Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eólas ar an Domhan
Title
Eólas ar an Domhan
Author(s)
Ó Neachtain, Tadhg,
Compiler/Editor
Ní Chléirigh , Meadhbh
Composition Date
1725
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1944)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
(AN DOMHAN) (1 AN EURÓIP) 'Athair ionmhuin, a ndeir tú liom gurab mó don domhan talmhuídhe atá faoi ain-Chríostuighthibh nó fo Chríostuighthibh? Is mó, go deimhin, óir fad na hEuróipe, .i. an rann Chríostamhuil, 3420 míle Iotáileach (do réir mheasta), agus leithead 2220; agus is ó Európ inghean Agenor, rígh Phaenicia goirthear Euróip dí. Cionnas atá sí rannta? 'Na hocht gcodchuibh: .i. Scandinavia, ionna bhfuil Dubh- agus Fionn-Lochlonn, agus Sualand; 2 Muscovia; 3 Poland; 4 an Ghearmáinn; 5 an Fhraincg; 6 an Spáinn; 7 an Iottáille; 8 Turceadh san Euróip; gan trácht ar oileánuibh. Cionnas stiúirighthear an Euróip? Fé dhá impir, seacht ríoghuibh, sé dhiúice (gan trácht ar Loraéin agus diúicighthibh na hImpireachta), seacht bpuiblightheacht, gan trácht ar S. Mairíno san Iodáille, agus tuille oile is táire ná íad-san. Créad na himprídh? Gearmáin agus Muscovi. Créad íad na ríoghuibh?
Sasana, 'n Fhraincg, an Spáinn, Portingal, Lochlonn, Sualann, agus Poland, gan labhairt ar Phrusia (cóigeadh do Pholand dá ndeárna an t-Impir Leopoldus rígh san bhliadhuin 1700). Créad íad na puiblightheacht? Hollond, Suisearland, Veních, Genoa, Rogusa, Luca, agus Geneva a gcríoch Savoi. Créad íad na diúicighthibh? Tuscáin, Savoi, Moidena, Mantua, Parma, Courland. (ÉIRE). Tosuigh liom agus aris dhamh fad agus leithead an oileáin arsuigh so ionnar rugadh sinn, .i. Éirinn. Atá suighte idir an 10 agus an 13 c. don fhaide, agus idir an 50 c. 30 m. agus an 55 c. 50 min. don tuath-leithne. Timchioll 330 míle Iodáilleach a fad, agus 130 a leithead. Cad é an ghné tíre í? Tír thíorramhuil, thorramhuil a bhfheóil, a n-íasg agus a ttorthuibh oile í, ionna bhfhuil sléibhtibh ard-bheannach féur-uaidhne, fo bhleacht gach gné allfhuidh agus airnéisidh, gleinibh bhláth-churrtha ghlas-bhille throm-mheasach, do réir an fhile:
"Gleann na n-iubhar cas craobhach, gleann bhraonach is mín loilgheach, gleann iol-dhathach reultach ghríanach, gleann níamhach phéarlach phongach. "Gleann cúachach smaolach lonnach: beathach an fhoirís do gach sionnach; gleann chreamhach bhilrach mhongach seamrach sgothach barrchas duilleach.
An bhfhuil tír choram a nÉirinn? Tá, go dimhin, faoi órna, chruinneachta, etc. Cá fad atá sí áitighthe? Ó aimsir an Phatriarc Ábraam, agus sin ré droing chródha cheart ghrádhach dhílis dhíadha, ionnus go raibhe tuille agus dá mhíle bliadhain 'na murrach. Bhí sí díadha, deir tú? An í oileán na naomh! Do bhí, mar as follus do Bhéd naomhtha adeir gurab é Naomh-Cholmán agus a chuideachta do theagasg Tuath-Shasana, Furseus do theagasg an taobh shoir, agus Aodhán naomhtha, atá fo mheas mór ag Sasanuibh aniu.
Féach, is Éirionnuidh .i. Clement agus Eóin, na manuidh, do thionsguin an mhór-choláiste thásgamhuil Phairis na Fraingce agus Phadua. Is Éirionnchuibh do thionnsguin coláistibh Oxfoirt, Landesfearn, Malmsburi a Sasana - Herbipolis, Cuillen, Seugallensis agas Fulga sa Ghermáinn - Bovium san Iottáille; agus do bhí an aois óg ag tríall go hÉirinn ó gach árd, go roibhe 'na ghnáth-fhocal (dá leigeach duine é féin ar fhoghluim): "Chuaidh an fear úd go hÉirinn d'fhagháil barr foghluma." Agus adeir Naomh Adelm chum an Rígh Eilfred, gur samhuilt reultuibh ar líonmhuireacht aos foghluma na hÉireann, agus go raibheadair 'na lóchrainn dhealracha ar gnáth-lasa ag teagasg eagna don Euróip uile chum a gclú síorruidhe, ag gnáththroid an tsaoghuil, an diabhail, is na colna, agus gach uile eiriceacht do shíolruidh uatha, mar as follus as co liacht mairtíreach tug fuil a gcroidhe ar son Dé, tríath-mhíle 'thréig a dhútha agus 'fhionachas ar son Dé, agus d'fhuilinn inghreama, boichteacht, anrótha agus bás fá dheóigh ar son Dé. Aniu féin cá boichteacht mar a mboichteacht? Adeir Bernard naomhtha: mar ruath-thuile gur bhrúcht saithibh naomhtha a Éirinn ar feadh na cruinne, agus gurb é Columbanus do thóige mainistir Luxovium san bhFraingc. Adeir Énrigh Antisiodrensis, "Cia riachtanas labhairt ar Éirinn? Táinic chuguinn na slóghtuibh
fallsúnuibh, ré teagasg an ain-bhfhiosaidh ag fulang díbirt thoileamhuil." Adeir Joselinus nach raibhe slíabh ná fásach ná gleann ná cúinge san oileán gan a bheith líonta do mhanaibh agus do mhná riaghalta, ionnus gur ceart ar feadh na cruinne Oileán na Naoimh bheith mar ainim uirre. Adeir an t-ab naomhtha Teodorus: "Mar sháruidh feabhas a fuinn an chruinne, do sháruidh naomhthacht dísleacht agus simpligheacht a naoimh." Adeir Gaufridus: "Is oiléan naomh-thorramhuil Éirinn, beagnach coidh líonmhar ré reuluibh neimhe." Adeir Scotus: "Is líonta Éirinn ré naoimh, daoine roidh-ionghantacha." Adeir Jonas Aba gur sháruidh Éire a ndísleacht chreideamh a coimh-chríochuibh. Baronius: "Atá Éire seasmhach dílis a gcreideamh." D. Santars: "Is fearr na Catoilicibh go mór fuireann na críoche úd ná iomad tíorruíbh oile." Flodoardus: "Do sháruigh Éire a gcreideamh iomad críochuibh comhfhogus." Féach, a mhic mo chléibh: is é Colum Naomhtha na Cille agus a dhá fhear dheug compánach tug creideamh do Albuin; Columbanus is a 12 fhear compánach naomhtha ag teagasg san bhfhraingc; Naomh Clement is a dhá fhear dhéag compánach ag teagasg san Gheármáin; Naomh Baothán a
n-Iland; Naomh-Cheilén a bhfhrangconia; Naomh Searbhán isna hOrcads; Naomh Brandán 'n-Oileánuibh an Fhortúin; Naomh Aodháin a Nortumberland; Naomh Finneán a Marcia, a Sasana; Naomh Albán a Loiréin; Naomh-Ghalamh a Suisearland; Naomh Virghil a gCoirintia; Naomh Cathol a tTorentum; etc. Ná déan ionghantas de so, a Thaidhg, óir aniu féin is folus gur Éirionnach do shíol mBruin príomh-oide foghluma do 1100 a gcathair Chaen a mBriotáin na Fraingce. Fo do choimeirge dhamh, a athair ionmhuin, is mór solus tug tú dhamh ar fuireann na hÉireann. A mhic, a mhíle urdeal oile bhéaruinn dhuit, muna mbeith gurab roi-liosta é. Níor liosta liom-sa bheith ag éisteacht ré do fhuighle ag mola mo thíre, agus a athair chátuidh, cionnas atá Éire suighte? Albuin don taobh thuath, Sasana don taobh shoir, an Fhraingc agus an Spáinn don taobh theas-shiar, agus an Mhuir Mhór don taobh shíar, óir is í fuinne na cruinne don taobh shíar. Cionnas atá sí rannta? 'Na ceithre cóigibh, .i. Cóigeadh Chonnachta, Cóigeadh Ula, Cóigeadh Laighean, agus Cóigeadh Mumhan, ionna bhfhuil 31 chontaedhibh. Abair a n-anamaibh, a bhfhad, a leithead, agus a ríogh-phuirt, agus a dtús fad agas leithead:
Ag sin go hachuimir do aisge dhuit, do réir cronuic Gall, contaethibh chóigidhibh Éireann. Go deimhin, is mór an sásughadh tugais dhamh. Anois innis cia riaghaluigheas Éire? Rígh Sasana; ó ghabháltas Gall san bhliadhuin 1172, ann aimsir an 2 Éinrigh, Rígh Sasana. Créad as creideamh a nÉirinn? Ó theacht Naomh Pádruic innte, san bhliadhuin 435, bu Cotoilicibh dílis íad go beith do Sheórsa Brún (a Lunduin) ré hordughadh na Saxon 'na áird-easbog a nÁtha Clíath; agus gí gur bhráthair do Ord San Augustin é, is ris do tosuightheibh eiriceacht, ag leagan pitiúiribh agus íomháighthibh as Eagluisibh na críche agus na cathrach san bhlíadhuin 1551. Ó tháinic sé go hÉirin bhí creideamh gach aon do Ghalluibh do réir a ttoil féin. Gidh eagh, na Gaoidhil bhocht, atá a n-urmhór (faoi ain-ghreama ábhal-mhór, 'na sclábhuibh d'éis a gcuid don tsaoghul do challeamh) 'na gCatoilicibh. Cá líon áird-easbuig agus easbuig a nÉirinn? Dhá aird-easboguibh, ré hordughadh Phádruic Naomhtha agus eagluisi na críche, go forneart Gall san bhlíadhuin 1152; agus an sin, tré cheilg Gall, do mheas, dá mbeith tobha uachtaráin Eagluis ag an dá aird-easbog thuas, go raibhe a ríoghachta
féin caillte - uime sin, do bhrígh gurbh íad bu treisi lámh, fuaireadair ón bPápa ceathra phailia, a haon do Átha Cliath, a haon do Thuaim, a haon do Chaisiol, agus a háon do Ard Mhacha (agus Ard Mhacha, do réir an bhulla, in primatem super alios D. kean), agus 30 easbuig ré hórdughadh 3 Eugenius, Pápa. Cá líon coláistidh a nÉirinn? A haon a nÁtha Cliath, do-roinne do Mhainistir na Naomh, ré ordughadh Bhainríghan Isebéala, agus goirthear anois Coláiste na Tríonóide dhi. Gidh eagh, a n-aimsir Chatoiliceacht' ní raibhe Éire uile acht 'na haon-choláiste eagna agus foghluma, mar atá shúas; agus do mhair amhluigh go teacht Lochlonn san gcríoch; óir ní hionann agus críochuibh oile na hEuróipe agus na cruinne, níor mille reacht, bés, ná teanga na nGaoidhil. Agus is furas so do thuigsin, óir an tan bhúidhigheas namhaid a gcrích, milltear teanga na sean-fhóirne riú, agus coingíd síos í, ionnus go mbáthuid a ndearmod í. Níor deárna so a nÉirinn, óir níor bhúighidh namhuid innte ó theacht Gaodhuil go teacht Lochlonn, agus an teanga sin bhí ar ttús acu is cosmhuil nach léigeadh a ndearmod í. Agus tuille oile, na leabhra do sgríobha roimhe teacht Lochlonn, atáid féin, nó na mic-leabhair do scríobha asta, ar marthuinn aniu. Agus farais sin, cia clógh is breaghadh áidhle ná clógh na Gaodhuldha?
Agus adeir an t-ilbhéarlach Mac Líath, réar scríobha foclóir Gaodhuldha a Lunduin, 1707, agus do choimheas í ré teanguibh seanda an domhuin do réir an chroinn fhíge is luaghadh bhláthas agus is luagha a miltear ris an tsioc gur mar sin do éirghe do Ghréaguibh, Persianibh, Lainneonuibh, etc., óir gach fóirne réar claoidhe a gcríochuibh do mille a tteanguibh; agus adeir an Mac Liath céadna go bhfhuil an Ghaodhulag codh-ársuidh, nó níos artharsuidh nó an Ghréigis, do bhríogh gurab ón Scítia táinig Gaodhul réar cuire an teanga a n-eagair, agus gur atharsuidh Celtic na Scítia nó an Ghréigis do réir admhála na cruinne. Ag so mar adeir: Scytarum gens semper antiquissima: uaisle Scitia do ghnáth is atharsuidhe. Do léagh mé an Phaidir a cCeltic agus a nGaodhulach agus is beag idir-dhealbhadh ettorra; agus adeir Uathne Feadhmonn, Beacáire Generálta Galleagluis Éireann a gContaé na Midhe san bhliadhuin 1723, gur chodhshamhuil féin an teanga Ghaodhuldha ré seachtmhodh teanguibh oile agus go raibhe iomad focail coimhionann ionnta. Uime sin is cosmhuil, ós í an Ghaodhulg an teanga is atharsuidh, go bhfuaireadair airleagtha focail ón nGaodhulg; agus adeir Doctúir Céitinn (agá raibhe an teanga Ghaodhuldha, agus do sgrúd Gaodhuil-ughdair)
gur aisg Francuibh ar Gaoidhil cuid dá n-aois fóghluma do chur chugtha ré teagasg reacht agus dlighe dóibh féin. Do-roinne sin ré Gaoidhil, agus ós sin a leith do fhan focail Ghaodhuldha ag fuireann na Fraingce; agus teasbeánuid do Ghaoidhil, de chuimhne na (maitheasa) sin, meas urruim agus grádh: is follus so ó líadhacht cuim agus fóghluim, gan chostus, gheibh clanna Gaodhul uatha. Mo-nuar anois ní bhfhuil aon do uaislibh Gaoidhil-fhine nach bhfhuil ag séana a tteanguibh, ag reic a n-ainimionna agus mórdháil an Ghaodhuil Ghlais agus fhine an Mhíle úd do thríall chuguinn ón Spáinn faoi mhóir-scleó cródhacht', filídheacht', agus foghluim. Agus ar bhfhás dóibh bhí meas ar an nGaodhulg, 'bhus agus thall, agus is gach ball, mar theanga thíorramhuil líomhtha líonmhar bhríoghmhar ghrinn ghasta bhlasta bhinn, agus sin ré míltibh bliadhuin. Gur thóig Dubh-Ghaill ceann níor deárna malruid uirre ré file, bárd, aos dán, léigh, draoi druithni, seanchaoi eadluighean, breitheamh, sagart, ró-fhlaith, ná ríogh; óir is í do labhair Pádruic Naomhtha agus a dhisciobail a' síoladh an tsoiscéil a nInis Fáil na Ríogh. As í labhair Colum Naomhtha na Cille ag teagasg fuirinn na hAlbonn; agus as í anallód teanga dhílis oidighthibh foghlumadh íarshair Eórpa.
As so uile is inmheasta go roibhe sí fo mheas mhór ag an rígh mar áon ris an sclábhuidh; agus anois do réir an bhile as airde di, tráth ghearrthar fo a bhun é, is uaithmhíalta troime a leagan go mór nó an rosán bheag bhíos láimh ris a' ttalamh. Do éirghe an riocht céadna do uaisle Gaoidhil co maith rena tteangan. Agus mar ba híad an cine Iúdaighe clann Dé agus a mhuinntir féin, níor thocht leó, gur tuga leaga an-mhór dhóibh nár tuga do dhrong ar bhioth oile acht dona Gaodhuil amháin - as so is furas a thoigsin nach bhfhuil san nEórpa (drong ...) is ba hionnsa le Día ná na Gaoidhil, agus go bhfhuil fós an grádh céadna aige dóibh tré nár thoiligh a gcreideamh do bhátha amhuil mar do-rinigh risan gcine Iúdaighe. Óir d'imigh a gcreideamh agus a ndúthchas uatha, agus gí gur imigh a ndúthchas ó chlanna Gaodhuil, tá a gcreideamh ar marthuinn acu. Is dearbha so grádh Dé 'bheith dá gcabhrughadh, dá ndíodion agus dá gcumhdach nísa mhó ná cineadhuibh oile. Uime so is féidir a rádh riú gurab íad puball todhbha Dé íad. Agus is beag é grádh an athar ar an tslat ré ngreadann tóin an naoighin, óir tealge san tine fá dheóigh é; agas Día mór na Glóire, do-dhéanamh sin risan tslat bhorb so atá ris na cíantaibh bliadhuin ag greada Gaoidhil.
Agus go bhfhaiceam Teamhair na Ríogh gan alt ríabhach bhodach bhoicht ag gearra goirt ar a druim, agus clanna ríogh agus ro-flathuibh Gaodhuil san mbith gcéadna do bhí a sinsear. Agus go seasuid go sin an teist do-bhir Maighistir Good orra, ag rádh, agus é ag seóla scoile a Luimneach san bhliadhuin 1566: Gens haec corpore valida & inprimis agilis, animo forti & elato, ingenio acri bellicoso, vitae prodiga, laboris, frigoris, et inediae patiens, hospitibus perbenigna, amore constans, inimicis implacabilis, credulitate levis, gloriae avida, contumeliae et injuriae impatiens - "Ceine atá láidir a gcorp agus lúthmhar, agá mbí inntinn fhortuil, ard-inntleachtach géur cogamhuil, neamh-choigiollach a mbeatha, fulang a saothar, a bhfhuachta, agus a n-ocras, roidh-cheannsuighthe ré haoidhchibh, buan-seasmhach a ngrádh, do-shásuighthe a bhfhaltanas, so-chreidmheach, fonnmhar a gclú d'fhághail, neamh-fhoídeach ar mhasla nó ar éagcóir d'fhulann. Agus arís, a Dhía Mhóir na Glóire, goir abhaile chum dúthchais a sinnsir do chlann dhílis Ghaodhuldha atá 'na ndíasacha fía agus 'na gcoirce fhíatháin
fo cheithre rannuibh na cruinne; agus eachtranuibh atá ag ithe go súgach allus agus dleacht a ndíarsma deireóil atá go fóill a ndáor-bhruid, tabhair luach a gcroídhe, a ngníomha agus a mbriathar dhóibh - ag sin go prap. Amen. BREATUIN. Atá an fhairg' ar gach taobh do Bhreatuin, acht amháin an taobh shoir, agus atá cloidh mór 84 míle ar fad ón abhuin Wie gusan abhuin Severn théid san muir ag cathair Chester, do thóige ré Offa, Rígh Mercia don taobh sin di, idir í féin agus Sasana; agus a n-aimsir Haralt bu bás do Bhreathnach arm do iomchar a ttaobh Shasana don chloidh sin Offa, nó ciorrughadh na láimhe deisi dhe. Is críoch shléibhteamhuil thruaillidhe charraigamhuil í, ionna bhfhuil 36 páirc fhiadhaidh, 99 droithcid, 230 aibhne; a bpríomh-aibhne: Dee thosuigheas ag Rarduuar agus chailles í féin ag Chester, ag ar marbha Edgar, Rígh Sasana, ré móirsheisear min-ríogh; Vie, .i. Vaga, chailleas í féin ag Chepston san abhuinn Severn; Convai dhealbhas Denbigh agus Carnarvanshíre ó chéile; Chedhidi roitheas trí Phembroc síar agus chailleas í féin ag Melfort, an cuan is fearr san chríoch, agus ar fheabhas chuanta na cruinne.
Is dílis dá chéile fuireann na críche so, agus fíall do choigcrícheach, dá dhearbha a bheith cneasta. Tá mórán Gaodhulg ionna gcanamhuin. Tá 1016 porráistibh, 56 bailte marga, 41 coisleáin, agus 4 cathracha innte. Bu haird-easbogóideacht Mevenia gur hathruidhe, a n-aimsir Támha, go Briotain na Fraingce an chathaoir sin. Do fháistine sean-chailleach phiseógach don Rígh Leolin go rachach ar marcuigheacht agus coróin ar a chionn trí shráidibh Londuin, tréar bhuaireadh fo imlibh Sasana, dá gheallamhuin dó féin a bheith dá riaghalughadh do réir an fháistine; acht 'sinn gconbhliocht sin do-rinne bráidhe dhe san bhliadhuin 1182, agus cuire cuaille ionna chloigeann agus coróin phápéir air dá iomchar trí shráidibh Londuin, réar críochnuigh ríoghacht Bhreatan. Créad é fad agus leithead Bhreatain? Timchioll 124 a fad, agus 100 míle a leithead. Cionnas atá sí rannta? 'Na 12 chontae. Ag so dhuit:
Agas deirthear 72 áitibh tásgamhla do bheith san chríoch so agus is díobh sin na hespogóideacht', Bangor, S. Davidh, Landaf, S. Asaph; agus is san chríoch so fós atá tobar beannuighthe Naomh Úna, ionna ndéantar iomad leighis ré míorbhuile. Do bhí an chríoch so go haimsir an seachtughadh Éinrigh fo a ríoghuibh féin, agus ós sin a leith fo rígh Sasana. Agus atáid do réir creideamh Shasana, acht beagán beg Catoilicibh. Do bhí
2100 manach a n-éinfeacht rannta 'na seacht gceaptha, agus ceannfeadhna ar leith ar gach ceapth díobh a mBangor (Beda Naomhtha, l.3, c.2, De Ecc. Bri.). SASANA. Idir 14 c. 30 m. agus an 22 c. don fhaide, agus idir an 55 agus 55 c. 50 m. don tuath-leithne don chríoch so. Albuinn do' taobh thuath; a' mhuir Gheirmáinnech do' taobh shoir; Caol-mhuir Chalais don taobh theas; a' Mhuir Ghaodhulach agus a' Mhuir Sír don taobh shíar. Créad é fad agus leithead na Briotaine Móire? Timchioll 630 míle a fad, 280 a leithead. Cionnas atá sí rannta? 'Na dhá ríoghachta, Sasana agus Albuin, faoi aonrígh nó bainriaghan ó aimsir a' chéad Shéamus mhac Mairghéite bainrian Albon, do dí-ceanna ré bainriaghan Isebél. Créad é fad agus leithead Sasana? Timchioll 420 míle a fad, 280 a leithead. Cad é gné áite í? Oileán aéir-fhulláin, líonta do allach, do thorrthuibh, do mhíonach, agus do armhar. Cionnas atá sí rannta? 'Na 40 contae. Ag so a n-ainim, a bhfhad, a leithead agus a ríogh-phuirt:
Créad é creideamh Sasana? Protestain; agus iomdha athrughadh creideamh innte, ionnus gurab dodh-áirmhe íad, óir is líath creideamh ná duine innte do bhrígh go mbíonn iomad sort creideamh ag aon-duine amháin. Dá bhrígh sin ní labhram orra, acht gurab aon-chreideamh dóibh a bheith 'na bProtestuin. Cia shíolruigh an creideamh ar tús san chríoch so?
Measuid cuid dona daoine gurab é Petar Apstol (a n-aimsir Chlaudius Impir) do shíol ar tús innte é. 'Na dhiaigh sin, a n-aimsir Lucius Rígh, ré hordughadh an Phápa Eluterius, do theagasg na Naoimh Fugasius agus Damianus innte. Agus fá dheóigh, do chuir an Pápa Naomhtha, Greaghoir, Naomh Auguistín, manach, do sheóladh creideamh innte. Agus, do réir Bheíd airmhidneach, tug Gaoidhil suilsi an chreideamh go ródh-líonmhar dóibh, mar atá ionar labhairt ar Éirinn. Cá líon dorus, fuinneóg, agus colamhna, bhí a n-Eagluis Salisburi? Do bhí dorus 'n-aghaidh na míosa, fuinneóg 'n-aghaidh na seachtmhaidne, agus colamhna 'n-aghaidh gacha lae san mbliadhuin. Agus atá sgeath ar a ttig bláth ag 'ceathair ar maidin gach lá Nodlach agus sheargas ag 'ceathair a ndiaigh meadhoin laoi san mhainistir gcéadna, agus deirthear gurab 'na bhata i láimh Ioseph Aramatea Naomhtha do bhí 'sgeach sin ar tús, agus gur sáthadh san úir í, agus gur fhás 'na crann. Nachar tóige múir láidir (ré hordughadh an Impir Severus) ó Chairlile gusan abhuinn Tín, ar a raibhe, a gcionn gacha míle, coisleán daingean, agus fiodán práis ó choisleán go coisleán, ionnas go gcluine na coisleadháin a chéile dá gcuireach Albonuigh agus Pictigh riompa buaireadh do chur orra?
Do tóige; agus sin a n-aghaidh na Scuit agus na Cruinneigh roimh-ráidhte. An bhfhuil iostus maith a Sasana? Ó! atá; agus féach mar adeir an file Laidhneonta ria:
'S líonta d'olan 's d'aibhne Sacsa, do mhnáibh deasa, droithchead, sléibhte, 's do eagluisibh aoibhinn iomdha, d'aol-thoruibh is do choilltibh géug-ghlas; Do mhoighubh cumhra fionn-sgathach, do ríogh-phuirt árda fhíor-áille, gárrthuidh is gríanán gaois-ghreanta: samhuil Thíber Tems gan áireamh.
Cá líon aibhne san chríoch so?
857 droichead atá ar 325 abhuinn innte, agus is é droichead Londuin (ar a bhfhuil 19 súile) an droichead is saibhre san gcruinne. Créad é áirde an chloiceach do tóige ré Eteldred, Rígh Kent, ar láithreach Dhurtuith Dhíana? 534 troich. Créad fár tuga an tittidl Venerabilis nó airmhidneach do Bhéda? Do réir D. Pet. Heilin, ar mbeith don naomh sin dall do threóruigh a ghiolla é go hionad ionna raibhe iomad cloch chum a ndearna seanmóir. Do chríochnuigh ré "Glóir don Athair agus don Mhac, etc.," dar fhreagair na clocha: Amen, Amen, venerabilis Beda. Tuile oile ris sin do scríobh manach, ar tomba Bhéda: Hic sunt in fossa Bedae - ossa, agus do fuair venerabilis idir Bhéda agus ossa arna mhárach. Créad ó bhfhuair an chríoch so Briotáin mar ainim? Ó Bhriotain mac Neimhiodh do díbre a hÉirinn ré Fomhurchuibh ó Africa, do shliocht Cham Cholluighthe, do réir Cormuic Naomhtha mhic Cuileanán ionna Chronic, agus is dá shliocht (do réir an fhoclóir Laidne Tomasius) na Brigantes, .i. Yeorcsír, Lancasír, Ricmonsír, Durham, Cumberland, Westmorland, Nortumberland, agus as sin go Dún Éadan, .i. Edinburugh: D. Pe. Heilin; agus ris sin adeir gurab ós na Druides (drong d'Éireanchuibh) fuair Galia, .i. an Fhraingc, foghluim. Agus dá
dhearbha sin adeir D. Kotin go bhfhuil ó shoin a leith iomad focuil Gaodhulach ar bunughas 'na gcanamhuin. Cá líon ríoghubh do shliocht Bhriotain do bhí san chríoch so? 68; agus do rígheadair go teacht Romhánchuibh innte, san bhliadhuin 400. Ar mbeith don proconsul Aetius agus an t-arm Romhánach ag cabhrughadh na Fraingce, do aisg Briotainibh cabhair Aldroneus Rígh Amorica, .i. Normandia, réar bhuaghaidear 'n-aghadh Scuit agus Cruinneadh agus do rígheadair Constantín, dearbhráthair Aldroneus, do shliocht Bhriotain 'na rígh, agus do bhí 16 ríogh ar Sasana dá shliocht 'na dhiaigh, gur ghabh Sasana ón Ghearmáin urlamhas na críche, agá roinn 'na seacht ríoghachtuibh. Cia huair do ghabh Lochlonna, mar mhadhm sléibhe ruadh-tuile, neart na críche si? San bhliadhuin 800, a n-aimsir Egbert, agus do chuireadair 10,000 punta do chíoscháin ar Eteldred Rígh Sasana san bhliadhuin 978; agus ba héigin a íoc gacha bliadhuin, agus fá dheóigh gur harduigh an bhóraimhe sin go 48,000 punta gacha bliadhuin. Do chuir so go ro-mhór ar an rígh tréar scríobh chum a íocaighthibh a rádh riú a mbuanna féin uile do mharbha, an ní do-roinne a bhfhéil S. Bricies, an 12 lá do November, san bhliadhuin 1012, tréarbh éigin dó féin teitheamh go Normandia;
agus do ghabh Rígh Lochlonn (agá raibhe 350 long san eachtra sin) urlamhas na críche, ré móirthíránacht; agus do ríghtheadh Canutus mhac Suaine a mhac 'na rígh san bhliadhuin 1017, agus a mhac sin arís san bhliadhuin 1041, darbh ainim Canut Cruadh-dhálach, agus d'éis a bháis do scriosa Lochlonna (do bhí 255 bliadhuin ann an-fhlaitheas), agus do hornuigh Éaduirt an Confesor, sóisear clainne Eteldred, 'na rí, agus is é tug reacht agus dlighe choitchionn dhúinn, .i. Magna Charta. An bhfhuair an rígh so dó féin agus dá shliocht dleacht leigheas an tinnis dá ngoirthear King's Evil? Do fuair; agus atá na buadha céadhna ó shoin a leith ag Rígh Sasana, más oighre dílis é. An é an Pápa tug an beannughadh sin dóibh? Is é. Nacha raibh do nós a Sasana ré rinn Lochlonna, an tan d'íbheach duine deoch go ngearra Lochlonnach a scórnach? Do bhí; agus is uime sin do ba héigin do fhear ibhe na dithe bannuigh d'fhagháil go nach marbhthaoi é. Gur len an sean-fhocal I'll pledg you, .i. rachad do bhannuigh dhuit. An ré Uiliam Conq. do marbha Haralt mhac Goduin mhic Éamuin Taobh-íaruin, dá ndearna rígh san bhliadhuin 1066, sinnsear chloinne Eteldred rígh?
Is eadh; agus do ghabh ceannas na críche ar féin mar oidhre ar Rígh Éduirt an Conf. ó bhfhúir ionna thiomna í, amhuil mar adubhairt féin. Créad é féin, an dara Énrigh rígh? Atá, mac do Ghofruidh, iarla Anjou agus Tuirin, etc., ris an mbain-impir Maud, inghean an chéad Énrigh agus a mhná Maud, inghean Mhalcolm, Rígh Albon, agus Mhairghéide, dearbhshiúr Edgart Etelinge do shliocht Sacson. Cia hí a bhean? Eilinóra, ré a bhfhuair oíreachta Acutain, Guin agus Pictou. Is é an rígh so ghabh urlamhas Éireann do Ghalluibh ar tús; agus do bhí a shliocht an' oighreachta gusan 4 Éinrigh, oidhre Lancastar; agus do bhí dhá Éinrigh ag ríghe dá shliocht sin gusan bhliadhuin 1461, ionnar ghabh Éaduirt íarla March, mhac Riostard, mhic Riostard D. o' York, mhic Éamuinn o' Langlei, an 4 mac don 3 Éaduirt, ríghe. Dob í Anna inghean Ruaidhrigh mhic Ruaidhrigh Mortimer, iarla March (agá raibhe Philipia, oighre agus inghean Lionel diúice Chlarence, .i. an dara mac don 3 Éaduirt, pósta), bean Riostard D. O. York. Agus is san bhliadhuin 1482 do ríghe Éinrigh, iarla Richmond (oidhre Lancastar do thaobh a mháthar, Mairghréad, inghean tSeóin mhic Seóin, diúice ó Summerset, mic Eóin a Gaunt, diúic a Lancaster): dob í a chéile inghean agus oidhre an 4 Éaduirt. Do bhí a ghaol do fhuil ríoghdha
Bhriotáineach ó bheith 'na mhac ag Éadhmond Tuder, iarla Richmond, mac Even do shliocht Chadualadar, rígh déigheanach do Bhriotáinibh, agus Catarína, baintreabhach an 5 Éinrigh. Cia ham do ríghe a mhac, .i. an 8 Éinrigh? San bhliadhuin 1509. Agus do feara 17 gcathadh idir an dá thoigh, York agus Lancastar, ionna rae, ionnar marbha 8 ríoghuibh, 7 bprionnsuighthibh, 40 diúicighthibh, marcuis agus iarluighthibh, 200,000 fear cródha gaisgeamhuil, gan tráchta ar bharúin ná uaislibh oile. An don 8 Éinrigh tug an Pápa, an titteal Cosnuightheóir an Chreideamh? Is dó; tré mar do scríobh a n-aghaidh Lútéir. Agus 'na dhiaigh sin do shéan uachtaránacht an Phápa tré nár cheaduigh dhó a bhean phósta, inghean Rígh na Spáinne, 'chuir uaidh, ionnas go bhfhuithe oidhre mhic ré mnaoi oile, óir ní raibhe ría-si aige acht aoin-ghin ingheana darbh ainim Máire Tuder. Do chuir an rígh a chéile cumuin uaidh, agus do phós sé bean ar a bhfuair oighre mic agus inghine, .i. Éduirt agus Isebél, d'imigh gan sliocht. An í Máire Stuart, inghin tSéamuis mhic Shéamuis rígh Alban (agá raibhe Mairghréad inghean is sine ag an 7 Éinrigh), d'éis príosúntacht' 20 bliadhuin, do dí-cheanna ré Bainriaghan Isebél? Is í; agus do phós an Mhairghéad tuas (ar mbeith 'na baintreabhach dí), Archembald Dughlas ar a
bhfhuair inghean darb ainim Mairghéad, bean Mhaitiú iarla Lenox (nó Leamhna), athair Éinrigh, Tighearna Darnli, athair an chéad Shéamus do ríghe san bhliadhuin 1603. Cia ham do ríghe an 3 Éaduirt, do shliocht an dara Éinrigh, réar gabha urlamhas Cailis na Fraingce agus iomad daingneach oile? San bhliadhuin 1327; agus do bhuadhuigh ar Albuin agus do-rine tighearna dhe féin ar Bhreatuin. Ar sheas Breathnuidh go tréan 'na aghaidh? Do sheas, acht dochum buadha iomlán do bhreith orra, do chruinigh a n-aon-láthair íad, agá rádh riú, dá ttoilidís, go ttiubhra féin governéir dóibh ag nach raibhe focal acht Breathnuis 'na phluic agus go raibhe coidh-ionnruic ré leanbh ionna bheatha. "Ag sin ar n-aisge," ar iad, ag meanughadh dísleacht' dó. Do bhí an bhainriaghan a gCanarbhan, 'na luighe seóil an tan soin, agus ag tabhairt an naoidhin 'na láthar, agá thoirbhiort dóibh, dubhairt riú: "So bhur ngovernér agas bhur bprionnsa." Agus ag sin dhuit, a Thaidhg, mar fuair oidhre Sasana tittiol Prionnsa na bPriotuin. Adeirthear gurab míodh-ádhbhar do Shasana a riaghalughadh ré áon ag a mbí H a ttosach, ná 'na litir shealbhuidh, a anama, nó is rodh-ádhbhar é; óir is ré Humber tuga na Huns go Sasana;
gurab tré Heléna do ghreamuidh Romhánchuibh a seilbh; gurab íad taoisi Saxonuibh do ghabháil Hingistus agus Horsus; Hungar agus Huba tug Lochlonnuibh innte; gur críochnuigh ríoghacht Saxson innte ré linn Haralt; gurab iomdha coga fuilteach tug na Héinrighibh, agus gurab san ochtugh Héinri táinig gach uile thiobuiste a gcreideamh agus a staid na críche agus gur ghabh Albunuidh ríghe na críche orra féin. Agus do bhí an litir so míodh-ádhbhar don Traoi, óir do scrios Hercules í, agus is tré Hesione agus éigniughadh Helín ón nGréig do léir-scriosa í, go nachar fága cloch ar mhuin cloiche innte. Agus tugthar fo ndeara gurab Philip mac Pardicas, athair Alastruin uaibhruidh, thosuigh Impireacht Gréguidh, agus Philip athair Pherseus chríochnuidh í; gurab Agustús céid-impir agus impir déigheanach na Rómha; gurab é Darius mac Histaspes thosuigh impireacht Phersia, agus Darius mhac Atsamis do chríochnuigh í. Is ré Conn Mór mhac Heléna Naomhtha, ar mbeith do Ghreghóir 'na phatriarc innte, do tóige cathair Chonstantinoble, agus do caille í ré linn Coinn oile mhic Heléna agus Greaghóire. ALBUIN. Cionnas atá Albuin suighte? Idir an 13 c. 30 m. agus an 17 c. 50 m. don fhaide,
agus idir an 55 c. agus an 59 c. don tuath-leithne. An Mhuir Thuath don taobh thuath, an Mhuir Gheirmáineach don taobh shoir, Sasana don taobh sheas, an Mhuir Ghaodhulach agus an Mhuir Shíar don taobh shíar. Agus is ro-chaol cumhghann a n-iomad áitibh í. Créad é fad agus leithead Albon? Timchioll 250 míle a fad agus 180 a leithead. Cad í an ghnéith tíre í? Tír ghleinteach choilteach shlébheamhuil lom chraigeamhuil, faoi fhuireann chródha ársuidh, fhoghluma ionna slighe féin. Cionnas atá sí rannta? Ionna dhá gcuid, ísiol agus árd, ionna bhfuil 39 gconntaedhibh; agus ag so don rann árd gacha contae:
An í Edinburagh nó Dún Éidin cean-chathair na ríoghachta? Is í; agus atá coláiste innte féin, a n-Aberdeen, a Glascou, agus a S. Andreu, an Catedral. Cionnus riaghaluighthear Albuin? Ón bhliadhuin 1602 dar ghabh a ríogh ceannas Shasana, faoi a chumhachta atá sí. Créad is creideamh dóibh? Ó síola an creideamh inte ré hordughadh na bPápuidh naomhtha Victor agus Celestinus, do chuir 'na dhiagh sin Paladius Easbog dá tteagasg, bu Catoilicibh iad; agus is é comhorba Choluim Chille, Aba Aoi, príomhfháigh na ríoghachta anallód. Acht ré hórdughadh an Phápa, an 4 Sicstus, tá dá aird-easbuigóideacht innte, .i. S. Andreu (príomhfáidh) agus Glascou, agus 11 easbog déag fútha sin. Anois Prespiterians a n-urmhór.
Galavoi: atá an chríoch fhonn-thruaillighthe si fuidhisna trí cineadhacha so, beagnach: Mac Aodha, .i. MagGies, Mac an Ula, .i. MacUilteagh, agus Ó Gnímh, .i. O Gnew. Agus is é suathantas Mac Aodh trí badhbha ar roinn saighde, cró-lámh agus daigéur, ceann culluidh a bhfásach. Loch Lemhna 24 míle Sasanach ionna thimchiolla ionna bhfuil 30 innsibh. Loch Mhiorton agá bhfuil cuid di téachta san ngeimhre agus an chuid oile gan oíre uirre. Is ó Éirinn chuaidh Cruinneachuibh, .i. Pictibh, don chríoch, agus 'na dhiaigh sin Fearghus Mór mhac Earca, taoiseach Dál Riada, réar gabha agas ar sealbha áird-iathibh na críche; agus is dá shliocht ríoghuidh na Bpriotainne aniu; agus adubhairt Séarlus Rígh Sasana ionna cheileabhra reis an bPearliament, san bhliadhuin 1607, dá mórchlú, mór-onóir agus deagh-fhortún, nár claoidhe aríamh íad; agus is follus don chruinne gur fuireann chródha lucht na críche si. OILÉNUIBH NA BRÍOTAINE MÓIRE. Abair ní éigin ar oilénuibh na Briotaine Móire.
Is a n-oilén Aoi do shuigh Colum Cille a chathaoir Aba ón choinniol-bhátha (gan Éirinn d'fhaicsin dá shúile) cuire air. Goirtear Pomonia do Mainland. HOLLOND. Idir an 24 céim 30 m. atá Hollond suighte agus an 28. 30 m. don fhaide, agus idir an 50 c. 30 m. agus an 53 c. 45 m. don tuath-leithne. Cionnas atá Holland suighte? An fhairge thuath don taobh thuath, Vestfalia don taobh shoir, Brabant agus Flondreas don taobh theas agus an Mhuir Gheirmáinneach don taobh shíar. Agus is é a fad 180 míle, agus 117 a leithead.
Cá gné tíre í? Fonn gan arbhar, lán aibhneacha agus uisgeadha míodh-fulláin, gí go ngoirtear eagart na cruinne dhi, ó stór seacht mbliadhna do arbhar do ghnáth do bheith innte. Cionnas atá sí rannta? 'Na seacht gcóigidhibh, agus ag so dhuit go hachumair: Aga so seacht n-oiléinibh Sealand, agus sé oilénuibh oile Holond:
Cionnas riaghaluidhear Holand? 'Na puibligheacht ón bhliadhuin 1581, ionnar thréig sí umhlughadh don Spáinn; agus bu Catoilicibh iad an tan soin; gidh eagh, ó shoin a leith, lorg Chalbhín leanuid na huachtaráin, agus toilidhid na huile chreideamh 'na measg. Do bhí 5 easbuig faoi árd-easbog Utrecht an tan bu Catoilicibh íad, agus anois níl aon acu. Atá cóig coláistibh inte, agus is iomdha saidhbhir innte, agus na bailte is deise isinn domhan, agus go háiridhe 80 bailtibh díobh. Dá seasamh duine ar chloiceach Gharcum créad do dhearcach ionna thimchioll? Iomad moigh féar-uaine agus 22 daingean an-láidir. Créad é suainteas Holond? Leóghan is seacht ngaethibh 'na chráig ris a scríbhinn so: Concordia res parvae crescunt, discordia vero maximae dilabuntur.
Ar frídhe maighdean mhara 'bhfhogas do Edom san bhliadhuin 1430? Do frídhe, ag Purmerend; agus do nith agus do ghlan na cailínidh do fuair í, ag cur éadach uirre; agus gí nach raibhe caint ná éisteacht aice do fhoghluim sníomh agus cárdáil uatha, agus do chromadh ré a cionn an tan tífeach céus; agus do mhair ag ithe agus ag ól agus ag obair 'na measg ar feadh dreimsi, agus a dúl do ghnáth ealóghadh uatha don mhuir. Ionn a gcathair Harlem san chríoch cuire an chéad leabhar a gclógh? Is eadh; ré Labhrás Coster, .i. Ofigidh Thuili. Agus a gcathair Laiden, .i. Lugdunum Batavorum, atá pictiúr Lucáis a Laiden, air ar thairg an t-Impir Rodolf a fholach do ór, .i. pécuidh, ar lá an bhreitheamhnuis codh-nadúrra sin do bheith rianuighthe ann. Agus is annsa gcathair si bhí an táiliúir Joan a Laidin, prímh-rígh Anabaptis (mar adubhairt féin) san chríoch so. Ba gnáth ar a chionn a measg a thréatúiri coróin óir, agus beirt bhuachall ar gach taobh dhe, claidhiomh ag aon díobh agus
Bíobladh ag duine oile, agus gibé nach n-adhrach ar an modh sin é féin cuirfidh chum báis é, mar do-rinnigh ré aon dá 14 mnáibh do bhí a n-éinfeacht aige. Losdun: baile beag ionnar tóige mainistir mhná riaghalta ré Mairghréad Contaois Holond, Máthair Mactilde, agá raibhe 365 gin cloinne a n-éinfheacht, do baiste ré Asbog Útrect, Oto, do bhaist Eóin agus Isebél orra uile, iomad ingheana prionsuigh agus daoine cumhachta, chum ar tóige é. FLONDRES. Idir an 23 c. 10 m. (atá) Flondres suighte agus an 28 c. don fhaide, agus idir an 50 c. 30 m. agus an 51 c. 30 don tuath-leithne. Cionnas atá an Talamh Iachtarach suighte? Holond agus an Mhuir Ghearmáineach don taobh thuath, Palaitinat taobh shoir, an Fhraingc taobh theas, agus an Mhuir Fhrangcach taobh shíar di. Agus is é a fad 212 agus a leithead 110 míle. Cá gnéith tíre í? Tír fhulláin choram shaidhbhir, ann arbhar, a ttorrthuibh, agus a bhfíon, ionnas go n-abarthar, dá mbeith sí 4 bliadhna a síoth, go gcruinneadhóchadh cailleamhuin seacht mbliadhna coga.
Cionnas atá sí rannta? 'Na 10 gcóigeadhuibh. Ag so: Créad bhreathnuigheas tú isna cóigighibh so? Timchioll 180 cathair daingean láidir saidhbhir, líonta do mhainistreacha agus eagluisibh fo a fuirean do dhaoine cródha. Cionnas chreidid? An creideamh Catoiliceadh. Cá líon easbuig innte? 10 n-easbuig faoi 2 aird-easbuig. Créad adeirir ré cathair Léig? Asbogóideacht faoí a bhfhuil 24 daingneachuibh, 1800 grágán, baile líonta do mhainistreachadh agus do thoighthibh riaghalta do a gcuideachta. San chathair si ar aon-scoil, 9 macuibh ríogh, 24 do
macuibh diúicidhibh, agus 29 macuibh íarluidhibh. Níl cothughadh coirp gan fhagháil san chríoch so, agus mar barr ar gach sonas an chloch uasal, lapis calaminarius. Tá coláiste a nDouei, a bhfuil coláiste do tóigeadh ré hórdughadh an dara Philip Rígh Spáinne san bhliadhuin 1569. Atá a Luxenburg 23 daingneacha, agus 1169 grágáin, seacht n-íarluigheacht, agus an fásach mór Adeanard ionna raibhe 500 míle 'na thimchiolla, agus na spau chum a ttéid an chruinne d'fhagháil sláinte. Brabant: ionna bhfhuil 26 daingneacha, 700 grágáin, agus cathair Lobháin, ionna bhfhuil 20 coláiste (sé mhíle a timchiolla), agas cathair Bhreada ionna raibh Séarlus mhac Séarluis, Rígh Sasana, agus a dhearbhráthair Séamus Diúc o' Yeork ar deóruigheacht. Flondres: inna bhfhuil cathracha Gaunt, Brughis, Ipres, Dunkirk, agus Scluse, cuan ionna mbíonn 500 long ar feise a n-éinfheacht; Líl: ionna bhfhuil taisge leabhar agus gréith, agus coláiste is fearr a bhFhlondreas Frangcach (atá 32 daingean, 1178 grágán innte); Turnae: do dhíol Rígh Sasana, an 8 Énrigh, ré Rígh Frangc ar 100,000 p. Artoís: ba Frangca anallód íad do tuga res an 2 Éinrigh, Rí Frangc, do 2 Philip na Spáinne; 12 daingean, 7854 grágán atá innte. Anault: ionna bhfhuil 24 daingneacha agus 950 grágáin; Mons: ag ar bhual Oráng Luxenburg agus
a shluagh Frangcach san bhliadhuin 1676 cath air Belgium, .i. Bavais. Namúr: tá gual san chríoch so a múchann ola agus a lasann uisge. AN GHEARMÁIN. Idir an 28 agus 41 c. don fhaide (atá) an Ghearmáin suighte, agus an 45 agus an 54 don tuath-leithne. Cionnas atá an Ghearmáin suighte? Dubh-Lochlonn attuaith, an Mhuir Adriatic, Turceadh, Hungaria agus Poland 'ttaobh shoir, a' Bhaltic agus an Mhuir Gheirmáineach taobh theas, Holond agus Flondreas, .i. Belgium, don taobh shíar; agus is é a fad 640 míle, agus a leithead 550; agus is tír fhulláin fhéar-uaine thorrthach ghleódhaerach cuid di agus í áitighthe ré drong fhírinneach chneasta, agus measuid gurab é sin is cíall don fhocal Geirmáin. Tá sléibhte san taobh thuath di. Cionnas atá sí rannta? 'Na 10 gcodcha, dá ngoirid circles. Ag so dhuit íad:
Burgondia. Westph., atá Padarborn, Osnaburg, Duseldorp, Aix-la-Chapel. S. iachtarach, atá Hanover, Bremen, Stád, Bronsuic, Hamburg, Lubeg. S. uachtarach, atá Dresden, Leipsic, Berlin. Atá 44 cathair ládir, 2,000 grágán a Sax. R. iachtarach, atá Cologn, Bon, Treuers, Ments, Hedelberg, Speirs, Worms. R. uachtarach, atá Cassel, Dramstat, Freadhburg. Francon.: issan chríoch so atá an 2 aonach is mó san Euróip, agus a sean-fhuireann na Frangca. Suab., atá Strasburg, Landau, Asburg, agus Alsache ris a ttéid. Bava., ionna bhfhuil 34 gcathair agus 46 bailte daingean.
Austri, atá Grats, Insprunc, Bixen, ris a ttéid an Bhohemia, .i. Pannonia. Créad bhreaghnuidhir isna críochuibh si? Tug Munster 15,000 fear a n-aghaidh Holond san bhliadhuin 1672, agus do bhúadhuigh Dreasden, baile puirt Rígh Poland. Cia ionnar ruga máthair Nero? A gCologn; agus atá 19 tteampuil porráiste, cathedral, 37 mainistir, agus seacht toigh bocht nó hospitals san chathair sin, dara tidiol an chathair bheannuighthe. Cá fhad roimhe Críost do tóige cathair Treuers? 1,300 bliadhuin. Cia áit ionna n-ornuighthear an t-impir? A gcathair Frangcfort. Cia ionnar damnuigh eiriceacht Sheóin Huss, Wicliff, agus Jeróm ó Phrague? A gConstánce, ionna raibhe feis choitcheann. An í Uienna ceann-chathair na himpireacht'? Is í; agus ní raibhe innte acht beag-dhaingean gusan bhliadhuin 1192, ionna ndearna Marcus na hAustrea bráigh don 1 Ridstard Rígh Sasana (agus é ag fille ón Talamh Bheannuighthe), ó bhfhuair ransom réar deárna cathair ádhluinn láidir dhí, agus gur fíora tairnghaire na gcóig leitreacha do bhí
scríobha ar a geatuídh, .i. A.É.I.O.U.: Austria est imperare orbi universo. Nach ag an arm do bhí tobhtha 'n impir? Is eagh; anallód. Gidh eagh, anois, ré hordughadh an 10 Leo Pápa agus toil na bprionnsuigh, ar tobha móirsheisear aitáid: .i. Rígh na Bohemia, fear brataidh na himpireacht; 2 Ments, Chanceler na himpireacht; 3 Triers, Chancellor na Fraingce; 4 Colen, Chancellor na hIottáille uile; 5 Bavaria, Dapifer, .i. fear fritheóla an impireacht; 6 Saxoni, .i. Rígh Poland; 7 Palaitín, fear taisge na himpireacht; 8 Brandenburg, .i. Rígh Prusia. Hanover do tobha san bhliauin 1693, agus 'na dhiaigh sin ar ar cuire coróin Sasana. Créad adeirir ar Thrent? Cathair ádhluinn ionna raibhe feis choitcheann ón bhliadhuin 1546 gusan bhliadhuin 1563 mar a raibhe seacht gcairdearnál, 3 phátriarcuibh, 33 aird-easbuig, 235 easbuig, seacht bhiocáiribh generálta, 145 diaghairidh, ré iomad teachtuibh ó chríochuibh imchían, agus an-uibhir do dhaoinibh oile. Nach a n-Inspruc atá taisge gréthibh iongantach na himpireacht'? Is eadh; agus is innte do bhí an bhain-phrionnsa
Sobiesgí dá coingmheál ó a céile, Séamus mhac Séamuis mhic Séarluis, Rígh Sasana. An í Prague ceann-chathair na Bohemia? Is í, agus do bhí rígh uirre féin gusan bhliadhuin 1620 ionnar ghabh an t-impir a hurlamhas ré foirneart. Cionnas riaghaluighear an Ghearmáin? Adeirthear ré 300 cumhachtuibh, agus an t-impir 'na uachtarán orra. Cad í creideamh na Geármáinne? Is éigin an t-impir a bheith 'na Chatoliceach; is ceaduigheach na huile chreideamh ('na dhiaigh sin) do bheith ann. Cá líon aird-easbuig agus easbuig ann? Seacht n-aird-easbuig agus 40 easbuig. Cá líon áitibh ionna bhfhuil coláistibh ann? 27 áitibh. Abair ainim, leith., fad, agus ríogh-phort oiléanuibh na Gearmáinne.
Bohemia, ionna raibhe 78 cathracha, 32,000 grágáin, áitighthe ré drong mhichair mhuinnteardha láidir agus mnáibh áidhle dreachamhuil. Ag Poland príomh-bearna sa ls.... an impir agá choróna, is aige atá an chéad ghláim ag tobha impir. Palatín, agá bhfhuil mór-chumhachta idir bháis agus totha impir, príomh-bhlasadóir. Níl cur ag an impir ar Bhrunsuig. Brandenburg: prímh-insgineach an impir, ionna bhfhuil 50 cathracha, 54 daingneacha do sheas 'n-aghaidh Scandinavia go huile. SUISSERLAND. Cionnas atá críoch Suiss soighte? Suabia a ttaobh thuath dhi, Tiról agus Venice don
taobh shoir, Savoi, Milan, agus Venice don taobh theas, Burgandia agus Dauphine don taobh shíar; agus is é a fad timcheall 206 míle agus a leithead 130. Créad gné tíre í? Tír ainbhríoch shléibhteamhuil (acht isna gleinibh, do-bheir fíon agus arbhar uatha), ionna bhfhuil fuirean líonmhar chródha chneasta shaigheadiúirra, mar as fhollus don Euróip dar mhían agus do-ní a bhfhostóghadh. Cionnas atá sí rannta? 'Na trí codcha, .i. cantons, grisons, agus prefecturs. Ag so na locha:
Agas ní mór tugthar fo deara áit oile dá bhfuil ann acht Beden. Cionnas atá na Grisons rannta? 'Na trí codcha: Grei League, League na Deich n-Uachtaráin, agus League Thoigh Dé, ceann-phort S. Gall. Créad íad na prefecturs? Baden, Bramgarten, Melingin, agus is iad Surgans, Baden, agus Basil, a ríogh-phuirt. Cionnas stiúirighthear í? Gach canton fó a chumhachta féin; agus dlighid, a gcoga, cuidiughadh ré chéile. Créad as creideamh dóibh? Ó aimsir Sunglius atá Suric, Bern, Basel, agus Scaffhausen, ar a lorg; agus Catoilicibh na seacht gcantoin oile. Toilighean na Grisons gach creideamh. Níl easbog ag na Suingleans. Atá Easbog
Chonstance 'na uachtarán ar na Catoilicibh, Easbog Fríburg ar na Prefectur, agus Easbog Suden ar na Valtelines. Agus adeirthear 97 áitibh tásgamhla bheith isna críochuibh, atá suighte idir an 28 cé. agus an 32. 140 m. don fhaide agus idir an 46 c. 40 m. agus an 47. 40 m. don tuaith-leithne. Agus is go Beden is gnáth teachtuibh ó chríochuibh do theacht do cheileabhra ris an bpuibligheacht si; agus is innte is gnáth comhairle choitchean bheith ag comhcruinniughadh a huaisle, má bhíonn prionnsa coigcríochach ag déanamh leatrom orra. IOTTÁILLE. Idir an 36 agus 43 don fhaide atá an Iottáille suighte, agus idir an 36 agus 46 don tuath-leithne. Cionnas atá an Iottáile suighte? Suissearland agus an Ghearmáin don taobh thuath, Adriatic don taobh shoir, an Mhuir Thiraneadhan don taobh theas agus an Fhraingc don taobh shíar dhi. Agus is é a fad 840 agus a leithead 400 míle. Cá gné tíre í? Gort bláth-bheannuighthe fhéur-uaine mhór-thorrthach ghnáth-ghlas-chrannach mhór-thoiceach a n-arbhar, a bhfhíon, a n-íasg, agus a bhfheóil, a modh
go ngoirthear luibh-ghort na hEuróipe dhi; agus atá sí rannta ionna dhá chuid déag, agus ag so dhuit a n-ainim, a bhfhad, a leithead, agus a ríogh-phort: Agas adeirthear go bhfhuil 345 cinn-phuirt san Iottáille, a 44 a Savoi, a 40 (a) bPiemont, a 12 a nGenoa, agus a 11 a Milan. Ionn a gcathair Annesi a Savoi, ionnar chomhnuigh Proinsias Naomhtha de Sales, do adhnuiceadh é? Is eadh. An cathair láidir í Turín? Is eadh, gí gur gabha í ré forneart Frangcach san bhliadhuin 1640, agus arís do thug í féin san bhliadhuin 1696.
An raibhe léigir trí mhí ag Orlans léithe san bhliadhuin 1706? Do bhí, agus do saora í ré cródhacht Ghearmáineach fuidh Phrionnsa Eugein a Savoi. Créad ba hainim do fhuireann na gcríoch a n-aimsir Hanibal? Alabroges; agus do-rinne Hanibal síth idir dias dearbhráthair ba ríoghuibh orra an tan soin. 'Na dhiaigh sin ghabh Rómhánchuibh a hurlamhas, agus do-rinne an Germáineach cuid do ríoghacht na Burgondia dhi. Anois níl cumhacht ag aon acht agá diúice féin uirre. Agus atá 52 iarluigheacht, 15 marcuiseacht, ré cóir baruntacht agus tighearnuis. Genoa: an raibhe cuid mhór don Iottáille fo a cumhachta anallód? Do bhí. Gidh eagh, anois, níl acht Luguria agus Corsica; agus is drong déagh-mhianach uasal ionn an uile ghníomh íad, cródha a gcoga an Talamh Beannuighthe agus a n-aghaidh Galluibh, ag cuidiughadh reis an Spáinn san bhliadhuin 1588. Gí go n-abarthar ria go bhfhuil a muir gan íasg, a sléibhte gan fhéar, a mnáibh gan náire, agus a fir gan dísleacht, measuim gurab bréag an chuid dhéadheanach, do bhrígh gurab ceannuighthibh saidhbhir ar muir íad. Atá Genoa féin suighte ar thaobh cnoic agá bhfhuil amharc mara agus talmhan; 'na puibligheacht agus 'na haird-easbogóideacht; agus is é a tiodiol, Mórdha.
An ttug Mago ris na Cartagenians a hár? Do thug; agus do loisg í san bhliauin 335, dá creachadh ris na Sarasens, agus tabhuirt a fuireann a sclábhuidheacht. San bhliadhuin 1684 tug Rígh Frangc ar a' Dóg maithfeachas (ar a ghlúine) do íarra. Milan: an í an dara cathair is fearr san Iottáille í? Is í, do réir an fhile; agus atá deich ngeata uire, dhá chéad eagluis fa a bhfhuireann d'eagluisibh; agus atá corp na naoimh so ionna feartuibh: S. Ambrós, S. Gervasius, agus S. Protasius, a n-Eagluis Naoimh Ambrois, ionnar dearna an hiomuin Té Deum, etc.; tomba na ttrí ríogh a n-Eagluis S. Eustorgio; Naomh-Chathal Boromeus san Eagluis mhór ionna bhfhuil tairne do thairnídh an Chruis. Agas, mar meastar, atá 10 míle ionna timchiolla, 300,000 duine innte, 11 chríoch fó a smacht. Aird-easbogóideacht í, agus is é a tidiol, Móir-Mhilan. An innte do rugadh S. Ambros agus S. Cathal Boremeus? Is innte; agus do cuire léigir 40 uaire ria agus do gabha 20 uaire í. An áit láidir an chathair chían-aosta Cremóna? Is seadh; gé gur harga 5 uaire í ré Hanibal, ré Gots, ré Scabhónians, agus Lumbards. Ar chuir Gearmáine (a n-aimsir ríghe Anna,
inghean tSéamuis rígh Sasana) léiger fuilteach fiubharach ria? Do chuir; gídh eagh, do chosain Frangcuidh codh fuilteach fiubharach í. Gidh eadh, is é breaghdhacht agus cródhacht Ghaoidhil do tháráil nár gabha í, mar as follus don chruinne, tré a bhfhuaradar féin meas agus cádhus mór ó rígh Frangc. Mantua: an tír ádhluinn thorramhuil í? Is eadh, agus cathair láidir a lár locha ionna bhfhuil 20 míle 'na timchiolla; agus is innte do ruga Virgil an file, mar adeir féin ionna Ecclogs, Mantua me genuit; Calabri rapuere; tenet nunc Parthenope; cecini pascua, rura, duces. Swaines, tillage, arms I sung; Mantua gave Me life; Calabria death; Naples a grave. "Aoiridh, treabhuidh, airm do chan mé; Mantua ghein mé; m'fheart Naple." Cóig mhíle ó Mhantua atá Mormírolla, an baile marga is fearr san gcríoch so: 4 mhíle inna thimchiolla; agus is saidhbhir an cine Iúdaighe innte. Venice: cá gné áite í? Comhshoirigheach na Rómha agus bith beg, do réir an fhile: atá 200 triath-phálás san gcathair si; 32 mainistribh feardha; 28 mainistribh banda;
78 paráiste. Agas atá sí suighte ar 72 oileán. Do réir mheasta atá 140,000 anam innte; 78 míle ionna compás. Bu breagh na deich gcathracha dhéanamh a páláis. Níl acht dó nó trí do thoibreacha innte, ionnas gurab éigin dá fuireann uisge fearranda do chumhdach réna bhfheadhm. Cá fhad ó fhairge í? 15 mhíle - cosanta ó a borb-thonna ré obair an-láidir uaithmhíalta: 35 míle a fad; 4,000 droichead atá innte; agus is é a tidiol, An Saidhbhir, agus tidiol a foirne, Uasal. An áit mhór ionna mbí an armáil? Is eadh; óir bhí 2 mhíle 'na thimchiolla, agus níl arm an-fhéadhma do mhuir ná do thír gan a bheith innte. Atá 1,000 éidibh plát ór-shnáitheadh arna bhfholach do velvet. Egluis San Marc, an breagh an obair í? Is eadh; déanta do oibir mhoisiac ar colamhnuibh marmor agus porpheri, líonta do íomhághthuibh, do thombuidh, agus do altóiribh saidbhir ré seóidibh uaisle, péarluidh, ór, agus airgead: dar leat gur bhronn an stát uile a saidhbhreas go huile uirre. Atá 200 pálás marmor san gcathruith so, sáth prionnsa ar bioth; 73 toigh ósta, .i. hospitals; 56 cathaoir bhreathuimhnuis, .i. tríbunals; 67 porráistibh; 26 mainistreacha mnáibh riaghalta; 54 convent bráthar; 18 sepéil; 76 scolta saor; etc. An maighdean í an chathair si? Is eadh; óir níor héignigheamh ariamh í ré
fuireann san chruinne, óir do throid sí an Euróip uile a gcuideachta (acht Sasana amháin), agus do sheas 200 bhliadhuin go tréun a n-aghaidh Turcaidh. Créad é incom nó fagháltas bliadhna na cathrach sa? 5,320,000 ducet, is gan trácht ar a bhfhaghan gan fhios. Padua: an innte do hadhnuiceadh Antóin Naomhtha ó Phadugha? 'N a bPadua na foghluma? - Is eadh; agus anois atá boltanas as a fheart bheir iongantas a gcroidhibh iolaireachuibh. Florence: an cathair fharsaing dheagh-thoighthighe í? Is eadh; "Ádhluinn," do réir tioduil; sé nó seacht do mhílte ionna compás; 88,000 toigh innte; 152 teampuill; 80 convent; 22 hospital, nó toigh bocht; 84 bráithreachas; 18 halla ceannuidhe; 72 cúirt córach; 17 bpáláis, agus iad sin ar na páláis is áidhlle san Iottáille; 160 fighir nó samhlachas coitcheann. Is ionnsa gcathair si atá an taisge taisibh agus gréthibh oile is dise san Euróip. Aird-easbogóideacht í ionna raibhe feis choitchean san bhliadhuin 1439, chum a ttáinic an t-impir agus patriarc Chonstantinoble, ionnar adbhuidh teacht an Spioraid Naoimh ón Athair agus ón Mhac. Lucca: an bhfhuil sí arna timchiolla do choill rodh-ádhluinn?
Atá; agus ní ceaduigheach, go fiú na scine, arm fiubhrach do iomchar innte gan toil an uachtaráin. Leghorn: an innte is gnáth do chabhlach Dhiúice mór na Tuscáin a bheith ar feis? Is innte; agus is daingean rodh-láidir í. Volatearra: an ionghantach cliú a tiobruid teógha? Is eadh; óir dearthar go bhfhiuchuit 9 ttroigh ar airde, agus go leighean carcus ar bith dá tteilgthear ionnta gan mhoill, agus na héanluidh darab é a gcrúath-chineamhuin itioll ós a gcionn go ttuitid maol scalta ionnta. Róimh: an cathair ádhluinn fharsuin í? Is eadh; ceann-chathair na hIottáille, ionat suighte na n-impridh agus anois na bPápuidh, cathair uasal fharsaing mhóir-iostach agus is oirdheirce san domhan, do réir an fhile: Roma armis terras, ratibusque subegerat undas, Atque idem fines orbis et urbis erant. Old Rome did conquer all ye globe she found: Rome was the world and hers the world's bound. "Chlaoi an Róimh gach 'bhfhuair don chruinne: Bu hí 'n bith, 's bu lé gach fuine." An raibhe an Róimh 'na tobar astroluigheacht,
gintligheacht, agas diabhaluigheacht, go haimsir Chríost? Do bhí; gidh eagh, go grod 'na dhíaigh sin, do réir Phóil Apstol, do bhí 'na tobar creideamh agus diadhachta, agus san bhlíadhuin 44 d'athruigh Peadar Apstol a chathaoir ó Antioch don Róimh, agus ann ríghe Agrippa chuir Festus, Governer Judea, 'na bhráidh don Róimh é. Ar feadh 300 bliadhuin an raibhe ainghreama mór' ar na Críostuighthibh san gcathair si? Do bhí - rodh-fhuilteach barbarrtha, ionnus gurab iomdha míle mairtíreach do marbha innte mar aon agus Peadar agus Pól Apstoil. An é Constantín Mór (do ruga a Sasana) an chéad phátrún phuiblidhe bhí ag an gcreideamh san Róimh? Is édh; agus is é thosuigh ar theampul Pheadair, agus do críochnuigh risan 5 Pól Pápa, agus atá ar na hoibreacha is áille san domhan. Atá 520 troith a fhad, 385 a leithead. An air na seacht gcnocáin, Palatinus, Capitolinus, Umuallis, Aventinus, Esculinus, Caelius, agus Quaerinalis, atá an Róimh suighte? Is eadh; agus atá 13 mhíle 'na timchiol taobh 'stoigh dá balluigh, 300 teampol innte, agus do réir mheasta atá 200,000 duine innte. An ndeárna Aloricus san bhliadhuin 410 ann Róimh do chreacha? Do-rinn, agus Grenserius san bhliadhuin 455, na
Heruli san bhliadhuin 473, na Gots san bhliadhuin 487, na Gots arís faoi Thotila san bhliadhuin 499, agus fá dheóigh an 5 Séarlus san bhliadhuin 1527, agus 'na dhiaigh so uile do thoiligh Dia (amhuil an Phenix) í 'éirghe as luaithre a creach-ár go bhfhuil anois ar na cathracha is glóirmhire sa Euróip. An ar Port Mil, .i. droichead a' Mhuilin, do chonairc Constantín fighir na croisi isna spéiribh agus a' scríbhinn In hoc signo vinces? Is eadh. Créad iad na prionnsuidh Eagluis agá bhfhuil cumhachta talmhuidh co maith ré neamhdha? 1 An Pápa, agá bhfhuil seacht gcóigidheagh fuidh, .i. Romania, Ferrara, Urbinus, Marca (ionna bhfhuil cathair Loreta), Spoleto, Oidhreacht Pheadair, Campagnia, .i. Latium (ionna bhfhuil an Róimh); 2 an dara prionnsa, mór-mhaghister Mhalta (oileán do-ghabhála), agus is cionn nó uachtarán ar an órd uile, agus do-bheirid móid an creideamh do chosaint nó bás d'fhágháil; 3 an treas prionnsa, Maighistir na tTeutonics; 4 an ceathruadh prionnsa, aird-easbog Salsburg san Ghearmáin, an tí is saidhbhre: anallód bhádair 'na ríogh ar Bavaria; 5 an cúigeadh prionnsa, prionnsa agus easbog Liég, anois 'na Elector Colen fuidh a bhfhuil 30 daingneacha: Liég, Parrthas na hEagluisi; 6 an seisiughadh prionnsa, easbog agus prionnsa Munster a Westphalia, daingean daoineach; agus
an seachtughadh prionnsa, tighearna agus easbog Bhremen, atá anois ag Protestant; 8 an 8 prionnsa, easbog agus tighearna Pasau, dearbhráthair Bavaria, .i. Joseph Joannes. Nach iomdha áit ar feadh na Críostuigheachta ionna bhfhuil cur ag an Eagluis? As eadh: mar atá, Vurtsberg agus Bamberg a bhFranconia. Cad í an áit í Loreta? Cathair ládir dhaoineach ionna bhfhuil go míorbhuileach naomh-thoigh Mhuire Mháthar ionnar chomhnuigh sí an tan do bheannuigh an t-aingeal Gabriel di agus ar coimpre í ón Spiorad Naomh, chum a ttig ar iolarachas (ó gach críoch don chruinne) iomad Chríostuighthibh. Nach Ársuidh is tidiol do Ravenna? Is eadh; agus atá uisge codh gann sin ann go ndubhairt an Sasanach: Lodged at Ravenna, water sels so deare, A cistern to a vineyerd I prefer. Naples: an cathair ádhluinn í? Is eadh; óir atá 9 míle ionna timchiolla taobh astoigh dá múir, agus 18 don taobh amuidh, agus is fogus di Elisium na bhfhilidhe agus Vesubhius, trinntride do bhrúcht san bhliadhuin 1631, réar
marbha 30,000 anam ré tuilte ribhe agus lasracha; agus san bhliadhuin 1706 do marbha 20,000 duine ar an modh gcéadna. Ionn a gcathair Nola do ruga Paulinus Naomhtha? Is eadh; agus is innte fuair Augustus agus Cicero bás. Agus a gcathair Acuin, Tomás Naomhtha a Acuin. A mhic mo chléibh, is iomdha críoch cathair easbogóideacht agus daingean san Iottáille (tré athchumair) d'fhágas gan ainimniughadh. Máiseadh aris dam cionnas stiúirighear í? Fo 5 dhiúice, 2 phuiblidheacht (gan áireamh S. Maríno), Rígh na Spáinne, an Pápa, agus prionnsuigh oile is táire ná iad soin. Agus is Catolicibh íad, acht na Vadois a Savoi. Atá an Pápa, dá Phaitríarc, 31 aird-easbuig, 288 easbuig, 15 áitibh ionna bhfhuil coláistidh, agus tuille oile. Atá a Naples 14 prionnsuidh, 25 diúicidh, 30 marcuis, 54 iarluidh, 400 barúin. Créad é ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort locha na hIottáille?
An ar an loch Lemanus goirir Geneva? Is eadh, do bhríogh gur í Geneva ríogh-phort na háite, suighte ar an abhuin Rosne a gcríoch Savoi; agus is cathair ro-láidir í fo stiúrughadh 200 buirgéiseacha. Cionnas riaghaluighear an Eagluis innte. Ré trí dronga, tuata, ársuidh, agus ministerí, agus sin do réir riaghala agus órdughadh Calbhín san bhliadhuin 1541. Nach fo stiúrughadh easbuig bhí sí? Is eadh, gusan bhliadhuin 1528 ionna díbre é feín agus a eagluis le fuireann na cathrach, dá ndubhairt Calbhín Suffragio meo comprobavi, agus atá ó shoin a leith 'na puiblidheacht, gí gur chuir diúice o Savoi agus dronguibh oile léigir minic gan tairbhe ria. An ceaduigheach gach uile chreideamh innte? Is eadh; agus básuighear an t-adhltranach risan dlígh, nó cuirthear prionsúnacht 9 lá (ar arán agus uisge) air, nó díbiorrthar íad. Gidh eagh so, níl meirdridh san chruinne is módh ná íad. An bhfhuil 60,000 coróin gacha bliadhuin do ard-chíos nó do aimhe ag an gcathair si? Atá gan áireamh gach cíos príobháideach do-gheibhid; agus is é a harmsa nó suathantas (do réir órdughadh an Phápa) eochair, agus toil an impir, iolar, do réir an fhile.
Oileáin na hIodáile: Tá oiléanuibh oile is táire ná íad so ar nach labhram orra. Silicia: trí-bheannach; ionna bhfhuil an súmaire Charibdis, Sliabh Híbla, .i. cnoc na meala, Aetna, 12 chathair: gráinnseach na huile mheas agus arbhar. Corsica, .i. Cirnus, Leracina cathrach Marian, Píla: ré Genoa an chríoch so, ionna bhfhuil fuireann bhocht dhúrunta neamh-ólgach, aird-easbogóideacht, agus seacht easbuig.
Sardinia, .i. Ico, Jehnusa, cathrach Bosa, S. Reparata, Acuilastro; agus atá 3 aird-easbuig, 15 easboguibh Catoilicibh: críoch thorrthach. Elba, .i. Ilva Galmaria: ní leaghean íarann na críche si innte féin, acht a gcríoch oile. Abila: ionna bhfhuil colamhnuibh Hercules ar a bhfhuil scríobhuinn Nil ultra. Isclua: ionna bhfhuil tobar co teith sin bhruthas feól agus íasg gan mhoill. AN FHRAINGC. Cionnas atá an Fhraingc suighte? Idir an 15 céim agas an 29 céim don fhaide, agas idir an 42 céim agas an 51 céim don tuath-leithne. Cionnas atá an Fhraingc suighte? A' Mhuir Mhór agus Chaol agus Flontreas don taobh thuath, an Iottáille agus an Ghermáin don taobh shoir, an Spáin agus an Mhuir Mheadhónach don taobh theas, agus an Mhuir Shiar don taobh shíar di; agus is é a fad 550 míle, agus a leithead 550; agus is féidir ré comórtas risan Iottáille ar áille fuinn agus fearuinn, faoi lomra féir, fíon agus arbhar, agus torrthuibh oile; dealbha 'na 12 cuid. Ag so do gach cuid
An cathair ársuidh Amiens? Is eadh; ríogh-phort Constantín, Constans, Julian imprídh, is iomad oile, mar atá, Valentinian, Valens, Gratian, agus Theodosius. Paris: cionnas atá sí suighte? Ar oileán na Fraingce, darbh ainim anallód Lutesia, agus deirid gurab iad sliocht Japhet íad féin na sean-fhunndúiridh, agus atá an chathair si ar na cathrach' is módh agus is deisi san Euróip. Trí mhíle a fad, agus dá mhíle go leith a leithead, agus do réir mheas atá 23,223 toigh innte, 487,680 duine innte, 32 páláis, 54 teampuill, 38 coláisti, 30 hospitals, .i. bocht-ádhris, 4 mainistrecha móra, agus mór-uibhir eagluis oile, mar atá, Notre-Dam, Eagluis Mhuire: a fad 71 troigh, a leithead 60 troith, tóigthe ar 120 colamhnuibh - atá 45 sépéil
innte, 4 clogáis 'n-airde 44 bunlámh, geatuidh íaruin agus fíghir 28 ríogh agá dul asteach - 24 duine a n-éinfheacht is éigin chum an chloig mhóir do chling. A ngoirtear Tobar na Músuidh don chathair si? Goirthear; agus adeir Eusebius gurab sine í nó an Róimh. A tidiol: Cathair an tSíth. Versals an pálás is deisi san domhan do réir an fhile: Vir fuit ille domus quod conditor indicat ejus. "An teagh úd gibé do-rinn, bu duin' é fiosach fír-ghrinn." Agus iad so ar a lour: Non orbis gentem, non urbem gens habet ulla, Urbsve domum, dominum nec domus ulla parem. "Níl a samhuil san chruinne d'uaisle, nó cathair ag uaisle mar isi, is níl toigh ag cathair is áille, nó tríath ag áras mar an toigh so."
Ag so an t-Éirionnach ag cur an Bhlairne 'na compráid: Atria Borbonidum tumido qui carmine laudas, Blarnia Cartiadum non tibi nota fuit! "Gorta chút, a spusán 'ní mórán do thoigh na Fraingce: is cosmhuil nach bhfhacais toigh Chorbmuic ón mBlairne!" Rheims: an ré a aird-easbog corónar Rígh Frangc? Is eadh; agus ma' breóite nó as a tsligh, do Easbog Soissons is ceart é. Do bhí 6 phrionnsa agus 4 phápa 'na n-aird-easboguibh innte, agus is diúicidh iad do réir a ttittioll. Do fríth 13 naoimh innte, agus is innte do cuire Béarla ar an mBíobla ar mbeith do Eagluis Shasanach Douei ar deóruigheacht innte. Cia ionna n-adhnuicear ríoghuibh Frangc? A S. Denis, a ttombuidh saidhbhir. A S. Gearmans fuir an 2 Séamus agus a chéile bás, Rígh Sasana. Rouen: is innte do ruga Uiliam de Conquer. Caen: sean-chathair ionna mbíann 3,000 scoláire. Bourfleur: ionnar loisge a Físmhnaoi Sun agus 12 long Francach ré Fussel admiral.
Orlans: sean-chathair ádhluin do shas go tréan a n-aghaidh Sasana faoi an bheann chródha Jóan de Orlans, agus do bhris go menic orra. Gidh eagh, fá dheóigh do-rinne bráidh dhi, dá losga a gCompeighn mar upa. Orlans tidiol dhara mac Rígh Frangc. Cartres: cathair ládir; tidiol - "Oidhre Orlans." Nogent: an baile is deisi san bhFraingc. Lions: cathair ládir fharsaing shaidhbhir dhaoineach agus an dara cathair ar mhéad is módh san bhFraingc, ionna raibhe 2 fheis choitcheann, .i. san bhliadhuin 1245 agus san bhliadhuin 1274; is innte ruga S. Ireneus. Baione: cuan is fearr go ríoghacht na Spáinne, agá bhfhuil cnoc air ó bhfhaicthear trí ríoghachta, 'n Fhraingc, an Spáinn, agus Navarr; agus is fogus di fós oilén an chumhlúadair ionna ndearna dáil agus solamhuin phósta Rígh Frangc agus Infanta na Spáinne. Tolous: ionna mbíon cobhlach Rígh Frangc ar feist, agus ionnar adhnuiceadh (a n-eagluis S. Dominic) an Naomh Beannuighthe S. Tomás a Acuin. Pamiers: a Languedoc; easbogóideacht. Do bhí Naomh Laoiseach a Marsels, an 12 Benedict Pápa, 4 cardionál, agus an Spondan foghluma 'na n-easbuig innte. Avignon: cathair fharsaing ádluing mhór-thráchtach
choláisteach, ionnar raibhe Séamus mhac Séamuis mhic Shéarluis mhic Shéamuis, Rígh Sasana, ar deóruigheacht; agus is risan bPápa an chathair si, óir do cheannuigh an 6 Clement Pápa í ó Joanna bainríoghan Fhrangc, ionnar chomhnuigh a chomhorba gusan 11 Greaghóir Pápa, do athruigh don Róimh tré aisge na naoimh beannuighthe S. Catarína de Siena. Vienna: príomh-fháidh ar phríomh-fháidhibh na ríoghachta; agus is é S. Cresens an chéad easbog do bhí uirre. A Thaidhg, is liosta nísa mhó do ainimniughadh. Uime sin scuirfead díobh. Mo achuinge ort, a athair dhílis ionmhuin: innis dam cionnas stiúrighthear an Fhraingc? Reis an rígh, agá bhfhuil an ríoghacht go huile fó a thoil féin; agus ní thuitean an oídhreacht ar ghin innghine; agus is Catoliceach é féin agus a ríoghacht, acht na Hugonots atá i Cevenes. Atá 18 aird-easbuig, 112 easbuig, 140,000 sagart porráiste, 6 uachtaráin, 11 ord nó comhchruinniugh, 1,356 mainistir mhanach, 16 ríogh-mhainistreacha móra manuidh, 557 mainistreacha mná riaghalta, 12,400 prióireacht, 15,200 séapéil agus séplíní, 256 Oird Mhalta, 14,777 mainistreacha Jacobins, Agustínibh, Pronsiasánuibh, Carmelítibh, Cartúsianibh, Benedicteanuibh, Bearnardianibh, Jesuits, Minims, Celestins, agus bráthribh oile, agá bhfuil
9,000 toigh riaghalta, 252,000 metari nó saorsacht, 17,000 acra fíneamhuin; agus ré ordughadh an atá 2 aird-easbog, 7 easbuig, 770 mainistreacha bráthar, 280 ban riaghalta, ionna bhfhuil coláisti ionnta, Paris, Bourdeaux, Poictiers, Orlans, Bourges, Angers, Caen, Montpellier, Cohors, Nants, Rheimes, Valens, Aix, Avignon, Pont a Mauson, Perpignan, Douai, Dól, Friburg, Oráng. ESPÁIN. Idir an 9 agus an 24 c. don fhaide atá Espáin suighte agus idir an 35 (c.) 30 m. agus an 43 don tuath-leithne. Cionnas atá an Spáinn suighte? An mhuir is Cuan Biscai don taobh thuath, an Mhuir Mheadhónach don taobh shoir, an Mhuir Mheadhónach agus Caol-mhuir Gibraltar don taobh theas, agus an Mhuir Mhór don táobh shíar; agus is é a fad timchioll 750 míle, a leithead 510; agus is tír shléibhteamhuil choilteach ghleinneach chairrgeamhuil, ro-theadh san samhra agus ro-fhuar san ngeimhre, ionna bhfuil torrthuibh iomadamhla, an fíon is fearr, agus arán, ionnus gurab féidir a rádh gurab inghean dlisteanach don nádúir í, agus áilleán na bprionnsuigh, agus toiceadh na Críostuighcheacht, tré a ttairngnighean do shaidhbhreas
ós na hAindíachuibh. Agus atá sí rannta 'na 13 chuid. Ag so do gach cuid: An a gCompostela atá taisí Naomh Séum Apstol? Is eadh, agus a Valadolit a Sean-Chastíl do ruga S. Teresa. An cathair mhór í Madríd? Adeir na Spáinne go bhfhuil sí co mór ré Paris, agus is risan rígh céad-orlár gacha toigh innte munar ceannuighuaidh é. Do thóig an dara Philip droithchead oireirc ar an abhuinn Tagus, bhíos gan uisge san samhra, dar lean an sean-fhocal go
gcaithmheadh an rígh an droithchead do dhíol ar uisge chum abhna. Is annsa Esurial cuirtear na ríoghuibh d'éis báis. An í cathair Tholedo príomh-fháidh na Spáinne? Is í; agus a nAlcantara do ruga Naomh Peadar de Alcantara. Dirthear gurab í cathair Sivil an chathair is saidhbhre san Euróip, óir is innte tig taisge na nAindiachuibh chum na Spáinneach. Biscai, S. Andro, Toloso, S. Sabastin, Bilbo, Fontarabia, S. Andera; Galicia, Coruna (.i. Gróin), Baiona, Compostela (ionna bhfhuil corp S. Séam Ap.); Navarr, Tudela, Victoria a gcríoch Alva, Viana, Pampelúne; Sean-Chas., Avila, Segovia, Valadolid, Soria (ionnar claoidhe 40,000 Romhánchuibh), Leon, Palencia, Salamanca, Cividad Rodrigo, Zamora, Aviles; Catalonia, Tortosa, Girón, Roses, Taragona, Urgel, Palamos; Aragon, Saragosa Iáco, Albarasin, Huesca, Tarasona, Mason; Valencia, Segorue, Orighuela, Xativa, Alicant, Culeira; Nua-Chaistíl, Toledo, Cuenca, Siguensa, Alcala Calatra, Alcantara, Badaios Placencia; Marcia, Cartagena (tug do Rómhánchuibh 25,000 dr.); Andalucia, Baesa, Gibralter, Corduba, Cadiz, Medina Sidonia, Jaen; Granada, Guadi, Almeria, Malaga, Alumia, Osuna; Asturia (.i. Guipuscoa), S. Sabastin, Fonterabia. Cionnas riaghaluighear an Spáinn? Réna rígh dlisteanach féin ó oidhreachta agá bhfhuil cumhachta uile, agus is Catoiliceach é féin agus
a ríoghacht go huile, agus is é tiodiol an rígh "Catoiliceach." Atá 8 áird-easbuig, 42 easbuig, agus 20 baile ionna bhfhuil coláiste. Níl Spáinneach gan a bheith spéireamhuil. Atá an Spáinn suighte idir 35 céim agus 24 céim do fhuide, agus idir 35 céim 30 m. agus 43 céim do thuath-leithne. PORTINGAL. Cionnas atá Portingal suighte? Idir 10 céim 35 min. agus 13 céim 10 m. don fhuide, agus idir 37 céim 20 m. do thuath-leithne; an Spáinn don taobh thuath agus shoir dhí, agus an Mhuir Mhór don taobh theas agus shíar dhí; agus is é a fad 300 míle, a leithead 130. Amhuil na Spáinne atá a fonn, agus í rannta 'na 6 cuid:
An cathair fhairsing shaidhbhir dhaoínech í Lisbon? Is eadh, agus an ríogh-phort. Is innte do ruga S. Antóin ó Phadua, ós comhair gheata eagluis Muire ionna a bhfhuil corp S. Vincent currtha. Estramadura: ionna bhfhuil 130 mainistreacha, 1,460 porráistidh, 5,000 toibreacha, 200 droithchead cloch. Porta: port ionna bhfhuil 4,000 toigh fo a bhfhuireann daoine. Cionnas stiúiridhear Portingal? Ó aimsir an dara Philip gusan bhliadhuin 1640 fuidh chumhachta na Spáinne, agus ó shoin fó a rígh féin agá bhfhuil dlighe na críche ionna láimh féin. Catoiliceach é féin agus a ríoghacht go huile, ionna bhfhuil 3 aird-easbuig, 10 easbuig, agus trí cathracha ionna bhfhuil coláistidh; agus bu hé sean-ainim na críche so Lusitania; agus deirthear 200 abhuinn do bheith innte, óir is innte atá an abhuinn Minius ar a siubhlan long 100 míle agus í líonta do lúaidhe dhearg. An Tagus (ar a bhfhuil an chathair Lisbon), agus an Ana, aibhne sníomhas thríd an Spáinn. OILIÉN NA SPÁINNE. Créad íad na hoiléain is tásgamhla ag an Spáinn? Ag so dhuit a n-ainim, a bhfhad, a leithead, agus a ríogh-phort:
Agus is sléibhteamhuil coillteach íad na hoileáin so ionna bhfhásan fíon agus arán go hiomadamhuil. Níl nathar nimhe san oiléan Ivica, agus deirid go bhfhuil an dá oiléan oile ar an nós gcéadhna. Gidh eagh, a bhFhermenteara níl ann acht naithre nimhe go huile. Agus is risan Spáinn na criochuibh so, agá bhfhuil visroi a Majorca, agus easbog; agus is tásgamhuil an coláiste atá innte, faoi a bhfhuireann Catolicibh dóibh. Oilén Gades, .i. Cales, .i. Tertosa, 13 mhíle a fad. Armáil na Spáinne, 1596, do gabha a n-aon-lá í ré Notingham, Essecs, agus Sir Valter Failli, ag losga 40 long Indiach: luach a bhfuireann 8,000,000. SCANDINAVIA. Cionnas atá Sualand suighte? Idir 32 céim 30 (m.) agus 61 céim 30 m. don fhuide, agus idir 55 céim 55 m. agus 68 céim 52 min. don thuaith-leithne, an Lapland don taobh thuath, Muscovia
don taobh shoir, an Bhailtic don taobh theas agus Fionn-Lochlonn don taobh shíar; agus is é a fad 900 míle, agus a leithead 810; agus is tír shléibhteamhuil choillteach fhuar chairgeamhuil chródha í; agus adeirid gurab é mac Japhec mhac Naoi an chéad rígh do bhí uirre, agus go raibhe 100 ríogh dá shliocht innte 'na dhiaigh; agus is é tidiol garma atá ag an rígh "Rígh Sualand, Vandols, agus Goths, Móir-phrionnsa Finland, Diúice Estonia agus Chorosia, Tighearna Ingria"; agus is é a shuathantas trí coróna. Créad é ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort na gceire locha is mó san chríoch so? Cionnas atá sí rannta? 'Na 30 gcóigidhibh agus so dhuit na seacht is tásgamhla díobh:
Ag Rusburg níl stad ar shnádhad an chompáis. An í Stocholm príomh-longphort an rígh? As í, agus í suighte a 6 oileáin ar adhamod sáighte san mhúir gusan bhliadhuin ionnar loisge go huile beagnach í. Amhuil an phenix nuadh di ó shoin a leith; agus atá sí tóigthe do bhrícidh agus do chloch, a tempuill arna bhfholach do umha nó copair, do-bheir sgéimh bhreagh don chathair. An Bhainriaghan Cristiana, cia raibhe an tan do thréig a coróin ar son a creideamh agus do-chuaidh don Róimh ionna bhfhuair bás? A bPálás Upsal. Agus is iongantach na hoibreacha atá ar chlog uairean Lunden. Agus is é as ceannuigheacht san chríoch so: miotail, umha, copair, etc.; seidhiocha, craicuin fíadh, agus gabhar, seannuigh, etc.; crainn phín, gheimhis, agus darach; gir, tarr, agus mil, etc. Cionnas stiúirighear í? Fo a rígh nó a bainriaghan féin; agus ó ghabhadair creideamh bu Catoilicidh iad go haimsir Lutéir, agus is é a lorg leainid anois. Cá líon aird-easbog innte? A haon, a nUpsal (agus sin ré órdughadh an treas Eugein Pápa san bhliadhuin 1148), faoi a bhfhuil sé heasbuig; agus níl acht dá bhaile ionna bhfhuil coláistidh.
Fuireann fhád-shaoghulach lucht na gcríoch so: mairid 146 bliadhuin. Oiléain Sualand: DANIA. Cionnas atá peninsuladh Dubh-Lochlonn suighte? Idir 30 céim agus 33 (m.) don fhuide, agus idir 54 céim 10 m. agus 58 céim do thuath-leithne. Atá an Bhaltic don taobh thuath agus soir, an Ghearmáin don taobh theas agus an Mhuir Gheirmáinneach don taobh shíar. A fad 180 míle, a leithead 100; agus atá sí ar na críoch' is ársuidh san Euróip, áitighthe anallód ré fuireann chródha chath-bhuadhach thíránta. An tír fhulláin chorom í? Is eadh; agus atá sí rannta 'na ceithre fairchibh ré cóir Holsten agus Slesaic, agas ag so duit
Agas níl oidhche ar feadh 2 mhí agus 3 seachtmhaidhne san chríoch so, san taobh thuath, ionna bhfhuil iomad súmairidh agus lochadh. Cá mhéad míle a loch Vennoe? Fidhche míle a fad agus cúig a leithead. An í Copenhagen an chathair ríogha? Is í; cathair láidir dhaingean agus méaduighear a háille risan bhfolach copair atá ar a heagluis. Ar sheas an daingean láidir Crampe 13 mí léigir a n-aghaidh Valestin (general an impir) (agus) a shluagh Gearmáineach? Do sheas. An ón bhaile bheag Angles táinic an fhuireann ó n-abarthar England ré Sasain? Deirid gurab eadh, agus gurab a Nuraniburg do chomhnuigh an t-annstrolaoch Ticho, gurab a nOdensee do hadhnuiceadh Canutus Naomhtha.
NORUAI. An marbhann na Lemmers (atá a méad luchóige) féar agus luibh na talmhan? Do-níd; agus a ndéis na fóghla cruinníd ar aon-láthair agus gheibhid bás, tré a n-éirghean boltonas do-bheir plágh agus tinneas ar lucht na críche; agus deirid gurab ón aeir a stuirm thaguid. An daoine bochta iad fuireann na críche si? Is eadh; agus atá fuath nádúrra acu ar mhídh-chneastacht. Cionnas díberthear míolta móra, 'tá go ro-iomadamhuil ar chóstuidh na críche si? Deirthear ré teilgean ola chaster san mhuir. Cia stiúirigheas an ríoghacht? An rígh, réna chumhachta féin; agus bu Catolicidh íad go teacht Lutéir; agus a lorg-san leanuid anois. Lunden príomh-fháidh, agus sé hesbuig faoi, ré ordugha an 4 Adrian Pápa. Níl acht 2 bhaile ionna bhfhuil coláistí san chríoch so. Ocht n-oiléain Dhania:
Agas atá (na) hoilénuibh so don taobh shoir do Dhania agus do thaobh theas do Shualand, agus íad uile áitighthe dá bhfhuireann, agus go háirighthe Séland ionna bhfhuil an ríogh-chathair Copenhagen dá ngoirthí Haffnia, agus goirtí do Shéaland Codannomia. FIONN-LOCHLONN. Cionnas atá Fionn-Lochlonn suighte? Idir 58 céim 30 m. agus 72 céim don leithne thuath, agus idir 25 agus 55 don fhaide; agus atá an Mhuir Théachta don taobh thuath, Sualand don taobh shoir, an Bhaltic don taobh theas agus an Mhuir Ghearmáineach don taobh shíar; agus is é a fad 1,000 míle, agus a leithne 240; agus is tír (dar leat) "as beannughadh Dé" í agus "as an ghréin gharrtha", mar adeir an sean-fhocal - fuar fiarscamhuil cairgeamhuil sléibhteamhuil allta ainbhríoch, agus go háiridhthe san taobh thuath. Gidh eagh, tug Día na grása so di, iomad éisg ionna hinbhir agus fearbógadh ionna fásachuibh. Cionnas atá sí rannta? 'Na cúig míribh, .i. Babus, Aggerus, Bergen (an ríogh-phort), Drontim, Vartus; agus níl fios a bhfhad nó a leithead agam. Cia riaghaluigheas an chríoch so? Rígh Lochlonn, ón mbliadhuin 1359; agus is
ionnann creideamh dóibh, óir leanuid lorg Lutéir go huile; agus atá aon aird-easbog agus 3 heasbuig innte - a n-aimsir Chatoiliceacht 6 easbuig a líon. Abair:
Níl oileán gan eagluis díobh so, agus íad uile áitighthe. Suathantas 77 oiléain Feroe: gabhar fad-róinneach ceathair-bheannach. MUSCOVIA (.i. RUISIA ALBA). Cionnas atá Muscovia suighte? Idir 50 agus 100 céim don fhaide, agus idir a 48 agus 72 céim don tuath-leithne, agus an Mhuir Thuath don taobh thuath, an Tartari Mhóir don taobh shoir, an Tartari Bheag don taobh theas, Poland agus Sualand don taobh shíar; agus is é a fad 1,660 míle agus a leithead 1,530; agus is tír fhásamhuil rodh-fhuar san taobh thuath í, talamh thorthach ain-teadh san taobh theas, agus í áitighthe ré drong ainbhfhiosach fallsa aineóldhach claón chum coimhlíona an toil nádúrra. Agus do bhríogh a móir-aidhbhne tá trácht mór ón bPersia aiceadh, agus ón Euróip a ttaobh na fairge, agus atá dá loch mhór innte darab ainim Belejeura, 120 míle ar fhad agus 90 ar leithead, Limen, 320 míle ar fhad 140 ar leithead. An innte atá sléibhte Rífea?
Is eadh; agus atá 37 cóigeadhuibh a Muscovia, agus ag so dhuit ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort na 14 cóigidheagh is tásgamhla díobh: san taobh thuath: -
San taobh theas: - Cionnas atá Rusia suighte? Do gach taobh don abhuinn Tanais; cuid san Euróip, cuid san Asia; agus is í an abhuinn sin is teóruin idir an dá rann so don chruinne. Bí lá sé mí a gcuid don impireacht mhór so, agus oidhche an fad céadna; bíodh an Mhuir Théachta 'na
sléibhte eidhreadh agus seaca; agus is annsa chríoch sa tá na croinn is airde san domhan; níl suim ionna ngealamh do bhriosa ag cótuidh coidhleathna na críche si. An cathair fharsaing dhaoineach Muscou? Is seadh; óir meastar 16 mhíle ionna timchiolladh, 40,000 toigh, 2,000 teampoll do bheith innte, do bhrígh gurab í ceann-chathair na Ruisia í. Is do adhamad atá urmhór a toighthibh tóigthe agus na ríoghachta go huile. An bhfhuil sé ceaduigheach do Ghaill trácht agus ceannuigheacht a gcathair shaidhbhir iomad-daoineach Arcaingeal? Níl; óir chaill síad a saoírseacht an tan do díthcheanna an céad Shéarlus Rígh Sasana, óir ní lúgh ar an Csar an diabhal ná tréatúireach; uime sin an saorseacht do bhí acu do beana díobh é agus ní bhfhuaireadair ó shoin é. Cionnas riaghaluighear an chríoch mhór so? Ré a himpir féin, agá bhfhuil ó shean agus ó shinseareacht a thoil féin mar dhlighe; agus is é dríodar eiriceacht na Gréige is creideamh don impir agus dá ríoghacht, acht a bhfhuil do phágána 'na measg; agus (glóir do Dhía) atá an creideamh Caitoilicibh 'na measg dá sheóla, réar iompuidh a n-aon-chathair (do réir nuathuigheacht na bliadhna so 1721) 40,000 duine ó phágántacht, aga glaca cuinn Chríost orra, agus ag déanamh luath agus tine dá n-íodholuibh.
Atá patriarc, 4 príomh-fháidh, seacht aird-easbuig, agus 18 easbuig innte. Is ó mhaighistreacht fhuireann na críche si ar an Eoróip uile do len an sean-fhocal Omne malum ab aquilone: "ón tuath tig an uile olc," .i. Sualandruibh. POLAND (.i. SARMATIA). Cionnas atá Poland suighte? Idir 38 agus 61 céim don fhaide, agus idir 48 agus 57 céim don tuath-leithne; an Mhuscovia, Livonia, agus an Bhaltic don taobh thuath; an Tartaria Bheag agus Muscovia do taobh soir; Hungaria, Transilbhania, agus Turceadh don taobh theas, an Bhaltic agus an Gheirmáinn don taobh shíar; agus is é a fad 780 míle agus a leithead 590. Cá gné tíre í? Funn coram aoibhin, saidhbhir a mianachuibh luaighe, stáin, airgid, etc., a n-arbhar is a ttorrthuibh oile, ionnus go ngoirid gráinnseach na túatha dhi, agus í áitighthe ré fuireann chródha chneasta fhiall bháidheamhuil dhílis; agus atá sí
rannta 'na 38 gcóigheadhuibh; agus ag so na 10 gcóigeadhuibh is tásgamhla: Agus breathnuighthear go bhfhuil 177 cathair agus daingean láidir san chríoch so. An a gcathair Cracau corónar an rígh? Is eadh; agus sin ré cairdionál príomhfháidh na cathrach Gneasne is regent nó riaghluightheóir go ttobhthar rígh. An risan ríogh sin tobhthar stiúirighear an ríoghachta? Is eadh, maille ré comhairle uachtaráin nó prionnsuigh na ríoghachta; agus is Catoiliceadh íad, agus ní tobhthar rígh gan a bheith 'na Chatoiliceach. Is rodh-anamh bithbheannach do fhuireann na críche si; agus bí subháilceadh mhór orra an tan
mharbhuid go dlisteanach Turcach: cuirid cliteadh ionna mbaréad mar chomhartha an bhuadha. Ag an Aithfreann, ag seasamh do éisteacht an tsoisgéil, tarnidhid na huaisle a n-arm dá chur a n-amhuil go bhfhuilid toileamhuil ar bhás d'fhagháil ag cosnamh an tsoisgéil. An ttairnidhid na daoine suarracha a n-arm? Níl cead airm acu acht a n-am cogadh. Agus atá dá áird-easbog, 18 easbuig, agus 4 bailte nó cathracha ionna bhfhuil coláistí. Is críoch choram an chríoch so; agus a tteanga na Sclavonianuibh is ionann pol agus coram. Livonia: Finland do taobh tuath, Muscovi don taobh shoir, Lituania don taobh theas, an Baltic don taobh shíar - ionna bhfhuil an daingean rodh-láidir Nárn; agus ar eagla a shamhuilt a bheith san gcruinne beana na súile as fear a tóigthe. Lituania: Polonia don taobh thuath, Poland don taobh shoir, Polonia don taobh theas, Muscovi don taobh shíar. San críoch so atá cathair Vilna, Breastnia Vilcómir. Volinia: arna timchiolla ré Lituania, Podolia, agus Rusia; a príomh-bhailte Ciavia agus Circasia ar imioll an inbhir Neiper. Samagotia: a ríogh-phort, Camia; Livonia don taobh thuath agus a' Baltic don taobh shíar. Podolía: Lituania don taobh thuath, Rusia don taobh shoir, Neister don taobh theas, agus Polan
don taobh shíar: san chríoch so atá Camiensa, baile do-ghabhála. Rusia Nigra: Poland don taobh thuath agus shiar, Padolia don taobh shoir, Hungaria don taobh theas; a ríogh-phuirt Leopolis, Limburg, Grodec, agus Lucso; agus goirthear Nigra di mar eidirdhealbha idir í féin agus Rusia Alba na Muscovia. Rutenia agus Rocsolonia: goirthear Rusia Meredionalis díobh. Prusia, .i. Borosia: an Baltic don taobh thuath, Lituania don táobh shoir, Masovia don taobh theas, an abhuinn Vistula don taobh shíar. Poland: Mosavia don taobh thuath, Lituania don taobh shoir, Padolia don taobh theas, an Ghermáinn don taobh shíar; ríogh-phuirt, Guisna, Siradia, Posna, Minsc. HUNGARIA (.i. PANONIA BHEG). Cionnas atá Hungaria suighte? Idir an 40 agus 47 céim don fhaide, agus idir an 43 agus an 49 céim 10 m. don leithne thuath; Polond don taobh thuath, Trannsilbhania don taobh shoir, cóigidhibh na Danubia don taobh theas, Austria agus Moravia don taobh shíar; agus is é a fad 420 míle
agus a leithead 290. Tír ádhluinn shaidhbhir choram ghriothach altach thorrthach fhéar-uaidhne í, ionna bhfhuil míonach óir, airgid, umha, stáin, etc., líonta lán aráin agus fíona, go nach gcroma a ceann ar fheabhas do ríoghachta san gcruinne. Ní bhfhuil críoch is fearr aidhbhne ná í chum tráchta ná ceannuigheachta, tré a bhfhuil a fuirean miodh-shocair, mí-dhílis, an-tsaidhbhir. Atá dá loch mhóra innte: .i. Balaton, ionna bhfhuil 35 míle ar fad agus 9 ar leithead, agus is é a ceann-phort Tihan; Fairge Nua an Fhidleir goirid ar an dara loch, ionna bhfhuil 20 míle. Cionnas atá sí rannta? 'Na cuid uachtair agus iachtair; agus is é fad an chuid uachtair 338 míle, agus a leithead 160. Fad an chuid íachtaruidh 360, agus a leithead 290. Créad iad na cóigídh? Níl a bhfad ná a leithead ré stair ná cárda agam. Ag so a n-ainim: Srigonium, príomh-chathair; 52 blíadhuin fuidh Thurcuibh gusan bhliadhuin 1596 ionnar ghabh Count Mansfield í, ionna bhfhuair bás. Preasburg: ar an Tanuibh; 34 m. tuath-shiar do Raabh, 46 soir do Bhienna; príomh-chathair. Pest: ós comhghair Bhuda, ar an abhuinn Danubh; a seilbh an impir ón bhliadhuin 1686.
Colocso: a gcontae Bat., ar an abhuin Danub, 54 m. deas-shoir do Bhuda; ag an impir. Esperies: 1682 da ghabh Count Teceli í so do thaobh Turcuibh. Chascov: 1682 do thug an chathair si í féin do Count Teceli. Tochai: coislén láidir a gcontae Semlim, suighte idir na haibhne Teies agus Bodrach. Agria: san bhliadhuin 1597 ghabh Turcuibh í so ré bás iomad d'arm; a gcontae Sag. Solnoc; ar an abhuin Teis, fuidh chumhachta an impir ón bhliadhuin 1685. Segedin: a gcontae Brodroch, ar an abhuinn Teis, .i. Tibiscus; ag an impir ón bhliadhain 1686. Satmar: arna timchiolla don abhuin Samosh; 54 m. so. do Thocai. De Bresin, .i. Dubitsa: a gcontae Debrecin; 18 m. deas Callo, 86 so. do Bhúda. Mór-Varadin: a gcontae Waredin, 75 m. begnach tuath do Temesver, ar Inbhir Keres. Temesvar: fuidh Thurcuibh, ar imlibh Transilvania, 54 m. tuath-shoir do Bhelgrád. Giulla: a gcontae Waradin ar a' Loch Sarcad, 28 m. deas do Waradin. Nua-Hausel: 1662, tré thine do ghlac púdar na háite si, ghabh Turcuíbh í. Raab: don taobh theas don Danúb, ionn oileán Scut, 12 mhíle ó Vienna; do athghabha í 1597.
Gran, .i. Strigonium: 28 m. tu. sho. do Bhúda, 35 m. so. do Raab, 110 m. so. ó Vienna. Buda: an cheann-chathair, agus an daingean is láidre san chruinne. Canicha, .i. Canisia: ghabh Turcuibh í so. Sigec: 1565 do ghabh Turcuibh an chathair si ionnar marbha Count Serenus; cúig teampuil; ceann chontae Bharanivar; 32 míle, begnach, soir do Siget, 74 m. deas do Bhuda. Albroial, .i. Alba Regalis, ionna gcoronuigh ríoghuibh Hungaria: 1601 do ath-ghabh Críostuighthibh í so, agus Turcuibh arís; a gcontae Ekekers di. Saruisa, Zarwisa. An í Preasburg san chuid uachtaruidh ceann-chathair na ríoghachta? Is í: ó caille an chathair láidir dhaingean Gran; príomhfháidh na ríoghachta, aird-easbog agus chanceller agus breitheamh ar an chomhairle ríoghdha. An nderna an t-impir Rodolphus diúice do Sir Tomás Arundel, oidhre Choisleáin Wardor a Wiltsír a Sasana? Do-rinne, agus sin mar do bhris sé síos agus tug sé leis na 'aonar an bratach an Turcaidh mhóir ó Thór an Uisge a gcathair Gran san bhliadhuin 1595; agus do-rinnigh an chéad Shéamus Rígh Sasana barún de; agus atá na gairm céadna agá oighridh aniu. An é an t-impir stiúirigheas an ríoghacht so?
Is é; agus tobhthar a mhac is sine mar rígh. Is Catoilicidh a n-urmhór, agus clann Lutéir an chuid oile; 2 áird-easbog, 13 heasbuig atá innte. Ní bhfhuil suim ag fuireann na críche si a n-adhluighean ar bith acht a saidheadiúireacht faoi an impir, ag cathughadh ar a shon. Tá trí fomhair arbhar san mbliadhuin innte. Fásan féur uirdeacht fir. Ní bhíon cruth nó oidhreacht ag buinneannach, agus ní ghlacan súan acht ar chrúadh-leabhuidh roimhe a pósta agus sin ag tiomchioll a 24. Mar an gcéadna ní póstar fear gan a bheith 30 do aois. Is ré Feardinand, mór-dhiúice Austrea, dearbhráthair an 5 Séarlus a ttaobh a mhná Áinne, inghean Uladislaus Rígh na Hungaria, tuga an chríoch so fo stiúrughadh Austrea, agus bu hí oighre na Bohemia d'éis bháis a dearbhráthar í, agus ag sin adhbhar aidhneas thiodail an impir ar na críochuibh so. OILÉAIN DHANUBIA (.i. ISTER). Cionnas atá na deich gcóigidhibh atá idir Hungaria agus an Ghréig suighte? Idir 42 agus 48 céim don fhaide, agus idir an 42 agus 48 céim 40 m. don tuath-leithne; Hungaria agus Poland do taobh thuath, an Fhairge Dhubh agus Poland don taobh shoir, an Ghréig agus an Mhuir
Phelaga don taobh theas, an Ghearmáinn agus an Mhuir Adriatic don taobh shíar; agus a' so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort gach críoch díobh: Cá gné áite í so? Fearonn ionna bhfhuil sléibhte agus coillte, acht Romania amháin ionna bhfhuil fíon agus arbhar. Sasana nó Saxons áitigheas Hermenstat a tTrannsilvania? Is seadh; agus is ó bheith ar chúla choiltibh na Hungaria do goirre Trannsilvania dhi darbh ainim analód Dacia. Is iomdha tarbh agus mart fiothfháin a gcoilte na críche si agus beathfhuidhe oile fiathfháin. Is ann fós atá na heich chum coga is fearra san taobh so don Euróip. Bhí an chríoch so fad aimsir 'na n-íocuidhibh a sclábhuidheacht Turcach; acht an uair do bhuaile na Turca, do chuir a prionnsa é féin agus a chríoch fo thearmon impir na Germáinne.
Muldavia: do-bheiridh an chríoch bheag so (gan congnamh uasail nó eagluiseach) 150,000 coróin 'na bóraimhe do Pholand, agus 500 long lóin do chathair Constantinoble. Sclavonia: do marbha 100,000 Turcach ós comhghair na cathrach. Scodra nó Scuteri san chríoch so: fuireann chródha chruadh-oibreach áitigheas í; agus má cuirthear arbhar go gann innte tig (gan mhór-shaothar) go rodh-thorramhuil; agus do-bheir áirnéis óg uatha fá dhó san mbliadhuin. Is ó lucht na críche si goirthear Sclábhuidhibh dona fogh-dhaoine, do bhrígh go bhfhuilid fo ghnáth-sclábhuigheacht Turcuidh, Venesianuibh, agus gach fuireann oile bhuadhuidheas 'na n-aghaidh. Boinéid do nós Albunuidh chathuid, agus bearruid a ngrúag acht dlaoi bheag a mbaitheas an chinn ar nós Turcuidh. Ní póstar fear gan a bheith 30 bliadhuin d'aois, nó bean gan a beith 24; agus an bhean ag nach bhfhuil grúag dhubh do-níd féin dubh é. Bulgaria: ó fhuireann do Scitianuibh darbh ainim Bulgar do ghabh ceannas na críche si san bhliadhuin 566 hainimnighear, agus do bhuadhuigh a ríoghubh go meinic ar Rómhánchuibh agus Gréaguibh, agus do bhí a gceannas a Constantinoble. Drong chródha dhána íad, agus na saichdiúiridh is fearr ag
an Turcach. Is é is ainim don abhuin Danub san chríoch so Ister. Créad fad an droithchid atá ag cathair mhór Essec a Sclavonia? 5 mhíle Sasanach; agus atá Sclavónia agus Bosnia fo an Impir; Romhania, Bulgaria, agus Searvia, ag an Turcach; Transilvania, Moldavia, agus Dalmasia, fo bhóraimhe an Impir; Volachia fo bhóraimhe Turcuidh; Ragusa, publidheacht bheag san Dalmatia, fo bhóraimhe an Impir, Venesianuibh, Turcuibh, agus an Phápa. Is ceaduigheach gach creideamh annta, acht is í creideamh an Eagluis Ghréaguidh is tréine ionnta. Atá 6 heasbuig, 5 aird-easbuig, agus patríarc don Eagluis Ghréagach a Romania, agus ní bhfhuil aon isna críochuibh oile. Ann a tTransilbhania atá sliocht na leinbh do lean Pied Piobhair as Halberstad lámh ré cathair Bruinsig san nGearmáin? Is eadh; do réir Verstegan, agus adeir gur fhosgail an Cnoc Hameden riompa agus gur íath 'na ndiaigh tré dhraoidheacht Phied, agus sin tré nár tuga an duais dó do gheall fuireann na háite sin dá ndíbeóradh an fhuirean loch frangcach bhí dá gcomhbhuaireadh, an ní do-rinn. Deir Turcuibh ó gabha Constantinoble ré Mahomet gurab ré Mahomet cailtear í.
PRÍOMH-OILÉAINIBH DALMATIA. Créad é ainim, fad, leithead, agus ríogh-phuirt oiléainibh Dalmatia? Agas atá an Saus do thaobh thuath na críche si, Dravus don taobh shoir, an Adriatic don taobh theas, Croatia don taobh shíar. Is san chríoch so atá na cathrachuibh Regusa (.i. Epidarus), ar an Adriatic, íocas 12,000 ducat gacha bliadhuin risan Turcach, Sara (.i. Jadera) ionnar tóige tempoll a n-onóir S. Joan de Molvasia ré máirneuluibh, do ghell (a stoirm) a dhéanamh. Do éignigh fomhuirthibh na críche drong do óg-mhnáibh Venis, tréarbh éigin dóibh 3,000 craiceann coinín agus 100 baruile arbhar do bhóraimhe do Venesianibh a thabhairt gacha bliadhuin - agá bhfhuil sí, acht cuid an Turcuidh dhi.
GRÉIG. Cionnas atá an Ghréig suighte? Idir 45 agus 51 céim don fhuide, agus idir 34 agus 42 céim 45 m. don tuath-leithne, cóigidhibh Danubia don taobh thuath, an Archipelaga don taobh shoir, an Mhuir Mheadhónuidh theas, an Mhuir Ghréagach (.i. Ionian) don taobh shíar dhi; agus is é a fad timchioll 470 míle, agus a leithead 340; agus is saidhbhir (amhuil na Hungaria) a ttorthuibh na talmhan í; agus a bhfhulláine ní a maighistir. Anallód ba hí tobar na foghluma, agus mír na cródhachta, agus bain-triath na cruinne, agus áilléan gach cura í; agus ag so dhuit ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort sé chóigidhibh impireacht na Gréige:
Anna do Mhorea goirir an Ghréig nó Peloponesus? Is eadh; gidh eagh, is íad fuireann Achaia na fír-Ghréaga ag a raibh 26 ríoghuibh díobh féin dá stiúrughadh diaigh a ndiaigh; agus is ann Epirus atá Sliabh Pindus, idir Achaia agus Tesalia; atá Cnoc Oeta, Slíabh Helicon agus Parnasis a bhPhocis nó Livadia; Slíabh Citeron a mBoetia nó Stamusipa; Sliabh Olimpus, Ossa, agus Peilius, ann Elis san Tessalia; Sliabh Atos, .i. an cnoc beannuighthe, a Macedonia. Nach a nElis bhí íomháigh Jupiter? Is seadh; agus do bhí 60 bhanlámh ionna hairde, agus í uile dá réir sin ar airmhead, déanta do ór agus ebhora.
Laconia: is san críoch so do mharbh Hercuil an Hídra. A gcathair Argos a gcríoch Argolis do marbha an caiptín mór-bhuadhach Pirrus do urchar thíle do chaith sean-bhean ris. Corinthia: ionna bhfhuil fuireann chródha, tabhartha do cheannuigheacht, anallód fo smacht Turcuidh gur ghabh Venesians a hurlamhas. Atica, .i. Atens, .i. Aithne, a ceann-chathair; tobar na foghluma agus na cródhachta. Boetia: Tebes a ceann-chathair. Phocis: ionna bhfhuil Sliabh Parnasus agus láithreach Thempuill Apolo dá ngoirthí an Delphic Oracle, ionna ttiubhradh an diabhal fáir nó freagra ar a ádhruighthibh. Locris: is san muir ós comhghair na críche si, san bhliadhuin 1571, do feara (cath) idir Turcaidh agus Venesianuibh ionnar marbha (ós comhair cathrach Lepanto) 29,000 Turcach: do-roinne braighdibh do 4,000; do loisge nó do gabha 140 long cogadh; agus do saothra ó sclábhuigheacht 1,200 Críostuighthibh ag gabháil neart na críche. Epirus: dá raibhe Pirrthus (do chuir cogadh ar an Iottáille agus ar an Róimh) 'na rígh. Is annso do bhí Scanderberg mór 'na riaghaluightheóir .i. 'na Regent, do shas a n-aghaidh iomlán impirtheacht Turcuidh le lán dorn do dhaoine agus réar claoidhe an 2 Amurot mór agus Mahomet, imprighthibh
Turcuidh agus págánuidh Albania. Is íad eich na críche si ghnáthuighthidh Turcuidh a gcogadh, agus (do réir na Suiss) troidid ar thuarastal do bhríogh nach ttaithnuighean obair nó sclávuigheacht riú. Macedonia: anallód ríogh-chóigeadh na Gréige, dá raibhe Alastran Uaibhrech 'na rígh, do chuir urmhór na hAsia faoi féin agus do shuigh treas impireacht an domhuin san nGréig. Thesalia: deirthear gurab iad fuireann na críche si fuair eólus marcuigheacht ar tús. So an chríoch a raibhe Achiles mire na Gréige 'na ríogh, ionna bhfhuil moigh ádhluinn Phersalia, mar ar feara cath fuilteach díbhfheirgeach idir Chaesar agus Pompei ar son impireacht an domhuin. An ndubhairt tú liom gur a Macedonia, .i. Trásia, atá Slíabh Atos? Dubhras, agus atá ar airde shléibhte na cruinne; óir atá 40 míle 'na scáile; agus mar dubhras shuas, is í cathair Tesalonica príomh-chathair na críche si dochum ar sgríobh Pól Apstol, óir atá 30 teampuill, 75 mainistreacha, 36 sinagogues nó teampuill Iúdaighthibh innte, agus dá choláiste ag an gcine Iúdaíghe. Cia stiúirigheas an Ghréig? Turcuidh agus Benesianibh; agus atá mórán Catoilicibh 'na measg. Gidh eagh, is iomadamhladh íad eagluis thréigtheach na Gréige; agus do réir Gordon, 11 aird-easbuig agus 14 heasbuig innte, agus do réir
Echard atá 38 aird-easbuig agus 57 easbuig innte; agus níl fhios agam cia hacudh Gréaguidh ná Catolicibh íad. Goireann an Scribtiúr Catjim nó Cittim do Ghréagachuibh, agus is ó Ghraecus mac Ceirops réar tóige cathair na hAithne goirthear Gréig dhi. A Morea atá críoch Elis, Mesenia, Arcadia, Laconia, Argolis, agus Achaia fhíor. Ann Achaia atá Phocis, Aetolia, Doris, agus Locris. Epirus: ionna bhfhuil cathair na haibhne Acheron, agus Cocitus, dá ngoirthear aibhne ithfrinn ar olcas a ndath agus a mblas. Ag an gcathair Duraso san chríoch so Albania do shas Sceva ar son Caesar a n-aghaidh Pompei, go raibhe 220 saighdibh ionna sgiath 'na seasamh, agus níor chaill acht leath-shúil san ngleó sin. Macedonia: ionna bhfhuil cathair Pela, ionna ruga Alastran Uaibhreach, ó ngoirthí Peleas óg dhe. Sidero Cospe, .i. Chrisilis, ionna a bhfhuil an iomad míonach óir agus airgid go bhfhaghan Turcachaibh begnach gacha mí 30,000 coróin aiste. A ttaobh theas na críche si atá Tesalia ádhluinn mhórthach, ionna bhfhuil luibh-ghort parthasamhuil na Músuidh, .i. Gleann Tempe, 6 mhíle a bhfhad agus 5 a leithead idir Shliabh Olimpus agus Ossa; agus is
san chríoch so do áitighdear na Mermidons ar a raibhe Achiles 'na chaptín. Migdonia: san taobh shíar don Mhacedonia, ionna bhfhuil na cathrachuibh Stagira, .i. Wicaladi, Apolonia, Palene. Neopolis, ar imioll na Trasia; Antigonia, Tesalonica, chum ar scríobh Pól Apstol, agus is cathair dhaoineach í, agus meastar 100,000 don chineadh Júdaighe bheith san gcathair so agus a gConstantinople faoi inghreama Turcach, agá bhfhuil ón bhliadhuin 1453. OILÉANUIBH NA GRÉIGE. Abair ainim fad, leithead agus ríogh-phuirt oiléanuibh iomdha na Gréige. Ag so íad:
Agas atá gach oiléan díobh so áitighthe. Agas ag sin dhuit, a mhic mo chléibh, críochuibh na hEuróipe, agus atáim-si tuirseach ón obair si, do bhríogh nach bhfhuil aon do-bhéara dhamh dúais mo shaoithir. Scuirfead don dul so, agus cuiread mo shean-chnámha chum suaidhnneasa do chomhlíona an tsean-fhocail: A n-am na gorta nach crosta na tréairtha soin, an Gall go nguilean is go gcodhlann an tÉireanach? Agas ná cuir a n-iongantas so oram, do bhríogh nach bhfhuil Gaodhuil ag nach bhfhuil adhbhar casuíde, do bhríogh a n-anam, .i. a mbeatha, a maoin, agus a ndúthchas, do bheith ag Danair gan chreideamh, etc. ASIA. A Athair chátuidh, an codhladh dhuit? Ní trom é. Guidhim thú agus taistiol an Asia riom, agus ná fág clúid oilén nó ríoghacht innte gan fhoillsiughadh.
Breaghadh é, a Thaidhg! Nach ndearnas craoibhsgaole ar chríochuibh na hEuróipe dhuit cheana? Do-rinnis go deimhin. Gidh eagh ní bhíad sásta (do réir t'eóluis) muna n-airisir ní éigin ar dháluibh an chuid so don chruinne. Tá tú roidh-dhían oram, a mhic mo chroidhe. Mun' ar cairid, ní ar namhuid. Is fíor soin, óir admhuíghim nach bhfuil san domhan (d'éis bháis do mháthar Úna Ní Bhruin) is ionnsa liom ná thú. Uime sin labhórad beagán beag go hathchumair ar an rann soin. Óir is é siughudha atá uirre bheith idir 55 agus 180 céim don fhaide, agus idir 1 agus 72 don tuath-leithne, agus an Mhuir Théachta (deirid) don taobh thuath, an Mhuir Indiach don taobh shoir agus theas, an Mhuir Gheirmáineach, Európ, agus Africa, don taobh shíar. Timchioll 6,460 míle a fad, 4,320 a leithead. Cionnas atá sí rannta? 'Na sé rannuibh, .i. Turceadh, Persia, Tartaria, India, China, agus na hoiléanuibh shoir; fo stiúrughadh 4 himpridh, .i. an Gran Signeór, Sophia na Persia, Cam Mór na Tartari agus an Mór-Mhagul, agus timchioll 217 mion-ríoghuibh. Créd íad na ríoghuibh? Is liosta a n-ainimniughadh tré chruas a n-anma; uime sin so dhuit a líon do réir gach áit ionna bhfhuilid, óir atá san Mingrelia 4; Gurgistan 3; Turceasten 9; Japan
68; Molucca 15; Borneo 3; India - taobh theas - an Ganges 50, Summa Tera 7, Jura 10, - don taobh shoir - 6; China 32; Cellon 9; Maldives 1. Ag sin 217. Agus is ionnsan Asia atá na haibhne: Euphrates thosuigheas a slíabh Mochian nó Caspian san Armenia mhór agus ghreamuigheas don abhuin Heiddecel ag Parrthas, darab ainim don taobh shíar do Pharrthas Gihon agus don taobh shoir a n-anama féin, agus chailleas íad féin san Mhuir Phearsianach; Pison a thimchiollas críoch Havilah, .i. críoch an óir; Gihon, thimchiollas Ethiopia; Heiddecel, .i. Tigris, thosuigheas a loch fo bhun sléibhe Ararat agus raithcheas don taobh shoir don Asia, agus as sin don taobh uachtarach Pharrthais; Indus; Ganges; agus Obi. Agus is san rann so atá na sléibhte Taurus agus Caucasus, roitheas ón taobh shoir don taobh shíar, agus Imaus roitheas ón taobh thuath don taobh theas. Agus deirtear gurab ó Asia, inghean Oceanus, agus Theitis, bean Japetus agus máthair Phrometeus, hainimnighthear an rann so don chruinne. Is san rann so, a bhFhrígía, atá an chathair úd do chlanna Míleadh darbh ainim a Laidion Artace. So roinn oile ar an Asia Mór agus Beag: 1 Notolia, an chuid mhór fo diúice mhór na Muscovia; 2
Cám Mór na Tartaria; 3 Turceadh; 4 Persia; 5 India; 6 China. An ran is lugh, .i. Notolia; ionna bhfhuil Cilicia, Licaonia, Paplagonia, Pontus, Cappadocia, Bithinia, Phrígia, Misia, Lidia, Pamphilia, Aeolis, Ionia, Lícia, agus Caria. Cilicia (.i. Caramania): ionna bhfhuil iomad cróch; píoráidibh neamh-choimhghíallach'. Capadocia: drong nimheamhuil go ndeir Strabo (dar díobh é féin) go marbhach a bhfhuil naithir nimhe. Bithnia: ós comhghair Tracia, ar bhruach Pontus, .i. an Mhuir ó Loch Moeotis go Tenedos. Phrigia: drong dhroch-mhúinte neamh-aireach, ó ttáinic Sero sapiunt Phryges. Pamphilia dá ngoirthear Mopsopia. Aeolis: deirtear gur cuid don Ghréig í, idir Iónia agas Troas, cathair Carne. Ionia, anois Sarciam, dá ngoirid Turcuibh Quiscum, idir Caria agus Aeolis. Albania: cuan idir an Mhuir Caspian agus Ibéria. TURCEADH. Cionnas atá Turceadh san Asia suighte? Idir 55 céim 50 m. agus 96 c. 40 m. don fhaide, agus idir 13 agus 47 céim 5 m. don leithne thuath, agus an
Mhuir Euxean don taobh thuath, Persia agus a sumaire don taobh shoir, an Mhuir Arabianach don taobh theas, an Éigipt don taobh shíar; agus is é a fad timchioll 2,100 míle, agus a leithead 1,600. Cá gné tíre í? Ní bhfhuil san domhan is fearr ná cuid di agus is measa ná cuid oile. Is san chríoch so atá Sodom, .i. loch ionna ttuiteann na héanluigh do ittioll ós a cionn, tré mhalluigheacht na háite; goirthear an Mhuir Mharbhthach dí do bhrígh nach feas íasg ná 'shamhuilt do bheith innte. Cionnas atá sí rannta? 'Na sé codcha:
Agas deirthear nach bhfhuil críoch is liadh áitibh tásgamhladh ná í; óir ainimnighthear 300 bheith san Talamh Bheannuighthe .i. Palestín féin; a bhFrígia cathair na Troí agus Medella; a Lidia cathair Sardis; a gCaria Halicarnassus etc.; tásgamhuil tré chogadh Pompei agus Mitridates, na Gréaguidh agus Troíanuidh, cúirt Mhidas agus Chreasus etc. Is san chríoch sa tá na seacht eagluisibh chum ar scríobh Eóin Bruinne, .i. Pergamus a Misia, Laodisia a bhFhrígia, Philadelphia Thratira agus Sardis a Lidia, Smirna agus Ephesus ionn Ionia. Bitinia .i. Bebricia .i. Midonia, ó Bhitinius ón Trasia ainimnighthear í; a ceann chathair Scrutari, suighte ós comhair Constantinoble. Calcedon, ionna raibhe feis choitcheann réar claoidhe Nestorius. Libus ionna bhfhuil uagh Hanibal. Do bhí feis oile a Nicea ré claoi ericeacht Arius san bhliadhuin 314, ionna raibhe 318 easbuig, agus sin ré hórdughadh Chonstantín Mhór. Ponntus ionna bhfhuil Cabria, .i. Diopolis, ionnar mhadhm Lucullus ar Mitridates, darbh éigin airgead na mhádhma do sgaba 'na dhiaigh, réar tóige an tóruidheacht agus ar saothradh é. Ar bhrúach na habhna Tearmodon san chríoch so do áitigheadair na hAmasonianuibh. Paphlagonia, ionna bhfhuil cathair Ghangra
mar a raibhe feis choitchean san bhliadhuin 339. Is ón chríoch so shíolruidh Venesianuibh, ón na Heneti. Galatia .i. Gaul-Aisia: is san chríoch so atá an chloch uasal ametist, ré gclaoitear meisge. Bu sean-nós ag fuireann na críche litreacha do chur san bhfheart ionna mbíodh a ngaol, ré go léigheadaois san saoghul thall an riocht ionnar fhág sé íad féin 'na ndíaigh. Do scríobh Pól Apstol chuca, tréar thréig síad an nós roimh-ráidhte. Capadosia: do chomhnuigh S. Basil a gcathair Masaca san chríoch so. Deirthear ó choga na Troí go haimsir Alastruin Uaibhridh gurab iad fuireann na cathrach Trepeasus drong dona hAmasónuibh. Armenia Bheag: do ghlac creideamh ó Pheadar agus ó Phól, mar as folus a scríbhinn Phóil chum na Galasianuibh. Chum na chríche si do dhíbir an bhainriaghan Eudoxia S. John Criosostom; agus is ansa chríoch atá sléibhte Ararat, ionna bhfuil Árc Noah (do réir D. Náruidh) gan truailliughadh. Ag so mar adeir: san bhliadhuin 1670 go raibhe Seón Druis, Sasanach, ar an tslíabh ag leigheas manuidh (do bhí ann) aga mhaom sicne, ó bhfhuair cros bheag déanta do ghrim don landaoir dá raibhe san Árc, agus cloch bheag ó thaobh na hÁirce; agus gur mheas sé gurab ó ghleóiteacht na haeir ós cion na háite bhí an Árc gan truailliugadh; agus
measann an dochtúir 1,518,780 troith chompadh a méad na hÁirceadh. Phrigia Bheag: ón abhuinn Phrix hainimnighthear í. Ar bhruach na habhna Scamanter san chríoch so do bhí cathair na Troí mar as folus aniu as a láithreach; agus a bhfhogus di sin tóigeadh Troas oile ré Alastran Uaibhreach, do críochnuidh ré Lisimacus, prionnsa do mhuintir Alastrainn. Deir an Laidhneonta go bhfhásan arbhar anois ar láithreach na Troí: Jam sedes est ubi Troja fuit. Phrigia Mhór: ionnar ghearr Alastran Uaibhreach snaom Ghordon ó nach bhfhuair a scaoile. Do scríobh Pól Apstol chum Coloisi na críche si. Misia: ionna raibhe Cathair Pergamus agus an abhuinn Granicus, mar ar bhuaidhidh Alastran ar Dharius Rí Persia. So an áit ó ar scríobh Dárius chum a Gheneráil san Notolia agá rádh ris gabháil do shloit ar thóin Alastruin agus annsin a chur chuige féin ré go ttiubhradh pionús dó. San chríoch atá tor Abidos, ionna raibhe Héro, ós comhair Sheastos san Trasia, ionna raibhe Leander, do shnámha an chaol-mhuir atá idir an dá áit tré dhíoghruis a ghrádha do Héro. Do mharbh iomad do fhuireann na críche si íad féin ar eagla tuitim ar lámha Philip na Macedonia. Eolis: ionnar ruga Sibilla Chumea. Ionia: ionnar ruga Sibilla Eritrea a gcathair dá
raibhe ceannuigheacht agus trácht ag Gaill. San chríoch bhí iongantas do sheacht iongantais na cruinne, .i. Teampol Dhiana, 425 troith a fhad, 220 a leithead, tóigtheadh ar 127 colamhnuibh marmair snaighte. Gí go raibhe iomad fidhche bliadhuin dá thógbháil, do loisge a n-aon lá ré Erastrotus é, ré beith dá ainim a gcoimhne síorruidhe. Lidia: ionnar buaile airgead ar tús. Deirthear gurab ó Lud mhac Sem mhic Noah ainimnighear í. Do bhí Croesus an Saidhbhir 'na rígh san chríoch so, agus is innte do tionnsgnadh súgarthaoi ar tús. Laria: ionna bhfhuil Cnoc Latinus, ionnar frídhe imtheacht na gealuidh risan anstrolaoidheach Endimion. San chríoch so atá tomba Mausolus do tóige risan mbainriaghan Artemesia, ionghantas oile na cruinne. Caria: críoch thréadamhuil. Licia: ionna ttosuighean Sliabh Taurus agus is cuid di an Chimaera bhrúchtas aibhne teine agus ribhe, agus dá ngoirthaoi beathuigheach éagcéille dhí ar a raibhe ceann leómhuin, comm gabhair, agus erboll naithre nimhe, do chlaoidhe Belerophon do bhrígh go ttug fuireann dá háitiughadh réar scriosa péiste nimhe a gleinne, gabhair alltadh a cuim, agus leómhuin chraosacha a cionn. Licaonia: a Listra do ruga Tiomoti Naomhtha; agus do shíl fuireann na críche si Pól Apstol agus Barnabas
do adhradh mar dhéeibh gur bhac na hApstuil díobh é. Pisidia: sclábhuighibh Turcach gí go raibhe cródha anallód, agus is innte atá Antioc. Phampilia: do-níthear éadach do ghuaireach ghabhar na críche si. Cilicia, a tTarsus: san chríoch so do rugadh Pól Apstol, agus atá uisge Cidnus co' marbhthach sin go ndeirthear gurab ris do marbha Alastran Mór agus Fredric, Impir na Gearmáinne. Isaurica: suighte ar gach taobh do Shliabh Taurus. Ag sin críochuibh na Natolia. Siria, a ccríochuibh Phenisia: do réir Gréaguidh críoch na bpailm. Is san chríoch so atá Serepta ionna ndearna an fáidh Elias míorbhuile ar chuid bí na mná boichte Tír agus Sidon, Libanus agus Carmel. Coelosiria, ionna bhfhuil cathair Damascus agus Philadelphia. Sí an chríoch so Parthas talmhuidhe na huile aoibhneas. Siropheenisia: an chuid do Shlíabh Libanus atá san chríoch so atá líonta do chrannuibh fo a bhfhuireann don uile mheas agus ain-iomad péistibh síoda. An abhuin Orontes (éirgheas a Coelosiria agus a chaileas í féin san Muir Mheadhónach, do-bheir uisge don phríomh-chathair, Antiochia) is príomh-abhuinn don chríoch so. Diarbec, Palestín .i. an Talamh Bheannuighthe, ionna bhfhuil Gaillillea, Judea, Idumea, Samaria.
Gailillea uachtarach, ionna bhfhuil fairge Genasaret, Hamat, Rama, agus Capernaum, ionnar raibhe seirbhíseach an chapitín do leigheasa ré Íosa Críost ar Slánaightheóir, agus ar biadha ris 3,000 duine ar chúig aráin agus dá íasg. Ar ttuitim do bhalluidh cathrach Aphec san chríoch do marbha 27,000 do arm Bhenhadad. Do háitighibh ré sliocht Neptali, Aser, agus cuid do shliocht Dhan, san chríoch so. Galilleadh iachtarach, do áitigh sliocht Sebulon agus Issacar: agus atá an chathair Cana, ionnar oibrigh ar Slánaightheóir a chéad-mhíorbhuile, san chríoch so; agus Beitsaida, ionnar ruga na hapstuil Peadar, Andreu agus Philip; cathair Nasareat, agus cnoc Tabor ionnar aith-fhioghruidh ar Slánaightheóir é féin; Tarisceada, ionnar chaill Vespasian 1,200 dá shluagh dá gabháil; Gilboa, ionnar marbha Saul agus a mhac Jonatan; Naim, ionnar haithbheódhuigh mac na baintreabhuidh; Endor, ionnar cheileabhar Saul an rígh ris an Upa. Samaria, ionnar áitigh tribh Ephraim agus Manases. Is san chríoch so atá Caesareadh, agus Adasa, ionnar mhadhm Macabeus ar shluagh Nicanor; Silo, ionnar glaca Arc an Reachta. Judea, ionnar áitigh sliocht Júda, Simeon, Benjamen agus cuid do threibh Dhan. San chríoch so atá Hebron ionnar hadhnuiceadh Sarah bean Abraham; Emaus .i. Nicopolis, agus Céila ionnar caomhuin Dávidh é féin ó Shaúl; Betlehem, ionnar ruga Íosa Críost agus ionnar marbha na leinibh ré
hórdughadh Ioród; agas an chathair mhór Hierusalem, suighte ar shlíabh chairgeamhuil 'na trí codcha agus cuid Ioruadh: so an chathair ann a raibhe iongantas na cruinne .i. tempoll mór Sholamh. Idumea: is íad sliocht Esau, dearbhráthair Jacob, do áitigh an chríoch. Bíonn earrach agus samhradh gan traocha san Talamh Bheannuighthe. Arabia Desearta .i. Beriara: tír fhásamhuil ionna mbáidhtear taistioluibh a sléibhte gaine séidear a stuirm gaoithe ó áit go háit, agus is annamh áitigheas an chríoch so acht bithbheannach nó bochtán deireóil. Arabia Cairgeamhuil, ionnarab éigin trí nó ceathair do chéaduibh bheith a n-aon-bhuidhin (ar mbeith dóibh agus a gcamhuil ag taistioll na críche) dá gcaomhna fhéin ar fhuireann na críche atá go huile leigthe chum slad agus robáil. Eire aon-chamhuil ó mharga go marga idir 600 agus 1000 coróin, óir ní fháguid an láthair gan a n-eire, agus má bhíon ro-throm is éigin a n-éadromughadh go beith dá bhfhuirean ceart orra, agus mairid cheathra lá gan deoch. San chríoch so atá 'n daingean láidir Petra do sheas go tréan a n-aghaidh Siranuibh, Rómhánchuibh, agus Iúdaighthibh, agus fhosglas an tslíghe go Palestín. San chríoch so atá Sliabh Sinai, ionna ttug Dia an reacht do Mhaoisi, agus urmhór an fhásaidh ionna raibhe Clan Israel ria
ndul go talamh Chanán dóibh. Gí gurab san chríoch so tuga reacht dona daoíne, níl dlighe ná reacht innte acht ag éigniúgh gach ní leó dá bhféaduid. Atá a fir drúisumhuil, gan reacht, gan riaghail, agas a mnáibh ar an modh gcéadna, an seal thoilighid agá chéile. Arabia Faelix: san chríoch atá cathair Media, ionnar ruga Mahomet agus ionna bhfhuil a thomba, ar a mbronnann an Gran Signiour gach bliadhuin folach velvet uaine, agus do-bhir an eagluis an sean-fholach mar thaise naomhtha uatha 'na ghreama beaga dá dhíol ré a bpuibuill. Tá 3,000 lampa ar gnáth-lasa san eagluis, ionna bhfhuil 7 geatuidh iarinn ris, agus is bás do Chríostuighe teacht chum na háite si. Meca: an baile marga is fearr san chríoch si, óir tigid Arabiánuibh, Persianuibh, agus Indianuibh réna gceannuigheacht innte. Is annsa chríoch so (ionna bhfuil na spíosarra is fearr san Asia) atá (más fíor) an Pheinix. Caldea: tír thorramhuil, ionna bhfhuil (do réir Phlini) dá fhóghmhar san mbliadhuin, agus do-bheir an talamh tora arbhar uatha 300-fillte: gráinnseach na n-íarthach ar ar bhrunn Dia na huile líonmhuireacht. San chríoch so atá Moigh Sénar agus Tor Neamhrodh, a mBéarla, "Tower of Bable," ionna raibhe miosgas na huile theangan; do bhí 5,146 cuibhuidh ionna airde, agus marc shlighe agus iostuis
fá guairt ré dul chum a airde. San chríoch do bhí cathair na Babilóine, ionna raibhe 46 míle ionna timchiolla do mhúir láidir, obair 200,000 duine a n-aon-bhliadhuin (ar a siubhladh sé carbuid a mbrollach a leithne), agus 50 cubhaidh 'na airde, agus a tuir ós cionn na mballuidh 30 cubhuidh, agus an tor mór (ionna raibhe íomháigh Jupiter agus a bhord óir) ós a gcionn sin uile. Do bhí Cyrus rígh na Persia (d'éis a gabhála) trí lá a gcuid don mhór-chathair si sul a gcualuidh an chuid oile dhi é. Agus roichean an abhuinn Euphrates trí a lár; uime sin ní hí so an Bhabhilóin úd atá aniu ar an abhuinn Tigris, acht Bagdad. Asiria: ó Asur mhac Sem ainimnighthear an chríoch so. Agus bu sean-ghnás innte na mnáibh deasa thabhairt chum an mharga, ní mar scláibh acht chum nuachair, agus na hóig-fhir a ndeas-lámh do chur a bpoll trí landaoír, ag breith ar bharr chroibh ar na hóg-mhnáibh, agus dá mbaineadh comhairc (tré chruas a ghreama, gí beith dá máthair ag sáthadh beirín ionna cluasa) aiste, bu leis mar chéile í. San chríoch so atá Geguamela, ionnar bhris Alastran ar Darius ag marbha 90,000 dá mhuinntir agus 300 dá mhuinntir féin. San chríoch atá cathair Neinive, do tóige ré Nemrod; agus do ainimnigh dá mhac nó dá ghníath Nennius í. Deirthear go raibhe 60 míle 'na timchioll. Mesopotamia .i. Siria Áitighthe (.i. Cultha) .i. Padan Arom, trí a sníomhann na haibhne
Euprhates, Tigris, agus Caboras. Atá an chríoch so líonta don uile mhaith shaoghulta. Atá dá ríoghacht do gach taobh don Slíabh Taurus san chríoch so, hainimnighthear ós na ríoghuibh déadhonacha do bhí orra, mar atá Alledeules agus Bahaman, do claoidhe ré Solimus, Impir na dTurcach, agus ré Abas, Sophia na Persia. Turcomania .i. Armenia, drong bhreagh láidir mhóir-phearsanda. So an chríoch ionna raibhe Aetas 'na rígh, ó ar ghoid Jason an lomar órdha. An ón Scítia táinig Turcuidh don Armenia? Is eadh; tré mhuir chaol na Caspia; agus do chaomhuin íad féin ann go haimsir Mhahomet. Soudan mór na Persia a d'fhostuigh íad ré dhul a n-aghaidh Chaliph na Babilóine, agus ar mbreith buadha dóibh ní fhuileónach dá n-ais íad; acht íad-san, fuidh an general tréan-bhuadhach Trangoliphix, do throideadair agus do bhuadhadair a n-aghaidh an tSaudáin; agus sin mar thosuigh ríoghacht Turchuibh san bPersia. Créad an tidiol do lamhuigheas an Turcach dó féin? Rígh na ríogh, Tighearna na ttighearnuidh, Móir-impir Constantinoble agus Trebesond, Rígh rodh-chumhachtach na Persia, Siria, Arabia, agus Palestín, Tighearna na hEuróipe, na hAsia, agus na hAfrica, Prionnsa Meaca agus Alepo, Riaghaluightheóir Hierusaleim, agus Tighearna cumhachtach na huile fhairge agus oiléanuibh. Agus is íad "janisaries" as tor
díon' don mór-chumhachta so - drong tobhthar do Chríostuighthibh cuirthear ionna n-óige do fhoghluim theangthuibh, dhlighthibh, nós, agus creideamh na tTurcach. Agus is díobh na Ciausiecht .i. na teachta chuireas Turcuidh ó ríoghacht go ríoghacht agus ó phrionnsa go prionnsa; na Sansiacs .i. governéri cathrach agus daingnibh; agus cinn feadhna dá ngoirid Bassa. Beglerbeg .i. tighearna na ttighearnuidh, príomh-riaghaluightheóir na huile oile, fuidh a bhfhuil "aga" .i. general díobh féin ar arm 400,000 "janisaries"; agus is ar a ttobhtha so atá an t-impir. Uime sin ní léig an eagla dó éagcóir nó leatrom do dhéanamh ar aon díobh. Ag sin mar d'éirghe don bhuidhin beag romhráidhte (do chaomhuin íad féin a n-uaigneas Armenia) do bheith anois ar chumhachtuibh na cruinne. Créd is creideamh isna críochuibh si? Creideamh Mahomet don impir agus dá uachtaráin. Atá Arians, Eusticians, Nestorians, págánuibh, Iúdaighthibh agus Catoilcibh 'na measg, agus go háiridh a gcathair mhór Jerusalem, ionna raibhe anallód seacht míle go leith 'na compás, 150,000 toigh innte, agus a bhfhuireann daoine, mar as follus as an mhéid díobh fuair bás don ghorta agus do crocha díobh, óir ní raibhe troigh timchioll na cathrach gan cuid díobh ar crocha ann. Do mharbh Vespasian féin 1,100,000 díobh. Anois níl tar
10,000 duine innte fuidh sclábhuigheacht agus tíránacht Turcuibh ón bhliadhuin 1577. Labhair ní éigin ar Mahomet agus ar a chreideamh. Do-dhéanad; óir, mar 'dubhras shuas, a gcathair Meidia, nó ann Itráribh, grágán beg 'bhfhogus don chathair, do ruga é. Ba págánach a athair, Iúduigheach a mháthair, agus manach Nestorian darbh ainim Pahira Ergius Atodala a oide foghluim. Agus do cuma reacht ris ar ocht n-aitheantuibh dá ngoirid Alcaron. Ar tús, is cóir a chreideamh gurab aoin-Dia uileachumhachtach é Día, gurab é Mahomed a phríomh-fháidh, Abraham a charuid, Maois a theachtaire, agus Íosa anál Dé, agus gur ghabh Muire 'na bruinn é (ní ó choimpirt an Spioraid Naoimh acht ó bhola rósa), agus gurab iad a hochras áit a gheineamhuin. Séanuid don Tríonnóid, agus do-bheirid pinudhas don tí labhras a n-aghaidh Íosa, agus nach ndearnadair féin acht a dhlíghe do cheartughadh. 2. Is éigin don uile dhuine pósa chum a shliocht do mhéadughadh, agus ceathrar ban bheith pósta ag gach fear agus an líon meirdreach is toil ris. 3. Is éigin do gach aon mír dá mhaoín do thabhairt do bhochtuibh. 4. Is dleacht urnuighthe seacht n-amuibh san ló. 5. Is dleacht an charghus mí éigin san mbliadhuin do dhéanamh. 6. Is dleacht bheith umhal dá ttuistightheibh. 7. Gan dúnmharbha
do dhéanamh. 8. Déanamh do dhuine oile mar ba mían riot a dhéanamh dhuit féin. Agus is iad Sarasinibh Arabia Fásamhuil (fuidh Mhahomet romh-ráidhte, ar ngabháil urlamhas chathrach Mheca ré tréatúireacht 'n-aghaidh Gréaguibh, agá raibhe sí ó cheart) do ghéill agus do ghabh an creideamh so ar tús. Agus tosuighean bliadhuin an Alcaron ón bhlíadhuin do aois Chríost 617. Media: ionna raibhe cathair Tabris nó Tauris, 16 mhíle ionna compás, 200,000 toighseach innte, agus páláis samhradh ríoghuibh na Persia. Do réir ordughadh Omar tosuighean "aera" Turcuidh an 16 lá Juli an bhlíadhuin d'aois Chríost 622. PERSIA. Cionnas atá an Phersia suighte? Idir 80 c. 10 m. agus 110 c. 25 m. don fhaide agus idir 24 c. 35 m. agus 42 ce. 30 mi. don tuath-leithne. Georgia agus muir Chaspia don taobh thuath, India don taobh shoir, Arabia don taobh theas agus Turceadh san Asia don taobh shíar; agus is é a fad timcheal 1,620 míle, agus 900 míle a leithead. Agus is tír ghaineamhuil fhúar fhásamhuil shléibhteamhuil an taobh thuath dhi; saidhbhir í a n-arbhar, a bhfhíon, a ttorthuibh, agus a n-iomad mínach san taobh theas agus shíar; áitighthe do fhuireann
chéillighthe chneasta charrthannach nádúrtha chomhluadrach, tighearnamhuil gáibhtheach a mbia, a n-éadach, 'santughadh fogluim agus síothchána, leigthe ar fhilidheacht agus ar caomhna uaislidheacht; a mnáibh stáiteamhuil glan geanamhuil fíor-ghrádhach, dúileamhuil a gcaitheamh aimsire cneasta. Cionnas atá sí rannta? 'Na 13 cóigidhibh. Ag so An í cathair Isphaan ríogh-phort daoineach an impir? Is í; agus atá 16 míle ionna timchioll; coidhleadhan
agus Paris na Fraingce í, a sráidibh saidhbhir salach smúiteach, do bhrígh nach bhfhuil páibhéireacht innte acht mar an gcuid oile don Asia. Nach raibhe cathair Siras .i. Persepolis, dá ngoirthear anois Astacar (do tóige ré Perseus mac Perseus réar scriosa na Elamits do áitigh í) an ríogh-phort anallód? Ba hí; agus do loisg Alastrann Uaibhrech í tré impidh na meirdre Lais, an ní do chuir go mór ar féin tré bhreaghacht agus áidhle a páláis ríogha; agus meastar an tan do ghabh sé í go bhfhuair innte 187,000 talent, agus gur chuir dá saidhbhreas agus dá seóidibh eirigh 10,000 múile agus 50,000 camhuil roimhe don Macedonia. An bhliadhuin 1406 do ghabh Cirus mac inghine Astiages, rígh Media agus oidhre an rígh Cambises, ríghe na Persia, agus do ríghe a shliocht ar feadh deich ndíne 'na dhiaigh, gusan bhliadhuin don domhan 3629, ionnar ghabh Darius Codomanus a ceannas, do claoidhe ré Alastran Uaibhrech. D'éis Alastrain do bhí sliocht Artaxerces dá stiúrughadh ar feadh 28 ndíne gusan bhliadhuin do aois Chríost 634, ionnar claoidhe Hormisda ré Haumar agus a Sharasenibh, .i. Turcuibh. Susiana .i. Cuiseastan, don taobh shoir do Phersia. Carmania, don taobh shoir do Susiana: isan chríoch do-níthear na "scimiters" is fearr ag
Turcuibh. Uime sin, tráth búaile a gcabhlach ag Lapanto, ar eagladh Críostuighthibh do shealbha codh-maith sin do arm, do theilgeadair san muir íad. Geadrosa, don taobh shoir do Charmania. Drangiana .i. Sigestan, don taobh thuath do Gheadrosa. Aria .i. Sargulsar, don taobh thuath (do) Drangiana. Arocosia, .i. Cabul, don taobh shoir do Aria ionna bhfhuil cathair Alecsandria. Paraponusia, don taobh thuath do Aracosia. Saca, ar imioll na Scitia ionna raibhe tús na Saxonuibh. Hircania, taoibh shíar (do) Bhría, beagnach don taobh shoir do Saca, ionna raibhe ain-iomad dona beathfhuidhe allta, tigers, do réir Virgil, ag cuir meirle 'na gcompráid: Hircanaeque admorunt ubera tigres. Partia, .i. Eras nó Erach, atá Aria don taobh shoir, Caria don taobh sheas, Media don taobh shíar, agus Hircania don taobh thuath di. Drong ón Scitia íad, fuireann ain-mhianach droich-bhéasach go ríghe Arsases mhic Darius Codomanus uirre, agus do gairmthí Arsacides dá ríoghuibh amhuil Saesair do imprídh na Rómha. Do-rinn an rígh so d'ocht ríoghachtaibh déag a impridheacht, agus do mhair agá shliocht go Artabanus, do claoidh ré
Artacserces, rígh na Persia. Ba cródha fuireann na críche si ar an mbódha. Cionnas riaghaluighthear an Persia? Ré a himpir féin amháin .i. an Saudon mór, atá 'na oidhre ceart ó shinnser; agus deirid Mahometanuibh oile gurab eiricibh an t-impir agus urmhór a mhuinntire. Tá mórán mór Catolicibh gan toirmiosg san chríoch so, agus an-iomad mainistreacha agus eagluisibh san gcean-chathair Isphaan féin acu. Anallód, 's a n-aghaidh soir (ó ttig solus agus teas) do adhradaois a ndéeibh, mar do-ní Mahometibh 's a n-aghaidh ar Meca, ionnar thosuidh a gcreideamh, an cine Iúdaigh 's a n-aghaidh ar Jerusalem, Sabianuibh, a n-aghaidh ar an reult thuath. TARTARIA .I. SCITIA Cionnas atá Tartaria suighte? Idir 90 ce. agus 180 ceím don (fhaide) agus idir 72 c. agus 35 ce. don tuaith-leithne, an Mhuir Thuath, dá ngoirid an Mhuir Théachta don taobh thuath, an Mhuir Shoir don taobh shoir, China agus an India don taobh theas, an Mhuir Caspian agus Muscovia don taobh shíar; agus is é a fad timchioll 3,990 míle, a leithead 2,400, agus is tír fhuar fhíarsamhuil shléibhteamhuil choillteach fhásamhuil lochach, ionna
bhfhásan beagán rice agus féar. Agas ag so duit na lochuibh: Cionnas atá sí rannta? 'Na cóig cóigidhibh ar gach taobh don slíabh Imaus .i. Is é ainim Magog mhac Japhet mhic Noe do bhí ar an gcríoch si agus do shíollruidh í go haimsir no ríghe Scitia uirre, ó ar ghabh an chríoch uile a hainim. Is cuid don chríoch so Sarmatia san Asia, agus cuid oile sa Euróip. So máthair na hEuróipe agus na hAsia do réir Bhertar: From hence indeed Huns, Herules, Franks, Bulgarians, Circassians,
Swedei, Burgandians, Turks, Tartarians, Dutch, Cybers, Normans, Almaines, Ostrogothes, Titurins, Lombards, Vandols, Vissigothes etc. Is uatha Huns Frangc, Bulgaribh, Herules, Sualand, Circasuibh, Borgoin, Dutch, Turca, Tartari, Ostrogot, Almáin, Normandi, Cibribh, Tituri, Lombarduibh, Vandol, agus Vissigotuibh. Gaodhuil Albonn is Éireann uile, 's na Brigantes, sliocht niamh-Néimheadh, fuireann chródha íad, óir do claoidhe an Asia riú trí huaire go huile; agus tré mar do mharbh Cirus mac na Bainriaghan (Tomiriu) .i. Spargapises, do mhadhm sí go cródha air, ag marbha 200,000 dá mhuintir; agus ag buain a chinn de féin, dá theilgean a gcoire fola bruite, dubhairt: "Satia te sanguine quem sitiisti" agus a ndiaigh na mná so níor lamhuigh aon ár na críche. Do claoidhe Darius agus a 700,000 fear, maraon reis na hAmasonianuibh agus Hircanianuibh, ré Lantinus, rígh na Scitia. Do bhí áidhneas mór idir an chríoch so agus Égipt a ttaobh ársuigheacht, agus do buadhuigh ré Scitia: Scitarum gens semper antiquissima: "modh sinsireacht ag treabhuibh Scítia." Atá do fhíachuidh ar Tartaria 60,000 fear do chur do chabhrughadh Turchuibh ar chonnartha dá bhfhuidhe bás gan oídhre mic, an oidhreachta do thuitim ar Cham Mór na Tartaria, agus an tan tobhthar Cam nuadh cuireann an Turcach bratach
gaor-sheóideach mar chomhartha na connarrtha soin chuige. Sarmatia Asiatica .i. Tartaria Deasarta .i. Muscovitica. Ré cródhacht Sheóin Basiliades san bhliadhuin 1553 tugadh an chríoch so fo stiúrughadh Csar na Muscovia. Tartaria Antiqua: so an chríoch do líon an chruinneadh dá fuireann, agus ionna bhfhuil fásach Lop, agus an luibh mórthásgach rhubarb. Bactria, .i. Corassan, ar a raibhe Soroastes 'na rígh. Deirthear gurab é ar tús do thionsguin astrolaoiacht agus do chuir a n-eagair é. Sagatai, ar a raibhe Tamerlan mhac Ogg mhic Sachetai 'na rígh. Do phós sé inghean an Cham Gino, tré a bhfhuair seilbh impireacht na Tartária. Do bhuadhuigh (réna arm 700,000 fear), a n-aghaidh Bajaset, impir na hÉigipte, Siria, Persia, agus Turceadh; do chríochnuigh an Musco maráon, agus impir mór na China roimhe. Is ón Tamerlan so da tháinic an Magul Mórdha. Ualach 8,000 camhuil do thug sé as Damascus, go cathair Sarmacand, ionnar ruga agus ionar adhnuiceadh é. Catai: is ionnsa chríoch so atá cathair Cambala, ionna bhfhuil pálás an Chaim, 28 (míle) ionna timchiolla - is gan trácht ar an bhfáidh-chathair: do bhíodh 50,000 fáidhe nó astrolaoch a n-éinfheacht innte. Do-bheir ceannuighthibh gacha
bliadhuin ualach 1,000 cairt do shíoda as China chum na cathracha so. Xaindiu pálás an impir, codh-fhaid coidh-leathan, arna thimchiolla do thrí múiribh an-láidir; an chéad mhúir 8 míle 'na timchiolla, an dara múir 6 mhíle, an treas múir 4 mhíle, agus ag sin an pálás ríogha. Atá iomad abhal-ghort, lubh-ghort, páirc fhiadha, innmhir éisg, agus coill chnuas-thorrthach áird-bhilech ghéag-uaine idir na múiribh roimh-ráidhte, ré croidhe, inntinn, agus súil an duine do shásughadh. San bhliadhuin 1212, ré lámh chródha thréan-bhuadhach an Cham Jocuchan Hacata, do claoidhe na Polandruibh a n-imlibh mara Euxion, Muscovia, Taurica, Chersonessus, Hungaria, Bosnia, Serbhia, Bulgaria, Persia, agus Turcéadh. Ar mbás an Chaim cuireann móirsheisear dona prionnsuidh is árrachta agus is cumhachta an t-oidhre 'na sheasamh ar éadach garbh dubh, agá rádh ris: "Má rígheir go ceart bu hé flaitheas Dé do dhúais; má rígheir go héagceart ní bhfhúidhir beann dá laghad don éadach so ré do fholach san úir." Ris sin, agá chorónughadh, póguid a chosa ag minughadh dísleacht dó, agus is é a thidttiol Scáile na Scáilidh agus Mac an Dé do Bhásuigh. An ris an Cham riaghaluighear an chríoch so? Is eadh; agus sin ó shinnsireacht, ar a thoil féin.
Mahometanuibh agus íodhal-adhruighthibh íad uile, acht beagán don chine Iúdaighe agus do Chríostuighthibh. CHINA. Cionnas atá China suighte? Idir 145 céim 166 c. don fhaide, idir 19 ce. agus 43 céim don tuath-leidhne; Tartaria don taobh thuath, Muir China don taobh shoir, an Mhuir Indiach don taobh theas, agus an India don taobh shíar; agus is é a fad timchioll 1380 míle agus a leithead 1320; agus atá sí ar na críochuibh is áidhle aeir fuláine agus is saidhbhre san gcruinne, óir atá gan rodhfhuacht nó rodh-theas. Talamh coram saidhbhir ann arbhar, a bhfhíon, agus a ttorthuibh oile, luibh agus bláth; a hinmhir iomdha, agus a lochuibh fo a bhfhuireann féin do íasg, agus go háiridhe a príomh-aibhne, Crocus Ciang. Agus tá a sléibhte líonta do mhíanach óir agus airgid, agus í dealbha 'na 16 cóigidhibh, ionna bhfuil 32 ríogh agus míle baile tásgamhuil, agus go háiridhe 748 díobh. Ag so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort na gcóigidhibh. San taobh thuath atá: -
San taobh theas: - Agas is í Pecin ceann-chathair na himpireacht, suighte fo bhun sléibhe a ttalamh chorom, iarna timchiolla do mhúir bhríci rodh-árd ro-leathan ar a siubhlach dá fhear dheug marcach a n-aon-bhrollach; ar gach slighe go pálás an impir (ionna bhfhuil 6 mhíle 'na chompás; míle go leith fad an pháláis agus trí ceathramhna a leithead) naoi ngeata, agus gárda nó faire rodh-láidir ar gach geata díobh. An éigin don athair a mhac do theagasg ionna adhluidhean féin? Is éigin, agus gan a léigean a seachrán adhluidhean oile. Agus is sean-fhocal 'na measg: dhá shúil bheith acu féin, aon-tsúil ag Európ, agus an chuid oile don chruinne dall. Is imchían roimh an Euróip fuireadair clódh litreacha agus adhluighean na ngunuidh amach. Is fíallmhar a ndeigh-sheirc íad don éagcruadh; acht don dall ní
bhfhuil a ttruaighe, do bhríogh go bhfhuil láidir ar a mbeatha do shuilleadh a mórán do adhluidheanuibh. Do-níthear fíon do shúgh luibhe san chríoch so do-bheir súguidh agus sláinte don duine. Cunsai: ionna bhfhuil loch biathuighear ré hiomad aibhne, agus go háirighe an abhuinn Cacamacano, agus dhá oileán pháláis ádhluinn ionna bpóstar uaisle na críche; 12,000 droithchid ar an abhuinn sin fuidh a ttéid long fo a láin seóil. Do bhí anallód san chríoch so 70 ríogh, 1,593 baile múir láidir, 4,200 baile gan mhúir, 1,154 coisleán daingean, 591 cathair ádhluinn, agus uibhir dodháirmhe grágáin amhuil goma haon-chathair an chríoch uile. Agus do réir mheasta atá 70,000,000 anam innte agus bu hé cíos an rígh 120,000,000 coróin gacha bliadhuin; 300,000 coisighthibh agus 200,000 marcach a shluagh 'dul chum catha, agus ní ceaduigheach dó, acht a gcosaint na críche, cogamh do dhéanamh. Deirthear gurab é Vitei an céad rígh agus go raibhe a gceannas na críche 100 bliadhuin, agus a shliocht ar feadh 4,000 bliadhuin, agus corra 262 rígh bhí dá shliocht; agus níor héigníomh í go ríghe Farfar, an 242 ríogh, ionnar claoidhe í ré foirneart Tartarianuibh fuidh Chisnbaan, general Usan, agus do bhí fo dhaoirsi na druinge sin 93 bliadhna, agus ann sin ré cródhacht Ghambu (dá ndeárna an ríoghacht uile rígh) do sáora í agus is é tittiol an
rígh "Lóchrann na cruinne agus mac na gréine gartha." Ba págánuidh íad gur thoiligh Día Proinnsias Naomhtha Xavier agus a shamhuil do chur 'na measg, ó bhfhuil a n-urmhór 'na gCatolicibh. An talamh is measa san críoch uile a ttimchiol Pecin (dara ciall "umhal do Dhia") atá, óir deirthear, gí nach bhfhása ní, níll easbhuidh ní ar Phecin. INDIA. Cionnas atá India suighte? Idir 82 c. agus 130 cé. don fhaide agus idir an 8 c. 12 m. agus an 40 céim don tuath-leithne; Tartaria don taobh thuath, China agus a muir don taobh shoir, an Mhuir Indiach don taobh theas, Persia agus an Mhuir Indiach don taobh shíar; agus is féidir a rádh ria go bhfhuil a hionnmhus mar shaidhbhreas na hAmerica, a harbhar, a torrthuibh, agus a moighibh áillne féar-uaine mar an Euróip, a sléibhte, a teas, a feithidigh, agus a naithre nimhe mar an Africa, agus go meallan cealga a seóidibh, péarluidh, geamuidh, diamonduibh, agus clocha oile buadha agus biseadh, saidhbhreas na cruinne chuice féin; agus í rannta 'na trí himpridheacht, mar atá: Magul, ionna bhfhuil 1,660 míle ar fad agus 1,440 ar leithead, darab ríogh-phort Agria; India, don taobh
so don abhuinn Ganges, ionna bhfhuil 800 míle ar fad agus 440 ar leithead, darab ríogh-phort Galcando; India, don taobh oile don abhuinn Ganges, ionna bhfhuil 1,950 míle ar fad agus 980 ar leithead, darab ríogh-phort Pegu; agus isé a bhfhad so uile 1,690, agus a leithead 1,680. Cionnas atá impireacht Magul suighte? Idir 105 agus 143 céim don fhaide agus idir an 19 cé. 50 m. agus an 38 c. 30 m. don leithne thuath; an Tartaria don taobh thuath, an India don taobh shoir, an Mhuir Indiach don taobh theas, an Phersia agus Tartaria don taobh shíar. Is ro-fhuar sléibhteamhuil bocht an taobh thuath, agus an taobh theas roidh-theath; saidhbhir a n-arbhar, a ttorrthuibh, etc., agus í rannta 'na 29 cóigidhibh. Ag so na 6 cóigidhibh is tásgamhladh díobh: Is é as ceárd isna críochuibh si drugs, musg, amber, conach, callico, muslin, saitín, taffiti, carpéid, miotail, porcelein, spíosruibh, seóduibh, etc. Agas adeirid go bhfhuil 132 bailtibh tásgamhla san chríoch so, mar atá: Cathair fharsaing cheardach shaidbhir dhaoinech
dhaingean Surat, ionnar shas Sir Seórsa Oxendeis san bhliadhuin 1663 go tréan a n-aghaidh Sevagi, prionnsa Indiach, dá bhúala, tré a bhfhuair féin cula na honóra ón impir, agus ó bhfhuair Sasana, ó bheith díobh cródha san eachtra sin, dó go leith san 100 don chustom. Agria, an príomh-chathair agus is fearr san gcríoch, ionna bhfhuil 9 míle 'na fad. Cathair Labor: deirid anallód go raibhe 60 míle ionna timchioll agus 15 inna leithead. Cathair Jehan, ocht míle ionna compás. Dub é cíos rígh na Nairsinga 12 miliún píosa sé sgilinge gacha bliadhuin. Du bu é líon a airm a gcoga 31,630 marcach, 60,000 coisighthe agas 558 elephantuibh (an bethadhach is módh réasún nádúrrtha don uile bheathadhach .i. Omnium belluarum elephas est sapientissimus). Risan arm do claoidhe Iodalcan, rígh cumhachtach oile. Cambaia: .i. Gusughra do ghabh Mahomet agus a shluagh Sarasenibh forlamhas na críche si ag ríghe innte, agus a mhac, agus mac a mhic, Badurius mhac Mamudius. Do chuir Badurius so cogadh ar rígh Mandaoi, ag aisge cobhair Mhiramudius, an Scitiánach, ó Sagatai do Mhandaoi. Do claoidhe Badurius riú, gí go raibhe aige 150,000 marcach, 500,000 coisighthe, 1,000 gunna mór, 500 cobhradh faoi ór agus airgead, 500 cairt nó vagin fuidh phúdar agus piléar, agus 200 elephant.
San eachtra sin bu deacair ré Miramudius an chríoch d'fhágbháil, ó chuir a chois innte, tréar chuir léigir 12 bhliadhuin risan gcathair mhór Mando, ionna raibhe 3 míle ionna timchiolla, agus do ghabh í, réar shosuigh a ríoghacht mór Magul. Agus sin mar d'fhosgail rí Mandaoi bearna do rí bu tréine ná é féin, agus ar soighiughadh an impireacht sin, darab féidir aniu 300,000 marcach 'thabhairt chum catha. Agus ní bhfhuil rígh is ionnsa réna íocaighthibh ná é, óir do-níd saoire luathgháire an tan bearrthar é, agus spréithibh bruit dáor-sheóideacha agus deaghbhaltanas ion ngach conair ionna ngabha, agus é ar mórdháil ar a nguaillibh ar gaora do phurpair, do ór, do chlocha uaisle, agus don uile phéarla as daoíre. Cionnas atá India don taobh so don Ganges? Idir 114 agus 120 céi. don fhaide, agus idir an 8 cé. 40 m. agus an 20 céim don tuath-leithne; Magul don taobh thuath, caol-mhuir Bhingal don taobh shoir, an Mhuir Mhór don taobh theas, agus caol-mhuir Cambaia don taobh shiar. Agus is tír roidh-theith í ionna ttig fér agus arbhar, torrthuibh agas spíosarra, ré iomad seóidibh; agus is é a ceannuigheacht canach, síoda, drugs, piobar, ginger, cacos, dáts, etc.; agus í rannta 'na cóig ríoghachtuibh:
Is é as ceard isna críochuibh si torruibh, síoda, elephantuibh, meatoil, drugs, arbhar, piobar, ola, diamond saidhbhir, ór, besoar, rubi, topes, ametis. Agas deirid 193 áit thásgamhuil ionnta; agus do bhrígh nach bhfhuil eonuibh trácht a gcorp a gcríochuibh, is beag labhrad orra, acht gurab a Meiliapour d'fhulaing Tomás Apstol bás, agus gurab a nGoa atá taise Xavier Naomhtha, agus go bhfhuil ceannuigheacht ag Sasana a Madras .i.Fort S. George. Tá easbog Portue a Maliapar. Cionnas atá Indía don taobh thall don Ghanges suighte? Idir 133 agus 153 don fhaide, agus idir an 2. 34 c. don tuath-leithne; Tartaria don taobh thuath, Súmaire Torcuin don taobh shoir, caol-mhuir Mhalaga don taobh theas, agus Súmaire Bingal don taobh shíar; agas í rannta 'na ceithre ríoghachtuibh rodh-shaibhir a n-arbhar, a ttorthubh, a síoda, a n-elephants, a meitil, a ndrugs, a bpiobar, a n-ola, a ndiomonnuibh saidhbhir, a n-ór, a mbeasoar,
a rubis, a ttapeses, agus a n-ametists, etc. Ní thig arbhar nó fíon a tToncuin. Ag (so) ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort na ríoghachtaibh sin: - Tá iomad Catoilicibh isna críochuibh si ré dísleacht Naoimh Phroinnsiais Xavier, agus go háirmhighthe a ríoghacht Cochingin, ionnar shíol an creideamh. Agas gí gur chrech-ár agus gur loisg rígh Siam ríoghacht Pagu agus nár fága inte acht ceiste na cathrach amháin, agus sin san bhliadhuin 1598, níor stad sin rígh Tanga gan crech-ár oile do thabhairt uirre, mar a bhfhuair ualach 600 elephant agus 600 gearrán do shaidhbhreas. Do marbha an rígh, an bhainriaghan, agus a gclann ris, ag fágbháil na críche. 'Na dhiaigh sin do-rinnigh rígh Aracon a díoluim, as ar díbire é ré rígh Siam san bhliadhuin 1600, agus níor fhada a ríghe-san uirre an tan do claoidhe é ré rígh Barma, agá raibhe 100,000 fear, 40,000 elephants, réar buadhaidh sé ar dhá ríoghachtuibh dég; agus do shoigh a pálás impeardha a bPagu. Agus adeir Gordon go bhfhuil comhnaidh a 70 áit isna hIndiachuibh ag Sasana. Cionnas riaghaluidhear India?
Ré iomad mion-ríoghuibh agus na himpridh thuas; agus is é a gcreideamh págándacht, íodhal-adhracht, Mahometanacht, agus ain-iomad Críostuighthibh ré teagasg S. Xaxier. OILÉANUIBH NA HASIA. Créd íad oilénuibh na hAsia? Is deacair sin do innsin óir dearthar go bhfhuil 150,000 díobh. Uime sin is roidh-liosta a n-áireamh acht na príomh-oiléanuibh amháin. So íad don taobh shoir don Asia: Agas is sléibhteamhuil, coilteach, fionnfhuar, fuláin, iomadamhuil a n-arbhar, a ttorrthuibh, agus a bhfhéar, etc., a n-ór, saidhbhir a n-airgead, a bpéarluighe, a n-elephantuibh, agus 'n-adhluighean an Japan, inna ríghe 66 a n-aoineacht. Formosa, a fad 51 míle agus a leithead 45. Prímh-oilénuibh Philippi:
Deirthear go bhfhuil 11,000 díobh so agus gurab ó Philip na Spáinne ghabhuid a n-ainim, ón bhliadhuin 1564 ionnar ghabh sé urlamhas orra. Do bheannuigh Día na críochuibh so ré arbhar, rís, torrthuibh, agus meas spíosarra, óir goirthear Oiléin na Spíosarrthaibh díobh; agus is mór é a míanach óir agus airgid, agus is fuláin é a haér. Taobh shíar: Do bhí Ciprus líonta don uile mhaith gur ghabh an Turcach a hurlamhas, agus ní bhfhuil rath uire ó shoin. Béata nó beannuighthe ghoirtheach Gréaguidh uirre ó fheabhas a fuinn. Atá Siria don taobh shoir di, Éigipt don taobh theas, Pamphilia don taobh shíar, Cilísia .i. Caramania don táobh thuath; a muir na Cicilia di. San bhliadhuin 1570 an 9 do Sept. do (ghabh) Turcachuibh a ceann-chathair, ionnar mharbhadair 18,000 Críostuighthibh agus a bhfhuaireadair 20,000,000,000 coróin airgid .i. ducad. Tá oilén beag ain-bhriocht a Súmaire na Peirsia
(do ghabha ré rígh Portingall) darab ainim Ormus (san bhliadhuin 1506), agus is é péarla 'mharguidh é, óir tig Persianuibh, Arabianuibh, agus Indianuibh réna n-earra innte. So tásg Arabia uirre: Si terrarum orbis, quaqua patet, annulus esset, Illius Ormusium gemma, decus, ars foret. If all ye world should be a ring, the stone And gemme thereof were Ormus Ile alone. Bíodh 'n' fháinneadh an bith nach óg, Ormus bu cloch dá chronnóig. Taobh theas: Candea; goireann Indíachuibh Íath an tSolais di so, óir tig arbhar go hiomadamhuil san gcríoch aer-fhuláin so ionna bhfhuil go líonmhar ór, airgead, péarluidh, diomunduibh, agus spíosara.
Agas is cuid do oiléanuibh na spíosarrthaibh iad, saidhbhir a n-arbhar, a ttorrthuibh, agus a meas, a míonach óir, airgid, diomond, rubí, agus emerold. Uime sin atáid ar na hoiléanuibh is torrthamhla isna hIndiacha; roidh-theadh, míodh-fhulláin, lán naithre nimhe, agus go háiridhe oiléan Juva. Agas is roidh-theaidh míodh-fhulláin ó ainteas gréine íad, gann a bhfhéar agus a n-arbhar, saidhbhir a spíosarra agus isna míonachuibh romh-ráidhte, do-bheir ar iomad iad féin a chur a gconntabhairt ag ranntughadh a saidhbhris. Cionnas riaghaluighear íad so? Japan fuidh a himpir féin; Fermosa fuidh China; urmhór na bhPhilippinibh fuidh an Spáinn, agus an chuid nach bhfhuil atá ag Turca; Cilon fuidh rígh págánach; agus an chuid oile fuidh phágánuibh nó Mhahomet. Agas sin dhuit, a mhic, cuid don eólus fuair misi ar Asia. Agus ó choimhlíon mé do aisge, agus gur shiubhlas leith na cruinne riot, is cosmhuil gurab mithid dhamh a bheith currtha; agus bíodh a fhios agad nach bhfhuidhe taistiollach san
mbith acht currthacht cruaghtan buaidhire agus annródha ar son a shaothair. Uime sin is mithid dhamh-sa, atá a n-aois 76 do bhliadhna, mo shocracht do ghlaca a n-aiceadh mo leapthach, agus mé féin go huile a thoirbhiort do Dhía, agá mhola a nduanta diadha, a gcrónán shubháilceach agus a n-abhráin bheannuighthe mar do dhéanamh na sean-Ghaodhuil dhílis fhírinneacha dheagh-shurracha (athuidh Dé) do thug Día do romhuin roimhe an gcréatúir, a n-anamuibh roimhe a gcolna, neamh roimhe an talamh agus an tsíorruidheacht roimhe aimseardhacht. Agas, a mhic, má leinair lorg na druinge romhráidhte, biadhair ag sealbha na glóire síorruidhe a gcathair an tsoimhneas agus an tsolais, chum go ttreóruidh Dia uileachumhachtach, an t-Athair do-rinnigh an domhan le "fiat" agus gach a bhfhuil ann, an Mac do dhoirt A fhuil (tré roi-mhéad A ghrádha) do shaora an duine, agas an Spiorad Naomh do lasas an duine risan uile dheigh-eagna, thú féin agus misi, do athair cían-aosta, Seán bocht ó Neachtuin. Amen. AFRICA. A athair onóruidh, a moch na maidhne, mola do Íosa Críost. A mhic mo chléibh, gach maidin is gach tráthnóna
mola dhó do ghnáth; agus is maith liom an beannughadh ládhach sin 'bhíodh ag clann Dé anallód a bheith 'do bhéul. Cia ar a ngoirthir clann Dé? Ar an gcine dhaonda go huile, agus go háiridhe na deagh-Chríostuighthibh chuireas do ghnáth íad féin fo choimeirge Dé. An Críostuighthibh gach a bhfhuil san Euróip? Cia bhfhuil do choimhne? Nachar innisios dhuit cheana creideamh na hEuróipe agus na hAsia. Is fíor sin; gidh eagh, ní bhíad sásta go ttiubhrair solus beag dhamh ar dháluibh na hAfrica. Ó, a Thaidhg, do chealguis mé, agus ó nach bhfhuil ionnam do dhiúltughadh tóigead mo sheólta aonuair amháin oile riot don chríoch sin ionna bhfhuil ann-teas gréine agus drúcht neamhdha do réir an fhile: Quodque die solis violento excanduit aestu Humida nox reficit paribusque refrigerat horis. What by day is sunburnt ye night renews And just as much doth cool with pearly dews. Mar gharas Phoebus féar is géug is bláth Bheir teas an reulta scéimh agus deagh-dhath dáibh. Agus do bhí an chuid si don chruinne 146 bliadhuin fuidh Vandols na Germáinne, réar
héigneamh ó Rómhánchuibh í agus íad 'na ttighearnuibh uirre gus 428 bliadhuin, ionnar ghabh Gótuibh na Spáinne í ré foirneart, ar a ttáinig Rómhánchuibh Dia Domhna ag cathughadh riú agus na Spáinnibh. Ar eagla saoíre an Tighearna do bhrisi ní lámhóghach a bhfreagradh, tréar bloghadh íad féin go huile ré Rómhánchuibh, agá raibhe a seilbh, gur thoiligh Dia a n-arguin aiste ré Hucba, general ádhbhar Nasmen, Caliph Sarasenibh. Agus is é an siughudha atá ar an rann so don chruinne: idir an 3 c. agus an 83 c. 30 m. don fhaide, agus idir an 35 c. 30 m. thuath agus 35 ce. 30 m. don theas-leithne, agus an Mhuir Mheadhónach don taobh thuath, an Mhuir Indíach agus Asia don taobh shoir, an Fhairge Mhór don taobh theas agus shíar dhi; agus is é a fad 4,800 míle agus a leithead 4,200, agus í dealbha 'na hocht míribh .i. Agas atá an rann so fó stiúrughadh 4 himpridh (Morocco, Abissina, Monomotapa, agus Monomugi) 43 rioghuibh, an Turcaidh, agus Euróipianuibh.
ÉGIPT. Cionnas atá Éigipt suighte? Idir an 59 cé. 20 m. agus idir an 67 c. 30 (m.) don fhaide, agus idir an 21 c. 30 m. agus an 31 c. 50 mi. don tuath-leithne; an Mhuir Mheadhónach don taobh thuath, an Asia agus an Mhuir Ruadh don taobh shoir, Nubia don taobh theas, Barca agus Barbaria don taobh shíar, agus is é a fad mar atá shúas, etc. Agus ní bhfhuil san chruinne ar imlibh Nílus is torramhladh ná í, óir atann an abhuinn so timchioll mí mheadhóin an tsamhradh 15 troighthibh ar airde amach ar a himlibh, agus ní fearr lessughadh san domhan nó a huisge. Is rodh-bhocht tirim gaineamhuil míodh-fhulláin an chuid oile dhi. Is innte atá na locha Maredtis .i. Atitacon, Mecris .i. Busiaseadh. Abair liom na cóig codcha na críoche sa? Betria, Sahio. An ngoirthí Oceana, nó Osiria, ón rí Osiris, don chríoch so? Do goirthí; óir is ón rígh cumhachtach Remeses Egiptus tugthar Éigipt anois uirre. Agus deirthear gurab íad fuireann na críche si fuair adhladhan na matematic amach ar tús. Tug an chríoch so bía don Asia, do Africa, a n-aimsir Joseph mhac Jacob mhic Isaac mhic Ábrám.
Terra suis contenta bonis non indiga mercis Aut Jovis; in solo tanta est fiducia Nilo. The earth content with its own wealth doth crave No foreign marts, nor Jove himself; they have Their hopes in Nilus fruitful wave. Níl a ndóchas 'ndia ná 'nduine Acht a Nílus, 'sa mór-thuile Bheir féar san bhfhonn, luibh, bláth, is meas, 'S gach íarra taoi 'gcríochuibh gcoimhneas. An ndubhairt tú liom gurab ó mhadhma na haidhbhne si tá líonmhuireacht torrthuibh na hÉigipte? Dubhras; deirthear gurab a bParrthas thosuighean sí, agus go sníomhann trí cheart-lár na hÉigipte, agá roinn féin 'na seacht srothuibh, do-ní tuile 40 lá. Timchioll an 15 lá do Jún, mar atá shuas, éirghes 15 cubhuidh ar airde, tré a bhfhásann luibh agus bláth; agus má éirghean 17 cubhuidh cuireann an talamh ar meisge, go nach ttugann an talamh a ttoradh go ceart uatha, agus fágan d'éis a tuile iomad créatúiribh beó 'na díaigh, do réir an fhile Ovid (Cf. Metamorphoses, 1, 422 sqq.): Namque ubi deseruit madidos septemfluus agros Nilus et antiqua sua flumina reddidit alvo Plurima cultores versis animalia glebis Inveniunt.
From whence ye seven-mouth'd Nile ye fields forsakes And to his ancient channell himself betakes, The tillers of ye ground live creatures find Of sundry shapes ith' mud that's left behind. Tréigean Nílus na seacht ttuilte An íath mhisgeach; dá sean-fhuine Triallann; iomad créatúir do-gheibh 'Na diaigh san láib na saothruidhibh. Is ann san abhuinn so ghnáthuidheas an crocadil, créatúir thig as uigh (a méad uigh ceirce frangcuibh), bheirid ar iomioll na trádha agus bheir teas na gréine chum críche. Mar fhásan a n-aois fásann a méad codh-uathmhíalta sin go gcriochnuighean gach créatúir roimhe. Dá tteangmhach go n-itheach sé duine, do ghuileach ós cionn a chinn, do-bheir an sean-fhocal, má ghuilean aon gan truaidhe, "Is déir crocadil atá ag an duine úd." Ithean duine agus beathach; agus ar beith dá bhruiteacht lán, síneann ós comhair na gréine é féin, ag fosgla a bhéil, chum a ttig éan beag a méad smóluidh do phica an bhí as a fhíacla, tré a ttuitean a sámh. Ris sin, roichean créatúir beag a méd luiche frangcuidh 'steach 'na bhéal, thollas a chroidhe agus a chlíabh, ré a marbhann é. Ag sin nach bhfuil aon dá thréine nach gclaoithear é.
Deirthear go bhfhuil 3,000 míle a bhfad na haidhbhne si. Deirtear 40 cathair san chríoch so. Alexandria .i. Scanderia, anallód tobar na foghluma an tan do bhí Ptolomieu 'na rígh uirre (anno m. 3681), óir innte bhí na 70 fir fhritil réar scríobha an Bíobla, agus atá aniu an toigh céadna ionna raibheadair an tan soin 'na mharthuinn. Is fíor-mhaith an marga anois féin í. Do chuir Ptolomeus 700,000 leabhar ar a chostus féin do mhéadughadh leabhruibh na cathrach so. Deirthear go raibhe 2,000 cathair san chríoch so, agus gurab innte bhí cathair Thebes, ar a raibhe 100 geata do réir Homer, agus anois níl a láirtheach ann. Goshen, ionad comhnuigh Jacob. Memphis, ríogh-phort Pharoa, ionna raibhe Joseph agus ionnar oibrigh Maoise a mhíorbhuile. Tá Gran Cairo anois ar a láithreach; do goirthí Babilóin na hÉigipte dhi, ionna raibhe 18,000 sráid, agus geata a n-éadan gacha sráid díobh, ocht míle a bhfhad gach sráide; agus dá dhearbha sin do bhí Selimus réna shluagh mór-bhuadhach 3 lá ag gabháil tréthe. Do-roinneadh fáistiona do Pharoa Amenophis, do bhí dall, dá bhfhuidhe fúal mná ag nach raibhe acht aon-fhear, agus é féin do nídhe ann, go bhfhuidheadh a amharc. Do fhéach brígh uisge ain-iomad mnáibh agus ní bhfhuair acht aon
'na measg ó bhfhuair a leigheas; do phós í, agus do loisg an chathair ghlé-bharubra, agus na mnáibh romh-ráidhte innte. Is rodh-annamh fearuinn san chríoch so. Is innte atá aon do sheacht iongantais an domhuin, .i. na Piramides, do tóige lé Cheops, agá raibhe 100,000 fear; 20 bliadhuin dá déanamh; 60 acradh fearuinn bhí fo an obair; déanta do mharmar; 1,000 troith ionna airde; agus do chosain an gháirleóg, na hinneamhuin, agus na phréamhacha d'itheadair an lucht oibre a ttógbháil na hoibre 1,600 talenc airgid. Don Mhuir Ruadh goirthear Muir Erítreeum, ó bhfhuair aon dona Sibels a hainim. Do scríobh Sibel Cumea 10 leabhruibh do tuga chum Torcuinus Sapearbus agá iarra air a gceannach. Do dhiúlt na fiacha do íarr an tsean-bhean do thabhairt orra, réar loisg sí 4 leabhra díobh. Do aisg ar na sé leabhra an t-airgead céadna; ní thubhrach sin dí, tréar loisg 3 lebhra oile, agus 'na dhiaigh do iarr an ceannach céadna ar na 3 leabhra bhí gan losga. Lán do iongantas, tug Torcuin a hiarra di; ris sin d'imigh mar ghaoth ós a amharc, ag fágbháil na ttrí leabhruibh aige, ionna raibhe tairnghaire teacht Íosa Críost a gcoluinn daondha agus A ríoghacht. Seacht n-iongantais: 1 na Piramides; 2 Mausolaeum; 3 Tempoll Ephesus; 4 Balluidh Bhabilóin; 5 Colesus Rhodhes; 6 Íomháigh
Jupiter a gcathair Eilis san nGréig, déanta do ór agus do ioburrtha, 60 cubhuidh ionna airde; 7 Tor Ptolomei Philodelphus san oiléan Phares, déanta do mharmhar bán. Atá iomad cuasaibh lámh-dhéanadh, greanta do fhighiribh iomdha, láimh ré cathair Gran Caire, ionnar hadhnuiceadh iomad d'uaislibh na hÉigipte; agus gnáth-shoillseadh ag feart gach marbh, do mhair ar lasa ré hiomad aimsiribh, gur tugadh as an áit chum an aeir íad, agus an sin do múchadh íad. An Tuirceis, Arabic agus Múric teangthaibh na háitesi, agus ghnáthuigheas lucht leanamhna Mathomet; acht do thaobh na sean-fhoirne is beagnach Críostuighthibh íad, agus gnáthuighid an tsean-theanga Éigipteach, agus deirthear S. Marc a bheith 'na easbog a nAlecsandría. BARBARIA. Cionnas atá Barbaria suighte? Idir an 8 agus an 60 c. don fhaide, agus idir an 28 c. 25 m. agus an 35. 30 m. don leithne; an Mhuir Mheadhnach don taobh thuath, Barca don taobh shoir, Mount Atlas don taobh theas, agus Feis don taobh shíar. Agus is tír shléibhteamhuil choillteach thorramhuil í, a n-arbhar, a bhfhíon, agus a meas; líonta do aibhne .i. Guadebor, Major, Nachan agus Omiribili. Is innte atá Slíabh Atlas.
Agus ag so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phóirt na críche: Agus is drong thaidhbhseach mhór-chnámhach íad, dílis dá n-aoís ghrádha, agas do-shásuighthe a bhfhuath, agá bhfhuil na heich is fearr san chruinne. Tunis: ann Bono do ruga S. Agustin; agus Hippo, ar a raibhe 'na easbog.
Cartág, do tóige ré Dido an bhliadhuin don domhan 3078, 135 roimhe an Róimh, suighte ós comhair na Rómha, mar a chomhshuirigheach, do réir an fhile: Urbs antiqua fuit (Tyrii tenuere coloni) Carthago, Italiam contra Tiberinaque longe ostia, dives opum studiisque asperrima belli. There was an antient city call'd as then Carthage and built by banish'd Tyrianmen just against old Tiber's mouth and Italy, great in wealth, skilled in martiall chivalry. Ós comhghair 'n Iottáille 's Tiber tóige Cartág cródha saidhbhir ré Tirianuibh eólgach calma díbre a ndúthchas athardha. Do claoidhe ris an Róimh í, tráth síle lé Cicilia, Sardinia agus Corsica do claoidhe dí féin; gí gur shas an captín cródha Hanibal 18 mbliadhna, chum a chlú síorruidhe, a n-aghaidh Rómháncuibh, do chlaoidh Scipio agus a shlúagh é féin agus í 'na dhíaigh sin arís, tráth do dhiúlt urruim don Róimh; níor fága cloch ós cionn cloiche innte, gur ath-thóigidh Caesar í. Agus a n-aimsir Catoliceacht do bhí 120 easbuig fuidh a haird-easbogóideacht.
As a láithreach, d'éis Vandols agus Sirianuibh a léirscrios, do tóige cathair Tunis. San chríoch so atá an daingean Goleta do bhí dá thógbháil ag Spáinnibh 30 bliadhuin. d'fháguidh Turcaidh '39 lá chodh coram ris an talamh í. Algiers: do bhí prionnsa cumhachtach san chríoch so darbh ainim Ariadne, réar scrios na Spáinibh as Bugea san bhliadhuin 1514, dá ndearna an mórdhála Soliman Admiral a n-aghaidh Chríostuighthibh, do bhí 'na mhurrach 'na n-aghaidh go bhfhuair bás, ag fágbháil a oidhreachta réna umhachta ag an Turcach. Númidia: do réir an fhile is annamh iostas ag fuireann na críche si acht ar caoruigheacht. So an Numidia ina (bhfuil) Beledulgerit, rinn mé dearmod. Nulla domus, plaustris habitant, migrare per arva Mos, atque errantes circum-vectare penates. They dwell in waines, not houses, and do stray thro' fields, and with them leade their gods away. As é bu háras don druing cartacha (leór bu farsaing), ag iomchar a ndée tré lár il-iomad críoch agus cnocán. An raibhe 25 geata, 100,000 toigh a gcathair Morocco?
Deirid go raibhe; agus is áit dheas anois féin í, óir is í as ríogh-phort, agus is coláiste eagna agus foghluma don Bharbaria uile í. Fes: ionna raibhe 200 sráid fharsuing, 700 mosque mhór, 42 marga, 686 tobar uisge agus 86 geata; gidh eagh, atá anois ar ndul a ttraocha. Ailgiers: cathair rodh-shaidhbhir dhaoineach láidir, agus cúan, 15,000 toigh, 100 mosque, sráidibh caola áitighthe go huile ré fomharuibh, .i. piráid. Cartág, .i. Bersach, anallód comhshoirigheach na Rómha; easbogóideacht S. Ciprian, ionna raibhe iomad comhairleacha coitchean; anois a luairreadh. Utica: cathair dhaingean dheas ionna bhfhuil Cato adhnuice. Ceuta: áit bheag ro-láidir do shas go meinic cumhachta iomlán Bharbaria. Salli, Tunis agus Tripoli: is daingneacha láidre íad líonta do fhomharuibh. Tá na críocha so uile fo stiúrughadh an Turca, Impir na Morocco, agus Dei Tunis, Tripoli agus Algiers; agus is Mahometanibh íad, 'na measg ionna bhfhuil Iúdaighthibh agus Críostuighthibh. BELDULGERID, SAARA, .I. AN FÁSACH Cionnas atá Beldulgerid suighte? Idir an 5 c. agus an 60 c. 30 m. don fhaide, agus idir
an 21. 45 m. agus an 32 c. don tuath-leithne; agus is é a fhad 3,000 míle, agus a leithne 820, agus is fásamhuil bocht an tír í acht isna gloinibh, iona ttig arbhar go líonmhar agus dats; rannta 'na seacht gcóigidhibh: Agus deirid go bhfhuil 84 áitibh tásgamhla san chríoch, dá ngoridh Numiadia, do réir an taobh sin thall. Agus is Mahometans nó págánuidh íad fuidh an Turcach. SAARA .I. LIBIA Cionnas atá Saara suighte? Idir an 4 c. agus 45 c. don fhaide, agus idir an 12 c. agus an 28 c. don tuath-leithne; agus is é a fad 3,000 míle agus a leithead 780. Agus is tír roidh-theith
bhocht ghaineamhuil díobhálach í, go háiridhe do thaistiolluidh; agus í rannta 'na cóig cóigidhibh: Agas adeirid go bhfhuil 23 áitibh tásgamhla isna críochuibh so. Agus goirthear Libia don chríoch so, ionna bhfhuil iomad meirlibh, amhuil Beldulgerid, agus nísa mheasa. Do shiubhlach duine ocht lá, gan abhuinn, lochán, crann, nó dosán a fhaicsin innte; agus ní fhágan an ghrían súgh a luibh nó a gcrann gan dhiúl chuigthe féin, do réir an fhile: Hinc facta est Lybie, raptis honoribus aestu, Arida. Hence Libia, all his moystures drawn on high By ye atractive sun, is made so dry. Chuice go géur thárnuigheas grían: Úireacht Libia, an tirm-íath. Agus atá na críochuibh so fo iomad mion-ríogh, ícaighthibh don Turcach, mar atá Beldulgerid; agus is Mahometanuibh an chuid nach bhfuil 'na bpágánuibh.
TALAMH NA NEGROS. Cionnas atá an chríoch so suighte? Idir an 3 agus 44 c. 20 (m.) don fhaide, agus idir an 8 c. 25 m. agus an 23 c. 3 m. don tuath-leithne: Saara don taobh thuath; Nubia, Bornea, Biafar, don taobh shoir; Guinea agus an Mhuir Mhór don taobh theas; an Mhuir Mhór don taobh shíar; agus is é a fhad 2,400 míle, agus a leithead 720; agus is críoch fhulláin fhér-uaine thorramhuil mhesach a ttimchioll na n-aibhnibh Niger, Nubia, Nílus í, ionna bhfhuil míonach óir agus airgid, allach agus arbhar, agus an sliabh Cáp Verd; rannta 'na 13 cóigidhibh:
Agus deirid go bhfhuil 66 bailte tásgamhla san chríoch; agus is beg tathuigh do-nídh Europianuibh 'na measg (acht go Cáp Verd amháin). Fágad (iad) gan labhairt torra, acht amháin go ndelbhuid a ndia bán agus go ndéan a nduibh-rígh taibhse agus mórdháil, tré gan é féin nó a ríoghacht (a bheith) bán. NUBIA Cionas atá Nubia suighte? Idir 48 c. 20 m. agus an 65 c. 40 m. don (fhaide), agus idir an 10 c. 5 m. agus an 23 cé. 5 m. don deas-leithne; agus an Barca agus Égipt don taobh thuath, Abissins agus Éigipt don taobh shoir, Abisins don taobh theas, Saara agus Talamh na Negros don taobh shiar; agus is é a fad 1,020 míle, agus a leithead 600; agus atá coimhleathan beagnach ar fad; agus is cosmhuil an chríoch so ré Negro, acht amháin na sléibhte gaine atá innte. Agus atá sí rannta 'na sé cóigidhibh, agus ní bhfhuil agam acht a n-ainim: Gorham, Cusa, Nubia, Duncala, Ialac agus Bugia. Agus adeir Gordon go bhfhuil láithrech eagluisibh, pictiúiribh ar Slánaightheóra, Mhuire Mháthair, agus na naomhuibh réna fhaicsin san gcríoch so aniu. Atá ríoghacht Tombut 'na uachtarán ar Negro, acht begán ar cóstuidh na mara atá ag Holand agus ag Portingal.
GUINEA Cionnas atá Guinea suighte? Idir an 9 c. agus an 36 c. don fhaide agus idir an 4 cé. 40 m. agus an 12 cé. 25 min. do tuath-leithne; Etiopia don taobh thuath, Biafar don taobh shoir, an Mhuir Mhór don taobh theas agus shíar; agus is é a fhad 1,800 míle agus a leithead 450; agus is críoch shaidhbhir thorramhuil mheasach fhéar-uaithne ain-teth í, marbhach do aoidhthuibh nach bí ag gnáthughadh a teas; agus í rannta 'na trí cuid .i. Agus is iomdha mion-ríoghuibh orra, agus goirid impir don rí as cumhachta díobh; agus is íodhal-adhruighthibh a n-urmhór, agus an chuid nach bhfhuil amhla, is Críostuighthibh iad. ETHIOPIA .I. ABISSINI. Cionnas atá Ethiopia astoigh suighte? Idir an 48 c. agus an 74 c. don fhaide, agus idir 14 c. theas agus a' 20 c. don tuath-leithne; Égipt don taobh thuath; Sancuebar, Ajan agus Obecs don taobh shoir; Monoemomugi don taobh theas;
Congo, Biafar don taobh shiar; agus is é a fad 2,100 míle, agus a leithead 1500, beagnach comhlethan isna huile áit. Agus is tír thorramhuil mheasach do gach taobh don abhuin Nílus í; agus is bocht fásamhuil urmhór na codach oile. Agus atá trí locha móra innte: Saire, ionna bhfhuil 410 míle ionna fhad agus 240 ionna leithead; Loch Saflan ionna bhfhuil 420 míle ionna fhad agus 210 ionna leithead, a ríogh-phort Gorga; Loch Niger ionna bhfhuil 220 míle ionna fhad agus 100 ionna leithead, a ríogh-phort Uanc; agus is san chríoch atá Slíabh Amara. Cionnas atá sí rannta? 'Na hocht gcóigidhibh; ag so dhuit Agas deirid go bhfhuil 50 bailte tásgamhla san chríoch so, a thimchiollas an abhuinn Gihon thig a Pharrthas. Agus is ré a rígh féin (agá bhfhuil
na cumhachta uile do réir a tholach agus a bhfhágan an choróin do réir a umhachta) Prester John; agus is Críostuighthibh íad a n-urmhór, ionna bhfhuil 'na measg iomad Iúdaighthibh, Mahometanuibh agas págánuibh. Agus fásann gach uile ní san chríoch so (acht cruinneachta), luibh, beathadhach agus bláth. Fuathuighid mar an diabhal na gaibhneibh. Agus atá Ethiopia Propria do ainim uirre; agus is innte do bhí an ríogh-chathair Saba, ó ttáinig an bhainriaghan do chluistin eagna Sholamh ó bhfhuair (fo a bruin) gin mhic, dár ainimnigh sí Dávidh; agas do goirthí (do thidioll) Dávidhibh dá ríoghuibh go haimsir an Chailtéanuidh do baiste ré Philip apstol, do thug Philip do thidioll dóibh go ríghe an deagh-rígh Seón, dá ngoirthí naomhtha nó "presiosus," agus do len an tidioll orra ó shoin a leith mar atá shuas Prester .i. presiosus John, idem hominum rex diuumque sacerdos .i. rígh na ndaoinibh agus sagart Dé. Teasbéana é féin trí huair san mbliadhuin dá íocaighthibh, fo Cháisg, fo Nodhluic, agus a bhfhéil na Croisi. Deirthear go bhfhuil leabhar ocht gcuid rén' fhaicsin aniu san chríoch, scríobha ris na hapstoil a gcathair Hierusalem; agus do thairg a rígh miliún óir agus miliún fear do Rígh Portingal, dá gcuireadh cogadh ar mídh-chreidmheachuibh.
ETHIOPIA TAOBH AMUIGH. Cionnas atá an Ethiopia so suighte? Idir 34 agus an 80 cé. don fhaide, agus idir an 19 c. don tuath agus an 35 céim don deas-leithne; agus an talamh Negro, Nubia, Abissina agus Éigipt don taobh thuath, an Mhuir Mhór don taobh shoir, theas agus shíar dí. Agus is é a fad 2,850 míle, agus a leithead 1,770; agus is fonn aer-fhulláinn thorrthach ionna ttig mórán arbhar agus féur cuid di, agus cuid eile roidh-thedh rodh-lom. Agus atá dá loch mhóra innte .i. Loch Acualunda a gcríoch Congo, ionna bhfhuil 90 míle 'na fad agus 80 'na leithead; Loch Lachaf a gcríoch Monomotapa, ionna bhfhuil 100 míle 'na fad agus 80 ionna leithead. Agus isna críochuibh so atá Sléibhte an Christil agus Cnuic an Saltpeter, Sliabh na Gréine ag Cáp an Dóchais Mhaith. Cionnas atá sí rannta? 'Na ceathradh ríoghachtuibh, (2) impridheacht, 4 cóstuidh:
Agas (atá) 137 áitibh tásgamhla isna críochuibh so, agus is díobh, mar a síltear, ghoireas an Scribtiúir "Iath Ophir," ón ain-iomad óir geibhthear innte; óir atá 3,000 áit ionna bhfhuidhear a mhíonach innte. Monomotapa .i. Bonemotacsa. Is éigin do lucht na críche si 50,000 dá n-elephantuibh do mharbha, tré a líonmhuireacht. Agus dob é gárda impir na háite si 200 maisteadh nó gadhair mhóra, agus do-bhir na curruibh (ar a ttugthar breith báis, do réir a gcionnta) dóibh ré n-ithe. Congo (Sango) tug rígh na críche si 1,200,000 fear do chathughadh Paulus Diasius, gineral rígh Portingal, isna críochuibh so; agus do thoiligh Dia gur mhadhm Paulus orra réna bheag-shluagh, agá scrios agus agá marbha. Agus is lucht feóil dhaonda ithe íad lucht na críche si.
Cionnas riaghaluighear an Ethiopia? 'Na ríoghachtuibh fo mhin-ríoghuibh, 'na himpridheacht fo a n-impridh; Abecs ag an Turcach, Aijan ag Turca, agus mion-ríoghuibh (ag) Holondruibh agus Portingaluibh; Cafres gan rígh, gan riaghail. Atá, ré dúrachta Phortingal, iomad Críostuighthibh a measg Mahometanuibh agus págánuibh na críche si. OILÉNUIBH NA HAFRICA. Ainimnigh na hoiléanuibh is tásgamhladh san taobh shoir don Afric. Socotora: a mbéul an Mhuir Ruaidh, agus na hoiléin oile ós comhair Sanguebar. Ag so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort oiléanuibh Madera:
Ag so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort oilénuibh Cáp Verd: Is iad na hoiléin so Hesperides na n-aosta, agus anois is ré Portingal a ríghe; agus is é fáth fá ngoirthear Cap Verd de ó bheith do ghnáth glas, ón bhfhocal Laidne viridis. Ag so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phoirt oiléanuibh na gCanari .i. Oiléin an Fhurtúin: Atá easbogóideacht san gcrích si, agus is Catoilicibh íad.
Madagascar: fuidh iomad min-ríoghuibh, ionna bhfhuil mórán míonach agus a lán pirádibh nó fomhairibh, agus ionna ttig arbhar, féar, meas, súcra agus fíon. Gí míodh-fhuláin í, mar atá oilénuibh Cáp Verd, acht son oiléanuibh Canari fásan na torrthuibh thuas go líonmhar ionnta. Tenerif: atá crann a lár na críche si, ós a chionn a ttig neul dubh le linn gacha raé, a fhearas uisge ré mbeathuighthear an chríoch uile; óir níl abhuinn ná tobar innte acht a bhfhaghan ón neul soin. Tig arbhar, feur, meas, súcra, agus fíon, etc., go ro-líonmhar isna críochuibh soin oile. Atá Socotora fuidh a rígh féin, S. Mauris fuidh Holond, Bourbun fuidh Fhrangcuibh, Madera agus Cáp Verd fuidh Phortingal, Canari fuidh Spáinibh, agus creideamh gacha oilén díobh do réir an uachtaráin. Ag so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phoirt oiléanuibh an taobh thuath. Is iomdha íad, acht ní labhrad acht ar Malta: agus is é a fad 35, a leithead 30. Agus is iath bhocht tirim theith í, ionn nach ttig acht coton nó conach, olan, anisseed, cuminseed etc. Agus níl esbhuidh ní uirre ó ríoghacht na Sicilia; agus ó ghabh Turcaidh urlamha Rhodes, atá sí fo stiúrughadh Mór-mhaighistir Roidrí S. Seón ó Jerusalem, dá ttug an t-Impir, an 5 Selus, í; agus goirthear anois Roidrí Malta díobh. Agus do ba hí Sasana an seisiughadh críoch don órd
soin, agus ó thréig sí cuing an Phápa agus an creideamh Catoilice níl cur acu uirre, do bhríogh nach bhfhuil díobh acht Catolicibh. Ag so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phoirt oilénuibh an taobh theas: S. Alaten; S. Helena, 70 míle; Desgabhál, 30 míle a fad; Anabo, S. Tomás, 60, 60; Pavoasan, Oilén an Phrionnsa, 50, 50 míle. S. Helena: Agus is líonmhar do thig súcra agus torthuibh oile isna críochuibh so, agus go mór-mhór a S. Helena (dá ngoirthear go fádhach "ceiste na mairnéaluibh"). Fuidh Phortingal atá S. Tomás, Anabon, agus Oilén an Phrionnsa; fuidh Shasana atá S. Helena. Is roidh-dheas an craobhsgaoile sin, a athair chátuidh ionmhuin, do-rinnis dham, agus is mór na tiodhlaicibh do bhronn Dia ort. Is fír sin, a mhic, agus atá mé fuidh Dhó, agus ní bhfhuil agam ré rádh acht is roidh-iongantach Dia ionna uile oibreacha; agus Día dílis do bhronn na tiodhlacuibh orrum-sa go roidh-líonmhar nár bhronn ar iomad do dhaoinibh oile, molam É ionna Mháthair Ghlóirmhear, Muire Bheannuighthe ag rádh, mar adubhras an tan bhádhas ar scoil 'mo shean-bhuachuil, a mola Mhaighistráisi, mar
d'órduigh an maighistir dhomh féin agus do mo chualuadair mar thema. Ag so mar adubhairt:
"A Riaghan Muire, a ghrian na cruinne, a mhían a bhfhuil ad eólus, a reult na mara, a phéarla thaithneamhach, a ghéag 'an abhuil órdha, a Mháthair Íosa, a Mháthair Chríosta, a Mháthair, a dhídean gacha peacach, a Mháthair mhilis chráidhbheach chreidmheach is fearr dar hoile ar talamh, a mhaighdin mheanmnach, a mhaighdean gheanmnach, a mhaighdean airmhidhneach thóigthe, a mhaighdean bhéasach, a mhaighdean ghlé-gheal, a mhaighdean mháordha mhómhar, a dhoruis neimhe, a chosg gach tinis, a chorp gan chionnta ón tsinnsear, a réulna na maidhne, a sgéimh na n-aingel, nach féidir leth t'fheartuibh d'innsin, a chúl mar ómbar, a ghnúis mar rósa, a shúil mar ro-lómhar-líaga, a chathaoir órdha, a chathaoir sheóideach, a chathaoir eóldhach na críonnacht, a óigh ghlic fhír-ghlan mhórdha mhín-gheal thóigthe chríonna ro-cheannais, a bhainriaghan Neimhe, go ttárnuighir misi is an uile chreidmheach go Flaitheas."
AMERICA. A athair dhíoghrois mo chléibh mo chroidhe agus mo chumuinn, cia a rabhuis anois? Ar bhruach an Ruirthe, dá ngoirthear anois Liffe, ag meadhónughadh staid na críche ársuidh so fuidh Dhanair agus allmhurchuibh, atá agá créachtghuin ré tuile agus 500 bliadhuin, .i. ó ghabháltas Gall a leith, agus gan a saothra ag aon acht Dia amháin, do-ní ríoghuibh do thréaduidhibh, agus leagas lena sméide prionnsuighe cumhachtacha an tsaoghuil si, ag déana luaithre dá gcathrachuibh agus cairn aoilidh dá ttoighthibh. Guidhim thú, a athair, agus léigemíd sin horuinn go ham oile, agus lorgairemís an chuid so don chruinne do fuair Cristóir Columbus amach san bhliadhuin 1492, dá ngoirid anois America. Is mór an siubhal sin dob áil riot a dhéanamh, a mhic, agus do bhríogh gurab taistiolluidh gach a bhfhuil is a mbiaigh, go bruinne an bhrátha, cia hiongnadh dhamh-sa gan comhnaighthe do dhéanamh, ná socruidheacht do ghlaca, an seal bhiad san mbeatha chlisíamuidh so. Uime sin, a mhic, ar h'impidhe, ní fhágad do réir mo eóluis ríoghacht, cóigeadh, nó oilén, gan a thamhas, ar a fhad agus a leithead; agus ar tús risan rann uile. Óir atá sí suighte idir 240 céim agus 348 céim do fhaide, agus idir an 63 cé. don tuath agus an 55 don deas-leithne; an íath ain-eólach don taobh thuath,
an Mhuir Mhór don taobh shoir, caol-mhuir Magellan don taobh theas, agus an Mhuir Theas don taobh shiar; agus is é a fad 7,000 míle, agus a leithead 3,360, agus cuid di ionn nach bhfhuil 60 míle ionna leithneacht. Is annsan rann so atá abhuinn an Phlata, abhuinn Amason, abhuinn Canada agus an abhuin Orenic, .i. Oronóco, agus na locha Parim agus an Loch gan tSáile .i. Fairge gan tSáile. Agus atá an rann so 'na dá cuid, dheas agus thuath, agus atá 5 críochuibh san taobh thuath agus ocht gcríochuibh san taobh theas, gan trácht ar na hoiléanuibh. Issan taobh thuath: Maxico, Granda, Florida, Canada, agus Terra Artica. San táobh theas atá Firma, Peru, Cili, Brasil, Amason, Paragu, Magellanica, Arctica. MAXICO. Cionnas atá an Hispáin Nuadh .i. Macsico suighte? Idir an 254 c. agus an 293 cé. don leithne, agus idir an 7 cé. 20 m. agus an 29 cé. 4 m. don tuath-leithne; Florida don taobh thuath, Terra Firma agus Súmaire Maxico don taobh shoir, an mhuir theas agus shíar; agus is é 'fhad 2,460, agus a leithead 780. Agus is críoch aer-fhulláin choram gan roidh-theas nó rodh-fhuacht, saidbhir a n-arbhar agus a meas, míonach óir agus airgid, aibhne iasg-líonmhar agus locha, .i.
Nicaraca agus Mhacsico; agus í rannta 'na trí codcha móra .i. Guadalaira, Mecsico agus Guatimala. Agus so síos gach cóigeadh ionn gach rann díobh, a n-ainim, a bhfhad, a leithead agus a ríogh-phort. Atá dhá ghné uisge a Loch Mecsico: sailte agus neamhshailte. Atá an sailteadh gnáth stuirmheach nemh-iasgach, agus an neamhshailte sítheóilte íasgach; agus tá
carraig a lár an locha, sruth uisge teith do ghnáth ag sníomh as ré leighistear othair; agus atá iomad luibh-ghortaibh ag snámh for an loch toisteadh ar snámh cliacha adhmuid ré sásugha fuireann na críche. Agus deirtear 120 áitibh nó bailte tásgamhla san críoch so; agus is í an mhór-chathair Mexico príomh-phort na críche, anallód (amhuil Venis) tóigthe ar an loch, ionna mbíodh ríoghuibh Mhexico; agus tré mar do mille ré Ferdinando Cortes í san bhliadhuin 1521, do hathruidhibh gusan taobh oile don loch ar mhoigh choram ádhluinn í, ionna mbíonn Visroi na Spáinne, aird-easbog fuidh a bhfhuil 11 easbug in ... airgead dá bhuala, agus na huile príomh-chúirt. Meastar 4,000 Spáinnech agus 30,000 Indiach do bheith innte; agus atá sí ar na marguidh is módh san gcruinneadh. Deirthear 60 catrachadh anallód do bheith ar an loch so, agus anois níl ar marruinn díobh acht sé bailteadh móra agus 30 gragáin. S. Juan de Ulva an cúan ionna ttig loingis go Mexico. Agus is é ceard na críche so olan, conach, súcra, síoda, cochiníl, clúmh, mil, tombac, gingér, drugs etc. Agus is Catolicibh íad go huile. GRANADA .i. NUADH-MEXICO Ceann-chathair na críche si Santa Fee suighteadh ar an abhuin Nort. Is gnáth fuinn-chreathadh,
tóirneach, agus tinntre san chríoch ghainmhidhe aer-fhulláin so atá áitighthe ré Spáinnibh agus a sean-fhunnadúiribh - fuireann nemh-fhíata, ligtheadh ar fhiadhach agus saorughadh na talmhann ó ghlac an Spáin seilbh na háiteadh; agus ghlac iomad díobh baisteadh agus oideachas na Spáinibh, agus an chuid nár umhlaidh go réidh don Spáin, riaghaluighthear iad ré taoiseachaibh dá ttoghthadh féin dá ngoirid Caicíces. FLORIDA Cionnas atá Florida suighte? 269 cé. 30 m. agus an 294 cé. 40 mín. don fhaide, agus idir an 25 c. agus an 40 c. don tuath-leithne; Canada don taobh thuath, an Mhuir Thuath don taobh shoir, Mexico agus a súmaire don thaobh theas, Granada don taobh shíar; agus is é a fad 1,200 míle, agus a leithead 600. Agus is íath ádhluinn í, sléibhteamhuil san taobh shoir, agus na mara; fearann leabhair féar-uaine fulláin, saidhbhir a n-arbhar agus a meas, a gcoilltibh píne, laura, pailme, cedar, cipre, etc., ionna bhfhuil leómhuin, liobuirt, agus naithre nimhe móra. Agus atá an chríoch so rannta 'na 43 cóigibh, ionna bhfhuil 14 iostasuibh ag Spáinnibh agus 5 ag Sasanuibh, .i. atá Baile Shérluis, Londuin, Cambalc, Mellilot; cuid na Spáinne, S. Matha, S. Augustin,
Arhalac, Ossachile, Hirittica san taobh shoir, Colima, Capaha, Cosa, Tascalura, Cuigata, Ecsualitino, Chagus agus Nacuater. Agus is é as céard don chríoch do frídhe amach ór, airgead, péarluidh agus craicnibh; agus is íodhal-adhruighthibh sean-fhuireann na críche si acht an chuid di ghlac feis an Spáinn, atá 'na gCatolicibh. Tá crann san gcríoch so ar a ttig torra, agus is neimh-marbhthach a shugh, agus sugh an chrainn mar an gcéadna, agus dá tteilgthidh duile an chrainn si a n-oisge, an créatúir d'ibheadh don uisge céadna do réabtha ar ball ré hat as a chéile. Tá sean-fhuireann na críche si pearsanta deágh-chumtha, sgaoilte, cródha, agus geal a gcneis, agus umhluighid dá sinsiribh, is ceannfort air gach fine díobh; agus íodhol-adhruighthibh íad ag tabhairt urram agus cádhuis ro-mhór dá gcáirnibh geintlídhe, dá ngoirid Joanas nó Janis. CANADA Cionnas atá Canada suighte? Idir an 266 agus an 330 don fhaide, agus idir an 40 c. agus an 63 c. don tuaith-leithne; an Mhuir Thuath don taobh thuath agus shoir, Florida don taobh theas, Granada agus an Mhuir Thartaria don taobh shíar; agus is é a fad 2,700 míle, agus a leithead 1500. Agus is iath shléibhtemhuil, bhogach, chairgeamhuil a n-iomad do áitibh dhi, agus ionn
áitibh oile coram chum féir agus arbhar, ionna bhfhuil aibhne íasgach, agus coilltibh fearbógach, agus an mhuir gan sáile. Agus atá an chríoch so rannta 'na 11 cóigidhibh. So a bhfhad, a leithead agus a ríogh-phoirt. San taobh thuath atá: Taobh theas atá: Agas atá 75 suigheacháin táisgeamhla isna críochuibh so. A Nuadh-Shasana atá Reading
agus Salem, agus is í Boston ionadh comhnuidh an Ghovernéir; cathair dhaoinech, agus marga mór. Ó Bhaile Muire goirthear Mairiland don chríoch. Is daingean láidir Baile Shéamuis, agus timchioll 500 toigh. Agus atá na críochuibh so uile san taobh shíar greamuidh dá chéile (ó Shúmaire Florida san taobh theas go Súmaire S. Labhrás san taobh thuath), Carolina ar Virginia, Virginia ar Pinsilvania agus Mairiland, Mariland agus Pensilvania ar Yeorc agus Jersei, Jersei agus Yeork ar Shasana, Sasana agus Albuin ar Súmaire S. Labhrás, agus áitibh oile ar imill an chuain san taobh thuath go Cala Hudson. Nuadh Yeork: le Holondruibh, agá raibhe an chríoch so, goirthí Amsterdam dí, acht san bhliadhuin 1664 tug Colonel Nichols fo chumhachta Sasana í; agus is aer-fhulláin í. Albani: trí fithchid míle ó Yeorc; tig fuireann 100 ar gach baruille dá gcuirid. Sopus ionna ttig arbhar go roidh-iomadamhuil; agus atá áit 'bhfhuisgeacht 10 míle do Nuadh Yeorc (ar a uaithbhialltacht do shúmaire) dá ngoirthear Craos Ithfrinn. Cionnus riaghaluighther na críochuibh so? Fuidh a ngovernibh féin do réir tholach Rígh Sasana; sliocht Uiliam Pen ar Pinsilvania, agus an tighearna Baltimór ar Mariland, na Frangcaibh ar an Nua-Fhraingc, agus an chuid oile fuidh shean-fhuireann
na críche, atá arr-iachtarach a bpearsuin, díreach láidir ain-chleachtach, choingmheas a gcraicneamh slim sleabhuin bláth, ré comailt ola éisg, meathacht iolair, agus geir Racoon de. Agus an tan geinthear aon díobh, cuirear cláirínídh ris an naoidhin ó mhullach a chinn go trácht a bhonn, agus congmhid ceanguilte ar an modh sin é go ceann bliadhna, ionnas go mbíaigh díreach fearamhuil; agus a bhfhear-aoís ní fhuilingid féasóg orra, mar an mbastard Spáineach, acht stochuid ruibe ar ruibe as a ngíal é: Judicat ex mento, non mente, puella maritum. Agas is íodhol-aodhruighthibh dá mbunuas íad, gí go bhfhuil ain-iomad díobh 'na gCatolicibh, ré dísleacht na bhFhrangcach, agá bhfhuil easbog a gcathair Cuebec san Nuadh-Fhraingc. TERRA ARCTICA. Goirid an t-ainim so dosna críochuibh so 'nar ndiaigh atá a gcircil na air an Pól attuath. Níl fios a bhfhad ná a leithead agam fós, acht so a n-ainim: Greenland, Spitsberg, Nova Semla, Iath Jesso, Nuadh-Lochlonn, Nuadh-Thuath-Bhreatuin.
Atá iomad mathghamhnuibh bána a Nova Sembla, a leanas a bhfhúadán tré shléibhte cuisne san muir; óir ní dhealran grían a gcuid don chríoch so ón 4 lá do November gusan 20 lá do Januari, do-bheir an rodh-chuisne sin. Atá oilén beg san muir gcéadna ionna bhfhuil slíabh ar a bhfhuil crois, agá bhfhágthar máluidh mine agus scríbhin ar gach mála díobh, nó ar an gcrois, a litreacha Russia, agus gan aoineach dá gcomhdach nó dá gcoimhéad; agus do réir mheasta, is mar bhiadh don easbhoghach ag nach bhfhuil lón nó ceanach fágthar san áit sin íad, óir is iomdha crúatan, ocras, agus gorta, gheibh taistiolluidh na mara so ó bheith 'bhfhad ó bhía agus ó chabhair. TUATH-OILÉINIBH AMERICA. Créad íad túath-oiléanuibh is tásgamhladh na hAmerica? Ag so íad:
Agas is iomdha gnéth nathair nimhe uathmhíalta isna hoilénuibh si, acht Bermudus, ionn nach bhfhuil a samhuilt. Agus is íath fhuar ainbhriot Neufoundland agus oilénuibh na túatha; acht an chuid oile, atáid torrthamhuil aér-aoibhinn do nádúir, nó ós na drúcht-fhrasa thuiteas gacha oidhche a mBarbados agus a Jamaica, ionna bhfhuil iomad sléibhte agus coiltibh. Gídh eagh, bheir grían na maidhne ain-teas a Hispaniola atá íarna timchiolla do shléibhte. Cuba, a ceannuigheacht: ór, sinamon, ginger. Jamaica, a ceannuigheachta: indico, conach, tombac, umha, piobar, toirtais, fhustic, logvod, etc. Hispaniola, a trácht: allach, ginger, cochenéil, etc. Bermudas, a tráchta: oráistidh, cocheneel, tombac, cedar, péarluidh, amber-ghréas. Agus
mar sin don chuid oile díobh, acht Nuathfonland, .i. Fonn Nua-fhála, agus oiléinibh oile attuath, ó ttig iasg, ola éisg, agus sionnuibh etc. Créd as creideamh dóibh? Sean-fhundúiribh na gcríoch so is íodhol-adhruighthibh íad; gach a bhfhuil fuidh Spáinibh agus Frangcuibh is Catoilicibh íad, agus gach a bhfhéadan a tharruing chum creideamh ionna ndéanuid a ndichioll; agus is acu atádh Cuba, Hispaniola, ionna bhfhuil dhá easbog, agus Porto Riogo; acht ar son na gcríoch atá fo Shasana is iomdha creideamh acu, agus ní fhuleónuid dá sclábhuidhibh iompógha 'na gCríostighibh, agus gan trácht ar a ttarruing chum eólus éigin creideamh do bheith acu. Ag so oilénuibh oile na gCaribe, Antille agus Lucaie:
Oilén S. Lusia agus Granada, níl a bhfhad nó a leithead agam, agus is é as prímh-cheard dona críochuibh so tombac, súcra, conach, ginger, cinamon, piobar, indigo, balsom, tea agus drugs. Agus is leis an bhFhraingc S. Lucia, agus Granada; agus an t-oilén beg air ar labhrus thuas, ionna raibhe máluidh míne, mesuim gurab í oilén na Croisi Naomhtha .i. S. Croix í, agus an drong ionna raibhe an daonndhacht air ar labhrus, gurab íad Frangcuibh (agá bhfuil an chríoch so) íad. Ag so oilénuibh Antilles agus Lucaie:
Is iomdha oilénuibh oile isna críochuibh so, mar atá Urcilla, Ruga, Oruba, agus Lucaión, Cignasco, S. Salvador, Tuma, Samana, Maiaguana, etc. Agus is Spáinnibh is príomh-thaoighisibh isna hoilénuibh si, ó a ttig na torrthuibh roimh-ráidhte. Barmudas, hainmnighear ón Spáinneach Eóin Barmudas; agus is oiléanaibh rodh-fhulláin gan naithre nimhe íad, ionna bhfhuil úir thorramhuil do-bheir dá fhódhmhar san mbliadhuin, go gabhálthas Gall uirre, agus ós sin a leith an úir réna meas ag truailliughadh go mór. Má tochaltar tobar fo uisge na fairge ionnta bu sailte an t-uisge, acht má bhíann ós a cionn an t-uisge bhus neamhshailte é.
TERRA FIRMA Cionnas atá an chéad-chuid so don taobh theas do America, .i. Terra Firma, suighte? Idir an 293 c. agus an 329 céi. 25 min. don fhaide, agus idir an 10 c. 40 m. do thuath agus an 2 c. 40 m. do dheas-leithne; an Mhuir Thuath don taobh thuath agus shoir, Paru agus na hAmasonuibh don taobh theas, agus Istmas Dharien is a' Nua-Spáinn don táobh shíar; agus is é a fad timchioll 2,160 míle, agus a leithead 700; agus is íath roidh-theith í, saidhbhir a n-arbhar, a ttorthuibh, a míonach óir, airgid, agus clocha uaisle; a sléibhte agus a gcoillte lionta do bheathathaibh agus do fheithitibh allta bruideamhla, darab cosmhuil a sean-fhuireann, atá 'na meirlibh barbara. Agus atá dá abhuinn mhóra san gcríoch so (go roidh-iomadamhuil do chrocadilibh atá líonta) .i. Orenoco agus S. Marta. Ag so ainim, fad, leithead, ríogh-phoirt an 11 chuid dá bhfhuil sí dealbha:
Agas deirid seasgad do áitibh tásgamhla do bheith isna críochuibh si. Panama: baile beg cuain rodh-láidir san muir theas, marga mór; "ciste na Spáinne agus a hór-thaisge" tugthar ar (an) tír, gusan chuan-phort ádhluinn. Portobelo ré chur don Spáinn. Darien, chum a ndeachuigh Albunuigh ré fóirneart san bhliadhuin 1698. Agus is é trácht na críche si ór, airgead, balsum, roisin, gum, long peabar, emerold, saphir, iasper, etc. Agus atá governeóir faoi Vís-roigh Mhecsico san chríoch so, agá bhfhuil a stiúrughadh, acht beagán do lár na críche atá faoi a sean-fhuireann, atá 'na n-íodhol-adhruighthibh, acht ar son na Spáinnibh is Catoilicibh íad, agus gach a bhfhéaduid ompóghadh dona págánuibh; agus ré ordughadh an Phápa an cóigiúghadh Pól atá aird-easbog a S. Fe di Bagota, agus ceathrar easbogthuibh fuídh, .i. Paipaion, Panama, Cartagena, San Marta.
Do-bheir sean-fhuireann choirt-bhuidhe na críche si íad féin ar fhiadhach mar do-nídh sean-fhuireann iomlán America, agus a gcionn fine féin is taoighseach do gach clann díobh, agus bu híodhol-adhruighibh íad. PERU Cionnas atá Peru suighte? Idir, nó fuidh, an 292 cé. agus an 316 cé. don fhuide, agus idir an 5 c. 40 m. tuath agus an 26 c. don deas-leithne; Terra Firma don taobh thuath, Amason don taobh shoir, Paragui agus Chili don taobh theas, a' Mhuir Dheas don taobh shíar; agus is é a fad 1,960 míle, agus timchioll 850 míle a leithead. Agus is tír shaidhbhir thorramhuil a n-arbhar, a bhfhéar, a meas, a n-uisge, agus a n-aibhne í; agus a sléibhte ro-shaidhbhir a mínach óir agus airgid, go ceart gurab fhéidir ceiste na nIndiach do ghairm dhi; agus is iath roidh-theidh truailidhe fásamhuil ionna himlibh (darab gnáth fonn creatha) í, agus í rannta 'na sé cóigighibh móra. Agus ag so:
Agas adeirid 55 bailtibh tásgamhla do bheith isna críochuibh si, darab ríogh-phort Lima, cathair ádhluinn, fharsaing, choláisteach, mhainistreach, eagluiseach, agus iostasaibh niamhdha oile, aird-easbogóideacht, ionna bhfhuil Vís-roigh ón Spáinn, cúirt na mbreitheamhuin, inquisition ... coiláiste; agus cuan ionna nglacar pláta an rígh ré thabhairt go Panama. Francisco del Cuito, ionna bhfhuil coláiste. Trucsillo, cathair fharsaing dheas. Cusco, anallód ríogh-phort ríghibh Indiaghibh, ceann-chathair Pheru; agus adeirthear an tan do ghabh Pisaro í, go bhfhuair an-tsaidhbhreas innte; cuid dá toightibh astoigh agus amuigh arna bhfhalach do phláta, giodh atá anois a ttraocha an-mhór. Agas is ceard na críche si: ór, airgead, péarluidh saidhbhre, canach, tombac, cochineil, drugs .i. iacshláinte. Atá chúig easbuig san chríoch fuidh an aird-easbog thuas, .i. Cusco, Arecuipa, Trucsillo, agus Guamanga. Cuito: ionna bhfhuil dha choláiste, agus gach (a) bhfhéadan na Spáinnibh do theagasg do shean-fhuireann na críche si is Catoilicibh iad. Agus bu íodhol-adhruidhibh sean-fhuirean na críche si, mar as follus ó láithreachuibh a ndurthathaibh: aon díobh (atá 'nois ag Clann Dhominic) bhá arna fholach do shlintreach óir ó bhonn go barr; agus is é dia na gréine do hadhruidh san durthaidh
so; agus ós ón ngréin, mar adeirtear, geintear an t-ór do fhoilidh an áit d'ór; agus dúrthach oile ba céile don durthach, ré 3 durthaibh oile arna bhfhalach d'airgead. CHILI Cionnas atá Chili suighte? Idir an 297 agus an 307 (c.) 30 m. don fhaide, agus idir an 26 agus an 47 c. don deas-leithne; Peru don taobh thuath, Magellan don taobh theas, Paraguai agus Magellan don taobh shoir, an Mhuir Dheas don taobh shiar; agus is é a fad 1,960 míle, agus a leithead 850. Agas gí go bhfhuil fíon Spáinneach go leór innte, agus gleinibh saidhbhir chum arbhar agus meas, is iomdha volcano trinntrí ribhe innte, agus gnáth-fhonn-chreatha ionna sléibhte fúar fiar-sgámhuil (ionna bhfhuil iomad míonach óir agus airgid), do-bheir buaireadh, annródhagh, agas boichtine don drong áitightheas í. Agus atá an chríoch so rannta 'na trí codcha móra .i. Agas adeirid 30 long-phortuibh tásgamhla do bheith isna críochuibh so; agus is í cathair S. Iago
an ríogh-phort, ionna bhfhuil easbog agus príomhchúirt bhreitheamhnuis na críche. Cathair Chili, .i. La Concepsion, easpogóideacht agus cuan ádhluinn, ionna bhfhuil mar earra ceannuigheachta ór, airgead, más, arbhar, mil, ostriges, agus meitil, etc. Agus atá iomad dá sléibhte agá sean-fhuireann, atá 'na n-íodhal-adhruighthibh, agus an chuid oile ag Rígh na Spáinne, atá go huile 'na gCatoilicibh. Atá éan san gcríoch so dá ngoirthear cuntur nó condor, a méad abhull-mhór, craosach madramhuil, agus má luighean ar chaora ná ar ghamhuin leagan d'aon-bhuille iad, agus caitheann caora d'aon-phruinn, agus ar sgeanadh don dúil gcéadna do-ní fuadán do dhuine agus do bheathadhach. Is cródha fuireann na críche se, bán pearsonta a gcom is a gcruth. AMASON Cionnas atá Amoson suighte? Idir an 300 c. agus an 328 cé. don fhaide, agus idir an chéad chéim don tuath agus an 16 c. don deas-leithne; Terra Firma don taobh thuath, Brasil don taobh shoir, Paraguai don taobh theas, Peru don táobh shíar; agus is é a fad ... Is é fáth fá ngoirid Amason don gcríoch so, do bhríogh iomad mnáibh armálta do theacht a n-aghaidh na Spáinnibh ag rochtuin na críche dóibh san
bhliadhuin 1141. Bheir an chríoch so torrthaibh iomdha ó chrannaibh agus ó úir, maille ré súccra, cacoa, agus tombac, arbhar, agus bláth, agus iomad míonachaibh óir agus airgid. Ar ngabháil iomioll na críche se dona Spáinibh, táinig caogat náisiún, nó féin, ó iomoll na habhna Amason (ionnar áitigheadar do ghnáth) ag cathughadh riú, a modh go raibhe go leór ré déanamh ag Spáinibh cur futha san gcrích. Agus is íodhol-adhruidhibh go huile íad gach aon nachar ghlac cuim na Spáinne, agus tré dhithchioll eagluis na Spáinibh atáid do ghnáth ag glaca creideimh agus baisteadh. Agus atá caogad náisiún do shean-fhuireann na críche ag áitiughadh for imill innbhir Amason. Fuireann fhiadhta idir fhear agus mhnaí, óir is ó chródhacht na mban goirtear Amasons díobh. Agus bhus adhbhall-mhór tuitim uisge inbhire Amason ó idir dhá chnoc uathmhialtadh, tríd a snámha, ionna gcurachanaibh, sean-fhuireann na críche. BRASIL Cionnas atá Brasil suighte? Idir an 320 c. agus an 348 c. don fhaide, agus idir an chéad céim agus an 23 c. 30 m. don deas-leithne; an Mhuir Shíar don taobh thuath agus dheas, an
mhuir chéadhna agus Paraguai don taobh shoir, Paraguai agus Amason don táobh shíar dhi; agus is é a fad 1,600 míle agus a leithead 1,500. Agas an chuid do frídhe amach di atá 'na gráinnseach arbhar, meas, agus éisg, sáor ó ain-iomad feithitibh allta agus nimheamhla, nach atá go roidh-líonmhar san gcuid oile do America. Is breagh aoibhinn aedhar-fhulláin í, líonta do shúcradh, ombar, rossin, iachshláinte, tombac, ola éisg, confectiúir, agus crann-Brasil, etc. Agus atá sí rannta 'na tighearnasuibh: Para, Maragnan, Siara, Rio Grand, Paraiba, Tamaraca, Pernambuco, Seregippe, na hUile-Naoimh, Los Ilhes, Seguro, Espiritu Santo, Rio Janeiro, agus S. Vincent. Agas is í Salvador ceann-chathair na críche darab gnáth-ainim "an cuan daingean rodh-láidir": aird-easbogóideacht, ionad comhnuighe an ghobheirnóir, príomh-chúirt breitheamhnuis, agus cuan fíor-mhaith. Agus do bhríogh gurab é Rígh Portingal is maighistir san chríoch so, is Catoilicibh íad uile, agus gach a bhfhéadan do tharruing chum creideamh dá sean-fhuireann; agus an chuid nach bhfhuil fo a smacht, is íodhol-adhruighthibh go huile íad. Atá dhá easbug innte. Bhíodh sean-fhuireann na críche si nochtuidhe gan éadach, agus ag glaca súain dóibh ceangluid
líon (déanta nó fidhte do choirt an chroinn haemac) do dhá chrann, agus sínid iad féin ionnsa líon céadna agus codluid go sáth. Agus is ón líon agus an ionadh codhladh so gairmthear "hamocaibh" do leapthachadh máirnéaluibh san gcabhlach nGalta. PARAGUAI Cionnas atá Paraguai suighte? Idir an 303 agus an 338 céim don fhaide, agus idir an 15 agus an 37 céim don deis-leithne; Amason don taobh thuath, an Mhuir Dheas don taobh shoir, Magellan don taobh dheas, Peru agus Chili don taobh shíar; is é a fad timchioll 1,000 míle, agus a leithead 1,000. Agas is iath mhúir-shaidhbhir, aér-fhulláin, éisg-inbhir, shlíabh ór-mhíona í, ionna bhfhuil an abhuin mhór-thásgach La Pláta, hainimnighthear ó il-iomad a míonach airgid. Agus atá an chríoch so dealbha 'na seacht gcóigidhibh. Ag so...
Agas atá timchioll 30 bailte ainimneamhuil san chríoch so. La Assumpsion agus S. Michael d'Estro na ríogh-phuirt, óir is easbogóideacht, príomh-chúirt dlighe agus ionad camhnuighe an ghoverneóra Assu. Agus is é as ceard isna críochuibh so ór, airgead, bras, íarann, súcra, amethist, etc. Agus atá aird-easbog a bPláta fuidh a bhfhuil naoi easbuig: Baranca, La Pás, Panama, S. Iago de Chilo, Imperialis. Agas is Catolicibh iad na Spáinnibh agus gach a bhfhéaduid réna gcroidhe agus réna n-anam do tharuing do chum creideamh do phágánuibh, agá bhfhuil lár na críche go so. Marbhthar iomad péistibh an-mhór neimhe san inbhear Rio de la Plata. Is san chríoch so atá Slíabh an Chroistil, ón nglonngradh tig uaidh ré dealra agus drille na gréine, fuidh a bhfhuil abhuinn ag roith tréna lár; agus bí 24 huaire fithchead ó dhul don abhuinn san slíabh gusa fágáil, mar dearbhadh ré ní do léigean risan sruth. MAGELANICA Cionnas atá Magelan suighte? Idir an 296 agus 323 céim don fhaide, agus idir an 37 agus 57 céim don deas-leithne; Paraguai don taobh thuath, an Mhuir Shiar don taobh shoir, Caol-Mhuir Magelan don taobh dheas agus an Mhuir Dheas don taobh shíar; agus is é a fad 1,200 mhíle, agus a leithead 480; agus an chuid do frídhe amach
dhi, is truaillidhe an fonn í. Is ó Ferdinand Magellan, Portoguidheach réar frídhe an chríoch so ar ttús san bhliadhuin 1519, hainimnidhear an áit, agus is uaidh mar an gcéadna ainimnidhear Caol-Mhuir Magellain. TERRA ARCTICA Ionna bhfhuil Iath Paphos, Nua-Holond, Nua Guineadh, Nua Seland, agus Iath Cuir; agus níl acht a n-ainim agam go fóill. Agus gí nach do chríochuibh na hAmerica an Terra Australis incognito so, nár frídhe amach go fóill, agus nach bhfhuil cosmhuileacht a fagháil, cuiream ré hAmeríca é. Agus fágam 'leith na droinge 'nar ndiaigh craobhscaoile na críche si do dhéanamh. Is cuid don chríoch Greénland, Spitsberg, Nova Seambladh, Terra Jesse, Nuadh-Lochlonn, agus Nuadh-Bhreatain. OILÉNUIBH Atá iomad oilénuibh ar gach taobh don chuid do America, mar atá, oiléain Fernandeis agus na Tríonnóide; óir atá 5 nó 6 do mhíltibh a ttimchiolla Fernandes; agus atá iomad coillte agus gabhair ionnta, shantuigheas maruighthibh, dá mbíadha réna bhfheólfach.
Oilénuibh an taoibh shíar: na Madruidh, na gCoileóg, na tTreatuiridh, na Cocos, na Tuberon, an Dóchais Mhaith, na hAdhairce, an Uisge, Naomh Pheadair, Sanfond ós comhghair Peru, Nua Guineadh, agus Sholamh. Agus ag so 18 oilénuibh Solamh: Guadalcon, Isabela, ionna bhfhuil (do réir mheasta) 450 míle ionna bhfhad agus 30 ionna leithead, S. Nioclas, ionna bhfhuil 300 míle ionna compás, agus an chuid oile dona hoilénuibh sin, atá 200 míle ionna ttimchiolla codach díobh, agus an t-oilén is lúgh díobh, atá 50 míle ionna compás. Agus is é ceannuigheacht na gcríoch so ór, spíosarruibh, agus aénluidh, etc., agus iad uile fó chumhachta na Spáinne. Oilénuibh a taobh theas: Terra del Fugo, oilén fada farsuing, mar adeir gach aon ...
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services