sceolbhach bhuí.



Gach doillitheach ba bhronnathach ar chóbach díobh,
In bhur bhfochairse más foistineach an sórt so thíos,
Guím coisgithear a bholg san ar bord is aíocht,
Is lomathar i gcorraghad i gcóir na slí.



Ná gabhaig ón té sin plé ná abhcóideacht,
An fallaitheach éachtach éadrom anghlórach,
Ach gabhaig mo réir is daor an fealsónta
Gan aiseaig i dtéid in éiric 'fheallghnótha.



Ceangal



Screadaíg ó chroí a bhuíon do chluin an méid seo,
Ar bhanaltra an AoinMhic trínne ar croich do céasadh,
Ar í sheachaint go fíor de shíor ar choirthe daora
'S an té do scríbh é, guígig flaitheas Dé dhó.



Finis.



B 1822fl 19T
U 0412

Ag seo barántas Eoghain Uí Chomhraí i ndiaidh rachta tí scoile do
goideadh uaidh.




Mo ghearán cruaidh mo bhuairt mo bhrónsa!
Mo dhíomá buan chum fuascailt domhsa
Mar táim am' luascadh i gcruatan róghoirt
Cráite i nguais, gan suan, gan sóchas!


L. 108


Ba thláith mé am' ruagadh ar fuaid na mbóithre,
Am' charnadh i gcuasaibh uaigneach brónach,
Gan áras buan, gan cuan chum stróireacht
Tar fán gan tuairim buachaill bó 'gam.



Níl cliar ná tiarna riamh ar m'eolas
Sáirfhear fial ná biatach meonach
Ardghin diaga ag riail paróiste
Ná cnápach ciar d'fhuil riabhach Mhic Lóbais,



Nár lámhaigh stiall de rian mo dhóide,
Ar bhánbhrat liamh go niamhacht gleoite;
I mbláth nó 'mbriathar Dia sea bhreoigh sinn;
'S i ráite ciansliocht Ghliaigh mhic Scóta.



Níor ghráigh aon spriata riamh 'n tsórtsa,
Gnás ná triall lucht riartha an eolais;
'S mo chrá! má d'fhéadfas iamh ná góbhail leo,
Go dtarla i gCliath Chill Fhiarach cóir dhom.



Seo an áit nár iadar riamh a ndoirse,
Ar fhánach riain ná ar dhianbhocht breoite,
Acht fáilte 's riar gach mian le cóir mhaith,
álmhach iarla ar aíocht nuair gheobhadh ann.



Dob áthas cléibh leo aon dem' shórtsa,
'Trácht 'na ngaobhar chum léinn do sheoladh,
Ar scáile niamhdha, ar réim is nóite,
I gcás gach céim dá n-aosaibh óga.



Mo thásc is léir gur scéinn tar teorainn,
Tráth ar éifeacht céille 's córa,
In ardMhagh Craobha, saora an eolais,
Dá bharr gur aontaigh tréad go leor mé.



A haithle an scéil sin b'éigean domhsa,
Áras caomh fionnaolda 'thógaint,
A d'fhágfadh saorghlan réidh a ndóthaint
Is áit leathchéad gan éinne 'góbhail leis.



Níor fhás in Éirinn shéanmhar fhódghlas,
Aon stát ná aon chríoch caomh san Eoraip,
An Áifric féin nó san Asia mhór thoir,
Ná aon áit san tsaol aon ghéag comh mór leis.



Ní nár dom féin a léamh dom' chomharsa,
An tráth nár chraobhach préamhach' móra,
A mbláth go séimhghlan saor bileogach,
Lán de scéimh na gléghas' óga.


L. 109


Tan bádh le chéile an saol 's a shlóite,
Ach amháin an méid sin d'aontas Nóah
'S é a d'fhág an tréantuile éachtmhar mór san,
Ar lár fá thaobh poirt sléibhe na móna.



Cás mo chléibh! 's mo chréacht gan fóirithint;
Táim dá éagmais créimtheach scólta,
I mbothán gaofar fé anfhorlann
Ard gach sceirde ar thaobh an bhóthair.



'Ardmhic Dé fuair péin gan teora,
I gcás sliocht Éabha 'shaoradh ó mhórbhruid,
Méadaighse an scéal so 's méad m'éagóra,
Is sásamh daor bain féin den chóbach.



Iarraim 's glaoim tú, 'aon Mhic Comhachtaigh,
Grá gach n-aon tú, is éist lem' ghlórtha,
Ardaigh béim ded' ghéig go cróga,
Is fág gan léim gan réim gan treoir é.



Guím go cruaidh thú, 'Uain ghil ghlórmhair,
Scaoil gach buairt is guais is brón air;
Díbir uaidh gach tuar compordach,
Is bíodh gach uair na sluaite deor leis.



Guím gach uair chúghat suas gach nóimint,
Sceimhle is ruaig 's luanscrios leonta air,
Guím díth buan is scuardach dhreoite air,
Treighid is luas gan trua go deo air.



Screadaim arís le caoighoirt deor ort,
Aitchim fó thrí shuíomh do mhórlot,
Scaipeadh ar a thíos gan buín gan bólacht,
Leagadh agus leíghe gan leígheas gan fóir air.



Peannaid is pian is ciach go leor air,
Galar 'na chliabh 's diachair fós air,
Cnapa agus fiaradh liaithe is mórchrith,
Dalladh ina dhiaidh 's iarsma srón' air.



Anachain riabhach na bliana nua air,
Eascaine chian ó chliar na Rómha air,
Fearg ag Dia leis, 's an diabhal dá phógadh,
'S Peadar go dian ag iamh na ndoirse.



Guím go cráite ár is tóir air,
'S tinte plá gach lá dá scóladh;
Guím é ar lár 's gan fáil é thógaint,
'S guím croch ard 'na dheáigh dó 's cróchar.


L. 110


Feallaire fola 'gus crochaire an chorda,
Shlad mo thigh scoile go fogas dom' chomharsa;
Mallacht an phobail go follas dá sheoladh
I mbealach 's i gconair an donais faid beo é,



Go follas an stollaire bhreoigh mé,
'S deireadh na bhfocal ar glothar 'na scornain,
Oiread le hochtar go cothrom den bhrón air,
'S gan leithead mo stoca air dá chosaint ón gcorda.



Far a bhfuil ráite a chairde, is rún liom,
Faire agus garda láidir lúbach,
Ag ceapadh chum ráis trí lár na dúiche
'S a gceannas barántais láncheart dlúth leo.



Goirim captaon gan séan nó gó ar bith;
Bheirimse saor do Shéamas Óg é;
Lieutenant Keane, mar aon leis seolaim,
Is fiche fear gléasta in éide comhraic.



Ceapaíg mar chúrsa ar dtús Cill Fhiarach,
Leathan is cúng is gach cúinne riamh de,
d'aisce go dlúth fó chúig más mian libh,
Ar eagla an sprionla úd 'bheith ar iarraidh ann.



Tugaígse ruaig is cuardach rómhaith,
I mBaile na Cluaise 's gluastar fós libh,
As sin anuas go luath le fórsa,
Don Bhaile Dubh buailíg go cruaidh na bóithre.



Arís gan dearmad, gabhaig gan chairde,
Trí Ghort Eagailse 's Baile na Páirce,
Sceinníg tarsna go tapa más áil libh,
Tríd an dTearmainn, 's labharaíg dána ann.



Bíodh nach aicme iad tá in easpa smutánaibh,
Bíonn sruthghadaithe eatarthu i ngnáthaimh;
Scaoilíg, stracaíg, 's leagaíg le fána
Tíos gach scraiste acu, nach fearamhail, fáilteach.



Agus gan toirmeasc goirimse slán libh,
'S casaíg gan leisce don Doichilligh láimh libh,
Gidh mheasaim ná faighthear an feillespreasán ann,
Do shladfadh ná ghoidfeadh leathphéirse óm' choláiste.



Leanaíg don scríb sin díreach siar libh,
Go Dún Áth buí 's go Cill Chaoi na n-iascaibh;
'S measaim nach cuí díbh choíche triall ann,
Gan blaiseadh na dí, 's ná bígí dian air.


L. 111


Muna bhfuil tuar ná tuairisc fós air,
Leanaíg leastuaidh cois cuain na mórshruth;
Gabhaig ar cuaird 's is dual gur cóir sin,
Seal ar an bhFuathaigh, is cuardaíg leo é.



Más eagal libh Tadhg, nó feidhm Mhathóna ann,
Geallaim go deimhin ná raghaidh chum gleo libh;
Ach leanfaidh 'n bhur gcoim trí choillte is móinte,
Mo rachta go bhfaighid, nó an cladhaire thóig é.



Gabhaíg arís, ní timpeall mór é,
Garbhchnoic Fraoigh, Móibhín, 's gach póirse,
Is as sin go hUidhill, ná moill an ród díbh;
'S cá bhfios ná faighthí greim cois Feora air.



Gabhaig le fuinneamh chois uisce gach orlach,
As sin go himeall Dún Lice i ngach cóngar;
Is mara bhfuil tuitim aon tsionnaigh dá shórt ann,
Ná stadaíg go sroicheadh libh Muileann an Ghóilín.



Measaim nach miste díbh filleadh ar bhur sáil ann,
Is casaíg go hionad na bhfinneChathánach;
Geallaim ná ligfear chun suite sibh tráth ann,
Gan blaiseadh an ghloine den mhilisbhiotáille.



Is dearbh go gcuirfidh an fhoireann soghrách so
Teachtaire soineanta libhse theaspánfas
Fearann na droinge tá ar fán ón áit sin
Is canaíg le cumann gan mioscais céad slán leo.



Taistealaíg tráth gach ard darb eol díbh,
Leaba agus áras gnáth aon stróinse;
As sin gach ard go tráigh Chill Chróna,
Leanaíg an rás trí lár na móna air.



Muna bhfuil teastas ná eachtra fós air,
Gabhaig gan eagal cois calaithe is feorann,
As sin go dtagair gan mhairg gan leonadh
Isteach go Dún Atha is ná glacaíg leathsceol ann,



Gan colann is baitheas do ghearradh 's do strócadh,
Stolladh agus masla do thabhairt go mór dóibh;
Stollaíg is stracaíg go talamh gach seomra
Lochta agus leaba 'na mbraithfear gur dóigh é.



Gabhaig gan spás aichearr gach cóngair,
As sin go ceárta Sheáin de hÓra;
Geallaim go bhfaighidh sibh arán is feoil uaidh,
Is baraille lán le tál 'n bhur ngeolbhach.


L. 112


Ná fágaíg tráth bothán gan spiúnadh,
Ón dtráigh go hÁth an Ghalláin gan súchas -
Is má tá i ndán ná fágfar iontu é,
Is gearr uaibh trácht go lár Fhurúrach.



Ní foláir nó tá an leannán cinniúnach,
Is an stáig gan aird le fáil 'n bhur gcúrsa;
Má tá, gan spás, faighíg lámh ar urla;
Is lán a chnámh de chnáib air dúbail.



Tugaíg an séithleach baoth so chúghamsa,
Ceangailte ar théid is glaofad cúirt air;
Caithfidh sé géilleadh is staonadh dhúinne,
Is seasamh go n-éistfear plé na cúise.



Is gairid, is léir, go nglaofar jury,
Is rachaid le chéile ag déanamh cúinse;
Caithfid le héifeacht, a réir na n-údar,
'S is dearbh gur daor tar éis na mionn é.



Glacfadsa réim is céim breithiún air,
Is seachtain long day gan bhréag ní thabharfad;
Leagfad mo mhéar le héigean dúthracht,
Is fairis mo shéala ar an execution.



Beidh anfa cléibh is séideadh 's múchadh air,
Ar fhaicsin na téide is aoirde an chrúca;
Bainfear le héifeacht scéal gan amhras
As an reacaire bréan do léirchleacht ampla.



Tá seisear ón éag is dosaon ón sciúirse,
Ag Lieutenant Keane tar éis a shiúlta;
Is do bheirim an créice do réir an chúinse,
Má fheicim go ndéanfaidh féin urrús air.



Ach caithfidh, más féidir, trí gach cúrsa,
Mo rachta go héasca léigean chúghamsa.
Lash is seacht gcéad le faobhar sciúirse,
Leagfar dá éis ó bhléin go cúl air.



Cuirfead fó gheasaibh é seasamh seacht nDomhnach,
Nochtaithe i bpearsain, ar bhaitheas an Teampaill,
Cuirfead seacht ngarbhchailleacha 'gus slabhra
Acu ar a chadairne, is stracadh go lom air!



Bainfead gan dearmad, mala 'gus cluais de,
Is scriosfad dá bhallaibh an leathar le cuaille,
Cuirfead dá bhearradh gach maidean Dé Luain é,
Is cuirfead dos aitinn mar leaba chum suain fé.


L. 113


Cuirfead gan dearmad artha na bpiast dó,
Is léifead salm na mallacht 'na dhiaidh air;
Cuirfead dá cheangal go daingean seacht mbliana é,
In ionad an easpaig nár chleacht a bheith fialmhar.



B 1765 18L
U 0217

Ó Phádraig gabhaig mo leathanphas saor go suairc.



Contae Luimnigh mar aon re mórchuaird Éireann go huile etc.



Ag so saorchead sonaí le sítheoltacht do Phádraig uasal Ó Conaill chum
siúil agus síorimeachta ar feadh poiblíocha prinsiopálta an phrímhchreidimh
in Éirinn réamhráite i measc uaisle, triatha, taoiseacha, agus tánaistí
éigse eagnacha agus ollún, mar aon le gach Críostaí carthanach coinsiasach ó
san amach, re toil Dé, féachain re súile na trócaire agus na truamhéile air
féin agus ar a cheathrar dílleachtaithe, re cúnamh clúdaithe do fháil dóibh
dá gcaomhnadh ar ghalar ghríofa ghrodgháifeach na gaoithe gailshíonach
goimhiúla gargfhaobhracha an gharg-gheimhridh, agus bhéarfaidh a bhuí
sin mar is dual le Dia mór na n-uilechumhacht, mar aon ris an gcúirt ainglí.



Tabhartha faoim' láimh an treas lá de Shamhain san mbliain d'Aois
Chríost 1765.




Ó Phádraig gabhaig mo leabhanphas saor go suairc,
Ins gach áit a ngeabhaidh i mbailte poirt Éireann uais,
Go brách dá chabhair dá chasnamh is dá chaomhnadh buan
Gan bhá gan bhascadh gan mhairg gan bhaol gan bhuairt.



Buairt ná aithis ná tagaradh aon don fhear;
Ba mhór a chaithis fé rachmas an tsaoghail seal;
Níor chruaidh a ghreamanna, is feasach nár dhaor a bhreith,
Gur bhuail an ainnise le dearbhthoil Dé ina theach.



Teach flatha nó taoisigh díbh 'na stadfaidh ar cuairt,
Go geanamhail bíodh gach saoi le taise is le trua,
Cum fairsinge bídh agus dí agus leapa chum suain,
Dom' gharbhfhear Ghaolach ghrinn gan ghangaid gan ghruaim.



Gruaim ná doicheall ná cloistear le héigse an ghrinn
Roimh stuaire an bhrollaigh ghil mhogallaigh bhéasaigh bhinn,
Go buacach bronnaitheach gach ollamh glan éasca bíodh
Nó is buan ár ngutha dá gcoscairt go daor fá chíos.


L. 114


B 1774 18D
U 0308
Tháinig gearán.



Do Dhonnchadh Ó Néill do chaill a bhróga ag teacht ó Chorcaigh.



Tháinig gearán
chugam ón Oileán
i dtús na seachtaine.
Ó dhuine dá ngéillfinn
do réir a bhréithre
ná fuil aincheart,
Buachaill tréitheach
den fhíorfhuil Ghaelach
d'uaisle Banba.
Donnchadh Ó Néill,
is ainm don té úd;
ag so mar dhearbhaigh: -



Ar aonach Chorcaí,
níorbh fhéidir lochtaí,
d'fháil ina mhargadh.
Cheannaigh sé pumpaí
ar mhaithibh na dúthaí
's ní fáth reacaireacht'.
Bhíodar gleoite,
cumtha córach
díonmhar tairbheach.
Is do réir mar chuala
ba mhór a dtuairisc
i dtaobh a maitheasa.



Do bhí a mboinn 's a sála
de leathar Spáinneach
gan aon dearmad.
'S a n-uachtar dlúithmhín,
de sheithe fhionnlaoigh
do bhí leasaithe.
Ba ghreanta na stropaí,
bhí 'na mbrollaí,
gan fuíoll ceartaithe.
Ba mhaise chum búclaí,
'cheangal i dtiúin díobh,
i gcomhair lae an oireachtais.



Ní reacaire éithigh
de ghréasaí Gaelach
do rinne a gceapadh dhó,
Ná fear stracshúl,
na leathar gan leasú,
do bheadh ar margadh,
Ach ceardaí greadhnach
ó lár na Fraince
ná raibh air pairilis.
Sé do ghlanfhuaigh
le meanaidh de ghealchruaidh
gach aon lasca acu.



Do bhí sé an lá sin
go róshásta
mar do fuair margadh.
Chuaigh sé in áras,
mar a raibh scáth air
is shuigh cois baraille.
Do ghlaoigh a chomharsain,
dís nó dhó acu,
go rócharthanach.
d'itheadar spóla,
d'ól a dhóthain,
is ní rinne ragairne.



Do ghluais ar aonach,
ar lomshaothar,
a' triall chum baile dhó.
Is níor tharlaigh aon duine air
dhéanfadh léan dó
nó gur theangmhaigh leis
An captaen, an té
nárbh fhearrde é
do chur an artha dhó,
Chum dul don Ghleann síos
go tigh hAnraí,
mar do bhí an ainnise air.


L. 115


Do bhain le fórsa,
an fear dá bhóthar,
's ní ar mhaithe leis.
Do ghlaoigh a chomharsain,
Éire is Eoghanacht,
an réad nárbh annamh leis.
Ba leathan gach slugóg,
dá dtíodh in' uchtóig,
siar 'na charball.
Ba mhór í a chullóid,
ag ithe bhullóg
's a slugadh dramanna.



Ag seo breis cuntais,
do réir údar,
ar a thuilleadh dá imeachtaibh;
Is cad ba chríoch dóibh
i ndeireadh na hoíche
nuair do scaipeadar.
Do caitheadh an captaen,
dá mhéid a chaithréim,
de dhroim balla isteach.
Is d'fhan san áit sin
's a thóin in airde,
go rug an mhaidean air.



Sé críoch na n-éachta,
brí na scéalta,
is túis na hainnise,
Gur imigh na bróga,
is nach fios cén stróinse
lenar ghabhadar.
Mar is duine Conchúr
ná raibh Críostúil
ó fhág sé a bhanaltra.
Ní haon díchúis
é chur sa phríosún
go ceann chúig seachtaine.



Tá Donnchadh i gcruachás,
dá lomadh ag an uafás,
ní dob annamh ris.
Gur iomdha cuasán
fochma 'gus fuachtán
tá dá ndeascaibh air,
Ó cailleadh ar anaird,
leathar an chineáil,
bhí rómharthanach,
d'ardódh intinn
am an rince
- réad ba chleachtadh ris.



An Barántas.



Ag so ordú láidir
díbhse láithreach
anois chum cuardaigh,
Ann gach áitreabh
dá bhfuil ón áit seo
soir go Tuaraigh,
Agus an lán sin,
chum Baile Uí Bhráthar,
's anoir chun Cluana,
Go Caladh Rátha
go Cionn tSáile
is cois na gcuanta.



Atáid daoine
I gCloch na Coillte
'na bhfuil amhras.
Is tagaíg timpeall,
ar feadh na tíre
chum na Bandan.
Ceapaim an tslí dhíbh,
do shleasaibh na bhFiaraí,
chum Magh Chromtha.
Táid bithiúnaigh,
i mBaile Bhuirne,
mar a mbíodh Colthurst.



'Niar trí Mhuisire
má bhíonn tuirse oraibh,
ní haistear díbh glaoch ann.
Caithíg oíche,
i dtigh an taoisigh,
Donnchadh Mac Éamainn,
Mar a bhfaighe sibh rídháil,
ime agus aráin,
is mórán féile,
Mar a bhfaighidh Labhrás,
lán an tsiogáin,
nuair thé' dá n-éileamh.



Síos arís libh
go Cluain Míne,
agus go Mala libh.


L. 116


Ná leanaíg an bóthar,
ach gabhaig an cóngar,
chun Móin Ainmne.
'Bé agaibh is túisce
go B'lá' Úla,
gheobhaidh sé caladh ann.
'S ná déanaíg dearmhad
dul go Gleannmhair
cé tá sé aistreach.



Aduaidh arís libh,
lom gach dírigh,
chum an chuaille;
'S i nGleann an Phréacháin,
ná fágaíg bothán,
ann gan cuardach.



Tagaíg timpeall,
lom gach dírigh,
chum tí Thaidhg an Ghaortha.
Do gheobaidh sibh cineál,
ó Bhríd Ní Risteaird
ach dul dá féachain.



Tá lucht fuadaigh,
i dtigh na scuaibe,
is bíd go minic ann.
Déanaíg cuardach,
is cuiríg tuairisc,
ar gach nduine acu.
Mar is ann d'fhág Conchúr
an gearrán cruthúil
in éiric buisinne;
Ama agus súgán,
srathar is fáscán,
le togha trucaile.



Ní cúrsaí deimhin é,
ach má gheibhidh sibh,
fáth ná amhras
Ar óg ná críonna,
d'fhear ná 'mhnaoi acu,
beiríg thall air.



Tugaíg a gcorpán
go Corcaigh na gcaisleán,
is ceangal na gcaol air.
Go mbiaid na spreasáin,
fé chuing sealáin,
againn dá ndaoradh.



Críoch.
B 1784 18D
U 0310
BARÁNTAS AN CHÁNA
Míle seacht gcéad sé dheich
agus a naoi,
le trí agus a cúig ceart d'aois
Mhic Dé,
ar thaitneamh na gréine,
an fichiú lá de shamhradh:



Tháinig im' láthair
fear galánta
do bhí insa dúthaigh,
Nach ainnis a cheard,
is maiseach a cháil,
is grinn 's is múinte.



Cia hé féin
ach Ó Cinnéide,


L. 117


an cine nár chráite;
Garraíodóir séimh
ag Seoirse Lake
in imeall na sráide.
Do mhionnaigh go lom
nár mhiste dhó labhairt
go seasmhach dána.
Ar bheatha na naomh
do dhearbhaigh sé
gur goideadh a chána.



Buinneán geal coll,
gan cnap gan dronn,
a d'fhás go díreach,
Gan chuan gan cham
gan stuaic gan beann
gan ard gan íseal.
Réidhghas sámh
de dhath dob álainn
aerach aoibhinn.
Éide phláta
déanta de phrás mhaith
ar an dtaobh thíos de.



Dá bhrí seo, a Bhaitéar,
is díot do ním féin
ardchonstábla.
Atá tú luaithléir
mearchroíoch aintréan
fearúil rábach.
Atá tú eolgach
cliste leonda
lúithmhear láidir.



Is puinn do dhóthain,
agad fád' chomhair féin,
le haghaidh t'fhritheoilte.
Freagair is tarrthaighse,
a Phipeardaigh,
atá tú cróga.
Beir barántas,
faoi mo dheasláimh leat
scríofa i gcóir cheart,
Líonta láidir
i bhfoclaibh dána
i ndlí cheart Sheoirse.



Má theastaíonn uait cúnamh
glaoighse chúgat
an bhuíon is eol duit.
Seachain Bartley;
fág ag baile é
i gcuiric na móna.
Ná beir leat é,
do ghlacfadh sé breab
is gheabhadh sé thórstu.
Glaoig ar an Sítheach,
is preabaire líofa é
mallaithe óg mear.
Buailíg síos
le taobh na taoide
is cois na feorann.



Beir leat garda,
seasmhach láidir,
in airm 's in éide.
Cuartaigh cois calaithe -
ná glac eagla,
geallaim nach baol duit.
Imigh ansúd,
go Daingean Uí Chúise,
tar imeall na sléibhte.
Ar do ghabháil trí Chiarraí
do gheabhair gan fiafraí,
oineach is féile.



Do réir mar chualas,
is flaithiúil suairc
gach nduine isna réim sin,
Gan doicheall ná gruaim,
roimh fhearaibh an tslua
mar aithrisid céadta.
Cuartaigh leat
an Tuath laisteas
ar fad go dté tú
Go Corca na gcuan,
is gan a thuairisc,
ná cas ar aon chor.



Cuartaigh go dlúth
ar fuaid na long
is insna bádaibh,
Ar eagla é dhul
go NuaShagsana
nó go Gibralter.
Ní foláir duit pas
chun dul isteach
go fort Chinn tSáile.
Tá gunnaí móra,
is arm Sheoirse,


L. 118


i bhfórsa ann láidir.



Siúil gach aonach
ar fuaid na hÉireann,
is cuartaigh dlúth iad.
Ar eagla plé
ná achrann scléipe
tabhair an sword leat.



Atáid na hUltaigh
coirpe stollta,
danartha láidir.
Beir blunderbus trom leat,
piostail is holstair
chum murdail más gá duit.



Cuartaigh go doimhin dó
ar fuaid na Laighneach
is tuaith na gConnachtach.
Buail lastáll
trí Chontae an Chláir
cí gurb ann do rugadh mé.
Labhair go séimh leo;
tá togha laoch ann,
stollta coirpe,
Dá mba tú aonmhac
rí na Gréige,
ná tabharfadh urraim duit.



Ná fág pórsa,
siléar ná seomra,
in do shiúlta,
Ná cuartóidh tú
ar fheabhas na Fódhla,
tré chroídhúthracht.



Bris le fórsa
glas gach comhra,
dá gcur as amhras.
Má thigeann aon óigbhean,
ag déanamh stró dhuit,
téire chúichi.



Cuartaigh go haithrinneach,
gach tuath is gach baile poirt,
i gclár na hÉireann.
Ar eagla an dearmaid,
bí anso ag baile chum
rás Ráth Caola.
Má gheibhir eatarthu,
an cladhaire mallaithe,
do shantaigh an séad so,
A bhaill go gcreaplam,
béarfam scannal dhó
is náire shaolta.



Stoithfeam a shúsán,
déanfam é sciúrsáil
trí lá margaidh.
Greadfam a chliathán,
's a dhá shlinneán,
le togha leathracha.
Ní fhágfaimid puinn,
ó ard a chinn,
den fheoil go talamh air.
Nár fhóire Críost,
ná fós na naoimh,
ná cumhachta flaitheas air.



Cuirfeam geoch bhrád,
air le fórsáil,
chum a thachtaithe.
Ceangail a dhá láimh,
le gad leamháin,
síos dá throitheachaibh.
Fáisc an téad chnáibe
ar a phíopán
go daor damanta.
Streachail id' dheabhaidh
trí lár na habhann é
mar ba madra.



Tarraing aníos
gan anam as Daoil é
ach amháin ná slogfadh sé.
Cuir salann is neantóg,
isteach 'na loit bheo
mar bharr dochair air.
Scríob le cárta,
a chlí 's a tharr,
is ná fág tochas air.
Scaoil 'na shómpla
ar fuaid na gcomharsan,
'na chorpán lomartha é.



Ceangail go lom é
ar phocaide gabhair
is beartán aitinn faoi,
Nó trasna ar mhiúile
atá thoir ag Munsail


L. 119


ós í is mallaithe.
Luítear na gadhair leis,
scaoiltear ar aghaidh é
go dté go Acheron.
Is béarfaidh Cháron,
trasna 'na bhád é,
má gheibheann leathphingin.



Scaoiltear an taismeartach
síos go Tartarus
ar sodar drig Pluto
Go cuibhrithe ceangailte,
fá dhaoirse dhamanta,
ag obair do dheamhnaibh.
Beidh súiste ag Oscar
ag rúscadh an chruit aige,
dhéanfas ramhar é.
Is fágtar eatarthu é,
i bpáirt le Tantalus,
go lá an chuntais.



An Ceangal.



Gan chuntas beidh sciúrsaí nimhe le faobhar,
Ag naoi gcúpla de dheamhnaibh dá ghreadadh ar gach taobh,
Idir gach cúil is cúinne ar fuaid ifrinn daoir,
Nó go múintear an scrúile i gcaitheamh a shaoil.



Foircheann.



B 1755ob 18L
U 0242

Ag seo barántas bunúsach bríomhar buanchumhachtach uaimse chum na
n-uasal inár ndiaidh um an reathaire ráiméiseach dá ngoirthear Dónall Ó
hEachiarainn agus gach radaire raidéiseach eile dá shamhailt do ghabháil
agus do chur i ngéibhinn le bású go haibéil in íoc na n-iolcheard do leanaid
go mailíseach ag mealladh na n-uasal neamhaireach go coitcheann. Aodh
Buí Mac Cruitín cct.




Tháinig im' láthair
iomad dem' chairdibh
is droing den tírse
Ag déanamh gearáin
go ndearnadh ár ndíobháil
insa gcríchse.



Go bhfuil trudaire
de dhroim tubaiste
ag déanamh uaille,
Dá rá mar aitheasc
go bhfuair teagasc
ó na suadhaibh,



Is go bhfuil eolach
insna códaibh
is insa tseanchas.
An ní nach dual
don ghillín ghuagach
do chloígh le feamachas.



Níl ó Bhéarra
go Binn Éadair
áit nár chuartaigh
I ngioll ar arán
d'fháil ar rabháin
do ghoid nó d'fhuadaigh.


L. 120


Níl rann ná amhrán
dogheibh ar seachrán
ar feadh na cóige,
Nach tug an spreasán
do lucht antláis
in am póite.



Adeir an radaire
nách fuil aiste ar bith
dár chan eolach,
Nach bhfuil aigesean
cidh tá easpaitheach
insa tsórt san.



Adeir an fuad so
gan fios uama
an roinn dírigh,
Go ndéanfadh aistí,
lena chleasaíocht
do thriath tíre.



Is fíor gur uras dó
bheith go sutalach
ó d'éag draoithe,
Is gur beag tuigseanach
líonmhar againne
i measc ár mbíobhadh.



An méid tá eolach
insa chóige
ní thig dá láthair,
Ach téid ar chóisir
i measc deorach
gan fios ábhair.



Ansin is dóigh
go bhfaighidh a dhóchain
líon a mhála.
Is go gcuirfidh geoin as
mar gach geocach
mar dhíol sa tsáith sin.



Ag so aistí
an fhódóir ag fastaím
feadh na críche
Go dtáinig chugainne
mar dhall goinithe
go lár na tíre.



Dá bhrí sin cuirimse
ar uaisle ár bhfoirinne
a thabhairt im' láthair.
Is cuirfid an ní so
le ceart dlí 'nois
mar chóir bháis air.



Mara n-éalaí
an truán téiglí
nó dul san fharraige,
Nó dul i ngleannta
ag iarraidh teannta
nó i gcuas carraige,



Ag so faoim' láimhse
ordú láidir
chuim na n-uasal:
É do ghabháil,
an scoigín seachráin,
gan fios ná fuaradh.



Cuirim na triatha,
Tadhg is Piaras,
Brian is Séamas,
Ag ruagadh an chleasaí,
gus na hEannaí
ina mbeith baol air.



Cuirim ar Phroinsias
i bpéin a choinsias
ródaibh Luimnigh;
Triath Ó gCoileáin,
dó is díobháil
má ligeann ruthag leis.



A Mhic Giolla Riabhaigh,
A Chonchúir, iarraim
ort gan faillí,
Ná codailse choíche,
gan faire gach oíche
ar na hEannaí.



A Dhónaill ghrámhair,
cosain an t-áth sin,
Droichead Uí Bhriain dom,
Is do gheobhair cúnamh
Thoirdhealbhaigh shúgaigh
is tuilleadh má iarrair.
A Sheoin Ringrós
do chleachtas dea-nós


L. 121


freagair gan guasacht.
Cuirim tré ansacht
Inis Cealltrach,
Is Cill Da Lua ort.



A Shéamais ghreannmhair,
aire do d'aimsear
is bí go fuadrach.
Beir leat sraithbhuíon
timpeall chailcthí
Mhuintir Bhruadair.



A Thomáis m'anama
ná déin dearmad
ród an Chroisín,
Ar do phriacail
nó rithfidh an fia thort
tré pholl coinín.



A Shéamais Crafton,
déinse gastacht,
a chroí gan fallás.
Cuirim go cinnte ort
ródaibh Inse
is Cill Bhreacáin.



A Robuic 's a Dhónaill
cosnaigíse ród
Corra Fine sin.
Súitear cannaí
ar an sladaí
ann gach ionad libh.



Chugad a Thoirdhealbhaigh,
cosain an taobh san 'Bhaile
Uí Bheacháin dom.
Nó rithfidh an radaire
de dhroim carraige
i gcom seanbháid.



A Mhíchíl mo chroí,
bíodh ort an tslí
go hInse na Caorach.
Nó rachaidh an gealtán
ó Shliabh Calláin
siar go Léim ort,



Bí ró-aireach
is cuir uait faire
a shaoi, a Shéarlais.
Fágaim cumhdach
na gcuan gcúng san
siar go Léim ort,



A Sheáin uasail
Uí Mhaoil Ruana
is ar do chliamhain;
Oraibh is córach
Ard Rinn Fóidre
is faire na n-iarthar.



A dhá Thomás
ná déiníg fallás
acht coimeád cruaidh libh
Ar an bhfear doghla;
bíodh Carraig an Chabhla'
is an Aill Rua oraibh.



A Shéarlais dhílis
glaoig leat Stíobhna
is cosnaíg na hoileáin,
d'eagla an tsíofra
de ló nó d'oíche
d'imeacht tar coimeád.



A Sheáin Uí Icí
atá mo mhuinín,
a shaoi gan aon locht,
Nach ligfir an sruthaire
ins na slite sin do rith
ná léim thort.



Sibhse a mhuintir
chumhdaíos cinnte
na cuir faoi chosán,
Ar ór ná airgead
ná lige an bealach
leis gan é ghabháil.



Dobhéarsa luaghacht
don té is luaithe
chuirfeas greim air.
Má ligthear a rás
leis go hUíbh Ráthach
ní bhfaigheam feidhm air.



Is fearr a mharú
nó a shlí 'cheartú
ná bheith beo dhó.
Is muna dtaga faoi riaghail


L. 122


faoi cheann bliana,
ná tabhair níos mó dhó.



Ag so cairde
má tá sásta
teacht faoi riaghail.
Nó is daor a chúinse
dá mbeadh giúistís
aige mar fhiadhain.



A Fhogharach riabhach do hiadh ó sholas an lae,
Do chiorrfadh mo chiall an fhiaile ag folcadh do ghné.
Ó chaillis do thriath ná hiarr bheith sona led' ré
Is Donnchadh fial do thiarna Ó Lochlainn i gcré.



Foircheann.



B 1825fl 19T
U 0403
Ataoim buartha i m'aigne
is suaite ar mearthall
dubhach gan labhartha
in éifeacht.
Gan suan ach srathaibh
go buan óm' dhearcaibh
lem' ghrua go talamh
in éineacht.
Ón uair do dhearcas-sa
i nduain Uí Sheachnasaigh
shuairc an faraire
léannta,
Monuar gur cailleadh leis
tuairim ranna
trí shuathadh dramanna
is daorphuins.



Gidh suarach tagartha
trua Mhaoilsheachlainn
in uaim is in aiste
na Gaeilge.
Ní dual go rachaidh
gan cuardach geallaim
gidh luaim go searbh
mar véarsa.



Níl suadh ná sagart
ná druadh san gcathair
do chuala teacht ar an
éacht sin,
Gan uaill ag tafann
ar Uan n-aingeal
a bhuairt do scaipeadh
go héasca.



Sin uaimse pas ag
an mbuachaill maiseamhail
muarga mear, an
Ruiséalach,
Chum gluaiseacht feasta
go luath san mbealach
go buacach baramhail
éadrom.
Is pé tuata ghreamaigh
nó fuair sa lathaigh
le scuabadh i ganfhios
na dréachta,
De stuaic a bhaithis
faoin Luan is neasa
beidh cluas nó mala
aige Séamas.


L. 123


Níl cuan ná calaithe
ar fuaid na Banba
ó bhruach an Daingin
go hÉirne,
Cuas i gcarraig,
ná tuar goirt bhranair
i mbuaic ná 'mbarra
chnoc sléibhe,
Cluain ná garraithe,
cruach in ainbhfios
ar an gcruaghas seasmhach
séimhghlic,
Ná tuama fanatic
nua do athraigh
stua is reachtaibh
an AonMhic.



San gcuairt ní fearra leis
tua chum treascair
ná cuaille is bachall
den chaoldair
Le tuargan treascair
mar Thuathal Teachtmhar
le fuaim is fearg
ar faobhar.
San ruaig sin measaim
nár mhór dó spaga
is luach an leanna
gan éileamh.
Is gur suairc do chaithfeadh
gan gruaim ar bhailigh
le cruas an creachaire
Déamar.



Gan uamhain aitchim air
bualadh an bealach
re ruathar reatha
go Maothail.
Tré Thuath an Reanna
gan duar go Gaillimh
is go Tuaim cidh fada
óna chéile.
Is dual go gcasfaidh
aduaidh go fearannGhort
Ghuaire an ghaisce
is na féile.
Is i dTuamhain is feasach
go mór a ghradam
ag uaisle gaithleanna
is cléirigh.



Den chuardach leanadh
ar luas tar Seanainn
gan dua go sleasaibh
Chnoic Gréine.
Is ar Luan go Caiseal
na slua is na salm
is go Cluain gheal Meala
na ngréithre.
San bhfuadar casfar lem'
ghruagach greanta
pé fuaid nó amaid
do léan sibh.
'S gan stuaim do bhradaigh
an duain óm' charaid
's é 'nguais 'na heaspa
re tréimhse.



Do thuarfainn peannaid
le fuarma thabhairt dó
suas ag faiche na
ndaorchroch.
'S gan trua na spearacha
fuara 'ghearradh dhe
ag uachtar altaibh
a chaolchos.
Na guaille 'sracadh dhe,
'nuas le teanachair
fual is aiseag
dá chaochadh.
Agus buarach ceangailte
crua mar charabhat
nua ar gach magairle
méith ris.


L. 124


B 1717 18T
U 0214

Contae Chiarraí le hEoin Hasset ardsirriam na Contae réimhráite.



Ar mbeith do shagart áirithe dárbh ainm Aonghas ar aonach Dhaingin
Uí Chúise i gContae Chiarraí ionar cheannaigh sé coileach, agus ag
dearcadh 'na thimcheall do chonairc seirbhíseach airdsirriam na dútha, dárbha
ainm Séamas Ua Síobharráin, ar ar aisc, ar bheith dó ag filleadh abhaile ón
aonach, an t-éan d'fhágáil ag a lannchumhdaí, mar bhá a n-árais i
ngrod dá chéile. Ach d'éis an aonaigh, ar rochtain a dhúna don tsagart,
mar nach bhfuair an t-éan, scríobhann litir antlásach gus an airdsirriam
ag gearán an éagóra d'imir Mac Uí Shíobharráin air. Ris sin tugann an
sirriam a bharántas le gabháil Mhic Uí Shíobharráin ar an modh so:




Whereas Aeneas fáithchliste
sagart cráifeach Críostaithe
Do theacht inniu dom' láthairse
le gearán cáis is fírinne: -



Gur cheannaigh coileach dárshleachta
dá chearcaibh sráide is tí bhaile,
Ba bhréatha scread is bláithmhaise,
baic le scáil gach líondatha.



Tug sé caogad mínscilling
ar an éan dob aoibhinn cúilbhrice.
Do sciob síofra é go draíochtaithe
ó aonach chinn na dúiche-se.



Bhí gá dá shamhailt d'áirithe,
coileach screadtha is dúiscithe,
Do bheith in aire ar shámhchodladh
i dtráth gach easpairturnaithe.



M'ordú díbhse, ar an ábhar sin,
a bháillí stáit mo chúirte-se,
Déanaíg cuartú sáirshlite
'na dhiaidh le díograis dúthrachta,



Ná fágbhaíg sagart tuarastail,
dá bhfuil in bhur bhfuarmáil,
Gan scíos an éin so d'fuadachain
d'fhógairt dóibh 'na bpoibleachán.



Gluaistear libh le húdarás,
A Eibhlín ard 'níon Uallacháin,


L. 125


Siobhán fhada an scúilleacháin,
is gach bean dá sórt den tsluamhionnán.



Ná fágbhaíg lios ná síchnocán,
'na gcluinfí glór ná gliongaráil
Gan dul ar lorg an tSíobharráin
do rinn an gníomh le plundaráil.



Whatsoever cuaiseachán
'na bhfaighthí é mar thórpachán,
Tugaíg libh é ar ruainseachán
go gcrochad é mar dhreolacán.



And for so doing d'oibreagáil
seo dhíbh uaim bhur n-údarás,
Faoi scríobh mo lámh le cleiteachán
an lá so d'aois an Uachtaráin.




Toirbhearta faoim' láimh
Eoin Haiséad
ó mo scríobhchaoin an 13 lá don naoú mí 1717.



B 1775ob 18D
U 0217
BARÁNTAS NA hÉIGSE.



Le Seán Ó Tuama aon de phríomhbhreithiúin fhíordhleathacha na
suadh-éigse.



Ag so barántas ón bhfear céanna go fairsing foirleathan chum gach oifigigh
uasail ollghníomhaigh bhaineas ris na gcúirt shuadhaigh, go speisialta agus
go bithchinnte chum Shéamais Mhic Cinnéide Séamas Gratham agus
Séamas mac Aogáin, mar aon lena lucht cabhartha ar faid agus ar foirleithne
an dá chúige mhórfhairsinge mhínleathana Mumhan, chum gach mursaire
meata mírúnach d'iarmhar na n-athach tuath is de dhubhriascaibh
dúraigeantacha na ndaorchlann atá sna críochaibh céanna sin ag rith le
rannaibh agus ag iomlat le hamhránaibh gan chead gan chomhairle ón gcúirt
réamhráite, do cheangal agus do chruachuibhreach go dtigid do láthair
uachtaráin na cúirte céanna go Baile an Fhantaigh i gContae Luimnigh, mar
a bhfaighid fios riala ranna agus reachta san dteangain ghaoisbhriathraigh
ghlaineolaigh Gaeilge mar aon le peannaidí pianghonta pionóis, dá gcrádh, dá
gcéasadh, dá gciorrbhadh, agus dá gcnámhghearradh muna ndéinid leorghníomh


L. 126


láithreach ina lochtaibh. Agus fós ní ba foláir dóibh éiricí troma agus
cáincheannach cumasach crobhscaoilte thabhairt d'abhcóidí agus
d'aighneasóirí na cúirte ionas go ndéanfaidís argamhaint acmhainneach agus
abhcóideacht iongantach ilbhuach ar a son re ndéanamh síocháin dóibh. Gur
do dhearbhadh na nithe sin atá an barántas so síos:




Whereas áiteamh
faobhrach fátha
is a thabhairt le díogras,
Tug an báille
'nniu dom' láthair
fá dhearbhadh an Bhíobla:
Go bhfuil triar spreas
fána n-iarraidh
do dhiúltaigh comhairle,
Is nár lean na riala,
cheap na triatha
i gcúirt an eolais.



Bíd fá líogaibh,
go meán oíche -
tuilleadh dá n-antlás.
Ní bhfaighid dá bharr,
de thaibhreamh dána,
ach seinm ar dhrantán.



Má léann an smeirle
véarsa Gaeilge,
ar aithris uasal,
Ina dhóchas féin,
ní mór go ndéanfaidh,
ranna agus duanta.



Nuair is cruaidh dhó,
is ná faigheann fuascladh
tig boilg is teannta air.
Glacann ar lánláimh,
ranna do thácláil,
is bíonn i gclampar.



Is samhail le riastáil,
ar mhachaire riascbháin,
gach stracadh dá scríobh pinn;
Marcanna is spotaí
is leachta de lochtaí,
ar leathadh ina líntibh.



Bíonn mórchuid páipéar,
fuaite ag fáiméar,
i gcúil go taiscithe,
Go dtaga 'na chlabhta
ar maidin Dé Domhnaigh
chúghainn chun aifrinn.



I radharc an phobail
go taibhseach toranta,
suíonn ar thuartán.
Mara mbí Lochlainn,
Mathúin modartha,
Is Tadhg an tsuasáin.



Is iomdha aingréis,
múta raingléis,
furcó furcáin,
Do léas an lóiste
fá neart mórtais
do Chlann Tomáis.



Ní ríomh ar shuairceas
saoithe is suadha,
thoghaid an aicme sin,
Acht an teanga Ghaeilge,
is reacht na héigse,
'thabhairt ar dearmad.



Dá bhrí sin fógraim,
díbh go cróga,
- agus sáraím -
Do gach constábla,
siúlach sárghlic,
agus dom' bháillí:



Tar gach aon
is cóir do Shéamas,
is dá lucht cabhartha,
Gach iarsma den tsórt so
d'fhiach go cróga
's a dtabhairt ceangailte.



Muna dtitfid go humhal,
ar mhullach a nglún,
nuair tiocfar dá ngabháil,
Bristear a gceann,


L. 127


a ngoile is a ndrom,
má léigid ar chrostáil.



Cordaí cnáibe,
ar a scornaí fáiscíg,
is feidheal mhaith gadraigh -
Is cuir céad cruachor
den téid ruainnigh
faoina rathacha;



Go dtagaid chun cúirte
is go dtabhraid cuntas
ina mbeartaibh oilc.
Is go léigtear chun siúil iad,
go sciomartha sciúrtha,
d'éis a gceartaithe.



Whereof fail not
to search all places
ar fad go hiarthar,
Go hard Sléibhe Mis,
go barr Féile,
is go Dún Diamhair,



Ó bhun Damhsa,
go Cnoc Teamhrach,
's go Caiseal Mumhan.
Siar trí Chruachain,
go Sliabh Uí Luascain,
's go Cnoc Fiontain.



Ná fág slí ar bith,
Ard ná íseal,
dóibh ná siúlfair,
Go dtugtar na fualáin
ceangailte ar shuasáin,
chun na cúirte.



Ag so ordú,
fuinneamhach fórsúil,
díbh fá shéala,
Faoi láimh shuadha,
rídháimh' uaisle,
breitheamh na héigse.



An Coimhcheangal.



Siúil feasta an Mhumhain agus Éire Airt,
Is tabhair leat chun cúirte gach éigeas ait,
Gach dúrscraith nach umhal duit chum géill' 'od reacht,
Is brúfam gach cúinne dá phlaosc le staic.



Tabhartha faoim' láimh
Seán Ó Tuama.




Whereas cúigear
tháinig chúghainne
le hinformation,
Equally sworn
upon oath
of declaration.
Go bhfuil stuacán
cuirriceach uallán


L. 128


do chocól éadmhar,
Insa chríoch so
'déanamh mílis
do na héigsibh.



Seán den dá Sheán
bhíonn ag máirseáil
i dtimpeall Shaidhbhe.
Seán gan sáiteán
is ainm don chráiteán,
nó cú adhairce.
Diabhal dubh coiripe
thriall ó ifreann
chugainn le haindlí.
Spriata muiniceach
cliabhchlamh tubaisteach,
den tslua dheamhnaí,



Dár dhearbhaigh tríochad
fiche agus míle
laoch mear soineanta
Gur de phríomhshliocht
Phlútó chríonna
an lionsca liodartha.
Do thug an scrúile
an méid sin dúchais
leis ó Lucifer,
Gur do na héigse
nó don chléire
doghníodh toirmeasc.



Tig Seán Ó Bearáin
chúghainn le gearán
ar an gcladhaire.
Gur bádh a ghearrán
's a dhá bhullán
san Áth sin tSaidhbhe.



Fuair sé turraing
in Áth an Tulca
is é ar muin lárach.
Tréna ghleacaíocht
chaill sé 'mharcaíocht
ar an áit sin.



Níor stad an fuad sin
riamh dá ruathar
mar do bhí an donas air.
Go dtug sé cuaird ar
Sheán Ó Tuama
ní nár chuibhe dhó.



Ar an ábhar san
a bháillí an anma,
m'ordú dhíbhse,
Cuardaíg fairsinge,
bánta is clathacha,
is cuardaíg dígeach.



Cuardaíg garbhchnoic
coillte is carraigeach'
is cuardaíg sléibhte.
Is cuiríg a thuairisc
insna cuantaibh
i gcríochaibh Éireann.



Tógaíg comharthaí
de lóma an lóipín,
as a dhealramh.
Scuibile tútach,
mursanta srúnfhliuch,
agus é geancach.



A chrínghlib thanaí,
chíordhubh bhreacshníoch,
ar mhullach a stuaice.
Na mílte caisirnín,
trinseach deargbhuí,
tá ar a chruascroig.



Atáid adharca,
ag fás go taibhseach
ar an gclamhlobhar.
Do chaill a chluasa,
níl a dtuairisc
ar a chnaitcheann.



Therefore fail not,
in nomine regis,
don't neglect to
Search the traitor
in all places
being suspected.



'Bé ar bith póirse
'na bhfaighthí an cóbach,
beiríg ar chúl air;
Beiríg an cladhaire
ceangailte ar adhastar,
chun na cúirte.


L. 129


Bíodh greim ar bhathas
is feidheal mhaith gadraigh
ar an gcnapach.
When he is taken
by all means
show your orders.



Foircheann.



B 1766-69ls 18D
U 0311
Contae Chorcaí le Uilliam Sionán, ceartbhreitheamh den chontae chéanna.



Whereas cuntas
tháinig chúghamsa
gan aon mhearaí,
Gur i Seandrom
atá an clamhaire,
Dónall Maistín.
Bíonn an snamhaire
ag déanamh amplaisc
ar lucht ealaíon.
Is beidh sé i dteannta,
tréna labhartha,
againn fá smacht dlí.



Bíonn an dailtín,
críondubh casbhuí,
mar chuid mórtais,
Ag déanamh rannaíocht,
do lucht ealaíon,
ní nár chóir dó.
Clamhlobhar tútach,
creatlom gúngach
de shliocht Órla,
Nár dhual dó ceathrú
dána a athrú,
ná 'chur i gcóir chirt.



Ordú dílis
dobheirim scríofa
do gach báille: -
Cuardaíg díoga,
gleannta coillte,
agus bánta.
Gibé ar bith cuasán
'na bhfaighthí an fualán,
beiríg ar bhráid air.
Fáiscíg cruathéad,
ar an bhfuairnéal
go dtige sé im' láthair.



Ag so comharthaí,
bheirim fós díbh
ar an séithleach: -
Is gnáthach fuachtáin
ar a chruasháil
fadhb is méiscre.
Bálta garbh tiugh
mar chlár srathrach
fána chaolspeir.
Atá dhá loirgín
dóite ón dtine
ar an arcán créimeach.



Fotharach brúidiúil,
ag an scúille úd,
is caolghúnga.
Tá dhá eagán
ar an arcán
os a chionnsan.



Sopcheann suasáin,
ag an stuacán,
mar a mbíd míola,


L. 130


I mullach a stuifín,
do cuireadh le cipín
is breacshní tríothu.



Mar ghéibhim teastas air,
tá sé baistithe,
gan fáth amhrais.
Dónall Maistín,
is ainm don aircín,
bhíos i Seandrom.



Ná léigíg an leadaí,
uaibh le faillí;
beiríg ar chúl air.
Tugaíg do láthair
ceangailte ar thácla é.
is glaotar cúirt air.
Therefore spare not
to search all places,
ar feadh na dúiche.
Radharc má geachtar air
faighthear marbh é,
mura mbeidh umhal díbh.



An Ceangal.



Níl cumar ná cúinne, clúid ná claidhe buí cré,
Ná cuirfimis cú agus triúr go dtaighdfí é,
Gach duine go humhal ag rúscadh an chlaidhrín bhréin,
Go dtugthar ar chúl go cúirt na Ladhraí an phéist.



Gach cuimide clamh gan bhlas gan puinn eolais,
Ná tuigeann an reacht ba cheart do dhaoine óga,
Cuirfead i nglas fá cheas an fíorlómach,
Má chluinim an spreas ag screabhadh ar scríbhneoireacht.



B 1770 18D
U 0216

Contae Chorcaí mar aon le mórchuaird na hÉireann go huile. Le hEoghan
Ó Súilleabháin .i. file fealsún focalcheart fáigiúil foghlamtha fíoreolach
agus aon de cheartbhreithiúnaibh ná saoi-éigse san gcontae réamhráite
agus Leatha Mogha mar an gcéanna.



Ag so faisnéis Dhiarmada Uí Fhoghlú dom' láthairse an 29ú lá de Mhárta,
míle agus seacht gcéad agus fiche bliain ar chaogaid.



Arna cheartdhearbhú don fhaisnéisí seo is é a deir .i. an lá den mhíosa
réamhráite ar mbeith dom féin ag ól agus ag aoibhneas i nGleannúir aoibhinn
fhearannbhláth an Róistigh mar aon le triar ban do riacht im' dháil ó
uathaibh lánmhaiseacha na RuaMhóna i gcontae Luimnigh .i. an iníon,
an mháthair agus bean ghaoil don dias sin. Do smuain mé an iníon do cheilt
ar an ndias eile agus ar mbeith dise d'aontuigsin liomsa do cheapamair
ionad cinnte coinne le chéile i dtigh an fhaisnéisí réamhráite; do riacht
an iníon


L. 131


im' dháil i ndóigh go n-éalóinnse ina diaidh; agus ní cian do bhí ann,
amhail nochtann an faisnéisí so, an tan do shín ina dáil aon de
phríomhchomharsana na bantrachta céanna, agus do ba phríomhrúnaí agus
comhleannán dóibh sin féin, dárab comhainm Donnchadh Ó Núnáin .i. alltán
aithiseach ainéithiúnta, agus breallsún bagarthach baothlúbach buí bolgmhór
bléanfhairsing, agus ceithearnach ceannramhar cnámhársa cíordhubh clagach
cuas-shúileach creatlom crosta craosfhairsing, dorcha diablaí dathghránna
draíochtach damanta droch-chuntanóis, falsa falaitheach faonghníomhach,
agus geocach gaigiúil gníomhdhiablaí ladhrach liosta leamhlabharthach,
mursanta maíteach maothmheata, meabhlach millteach mícháileach
munabrach modartha mísciamhach nathannach naimhdiúil neamheolach,
pusach pioslach plámasach, rúntach reangach righinscrogallach, srathaire
siúlach síorchuardach scólta scriosta scagfhiaclach, agus teallaire
taibhseach tóirtéiseach dárab gnáthobair go feasach dá phríomhchomharsain
bheith ag srathaireacht idir bhóthánaibh agus ag reic agus ag síordhearbhadh
éithigh gan chontabhairt ag tabhairt adhnáire agus ag díol a phríomhcharad
ar bhléantsáith bhídh.



Dearbhann an faisnéisí seo go dtáinig an clamhchonablach so chum a thí
i ndiaidh na híníne réamhráite agus gur dhearbhaigh di, ar mhóide an
leabhair, gur fhógras-sa dise imeacht mar aon ris an gclúmhartach so
feacht as an mbaile amach, agus go leanfainn iad um thráthnóna agus gur
cheapas ionad cinnte coinne leis féin; agus leis na claondearbhthaibh sin do
riacht an iníon tar a heolas leis ionas nárbh fheas di cá hard d'ardaibh
an domhain ina raibh go teacht fuine neoil an tráthnóna chúchu an tan
d'aithin sí go ar a dúchas féin arís, agus air sin scaras risan árracht sin
agus triallas tar a hais chúghamsa gur riacht mé ionas nach feas cár ghaibh
an t-ablach sin ó shin i leith.



Ní bhus mó ní deir an faisnéisí so agus is dá dhearbhú sin atá an barántas
so:




Whereas d'áitigh
aon dom' láthair
inné gan tlás ar
bhrí móide,
Fear saorga sámhghlic,
tréitheach tábhachtach,
léannta lán de
chruinneolas,
'Na réim go dtáinig,
séithleach sárlag
taomach tláth is
daoichóbach.
'S i gcéin 'na dháil,
gur théarna' an bháb
le méin bheith tráth
sa tslí reomham-sa.



Le bréithre pláis
an smeirle ghnáis
nár thaobhaigh rá
na bpríomheolach,
Ach éitheach gnáth
is bheith claon 'na pháirt,
'na straeire fáin
gan puinn fónaimh.
An bhéith seo ráim,
i gcéin do dháil
gur éalaigh tráth
ón bhfíorlóma.
'S mo léan ná ráinig
an cléspriosán
im' chléith go ndáilfinn,
díol cóir dó.



Is méin liom tráth
a mhéin 's a cháil,
cé claon le fáil,
san ríchóige,
Le chéile 'thrácht,
in éineacht dáin,


L. 132


i réim 's i rá,
na bhfíoreolach:
Baothlach bearrtha,
baoth gan náire,
smeirle smáil
is straoillchóbach,
Créimneach cáimeach,
céasta cráite
is daol dathghránna
díthchomhlach.



Ablach uallach,
aithiseach uafar,
feallaire is fuaice
físeora.
Conablach cuardach
coirithe cluanach
mursaire mórphuis
míchórach.
Sruimile snuadhubh
silte gan fuaimint,
fuinneamh ná luail
sa bhfíorlóma.
Scigire suarach,
coirpe cuasach,
cuiriceach guaireach,
gnaoidhóite.



Ceamalach claíoch
gan aiteas 'na ghnaoi,
ná tathag 'na ghníomh
ar aon bhóthar.
Sladaire tíre,
creachaire críche
is airgtheach fillbhirt
íogórach.
Meallaire maingchas
damanta draíochtach
bagarthach bruíontach
dítheolach.
Breillice breillsce,
leabharphus ladhrach,
airceasach íotmhar
aoigóideach.



Srathaire siúlach,
suimneach súilbhreac,
slibire an mhúin nach
binn glórtha.
Oilithreach gúngach
mioscaiseach clúmhach
clamhchealgach cúrsach
craoisbheolach;
Trudaire trúchoirp,
tubaisteach lúbach,
leibid' is lionsca
líobóideach.
Cuinneannach crúbach
muiniceach comlag
taca agus údar
claoinchomhairle.



Spadaire sprionlag
damanta dúr is
breabaire brúideach
caoiltónach.
Drannaire drúiseach
danartha dúiloilc
meabhalach múchta
i millteoireacht.
Gaige gan mhúineadh,
glamaire gnúisdhubh,
scagaithe as múnlach,
fíorchóbach.
Leathscuilte tútach,
teallaire is trú gan
mhaise ná múineadh
ach dítheolach.



A theastas le fonn
sin breacaithe d'údair,
is faire 'na ndúrtsa
a chruinnchomhartha:
Táid cnamhthacha ag únfairt,
tarsna 's ag lúbadh
ag gearradh 's ag siúl 'na
mhaoil scólta.
Mala chas chlúmhach
ar chlagaire súl is
smearthacht i ngnúis
an fhíorlóma.
Leathanphus rúntach
ghlacann gach srúill
dá dtagann as múr
a chladhshróine.



Is caol a scrogall
casfhéitheach fochmach
is gan bhréig tá cromadh


L. 133


sa dúlionsca.
'S is caobach brocaitheach
craos an tslogaire
's a mhéadal ocrach
úrbhrúideach.
Séithleach solaitheach
créimneach coganta
smeirle is conablach
cúng-ghúngach.
Is léir is is follas
gur thréig an sonas
an créice fochallach
fionnbhrúchtach.



Éim is aitchim
gach n-aon do dhearcfadh,
aon strae dá shamhailt
i gcrích Fódhla,
Le téad a cheangal
go daor gan taise
don tséithleach chealgach
chlaoinchomhlach.
Nó i ngéibhinn ghadraigh
é do thabhairt
dom' láthair feasta
gan mhoill fógraim.
Go snoínn a leathar
le faobhair mo theangan
den straoille dhamanta
dhítheolach.



Aitchim gach n-aon idir éigse suadha is dáimh,
I bhfearannaibh Éilge ó Bhéarra an chuain go Máigh,
Má castar an créice strae seo ar cuaird 'na ndáil,
A cheangal go daor i ngéibhinn chruaidh le cnáib.



B 1791 18D
U 0312

Barántas Sheáin Uí Chonaill sonn do Thomás Ó Murchú an Ghuail ar an
Athair Dónall Ó Néadh .i. sagart poráiste Uíbh Laoire, agus ar
Thadhg Ó Duinnín .i. caibléir tútach truaillithe den phoráiste
réamhráite, noch mar aon ris an gcluanaire cleasaí sagairt sin, d'imir
cleas agus feall foisteanach ar an dTomás sin mar do fríth foilsithe
i gcúrsa an bharántais mar leanas:



Uíbh Laoghaire, Baile Bhúirne agus Tuath na Dromann,
Cill Mhuire, Cill Mhíchíl agus Cluain Droichead:
chum gach constábla cliste agus croinic seanchais,
agus chum Thomáis Uí Mhurchú mar aon le lucht a chabhartha.



Ag so foirm agus faisnéis fhírinneach ar cheartghearán géargháifeach
Thomáis Uí Mhurchú .i. tréantaca gan táire, nach trioblóidí ná teallaire
teolaí tíre teallaigh ná teaghlaigh, ná siúlaí síleach siosmaitheach re
suainseánaibh, ná mogha modartha le míbhéasaibh, ná creimseoir cuardaithe le
cnáimhseáil, ag géaraithisiú chille agus tuatha, ach cabharthach calma cróga
caomhchrábhaidh, gan meang méine millte ná mailíse, ach buach beannaithe
binnghlórach, gan fonn fill fala ná fonóide, ach fear fraochta foirtil
feidhmiúil fíorárrachtach, uasal aoibhinn álainn iolchruthach, dob áille
gné gein crit creit dreach deilbh agus dea-chuntanós, ciall comhairle agus
dea-bhláth, agus in aonfhocal, an té is iomdha ar ar bronnadh deigh-mhéin
d'fhearaibh


L. 134


na cruinne go coiteann; agus mar an gcéanna, géag oilte fhoghlamtha
fhíreolais, líofa lonnardha láimhghlic, fhiosach fhoistineach
fhíoréifeachtach den cheird aerach éadrom ealaíneach dá ngoirtear
táilliúireacht. Do láthair Sheáin Uí Chonaill in Inse Geimhleach,
an cúigiú lá déag de mhíosa na Samhna, ansa mbliain d'aois Chríost,
ansa seachtú céad déag ocht mbliana agus cheithre fichid ar trí bliana.



San gcéad chás: Ag seo gearán i gcoinnibh cheamarthaigh chóbaigh
chaibléara do chónaíos i mbaile le ráitear Gort na Carraige i bporáiste
Uíbh Laoghaire, noch a réitigh an faisnéisí-se chum boinn do chur nó
d'fhuadh fána bhrógaibh míne smeartha fíneálta fírnéata dhó, ag tabhairt
a phá nó a luaíocht saothair go fírinneach foistineach fírdhleathach dó fá
an dtan gcéanna. Agus i ndáil an díl dhea-aigeanta sin, do
chaointháithigh le céir go claonchladhaireachas na boinn sin fá bhrógaibh
an fhaisnéisí fhírfhírinnigh-se, fár ghluais uaidh go subhach sásta
soimheanmnach, go síleach siúlach síthléimneach, ag taisteal tíortha triúcha
tuatha, fonn fód fearann, na gcríocha ba choimhneasa dhó, ag tógbháil
cíosa agus cáineachta do chleachtadh ó lucht áitribh na críche sin. Cidh
trácht, níor chian do thaistil, iar dtabhairt na luatha-lánchuarda sin,
an tan do mhothaigh uireaspa na mbonn fána mhínthroithibh, tréarbh éigean
do dul dá éis sin gonuig gréasaí go Baile Mhic Croim, le ráitear Ráth
Loirc, agus dlúthdhíol dúbalta do thabhairt dhó fán gcoisbheart groí
álainn sin do ghéarghréaschneasú dhó, noch do chuir mar aon le céad
tionóisc eile dár teagmhadh dhó, de dhroim an chaibléara réamhráite sin do
tharraing chum costais mhóir agus trioblóidí domheasta é.



An dara feacht sonn: Ag so gearán i gcoinnibh an Athar Dónall Ó Néadh .i.
sagart poráiste Uíbh Laoghaire budh oide faoistineach don chaibléir
réamhráite chiarchlúmhach sin, noch do gheall go dtiobharfadh an
caibléir sin chum ceirt caointe le compóidíocht tré ndéanfadh leorghníomh
ann gach slad mhídhlistineach dá dtug ar a phóca, agus mar an gcéanna tar
éis litreach scríbhinn agus caoinbhriathra maithe gacha dúiche agus uaisle
gacha tíre, agus cinn gacha pobail, agus lucht cosanta agus síochána na
contae go huile, do thabhairt agus do shíorshaothrú leis, ag síor-rá agus
ag síorachairt air ceart do dhéanamh don fhaisnéisí so faoim' láimh chum an
tsagairt réamhráite sin, do chlaontsantaigh go hinmheonach i gcaoi gur
chomhneartaigh leis, le taobh taitneamh do thabhairt don chaibléir sin,
tré mhian na gcros do raideadh dó de bhreabaibh beaga milse sobhlasta,
do gheall agus do thug dó, mar atá dosaon sicíní, dosaon lacha, dosaon turcaí,
trí dosaoin ubh, meascán ime, trí cáirt fuiscí, cárt rum agus pota
cláiréide, mar aon le dhá phíosa mairtfheola agus trí leathanphíosa
muicfheola, molt ramhar, agus peidhre buataisí gan áireamh ar chúpla
peidhre bróg agus mórán mionchnagairí do gheibheadh uaidh gach lá roimh
easpairt i nGort na hOchtaí agus i mBéal Átha an Ghaorthaigh, agus go
speisialta gach lá aonaigh in Inse Geimhleach; fleadh agus féasta fleadhúil
do gheibheadh uaidh gan amhras ar an gcaoi gur fíoradh agus gur
coimhneartaíodh leis an sagart súiteach santach sladaitheach séitéirthe sin
na seanfhocail do chleachtamaid i mbéaloideas diaidh i ndiaidh ónár
sinsearaibh, mar atá scoilteann an bhreab an chloch agus go bhfaigheann an
ceart bás idir lámhaibh an anbhannaigh.



Gonadh uime sin do leanas an barántas so an sagart claon caoilchleasach
sin noch do leanfaí agus go gcasfaí gach aincheart dár imir ar an
bhfaisnéisí so, agus go háirithe gur sampla do chách go foirceann na beatha
do gach


L. 135


ainbheartaí drochbheathach an cruaidhéigean iona mbeith, tré chlaonadh
fán samhail ina ndearnaigh:




Whereas d'áitigh
aon dom' láthair
rí álainn
iolchróga,
Gur dhíol a phá,
gan fuíoll gan phlás
re millteach mánla
míthórach.
Tré bhoinn le snáth
ba chaoile barr
do chur síos fá thrácht
a mhínbhróg dó,
Is chum grinn noch d'fháil
san ní do chách
gur scaoil 'na dheáidh
go síobhordach.



Gníomh ba chráite
arís le háireamh
is rinn tar barr
mo chroí 'bhreo ionam.
Do líon dh'easláinte
choim mé im' lár
an uair chím an cás
i scríbhneoireacht.
Fear fíorghlic fáthach
díochta is dána
dob aoibhne cáile
is caoineolas,
Is le smaoineamh smáil,
ó chlaoinbhreib d'fháil
gur luíodh leis láimh
na híogóra.



Don tsagart ba ghnáthach
breaba dá ndáileadh,
is teachtaire tráth
go síorghnóthach,
Ag taisteal don tsráid so
le cearcaibh gan áireamh,
lachain is bardail,
uibhe is bróga.
Tréar dhearbh go ndearnaigh
fala gan náire
le taitneamh don fháltas
fhíormheonach,
Is dá dheascaibh gheobhaidh táire
is tarcaisne ó tháintibh
is ba cheangailte a chnámh'
le righinrópa.



For which commanded
you are - ná fágaíg
cumar cois trágha
go taoibh Bóinne.
Ionarbh ionad libh 'fháil,
gan lorg don stráille
le taitneamh don fháltas
fhíormheonach.
An sagart so lámhaigh
breaba mar fháltas,
má castar in bhur ndáil
a slí seolaíg,
Is aitchim, fé chábla
ceangailte im' láthair
is geallaim a chás
go ndaoirseodsa.



Sirimse gach ardfhlaith
oilte den dáimh,
idir fhile agus fáidh
is fíoreolach,
Ó Inis na mbárc,
go himeall Chnoc Áine
mar ghabhaid san lán
go Laoi an lóngphoirt,
Is as san go Ráth Loirc
is go Cumar Trí mBántsruth
lena bhfuilimse sásta
sítheoilte.
Is má castar 'na bhur ndáilse,
an sagart so dh'áirim,
ceanglaíg cráite
a chaoilscornach.



Aitchimse le carthanacht chirt chléir an uird,
is gach seanchaí ba cheannasach den éigse chlúil,


L. 136


an sagart so ghlac breabanna más féidir 'thabhairt
ceangailte faoi dhaingeanbhruid go daor don chúirt.



Ba nár an bheart do shagart saibhris mhóir,
Mar fháltas breab do ghlacadh ó Thadhg na mbróg;
A phá is ea ba cheart do scaipeadh ar spreill 'em shórt
Gan aird gan rath gan ceannach leidhbe dhom' thóin.



B 1753 18L
U 0213

An Mangaire i gcoinne Sheáin Uí Thuama.



Contae Thobrad Árann le Tadhg Ó Seidhin, eadhón, sagart agus dochtúir
dea-eolgach deachtaithe, bile buach binnghuthach, file fáidhghlic forasta,
gliaire gleoite glantuigseanach, leon líofa lánfhoghlamtha, ministir mórga
maiseach maith, posta na príomhéigse, ruduire rúndiamhrach róghlic, seabhac
suaimhneach sítheoilte, tuar uafásach na dtuataí, agus ceartbhreitheamh
na gcaoinéigse san gcontae réamhráite agus i leathanthimpeall Leatha Mogha
mar an gcéanna.



Ag so faisnéis Mhíchíl Uí Longáin dom' láthairse an dara lá den mhíosa
Ianuaraí san mbliain d'éis páise ár Slánaitheora míle seacht gcéad agus
caogad le trí. 1753.



Arna cheartdhearbhadh don fhaisnéisí so is é adeir, an tan do bhí ar
mórchuaird i gContae Luimnigh gur ráinig san mbaile ré ráitear Cromadh
an tSubhachais, seacht míle san taobh thiar ó dheas ó Luimneach amach,
mar a dtarla re breallsún bairdín, duine dubh dorcha diablaí drochghníomhach,
burdúnaí brúidiúil bundúnach, ris a ráitear Seán Ó Tuama, eadhón, geocach
gaige gan uige gan oideas do bhíonn do ghnáth ag imdheargadh agus ag
aithisiú bantrachta agus baothdhaoine agus é ina chaimearthach camioscadach
clamprach cailliúnach, maíteach milleánach mórchúiseach, agus 'na
spadalach sprionlaithe spadánta scagfhiaclach, gan mhodh gan mhaoine,
gan mheas gan mhaise, agus atá fós ina uan uchta agus ina dhalta cíoch ag
bacaigh, ag geocaigh agus ag bithiúnaigh na críche go coiteann ag déanamh
dín foscadh agus forchoimeád dóibh an tan do bhíd ag slad agus ag creachadh
bochtáin agus baintreacha na críche ina dtimpeall gach uair do gheibhid
uain nó amas orthu.



Dearbhann an faisnéisí mar an gcéanna gur thaispeáin an caimearthach
réamhráite sin sórt seanpháipéirín dó ina raibh righinráiméis láinleamh,
gan bun, gan barr, gan sníomh gan snas, do bhí i nadúir nó i bhfoirm
barántais do chuir sé, gan údarás ar bith, i ndiaidh éin choiligh do
ghoid féin nó


L. 137


Reynardín leathchaoch amach ón Athair Seán Ó hEidhin, mar aon le lacha
agus bardal agus le punt tobac noch do ghoid an dís chéanna le cúnamh
an deisciobail ó Mháire Ní ghlainBhriain, baintreach bhocht chónaíos
i mbaile cois Abhann Móire mar ar chuir sí sá coigíl i súil Reynardín
réamhráite, agus dá chomhartha san tá ar leathshúil ó shin i leith.
Ní bhus mó ní deir an faisnéisí so, agus is dá dhearbhadh san atá an barántas
so síos.




Whereas d'áitigh
aréir im' láthair
saoirfhear sárghlic
sítheoilte,
Aon den dáimh,
ba laoite cáil,
is groífhear grámhar
gaoisghleoite,
Gur shín ina dháil
re tíocht thar Máigh
daorscar dána
dítheolgach,
Breillsceach baird
gan bhrí gan aird
do mhill gach áit
le draíodóireacht.



Ablach íogair
airceasach íseal
amasach íotach
íogórach.
Bradaire bíobha
breabaire baoighil
beannaphoc bruíonach
baoisghlórach.
Caimearthach cíordhubh
ceachartha cinnte
cearrabhach caointeach
caoiltónach.
Drannaire daoiscair,
danarga díthchirt
damanta is dríodar
daoichóbach.



Feallaire fíochmhar
falathach fuíollach
feannaire faingce
is fíorlóma.
Gaige bocht guífeach
garbhphoc gailseach
glamaire is gaingce
gnaoidhóite.
Learaire líofa
leathscuilte leidhbach
lastaire is leidhce
líobóideach.
Meallaire millteach
maslaitheach maíteach
madra meidhir
le míchóthrom.



Nathaire nimhneach
nathantach naimhdeach
nascaithe níl i
ní fónta.
Plubaire pleidhce
pusaire plíoma
pollaire poinn
is príomhlóiste.
Raille bocht raíceach,
raiste re righne,
rangartach roímhe seo
is ríchóbach.
Srathaire straoilleach
smagaide smíste
steallaire still
nach sítheoilteach.



Treasdhuine taibhseach
taistealach timpeall
teallaire tíre
is tí ósta,
Do ghaidfeas gach ní
do gheabhadh 'na shlí
gan aiseag arís
dá chaoinchomharsain
Do bhradaigh is fíor,
an lacha 's a huibhe,
is earra ná maím,
im' scríbhneoireacht.
Aitchim ina dhíol,
má thigeann 'n bhur slí,
a cheangal gan mhoill,
re righinrópa.



Bíonn fós mar chluinim,


L. 138


'na bhrócaeir ime,
'na phortaeir uisce,
's ag linnteoireacht.
'S is rómhinic é
ar bhóthar Luimnigh,
'na óstaeir buisinne
baoithdhreoite.
Ar bord cé thigeann,
'na stróice buile
i gcomhair gach foirinne
ag físeoireacht,
Is gé ólann iomad,
re póit ina ghoile,
go deo níl pingin
'na chríonphóca.



Sirim gach saoi,
ó Chuillinn go Daoil,
re a bhfuilim i síoth
's i bpríomhchomhairle;
'S gach file san tír,
ó Life go Laoi,
is ó Inis na líog,
go taoibh Eochaill'
Cuirígse dís,
nó duine ar gach slí,
idir cumar is coill
is caimbhóthar.
'S an sruthaire spy
má thigeann 'nbhur radharc
scriosaíg de an leidhb,
re naoi gcorda.



Aitchimse suaidh,
leanaíg an ruaig
i gcaladh i gcuan,
's i gcaimbhóithre,
De shleasa gach tuath,
ó Ghaillimh go Tuamhain,
is ó Chaiseal go bruachaibh,
binnBhoirne,
Má castar an fuaid,
'bhur bhfarraid ar cuaird,
é cheangal go cruaidh,
le righinchorda.
Is ná glacaígse uaidh,
aisce ná duais,
go mbaintear an chluais,
den fhíorstróinse.



An Ceangal.



Aitchimse gach faraire idir éigse is dáimh,
Is gach preabaire den eaglais ón Fhéil go Máigh,
An srangartach so ceanglaíg go daor le cnáib,
Is bainíg uile cnagarnach is béic as Seán!



B 1823fl 19T
U 0305

Contae Chorca le Dáiví de Barra, ollamh is éigeas, is fear craobhscaoilte
is tabhartha nótas ar chóir is ar éagóir, san gcontae roimheráite.



Ag so deimhniú is faisnéis an fhíoraoin uasail .i. Uilliam Ó Murchú im'
láthairse, iodhain, go raibh líne de ghéanna breátha neamhchoiteanna ag a
mhnaoi, noch do gineadh is do síolraíodh ar bhruachaibh na habhann
Nigara san Aifric idir eala is coileach péacóige, is gur chuir an
Grand Mogul


L. 139


cuid den bhreed sin i dtabharthas chum Louis Philippe rí Franc is gur
thug sin don oidhre Copinéar iad, is gur bhronn sé sin dís díobh .i.
fearéan agus beanéan, dá charaid ionúin, agus dá fhear cumainn sárdhílis,
iodhain, Uilliam Ó Murchú i gCill an Chluana, gur fhásadar na bogéanaibh
sin go táscúil toghaí, téagartha leabharphípeach is coc is cleití na péacóige
orthu ionas go mba mhór an gairdiú meanman le gach stróinse seal
'thabhairt dá n-amharc; fá dheoidh go dtáinig san oíche an beartaí
bradach bithimiorthach, is an cladhaire coiripe cealgach, is an bithiúnach
truaillithe spadánta, is gur chuir nimh a shúl agus rinn a roisc is goimh a
chroí iontu, gur bheartaigh leis sé chúpla díobh go hasmailteach, mar aon
le caora ró-álainn do bhí i meáchaint toirc, ba shamhalta 'na lomra leis an
reithe tug Jason as an Labyrinth ón nGréig leis, gur éalaigh Medea
leis dá haithle, agus is dá dhearbhú sin atá an barántas mar leanas:




Whereas d'áitigh
go cruinn im' láthair
an saorfhear fáthach
fíorleonta,
Cara don dáimh
fear cruinn 'na cháil,
is caoinfhear grámhar
gaoiseolta,
Go dtáinig smalaire
san oíche d'amas air
is go rinn go hasmailteach
díth mhór dhó.
Gur ghoid a ghéanna
is caora mhéith uaidh,
ba mhaith mar bhéile
do rí Poland.



Ní bhead ag coimheascar
leis na Peelers,
ní dheinid ní ach
míchóra,
Is gach ní dá shailithe
go mbíd ina chuilithe
ag déanamh mioscaise
i gCríoch Fódhla.
De dhroim an scéil sin,
ní bhead ag plé leo,
buíon róchlaon gan
gníomh fónta.
Ach déan bum gan mheabhrán,
de Thomás na nAmhrán;
ná bíodh sé ag canrán,
faoin sceol so.



Faigh cleath mhaith fuinse,
is ráipéar síos ann,
is bior maith fada aisti.
Is ar eagla í 'stialladh,
faigh uirthi bianna,
le haghaidh na headraghail'.
Tabhair cúpla léim,
is cuir asat géim,
is tabhair mionna martraithe.
Ná glac air aon réiteach
go ndéinir eirleach
nó an tslaid do thabhairt leat.



Bíodh t'iarracht géimiúil,
ach bíodh sí fáthúil,
bí cruinn chum amharctha.
Bíodh do bharántas
i gcúl do láimhe,
is ná glac aon eagla.
Ná fág cróitín,
ná lúbchlaí bóithrín,
ná bealach taisteala.
Is na gleannta réchoille
'na bhfeicfir géanna
tabhair ionsaí eatarthu.



Is bodach uasal
chuir iontu tuaith
chum iad bheith mar néamhracht
Ar loch nó ar linn,
le cois a thí aige,
i bhfoirm géise.
Go dtug breab asmailteach,


L. 140


don chladhaire chealgach,
do rinn an t-eirleach.
Is náire aitchimse
go bhfaighe gach pearsa acu
de dhroim a gclaonta.



Ná codail ar suaimhneas,
go ndeachair id' ruathar,
go Baile na Martra.
Go hInse Uí Choinn
is go Gleann Toircín,
is go Gleann Eatharla.
Go Gleann Fleisce
is go Gleann na Geilte,
is go Gleann Airiglinn.
Ach bí ar do gharda,
óir san áit sin,
tá mórchuid ceatharnach.



Ná fág linn muilinn,
díg ná cumar,
ná portach féithleach,
Má ná inse,
ná trá cois taoide
'na mbeadh foscadh ag éanlaith.
Cuardaigh bailte dhóibh
idir Chluain is Cairbre
go rachair go Béarra.
Loch Leamhain ná dearmaid
agus Loch Dairbhreach,
agus Loch Éirne.



Éirigh ag tnúthán
go Dún Iaragnáin;
bhí a bhean lán d'uabhar
Gur chuir cogadh is coinscleo,
ar Mhochaomhóg
i ndiaidh Chlann Lir uasal.
Go Cill na nEalaí
ná déin faillí
ná scoir id' ruathar.
Is ná bí ceachartha,
ach na bailte eatharthu,
déin iad a chuardach.



Má gheibhir le hamharc iad,
is urasa iad aithne,
bhí a gcomharthaí fáthach.
Déinid scréachach,
mar ghéim na géise,
an tan bheadh sí gáifeach.
Bhí a bpíobáin fada,
mar bheadh ar eala,
is coc in airde air
Is súile Argus
do bhí go sárdheas,
'na gcleití áille.



Má thig bean uasal
leat id' ruathar
ar a mbeadh mufanna,
Nó mangarláin chlúimhe
aici mar chlúdach,
ar a lámha chum fothana,
Déin í chuardach,
go ceansa stuama,
ach má bhíonn sí 'siosma leat,
Cuir do lámh go lom
faoina com
is cuardaigh connail í!



Ag siúl na n-ard duit,
cuardaigh fáthach
gach cúinne padoice.
Mar a bhfeicfir caoire,
bí róshíleach
'na measc dá n-amharcadh.
Má thíonn an t-aoire,
ag cur aon sméide ort,
ná bí meata aige.
Tabhair rop dod' bhior
i mbun a choirp,
is bain scéal a dtaisce dhe.



Dá dteagmhadh pearsa leat
'na mbeadh béal smeartha aige,
is é ag brúchtaíol,
Cuir chum teastais é,
is má bhíonn sé ag magadh leat,
tabhair dhó smúsaíol,
Gaibh de chiceanna
i mbun a imeadail,
nó go mbeidh sé ag gnúsaíol.



Ach anois ní gá dhom,
a thuilleadh a rá leat


L. 141


i gcás an scéil so.
Ach cuardaigh féin
na bailte nár léas duit
a dtagar san réim so.
Ná glac dualgas,
ó lag ná uasal,
is ná fachaimse claon tú.
Gur sin mo bharántas,
tabhartha óm' láimh duit,
is fám' shéala.



Dáiví de Barra.




Do ghaibh scorn Tomás na nAmhrán chionn na hainme sin 'thabhairt air
bíodh gurab í a ainm choiteann san dúiche í is adúirt nach é Dáiví
do thug riamh air í ach bleagard éigin eile. Agus adúirt go ndéanfadh féin
aor nó ealaí éigin don té do cheap air mar ainm í ionas ná fágfadh ann a
shamhail do rá leis arís, gur thóg Dáiví an barántas as a láimh is do thug
do dhuine eile é ar an modh so:




Dáiví de Barra cct. chum Tomáis Uí Mhurchú na nAmhrán



A Thomáis Uí Mhurchú, cad do b'fhiú dom labhairt riot?
Ná gairm cunstábla im' bharántas 'thabhairt duit;
Ní rinnis an cuardach d'fhonn na maitheasa,
is níor thugais an brá im' láthair ceangailte.



Do measadh liomsa gur dhuine tú eagnach,
Is go ndéanfá an cuardach mar rinne an Gearaltach,
Ach is é ní chluinim go bhfuileann tú bagarthach,
Is nach fear chum suilt tú ach duine beag cealgach.



Ní dhéinim dabht, is is ní é braitear dhom,
Go mbíonn aos óg ag gleo is a' magadh riot,
Go lasfadh do ribe is go gcuirthear tú in achrann
I ndóigh go scriosfainnse an fionnadh go talamh dhíot.



Créad ná dearnais, más cás é b'acmhainn duit,
Ionsaí is ruathar cuain is calafoirt,
Gach má is inse sa tír ba measa dhuit,
Do thabhairt fád' scríb gan fuíoll gan dearmad?



Ach ní bhead ag spleáchas sa chás sin feasta leat.
Is sílim id' ghátar, tá Mícheál Ó hArta agam,
An fear caoin grámhar atá lánacmhainneach,
Le fios is eolas is cóir chum labhartha.


L. 142


Imigh, a shárfhir, tóg lámh feasta liom,
Is beir mo bharántas id' láimh chum seasaimh dhuit;
Tóg priocaire ar bheilt gan cheilt gan eagla
Is claíomh ar do shliasta chum riartha ar cheatharnaigh.



Ní in ordú peeler dhlítear t'aistearsa,
An dream róshlíthleach i ngach gníomh bhíonn tarcaisneach,
Ach i bhfoirm foot-yeoman, nó tóg capall leat,
Is imigh go mómharach is go cróga calma.



Buail siar chum Bandan, is ann tá an gasra
Is measa sa dúiche de chomplacht Orangemen,
Paca gan riail, chuir an diabhal chum mearathaill,
Do ghoidfeadh an iall, an scian 's a' meanaithe.



Imigh id ruathar go Cnoc Rua Mangartan,
Is cuardaigh timpeall gach tír is neasa dhó,
Óir bíd Ciarraígh ag triall 'shíor eadrainn,
Do ghoidfeadh an t-ubh tar éis gor trí seachtaine.



Gaibh chum Dar'anáin, is gheabhair cás caraide,
Is cuirfidh Conall go miochair leat teachtaire,
I ndáil Locha Léin, bíd géise is lachain air,
Is b'fhéidir do ghéanna bheith ag séiseacht eatarthu.



Gaibh aniar don réir sin id' réim cois farraige,
Is ná fág cumar, 'na mbeadh biolar ná laitire
Go dtagair cois Chuinne 'na bhfuil foithin is glasra,
Is Tobar an Ghruagaigh cuardaigh eatarthu.



Buail soir chum Déiseach sa réim sin cheapas duit,
Is ná gaibh cóngar, ach tóg na haisteara,
Is ná fág Dún Biataigh gan triall is taisteala,
Is cuardaigh connail gach ionad is daingine.



Ná bí bámhar i bpáirt ná i gcarthanacht
Le Gall ná Gael, le cléir ná Sagsanach,
Cuardaigh na Satraps, cé is cráifigh chneasta sin,
Ach bíonn ampla dian i gcliar na heagailse.



'S i dtaobh na caorach, níl aon réad tairbhe,
Dhuit bheith dá hiarraidh, is cian di treascartha,
Gur ith sé a feoil is gur ól a cuid anairthe,
Is tá sí ina sceirt fé bheilt an bhradaire.



Ní beag dhom an méid sin dem' bhréithre 'chanadh dhuit,
Is fearr tú féin chum réime is taisteala,
Is cuirim mo bheannacht mar ghiorracht chum t'aisteara
Gach lá is oíche id' shlí go gcasa tú.



Dáiví de Barra.


L. 143


U 0418



Mícheál Ó hArta cct., chum Dáiví de Barra



A ursa na dáimhe, tháileas milis cruinn duanta
Ar rochtain do bharántais im' láimh i dteideal laoi cuardaigh,
Oíche ná lá ní dhearna ar leaba luí ar suaimhneas,
Go dtugas mo stáir gan chairde is le taitneamh croí ghluaiseas.



Do lingeas i dtúis mo chúrsa go hOileán Arda Néimhe,
Is níor fhágas cró ná póirse ná láthair mhín fhéarghlais,
Má ná loch ná port 'na mbeadh ailbhín géanna,
Gan iniúchadh is amharc ar eagla iad bheith tar m'éis ann.



Níor stadas dem' ruathar ach ag cuardach go ndeachas go Déiseach
Is go Tobar Dhéagláin, sa tráigh atá ar shlios na tréanmhuir,
Go Tobar Mhochoda do rochtas, tá ag Lios na gCléireach,
Is go Tobar Phádraig tá in Ardach fá iomad réime.



Do chuas dá éis sin go Loch Saiméire
Mar ar chaith Parthalán a chú tré chuncas is mioscais éada,
An tan chonarc sé a bhuachaill go fuadrach lá ar maidin gréine
Ag dul hub ar muin daid go deas ar a mhnaoi, gan séanadh.



d'ionsaíos Loch Áinín mar ar bádh an Rí Tuirgéisius,
An t-anfhlaith gruama tug buannacht ar fhearaibh Éireann,
Gur chuir Maolsheachlainn cloch go docht faoina bhráid le géarghoimh,
Is gach buanna bhí 'mBanba do treascaradh an oíche chéanna.



Do chuas go Loch Ríbh, is 'na thimpeall bhíos sealadthréimhse,
Ag amharc gach ní ar aoibhneas ba chleachtadh taobh leis,
Is chuas go Loch Guir air sin óir smaoiníodh é agam,
Go raibh Cainneach Naomh ann, is ná séanfadh sé orm aon rud.



d'ionsaíos Dubhloch Durlais, go moch ar maidin,
Is níorbh ionad géise ná géanna é chum staid ann,
Óir bhí sé ag ruailleán is ag guairneán mar bheadh roth muillinn,
Is fuil na péiste bréine ann, do mharbh mic Starainn.



Níor fhágas gleann ná cambhealach insa tír sin,
Gan cuardach connail idir imeall is lár is inse,
Go Gleann Dá Loch do shroiseas ar mo bharra baoise,
Is leaba Chéivin do thaobhaíos i dtráth na hoíche.


L. 144


Arna mháireach ghabhas ag amharc na háite im' thimpeall,
Is bhí an t-uisce garbh, ag freagairt d'anfa gaoithe,
Go gcuireadh a thonnaibh tar imeall na gcloch dob airde,
Is níorbh fhearrde mise mo thuras, ná gabháil an tslí sin.



Go Formaoil na bhFiann do thriallas go santach síthleach,
Is go hArd na Tulcha lingeas go héadromsmaointeach;
Do bhí garbhleac throm ann, is ogham 'na lár sin scríofa,
Gurab é suíochán seilge an bheithirfhir ársa Fhinn é.



Go Doire Dá Bhaoth do théarnaíos ar éirí gréine,
Mar a mbíodh an Searbhán Lochlann gan codladh ag faire na gcaora,
Is chuas is d'amharcas an leaba bhí i mbarr na ngéaga,
'Na raibh Diarmaid is Gráinne nuair a tháinig Fionn dá n-éileamh.



Níor chian mé ag féachaint insa réim sin go bhfeaca taoibh liom,
An fear lánaosta le léithe ann 'na shuí ar bhinse;
Cé is 'na shuí dhearcas é, go dearfa ba mhó is b'airde,
Ná dís dá bhfeaca im' thaistealaibh ar feadh na tíre.



Is dúirt: "A dhalta bhig, braithim gur ógán baoth thú,
Is céard a thug tú sa turas so, le claíomh gan éide?
Níl smior ná fuinneamh ná cumas id' chnámha ná i d'fhéithibh
Is do reanga níor chruaidh, 's is suarach liom mar laoch tú."



Adúrtsa dá fhreagra gur taistealach mé ar fuaid tíortha,
Is go dtugas gach baile i m'aistear liom, go ránga an chríoch so.
Óir go rabhas ag siúl na dúiche ar lorg lán líne
De ghéanna uaisle do fuadaíodh ó neach im' thírse.



"Do bhí bainis" ar sé, "aige caomhrí uasal Teamhrach
Is do bhí Fionn 's an Fhiann dá riaradh san bhfleadh i gcás cleamhnais,
Gur readadh ó Ghráinne im' dháilse, searc is ansacht,
'S is iomdha duais do fuaireas go ránga an ball so."



"Más fíor do scéala", ar mé, "is tusa Diarmaid,
Mac do Dhonn, bhí lonn ag cur catha is gliagaibh.
Is conas mhairis, óir is dearfa gur aimsir chian sin,
Is cia acu do phearsa, do shamhailt, nó do ghósta fiar sin?"



Ar sé "Torc Bhinne Gulban, arna thorchra do thug dom fiacal,
I néal san má ar lár go rabhas 's 'na dhiaidh san,
Go rug Mac an Deá mé in ardbhrogh draoíchta am' riaradh,
Is cé gairid ó fhágas an áit sin do thiteas chum liaithe.



Is imighse reomhat i seanród Eascair Riada,
Is go Maigh an Alta taisteal id' shlí 'na dhiaidh san,


L. 145


Go Loch na dTrí gCaol, ná déin de dearmad fiartha,
Is muna bhfuilid san réim sin, níl éifeacht duit bheith dá n-iarraidh."



Do rinneas a chomhairle in gach eolas cruinn a dúirt sé,
Is rinneas Sliabh gCuillionn na mbruinneall mbansí d'ionsa,
Gur chonarc an ríogan mhíonla bhreá ghlanghnúiseach
Is scata 'na timpeall ag rince de mhná gealionraic.



Do dhruid sí im' dháil is ba álainn í le huaisle,
Is coróin chocán go fáinneach os cionn a cluaise,
Róbaí ná feacasa a samhailt le gaoith dá luascadh,
Is slat róghleoite 'na dóid, do bhí bán is uaithne.



Ar dteacht di im' láthair, "a ógáin," ar sí, "is duais duit,
Teacht go tír na sídhbhrogh, gan cead d'fháil uaimse.
Is créad an táimhleoireacht tharla dhuit id' ghluaiseacht,
Óir braithim id' chló gur stróinse tá ar buairt tú?"



Do rinneas di umhla is dúrt: "a bhanríon charthanach,
Ní i gcúrsaí treason ar aon chor do tharla eadraibh,
Óir taistealach cuardaigh mé 'gluaiseacht ag siúl na Banba,
Is ní fheadar cá rabhas go bhfeaca do ghnúis róthaitneamhach."



"Más ea", ar sí, "ní díoltas is cóir do thabhairt duit,
Ach do rogha bean chéile i m'aolbhrogh anois do gheabhairse.
Ní rachair in aostacht an tréimhse is faide leanfair sinn,
Is gheabhair ceol is rince, aoibhneas, só agus macnais."



Do shléachtas ar talamh, is ní fheadar cá bhfaighinn di freagra,
Is bhí mo chroí leath slí idir aonta is eagla,
Gur thiteas im' shuan le suairceas na mbréithre canadh liom,
Is ar ndúiseacht suas dom, ruainne sa tsaogal ní fheaca dhi.



Do ghluaiseas ansin go lodartha tromchroíoch atuirseach,
Is bhíodh an cathú am' mharú, mo leas nár ghlacas-sa,
Ag siúl na slí san oíche, cé bhí sí dainideach,
Is go Dún Dealgáin do ránga i moch na maidine.



Brogh Chú Chulainn idir imeall is warda is chúinne,
'S an Chraobh Rua uile do rinneas a chuardach dlúth dhóibh;
Níl suíochán suadhfhir, ná ruaiteach ná ard nár shiúlas,
Is níor stadas dem' stáir go ránga tigh an Iarla Chúirseach.



Ní bhfuaireas a dtuairisc is ghluaiseas ar éirí gréine,
Go hInis Arcáin i gcurachán is go hOileán Cléire,
Is ní raibh sa tír sin ní ar bith do cheilfeadh éanlaith,
Ach cliath shúgáin ar na botháin, roimh an ngaoith dá séideadh.



Do ghluaiseas i m'aistear cois farraige is na triúcha timpeall,
Is im' shiúl níor theangmhaigh liom aiste do b'fhiú dhom insint,


L. 146


Gur shroiseas cois Bandan gurab ann liom tharla scaoinse
d'fhear lúbach láidir, is 'na láimh bhí, géar glan, píce.



Bhí 'shúile uaithne, is seasamh 'na ghruaig in airde,
Is gach ribe dhi d'iompródh mionúll nó mórairne,
Is starraí fiacal 'na ghiall mar fhiacla cránach,
Is srón mhór fhada is drannadh de phus róghránna air.



A ghnúis bhí coghar lánodhar ó loscadh gréine,
Lena shróin bhí smuga air sileadh is ní ghníodh í shéideadh,
Is muineál tairbh bhí garbh gan luid den léine,
'S a chluas 'na slapar mar asal a bheadh ag scréachaigh.



Do bhí casóigín mhór anuas air go hard a thóna,
Is súgán ruainsigh bhí guaireach ag fáscadh a chóta;
Bríste beag leathair bhí smeartha ag díon a chnósaigh,
'S a loirgní nochtaithe gan fothain ná fiú na mbróg air.



Ar bhfeiscint a dhriuch dom, do thuigeas do bhí róghránna;
Do cheapas nach aon d'fhuil Ghael é, ach do bhuíon na hÁfraic."
Do ghabhas dá fhéachaint géar, is leath slí bhí im' dháilse,
Is d'fheasas an duine é, nó sprid, nó deamhan nó sátyr.



Do ghlac sé fearg, 's is tapa a dúirt: "a ghiolla bhig,
Cuirfeadsa in iúl go dlúth duit anois gur duine mé,
Is nach smithire faon ná séice, ach gur fear lánchuthaigh mé."
Is thug fuasmadh dá phíce i ndóigh go ngoinfeadh mé.



Ar fheicsint a choinnithe, thugas-sa saobhléim seachanta,
Is follamh chuaigh 'iarracht, ach is dian do rop sa talamh é,
Gur nochtas mo chlaíomh bhí líofa lánghéar leadartha,
Is d'ionsaíomar a chéile go néata cróga calma.



Níor mhó an duais bheadh ar chuain leon chun treascartha,
Nó ar dhá dhamh i dtreas lá gréine ar barra cnoic,
Nó ar dhá ghríobh ingineach ag stolladh a chéile caismearthach,
Ná gach iarracht shantach amplach a tugthaí eadrainn.



Dob fhada sinne gan time gan tlás ar a chéile,
Go créachtach gonta, is ár gcuid fola 'na srutha taobh linn,
Go gcuirfeadh ár mbuillí crithní i ngnúis na spéire,
'S i gcuasaibh carraigeach na mara do ghníodh buairt d'éigsibh.



Fá dheoidh nuair b'fhada liom bhí ag seasamh an chatha chruaidh liom,
Fuaireas eitim gona air is sciobas le fána an chluas de,
Is ní ráinig an iarracht fiartha, ach bhain de an ghuala
Gur thit chum tailimh gan tapa go faon gan luadar.



Do spalpas na mionna go mbainfinn an ceann lánmhór de,


L. 147


Muna dtugadh dom scéala cia hé, is cá tír ór ghluais sé,
Is gach tuairisc eile le heibear do thabhairt go luath dom.
Is tuairisc mo ghéanna tar aon rud do thabhairt gan duais dom.



Go ndúirt: "chonarc sé díse nó líne bhreá den tsórt sin
Is tán'dar i mbád ar tráigh i bhfogas dómhsa,
Gur chuir Roger 'na loing iad, is í ar bruach chum seoladh,
Is chuaigh leo go toghail i dtabharthas gonuig Rí Hanóver.



Is baoth an scéal d'fhear aonair aon tráth mar thusa,
Dul ná triall dá n-iarraidh gan garda is foireann,
'S a bhfuil de Chatoilicí eadraibh dá bhfaigheadh 'na bpunainn,
Go gcuirfeadh le chéile iad in éineacht dá ndó sa tine."



Cionnas fuair an dartaire Orangeman fios na scéala,
Nó créad an chluainbheart thug tuairisc dhó ar na géanna,
Nó cionnas do shroiseadar chuige, ar bhád ná ar thréanmhuir?
Ná rachadh an oiread den imideal ó fhear a cheirde!



Ar sé: "Atá dream eadrainne 's is dearbh ná rachadh uathu aon rud.
Is bearraid siad caoirigh istoíche is goidid siad éanlaith,
Is bímse eatarthu, 's is dearfa gur aon dá gceird mé,
Is fios a slí chum cinsil tá agam gan bhréag dhuit."



Ar gclos an scéil sin, is créad é mar shórt creideamhaigh,
Do bhuaileas kick air do chuir a thóin ag meigeallaigh,
Gur phreab 'na shuí is chum slí do sciuird sé ag eiteallaigh,
Is céad dem' shórtsa níor dhóigh dóibh breith sa leirg air.



'S anois, a Dháiví, ós fáilteach rinneas an cuardach,
Is gur thaistealas tíortha is críocha faoi iomad duaise,
Cé ná tugas im' shlí iad, ní dhlíonn sin aifear uaitse,
Is duine ded' shórtsa, is leor leis m'acmhainn uaimse.



B 1819 19T
U 0421

Quos ego sed motos praestat componere fluctus post mihi non simili poena
commissi luetis.



Contae Thiobrad Árann etc. Ag so faisnéis Uilliam Uí Bhriain ó
cheannbhaile na contae réamhráite dom' láthair, aon de bhreithimh
na hollúnachta


L. 148


san gcontae chéana, agus i Leath Mhogha go huile an t-ochtú lá déag de
mhíosa meáin an Earraigh, i mbliain ár slánaithe 1819. Iarna
cheartdhearbhadh don bhfaisnéisí seo ar mhóide an tsaoibhscéil dhiaga,
et arna scrúdadh dhó dom' láthairse, as é a deir go bhfuil bruinnire
bolgmhór breacluirgneach bréananálach burdúnach bundúnach breacshúileach
buíghnéitheach, agus clamhaire caolscrogallach círéipeach camchosach
caschroiceannach coirpe coinnealbháite, gan mhodh gan mhúineadh, gan mhaise
gan bhéasa, gan chuid gan charaid, gan chreideamh gan choinsias, gan
chríoch gan chomhairle, gan chonách, gan chónaí, gan chlú gan cheird,
gan ór gan airgead, gan earra gan éadach ná fós cuid oíche, gan eagla roimh
Dhia ná roimh dhuine, roimh dhiabhal ná roimh dheamhan, dárbh gnáthainm
dó Tadhg mac Finghín Mheic Cárthaigh, Hiberno-waterlouse, ag imtheacht ó
thír go tír, ó thuaith go tuaith, ó thriúcha go triúcha, ó bhaile go
baile, ó thigh go tigh, ó bhothán go bothán, agus ó phosta go piléar, i
leith a bheith 'na mháistir scoile, ag milleadh, ag míchorú 's ag maslú
Béarla agus Gaeilge, in aghaidh ceartdhlí na bhfáidhe agus na bhfíorollún,
agus contrárdha do rialacha léinn agus lánfhoghlamtha chúirte na naoi
mbéithe agus Apolló. Adeir an faisnéisí seo mar an gcéanna gur gnáthbhéas
leis an gcrochaire creatlom, cnámhársaidh camspágach so sórt seanleabhráin
lán de righinráiméis leamh, gan bun gan barr, gan sníomh gan snas, do bheith
ina chríonphóca aige, dá ngairmmeann "Bolg an tSoláthair" - agus is é
ceartainm an leabhair chéanna "Díoscán an Droch-Scoláire" - i gcóir a
bheith á léamh agus á rannghabháil sin do scológa, do chailleacha, et do
dhaoine tuatúil beagléinn gacha tíre dá ngabhann tríd, mar shúil 's go
bhfaigheadh uathu mar luach saothair taoscán de ghargbhláthach nó de
mheadhg géar seanuachtair, nó de dhríodar bhainne sciodarach lombhearrtha
do bheadh dá shuathadh ó thobán go tobán, agus ó bhreallán go breallán, le
tréimhse, tamall agus aimsir imchian roimhe sin, mar aon le fuíoll boird de
chreacháin chreimchoscartha aitéite; go mba samhalta le fiachráin ghortach
mhuice ag ídiú agus ag sracadh bréanchonablaigh spaid-ghearráin é, le méid
ampla, scanradh, agus deifireach ag alpadh et ag slogadh na sóilphroinne sin
ina mhórmhéadal síos. Adeir fós an faisnéisí réamhráite gur béas dá
dhrochbhéasaibh a bheith ag síorchreimeadh, ag síorcháineadh agus ag
síoraithisiú na ndáimhe, na bhfáidhe, na bhfilí, agus na n-ollún i
ngach áit dá gcuirfidh sé a thóin faoi ar a stóilín cafaireachta, agus mar
an gcéanna a bheith ag lochtú a ndéantúisí mar shúil go laigheadódh sé a
meas, a gcreidiúint agus a ngairm i measc na poiblíochta, agus do réir an
tseanfhocail "an té ná déanann an bhróg ar fónamh níl ann ach coibléir".
Is mar sin don chneáire chraiplithe Cárthaigh-se; ní dhearna riamh
véarsa gan a bheith leithíseal easpaitheach nó iomarcach agus níos mó ní
deir an faisnéisí-se: Ar an adhbhar san ordaím agus forfhógraim do gach
file fáidhghlic feasach fíoreolach do gach bard barrúil binnbhriathrach, agus
do gach sáirfhear seascair saoithiúil sítheoilte san gcontae thuasráite
Thiobrad Árann, agus i Leath Mhogha go huile, an foirfeach feoite
fleasgaigh seo do chuardú agus do spiúnadh go hard agus go híseal ó Lom
na nEach go Cluain gheal Meala; agus radharc súl má faightear air,
ceangal na gcúig gcaol go daor agus go docht do chur ar a chríonchorp le
corda casta cruarighin cnáibe, agus a thabhairt dom' láthair, nó do láthair
aon de bhreithimh na suadhéigse san gcontae chéanna chum riail na
bhfáidhe d'fhreastal air .i. comhartha an choilínigh do stampáil air,
agus a dhíbirt ó chuideachta agus ó chomhluadar


L. 149


na ndea-ollún, agus ar son a dhéanta ag so údarás foirlíonta
foirmdhlitheach, tugtha fám' láimh agus fám' shéala, an lá agus an bhliain
thuas-scríofa.




Whereas d'áitigh
inniu dom láthair
ar mhóide an Bhíobla,
Saoifhear sárghlic
de shliocht na n-ardfhlaith
de Chlanna Míleadh,
An Brianach fáidhghlic
feasach fáilteach
gasta gníomhach,
Nár chrap a lámh
ar chlár an tábhairne,
in am an íoctha,



Go bhfuil cranda caite
cranca meata
mímhear,
Fleascach fannlag
creatbhuí cancrach
casta críonna,
Geangaire geancach,
cealgach clamprach,
ceachartha cíocrach,
Alpathach amplach,
airceasach santach
ocrach íotmhar;



Crochaire claon
gan gin dá ghaolta
insa tír-se,
Cidh deir an baothlach
gurb é Cnoc Gréine
a bhaile dílis.
Is deimhin gur bréag sin,
don fhíorchréice
mantach míolach.
Mar ná fuil aon tigh
'na bhfaigheadh méile ann
ná iostas oíche.



Adeirthear liomsa
gur ón mBandain
nó ón mBlarnain,
Do rith le scanradh
trí dhrochiompar
a chríonfather.
Do bhí i dteannta
mar bhain a cheann de
Bhuachaill Bhán ann.
Ag sin an t-am
'na dtáinig sé chughainn
le cois a mháthar.



Ba lúbach láidir,
lúfar láinmhear,
luaimneach éasca,
Do shiúladh sráid
ar cosa in airde
ag iarraidh déirce.
Beidh rian an mhála
ina shlinneáin
go deireadh a shaoghail.
Is Scoláire an Mhála
an ainm gnáth
bhíodh ag gach n-aon air.



Do bhí tuilleadh clainne
aige n-a bhuime
ar theacht don áit-se.
Is ní bhfuil fios a gcine
ag aon sa chruinne
ná cá cineál iad.
Mar bhí sí soineanta
súgach soilbhir
teasaí grámhar,
'S níor dhiúltaigh duine
fá mhéile pise
go críoch a dáta.



Adeir a lán
ná deachaigh a cáil
go poll an amhrais.
Is an toradh d'fhás
ar an síol a sáthadh
nach buinscionnta.
Gibé tarbh do dháir
an bhó don Chárthach
ba leis an t-anlus.
Ach ní foláir a rá
gur mac dá mháthair
Tadhg gan dabhta.


L. 150


I gCnoc Áine
atá sí ar fáil
don taobh thuaidh den Teampall.
Is tá sé le háiteamh
gurb é adhbhar báis di
an bholgach Fhrancach.



Ní heolach dhúinne
cár ghabh an cúigear
eile dá cuaine,
Ach go bhfuil Úna
i mbiorán an chúil
i Mainistir Uaithne.



An uair do cailleadh Sadhbh,
d'imigh Tadhg,
ag siúl na dtardal.
'Na ghiolla i gcionn daill,
is amhlaidh thuill sé
beagán fáltais,
Do cheannaigh dó bróga
bheist is cóta
amach den tairne.
'S i gcúrsaí na léine
do bhí a leithscéalsan
gafa le crábhat.



Do rinn trowsers bhuí dhó
áit stocaí 's bríste
in éineacht,
Agus do ghoid ó Dhónall
ó Dhún Eochaill'
seanbhéabhar.
Ba dheas an radharc
le hamharc Tadhg
fá chulaith éadaigh;
Trudaracht taibhseach
mustarach meidhreach
ineallta éadrom.
Slogaire an mheidhg
an sciodair 's an bhleaghdair,
d'fhás ón gclaontreibh.
Danardha an fheill
comh tuillte le poimp
le gearrcach Aesop.



Ansan dar liom,
do ghlac sé dúil
a bheith 'na scoláire.
Agus do bhí ag foghlaim
gonuig an t-am
'na raibh 'na mháistir.
Níor shásaigh súd
mac Shaidhbh de shú
's de shíol na táire,
Gan bheith in' údar
mhaol dhrochmhúinte
ag maslú dáimhe.



Dunsa dúr
díombaoch drochiompair
díomhaoin dána.
Do tháinig chúghainn
'na strae thar triúcha
gan chuid gan chairde,
Gan cháil gan chlú,
gan chéim gan chrú,
gan rún gan rá suilt.
Is nár bhfearrde an cúige
ina bhfuil triúr
de shórt an chneáire,



Ná feacaidh súil air
riamh i dtúis a
shaoil aon tsnáithe,
Ach leadhb de shúsa
buí mar chlúda,
's cor súgáin air.
Caite i gcúinne
ar smuirt de smúdar
suip ba ghnáthach,
's é ag únfairt
i gcaol lúibe
saic nó mála.



Ba mhinic crúthach
fuail go húr
ó rinn go sáil faoi,
'S saithí dubha
de chuilí 'tuirlint
le trodáin air.
Tá anois 'na lobhar
gan chiall gan mheabhair
ag milleadh dánta.
'S a chluasa bodhar
ó Cháisc go Samhain
le huallthairt gharlach.



Is scléipeach scanrach


L. 151


faobhrach foghlach
priaclach práinneach.
Do bhíonn 'na shamhailt
ag triall gach am
ag iarraidh a phá bhoicht.
I gcás ná tabharfadh
páiste ag foghlaim
ach trí lá aige,
Bheadh táille trom air
thíos 'na leabhar,
's díol an ráithe air.



Mo mhíle brón
is olc a ghnó
os cionn a thréada,
Tuata cóbaigh
atá aineolach
insa mBéarla.
Is dual gur cóir
do luadh dá shórt
san teanga léannta:
Quem Deus odit,
paedagogum
malum fecit.



Anois ní foláir dom
labhairt os ard
ar a mhaithghníomharthaibh.
Is cliste ceardach
glic deaslámhach
do chaithfeadh dísle.
Do dhathódh cárta
chomh maith le Sátan
ar a dhícheall.
'S bheadh cíoná aige
ar bord gan spléachas
cam nó díreach.



Is ciúin 's is córach
do spiúnfadh póca
mná ar aonach.
'S do thabharfadh nóta
leis 'na dhóid
ar ais nó ar éigean.
Do sciobfadh bróga
as cis gan sceon ó
ghréasaí Gaelach.
Agus ag seisiún in airde
ar bord ba bhreátha
an finné é.



Is ceart do phósfadh
lánú ag tórramh
aimsir fronsa.
Is binn is is seolta,
milis ceolmhar,
do sheinnfeadh trompa.
Do leighisfeadh urchóid
's do ligfeadh neascóid
le géarlansa.
Agus ar thubán
bowl nó breallán,
d'fháiscfeadh fonsa.



Atá artha deilge
's tinnis goile
aige go fíormhaith.
Agus a' breith clainne
is fearr a thuiscint
ná dochtúir Evans.
Do mheallfadh nóchar
chun mnáibh óga
le neart luibheanna.
Agus le pusóid
do sheascbhean phósta
do thabharfadh síolrach.



Is aisteoir comhdheas
i measc comharsan
é chum gach aon rud.
Do mheilfeadh bró,
do chrúfadh bó,
do dhéanfadh aoireacht.
Do shaillfeadh feoil,
do smearfadh bróga
do bhearrfadh géanna.
'S do ghléasfadh dose
do ghráfadh cocól
lena chéile.



In aimsir cuiginne,
is sámh an chuideachta
Tadhg i láithreach.
Spré den tine
ní ligfeadh le gin ar bith
amach thar tairseach.
I mbéal bhriste dhi,
d'fháiscfeadh an loinithe
le gad maith cárthainn.
'S níor mhaol an ionga é
a' deighilt an ime
go cruinn ón mbláthach.


L. 152


Gach n-aon agaibhse
'na bhfuil easpa ime air,
glaodh i dtráth air.
Atá dearna Mhuire aige
's slánlus fuinte aige
le sál an árthaigh.
Ina mhála istigh
tá gárthainn curtha aige
tré chroí luch páirce.
Is ón sruth is giorra dhíbh
beidh aige an cuipe
in am a bhearrtha.



d'fhuáilfeadh cáiteach
sac is mála,
pluid is súsa.
d'fhuinfeadh arán,
do luaiscfeadh cliabhán
do shnífeadh túrn.
I gcás cardála
níl a bharr
i gCarraig na Siúire.
Agus tuilleadh dá cheardaibh
ná fuil práinn
lena gcur in iúl díbh.



Anois is cóir
a chomharthaí sóirt,
do chur i gcéill díbh.
Spangaí deireoil
lagbhríoch teircfheolach
lom míghnéitheach.
Tá liathfheoithne
tanaí feoite
os cionn a éadain.
Is rian an chorda
do thuill fadó shin
ann a chaolscruig.



Atá ceann mór air,
maol spairtchluasach,
crom círéipeach.
A bhaill gan luadar
faon ar luascadh
is luail 'na ghéaga.
Féachaint ghruama,
dhéistneach dhuairc,
dhoilíosach fhraoctha;
'S sceird is scuaird
mar aon le cruatan
fuail gan traochadh air.



A hocht is caoga
bliain is aos dó,
do réir m'amhrais.
Ní cumas d'éinneach,
bheith róléir air;
tá ar an gcuntar.
Le foiréigean,
ag alpadh bréanspaid,
do chuir sé a chúrsa.
As é airde an chréice,
bhuartha bhréagaigh,
leath sé chúibit.



Anois is dual dom
barántas cuardaigh
thabhairt fám' láimh air,
Do gach suaidh
is saoifhear suairc
chum breith ar bhráid air,
A cheangal go cruaidh
's go docht le buarach
nó téad cnáibe.
Is bíodh gach fuaithne
dá chorp ar luaithchrith
go tíocht dom' láthair.



Go speisialta
chum an Bhrianaigh
atá réamhráite;
Leanaíg go dian
ag lorg an iarsma
ar fuaid gach áite.
Ná fágaíg fianbhoth
cnoc ná sliabh,
ná poll ná áirse,
Cis ná cliabhach
ná lios ná riascach
ná cúil shráide;



Clais ná díg
ná fail ná claí
ná cúinne ráithe,
Stáca tuí
ná punann lín
ná easair chránach,
Áith ná muileann
ná cró circe


L. 153


ná cnota cabáiste,
Halla ná cistin
cliabhán linbh
ná seanastábla;



Comhra busca
ná umar muice
ná clais tála,
Póirse kennell
ná baraille cuiginne
ná tigh fásaigh.
Seomra siolla
ná gráta tine
ná fiú sop cnámharlaigh,
Gan réabadh gan briseadh
ó gheataí Luimnigh
go Port Láirge.



Is róghnáthach
sa Ghleann Bán é
ar a bhéile.
Is tar na tráthaibh
bíonn ar fán
i bPailís Gréine.
I gCnoc Áine
beidh ar fáil
in aghaidh gach féile,
Ach Domhnach Cásca
tigh Sheáin Uí Chránla
beidh más féidir.



Tigh Sheoin Uí Chuilinn
is minic a thuirlingt
aimsir cóisir,
Et thíos in Úlla
ó Mhiss Huet
níorbh annamh póit air.
Is maith a chuntas
timpeall Dhúna
ar phíosa spóla,
'S níor luaithe ansiúd é
ná cois tSiúire
ná i gCnoc Ordáin.



I gCuillinn Ó gCuana
bíonn ar cuaird
i mbothán ósta,
Agus soir ó thuaidh
tigh Uilliam na Cluanach
i nDún Eochaill'.
Tar éis na ruaige
suífidh thuas
ar Ard a' Mhóta.
Sa Cheapain Mhór
nó i mbarr na Stuac
beidh sé tráthnóna.



Má bhíonn gé
ná cuid de lao
ná mias potóga
I bhfoigseacht béice
fead ná glao dhó,
in aon chóngar,
Tá fios féithe
aige is éirim
ar na bóithre.
Is ar suipéar
ann do bheadh sé
muna n-iaid na doirse.



Arna mháireach
buailfidh páil
ó dheas go Srónaill,
Nó den stáir leis,
siar go brách
tigh mhuintir Thórpaigh.
Níor dhóichí áit,
ina dtóigfeadh áras
lae nó dhó ann,
Ná i gCill Fhionnáin,
i nGleann Bruacháin
nó i mBaile an Londraigh.



I gCnoc Rafon
do bhí sé cheana
is fuair ann fáilte.
Go deimhin má chasann,
ann lena mharthain,
beidh greim spáig' air.
Tá roinnt aithne
air le tamall
is beidh roimhe garda,
Do bhrí gur bhradaigh
cúpla leabhar
ó Pheadar Ó hÁinle.



Tríd an mBáinseach
uch mo chrá má
ghabhann go deo chúghainn,


L. 154


Beidh dhiuc brád
le corda cnáibe
ar a scornain.
Ní shabháilfidh
trúp dá láidre
d'arm Sheoirse é,
Gan duckáil
nó a chur in airde
i bpiolóirí.



Anois 'Uilliam
de rás na gcliar,
atá agat comhachta.
Ná bí á iarraidh
thoir ná thiar
ach sá chum bóthair.
Siúil go dian
is lean a rian
is ól do dhóthain.
Is tóig air fiach
go greim an diabhail
má ritheann romhat ann.



Glaoig ar dtúis,
ag tionúis Heuston
atá láimh leat.
Nó fós Hoops,
is gnáthach ann
le hais na meá é.
Druing is crúit,
dhá sceadshúil air
ó bheith ag soláthar,
Gach aon sprúille
dhéanfadh súp dó
nó braon áithre.
Mura bhfaighir ansúd é,
sín do spiúnadh air
ann gach lána.



I mBearna an Scansa
i mBóthar na nGabhar
's a gCúil na Rátha,
Níl aon dabhta
ná beidh cuntas
insa tsráid air,
Mar is gnáthach ganga
air cois teampaill
ag beiriú a sháspain.



Ar scaipeadh na drúchta
preab chun siúil
go luath trusáilte.
Ól do chrúsca,
is beidh tú súgach
te friseáilte.
Gheobhaidh tú cúnamh
maith ó Luke
sa mBóthar Bán thoir,
Agus cúpla
pointear múinte
chum setála;
Ná dearúdtar
timpeall cúirte
Bhaile Thomáis leat,
Gan cuardú dhó
go ródhlúth
is go siúráilte.



Gan puinn amhrais
teangmhóir ann le
Major Corbett.
Is tabharfaidh fuses
grán is púdar,
duit más práinn é.



Iompaigh siar
i gcionn Chill Fhiacal
trísna bánta.
Is lean a rian,
go Dún na Sciach,
mar mbíodh an pátrún.
Ba mhinic riamh
a bhíodh a thriall ann
Déardaoin Álainn
'Na bhoidiallach
agus tiarpa air
fé naoi mála.



Cuardaigh dóigh
is andóigh
ar feadh na tíre.
Dein do ghnó
go gasta eolach
gan faillí ar bith.
Imigh romhat,
ná stad go deo,
de ló ná d'oíche.
Is lean go treorach
é sa tóir le
togha coisíochta.


L. 155


Ná fág tigh tórraimh,
baiste, pósta,
ná bainíse,
Meitheal mhóna,
macha bó,
ná cuimhniú míosa,
Fear ná stróinse,
seasc ná tórmaigh,
óg ná críonna.
Gan an cóbach
claon 's a gheocach
dh'fhiafraí dhíobh ann.



Anois i gcás
ná déanfair brá,
de scaoinse an éitigh
Is é ordú dáimhe,
flaith is fáidhe,
is na suadhéigse:
Coinnealbhá
a chur ina dheáidh
le toil a chéile,
Mar chomhartha gráin air
ann gach áit
go leá an t-éag é.



San le rá:
a bheith ar fán
gan chuid gan chaomhnadh,
Gan chrích gan aird
gan mheas gan cháil
gan chiall gan éirim.
Gan feoil gan arán
gan bhun gan barr
gan bhia gan éadach,
Ag siúl bhothán
'na dhúrdhonán
gan fáilte ó éinne;



Ag dul chun báis
le galar smáil
gan silleadh cléire;
Gan bean le fáil;
cois taoibh a chláir
'fuáil aisléine.
Gan cantain bráthar
ná ord neámhga
ag beannú cré dhó,
Ná aon 'na dheáidh
a déarfadh Ámen
dó 'na Requiem.



Ní bhfuil mé sásta
fós don chneáire
tar éis a ndúirt mé.
Tá roinnt práinneach
mór láithreach
agus cúraim -
Tá mé lán de,
is tuilleadh a rá
'nois ní fiú liom.
Ach más gá dom
labhairt go brách air,
beidh sé i gcúplainn.



Nach cruaidh an cás
a dheacht i ndán
i measc na dúiche,
Uaisle bard
a bheith go tláth
gan rath gan súchas,
Is rannghabhálaí
lom díthchairdeach,
tuata tútach
A bheith ag cáineadh
clanna deá-athar
gan puinn cúise.



Is cúis fá ndeara dom labhairt ar chréice an smáil,
Mar bhí le fada 'na leastar ar fuaid bhothán,
Ag síorthabhairt scannail is masla d'éigse is d'fháidh,
Is gan bhrí ina rannaibh ach mar phreabfadh an breac den sruthán.



Sin críoch lem' labhairt is measaim gur buíoch atá,
Na mílte pearsa dom' fhreastal ón tSiúir go Máigh,
Ach má gheibhimse feasta an fleascach ag plé le dán,
Ní díon dó caladh ná cathair im' dhiaidh go brách.


L. 156


B 1823fl 19T
U 0305

Contae Chorcaí le Dáiví de Barra, iodhain ollamh et éigeas et fear
tabhartha nótais et cirt ar chóir et ar éagóir san gcontae roimheráite.



Mar atá, go dtáinig fear cneasta fíoraonta chugam le gearán an deichiú
lá den mhí Samhain i mbliain a cúig agus fiche, agus gur dhearbhaigh an
faisnéisí im' láthair go dtáinig feáire faidchosach teircfheolach
leathnochtaithe breacloirgneach buí seangchliabhach breicneach critheánach
ag iarraidh aíocht air an oíche roimhe sin agus gur éirigh i moch lae et
lántsoilse agus gur bheartaigh leis casóg mhaith nuadhéanta do chuir an
faisnéisí dhe fliuch ar an gcrúca le haghaidh silte agus tíormaigh, agus is
dá dhearbhú sin atá an barántas mar leanas:




Whereas d'áitigh
inniu dom' láthair
fear den dúiche,
Atá róchneasta
is nár mhaith leis 'ainm
do thabhairt i gcuntas.
Go dtáinig deoraí
ag iarraidh lóistín
air oíche dhúrtain,
Is gur ghoid uaidh casóg
do chuir ó thrioblóid
ar an gcrúca.



Ball rónéata
bhí dea-dhéanta
deas dea-chumtha.
Cé bhí sí lánmhór,
ní raibh sí tónmhór
mar a bheadh gúna,
Ach sciorta sásta
'na raibh kick off ann
siar tar glúine.
Is dá olcas toss
do bheadh ag fear
níor bhaol é mhún' air.



Is cúrsaí galair,
do bheadh léi scartha,
ar a shamhail de chuntas.
Roimh ghoimh na síne
thiocfaidh sa gheimhreadh
atá 'chroí ag dúchant,
Ná féadfaidh freastal,
chum spóirt le fearaibh,
le heaspa clúdaigh,
Ach beidh 'na spreas,
gan chlú gan mheas,
'na shuí sa chúinne.



Is iad comharthaí an bhradaire:
bíonn sé ag caragail
's ag déanamh aimhlis;
Liost is guala
air chum suaite
ar ghnóthaibh daoine.
Bíonn sé ag béadán
'na shirriam tinteáin
le hais gach grísce,
Is bearna fhairsing
'na bhéal is drannadh
air ón bpíopa.



Cé níl sé ceardúil
atá sé áisiúil
tar mhórán daoine.
Ba mhaith mar spré dhó
abhar túcaera,
an bathlach smíste.
Níl dabht ná mearú
ná gur mhór é a leasú dhó
ar charn aoiligh,
Is líonfadh suas
an poitín fuail dhó
gach uile oíche.



Níl ann ionadh,


L. 157


atá sé brúideach
ag caitheamh bídh dhó.
Mar lamhnán taisúr
do rachadh ó lagú
le séideadh gaoithe,
Is ea líonann a mhéadal
go mbíonn sé ag mianfaigh
le heaspa slí dhó,
Is gach uile mhaidean
caitear a leabaidh
amach le píce.



Is do chomharthaí an tséithligh
go mbíonn lintéir,
i ngabhal a bhríste,
Is beann dá léine
nár níodh le tréimhse
'na liobar síos as.
Gach coiscéim shiúlann
gabhann de ghlúine
air go díoscair,
Go ndíbríonn cuileoga
ó bheith ag cullóid
timpeall 'íochtair.



Sirim gach faraire,
'na ngeabhaidh an bradaire
chuige san oíche,
Le hadhastar gadraigh
a cheann 's a chreatalach
do cheangal go díoscair,
'S a thabhairt im' láthair,
go mbainead de sásamh
i gcarcair na daoirse,
'S an rath ag cnagarnaigh
do cheap na Sagsanaigh
dá shamhail chum díoltais.



B 1725c 18T
U 0204
Whereas dom' láthair táinig gníomh oilc
go ndearna's gadaíocht, mailís mhillteach,
lá geal Bealtaine samhraidh saoirse
gearrfhia cuthaigh gur sciobadh gan fuíollach.



Ó tá gur imigh gan bith a dhíola,
ó Sheán Ó Broin i bhfios mar inseann,
barántas cuarta uaim go díoltach
chum a loirg le hiomarca díchill.



Seán Ó Broin flaith glic noch maífead
mar bháille cumais nach uras a chloíochan,
is Oilibhéaras Ó hÉalaithe téadh 'na choimhdeacht,
dís nach uallach fuaim a n-intleacht.


L. 158


Loirgíg ard, ná fágaíg íseal,
tuath ná cealla bailte ná tíortha;
brisíg gach bosca, 's gach doras go fíochmhar;
tá bhur n-ordú láidir dána díreach.



Measaim nach an-cheart i mbaramhail smaoineamh
ar Thomás Óg i ndeoidh an ghnímh sin;
ceanglaíg docht a chorp doscaoilte
ní suspicion lag ár meas 'na thaoibh air.



An giorria ina thigh má chim an dís sin
tógbhaígh a chuid 's a strus den rídhleacht;
is urra le treit mhéith ghearré an tí seo
tugaíg go hullamh fá choiste an chirtbhinse.



Ní foláir dhó aighneas deimhneach díreach
do fhriotal go luath gan ghruaim ar bís linn;
táid bannaí is díotáil faoi láimh scríofa
's de réir bharúlach dearbhú trír air.



Ba fia gearr taithiceach tairbheach clíthiubh,
reamhar glan feolmhar córach dingthe
pearsanta aibidh, ba dheacair a chloíochan
'na dhíol níor ghlactha leathanmhart smaoiste.



Tá giúistís calma againne taoibh linn,
leogan oirirc forasta ríoga,
Cormac Mac Cárthaigh, cáidhfhlaith líofa,
chun sentence ceart dlí ar shladaí 'dhaoirbhreith.



Cuirfimid fearchoin tapa ar gach taoibh dhe,
d'eagla a cheilte ná a theife ón mbuín sin;
beidh Dónall Spáinneach san aird thíos de
is Ceallachán thuaidh má luann an tslí sin.



Beidh Réamann de Barra 'na sheasamh go síleach
is Donnchadh Ó hIcí is tintí gníomhartha;
Donnchadh Ó hÓgáin is róghábha a ríomh linn,
is Seon Casey roimhe má ritheann faoin gcoill soir.



I gcás má ghabhann ceachtar dhen tslí sin
go mbeidh gofa go hobann gan righneas;
ba dhoilbh an goirtscéal giorria bríomhar
do ligean gan cheart le neach dá airde.



Seo an t-ordú chughaibh le dúthracht díograis,
an dara lá mar thuigim den mhí seo;
má chuireann chun reatha gairmíg Síomon;
is é rithfeas go crua mar luas na gaoithe.


L. 159


Críoch mo labhartha in aichearracht daoibhse: -
'na bhrá don bhara go ceangailte tíodh libh,
in éiric a shlite go n-imearthar dlí air,
is togha an choiste, faoi Chormac bíodh sin.




Agus do shíneáil chuige agus do suíodh cúirt go sultmhar sítheoilte linn
i dtigh Sheáin Uí Bhroin, Máirt Cincíse, agus do caitheadh os cionn fiche
scilling ar thórraimh an ghiorria chéanna; agus fuaras-sa féin mo phíosa
airgid ón ngiúistís ar son an bharántais réamhráite.



B 1820 19T
U 0422
Contae Chorcaí mar aon le mórchuaird Éireann. Ag Donnchadh Mac Giolla
Phádraig, ar Bhaile na Móna in aice Mala.



Fuaras faisnéis .i. an seachtú lá d'Fhómhar san mbliain so d'aois ár
dTiarna ocht gcéad déag agus fiche:



Go dtáinig do láthair Chonchúir Uí Fhloinn, an claonchladhaire dar
budh comhainm dó Donnchadh Ua Muirriain agus gur dhearbhaigh sé
ansiúd ar mhóid an leabhair dá dtabharfadh sé seacht bpinginí pá dhó sa
lá an mhí chéanna roimhráite go ndéanfadh sé an oiread cloch do bhriseadh
leis an ndís eile darba chomhainm dóibh Donnchadh Mac Giolla Phádraig
agus a chomhchomrádaí Muiris Ua Síocháin. Agus is dá dheimhniú so
dhíbhse agus d'éigsibh Éireann eile agus ag tabhairt cruinnfholáireamh
don chlaonchladhaire chealgach dhíobhálach shuaite bhuartha bhráideálach
bholgmhór bhléinfhairsing chaolspágach chúng-ghúngach chaolshliastach
chamashálach choirgeach ghruaigeach mhícháileach shiúltach scéaltach
bhothánach darba ghnáthobair dó bheith ag reic agus ag síordheimhniú
éithigh agus ag claoncheapadh scéalta bréagach ar dhaoinibh macánta na
gcríoch. Is dá dheimhniú so dhíbhse atá an barántas so mar leanas:




Whereas do tháinig
inné dom' láthair
féin an sárfhear
de thréad na mborbfhlaith;
Do thug an leabhar
gur tháinig an lobhar
go claon le fonn
ag déanamh toirmeasc',



Ar an ndís
nár bhaoth a ngníomh
i dtréanchath claíomh
nó i dtraochtaibh truipeanna,
De shíol na bhfáithe,
's de mhaithibh na sárfhear,
do bhí fial fáilteach,
tráth gan uireaspa.



Murab ionann is an scrúile,
cuirriceach crúbach
's a mhéadal bhrúideach
chraosach thubaisteach.


L. 160


'S a dhá mhala chlúmhach
go cluthar os cionn
a chlagairí súl
ag déanamh foithine.



Ba bhaoth a ghnaoi,
agus féachaint fill,
agus fé mar chím,
bhí a éadan cuirriceach.
Agus néamh na daíochta'
tré scéimh na buíochta'
ó thrácht a bhoinn
go fiar a mhullaithe.



Scriosfad gan spás,
an leathar dá chnámhaibh
ó mhullaigh go tráighibh
caola an mhursaire,
Mura dtaga an straoill,
go cathach gan mhoill
dá aithris díbh,
gur bréag do inis sé.



Ní fhágfad aoinneach
de shíol na n-éigse,
ó Chois Féile
go hUíbh Mac Coille soir,
Ná cuirfead gan cairde,
mo bhille dá láthair
ar ghníomhartha an chneáire
do réir mo thuisceana.



Do bhí sé féillteach,
sílteach scéaltach,
agus fé mar léitear
is é ba chuibhe dhó.
'S do chuirfeadh an straeire
trína chéile
daoine naofa
agus cléir na bhfriotal-cheacht.



Ceangal.



Fionnaim is aitchim go cneasta le sítheoltacht,
Gach file agus flaithe ón nDaingean go pointe Eochaill',
Má castar an scraiste seo feasta sa tslí rompu,
A chreatalach cealgach do cheangal le righinchorda.





Tabhartha fám' láimh agus fám' shéala,
Donnchadh Mac Giolla Phádraig.



B 1813 19T
U 0401



Ag seo ordú údarásach i ndiaidh leabhair bhig do goideadh ón nduine
réamhráite .i. Seán Ó hEithir Dúlocha;




bliain míle ocht gcéad,
comhairigh a deich gan bhréag
is trí cuir ina dheoidh sin
ó scríobhadh é,



Whereas do tháinig
inné dom' láthair,
gan aon dabhta
Go raibh fear córach
insan gcomharsain
ar goideadh leabhar uaidh.
Do réir mar dhearbhaíonn
is mór an t-easpa
imeacht an leabhair seo,


L. 161


Is bheith 'na chónaí
i ngeall ar ghadaí
do rinn an lomscrios.



Dá bhrí sin tá 'gam
togha barántais
le cur 'na dheabhaidh siúd,
Agus scata álainn
d'fhearaibh breátha
a lean sa bhfoghlaim:



Tugaim daoibh comharthaí,
ar gach bóthar,
chum é a chuardach, -
Glais is cómhraí,
ar fuaid póirsí
is insa chúinne.
Cuardaigh go cíocrach,
poll an phíopa
is capa tuirne.
Is ná fág aon aoileann
insan tslí romhat
ná rachair chúchu.



Comhartha an leabhair so
is cóir a thabhairt duit
sula ngluaisir.
Ba English Grammar é
is bhí tasail dearg
lena chúl thiar.
Is mór an t-easpa,
le trí seachtaine,
gan amharc súl air.
Tabhair bata leat
ar eagla aon stracaire
bheith drochmhúinte.



Is má níonn leat achrann
buail san mbaitheas é
is bain an tsúil as.
Má chastar
bean chríonna ort,
'na luí san gcúinne,
Dearg an píopa,
tabhair pinch snaoisín,
is déanfaidh suas leat.



Déan togha aireachais,
ar eagla an mhadra,
is buail san chabhail é;
Is má théann thar doras
is a chraos oscailte
is go mbeidh sé ag amhastraigh,
Cuardaigh fén leabain é
ar bharr an bhalla
is ar dhreasairibh.



Cuardaigh go fórsach
faoina gcóta
is 'dir a nglúine é.
Cuardaigh a mbrollach
síos 'na stocaí
is siar 'na ngúna.
Cuardaigh aontaí
is fós margaí
is tar n-ais go Dúloch'.
Mar is mór mo dhóchas
gur san gcomharsain
atá an bithiúnach.



Cuardaigh laistiar
ar fuad an iarthair
is go Mothar Uí Ruaigín.
Cuardaigh go dlúth
ó Lios Ceannúire
go SeanGhualainn.



Labhair go réidh,
is go róshéimh,
i gceantar Luimnigh,
Mar dá mba thú aonmhac
Rí na Gréige
ní thabharfaidís urraim duit.
Ná fág ar bóthar
peeler comhra
ná bean handbasket.
Is má théid chum coimhscair
glaoigh ar na peelers
chun tú 'chosanta.



Seachain an eaglais,
is dream róbheannaithe iad,
do léas na húdair,
Is fearr chun teagaisc,
is comhairle a leasa,
do thabhairt dúinne.
Ná fág tigh ministir
ó bhruach na Sionainne


L. 162


go Cuileann Ó gCuanach.
Is má théann aon chun imris
lámhaigh do shiomatar
is crom ar foghail air.



Ná fág tigh Sasanaigh,
romhat san mbealach,
in aon áit ded' shiúlta.
Is ar do chasadh
déan do chac
ag an halldoor ann.
Tá tuairisc ghadaíochta
ar na Corcaígh,
is cuartaigh go dlúth iad,
Is ná bíodh aon
mug ná séivin
ná tabharfair súil air.



Má fhaighir teacht suas
in aon áit ded' chuairt,
leis an mbithiúnach,
Cuir tor aitinn faoi
ar dhrom asail,
is bí dá rúscadh,
Nó é cheangal,
go lom is go daingean,
do thóin na miúlach.
Nó beir ar ghruaig air,
strac aduaidh é,
go dtugthar chúgham é.



Go gcuire mé mittimus
leis go hifreann,
go dtí Plútó,
Áit a scriosfar
an choirt 's an mheirg
amach dá rumpa.
Cuirfear san choire é
agus róstfar ar ghreidill é
go mbaintear súp as.
Stracfar ar mhullach é
go mbuailfidh Oscar
trí bhuille dá shúiste air.



Nó stracfar ar spaige é
tar éis é a chreachaint
síos go Tartarus.
Is ní thabharfaidh Cárón
trasna ina bhád é
go bhfaighe sé leathphingin.
Cuirfeam ina dhiaidh siúd,
slua des na diabhail
le haghaidh a stracaithe.
Is nár fhóire Dia ar
an mac mírialta
do rinn an chreach orm.



Ach aréir is mé sínte
do taibhríodh
néal tromshuain dom,
Gurb í Clíona,
banríon na bruíne,
do thug mo leabhar léi.



d'éiríos ar maidin,
is do rugas ar bhata
a raibh cnap mór luaidhe air.
Is níor stadas don sceimhle
go ndeachas go Cnoc Fírinne
mar a raibh na sluaite
Óg is críonna
ag dul chun bídh
is ag déanamh suaircis.
Do bhí an saoiste
go sámh 'na shuí
ag tosach boird ann.



Do bhí an bhanríon
ann ar chathaoir
is ba ghránna an tsamhailt í
Do bhí Carthanach críonna
ag caitheamh píopa
thíos san gcúinne,
Ar shúistín tuí
is a loirgní snoíte,
breac go glúine.



Do bhí madra mór ann,
ag slamáil feola,
is do chuir sé drannadh air féin.
Is mura mbeadh gur shamhlaigh
an bata in mo dhóidse
is dóigh go stracfadh mé.



Do bhí cruitire an cheoil
ina shuí ar bord


L. 163


is dream ag rince.
Is do bhí stróinse
ina shuí ar bord ann,
de chat mhór chíordhubh.



Do bheannaíos go séimh
dóibh le chéile,
is ní bhfuair mé aon fhreagra,
Cé go rabhas ag féachaint
ar gach taobh díom,
ar eagla an mhadra.



Do bhí deoch is bia
go húr dá riar
ar gach nduine acu.
Is dobhois gach uair liom
is mé 'féachaint go trua
go bhfaighinn cuid le
n-ithe de.
Sa deireadh do labhair liom
óigbhean mhodhail
do bhí san gcuideachtain.
Is tapa d'fhiafraigh
cá bhfuil do thriall
nó cá canad tú.



Do labhras go héasca
leis an mbéith
gur duine do scriosadh mé;
Go rabhas ag siúl na dúiche
ag lorg bithiúnaigh
do chuimil liom.



d'éirigh stróinse
'raibh airde mhór ann
ina sheasamh suas.
Do bhí a fhéasóg
comh fada le rón
agus dhá chluais asail air.



Do bhí baitheas gruagach air
is sé mo thuairim
go mba samhailt le tor
aitinne.
Do bhí smúsach srón air,
súile móra,
is fagsail dearg leo.
Is dá bhfeicfeá ar nóin é,
de thaobh chorróige
do chuirfeadh sé eagla ort.



d'éirigh Clíona
do bhí ina suí
is do labhair go múinte,
Is d'fhiafraigh scéala
díomsa i mBéarla:
who are you sir?



Or what made you so late
to come this way
you are not in humour?
Do labhair léithi
go róshéimh
agus is ea dúras:



I am no stranger
nor neither a ranger
but I come from Doolagh.
That my book was stolen
from me felonious
from the schoolhouse.
And if I could get
the vile transgressor
I would ill-use him.
And if I could make him known
he would pay sore
for his misdoing.



D'éirigh an gruagach
is dúirt go stuacach
aithiseach dána,
Go ndéanfadh mé 'bhualadh
go rabhas ag déanamh bithiúnach
dá raibh 'na láthair.



Dúras go réidh leis
go mb'fhearr díogha réitigh
ná togha achrainn.
Is má bhíos i m'aonar
dá bhfaighinn fairplay air
go dtabharfainn bata dó.



Do léim anuas chúgham
preabaire de bhuachaill
óg scafánta.
Is dúirt leis an ngruagach,
labhairt níos stuama,
is bheith síochánta.
"Ó goideadh a leabhar uaidh,
ní locht ar a thuairisc


L. 164


d'fháil más féidir.
Is más sibhse thug uaidh é
tabhair uait é -
nó comhrac aonair."



Nuair labhair sé im' fhábhar,
do bhuaileas go láidir
sleais ar an ngruagach.
Is dúras ná fágfainn,
an bhruíon go brách
go dtugadh mo leabhar
dom.



Ar a chúl do leagadh é,
'mullach an Charthanaigh
do bhí san gcúinne.
Is píopaí an tobac
do bhris is do scaipeadh
síos ard Dúlocha-sa.



D'éirigh Clíona
go tapa ina suí
is d'ordaigh suaimhneas.
Do thug sí scoop
ar fuad an tí
is do sciob léi suas é.



Do labhair go caoin
is do chuir comairí orm
scor den achrann.
Is ar fheiscint píopa
briste san ngríosaigh
le rachta gáirí
is láidir nár tachtadh í.



Do tháinig an madra,
is a bhéal ascailte,
is é ag amhstraigh.
Do bhuaileas sleais
treasna 'na bhaitheas air
is bhain mé an tsúil as.
Do rith go tapa
go ndeaghaidh 'un leaban
agus é 'liúirigh.



D'éirigh an saoiste
go tapa ina shuí
ag fógairt silence.
Is dúirt leis an ngruagach
gan níos mó buairimh
d'fheiscint go lá uaidh.



"Má goideadh a leabhar
is gur déanadh a lomscrios
ní locht air bheith cráite.
Is do réir mar chuala
'teacht ar a thuairisc
is duine macánta é."



Do tháinig camarlach,
de smeirle smeartha,
is breillephus mór air.
Is dúirt go mba chóra
dó mé 'scóladh
nó mé 'chrochadh le corda.



"Dein é scúrsáil
go mbeidh an fhuil 'na srutháin,
trína dhrom thiar.
Nó é chur i gcarcair
i bhfochair na gCeallach
is é cheangal le slabhra ann".



Dúras dá fhreagra
dá dtéinn san gcarcair
go mbeadh na Ceallacha
suaite.
Is dúras 'na dhiaidh sin
"t'anam don diabhal
is tú thug mo leabhar
leat!



Agus dar Mánas scriosfaidh mé
an pus is an priosla dhíot
mura dtugair uait é.
Ba mhinic trodaire
de smeirle liobarnach
a' cuardach bothánaibh.
Is éasca scriobann tú,
a smeirle thubaistigh,
gach ní 'nseo láimh leat."



Do chruinnigh an bhuíon
do bhí ar fuad an tí,
is do stad an t-aighneas.
Is do cuireadh im' shuí mé
ar thogha cathaoireach
is deoch is bia dhom.



Duas mo dhóchaint
aráin is feola
is deoch ró-uasal.


L. 165


Ansin do cóiríodh
leaba ró-dheas
go ndeaghas chum suaimhnis.



Ar mo luighe
tháinig maidhre
de bhruinneal ógdheas,
Is do luigh sí ar leabain,
suas le m'ais
i gcúinne an tseomra.
Is do dhúin an doras
is d'fhásc glas air
chum ná tiocfadh níos mó
ann.



Ba bhreátha í ná Deirdre,
do rinn an léirscrios,
ar Naois is ar a bhráithre,
Nuair a lagaíodh a ngaisce
le draíocht tar éis teacht
thar sáile.
Ba bhreátha í ná an ainnir
do ghluais ó Albain
le Cúraoi mac Dáire,
Cia gur cailleadh an cura
le Cú Chulainn
de dheasca na mná sin.



Ba bhreátha í ná an aonbhean
dob áille scéimh
a d'imigh le Diarmaid,
Cia gur cailleadh na laochra
de dheasca na béithe
i gcaladh an iarthair.
Ba bhreátha í ná Dianeira
a thaisteal i gcéin
le Hercules liafa.
De dheasca na bruinnealann
sa tine do rinn
spahois de.



Ba bhreátha í ná an triúr
ar ar thit an t-úl
fá mholadh Pháris.
Is ná an bhruinneal deas fhionn
do thaisteal thar srúill
i gcuideachta Iáson.



Cathair na Trae
do leagadh le Helén
le hiomad a fórsacht.
Níor chasmhail liom béith
ar leabain lem' thaobh
im' fhochair sa tseomra.
Ciollán na Céise
do lagaigh an tréanfhear
Fionn go brónach,
Nó gur bhailigh 'na dhéidh sin
slua na Féinne
thug a rian 's a shnó dhó.



Ba bhreátha í ná Niamh
Nuachrothach
i gcéin do ghluais,
le Talc tar sáile.
Insan gcath
gur claochnaíodh Talc
le hOscar ar Chnoc an Áir
thiar.



Iollann Armdhearg,
dá mhéid a ghaisce,
a sheasamh 's a laochas,
Gur fágadh dealbh
dá thréine ar arm é
is gur tugadh uaidh Éachtach.
Mac Mhaolsheachlainn
le scheme is cleasa
do threascair Turgésius.
Is uaisle Danar -
is ní trua, do cailleadh
de dheasca na béithe.



Ruathar ármhaigh
Chonaill Chearnaigh
ar fhearaibh Éireann.
Is ar thit dá n-earbaibh
le hAille mhaiseach
de shlua na Féinne.
An bhruinneal bhreá bhéasach,
ler cloíodh is ler ceangaladh,
Samson an tréanfhear.
Is dá mhéid a ndaingean,
is gur réab a gcuaillí
is do tharraing 'na dhéidh
iad.



Is ná mórán eile


L. 166


ba bhreátha díobh
ná tigeann dom' éileamh.
An uair do fuaireas
an tigh uaigneach
do dh'éiríos go héasca,
Is d'éalaíos anonn,
go cneasta is go ciúin,
go ndeachas fén éadach.
Níor labhair sí focal
is do luíos ina fochair
is bhíos sealad dá bréagadh
Is tar éis í a bhogadh
do thit mé im' chodladh,
is níorbh fheasach dom
aon ní.



I dtaca an mheán oíche,
do cheapas corraí,
is preabadh im' dhúiseacht
Agus cá mbeinn
ach i dteach Sheáin Mhitchell
san gceann thoir de
Dhúlocha,
Is go moch ar maidin
do ghluaiseas chun reatha
is mo dhóchaint dua orm.
Is do bhí mo leabhar beag
romham,
is gan deigh-shnó air,
is sop anuas air.



An Ceangal.



Aitchim air gach faraire de locht an dáin,
is gach preabaire den eaglais a nglaoim 'na bpáirt,
Chum mallacht agus eascaine Dé na ngrás
I mbaitheas an té bhradaigh leis mo leabhar beag bán.



B 1773 18D
U 0313

Contae Luimnigh mar aon le Contae an Chláir agus mórchuaird Éireann
uile.



Faisnéis fíordhearfa Shéamais Uí Ghealbháin .i. bádóir barrúil binnghuthach
do láthair Phádraig ghreannmhair ghníomhghlain Mhic Giobúin i
nGarrán an Ridire, aon de phríomhbhreithiúin mhórdhálach na bhfíoréigse
san ríocht réamhráite mar aon le dháréag de choiste fhileata oirdhearc na
Mumhan an 20 lá de September 1773.



Ar mbeith don fhaisnéisí dearbhaithe ar an naoimhleabhar soiscéalta
adeir ar an naoú lá dhen mhí so go dtánaig go mórtaiseach mímhúinte go
scoil Thomáis Uí Mhíocháin .i. ardsirriam Thuamhumhan agus Chonnacht
agus teagscóir na n-uimhirealaíon in Inis i gContae réamhráite an
Chláir, dís daoldathach dúr de bhramairí boirrgheoiseach buachuilleannach
i modh breallsraithirí nó bradbháillí agus gur fhuadaíodar go claon
meangach mí-umhal cló-údar ceartrialach uaidh mar ghealltán le sraith nó
srádcháin do ceapadh go héigeartach san Inis gcéanna le ceannaithe
cruachoimseacha caoltís do fáisceadh agus do fuineadh a deasca chríon
coparúis


L. 167


agus deargmhangalaim. Adeir nach feas do thuaith ná do chléir, d'fhile
nó d'ollamh, do liaig ná luibheach, do bhocht ná bhaintrigh, anmna ná
áras na ndúr seo, ach amháin gur inis maolghraigín mallachtach mionAlbanaigh
dhó .i. dúil don droch-chineál deamhnaí dá nglaotar Dandanum
Drummond, daoine d'ealaí agus de ghinealachas na gcaoiltíosach gcéanna, mar
atá dúrdhiomh na loisceoir leithchéimeach gag-ghion gormdhreoite agus
glasleadhb d'umar eile na stileoir siapluisce spioraid ghéir, nó amh-
mblais éaguisce dá ngoirthear san gcoitinne suaithsteall nó panjandrum.
Adeir an faisnéisí gurab éagóir fhollas an leadhbloisceoir gannghorm thuas
bheith air threibh chróga Chathaoir Mhóir agus é 'teacht de réir
craoibhe agus athardhacht ó Chathal Choirtre ann agus gur falsacht mar an
gcéanna an steallstileoir réamhráite bheith ar SheanGhaill, agus é de réir
a dhaoirchinéil de chumasc dhríodar na nDanar agus na n-aitheach dtuath
ionas go bhfuilid ar dtéarnó san líne ndíreach ó Lópais na Leadhbhaice.
Adeir fós an faisnéisí gur soiléir fírinneach na nithe so do réir na Scriptúir
diaga: ex operibus eorum cognoscetis eos, gurab as a ngníomhartha is
ionaithne iad. Óir suidhidh saorscoil Seanair nach dearna aon phlanda de
na caoinchip uaisle táir ná tarcaisne do thabhairt ná 'thairscin d'ollamh
ná d'éigeas d'ealaíneach ná d'ilbheárlach ná fós do shárstiúiritheoir
scoile san mbith gus an am so.



Sochtas an faisnéisí ar saoire sásaimh sárdhlitheach agus saorchoimirc
síochána na bhfilí.




Whereas ghlacas
faisnéis dhearbh
ar mhionna an Bhíobla,
Ó Shéamas Ó Gealbháin,
fear tagartha cruachás
Thomáis Uí Mhíocháin,
Go dtug dís danardha,
duairc dubh damanta
dána diablaí,
Táir dhó is tarcaisne
tré cháin ceannaithe
crágach ciarbhuí.



Is goirt an sceol
ag saoithe an eoil
is i measc na n-éigse,
Teagascóir ceart
i ndiamhair reacht
na n-uimhirbhéarlaibh,
Is deilbheoir duan
ba chlú do Thuamhain,
is d'Inis Éilge,
Fé dhaoirse chruaidh
na n-aitheach dtuath
do ghoin ár nGaolaibh.



Ní hí duais
do thuill an suaircfhear
mar dhíol saothair,
Dúrbhuíon duaiseach,
thíocht dá bhuaireamh
báillí is maoraibh.



Dá bhrí sin screadaim
ar shaoithibh ceannais,
is curaí cróga,
Ar uird is cléire,
údair éigse,
is ursaí eolais.



Fé thíocht go fial
's na dúir seo d'fhiach
le dúthracht dearfa.
'S a dtabhairt fé dhlí
is fé choiste chruinncheart
chúirt na seanchadh.
d'eagla chluain na
Reynard rua so
do bhur mealladh.
Is cóir a gclócheart
's a gcruinnchomharthaí
díbh do thabhairt.



Do réir Drummond
graigín gobghlas
de Chlainn Chailitín,


L. 168


Ag scannadh na díse
ar mbeith dá n-intinn
is dá ndaoirealadhaíon,



Is le pocán gabhair
ba bhléinghearr gabhal
is cosúil athach díobh.
Is tá sé dromneart
crotach cromchnuip
ar nós Pacolet.



D'éis spioraid dríodair
beatha brioglaigh
a bhréanbhraithshilidh,
Is gnáthach scaoilteach
ar mhná críonna
ar feadh na seachtaine.



Tá an dúr eile acu
súite seirgthe
scrogbhuí scólta,
'na ghlagán glagair,
'na ghlasán gaige
's na ghrúigín gleoiseach.



Ba chirte don Chathal so
leadhba glasa
na ngalar-mbadógaibh
Do thabhairt ón margadh
is dá bhfaigheadh leathracha
an mhadra dhreoite,



Iad do leathbhrú
do loscadh is do leasú
i gcóir na pingine.
Ná buaint le sciúirsí
na suaircfhilí,
saora soineanda.



Fógraim spaga
d'ór na Sagsan
as a dtuairisc,
Nó don tí ghearrfadh
díobh ón gcnáimh
na garbhchluasaibh.



M'ordú lom
do Thadhg na Cabhlach
is d'Uilliam Builtéar,
Dís ghlan ionraic
fri ghlia pionsa
Roidheas na gcoiléir:



Níor mhiste dhóibh
mar chabhair i ngleo
nó i mbearnain mbagair,
Tomás de Hóra
is Seán Mac Mathóna
ó Bhéal na Craige.



Saigheadaíg sléibhtibh,
coillte craobhach,
curraithe is ceochnoic,
Doimhinghlinn diamhair,
fáinsí fianbhoith,
mothair is móintibh.



'S gach síbhrugh seascair
dá bhfuil ón gCarraig
go fraithibh Fóidreadh.
Is ó Bhinn chaoimhChonaill
fríd gach conair
go hInis Beothuinn.



Cuardaíg clasaibh
damhchaibh deasca
is coirtchúil chliathbhriosc.
Brisig, bearnaíg,
oighinn is árthaigh
is glais úir iarainn.
Dob anacra is guais
iad d'éalú a Tuamhain,
má táid inti.
Déintear go dlúth,
a cuan 's a caoinchiumhais
d'fhaire timpeall;



Ó Chill Da Lua
go Tulaigh na dTuamb'
bíodh fé bhuíon ionraic:
Risteard Siortáil
Dochtúir Lochlainn
is Seán Ó Núnain.



Coimeád na slí
ón gcaol gCroisín
don Choirnchill chirt,
Ar Uilliam Mac Gearailt
ar Hanraí bhacach


L. 169


's ar Chonchobhar
Lysaght.



Tuaith na Roinn Trá
Baile Uí Bheacháin
is Uachtar Bhoirne,
Bíodh fé Thomás,
shuairc Ua Gioll' sheanáin,
's a chúntóirí.



Ó ghainimh Dhoinn
chois Malbay an ghrinn
go Maigh Uí Bhreacáin,
Bíodh fé chliar ghlain,
Aindréas fial
's a' tAthair Labhrás.



Coimeád an Iarthair
's go speisialta
solasteach Malbay,
Ar Bob Keane bíodh,
ar Thadhg Mac Coinn,
's ar Phádraig Laoiléis,



D'eagla Pacolet
ná fós Cathal
do dhul a riail dlí,
I gcurrach ná i mbád mbeag
ag braith ar bhairnigh
go Contae Chiarraí.



Creidim nach rachaidh
go hInis Cathaigh
ag cnuasach meangán.
Tá Uilliam Eames rompu,
Calbhach cróga
is Frank Ó Gioll'sheanáin.



Coimeád an chalaidh
ón Roinn go Cathair
ar Risteard 's air Phádraig.
Do gheobhaid togha claimhte
piléar is piostail
ó Sheon Chartres.



Don Droichead má rachaid,
scriosfar an chruit
is fós an leadhb dhíobh.
Is calma an garda
Tomás Hasset is Pádraig
is Seán Ievers.



Go Spar Thuamhumhan
draíocht dá scuabfadh
iad ná d'intleacht,
Bheadh a gcoirp pollta
ag Seán Ua Maoldomhnaigh
is Séamas Boínbhiol.



Ní bheid in Inis
gan cuibhreach uilleann
boltaí is brandóg.
'S a ngearradh den tréad
le bláth na cléire
Dochtúir Baróid.



Ceangladh triúr
go fial fiúntach
dearfa dána,
Ua Caoimh gliaghlic
Donnchadh Ua Briain
is Risteard Caomhánach.



Ba nár an dearmad
bhaineann bagar
de cheap na n-éigse,
Séamas Mac Cruitín
do leasaíos na malaí
le cearchoill eirligh.



Fuigheadh lucht mangalaim
pionós anama
colainne is coinsiais,
Coinnealbhá is creill
ón éigeas Tadhg
is mallacht ó Mhaitias.



Fógra cruaidh
do m'oifigí uaisle
is fós dom' gháirchoin:
Ar bhfáil na ndúr
a gcur go dlúth,
fé chreasaibh cnáibe;



'S a gceangal nochtaithe,
ar staigín Connachtach,
nó ar thorc cíordhubh,
Is iad do sciúrsáil
ó Shliabh Calláin
go Cnoc Fírinne.


L. 170


Tré bhreith an choiste,
beidh siad crochta
in aghaidh na spága.
'S i mbranraí iarainn
faoi na fiacha
ar Chrois Ard Phádraig.



Mo bharántas díbh
fé shéala chruinn
is fám' láimh léadmhar.
Ag cúirt an Gharráin
an fichiú lá
den Mheitheamh dhéasach.



Ar mbeith im' fhochair
dom' cheann choiste
is dom' mhaor bhinse,
Filí fiúntach',
An Mangaire Súgach,
is Muiris Ó Gríofa.



Seacht gcéad déag
a seasca ar aon deich
is trí de bhlianaibh,
Aois an Íosa
shaor ó dhaoirse
ar chrois na bpian sinn.



Pádraig Mac Giobúin.



A oirsibh na nGaoidheal, is a dhrong ionraic,
is curata gníomh claimhte agus ponc pionsa,
tugaig fé chuing dhlí chirt na dúrchrústaibh,
is crochfadsa os maoil chrainn iad go n-úrmhúnaid.



B 1750-70fl 18L
U 0277

Contae agus cathair Chorcaí do réir ordú Éadbhaird de Nógla, aon
de bhreithiúnaibh na héigse san chontae agus san chathair
réamhráite agus san réim dhírigh go Port Láirge le cead Phiarais
uasail Mhic Gearailt, ardshirriam Leithe Mogha.



Whereas go dtáinig dearbhtha diana daingeana dom' láthair .i.
dílleachtaí daill bhoicht do bheith 'na chónaí i gConair na
gCoileach i gCorcaigh Mhóir Mhumhan, dara comhainm Seoirse
Trounce; go dtáinig ceithearnach cuirriceach, cladhaire
de shíol gConchúr ón Oireacht, áit a mbí cruinniú
bacach agus geocach na dtrí gcontae ag teacht ar aon láthair, .i.
Muiris Camshrónach Ó Conchúir, gurb í ceird is mó do lean an fear
so saoirseacht loinge agus gur chomhdheas ar gach ceird é, agus nach
lia do cheardaibh maithe ná drochcheardaibh: gur gheall don
tSeoirse réimhráite giolla treoraithe do chur dá bhun; gurb é
giolla do chuir uaidh, giolla ar aon tsúil ar nós Pholyphemus,
nó fós ní bhus measa, de bhrí go raibh an aon tsúil sin gan amharc;
gurb é fáth fá ndearnaigh White Eye sin ionas go dtitfidís an dís
dall sin tar ché na bpotataí amach agus go mbáifí amhlaidh uile
iad agus an tan do bheidís muintir Sheoirse ar buaireamh intinne go
ngoidfeadh Muiris Camshrónach a chip a mheanaithe, a scian, a
chlár gearrtha, a chuid guaireach agus cnáibe a chuid snáth agus
ciarach agus


L. 171


fós a chuid leathair ionas go leanfadh Crooked Eye an
ghréasaíocht ó do mheath an tsaoirseacht air. Agus mar do fríth
faisnéis thráthúil ar an gcamiarracht mhallaithe tug an cladhaire,
do theith leis féin go Dún Garbhán.



Ar na hábharaibh sin ordaím údarásaím agus ionchumhachtaím an
Seoirse réimhráite fá ghasra do churaíbh calma cróga
cruachuisleannacha, cnámhreamhra, ceanntréana do chur i ndiaidh an
chaimearthrigh thubaistigh gacha ndíreach go cé Dhúna Garbhán
mar a gcluinfid ag tuargain darach d'ordaibh saoraibh, de
chúlaibh tua nó oirnise ar bith eile é, ag oibriú ar loing lánlofa
nó ar sheanbhád chríondreoite, óir is ann is dóigh dóibh féin
faill d'fháil air, é do cheangal is do chruachuibhreach gan
mhoill le téid chlúimh nó le corda cheithre n-orla do chnáib
rómhaith arna nuadéanamh. Agus de bhrí go bhfuil Muiris
Camshrónach cairdiúil san dúiche sin bíodh adharc fhiaigh acu
rena séideadh. Óir tiocfaidh dá bhfortacht slua slaparach de
chlainn tútaigh tuaiplisigh mhic Thomáis Mhic Lóbais, mar atá
sliocht Sur Dónaill Uí Phlubaráin agus Mhaonais Mhóir Uí Mhadagáin,
agus Mhurchadh an Bhrama do stad ar na ceantaraibh sin ón am fá
raibh machaire Caisil dá bhuaint amach. Agus de bhrí nach daoine
lerab fuafaire macasamhail Mhuiris Chamshrónaigh Uí Chonchúir ná
iad, do bhéarfaid a gcabhair agus a lánchúnamh chum a stracadh leo
ar ais nó ar éigean, go ngluaisfid agus brodchleith i láimh gach
aon díobh agus lón prácaise eornan, pónaire agus pise, gona anlann
de cheannaibh colmóirí agus de bhréanim gabhar agus caorach i
máilín ar ghualainn gach aon díobh, go gcuirfid tar dhroichead
Ghleanna Maighir anoir chúghainn é.



Ná ligthear Muiris Camshrónach do láthair bhreithiún ar bith ach
amháin do láthair Sheoirse féin go n-imre neart a chuisleann
air le maide stuacach stucánach corránach cnapánach droighin i
mullach an chnatchinn, ar a dhá chliathán agus scriosiarracht do
thabhairt do leith na haon tsúile agus 'aimsiú san lurgain agus
an chos mhallaithe sin an ghliúcaigh do bhriseadh ina dhá smut
ionus nach beith rith ná rian ann. Agus ó tá Seoirse One-súil
dall gliúc maille re gach smáil eile dá bhfuil air, Muiris do
dhéanamh bacach agus ag sin díbh bhur mbarántas.



B 1750-70 18L
U 0315
AN PETITION.



Ag seo petition ó ghasra de cheardaithibh .i. siúinéirí dleathacha
dea-mhéineacha agus go speisialta ó Thomás uasal Ó Lí .i.
ceannurraid na bhfear, chum Éadbhaird de Nógla, duine uasal
eagnaí d'ardbhreithiúnaibh na héigse i gcúige Mumhan do
thaispéanas go dtáinig duine diablaí drochbheathach


L. 172


dá n-ionsaí go Baile Reoisín darbh ainm Tomás Ó Conaill, agus ní
de shíol Chonaill Chearnaigh mhic Amheirghin ná Chonaill
Ghabhra ná fós Chonaill Ghulban mhic Néill an fear feargach
fíorghránna ach de shliocht Chonaill cheannachroim an chorda
.i. feillebhithiúnach do shíolrach Thomáis sluaistbhrógaigh mhic
Lópais; agus ar dteacht do láthair na bhfear dó amhail sionnach
meabhlach i gcroiceann caorach do ghearán sé a uireaspaí go
hiomarcach leo agus do glacadh le fir fearúla fíorghrámhara an
gearán san go humhal urraimeach truamhéileach ionas go dtugadar
obair agus slí bheatha ina measc féin dó agus ar mbeith tréimhse
ghairid ina bhfochair dó, ionas gur theann sé a mhéadal do bhí
roimhe sin lán de ghoimh agus de ghorta, níor fhéad gan préamh
den dúchas diablaí ifreanda do bhí ann a nochtadh ionas gur
dhearbhaigh mórán éitigh orthu agus do thug roinnt de leabhraibh
éithigh ina gcoinne chum a ndíobhála do láthair mórán finnéithe.



Ar an ábhar, a Éadbhaird uasail ionúin, agus de bhrí gur tú bhus
representative acu i gcúirt na héigse, ba mian leo a ngearán do
chur id' láthair ionas go dtiocfadh díot an mac mallaithe
mírúnach san do thabhairt chum cirt ionas go mbainfí sásamh ina
dhrochbheartaibh de.




Gér dhuairc an cás
ní luafainn táisc
ná tuarascáil
an scéil seo,
I gcuan go bhfághainn
duain nó dána
ón suaircfhear sháraigh
céadta,
Éadbhard sámh,
an Nóglach cáidh
eolach ard
ar dhréachtaibh,
Atá ag seasamh clú,
go fada 'on Mhumhain,
ó cailleadh na húdair
aosta.



Dá mba ursa le laoi
chur i bhfoirm chum grinn mé,
níorbh annamh dom maíomh
a thréithe.
Do chuirfinn gan mhoill
mar bhus minic do thuill,
i gcrannaibh na fíorghréine.



File gan foill,
bile geall grinn,
breitheamh i ndlí
na héigse.
I ngach cúrsa is reacht,
bhus údar ceart,
chum cúis na lag
do réiteach.



Do thabharfas grinn
ó fhlaitheas mar chím,
carthanacht, cóir,
agus féile.
Leanas an dlí
fuair Peadar ó Chríost
mar thairngrigh cinn
na cléire.
Bacaigh nó daill,
má thagaid 'na shlí,
a gceasta gan mhoill
do réidhfidh.
Is gé nochtaithe bhíd
dobheir foithin ón síon
do gach duine do chíonn
gan éadach.



A shárfhir shéimh de ghréin na nglanúdar,
Ná cáinse mé tré scéal gan dathúlacht;
Ní hard mo chéim agus is daor mo bheart cúngraigh
Ag trá mo ghéag ar réal ag allúrach etc.


L. 173


U 0277

Whereas go dtáinig dom' láthair gearán cruaidhéigneach.



Barántas dian daingean diongbhálta Éadbhaird do Nógla .i. aon
d'ardbhreithiúnaibh na héigse i gContae agus i gCathair Chorcaí
etc.



Whereas go dtáinig dom' láthair gearán cruaidhéigneach agus
dearbhtha diana diomácha Thomáis uasail Uí Lí, ceannurraid ar
mhórán de cheardaithibh glana, ar mhóidibh an Bhíobla mhóir
Ghallda, go dtáinig eatarthu duine deamhnaí dúr diablaí le
hachainíocha agus le himpíocha daoine uaisle maithe go bhfuair
dul eatarthu san obair agus nach raibh ina bhfochair seachtain an
tan do mheas le feall agus le leabhraibh éithigh iad uile do
ruagairt idir mháistir agus fheidhmeannach. Ba é ainm do thug sé
dóibh air féin Thomas Ó Conaill, ag dul ar iasacht ar chlannaibh
uaisle Míle agus ag teitheadh ón slua mallaithe ó ar shíolaigh sé
.i. drong dúr damanta do tháinig de shliocht Briarius ar a raibh
an céad lámh mhéiscreach agus do bhí ó shin i leith i bhfolach i
ngleannaibh uaigneach' agus i bpuathasaibh carraigreacha nó i
gcuasaibh agus i gcumaraibh ar dhá thaobh na habhann dá
ngairthear Styx go teacht dá dTiarna Protector Oilibhéar
Cromwell i gceannas gur thógadar a gceann gur leathanaíodar ar
fuaid Éireann ó shin i leith, gurbh iad so an drong mhallaithe
mhírúin dá ngairthear Clann torpach toirmeascach Thomáis mhic
Lópais mhic Liobair lofa mhic Láigh an Chuir, mhic Thaidhg
thútaigh, mhic Thuathaláin tarcaisnigh, mhic Thomhaltaigh an
tuaiscirt agus do maraíodh le caille curraiceach cranda cas den
chineál chéanna dá ngairthear Sadhbh Ní Chíorlín. Agus bíodh a
fhios agaibh nach neach ar bith d'uaislibh ná de chlannaibh
dea-aithreacha na dúthaí do chuirfir dá ghabháil ná salachfadh a
lámh leis, ach drong dhamanta dhá bhuíon féin de bhrí gur slua
gan trua, gan taise, gan trócaire iad, agus iad so a chomharthaí
mar leanas:




Comharthaí an spreallaire
mórchinn mallaithe:
cróluí creachadh
agus céasadh.
Cúilín gearbach,
cúr buí salachair,
drong míol dearga
ag léimrigh.
Rince fada
ag sníbh 'na gcathaibh
ina chríonghlib stathach
gan réiteach.
Is guairí garbha
stuacach scaipithe
ar chluasaibh smeartha
an smeirle.



Éadan crapaithe
craobhach cealgach
déanta dhe leathrach
gréiseach.
Logaill a shúl
'na tobraibh dubha
's na struthaibh rúnclaigh
réabtha.
Malaí clúmhach',
casaoide iontu,
mailís iomdha
is éitheach.
Fiacla maide
ag an liairne galair
le briartha damanta
an éithigh.


L. 174


Béal dubh pusaitheach,
craosach curraiceach,
bréantais pioslaitheach
bréagach.
Brúchtaíl brothaill
ó dhúchroí an bhodaigh
is dúshliocht doichill
is daorbhreith.
An tan tránn go hobann
a ghráin is a ghorta,
le grásaibh soilbhfhear
séimhe,
Go bhfáisceann orthu
dá gcrá is dá gcogaint
le dánacht donais
go déistneach.



Fuath is mioscais
dá fhuadach uile
as tuathaibh imeallaibh
Éireann.
Cuiríg dá fhógairt
callaire cróga,
glamaire glórach
gléasta.
Loirgíg póirsí
is botha gach óglaigh
polla agus lóistín
céise.
I dtithibh na n-uasal
ní bhfaighidh suaimhneas
grogaire gruama
an bhréantais.



Ceangail le cordín
a chadairne crónbhuí
stracaíg in orlaí
a bhléanaibh.
Raghamluibh tabharfaidh
bás sagairt dó;
slán go maiream,
dá éis sin.
Go brách ná beiríg
do láthair breithimh
an stráille seirgthe
séithligh,
Ach fágaíg marbh,
an ráca galair
ar lár gan anam
i mbréanchlais.



B 1832 19T
U 0401




Contae Luimnigh mar aon le mórchuaird Éireann go huile. Ag seo
gearán ceasnach doiligh, dobrónach, Sheáin Uí Néill ó Chnoc Áine
do láthair Sheáin Uí Mhuilrian ag Fiagh an Úir aon de
phríomhbhreithiúin na Contae roimheráite, aois an Tiarna 1832.



Dearbhann an faisnéisí seo ar bhrí an Bhíobla naofa go raibh sé
cian aimsire ar díth sláinte agus le hordú agus oideas dochtúra
gur thriall sé go Contae Chiarraí go dtí ionad atá cois farraige
lena ráitear Baile an Bhuinneánaigh mar shúil le grásta an
Tiarna go scriosfadh, scaipfeadh agus go ndíbreodh na galaraibh sin
as a chnámha le neart na mara mhórthonntach bhorb bhrúchtach
tá san ionad san le toil an Tiarna. Ní raibh sé ach seal gearr an
tan do fuair sé ballaibh a choirp ina lán-neart agus meanamna. Ar
ndul don fhear caoinbhriathrach so chum sáile do rug sé leis dís
de leabhraibh grinnmhilis Gaeilge, leabhar lena ráitear Bolg an
tSoláthair do thabharfadh


L. 175


tuairisc agus cruinnchuntas go soiléir ar gach cath agus cruachomhrac
dá raibh in Éirinn ó theacht na díleann go ré na daoirse seo; agus
Duanaire 'na raibh cur síos ar gach déantús ceartfhriotalach
lánbhriathrach dár dealbhadh leis na filí dob fhearr dá raibh sa
Mhumhain le míle bliain.



Lá de na laethaibh dá raibh an faisnéisí ag siúl le taobh na farraige,
do shuigh síos ar thaobh na haille agus do tharraing chuige ceann
de na leabhair ag déanamh caitheamh aimsire dó féin agus do na
speacláirí do bhí ina thimpeall ag léamh dóibh ar Chath Fionntrá
mar dob eol dó i dteanga shearcbhéarla na seanuasal d'imigh
romhainn. Do leag na leabhair len' ais ar thaobh na lámha ba
dheise aige ag míniú na bhfocal do bhí dothuigseana ar an rúcaigh
eile. Do ghaibh óglaoch an tslí, do fuair uain nó amas orthu, do
bhradaigh leis iad ina mhála, tug aghaidh ar Chontae Luimnigh
agus a chúl do Bhaile an Bhuinneánaigh. Adeir an fear
binnbhriathrach so go raibh fuarchaidreamh aige ar an mbithiúnach
roimhe seo .i. feallaí fuadrach luathchosach fíodóra ó Ghleann
an Ridire darab ainm Seán Ó hAnluain óglaoch atá ag imeacht i
leith bheith ag díol 's ag reic mínéadaí agus crua-earraí, agus
goideann níos mó fé thrí ná a reiceann. Ar an adhbhar san
déanfadsa cruinnchuntas do thabhairt ar a chló a ghnaoi a
chreat a dheilbh 's a chuntanós:



Fear ceannramhar plaitlom bolgshúileach pusach prioslach
pollghnúiseach caolscrogallach bréananálach faidghiallach
camiosgadach breacloirgneach agus 'na chaimearthach stágach
caolthónach agus 'na bhreillice de straoill thámáilte shilte
shalach agus 'na shruimile spairtiúil bhrúidiúil ghoirgeach
dhoicheallach dhána agus 'na ghlutaire bhléanbhuí bholgfhairsing
mhórfháthach agus 'na rangartach de stráic riuntúil; agus sladaire
tíre do ghoidfeadh gach ní dá bhfaigheadh teacht ina chomhair,
agus tréatúir gránna tubaisteach d'eiricideach gan eagla roimh
Dhia nó roimh dhuine aige. Ar an adhbhar san dobheirim nótas
speisialta le hordú agus údarás láidir do sheisear sagart atá i
bhfogas don nualíne ó Ghleann go Luimneach mar a déarfá
Dochtúir Collins ó Sheanghualainn, Dochtúir Fitzgerald ó Áth
Sgéitine, Dochtúir Foley ón mBóthar Buí, Dochtúir Conway ó
Chill Díoma, Dochtúir Downes ó Thobar Phádraig, agus Dochtúir
Moore ón Loch Mór; mar an gcéanna do cheithre fhear déag den
éigse ghrámhar ghreannamhar mar atá ainmneacha san bharántas .i.
Séamas Ó Caoindealbháin ón gCaisleán Nua, Seán Ó Dónaill ón
Áth Leacach, Nioclás de Barra ó Bhaile an Líne, Nioclás Ó
hAodha ón mBrobh, Seámas Ó Glíosáin ó Bhaile Hibeaird,
Uilliam Ó Coileáin ó Charraig Ó gCoinneall, Tomás Ó Cultháin
ó Bhaile Í Stuinn, Tomás Ó Nia ó Bhaile na Móna,
Maolsheachlainn Ó Comhraí, Pádraig Mac Gearailt, agus Uilliam
Ó Muilriain. Triúr deighlaoch d'fhágaim le léirchuardú
cúlráidí agus cambhóithre Luimnigh, óir ní fuláir cúnamh maith
d'fháil ann; Seán Ó hEidhin ó Phónta Honey, Pádraig
Meascal ó Fheadamair, Seán an Ghrinn ó Áth Sgéitine;
údarás agus cumhachta constábla do bheith ag gach n-aon de na
ceithre fhear déag roimheráite; mar an gcéanna gach pearsa den
chléir atá ainmnithe má gheibhid fios ná faisnéis rúnmhar ná
poiblí, é chur ar láimh, nó mara bhfaighid coinnealbhádh do
dhéanamh agus salm na mallacht do léamh air; mar an gcéanna na
constáblaithe ag déanamh dlúthchuairdeamh dian gan faillí ar bith
i ngach cathair cuan caladhphoirt inse fearann sléibhte agus
maolchnoic, coillte curraithe cumair agus leasa, teampaill
mainistreacha agus caisleáin; nua- agus cambhóithre na contae do
dhlúthchuardach, agus má gabhtar libh,


L. 176


nó le haon díbh, é thabhairt ceangailte dom' láithirse go
Fiaigh nÚir go scríbhfinn mittimus leis go príosún Luimnigh
chum a thriail do sheasamh do láthair an ghiúistís agus an
choiste chum sásamh poiblí tharna choireacha do láthair Dé agus
an tsaoil.




An Barántas Cuardaithe.



Whereas go dtáinig
inniu im' láthair
groífhear grámhar
córach,
Aon den dáimh
ba shuíte cáil
chum laoithe is dáin
gan teora.
Do dhearbhaigh láncheart
ar bhrí an mhánual,
gur shuigh 'na dháil leis
stróinse,
Nuair a bhí ag an sáile
i mBaile an Bhuinneánaigh,
cranca stágach
fíodóra,



Gan chuir gan chairde,
do bhradaigh 'na mhála
na leabhair ba bhreátha
clócheart.
Bolg an tSoláthair,
agus duanaire breádheas,
bhí scríofa ón' láimh go
mómhrach.
d'fhág eisean go sárlag,
gan charaid gan fáltas,
go dealbh tréith tláth i measc
cóbach.
Agus d'imigh 'na lánrith
chum Gleanna nó Ardaigh,
mar a raibh tnúth nó áit dob
eol dó.



Do bhí Seanchas Éireann,
i bhfoirm 's in éifeacht,
scríofa le chéile
san tseoid úd.
Startha na Féinne,
a ngaisce 's a laochas
ó thosach a réime
i gcló cheart.
Agallamh Phádraig,
Oisín 's a ráite,
Cath Chnuca agus ár
na Bóinne.
Cath Maighe Mucraimhe
Caithréim an Deirg
an Giolla Deacair
's a chomhalta.



An Madra Maol
dob fhada mar scéal
Lomnachtán Sléibhe
's an gruagach.
Ceisneamh Iníon Ghuil
agus Oidhe Chlanna Lir
Torlabh 's a Thriar
ba luaimneach.
Cath Chnoc an Áir
d'fhúig Meargach ar lár,
Tailc is na táinte
slóite.
Cath Chluain Tairbh,
mar ar treascaradh Danair,
an Bhruíon Chaorthainn 'nar
cailleadh
na leoin ghroí.



Tóraíocht Ghráinne,
ar feadh trí ráithe,
a d'imigh le Diarmaid.
Conall Cearnach,
ba ghníomhach garda,
agus Cú Chulainn meidhreach.
Do chaith an sárfhear
bliain is ráite
go beacht dá scríbhinn,
Do ghliomach nó stráic,
atá ag imeacht gan aird,
ar feadh na tíre.



Téadh dís nó duine agaibh
cois na Sionainne


L. 177


mar ar ghnáthach an sruimile
stróinse
I mbotháin bhuisinne
ba mhaith an t-ionad leis
ag bruíon 's ag caismirt
le comharsain.
Más cóir an Ridire,
an tan do chluinfeadh é,
tarraingíodh foireann
dá fhórsa.
Beidh claíomh is gunna acu,
i láimh gach lonnaire;
cuardóid pollaibh is póirsíbh.



Farraige Leamhchaill
ba ghnáthach cóir ann
do bháid faoi sheol
ar taoide,
Do bhéarfadh an crónphoc
anonn tar mórmhuir,
go leabharmhómhrach
bríomhar.
Do rithfeadh bóithre,
coillte is cóngair,
gach am de ló
nó d'oíche.
Is tar Droim Eolainn,
do dhéanfadh an t-eolas,
go mainistir oirdhearc
Chaoinche.



Go Tuamhain dá dteangmhaíodh
ag reic is ag gleacaíocht
is ag comhdhíol earraí
ón aonach
A thuairisc ceart chruinn,
in uaim is i nglanscríobh,
do bhéarfad díbh
in éifeacht:
Go confhartach cróluí,
tonnathrom bléanbhuí,
plaitlom cróndubh
méiscreach.
Cnap air is druing,
lena phus dubh prioslaí
is é ag síorchur smugaí
gan traochadh.



Ná buaileadh meatachas,
ná smaointe eagla,
na ceithre fir déag chalma
chróga.
Bíg faigheartha fearamhail
meidhreach meanmnach
lúfar acmhainneach
treorach.
Téig go Mainistir
na Féile an tseanstoic,
go dlúth ag amharc
gach aon sórt.
Dá bhfaigheadh sibh amas air,
le righinghad ceangalaíg,
agus cuiríg breasal
go feoir leis.
Coinníg le chéile,
ná scaipíg ar aon chor,
siúlaíg go héasca
trí chóngair.
Tagaíg in éineacht
isteach go Ráth Caola
ag lorg an straeire
fíodóra.
Cuardaíg ar dtúis
gach cúrláid chúng
gach ionad is cúil
is eol daoibh.
Muilte is bácúis,
siléir is tionnúis;
is lá an mharga,
déanaíg 'fhógairt.



Dá bhfaigheadh sibh amharc
air,
is go mbéarfadh an talamh
uaibh
gach n-aon chum cabhartha
go lánmhear,
Bainíg an Sparra dhe,
is Droichead Áth Dara dhe,
is ar an pike atá in aice
bíodh garda.
Cuardaíg an Mhainistir,
álainn bheannaithe,
is an t-áitreabh calma
lámh leis.
B'fhéidir le heagla
is méid na hanfa
go sínfeadh tamall
ón tsráid úd.


L. 178


Cuardaigh gach glaise,
na goirt is na garraithe
agus buail an baile
go dlúthcheart.
Go Cathair Easa
má thíonn an gliomach,
bá agus bascadh
insa tsrúill air.
Má thagann an scraiste
go Cromadh an aitis
ag reic na leabhar
le húdair,
Buille agus daichead
anuas 'na bhathas
do scaoilfidh breasal
go húr leis.



Deir fear caoin córach
ó Ghleann Ómra
coillteoir mómhrach
suíte,
Go bhfeaca sé an crónphoc
ag gabhal an dá bhóthar
ag slogadh porter
le híota.
Na leabhair ar bord
ag fear tí an ósta
'breithniú a gcló
's a scríbhinn.
Dúirt faoi dhó leis,
seo punt is coróin,
duit id' dheisdhóid
má dhíolair.



Ní baol go dteifi' sé
isteach go Luimneach
le heagla an cholera
'thógaint.
Imeoidh in imeallaibh
nó 'radharc na Sionainne,
nó fós go Mainistir
Mhóngrait.
Bíodh garda seasmhach
ag bád an chalaithe
láidir acmhainneach
fórsach.
Chun cuain má thagann
is dual ná scarfaidh
gan fa...e
ceoghol .



An tan bheidh ceangailte
ag an ndrawbridge leagaithe
é ......
........
Réabaíg, gearraíg,
traochaíg, stracaíg,
gach leadhb ó bhathas
den chrunca
Faighíg niuntóg dhearg
bhrúite agus salann
min mhear raimh
agus húnsa.
Cuimilíg go garbh
treasna gach gearradh acusan
i ndíol 'na dhroichbhearta -
an strúille.


L. 179


B 1803 19T
U 0401

Faisnéis Dhonnchadha Uí Bhuachalla anso.



Ag seo gearán truamhéileach dolásach dobrónach uallchumhach
Dhonnchadha Uí Bhuachalla dom' láthairse an fichiú lá den mhíosa
September aois Chríost míle agus ocht gcéad ar a trí de
bhlianaibh. Do dhearbhaigh an faisnéisí reimhráite fá bhrí an
Bhíobla go raibh ag déanamh léinn agus foghlama i bhfochair dís
de dhaoine uaisle eagnaí mhórléinn ardfhoghlama do bhí ag seoladh
scoile i bhfogas do Dhroichead na Gáille i mbarúntacht Oireacht
Uí Chonchúir tar éis é bheith seacht mbliana roimhe sin ag
foghlaim filíochta agus ardléinn i bhfochair na naoi mbéithe agus
i bhfochair Apollo, Minerva agus Orpheus agus go raibh
mórthionól de leabharaibh ró-oirdhearc' aige tar éis iad do
léirthiomsú le dua agus le tóirbheart i bhfochair na n-uasal
reimhráite go dtáinig an deichiú lá den mhíosa reimhráite sladaire
nó foghlaí éigin saorchráifeach noch do bhradaigh leis na leabhair
reimhráite gan tuairisc orthu ó shin i leith, agus chum léirchuardú
do dhéanamh orthu atá an barántas seo síos mar leanas: -



Contae fearannghlas féaruaithne fascathach chaomhálainn Chiarraí
mar aon le mórchuairt Leatha Mogha go huile.



Ag so barántas Dhonnchadha Uí Bhuachalla .i. mac léinn agus
eagnaíochta 'nar goideadh trí leabhar uaidh ina raibh iontu gach
stair agus ardeolas atá ainmnithe insan ordú diongbhálta so mar
leanas: -




Whereas go dtáinig
sa bhfómhar dom' láithir
an fichiú lá
den Mheitheamh cheansa,


L. 180


Óigfhear grámhar,
pór den dáimh ghlic,
bile gan chealg
agus dalta le foghlaim:
Do thug sé an mánual
is a phortús láithreach
gan aon dabhta,
Go dtáinig sladaí
nó fós gadaí,
do ghoid trí leabhar uaidh,



An deichiú lá
den mhíosa láithreach
mar thugaim chum
meabhrach,
Ó scoil na sáirfhear
ag Droichead Gáille
mar a raibh ag foghlaim,
Dréacht is aistí
is léinn do cleachtaí
insa tseanreacht;
Laoithe Gaeilge,
an t-ogham craobhach,
is Algebra mheabhraigh.



Is mar do bhí ag machnamh
a liacht aistí
do bhí dá bhuaireamh,
Do chuir Morphéus
lena chaolshlait
i dtoirchim suain é.
Gurb é brí a thaibhse,
agus maitheas a thaibhrimh,
sular mhúscail,
Gur piocadh go lom
as wallet a leabhar,
ciste na n-údar.



Do réir mar dhearbhaíonn
is mór an easpaidh
imeacht na leabhar so,
'S a mbeith ar neamhchrích,
mar gheall ar ghadaí,
do rinn a lomscrios.
Mar bhí iontu scéalta
go blasta i nGaeilge
agus ní gan foghlaim,
Gach cruacheist diachta
idir dhiagairí bhíodh seal
i gComhairle Thrionta.



Tá sé riachtanach
a gcur i scríbhinn
a gcáil mar fuaras,
Mar shúil le Críost
go mbéarfaí ar phíp,
ar an té rug uaidh iad.
Do bhí Cath Fionntrá
go blasta 'na lár
i bhfoirm le fuaimint,
Mar a raibh tréinfhir
bliain le chéile
ag treascairt 's ag tuargaint.
'S an Bhruíon Chaorthainn
ionar traochadh
Míodhach 's a shluaite,
Is mar a ceangladh Conán
ar phlaic a gheadáin
rena gcruachlis.



Tóraíocht Ghráinne
ar feadh trí ráithe
a bhí ag imeacht re
Diarmaid,
Is toisc an toirc
mar do rinneadh a ghoin,
de dheascaibh an éada.



Cath Maighe Mucruimhe
thug sceimhle is briseadh
ar fhearaibh áille.
Art Aonair
is ann do traochadh,
re Lughaidh Lágha.



An Madra Maol
dob fhada mar scéal
's an Giolla Deacair.
Tairngreacht Bhearcháin,
Duain Uí Dhubhagáin,
is Saltair Chaisil.



Oidhe Chlainne Uisnigh
is an nós 'nar goineadh
Naois ba chróga.
Is de dheascaibh an ghnímh sin,
treascradh mílte
d'fhearaibh na Fódhla.


L. 181


Oidhe Chlainne Lir,
an ealta gan choir,
do mhilleadh le hAoife.
Oidhe Chlainne Toireann
Bruíon Chéise Corann
is Seanchas Muimhneach.



Brisleach Mhór
Mhaighe 'threimhne thuaidh
is Deargruathar Chonaill
Chearnaigh.
Ionsaí Mhuighe Leana
Leabhar Dhroma Sneachta
's an nós 'nar cailleadh
Bláthnaid



Tóraíocht Chonaill
an laoch ba churranta
i ndiaigh Éithne,
Do rug an Macaomh Mór
an tan fríth ina shuan
i mBeann Éadair.
Críoch Chú Chulainn
na gcleas n-iongantach
i ngaisce 's a laochas,
Is Con Raoi mac Dáire
an cura nár thláth
i dtreasaibh na dtréanfhear.



Cath na Trae
de dheascaibh Helléin
'nar cailleadh na treoinfhir;
Do tharraing na Gréagaigh
a mbarca 'na ndéidh,
an chathair gur dódh leo.



Cíotach cróga
rug Saidhbh 'níon Eoghain leis
as ríocht Éireann.
Do tharraing an tóir
go dearbh 'na ndeoidh
ag maithibh na Féinne.
Céadach Mór
an cura ba chróga
gaisce agus laochas.
Tug ainnir an óirfhoilt,
'níon mar nóchair
d'Oscar na mBéimeann.



An Macaomh Álainn
ó Ríocht na nEaspáinne,
's a thuras go hÉirinn,
Iollann Armdhearg,
Bruíon Bheag na hAlmhaine,
agus Seanchas Chéitinn.
An Táilgeann greanta
Mac Céin cante
ar Dhanair rinn eirleach.
Sealg an Ghleanna,
Fear an Chóta Lachtna,
is Conán Chinn tSléibhe.



Maonas Mór
ba chalma i gcomhlann
le Goll gur traochadh.
Ceallachán Caisil
tug maidhm Catha Cnoic
leis na Norwégians.
Cath Chluana Tairbh,
'nar díbríodh na Danair,
le Clanna Milésius.



Agallamh is ráite
Oisín agus Phádraig,
is cruinn bheir tuairisc.
Is mar tugadh an t-ár,
de dheascaibh na mná,
- a hainm Niamh Nuachrothach.



An Cath Gabhra
chuir scanradh
ar fhearaibh calma.
Oscar na mBéimeann
cura na Féinne
is ann do treascradh.



Do bhí iontu go hiomlán
Giolla Caomháin
is an Réim Ríora,
Is mórán dréachta
ba mhór mar shaothar
le cur i scríbhinn.



Beathaí na Naomh
i dteanga na nGael
go milis ann le húdar,
Ba mhór an stór iad
do shagairt óga


L. 182


tar éis teacht ó Mhanúd
dóibh.



Bean i dtinneas
nó i dtaisteal clainne
do chluinfeadh dá léamh
iad,
Do thiocfadh slán
más fíor an dán
gan aon éislinn.



Ní raibh seanchaíocht,
léacht ná eagnaíocht
i gCrích Fódhla,
I gcló ná i scríbhinn,
ó theacht na díleann,
go Maidhm na Bóinne,



Ná raibh scríofa
i bprós nó i laoithe
ar aithris suadha,
Ins na leabhair seo
do ceapadh re foghlaim,
is d'imigh gan tuairisc.



Do dhearbhaigh síos dom
fá bhrí an Bhíobla,
ní nach nár dó,
Gur chaith seacht ngeimhreadh
ag léirscríobhadh
na leabhar réamhráite.



Tar éis a shaothair
is bháis Uí Laoghaire,
is rómhór m'eagla,
Nach reacaire dán
ná cuisle den dáimh
uaidh do bhradaigh iad,
Ach duine gan cá
gan aithne ar á
ná fós fios aitheanta,
Nó cladhaire cneámhaire
do shiúlfadh sráide
do gineadh re mallaitheacht.



Le toil na cléire,
má gheibhim léirchead,
déanfad eascaine
Ar an gcréice
do ghoid na dréachta,
ach go bhfaighead aithne
air.



Leagfad 'na dhroim,
gach eascaine scríofa
is sailm na mallachta.
Déanfaidh de lobhar
go follas don domhan
is a phlaitín chomh lom
le canister.



Déanfad air aor
chuirfidh air laoidhear,
easpa agus díth
ingine.
Logaill a shúl
silfid go cúl -
is cuma cá ngabhaidh
'inichinn.



I dtollaibh a chluas
beidh tinnis is guais
is cuirfidh air buairt
chodalta.
A theanga as a bhéal
ag sileadh mar stéig,
is cuile 'na thaobh
neadaithe.



Ní fhágfad aon bhrí
ná tapa ina chroí
is níl dul as dá bhaill
sodartha
Mar a dtige do humhal
ar mhullach a ghlún
is na leabhair seo 'thabhairt
chum Donnchadh.



Chum gach constábla
ard agus íseal
ar feadh na mórchuairde
Agus go háirithe:
Chum Thomáis Marascal,
Mícheál Mac Ionreachtaigh
Sheáin Fhada Uí Ráthaile,



Agus gach gléghas greannamhar


L. 183


den éigse iolchrothach
agus a gcúntóirí:
These are therefore,
is ní mheasaim gur éagóir,
in ainm rí Seoirse,
Commanding you
Imeacht chun siúil,
ar maidin chun bóthair.



Ná fágaíg cúil tí
ar feadh na dúthaí
ná triopall luachra,
Gan lorg don fhoghlaí
Do bhradaigh na leabhair ó
Dhonnchadh Ó Buachalla.



Is ná bíodh leachtán
claí ná cnocán,
libh gan cuardach,
Ó Chúl Caorach
go Coill Éinne
is go Seanghualainn;



Ná oiread nead circe
i gcurach na tuinne
gan lorg go luaithghlé;
Ná iothla ghobáiste,
ó Chúil Chláraigh
go Lios Tuathail.



Sula rachaidh sibh i bhfad
ná fágaíg scairt
ar dhá thaoibh Gáille,
Gan tochailt is spiúnadh
is lorg go dlúth
don fhíorchneámhaire.



Ná bíodh oraibh náire
ag siúl ná ag tardal
is ná baineadh libh leisce.
Óláig Bulcán
seachnaíg bungán
is ná bíg ar meisce.



Ná fágaíg póirse
cis na comhra
dó gan lorg.
Cúil ná seomra
i dtithe ósta
is dlúth gach lochta.



Is ná bíodh cailín
óg ná bean tí
in bhur siúlta
Gan a mbrollach 's a bpócaí
is faoina gcótaí
do lorg go dlúth dóibh.



Má bhíonn an fear tí
ag bruíon nó ag casaoid
de cheann a gcuardach,
Tarraing do leathanchlaíomh,
gearr a mhalaí
is fós bain cluas de.



Má bhíd na leabhair so
i gclúid nó i dtaisce acu
tabhair chúgham iad.
Is bhéarfad dóibh urra
ná léigfead do spriosán
ar bith dul chúchu.



Bíg dea-iompair
in bhur siúlta
mar is eol díbh.
Is fios bhur gcuarda,
tugaíg d'údair,
is do lucht eolais.



Is é réim bhur gcuarda,
ó Ghaillimh na gcuanta
go hArd Fhearta.
Treasna na mórchnoc
trí Ghleann Ó Ruachta
go Dúith' Ealla.



Ní ligfeadh dóibh scanradh
le heagla na bhFrancach
dul go Beantraí.
Mar do bhí ráite seanbhan,
dá chur ina gceann
gurb ann a bheadh a
gcampaí.



Dá bhrí sin iompaíg
siar trí Mhúscraí
is re hais Abhann Móire.
Is ná fillíg aneas
go dtige sibh ar fad
go Carraig Tuathail.


L. 184


Ná bíodh pobal,
ná teach scoile,
in bhur siúlta
Gan rabhadh is fógra,
do thabhairt dóibh
chum breith ar chúl air.



Cé gur tearc do chítear
fear dá ghníomhartha
ag teacht chum devotion,
Domhnach aoibhinn
ná lá saoire
do láthair altórach,
Bígíg aireach
ins gach bealach
'na bhfaicfeadh sibh
tórramh,
Le heagla an ghadaí,
le hiomarca cleasaíocht,
bheith ag imeacht faoi
chlóca,
Mar d'imigh sionnach
Chill na Monach
i gcroiceann na fóisce,
Go ngoideadh ón gcaora
a huan san oíche
gan fhios dá comharsain.



Trí chríocha Róisteach
lorgaíg an t-eolas
go Sléibhte Fheidhlim.
Is as sin anoir
go Luimneach Loirc,
mur a bhfaighidh sibh
radharc air.



Ná deiníg stad
go teacht thar n-ais
go Droichead Gáille.
Mar is rómhór m'amhras
gur ar an gceantar
atá an cneámhaire.



Má tá sé i ndán daoibh,
in aon bhearnain,
go dtiocfaidh 'nbhur
líonta
Tugaíg chúghamsa
ar bhun dúide é
ceangailte i gcuibhreach.
Is cuirfead mittimus,
leis go hinnealta
is go daingean doscaoilte
Go ngealaid a chnámha
is go n-ithid na sneá
i bhfochair na míol é.



Faoim' láimh scríofa
an fichiú lá den mhíosa
aois an Tiarna,
Ocht gcéad déag,
Gan aon bhréag,
's a trí chur thiar leis.



B 1770 18D
U 0277

Do réir ordú Éadbhard de Nógla .i. aon de bhreithiúnaibh na
héigse i gContae Chorcaí le cead Phiarais uasail 'ic Gearailt
ardsirriam Leatha Mogha cct.



Whereas go dtáinig Uilliam uasal de mhaithibh na mBrúnach ..
modhaile múinte go muinteartha maiseach mín mórdhálach dom' láthair
agus gur dhearbhaigh ar mhóide an Bhíobla go dtáinig ann strae
óglaigh de


L. 185


shíolrach coigríoch ó Chúige Laighean san aird aniar chum a
rétheaghlaigh shearcoscailte do gach neach ghabhas an tslí, mar
aon re strusúnach de shliocht ... arthach tar bóchna do ghabh 'na
shlí san aird aneas. Ní anuibh gur th ...... lár an lae ghil
ghréine gur ghoideadar caipión cumasach ta ...... ceannbhirt
chumhdaigh a mhínbhathas mórchiallaigh mheanamnaigh ...
mharthanaigh mhéinghlain agus é ar chaipiónaibh uaisle na tíre ..
tabharthas agus tíolaice na naoi mbéithe ó shléibhte dubha
Olympus agus Pharnasus mar aon le hiliomad do phéarlaoibh
de ... chlochaibh uaisle bua agus bisigh agus de charabunclaibh
de ... Do bhí de bhua ag an gcaipión gcéanna go dtabharfadh a
gciall d'óinseachaibh agus d'amadánaibh an domhain acht a
ghabháil Amen go ...... rialta ar an gcaipión gcéanna so na
húllortaí duilleacha ..... horáistí, an cnó Francach agus
Spáinneach ...... an fiolar, an seabhac, an míol mhaí, agus an ...
contrártha na gaide an leor ...



B 1784ob 18D
U 0216
BARÁNTAS AN DOCHTÚRA SEÁN Ó LUINNEACHÁIN.



Do fuaireas faisnéis béithe blasta binnbheolacha agus maighrí
maiseacha mearchaoine na gcríocha ina ngnáthaíodh Seán soirbh-
bhéasacha saorbhriathrach Ó Luinneacháin taisteal agus tuirling i
ndáil óil agus aoibhnis aonaigh agus oireachtais maighdean agus
macaomh áille ollbhladhacha, cé hionnarbadh é tréimhse a comhar
agus a compántas na buíne réamhráite tré inghreim danar agus
eachtrannach agus fós tré mhíphointeáil díolfhiach daoine eile noch
d'fhág é féin faoi sháil an bhráca ó anocht go lá a bháis ní
adeir na faisnéisibh so a thuillfeadh. Ag a cheartdhearbhú atáid
go bhfuil brealldhochtúirín baotheolach dítheolais gan fios luibhe
lusra ná leighis le ciantréimhse dh'aimsir ag déanamh loit agus
léirscriosa ban in ainm agus i ngairm fir leighis, ionas gur
comhluath i dtír i dteach agus i mbaile mhór agus i gcathair é
ar thuairisc daoine diachracha díthshláintiúla d'fhonn óil agus
aoibhnis do dh'fháil dá mbarr, agus tuarastal bithchinnte dhó
ón mbás chionn a maraithe agus a mórmhaslaithe. Áitítear fós go
mbíonn an learaire luathchuardach so ag tabhairt gliostairí do
chailleacha agus ag díthchreachadh giallacha ó fhostaíbh
foghaltacha fiacal. Ní bhus mó ní abraid na faisnéisithe seo, agus
is dá dhearbhadh san atá an barántas so:




Whereas gur áitigh
scaoth de bhábaibh
gan aon mhearthall
Go raibh trú antréan
gan chlú gan chéill
ag síordhéanamh achrainn.
Ba chlaon a radharc
agus a thriall mar spy


L. 186


pé taobh 'na dtaistealann,
An saoi geal Seághan
caoinsearc mánla
maorga barainneach.
Bíonn an íomhá
'na shíothnaí míoláin
ar fuaid bailte ag rith,
Ina fheallaire feill
in ainm fir leighis
's 'na shéithleach airgthe.



Ná tógaíg piollaire
uaidh ná gliostaire
atá siad maraitheach.
Is ón mbás tá cúinse
dó dá chionn san
do réir mar aithristear.
Ní liaigh an lobhar
ach iarmhar abhaic
agus créice cealgach.
Gliogaire guagán
oilithreach fualáin
agus straeire seachmailteach,
Do chaill a chiall
a mheabhair 's a mhian
's tá 'na éagann easmailteach,
Ó dhíol a chéile
trí dhoighir éada
Le Squire Callaghan.



Ba shó leis prátaí
agus dríodar bláthaí
d'fháil mar bhéile,
I ndíol buinní
do bhaint as scrotaí
agus as mnáibh aosta.
Bíonn a lansín
ag an gclamhairín
go toirtéiseach.
Is ní foláir go ngairmthear
dochtóir paitin
air 'dir bhaothlaigh.



A lorg ní cóir
go dtugad a chomhartha
i bhfoirm 's i n-éifeacht.
Do lucht a chuardaigh
atá sé uallach
cuirriceach éadmhar,
Goinideach drúisiúil
cealgach clúmhach
cruarighin créimeach.
Tá críonscailp fochaill
ag díon a chloiginn
is gach pliospa de ag
téarnamh,
Thar ghualainn an chlamhaire
faoi dheómhal Francach
ag teitheadh ó chéile.
Tá clagshúil bhrachbhuí
faoi ghoradh a mhailí
a nochtas gach féile.



Airloch radhirc
an feallaire spy so
atrinimle euda.
Má fhaigheann sibh radharc air
amharc ná tadhall de,
beiríg ar chúl air.
Agus tugaíg an fualán
ar soc suasáin
i láthair an údair.
Bíodh sé ceangailte
i gcuibhreach gadraigh;
bascaíg agus brúíg é.
Agus cuiríg an créice,
i gcrua-dhaorbhroid,
go suíos an chúirt air.



Guím is aitchim ar gach faraire fíoreolach
Ón Laoi go Daingean agus as sin go caoinEochaill
In bhur slí má castar an grabaire míchomharthach
A chuisleann do cheangal go daingean le righinchorda.



Aitchim is éim ar éigse suadha is ar fháidh
I bhfearannaibh Éilge ó Bhéarra an chuain go Máigh,
Má castar an créice strae so ar aon chuaird 'na ndáil
A cheangal go daor i ngéibheann cruaidh re cnáib.


L. 187


Ag so an barántas do chuir Dáiví de Barra i ndiaidh a shúsa.



Contae Chorcaí le Dáiví de Barra, éigeas is liostóir i nguthaibh
ealaíonta tuaipliseacha an chontae réamhráite.



Ag so dearbhú is faisnéis phríobháideach do thug duine dearscnaithe
macánta don dúiche dom .i. go bhfeacaigh torpach bolgánta
mórcheanna tarra-íseal, risa ráitear Ránald Ó Duibhir ag imeacht
san aird soir fó dheas, agus an bláthchlúda casta aige ar a
gharmain timpeall a shádhalchoirp, agus lonradh ann trí ghile
amhail cristiol nó carbuncle, agus, do réir dheimhindhearbhú na
gceartchomharthaí sin, is é siúd mo bhláthchlúda-sa.




Whereas gur ghluais
chúgham 'na ruaig
an taistealach láidir.
Gur dhearbhaigh cruaidh,
na bearta so luaim,
i ndaingeanghuth dána.
Go bhfuil dradaire cluantach
i mbeartannaibh tuathail
i bhfarraid nó lámh liom.
Do bhradaigh de ruathar,
barra gach suaimhnis,
dá ngairmthear bánchuilt.



Bathlach suarach,
's stathalach gruaige,
le meanaithe ann sáite.
Slaparach mórphuis
fada 'na chluasa,
amaideach báltach.
Bleachtaire guagach,
smeartha cúng-ghuailleach
gearra caolspágach.
'S a dhearca glasuaithne,
i ndaingean a chuasaibh
amhail nead cáige.



'Ainm go fíochmhar,
feasta dhíbh ríomhfad:
gairmthear Ránald
De chine Uí Dhuibhir
ba mheasa sa tír
do sleachtadh an feáire.
Dradaire díoscair,
drannanta buí dubh,
agus é bearnach.
Dom' dhóigh is tríochad
bliain is aois dó,
is ní hé is fás dó.



Gach faraire caoin,
'nar thaitneamh leis aíocht,
do thabhairt le dearscnacht,
Do thaistealaibh tíre,
chastar san oíche,
fáil leapa 'na n-áras,
Ná tabhairíg ní
don bhradaire Ó Duibhir
má thíonn 'bhur láthair.
Ach stataíg é is cíoraíg,
go heasmailteach nimhneach,
lena dhrannadh bíg páirteach.



Gach seanbhum críonna
'nar tharraing an aois é
chum dadamh beag cráifeacht',
Is do dhearcas 'na thimpeall
ainnise a ghníomhartha
chuirfeadh anam chum
Sátan,
Is casadh ar an tslí dhó,
sealad beag díreach,
má ghabhann an feáire;
Is earra ná aíocht
ná glacaíg mar dhíol
ach é cheangal le tácla.


L. 188


Chum gach scafaire grinn
tá gasta sa tír:
fairíg gach áth air;
Chum Dáith dhuibh Uí
Fhloinn,
i gCarraig an Fhíona,
faireadh an tsráid air;
Chum clan chirt an Rí,
i mbaile cois Laoi,
airíg gach aird air;
Is ná glacaíg uaidh ní,
do bhreabfadh bhur gcroí,
gan é tharraingt im'
dháilse.



Gach nduine tá díleas,
chum fartha sa tír
'narab ainm dó báille,
Tá ceangailte síos,
go daingean sa dlí,
le beartaibh amhnáireach,
Má thagann an smísteach,
feasta bhur slí,
é thabhairt im' láthair.
Is cluinfidh an tír,
an croitheadh as a phíp,
do bhainfead le háthas.



Le háthas beidh Dáiví de Barra ag damhsa,
Má dháiltear dó a bhánchuilt faoi theacht na Samhna,
Sí a scáil do riug Jáson tar lear i dteannta,
Gur tharlaigh leis grásta 'na hainnir cheansa.



B 1820ls 19T
U 0316

Barántas Mháirtín Uí Shúilleabháin ar chailligh dhoicheallaigh
dhiúltaigh.



County of Cork. By Sir Mileachlainn Stuacach Ó Síothcháin
do bhí 'na member i bpairlimint re linn do Chromwell bheith
'na Lord Protector ar Éirinn.



To all high an petty constables of the same or either of them and
their assistants.



Agus go sonrách, chuim clódsairí, fíodóirí, fondaeirí, gléiséirí,
tincéirí, bráiséirí, agus taistealaigh, maistiúnaigh, ceannaithe,
búistéirí, barbóirí agus loingseoirí farraige;



Whereas I have received information on oath that one Muireann
bhladhmannach bheagmhaitheasach ó Mhuing na Míol, otherwise
Caply Lousybay did, in a most inhuman and unchristianlike manner,
refuse a poor travelling tradesman, who had a wife and three
children, upon a highroad with an empty pocket, nay in a most
miserable and deplorable condition; and further say'th that he even
offered said Muireann payment which she also refus'd.



Therefore these are in his Majesty's name to search for the said
Muireann:


L. 189


Throughout hills and dales,
fields and plains,
dens and caves,
streets and lanes;
mind her name
and secure her.
And bring her before
Cúirt na mBurdún,



To be dealt with according
to our Irish Law.
When you take her
but bring on her an action
and for so doing
This shall be
your sufficient warrant,
given under my hand
and seal etc.



Ag seo dearbhú et faisnéis Eibhlín Ní Leathlobhair dom' láthairse
go bhfuil dradaire dána dranntánach diablaí dubh donaí
drochghnóthach breacloirgneach gabhaldóite ris a ráitear Donnchadh
Spéicéir tar éis imeartha caist is cluain ar bhaitsiléiríbh agus
ar bhaothbhéithibh na tíre agus ag bladaireacht agus ag fáil scéala
suirí dhóibh ó áit go háit agus ag fáil maidhiúirí ime, maingíní
mine, dabhaideanna soille agus donnscálaí grutha agus peigíní móra
muiseacha athbheripioc. Gur dá dhearbhadh san atá an barántas so
mar leanas:




Whereas is fíor gur dhearbhaigh
im' láthair an bhéith,
Ba chaoine míne cneasta guth
ag áireamh gach scéil,
Gur líon an chlaoine fairceallaigh
an ríocht le draíocht is mallaitheacht
ag maíomh suirí le bladaireacht
le táinte dá thréad.



d'íobairt shíor na hainnire
gur líon guth mo bhéil
Chum smaoineamh cruinn a mharcanna
's a n-insint faoi réim.
Ní binn liom poinn dá labhartha,
ach sceimhle croí agus deacair air,
an chlaímhe do shíor is anfa air,
chum scríobtha dá réir.


L. 190


Sirim aitchim acharaim
gan spás don airc bhréan
Tar sruthaibh Styx nó Acheron
le Charon go dtéigh,
Nó ruathar scíosmhar lasrach,
i mbuaic a thí gan dearmad;
ar buaile choíche nascaim dhó
gan fábhar ná dréacht.



Bíonn a chluasa síos 'na slapair,
ar a ghuaillibh 'na slaod.
'S a mhór-roisc faoina mhala dhubh
ghuaireach gan scéimh.
Ba ghreidhneach snígh 'na drongannaibh,
le hide and seek ina stathachghlib
go n-adhnaid bruíon is achrann,
tug táinte acu faon.



Gach óigfhear croíúil calma
idir dháimh is éigs'
Do gheobhadh 'na líon an dradaire
dúr dána cas claon,
A shrón go fíochmhar tarraingeadh,
ó bhord a chinn go drannadhphuis,
le rópa righin é ceangaladh,
mar shómpla don tsaol.



Is ba chrón dathshíor a hata
is imeallbhordaibh a bhéil.
Ar thóin a bhríste tarra
grinneall ócum agus céir.
A chóta scaoilte stracaithe
's a bhróga fillte falcaithe -
sin comhartha cruinn an fhairceallaigh
má chíonn sibh é.



An Ceangal.



Aitchimse gach faraire le dán is dréacht
Ann gach baile cirt i bhfarraid dham gan práinn le scléip,
Má thaistealann an fairceallach go brách 'bhur ngaobhar
Bainíg cnagarnach is braimneach as, fáscadh is béic.


L. 191


Do thug Seán Saighdiúir supersedeas ar bharántas Dhonnchadh
Spéicéir is do bhris Dáiví a thitle ar an modh so:



October the eighth, do réir réim chirt an chalandair,
I received information le héifeacht is le dearfacht;
The warrant I gave, much le faobhar chum an fhairceallaigh
He has got a supersedeas with means chum é sheachaint air.



The rogue that it gave, tabharfaidh mé díol 'na labhartha,
Jack Soldier the knave, cúl gan réiteach fíorachrannach.
Conspirer of cheat fear gan éifeacht 'na bheartannaibh
His title I break, scagaim é as mo leabharaibh.



It was with great cause lena ndearnadh oiread bagartha,
In accusing the small dwarf le háiteamh is dearfacht.
The soldier was naught chionn aon lámh bheith im' bhearta-sa.
I'll wallop and draw him bainfead sásamh dá leathrach.



With vengeance and wrath cuirim teachta i ngach baile ceart
To pull his wig, draw it, gan spás pioc dá bhaitheasphlait.
His dry lips and claws, ar modh ghránna mar dhrannadh cait,
His grinders i bpotáta go bhfága sé in achrann.



To all bums and bailiffs ó Bhéarra go Mainistir,
Constables jailors is gach aon den aicme sin,
Let none to him call ag iarraidh barántais ná atharach
Tá a thitle ar lár aige óm' láimhse gan dearmad.



Perplexion vexation le faobhar is le mallaitheacht,
Objection much hatred gach n-aon leis go dtagaraidh,
His nose I will break ach go ndéanfad leis teangabháilt. etc.


L. 192


Leath Mogha le Seán Ó Ceallaigh aon de bhreithiúin
fuirmdhlitheacha na gaoisdháimhe ar feadh na críche réamhráite.



Chum Tomáis uasal de Búrc ardsirriam na héigse, agus chum
Sheáin de Faoit, caomhchléireach na coróine go n-ardbháillí 's
a n-oifigí uile sonas agus síorbheannachadh!


L. 193


De bhrí gur dhearbhaigh Uilliam Ó hÁinnín dom' láthairse .i.
suaircfhear seasmhach sárchroíoch lenar mhian éigse agus
gaoislaoithe, gur shín leis daorscar dúr drochaigeanta, dona dána
diablaí, de dhubhroscacha na ndaorchlann d'iarmhar na
n-allúrach, noch do ghoid agus do ghrodfhuadaigh ón saorfhear
réamhráite mórán géanna agus fós fia álainn ealaíonta den chine agus
den chineál Gaelach dob fhearr méid maise agus móráthas, lúth
luas agus lánléimneach, dá sórt ar feadh na cruinne ceatharga. Agus
ar chuardach an ghrinnghabhair chéanna do cuireadh a lorg agus a
lánrian fá bhun Ard Phádraig, chum Baile an Ghriana; agus beart
eile ba mheasa dhóibh, do ghabh fualán falsa fuathrógach
fadmhagarlach éigin díobh air féin bheith ag imghearradh an
tsuaircfhir réamhráite, gan uaim gan aiste gan éifeacht, ionas gur
léirmheas, ar choscairt don fhia agus do na géanna, gurab é an
domlas do ráinig mar roinn don ráiméisí agus gur scéigh an searbhas
tréna bhrúidbholg agus a mhórfhéithibh go foirlíonta.



Ag so barántas an ardollaimh réamhráite go fairsing foirleathan chum
gach oifigigh ardchéimigh ar feadh Leath Mogha go bithchinnte, chum
na saoithe ainmnithe thuas, chum lorg agus léirchuardach luaimneach
lánéasca, briseadh bearnadh agus buanréabadh rabarnach ragáilleach
do dhéanamh ann gach áit agus gach ionad, sí nó saolta, iona
bhfuil fios fáth nó fuaramhras acu aon de na sladaithe scuinseanta
so do bheith ar a gceilt nó ar a gcoimeád. Agus arna bhfaicsin
dóibh, a gceangal nó a gcruachuibhreach agus a dtabhairt leo ina
gcimí craplaithe cruachuibhrithe i láthair uachtaráin na héigse ag
an Ráth i gContae Chorcaí chum éiricí troma agus cáincheannacha
cruachúiseacha do dhíol in áit na creiche céanna, agus oiríre agus
eascaine na héigse dá síorchaomhnadh chionn cuimilt go cealgach le
géig ar bith díobh. Gur do dhearbhadh na nithe so atá an t-ordú
so síos: -




Whereas saoi
de Chlannaibh Míleadh
came before me,
Is gur dhearbha' díreach
ar an mBíobla
duly sworn,



Uilliam Ó hÁinnín
fialfhear sárchroíoch
ainm na comharsan,
Triath ina cháilíocht
ler mhian an dáimh ghrinn
ghreannamhar eolais.



Gur shín leis daorscar,
daoithe daora,
de Chlann Órla;
Do ghníd léirscrios,
ar a ghéanna,
ní nár chórach.



Do goideadh fia uaidh,
aois dhá bhliana,
do bhí ró-álainn,
Is gur cuireadh a rian san
go Baile 'n Ghriana
tré Ard Phádraig.



Chum cleasa lúith,
ba phras a chúrsa
le móráthas.
Ba bheag a shuim
i bpaca gadhar
an uair ba ghá é.



Dá rithfeadh níos sia
do chuirfí a rian
nó fós a thuairisc.
Mar a dtiteann an crann
is dearbh gurab ann
is cóir a chuardach.



Beart ba mheasa
do rinn an aicme
seo go tóirseach;
d'éis a chreachadh
bheith dá aithis
le ráiméis gheocach.


L. 194


Is é an domlas
fuair an sruthaire
in áit na feola,
Mar scéigh an searbhas
tréna theangain síos
ina scornain.



All these are breaches
contra legem
Is dlí dáimhe.
Whereof fail not
in nomine regis
a dtabhairt dom' láthair,



In aon áit inar dóigh libh
ar feadh na cóige,
sí ná saolta,
Aon den aicme so
bheith i gan fhios ann
deiníg raobadh.



Má fhachtar amharc air,
bíodh sé ceangailte
i bhfíorghéibhinn.
Is tabhair ar bhathas é
i ndaoirse peannaide
fá dhlí éigse.



Go dtuga an feallaire
mórán aisce dhuit
i ndíol a shaothair.
Gurab é an bia ceannaithe dhó
an fia fearbach
agus na géanna.



Ag so greenwax
go foirlíonta
díbh mar shéala.
I lámhscríbhinn
fíordháimh líofa
cura den éigse.



Tá éigse na hÉireann gan rá grinn duairc,
is béithe na gcaomhfholt ag gnáthchaoi ar buairt.
Do thréigeadar éanlaith a ngáir bhinn bhuach,
tré léarghoin mo scléipfhir Uí hÁinnín suairc.



Caomhfhear is glébhile sámh síoch suain,
gan éislinn ach tréithe agus ráitibh uais,
is léirmheas dá réir sin mar d'áirmhíodh druaidh,
gur aon é mar Éamann Ó hÁinnín suairc.



Bhí meirleach míbhéasach nó fánaí fuaid,
tug lochtadh gan éifeacht i gcáilíocht duain;
is baoghal dó aoirghoin is gnáthaoir suadh,
tré sméide ar mo chaomhchura Ó hÁinnín suairc.



Contae Luimnigh mar aon le mórchuaird Mumhan le Tomás Ó
Glíosáin .i. aon de bhreithiúin na suadhéigse san gcontae
réamhráite agus i Leatha Mogha go huile. Ag seo faisnéis an
uasail Thaidhg Uí Dhuinnín im' láthair an ceathrú lá de Mhárta,
aois an Tiarna 1773. Arna dhearbhadh don fhaisnéisí so, is é a
deir an tan do bhí go súgach soimheanmnach ag tíocht


L. 195


ón Ráth go dtarla leis síbhean mhioscaisceach mhailíseach
mhírúnach do chaith saighead nimhneach namhadach neamhcharthanach
leis, lenar bhris an chos dob fhearr agus do ba deise aige, tré
go bhfuil ag únfairt ar a chois agus ar leathchois go mall meata
míthapa, go leonta liosta lánbhacach, agus go bonnleathan
barrthuisleach, gan lúth gan luas gan luadar, go bhfuair cleath
dheas dhíreach gan chuan gan chnap gan chlais, lena
mb'fhéidir leis teacht agus imeacht go tráthúil troighéasca, agus
go buacach bláth báiriúil, agus go raibh go háthasach gan titim cian
d'aimsir go dtáinig chuige foghlaí fóiréagnach feillebhéasach agus
gadaí gáifeach gráiniúil agus fíorshladaí fíorbhradach do ghoid an
chleath réamhráite uaidh tré go bhfuil anois go troithil
troighmhall gan réim gan rian, gan siúl gan aistear agus dá bhrí
sin atá an barántas so síos.



Whereas táinig
aréir im' láthair
saoi re seanchas,
Groífhear grámhar
gaoisgheal gáireach,
's is fíor gur dhearbhaigh
Go dtarla séithleach
nó cúiréibe
ó chois Eatharla air,
Do bhíonn go saothrach
ar gach aonach
ag goid 's ag achrann.



Go dtug sí santach
nimhneach namhdach
ar an bpreabaire.
Is deimhin gan amhras
go bhfuil in anriocht
is in anacra.
Do ghoid óm' staraí
go fiú a chleath bhuí
do níodh taca dhó.
Is gan aige ach staicín
nó slat gan bhrí
ag tíocht chum aifrinn.



Bíonn Dé Domhnaigh
ag déanamh bandaibh
agus é ar mearthall.
Tá sé ag clampar
ar easpa meabhrach
le trí seachtaine.
Fear na foghla
ó thug fogha air
ní bhfuil seasamh leis.
'S gan ach stampa
aige 'na theannta
nach fiú leath phingine.



Dá bhrí sin ordaím
do gach treoraí
dá bhfuil aithne air,
An gadaí guaireach,
breith ar chluais air
's a thabhairt ceangailte.
d'ais nó d'éigean
tugtar an séithleach
go hÁth Dara chúgham.
Go gcuiread an cladhaire,
insa mbraighdbhuil
faoi láimh Ballinger,



Mar a bhfaighidh an cocól
iomad pionós,
trína bheartaibh oilc,
Farana sciúrsáil
ann gach cúrláid
trí lá margaidh.
Beidh mallacht an teampaill
cloig is ceallta
air gan dearmad.
An Sagart Ó Loingsigh
cuirfidh bá coinle,
mar bharr aithise air.



Ag seo comharthaí
do gach eolaí
dá dtíodh eatarthu:
Fear caol crólíoch
casdubh crónbhuí
is a ghruaig ceangailte.
Tá slat de ribín
ar a ghlibín
go rófhaiseanta.
Atá naoi n-orlaí
ina shrón bhuí
fé mar aithristear.


L. 196


'S tá rian na gcordaí
ina scornain,
is fós ina reathacha.



Cuardaíg cumair dó,
cuanta is curraithe,
is fós bailte poirt.
Is rómhinic é
ar bhóithre Luimine
's i gCill Daraire.
Ná tuillíg mo mhilleán;
cuiríg an sealán
fé go hacmhainneach.
Is ná léigíg an spreasán
d'imeacht le hearráid
tá togha reatha aige.



An Ceangal.



Fógraim an stróinse seo 'cheangal go pras
's gach orlach dá chrónchorp do ghreadadh le slat;
an rógaire corónta do bhradaigh an chleath
d'fhág leointe mo leoghan gan bachall ach staic.



Ag so ordú agus údarás fairsing fíorleathan chum gach oirfidigh
uasail oirirc cois Sléibhe Riabhaigh agus go speisialta agus go
bithchinnte chuim Dhiarmaid Uí Chaolaí cantaire cliste
ceolbhinn. Ag so tabhartha faoim' láimhse an cúigiú lá déag den
mhí September in aois an Tiarna 1767.



Muiris Ó Gríofa do dhias smísteoirí .i. Eoghan Ó Súilleabháin
agus Uilliam Ó hEichiarainn. Contae Luimnigh to wit.



Ag seo faisnéis agus petition Dháiví Uí Anáin do láthair
fíorbhreathún na suadhéigse agus na cúirte gaoise dá thaobh an
tSléibhe rathmhair rangásaigh Riabhaigh, mar atá Seán Ó
Ceallaigh, Aindrias Mac Craith, Conchúr Ó Dálaigh, Seán
Cundún, Pádraig Ó Cuileannáin, Diarmaid Ó Laoire etc.
acht Muiris Ó Gríofa, dá iarraidh orthu mo ghearán do ghlacadh,
agus mo mhasladh do dhíoghailt, ar dhís smísteoirí dearfa
díthchabharthacha dá gcomharsanaibh dísle féin .i. Uilliam beadaí
bladartha binnbhriathrach Ó hEichiarainn ris a ráitear gile agus
milleadh na gcaoingcúileann, agus Eoghan Rua rabairneach
ragairneach rástálach, trustalach tóstalach tónmhuinteartha, liosta
leadránach luaithintinneach, iolcheardach Ó Súilleabháin ris a
ráitear Tarbh an Bhóthair nó Lascaíg-iad-Timpeall. Gurab
amhlaidh atáid ar nós an mhadra rua nó an mhac tíre i gcroiceann
na caorach ag milleadh ban agus baothiníon na tíre go huile agus go
hiomlán, ionas gur baol dúinn ná fágfaid bruinneal gan baclú, bean
gan balcadh, baintreach gan bleachtú, béith gan briseadh, barrann
gan bearna, báb gan blaiseadh, caille gan ceartú, cailleach gan
creachadh, cailín gan cealgadh, cuach gan céasadh, cleasaí gan
cnasta, gailtean gan gríosáil, gruamach gan greadadh, pait gan
plancadh, peata gan


L. 197


priocadh, pionsóir gan polladh meirdreach gan meascadh, mangaire
gan marcaíocht, taistealach gan tástáil, tóstalach gan tuargaint,
stuaire gan socrú, siúlach gan sásamh, ríoghan gan raideadh, rásaí
gan rúscadh, leanbhán gan lascadh, leastaire gan leasú, mínseach gan
milleadh, ná maighdean gan mealladh, muna dtig liomsa a gcosc den
dul so.



Óir is measa Uilliam ná Naoise mhac Uisnigh agus ná Diarmaid Ó
Duibhne. Agus is measa Eoghan Rua ná Cearbhall baoth Ó
Dálaigh ná fós Peadar na Péice. Ionas gur chucu chruinníd
straeirí sodair agus seachráin chamchuarda agus sáirscléipe gacha
críche, go gcuirid ar aíocht agus ar lóistín go leanbhaí lábánta
iad, agus fós go soineanta síochánta. Gidheadh níor mhian ná níor
mhaise leo díolaíocht ar bith a thabhairt don tí do chaomhnas
agus d'fhorchoimheádas dóibh iad. Agus den bhuín sin mise, óir
tá stuaire acu agam dá binnbhréagadh re hordú Uilliam agus
Eoghain re cian d'aimsir, agus measaim go mb'fhearr leo dul
ar mhuin mo mháthar, mo dhearfúireach, nó mo mhná dá mbeadh
agam, ná leorghníomh ar bith do dhéanamh liom, ach barr ar gach olc.



Bhur bhfaisnéisí fíorumhal etc.



Dáiví Ó hAnáin.



Whereas táinig
fíoráiteamh
chúgham go déanach,
Ar dhís ardfhlaith
den aos dána
's de chrú Gaelaibh,
Go mbíd páirteach
le caoinbhába
siúil is scléipe,
Is dá scaoileadh ar fán,
gan díol ach dáir,
ná fiú an bhéile.



Dá bhrí sin táimse
cruinn fám' láimh
ag tabhairt saorchead,
díbhse, a Dháiví,
díolcheart d'fháil
gidh mór t'éileamh,
San bhuín chlis ráis seo
shínis bába,
cuacha is béithe,
Trí dhlí na dáimhe
á scaoileadh i dtráth
dá gcruadhaoradh.



Go hAoirdchrois Mháire
bhinn an áthais
fuair clú a ceirde,
Tíodh gach ráib ghlic
ghrinn im' dháilse
is cúirt glaofad,
Chum sceimhle ghnáthach
saoithe sáiteach
suadh is éigse,
Is ar dhíol gach mná
níos ar a cairde
le fuath dhá céile.



Má chír-se, a bháille,
an dís árchon
'cur cluain ar bhéithibh,
I ndíg fásaigh,
i gcoill ná i stábla,
ná i gcruach féarghlain,
Gan mhoill iad lámhaigh,
's a dtabhairt dom' láthair,
go stuama saothrach,
Go n-íocaid cáin
ina ngníomhartha pláis
go suairc gan phlé ar bith.



Chum Sheáin shuaircghníomhach Míodhach .i. príomhbháille
bharúntachta Choise Sléibhe etc.



A bháille ghasta ó charais-se riamh an chóip,
fáidhe, flatha, agus ranna le mian is ól,
go háras Anna, sé parathas fial an spóirt,
'na mbrá chum freagairt iona mbearta tabhair Uilliam is Eoghan.


L. 198


An Mangaire Súgach i gContae Luimnigh.



Contae Luimnigh mar aon le mórchuaird Éireann uile.



Leis an Athair Tomás Mac Canna ris a ráitear Halifax McCann .i.
duine uasal uaibhreach ealaíontach aerach iontach, sagart paróiste
Chnoic Áine, fíorchara na héigse san gcontae réamhráite agus i
Leith Mogha go huile.



Ag so faisnéis an uasail Uilliam Uí Nialláin ó Dhroichead Bhoinn
Bhriste im' láthairse an t-ochtú lá den mhíosa July aois an
Tiarna 1769.



Arna dhearbhadh don fhaisnéisí so is é a deir: an tan do bhí ar
deoraíocht san mbaile ris a ráitear Cathair Chinn Lis san gcontae
chéanna so go dtarla ris baothbhastún brúidiúil bundúnach darab
ainm Muircheartach Ó hUrthaile .i. duine dubh diablaí
drochghnéitheach, athach aithiseach éithiúnta, gadaí gruama
giúirléideach, cladhaire cealgach cailliúnach, agus foghlaí fuadrach
fuafar fadmhagarlach do bhí sealad i leith a bheith ina shagart
chiallmhar Chríostúil nó gur dhiúltaigh agus gur dhúrshéan Críost
agus an naomhchléir le grá dá chorp agus gur iompaigh chum bheith
'na mhinistir mhioscaiseach mhailíseach dona dána drochaigeantach
agus atá anois gan mhodh gan mheas gan chreideamh gan choinsias,
ag imeacht ó thigh go tigh agus ó bhothán go bothán, mar aon rena
chiarchléireach coirtithe crónfhiaclach, buí baoth bolgmhór
breacluirgneach, agus é féin ina chaimearthach chaimioscadach
chlamparach chailliúnach, agus ina shéithleach shilte thamáilte
ag pósadh agus ag ceangal bacach agus baothdhaoine is gach n-aon
eile do bhéarfadh réal nó scilling dó ar son a shaothair agus sin
in aghaidh dlí Dé agus na ríochta.



Ar an ábhar sin fógraím agus ordaím do gach faraire forránta
fíoruasal, agus do gach saorfhear súgach soibhéasach, agus go
speisialta agus go bithchinnte do Dhoctúir Mitchell, do Chonn
cholgach Ó Dónaill, do Philib Ó Meachair, agus do Sheán Ó
Ciarmhic, agus do gach gléghas ghreannamhar eile ar feadh na
contae so Leatha Mogha go hiomlán, an crochaire coirpe
círéipeach so mar aon rena chiarchléireach .i. Lochlainn Luimnigh
do ghabháil do cheangal agus do chruachuibhreach, agus a
dtabhairt dom' láthairse go bruíon nó go sí Chnoic Áine, go
gcuiread mittimus go hifreann leo i láthair a máistir .i.
Lucifer mar a bhfaighid a sciúradh agus a sciomaradh i Styx nó
in Acheron agus pionós síoraí i bhfochair Belzebub agus Hurlo
agus Trumbo, agus an chuid eile don chlé-eaglais do dhiúltaigh
do Chríost agus don Mhaighdion ghlórmhar.



Ag so bhur n-údaráis go foirlíonta chum bhur n-orduithe do chur
i bhfeidhm:




Whereas táinig
inniu dom' láthair
agus sin re díograis,
Saoi agus sárfhear
groíghas grámhar
agus tug an Bíobla:



Go bhfuil cladhaire
ag rith 'na scainse
ar feadh na dúiche.
Ag déanamh aimhlis
le hiomad taibhse
ó chuir gúna air.


L. 199


Do bhí ina shagart,
ar feadh tamaill,
ag déanamh clampair,
Ní dúirt aifreann
ná fiú sailme
ó chuir banda air.



Tá anois 'na mhinistir
chróndubh choirpe
is coinnealbhá air.
Mar thug na mionna
ná fuil i Muire
acht mar a mháthair.



Mar bharra ar a bhaois,
do dhearmaid Críost,
's a chléir le mailís.
Go dearfa díbh,
re taitneamh do mhnaoi,
gur thréig an aibíd.



Ainm an duine seo
Mac Uí Urthuile
agus cú an éithigh.
Bíonn go minic.



ar fuid Luimnigh
'na chúiréibe,



Ag ól 's ag imirt,
'na stróire buile,
i bhfochair a chléirigh;
Is nuair ólann iomad
le póit ina ghoile
bíonn a' blaodhraigh.



Ag seo a chomharthaí
do gach treoraí
ar feadh na dúiche:
Fear caol crólí
casdubh crónbhuí
agus é dúshúileach.



Tá rian an tsioláin,
iona phíopán
agus é mantach.
Agus tá dhá chnapán
ar a ghiodán
agus fós tá breall air.



Cuardaíg cumair dó
cuanta is curraithe
talamh is taoide.
Is rómhinic é
ag ól sa Droichead
is i mBaile 'n Fhaoitigh.



I charge you therefore
má ghabhthaí an séithleach
ná glacaíg air bannaí,
Ach tugaíg an baothlach
chugam 's a chléireach -
ná déanaíg faillí! -



Go gcuiread an cúpla
coirpe ar urla
i láthair Chailbhín.
I bhfarraid gach scrúile
d'imigh le Luther
is ná dearna an aithrí.



Ag so barántas
tugtha fám' láimhse
agus fám' shéala.
Chum breith ar bhráid
ar scuibile an smáil
is ar a chléireach.



An Ceangal.



Mo dhíth mo dheacair mo dhanaid is mo dhíth threorach,
'S an dís tug easmailt is masla don Rí glórmhar.
Críoch a leasa ní leanaid ná príomhchomhairle
Is tríd ní rachaid go Cathair na Tríonóide.



'S an dís do spalpas na leabhair go híogórach,
Do dheighil le Peadar is le teagasc na bhfíoreolach,
Le baois le bladar le masla 's le millteoireacht
Do dhíol a n-anam ar easna mhaith chaoirfheolach.


L. 200


Tar toinn dá dtagadh na fearachoin fíorchróga,
Sliocht Choinn is Chairbre 's a ndeacha' de dhroim bóchna,
Do bheadh sceimhle is scaipeadh is catha ar na fíorchóbaigh,
Leigheadh agus leathadh leagadh agus síorleonadh.



Guím is aitchim gach faraire fíreolach
Gach saoi gach sagart 's gach seabhac suilt sítheoilte,
An dís do chartadh do bhascadh 's do shíorscóladh
A gcinn do ghearradh 's a gceangal le righinchorda.



Contae Luimnigh etc. le Seon Bury .i. duine de
shaorbhreithiúin na contae reimhráite, is fear seasaimh agus
tagartha cúise bochtán agus daoine díthchairdeach go huile.



Whereas tháinig,
inniu im' láthair
gearán priaclach,
Ag Máire Moses
cailín córach
tá ar an dtaobh thiar dínn.



Do thug a cuntas
go dtáinig don dúiche
trí gach crostáil,
Conablach óglaigh,
gan pingin ina phócaí,
de mhuintir Dhuilleáin.



Tháinig ina lóistín,
lena lópaí
lán de phluda isteach.
Is mar bharr ar a chrostáil
do bhris a breallán
lena loirgne,



Gur ól an gleacaí
lán sé gcnaigín,
dá cuid beorach;
Luach naoi bpingine
sea chuir i ngloine dhó
den ré só lis.



Níor thug di airgead
ná séimhlabhartha
le díth eolais.
Ach gur gheall an reicneáil
do dhíol go hiomlán
i gcionn chóig lae.



Do chaith an chóirbhean,
tosaí a bróga.
ag dul dá ionsaí,
'Déanamh ardeolais
trí gach cóngar
clathacha is sconsaí,



Gan aon chuideachtain,
ná mar thubaiste air,
acht Dia na Glóire.
Do fuair sí an staraí
i lúib an gharraí
siar cois Móna.



Dá mhéid a tuirse,
do rinn a cuirsí
go fada íseal.
Is adúirt go banúil,
go gcaithfeadh a gheallúint
do chomhlíonadh.


L. 201


Do labhair an baothlach
go róreánach
is adúirt go raibh fuacht
air,
Is dá bhfaigheadh Éire
fós ná féadfadh
bheith in uachtar.



Dá bhfanfadh an chúileann,
go dtagadh an samhradh
is teas na gréine,
Is gan puinn amhrais,
go dtabharfadh ioncamas
in gach léim di.



Do bhí sé cráite
is dob fhada léi an cairde,
rug sí ar mhullach air,
Mar shíl sí sásamh
cuardaigh ghabháil uaidh,
nó roinnt sugartha.



Do strac sé a gúna,
a coc 's a húda,
a caidhp 's a colgaí;
Short cloak uaithne,
bhíodh ar a gualainn,
le haghaidh suirí.



Dá bhrí sin, a Phádraig,
is tú mo chonstábla,
is ná dein faillí.
Beir aithne mo lámha
leat gan chairde
is beir ar an ngleacaí.



Tabhair leat ceangailte é
Go lom daingean
nó ar bhun dúide.
Glaoigh ar Mháire
tá sí láidir
chum a choinnithe.



Nó má théann chum starráin,
é do bhoxáil,
mar is aithnid di.
Mura n-iompaí an séithleach,
go ró-éasca
is dul chum seide léi,



Is a dhá chruadhearnain,
do lomfháscadh,
faoina hioscada;
Í chur go hiomlán
ar a dhá slinnéan,
is a haghaidh in airde.
Is gabháil dá mhailléad,
thíos ar a másáin,
go teann láidir.



Ag seo barántas
tabhartha fém' láimh
is fám' shéala
An t-ochtú lá
den mhíosa Márta,
chum breith ar an smeirle.
Aois an Tiarna
naoi mbliana
míle is caogad,
Seacht gcéada
cuir 'na dhéidh sin,
go maidean an lae so.



Contae Luimnigh agus Chorcaí etc. le Seán Cundún .i. aon
d'aighneasóirí na héigse agus de ghiúistísí síochána na suadh
san gcontae réamhráite agus san Mhumhain go huile.


L. 202


De bhrí gur dhearbhaigh im' láthairse, an t-ochtú lá déag de
October, aois an Tiarna 1776, gur goideadh an cúigiú lá deág den
mhíosa chéanna, agus sin san am mharbh den oíche, uimhir géanna,
gona ngandal, mar aon le fíorphocán fíorálainn fíormhaiseach
gabhair ó Uilliam Ó hÁinnín .i. suaircfhear sona sítheolta, fliuch
fairsing fíorfháilteach, do chónaíos i mBaile Uí Bhuadáin san
gcontae chéanna; agus cé mór do shiúil dá lorg agus dá
síorchuardach ní bhfuair a dtásc ná a dtuairisc, fios fáithe ná
faisnéis, cá cuan ná cumar, coill ná currach, inar gabhadh leo; ná
fós cia an foghlaí fuilteach fíorbhradach, nó an gadaí gruama
gráiniúil tug sí santach sár-nimhneach ar an eallach sin, nó go
ráinig don Ráth go teach Sheáin Uí Cheallaigh, agus gur gheall
sé dhó a lorg agus a léirchuardach, agus go raibh amhras aige féin
gurab tré Ard Phádraig, soir chum Bhaile an Ghriana do rugadh
iad; agus gurab é Pilib do Búrc, Séamas Ó Conchúir etc., do
sciob nó d'fhuadaigh iad; agus go gcuirfeadh sé barántas
cuardaithe ina ndiaidh, agus gan de shlí ná de réasún aige leis
sin acht d'fhonn an duine macánta do chur ar dearmad, ó
do chonairc ar an lorg ceart nó ar an rian díreach é, agus mar is
insa Ráth do críochnaíodh iad; agus fós do dhearbhaigh an
faisnéisí so gurab é croiceann an phocáin is díon cinn agus tóna
do Sheán Ó Ceallaigh, fá mar atá, an croiceann ar a thóin, agus
an guaireach ar a cheann aige.



Ar an ábhar san fuagraim agus ordaím ar a bpriacail do gach
ardrialtóir agus ardchonstábla san gcontae so, agus go bithchinnte
agus go speisialta do Thomás de Búrc, agus do gach aon eile dá
lucht cabhartha agus dá ndeisceabail, gan buaireamh ná trioblóid,
scanradh ná eagla, do chur ar na huaisle ainmnithe thuas, mar atá
Pilib do Búrc, Séamas Ó Conchúir, Mártaín Ó Brian, Seán
Míodhach, Dáibhí Ó Laocha, Seán Laoi, Uilliam Ó hEichiarainn,
Seán Ó Ruairc, Uilliam Paor, Pilib Ó Cearna, Aindrias Ó
Dálaigh, Toirdhealbhach Ó Briain, Seán Robertson, agus Éamann
de Norraidh etc., ná ar cheachtar díobh, agus má gabhthar nó má
cuirthear ar láimh iad ná aon acu, léigthear chum siúil gan mhoill
ar a n-aonta agus ar a dtoil féin iad, gan aithis ná náire do
thabhairt dóibh; agus an fánaí foghlach seo, Seán Ó Ceallaigh
agus gach aon dá chomhluadar mar atá Seán de Faoit .i. an fear
braite do bhí ina fhochair etc., do cheangal agus do
chruachuibhreach agus a dtabhairt dom' láthairse go gcuirfead
mittimus go Caiseal riú, i láthair an ardbhreithimh agus an
chirt agus go gcuirthear i mbraighdeanas iad go dian daingean
dofhuascailte go roinntear leo mar ordaíonn an dlí. Ag so bhur
n-údarás chum bhur n-orduithe a chur i gcrích:




Whereas táinig,
inniu im' láthair,
is tug na móide,
Saorfhear sásta,
gléghas grámhar,
cliste ceolmhar:
Gur duine ón Ráth
do shín ina dháil
is do rinn dóigh dhe,
Do chuir 'na sháinrith,
anois chum fáin é,
ar lorg an eolais.



Táinig an scaoinse
i meán na hoíche
mar aon le stócach
Is do ghoid gach ní
dá dtarla roímhe,
agus tug a ród air.
Do ghoid ón mnaoi
go fiú na huibhe
do bhí ina cófra.
'S an chráin chríonna
do bheireadh dhá líne
agus do thógadh.


L. 203


'S do chuir an gandal
chuige ina dteannta,
go róthreorach.
Is pocán gabhair
ba mhaith an chabhair,
bruite nó rósta;
Do dhéanfadh easna de
béile sagairt
ar bhaiste nó ar phósadh;
Cé chaill a chadairne
do níodh sé acara
i measc na gcomharsan.



Gur rith Seán
aniar ón Ráth
's go dtug fogha air.
'S gur chuir na cránta,
chuige 'na mhála,
i bhfochair an ghandail.



Tá croiceann an phocáin,
ar a ghiodán,
fós mar bhríste.
Tá a ghuaireach,
ar a chluasa,
ag déanamh dín dóibh.



Seán de Faoit,
do dháil 'na shlí,
's do rinn treoir dó.
I lár na hoíche
táinig dá choimhdeacht
ag braith na comharsan.



Dá bhrí sin ordaím,
do gach treoraí,
ar feadh na dúiche.
An dís seo 'leanamhain
is a dtabhairt ceangailte,
chun na cúirte.



Ná glacaíg bannaí
ná fós tacaíocht
ó aon den chóip so,
Ach cuiríg an siolán
go rófholláin
fána scornain.



Ag seo sárchead
do Sheán Dáirbí
go foirlíonta,
Le ceart óm' láimhse
chum breith do láthair
ar an dís seo,



'S a dtabhairt go Caiseal
chúghainn go tapa
go gcaithfid géilleadh,
Is teacht fá bhrataigh
chúirte an reachta
's na fíoréigse.



Dá bhfaigheadh sibh báille
ná constábla
i mBaile an Ghriana,
Más ón Ráth é
cuirtear ar láimh
is tugtar pian dó.



Seo supersedeas
daoibh faoi shéala
agus sin le fórsa
Chun gan géilleadh,
thabhairt don meirleach,
ná dá chumhachta.



An Ceangal.



Bhur gcumhachta is maol, a chléirigh, stadaíg de bhur mbaois;
Bhur dtreoir tá baoth chum géilleadh measaim do bhur ndlí;
Beidh tóir 'nbhur ndéidh chun téacht go Caiseal na Rí,
Chum cló na nGael do léamh is do scanadh go fíor.



Toirbhearta fám' láimh an t-ochtú lá déag
do October 1776. Seán Cundún.



Ní séantar linn tréithe Uí Áinnín suairc,
Ina léirscrios in éineacht mar áirmhíd suag',


L. 204


A mhéithphoc le faolchoin mar ardaíodh uaidh,
Mar aon is a ghéanna le Ránaí Rua.



Is géire linn Séarlas ar fánaíocht uainn,
Is daorphoc an éithigh ina ardrí mhuar,
Dá dtéarnadh ár gCaesar le gardaí crua,
Do bheadh meirligh i ngéibhinn 's an dáimh ghrinn suas.



Ó traochadh ár nglébhile dob fhearr faoi dhuais,
'S gur faonlag an éigse gan gnáithchíos uaidh,
Faosaigh ar Ghaeil bhocht' 'Ardrí is 'Uain
Is saor feasta an Réx ceart ón Ránaí Ruadh.



Foircheann.



Contae Chorcaí le Seán Mac Dónaill, ris a ráitear Seán Clárach,
ardbhreitheamh go bhfreasabhra san gcontae céanna maille re
Justitiaris Titularis atá faoi mhoghsaine ag Gallaibh:




Whereas this day
a great complaint
is come before me,
By our friend Diarmaid
an file aniar,
ó bhun Leacaí.
That Seán Gallda
millteoir mealltach
de shíol na Seoirsí,
Ba mhinic i dteannta
trína chuid gealltaí
's a shiúl póirsí.



Most felonious,
and erroneous,
contemptor juris,
Do ghoid an fleascach
iubhrach leastair
do bhí gcumhdach
Ag Nelly
insa bhfeircín,
i gcomhair an chuntais.



Do ghoid ó Dhiarmaid,
morán iarmhais',
as a chúiltigh:
Tua agus tál
agus tráthar sásta
agus gúiste.
Píce milleog
agus durnóg
agus siúiste.
Gimléad caol,
ba mhaith ag saoraibh
ag cur funsa.
Beart ba mhistide é,
do ghoid sé a phinnéar
ó Chonchúbhar.



All these are breaches,
contra legem,
against His Majesty,
And his law teaches
not to disturb the peace
of ordinasti.


L. 205


Therefore these are
close and severe
to alarm the country round,
Go mbeirthear i dteannta,
ar Sheán Gallda
is a thabhairt im' láthair:



To apprehend an cladhaire,
's a thabhairt ar adhastar,
chum na cúirte,
Go dtuga sé aighneas,
créad an fheidhm
tug é don dúiche.



Ag seo a thuairisc
dá lucht cuarda
bheith 'na dheáidh sin:



Fear caolghuailleach,
creatbhuí guaireach,
agus é gúngach.
Tá gruag bheag thanaí
ar thaobh a leathchinn,
agus í dubhchas.
Atá dhá fhaithine
ar a leacannaibh
fána shúilibh.
Sé is aoirde
don chaolstraoille
san trí chúibit.



Measaim gur caogad
bliain is aos dó
nó os a chionn san.



Ag so mandamus
chum gach báille
bheith ar a phionsa,
Chum rith an ráis
do bheith 'na dheáidh
dá dtíodh chúchu.
'Sé deir Diarmaid
gur don iarthar,
do rith sé a chúrsa,
Go dtug sé iarracht
ar dhul go Fianait,
nó go Daingean Uí Chúise.



Is deacair nó béarfar
má leantar go dian air;
ní bhfuil siúl ann.
Mar atá an tiarpa
ar a thiaraigh
agus an uirlis.
Fail not
upon the spot
for to secure him,
For this is your warrant
upon my hand
for so doing it.



Ag so go sonrách chum gach fir ghrádhaigh den aicme amhránaigh darab
mian na suanóga síoraí do leanamhain, agus go bithchinnte chum gach
n-aon darab caraid Diarmaid Uasal Ó Conaill .i. cantaire
ceolbhinn Oirirí agus na Coille Móire agus reachtaire Átha an
Speidéil; agus mar an gcéanna beannacht uaim chum na droinge sin.



Toirbheartha faoim' láimh,
Seán Clárach Mac Dónaill.



Contae Chorcaí le Donnchadh Gógán .i. aon do bhreithiúnaibh na
héigse agus d'uaislibh na síochána san gcontae réimhráite.


L. 206


Whereas this day do réir réim chirt an chalandair,
I received information le héifeacht go dearfa,
The warrant I gave, much le faobhar chum an fhairceallaigh,
He's got a supersedeas le means chum é sheachaint air.



An cladhaire bocht éithigh, tabharfaidh féin díol 'na labhartha,
Beidh an tréatéar dá dhaoradh ar meas éigse is flatha suilt,
Conspirator and traitor, fear claon uile 'na bheartaibh sin,
His title I'll break, scagaim é as mo leabharaibh.



It was with great cause lena ndearna oiread bagartha
In accusing an cneáire le háiteamh is dearfacht;
Bhí an saighdiúir neamhshásta i dtaobh aon lámh bheith im'
bhearta-sa,
I'll wallop and draw him; bainfead sásamh dá leathrach.



To all bums and bailiffs ó Bhéarra don Mhainistir,
Constables, gaolers, is gach éinne dhen aicme sin,
Let none take his orders barántas ná atharach,
Atá a theideal ar lár óm' láimhse gan dearmad.



Perplexion, vexation, le faobhar is le mallaitheacht,
Objection, much hatred, gach n-aon leis go dtagaraidh,
John soldier I mean, sceimhle léir agus deacair air,
His nose I will break, ach go ndéanfad leis teangabháilt.



Seán Saighdiúir ag Umhlú do
Dhonnchadh Gógán mar leanas:



I humbly beg pardon, ná trácht a thuilleadh im' bhearta-sa.
I acknowledge my fault, cé gur nár é le n-aithris;
I attempted the cause, ní rabhas dána ná blasta i nguth,
Mr. Gogin's my master chum dánta a chur snasta i gcruth.



I give him the garland gan ráfla chum seanchais,
From the sentence of Adam, go práinnbhroid na Baibealean
His knowledge and saws, bead dá n-áireamh gan dearmad.
With honour go brách bead ag trácht ort an fhaid do mhairfeadsa.


L. 207


By as for my part idir dhánta agus reacaireacht,
I pitch to cloth go brách faid do mhairfeadsa,
I'll have no act or part, i ndántaibh ná reacaireacht,
I'll live like a palmer, bead sásta ach go maithfir dom.



County of the city of Cork by Sir M'lsheachlainn stuacach Ó
Síocháin who was a right member of His Majesty's Parliament re
linn Oliver Cromwell do bheith ina Lord Protector ar Éirinn:



To all high and petty constables of the same or either of them and
their assistants and especially to all clothiers weavers founders,
glaziers, tinkers, braziers, and travellers; smiths and serjeants,
masons, merchants, butchers, barbers, and mariners; agus fós úcairí,
fíodóirí, táilliúirí tuatha, agus lucht simnéithe a ghlanadh,
coibléirí, saidléirí, agus ringleaders, gráséirí muc, foghléirí
cnoic, agus casbhréagairí, filí bata, foghlaithe bailte, agus
lagphíobairí etc.




Whereas this day
le comhairle an tsíofré
go dtáinig chúghamsa
Gearán géar
do bhí róthréan
ar measc mo chúirte.
By one Neville
a poor shepherd
gan puinn clúdaigh.
Upon my credit
ba gheall re geilt é
ag teacht dom' dhúiseacht.
Do thug sé móide,
gan puinn fórsa,
le neart dúthracht,
Go raibh a chomharsa
ag déanamh dóigh air
measc a dhúiche.
Adúirt gan cheileatram
go raibh sé teiligthe
muna scríbhfinn a chúis dó,
Is ordú néata
a chur faoim' shéala
ar an execution.



Ag seo an t-ordú
do réir a mhóidiú,
i láthair cúirte.
Go dtáinig fualán,
do mhuintir Ruatháin,
gan puinn cúise,
Timpeall an tí aige,
lár na hoíche,
's a dhoras dúnta.
Gur tharraing sé claíomh air,
is péire píostal
chum a rúscadh.
Most felonious,
erroneous,
conditio juris.
Gur ghoid an fualán,
muc ar theadán,
fá mar dúrt libh.
He vowed and swore
he'd hang the rogue
ar lár a dhúiche.
And have the traitor
castrated
gan acht cúirte.


L. 208


And forthwith
whilst he had breath,
cnámh ná lúthach,
Go leanfadh an fualán,
trí chnoic is cnocáin,
is barr na dtonnta.
With strength and force,
he'd bind him close,
de smután giúise,
And whip the traitor
through the nation
le slat nó sciúirse.
Anois ordaím
is gan bhréig móidím,
le neart dúthracht,
Do Mhac Uí Ruatháin
ó Bhaile an tSuasáin,
i bParóiste an Rumpa,
Muna gcuire an fualán
a mhuc chun Labhráis,
is teacht dá tionlach,
Go mbeidh a phíobán,
ceangailte ar théadán,
ar measc mo chúirte.
All which are breaches,
through the nation,
ar feadh na dúiche.
I vow and swear
he must be seized
le hordú cúirte.
Don't think I joke
to please the rogue
ar measc na n-údar.
For I have the traitor's
information,
chum breith ar chúl air.
Therefore these are
in ainm chinéil chalma
chuirtéil chúirte.
Ar gclos an ghearáin,
leanaíg an breallán,
sáraíg gach casán cúng air.
Cuardaíg caoltach
coillte is sléibhte
ar feadh na dúiche.
Ná fágaíg maolchnoc
ó Uíbh Laoghaire
go Baile an Dúra.
Through hills and dales
fields and plains
is gleannta cumhra.
Dens and caves
streets and lanes
is fós gach cúinne.
Through woods and groves
I now implore
gur gnáthach iontu é.
Mind his name
and secure the knave,
before the jury.
Is deacair é chloife,
tá sé oilte
ar gach cúrsa
Ní cás é athaint,
atá sé ainnis
do chríon a lúthach.
Níl sé láidir
do réir na sáitheach,
do théann 'na bhrúid
bhocht.
Glacaíg misneach
cuiríg an sionnach
ceangailte chúghamsa.
When you take,
the treacherous knave,
ceangal a lúthach.
And bring him thither,
to be sentenced,
i láthair cúirte.
If ever he's brought
into the bar
before the jury
This shall be your warrant
under my hand
for so doing.


L. 209


Ardrigh beithadich an domhain agus fós an Alba g .... g
agus ... biomhadh morgalach ard bhreidnach ar mionmhu .. na Catha
Crua ... ar na macairaoí féiruanta a tabhairt na sgaithaibh
sgeinbhuire sg .. baca dea ceile ní molacht bochtán ná locht bathán
na Crathán na l ... mi .. pa na locht subhail na slí na bainntrocha
na díolthacht .... beiceilaoi do cuirim na dhiag óir is mo is
eadrain lín iad acht ... et dónach na baoíne is truime et is
móirtille do thitim órthu mar atá Nora chrabtheach charthanach
Ni Ríordáin agus Anna mhilisbhrthrach Bhranthach
agus Pattraigh séimhraiteach Ó Lathlour agus Cian ceannsa Ó
Mathúna agus Seamus Ó Cochláinn da nghármaid Fadsole agus
Ellén Hitchcock an tsnoisín Dáibhí Coll agus a bhuiull dá
shamhuill i dtua ... na sa gcathair san dúthig dearabhas na
fuisnéisaoí céanna gur gheall fear Creduineach don dúthaigh lua
croinneach do capio do acht gan .... do thabhairt a gceist na cuim
lárthaigh agus ní feasach dom féin ... an Chroinn sin sa nOrip na
fos san doman eile do cheanóch ná ... thúrfeach cum baile e acht
a cróing ríoga roréimeach an grand ... agus ar an amhar sin ag so
úr bharántus etc.



Arna sgriobail le Domnall Ua Briain ... 7th one thousand ...



Whereas aréir
gan fhios don tsaol
gur éalaigh faoi gharraithe
Cailleach bhog bhaoth
chois leas na arléibhe
le saobhghean radaireacht.



'S do bheir na comharsain
brí na móide
gurab é Tomás ...


L. 210


Whereas aréir
le fuinneamh is faobhar
tháinig im' láthair
Fear bheatha na naomh
's a thabhairt gan bhréig
do dhearbhadh an bhaile ...


L. 238


Aitchim ar dhaoine do bheadh cnaoidhte a sheachaint 's a shéanadh;
Ní tuar leighis dóibh guaisce adharcach atá ró-éadmhar;
Bíonn 'na ghealtán ar fuaid bothán gan fód chéille
Ag reic 's ag maoidheamh gach leighis le luibheanna 's sin le tréimhse.



Is follas fa chion an folaire guir 's an gliogaire gréisceach
Idir thuathadhaibh do ghaibh bualtaidhe de dhruim a cheirde;
An tan tigeann go tír nár léir do roimhe sin bíonn gan séanadh
A ghliostaire tóna aige mar chomhartha dá lucht glaoidhte Rua.



Le feirg gan uamhain
rachad a buaile
sealadh óm' chairde,
A ghlacfadh gach buaireamh,
thagas i mo ghruanna
ag scaipeadh mo bhláithibh.
Ann tan chasfad le fuaimint
ní stadfad de chuardach
ceartInis Fáilbhe,
Baile agus tuatha
is fearannaibh Tuamhan
go gcasfar an bhrá liom.



Seo feasta a thuairisc
go dearbh mar fuaireas,
ní chanfad aon ráfla


L. 239


Gach faraire grinn
Ó Chaladh go Bríd,
aitchim le fáidhghuth:
Barraigh 's a síol,
Breatnaigh 's a líon
Stacaigh 's a mbuíon is Cárthaigh.
An bradaire buí
má thagann 'nbhur líon
a cheangal le tácla.
Is earra ná aíocht,
ná glacaíg mar dhíol
ach stathaíg é is cáiblíg.



Chuim Dáibhí Dhuibh Uí Fhloinn,
cois Gleanna Leataoibh,
faireadh an t-áth air.
Chuim F'réastach an ghrinn
i gCarraig an Fhíona
faireadh an t-áth air.
Chuim clan chirt an Rí
i mbaile chois Laoi,
faireadh gach aird air.
'S an smaga so ríomhaim,
má thagann 'nbhur slí
lena dhrannadh bíg páirteach.



Gach bealach sa tír
is crosa gach slí
bíodh feasta ar an bhfásach.
'S a' taisteal na hoíche
an raga bíodh sceimhleach;
teannaíg i dtráth leis.



Go hosnaitheach guím,
má thagann 'nbhur líon
é tharraingt im' dháilse.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services