Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Graiméir Ghaeilge na mBráthar Mionúr

Title
Graiméir Ghaeilge na mBráthar Mionúr
Author(s)
Ó Maolchonaire, Tuileagna,
Compiler/Editor
Mac Aogáin, Parthalán
Composition Date
1659
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1968)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




A Madríd damh an tan do criochnaigheadh leam an ghramadach bheagso do
sgríobhadh don Athair Patraic Tirial do Naomh-Ord S. Froinsias ionnas go
madh sealbh díleas do é go rochdain Erenn agus iaramh. Agus go madh
congnamh dhó do mheadughadh gloire Dé agus leasa in phobail, agus ní
congnamh soláis damh a thriall don Roimh don churso. September
an cuigeadh la fichead, 1659.


L. xxi


Aitchím guidhe spesialta gach leighfios an leabharsa dha bhar seise agus da
bur ndearbhrathair, Tuileagna O Maolchonaire.


L. 82


B 1655ls 17L
U 0001
QUARTA PARS
DE ARTE POETICA.



AN CEATHRAMHADH RANN
THRÁCHDAS AR
EALADHAIN AN DHÁNA GAOIDHEALDA.



DON DÁN.



Asé as dán ann comhrádh múisiocdha iar na eagar do réir
na siolla, na bhfocal agus na gceathramhan bhíos ag freagra a
chéile a nuimhir agus a bhfoghar. Atáid trí gnéithe dána ag
an nGaoidheal .i. dán díreach, mar tá metrum a ngréig agus a
laidin, ógláchus mar tá rithmus a ngréig agus a laidin agus
brúilingeachd atá inmeadhónach eatorra araon.



Atáid seachd neithe na riachdanus ar an bhfilidh chuca so:
tomhus siolla, uaim, comhardadh, rinn, airdrinn, uaithne agus amus.
Atáid fós neithi iomdha oile na riachdanus air chuca so mur
tá, fios ronna agus coimhcheangail na nguthaidheadh, fios claochlúidh,
aicmeadh, bráithirse, cadaid, báthaidh, coimhcheangail,
cumhachd, ceannais na cconsaineadh agus fios na sínteadh.



DONA GUTHADHAIBH.



Atáid seachd litre déag a n-aibghitir na nGaoidheal. Atáid
chúig litre dhíobh sin na nguthadhuibh, a trí leathan a, o, u:
a dhó caol, e, i. An tan ghreamhuidheas dhá ghuthaidhe


L. 83


dhíbh sin d'aroile a n-éinshiolla, "defhoghrach" goirthear
díobh tre dhá fhoghar do bheith aca san tsiolla, mar atáid
dipthongi a ngréig agus a laidin. A dhó dhég a líon sin, ao, ae, ai,
ea, eu, eo, ia, io, iu, ua, ui, oi. Atáid trefhoghraigh gun
Ghaoidheal d'iomarcaidh seach ghréig agus laidin. A cúig a líon
aoi, eoi, iai, iui, uai.




DONA CONSOINIBH.



A dó dhég líon na cconsoineadh sul ghabhuid féin greim
dh'ároile nó suil do-niad claochlughadh re h dho ghabháil
greama dhíobh: b, c, d, f, g, l, m, n, p, r, s, t. Budh follas
as na neithibhsi síos na consoine ghabhas greim d'aroile nó
chlaochluigheas re h.



D'AICMEADHUIBH NA cCONSOINEADH.



Atáid sé haicme chonsaineadh ann. consaine éadtroma -
bh, mh, dh, gh, r, l, n; bhoga - p, t, c; chruaidhe - b,
d, g; theanna - rr, ll, nn, m, ng - bíd so éttroma a ndiaigh
shínidh fhada; gharbha - th, ch, f; aimrid nó aonda - s.


L. 84



DO BHRÁTHAIRSI NA GCONSAINEADH.



Atáid consaine áiridhe aga bhfuil gaol agus bráithirsi reiroile
sech na gconsaineadh oile. B, m, p, f, atá braithirse eatorra;
g, c, mar sin; d, t, l, n, mar sin. Atáid dá chonsaine gan
bráthairse re hénchonsaine - r, s - achd amháin go ndénann s
cadad ar dh agas ar th seach na cconsaine oile.



Asé as cadad ann, an séimhioghadh dho cheilt. Do-ní gach
consaine cadad ar a comhghaol féin. Do-niad na consaine
ionanna cadad eatorra an tan nach báithid a chéile.




DO BhÁTHADH NÓ DO CHUMASG NA
cCONSAINE.



Gibé cruth a tteagmhaid dá chonsaine ionanna dhá chéile
a n-énfhocal, séimh nó lom, báithtear an dara consaine agus
mairidh an consaine oile lom, achd amháin r, l, n, muna
rabhuid a ndiaigh shínidh fhada. M roimh b, nó bh re
m, énmhuin lom do-níthear díobh. B lom re m, anaidh
na riochd féin.



"A fhir do-chuaidh don charruig
Gabhmaoid digh uaibh is ibhmid". cóir.
"obmaid". lochdach.


L. 85


An tan theagmhus consaine cruaidh agus a bráithirsi dho
chonsaine bhuig dhá chéile, consaine bhog do-níthear díbh.
Mar sin dóibh iar n-uathadh dho ghabháil ghreama dhíobh;
.i. ch bhíos a ndiaigh ghuthaidhe leathuin, achd ch garbh
nach téid a cconsaine ar bith, mar tá "boiceann" uathaso,
"bog" agus "ceann"; "clacorr" uatha so, "clagh" agus "corr";
"braclan" uatha so "braich" agus "glan". Ní hionann agus "clachcorr",
"brachglan" ó "méd na mbrach". Bíodh a fhios agad
nach déntar cadad ná báthadh consaine d'oghum ná dho
sgríbhneorachd achd a gcomhfhocal amháin. Gidheadh
do-níthear do ghaoidheilg agus do chanamhuin.



DO CHOIMHCHEANGAL NA GCONSAINE.



Asé as coimhcheangal consaine ann, an tan ghabhuid dhá
chonsaine greim d'aroile go ndéntar defhoghrach nó consaine
dúbalta díobh. Atáid cheithre deafhoghraigh ann mar sin,
rr, ll, nn, ng. Adéarad aroile gurab deafhoghrach p go bhfoghur
b agus f. Bíd na deafhoghraigh ar dhá mhodh ó nádúir, mar so
"gearr", "geall", "crann", "long", agus ó shiocair .i. an tan
teagmhaid consaine ghabhas greim d'aroile dá chéile a
gcomhfhocal nó a ngreim comhfhocail, a ccomhfhocal
canamhna, nó a mbarr. R, l, n, an tan teagmhuid dá n-aithghin
oile, teann nó éattrom, rr, ll, nn, do-níthear díobh achd a
ndiaigh shínidh fhada. Foghur ll bhíos ag ln ar uairibh, mar
tá "méd na colna" agus "na holna". Foghur nn bhíos ag dhá
n re cneas a chéile, mar tá "méd na Sionna" agus "ar mbeinne".
L nó ll, agus d nó dl, ll do-níthear díobh. N nó nn agus d,
nn


L. 86


do-níthear dhíbh. Ní bhí ng achd ó nádúir muna raibh a
n-uirrdhioghadh. Ní chuireann s re n ná re l, nó re r toirmeasg
ar choimhcheangal; "mear" agus "sruth", "mearruth" a
comhfhocal. F mar sin, óir díchuirthear fh agus sh as a
n-áitibh a tús an fhocuil déigheanuigh dhon chomhfhocal
don ghreim comhfhocail, don chomhfhocal chanamhna,
achd sg, sb, sd, sm, ar nach téid séimhioghadh ná oirrdhioghadh.
Séimhioghadh as cóir a tús gach consaine oile dá
mbia ar tús an fhocail déigheanuigh dhíobh sin, muna bhaca
cadad, báthadh nó coimhcheangal consaine é.



DHO CHUMHACHDUIBH NA GCONSAINEADH.



Bogaighidh s dh, th, b, d, g, roimpe. Cruadhuighidh s dh,
th, na diaigh, agus c an tan as c báthaidh nó cumuisg é, mar
tá "fleasgorr" uatha so "fleasg" agus "corr"; do-chuaidh an g
san ccoll agus do-rinne sg arís de iar mbeith bog na c chumuisg
dhó. Brígh chonsaine éttruim bhíos ag consaine gharbh re
cneas s:



"An t-éadachsoin ar an eoch
Ní hégcosmhuil re heiteach".



An tan teagmhus consaine chruaidh agus consaine gharbh re
cneas a chéile, brígh chonsaine bhuig bhíos gun gconsaine
chruaidh agus brígh chonsaine éttruim gun gconsaine gharbh; "reachd"
agus "ceart", cóir do chomhardadh. An tan theagmhus consaine
bhog agus consaine gharbh re cneas a chéile, brígh chonsaine
éttruim bhíos gun consaine gharbh; "slatcham" agus "altram",


L. 87


cóir do chomhardadh. An tan teagmhaid consaine teanna agus
éttroma re cneas a chéile brígh consaine n-éttrom bhíos
ag na consainibh teanna. H umorra gin gurab litir í as iomdha
a cumhachda, do-ní consaine éttrom don chonsaine chruaidh;
do-ní éatrom do theand, mar tá m; do-ní garbh dhon bhug;
díbridh s agus f, achd sg, sb, sd, sm.



DO CHEANNAS NA gCONSAINE AR A CHÉILE.



S cédus rí na cconsaine; consaine bhoga iar sin; consaine
chruaidhe iar sin; consaine gharbha iar sin; consaine
éttroma agus teanna iar sin.



DONA SÍNTIBH.



Do thráchdamar ní éigin gonuige so go haithghearr ar na
litribh, mar atáid guthaidhe agus consaine. Tiocfam anois ar na
síntibh bheanas ris na siollaibh, ór atá roifheidhm ag an
fhilidh ar a bhfhios do bheith aige.



Asé as síneadh ann treimhsi fhada nó ghearr do chaitheamh
ris an siolla aga rádh. Atáid trí sínte san tshiolla ghaoidhealtha,
síneadh fada, síneadh gearr, síneadh meadhónach. Síneadh
fada, ní fhuil ann achd an siolla do rádh go mall righin
mar tá "lá", agus dá rabh fáth comharthaidhe air, mar so
comharthaighthear é síneadh fada. Síneadh gearr, síneadh sin re
gcantar an siolla go prap, aithghearr, mar atá so "fear".


L. 88


Síneadh meadhónach, síneadh sin le ccantar an siolla gan
roluas, gan romhoille. Ní gnáthuighthear an dá shíneadh
dhéighionach sin do chomharthughadh.



Bíd na trefhoghraigh uile fada dho shíor, aoi, uai, iai, iui,
eoi. Atáid deafhoghraigh áirridhe ann bhíos fada do shíor
mar táid so, ao, ua, eu, ia. Mar sin ae, achd ar chuid insgne
thú ar an aimsir do láthair a bpearsain, "gonae" nó a leithéid;
gearr bhíos annsin. Fada as gnáthuighe eo aoinshiolla achd
"deoch", "do neoch", "dhon eoch". Ea, gearr nó meadhónach
bhíos do shíor, achd ar chuid innsgne thú a bpearsain; fada
bhíos annsin, mar tá "dhá mbuailtea" etcra. Guthaidhe
re nguthaidhe, gearr bhíos murab trefhoghrach nó
deafhoghrach bhíos fada do shíor é. "An la úd" agus "an ga
úd", cóir do chomhardadh. An mhéd nach dubhramar
dona deafhoghrachaibh agus na guthaidhe aonda fós, as éidir
leo bheith fada nó gearr nó meadhónach mar theigéamhas
dóibh.



Consaine theanna deiridh fhocuil, síneadh meadhónach
bhíos rompa, mar tá "corr", "trom" etcra. Éttrom bhíd idir
dhá ghuthaidhe, mar tá "coinne", "méd na luinge" etcra.
Consaine theann re huchd an uile chonsaine oile, síneadh
meadhónach bhíos roimhe, mar so "sbongc", "allt" etcra. Consaine
éatrom re gconsaine mbog, no consaine bhog re gconsaine
n-éatrom, síneadh gearr bhíos rompa munab siolla fada ó nádúir
bhias ann: "arc", "do sgoilt", "macraidh" etcra. Consaine
cruaidh iar cconsaine éatrom, síneadh meadhónach bhíos
roimhe: "lorg", "Tadhg", achd "bárda", "dona bráighdibh",


L. 89


agus begán oile atá fada. Consaine cruaidh re huchd chonsaine
éatruim, síneadh gearr bhíos roimhe muna rabha
fada ó nádúir, "agra", "togra".



S re huchd na huile chonsaine, síneadh gearr bhíos roimpe
muna rabh fada ó nádúir, "do loisg", "ceisd". As éidir síneadh
gearr do chur a síneadh mheadhónach dá rabh consaine
éatrom re huchd chonsaine ghairbh nó s ann: "dona
manchaibh", dona hinsibh etcra. Consaine ghabh re gconsaine
n-éatrom síneadh gearr bhíos roimhe munab siolla fada
ó nádúir bhias ann: "eithre", "dhona hothraibh" etcra.
Ní bhí síneadh meadhónach re huchd chonsaine aonda achd
m lom amháin. Múinfidh gnáthughadh dhuit an mhéd nach
éidir dho chur a gcumuireachd dona síntibh annso.



Do fhoillsigheamar gonuige so na litre agus na sínte
bheanus ris na siollaibh. Tiocfamaoid anois ar na neithibh
oirdhearca oile atá na riachdanus ar an bhfilidh, agus nach
éidir dó a bhfios do bheith aige gan a bhfios so dh'fhagháil
ar tús .i.



DO THOMHUS NA SIOLLA.



As de goirthear tomhus siolla annso, méd áiridhe dho siollaibh
dho réir na haisde theigéamhus ort, do chruinnioghadh a cceann
a chéile agus ceathramha do dhénumh díbh, mar foillseóchthar
na dhiaigh so isna haisdeadhuibh.


L. 90



DO BHÁTHADH NA NGUTHAIDHE.
Comharthaigh annso an báthadh guthaidhe d'eagla nach
biadh tomhus na siolla mar budh cóir san cheathramhuin.
Asé as báthadh guthaidhe annso, an tan teagmhus guthaidhe
deiridh fhocuil nó iairmbéarla re guthaidhe ttosaigh iairmbéarla
go mbáthuid a chéile, ionnas nach bí achd brígh
aoinshiolla san tomhus ag an dá shiolla bhíos aca. Ní
déntar báthadh guthaidhe idir iairmbéarla agus tús focuil.
Ní déntar báthadh guthaidhe itir dhá shiolla fhada. Ní mar
sin dona siollaibh gearra. Siolla fada agus siolla gearr, a
mbáthadh as córa. "A Í Bhriain", ní dhéanann sin ná a
leithéid oile báthadh guthaidhe.



DON UAIM.



Asé as uaim ann dhá fhocul dhéigheancha na ceathramhan
do bheith ar éinfhiodh, más í ceathramha dhéighionach an roinn
bhias ann. Munab í, as éidir an dá fhocul bhus goire dhon
fhocul dhéigheanach do bheith ar éinlitir, agas "uaim
ghnúisi" goirthear don uaim sin. Gidheadh ná bíodh gnúis
gharbh .i. drochfhoghur ag an cheathramhain.



Gabhthar an uile ghuthaidhe ar son a chéile san uaim.
Dá ndeachadh h ar tús bhfocul ar a mbiaidh f, ris an litir
bhias na diaigh as cóir uaim dho chur, "a fhréamh rígh
Eoghaidh", "a fhlaith líne". Ní bhí s mar sin. Ní cóir


L. 91


s re huchd nguthaidhe gan s oile na aghaidh. Sg, sb, sd,
sm, ní cóir iad d'uaim re chéile ná s oile dh'uaim riu. Sr,
sl, sn, cóir iad féin d'uaim re chéile agas s oile d'uaim
riu. Ní cóir a n-uathadh re chéile, ná uathadh re s oile
riu. Cóir a ttulshunnradh re chéile agus tulshunnradh s riu:



"Má tá san tshíoth an tshleagh ghorm
Nó an corn a mbíoth seadh ag Sanbh".



Ní cóir ph gan ph oile na aghaidh. Dá tteagmhadh uirrdhioghadh
ar fhocul ris an bhfhiodh ndúthchasa .i. an litir
shealbhtha, as cóir uaim dho chur: "bean ar mbuachuill",
"feidhm ar bhfir", cóir dh'uaim. Ní congnamh ná
toirmeasg uama iairmbéarla. Dá dtigidh "do" pearsan nó
tuilréama nó sealbhuighthe, nó "mo" sealbhuighthi ar tús
bhfocul iar mbáthadh nguthaidhe ris an bhfocul bhias
na ndiaigh as cóir uaim dho chur: "dh'fhulang anró",
"dh'fhior énuaire", "m'fhear ionmhuine", cóir d'uaim. A
leithéide oile mur sin.



DON ChOMHARDADH.



Bíd na trí neithesi síos, comhardadh, rinn, uaithne, ar dhá
mhodh, díreach nó bristi. Asé as comhardadh díreach ann,
focuil do fhreagra a chéile do réir ghuthaidheadh, chonsaine
agus shínteadh. Ní cóir guthaidhe gan a aithghin féin na aghaidh
a ccomhardadh. Ní tabharthar freagra ar chonsaine thosuigh
an fhocuil a ccomhardadh. Ní cóir gan consaine dhá aicme féin


L. 92


do bheith a n-aghaidh gach consaine oile dhá mbia san fhocul,
achd amháin nach fuil feidhm ar nísa mó iná dhá chonsaine
ar gach ttaoibh a n-aoinionadh. Dá rabhad nísa lia bíd
cuid díobh ar nach ttugthar freagra, agus consaine bhairr
goirthear dhíbh sin: "drúichdsgreamh agus a mhúidsean",
cóir do chomhardadh; atáid trí chonsaine bhairr annsin,
ch, g, r. Ní cóir s ná consaine bhog dho bharr.



Gach consaine as lúgha ceannas iná chéile asé as cóir
do bharr. Cuimhnidh annso cumhachda cadaid agus báthaidh
na cconsaine d'eagla nach é a brígh féin do-bhéarthá dá
gach consaine san chomhardadh. Ní do réir oghaim na sgríbhneoireachda
as cóir comhardhadh dho chur achd do réir
ghaoidheilge agus chanamhna. "Caiththear" agus "faiceadh",
cóir do chomhardadh. Gé atáid dhá chonsaine gharbha na
lár so "caiththear", foghar énchonsaine bhuig atá aca. Ní
fuláir sínte ionanna do bheith sa chomhardadh. Ní fuláir
fós comhthrom siolla agus a mbeith ar chomhair a chéile do
bheith ann. As éidir na consaine bhíos ar aonbhall do bheith
tar a chéile; "macraidh" agus "saltair", cóir do chomhardadh.
Ní cuirthear comhardadh re hiarmbérla. Ní cóir focul do
chomhardadh ris féin muna rabh claochlúdh céille san dara
hionadh aige, nó muna rabh breacadh ann.



Asé as breacadh ann, an tan tairrngeas an focul as mó
feidhm san leathrann, nó an úrlann, nó focul éigin dá mbia
san tsheoladh, na focla oile as ionann agus é féin bhíos san
leathrann, chuige, ionnas nach tabharthar brígh is na comhardaibh
dhóibh, mar atáid so:



"Así an chathaoir an chathaoir,
An chathaoir gan chomhthathaoir".


L. 93


Do-chuadar an dá chathaoir oile san chathaoir atá na rinn.




"Gráin ar na Luanuibh ón Luan,
Cáir uamhain resan énLuan".



"Ní mar do-ním dho-ní an bheach,
Do-ní teach suil do-chí an cioth".



"Go mbí re huchd gach aoinfhir,
Saoilidh a mbí a ngurt ghábhaidh".



"Coill na leithinsi as coill chrom,
Do chleithfhillsi go comhthrom".



"Ní tú an bheochnú nach beo gníomh,
Cnú bheo d'fheolchrú na n-airdríogh".



"An port nar iomdha ní ané,
As diongna é anochd gan ní".



"Mac Con fa calma croidhe,
Tarla lá ar Mhagh Mucruimhe,
Smachd na flatha ó mhuir go muir,
Lá catha ar Art do fhóguir".



"Giall ó mhac Bé Bhionn do Bhrian,
Giall dá chionn dod mhac, a Mhór".



Cóir dá fhocul re hénfhocul ar uairibh .i. an tan bhíos
caitheamh énfhocuil ortha, mar tá "druim ar dhruim", "saoi-daoi",
"sochar-dochar" etr. Ní fuláir an chaoiche
do sheachna, mar tá "deighbhean" agus "deighsleagh" et cra.


L. 94



DONA REANNAIBH AGUS DONA HAIRDREANNAIBH DÍRGHE.



Asé as rinn ann, an cédshiolla d'fhocal dá shiolla nó trí
siolla dho léigean tort agus comhardadh do chur ris an gcuid oile
dhe. Rinn bearar ar an bhfhocul sin as giorra, agus airdrinn ar
an bhfocul oile, mar tá "glan" agus "bualadh" nó "marbhadh",
"soighidh" agus "ionnsoighidh" nó "fiafroighidh". Ní théid
airdrinn tar thrí siolladhaibh.



DON UAITHNE DHÍREACH.



Asé as uaithne díreach ann .i. focuil do fhreagra a chéile do
rér chonsaine agus shínteadh. As éigin na consaine agus na sínte
dho choimhéad annso, mar do-níthear san chomhardadh.
Ní déntar do choimhéad ar na guthaidhibh ann achd guthaidhe
déigheancha na bhfocul do bheith caol araon nó leathan
araon.



Atáid cheithre gnéithi uaithne ann .i. uaithne énshiolla,
mar tá "fuar" agus "caol"; dhá shiolla, mar tá "bronnadh"
agus "ceangal"; trí siolla, mar tá "fuaruisge" agus "tánaisde";
cheithre siolla, mar tá "doinningneacha" agus "dubhmhailgheacha"
etcra.


L. 95



DON CHOMHARDADH BHRISTE.



Asé as comhardadh briste ann focuil do fhreagra a chéile do
réir shínteadh agus ghuthaidheadh. Ionann coimhéad as cóir
do thabhairt ar na síntibh agus ar na guthaidhibh annso agus san
chomhardadh dhíreach. Gidheadh as cuma créd iad na consaine
bhias ann, na reanna agus na hairdreanna briste mar sin.



An t-uaithne briste umorra ní fhuil ann achd na sínte
amháin ionanna agus guthaidhe déigheanacha na bhfocul do
bheith caol araon nó leathan araon:



"Tug foghar bheach mbinn Éirne.
Codladh ar fhear n-easláinte.



DON AMUS.



Ní fhuil san amus achd foghar ionann do bheith ag na
guthaidhibh. As beag nach ionann é agus an comhardadh briste
achd nach iarrann an t-amus comhthrom siolla ar uairibh:



"Más daondachd dealbhthar san dán,
Más dealbh nó laochdhachd nó lúth,
Do nós gach mheic roimhir ríogh,
Reic a ghníomh ní doiligh dhún".



Cuirid fós daoine áiridhe ea agus a a n-aghaidh a chéile a n-amus
go hannamh. Ní mholaim iad sin do leanmhuin. Cuirthear oi
shínidh ghirr agus ai a n-aghaidh a chéile ar uairibh mar tá "troigh"
agus "flaith". Asé do-bheir sin, foghar ai bhíos ag oi annsin. "Aoi
trasgairthi" do-bheirid na seinfhilidh air sin. Gidheadh dob
éidir "ai trasgairthi" dho thabhuirt uirre. Foghnuid fós
na comhardaidh féin ar son an amuis.


L. 96



DO GhNÉITHIBH AN DÁNA BUDHEASDA.



Do Chéidneithibh, Don Dán Díreach.



Ó do fhoillsigheamar go so na neithe fhoghnas don fhilidh
d'fhagháil eolais ar gach ngné do dhán fa seach, as foillsighthe
anos na gnéithese féin ar an dán díreach.



DON DAN DÍREACH.



Asé as dán díreach ann dán do-níthear le comhardadhuibh
dírghe maille re reannaibh agus re hairdreannaibh nó le huaithneadhuibh
dírghe. Atáid chúig aisdeadha oirdhearca san
dán ndíreach .i. deibhidhe, sédnaídh, rannuidheachd mhór,
casbhairn agus rannuidheachd bheag.



DON DEIBHIDHE.



As amhloidh bhíos an deibhidhe, bíd seachd silla is
gach ceathramhuin di. Bí an focul déigheanach don chédcheathramhuin
na rinn agus an focul déigheanach don dara
ceathramhuin na airdrinn ris. Bí comhardadh ris gach bhfocal
oile dhá mbia san chédcheathramhuin ag tabhairt freagra
air san cheathramhuin déighionaigh. As éidir aonfhocul
amháin do bheith ar tús na cédcheathramhan ris nach
ccuirfidhear comhardadh san dara ceathramhuin agus "urlann"
as ainm dhon fhocul sin. Mar sin do-níthear an leathrann


L. 97


déigheanach. As amhluidh dho-níthear an cédleathrann dá
ngoirthear "seoladh", bí rinn agus ardrinn agus uaim agus seachd
siolla is gach ceathramhuin de agus ní hiarrthar chuige
achd sin:



"As ionann beantar Dia dhe,
An rí agus an té as táire,
Gá mó an cion, an chreach as mó,
Dá ndeach ó fhior a éanbhó".



DON TSÉDNAÍDH.



As amhluidh bhíos an tsédnaídh, bíd ochd siolla san chédcheathramhuin
don tsheola agus don leathrann innte, agus seachd
siolla san dara ceathramhuin. Bí focul dá shiolla a ndeireadh
na cédcheathramhan don tseola agus don leathrann déigheanach.
Bí comhardadh risan bhfocal ccédna re huchd an fhocuil
déighionuigh don dara ceathramhuin. Bí focul aoinshiolla
na dhiaigh sin. Bíd na focuil oile ag freagra a chéile a ccomhardadh
achd an urlainn amháin óir as éidir urlann do bheith san uile
aisde. Ní hé amháin achd as éidir dá urlainn do bheith a
n-aoinleathrann maille re riachdanus. Bí uaim ón ccéid
cheathramhuin go a chéile san tsheola. Bí focul aointshiolla ar
a dheireadh bhus cóir do chomhardadh risin bhfocul bhias
ar dheireadh an leathroinn déigheanuigh. Ní hiarrthar
chuige achd sin agus tomhus siolla, mar adubhramair roimhe.
Uaim ghnúisi as fearr san tsheola.



"Tángadar teachda na nGaoidheal,
Glantar foirne fiochthar mhil;
Dáil choinnmhe chugaibh go Cruachuin,
Tugaidh coinnle is luachuir libh".


L. 98



DON RANNUIDHEACHD MHÓIR.



As amhluidh bhíos an rannuidheachd mhór, bíd seachd siolla
's gach cheathramhuin di agus focul aoinshiolla ar deireadh gacha
ceathramhan. Bídh comhardadh re focul ndéigheanach chédcheathramhan
an leathrainn déigheanuigh ar tús nó a lár an
dara ceathramhan. Bí fós uaithne ris an bhfocul gcéadna
ar deireadh an dara ceathramhan. Bíd na focuil oile ag freagra
a chéile a gcomhardadh. Bíd focuil déigheancha chédcheathramhan
an tsheolaidh na n-uaithne. Bídh fós an focul
déigheanach dhe ag freagra fhocuil dhéighionuigh an
leithrainn a gcomhardadh. Bíd na focuil oile ag freagra a
chéile do réir amuis amhuil



"An uaisle ar dtréigean ó tá,
Rem dhuanaibh bréige ní bhiú,
Go ttí leam lighe do Dhia,
Nach beam ní as sia ag righe riu".



DON CHASBHAIRN.



As amhluidh bhíos an chasbhairn, bídh uaim agus seachd siolla
is gach ceathramhuin di. Bíd focuil déigheancha na gceathramhan
ag teachd d'uaithne re chéile. Bíd focuil
déigheancha an tsheolaidh agus an leathrainn ag teachd a gcomhardadh
re chéile. Bíd na focuil oile ag tabhairt freagra do réir
chomhardaidh san leathrann agus do réir amuis san tsheoladh ar
a chéile. Focuil trí siolla bhíos ar dheireadh na gceathramhan:



"Muir lán ar ccraoi chonnlaine,
Do bhaoi an trágh dhá tairrngire".


L. 99



DON RANNUIDHEACHD BHIG.



As ionann dénamh dhon rannuidheachd bhig agus don rannuidheachd
mhóir, achd amháin focul dá shiolla dho bheith ar
dheireadh gach ceathramhan don rannuidheachd bhig:



"Gé tá bás Dé na dheimhin,
Ceilidh a ghrás é dh'oighidh".



As iad sin chúig aisdeadha prinsiopálta nó oirdhearca an
dána dírigh ar a ngnáthuighthear duan agus adhmad do dhéanamh.



Atáid iomad d'aisdeadhuibh oile ann. Gidheadh ní gnáthuighthear
duan do dhénamh orra .i.



1. DROIGHNEACH DUBHCHON.



As amhluidh bhíos an droighneach, as éidir ó naoi siolla go
trí siolla dhég, do réir toile an fhile, do chur is gach gceathramhuin
di. Bídh focul trí siolla ar dheireadh gacha
ceathramhan di. Bí comhardadh re focal ndéigheanach na céidcheathramhan
ar tús nó a lár agus uaithne ar dheireadh an dara
ceathramhan. Bíd na focuil oile ag freagra a chéile a gcomhardadh.
Ionann ceart don leathrann agus don tsheoladh, agus bíd a
bhfocuil dhéigheancha ag teachd a gcomhardadh re chéile:



"Do-ghébh róm gan fholta gan imreasain,
An slógh re finnshleasaibh corcra an chuirmlissin,
'S budh díol teineadh don uallchath Eamhnasoin,
Dealbhlasair bhuadhchlach bhleidheadh na bruighnesin".


L. 100


2. CEANNTRUIME NÓ CASBhAIRN CHEANNTROM.



Ionann coimhéad di sin agus don chasbhairn achd amháin
gurab focul cheithre siolla bhíos ar a deireadh agus go mbí ochd
siolladha san cheathramhuin di:



"Mac súd ar sliochd fhionnMhanannán,
Ag súd an sliochd seangmharfhollán,
A earla dlúith dromghlanfhollán,
Cúich re ndearna deaghMhanannán".



3. SÉDNAOIDh MHÓR.



Ionann sin agus an tshédnaoidh oile achd focul thrí siolla
do bheith ar dheireadh na leathrann innte:



"Dh'fhior chogaidh comhuiltear síothcháin,
Seanfhocul nach sáruighthear;
Ní fhaghann síoth achd fear faghla,
Feadh Banbha na mbánfhoithreadh.



4. SÉDNAOIDH MHEADHÓNACH.



Mar tá so:



"Fearr silleadh na salm neimhdheidhe,
Dho-níthí ar leabthaibh linne;
Mairg do-gheibh an nglóir n-éttarbhaigh,
Óidh ar bhrégshalmaibh binne".



5. RIONNARD.



Mar so:



"Róimh na féile Fánoid,
Fairche fhileadh Éirionn;
Grian na magh an míonfhonn,
A n-an giall gan ghéibheann".



Rionnard thrí n-ard sin agus atá rionnard dhá n-ard agus cheithre
n-ard ann os a chionn sin.


L. 101


Atáid iomad d'aisdeadhaibh oile san dán díreach nach áirimhthear
annso. Gibé len feirrde a bhfios sin d'fhagháil,
múinfidh an léaghthóireachd na seinleabhar dó iad.



DON BhRÚILINGEACHD.



Asé as brúilingeachd ann, dán do-níthear le comhardadhuibh
briste maille re huaithne nó re reannaibh bristi. Bíd uaim
agus tomhus siolla annso mar bhíos san dán díreach. As éidir
gach aon aisde do thabhuirt asteach annso. Gidheadh, así
an chasbhairn as gnáithi ann:



"Muc chaoluigh ag clasaigheachd,
Fa bhun aoltuir th'eascarad".



Mar so leanus lorg rannuidheachda bige:



"Atá a lán d'iochd is d'eineach
Isan chrios atá thorad".



As annamh do-níthear na haisdeadha oile innte. Gidheadh
as éidir a ndénamh mar so:



"Bruaigh na sroth lán as a los,
Ní ar a ccor atá in talamh".



Ionann coimhéd ceart don leathrann agus don tsheoladh
annso ar lorg rannuidheachda bige agus casbhairne agus gnáthuighthear
iomad seolta do chur re héinleathrann ann, an tan
leanus lorg casbhairne.


L. 102



DON ÓGLÁCHUS.



Asé as ógláchus ann gné dhána do-níthear le tomhus siolla
agus le hamus. Bíd aisdeadha iomdha annso. Gidheadh ní tabharthar
anmanna áiridhe orrtha achd lorg na n-aisdeadh oile dho
leanmhuin dóibh.



An tan leanus lorg rannuidheachda móire nó rannuidheachda
bige bíd seachd siolla san cheathramhuin. Bí amus re focal
ndéigheanach na cédcheathramhan a ttús nó a lár an dara
ceathramhan. Bíd focail dhéigheancha na leathrann ag freagra
a chéile a n-amus. Ionann coimhéd ceart don leathrann agus don
tseola:



"Más deóin fuaras nó éigean,
A ríoghan dhéidgheal dathta,
As cóir mo cheangal d'airgead,
Nó mo mharbhadh le bata".



"Ní fhuil san ghlór bhfhaoilidh n-ait,
Muna rabh méin mhaith dhá chóir,
Ní fhuil san chruth shéaghuinn shuairc,
Achd cloidheamh luaidhe a ttruaill óir".



Leanuidh fós lorg rannaidheachda móire mar so



"Truagh an dál, ón truagh an dháil,
Bhíos for shluagh an bheatha bháin,
Nach é as domhan dá gach aon,
Bhail a mbeidís a aos gráidh".



Nó mar so a ccúig siolla:



"Uch as cian mo chuairt,
Re dhá uair dho ló;
Dá rabh sí nías sia,
Biaidh mo phian nías mó".


L. 103


Mar so leanus lorg casbhairne: Bíd focuil trí siolla
tig le chéile d'amus ar dheireadh na ccédcheathramhan dhon
tsheoladh agus don leathrann agus focuil dá shiolladh thig re
chéile dh'amus ar dheireadh na cceathramhan ndéigheanach:



"Fada atáid na hingheana,
Dho-chuaidh ar cheann na cruite
Ní hé moille a n-imtheachda,
Achd a tteagmháil san mhuine".



Mar so leanus lorg deibhidhe:



"Sgítheach sin, a Chlanna Chuinn,
'S a shíol Oilealla Óluim;
Leigidh feasda bhar ndoghra dhíbh,
Córa dh'Olltachaibh imshníomh".



Nó mar so:



"Ó dho chuirsiom cath Crionna,
Ó dho gháirsiom ar ngriolla",
Ní bhia ar ar n-aire ó so amach,
Achd cluithe, fíon as fiadhach.



Nó mar so:



"As uime dho chuirinn Niall,
Dom leith dheis fa caomh an chiall,
Ar uaisle an leithe deis dil,
Do mhac rígh Éireann éachdaigh".



Nó mar so:



"Mo dhá dhaltán níorsad liúin,
Niall Teamhra, Corc Caisil ciúin,
Ua Eoghain Mhóir, mór a rath,
Ua Cuinn mar Chonn cCédchathach".



As iomdha gné oile ar a ndéantar ógláchus. Gibé len feirrde
nísa mhó dh'eolas d'fhágháil ann, múinfidh gnáthughadh
na ndán n-ógláchuis dó é. FINIS.


L. 104



DONA BÉIMEANNUIBH AS CÓIR DO ShEACHNA SAN
DÁN.



Do chédneithibh, ná bíodh cuimhne agad ar dhéanamh na
n-adhmad ag déanamh duaine nó comhfhad, ná ar dhéanamh
na nduan ag déanamh na n-adhmad. Cuimhnigh a mholadh
iomchubhaidh do chur re cois gach focail. Ná habuir "leomhanta"
re mnaoi, "sgothach" re muir, "maighreach" re coill, nó a leithéide
oile. Ná bíodh sunnradh ná barr agat achd na n-áit iomchubhaidh
féin. Ná bíodh sunnradh agad gan bharr nó gan
chéill teasaigheachda na ndiaigh, munab ní oirrdhearc
nó aonda do b'áil leat do thuigsin ann, nó muna abairtheá
"an bhean" ar son na n-uile mban, nó a leithéid oile. Ná bíodh
bairr ionanna náid bairr oile fós achd go hannamh ag freagra
a chéile a ccomhardadh ná a rinn ná a n-uaithne ná a
n-amus agat.



Seachain an t-eimhealtus .i. aonfhocal do rádh go meinic
an tan nach biaidh tlachd air. Ná bíodh gnúis gharbh ná
claoine ná seirbhe fhoghair ná neimhtheachd canamhna náid
focail chniopacha, mar tá "caintmhálla", "cnoc mhór," nó a
leithéide oile náid focuil chríona nach bhfuil ar
gnáthughadh ag na fileadhaibh oirrdhearca, nó geannfhocuil
chruaidhe, agad ad dhán. Seachain an fairbrígh .i. aibhéil
gan résún. Seachain an rúghrach .i. trí focuil budh cóir
dho chomhardadh re chéile dho bheith a n-aoinleathrann.
Asé as leasughadh ar sin an ceathramhadh focul do chur san
tseoladh nó breacadh do bheith ann. Saoraidh foghar aoi
trasgairthe oi gearr aoinshiolla ar rughrach. Seachain an
droichead uama .i. focuil na cceathromhan uile do bheith


L. 105


ar aoinfhiodh muna rabha séimhioghadh nó oirrdhioghadh
ar chuid éigin díobh tar an ccuid oile.



Seachuin in maos agus an anshocra. Seachain na comhfhocla
anshocra san uile bhall. Narab dhot dheoin chuirfios tú nísa
mhó iná dhá fhocul a ccomhfhocul dá mbia agad ad dhán.
Seachuin na comhfhocla is na comhfhaduibh, go háiridhe an
tan tiad tar dhá shiolla muna rabhat ar deireadh
casbhairne. Seachain in congmhálach agus an laoidheadhthórachd
ansaothrach san uile bhall. Ná grádhaigh in tearcánach
ná an láindéanamh. Asé as tearcánach ann an
cheathramha dhéighionach dho bheith taobh re dhá fhocul
más deibhidhe bhias ann, nó re trí foclaibh más aisde oile
bhias ann. Asé as láindénamh ann cheithre focuil do bheith
san cheathromhuin déigheanaigh más deibhidhe bhias ann,
nó nísa lia más aisde oile bhias ann.



Seachuin na taobhrátha, mar tá "slat slaghadh", "eo Sionna";
na hanmanna búidhe, mar tá "a chnú chroidhe"; na focla
baramhla, mar tá "Earcail bhfear bhFuinidh", "leomhan
Leithe Cuinn"; na focla simplidhe, na haigeanta bunadhtha,
moladh na mball is na comhfhadaibh. Seachuin na comhfhocla,
na comhfhocla canamhna, na greamanna comhfhocuil
ar deireadh na deibhidhe is na comhfhaduibh. Bíoth
síneadh leabhar ag ceathramhnuibh na deibhidhe is gach
aonbhall agad. Seachain an ceannfhada san tsédnaoidh
.i. iarmbérla gan báthadh nguthaidhe do bheith ré huchd
an fhocuil déigheanuigh don leathrann, mar so:



"An té dho chruthuigh in chruinne,
Ré shuthuin uirre ní fhuair".


L. 106


Gé dho chumadar saoithe a leithéid sin, ní hannsin as
cóir a leanmhuin.



Fágbhuim fa chomhair na retoirice as mian liom do
sgríobhadh agus fa chomhair an oide dheaghaithnidh an mhéid
nar sgríobhamar do bhéimeannaibh an dána annso.


L. 109


B 1659ls 17L
GRAIMÉAR UÍ MAOLCHONAIRE.



A N-AINM DÉ AN TIONNSGNADHSO.



Atáid seacht litre dég san ngaoidhilg re bhfhuil riachdanas,
mar atá:



a, b, c, d, e, f, g, i, l, m, n, o, p, r, s, t, u.



Ní liter h ar an ádhbhar nach guthaidhe iná consaine í, gidheadh
atá foghnamh mór san ngaoidhilg ría, mur atá marbhadh nó
séimhiughadh gach litre do réir riachdanais foghair in fhocail
nó an tsiolla. Roinntear litre na gaoidhilge ar dhá mhodh mar
do-níthear litre gach teangadh oile .i. a nguthaidhibh agus a cconsainibh.
Atáid na guthaidhe ar dhá mhodh, cuid díbh leathan
agus cuid cáol. A trí dhíbh leathan mar atá a, o, u, agus a dó caol,
mar atá e agus i. Ní déntar siolla ar bith gan guthaidhe agus bí
énghuthaidhe ar uairibh na shiolla. Sul labharthar nísa mhó
ar na siolladhoibh tráchtfam beagán ar athchuimre siolladh na
gaoidhilge.



As de ghoirmid "athchuimre siolladh" .i. liter, tiodal, nó
comhartha oile fhoghnas ar son litre, siolla nó focail, mar as
léir inar ndiaigh. Bíd athchuimre na siolladh ar cheachtar do
dhá mhodh .i. cuid díbh a n-eagar na litreadh san líne agus cuid
oile os cionn na litreadh eidir in dá líne.



An chuid díbh as gnáthuighe a n-eagar an líne, as iad so iad:


L. 110


An chuid díbh as meince ós cionn an líne ag so síos íad agus a
mbrígh féin ós a ccíonn. Ar tús, na huile ghuthaidhe os cionn
chonsaine bí a brígh féin agus brígh r roimpe aice, agus a mbrígh féin
agus brígh r rompa nó na ndiaigh ag o agus ag u. Mar an ccédna bí
brígh m ag an ccomhartha so, mur atá "cá"; agus brígh n ag an
ccomharthaso mar atá "é", "en", in uair bíd os cíonn ghuthaidhe


L. 111


sin. Gidheadh dá rabhaid ós cionn chonsaine deiridh focail go
háiridhe, bí brígh do rogha guthaidhe aca risin cconsaine ar son
a mbíd, más rogha leat é, seach brígh in chonsaine na aonar;
acht cheana dá raibh an tiodalso ós cionn s, do-ní féin agus
an s "acht" nó "ucht" taoibh risin s féin nó a ndeóigh ghuthaidhe,
mar so,: "s" nó "as" ar son "acht".



Mar an ccédna in uair bhíos an tiodalsa, -, ar son siolla,
is ar son siolla ar a mbí h. Maille ré h as gnáthuighe é mar atá
"bádh-" uadhaso, "bádhach"; nó "buadh-" uatha so,
"buadhach" nó "buadhachaigh". Gidheadh in uair bhíos a siolla
in a mbeith l, r, nó n, ní cóir comhartha h do chur fair, mar
atá "congm", "congmhail"; "congh-", "conghair"; "iom",
"iomain". An chuid oile dona hathchuimribh agus dona tiodloibh
gona n-eisiompláiribh síosana:


L. 112


Na huile chonsaine mar sin gnáthuighthior do chur os cíonn
litre ar bith, bí a brígh féin agus brígh guthaidhe defhoghraidh
nó trefhoghraidh roimpe aice agus má curthar comharthadh h uirre
na nod mar sin, cantar garbh nó éttrom do réir chinéoil an
chonsaine bhíos na nod. An bhrígh chédna bhíos ag an tiodalso
~, mar so "b~", "badh", "báidh", "buadh", "buaidh", "biadh" nó
"biaidh" etcra.


L. 113


Teagmhaid seacht n-aicíde dona guthaidhibh .i. cumasg,
coimhfhreagra, báthadh, iomlat, uirrdhiobhadh, lomadh, agus
treisioghadh.



DON CHUMMASG CÉDUS.



As eadh as comasg ann dhá ghuthaidhe nó trí ghuthaidhe
do chomascc a n-énshiolla ar chor nach biadh a fhoghar féin
iná a shoin go díreach ag énghuthaidhe dhíbh agus nach ccaillid
go hiomlán é, acht énfhoghar nó énshoin chomaisgtheach do
dhénomh dhíbh uile in uair sin. Agus an tan do-níthear comascc
do dhá ghuthaidhe "defhoghrach" goirthear dhe, mar so "báid,"
"fead", "raed", "laogh", "siad", "siúr", "fuar", "suil" agus "coir". Agus in
tán cumaisgthior trí ghuthaidhe as trefhoghrach goirthear dhíbh, mar
so, "maoir", "beoir", "liaigh", "Siúir" agus "buaidh".



DON CHOIMHFHREAGRA.



As eadh as coimhfhreagra ánn, dhá shiolla bhíos teannta
reroile a n-aonfhocal, gibé sórt dá mbía cédghuthaidhe an tsiolla
as déigheanuigh go ccaithfidh in guthaidhe déigheanach don tsiolla
as goire dhó roimhe san bhfhocal bheith don tsórt soin. Agus
tabhair dot aire gurab é an siolla dá gach siolla mar sin chaoluigheas
nó leathnoigheas mar soin do réir chédghuthaidhe an
tsiolla as déigheanuighe dhíbh, mar so "cuirfead", "cíorfad". Acht
gibé modh mar sin ní thig caol re leathan iná leathan ré caol
a bhfoclaibh dhá shiolla nó trí siolla etcra. Atá éneiscceardadh
amháin uaithe so ar a laibheóram san bhfhorainm.



DON BHÁTHADH GUTHAIDHE.



As eadh as báthadh guthaidhe ann dhá fhocal do bheith
neimhinmheadhónach do theagmháil dhá chéile agus an cédfhocal
díbh do chríochnughadh a nguthaidhe agus an dara focal do thionnsgnadh


L. 114


ó ghuthaidhe nó ó f agus ó ghuthaidhe, agus an guthaidhe déigheanach
don chédfhocal sin do bháthadh. Atáid dhá ghné
bháthaidh ann .i. báthadh ghuthaidhe bhíos geinearálta ag dán
agus ag prós agus báthadh guthaidhe bhíos sbesialta ag an dán amháin.



Atá in báthadh guthaidhe geinearálta ar dhá mhodh .i. eidir
dhá fhocal sgaoilte agus dá fhocal chomhchóirighthe agus báidhtear
annsin a sgríbhneoracht agus a ccanamhoin. Gidheadh ní báidhtear
guthaidhe san bháthadh spesialta a sgríbhneoracht iná a ccanamhoin
acht a ccuma in dána amháin amhoil inneósam san phrosodia.
As eadh as báthadh guthaidhe geinearálta ann, in tan bhíos an
t-iarmbérlaso "mo", nó an t-iarmbérla "do", agus focal ar bith
thionnsgnas ó ghuthaidhe nó ó f agus guthaidhe go neimhinmheadhónach
= external na dhiaigh, báidhtear an o uile annsin ag ceangal d an
"do" nó m an "mo" don fhocal sin bhíos mar sin na dhiaigh
mar litir don fhocal chédna, nó amhoil badh í an m nó an d
badh litir shealbhtha don fhocal chédna.



DON MHO.



An pairtheagal nó an t-íarmbérlasa "mo", forainm sealbhaightheach
é ar son meus, mea, meum, agus gach ionadh in a tteagmhann
go neimhinmheadhónach na dhiaigh focal ar bith thionnsgnas ó
ghuthaidhe nó ó f agus ó ghuthaidhe, fágoibhthear an o amuigh as
sgríbhneoracht agus as canamhoin agus ceangaltar an m ris an bhfocal
bhíos na dhiaigh. Agus dá madh focal thionnsgnas ó f agus guthaidhe
do bheith na dhiaigh, tig séimhiughadh ar an f, mar so
"mh'ionnlat", "m'fhothraghadh" ar son "mo ionnlat", "mo
fhothraghadh".



DON DO.



An "do" cédna, bí áit in a ndéntar báthadh ris agus áit nach
déntar; agus ar tí na n-ionadh sin do thuicsin seach aroile, tuicc
go mbí sé a dhá rann don oráid .i. ainm agus briathar. In uair fhoghnas
don ainm báidhtear in o in gach áit a mbí, amhoil adubhramar,
agus as iad cáis don ainm re mbíd .i. ris an ccás tabharthach agus ris
an ccás ndíoghbhálach mar so "tabhuir bean d'Uilleac" pró
"do Uilleac". In uair fhoghnas ré mbréithir bí ar uairibh re
modh ccríochnaighthe agus ar uairibh oile re modh neimhchríochnaighthe.


L. 115


In uair bhíos re modh críochnaighthe ní báittear
an o, mar so "do éisteas", audivi; "do fhiarfaigh", interrogavi.
In uair bhíos ré modh neimhchríochnaighthe báidhtear in
uair sin an o, "as áil léam thú dh'éisteacht", volo te audire; "ní
háil leam thú d'éisteacht, nolo te audire; "Ní háil leam sin
d'fhiarfaighe" nolo istud interrogare; ar son "do éisteacht",
"do fhiarfaighe".



As eadh as báthadh guthaidhe focal ccomhchóirighthe ann
dá ngoirthear "comhfhocal", in uile fhocal chríochnaigheas a
nguthaidhe agus in focal na dhiaigh go neimhinmheadhónach ag
tionnsgnadh ó ghuthaidhe nó ó f, agus guthaidhe deiridh an chédfhocail
do bháthadh a sgríbhneoracht agus a ccanamhoin acht
amháin gurab guthaidhe géarr bhíos ar deireadh an chédfhocail,
mar so "dorchughdar" uatha so, "dorcha" agus "ughdar" "soinimtheacht"
uatha so, "sona" agus "imtheacht". Laibheóram nísa
mhó ar an modh ar a ccleachdar comhfhocal do dhénamh a
ndiaigh in bháthaidh consaine a ttráchtadh na cconsaineadh.



DON IOMLAT.



As eadh as iomlat ann, cumhachta a n-áitibh dh'áiridhe in
dá ghuthaidhe chaola d'athrughadh a n-áit a chéile agus na trí
ghuthaidhe leathna mar an ccédna go neamhfhoirimeallach, mar
so: gabhaidh gach uile shiolla gearr dá gach focal ilshiollach
aonda d'urmhór ón ccédsiolla amach bhíos taobh re haonghuthaidhe
iomlat acht roibheagán eiscceardadh mar so:


L. 116


Mar an ccédna gach siolla ghabhas iomlat énghuthaidhe
fuilngidh na trí defhoghraigh ai, ui, agus oi d'iomlat a n-áit a
chéile.



Fuilngidh ea agus io mar an ccédna, mar so:



DON UIRRDHIOBHADH.



As eadh as uirrdhiobhadh ann, consaine n do theacht ría
nguthaidhe thosaigh focail a ndiaigh fhocail dh'áiridhe, mar so
"ar n-anom", "ar n-onóir", "ar n-ucht", "ar n-édach", "ar
n-iarann".



DON LOMADH.



As eadh as lomadh ánn, h do theacht re bhfocal thionnsgnas
ó ghuthaidhe a ndiaigh fhocal d'áiridhe, agus ar son gurab don
tshyntaxis as mó bheanas tráchtadh ar na foclaibh chuireas
lomadh, uirrdhiobhadh nó séimhioghadh, ar a shon sin ní misde
dhúin labhoirt annso orra ar son nach ann oireas. Atáid
tuairim dheich bhfocal ann chuireas lomadh ar ghuthaidhe
mar so, "a" ar son foranma sealbhtha in uair shealbhas nó thionnsgnas
ó ghuthaidhe gibé cinél a mbía d'fhocal, do chinél bhannda
dá ngoireann in ghaoidhealg "baininnsge", mur "as ionmhuin
lé mnáoi a hucht", "a héudan", "a heochair", "a hannsacht";
"ní" ón diúltadh mar atá, "ní háil", "ní hionmhuin"; "ná"
ón diúltadh re modh bhfhuláireach, mar so "ná hamhairc",
"ná híarr"; "na" re bhfocal mbaininnsgne san ccás sealbhaightheach;
na trí preapoistse "go, le, re", mar so "go", "le",
"re", "héigeantas"; "héccóir"; na ceathra focail áirmhe nó
nuimhresi síos, "trí, sé, ceathra, ceithre", "hordlaighe", "hairm".


L. 117



DON TREISIOGHADH.



As eadh as treisioghadh ann in uair tig ainm substainteach
feirinnsgne uathaidh thionnsgnas ó ghuthaidhe a ndíaidh na
bpairteagals agus "an" nó t do theacht in uair sin mar chuid
don fhocal sin resan nguthaidhe tosaigh sin, mar so "an,
t-éudach, t-adhbhor, t-uaibhreach".



DONA CONSAINIBH.



Atáid dá chonsaine .x. ann mar atá b, c, d, f, g, l, m, n, p,
r, s agus t. Fuilngid na consaine go genearálta seacht n-aicíde
mar atá lomadh, séimhioghadh, uirrdhiobhadh, dúbladh, commasg,
cadad agus báthadh. Acht cheana ní theagmhaid na haicíde sin
uile dá gach consaine, acht cuid díbh do chuid dona consainibh agus
cuid don chuid oile.



DON LOMADH.



As eadh as lomadh ánn, in consaine do bheith do sgríbhneoracht
nó do chanamhoin in a chruth nó in a shoin féin.



DON TSHÉIMHIOGHADH.



As eadh as séimhioghadh ánn h do theacht ar chonsaine; agus
tig ar gach consaine acht l, n, r agus s rompa so: b, d, g, m, nó
p, t, c, dá madh gnáth a ndiaigh s san ngaoidhilg íad. Gach


L. 118


uair tig ar chonsaine caillidh in consaine leath a bhríghe nó a
shoine san ccanamhoin, acht f agus s caillid a mbrígh san ccanamhoin.
Acht in uair bhíos s go neimhinmheadhónach ría nguthaidhe agus
séimhighthear an s agus brígh th bhíos an uair sin aice, mar so
"do shaoileas", "do sháitheas". Bí an séimhioghadh
coimhdhíleas dá gach uile áit san bhfocal in a thús, in a lár,
in a dheireadh, agus as coimhionann bhíos go teagmhaiseach nó go
haicídeach agus go nádúrtha.



DON UIRRDHIOBHADH CONSAINE.



As eadh as uirrdhiobhadh consaine ánn, consaine dh'áiridhe
ria cconsaine dh'áiridhe thosaigh focail, dá ngoireann an
ghaoidhealg "litir shealbhoighthe", agus an chuid thig mar sin
do sgríobhadh agus do chanamhoin mar chuid don fhocal, agus
báidhtear an consaine as litir shealbhoighthe san chanamhoin,
acht gidheadh sgríobhthar araon íad acht amháin g, an uair
tig n na consaine uirrdhiobhaighthe uirre, óir ní báidhtear an g
acht defhoghrach do-níthear araon díbh. Atáid trí neithe
riachdanasacha dochum an uirdhiobhaighthe .i. consaine
uirrdhiobhaighthear, litir uirrdhiobhaighthear agus focal nó
cumhdach dh'áiridhe oibrigheas nó chuireas uirrdhiobhadh san
oráid resan bhfocal uirrdhiobhaighthear. Gabhaidh in uile
ghuthaidhe uirrdhiobhadh. An mhéad dona consainibh uirrdhiobhaighthior
nó chuireas uirrdhiobhadh léighthear a ndeireadh
in leabhráinse iad. Gach áit a mbí focal baininnsgne uathaidh
thionnsgnas ó s nó a n-aonchás oile a ndiaigh "an" nó "don" tig
t résan s agus ní cantar acht an t amháin, mar so "an tsaoibhchiall",
"don tslighe". Gidheadh ní huirrdhiobhadh díleas é ar in
adhbhar nach ttig an t mar sin acht a ndiaigh in dá fhocal sin
"an" nó "don", agus nach dona foclaibh chuireas uirrdhiobhadh iad san,
agus nach ttig t re s etcra. Asé áit in ar dísle labhoirt ar na
foclaibh chuireas uirrdhiobhadh san tsyntaxis, acht cheana, d'eagla nach
roichfeadh linn rochdain chuige sin, as mian linn beagán do
labhoirt annso féin orra.


L. 119



DON DÚBLADH.



As eadh as dúbladh ann dhá chonsaine ionanna do bheith
gan litir ar bith oile eattorra san bhfhocal. Atá trí chonsaine
ghabhas dúbladh mar atá l, n, r. Ní fhuilid choidhche dúbalta
a ttús focail. Ní ghabhait uirrdhiobhadh, iná, mar adubhramar
roimhe, séimhiodhadh. Gidheadh gach áit in a tteagmhaid a
ttús focail, a ndiaigh fhocail chuireas séimhiodhadh cantar go
héttrom íad; nó a ndiaigh fhocail lomas nó uirrdhiobhas
cantar amhoil dhúbalta, mar atá "mo leanomh", "ar lleanamh"
pro "mo leanomh", "ar leanomh" etcra.



DON CHUMASG.



Atáid dhá chonsoine ann ghabhas cummasg mar atá n agus g
agus goirthear "defhoghrach consaine" in úair sin díbh, óir ní cantar
ceachtar díbh na chruth féin go soilléir agus ní chailleann ceachtar
díbh a bhrígh go hiomlán. Bí uair oile do-níthear defhoghrach
dhíbh nó ghabhait cumascc, mar so "teanga"; óir ní "tean ga"
cantar ann acht "teanga". Uair oile nach gabhait cumascc,
mar so "tangus" óir ní hamhloidh cantar sin mar so, "tá ngus".
Atá in defhoghrachso coimhdhíleas ag prós agus ag dán, agus atá
defhoghrach oile ag na fileadhoibh fhoghnas dóibh mar atá p;
óir adeirid go bhfuil cumascc f agus b ann, acht cheana ni
fhuil a áit san fprós.



DON CHADAD.



As eadh as cadad ann, consaine dh'áiridhe tosaigh focail
dan cóir bheith séimh ó cheart, do chanamhoin go lóm a ndiaigh
chonsaine dh'áiridhe deiridh focail go neimhinmheadhónach
roimhe, acht gé cóir an séimhioghadh do sgríobhadh, mar so:


L. 120


"bean thruagh" as cóir do sgríobhadh agus "bean truagh"
as cóir do chanamhoin ann. Atáid trí neithe riachdanasacha
dochum an chadait, mar atá dhá fhocal neimhinmheadhónacha;
consaine as cóir ó cheart do bheith séimh na chéidlitir ag an
bhfocal déigheanach dhíbh; agus consaine na litir dhéigheanuigh
ag an ccéudfhocal díbh, dana díleas cadad do dhénomh ar
an cconsaine séimh; mar so:



Cóir sgríobhtha : Cóir chanamhna



m : : "am mhnaoi" : "am mnaoi".
mh : m : "lámh bheag" : "láimh beag".
b : b : "do ghob mhór" : "dot ghob mór".
bh : : "na taoibh mhíne" : "na taoibh míne".
p : : "an tsuip mhín" : "in tshuip mín".



Consaine Chadaigheas Síosana:



g : gh : mar : "na cluig ghlórmhura" : "na cluig glórmhura".
gh : : : "in eanaigh ghuinn" : "in eanuigh guinn".
c : ch : atá : "in bhric chorcra" : "in bhric corcra".
ch : : : "in eich cheanainn" : "in eich ceanainn".



d : dh : : "na sloigh dhoilghe" : "na sloigh doilghe".
dh : : mar : "don bhruid thruaigh" : "don bhruid truaigh".



t : : atá : "don tslait thinn" : "don tslait tinn".
th : : : "don mhnaoi bhláiththigh" : "don mhnaoí bhláithtigh".



s th : : "cois thinn dhubh" : "cos tinn dubh".
n : : : "bean dhaingean thuirseach" : "bean daingean tuirseach".
l : : : "fuil thais dearg" : "fuil tais dearg".



m : p : "anam phíobaireachta" : "anam píobaireachta".
mh : : "damh fhéin" . : "damh féin".
bh : : "an cliabh fpónuire" : "in cliabh pónuire".
p : f : "sop fhliuch" : "soip fliucha>".



agus do-níthear cadat a n-aonfhocal i n-áit oile ar a laibheóram.


L. 121



DON BHÁTHADH CONSAINE.



As eadh as báthadh consaine ann .i. dá chonsaine éxamhla
do dhol i n-aonchonsaine nó a cconsaine dhúbalta. agus ní
theagmhann sin choidhche acht a ccomhfhocal .i. an tan theagmhaid
consaine dh'áiridhe a ndeireadh focail don chomhfhocal agus
consaine dh'áiridhe a ttosach an fhocail oile thig teannta nó
go neimhinmheadhónach na dhiaigh don chomhfhocal; do-níthear
in uair sin aonchonsaine, agus ar uairibh oile consaine dúbalta
dhibh. Atá gaol mór ag an ccadad agus ag an mbáthadh re chéile.
Acht cheana as amhloidh bhíos in cadad eidir dhá fhocal aonda,
agus an báthadh do ghnáth i n-áonfhocal chomhchóirighthe; agus
do bhrígh gurab éigin dúin labhoirt ar na comhfhoclaibh
ar tí go bhfoillsighthe línn cionnas do-níthear an báthadh
consaine, ar a shon sin, ní fhuilmid ag gabháil rer n-ais a nochtadh
gach modh ar a ndéntar comhfhocal do chuimhniughadh go
balach. Gidheadh cuimhneócham cuid díbh.



TRÁCHTADH BEAG AR NA COMHFHOCLAIBH.



Asé as comhfhocal ann, aonfhocal comhchóirighthe nó
comhchumaisgtheach do dhénomh do dhá fhocal nó do thrí
foclaibh, nó do nísa lia dá bhfoghnad don chéill, óir ní
mheasaim go bhfuil teangoidh in ar mó úsáid agus in ar lugha
cúmhgach comhfhocal iná in ghaoidhealg. Roinnfeam na
comhfhocail a ndá chuid .i. comhfhocal uireasbhach agus
comhfhocal iomlán.



Asé as comhfhocal uireasbhach ann, an tan theaghmaid
focail dh'áiridhe a ttús an chomhfhocail nach cciallaigheann
aoinní acht a ccomhfhocal d'urmhór, agus nach gnáth leo bheith
leo féin nó na n-aonar choidhche acht a ttús comhfhocail
do ghnáth. Gidheadh cheana athroighid, médaighid nó laghdaighid
ciall an fhocail le ccomhchóirighthior íad. Asé as


L. 122


comhfhocal iomlán ann, focail aonda chialluigheas ní go haonda
nó ar a n-aghoidh féin, do chomhrughadh nó do choimhcheangal
a n-aonfhocal agus rannpháirtiughadh ón bhfocal iomlán a
ccuid do chéill gach fhocail díbh go cumaisgthe nó go coimhcheangailte.
Agus as féidir gach focal aonda ciallmhar do bheith in gach áit don
chomhfhocal, a ttús, a lár nó a ndeireadh, acht beagán eisceardadh atá
in ar ndiaigh.



Atáid tuairim ocht bpairteagal fichead nó focal nach bíd agus
nach ccialluighid dh'urmhór acht a ccomhfhocal amháin:



"An": "antráth", "ainbhfeas", "anmhór" et cra.;
"ath": "athghabháil", "aithghearacht"; "comh": "comhthrom",
"coimhcheangal"; "dagh": "daghmhuintir", "deaighbhean";
"deagh": "deaghdhuine", "deighfhior"; "droch":
"drochurchar", "droichmhian"; "do": "doitheagaisg", "domhúinte";
"dí": "díochoisg", "díchleith"; "eas": "easccáirdeas",
"easláinte"; "éd": "éadaingean", "édirim", "éttirim"; "écc":
"éaccruaidh", "éiccríonna"; "fel": "fealdhuine", "feilghníomh";
"fo": "foighlés", "foighliocas"; "in": "indéunta",
"ionghrádhuighthe"; "im": "iombualadh", "imdhéunamh";
"mí": "míochairdeas", "míchiall"; "nemh": "neamhurchóideach",
"neimhghlic"; "or": "ormháille", "oirbheanach";
"prímh": "prímhchiall", "príomhadhbhor"; "rémh": "réamhráite",
"rémhfhéachain"; "ra": "rachairdeas", "raichlisde";
"ro": "rochruaidh", "roibheag"; "so": "soighníomh", "soghrádhach";
"sith": "sithchealgach", "siothrann"; "tim":
"tiomchuairt", nó "timdhibhe"; "tar": "tairchéimniughadh",
"tarcaisniughadh"; "tuath": "tuaithchleas", "tuathamhoil";
"ur": "uiríseal", "urghránna". Tabhoir dot aire go bhfuilid
cuid díbh nach gnáthoighthear re gach uile fhocal agus cuid oile
coimhdhíleas dá gach focal dá bhfoghain siad. Ag so an
chuid as annmha dhíbh mar atá: "es", "éd", "ég", "im",
"or", "sith", "tim", "tar", "tuath", agus "ur". Mur an ccédna
gurab áit participel in dus a laidin bhíos ag cuid d'áiridhe dona
briathroibh agus "in" rompa mar so: "indénta", faciendus; acht,
gidheadh, an chuid sin as mian linn a foillsiughadh a n-áit oile.



An comhfhocal iomlán, as do-áirmhe é óir féudaidh neach a chomhchórughadh
fo na thoil féin, d'aicíd agus do shupstaint, do shupstaint agus
d'aicíd, do dhá shubstaint agus do dhá aicíd, dh'ainm


L. 123


shupstainteach agus do bhréithir, dh'ainm aicídeach agus do bhréithir
chumhachta. As mór fhoghnas dochum na hórnáideachta agus
go mórmhór an dána. Gidheadh, asé modh comhchóirighthe as
gnáithche ánn, an t-ainm agus an bhriathar do theacht re chéile
mar so, "dubhualadh" nó "do ghortghlanadh". Mar an ccédna
gach áit a mbí concordantia eidir an tsupstaint agus an aicíd, así an
aicíd as cóir do bheith a ttosach mar so, "geallámh" pro "láimhgheal",
"móircheann" pro "ceannmhór". Agus an úair bhíos an
tsupstaint resan aicíd san oráid ní bhíd aráon achd do nádúir
na haicíde .i. ar son cáile nó dísleachta, agus mar sin ní sheasann a
ionnshamhoil sin do chomhfhocal leis féin uiread re haicíd san
óráid gan substaint ag seasamh dhó, mar so "láimhgheal" nó
"ceannmhór". Asé as ciall dóibh, corp éigin ag a bhfhuil
gile láimhe nó méid chinn mar cháilidheacht nó mar dhíslidheacht,
agus mar nach bhfuil acht na cháilidheacht nó na dhíslidheacht
ní sheasann gan supstaint re cceangaltar é mar so, "bean
láimhgheal" nó "óinmhid ceannmhór" pro bean ag a mbí lámh
gheal nó óinmhid ag a mbí ceann mór. An uile áit ag a mbí
concordantia eidir substaint agus aicíd fhocail énshiolla, as
maiseamhoil tig dhóibh comhfhocail do dhéunamh dhíbh, mar
so "luaithbheart", "máilltríall" et cra., muna mbacadh seirbhe
chonsaineadh dh'áiridhe a ccomhthórainn na bhfocal ccomhchóirighthe.
Acht gé mó bheanas a ndubhramar fós ar
na comhfhoclaibh iomlána re rhetoric nó re hornáideacht na
gaoidhilge iná risin áitse, ar a shon sin d'eagla nach roichfeadh
línn sin do sgríobhadh, do mheasamar nar mhisde an beagán
úd do labhairt annso air, gurab neithe ionchomhardhuighthe
íad, agus ar iomadamhlacht chomhfhocal na gaoidhilge mar
adubhramar roimhe.



Anos cheana laibheóram ar cháil éigin amhoil mar do-níthear
báthadh guthaidhe agus consaine san chomhfhocal iomlán, agus ar
tús don bháthadh guthaidhe.


L. 124


An tan theagmhas dhá fhocal re chéile a ccomhfhocal
iomlán agus an cédfhocal díbh gan bheith na fhocal énshiolla ag
críochnughadh a nguthaidhe nó ó f agus ghuthaidhe, báittear an
guthaidhe críochnaighthe sin an chédfhocail agus do-bheir an
siolla bhíos resan nguthaidhe, mbáite sin coimhfhreagra don
ghuthaidhe thosaigh sin an dara focail, mur so "tairbhinmhe"
uatha so, "tarbha" agus "inbhe". Mar an ccédna "uasluabhar"
uatha so, "uasal" agus "uabhar"; et sic de caeteris. Acht más
focal énshiolla bhias a ttosach ní báithtear an guthaidhe in
uair sin acht amháin é do thabhairt coimhfhreagra uadha, mar
sin "gnéuaine" uathaso, "gné" agus "uaine"; "cao-arsaigh"
uatha so, "caoí" agus "arsaigh" et cra.



DON BHÁTHADH CONSAINE A CCOMHFHOCAL.



Gach áit in a tteagoimh d agus d, lóm nó séimh, a ccomhthórainn
comhfhocail aon d do-níthear dhíbh, mar so "abhradonn"
uatha so "abhradh" agus "donn"; óir dá madh ó "abhra" agus "donn" do
bhiadh, "abhradhonn" do bhiadh ánn. Gach áit a tteagoimh mar
sin d agus t nó dhá t dá chéile a ccomhthórainn, más lóm nó séimh
bheid, aon t do-níthear dhíbh, mar so "sgaitiugh" ó "sgaith"
agus "tiugh", "braitirim" ó "bhraith" agus "tirim". Gach ionadh
in a tteagoimh l agus l, ll agus l nó l agus d nó ll agus d
dá chéile a ccomhthórainn mar sin, ll do-níthear dhíbh, mar so
"geallamh" ó "gheal" agus "lámh" nó "geal" agus "damh", "imeallearg" ó
"imeal" agus "learg" nó "dearg" et cra. Gach ionad a mbíonn n agus n
nó nn agus n nó n agus d a ccomhthórainnn mar sin, do-níthear
dhá n díbh, mar so, "griannua" ó "ghrian" agus "núa", "grianniamhair" ó
"ghrían" agus "diamhoir", "tafannuall" ó "thafann" agus "nuall",
"fochannuall ó "fhochann" agus "nuall". Gach áit a tteagoimh dhá m,
lóm nó séimh, nó m lom nó séimh agus b, nó b agus m, a ccomhthórainn
dá chéile do-níthear aoin m dhíbh, mar so "caoimín" ó "chaoimh"
agus "mín", "taoimín" ó "thaobh" agus "mín", "camuinél "ó" cham"
agus "muinél", "caimél" ó "cam" agus "bél". Gach ionadh in a
tteagoimh dhá g dá chéile mar an ccédna, lom nó séimh, do-níthear
aon g dhíbh mar so "laiglés" ó "lag" agus "glés". Gach


L. 125


áit in a tteagoimh g nó c lóm ar deireadh focail tosaigh agus c ar
thosach an fhocail déigheanuigh, do-níthear aon c dhíbh, mar
so "clocorr", "socam" ó "shoc" agus "cam" et cra. Gach áit
in a tteagoimh dhá s dá chéile ní bhí acht aon s ar a son araon,
mar so "glasúil" ó "ghlas" agus "súil". Gach áit a tteagoimh
dhá r nó rr agus r, as r dhúbalta do-níthear díbh, mar so
"conairréidh" ó "conair" agus "réidh", "Cathbharruadh" ó "Chathbharr"
agus "ruadh". Gidheadh dá raibh r ar deireadh an chédfhocail
agus d - óir dá raibh d ann as séimh chaithfheas bheith - a ttosach
in fhocail déigheanuigh, as gharbh chaithfeas bheith amhoil
budh r an d, agus cantar é mar so "smérrubh" ar son "smér" agus
"dubh" agus as mar sin as maiseamhla a ccanamhain giongo
mbeidís in a ccomhfhocal in gach áit, óir as canamhoin dá r
bhíos aca, agus ní lochd gan an d do sgríobhadh san chomhfhocal
in uair sin acht rr amháin. Gidheadh as gnáthach in d do
sgríobhadh ar tí go ttuicthí ciall in fhocail.



Ní théid ch a ndiaigh ghuthaidhe leathain ar deireadh an
chédfhocail agus consaine ar bith a n-aonchonsaine. Gidheadh
do-ní cadad ar g agus c a ttús an fhocail na dhiaigh mur so
"cloichgér" uadha so, "cloch" agus "gér". Gidheadh dá raibh
an c a ndiaigh ghuthaidhe chaoil ar deireadh an chédfhocail
agus g nó c ar thosach an fhocail déigheanuigh do-níthear én c
lóm dhíbh, mar so "braclan" ó "bhraich" agus "glan", "bracruaidh"
ó "bhraich" agus "cruaidh". Gidheadh as gnáthach an consaine
báithtear do sgríobhadh d'eagla éccinnteachta fá na mbunadhas
gion gurab riachdanach é. Acht cheana oiridh go mór don
fhearacht dána fios báthaidh consaine do bheith ag neach.



Atáid sórt focal nach cóir a ttús comhfhocal mar atá
briathra, iomarbhágha, dísbeagadh, bráthair nó siúr dísbeagadh,
na haicídese, "olc" agus "maith" - óir as ar a son bhíos "deagh"
agus "droch" - ainm fear céirde chríochnaigheas an "óir", sloinneadh,
iomdhughadh, áirimh ar a mbía "déag" greamuighthe,
samhlughadh nó briathar ag a mbía d ar a dheireadh, nó aird
acht "síos" nó "síar" agus "noir" nó "niar" ré n-airdibh oile, agus
nuimhir oile ar a laibheóram acht go soiche linn a mhíniughadh
cia hiad na neithe féin.


L. 126


TRÁCHTADh BEAG AR PHROSODIA NA GAOIDHILGE DÁ
NGOIRTHEAR FILIDHEACHT NÓ FEARACHT DÁNA.



As eadh as prosodía ann eolas dénmha dána in a dhualgas
féin. As eadh as dán ánn, comhrádh cuimir, ciallmhar,
ceolmhar iar na chuibhriughadh fá thórannoibh cinnte go n-áirithe
áirmhe siolladh agus coimhtheachta foghar agus sínteadh. Atáid
trí sóirt dána ag an ngaoidhilg, mar atá dán díreach, brúilingeacht
agus ógláchas. Acht cheana as ar an ndán ndíreach laibheóram
óir dá mbeith a eolas ag neach, ní fhuil documhal a bhfoghlaim
eolais na brúilingeachta iná in ógláchais.



d'AISDIBH AN DÁNA DÍRIGH.



Ag leigean torainn labhoirt ar chorr-aistibh ná ar fho-aistibh
iomadamhla an dána dírigh, atáid cúig príomhaisde ann .i.
deibhidhe, sédna, rannuigheacht mhór, casbhairn agus rannuigheacht
bheag.



d'ADHAILGNIBH NÓ DO RIACHDANASOIBH AN DÁNA DÍRIGH.



Atáid seacht ríachdanais aige .i. nuimhir cheathromhan,
cinnteacht siolladh in gach ceathromhain, úaim, comhardadh,
rínn agus airdrínn, uaithne agus ceann. Atá an t-ochtmhadh ní ann
as gnáthach san dán acht gé thig thairis .i. urlann.



Atáid na ceithre cédriachdanais díbh sin coitcheann ag in
uile aiste agus ní bhí na trí riachdanais déigheanacha acht leannánta
ag aistibh dh'áiridhe, mar so síos: rínn agus airdrinn - deibhidhe;
uaithne ag rannuigheacht mhóir agus ag casbhairn; ceann -
rannuigheacht bhig agus ag sédna.


L. 127



DON CHEATHROMHAIN.



As eadh as ceathromha ann nuimhir fhocal a bhfochair
aroile in a mbia nuimhir chinnte shiolladh; agus téid dá cheathromhain
san leathránn agus dá leathrann san rann agus an nuimhir rann as
áil lé neach in a dhán. An tan curthar an ránn a bhfochair
aroile, "leathránn" is na hadhmadoibh, "comhad" is na duanoibh,
goirthear don leath dhéigheanuigh dhe, agus seoladh don leath
thoisigh in gach cuid aca. Agus ó do labhramar ar adhmadoibh agus
ar dhuanoibh inneósam a n-eidirdheiliughadh. As eadh as dúan
ánn dán in a mbí gach aon rann gona chéill féin ann féin go
hiomlán gan coimhcheangal céille iná sileadh ó aon rann oile,
agus gach comhad de go ccéill iomláin ann féin gan riachdanas
conganta ón tseoladh dá sgarthaoí é féin agus an seoladh réroile.
Acht gé bhíos ceangal céille eattorra in uair bhíd aráon agus nach
iomlán an chiall do bhiadh san tseoladh a n-égmais an leathroinn,
óir a ndiaigh an chomhaid do bheith dénta cumthar an
seoladh ris dá réir féin. Agus asé ba cúrsa saothruighthe do chách
suím dh'áiridhe do dhuanoibh do dhéunamh ar gach aisde
dhíbh sin thúas.



An t-adhmad cheana, dán sin do-níodh an file infheadhma
ar théma dh'áiridhe nó ar shlighthibh dh'áiridhe do réir
aigeanta an fhile mar do thogradh féin, agus bí coimhéd na sligheadh
sin ar fad san adhmad amhoil bhíos san oráid. Bí an seóladh agus
an leathrann ag tabhoirt chéille dá chéile agus as meinic nach biadh
ciall san leathrann gan congnamh an tseolaidh agus na roinn ag
ceangal céille re chéile mar as gnáthuighe. Ar son gur gnáthach
gach rann iomlán ann féin agus do bhrígh nach bhfuil docamhal
a ndénomh na seoladh a bhfarradh na ccomhad nó na leathrann
ar gach aisde, laibheóram ar tús ar dhénomh na leathrann ar
gach aisde agus na dhiaigh sin laibheóram ar na seoltaibh, acht go
labhram ar an ccuid oile dona riachdanasoibh.


L. 128



DON CHINNTEACHT SIOLLADH.



As eadh as cinnteacht siolladh ánn, seacht siolla gan bháthadh
nguthaidhe do bheith in gach ceathromhain dá gach aisde don
dán díreach mur so:



"Iomdha sgél maith ar Mhuire" et cra.



Acht sédna, ag a mbí ocht siolla san chédcheathromhain
don tsheoladh agus don leathrann mar so:



"Mairg fhéuchas ar Inis Ceithlionn".



DON BHÁTHADH GUTHAIDHE FHILEATA.



Do bhrígh go tteagmhann an báthadh guthaidhe sin go meinic
is na ceathromhnaibh agus nach éidir do neoch é féin do choimhéd
air muna bheith eolas aige, do-conncas dúin labhairt
ánnso air amhoil do gheallamair, agus ar tús ar na riachdanasoibh.
Atáid ceithre riachdanais aige .i. focal comhardaigh chríochnaigheas
a nguthaidhe, iarmbérla thionnsgnas ó ghuthaidhe, an
focal comhardaigh do bheith a ttosach go neimhinmheadhónach
agus an guthaidhe deirigh sin an fhocail agus guthaidhe tosaigh an
iarmbérla nó ceachdar díbh do bheith geárr mar so:



"Anaidh re rogha a Rí Márr
An togha gheárr así as fheárr".



Gidheadh an úair bhíos guthaidhe deiridh in fhocail geárr
agus guthaidhe tosaigh an iarmbérla fada, as éidir báthadh guthaidhe
do dhénomh nó gan a dhénamh mar so:



"Fuaras bogha ó Bhrían Bhuidhe"
nó "Fuaras bogha ó Bhrian Óg".



Acht cheana as báithte as fearr é, óir ní gnáthach, bíodh go
madh ionchosanta, gan bháthadh é. Mar an ccédna dá
rabhaid in dá ghuthaidhe fada ní cóir a mbáthadh mar so:



"Atáim fá iargnó ón éucht".


L. 129


DON ÚAIM.



As eadh as uaim ann dhá fhocal nach iarmbérla dá gach
ceathromhain do thionnsgnadh ó ghuthaidhe éigin nó ó
chonsaine ionann, mar so:



"Iomdha sgél maith ar Mhuire,
Fá moltar a míorbhaile,
Do-ghébh ar an óigh n-iodhain,
Sgél as cóir do chreideamhoin".



Atáid dá ghné uama ann .i. fíorúaim agus úaim ghnúise; fíorúaim
.i. an dá fhocal déigheanach don cheathromhain do dhéunamh
úama. Uaim ghnúise .i. an dá fhocal as foicsi don fhocal
déigheanach don cheathromhain do dhénomh uama mar so:



"d'fhior chogaidh comhailltear síothcháin".



Acht cheana tabhoir dot aire nach dén agus nach ttoirmisg
iarmbéarla úaim agus nach déntar comhardadh, uaithne, rinn ná
airdrinn ré hiarmbérla. Foghnaidh gach úaim aca ar son a
chéile in gach ceathromhain acht an cheathromha dhéigheanach
don leathrann in nach cóir acht fíorúaim. Coimhéd mar an
ccédna nach bhfoghnann, bíodh nach biadh lochdach,
iarmbérla ar bith do theacht eidir an úaim ghnúisi agus focal
déigheanach na ceathromhan, mar so:



"Do chosnas comha nar mhaith",



Óir goirid an t-áos dána uaim gharbh nó gnúis gharbh dhi sin.
As amhloidh seachantar sin, an focal déigheanach do bheith
na ainmnightheach ag an mbréithir, ut:



"D'fhior chogaidh comhailtear síothcháin"; vel econtra:



"An cogadh ceart bhuadhaigheas";.



nó na aicíd ag substaint, mar so:



"Gabham chugam conradh maith",.



nó na shubstaint ag aicíd, ut:



"Ní fear misi as maith conradh";.



nó na ghenedil ó shubstaint oile ut:



"Ní cothrom cogadh Banbha";.


L. 130


nó: "Ag sin mac na mná tighe".



nó na bhréithir a ndiaigh anma ar a ndén gníomh, mar so:



"As breaghdha an bheansoin loitim";.



nó na shubstaint san chás ghearánach, stiúrfaidhear ó
bhréithir ghníomhaigh, mar so:



"Ní beódha laoch loiteas mhnaoí, et cra.



Ní bhacann uirrdhiobhadh ná séimhioghadh ná lomadh úaim
acht so in ar ndiaigh: an úair thig h ar p, as eadh as séimhioghadh
dho f, agus mar sin as f do-ní uaim ris an uair sin, ut:



"Admhaim dhuit mo pheacadh féin".



Gach ionadh in a tteagoimh h ar f as leis an litir as neasa
dhi do-níthear uaim más consaine nó guthaidhe í, mar so:



"Tagair liom a Fhlaith Éirne"



nó "Tagair leam a Fhlaith Life".



Agus s, óir as éuxamhail ó na litribh oile mar do-níthear úaim ría.
Ar tús ní déntar uaim eidir s agus ceachdar dhíbh so, b, d, g, m,
iná ré litir ar bith acht ris an litir ccédna. Mar an ccédna
ní déntar úaim iar ts a ndiaigh an phairteagoil "an" acht san
modh ccédna. Gidheadh fognaidh an uile s ar a ttig t a
ndiaigh an phairteagail chédna d'uaim re chéile. Mar an ccédna
ní cóir s agus sh acht dhá sh nó dhá s nó dhá ts. Mar an
ccédna an tan bhíos sh reampa so, l, n, r, ní déntar úaim lé acht le
sh resan litir ccédna.



DON CHOMHARDADH.



Sul laibheóram ar thuarusgbháil an chomhardaidh caithfeam
labhoirt ar dhá ní .i. ar roinn fhileata na cconsaineadh maille
rena n-uaisle féin tar a chéile agus ar na síntibh, óir do-níd na
fileadha aithearrach ranna ar na consainibh tar mar adubhramar,
ag gairm consaineadh ar leith dona consainibh ar ngabháil
séimhighthe, dúblaidhthe agus cumaisg mar so síos. Atáid cúig
sórt consaine ánn dá ngoirthear "bog", "cruaidh", "garbh",
"teann" agus "éttróm", agus s nach d'énshórt díbh, óir as eadh ghoireas
an ghaoidhealg "consaine aimrid" di ar an adhbhor nach cóir
do chomhardadh ría acht í féin sna chrothaibh a mbí amhoil
adubhramair: na trí chonsaine bhoga, c, p, t; chruaidhe, b, d, g;
gharbha, ch, th, f; na cúig chonsaine theanna mur atá, rr,


L. 131


ll, nn, m, ng; na seacht cconsaine éattroma, dh, gh, bh, mh,
r, l, n. Agus do-bheirid na filidh bárr uaisle agus ceannais do chuid
díbh seach aroile mar atáid ar na suidhiughadh síosana .i. gach
cuid díbh as uaisle ar tús.



Ar tús adeirid gurab í s ríoghan na cconsaineadh; na trí
chonsaine bhoga iar sin, na trí chonsaine chruaidhe iaramh; na
trí chonsaine gharbha iaramh; na cúig chonsaine theanna iar
sin agus na seacht cconsaine éttroma fa dheóigh. Tabhoir dot aire
gurab annamh bhíos m fada acht a ndeireadh focail, mar so
"atám", "mám" et cra. agus gurab annamh bhíos mar sin féin,
óir as amhloidh bhíd na consaine theanna ar dheireadh focail
ar na ccanamhoin go meadhónach, mar laibheóram na dhiaigh
so na n-áit féin. Atáid trí sínte ann .i. síneadh fada, geárr
agus meadhónach. Síneadh fada .i. an siolla do chanamhain go
fada, mar so "bás", "rós", "fís"; síneadh geárr mar atá, an
siolla do chanamhain go gearr, mar so "bas", "ros", "cailc",
"fios"; síneadh meadhónach mar atá, an siolla do chanamhain
gan bheith fada uile iná gearr uile, mar so "cainnteach",
"barr", "geall", "donn". As lór linn sin anos ar na síntibh
acht gé gurab mían linn tuilleadh foirceadail do thabhoirt acht
go roicheám chuige.



DO ROINN AN CHOMHARDAIDH AGUS DÁ THUARASGBHÁIL.



Atáid dá shórt comhardaidh ánn mar atá, comhardadh slán
agus comhardadh brisde. As eadh as comhardadh slán ánn,
gach focal do dhá fhocal do-bheir coimhtheacht dá chéile a
nuimhir siolladh agus a n-ionannas guthaidhe agus fa ttuigthear cumasg
a n-ionnamhlacht chonsaineadh d'énshórt nó consainidh
chudramaigheas íad, agus sin do réir úird na siolladh, acht
amháin consainidh thosaigh na bhfocal nach iarraid coimhtheacht
do chonsainibh ar bith, acht amháin in uair theagmhas
nuimhir as mó iná dhá chonsaine a bhfochair aroile, gurab
cuma cía an t-eagar ar a ttiobharthar coimhtheacht dóibh
acht go raibhe coimhtheacht aca.



C, "roc"; p, "shop"; t, "lot".
B, "ab"; d, "gad"; g, "lag".


L. 132


Ch, "deachmhoidh"; th, "do leathnoidh"; f, "leanfoidh".
Ll, "ball"; rr, "barr"; nn, "gann"; m, "am"; ng, "bang".
Bh, "taobh"; dh, "Aodh"; gh, "laogh"; mh, "caomh"; r,
"sáor"; l, "daol"; n, "faon", cóir do chomhardadh. Atáid
cuid dona consainibh an úair theagmhas a bhfhochair chonsaineadh
dh'áiridhe iad athraigheas a mbrígh nó a nádúir dhíleas
féin dochum comhardaidh do dhénamh, ar a laibheóram
arís. As eadh as comhardadh brisde ánn, dhá fhocal do-bheir
coimhtheacht dá chéile a nuimhir siolladh, a n-ionnamhlacht
guthaidheadh agus sínteadh, mar an ccomhardadh slán, gidheadh
nach dén conndas fá chonsainibh a ttaoibh sóirt ná nuimhre, acht
amháin nach consaineadha fhoghnas do chomhardadh shlán bhías
ann. Ní bhacann fós consaine do bheith ar deireadh focail agus
deireadh an fhocail oile do bheith a nguthaidhe mur so: "ba",
"blas"; "cas", "tlacht"; "aoi", "aois"; "blaoisg", "baois".



DON RÍNN AGUS DON AIRDRINN.



As eadh as rinn agus as airdrinn ánn, dhá fhocal, agus focal díbh
nísa faide d'énshiolla iná in dara focal, do-bheir coimhtheacht
mar chomhardadh dhá chéile, ón chédshiolla amach don fhocal
as faide dhíbh; agus goirthear "rinn" don fhocal as giorra agus
"airdrinn" don fhocal as faide mur so: rinn - "glas", "tachar",
"gabhaidh"; airdrinn - "sonas", "cuartachadh", "fuarabhair".



DON UAITHNE.



As eadh as uaithne ánn, dá fhocal do-bheir coimhtheacht
dá chéile mar an ccomhardadh acht a n-ionannas na nguthoidhe
amháin agus iarraidh an t-uaithne coimhtheacht leithne agus caoile
is na guthaidhibh agus a ndeireadh na ccumasg, mar so "caol", "maol",
"trén", "fál", "fial" et cra. Acht cheana más focal ilshiollach
bhías ann ní beag lais coimhtheacht caoile agus leithne do bheith
san tsiolla dhéigheanach dhíbh, mar so "adhbha" agus "biodhbha";
"inmhe" agus "doinmhe"; "órmháille" agus "séinríghe".


L. 133



DON CHEANN.



As eadh as ceand ann, focal énshiolla iarras an cheathromha
dhéigheanach don tsédna do bheith na fhocal déigheanach aice.



DON URLAIND.



As eadh as úrlann ann, focal bhíos a ttús na cédcheathromhan
renab éidir gan comhardadh do chur; agus an uair nach bí urlann
san leathrann "láindénamh" goirthear don leathránn.



DO NA HAISDIBH AR TÚS AGUS DON DEIBHIDHE CÉDUS.



As eadh as deibhidhe ann, aisde chríochnaigheas an chédcheathromha
dhi a rinn agus an cheathromha dhéigheanach a
n-airdrinn agus iarras comhardadh ris gach focal don cheathromhain
déigheanoigh ó sin amach do bheith san chédcheathromhain,
óir ní bhí aonfhocal a cceathromhain déigheanoigh leathroinn
ar bith taobh amuigh don fhocal déigheanach nach éigin
comhardadh do bheith ris san chédcheathromhain, iná aonfhocal
san chédcheathromhain, taobh amuigh don urlainn, nach éigin
comhardadh nó airdrínn do bheith ris san cheathromhain
déigheanoigh. Acht cheana ní hiarthar san tseoladh acht
rinn agus airdrínn amháin do chomhardadh ar bith mar so:




"Óglách do bhí ag Muire Mhóir,
Nach ttug eiteach na honóir,
Leis narbh'áil don uile bhan,
Amháin acht Muire Mháthar".




DON TSÉDNA.



As eadh as sédna ann, aisde ag a mbí ocht siolla
san chéidcheathromhain don leathrann agus a seacht san dara
ceathromhain agus chríochnaigheas an ccédcheathromha a bhfocal


L. 134


dá shiolla agus an cceathromha ndéigheanoigh a bhfocal
énshiolla a ndiaigh fhocail doishiollaidh go neimhinmheadhónach,
muna raibhe iarmbérla eattorra mar so:



"Rí na ndúl an rí do-roighne,
Do-ní úr don choinnle chríon".



nó "Maighre geal fá eitibh eala,
d'eitil re bhfear ttreagha téid".



Agus as don fhocal énshiolla sin goirthear "bráighe". Agus an
uair bhíos iarmbérla eidir an mbrághaid agus an focal doishiollach
sin roimhe adeirthear bráighe ris, agus togthar mar bhinib giongo
ccurthar mar locht ar an tsédna é ut:



"Cuimhnigh go bhfuil a rí ad rolla,
Fuil na ttrí cColla ar do chúl".



Gidheadh más iarmbérla é ceangaltar re báthadh nguthaidhe
san bhfocal énshiolla sin bhíos ar deireadh; foghnaidh
amhoil nach biadh ann ar énchor mar so:



"Acht iongnadh ag fior a bhFhomhóir,
Ciodh fá ttiobhradh onóir d'aodh".



"Iomdha file ga bhfuil oigi
Ga fighe a ttoigh oide dh'Eoin".



As amhloidh bhíos seoladh na sédna; ocht siolla san chédcheathromhain
agus focal doishiollach ar dheireadh; na seacht
siolla san dara ceathromhain agus focal énshiolla fa dheireadh innte
gan conndas créd é an focal bhias roimhe, ní hionann agus an
leathrann, agus an uaim eidir fhoclaibh comhthórann an
dara ceathromhan; agus an focal énshiolla déigheanach an tseolta
do choimhtheacht a ccomhardadh ris an mbrághaid mar so:



"Trí gártha as gnáthach na dhúnadh
Dúnadh ard a n-ibhthear corm
Gáir na stéd a ndáil na ndeighfhear,
Gáir théd agus gáir gheimheal ngorm".


L. 135



DON RANNOIGHEACHT MHÓIR.



As eadh as rannuigheacht mhór ann, aisde chríochnaigheas
gach ceathromha a bhfocal énshiolla agus in a mbí coimhtheacht
uaithne ag dhá fhocal déigheanach an dá cheathromhan agus
comhardadh re huaithne na cédcheathromhan san cheathromhain
déigheanuigh mar so:



"Do-bheir buing bhéime ar do bhladh
Druim do char ré féile ag fior".



"Ní héidir an ghuidhe ghnáth
Tráth éigin nach fuighe fiach".



"Tar a> ais mur do fheac call
Breac ina bharr lais ón lionn".



As amhloidh curthar seoladh ris; dá cheathromhain do chur
re chéile agus focal déigheanach gach ceathromhan díbh ag teacht
re chéile mur uaithne; agus comhardadh slán nó brisde ris gach
focal oile don dara ceathromhain do bheith san chédcheathromhain;
agus focal déigheanach an leathroinn mar so:



"File dhá ccarann Chloinn tTáil,
Ní anann ag droing dá dheóin".



"Maighre taghaill mara mhóir
Fóill ar abhainn ttana a threóir".



"Dealg atháloidh othras Taidhg,
Dar n-antráthoibh tochta in tuilg
Créucht oile ar fheolfhoghail ndeilg
Loighe an deirg bheoghonaigh bhuirb".



Acht cheana ní dhligh uaithne na cédcheathromhan don tseoladh
coimhtheacht a ccomhardadh re haonfhocal don rann uile.


L. 136



DON CHASBHAIRN.



As eadh as casbhairn ann, aisde chríochnaigheas gach ceathromha
a bhfocal trí siolladh choimhthig re chéile dh'uaithne
mar so:



"Puirt ríogh Achaidh Fhionnlogha
Síodh Chathail a ccomhladha".



"Dá ghoin d'arm Í Iúghaine
Do mharbh soin an síodhuighe".



As amhloidh curthar seoladh ria: dhá cheathromhain do chor
re chéile ag a mbía uaithne; agus do nós na rannoigheachta móire,
focal déigheanach in dara ceathromhan don tseoladh do theacht
re focal déigheanach an leathroinn mar chomhardadh, mar so:



"Así an eacluis aoibhneasa
In measroigh a mianghusa
Sriobh tré tholchoibh taobhghlasa
Na orthain d'fhior fhiabhrasa".



DON RANNOIGHEACHT BHIG.



As ionann dénamh don rannuigheacht bhig agus don rannuigheacht
mhóir, mar adubhramar, acht gurab focal doishiollach
bhíos ar deireadh gach ceathromhan don rannuigheacht bhig ut:



"Do teannadh ré digh ndrúchta,
Idh lúbtha um cheangal ccéuchta"



"Sreabh go brúach na bróin mhaighreadh
Do luach t'fhailgheadh n-óir dh'ionnladh".



"Bos ó Ghearóid bhán ghormgha
Cros chomhdha seanfhóid Sadhbha".


L. 137


Ionann modh ar a ccurthar seoladh ría agus ris an rannuigheacht
mhóir acht eidirdheilioghadh na bhfocal n-aoinshiolladh agus
doishiolladh sin dheireadh na cceathromhan ut:



"Rogha na cloinne Conall
Togha na droinge adearam
Tolg dar seoladh rug romham
Conall tug d'Eoghan fhearann".



Atá ní oile adeirthior do bheith na riachdanas ar dhán .i. dúnadh
nó iadhadh, in uair curthar nuimhir rann reroile madh a
nduain nó a n-adhmad, agus asé as dúnadh ann .i. gibé rann,
leathrann nó ceathromha, focal no cuid de, madh aoinshiolla
nó nísa lía, nó litir a ttionnsgain an dán, a chríochnughadh
san ní cédna.



DONA CONSAINIBH AR AR LABHRAMAR CHUDRAMAIGHEAS NÓ
DO-NÍ ÁIT CHONSAINE d'AONSHÓRT.



Atáid consaine dh'áiridhe ann an uair theagmhas re cneas
consaine dh'áiridhe oile iad, athroigheas a mbrígh nádúrtha
féin a mbrígh chonsaineadh do shórt oile mar laibheóram
síosana. Acht cheana sul laibheóram orra tabhoir na riaghlachasa
síos dot aire as An Leabhor Cheapaireachta mar fhondament:



1. Ar tús, ní cóir consaine na aonar acht re consaine dá aicme
féin.



2. Ní bhí feidhm comhardaidh do chonsainibh ar nísa lia ná
dhá chonsaine ar gach táobh mar so, "na lúibsean" agus
"drúichtsgreamh", cóir do chomhardadh reroile.



3. Acht so síos: fuilngidh dá chonsaine a bhfocal gach a mbí
san bhfocal oile do chonsainibh teanna agus éttroma do chomhardadh
ris, ut "foghmhar" agus "gormghlan" cóir do chomhardadh.



4. Ní théid s na consaine bog do bharr a ccomhardadh, mar
as follas orra so síos atá lochdach:



"Nír loisg don toisgsin na toighi,
Loisgfidh don toisg oile iad".


L. 138


"Daoine bhan ccáisgsin gan chrodh
San ráithsin Chraoibhe Cruachan".



5. Fuilngidh an consaine bog consaine chruaidhe, theanna
nó éttroma mar aon ris, dhá mhéd dhíbh theagmhas na
fhochair a bhfocal don chomhardadh, agus do-níd coimhtheacht
re consaine mbog agus gibé ar bith consaine é nach p bhias na>
fhochair, mar so "seachtmhain", "leantair" cóir do chomhardadh;
"geangcthnúidh" agus "seantúir" .c.



6. Brígh consaine éttroim bhíos ag consaine gharbh re cneas
consaine bhuig, mar so "falc", "tacmhong", "slatcholl".



7. Gach áit in a mbí consaine cruaidh agus consaine garbh re
cneas a chéile, as eadh bhíos ag an cconsaine chruaidh brígh
consaine bhuig, agus ag an cconsaine gharbh brígh consaine éttroim,
mar so "gadchor", "bratradh".



8. Gach áit a mbí ch re cneas s roimpe nó na diaigh brígh
consaine éttroim bhíos aige, mar so "an teachso" agus "an fearso"
cóir do chomhardadh íad; "cneaschaomh" agus "treaslaogh" cóir
do chomhardadh iat amhloidh.



9. Do-ní s cumhachta oile mar so: bogaigh sí na cúig consaine
mar atá dh, th, b, d, g roimpe, agus cruaidhighidh sí trí chonsaine
in a diaigh go neimhinmheadhónach .i. dh, th agus c a n-énchás
dá ngoirthear "c chumaisg"; agus asé as c chumaisg ann an tan
téid g dheirigh fhocail a ndiaigh s go neimhinmheadhónach
agus c thosaigh in fhocail oile a n-éncholl san chomhfhocal do réir
riaghla na ccomhfhocal. Cruadhaighidh an s an c chumaisg
sin mar so, "fleasgorr" uatha so, "fleasg" agus "corr".



Do dhruim an bhogtha sin do-ní s roimpe, as cóir na focailsi
uile do chomhardadh reroile .i. "an leathso" agus "an fhleadhso";
"an ceapso" agus "an ceadso", agus ní cóir aon dhá fhocal dhíbh
re chéile sul tig an s na ndiaigh, mar so "leath", "fleadh", "ceap",
"cead"; lochdach uile mar chomhardadh.



Curthar s deirigh fhocail agus s an bháirr tig air a ccomhardadh
re haoin s, "an glassa" agus "na basa"; agus curthar consaine cruaidh
agus consaine gárbh re haonchonsaine mbog .i. an uair thig t dheirigh
fhocail ré casadh a lár an fhocail a ndiaigh th, mar so:



"Íota na díothta nach dearnadh,
Íota iongnadh".


L. 139


Curthar mar an ccédna dhá chonsaine éttroma an úair as a
ccasadh thig consaine éttrom aca agus aonchonsain éttrom a
ccoimhtheacht comhardaidh, mar so:



"Dol uaidhibh ní budh díor dhamh
Ar ghuailnibh ríogh as ríoghan".



Mar an ccédna an uair thig "da" an tsamhlaighthe a
ndiaigh l nó n, as consaine teann do chur ris a ccoimhtheacht
ag iompódh an d sin an "da" a litir ionainn agus an litir sin dheirigh
an fhocail, mur so "urra" mar rínn re "saoghallda" ag dénomh
"saoghalla" dhe, nó consaine éttróm nó tróm, agus consaine cruaidh
do chur ris ag fulang dhon "da" sin na riocht féin, mar so
"orda" do rinn re "saoghalda". Ó do labhramar an uiread
sin ar na consainibh do thaobh na ccomhardadh adéuram an
beagánso ar na guthaidhibh: An uair theagmhaid dhá
ghuthaidhe re cneas aroile geárr as cóir an cédghuthaidhe dhíbh
más guthaidhe do bhí geárr ariamh íad, mar so "an la úd",
"an ga úd" chóir do chomhardadh; "an lá úd", "an dia
úd" lochdach do chomhardadh.



Do-gheubha an foghlamaidh má do fhágbhamar dearmad a
ngnáthughadh léughtha oibreadh na suadh.



DON BHRÚILINGEACHT.



As eadh as brúilingeacht ann dán iarras gach ní iarras an
dán díreach gan do dhealughadh eattorra in a ndénamh acht
nach bhfhoghnann san bhrúilingeacht acht comhardadh
brisde fá a ttuigthear rínn agus airdrinn agus uaithne brisde mar so:



"Oighe choimealta na cclogad,
An cloidheamhsa ag Cathal".



Nír labhramar ar uaithne bhrisde mar do labhramar ar an
ccomhardadh bhrisde do bhrígh nach raibhe áit san dán díreach
ag in uaithne mbrisde; gidheadh ní fhuil ann acht do nós
an chomhardaidh bhrisde fa na consainibh. Do-níthear an
bhrúilingeacht ar gach aisde mar an ndán ndíreach.


L. 140


Atá an t-ógláchas, nár smúain an t-ughdar d'fhágbháil
amuigh, a ndiaigh an dara duilleog, agus dá madh olc leis an
léightheóir an litir nó an t-eagar, tuigeadh nach easbaidh dúthrachta
acht deifir fo deara et cra.



DON ÓGLÁCHAS.



As eadh as ógláchas ann gné dhána in nach bí acht sgáile
dána a ccompráid in dána dírigh nach mór ceart iarras. As
éidir a dhénomh ar aithris gacha haisde. Ar a shon sin as iad
aisdeadha ré na gnáithche bheith ag dialladh don ógláchas .i.
deibhidhe, sédna, rannoigheacht mhór agus rannuigheacht bheag,
agus gné oile in a mbí an chédcheathromha cosmhail re casbhairn
agus an dara ceathromha cosmhail re rannuigheacht mbig mar so:



"A Dhuibhghil an ccluin tú in gháir
Sa toighse amoigh go mórdháil,
Ní binn lais gach cluais do-chluin
Gáir bhainnse Mhic Í Dháloigh".



An uair bhíos ar lorg deibhidhe ní íarrann do cheart acht
rínn agus airdrínn amháin agus as ionann lais a mbeith brisde nó slán;
agus asé ainm goirthear dhíbh san ógláchas "amas"; agus bí ar
uairibh a n-áit reanna agus airdreanna, go mórmhór san tseoladh,
dhá fhocal fhoghnas d'amas mar so:



"Buan a mhairg do Chorc Cláire
Is do Mhórshluagh na Máighe".



Agus ar uairibh oile bí an rinn na focal énshiolla ag teacht mar
amas ré siolla déigheanach fhocail trí siolla mar airdrinn mar
so:



"Borb a threathan ar gach tráigh
Niall mac Eachach Muighmheadháin".


L. 141


Cuid oile bhíos de ar aithris sédna, íarraidh amas an dá
bhrághad agus dá ccurthar amas re focal in dá shiolla as feirde, agus
do-níthear gan é mar so:



"Gabh a Shíle a n-aghoidh haignidh,
Ionar, falloing, feiléd sróill.
Lean don cheird ar ar chrom Áine;
Tuill bonn táille ar do thóin".



An chuid bhíos ar aithris rannuigheachta móire ní iarrann acht
focal éigin aoinshiolla, ar nach ccuireann beann a bheith na
uaithne bhrisde nó shlán nó gan a bheith, acht nach rabhoid
na n-amas, dho bheith ar deireadh gach ceathromhan dá gach
leathrann. Gidheadh caithfidh amas do bheith re focal
déigheanach na céidcheathromhan a n-áit éigin a ccreataigh
na ceathromhan déigheanoighe ut:



"Do-bhéuradh Seaán a Bhál
A chead do chách bheith amuigh".



Acht cheana dá raibh seoladh ris caithfidh focal déigheanach
an dá leathrann teacht ré chéile a n-amas ut:



"Dá léigthí go suaimhneach dó
Dhá dhigh nó a> trí dh'ól dá chuid,
Do-bhéuradh Seaán a Bhál,
A chead do chách bheith amuigh".



An chuid de leanas rannaigheacht mbig, ionann dénomh dhi
agus don chuid leanas rannuigheacht mhóir acht gurab focail dhá
shiolla bhíos ar dheireadh gach ceathromhan dise mar so:



"Ní chluinim sin a chláirseach,
Fuaras páidheadh am éisteacht
Do-bheir Dia a n-íoc a dhochair
Roinn sochair dá gach éinneach".



"Ar do chláirsigh go ndúire,
Ní bhí mo shúile acht druite,
Ionann leam agus a claisdin,
Do lámha d'fhaicsin uirre".


L. 142


An chuid don ógláchas ag á mbí an chédcheathromha cosmhoil
le casbhairn agus an dara ceathromha re rannuigheacht mbig ní
fhuil do dhénamh uirre acht an dá fhocal treshiollach sin an
roinn do theacht re chéile dh'amas agus an dá fhocal deshiolladh
do theacht re chéile dh'amas mar an ccédna ut:



"Slán uaim don dá Aodhaire
Go bhfuil an earr na ttosach;
d'úamhan fhir na saobhthuicsi
Ní bhiú ní as sía dhá nochdadh".



Finis.




Go ccongna in Coimdhe i sláinte anmo agus cuirp, agus a n-eagna, le
gach aon dá léighfe in teaglomsa ghuidhfheas go caoíndúthruchtach
ar an tí rothionnsgoin an ghramadachsa .i. Tádhg Óg,
Mac Taidhg Dhaill Í Uiginn, agus ar an tí dá sgríobhthar, .i. an
t-Athair Pátraic Tirial.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services