Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eólas ar an Domhan

Title
Eólas ar an Domhan
Author(s)
Ó Neachtain, Tadhg,
Compiler/Editor
Ní Chléirigh , Meadhbh
Composition Date
1725
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1944)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




(AN DOMHAN)
(1 AN EURÓIP)



'Athair ionmhuin, a ndeir tú liom gurab mó
don domhan talmhuídhe atá faoi ain-Chríostuighthibh
nó fo Chríostuighthibh?



Is mó, go deimhin, óir fad na hEuróipe, .i. an
rann Chríostamhuil, 3420 míle Iotáileach (do
réir mheasta), agus leithead 2220; agus is ó Európ
inghean Agenor, rígh Phaenicia goirthear Euróip
dí.



Cionnas atá sí rannta?
'Na hocht gcodchuibh: .i. Scandinavia, ionna
bhfuil Dubh- agus Fionn-Lochlonn, agus Sualand; 2 Muscovia;
3 Poland; 4 an Ghearmáinn; 5 an Fhraincg;
6 an Spáinn; 7 an Iottáille; 8 Turceadh san Euróip;
gan trácht ar oileánuibh.
Cionnas stiúirighthear an Euróip?
Fé dhá impir, seacht ríoghuibh, sé dhiúice (gan
trácht ar Loraéin agus diúicighthibh na hImpireachta),
seacht bpuiblightheacht, gan trácht ar S. Mairíno
san Iodáille, agus tuille oile is táire ná íad-san.
Créad na himprídh?
Gearmáin agus Muscovi.
Créad íad na ríoghuibh?


L. 2


Sasana, 'n Fhraincg, an Spáinn, Portingal,
Lochlonn, Sualann, agus Poland, gan labhairt ar
Phrusia (cóigeadh do Pholand dá ndeárna an
t-Impir Leopoldus rígh san bhliadhuin 1700).
Créad íad na puiblightheacht?
Hollond, Suisearland, Veních, Genoa, Rogusa,
Luca, agus Geneva a gcríoch Savoi.
Créad íad na diúicighthibh?
Tuscáin, Savoi, Moidena, Mantua, Parma,
Courland.



(ÉIRE).
Tosuigh liom agus aris dhamh fad agus leithead an
oileáin arsuigh so ionnar rugadh sinn, .i. Éirinn.



Atá suighte idir an 10 agus an 13 c. don fhaide, agus idir
an 50 c. 30 m. agus an 55 c. 50 min. don tuath-leithne.



Timchioll 330 míle Iodáilleach a fad, agus 130 a
leithead.
Cad é an ghné tíre í?
Tír thíorramhuil, thorramhuil a bhfheóil, a n-íasg
agus a ttorthuibh oile í, ionna bhfhuil sléibhtibh ard-bheannach
féur-uaidhne, fo bhleacht gach gné allfhuidh
agus airnéisidh, gleinibh bhláth-churrtha
ghlas-bhille throm-mheasach, do réir an fhile:


L. 3



"Gleann na n-iubhar cas craobhach,
gleann bhraonach is mín loilgheach,
gleann iol-dhathach reultach ghríanach,
gleann níamhach phéarlach phongach.



"Gleann cúachach smaolach lonnach:
beathach an fhoirís do gach sionnach;
gleann chreamhach bhilrach mhongach
seamrach sgothach barrchas duilleach.




An bhfhuil tír choram a nÉirinn?
Tá, go dimhin, faoi órna, chruinneachta, etc.
Cá fad atá sí áitighthe? Ó aimsir an Phatriarc
Ábraam, agus sin ré droing chródha cheart
ghrádhach dhílis dhíadha, ionnus go raibhe tuille
agus dá mhíle bliadhain 'na murrach.



Bhí sí díadha, deir tú?
An í oileán na naomh! Do bhí, mar as follus
do Bhéd naomhtha adeir gurab é Naomh-Cholmán
agus a chuideachta do theagasg Tuath-Shasana,
Furseus do theagasg an taobh shoir, agus Aodhán
naomhtha, atá fo mheas mór ag Sasanuibh aniu.


L. 4


Féach, is Éirionnuidh .i. Clement agus Eóin, na manuidh,
do thionsguin an mhór-choláiste thásgamhuil
Phairis na Fraingce agus Phadua. Is Éirionnchuibh
do thionnsguin coláistibh Oxfoirt, Landesfearn,
Malmsburi a Sasana - Herbipolis, Cuillen,
Seugallensis agas Fulga sa Ghermáinn - Bovium
san Iottáille; agus do bhí an aois óg ag tríall go
hÉirinn ó gach árd, go roibhe 'na ghnáth-fhocal
(dá leigeach duine é féin ar fhoghluim): "Chuaidh
an fear úd go hÉirinn d'fhagháil barr foghluma."



Agus adeir Naomh Adelm chum an Rígh Eilfred,
gur samhuilt reultuibh ar líonmhuireacht aos
foghluma na hÉireann, agus go raibheadair 'na lóchrainn
dhealracha ar gnáth-lasa ag teagasg eagna
don Euróip uile chum a gclú síorruidhe, ag gnáththroid
an tsaoghuil, an diabhail, is na colna, agus
gach uile eiriceacht do shíolruidh uatha, mar as
follus as co liacht mairtíreach tug fuil a gcroidhe
ar son Dé, tríath-mhíle 'thréig a dhútha agus 'fhionachas
ar son Dé, agus d'fhuilinn inghreama, boichteacht,
anrótha agus bás fá dheóigh ar son Dé. Aniu féin
cá boichteacht mar a mboichteacht?



Adeir Bernard naomhtha: mar ruath-thuile
gur bhrúcht saithibh naomhtha a Éirinn ar feadh
na cruinne, agus gurb é Columbanus do thóige mainistir
Luxovium san bhFraingc.



Adeir Énrigh Antisiodrensis, "Cia riachtanas
labhairt ar Éirinn? Táinic chuguinn na slóghtuibh


L. 5


fallsúnuibh, ré teagasg an ain-bhfhiosaidh ag
fulang díbirt thoileamhuil."



Adeir Joselinus nach raibhe slíabh ná fásach ná
gleann ná cúinge san oileán gan a bheith líonta do
mhanaibh agus do mhná riaghalta, ionnus gur ceart
ar feadh na cruinne Oileán na Naoimh bheith
mar ainim uirre.



Adeir an t-ab naomhtha Teodorus: "Mar
sháruidh feabhas a fuinn an chruinne, do sháruidh
naomhthacht dísleacht agus simpligheacht a naoimh."
Adeir Gaufridus: "Is oiléan naomh-thorramhuil
Éirinn, beagnach coidh líonmhar ré reuluibh
neimhe."
Adeir Scotus: "Is líonta Éirinn ré naoimh,
daoine roidh-ionghantacha."



Adeir Jonas Aba gur sháruidh Éire a ndísleacht
chreideamh a coimh-chríochuibh. Baronius:
"Atá Éire seasmhach dílis a gcreideamh." D.
Santars: "Is fearr na Catoilicibh go mór fuireann
na críoche úd ná iomad tíorruíbh oile." Flodoardus:
"Do sháruigh Éire a gcreideamh iomad
críochuibh comhfhogus."



Féach, a mhic mo chléibh: is é Colum Naomhtha
na Cille agus a dhá fhear dheug compánach tug
creideamh do Albuin; Columbanus is a 12 fhear
compánach naomhtha ag teagasg san bhfhraingc;
Naomh Clement is a dhá fhear dhéag compánach
ag teagasg san Gheármáin; Naomh Baothán a


L. 6


n-Iland; Naomh-Cheilén a bhfhrangconia;
Naomh Searbhán isna hOrcads; Naomh Brandán
'n-Oileánuibh an Fhortúin; Naomh Aodháin a
Nortumberland; Naomh Finneán a Marcia, a
Sasana; Naomh Albán a Loiréin; Naomh-Ghalamh
a Suisearland; Naomh Virghil a gCoirintia;
Naomh Cathol a tTorentum; etc. Ná
déan ionghantas de so, a Thaidhg, óir aniu féin is
folus gur Éirionnach do shíol mBruin príomh-oide
foghluma do 1100 a gcathair Chaen a mBriotáin
na Fraingce.



Fo do choimeirge dhamh, a athair ionmhuin, is
mór solus tug tú dhamh ar fuireann na hÉireann.
A mhic, a mhíle urdeal oile bhéaruinn dhuit,
muna mbeith gurab roi-liosta é.



Níor liosta liom-sa bheith ag éisteacht ré do
fhuighle ag mola mo thíre, agus a athair chátuidh,
cionnas atá Éire suighte?
Albuin don taobh thuath, Sasana don taobh
shoir, an Fhraingc agus an Spáinn don taobh theas-shiar,
agus an Mhuir Mhór don taobh shíar, óir is í
fuinne na cruinne don taobh shíar.
Cionnas atá sí rannta?
'Na ceithre cóigibh, .i. Cóigeadh Chonnachta,
Cóigeadh Ula, Cóigeadh Laighean, agus Cóigeadh
Mumhan, ionna bhfhuil 31 chontaedhibh.
Abair a n-anamaibh, a bhfhad, a leithead, agus a
ríogh-phuirt, agus a dtús fad agas leithead:


L. 9


Ag sin go hachuimir do aisge dhuit, do réir
cronuic Gall, contaethibh chóigidhibh Éireann.
Go deimhin, is mór an sásughadh tugais dhamh.



Anois innis cia riaghaluigheas Éire?
Rígh Sasana; ó ghabháltas Gall san bhliadhuin
1172, ann aimsir an 2 Éinrigh, Rígh Sasana.
Créad as creideamh a nÉirinn?
Ó theacht Naomh Pádruic innte, san bhliadhuin
435, bu Cotoilicibh dílis íad go beith do Sheórsa
Brún (a Lunduin) ré hordughadh na Saxon 'na
áird-easbog a nÁtha Clíath; agus gí gur bhráthair
do Ord San Augustin é, is ris do tosuightheibh
eiriceacht, ag leagan pitiúiribh agus íomháighthibh
as Eagluisibh na críche agus na cathrach san bhlíadhuin
1551. Ó tháinic sé go hÉirin bhí creideamh gach
aon do Ghalluibh do réir a ttoil féin. Gidh eagh,
na Gaoidhil bhocht, atá a n-urmhór (faoi ain-ghreama
ábhal-mhór, 'na sclábhuibh d'éis a gcuid
don tsaoghul do challeamh) 'na gCatoilicibh.
Cá líon áird-easbuig agus easbuig a nÉirinn?
Dhá aird-easboguibh, ré hordughadh Phádruic
Naomhtha agus eagluisi na críche, go forneart Gall
san bhlíadhuin 1152; agus an sin, tré cheilg Gall,
do mheas, dá mbeith tobha uachtaráin Eagluis ag
an dá aird-easbog thuas, go raibhe a ríoghachta


L. 10


féin caillte - uime sin, do bhrígh gurbh íad bu
treisi lámh, fuaireadair ón bPápa ceathra phailia,
a haon do Átha Cliath, a haon do Thuaim, a haon
do Chaisiol, agus a háon do Ard Mhacha (agus Ard
Mhacha, do réir an bhulla, in primatem super
alios D. kean), agus 30 easbuig ré hórdughadh 3 Eugenius,
Pápa.
Cá líon coláistidh a nÉirinn?
A haon a nÁtha Cliath, do-roinne do Mhainistir
na Naomh, ré ordughadh Bhainríghan Isebéala, agus
goirthear anois Coláiste na Tríonóide dhi. Gidh
eagh, a n-aimsir Chatoiliceacht' ní raibhe Éire
uile acht 'na haon-choláiste eagna agus foghluma, mar
atá shúas; agus do mhair amhluigh go teacht Lochlonn
san gcríoch; óir ní hionann agus críochuibh oile
na hEuróipe agus na cruinne, níor mille reacht, bés,
ná teanga na nGaoidhil. Agus is furas so do
thuigsin, óir an tan bhúidhigheas namhaid a
gcrích, milltear teanga na sean-fhóirne riú, agus
coingíd síos í, ionnus go mbáthuid a ndearmod í.
Níor deárna so a nÉirinn, óir níor bhúighidh
namhuid innte ó theacht Gaodhuil go teacht Lochlonn,
agus an teanga sin bhí ar ttús acu is cosmhuil
nach léigeadh a ndearmod í. Agus tuille oile,
na leabhra do sgríobha roimhe teacht Lochlonn,
atáid féin, nó na mic-leabhair do scríobha asta,
ar marthuinn aniu. Agus farais sin, cia clógh is
breaghadh áidhle ná clógh na Gaodhuldha?


L. 11


Agus adeir an t-ilbhéarlach Mac Líath, réar
scríobha foclóir Gaodhuldha a Lunduin, 1707, agus
do choimheas í ré teanguibh seanda an domhuin
do réir an chroinn fhíge is luaghadh bhláthas agus
is luagha a miltear ris an tsioc gur mar sin do
éirghe do Ghréaguibh, Persianibh, Lainneonuibh,
etc., óir gach fóirne réar claoidhe a gcríochuibh
do mille a tteanguibh; agus adeir an Mac Liath
céadna go bhfhuil an Ghaodhulag codh-ársuidh,
nó níos artharsuidh nó an Ghréigis, do bhríogh
gurab ón Scítia táinig Gaodhul réar cuire an
teanga a n-eagair, agus gur atharsuidh Celtic na
Scítia nó an Ghréigis do réir admhála na cruinne.
Ag so mar adeir: Scytarum gens semper antiquissima:
uaisle Scitia do ghnáth is atharsuidhe.



Do léagh mé an Phaidir a cCeltic agus a nGaodhulach
agus is beag idir-dhealbhadh ettorra; agus adeir
Uathne Feadhmonn, Beacáire Generálta Galleagluis
Éireann a gContaé na Midhe san bhliadhuin
1723, gur chodhshamhuil féin an teanga Ghaodhuldha
ré seachtmhodh teanguibh oile agus go raibhe
iomad focail coimhionann ionnta.



Uime sin is cosmhuil, ós í an Ghaodhulg an
teanga is atharsuidh, go bhfuaireadair airleagtha
focail ón nGaodhulg; agus adeir Doctúir Céitinn (agá
raibhe an teanga Ghaodhuldha, agus do sgrúd Gaodhuil-ughdair)


L. 12


gur aisg Francuibh ar Gaoidhil cuid
dá n-aois fóghluma do chur chugtha ré teagasg
reacht agus dlighe dóibh féin. Do-roinne sin ré
Gaoidhil, agus ós sin a leith do fhan focail Ghaodhuldha
ag fuireann na Fraingce; agus teasbeánuid do
Ghaoidhil, de chuimhne na (maitheasa) sin, meas
urruim agus grádh: is follus so ó líadhacht cuim agus
fóghluim, gan chostus, gheibh clanna Gaodhul
uatha.



Mo-nuar anois ní bhfhuil aon do uaislibh Gaoidhil-fhine
nach bhfhuil ag séana a tteanguibh, ag
reic a n-ainimionna agus mórdháil an Ghaodhuil
Ghlais agus fhine an Mhíle úd do thríall chuguinn ón
Spáinn faoi mhóir-scleó cródhacht', filídheacht', agus
foghluim. Agus ar bhfhás dóibh bhí meas ar an
nGaodhulg, 'bhus agus thall, agus is gach ball, mar
theanga thíorramhuil líomhtha líonmhar bhríoghmhar
ghrinn ghasta bhlasta bhinn, agus sin ré
míltibh bliadhuin. Gur thóig Dubh-Ghaill ceann
níor deárna malruid uirre ré file, bárd, aos dán,
léigh, draoi druithni, seanchaoi eadluighean,
breitheamh, sagart, ró-fhlaith, ná ríogh; óir is
í do labhair Pádruic Naomhtha agus a dhisciobail a'
síoladh an tsoiscéil a nInis Fáil na Ríogh. As í
labhair Colum Naomhtha na Cille ag teagasg
fuirinn na hAlbonn; agus as í anallód teanga dhílis
oidighthibh foghlumadh íarshair Eórpa.


L. 13


As so uile is inmheasta go roibhe sí fo mheas
mhór ag an rígh mar áon ris an sclábhuidh; agus
anois do réir an bhile as airde di, tráth ghearrthar
fo a bhun é, is uaithmhíalta troime a leagan go
mór nó an rosán bheag bhíos láimh ris a' ttalamh.
Do éirghe an riocht céadna do uaisle Gaoidhil
co maith rena tteangan.



Agus mar ba híad an cine Iúdaighe clann Dé
agus a mhuinntir féin, níor thocht leó, gur tuga leaga
an-mhór dhóibh nár tuga do dhrong ar bhioth
oile acht dona Gaodhuil amháin - as so is furas
a thoigsin nach bhfhuil san nEórpa (drong ...)
is ba hionnsa le Día ná na Gaoidhil, agus go bhfhuil
fós an grádh céadna aige dóibh tré nár thoiligh a
gcreideamh do bhátha amhuil mar do-rinigh risan
gcine Iúdaighe. Óir d'imigh a gcreideamh agus a
ndúthchas uatha, agus gí gur imigh a ndúthchas ó
chlanna Gaodhuil, tá a gcreideamh ar marthuinn
acu. Is dearbha so grádh Dé 'bheith dá gcabhrughadh,
dá ndíodion agus dá gcumhdach nísa mhó
ná cineadhuibh oile. Uime so is féidir a rádh
riú gurab íad puball todhbha Dé íad.



Agus is beag é grádh an athar ar an tslat ré
ngreadann tóin an naoighin, óir tealge san tine fá
dheóigh é; agas Día mór na Glóire, do-dhéanamh
sin risan tslat bhorb so atá ris na cíantaibh
bliadhuin ag greada Gaoidhil.


L. 14


Agus go bhfhaiceam Teamhair na Ríogh gan



alt ríabhach bhodach bhoicht
ag gearra goirt ar a druim,



agus clanna ríogh agus ro-flathuibh Gaodhuil san mbith
gcéadna do bhí a sinsear. Agus go seasuid go
sin an teist do-bhir Maighistir Good orra, ag rádh,
agus é ag seóla scoile a Luimneach san bhliadhuin
1566: Gens haec corpore valida & inprimis agilis,
animo forti & elato, ingenio acri bellicoso, vitae
prodiga, laboris, frigoris, et inediae patiens, hospitibus
perbenigna, amore constans, inimicis implacabilis,
credulitate levis, gloriae avida, contumeliae et
injuriae impatiens - "Ceine atá láidir a gcorp agus
lúthmhar, agá mbí inntinn fhortuil, ard-inntleachtach
géur cogamhuil, neamh-choigiollach a
mbeatha, fulang a saothar, a bhfhuachta, agus a
n-ocras, roidh-cheannsuighthe ré haoidhchibh,
buan-seasmhach a ngrádh, do-shásuighthe a bhfhaltanas,
so-chreidmheach, fonnmhar a gclú d'fhághail,
neamh-fhoídeach ar mhasla nó ar éagcóir
d'fhulann.



Agus arís, a Dhía Mhóir na Glóire, goir abhaile
chum dúthchais a sinnsir do chlann dhílis Ghaodhuldha
atá 'na ndíasacha fía agus 'na gcoirce fhíatháin


L. 15


fo cheithre rannuibh na cruinne; agus eachtranuibh
atá ag ithe go súgach allus agus dleacht a ndíarsma
deireóil atá go fóill a ndáor-bhruid, tabhair luach
a gcroídhe, a ngníomha agus a mbriathar dhóibh -
ag sin go prap. Amen.



BREATUIN.
Atá an fhairg' ar gach taobh do Bhreatuin,
acht amháin an taobh shoir, agus atá cloidh mór 84
míle ar fad ón abhuin Wie gusan abhuin Severn
théid san muir ag cathair Chester, do thóige ré
Offa, Rígh Mercia don taobh sin di, idir í féin agus
Sasana; agus a n-aimsir Haralt bu bás do Bhreathnach
arm do iomchar a ttaobh Shasana don chloidh
sin Offa, nó ciorrughadh na láimhe deisi dhe.



Is críoch shléibhteamhuil thruaillidhe charraigamhuil
í, ionna bhfhuil 36 páirc fhiadhaidh, 99
droithcid, 230 aibhne; a bpríomh-aibhne: Dee
thosuigheas ag Rarduuar agus chailles í féin ag
Chester, ag ar marbha Edgar, Rígh Sasana, ré
móirsheisear min-ríogh; Vie, .i. Vaga, chailleas í
féin ag Chepston san abhuinn Severn; Convai
dhealbhas Denbigh agus Carnarvanshíre ó chéile;
Chedhidi roitheas trí Phembroc síar agus chailleas í
féin ag Melfort, an cuan is fearr san chríoch, agus ar
fheabhas chuanta na cruinne.


L. 16


Is dílis dá chéile fuireann na críche so, agus fíall
do choigcrícheach, dá dhearbha a bheith cneasta.
Tá mórán Gaodhulg ionna gcanamhuin. Tá 1016
porráistibh, 56 bailte marga, 41 coisleáin, agus 4
cathracha innte. Bu haird-easbogóideacht Mevenia
gur hathruidhe, a n-aimsir Támha, go Briotain
na Fraingce an chathaoir sin.



Do fháistine sean-chailleach phiseógach don
Rígh Leolin go rachach ar marcuigheacht agus coróin
ar a chionn trí shráidibh Londuin, tréar bhuaireadh
fo imlibh Sasana, dá gheallamhuin dó féin a bheith
dá riaghalughadh do réir an fháistine; acht 'sinn
gconbhliocht sin do-rinne bráidhe dhe san bhliadhuin
1182, agus cuire cuaille ionna chloigeann agus coróin
phápéir air dá iomchar trí shráidibh Londuin, réar
críochnuigh ríoghacht Bhreatan.



Créad é fad agus leithead Bhreatain?
Timchioll 124 a fad, agus 100 míle a leithead.
Cionnas atá sí rannta?
'Na 12 chontae. Ag so dhuit:


L. 17


Agas deirthear 72 áitibh tásgamhla do bheith
san chríoch so agus is díobh sin na hespogóideacht',
Bangor, S. Davidh, Landaf, S. Asaph; agus is san
chríoch so fós atá tobar beannuighthe Naomh Úna,
ionna ndéantar iomad leighis ré míorbhuile.



Do bhí an chríoch so go haimsir an seachtughadh
Éinrigh fo a ríoghuibh féin, agus ós sin a leith fo
rígh Sasana. Agus atáid do réir creideamh
Shasana, acht beagán beg Catoilicibh. Do bhí


L. 18


2100 manach a n-éinfeacht rannta 'na seacht
gceaptha, agus ceannfeadhna ar leith ar gach ceapth
díobh a mBangor (Beda Naomhtha, l.3, c.2,
De Ecc. Bri.).



SASANA.
Idir 14 c. 30 m. agus an 22 c. don fhaide, agus idir an 55 agus
55 c. 50 m. don tuath-leithne don chríoch so. Albuinn
do' taobh thuath; a' mhuir Gheirmáinnech do' taobh
shoir; Caol-mhuir Chalais don taobh theas; a' Mhuir
Ghaodhulach agus a' Mhuir Sír don taobh shíar.



Créad é fad agus leithead na Briotaine Móire?
Timchioll 630 míle a fad, 280 a leithead.
Cionnas atá sí rannta?
'Na dhá ríoghachta, Sasana agus Albuin, faoi aonrígh
nó bainriaghan ó aimsir a' chéad Shéamus
mhac Mairghéite bainrian Albon, do dí-ceanna ré
bainriaghan Isebél.
Créad é fad agus leithead Sasana?
Timchioll 420 míle a fad, 280 a leithead.
Cad é gné áite í?
Oileán aéir-fhulláin, líonta do allach, do thorrthuibh,
do mhíonach, agus do armhar.
Cionnas atá sí rannta?
'Na 40 contae. Ag so a n-ainim, a bhfhad, a
leithead agus a ríogh-phuirt:


L. 20


Créad é creideamh Sasana?
Protestain; agus iomdha athrughadh creideamh
innte, ionnus gurab dodh-áirmhe íad, óir is líath
creideamh ná duine innte do bhrígh go mbíonn
iomad sort creideamh ag aon-duine amháin. Dá
bhrígh sin ní labhram orra, acht gurab aon-chreideamh
dóibh a bheith 'na bProtestuin.
Cia shíolruigh an creideamh ar tús san chríoch
so?


L. 21


Measuid cuid dona daoine gurab é Petar Apstol
(a n-aimsir Chlaudius Impir) do shíol ar tús innte
é. 'Na dhiaigh sin, a n-aimsir Lucius Rígh, ré
hordughadh an Phápa Eluterius, do theagasg na
Naoimh Fugasius agus Damianus innte. Agus fá
dheóigh, do chuir an Pápa Naomhtha, Greaghoir,
Naomh Auguistín, manach, do sheóladh creideamh
innte. Agus, do réir Bheíd airmhidneach, tug
Gaoidhil suilsi an chreideamh go ródh-líonmhar
dóibh, mar atá ionar labhairt ar Éirinn.



Cá líon dorus, fuinneóg, agus colamhna, bhí a
n-Eagluis Salisburi?



Do bhí dorus 'n-aghaidh na míosa, fuinneóg
'n-aghaidh na seachtmhaidne, agus colamhna 'n-aghaidh
gacha lae san mbliadhuin. Agus atá sgeath
ar a ttig bláth ag 'ceathair ar maidin gach lá
Nodlach agus sheargas ag 'ceathair a ndiaigh meadhoin
laoi san mhainistir gcéadna, agus deirthear gurab
'na bhata i láimh Ioseph Aramatea Naomhtha do
bhí 'sgeach sin ar tús, agus gur sáthadh san úir í, agus
gur fhás 'na crann.



Nachar tóige múir láidir (ré hordughadh an
Impir Severus) ó Chairlile gusan abhuinn Tín, ar
a raibhe, a gcionn gacha míle, coisleán daingean,
agus fiodán práis ó choisleán go coisleán, ionnas go
gcluine na coisleadháin a chéile dá gcuireach
Albonuigh agus Pictigh riompa buaireadh do chur
orra?


L. 22


Do tóige; agus sin a n-aghaidh na Scuit agus na
Cruinneigh roimh-ráidhte.
An bhfhuil iostus maith a Sasana?
Ó! atá; agus féach mar adeir an file Laidhneonta
ria:




'S líonta d'olan 's d'aibhne Sacsa,
do mhnáibh deasa, droithchead, sléibhte,
's do eagluisibh aoibhinn iomdha,
d'aol-thoruibh is do choilltibh géug-ghlas;



Do mhoighubh cumhra fionn-sgathach,
do ríogh-phuirt árda fhíor-áille,
gárrthuidh is gríanán gaois-ghreanta:
samhuil Thíber Tems gan áireamh.




Cá líon aibhne san chríoch so?


L. 23


857 droichead atá ar 325 abhuinn innte, agus is é
droichead Londuin (ar a bhfhuil 19 súile) an
droichead is saibhre san gcruinne.



Créad é áirde an chloiceach do tóige ré Eteldred,
Rígh Kent, ar láithreach Dhurtuith Dhíana?



534 troich.



Créad fár tuga an tittidl Venerabilis nó airmhidneach
do Bhéda?
Do réir D. Pet. Heilin, ar mbeith don naomh
sin dall do threóruigh a ghiolla é go hionad ionna
raibhe iomad cloch chum a ndearna seanmóir.
Do chríochnuigh ré "Glóir don Athair agus don
Mhac, etc.," dar fhreagair na clocha: Amen, Amen,
venerabilis Beda. Tuile oile ris sin do scríobh
manach, ar tomba Bhéda: Hic sunt in fossa
Bedae - ossa, agus do fuair venerabilis idir Bhéda agus
ossa arna mhárach.



Créad ó bhfhuair an chríoch so Briotáin mar
ainim?



Ó Bhriotain mac Neimhiodh do díbre a hÉirinn
ré Fomhurchuibh ó Africa, do shliocht Cham
Cholluighthe, do réir Cormuic Naomhtha mhic
Cuileanán ionna Chronic, agus is dá shliocht (do
réir an fhoclóir Laidne Tomasius) na Brigantes, .i.
Yeorcsír, Lancasír, Ricmonsír, Durham, Cumberland,
Westmorland, Nortumberland, agus as sin go
Dún Éadan, .i. Edinburugh: D. Pe. Heilin; agus ris sin
adeir gurab ós na Druides (drong d'Éireanchuibh)
fuair Galia, .i. an Fhraingc, foghluim. Agus dá


L. 24


dhearbha sin adeir D. Kotin go bhfhuil ó shoin
a leith iomad focuil Gaodhulach ar bunughas 'na
gcanamhuin.



Cá líon ríoghubh do shliocht Bhriotain do bhí
san chríoch so?



68; agus do rígheadair go teacht Romhánchuibh
innte, san bhliadhuin 400. Ar mbeith don proconsul
Aetius agus an t-arm Romhánach ag cabhrughadh
na Fraingce, do aisg Briotainibh cabhair
Aldroneus Rígh Amorica, .i. Normandia, réar
bhuaghaidear 'n-aghadh Scuit agus Cruinneadh agus do
rígheadair Constantín, dearbhráthair Aldroneus,
do shliocht Bhriotain 'na rígh, agus do bhí 16 ríogh
ar Sasana dá shliocht 'na dhiaigh, gur ghabh
Sasana ón Ghearmáin urlamhas na críche, agá
roinn 'na seacht ríoghachtuibh.



Cia huair do ghabh Lochlonna, mar mhadhm
sléibhe ruadh-tuile, neart na críche si?



San bhliadhuin 800, a n-aimsir Egbert, agus do
chuireadair 10,000 punta do chíoscháin ar Eteldred
Rígh Sasana san bhliadhuin 978; agus ba héigin a
íoc gacha bliadhuin, agus fá dheóigh gur harduigh an
bhóraimhe sin go 48,000 punta gacha bliadhuin.
Do chuir so go ro-mhór ar an rígh tréar scríobh
chum a íocaighthibh a rádh riú a mbuanna féin
uile do mharbha, an ní do-roinne a bhfhéil S.
Bricies, an 12 lá do November, san bhliadhuin
1012, tréarbh éigin dó féin teitheamh go Normandia;


L. 25


agus do ghabh Rígh Lochlonn (agá raibhe 350
long san eachtra sin) urlamhas na críche, ré móirthíránacht;
agus do ríghtheadh Canutus mhac Suaine
a mhac 'na rígh san bhliadhuin 1017, agus a mhac
sin arís san bhliadhuin 1041, darbh ainim Canut
Cruadh-dhálach, agus d'éis a bháis do scriosa Lochlonna
(do bhí 255 bliadhuin ann an-fhlaitheas), agus
do hornuigh Éaduirt an Confesor, sóisear clainne
Eteldred, 'na rí, agus is é tug reacht agus dlighe choitchionn
dhúinn, .i. Magna Charta.



An bhfhuair an rígh so dó féin agus dá shliocht
dleacht leigheas an tinnis dá ngoirthear King's
Evil?



Do fuair; agus atá na buadha céadhna ó shoin a
leith ag Rígh Sasana, más oighre dílis é.
An é an Pápa tug an beannughadh sin dóibh?
Is é.
Nacha raibh do nós a Sasana ré rinn Lochlonna,
an tan d'íbheach duine deoch go ngearra Lochlonnach
a scórnach?



Do bhí; agus is uime sin do ba héigin do fhear
ibhe na dithe bannuigh d'fhagháil go nach marbhthaoi
é. Gur len an sean-fhocal I'll pledg you,
.i. rachad do bhannuigh dhuit.
An ré Uiliam Conq. do marbha Haralt mhac
Goduin mhic Éamuin Taobh-íaruin, dá ndearna
rígh san bhliadhuin 1066, sinnsear chloinne
Eteldred rígh?


L. 26


Is eadh; agus do ghabh ceannas na críche ar féin
mar oidhre ar Rígh Éduirt an Conf. ó bhfhúir
ionna thiomna í, amhuil mar adubhairt féin.



Créad é féin, an dara Énrigh rígh?
Atá, mac do Ghofruidh, iarla Anjou agus Tuirin,
etc., ris an mbain-impir Maud, inghean an chéad
Énrigh agus a mhná Maud, inghean Mhalcolm, Rígh
Albon, agus Mhairghéide, dearbhshiúr Edgart Etelinge
do shliocht Sacson.



Cia hí a bhean?
Eilinóra, ré a bhfhuair oíreachta Acutain, Guin
agus Pictou. Is é an rígh so ghabh urlamhas Éireann
do Ghalluibh ar tús; agus do bhí a shliocht an'
oighreachta gusan 4 Éinrigh, oidhre Lancastar;
agus do bhí dhá Éinrigh ag ríghe dá shliocht sin gusan
bhliadhuin 1461, ionnar ghabh Éaduirt íarla March,
mhac Riostard, mhic Riostard D. o' York, mhic
Éamuinn o' Langlei, an 4 mac don 3 Éaduirt,
ríghe.



Dob í Anna inghean Ruaidhrigh mhic Ruaidhrigh
Mortimer, iarla March (agá raibhe Philipia, oighre
agus inghean Lionel diúice Chlarence, .i. an dara mac
don 3 Éaduirt, pósta), bean Riostard D. O. York.
Agus is san bhliadhuin 1482 do ríghe Éinrigh,
iarla Richmond (oidhre Lancastar do thaobh a
mháthar, Mairghréad, inghean tSeóin mhic Seóin,
diúice ó Summerset, mic Eóin a Gaunt, diúic a
Lancaster): dob í a chéile inghean agus oidhre an
4 Éaduirt. Do bhí a ghaol do fhuil ríoghdha


L. 27


Bhriotáineach ó bheith 'na mhac ag Éadhmond
Tuder, iarla Richmond, mac Even do shliocht
Chadualadar, rígh déigheanach do Bhriotáinibh,
agus Catarína, baintreabhach an 5 Éinrigh.



Cia ham do ríghe a mhac, .i. an 8 Éinrigh?
San bhliadhuin 1509. Agus do feara 17 gcathadh
idir an dá thoigh, York agus Lancastar, ionna rae,
ionnar marbha 8 ríoghuibh, 7 bprionnsuighthibh,
40 diúicighthibh, marcuis agus iarluighthibh, 200,000
fear cródha gaisgeamhuil, gan tráchta ar bharúin
ná uaislibh oile.



An don 8 Éinrigh tug an Pápa, an titteal
Cosnuightheóir an Chreideamh?
Is dó; tré mar do scríobh a n-aghaidh Lútéir.
Agus 'na dhiaigh sin do shéan uachtaránacht an
Phápa tré nár cheaduigh dhó a bhean phósta,
inghean Rígh na Spáinne, 'chuir uaidh, ionnas
go bhfhuithe oidhre mhic ré mnaoi oile, óir ní
raibhe ría-si aige acht aoin-ghin ingheana darbh
ainim Máire Tuder. Do chuir an rígh a chéile
cumuin uaidh, agus do phós sé bean ar a bhfuair
oighre mic agus inghine, .i. Éduirt agus Isebél, d'imigh
gan sliocht.



An í Máire Stuart, inghin tSéamuis mhic
Shéamuis rígh Alban (agá raibhe Mairghréad
inghean is sine ag an 7 Éinrigh), d'éis príosúntacht'
20 bliadhuin, do dí-cheanna ré Bainriaghan Isebél?



Is í; agus do phós an Mhairghéad tuas (ar mbeith
'na baintreabhach dí), Archembald Dughlas ar a


L. 28


bhfhuair inghean darb ainim Mairghéad, bean
Mhaitiú iarla Lenox (nó Leamhna), athair Éinrigh,
Tighearna Darnli, athair an chéad Shéamus do
ríghe san bhliadhuin 1603.



Cia ham do ríghe an 3 Éaduirt, do shliocht an
dara Éinrigh, réar gabha urlamhas Cailis na
Fraingce agus iomad daingneach oile?
San bhliadhuin 1327; agus do bhuadhuigh ar
Albuin agus do-rine tighearna dhe féin ar Bhreatuin.
Ar sheas Breathnuidh go tréan 'na aghaidh?
Do sheas, acht dochum buadha iomlán do
bhreith orra, do chruinigh a n-aon-láthair íad,
agá rádh riú, dá ttoilidís, go ttiubhra féin governéir
dóibh ag nach raibhe focal acht Breathnuis 'na
phluic agus go raibhe coidh-ionnruic ré leanbh ionna
bheatha.



"Ag sin ar n-aisge," ar iad, ag meanughadh
dísleacht' dó.
Do bhí an bhainriaghan a gCanarbhan, 'na
luighe seóil an tan soin, agus ag tabhairt an naoidhin
'na láthar, agá thoirbhiort dóibh, dubhairt riú:
"So bhur ngovernér agas bhur bprionnsa."
Agus ag sin dhuit, a Thaidhg, mar fuair oidhre
Sasana tittiol Prionnsa na bPriotuin.
Adeirthear gurab míodh-ádhbhar do Shasana a
riaghalughadh ré áon ag a mbí H a ttosach, ná
'na litir shealbhuidh, a anama, nó is rodh-ádhbhar
é; óir is ré Humber tuga na Huns go Sasana;


L. 29


gurab tré Heléna do ghreamuidh Romhánchuibh a
seilbh; gurab íad taoisi Saxonuibh do ghabháil
Hingistus agus Horsus; Hungar agus Huba tug Lochlonnuibh
innte; gur críochnuigh ríoghacht Saxson
innte ré linn Haralt; gurab iomdha coga fuilteach
tug na Héinrighibh, agus gurab san ochtugh Héinri
táinig gach uile thiobuiste a gcreideamh agus a staid
na críche agus gur ghabh Albunuidh ríghe na críche
orra féin. Agus do bhí an litir so míodh-ádhbhar
don Traoi, óir do scrios Hercules í, agus is tré Hesione
agus éigniughadh Helín ón nGréig do léir-scriosa í, go
nachar fága cloch ar mhuin cloiche innte.



Agus tugthar fo ndeara gurab Philip mac
Pardicas, athair Alastruin uaibhruidh, thosuigh
Impireacht Gréguidh, agus Philip athair Pherseus
chríochnuidh í; gurab Agustús céid-impir agus impir
déigheanach na Rómha; gurab é Darius mac
Histaspes thosuigh impireacht Phersia, agus Darius
mhac Atsamis do chríochnuigh í. Is ré Conn Mór
mhac Heléna Naomhtha, ar mbeith do Ghreghóir
'na phatriarc innte, do tóige cathair Chonstantinoble,
agus do caille í ré linn Coinn oile mhic Heléna
agus Greaghóire.



ALBUIN.
Cionnas atá Albuin suighte?
Idir an 13 c. 30 m. agus an 17 c. 50 m. don fhaide,


L. 30


agus idir an 55 c. agus an 59 c. don tuath-leithne. An
Mhuir Thuath don taobh thuath, an Mhuir Gheirmáineach
don taobh shoir, Sasana don taobh sheas,
an Mhuir Ghaodhulach agus an Mhuir Shíar don taobh
shíar. Agus is ro-chaol cumhghann a n-iomad
áitibh í.



Créad é fad agus leithead Albon?
Timchioll 250 míle a fad agus 180 a leithead.
Cad í an ghnéith tíre í?
Tír ghleinteach choilteach shlébheamhuil lom
chraigeamhuil, faoi fhuireann chródha ársuidh,
fhoghluma ionna slighe féin.
Cionnas atá sí rannta?
Ionna dhá gcuid, ísiol agus árd, ionna bhfuil 39
gconntaedhibh; agus ag so don rann árd gacha
contae:


L. 32


An í Edinburagh nó Dún Éidin cean-chathair
na ríoghachta?
Is í; agus atá coláiste innte féin, a n-Aberdeen,
a Glascou, agus a S. Andreu, an Catedral.
Cionnus riaghaluighthear Albuin?
Ón bhliadhuin 1602 dar ghabh a ríogh ceannas
Shasana, faoi a chumhachta atá sí.
Créad is creideamh dóibh?



Ó síola an creideamh inte ré hordughadh na
bPápuidh naomhtha Victor agus Celestinus, do chuir
'na dhiagh sin Paladius Easbog dá tteagasg, bu
Catoilicibh iad; agus is é comhorba Choluim Chille,
Aba Aoi, príomhfháigh na ríoghachta anallód.
Acht ré hórdughadh an Phápa, an 4 Sicstus, tá
dá aird-easbuigóideacht innte, .i. S. Andreu
(príomhfáidh) agus Glascou, agus 11 easbog déag fútha
sin. Anois Prespiterians a n-urmhór.


L. 33


Galavoi: atá an chríoch fhonn-thruaillighthe
si fuidhisna trí cineadhacha so, beagnach:
Mac Aodha, .i. MagGies, Mac an Ula, .i. MacUilteagh,
agus Ó Gnímh, .i. O Gnew. Agus is é suathantas
Mac Aodh trí badhbha ar roinn saighde,
cró-lámh agus daigéur, ceann culluidh a bhfásach.



Loch Lemhna 24 míle Sasanach ionna thimchiolla
ionna bhfuil 30 innsibh.
Loch Mhiorton agá bhfuil cuid di téachta san
ngeimhre agus an chuid oile gan oíre uirre.



Is ó Éirinn chuaidh Cruinneachuibh, .i. Pictibh,
don chríoch, agus 'na dhiaigh sin Fearghus Mór
mhac Earca, taoiseach Dál Riada, réar gabha
agas ar sealbha áird-iathibh na críche; agus is dá
shliocht ríoghuidh na Bpriotainne aniu; agus adubhairt
Séarlus Rígh Sasana ionna cheileabhra reis
an bPearliament, san bhliadhuin 1607, dá mórchlú,
mór-onóir agus deagh-fhortún, nár claoidhe
aríamh íad; agus is follus don chruinne gur fuireann
chródha lucht na críche si.



OILÉNUIBH NA BRÍOTAINE MÓIRE.
Abair ní éigin ar oilénuibh na Briotaine Móire.


L. 35


Is a n-oilén Aoi do shuigh Colum Cille a chathaoir
Aba ón choinniol-bhátha (gan Éirinn d'fhaicsin dá
shúile) cuire air.
Goirtear Pomonia do Mainland.



HOLLOND.



Idir an 24 céim 30 m. atá Hollond suighte agus an 28. 30 m.
don fhaide, agus idir an 50 c. 30 m. agus an 53 c. 45 m. don
tuath-leithne.



Cionnas atá Holland suighte?



An fhairge thuath don taobh thuath, Vestfalia
don taobh shoir, Brabant agus Flondreas don taobh
theas agus an Mhuir Gheirmáinneach don taobh
shíar. Agus is é a fad 180 míle, agus 117 a leithead.


L. 36


Cá gné tíre í?
Fonn gan arbhar, lán aibhneacha agus uisgeadha
míodh-fulláin, gí go ngoirtear eagart na cruinne
dhi, ó stór seacht mbliadhna do arbhar do ghnáth
do bheith innte.



Cionnas atá sí rannta?
'Na seacht gcóigidhibh, agus ag so dhuit go hachumair:



Aga so seacht n-oiléinibh Sealand, agus sé oilénuibh
oile Holond:


L. 37


Cionnas riaghaluidhear Holand?
'Na puibligheacht ón bhliadhuin 1581, ionnar
thréig sí umhlughadh don Spáinn; agus bu Catoilicibh
iad an tan soin; gidh eagh, ó shoin a leith, lorg
Chalbhín leanuid na huachtaráin, agus toilidhid na
huile chreideamh 'na measg. Do bhí 5 easbuig
faoi árd-easbog Utrecht an tan bu Catoilicibh íad,
agus anois níl aon acu. Atá cóig coláistibh inte, agus
is iomdha saidhbhir innte, agus na bailte is deise isinn
domhan, agus go háiridhe 80 bailtibh díobh.



Dá seasamh duine ar chloiceach Gharcum créad
do dhearcach ionna thimchioll?
Iomad moigh féar-uaine agus 22 daingean an-láidir.
Créad é suainteas Holond?
Leóghan is seacht ngaethibh 'na chráig ris a
scríbhinn so: Concordia res parvae crescunt,
discordia vero maximae dilabuntur.


L. 38


Ar frídhe maighdean mhara 'bhfhogas do Edom
san bhliadhuin 1430?



Do frídhe, ag Purmerend; agus do nith agus do ghlan
na cailínidh do fuair í, ag cur éadach uirre; agus gí
nach raibhe caint ná éisteacht aice do fhoghluim
sníomh agus cárdáil uatha, agus do chromadh ré a cionn
an tan tífeach céus; agus do mhair ag ithe agus ag ól
agus ag obair 'na measg ar feadh dreimsi, agus a dúl
do ghnáth ealóghadh uatha don mhuir.



Ionn a gcathair Harlem san chríoch cuire an
chéad leabhar a gclógh?
Is eadh; ré Labhrás Coster, .i. Ofigidh
Thuili.



Agus a gcathair Laiden, .i. Lugdunum Batavorum,
atá pictiúr Lucáis a Laiden, air ar thairg
an t-Impir Rodolf a fholach do ór, .i. pécuidh,
ar lá an bhreitheamhnuis codh-nadúrra sin do
bheith rianuighthe ann.



Agus is annsa gcathair si bhí an táiliúir Joan
a Laidin, prímh-rígh Anabaptis (mar adubhairt
féin) san chríoch so. Ba gnáth ar a chionn a
measg a thréatúiri coróin óir, agus beirt bhuachall ar
gach taobh dhe, claidhiomh ag aon díobh agus


L. 39


Bíobladh ag duine oile, agus gibé nach n-adhrach ar
an modh sin é féin cuirfidh chum báis é, mar
do-rinnigh ré aon dá 14 mnáibh do bhí a n-éinfeacht
aige.



Losdun: baile beag ionnar tóige mainistir
mhná riaghalta ré Mairghréad Contaois Holond,
Máthair Mactilde, agá raibhe 365 gin cloinne a
n-éinfheacht, do baiste ré Asbog Útrect, Oto, do
bhaist Eóin agus Isebél orra uile, iomad ingheana
prionsuigh agus daoine cumhachta, chum ar tóige é.



FLONDRES.



Idir an 23 c. 10 m. (atá) Flondres suighte agus an 28 c.
don fhaide, agus idir an 50 c. 30 m. agus an 51 c. 30 don
tuath-leithne.



Cionnas atá an Talamh Iachtarach suighte?
Holond agus an Mhuir Ghearmáineach don taobh
thuath, Palaitinat taobh shoir, an Fhraingc taobh
theas, agus an Mhuir Fhrangcach taobh shíar di.
Agus is é a fad 212 agus a leithead 110 míle.



Cá gnéith tíre í?
Tír fhulláin choram shaidhbhir, ann arbhar, a
ttorrthuibh, agus a bhfíon, ionnas go n-abarthar, dá
mbeith sí 4 bliadhna a síoth, go gcruinneadhóchadh
cailleamhuin seacht mbliadhna coga.


L. 40


Cionnas atá sí rannta?
'Na 10 gcóigeadhuibh. Ag so:



Créad bhreathnuigheas tú isna cóigighibh so?
Timchioll 180 cathair daingean láidir saidhbhir,
líonta do mhainistreacha agus eagluisibh fo a fuirean
do dhaoine cródha.



Cionnas chreidid?
An creideamh Catoiliceadh.
Cá líon easbuig innte?
10 n-easbuig faoi 2 aird-easbuig.
Créad adeirir ré cathair Léig?



Asbogóideacht faoí a bhfhuil 24 daingneachuibh,
1800 grágán, baile líonta do mhainistreachadh agus
do thoighthibh riaghalta do a gcuideachta. San
chathair si ar aon-scoil, 9 macuibh ríogh, 24 do


L. 41


macuibh diúicidhibh, agus 29 macuibh íarluidhibh.
Níl cothughadh coirp gan fhagháil san chríoch so,
agus mar barr ar gach sonas an chloch uasal, lapis
calaminarius. Tá coláiste a nDouei, a bhfuil
coláiste do tóigeadh ré hórdughadh an dara Philip
Rígh Spáinne san bhliadhuin 1569.



Atá a Luxenburg 23 daingneacha, agus 1169 grágáin,
seacht n-íarluigheacht, agus an fásach mór
Adeanard ionna raibhe 500 míle 'na thimchiolla,
agus na spau chum a ttéid an chruinne d'fhagháil
sláinte.



Brabant: ionna bhfhuil 26 daingneacha, 700
grágáin, agus cathair Lobháin, ionna bhfhuil 20
coláiste (sé mhíle a timchiolla), agas cathair
Bhreada ionna raibh Séarlus mhac Séarluis, Rígh
Sasana, agus a dhearbhráthair Séamus Diúc o' Yeork
ar deóruigheacht.



Flondres: inna bhfhuil cathracha Gaunt,
Brughis, Ipres, Dunkirk, agus Scluse, cuan ionna
mbíonn 500 long ar feise a n-éinfheacht; Líl:
ionna bhfhuil taisge leabhar agus gréith, agus coláiste is
fearr a bhFhlondreas Frangcach (atá 32 daingean,
1178 grágán innte); Turnae: do dhíol Rígh Sasana,
an 8 Énrigh, ré Rígh Frangc ar 100,000 p.



Artoís: ba Frangca anallód íad do tuga res an
2 Éinrigh, Rí Frangc, do 2 Philip na Spáinne;
12 daingean, 7854 grágán atá innte.



Anault: ionna bhfhuil 24 daingneacha agus 950
grágáin; Mons: ag ar bhual Oráng Luxenburg agus


L. 42


a shluagh Frangcach san bhliadhuin 1676 cath air
Belgium, .i. Bavais.



Namúr: tá gual san chríoch so a múchann ola
agus a lasann uisge.



AN GHEARMÁIN.



Idir an 28 agus 41 c. don fhaide (atá) an Ghearmáin
suighte, agus an 45 agus an 54 don tuath-leithne.



Cionnas atá an Ghearmáin suighte?
Dubh-Lochlonn attuaith, an Mhuir Adriatic,
Turceadh, Hungaria agus Poland 'ttaobh shoir, a'
Bhaltic agus an Mhuir Gheirmáineach taobh theas,
Holond agus Flondreas, .i. Belgium, don taobh shíar;
agus is é a fad 640 míle, agus a leithead 550; agus is tír
fhulláin fhéar-uaine thorrthach ghleódhaerach cuid
di agus í áitighthe ré drong fhírinneach chneasta, agus
measuid gurab é sin is cíall don fhocal Geirmáin.
Tá sléibhte san taobh thuath di.



Cionnas atá sí rannta?
'Na 10 gcodcha, dá ngoirid circles. Ag so dhuit
íad:


L. 43


Burgondia.
Westph., atá Padarborn, Osnaburg, Duseldorp,
Aix-la-Chapel.
S. iachtarach, atá Hanover, Bremen, Stád,
Bronsuic, Hamburg, Lubeg.
S. uachtarach, atá Dresden, Leipsic, Berlin.
Atá 44 cathair ládir, 2,000 grágán a Sax.
R. iachtarach, atá Cologn, Bon, Treuers, Ments,
Hedelberg, Speirs, Worms.
R. uachtarach, atá Cassel, Dramstat, Freadhburg.
Francon.: issan chríoch so atá an 2 aonach
is mó san Euróip, agus a sean-fhuireann na
Frangca.
Suab., atá Strasburg, Landau, Asburg, agus Alsache
ris a ttéid.
Bava., ionna bhfhuil 34 gcathair agus 46 bailte
daingean.


L. 44


Austri, atá Grats, Insprunc, Bixen, ris a ttéid
an Bhohemia, .i. Pannonia.
Créad bhreaghnuidhir isna críochuibh si?
Tug Munster 15,000 fear a n-aghaidh Holond
san bhliadhuin 1672, agus do bhúadhuigh Dreasden,
baile puirt Rígh Poland.
Cia ionnar ruga máthair Nero?
A gCologn; agus atá 19 tteampuil porráiste,
cathedral, 37 mainistir, agus seacht toigh bocht nó
hospitals san chathair sin, dara tidiol an chathair
bheannuighthe.
Cá fhad roimhe Críost do tóige cathair Treuers?
1,300 bliadhuin.
Cia áit ionna n-ornuighthear an t-impir?
A gcathair Frangcfort.
Cia ionnar damnuigh eiriceacht Sheóin Huss,
Wicliff, agus Jeróm ó Phrague?
A gConstánce, ionna raibhe feis choitcheann.
An í Uienna ceann-chathair na himpireacht'?



Is í; agus ní raibhe innte acht beag-dhaingean
gusan bhliadhuin 1192, ionna ndearna Marcus na
hAustrea bráigh don 1 Ridstard Rígh Sasana
(agus é ag fille ón Talamh Bheannuighthe), ó bhfhuair
ransom réar deárna cathair ádhluinn láidir dhí,
agus gur fíora tairnghaire na gcóig leitreacha do bhí


L. 45


scríobha ar a geatuídh, .i. A.É.I.O.U.: Austria
est imperare orbi universo.



Nach ag an arm do bhí tobhtha 'n impir?
Is eagh; anallód. Gidh eagh, anois, ré hordughadh
an 10 Leo Pápa agus toil na bprionnsuigh,
ar tobha móirsheisear aitáid: .i. Rígh na Bohemia,
fear brataidh na himpireacht; 2 Ments, Chanceler
na himpireacht; 3 Triers, Chancellor na Fraingce;
4 Colen, Chancellor na hIottáille uile; 5 Bavaria,
Dapifer, .i. fear fritheóla an impireacht; 6
Saxoni, .i. Rígh Poland; 7 Palaitín, fear taisge
na himpireacht; 8 Brandenburg, .i. Rígh Prusia.



Hanover do tobha san bhliauin 1693, agus 'na
dhiaigh sin ar ar cuire coróin Sasana.



Créad adeirir ar Thrent?
Cathair ádhluinn ionna raibhe feis choitcheann
ón bhliadhuin 1546 gusan bhliadhuin 1563 mar a
raibhe seacht gcairdearnál, 3 phátriarcuibh, 33
aird-easbuig, 235 easbuig, seacht bhiocáiribh generálta,
145 diaghairidh, ré iomad teachtuibh ó
chríochuibh imchían, agus an-uibhir do dhaoinibh
oile.



Nach a n-Inspruc atá taisge gréthibh iongantach
na himpireacht'?
Is eadh; agus is innte do bhí an bhain-phrionnsa


L. 46


Sobiesgí dá coingmheál ó a céile, Séamus mhac
Séamuis mhic Séarluis, Rígh Sasana.



An í Prague ceann-chathair na Bohemia?
Is í, agus do bhí rígh uirre féin gusan bhliadhuin
1620 ionnar ghabh an t-impir a hurlamhas ré
foirneart.



Cionnas riaghaluighear an Ghearmáin?
Adeirthear ré 300 cumhachtuibh, agus an t-impir
'na uachtarán orra.



Cad í creideamh na Geármáinne?
Is éigin an t-impir a bheith 'na Chatoliceach; is
ceaduigheach na huile chreideamh ('na dhiaigh sin)
do bheith ann.
Cá líon aird-easbuig agus easbuig ann?
Seacht n-aird-easbuig agus 40 easbuig.
Cá líon áitibh ionna bhfhuil coláistibh ann?
27 áitibh.
Abair ainim, leith., fad, agus ríogh-phort oiléanuibh
na Gearmáinne.


L. 47


Bohemia, ionna raibhe 78 cathracha, 32,000
grágáin, áitighthe ré drong mhichair mhuinnteardha
láidir agus mnáibh áidhle dreachamhuil.



Ag Poland príomh-bearna sa ls.... an impir agá
choróna, is aige atá an chéad ghláim ag tobha
impir.
Palatín, agá bhfhuil mór-chumhachta idir bháis
agus totha impir, príomh-bhlasadóir.
Níl cur ag an impir ar Bhrunsuig.
Brandenburg: prímh-insgineach an impir, ionna
bhfhuil 50 cathracha, 54 daingneacha do sheas
'n-aghaidh Scandinavia go huile.



SUISSERLAND.
Cionnas atá críoch Suiss soighte?
Suabia a ttaobh thuath dhi, Tiról agus Venice don


L. 48


taobh shoir, Savoi, Milan, agus Venice don taobh
theas, Burgandia agus Dauphine don taobh shíar;
agus is é a fad timcheall 206 míle agus a leithead 130.



Créad gné tíre í?
Tír ainbhríoch shléibhteamhuil (acht isna gleinibh,
do-bheir fíon agus arbhar uatha), ionna bhfhuil
fuirean líonmhar chródha chneasta shaigheadiúirra,
mar as fhollus don Euróip dar mhían agus do-ní a
bhfhostóghadh.



Cionnas atá sí rannta?



'Na trí codcha, .i. cantons, grisons, agus prefecturs.
Ag so na locha:


L. 49


Agas ní mór tugthar fo deara áit oile dá bhfuil
ann acht Beden.
Cionnas atá na Grisons rannta?
'Na trí codcha: Grei League, League na Deich
n-Uachtaráin, agus League Thoigh Dé, ceann-phort
S. Gall.
Créad íad na prefecturs?
Baden, Bramgarten, Melingin, agus is iad Surgans,
Baden, agus Basil, a ríogh-phuirt.
Cionnas stiúirighthear í?
Gach canton fó a chumhachta féin; agus dlighid,
a gcoga, cuidiughadh ré chéile.
Créad as creideamh dóibh?
Ó aimsir Sunglius atá Suric, Bern, Basel, agus
Scaffhausen, ar a lorg; agus Catoilicibh na seacht
gcantoin oile. Toilighean na Grisons gach creideamh.
Níl easbog ag na Suingleans. Atá Easbog


L. 50


Chonstance 'na uachtarán ar na Catoilicibh, Easbog
Fríburg ar na Prefectur, agus Easbog Suden ar na
Valtelines.



Agus adeirthear 97 áitibh tásgamhla bheith isna
críochuibh, atá suighte idir an 28 cé. agus an 32. 140 m.
don fhaide agus idir an 46 c. 40 m. agus an 47. 40 m.
don tuaith-leithne. Agus is go Beden is gnáth
teachtuibh ó chríochuibh do theacht do cheileabhra
ris an bpuibligheacht si; agus is innte is gnáth
comhairle choitchean bheith ag comhcruinniughadh
a huaisle, má bhíonn prionnsa coigcríochach ag
déanamh leatrom orra.



IOTTÁILLE.



Idir an 36 agus 43 don fhaide atá an Iottáille suighte, agus
idir an 36 agus 46 don tuath-leithne.



Cionnas atá an Iottáile suighte?
Suissearland agus an Ghearmáin don taobh thuath,
Adriatic don taobh shoir, an Mhuir Thiraneadhan
don taobh theas agus an Fhraingc don taobh shíar
dhi. Agus is é a fad 840 agus a leithead 400 míle.
Cá gné tíre í?



Gort bláth-bheannuighthe fhéur-uaine mhór-thorrthach
ghnáth-ghlas-chrannach mhór-thoiceach
a n-arbhar, a bhfhíon, a n-íasg, agus a bhfheóil, a modh


L. 51


go ngoirthear luibh-ghort na hEuróipe dhi; agus atá
sí rannta ionna dhá chuid déag, agus ag so dhuit a
n-ainim, a bhfhad, a leithead, agus a ríogh-phort:



Agas adeirthear go bhfhuil 345 cinn-phuirt san
Iottáille, a 44 a Savoi, a 40 (a) bPiemont, a 12
a nGenoa, agus a 11 a Milan.



Ionn a gcathair Annesi a Savoi, ionnar chomhnuigh
Proinsias Naomhtha de Sales, do adhnuiceadh
é?
Is eadh.
An cathair láidir í Turín?
Is eadh, gí gur gabha í ré forneart Frangcach
san bhliadhuin 1640, agus arís do thug í féin san
bhliadhuin 1696.


L. 52


An raibhe léigir trí mhí ag Orlans léithe san
bhliadhuin 1706?
Do bhí, agus do saora í ré cródhacht Ghearmáineach
fuidh Phrionnsa Eugein a Savoi.
Créad ba hainim do fhuireann na gcríoch a
n-aimsir Hanibal?



Alabroges; agus do-rinne Hanibal síth idir dias
dearbhráthair ba ríoghuibh orra an tan soin. 'Na
dhiaigh sin ghabh Rómhánchuibh a hurlamhas, agus
do-rinne an Germáineach cuid do ríoghacht na
Burgondia dhi. Anois níl cumhacht ag aon acht
agá diúice féin uirre. Agus atá 52 iarluigheacht,
15 marcuiseacht, ré cóir baruntacht agus tighearnuis.



Genoa: an raibhe cuid mhór don Iottáille fo a
cumhachta anallód?



Do bhí. Gidh eagh, anois, níl acht Luguria agus
Corsica; agus is drong déagh-mhianach uasal ionn
an uile ghníomh íad, cródha a gcoga an Talamh
Beannuighthe agus a n-aghaidh Galluibh, ag cuidiughadh
reis an Spáinn san bhliadhuin 1588. Gí
go n-abarthar ria go bhfhuil a muir gan íasg, a
sléibhte gan fhéar, a mnáibh gan náire, agus a fir gan
dísleacht, measuim gurab bréag an chuid dhéadheanach,
do bhrígh gurab ceannuighthibh saidhbhir
ar muir íad. Atá Genoa féin suighte ar thaobh
cnoic agá bhfhuil amharc mara agus talmhan; 'na
puibligheacht agus 'na haird-easbogóideacht; agus is é a
tiodiol, Mórdha.


L. 53


An ttug Mago ris na Cartagenians a hár?
Do thug; agus do loisg í san bhliauin 335, dá
creachadh ris na Sarasens, agus tabhuirt a fuireann
a sclábhuidheacht. San bhliadhuin 1684 tug
Rígh Frangc ar a' Dóg maithfeachas (ar a ghlúine)
do íarra.



Milan: an í an dara cathair is fearr san Iottáille
í?
Is í, do réir an fhile; agus atá deich ngeata uire,
dhá chéad eagluis fa a bhfhuireann d'eagluisibh;
agus atá corp na naoimh so ionna feartuibh: S.
Ambrós, S. Gervasius, agus S. Protasius, a n-Eagluis
Naoimh Ambrois, ionnar dearna an hiomuin Té
Deum, etc.; tomba na ttrí ríogh a n-Eagluis S.
Eustorgio; Naomh-Chathal Boromeus san Eagluis
mhór ionna bhfhuil tairne do thairnídh an Chruis.
Agas, mar meastar, atá 10 míle ionna timchiolla,
300,000 duine innte, 11 chríoch fó a smacht.
Aird-easbogóideacht í, agus is é a tidiol, Móir-Mhilan.
An innte do rugadh S. Ambros agus S. Cathal
Boremeus?



Is innte; agus do cuire léigir 40 uaire ria agus do
gabha 20 uaire í.
An áit láidir an chathair chían-aosta Cremóna?
Is seadh; gé gur harga 5 uaire í ré Hanibal,
ré Gots, ré Scabhónians, agus Lumbards.



Ar chuir Gearmáine (a n-aimsir ríghe Anna,


L. 54


inghean tSéamuis rígh Sasana) léiger fuilteach
fiubharach ria?



Do chuir; gídh eagh, do chosain Frangcuidh
codh fuilteach fiubharach í. Gidh eadh, is é
breaghdhacht agus cródhacht Ghaoidhil do tháráil
nár gabha í, mar as follus don chruinne, tré a
bhfhuaradar féin meas agus cádhus mór ó rígh
Frangc.



Mantua: an tír ádhluinn thorramhuil í?
Is eadh, agus cathair láidir a lár locha ionna bhfhuil
20 míle 'na timchiolla; agus is innte do ruga Virgil
an file, mar adeir féin ionna Ecclogs,



Mantua me genuit; Calabri rapuere; tenet nunc
Parthenope; cecini pascua, rura, duces.



Swaines, tillage, arms I sung; Mantua gave
Me life; Calabria death; Naples a grave.



"Aoiridh, treabhuidh, airm do chan mé; Mantua
ghein mé; m'fheart Naple."



Cóig mhíle ó Mhantua atá Mormírolla, an baile
marga is fearr san gcríoch so: 4 mhíle inna
thimchiolla; agus is saidhbhir an cine Iúdaighe
innte.



Venice: cá gné áite í?
Comhshoirigheach na Rómha agus bith beg, do
réir an fhile: atá 200 triath-phálás san gcathair si;
32 mainistribh feardha; 28 mainistribh banda;


L. 55


78 paráiste. Agas atá sí suighte ar 72 oileán.
Do réir mheasta atá 140,000 anam innte; 78 míle
ionna compás. Bu breagh na deich gcathracha
dhéanamh a páláis. Níl acht dó nó trí do thoibreacha
innte, ionnas gurab éigin dá fuireann uisge
fearranda do chumhdach réna bhfheadhm.



Cá fhad ó fhairge í?
15 mhíle - cosanta ó a borb-thonna ré obair an-láidir
uaithmhíalta: 35 míle a fad; 4,000 droichead
atá innte; agus is é a tidiol, An Saidhbhir, agus
tidiol a foirne, Uasal.
An áit mhór ionna mbí an armáil?
Is eadh; óir bhí 2 mhíle 'na thimchiolla, agus níl
arm an-fhéadhma do mhuir ná do thír gan a
bheith innte. Atá 1,000 éidibh plát ór-shnáitheadh
arna bhfholach do velvet.



Egluis San Marc, an breagh an obair í?
Is eadh; déanta do oibir mhoisiac ar colamhnuibh
marmor agus porpheri, líonta do íomhághthuibh,
do thombuidh, agus do altóiribh saidbhir ré seóidibh
uaisle, péarluidh, ór, agus airgead: dar leat gur
bhronn an stát uile a saidhbhreas go huile uirre.



Atá 200 pálás marmor san gcathruith so, sáth
prionnsa ar bioth; 73 toigh ósta, .i. hospitals; 56
cathaoir bhreathuimhnuis, .i. tríbunals; 67 porráistibh;
26 mainistreacha mnáibh riaghalta; 54
convent bráthar; 18 sepéil; 76 scolta saor; etc.
An maighdean í an chathair si?
Is eadh; óir níor héignigheamh ariamh í ré


L. 56


fuireann san chruinne, óir do throid sí an Euróip
uile a gcuideachta (acht Sasana amháin), agus do
sheas 200 bhliadhuin go tréun a n-aghaidh Turcaidh.



Créad é incom nó fagháltas bliadhna na cathrach
sa?
5,320,000 ducet, is gan trácht ar a bhfhaghan
gan fhios.



Padua: an innte do hadhnuiceadh Antóin
Naomhtha ó Phadugha?
'N a bPadua na foghluma? - Is eadh; agus anois
atá boltanas as a fheart bheir iongantas a gcroidhibh
iolaireachuibh.



Florence: an cathair fharsaing dheagh-thoighthighe
í?
Is eadh; "Ádhluinn," do réir tioduil; sé nó
seacht do mhílte ionna compás; 88,000 toigh
innte; 152 teampuill; 80 convent; 22 hospital,
nó toigh bocht; 84 bráithreachas; 18 halla
ceannuidhe; 72 cúirt córach; 17 bpáláis, agus iad
sin ar na páláis is áidhlle san Iottáille; 160
fighir nó samhlachas coitcheann. Is ionnsa
gcathair si atá an taisge taisibh agus gréthibh oile
is dise san Euróip. Aird-easbogóideacht í ionna
raibhe feis choitchean san bhliadhuin 1439, chum
a ttáinic an t-impir agus patriarc Chonstantinoble,
ionnar adbhuidh teacht an Spioraid Naoimh ón
Athair agus ón Mhac.



Lucca: an bhfhuil sí arna timchiolla do choill
rodh-ádhluinn?


L. 57


Atá; agus ní ceaduigheach, go fiú na scine, arm
fiubhrach do iomchar innte gan toil an uachtaráin.
Leghorn: an innte is gnáth do chabhlach
Dhiúice mór na Tuscáin a bheith ar feis?
Is innte; agus is daingean rodh-láidir í.
Volatearra: an ionghantach cliú a tiobruid
teógha?



Is eadh; óir dearthar go bhfhiuchuit 9 ttroigh
ar airde, agus go leighean carcus ar bith dá tteilgthear
ionnta gan mhoill, agus na héanluidh darab é a
gcrúath-chineamhuin itioll ós a gcionn go ttuitid
maol scalta ionnta.



Róimh: an cathair ádhluinn fharsuin í?
Is eadh; ceann-chathair na hIottáille, ionat
suighte na n-impridh agus anois na bPápuidh, cathair
uasal fharsaing mhóir-iostach agus is oirdheirce san
domhan, do réir an fhile:



Roma armis terras, ratibusque subegerat undas,
Atque idem fines orbis et urbis erant.



Old Rome did conquer all ye globe she found:
Rome was the world and hers the world's bound.



"Chlaoi an Róimh gach 'bhfhuair don chruinne:
Bu hí 'n bith, 's bu lé gach fuine."



An raibhe an Róimh 'na tobar astroluigheacht,


L. 58


gintligheacht, agas diabhaluigheacht, go haimsir
Chríost?



Do bhí; gidh eagh, go grod 'na dhíaigh sin, do
réir Phóil Apstol, do bhí 'na tobar creideamh agus
diadhachta, agus san bhlíadhuin 44 d'athruigh
Peadar Apstol a chathaoir ó Antioch don Róimh,
agus ann ríghe Agrippa chuir Festus, Governer Judea,
'na bhráidh don Róimh é.



Ar feadh 300 bliadhuin an raibhe ainghreama
mór' ar na Críostuighthibh san gcathair si?
Do bhí - rodh-fhuilteach barbarrtha, ionnus
gurab iomdha míle mairtíreach do marbha innte
mar aon agus Peadar agus Pól Apstoil.



An é Constantín Mór (do ruga a Sasana) an
chéad phátrún phuiblidhe bhí ag an gcreideamh
san Róimh?



Is édh; agus is é thosuigh ar theampul Pheadair,
agus do críochnuigh risan 5 Pól Pápa, agus atá ar na
hoibreacha is áille san domhan. Atá 520 troith
a fhad, 385 a leithead.
An air na seacht gcnocáin, Palatinus, Capitolinus,
Umuallis, Aventinus, Esculinus, Caelius, agus Quaerinalis,
atá an Róimh suighte?



Is eadh; agus atá 13 mhíle 'na timchiol taobh
'stoigh dá balluigh, 300 teampol innte, agus do réir
mheasta atá 200,000 duine innte.
An ndeárna Aloricus san bhliadhuin 410 ann
Róimh do chreacha?
Do-rinn, agus Grenserius san bhliadhuin 455, na


L. 59


Heruli san bhliadhuin 473, na Gots san bhliadhuin
487, na Gots arís faoi Thotila san bhliadhuin 499,
agus fá dheóigh an 5 Séarlus san bhliadhuin 1527,
agus 'na dhiaigh so uile do thoiligh Dia (amhuil an
Phenix) í 'éirghe as luaithre a creach-ár go bhfhuil
anois ar na cathracha is glóirmhire sa Euróip.



An ar Port Mil, .i. droichead a' Mhuilin, do
chonairc Constantín fighir na croisi isna spéiribh
agus a' scríbhinn In hoc signo vinces?
Is eadh.



Créad iad na prionnsuidh Eagluis agá bhfhuil
cumhachta talmhuidh co maith ré neamhdha?
1 An Pápa, agá bhfhuil seacht gcóigidheagh
fuidh, .i. Romania, Ferrara, Urbinus, Marca (ionna
bhfhuil cathair Loreta), Spoleto, Oidhreacht
Pheadair, Campagnia, .i. Latium (ionna bhfhuil
an Róimh); 2 an dara prionnsa, mór-mhaghister
Mhalta (oileán do-ghabhála), agus is cionn nó uachtarán
ar an órd uile, agus do-bheirid móid an creideamh
do chosaint nó bás d'fhágháil; 3 an treas prionnsa,
Maighistir na tTeutonics; 4 an ceathruadh
prionnsa, aird-easbog Salsburg san Ghearmáin, an
tí is saidhbhre: anallód bhádair 'na ríogh ar
Bavaria; 5 an cúigeadh prionnsa, prionnsa agus
easbog Liég, anois 'na Elector Colen fuidh a
bhfhuil 30 daingneacha: Liég, Parrthas na hEagluisi;
6 an seisiughadh prionnsa, easbog agus prionnsa
Munster a Westphalia, daingean daoineach; agus


L. 60


an seachtughadh prionnsa, tighearna agus easbog
Bhremen, atá anois ag Protestant; 8 an 8
prionnsa, easbog agus tighearna Pasau, dearbhráthair
Bavaria, .i. Joseph Joannes.



Nach iomdha áit ar feadh na Críostuigheachta
ionna bhfhuil cur ag an Eagluis?
As eadh: mar atá, Vurtsberg agus Bamberg a
bhFranconia.
Cad í an áit í Loreta?



Cathair ládir dhaoineach ionna bhfhuil go míorbhuileach
naomh-thoigh Mhuire Mháthar ionnar
chomhnuigh sí an tan do bheannuigh an t-aingeal
Gabriel di agus ar coimpre í ón Spiorad Naomh, chum
a ttig ar iolarachas (ó gach críoch don chruinne)
iomad Chríostuighthibh.



Nach Ársuidh is tidiol do Ravenna?
Is eadh; agus atá uisge codh gann sin ann go
ndubhairt an Sasanach:



Lodged at Ravenna, water sels so deare,
A cistern to a vineyerd I prefer.



Naples: an cathair ádhluinn í?
Is eadh; óir atá 9 míle ionna timchiolla taobh
astoigh dá múir, agus 18 don taobh amuidh, agus is
fogus di Elisium na bhfhilidhe agus Vesubhius,
trinntride do bhrúcht san bhliadhuin 1631, réar


L. 61


marbha 30,000 anam ré tuilte ribhe agus lasracha;
agus san bhliadhuin 1706 do marbha 20,000 duine ar
an modh gcéadna.



Ionn a gcathair Nola do ruga Paulinus
Naomhtha?
Is eadh; agus is innte fuair Augustus agus Cicero bás.
Agus a gcathair Acuin, Tomás Naomhtha a Acuin.



A mhic mo chléibh, is iomdha críoch cathair
easbogóideacht agus daingean san Iottáille (tré
athchumair) d'fhágas gan ainimniughadh.
Máiseadh aris dam cionnas stiúirighear í?



Fo 5 dhiúice, 2 phuiblidheacht (gan áireamh S.
Maríno), Rígh na Spáinne, an Pápa, agus prionnsuigh
oile is táire ná iad soin. Agus is Catolicibh íad,
acht na Vadois a Savoi. Atá an Pápa, dá Phaitríarc,
31 aird-easbuig, 288 easbuig, 15 áitibh
ionna bhfhuil coláistidh, agus tuille oile. Atá a
Naples 14 prionnsuidh, 25 diúicidh, 30 marcuis,
54 iarluidh, 400 barúin.



Créad é ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort locha
na hIottáille?


L. 62


An ar an loch Lemanus goirir Geneva?
Is eadh, do bhríogh gur í Geneva ríogh-phort
na háite, suighte ar an abhuin Rosne a gcríoch
Savoi; agus is cathair ro-láidir í fo stiúrughadh
200 buirgéiseacha.



Cionnas riaghaluighear an Eagluis innte.
Ré trí dronga, tuata, ársuidh, agus ministerí, agus sin
do réir riaghala agus órdughadh Calbhín san bhliadhuin
1541.



Nach fo stiúrughadh easbuig bhí sí?
Is eadh, gusan bhliadhuin 1528 ionna díbre é
feín agus a eagluis le fuireann na cathrach, dá
ndubhairt Calbhín Suffragio meo comprobavi, agus
atá ó shoin a leith 'na puiblidheacht, gí gur chuir
diúice o Savoi agus dronguibh oile léigir minic gan
tairbhe ria.



An ceaduigheach gach uile chreideamh innte?
Is eadh; agus básuighear an t-adhltranach risan
dlígh, nó cuirthear prionsúnacht 9 lá (ar arán agus
uisge) air, nó díbiorrthar íad. Gidh eagh so, níl
meirdridh san chruinne is módh ná íad.



An bhfhuil 60,000 coróin gacha bliadhuin do
ard-chíos nó do aimhe ag an gcathair si?
Atá gan áireamh gach cíos príobháideach do-gheibhid;
agus is é a harmsa nó suathantas (do réir
órdughadh an Phápa) eochair, agus toil an impir,
iolar, do réir an fhile.


L. 63


Oileáin na hIodáile:



Tá oiléanuibh oile is táire ná íad so ar nach
labhram orra.
Silicia: trí-bheannach; ionna bhfhuil an súmaire
Charibdis, Sliabh Híbla, .i. cnoc na meala,
Aetna, 12 chathair: gráinnseach na huile mheas
agus arbhar.
Corsica, .i. Cirnus, Leracina cathrach Marian,
Píla: ré Genoa an chríoch so, ionna bhfhuil
fuireann bhocht dhúrunta neamh-ólgach, aird-easbogóideacht,
agus seacht easbuig.


L. 64


Sardinia, .i. Ico, Jehnusa, cathrach Bosa, S.
Reparata, Acuilastro; agus atá 3 aird-easbuig, 15
easboguibh Catoilicibh: críoch thorrthach.



Elba, .i. Ilva Galmaria: ní leaghean íarann na
críche si innte féin, acht a gcríoch oile.
Abila: ionna bhfhuil colamhnuibh Hercules ar a
bhfhuil scríobhuinn Nil ultra.



Isclua: ionna bhfhuil tobar co teith sin bhruthas
feól agus íasg gan mhoill.



AN FHRAINGC.
Cionnas atá an Fhraingc suighte?
Idir an 15 céim agas an 29 céim don fhaide,
agas idir an 42 céim agas an 51 céim don tuath-leithne.
Cionnas atá an Fhraingc suighte?



A' Mhuir Mhór agus Chaol agus Flontreas don taobh
thuath, an Iottáille agus an Ghermáin don taobh
shoir, an Spáin agus an Mhuir Mheadhónach don
taobh theas, agus an Mhuir Shiar don taobh shíar
di; agus is é a fad 550 míle, agus a leithead 550; agus is
féidir ré comórtas risan Iottáille ar áille fuinn agus
fearuinn, faoi lomra féir, fíon agus arbhar, agus torrthuibh
oile; dealbha 'na 12 cuid. Ag so do gach cuid


L. 65


An cathair ársuidh Amiens?
Is eadh; ríogh-phort Constantín, Constans,
Julian imprídh, is iomad oile, mar atá, Valentinian,
Valens, Gratian, agus Theodosius.



Paris: cionnas atá sí suighte?
Ar oileán na Fraingce, darbh ainim anallód
Lutesia, agus deirid gurab iad sliocht Japhet íad féin
na sean-fhunndúiridh, agus atá an chathair si ar na
cathrach' is módh agus is deisi san Euróip. Trí
mhíle a fad, agus dá mhíle go leith a leithead, agus do
réir mheas atá 23,223 toigh innte, 487,680 duine
innte, 32 páláis, 54 teampuill, 38 coláisti, 30
hospitals, .i. bocht-ádhris, 4 mainistrecha móra, agus
mór-uibhir eagluis oile, mar atá, Notre-Dam,
Eagluis Mhuire: a fad 71 troigh, a leithead 60
troith, tóigthe ar 120 colamhnuibh - atá 45 sépéil


L. 66


innte, 4 clogáis 'n-airde 44 bunlámh, geatuidh
íaruin agus fíghir 28 ríogh agá dul asteach - 24 duine
a n-éinfheacht is éigin chum an chloig mhóir do
chling.



A ngoirtear Tobar na Músuidh don chathair
si?
Goirthear; agus adeir Eusebius gurab sine í nó an
Róimh. A tidiol: Cathair an tSíth. Versals
an pálás is deisi san domhan do réir an fhile:



Vir fuit ille domus quod conditor indicat ejus.



"An teagh úd gibé do-rinn,
bu duin' é fiosach fír-ghrinn."



Agus iad so ar a lour:



Non orbis gentem, non urbem gens habet ulla,
Urbsve domum, dominum nec domus ulla parem.



"Níl a samhuil san chruinne d'uaisle,
nó cathair ag uaisle mar isi,
is níl toigh ag cathair is áille,
nó tríath ag áras mar an toigh so."


L. 67


Ag so an t-Éirionnach ag cur an Bhlairne 'na
compráid:



Atria Borbonidum tumido qui carmine laudas,
Blarnia Cartiadum non tibi nota fuit!



"Gorta chút, a spusán
'ní mórán do thoigh na Fraingce:
is cosmhuil nach bhfhacais
toigh Chorbmuic ón mBlairne!"



Rheims: an ré a aird-easbog corónar Rígh
Frangc?



Is eadh; agus ma' breóite nó as a tsligh, do Easbog
Soissons is ceart é. Do bhí 6 phrionnsa agus 4 phápa
'na n-aird-easboguibh innte, agus is diúicidh iad do
réir a ttittioll. Do fríth 13 naoimh innte, agus is
innte do cuire Béarla ar an mBíobla ar mbeith
do Eagluis Shasanach Douei ar deóruigheacht
innte.



Cia ionna n-adhnuicear ríoghuibh Frangc?
A S. Denis, a ttombuidh saidhbhir. A S.
Gearmans fuir an 2 Séamus agus a chéile bás, Rígh
Sasana.



Rouen: is innte do ruga Uiliam de Conquer.
Caen: sean-chathair ionna mbíann 3,000 scoláire.
Bourfleur: ionnar loisge a Físmhnaoi Sun agus
12 long Francach ré Fussel admiral.


L. 68


Orlans: sean-chathair ádhluin do shas go tréan
a n-aghaidh Sasana faoi an bheann chródha Jóan
de Orlans, agus do bhris go menic orra. Gidh eagh,
fá dheóigh do-rinne bráidh dhi, dá losga a gCompeighn
mar upa. Orlans tidiol dhara mac Rígh
Frangc.



Cartres: cathair ládir; tidiol - "Oidhre Orlans."
Nogent: an baile is deisi san bhFraingc.
Lions: cathair ládir fharsaing shaidhbhir
dhaoineach agus an dara cathair ar mhéad is módh
san bhFraingc, ionna raibhe 2 fheis choitcheann,
.i. san bhliadhuin 1245 agus san bhliadhuin 1274;
is innte ruga S. Ireneus.



Baione: cuan is fearr go ríoghacht na Spáinne,
agá bhfhuil cnoc air ó bhfhaicthear trí ríoghachta,
'n Fhraingc, an Spáinn, agus Navarr; agus is fogus di
fós oilén an chumhlúadair ionna ndearna dáil
agus solamhuin phósta Rígh Frangc agus Infanta na
Spáinne.



Tolous: ionna mbíon cobhlach Rígh Frangc ar
feist, agus ionnar adhnuiceadh (a n-eagluis S.
Dominic) an Naomh Beannuighthe S. Tomás a
Acuin.



Pamiers: a Languedoc; easbogóideacht. Do
bhí Naomh Laoiseach a Marsels, an 12 Benedict
Pápa, 4 cardionál, agus an Spondan foghluma 'na
n-easbuig innte.



Avignon: cathair fharsaing ádluing mhór-thráchtach


L. 69


choláisteach, ionnar raibhe Séamus
mhac Séamuis mhic Shéarluis mhic Shéamuis,
Rígh Sasana, ar deóruigheacht; agus is risan bPápa
an chathair si, óir do cheannuigh an 6 Clement
Pápa í ó Joanna bainríoghan Fhrangc, ionnar
chomhnuigh a chomhorba gusan 11 Greaghóir
Pápa, do athruigh don Róimh tré aisge na naoimh
beannuighthe S. Catarína de Siena.



Vienna: príomh-fháidh ar phríomh-fháidhibh na
ríoghachta; agus is é S. Cresens an chéad easbog
do bhí uirre.
A Thaidhg, is liosta nísa mhó do ainimniughadh.
Uime sin scuirfead díobh.



Mo achuinge ort, a athair dhílis ionmhuin:
innis dam cionnas stiúrighthear an Fhraingc?
Reis an rígh, agá bhfhuil an ríoghacht go huile
fó a thoil féin; agus ní thuitean an oídhreacht ar
ghin innghine; agus is Catoliceach é féin agus a ríoghacht,
acht na Hugonots atá i Cevenes.



Atá 18 aird-easbuig, 112 easbuig, 140,000 sagart
porráiste, 6 uachtaráin, 11 ord nó comhchruinniugh,
1,356 mainistir mhanach, 16 ríogh-mhainistreacha
móra manuidh, 557 mainistreacha mná riaghalta,
12,400 prióireacht, 15,200 séapéil agus séplíní, 256
Oird Mhalta, 14,777 mainistreacha Jacobins,
Agustínibh, Pronsiasánuibh, Carmelítibh, Cartúsianibh,
Benedicteanuibh, Bearnardianibh, Jesuits,
Minims, Celestins, agus bráthribh oile, agá bhfuil


L. 70


9,000 toigh riaghalta, 252,000 metari nó saorsacht,
17,000 acra fíneamhuin; agus ré ordughadh an
atá 2 aird-easbog, 7 easbuig, 770 mainistreacha
bráthar, 280 ban riaghalta, ionna bhfhuil coláisti
ionnta, Paris, Bourdeaux, Poictiers, Orlans,
Bourges, Angers, Caen, Montpellier, Cohors, Nants,
Rheimes, Valens, Aix, Avignon, Pont a Mauson,
Perpignan, Douai, Dól, Friburg, Oráng.



ESPÁIN.
Idir an 9 agus an 24 c. don fhaide atá Espáin suighte agus
idir an 35 (c.) 30 m. agus an 43 don tuath-leithne.



Cionnas atá an Spáinn suighte?
An mhuir is Cuan Biscai don taobh thuath, an
Mhuir Mheadhónach don taobh shoir, an Mhuir
Mheadhónach agus Caol-mhuir Gibraltar don taobh
theas, agus an Mhuir Mhór don táobh shíar; agus is
é a fad timchioll 750 míle, a leithead 510; agus is
tír shléibhteamhuil choilteach ghleinneach
chairrgeamhuil, ro-theadh san samhra agus ro-fhuar
san ngeimhre, ionna bhfuil torrthuibh iomadamhla,
an fíon is fearr, agus arán, ionnus gurab féidir a
rádh gurab inghean dlisteanach don nádúir í, agus
áilleán na bprionnsuigh, agus toiceadh na Críostuighcheacht,
tré a ttairngnighean do shaidhbhreas


L. 71


ós na hAindíachuibh. Agus atá sí rannta 'na
13 chuid.
Ag so do gach cuid:



An a gCompostela atá taisí Naomh Séum
Apstol?
Is eadh, agus a Valadolit a Sean-Chastíl do ruga
S. Teresa.
An cathair mhór í Madríd?
Adeir na Spáinne go bhfhuil sí co mór ré Paris,
agus is risan rígh céad-orlár gacha toigh innte munar
ceannuighuaidh é. Do thóig an dara Philip
droithchead oireirc ar an abhuinn Tagus, bhíos gan
uisge san samhra, dar lean an sean-fhocal go


L. 72


gcaithmheadh an rígh an droithchead do dhíol
ar uisge chum abhna. Is annsa Esurial cuirtear
na ríoghuibh d'éis báis.



An í cathair Tholedo príomh-fháidh na Spáinne?
Is í; agus a nAlcantara do ruga Naomh Peadar de
Alcantara. Dirthear gurab í cathair Sivil an
chathair is saidhbhre san Euróip, óir is innte tig
taisge na nAindiachuibh chum na Spáinneach.



Biscai, S. Andro, Toloso, S. Sabastin, Bilbo,
Fontarabia, S. Andera; Galicia, Coruna (.i.
Gróin), Baiona, Compostela (ionna bhfhuil corp
S. Séam Ap.); Navarr, Tudela, Victoria a gcríoch
Alva, Viana, Pampelúne; Sean-Chas., Avila,
Segovia, Valadolid, Soria (ionnar claoidhe 40,000
Romhánchuibh), Leon, Palencia, Salamanca, Cividad
Rodrigo, Zamora, Aviles; Catalonia, Tortosa,
Girón, Roses, Taragona, Urgel, Palamos; Aragon,
Saragosa Iáco, Albarasin, Huesca, Tarasona,
Mason; Valencia, Segorue, Orighuela, Xativa,
Alicant, Culeira; Nua-Chaistíl, Toledo, Cuenca,
Siguensa, Alcala Calatra, Alcantara, Badaios
Placencia; Marcia, Cartagena (tug do Rómhánchuibh
25,000 dr.); Andalucia, Baesa, Gibralter,
Corduba, Cadiz, Medina Sidonia, Jaen; Granada,
Guadi, Almeria, Malaga, Alumia, Osuna; Asturia
(.i. Guipuscoa), S. Sabastin, Fonterabia.



Cionnas riaghaluighear an Spáinn?
Réna rígh dlisteanach féin ó oidhreachta agá
bhfhuil cumhachta uile, agus is Catoiliceach é féin agus


L. 73


a ríoghacht go huile, agus is é tiodiol an rígh "Catoiliceach."
Atá 8 áird-easbuig, 42 easbuig, agus 20 baile ionna
bhfhuil coláiste.
Níl Spáinneach gan a bheith spéireamhuil.



Atá an Spáinn suighte idir 35 céim agus 24 céim
do fhuide, agus idir 35 céim 30 m. agus 43 céim do
thuath-leithne.



PORTINGAL.
Cionnas atá Portingal suighte?
Idir 10 céim 35 min. agus 13 céim 10 m. don fhuide,
agus idir 37 céim 20 m. do thuath-leithne; an Spáinn
don taobh thuath agus shoir dhí, agus an Mhuir Mhór
don taobh theas agus shíar dhí; agus is é a fad 300 míle,
a leithead 130. Amhuil na Spáinne atá a fonn,
agus í rannta 'na 6 cuid:


L. 74


An cathair fhairsing shaidhbhir dhaoínech í
Lisbon?
Is eadh, agus an ríogh-phort. Is innte do ruga
S. Antóin ó Phadua, ós comhair gheata eagluis
Muire ionna a bhfhuil corp S. Vincent currtha.



Estramadura: ionna bhfhuil 130 mainistreacha,
1,460 porráistidh, 5,000 toibreacha, 200 droithchead
cloch.



Porta: port ionna bhfhuil 4,000 toigh fo a
bhfhuireann daoine.
Cionnas stiúiridhear Portingal?
Ó aimsir an dara Philip gusan bhliadhuin 1640
fuidh chumhachta na Spáinne, agus ó shoin fó a
rígh féin agá bhfhuil dlighe na críche ionna láimh
féin. Catoiliceach é féin agus a ríoghacht go huile,
ionna bhfhuil 3 aird-easbuig, 10 easbuig, agus trí
cathracha ionna bhfhuil coláistidh; agus bu hé
sean-ainim na críche so Lusitania; agus deirthear
200 abhuinn do bheith innte, óir is innte atá an
abhuinn Minius ar a siubhlan long 100 míle agus í
líonta do lúaidhe dhearg. An Tagus (ar a bhfhuil
an chathair Lisbon), agus an Ana, aibhne sníomhas
thríd an Spáinn.



OILIÉN NA SPÁINNE.
Créad íad na hoiléain is tásgamhla ag an Spáinn?
Ag so dhuit a n-ainim, a bhfhad, a leithead, agus a
ríogh-phort:


L. 75


Agus is sléibhteamhuil coillteach íad na hoileáin
so ionna bhfhásan fíon agus arán go hiomadamhuil.
Níl nathar nimhe san oiléan Ivica, agus deirid go
bhfhuil an dá oiléan oile ar an nós gcéadhna.
Gidh eagh, a bhFhermenteara níl ann acht naithre
nimhe go huile.



Agus is risan Spáinn na criochuibh so, agá
bhfhuil visroi a Majorca, agus easbog; agus is tásgamhuil
an coláiste atá innte, faoi a bhfhuireann Catolicibh
dóibh.
Oilén Gades, .i. Cales, .i. Tertosa, 13 mhíle a fad.
Armáil na Spáinne, 1596, do gabha a n-aon-lá
í ré Notingham, Essecs, agus Sir Valter Failli, ag
losga 40 long Indiach: luach a bhfuireann
8,000,000.



SCANDINAVIA.
Cionnas atá Sualand suighte?
Idir 32 céim 30 (m.) agus 61 céim 30 m. don fhuide, agus
idir 55 céim 55 m. agus 68 céim 52 min. don thuaith-leithne,
an Lapland don taobh thuath, Muscovia


L. 76


don taobh shoir, an Bhailtic don taobh theas agus
Fionn-Lochlonn don taobh shíar; agus is é a fad
900 míle, agus a leithead 810; agus is tír shléibhteamhuil
choillteach fhuar chairgeamhuil chródha í; agus
adeirid gurab é mac Japhec mhac Naoi an chéad
rígh do bhí uirre, agus go raibhe 100 ríogh dá shliocht
innte 'na dhiaigh; agus is é tidiol garma atá ag an
rígh "Rígh Sualand, Vandols, agus Goths, Móir-phrionnsa
Finland, Diúice Estonia agus Chorosia,
Tighearna Ingria"; agus is é a shuathantas trí coróna.



Créad é ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort na
gceire locha is mó san chríoch so?



Cionnas atá sí rannta?



'Na 30 gcóigidhibh agus so dhuit na seacht is
tásgamhla díobh:


L. 77


Ag Rusburg níl stad ar shnádhad an chompáis.
An í Stocholm príomh-longphort an rígh?
As í, agus í suighte a 6 oileáin ar adhamod sáighte
san mhúir gusan bhliadhuin ionnar
loisge go huile beagnach í. Amhuil an phenix
nuadh di ó shoin a leith; agus atá sí tóigthe do
bhrícidh agus do chloch, a tempuill arna bhfholach
do umha nó copair, do-bheir sgéimh bhreagh don
chathair.



An Bhainriaghan Cristiana, cia raibhe an tan
do thréig a coróin ar son a creideamh agus do-chuaidh
don Róimh ionna bhfhuair bás?
A bPálás Upsal.



Agus is iongantach na hoibreacha atá ar chlog
uairean Lunden. Agus is é as ceannuigheacht
san chríoch so: miotail, umha, copair, etc.;
seidhiocha, craicuin fíadh, agus gabhar, seannuigh,
etc.; crainn phín, gheimhis, agus darach; gir, tarr,
agus mil, etc.



Cionnas stiúirighear í?
Fo a rígh nó a bainriaghan féin; agus ó ghabhadair
creideamh bu Catoilicidh iad go haimsir Lutéir,
agus is é a lorg leainid anois.
Cá líon aird-easbog innte?
A haon, a nUpsal (agus sin ré órdughadh an treas
Eugein Pápa san bhliadhuin 1148), faoi a bhfhuil
sé heasbuig; agus níl acht dá bhaile ionna bhfhuil
coláistidh.


L. 78


Fuireann fhád-shaoghulach lucht na gcríoch so:
mairid 146 bliadhuin.
Oiléain Sualand:



DANIA.
Cionnas atá peninsuladh Dubh-Lochlonn
suighte?



Idir 30 céim agus 33 (m.) don fhuide, agus idir 54 céim
10 m. agus 58 céim do thuath-leithne. Atá an
Bhaltic don taobh thuath agus soir, an Ghearmáin
don taobh theas agus an Mhuir Gheirmáinneach don
taobh shíar. A fad 180 míle, a leithead 100; agus
atá sí ar na críoch' is ársuidh san Euróip, áitighthe
anallód ré fuireann chródha chath-bhuadhach
thíránta.



An tír fhulláin chorom í?
Is eadh; agus atá sí rannta 'na ceithre fairchibh
ré cóir Holsten agus Slesaic, agas ag so duit


L. 79


Agas níl oidhche ar feadh 2 mhí agus 3 seachtmhaidhne
san chríoch so, san taobh thuath, ionna
bhfhuil iomad súmairidh agus lochadh.



Cá mhéad míle a loch Vennoe?
Fidhche míle a fad agus cúig a leithead.
An í Copenhagen an chathair ríogha?
Is í; cathair láidir dhaingean agus méaduighear a
háille risan bhfolach copair atá ar a heagluis.
Ar sheas an daingean láidir Crampe 13 mí léigir
a n-aghaidh Valestin (general an impir) (agus) a
shluagh Gearmáineach?
Do sheas.



An ón bhaile bheag Angles táinic an fhuireann
ó n-abarthar England ré Sasain?
Deirid gurab eadh, agus gurab a Nuraniburg do
chomhnuigh an t-annstrolaoch Ticho, gurab a
nOdensee do hadhnuiceadh Canutus Naomhtha.


L. 80


NORUAI.
An marbhann na Lemmers (atá a méad luchóige)
féar agus luibh na talmhan?
Do-níd; agus a ndéis na fóghla cruinníd ar aon-láthair
agus gheibhid bás, tré a n-éirghean boltonas
do-bheir plágh agus tinneas ar lucht na críche; agus
deirid gurab ón aeir a stuirm thaguid.



An daoine bochta iad fuireann na críche si?
Is eadh; agus atá fuath nádúrra acu ar mhídh-chneastacht.
Cionnas díberthear míolta móra, 'tá go ro-iomadamhuil
ar chóstuidh na críche si?
Deirthear ré teilgean ola chaster san mhuir.
Cia stiúirigheas an ríoghacht?
An rígh, réna chumhachta féin; agus bu Catolicidh
íad go teacht Lutéir; agus a lorg-san leanuid anois.



Lunden príomh-fháidh, agus sé hesbuig faoi, ré
ordugha an 4 Adrian Pápa. Níl acht 2 bhaile
ionna bhfhuil coláistí san chríoch so.
Ocht n-oiléain Dhania:


L. 81


Agas atá (na) hoilénuibh so don taobh shoir
do Dhania agus do thaobh theas do Shualand, agus íad
uile áitighthe dá bhfhuireann, agus go háirighthe
Séland ionna bhfhuil an ríogh-chathair Copenhagen
dá ngoirthí Haffnia, agus goirtí do Shéaland Codannomia.



FIONN-LOCHLONN.
Cionnas atá Fionn-Lochlonn suighte?
Idir 58 céim 30 m. agus 72 céim don leithne thuath,
agus idir 25 agus 55 don fhaide; agus atá an Mhuir Théachta
don taobh thuath, Sualand don taobh shoir, an
Bhaltic don taobh theas agus an Mhuir Ghearmáineach
don taobh shíar; agus is é a fad 1,000 míle, agus a leithne
240; agus is tír (dar leat) "as beannughadh Dé" í agus "as
an ghréin gharrtha", mar adeir an sean-fhocal -
fuar fiarscamhuil cairgeamhuil sléibhteamhuil
allta ainbhríoch, agus go háiridhthe san taobh thuath.
Gidh eagh, tug Día na grása so di, iomad éisg
ionna hinbhir agus fearbógadh ionna fásachuibh.



Cionnas atá sí rannta?
'Na cúig míribh, .i. Babus, Aggerus, Bergen
(an ríogh-phort), Drontim, Vartus; agus níl fios a
bhfhad nó a leithead agam.
Cia riaghaluigheas an chríoch so?
Rígh Lochlonn, ón mbliadhuin 1359; agus is


L. 82


ionnann creideamh dóibh, óir leanuid lorg Lutéir
go huile; agus atá aon aird-easbog agus 3 heasbuig
innte - a n-aimsir Chatoiliceacht 6 easbuig a líon.



Abair:


L. 83


Níl oileán gan eagluis díobh so, agus íad uile
áitighthe.
Suathantas 77 oiléain Feroe: gabhar fad-róinneach
ceathair-bheannach.



MUSCOVIA
(.i. RUISIA ALBA).



Cionnas atá Muscovia suighte?
Idir 50 agus 100 céim don fhaide, agus idir a 48 agus 72
céim don tuath-leithne, agus an Mhuir Thuath don
taobh thuath, an Tartari Mhóir don taobh shoir,
an Tartari Bheag don taobh theas, Poland agus
Sualand don taobh shíar; agus is é a fad 1,660 míle
agus a leithead 1,530; agus is tír fhásamhuil rodh-fhuar
san taobh thuath í, talamh thorthach ain-teadh
san taobh theas, agus í áitighthe ré drong ainbhfhiosach
fallsa aineóldhach claón chum coimhlíona
an toil nádúrra. Agus do bhríogh a móir-aidhbhne
tá trácht mór ón bPersia aiceadh, agus ón
Euróip a ttaobh na fairge, agus atá dá loch mhór
innte darab ainim Belejeura, 120 míle ar fhad agus
90 ar leithead, Limen, 320 míle ar fhad 140 ar
leithead.
An innte atá sléibhte Rífea?


L. 84


Is eadh; agus atá 37 cóigeadhuibh a Muscovia,
agus ag so dhuit ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort
na 14 cóigidheagh is tásgamhla díobh: san taobh
thuath: -


L. 85


San taobh theas: -
Cionnas atá Rusia suighte?
Do gach taobh don abhuinn Tanais; cuid san
Euróip, cuid san Asia; agus is í an abhuinn sin is
teóruin idir an dá rann so don chruinne. Bí lá
sé mí a gcuid don impireacht mhór so, agus oidhche
an fad céadna; bíodh an Mhuir Théachta 'na


L. 86


sléibhte eidhreadh agus seaca; agus is annsa chríoch
sa tá na croinn is airde san domhan; níl suim
ionna ngealamh do bhriosa ag cótuidh coidhleathna
na críche si.



An cathair fharsaing dhaoineach Muscou?
Is seadh; óir meastar 16 mhíle ionna timchiolladh,
40,000 toigh, 2,000 teampoll do bheith
innte, do bhrígh gurab í ceann-chathair na Ruisia
í. Is do adhamad atá urmhór a toighthibh tóigthe
agus na ríoghachta go huile.



An bhfhuil sé ceaduigheach do Ghaill trácht agus
ceannuigheacht a gcathair shaidhbhir iomad-daoineach
Arcaingeal?
Níl; óir chaill síad a saoírseacht an tan do
díthcheanna an céad Shéarlus Rígh Sasana, óir
ní lúgh ar an Csar an diabhal ná tréatúireach;
uime sin an saorseacht do bhí acu do beana díobh
é agus ní bhfhuaireadair ó shoin é.



Cionnas riaghaluighear an chríoch mhór so?
Ré a himpir féin, agá bhfhuil ó shean agus ó shinseareacht
a thoil féin mar dhlighe; agus is é dríodar
eiriceacht na Gréige is creideamh don impir agus dá
ríoghacht, acht a bhfhuil do phágána 'na measg;
agus (glóir do Dhía) atá an creideamh Caitoilicibh
'na measg dá sheóla, réar iompuidh a n-aon-chathair
(do réir nuathuigheacht na bliadhna so
1721) 40,000 duine ó phágántacht, aga glaca cuinn
Chríost orra, agus ag déanamh luath agus tine dá n-íodholuibh.


L. 87


Atá patriarc, 4 príomh-fháidh, seacht
aird-easbuig, agus 18 easbuig innte. Is ó mhaighistreacht
fhuireann na críche si ar an Eoróip uile
do len an sean-fhocal Omne malum ab aquilone:
"ón tuath tig an uile olc," .i. Sualandruibh.



POLAND
(.i. SARMATIA).
Cionnas atá Poland suighte?
Idir 38 agus 61 céim don fhaide, agus idir 48 agus 57
céim don tuath-leithne; an Mhuscovia, Livonia,
agus an Bhaltic don taobh thuath; an Tartaria
Bheag agus Muscovia do taobh soir; Hungaria,
Transilbhania, agus Turceadh don taobh theas, an
Bhaltic agus an Gheirmáinn don taobh shíar; agus is
é a fad 780 míle agus a leithead 590.



Cá gné tíre í?
Funn coram aoibhin, saidhbhir a mianachuibh
luaighe, stáin, airgid, etc., a n-arbhar is a ttorrthuibh
oile, ionnus go ngoirid gráinnseach na
túatha dhi, agus í áitighthe ré fuireann chródha
chneasta fhiall bháidheamhuil dhílis; agus atá sí


L. 88


rannta 'na 38 gcóigheadhuibh; agus ag so na 10
gcóigeadhuibh is tásgamhla:



Agus breathnuighthear go bhfhuil 177 cathair
agus daingean láidir san chríoch so.
An a gcathair Cracau corónar an rígh?
Is eadh; agus sin ré cairdionál príomhfháidh na
cathrach Gneasne is regent nó riaghluightheóir go
ttobhthar rígh.
An risan ríogh sin tobhthar stiúirighear an
ríoghachta?



Is eadh, maille ré comhairle uachtaráin nó
prionnsuigh na ríoghachta; agus is Catoiliceadh íad,
agus ní tobhthar rígh gan a bheith 'na Chatoiliceach.
Is rodh-anamh bithbheannach do fhuireann na
críche si; agus bí subháilceadh mhór orra an tan


L. 89


mharbhuid go dlisteanach Turcach: cuirid cliteadh
ionna mbaréad mar chomhartha an bhuadha. Ag
an Aithfreann, ag seasamh do éisteacht an tsoisgéil,
tarnidhid na huaisle a n-arm dá chur a n-amhuil
go bhfhuilid toileamhuil ar bhás d'fhagháil ag
cosnamh an tsoisgéil.



An ttairnidhid na daoine suarracha a n-arm?



Níl cead airm acu acht a n-am cogadh.
Agus atá dá áird-easbog, 18 easbuig, agus 4 bailte
nó cathracha ionna bhfhuil coláistí.
Is críoch choram an chríoch so; agus a tteanga
na Sclavonianuibh is ionann pol agus coram.
Livonia: Finland do taobh tuath, Muscovi don
taobh shoir, Lituania don taobh theas, an Baltic
don taobh shíar - ionna bhfhuil an daingean rodh-láidir
Nárn; agus ar eagla a shamhuilt a bheith san
gcruinne beana na súile as fear a tóigthe.



Lituania: Polonia don taobh thuath, Poland
don taobh shoir, Polonia don taobh theas, Muscovi
don taobh shíar. San críoch so atá cathair Vilna,
Breastnia Vilcómir.



Volinia: arna timchiolla ré Lituania, Podolia,
agus Rusia; a príomh-bhailte Ciavia agus Circasia ar
imioll an inbhir Neiper.



Samagotia: a ríogh-phort, Camia; Livonia
don taobh thuath agus a' Baltic don taobh shíar.
Podolía: Lituania don taobh thuath, Rusia
don taobh shoir, Neister don taobh theas, agus Polan


L. 90


don taobh shíar: san chríoch so atá Camiensa,
baile do-ghabhála.



Rusia Nigra: Poland don taobh thuath agus shiar,
Padolia don taobh shoir, Hungaria don taobh
theas; a ríogh-phuirt Leopolis, Limburg, Grodec,
agus Lucso; agus goirthear Nigra di mar eidirdhealbha
idir í féin agus Rusia Alba na Muscovia.



Rutenia agus Rocsolonia: goirthear Rusia Meredionalis
díobh.
Prusia, .i. Borosia: an Baltic don taobh thuath,
Lituania don táobh shoir, Masovia don taobh
theas, an abhuinn Vistula don taobh shíar.



Poland: Mosavia don taobh thuath, Lituania
don taobh shoir, Padolia don taobh theas, an
Ghermáinn don taobh shíar; ríogh-phuirt, Guisna,
Siradia, Posna, Minsc.



HUNGARIA
(.i. PANONIA BHEG).
Cionnas atá Hungaria suighte?
Idir an 40 agus 47 céim don fhaide, agus idir an
43 agus an 49 céim 10 m. don leithne thuath; Polond
don taobh thuath, Trannsilbhania don taobh shoir,
cóigidhibh na Danubia don taobh theas, Austria
agus Moravia don taobh shíar; agus is é a fad 420 míle


L. 91


agus a leithead 290. Tír ádhluinn shaidhbhir choram
ghriothach altach thorrthach fhéar-uaidhne í,
ionna bhfhuil míonach óir, airgid, umha, stáin,
etc., líonta lán aráin agus fíona, go nach gcroma a
ceann ar fheabhas do ríoghachta san gcruinne.
Ní bhfhuil críoch is fearr aidhbhne ná í chum
tráchta ná ceannuigheachta, tré a bhfhuil a fuirean
miodh-shocair, mí-dhílis, an-tsaidhbhir. Atá dá
loch mhóra innte: .i. Balaton, ionna bhfhuil 35
míle ar fad agus 9 ar leithead, agus is é a ceann-phort
Tihan; Fairge Nua an Fhidleir goirid ar an dara
loch, ionna bhfhuil 20 míle.



Cionnas atá sí rannta?
'Na cuid uachtair agus iachtair; agus is é fad an
chuid uachtair 338 míle, agus a leithead 160. Fad
an chuid íachtaruidh 360, agus a leithead 290.
Créad iad na cóigídh?
Níl a bhfad ná a leithead ré stair ná cárda agam.
Ag so a n-ainim:



Srigonium, príomh-chathair; 52 blíadhuin
fuidh Thurcuibh gusan bhliadhuin 1596 ionnar
ghabh Count Mansfield í, ionna bhfhuair bás.



Preasburg: ar an Tanuibh; 34 m. tuath-shiar
do Raabh, 46 soir do Bhienna; príomh-chathair.
Pest: ós comhghair Bhuda, ar an abhuinn
Danubh; a seilbh an impir ón bhliadhuin 1686.


L. 92


Colocso: a gcontae Bat., ar an abhuin Danub,
54 m. deas-shoir do Bhuda; ag an impir.
Esperies: 1682 da ghabh Count Teceli í so do
thaobh Turcuibh.
Chascov: 1682 do thug an chathair si í féin
do Count Teceli.
Tochai: coislén láidir a gcontae Semlim, suighte
idir na haibhne Teies agus Bodrach.
Agria: san bhliadhuin 1597 ghabh Turcuibh í
so ré bás iomad d'arm; a gcontae Sag.
Solnoc; ar an abhuin Teis, fuidh chumhachta
an impir ón bhliadhuin 1685.
Segedin: a gcontae Brodroch, ar an abhuinn
Teis, .i. Tibiscus; ag an impir ón bhliadhain
1686.
Satmar: arna timchiolla don abhuin Samosh;
54 m. so. do Thocai.
De Bresin, .i. Dubitsa: a gcontae Debrecin;
18 m. deas Callo, 86 so. do Bhúda.
Mór-Varadin: a gcontae Waredin, 75 m. begnach
tuath do Temesver, ar Inbhir Keres.
Temesvar: fuidh Thurcuibh, ar imlibh Transilvania,
54 m. tuath-shoir do Bhelgrád.
Giulla: a gcontae Waradin ar a' Loch Sarcad,
28 m. deas do Waradin.
Nua-Hausel: 1662, tré thine do ghlac púdar na
háite si, ghabh Turcuíbh í.
Raab: don taobh theas don Danúb, ionn oileán
Scut, 12 mhíle ó Vienna; do athghabha í 1597.


L. 93


Gran, .i. Strigonium: 28 m. tu. sho. do Bhúda,
35 m. so. do Raab, 110 m. so. ó Vienna.
Buda: an cheann-chathair, agus an daingean is
láidre san chruinne.
Canicha, .i. Canisia: ghabh Turcuibh í so.
Sigec: 1565 do ghabh Turcuibh an chathair si
ionnar marbha Count Serenus; cúig teampuil;
ceann chontae Bharanivar; 32 míle, begnach,
soir do Siget, 74 m. deas do Bhuda.
Albroial, .i. Alba Regalis, ionna gcoronuigh
ríoghuibh Hungaria: 1601 do ath-ghabh Críostuighthibh
í so, agus Turcuibh arís; a gcontae Ekekers
di.
Saruisa, Zarwisa.
An í Preasburg san chuid uachtaruidh ceann-chathair
na ríoghachta?
Is í: ó caille an chathair láidir dhaingean Gran;
príomhfháidh na ríoghachta, aird-easbog agus chanceller
agus breitheamh ar an chomhairle ríoghdha.
An nderna an t-impir Rodolphus diúice do Sir
Tomás Arundel, oidhre Choisleáin Wardor a Wiltsír
a Sasana?
Do-rinne, agus sin mar do bhris sé síos agus tug sé
leis na 'aonar an bratach an Turcaidh mhóir ó
Thór an Uisge a gcathair Gran san bhliadhuin 1595;
agus do-rinnigh an chéad Shéamus Rígh Sasana barún
de; agus atá na gairm céadna agá oighridh aniu.
An é an t-impir stiúirigheas an ríoghacht so?


L. 94


Is é; agus tobhthar a mhac is sine mar rígh. Is
Catoilicidh a n-urmhór, agus clann Lutéir an chuid
oile; 2 áird-easbog, 13 heasbuig atá innte. Ní
bhfhuil suim ag fuireann na críche si a n-adhluighean
ar bith acht a saidheadiúireacht faoi an
impir, ag cathughadh ar a shon. Tá trí fomhair
arbhar san mbliadhuin innte. Fásan féur uirdeacht
fir. Ní bhíon cruth nó oidhreacht ag buinneannach,
agus ní ghlacan súan acht ar chrúadh-leabhuidh
roimhe a pósta agus sin ag tiomchioll a 24. Mar an
gcéadna ní póstar fear gan a bheith 30 do aois.



Is ré Feardinand, mór-dhiúice Austrea, dearbhráthair
an 5 Séarlus a ttaobh a mhná Áinne,
inghean Uladislaus Rígh na Hungaria, tuga an
chríoch so fo stiúrughadh Austrea, agus bu hí oighre
na Bohemia d'éis bháis a dearbhráthar í, agus ag sin
adhbhar aidhneas thiodail an impir ar na críochuibh
so.



OILÉAIN DHANUBIA (.i. ISTER).
Cionnas atá na deich gcóigidhibh atá idir
Hungaria agus an Ghréig suighte?



Idir 42 agus 48 céim don fhaide, agus idir an 42 agus
48 céim 40 m. don tuath-leithne; Hungaria agus
Poland do taobh thuath, an Fhairge Dhubh agus
Poland don taobh shoir, an Ghréig agus an Mhuir


L. 95


Phelaga don taobh theas, an Ghearmáinn agus an
Mhuir Adriatic don taobh shíar; agus a' so ainim,
fad, leithead, agus ríogh-phort gach críoch díobh:



Cá gné áite í so?
Fearonn ionna bhfhuil sléibhte agus coillte, acht
Romania amháin ionna bhfhuil fíon agus arbhar.



Sasana nó Saxons áitigheas Hermenstat a tTrannsilvania?



Is seadh; agus is ó bheith ar chúla choiltibh na
Hungaria do goirre Trannsilvania dhi darbh ainim
analód Dacia. Is iomdha tarbh agus mart fiothfháin
a gcoilte na críche si agus beathfhuidhe oile fiathfháin.
Is ann fós atá na heich chum coga is fearra san
taobh so don Euróip. Bhí an chríoch so fad
aimsir 'na n-íocuidhibh a sclábhuidheacht Turcach;
acht an uair do bhuaile na Turca, do chuir a
prionnsa é féin agus a chríoch fo thearmon impir na
Germáinne.


L. 96


Muldavia: do-bheiridh an chríoch bheag so
(gan congnamh uasail nó eagluiseach) 150,000
coróin 'na bóraimhe do Pholand, agus 500 long lóin
do chathair Constantinoble.



Sclavonia: do marbha 100,000 Turcach ós
comhghair na cathrach.



Scodra nó Scuteri san chríoch so: fuireann
chródha chruadh-oibreach áitigheas í; agus má cuirthear
arbhar go gann innte tig (gan mhór-shaothar)
go rodh-thorramhuil; agus do-bheir áirnéis óg uatha
fá dhó san mbliadhuin. Is ó lucht na críche si
goirthear Sclábhuidhibh dona fogh-dhaoine, do
bhrígh go bhfhuilid fo ghnáth-sclábhuigheacht
Turcuidh, Venesianuibh, agus gach fuireann oile
bhuadhuidheas 'na n-aghaidh. Boinéid do nós
Albunuidh chathuid, agus bearruid a ngrúag acht
dlaoi bheag a mbaitheas an chinn ar nós Turcuidh.
Ní póstar fear gan a bheith 30 bliadhuin d'aois,
nó bean gan a beith 24; agus an bhean ag nach
bhfhuil grúag dhubh do-níd féin dubh é.



Bulgaria: ó fhuireann do Scitianuibh darbh
ainim Bulgar do ghabh ceannas na críche si san
bhliadhuin 566 hainimnighear, agus do bhuadhuigh a
ríoghubh go meinic ar Rómhánchuibh agus Gréaguibh,
agus do bhí a gceannas a Constantinoble. Drong
chródha dhána íad, agus na saichdiúiridh is fearr ag


L. 97


an Turcach. Is é is ainim don abhuin Danub san
chríoch so Ister.



Créad fad an droithchid atá ag cathair mhór
Essec a Sclavonia?
5 mhíle Sasanach; agus atá Sclavónia agus Bosnia
fo an Impir; Romhania, Bulgaria, agus Searvia, ag
an Turcach; Transilvania, Moldavia, agus Dalmasia,
fo bhóraimhe an Impir; Volachia fo bhóraimhe
Turcuidh; Ragusa, publidheacht bheag san Dalmatia,
fo bhóraimhe an Impir, Venesianuibh,
Turcuibh, agus an Phápa.
Is ceaduigheach gach creideamh annta, acht is
í creideamh an Eagluis Ghréaguidh is tréine ionnta.
Atá 6 heasbuig, 5 aird-easbuig, agus patríarc don
Eagluis Ghréagach a Romania, agus ní bhfhuil aon
isna críochuibh oile.



Ann a tTransilbhania atá sliocht na leinbh do
lean Pied Piobhair as Halberstad lámh ré cathair
Bruinsig san nGearmáin?



Is eadh; do réir Verstegan, agus adeir gur fhosgail
an Cnoc Hameden riompa agus gur íath 'na ndiaigh
tré dhraoidheacht Phied, agus sin tré nár tuga an
duais dó do gheall fuireann na háite sin dá
ndíbeóradh an fhuirean loch frangcach bhí dá
gcomhbhuaireadh, an ní do-rinn.



Deir Turcuibh ó gabha Constantinoble ré
Mahomet gurab ré Mahomet cailtear í.


L. 98


PRÍOMH-OILÉAINIBH DALMATIA.
Créad é ainim, fad, leithead, agus ríogh-phuirt
oiléainibh Dalmatia?



Agas atá an Saus do thaobh thuath na críche
si, Dravus don taobh shoir, an Adriatic don taobh
theas, Croatia don taobh shíar.



Is san chríoch so atá na cathrachuibh Regusa
(.i. Epidarus), ar an Adriatic, íocas 12,000 ducat
gacha bliadhuin risan Turcach, Sara (.i. Jadera)
ionnar tóige tempoll a n-onóir S. Joan de Molvasia
ré máirneuluibh, do ghell (a stoirm) a dhéanamh.



Do éignigh fomhuirthibh na críche drong do
óg-mhnáibh Venis, tréarbh éigin dóibh 3,000 craiceann
coinín agus 100 baruile arbhar do bhóraimhe
do Venesianibh a thabhairt gacha bliadhuin - agá
bhfhuil sí, acht cuid an Turcuidh dhi.


L. 99


GRÉIG.
Cionnas atá an Ghréig suighte?



Idir 45 agus 51 céim don fhuide, agus idir 34 agus 42
céim 45 m. don tuath-leithne, cóigidhibh Danubia
don taobh thuath, an Archipelaga don taobh
shoir, an Mhuir Mheadhónuidh theas, an Mhuir
Ghréagach (.i. Ionian) don taobh shíar dhi; agus
is é a fad timchioll 470 míle, agus a leithead 340; agus
is saidhbhir (amhuil na Hungaria) a ttorthuibh
na talmhan í; agus a bhfhulláine ní a maighistir.
Anallód ba hí tobar na foghluma, agus mír na
cródhachta, agus bain-triath na cruinne, agus áilléan
gach cura í; agus ag so dhuit ainim, fad, leithead,
agus ríogh-phort sé chóigidhibh impireacht na
Gréige:


L. 100


Anna do Mhorea goirir an Ghréig nó Peloponesus?
Is eadh; gidh eagh, is íad fuireann Achaia na
fír-Ghréaga ag a raibh 26 ríoghuibh díobh féin
dá stiúrughadh diaigh a ndiaigh; agus is ann Epirus
atá Sliabh Pindus, idir Achaia agus Tesalia; atá
Cnoc Oeta, Slíabh Helicon agus Parnasis a bhPhocis
nó Livadia; Slíabh Citeron a mBoetia nó
Stamusipa; Sliabh Olimpus, Ossa, agus Peilius, ann
Elis san Tessalia; Sliabh Atos, .i. an cnoc
beannuighthe, a Macedonia.
Nach a nElis bhí íomháigh Jupiter?



Is seadh; agus do bhí 60 bhanlámh ionna hairde,
agus í uile dá réir sin ar airmhead, déanta do ór agus
ebhora.


L. 101


Laconia: is san críoch so do mharbh Hercuil
an Hídra.
A gcathair Argos a gcríoch Argolis do marbha
an caiptín mór-bhuadhach Pirrus do urchar thíle
do chaith sean-bhean ris.
Corinthia: ionna bhfhuil fuireann chródha,
tabhartha do cheannuigheacht, anallód fo smacht
Turcuidh gur ghabh Venesians a hurlamhas.
Atica, .i. Atens, .i. Aithne, a ceann-chathair;
tobar na foghluma agus na cródhachta.



Boetia: Tebes a ceann-chathair.
Phocis: ionna bhfhuil Sliabh Parnasus agus láithreach
Thempuill Apolo dá ngoirthí an Delphic
Oracle, ionna ttiubhradh an diabhal fáir nó freagra
ar a ádhruighthibh.



Locris: is san muir ós comhghair na críche si,
san bhliadhuin 1571, do feara (cath) idir Turcaidh
agus Venesianuibh ionnar marbha (ós comhair cathrach
Lepanto) 29,000 Turcach: do-roinne braighdibh do
4,000; do loisge nó do gabha 140 long cogadh;
agus do saothra ó sclábhuigheacht 1,200 Críostuighthibh
ag gabháil neart na críche.



Epirus: dá raibhe Pirrthus (do chuir cogadh
ar an Iottáille agus ar an Róimh) 'na rígh. Is annso
do bhí Scanderberg mór 'na riaghaluightheóir .i.
'na Regent, do shas a n-aghaidh iomlán impirtheacht
Turcuidh le lán dorn do dhaoine agus réar
claoidhe an 2 Amurot mór agus Mahomet, imprighthibh


L. 102


Turcuidh agus págánuidh Albania. Is íad eich
na críche si ghnáthuighthidh Turcuidh a gcogadh,
agus (do réir na Suiss) troidid ar thuarastal do bhríogh
nach ttaithnuighean obair nó sclávuigheacht riú.



Macedonia: anallód ríogh-chóigeadh na Gréige,
dá raibhe Alastran Uaibhrech 'na rígh, do chuir
urmhór na hAsia faoi féin agus do shuigh treas
impireacht an domhuin san nGréig.



Thesalia: deirthear gurab iad fuireann na
críche si fuair eólus marcuigheacht ar tús. So
an chríoch a raibhe Achiles mire na Gréige 'na
ríogh, ionna bhfhuil moigh ádhluinn Phersalia,
mar ar feara cath fuilteach díbhfheirgeach idir
Chaesar agus Pompei ar son impireacht an domhuin.
An ndubhairt tú liom gur a Macedonia, .i.
Trásia, atá Slíabh Atos?



Dubhras, agus atá ar airde shléibhte na cruinne;
óir atá 40 míle 'na scáile; agus mar dubhras shuas,
is í cathair Tesalonica príomh-chathair na críche
si dochum ar sgríobh Pól Apstol, óir atá
30 teampuill, 75 mainistreacha, 36 sinagogues nó
teampuill Iúdaighthibh innte, agus dá choláiste ag
an gcine Iúdaíghe.



Cia stiúirigheas an Ghréig?
Turcuidh agus Benesianibh; agus atá mórán Catoilicibh
'na measg. Gidh eagh, is iomadamhladh íad
eagluis thréigtheach na Gréige; agus do réir Gordon,
11 aird-easbuig agus 14 heasbuig innte, agus do réir


L. 103


Echard atá 38 aird-easbuig agus 57 easbuig innte;
agus níl fhios agam cia hacudh Gréaguidh ná
Catolicibh íad. Goireann an Scribtiúr Catjim nó
Cittim do Ghréagachuibh, agus is ó Ghraecus mac
Ceirops réar tóige cathair na hAithne goirthear
Gréig dhi.



A Morea atá críoch Elis, Mesenia, Arcadia,
Laconia, Argolis, agus Achaia fhíor.
Ann Achaia atá Phocis, Aetolia, Doris, agus Locris.
Epirus: ionna bhfhuil cathair na haibhne
Acheron, agus Cocitus, dá ngoirthear aibhne ithfrinn
ar olcas a ndath agus a mblas.
Ag an gcathair Duraso san chríoch so Albania
do shas Sceva ar son Caesar a n-aghaidh Pompei,
go raibhe 220 saighdibh ionna sgiath 'na seasamh,
agus níor chaill acht leath-shúil san ngleó sin.
Macedonia: ionna bhfhuil cathair Pela, ionna
ruga Alastran Uaibhreach, ó ngoirthí Peleas óg
dhe.



Sidero Cospe, .i. Chrisilis, ionna a bhfhuil an
iomad míonach óir agus airgid go bhfhaghan
Turcachaibh begnach gacha mí 30,000 coróin
aiste.



A ttaobh theas na críche si atá Tesalia ádhluinn
mhórthach, ionna bhfhuil luibh-ghort parthasamhuil
na Músuidh, .i. Gleann Tempe, 6 mhíle a bhfhad
agus 5 a leithead idir Shliabh Olimpus agus Ossa; agus is


L. 104


san chríoch so do áitighdear na Mermidons ar a
raibhe Achiles 'na chaptín.
Migdonia: san taobh shíar don Mhacedonia,
ionna bhfhuil na cathrachuibh Stagira, .i. Wicaladi,
Apolonia, Palene.



Neopolis, ar imioll na Trasia; Antigonia, Tesalonica,
chum ar scríobh Pól Apstol, agus is cathair
dhaoineach í, agus meastar 100,000 don chineadh
Júdaighe bheith san gcathair so agus a gConstantinople
faoi inghreama Turcach, agá bhfhuil ón bhliadhuin
1453.



OILÉANUIBH NA GRÉIGE.
Abair ainim fad, leithead agus ríogh-phuirt oiléanuibh
iomdha na Gréige.



Ag so íad:


L. 106


Agas atá gach oiléan díobh so áitighthe.
Agas ag sin dhuit, a mhic mo chléibh, críochuibh
na hEuróipe, agus atáim-si tuirseach ón obair si, do
bhríogh nach bhfhuil aon do-bhéara dhamh dúais
mo shaoithir. Scuirfead don dul so, agus cuiread mo
shean-chnámha chum suaidhnneasa do chomhlíona
an tsean-fhocail:



A n-am na gorta nach crosta na tréairtha soin,
an Gall go nguilean is go gcodhlann an tÉireanach?



Agas ná cuir a n-iongantas so oram, do bhríogh
nach bhfhuil Gaodhuil ag nach bhfhuil adhbhar
casuíde, do bhríogh a n-anam, .i. a mbeatha, a
maoin, agus a ndúthchas, do bheith ag Danair gan
chreideamh, etc.



ASIA.
A Athair chátuidh, an codhladh dhuit?
Ní trom é.
Guidhim thú agus taistiol an Asia riom, agus ná fág
clúid oilén nó ríoghacht innte gan fhoillsiughadh.


L. 107


Breaghadh é, a Thaidhg! Nach ndearnas
craoibhsgaole ar chríochuibh na hEuróipe dhuit
cheana?



Do-rinnis go deimhin. Gidh eagh ní bhíad
sásta (do réir t'eóluis) muna n-airisir ní éigin ar
dháluibh an chuid so don chruinne.



Tá tú roidh-dhían oram, a mhic mo chroidhe.
Mun' ar cairid, ní ar namhuid.



Is fíor soin, óir admhuíghim nach bhfuil san
domhan (d'éis bháis do mháthar Úna Ní Bhruin)
is ionnsa liom ná thú. Uime sin labhórad beagán
beag go hathchumair ar an rann soin.



Óir is é siughudha atá uirre bheith idir 55 agus
180 céim don fhaide, agus idir 1 agus 72 don tuath-leithne,
agus an Mhuir Théachta (deirid) don taobh
thuath, an Mhuir Indiach don taobh shoir agus theas,
an Mhuir Gheirmáineach, Európ, agus Africa, don
taobh shíar. Timchioll 6,460 míle a fad, 4,320 a
leithead.
Cionnas atá sí rannta?



'Na sé rannuibh, .i. Turceadh, Persia, Tartaria,
India, China, agus na hoiléanuibh shoir; fo stiúrughadh
4 himpridh, .i. an Gran Signeór, Sophia na
Persia, Cam Mór na Tartari agus an Mór-Mhagul, agus
timchioll 217 mion-ríoghuibh.



Créd íad na ríoghuibh? Is liosta a n-ainimniughadh
tré chruas a n-anma; uime sin so dhuit
a líon do réir gach áit ionna bhfhuilid, óir atá san
Mingrelia 4; Gurgistan 3; Turceasten 9; Japan


L. 108


68; Molucca 15; Borneo 3; India - taobh theas -
an Ganges 50, Summa Tera 7, Jura 10, - don
taobh shoir - 6; China 32; Cellon 9; Maldives 1.



Ag sin 217.
Agus is ionnsan Asia atá na haibhne:
Euphrates thosuigheas a slíabh Mochian nó
Caspian san Armenia mhór agus ghreamuigheas don
abhuin Heiddecel ag Parrthas, darab ainim don
taobh shíar do Pharrthas Gihon agus don taobh shoir
a n-anama féin, agus chailleas íad féin san Mhuir
Phearsianach; Pison a thimchiollas críoch Havilah,
.i. críoch an óir; Gihon, thimchiollas Ethiopia;
Heiddecel, .i. Tigris, thosuigheas a loch fo bhun
sléibhe Ararat agus raithcheas don taobh shoir don
Asia, agus as sin don taobh uachtarach Pharrthais;
Indus; Ganges; agus Obi.



Agus is san rann so atá na sléibhte Taurus agus
Caucasus, roitheas ón taobh shoir don taobh shíar,
agus Imaus roitheas ón taobh thuath don taobh
theas.
Agus deirtear gurab ó Asia, inghean Oceanus,
agus Theitis, bean Japetus agus máthair Phrometeus,
hainimnighthear an rann so don chruinne.
Is san rann so, a bhFhrígía, atá an chathair
úd do chlanna Míleadh darbh ainim a Laidion
Artace.
So roinn oile ar an Asia Mór agus Beag: 1 Notolia,
an chuid mhór fo diúice mhór na Muscovia; 2


L. 109


Cám Mór na Tartaria; 3 Turceadh; 4 Persia;
5 India; 6 China.



An ran is lugh, .i. Notolia; ionna bhfhuil
Cilicia, Licaonia, Paplagonia, Pontus, Cappadocia,
Bithinia, Phrígia, Misia, Lidia, Pamphilia, Aeolis,
Ionia, Lícia, agus Caria.



Cilicia (.i. Caramania): ionna bhfhuil iomad
cróch; píoráidibh neamh-choimhghíallach'.
Capadocia: drong nimheamhuil go ndeir Strabo
(dar díobh é féin) go marbhach a bhfhuil naithir
nimhe.
Bithnia: ós comhghair Tracia, ar bhruach
Pontus, .i. an Mhuir ó Loch Moeotis go Tenedos.
Phrigia: drong dhroch-mhúinte neamh-aireach,
ó ttáinic Sero sapiunt Phryges.



Pamphilia dá ngoirthear Mopsopia.
Aeolis: deirtear gur cuid don Ghréig í, idir
Iónia agas Troas, cathair Carne.
Ionia, anois Sarciam, dá ngoirid Turcuibh
Quiscum, idir Caria agus Aeolis.
Albania: cuan idir an Mhuir Caspian agus Ibéria.



TURCEADH.
Cionnas atá Turceadh san Asia suighte?
Idir 55 céim 50 m. agus 96 c. 40 m. don fhaide, agus
idir 13 agus 47 céim 5 m. don leithne thuath, agus an


L. 110


Mhuir Euxean don taobh thuath, Persia agus a sumaire
don taobh shoir, an Mhuir Arabianach don taobh
theas, an Éigipt don taobh shíar; agus is é a fad
timchioll 2,100 míle, agus a leithead 1,600.



Cá gné tíre í?
Ní bhfhuil san domhan is fearr ná cuid di agus is
measa ná cuid oile. Is san chríoch so atá Sodom,
.i. loch ionna ttuiteann na héanluigh do ittioll
ós a cionn, tré mhalluigheacht na háite; goirthear
an Mhuir Mharbhthach dí do bhrígh nach feas
íasg ná 'shamhuilt do bheith innte.
Cionnas atá sí rannta?



'Na sé codcha:


L. 111


Agas deirthear nach bhfhuil críoch is liadh áitibh
tásgamhladh ná í; óir ainimnighthear 300 bheith
san Talamh Bheannuighthe .i. Palestín féin; a
bhFrígia cathair na Troí agus Medella; a Lidia
cathair Sardis; a gCaria Halicarnassus etc.; tásgamhuil
tré chogadh Pompei agus Mitridates, na
Gréaguidh agus Troíanuidh, cúirt Mhidas agus Chreasus
etc. Is san chríoch sa tá na seacht eagluisibh chum
ar scríobh Eóin Bruinne, .i. Pergamus a Misia,
Laodisia a bhFhrígia, Philadelphia Thratira agus
Sardis a Lidia, Smirna agus Ephesus ionn Ionia.



Bitinia .i. Bebricia .i. Midonia, ó Bhitinius ón
Trasia ainimnighthear í; a ceann chathair Scrutari,
suighte ós comhair Constantinoble.



Calcedon, ionna raibhe feis choitcheann réar
claoidhe Nestorius.



Libus ionna bhfhuil uagh Hanibal. Do bhí feis
oile a Nicea ré claoi ericeacht Arius san bhliadhuin
314, ionna raibhe 318 easbuig, agus sin ré hórdughadh
Chonstantín Mhór.



Ponntus ionna bhfhuil Cabria, .i. Diopolis, ionnar
mhadhm Lucullus ar Mitridates, darbh éigin airgead
na mhádhma do sgaba 'na dhiaigh, réar tóige
an tóruidheacht agus ar saothradh é. Ar bhrúach
na habhna Tearmodon san chríoch so do áitigheadair
na hAmasonianuibh.



Paphlagonia, ionna bhfhuil cathair Ghangra


L. 112


mar a raibhe feis choitchean san bhliadhuin 339.
Is ón chríoch so shíolruidh Venesianuibh, ón na
Heneti.



Galatia .i. Gaul-Aisia: is san chríoch so atá an
chloch uasal ametist, ré gclaoitear meisge. Bu
sean-nós ag fuireann na críche litreacha do chur
san bhfheart ionna mbíodh a ngaol, ré go léigheadaois
san saoghul thall an riocht ionnar fhág sé íad
féin 'na ndíaigh. Do scríobh Pól Apstol chuca,
tréar thréig síad an nós roimh-ráidhte.



Capadosia: do chomhnuigh S. Basil a gcathair
Masaca san chríoch so. Deirthear ó choga na
Troí go haimsir Alastruin Uaibhridh gurab iad
fuireann na cathrach Trepeasus drong dona hAmasónuibh.



Armenia Bheag: do ghlac creideamh ó Pheadar
agus ó Phól, mar as folus a scríbhinn Phóil chum na
Galasianuibh. Chum na chríche si do dhíbir an
bhainriaghan Eudoxia S. John Criosostom; agus is
ansa chríoch atá sléibhte Ararat, ionna bhfuil Árc
Noah (do réir D. Náruidh) gan truailliughadh.
Ag so mar adeir: san bhliadhuin 1670 go raibhe
Seón Druis, Sasanach, ar an tslíabh ag leigheas
manuidh (do bhí ann) aga mhaom sicne, ó bhfhuair
cros bheag déanta do ghrim don landaoir dá raibhe
san Árc, agus cloch bheag ó thaobh na hÁirce; agus
gur mheas sé gurab ó ghleóiteacht na haeir ós
cion na háite bhí an Árc gan truailliugadh; agus


L. 113


measann an dochtúir 1,518,780 troith chompadh
a méad na hÁirceadh.



Phrigia Bheag: ón abhuinn Phrix hainimnighthear
í. Ar bhruach na habhna Scamanter san
chríoch so do bhí cathair na Troí mar as folus
aniu as a láithreach; agus a bhfhogus di sin tóigeadh
Troas oile ré Alastran Uaibhreach, do críochnuidh
ré Lisimacus, prionnsa do mhuintir Alastrainn.
Deir an Laidhneonta go bhfhásan arbhar anois
ar láithreach na Troí: Jam sedes est ubi Troja
fuit.



Phrigia Mhór: ionnar ghearr Alastran Uaibhreach
snaom Ghordon ó nach bhfhuair a scaoile.
Do scríobh Pól Apstol chum Coloisi na críche si.



Misia: ionna raibhe Cathair Pergamus agus an
abhuinn Granicus, mar ar bhuaidhidh Alastran ar
Dharius Rí Persia. So an áit ó ar scríobh Dárius
chum a Gheneráil san Notolia agá rádh ris gabháil
do shloit ar thóin Alastruin agus annsin a chur chuige
féin ré go ttiubhradh pionús dó. San chríoch
atá tor Abidos, ionna raibhe Héro, ós comhair
Sheastos san Trasia, ionna raibhe Leander, do
shnámha an chaol-mhuir atá idir an dá áit tré
dhíoghruis a ghrádha do Héro. Do mharbh iomad
do fhuireann na críche si íad féin ar eagla tuitim
ar lámha Philip na Macedonia.



Eolis: ionnar ruga Sibilla Chumea.
Ionia: ionnar ruga Sibilla Eritrea a gcathair dá


L. 114


raibhe ceannuigheacht agus trácht ag Gaill. San
chríoch bhí iongantas do sheacht iongantais na
cruinne, .i. Teampol Dhiana, 425 troith a fhad,
220 a leithead, tóigtheadh ar 127 colamhnuibh
marmair snaighte. Gí go raibhe iomad fidhche
bliadhuin dá thógbháil, do loisge a n-aon lá ré
Erastrotus é, ré beith dá ainim a gcoimhne
síorruidhe.



Lidia: ionnar buaile airgead ar tús. Deirthear
gurab ó Lud mhac Sem mhic Noah ainimnighear
í. Do bhí Croesus an Saidhbhir 'na rígh san
chríoch so, agus is innte do tionnsgnadh súgarthaoi
ar tús.



Laria: ionna bhfhuil Cnoc Latinus, ionnar frídhe
imtheacht na gealuidh risan anstrolaoidheach
Endimion. San chríoch so atá tomba Mausolus
do tóige risan mbainriaghan Artemesia, ionghantas
oile na cruinne.



Caria: críoch thréadamhuil.
Licia: ionna ttosuighean Sliabh Taurus agus is cuid
di an Chimaera bhrúchtas aibhne teine agus ribhe, agus
dá ngoirthaoi beathuigheach éagcéille dhí ar a
raibhe ceann leómhuin, comm gabhair, agus erboll
naithre nimhe, do chlaoidhe Belerophon do bhrígh
go ttug fuireann dá háitiughadh réar scriosa péiste
nimhe a gleinne, gabhair alltadh a cuim, agus leómhuin
chraosacha a cionn.
Licaonia: a Listra do ruga Tiomoti Naomhtha;
agus do shíl fuireann na críche si Pól Apstol agus Barnabas


L. 115


do adhradh mar dhéeibh gur bhac na hApstuil
díobh é.



Pisidia: sclábhuighibh Turcach gí go raibhe
cródha anallód, agus is innte atá Antioc.
Phampilia: do-níthear éadach do ghuaireach
ghabhar na críche si.
Cilicia, a tTarsus: san chríoch so do rugadh
Pól Apstol, agus atá uisge Cidnus co' marbhthach sin
go ndeirthear gurab ris do marbha Alastran Mór
agus Fredric, Impir na Gearmáinne.
Isaurica: suighte ar gach taobh do Shliabh
Taurus.



Ag sin críochuibh na Natolia.
Siria, a ccríochuibh Phenisia: do réir Gréaguidh
críoch na bpailm. Is san chríoch so atá Serepta
ionna ndearna an fáidh Elias míorbhuile ar chuid
bí na mná boichte Tír agus Sidon, Libanus agus Carmel.
Coelosiria, ionna bhfhuil cathair Damascus agus
Philadelphia. Sí an chríoch so Parthas talmhuidhe
na huile aoibhneas.
Siropheenisia: an chuid do Shlíabh Libanus atá
san chríoch so atá líonta do chrannuibh fo a
bhfhuireann don uile mheas agus ain-iomad péistibh
síoda. An abhuin Orontes (éirgheas a Coelosiria
agus a chaileas í féin san Muir Mheadhónach, do-bheir
uisge don phríomh-chathair, Antiochia) is príomh-abhuinn
don chríoch so.



Diarbec, Palestín .i. an Talamh Bheannuighthe,
ionna bhfhuil Gaillillea, Judea, Idumea, Samaria.


L. 116


Gailillea uachtarach, ionna bhfhuil fairge Genasaret,
Hamat, Rama, agus Capernaum, ionnar raibhe
seirbhíseach an chapitín do leigheasa ré Íosa Críost
ar Slánaightheóir, agus ar biadha ris 3,000 duine ar
chúig aráin agus dá íasg. Ar ttuitim do bhalluidh
cathrach Aphec san chríoch do marbha 27,000 do
arm Bhenhadad. Do háitighibh ré sliocht Neptali,
Aser, agus cuid do shliocht Dhan, san chríoch so.



Galilleadh iachtarach, do áitigh sliocht Sebulon
agus Issacar: agus atá an chathair Cana, ionnar oibrigh
ar Slánaightheóir a chéad-mhíorbhuile, san chríoch
so; agus Beitsaida, ionnar ruga na hapstuil Peadar,
Andreu agus Philip; cathair Nasareat, agus cnoc Tabor
ionnar aith-fhioghruidh ar Slánaightheóir é féin;
Tarisceada, ionnar chaill Vespasian 1,200 dá shluagh
dá gabháil; Gilboa, ionnar marbha Saul agus a mhac
Jonatan; Naim, ionnar haithbheódhuigh mac na
baintreabhuidh; Endor, ionnar cheileabhar Saul
an rígh ris an Upa.



Samaria, ionnar áitigh tribh Ephraim agus Manases.
Is san chríoch so atá Caesareadh, agus Adasa, ionnar
mhadhm Macabeus ar shluagh Nicanor; Silo,
ionnar glaca Arc an Reachta.



Judea, ionnar áitigh sliocht Júda, Simeon,
Benjamen agus cuid do threibh Dhan. San chríoch
so atá Hebron ionnar hadhnuiceadh Sarah bean
Abraham; Emaus .i. Nicopolis, agus Céila ionnar
caomhuin Dávidh é féin ó Shaúl; Betlehem, ionnar
ruga Íosa Críost agus ionnar marbha na leinibh ré


L. 117


hórdughadh Ioród; agas an chathair mhór Hierusalem,
suighte ar shlíabh chairgeamhuil 'na trí
codcha agus cuid Ioruadh: so an chathair ann a
raibhe iongantas na cruinne .i. tempoll mór
Sholamh.



Idumea: is íad sliocht Esau, dearbhráthair
Jacob, do áitigh an chríoch.
Bíonn earrach agus samhradh gan traocha san
Talamh Bheannuighthe.



Arabia Desearta .i. Beriara: tír fhásamhuil ionna
mbáidhtear taistioluibh a sléibhte gaine séidear a
stuirm gaoithe ó áit go háit, agus is annamh áitigheas
an chríoch so acht bithbheannach nó bochtán
deireóil.



Arabia Cairgeamhuil, ionnarab éigin trí nó ceathair
do chéaduibh bheith a n-aon-bhuidhin (ar
mbeith dóibh agus a gcamhuil ag taistioll na críche)
dá gcaomhna fhéin ar fhuireann na críche atá go
huile leigthe chum slad agus robáil. Eire aon-chamhuil
ó mharga go marga idir 600 agus 1000
coróin, óir ní fháguid an láthair gan a n-eire, agus
má bhíon ro-throm is éigin a n-éadromughadh go
beith dá bhfhuirean ceart orra, agus mairid cheathra
lá gan deoch. San chríoch so atá 'n daingean
láidir Petra do sheas go tréan a n-aghaidh Siranuibh,
Rómhánchuibh, agus Iúdaighthibh, agus fhosglas
an tslíghe go Palestín. San chríoch so atá Sliabh
Sinai, ionna ttug Dia an reacht do Mhaoisi, agus
urmhór an fhásaidh ionna raibhe Clan Israel ria


L. 118


ndul go talamh Chanán dóibh. Gí gurab san
chríoch so tuga reacht dona daoíne, níl dlighe ná
reacht innte acht ag éigniúgh gach ní leó dá
bhféaduid. Atá a fir drúisumhuil, gan reacht, gan
riaghail, agas a mnáibh ar an modh gcéadna, an
seal thoilighid agá chéile.



Arabia Faelix: san chríoch atá cathair Media,
ionnar ruga Mahomet agus ionna bhfhuil a thomba,
ar a mbronnann an Gran Signiour gach bliadhuin
folach velvet uaine, agus do-bhir an eagluis an sean-fholach
mar thaise naomhtha uatha 'na ghreama
beaga dá dhíol ré a bpuibuill. Tá 3,000 lampa
ar gnáth-lasa san eagluis, ionna bhfhuil 7 geatuidh
iarinn ris, agus is bás do Chríostuighe teacht chum
na háite si.



Meca: an baile marga is fearr san chríoch si, óir
tigid Arabiánuibh, Persianuibh, agus Indianuibh réna
gceannuigheacht innte. Is annsa chríoch so (ionna
bhfuil na spíosarra is fearr san Asia) atá (más
fíor) an Pheinix.



Caldea: tír thorramhuil, ionna bhfhuil (do réir
Phlini) dá fhóghmhar san mbliadhuin, agus do-bheir
an talamh tora arbhar uatha 300-fillte: gráinnseach
na n-íarthach ar ar bhrunn Dia na huile líonmhuireacht.
San chríoch so atá Moigh Sénar agus
Tor Neamhrodh, a mBéarla, "Tower of Bable,"
ionna raibhe miosgas na huile theangan; do bhí
5,146 cuibhuidh ionna airde, agus marc shlighe agus iostuis


L. 119


fá guairt ré dul chum a airde. San chríoch do
bhí cathair na Babilóine, ionna raibhe 46 míle
ionna timchiolla do mhúir láidir, obair 200,000
duine a n-aon-bhliadhuin (ar a siubhladh sé carbuid
a mbrollach a leithne), agus 50 cubhaidh 'na airde, agus a
tuir ós cionn na mballuidh 30 cubhuidh, agus an tor
mór (ionna raibhe íomháigh Jupiter agus a bhord óir)
ós a gcionn sin uile. Do bhí Cyrus rígh na Persia
(d'éis a gabhála) trí lá a gcuid don mhór-chathair
si sul a gcualuidh an chuid oile dhi é. Agus
roichean an abhuinn Euphrates trí a lár; uime
sin ní hí so an Bhabhilóin úd atá aniu ar an
abhuinn Tigris, acht Bagdad.



Asiria: ó Asur mhac Sem ainimnighthear an
chríoch so. Agus bu sean-ghnás innte na mnáibh
deasa thabhairt chum an mharga, ní mar scláibh
acht chum nuachair, agus na hóig-fhir a ndeas-lámh
do chur a bpoll trí landaoír, ag breith ar bharr
chroibh ar na hóg-mhnáibh, agus dá mbaineadh
comhairc (tré chruas a ghreama, gí beith dá
máthair ag sáthadh beirín ionna cluasa) aiste, bu
leis mar chéile í. San chríoch so atá Geguamela,
ionnar bhris Alastran ar Darius ag marbha 90,000
dá mhuinntir agus 300 dá mhuinntir féin. San chríoch
atá cathair Neinive, do tóige ré Nemrod; agus do
ainimnigh dá mhac nó dá ghníath Nennius í.
Deirthear go raibhe 60 míle 'na timchioll.



Mesopotamia .i. Siria Áitighthe (.i. Cultha) .i.
Padan Arom, trí a sníomhann na haibhne


L. 120


Euprhates, Tigris, agus Caboras. Atá an chríoch so
líonta don uile mhaith shaoghulta. Atá dá ríoghacht
do gach taobh don Slíabh Taurus san chríoch so,
hainimnighthear ós na ríoghuibh déadhonacha do
bhí orra, mar atá Alledeules agus Bahaman, do
claoidhe ré Solimus, Impir na dTurcach, agus ré
Abas, Sophia na Persia.



Turcomania .i. Armenia, drong bhreagh láidir
mhóir-phearsanda. So an chríoch ionna raibhe
Aetas 'na rígh, ó ar ghoid Jason an lomar órdha.
An ón Scítia táinig Turcuidh don Armenia?
Is eadh; tré mhuir chaol na Caspia; agus do
chaomhuin íad féin ann go haimsir Mhahomet.
Soudan mór na Persia a d'fhostuigh íad ré dhul
a n-aghaidh Chaliph na Babilóine, agus ar mbreith
buadha dóibh ní fhuileónach dá n-ais íad; acht
íad-san, fuidh an general tréan-bhuadhach Trangoliphix,
do throideadair agus do bhuadhadair a
n-aghaidh an tSaudáin; agus sin mar thosuigh
ríoghacht Turchuibh san bPersia.



Créad an tidiol do lamhuigheas an Turcach
dó féin?
Rígh na ríogh, Tighearna na ttighearnuidh,
Móir-impir Constantinoble agus Trebesond, Rígh rodh-chumhachtach
na Persia, Siria, Arabia, agus Palestín,
Tighearna na hEuróipe, na hAsia, agus na hAfrica,
Prionnsa Meaca agus Alepo, Riaghaluightheóir Hierusaleim,
agus Tighearna cumhachtach na huile fhairge
agus oiléanuibh. Agus is íad "janisaries" as tor


L. 121


díon' don mór-chumhachta so - drong tobhthar
do Chríostuighthibh cuirthear ionna n-óige do
fhoghluim theangthuibh, dhlighthibh, nós, agus
creideamh na tTurcach. Agus is díobh na Ciausiecht
.i. na teachta chuireas Turcuidh ó ríoghacht
go ríoghacht agus ó phrionnsa go prionnsa; na
Sansiacs .i. governéri cathrach agus daingnibh; agus cinn
feadhna dá ngoirid Bassa. Beglerbeg .i. tighearna
na ttighearnuidh, príomh-riaghaluightheóir na
huile oile, fuidh a bhfhuil "aga" .i. general díobh
féin ar arm 400,000 "janisaries"; agus is ar a ttobhtha
so atá an t-impir. Uime sin ní léig an eagla dó
éagcóir nó leatrom do dhéanamh ar aon díobh.



Ag sin mar d'éirghe don bhuidhin beag romhráidhte
(do chaomhuin íad féin a n-uaigneas
Armenia) do bheith anois ar chumhachtuibh na
cruinne.
Créd is creideamh isna críochuibh si?



Creideamh Mahomet don impir agus dá uachtaráin.
Atá Arians, Eusticians, Nestorians, págánuibh,
Iúdaighthibh agus Catoilcibh 'na measg, agus go háiridh
a gcathair mhór Jerusalem, ionna raibhe anallód
seacht míle go leith 'na compás, 150,000 toigh
innte, agus a bhfhuireann daoine, mar as follus as an
mhéid díobh fuair bás don ghorta agus do crocha
díobh, óir ní raibhe troigh timchioll na cathrach
gan cuid díobh ar crocha ann. Do mharbh
Vespasian féin 1,100,000 díobh. Anois níl tar


L. 122


10,000 duine innte fuidh sclábhuigheacht agus tíránacht
Turcuibh ón bhliadhuin 1577.



Labhair ní éigin ar Mahomet agus ar a chreideamh.
Do-dhéanad; óir, mar 'dubhras shuas, a gcathair
Meidia, nó ann Itráribh, grágán beg 'bhfhogus
don chathair, do ruga é. Ba págánach a athair,
Iúduigheach a mháthair, agus manach Nestorian darbh
ainim Pahira Ergius Atodala a oide foghluim.



Agus do cuma reacht ris ar ocht n-aitheantuibh
dá ngoirid Alcaron. Ar tús, is cóir a chreideamh
gurab aoin-Dia uileachumhachtach é Día, gurab
é Mahomed a phríomh-fháidh, Abraham a charuid,
Maois a theachtaire, agus Íosa anál Dé, agus gur ghabh
Muire 'na bruinn é (ní ó choimpirt an Spioraid
Naoimh acht ó bhola rósa), agus gurab iad a hochras
áit a gheineamhuin. Séanuid don Tríonnóid, agus do-bheirid
pinudhas don tí labhras a n-aghaidh Íosa,
agus nach ndearnadair féin acht a dhlíghe do cheartughadh.
2. Is éigin don uile dhuine pósa chum
a shliocht do mhéadughadh, agus ceathrar ban bheith
pósta ag gach fear agus an líon meirdreach is toil ris.
3. Is éigin do gach aon mír dá mhaoín do thabhairt
do bhochtuibh. 4. Is dleacht urnuighthe seacht
n-amuibh san ló. 5. Is dleacht an charghus mí
éigin san mbliadhuin do dhéanamh. 6. Is dleacht
bheith umhal dá ttuistightheibh. 7. Gan dúnmharbha


L. 123


do dhéanamh. 8. Déanamh do dhuine
oile mar ba mían riot a dhéanamh dhuit féin.



Agus is iad Sarasinibh Arabia Fásamhuil (fuidh
Mhahomet romh-ráidhte, ar ngabháil urlamhas
chathrach Mheca ré tréatúireacht 'n-aghaidh Gréaguibh,
agá raibhe sí ó cheart) do ghéill agus do ghabh
an creideamh so ar tús. Agus tosuighean bliadhuin
an Alcaron ón bhlíadhuin do aois Chríost 617.



Media: ionna raibhe cathair Tabris nó Tauris,
16 mhíle ionna compás, 200,000 toighseach innte,
agus páláis samhradh ríoghuibh na Persia. Do
réir ordughadh Omar tosuighean "aera" Turcuidh
an 16 lá Juli an bhlíadhuin d'aois Chríost 622.



PERSIA.
Cionnas atá an Phersia suighte?
Idir 80 c. 10 m. agus 110 c. 25 m. don fhaide agus
idir 24 c. 35 m. agus 42 ce. 30 mi. don tuath-leithne.
Georgia agus muir Chaspia don taobh thuath, India
don taobh shoir, Arabia don taobh theas agus Turceadh
san Asia don taobh shíar; agus is é a fad timcheal
1,620 míle, agus 900 míle a leithead. Agus is tír
ghaineamhuil fhúar fhásamhuil shléibhteamhuil
an taobh thuath dhi; saidhbhir í a n-arbhar, a
bhfhíon, a ttorthuibh, agus a n-iomad mínach san
taobh theas agus shíar; áitighthe do fhuireann


L. 124


chéillighthe chneasta charrthannach nádúrtha
chomhluadrach, tighearnamhuil gáibhtheach a
mbia, a n-éadach, 'santughadh fogluim agus síothchána,
leigthe ar fhilidheacht agus ar caomhna
uaislidheacht; a mnáibh stáiteamhuil glan geanamhuil
fíor-ghrádhach, dúileamhuil a gcaitheamh
aimsire cneasta.



Cionnas atá sí rannta?
'Na 13 cóigidhibh. Ag so



An í cathair Isphaan ríogh-phort daoineach an
impir?
Is í; agus atá 16 míle ionna timchioll; coidhleadhan


L. 125


agus Paris na Fraingce í, a sráidibh saidhbhir
salach smúiteach, do bhrígh nach bhfhuil páibhéireacht
innte acht mar an gcuid oile don Asia.



Nach raibhe cathair Siras .i. Persepolis, dá
ngoirthear anois Astacar (do tóige ré Perseus mac
Perseus réar scriosa na Elamits do áitigh í)
an ríogh-phort anallód?



Ba hí; agus do loisg Alastrann Uaibhrech í tré
impidh na meirdre Lais, an ní do chuir go mór
ar féin tré bhreaghacht agus áidhle a páláis ríogha;
agus meastar an tan do ghabh sé í go bhfhuair innte
187,000 talent, agus gur chuir dá saidhbhreas agus dá
seóidibh eirigh 10,000 múile agus 50,000 camhuil
roimhe don Macedonia.



An bhliadhuin 1406 do ghabh Cirus mac inghine
Astiages, rígh Media agus oidhre an rígh Cambises,
ríghe na Persia, agus do ríghe a shliocht ar feadh
deich ndíne 'na dhiaigh, gusan bhliadhuin don
domhan 3629, ionnar ghabh Darius Codomanus a
ceannas, do claoidhe ré Alastran Uaibhrech. D'éis
Alastrain do bhí sliocht Artaxerces dá stiúrughadh
ar feadh 28 ndíne gusan bhliadhuin do aois Chríost
634, ionnar claoidhe Hormisda ré Haumar agus a
Sharasenibh, .i. Turcuibh.



Susiana .i. Cuiseastan, don taobh shoir do
Phersia.



Carmania, don taobh shoir do Susiana: isan
chríoch do-níthear na "scimiters" is fearr ag


L. 126


Turcuibh. Uime sin, tráth búaile a gcabhlach
ag Lapanto, ar eagladh Críostuighthibh do shealbha
codh-maith sin do arm, do theilgeadair san muir
íad.



Geadrosa, don taobh shoir do Charmania.
Drangiana .i. Sigestan, don taobh thuath do
Gheadrosa.
Aria .i. Sargulsar, don taobh thuath (do) Drangiana.
Arocosia, .i. Cabul, don taobh shoir do Aria
ionna bhfhuil cathair Alecsandria.
Paraponusia, don taobh thuath do Aracosia.
Saca, ar imioll na Scitia ionna raibhe tús na
Saxonuibh.



Hircania, taoibh shíar (do) Bhría, beagnach don
taobh shoir do Saca, ionna raibhe ain-iomad dona
beathfhuidhe allta, tigers, do réir Virgil, ag cuir
meirle 'na gcompráid: Hircanaeque admorunt
ubera tigres.



Partia, .i. Eras nó Erach, atá Aria don taobh
shoir, Caria don taobh sheas, Media don taobh
shíar, agus Hircania don taobh thuath di. Drong
ón Scitia íad, fuireann ain-mhianach droich-bhéasach
go ríghe Arsases mhic Darius Codomanus
uirre, agus do gairmthí Arsacides dá ríoghuibh amhuil
Saesair do imprídh na Rómha. Do-rinn an rígh
so d'ocht ríoghachtaibh déag a impridheacht, agus do
mhair agá shliocht go Artabanus, do claoidh ré


L. 127


Artacserces, rígh na Persia. Ba cródha fuireann
na críche si ar an mbódha.
Cionnas riaghaluighthear an Persia?



Ré a himpir féin amháin .i. an Saudon mór,
atá 'na oidhre ceart ó shinnser; agus deirid Mahometanuibh
oile gurab eiricibh an t-impir agus urmhór a
mhuinntire. Tá mórán mór Catolicibh gan toirmiosg
san chríoch so, agus an-iomad mainistreacha agus
eagluisibh san gcean-chathair Isphaan féin acu.
Anallód, 's a n-aghaidh soir (ó ttig solus agus teas)
do adhradaois a ndéeibh, mar do-ní Mahometibh
's a n-aghaidh ar Meca, ionnar thosuidh a gcreideamh,
an cine Iúdaigh 's a n-aghaidh ar Jerusalem,
Sabianuibh, a n-aghaidh ar an reult thuath.



TARTARIA .I. SCITIA
Cionnas atá Tartaria suighte?



Idir 90 ce. agus 180 ceím don (fhaide) agus idir 72
c. agus 35 ce. don tuaith-leithne, an Mhuir Thuath,
dá ngoirid an Mhuir Théachta don taobh thuath,
an Mhuir Shoir don taobh shoir, China agus an India
don taobh theas, an Mhuir Caspian agus Muscovia
don taobh shíar; agus is é a fad timchioll 3,990 míle,
a leithead 2,400, agus is tír fhuar fhíarsamhuil shléibhteamhuil
choillteach fhásamhuil lochach, ionna


L. 128


bhfhásan beagán rice agus féar. Agas ag so duit
na lochuibh:



Cionnas atá sí rannta?
'Na cóig cóigidhibh ar gach taobh don slíabh
Imaus .i.



Is é ainim Magog mhac Japhet mhic Noe do
bhí ar an gcríoch si agus do shíollruidh í go haimsir
no ríghe Scitia uirre, ó ar ghabh an chríoch uile
a hainim. Is cuid don chríoch so Sarmatia san
Asia, agus cuid oile sa Euróip. So máthair na hEuróipe
agus na hAsia do réir Bhertar: From hence indeed
Huns, Herules, Franks, Bulgarians, Circassians,


L. 129


Swedei, Burgandians, Turks, Tartarians, Dutch,
Cybers, Normans, Almaines, Ostrogothes, Titurins,
Lombards, Vandols, Vissigothes etc. Is uatha Huns
Frangc, Bulgaribh, Herules, Sualand, Circasuibh,
Borgoin, Dutch, Turca, Tartari, Ostrogot, Almáin,
Normandi, Cibribh, Tituri, Lombarduibh, Vandol,
agus Vissigotuibh.



Gaodhuil Albonn is Éireann uile, 's na Brigantes,
sliocht niamh-Néimheadh, fuireann chródha íad,
óir do claoidhe an Asia riú trí huaire go huile; agus
tré mar do mharbh Cirus mac na Bainriaghan
(Tomiriu) .i. Spargapises, do mhadhm sí go cródha
air, ag marbha 200,000 dá mhuintir; agus ag buain
a chinn de féin, dá theilgean a gcoire fola bruite,
dubhairt: "Satia te sanguine quem sitiisti" agus
a ndiaigh na mná so níor lamhuigh aon ár na
críche.



Do claoidhe Darius agus a 700,000 fear, maraon
reis na hAmasonianuibh agus Hircanianuibh, ré Lantinus,
rígh na Scitia. Do bhí áidhneas mór idir
an chríoch so agus Égipt a ttaobh ársuigheacht, agus do
buadhuigh ré Scitia: Scitarum gens semper antiquissima:
"modh sinsireacht ag treabhuibh Scítia."



Atá do fhíachuidh ar Tartaria 60,000 fear do
chur do chabhrughadh Turchuibh ar chonnartha
dá bhfhuidhe bás gan oídhre mic, an oidhreachta
do thuitim ar Cham Mór na Tartaria, agus an tan
tobhthar Cam nuadh cuireann an Turcach bratach


L. 130


gaor-sheóideach mar chomhartha na connarrtha
soin chuige.



Sarmatia Asiatica .i. Tartaria Deasarta .i.
Muscovitica. Ré cródhacht Sheóin Basiliades san
bhliadhuin 1553 tugadh an chríoch so fo stiúrughadh
Csar na Muscovia.



Tartaria Antiqua: so an chríoch do líon an
chruinneadh dá fuireann, agus ionna bhfhuil fásach
Lop, agus an luibh mórthásgach rhubarb.
Bactria, .i. Corassan, ar a raibhe Soroastes 'na
rígh. Deirthear gurab é ar tús do thionsguin
astrolaoiacht agus do chuir a n-eagair é.



Sagatai, ar a raibhe Tamerlan mhac Ogg mhic
Sachetai 'na rígh. Do phós sé inghean an Cham
Gino, tré a bhfhuair seilbh impireacht na Tartária.
Do bhuadhuigh (réna arm 700,000 fear), a n-aghaidh
Bajaset, impir na hÉigipte, Siria, Persia, agus
Turceadh; do chríochnuigh an Musco maráon, agus
impir mór na China roimhe. Is ón Tamerlan so
da tháinic an Magul Mórdha. Ualach 8,000 camhuil
do thug sé as Damascus, go cathair Sarmacand,
ionnar ruga agus ionar adhnuiceadh é.



Catai: is ionnsa chríoch so atá cathair Cambala,
ionna bhfhuil pálás an Chaim, 28 (míle) ionna
timchiolla - is gan trácht ar an bhfáidh-chathair:
do bhíodh 50,000 fáidhe nó astrolaoch a n-éinfheacht
innte. Do-bheir ceannuighthibh gacha


L. 131


bliadhuin ualach 1,000 cairt do shíoda as China
chum na cathracha so.



Xaindiu pálás an impir, codh-fhaid coidh-leathan,
arna thimchiolla do thrí múiribh an-láidir;
an chéad mhúir 8 míle 'na timchiolla, an
dara múir 6 mhíle, an treas múir 4 mhíle, agus ag
sin an pálás ríogha. Atá iomad abhal-ghort, lubh-ghort,
páirc fhiadha, innmhir éisg, agus coill chnuas-thorrthach
áird-bhilech ghéag-uaine idir na múiribh
roimh-ráidhte, ré croidhe, inntinn, agus súil an duine
do shásughadh.
San bhliadhuin 1212, ré lámh chródha thréan-bhuadhach
an Cham Jocuchan Hacata, do claoidhe
na Polandruibh a n-imlibh mara Euxion, Muscovia,
Taurica, Chersonessus, Hungaria, Bosnia, Serbhia,
Bulgaria, Persia, agus Turcéadh.



Ar mbás an Chaim cuireann móirsheisear dona
prionnsuidh is árrachta agus is cumhachta an t-oidhre
'na sheasamh ar éadach garbh dubh, agá rádh ris:
"Má rígheir go ceart bu hé flaitheas Dé do dhúais;
má rígheir go héagceart ní bhfhúidhir beann dá
laghad don éadach so ré do fholach san úir." Ris
sin, agá chorónughadh, póguid a chosa ag minughadh
dísleacht dó, agus is é a thidttiol Scáile na
Scáilidh agus Mac an Dé do Bhásuigh.



An ris an Cham riaghaluighear an chríoch so?



Is eadh; agus sin ó shinnsireacht, ar a thoil féin.


L. 132


Mahometanuibh agus íodhal-adhruighthibh íad uile,
acht beagán don chine Iúdaighe agus do Chríostuighthibh.



CHINA.
Cionnas atá China suighte?
Idir 145 céim 166 c. don fhaide, idir 19 ce. agus
43 céim don tuath-leidhne; Tartaria don taobh
thuath, Muir China don taobh shoir, an Mhuir
Indiach don taobh theas, agus an India don taobh
shíar; agus is é a fad timchioll 1380 míle agus a leithead
1320; agus atá sí ar na críochuibh is áidhle aeir fuláine
agus is saidhbhre san gcruinne, óir atá gan rodhfhuacht
nó rodh-theas. Talamh coram saidhbhir
ann arbhar, a bhfhíon, agus a ttorthuibh oile, luibh agus
bláth; a hinmhir iomdha, agus a lochuibh fo a
bhfhuireann féin do íasg, agus go háiridhe a príomh-aibhne,
Crocus Ciang. Agus tá a sléibhte líonta
do mhíanach óir agus airgid, agus í dealbha 'na 16
cóigidhibh, ionna bhfuil 32 ríogh agus míle baile
tásgamhuil, agus go háiridhe 748 díobh.



Ag so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort na
gcóigidhibh. San taobh thuath atá: -


L. 133


San taobh theas: -



Agas is í Pecin ceann-chathair na himpireacht,
suighte fo bhun sléibhe a ttalamh chorom, iarna
timchiolla do mhúir bhríci rodh-árd ro-leathan ar
a siubhlach dá fhear dheug marcach a n-aon-bhrollach;
ar gach slighe go pálás an impir (ionna
bhfhuil 6 mhíle 'na chompás; míle go leith fad an
pháláis agus trí ceathramhna a leithead) naoi ngeata,
agus gárda nó faire rodh-láidir ar gach geata
díobh.



An éigin don athair a mhac do theagasg ionna
adhluidhean féin?
Is éigin, agus gan a léigean a seachrán adhluidhean
oile. Agus is sean-fhocal 'na measg: dhá
shúil bheith acu féin, aon-tsúil ag Európ, agus an
chuid oile don chruinne dall. Is imchían roimh
an Euróip fuireadair clódh litreacha agus adhluighean
na ngunuidh amach. Is fíallmhar a ndeigh-sheirc
íad don éagcruadh; acht don dall ní


L. 134


bhfhuil a ttruaighe, do bhríogh go bhfhuil
láidir ar a mbeatha do shuilleadh a mórán do
adhluidheanuibh. Do-níthear fíon do shúgh luibhe
san chríoch so do-bheir súguidh agus sláinte don
duine.



Cunsai: ionna bhfhuil loch biathuighear ré
hiomad aibhne, agus go háirighe an abhuinn Cacamacano,
agus dhá oileán pháláis ádhluinn ionna
bpóstar uaisle na críche; 12,000 droithchid ar an
abhuinn sin fuidh a ttéid long fo a láin seóil.



Do bhí anallód san chríoch so 70 ríogh, 1,593 baile
múir láidir, 4,200 baile gan mhúir, 1,154 coisleán
daingean, 591 cathair ádhluinn, agus uibhir dodháirmhe
grágáin amhuil goma haon-chathair an
chríoch uile. Agus do réir mheasta atá 70,000,000
anam innte agus bu hé cíos an rígh 120,000,000 coróin
gacha bliadhuin; 300,000 coisighthibh agus 200,000
marcach a shluagh 'dul chum catha, agus ní ceaduigheach
dó, acht a gcosaint na críche, cogamh
do dhéanamh.



Deirthear gurab é Vitei an céad rígh agus go
raibhe a gceannas na críche 100 bliadhuin, agus a
shliocht ar feadh 4,000 bliadhuin, agus corra 262
rígh bhí dá shliocht; agus níor héigníomh í go ríghe
Farfar, an 242 ríogh, ionnar claoidhe í ré foirneart
Tartarianuibh fuidh Chisnbaan, general Usan, agus
do bhí fo dhaoirsi na druinge sin 93 bliadhna, agus
ann sin ré cródhacht Ghambu (dá ndeárna an
ríoghacht uile rígh) do sáora í agus is é tittiol an


L. 135


rígh "Lóchrann na cruinne agus mac na gréine
gartha."



Ba págánuidh íad gur thoiligh Día Proinnsias
Naomhtha Xavier agus a shamhuil do chur 'na
measg, ó bhfhuil a n-urmhór 'na gCatolicibh.



An talamh is measa san críoch uile a ttimchiol
Pecin (dara ciall "umhal do Dhia") atá, óir
deirthear, gí nach bhfhása ní, níll easbhuidh ní ar
Phecin.



INDIA.
Cionnas atá India suighte?
Idir 82 c. agus 130 cé. don fhaide agus idir an 8 c.
12 m. agus an 40 céim don tuath-leithne; Tartaria
don taobh thuath, China agus a muir don taobh
shoir, an Mhuir Indiach don taobh theas, Persia
agus an Mhuir Indiach don taobh shíar; agus is féidir
a rádh ria go bhfhuil a hionnmhus mar shaidhbhreas
na hAmerica, a harbhar, a torrthuibh, agus a
moighibh áillne féar-uaine mar an Euróip, a
sléibhte, a teas, a feithidigh, agus a naithre nimhe
mar an Africa, agus go meallan cealga a seóidibh,
péarluidh, geamuidh, diamonduibh, agus clocha oile
buadha agus biseadh, saidhbhreas na cruinne chuice
féin; agus í rannta 'na trí himpridheacht, mar atá:
Magul, ionna bhfhuil 1,660 míle ar fad agus 1,440 ar
leithead, darab ríogh-phort Agria; India, don taobh


L. 136


so don abhuinn Ganges, ionna bhfhuil 800 míle
ar fad agus 440 ar leithead, darab ríogh-phort Galcando;
India, don taobh oile don abhuinn Ganges,
ionna bhfhuil 1,950 míle ar fad agus 980 ar leithead,
darab ríogh-phort Pegu; agus isé a bhfhad so uile
1,690, agus a leithead 1,680.



Cionnas atá impireacht Magul suighte?
Idir 105 agus 143 céim don fhaide agus idir an 19 cé.
50 m. agus an 38 c. 30 m. don leithne thuath; an
Tartaria don taobh thuath, an India don taobh
shoir, an Mhuir Indiach don taobh theas, an
Phersia agus Tartaria don taobh shíar. Is ro-fhuar
sléibhteamhuil bocht an taobh thuath, agus an taobh
theas roidh-theath; saidhbhir a n-arbhar, a ttorrthuibh,
etc., agus í rannta 'na 29 cóigidhibh.



Ag so na 6 cóigidhibh is tásgamhladh díobh:



Is é as ceárd isna críochuibh si drugs, musg,
amber, conach, callico, muslin, saitín, taffiti, carpéid,
miotail, porcelein, spíosruibh, seóduibh, etc.
Agas adeirid go bhfhuil 132 bailtibh tásgamhla
san chríoch so, mar atá:



Cathair fharsaing cheardach shaidbhir dhaoinech


L. 137


dhaingean Surat, ionnar shas Sir Seórsa
Oxendeis san bhliadhuin 1663 go tréan a n-aghaidh
Sevagi, prionnsa Indiach, dá bhúala, tré a bhfhuair
féin cula na honóra ón impir, agus ó bhfhuair Sasana, ó
bheith díobh cródha san eachtra sin, dó go leith
san 100 don chustom.



Agria, an príomh-chathair agus is fearr san gcríoch,
ionna bhfhuil 9 míle 'na fad.
Cathair Labor: deirid anallód go raibhe 60
míle ionna timchioll agus 15 inna leithead.
Cathair Jehan, ocht míle ionna compás.
Dub é cíos rígh na Nairsinga 12 miliún píosa sé
sgilinge gacha bliadhuin. Du bu é líon a airm a
gcoga 31,630 marcach, 60,000 coisighthe agas 558
elephantuibh (an bethadhach is módh réasún
nádúrrtha don uile bheathadhach .i. Omnium
belluarum elephas est sapientissimus). Risan arm
do claoidhe Iodalcan, rígh cumhachtach oile.



Cambaia: .i. Gusughra do ghabh Mahomet agus a
shluagh Sarasenibh forlamhas na críche si ag
ríghe innte, agus a mhac, agus mac a mhic, Badurius
mhac Mamudius. Do chuir Badurius so cogadh
ar rígh Mandaoi, ag aisge cobhair Mhiramudius, an
Scitiánach, ó Sagatai do Mhandaoi. Do claoidhe
Badurius riú, gí go raibhe aige 150,000 marcach,
500,000 coisighthe, 1,000 gunna mór, 500 cobhradh
faoi ór agus airgead, 500 cairt nó vagin fuidh phúdar
agus piléar, agus 200 elephant.


L. 138


San eachtra sin bu deacair ré Miramudius an
chríoch d'fhágbháil, ó chuir a chois innte, tréar
chuir léigir 12 bhliadhuin risan gcathair mhór
Mando, ionna raibhe 3 míle ionna timchiolla, agus do
ghabh í, réar shosuigh a ríoghacht mór Magul.
Agus sin mar d'fhosgail rí Mandaoi bearna do rí
bu tréine ná é féin, agus ar soighiughadh an impireacht
sin, darab féidir aniu 300,000 marcach 'thabhairt
chum catha.



Agus ní bhfhuil rígh is ionnsa réna íocaighthibh
ná é, óir do-níd saoire luathgháire an tan bearrthar
é, agus spréithibh bruit dáor-sheóideacha agus deaghbhaltanas
ion ngach conair ionna ngabha, agus é ar
mórdháil ar a nguaillibh ar gaora do phurpair,
do ór, do chlocha uaisle, agus don uile phéarla as
daoíre.



Cionnas atá India don taobh so don Ganges?
Idir 114 agus 120 céi. don fhaide, agus idir an 8 cé.
40 m. agus an 20 céim don tuath-leithne; Magul
don taobh thuath, caol-mhuir Bhingal don taobh
shoir, an Mhuir Mhór don taobh theas, agus caol-mhuir
Cambaia don taobh shiar. Agus is tír
roidh-theith í ionna ttig fér agus arbhar, torrthuibh
agas spíosarra, ré iomad seóidibh; agus is é a ceannuigheacht
canach, síoda, drugs, piobar, ginger,
cacos, dáts, etc.; agus í rannta 'na cóig ríoghachtuibh:


L. 139


Is é as ceard isna críochuibh si torruibh, síoda,
elephantuibh, meatoil, drugs, arbhar, piobar, ola,
diamond saidhbhir, ór, besoar, rubi, topes, ametis.
Agas deirid 193 áit thásgamhuil ionnta; agus do bhrígh
nach bhfhuil eonuibh trácht a gcorp a gcríochuibh,
is beag labhrad orra, acht gurab a Meiliapour
d'fhulaing Tomás Apstol bás, agus gurab a nGoa
atá taise Xavier Naomhtha, agus go bhfhuil ceannuigheacht
ag Sasana a Madras .i.Fort S. George.
Tá easbog Portue a Maliapar.
Cionnas atá Indía don taobh thall don Ghanges
suighte?



Idir 133 agus 153 don fhaide, agus idir an 2. 34 c. don
tuath-leithne; Tartaria don taobh thuath, Súmaire
Torcuin don taobh shoir, caol-mhuir Mhalaga don
taobh theas, agus Súmaire Bingal don taobh shíar;
agas í rannta 'na ceithre ríoghachtuibh rodh-shaibhir
a n-arbhar, a ttorthubh, a síoda, a
n-elephants, a meitil, a ndrugs, a bpiobar, a
n-ola, a ndiomonnuibh saidhbhir, a n-ór, a mbeasoar,


L. 140


a rubis, a ttapeses, agus a n-ametists, etc. Ní
thig arbhar nó fíon a tToncuin.



Ag (so) ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort na
ríoghachtaibh sin: -



Tá iomad Catoilicibh isna críochuibh si ré
dísleacht Naoimh Phroinnsiais Xavier, agus go háirmhighthe
a ríoghacht Cochingin, ionnar shíol an
creideamh. Agas gí gur chrech-ár agus gur loisg
rígh Siam ríoghacht Pagu agus nár fága inte acht
ceiste na cathrach amháin, agus sin san bhliadhuin
1598, níor stad sin rígh Tanga gan crech-ár oile
do thabhairt uirre, mar a bhfhuair ualach 600
elephant agus 600 gearrán do shaidhbhreas. Do
marbha an rígh, an bhainriaghan, agus a gclann ris,
ag fágbháil na críche. 'Na dhiaigh sin do-rinnigh
rígh Aracon a díoluim, as ar díbire é ré rígh Siam
san bhliadhuin 1600, agus níor fhada a ríghe-san
uirre an tan do claoidhe é ré rígh Barma, agá
raibhe 100,000 fear, 40,000 elephants, réar buadhaidh
sé ar dhá ríoghachtuibh dég; agus do shoigh
a pálás impeardha a bPagu. Agus adeir Gordon
go bhfhuil comhnaidh a 70 áit isna hIndiachuibh
ag Sasana.



Cionnas riaghaluidhear India?


L. 141


Ré iomad mion-ríoghuibh agus na himpridh thuas;
agus is é a gcreideamh págándacht, íodhal-adhracht,
Mahometanacht, agus ain-iomad Críostuighthibh
ré teagasg S. Xaxier.



OILÉANUIBH NA HASIA.
Créd íad oilénuibh na hAsia?
Is deacair sin do innsin óir dearthar go bhfhuil
150,000 díobh. Uime sin is roidh-liosta a
n-áireamh acht na príomh-oiléanuibh amháin.



So íad don taobh shoir don Asia:



Agas is sléibhteamhuil, coilteach, fionnfhuar,
fuláin, iomadamhuil a n-arbhar, a ttorrthuibh, agus
a bhfhéar, etc., a n-ór, saidhbhir a n-airgead, a
bpéarluighe, a n-elephantuibh, agus 'n-adhluighean
an Japan, inna ríghe 66 a n-aoineacht.



Formosa, a fad 51 míle agus a leithead 45.
Prímh-oilénuibh Philippi:


L. 142


Deirthear go bhfhuil 11,000 díobh so agus gurab
ó Philip na Spáinne ghabhuid a n-ainim, ón
bhliadhuin 1564 ionnar ghabh sé urlamhas orra.
Do bheannuigh Día na críochuibh so ré arbhar,
rís, torrthuibh, agus meas spíosarra, óir goirthear
Oiléin na Spíosarrthaibh díobh; agus is mór é a míanach
óir agus airgid, agus is fuláin é a haér.



Taobh shíar:



Do bhí Ciprus líonta don uile mhaith gur ghabh
an Turcach a hurlamhas, agus ní bhfhuil rath uire
ó shoin. Béata nó beannuighthe ghoirtheach
Gréaguidh uirre ó fheabhas a fuinn. Atá Siria
don taobh shoir di, Éigipt don taobh theas,
Pamphilia don taobh shíar, Cilísia .i. Caramania
don táobh thuath; a muir na Cicilia di.



San bhliadhuin 1570 an 9 do Sept. do (ghabh)
Turcachuibh a ceann-chathair, ionnar mharbhadair
18,000 Críostuighthibh agus a bhfhuaireadair
20,000,000,000 coróin airgid .i. ducad.



Tá oilén beag ain-bhriocht a Súmaire na Peirsia


L. 143


(do ghabha ré rígh Portingall) darab ainim Ormus
(san bhliadhuin 1506), agus is é péarla 'mharguidh
é, óir tig Persianuibh, Arabianuibh, agus Indianuibh
réna n-earra innte. So tásg Arabia uirre:



Si terrarum orbis, quaqua patet, annulus esset,
Illius Ormusium gemma, decus, ars foret.
If all ye world should be a ring, the stone
And gemme thereof were Ormus Ile alone.



Bíodh 'n' fháinneadh an bith nach óg,
Ormus bu cloch dá chronnóig.



Taobh theas:



Candea; goireann Indíachuibh Íath an tSolais di so,
óir tig arbhar go hiomadamhuil san gcríoch aer-fhuláin
so ionna bhfhuil go líonmhar ór, airgead, péarluidh,
diomunduibh, agus spíosara.


L. 144


Agas is cuid do oiléanuibh na spíosarrthaibh iad,
saidhbhir a n-arbhar, a ttorrthuibh, agus a meas,
a míonach óir, airgid, diomond, rubí, agus emerold.
Uime sin atáid ar na hoiléanuibh is torrthamhla
isna hIndiacha; roidh-theadh, míodh-fhulláin, lán
naithre nimhe, agus go háiridhe oiléan Juva.



Agas is roidh-theaidh míodh-fhulláin ó ainteas
gréine íad, gann a bhfhéar agus a n-arbhar, saidhbhir
a spíosarra agus isna míonachuibh romh-ráidhte,
do-bheir ar iomad iad féin a chur a gconntabhairt
ag ranntughadh a saidhbhris.



Cionnas riaghaluighear íad so?
Japan fuidh a himpir féin; Fermosa fuidh
China; urmhór na bhPhilippinibh fuidh an Spáinn,
agus an chuid nach bhfhuil atá ag Turca; Cilon fuidh
rígh págánach; agus an chuid oile fuidh phágánuibh
nó Mhahomet.



Agas sin dhuit, a mhic, cuid don eólus fuair
misi ar Asia. Agus ó choimhlíon mé do aisge,
agus gur shiubhlas leith na cruinne riot, is cosmhuil
gurab mithid dhamh a bheith currtha; agus bíodh
a fhios agad nach bhfhuidhe taistiollach san


L. 145


mbith acht currthacht cruaghtan buaidhire agus
annródha ar son a shaothair. Uime sin is mithid
dhamh-sa, atá a n-aois 76 do bhliadhna, mo
shocracht do ghlaca a n-aiceadh mo leapthach, agus
mé féin go huile a thoirbhiort do Dhía, agá mhola
a nduanta diadha, a gcrónán shubháilceach agus a
n-abhráin bheannuighthe mar do dhéanamh na
sean-Ghaodhuil dhílis fhírinneacha dheagh-shurracha
(athuidh Dé) do thug Día do romhuin
roimhe an gcréatúir, a n-anamuibh roimhe a
gcolna, neamh roimhe an talamh agus an tsíorruidheacht
roimhe aimseardhacht. Agas, a mhic,
má leinair lorg na druinge romhráidhte, biadhair
ag sealbha na glóire síorruidhe a gcathair an
tsoimhneas agus an tsolais, chum go ttreóruidh Dia
uileachumhachtach, an t-Athair do-rinnigh an
domhan le "fiat" agus gach a bhfhuil ann, an Mac do
dhoirt A fhuil (tré roi-mhéad A ghrádha) do
shaora an duine, agas an Spiorad Naomh do
lasas an duine risan uile dheigh-eagna, thú
féin agus misi, do athair cían-aosta, Seán bocht ó
Neachtuin. Amen.



AFRICA.
A athair onóruidh, a moch na maidhne, mola
do Íosa Críost.
A mhic mo chléibh, gach maidin is gach tráthnóna


L. 146


mola dhó do ghnáth; agus is maith liom an beannughadh
ládhach sin 'bhíodh ag clann Dé anallód
a bheith 'do bhéul.



Cia ar a ngoirthir clann Dé?
Ar an gcine dhaonda go huile, agus go háiridhe na
deagh-Chríostuighthibh chuireas do ghnáth íad
féin fo choimeirge Dé.
An Críostuighthibh gach a bhfhuil san Euróip?
Cia bhfhuil do choimhne? Nachar innisios
dhuit cheana creideamh na hEuróipe agus na hAsia.
Is fíor sin; gidh eagh, ní bhíad sásta go ttiubhrair
solus beag dhamh ar dháluibh na hAfrica.



Ó, a Thaidhg, do chealguis mé, agus ó nach bhfhuil
ionnam do dhiúltughadh tóigead mo sheólta aonuair
amháin oile riot don chríoch sin ionna bhfhuil
ann-teas gréine agus drúcht neamhdha do réir an
fhile:



Quodque die solis violento excanduit aestu
Humida nox reficit paribusque refrigerat horis.
What by day is sunburnt ye night renews
And just as much doth cool with pearly dews.



Mar gharas Phoebus féar is géug is bláth
Bheir teas an reulta scéimh agus deagh-dhath dáibh.



Agus do bhí an chuid si don chruinne 146
bliadhuin fuidh Vandols na Germáinne, réar


L. 147


héigneamh ó Rómhánchuibh í agus íad 'na ttighearnuibh
uirre gus 428 bliadhuin, ionnar ghabh
Gótuibh na Spáinne í ré foirneart, ar a ttáinig
Rómhánchuibh Dia Domhna ag cathughadh riú agus
na Spáinnibh. Ar eagla saoíre an Tighearna do
bhrisi ní lámhóghach a bhfreagradh, tréar bloghadh
íad féin go huile ré Rómhánchuibh, agá raibhe a
seilbh, gur thoiligh Dia a n-arguin aiste ré Hucba,
general ádhbhar Nasmen, Caliph Sarasenibh.



Agus is é an siughudha atá ar an rann so don
chruinne: idir an 3 c. agus an 83 c. 30 m. don fhaide,
agus idir an 35 c. 30 m. thuath agus 35 ce. 30 m. don
theas-leithne, agus an Mhuir Mheadhónach don taobh
thuath, an Mhuir Indíach agus Asia don taobh shoir,
an Fhairge Mhór don taobh theas agus shíar dhi; agus
is é a fad 4,800 míle agus a leithead 4,200, agus í dealbha
'na hocht míribh .i.



Agas atá an rann so fó stiúrughadh 4 himpridh
(Morocco, Abissina, Monomotapa, agus Monomugi) 43
rioghuibh, an Turcaidh, agus Euróipianuibh.


L. 148


ÉGIPT.
Cionnas atá Éigipt suighte?
Idir an 59 cé. 20 m. agus idir an 67 c. 30 (m.) don
fhaide, agus idir an 21 c. 30 m. agus an 31 c. 50 mi.
don tuath-leithne; an Mhuir Mheadhónach don
taobh thuath, an Asia agus an Mhuir Ruadh don
taobh shoir, Nubia don taobh theas, Barca agus
Barbaria don taobh shíar, agus is é a fad mar atá
shúas, etc. Agus ní bhfhuil san chruinne ar imlibh
Nílus is torramhladh ná í, óir atann an abhuinn
so timchioll mí mheadhóin an tsamhradh 15
troighthibh ar airde amach ar a himlibh, agus ní
fearr lessughadh san domhan nó a huisge. Is
rodh-bhocht tirim gaineamhuil míodh-fhulláin an
chuid oile dhi. Is innte atá na locha Maredtis .i.
Atitacon, Mecris .i. Busiaseadh.



Abair liom na cóig codcha na críoche sa?
Betria, Sahio.
An ngoirthí Oceana, nó Osiria, ón rí Osiris,
don chríoch so?



Do goirthí; óir is ón rígh cumhachtach Remeses
Egiptus tugthar Éigipt anois uirre. Agus deirthear
gurab íad fuireann na críche si fuair adhladhan
na matematic amach ar tús. Tug an chríoch so
bía don Asia, do Africa, a n-aimsir Joseph mhac
Jacob mhic Isaac mhic Ábrám.


L. 149


Terra suis contenta bonis non indiga mercis
Aut Jovis; in solo tanta est fiducia Nilo.
The earth content with its own wealth doth crave
No foreign marts, nor Jove himself; they have
Their hopes in Nilus fruitful wave.



Níl a ndóchas 'ndia ná 'nduine
Acht a Nílus, 'sa mór-thuile
Bheir féar san bhfhonn, luibh, bláth, is meas,
'S gach íarra taoi 'gcríochuibh gcoimhneas.



An ndubhairt tú liom gurab ó mhadhma na
haidhbhne si tá líonmhuireacht torrthuibh na
hÉigipte?



Dubhras; deirthear gurab a bParrthas thosuighean
sí, agus go sníomhann trí cheart-lár na
hÉigipte, agá roinn féin 'na seacht srothuibh, do-ní
tuile 40 lá. Timchioll an 15 lá do Jún, mar atá
shuas, éirghes 15 cubhuidh ar airde, tré a bhfhásann
luibh agus bláth; agus má éirghean 17 cubhuidh cuireann
an talamh ar meisge, go nach ttugann an talamh
a ttoradh go ceart uatha, agus fágan d'éis a tuile
iomad créatúiribh beó 'na díaigh, do réir an fhile
Ovid (Cf. Metamorphoses, 1, 422 sqq.):



Namque ubi deseruit madidos septemfluus agros
Nilus et antiqua sua flumina reddidit alvo
Plurima cultores versis animalia glebis
Inveniunt.


L. 150


From whence ye seven-mouth'd Nile ye fields forsakes
And to his ancient channell himself betakes,
The tillers of ye ground live creatures find
Of sundry shapes ith' mud that's left behind.



Tréigean Nílus na seacht ttuilte
An íath mhisgeach; dá sean-fhuine
Triallann; iomad créatúir do-gheibh
'Na diaigh san láib na saothruidhibh.



Is ann san abhuinn so ghnáthuidheas an crocadil,
créatúir thig as uigh (a méad uigh ceirce frangcuibh),
bheirid ar iomioll na trádha agus bheir teas
na gréine chum críche. Mar fhásan a n-aois
fásann a méad codh-uathmhíalta sin go gcriochnuighean
gach créatúir roimhe. Dá tteangmhach
go n-itheach sé duine, do ghuileach ós cionn a
chinn, do-bheir an sean-fhocal, má ghuilean
aon gan truaidhe, "Is déir crocadil atá ag an
duine úd." Ithean duine agus beathach; agus ar beith
dá bhruiteacht lán, síneann ós comhair na gréine
é féin, ag fosgla a bhéil, chum a ttig éan beag a
méad smóluidh do phica an bhí as a fhíacla, tré
a ttuitean a sámh. Ris sin, roichean créatúir
beag a méd luiche frangcuidh 'steach 'na bhéal,
thollas a chroidhe agus a chlíabh, ré a marbhann é.
Ag sin nach bhfuil aon dá thréine nach gclaoithear
é.


L. 151


Deirthear go bhfhuil 3,000 míle a bhfad na
haidhbhne si. Deirtear 40 cathair san chríoch
so.



Alexandria .i. Scanderia, anallód tobar na
foghluma an tan do bhí Ptolomieu 'na rígh uirre
(anno m. 3681), óir innte bhí na 70 fir fhritil réar
scríobha an Bíobla, agus atá aniu an toigh céadna
ionna raibheadair an tan soin 'na mharthuinn.
Is fíor-mhaith an marga anois féin í. Do chuir
Ptolomeus 700,000 leabhar ar a chostus féin do
mhéadughadh leabhruibh na cathrach so. Deirthear
go raibhe 2,000 cathair san chríoch so, agus
gurab innte bhí cathair Thebes, ar a raibhe 100
geata do réir Homer, agus anois níl a láirtheach
ann.



Goshen, ionad comhnuigh Jacob.
Memphis, ríogh-phort Pharoa, ionna raibhe
Joseph agus ionnar oibrigh Maoise a mhíorbhuile.
Tá Gran Cairo anois ar a láithreach; do goirthí
Babilóin na hÉigipte dhi, ionna raibhe 18,000
sráid, agus geata a n-éadan gacha sráid díobh, ocht
míle a bhfhad gach sráide; agus dá dhearbha sin do
bhí Selimus réna shluagh mór-bhuadhach 3 lá ag
gabháil tréthe. Do-roinneadh fáistiona do Pharoa
Amenophis, do bhí dall, dá bhfhuidhe fúal mná ag
nach raibhe acht aon-fhear, agus é féin do nídhe ann,
go bhfhuidheadh a amharc. Do fhéach brígh
uisge ain-iomad mnáibh agus ní bhfhuair acht aon


L. 152


'na measg ó bhfhuair a leigheas; do phós í, agus do
loisg an chathair ghlé-bharubra, agus na mnáibh romh-ráidhte
innte.



Is rodh-annamh fearuinn san chríoch so. Is
innte atá aon do sheacht iongantais an domhuin,
.i. na Piramides, do tóige lé Cheops, agá raibhe
100,000 fear; 20 bliadhuin dá déanamh; 60
acradh fearuinn bhí fo an obair; déanta do
mharmar; 1,000 troith ionna airde; agus do chosain
an gháirleóg, na hinneamhuin, agus na phréamhacha
d'itheadair an lucht oibre a ttógbháil na hoibre
1,600 talenc airgid.



Don Mhuir Ruadh goirthear Muir Erítreeum, ó
bhfhuair aon dona Sibels a hainim. Do scríobh
Sibel Cumea 10 leabhruibh do tuga chum Torcuinus
Sapearbus agá iarra air a gceannach. Do dhiúlt
na fiacha do íarr an tsean-bhean do thabhairt orra,
réar loisg sí 4 leabhra díobh. Do aisg ar na sé
leabhra an t-airgead céadna; ní thubhrach sin
dí, tréar loisg 3 lebhra oile, agus 'na dhiaigh do iarr
an ceannach céadna ar na 3 leabhra bhí gan losga.
Lán do iongantas, tug Torcuin a hiarra di; ris
sin d'imigh mar ghaoth ós a amharc, ag fágbháil
na ttrí leabhruibh aige, ionna raibhe tairnghaire
teacht Íosa Críost a gcoluinn daondha agus A ríoghacht.



Seacht n-iongantais: 1 na Piramides; 2
Mausolaeum; 3 Tempoll Ephesus; 4 Balluidh
Bhabilóin; 5 Colesus Rhodhes; 6 Íomháigh


L. 153


Jupiter a gcathair Eilis san nGréig, déanta do ór
agus do ioburrtha, 60 cubhuidh ionna airde; 7 Tor
Ptolomei Philodelphus san oiléan Phares, déanta
do mharmhar bán.



Atá iomad cuasaibh lámh-dhéanadh, greanta
do fhighiribh iomdha, láimh ré cathair Gran Caire,
ionnar hadhnuiceadh iomad d'uaislibh na hÉigipte;
agus gnáth-shoillseadh ag feart gach marbh, do mhair
ar lasa ré hiomad aimsiribh, gur tugadh as an
áit chum an aeir íad, agus an sin do múchadh íad.



An Tuirceis, Arabic agus Múric teangthaibh na
háitesi, agus ghnáthuigheas lucht leanamhna Mathomet;
acht do thaobh na sean-fhoirne is beagnach Críostuighthibh
íad, agus gnáthuighid an tsean-theanga
Éigipteach, agus deirthear S. Marc a bheith 'na easbog
a nAlecsandría.



BARBARIA.
Cionnas atá Barbaria suighte?



Idir an 8 agus an 60 c. don fhaide, agus idir an 28 c.
25 m. agus an 35. 30 m. don leithne; an Mhuir
Mheadhnach don taobh thuath, Barca don taobh
shoir, Mount Atlas don taobh theas, agus Feis don
taobh shíar. Agus is tír shléibhteamhuil choillteach
thorramhuil í, a n-arbhar, a bhfhíon, agus a
meas; líonta do aibhne .i. Guadebor, Major,
Nachan agus Omiribili. Is innte atá Slíabh Atlas.


L. 154


Agus ag so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phóirt
na críche:



Agus is drong thaidhbhseach mhór-chnámhach
íad, dílis dá n-aoís ghrádha, agas do-shásuighthe
a bhfhuath, agá bhfhuil na heich is fearr san
chruinne.



Tunis: ann Bono do ruga S. Agustin; agus Hippo,
ar a raibhe 'na easbog.


L. 155


Cartág, do tóige ré Dido an bhliadhuin don
domhan 3078, 135 roimhe an Róimh, suighte ós
comhair na Rómha, mar a chomhshuirigheach, do
réir an fhile:



Urbs antiqua fuit (Tyrii tenuere coloni)
Carthago, Italiam contra Tiberinaque longe
ostia, dives opum studiisque asperrima belli.
There was an antient city call'd as then
Carthage and built by banish'd Tyrianmen
just against old Tiber's mouth and Italy,
great in wealth, skilled in martiall chivalry.



Ós comhghair 'n Iottáille 's Tiber
tóige Cartág cródha saidhbhir
ré Tirianuibh eólgach calma
díbre a ndúthchas athardha.



Do claoidhe ris an Róimh í, tráth síle lé Cicilia,
Sardinia agus Corsica do claoidhe dí féin; gí gur
shas an captín cródha Hanibal 18 mbliadhna,
chum a chlú síorruidhe, a n-aghaidh Rómháncuibh,
do chlaoidh Scipio agus a shlúagh é féin agus í 'na
dhíaigh sin arís, tráth do dhiúlt urruim don
Róimh; níor fága cloch ós cionn cloiche innte, gur
ath-thóigidh Caesar í. Agus a n-aimsir Catoliceacht
do bhí 120 easbuig fuidh a haird-easbogóideacht.


L. 156


As a láithreach, d'éis Vandols agus Sirianuibh a
léirscrios, do tóige cathair Tunis. San chríoch
so atá an daingean Goleta do bhí dá thógbháil ag
Spáinnibh 30 bliadhuin. d'fháguidh Turcaidh '39
lá chodh coram ris an talamh í.



Algiers: do bhí prionnsa cumhachtach san
chríoch so darbh ainim Ariadne, réar scrios na
Spáinibh as Bugea san bhliadhuin 1514, dá ndearna
an mórdhála Soliman Admiral a n-aghaidh Chríostuighthibh,
do bhí 'na mhurrach 'na n-aghaidh
go bhfhuair bás, ag fágbháil a oidhreachta réna
umhachta ag an Turcach.



Númidia: do réir an fhile is annamh iostas ag
fuireann na críche si acht ar caoruigheacht. So
an Numidia ina (bhfuil) Beledulgerit, rinn mé
dearmod.



Nulla domus, plaustris habitant, migrare per arva
Mos, atque errantes circum-vectare penates.
They dwell in waines, not houses, and do stray
thro' fields, and with them leade their gods away.



As é bu háras don druing
cartacha (leór bu farsaing),
ag iomchar a ndée tré lár
il-iomad críoch agus cnocán.



An raibhe 25 geata, 100,000 toigh a gcathair
Morocco?


L. 157


Deirid go raibhe; agus is áit dheas anois féin í,
óir is í as ríogh-phort, agus is coláiste eagna agus foghluma
don Bharbaria uile í.



Fes: ionna raibhe 200 sráid fharsuing, 700
mosque mhór, 42 marga, 686 tobar uisge agus 86
geata; gidh eagh, atá anois ar ndul a ttraocha.
Ailgiers: cathair rodh-shaidhbhir dhaoineach
láidir, agus cúan, 15,000 toigh, 100 mosque, sráidibh
caola áitighthe go huile ré fomharuibh, .i. piráid.



Cartág, .i. Bersach, anallód comhshoirigheach na
Rómha; easbogóideacht S. Ciprian, ionna raibhe
iomad comhairleacha coitchean; anois a luairreadh.
Utica: cathair dhaingean dheas ionna bhfhuil
Cato adhnuice.
Ceuta: áit bheag ro-láidir do shas go meinic
cumhachta iomlán Bharbaria.
Salli, Tunis agus Tripoli: is daingneacha láidre íad
líonta do fhomharuibh. Tá na críocha so uile fo
stiúrughadh an Turca, Impir na Morocco, agus Dei
Tunis, Tripoli agus Algiers; agus is Mahometanibh íad,
'na measg ionna bhfhuil Iúdaighthibh agus Críostuighthibh.



BELDULGERID, SAARA, .I. AN FÁSACH
Cionnas atá Beldulgerid suighte?
Idir an 5 c. agus an 60 c. 30 m. don fhaide, agus idir


L. 158


an 21. 45 m. agus an 32 c. don tuath-leithne; agus is
é a fhad 3,000 míle, agus a leithne 820, agus is fásamhuil
bocht an tír í acht isna gloinibh, iona ttig arbhar
go líonmhar agus dats; rannta 'na seacht gcóigidhibh:



Agus deirid go bhfhuil 84 áitibh tásgamhla san
chríoch, dá ngoridh Numiadia, do réir an taobh
sin thall. Agus is Mahometans nó págánuidh íad
fuidh an Turcach.



SAARA .I. LIBIA
Cionnas atá Saara suighte?



Idir an 4 c. agus 45 c. don fhaide, agus idir an 12
c. agus an 28 c. don tuath-leithne; agus is é a fad 3,000
míle agus a leithead 780. Agus is tír roidh-theith


L. 159


bhocht ghaineamhuil díobhálach í, go háiridhe do
thaistiolluidh; agus í rannta 'na cóig cóigidhibh:



Agas adeirid go bhfhuil 23 áitibh tásgamhla
isna críochuibh so. Agus goirthear Libia don
chríoch so, ionna bhfhuil iomad meirlibh, amhuil
Beldulgerid, agus nísa mheasa. Do shiubhlach duine
ocht lá, gan abhuinn, lochán, crann, nó dosán a
fhaicsin innte; agus ní fhágan an ghrían súgh a
luibh nó a gcrann gan dhiúl chuigthe féin, do
réir an fhile:



Hinc facta est Lybie, raptis honoribus aestu,
Arida.
Hence Libia, all his moystures drawn on high
By ye atractive sun, is made so dry.



Chuice go géur thárnuigheas grían:
Úireacht Libia, an tirm-íath.



Agus atá na críochuibh so fo iomad mion-ríogh,
ícaighthibh don Turcach, mar atá Beldulgerid;
agus is Mahometanuibh an chuid nach bhfuil
'na bpágánuibh.


L. 160


TALAMH NA NEGROS.



Cionnas atá an chríoch so suighte?
Idir an 3 agus 44 c. 20 (m.) don fhaide, agus idir an
8 c. 25 m. agus an 23 c. 3 m. don tuath-leithne:
Saara don taobh thuath; Nubia, Bornea, Biafar,
don taobh shoir; Guinea agus an Mhuir Mhór don
taobh theas; an Mhuir Mhór don taobh shíar; agus
is é a fhad 2,400 míle, agus a leithead 720; agus is críoch
fhulláin fhér-uaine thorramhuil mhesach a ttimchioll
na n-aibhnibh Niger, Nubia, Nílus í, ionna
bhfhuil míonach óir agus airgid, allach agus arbhar, agus
an sliabh Cáp Verd; rannta 'na 13 cóigidhibh:


L. 161


Agus deirid go bhfhuil 66 bailte tásgamhla san
chríoch; agus is beg tathuigh do-nídh Europianuibh
'na measg (acht go Cáp Verd amháin). Fágad
(iad) gan labhairt torra, acht amháin go ndelbhuid
a ndia bán agus go ndéan a nduibh-rígh taibhse agus
mórdháil, tré gan é féin nó a ríoghacht (a bheith)
bán.



NUBIA
Cionas atá Nubia suighte?
Idir 48 c. 20 m. agus an 65 c. 40 m. don (fhaide),
agus idir an 10 c. 5 m. agus an 23 cé. 5 m. don deas-leithne;
agus an Barca agus Égipt don taobh thuath,
Abissins agus Éigipt don taobh shoir, Abisins don
taobh theas, Saara agus Talamh na Negros don taobh
shiar; agus is é a fad 1,020 míle, agus a leithead 600;
agus atá coimhleathan beagnach ar fad; agus is cosmhuil
an chríoch so ré Negro, acht amháin na sléibhte
gaine atá innte.



Agus atá sí rannta 'na sé cóigidhibh, agus ní
bhfhuil agam acht a n-ainim: Gorham, Cusa,
Nubia, Duncala, Ialac agus Bugia. Agus adeir
Gordon go bhfhuil láithrech eagluisibh, pictiúiribh
ar Slánaightheóra, Mhuire Mháthair, agus na
naomhuibh réna fhaicsin san gcríoch so aniu.
Atá ríoghacht Tombut 'na uachtarán ar Negro,
acht begán ar cóstuidh na mara atá ag Holand agus
ag Portingal.


L. 162


GUINEA
Cionnas atá Guinea suighte?
Idir an 9 c. agus an 36 c. don fhaide agus idir an
4 cé. 40 m. agus an 12 cé. 25 min. do tuath-leithne;
Etiopia don taobh thuath, Biafar don taobh
shoir, an Mhuir Mhór don taobh theas agus shíar;
agus is é a fhad 1,800 míle agus a leithead 450; agus is
críoch shaidhbhir thorramhuil mheasach fhéar-uaithne
ain-teth í, marbhach do aoidhthuibh
nach bí ag gnáthughadh a teas; agus í rannta 'na
trí cuid .i.



Agus is iomdha mion-ríoghuibh orra, agus goirid
impir don rí as cumhachta díobh; agus is íodhal-adhruighthibh
a n-urmhór, agus an chuid nach bhfhuil
amhla, is Críostuighthibh iad.



ETHIOPIA .I. ABISSINI.
Cionnas atá Ethiopia astoigh suighte?
Idir an 48 c. agus an 74 c. don fhaide, agus idir 14 c.
theas agus a' 20 c. don tuath-leithne; Égipt don
taobh thuath; Sancuebar, Ajan agus Obecs don
taobh shoir; Monoemomugi don taobh theas;


L. 163


Congo, Biafar don taobh shiar; agus is é a fad 2,100
míle, agus a leithead 1500, beagnach comhlethan
isna huile áit. Agus is tír thorramhuil mheasach
do gach taobh don abhuin Nílus í; agus is bocht
fásamhuil urmhór na codach oile. Agus atá
trí locha móra innte: Saire, ionna bhfhuil 410
míle ionna fhad agus 240 ionna leithead; Loch
Saflan ionna bhfhuil 420 míle ionna fhad agus 210
ionna leithead, a ríogh-phort Gorga; Loch Niger
ionna bhfhuil 220 míle ionna fhad agus 100 ionna
leithead, a ríogh-phort Uanc; agus is san chríoch atá
Slíabh Amara.



Cionnas atá sí rannta?
'Na hocht gcóigidhibh; ag so dhuit



Agas deirid go bhfhuil 50 bailte tásgamhla san
chríoch so, a thimchiollas an abhuinn Gihon thig
a Pharrthas. Agus is ré a rígh féin (agá bhfhuil


L. 164


na cumhachta uile do réir a tholach agus a bhfhágan
an choróin do réir a umhachta) Prester John; agus
is Críostuighthibh íad a n-urmhór, ionna bhfhuil
'na measg iomad Iúdaighthibh, Mahometanuibh
agas págánuibh. Agus fásann gach uile ní san
chríoch so (acht cruinneachta), luibh, beathadhach
agus bláth. Fuathuighid mar an diabhal na gaibhneibh.



Agus atá Ethiopia Propria do ainim uirre; agus
is innte do bhí an ríogh-chathair Saba, ó ttáinig
an bhainriaghan do chluistin eagna Sholamh ó
bhfhuair (fo a bruin) gin mhic, dár ainimnigh sí
Dávidh; agas do goirthí (do thidioll) Dávidhibh
dá ríoghuibh go haimsir an Chailtéanuidh do
baiste ré Philip apstol, do thug Philip do thidioll
dóibh go ríghe an deagh-rígh Seón, dá ngoirthí
naomhtha nó "presiosus," agus do len an tidioll orra
ó shoin a leith mar atá shuas Prester .i. presiosus
John, idem hominum rex diuumque sacerdos .i.
rígh na ndaoinibh agus sagart Dé. Teasbéana é
féin trí huair san mbliadhuin dá íocaighthibh, fo
Cháisg, fo Nodhluic, agus a bhfhéil na Croisi.



Deirthear go bhfhuil leabhar ocht gcuid rén'
fhaicsin aniu san chríoch, scríobha ris na hapstoil
a gcathair Hierusalem; agus do thairg a rígh miliún
óir agus miliún fear do Rígh Portingal, dá gcuireadh
cogadh ar mídh-chreidmheachuibh.


L. 165


ETHIOPIA TAOBH AMUIGH.
Cionnas atá an Ethiopia so suighte?
Idir 34 agus an 80 cé. don fhaide, agus idir an 19 c.
don tuath agus an 35 céim don deas-leithne; agus an
talamh Negro, Nubia, Abissina agus Éigipt don
taobh thuath, an Mhuir Mhór don taobh shoir,
theas agus shíar dí. Agus is é a fad 2,850 míle,
agus a leithead 1,770; agus is fonn aer-fhulláinn
thorrthach ionna ttig mórán arbhar agus féur cuid
di, agus cuid eile roidh-thedh rodh-lom. Agus atá
dá loch mhóra innte .i. Loch Acualunda a gcríoch
Congo, ionna bhfhuil 90 míle 'na fad agus 80 'na
leithead; Loch Lachaf a gcríoch Monomotapa,
ionna bhfhuil 100 míle 'na fad agus 80 ionna leithead.
Agus isna críochuibh so atá Sléibhte an Christil
agus Cnuic an Saltpeter, Sliabh na Gréine ag Cáp
an Dóchais Mhaith.



Cionnas atá sí rannta?
'Na ceathradh ríoghachtuibh, (2) impridheacht,
4 cóstuidh:


L. 166


Agas (atá) 137 áitibh tásgamhla isna críochuibh
so, agus is díobh, mar a síltear, ghoireas an Scribtiúir
"Iath Ophir," ón ain-iomad óir geibhthear
innte; óir atá 3,000 áit ionna bhfhuidhear a
mhíonach innte.



Monomotapa .i. Bonemotacsa. Is éigin do
lucht na críche si 50,000 dá n-elephantuibh do
mharbha, tré a líonmhuireacht. Agus dob é
gárda impir na háite si 200 maisteadh nó gadhair
mhóra, agus do-bhir na curruibh (ar a ttugthar breith
báis, do réir a gcionnta) dóibh ré n-ithe.



Congo (Sango) tug rígh na críche si 1,200,000
fear do chathughadh Paulus Diasius, gineral rígh
Portingal, isna críochuibh so; agus do thoiligh Dia
gur mhadhm Paulus orra réna bheag-shluagh, agá
scrios agus agá marbha. Agus is lucht feóil dhaonda
ithe íad lucht na críche si.


L. 167


Cionnas riaghaluighear an Ethiopia?
'Na ríoghachtuibh fo mhin-ríoghuibh, 'na himpridheacht
fo a n-impridh; Abecs ag an Turcach,
Aijan ag Turca, agus mion-ríoghuibh (ag) Holondruibh agus
Portingaluibh; Cafres gan rígh, gan riaghail. Atá,
ré dúrachta Phortingal, iomad Críostuighthibh a
measg Mahometanuibh agus págánuibh na críche si.



OILÉNUIBH NA HAFRICA.
Ainimnigh na hoiléanuibh is tásgamhladh san
taobh shoir don Afric.



Socotora: a mbéul an Mhuir Ruaidh, agus na
hoiléin oile ós comhair Sanguebar.
Ag so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort oiléanuibh
Madera:


L. 168


Ag so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phort oilénuibh
Cáp Verd:



Is iad na hoiléin so Hesperides na n-aosta, agus anois
is ré Portingal a ríghe; agus is é fáth fá ngoirthear Cap
Verd de ó bheith do ghnáth glas, ón bhfhocal Laidne
viridis.



Ag so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phoirt oiléanuibh
na gCanari .i. Oiléin an Fhurtúin:



Atá easbogóideacht san gcrích si, agus is Catoilicibh íad.


L. 169


Madagascar: fuidh iomad min-ríoghuibh, ionna
bhfhuil mórán míonach agus a lán pirádibh nó
fomhairibh, agus ionna ttig arbhar, féar, meas,
súcra agus fíon. Gí míodh-fhuláin í, mar atá
oilénuibh Cáp Verd, acht son oiléanuibh Canari
fásan na torrthuibh thuas go líonmhar ionnta.



Tenerif: atá crann a lár na críche si, ós a
chionn a ttig neul dubh le linn gacha raé, a
fhearas uisge ré mbeathuighthear an chríoch uile;
óir níl abhuinn ná tobar innte acht a bhfhaghan
ón neul soin. Tig arbhar, feur, meas, súcra, agus
fíon, etc., go ro-líonmhar isna críochuibh soin oile.



Atá Socotora fuidh a rígh féin, S. Mauris fuidh
Holond, Bourbun fuidh Fhrangcuibh, Madera agus
Cáp Verd fuidh Phortingal, Canari fuidh Spáinibh,
agus creideamh gacha oilén díobh do réir an uachtaráin.



Ag so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phoirt
oiléanuibh an taobh thuath. Is iomdha íad, acht ní
labhrad acht ar Malta: agus is é a fad 35, a leithead 30.
Agus is iath bhocht tirim theith í, ionn nach ttig
acht coton nó conach, olan, anisseed, cuminseed
etc. Agus níl esbhuidh ní uirre ó ríoghacht na
Sicilia; agus ó ghabh Turcaidh urlamha Rhodes,
atá sí fo stiúrughadh Mór-mhaighistir Roidrí S.
Seón ó Jerusalem, dá ttug an t-Impir, an 5 Selus,
í; agus goirthear anois Roidrí Malta díobh. Agus
do ba hí Sasana an seisiughadh críoch don órd


L. 170


soin, agus ó thréig sí cuing an Phápa agus an creideamh
Catoilice níl cur acu uirre, do bhríogh nach bhfhuil
díobh acht Catolicibh.



Ag so ainim, fad, leithead, agus ríogh-phoirt oilénuibh
an taobh theas: S. Alaten; S. Helena, 70 míle;
Desgabhál, 30 míle a fad; Anabo, S. Tomás, 60,
60; Pavoasan, Oilén an Phrionnsa, 50, 50 míle.
S. Helena: Agus is líonmhar do thig súcra agus
torthuibh oile isna críochuibh so, agus go mór-mhór
a S. Helena (dá ngoirthear go fádhach "ceiste
na mairnéaluibh"). Fuidh Phortingal atá S. Tomás,
Anabon, agus Oilén an Phrionnsa; fuidh Shasana
atá S. Helena.



Is roidh-dheas an craobhsgaoile sin, a athair
chátuidh ionmhuin, do-rinnis dham, agus is mór na
tiodhlaicibh do bhronn Dia ort.



Is fír sin, a mhic, agus atá mé fuidh Dhó, agus ní
bhfhuil agam ré rádh acht is roidh-iongantach Dia
ionna uile oibreacha; agus Día dílis do bhronn na
tiodhlacuibh orrum-sa go roidh-líonmhar nár
bhronn ar iomad do dhaoinibh oile, molam É
ionna Mháthair Ghlóirmhear, Muire Bheannuighthe
ag rádh, mar adubhras an tan bhádhas ar scoil
'mo shean-bhuachuil, a mola Mhaighistráisi, mar


L. 171


d'órduigh an maighistir dhomh féin agus do mo
chualuadair mar thema. Ag so mar adubhairt:




"A Riaghan Muire, a ghrian na cruinne, a mhían
a bhfhuil ad eólus,
a reult na mara, a phéarla thaithneamhach, a
ghéag 'an abhuil órdha,
a Mháthair Íosa, a Mháthair Chríosta, a Mháthair,
a dhídean gacha peacach,
a Mháthair mhilis chráidhbheach chreidmheach
is fearr dar hoile ar talamh,
a mhaighdin mheanmnach, a mhaighdean
gheanmnach, a mhaighdean airmhidhneach
thóigthe,
a mhaighdean bhéasach, a mhaighdean ghlé-gheal,
a mhaighdean mháordha mhómhar,
a dhoruis neimhe, a chosg gach tinis, a chorp
gan chionnta ón tsinnsear,
a réulna na maidhne, a sgéimh na n-aingel, nach
féidir leth t'fheartuibh d'innsin,
a chúl mar ómbar, a ghnúis mar rósa, a shúil
mar ro-lómhar-líaga,
a chathaoir órdha, a chathaoir sheóideach, a
chathaoir eóldhach na críonnacht,
a óigh ghlic fhír-ghlan mhórdha mhín-gheal
thóigthe chríonna ro-cheannais,
a bhainriaghan Neimhe, go ttárnuighir misi is an
uile chreidmheach go Flaitheas."


L. 172


AMERICA.
A athair dhíoghrois mo chléibh mo chroidhe agus
mo chumuinn, cia a rabhuis anois?



Ar bhruach an Ruirthe, dá ngoirthear anois
Liffe, ag meadhónughadh staid na críche ársuidh
so fuidh Dhanair agus allmhurchuibh, atá agá créachtghuin
ré tuile agus 500 bliadhuin, .i. ó ghabháltas
Gall a leith, agus gan a saothra ag aon acht Dia
amháin, do-ní ríoghuibh do thréaduidhibh, agus leagas
lena sméide prionnsuighe cumhachtacha an tsaoghuil
si, ag déana luaithre dá gcathrachuibh agus cairn
aoilidh dá ttoighthibh.



Guidhim thú, a athair, agus léigemíd sin horuinn
go ham oile, agus lorgairemís an chuid so don chruinne
do fuair Cristóir Columbus amach san bhliadhuin
1492, dá ngoirid anois America.



Is mór an siubhal sin dob áil riot a dhéanamh,
a mhic, agus do bhríogh gurab taistiolluidh gach a
bhfhuil is a mbiaigh, go bruinne an bhrátha, cia
hiongnadh dhamh-sa gan comhnaighthe do dhéanamh,
ná socruidheacht do ghlaca, an seal bhiad
san mbeatha chlisíamuidh so. Uime sin, a mhic,
ar h'impidhe, ní fhágad do réir mo eóluis ríoghacht,
cóigeadh, nó oilén, gan a thamhas, ar a fhad agus a
leithead; agus ar tús risan rann uile.



Óir atá sí suighte idir 240 céim agus 348 céim do
fhaide, agus idir an 63 cé. don tuath agus an 55 don
deas-leithne; an íath ain-eólach don taobh thuath,


L. 173


an Mhuir Mhór don taobh shoir, caol-mhuir
Magellan don taobh theas, agus an Mhuir Theas
don taobh shiar; agus is é a fad 7,000 míle, agus a
leithead 3,360, agus cuid di ionn nach bhfhuil 60
míle ionna leithneacht. Is annsan rann so atá
abhuinn an Phlata, abhuinn Amason, abhuinn
Canada agus an abhuin Orenic, .i. Oronóco, agus na
locha Parim agus an Loch gan tSáile .i. Fairge gan
tSáile.



Agus atá an rann so 'na dá cuid, dheas agus thuath,
agus atá 5 críochuibh san taobh thuath agus ocht
gcríochuibh san taobh theas, gan trácht ar na
hoiléanuibh. Issan taobh thuath: Maxico,
Granda, Florida, Canada, agus Terra Artica. San
táobh theas atá Firma, Peru, Cili, Brasil, Amason,
Paragu, Magellanica, Arctica.



MAXICO.
Cionnas atá an Hispáin Nuadh .i. Macsico
suighte?



Idir an 254 c. agus an 293 cé. don leithne, agus idir
an 7 cé. 20 m. agus an 29 cé. 4 m. don tuath-leithne;
Florida don taobh thuath, Terra Firma agus Súmaire
Maxico don taobh shoir, an mhuir theas agus shíar;
agus is é 'fhad 2,460, agus a leithead 780. Agus is críoch
aer-fhulláin choram gan roidh-theas nó rodh-fhuacht,
saidbhir a n-arbhar agus a meas, míonach
óir agus airgid, aibhne iasg-líonmhar agus locha, .i.


L. 174


Nicaraca agus Mhacsico; agus í rannta 'na trí codcha
móra .i. Guadalaira, Mecsico agus Guatimala. Agus
so síos gach cóigeadh ionn gach rann díobh,
a n-ainim, a bhfhad, a leithead agus a ríogh-phort.



Atá dhá ghné uisge a Loch Mecsico: sailte agus neamhshailte.
Atá an sailteadh gnáth stuirmheach nemh-iasgach,
agus an neamhshailte sítheóilte íasgach; agus tá


L. 175


carraig a lár an locha, sruth uisge teith do ghnáth ag
sníomh as ré leighistear othair; agus atá iomad luibh-ghortaibh
ag snámh for an loch toisteadh ar snámh
cliacha adhmuid ré sásugha fuireann na críche.



Agus deirtear 120 áitibh nó bailte tásgamhla
san críoch so; agus is í an mhór-chathair Mexico
príomh-phort na críche, anallód (amhuil Venis)
tóigthe ar an loch, ionna mbíodh ríoghuibh
Mhexico; agus tré mar do mille ré Ferdinando Cortes
í san bhliadhuin 1521, do hathruidhibh gusan
taobh oile don loch ar mhoigh choram ádhluinn í,
ionna mbíonn Visroi na Spáinne, aird-easbog fuidh
a bhfhuil 11 easbug in ... airgead
dá bhuala, agus na huile príomh-chúirt. Meastar
4,000 Spáinnech agus 30,000 Indiach do bheith innte;
agus atá sí ar na marguidh is módh san gcruinneadh.
Deirthear 60 catrachadh anallód do bheith ar an
loch so, agus anois níl ar marruinn díobh acht sé
bailteadh móra agus 30 gragáin. S. Juan de Ulva
an cúan ionna ttig loingis go Mexico. Agus is é
ceard na críche so olan, conach, súcra, síoda,
cochiníl, clúmh, mil, tombac, gingér, drugs etc.
Agus is Catolicibh íad go huile.



GRANADA .i. NUADH-MEXICO
Ceann-chathair na críche si Santa Fee suighteadh
ar an abhuin Nort. Is gnáth fuinn-chreathadh,


L. 176


tóirneach, agus tinntre san chríoch ghainmhidhe
aer-fhulláin so atá áitighthe ré Spáinnibh
agus a sean-fhunnadúiribh - fuireann nemh-fhíata,
ligtheadh ar fhiadhach agus saorughadh na talmhann
ó ghlac an Spáin seilbh na háiteadh; agus ghlac
iomad díobh baisteadh agus oideachas na Spáinibh,
agus an chuid nár umhlaidh go réidh don Spáin,
riaghaluighthear iad ré taoiseachaibh dá ttoghthadh
féin dá ngoirid Caicíces.



FLORIDA
Cionnas atá Florida suighte?
269 cé. 30 m. agus an 294 cé. 40 mín. don fhaide,
agus idir an 25 c. agus an 40 c. don tuath-leithne;
Canada don taobh thuath, an Mhuir Thuath don
taobh shoir, Mexico agus a súmaire don thaobh theas,
Granada don taobh shíar; agus is é a fad 1,200
míle, agus a leithead 600. Agus is íath ádhluinn í,
sléibhteamhuil san taobh shoir, agus na mara; fearann
leabhair féar-uaine fulláin, saidhbhir a n-arbhar
agus a meas, a gcoilltibh píne, laura, pailme, cedar,
cipre, etc., ionna bhfhuil leómhuin, liobuirt, agus
naithre nimhe móra.



Agus atá an chríoch so rannta 'na 43 cóigibh,
ionna bhfhuil 14 iostasuibh ag Spáinnibh agus 5 ag
Sasanuibh, .i. atá Baile Shérluis, Londuin, Cambalc,
Mellilot; cuid na Spáinne, S. Matha, S. Augustin,


L. 177


Arhalac, Ossachile, Hirittica san taobh shoir,
Colima, Capaha, Cosa, Tascalura, Cuigata, Ecsualitino,
Chagus agus Nacuater. Agus is é as céard
don chríoch do frídhe amach ór, airgead, péarluidh
agus craicnibh; agus is íodhal-adhruighthibh sean-fhuireann
na críche si acht an chuid di ghlac
feis an Spáinn, atá 'na gCatolicibh.



Tá crann san gcríoch so ar a ttig torra, agus is
neimh-marbhthach a shugh, agus sugh an chrainn
mar an gcéadna, agus dá tteilgthidh duile an chrainn
si a n-oisge, an créatúir d'ibheadh don uisge céadna
do réabtha ar ball ré hat as a chéile.



Tá sean-fhuireann na críche si pearsanta deágh-chumtha,
sgaoilte, cródha, agus geal a gcneis, agus
umhluighid dá sinsiribh, is ceannfort air gach fine
díobh; agus íodhol-adhruighthibh íad ag tabhairt
urram agus cádhuis ro-mhór dá gcáirnibh geintlídhe,
dá ngoirid Joanas nó Janis.



CANADA
Cionnas atá Canada suighte?
Idir an 266 agus an 330 don fhaide, agus idir an
40 c. agus an 63 c. don tuaith-leithne; an Mhuir
Thuath don taobh thuath agus shoir, Florida don
taobh theas, Granada agus an Mhuir Thartaria don
taobh shíar; agus is é a fad 2,700 míle, agus a leithead
1500. Agus is iath shléibhtemhuil, bhogach,
chairgeamhuil a n-iomad do áitibh dhi, agus ionn


L. 178


áitibh oile coram chum féir agus arbhar, ionna
bhfhuil aibhne íasgach, agus coilltibh fearbógach, agus
an mhuir gan sáile. Agus atá an chríoch so
rannta 'na 11 cóigidhibh. So a bhfhad, a leithead
agus a ríogh-phoirt. San taobh thuath atá:



Taobh theas atá:



Agas atá 75 suigheacháin táisgeamhla isna
críochuibh so. A Nuadh-Shasana atá Reading


L. 179


agus Salem, agus is í Boston ionadh comhnuidh an
Ghovernéir; cathair dhaoinech, agus marga mór. Ó
Bhaile Muire goirthear Mairiland don chríoch. Is
daingean láidir Baile Shéamuis, agus timchioll 500
toigh. Agus atá na críochuibh so uile san taobh
shíar greamuidh dá chéile (ó Shúmaire Florida san
taobh theas go Súmaire S. Labhrás san taobh
thuath), Carolina ar Virginia, Virginia ar Pinsilvania
agus Mairiland, Mariland agus Pensilvania ar
Yeorc agus Jersei, Jersei agus Yeork ar Shasana, Sasana
agus Albuin ar Súmaire S. Labhrás, agus áitibh oile ar
imill an chuain san taobh thuath go Cala Hudson.



Nuadh Yeork: le Holondruibh, agá raibhe an
chríoch so, goirthí Amsterdam dí, acht san bhliadhuin
1664 tug Colonel Nichols fo chumhachta
Sasana í; agus is aer-fhulláin í.



Albani: trí fithchid míle ó Yeorc; tig fuireann
100 ar gach baruille dá gcuirid. Sopus ionna ttig
arbhar go roidh-iomadamhuil; agus atá áit 'bhfhuisgeacht
10 míle do Nuadh Yeorc (ar a uaithbhialltacht
do shúmaire) dá ngoirthear Craos Ithfrinn.



Cionnus riaghaluighther na críochuibh so?



Fuidh a ngovernibh féin do réir tholach Rígh
Sasana; sliocht Uiliam Pen ar Pinsilvania, agus an
tighearna Baltimór ar Mariland, na Frangcaibh
ar an Nua-Fhraingc, agus an chuid oile fuidh shean-fhuireann


L. 180


na críche, atá arr-iachtarach a bpearsuin,
díreach láidir ain-chleachtach, choingmheas a
gcraicneamh slim sleabhuin bláth, ré comailt ola
éisg, meathacht iolair, agus geir Racoon de. Agus an
tan geinthear aon díobh, cuirear cláirínídh ris an
naoidhin ó mhullach a chinn go trácht a bhonn, agus
congmhid ceanguilte ar an modh sin é go ceann
bliadhna, ionnas go mbíaigh díreach fearamhuil; agus
a bhfhear-aoís ní fhuilingid féasóg orra, mar an
mbastard Spáineach, acht stochuid ruibe ar ruibe
as a ngíal é: Judicat ex mento, non mente, puella
maritum. Agas is íodhol-aodhruighthibh dá
mbunuas íad, gí go bhfhuil ain-iomad díobh 'na
gCatolicibh, ré dísleacht na bhFhrangcach, agá
bhfhuil easbog a gcathair Cuebec san Nuadh-Fhraingc.



TERRA ARCTICA.
Goirid an t-ainim so dosna críochuibh so 'nar
ndiaigh atá a gcircil na air an Pól attuath. Níl
fios a bhfhad ná a leithead agam fós, acht so a
n-ainim:



Greenland, Spitsberg, Nova Semla, Iath Jesso,
Nuadh-Lochlonn, Nuadh-Thuath-Bhreatuin.


L. 181


Atá iomad mathghamhnuibh bána a Nova
Sembla, a leanas a bhfhúadán tré shléibhte cuisne
san muir; óir ní dhealran grían a gcuid don chríoch
so ón 4 lá do November gusan 20 lá do Januari,
do-bheir an rodh-chuisne sin. Atá oilén beg san
muir gcéadna ionna bhfhuil slíabh ar a bhfhuil
crois, agá bhfhágthar máluidh mine agus scríbhin
ar gach mála díobh, nó ar an gcrois, a litreacha
Russia, agus gan aoineach dá gcomhdach nó dá
gcoimhéad; agus do réir mheasta, is mar bhiadh
don easbhoghach ag nach bhfhuil lón nó ceanach
fágthar san áit sin íad, óir is iomdha crúatan,
ocras, agus gorta, gheibh taistiolluidh na mara so ó
bheith 'bhfhad ó bhía agus ó chabhair.



TUATH-OILÉINIBH AMERICA.
Créad íad túath-oiléanuibh is tásgamhladh na
hAmerica?



Ag so íad:


L. 183


Agas is iomdha gnéth nathair nimhe uathmhíalta
isna hoilénuibh si, acht Bermudus, ionn nach
bhfhuil a samhuilt. Agus is íath fhuar ainbhriot
Neufoundland agus oilénuibh na túatha; acht an
chuid oile, atáid torrthamhuil aér-aoibhinn do
nádúir, nó ós na drúcht-fhrasa thuiteas gacha
oidhche a mBarbados agus a Jamaica, ionna bhfhuil
iomad sléibhte agus coiltibh. Gídh eagh, bheir grían
na maidhne ain-teas a Hispaniola atá íarna
timchiolla do shléibhte.



Cuba, a ceannuigheacht: ór, sinamon, ginger.
Jamaica, a ceannuigheachta: indico, conach,
tombac, umha, piobar, toirtais, fhustic, logvod,
etc.
Hispaniola, a trácht: allach, ginger, cochenéil,
etc.
Bermudas, a tráchta: oráistidh, cocheneel,
tombac, cedar, péarluidh, amber-ghréas. Agus


L. 184


mar sin don chuid oile díobh, acht Nuathfonland,
.i. Fonn Nua-fhála, agus oiléinibh oile attuath, ó ttig
iasg, ola éisg, agus sionnuibh etc.



Créd as creideamh dóibh?



Sean-fhundúiribh na gcríoch so is íodhol-adhruighthibh
íad; gach a bhfhuil fuidh Spáinibh
agus Frangcuibh is Catoilicibh íad, agus gach a bhfhéadan
a tharruing chum creideamh ionna ndéanuid a
ndichioll; agus is acu atádh Cuba, Hispaniola, ionna
bhfhuil dhá easbog, agus Porto Riogo; acht ar
son na gcríoch atá fo Shasana is iomdha creideamh
acu, agus ní fhuleónuid dá sclábhuidhibh iompógha
'na gCríostighibh, agus gan trácht ar a ttarruing
chum eólus éigin creideamh do bheith acu.



Ag so oilénuibh oile na gCaribe, Antille agus
Lucaie:


L. 185


Oilén S. Lusia agus Granada, níl a bhfhad nó a
leithead agam, agus is é as prímh-cheard dona
críochuibh so tombac, súcra, conach, ginger,
cinamon, piobar, indigo, balsom, tea agus drugs.
Agus is leis an bhFhraingc S. Lucia, agus Granada;
agus an t-oilén beg air ar labhrus thuas, ionna
raibhe máluidh míne, mesuim gurab í oilén
na Croisi Naomhtha .i. S. Croix í, agus an drong
ionna raibhe an daonndhacht air ar labhrus, gurab
íad Frangcuibh (agá bhfuil an chríoch so) íad.
Ag so oilénuibh Antilles agus Lucaie:


L. 186


Is iomdha oilénuibh oile isna críochuibh so, mar
atá Urcilla, Ruga, Oruba, agus Lucaión, Cignasco,
S. Salvador, Tuma, Samana, Maiaguana, etc.
Agus is Spáinnibh is príomh-thaoighisibh isna
hoilénuibh si, ó a ttig na torrthuibh roimh-ráidhte.



Barmudas, hainmnighear ón Spáinneach Eóin
Barmudas; agus is oiléanaibh rodh-fhulláin gan
naithre nimhe íad, ionna bhfhuil úir thorramhuil
do-bheir dá fhódhmhar san mbliadhuin, go gabhálthas
Gall uirre, agus ós sin a leith an úir réna meas
ag truailliughadh go mór. Má tochaltar tobar
fo uisge na fairge ionnta bu sailte an t-uisge, acht
má bhíann ós a cionn an t-uisge bhus neamhshailte
é.


L. 187


TERRA FIRMA
Cionnas atá an chéad-chuid so don taobh theas
do America, .i. Terra Firma, suighte?



Idir an 293 c. agus an 329 céi. 25 min. don fhaide,
agus idir an 10 c. 40 m. do thuath agus an 2 c. 40 m.
do dheas-leithne; an Mhuir Thuath don taobh
thuath agus shoir, Paru agus na hAmasonuibh don
taobh theas, agus Istmas Dharien is a' Nua-Spáinn
don táobh shíar; agus is é a fad timchioll 2,160 míle,
agus a leithead 700; agus is íath roidh-theith í, saidhbhir
a n-arbhar, a ttorthuibh, a míonach óir, airgid,
agus clocha uaisle; a sléibhte agus a gcoillte lionta do
bheathathaibh agus do fheithitibh allta bruideamhla,
darab cosmhuil a sean-fhuireann, atá 'na meirlibh
barbara. Agus atá dá abhuinn mhóra san gcríoch
so (go roidh-iomadamhuil do chrocadilibh atá
líonta) .i. Orenoco agus S. Marta. Ag so ainim,
fad, leithead, ríogh-phoirt an 11 chuid dá bhfhuil
sí dealbha:


L. 188


Agas deirid seasgad do áitibh tásgamhla do
bheith isna críochuibh si.



Panama: baile beg cuain rodh-láidir san muir
theas, marga mór; "ciste na Spáinne agus a hór-thaisge"
tugthar ar (an) tír, gusan chuan-phort ádhluinn.
Portobelo ré chur don Spáinn. Darien, chum
a ndeachuigh Albunuigh ré fóirneart san bhliadhuin
1698. Agus is é trácht na críche si ór, airgead,
balsum, roisin, gum, long peabar, emerold, saphir,
iasper, etc. Agus atá governeóir faoi Vís-roigh
Mhecsico san chríoch so, agá bhfhuil a stiúrughadh,
acht beagán do lár na críche atá faoi a sean-fhuireann,
atá 'na n-íodhol-adhruighthibh, acht ar
son na Spáinnibh is Catoilicibh íad, agus gach a
bhfhéaduid ompóghadh dona págánuibh; agus ré
ordughadh an Phápa an cóigiúghadh Pól atá aird-easbog
a S. Fe di Bagota, agus ceathrar easbogthuibh
fuídh, .i. Paipaion, Panama, Cartagena, San
Marta.


L. 189


Do-bheir sean-fhuireann choirt-bhuidhe na críche
si íad féin ar fhiadhach mar do-nídh sean-fhuireann
iomlán America, agus a gcionn fine féin is taoighseach
do gach clann díobh, agus bu híodhol-adhruighibh
íad.



PERU
Cionnas atá Peru suighte?
Idir, nó fuidh, an 292 cé. agus an 316 cé. don
fhuide, agus idir an 5 c. 40 m. tuath agus an 26 c. don
deas-leithne; Terra Firma don taobh thuath,
Amason don taobh shoir, Paragui agus Chili don
taobh theas, a' Mhuir Dheas don taobh shíar; agus
is é a fad 1,960 míle, agus timchioll 850 míle a leithead.
Agus is tír shaidhbhir thorramhuil a n-arbhar, a
bhfhéar, a meas, a n-uisge, agus a n-aibhne í; agus a
sléibhte ro-shaidhbhir a mínach óir agus airgid, go
ceart gurab fhéidir ceiste na nIndiach do ghairm
dhi; agus is iath roidh-theidh truailidhe fásamhuil
ionna himlibh (darab gnáth fonn creatha) í, agus í
rannta 'na sé cóigighibh móra. Agus ag so:


L. 190


Agas adeirid 55 bailtibh tásgamhla do bheith
isna críochuibh si, darab ríogh-phort Lima, cathair
ádhluinn, fharsaing, choláisteach, mhainistreach,
eagluiseach, agus iostasaibh niamhdha oile, aird-easbogóideacht,
ionna bhfhuil Vís-roigh ón Spáinn,
cúirt na mbreitheamhuin, inquisition ...
coiláiste; agus cuan ionna nglacar pláta an rígh ré
thabhairt go Panama.



Francisco del Cuito, ionna bhfhuil coláiste.
Trucsillo, cathair fharsaing dheas.
Cusco, anallód ríogh-phort ríghibh Indiaghibh,
ceann-chathair Pheru; agus adeirthear an tan do
ghabh Pisaro í, go bhfhuair an-tsaidhbhreas innte;
cuid dá toightibh astoigh agus amuigh arna bhfhalach
do phláta, giodh atá anois a ttraocha an-mhór.
Agas is ceard na críche si: ór, airgead, péarluidh
saidhbhre, canach, tombac, cochineil, drugs .i.
iacshláinte. Atá chúig easbuig san chríoch fuidh
an aird-easbog thuas, .i. Cusco, Arecuipa, Trucsillo,
agus Guamanga.



Cuito: ionna bhfhuil dha choláiste, agus gach (a)
bhfhéadan na Spáinnibh do theagasg do shean-fhuireann
na críche si is Catoilicibh iad. Agus
bu íodhol-adhruidhibh sean-fhuirean na críche si,
mar as follus ó láithreachuibh a ndurthathaibh:
aon díobh (atá 'nois ag Clann Dhominic) bhá arna
fholach do shlintreach óir ó bhonn go barr; agus
is é dia na gréine do hadhruidh san durthaidh


L. 191


so; agus ós ón ngréin, mar adeirtear, geintear an
t-ór do fhoilidh an áit d'ór; agus dúrthach oile ba
céile don durthach, ré 3 durthaibh oile arna
bhfhalach d'airgead.



CHILI
Cionnas atá Chili suighte?
Idir an 297 agus an 307 (c.) 30 m. don fhaide, agus
idir an 26 agus an 47 c. don deas-leithne; Peru don
taobh thuath, Magellan don taobh theas, Paraguai
agus Magellan don taobh shoir, an Mhuir Dheas don
taobh shiar; agus is é a fad 1,960 míle, agus a leithead
850. Agas gí go bhfhuil fíon Spáinneach go leór
innte, agus gleinibh saidhbhir chum arbhar agus meas,
is iomdha volcano trinntrí ribhe innte, agus gnáth-fhonn-chreatha
ionna sléibhte fúar fiar-sgámhuil
(ionna bhfhuil iomad míonach óir agus airgid), do-bheir
buaireadh, annródhagh, agas boichtine don
drong áitightheas í. Agus atá an chríoch so rannta
'na trí codcha móra .i.



Agas adeirid 30 long-phortuibh tásgamhla do
bheith isna críochuibh so; agus is í cathair S. Iago


L. 192


an ríogh-phort, ionna bhfhuil easbog agus príomhchúirt
bhreitheamhnuis na críche.



Cathair Chili, .i. La Concepsion, easpogóideacht
agus cuan ádhluinn, ionna bhfhuil mar earra ceannuigheachta
ór, airgead, más, arbhar, mil, ostriges,
agus meitil, etc. Agus atá iomad dá sléibhte agá
sean-fhuireann, atá 'na n-íodhal-adhruighthibh, agus
an chuid oile ag Rígh na Spáinne, atá go huile 'na
gCatoilicibh. Atá éan san gcríoch so dá ngoirthear
cuntur nó condor, a méad abhull-mhór,
craosach madramhuil, agus má luighean ar chaora
ná ar ghamhuin leagan d'aon-bhuille iad, agus caitheann
caora d'aon-phruinn, agus ar sgeanadh don
dúil gcéadna do-ní fuadán do dhuine agus do bheathadhach.
Is cródha fuireann na críche se, bán
pearsonta a gcom is a gcruth.



AMASON
Cionnas atá Amoson suighte?
Idir an 300 c. agus an 328 cé. don fhaide, agus idir
an chéad chéim don tuath agus an 16 c. don deas-leithne;
Terra Firma don taobh thuath, Brasil
don taobh shoir, Paraguai don taobh theas, Peru
don táobh shíar; agus is é a fad ... Is é fáth
fá ngoirid Amason don gcríoch so, do bhríogh
iomad mnáibh armálta do theacht a n-aghaidh
na Spáinnibh ag rochtuin na críche dóibh san


L. 193


bhliadhuin 1141. Bheir an chríoch so torrthaibh
iomdha ó chrannaibh agus ó úir, maille ré súccra,
cacoa, agus tombac, arbhar, agus bláth, agus iomad
míonachaibh óir agus airgid.



Ar ngabháil iomioll na críche se dona Spáinibh,
táinig caogat náisiún, nó féin, ó iomoll na habhna
Amason (ionnar áitigheadar do ghnáth) ag cathughadh
riú, a modh go raibhe go leór ré déanamh
ag Spáinibh cur futha san gcrích. Agus is íodhol-adhruidhibh
go huile íad gach aon nachar ghlac
cuim na Spáinne, agus tré dhithchioll eagluis na
Spáinibh atáid do ghnáth ag glaca creideimh agus
baisteadh.



Agus atá caogad náisiún do shean-fhuireann na
críche ag áitiughadh for imill innbhir Amason.
Fuireann fhiadhta idir fhear agus mhnaí, óir is ó
chródhacht na mban goirtear Amasons díobh.
Agus bhus adhbhall-mhór tuitim uisge inbhire
Amason ó idir dhá chnoc uathmhialtadh, tríd a
snámha, ionna gcurachanaibh, sean-fhuireann na
críche.



BRASIL
Cionnas atá Brasil suighte?
Idir an 320 c. agus an 348 c. don fhaide, agus idir an
chéad céim agus an 23 c. 30 m. don deas-leithne;
an Mhuir Shíar don taobh thuath agus dheas, an


L. 194


mhuir chéadhna agus Paraguai don taobh shoir,
Paraguai agus Amason don táobh shíar dhi; agus is
é a fad 1,600 míle agus a leithead 1,500. Agas an
chuid do frídhe amach di atá 'na gráinnseach
arbhar, meas, agus éisg, sáor ó ain-iomad feithitibh
allta agus nimheamhla, nach atá go roidh-líonmhar
san gcuid oile do America. Is breagh aoibhinn
aedhar-fhulláin í, líonta do shúcradh, ombar,
rossin, iachshláinte, tombac, ola éisg, confectiúir,
agus crann-Brasil, etc.



Agus atá sí rannta 'na tighearnasuibh: Para,
Maragnan, Siara, Rio Grand, Paraiba, Tamaraca,
Pernambuco, Seregippe, na hUile-Naoimh, Los
Ilhes, Seguro, Espiritu Santo, Rio Janeiro, agus S.
Vincent. Agas is í Salvador ceann-chathair na
críche darab gnáth-ainim "an cuan daingean rodh-láidir":
aird-easbogóideacht, ionad comhnuighe
an ghobheirnóir, príomh-chúirt breitheamhnuis,
agus cuan fíor-mhaith. Agus do bhríogh gurab é
Rígh Portingal is maighistir san chríoch so, is
Catoilicibh íad uile, agus gach a bhfhéadan do tharruing
chum creideamh dá sean-fhuireann; agus an
chuid nach bhfhuil fo a smacht, is íodhol-adhruighthibh
go huile íad. Atá dhá easbug
innte.



Bhíodh sean-fhuireann na críche si nochtuidhe
gan éadach, agus ag glaca súain dóibh ceangluid


L. 195


líon (déanta nó fidhte do choirt an chroinn haemac)
do dhá chrann, agus sínid iad féin ionnsa líon céadna
agus codluid go sáth. Agus is ón líon agus an ionadh
codhladh so gairmthear "hamocaibh" do leapthachadh
máirnéaluibh san gcabhlach nGalta.



PARAGUAI
Cionnas atá Paraguai suighte?
Idir an 303 agus an 338 céim don fhaide, agus idir
an 15 agus an 37 céim don deis-leithne; Amason
don taobh thuath, an Mhuir Dheas don taobh
shoir, Magellan don taobh dheas, Peru agus Chili
don taobh shíar; is é a fad timchioll 1,000 míle,
agus a leithead 1,000. Agas is iath mhúir-shaidhbhir,
aér-fhulláin, éisg-inbhir, shlíabh ór-mhíona í, ionna
bhfhuil an abhuin mhór-thásgach La Pláta, hainimnighthear
ó il-iomad a míonach airgid.



Agus atá an chríoch so dealbha 'na seacht
gcóigidhibh. Ag so...


L. 196


Agas atá timchioll 30 bailte ainimneamhuil san
chríoch so. La Assumpsion agus S. Michael d'Estro
na ríogh-phuirt, óir is easbogóideacht, príomh-chúirt
dlighe agus ionad camhnuighe an ghoverneóra
Assu. Agus is é as ceard isna críochuibh
so ór, airgead, bras, íarann, súcra, amethist, etc.
Agus atá aird-easbog a bPláta fuidh a bhfhuil
naoi easbuig: Baranca, La Pás, Panama, S. Iago
de Chilo, Imperialis. Agas is Catolicibh iad na
Spáinnibh agus gach a bhfhéaduid réna gcroidhe agus
réna n-anam do tharuing do chum creideamh do
phágánuibh, agá bhfhuil lár na críche go so.



Marbhthar iomad péistibh an-mhór neimhe san
inbhear Rio de la Plata. Is san chríoch so atá
Slíabh an Chroistil, ón nglonngradh tig uaidh ré
dealra agus drille na gréine, fuidh a bhfhuil abhuinn
ag roith tréna lár; agus bí 24 huaire fithchead ó
dhul don abhuinn san slíabh gusa fágáil, mar
dearbhadh ré ní do léigean risan sruth.



MAGELANICA
Cionnas atá Magelan suighte?
Idir an 296 agus 323 céim don fhaide, agus idir an
37 agus 57 céim don deas-leithne; Paraguai don
taobh thuath, an Mhuir Shiar don taobh shoir,
Caol-Mhuir Magelan don taobh dheas agus an Mhuir
Dheas don taobh shíar; agus is é a fad 1,200 mhíle,
agus a leithead 480; agus an chuid do frídhe amach


L. 197


dhi, is truaillidhe an fonn í. Is ó Ferdinand
Magellan, Portoguidheach réar frídhe an chríoch
so ar ttús san bhliadhuin 1519, hainimnidhear an
áit, agus is uaidh mar an gcéadna ainimnidhear
Caol-Mhuir Magellain.



TERRA ARCTICA
Ionna bhfhuil Iath Paphos, Nua-Holond, Nua
Guineadh, Nua Seland, agus Iath Cuir; agus níl acht a
n-ainim agam go fóill. Agus gí nach do chríochuibh
na hAmerica an Terra Australis incognito so, nár
frídhe amach go fóill, agus nach bhfhuil cosmhuileacht
a fagháil, cuiream ré hAmeríca é. Agus fágam
'leith na droinge 'nar ndiaigh craobhscaoile na
críche si do dhéanamh. Is cuid don chríoch
Greénland, Spitsberg, Nova Seambladh, Terra
Jesse, Nuadh-Lochlonn, agus Nuadh-Bhreatain.



OILÉNUIBH
Atá iomad oilénuibh ar gach taobh don chuid
do America, mar atá, oiléain Fernandeis agus na
Tríonnóide; óir atá 5 nó 6 do mhíltibh a ttimchiolla
Fernandes; agus atá iomad coillte agus gabhair
ionnta, shantuigheas maruighthibh, dá mbíadha
réna bhfheólfach.


L. 198


Oilénuibh an taoibh shíar: na Madruidh, na
gCoileóg, na tTreatuiridh, na Cocos, na Tuberon,
an Dóchais Mhaith, na hAdhairce, an Uisge,
Naomh Pheadair, Sanfond ós comhghair Peru,
Nua Guineadh, agus Sholamh.



Agus ag so 18 oilénuibh Solamh: Guadalcon,
Isabela, ionna bhfhuil (do réir mheasta) 450 míle
ionna bhfhad agus 30 ionna leithead, S. Nioclas,
ionna bhfhuil 300 míle ionna compás, agus an chuid
oile dona hoilénuibh sin, atá 200 míle ionna
ttimchiolla codach díobh, agus an t-oilén is lúgh
díobh, atá 50 míle ionna compás. Agus is é
ceannuigheacht na gcríoch so ór, spíosarruibh, agus
aénluidh, etc., agus iad uile fó chumhachta na
Spáinne.



Oilénuibh a taobh theas: Terra del Fugo,
oilén fada farsuing, mar adeir gach aon ...




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services