Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Graiméir Ghaeilge na mBráthar Mionúr
Title
Graiméir Ghaeilge na mBráthar Mionúr
Author(s)
Ó Maolchonaire, Tuileagna,
Compiler/Editor
Mac Aogáin, Parthalán
Composition Date
1659
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1968)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A Madríd damh an tan do criochnaigheadh leam an ghramadach bheagso do sgríobhadh don Athair Patraic Tirial do Naomh-Ord S. Froinsias ionnas go madh sealbh díleas do é go rochdain Erenn agus iaramh. Agus go madh congnamh dhó do mheadughadh gloire Dé agus leasa in phobail, agus ní congnamh soláis damh a thriall don Roimh don churso. September an cuigeadh la fichead, 1659.
Aitchím guidhe spesialta gach leighfios an leabharsa dha bhar seise agus da bur ndearbhrathair, Tuileagna O Maolchonaire.
QUARTA PARS DE ARTE POETICA. AN CEATHRAMHADH RANN THRÁCHDAS AR EALADHAIN AN DHÁNA GAOIDHEALDA. DON DÁN. Asé as dán ann comhrádh múisiocdha iar na eagar do réir na siolla, na bhfocal agus na gceathramhan bhíos ag freagra a chéile a nuimhir agus a bhfoghar. Atáid trí gnéithe dána ag an nGaoidheal .i. dán díreach, mar tá metrum a ngréig agus a laidin, ógláchus mar tá rithmus a ngréig agus a laidin agus brúilingeachd atá inmeadhónach eatorra araon. Atáid seachd neithe na riachdanus ar an bhfilidh chuca so: tomhus siolla, uaim, comhardadh, rinn, airdrinn, uaithne agus amus. Atáid fós neithi iomdha oile na riachdanus air chuca so mur tá, fios ronna agus coimhcheangail na nguthaidheadh, fios claochlúidh, aicmeadh, bráithirse, cadaid, báthaidh, coimhcheangail, cumhachd, ceannais na cconsaineadh agus fios na sínteadh. DONA GUTHADHAIBH. Atáid seachd litre déag a n-aibghitir na nGaoidheal. Atáid chúig litre dhíobh sin na nguthadhuibh, a trí leathan a, o, u: a dhó caol, e, i. An tan ghreamhuidheas dhá ghuthaidhe
dhíbh sin d'aroile a n-éinshiolla, "defhoghrach" goirthear díobh tre dhá fhoghar do bheith aca san tsiolla, mar atáid dipthongi a ngréig agus a laidin. A dhó dhég a líon sin, ao, ae, ai, ea, eu, eo, ia, io, iu, ua, ui, oi. Atáid trefhoghraigh gun Ghaoidheal d'iomarcaidh seach ghréig agus laidin. A cúig a líon aoi, eoi, iai, iui, uai. DONA CONSOINIBH. A dó dhég líon na cconsoineadh sul ghabhuid féin greim dh'ároile nó suil do-niad claochlughadh re h dho ghabháil greama dhíobh: b, c, d, f, g, l, m, n, p, r, s, t. Budh follas as na neithibhsi síos na consoine ghabhas greim d'aroile nó chlaochluigheas re h. D'AICMEADHUIBH NA cCONSOINEADH. Atáid sé haicme chonsaineadh ann. consaine éadtroma - bh, mh, dh, gh, r, l, n; bhoga - p, t, c; chruaidhe - b, d, g; theanna - rr, ll, nn, m, ng - bíd so éttroma a ndiaigh shínidh fhada; gharbha - th, ch, f; aimrid nó aonda - s.
DO BHRÁTHAIRSI NA GCONSAINEADH. Atáid consaine áiridhe aga bhfuil gaol agus bráithirsi reiroile sech na gconsaineadh oile. B, m, p, f, atá braithirse eatorra; g, c, mar sin; d, t, l, n, mar sin. Atáid dá chonsaine gan bráthairse re hénchonsaine - r, s - achd amháin go ndénann s cadad ar dh agas ar th seach na cconsaine oile. Asé as cadad ann, an séimhioghadh dho cheilt. Do-ní gach consaine cadad ar a comhghaol féin. Do-niad na consaine ionanna cadad eatorra an tan nach báithid a chéile. DO BhÁTHADH NÓ DO CHUMASG NA cCONSAINE. Gibé cruth a tteagmhaid dá chonsaine ionanna dhá chéile a n-énfhocal, séimh nó lom, báithtear an dara consaine agus mairidh an consaine oile lom, achd amháin r, l, n, muna rabhuid a ndiaigh shínidh fhada. M roimh b, nó bh re m, énmhuin lom do-níthear díobh. B lom re m, anaidh na riochd féin. "A fhir do-chuaidh don charruig Gabhmaoid digh uaibh is ibhmid". cóir. "obmaid". lochdach.
An tan theagmhus consaine cruaidh agus a bráithirsi dho chonsaine bhuig dhá chéile, consaine bhog do-níthear díbh. Mar sin dóibh iar n-uathadh dho ghabháil ghreama dhíobh; .i. ch bhíos a ndiaigh ghuthaidhe leathuin, achd ch garbh nach téid a cconsaine ar bith, mar tá "boiceann" uathaso, "bog" agus "ceann"; "clacorr" uatha so, "clagh" agus "corr"; "braclan" uatha so "braich" agus "glan". Ní hionann agus "clachcorr", "brachglan" ó "méd na mbrach". Bíodh a fhios agad nach déntar cadad ná báthadh consaine d'oghum ná dho sgríbhneorachd achd a gcomhfhocal amháin. Gidheadh do-níthear do ghaoidheilg agus do chanamhuin. DO CHOIMHCHEANGAL NA GCONSAINE. Asé as coimhcheangal consaine ann, an tan ghabhuid dhá chonsaine greim d'aroile go ndéntar defhoghrach nó consaine dúbalta díobh. Atáid cheithre deafhoghraigh ann mar sin, rr, ll, nn, ng. Adéarad aroile gurab deafhoghrach p go bhfoghur b agus f. Bíd na deafhoghraigh ar dhá mhodh ó nádúir, mar so "gearr", "geall", "crann", "long", agus ó shiocair .i. an tan teagmhaid consaine ghabhas greim d'aroile dá chéile a gcomhfhocal nó a ngreim comhfhocail, a ccomhfhocal canamhna, nó a mbarr. R, l, n, an tan teagmhuid dá n-aithghin oile, teann nó éattrom, rr, ll, nn, do-níthear díobh achd a ndiaigh shínidh fhada. Foghur ll bhíos ag ln ar uairibh, mar tá "méd na colna" agus "na holna". Foghur nn bhíos ag dhá n re cneas a chéile, mar tá "méd na Sionna" agus "ar mbeinne". L nó ll, agus d nó dl, ll do-níthear díobh. N nó nn agus d, nn
do-níthear dhíbh. Ní bhí ng achd ó nádúir muna raibh a n-uirrdhioghadh. Ní chuireann s re n ná re l, nó re r toirmeasg ar choimhcheangal; "mear" agus "sruth", "mearruth" a comhfhocal. F mar sin, óir díchuirthear fh agus sh as a n-áitibh a tús an fhocuil déigheanuigh dhon chomhfhocal don ghreim comhfhocail, don chomhfhocal chanamhna, achd sg, sb, sd, sm, ar nach téid séimhioghadh ná oirrdhioghadh. Séimhioghadh as cóir a tús gach consaine oile dá mbia ar tús an fhocail déigheanuigh dhíobh sin, muna bhaca cadad, báthadh nó coimhcheangal consaine é. DHO CHUMHACHDUIBH NA GCONSAINEADH. Bogaighidh s dh, th, b, d, g, roimpe. Cruadhuighidh s dh, th, na diaigh, agus c an tan as c báthaidh nó cumuisg é, mar tá "fleasgorr" uatha so "fleasg" agus "corr"; do-chuaidh an g san ccoll agus do-rinne sg arís de iar mbeith bog na c chumuisg dhó. Brígh chonsaine éttruim bhíos ag consaine gharbh re cneas s: "An t-éadachsoin ar an eoch Ní hégcosmhuil re heiteach". An tan teagmhus consaine chruaidh agus consaine gharbh re cneas a chéile, brígh chonsaine bhuig bhíos gun gconsaine chruaidh agus brígh chonsaine éttruim gun gconsaine gharbh; "reachd" agus "ceart", cóir do chomhardadh. An tan theagmhus consaine bhog agus consaine gharbh re cneas a chéile, brígh chonsaine éttruim bhíos gun consaine gharbh; "slatcham" agus "altram",
cóir do chomhardadh. An tan teagmhaid consaine teanna agus éttroma re cneas a chéile brígh consaine n-éttrom bhíos ag na consainibh teanna. H umorra gin gurab litir í as iomdha a cumhachda, do-ní consaine éttrom don chonsaine chruaidh; do-ní éatrom do theand, mar tá m; do-ní garbh dhon bhug; díbridh s agus f, achd sg, sb, sd, sm. DO CHEANNAS NA gCONSAINE AR A CHÉILE. S cédus rí na cconsaine; consaine bhoga iar sin; consaine chruaidhe iar sin; consaine gharbha iar sin; consaine éttroma agus teanna iar sin. DONA SÍNTIBH. Do thráchdamar ní éigin gonuige so go haithghearr ar na litribh, mar atáid guthaidhe agus consaine. Tiocfam anois ar na síntibh bheanas ris na siollaibh, ór atá roifheidhm ag an fhilidh ar a bhfhios do bheith aige. Asé as síneadh ann treimhsi fhada nó ghearr do chaitheamh ris an siolla aga rádh. Atáid trí sínte san tshiolla ghaoidhealtha, síneadh fada, síneadh gearr, síneadh meadhónach. Síneadh fada, ní fhuil ann achd an siolla do rádh go mall righin mar tá "lá", agus dá rabh fáth comharthaidhe air, mar so comharthaighthear é síneadh fada. Síneadh gearr, síneadh sin re gcantar an siolla go prap, aithghearr, mar atá so "fear".
Síneadh meadhónach, síneadh sin le ccantar an siolla gan roluas, gan romhoille. Ní gnáthuighthear an dá shíneadh dhéighionach sin do chomharthughadh. Bíd na trefhoghraigh uile fada dho shíor, aoi, uai, iai, iui, eoi. Atáid deafhoghraigh áirridhe ann bhíos fada do shíor mar táid so, ao, ua, eu, ia. Mar sin ae, achd ar chuid insgne thú ar an aimsir do láthair a bpearsain, "gonae" nó a leithéid; gearr bhíos annsin. Fada as gnáthuighe eo aoinshiolla achd "deoch", "do neoch", "dhon eoch". Ea, gearr nó meadhónach bhíos do shíor, achd ar chuid innsgne thú a bpearsain; fada bhíos annsin, mar tá "dhá mbuailtea" etcra. Guthaidhe re nguthaidhe, gearr bhíos murab trefhoghrach nó deafhoghrach bhíos fada do shíor é. "An la úd" agus "an ga úd", cóir do chomhardadh. An mhéd nach dubhramar dona deafhoghrachaibh agus na guthaidhe aonda fós, as éidir leo bheith fada nó gearr nó meadhónach mar theigéamhas dóibh. Consaine theanna deiridh fhocuil, síneadh meadhónach bhíos rompa, mar tá "corr", "trom" etcra. Éttrom bhíd idir dhá ghuthaidhe, mar tá "coinne", "méd na luinge" etcra. Consaine theann re huchd an uile chonsaine oile, síneadh meadhónach bhíos roimhe, mar so "sbongc", "allt" etcra. Consaine éatrom re gconsaine mbog, no consaine bhog re gconsaine n-éatrom, síneadh gearr bhíos rompa munab siolla fada ó nádúir bhias ann: "arc", "do sgoilt", "macraidh" etcra. Consaine cruaidh iar cconsaine éatrom, síneadh meadhónach bhíos roimhe: "lorg", "Tadhg", achd "bárda", "dona bráighdibh",
agus begán oile atá fada. Consaine cruaidh re huchd chonsaine éatruim, síneadh gearr bhíos roimhe muna rabha fada ó nádúir, "agra", "togra". S re huchd na huile chonsaine, síneadh gearr bhíos roimpe muna rabh fada ó nádúir, "do loisg", "ceisd". As éidir síneadh gearr do chur a síneadh mheadhónach dá rabh consaine éatrom re huchd chonsaine ghairbh nó s ann: "dona manchaibh", dona hinsibh etcra. Consaine ghabh re gconsaine n-éatrom síneadh gearr bhíos roimhe munab siolla fada ó nádúir bhias ann: "eithre", "dhona hothraibh" etcra. Ní bhí síneadh meadhónach re huchd chonsaine aonda achd m lom amháin. Múinfidh gnáthughadh dhuit an mhéd nach éidir dho chur a gcumuireachd dona síntibh annso. Do fhoillsigheamar gonuige so na litre agus na sínte bheanus ris na siollaibh. Tiocfamaoid anois ar na neithibh oirdhearca oile atá na riachdanus ar an bhfilidh, agus nach éidir dó a bhfios do bheith aige gan a bhfios so dh'fhagháil ar tús .i. DO THOMHUS NA SIOLLA. As de goirthear tomhus siolla annso, méd áiridhe dho siollaibh dho réir na haisde theigéamhus ort, do chruinnioghadh a cceann a chéile agus ceathramha do dhénumh díbh, mar foillseóchthar na dhiaigh so isna haisdeadhuibh.
DO BHÁTHADH NA NGUTHAIDHE. Comharthaigh annso an báthadh guthaidhe d'eagla nach biadh tomhus na siolla mar budh cóir san cheathramhuin. Asé as báthadh guthaidhe annso, an tan teagmhus guthaidhe deiridh fhocuil nó iairmbéarla re guthaidhe ttosaigh iairmbéarla go mbáthuid a chéile, ionnas nach bí achd brígh aoinshiolla san tomhus ag an dá shiolla bhíos aca. Ní déntar báthadh guthaidhe idir iairmbéarla agus tús focuil. Ní déntar báthadh guthaidhe itir dhá shiolla fhada. Ní mar sin dona siollaibh gearra. Siolla fada agus siolla gearr, a mbáthadh as córa. "A Í Bhriain", ní dhéanann sin ná a leithéid oile báthadh guthaidhe. DON UAIM. Asé as uaim ann dhá fhocul dhéigheancha na ceathramhan do bheith ar éinfhiodh, más í ceathramha dhéighionach an roinn bhias ann. Munab í, as éidir an dá fhocul bhus goire dhon fhocul dhéigheanach do bheith ar éinlitir, agas "uaim ghnúisi" goirthear don uaim sin. Gidheadh ná bíodh gnúis gharbh .i. drochfhoghur ag an cheathramhain. Gabhthar an uile ghuthaidhe ar son a chéile san uaim. Dá ndeachadh h ar tús bhfocul ar a mbiaidh f, ris an litir bhias na diaigh as cóir uaim dho chur, "a fhréamh rígh Eoghaidh", "a fhlaith líne". Ní bhí s mar sin. Ní cóir
s re huchd nguthaidhe gan s oile na aghaidh. Sg, sb, sd, sm, ní cóir iad d'uaim re chéile ná s oile dh'uaim riu. Sr, sl, sn, cóir iad féin d'uaim re chéile agas s oile d'uaim riu. Ní cóir a n-uathadh re chéile, ná uathadh re s oile riu. Cóir a ttulshunnradh re chéile agus tulshunnradh s riu: "Má tá san tshíoth an tshleagh ghorm Nó an corn a mbíoth seadh ag Sanbh". Ní cóir ph gan ph oile na aghaidh. Dá tteagmhadh uirrdhioghadh ar fhocul ris an bhfhiodh ndúthchasa .i. an litir shealbhtha, as cóir uaim dho chur: "bean ar mbuachuill", "feidhm ar bhfir", cóir dh'uaim. Ní congnamh ná toirmeasg uama iairmbéarla. Dá dtigidh "do" pearsan nó tuilréama nó sealbhuighthe, nó "mo" sealbhuighthi ar tús bhfocul iar mbáthadh nguthaidhe ris an bhfocul bhias na ndiaigh as cóir uaim dho chur: "dh'fhulang anró", "dh'fhior énuaire", "m'fhear ionmhuine", cóir d'uaim. A leithéide oile mur sin. DON ChOMHARDADH. Bíd na trí neithesi síos, comhardadh, rinn, uaithne, ar dhá mhodh, díreach nó bristi. Asé as comhardadh díreach ann, focuil do fhreagra a chéile do réir ghuthaidheadh, chonsaine agus shínteadh. Ní cóir guthaidhe gan a aithghin féin na aghaidh a ccomhardadh. Ní tabharthar freagra ar chonsaine thosuigh an fhocuil a ccomhardadh. Ní cóir gan consaine dhá aicme féin
do bheith a n-aghaidh gach consaine oile dhá mbia san fhocul, achd amháin nach fuil feidhm ar nísa mó iná dhá chonsaine ar gach ttaoibh a n-aoinionadh. Dá rabhad nísa lia bíd cuid díobh ar nach ttugthar freagra, agus consaine bhairr goirthear dhíbh sin: "drúichdsgreamh agus a mhúidsean", cóir do chomhardadh; atáid trí chonsaine bhairr annsin, ch, g, r. Ní cóir s ná consaine bhog dho bharr. Gach consaine as lúgha ceannas iná chéile asé as cóir do bharr. Cuimhnidh annso cumhachda cadaid agus báthaidh na cconsaine d'eagla nach é a brígh féin do-bhéarthá dá gach consaine san chomhardadh. Ní do réir oghaim na sgríbhneoireachda as cóir comhardhadh dho chur achd do réir ghaoidheilge agus chanamhna. "Caiththear" agus "faiceadh", cóir do chomhardadh. Gé atáid dhá chonsaine gharbha na lár so "caiththear", foghar énchonsaine bhuig atá aca. Ní fuláir sínte ionanna do bheith sa chomhardadh. Ní fuláir fós comhthrom siolla agus a mbeith ar chomhair a chéile do bheith ann. As éidir na consaine bhíos ar aonbhall do bheith tar a chéile; "macraidh" agus "saltair", cóir do chomhardadh. Ní cuirthear comhardadh re hiarmbérla. Ní cóir focul do chomhardadh ris féin muna rabh claochlúdh céille san dara hionadh aige, nó muna rabh breacadh ann. Asé as breacadh ann, an tan tairrngeas an focul as mó feidhm san leathrann, nó an úrlann, nó focul éigin dá mbia san tsheoladh, na focla oile as ionann agus é féin bhíos san leathrann, chuige, ionnas nach tabharthar brígh is na comhardaibh dhóibh, mar atáid so: "Así an chathaoir an chathaoir, An chathaoir gan chomhthathaoir".
Do-chuadar an dá chathaoir oile san chathaoir atá na rinn. "Gráin ar na Luanuibh ón Luan, Cáir uamhain resan énLuan". "Ní mar do-ním dho-ní an bheach, Do-ní teach suil do-chí an cioth". "Go mbí re huchd gach aoinfhir, Saoilidh a mbí a ngurt ghábhaidh". "Coill na leithinsi as coill chrom, Do chleithfhillsi go comhthrom". "Ní tú an bheochnú nach beo gníomh, Cnú bheo d'fheolchrú na n-airdríogh". "An port nar iomdha ní ané, As diongna é anochd gan ní". "Mac Con fa calma croidhe, Tarla lá ar Mhagh Mucruimhe, Smachd na flatha ó mhuir go muir, Lá catha ar Art do fhóguir". "Giall ó mhac Bé Bhionn do Bhrian, Giall dá chionn dod mhac, a Mhór". Cóir dá fhocul re hénfhocul ar uairibh .i. an tan bhíos caitheamh énfhocuil ortha, mar tá "druim ar dhruim", "saoi-daoi", "sochar-dochar" etr. Ní fuláir an chaoiche do sheachna, mar tá "deighbhean" agus "deighsleagh" et cra.
DONA REANNAIBH AGUS DONA HAIRDREANNAIBH DÍRGHE. Asé as rinn ann, an cédshiolla d'fhocal dá shiolla nó trí siolla dho léigean tort agus comhardadh do chur ris an gcuid oile dhe. Rinn bearar ar an bhfhocul sin as giorra, agus airdrinn ar an bhfocul oile, mar tá "glan" agus "bualadh" nó "marbhadh", "soighidh" agus "ionnsoighidh" nó "fiafroighidh". Ní théid airdrinn tar thrí siolladhaibh. DON UAITHNE DHÍREACH. Asé as uaithne díreach ann .i. focuil do fhreagra a chéile do rér chonsaine agus shínteadh. As éigin na consaine agus na sínte dho choimhéad annso, mar do-níthear san chomhardadh. Ní déntar do choimhéad ar na guthaidhibh ann achd guthaidhe déigheancha na bhfocul do bheith caol araon nó leathan araon. Atáid cheithre gnéithi uaithne ann .i. uaithne énshiolla, mar tá "fuar" agus "caol"; dhá shiolla, mar tá "bronnadh" agus "ceangal"; trí siolla, mar tá "fuaruisge" agus "tánaisde"; cheithre siolla, mar tá "doinningneacha" agus "dubhmhailgheacha" etcra.
DON CHOMHARDADH BHRISTE. Asé as comhardadh briste ann focuil do fhreagra a chéile do réir shínteadh agus ghuthaidheadh. Ionann coimhéad as cóir do thabhairt ar na síntibh agus ar na guthaidhibh annso agus san chomhardadh dhíreach. Gidheadh as cuma créd iad na consaine bhias ann, na reanna agus na hairdreanna briste mar sin. An t-uaithne briste umorra ní fhuil ann achd na sínte amháin ionanna agus guthaidhe déigheanacha na bhfocul do bheith caol araon nó leathan araon: "Tug foghar bheach mbinn Éirne. Codladh ar fhear n-easláinte. DON AMUS. Ní fhuil san amus achd foghar ionann do bheith ag na guthaidhibh. As beag nach ionann é agus an comhardadh briste achd nach iarrann an t-amus comhthrom siolla ar uairibh: "Más daondachd dealbhthar san dán, Más dealbh nó laochdhachd nó lúth, Do nós gach mheic roimhir ríogh, Reic a ghníomh ní doiligh dhún". Cuirid fós daoine áiridhe ea agus a a n-aghaidh a chéile a n-amus go hannamh. Ní mholaim iad sin do leanmhuin. Cuirthear oi shínidh ghirr agus ai a n-aghaidh a chéile ar uairibh mar tá "troigh" agus "flaith". Asé do-bheir sin, foghar ai bhíos ag oi annsin. "Aoi trasgairthi" do-bheirid na seinfhilidh air sin. Gidheadh dob éidir "ai trasgairthi" dho thabhuirt uirre. Foghnuid fós na comhardaidh féin ar son an amuis.
DO GhNÉITHIBH AN DÁNA BUDHEASDA. Do Chéidneithibh, Don Dán Díreach. Ó do fhoillsigheamar go so na neithe fhoghnas don fhilidh d'fhagháil eolais ar gach ngné do dhán fa seach, as foillsighthe anos na gnéithese féin ar an dán díreach. DON DAN DÍREACH. Asé as dán díreach ann dán do-níthear le comhardadhuibh dírghe maille re reannaibh agus re hairdreannaibh nó le huaithneadhuibh dírghe. Atáid chúig aisdeadha oirdhearca san dán ndíreach .i. deibhidhe, sédnaídh, rannuidheachd mhór, casbhairn agus rannuidheachd bheag. DON DEIBHIDHE. As amhloidh bhíos an deibhidhe, bíd seachd silla is gach ceathramhuin di. Bí an focul déigheanach don chédcheathramhuin na rinn agus an focul déigheanach don dara ceathramhuin na airdrinn ris. Bí comhardadh ris gach bhfocal oile dhá mbia san chédcheathramhuin ag tabhairt freagra air san cheathramhuin déighionaigh. As éidir aonfhocul amháin do bheith ar tús na cédcheathramhan ris nach ccuirfidhear comhardadh san dara ceathramhuin agus "urlann" as ainm dhon fhocul sin. Mar sin do-níthear an leathrann
déigheanach. As amhluidh dho-níthear an cédleathrann dá ngoirthear "seoladh", bí rinn agus ardrinn agus uaim agus seachd siolla is gach ceathramhuin de agus ní hiarrthar chuige achd sin: "As ionann beantar Dia dhe, An rí agus an té as táire, Gá mó an cion, an chreach as mó, Dá ndeach ó fhior a éanbhó". DON TSÉDNAÍDH. As amhluidh bhíos an tsédnaídh, bíd ochd siolla san chédcheathramhuin don tsheola agus don leathrann innte, agus seachd siolla san dara ceathramhuin. Bí focul dá shiolla a ndeireadh na cédcheathramhan don tseola agus don leathrann déigheanach. Bí comhardadh risan bhfocal ccédna re huchd an fhocuil déighionuigh don dara ceathramhuin. Bí focul aoinshiolla na dhiaigh sin. Bíd na focuil oile ag freagra a chéile a ccomhardadh achd an urlainn amháin óir as éidir urlann do bheith san uile aisde. Ní hé amháin achd as éidir dá urlainn do bheith a n-aoinleathrann maille re riachdanus. Bí uaim ón ccéid cheathramhuin go a chéile san tsheola. Bí focul aointshiolla ar a dheireadh bhus cóir do chomhardadh risin bhfocul bhias ar dheireadh an leathroinn déigheanuigh. Ní hiarrthar chuige achd sin agus tomhus siolla, mar adubhramair roimhe. Uaim ghnúisi as fearr san tsheola. "Tángadar teachda na nGaoidheal, Glantar foirne fiochthar mhil; Dáil choinnmhe chugaibh go Cruachuin, Tugaidh coinnle is luachuir libh".
DON RANNUIDHEACHD MHÓIR. As amhluidh bhíos an rannuidheachd mhór, bíd seachd siolla 's gach cheathramhuin di agus focul aoinshiolla ar deireadh gacha ceathramhan. Bídh comhardadh re focul ndéigheanach chédcheathramhan an leathrainn déigheanuigh ar tús nó a lár an dara ceathramhan. Bí fós uaithne ris an bhfocul gcéadna ar deireadh an dara ceathramhan. Bíd na focuil oile ag freagra a chéile a gcomhardadh. Bíd focuil déigheancha chédcheathramhan an tsheolaidh na n-uaithne. Bídh fós an focul déigheanach dhe ag freagra fhocuil dhéighionuigh an leithrainn a gcomhardadh. Bíd na focuil oile ag freagra a chéile do réir amuis amhuil "An uaisle ar dtréigean ó tá, Rem dhuanaibh bréige ní bhiú, Go ttí leam lighe do Dhia, Nach beam ní as sia ag righe riu". DON CHASBHAIRN. As amhluidh bhíos an chasbhairn, bídh uaim agus seachd siolla is gach ceathramhuin di. Bíd focuil déigheancha na gceathramhan ag teachd d'uaithne re chéile. Bíd focuil déigheancha an tsheolaidh agus an leathrainn ag teachd a gcomhardadh re chéile. Bíd na focuil oile ag tabhairt freagra do réir chomhardaidh san leathrann agus do réir amuis san tsheoladh ar a chéile. Focuil trí siolla bhíos ar dheireadh na gceathramhan: "Muir lán ar ccraoi chonnlaine, Do bhaoi an trágh dhá tairrngire".
DON RANNUIDHEACHD BHIG. As ionann dénamh dhon rannuidheachd bhig agus don rannuidheachd mhóir, achd amháin focul dá shiolla dho bheith ar dheireadh gach ceathramhan don rannuidheachd bhig: "Gé tá bás Dé na dheimhin, Ceilidh a ghrás é dh'oighidh". As iad sin chúig aisdeadha prinsiopálta nó oirdhearca an dána dírigh ar a ngnáthuighthear duan agus adhmad do dhéanamh. Atáid iomad d'aisdeadhuibh oile ann. Gidheadh ní gnáthuighthear duan do dhénamh orra .i. 1. DROIGHNEACH DUBHCHON. As amhluidh bhíos an droighneach, as éidir ó naoi siolla go trí siolla dhég, do réir toile an fhile, do chur is gach gceathramhuin di. Bídh focul trí siolla ar dheireadh gacha ceathramhan di. Bí comhardadh re focal ndéigheanach na céidcheathramhan ar tús nó a lár agus uaithne ar dheireadh an dara ceathramhan. Bíd na focuil oile ag freagra a chéile a gcomhardadh. Ionann ceart don leathrann agus don tsheoladh, agus bíd a bhfocuil dhéigheancha ag teachd a gcomhardadh re chéile: "Do-ghébh róm gan fholta gan imreasain, An slógh re finnshleasaibh corcra an chuirmlissin, 'S budh díol teineadh don uallchath Eamhnasoin, Dealbhlasair bhuadhchlach bhleidheadh na bruighnesin".
2. CEANNTRUIME NÓ CASBhAIRN CHEANNTROM. Ionann coimhéad di sin agus don chasbhairn achd amháin gurab focul cheithre siolla bhíos ar a deireadh agus go mbí ochd siolladha san cheathramhuin di: "Mac súd ar sliochd fhionnMhanannán, Ag súd an sliochd seangmharfhollán, A earla dlúith dromghlanfhollán, Cúich re ndearna deaghMhanannán". 3. SÉDNAOIDh MHÓR. Ionann sin agus an tshédnaoidh oile achd focul thrí siolla do bheith ar dheireadh na leathrann innte: "Dh'fhior chogaidh comhuiltear síothcháin, Seanfhocul nach sáruighthear; Ní fhaghann síoth achd fear faghla, Feadh Banbha na mbánfhoithreadh. 4. SÉDNAOIDH MHEADHÓNACH. Mar tá so: "Fearr silleadh na salm neimhdheidhe, Dho-níthí ar leabthaibh linne; Mairg do-gheibh an nglóir n-éttarbhaigh, Óidh ar bhrégshalmaibh binne". 5. RIONNARD. Mar so: "Róimh na féile Fánoid, Fairche fhileadh Éirionn; Grian na magh an míonfhonn, A n-an giall gan ghéibheann". Rionnard thrí n-ard sin agus atá rionnard dhá n-ard agus cheithre n-ard ann os a chionn sin.
Atáid iomad d'aisdeadhaibh oile san dán díreach nach áirimhthear annso. Gibé len feirrde a bhfios sin d'fhagháil, múinfidh an léaghthóireachd na seinleabhar dó iad. DON BhRÚILINGEACHD. Asé as brúilingeachd ann, dán do-níthear le comhardadhuibh briste maille re huaithne nó re reannaibh bristi. Bíd uaim agus tomhus siolla annso mar bhíos san dán díreach. As éidir gach aon aisde do thabhuirt asteach annso. Gidheadh, así an chasbhairn as gnáithi ann: "Muc chaoluigh ag clasaigheachd, Fa bhun aoltuir th'eascarad". Mar so leanus lorg rannuidheachda bige: "Atá a lán d'iochd is d'eineach Isan chrios atá thorad". As annamh do-níthear na haisdeadha oile innte. Gidheadh as éidir a ndénamh mar so: "Bruaigh na sroth lán as a los, Ní ar a ccor atá in talamh". Ionann coimhéd ceart don leathrann agus don tsheoladh annso ar lorg rannuidheachda bige agus casbhairne agus gnáthuighthear iomad seolta do chur re héinleathrann ann, an tan leanus lorg casbhairne.
DON ÓGLÁCHUS. Asé as ógláchus ann gné dhána do-níthear le tomhus siolla agus le hamus. Bíd aisdeadha iomdha annso. Gidheadh ní tabharthar anmanna áiridhe orrtha achd lorg na n-aisdeadh oile dho leanmhuin dóibh. An tan leanus lorg rannuidheachda móire nó rannuidheachda bige bíd seachd siolla san cheathramhuin. Bí amus re focal ndéigheanach na cédcheathramhan a ttús nó a lár an dara ceathramhan. Bíd focail dhéigheancha na leathrann ag freagra a chéile a n-amus. Ionann coimhéd ceart don leathrann agus don tseola: "Más deóin fuaras nó éigean, A ríoghan dhéidgheal dathta, As cóir mo cheangal d'airgead, Nó mo mharbhadh le bata". "Ní fhuil san ghlór bhfhaoilidh n-ait, Muna rabh méin mhaith dhá chóir, Ní fhuil san chruth shéaghuinn shuairc, Achd cloidheamh luaidhe a ttruaill óir". Leanuidh fós lorg rannaidheachda móire mar so "Truagh an dál, ón truagh an dháil, Bhíos for shluagh an bheatha bháin, Nach é as domhan dá gach aon, Bhail a mbeidís a aos gráidh". Nó mar so a ccúig siolla: "Uch as cian mo chuairt, Re dhá uair dho ló; Dá rabh sí nías sia, Biaidh mo phian nías mó".
Mar so leanus lorg casbhairne: Bíd focuil trí siolla tig le chéile d'amus ar dheireadh na ccédcheathramhan dhon tsheoladh agus don leathrann agus focuil dá shiolladh thig re chéile dh'amus ar dheireadh na cceathramhan ndéigheanach: "Fada atáid na hingheana, Dho-chuaidh ar cheann na cruite Ní hé moille a n-imtheachda, Achd a tteagmháil san mhuine". Mar so leanus lorg deibhidhe: "Sgítheach sin, a Chlanna Chuinn, 'S a shíol Oilealla Óluim; Leigidh feasda bhar ndoghra dhíbh, Córa dh'Olltachaibh imshníomh". Nó mar so: "Ó dho chuirsiom cath Crionna, Ó dho gháirsiom ar ngriolla", Ní bhia ar ar n-aire ó so amach, Achd cluithe, fíon as fiadhach. Nó mar so: "As uime dho chuirinn Niall, Dom leith dheis fa caomh an chiall, Ar uaisle an leithe deis dil, Do mhac rígh Éireann éachdaigh". Nó mar so: "Mo dhá dhaltán níorsad liúin, Niall Teamhra, Corc Caisil ciúin, Ua Eoghain Mhóir, mór a rath, Ua Cuinn mar Chonn cCédchathach". As iomdha gné oile ar a ndéantar ógláchus. Gibé len feirrde nísa mhó dh'eolas d'fhágháil ann, múinfidh gnáthughadh na ndán n-ógláchuis dó é. FINIS.
DONA BÉIMEANNUIBH AS CÓIR DO ShEACHNA SAN DÁN. Do chédneithibh, ná bíodh cuimhne agad ar dhéanamh na n-adhmad ag déanamh duaine nó comhfhad, ná ar dhéanamh na nduan ag déanamh na n-adhmad. Cuimhnigh a mholadh iomchubhaidh do chur re cois gach focail. Ná habuir "leomhanta" re mnaoi, "sgothach" re muir, "maighreach" re coill, nó a leithéide oile. Ná bíodh sunnradh ná barr agat achd na n-áit iomchubhaidh féin. Ná bíodh sunnradh agad gan bharr nó gan chéill teasaigheachda na ndiaigh, munab ní oirrdhearc nó aonda do b'áil leat do thuigsin ann, nó muna abairtheá "an bhean" ar son na n-uile mban, nó a leithéid oile. Ná bíodh bairr ionanna náid bairr oile fós achd go hannamh ag freagra a chéile a ccomhardadh ná a rinn ná a n-uaithne ná a n-amus agat. Seachain an t-eimhealtus .i. aonfhocal do rádh go meinic an tan nach biaidh tlachd air. Ná bíodh gnúis gharbh ná claoine ná seirbhe fhoghair ná neimhtheachd canamhna náid focail chniopacha, mar tá "caintmhálla", "cnoc mhór," nó a leithéide oile náid focuil chríona nach bhfuil ar gnáthughadh ag na fileadhaibh oirrdhearca, nó geannfhocuil chruaidhe, agad ad dhán. Seachain an fairbrígh .i. aibhéil gan résún. Seachain an rúghrach .i. trí focuil budh cóir dho chomhardadh re chéile dho bheith a n-aoinleathrann. Asé as leasughadh ar sin an ceathramhadh focul do chur san tseoladh nó breacadh do bheith ann. Saoraidh foghar aoi trasgairthe oi gearr aoinshiolla ar rughrach. Seachain an droichead uama .i. focuil na cceathromhan uile do bheith
ar aoinfhiodh muna rabha séimhioghadh nó oirrdhioghadh ar chuid éigin díobh tar an ccuid oile. Seachuin in maos agus an anshocra. Seachain na comhfhocla anshocra san uile bhall. Narab dhot dheoin chuirfios tú nísa mhó iná dhá fhocul a ccomhfhocul dá mbia agad ad dhán. Seachuin na comhfhocla is na comhfhaduibh, go háiridhe an tan tiad tar dhá shiolla muna rabhat ar deireadh casbhairne. Seachain in congmhálach agus an laoidheadhthórachd ansaothrach san uile bhall. Ná grádhaigh in tearcánach ná an láindéanamh. Asé as tearcánach ann an cheathramha dhéighionach dho bheith taobh re dhá fhocul más deibhidhe bhias ann, nó re trí foclaibh más aisde oile bhias ann. Asé as láindénamh ann cheithre focuil do bheith san cheathromhuin déigheanaigh más deibhidhe bhias ann, nó nísa lia más aisde oile bhias ann. Seachuin na taobhrátha, mar tá "slat slaghadh", "eo Sionna"; na hanmanna búidhe, mar tá "a chnú chroidhe"; na focla baramhla, mar tá "Earcail bhfear bhFuinidh", "leomhan Leithe Cuinn"; na focla simplidhe, na haigeanta bunadhtha, moladh na mball is na comhfhadaibh. Seachuin na comhfhocla, na comhfhocla canamhna, na greamanna comhfhocuil ar deireadh na deibhidhe is na comhfhaduibh. Bíoth síneadh leabhar ag ceathramhnuibh na deibhidhe is gach aonbhall agad. Seachain an ceannfhada san tsédnaoidh .i. iarmbérla gan báthadh nguthaidhe do bheith ré huchd an fhocuil déigheanuigh don leathrann, mar so: "An té dho chruthuigh in chruinne, Ré shuthuin uirre ní fhuair".
Gé dho chumadar saoithe a leithéid sin, ní hannsin as cóir a leanmhuin. Fágbhuim fa chomhair na retoirice as mian liom do sgríobhadh agus fa chomhair an oide dheaghaithnidh an mhéid nar sgríobhamar do bhéimeannaibh an dána annso.
GRAIMÉAR UÍ MAOLCHONAIRE. A N-AINM DÉ AN TIONNSGNADHSO. Atáid seacht litre dég san ngaoidhilg re bhfhuil riachdanas, mar atá: a, b, c, d, e, f, g, i, l, m, n, o, p, r, s, t, u. Ní liter h ar an ádhbhar nach guthaidhe iná consaine í, gidheadh atá foghnamh mór san ngaoidhilg ría, mur atá marbhadh nó séimhiughadh gach litre do réir riachdanais foghair in fhocail nó an tsiolla. Roinntear litre na gaoidhilge ar dhá mhodh mar do-níthear litre gach teangadh oile .i. a nguthaidhibh agus a cconsainibh. Atáid na guthaidhe ar dhá mhodh, cuid díbh leathan agus cuid cáol. A trí dhíbh leathan mar atá a, o, u, agus a dó caol, mar atá e agus i. Ní déntar siolla ar bith gan guthaidhe agus bí énghuthaidhe ar uairibh na shiolla. Sul labharthar nísa mhó ar na siolladhoibh tráchtfam beagán ar athchuimre siolladh na gaoidhilge. As de ghoirmid "athchuimre siolladh" .i. liter, tiodal, nó comhartha oile fhoghnas ar son litre, siolla nó focail, mar as léir inar ndiaigh. Bíd athchuimre na siolladh ar cheachtar do dhá mhodh .i. cuid díbh a n-eagar na litreadh san líne agus cuid oile os cionn na litreadh eidir in dá líne. An chuid díbh as gnáthuighe a n-eagar an líne, as iad so iad:
An chuid díbh as meince ós cionn an líne ag so síos íad agus a mbrígh féin ós a ccíonn. Ar tús, na huile ghuthaidhe os cionn chonsaine bí a brígh féin agus brígh r roimpe aice, agus a mbrígh féin agus brígh r rompa nó na ndiaigh ag o agus ag u. Mar an ccédna bí brígh m ag an ccomhartha so, mur atá "cá"; agus brígh n ag an ccomharthaso mar atá "é", "en", in uair bíd os cíonn ghuthaidhe
sin. Gidheadh dá rabhaid ós cionn chonsaine deiridh focail go háiridhe, bí brígh do rogha guthaidhe aca risin cconsaine ar son a mbíd, más rogha leat é, seach brígh in chonsaine na aonar; acht cheana dá raibh an tiodalso ós cionn s, do-ní féin agus an s "acht" nó "ucht" taoibh risin s féin nó a ndeóigh ghuthaidhe, mar so,: "s" nó "as" ar son "acht". Mar an ccédna in uair bhíos an tiodalsa, -, ar son siolla, is ar son siolla ar a mbí h. Maille ré h as gnáthuighe é mar atá "bádh-" uadhaso, "bádhach"; nó "buadh-" uatha so, "buadhach" nó "buadhachaigh". Gidheadh in uair bhíos a siolla in a mbeith l, r, nó n, ní cóir comhartha h do chur fair, mar atá "congm", "congmhail"; "congh-", "conghair"; "iom", "iomain". An chuid oile dona hathchuimribh agus dona tiodloibh gona n-eisiompláiribh síosana:
Na huile chonsaine mar sin gnáthuighthior do chur os cíonn litre ar bith, bí a brígh féin agus brígh guthaidhe defhoghraidh nó trefhoghraidh roimpe aice agus má curthar comharthadh h uirre na nod mar sin, cantar garbh nó éttrom do réir chinéoil an chonsaine bhíos na nod. An bhrígh chédna bhíos ag an tiodalso ~, mar so "b~", "badh", "báidh", "buadh", "buaidh", "biadh" nó "biaidh" etcra.
Teagmhaid seacht n-aicíde dona guthaidhibh .i. cumasg, coimhfhreagra, báthadh, iomlat, uirrdhiobhadh, lomadh, agus treisioghadh. DON CHUMMASG CÉDUS. As eadh as comasg ann dhá ghuthaidhe nó trí ghuthaidhe do chomascc a n-énshiolla ar chor nach biadh a fhoghar féin iná a shoin go díreach ag énghuthaidhe dhíbh agus nach ccaillid go hiomlán é, acht énfhoghar nó énshoin chomaisgtheach do dhénomh dhíbh uile in uair sin. Agus an tan do-níthear comascc do dhá ghuthaidhe "defhoghrach" goirthear dhe, mar so "báid," "fead", "raed", "laogh", "siad", "siúr", "fuar", "suil" agus "coir". Agus in tán cumaisgthior trí ghuthaidhe as trefhoghrach goirthear dhíbh, mar so, "maoir", "beoir", "liaigh", "Siúir" agus "buaidh". DON CHOIMHFHREAGRA. As eadh as coimhfhreagra ánn, dhá shiolla bhíos teannta reroile a n-aonfhocal, gibé sórt dá mbía cédghuthaidhe an tsiolla as déigheanuigh go ccaithfidh in guthaidhe déigheanach don tsiolla as goire dhó roimhe san bhfhocal bheith don tsórt soin. Agus tabhair dot aire gurab é an siolla dá gach siolla mar sin chaoluigheas nó leathnoigheas mar soin do réir chédghuthaidhe an tsiolla as déigheanuighe dhíbh, mar so "cuirfead", "cíorfad". Acht gibé modh mar sin ní thig caol re leathan iná leathan ré caol a bhfoclaibh dhá shiolla nó trí siolla etcra. Atá éneiscceardadh amháin uaithe so ar a laibheóram san bhfhorainm. DON BHÁTHADH GUTHAIDHE. As eadh as báthadh guthaidhe ann dhá fhocal do bheith neimhinmheadhónach do theagmháil dhá chéile agus an cédfhocal díbh do chríochnughadh a nguthaidhe agus an dara focal do thionnsgnadh
ó ghuthaidhe nó ó f agus ó ghuthaidhe, agus an guthaidhe déigheanach don chédfhocal sin do bháthadh. Atáid dhá ghné bháthaidh ann .i. báthadh ghuthaidhe bhíos geinearálta ag dán agus ag prós agus báthadh guthaidhe bhíos sbesialta ag an dán amháin. Atá in báthadh guthaidhe geinearálta ar dhá mhodh .i. eidir dhá fhocal sgaoilte agus dá fhocal chomhchóirighthe agus báidhtear annsin a sgríbhneoracht agus a ccanamhoin. Gidheadh ní báidhtear guthaidhe san bháthadh spesialta a sgríbhneoracht iná a ccanamhoin acht a ccuma in dána amháin amhoil inneósam san phrosodia. As eadh as báthadh guthaidhe geinearálta ann, in tan bhíos an t-iarmbérlaso "mo", nó an t-iarmbérla "do", agus focal ar bith thionnsgnas ó ghuthaidhe nó ó f agus guthaidhe go neimhinmheadhónach = external na dhiaigh, báidhtear an o uile annsin ag ceangal d an "do" nó m an "mo" don fhocal sin bhíos mar sin na dhiaigh mar litir don fhocal chédna, nó amhoil badh í an m nó an d badh litir shealbhtha don fhocal chédna. DON MHO. An pairtheagal nó an t-íarmbérlasa "mo", forainm sealbhaightheach é ar son meus, mea, meum, agus gach ionadh in a tteagmhann go neimhinmheadhónach na dhiaigh focal ar bith thionnsgnas ó ghuthaidhe nó ó f agus ó ghuthaidhe, fágoibhthear an o amuigh as sgríbhneoracht agus as canamhoin agus ceangaltar an m ris an bhfocal bhíos na dhiaigh. Agus dá madh focal thionnsgnas ó f agus guthaidhe do bheith na dhiaigh, tig séimhiughadh ar an f, mar so "mh'ionnlat", "m'fhothraghadh" ar son "mo ionnlat", "mo fhothraghadh". DON DO. An "do" cédna, bí áit in a ndéntar báthadh ris agus áit nach déntar; agus ar tí na n-ionadh sin do thuicsin seach aroile, tuicc go mbí sé a dhá rann don oráid .i. ainm agus briathar. In uair fhoghnas don ainm báidhtear in o in gach áit a mbí, amhoil adubhramar, agus as iad cáis don ainm re mbíd .i. ris an ccás tabharthach agus ris an ccás ndíoghbhálach mar so "tabhuir bean d'Uilleac" pró "do Uilleac". In uair fhoghnas ré mbréithir bí ar uairibh re modh ccríochnaighthe agus ar uairibh oile re modh neimhchríochnaighthe.
In uair bhíos re modh críochnaighthe ní báittear an o, mar so "do éisteas", audivi; "do fhiarfaigh", interrogavi. In uair bhíos ré modh neimhchríochnaighthe báidhtear in uair sin an o, "as áil léam thú dh'éisteacht", volo te audire; "ní háil leam thú d'éisteacht, nolo te audire; "Ní háil leam sin d'fhiarfaighe" nolo istud interrogare; ar son "do éisteacht", "do fhiarfaighe". As eadh as báthadh guthaidhe focal ccomhchóirighthe ann dá ngoirthear "comhfhocal", in uile fhocal chríochnaigheas a nguthaidhe agus in focal na dhiaigh go neimhinmheadhónach ag tionnsgnadh ó ghuthaidhe nó ó f, agus guthaidhe deiridh an chédfhocail do bháthadh a sgríbhneoracht agus a ccanamhoin acht amháin gurab guthaidhe géarr bhíos ar deireadh an chédfhocail, mar so "dorchughdar" uatha so, "dorcha" agus "ughdar" "soinimtheacht" uatha so, "sona" agus "imtheacht". Laibheóram nísa mhó ar an modh ar a ccleachdar comhfhocal do dhénamh a ndiaigh in bháthaidh consaine a ttráchtadh na cconsaineadh. DON IOMLAT. As eadh as iomlat ann, cumhachta a n-áitibh dh'áiridhe in dá ghuthaidhe chaola d'athrughadh a n-áit a chéile agus na trí ghuthaidhe leathna mar an ccédna go neamhfhoirimeallach, mar so: gabhaidh gach uile shiolla gearr dá gach focal ilshiollach aonda d'urmhór ón ccédsiolla amach bhíos taobh re haonghuthaidhe iomlat acht roibheagán eiscceardadh mar so:
Mar an ccédna gach siolla ghabhas iomlat énghuthaidhe fuilngidh na trí defhoghraigh ai, ui, agus oi d'iomlat a n-áit a chéile. Fuilngidh ea agus io mar an ccédna, mar so: DON UIRRDHIOBHADH. As eadh as uirrdhiobhadh ann, consaine n do theacht ría nguthaidhe thosaigh focail a ndiaigh fhocail dh'áiridhe, mar so "ar n-anom", "ar n-onóir", "ar n-ucht", "ar n-édach", "ar n-iarann". DON LOMADH. As eadh as lomadh ánn, h do theacht re bhfocal thionnsgnas ó ghuthaidhe a ndiaigh fhocal d'áiridhe, agus ar son gurab don tshyntaxis as mó bheanas tráchtadh ar na foclaibh chuireas lomadh, uirrdhiobhadh nó séimhioghadh, ar a shon sin ní misde dhúin labhoirt annso orra ar son nach ann oireas. Atáid tuairim dheich bhfocal ann chuireas lomadh ar ghuthaidhe mar so, "a" ar son foranma sealbhtha in uair shealbhas nó thionnsgnas ó ghuthaidhe gibé cinél a mbía d'fhocal, do chinél bhannda dá ngoireann in ghaoidhealg "baininnsge", mur "as ionmhuin lé mnáoi a hucht", "a héudan", "a heochair", "a hannsacht"; "ní" ón diúltadh mar atá, "ní háil", "ní hionmhuin"; "ná" ón diúltadh re modh bhfhuláireach, mar so "ná hamhairc", "ná híarr"; "na" re bhfocal mbaininnsgne san ccás sealbhaightheach; na trí preapoistse "go, le, re", mar so "go", "le", "re", "héigeantas"; "héccóir"; na ceathra focail áirmhe nó nuimhresi síos, "trí, sé, ceathra, ceithre", "hordlaighe", "hairm".
DON TREISIOGHADH. As eadh as treisioghadh ann in uair tig ainm substainteach feirinnsgne uathaidh thionnsgnas ó ghuthaidhe a ndíaidh na bpairteagals agus "an" nó t do theacht in uair sin mar chuid don fhocal sin resan nguthaidhe tosaigh sin, mar so "an, t-éudach, t-adhbhor, t-uaibhreach". DONA CONSAINIBH. Atáid dá chonsaine .x. ann mar atá b, c, d, f, g, l, m, n, p, r, s agus t. Fuilngid na consaine go genearálta seacht n-aicíde mar atá lomadh, séimhioghadh, uirrdhiobhadh, dúbladh, commasg, cadad agus báthadh. Acht cheana ní theagmhaid na haicíde sin uile dá gach consaine, acht cuid díbh do chuid dona consainibh agus cuid don chuid oile. DON LOMADH. As eadh as lomadh ánn, in consaine do bheith do sgríbhneoracht nó do chanamhoin in a chruth nó in a shoin féin. DON TSHÉIMHIOGHADH. As eadh as séimhioghadh ánn h do theacht ar chonsaine; agus tig ar gach consaine acht l, n, r agus s rompa so: b, d, g, m, nó p, t, c, dá madh gnáth a ndiaigh s san ngaoidhilg íad. Gach
uair tig ar chonsaine caillidh in consaine leath a bhríghe nó a shoine san ccanamhoin, acht f agus s caillid a mbrígh san ccanamhoin. Acht in uair bhíos s go neimhinmheadhónach ría nguthaidhe agus séimhighthear an s agus brígh th bhíos an uair sin aice, mar so "do shaoileas", "do sháitheas". Bí an séimhioghadh coimhdhíleas dá gach uile áit san bhfocal in a thús, in a lár, in a dheireadh, agus as coimhionann bhíos go teagmhaiseach nó go haicídeach agus go nádúrtha. DON UIRRDHIOBHADH CONSAINE. As eadh as uirrdhiobhadh consaine ánn, consaine dh'áiridhe ria cconsaine dh'áiridhe thosaigh focail, dá ngoireann an ghaoidhealg "litir shealbhoighthe", agus an chuid thig mar sin do sgríobhadh agus do chanamhoin mar chuid don fhocal, agus báidhtear an consaine as litir shealbhoighthe san chanamhoin, acht gidheadh sgríobhthar araon íad acht amháin g, an uair tig n na consaine uirrdhiobhaighthe uirre, óir ní báidhtear an g acht defhoghrach do-níthear araon díbh. Atáid trí neithe riachdanasacha dochum an uirdhiobhaighthe .i. consaine uirrdhiobhaighthear, litir uirrdhiobhaighthear agus focal nó cumhdach dh'áiridhe oibrigheas nó chuireas uirrdhiobhadh san oráid resan bhfocal uirrdhiobhaighthear. Gabhaidh in uile ghuthaidhe uirrdhiobhadh. An mhéad dona consainibh uirrdhiobhaighthior nó chuireas uirrdhiobhadh léighthear a ndeireadh in leabhráinse iad. Gach áit a mbí focal baininnsgne uathaidh thionnsgnas ó s nó a n-aonchás oile a ndiaigh "an" nó "don" tig t résan s agus ní cantar acht an t amháin, mar so "an tsaoibhchiall", "don tslighe". Gidheadh ní huirrdhiobhadh díleas é ar in adhbhar nach ttig an t mar sin acht a ndiaigh in dá fhocal sin "an" nó "don", agus nach dona foclaibh chuireas uirrdhiobhadh iad san, agus nach ttig t re s etcra. Asé áit in ar dísle labhoirt ar na foclaibh chuireas uirrdhiobhadh san tsyntaxis, acht cheana, d'eagla nach roichfeadh linn rochdain chuige sin, as mian linn beagán do labhoirt annso féin orra.
DON DÚBLADH. As eadh as dúbladh ann dhá chonsaine ionanna do bheith gan litir ar bith oile eattorra san bhfhocal. Atá trí chonsaine ghabhas dúbladh mar atá l, n, r. Ní fhuilid choidhche dúbalta a ttús focail. Ní ghabhait uirrdhiobhadh, iná, mar adubhramar roimhe, séimhiodhadh. Gidheadh gach áit in a tteagmhaid a ttús focail, a ndiaigh fhocail chuireas séimhiodhadh cantar go héttrom íad; nó a ndiaigh fhocail lomas nó uirrdhiobhas cantar amhoil dhúbalta, mar atá "mo leanomh", "ar lleanamh" pro "mo leanomh", "ar leanomh" etcra. DON CHUMASG. Atáid dhá chonsoine ann ghabhas cummasg mar atá n agus g agus goirthear "defhoghrach consaine" in úair sin díbh, óir ní cantar ceachtar díbh na chruth féin go soilléir agus ní chailleann ceachtar díbh a bhrígh go hiomlán. Bí uair oile do-níthear defhoghrach dhíbh nó ghabhait cumascc, mar so "teanga"; óir ní "tean ga" cantar ann acht "teanga". Uair oile nach gabhait cumascc, mar so "tangus" óir ní hamhloidh cantar sin mar so, "tá ngus". Atá in defhoghrachso coimhdhíleas ag prós agus ag dán, agus atá defhoghrach oile ag na fileadhoibh fhoghnas dóibh mar atá p; óir adeirid go bhfuil cumascc f agus b ann, acht cheana ni fhuil a áit san fprós. DON CHADAD. As eadh as cadad ann, consaine dh'áiridhe tosaigh focail dan cóir bheith séimh ó cheart, do chanamhoin go lóm a ndiaigh chonsaine dh'áiridhe deiridh focail go neimhinmheadhónach roimhe, acht gé cóir an séimhioghadh do sgríobhadh, mar so:
"bean thruagh" as cóir do sgríobhadh agus "bean truagh" as cóir do chanamhoin ann. Atáid trí neithe riachdanasacha dochum an chadait, mar atá dhá fhocal neimhinmheadhónacha; consaine as cóir ó cheart do bheith séimh na chéidlitir ag an bhfocal déigheanach dhíbh; agus consaine na litir dhéigheanuigh ag an ccéudfhocal díbh, dana díleas cadad do dhénomh ar an cconsaine séimh; mar so: Cóir sgríobhtha : Cóir chanamhna m : : "am mhnaoi" : "am mnaoi". mh : m : "lámh bheag" : "láimh beag". b : b : "do ghob mhór" : "dot ghob mór". bh : : "na taoibh mhíne" : "na taoibh míne". p : : "an tsuip mhín" : "in tshuip mín". Consaine Chadaigheas Síosana: g : gh : mar : "na cluig ghlórmhura" : "na cluig glórmhura". gh : : : "in eanaigh ghuinn" : "in eanuigh guinn". c : ch : atá : "in bhric chorcra" : "in bhric corcra". ch : : : "in eich cheanainn" : "in eich ceanainn". d : dh : : "na sloigh dhoilghe" : "na sloigh doilghe". dh : : mar : "don bhruid thruaigh" : "don bhruid truaigh". t : : atá : "don tslait thinn" : "don tslait tinn". th : : : "don mhnaoi bhláiththigh" : "don mhnaoí bhláithtigh". s th : : "cois thinn dhubh" : "cos tinn dubh". n : : : "bean dhaingean thuirseach" : "bean daingean tuirseach". l : : : "fuil thais dearg" : "fuil tais dearg". m : p : "anam phíobaireachta" : "anam píobaireachta". mh : : "damh fhéin" . : "damh féin". bh : : "an cliabh fpónuire" : "in cliabh pónuire". p : f : "sop fhliuch" : "soip fliucha>". agus do-níthear cadat a n-aonfhocal i n-áit oile ar a laibheóram.
DON BHÁTHADH CONSAINE. As eadh as báthadh consaine ann .i. dá chonsaine éxamhla do dhol i n-aonchonsaine nó a cconsaine dhúbalta. agus ní theagmhann sin choidhche acht a ccomhfhocal .i. an tan theagmhaid consaine dh'áiridhe a ndeireadh focail don chomhfhocal agus consaine dh'áiridhe a ttosach an fhocail oile thig teannta nó go neimhinmheadhónach na dhiaigh don chomhfhocal; do-níthear in uair sin aonchonsaine, agus ar uairibh oile consaine dúbalta dhibh. Atá gaol mór ag an ccadad agus ag an mbáthadh re chéile. Acht cheana as amhloidh bhíos in cadad eidir dhá fhocal aonda, agus an báthadh do ghnáth i n-áonfhocal chomhchóirighthe; agus do bhrígh gurab éigin dúin labhoirt ar na comhfhoclaibh ar tí go bhfoillsighthe línn cionnas do-níthear an báthadh consaine, ar a shon sin, ní fhuilmid ag gabháil rer n-ais a nochtadh gach modh ar a ndéntar comhfhocal do chuimhniughadh go balach. Gidheadh cuimhneócham cuid díbh. TRÁCHTADH BEAG AR NA COMHFHOCLAIBH. Asé as comhfhocal ann, aonfhocal comhchóirighthe nó comhchumaisgtheach do dhénomh do dhá fhocal nó do thrí foclaibh, nó do nísa lia dá bhfoghnad don chéill, óir ní mheasaim go bhfuil teangoidh in ar mó úsáid agus in ar lugha cúmhgach comhfhocal iná in ghaoidhealg. Roinnfeam na comhfhocail a ndá chuid .i. comhfhocal uireasbhach agus comhfhocal iomlán. Asé as comhfhocal uireasbhach ann, an tan theaghmaid focail dh'áiridhe a ttús an chomhfhocail nach cciallaigheann aoinní acht a ccomhfhocal d'urmhór, agus nach gnáth leo bheith leo féin nó na n-aonar choidhche acht a ttús comhfhocail do ghnáth. Gidheadh cheana athroighid, médaighid nó laghdaighid ciall an fhocail le ccomhchóirighthior íad. Asé as
comhfhocal iomlán ann, focail aonda chialluigheas ní go haonda nó ar a n-aghoidh féin, do chomhrughadh nó do choimhcheangal a n-aonfhocal agus rannpháirtiughadh ón bhfocal iomlán a ccuid do chéill gach fhocail díbh go cumaisgthe nó go coimhcheangailte. Agus as féidir gach focal aonda ciallmhar do bheith in gach áit don chomhfhocal, a ttús, a lár nó a ndeireadh, acht beagán eisceardadh atá in ar ndiaigh. Atáid tuairim ocht bpairteagal fichead nó focal nach bíd agus nach ccialluighid dh'urmhór acht a ccomhfhocal amháin: "An": "antráth", "ainbhfeas", "anmhór" et cra.; "ath": "athghabháil", "aithghearacht"; "comh": "comhthrom", "coimhcheangal"; "dagh": "daghmhuintir", "deaighbhean"; "deagh": "deaghdhuine", "deighfhior"; "droch": "drochurchar", "droichmhian"; "do": "doitheagaisg", "domhúinte"; "dí": "díochoisg", "díchleith"; "eas": "easccáirdeas", "easláinte"; "éd": "éadaingean", "édirim", "éttirim"; "écc": "éaccruaidh", "éiccríonna"; "fel": "fealdhuine", "feilghníomh"; "fo": "foighlés", "foighliocas"; "in": "indéunta", "ionghrádhuighthe"; "im": "iombualadh", "imdhéunamh"; "mí": "míochairdeas", "míchiall"; "nemh": "neamhurchóideach", "neimhghlic"; "or": "ormháille", "oirbheanach"; "prímh": "prímhchiall", "príomhadhbhor"; "rémh": "réamhráite", "rémhfhéachain"; "ra": "rachairdeas", "raichlisde"; "ro": "rochruaidh", "roibheag"; "so": "soighníomh", "soghrádhach"; "sith": "sithchealgach", "siothrann"; "tim": "tiomchuairt", nó "timdhibhe"; "tar": "tairchéimniughadh", "tarcaisniughadh"; "tuath": "tuaithchleas", "tuathamhoil"; "ur": "uiríseal", "urghránna". Tabhoir dot aire go bhfuilid cuid díbh nach gnáthoighthear re gach uile fhocal agus cuid oile coimhdhíleas dá gach focal dá bhfoghain siad. Ag so an chuid as annmha dhíbh mar atá: "es", "éd", "ég", "im", "or", "sith", "tim", "tar", "tuath", agus "ur". Mur an ccédna gurab áit participel in dus a laidin bhíos ag cuid d'áiridhe dona briathroibh agus "in" rompa mar so: "indénta", faciendus; acht, gidheadh, an chuid sin as mian linn a foillsiughadh a n-áit oile. An comhfhocal iomlán, as do-áirmhe é óir féudaidh neach a chomhchórughadh fo na thoil féin, d'aicíd agus do shupstaint, do shupstaint agus d'aicíd, do dhá shubstaint agus do dhá aicíd, dh'ainm
shupstainteach agus do bhréithir, dh'ainm aicídeach agus do bhréithir chumhachta. As mór fhoghnas dochum na hórnáideachta agus go mórmhór an dána. Gidheadh, asé modh comhchóirighthe as gnáithche ánn, an t-ainm agus an bhriathar do theacht re chéile mar so, "dubhualadh" nó "do ghortghlanadh". Mar an ccédna gach áit a mbí concordantia eidir an tsupstaint agus an aicíd, así an aicíd as cóir do bheith a ttosach mar so, "geallámh" pro "láimhgheal", "móircheann" pro "ceannmhór". Agus an úair bhíos an tsupstaint resan aicíd san oráid ní bhíd aráon achd do nádúir na haicíde .i. ar son cáile nó dísleachta, agus mar sin ní sheasann a ionnshamhoil sin do chomhfhocal leis féin uiread re haicíd san óráid gan substaint ag seasamh dhó, mar so "láimhgheal" nó "ceannmhór". Asé as ciall dóibh, corp éigin ag a bhfhuil gile láimhe nó méid chinn mar cháilidheacht nó mar dhíslidheacht, agus mar nach bhfuil acht na cháilidheacht nó na dhíslidheacht ní sheasann gan supstaint re cceangaltar é mar so, "bean láimhgheal" nó "óinmhid ceannmhór" pro bean ag a mbí lámh gheal nó óinmhid ag a mbí ceann mór. An uile áit ag a mbí concordantia eidir substaint agus aicíd fhocail énshiolla, as maiseamhoil tig dhóibh comhfhocail do dhéunamh dhíbh, mar so "luaithbheart", "máilltríall" et cra., muna mbacadh seirbhe chonsaineadh dh'áiridhe a ccomhthórainn na bhfocal ccomhchóirighthe. Acht gé mó bheanas a ndubhramar fós ar na comhfhoclaibh iomlána re rhetoric nó re hornáideacht na gaoidhilge iná risin áitse, ar a shon sin d'eagla nach roichfeadh línn sin do sgríobhadh, do mheasamar nar mhisde an beagán úd do labhairt annso air, gurab neithe ionchomhardhuighthe íad, agus ar iomadamhlacht chomhfhocal na gaoidhilge mar adubhramar roimhe. Anos cheana laibheóram ar cháil éigin amhoil mar do-níthear báthadh guthaidhe agus consaine san chomhfhocal iomlán, agus ar tús don bháthadh guthaidhe.
An tan theagmhas dhá fhocal re chéile a ccomhfhocal iomlán agus an cédfhocal díbh gan bheith na fhocal énshiolla ag críochnughadh a nguthaidhe nó ó f agus ghuthaidhe, báittear an guthaidhe críochnaighthe sin an chédfhocail agus do-bheir an siolla bhíos resan nguthaidhe, mbáite sin coimhfhreagra don ghuthaidhe thosaigh sin an dara focail, mur so "tairbhinmhe" uatha so, "tarbha" agus "inbhe". Mar an ccédna "uasluabhar" uatha so, "uasal" agus "uabhar"; et sic de caeteris. Acht más focal énshiolla bhias a ttosach ní báithtear an guthaidhe in uair sin acht amháin é do thabhairt coimhfhreagra uadha, mar sin "gnéuaine" uathaso, "gné" agus "uaine"; "cao-arsaigh" uatha so, "caoí" agus "arsaigh" et cra. DON BHÁTHADH CONSAINE A CCOMHFHOCAL. Gach áit in a tteagoimh d agus d, lóm nó séimh, a ccomhthórainn comhfhocail aon d do-níthear dhíbh, mar so "abhradonn" uatha so "abhradh" agus "donn"; óir dá madh ó "abhra" agus "donn" do bhiadh, "abhradhonn" do bhiadh ánn. Gach áit a tteagoimh mar sin d agus t nó dhá t dá chéile a ccomhthórainn, más lóm nó séimh bheid, aon t do-níthear dhíbh, mar so "sgaitiugh" ó "sgaith" agus "tiugh", "braitirim" ó "bhraith" agus "tirim". Gach ionadh in a tteagoimh l agus l, ll agus l nó l agus d nó ll agus d dá chéile a ccomhthórainn mar sin, ll do-níthear dhíbh, mar so "geallamh" ó "gheal" agus "lámh" nó "geal" agus "damh", "imeallearg" ó "imeal" agus "learg" nó "dearg" et cra. Gach ionad a mbíonn n agus n nó nn agus n nó n agus d a ccomhthórainnn mar sin, do-níthear dhá n díbh, mar so, "griannua" ó "ghrian" agus "núa", "grianniamhair" ó "ghrían" agus "diamhoir", "tafannuall" ó "thafann" agus "nuall", "fochannuall ó "fhochann" agus "nuall". Gach áit a tteagoimh dhá m, lóm nó séimh, nó m lom nó séimh agus b, nó b agus m, a ccomhthórainn dá chéile do-níthear aoin m dhíbh, mar so "caoimín" ó "chaoimh" agus "mín", "taoimín" ó "thaobh" agus "mín", "camuinél "ó" cham" agus "muinél", "caimél" ó "cam" agus "bél". Gach ionadh in a tteagoimh dhá g dá chéile mar an ccédna, lom nó séimh, do-níthear aon g dhíbh mar so "laiglés" ó "lag" agus "glés". Gach
áit in a tteagoimh g nó c lóm ar deireadh focail tosaigh agus c ar thosach an fhocail déigheanuigh, do-níthear aon c dhíbh, mar so "clocorr", "socam" ó "shoc" agus "cam" et cra. Gach áit in a tteagoimh dhá s dá chéile ní bhí acht aon s ar a son araon, mar so "glasúil" ó "ghlas" agus "súil". Gach áit a tteagoimh dhá r nó rr agus r, as r dhúbalta do-níthear díbh, mar so "conairréidh" ó "conair" agus "réidh", "Cathbharruadh" ó "Chathbharr" agus "ruadh". Gidheadh dá raibh r ar deireadh an chédfhocail agus d - óir dá raibh d ann as séimh chaithfheas bheith - a ttosach in fhocail déigheanuigh, as gharbh chaithfeas bheith amhoil budh r an d, agus cantar é mar so "smérrubh" ar son "smér" agus "dubh" agus as mar sin as maiseamhla a ccanamhain giongo mbeidís in a ccomhfhocal in gach áit, óir as canamhoin dá r bhíos aca, agus ní lochd gan an d do sgríobhadh san chomhfhocal in uair sin acht rr amháin. Gidheadh as gnáthach in d do sgríobhadh ar tí go ttuicthí ciall in fhocail. Ní théid ch a ndiaigh ghuthaidhe leathain ar deireadh an chédfhocail agus consaine ar bith a n-aonchonsaine. Gidheadh do-ní cadad ar g agus c a ttús an fhocail na dhiaigh mur so "cloichgér" uadha so, "cloch" agus "gér". Gidheadh dá raibh an c a ndiaigh ghuthaidhe chaoil ar deireadh an chédfhocail agus g nó c ar thosach an fhocail déigheanuigh do-níthear én c lóm dhíbh, mar so "braclan" ó "bhraich" agus "glan", "bracruaidh" ó "bhraich" agus "cruaidh". Gidheadh as gnáthach an consaine báithtear do sgríobhadh d'eagla éccinnteachta fá na mbunadhas gion gurab riachdanach é. Acht cheana oiridh go mór don fhearacht dána fios báthaidh consaine do bheith ag neach. Atáid sórt focal nach cóir a ttús comhfhocal mar atá briathra, iomarbhágha, dísbeagadh, bráthair nó siúr dísbeagadh, na haicídese, "olc" agus "maith" - óir as ar a son bhíos "deagh" agus "droch" - ainm fear céirde chríochnaigheas an "óir", sloinneadh, iomdhughadh, áirimh ar a mbía "déag" greamuighthe, samhlughadh nó briathar ag a mbía d ar a dheireadh, nó aird acht "síos" nó "síar" agus "noir" nó "niar" ré n-airdibh oile, agus nuimhir oile ar a laibheóram acht go soiche linn a mhíniughadh cia hiad na neithe féin.
TRÁCHTADh BEAG AR PHROSODIA NA GAOIDHILGE DÁ NGOIRTHEAR FILIDHEACHT NÓ FEARACHT DÁNA. As eadh as prosodía ann eolas dénmha dána in a dhualgas féin. As eadh as dán ánn, comhrádh cuimir, ciallmhar, ceolmhar iar na chuibhriughadh fá thórannoibh cinnte go n-áirithe áirmhe siolladh agus coimhtheachta foghar agus sínteadh. Atáid trí sóirt dána ag an ngaoidhilg, mar atá dán díreach, brúilingeacht agus ógláchas. Acht cheana as ar an ndán ndíreach laibheóram óir dá mbeith a eolas ag neach, ní fhuil documhal a bhfoghlaim eolais na brúilingeachta iná in ógláchais. d'AISDIBH AN DÁNA DÍRIGH. Ag leigean torainn labhoirt ar chorr-aistibh ná ar fho-aistibh iomadamhla an dána dírigh, atáid cúig príomhaisde ann .i. deibhidhe, sédna, rannuigheacht mhór, casbhairn agus rannuigheacht bheag. d'ADHAILGNIBH NÓ DO RIACHDANASOIBH AN DÁNA DÍRIGH. Atáid seacht ríachdanais aige .i. nuimhir cheathromhan, cinnteacht siolladh in gach ceathromhain, úaim, comhardadh, rínn agus airdrínn, uaithne agus ceann. Atá an t-ochtmhadh ní ann as gnáthach san dán acht gé thig thairis .i. urlann. Atáid na ceithre cédriachdanais díbh sin coitcheann ag in uile aiste agus ní bhí na trí riachdanais déigheanacha acht leannánta ag aistibh dh'áiridhe, mar so síos: rínn agus airdrinn - deibhidhe; uaithne ag rannuigheacht mhóir agus ag casbhairn; ceann - rannuigheacht bhig agus ag sédna.
DON CHEATHROMHAIN. As eadh as ceathromha ann nuimhir fhocal a bhfochair aroile in a mbia nuimhir chinnte shiolladh; agus téid dá cheathromhain san leathránn agus dá leathrann san rann agus an nuimhir rann as áil lé neach in a dhán. An tan curthar an ránn a bhfochair aroile, "leathránn" is na hadhmadoibh, "comhad" is na duanoibh, goirthear don leath dhéigheanuigh dhe, agus seoladh don leath thoisigh in gach cuid aca. Agus ó do labhramar ar adhmadoibh agus ar dhuanoibh inneósam a n-eidirdheiliughadh. As eadh as dúan ánn dán in a mbí gach aon rann gona chéill féin ann féin go hiomlán gan coimhcheangal céille iná sileadh ó aon rann oile, agus gach comhad de go ccéill iomláin ann féin gan riachdanas conganta ón tseoladh dá sgarthaoí é féin agus an seoladh réroile. Acht gé bhíos ceangal céille eattorra in uair bhíd aráon agus nach iomlán an chiall do bhiadh san tseoladh a n-égmais an leathroinn, óir a ndiaigh an chomhaid do bheith dénta cumthar an seoladh ris dá réir féin. Agus asé ba cúrsa saothruighthe do chách suím dh'áiridhe do dhuanoibh do dhéunamh ar gach aisde dhíbh sin thúas. An t-adhmad cheana, dán sin do-níodh an file infheadhma ar théma dh'áiridhe nó ar shlighthibh dh'áiridhe do réir aigeanta an fhile mar do thogradh féin, agus bí coimhéd na sligheadh sin ar fad san adhmad amhoil bhíos san oráid. Bí an seóladh agus an leathrann ag tabhoirt chéille dá chéile agus as meinic nach biadh ciall san leathrann gan congnamh an tseolaidh agus na roinn ag ceangal céille re chéile mar as gnáthuighe. Ar son gur gnáthach gach rann iomlán ann féin agus do bhrígh nach bhfuil docamhal a ndénomh na seoladh a bhfarradh na ccomhad nó na leathrann ar gach aisde, laibheóram ar tús ar dhénomh na leathrann ar gach aisde agus na dhiaigh sin laibheóram ar na seoltaibh, acht go labhram ar an ccuid oile dona riachdanasoibh.
DON CHINNTEACHT SIOLLADH. As eadh as cinnteacht siolladh ánn, seacht siolla gan bháthadh nguthaidhe do bheith in gach ceathromhain dá gach aisde don dán díreach mur so: "Iomdha sgél maith ar Mhuire" et cra. Acht sédna, ag a mbí ocht siolla san chédcheathromhain don tsheoladh agus don leathrann mar so: "Mairg fhéuchas ar Inis Ceithlionn". DON BHÁTHADH GUTHAIDHE FHILEATA. Do bhrígh go tteagmhann an báthadh guthaidhe sin go meinic is na ceathromhnaibh agus nach éidir do neoch é féin do choimhéd air muna bheith eolas aige, do-conncas dúin labhairt ánnso air amhoil do gheallamair, agus ar tús ar na riachdanasoibh. Atáid ceithre riachdanais aige .i. focal comhardaigh chríochnaigheas a nguthaidhe, iarmbérla thionnsgnas ó ghuthaidhe, an focal comhardaigh do bheith a ttosach go neimhinmheadhónach agus an guthaidhe deirigh sin an fhocail agus guthaidhe tosaigh an iarmbérla nó ceachdar díbh do bheith geárr mar so: "Anaidh re rogha a Rí Márr An togha gheárr así as fheárr". Gidheadh an úair bhíos guthaidhe deiridh in fhocail geárr agus guthaidhe tosaigh an iarmbérla fada, as éidir báthadh guthaidhe do dhénomh nó gan a dhénamh mar so: "Fuaras bogha ó Bhrían Bhuidhe" nó "Fuaras bogha ó Bhrian Óg". Acht cheana as báithte as fearr é, óir ní gnáthach, bíodh go madh ionchosanta, gan bháthadh é. Mar an ccédna dá rabhaid in dá ghuthaidhe fada ní cóir a mbáthadh mar so: "Atáim fá iargnó ón éucht".
DON ÚAIM. As eadh as uaim ann dhá fhocal nach iarmbérla dá gach ceathromhain do thionnsgnadh ó ghuthaidhe éigin nó ó chonsaine ionann, mar so: "Iomdha sgél maith ar Mhuire, Fá moltar a míorbhaile, Do-ghébh ar an óigh n-iodhain, Sgél as cóir do chreideamhoin". Atáid dá ghné uama ann .i. fíorúaim agus úaim ghnúise; fíorúaim .i. an dá fhocal déigheanach don cheathromhain do dhéunamh úama. Uaim ghnúise .i. an dá fhocal as foicsi don fhocal déigheanach don cheathromhain do dhénomh uama mar so: "d'fhior chogaidh comhailltear síothcháin". Acht cheana tabhoir dot aire nach dén agus nach ttoirmisg iarmbéarla úaim agus nach déntar comhardadh, uaithne, rinn ná airdrinn ré hiarmbérla. Foghnaidh gach úaim aca ar son a chéile in gach ceathromhain acht an cheathromha dhéigheanach don leathrann in nach cóir acht fíorúaim. Coimhéd mar an ccédna nach bhfoghnann, bíodh nach biadh lochdach, iarmbérla ar bith do theacht eidir an úaim ghnúisi agus focal déigheanach na ceathromhan, mar so: "Do chosnas comha nar mhaith", Óir goirid an t-áos dána uaim gharbh nó gnúis gharbh dhi sin. As amhloidh seachantar sin, an focal déigheanach do bheith na ainmnightheach ag an mbréithir, ut: "D'fhior chogaidh comhailtear síothcháin"; vel econtra: "An cogadh ceart bhuadhaigheas";. nó na aicíd ag substaint, mar so: "Gabham chugam conradh maith",. nó na shubstaint ag aicíd, ut: "Ní fear misi as maith conradh";. nó na ghenedil ó shubstaint oile ut: "Ní cothrom cogadh Banbha";.
nó: "Ag sin mac na mná tighe". nó na bhréithir a ndiaigh anma ar a ndén gníomh, mar so: "As breaghdha an bheansoin loitim";. nó na shubstaint san chás ghearánach, stiúrfaidhear ó bhréithir ghníomhaigh, mar so: "Ní beódha laoch loiteas mhnaoí, et cra. Ní bhacann uirrdhiobhadh ná séimhioghadh ná lomadh úaim acht so in ar ndiaigh: an úair thig h ar p, as eadh as séimhioghadh dho f, agus mar sin as f do-ní uaim ris an uair sin, ut: "Admhaim dhuit mo pheacadh féin". Gach ionadh in a tteagoimh h ar f as leis an litir as neasa dhi do-níthear uaim más consaine nó guthaidhe í, mar so: "Tagair liom a Fhlaith Éirne" nó "Tagair leam a Fhlaith Life". Agus s, óir as éuxamhail ó na litribh oile mar do-níthear úaim ría. Ar tús ní déntar uaim eidir s agus ceachdar dhíbh so, b, d, g, m, iná ré litir ar bith acht ris an litir ccédna. Mar an ccédna ní déntar úaim iar ts a ndiaigh an phairteagoil "an" acht san modh ccédna. Gidheadh fognaidh an uile s ar a ttig t a ndiaigh an phairteagail chédna d'uaim re chéile. Mar an ccédna ní cóir s agus sh acht dhá sh nó dhá s nó dhá ts. Mar an ccédna an tan bhíos sh reampa so, l, n, r, ní déntar úaim lé acht le sh resan litir ccédna. DON CHOMHARDADH. Sul laibheóram ar thuarusgbháil an chomhardaidh caithfeam labhoirt ar dhá ní .i. ar roinn fhileata na cconsaineadh maille rena n-uaisle féin tar a chéile agus ar na síntibh, óir do-níd na fileadha aithearrach ranna ar na consainibh tar mar adubhramar, ag gairm consaineadh ar leith dona consainibh ar ngabháil séimhighthe, dúblaidhthe agus cumaisg mar so síos. Atáid cúig sórt consaine ánn dá ngoirthear "bog", "cruaidh", "garbh", "teann" agus "éttróm", agus s nach d'énshórt díbh, óir as eadh ghoireas an ghaoidhealg "consaine aimrid" di ar an adhbhor nach cóir do chomhardadh ría acht í féin sna chrothaibh a mbí amhoil adubhramair: na trí chonsaine bhoga, c, p, t; chruaidhe, b, d, g; gharbha, ch, th, f; na cúig chonsaine theanna mur atá, rr,
ll, nn, m, ng; na seacht cconsaine éattroma, dh, gh, bh, mh, r, l, n. Agus do-bheirid na filidh bárr uaisle agus ceannais do chuid díbh seach aroile mar atáid ar na suidhiughadh síosana .i. gach cuid díbh as uaisle ar tús. Ar tús adeirid gurab í s ríoghan na cconsaineadh; na trí chonsaine bhoga iar sin, na trí chonsaine chruaidhe iaramh; na trí chonsaine gharbha iaramh; na cúig chonsaine theanna iar sin agus na seacht cconsaine éttroma fa dheóigh. Tabhoir dot aire gurab annamh bhíos m fada acht a ndeireadh focail, mar so "atám", "mám" et cra. agus gurab annamh bhíos mar sin féin, óir as amhloidh bhíd na consaine theanna ar dheireadh focail ar na ccanamhoin go meadhónach, mar laibheóram na dhiaigh so na n-áit féin. Atáid trí sínte ann .i. síneadh fada, geárr agus meadhónach. Síneadh fada .i. an siolla do chanamhain go fada, mar so "bás", "rós", "fís"; síneadh geárr mar atá, an siolla do chanamhain go gearr, mar so "bas", "ros", "cailc", "fios"; síneadh meadhónach mar atá, an siolla do chanamhain gan bheith fada uile iná gearr uile, mar so "cainnteach", "barr", "geall", "donn". As lór linn sin anos ar na síntibh acht gé gurab mían linn tuilleadh foirceadail do thabhoirt acht go roicheám chuige. DO ROINN AN CHOMHARDAIDH AGUS DÁ THUARASGBHÁIL. Atáid dá shórt comhardaidh ánn mar atá, comhardadh slán agus comhardadh brisde. As eadh as comhardadh slán ánn, gach focal do dhá fhocal do-bheir coimhtheacht dá chéile a nuimhir siolladh agus a n-ionannas guthaidhe agus fa ttuigthear cumasg a n-ionnamhlacht chonsaineadh d'énshórt nó consainidh chudramaigheas íad, agus sin do réir úird na siolladh, acht amháin consainidh thosaigh na bhfocal nach iarraid coimhtheacht do chonsainibh ar bith, acht amháin in uair theagmhas nuimhir as mó iná dhá chonsaine a bhfochair aroile, gurab cuma cía an t-eagar ar a ttiobharthar coimhtheacht dóibh acht go raibhe coimhtheacht aca. C, "roc"; p, "shop"; t, "lot". B, "ab"; d, "gad"; g, "lag".
Ch, "deachmhoidh"; th, "do leathnoidh"; f, "leanfoidh". Ll, "ball"; rr, "barr"; nn, "gann"; m, "am"; ng, "bang". Bh, "taobh"; dh, "Aodh"; gh, "laogh"; mh, "caomh"; r, "sáor"; l, "daol"; n, "faon", cóir do chomhardadh. Atáid cuid dona consainibh an úair theagmhas a bhfhochair chonsaineadh dh'áiridhe iad athraigheas a mbrígh nó a nádúir dhíleas féin dochum comhardaidh do dhénamh, ar a laibheóram arís. As eadh as comhardadh brisde ánn, dhá fhocal do-bheir coimhtheacht dá chéile a nuimhir siolladh, a n-ionnamhlacht guthaidheadh agus sínteadh, mar an ccomhardadh slán, gidheadh nach dén conndas fá chonsainibh a ttaoibh sóirt ná nuimhre, acht amháin nach consaineadha fhoghnas do chomhardadh shlán bhías ann. Ní bhacann fós consaine do bheith ar deireadh focail agus deireadh an fhocail oile do bheith a nguthaidhe mur so: "ba", "blas"; "cas", "tlacht"; "aoi", "aois"; "blaoisg", "baois". DON RÍNN AGUS DON AIRDRINN. As eadh as rinn agus as airdrinn ánn, dhá fhocal, agus focal díbh nísa faide d'énshiolla iná in dara focal, do-bheir coimhtheacht mar chomhardadh dhá chéile, ón chédshiolla amach don fhocal as faide dhíbh; agus goirthear "rinn" don fhocal as giorra agus "airdrinn" don fhocal as faide mur so: rinn - "glas", "tachar", "gabhaidh"; airdrinn - "sonas", "cuartachadh", "fuarabhair". DON UAITHNE. As eadh as uaithne ánn, dá fhocal do-bheir coimhtheacht dá chéile mar an ccomhardadh acht a n-ionannas na nguthoidhe amháin agus iarraidh an t-uaithne coimhtheacht leithne agus caoile is na guthaidhibh agus a ndeireadh na ccumasg, mar so "caol", "maol", "trén", "fál", "fial" et cra. Acht cheana más focal ilshiollach bhías ann ní beag lais coimhtheacht caoile agus leithne do bheith san tsiolla dhéigheanach dhíbh, mar so "adhbha" agus "biodhbha"; "inmhe" agus "doinmhe"; "órmháille" agus "séinríghe".
DON CHEANN. As eadh as ceand ann, focal énshiolla iarras an cheathromha dhéigheanach don tsédna do bheith na fhocal déigheanach aice. DON URLAIND. As eadh as úrlann ann, focal bhíos a ttús na cédcheathromhan renab éidir gan comhardadh do chur; agus an uair nach bí urlann san leathrann "láindénamh" goirthear don leathránn. DO NA HAISDIBH AR TÚS AGUS DON DEIBHIDHE CÉDUS. As eadh as deibhidhe ann, aisde chríochnaigheas an chédcheathromha dhi a rinn agus an cheathromha dhéigheanach a n-airdrinn agus iarras comhardadh ris gach focal don cheathromhain déigheanoigh ó sin amach do bheith san chédcheathromhain, óir ní bhí aonfhocal a cceathromhain déigheanoigh leathroinn ar bith taobh amuigh don fhocal déigheanach nach éigin comhardadh do bheith ris san chédcheathromhain, iná aonfhocal san chédcheathromhain, taobh amuigh don urlainn, nach éigin comhardadh nó airdrínn do bheith ris san cheathromhain déigheanoigh. Acht cheana ní hiarthar san tseoladh acht rinn agus airdrínn amháin do chomhardadh ar bith mar so:
"Óglách do bhí ag Muire Mhóir, Nach ttug eiteach na honóir, Leis narbh'áil don uile bhan, Amháin acht Muire Mháthar".
DON TSÉDNA. As eadh as sédna ann, aisde ag a mbí ocht siolla san chéidcheathromhain don leathrann agus a seacht san dara ceathromhain agus chríochnaigheas an ccédcheathromha a bhfocal
dá shiolla agus an cceathromha ndéigheanoigh a bhfocal énshiolla a ndiaigh fhocail doishiollaidh go neimhinmheadhónach, muna raibhe iarmbérla eattorra mar so: "Rí na ndúl an rí do-roighne, Do-ní úr don choinnle chríon". nó "Maighre geal fá eitibh eala, d'eitil re bhfear ttreagha téid". Agus as don fhocal énshiolla sin goirthear "bráighe". Agus an uair bhíos iarmbérla eidir an mbrághaid agus an focal doishiollach sin roimhe adeirthear bráighe ris, agus togthar mar bhinib giongo ccurthar mar locht ar an tsédna é ut: "Cuimhnigh go bhfuil a rí ad rolla, Fuil na ttrí cColla ar do chúl". Gidheadh más iarmbérla é ceangaltar re báthadh nguthaidhe san bhfocal énshiolla sin bhíos ar deireadh; foghnaidh amhoil nach biadh ann ar énchor mar so: "Acht iongnadh ag fior a bhFhomhóir, Ciodh fá ttiobhradh onóir d'aodh". "Iomdha file ga bhfuil oigi Ga fighe a ttoigh oide dh'Eoin". As amhloidh bhíos seoladh na sédna; ocht siolla san chédcheathromhain agus focal doishiollach ar dheireadh; na seacht siolla san dara ceathromhain agus focal énshiolla fa dheireadh innte gan conndas créd é an focal bhias roimhe, ní hionann agus an leathrann, agus an uaim eidir fhoclaibh comhthórann an dara ceathromhan; agus an focal énshiolla déigheanach an tseolta do choimhtheacht a ccomhardadh ris an mbrághaid mar so: "Trí gártha as gnáthach na dhúnadh Dúnadh ard a n-ibhthear corm Gáir na stéd a ndáil na ndeighfhear, Gáir théd agus gáir gheimheal ngorm".
DON RANNOIGHEACHT MHÓIR. As eadh as rannuigheacht mhór ann, aisde chríochnaigheas gach ceathromha a bhfocal énshiolla agus in a mbí coimhtheacht uaithne ag dhá fhocal déigheanach an dá cheathromhan agus comhardadh re huaithne na cédcheathromhan san cheathromhain déigheanuigh mar so: "Do-bheir buing bhéime ar do bhladh Druim do char ré féile ag fior". "Ní héidir an ghuidhe ghnáth Tráth éigin nach fuighe fiach". "Tar a> ais mur do fheac call Breac ina bharr lais ón lionn". As amhloidh curthar seoladh ris; dá cheathromhain do chur re chéile agus focal déigheanach gach ceathromhan díbh ag teacht re chéile mur uaithne; agus comhardadh slán nó brisde ris gach focal oile don dara ceathromhain do bheith san chédcheathromhain; agus focal déigheanach an leathroinn mar so: "File dhá ccarann Chloinn tTáil, Ní anann ag droing dá dheóin". "Maighre taghaill mara mhóir Fóill ar abhainn ttana a threóir". "Dealg atháloidh othras Taidhg, Dar n-antráthoibh tochta in tuilg Créucht oile ar fheolfhoghail ndeilg Loighe an deirg bheoghonaigh bhuirb". Acht cheana ní dhligh uaithne na cédcheathromhan don tseoladh coimhtheacht a ccomhardadh re haonfhocal don rann uile.
DON CHASBHAIRN. As eadh as casbhairn ann, aisde chríochnaigheas gach ceathromha a bhfocal trí siolladh choimhthig re chéile dh'uaithne mar so: "Puirt ríogh Achaidh Fhionnlogha Síodh Chathail a ccomhladha". "Dá ghoin d'arm Í Iúghaine Do mharbh soin an síodhuighe". As amhloidh curthar seoladh ria: dhá cheathromhain do chor re chéile ag a mbía uaithne; agus do nós na rannoigheachta móire, focal déigheanach in dara ceathromhan don tseoladh do theacht re focal déigheanach an leathroinn mar chomhardadh, mar so: "Así an eacluis aoibhneasa In measroigh a mianghusa Sriobh tré tholchoibh taobhghlasa Na orthain d'fhior fhiabhrasa". DON RANNOIGHEACHT BHIG. As ionann dénamh don rannuigheacht bhig agus don rannuigheacht mhóir, mar adubhramar, acht gurab focal doishiollach bhíos ar deireadh gach ceathromhan don rannuigheacht bhig ut: "Do teannadh ré digh ndrúchta, Idh lúbtha um cheangal ccéuchta" "Sreabh go brúach na bróin mhaighreadh Do luach t'fhailgheadh n-óir dh'ionnladh". "Bos ó Ghearóid bhán ghormgha Cros chomhdha seanfhóid Sadhbha".
Ionann modh ar a ccurthar seoladh ría agus ris an rannuigheacht mhóir acht eidirdheilioghadh na bhfocal n-aoinshiolladh agus doishiolladh sin dheireadh na cceathromhan ut: "Rogha na cloinne Conall Togha na droinge adearam Tolg dar seoladh rug romham Conall tug d'Eoghan fhearann". Atá ní oile adeirthior do bheith na riachdanas ar dhán .i. dúnadh nó iadhadh, in uair curthar nuimhir rann reroile madh a nduain nó a n-adhmad, agus asé as dúnadh ann .i. gibé rann, leathrann nó ceathromha, focal no cuid de, madh aoinshiolla nó nísa lía, nó litir a ttionnsgain an dán, a chríochnughadh san ní cédna. DONA CONSAINIBH AR AR LABHRAMAR CHUDRAMAIGHEAS NÓ DO-NÍ ÁIT CHONSAINE d'AONSHÓRT. Atáid consaine dh'áiridhe ann an uair theagmhas re cneas consaine dh'áiridhe oile iad, athroigheas a mbrígh nádúrtha féin a mbrígh chonsaineadh do shórt oile mar laibheóram síosana. Acht cheana sul laibheóram orra tabhoir na riaghlachasa síos dot aire as An Leabhor Cheapaireachta mar fhondament: 1. Ar tús, ní cóir consaine na aonar acht re consaine dá aicme féin. 2. Ní bhí feidhm comhardaidh do chonsainibh ar nísa lia ná dhá chonsaine ar gach táobh mar so, "na lúibsean" agus "drúichtsgreamh", cóir do chomhardadh reroile. 3. Acht so síos: fuilngidh dá chonsaine a bhfocal gach a mbí san bhfocal oile do chonsainibh teanna agus éttroma do chomhardadh ris, ut "foghmhar" agus "gormghlan" cóir do chomhardadh. 4. Ní théid s na consaine bog do bharr a ccomhardadh, mar as follas orra so síos atá lochdach: "Nír loisg don toisgsin na toighi, Loisgfidh don toisg oile iad".
"Daoine bhan ccáisgsin gan chrodh San ráithsin Chraoibhe Cruachan". 5. Fuilngidh an consaine bog consaine chruaidhe, theanna nó éttroma mar aon ris, dhá mhéd dhíbh theagmhas na fhochair a bhfocal don chomhardadh, agus do-níd coimhtheacht re consaine mbog agus gibé ar bith consaine é nach p bhias na> fhochair, mar so "seachtmhain", "leantair" cóir do chomhardadh; "geangcthnúidh" agus "seantúir" .c. 6. Brígh consaine éttroim bhíos ag consaine gharbh re cneas consaine bhuig, mar so "falc", "tacmhong", "slatcholl". 7. Gach áit in a mbí consaine cruaidh agus consaine garbh re cneas a chéile, as eadh bhíos ag an cconsaine chruaidh brígh consaine bhuig, agus ag an cconsaine gharbh brígh consaine éttroim, mar so "gadchor", "bratradh". 8. Gach áit a mbí ch re cneas s roimpe nó na diaigh brígh consaine éttroim bhíos aige, mar so "an teachso" agus "an fearso" cóir do chomhardadh íad; "cneaschaomh" agus "treaslaogh" cóir do chomhardadh iat amhloidh. 9. Do-ní s cumhachta oile mar so: bogaigh sí na cúig consaine mar atá dh, th, b, d, g roimpe, agus cruaidhighidh sí trí chonsaine in a diaigh go neimhinmheadhónach .i. dh, th agus c a n-énchás dá ngoirthear "c chumaisg"; agus asé as c chumaisg ann an tan téid g dheirigh fhocail a ndiaigh s go neimhinmheadhónach agus c thosaigh in fhocail oile a n-éncholl san chomhfhocal do réir riaghla na ccomhfhocal. Cruadhaighidh an s an c chumaisg sin mar so, "fleasgorr" uatha so, "fleasg" agus "corr". Do dhruim an bhogtha sin do-ní s roimpe, as cóir na focailsi uile do chomhardadh reroile .i. "an leathso" agus "an fhleadhso"; "an ceapso" agus "an ceadso", agus ní cóir aon dhá fhocal dhíbh re chéile sul tig an s na ndiaigh, mar so "leath", "fleadh", "ceap", "cead"; lochdach uile mar chomhardadh. Curthar s deirigh fhocail agus s an bháirr tig air a ccomhardadh re haoin s, "an glassa" agus "na basa"; agus curthar consaine cruaidh agus consaine gárbh re haonchonsaine mbog .i. an uair thig t dheirigh fhocail ré casadh a lár an fhocail a ndiaigh th, mar so: "Íota na díothta nach dearnadh, Íota iongnadh".
Curthar mar an ccédna dhá chonsaine éttroma an úair as a ccasadh thig consaine éttrom aca agus aonchonsain éttrom a ccoimhtheacht comhardaidh, mar so: "Dol uaidhibh ní budh díor dhamh Ar ghuailnibh ríogh as ríoghan". Mar an ccédna an uair thig "da" an tsamhlaighthe a ndiaigh l nó n, as consaine teann do chur ris a ccoimhtheacht ag iompódh an d sin an "da" a litir ionainn agus an litir sin dheirigh an fhocail, mur so "urra" mar rínn re "saoghallda" ag dénomh "saoghalla" dhe, nó consaine éttróm nó tróm, agus consaine cruaidh do chur ris ag fulang dhon "da" sin na riocht féin, mar so "orda" do rinn re "saoghalda". Ó do labhramar an uiread sin ar na consainibh do thaobh na ccomhardadh adéuram an beagánso ar na guthaidhibh: An uair theagmhaid dhá ghuthaidhe re cneas aroile geárr as cóir an cédghuthaidhe dhíbh más guthaidhe do bhí geárr ariamh íad, mar so "an la úd", "an ga úd" chóir do chomhardadh; "an lá úd", "an dia úd" lochdach do chomhardadh. Do-gheubha an foghlamaidh má do fhágbhamar dearmad a ngnáthughadh léughtha oibreadh na suadh. DON BHRÚILINGEACHT. As eadh as brúilingeacht ann dán iarras gach ní iarras an dán díreach gan do dhealughadh eattorra in a ndénamh acht nach bhfhoghnann san bhrúilingeacht acht comhardadh brisde fá a ttuigthear rínn agus airdrinn agus uaithne brisde mar so: "Oighe choimealta na cclogad, An cloidheamhsa ag Cathal". Nír labhramar ar uaithne bhrisde mar do labhramar ar an ccomhardadh bhrisde do bhrígh nach raibhe áit san dán díreach ag in uaithne mbrisde; gidheadh ní fhuil ann acht do nós an chomhardaidh bhrisde fa na consainibh. Do-níthear an bhrúilingeacht ar gach aisde mar an ndán ndíreach.
Atá an t-ógláchas, nár smúain an t-ughdar d'fhágbháil amuigh, a ndiaigh an dara duilleog, agus dá madh olc leis an léightheóir an litir nó an t-eagar, tuigeadh nach easbaidh dúthrachta acht deifir fo deara et cra. DON ÓGLÁCHAS. As eadh as ógláchas ann gné dhána in nach bí acht sgáile dána a ccompráid in dána dírigh nach mór ceart iarras. As éidir a dhénomh ar aithris gacha haisde. Ar a shon sin as iad aisdeadha ré na gnáithche bheith ag dialladh don ógláchas .i. deibhidhe, sédna, rannoigheacht mhór agus rannuigheacht bheag, agus gné oile in a mbí an chédcheathromha cosmhail re casbhairn agus an dara ceathromha cosmhail re rannuigheacht mbig mar so: "A Dhuibhghil an ccluin tú in gháir Sa toighse amoigh go mórdháil, Ní binn lais gach cluais do-chluin Gáir bhainnse Mhic Í Dháloigh". An uair bhíos ar lorg deibhidhe ní íarrann do cheart acht rínn agus airdrínn amháin agus as ionann lais a mbeith brisde nó slán; agus asé ainm goirthear dhíbh san ógláchas "amas"; agus bí ar uairibh a n-áit reanna agus airdreanna, go mórmhór san tseoladh, dhá fhocal fhoghnas d'amas mar so: "Buan a mhairg do Chorc Cláire Is do Mhórshluagh na Máighe". Agus ar uairibh oile bí an rinn na focal énshiolla ag teacht mar amas ré siolla déigheanach fhocail trí siolla mar airdrinn mar so: "Borb a threathan ar gach tráigh Niall mac Eachach Muighmheadháin".
Cuid oile bhíos de ar aithris sédna, íarraidh amas an dá bhrághad agus dá ccurthar amas re focal in dá shiolla as feirde, agus do-níthear gan é mar so: "Gabh a Shíle a n-aghoidh haignidh, Ionar, falloing, feiléd sróill. Lean don cheird ar ar chrom Áine; Tuill bonn táille ar do thóin". An chuid bhíos ar aithris rannuigheachta móire ní iarrann acht focal éigin aoinshiolla, ar nach ccuireann beann a bheith na uaithne bhrisde nó shlán nó gan a bheith, acht nach rabhoid na n-amas, dho bheith ar deireadh gach ceathromhan dá gach leathrann. Gidheadh caithfidh amas do bheith re focal déigheanach na céidcheathromhan a n-áit éigin a ccreataigh na ceathromhan déigheanoighe ut: "Do-bhéuradh Seaán a Bhál A chead do chách bheith amuigh". Acht cheana dá raibh seoladh ris caithfidh focal déigheanach an dá leathrann teacht ré chéile a n-amas ut: "Dá léigthí go suaimhneach dó Dhá dhigh nó a> trí dh'ól dá chuid, Do-bhéuradh Seaán a Bhál, A chead do chách bheith amuigh". An chuid de leanas rannaigheacht mbig, ionann dénomh dhi agus don chuid leanas rannuigheacht mhóir acht gurab focail dhá shiolla bhíos ar dheireadh gach ceathromhan dise mar so: "Ní chluinim sin a chláirseach, Fuaras páidheadh am éisteacht Do-bheir Dia a n-íoc a dhochair Roinn sochair dá gach éinneach". "Ar do chláirsigh go ndúire, Ní bhí mo shúile acht druite, Ionann leam agus a claisdin, Do lámha d'fhaicsin uirre".
An chuid don ógláchas ag á mbí an chédcheathromha cosmhoil le casbhairn agus an dara ceathromha re rannuigheacht mbig ní fhuil do dhénamh uirre acht an dá fhocal treshiollach sin an roinn do theacht re chéile dh'amas agus an dá fhocal deshiolladh do theacht re chéile dh'amas mar an ccédna ut: "Slán uaim don dá Aodhaire Go bhfuil an earr na ttosach; d'úamhan fhir na saobhthuicsi Ní bhiú ní as sía dhá nochdadh". Finis.
Go ccongna in Coimdhe i sláinte anmo agus cuirp, agus a n-eagna, le gach aon dá léighfe in teaglomsa ghuidhfheas go caoíndúthruchtach ar an tí rothionnsgoin an ghramadachsa .i. Tádhg Óg, Mac Taidhg Dhaill Í Uiginn, agus ar an tí dá sgríobhthar, .i. an t-Athair Pátraic Tirial.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services