Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Stair Fhír-Cheart ar Éirinn
Title
Stair Fhír-Cheart ar Éirinn
Author(s)
Ó Murchadha, Uilliam,
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa
Composition Date
1772
Publisher
(B.Á.C.: 0.S., 1941)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
(AN BROLLACH). As leis an meódhan diadha déaghnach so thrialladar na naoimh dhíograiseacha go hÉirinn ag seóladh a soísgéil. Gidh eadh, as mó an trioblóid fuaradar ag iompódh na talmhan, .i. beatha nó eastát na nÉirionnach, chum bheith 'na Phrotestúin, ná ag iompódh na ndaoine, óir (fé mar thug an céid-Rígh Cormac fé ndeara spioraid apstaldha na droinge seo) gur mhó 'shochar dóibh talamh nó eastát na nÉirionnach ná an charthannacht a n-anma do shámháil, ná a ccreideamh do cheartúghadh. Agus mar nárbh fhéidir leó an nídh sin do thabhairt chum cinn go hiomlán gan sealbhúghdóiríghe Catoilicíghe na n-eastát so do dhéanamh amach go follus don tsaoghal 'na ttraotúiríghe nó 'na lucht feillbheirte, do budh é seo a dtéax prínsiopálta: Calumniare fortiter, aliquid adhaerebit, (caith) mórán salchair, leanfaidh roinn éigin de. Ag so an meódhan faoi ndeara don mhéid Protestún (do) shocruigh (a) nÉirinn, agus do sgríbh
ar dhálaibh na nÉirionnach lena linn féin nó roimhe sin, agus go háirighthe ó aimsir Choibléireachta an Chreidimh, an fhírinne do mhúchadh nó do chur a mbréig-riocht, agus bhíodar chómh fada ó nídh air bith do luadh, dá bhfeaca-sa riamh, do bhiadh chum sochair ná onóradh na nÉirionnach cCatoilicíghe (acht fír-bheagán tráchtadh ag Sur Seón Dáibhis), (go mbídís) dá ttruailliúghadh agus dá ttarcuisniughadh ar gach aon-ócáid chómh mór agus do budh fhéidir lena mailís ná lena ccéill do chómhoibriúghadh ná do chur a ccuímhne dhóibh. Ní hé amháin air fhoigh-sgríbhnneóiríbh uirísle na Sagsan budh Protestúin uile, agus fós Fanaitics a n-úrmhór, do shloigeadh an uile nídh do chuireadh a sean-chúis mhaith féin chum cinn, bhuaileadar suas na bréaga bioth-mhailíseacha so, acht fós air an ccuid budh mhó dhíobh, agus go haonta air an staruíghe sár-fhoghlamtha san Cambden, do thug lena dhearmad air an bhfírinne agus air Éirinn cúis don rainn nó don eipiogram fhírinnigh seo: Angligenas oculis lustras, Cambdene, duobus; Uno oculo Scotos; caecus, Hibernigenas. Air an sórt so sgríbhnneóirighe atáid aguinn na mílte sómpla, agus san go ro-shoiléir air Sur Seón Temple do sgríbh an t-áireamh céadna bréag agus do bhí do línte iona leabhrán lán-fhallsa air an
cCóimhéirghíghe Ghaodhalaigh, do chum na nÉirionnach do dhúbhchant, agus do chum na bhFanataics do ghríosúghadh ionna n-aghaidh, agus a n-aghaidh an Rígh fós, do thaoibh gach feall agus dúnmharbhadh luaidhtear leis do dhéanamh a nÉirinn, agus gan an céadmhadh cuid díobh san 'na bhfírinne. agus ionár laethibh féin taisbeánann go soiléir an Diadhaire Dochtúir King dúinn cia an spioraid atá ag ár cCeartóirighe Creidimh a nÉirinn, an tan sporann a mbúntáiste iad chum dul sa Diabhal Bhuídhe a n-ainim Dé. Do budh liosta, agus ní fiúdh iad, an chuid eile dhíobh do luadh. Mar a chéile iad uile, agus, mar adeir an tAlbanach, "ná fuil sgadán as feárr a n-aon-bharaille": Air mhodh, munadh mbiadh mar fhuathaoid an fhaoisidin amhuil mar fhuathaoid an leóirghníomh (nídh ná teagasgann agus ná cuireann aon-Phrotestún a ngníomh, cé gur páirt phrínsiopálta do dhiúité gach Críostuíghe an leóirghníomh), do budh fhéidir leó uile a rádh le haon-ghuth, mar adúbhradar riaghalóiríghe scorrnnamhla Jerusalem, do réir mar adeir an fháig: "Do-ríneamair do bhréagaibh ár ndídhean, agus fé an bhfallsacht d'fhoilígheamair sinn féin". Óir as follus go raibh an spioraid dhiabluíghe bhréagach do labhair a mbéalaibh fáige Rígh
Ahab a mbéalaibh na bhfáige bhfallsa soísgéalacha so an nuaidh-chreidimh an tráith sin. Dam thaoibh féin deimhníghim gur leanas an fhírinne agus gur chuarduígheas í chomh mhór agus do bhí sé am chómhachtaibh a ttráchta chómh haithghearr so; agus gur thógbhas na cínn nó na pointíghe as prínsiopálta air ar thráchtas as na hanálaibh do budh fhírinníghe, agus as na húghdaraibh budh neamhchlaoine dár sgríbh air an aimsir sin, nó ó fhiaghnaise agus ó theastas daoine uaisle deaigh-mheasta léar chuimhin imtheachta na haimsire sin, acht amháin a mbeagán do chásaibh gur leanas beóloideas coitchionn na ndaoine do budh athantamhla san tír; agus saoilim gur barántamhla san ná bith-bhréaga mailíseacha na droinge air ná fuil dath ná dealramh agus nách féidir do bheith fírinneach. Atáim fós ollamh chum aenídh air ar thráchtas do cheartughadh, an tan thaisbeánfaidh aenneach áitiúghadh as feárr ná thugas uaim. Óir ní bhfuil nídh air bith as mó ghrádhaim ná an ceart agus an fhírinne; agus leis sin cóimhríghim me féin fé chumaoine ag aoinneach do thabharfaidh cúntus ní bhus cruinne air ghnóthaibh na haimsire sin, le háitiúghadh gan claonadh beart air bith. Agus annsan amm chéadna críochnuíghim amhuil mar adeir an file: Si quid novisti rectius istis, Candidus imperti; si non, his utere mecum.
STAIR FHÍR-CHEART AIR ÉIRINN. AN CHÉAD-PHÁIRT. Iar n-éag do Bhainríoghain Máire do toghadh chum na coróinne Eilís, inighean an t-ochtmhadh Hanraoi agus Anna Bullen, tré neamhmothúgh chinneamhnaigh chléire agus thuatha Chatoilicíghe na Sagsan, an drong budh líonmhaire san ríoghacht an tráith sin agus budh mhó cómhachta. Óir budh rogha leó, go hamadánta, bastaird dá ttír féin ná inighean dhlightheach na hiníghine budh shine leis an seachtmhadh Hanraoi do bhí pósta a nAlbain: do ghairmeadar le guth aon-bhuídhne Eilís 'na Bainríghin Shagsan; ciodh, a n-éagmais mórán áiteamh air a beith aindlightheach, go raibh 'fhios aco go maith gur hachtuígheadh amhlaidh san í le dhá acht Páirliment a bhfórsa an tráith sin, agus nár cuireadh air ccúl ó shoin. Do bhí 'fhios ag an mBainríghin go maith, do réir sein-dlighthe an chreidimh Chatoilicíghe agus órduithe móráin pápaíghe, gur bhastaird nótálta í, agus dá bhrígh sin ná raibh aen-cheart aice air an ccoróinn ní bhus mó, do réir dlighthe bunúsacha na ríoghachta, ná bhí ag Diúic Monmouth. d'adbhaidh í féin go poiblidhe 'na Protestún, agus do dheónaidh sí an sórt san creidimh, do neartúghadh
agus do leathanúghadh iona ríoghachtaibh, agus air an ócáid sin do ráinidh an seun nó an sonus céadna a lucht seanmóradh do mhaoidhimh an striapach nó an bhean choitchionn a n-aghaidh Socrates, .i. gur mó do lucht leanmhana do-gheóbhadh sí féin, d'aimhdheóin a chuid fallsa, ná eision, go ndúbhairt an duine mór san lé gurbh í a chúis sin, mar lean sisi bóthar mór mín réidh na malluightheachta, agus mar do lean seision casán caol curraightheach na ndeigh-ghníomh. A Sagsaibh do fuair sí óna Seannaittibh nó óna Pairlimentíghibh na dlighthe do dhéanamh budh mhiann lé chum na hócáide sin, agus iompódh 'na bProtestúin mar an ccéadna, ós í slígh budh ghiorradh 's budh réighe chum flathais Dé í; óir gusan amm san do mheasadar na pápairídhe simplíghe go mo shonuíghe an gnódh dhóibh sochuin ann le meódhan air bith, ní hé amháin amhuil oilithrigh dhá ccois, acht fós le mórán troisgíghe, déirce, faoisidin mhinic, aithríghe innmheódhanaigh, agus ós a chionn uile an leóirghníomh; gidh eadh, an tan fuaradar na Protestúin amach an bealach leastsoir-thuaidh chum Parradhthais, agus go bhféadfaidís dul go flathas Dé a ccóistíghibh, agus iad féin do dhéanamh siúrálta do Thalamh na Geallamhna gan an trioblóid do ghlacaidís na pápairíghe símplíghe chum na críche sin, do glacadh an nuaidh-chreideamh so, do bhí chómh
taitnneamhach san, go lúthgháireach a Sagsaibh; agus d'eagla, uair air bith, gomo rogha leis na daoinibh (as gnáthach iompuightheach) moghsainne na hAegypte seoch an anadh naomhtha neamhdha so, do hachtuígheadh an creideamh so le rachtaibh an dlighe. Gidh eadh, a nÉirinn do bhádar na hamadáin chruadh-mhuinéalacha ní budh dhiongmhálta agus ní budh cheangailte ná san iona sean-nósaibh creidimh, air son gur mealladh go mór iad a n-aimsir an t-ochtmhadh Hanraoi ionnus gur chreideadar gur a ttaoibh riaghluithe gnótha saoghalta do bhí deifir ag an Rígh sin leis an bPápa - agus fós, mar budh phápairíghe an Rígh féin agus a Phairliment Sagsanach an tráith sin - gona uime sin do-rín an Pairliment Gaodhlach mórán d'achtaibh innmheódhanacha a n-aghaidh an Phápa agus 'uachtarántachta, nó na nithe céadna do-ríneadh a bPáirliment na Sagsan. Gidh eadh, an tan fuaradar aimsir air mhachtnamh do dhéanamh air na nithibh do-ríneadar, agus nár thaithnidh a n-iompchur le Catoilicithe uile na hEuróipe, ní túsga chómhchruingigheadar an athuair a bPáirliment an tríomhadh bliaghain do reimheas Philib is Mháire ná ríneadar athghairm agus cur air ccúl air na hachtaibh agus air na statúitíbh réamhráidte. Ansan, an tan thuig Bainríoghan Eilís nárbh
fhéidir an cleas céadna do chur air na hÉirionnachaibh an athuair, óir go rabhadar ollamh chum seasaimh a n-aghaidh aon-nuaidh-riaghlacha creidimh, do chómhchruinnidh sí a modh Pairliment pacadh dá créatúiribh féin ná cuirfeadh 'na haghaidh a n-aon-chás, agus gan acht fír-bheagán do phríomh-uaislibh na ríoghachta ionna measg. Ionnus air an modh san gur paisteáladh suas air (na) daoinibh achta an Phairliment seo ag tabhairt cómhachta don Bhainríghin air bheatha nó air thalamh Eaguilse, go háirighthe air easbogóideachtuíghe; agus cur nuaidh-mhionnadh a huachtarántachta air na daoinibh, agus diúltughadh go hiomlán d'uachtarántacht an Phápa; agus do chum bun do chur lena gnóthaibh, a leabhar urnaighthe do ghlacadh a n-áit an Aifrinn, maille re pionósaibh iomdha do chur air neach air bith do chuirfeadh a n-aghaidh na nuaidh-riaghlacha so. Gur le cleasaibh calaoiseacha agus le meódhanaibh mailíseacha agus nách le toil ná le haonta ceann ná cómhairle bhfear nÉirionn do hachtuígheadh na statúightíghe réamhráidhte seo as follus as an bhfírinne seo nách féidir do shéanadh, as é sin, nách raibh aon-duine amháin as chúig céad 'na Phrotestún a nÉirinn an tráith sin, ná fós ar feadh réimheasa Bhainríoghaine Eilís, agus nach biadh san mair sin ní bhus mó ná bhí a Sagsaibh agus a nAlbuin dá ttugaidís uaisle Éirionn
a ttoil ná a n-aonta chum dlighthe don tsórt san d'achtúghadh. Agus ag deimhniúghadh na fírinne seo, an feadh mhair aon dár shuidh ansa Phairliment sin na hÉirionn agá raibh 'fhios nár ceapadh na hachta san leó, níor chuir an Bhainríoghan a bhfeidhm iad; agus fós ní raibh tráchtadh ortha go himtheacht an Armada Spáinnigh san mbliadhain 1588. Ní túsgadh sgaipeadh an sgamal Spáinneach (san) ná d'ionnsuidh an Bhainríoghan na hÉirionnaigh go dian dochruideach ag fórsáil a nuaidh-chreidimh ortha, air dtúis, cuid díobh do thaoibh mar adúbhradh go ttugadar cabhair do dhrong-bhuídhin Spáinneach do teilgiodh air chóstaoibh na hÉirionn le anfa mara; d'órduidh cuid eile dhíobh do ghabháil do thaoibh iochta thabhairt d'easbogaibh Catoilicíghe, do shagartaibh, agus do bhráithribh; agus cuid eile do thaoibh bheith ag Aifrionn, nó gan teacht chum cómhchruinnithibh na bProtestún amhuil do cuireadh do chomhall ortha leis na hachtaibh réamhráidte. Dá bhrígh sin, do-chonnarcadar uaisle Éirionn, agus go háirighthe Iarla Thír Eóghain, nách raibh rogha air bith aco le glacadh acht ceachtar don dá mheódhan so, .i. a ccreideamh do thréigion nó buain-tseasamh dá ccaomhna féin a n-aghaidh aindlighthe na Bainríghine. Do cinneadh aco an meódhan déaghnach so do leanmhuin, ní amháin
a haithle na ngeallamhna thugadar na Spáinnigh air choghnamh lán-mhór do chur chúcha, acht mar do chuir an séamhadh Séamus, Rígh Alban, ciodh gur Phrotestún é, ag díoghailt báis fhealtamhuil bharbraighthe a mháthar, Bainríoghaine Máire, oighre cirt coróinne na hÉirionn agus na Sagsan, agus fós ag lagúghadh na Sagsanach dá ccuiridís a n-aghaidh a chirt féin chum na coróinne, cabhartha móra dá n-ionnsuíghe go foilíosach ó uair go huair, ní bhus mó ná chuireadar na Spáinnigh, ciodh gur mhór a ngeallamhna. Ansan do fógradh cogadh do sheasaimh mórán bliadhan, agus nár chríochnuidh nó go raibh an Bhainríoghan ag dul chum báis. An tan chonnairc Tighearna Mhonnjoy, do budh Foighrígh Éirionn an tráith sin, go ttugadar a dochtúiríghe suas í, agus gan 'fhios aige créad iad na hiompuithe thuitfeadh amach a Sagsaibh tar éis a báis, cuireas teachto ós íseal chum Tighearna Thír Eóghain ag geallamhuin mathachuis ghenearálta dó féin agus dá lucht leanmhana, cead saor fóirlíonta a ccreidimh, agus seilbh shítheóilte a stát agus a mbeatha, air choinghíol a n-airm do leagadh. Do-ríneadh amhlaidh san leó; do cómhalladh na geallamhna san dóibh; agus do mhaireadar mórán bliadhan dá éis sin go sídheach sítheóilte amhlaidh san. An samhradh dá éis sin téid Iarla Thír Eóghain
go Sagsaibh ag ofráil úmhlaoigheachta a bpearsain do Rígh Séamus. Do freastaladh go fíor-onóireach ag an Rígh é, agus mar adeir Baker iona chroinic, do chuir forfhógradh fóirleathan air feadh na ccríoch onóir agus oghmós do thabhairt dó. Budh mhór geallamhna an Rígh seo, air mbeith a nAlbain dó, do Chatoilicithibh na Sagsan agus don Phápa dídhean agus tarmuin do dhéanamh dóibh dá ngabhadh féin ríoghacht Shagsan tar éis Bhainríoghan Eilís, agus fós do cuireadh leitir faoi láimh agus faoi shéala an Rígh chum an t-ochtmhadh Clement, Pápa, dá dheimhniughadh dó gurbh í aigne agus íntinn an Rígh iompódh chum bheith 'na Chatoilicíghe an tan bhiadh socair a ríoghacht Shagsan, mar adeir Sanderson agus mórán eile: gidh eadh, adeirid gur le cladhaireacht do chuir an Sicréideach Stáit Albanach do chum an Phápa í. Gibé air bith modh air a raibh an sgéal san, as deimhin tar éis na leitre céadna 'thabhairt as clósaed an Phápa amach go ttug an Sicréideach Sagsanach, Cecil drannach, lena mhailís mhalluighthe agus lena chleasuigheacht chealgaigh fá deara air an Rígh gan cúntonós air bith do thaisbeáint dóibh, acht dlighthe diana dochruideacha do dhéanamh iona n-aghaidh do thaoibh Phloit an Phúdair, do cumadh le healadhanaibh an mhinistéara mhalluighthe sin agus do cuireadh a
leith na cCatoilicithe Sagsanacha; mar do mealladh agus do tarraingeadh asteach ansa phlot san trí feara déag buartha bith-thrioblóideacha dhíobh, amhuil mar adubhairt Rígh Séamus féin, leis an ccorrai-dhiabhal cam-dhromach Cecil, mar mheódhan chum iad do thasragan air ghéir-dhlighthibh peannaideacha Bhanríghine Eilís. As deimhin liom gur mion-chuarduígheadh fírinne an sgéil seo go minic air gach taobh le sgríbhnneóiribh maithe Protestún agus Catoilicíghe. Gidh eadh, air cheart-chuardughadh an sgéil as í mo ghlan-tuairim féin nach fuil duine réasúnta air bith do-rín machtnamh míochlaon air shorrathannaibh éagsamhlacha an phloit iofranda san ná caithfidh a chreideamhuin ná raibh duine air bith as doibhnne do bhí ann ná Cecil. Óir air ttúis, má ghnídhmíd machtnamh air uimhir, air cháil, agus air bhúntáiste na bplotaeríghe, (plot) chómh mí-dheabhrathach san, agus chómh mór, agus cómh deacamhuil sin do chur chum cinn agus a ngníomh, an modh iongantach air a ndeárnadh fóilsiúghadh air le leitir nocharbh fhios cia uaidh, ná sgríobhfadh aon-phlotaer iona chéill náttúrtha, agus an leitir seo do chraobhsgaoile deich
lá roimh an cceap-lá chum an phloit - gidh eadh, budh dheise í 'theacht an oidhche roimh an cceap-lá, agus fós, mar do marbhadh air an spotadh Catesby agus Piercy agá raibh fios bunúsach na hócáide, agus mar d'éag Tresham a mbeagán laethe iarna chur don túr, agus san fós le "strangury," má b'fhíor, adeirthear do bheith an' aicíd nách bí grod-mharbhthach, agus fá dheóigh, má thugaimíd a ccuímhne an modh air a ttugaid ministéiríghe malluithe stáit gnótha don tsórt so chum cínn chum a mbúntáiste féin, amhuil do-rín athair Cecil féin, an Tighearna Burleigh, agus Walsingham, go minic a réimheas Bhainríghine Eilís, agus fós ionár laethibh féin, mar do-rín an tíoránach Cromwel mórán ploit don tsórt so d'oibriúghadh do chum na cCabhailiaruíghe Ríogadh do tharrang iona líontaibh, agus Cecil Redivivus, an cladhaire Shaftsbury na ccleas, le linn an Rígh dhéaghnaigh - annois, iar ccur na sorrathann so gan chlaonbháidh le chéile ní féidir linn gan críochnúghadh agus adbháil amhuil do-rín Osburn, Protestún agus ughdar fiosrach fiafruightheach don aimsir sin, adubhairt gurab é Cecil camm-dhromach do budh úghdar leis an bplot so: agus a haithle na seirbhíse
so-mholta san do-ríneadh Ridire an Ghártaer agus árd-choimeáduíghe stóir na Sagsan de. As annsan do thaisbeáin an Haman uaibhreach so é féin 'na dhearg-námhuid do Chatoilicíbh a aon-dútha, gur cuireadh 'na leith (do réir Sanderson) gurbh é (a intinn) léirsgrios do thabhairt ortha; agus nochar stad a mhailís ansan, acht ó bheith 'na cheárduíghe chliste a ccleasaibh (do réir na tuarasgabhála do-bheir Osburn air), agus ó dh'éiridh leis chomh maith sin a Londoin do cinneadh aige na clis chéadna nó a samhuil d'imirt a nÉirinn. Agus chuige sin do hoibrígheadh air Chrustóir St. Lawrence, dá ngairmthighe go cómhchoitchionn Tighearna caoch Binne hÉadair, toghairm do chur air Iarlaoi Thír Eóghain agus Thír Chonaill, air Thigearna Barún Delbhin, agus air mhórán eile d'arduaislibh na hÉirionn chum cómhdhála, mar a bhfuair a ndearbhadh uatha air ttúis rún do dhéanamh ar neithibh móra do bhí aige le nochtadh dhóibh, as é sin, go feasach dó féin gur cinneadh ag an Stát Catoilicithe Éirionn d'fhórsáil chum bheith 'na bProtestúin; agus do chum an mhór-oilc seo do sheachnadh nách raibh meódhan air bith aco acht buain-tseasamh cómhaigiontach do dhéanamh a n-aghaidh uile-iompuighthe iona ccreideamh. Do dhiúltaígheadar uile d'aon-ghuth an nídh
sin do dhéanamh, dá rádh ná raibh cúis air bith aco eagla bheith ortha roimh úsáid don tsórt san a n-aghaidh na ngeallamhna tugadh dóibh, gur phrionsa prímh-cheart Rígh Séamus agus oighre ceart dlightheach na coróinne, agus dá bhrígh sin ná grod-thosanóidís gníomh cómh contabharthach san. Gidh eadh, téid St. Lawrence gan sosadh gusan bhFoighrígh, agus craobhsgaoileas dó a ccómhdháil, agus cuireas tréason iona leith do thaoibh an chómhchruinnithe sin, ionnus gur gairmeadh Iarla Thír Eóghain agus an chuid eile dhíobh do láithir na Cómhairle chum freagartha ansna gnóthaibh sin, agus gur shéanadar go síor-láidir iad uile. Acht gidh eadh, an tan chonnarcadar St. Lawrence (nár mhairidh sé 'ainim ain-cheart) do láithir chum áitimh ortha, d'adbhadar a ccómhdháil agus an tairigsin tug St. Lawrence dóibh, gidh eadh, gur dhiúltaoidheadar í le cúisibh iomdha d'inniseadar do láithir. Do fiosruígheadh fó leith iad: gidh eadh, an tan fríth iad uile air aon-fhocal agus gan acht aen-fhínnéighe amháin ag teacht 'na n-aghaidh, níor cinneadh ag an cCómhairle iad do chur a ngéibhionn, acht do hórduígheadh dóibh teacht airís chum láithrigh lá airna mháireach. Annsan amm céadna do comhairlígheadh iad le cuid dá cclaon-cháirdibh san cCómhairle, iad féin do shámháil air phriosún do bhí cinnte
dhóibh, nó go bhfághfaoi fínnéighe ceannaigh éigin eile 'na n-aghaidh. Do ghlacadar na hIarlaoi réamhráidte go hamadánta an chomhairle chladhrach sin, agus dá bhrígh sin do gairmeadh 'na ttraotúiríghe iad, agus do tógbhadh suas chum na coróinne, ní hé amháin eastáit nó beatha na n-uasal so, acht fós sé contaethe iomshlána o nOltaibh gan a thuille dlígh, coiste, ná éisteachta acht san, agus gur roinneadh iad idir Phrotestúin Sagsanacha agus Albanacha air choinghíolaibh d'fhoilsidh go rabhadar na hÉirionnaigh agus a ccreideamh lena cceanna-mhúchadh go bráth, óir do toirmisgeadh ortha le dlighthibh diana dochruideacha agus fineálaibh airgid a ccreideamh do leanmhuin. Agus ansna cartachaibh tugadh dona nuadh-Ghallaibh ar na heastátaibh Éirionnacha so do cuireadh do chomhall nó do choinghíol ortha gan aon-fhód díobh do chur chum, ná do dhíol le neach air bith acht le Protestúinibh Sagsanacha agus Albanacha amháin. Agus fá an ttráith sin, a haithle an mhóir-dhíograis fhallsa do thaisbeáin St. Lawrence do chaomhna an chreidimh Chatoilicighe, d'iompuidh 'na Phrotestún, agus dá bhrígh sin níor bheag a chuid don éadáil. As deimhin gur dian-mhór an dóth croídhe d'árdaidh an úsáid iongantach so air Éirionnaigh, go mór-mhór ar lucht na sé ccontaethe tógbhadh suas amhuil adúbhramair, agá raibh a ccailleamhuin
neimhmeódhanach. Gidh eadh, d'iompchuraoidheadar í go foideach nó gur bhreithnígheadar nách raibh mailís a namhad le stad ansan gan léirsgrios do thabhairt air an ttír nó a chur fé deara ortha a ccreideamh do shéanadh. Do sganraidh an tIarla Strafford mórán díobh leis na claoin-mheódhanaibh do lean sé, an feadh bhí sé a riaghlúghadh na hÉirionn, chum lochtaoi d'fhagháil a ttediolaibh móráin d'uaislibh na hÉirionn chum a n-eastát a ccóigíbh Laighean, Múmhan, agus Chonnocht, ní chum seirbhíse don Rígh, acht chum a chréatúiríghe féin do shaidhbhriúghadh. Idir shomplaoibh iomhdha don tsórt so atá an t-aen-ghníomh so ionmhachtnaimh mar do-rín sé le dúthaidh Aoibh Duach a cContae Chille Cuinne; óir an tan budh mhiann leis an lear talmhan san do lámhadh, agus nárbh fhéidir leis cúis dhlightheach air bith d'fhagháil a n-aghaidh na sealbhúghdóiríghe do bhí a seilbh shítheóilte air feadh móráin aimsire, d'órduidh sé mion-chuardúghadh do dhéanamh san mbliadhain 1635 léar foilsigheadh gurab don Rígh budh dhual an talamh san uile, gan chúis air bith acht go raibh teidiol ag an dara Hanraoi chuige tímpchioll chúig céad bliaghain roimhe sin. Agus leis sin do hiompuígheadh amach na sein-shealbhúdóiríghe agus do fuair sé leitreacha paitent air dá bhráithir
féin, Sur Crustóir Wandesford: ex ungue leonem. Budh mhór an forfhógradh do Ghaodhalaibh an nídh seo air an úsáid do budh inmheasda dhóibh d'fhagháil. Gidh eadh, as déine ná san do bagradh ortha 'na dhiaidh sin, an tan thogradar na Presbitérians Shagsanacha agus Albanacha easbogóideacht do rith síos agus fós ríoghthamhlacht nó gairm rígh; agus do mhealladar ón ccéid-Rígh Cormac mórán aonta, agus go háirighthe an toil chinneamhnach do thug sé air an bPairliment Sagsanach do bheith síorruídhe. Ansan ní raibh sé iona chomhachta stupadh do chur leó 'na réim, óir ansan do tuigeadh dá mbráithribh a malluightheacht, .i. Fanaitics Éirionn, do choingmheadh síor-chómhluadar leó, gurbh é seo an t-amm léirsgrios iomlán do thabhairt air Chatoilicithibh na hÉirionn. Agus do chum an ghníomha dhiadha so do thabhairt chum críche do chuireadar eachuiníghe fé lámhaibh na mílte pearsana do chum an Phairliment Shagsanaigh dá iarraidh ortha a chur d'fheidhm air phápairibh na hÉirionn iompódh 'na bProtestúin nó an ríoghacht do thréigion, agus an mhéid ná staonfadh díobh do chrochadh as a bhfárdorusaibh féin. Agus do bhádar chómh deímhneach san don sgéal so go ndúbhradar mórán díobh, agus fós ag clár na Cómhairle
féin, nách biadh Catoilicíghe le faicsin a nÉirinn a ccionn bliaghanna. Ag san fíor-Choibléireacht an Chreidimh, iona neartuíghidís a n-argóintíghe le dlígh cuaille, ní chum aigionta na ndaoine do tharrang, acht do chum na hinchinne do spréachadh asta, nídh ná deárnadar na Críostuighthe anallóid agus fós nár smaoinígheadar, a n-aghaidh na bPágánach. Na hÍmpiríghe Rómhánacha féin, an tan d'úmhaluígheadar an Fiular do Chrois an Tighearna, do bhádar chómh fada ó úsáid don tsórt san do thabhairt don bhuídhin do hoileadh ansan adhradh phágánta nách tugadar pionós air bith dhóibh iona bpearsanaibh, ná iona bpócaoibh, ná 'na sparánaibh, do thaoibh gan géille don chreidiomh Chríostamhuil; mar do mhothuígheadar gomo mhíréasúnta an nídh daoine nár chruithidh creideamh nuadh leó féin ná le aen-dreám eile, acht bheith a seilbh shítheóilte a sein-chreidimh le suím mhóir do chéadaibh nó fós do mhíltíbh bliadhan roimh sheóladh an tsoísgéil san domhan, d'iompódh le meódhan ar bith acht le hurnaithe, le seanmóir, agus le réasúnaibh ró-áititheacha, an meódhan céadna do lean Críost agus 'Apstail. Ag so mar do-rín glóire an Oileáin seo na Breatainne, Constantine Mór (do réir mar adeir Eusebius a mbeatha an Ímpre sin), díthchioll,
le hargóntaoibh láidre láin-réasúnta, air Págánachaibh a ríoghachta nó 'impreachta féin do dheaghailt óna n-íodhal-adhra amadánta agus fírinne an tsoísgéil do ghlacadh. Agus fós níor chuir feidhm ná bruid ortha, acht tug toil shaor dóibh a roghadh féin do leanmhuin. Agus chum teacht ní bhus foigse 'bhaile, as amhlaidh do-rín Ethelbert, an chéid-rígh Sagsan do ghaibh creideamh, tar éis a iompuithe le St. Austín manach, le hain-chreidmhigh a thíre féin, gan inghreim air bith d'imirt ortha (mar fhoilsígheas Beda beannuighthe dhúinn), acht do thug do gach n-aon toil shaor a choinsiais féin. Adeir an t-úghdar céadna gur fhoghluim sé féin ó lucht teagaisg a shámhála dhó nách le fórsa nó éigion budh chóir seirbhís Chríost do leanmhuin, acht le húmhlaoigheacht. Gidh eadh, ní fuláir leis na nuadh-naoimh seo nuaidh-mheódhain leó féin do bheith aco do sháraidh Coibléiríghe Arian féin san uile olc; agus do budh iad an lucht leanmhana so Arian na céid-Chríostuighthe do thúismidh an meódhan malluighthe seo ag ceartúghadh an chreidimh le dlighthibh peannaideacha agus le hinghreim. Agus uime sin ní fuláir do Chatoilicithibh na hÉirionn do lean air feadh dá chéad déag bliaghain an creideamh do ghlacadar ón Easbol Páttraig Naomtha a chreideamhuin, le crochaibh agus le branraoibh, go
raibh a sínsear a ndearmad agus a n-éagcóir, agus go raibh ócáid ag Críost le nuaidh-theagasg Luther agus Chalvin chum A shoisgéil féin do fhoilsiughadh, agus do chum A theampoill d'aithdhéanamh, do bhí ag tuitim d'aimhdheóin A gheallamhna iomdha dhó. Agus créad as iontuigthe as so uile acht go raibh an ceart ag Bernardinus Ochinus agus nách féidir le lucht céille go réasúnta creideamhuin a Messiah chómh bréagach le hÍosa Críost? Acht do chum ár sgéil: do-chualadar daoine uaisle dh'áirighthe Catoilicithe a nOltaibh tráchta air an eachuiníghe mhalluighthe sin do cuireadh chum an Pháirliment, mar adúbhramair thuas, óir do cuireadh an páipéar ó Phrotestún go Protestún chum a lámha do chur air, agus san ó mhinistir d'áirighthe dárbh ainim Primrose, do chómhnuidh láimh le Caisleán Chruim, do chum a ttáinidh an páipéar do chum a láimh do chur air agus lámha príomh-Phrotestún a phorróiste. An ministir iomorra, mar budh dhuine mhacánta agus nár námhuid don chreideamh Chatoilicíghe é, do ghaibh iongna mhór é do thaoibh iarrachta chóimh hain-Chríostamhuil sin agus chómh contrárdha le spioraid an tseann-rachta (an pátturrún adeiridís na Protestúin seo do leanaidís féin); do thaisbeáin an páipéar dona Catoilicithibh réamhráidte seo, gon' uime sin do-ríneadar a ngearán
lena giúistísíbh do bhí ag tabhairt a ccuarda an tráith sin, agus fós le daoinibh uaisle mór-chómhachtacha eile. Gidh eadh, níorbh fheáirde dhóibh, óir air gach taoibh as mó fuaradar cúis uamhain ná misneach air bith do chur ortha. d'árduidh seo buaireamh ro-mhór air Chatoilicithe na ríoghachta uile, go mór-mhór mar do bhí 'fhios aco nách é amháin gurbh fhír-Phresbiterians na Tighearnaoi Giúistísíghe, Sur Uilliam Parsons agus Sur Seón Borlace, acht fós go rabhadar go follus air shon an Phairliment a n-aghaidh an Rígh, agus dá bhrígh sin nách raibh cabhair air bith le fagháil uatha. Agus don taoibh eile, do bhí cómhachta an Rígh chómh lag san a Sagsaibh nárbh fhéidir leis maith air bith do dhéanamh; óir ó rug Tigh na Comhchoitchinne a Sagsaibh buadh air easbogaibh Protestúin agus air an ccléir, agá raibh ughdarás an dlígh, agus gan trácht air úsáid éagsamhlaigh Strafford, budh dhíobhaoin do Chatoilicithibh súil do bheith aco le sámháil air bith iona n-aghaidh. An tan chonnarcadar na daoine iad féin san ccás so, agus gan chabhair air bith aco le fagháil acht ón ccloidheamh amháin - gidh eadh, do tuigeadh dhóibh dá dhonacht a ngalar gomo dhonadh ná san an leíghios san - agus fós ná raibh arm ná oireamhna eile cogaigh aco,
ní raibh 'fhios aco créad budh mhaith dhóibh do dhéanamh an tan do thuit amach ócáid mhíofhoirtiúnach iona slígh. An tan chonnairc an Rígh, ciodh gur dhéaghnach, créad do bhí agá Phairliment cailleamhnach chum a dhéanta a Sagsaibh, cuireas Iarla Antruim le sgéalaibh chum Iarla Urmhúmhan, do budh ceinn feadhna 'armála a nÉirinn an tráith sin, é féin agus an mhéid eile d'uaislibh na hÉirionn do bhí díleas don Rígh do leanmhuin an mheódhain as feárr d'fhéadfaidís do mhachtnamh chum giúistísíghe an Pháirliment do ghabháil, agus iad féin do thaisbeánadh a bhfábhar an Rígh a n-aghaidh oilbhearta an Phairliment Shagsanaigh. Craobhsgaoileas Iarla Urmhúmhan na sgéala so do dhrong-bhuídhin thoghtha Chatoilicíghe agus Phrotestún, agus a haithle mórán cómh-dháilídhe agus argóntaoi do ceapadh an séamhadh lá déag do November, air a raibh Páirliment na hÉirionn chum cruinnithe, chum an ghníomha san do chur a bhfeidhm. Gidh eadh, air leatha don sgéal agus iarna chloistin dóibh seo dá ngairmthíghe Sean-Ghaodhil, air ar fhóbuir Iarla Urmhúmhan an sgéal do cheilt, do mheas Sur Feidhlim Ó Néill agus mórán eile d'fhearaibh Uladh bheith roimh ré ris an Iarla óir do bhádar roi-fheargach leis do thaoibh an sgéil do cheilt ortha féin, ionann agus ná rabhadar chómh díleas don Rígh le daoinibh eile. Agus
dá bhrígh sin, do cinneadh aco iad féin do chur an ghníomha chéadna a bhfeidhm, óir do mheasadar dá ttigeadh leó féin an nídh sin do dhéanamh, go bhfághaidís, nach é amháin cead saor a ccreidimh mar fuaradar na Coibheanantaerighe Presbiterian a nAlbain grod roimhe sin, acht fós seilbh a n-eastát do tugadh roimhe sin tuairim deich mbliaghanna fithchiod do Phrotestúnaibh Sagsanacha agus Albanacha, do bhí annois a bhfábhar an Phairliment a n-aghaidh an Rígh. Iar socrúghadh an phloit amhlaidh so, agus iar mbeith don tríomhadh lá fithchiod d'October '41 ceapuighthe chum a chur a bhfeidhm, chum bheith roimh ré re hIarla Urmhúmhan agus lena pháirtídhe do ghaibh Tighearna Mhac Guibhir agus mórán eile ortha féin na Tighearnaoi Giúistísíghe agus Caisleán Bhaile Átha Cliaith do ghabháil. Gidh eadh, air foilsiúghadh an sgéil an oidhche roimh an cceap-lá, do gabhadh an Tighearna agus do cuireadh 'na phríosúnach go Sagsaibh é. As fearr d'éirghidh le Sur Feidhlim Ó Néill, agus lena chomhbhuidhín a nOltaibh ná san, óir do ghabhadar Clarmont agus gairisiúin eile. Ag so an ghlain-fhírinne air éirghighe agus air thúismiúghadh an Chóimhéirghíghe Éirionnaigh san ngeimhre 1641, amhuil mar dheimhnígheadh damh go minic le daoinibh céillíghe glan-tuigseacha don tír, agus go pairticiulártha le duine uasal fíor-ionraic atá annois ansa bhFrainc, do dheímhnidh
dham deich mbliadhanna ó shoin go ccuala sé an sgéal amhlaidh san ó bhéal Iarla Urmhumhan féin grod roimhe sin. Agus atáim lán-tsásta gurb é seo an tuarasgabháil as réasúnta agus as fearr dealramh fírinne dár tugadh fós air an sgéal so. Agus ag deímhniúghadh an sgéil ní bhus faide d'adbhaidh Cúntaois Antruim, mhairios fós agus budh fíor-Phrotestún riamh agus dá bhrígh sin gurbh fhinnéighe maith í, do cháirdibh d'áirighthe di a Londoin san mbliadhain 1683 go ccuala sí a compánach, an tIarla, ag ínsin an sgéil amhuil mar adúbhramair thuas agus fós ag deimhniúghadh nách raibh cúis ná adhbhar air bith ag Iarla Urmhúmhan an ghéirleanmhuin do-rín air, iar n-athghairm an Rígh dhéaghnaigh chum na coróinne, acht go raibh amhras aige (ag san go héagcórach amhuil mar dheímhnidh an tIarla di féin agus do dhaoinibh eile) gurb é nocht an rún réamhráidhte do Sur Feidhlim Ó Néill. Do budh aoibhinn leis na Tighearnaoibh Giúistísíghe agus leis an ccuid eile don chómhairle na gnótha so, óir do bhádar ansan ag slogadh eastát na nÉirionnach, do chum a rabhadar le fada roimhe sin ag lán-leatha a ccraos-chlab, agus níor fhágbhadar aon-chloch gan iompódh chum an nídh sin do thabhairt chum cínn. Do cuireadh mórán forfhógarthaoi genearálta a n-aghaidh na nOltach, ag iarraidh ar na Protestúin seasamh iona n-aghaidh agus a cceanna-mhúchadh. Gidh
eadh, níorbh í sin a n-íntinn, acht chum lucht na ccóigíghe eile do tharrang asteach iona líontaibh agus fá gheócadh an dlígh. Agus dá bhrígh sin níor fhéachadar leis an ccóimhéirghíghe na nOltach do chlódh do chum go leathfadh sí air feadh na ríoghachta uile. Agus dá bhrígh sin nuair thairigiodar na Catoilicithe tímpchioll Bhaile Átha Cliaith a seirbhís dona Tighearnaoibh Giúistísibh do dhiúltaoidheadar iad, ní hé amháin do thaoibh airm do thabhairt dóibh, acht fós do thaoibh a ccoimeirce, ionnus gur ceaduígheadh dona saídiúiribh iad d'arguin agus fós a n-inchinn do stealladh as mhórán díobh gan chúis air bith. Agus nocha feárr an úsáid do fuaradar daoine eile air feadh na ríoghachta nách deárnaidh cóimhéirghíghe riamh, agus fós do thairidh tacuígheacht do thabhairt uatha le marthuinn go sítheóilte ag baile. Gidh eadh, níor glacadh san uatha, acht d'ionnsuígheadar na Protestúin iad amhuil gur thraotúiríghe agus nár dhaoine síodhacha sítheóilte iad. Agus Iarla Chastlehaven féin, d'fhuiling sé príosún suím mhór do mhíosaibh do thaoibh mar do lámhaidh sé labhairt iona bpáirt, agus go ttiúbhradh díol ann lena cheann munadh mbiadh gur sgiúird uatha go sonuíghe. An Rígh iomorra, do chum ar cuireadh gnótha na hÉirionn a mbréig-riocht air feadh móráin
aimsire, do fuair amach fá dheóigh túis fhírinneach na buartha so, agus gur mhadhm sí as an ttiobraid ccéadna as ar ling an chuid eile dá thrioblóidibh, .i. ó réapuibliocánaibh a ríoghachta léar mhiann é féin agus a cháirde do chlódh, mar as léir as a mhachtnaimh uaigneacha féin mar a n-abuir: "As deimhin gurb í céadfadh móráin do dhaoinibh eagnuidhe gur bhudh iad gach aindlígh agus inghreim dár imreadar fir Shagsan air Éirionnachaibh fá deara dhóibh an chóimh-éirghighe ríneadar do dhéanamh; óir nách mór ná go ndeachadar a n-éadóchus le heagla laetheamhuil léirsgrios iomlán do theacht ortha óna daoinibh do chreidmheann nách fuil argóint air bith as mó do neartuígheann fírinne a ccreidimh féin, ná gan aen-chreideamh eile d'fhulang acht a ccreideamh féin." Agus adeir sé airís "go bhfuil dream daoine ann áirmheann gur patfhuaireacht a nduine bheith miochair macánta; agus gur feárr fíochmhaireacht a ccreideamh ná fionnfhuaire; agus do mharbhann an "bear" nó an laodh alta le ní bhus mó dúlach 'na chroiceann ná do thaoibh aen-díobhála dá ndéanadh sé; agus gur mó do shochar dóibh talamh nó stát na nÉirionnach do thógbháil suas ná an charthannacht a n-anma do shámháil, nó a ccreideamh do cheartúghadh." Agus fá dheóigh críochnuígheann ag rádh: "creidim go bhfoilseóghfar fá dheire gurab iad
an bhuídhean do thúismidh buairt am ríoghachtaibh eile do bhí ciontach a ccéad-dhortadh fola a nÉirinn, agus gan stupadh tráthamhuil do chur leis." gidh eadh, d'aimhdheóin a ccúraim ag cur gach nídh a mbréig-riocht don Rígh, do foilsígheadh dó gach ar fhulaingeadar fir Éirionn agus gach meódhan do meabharuigheadh chum iad do léirsgrios; agus leis sin cuireas órdúghadh chum na tTighearnaoibh Giúistísighe toghairm do chur amach ag forfhógradh párdúin do gach n-aon d'úmhalóch a ccionn dá fhithchid lá. Do budh geall le caoir trom-thóirníghe an t-órdúghadh so don droing do gheall eastáit mhóra dhóibh féin do thaoibh iasguireachta ansna huisgíbh buartha so, agus do cuirfídhe annois air ccúl dá tté ordúghadh an Rígh a bhfeidhm. Do chum na hanachainne sin do sheachna agus san amm chéadna úmhlaoigheacht do chlaon-thaisbeánadh don Rígh do chuireadar an forfhógradh amach ag tairigsin an phárdúin, gidh eadh, air mhodh nách raibh sochar air bith le fagháil as, ní hé amháin ag lucht eastát, acht ag neach air bith dá fhoirísle dá raibh a n-armaibh an tráith sin. Óir ní raibh toradh an phárdúin le fagháil acht ag gach n-aon ná raibh talamh saor aige, agus do bhiadh a ccionn deich lá a mBaile Átha Cliaith, nídh agá raibh 'fhios aco nárbh fhéidir do dhéanamh.
Do chum ná fághadh an Rígh fios fóirleathan fírinneach air ghnóthaibh na hÉirionn do gabhadh Sur Seón Reed, seirbhíseach dearbhaithe leis an Rígh do gheall dona Catoilicithibh réamhráidhte a ndeacracha do nochtadh don Rígh, a mBaile Átha Cliaith agus é ollamh chum dul go Sagsaibh, agus d'órduídheadar na Tighearnaoi Giúistísíghe é cheusadh go peannaideach ar an racadh do chum nídh éigin d'fhásgadh as do thiúbhradh (an) Bhainríoghan nó an Rígh féin ciontach ansa chóimhéirghe sin na nGaodhal. Do thaoibh na húsáide malluighthe míchríostamhla so do budh éigion d'úrmhór bhfear nÉirionn a n-airm do thógbháil chum iad féin do chosaint agus do chaomhna. Agus sin mar budh mhiann leis na Protestúin é. Agus do-ríneadar cómhchruinniughadh a cCill Chuinne, agus do ghairmeadar díobh féin Cosbhuntóiríghe Catoilicíghe na hÉirionn, agus do thógbhadar fórsaoi do chum iad féin do chaomhna air inghreim a namhad. Gidh eadh, do chum go bhfoilseóghaidís a ngníomha don tsaoghal agus do chum go tteiligeóidís díobh aon-toibhéim dá ttabharfaoi dhóibh do thaoibh éirghíghe a n-aghaidh an Rígh do chuireadar Manifesto amach do thaisbeán na réasúin do bhí aco chum airm do thógbháil, agus dá ttaisbeánadh féin fós díleas don Rígh, agus gur mhór a ngráin air ghnóthaibh an
Phairliment a n-aghaidh an Rígh. Dá dheimhniughadh san do thugadar féin, agus do chuireadar air gach n-aon dá bpáirtídhe, nuaidh-mhionnadh do chum na críche sin, do budh fhéidir leis gach Catoilicíghe do thabhairt gan truailliúghadh air bith dhá ccreideamh. Agus ansan do cheapadar coimiséiríghe chum iad do chur gusan Rígh go Sagsaibh do chum a ndeacracha d'fhoilsiúghadh dhó agus úsáid thíoránta na tTighearnaoi Giúistísíghe dhóibh. Suil (a) ttriallad ní bhus faide as ócáideach go bhfóilseóchaidh mé nídh budh mhiann liom, nó d'órdóinn, chum creideamhna gach taoibh dhíobh, do bheith múchta a ndearmad shíorruíghe, .i. gach feill-bheart agus gach dúnmharbhadh dá ndeárnadh air gach taobh san chogadh chinneamhnach san. Ní féidir taobh air bith dhíobh do shaoradh; gidh eadh, as iad an bhuidhean do thúismidh na feill-bhearta so as mó do bhí ciontach. As fíor gur mheas gach taobh dhíobh an milleán do chathamh air an ttaoibh eile; acht ag breithniúghadh an nidh go hiomlán, saoilim gurab iad na Protestúin do thúismidh an gnódh, óir iar bhfoilsiúghadh an phloit a mBaile Átha Cliaith dhóibh, an tan chonnarcadar ná raibh acht daoine arráideacha ann agus do mheasadar nár mhaith le lucht beatha nó éastát lámh air bith do bheith ann, do cinneadh aco gach meódhan d'fheargóghach agus do sganróghach iad chuige.
Agus do chum na críche sin do chuireadar amach drong-bhuídheana a mórán d'áitibh tar lear ionnus mar chuireadar timpchioll Bhaile Átha Cliaith, léar fealladh air mhórán do dhaoinibh, dá ccur chum báis gan deifir aoise ná cinéil. Agus go háirighthe a cCluain Thairbh, ag Santry, agus ag Bullock, a bhfoigse trí nó ceathair do mhíltíbh do Bhaile Átha Cliaith, mar ar dhúnmharbhadar a ttosach míosa November 1641 ionann agus cheithre fithchid pearsana do dhaoinibh bochta na tuatha; mar do-rín gairisiún Charraig Fhearghusa grod roimhe sin a n-aon-oidhche amháin búistéireacht air ar chómhnuidh do dhaoinibh a n-Oileán Magee, .i. dá mhíle nó trí d'fhearaibh, do mhnáibh, agus do leanabhaibh. Do-ríneadh an céadna le Tighearna Brothail, do budh Iarla Oiriríghe 'na dhiaidh sin, a cContaebh Chorcuíghe agus Phortláirge, agus ansna háitibh budh foigse dhóibh; agus Sur Cormac Coote iona ionsuíghe go Contae Wicklow; agus le Captaen Peasly Brown agus le tuille a cContae Thiobraid Árann; agus fá dheóigh, mar budh ghnódh genearálta é, le húrmhór gairisiún Protestún na hÉirionn iona raibh neart air bith. Ní dheárnadar na hOltaigh díobháil budh mhó ná na Protestúin d'arguin agus do strapáil go ró so,
agus gan aon-duine do mharbhadh acht an té sheasaibh a n-armaibh 'na ccuinne. Gidh eadh, an tan chualadar an bhúistéireacht réamhráidhte do fearguídheadh chómh mór san iad - ciodh ná rabhadar na cinn feadhna do bhí ortha chómh barbardha san agus bás a ccáirde do dhíoghailt le dortadh fola na buídhne ná raibh aon-lámh ann - gidh eadh, do thogradar na saidiúiríghe an úsáid chéadna do fuaradar na Catoilicithe a nOltaibh nó a n-aon-chóige eile thabhairt dona Protestúinibh. Agus air an ccúntus so amháin do chaill na céadta a n-anama air gach taobh a bhfuil fhuair, as é sin, gach taobh ag díoghailt dorta fola a ccairde. Ní fios cia an t-áireamh cailleadh amhlaidh so air aon-taobh, gibé aco as lúgha as ró-mhór é. A ttaoibh leabhráin lán-fhallsa Sur Seóin Temple mar a n-áirmheann sé a dó nó a ttrí chéad míle Protestún Sagsanach do mharbhadh a n-aon-chóige amháin, ní féidir a chreideamhain, óir gur mhaireadar na céadta adúbhradh gur marbhadh an tráith sin mórán bliaghan dá éis, agus fós go hathghairm an dara Cormac; agus as feasach fós gach nduine tuigseach nách raibh leath na huimhire sin Protestún a nÉirinn uile san tsamhra 1641. Agus fós mar adeir Sagsanach onóireach do mhion-chuarduidh an sgéal so, ní hé amháin le réasúnaibh maithe acht fós ó sgríbhnneóiribh
Protestún, agus chríochnuígheann air an sgéal so go léir, na céadta mílte seo adúbhradh air ar fealladh nó do marbhadh a nOltaibh ná rabhadar ós cionn trí mhíle. Agus Sur Uilliam Petty, Sagsanach agus Protestún fós, budh chléireach ag Cómhairle Chromuil, budh suirbhéir genearálta tailimh na hÉirionn, agus budh dhuine fiosrach fír-eagnuídhe, adeir air an ccuardúghadh as géire do budh fhéidir do dhéanamh nár cailleadh as cionn sé mhíle dhéag air fhithchid air gach taobh san mhachaire ná a bhfuil fhuair. Ní bhaineann sé leis an ngiorracht as miann liom do leanmhuin bheith súnrádhach nó pairticiulártha. Gidh eadh, as follus gur cailleadh a shé huirid dona Cathoilicithibh leis na Protestúin. Air ttús, mar chómhnuígheadar úrmhór na bProtestún a ccathrachaibh, a mbailtibh daingin, agus a ccaisleánaibh, do shámháil iad air fhraoch na cómhchoitchinne. Agus an chuid eile dhíobh do mhair go sgaipitheach air feadh na tuatha do ghrod-chruinnígheadar fé tharmuin na ndaingneacha san chómh luath agus do thosnuidh an trioblóid, agus d'fhanadar ansan air feadh an chogaigh, nó do-chuadar go Sagsaibh nó go hAlbain, agus leis sin nách mór do cailleadh díobh acht an mhéid do thuit a ttúis na cómhbhuartha. Gidh eadh, na Catoilicithe do bhí sgaipithe air feadh na tíre agus dá bhrígh sin osguilte chum gach anachuinne óna namhuid neamhthruaighmhéiligh,
do-ríneadh air feadh dá bhliadhain déag iad do bhúistéireacht air an uile ócáid. Agus fós, ar cailleadh dona Protestúnaibh as leis an ccómhchoitchinne neimhriaghluithe do ciorrbhadh iad, ní hé amháin le, acht fós a n-aghaidh órduithe a cceannaidh feadhna, léar cuireadh chum báis mórán díobh a ttaoibh a ngníomha ngráineamhla. Gidh eadh, na Protestúin, as le hordúghadh poibillíghe do-ríneadar gach gníomh dá ndeárnadar annsan uile áit; agus ag so an t-órdúghadh: gan oiread an leinibh 'na mbiadh réise air faid ann do spáráil, amhuil mar d'órduígheadh Sur Cormac Coote do gach páirtíghe dá ccuireadh amach do chum na nGaodhal do bhúistéireacht. Agus fós, fíor-luíghead na huimhire dona Catoilicithibh do chuireadar na Cromwellians chum báis do thaoibh na ndúnmharbhtha so; agus dá mbiadh a ttrí n-oirid ciontach nocharbh infheadhma iad chum aon-tsuime móire dona Protestúnaibh do chiorrbhadh, munadh n-adbhamaois gurbh fhathach gach n-aon díobh, nó a rádh mar adúbhradar mná Israel: ghur mharbh Saul a mhílte agus Dáibhídh a dheich mílte. Óir chómh luath agus do ceanna-mhúchadh Éire le hachtachaibh tuath Chromuil do thionsgnuígheadar agus do chuireadar suas a n-Árd-Chúirt an Chirt, fé mar ghairmidís di, iona ndeárnadh
gach fiosrúghadh do budh fhéidir do dhéanamh air gach dúnmharbhadh dá ndeárnadh air na Protestúnaibh air feadh an chogaigh, agus sathaíghe fínnithe dá cceannach chum dearbhaighthe do mhaoil gualann. Agus annsa ghleó do-ríneadar dá rádh gur fealladh air thrí chéad míle dhíobh a n-aon-chóige amháin, níor fríth ciontach dona Gaodhalaibh ansa ghníomh san d'fhearaibh agus do mhnáibh acht seacht bhfithchid, agus gan acht fír-bheagán díobh san 'na ndaoine nótálta, ciodh gur bhudh iad a ndearg-námhuid a ngiúistísíghe, do thaoibh gach feill-bheirte dár cuireadh 'na leith do dhéanamh ó thúis go deiridh, agus a n-úrmhór so dá dheímhniughadh air uair a mbáis, an aon-uair as mó budh chóir creideamhuin do thabhairt do neach, iad féin do bheith neimhchiontach. Gidh eadh, dá ndéintídhe an fiosrúghadh céadna don taoibh eile agus gach fealtóir díobh do thabhairt chum freagartha air a shon féin, d'fhéadfainn a rádh le fírinne ná rachadh an deachmhadh fear do shearbhóntaighthe an Pháirliment saor do láithir aen-ghiúistís chirt san domhan. Agus do bhí fios na fírinne seo aco féin chómh maith sin, iar n-athghairm an dara Cormac, an uair d'iarradar cuid do Chatoilicíbh na hÉirionn do bhí an tráith sin a Londoin ag seasamh amach do lucht a ttíre féin gan toradh Achta an Phárdúin nó
an Mhathachuis do thabhairt do neach air bith do bhí ciontach a ndorta fola tré fheall air aontaoibh, nárbh áil leis na Protestúin an nídh sin; agus ní rabhadar suaimhneasach nó gur deimhnígheadh dóibh nách raibh le gearradh amach ó thoradh an Achta san acht beagán do mhurdairéiríghibh an Rígh agus Catoilicithe na hÉirionn. Ag san glain-fhírinne an truaigh-sgéil sin do-rín an oiread san glóir ansa tsaoghal. As dona Catoilicithibh as mó do cailleadh go mór; gidh eadh, as bás ciúin do fuaradar, amhuil an oiread caorach tabharfaoi chum a slátarála; nocha ndeárnaidh a ccuid fola glór mór, go háirighthe a Sagsaibh. Gidh eadh, na Protestúin, do cailleadh iad le an oiread san gall-trúmpaoibh iona mbéalaibh gomo ionann agus céad gach n-aon díobh. Agus as iongna nách 'na milleónaibh do háirmheadh iad, óir do-ríneadar milleóin dona réapubliocánaibh rún-fhallsa a ngnódh laetheamhail, amhuil an oiread san mac-alla, do chraobhsgaoile gach feill-bheirte dár himreadh air a bpáirtíghe féin, ní le grádh ná truagh dóibh seo do cailleadh acht do chum a ngnótha malluighthe féin do thabhairt chum cínn, as é sin, do chum gach uile mhasla do thabhairt don Rígh agus a rith síos air aon-ráta. Óir as iona leith, lena mailís dhiabluíghe,
do chuireadar na dúnmharbhtha so uile. Agus as leis na meódhanaibh seo agus le tuille dá ngnó taibhdiadha do mharbhadar a ccroidheibh a dhaoine é suil do scuchadar a cheann de. Agus nocha rabhadar na fealtóirighe sásta le clú shaoghalta an Rígh do chlaochlódh gan a leanmhuin d'éis a bháis ag tabhairt míochlú dhó leis an mailís ccéadna. Óir san mbliadhain 1653, an uair do ghabhadar Sur Feidhlim Ó Néill 'na phríosúnach agus gur daoradh a mBaile Átha Cliaith é lena n-Árd-Chúirt an Chirt, ciodh ansan amm chéadna gur chóimhríodar 'na chinn feadhna é air gach dúnmharbhadh dá ndeárnadh air na Protestúnaibh a nOltaibh, do thairigiodar a anam dó air choinghíol go n-adbhódh sé gur le coimisiún ón ccéid-Rígh Cormac do-ríneadh an chóimhéirghíghe Oltach. Gidh eadh, eision, a los onóradh, budh rogha leis bás d'fhulang le coinsias glan ná 'anam do cheannach chómh daor san agus bréag do chur air a phrionsa neimhchiontach iona uaigh. Agus ní hé amháin an
tairigsin do dhiúltadh, (acht) do shaor sé an Rígh air uair a bháis féin, air láithir a ídighthe amhuil do-rín an Tighearna Mac Guibhir naoi mbliaghanna roimhe sin a Londoin, d'aimhdheóin díthchill agus tairigsiona Phairliment an Rúmpadh. Gidh eadh, chum fille air ár sgéal ón rangcás ro-thruaighmhéileach so, ciodh gur chomhchruinnígheadar na Cosbhuntóirighe Catoilicíghe amhuil adúbhramair chum iad féin do chaomhna, gidh eadh, níorbh í a n-intinn seasamh a n-aghaidh an Rígh ná a ndílseacht dó do shéanadh. Agus dá bhrígh sin, an tan do-chualadar gur bhris an cogadh amach idir an Rígh agus an Páirliment a Sagsaibh, agus gur dheónaidh an Rígh fá dheóigh a ndearg-námhuid, .i. Tighearnaoi Giúistísíghe an Phairliment, do chur do leataoibh, agus foighrígh air an ríoghacht do dhéanamh don Iarla Urmhúmhan, do-ríneadar sosadh cogaigh leis an Iarla an cúigmheadh lá déag do September 1643. Agus do thugadar deich míle fhithchiod agus ocht ccéad púint airgid dó do chum a armála Protestún do chur go Sagsaibh. Óir mar budh dhíoghraisíghe do Phrotestún ná budh ghasta agus do budh ábalta do mhinistéir Stáit é, do dhiúltaidh sé an tairigsin tugadh dó air an armáil Chatoilicíghe, agus as air éigin d'aontaidh sé dhóibh dá mhíle dhá
bhfearaibh do chur go hAlbain ag neartúghadh páirtíghe an Rígh ann do bhí fé ordúghadh Mharquee Mhontross. Go grod dá éis sin do chuireadar Tighearna Músgraoi agus Sur Niocolás Plaincéad mar aon le huaislibh eile go Sagsaibh ag cur eachuiníghe chum an Rígh fuasgladh air a ndeacrachaibh iomdha, ní hé amháin do thaoibh an chreidimh Chatoilicíghe, acht fós do thaoibh a saoirse theamporálta. Tar éis éisteacht go síothcháirdeach leó d'órduidh an Rígh tar ais iad chum an Fhoi-rígh, agus do chomhairlidh dó síothcháin do dhéanamh leis na Catoilicithibh; agus do dhianfhógair dó 'na dhiaigh sin, le teachtaibh agus le mórán do leitreachaibh, crích do chur go grod le cogadh na hÉirionn, agus a nochtadh dhóibh, dá mbeidís sásta le toil shaor a ccreidimh, le cur air ccúl d'Acht Phoyning, agus le mathachas genearálta air imthidh thársa, nách cóimhreódh sé 'na dhrochmharaga é, dá rádh fá dheóigh, nárbh fhuláir leis an tsíothcháin do chríochnúghadh leó gibé air bith do chosmhunódh sí. Gidh eadh, do bhí an tIarla a n-aghaidh síothchána do dhéanamh leis na hÉirionnachaibh, ciodh gur iarradar í agus gur órduidh an Rígh go minic a déanamh leó. Gidh eadh, nocha ndéanfadh an tIarla san nó gur gabhadh buadh air an Rígh a Sagsaibh tar éis catha Naseby agus mórán
cailleamhna eile d'fhuilingeadar an páirtíghe ríoghadh an bhliaghain sin. Ansan (dob fhéidir), agus nocharbh fhéidir go n-uige sin, an tIarla thabhairt chum éisteachta le coinghíolaibh síothchána. Agus fós, ansna cruadh-chásaibh sin, do bhí sé chómh fada san ó chrích do chur leis an ccogadh, ciodh gur cinneadh coinghíl eatortha an Márta dá éis sin le coimiséiribh ceapuighthe chum na críche sin, gur chuir sé na coinghíl óna sóinseáil an uair sin, agus ó lá go lá, nó gur chuir an Rígh, an tan chonnairc sé nách raibh a armáil infheadhma chum an mhachaire sheasamh an samhra san, go míofhoirtiúnach é féin a ttúis mídhe na Béiltine 1646 a lámhaibh na ttraotúiríghe Albanacha do bhí an uair sin ag arguin Newark. Agus do chuireadar so d'fheidhm air an Rígh a leitir do chur chum an Iarla an t-ao'mhadh lá déag don Mheitheamh ó Newcastle, ag athghairm gach cómhachta dá ttug dó chum na síothchána. An tan mhothaidh Ceann Comhairle na cCatoilicithe an mhoíll seo do budh iongna leis é, agus tímpchioll meódhain an tsamhra cuireas teachta chum an Iarla ag iarraidh air a aigne 'nochtadh a ttaoibh na síothchána; gur fhreagair an tIarla é ag rádh ná féadfadh féin dul ní bhus faide san ócáid, óir go bhfuair órduithe an Rígh iona
aghaidh. Gidh eadh, iar ndéanamh athmhachtnaimh chum clis d'imirt air na Catoilicithibh, do-rín an ócáid d'athnuachant a mbeagán seachtmhuiníghe dá éis sin. Óir, air thaobh don sgéal, do bhí 'fhios aige, le sóinseáil na ccoinghíol, go bhfághadh sé an tsíothcháin d'fhógairt, agus dá bhrígh sin, go bhfághadh sé seilbh na mbailte daingin do bhí a lámhaibh na cCatoilicithe; agus don taoibh eile, nách biadh sé ceangailte síos chum na ccoinghíol dámo é sin a shochar nó a bhúntáiste, mar do hathghairmeadh a chómhachta roimh shóinseáil na ccoinghíol. Agus uime sin, do-rín an tsíothcháin agus do chuir dá fógairt í an fóghmhar dá éis sin. Gidh eadh, Nuncio an Phápa agus drong eile d'uachtaránaibh na hEaguilse do bhí cómh-chruinnithe an tráith sin a bPortláirge, an tan do-chonnarcadar gur sheun an Rígh coimisiún agus coinghíl Iarla Glamorgan leó-san dá rabhadar go uile ag géille ans gach nídh dár bhain leis an Eaglais, agus nách fuaradar coinghíol air bith déanta ansa tsíothcháin ag tabhairt toile saoire coinsiais ná cead a ccreidimh dona daoinibh, do dheimhnígheadar go hiomlán a n-aghaidh na síothchána. Agus do chuireadar mallúghadh agus cuinneallbháthadh air gach n-aon do-gheóbhadh lé, dá
rádh go rabhadar ciontach a mbrise a móide. Óir a ttúis a ccómhchruinnithe do dearbhadh iad chum a ccoimhcheangail, agus do ghealladar nách glacfadh dream air bith dhíobh aen-téarmaoi síothchána gan toil shaor na coda eile a ccómh-chruinniughadh ghenearálta an náisiúin uile, do chruinnígheadh aon-uair amháin san mbliadhain chum gnótha poibillíghe do shocrúghadh. Agus do chorruidh an nídh sin oifigíghe an airm agus uaisle na ríoghachta uile chómh mór san gur diúltuígheadh go genearálta don tsíothcháin. Agus uime sin, an tIarla Urmhúmhan, do tháinidh chómh fada le Cíll Chuinne do chum a ghlacuighthe a haithle na síothchána san, d'iompuidh tar ais agus dithneas air go Baile Átha Cliaith. Go grod dá éis seo do chruinnígheadar na Cosbhuntóiríghe Catoilicíghe a ccómhdháil ghenearálta iona ndeárnadh cuardughadh iomlán agus machtnamh air airtigiolaibh na síothchána. Agus a haithle móráin coinsgleó do diúltuígheadh di leis na réasúnaibh réamhráidte; agus do cuireadh a ngéibhionn na coimiséiríghe do chríochnuidh í; agus do tugadh chum cúntais iad a ttaoibh mar sháruígheadar na cómhachta tugadh dóibh. Ansan amm chéadna do dhíol an armáil Albanach an Rígh le Páirliment na Sagsan air dá chéad míle púint an t-ochtmhadh lá d'Fhabhradh 1646.
Agus a mbeagán do mhíosaibh dá éis sin tug Iarla Urmhúmhan suas Baile Átha Cliaith, cloidheamh an Rígh, agus an mheirge ríogadh do choimiséiríghibh ón bPáirliment. Agus do thaoibh na deaigh-sheirbhíse sin do bhronnadar dó a Londoin slabhradh agus monladh óir agus trí mhíle dhéag púint airgid, amhuil do dheimhnidh Iarla Anglesey go poibillíghe ó shoin, do budh duine dona coimiséiríbh. Ansan amm chéadna do sheasmhuígheadar na Cosbhuntóiríghe Catoilicighe an cogadh go lánchródha leis na Páirlimentáirians, agus do-ríneadar máighistiríghe dhíobh féin air Éirinn uile acht Baile Átha Cliaith agus Duire. Agus an tan chualadar go raibh an Rígh 'na phríosúnach a Sagsaibh agus goma éigion dá mhac, Priónsa Wales, rith don Fhraínc, mar a ndeachaidh an Bhainríoghan grod roimhe sin, do chuireadar Iarla Antruim agus Tighearna Músgraoi dá n-iónsuíghe dá ínsin don Bhainríoghain agus don Phrionsa an miann do bhí ortha síothcháin do dhéanamh agus a ccoghnamh do thabhairt air feadh a ccómhachta chum an Rígh do shaoradh óna ghéibhionn. Agus leis sin táinidh Iarla Urmhúmhan, do bhí ann an tráith sin, tar ais go hÉirinn tímpchioll na Féile Míchíl 1648, agus críochnuígheas an tsíothcháin le cómhdháil ghenearálta na cCosbhuntóiríghe cCatoilicighe an seachtmhadh lá déag
do January, dá ngairmthíghe síothcháin '48. Do glacadh an tsíothcháin seo leis na Cosbhuntóiríghibh Catoilicíghe uile acht amháin Eóghan Ruadh Ó Néill do budh saidiúir foirtiúin amháin, gidh eadh, an t-oifigeach adbhaithe do budh fheárr do bhí aco ansa ríoghacht, do sheasaimh amach, mar, go dearmadach, ná tugadar céim shuimeamhuil air bith dó ansan arm, nó go ttug Iarla Urmhúmhan a théarmaoi féin dó an tan do briseadh air an Iarla a mBaile Átha Cliaith agus iar tteacht do Cromuil go hÉirinn go grod dá éis sin. Do thug Eóghan Ruadh agus a pháirtíghe aonta leis an síothcháin an dara lá déag d'October dá éis sin agus ansan do chruinnígheadar uile a n-aghaidh na bPáirlimentáirians. Gidh eadh, d'éag Eóghan Ruadh go míofhoirtiúnach go grod dá éis sin, agus ansan ní raibh neach air bith fágtha aco do budh feadhma chum seasaimh (a) n-aghaidh Chromuil do thomáin an uile nídh roimhe gan toirmeasg air bith acht an mhéid do-rín Aodh dubh Ó Néill dóibh a cCluain Meala, mar ar chaíll sé an oiread fear agus do chaill sé ag gabháil na coda eile don ríoghacht. Agus do chaillfeadh mórán eile dhíobh, agus d'imtheódh gan an ríoghacht do ghabháil, munadh mbiadh nár chuireadar muíntear Phortláirge púdar agus pléir chum an ghairisiúin amhuil mar ghealladar.
Air a shon san féin do sheasmhuígheadar na Cosbhuntóirighe Catoilicíghe amach go deiridh. Agus ciodh gur tairigiodh an chuid budh mhó dá n-eastátaibh dhóibh agus mórán do théarmaoibh socharacha eile, amhuil do sheasaimh an cás, le Pairliment an Rúmpadh an tráith sin, dá n-umhalaoidís dóibh féin agus seirbhís an Rígh do thréigion, gidh eadh, do dhiúltaoígheadar do ghuth aon-bhuidhne na tairigsiona san uile a ccómhdháil ghenearálta ag Loch Riach san gheimhre 1650. Agus nochar leagadar a n-airm, nó gur cuireadh a ccás iad ná raibh sé 'na ccómhachtaibh an cogadh do sheasamh ní bhus faide san mbliadhain 1653. Budh rogha le húrmhór na harmála a ndúthaidh dhíleas do thréigion ná marthuinn fé chómhachta an tíoránaigh, Cromuil, le haigne an chuid eile dá laethibh do chathamh a seirbhís a bPrionsa. Agus uime sin do-ríneadar coinghíl dul go tíribh eachtrann agus go háirighthe don Fhrainc agus don Spáinn. Agus an mhéid d'fhan do thaoibh aoise nó éagcruais as iomdha anfhórlann d'fhuilingeadar. Óir na saídiúiríghe agus mórán do dhaoinibh bochta na tuatha do díoladh 'na sglábhaibh iad leis na hOileánaibh Iartharacha, nó West Indies, chúig mhíle dhéag nó fithche míle fear dhíobh. Agus na hoifigíghe nó an chuid eile d'uaislibh Catoilicíghe na ríoghachta do hórduígheadh tar Soininn anonn iad go cóige Chonnocht agus go
Contae an Chláir, agus do chómhall ortha gan tille tar ais a bpéin bháis gan cead, mar a rabhadar gach lá fé dhaoirse, fé bhruid, agus fé mhoghsainne na bhfoghthíoránach ag máighistireacht ortha. Cromuil, ansan amm chéadna, gibé aco le tnúth na hÉirionnaigh do shásamh nó chum go ttaisbeánadh a íntinn chum cirt, d'órduidh sé Cúirt ó Claim (amhuil do ghairmidís na sein-Éirionnaigh don chúirt sin), ag Baile Átha an Luain, iona bhfághadh gach Catoilicíghe d'áiteóchadh é féin neimhchiontach san ccóimhéirghíghe nó tháinidh asteach fé na cáilibh eile do bhí ceapuighthe aco, suím d'áirighthe talmhan chum a ccothuighthe ansa chóige réamhráidte Chonnocht nó a cContae an Chláir: drong díobh an ceathramhadh cuid, drong eile an tríomhadh cuid, agus, do budh fhéidir, fír-bheagán díobh leath na suime acraoi do bhí 'na seilbh a n-áitibh eile san mbliadhain 1641. Gidh eadh, ní rabhadar na foighthíoránaigh lán-tsásta leis an mbeag-fhábhar san féin do fuaradar na Catoilicithe. Óir do tuigeadh dhóibh ná rabhadar féin lán-tsámhálta chum gach áite dá bhfuaradar féin go holc do chaomhna feadh mhairfeadh aon dona sein-shealbhúghdóiríghibh. Agus uime sin as minic do cinneadh aco, agus beag ná deárnadar é, as é sin, iad uille do chiorrbhadh
d'aon-bhuille idir fhear, mhnaoi, agus leanbh, munadh mbiadh mar do chuir lámh láidir Dé an buille malluighthe sin do leataoibh. Do bhádar na hÉirionnaigh mórán bliadhan ansa chás chruadhálach so, a n-uamhan laetheamhuil na ccontabhairtíghe do bhí ós a cceannaibh, gan tnúth air domhan le fuasgladh air bith aco acht le hathghairm a bPrionsa d'fhuasglódh iad óna ngéibhionn láithreach agus do chuirfeadh a seilbh eastát a sínsear iad. Gidh eadh, mar do mealladh iona mbaramhuil iad agus air gach míophuínteáil dár éirghe dhóibh as eadh tráchtfar annois. Ag san críoch don chéad-pháirt.
AN DARA PÁIRT. Sean-fhocail 29.14: "An Rígh thug an fhírbhreith air na boicht biaidh a réimheas iomráidteach go deire an domhain." Isa.10.1: "Mo thruagh lucht na cclaen-bhreath, do sgríobhas gach daor-bhruid dár cheapadar: an t-uireasbach d'iompódh leataoibh ó bhreitheamhnas; an ceart do chlaonadh ó na bochtaibh; antúr do dhéanamh dona baintreabhachaibh; agus na díthleachtuithe d'arguin." Ansa tráchta réamhráidte do thugamair suím aithgheárr na n-iompuithe iomdha do thárla a nÉirinn ón ccéid-bhliadhain do réimheas Bhainríghine Eilís gusan mbliadhain ndéanaigh do thíorántacht Chromuil. Agus san rae sin do thugamair faoi ndeara mar ríneadh ball úirlise do chreideamh do chum daoirse agus daor-bhruide, agus mar hiompuígheadh saoirse an tsoísgéil chum gach uile chlaen-bheart, le a bhféadfaidís daoine cómhachtacha a ccómharsana d'arguin gan aní bhus mó cáis ná scrupail ná dhá mbiadh an bharántas céadna aco ó neamh do fuair an Pobal Eabhar ó lámhaibh Mhaoise chum rith le héadáil na nAegyptiánach. A mbreithniúghadh an sgéil uile as follus go raibh cóimhéirghíghe Iarla Thír Eóghain chómh fada san ó bheith 'na rebelliúntacht le
dlighthibh Dé agus le dlighthibh fuaindemeantamhla an tsaoghail, ná raibh acht cóimhdhídhean air féin ann a n-aghaidh iarrachtuíghe míobharántamhla Bhainríghine Eilís, ní hé amháin do ghaibh an choróinn go héagcórach ó Mháire, Bainríoghain Alban, acht fós do mheas ceart cille agus tuatha do lámhadh lena haon-toil a n-aghaidh na n-uile dhlighthe diadha agus daonna. Agus a ttaoibh an Iarla do theithidh as an ríoghacht a n-aimsir Rígh Séamus do thaoibh ionformuireachta thraotúrtha St. Lawrence, do féadfaoi 'áireamh na pheacadh a n-aghaidh gliocais, do chuirfeadh d'éigion air dhuine mhacánta seasamh ag caomhna a neimhchionta, a onóra, agus a chlú fós le contabhairt a anma: gidh eadh, ní féidir cuir thréasonta do ghairm di ná gníomh do thabharfadh ciontach é a n-aghaidh na Coróinne. Gidh eadh, ó bhí aen-fhínnéighe amháin paointeálta chum dearbhaithe an' aghaidh, ciodh gurbh fhollus gurbh fhear éithigh é agus gur theith sé féin agus Iarla Thíre Conaill leis an ccúis ccéadna, caithfior 'adbháil go raibh cúis sháthach iad do dhaoradh le hacht Pháirliment, ciodh nárbh fhéidir a dhéanamh do réir an dlígh dá bhfanaidís agus triail do sheasamh. Gidh eadh, do thaoibh Chóimhéirghíghe
1641, gan amhras do-ghnídh leiter an dlígh rebelliúntacht di. Óir searbhóntuighthe fé rígh dhlightheach, gibé aco háirmheóthar iad go haonta nó go hiomad, ní bhfuil ionta acht an t-áireamh san do phearsanaibh príomháideacha, agus uime sin ní féidir leó aon-úghdarrás poibillíghe do ghabháil ortha féin gan coimisiún spisialta ón bprionsa. Gidh eadh, dá ttéighmís go hÁrd-Chúirt an Chirt agus machtnamh do dhéanamh air nádúir duine agus ócáidíghe éigneacha an ghnótha san, maille re réasún cómhachtach ár ccaomhnuighthe féin dár ghairm an t-óráideach Rómhánach non scripta sed nata lex, ad quam non docti sed facti sumus, do budh fhéidir mórán do rádh ag saoradh na ngnótha so. Óir a ccomparáid don rebelliúntacht fhollus gan chúis do comóradh an tráith sin leis na réapuibliocánaibh Sagsanacha agus Albanacha, ní hé amháin a n-aghaidh úghdarráis agus coimisiúin an Rígh, acht fós a n-aghaidh a phearsan úngtha agus an riaghalúghadh ríoga, ní raibh acht cuir éattrom ionta nách féidir do chomóradh leis an ttaoibh eile acht amhuil mar dhéanfaoi túrtóg sheangán le Pic Theneriffe. Óir ní raibh riamh faoi aen-riaghlúghadh dlightheach aon-chóimhéirghighe as mó do bhí ócáideach chum féin-dhídheanuighthe agus dá bhrígh sin inleithsgéil, dá bhféadaimís gníomha gráineamhla
na comhchoitchinne do shaoradh, ná an Chóimhéirghíghe seo '41. Agus fós ní rabhadar daoine san domhan riamh as mó fuair do dhuadh chum gach nídh do leasughadh do bhí aindlightheach iona ngníomhaibh ná Catoilicithe na hÉirionn. Dá mhíosa agus fithche do sheasmhuígheadar amach, agus air feadh na haimsire sin níorbh í a n-intinn seasamh a n-aghaidh an Rígh, acht chum iad féin do chaomhna air Thighearnaoibh Giúistísíghe an Phairliment do-rín droch-úsáid do thabhairt d'úghdarrás an Rígh, do chum a dhíobhála féin agus díobhála a shearbhóntaoi dílse ansa ríoghacht san, agus a bhfábhar na rebelliún a Sagsaibh, gur chreidmheadar na Gaoidhil ná féadfaidís seirbhís budh mhó do dhéanamh don Rígh ná éirghíghe iona n-aghaidh, agus dá bhrígh sin iad do thoirmeasg air ní bhus mó oilc do dhéanamh. Agus dá dhearbhadh san, chómh luath agus do haistrígheadh na giúistísí seo do-ríneadar na Cosbhuntóiríghe Éirionnacha sosadh cogaigh le hIarla Urmhúmhan do chum síothchána socruighthe do thabhairt chum críche, nídh budh mhiann leis an bPriónsa agus leis na daoinibh. Gidh eadh, do cuireadh na gnótha maithe seo do leataoibh le claen-bheartaibh droinge d'áirighthe do bhí ag cómhoibriughadh eatortha, nó le cinneamhnaibh éigin eile an tráith sin.
Gidh eadh, do-ríneadh an tsíothcháin an seachtmhadh lá déag do January 1648-9, agus, ní hé amháin a glacadh le haon-ghuth, do chuireadar na hÉirionnaigh séaladh uirthe lena ccuid fola, ag cothúghadh cogaigh air feadh trí mbliadhan leis na Pairlimentairians, murdairéirghíghe an Rígh; agus an uair chailleadar a mbailte daingin uile do chothuígheadar cogadh sléibhe leó air feadh bliaghanna dá éis sin, ag tnúth le cabhair éigin ón Rígh. Gidh eadh, ó ná fuaradar an chabhair sin, do budh éigion dóibh a n-airm do leagadh; agus ó ná féadfaidís 'fhóighnneamh marthuinn faoi thíorántacht na bhfealtóiríghe do dhearg a lámha a bhfuil a bPriónsa, do-rín a n-úrmhór coinghíl air dhul tar fairge. Agus uime sin do-chuaidh cuid díobh don Fhraínc agus cuid don Spáinn, tuairim chúig nó deich míle fhithchiod d'fhearaibh infheadhma. Agus ó do budh é a miann an tseirbhís nár fhéadadar do dhéanamh dá bPriónsa ag baile do dhéanamh dó a ttíribh eile, ní túsga do ghabhadar cuan ná chómhchruinnígheadar as gach áird do chum órduithe a bPriónsa do leanmhuin. As leis an réasún so do thréigiodar seirbhís na Spáinne, air mbeith don Rígh san bhFrainc, agus do thréigeadar na Francaigh chómh luath agus do-chuaidh sé go Netherlands na Spáinne. Agus as deimhin gurab é an cómhchruinniúghadh so na nGaoidheal tímpchioll an Rígh, san amm 'nar
thréigeadar beagnách a shearbhóntuighthe uile é do mhéadaidh é air measg strainséiríghe, agus do fuair an chuid as mó dá chothúghadh dó an feadh bhí sé 'na dhíbiorthach. Ag so an fhírinne nách féidir do shéanadh le neach iona chéill réasúnta, óir mairid mórán fínnithe air an sgéal so. Agus an Rígh féin, go grod d'éis a athghairmthe, d'adbhaidh sé an nídh céadna a n-óráid chum an Phairliment an seachtmhadh lá fithchiod do July 1660, mar a n-abair sé: "Atá tnúth agam nach gábha dhamh aon-rod do rádh do thaoibh na hÉirionn, gurab iad amháin do bhiadh gan toradh mo ghrása; do thaisbeánadar mórán díograisi damh a ttíribh eachtrann, agus tabharfadh sibh aire dom onóir agus don gheallamhuin tugas dóibh." Agus airís an deichmheadh lá fithchiod do November dá éis sin, do chum socruighthe na hÉirionn adúbhairt sé: "Fá dheóidh budh chuimhin liom, agus ní fuláir go ccuímhneód go deóigh, air an díogras mór do thaisbeáin cuid mhaith don náisiún san damh air feadh na haimsire thugas air ttaoibh thall d'fhairge, an uair do ghlacadar agus d'úmhaluígheadar le sóchus agus le huirísle dom orduithibh, agus d'iompuidh iad féin chum gach seirbhíse tuigeadh
dham budh chaothamhla agus budh chóradh dhamh do leanmhain an tan san, bíodh go raibh ró-mhíochaothamhuil aco féin; agus tuigthear dhamh gur thuíll an t-iompchur san ár bhfábhar, ár cceart, agus ár ccaomhna." Annois déinimís machtnamh don taoibh eile créad é an fábhar, ceart, ná caomhna do fuaradar na hÉirionnaigh a haithle a ndiain-dhíograis d'áitmhidh agus d'adbhaidh an Rígh feín go follus don tsaoghal. Do budh í an cheist mhór annois; na Croiméillians - do-rín, amhuil madraoi fola, an chéad-Chormac d'fhiaghach go n-uig an scaffal, agus do thomáin an dara Cormac as a ríoghachtaibh - an bhfágfaoi na heastáit aco do fuaradar a nÉirinn a los na ngníomha soiléire seo a n-aghaidh na Coróinne, nó a ttabhart suas dona sein-shealbhudóirighibh do thaisbeáin a ndílseacht chómh neimhmeódhanach san, agus do chaíll na heastáit chéadna do thaoibh a ndlúith-dhíograis don Rígh, agus agá raibh a tteidil go maith a los na síothchána ag baile agus gnáith-gheallamhna an Rígh a ttíribh eile? As deimhin ar ttúis go raibh an Rígh go ró-éigneach chum cirt do dhéanamh dona Gaoidhealaibh. Gidh eadh, d'oibrígheadar clis agus cladhaireacht daoine móra do bhí iona thímpchioll air chum claonta agus a ttabhairt suas dá naimhdibh agus a ttréigion go hiomlán, an bhuidhean
nár thréig eision riamh iona mhíofhoirtiúnaibh iomdha. Bíodh iongna ort, a Fhlathais Dé, dá thaoibh seo! Óir ar léaghadh ná ar cluineadh gníomh a ccomórtas dó so ó chruthughadh an domhain? Gníomh chómh truaillighthe sin (agus nár chuibhe do phrionsa mhór ná oirdheirc), agus chómh contrárdha san do cheart choitchionn agus dona ceangalaibh diadha bhíonn idir an ccine dhaonna, agus fós chómh neamhghasta san (agus misneach do chur ar dhroch-dhaoinibh leis an sompla so chum éirghíghe a n-aghaidh na ríghthe thiucfadh dá éis, chum a bhfoirtiúin do dhéanamh air an modh ccéadna - agus an droich-mhisneach do chuirfeadh sé air dhaoinibh chum bheith díleas dá bpriónsa - sómpla áidhbhéil air diombuidheachas bheir forfhógradh do dhaoinibh eile gan iad féin do chur a ccontabhairt air an modh ccéadna) nách féidir le céill dhaonna a mhachtnamh créad an chúis do bhí leis. Do-chímíd somplaoi iomdha a starthaibh air phrionsaoibh dárbh éigion, chum suaimhnis agus síothchána a ríoghachta, párdún do thabhairt do rebelliúnaibh iar n-úmhlúghadh dhóibh, agus iad do chur a seilbh a sein-eastát. Agus fós, do budh fhéidir fábhair eile do thabhairt dóibh, agus fós, daoine saoradh dhéanamh díobh, nuair nách
biaidís suaimhneasach gan san, amhuil do-rín Rígh na Spáinne grod ó shoin leis na Pléimeannaigh. Agus d'fhéadfadh rígh gach nídh aco so do dhéanamh go dlightheach, óir a ccásaibh don tsórt san as é féin bhíos ag cailleamhuin, agus d'fhéadfadh sgaradh lena cheart féin an tan as maith leis é nó an uair chuirid 'uireasbuídhe féin d'éigion air é. Gidh eadh, rígh, nách é amháin do-rín párdún agus dualgus do thabhairt do rebelliúnaibh, acht fós do thug dóibh beatha sínsir na buídhne do dhlúith-lean é féin gusan lá déaghnach a ccontabhairt a ccnámh agus a n-anmana a n-aghaidh na rebelliún ccéadna, as gnódh chómh éagsamhlach é agus nách féidir a shamhuil ná a shómpla d'fhagháil a n-aon-stair dhiadha ná phágánta. Gidh eadh, déarfadh neach, ní fhéadfadh an Rígh le gastacht aní bhus lúgha do dhéanamh, iar ndéanamh machtnaimh air an suím mhóir dá shearbhóntuighthibh do bhí míoshásta lena riaghlughadh agus an t-airiars mór do bhí amuith ag an armáil a nÉirinn do gheall sé do dhíol. Gastacht bhreágh go deimhin! A ccaithfidh gastacht ansan, an cháil as áille bhaineas leis an réasún nádúrtha agus as uaisle agus as ársa dona céadfadhaibh daonna uile, claochlódh agus tarcuisne d'fhulang amhlaidh so do chum gníomhartha prionsaoi dro'-chómhairlithe do leasúghadh? Agus gurab í an ghastacht an ealadhain chirt riaghluithe,
do cóimhrígheadh idir na Págánachaibh féin 'na cáil chómh mór, chómh oirdheirc sin, gur mheas priónsa na bhfilíghe Laidne nárbh fhéidir leis comaoine budh mhó do chur air a dhúthaigh ná an cháil seo do chreanadh leis na Rómhánachaibh ansa séamhadh leabhar dona hAeneids mar a n-abair: While others may in other arts excel, Romans, mind you and govern nations well; To give the laws of peace belongs to you, To spare the humble and the proud subdue. Tu regere imperio populos, Romane, memento; Hae tibi erunt artes, pacisque imponere morem, Parcere subjectis et debellare superbos. Gidh eadh, idir Chríostuighthe do-ghnídh bladhmann mór as a ccáilibh maithe féin ós cionn na bPágánach, agus chuireann aní bhus lúgha a ngníomh dhíobh, déintear clócadh don tsubháilce uasail oirdheirc seo do chum cleasuígheachta agus cladhaireachta do chlúdadh agus do chum ócáide láithrigh, gan suím a n-onóir, a cceart, ná a ccoinsias; agus air an adhbhar san go raibh réasún ag an cceathramhadh Hanraoi, Rígh na Fraince, a rádh (agá chómháireamh féin le húmhlaoigheacht
don uimhir shuas, gidh eadh, a bhfírinne níor dhíobh é): Nous autres rois sommes des grands coquins. Gidh eadh, déanamaoid machtnamh air an leithsgéal so ní bhus faide. Má budh ghníomh chómh gasta san Páirlimentáirians na hÉirionn do choimeád iona nuaidh-eastátaibh d'eagla na ndaoine neimhdhíograiseacha d'fhearughadh, créad nár coimeádadh a mbráithre a Sagsaibh agus a nAlbain iona n-eastátaibh féin leis an réasún ccéadna? Nó a rabhadar chómh tréan san a nÉirinn seoch ansna ríoghachtaibh eile go ccaithfídh a ccáirdeas do cheannach chómh daor san? Mádh chuir an Rígh do chómhall air féin ag Breda airiars oifigíghe agus saidiúiríghe Ghenearáil Monk do dhíol, créad nách féadfaoi seo do dhéanamh a nÉirinn le rátaoibh poibillíghe chómh maith agus do-ríneadh ansna ríoghachtaibh eile, agus gan an mór-áireamh san do bhaintreabhachaibh agus do dhíthleachtaoibh ('na ttéidh a ngol go laetheamhuil do láithir Dé) do léirsgrios agus do chur as a ccothúghadh, agus fós an lear san míltíghe d'uaislibh dílse as a cceart sínseardha, contrárdha do chreideamhain phoibillíghe agus do shochar na Coróinne? Ní headh, an éagcóir fhollus osguilte seo ní féidir gastacht do ghairm di ansa Rígh, óir níorbh fhéidir nídh air bith do bheith ní budh neamhghasta ná í agus ní budh chontrárdha dá onóir agus dá
bhúntáiste. Iarracht cheapuighthe do budh eadh í ó chuid dá mhinistéiríbh agus ó dhaoinibh cómhachtacha eile d'iompuidh go déaghnach chum bheith díleas dá bPriónsa, gidh eadh, amhuil cat Aesoip, nárbh fhéidir leó a sein-chéard do dhearmad, as é sin, bheith ag fiaghach air luchaigh. Óir an réasún fírinneach fá bhfuaradar na hÉirionnaigh an chlaon-úsáid seo do budh é bheith 'na cCatoilicithe uile é, nár timhealadh riamh le prínsiobálaibh réapuibliocánacha agus do thug mórán doghrainne d'fhórsaoibh na bPairlimentairians an feadh do bhádar ag rith an Rígh síos, agus do chuir a ndóchas mhór é an cás d'iompódh go huile. Uime sin do cinneadh ag na corrai-dhiabhalaibh seo, mar phointe phrínsiobálta do chum a ngnótha féin do thabhairt chum cínn, daoine don tsórt san do cheanna-mhúchadh. Agus as leis an réasún so do cuireadh na Cabhailiaruíghe bochta ag ithe féuir le Nebuchadnezar, gan phágha, gan dualgas suimeamhuil, d'eagla gomo diongmhála iad san aímsir do bhí le teacht seasamh a n-aghaidh an pháirtíghe seo do cheart na Coróinne a n-aen-iompódh dá ttuitfeadh amach. Iar cceapadh an phloit amhlaidh so agus do chum a thabhartha chum críche gan glór, do tharraingeadar pacadh do chúirtéiríghibh bochta leathchurtha
don ghorta do lean an Rígh leasmuith agus agá raibh a chluas gach amm, óir do budh iad a chómhairleacha príomháideacha mórán díobh agus páirtighthe a riúin, do tharraingeadar, adeirim, san phlot iad le geallamhna móra air lán-chuid do thalamh na hÉirionn nó suimeanna móra d'airgiod na Sagsan. Agus do bhádar so do ló agus d'oidhche a' crónán a ccladhaireachta a ccluasaibh an Rígh, nó gur oibrígheadar air fá dheóigh a mianna do thabhairt dóibh do chum léar-chailleamhna na cCatoilicithe nÉirionnach. Óir budh chionta ró-mhór le fulang a ccreideamh, a ccuid talmhan, agus a ndílseacht, le rebelliúnaibh santacha neamhchreideamhacha! Ansan déarfadh tú go raibh an Rígh saor ó mhilleán, ó rín sé amhuil adubhairt a chómhairle agus a phríomh-chúirtéirighe leis. Gidh eadh, as fada uaidh sin é, óir amhuil adeir ár Slánughthóir: "mádh ghiolluígheann an caoch an dall, tuitfid maraon san díghidh". As é sin, ní hé amháin an cómhairleach acht an té do cómhairlígheadh atá freagarthach ann gach éagcóir dá ndeárnadh. Go deimhin, dámo é Dia cheapfadh lucht cómhairle don tsórt san dó, do féadfaoi mórán do rádh iona cháil; ciodh an tan do thairidh Adám Críonna pléa don tsórt so ag déanamh amach gurab é an nídh do thug Dia na Gaoise dó thug
fá deara air úbhall na haithne d'ithidh, as mó do mhéadaidh ná do luígheadaidh an pléa seo a chuir. Gidh eadh, an tan atá sé a ccómhachta priónsa, agus dá bhrígh sin ceangailte air a cceart dó féin agus dá mhuíntir, chomh maith agus as féidir leis é, comhairleacha cearta coinsiasacha do thoghadh, má ghnídh a chontrárdha so, atá a leanmhuin chómh fada óna shaoradh agus go bhfuil sé freagarthach do láithir Dé iona ndro'-chómhairle-sion agus ansa droch-thoghadh do-rín sé féin. Óir leis seo osglann é féin do chontabhairt fhollus a mhealta, agus an té ghrádhas an chontabhairt tuitfidh inte, mar adeir mac Syrach. Agus don taoibh eile, as cumadh do dhuine máirseáil go hiofrann dá thoil féin, nó é 'ghiolluígheacht ann le daoinibh eile, má théid ann fá dheóigh. Uime sin, an priónsa do thabharfaidh aire fhriochnúmhach dá ghnódh agus agá bhfuil Dia as cómhair a shúl, ní fuláir dó do thaoibh gnótha suimeamhla a ríoghachta gan luígh go hiomlán air cómhairlibh daoine eile, dá ábaltacht agus dá fhoghlamtha iad, óir as gnáthach leó, le fábhar éigin, bheith claon chum na héagcóra. Acht budh chóradh dhó meádhchan agus machtnamh, nó fiosrúghadh aireach do dhéanamh air chúisibh agus air réasúnaibh na ccómhairleacha so, agus gan 'fhulang buadh 'bhreith air a bhreitheamhnas féin, go háirighthe a ccásaibh
móra, aní bhus mó le ciapadh ná le hargóintíbh daoine eile; amhuil mar adeir an chéid-Rígh Cormac iona Icon Basilike, mar a ndéineann machtnamh air dhearmadaibh cinneamhnacha éigin don tsórt so do-rín sé. Óir Réasún, mar as ga don diadhacht é, ní bhfuil ann uaidh féin aon-chlaonadh, acht treórann do ghnáth chum na fírinne, amhuil ghnídh snáthad an mháirnéalaigh chum an Phola Thuaigh; ionnus nách deacair d'fhiosruíghe fhriochnúmhach eidir-dhealbhadh dhéanamh idir réasúnaibh follusa a ngnóthaibh cearta agus claona, an uair thabharfar iad air aon go soiléir dá láithir. Gidh eadh, má ghnídh sé, a n-ionad fír-fhiosrughadh na fírinne, gan d'éisteacht acht aon-pháirtíghe amháin, nó fhágbhann breitheamhnas an chirt a leith ágha nó foirtiúin, amhuil mar chuireann cearrbhach a
ghinithe a ccontabhairt air díslíbh, ní féidir réasúntacht do dhéanamh ansa chás san acht 'fhágbháil a leith a fhoirtiúin cia aco bhiadh sé bocht nó sonuíghe, cia aco air neamh nó a n-iofrann thógfaidh suas a lóistín. Gidh eadh, ní hé seo as iontuigthe go bhfágfaoi an pionós dleaghthar d'aincheart poibillíghe a ccóir an tsaoighil eile. Óir do-chímíd ansa tsaoghal so féin ceirt-bhreitheamhnas Dé ag tuitim ar cuirtheachaibh don tsórt so; gidh eadh, ní chomh gnáthach ortha féin agus air a sliocht gusan tríomhadh nó an ceathramhadh glúin, air a bhfuil sómpla soiléir aguinn a ccás na nGibeonites, do mheall, le cleasuígheacht fhollus, geallamhuin a n-anama 'spáráil, agus an tan do foilsígheadh san ortha do bhádar sásta le bheith 'na sgoltóiríghe cunnadh agus 'na ttarraingtheóiríghe uisge ag an bPobal Eabhra seoch a cciorrbhadh go hiomlán. Air a shon san féin, an tan mhothaidh Rígh Saul (le meódhan maith do réir dealraibh, as é sin, le díogras do chlannaibh Israel mar as léir ansa Scriptiúir naomhtha) ócáideach na sglábhaithe truaillighthe seo do dhíothchur, ciodh go ttáinidh sé féin agus a mhac, Seanachán, go grod dá éis sin chum críche cinneamhnuighe, gidh eadh, do bhí an breitheamhnas trom san chómh fada san ón
cceart diadha do shásamh gur luidh lámh Dé air an ttír uile a n-aimsir Dháth, rígh, air feadh trí mbliadhan le chéile, agus nár tógmhadh í nó go ndeárnadh iodhbairt air sheachtar do shliocht Shaul mar ofráil nó mar shásamh ionar dhoirt d'fhuil na nGibeonites, contrárdha dona geallamhnaibh poibillíghe tug Joshua dóibh. As dearbhtha go bhfuil Dia trócaireach gan fuinidh agus as maith dhúinn uile go bhfuil. Gidh eadh, ní thugann Sé mathachas 'san uile chionta mar a chéile. Óir curtha príomháideacha nó pairticiulártha, bíonn Sé ollamh chum párdúin do thabhairt ionta air aithríghe ionraic, gidh eadh, éagcóradh náisiúnta, ní dhearmadann go bráth iad gan sásamh nó leóirghníomh iomlán fóirlíonta. As leór a ndúbhramair láithreach air an bpaointe seo. Déinimís annois machtnamh air an mball úirlise féin d'fhóirlíon diamhar-rúin nó mistéir na malluightheachta agus an éigcirt, .i. Achta iofranda an tSocruithe, socrúghadh, go deimhin, rebelliún agus traotúiríghe, gidh eadh, léirsgrios agus lom-arguin searbhóntuighthe dílse. San íodhail, nó san dia fhallsa, san Diana mhóir seo na nEphesians, as iomdha roinn nó páirt do bhí ann: air ttúis, forfhógradh an
Rígh chum socruighthe na hÉirionn; an dara nídh, a theagaisg chum an fhorfhógradh chéadna; an treas nídh, an tAcht féin nó an deagh-chomaoine do chuir an Pairliment ortha air aon; agus fá dheóigh, a ndeiridh an ríngce fhada tigeann suas eirioball an dragoin, .i. Acht oirdheirc an Chraobhsgaoile mar a bhfuil sé iontabhartha faoi ndeara go raibh 'fhios ag Croiméillians na hÉirionn go rabhadar na nithe 'ghreamuígheadar le faid aímsire chómh neimhréasúnta san ná raibh sé dh'éadan ortha a ttagairt air ttúis. Acht ag oibriúghadh amhuil seangáin faoi thalamh, agus diaigh a ndiaigh ag dul a ndánacht ó bheith ag éirghíghe leó, do ghreamuígheadar a thrí hoirid agus air a réighfidís air athghairm an Rígh. Agus ag so an réasún fírinneach ná fuil ansa tsocrúghadh uile acht contrárdhacht agus bréagnúghadh chómh fada san ó chéile ná fuil sé a ccómhachtaibh céille daonna a ccur le chéile. Óir ansa bhforfhógradh atáid mórán cúinsíghe do théid chómh fada san chum cirt do dhéanamh dona Gaoidhealaibh, dá ccuirfídh a bhfeidhm iad, go bhfághadh na mílte dhíobh a cceart. Dá bhrígh sin, do chum píosa cirt chómh contabharthach san do chur air ccúl do ceapadh, go grod dá éis sin, na teagaisg d'aon-ogham do chum na fairsinge do bhí ansa bhforfhógradh do chúmhangúghadh;
agus ansan, an chuid budh mhó dona cúinsíbh fábharacha d'fhan dá éis seo, do haithghearradh iad le mórán do chúinsighíbh eile do cuireadh ansan Acht; agus fá dheóigh, an beagán díoghlama do fágbhadh do sguabadh ar siúbhal í go hiomlán le hAcht an Chraobhsgaoile, léar gearradh amach go deóigh iad uile acht fír-bheagán do lucht cúinsíghe ainimnighthe san Acht agus fír-bheagán eile air a raibh sé d'fhoirtiún triail ratha ar iarnnaoibh dearga do sheasamh a cCúirt ó Claim. Níorbh fhuláir go mbiadh trí cáile ansna Catoilicithibh Éirionnacha agá raibh tnúth le seilbh a sein-eastát: air ttúis, na neimhchiontaigh nár thóg arm maille ris na Cosbhuntóirighibh suil a ndeárnadh síothcháin '48; an dara drong, iad so dá ngairmthíghe fir bhratuíghe do bhí a seirbhís fá mheirge an Rígh air an ttaobh thall d'fhairge air feadh a dheóruígheachta; agus fá dheóigh, an mhéid dona Cosbhuntóiríghibh agá raibh teidil le toradh na Síothchána. Do bhí sé air aigne an Rígh ceart iomlán do dhéanamh do gach droing díobh so; óir do thaobh na neimhchiontach, ní raibh sé do bheag-náire 'na ndearg-naimhdibh féin aenídh do rádh a n-aghaidh a ccirt do chasadh ortha; agus do thaoibh na bhfear bratuíghe, do thuilleadar san chómh maith ón Rígh leasmuith,
agus do bhádar a seirbhísíghe chómh friseáilte sin 'na chuímhne ná leóighfeadh neach a thagairt iad do ghearradh amach; agus an chuid eile ná raibh nídh air bith aco le pléideáil acht síothcháin '48, do bhí fios ag an Rígh chómh maith sin méid na hoibligáide do bhí air, a n-onóir agus a ccoinsias, an tsíothcháin sin do dhéanamh go maith, gur órduidh sé cúinse do chur ansa bhforfhógradh ansna focalaibh seo: "Níorbh fhéidir an tsíothcháin do dhearmad do bhí ríochtanach aguinn féin do dhéanamh lenár searbhóntaoibh Éirionnacha ansan am san do cheapadar an dream do ghaibh go malluighthe úghdarrás na ríoghachta so an Chúirt fhuathmhar san chum 'anma 'bhuain as m'athair croídhe. Agus dá bhrígh sin níorbh fhéidir linn gan sinn féin do chóireamh fé oibliogáid gach nídh atá bainte oruinn do réir na síothchána san do chómhall leó so do-rín go maith, go creideamhach macánta, gach nídh dár ghealladar dúinne". Don taoibh eile, na Croiméillians agus a ccáirde ceannuithe ansa Chúirt, an tan fuaradar an Rígh chómh dian san ansan ócáid, agus ná leóighfidís cur a n-aghaidh a íntinne a nithibh chómh honóireach agus chómh ionchuibhe sin, do thaisbeánadar iad féin air aon-aigne leis; agus iar ngabháil an tímpchioll so leis le gliocas, do chathadar deacracha iona shlígh do thug go neamhmuthaghach
chum a bpaointe féin é. Óir air ttúis, do chuireadar a ccéill don Rígh, agus do-ríneadar cás deimhnitheach de, go raibh ní bhus mó do thalamh chailte a nÉirinn ná shásóchadh gach n-aon agá raibh teidiol ceart chúcha. Ansan do thaisbeánadar go raibh sé réasúnta Protestúin an Intereist Nuadh do shásadh air ttúis, nó an chuid budh lúgha dhe a ndiaigh na bpápairíghe neimhchiontacha. Agus an tan géilleadh an dá phointe seo agus do-ríneadh fuaindement an ghnótha go léir díobh, ansan an uile shórt Protestúin agus na Fanaitics budh rancálta ansna trí ríoghachtaibh nách raibh nídh air bith do Chríostamhlacht aco acht an ainim, do bhí riamh chomh diabluíghe a ccreideamh agus do bhádar fuathmhar do ríoghaibh agus dá riaghlúghadh, do gabhadh leó mar dhaltaoibh Teampoill agus Stáit. Coibléireacht ro-bheannuithe! Na Protestúin agá rabhadar eastáit le fagháil dóibh a nÉirinn do bhádar 'na ttrí sóirt: air ttúis, na Ventiuraeríghe do leig amach suimeana móra airgid air mharaga Murchaidh talmhan Éirionnaigh a Londoin air chreideamhuin na nAchta 17 agus 18 Chormaic, do chum rebelliún na ríoghachta san do chloigheamh. An chuid budh mhó don airgiod chéadna, a n-ionad a churtha go hÉirinn, do húsáideadh é leis an bPáirliment rebelliúnta chum na harmála san do thógbháil
do chómhraic a n-aghaidh an Rígh ag Edgehill, agus san le haonta na Ventiuraerighe féin 'na suíghe a ccómhairle an tráith sin ann Halla na nGrósaerighe. Níor shicréid é seo acht nídh agá raibh a fhios ag an ccéad-Chormac chómh maith sin gur órduidh sé a chur mar chúis a n-aghaidh Coimiséiríghe an Pháirliment ag Cómhdháil Uxbridge, agus fós iona thairigsiona agus iona chúinsíbh síothchána le Cosbhuntóiríghibh na hÉirionn ní dheárnaidh sé riamh aon-tráchta air theidiolaibh na Ventiuraerighe chum aon-talmhan san ríoghacht san, agus nocha ttiúbhradh prionsa chómh ceart agus do budh feasach eision do bheith a ndearmad, dá ccreidmheadh sé go raibh aon-oibliogáid air le na hAchtaibh réamhráidhte, dualgas air bith do dháil don dream san. Agus do bhí fios neimhmbrígh a tteidiol ag an dara Cormac féin amhuil as follus iona fhorfhógradh mar a n-abair: "Ansa chéad-áit do chum socruighthe teidiol na Ventiuraeríghe, óir na heastáit iona bhfuilid siad a seilbh, dá ndéintíghe a ccuardúghadh do réir léir-leitre an dlígh, do-geóbhthaoi bacach neimhmbríoghach iad gan bheith do réir na n-achta Páirliment adúbhradar do neartóghadh iad, etc." Air a shon san féin, dá mhéid a ccurtha, dá laige a tteidiol agus dá ainréasúntacht, níorbh fhuláir iad do dhéanamh dearbhtha 'na sealbhaibh.
Agus ní hiad amháin na Ventiuraeríghe do dhíol a ccuid airgid air chreideamhuin na statúitíghe réamhráidhte acht fós an dream eile seo do dhíol go díograiseach suimeanna móra air bhótaoibh nó air órduithibh Phairliment an Rúmpadh, do chum na rebelliúntachta gráineamhla san do chothúghadh a n-aghaidh an Rígh a Sagsaibh, do-ríneadh amhuil leis an ccéid-dream iad, as é sin, eastátuíghe móra do thabhairt do gach taobh dhíobh air chíos bliaghanna ná dhó. Ansa dara háit, saídiúiríghe Chromuil agá raibh an tíoránach faoi oibliogáid dóibh, ó dh'árduígheadar féin agus an chuid eile dá ccineál a Sagsaibh ó mheódhan uiríseal é do chum bheith 'na mháighistir iomlán air thrí ríoghachtaibh, agus a los na seirbhíse sin do thug dá chontae dhéag iomshlána d'Éirinn do chum a ronta eatortha. Gidh eadh, as a modh morgáiste do thug dóibh iad nó go mbiadh a n-airiars díolta, óir ní thabharfadh aon-tsórt leitreacha paitent dóibh air na heastátaibh seo ná ceangal air bith eile, acht air feadh pléaisiúir. Agus do bhí 'fhios san féin ag na saidiúiríghibh chómh maith sin, chomh tiugh agus do budh fhéidir leó ceannathóirighe d'fhagháil go ndíolaidís a tteidil air abhrán, agus do saidhbhirígheadh daoine eile leis na maragainníghibh seo; óir annois a los an fhorfhógradh atáid a sealbhadh
déanta siúrálta, ní air feadh aon-aimsire cinte acht dóibh féin agus dá n-oighríbh go bráth. Dualgas oirdheirc go deimhin ó rígh do thaoibh cómhraic a ccoinge a choróinne, an tan do strupáladh agus do cuireadh ag iarradh déirce an bhuidhean do chómhraic air a shon go fuinidh! Dualgas nárbh fhéidir leis na rebelliúnaibh seo tnúth do bheith leis ó Chromuil féin, óir do budh í a íntinn an dá chontae dhéag réamhráidhte d'iompódh go grod iona shlígh féin, agus go deimhin níorbh fhéidir leis gan iad do chur a slígh do budh feárr ná do chuir an forfhógradh iad. Ansa treas áit, na hoifigíghe do bhí a seirbhís an Rígh a nÉirinn aon-uair roimh an cúigmheadh lá do June 1649 agus do chóimhridh suas a n-airiars do theacht chum ocht ccéad déag míle púint, agus an móir-bhille míréasúnta so, ná raibh an deachmhadh cuid amuidh aco de, do lumháladar na Ventiuraeríghe agus na saidiúiríghe go hollamh é, óir do budh é a meódhan: "tochuis mé agus tochuiseóidh mé tú." Óir do thuigeadar go gasta go raibh ag cuid éigin dona naoi n-oifigighibh agus dá fhithchid seo dath math-cháile éigin, an tan nách raibh aenídh don tsórt san aco féin le maoidheamh. Agus leis an réasún so do tuigeadh
dóibh ócáideach iad so do thabhairt chum cínn do chum an datha b'fheárr do chuir air a ngnóthaibh féin agus do chum a ccúise do neartúghadh. Agus a los na math-cháile sin agus a n-airiars réamhráidte (an tan ná fuaradar na Cabhailiaruíghe cródha fír-dhílse, maille re tabharthas glórach loiteiríghe lottery lán-amadánta, acht deich míle agus trí fichid míle púint a ttaoibh a seirbhísíghe fír-dhíograiseacha air feadh an chogaigh agus na ccruadhálacha d'fhuilingeadar faoi thíorántacht Chromuil) do fuaradar na naoi n-oifigíghe agus dá fhithchid réamhráidte go fóirlíonta talamh cailte cheithre ccontae uile, agus a bhfoigseacht míle don tSoininn nó don fhairge a ccóige Chonnocht agus a cContae an Chláir, agus na huile thighthe cailte agus talamh air a ndéanfaoi tighthe a mbailtibh daingin agus a mbailtibh móra na ríoghachta, nár tugadh roimhe sin do Ventiuraerighibh nó do shaidiúiríghibh, maille re ceart air fhuasgladh morgáistíghe statúitíghe stápuil, breitheamhnuis, etc., do bhain le Catoilicithe, agus ós a chionn so uile, céad míle púint airgid air chontas ró-shuarach. Ciodh gurbh fheasach go maith go raibh an chuid budh mhó dona hoifigíghibh seo do fuair an
dualgas lán-mhór so a rebelliúntacht osguilte san tsamhradh 1649 agus mórán bliadhan roimhe, fé mar táid Iarla Oiriríghe, Iarla Mountrath, Tighearna Kingston, Tighearna Coloony, Sur Theophilus Jones, Sur Oileféar St. George, Sur Seón Cole, agus mórán eile, nó go grod dá éis sin do thréig arm an Rígh agus do chuir le Cromuil, agus ar son na seirbhíse maithe sin do thug sé mórán talmhan debentiúir dóibh nó dualgaisighe ionannacha eile, gidh eadh, nocha ttáinidh aenídh aco so iona n-aghaidh air athghairm an Rígh, óir ní hiad amháin iad so do thréig meirge nó bratach an Rígh, acht fós an chuid díobh do thug suas go traotúrtha agus léar fealladh air mhórán do bhailtibh tásgamhla do Chromuil, do tugadh dóibh seo le hAcht an tSocruithe a n-airiars naoi agus dá fhithchid, dá bhféadfaidís a thaisbeánadh a ccionn dá bhliaghan tar éis an Achta san do phríomh-goibhernéir na hÉirionn agus d'aen-tseisear don Chómhairle go ndeárnadar sásamh éigin do thabhairt iona sean-churthaibh le coghnamh tráthamhuil do thabhairt chum athghairmthe an Rígh. Agus as deimhin linn gur suarach an sásamh do gabhadh mar leóirghníomh a bpeacaoibh beaga solothacha na nuadh-naoimh seo Choibléireachta an Chreidimh, óir mar adúbhairt Seón Cailbhín iona nuaidh-mheódhan díodhachta: "Dá mhéid
cionta droinge toghtha Dé atáid fós saor, 'na naoidheanaibh na ngrás, do bhrígh nách féidir peacadh air bith do chur 'na leith." As mair sin é, óir dá mbeidís na nuadh-naoimh seo ciontach ansa tréason as duibhe tháinidh riamh do glacfaoi mar shearbhóntuighthe dílse don Rígh iad, agus ní húsáid rebelliún do tabharfaoi dhóibh acht dualguis mhóra, ionann agus dá ndéinidís seirbhís mhór dá bprionsa. Gidh eadh, na pápairídhe cruaidh-mhuinéalacha, ní fuláir iad do dhamnúghadh ansa tsaoghal so dá luíghead a ccionta agus dá mhéad d'fhoílsígheadar a ndílseacht. Agus dá bhrígh sin ciodh ná deárnaidh an forfhógradh eittir-dhealbhadh air bith idir na naoi n-oifigíghe agus dá fhithchid, gibé aco Protestúin nó pápairídhe iad, acht gur órduidh iad uile do shásamh iona n-airiars mádh n-ionann, gidh eadh, leis na teagasgaibh agus leis na hachtaibh Páirliment do lean iad, do gearradh amach go hiomlán na pápairíghe (acht Iarla Chlainne Riocaird agus Sur Seóirse Haimilton dá ndeárnadh fábhar pairticiulártha éigin) ciodh nár thréig aenneach aco bratach an Rígh riamh, acht seasamh amach a n-aghaidh Chromuil go fuinidh.
An tan do hoibrigheadh amhlaidh san air an Rígh, agus do mealladh chómh mór san é agus dualguisíghe móra do thabhairt dá dhearg-námhuid do fuair daoine móra 'dhéanamh díobh féin do thaoibh bheith 'na rebelliúnaibh lán-áitithe, ní hócáideach iongna 'dhéanamh ná deárnaidh sé foghnamh air bith dá fhíor-chairdibh féin. Gidh eadh, as deimhin go raibh an Rígh chómh fada ó Chatoilicithe na hÉirionn do ghearradh amach ó cheart a sínsear, gurbh í a íntinn air ttúis an uile cheart do dhéanamh dóibh, agus as dearbhtha go ndéanfadh sé sin munadh mbiadh gur mealladh go traotúrtha é leó so le a ttug sé iontaoibh, agus léar mheasa, d'aimhdheóin a ndílseachta, gan a ngnótha féin do thabhairt chum cínn ná búntáiste a bprionsa. Agus dá bhrígh sin do-ríneadar a ndíthchioll air dheaigh-íntinn an Rígh d'iompódh óna shearbhóntuighthibh Éirionnacha. Agus air ttúis ó do budh iad na neimhchiontaigh na haon-Chatoilicithe agá raibh a mbeatha le fagháil gan réimh-dheacracha, do cheapadar a deich nó a haendéag do cháilibh do chuir as cómhachta aon-Chatoilicighe Éirionnaigh bheith cóimhrithe neimhchiontach. Agus do fuaradar an nídh céadna d'ainmniúghadh a tteagasgaibh an Rígh do chum an fhorfhógradh réamhráidte
do chur a bhfeidhm mar fhuaindement dá ngnóthaibh uile. Ansa chéid-cheann dona cáilibh seo atá sé craobhsgaoilte: "ná cuirfídhe aon a seilbh a bheatha mar phápaire neimhchiontach agá raibh a eastát aige a cceathramhúin na rebelliún agus é a n-iomlán (a) aoise agus a chuímhinte." Agus ón ccúinse sin amháin as fhuras dúinn breitheamhnas do thabhairt air an ccuid eile agus luíghead an chirt do bhí ag na Gaoidhealaibh tnúth leis. Óir air an ccúntas so ní hiad amháin na daoine do mhair go síothchánta air a ttuaith agus ná raibh a n-armaibh riamh a cceachtar don dá thaobh, acht fós iad so do bhí go háitighthe a seirbhís an Rígh a Sagsaibh, má fuaradar sochar air bith as a n-eastátaibh a nÉirinn aon-uair air feadh an chogaigh, do bhádar lena ccóireamh ciontach agus a n-eastáit le tabhairt dóibh seo do chómhraic go dian díograiseach a n-aghaidh an Rígh san amm chéadna. Do chum fromhtha nó tríaladh na neimhchiontach faoi na cáilibh réamhráidte seo, do comóradh Cúirt ó Claim a mBaile Átha Cliaith, air an meódhan céadna do ceapadh le Cromuil san mbliadhain 1654 don droing aistrighthe, nó "transplantees" Chonnocht agus Chontae an Chláir, leis an ndeifir seo amháin, gurbh í cúirt Chromuil budh neamhchlaoine go mór díobh. Óir ansa chéad-chúirt, gibé aco uireasbhaidh airgid do bheith
air na Croiméillians nó ná raibh caidreamh chómh maith aco air na cladhairidhibh 'spailpíníbh do bhí ollamh chum a ccoda aráin do thuilleamh le hallus a ccoinsiais, as beag díobh do tugadh chum láithrigh a ccomórtas don chúirt dhéaghnaigh, iona rabhadar 'na sathaoibh, agus go deimhin ní gan cúntonós agus fábhar na cúirte. Agus ansa chéad-chúirt, an beagán Catoilicithe do phléideáil ínte níor cuireadh teóradh aimsire leó. Gidh eadh, ansa chúirt dhéaghnaigh, as ar éigin do tugadh leith-bhliadhain do chum a raibh do lucht teidil a n-Éirinn d'éisteacht; óir do shuidh an chúirt an cúigmheadh lá déag do Fhabhra 1662-3, agus do chríochnuidh a meódhan an chéid-mhíosadh d'fhóghmhar dá éis sin. Agus air feadh an rae sin do tháinidh ionann agus míle Catoilicíghe chum a ttriala, agus níor lugha ná a leath do fríth neimhchiontach d'aimhdheóin na ccáile ccruadhálacha réamhráidhte agus na bhfínneithe cceannuighthe do tháinidh 'na n-aghaidh 'na sathaoibh chómh iomadamhuil sin go líonfadh sé leabhar lán-mhór cúntas cínte do thabhairt air uile chladhaireacht dá ndeárnadar air an ócáid seo; agus leis an réasún san ní thuigim gur cóir dam bheith pairticiulártha. Gidh eadh, aon-tsómpla amháin ní féidir liom do leigion tarm, óir atá an duine uasal féin fós 'na bheathaidh agus annois ansa bhFrainc, agus an chuid
as lúgha aen-fhínnéighe amháin aige 'na bheathaidh a ccúirt St. Germain. An t-uasal so, Próinséis Betagh ó Mháighe nEalta, agá raibh a shínsear air feadh a seacht nó a hocht do chéadaibh bliadhan a seilbh láin-eastáit a cContae na Mídhe agus ná raibh acht naoi mbliadhanna dh'aois ann October '41, gidh eadh, do dhearbhadh air a cCúirt ó Claím bheith a rebelliúntacht áitighthe, 'na cheann air chuideachtain choisighthe, a plundaráil agus a strupáil na bProtestún, agus san le dís dona clabh-chladhairibh do budh uirísle sa náisiún, ceannuighthe chum na hócáide sin; agus gur háitígheadh do láithir ná raibh duine don dís seo trí bliaghanna dh'aois a n-aimsir na coimhéirghíghe sin, agus gan an duine eile inchreidte le cáil air bith an tan d'áitígheadar uaisle na tíre uile an t-éitheach do bheith aco. Air a shon san féin le haen-dearbhadh na díse seo do thug an chúirt breitheamhnas an duine uasal do bheith 'na chiontach; agus ciodh gur foilsígheadh an t-éitheach ní bhus fóirlíonta dá éis sin, air mhodh gur adbhaidh Sur Risteard Ransford, príomh-choimiséir nó giúistís na cúirte sin, an tan do-rín Cuntaois Antruim argóint leis air an ócáid, an t-aincheart do-ríneadh air an duine uasal - d'adbhaidh sé, adeirim, di féin é agus d'Iarla nuadh Luimníghe agus d'fhíor-uaislibh eile - gidh eadh, níorbh fhéidir sásamh air bith d'fhagháil don duine uasal ná tnúth leis air
feadh droigheachta Achta an tSocruighthe 'bheith a bhfórsa. Leis na gnóthaibh fuathmhara diabluíghe seo do crothadh na céadta do shean-daoinibh uaisle dílse as a cceart sínseardha, iarna ttruailliúghadh go doighleighiste le bréan-análaibh nimheamhla na bhfíor-cladhaire seo. Gidh eadh, (tá) tuairim seacht míle eile do lucht teidil ná fuair an sásamh san féin, a sé sin, a n-éisteacht a ccás a n-oighreachta athardha, ciodh go raibh an oiread cirt aco chum a n-éisteachta agus do bhí ag an droing shuas, óir "as cóimhrithe gach nduine neimhchiontach nó go n-áitíthear an' atharrach é," gidh eadh, do cuireadh tar láimh iad le heasbhaidh aimsire, agus nocha bhfuaradar triail air bith ón lá san go n-uig an lá so. Agus do chum iad do ghearradh amach ó gach tnúth dá raibh le teacht, do ceapadh acht nuadh go grod dá éis sin, .i. Acht an Chraobhsgaoile, iomráidteach do thaoibh an chúinse seo am dheóidh léar gearradh amach iad go bráth: "atá sé leis an acht so órduithe, gach pearsa nó pearsana air nár tugadh breitheamhnas bheith neimhchiontach do réir na ccáile ainimnighthe san chéad-acht, nách cóimhreófar neimhchiontach dá éis seo iad do chum a tteidil d'áiteamh chum tighthe ná talmhan, agus gan toradh aen-bhreitheamhnais do bheith aco le fagháil
dá ttabharfaoi air a neimhchionta dá éis sin, ná aon-toradh airtigiolaoi air bith". A haithle na húsáide ainchríostamhla neamhdhaonna so don lear san míltighe do phearsanaibh neimhchiontacha do damnuígheadh gan éisteacht, nídh ná deárnadh riamh idir aon-phágánachaibh réasúnta, ní hindéanta iongna gur diombuídheach do deighileáladh leis na fir bhrataoi dílse a los a seirbhíse soiléire agus a ccruadh-fhulangadh air feadh an Rígh 'bheith 'na dhíbiorthach. As fíor, amhuil adúbhramair cheana, gurbh í aigne an Rígh an uile cheart do dhéanamh dá uile shearbhóntuighthe Éirionnacha, go háirighthe a lucht brataoi agus daoine eile do thuíll go maith uaidh é, agus d'órduidh sé cúinse pairticiulártha do chur ansa bhforfhógradh air son na ndaoine seo. Gidh eadh, an chlaon-chómhairle, nó an Cabal, do chum deaigh-íntinne an Rígh do dhéanamh neimhmbríoghach, do chuireadar a ccéill dó (ar dtúis) go raibh aní bhus mó do thalamh chailte a nÉirinn ná shásóchadh a raibh chum teidil chirt do dhéanamh chuige, (agus) do fuaradar an beag-fhábhar (ar an gcuma) so dá Ventiuraeríghibh cléibh agus dá saídiúiríghibh. Óir budh "deagh-dhaoine" iad so do réir sean-chomhráidh Shaftsbury, nách déanfaoi iad d'aistriúghadh d'aen-fhear
bratuíghe ná d'aon-daoinibh eile dá fheabhas do thuilleadar é, gan sásamh do thabhairt dóibh ionann annsan uile cháil lena raibh aco; agus do bhí 'fhios aco ná raibh sin le fagháil san Euróip, mar tugadh na nithe tímpchioll, munadh bhfághfaoi Brasile nuadh amach nó Éire eile do chruthughadh. Agus an tan géilleadh an príomh-phointe seo dhóibh, do chuir cruadh-ghlas air gach fábhar dár dheónaidh an Rígh dona drongaibh dílse réamhráidte, do chuireadar an réasún ro-iongantach so ansa bhforfhógradh leis: "As iad na Gaoidhil do bhí leasmuith am fhochair 'na bhfuil sé air m'aire sásamh do thabhairt dóibh, agus ós dealrach nách fuil stoc ná ócáidíghe eile aco, féadfaid feitheamh le sásamh le ní bhus lúgha míophoínteála ná daoine eile do chur as a sealbhaibh (daoine do neartaidh iad féin leis na heastátaibh do fuaradar go holc, ciodh go rabhadar bocht go leór ag teacht a Sagsaibh dóibh 'na cceárduithe beaga truaillighthe), go mór-mhór ó deímhnigheadh dúinn gur grod go bhféadfam an sásamh san do thabhairt dóibh, atá an oiread san do thalamh chailte mhór mhaith am chómhachta do chum na hócáide seo." Gidh eadh, a n-ionad a ndúbhairt sé ag so an nídh do bhí ionráidte aige le fírinne: "Mar as
gnáth annois le seal le Croimeillians na hÉirionn déanamh go sóghach, iar bhfagháil eastátuíghe móra agus stoic mhatha chum marthuinn, níl sé caothamhuil buaireamh do chur ortha. Gidh eadh, mo lucht bratuíghe, do thréig a mbaile agus a raibh aco agus d'fhuiling le sóchus gorta agus mórán cruadhtain eile do chum mo sheirbhíse leasmuith, atá sé réasúnta ansan go bhfuilingeóid siad tuille gorta nó go ttugad sásamh dóibh um thráthnóna lae an bhreitheamhnais." Adbhaim nách féidir liom a chreideamhuin gurbh í íntinn an Rígh úsáid chómh iongantach so do thabhairt dona huaislibh fír-dhílse seo; gidh eadh, go bhfuaradar an úsáid seo ní féidir a shéanadh. Agus nocha féidir le haen-phrionsa do thabharfaidh é féin le giollacht do chómhairleachaibh malluighthe don tsórt san déanamh aní bhus feárr. Annois chómh luath agus do géilleadh an t-aon-phoínte seo don Chabal, as é sin, gan na Ventiuraeríghe ná na saidiúiríghe d'aistriúghadh gan réamhshásamh, do budh é a ccéad-ghnódh mór ansan aire 'thabhairt nach biadh sásamh ar bith fágtha, agus dá bhrígh sin nach biadh nídh air bith le fagháil ag an droing do thuíll go cruaidh é, agus gomo cúis misnigh dá bpáirtíghe féin é do chum a sean-chúis mhatha do leanmhuin, agus sómpla do dhaoinibh eile gan amadáin do dhéanamh díobh féin lena ndílseacht dá bprionsa.
Do chum gnótha chómh suimiúil sin do thabhairt chum chinn do cheapadar gach nídh chómh glic sin gur tugadh an talamh cailte uile a ttabharthas nó mar dhualgas d'Iarlaoibh Urmhúmhan, Anglesey, Oiriríghe, agus do Choote, do Khingston, agus do dhaoinibh móra eile, agus cuid mhór do chum úsáidíghe diadha fós, do chum iad féin do dhéanamh 'na ccáirde do Mhammon an ainchirt. Agus do fuair Coláiste Bhaile Átha Cliaith agus mórán do sgolaibh saora, a n-easboig agus cuid eile dá ccléir, mórán díbh, a n-éagmais móráin eile do tugadh do dhaoinibh ná raibh teidil air domhan aco do réir an fhorfhógradh. Agus do-ríneadar san uile le gliocas, amhuil adúbhramair, do chum nách biadh aon-talamh fágtha do-gheóbhadh na Croiméillians, agus gan san ní raibh ortha sgaradh le seilbh eastát na n-uasal so do ceapadh leis an Rígh chum a ccoda d'fhagháil mar oifigíghe do bhí 'na sheirbhís leasmuith, nó lucht cúinse ainimnighthe, nó pearsana agá raibh a tteidil do réir shíothchána '48. Agus do tugadh an cleas malluighthe seo chum cínn chómh glic sin nách fuair aon-duine amháin díobh so uile a eastát, d'aimhdheóin ar tugadh do gheallamhnaibh dóibh (agus) na ccúinsíghe do cuireadh ansa bhforfhógradh iona bhfábhar, air
mhodh an ceathrar air chaogad fear ainimnighthe nó nominees - do fuair le fábhar cúinse do chur a nAcht an Chraobhsgaoile do chum a ttighthe sínsir nó a bpríomh-shuidheacháin do thabhairt dóibh agus dá mhíle acraoi talmhan taoibh leó - do fuaradar iad féin 'na nominees dáiríribh, as é sin, nomine restorable, non re, do réir magaigh nó fonóide Iarla Oiriríghe. Óir ní bhfuair acht fír-bheagán díobh aon-tsochar suimeamhuil, ná neach air domhan dá m'fhéidir liom-sa d'fhagháil amach toradh iomlán an chúinse sin, le huireasbhaidh sásaimh do tabharfaoi dona Croiméillians do bhí a seilbh na n-eastát. Agus do chum go ccuirfidís a ccroidhthe chum suaimhnis, nó fós do chum ná fágfaoi tnúth aco le fuasgladh air bith, do cuireadh an cúinse réamhráidte a cclaon-Acht an Chraobhsgaoile do ghearrann amach go bráth iad ó chabhair air bith. Agus mar agaisín lena ccompórd, na Sóloin ghlioca so agá raibh 'fhios ná raibh dlígh nó soísgéal lena ngnóthaibh, óir go m'ionann agus Túr Bhaibel gach a ndeárnadar do nithibh contrárdha le ceart agus le fírinne, ionnus go ndúbhradar na dlightheóiríghe do budh ábalta a Sagsaibh go minic ná raibh 'fhios aco féin cia an chéadfadh dlígh d'fhéadfaidís do thaisbeánadh lena ngnóthaibh,
gidh eadh, do sgaipeadar an ceó so go huile ionnus go raibh sé chómh soilseach leis an ngréin am nóin, agus san chómh réidh agus do sgaoil an macaomh ó Mhacedonia snuidhm Góirdian. Óir d'fhógruígheadar agus d'achtuígheadar dá n-éirgheódh doubhta a n-aon-chúinse ansna hachtaibh réamhráidhte, a iompódh a bhfábhar na bProtestún, ós iad budh mhiann leó do shocrúghadh. Do budh é seo punctum an sgéil agus an buille déaghnach dá ngnódh uile, do chríochnuidh diamharrúin nó mistéir na malluightheachta gan diospóireacht, agus nár fhág slígh air bith ag na Catoilicíghibh ceart d'iarraidh ná tnúth do bheith leis ó ghiúistísibh agus ó choistíbh Croiméillians. Ag so mar do míophointeáladh na daoine dona dílse seo tar éis na mór-thnútha réasúnta do bhí aco do thaoibh a seirbhísighe iomdha don Rígh amuith is ag baile agus a gheallamhna iomdha dhóibh air an ccúntas san. Agus tar éis ar chathadar dá n-aimsir go costasamhúil tímpchioll na Cúirte ní bhfuaradar sásamh air domhan acht leigion dóibh marthuinn air an aer, nó gurbh í toil Dé iad féin 's a Rígh do ghairm don tsaoghal eile chum a ccúntais do dhéanamh suas, áit ionar deimhin liom gur feárr ionracas nó macántacht curtha don ghorta ná ímpreacht an domhain, mádh olc do fríth í nó má claon do riaghluíghthear
í. Óir mar adeir an chéid-Rígh Cormac ansna focalaibh oirdhearca so: "An cómhaireamh céadna ríoghachta do thaisbeáin an diabhal dár Slánughthóir agus a nglóire uile, ní fiúdh iad a ngabháil le neamhonóir ná le diombuídheachas do chuireas anam duine a ccontabhairt, agus gur fiúdh aní bhus mó do dhomhanaibh an t-anam san ná atá do ríoghachtaibh ansa domhan so". Óir as fíor an rádh, Deus non irridetur, ní cóir do mhórdhacht shaoghalta fonómhuid do dhéanamh faoi Dhia; óir as déine do bhiaidh Dia air prionsaoibh tighearnamhla do thaoibh a n-éagcóra, óir nách fuil ortha cúntas do thabhairt do neach iona ngnóthaibh acht do Dhia amháin. Agus leis an réasún san do labhair an fháig ríogadh go friochnúmhach leis an Uilea-chómhachtach: "A mbiaidh páirt air bith ag cómhachtach an ainchirt, do-ghnídh olc le dlígh, leatsa?" Gidh eadh, a mhac gaoiseach, Rígh Solamh, an feadh do bhí an Spioraid Naomh ag oibriúghadh ann tráchtann ní bhus fóirlíonta air an ócáid iona Leabhar iomráidteach na Gaoise, caib. vi, mar a n-abair: "Déanfaidh an t-aincheart an domhan uile do chur air neimhnídh, agus déanfaidh an droch-dheileáil suídheacháin na ndaoine mór-chomhachtacha do theilgion taoibh síos suas. Dá bhrígh sin éistidh, ó a ríghthe, agus
tuigidh; foghluimidh sin, a ghiúistísíghe an domhain uile; tugaidh cluas leis seo, a lucht riaghluithe na ndaoine agus do-ghnídh mórdháil a n-iomadúmhlacht na náisiún. Óir as ón tTighearna atá cómhachta aguibh, agus áird-cheannas ón Té as aoirde, do dhéanfaidh fromhadh air bhúr ngníomhaibh agus cuardúghadh air bhúr ccómhairlíbh. Do bhrígh go rabhúir a n-úr ministéiríghe air A ríoghacht agus ná tugabhair an breitheamhnas ceart, agus nár choimeádúir an dlígh, agus nár siúbhladh libh do réir cómhairle Dé, tiucfaidh Sé oruibh go grod agus go feargach; óir as cruaidh an breitheamhnas thiucfaidh ortha so do shuidh a n-áitibh árda. Tabharfaidh A thrócuire párdún don bhuídhin do budh uirísle; gidh eadh, buidhean an mhór-chómhachta as mór an céasadh do-gheóbhaid, óir an Té atá 'na thighearna ós na huile ní bhiaidh eagla Aige roimh phearsain aon-duine, agus nocha mbiaidh oghmós Aige do mhórdhacht dhuine air bith, óir as É do chruithidh an mór agus an beag, agus as ionann a shuím ionta." Do budh é machtnamh an phointe ócáidigh seo do theagasg Críostuíghe, do bhaineas go hinnmheódhanach leis gach nduine a ccómhachtaibh agus aní bhus pairticiulártha le prionsaoibh tighearnamhla, faoi ndeara don chéid-Rígh Cormac labhairt chómh haireach san do thaoibh ciontuighthe aindleaghthaigh Iarla Strafford: "Atáim
chómh fada san ó shaoradh ná ó shéanadh an aonta san air mo thaoibh féin (óir toil iomlán níor bhudh eadh é) do chum a bhásuighthe, óir níor tuigeadh damh gur thuilleadar a chionta é do réir an dlígh, nár chorruidh mo choinsias me riamh aní bhus mó ná do-rín. Agus as cómhartha san air m'aithríghe: d'adbhas go minic do Dhia agus do dhuine mar ghníomh laige pheacamhuil d'fhoilsidh gur mhó m'eagla roimh dhuine ná roimh Dhia; agus ní fiúdh duine dá ttáinidh riamh A ainim ná A ionad do ghabháil air talamh do sheachnóidh míophointeála Stáit le gníomhaibh chómh haincheart san; agus ní féidir le caothamhlacht phoibillíghe air bith a nglanadh ná sásamh do thabhairt ionta. Agus nochar chaill ceart-bhreitheamhnais Dé fá dheóigh gan fallsacht na céadfadh so do thaisbeánadh don tsaoghal: as í sin, feárr aende amháin do chailleamhuin, ciodh éagcórach, ná na daoine 'bheith míoshásta agus loitithe. Do-gheibhim an cealg so am anam a ttaoibh láimhe air bith do bheith (agus atá 'fhios ag Dia go neamhthoilthinneach) a ndorta fola aende amháin go héagcórach, ciodh gur a bhfuirm agus fé chlócadh an chirt do-ríneadh é agus chum oilc phoibillighe do sheachnadh." Annois má bhí aithreachas chómh mór san air
an Rígh maith míofhoirtiúnach so do thaoibh a slighe féin do thabhairt do ráig daoine doigh-riaghluithe a n-aghaidh anma aende amháin do bhí gan séanadh ciontach, ciodh nách a ttréason, gidh eadh, a mórán claen-bhearta eile air feadh a riaghluithe air Éirinn, créad an aithríghe do budh iontuigthe dhúinn do dhéanfadh sé dá mbiadh sé do mhíofhoirtiún air Acht éagsamhuil an tSocruithe do cheapadh, ciodh ná rabhadar meódhain chómh hócáideach le déanamh an Achta so agus do bhí le básúghadh Strafford, gidh eadh, do dhamnaidh an tAcht réamhráidte seo, ní haende amháin acht na mílte do phearsanaibh dílse neimhchiontacha, ní chum báis láithrigh, óir budh mhaith sin, acht chum báis ríghin dho-fhulaing an' órluíghibh, as é sin, don ghorta nárbh fhéidir do sheachna? Acht, a n-aonfhocal amháin, iona ndeárnadh tiomargan air aincheart; le a bhfuaradar príomh-thraotúirighe agus rígh-rebelliúin réapuibliocánacha dualgais neimhmeódhanacha; agus le a ndeárnadh míophointeáil do shearbhóntaoibh dílse d'fhoilsidh a ccródhacht air feadh mórán bliadhan a seirbhís na Coróinne, a bhfagháil an luacht saothair do thuilleadar agus do gealladh dóibh; agus fós do dhamnaidh iad gan éisteacht agus do bhain ceart a n-athardha dhíobh do chum sásaimh a ndearg-námhad; agus do chuir uimhir neimhmeódhanach do bhaintreabhachaibh
agus do dhíthleachtaoibh bochtadh ag iarraidh déirce; do chlaen-iompuidh creideamhuin phoibillíghe; agus a n-aon-fhocal amháin d'iompuidh an ceart ansan uile cháil taoibh síos suas. As deimhin gur droch-úsáideadh agus gur mealladh an Rígh go lán-mhór lena mhinistéiríbh malluighthe do thaoibh mar d'fhulaing sé an t-aincheart uile seo do dhéanamh an' ainim agus ionann agus go mo é a ghníomh féin é. Gidh eadh, ag so an cheist: cia chuir d'oibliogáid air an sórt san ministéiríghe do thoghadh, nó fós do thug do réim dóibh droch-úsáid chómh neimhmeódhanach san do thabhairt dá úghdarrás ríogadh? As deimhneach liom go ndéanfadh sé a ghnódh aní do budh fheárr dá ndéineadh sé do réir athar ríogadh Sholaimh do cheannaidh go cruaidh agus do thuig créad an chinneamhuin do rígh iontaoibh do thabhairt le daoinibh dro'-cháileacha, go mór-mhór a ngnóthaibh suimeamhla a ríoghachta. Agus dá bhrígh sin, iona chómhairle dhéaghnaigh do Phrionsa Wales d'fhág sé le huacht aige an ceacht oirdheirc seo: "Ag so mo chómhairle agus m'ordúghadh dhuit, go ndéanfadh machtnamh friochnúmhach air na míghníomhaibh do thionsguin mo thrioblóid-si do chum go seachnófádh iad. Ná géill chómh mór san do dhuine air bith do thaoibh a chómhairle, a dhíograis, ná a chéille, do chum riaghluithe mórghnótha, as é sin a ccásaibh creidimh nó cirt, agus go
ttabharfá laig-mheas agad féin ná ag daoinibh eile air do bhreitheamhnas féin. Óir as díograisíghe agus as neamhchlaoine bhiaidh do thuigsin féin chum búntáiste do choróinne ná tuigsin duine eile. Le súil chruínn agus le láimh neamhchlaoin roínn d'fhábhar agus do dhualgais air an uile dhuine do réir a mhath-cháile. Seo mar d'iompódh tú croidhthe na ndeagh-dhaoine ort, agus fós na ndroch-dhaoine, óir, ciodh nach maith iad féin, as ait leó cruaidh-shlighte na subháilcíghe d'fhaicsin dá mílsiughadh le dualgasaibh teamporáltha." As fíor-oirdheirc an teagasg é seo go deimhin agus as ró-chontrárdha le meódhan Chlarendon chríonna, .i. "déin mórán dod naimhde agus ní baoghal duit do cháirde." Agus as é an meódhan déaghnach so do leanadh go mío-fhoirtiúnach a bhfad tar éis athghairmthe an Rígh, ionnus nách iad amháin an bhuídhean nár ghaibh le haon-taobh acht fós iad so do bhí go n-uige sin 'na bhfíor-cháirdibh don Choróinn d'iompuidh amach fá dheóigh 'na ndearg-námhuid don Rígh. Dá bhrígh sin, ós "a ttástáil do-géabhthar eólas," ní féidir linn gan adbháil gurb é an céid-mheódhan as feárr agus an meódhan déaghnach as measa do chum riaghluithe ríoghachta. Gidh eadh, an nídh adeir ár n-úghdar ríogadh iona dhiaigh sin, ag críochnúghadh 'aitheanta athardha, taisbeánann sé an oiread san do mhórdhacht aigne agus do aonta Chríostamhuil nách féidir liom a cceart dá ghnáth-chuímhne gan a luadh: "Munadh
bhfághad-sa ná thusa ár cceart go bráth, luíghfidh díoghaltas Dé air ár searbhóntuighthe le cothúghadh iona bpeacaoibh agus le hiad féin do mhealladh le sóchus a malluightheachta. Atá tnúth agam go ttiúbhraidh Dia dhuit-se agus damh-sa na grása san do mhúinfidh agus do neartóchuidh sinn chum déanamh gan coróinn, ionann agus dá mbiadh sí aguinn, óir ní fiúdh í a tógbháil suas ná a gabháil air théarmaoibh solacha neamhonóireacha neimh-chreideamhacha." Dá cceirt-leantaoi na teagaisg fhóirlíonta fhulláine seo ansa réimheas dhéaghnach ní bhiadh oiread do chúis gearáin annois ag aon-Chabhailiar Gall>da, ná dílseach Gaodhalach, ná an Choróinn d'fhulang an oiread san iompuighthe éagsamhlacha agus do chuir iongna ar an domhan uile. Agus a ttaoibh an leithsgéil tugtha, saoilim go raibh sé bacach ó phriónsa Chríostamhuil milleán gníomha poibillíghe ainchirt do chathamh air a mhinistéiríghibh, óir nách féidir a shéanadh go raibh sé féin freagarthach a láithir Dé ans gach aincheart dá ndeárnadh. Óir ann gach cúirt as é an príomhfhágh atá freagarthach a ngníomh an fho-dhuine; agus as riaghail a réasún é, ionmholta idir na págánaigh, go ttugaid lucht cómhachta úghdarrás chum na ccurtha so d'fhéadfaidís do chur air ccúl
agus ná cuirid. Qui non vetat peccare, cum posset, jubet. Agus atá an sgríbhinn dhiadha ag teacht leis anídh ccéadna. Óir gan aon-rod do rádh le Rígh Ahab (ag ná raibh aon-lámh a ndúnmharbhadh nó a murdar Naboth acht go ndeárnadh úsáid dá ainim agus dá shéaladh - do tugadh breitheamhnas le hordúghadh Dé féin air, ionann agus dá mo é a ghníomh féin é) atá sompla uathbhásach aguinn air Eli an tÁrd-Shagart, tar éis é 'riaghlúghadh an Phobail Eabhra dá fhithchid bliadhan, do tháinidh chum droi'-chríche do thaoibh cionta nár comóradh leis féin acht lena chlainn mhíoghrástamhla. Agus mar aithbhreitheamhnas air do thaoibh malluightheachta d'fhulang a bpearsanaibh do bhí fána smacht, do haistrígheadh an Árd-Shagartóireacht go huile chum droinge eile. Cuireann so a ccuímhne dhamh pasáiste ro-nótálta ann Aristippus intleachtach Mhonsieur de Balzac, iar ttráchta dhó iona sheachtmhadh cómhrádh air na mór-oilc ghnáthacha do-ghníthear le ministéiribh malluighthe agus le lucht fábhair thóstalacha, mar a ndeineann sé réasúntacht ro-áluinn air an ócáid amhlaidh so: "Ann so uile ní pheacuígheann an prionsa, gidh eadh, ní chlaonann sé ó bheith ciontach. Níl párdún le fagháil agá ainbhfios; ní subháilce air bith a fhoighde; agus gach anordúghadh nach feasach
dó nó d'fhulingeann sé do dhéanamh, atá sé ionchurtha iona aghaidh a láithir Dé ionann agus dá mo é féin do dhéanfadh an gníomh. Le réasún mór dá bhrígh sin, an prionsa san do cruithígheadh do réir croídhe Dé iarann sé air Dhia a ttéarmaoibh soiléire agus san a tteasuígheacht iomláin a úrnaithe, go nglanfadh é ó chiontaibh sicréideacha agus a shaoradh ó pheacaoibh daoine eile." Annois ná deímhnígheann an focal déaghnach so nár chóir do ríoghaibh bheith sásta lena neimhchiontaibh pearsonáltha nó pairticiulártha féin, agus ná foghnann sé dhóibh bheith ceart iona ngníomhaibh féin má chaillid iad féin le haincheart a ministéiríghe? "Agus anso," adeir an tAristippus céadna, "ní féidir liom a léigion tarm an teasuígheacht neimhmeódhanach air an ócáid seo do thaisbeáin eaguilseach riaghalta san Iottáill a seanmóir do-rín sé a láithir phrionsa na tíre sin. Ag tráchta air diúitéithibh ríghthe do bhris sé amach ansna focalaibh seo, ag díriughadh a chómhráidh chum an phriónsa: "Aréir do-ríneadh taidhreamh áithbhéiseach damh. Do shaoileas gur fhosguil an talamh reómham agus gur fhéachas go díreach ionna mheódhan. Do-ríneas machtnamh air pheannaidibh an tsaoghail eile agus an uile uathbhás leanas ceirt-bhreitheamhnas Dé, agus ó shoin as air éigin atáim socair am íntinn. Idir dhroch-dhaoinibh na sean-aimsire do-chonnarc mórán do dhaoinibh na haimsire seo, .i. cúil-ghearthóirighe, fealtóirighe,
mallaghthóiríghe, agus saobh-chráibhthigh, ag rith le himiol na huamha san. Gidh eadh, mar do-ríneas machtnamh iona mbeatha air chómharthaoibh soléire a malluightheachta, ní dheárna iongna dá ttiacht chum na háite 'na bhfeacadh iad ag máirseáil. As é do chuir iongna mhór orm ós cionn an uile nídh tusa d'fhaicsin idir an droing mhíofhoirtiúnaigh seo air bruach a ccailleamhna. Agus fé mar do sganruígheadh (agus) do corruígheadh me le nuadhacht na nithe seo do labhras ós árd leat-sa agá rádh: "An féidir gur dhamnuidh duine é féin le guídhe chum Dé agus go rachfádh go hiofrann, tusa, an prionsa as fearr agus as deaigh-chreidimh ansa domhan"? Agus uime sin gur fhreagrais mé le hosna: "Ní ag dul ann atáim acht dom ghiolluígheacht ann atáthar."" Air an ttaoibh eile, ciodh go ccuirfimís do leataoibh aon-smaoineamh air an saoghal eile, agus a mheas maraon leó so ainimnighthe san Scriptiúir Naomhtha nó le falsóntaoibh glioma-chaocha na sean-aimsire ná fuil aen-Dia ann, nó má tá ná tugann aire air bith air ghnóthaibh daonna, gidh eadh, má ghnídhmíd machtnamh friochnúmhach créad mar do cóimhrígheadh an ceart san uile aimsir 'na cháil chómh oirdheirc, chómh diadha san, gur ghairm Cicero go tuílte de "máighistreás agus bainríoghan na subháilcíghe uile," agus nách iad
amháin an dream budh gliocadh idir na págánachaibh do chóirimh 'na mheódhan fuaindemeantamhuil fiat justitia et ruat caelum, acht fós na daoine budh dhonadh air domhan, gur ghrádhadar agus gur mholadar an ceart ansa droing agá mbíodh déileáil aco leó as a ttáinidh an críon-rádh: justitia etiam inter latrones - uime sin ní féidir linn gan a chríochnúghadh nách fuil nídh air bith as neimhghlioca do phrionsa do dhéanamh ná bheith ciontach a n-aincheart poibillíghe, óir ná déanfadh aenídh eile chómh fuathmhar a ccroidhthibh a dhaoine é. Óir mar adeirthear: iomdha duine air a mbagarann an té ghnídh eágcóir ar aende amháin, multis minatur qui facit uni injuriam. Agus amhuil mar ghrádhaid na ríghthe air uairibh an tréason, gidh eadh, as fuathmhur leó an traotúir dá mhéid foghnamh do-ghnídh sé dhóibh, amhlaidh san as fuathmhar lena (searbhóntuighthibh) prionsaoi ainchearta agus fós leó-so do-ghnídh búntáiste dá n-aincheart, óir do-bheir seo réasún dóibh eagla do bheith ortha go mo é a ccás féin uair éigin an nídh céadna d'imtheacht ortha. Ní tháinidh rígh ó chruthúghadh an domhain as mó thug dualgas do phrímh-rebelliúnaibh air chostas a shearbhóntuighthe dílse ná thug an dara Cormac do Chruiméillians na hÉirionn. Gidh eadh, do bhí sé chómh fada san óna ngrádh do tharrang
air go raibh cóimhéirghíghe ghenearáltha aco chum a déanta an' aghaidh san mbliadhain 1663. Gidh eadh, do foilsígheadh a ttráith anídh seo a mBaile Átha Cliaith agus do héisteadh leis san uair sin le hídiughadh triair d'fhoghchladhairighibh gan áird; agus do tugadh párdún fóirlíonta dona príomh-thraotúiríghibh agus dá bpáirtighthibh, do breithnígheadh ábalta air bhrise tré neadaibh damháin allaidh an dlígh, a n-anma ceart-chailte agus a n-eastáit do fuaradar go haincheart. Agus ciodh go ttug an Rígh mathachas dona plotaeríghibh níor mhiann leó-san mathachas do thabhairt dó-san. Agus uime sin, san mbliadhain 1671, seo chum oibre airís iad air an ócáid ccéadna. Gidh eadh, do cuireadh stad anso iona thúis agus do múchadh é gan dorta fola air bith; ansan do stadadar tréimhse nó gur oibridh Plot Oates ann '79 misneach nuadh ionta. Ansan do chathadar an clócadh dhíobh agus d'oibrídheadar go tréan chum an riaghluithe ríoghadh do leagadh lena bplotaibh fallsa agus lena n-eachuiníghthíbh beagnáireacha do chum Bille buartha an Gheártha Amach do chur a bhfeidhm. Agus an tan do theip an iarracht san ortha do bhádar uile
ollamh, dá mbuailtíghe an buille le a raibh tnúth aco le méirdrigh thraotúrtha an Ryehouse, le croídhe agus le láimh do chum an riaghluithe ríogadh do chiorrbhadh, rúta agus brainse, do chum an bhealaigh d'fhosgladh agus slígh 'dhéanamh do chum an ghnótha ghrádhmhair, bheith gan aen-rígh. Machtnaimh toradh beannuighthe an mheódhain ghlic seo Chlarendon, .i. déin mórán dod naimhdibh, etc. Fá dheóigh, a ttástáil an uile aimsire do gheibhimíd gurb é an t-iónracas gliocas as feárr agus an riaghail as siúrálta dhúinn go haonta chum siubhail lé tré cheó Aegypsiánach gnótha daonna. Do thuig an chéid-Rígh Cormac, ciodh gur mealladh a ttosach a thrioblóidíghe é, an fhírinne seo fá dheóigh agus fallsacht meódhan eile, an tan labhair sé na briathra fír-Chríostamhla so: "Do budh í toil Dé na breitheamhnuis seo do chur orm mar mheódhan do chum me theagasg gurbh í riaghail ghliocais as feárr an ceart do thoghadh roimh aon-tsólás eile agus síothcháin mo choinsiais roimh choimeád mo ríoghachta." Ós é seo an cás cad déarfaid daoine leis na ministéiríbh Stáit do-ghnídh a ngnódh lae agus oidhche a bprionsa do tharrang as an mbóthar mór réidh seo do chum casán cúmhangadh cama a ccladhaireachta agus a ccalaoise féin? Dar ndóith ní féidir a mheas gur maith air bith do mheamhraoid
ná iarracht do budh fheárr do thabhairt ná a máighistir do tharrang ann labyrinth iona ccaithfidh sé é féin do chailleamhuin, nó adbháil go bráth bheith fá oibliogáid agá ccéill sin dá ttigidh leó coghnadh leis chum teacht as na deacrachaibh ionar mhealladar féin roimhe sin é lena ccleasuígheacht. Iar machtnamh an sgéil uile tuigim (gur) réasúnta a chríochnúghadh ná fuil riaghail ghliocais as feárr do phrionsa agus dá dhaoinibh ná deileáil cheart mhacánta do dhéanamh leis an saoghal uile. Uime sin níl nídh air bith as ócáidíghe do ríghthibh ná iad so do bhreithniughadh go haireach agus do sheachnadh do chomhairleóghadh dóibh a ccúrsa do stiúradh le haon-chompás eile. As maith do thuig an Rígh budh gliocadh do ríoghaibh an fhírinne seo an tan do labhair sé na bréithre seo: "Tóg na droch-dhaoine ó láithir an rígh agus biaidh a réimheas fóirlíonta don cheart." Óir as follus gibé chómhairlígheas a phrionsa, do chum caothumhlacht gliocais, gníomha contrárdha don cheart do dhéanamh, ná a réimheas do neartúghadh air fhuaindement eile ar bith acht air philéaraibh nádúrtha riaghluígheachta agus le dualgasaibh agus le pionósaibh ceart-rointe, ní órduigheann sé a réimheas do bheith sonuighe ná buan, agus uime sin do budh ionchóimhrithe é idir an chuid budh mheasa dá naimhdibh.
DO CHUM MÓRDHACHT MHÓRDHÁLAIGH AN RÍGH: deimhniúghadh díleas agus réamhthaisbeánadh uiríseal uaisle agus ársa Catoilicithe Rómhánacha na hÉirionn. Bhúr searbhóntuighthe dílse, Catoilicithe Rómhánacha na hÉirionn, uasal agus ársa, (ag breithniúghadh go haireach air na deacrachaibh iomdha faoi a raibh ríoghacht na Breatainne Móire ag osnaigheal le fithche bliadhan roimh bhur n-athghairm sonuíghe-si; agus le ár smaointibh cathacha le a ttarraingthear tuille mór osnaighe ónár mbrollachaibh agus deóradh ó ár súilíbh, ní hé amháin do thaoibh gach deacamhúil agus doghrainne dá bhfuilingid Catoilicithe na tíre míofhoirtiúnaighe seo annois féin, agus fós a meódhan na lúthghára agus an gháirdeachais phoibillige do-ríneadh do thaoibh athghairmthe sonuíghe do mhórdhachta, acht fós ag dlúth-chuardúghadh créad í an chúis fá bhfuilingimíd na cruadhtain neimhmeódhanacha so; agus ag déanamh machtnaimh air an dílseacht atá d'fhiachaibh oruinn agus budh cheart dúinn do réir dlighthe diadha agus daonna, agus 'na bhfuilimíd agus 'na rabhamair gach uair ollamh chum a dhearbhadh agus a chóimhlíonadh dhíbh-se, ár n-aon-aird-thighearna air talamh, agus air an scannail dá éis sin do chaithid daoine
d'áirighthe le nách toil ár ccreideamh do thuigsin go ceart air ár ndílseacht, ionann agus ná biadh sí freagarthach d'úmhlaoigheacht dhiúiteamhuil don árd-mháighistir theamporálta, agus fós mar atá sé ceangailte a ccoinsias oruinn ár ndíthchioll do dhéanamh do bhrollach ríoga-sa do ghlanadh ó uamhan ná ó fhoiréad air bith linn do thaoibh aenídh dá mbreacaid daoine dhuit le a fuathmhar ár ccomaoine agus ár náisiún; agus do chum na scannaile sin do sgrios dínn agus do chum an óidium do luigheadúghadh fó ar luidh ár ccreidiomh le céad bliadhan annois fá dheóigh idir dhaoinibh eile Críostamhla ansna náisiúnaibh seo d'adhrann Dia a modh chontrárdha linne) iarraimíd go huiríseal do phárdún do chum sinn féin agus ár ccreideamh naomhtha do shaoradh, ansa pháirt seo dár ndílseacht, leis an dearbhadh so ionár ndiaidh do-ghnídhmíd (ag déanamh aithris air an sompladh maith annois go déaghnach do thug ár nEaglais dúinn agus ag leanmhuin an teagaisg ghenearálta do ghnáthuígheann an Teampoll Catoilicíghe) - an dearbhadh, adeirim, do-ghnídhmíd a radharc na bhFlathas agus a láithir do mhórdhachta-sa go háitighthe agus go fírinneach gan saodh mionn ná búntáiste: Adbhamaoid agus áitímíd gur tú ár rígh dlightheach
fírinneach, áird-thighearna agus ceart-uachtarán ríoghachta so na hÉirionn agus do thighearnaisíghe eile uile. Agus dá bhrígh sin adbhaimíd agus áitímíd sinn féin ceangailte fé pheannaid peacadh úmhlaoigheacht do thabhairt dod mhórdhacht a ngnóthaibh tíorthamhla agus teamporálta chómh mór le haon-chuid eile dod shearbhóntaoibh do réir mar d'orduíghid dlighthe agus riaghlacha na ríoghachta so dhúinn é, agus san a n-aghaidh aon-chómhachta ná teidil ón bPápa ná ó cheannas na Rómha, nó aen-bhreitheamhnas ná forfhógradh d'aen-chineál ná cáil air bith tugtha ná le tabhairt ón bPápa, ná ó ndeachaidh roimhe ná a ttiucfaidh iona dhiaigh, ná aon-úghdarrás spirideálta ná teamporálta le tiacht ná tugtha uaidh féin ná óna chómhachta a n-aghaidh do mhórdhachta-sa ná t'úghdarráis ríogadh. Adbhaimíd fós agus cuirfimíd a ngíomh ár ndílseacht agus ár ccáirdeas air feadh ár ndíthchill lead mhórdhacht. Agus séanamaoid agus diúltaoimíd don uile chómhachta eachtrann, pápamhuil ná prionsamhuil, spioraideálta nó teamporálta, do budh dealrach nó adéarfadh go saorfadh nó go sgaoilfeadh nó go ttiúbhradh asbolóid dúinn ón oibliogáid seo, nó do thiúbhradh a n-aen-tslígh toil ná cead dúinn buairt do thionsgna, arm do thógbháil, ná ionsuíghe arráideach air bith do dhéanamh a n-aghaidh mórdhachta do phearsan, t'úghdarráis ríoga, ná
an stáit, ná riaghluighthe do ríoghachta, le sinn uile do bheith ollamh ní hé amháin do chum fhoilsithe agus fhios do thabhairt duit féin agus dod mhinistéiribh ar an uile thréason at aghaidh féin (ná iona n-aghaidh-sion) do chloisfimíd, acht fós (do chum) ár n-anama do chailleamhuin ag caomhna do phearsan agus t'úghdarráis ríogadh, agus (do chum) cur a n-aghaidh lenár n-uile chómhachta gach cóimhéirghíghe ná iarracht air bith dá ttabharfaoi air do mhórdhacht-sa, ceapuighthe le cúis ná le teidiol air bith ná neartuighthe le cómhachta ná úghdarrás eachtrann air bith. Agus ní bhus faide, adbhamaoid go hosguilte gurab iad prionsaoi agus árd-gobhernéríghe, gibé air bith a ccreideamh, as oifigíghe nó as lefteanóntuíghe ag Dia air talamh agus gur ceart úmhlaoigheacht do thabhairt dóibh do réir dlighthe gach tíre fó leith a n-uile ghnóthaibh tíorthamhla agus teamporálta. Agus dá bhrígh sin, séanaimíd annois an uile theagasg agus úghdarrás contrárdha leis seo; agus cóimhríghmíd malluighthe agus a n-aghaidh focail Dé a thuigsin nách miste d'aen-tsearbhóntuíghe príomháideach murdar nó dúnmharbhadh do dhéanamh air úngtha Dé uile-chómhachtaigh, .i. a phrionsa, má bhí atharrach creidimh aige, agus séanamaoid agus diúltaoimíd dó mar ghnódh dhamanta dhiabluíghe.
Ós iad so pointíghe ár ccreidimh a ttaoibh dílseacht agus úmhlaoigheachta d'úghdarás do mhórdhachta-sa, agus (ó tá) ár n-aire agus ár n-oghmós nó ár comaoine le cómhachta nó le huachtarántacht na Rómha (a ngnóthaibh sprideálta go haonta) gan luídheachán air an umhlaigheacht díleas atá ceangailte oruinn (le ár mbreith), le dlígh Dé agus duine, dod mhórdhacht-sa mar uachtarán dlightheach nádúrtha, sínte do láithir cosadh do mhórdhachta athchuiníghmíd go ró-uiríseal go ndéanfar do shearbhóntuighthe, Catoilicithe Rómhánacha na hÉirionn uile, do thabharfaidh a n-aonta do chum an dearbhadh poibillíghe dílseachta so, do chaomhna ó ghéirleanmhuin nó ó inghreim do thaoibh gnáthúghadh a ccreidimh, agus gach sein-dlígh dá ndeárnadh iona n-aghaidh air an ócáid sin do chur air ccúl. Lucás Iarla Fiongál. Mata Plaincéad Dúnsay. Murchadh Iarla Ínse Í Chuínn. Crustóir Plaincéad. Donnchadh Iarla Chlainne Carthaigh. Sur Séamus Díolún. Oiliféar Iarla Thíre Conaill Coirn. Crustóir Ó Briain. Tiobóid Iarla Cháirlingfort Roibeárd Talbóid, bart.
Éamonn Bíocán Mhont Gearóid Uilliog Do Búrc, bart. Tomás Bíocán Díolún. Éadbhárd Mac Harry, bart. Artúr Bíocán Aoibh Each Valentín Brún, bart. Uilliam Bíocán Chlane. Lucás Bath, bart. Cormac Bíocán Mhusgraoi Sur Hanraoi Slingsby. Uilliam Bíocán Taaffe. Sur Seón Bellew. Oiliféar Barún Lughaidh Coirnel Uilliam Do Búrc. Uilliam Barún Chaisleáin Conaill Coir. Seaán Mac Giolladh Pháttraig Coirnél Chormac Diolún. Coirnel Miolún Paor. Matha Plaincéad Esquire. Lt. Coir. Piaras De Léis. Lt. Coirnél Naisias Inseadeún. L. Coirn. Uilliog Do Búrc. Coirn. Brian Mac Mathghamhna. L. Coirn. Tomás Scúrlóg. Coirn. Maol Muire Ó Réidhill. Seathfrún Brún. Coirn. Geilbert Talbóid. Seaán Breathnach. Éadbhard Plaincéad Esquire. Páttraig Ó Briain. Sur Niocolás Plaincéad. Séamus mac Gearailt. Seaán Talbóid. Seaán Pléimionn. Tomás Lustarael. Peattair Síorlóg. Seón Hollywood. Crustóir Archbold.
Hanraoi Ó Néill. Páttraig Ó Mórradh. Dudly Bagnal. Niocalás Ó hÉilíghe. Hanraoi Dracket. Piaras Builtéar Callan. Éadbhard Builtéar. Piaras Builtéar. Niocalás Dorchaoi. Seón Seagrave. Páttraig Sáirséal .i. An Sáirséalach do budh Tighearna Lúcan dá éis sin. Risteárd Wadding. Tomás Brún. Oiliféar Caisil. Seaán Mac na Mara. Páttraig Clinton. Séamus Talbóid. Captaen Crustóir Turner. Seón Balif. Seón Bagot. Séamus Talbóid, Teampoll Óig. Uilliam Grás. Páttraig Archer. Seaán Ártúr. Lucás Dúdál. Marcus Lassan. Pilib do Hoaradh. Crustóir Aylmer. Séamus Barnwall. Séamuis Plaincéad. Séamus Allen. Tomás St. Seaán. Tomás Cantwell. Uilliam Barradh Óg. Éamonn Díolún. Risteárd Strange. Séamus Builtéar. Páttraig Boylon. Uaithne Colclough. Séamus Do Faoit. Tomás Sáirséal. Major Labhrás Dempsey. Piaras Nangle. Cap. Risteárd Ó Díomasaigh. Seón Wolverston. Éadbhárd Innsiodún. Micheál Bret. Páttraig Porter. Major Marcus Furlong.
ÓRÁID DHÉAGHNACH AGUS BRIATHRA BÁIS OILIFÉIR PLAINCÉAD, ÁIRRDEASBOIG ÁRDA MACHA AGUS PRÍOMHFHÁIGH ÉIRIONN, AN CHÉAD LÁ DO JULY 1681. D'iarr an Sirriam a phriosúnach, agus do tógbhadh a ccairt é do chum é chrochadh, a chroídhe agus 'inithear do tharrang as, agus ceathramhna do dhéanamh de. Iona phasáiste chum láithrigh a ídithe do-rín sé mórán d'úrnaighthibh teasuighe lán do ghrádh Dé agus do charthannacht dá chomharsain. An uair ráinidh sé go Tyburn agus do ceangladh suas é, suil do tarraingeadh an chairt uaidh do-rín sé le sóchas iongantach an óráid seo síos: Do sheasmhas mo thriail beagán laethe ó shoin ag bínse an Rígh agus as grod go ccaithfiod mo lámh do thógbháil ag bínse Rígh na Ríghthe agus me féin do thaisbeánadh a láithir an Ghiúistís nách féidir a mhealladh (le) bréig-fhínnéibh fallsa ná le claon-dhearbhaibh, óir as aithnid dó sicréidíghe croidhthe agus nochan féidir leis neach air bith do mhealladh, ná breitheamhnas aincheart do thabhairt, ná claonadh le hóghmós do phearsanaibh, óir (ós é an mhathas uile é agus an giúistís rói-cheart) tabharfaidh dualgas síorruídhe air son
deagh-oibreacha agus pionóis ionchosmhuil air son sáruighthe a aitheanta dá luíghead é. Agus ós í seo an ghlain-fhírinne dheímhnightheach budh mhalluighthe an gníomh agus budh chontrárdha dom shonas síorruídhe dá ndéanfainn annois le deímhniúghadh nídh air bith a n-aghaidh na fírinne, peacadh gráineamhuil do chum damaint shíorruidhe do thuilleamh dam féin go ró-ghrod, ó ná fuil fuasgladh air bith ná tnúth le párdún. Dá bhrígh sin adbhóidh mé an fhírinne, gan saodh air bith, acht úsáid do dhéanabh d'fhoclaibh do réir na gnáith-chéille tuigthear asta, agus dá dheimhniúghadh dhíbh fós gurb í mo chéadfadh shiúrálta nách féidir le cómhachta air bith ní hé amháin ar talamh acht fós air neamh cur suas liom ná cead do thabhairt dam deimhniúghadh fallsa do dhéanamh. Agus deímhníghim a bhfoclaibh duine ag fagháil bháis, agus fé mar atá mo thnúth leam shámháil faoi lámhaibh an Aird-Ghiúistís, go ndéanfadh mé an fhírinne go díograiseach soiléir do chum mo cháis do chur a ttuigsin don domhan uile. As iontugtha faoi ndeara gur cuireadh tréason agus praemunire, nó cailleamhuin, am leith a nÉirinn agus gur tugadh chum an bharradh agus chum mo thriala ann me; gidh eadh, an tan do-chonnarcadar na
hionformairíghe (daoine dona droich-bheathacha) go rabhadar áitimh agus fínnithe agam, d'fhanadar d'aon-ogham, agus do thángadar don chathair seo do chum mise do tharrang chum mo thrialadh annso, don áit ná deárna na curtha do cuireadh am leith, áit ná raibh aithne ag an ccoiste orm, ná air cháilibh na ndaoine do bhí ag cur orm, agus nár foilsígheadh dóibh mórán sorrathainnighe ócáideacha chum triala glaine. Ansan tar éis cruaidh-ghéibhinn sé míosa a bpríosún (nó tuairim mair sin) do tugadh chum an bharradh me an treas lá do Bheiltine, agus do tugadh chum cúntuis mé a ttaoibh curtha ionar tugadh chum cúntais me a nÉirinn roimhe sin - gníomh iongantach agus nídh neamhchoitchionn ar a deacair sómpla d'fhagháil le chúig céad bliadhan. Gidh eadh, ó bhádar m'fhínnithe agus m'áitibh a nÉirinn do thug an Tighearna Prímh-Ghiúistís chúig sheachtmhuine dhamh do chum a ttabhartha anall. Gidh eadh, le neimhshiúráltacht na gaoithe, na fairge, agus deacamhla cóipithe d'fhagháil as páipéaraibh áitibh, agus mórán fínnithe do thabhairt as mórán do chontaethibh na hÉirionn, agus do thaoibh mórán do dheacrachaibh eile (le a ndeárnadh áiteamh) ní fhéadfainn ann chúig seachtmhuiníghibh na háitibh agus na fínnithe do thabhairt anall. Ansan d'athchuinígheas go truaighmhéileach
dá lá dhéag eile do thabhairt damh do chum mo thriala; gidh eadh, do dhiúltaidh an Tighearna Prímh-Ghiúistís me, agus leis sin do tugadh chum mo thriala me agus do tugadh suas me (ionann agus dá mbiadh mo lámha ceangailte) fé chómhachta meirdreach na mbréag do thug na leabhair éithigh do chum an anama do bhuain asam le cur na ccurtha so síos am leith: Air ttúis, gur chuireas leitreacha le Niall Ó Néill, mo sheirbhíseach nó mo phage, chum Moinsieur Baldeschi, sicréidíghe an Phápa, chum Easboig Aix, agus chum Principe Colonna, do chum comhachta eachtrann d'agallamh agus d'athchuinídhe chum na hÉirionn d'ionnsuíghe; agus fós gur chuireas leitreacha chum Cairdionáil Bullion air an ócáid ccéadna. An dara nídh, gur chuireas Captaen Conn Ó Néill do chum cabhair d'fhagháil ón Rígh Francach. An treas nídh, gur cheapas airgiod air, agus gur chruadh-thógbhas é a Eaglais na hÉirionn, do chum na bhFrancach do thabhairt asteach agus chum deich agus trí fithchid míle fear do chothughadh. An ceathramhadh nídh, agus go raibh a deich agus trí fithchid míle fear a n-innil agam, agus liostanna déanta ortha, agus go ttugas órdúghadh do bhráithir dárbh ainim Duffy liost do dhéanamh air dhá
chéad agus caogad fear a bporóiste Fhoghairt a cContae Lúghaidh. An cúigmheadh nídh, go ndeachas timpchioll póirteanna agus cuanta na hÉirionn uile agus gur thoghas Cáirlingford mar chuan oireamhnach chum na bhFrancach do theacht a ttír ann. An seismheadh nídh, go rabhas a mórán do chómhairlíbh agus do chómhdhálaibh ionar socruígheadh airgiod do chum na bhFrancach do ghairm asteach. Agus fá dheóigh, go raibh cómhdháil tuairim dhá bhliadhain déag ó shoin a cContae Mhonaghain, Chabháin, agus Árda Macha, dár chómhairlígheas arm do thógbháil do chum a n-eastát do bhuain amach. Don chéad nídh freagraim ná raibh Niall Ó Néill 'na sheirbhíseach ná 'na phage riabh agam agus nár chuireas leitir ná leitreacha leis riamh chum Monsieur Baldeschi ná chum Easboig Aix ná chum Princippe Colonna. Agus adeirm an t-iompódh Béarla do tugadh air an mbréig-leitir sin do tugadh am aghaidh-si leis an mbráthair Mac Moyar gur leis féin do cumadh í agus nách mise do sgríbh í féin ná aen-leitir as a n-iompófuídh í a mBéarla, a Laidin, ná a nIottáilis, ná a n-aen-teangain eile. Deimhníghim fós nár sgríobhas leitir ná leitreacha riamh chum Cairdionáil Bullion ná chum aen-mhinistéir le Rígh Franc, agus nár sgríbh neach air bith do bhí
annsa chúirt sin chúgham, agus nár labhair liom saor ná daor do thaoibh ploit ná cóimhéirghíghe ar bith a n-aghaidh mo Rígh ná mo dhúthadh. Ní bhus faide ná san deímhníghim nár chuireas sgéala ná teachta don Róimh ná chum aon-chúirte eile do thaoibh gnótha tíorthamhla ná teamporálta air bith, agus as fios go maith (óir do cuireadh a bpriont phoibillíghe é) go bhfuil órdúghadh ag an ccléir 'chómhnuígheann a ndúthaoibh nách Catoilicíghe, ón Róimh, gan sgríobh don Róimh do thaoibh gnóthaoi tíorthamhla ná teamporálta air bith. Agus deimhníghim nách fuaras leitir ná leitreacha ón bPápa riamh, ná ó aen-mhinistéir leis, ag trácht air aenídh don tsórt san. Uime sin gurab é an deirg-éitheach do spalpadar na bráithre Mac Moyar agus Duffy do thaoibh leitre ná leitreacha, sgéala ná teachtairighe. Don dara nídh adeirm nár chuireas Captaen Conn Ó Néill do chum Rígh na Fraince ná chum aen-mhinistéir leis, agus nár sgríobhas riamh chuige, agus ná fuaras aen-leitir uaidh, agus ná feacadh riamh é acht aon-uair amháin, agus dom thuigsin nár labhras deich focail riamh leis; agus do thaoibh é bheith ag Charlemount nó Dún Ganainn ní fheacadh riamh ansna bailtibh sin é, agus ní raibh 'fhios agam a bheith ansna háitibh sin. Agus uime sin atá dearbhadh Mhic Moyar fallsa do thaoibh Chuinn Í Néill.
Don treas nídh abraim nár shocruígheas agus nár thógbhas aon-airgiod riamh do chum ploit ná cóimhéirghíghe do chum Francach ná Spáinneach do tharrang asteach, agus ná fuaras aon-airgiod riamh air an ccúntas san ó shagartaibh ná ó bhráithribh amhuil mar dhearbhadar Mac Clane agus an bráthair Duffy go rói-bhréagach. Deímhnighim díbh nách fuaras aenídh riamh ó aen-eaguilseach a nÉirinn acht an mhéid budh cheart damh do réir sean-chustoim do chum mo chothaighthe agus an nídh budh ghnáth le a ttáinidh d'easbogaibh reómham le céad bliadhan d'fhagháil, agus creidim nách lugha fuair aende aco ná mé, agus dá ccuirfídhe a n-aon-sparán a bhfághaid cléir Chatoilicíghe Éirionn uile a mbliadhain budh bheag é, agus níorbh aon-rod é chum na bhFrancach do ghairm asteach ná chum armála deich agus trí fithchid míle fear do thógbháil, do-ríneas-sa 'liostáil amhuil do dhearbhaidh an bráthair Mac Moyar 'na dheirg-éitheach. Agus ní fírinnighe ná san mar do dhearbhaidh Duffy, .i. gur órduígheas-sa dhó liost do dhéanamh air dhá chéad agus caogad fear a bporóiste Fhogharta a cContae Lúghaidh. Don cúigmheadh nídh freagraim ná deachas tímpchioll póirteanna agus cuanta uile na hÉirionn, agus ná rabhas riamh a cCorcaigh, a cCion tSáile, a mBeantraoi, a nEóchuill, a nDún Garbhán, a Luimneach, a nDún Canainn, ná a Loch Garmon.
Agus do thaoibh Cháirlingford ná rabhas riamh ann acht aon-uair amháin, agus nár fhanas ann as cionn leath-uaire, agus nách deárnadh machtnamh air bith air an bpórt ná air an ccuan do chum Francach nó Spáinneach do theacht a ttír ann, agus ná táinidh sé am chroídhe ná am íntinn cinne air an áit sin chum na críche sin; agus air feadh me bheith ag Carlingford (óir as le tionnóisg do ghabhas ann) ní raibh an bráthair Duffy ann mo chuideachtuin faoi mar dhearbhaidh sé go grod-fhallsa. Don seismheadh nídh freagraim ná rabhas riamh ag aon-chómhdháil ná cómhairle iona ndeárnadh luadh air shocrúghadh ná air chruinniughadh airgid chum ploit ná cóimhéirghíghe, agus as follus go soiléir cléir Chatoilicíghe na hÉirionn, ag ná fuil talamh ná teacht asteach agus gurab air éigin d'fhiadbhaid iorraidh ghalánta choingbháil ortha féin agus corp agus anam a tteanta a chéile, nách féidir leó aon-airgiod suimeamhuil do thógbháil, ná oiread do spáráil agus do chothóghadh leath regement. Don tseachtmhadh nídh freagraim ná rabhas ag aon-chómhdháil trí chéad do dhaoinibh uaisle a cContae Mhonaghain, Chabháin, ná Arda Macha, ná a n-aon-chontae ná barúntacht, agus nár chómhairlígheas duine uasal ná daoine uaisle ansan, ná a n-aon-áit eile d'Éirinn, arm do thógbháil do chum a n-eastát do bhuain amach.
Agus as follus ná fuil a ccóige Uladh uile trí chéad Catoilicíghe Rómhánach Éirionnacha 'na raibh eastáit aco ná do chaill eastáit leis an rebelliúntacht dhéaghnaigh, agus as feasach gurbh é mo mhiann agus go ndeárnadh mo dhíthchioll do chum suaimhnis mo dhúthadh agus go mór-mhór na cóige sin. Annois do chum bheith aithgheárr, fé mar atá mo thnúth le sámháil, níor chuireas riamh leitir ná leitreacha, sgéala ná teachtairíghe, chum pápa, rígh, priónsa, ná easboig, do thaoibh ploit ná cóimhéirghíghe a n-aghaidh aen-rígh ná dúthadh; níor thógbhas riamh suim ná suimeanna airgid, beag ná mór, do chum saídiúradh ná saidiúiríghe do chothúghadh ann mo shaoghal riamh, agus ní raibh 'fhios agam agus níor smaoineas go rabhadar na Francaigh chum cur a ttír ag Carlingford, agus creidim nach fuil aende do-chonnairc mappadh na hÉirionn riamh ná déarfuidh gurbh fhiannuígheacht a smaoineamh. Ní raibh aithne agam riamh air aon-phlotaeríghe ná cóimhéirghetheóiríghe a nÉirinn, agus ní chuala tráchta ortha acht an chuid díobh bhí nótálta agus fógartha - dá ngnáth-ghairmthear Buachaillíghe Díomhaoine - agus go ndeárnadh mo dhíthchioll air iad san féin do chlódh. Agus fé mar atá mo thnúth le sámháil atáim agus do bhíos riamh neimhchiontach go hiomlán
ansa tréason do cuireadh am leith agus a n-aen-tréason eile air bith. Agus ciodh ná fuilim ciontach ansna curtha do cuireadh am leith creidim ná táinidh aende riamh don áit seo ansa chás iona bhfuilim-si, óir dá n-adbhainn (nídh nách féidir liom a ccoinsias, óir do chuirfinn bréag orm féin) na príomh-churtha do cuireadh am leith ní chreidfeadh aende tuigsionach me agá bhfuil aithne air Éirinn. Dá n-adbhainn gur diongbhála me air dheich agus trí fithchid míle fear do thógbháil ansna háitibh do bhí fám chúram, .i. a ccóige Uladh, nó fós a nÉirinn uile, agus airgiod do shocrúghadh agus do chruadh-thógbháil ón Eaglais Rómhánach do chum a ccothaighthe, agus Cairlingford do cheapadh do chum na bhFrancach do theacht a ttír ann, do bhiadh an saoghal ag fonómhaid fúgham, óir as follus teacht asteach na hÉirionn uile spioraideálta agus teamporálta a seilbh searbhóntuighthe an Rígh uile nách leór é chum armála deich agus trí fithchid míle fear do thógbháil agus do chothughadh. Agus má shéanaim na cionta so uile - amhuil do-ríneas agus do-ghním - do budh fhéidir go mbiadh daoine nách fuil taithitheach air ghnóthaibh na hÉirionn ná creidfeadh gur fírinne do-ghním, ciodh go ndeimhníghim í leam anáil dhéaghnaigh. As deimhin liom dá ndearbhófaoi na pointíghe seo, .i. deich agus trí fithchid míle fear etc., do láithir aon-choiste Protestúin a
nÉirinn agus mise dá adbháil ag an mbarradh, ná creidfidís mé ní bhus mó ná dá ndearbhófaoi agus go n-adbhainn gur eitillios ansan aer ó Bhaile Átha Cliaith go Hollyhead. As léir díbh dá bhrígh sin an cás iona bhfuilim, agus do-chualamhúir an deimhniúghadh do-ríneas air mo neimhchionta, agus atá tnúth agam go ccreidfidh sibh focail duine ag fagháil bháis. Agus do chum gur móide do chreidfeadh sibh me deímhníghim díbh gur chuir duine mór sgéala nó tairigsin chugam go sámhálfadh sé m'anam dá cciontuíghinn daoine eile. Gidh eadh, do budh é m'fhreagra nárbh eól damh aon-chóimhéirghetheóiríghe a nÉirinn acht iad so (amhuil mar adubhart cheana) do bhí nótálta go poibillíghe aindlightheach, agus do chum m'anma shámháil ná ciontóchuinn go fallsa duine air bith ná an díodhbháil sin do dhéanamh dom anam: St. Matha 16.26, Créad é an mhaith é do dhuine dá ngabhadh sé an saoghal uile agus 'anam féin do chailleamhuin? 'Anam do bhuain as duine air bith ná a shubstáint do thógbháil go haincheart as olc ó aen-Chríostuíghe a dhéanamh, go mór-mhór ó neach dom cháil-si, .i. Eaguilseach don Teampoll Chatoilicíghe agus Préaláid neamhluaghach nó Easbog, agus adbhaim go hosguilte sin. Agus nocha séanfadh mé go ndeárnadh mé diúité Préaláidíghe Catoilicíghe a nÉirinn, agus an
feadh do bhí toil ná aonta air bith leis go ndeárnadh le teagasg, le seanmóir, agus le statúitíghibh, mo dhíthchioll air an ccléir do bhí fám chúram do thabhairt chum iompchuir chirt do réir a ccáile. Agus ciodh ná deárnadh ansan acht mo dhiúité do bhí cuid díobh ná leasódhadh iad féin, agus léarbh fhuathfar me, agus go háirighthe m'ionformairíghe, dár fhóbras maith do dhéanamh - na heagailsigh adeirm. Gidh eadh, an ceathrar eile, tuatuíghe, tháinidh a m'aghaidh, .i. Fínighín Mac Moyar, an dá Ó Néill, agus Hanson, ní raibh caidreamh riamh agam ortha, agus do-chídheann sibh cionnus do díoladh me agus créad mar tugadh me le dearbhadh bréige do chum an bháis anabaigh so. Agus ciodh gur ghníomh malluighthe é, ós pearsanda do bhí sé, níor chóir toibhéim do thabhairt d'Órd St. Próinsias dá thaoibh ná don Eaglais Chatoilicíghe Rómhánach, óir as follus go raibh Iúdás idir an Dá Easbol Déag, agus duine malluighthe dárbh ainim Niocalás idir an seachtar Diogánach. Agus amhuil fós mar do ghuidh duine dona seacht nDiogánachaibh sin, .i. Stiabhna Naomhtha, air son na buídhne do mharbh le clochaibh é, guídhim-si air son na buidhne do dhoirt m'fhuil neimh-chiontach le leabhraibh éithigh, ag rádh amhuil mar adubhairt St. Stiabhna: Ó, a Thighearna, ná cuir an peacadh so 'na n-aghaidh. Mathaim dóibh óm chroídhe agus dona giúistísíghe do fhosguil
m'anam don chontabhairt fhollus so le diúltadh aimsire oiriomhnuíghe dhom do chum m'áitimh agus m'fhínnithe do thabhairt ó Éirinn. Mathaim fós dóibh seo uile agá raibh lámh dom thabhairt ó Éirinn do chum mo thriala annso, áit ná raibh sé am chómhachta triail ghlan d'fhagháil. Agus fá dheóigh mathaim do gach n-aon do thug coghnamh air mhodh air bith do chum m'anama 'bhuain asam, agus iarruim mathachas air an uile dhuine do dhíobhálas le smaoineamh, le briathar, ná le gníomh. Guidhim an t-Uilea-Chómhachtach go ttiúbharfadh A mhórdhacht dhiadha don Rígh, don Bhainríoghain, agus do Dhiúic York, agus don bhuídhin ríogadh uile, sláinte, saoghal fada, agus subháilceas ansa tsaoghal so, agus sonus síorruidhe ansa tsaoghal eile. Agus annois fé mar léar-thaisbeánas (mar mheasaim) chómh neimhchiontach agus atáim air aon-phlot ná cóimhéirhgghíghe, do budh feárr liom, leis an bhfírinne ccéadna, go bhféadfainn me féin do shaoradh air chiontaibh móra a n-aghaidh aitheanta na Mórdhachta Diadha (do sháruígheas go minic), agá bhfuil doilghíos croídhe orm dá ttaoibh. Agus dá mairinn nó dá bhféadfainn marthuinn míle bliaghain as meódhan áitighthe agam agus atáim láin-cheapuighthe, lead ghrásaibh-si, ó a Dhia, gan fearg do chur ort. Agus athchuiníghim
Do Mhórdhacht Dhiadha, le tuilleamhuin Chríost, agus adhbhcóideacht A Mháthar Bheannuighthe, na n-aingiol uile, agus na naoimh, mo pheacuíghe do mhathamh dhamh agus suaimhneas síorruídhe do thabhairt dom anam. Dein trócaire orm, a Thighearna etc. Spáráil m'anam etc. Idir do lámha tiomnaim m'anam, ó a Thighearna Dia etc. Diaighscript. Do chum sásaimh an uile dhuine agá bhfuil carthannacht focail duine ag fagháil bháis do chreideamhuin deímhníghim airís a láithir Dé, fé mar atá mo thnúth le sámháil, gurab í an fhírinne ghlan shoiléir gach nídh dá bhfuil san pháipéar so gan saodh, seachnadh, ná búntáiste air bith, le glacadh na bhfocal annsa chéill agus annsa tuigsin ghnáthaigh iona nglacaid Protestúin iad an uair do-ghníd cómhrádh soiléir sothuigsithe. Agus leis uile do fhoigh-sgríobhas annso m'ainim, OILIFÉAR PLAINCÉAD. Cóipithe na hóráide seo do thug sé don tSirriam, agus do chuid dá cháirdibh féin, agus do cuireadh a bpriont í. An tan do bhí crích lena óráid agus a chaipín tarraingthe ós a shúilibh do thiomain sé airís a
anam sonuíghe le hirse theasuíghe a lámhaibh Íosa, a Shlánaghthóir, do fuair bás air a shon, nó gur tarraingeadh an chairt uaidh. Air an modh so do bhí sé crochta idir neamh is talamh an' ofráil fhollus do Dhia air son a neimhchionta agus a chreidimh. Agus chomh luath agus d'éag sé do reop an crochaire suas a bholg agus a bhrollach, agus do struis sé amach a chroídhe agus 'inithear, agus do theilg sé annsa tine - do bhí ollamh adhanta ag an gcroich chum na hócáide sin - iad. Do fuaradh air athchuiníghe ón Rígh an chuid eile dá chorp, agus do rugadar a chairde chum tígh é láimh le teampoll St. Giles, agus do cuireadh a ccómhrainn é, acht a cheann agus a dhá láimh ón' uilleannaibh amach do coimeádadh agus do rugadh a n-áit eile. Do hadhlacadh é a roilg an teampoill agus pláta coppair air a bhrollach air a raibh insgríobhtha na focail seo am dhiaigh (curtha anso do chum sásaimh daoine ciúirialta): "Ansa tuamba so suaimhnígheann corp an Phréaláid phrímh-dhiadha Oiliféir Plaincéad, Áird-Easboig Árda Macha agus Príomhfháigh Éirionn, do chiontuígheadar fínnithe fallsa a ttréason le fuath do chreideamh, agus dá thaoibh sin do daoradh agus do hídídheadh ag Tyburn, le stracadh a chroídhe agus 'inithir as, agus lena ccathamh ansa tine. D'fhuiling sé go cródha mairtíreacht,
1 July, 1681, a réimheas an dara Rígh Cormac." Ceithre bliaghanna tar éis 'adhlaice do tógbhadh a chorp agus do fríth slán é agus do cuireadh tar fairge é mar a bhfuil sé curtha a séad-chómhartha nó a ttuamba oireamhnach dá cháil, dá chéim, agus dá bheannuightheacht mhaordha. Atáid a lámha agus a cheann a n-áit eile agus iad slán mar an ccéadna le háiteamh móráin fínnithe do-chonnairc iad. Requiescat in Pace. Amen.
TUARASGABHÁIL AITHGHEARR AR LUIMNEACH. Luimneach, a Laidin Limericum, cathair láidir a ccóige Múmhan a nÉirinn, suighte láimh le himealaibh chóige Chonnocht air an abhainn dá ngairmthear an tSoineann, chúig mhíle agus dá fhithchid don taoibh shiar do Cill Chuinne, chúig mhíle dhéag air fhithchid don taoibh theas don Ghaillimh, agus tuairim trí fithchid míle ón aigéin, gidh eadh, chómh caothamhuil sin leis an abhainn go ttigid loingeas throma suas gusan bhfalla - atá sí beagnách baile as láidre a nÉirinn í. As ceann contae í don ainim chéadna, agus suídheachán easboig faoi Áird-Easbog Chaisil. Luimneach ghairmid na Gaoidhil di. Do baineadh díobh í le Raimond le Grosse, Sagsanach; dá éis sin do dóthadh í le Donamhald, Éirionnach ríoga ó Thuadhmhúmhain. Rígh Seón do-rín an Caisleán. Do-ríneadar na Sagsanaigh dá éis sin baile eile mar agaisín lé, timpchiollta le fallaoibh, agus do dhaingnígheadar é le droicheadaibh tógbhála agus leis gach nídh eile do dhéanfadh láidir é, ionnus, an tan d'ionsuidh Ireton Luimneach ann 1651 dona Pairlimentáirians, do-rín Aodh Ó Néill, oifigeach maith dá ndeárnadh Goibheirnér
leis an bhFoighrígh, cosnamh cródha. Gidh eadh, tar éis ionsuighthe trí míosa, iar lagúghadh an ghairisiúin le pláig agus le huireasbhaidh lóin, tug sé suas air choinghíolaibh í. Tar éis bhrise na Bóinne do chruinnígheadar fórsaoi Rígh Séamus annso agus do-ríneadar cosnamh chómh maith sin faoi Bhoisleau, an Goibhernéir Francach, agus do thuit an oiread san fearthanna, go m'éigion do Rígh Uilliam, do thosnuidh an ionsuíghe a bpearsain an deichmheadh lá d'Fhóghmhar 1690, a champa do thógbháil an deichmheadh lá fithchiod dá éis sin. Gidh eadh, an bhliadhain dá éis sin, an tan tháinidh Genearál Ginckle tar éis catha Aghraim agus géille na Gaillimhe dá hiónsuíghe, do ghéill an gairisiún agus do fuair coinghíl shocharacha do thaoibh na háite 'thabhairt suas, agus do chuir sin deiridh le trioblóidibh na hÉirionn an tráith sin. Atá Contae Luimnigh teóranta don taoibh thuaidh leis an Soininn agus leis an Misgéir, do dheidhileann í ó Chontae an Chláir agus ó Urmhúmhain; don taoibh shoir di atá Contae Thiobraid Árann; Contae Chorcuíghe don taoibh theas di; agus don taoibh shiar Contae Chiarruíghe. Talamh saidhbhir, adeir Cambden, agus áitighthe go maith. Atá an taoibh shiar di sléibhteamhuil agus an chuid eile socair.
COINGHÍL THÍORTHAMHLA LUIMNÍGH air ar réigheadh an treas lá d'October 1691. Gulielmus et Maria Dei Gratia Angliae, Scotiae, Franciae et Hiberniae Rex et Regina, Fidei Defensores, etc. Omnibus ad quos praesentes literae nostrae praevenerint salutem. Inspeximus irrotulament. quarund. literarum patentium de confirmatione geren. dat. apud Westmonasterium vicesimo quarto die Februarii, ultimo praeteriti in Cancellar. nostr. irrotulat. ac ibidem de recordo remanen. in haec verba. Uilliam agus Máire le grásaibh Dé etc. Do chum an uile dhuine do shoichidh an leitir seo, beatha agus sláinte! Ós dearbh gur socruígheadh choinghíl d'áirighthe an treas lá d'October dhéaghnach idir ár ngiúistísighe na hÉirionn agus genearál ár bhfórsaoi ansan d'aon-taobh, agus mórán oifigíghe ag déanamh diúité a ccathair Luimnígh don taoibh eile, ionar ghealladar ár ngiúistísíghe agus ár ngenearál go ndéanfaimís go maith na coinghíl chéadna a ccionn ocht míosa nó ní bhus túsga, agus go ndéanfaidís a ndíthchioll do chum an Pháirliment dá ndéanamh go maith, ag so na coinghíl:
Coinghil thíorthamhla Luimnígh socruighthe an treas lá d'October 1691, priontálta go díreach ó na leitreachaibh paitent iona bhfuilid siad áitithe leis an Rígh agus leis an mBainríoghain faoi shéala mór na Sagsan. Idir an bhfíor-onóireach Sur Cormac Porter agus Tomás Conningsby Esquire, Tighearnaoi Giúistísíghe na hÉirionn, agus Barún de Ginckle, Lefteanónt Genearál agus Príomh-Órdothóir na harmála Galda, d'aon-taobh, agus an fíor-onóireach Páttraig (an Sáirséalach) Iarla Lúcan, Piercy Bíocán Ghallmoy, Coirnéil Niocolás Puirséal, Coirnéil Gearóid Díolún, agus Coirnéil Seaán Brún, don taoibh eile. Air son áitightheóirighe cathrach agus contae Luimnígh, contaethe an Chláir, Chiarruíghe, Chorcuíghe, Shliogadh agus Mhuíghe Eó: Do thaoibh géille catharach Luimnígh agus socruighthe eile déanta idir an Lefteanont-Genearál réamhráidhte Ginckle, Goibhernéir cathrach Luimnígh, agus Genearáil na harmála Gaodhaluíghe, le dáta céadna na leitre seo, do thaoibh géille na cathrach réamhráidte agus úmhlaoigheachta na harmála, do socruígheadh go bhfághaidís: An Chéad Choinghiol: Catoilicithe Rómhánacha
na ríoghachta so gach prímhléid a ngnáthughadh a ccreidimh dá bhfuil freagarthach do dhlighthibh na hÉirionn, nó dhá raibh aco a réimheas an dara Rígh Cormac; agus tiúbhraid an Rígh agus an Bhainríoghan, chómh luath agus do chruinneóghaidh Páirliment na ríoghachta so, tuille siúráltacht dona Catoilicithibh Rómhánacha leis an nídh seo, do dhéanfaidh a ccaomhna ó bhuairt air bith do thaoibh a ccreidimh. An Dara Coinghiol: na huile áitightheóiríghe nó lucht cómhnuithe a Luimneach, nó a n-aon-ghairisiún eile annois a seilbh na nÉirionnach, agus a n-uile oifigíghe agus saidiúiríghe annois a n-armaibh faoi aon-choimisiún ó Rígh Séamus, ná uatha so úghdarásta uaidh a ccontaebh Luimnígh, Chláir, Chiarruíghe, Chorcuíghe, agus Mhuíghe Eó, ná a n-aon-chontae dhíobh, agus na huile oifigíghe coimisiúin a cceathramhnaibh an Rígh agus na Bainríoghaine bhaineas leis na Regementibh Gaodhalacha 'na seasamh annois, le a bhfuilid coinghíl dá ndéanamh, nó ná fuil 'na bpríosúnaigh chogaigh, nó do ghaibh dídhean, nó d'fhíllfidh agus d'umhalóidh don Rígh agus don Bhainríghin agus dá n-oíghríbh agus do gach n-aon dá n-oighríbh, go bhfághaid, go sealbhóid, agus go ndéanfaid úsáid dá n-eastátaibh saora nó sinseardha agus gach teidiol ná prímhléid dá raibh aco, nó agá raibh ceart aco ortha, a réimheas an dara Rígh Cormac ná ó shoin, le
dlighthibh agus le statúitíbh an Rígh chéadna, agus go ccuirfear a seilbh na codadh dhíobh atá a lámhaibh an Rígh nó a theanóntaighthe iad, le hórdúghadh an Rígh gan phléa gan thrioblóid air bith, agus na heastátuíghe uile seo do shaoradh ó airiars cíosa coróinne, cuturúin quitrent, ná aen-éileamh eile dá ndéanfaoi ó Fhéil Míchíl 1688 go lá an dáta so. Agus an uile phearsa dá bhfuil ceapuighthe san choinghíol so do-gheóbhaid nó fágfar aco gach a raibh nó a bhfuil dá substaint shaoghalta iona lámhaibh féin nó a lámhaibh aende eile a ttrust ná a ccúram dóibh; agus gach ceárduíghe nó fear ealadhan díobh toil shaor aige an cheárd nó an ealuídhe chéadna do leanmhuin agus do chur a ngníomh amhuil mar do-rín a réimheas an dara Rígh Cormac. Gidh eadh, nocha bhfuil toradh an choinghil seo le fagháil ag aen-fhear talmhan cailte dá bhfuil annois as an ríoghacht, acht an bhuidhean do háirmheóthar am dhiaigh. Agus nocha bhfághaidh aen-phearsa toradh an choinghil seo do dhiúltóghaidh mionna na humhluígheachta 'thabhairt do réir an Achta Páirliment do-ríneadh an chéid-bhliadhain do réimheas an Rígh agus na Bainríghne an tan gairmfear chuige iad. An Treas Choinghíol: na huile cheannuighthe Luimnígh, nó aon-ghairisiúin eile annois a seilbh na nÉirionnach, nó a n-aon-bhaile nó áit a ccontaebh an Chláir nó Chiarruíghe, atá air
ttaoibh thall d'fhairge agus nár thóg arm ó aimsir fhorfhógradh an Rígh agus na Bainríghne ann Feb. 1688, do-gheóbhaid toradh an dara coinghíl, ionann agus dá mbeidís do láithir, má thigid siad don ríoghacht so ann ocht míosa a ndiaidh an dáta so. An Ceathramhadh Coinghíol: Na hoifigíghe seo am dheóigh, .i. Coirnéil Síomonn Lutairéil, Captaen Rowland do Faoit, Muiris Eústás, agus Chievers ó Mhount Leinster, do bhaineas annois leis na regementibh ansna gairisiúnaibh réamhráidte agus a cceathramhnaibh na harmála Gaodhalaighe, do bhí air ttaoibh thall d'fhairge ag déanamh gnótha do bhain lena regementíbh nó leis an armáil go genearálta, do-gheóbhaid sochar agus toradh an dara coinghil má thigid tar ais ann ocht míosa ón dáta so agus úmhlughadh do riaghluígheacht an Rígh agus na Bainríghne agus na mionnadh réamhráidte do thabhairt. An Cúigmheadh Coinghíol: Go mbiaidh an uile phearsa ceapuighthe san dara agus ansa treas choinghíolaibh saor, agus go bhfághaid párdún genearálta san uile thréason, fiolúntacht, ná aonchuir eile iona rabhadar ciontach, ná aende aco, ó réimheas an dara Rígh Séamus, agus dá cciontaigheadh an Pairliment aende aco, go ndéanfadh na Tighearnaoi Giúistísíghe agus an Genearál a ndíthchioll do chum an Phairliment do chur an nídh céadna air ccúl gan costas air bith acht fís cléireach. An Seismheadh Coinghíol: Agus ós dearbh gur
tharraing an cogadh so mórán anachuinníghe air gach taoibh, (agus) dá mbiadh cead ag daoinibh a ccúiseanna príomháideacha do phléadh, le hoithigibh nó le aon-fhuirm eile dlígh, do chothóghadh san an bhuairt agus an droch-aigne do bhí ag na daoinibh dá chéile: dá bhrígh sin, do chum suaimhnis na ríoghachta, caithfior gan trioblóid do chur air dhuine air bith dá bhfuil ceapuithe ansna coinghíolaibh réamhráidte do thaoibh aen-treaspais dá ndeárnadar ná a ttaoibh airm, capall, airgid, ná aenídh eile dár thógbhadar air feadh an chogaidh, agus nách féidir duine air bith ceapuithe ansna coinghíolaibh réamhráidte dh'éileamh ná 'thabhairt chum cúntais do thaoibh aen-chíosa ná mion-rátaoi eile air bith dá bhfuaradar as talamh ná tighthibh ansa ríoghacht so ó thúis an chogaigh seo go lá an dáta so, ná a ttaoibh aon-bhástadh ná treaspais dá ndearnadar ionta, agus toradh an choinghil seo do bheith ag gach taobh amhuil agus ionann. An Seachtmhadh Coinghíol: Biaidh toil shaor ag gach duine mór agus uasal aco marcuígheacht do dhéanamh le claoidheamh agus le cás piostal, mádh chídh oireamhnach é, agus gunnadh do choimeád a ttigh gach n-aoin díobh do chum a chosmhunta nó chum foulaereachta.
An t-Ochtmhadh Coinghíol: Gach nduine chómhnuígheann a Luimneach agus ansna gairisiúnaibh eile biaidh toil shaor aige a shubstaint shaoghalta agus a chuid lóin d'aistriúghadh leis gan féachuin, gan cuardúghadh ná diúité air bith, agus gan a ttighthe d'fhágbháil go cionn sé seachtmhuiníghe d'éis an dáta so. An Naomhadh Coinghíol: Na mionnadh curfar chum na cCatoilicithe Rómhánacha d'úmhalóighidh do riaghlughadh an Rígh agus na Bainríghine, na mionnadh réamhráidte agus ní haen-mhionna eile. An Deichmheadh Coinghíol: Dá mbriseadh duine nó daoine tríd na coinghíolaibh seo, ná trí cheachtar díobh, ní déanfar cúis de sin chum daoine eile do chailleamhuin a ttoradh. An t-Ao'mhadh Coinghíol Déag: Geallaid na Tighearnaoi Giúistísighe agus an Genearál go ndéanfaid a ndíthchioll do chum gach n-aon dá bhfuil ceapuighthe ansna coinghíolaibh réamhráidte do dhídheanughadh ó arreastuighthibh ná oithigíbh air bith, do thaoibh fiach ná damáiste, air feadh ocht míosa d'éis an dáta so. An Dara Coinghíol Déag: Fá dheóigh gabhaid na Tighearnaoi Giúistísíghe agus an Genearál ortha féin go ndéanfaidh an Rígh agus an Bhainríoghan go maith na coinghíl seo ann ocht míosa nó ní bhus túsga, agus go ndéanfaid a ndíthchioll do chum an Pháirliment do dhéanamh an nídh céadna.
An Treas Choinghíol Dhéag: Agus ó thárla go raibh Coirnéil Seaán Brún a bhfiachaibh áitithe ag mórán Protestún, agus go bhfeacaidh an riaghlúghadh déaghnach an nídh sin, do thóg Tighearna Thíre Conaill agus Tighearna Lúcan a shubstaint do bhí aige chum na bhfiach ccéadna do dhíol, agus do ghealladar é 'shaoradh ó na fiachaibh sin, agus as chum úsáide poibillighe na nGaodhal agus a n-armála. Agus uime sin, chum an Tighearna Lúcan do shaoradh san gheallamhuin sin, do chum díola na bProtestún ccéadna, agus chum seachna cailleamhna Sheáin Brún, agus chum sásaimh a éilitheóiríghe, air fhuireálamh an Tighearna Lúcan agus na bpearsan réamhráidte eile do socruígheadh go ndéanfaid na Tighearnaoi Giúistísíghe agus Barún dé Ginckle a ndíthchioll leis an Rígh agus leis an bPáirliment do chum a n-eastát do dhéanamh siúrálta do Chatoilicithibh Rómhánacha annsa ríoghacht so air chúinse agus air choinghíolaibh iad do dhíol go cothram an oiread dona fiachaibh céadna san agus do thiubharfaidh an Tighearna Lúcan faoi na láimh, iar ndéanamh cúntais le Seaán Brún, do budh fiúdh ar tógbhadh uaidh, agus an cúntas san le déanamh agus le tabhairt uaidh le Tighearna Lúcan ann lá agus fithche tar éis an dáta so. Agus le cómhall fírinneach na ccoinghíol so do chuireamar ár lámha leis seo, a bhfiaghnaise
Scravemore. Cormac Porter. Aodha Ó Macaoi. To. Conningsby. T. Talmash. Bar. de Ginckle. Agus faoi mar tugadh suas an chathair réamhráidte sin Luimnígh dhúinn a los na ccoinghíol réamhráidte, annois bíodh 'fhios aguibh gur toil linn, iar ndéanamh machtnaimh air na coinghíolaibh réamhráidhte, a fhoilsiúghadh air feadh ár ccómhachta dhúinn féin, dár n-oighríbh agus dá ttiucfaidh 'nár ndiaidh, go n-áitímíd agus go ndeímhníghmíd iad, agus gach nídh dá bhfuil ionta. Agus do gach páirt díobh dá bhfuil Acht Páirliment ócáideach cómhairleóghmaoid an nídh céadna do dhéanamh go maith le Pairliment, agus go ttiúbhraimíd ár n-aonta ríoga le haen-bhille ná billíghe do gheóbhaidh thríd an dá thigh Páirliment chum na hócáide sin. Agus mar as follus dom gur dhearmaid an sgríbhnneóir focail éigin ansa dara coinghíol, agus gur tugadh faoi ndeara é suil do tugadh an dara baile suas, agus gur ghealladar ár ngiúistísighe agus ár ngenearál a ndéanamh go maith, óir gurbh í íntinn an tsocruithe iad agus go rabhadar ansna céad-choinghíolaibh, annois as í ár ttoil na focail dhearmadta san d'áiteamh agus do dheimhniúghadh chómh maith agus (dá) mbiaidís iona n-ionad féin ansa
dara coinghíol réamhráidte, d'aimhdheóin an dearmaid sin. Air chúinse, agus as í ár ttoil, go ndéanfar na leitreacha paitent seo do rullúghadh ionár cCúirt Chancery, ionár ríoghacht réamhráidte na hÉirionn faoi chionn na bliaghanna so annois ag teacht. A bhfínnéighe, etc. Fínnéighe sinn féin ag Westminster an ceathramhadh fithchiod don Fhabhra, "Anno Regni Regis et Reginae Gulielmi et Mariae Quarto, per Breve de Privato Sigillo. Nos autem Tenorem Praemissor. Praedict. ad Requisitionem Attornat. General. Domini Regis et Dominae Reginae pro Regno Hiberniae duximus exemplificand. per Praesentes. In cujus Rei Testimonium has literas nostras fieri fecimus Patentes. Testibus nobis ipsis apud Westmon. Quinto die Aprilis. Annoque Regni eorum Quarto. Bridges. Examinat. S. Keck, In Cancel. per nos Lacon Wm. Childe. Magistros." Coinghil Chogamhla Luimnígh socruithe idir Bharún de Ginckle, Lefteanónt-Genearál agus Príomh-Ordothóir na harmála Galda air aon-taobh, agus Lefteanónt-Genearál de Ussoon agus
de Tesse, Príomh-Ordothóiríghe na harmála Gaodhalaighe don taoibh eile, agus na hoifigíghe genearálta do chuir a lámha leis seo. An Chéad Choinghíol: Go mbiaidh toil shaor ag an uile dhuine gibé air bith a chruith nó a cháil dul tar fairge do chum aen-tíre as maith leó (acht go Sagsaibh nó go hAlbain amháin), iad féin, a muintear, agus a n-uile mhathas. An Dara Coinghíol: Go mbiaidh toil shaor ag na huile oifigíghe genearálta agus oifigíghe eile, saidiúiríghe don uile chineál atá ann aon-ghairisiún, áit, ná póst annois a lámhaibh na nÉirionnach, ná atá a ccampa a ccontaebh Chorcuíghe, an Chláir, ná Chiarruíghe, agus fós iad so dá ngairmthear roppairíghe nó bholuntiers, léar miann é, dul air bórd na loingeas ceapuighthe chum a mbeartha 'nonn, teacht iona ndrongaibh nó iona bpáirtíbh amhuil mar táid déanta suas annois, nó 'na ccuideachtanaibh, gan tuirmeasg air bith, saor ná daor. An Treas Choinghíol: Gach n-aon don bhuidhin réamhráidte léar miann dul don Fhrainc biaidh toil shaor aco a fhoilsiúghadh ag na háitibh agus air na huairibh ainimnighthe am dheáigh: na trúip a Luimneach Dia Máirt seo chúghainn, a Luimneach; na trúipéiríghe iona ccampa Dia Céadaoin; agus na fórsaoi eile atá sgaipithe air feadh chontaethe an Chláir, Chiarruíghe, agus Chorcuíghe, air an t-ochtmhadh lá don mhíosa so, agus ní air aon-lá
eile, do láithir Mhoinsieur Tameron, an t-oifigeach Francach, agus Choirnéil Wickers, agus tar éis na togharma san do dhéanamh caithfid na trúip rachaidh don Fhrainc fanamhuin fé theagasg agus fé ordúghadh a n-oifigíghe atá chum a ttreóraighthe ansan; desertéiríghe nó lucht teite óna mbrataigh air gach taobh do thabhairt suas chum pionóis do thabhairt dóibh dá réir. An Ceathramhadh Coinghíol: Go mbiaidh toradh an réightighthe seo ag na huile oifigibh Sagsanacha agus Albanacha atá ag seirbhís a nÉirinn annois, chómh maith chum siúráltacht a n-eastát agus a substaínte a Sagsaibh, a nAlbain, agus a nÉirinn, más miann leó fanamhuin, agus chum dul don Fhrainc, nó a n-aon-dúthaidh eile, chum seirbhíse. An Cúigmheadh Coinghíol: Agus na hoifigígh genearálta, agus na huile oifigíghe eile cogaigh, agus na hoifigíghe eile Francach, eachtrain, agus gach n-aon eile dá bhfuil ann Sliogadh, Ros, ná san Chláir, ná san armáil, ná aende eile leanas ceannuígheacht, ná gibé cáil iona bhfuilid, toil shaor aco dul air bórd, iad féin 's a maoin shaoghalta, agus go n-órdóghaidh Genearál Ginckle pasanna, loingeas gárda, agus caráistíghe uisge agus talmhan dóibh, do chum iad do bhreith sámhálta ó Luimneach do chum na loingeas iona rachaid air bórd, gan díol air bith dá dtaoibh. An Seismheadh Coinghíol: Mádh chaillid na
hoifigíghe réamhráidte nó aende eile nídh air bith le guid, le robáil, nó le plundaráil na harmála Galda, cuirfidh an Genearál do chómhall a thabhairt tar ais, nó díol do thabhairt ann, air mhóidibh an té chaill é. Agus na trúip Ghaodhalacha agus gach n-aon eile ag imtheacht amhlaidh so ní fuláir go leanfaid ordughadh maith iona máirseáil, agus iona cceathramhnaibh, agus gach nídh dá ttógfaid ó lucht na dúthadh do thabhairt tar ais nó díol ann. An Seachtmhadh Coinghíol: Do chum na ttrúp san do chur anonn tabharfaidh an Genearál caogad long - dá fhithchid tunna gach long - gan díol air neach air bith do thaoibh a phasáiste, agus fithche long eile, más ócáideach é, gan díol mar an ccéadna; agus má bhíd aon-chuid dona loingeas ní bhus lugha ná (an) t-ualach san, d'fhiachaibh ar an nGenearál a dhéanamh suas a n-uimhir na long, agus dá loing chogaigh do thabhairt chum na bpríomh-oifigíghe do bhreith anonn, agus do chum gárda. An t-Ochtmhadh Coinghíol: Go ccuirfear coimiséir gan stad go Corcaigh chum machtnaimh do dhéanamh air na loingeas transpoirt agus créad an chruith iona bhfuilid chum seóil. Agus chómh luath agus do bheid ollamh máirseálfaid na trúip chómh luath agus as féidir é an tslígh as giorra chum na long. Agus má bhíd ní bhus mó fear ann ná d'fhéadfaidh an caogad loingeas do bhreith
leó, caithfidh an chuid eile dhíobh an baile Galda Luimnígh do thréigion agus máirseáil chum na cceathramhan do ceapfuighear dóibh cómhgarach d'ionad a ccurtha anonn, mar a ccaithfid fanamhuin nó go mbiaidh an fithchid long eile ollamh; agus ní fuláir go mbeid ann míosa, agus cead aco dul air bórd aon-loinge Francaíghe do thiucfaidh ansan amm chéadna. An Naomhadh Coinghíol: Go mbiaidh lón do chapaillibh air bórd na loingeas ccéadna, agus gach nídh oireamhnach do chum cothuighthe oifigíghe, etc., do rachaidh air bórd chum dul don Fhrainc, agus go ndíolfar as gach nídh aco san chómh luath agus do rachuid uile a ttír ag Brest nó Nantz air chóstaoibh Britanny nó aon-phórt eile don Fhrainc d'fhéadfaid do dhéanamh. An Deichmheadh Coinghiol: Caithfear braighde do thabhairt do chum teachta tar ais na loingeas ccéadna do dhéanamh siúrálta (acht amháin contabhairt na fairge), agus díol as an lón réamhráidhte. An t-Ao'mhadh Coinghiol Déag: Go mbiaidh toradh an tsocruighthe seo ag gairisiúnaibh Chaisleáin an Chláir, Ruis, agus ag na huile choisighthibh dá bhfuil a ngairisiúnaibh a ccontaebh an Chláir, Chorcuíghe, agus Chiarruíghe; agus an mhéid dona gairisiúnaibh léar miann dul anonn go máirseálfaid amach - lena n-armaibh, bagáiste,
bualadh drumaoi, pléar a mbéal, maist air lasa iona dhá cionn, meirgíghe air leatha agus ag eitiollaigh, lena ccuid lóin uile, agus leath muinisiúin na ngairisiún - agus dul go n-uig an marcshluagh air a máirseáil chum dul anonn; agus munadh mbiaidh a sáth loingeas aco chum na ccoisighthe as foigse don mharcshluagh chum dul anonn, ordódhuidh Genearál Ginckle caráistíghe dhóibh do chum na hócáide sin, agus gach lón agá mbiaidh gábha aco leis iona máirseáil (air dhíol as, nó a thógbháil as a magaizínibh féin). An Dara Coinghíol Déag: Go mbiaidh toradh an tsocruithe seo ag na trúipéiríbh agus ag na dragúnaibh atá a ccontaebh Chorcuíghe, Chiarruighe, agus an Chláir, agus an chuid atá le dul don Fhrainc go bhfághaid ceathramhna do thabhairt dóibh a ccontaebh an Chláir agus Chiarruíghe, air leith leó féin ó thrúpaibh Ghenearáil Ginckle, nó go bhfághaid loingeas; agus iona cceathramhnaibh caithfid díol as an uile nídh, acht amháin foráiste agus féur glas dá ccapaillibh gan aon-rod. An Treas Choinghiol Déag: Biaidh toradh an tsocruithe seo ag gairisiún Shliogadh atá a bpáirt leis an armáil Ghaodhalaigh, agus cuirfear ordúghadh chum na gárda atá chum a ttabhartha leó a ttabhairt an tslígh budh ghiorra chum Luimnígh. An Ceathramhadh Coinghiol Déag: Biaidh toil shaor ag na hÉirionnaigh naoi ccéad do mharcshluagh do chur anonn, agus capaill dá
n-oifigíbh, agus a ccur anonn gan díol air bith; agus na trúipéiríghe d'fhanfaidh dá ndéis biaidh toil aco a rogha slígh do ghlacadh le tabhairt a n-airm agus a ccapall suas dona pearsanaibh do cheapfaidh an Genearál. An Cúigmheadh Coinghiol Déag: Biaidh toil shaor aco so atá ceapuighthe chum cothuighthe an mharcshluaigh le dul don Fhrainc féur agus coirce do cheannach air ráta an Rígh gibé áit a bhfághaid é gan tuirmeasg ná trioblóid, agus an uile lón ócáideach do bhreith as cathair Luimnígh; agus do chum na hócáide seo tabharfaidh an Genearál caráistíghe caothamhla dhóibh gus na háitibh iona rachaid air bórd. An Seismheadh Coinghíol Déag: Biaidh sé dlightheach úsáid do dhéanamh don fhéur tirm coimeádta ansna stóir a cContae Chiarruighe dona capaillibh atá a' dul anonn, agus munadh bhfuil a sáth ann, féur agus coirce do cheannach air ráta an Rígh gibé ait a bhfághfar iad. An Seachtmhadh Coinghiol Déag: Na huile phríosúnaigh chogaigh do bhí a nÉirinn an t-ochtmhadh lá fithchiod do September do sgaoile air gach taobh, agus déanfaidh an Genearál a dhíthchioll air iad so a Sagsaibh agus a bhFlóndras do sgaoile mar an ccéadna. An t-Ochtmhadh Coinghíol Déag: Cuirfidh an Genearál drugaoi agus lón dá ttabhairt dona hoifigíbh, trúipéiribh, dragúnaibh, agus saidiúiríbh breóighte nó
gonta don armáil Ghaodhalaigh le nách féidir dul don Fhrainc leis na céad-longaibh; agus tar éis a mbeith leighiste go n-órdódhuidh loingeas dóibh chum dul don Fhrainc, más é a miann é. An Naomhadh Coinghíol Déag: Le linn lámha chur leis seo go ccuirfidh an Genearál long dheithnis don Fhrainc, agus go ccuirfidh sé dhá loing eile dhíobh so annois a nn-abhainn Luimnígh a n-ollamhacht chum dís phearsana do bhreith don Fhrainc le sgéalaibh air an socrughadh so, agus ordughadh 'thabhairt do mháighistiribh na loingeas san dul a ttír ansa chuan as foigse dhóibh don Fhrainc d'fhéadfaidh siad do dhéanamh. An Fithchemheadh Coinghíol: Agus ná stupfar trúipéir, ná oifigeach, ná aende eile, gibé air bith a cháil, léar miann dul don Fhrainc, a ttaoibh fiach ná aon-chúise eile. An t-Ao'mhadh Coinghíol agus Fithche: Dá ttigidh, tar éis lámha chur leis an socrughadh so, nó roimh theacht an chobhlaigh, bád, pacaed Francach, nó aon-long eile transpoirt ón bhFrainc, a n-aon-áit eile d'Éirinn, cuirfidh an Genearál pas, ní hé amháin chum na buídhne atá le dul air bórd, acht fós chum na loingeas do theacht gusan ccuan as foigse do cheathrúmhnaibh na ttrúp atá le dul anonn. An Dara Coinghiol agus Fithche: Agus tar éis teacht don chobhlach chéadna go mbiaidh slígh
osguilte agus comaoine idir é agus ceathramhna na ttrúp réamhráidhte, agus go háirighthe aco so agá mbiaidh pasanna ó oifigíbh an chobhlaigh nó ó Mhoinseiur Tameron. An Treas Choinghíol agus Fithche: A ccomhall an tsocruithe seo caithfior dhá bhaile Luimnígh do chur a lámhaibh an Ghenearáil nó aon-phearsan eile do cheapfaidh sé, ansan uair agus air na laethibh ainimnighthe am dheáigh: an baile Gaodhalach, acht na magaizíníghe agus an t-óisbidéal amháin, air an lá iona ccurfar lámha leis na coínghíolaibh seo; agus a ttaoibh an bhaile Ghalda, caithfidh fanmhuin a lámha an mhéid don armáil Ghaodhalaigh atá annois ansna gairisiúnaibh (agus an t-oileán agus pasáiste shaor Dhroichid Tuadhmhan) agus dóibh seo do thiucfaidh dá éis seo ó chontaebh Chorcuíghe, Chiarruíghe, an Chláir, agus Shliogadh, agus ó áitibh eile ainimnighthe thuas, nó go bhfaghfar caothumhlacht air a ccur anonn. An Ceathramhadh Coinghíol agus Fithche: Agus do chum buartha air bith do sheachnadh dá ttuitfeadh amach idir an ngairisiún do chuirfidh an Genearál ansa bhaile Ghaodhalach agus na trúipéirighe Gaodhalacha d'fhanfaidh ansa bhaile Ghalda agus ansan oileán (mar a bhfuil aco fanamhuin nó go n-imthid na trúip ansna céad-deich longaibh agus dá fhithchid do rachaidh don Fhrainc, agus gan aní bhus faide), caithfid dul a ttrínsibh air gach taobh do chum nach biadh cómhluadar ag an dá
ghairisiún le chéile, agus caithfior a thoirmeasg air gach taoibh aon-díobháil do dhéanamh dá chéile, agus an té do-ghnídh do phionósúghadh. An Cúigmheadh Coinghíol agus Fithche: Go mbiaidh sé dlightheach ag an ngairisiún ccéadna máirseáil amach a n-éinfheacht, nó ó amm go hamm, do réir mar d'fhéadfaid dul air bórd, le harmaibh, bagáiste, bualadh drumaoi, pléar a mbéal, maist lasta 'na dhá cionn, meirgíbh leata agus ag eitiollaigh, sé gunnaoibh práis, dhá mhártarpíos, agus leath muinisiúin dá bhfuil annois ansna magaizínibh san áit chéadna; agus do chum na hócáide sin déanfar cúntas air mhuinisiún uile an ghairisiúin do láithir aen-phearsan do cheapfaidh an Genearál an lá tar éis lámha do chur leis na coinghíolaibh seo. An Seismheadh Coinghíol agus Fithche: Fanfaid magaizíníghe an lóin uile a lámhaibh na buidhne atá ceapuighthe do chum aire do thabhairt dóibh, chum cothuighthe an mhéid don armáil Ghaodhalaigh do rachuidh don Fhrainc; agus munadh bhfuil a sáth ansna stóraibh do chum cothuighthe na ttrúp ccéadna an feadh d'fhanfaid a nÉirinn agus an feadh do bhiaid air fairge, le cúntas do dhéanamh air a n-uimhir tiubharfaidh an Genearál a sáth lóin dóibh air ráta an Rígh; agus go mbiaidh maraga saor a Luimneach agus ansna ceathramhnaibh eile iona mbiaid na trúip; agus a ccás go bhfanfaidh aon-lón a magaizínibh Luimnigh an tan tabharfar
an baile suas, go ccuirfear meas air, agus go mbainfear as fhiachaibh an lóin é atá le tabhairt dona trúpaibh air bórd na loingeas. An Seachtmhadh Coinghíol agus Fithche: Go mbiaidh sosadh cogaigh ann air muir is air tír do thaoibh na long, gibé aco Sagsanaigh, Pléimeannaigh, nó Francaigh iad atá chum na ttrúp do chur anonn, nó go ttigid siad dá ccuantaibh féin; agus go bhfághaid pasanna air gach taobh dona longaibh agus dona fearaibh. Agus má ghnídh oifigeach ná aende eile ní air bith contrárdha leis an sosadh cogaidh seo air aon-taobh do-gheóbhaid pionós, agus caithfior sásamh do thabhairt ansa díobháil déanta; agus cuirfear oifigíghe go béal abhann Luimnígh do chum sgéala 'thabhairt don chobhlach Ghalda agus Fhrancach annois, go ttiúbhraid faoi ndeara an sosadh céadna. An t-Ochtmhadh Coinghíol agus Fithche: Do chum siúráltacht cómhaill an tsocruithe seo, agus an uile choinghíl dá bhfuil ann, tiúbhraidh an bhuidhean airgthe na braighde seo uatha .... agus do-bhéarfaidh an Genearál ..... An Naomhadh Coinghíol agus Fithche: Dá ttigeadh sóinseáil air bith a riaghlughadh na ríoghachta ná ansan arm atá fá chómhachtaibh Ghenearáil Ginckle suil do thiucfadh an socrughadh so chum cínn caithfidh gach n-aon agá mbiaidh
ordughadh na harmála san a thabhairt fé ndeara gach nídh dá bhfuil ainimnighthe ansna coinghíolaibh réamhráidte do chur a bhfeidhm, nó 'chur d'fhiachaibh a chur a bhfeidhm go poínteálta agus gan cur an' aghaidh air chúntas air bith. Barún de Ginckle October 17th 1691. Atáid na coinghíl réamhráidte annois aithphriontálta ó chóipithe le hughdarrás ann 1692.
CÁS CHATOILICITHE RÓMHÁNACHA NA HÉIRIONN: réamh-thaisbeánta go huiríseal don dá thig Pairliment, 1724, do thaoibh bille atá annois faoi mhachtnamh, óir tuigthear dóibh dá ccuirfídhe chum cínn é a bhfuirm dlígh gurbh ardúghadh daor-bhruide ortha é. Ciodh go bhféadfaoi (dom thuairim shuarraigh-si) cás na ndaoine míofhoirtiúnacha so do shamhlughadh le rulla leabhair do tugadh don Rígh Ezekiel le hithe (Ezek.caib.2.9.) sgríobhtha don leith amuith agus astigh, lóigóireacht, cathúgh, agus dobrón: qui erat scriptus intus et foris, et scriptae erant in eo lamentationes et carmen et vae; gidh eadh, cuirid compórd ortha féin leis an machtnamh so go bhfuil a ccás a lámhaibh uaisle oirdhearca agus seanatóiríghe onóireacha agá ndeárnadar a mathas agus a ttruaighmhéil do fhromhadh go minic roimhe seo air a shamhuil seo d'ócáid, agus gur mór an foirtiún dóibh iad so do bheith 'na tteórainn idir an Prionsa agus na daoine do chum ná déanfadh an Prionsa ceanna-mhúchadh air na daoine agus ná déanfadh na daoine ionsuíghe air bith a n-aghaidh prímhléide an Phriónsa. Do tuigeadh do Chatoilicithibh Rómhánacha na hÉirionn le línn an Iompuithe, agus do chreideadar mar fhírinne áitighthe do réir dlighthe fuaindemeantamhla agus statúightíghe na Sagsan agus na hÉirionn, go raibh coróinn ímpreamhuil na
Sagsan ríogadh, agus ag tuitim le hoighreacht do bhiadh ceart agus athardha chum an oighre chirt budh shine agus do budh fhoigse a bhfoluígheacht air bhás nó air thabhairt suas na coróinne go toilthinneach leis an rígh ceart déaghnach, gan mionna coróinne ná aon-ughdarrás eile, gibé bhiadh an t-oighre ann nó as an ríoghacht le línn báis an rígh nó tabhartha na coróinne suas, fé mar thuit amach don seismheadh Séamus Rígh Alban, .i. an céid-Shéamus Rígh Sagsan, le linn báis Bhainríghine Eilís, agus don dara Cormac, do bhí ann Holónd an uair do dúnmharbhadh a athair ríogadh, do-ghnídh fírinneach an chéadfadh so an dlígh do dheímhnígheann ná fághann an rígh bás go bráth: Rex nunquam moritur. (Do mheasadar) Catoilicithe Rómhánacha na hÉirionn, ag géille agus ag creideamhuin dona dlighthibh agus dona statúitíghibh seo, an chuid budh lúgha dhe go rabhadar ceangailte a ccoinsias an dílseacht agus an úmhlaoigheacht do thugadar agus do dhearbhadar don dara Rígh Séamus do choimeád; agus dá bhrígh sin do cinneadh aco nárbh fhéidir leó an nídh céadna d'aistriúghadh chum priónsa eile air bith an feadh mhairfeadh an Rígh Séamus céadna san, d'aimhdheóin an Iompuithe do thárla a Sagsaibh sa mbliadhain 1688; agus go mór-mhór (do bhrígh) gur chreideadar an tréigion nó an tabhairt suas do bhótáladh (ansa chómhdháil
a Londoin) do dhéanamh leis an Rígh ccéadna, nách lena thoil do-rín sé é do bhrígh an chruadhtain iona raibh sé agus gach easonóir dá bhfuair sé an tan do thogair sé imtheacht. Agus do deímhnígheadh ansa chreideamhuin sin iad leis an leitir do sgríbh sé chum tighearnaoibh a chómhairle príomháidigh an uair ráinidh sé go Calais san bhFrainc ag iarraidh ortha meódhain éigin shámhálta do bheartúgh chum a theachta tar ais, ag tabhairt, maille re réasúnaibh eile lena imtheacht nó a ríoghacht do thréigion, an rádh so do-chuala sé go minic ón' athair ríogadh, .i. "nách fada ó chéile príosún agus uaigh an phriónsa." Leis na cúisibh seo do thógbhadar Catoilicithe Rómhánacha na hÉirionn arm do chum cosmhunta a choróinne agus a chéime. Do ghabhadar é féin a bpearsain 'na cheann ortha féin, agus do chómhraiceadar air a shon nó gur tugadh chum cruadhtain mhóir iad le harmálaibh Rígh Uilliam; agus ansan féin níor éisteadar le téarmaoibh air bith síothchána nó go bhfuaradar aonta ó Rígh Séamus le linn na hÉirionn d'fhágbháil dó na coinghil as feárr d'fhéadfaidís do dhéanamh dóibh féin. Ansan an bhliaghain dá éis sin tar éis catha Aghraim agus géille na Gaillimhe do cuireadh a ccruatan mhór iad. Ag dara ionsuíghe Luimnígh do shocruígheadar le genearáil trúp Rígh Uilliam agus Tighearnaoi Giúistísíghe na hÉirionn, agus do fuaradar
coinghíl dá ngnáth-ghairmthear Coinghíl Luimnígh le cúisibh cómhmhóra, .i. air ttúis ag seachna tuille dorta fola daonna agus 'na dheáigh sin do thaoibh tabhartha suas catharach Luimnígh agus an uile bhaile gairisiúin a ccontaebh Chorcuíghe, an Chláir, Mhuíghe Eó, agus Shliogadh. Agus do chum cómhaill fhírinnigh na ccoinghíol san do réir a n-íntinne agus a meódhain do thugadar na Tighearnaoi Giúistísighe agus na genearáil réamhráidte faoi tharmuin creideamhna poibillighe a lámha agus a n-onóir, agus do ghealladar go ndeimhineóghadh Rígh Uilliam iad. Agus do-ríneadar amhlaidh san, óir do dheímhnidh Rígh Uilliam a ccómhairle iad, faoi shéaladh leathan na Sagsan. Annois ansa chéad-choinghíol díobh so do bhádar na prímhléidíghe céadna ag Catoilicibh Rómhánacha na hÉirionn le fagháil a ngnáthughadh a ccreidimh agus do bhí aco a réimheas an dara Rígh Cormac; agus ansa réimheas chéadna do bhádar go follus ag na Catoilicíbh Rómhánacha easboig, diogánaigh, sagairt, agus úird riaghalta dá ccomaoine féin do chum iad do theagasg agus do riaghlúghadh a ngnóthaibh creidimh. Leis an dara coinghíol, Catoilicithe Rómhánacha na hÉirionn (acht amháin iad so d'fhág an ríoghacht agus nár úmhlaidh do riaghlúghadh Rígh Uilliam) do bhádar a n-eastáit uile aco le fagháil
maille rena n-uile cheart, teidil, prímhléidíghe, agus saoirse dá raibh aco ná ag aende aco a réimheas an dara Rígh Cormac. Agus ansa réimheas chéadna as follus go mbíodh arm ag piaraoibh agus ag daoinibh uaisle na hÉirionn agus ag an uile dhuine léar thoil a cceannach nó a mbeith aco; agus go raibh cuid aco a bpóist onóra, .i. 'na sirriaim, 'na ngiúistísighe síothchána, agus postaoibh eile sochair agus creideamhna; go rabhadar lucht dlígh, atúrnaethe, cómhairleóighiríghe dhíobh ag leanmhuin a ccéirde agus a n-ealadhan lena oiread toile agus saoirse leis na Protestúin; agus fós ceannaighthe, deileáluighthe, agus ceardaighthe Catoilicighe Rómhánacha 'na n-aldarmáin agus 'na mbuirgéisíghe a ccathrachaibh, agus 'na ndaoinibh saora a mbailtibh corporálta air feadh na ríoghachta. Leis an naomhadh coinghíol ní raibh mionnadh air bith le cur chum na cCatoilicíbh Rómhánacha acht mionna na húmhlaoigheachta amháin. A los agus a ccómhall na ccoinghiol so agus an cheangail phoibillíghe do tugadh dóibh faoi lámhaibh agus faoi shéalaoibh na tTighearnaoi Giúistísíghe agus an ghenearáil réamhráidhte, do thugadar na Catoilicithe Rómhánacha cathair Luimnígh suas agus na bailte agus na gairisiúin eile uile do bhí iona seilbh an tráith sin, agus do mhaireadar ó shoin gus aniu go síothchánta agus go suaimhneasach fá riaghlughadh gach rígh agus bainríghine dá raibh san mBreatainn gan buairt gan trioblóid, ná
rebelliúntacht ná comhchruinniúghadh air bith, mar as follus don tsaoghal uile. Gidh eadh, créad é chómh maith agus do cómhalladh na coinghíl chéadna agus an ceangal sacrálta san dóibh, nó fós créad chómh follus agus do briseadh asteach ortha agus do claonadh iad, as damhna dobróin dona Catoilicíbh Rómhánacha é nach féidir leó a chaoine go sáthach dá silidís deóradh fola: Hinc illae lachrymae. Do bhiadh sé liosta le luadh na hachtanna Pairliment uile do-ríneadh ansa ríoghacht so air an ócáid seo; ní beag a rádh, le dlighthibh do-ríneadh ó shoin, gur gearradh amach an uile Chatoilicíghe Rómhánach san ríoghacht so, fá chúinsibh cruadha, gan arm cosmhunta ná ionnsuighthe d'iómpchar (acht amháin beagán tighearnaoi agus triúr nó ceathrar coirnéilíghe dona trúip do bhí a Luimneach agus annsa Ghaillimh le linn a ttabhartha suas) do chum a sámhála féin ná cosmhunta a ttighthe ná a substainte, acht amháin pícíghe nó na sáiseanna eile le saothruíghid lábánaigh an talamh. Dá bhrígh sin mórán daoine uaisle do ghearraidh figiúir faisiontamhuil annsa ríoghacht roimhe seo annois an uair chsiúlaid le cánaoibh nó le maidíbh amháin iona lámhaibh do-gheibhid droch-úsáid ó lucht cloidhte agus piostal d'éirghidh annois go déaghnach
as truaillightheacht an tsaoghail: Servi dominati sunt nobis! (Lamenta Jeremiae). An uile fhear dlígh Catoilicíghe Rómhánach, atúrnaethe, agus comhairleóiríghe, do cuireadh as a ccómhachtaibh a cceárda ná a n-eadhladhna do ghnáthughadh munadh ttugaid móide an diúltaighthe, uachtarántachta, agus an teast, as é sin iompódh 'na bProtestúin. Agus dá bhrígh sin tuairim céad fear dhlígh agus atúrnaethe Catoilicíghe Rómhánacha do bhíodh a ccúirtibh Bhaile Átha Cliaith agus air a' ttuaith, ní foighnneóifíghe dhóibh greidhm aráin do thuilleamh le toradh an stuidéir léar chathadar a n-óige agus a n-aimsir. Do cuireadh as cómhachta Catoilicithe Rómhánacha na ríoghachta go genearálta gan saodh ná sámháil tighthe ná talamh do cheannach, morgáistíghe do ghlacadh mar shiúráltacht le hairgiod, agus fós gan léis air thigh ná air thalamh do ghlacadh as cionn én-bhliadhna déag air fhithchid agus gan san féin do ghlacadh fé bhun dá ttrian cíosa an fhuirinibh, ionnus gur cuireadh as a ndóchus iad chum a ndíthchill náttúrtha do chur a ngníomh, agus do cuireadh go huile as a ccómhachtaibh bheith go bráth acht 'na sglábhaibh. Leis na dlighthibh céadna, a cclann, dá arráidíghe agus dá neamhóghmósaidhe do bhiaid siad dá n-aithreachaibh, iompuíghidís 'na bProtestúin agus
caithfid a n-aithreacha gibé cothughadh do cheapfaidh an Tighearna Chancelléir do thabhairt dóibh, agus oighrígh na n-aithreacha so, iar n-iompódh 'na bProtestúin dóibh, déanfaid teanóntuighthe saoighil dona haithreacha, ionnus nách féidir leis na haithreacha stór air bith do dhéanamh don chuid eile dhá cclainn, dá ghrástúmhlacht iad, ná d'aon-mhór-uireasbuíghe eile a saoighil. Anois munadh cur clainne a ndóchus é seo chum dlígh Dé do shárúghadh adbhaim nách feadar-sa créad eile é. Agus an féidir nách gairmfidh Dlightheóir mór Neimhe chum cúntais iad? Le dlígh eile na huile shagairt registreálta Catoilicíghe Rómhánacha na ríoghachta so, caithfid mionna an diúltaighthe do thabhairt air lá dh'áirighthe, nó a ccóireamh iona regiuláirighe agus a bpionósughadh dá réir sin; agus an tuath uile, gan fágbháil duine, do ghairm chum na mionnadh ccéadna agus a ndiúlta an treas uair, bheith cionntach ann preamuiníre, as é sin cailleamhuin coda agus eastáit, agus priosún air feadh a saoghail, d'aimhdheóin gur chuireadar do chúinse a ccoinghiolaibh Luimníghe agus gur tugadh an ghealleamhuin phoibillighe dhóibh nách iarfuighe mionna air bith ortha acht mionna na humhlaoigheachta, agus go rabhadar ollamh chum san do thabhairt gach uair. Le dlígh eile na huile bhuirgéisíghe agus aldarmáin
cathrach, daoine saoradh agus máighistirighe a mbailtibh móra, an uile dhuine a n-oifig thíorthamhuil ná a ngnódh air bith as cionn céime fogh-chonstábladh, caithfid mionnadh an diúltaighthe, mionna na huachtarántachta agus an teasta do thabhairt. Agus dá bhrígh sin annois ná fuil duine saor ná máighistir a mbaile mhór ná a n-aon-chúram dá luighead (acht amháin fogh-chonstáblacht) don chreidiomh Chatoilicighe Rómhánach san ríoghacht uile. Agus nocha léigthear d'aen-cheannuighe ná ceárduighe don chreidiomh so a cheárd do leanmhuin ná a chuid earradh do dhíol a n-aon-chathair a nÉirinn munadh ndíolaid rátaoi troma dá ngairmthear ceathramhantacht le máighistiríbh corpordha an bhaile sin. Agus iar ndiúltadh é sin do dhíol (óir ná fuil aen-dlígh leis) gairmthear iad do chum mionna an diúltaighthe do thabhairt dá sganrúghadh chum díola. Cuir leis seo chómh minic agus do chuireadh buairt air Shasana ná air Éirinn le hionsuighe air bith ón bhFrainc ná ón Spáinn, ná ón bPretender air Shasana ná air Albain, do bhádar Catoilicithe Rómhánacha na ríoghachta so siúrálta dá ttógbháil suas, an t-arm do bhí ag fír-bheagán díobh do chailleamhuin, a ttighthe agus tighthe na ndaoine ná raibh aon-arm aco do spionráil ag lorg tuille airm, a ccapaill mharcuigheachta agus oibre dá ttógbháil uatha agus dá ccongbháil an feadh chothóghadh an bhuairt.
Agus dá n-éirghiodh leis na deóruighthe seo nó an Pretender do chum cinn, as ag Dia atá 'fhios créad budh chruith dhúinne, a ccás mar adubhairt Tertullian ag labhairt air Chríostuighthibh 'aimsire féin, go bhféadfaoi a rádh, le beagán sóinseála, le Catoilicithibh Rómhánacha na hÉirionn. Gidh eadh, ós do thaoibh staonadh ó mhionnadh an diúltaighthe do thabhairt as leithsgéal do thaoibh gach deacamhuil agus doghrainne dá ttuiteann ortha, iarfad cead beagán do thráchtadh air an argóint seo, agus atáim deimhneach go bhfoilseóidh mé gur leithsgéal agus nách cúis cheart é. Le mionnaibh na humhlaoigheachta, etc., atá an uile dhuine thugann iad ceanngailte a ccoinsias agus le ceangal naomhtha Dé Uilea-chomhachtaigh dá ghlaoch chum fínnéighe air dhíogras a ccroidhthe (do réir mar shocruighid diadhairighe, dlightheóirighe, agus lucht déanta dlígh ansa tsaoghal Chríostamhuil) gan lámh chamm ná dhíreach do bheith a n-aon-phlot ná coimhéirghe a n-aghaidh an Phrionsa (ná 'riaghluigheachta) dá ttugaid na mionna so, agus go ndéanfaidís faisnéis dó féin nó do chuid éigin dá mhinistéiribh air aon-phlot ná coimhéirghighe 'na mbiadh fios aco ortha, agus a ccabhair agus a ccoghnamh do thabhairt le contabhairt a n-anma agus cathamh a substainte do chum a
cclódh, an uile dhuine do réir a chéime agus a cháile. An féidir le nídh air bith bheith ní bhus naomhtha ná so chum coinsiais daoine do cheangal? An féidir le mionna an diúltaighthe ní bhus mó do dhéanamh? Mádh bhrisid daoine na mionna so ná brisid siad na huile mhionnadh eile? Ná fuil aen-riaghlughadh air bith, dá mhéid a thíorántacht, ná dá éagcóraighe do gabhadh é san domhan, sámhálta faoi cheangal don tsórt so ó dhaoinibh dá mbiadh droch-amhras aco do thaoibh a ngrádh nó a ndeagh-aigne dóibh, má choimeádaid na mionnadh so? Do thaoibh mionnadh an diúltaighthe atá deifir mhór idir é agus é seo, óir atáid cúinsíghe ann nách féidir le aon-Chatoilicighe Rómhánach dearbhadh leó le fírinne. Adbhaim nách féadfainn-se. Deidhilfead amach trí cúinsíghe aco. Air ttúis iarthar orm a dhearbhadh go ccreidim am choinsias ná fuil ceart ná teidiol ag an Rígh Séamus déaghnach ná ag an bPretender chum coróinne Sagsan. Annois atáim am strainséir chomh mór so do cheart agus do theidiolaibh ríghthe agus prionsaoi (agus as deimhin liom go bhfuil an chuid as mó do lucht aen-chreidimh liom amhlaidh san) nách tabharfainn na móide sin do rígh ná do phrionsa ná d'aen-fhear comhachta air bith san Euróip do thaoibh an uile Phretender don tsórt san do dhiúltughadh dá n-iarrfuidís
orm. Óir, do chum a bheith am chomhachtaibh a dhearbhadh, ní fuláir go mbiadh agam meódhain dheimhneacha shiúrálta do chum mo chreideamhna do neartughadh, nó spalpfad an t-éitheach. Gidh eadh, seo nídh nách fuaras amach riamh a n-aon-rod dár léaghas ná ó neach air domhan le a raibh cómhluadar agam. Fós mórán diadhairighe agus daoine dearsgnaithe a bhfoghluim do Theampoll na Sagsan, na hAlban, agus na hÉirionn, áitighthe do réir an dlighe, do chreideadar agus creidid fós nár chaill an Rígh Séamas déaghnach ná an Pretender a cceart chum coróinne na Sagsan. Agus atáim deimhneach gurab í sin céadfadh a bhfuil do dhiadhairíbh agus do lucht dlígh ansa bhFrainc, ansa Spáinn, agus ansan Iottáil. Cionnus d'fhéadfad-sa ansan, ná aon-Chatoilicighe Rómhánach eile san ríoghacht, mo chreideamhuin do neartughadh do chum a dhearbhadh nách fuil sin aco? Gidh eadh, bíodh nó ná bíodh, ní cás liom mionnadh na humhlaoigheachta do thabhairt; óir as féidir liom san do dhéanamh do réir dlígh nádúradh agus do réir gnáthughadh choitchinn an uile náisiúin, le coinsias glan, d'aen-phrionsa do bhéarfadh buadh orm féin agus air an ttír as dúthadh dham, ciodh gur fír-thíoránach, fear láimhe láidre, nó airgtheach é, nó fós Zar na Muscovy, nó an Turcach mór. Agus dar ndóith ní fhéadfainn a dhearbhadh, dá ngabhadh aon aco so
buadh, gurab í mo chreideamhuin ná raibh ceart ag Rígh Seóirse air choróinn na Sagsan ná na hÉirionn. A n-aon-fhocal amháin: gach a ndearbhaim a móidibh na humhlaoigheachta atá sé am chómhachtaibh, .i. gan páirt air bith do bheith agam a bplot ná a ccoimhéirghighe a n-aghaidh Rígh Seóirse ná 'riaghluigheachta, nó, má chluinim é, foilsiughadh 'dhéanamh air; agus munadh ndéanfad san brisfead mo mhóide. Gidh eadh, ní bhfuil sé am chomhachtaibh mo chreideamhuin do neartughadh do chum dearbhadh go fírinneach leis an ccúinse seo a mionnaibh an diúltaighthe, agus dá bhrígh sin tuigthear dhamh nách féidir liom a ccoinsias na mionnadh san do thabhairt. Ansa dara háit atá cúinse eile a mionnaibh an diúltaighthe d'iarrann air dhaoinibh a dhearbhadh go ccothóghaid siad oighreacht na coróinne san líne Phrotestún, etc. Annois, créad mar d'fhéadfaidh aon-Chatoilicighe Rómhánach (fhanfaidh amhlaidh san) na mionnadh san do thabhairt a ccoinsias adbhaim nách feadar. Óir leis an ccúinse seo dearbhaim (mádh dhearbhaim é) m'úmhaluigheacht (léar dhearbhas roimhe sin) do tharrang ó Rígh Seóirse agus ó gach rígh dá ttiucfadh 'na dhiaidh, dá n-iompuigheadh féin nó aende aco 'na Chatoilicighe Rómhánach. Agus ní cás síleach é seo, óir nídh air bith dá raibh riamh do budh fhéidir a amhuil do bheith airís.
Rígh Navarre, an ceathramhadh Hanraoi, do bhí 'na Phrotestún agus d'iompuidh chum bheith 'na Chatoilicighe Rómhánach. Budh Phrotestún Diúic Saxony, Rígh Póland annois agus Catoilicighe Rómhánach. Agus do chum teacht ní bhus foigse do bhaile, an dara Rígh Cormac agus a dhearbhráithir, Rígh Séamus, budh Phrotestúin iad air aon agus d'iompuigheadar 'na cCatoilicithe Rómhánacha. Annois dá ndeineadh muintear ríoghdha na Breatainne Móire amhlaidh so, agus an creidiomh do ghabhadh dárb de mise, a' bhféadfainn-se a ccoinsias mionna m'umhaluigheachta dóibh do bhrisidh agus, air feadh mo chomhachta, mo chabhair agus mo choghnamh do thabhairt chum na coróinne 'bhuain díobh do thaoibh an nídh sin do dhéanamh do réir mo chéadfadh agus mo chreideamhna féin budh chóir dóibh do dhéanamh? Ó go deimhin ní dhéanfainn é. D'iarrfuinn d'athchuinighe go toilthinneach air na daoinibh uaisle seo do ghríosuigheann sinn chum na móide seo do thabhairt an clár d'iompódh agus a chur a ccás chum argónta go bhfaghadh prionsa, a seilbh choróinne na Sagsan agus é 'na Chatoilicighe Rómhánach, móide do cheapadh le hAcht Pairliment iona mbiadh cúinse ag iarraidh air a shearbhóntuighthe uile a dhearbhadh go ccothóghaidís an oighreacht ansa líne Chatoilicighe Rómhánach: a bhféadfadh aon-Phrotestún
ionraic na móide sin do thabhairt le coinsias glan? Muna bhféadfadh, sirim oraibh, a dhaoine uaisle, cuiridh an riaghuil órdha so a ngníomh, .i. "deinidh mar budh mhiann libh do dhéanamh libh." An treas chúinse do thugas faoi ndeara ansna móidibh sin ag so é: "agus déinim an deimhniughadh, an adbháil seo, etc., óm chroidhe, óm intinn, agus óm thoil." Nocha ndéanfad acht an t-aon-mhachtnamh so air an ccúinse ccéadna so, .i. go bhfuil 'fhios agam go deimhnightheach gurab iomdha duine, Protestún agus Catoilicighe, do thug mionna an diúltaighthe le croidhe tinn, agus chómh neamhthoilthinneach agus do bhiadh ceannuighe nó loingsgeach a stoirm ag teilgion a n-ionnmhus tar bórd chum 'anma 'shámháil. Annois bíodh sé fé breitheamhnas an tsaoghail an mbrisid daoine don tsórt so a móide, ó d'iarruid dlighthe Dé oruinn, ní hé amháin sgaradh le ár maoin shaoghalta, acht fós an bás d'fhulang suil pheacóghmaois a n-aghaidh ár ccoinsiais. Atá tnúth agam annois go bhfuil sé soiléir nách féidir le haon-Chatoilicighe Rómhánach mionnadh an diúltaighthe do thabhairt le coinsias glan, agus fós go bhfuil a n-umhluigheacht agus a ndílseacht chómh dearbhtha le mionnadh na húmhaluigheachta agus atáid leis na mionnaibh eile. Gidh eadh, cuir a ccás gur bárr-shiúráltacht air dhílseacht an tsearbhóntaoi mionnadh an
diúltaighthe, créad atá ag Catoilicithibh Rómhánacha na hÉirionn le dhéanamh leis sin? Do leagadar a n-airm agus do thugadar suas a mbailte agus cathracha, maille rena ccuid stóir agus muinisiúin, air gheallamhuin shiúrálta agus faoi tharamuin creideamhna poibillighe, deimhnighthe le húghdarás ríogadh, gan móide air bith d'iarradh ortha acht mionnadh na húmhaluigheachta amháin. Nach fuil toradh air bith le tabhairt air an ccreideamhuin phoibillighe sin agus air dlígh náisiún, do háirmhígheadh chómh naomhtha san leis na págánachaibh féin, go mbagaraidís fearg agus díoghaltas a ndéithe fallsa air an mbuidhin do sháruigheadh iad. Si genus humanum et mortalia temnitis arma, At sperate deos memores fandi atque nefandi. (V. Aen. L.1.) Dá réir seo as maith d'fhéadfadh genearál, do thiucfadh ag ionsuíghe cathrach, a ccúinsíghe féin do thairigsin don bhuidhin airgthe nó ionsuighthe (óir amhlaidh san as deimhin leis a gabháil gan cailleamhuin fir) agus a mbrisidh ansan an tan bhiaid iona chomhachta, mádh d'fhéadann na ceangail naomhtha so do chlaonadh. As maith as féidir le daoinibh a mionna, a móide, agus a ngeallamhna do bhrisidh an uair as caothamhuil dóibh é, más féidir creideamhuin phoibillighe do bhrisidh le cúis air bith. As maith do budh
fhéidir leis an Rómhánach oirdheirc, Attilius Regulus, fanmhuin san Róimh agus gan dul tar ais go Carthage mar a raibh sé siúrálta bás anba d'fhulang, amhuil mar d'fhuiling, dá ttuigfighe dhó go bhféadfadh cur suas le claonadh a gheallamhna chum teacht tar ais munadh ccuireadh a ghnódh chum cinn. A n-aon-fhocal amháin sgaoil an tsnuidhm naomhtha san agus biaidh an saoghal uile 'na chaos, an' Hanceldema (nó Aceldema), nó 'na mhachaire fola. Rígh Uilliam, do budh fiúdh do ghnáthchuimhne, do bhí meas budh mhó ná san aige air chreideamhuin phoibillighe an uair do-chuaidh lean' armáil ag ionsuíghe Luimníghe. Do thairig sé coinghíl do na Catoilicithibh Rómhánacha nár thuigeadar do bheith maith go leór, ciodh go rabhadar ollamh chum géille agus a n-airm do leagadh dá ttugadh sé coinghíl do budh fhearra ná san dóibh. d'ionsuidh sé an baile a bhfuirm, do-rín sé bearnnadh mhór ansa bhfalla agus d'ionsuidh í fá thrí; gidh eadh, nochar ghaibh an áit. Nách tiubharfadh sé ansan aen-téarmaoi do na Catoilicithibh Rómhánacha, do budh fhéidir leó go réasúnta d'iarradh, ní bhus túsgadh ná d'fhuiligeódh d'fheidhm a ionsuighe do thógbháil nó do thréigion, amhuil mar do-rín, dá ttuigfídhe dó go bhféadfadh a n-onóir nó a ccoinsias a gheallamhuin do bhrisidh an tan
bhiadh an drong airgthe iona chómhachta? Do bhí sé chómh fada san uaidh nár fhuiling sé air feadh a reimheasa an iarracht budh lugha air domhan do thabhairt air na coinghíolaibh do-ríneadar a ghenearáil an bhliaghain dá éis sin leis an armáil Chatoilicighe Rómhánach a Luimneach, air a bhfuil an dearbhadh deimhnightheach seo aguinn. Óir an treas bhliaghain dá reimheas, an uair do-ríneadh Acht Pairliment a Sagsaibh do chum mionna na huachtarántachta do chur air ccúl agus móide eile do cheapadh dá iarraidh air na huile oifigighe, giúistísighe síothchána, dlightheóirighe, etc., a nÉirinn na mionnadh san do thabhairt, do-ríneadh sámháil do na Catoilicithibh Rómhánacha agá raibh teidiol aco chum toradh Coinghíol Luimnigh, agus do hórduigheadh go hainimnighthe ansan acht chéadna mionnadh na humhaluigheachta d'iarradh ortha agus gan aen-mhionnadh eile 'chur chúcha. Acht, mo nuar! ní túsga do cuireadh a ccúmhdach an monarc mór so a bhfochair a aithreach ná mhothuigheadar na Catoilicithe Rómhánacha géir-chealga mailíseacha daoine dh'áirighthe. Adeirm "daoine dh'áirighthe," óir a bhuidhe re Dia Uilea-chómhachtach do bhádar aguinn do ghnáth mórán fíor-dhaoine uaisle ionraicighe onóireacha a tTigh na Cómhchoitchinne, agus mórán fós a tTígh na tTighearnaoi,
agus munadh mbiadh a ccoghnamh-san do bhámair léirsgriosta cian ó shoin. Gidh eadh, ag so ár míofhoirtiún go ró so go ndéantar gach nídh san Phairliment do réir líonmhuireacht bhótaoi agus gur mó uimhir na buidhne le nách ionmhuin sinn ná an drong eile. As air éigin do bhí siosón Pairliment annsa ríoghacht so air feadh reimheasa Bhainríoghaine Anna ann nár claonadh pointe éigin dona hairtigiolaibh nó dona coinghíolaibh air ar ghéilleamair do Rígh Uilliam, agus gan ionta acht gach nídh do bhí nádúrtha do shearbhóntaoibh agus do dhaoinibh saer-bheartha tnúth bheith leis. Agus fós budh lugha go mór é ná fuaradar ár ccomharsain, na hAlbanaigh, iarna ngéille do choróinn na Sagsan. Gidh eadh, atá an deifir seo ann nár claonadh aen-ghíog amháin dona coinghíolaibh do gealladh dóibh seo. Gidh eadh, as air éigin atá aon-airtigiol dona coinghíolaibh air ar ghéilleadar na Catoilicithe Rómhánacha nár briseadh le dlighthibh cruadhálacha, ciodh go ttugamaoid ár slán fé an saoghal aen-nídh amháin do thaisbeánadh dhúinn ann nár iompchuruigheamair sinn féin 'nár searbhóntaoibh chómh díleas chómh diúiteamhuil leis na hAlbanaigh, munadh ndearnamair ní bhus mó, ionnus gur follus gurbh í aigne ár námhad so - ag ná fuil suim ansna bandaoibh naomhtha do cheanglas (air modh) náisiúin dá chéile - ár n-arguin agus ár
léirsgrios as an saoghal uile. Gidh eadh, do shirfinn ortha a mhachtnamh go bhfuil Dia air neamh chum díoghailt an ainchirt agus chum pionóis do thabhairt do lucht claonta na creideamhna poibillighe - cuir nár chaill riamh gan breitheamhnas follus do tharrang ó neamh, go mór-mhór an tan bhíonn sí poibillighe agus náisiúnta mar as léir (ó) starthaibh Críostamhla agus págánta. Do fuaradar na Gibeonites (Joshua 9), ciodh gur le cleas agus le calaois, ó Joshua a gheallamhuin do thabhairt dóibh air a n-anma, agus do-rín sé féin agus a ttáinidh 'na dhiaidh go maith í go laethibh Saul, do thug léirsgrios air na bochtánaibh sin le cloidheamh agus le tine; agus a laethibh Dáibhídh an Rígh do luidh léir-bhreitheamhnas Dé air an bPobal Eabhra, agus níorbh fhéidir a fhearg do mhíniughadh acht le fuil seachtar mac Saul. (2. Sam. 2). Do thug Antiochus Epiphanes geallamhuin phoibillighe dona hIúdaighibh agus do bhris í (Josephus), agus an droi'-chrích d'imthidh air féin agus air a mhuíntir ní gábha a luadh, óir as sgéal coitchionn é. Do-ríneadar na Carthaginians síothcháin go minic leis na Rómhánachaibh, agus do bhrisidear í chómh minic gan chúis cheart agus do-ríneadh acht dá thaoibh sin ansa tseannaitt san Róimh ansna focalaibh seo: Delenda est Carthago, delendi
fidefragi Paeni, agus do cuireadh a ngníomh é. Budh ghnódh gan chrích a bhfuil do shómplaoibh don náttúir seo a starthaibh d'áireamh, uime sin biad sásta le dhá shompla eile. Do-rín Ladislaus, Rígh Hungary, sosadh cogaidh le Amurath III agus gan chúis cheart do bhris sé é, agus a lá an chatha, an tan buadhadh ar na Turcaigh agus do cuireadh an ruaig ortha, an tan chonnairc Amurath a thrúip briste agus ag rith, do tharrang sé as a bhrollach an sgríbhinn iona rabhadar na coinghil, agus tógbhas suas a shúile chum neimhe, agus agallas Dia na cCríostuighthe dá ghuidhe chum díoghaltais do dhéanamh do thaoibh na héagcóra do-ríneadh air 'ainim leis na Críostuighthibh, do thaoibh a mionn agus na creideamhna poibillighe do chlaonadh. Ní maith do chríochnuidh sé na focail seo an tan d'iompuigheadar a thrúip gan fuireach, d'ionnsuigheadar na Críostuighthe, agus do léar-chuireadar an ruaig ortha, le marbhadh mórán mílte dhíobh malle rena rígh san mhachaire. An tríomhadh Laoighseach déag, Rígh Franc, le coinghíol iomráidteach Nants do thug do na Hugonets toil shaor a ccreidimh; gidh eadh, do bhris an ceathramhadh Laoighseach déag an coinghíol san, agus do-rín, an chuid budh lugha
dhe, céad míle díobh d'ionnarbhadh. An tan do bhí an Prionsa so a n-aoirde a ghlóire, 'na sgiúirse na hEuróipe, agus do mheas an saoghal ro-bheag dó féin, an tan do chuireadar na hainimneacha amháin "Musquateres," "Gendarms," "Mason du Roy," a namhaid air baille-chrith, na trúip thréana dho-chlaoite seo do chailleadar a n-éinfheacht a misneach, d'iompuigheadar a ndruim air a namhuid agus do cuireadh an léir-bhrise ortha ag Hogsted; agus cailleamhuin dá chatha mhóra eile, Ramelies agus Turin, do thug an Prionsa uaibhreach so agus a dhaoine chómh híseal san gom' éigion dó, a modh uirísil, síothcháin d'athchuirt agus bheith áthusach 'dtaoibh a faghála air (nách mór) na téarmaoibh budh toil lena namhuid. Gidh eadh, níor stad díoghaltas Dé dá leanmhuin (do réir dealraibh do thaoibh briste na creideamhna poibillighe, ciodh gur lena shearbhóntaoibh féin do-rín é) nó gur sguabadh air siúbhal beagnách a n-aen-bhliadhain amháin a mhac, dís mhac a mhic, agus dís mhac mic a mhic, a ccás (ciodh ná raibh aen-phrionsa ansan Euróip budh líonmhuire a sliocht ná é) gur ciorrbhadh iad iona radharc féin acht aon-naoidhean amháin chúig mbliadhan d'aois, agus (gur cuireadh) a ríoghacht chum an oiread san cruadtain agus díth daoine le hár agus le hocras nách furas a luadh. Agus an dóith leat nách tuitfidh díoghaltas Dé
air an ndroing do léir-bhris na geallamhna agus an chreideamhuin phoibillighe leis na Catoilicithibh Rómhánacha, atá annois go deimhin 'na searbhóntuighthe neimhchiontacha macánta dílse do Rígh Seóirse (gidh eadh, an tan san do tuigeadh dóibh nár cheart dóibh géille nó go mbuadhfaoidh ortha)? An giorradh lámh Dé annois ná an uair sin? An lugha an tsuidhm atá Aige annois ann nA onóir ná an uair sin? Nó an bhfuil sámháil ann do phearsanaibh seoch a chéile do chum gan náisiúin do phionósughadh mán n-ionann an tan chiontuighid mar a chéile? Ní headh; atá Sé foideach fad-fhulangach agus tugann aimsir do pheacachaibh chum cuimhneadh air a ngnóthaibh, agus fanann le ceachtar do dhá nídh, .i. le a leasughadh nó le miosúr a bpeacaoi do líonadh. Super tribus sceleribus Juda, et super quotuor non convertam (eum). Amos.2.4. Agus cai bhfios nách é an bille atá annois faoi mhachtnamh, mádh déintear dlígh de, as líonadh miosúir peacaoi na ndaoine uaisle seo do bhris an chreideamhuin phoibillighe chómh minic roimhe sin? As dealrach gur mair sin é, cómh fada go deimhin agus as féidir le réasún daonna machtnamh nó breithniughadh do dhéanamh air shicréidighibh Dé. Óir atá an bille seo ceapuighthe do chum airgthe agus léirsgriosta na cCatoilicithe Rómhánacha uile san ríoghacht so, d'aimhdheóin
na geallamhna poibillighe tugadh dóibh a Luimneach (air gach saoirse, teidiol, agus primhléid, chómh maith a ngnóthaibh tíorthamhla agus eaguilseamhla, agus do bhí aco a reimheas an dara Rígh Cormac) agus an tnúth do bhí aco (agus léar mhealladar iad féin) chum marthuinn go socair suaimhneasach as san suas fé mar mhaireadar ó theacht an Rígh sin chum na coróinne. Gidh eadh, go ttugadh Dia iona mhór-thrócuire nách biaidh fuaidhinighe oirdheirce neimhchiontacha Tigh onóirigh na Comhchoitchinne, nó ard-phiaruighe Tigh na tTighearnaoi, comhtharraingthe maille ris na daoinibh uaisle ná grádhann sinn a ccruadtan choitchionn mar as gnáth; óir as follus go bpionóstar na daoine do thaoibh peacaoi na riaghlathóirighe, amhuil as fínnéighe peacaoi Dáibhídh an Rígh, ciodh gur beag iad a ndealramh, .i. uimhiriughadh a shearbhóntaighthe, gidh eadh, pionósadh le léirsgrios seasgad míle dhá dhaoinibh ann trí lá (2.Sam.24). An bille seo, an bille cinneamhnach so, órduigheann sé gan aon-tsagart Catoilicighe Rómhánach do rádh Aifrinn san ríoghacht so, nó má ghníd, coimhreóghfar ciontach a n-aird-thréason é, acht amháin an mhéid do thug mionnadh an diúltaighthe (claonadh soiléir an naomhadh coinghíl do shocrughadh Luimníghe); agus nách tiubharfaidh aon-duine cabhair, coghnamh,
ná iocht d'aon-tsagart don tsórt san, nó má thugann, coimhreóghfar ciontach a bhfiolúntacht gan toradh eaguilse é. Agus do chum obair shiúrálta do dhéanamh de, órduigheann mar an ccéadna go bhfaghaidh ionformaer an tsagairt chéadna céad púint dualguis do thaoibh sgéaluigheachta air féin ná air aendhe eile do thug cabhair, coghnamh, ná iocht dó, agus céad púint eile le tabhairt don té d'áiteómhadh nó chuirfeadh air an sagart ccéadna, nó air an té thabharfadh cabhair, coghnamh ná iocht dó, do chum a cciontuighthe 's a ndaortha. Annois as dearbhtha as aen-chéad dhéag sagart Catoilicighe Rómhánacha do regiostráladh do réir Achta Pairliment do chum na hócáide sin ní thug mionnadh an diúltaighthe acht triar agus tríochadh díobh, agus do fuair a leath san bás, agus dona sagartaibh regiostrálta ní bhus mó ná a dhá ttrian. Créad dhéanfaid an lear san míltíghe do Chatoilicithibh Rómhánacha annsan uile chóige don ríoghacht so do chum Dé d'adhradh iona slígh féin? (Sirim nách tuigfighe me ionnus as go mórfainn an uimhir do chum míoshásaimh na riaghluigheachta, óir ní adeirm aenídh nách feasach do gach Protestúin sa náisiún chómh maith liom féin; agus as maith 'fhios aco nách diongmhála iad buairt ná trioblóid do dhéanamh, agus d'fhéadfainn a dheimhniughadh nách fuil sé
air a n-aigne a dhéanamh). Créad dhéanfaid siad an tan bhiaid breóighte nó ag dul chum báis? Fios do chur air shagart (más féidir a fhagháil, óir caithfid uile an ríoghacht do thréigion nó bheith a ccontabhairt báis gan seachnadh), as bás siúrálta dhóibh é, a los méid an dualguis le fagháil ag an ionformaer, agus go siúrálta budh duine dá lucht aen-tígh é. Ó an chruadháil dho-labhartha! Ó a chreideamhuin daoine? Go deimhin budh mó budh sho-mholta a dhéanamh leó mar do-rín Rígh Franc leis na Hugonets, .i. a n-ionnarbhadh as an ríoghacht agus aimsir réasúnta do thabhairt dóibh do chum a n-eastát agus a maoin shaoghalta do dhíol. Agus do chum gan tráchtadh air mórán do chúinsibh cruadhálacha eile san bhille seo, sirim cead mo chéadfadh uiríseal do thairigsin go bhfuil sé neamhghasta agus a n-aghaidh buntáiste an riaghluighthe go ndéanfaoi an bille sin do chur a bhfeidhm le dlighe. Air ttúis atá sé neamhghasta na Catoilicithe Rómhánacha féin do cheanna-mhúchadh san ríoghacht so an tan atá an Rígh ag iarradh saoirse do Phrotestúnaibh ó phriónsaoibh Catoilicighe Rómhánacha. Ansa dara háit atá sé neamhghasta mar nochtfaidh sé ón ríoghacht an chuid as mó dona
daoinibh go mór-mhór an pháirt seo dhíobh dá ngairmthear le phrás an Scrioptúradh, "sgoltóirighe cunnadh agus tarrangóirighe uisge." Óir má déintear dlígh don bhille seo, na huile lucht eastáit Chatoilicighe Rómhánacha, ceannuighthe, deileáluighthe, lucht siupuighthe, an uile chearduighe, gabháltuighe, agus a lucht leanmhana, díolfaid a maoin shaoghalta agus tréigfid an ríoghacht; agus déanfaid fós na fogh-dhaoine an nídh céadna d'fhéadfaidh a bpasáiste do cheannach; agus an chuid nách féadfaidh sin do dhéanamh iompóid amach 'na mbithiúnaigh agus 'na lucht robála, an tan nách biaidh aen-eagalsaigh aco do chum a tteagaisg nó a riaghluighthe nó a ccoimeádta leith aistigh do theórainn. Agus as deimhin liom gur beag do Phrotestúnaibh na ríoghachta ná fuil 'fhios aco gur mó ná leath daoine na hÉirionn na Catoilicithe Rómhánacha beag agus mór. 'Na n-éagmais seo uile do féadfaoi a cclann, an chuid budh lugha dhe, do thabhairt suas chum airm a ndúithibh eachtrann agus armáil líonmhar do dhéanamh suas don Phretender; agus gan amhras biaidh éigneach go leór chum a ndúithe díleas do bhuain amach agus díoghaltas do dhéanamh air son na héagcóradh tuigthear dhóibh do-ríneadh ortha féin agus air a n-aithreachaibh. Agus annso ní fhéadaim gan machtnamh do dhéanamh air an nídh do-chualadh go minic an ministéir stáit budh mhó agus budh ghliocadh dá raibh san bhFrainc
dá rádh, ná dearnaidh Rígh na Fraince riamh gnódh budh neamhghasta ná na Hugonets do ionnarbhadh, óir air feadh cúrsa iomlán an chogaidh uile do budh iad budh naimhdíghe, do budh éignighe, agus budh neamhspáráluighe air a ccuid fola dá naimhdibh uile. Ansa treas áit as neamhghasta an nídh náisiún do dhíthiughadh ó dhaoinibh, da chaithfior go hócáideach do dhaoiniughadh le heachtrainn agus le strainséiribh. Cionnus eile d'fhéadfamaoid an talamh do threabhadh, arbhar do bhuaint ná 'bhualadh, clocha ná uisge do tharrang, etc? Ní hinmheasta gur féidir linn ár sáth daoine d'fhagháil chum na n-ócáidighe seo acht leis na Hugonets do ghairm nó na Francaigh dhídheanaighthe atá annois sgaipithe a ccríochaibh na hEuróipe. Go deimhin as féidir linn iad so do bheith aguinn. Gidh eadh, do budh Hugonets nó Cailbhínigh iad, agus as eadh fós, agus iompchuróid cloimhte maille re harmaibh eile, agus ciodh go spalpfaid na mionnadh uile d'iarruid ár ndlighthe, biaid air athrach creidimh leis seo ceapuighthe le dlígh, agus déanfaid a ndíthchioll air é chraobhsgaoile. Agus cia agá bhfuil 'fhios créad do dhéanfadh dream daoine chómh mór san íodhgair iona náttúir, agus innilte air arm, a n-aghaidh lucht na tíre le linn an dara nó an tríomhadh glún. Air iasacht atáim ag fagháil an mhachtnaimh
seo ón bhfreagra do thug piaradh oirdheirc dár ndúthaidh, Iarla déaghnach Droichid Átha, air Thighearna na Gaillimhe, nár fhág aon-chloch gan iompódh ná meódhan ná gastacht iongartha gan cur a ngníomh an tan shuidh 'na cheann coiste an chéad-uair do chum bille 'chur a bhfeidhm le a ccaithfidís na Catoilicithe Rómhánacha mionnadh na huachtarántachta do thabhairt. Agus an tan mhothuidh go rabhadar an chuid eile dona piaraoibh a n-aghaidh an éigin sin, d'agaill iad diaidh a ndiaidh fó leith, ag iarradh iad do tharang chum geallamhna an bille do chur a bhfeidhm. Agus do labhair Tighearna na Gaillimhe leis an tan sin ansna focalaibh seo: "As deimhin liom, a Thighearna," air sé, "go mbiadh tú chum an bhille seo do chur a bhfeidhm, óir neartófar an creidiomh Protestún leis agus ainicfimíd sinn féin óna piastaoibh seo, .i. na pápairighe." "Do budh áthusach liom, a Thighearna," do ráidh Iarla Dhroichid Átha, "an creideamh Protestún d'fhaicsin neartuighthe, gidh eadh, créad dhéanfamaoid, a Thighearna," air sé, "gan sgoltóiríghe cunnadh agus tarraingtheóirighe uisge nó lábuirighe chum ár ccuid talmhan do threabhadh, an t-arbhar do bhualadh, etc.?" "Ná bíodh san 'na cheist ort," do ráidh Tighearna
na Gaillimhe, "óir do-bheirim-se m'fhocal agus m'onóir duit go ttiubharfadh mé tríochad míle muintear mhaith Protestúin don ríoghacht an trí mhíosa tar éis an bhille do chur a bhfeidhm." "Tríochad míle muintear Protestúin! Leis an réasún san," do ráidh an tIarla, "biaidh mé a n-aghaidh an bhille. Óir níl duine aco-san nách iompchurann cloidheamh agus nách áirmhigheann é féin 'na dhuine uasal chómh maith liom-sa, agus as dealrach go dtairigfeódh mé comhrac dá ttogarainn locht d'fhagháil air; agus a ttaoibh an feasach damh-sa ní fheadar nach fásfadh uimhir don tsórt san ann deich fitchchid nó dá fhithchid bliadhan do chum lucht na tíre d'ionnarbhadh." (Fá) dheóidh atá sé a n-aghaidh na riaghluigheachta, óir as deimhin go ndéinid ceannaighthe agus deileáluighthe Catoilicighe Rómhánacha ní bhus mó ná leath trádála na ríoghachta, agus ní bhus mó custoim agus diúité do dhíol do thaoibh na hearradh thig don náisiún ná 'bhfuil do Phrotestúin ann. Annois dá ccuirfidhe an bille seo a bhfeidhm do chaithfidís na ceannuighthe agus na deileáluighthe seo uile an ríoghacht do thréigion, agus do luigheadódh san go mór cogaltus na coróinne, agus as ag Dia atá 'fhios cia an t-am déanfaoi suas an chailleamhuin seo, dá ndéanfaoi go bráth. Ag so cás dobrónach, a aithreacha príomh-ársa, a thighearnaoi fíor-onóireacha, agus a sheannattóirighe
ro-oirdhearca, Catoilicighthe Rómhánacha míofhoirtiúnacha na hÉirionn, d'fhuilingeódh bás an uile dhuine dhíobh lena gcloidheamh iona láimh, dá measfaidís go ndéanfaoi na geallamhna poibillighe tugadh dóibh do chlaonadh, ná iad féin d'ísliughadh gan cúis do chum sglábhachta chómh do-fhulaingthe seo. Do bhí a meódhan chómh socair sin, a n-iompchur chómh síothchánta san, agus a ndílseacht chómh neimh-thíbhealuighthe sin, go ttugaid slán faoi an ccuid as measa dá naimhdibh, ón lá ionar ghéilleadar dó so, locht ná claonadh air bith d'fhagháil ann n-a n-iompchur. An t-aenídh amháin do-chuala riamh dá chur 'na leith, gan a ccroidhthe ná a ngean do bheith don riaghluigheacht agus go ttángadar mórán sagart annois go déaghnach a tíorthaibh eachtrann don ríoghacht so. Air an ccéad airtigiol iarfad cead an fhreagra chéadna do thabhairt do thug genearál na Viertes air an cconsul Rómhánach (Titus Livius). d'fhiafraidh an consul don ghenearál so (iar ndéanamh síothchána an ceathramhadh nó an cúigemheadh huair leis féin agus lena mhuintir) an fada mhairfeadh an tsíothcháin déaghnach san. Adubhairt: "an feadh thabharfádh-sa úsáid mhaith dúinn." Le bhur toil, a thighearnaoi ársa agus a sheannattóirighe oirdheirca, tugaidh dúinne an
meódhan agus an tsaoirse chéadna atá ag ár ccoimhshearbhóntaighthe ár ndíthchioll do dhéanamh agus a thoradh do bheith aguinn. Ná deintear deifir acht don mhaith agus don olc, agus déanfad-sa go maith go mbiaidh ár ccroidhthe, ár ngean, agus ár lámha, ag an riaghluigheacht. Óir ní gábha stoc (mór) réasúin chum a mheasta go mbiaidh daoine 'mhairean air a sástacht faoi riaghluigheacht air (bith 'na) n-amadáin chómh mór san agus go ttaraingeófaoidh go réidh iad ó shiúráltacht go neamhshiúráltacht. Ní fuláir gurab ainbhfiosach a (mbunreachtaibh) na Gearmáinne agus Holóind an té déarfadh nach mbeadh Catoilicithe Rómhánacha coimh-dhíoghraiseach le Protestúin agus nach dtabhraidís a ngean mar a chéile don riaghluigheacht faoi a mairid an tan gheóbhaid úsáid mán ionann. Air an dara hairtiogal fiafróidh mé an cheist chéadna d'fhiafruidh Abraham don Uilea-chomhachtach (Gen.18.23): "An cciorrbhódh tú an t-ionraic maraon leis an dream malluighthe?" An ccaithfidh na sagairt shocaracha shíothchánta a mhair san tír le mórán bliaghan léirsgrios d'fhulang a dtaoibh neamhóghmóis sagart eile, gan fios a tteachta aco, nó dá mbiadh 'fhios aco,
gan é 'na ccomhachtaibh a ccosg? Ní headh, tá tnúth aco le nithe as feárr ó mhíne agus ó chneastacht an riaghluighthe láithrigh; agus geallaid dóibh féin, ó gabhadh társa ó theacht mórdhachta sácrálta Rígh Seóirse chum na coróinne (d'aimhdheóin déine na ndlighthe do-ríneadh iona n-aghaidh a reimheas na Bainríghine Anna), agus ó fuaradar gan toirmeasg gan trioblóid taithighe a ccreidimh guidhid dá thaoibh go síor-ghnáthach beannachta neimhe do thuitim air féin agus air a mhinistéirighe, amhuil gheóbhaidh an mhíne agus an chneastacht (chéadna iad) annois agus caomhnóidh iad; agus dá bhrígh sin tiomnaid iad féin agus a ccás go ró-uiríseal fé tharamuin gaoise an Phairliment láithrigh. Finis Uilliam Ó Murchadha May 10 1772.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services