Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Stair Fhír-Cheart ar Éirinn

Title
Stair Fhír-Cheart ar Éirinn
Author(s)
Ó Murchadha, Uilliam,
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa
Composition Date
1772
Publisher
(B.Á.C.: 0.S., 1941)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



(AN BROLLACH).



As leis an meódhan diadha déaghnach so
thrialladar na naoimh dhíograiseacha go hÉirinn
ag seóladh a soísgéil. Gidh eadh, as mó an
trioblóid fuaradar ag iompódh na talmhan, .i.
beatha nó eastát na nÉirionnach, chum bheith
'na Phrotestúin, ná ag iompódh na ndaoine, óir
(fé mar thug an céid-Rígh Cormac fé ndeara
spioraid apstaldha na droinge seo) gur mhó 'shochar
dóibh talamh nó eastát na nÉirionnach ná an
charthannacht a n-anma do shámháil, ná a
ccreideamh do cheartúghadh. Agus mar nárbh
fhéidir leó an nídh sin do thabhairt chum cinn
go hiomlán gan sealbhúghdóiríghe Catoilicíghe na
n-eastát so do dhéanamh amach go follus don
tsaoghal 'na ttraotúiríghe nó 'na lucht feillbheirte,
do budh é seo a dtéax prínsiopálta:
Calumniare fortiter, aliquid adhaerebit, (caith)
mórán salchair, leanfaidh roinn éigin de.



Ag so an meódhan faoi ndeara don mhéid Protestún
(do) shocruigh (a) nÉirinn, agus do sgríbh


L. 2


ar dhálaibh na nÉirionnach lena linn féin nó
roimhe sin, agus go háirighthe ó aimsir Choibléireachta
an Chreidimh, an fhírinne do mhúchadh nó do chur
a mbréig-riocht, agus bhíodar chómh fada ó nídh air
bith do luadh, dá bhfeaca-sa riamh, do bhiadh
chum sochair ná onóradh na nÉirionnach cCatoilicíghe
(acht fír-bheagán tráchtadh ag Sur Seón
Dáibhis), (go mbídís) dá ttruailliúghadh agus dá
ttarcuisniughadh ar gach aon-ócáid chómh mór
agus do budh fhéidir lena mailís ná lena ccéill do
chómhoibriúghadh ná do chur a ccuímhne dhóibh.



Ní hé amháin air fhoigh-sgríbhnneóiríbh uirísle
na Sagsan budh Protestúin uile, agus fós Fanaitics a
n-úrmhór, do shloigeadh an uile nídh do chuireadh
a sean-chúis mhaith féin chum cinn, bhuaileadar
suas na bréaga bioth-mhailíseacha so, acht fós air
an ccuid budh mhó dhíobh, agus go haonta air an
staruíghe sár-fhoghlamtha san Cambden, do thug
lena dhearmad air an bhfírinne agus air Éirinn cúis
don rainn nó don eipiogram fhírinnigh seo:



Angligenas oculis lustras, Cambdene, duobus;
Uno oculo Scotos; caecus, Hibernigenas.



Air an sórt so sgríbhnneóirighe atáid aguinn na
mílte sómpla, agus san go ro-shoiléir air Sur Seón
Temple do sgríbh an t-áireamh céadna bréag agus
do bhí do línte iona leabhrán lán-fhallsa air an


L. 3


cCóimhéirghíghe Ghaodhalaigh, do chum
na nÉirionnach do dhúbhchant, agus do chum
na bhFanataics do ghríosúghadh ionna n-aghaidh,
agus a n-aghaidh an Rígh fós, do thaoibh gach feall
agus dúnmharbhadh luaidhtear leis do dhéanamh a
nÉirinn, agus gan an céadmhadh cuid díobh san 'na
bhfírinne. agus ionár laethibh féin taisbeánann
go soiléir an Diadhaire Dochtúir King dúinn
cia an spioraid atá ag ár cCeartóirighe Creidimh
a nÉirinn, an tan sporann a mbúntáiste iad chum
dul sa Diabhal Bhuídhe a n-ainim Dé.



Do budh liosta, agus ní fiúdh iad, an chuid eile
dhíobh do luadh. Mar a chéile iad uile, agus, mar
adeir an tAlbanach, "ná fuil sgadán as feárr a
n-aon-bharaille": Air mhodh, munadh
mbiadh mar fhuathaoid an fhaoisidin amhuil mar
fhuathaoid an leóirghníomh (nídh ná teagasgann
agus ná cuireann aon-Phrotestún a ngníomh, cé gur
páirt phrínsiopálta do dhiúité gach Críostuíghe
an leóirghníomh), do budh fhéidir leó uile a rádh
le haon-ghuth, mar adúbhradar riaghalóiríghe
scorrnnamhla Jerusalem, do réir mar adeir an
fháig: "Do-ríneamair do bhréagaibh ár ndídhean,
agus fé an bhfallsacht d'fhoilígheamair sinn féin".
Óir as follus go raibh an spioraid dhiabluíghe
bhréagach do labhair a mbéalaibh fáige Rígh


L. 4


Ahab a mbéalaibh na bhfáige bhfallsa soísgéalacha
so an nuaidh-chreidimh an tráith sin.



Dam thaoibh féin deimhníghim gur leanas an
fhírinne agus gur chuarduígheas í chomh mhór agus
do bhí sé am chómhachtaibh a ttráchta chómh
haithghearr so; agus gur thógbhas na cínn nó na
pointíghe as prínsiopálta air ar thráchtas as na
hanálaibh do budh fhírinníghe, agus as na húghdaraibh
budh neamhchlaoine dár sgríbh air an aimsir
sin, nó ó fhiaghnaise agus ó theastas daoine uaisle
deaigh-mheasta léar chuimhin imtheachta na
haimsire sin, acht amháin a mbeagán do chásaibh
gur leanas beóloideas coitchionn na ndaoine do
budh athantamhla san tír; agus saoilim gur
barántamhla san ná bith-bhréaga mailíseacha
na droinge air ná fuil dath ná dealramh agus
nách féidir do bheith fírinneach. Atáim fós
ollamh chum aenídh air ar thráchtas do cheartughadh,
an tan thaisbeánfaidh aenneach áitiúghadh
as feárr ná thugas uaim. Óir ní bhfuil
nídh air bith as mó ghrádhaim ná an ceart agus an
fhírinne; agus leis sin cóimhríghim me féin fé chumaoine
ag aoinneach do thabharfaidh cúntus ní
bhus cruinne air ghnóthaibh na haimsire sin, le
háitiúghadh gan claonadh beart air bith. Agus
annsan amm chéadna críochnuíghim amhuil mar
adeir an file:



Si quid novisti rectius istis,
Candidus imperti; si non, his utere mecum.


L. 5


STAIR FHÍR-CHEART AIR ÉIRINN.
AN CHÉAD-PHÁIRT.



Iar n-éag do Bhainríoghain Máire do toghadh
chum na coróinne Eilís, inighean an t-ochtmhadh
Hanraoi agus Anna Bullen, tré neamhmothúgh
chinneamhnaigh chléire agus thuatha Chatoilicíghe
na Sagsan, an drong budh líonmhaire san ríoghacht
an tráith sin agus budh mhó cómhachta. Óir
budh rogha leó, go hamadánta, bastaird dá ttír
féin ná inighean dhlightheach na hiníghine budh
shine leis an seachtmhadh Hanraoi do bhí pósta
a nAlbain: do ghairmeadar le guth aon-bhuídhne
Eilís 'na Bainríghin Shagsan; ciodh, a n-éagmais
mórán áiteamh air a beith aindlightheach,
go raibh 'fhios aco go maith gur hachtuígheadh
amhlaidh san í le dhá acht Páirliment a bhfórsa
an tráith sin, agus nár cuireadh air ccúl ó shoin.



Do bhí 'fhios ag an mBainríghin go maith, do
réir sein-dlighthe an chreidimh Chatoilicíghe agus
órduithe móráin pápaíghe, gur bhastaird nótálta
í, agus dá bhrígh sin ná raibh aen-cheart aice air an
ccoróinn ní bhus mó, do réir dlighthe bunúsacha
na ríoghachta, ná bhí ag Diúic Monmouth.
d'adbhaidh í féin go poiblidhe 'na Protestún, agus
do dheónaidh sí an sórt san creidimh, do neartúghadh


L. 6


agus do leathanúghadh iona ríoghachtaibh,
agus air an ócáid sin do ráinidh an seun nó an sonus
céadna a lucht seanmóradh do mhaoidhimh an
striapach nó an bhean choitchionn a n-aghaidh
Socrates, .i. gur mó do lucht leanmhana do-gheóbhadh
sí féin, d'aimhdheóin a chuid fallsa,
ná eision, go ndúbhairt an duine mór san lé
gurbh í a chúis sin, mar lean sisi bóthar mór mín
réidh na malluightheachta, agus mar do lean seision
casán caol curraightheach na ndeigh-ghníomh.



A Sagsaibh do fuair sí óna Seannaittibh nó
óna Pairlimentíghibh na dlighthe do dhéanamh
budh mhiann lé chum na hócáide sin, agus iompódh
'na bProtestúin mar an ccéadna, ós í slígh budh
ghiorradh 's budh réighe chum flathais Dé í; óir
gusan amm san do mheasadar na pápairídhe
simplíghe go mo shonuíghe an gnódh dhóibh
sochuin ann le meódhan air bith, ní hé amháin
amhuil oilithrigh dhá ccois, acht fós le mórán
troisgíghe, déirce, faoisidin mhinic, aithríghe innmheódhanaigh,
agus ós a chionn uile an leóirghníomh;
gidh eadh, an tan fuaradar na Protestúin amach
an bealach leastsoir-thuaidh chum Parradhthais,
agus go bhféadfaidís dul go flathas Dé a ccóistíghibh,
agus iad féin do dhéanamh siúrálta do Thalamh na
Geallamhna gan an trioblóid do ghlacaidís na
pápairíghe símplíghe chum na críche sin, do
glacadh an nuaidh-chreideamh so, do bhí chómh


L. 7


taitnneamhach san, go lúthgháireach a Sagsaibh;
agus d'eagla, uair air bith, gomo rogha
leis na daoinibh (as gnáthach iompuightheach)
moghsainne na hAegypte seoch an anadh
naomhtha neamhdha so, do hachtuígheadh an
creideamh so le rachtaibh an dlighe.



Gidh eadh, a nÉirinn do bhádar na hamadáin
chruadh-mhuinéalacha ní budh dhiongmhálta agus
ní budh cheangailte ná san iona sean-nósaibh
creidimh, air son gur mealladh go mór iad a
n-aimsir an t-ochtmhadh Hanraoi ionnus gur
chreideadar gur a ttaoibh riaghluithe gnótha
saoghalta do bhí deifir ag an Rígh sin leis an
bPápa - agus fós, mar budh phápairíghe an Rígh
féin agus a Phairliment Sagsanach an tráith sin -
gona uime sin do-rín an Pairliment Gaodhlach
mórán d'achtaibh innmheódhanacha a n-aghaidh
an Phápa agus 'uachtarántachta, nó na nithe céadna
do-ríneadh a bPáirliment na Sagsan. Gidh eadh,
an tan fuaradar aimsir air mhachtnamh do
dhéanamh air na nithibh do-ríneadar, agus nár
thaithnidh a n-iompchur le Catoilicithe uile na
hEuróipe, ní túsga chómhchruingigheadar an
athuair a bPáirliment an tríomhadh bliaghain
do reimheas Philib is Mháire ná ríneadar athghairm
agus cur air ccúl air na hachtaibh agus air na
statúitíbh réamhráidte.



Ansan, an tan thuig Bainríoghan Eilís nárbh


L. 8


fhéidir an cleas céadna do chur air na hÉirionnachaibh
an athuair, óir go rabhadar ollamh
chum seasaimh a n-aghaidh aon-nuaidh-riaghlacha
creidimh, do chómhchruinnidh sí a modh Pairliment
pacadh dá créatúiribh féin ná cuirfeadh
'na haghaidh a n-aon-chás, agus gan acht fír-bheagán
do phríomh-uaislibh na ríoghachta ionna measg.
Ionnus air an modh san gur paisteáladh suas air
(na) daoinibh achta an Phairliment seo ag tabhairt
cómhachta don Bhainríghin air bheatha
nó air thalamh Eaguilse, go háirighthe air easbogóideachtuíghe;
agus cur nuaidh-mhionnadh a
huachtarántachta air na daoinibh, agus diúltughadh
go hiomlán d'uachtarántacht an Phápa; agus do chum
bun do chur lena gnóthaibh, a leabhar urnaighthe
do ghlacadh a n-áit an Aifrinn, maille re pionósaibh
iomdha do chur air neach air bith do chuirfeadh
a n-aghaidh na nuaidh-riaghlacha so.



Gur le cleasaibh calaoiseacha agus le meódhanaibh
mailíseacha agus nách le toil ná le haonta
ceann ná cómhairle bhfear nÉirionn do hachtuígheadh
na statúightíghe réamhráidhte seo as follus
as an bhfírinne seo nách féidir do shéanadh, as
é sin, nách raibh aon-duine amháin as chúig
céad 'na Phrotestún a nÉirinn an tráith sin, ná
fós ar feadh réimheasa Bhainríoghaine Eilís, agus
nach biadh san mair sin ní bhus mó ná bhí a
Sagsaibh agus a nAlbuin dá ttugaidís uaisle Éirionn


L. 9


a ttoil ná a n-aonta chum dlighthe don tsórt san
d'achtúghadh. Agus ag deimhniúghadh na
fírinne seo, an feadh mhair aon dár shuidh ansa
Phairliment sin na hÉirionn agá raibh 'fhios nár
ceapadh na hachta san leó, níor chuir an Bhainríoghan
a bhfeidhm iad; agus fós ní raibh tráchtadh
ortha go himtheacht an Armada Spáinnigh san
mbliadhain 1588.



Ní túsgadh sgaipeadh an sgamal Spáinneach
(san) ná d'ionnsuidh an Bhainríoghan na hÉirionnaigh
go dian dochruideach ag fórsáil a nuaidh-chreidimh
ortha, air dtúis, cuid díobh do thaoibh
mar adúbhradh go ttugadar cabhair do dhrong-bhuídhin
Spáinneach do teilgiodh air chóstaoibh
na hÉirionn le anfa mara; d'órduidh cuid eile
dhíobh do ghabháil do thaoibh iochta thabhairt
d'easbogaibh Catoilicíghe, do shagartaibh, agus do
bhráithribh; agus cuid eile do thaoibh bheith ag
Aifrionn, nó gan teacht chum cómhchruinnithibh
na bProtestún amhuil do cuireadh do chomhall
ortha leis na hachtaibh réamhráidte.



Dá bhrígh sin, do-chonnarcadar uaisle Éirionn,
agus go háirighthe Iarla Thír Eóghain, nách raibh
rogha air bith aco le glacadh acht ceachtar don
dá mheódhan so, .i. a ccreideamh do thréigion nó
buain-tseasamh dá ccaomhna féin a n-aghaidh
aindlighthe na Bainríghine. Do cinneadh aco an
meódhan déaghnach so do leanmhuin, ní amháin


L. 10


a haithle na ngeallamhna thugadar na Spáinnigh
air choghnamh lán-mhór do chur chúcha, acht
mar do chuir an séamhadh Séamus, Rígh Alban,
ciodh gur Phrotestún é, ag díoghailt báis fhealtamhuil
bharbraighthe a mháthar, Bainríoghaine
Máire, oighre cirt coróinne na hÉirionn agus na
Sagsan, agus fós ag lagúghadh na Sagsanach dá
ccuiridís a n-aghaidh a chirt féin chum na coróinne,
cabhartha móra dá n-ionnsuíghe go foilíosach
ó uair go huair, ní bhus mó ná chuireadar na
Spáinnigh, ciodh gur mhór a ngeallamhna.



Ansan do fógradh cogadh do sheasaimh mórán
bliadhan, agus nár chríochnuidh nó go raibh an
Bhainríoghan ag dul chum báis.



An tan chonnairc Tighearna Mhonnjoy, do budh
Foighrígh Éirionn an tráith sin, go ttugadar
a dochtúiríghe suas í, agus gan 'fhios aige créad iad
na hiompuithe thuitfeadh amach a Sagsaibh tar
éis a báis, cuireas teachto ós íseal chum Tighearna
Thír Eóghain ag geallamhuin mathachuis ghenearálta
dó féin agus dá lucht leanmhana, cead saor
fóirlíonta a ccreidimh, agus seilbh shítheóilte a
stát agus a mbeatha, air choinghíol a n-airm do
leagadh. Do-ríneadh amhlaidh san leó; do
cómhalladh na geallamhna san dóibh; agus do
mhaireadar mórán bliadhan dá éis sin go sídheach
sítheóilte amhlaidh san.



An samhradh dá éis sin téid Iarla Thír Eóghain


L. 11


go Sagsaibh ag ofráil úmhlaoigheachta a bpearsain
do Rígh Séamus. Do freastaladh go fíor-onóireach
ag an Rígh é, agus mar adeir Baker iona chroinic, do
chuir forfhógradh fóirleathan air feadh na ccríoch
onóir agus oghmós do thabhairt dó. Budh mhór
geallamhna an Rígh seo, air mbeith a nAlbain
dó, do Chatoilicithibh na Sagsan agus don Phápa
dídhean agus tarmuin do dhéanamh dóibh dá
ngabhadh féin ríoghacht Shagsan tar éis Bhainríoghan
Eilís, agus fós do cuireadh leitir faoi láimh
agus faoi shéala an Rígh chum an t-ochtmhadh
Clement, Pápa, dá dheimhniughadh dó gurbh í
aigne agus íntinn an Rígh iompódh chum bheith
'na Chatoilicíghe an tan bhiadh socair a ríoghacht
Shagsan, mar adeir Sanderson agus mórán eile:
gidh eadh, adeirid gur le cladhaireacht do chuir
an Sicréideach Stáit Albanach do chum an
Phápa í. Gibé air bith modh air a raibh an sgéal
san, as deimhin tar éis na leitre céadna 'thabhairt
as clósaed an Phápa amach go ttug an Sicréideach
Sagsanach, Cecil drannach, lena mhailís mhalluighthe
agus lena chleasuigheacht chealgaigh fá
deara air an Rígh gan cúntonós air bith do thaisbeáint
dóibh, acht dlighthe diana dochruideacha
do dhéanamh iona n-aghaidh do thaoibh Phloit
an Phúdair, do cumadh le healadhanaibh an
mhinistéara mhalluighthe sin agus do cuireadh a


L. 12


leith na cCatoilicithe Sagsanacha; mar do mealladh
agus do tarraingeadh asteach ansa phlot san
trí feara déag buartha bith-thrioblóideacha
dhíobh, amhuil mar adubhairt Rígh Séamus féin,
leis an ccorrai-dhiabhal cam-dhromach Cecil,
mar mheódhan chum iad do thasragan air ghéir-dhlighthibh
peannaideacha Bhanríghine Eilís.



As deimhin liom gur mion-chuarduígheadh
fírinne an sgéil seo go minic air gach taobh le
sgríbhnneóiribh maithe Protestún agus Catoilicíghe.
Gidh eadh, air cheart-chuardughadh an sgéil as
í mo ghlan-tuairim féin nach fuil duine réasúnta
air bith do-rín machtnamh míochlaon air shorrathannaibh
éagsamhlacha an phloit iofranda
san ná caithfidh a chreideamhuin ná raibh duine
air bith as doibhnne do bhí ann ná Cecil. Óir
air ttúis, má ghnídhmíd machtnamh air uimhir,
air cháil, agus air bhúntáiste na bplotaeríghe, (plot)
chómh mí-dheabhrathach san, agus chómh mór, agus
cómh deacamhuil sin do chur chum cinn agus a
ngníomh, an modh iongantach air a ndeárnadh
fóilsiúghadh air le leitir nocharbh fhios cia
uaidh, ná sgríobhfadh aon-phlotaer iona chéill
náttúrtha, agus an leitir seo do chraobhsgaoile deich


L. 13


lá roimh an cceap-lá chum an phloit - gidh
eadh, budh dheise í 'theacht an oidhche roimh an
cceap-lá, agus fós, mar do marbhadh air an spotadh
Catesby agus Piercy agá raibh fios bunúsach na
hócáide, agus mar d'éag Tresham a mbeagán
laethe iarna chur don túr, agus san fós le "strangury,"
má b'fhíor, adeirthear do bheith an' aicíd nách
bí grod-mharbhthach, agus fá dheóigh, má
thugaimíd a ccuímhne an modh air a ttugaid
ministéiríghe malluithe stáit gnótha don tsórt so
chum cínn chum a mbúntáiste féin, amhuil
do-rín athair Cecil féin, an Tighearna Burleigh,
agus Walsingham, go minic a réimheas Bhainríghine
Eilís, agus fós ionár laethibh féin, mar
do-rín an tíoránach Cromwel mórán ploit don
tsórt so d'oibriúghadh do chum na cCabhailiaruíghe
Ríogadh do tharrang iona líontaibh, agus
Cecil Redivivus, an cladhaire Shaftsbury na
ccleas, le linn an Rígh dhéaghnaigh - annois,
iar ccur na sorrathann so gan chlaonbháidh
le chéile ní féidir linn gan críochnúghadh
agus adbháil amhuil do-rín Osburn, Protestún agus
ughdar fiosrach fiafruightheach don aimsir sin,
adubhairt gurab é Cecil camm-dhromach do budh
úghdar leis an bplot so: agus a haithle na seirbhíse


L. 14


so-mholta san do-ríneadh Ridire an Ghártaer agus
árd-choimeáduíghe stóir na Sagsan de. As annsan
do thaisbeáin an Haman uaibhreach so é féin
'na dhearg-námhuid do Chatoilicíbh a aon-dútha,
gur cuireadh 'na leith (do réir Sanderson) gurbh
é (a intinn) léirsgrios do thabhairt ortha; agus nochar
stad a mhailís ansan, acht ó bheith 'na cheárduíghe
chliste a ccleasaibh (do réir na tuarasgabhála
do-bheir Osburn air), agus ó dh'éiridh
leis chomh maith sin a Londoin do cinneadh aige
na clis chéadna nó a samhuil d'imirt a nÉirinn.
Agus chuige sin do hoibrígheadh air Chrustóir
St. Lawrence, dá ngairmthighe go cómhchoitchionn
Tighearna caoch Binne hÉadair, toghairm do
chur air Iarlaoi Thír Eóghain agus Thír Chonaill, air
Thigearna Barún Delbhin, agus air mhórán eile d'arduaislibh
na hÉirionn chum cómhdhála, mar
a bhfuair a ndearbhadh uatha air ttúis rún do
dhéanamh ar neithibh móra do bhí aige le nochtadh
dhóibh, as é sin, go feasach dó féin gur cinneadh
ag an Stát Catoilicithe Éirionn d'fhórsáil chum
bheith 'na bProtestúin; agus do chum an mhór-oilc
seo do sheachnadh nách raibh meódhan air bith
aco acht buain-tseasamh cómhaigiontach do
dhéanamh a n-aghaidh uile-iompuighthe iona
ccreideamh.



Do dhiúltaígheadar uile d'aon-ghuth an nídh


L. 15


sin do dhéanamh, dá rádh ná raibh cúis air
bith aco eagla bheith ortha roimh úsáid don
tsórt san a n-aghaidh na ngeallamhna tugadh
dóibh, gur phrionsa prímh-cheart Rígh Séamus
agus oighre ceart dlightheach na coróinne, agus dá
bhrígh sin ná grod-thosanóidís gníomh cómh
contabharthach san. Gidh eadh, téid St. Lawrence
gan sosadh gusan bhFoighrígh, agus craobhsgaoileas
dó a ccómhdháil, agus cuireas tréason iona leith
do thaoibh an chómhchruinnithe sin, ionnus gur
gairmeadh Iarla Thír Eóghain agus an chuid eile
dhíobh do láithir na Cómhairle chum freagartha
ansna gnóthaibh sin, agus gur shéanadar go síor-láidir
iad uile. Acht gidh eadh, an tan chonnarcadar
St. Lawrence (nár mhairidh sé 'ainim ain-cheart)
do láithir chum áitimh ortha, d'adbhadar
a ccómhdháil agus an tairigsin tug St. Lawrence
dóibh, gidh eadh, gur dhiúltaoidheadar í le cúisibh
iomdha d'inniseadar do láithir. Do fiosruígheadh
fó leith iad: gidh eadh, an tan fríth iad uile air
aon-fhocal agus gan acht aen-fhínnéighe amháin ag
teacht 'na n-aghaidh, níor cinneadh ag an cCómhairle
iad do chur a ngéibhionn, acht do hórduígheadh
dóibh teacht airís chum láithrigh lá airna
mháireach.



Annsan amm céadna do comhairlígheadh
iad le cuid dá cclaon-cháirdibh san cCómhairle,
iad féin do shámháil air phriosún do bhí cinnte


L. 16


dhóibh, nó go bhfághfaoi fínnéighe ceannaigh
éigin eile 'na n-aghaidh. Do ghlacadar na hIarlaoi
réamhráidte go hamadánta an chomhairle chladhrach
sin, agus dá bhrígh sin do gairmeadh 'na
ttraotúiríghe iad, agus do tógbhadh suas chum na
coróinne, ní hé amháin eastáit nó beatha na
n-uasal so, acht fós sé contaethe iomshlána o
nOltaibh gan a thuille dlígh, coiste, ná éisteachta
acht san, agus gur roinneadh iad idir Phrotestúin
Sagsanacha agus Albanacha air choinghíolaibh d'fhoilsidh
go rabhadar na hÉirionnaigh agus a ccreideamh
lena cceanna-mhúchadh go bráth, óir do toirmisgeadh
ortha le dlighthibh diana dochruideacha
agus fineálaibh airgid a ccreideamh do leanmhuin.
Agus ansna cartachaibh tugadh dona nuadh-Ghallaibh
ar na heastátaibh Éirionnacha so do
cuireadh do chomhall nó do choinghíol ortha
gan aon-fhód díobh do chur chum, ná do dhíol
le neach air bith acht le Protestúinibh Sagsanacha
agus Albanacha amháin. Agus fá an ttráith sin, a
haithle an mhóir-dhíograis fhallsa do thaisbeáin
St. Lawrence do chaomhna an chreidimh Chatoilicighe,
d'iompuidh 'na Phrotestún, agus dá bhrígh
sin níor bheag a chuid don éadáil.



As deimhin gur dian-mhór an dóth croídhe
d'árdaidh an úsáid iongantach so air Éirionnaigh,
go mór-mhór ar lucht na sé ccontaethe tógbhadh
suas amhuil adúbhramair, agá raibh a ccailleamhuin


L. 17


neimhmeódhanach. Gidh eadh, d'iompchuraoidheadar
í go foideach nó gur bhreithnígheadar
nách raibh mailís a namhad le stad
ansan gan léirsgrios do thabhairt air an ttír nó
a chur fé deara ortha a ccreideamh do shéanadh.
Do sganraidh an tIarla Strafford mórán díobh
leis na claoin-mheódhanaibh do lean sé, an feadh
bhí sé a riaghlúghadh na hÉirionn, chum lochtaoi
d'fhagháil a ttediolaibh móráin d'uaislibh na
hÉirionn chum a n-eastát a ccóigíbh Laighean,
Múmhan, agus Chonnocht, ní chum seirbhíse don
Rígh, acht chum a chréatúiríghe féin do shaidhbhriúghadh.



Idir shomplaoibh iomhdha don tsórt so atá
an t-aen-ghníomh so ionmhachtnaimh mar do-rín
sé le dúthaidh Aoibh Duach a cContae Chille
Cuinne; óir an tan budh mhiann leis an lear talmhan
san do lámhadh, agus nárbh fhéidir leis cúis
dhlightheach air bith d'fhagháil a n-aghaidh na
sealbhúghdóiríghe do bhí a seilbh shítheóilte air
feadh móráin aimsire, d'órduidh sé mion-chuardúghadh
do dhéanamh san mbliadhain 1635 léar
foilsigheadh gurab don Rígh budh dhual an talamh
san uile, gan chúis air bith acht go raibh teidiol
ag an dara Hanraoi chuige tímpchioll chúig céad
bliaghain roimhe sin. Agus leis sin do hiompuígheadh
amach na sein-shealbhúdóiríghe
agus do fuair sé leitreacha paitent air dá bhráithir


L. 18


féin, Sur Crustóir Wandesford: ex ungue
leonem.



Budh mhór an forfhógradh do Ghaodhalaibh
an nídh seo air an úsáid do budh inmheasda
dhóibh d'fhagháil. Gidh eadh, as déine ná san
do bagradh ortha 'na dhiaidh sin, an tan thogradar
na Presbitérians Shagsanacha agus Albanacha easbogóideacht
do rith síos agus fós ríoghthamhlacht
nó gairm rígh; agus do mhealladar ón ccéid-Rígh
Cormac mórán aonta, agus go háirighthe an toil
chinneamhnach do thug sé air an bPairliment
Sagsanach do bheith síorruídhe. Ansan ní raibh
sé iona chomhachta stupadh do chur leó 'na réim,
óir ansan do tuigeadh dá mbráithribh a malluightheacht,
.i. Fanaitics Éirionn, do choingmheadh
síor-chómhluadar leó, gurbh é seo an t-amm
léirsgrios iomlán do thabhairt air Chatoilicithibh
na hÉirionn. Agus do chum an ghníomha dhiadha
so do thabhairt chum críche do chuireadar
eachuiníghe fé lámhaibh na mílte pearsana
do chum an Phairliment Shagsanaigh dá iarraidh
ortha a chur d'fheidhm air phápairibh na hÉirionn
iompódh 'na bProtestúin nó an ríoghacht do
thréigion, agus an mhéid ná staonfadh díobh do
chrochadh as a bhfárdorusaibh féin. Agus do
bhádar chómh deímhneach san don sgéal so go
ndúbhradar mórán díobh, agus fós ag clár na Cómhairle


L. 19


féin, nách biadh Catoilicíghe le faicsin a
nÉirinn a ccionn bliaghanna.



Ag san fíor-Choibléireacht an Chreidimh, iona
neartuíghidís a n-argóintíghe le dlígh cuaille, ní
chum aigionta na ndaoine do tharrang, acht do
chum na hinchinne do spréachadh asta, nídh ná
deárnadar na Críostuighthe anallóid agus fós nár
smaoinígheadar, a n-aghaidh na bPágánach.
Na hÍmpiríghe Rómhánacha féin, an tan
d'úmhaluígheadar an Fiular do Chrois an Tighearna,
do bhádar chómh fada ó úsáid don tsórt
san do thabhairt don bhuídhin do hoileadh ansan
adhradh phágánta nách tugadar pionós air bith
dhóibh iona bpearsanaibh, ná iona bpócaoibh,
ná 'na sparánaibh, do thaoibh gan géille don
chreidiomh Chríostamhuil; mar do mhothuígheadar
gomo mhíréasúnta an nídh daoine nár
chruithidh creideamh nuadh leó féin ná le aen-dreám
eile, acht bheith a seilbh shítheóilte a
sein-chreidimh le suím mhóir do chéadaibh nó
fós do mhíltíbh bliadhan roimh sheóladh an
tsoísgéil san domhan, d'iompódh le meódhan ar
bith acht le hurnaithe, le seanmóir, agus le réasúnaibh
ró-áititheacha, an meódhan céadna do lean
Críost agus 'Apstail.



Ag so mar do-rín glóire an Oileáin seo na
Breatainne, Constantine Mór (do réir mar adeir
Eusebius a mbeatha an Ímpre sin), díthchioll,


L. 20


le hargóntaoibh láidre láin-réasúnta, air Págánachaibh
a ríoghachta nó 'impreachta féin do
dheaghailt óna n-íodhal-adhra amadánta agus fírinne
an tsoísgéil do ghlacadh. Agus fós níor chuir
feidhm ná bruid ortha, acht tug toil shaor dóibh
a roghadh féin do leanmhuin. Agus chum teacht
ní bhus foigse 'bhaile, as amhlaidh do-rín Ethelbert,
an chéid-rígh Sagsan do ghaibh creideamh, tar
éis a iompuithe le St. Austín manach, le hain-chreidmhigh
a thíre féin, gan inghreim air bith
d'imirt ortha (mar fhoilsígheas Beda beannuighthe
dhúinn), acht do thug do gach n-aon toil shaor
a choinsiais féin. Adeir an t-úghdar céadna
gur fhoghluim sé féin ó lucht teagaisg a shámhála
dhó nách le fórsa nó éigion budh chóir seirbhís
Chríost do leanmhuin, acht le húmhlaoigheacht.



Gidh eadh, ní fuláir leis na nuadh-naoimh seo
nuaidh-mheódhain leó féin do bheith aco do
sháraidh Coibléiríghe Arian féin san uile olc;
agus do budh iad an lucht leanmhana so Arian na
céid-Chríostuighthe do thúismidh an meódhan
malluighthe seo ag ceartúghadh an chreidimh le
dlighthibh peannaideacha agus le hinghreim. Agus
uime sin ní fuláir do Chatoilicithibh na hÉirionn
do lean air feadh dá chéad déag bliaghain an creideamh
do ghlacadar ón Easbol Páttraig Naomtha a
chreideamhuin, le crochaibh agus le branraoibh, go


L. 21


raibh a sínsear a ndearmad agus a n-éagcóir, agus go
raibh ócáid ag Críost le nuaidh-theagasg Luther
agus Chalvin chum A shoisgéil féin do fhoilsiughadh,
agus do chum A theampoill d'aithdhéanamh, do bhí
ag tuitim d'aimhdheóin A gheallamhna iomdha
dhó. Agus créad as iontuigthe as so uile acht go
raibh an ceart ag Bernardinus Ochinus agus
nách féidir le lucht céille go réasúnta creideamhuin
a Messiah chómh bréagach le hÍosa Críost?



Acht do chum ár sgéil: do-chualadar daoine
uaisle dh'áirighthe Catoilicithe a nOltaibh tráchta
air an eachuiníghe mhalluighthe sin do cuireadh
chum an Pháirliment, mar adúbhramair thuas,
óir do cuireadh an páipéar ó Phrotestún go
Protestún chum a lámha do chur air, agus san ó
mhinistir d'áirighthe dárbh ainim Primrose, do
chómhnuidh láimh le Caisleán Chruim, do chum
a ttáinidh an páipéar do chum a láimh do chur
air agus lámha príomh-Phrotestún a phorróiste.
An ministir iomorra, mar budh dhuine mhacánta
agus nár námhuid don chreideamh Chatoilicíghe é,
do ghaibh iongna mhór é do thaoibh iarrachta
chóimh hain-Chríostamhuil sin agus chómh contrárdha
le spioraid an tseann-rachta (an pátturrún adeiridís
na Protestúin seo do leanaidís féin); do
thaisbeáin an páipéar dona Catoilicithibh réamhráidte
seo, gon' uime sin do-ríneadar a ngearán


L. 22


lena giúistísíbh do bhí ag tabhairt a ccuarda an
tráith sin, agus fós le daoinibh uaisle mór-chómhachtacha
eile. Gidh eadh, níorbh fheáirde dhóibh,
óir air gach taoibh as mó fuaradar cúis uamhain
ná misneach air bith do chur ortha.



d'árduidh seo buaireamh ro-mhór air Chatoilicithe
na ríoghachta uile, go mór-mhór mar do
bhí 'fhios aco nách é amháin gurbh fhír-Phresbiterians
na Tighearnaoi Giúistísíghe, Sur Uilliam
Parsons agus Sur Seón Borlace, acht fós go rabhadar
go follus air shon an Phairliment a n-aghaidh an
Rígh, agus dá bhrígh sin nách raibh cabhair air bith
le fagháil uatha. Agus don taoibh eile, do bhí
cómhachta an Rígh chómh lag san a Sagsaibh
nárbh fhéidir leis maith air bith do dhéanamh;
óir ó rug Tigh na Comhchoitchinne a Sagsaibh
buadh air easbogaibh Protestúin agus air an ccléir,
agá raibh ughdarás an dlígh, agus gan trácht air
úsáid éagsamhlaigh Strafford, budh dhíobhaoin do
Chatoilicithibh súil do bheith aco le sámháil air
bith iona n-aghaidh. An tan chonnarcadar na
daoine iad féin san ccás so, agus gan chabhair air bith
aco le fagháil acht ón ccloidheamh amháin
- gidh eadh, do tuigeadh dhóibh dá dhonacht a
ngalar gomo dhonadh ná san an leíghios san -
agus fós ná raibh arm ná oireamhna eile cogaigh aco,


L. 23


ní raibh 'fhios aco créad budh mhaith dhóibh do
dhéanamh an tan do thuit amach ócáid mhíofhoirtiúnach
iona slígh.



An tan chonnairc an Rígh, ciodh gur dhéaghnach,
créad do bhí agá Phairliment cailleamhnach
chum a dhéanta a Sagsaibh, cuireas Iarla
Antruim le sgéalaibh chum Iarla Urmhúmhan,
do budh ceinn feadhna 'armála a nÉirinn an
tráith sin, é féin agus an mhéid eile d'uaislibh na
hÉirionn do bhí díleas don Rígh do leanmhuin an
mheódhain as feárr d'fhéadfaidís do mhachtnamh
chum giúistísíghe an Pháirliment do ghabháil,
agus iad féin do thaisbeánadh a bhfábhar an Rígh
a n-aghaidh oilbhearta an Phairliment Shagsanaigh.
Craobhsgaoileas Iarla Urmhúmhan na
sgéala so do dhrong-bhuídhin thoghtha Chatoilicíghe
agus Phrotestún, agus a haithle mórán cómh-dháilídhe
agus argóntaoi do ceapadh an séamhadh
lá déag do November, air a raibh Páirliment na
hÉirionn chum cruinnithe, chum an ghníomha
san do chur a bhfeidhm.



Gidh eadh, air leatha don sgéal agus iarna chloistin
dóibh seo dá ngairmthíghe Sean-Ghaodhil, air ar
fhóbuir Iarla Urmhúmhan an sgéal do cheilt,
do mheas Sur Feidhlim Ó Néill agus mórán eile
d'fhearaibh Uladh bheith roimh ré ris an Iarla
óir do bhádar roi-fheargach leis do thaoibh an
sgéil do cheilt ortha féin, ionann agus ná rabhadar
chómh díleas don Rígh le daoinibh eile. Agus


L. 24


dá bhrígh sin, do cinneadh aco iad féin do chur
an ghníomha chéadna a bhfeidhm, óir do mheasadar
dá ttigeadh leó féin an nídh sin do dhéanamh,
go bhfághaidís, nach é amháin cead saor
a ccreidimh mar fuaradar na Coibheanantaerighe
Presbiterian a nAlbain grod roimhe sin, acht fós
seilbh a n-eastát do tugadh roimhe sin tuairim
deich mbliaghanna fithchiod do Phrotestúnaibh
Sagsanacha agus Albanacha, do bhí annois a bhfábhar
an Phairliment a n-aghaidh an Rígh.



Iar socrúghadh an phloit amhlaidh so, agus iar
mbeith don tríomhadh lá fithchiod d'October '41
ceapuighthe chum a chur a bhfeidhm, chum
bheith roimh ré re hIarla Urmhúmhan agus lena
pháirtídhe do ghaibh Tighearna Mhac Guibhir agus
mórán eile ortha féin na Tighearnaoi Giúistísíghe
agus Caisleán Bhaile Átha Cliaith do ghabháil. Gidh
eadh, air foilsiúghadh an sgéil an oidhche roimh
an cceap-lá, do gabhadh an Tighearna agus do cuireadh
'na phríosúnach go Sagsaibh é. As fearr d'éirghidh
le Sur Feidhlim Ó Néill, agus lena chomhbhuidhín
a nOltaibh ná san, óir do ghabhadar
Clarmont agus gairisiúin eile.



Ag so an ghlain-fhírinne air éirghighe agus air
thúismiúghadh an Chóimhéirghíghe Éirionnaigh
san ngeimhre 1641, amhuil mar dheimhnígheadh
damh go minic le daoinibh céillíghe glan-tuigseacha
don tír, agus go pairticiulártha le duine uasal
fíor-ionraic atá annois ansa bhFrainc, do dheímhnidh


L. 25


dham deich mbliadhanna ó shoin go ccuala
sé an sgéal amhlaidh san ó bhéal Iarla Urmhumhan
féin grod roimhe sin. Agus atáim lán-tsásta
gurb é seo an tuarasgabháil as réasúnta agus as
fearr dealramh fírinne dár tugadh fós air an
sgéal so. Agus ag deímhniúghadh an sgéil ní
bhus faide d'adbhaidh Cúntaois Antruim, mhairios
fós agus budh fíor-Phrotestún riamh agus dá bhrígh
sin gurbh fhinnéighe maith í, do cháirdibh d'áirighthe
di a Londoin san mbliadhain 1683 go
ccuala sí a compánach, an tIarla, ag ínsin an
sgéil amhuil mar adúbhramair thuas agus fós ag
deimhniúghadh nách raibh cúis ná adhbhar air
bith ag Iarla Urmhúmhan an ghéirleanmhuin
do-rín air, iar n-athghairm an Rígh dhéaghnaigh
chum na coróinne, acht go raibh amhras aige (ag
san go héagcórach amhuil mar dheímhnidh an
tIarla di féin agus do dhaoinibh eile) gurb é nocht
an rún réamhráidhte do Sur Feidhlim Ó Néill.



Do budh aoibhinn leis na Tighearnaoibh Giúistísíghe
agus leis an ccuid eile don chómhairle na
gnótha so, óir do bhádar ansan ag slogadh eastát
na nÉirionnach, do chum a rabhadar le fada
roimhe sin ag lán-leatha a ccraos-chlab, agus níor
fhágbhadar aon-chloch gan iompódh chum an
nídh sin do thabhairt chum cínn. Do cuireadh
mórán forfhógarthaoi genearálta a n-aghaidh na
nOltach, ag iarraidh ar na Protestúin seasamh
iona n-aghaidh agus a cceanna-mhúchadh. Gidh


L. 26


eadh, níorbh í sin a n-íntinn, acht chum lucht na
ccóigíghe eile do tharrang asteach iona líontaibh
agus fá gheócadh an dlígh. Agus dá bhrígh sin níor
fhéachadar leis an ccóimhéirghíghe na nOltach
do chlódh do chum go leathfadh sí air feadh na
ríoghachta uile. Agus dá bhrígh sin nuair
thairigiodar na Catoilicithe tímpchioll Bhaile
Átha Cliaith a seirbhís dona Tighearnaoibh Giúistísibh
do dhiúltaoidheadar iad, ní hé amháin
do thaoibh airm do thabhairt dóibh, acht fós
do thaoibh a ccoimeirce, ionnus gur ceaduígheadh
dona saídiúiribh iad d'arguin agus fós a n-inchinn
do stealladh as mhórán díobh gan chúis air bith.
Agus nocha feárr an úsáid do fuaradar daoine eile
air feadh na ríoghachta nách deárnaidh cóimhéirghíghe
riamh, agus fós do thairidh tacuígheacht
do thabhairt uatha le marthuinn go sítheóilte ag
baile. Gidh eadh, níor glacadh san uatha, acht
d'ionnsuígheadar na Protestúin iad amhuil gur
thraotúiríghe agus nár dhaoine síodhacha sítheóilte
iad. Agus Iarla Chastlehaven féin, d'fhuiling
sé príosún suím mhór do mhíosaibh do thaoibh
mar do lámhaidh sé labhairt iona bpáirt, agus go
ttiúbhradh díol ann lena cheann munadh mbiadh
gur sgiúird uatha go sonuíghe.



An Rígh iomorra, do chum ar cuireadh gnótha
na hÉirionn a mbréig-riocht air feadh móráin


L. 27


aimsire, do fuair amach fá dheóigh túis fhírinneach
na buartha so, agus gur mhadhm sí as an
ttiobraid ccéadna as ar ling an chuid eile dá
thrioblóidibh, .i. ó réapuibliocánaibh a ríoghachta
léar mhiann é féin agus a cháirde do chlódh,
mar as léir as a mhachtnaimh uaigneacha
féin mar a n-abuir: "As deimhin gurb í céadfadh
móráin do dhaoinibh eagnuidhe gur bhudh iad
gach aindlígh agus inghreim dár imreadar fir Shagsan
air Éirionnachaibh fá deara dhóibh an chóimh-éirghighe
ríneadar do dhéanamh; óir nách mór
ná go ndeachadar a n-éadóchus le heagla laetheamhuil
léirsgrios iomlán do theacht ortha óna
daoinibh do chreidmheann nách fuil argóint air
bith as mó do neartuígheann fírinne a ccreidimh
féin, ná gan aen-chreideamh eile d'fhulang acht
a ccreideamh féin." Agus adeir sé airís "go bhfuil
dream daoine ann áirmheann gur patfhuaireacht
a nduine bheith miochair macánta; agus gur feárr
fíochmhaireacht a ccreideamh ná fionnfhuaire;
agus do mharbhann an "bear" nó an laodh alta le ní
bhus mó dúlach 'na chroiceann ná do thaoibh
aen-díobhála dá ndéanadh sé; agus gur mó do
shochar dóibh talamh nó stát na nÉirionnach do
thógbháil suas ná an charthannacht a n-anma
do shámháil, nó a ccreideamh do cheartúghadh."
Agus fá dheóigh críochnuígheann ag rádh:
"creidim go bhfoilseóghfar fá dheire gurab iad


L. 28


an bhuídhean do thúismidh buairt am ríoghachtaibh
eile do bhí ciontach a ccéad-dhortadh fola
a nÉirinn, agus gan stupadh tráthamhuil do chur
leis."



gidh eadh, d'aimhdheóin a ccúraim ag cur
gach nídh a mbréig-riocht don Rígh, do foilsígheadh
dó gach ar fhulaingeadar fir Éirionn agus gach
meódhan do meabharuigheadh chum iad do
léirsgrios; agus leis sin cuireas órdúghadh chum
na tTighearnaoibh Giúistísighe toghairm do
chur amach ag forfhógradh párdúin do gach
n-aon d'úmhalóch a ccionn dá fhithchid lá. Do
budh geall le caoir trom-thóirníghe an t-órdúghadh
so don droing do gheall eastáit mhóra
dhóibh féin do thaoibh iasguireachta ansna huisgíbh
buartha so, agus do cuirfídhe annois air ccúl
dá tté ordúghadh an Rígh a bhfeidhm. Do chum
na hanachainne sin do sheachna agus san amm
chéadna úmhlaoigheacht do chlaon-thaisbeánadh
don Rígh do chuireadar an forfhógradh amach
ag tairigsin an phárdúin, gidh eadh, air mhodh
nách raibh sochar air bith le fagháil as, ní hé
amháin ag lucht eastát, acht ag neach air bith
dá fhoirísle dá raibh a n-armaibh an tráith sin.
Óir ní raibh toradh an phárdúin le fagháil acht
ag gach n-aon ná raibh talamh saor aige, agus do
bhiadh a ccionn deich lá a mBaile Átha Cliaith, nídh
agá raibh 'fhios aco nárbh fhéidir do dhéanamh.


L. 29


Do chum ná fághadh an Rígh fios fóirleathan
fírinneach air ghnóthaibh na hÉirionn do gabhadh
Sur Seón Reed, seirbhíseach dearbhaithe leis an
Rígh do gheall dona Catoilicithibh réamhráidhte
a ndeacracha do nochtadh don Rígh, a mBaile
Átha Cliaith agus é ollamh chum dul go Sagsaibh,
agus d'órduídheadar na Tighearnaoi Giúistísíghe é
cheusadh go peannaideach ar an racadh do
chum nídh éigin d'fhásgadh as do thiúbhradh
(an) Bhainríoghan nó an Rígh féin ciontach ansa
chóimhéirghe sin na nGaodhal. Do thaoibh na
húsáide malluighthe míchríostamhla so do budh
éigion d'úrmhór bhfear nÉirionn a n-airm do
thógbháil chum iad féin do chosaint agus do chaomhna.
Agus sin mar budh mhiann leis na Protestúin é.
Agus do-ríneadar cómhchruinniughadh a cCill
Chuinne, agus do ghairmeadar díobh féin Cosbhuntóiríghe
Catoilicíghe na hÉirionn, agus do thógbhadar
fórsaoi do chum iad féin do chaomhna
air inghreim a namhad. Gidh eadh, do chum go
bhfoilseóghaidís a ngníomha don tsaoghal agus do
chum go tteiligeóidís díobh aon-toibhéim dá
ttabharfaoi dhóibh do thaoibh éirghíghe a n-aghaidh
an Rígh do chuireadar Manifesto amach do
thaisbeán na réasúin do bhí aco chum airm do
thógbháil, agus dá ttaisbeánadh féin fós díleas don
Rígh, agus gur mhór a ngráin air ghnóthaibh an


L. 30


Phairliment a n-aghaidh an Rígh. Dá dheimhniughadh
san do thugadar féin, agus do chuireadar
air gach n-aon dá bpáirtídhe, nuaidh-mhionnadh
do chum na críche sin, do budh fhéidir leis gach
Catoilicíghe do thabhairt gan truailliúghadh air
bith dhá ccreideamh. Agus ansan do cheapadar
coimiséiríghe chum iad do chur gusan Rígh go
Sagsaibh do chum a ndeacracha d'fhoilsiúghadh
dhó agus úsáid thíoránta na tTighearnaoi Giúistísíghe
dhóibh.



Suil (a) ttriallad ní bhus faide as ócáideach go
bhfóilseóchaidh mé nídh budh mhiann liom,
nó d'órdóinn, chum creideamhna gach taoibh
dhíobh, do bheith múchta a ndearmad shíorruíghe,
.i. gach feill-bheart agus gach dúnmharbhadh dá
ndeárnadh air gach taobh san chogadh chinneamhnach
san. Ní féidir taobh air bith dhíobh do
shaoradh; gidh eadh, as iad an bhuidhean do
thúismidh na feill-bhearta so as mó do bhí ciontach.
As fíor gur mheas gach taobh dhíobh an
milleán do chathamh air an ttaoibh eile; acht
ag breithniúghadh an nidh go hiomlán, saoilim
gurab iad na Protestúin do thúismidh an gnódh,
óir iar bhfoilsiúghadh an phloit a mBaile Átha
Cliaith dhóibh, an tan chonnarcadar ná raibh acht
daoine arráideacha ann agus do mheasadar nár
mhaith le lucht beatha nó éastát lámh air bith
do bheith ann, do cinneadh aco gach meódhan
d'fheargóghach agus do sganróghach iad chuige.


L. 31


Agus do chum na críche sin do chuireadar
amach drong-bhuídheana a mórán d'áitibh tar
lear ionnus mar chuireadar timpchioll Bhaile
Átha Cliaith, léar fealladh air mhórán do
dhaoinibh, dá ccur chum báis gan deifir aoise
ná cinéil. Agus go háirighthe a cCluain Thairbh,
ag Santry, agus ag Bullock, a bhfoigse trí nó ceathair
do mhíltíbh do Bhaile Átha Cliaith, mar ar dhúnmharbhadar
a ttosach míosa November 1641
ionann agus cheithre fithchid pearsana do dhaoinibh
bochta na tuatha; mar do-rín gairisiún Charraig
Fhearghusa grod roimhe sin a n-aon-oidhche
amháin búistéireacht air ar chómhnuidh do
dhaoinibh a n-Oileán Magee, .i. dá mhíle nó trí
d'fhearaibh, do mhnáibh, agus do leanabhaibh.
Do-ríneadh an céadna le Tighearna Brothail,
do budh Iarla Oiriríghe 'na dhiaidh sin,
a cContaebh Chorcuíghe agus Phortláirge, agus ansna
háitibh budh foigse dhóibh; agus Sur Cormac Coote
iona ionsuíghe go Contae Wicklow; agus le Captaen
Peasly Brown agus le tuille a cContae Thiobraid
Árann; agus fá dheóigh, mar budh ghnódh genearálta
é, le húrmhór gairisiún Protestún na hÉirionn
iona raibh neart air bith.



Ní dheárnadar na hOltaigh díobháil budh mhó
ná na Protestúin d'arguin agus do strapáil go ró so,


L. 32


agus gan aon-duine do mharbhadh acht an té sheasaibh
a n-armaibh 'na ccuinne. Gidh eadh, an
tan chualadar an bhúistéireacht réamhráidhte
do fearguídheadh chómh mór san iad - ciodh ná
rabhadar na cinn feadhna do bhí ortha chómh
barbardha san agus bás a ccáirde do dhíoghailt le
dortadh fola na buídhne ná raibh aon-lámh ann -
gidh eadh, do thogradar na saidiúiríghe an úsáid
chéadna do fuaradar na Catoilicithe a nOltaibh
nó a n-aon-chóige eile thabhairt dona Protestúinibh.
Agus air an ccúntus so amháin do
chaill na céadta a n-anama air gach taobh a bhfuil
fhuair, as é sin, gach taobh ag díoghailt dorta
fola a ccairde. Ní fios cia an t-áireamh cailleadh
amhlaidh so air aon-taobh, gibé aco as lúgha
as ró-mhór é.



A ttaoibh leabhráin lán-fhallsa Sur Seóin
Temple mar a n-áirmheann sé a dó nó a ttrí
chéad míle Protestún Sagsanach do mharbhadh
a n-aon-chóige amháin, ní féidir a chreideamhain,
óir gur mhaireadar na céadta adúbhradh gur
marbhadh an tráith sin mórán bliaghan dá éis,
agus fós go hathghairm an dara Cormac; agus as feasach
fós gach nduine tuigseach nách raibh leath na
huimhire sin Protestún a nÉirinn uile san tsamhra
1641. Agus fós mar adeir Sagsanach onóireach
do mhion-chuarduidh an sgéal so, ní hé
amháin le réasúnaibh maithe acht fós ó sgríbhnneóiribh


L. 33


Protestún, agus chríochnuígheann air
an sgéal so go léir, na céadta mílte seo adúbhradh
air ar fealladh nó do marbhadh a nOltaibh
ná rabhadar ós cionn trí mhíle. Agus Sur Uilliam
Petty, Sagsanach agus Protestún fós, budh chléireach
ag Cómhairle Chromuil, budh suirbhéir genearálta
tailimh na hÉirionn, agus budh dhuine fiosrach
fír-eagnuídhe, adeir air an ccuardúghadh as géire
do budh fhéidir do dhéanamh nár cailleadh as
cionn sé mhíle dhéag air fhithchid air gach taobh
san mhachaire ná a bhfuil fhuair.



Ní bhaineann sé leis an ngiorracht as miann
liom do leanmhuin bheith súnrádhach nó pairticiulártha.
Gidh eadh, as follus gur cailleadh a
shé huirid dona Cathoilicithibh leis na Protestúin.
Air ttús, mar chómhnuígheadar úrmhór
na bProtestún a ccathrachaibh, a mbailtibh
daingin, agus a ccaisleánaibh, do shámháil iad air
fhraoch na cómhchoitchinne. Agus an chuid eile
dhíobh do mhair go sgaipitheach air feadh na
tuatha do ghrod-chruinnígheadar fé tharmuin
na ndaingneacha san chómh luath agus do thosnuidh
an trioblóid, agus d'fhanadar ansan air feadh an
chogaigh, nó do-chuadar go Sagsaibh nó go
hAlbain, agus leis sin nách mór do cailleadh díobh
acht an mhéid do thuit a ttúis na cómhbhuartha.
Gidh eadh, na Catoilicithe do bhí sgaipithe air
feadh na tíre agus dá bhrígh sin osguilte chum gach
anachuinne óna namhuid neamhthruaighmhéiligh,


L. 34


do-ríneadh air feadh dá bhliadhain déag iad do
bhúistéireacht air an uile ócáid. Agus fós, ar
cailleadh dona Protestúnaibh as leis an ccómhchoitchinne
neimhriaghluithe do ciorrbhadh iad,
ní hé amháin le, acht fós a n-aghaidh órduithe a
cceannaidh feadhna, léar cuireadh chum báis
mórán díobh a ttaoibh a ngníomha ngráineamhla.
Gidh eadh, na Protestúin, as le hordúghadh
poibillíghe do-ríneadar gach gníomh dá ndeárnadar
annsan uile áit; agus ag so an t-órdúghadh:
gan oiread an leinibh 'na mbiadh réise air faid
ann do spáráil, amhuil mar d'órduígheadh Sur
Cormac Coote do gach páirtíghe dá ccuireadh
amach do chum na nGaodhal do bhúistéireacht.
Agus fós, fíor-luíghead na huimhire dona Catoilicithibh
do chuireadar na Cromwellians chum
báis do thaoibh na ndúnmharbhtha so; agus dá
mbiadh a ttrí n-oirid ciontach nocharbh infheadhma
iad chum aon-tsuime móire dona Protestúnaibh
do chiorrbhadh, munadh n-adbhamaois
gurbh fhathach gach n-aon díobh, nó a rádh mar
adúbhradar mná Israel: ghur mharbh Saul a
mhílte agus Dáibhídh a dheich mílte.



Óir chómh luath agus do ceanna-mhúchadh Éire
le hachtachaibh tuath Chromuil do thionsgnuígheadar
agus do chuireadar suas a n-Árd-Chúirt
an Chirt, fé mar ghairmidís di, iona ndeárnadh


L. 35


gach fiosrúghadh do budh fhéidir do dhéanamh
air gach dúnmharbhadh dá ndeárnadh air
na Protestúnaibh air feadh an chogaigh, agus sathaíghe
fínnithe dá cceannach chum dearbhaighthe
do mhaoil gualann. Agus annsa ghleó do-ríneadar
dá rádh gur fealladh air thrí chéad míle dhíobh
a n-aon-chóige amháin, níor fríth ciontach dona
Gaodhalaibh ansa ghníomh san d'fhearaibh agus
do mhnáibh acht seacht bhfithchid, agus gan acht
fír-bheagán díobh san 'na ndaoine nótálta, ciodh
gur bhudh iad a ndearg-námhuid a ngiúistísíghe,
do thaoibh gach feill-bheirte dár cuireadh 'na
leith do dhéanamh ó thúis go deiridh, agus a
n-úrmhór so dá dheímhniughadh air uair a
mbáis, an aon-uair as mó budh chóir creideamhuin
do thabhairt do neach, iad féin do bheith neimhchiontach.



Gidh eadh, dá ndéintídhe an fiosrúghadh
céadna don taoibh eile agus gach fealtóir díobh do
thabhairt chum freagartha air a shon féin, d'fhéadfainn
a rádh le fírinne ná rachadh an deachmhadh
fear do shearbhóntaighthe an Pháirliment saor
do láithir aen-ghiúistís chirt san domhan. Agus
do bhí fios na fírinne seo aco féin chómh maith sin,
iar n-athghairm an dara Cormac, an uair d'iarradar
cuid do Chatoilicíbh na hÉirionn do bhí an
tráith sin a Londoin ag seasamh amach do lucht
a ttíre féin gan toradh Achta an Phárdúin nó


L. 36


an Mhathachuis do thabhairt do neach air bith
do bhí ciontach a ndorta fola tré fheall air aontaoibh,
nárbh áil leis na Protestúin an nídh sin;
agus ní rabhadar suaimhneasach nó gur deimhnígheadh
dóibh nách raibh le gearradh amach
ó thoradh an Achta san acht beagán do mhurdairéiríghibh
an Rígh agus Catoilicithe na hÉirionn.



Ag san glain-fhírinne an truaigh-sgéil sin do-rín
an oiread san glóir ansa tsaoghal. As dona
Catoilicithibh as mó do cailleadh go mór; gidh
eadh, as bás ciúin do fuaradar, amhuil an oiread
caorach tabharfaoi chum a slátarála; nocha
ndeárnaidh a ccuid fola glór mór, go háirighthe
a Sagsaibh. Gidh eadh, na Protestúin, do cailleadh
iad le an oiread san gall-trúmpaoibh iona mbéalaibh
gomo ionann agus céad gach n-aon díobh.
Agus as iongna nách 'na milleónaibh do háirmheadh
iad, óir do-ríneadar milleóin dona réapubliocánaibh
rún-fhallsa a ngnódh laetheamhail,
amhuil an oiread san mac-alla, do chraobhsgaoile
gach feill-bheirte dár himreadh air a bpáirtíghe
féin, ní le grádh ná truagh dóibh seo do cailleadh
acht do chum a ngnótha malluighthe féin do
thabhairt chum cínn, as é sin, do chum gach uile
mhasla do thabhairt don Rígh agus a rith síos air
aon-ráta. Óir as iona leith, lena mailís dhiabluíghe,


L. 37


do chuireadar na dúnmharbhtha so uile.
Agus as leis na meódhanaibh seo agus le tuille dá
ngnó taibhdiadha do mharbhadar a ccroidheibh
a dhaoine é suil do scuchadar a cheann de.
Agus nocha rabhadar na fealtóirighe sásta le
clú shaoghalta an Rígh do chlaochlódh gan a
leanmhuin d'éis a bháis ag tabhairt míochlú dhó
leis an mailís ccéadna. Óir san mbliadhain 1653,
an uair do ghabhadar Sur Feidhlim Ó Néill 'na
phríosúnach agus gur daoradh a mBaile Átha Cliaith
é lena n-Árd-Chúirt an Chirt, ciodh ansan amm
chéadna gur chóimhríodar 'na chinn feadhna é
air gach dúnmharbhadh dá ndeárnadh air na
Protestúnaibh a nOltaibh, do thairigiodar a
anam dó air choinghíol go n-adbhódh sé gur le
coimisiún ón ccéid-Rígh Cormac do-ríneadh an
chóimhéirghíghe Oltach. Gidh eadh, eision, a
los onóradh, budh rogha leis bás d'fhulang le
coinsias glan ná 'anam do cheannach chómh
daor san agus bréag do chur air a phrionsa neimhchiontach
iona uaigh. Agus ní hé amháin an


L. 38


tairigsin do dhiúltadh, (acht) do shaor sé an
Rígh air uair a bháis féin, air láithir a ídighthe
amhuil do-rín an Tighearna Mac Guibhir
naoi mbliaghanna roimhe sin a Londoin, d'aimhdheóin
díthchill agus tairigsiona Phairliment an
Rúmpadh.



Gidh eadh, chum fille air ár sgéal ón rangcás
ro-thruaighmhéileach so, ciodh gur chomhchruinnígheadar
na Cosbhuntóirighe Catoilicíghe amhuil
adúbhramair chum iad féin do chaomhna, gidh
eadh, níorbh í a n-intinn seasamh a n-aghaidh an
Rígh ná a ndílseacht dó do shéanadh. Agus dá
bhrígh sin, an tan do-chualadar gur bhris an
cogadh amach idir an Rígh agus an Páirliment a
Sagsaibh, agus gur dheónaidh an Rígh fá dheóigh
a ndearg-námhuid, .i. Tighearnaoi Giúistísíghe an
Phairliment, do chur do leataoibh, agus foighrígh air
an ríoghacht do dhéanamh don Iarla Urmhúmhan,
do-ríneadar sosadh cogaigh leis an Iarla
an cúigmheadh lá déag do September 1643.
Agus do thugadar deich míle fhithchiod agus ocht
ccéad púint airgid dó do chum a armála Protestún
do chur go Sagsaibh. Óir mar budh dhíoghraisíghe
do Phrotestún ná budh ghasta agus do budh
ábalta do mhinistéir Stáit é, do dhiúltaidh sé an
tairigsin tugadh dó air an armáil Chatoilicíghe,
agus as air éigin d'aontaidh sé dhóibh dá mhíle dhá


L. 39


bhfearaibh do chur go hAlbain ag neartúghadh
páirtíghe an Rígh ann do bhí fé ordúghadh
Mharquee Mhontross.



Go grod dá éis sin do chuireadar Tighearna
Músgraoi agus Sur Niocolás Plaincéad mar aon le
huaislibh eile go Sagsaibh ag cur eachuiníghe
chum an Rígh fuasgladh air a ndeacrachaibh
iomdha, ní hé amháin do thaoibh an chreidimh
Chatoilicíghe, acht fós do thaoibh a saoirse theamporálta.
Tar éis éisteacht go síothcháirdeach
leó d'órduidh an Rígh tar ais iad chum an
Fhoi-rígh, agus do chomhairlidh dó síothcháin do
dhéanamh leis na Catoilicithibh; agus do dhianfhógair
dó 'na dhiaigh sin, le teachtaibh agus le
mórán do leitreachaibh, crích do chur go grod
le cogadh na hÉirionn, agus a nochtadh dhóibh, dá
mbeidís sásta le toil shaor a ccreidimh, le cur air
ccúl d'Acht Phoyning, agus le mathachas genearálta
air imthidh thársa, nách cóimhreódh sé 'na dhrochmharaga
é, dá rádh fá dheóigh, nárbh fhuláir
leis an tsíothcháin do chríochnúghadh leó gibé
air bith do chosmhunódh sí.



Gidh eadh, do bhí an tIarla a n-aghaidh síothchána
do dhéanamh leis na hÉirionnachaibh,
ciodh gur iarradar í agus gur órduidh an Rígh go
minic a déanamh leó. Gidh eadh, nocha ndéanfadh
an tIarla san nó gur gabhadh buadh air
an Rígh a Sagsaibh tar éis catha Naseby agus mórán


L. 40


cailleamhna eile d'fhuilingeadar an páirtíghe
ríoghadh an bhliaghain sin. Ansan (dob fhéidir),
agus nocharbh fhéidir go n-uige sin, an tIarla
thabhairt chum éisteachta le coinghíolaibh síothchána.
Agus fós, ansna cruadh-chásaibh sin,
do bhí sé chómh fada san ó chrích do chur leis
an ccogadh, ciodh gur cinneadh coinghíl eatortha
an Márta dá éis sin le coimiséiribh ceapuighthe
chum na críche sin, gur chuir sé na coinghíl óna
sóinseáil an uair sin, agus ó lá go lá, nó gur chuir
an Rígh, an tan chonnairc sé nách raibh a armáil
infheadhma chum an mhachaire sheasamh an
samhra san, go míofhoirtiúnach é féin a ttúis
mídhe na Béiltine 1646 a lámhaibh na ttraotúiríghe
Albanacha do bhí an uair sin ag arguin
Newark. Agus do chuireadar so d'fheidhm air
an Rígh a leitir do chur chum an Iarla an t-ao'mhadh
lá déag don Mheitheamh ó Newcastle,
ag athghairm gach cómhachta dá ttug dó chum
na síothchána.



An tan mhothaidh Ceann Comhairle na cCatoilicithe
an mhoíll seo do budh iongna leis é, agus tímpchioll
meódhain an tsamhra cuireas teachta
chum an Iarla ag iarraidh air a aigne 'nochtadh a
ttaoibh na síothchána; gur fhreagair an tIarla é
ag rádh ná féadfadh féin dul ní bhus faide san
ócáid, óir go bhfuair órduithe an Rígh iona


L. 41


aghaidh. Gidh eadh, iar ndéanamh athmhachtnaimh
chum clis d'imirt air na Catoilicithibh,
do-rín an ócáid d'athnuachant a mbeagán seachtmhuiníghe
dá éis sin. Óir, air thaobh don sgéal,
do bhí 'fhios aige, le sóinseáil na ccoinghíol, go
bhfághadh sé an tsíothcháin d'fhógairt, agus dá
bhrígh sin, go bhfághadh sé seilbh na mbailte
daingin do bhí a lámhaibh na cCatoilicithe; agus
don taoibh eile, nách biadh sé ceangailte síos
chum na ccoinghíol dámo é sin a shochar nó a
bhúntáiste, mar do hathghairmeadh a chómhachta
roimh shóinseáil na ccoinghíol. Agus uime sin, do-rín
an tsíothcháin agus do chuir dá fógairt í an
fóghmhar dá éis sin.



Gidh eadh, Nuncio an Phápa agus drong eile
d'uachtaránaibh na hEaguilse do bhí cómh-chruinnithe
an tráith sin a bPortláirge, an tan do-chonnarcadar
gur sheun an Rígh coimisiún agus
coinghíl Iarla Glamorgan leó-san dá rabhadar
go uile ag géille ans gach nídh dár bhain leis an
Eaglais, agus nách fuaradar coinghíol air bith déanta
ansa tsíothcháin ag tabhairt toile saoire coinsiais
ná cead a ccreidimh dona daoinibh, do dheimhnígheadar
go hiomlán a n-aghaidh na síothchána.
Agus do chuireadar mallúghadh agus cuinneallbháthadh
air gach n-aon do-gheóbhadh lé, dá


L. 42


rádh go rabhadar ciontach a mbrise a móide.
Óir a ttúis a ccómhchruinnithe do dearbhadh
iad chum a ccoimhcheangail, agus do ghealladar
nách glacfadh dream air bith dhíobh aen-téarmaoi
síothchána gan toil shaor na coda eile a ccómh-chruinniughadh
ghenearálta an náisiúin uile, do
chruinnígheadh aon-uair amháin san mbliadhain
chum gnótha poibillíghe do shocrúghadh. Agus
do chorruidh an nídh sin oifigíghe an airm agus
uaisle na ríoghachta uile chómh mór san gur
diúltuígheadh go genearálta don tsíothcháin.
Agus uime sin, an tIarla Urmhúmhan, do tháinidh
chómh fada le Cíll Chuinne do chum a
ghlacuighthe a haithle na síothchána san, d'iompuidh
tar ais agus dithneas air go Baile Átha Cliaith.



Go grod dá éis seo do chruinnígheadar na
Cosbhuntóiríghe Catoilicíghe a ccómhdháil ghenearálta
iona ndeárnadh cuardughadh iomlán agus
machtnamh air airtigiolaibh na síothchána. Agus
a haithle móráin coinsgleó do diúltuígheadh di
leis na réasúnaibh réamhráidte; agus do cuireadh
a ngéibhionn na coimiséiríghe do chríochnuidh
í; agus do tugadh chum cúntais iad a ttaoibh mar
sháruígheadar na cómhachta tugadh dóibh.



Ansan amm chéadna do dhíol an armáil Albanach
an Rígh le Páirliment na Sagsan air dá chéad
míle púint an t-ochtmhadh lá d'Fhabhradh 1646.


L. 43


Agus a mbeagán do mhíosaibh dá éis sin tug
Iarla Urmhúmhan suas Baile Átha Cliaith,
cloidheamh an Rígh, agus an mheirge ríogadh do
choimiséiríghibh ón bPáirliment. Agus do thaoibh
na deaigh-sheirbhíse sin do bhronnadar dó a
Londoin slabhradh agus monladh óir agus trí mhíle
dhéag púint airgid, amhuil do dheimhnidh Iarla
Anglesey go poibillíghe ó shoin, do budh duine
dona coimiséiríbh.



Ansan amm chéadna do sheasmhuígheadar na
Cosbhuntóiríghe Catoilicighe an cogadh go lánchródha
leis na Páirlimentáirians, agus do-ríneadar
máighistiríghe dhíobh féin air Éirinn uile acht
Baile Átha Cliaith agus Duire. Agus an tan chualadar
go raibh an Rígh 'na phríosúnach a Sagsaibh agus
goma éigion dá mhac, Priónsa Wales, rith don
Fhraínc, mar a ndeachaidh an Bhainríoghan grod
roimhe sin, do chuireadar Iarla Antruim agus
Tighearna Músgraoi dá n-iónsuíghe dá ínsin don
Bhainríoghain agus don Phrionsa an miann do bhí
ortha síothcháin do dhéanamh agus a ccoghnamh do
thabhairt air feadh a ccómhachta chum an Rígh
do shaoradh óna ghéibhionn.



Agus leis sin táinidh Iarla Urmhúmhan, do
bhí ann an tráith sin, tar ais go hÉirinn tímpchioll
na Féile Míchíl 1648, agus críochnuígheas an tsíothcháin
le cómhdháil ghenearálta na cCosbhuntóiríghe
cCatoilicighe an seachtmhadh lá déag


L. 44


do January, dá ngairmthíghe síothcháin '48.
Do glacadh an tsíothcháin seo leis na Cosbhuntóiríghibh
Catoilicíghe uile acht amháin Eóghan
Ruadh Ó Néill do budh saidiúir foirtiúin amháin,
gidh eadh, an t-oifigeach adbhaithe do budh
fheárr do bhí aco ansa ríoghacht, do sheasaimh
amach, mar, go dearmadach, ná tugadar céim
shuimeamhuil air bith dó ansan arm, nó go
ttug Iarla Urmhúmhan a théarmaoi féin dó an
tan do briseadh air an Iarla a mBaile Átha
Cliaith agus iar tteacht do Cromuil go hÉirinn
go grod dá éis sin. Do thug Eóghan Ruadh agus a
pháirtíghe aonta leis an síothcháin an dara lá
déag d'October dá éis sin agus ansan do chruinnígheadar
uile a n-aghaidh na bPáirlimentáirians.



Gidh eadh, d'éag Eóghan Ruadh go míofhoirtiúnach
go grod dá éis sin, agus ansan ní raibh
neach air bith fágtha aco do budh feadhma chum
seasaimh (a) n-aghaidh Chromuil do thomáin
an uile nídh roimhe gan toirmeasg air bith acht
an mhéid do-rín Aodh dubh Ó Néill dóibh a
cCluain Meala, mar ar chaíll sé an oiread fear
agus do chaill sé ag gabháil na coda eile don ríoghacht.
Agus do chaillfeadh mórán eile dhíobh, agus d'imtheódh
gan an ríoghacht do ghabháil, munadh
mbiadh nár chuireadar muíntear Phortláirge
púdar agus pléir chum an ghairisiúin amhuil mar
ghealladar.


L. 45


Air a shon san féin do sheasmhuígheadar na
Cosbhuntóirighe Catoilicíghe amach go deiridh.
Agus ciodh gur tairigiodh an chuid budh mhó
dá n-eastátaibh dhóibh agus mórán do théarmaoibh
socharacha eile, amhuil do sheasaimh an cás, le
Pairliment an Rúmpadh an tráith sin, dá
n-umhalaoidís dóibh féin agus seirbhís an Rígh do
thréigion, gidh eadh, do dhiúltaoígheadar do
ghuth aon-bhuidhne na tairigsiona san uile a
ccómhdháil ghenearálta ag Loch Riach san
gheimhre 1650. Agus nochar leagadar a n-airm,
nó gur cuireadh a ccás iad ná raibh sé 'na ccómhachtaibh
an cogadh do sheasamh ní bhus faide
san mbliadhain 1653.



Budh rogha le húrmhór na harmála a ndúthaidh
dhíleas do thréigion ná marthuinn fé chómhachta
an tíoránaigh, Cromuil, le haigne an chuid
eile dá laethibh do chathamh a seirbhís a bPrionsa.
Agus uime sin do-ríneadar coinghíl dul go tíribh
eachtrann agus go háirighthe don Fhrainc agus don
Spáinn. Agus an mhéid d'fhan do thaoibh aoise
nó éagcruais as iomdha anfhórlann d'fhuilingeadar.
Óir na saídiúiríghe agus mórán do dhaoinibh
bochta na tuatha do díoladh 'na sglábhaibh iad
leis na hOileánaibh Iartharacha, nó West Indies,
chúig mhíle dhéag nó fithche míle fear dhíobh.
Agus na hoifigíghe nó an chuid eile d'uaislibh
Catoilicíghe na ríoghachta do hórduígheadh tar
Soininn anonn iad go cóige Chonnocht agus go


L. 46


Contae an Chláir, agus do chómhall ortha gan tille
tar ais a bpéin bháis gan cead, mar a rabhadar
gach lá fé dhaoirse, fé bhruid, agus fé mhoghsainne
na bhfoghthíoránach ag máighistireacht ortha.



Cromuil, ansan amm chéadna, gibé aco le
tnúth na hÉirionnaigh do shásamh nó chum go
ttaisbeánadh a íntinn chum cirt, d'órduidh sé
Cúirt ó Claim (amhuil do ghairmidís na sein-Éirionnaigh
don chúirt sin), ag Baile Átha an
Luain, iona bhfághadh gach Catoilicíghe d'áiteóchadh
é féin neimhchiontach san ccóimhéirghíghe
nó tháinidh asteach fé na cáilibh eile do bhí
ceapuighthe aco, suím d'áirighthe talmhan chum
a ccothuighthe ansa chóige réamhráidte Chonnocht
nó a cContae an Chláir: drong díobh an
ceathramhadh cuid, drong eile an tríomhadh
cuid, agus, do budh fhéidir, fír-bheagán díobh leath
na suime acraoi do bhí 'na seilbh a n-áitibh eile
san mbliadhain 1641.



Gidh eadh, ní rabhadar na foighthíoránaigh
lán-tsásta leis an mbeag-fhábhar san féin do
fuaradar na Catoilicithe. Óir do tuigeadh dhóibh
ná rabhadar féin lán-tsámhálta chum gach áite dá
bhfuaradar féin go holc do chaomhna feadh
mhairfeadh aon dona sein-shealbhúghdóiríghibh.
Agus uime sin as minic do cinneadh aco, agus beag
ná deárnadar é, as é sin, iad uille do chiorrbhadh


L. 47


d'aon-bhuille idir fhear, mhnaoi, agus leanbh, munadh
mbiadh mar do chuir lámh láidir Dé an buille
malluighthe sin do leataoibh.



Do bhádar na hÉirionnaigh mórán bliadhan
ansa chás chruadhálach so, a n-uamhan laetheamhuil
na ccontabhairtíghe do bhí ós a cceannaibh,
gan tnúth air domhan le fuasgladh air bith aco
acht le hathghairm a bPrionsa d'fhuasglódh iad
óna ngéibhionn láithreach agus do chuirfeadh a
seilbh eastát a sínsear iad. Gidh eadh, mar do
mealladh iona mbaramhuil iad agus air gach míophuínteáil
dár éirghe dhóibh as eadh tráchtfar
annois.



Ag san críoch don chéad-pháirt.


L. 48


AN DARA PÁIRT.



Sean-fhocail 29.14: "An Rígh thug an fhírbhreith
air na boicht biaidh a réimheas iomráidteach
go deire an domhain."



Isa.10.1: "Mo thruagh lucht na cclaen-bhreath, do
sgríobhas gach daor-bhruid dár cheapadar: an
t-uireasbach d'iompódh leataoibh ó bhreitheamhnas;
an ceart do chlaonadh ó na bochtaibh; antúr do
dhéanamh dona baintreabhachaibh; agus na díthleachtuithe
d'arguin."



Ansa tráchta réamhráidte do thugamair suím
aithgheárr na n-iompuithe iomdha do thárla a
nÉirinn ón ccéid-bhliadhain do réimheas Bhainríghine
Eilís gusan mbliadhain ndéanaigh do
thíorántacht Chromuil. Agus san rae sin do
thugamair faoi ndeara mar ríneadh ball úirlise
do chreideamh do chum daoirse agus daor-bhruide,
agus mar hiompuígheadh saoirse an tsoísgéil chum
gach uile chlaen-bheart, le a bhféadfaidís daoine
cómhachtacha a ccómharsana d'arguin gan aní
bhus mó cáis ná scrupail ná dhá mbiadh an
bharántas céadna aco ó neamh do fuair an Pobal
Eabhar ó lámhaibh Mhaoise chum rith le héadáil
na nAegyptiánach.



A mbreithniúghadh an sgéil uile as follus go
raibh cóimhéirghíghe Iarla Thír Eóghain
chómh fada san ó bheith 'na rebelliúntacht le


L. 49


dlighthibh Dé agus le dlighthibh fuaindemeantamhla
an tsaoghail, ná raibh acht cóimhdhídhean air
féin ann a n-aghaidh iarrachtuíghe míobharántamhla
Bhainríghine Eilís, ní hé amháin do
ghaibh an choróinn go héagcórach ó Mháire,
Bainríoghain Alban, acht fós do mheas ceart
cille agus tuatha do lámhadh lena haon-toil a
n-aghaidh na n-uile dhlighthe diadha agus daonna.



Agus a ttaoibh an Iarla do theithidh as an
ríoghacht a n-aimsir Rígh Séamus do thaoibh
ionformuireachta thraotúrtha St. Lawrence, do
féadfaoi 'áireamh na pheacadh a n-aghaidh
gliocais, do chuirfeadh d'éigion air dhuine mhacánta
seasamh ag caomhna a neimhchionta, a onóra,
agus a chlú fós le contabhairt a anma: gidh eadh,
ní féidir cuir thréasonta do ghairm di ná gníomh
do thabharfadh ciontach é a n-aghaidh na Coróinne.
Gidh eadh, ó bhí aen-fhínnéighe amháin paointeálta
chum dearbhaithe an' aghaidh, ciodh
gurbh fhollus gurbh fhear éithigh é agus gur theith
sé féin agus Iarla Thíre Conaill leis an ccúis ccéadna,
caithfior 'adbháil go raibh cúis sháthach iad do
dhaoradh le hacht Pháirliment, ciodh nárbh
fhéidir a dhéanamh do réir an dlígh dá bhfanaidís
agus triail do sheasamh.



Gidh eadh, do thaoibh Chóimhéirghíghe


L. 50


1641, gan amhras do-ghnídh leiter an dlígh
rebelliúntacht di. Óir searbhóntuighthe fé rígh
dhlightheach, gibé aco háirmheóthar iad go
haonta nó go hiomad, ní bhfuil ionta acht an
t-áireamh san do phearsanaibh príomháideacha,
agus uime sin ní féidir leó aon-úghdarrás poibillíghe
do ghabháil ortha féin gan coimisiún spisialta
ón bprionsa. Gidh eadh, dá ttéighmís go hÁrd-Chúirt
an Chirt agus machtnamh do dhéanamh air
nádúir duine agus ócáidíghe éigneacha an ghnótha
san, maille re réasún cómhachtach ár ccaomhnuighthe
féin dár ghairm an t-óráideach Rómhánach
non scripta sed nata lex, ad quam non
docti sed facti sumus, do budh fhéidir mórán do
rádh ag saoradh na ngnótha so. Óir a ccomparáid
don rebelliúntacht fhollus gan chúis do comóradh
an tráith sin leis na réapuibliocánaibh Sagsanacha
agus Albanacha, ní hé amháin a n-aghaidh úghdarráis
agus coimisiúin an Rígh, acht fós a n-aghaidh a
phearsan úngtha agus an riaghalúghadh ríoga, ní
raibh acht cuir éattrom ionta nách féidir do
chomóradh leis an ttaoibh eile acht amhuil mar
dhéanfaoi túrtóg sheangán le Pic Theneriffe.
Óir ní raibh riamh faoi aen-riaghlúghadh dlightheach
aon-chóimhéirghighe as mó do bhí ócáideach
chum féin-dhídheanuighthe agus dá bhrígh sin
inleithsgéil, dá bhféadaimís gníomha gráineamhla


L. 51


na comhchoitchinne do shaoradh, ná an Chóimhéirghíghe
seo '41.



Agus fós ní rabhadar daoine san domhan riamh
as mó fuair do dhuadh chum gach nídh do leasughadh
do bhí aindlightheach iona ngníomhaibh
ná Catoilicithe na hÉirionn. Dá mhíosa agus fithche
do sheasmhuígheadar amach, agus air feadh na haimsire
sin níorbh í a n-intinn seasamh a n-aghaidh
an Rígh, acht chum iad féin do chaomhna air
Thighearnaoibh Giúistísíghe an Phairliment do-rín
droch-úsáid do thabhairt d'úghdarrás an Rígh,
do chum a dhíobhála féin agus díobhála a shearbhóntaoi
dílse ansa ríoghacht san, agus a bhfábhar
na rebelliún a Sagsaibh, gur chreidmheadar na
Gaoidhil ná féadfaidís seirbhís budh mhó do
dhéanamh don Rígh ná éirghíghe iona n-aghaidh,
agus dá bhrígh sin iad do thoirmeasg air ní bhus mó
oilc do dhéanamh. Agus dá dhearbhadh san,
chómh luath agus do haistrígheadh na giúistísí seo
do-ríneadar na Cosbhuntóiríghe Éirionnacha
sosadh cogaigh le hIarla Urmhúmhan do chum
síothchána socruighthe do thabhairt chum críche,
nídh budh mhiann leis an bPriónsa agus leis na
daoinibh. Gidh eadh, do cuireadh na gnótha
maithe seo do leataoibh le claen-bheartaibh
droinge d'áirighthe do bhí ag cómhoibriughadh
eatortha, nó le cinneamhnaibh éigin eile an tráith
sin.


L. 52


Gidh eadh, do-ríneadh an tsíothcháin an seachtmhadh
lá déag do January 1648-9, agus, ní hé amháin
a glacadh le haon-ghuth, do chuireadar na
hÉirionnaigh séaladh uirthe lena ccuid fola, ag
cothúghadh cogaigh air feadh trí mbliadhan
leis na Pairlimentairians, murdairéirghíghe an
Rígh; agus an uair chailleadar a mbailte daingin
uile do chothuígheadar cogadh sléibhe leó air
feadh bliaghanna dá éis sin, ag tnúth le cabhair
éigin ón Rígh. Gidh eadh, ó ná fuaradar an
chabhair sin, do budh éigion dóibh a n-airm do
leagadh; agus ó ná féadfaidís 'fhóighnneamh marthuinn
faoi thíorántacht na bhfealtóiríghe do
dhearg a lámha a bhfuil a bPriónsa, do-rín a
n-úrmhór coinghíl air dhul tar fairge. Agus uime
sin do-chuaidh cuid díobh don Fhraínc agus cuid
don Spáinn, tuairim chúig nó deich míle fhithchiod
d'fhearaibh infheadhma. Agus ó do budh
é a miann an tseirbhís nár fhéadadar do dhéanamh
dá bPriónsa ag baile do dhéanamh dó a ttíribh
eile, ní túsga do ghabhadar cuan ná chómhchruinnígheadar
as gach áird do chum órduithe
a bPriónsa do leanmhuin.



As leis an réasún so do thréigiodar seirbhís na
Spáinne, air mbeith don Rígh san bhFrainc, agus
do thréigeadar na Francaigh chómh luath agus do-chuaidh
sé go Netherlands na Spáinne. Agus as
deimhin gurab é an cómhchruinniúghadh so na
nGaoidheal tímpchioll an Rígh, san amm 'nar


L. 53


thréigeadar beagnách a shearbhóntuighthe uile é
do mhéadaidh é air measg strainséiríghe, agus do
fuair an chuid as mó dá chothúghadh dó an
feadh bhí sé 'na dhíbiorthach.



Ag so an fhírinne nách féidir do shéanadh
le neach iona chéill réasúnta, óir mairid mórán
fínnithe air an sgéal so. Agus an Rígh féin, go
grod d'éis a athghairmthe, d'adbhaidh sé an nídh
céadna a n-óráid chum an Phairliment an seachtmhadh
lá fithchiod do July 1660, mar a n-abair
sé: "Atá tnúth agam nach gábha dhamh aon-rod
do rádh do thaoibh na hÉirionn, gurab iad
amháin do bhiadh gan toradh mo ghrása; do
thaisbeánadar mórán díograisi damh a ttíribh
eachtrann, agus tabharfadh sibh aire dom onóir agus don
gheallamhuin tugas dóibh." Agus airís an
deichmheadh lá fithchiod do November dá éis
sin, do chum socruighthe na hÉirionn adúbhairt
sé: "Fá dheóidh budh chuimhin liom, agus ní fuláir
go ccuímhneód go deóigh, air an díogras mór do
thaisbeáin cuid mhaith don náisiún san damh
air feadh na haimsire thugas air ttaoibh thall
d'fhairge, an uair do ghlacadar agus d'úmhaluígheadar
le sóchus agus le huirísle dom orduithibh, agus
d'iompuidh iad féin chum gach seirbhíse tuigeadh


L. 54


dham budh chaothamhla agus budh chóradh dhamh
do leanmhain an tan san, bíodh go raibh ró-mhíochaothamhuil
aco féin; agus tuigthear dhamh
gur thuíll an t-iompchur san ár bhfábhar, ár
cceart, agus ár ccaomhna."



Annois déinimís machtnamh don taoibh eile
créad é an fábhar, ceart, ná caomhna do fuaradar
na hÉirionnaigh a haithle a ndiain-dhíograis
d'áitmhidh agus d'adbhaidh an Rígh feín go follus
don tsaoghal. Do budh í an cheist mhór annois;
na Croiméillians - do-rín, amhuil madraoi fola,
an chéad-Chormac d'fhiaghach go n-uig an scaffal,
agus do thomáin an dara Cormac as a ríoghachtaibh
- an bhfágfaoi na heastáit aco do fuaradar a
nÉirinn a los na ngníomha soiléire seo a n-aghaidh
na Coróinne, nó a ttabhart suas dona sein-shealbhudóirighibh
do thaisbeáin a ndílseacht chómh
neimhmeódhanach san, agus do chaíll na heastáit
chéadna do thaoibh a ndlúith-dhíograis don Rígh,
agus agá raibh a tteidil go maith a los na síothchána
ag baile agus gnáith-gheallamhna an Rígh a ttíribh
eile?



As deimhin ar ttúis go raibh an Rígh go ró-éigneach
chum cirt do dhéanamh dona
Gaoidhealaibh. Gidh eadh, d'oibrígheadar clis
agus cladhaireacht daoine móra do bhí iona thímpchioll
air chum claonta agus a ttabhairt suas dá
naimhdibh agus a ttréigion go hiomlán, an bhuidhean


L. 55


nár thréig eision riamh iona mhíofhoirtiúnaibh
iomdha. Bíodh iongna ort, a Fhlathais Dé,
dá thaoibh seo! Óir ar léaghadh ná ar cluineadh
gníomh a ccomórtas dó so ó chruthughadh an
domhain? Gníomh chómh truaillighthe sin
(agus nár chuibhe do phrionsa mhór ná oirdheirc), agus
chómh contrárdha san do cheart choitchionn
agus dona ceangalaibh diadha bhíonn idir an ccine
dhaonna, agus fós chómh neamhghasta san (agus misneach
do chur ar dhroch-dhaoinibh leis an sompla
so chum éirghíghe a n-aghaidh na ríghthe thiucfadh
dá éis, chum a bhfoirtiúin do dhéanamh air
an modh ccéadna - agus an droich-mhisneach do
chuirfeadh sé air dhaoinibh chum bheith díleas
dá bpriónsa - sómpla áidhbhéil air diombuidheachas
bheir forfhógradh do dhaoinibh eile gan
iad féin do chur a ccontabhairt air an modh
ccéadna) nách féidir le céill dhaonna a mhachtnamh
créad an chúis do bhí leis.



Do-chímíd somplaoi iomdha a starthaibh air
phrionsaoibh dárbh éigion, chum suaimhnis agus
síothchána a ríoghachta, párdún do thabhairt do
rebelliúnaibh iar n-úmhlúghadh dhóibh, agus iad do
chur a seilbh a sein-eastát. Agus fós, do budh
fhéidir fábhair eile do thabhairt dóibh, agus fós,
daoine saoradh dhéanamh díobh, nuair nách


L. 56


biaidís suaimhneasach gan san, amhuil do-rín
Rígh na Spáinne grod ó shoin leis na Pléimeannaigh.
Agus d'fhéadfadh rígh gach nídh aco so
do dhéanamh go dlightheach, óir a ccásaibh don
tsórt san as é féin bhíos ag cailleamhuin, agus d'fhéadfadh
sgaradh lena cheart féin an tan as maith
leis é nó an uair chuirid 'uireasbuídhe féin d'éigion
air é. Gidh eadh, rígh, nách é amháin do-rín
párdún agus dualgus do thabhairt do rebelliúnaibh,
acht fós do thug dóibh beatha sínsir na buídhne
do dhlúith-lean é féin gusan lá déaghnach a
ccontabhairt a ccnámh agus a n-anmana a n-aghaidh
na rebelliún ccéadna, as gnódh chómh éagsamhlach
é agus nách féidir a shamhuil ná a shómpla d'fhagháil
a n-aon-stair dhiadha ná phágánta.



Gidh eadh, déarfadh neach, ní fhéadfadh an
Rígh le gastacht aní bhus lúgha do dhéanamh,
iar ndéanamh machtnaimh air an suím mhóir dá
shearbhóntuighthibh do bhí míoshásta lena riaghlughadh
agus an t-airiars mór do bhí amuith ag an
armáil a nÉirinn do gheall sé do dhíol. Gastacht
bhreágh go deimhin! A ccaithfidh gastacht
ansan, an cháil as áille bhaineas leis an réasún
nádúrtha agus as uaisle agus as ársa dona céadfadhaibh
daonna uile, claochlódh agus tarcuisne d'fhulang
amhlaidh so do chum gníomhartha prionsaoi
dro'-chómhairlithe do leasúghadh? Agus
gurab í an ghastacht an ealadhain chirt riaghluithe,


L. 57


do cóimhrígheadh idir na Págánachaibh
féin 'na cáil chómh mór, chómh oirdheirc sin,
gur mheas priónsa na bhfilíghe Laidne nárbh
fhéidir leis comaoine budh mhó do chur air a
dhúthaigh ná an cháil seo do chreanadh leis na
Rómhánachaibh ansa séamhadh leabhar dona
hAeneids mar a n-abair:



While others may in other arts excel,
Romans, mind you and govern nations well;
To give the laws of peace belongs to you,
To spare the humble and the proud subdue.



Tu regere imperio populos, Romane, memento;
Hae tibi erunt artes, pacisque imponere
morem,
Parcere subjectis et debellare superbos.



Gidh eadh, idir Chríostuighthe do-ghnídh bladhmann
mór as a ccáilibh maithe féin ós cionn na
bPágánach, agus chuireann aní bhus lúgha a
ngníomh dhíobh, déintear clócadh don tsubháilce
uasail oirdheirc seo do chum cleasuígheachta
agus cladhaireachta do chlúdadh agus do chum ócáide
láithrigh, gan suím a n-onóir, a cceart, ná a
ccoinsias; agus air an adhbhar san go raibh réasún
ag an cceathramhadh Hanraoi, Rígh na Fraince,
a rádh (agá chómháireamh féin le húmhlaoigheacht


L. 58


don uimhir shuas, gidh eadh, a bhfírinne
níor dhíobh é): Nous autres rois sommes des
grands coquins.



Gidh eadh, déanamaoid machtnamh air an
leithsgéal so ní bhus faide. Má budh ghníomh
chómh gasta san Páirlimentáirians na hÉirionn
do choimeád iona nuaidh-eastátaibh d'eagla na
ndaoine neimhdhíograiseacha d'fhearughadh,
créad nár coimeádadh a mbráithre a Sagsaibh agus
a nAlbain iona n-eastátaibh féin leis an réasún
ccéadna? Nó a rabhadar chómh tréan san a
nÉirinn seoch ansna ríoghachtaibh eile go ccaithfídh
a ccáirdeas do cheannach chómh daor san?
Mádh chuir an Rígh do chómhall air féin ag Breda
airiars oifigíghe agus saidiúiríghe Ghenearáil Monk
do dhíol, créad nách féadfaoi seo do dhéanamh
a nÉirinn le rátaoibh poibillíghe chómh maith agus
do-ríneadh ansna ríoghachtaibh eile, agus gan
an mór-áireamh san do bhaintreabhachaibh agus do
dhíthleachtaoibh ('na ttéidh a ngol go laetheamhuil
do láithir Dé) do léirsgrios agus do chur as a
ccothúghadh, agus fós an lear san míltíghe d'uaislibh
dílse as a cceart sínseardha, contrárdha do chreideamhain
phoibillíghe agus do shochar na Coróinne?



Ní headh, an éagcóir fhollus osguilte seo ní
féidir gastacht do ghairm di ansa Rígh, óir níorbh
fhéidir nídh air bith do bheith ní budh neamhghasta
ná í agus ní budh chontrárdha dá onóir agus dá


L. 59


bhúntáiste. Iarracht cheapuighthe do budh
eadh í ó chuid dá mhinistéiríbh agus ó dhaoinibh
cómhachtacha eile d'iompuidh go déaghnach
chum bheith díleas dá bPriónsa, gidh eadh,
amhuil cat Aesoip, nárbh fhéidir leó a sein-chéard
do dhearmad, as é sin, bheith ag fiaghach air
luchaigh. Óir an réasún fírinneach fá bhfuaradar
na hÉirionnaigh an chlaon-úsáid seo do budh
é bheith 'na cCatoilicithe uile é, nár timhealadh
riamh le prínsiobálaibh réapuibliocánacha agus do
thug mórán doghrainne d'fhórsaoibh na bPairlimentairians
an feadh do bhádar ag rith an Rígh
síos, agus do chuir a ndóchas mhór é an cás d'iompódh
go huile.



Uime sin do cinneadh ag na corrai-dhiabhalaibh
seo, mar phointe phrínsiobálta do chum a ngnótha
féin do thabhairt chum cínn, daoine don tsórt
san do cheanna-mhúchadh. Agus as leis an
réasún so do cuireadh na Cabhailiaruíghe bochta
ag ithe féuir le Nebuchadnezar, gan phágha, gan
dualgas suimeamhuil, d'eagla gomo diongmhála
iad san aímsir do bhí le teacht seasamh
a n-aghaidh an pháirtíghe seo do cheart na
Coróinne a n-aen-iompódh dá ttuitfeadh amach.



Iar cceapadh an phloit amhlaidh so agus do chum
a thabhartha chum críche gan glór, do tharraingeadar
pacadh do chúirtéiríghibh bochta leathchurtha


L. 60


don ghorta do lean an Rígh leasmuith
agus agá raibh a chluas gach amm, óir do budh iad
a chómhairleacha príomháideacha mórán díobh
agus páirtighthe a riúin, do tharraingeadar, adeirim,
san phlot iad le geallamhna móra air lán-chuid
do thalamh na hÉirionn nó suimeanna móra
d'airgiod na Sagsan. Agus do bhádar so do ló
agus d'oidhche a' crónán a ccladhaireachta a ccluasaibh
an Rígh, nó gur oibrígheadar air fá dheóigh a
mianna do thabhairt dóibh do chum léar-chailleamhna
na cCatoilicithe nÉirionnach. Óir budh
chionta ró-mhór le fulang a ccreideamh, a ccuid
talmhan, agus a ndílseacht, le rebelliúnaibh santacha
neamhchreideamhacha!



Ansan déarfadh tú go raibh an Rígh saor ó
mhilleán, ó rín sé amhuil adubhairt a chómhairle
agus a phríomh-chúirtéirighe leis. Gidh eadh, as
fada uaidh sin é, óir amhuil adeir ár Slánughthóir:
"mádh ghiolluígheann an caoch an dall, tuitfid
maraon san díghidh". As é sin, ní hé amháin
an cómhairleach acht an té do cómhairlígheadh
atá freagarthach ann gach éagcóir dá ndeárnadh.
Go deimhin, dámo é Dia cheapfadh lucht cómhairle
don tsórt san dó, do féadfaoi mórán do rádh
iona cháil; ciodh an tan do thairidh Adám
Críonna pléa don tsórt so ag déanamh amach
gurab é an nídh do thug Dia na Gaoise dó thug


L. 61


fá deara air úbhall na haithne d'ithidh, as mó do
mhéadaidh ná do luígheadaidh an pléa seo a
chuir. Gidh eadh, an tan atá sé a ccómhachta
priónsa, agus dá bhrígh sin ceangailte air a cceart
dó féin agus dá mhuíntir, chomh maith agus as féidir
leis é, comhairleacha cearta coinsiasacha do
thoghadh, má ghnídh a chontrárdha so, atá a
leanmhuin chómh fada óna shaoradh agus go bhfuil
sé freagarthach do láithir Dé iona ndro'-chómhairle-sion
agus ansa droch-thoghadh do-rín sé féin.
Óir leis seo osglann é féin do chontabhairt fhollus
a mhealta, agus an té ghrádhas an chontabhairt
tuitfidh inte, mar adeir mac Syrach. Agus don
taoibh eile, as cumadh do dhuine máirseáil go
hiofrann dá thoil féin, nó é 'ghiolluígheacht ann
le daoinibh eile, má théid ann fá dheóigh.



Uime sin, an priónsa do thabharfaidh aire fhriochnúmhach
dá ghnódh agus agá bhfuil Dia as cómhair
a shúl, ní fuláir dó do thaoibh gnótha suimeamhla
a ríoghachta gan luígh go hiomlán air cómhairlibh
daoine eile, dá ábaltacht agus dá fhoghlamtha iad,
óir as gnáthach leó, le fábhar éigin, bheith claon
chum na héagcóra. Acht budh chóradh dhó
meádhchan agus machtnamh, nó fiosrúghadh aireach
do dhéanamh air chúisibh agus air réasúnaibh na
ccómhairleacha so, agus gan 'fhulang buadh 'bhreith
air a bhreitheamhnas féin, go háirighthe a ccásaibh


L. 62


móra, aní bhus mó le ciapadh ná le hargóintíbh
daoine eile; amhuil mar adeir an chéid-Rígh
Cormac iona Icon Basilike, mar a ndéineann
machtnamh air dhearmadaibh cinneamhnacha
éigin don tsórt so do-rín sé.



Óir Réasún, mar as ga don diadhacht é, ní
bhfuil ann uaidh féin aon-chlaonadh, acht treórann
do ghnáth chum na fírinne, amhuil ghnídh snáthad
an mháirnéalaigh chum an Phola Thuaigh;
ionnus nách deacair d'fhiosruíghe fhriochnúmhach
eidir-dhealbhadh dhéanamh idir réasúnaibh follusa
a ngnóthaibh cearta agus claona, an uair thabharfar
iad air aon go soiléir dá láithir. Gidh eadh, má
ghnídh sé, a n-ionad fír-fhiosrughadh na fírinne,
gan d'éisteacht acht aon-pháirtíghe amháin, nó
fhágbhann breitheamhnas an chirt a leith ágha
nó foirtiúin, amhuil mar chuireann cearrbhach a


L. 63


ghinithe a ccontabhairt air díslíbh, ní féidir
réasúntacht do dhéanamh ansa chás san acht
'fhágbháil a leith a fhoirtiúin cia aco bhiadh sé
bocht nó sonuíghe, cia aco air neamh nó a n-iofrann
thógfaidh suas a lóistín.



Gidh eadh, ní hé seo as iontuigthe go bhfágfaoi
an pionós dleaghthar d'aincheart poibillíghe a
ccóir an tsaoighil eile. Óir do-chímíd ansa tsaoghal
so féin ceirt-bhreitheamhnas Dé ag tuitim ar
cuirtheachaibh don tsórt so; gidh eadh, ní chomh
gnáthach ortha féin agus air a sliocht gusan
tríomhadh nó an ceathramhadh glúin, air a bhfuil
sómpla soiléir aguinn a ccás na nGibeonites,
do mheall, le cleasuígheacht fhollus, geallamhuin
a n-anama 'spáráil, agus an tan do foilsígheadh san
ortha do bhádar sásta le bheith 'na sgoltóiríghe
cunnadh agus 'na ttarraingtheóiríghe uisge ag an
bPobal Eabhra seoch a cciorrbhadh go hiomlán.
Air a shon san féin, an tan mhothaidh Rígh Saul
(le meódhan maith do réir dealraibh, as é sin, le
díogras do chlannaibh Israel mar as léir ansa
Scriptiúir naomhtha) ócáideach na sglábhaithe
truaillighthe seo do dhíothchur, ciodh go ttáinidh
sé féin agus a mhac, Seanachán, go grod dá éis sin
chum críche cinneamhnuighe, gidh eadh, do bhí
an breitheamhnas trom san chómh fada san ón


L. 64


cceart diadha do shásamh gur luidh lámh Dé air
an ttír uile a n-aimsir Dháth, rígh, air feadh trí
mbliadhan le chéile, agus nár tógmhadh í nó go
ndeárnadh iodhbairt air sheachtar do shliocht
Shaul mar ofráil nó mar shásamh ionar dhoirt
d'fhuil na nGibeonites, contrárdha dona geallamhnaibh
poibillíghe tug Joshua dóibh. As dearbhtha
go bhfuil Dia trócaireach gan fuinidh agus as
maith dhúinn uile go bhfuil. Gidh eadh, ní
thugann Sé mathachas 'san uile chionta mar a
chéile. Óir curtha príomháideacha nó pairticiulártha,
bíonn Sé ollamh chum párdúin do
thabhairt ionta air aithríghe ionraic, gidh eadh,
éagcóradh náisiúnta, ní dhearmadann go bráth
iad gan sásamh nó leóirghníomh iomlán fóirlíonta.



As leór a ndúbhramair láithreach air an bpaointe
seo. Déinimís annois machtnamh air an mball
úirlise féin d'fhóirlíon diamhar-rúin nó
mistéir na malluightheachta agus an éigcirt, .i. Achta
iofranda an tSocruithe, socrúghadh, go deimhin,
rebelliún agus traotúiríghe, gidh eadh, léirsgrios agus
lom-arguin searbhóntuighthe dílse.



San íodhail, nó san dia fhallsa, san Diana
mhóir seo na nEphesians, as iomdha roinn nó
páirt do bhí ann: air ttúis, forfhógradh an


L. 65


Rígh chum socruighthe na hÉirionn; an dara
nídh, a theagaisg chum an fhorfhógradh chéadna;
an treas nídh, an tAcht féin nó an deagh-chomaoine
do chuir an Pairliment ortha air aon; agus
fá dheóigh, a ndeiridh an ríngce fhada tigeann
suas eirioball an dragoin, .i. Acht oirdheirc an
Chraobhsgaoile mar a bhfuil sé iontabhartha
faoi ndeara go raibh 'fhios ag Croiméillians na
hÉirionn go rabhadar na nithe 'ghreamuígheadar
le faid aímsire chómh neimhréasúnta san ná
raibh sé dh'éadan ortha a ttagairt air ttúis. Acht
ag oibriúghadh amhuil seangáin faoi thalamh, agus
diaigh a ndiaigh ag dul a ndánacht ó bheith ag
éirghíghe leó, do ghreamuígheadar a thrí
hoirid agus air a réighfidís air athghairm an Rígh.
Agus ag so an réasún fírinneach ná fuil ansa
tsocrúghadh uile acht contrárdhacht agus bréagnúghadh
chómh fada san ó chéile ná fuil sé a
ccómhachtaibh céille daonna a ccur le chéile.
Óir ansa bhforfhógradh atáid mórán cúinsíghe
do théid chómh fada san chum cirt do dhéanamh
dona Gaoidhealaibh, dá ccuirfídh a bhfeidhm iad,
go bhfághadh na mílte dhíobh a cceart. Dá
bhrígh sin, do chum píosa cirt chómh contabharthach
san do chur air ccúl do ceapadh, go grod
dá éis sin, na teagaisg d'aon-ogham do chum na
fairsinge do bhí ansa bhforfhógradh do chúmhangúghadh;


L. 66


agus ansan, an chuid budh mhó dona
cúinsíbh fábharacha d'fhan dá éis seo, do haithghearradh
iad le mórán do chúinsighíbh eile do
cuireadh ansan Acht; agus fá dheóigh, an beagán
díoghlama do fágbhadh do sguabadh ar siúbhal
í go hiomlán le hAcht an Chraobhsgaoile, léar
gearradh amach go deóigh iad uile acht fír-bheagán
do lucht cúinsíghe ainimnighthe san Acht agus
fír-bheagán eile air a raibh sé d'fhoirtiún triail
ratha ar iarnnaoibh dearga do sheasamh a cCúirt
ó Claim.



Níorbh fhuláir go mbiadh trí cáile ansna Catoilicithibh
Éirionnacha agá raibh tnúth le seilbh
a sein-eastát: air ttúis, na neimhchiontaigh nár
thóg arm maille ris na Cosbhuntóirighibh suil a
ndeárnadh síothcháin '48; an dara drong, iad so
dá ngairmthíghe fir bhratuíghe do bhí a seirbhís
fá mheirge an Rígh air an ttaobh thall d'fhairge
air feadh a dheóruígheachta; agus fá dheóigh, an
mhéid dona Cosbhuntóiríghibh agá raibh teidil
le toradh na Síothchána. Do bhí sé air aigne an
Rígh ceart iomlán do dhéanamh do gach droing
díobh so; óir do thaobh na neimhchiontach, ní
raibh sé do bheag-náire 'na ndearg-naimhdibh
féin aenídh do rádh a n-aghaidh a ccirt do chasadh
ortha; agus do thaoibh na bhfear bratuíghe, do
thuilleadar san chómh maith ón Rígh leasmuith,


L. 67


agus do bhádar a seirbhísíghe chómh friseáilte sin
'na chuímhne ná leóighfeadh neach a thagairt iad
do ghearradh amach; agus an chuid eile ná raibh
nídh air bith aco le pléideáil acht síothcháin '48,
do bhí fios ag an Rígh chómh maith sin méid
na hoibligáide do bhí air, a n-onóir agus a ccoinsias,
an tsíothcháin sin do dhéanamh go maith, gur
órduidh sé cúinse do chur ansa bhforfhógradh
ansna focalaibh seo: "Níorbh fhéidir an tsíothcháin
do dhearmad do bhí ríochtanach aguinn
féin do dhéanamh lenár searbhóntaoibh Éirionnacha
ansan am san do cheapadar an dream do
ghaibh go malluighthe úghdarrás na ríoghachta
so an Chúirt fhuathmhar san chum 'anma 'bhuain
as m'athair croídhe. Agus dá bhrígh sin níorbh
fhéidir linn gan sinn féin do chóireamh fé oibliogáid
gach nídh atá bainte oruinn do réir na síothchána
san do chómhall leó so do-rín go maith,
go creideamhach macánta, gach nídh dár ghealladar
dúinne".



Don taoibh eile, na Croiméillians agus a ccáirde
ceannuithe ansa Chúirt, an tan fuaradar an Rígh
chómh dian san ansan ócáid, agus ná leóighfidís cur
a n-aghaidh a íntinne a nithibh chómh honóireach
agus chómh ionchuibhe sin, do thaisbeánadar
iad féin air aon-aigne leis; agus iar ngabháil an
tímpchioll so leis le gliocas, do chathadar deacracha
iona shlígh do thug go neamhmuthaghach


L. 68


chum a bpaointe féin é. Óir air ttúis, do chuireadar
a ccéill don Rígh, agus do-ríneadar cás deimhnitheach
de, go raibh ní bhus mó do thalamh chailte a
nÉirinn ná shásóchadh gach n-aon agá raibh
teidiol ceart chúcha. Ansan do thaisbeánadar
go raibh sé réasúnta Protestúin an Intereist
Nuadh do shásadh air ttúis, nó an chuid budh
lúgha dhe a ndiaigh na bpápairíghe neimhchiontacha.
Agus an tan géilleadh an dá phointe
seo agus do-ríneadh fuaindement an ghnótha go léir
díobh, ansan an uile shórt Protestúin agus na Fanaitics
budh rancálta ansna trí ríoghachtaibh nách
raibh nídh air bith do Chríostamhlacht aco acht
an ainim, do bhí riamh chomh diabluíghe a
ccreideamh agus do bhádar fuathmhar do ríoghaibh
agus dá riaghlúghadh, do gabhadh leó mar dhaltaoibh
Teampoill agus Stáit. Coibléireacht ro-bheannuithe!



Na Protestúin agá rabhadar eastáit le fagháil
dóibh a nÉirinn do bhádar 'na ttrí sóirt: air
ttúis, na Ventiuraeríghe do leig amach suimeana
móra airgid air mharaga Murchaidh talmhan
Éirionnaigh a Londoin air chreideamhuin
na nAchta 17 agus 18 Chormaic, do chum rebelliún
na ríoghachta san do chloigheamh. An chuid
budh mhó don airgiod chéadna, a n-ionad a churtha
go hÉirinn, do húsáideadh é leis an bPáirliment
rebelliúnta chum na harmála san do thógbháil


L. 69


do chómhraic a n-aghaidh an Rígh ag Edgehill,
agus san le haonta na Ventiuraerighe féin 'na suíghe
a ccómhairle an tráith sin ann Halla na nGrósaerighe.
Níor shicréid é seo acht nídh agá raibh
a fhios ag an ccéad-Chormac chómh maith sin gur
órduidh sé a chur mar chúis a n-aghaidh Coimiséiríghe
an Pháirliment ag Cómhdháil Uxbridge,
agus fós iona thairigsiona agus iona chúinsíbh síothchána
le Cosbhuntóiríghibh na hÉirionn ní dheárnaidh
sé riamh aon-tráchta air theidiolaibh na Ventiuraerighe
chum aon-talmhan san ríoghacht san,
agus nocha ttiúbhradh prionsa chómh ceart agus do
budh feasach eision do bheith a ndearmad, dá
ccreidmheadh sé go raibh aon-oibliogáid air le na
hAchtaibh réamhráidhte, dualgas air bith do
dháil don dream san. Agus do bhí fios neimhmbrígh
a tteidiol ag an dara Cormac féin amhuil
as follus iona fhorfhógradh mar a n-abair: "Ansa
chéad-áit do chum socruighthe teidiol na Ventiuraeríghe,
óir na heastáit iona bhfuilid siad a
seilbh, dá ndéintíghe a ccuardúghadh do réir
léir-leitre an dlígh, do-geóbhthaoi bacach neimhmbríoghach
iad gan bheith do réir na n-achta
Páirliment adúbhradar do neartóghadh iad, etc."



Air a shon san féin, dá mhéid a ccurtha, dá
laige a tteidiol agus dá ainréasúntacht, níorbh fhuláir
iad do dhéanamh dearbhtha 'na sealbhaibh.


L. 70


Agus ní hiad amháin na Ventiuraeríghe do dhíol
a ccuid airgid air chreideamhuin na statúitíghe
réamhráidhte acht fós an dream eile seo do dhíol
go díograiseach suimeanna móra air bhótaoibh
nó air órduithibh Phairliment an Rúmpadh, do
chum na rebelliúntachta gráineamhla san do
chothúghadh a n-aghaidh an Rígh a Sagsaibh,
do-ríneadh amhuil leis an ccéid-dream iad,
as é sin, eastátuíghe móra do thabhairt do gach
taobh dhíobh air chíos bliaghanna ná dhó.



Ansa dara háit, saídiúiríghe Chromuil agá
raibh an tíoránach faoi oibliogáid dóibh, ó dh'árduígheadar
féin agus an chuid eile dá ccineál a Sagsaibh
ó mheódhan uiríseal é do chum bheith 'na mháighistir
iomlán air thrí ríoghachtaibh, agus a los na seirbhíse
sin do thug dá chontae dhéag iomshlána
d'Éirinn do chum a ronta eatortha. Gidh eadh,
as a modh morgáiste do thug dóibh iad nó go
mbiadh a n-airiars díolta, óir ní thabharfadh aon-tsórt
leitreacha paitent dóibh air na heastátaibh
seo ná ceangal air bith eile, acht air feadh pléaisiúir.
Agus do bhí 'fhios san féin ag na saidiúiríghibh
chómh maith sin, chomh tiugh agus do
budh fhéidir leó ceannathóirighe d'fhagháil go
ndíolaidís a tteidil air abhrán, agus do saidhbhirígheadh
daoine eile leis na maragainníghibh seo; óir
annois a los an fhorfhógradh atáid a sealbhadh


L. 71


déanta siúrálta, ní air feadh aon-aimsire cinte
acht dóibh féin agus dá n-oighríbh go bráth. Dualgas
oirdheirc go deimhin ó rígh do thaoibh cómhraic
a ccoinge a choróinne, an tan do strupáladh agus do
cuireadh ag iarradh déirce an bhuidhean do
chómhraic air a shon go fuinidh! Dualgas nárbh
fhéidir leis na rebelliúnaibh seo tnúth do bheith
leis ó Chromuil féin, óir do budh í a íntinn an dá
chontae dhéag réamhráidhte d'iompódh go grod
iona shlígh féin, agus go deimhin níorbh fhéidir leis
gan iad do chur a slígh do budh feárr ná do chuir
an forfhógradh iad.



Ansa treas áit, na hoifigíghe do bhí a seirbhís
an Rígh a nÉirinn aon-uair roimh an cúigmheadh
lá do June 1649 agus do chóimhridh suas
a n-airiars do theacht chum ocht ccéad déag míle
púint, agus an móir-bhille míréasúnta so, ná raibh
an deachmhadh cuid amuidh aco de, do lumháladar
na Ventiuraeríghe agus na saidiúiríghe go
hollamh é, óir do budh é a meódhan: "tochuis
mé agus tochuiseóidh mé tú." Óir do thuigeadar go
gasta go raibh ag cuid éigin dona naoi n-oifigighibh
agus dá fhithchid seo dath math-cháile éigin,
an tan nách raibh aenídh don tsórt san aco féin le
maoidheamh. Agus leis an réasún so do tuigeadh


L. 72


dóibh ócáideach iad so do thabhairt chum cínn
do chum an datha b'fheárr do chuir air a ngnóthaibh
féin agus do chum a ccúise do neartúghadh.



Agus a los na math-cháile sin agus a n-airiars
réamhráidte (an tan ná fuaradar na Cabhailiaruíghe
cródha fír-dhílse, maille re tabharthas
glórach loiteiríghe lottery lán-amadánta, acht
deich míle agus trí fichid míle púint a ttaoibh a
seirbhísíghe fír-dhíograiseacha air feadh an chogaigh
agus na ccruadhálacha d'fhuilingeadar faoi
thíorántacht Chromuil) do fuaradar na naoi
n-oifigíghe agus dá fhithchid réamhráidte go fóirlíonta
talamh cailte cheithre ccontae uile, agus a
bhfoigseacht míle don tSoininn nó don fhairge a
ccóige Chonnocht agus a cContae an Chláir, agus na
huile thighthe cailte agus talamh air a ndéanfaoi
tighthe a mbailtibh daingin agus a mbailtibh móra
na ríoghachta, nár tugadh roimhe sin do Ventiuraerighibh
nó do shaidiúiríghibh, maille re
ceart air fhuasgladh morgáistíghe statúitíghe
stápuil, breitheamhnuis, etc., do bhain le Catoilicithe,
agus ós a chionn so uile, céad míle púint airgid
air chontas ró-shuarach.



Ciodh gurbh fheasach go maith go raibh an
chuid budh mhó dona hoifigíghibh seo do fuair an


L. 73


dualgas lán-mhór so a rebelliúntacht osguilte san
tsamhradh 1649 agus mórán bliadhan roimhe, fé mar
táid Iarla Oiriríghe, Iarla Mountrath, Tighearna
Kingston, Tighearna Coloony, Sur Theophilus
Jones, Sur Oileféar St. George, Sur Seón Cole, agus
mórán eile, nó go grod dá éis sin do thréig arm
an Rígh agus do chuir le Cromuil, agus ar son na seirbhíse
maithe sin do thug sé mórán talmhan
debentiúir dóibh nó dualgaisighe ionannacha
eile, gidh eadh, nocha ttáinidh aenídh aco so iona
n-aghaidh air athghairm an Rígh, óir ní hiad
amháin iad so do thréig meirge nó bratach an
Rígh, acht fós an chuid díobh do thug suas go
traotúrtha agus léar fealladh air mhórán do bhailtibh
tásgamhla do Chromuil, do tugadh dóibh seo
le hAcht an tSocruithe a n-airiars naoi agus dá fhithchid,
dá bhféadfaidís a thaisbeánadh a ccionn
dá bhliaghan tar éis an Achta san do phríomh-goibhernéir
na hÉirionn agus d'aen-tseisear don
Chómhairle go ndeárnadar sásamh éigin do thabhairt
iona sean-churthaibh le coghnamh tráthamhuil
do thabhairt chum athghairmthe an Rígh.



Agus as deimhin linn gur suarach an sásamh do
gabhadh mar leóirghníomh a bpeacaoibh beaga
solothacha na nuadh-naoimh seo Choibléireachta
an Chreidimh, óir mar adúbhairt Seón Cailbhín
iona nuaidh-mheódhan díodhachta: "Dá mhéid


L. 74


cionta droinge toghtha Dé atáid fós saor, 'na
naoidheanaibh na ngrás, do bhrígh nách féidir
peacadh air bith do chur 'na leith." As mair sin
é, óir dá mbeidís na nuadh-naoimh seo ciontach
ansa tréason as duibhe tháinidh riamh do glacfaoi
mar shearbhóntuighthe dílse don Rígh iad, agus ní
húsáid rebelliún do tabharfaoi dhóibh acht
dualguis mhóra, ionann agus dá ndéinidís seirbhís
mhór dá bprionsa. Gidh eadh, na pápairídhe
cruaidh-mhuinéalacha, ní fuláir iad do dhamnúghadh
ansa tsaoghal so dá luíghead a ccionta
agus dá mhéad d'fhoílsígheadar a ndílseacht. Agus dá
bhrígh sin ciodh ná deárnaidh an forfhógradh
eittir-dhealbhadh air bith idir na naoi n-oifigíghe
agus dá fhithchid, gibé aco Protestúin nó pápairídhe
iad, acht gur órduidh iad uile do shásamh iona
n-airiars mádh n-ionann, gidh eadh, leis na
teagasgaibh agus leis na hachtaibh Páirliment do
lean iad, do gearradh amach go hiomlán na
pápairíghe (acht Iarla Chlainne Riocaird agus Sur
Seóirse Haimilton dá ndeárnadh fábhar pairticiulártha
éigin) ciodh nár thréig aenneach aco
bratach an Rígh riamh, acht seasamh amach
a n-aghaidh Chromuil go fuinidh.


L. 75


An tan do hoibrigheadh amhlaidh san air an
Rígh, agus do mealladh chómh mór san é agus dualguisíghe
móra do thabhairt dá dhearg-námhuid
do fuair daoine móra 'dhéanamh díobh féin do
thaoibh bheith 'na rebelliúnaibh lán-áitithe, ní
hócáideach iongna 'dhéanamh ná deárnaidh sé
foghnamh air bith dá fhíor-chairdibh féin. Gidh
eadh, as deimhin go raibh an Rígh chómh fada
ó Chatoilicithe na hÉirionn do ghearradh amach
ó cheart a sínsear, gurbh í a íntinn air ttúis an
uile cheart do dhéanamh dóibh, agus as dearbhtha
go ndéanfadh sé sin munadh mbiadh gur mealladh
go traotúrtha é leó so le a ttug sé iontaoibh, agus léar
mheasa, d'aimhdheóin a ndílseachta, gan a
ngnótha féin do thabhairt chum cínn ná búntáiste
a bprionsa. Agus dá bhrígh sin do-ríneadar a
ndíthchioll air dheaigh-íntinn an Rígh d'iompódh
óna shearbhóntuighthibh Éirionnacha. Agus
air ttúis ó do budh iad na neimhchiontaigh na
haon-Chatoilicithe agá raibh a mbeatha le
fagháil gan réimh-dheacracha, do cheapadar a
deich nó a haendéag do cháilibh do chuir as
cómhachta aon-Chatoilicighe Éirionnaigh bheith
cóimhrithe neimhchiontach. Agus do fuaradar
an nídh céadna d'ainmniúghadh a tteagasgaibh
an Rígh do chum an fhorfhógradh réamhráidte


L. 76


do chur a bhfeidhm mar fhuaindement dá ngnóthaibh
uile.



Ansa chéid-cheann dona cáilibh seo atá sé
craobhsgaoilte: "ná cuirfídhe aon a seilbh a
bheatha mar phápaire neimhchiontach agá raibh
a eastát aige a cceathramhúin na rebelliún agus é
a n-iomlán (a) aoise agus a chuímhinte." Agus ón
ccúinse sin amháin as fhuras dúinn breitheamhnas
do thabhairt air an ccuid eile agus luíghead an chirt
do bhí ag na Gaoidhealaibh tnúth leis. Óir air
an ccúntas so ní hiad amháin na daoine do mhair
go síothchánta air a ttuaith agus ná raibh a n-armaibh
riamh a cceachtar don dá thaobh, acht fós iad so
do bhí go háitighthe a seirbhís an Rígh a Sagsaibh,
má fuaradar sochar air bith as a n-eastátaibh a
nÉirinn aon-uair air feadh an chogaigh, do bhádar
lena ccóireamh ciontach agus a n-eastáit le tabhairt
dóibh seo do chómhraic go dian díograiseach a
n-aghaidh an Rígh san amm chéadna.



Do chum fromhtha nó tríaladh na neimhchiontach
faoi na cáilibh réamhráidte seo, do comóradh
Cúirt ó Claim a mBaile Átha Cliaith, air an
meódhan céadna do ceapadh le Cromuil san
mbliadhain 1654 don droing aistrighthe, nó
"transplantees" Chonnocht agus Chontae an Chláir,
leis an ndeifir seo amháin, gurbh í cúirt Chromuil
budh neamhchlaoine go mór díobh. Óir ansa
chéad-chúirt, gibé aco uireasbhaidh airgid do bheith


L. 77


air na Croiméillians nó ná raibh caidreamh chómh
maith aco air na cladhairidhibh 'spailpíníbh do
bhí ollamh chum a ccoda aráin do thuilleamh
le hallus a ccoinsiais, as beag díobh do tugadh
chum láithrigh a ccomórtas don chúirt dhéaghnaigh,
iona rabhadar 'na sathaoibh, agus go deimhin
ní gan cúntonós agus fábhar na cúirte. Agus ansa
chéad-chúirt, an beagán Catoilicithe do phléideáil
ínte níor cuireadh teóradh aimsire leó. Gidh
eadh, ansa chúirt dhéaghnaigh, as ar éigin do
tugadh leith-bhliadhain do chum a raibh do lucht
teidil a n-Éirinn d'éisteacht; óir do shuidh an
chúirt an cúigmheadh lá déag do Fhabhra 1662-3,
agus do chríochnuidh a meódhan an chéid-mhíosadh
d'fhóghmhar dá éis sin. Agus air feadh an rae
sin do tháinidh ionann agus míle Catoilicíghe
chum a ttriala, agus níor lugha ná a leath do fríth
neimhchiontach d'aimhdheóin na ccáile ccruadhálacha
réamhráidhte agus na bhfínneithe cceannuighthe
do tháinidh 'na n-aghaidh 'na sathaoibh
chómh iomadamhuil sin go líonfadh sé leabhar
lán-mhór cúntas cínte do thabhairt air uile
chladhaireacht dá ndeárnadar air an ócáid seo;
agus leis an réasún san ní thuigim gur cóir dam bheith
pairticiulártha.



Gidh eadh, aon-tsómpla amháin ní féidir liom
do leigion tarm, óir atá an duine uasal féin fós 'na
bheathaidh agus annois ansa bhFrainc, agus an chuid


L. 78


as lúgha aen-fhínnéighe amháin aige 'na bheathaidh
a ccúirt St. Germain. An t-uasal so, Próinséis
Betagh ó Mháighe nEalta, agá raibh a shínsear
air feadh a seacht nó a hocht do chéadaibh
bliadhan a seilbh láin-eastáit a cContae na Mídhe
agus ná raibh acht naoi mbliadhanna dh'aois ann
October '41, gidh eadh, do dhearbhadh air a cCúirt
ó Claím bheith a rebelliúntacht áitighthe, 'na
cheann air chuideachtain choisighthe, a plundaráil
agus a strupáil na bProtestún, agus san le dís
dona clabh-chladhairibh do budh uirísle sa náisiún,
ceannuighthe chum na hócáide sin; agus gur háitígheadh
do láithir ná raibh duine don dís seo trí
bliaghanna dh'aois a n-aimsir na coimhéirghíghe
sin, agus gan an duine eile inchreidte le cáil air bith
an tan d'áitígheadar uaisle na tíre uile an t-éitheach
do bheith aco. Air a shon san féin le haen-dearbhadh
na díse seo do thug an chúirt breitheamhnas
an duine uasal do bheith 'na chiontach; agus
ciodh gur foilsígheadh an t-éitheach ní bhus
fóirlíonta dá éis sin, air mhodh gur adbhaidh Sur
Risteard Ransford, príomh-choimiséir nó giúistís
na cúirte sin, an tan do-rín Cuntaois Antruim
argóint leis air an ócáid, an t-aincheart do-ríneadh
air an duine uasal - d'adbhaidh sé, adeirim, di
féin é agus d'Iarla nuadh Luimníghe agus d'fhíor-uaislibh
eile - gidh eadh, níorbh fhéidir sásamh air bith
d'fhagháil don duine uasal ná tnúth leis air


L. 79


feadh droigheachta Achta an tSocruighthe 'bheith
a bhfórsa.



Leis na gnóthaibh fuathmhara diabluíghe seo
do crothadh na céadta do shean-daoinibh uaisle
dílse as a cceart sínseardha, iarna ttruailliúghadh
go doighleighiste le bréan-análaibh nimheamhla
na bhfíor-cladhaire seo. Gidh eadh, (tá) tuairim
seacht míle eile do lucht teidil ná fuair an
sásamh san féin, a sé sin, a n-éisteacht a ccás a
n-oighreachta athardha, ciodh go raibh an oiread
cirt aco chum a n-éisteachta agus do bhí ag an droing
shuas, óir "as cóimhrithe gach nduine neimhchiontach
nó go n-áitíthear an' atharrach é,"
gidh eadh, do cuireadh tar láimh iad le heasbhaidh
aimsire, agus nocha bhfuaradar triail air bith ón lá
san go n-uig an lá so. Agus do chum iad do ghearradh
amach ó gach tnúth dá raibh le teacht,
do ceapadh acht nuadh go grod dá éis sin, .i.
Acht an Chraobhsgaoile, iomráidteach do thaoibh
an chúinse seo am dheóidh léar gearradh amach
iad go bráth: "atá sé leis an acht so órduithe,
gach pearsa nó pearsana air nár tugadh breitheamhnas
bheith neimhchiontach do réir na ccáile
ainimnighthe san chéad-acht, nách cóimhreófar
neimhchiontach dá éis seo iad do chum a tteidil
d'áiteamh chum tighthe ná talmhan, agus gan toradh
aen-bhreitheamhnais do bheith aco le fagháil


L. 80


dá ttabharfaoi air a neimhchionta dá éis sin, ná
aon-toradh airtigiolaoi air bith".



A haithle na húsáide ainchríostamhla neamhdhaonna
so don lear san míltighe do phearsanaibh
neimhchiontacha do damnuígheadh gan éisteacht,
nídh ná deárnadh riamh idir aon-phágánachaibh
réasúnta, ní hindéanta iongna gur diombuídheach
do deighileáladh leis na fir bhrataoi dílse a los
a seirbhíse soiléire agus a ccruadh-fhulangadh air
feadh an Rígh 'bheith 'na dhíbiorthach. As
fíor, amhuil adúbhramair cheana, gurbh í aigne
an Rígh an uile cheart do dhéanamh dá uile
shearbhóntuighthe Éirionnacha, go háirighthe a
lucht brataoi agus daoine eile do thuíll go maith uaidh
é, agus d'órduidh sé cúinse pairticiulártha do chur
ansa bhforfhógradh air son na ndaoine seo. Gidh
eadh, an chlaon-chómhairle, nó an Cabal, do chum
deaigh-íntinne an Rígh do dhéanamh neimhmbríoghach,
do chuireadar a ccéill dó (ar dtúis)
go raibh aní bhus mó do thalamh chailte a nÉirinn
ná shásóchadh a raibh chum teidil chirt do dhéanamh
chuige, (agus) do fuaradar an beag-fhábhar
(ar an gcuma) so dá Ventiuraeríghibh cléibh agus
dá saídiúiríghibh. Óir budh "deagh-dhaoine"
iad so do réir sean-chomhráidh Shaftsbury,
nách déanfaoi iad d'aistriúghadh d'aen-fhear


L. 81


bratuíghe ná d'aon-daoinibh eile dá fheabhas do
thuilleadar é, gan sásamh do thabhairt dóibh
ionann annsan uile cháil lena raibh aco; agus do
bhí 'fhios aco ná raibh sin le fagháil san Euróip,
mar tugadh na nithe tímpchioll, munadh bhfághfaoi
Brasile nuadh amach nó Éire eile do chruthughadh.



Agus an tan géilleadh an príomh-phointe seo
dhóibh, do chuir cruadh-ghlas air gach fábhar
dár dheónaidh an Rígh dona drongaibh dílse
réamhráidte, do chuireadar an réasún ro-iongantach
so ansa bhforfhógradh leis: "As iad
na Gaoidhil do bhí leasmuith am fhochair 'na
bhfuil sé air m'aire sásamh do thabhairt dóibh, agus
ós dealrach nách fuil stoc ná ócáidíghe eile aco,
féadfaid feitheamh le sásamh le ní bhus lúgha
míophoínteála ná daoine eile do chur as a sealbhaibh
(daoine do neartaidh iad féin leis na heastátaibh
do fuaradar go holc, ciodh go rabhadar
bocht go leór ag teacht a Sagsaibh dóibh 'na
cceárduithe beaga truaillighthe), go mór-mhór
ó deímhnigheadh dúinn gur grod go bhféadfam an
sásamh san do thabhairt dóibh, atá an oiread san
do thalamh chailte mhór mhaith am chómhachta
do chum na hócáide seo."



Gidh eadh, a n-ionad a ndúbhairt sé ag so an
nídh do bhí ionráidte aige le fírinne: "Mar as


L. 82


gnáth annois le seal le Croimeillians na hÉirionn
déanamh go sóghach, iar bhfagháil eastátuíghe
móra agus stoic mhatha chum marthuinn, níl sé
caothamhuil buaireamh do chur ortha. Gidh
eadh, mo lucht bratuíghe, do thréig a mbaile agus
a raibh aco agus d'fhuiling le sóchus gorta agus mórán
cruadhtain eile do chum mo sheirbhíse leasmuith,
atá sé réasúnta ansan go bhfuilingeóid siad tuille
gorta nó go ttugad sásamh dóibh um thráthnóna
lae an bhreitheamhnais." Adbhaim nách féidir
liom a chreideamhuin gurbh í íntinn an Rígh
úsáid chómh iongantach so do thabhairt dona
huaislibh fír-dhílse seo; gidh eadh, go bhfuaradar
an úsáid seo ní féidir a shéanadh. Agus nocha
féidir le haen-phrionsa do thabharfaidh é féin le
giollacht do chómhairleachaibh malluighthe don
tsórt san déanamh aní bhus feárr.



Annois chómh luath agus do géilleadh an t-aon-phoínte
seo don Chabal, as é sin, gan na Ventiuraeríghe
ná na saidiúiríghe d'aistriúghadh gan
réamhshásamh, do budh é a ccéad-ghnódh mór
ansan aire 'thabhairt nach biadh sásamh ar bith
fágtha, agus dá bhrígh sin nach biadh nídh air bith
le fagháil ag an droing do thuíll go cruaidh é,
agus gomo cúis misnigh dá bpáirtíghe féin é do
chum a sean-chúis mhatha do leanmhuin, agus
sómpla do dhaoinibh eile gan amadáin do
dhéanamh díobh féin lena ndílseacht dá bprionsa.


L. 83


Do chum gnótha chómh suimiúil sin do thabhairt
chum chinn do cheapadar gach nídh chómh
glic sin gur tugadh an talamh cailte uile a ttabharthas
nó mar dhualgas d'Iarlaoibh Urmhúmhan,
Anglesey, Oiriríghe, agus do Choote, do Khingston,
agus do dhaoinibh móra eile, agus cuid mhór do chum
úsáidíghe diadha fós, do chum iad féin do dhéanamh
'na ccáirde do Mhammon an ainchirt.
Agus do fuair Coláiste Bhaile Átha Cliaith agus
mórán do sgolaibh saora, a n-easboig agus cuid eile
dá ccléir, mórán díbh, a n-éagmais móráin eile
do tugadh do dhaoinibh ná raibh teidil air domhan
aco do réir an fhorfhógradh.



Agus do-ríneadar san uile le gliocas, amhuil
adúbhramair, do chum nách biadh aon-talamh
fágtha do-gheóbhadh na Croiméillians, agus gan san
ní raibh ortha sgaradh le seilbh eastát na n-uasal
so do ceapadh leis an Rígh chum a ccoda d'fhagháil
mar oifigíghe do bhí 'na sheirbhís leasmuith,
nó lucht cúinse ainimnighthe, nó pearsana agá
raibh a tteidil do réir shíothchána '48. Agus do
tugadh an cleas malluighthe seo chum cínn
chómh glic sin nách fuair aon-duine amháin
díobh so uile a eastát, d'aimhdheóin ar tugadh
do gheallamhnaibh dóibh (agus) na ccúinsíghe do
cuireadh ansa bhforfhógradh iona bhfábhar, air


L. 84


mhodh an ceathrar air chaogad fear ainimnighthe
nó nominees - do fuair le fábhar cúinse
do chur a nAcht an Chraobhsgaoile do chum
a ttighthe sínsir nó a bpríomh-shuidheacháin do
thabhairt dóibh agus dá mhíle acraoi talmhan taoibh
leó - do fuaradar iad féin 'na nominees dáiríribh,
as é sin, nomine restorable, non re, do réir magaigh
nó fonóide Iarla Oiriríghe. Óir ní bhfuair acht
fír-bheagán díobh aon-tsochar suimeamhuil, ná
neach air domhan dá m'fhéidir liom-sa d'fhagháil
amach toradh iomlán an chúinse sin, le huireasbhaidh
sásaimh do tabharfaoi dona Croiméillians
do bhí a seilbh na n-eastát.



Agus do chum go ccuirfidís a ccroidhthe chum
suaimhnis, nó fós do chum ná fágfaoi tnúth aco
le fuasgladh air bith, do cuireadh an cúinse
réamhráidte a cclaon-Acht an Chraobhsgaoile
do ghearrann amach go bráth iad ó chabhair air
bith. Agus mar agaisín lena ccompórd, na Sóloin
ghlioca so agá raibh 'fhios ná raibh dlígh nó
soísgéal lena ngnóthaibh, óir go m'ionann agus Túr
Bhaibel gach a ndeárnadar do nithibh contrárdha
le ceart agus le fírinne, ionnus go ndúbhradar na
dlightheóiríghe do budh ábalta a Sagsaibh go
minic ná raibh 'fhios aco féin cia an chéadfadh
dlígh d'fhéadfaidís do thaisbeánadh lena ngnóthaibh,


L. 85


gidh eadh, do sgaipeadar an ceó so go
huile ionnus go raibh sé chómh soilseach leis an
ngréin am nóin, agus san chómh réidh agus do sgaoil an
macaomh ó Mhacedonia snuidhm Góirdian. Óir
d'fhógruígheadar agus d'achtuígheadar dá n-éirgheódh
doubhta a n-aon-chúinse ansna hachtaibh réamhráidhte,
a iompódh a bhfábhar na bProtestún,
ós iad budh mhiann leó do shocrúghadh.
Do budh é seo punctum an sgéil agus an buille déaghnach
dá ngnódh uile, do chríochnuidh diamharrúin
nó mistéir na malluightheachta gan diospóireacht,
agus nár fhág slígh air bith ag na Catoilicíghibh
ceart d'iarraidh ná tnúth do bheith leis
ó ghiúistísibh agus ó choistíbh Croiméillians.



Ag so mar do míophointeáladh na daoine dona
dílse seo tar éis na mór-thnútha réasúnta do bhí
aco do thaoibh a seirbhísighe iomdha don Rígh
amuith is ag baile agus a gheallamhna iomdha dhóibh
air an ccúntas san. Agus tar éis ar chathadar
dá n-aimsir go costasamhúil tímpchioll na Cúirte
ní bhfuaradar sásamh air domhan acht leigion
dóibh marthuinn air an aer, nó gurbh í toil Dé
iad féin 's a Rígh do ghairm don tsaoghal eile
chum a ccúntais do dhéanamh suas, áit ionar
deimhin liom gur feárr ionracas nó macántacht
curtha don ghorta ná ímpreacht an domhain,
mádh olc do fríth í nó má claon do riaghluíghthear


L. 86


í. Óir mar adeir an chéid-Rígh Cormac
ansna focalaibh oirdhearca so: "An cómhaireamh
céadna ríoghachta do thaisbeáin an diabhal dár
Slánughthóir agus a nglóire uile, ní fiúdh iad a ngabháil
le neamhonóir ná le diombuídheachas do
chuireas anam duine a ccontabhairt, agus gur fiúdh
aní bhus mó do dhomhanaibh an t-anam san ná
atá do ríoghachtaibh ansa domhan so".



Óir as fíor an rádh, Deus non irridetur, ní
cóir do mhórdhacht shaoghalta fonómhuid do
dhéanamh faoi Dhia; óir as déine do bhiaidh
Dia air prionsaoibh tighearnamhla do thaoibh a
n-éagcóra, óir nách fuil ortha cúntas do thabhairt
do neach iona ngnóthaibh acht do Dhia amháin.
Agus leis an réasún san do labhair an fháig
ríogadh go friochnúmhach leis an Uilea-chómhachtach:
"A mbiaidh páirt air bith ag cómhachtach
an ainchirt, do-ghnídh olc le dlígh, leatsa?"
Gidh eadh, a mhac gaoiseach, Rígh
Solamh, an feadh do bhí an Spioraid Naomh ag
oibriúghadh ann tráchtann ní bhus fóirlíonta air
an ócáid iona Leabhar iomráidteach na Gaoise,
caib. vi, mar a n-abair: "Déanfaidh an t-aincheart
an domhan uile do chur air neimhnídh,
agus déanfaidh an droch-dheileáil suídheacháin na
ndaoine mór-chomhachtacha do theilgion taoibh
síos suas. Dá bhrígh sin éistidh, ó a ríghthe, agus


L. 87


tuigidh; foghluimidh sin, a ghiúistísíghe an
domhain uile; tugaidh cluas leis seo, a lucht
riaghluithe na ndaoine agus do-ghnídh mórdháil
a n-iomadúmhlacht na náisiún. Óir as ón tTighearna
atá cómhachta aguibh, agus áird-cheannas
ón Té as aoirde, do dhéanfaidh fromhadh air
bhúr ngníomhaibh agus cuardúghadh air bhúr ccómhairlíbh.
Do bhrígh go rabhúir a n-úr ministéiríghe
air A ríoghacht agus ná tugabhair an breitheamhnas
ceart, agus nár choimeádúir an dlígh, agus nár
siúbhladh libh do réir cómhairle Dé, tiucfaidh
Sé oruibh go grod agus go feargach; óir as cruaidh
an breitheamhnas thiucfaidh ortha so do shuidh
a n-áitibh árda. Tabharfaidh A thrócuire párdún
don bhuídhin do budh uirísle; gidh eadh, buidhean
an mhór-chómhachta as mór an céasadh do-gheóbhaid,
óir an Té atá 'na thighearna ós na
huile ní bhiaidh eagla Aige roimh phearsain
aon-duine, agus nocha mbiaidh oghmós Aige do
mhórdhacht dhuine air bith, óir as É do chruithidh
an mór agus an beag, agus as ionann a shuím ionta."



Do budh é machtnamh an phointe ócáidigh seo
do theagasg Críostuíghe, do bhaineas go hinnmheódhanach
leis gach nduine a ccómhachtaibh agus
aní bhus pairticiulártha le prionsaoibh tighearnamhla,
faoi ndeara don chéid-Rígh Cormac
labhairt chómh haireach san do thaoibh ciontuighthe
aindleaghthaigh Iarla Strafford: "Atáim


L. 88


chómh fada san ó shaoradh ná ó shéanadh an
aonta san air mo thaoibh féin (óir toil iomlán
níor bhudh eadh é) do chum a bhásuighthe, óir
níor tuigeadh damh gur thuilleadar a chionta é
do réir an dlígh, nár chorruidh mo choinsias me
riamh aní bhus mó ná do-rín. Agus as cómhartha
san air m'aithríghe: d'adbhas go minic do Dhia
agus do dhuine mar ghníomh laige pheacamhuil
d'fhoilsidh gur mhó m'eagla roimh dhuine ná
roimh Dhia; agus ní fiúdh duine dá ttáinidh riamh
A ainim ná A ionad do ghabháil air talamh do
sheachnóidh míophointeála Stáit le gníomhaibh
chómh haincheart san; agus ní féidir le caothamhlacht
phoibillíghe air bith a nglanadh ná sásamh
do thabhairt ionta. Agus nochar chaill ceart-bhreitheamhnais
Dé fá dheóigh gan fallsacht
na céadfadh so do thaisbeánadh don tsaoghal:
as í sin, feárr aende amháin do chailleamhuin,
ciodh éagcórach, ná na daoine 'bheith míoshásta
agus loitithe. Do-gheibhim an cealg so am anam a
ttaoibh láimhe air bith do bheith (agus atá 'fhios ag
Dia go neamhthoilthinneach) a ndorta fola aende
amháin go héagcórach, ciodh gur a bhfuirm agus fé
chlócadh an chirt do-ríneadh é agus chum oilc phoibillighe
do sheachnadh."



Annois má bhí aithreachas chómh mór san air


L. 89


an Rígh maith míofhoirtiúnach so do thaoibh
a slighe féin do thabhairt do ráig daoine doigh-riaghluithe
a n-aghaidh anma aende amháin do
bhí gan séanadh ciontach, ciodh nách a ttréason,
gidh eadh, a mórán claen-bhearta eile air feadh
a riaghluithe air Éirinn, créad an aithríghe do
budh iontuigthe dhúinn do dhéanfadh sé dá
mbiadh sé do mhíofhoirtiún air Acht éagsamhuil
an tSocruithe do cheapadh, ciodh ná rabhadar
meódhain chómh hócáideach le déanamh an
Achta so agus do bhí le básúghadh Strafford, gidh
eadh, do dhamnaidh an tAcht réamhráidte seo,
ní haende amháin acht na mílte do phearsanaibh
dílse neimhchiontacha, ní chum báis láithrigh, óir
budh mhaith sin, acht chum báis ríghin dho-fhulaing
an' órluíghibh, as é sin, don ghorta
nárbh fhéidir do sheachna? Acht, a n-aonfhocal
amháin, iona ndeárnadh tiomargan air
aincheart; le a bhfuaradar príomh-thraotúirighe
agus rígh-rebelliúin réapuibliocánacha dualgais neimhmeódhanacha;
agus le a ndeárnadh míophointeáil do
shearbhóntaoibh dílse d'fhoilsidh a ccródhacht air
feadh mórán bliadhan a seirbhís na Coróinne, a
bhfagháil an luacht saothair do thuilleadar agus do
gealladh dóibh; agus fós do dhamnaidh iad gan
éisteacht agus do bhain ceart a n-athardha dhíobh do
chum sásaimh a ndearg-námhad; agus do chuir
uimhir neimhmeódhanach do bhaintreabhachaibh


L. 90


agus do dhíthleachtaoibh bochtadh ag iarraidh déirce;
do chlaen-iompuidh creideamhuin phoibillíghe;
agus a n-aon-fhocal amháin d'iompuidh an ceart ansan
uile cháil taoibh síos suas.



As deimhin gur droch-úsáideadh agus gur mealladh
an Rígh go lán-mhór lena mhinistéiríbh malluighthe
do thaoibh mar d'fhulaing sé an t-aincheart uile
seo do dhéanamh an' ainim agus ionann agus go mo é a
ghníomh féin é. Gidh eadh, ag so an cheist: cia
chuir d'oibliogáid air an sórt san ministéiríghe do
thoghadh, nó fós do thug do réim dóibh droch-úsáid
chómh neimhmeódhanach san do thabhairt
dá úghdarrás ríogadh? As deimhneach liom go
ndéanfadh sé a ghnódh aní do budh fheárr dá
ndéineadh sé do réir athar ríogadh Sholaimh
do cheannaidh go cruaidh agus do thuig créad an
chinneamhuin do rígh iontaoibh do thabhairt le
daoinibh dro'-cháileacha, go mór-mhór a ngnóthaibh
suimeamhla a ríoghachta. Agus dá bhrígh
sin, iona chómhairle dhéaghnaigh do Phrionsa
Wales d'fhág sé le huacht aige an ceacht oirdheirc
seo: "Ag so mo chómhairle agus m'ordúghadh dhuit,
go ndéanfadh machtnamh friochnúmhach air na
míghníomhaibh do thionsguin mo thrioblóid-si do
chum go seachnófádh iad. Ná géill chómh mór
san do dhuine air bith do thaoibh a chómhairle, a
dhíograis, ná a chéille, do chum riaghluithe mórghnótha,
as é sin a ccásaibh creidimh nó cirt, agus go


L. 91


ttabharfá laig-mheas agad féin ná ag daoinibh eile
air do bhreitheamhnas féin. Óir as díograisíghe agus
as neamhchlaoine bhiaidh do thuigsin féin chum
búntáiste do choróinne ná tuigsin duine eile. Le
súil chruínn agus le láimh neamhchlaoin roínn
d'fhábhar agus do dhualgais air an uile dhuine do réir
a mhath-cháile. Seo mar d'iompódh tú croidhthe
na ndeagh-dhaoine ort, agus fós na ndroch-dhaoine,
óir, ciodh nach maith iad féin, as ait leó cruaidh-shlighte
na subháilcíghe d'fhaicsin dá mílsiughadh
le dualgasaibh teamporáltha."



As fíor-oirdheirc an teagasg é seo go deimhin agus
as ró-chontrárdha le meódhan Chlarendon chríonna,
.i. "déin mórán dod naimhde agus ní baoghal duit do
cháirde." Agus as é an meódhan déaghnach so do
leanadh go mío-fhoirtiúnach a bhfad tar éis
athghairmthe an Rígh, ionnus nách iad amháin an
bhuídhean nár ghaibh le haon-taobh acht fós iad
so do bhí go n-uige sin 'na bhfíor-cháirdibh don
Choróinn d'iompuidh amach fá dheóigh 'na ndearg-námhuid
don Rígh. Dá bhrígh sin, ós "a ttástáil
do-géabhthar eólas," ní féidir linn gan adbháil gurb
é an céid-mheódhan as feárr agus an meódhan déaghnach
as measa do chum riaghluithe ríoghachta.
Gidh eadh, an nídh adeir ár n-úghdar ríogadh iona
dhiaigh sin, ag críochnúghadh 'aitheanta athardha,
taisbeánann sé an oiread san do mhórdhacht aigne
agus do aonta Chríostamhuil nách féidir liom a cceart
dá ghnáth-chuímhne gan a luadh: "Munadh


L. 92


bhfághad-sa ná thusa ár cceart go bráth, luíghfidh
díoghaltas Dé air ár searbhóntuighthe le
cothúghadh iona bpeacaoibh agus le hiad féin do
mhealladh le sóchus a malluightheachta. Atá
tnúth agam go ttiúbhraidh Dia dhuit-se agus damh-sa
na grása san do mhúinfidh agus do neartóchuidh sinn
chum déanamh gan coróinn, ionann agus dá mbiadh
sí aguinn, óir ní fiúdh í a tógbháil suas ná a gabháil
air théarmaoibh solacha neamhonóireacha neimh-chreideamhacha."



Dá cceirt-leantaoi na teagaisg fhóirlíonta fhulláine
seo ansa réimheas dhéaghnach ní bhiadh
oiread do chúis gearáin annois ag aon-Chabhailiar
Gall>da, ná dílseach Gaodhalach, ná an Choróinn
d'fhulang an oiread san iompuighthe éagsamhlacha
agus do chuir iongna ar an domhan uile. Agus a
ttaoibh an leithsgéil tugtha, saoilim go raibh sé
bacach ó phriónsa Chríostamhuil milleán gníomha
poibillíghe ainchirt do chathamh air a mhinistéiríghibh,
óir nách féidir a shéanadh go raibh sé féin
freagarthach a láithir Dé ans gach aincheart dá
ndeárnadh. Óir ann gach cúirt as é an príomhfhágh
atá freagarthach a ngníomh an fho-dhuine;
agus as riaghail a réasún é, ionmholta idir na
págánaigh, go ttugaid lucht cómhachta úghdarrás
chum na ccurtha so d'fhéadfaidís do chur air ccúl


L. 93


agus ná cuirid. Qui non vetat peccare, cum posset,
jubet. Agus atá an sgríbhinn dhiadha ag teacht
leis anídh ccéadna. Óir gan aon-rod do rádh le
Rígh Ahab (ag ná raibh aon-lámh a ndúnmharbhadh
nó a murdar Naboth acht go ndeárnadh úsáid dá
ainim agus dá shéaladh - do tugadh breitheamhnas le
hordúghadh Dé féin air, ionann agus dá mo é a
ghníomh féin é) atá sompla uathbhásach aguinn
air Eli an tÁrd-Shagart, tar éis é 'riaghlúghadh an
Phobail Eabhra dá fhithchid bliadhan, do tháinidh
chum droi'-chríche do thaoibh cionta nár comóradh
leis féin acht lena chlainn mhíoghrástamhla.
Agus mar aithbhreitheamhnas air do thaoibh
malluightheachta d'fhulang a bpearsanaibh do bhí
fána smacht, do haistrígheadh an Árd-Shagartóireacht
go huile chum droinge eile.



Cuireann so a ccuímhne dhamh pasáiste ro-nótálta
ann Aristippus intleachtach Mhonsieur
de Balzac, iar ttráchta dhó iona sheachtmhadh
cómhrádh air na mór-oilc ghnáthacha do-ghníthear
le ministéiribh malluighthe agus le lucht fábhair
thóstalacha, mar a ndeineann sé réasúntacht ro-áluinn
air an ócáid amhlaidh so:



"Ann so uile ní pheacuígheann an prionsa, gidh
eadh, ní chlaonann sé ó bheith ciontach. Níl
párdún le fagháil agá ainbhfios; ní subháilce air
bith a fhoighde; agus gach anordúghadh nach feasach


L. 94


dó nó d'fhulingeann sé do dhéanamh, atá sé
ionchurtha iona aghaidh a láithir Dé ionann agus dá
mo é féin do dhéanfadh an gníomh. Le réasún
mór dá bhrígh sin, an prionsa san do cruithígheadh
do réir croídhe Dé iarann sé air Dhia a ttéarmaoibh
soiléire agus san a tteasuígheacht iomláin a úrnaithe,
go nglanfadh é ó chiontaibh sicréideacha agus a
shaoradh ó pheacaoibh daoine eile." Annois ná
deímhnígheann an focal déaghnach so nár chóir do
ríoghaibh bheith sásta lena neimhchiontaibh
pearsonáltha nó pairticiulártha féin, agus ná foghnann
sé dhóibh bheith ceart iona ngníomhaibh féin má
chaillid iad féin le haincheart a ministéiríghe?



"Agus anso," adeir an tAristippus céadna, "ní
féidir liom a léigion tarm an teasuígheacht neimhmeódhanach
air an ócáid seo do thaisbeáin eaguilseach
riaghalta san Iottáill a seanmóir do-rín sé
a láithir phrionsa na tíre sin. Ag tráchta air
diúitéithibh ríghthe do bhris sé amach ansna
focalaibh seo, ag díriughadh a chómhráidh chum
an phriónsa: "Aréir do-ríneadh taidhreamh
áithbhéiseach damh. Do shaoileas gur fhosguil
an talamh reómham agus gur fhéachas go díreach
ionna mheódhan. Do-ríneas machtnamh air
pheannaidibh an tsaoghail eile agus an uile uathbhás
leanas ceirt-bhreitheamhnas Dé, agus ó shoin as air
éigin atáim socair am íntinn. Idir dhroch-dhaoinibh
na sean-aimsire do-chonnarc mórán do dhaoinibh
na haimsire seo, .i. cúil-ghearthóirighe, fealtóirighe,


L. 95


mallaghthóiríghe, agus saobh-chráibhthigh,
ag rith le himiol na huamha san. Gidh eadh, mar
do-ríneas machtnamh iona mbeatha air chómharthaoibh
soléire a malluightheachta, ní dheárna
iongna dá ttiacht chum na háite 'na bhfeacadh iad
ag máirseáil. As é do chuir iongna mhór orm ós
cionn an uile nídh tusa d'fhaicsin idir an droing
mhíofhoirtiúnaigh seo air bruach a ccailleamhna.
Agus fé mar do sganruígheadh (agus) do corruígheadh
me le nuadhacht na nithe seo do labhras ós árd
leat-sa agá rádh: "An féidir gur dhamnuidh duine
é féin le guídhe chum Dé agus go rachfádh go hiofrann,
tusa, an prionsa as fearr agus as deaigh-chreidimh
ansa domhan"? Agus uime sin gur fhreagrais mé
le hosna: "Ní ag dul ann atáim acht dom ghiolluígheacht
ann atáthar.""



Air an ttaoibh eile, ciodh go ccuirfimís do
leataoibh aon-smaoineamh air an saoghal eile, agus a
mheas maraon leó so ainimnighthe san Scriptiúir
Naomhtha nó le falsóntaoibh glioma-chaocha na
sean-aimsire ná fuil aen-Dia ann, nó má tá ná
tugann aire air bith air ghnóthaibh daonna, gidh
eadh, má ghnídhmíd machtnamh friochnúmhach
créad mar do cóimhrígheadh an ceart san uile
aimsir 'na cháil chómh oirdheirc, chómh diadha
san, gur ghairm Cicero go tuílte de "máighistreás
agus bainríoghan na subháilcíghe uile," agus nách iad


L. 96


amháin an dream budh gliocadh idir na págánachaibh
do chóirimh 'na mheódhan fuaindemeantamhuil
fiat justitia et ruat caelum, acht fós na
daoine budh dhonadh air domhan, gur ghrádhadar
agus gur mholadar an ceart ansa droing agá mbíodh
déileáil aco leó as a ttáinidh an críon-rádh:
justitia etiam inter latrones - uime sin ní féidir linn
gan a chríochnúghadh nách fuil nídh air bith as
neimhghlioca do phrionsa do dhéanamh ná bheith
ciontach a n-aincheart poibillíghe, óir ná déanfadh
aenídh eile chómh fuathmhar a ccroidhthibh a
dhaoine é. Óir mar adeirthear: iomdha duine air
a mbagarann an té ghnídh eágcóir ar aende
amháin, multis minatur qui facit uni injuriam.
Agus amhuil mar ghrádhaid na ríghthe air uairibh
an tréason, gidh eadh, as fuathmhur leó an traotúir
dá mhéid foghnamh do-ghnídh sé dhóibh, amhlaidh
san as fuathmhar lena (searbhóntuighthibh) prionsaoi
ainchearta agus fós leó-so do-ghnídh búntáiste dá
n-aincheart, óir do-bheir seo réasún dóibh eagla do
bheith ortha go mo é a ccás féin uair éigin an nídh
céadna d'imtheacht ortha.



Ní tháinidh rígh ó chruthúghadh an domhain as
mó thug dualgas do phrímh-rebelliúnaibh air
chostas a shearbhóntuighthe dílse ná thug an dara
Cormac do Chruiméillians na hÉirionn. Gidh eadh,
do bhí sé chómh fada san óna ngrádh do tharrang


L. 97


air go raibh cóimhéirghíghe ghenearáltha aco chum
a déanta an' aghaidh san mbliadhain 1663. Gidh
eadh, do foilsígheadh a ttráith anídh seo a mBaile
Átha Cliaith agus do héisteadh leis san uair sin le
hídiughadh triair d'fhoghchladhairighibh gan áird;
agus do tugadh párdún fóirlíonta dona príomh-thraotúiríghibh
agus dá bpáirtighthibh, do breithnígheadh
ábalta air bhrise tré neadaibh damháin
allaidh an dlígh, a n-anma ceart-chailte agus a
n-eastáit do fuaradar go haincheart. Agus ciodh
go ttug an Rígh mathachas dona plotaeríghibh
níor mhiann leó-san mathachas do thabhairt dó-san.
Agus uime sin, san mbliadhain 1671, seo
chum oibre airís iad air an ócáid ccéadna. Gidh
eadh, do cuireadh stad anso iona thúis agus do
múchadh é gan dorta fola air bith; ansan do
stadadar tréimhse nó gur oibridh Plot Oates ann
'79 misneach nuadh ionta. Ansan do chathadar an
clócadh dhíobh agus d'oibrídheadar go tréan chum
an riaghluithe ríoghadh do leagadh lena
bplotaibh fallsa agus lena n-eachuiníghthíbh beagnáireacha
do chum Bille buartha an Gheártha
Amach do chur a bhfeidhm. Agus an tan do
theip an iarracht san ortha do bhádar uile


L. 98


ollamh, dá mbuailtíghe an buille le a raibh
tnúth aco le méirdrigh thraotúrtha an Ryehouse,
le croídhe agus le láimh do chum an
riaghluithe ríogadh do chiorrbhadh, rúta agus
brainse, do chum an bhealaigh d'fhosgladh agus slígh
'dhéanamh do chum an ghnótha ghrádhmhair,
bheith gan aen-rígh. Machtnaimh toradh beannuighthe
an mheódhain ghlic seo Chlarendon, .i.
déin mórán dod naimhdibh, etc.



Fá dheóigh, a ttástáil an uile aimsire do
gheibhimíd gurb é an t-iónracas gliocas as feárr agus
an riaghail as siúrálta dhúinn go haonta chum
siubhail lé tré cheó Aegypsiánach gnótha daonna.
Do thuig an chéid-Rígh Cormac, ciodh gur
mealladh a ttosach a thrioblóidíghe é, an fhírinne
seo fá dheóigh agus fallsacht meódhan eile, an tan
labhair sé na briathra fír-Chríostamhla so: "Do
budh í toil Dé na breitheamhnuis seo do chur orm
mar mheódhan do chum me theagasg gurbh í
riaghail ghliocais as feárr an ceart do thoghadh
roimh aon-tsólás eile agus síothcháin mo choinsiais
roimh choimeád mo ríoghachta."



Ós é seo an cás cad déarfaid daoine leis na
ministéiríbh Stáit do-ghnídh a ngnódh lae agus
oidhche a bprionsa do tharrang as an mbóthar mór
réidh seo do chum casán cúmhangadh cama a
ccladhaireachta agus a ccalaoise féin? Dar ndóith
ní féidir a mheas gur maith air bith do mheamhraoid


L. 99


ná iarracht do budh fheárr do thabhairt
ná a máighistir do tharrang ann labyrinth iona
ccaithfidh sé é féin do chailleamhuin, nó adbháil
go bráth bheith fá oibliogáid agá ccéill sin
dá ttigidh leó coghnadh leis chum teacht as na
deacrachaibh ionar mhealladar féin roimhe sin
é lena ccleasuígheacht.



Iar machtnamh an sgéil uile tuigim (gur)
réasúnta a chríochnúghadh ná fuil riaghail ghliocais
as feárr do phrionsa agus dá dhaoinibh ná deileáil
cheart mhacánta do dhéanamh leis an saoghal uile.
Uime sin níl nídh air bith as ócáidíghe do ríghthibh
ná iad so do bhreithniughadh go haireach agus do
sheachnadh do chomhairleóghadh dóibh a ccúrsa
do stiúradh le haon-chompás eile. As maith do
thuig an Rígh budh gliocadh do ríoghaibh an
fhírinne seo an tan do labhair sé na bréithre seo:
"Tóg na droch-dhaoine ó láithir an rígh agus biaidh a
réimheas fóirlíonta don cheart." Óir as follus
gibé chómhairlígheas a phrionsa, do chum caothumhlacht
gliocais, gníomha contrárdha don cheart
do dhéanamh, ná a réimheas do neartúghadh air
fhuaindement eile ar bith acht air philéaraibh
nádúrtha riaghluígheachta agus le dualgasaibh agus le
pionósaibh ceart-rointe, ní órduigheann sé a
réimheas do bheith sonuighe ná buan, agus uime sin
do budh ionchóimhrithe é idir an chuid budh
mheasa dá naimhdibh.


L. 100


DO CHUM MÓRDHACHT MHÓRDHÁLAIGH
AN RÍGH: deimhniúghadh díleas agus réamhthaisbeánadh
uiríseal uaisle agus ársa Catoilicithe
Rómhánacha na hÉirionn.



Bhúr searbhóntuighthe dílse, Catoilicithe Rómhánacha
na hÉirionn, uasal agus ársa, (ag breithniúghadh go
haireach air na deacrachaibh iomdha faoi a raibh
ríoghacht na Breatainne Móire ag osnaigheal le
fithche bliadhan roimh bhur n-athghairm sonuíghe-si;
agus le ár smaointibh cathacha le a ttarraingthear
tuille mór osnaighe ónár mbrollachaibh agus deóradh
ó ár súilíbh, ní hé amháin do thaoibh gach deacamhúil
agus doghrainne dá bhfuilingid Catoilicithe
na tíre míofhoirtiúnaighe seo annois féin, agus fós a
meódhan na lúthghára agus an gháirdeachais
phoibillige do-ríneadh do thaoibh athghairmthe
sonuíghe do mhórdhachta, acht fós ag dlúth-chuardúghadh
créad í an chúis fá bhfuilingimíd na
cruadhtain neimhmeódhanacha so; agus ag déanamh
machtnaimh air an dílseacht atá d'fhiachaibh
oruinn agus budh cheart dúinn do réir dlighthe diadha
agus daonna, agus 'na bhfuilimíd agus 'na rabhamair gach
uair ollamh chum a dhearbhadh agus a chóimhlíonadh
dhíbh-se, ár n-aon-aird-thighearna air talamh, agus
air an scannail dá éis sin do chaithid daoine


L. 101


d'áirighthe le nách toil ár ccreideamh do thuigsin
go ceart air ár ndílseacht, ionann agus ná biadh sí
freagarthach d'úmhlaoigheacht dhiúiteamhuil don
árd-mháighistir theamporálta, agus fós mar atá sé
ceangailte a ccoinsias oruinn ár ndíthchioll do
dhéanamh do bhrollach ríoga-sa do ghlanadh ó
uamhan ná ó fhoiréad air bith linn do thaoibh
aenídh dá mbreacaid daoine dhuit le a fuathmhar
ár ccomaoine agus ár náisiún; agus do chum na scannaile
sin do sgrios dínn agus do chum an óidium do
luigheadúghadh fó ar luidh ár ccreidiomh le céad
bliadhan annois fá dheóigh idir dhaoinibh eile
Críostamhla ansna náisiúnaibh seo d'adhrann Dia
a modh chontrárdha linne) iarraimíd go huiríseal do
phárdún do chum sinn féin agus ár ccreideamh
naomhtha do shaoradh, ansa pháirt seo dár
ndílseacht, leis an dearbhadh so ionár ndiaidh do-ghnídhmíd
(ag déanamh aithris air an sompladh
maith annois go déaghnach do thug ár nEaglais
dúinn agus ag leanmhuin an teagaisg ghenearálta
do ghnáthuígheann an Teampoll Catoilicíghe) - an
dearbhadh, adeirim, do-ghnídhmíd a radharc na
bhFlathas agus a láithir do mhórdhachta-sa go
háitighthe agus go fírinneach gan saodh mionn ná
búntáiste:



Adbhamaoid agus áitímíd gur tú ár rígh dlightheach


L. 102


fírinneach, áird-thighearna agus ceart-uachtarán
ríoghachta so na hÉirionn agus do thighearnaisíghe
eile uile. Agus dá bhrígh sin adbhaimíd agus áitímíd
sinn féin ceangailte fé pheannaid peacadh úmhlaoigheacht
do thabhairt dod mhórdhacht a
ngnóthaibh tíorthamhla agus teamporálta chómh
mór le haon-chuid eile dod shearbhóntaoibh do
réir mar d'orduíghid dlighthe agus riaghlacha na
ríoghachta so dhúinn é, agus san a n-aghaidh aon-chómhachta
ná teidil ón bPápa ná ó cheannas na
Rómha, nó aen-bhreitheamhnas ná forfhógradh
d'aen-chineál ná cáil air bith tugtha ná le tabhairt
ón bPápa, ná ó ndeachaidh roimhe ná a ttiucfaidh
iona dhiaigh, ná aon-úghdarrás spirideálta ná
teamporálta le tiacht ná tugtha uaidh féin ná óna
chómhachta a n-aghaidh do mhórdhachta-sa ná
t'úghdarráis ríogadh.



Adbhaimíd fós agus cuirfimíd a ngíomh ár ndílseacht
agus ár ccáirdeas air feadh ár ndíthchill lead mhórdhacht.
Agus séanamaoid agus diúltaoimíd don uile
chómhachta eachtrann, pápamhuil ná prionsamhuil,
spioraideálta nó teamporálta, do budh
dealrach nó adéarfadh go saorfadh nó go sgaoilfeadh
nó go ttiúbhradh asbolóid dúinn ón oibliogáid seo,
nó do thiúbhradh a n-aen-tslígh toil ná cead dúinn
buairt do thionsgna, arm do thógbháil, ná ionsuíghe
arráideach air bith do dhéanamh a n-aghaidh
mórdhachta do phearsan, t'úghdarráis ríoga, ná


L. 103


an stáit, ná riaghluighthe do ríoghachta, le sinn
uile do bheith ollamh ní hé amháin do chum
fhoilsithe agus fhios do thabhairt duit féin agus dod
mhinistéiribh ar an uile thréason at aghaidh féin (ná
iona n-aghaidh-sion) do chloisfimíd, acht fós (do
chum) ár n-anama do chailleamhuin ag caomhna
do phearsan agus t'úghdarráis ríogadh, agus (do chum)
cur a n-aghaidh lenár n-uile chómhachta gach
cóimhéirghíghe ná iarracht air bith dá ttabharfaoi
air do mhórdhacht-sa, ceapuighthe le cúis ná le
teidiol air bith ná neartuighthe le cómhachta ná
úghdarrás eachtrann air bith.



Agus ní bhus faide, adbhamaoid go hosguilte
gurab iad prionsaoi agus árd-gobhernéríghe, gibé air
bith a ccreideamh, as oifigíghe nó as lefteanóntuíghe
ag Dia air talamh agus gur ceart úmhlaoigheacht
do thabhairt dóibh do réir dlighthe gach
tíre fó leith a n-uile ghnóthaibh tíorthamhla agus
teamporálta.



Agus dá bhrígh sin, séanaimíd annois an uile
theagasg agus úghdarrás contrárdha leis seo; agus
cóimhríghmíd malluighthe agus a n-aghaidh focail
Dé a thuigsin nách miste d'aen-tsearbhóntuíghe
príomháideach murdar nó dúnmharbhadh do
dhéanamh air úngtha Dé uile-chómhachtaigh, .i.
a phrionsa, má bhí atharrach creidimh aige, agus
séanamaoid agus diúltaoimíd dó mar ghnódh dhamanta
dhiabluíghe.


L. 104


Ós iad so pointíghe ár ccreidimh a ttaoibh
dílseacht agus úmhlaoigheachta d'úghdarás do
mhórdhachta-sa, agus (ó tá) ár n-aire agus ár n-oghmós
nó ár comaoine le cómhachta nó le huachtarántacht
na Rómha (a ngnóthaibh sprideálta go haonta) gan
luídheachán air an umhlaigheacht díleas atá
ceangailte oruinn (le ár mbreith), le dlígh Dé
agus duine, dod mhórdhacht-sa mar uachtarán
dlightheach nádúrtha, sínte do láithir cosadh do
mhórdhachta athchuiníghmíd go ró-uiríseal go
ndéanfar do shearbhóntuighthe, Catoilicithe
Rómhánacha na hÉirionn uile, do thabharfaidh a
n-aonta do chum an dearbhadh poibillíghe
dílseachta so, do chaomhna ó ghéirleanmhuin nó ó
inghreim do thaoibh gnáthúghadh a ccreidimh, agus
gach sein-dlígh dá ndeárnadh iona n-aghaidh air
an ócáid sin do chur air ccúl.




Lucás Iarla Fiongál. Mata Plaincéad Dúnsay.
Murchadh Iarla Ínse Í Chuínn. Crustóir Plaincéad.



Donnchadh Iarla Chlainne Carthaigh. Sur Séamus Díolún.



Oiliféar Iarla Thíre Conaill Coirn. Crustóir Ó Briain.
Tiobóid Iarla Cháirlingfort Roibeárd Talbóid, bart.


L. 105


Éamonn Bíocán Mhont Gearóid Uilliog Do Búrc, bart.



Tomás Bíocán Díolún. Éadbhárd Mac Harry, bart.



Artúr Bíocán Aoibh Each Valentín Brún, bart.



Uilliam Bíocán Chlane. Lucás Bath, bart.
Cormac Bíocán Mhusgraoi Sur Hanraoi Slingsby.
Uilliam Bíocán Taaffe. Sur Seón Bellew.
Oiliféar Barún Lughaidh Coirnel Uilliam Do Búrc.



Uilliam Barún Chaisleáin Conaill Coir. Seaán Mac Giolladh Pháttraig



Coirnél Chormac Diolún. Coirnel Miolún Paor.
Matha Plaincéad Esquire. Lt. Coir. Piaras De Léis.
Lt. Coirnél Naisias Inseadeún. L. Coirn. Uilliog Do Búrc.
Coirn. Brian Mac Mathghamhna. L. Coirn. Tomás Scúrlóg.
Coirn. Maol Muire Ó Réidhill. Seathfrún Brún.
Coirn. Geilbert Talbóid. Seaán Breathnach.
Éadbhard Plaincéad Esquire. Páttraig Ó Briain.



Sur Niocolás Plaincéad. Séamus mac Gearailt.
Seaán Talbóid. Seaán Pléimionn.
Tomás Lustarael. Peattair Síorlóg.
Seón Hollywood. Crustóir Archbold.


L. 106


Hanraoi Ó Néill. Páttraig Ó Mórradh.
Dudly Bagnal. Niocalás Ó hÉilíghe.
Hanraoi Dracket. Piaras Builtéar Callan.
Éadbhard Builtéar. Piaras Builtéar.
Niocalás Dorchaoi. Seón Seagrave.
Páttraig Sáirséal .i. An Sáirséalach do budh Tighearna Lúcan dá éis
sin. Risteárd Wadding.
Tomás Brún.
Oiliféar Caisil.
Seaán Mac na Mara. Páttraig Clinton.
Séamus Talbóid. Captaen Crustóir Turner.
Seón Balif. Seón Bagot.
Séamus Talbóid, Teampoll Óig. Uilliam Grás.
Páttraig Archer. Seaán Ártúr.
Lucás Dúdál. Marcus Lassan.
Pilib do Hoaradh. Crustóir Aylmer.
Séamus Barnwall. Séamuis Plaincéad.
Séamus Allen. Tomás St. Seaán.
Tomás Cantwell. Uilliam Barradh Óg.
Éamonn Díolún. Risteárd Strange.
Séamus Builtéar. Páttraig Boylon.
Uaithne Colclough. Séamus Do Faoit.
Tomás Sáirséal. Major Labhrás Dempsey.
Piaras Nangle. Cap. Risteárd Ó Díomasaigh.
Seón Wolverston. Éadbhárd Innsiodún.
Micheál Bret. Páttraig Porter.
Major Marcus Furlong.


L. 107


ÓRÁID DHÉAGHNACH AGUS BRIATHRA
BÁIS OILIFÉIR PLAINCÉAD, ÁIRRDEASBOIG
ÁRDA MACHA AGUS PRÍOMHFHÁIGH
ÉIRIONN, AN CHÉAD LÁ DO
JULY 1681.



D'iarr an Sirriam a phriosúnach, agus do tógbhadh
a ccairt é do chum é chrochadh, a chroídhe agus 'inithear
do tharrang as, agus ceathramhna do dhéanamh de.
Iona phasáiste chum láithrigh a ídithe do-rín sé
mórán d'úrnaighthibh teasuighe lán do ghrádh Dé
agus do charthannacht dá chomharsain. An uair
ráinidh sé go Tyburn agus do ceangladh suas é, suil
do tarraingeadh an chairt uaidh do-rín sé le sóchas
iongantach an óráid seo síos:



Do sheasmhas mo thriail beagán laethe ó
shoin ag bínse an Rígh agus as grod go ccaithfiod
mo lámh do thógbháil ag bínse Rígh na Ríghthe
agus me féin do thaisbeánadh a láithir an Ghiúistís
nách féidir a mhealladh (le) bréig-fhínnéibh fallsa
ná le claon-dhearbhaibh, óir as aithnid dó
sicréidíghe croidhthe agus nochan féidir leis neach
air bith do mhealladh, ná breitheamhnas aincheart
do thabhairt, ná claonadh le hóghmós do phearsanaibh,
óir (ós é an mhathas uile é agus an giúistís
rói-cheart) tabharfaidh dualgas síorruídhe air son


L. 108


deagh-oibreacha agus pionóis ionchosmhuil air son
sáruighthe a aitheanta dá luíghead é.



Agus ós í seo an ghlain-fhírinne dheímhnightheach
budh mhalluighthe an gníomh agus budh
chontrárdha dom shonas síorruídhe dá ndéanfainn
annois le deímhniúghadh nídh air bith a n-aghaidh
na fírinne, peacadh gráineamhuil do chum damaint
shíorruidhe do thuilleamh dam féin go ró-ghrod,
ó ná fuil fuasgladh air bith ná tnúth le párdún.
Dá bhrígh sin adbhóidh mé an fhírinne, gan
saodh air bith, acht úsáid do dhéanabh d'fhoclaibh
do réir na gnáith-chéille tuigthear asta, agus dá
dheimhniúghadh dhíbh fós gurb í mo chéadfadh
shiúrálta nách féidir le cómhachta air bith ní hé
amháin ar talamh acht fós air neamh cur suas liom
ná cead do thabhairt dam deimhniúghadh fallsa
do dhéanamh. Agus deímhníghim a bhfoclaibh
duine ag fagháil bháis, agus fé mar atá mo thnúth
leam shámháil faoi lámhaibh an Aird-Ghiúistís,
go ndéanfadh mé an fhírinne go díograiseach
soiléir do chum mo cháis do chur a ttuigsin don
domhan uile.



As iontugtha faoi ndeara gur cuireadh tréason
agus praemunire, nó cailleamhuin, am leith a nÉirinn
agus gur tugadh chum an bharradh agus chum mo thriala
ann me; gidh eadh, an tan do-chonnarcadar na


L. 109


hionformairíghe (daoine dona droich-bheathacha)
go rabhadar áitimh agus fínnithe agam, d'fhanadar
d'aon-ogham, agus do thángadar don chathair seo
do chum mise do tharrang chum mo thrialadh
annso, don áit ná deárna na curtha do cuireadh
am leith, áit ná raibh aithne ag an ccoiste orm,
ná air cháilibh na ndaoine do bhí ag cur orm, agus
nár foilsígheadh dóibh mórán sorrathainnighe
ócáideacha chum triala glaine. Ansan tar éis
cruaidh-ghéibhinn sé míosa a bpríosún (nó tuairim
mair sin) do tugadh chum an bharradh me an
treas lá do Bheiltine, agus do tugadh chum cúntuis
mé a ttaoibh curtha ionar tugadh chum cúntais
me a nÉirinn roimhe sin - gníomh iongantach agus
nídh neamhchoitchionn ar a deacair sómpla
d'fhagháil le chúig céad bliadhan.



Gidh eadh, ó bhádar m'fhínnithe agus m'áitibh a
nÉirinn do thug an Tighearna Prímh-Ghiúistís
chúig sheachtmhuine dhamh do chum a ttabhartha
anall. Gidh eadh, le neimhshiúráltacht na gaoithe,
na fairge, agus deacamhla cóipithe d'fhagháil as
páipéaraibh áitibh, agus mórán fínnithe do thabhairt
as mórán do chontaethibh na hÉirionn, agus do
thaoibh mórán do dheacrachaibh eile (le a ndeárnadh
áiteamh) ní fhéadfainn ann chúig seachtmhuiníghibh
na háitibh agus na fínnithe do thabhairt
anall. Ansan d'athchuinígheas go truaighmhéileach


L. 110


dá lá dhéag eile do thabhairt damh
do chum mo thriala; gidh eadh, do dhiúltaidh
an Tighearna Prímh-Ghiúistís me, agus leis sin do
tugadh chum mo thriala me agus do tugadh suas
me (ionann agus dá mbiadh mo lámha ceangailte)
fé chómhachta meirdreach na mbréag do thug
na leabhair éithigh do chum an anama do bhuain
asam le cur na ccurtha so síos am leith:



Air ttúis, gur chuireas leitreacha le Niall Ó
Néill, mo sheirbhíseach nó mo phage, chum
Moinsieur Baldeschi, sicréidíghe an Phápa, chum
Easboig Aix, agus chum Principe Colonna, do chum
comhachta eachtrann d'agallamh agus d'athchuinídhe
chum na hÉirionn d'ionnsuíghe; agus fós gur
chuireas leitreacha chum Cairdionáil Bullion air
an ócáid ccéadna.



An dara nídh, gur chuireas Captaen Conn Ó
Néill do chum cabhair d'fhagháil ón Rígh
Francach.



An treas nídh, gur cheapas airgiod air, agus gur
chruadh-thógbhas é a Eaglais na hÉirionn, do
chum na bhFrancach do thabhairt asteach agus
chum deich agus trí fithchid míle fear do chothughadh.



An ceathramhadh nídh, agus go raibh a deich
agus trí fithchid míle fear a n-innil agam, agus liostanna
déanta ortha, agus go ttugas órdúghadh do bhráithir
dárbh ainim Duffy liost do dhéanamh air dhá


L. 111


chéad agus caogad fear a bporóiste Fhoghairt a
cContae Lúghaidh.



An cúigmheadh nídh, go ndeachas timpchioll
póirteanna agus cuanta na hÉirionn uile agus gur thoghas
Cáirlingford mar chuan oireamhnach chum na
bhFrancach do theacht a ttír ann.



An seismheadh nídh, go rabhas a mórán do
chómhairlíbh agus do chómhdhálaibh ionar socruígheadh
airgiod do chum na bhFrancach do ghairm
asteach.



Agus fá dheóigh, go raibh cómhdháil tuairim
dhá bhliadhain déag ó shoin a cContae Mhonaghain,
Chabháin, agus Árda Macha, dár chómhairlígheas
arm do thógbháil do chum a n-eastát do bhuain
amach.



Don chéad nídh freagraim ná raibh Niall Ó
Néill 'na sheirbhíseach ná 'na phage riabh agam
agus nár chuireas leitir ná leitreacha leis riamh chum
Monsieur Baldeschi ná chum Easboig Aix ná
chum Princippe Colonna. Agus adeirm an
t-iompódh Béarla do tugadh air an mbréig-leitir
sin do tugadh am aghaidh-si leis an
mbráthair Mac Moyar gur leis féin do cumadh í
agus nách mise do sgríbh í féin ná aen-leitir as a
n-iompófuídh í a mBéarla, a Laidin, ná a
nIottáilis, ná a n-aen-teangain eile. Deimhníghim
fós nár sgríobhas leitir ná leitreacha riamh chum
Cairdionáil Bullion ná chum aen-mhinistéir le
Rígh Franc, agus nár sgríbh neach air bith do bhí


L. 112


annsa chúirt sin chúgham, agus nár labhair liom saor
ná daor do thaoibh ploit ná cóimhéirghíghe ar
bith a n-aghaidh mo Rígh ná mo dhúthadh.
Ní bhus faide ná san deímhníghim nár chuireas
sgéala ná teachta don Róimh ná chum aon-chúirte
eile do thaoibh gnótha tíorthamhla ná
teamporálta air bith, agus as fios go maith (óir do
cuireadh a bpriont phoibillíghe é) go bhfuil
órdúghadh ag an ccléir 'chómhnuígheann a
ndúthaoibh nách Catoilicíghe, ón Róimh, gan
sgríobh don Róimh do thaoibh gnóthaoi
tíorthamhla ná teamporálta air bith. Agus
deimhníghim nách fuaras leitir ná leitreacha ón
bPápa riamh, ná ó aen-mhinistéir leis, ag trácht
air aenídh don tsórt san. Uime sin gurab é an
deirg-éitheach do spalpadar na bráithre Mac Moyar
agus Duffy do thaoibh leitre ná leitreacha, sgéala ná
teachtairighe.



Don dara nídh adeirm nár chuireas Captaen
Conn Ó Néill do chum Rígh na Fraince ná chum
aen-mhinistéir leis, agus nár sgríobhas riamh chuige,
agus ná fuaras aen-leitir uaidh, agus ná feacadh riamh é
acht aon-uair amháin, agus dom thuigsin nár labhras
deich focail riamh leis; agus do thaoibh é bheith ag
Charlemount nó Dún Ganainn ní fheacadh riamh
ansna bailtibh sin é, agus ní raibh 'fhios agam a bheith
ansna háitibh sin. Agus uime sin atá dearbhadh
Mhic Moyar fallsa do thaoibh Chuinn Í Néill.


L. 113


Don treas nídh abraim nár shocruígheas agus nár
thógbhas aon-airgiod riamh do chum ploit ná
cóimhéirghíghe do chum Francach ná Spáinneach
do tharrang asteach, agus ná fuaras aon-airgiod riamh
air an ccúntas san ó shagartaibh ná ó bhráithribh
amhuil mar dhearbhadar Mac Clane agus an bráthair
Duffy go rói-bhréagach. Deímhnighim díbh nách
fuaras aenídh riamh ó aen-eaguilseach a nÉirinn
acht an mhéid budh cheart damh do réir sean-chustoim
do chum mo chothaighthe agus an nídh
budh ghnáth le a ttáinidh d'easbogaibh reómham
le céad bliadhan d'fhagháil, agus creidim nách
lugha fuair aende aco ná mé, agus dá ccuirfídhe a
n-aon-sparán a bhfághaid cléir Chatoilicíghe
Éirionn uile a mbliadhain budh bheag é, agus níorbh
aon-rod é chum na bhFrancach do ghairm asteach
ná chum armála deich agus trí fithchid míle fear do
thógbháil, do-ríneas-sa 'liostáil amhuil do dhearbhaidh
an bráthair Mac Moyar 'na dheirg-éitheach.
Agus ní fírinnighe ná san mar do
dhearbhaidh Duffy, .i. gur órduígheas-sa dhó
liost do dhéanamh air dhá chéad agus caogad fear a
bporóiste Fhogharta a cContae Lúghaidh.



Don cúigmheadh nídh freagraim ná deachas
tímpchioll póirteanna agus cuanta uile na hÉirionn,
agus ná rabhas riamh a cCorcaigh, a cCion tSáile, a
mBeantraoi, a nEóchuill, a nDún Garbhán, a
Luimneach, a nDún Canainn, ná a Loch Garmon.


L. 114


Agus do thaoibh Cháirlingford ná rabhas riamh
ann acht aon-uair amháin, agus nár fhanas ann as
cionn leath-uaire, agus nách deárnadh machtnamh
air bith air an bpórt ná air an ccuan do chum
Francach nó Spáinneach do theacht a ttír ann,
agus ná táinidh sé am chroídhe ná am íntinn cinne
air an áit sin chum na críche sin; agus air feadh me
bheith ag Carlingford (óir as le tionnóisg do
ghabhas ann) ní raibh an bráthair Duffy ann mo
chuideachtuin faoi mar dhearbhaidh sé go grod-fhallsa.



Don seismheadh nídh freagraim ná rabhas
riamh ag aon-chómhdháil ná cómhairle iona
ndeárnadh luadh air shocrúghadh ná air chruinniughadh
airgid chum ploit ná cóimhéirghíghe, agus
as follus go soiléir cléir Chatoilicíghe na hÉirionn,
ag ná fuil talamh ná teacht asteach agus gurab air
éigin d'fhiadbhaid iorraidh ghalánta choingbháil
ortha féin agus corp agus anam a tteanta a chéile, nách
féidir leó aon-airgiod suimeamhuil do thógbháil,
ná oiread do spáráil agus do chothóghadh leath
regement.



Don tseachtmhadh nídh freagraim ná rabhas
ag aon-chómhdháil trí chéad do dhaoinibh uaisle
a cContae Mhonaghain, Chabháin, ná Arda
Macha, ná a n-aon-chontae ná barúntacht, agus nár
chómhairlígheas duine uasal ná daoine uaisle
ansan, ná a n-aon-áit eile d'Éirinn, arm do
thógbháil do chum a n-eastát do bhuain amach.


L. 115


Agus as follus ná fuil a ccóige Uladh uile trí
chéad Catoilicíghe Rómhánach Éirionnacha 'na
raibh eastáit aco ná do chaill eastáit leis an
rebelliúntacht dhéaghnaigh, agus as feasach gurbh é
mo mhiann agus go ndeárnadh mo dhíthchioll do
chum suaimhnis mo dhúthadh agus go mór-mhór na
cóige sin.



Annois do chum bheith aithgheárr, fé mar atá
mo thnúth le sámháil, níor chuireas riamh leitir
ná leitreacha, sgéala ná teachtairíghe, chum
pápa, rígh, priónsa, ná easboig, do thaoibh ploit
ná cóimhéirghíghe a n-aghaidh aen-rígh ná
dúthadh; níor thógbhas riamh suim ná suimeanna
airgid, beag ná mór, do chum saídiúradh ná
saidiúiríghe do chothúghadh ann mo shaoghal
riamh, agus ní raibh 'fhios agam agus níor smaoineas
go rabhadar na Francaigh chum cur a ttír ag
Carlingford, agus creidim nach fuil aende do-chonnairc
mappadh na hÉirionn riamh ná déarfuidh gurbh
fhiannuígheacht a smaoineamh. Ní raibh aithne
agam riamh air aon-phlotaeríghe ná cóimhéirghetheóiríghe
a nÉirinn, agus ní chuala tráchta ortha
acht an chuid díobh bhí nótálta agus fógartha - dá
ngnáth-ghairmthear Buachaillíghe Díomhaoine -
agus go ndeárnadh mo dhíthchioll air iad san féin
do chlódh. Agus fé mar atá mo thnúth le sámháil
atáim agus do bhíos riamh neimhchiontach go hiomlán


L. 116


ansa tréason do cuireadh am leith agus a n-aen-tréason
eile air bith.



Agus ciodh ná fuilim ciontach ansna curtha do
cuireadh am leith creidim ná táinidh aende riamh
don áit seo ansa chás iona bhfuilim-si, óir dá
n-adbhainn (nídh nách féidir liom a ccoinsias,
óir do chuirfinn bréag orm féin) na príomh-churtha
do cuireadh am leith ní chreidfeadh aende
tuigsionach me agá bhfuil aithne air Éirinn. Dá
n-adbhainn gur diongbhála me air dheich agus trí
fithchid míle fear do thógbháil ansna háitibh do
bhí fám chúram, .i. a ccóige Uladh, nó fós a
nÉirinn uile, agus airgiod do shocrúghadh agus do
chruadh-thógbháil ón Eaglais Rómhánach do
chum a ccothaighthe, agus Cairlingford do cheapadh
do chum na bhFrancach do theacht a ttír ann,
do bhiadh an saoghal ag fonómhaid fúgham,
óir as follus teacht asteach na hÉirionn uile
spioraideálta agus teamporálta a seilbh searbhóntuighthe
an Rígh uile nách leór é chum armála
deich agus trí fithchid míle fear do thógbháil agus do
chothughadh. Agus má shéanaim na cionta so
uile - amhuil do-ríneas agus do-ghním - do budh
fhéidir go mbiadh daoine nách fuil taithitheach
air ghnóthaibh na hÉirionn ná creidfeadh gur
fírinne do-ghním, ciodh go ndeimhníghim í leam
anáil dhéaghnaigh. As deimhin liom dá ndearbhófaoi
na pointíghe seo, .i. deich agus trí fithchid
míle fear etc., do láithir aon-choiste Protestúin a


L. 117


nÉirinn agus mise dá adbháil ag an mbarradh, ná
creidfidís mé ní bhus mó ná dá ndearbhófaoi agus
go n-adbhainn gur eitillios ansan aer ó Bhaile
Átha Cliaith go Hollyhead.



As léir díbh dá bhrígh sin an cás iona bhfuilim,
agus do-chualamhúir an deimhniúghadh do-ríneas air
mo neimhchionta, agus atá tnúth agam go ccreidfidh
sibh focail duine ag fagháil bháis. Agus do
chum gur móide do chreidfeadh sibh me deímhníghim
díbh gur chuir duine mór sgéala nó tairigsin
chugam go sámhálfadh sé m'anam dá cciontuíghinn
daoine eile. Gidh eadh, do budh é m'fhreagra
nárbh eól damh aon-chóimhéirghetheóiríghe a
nÉirinn acht iad so (amhuil mar adubhart cheana)
do bhí nótálta go poibillíghe aindlightheach, agus
do chum m'anma shámháil ná ciontóchuinn go
fallsa duine air bith ná an díodhbháil sin do
dhéanamh dom anam: St. Matha 16.26, Créad
é an mhaith é do dhuine dá ngabhadh sé an
saoghal uile agus 'anam féin do chailleamhuin?
'Anam do bhuain as duine air bith ná a shubstáint
do thógbháil go haincheart as olc ó aen-Chríostuíghe
a dhéanamh, go mór-mhór ó neach
dom cháil-si, .i. Eaguilseach don Teampoll
Chatoilicíghe agus Préaláid neamhluaghach nó Easbog,
agus adbhaim go hosguilte sin.



Agus nocha séanfadh mé go ndeárnadh mé
diúité Préaláidíghe Catoilicíghe a nÉirinn, agus an


L. 118


feadh do bhí toil ná aonta air bith leis go ndeárnadh
le teagasg, le seanmóir, agus le statúitíghibh, mo
dhíthchioll air an ccléir do bhí fám chúram do
thabhairt chum iompchuir chirt do réir a ccáile.
Agus ciodh ná deárnadh ansan acht mo dhiúité
do bhí cuid díobh ná leasódhadh iad féin, agus léarbh
fhuathfar me, agus go háirighthe m'ionformairíghe,
dár fhóbras maith do dhéanamh - na heagailsigh
adeirm. Gidh eadh, an ceathrar eile, tuatuíghe,
tháinidh a m'aghaidh, .i. Fínighín Mac Moyar,
an dá Ó Néill, agus Hanson, ní raibh caidreamh
riamh agam ortha, agus do-chídheann sibh cionnus
do díoladh me agus créad mar tugadh me le dearbhadh
bréige do chum an bháis anabaigh so. Agus
ciodh gur ghníomh malluighthe é, ós pearsanda
do bhí sé, níor chóir toibhéim do thabhairt d'Órd
St. Próinsias dá thaoibh ná don Eaglais
Chatoilicíghe Rómhánach, óir as follus go raibh
Iúdás idir an Dá Easbol Déag, agus duine malluighthe
dárbh ainim Niocalás idir an seachtar Diogánach.
Agus amhuil fós mar do ghuidh duine dona seacht
nDiogánachaibh sin, .i. Stiabhna Naomhtha, air
son na buídhne do mharbh le clochaibh é, guídhim-si
air son na buidhne do dhoirt m'fhuil neimh-chiontach
le leabhraibh éithigh, ag rádh amhuil
mar adubhairt St. Stiabhna: Ó, a Thighearna, ná
cuir an peacadh so 'na n-aghaidh. Mathaim dóibh
óm chroídhe agus dona giúistísíghe do fhosguil


L. 119


m'anam don chontabhairt fhollus so le diúltadh
aimsire oiriomhnuíghe dhom do chum m'áitimh
agus m'fhínnithe do thabhairt ó Éirinn.



Mathaim fós dóibh seo uile agá raibh lámh
dom thabhairt ó Éirinn do chum mo thriala
annso, áit ná raibh sé am chómhachta triail ghlan
d'fhagháil. Agus fá dheóigh mathaim do gach
n-aon do thug coghnamh air mhodh air bith do
chum m'anama 'bhuain asam, agus iarruim mathachas
air an uile dhuine do dhíobhálas le smaoineamh,
le briathar, ná le gníomh. Guidhim an t-Uilea-Chómhachtach
go ttiúbharfadh A mhórdhacht
dhiadha don Rígh, don Bhainríoghain, agus do
Dhiúic York, agus don bhuídhin ríogadh uile,
sláinte, saoghal fada, agus subháilceas ansa tsaoghal
so, agus sonus síorruidhe ansa tsaoghal eile.



Agus annois fé mar léar-thaisbeánas (mar
mheasaim) chómh neimhchiontach agus atáim air
aon-phlot ná cóimhéirhgghíghe, do budh feárr liom,
leis an bhfírinne ccéadna, go bhféadfainn me
féin do shaoradh air chiontaibh móra a n-aghaidh
aitheanta na Mórdhachta Diadha (do sháruígheas
go minic), agá bhfuil doilghíos croídhe orm dá
ttaoibh. Agus dá mairinn nó dá bhféadfainn
marthuinn míle bliaghain as meódhan áitighthe
agam agus atáim láin-cheapuighthe, lead ghrásaibh-si,
ó a Dhia, gan fearg do chur ort. Agus athchuiníghim


L. 120


Do Mhórdhacht Dhiadha, le tuilleamhuin
Chríost, agus adhbhcóideacht A Mháthar Bheannuighthe,
na n-aingiol uile, agus na naoimh, mo
pheacuíghe do mhathamh dhamh agus suaimhneas
síorruídhe do thabhairt dom anam. Dein trócaire
orm, a Thighearna etc. Spáráil m'anam etc. Idir
do lámha tiomnaim m'anam, ó a Thighearna
Dia etc.



Diaighscript.
Do chum sásaimh an uile dhuine agá bhfuil
carthannacht focail duine ag fagháil bháis do
chreideamhuin deímhníghim airís a láithir Dé,
fé mar atá mo thnúth le sámháil, gurab í an
fhírinne ghlan shoiléir gach nídh dá bhfuil san
pháipéar so gan saodh, seachnadh, ná búntáiste
air bith, le glacadh na bhfocal annsa chéill agus
annsa tuigsin ghnáthaigh iona nglacaid Protestúin
iad an uair do-ghníd cómhrádh soiléir sothuigsithe.
Agus leis uile do fhoigh-sgríobhas
annso m'ainim,
OILIFÉAR PLAINCÉAD.



Cóipithe na hóráide seo do thug sé don tSirriam,
agus do chuid dá cháirdibh féin, agus do cuireadh a
bpriont í.



An tan do bhí crích lena óráid agus a chaipín
tarraingthe ós a shúilibh do thiomain sé airís a


L. 121


anam sonuíghe le hirse theasuíghe a lámhaibh
Íosa, a Shlánaghthóir, do fuair bás air a shon,
nó gur tarraingeadh an chairt uaidh. Air an
modh so do bhí sé crochta idir neamh is talamh
an' ofráil fhollus do Dhia air son a neimhchionta
agus a chreidimh. Agus chomh luath agus d'éag sé do
reop an crochaire suas a bholg agus a bhrollach, agus
do struis sé amach a chroídhe agus 'inithear, agus do
theilg sé annsa tine - do bhí ollamh adhanta ag
an gcroich chum na hócáide sin - iad. Do fuaradh
air athchuiníghe ón Rígh an chuid eile dá chorp,
agus do rugadar a chairde chum tígh é láimh le
teampoll St. Giles, agus do cuireadh a ccómhrainn
é, acht a cheann agus a dhá láimh ón' uilleannaibh
amach do coimeádadh agus do rugadh a n-áit eile.



Do hadhlacadh é a roilg an teampoill agus pláta
coppair air a bhrollach air a raibh insgríobhtha
na focail seo am dhiaigh (curtha anso do chum
sásaimh daoine ciúirialta):



"Ansa tuamba so suaimhnígheann corp an
Phréaláid phrímh-dhiadha Oiliféir Plaincéad,
Áird-Easboig Árda Macha agus Príomhfháigh
Éirionn, do chiontuígheadar fínnithe fallsa a
ttréason le fuath do chreideamh, agus dá thaoibh
sin do daoradh agus do hídídheadh ag Tyburn, le
stracadh a chroídhe agus 'inithir as, agus lena ccathamh
ansa tine. D'fhuiling sé go cródha mairtíreacht,


L. 122


1 July, 1681, a réimheas an dara Rígh Cormac."



Ceithre bliaghanna tar éis 'adhlaice do tógbhadh
a chorp agus do fríth slán é agus do cuireadh tar fairge
é mar a bhfuil sé curtha a séad-chómhartha nó a
ttuamba oireamhnach dá cháil, dá chéim, agus dá
bheannuightheacht mhaordha. Atáid a lámha agus a
cheann a n-áit eile agus iad slán mar an ccéadna le
háiteamh móráin fínnithe do-chonnairc iad.



Requiescat in Pace. Amen.


L. 123


TUARASGABHÁIL AITHGHEARR AR
LUIMNEACH.



Luimneach, a Laidin Limericum, cathair láidir
a ccóige Múmhan a nÉirinn, suighte láimh le
himealaibh chóige Chonnocht air an abhainn dá
ngairmthear an tSoineann, chúig mhíle agus dá
fhithchid don taoibh shiar do Cill Chuinne, chúig
mhíle dhéag air fhithchid don taoibh theas don
Ghaillimh, agus tuairim trí fithchid míle ón aigéin,
gidh eadh, chómh caothamhuil sin leis an abhainn
go ttigid loingeas throma suas gusan bhfalla -
atá sí beagnách baile as láidre a nÉirinn í.
As ceann contae í don ainim chéadna, agus suídheachán
easboig faoi Áird-Easbog Chaisil.



Luimneach ghairmid na Gaoidhil di. Do
baineadh díobh í le Raimond le Grosse, Sagsanach;
dá éis sin do dóthadh í le Donamhald, Éirionnach
ríoga ó Thuadhmhúmhain. Rígh Seón do-rín
an Caisleán. Do-ríneadar na Sagsanaigh dá éis
sin baile eile mar agaisín lé, timpchiollta le
fallaoibh, agus do dhaingnígheadar é le droicheadaibh
tógbhála agus leis gach nídh eile do dhéanfadh
láidir é, ionnus, an tan d'ionsuidh Ireton Luimneach
ann 1651 dona Pairlimentáirians, do-rín Aodh Ó
Néill, oifigeach maith dá ndeárnadh Goibheirnér


L. 124


leis an bhFoighrígh, cosnamh cródha. Gidh
eadh, tar éis ionsuighthe trí míosa, iar lagúghadh
an ghairisiúin le pláig agus le huireasbhaidh lóin, tug sé
suas air choinghíolaibh í.



Tar éis bhrise na Bóinne do chruinnígheadar
fórsaoi Rígh Séamus annso agus do-ríneadar cosnamh
chómh maith sin faoi Bhoisleau, an Goibhernéir
Francach, agus do thuit an oiread san fearthanna,
go m'éigion do Rígh Uilliam, do thosnuidh an
ionsuíghe a bpearsain an deichmheadh lá
d'Fhóghmhar 1690, a champa do thógbháil an
deichmheadh lá fithchiod dá éis sin. Gidh eadh,
an bhliadhain dá éis sin, an tan tháinidh Genearál
Ginckle tar éis catha Aghraim agus géille na Gaillimhe
dá hiónsuíghe, do ghéill an gairisiún agus do fuair
coinghíl shocharacha do thaoibh na háite 'thabhairt
suas, agus do chuir sin deiridh le trioblóidibh na
hÉirionn an tráith sin.



Atá Contae Luimnigh teóranta don taoibh
thuaidh leis an Soininn agus leis an Misgéir, do
dheidhileann í ó Chontae an Chláir agus ó
Urmhúmhain; don taoibh shoir di atá Contae
Thiobraid Árann; Contae Chorcuíghe don taoibh
theas di; agus don taoibh shiar Contae Chiarruíghe.
Talamh saidhbhir, adeir Cambden, agus áitighthe go
maith. Atá an taoibh shiar di sléibhteamhuil
agus an chuid eile socair.


L. 125


COINGHÍL THÍORTHAMHLA LUIMNÍGH
air ar réigheadh an treas lá d'October 1691.



Gulielmus et Maria Dei Gratia Angliae, Scotiae,
Franciae et Hiberniae Rex et Regina, Fidei
Defensores, etc. Omnibus ad quos praesentes
literae nostrae praevenerint salutem. Inspeximus
irrotulament. quarund. literarum patentium de
confirmatione geren. dat. apud Westmonasterium
vicesimo quarto die Februarii, ultimo praeteriti
in Cancellar. nostr. irrotulat. ac ibidem de recordo
remanen. in haec verba.



Uilliam agus Máire le grásaibh Dé etc. Do chum an
uile dhuine do shoichidh an leitir seo, beatha agus
sláinte! Ós dearbh gur socruígheadh choinghíl
d'áirighthe an treas lá d'October dhéaghnach idir
ár ngiúistísighe na hÉirionn agus genearál ár bhfórsaoi
ansan d'aon-taobh, agus mórán oifigíghe ag déanamh
diúité a ccathair Luimnígh don taoibh eile, ionar
ghealladar ár ngiúistísíghe agus ár ngenearál go
ndéanfaimís go maith na coinghíl chéadna a
ccionn ocht míosa nó ní bhus túsga, agus go ndéanfaidís
a ndíthchioll do chum an Pháirliment dá
ndéanamh go maith, ag so na coinghíl:


L. 126


Coinghil thíorthamhla Luimnígh socruighthe an
treas lá d'October 1691, priontálta go
díreach ó na leitreachaibh paitent iona
bhfuilid siad áitithe leis an Rígh agus leis an
mBainríoghain faoi shéala mór na Sagsan.



Idir an bhfíor-onóireach Sur Cormac Porter agus
Tomás Conningsby Esquire, Tighearnaoi Giúistísíghe
na hÉirionn, agus Barún de Ginckle,
Lefteanónt Genearál agus Príomh-Órdothóir na
harmála Galda, d'aon-taobh, agus an fíor-onóireach
Páttraig (an Sáirséalach) Iarla Lúcan, Piercy
Bíocán Ghallmoy, Coirnéil Niocolás Puirséal,
Coirnéil Gearóid Díolún, agus Coirnéil Seaán Brún,
don taoibh eile.



Air son áitightheóirighe cathrach agus contae
Luimnígh, contaethe an Chláir, Chiarruíghe,
Chorcuíghe, Shliogadh agus Mhuíghe Eó:



Do thaoibh géille catharach Luimnígh agus
socruighthe eile déanta idir an Lefteanont-Genearál
réamhráidhte Ginckle, Goibhernéir
cathrach Luimnígh, agus Genearáil na harmála
Gaodhaluíghe, le dáta céadna na leitre seo, do
thaoibh géille na cathrach réamhráidte agus
úmhlaoigheachta na harmála, do socruígheadh go
bhfághaidís:



An Chéad Choinghiol: Catoilicithe Rómhánacha


L. 127


na ríoghachta so gach prímhléid a ngnáthughadh
a ccreidimh dá bhfuil freagarthach do dhlighthibh
na hÉirionn, nó dhá raibh aco a réimheas an dara
Rígh Cormac; agus tiúbhraid an Rígh agus an Bhainríoghan,
chómh luath agus do chruinneóghaidh
Páirliment na ríoghachta so, tuille siúráltacht
dona Catoilicithibh Rómhánacha leis an nídh seo,
do dhéanfaidh a ccaomhna ó bhuairt air bith do
thaoibh a ccreidimh.



An Dara Coinghiol: na huile áitightheóiríghe
nó lucht cómhnuithe a Luimneach, nó a n-aon-ghairisiún
eile annois a seilbh na nÉirionnach,
agus a n-uile oifigíghe agus saidiúiríghe annois a n-armaibh
faoi aon-choimisiún ó Rígh Séamus, ná uatha so
úghdarásta uaidh a ccontaebh Luimnígh, Chláir,
Chiarruíghe, Chorcuíghe, agus Mhuíghe Eó, ná a
n-aon-chontae dhíobh, agus na huile oifigíghe
coimisiúin a cceathramhnaibh an Rígh agus na Bainríoghaine
bhaineas leis na Regementibh Gaodhalacha
'na seasamh annois, le a bhfuilid coinghíl dá
ndéanamh, nó ná fuil 'na bpríosúnaigh chogaigh,
nó do ghaibh dídhean, nó d'fhíllfidh agus d'umhalóidh
don Rígh agus don Bhainríghin agus dá n-oíghríbh agus do
gach n-aon dá n-oighríbh, go bhfághaid, go
sealbhóid, agus go ndéanfaid úsáid dá n-eastátaibh
saora nó sinseardha agus gach teidiol ná prímhléid
dá raibh aco, nó agá raibh ceart aco ortha, a
réimheas an dara Rígh Cormac ná ó shoin, le


L. 128


dlighthibh agus le statúitíbh an Rígh chéadna, agus go
ccuirfear a seilbh na codadh dhíobh atá a lámhaibh
an Rígh nó a theanóntaighthe iad, le hórdúghadh
an Rígh gan phléa gan thrioblóid air bith, agus na
heastátuíghe uile seo do shaoradh ó airiars cíosa
coróinne, cuturúin quitrent, ná aen-éileamh eile
dá ndéanfaoi ó Fhéil Míchíl 1688 go lá an dáta
so. Agus an uile phearsa dá bhfuil ceapuighthe
san choinghíol so do-gheóbhaid nó fágfar aco
gach a raibh nó a bhfuil dá substaint shaoghalta
iona lámhaibh féin nó a lámhaibh aende eile a
ttrust ná a ccúram dóibh; agus gach ceárduíghe nó
fear ealadhan díobh toil shaor aige an cheárd nó
an ealuídhe chéadna do leanmhuin agus do chur a
ngníomh amhuil mar do-rín a réimheas an dara
Rígh Cormac. Gidh eadh, nocha bhfuil toradh an
choinghil seo le fagháil ag aen-fhear talmhan cailte
dá bhfuil annois as an ríoghacht, acht an bhuidhean
do háirmheóthar am dhiaigh. Agus nocha bhfághaidh
aen-phearsa toradh an choinghil seo do
dhiúltóghaidh mionna na humhluígheachta
'thabhairt do réir an Achta Páirliment do-ríneadh
an chéid-bhliadhain do réimheas an Rígh agus na
Bainríghne an tan gairmfear chuige iad.



An Treas Choinghíol: na huile cheannuighthe
Luimnígh, nó aon-ghairisiúin eile annois a seilbh
na nÉirionnach, nó a n-aon-bhaile nó áit a
ccontaebh an Chláir nó Chiarruíghe, atá air


L. 129


ttaoibh thall d'fhairge agus nár thóg arm ó aimsir
fhorfhógradh an Rígh agus na Bainríghne ann Feb.
1688, do-gheóbhaid toradh an dara coinghíl,
ionann agus dá mbeidís do láithir, má thigid siad don
ríoghacht so ann ocht míosa a ndiaidh an dáta so.



An Ceathramhadh Coinghíol: Na hoifigíghe seo
am dheóigh, .i. Coirnéil Síomonn Lutairéil,
Captaen Rowland do Faoit, Muiris Eústás, agus
Chievers ó Mhount Leinster, do bhaineas annois
leis na regementibh ansna gairisiúnaibh réamhráidte
agus a cceathramhnaibh na harmála
Gaodhalaighe, do bhí air ttaoibh thall d'fhairge
ag déanamh gnótha do bhain lena regementíbh nó
leis an armáil go genearálta, do-gheóbhaid sochar
agus toradh an dara coinghil má thigid tar ais ann
ocht míosa ón dáta so agus úmhlughadh do riaghluígheacht
an Rígh agus na Bainríghne agus na mionnadh
réamhráidte do thabhairt.



An Cúigmheadh Coinghíol: Go mbiaidh an
uile phearsa ceapuighthe san dara agus ansa treas
choinghíolaibh saor, agus go bhfághaid párdún
genearálta san uile thréason, fiolúntacht, ná aonchuir
eile iona rabhadar ciontach, ná aende aco,
ó réimheas an dara Rígh Séamus, agus dá cciontaigheadh
an Pairliment aende aco, go ndéanfadh na
Tighearnaoi Giúistísíghe agus an Genearál a ndíthchioll
do chum an Phairliment do chur an nídh
céadna air ccúl gan costas air bith acht fís cléireach.



An Seismheadh Coinghíol: Agus ós dearbh gur


L. 130


tharraing an cogadh so mórán anachuinníghe air
gach taoibh, (agus) dá mbiadh cead ag daoinibh a
ccúiseanna príomháideacha do phléadh, le
hoithigibh nó le aon-fhuirm eile dlígh, do
chothóghadh san an bhuairt agus an droch-aigne do
bhí ag na daoinibh dá chéile: dá bhrígh sin, do
chum suaimhnis na ríoghachta, caithfior gan
trioblóid do chur air dhuine air bith dá bhfuil
ceapuithe ansna coinghíolaibh réamhráidte do
thaoibh aen-treaspais dá ndeárnadar ná a ttaoibh
airm, capall, airgid, ná aenídh eile dár thógbhadar
air feadh an chogaidh, agus nách féidir duine air
bith ceapuithe ansna coinghíolaibh réamhráidte
dh'éileamh ná 'thabhairt chum cúntais do thaoibh
aen-chíosa ná mion-rátaoi eile air bith dá
bhfuaradar as talamh ná tighthibh ansa ríoghacht
so ó thúis an chogaigh seo go lá an dáta so, ná
a ttaoibh aon-bhástadh ná treaspais dá ndearnadar
ionta, agus toradh an choinghil seo do bheith ag
gach taobh amhuil agus ionann.



An Seachtmhadh Coinghíol: Biaidh toil shaor
ag gach duine mór agus uasal aco marcuígheacht do
dhéanamh le claoidheamh agus le cás piostal, mádh
chídh oireamhnach é, agus gunnadh do choimeád a
ttigh gach n-aoin díobh do chum a chosmhunta
nó chum foulaereachta.


L. 131


An t-Ochtmhadh Coinghíol: Gach nduine
chómhnuígheann a Luimneach agus ansna gairisiúnaibh
eile biaidh toil shaor aige a shubstaint
shaoghalta agus a chuid lóin d'aistriúghadh leis gan
féachuin, gan cuardúghadh ná diúité air bith, agus
gan a ttighthe d'fhágbháil go cionn sé seachtmhuiníghe
d'éis an dáta so.



An Naomhadh Coinghíol: Na mionnadh curfar
chum na cCatoilicithe Rómhánacha d'úmhalóighidh
do riaghlughadh an Rígh agus na Bainríghine, na
mionnadh réamhráidte agus ní haen-mhionna eile.



An Deichmheadh Coinghíol: Dá mbriseadh
duine nó daoine tríd na coinghíolaibh seo, ná trí
cheachtar díobh, ní déanfar cúis de sin chum
daoine eile do chailleamhuin a ttoradh.



An t-Ao'mhadh Coinghíol Déag: Geallaid na
Tighearnaoi Giúistísighe agus an Genearál go ndéanfaid
a ndíthchioll do chum gach n-aon dá bhfuil
ceapuighthe ansna coinghíolaibh réamhráidte do
dhídheanughadh ó arreastuighthibh ná oithigíbh
air bith, do thaoibh fiach ná damáiste, air feadh
ocht míosa d'éis an dáta so.



An Dara Coinghíol Déag: Fá dheóigh gabhaid
na Tighearnaoi Giúistísíghe agus an Genearál ortha
féin go ndéanfaidh an Rígh agus an Bhainríoghan
go maith na coinghíl seo ann ocht míosa nó ní
bhus túsga, agus go ndéanfaid a ndíthchioll do chum
an Pháirliment do dhéanamh an nídh céadna.


L. 132


An Treas Choinghíol Dhéag: Agus ó thárla go
raibh Coirnéil Seaán Brún a bhfiachaibh áitithe
ag mórán Protestún, agus go bhfeacaidh an riaghlúghadh
déaghnach an nídh sin, do thóg Tighearna
Thíre Conaill agus Tighearna Lúcan a shubstaint do
bhí aige chum na bhfiach ccéadna do dhíol, agus do
ghealladar é 'shaoradh ó na fiachaibh sin, agus as
chum úsáide poibillighe na nGaodhal agus a n-armála.
Agus uime sin, chum an Tighearna Lúcan do
shaoradh san gheallamhuin sin, do chum díola na
bProtestún ccéadna, agus chum seachna cailleamhna
Sheáin Brún, agus chum sásaimh a éilitheóiríghe, air
fhuireálamh an Tighearna Lúcan agus na bpearsan
réamhráidte eile do socruígheadh go ndéanfaid
na Tighearnaoi Giúistísíghe agus Barún dé Ginckle a
ndíthchioll leis an Rígh agus leis an bPáirliment do
chum a n-eastát do dhéanamh siúrálta do Chatoilicithibh
Rómhánacha annsa ríoghacht so air
chúinse agus air choinghíolaibh iad do dhíol go cothram
an oiread dona fiachaibh céadna san agus do thiubharfaidh
an Tighearna Lúcan faoi na láimh, iar
ndéanamh cúntais le Seaán Brún, do budh fiúdh
ar tógbhadh uaidh, agus an cúntas san le déanamh
agus le tabhairt uaidh le Tighearna Lúcan ann lá agus
fithche tar éis an dáta so.



Agus le cómhall fírinneach na ccoinghíol so do
chuireamar ár lámha leis seo, a bhfiaghnaise


L. 133


Scravemore. Cormac Porter.
Aodha Ó Macaoi. To. Conningsby.
T. Talmash. Bar. de Ginckle.



Agus faoi mar tugadh suas an chathair réamhráidte
sin Luimnígh dhúinn a los na ccoinghíol
réamhráidte, annois bíodh 'fhios aguibh gur toil
linn, iar ndéanamh machtnaimh air na coinghíolaibh
réamhráidhte, a fhoilsiúghadh air
feadh ár ccómhachta dhúinn féin, dár n-oighríbh
agus dá ttiucfaidh 'nár ndiaidh, go n-áitímíd agus go
ndeímhníghmíd iad, agus gach nídh dá bhfuil ionta.
Agus do gach páirt díobh dá bhfuil Acht Páirliment
ócáideach cómhairleóghmaoid an nídh céadna do
dhéanamh go maith le Pairliment, agus go ttiúbhraimíd
ár n-aonta ríoga le haen-bhille ná billíghe
do gheóbhaidh thríd an dá thigh Páirliment chum
na hócáide sin.



Agus mar as follus dom gur dhearmaid an
sgríbhnneóir focail éigin ansa dara coinghíol, agus
gur tugadh faoi ndeara é suil do tugadh an dara
baile suas, agus gur ghealladar ár ngiúistísighe agus ár
ngenearál a ndéanamh go maith, óir gurbh í
íntinn an tsocruithe iad agus go rabhadar ansna
céad-choinghíolaibh, annois as í ár ttoil na focail
dhearmadta san d'áiteamh agus do dheimhniúghadh
chómh maith agus (dá) mbiaidís iona n-ionad féin ansa


L. 134


dara coinghíol réamhráidte, d'aimhdheóin an
dearmaid sin.



Air chúinse, agus as í ár ttoil, go ndéanfar na
leitreacha paitent seo do rullúghadh ionár cCúirt
Chancery, ionár ríoghacht réamhráidte na
hÉirionn faoi chionn na bliaghanna so annois ag
teacht. A bhfínnéighe, etc.



Fínnéighe sinn féin ag Westminster an ceathramhadh
fithchiod don Fhabhra, "Anno Regni
Regis et Reginae Gulielmi et Mariae Quarto, per
Breve de Privato Sigillo. Nos autem Tenorem
Praemissor. Praedict. ad Requisitionem Attornat.
General. Domini Regis et Dominae Reginae pro
Regno Hiberniae duximus exemplificand. per
Praesentes. In cujus Rei Testimonium has
literas nostras fieri fecimus Patentes. Testibus
nobis ipsis apud Westmon. Quinto die Aprilis.
Annoque Regni eorum Quarto.



Bridges.
Examinat. S. Keck, In Cancel.
per nos Lacon Wm. Childe. Magistros."



Coinghil Chogamhla Luimnígh socruithe idir
Bharún de Ginckle, Lefteanónt-Genearál agus
Príomh-Ordothóir na harmála Galda air aon-taobh,
agus Lefteanónt-Genearál de Ussoon agus


L. 135


de Tesse, Príomh-Ordothóiríghe na harmála
Gaodhalaighe don taoibh eile, agus na hoifigíghe
genearálta do chuir a lámha leis seo.



An Chéad Choinghíol: Go mbiaidh toil shaor
ag an uile dhuine gibé air bith a chruith nó a
cháil dul tar fairge do chum aen-tíre as maith
leó (acht go Sagsaibh nó go hAlbain amháin),
iad féin, a muintear, agus a n-uile mhathas.



An Dara Coinghíol: Go mbiaidh toil shaor
ag na huile oifigíghe genearálta agus oifigíghe eile,
saidiúiríghe don uile chineál atá ann aon-ghairisiún,
áit, ná póst annois a lámhaibh na
nÉirionnach, ná atá a ccampa a ccontaebh
Chorcuíghe, an Chláir, ná Chiarruíghe, agus fós iad
so dá ngairmthear roppairíghe nó bholuntiers,
léar miann é, dul air bórd na loingeas ceapuighthe
chum a mbeartha 'nonn, teacht iona ndrongaibh
nó iona bpáirtíbh amhuil mar táid déanta suas
annois, nó 'na ccuideachtanaibh, gan tuirmeasg
air bith, saor ná daor.



An Treas Choinghíol: Gach n-aon don bhuidhin
réamhráidte léar miann dul don Fhrainc biaidh
toil shaor aco a fhoilsiúghadh ag na háitibh agus air
na huairibh ainimnighthe am dheáigh: na trúip a
Luimneach Dia Máirt seo chúghainn, a Luimneach;
na trúipéiríghe iona ccampa Dia Céadaoin; agus
na fórsaoi eile atá sgaipithe air feadh chontaethe
an Chláir, Chiarruíghe, agus Chorcuíghe, air an
t-ochtmhadh lá don mhíosa so, agus ní air aon-lá


L. 136


eile, do láithir Mhoinsieur Tameron, an t-oifigeach
Francach, agus Choirnéil Wickers, agus tar éis na
togharma san do dhéanamh caithfid na trúip
rachaidh don Fhrainc fanamhuin fé theagasg agus fé
ordúghadh a n-oifigíghe atá chum a ttreóraighthe
ansan; desertéiríghe nó lucht teite óna mbrataigh
air gach taobh do thabhairt suas chum pionóis do
thabhairt dóibh dá réir.



An Ceathramhadh Coinghíol: Go mbiaidh
toradh an réightighthe seo ag na huile oifigibh
Sagsanacha agus Albanacha atá ag seirbhís a nÉirinn
annois, chómh maith chum siúráltacht a n-eastát
agus a substaínte a Sagsaibh, a nAlbain, agus a nÉirinn,
más miann leó fanamhuin, agus chum dul don Fhrainc,
nó a n-aon-dúthaidh eile, chum seirbhíse.



An Cúigmheadh Coinghíol: Agus na hoifigígh
genearálta, agus na huile oifigíghe eile cogaigh, agus na
hoifigíghe eile Francach, eachtrain, agus gach n-aon
eile dá bhfuil ann Sliogadh, Ros, ná san Chláir,
ná san armáil, ná aende eile leanas ceannuígheacht,
ná gibé cáil iona bhfuilid, toil shaor aco dul air
bórd, iad féin 's a maoin shaoghalta, agus go
n-órdóghaidh Genearál Ginckle pasanna, loingeas
gárda, agus caráistíghe uisge agus talmhan dóibh, do
chum iad do bhreith sámhálta ó Luimneach do
chum na loingeas iona rachaid air bórd, gan díol
air bith dá dtaoibh.



An Seismheadh Coinghíol: Mádh chaillid na


L. 137


hoifigíghe réamhráidte nó aende eile nídh air
bith le guid, le robáil, nó le plundaráil na harmála
Galda, cuirfidh an Genearál do chómhall a thabhairt
tar ais, nó díol do thabhairt ann, air mhóidibh
an té chaill é. Agus na trúip Ghaodhalacha agus gach
n-aon eile ag imtheacht amhlaidh so ní fuláir
go leanfaid ordughadh maith iona máirseáil, agus
iona cceathramhnaibh, agus gach nídh dá ttógfaid ó
lucht na dúthadh do thabhairt tar ais nó díol ann.



An Seachtmhadh Coinghíol: Do chum na
ttrúp san do chur anonn tabharfaidh an Genearál
caogad long - dá fhithchid tunna gach long - gan
díol air neach air bith do thaoibh a phasáiste, agus
fithche long eile, más ócáideach é, gan díol mar
an ccéadna; agus má bhíd aon-chuid dona loingeas
ní bhus lugha ná (an) t-ualach san, d'fhiachaibh
ar an nGenearál a dhéanamh suas a n-uimhir na
long, agus dá loing chogaigh do thabhairt chum na
bpríomh-oifigíghe do bhreith anonn, agus do chum
gárda.



An t-Ochtmhadh Coinghíol: Go ccuirfear
coimiséir gan stad go Corcaigh chum machtnaimh
do dhéanamh air na loingeas transpoirt agus créad an
chruith iona bhfuilid chum seóil. Agus chómh
luath agus do bheid ollamh máirseálfaid na trúip
chómh luath agus as féidir é an tslígh as giorra
chum na long. Agus má bhíd ní bhus mó fear
ann ná d'fhéadfaidh an caogad loingeas do bhreith


L. 138


leó, caithfidh an chuid eile dhíobh an baile Galda
Luimnígh do thréigion agus máirseáil chum na cceathramhan
do ceapfuighear dóibh cómhgarach d'ionad
a ccurtha anonn, mar a ccaithfid fanamhuin nó
go mbiaidh an fithchid long eile ollamh; agus ní
fuláir go mbeid ann míosa, agus cead aco dul air bórd
aon-loinge Francaíghe do thiucfaidh ansan amm
chéadna.



An Naomhadh Coinghíol: Go mbiaidh lón do
chapaillibh air bórd na loingeas ccéadna, agus gach
nídh oireamhnach do chum cothuighthe oifigíghe,
etc., do rachaidh air bórd chum dul don Fhrainc,
agus go ndíolfar as gach nídh aco san chómh luath
agus do rachuid uile a ttír ag Brest nó Nantz air
chóstaoibh Britanny nó aon-phórt eile don Fhrainc
d'fhéadfaid do dhéanamh.



An Deichmheadh Coinghiol: Caithfear braighde
do thabhairt do chum teachta tar ais na loingeas
ccéadna do dhéanamh siúrálta (acht amháin
contabhairt na fairge), agus díol as an lón réamhráidhte.



An t-Ao'mhadh Coinghiol Déag: Go mbiaidh
toradh an tsocruighthe seo ag gairisiúnaibh
Chaisleáin an Chláir, Ruis, agus ag na huile choisighthibh
dá bhfuil a ngairisiúnaibh a ccontaebh an
Chláir, Chorcuíghe, agus Chiarruíghe; agus an mhéid
dona gairisiúnaibh léar miann dul anonn go
máirseálfaid amach - lena n-armaibh, bagáiste,


L. 139


bualadh drumaoi, pléar a mbéal, maist air lasa
iona dhá cionn, meirgíghe air leatha agus ag eitiollaigh,
lena ccuid lóin uile, agus leath muinisiúin na ngairisiún
- agus dul go n-uig an marcshluagh air a máirseáil
chum dul anonn; agus munadh mbiaidh a sáth
loingeas aco chum na ccoisighthe as foigse don
mharcshluagh chum dul anonn, ordódhuidh
Genearál Ginckle caráistíghe dhóibh do chum na
hócáide sin, agus gach lón agá mbiaidh gábha aco
leis iona máirseáil (air dhíol as, nó a thógbháil
as a magaizínibh féin).



An Dara Coinghíol Déag: Go mbiaidh toradh
an tsocruithe seo ag na trúipéiríbh agus ag na dragúnaibh
atá a ccontaebh Chorcuíghe, Chiarruighe, agus
an Chláir, agus an chuid atá le dul don Fhrainc go
bhfághaid ceathramhna do thabhairt dóibh a
ccontaebh an Chláir agus Chiarruíghe, air leith
leó féin ó thrúpaibh Ghenearáil Ginckle, nó go
bhfághaid loingeas; agus iona cceathramhnaibh
caithfid díol as an uile nídh, acht amháin foráiste
agus féur glas dá ccapaillibh gan aon-rod.



An Treas Choinghiol Déag: Biaidh toradh an
tsocruithe seo ag gairisiún Shliogadh atá a bpáirt
leis an armáil Ghaodhalaigh, agus cuirfear ordúghadh
chum na gárda atá chum a ttabhartha leó a
ttabhairt an tslígh budh ghiorra chum Luimnígh.



An Ceathramhadh Coinghiol Déag: Biaidh
toil shaor ag na hÉirionnaigh naoi ccéad do
mharcshluagh do chur anonn, agus capaill dá


L. 140


n-oifigíbh, agus a ccur anonn gan díol air bith; agus na
trúipéiríghe d'fhanfaidh dá ndéis biaidh toil aco a
rogha slígh do ghlacadh le tabhairt a n-airm agus a
ccapall suas dona pearsanaibh do cheapfaidh an
Genearál.



An Cúigmheadh Coinghiol Déag: Biaidh toil
shaor aco so atá ceapuighthe chum cothuighthe
an mharcshluaigh le dul don Fhrainc féur agus
coirce do cheannach air ráta an Rígh gibé áit a
bhfághaid é gan tuirmeasg ná trioblóid, agus an uile
lón ócáideach do bhreith as cathair Luimnígh;
agus do chum na hócáide seo tabharfaidh an Genearál
caráistíghe caothamhla dhóibh gus na háitibh
iona rachaid air bórd.



An Seismheadh Coinghíol Déag: Biaidh sé
dlightheach úsáid do dhéanamh don fhéur tirm
coimeádta ansna stóir a cContae Chiarruighe dona
capaillibh atá a' dul anonn, agus munadh bhfuil a
sáth ann, féur agus coirce do cheannach air ráta an
Rígh gibé ait a bhfághfar iad.



An Seachtmhadh Coinghiol Déag: Na huile
phríosúnaigh chogaigh do bhí a nÉirinn an
t-ochtmhadh lá fithchiod do September do sgaoile
air gach taobh, agus déanfaidh an Genearál a
dhíthchioll air iad so a Sagsaibh agus a bhFlóndras
do sgaoile mar an ccéadna.



An t-Ochtmhadh Coinghíol Déag: Cuirfidh an
Genearál drugaoi agus lón dá ttabhairt dona hoifigíbh,
trúipéiribh, dragúnaibh, agus saidiúiríbh breóighte nó


L. 141


gonta don armáil Ghaodhalaigh le nách féidir
dul don Fhrainc leis na céad-longaibh; agus tar éis a
mbeith leighiste go n-órdódhuidh loingeas dóibh
chum dul don Fhrainc, más é a miann é.



An Naomhadh Coinghíol Déag: Le linn lámha
chur leis seo go ccuirfidh an Genearál long
dheithnis don Fhrainc, agus go ccuirfidh sé dhá loing
eile dhíobh so annois a nn-abhainn Luimnígh a
n-ollamhacht chum dís phearsana do bhreith
don Fhrainc le sgéalaibh air an socrughadh so, agus
ordughadh 'thabhairt do mháighistiribh na
loingeas san dul a ttír ansa chuan as foigse dhóibh
don Fhrainc d'fhéadfaidh siad do dhéanamh.



An Fithchemheadh Coinghíol: Agus ná stupfar
trúipéir, ná oifigeach, ná aende eile, gibé air bith
a cháil, léar miann dul don Fhrainc, a ttaoibh
fiach ná aon-chúise eile.



An t-Ao'mhadh Coinghíol agus Fithche: Dá
ttigidh, tar éis lámha chur leis an socrughadh
so, nó roimh theacht an chobhlaigh, bád, pacaed
Francach, nó aon-long eile transpoirt ón bhFrainc,
a n-aon-áit eile d'Éirinn, cuirfidh an Genearál pas,
ní hé amháin chum na buídhne atá le dul air
bórd, acht fós chum na loingeas do theacht gusan
ccuan as foigse do cheathrúmhnaibh na ttrúp atá
le dul anonn.



An Dara Coinghiol agus Fithche: Agus tar éis
teacht don chobhlach chéadna go mbiaidh slígh


L. 142


osguilte agus comaoine idir é agus ceathramhna na
ttrúp réamhráidhte, agus go háirighthe aco so agá
mbiaidh pasanna ó oifigíbh an chobhlaigh nó ó
Mhoinseiur Tameron.



An Treas Choinghíol agus Fithche: A ccomhall an
tsocruithe seo caithfior dhá bhaile Luimnígh do
chur a lámhaibh an Ghenearáil nó aon-phearsan
eile do cheapfaidh sé, ansan uair agus air na laethibh
ainimnighthe am dheáigh: an baile Gaodhalach,
acht na magaizíníghe agus an t-óisbidéal amháin,
air an lá iona ccurfar lámha leis na coínghíolaibh
seo; agus a ttaoibh an bhaile Ghalda, caithfidh
fanmhuin a lámha an mhéid don armáil Ghaodhalaigh
atá annois ansna gairisiúnaibh (agus an t-oileán
agus pasáiste shaor Dhroichid Tuadhmhan) agus dóibh
seo do thiucfaidh dá éis seo ó chontaebh Chorcuíghe,
Chiarruíghe, an Chláir, agus Shliogadh, agus ó áitibh
eile ainimnighthe thuas, nó go bhfaghfar caothumhlacht
air a ccur anonn.



An Ceathramhadh Coinghíol agus Fithche: Agus
do chum buartha air bith do sheachnadh dá
ttuitfeadh amach idir an ngairisiún do chuirfidh
an Genearál ansa bhaile Ghaodhalach agus na
trúipéirighe Gaodhalacha d'fhanfaidh ansa bhaile
Ghalda agus ansan oileán (mar a bhfuil aco fanamhuin
nó go n-imthid na trúip ansna céad-deich longaibh
agus dá fhithchid do rachaidh don Fhrainc, agus gan aní
bhus faide), caithfid dul a ttrínsibh air gach taobh
do chum nach biadh cómhluadar ag an dá


L. 143


ghairisiún le chéile, agus caithfior a thoirmeasg air
gach taoibh aon-díobháil do dhéanamh dá chéile,
agus an té do-ghnídh do phionósúghadh.



An Cúigmheadh Coinghíol agus Fithche: Go
mbiaidh sé dlightheach ag an ngairisiún ccéadna
máirseáil amach a n-éinfheacht, nó ó amm go
hamm, do réir mar d'fhéadfaid dul air bórd, le
harmaibh, bagáiste, bualadh drumaoi, pléar a
mbéal, maist lasta 'na dhá cionn, meirgíbh leata
agus ag eitiollaigh, sé gunnaoibh práis, dhá mhártarpíos,
agus leath muinisiúin dá bhfuil annois ansna
magaizínibh san áit chéadna; agus do chum na
hócáide sin déanfar cúntas air mhuinisiún uile
an ghairisiúin do láithir aen-phearsan do cheapfaidh
an Genearál an lá tar éis lámha do chur leis na
coinghíolaibh seo.



An Seismheadh Coinghíol agus Fithche: Fanfaid
magaizíníghe an lóin uile a lámhaibh na buidhne
atá ceapuighthe do chum aire do thabhairt dóibh,
chum cothuighthe an mhéid don armáil Ghaodhalaigh
do rachuidh don Fhrainc; agus munadh bhfuil
a sáth ansna stóraibh do chum cothuighthe na
ttrúp ccéadna an feadh d'fhanfaid a nÉirinn agus an
feadh do bhiaid air fairge, le cúntas do dhéanamh
air a n-uimhir tiubharfaidh an Genearál a sáth
lóin dóibh air ráta an Rígh; agus go mbiaidh maraga
saor a Luimneach agus ansna ceathramhnaibh eile
iona mbiaid na trúip; agus a ccás go bhfanfaidh aon-lón
a magaizínibh Luimnigh an tan tabharfar


L. 144


an baile suas, go ccuirfear meas air, agus go mbainfear
as fhiachaibh an lóin é atá le tabhairt dona
trúpaibh air bórd na loingeas.



An Seachtmhadh Coinghíol agus Fithche: Go
mbiaidh sosadh cogaigh ann air muir is air tír
do thaoibh na long, gibé aco Sagsanaigh,
Pléimeannaigh, nó Francaigh iad atá chum na
ttrúp do chur anonn, nó go ttigid siad dá ccuantaibh
féin; agus go bhfághaid pasanna air gach taobh dona
longaibh agus dona fearaibh. Agus má ghnídh
oifigeach ná aende eile ní air bith contrárdha leis
an sosadh cogaidh seo air aon-taobh do-gheóbhaid
pionós, agus caithfior sásamh do thabhairt ansa
díobháil déanta; agus cuirfear oifigíghe go béal
abhann Luimnígh do chum sgéala 'thabhairt don
chobhlach Ghalda agus Fhrancach annois, go
ttiúbhraid faoi ndeara an sosadh céadna.



An t-Ochtmhadh Coinghíol agus Fithche: Do
chum siúráltacht cómhaill an tsocruithe seo, agus
an uile choinghíl dá bhfuil ann, tiúbhraidh an
bhuidhean airgthe na braighde seo uatha ....
agus do-bhéarfaidh an Genearál .....



An Naomhadh Coinghíol agus Fithche: Dá ttigeadh
sóinseáil air bith a riaghlughadh na ríoghachta ná
ansan arm atá fá chómhachtaibh Ghenearáil
Ginckle suil do thiucfadh an socrughadh so
chum cínn caithfidh gach n-aon agá mbiaidh


L. 145


ordughadh na harmála san a thabhairt fé ndeara
gach nídh dá bhfuil ainimnighthe ansna coinghíolaibh
réamhráidte do chur a bhfeidhm, nó 'chur
d'fhiachaibh a chur a bhfeidhm go poínteálta agus
gan cur an' aghaidh air chúntas air bith.



Barún de Ginckle
October 17th 1691.



Atáid na coinghíl réamhráidte annois aithphriontálta
ó chóipithe le hughdarrás ann 1692.


L. 146


CÁS CHATOILICITHE RÓMHÁNACHA NA
HÉIRIONN: réamh-thaisbeánta go huiríseal
don dá thig Pairliment, 1724, do thaoibh bille
atá annois faoi mhachtnamh, óir tuigthear
dóibh dá ccuirfídhe chum cínn é a bhfuirm
dlígh gurbh ardúghadh daor-bhruide ortha é.



Ciodh go bhféadfaoi (dom thuairim shuarraigh-si)
cás na ndaoine míofhoirtiúnacha so do
shamhlughadh le rulla leabhair do tugadh don
Rígh Ezekiel le hithe (Ezek.caib.2.9.) sgríobhtha
don leith amuith agus astigh, lóigóireacht, cathúgh,
agus dobrón: qui erat scriptus intus et foris, et scriptae
erant in eo lamentationes et carmen et vae; gidh
eadh, cuirid compórd ortha féin leis an machtnamh
so go bhfuil a ccás a lámhaibh uaisle oirdhearca
agus seanatóiríghe onóireacha agá ndeárnadar a
mathas agus a ttruaighmhéil do fhromhadh go
minic roimhe seo air a shamhuil seo d'ócáid, agus
gur mór an foirtiún dóibh iad so do bheith 'na
tteórainn idir an Prionsa agus na daoine do chum
ná déanfadh an Prionsa ceanna-mhúchadh air na
daoine agus ná déanfadh na daoine ionsuíghe air
bith a n-aghaidh prímhléide an Phriónsa.



Do tuigeadh do Chatoilicithibh Rómhánacha na
hÉirionn le línn an Iompuithe, agus do chreideadar
mar fhírinne áitighthe do réir dlighthe fuaindemeantamhla
agus statúightíghe na Sagsan agus na
hÉirionn, go raibh coróinn ímpreamhuil na


L. 147


Sagsan ríogadh, agus ag tuitim le hoighreacht do
bhiadh ceart agus athardha chum an oighre chirt
budh shine agus do budh fhoigse a bhfoluígheacht air
bhás nó air thabhairt suas na coróinne go toilthinneach
leis an rígh ceart déaghnach, gan
mionna coróinne ná aon-ughdarrás eile, gibé
bhiadh an t-oighre ann nó as an ríoghacht le
línn báis an rígh nó tabhartha na coróinne suas,
fé mar thuit amach don seismheadh Séamus
Rígh Alban, .i. an céid-Shéamus Rígh Sagsan, le
linn báis Bhainríghine Eilís, agus don dara Cormac,
do bhí ann Holónd an uair do dúnmharbhadh a
athair ríogadh, do-ghnídh fírinneach an chéadfadh
so an dlígh do dheímhnígheann ná fághann an
rígh bás go bráth: Rex nunquam moritur.



(Do mheasadar) Catoilicithe Rómhánacha na
hÉirionn, ag géille agus ag creideamhuin dona
dlighthibh agus dona statúitíghibh seo, an chuid
budh lúgha dhe go rabhadar ceangailte a ccoinsias
an dílseacht agus an úmhlaoigheacht do thugadar agus do
dhearbhadar don dara Rígh Séamus do choimeád;
agus dá bhrígh sin do cinneadh aco nárbh fhéidir
leó an nídh céadna d'aistriúghadh chum priónsa
eile air bith an feadh mhairfeadh an Rígh Séamus
céadna san, d'aimhdheóin an Iompuithe do
thárla a Sagsaibh sa mbliadhain 1688; agus go
mór-mhór (do bhrígh) gur chreideadar an tréigion
nó an tabhairt suas do bhótáladh (ansa chómhdháil


L. 148


a Londoin) do dhéanamh leis an Rígh
ccéadna, nách lena thoil do-rín sé é do bhrígh
an chruadhtain iona raibh sé agus gach easonóir dá
bhfuair sé an tan do thogair sé imtheacht. Agus
do deímhnígheadh ansa chreideamhuin sin iad
leis an leitir do sgríbh sé chum tighearnaoibh a
chómhairle príomháidigh an uair ráinidh sé
go Calais san bhFrainc ag iarraidh ortha meódhain
éigin shámhálta do bheartúgh chum a theachta
tar ais, ag tabhairt, maille re réasúnaibh eile lena
imtheacht nó a ríoghacht do thréigion, an rádh
so do-chuala sé go minic ón' athair ríogadh, .i.
"nách fada ó chéile príosún agus uaigh an phriónsa."



Leis na cúisibh seo do thógbhadar Catoilicithe
Rómhánacha na hÉirionn arm do chum cosmhunta
a choróinne agus a chéime. Do ghabhadar é féin a
bpearsain 'na cheann ortha féin, agus do chómhraiceadar
air a shon nó gur tugadh chum cruadhtain
mhóir iad le harmálaibh Rígh Uilliam; agus ansan
féin níor éisteadar le téarmaoibh air bith síothchána
nó go bhfuaradar aonta ó Rígh Séamus le linn
na hÉirionn d'fhágbháil dó na coinghil as feárr
d'fhéadfaidís do dhéanamh dóibh féin. Ansan
an bhliaghain dá éis sin tar éis catha Aghraim
agus géille na Gaillimhe do cuireadh a ccruatan
mhór iad. Ag dara ionsuíghe Luimnígh do shocruígheadar
le genearáil trúp Rígh Uilliam agus
Tighearnaoi Giúistísíghe na hÉirionn, agus do fuaradar


L. 149


coinghíl dá ngnáth-ghairmthear Coinghíl Luimnígh
le cúisibh cómhmhóra, .i. air ttúis ag seachna
tuille dorta fola daonna agus 'na dheáigh sin do
thaoibh tabhartha suas catharach Luimnígh agus an
uile bhaile gairisiúin a ccontaebh Chorcuíghe, an
Chláir, Mhuíghe Eó, agus Shliogadh. Agus do chum
cómhaill fhírinnigh na ccoinghíol san do réir a
n-íntinne agus a meódhain do thugadar na Tighearnaoi
Giúistísighe agus na genearáil réamhráidte faoi
tharmuin creideamhna poibillighe a lámha agus a
n-onóir, agus do ghealladar go ndeimhineóghadh Rígh
Uilliam iad. Agus do-ríneadar amhlaidh san, óir
do dheímhnidh Rígh Uilliam a ccómhairle iad,
faoi shéaladh leathan na Sagsan.



Annois ansa chéad-choinghíol díobh so do
bhádar na prímhléidíghe céadna ag Catoilicibh
Rómhánacha na hÉirionn le fagháil a ngnáthughadh
a ccreidimh agus do bhí aco a réimheas an
dara Rígh Cormac; agus ansa réimheas chéadna do
bhádar go follus ag na Catoilicíbh Rómhánacha
easboig, diogánaigh, sagairt, agus úird riaghalta dá
ccomaoine féin do chum iad do theagasg agus do
riaghlúghadh a ngnóthaibh creidimh.



Leis an dara coinghíol, Catoilicithe Rómhánacha
na hÉirionn (acht amháin iad so d'fhág an
ríoghacht agus nár úmhlaidh do riaghlúghadh Rígh
Uilliam) do bhádar a n-eastáit uile aco le fagháil


L. 150


maille rena n-uile cheart, teidil, prímhléidíghe, agus
saoirse dá raibh aco ná ag aende aco a réimheas
an dara Rígh Cormac. Agus ansa réimheas chéadna
as follus go mbíodh arm ag piaraoibh agus ag daoinibh
uaisle na hÉirionn agus ag an uile dhuine léar thoil
a cceannach nó a mbeith aco; agus go raibh cuid aco
a bpóist onóra, .i. 'na sirriaim, 'na ngiúistísighe
síothchána, agus postaoibh eile sochair agus creideamhna;
go rabhadar lucht dlígh, atúrnaethe, cómhairleóighiríghe
dhíobh ag leanmhuin a ccéirde agus a
n-ealadhan lena oiread toile agus saoirse leis na
Protestúin; agus fós ceannaighthe, deileáluighthe,
agus ceardaighthe Catoilicighe Rómhánacha 'na
n-aldarmáin agus 'na mbuirgéisíghe a ccathrachaibh,
agus 'na ndaoinibh saora a mbailtibh corporálta
air feadh na ríoghachta.



Leis an naomhadh coinghíol ní raibh mionnadh
air bith le cur chum na cCatoilicíbh Rómhánacha
acht mionna na húmhlaoigheachta amháin.



A los agus a ccómhall na ccoinghiol so agus an
cheangail phoibillíghe do tugadh dóibh faoi
lámhaibh agus faoi shéalaoibh na tTighearnaoi
Giúistísíghe agus an ghenearáil réamhráidhte, do
thugadar na Catoilicithe Rómhánacha cathair
Luimnígh suas agus na bailte agus na gairisiúin eile
uile do bhí iona seilbh an tráith sin, agus do mhaireadar
ó shoin gus aniu go síothchánta agus go suaimhneasach
fá riaghlughadh gach rígh agus bainríghine dá raibh
san mBreatainn gan buairt gan trioblóid, ná


L. 151


rebelliúntacht ná comhchruinniúghadh air bith,
mar as follus don tsaoghal uile.



Gidh eadh, créad é chómh maith agus do cómhalladh
na coinghíl chéadna agus an ceangal sacrálta san
dóibh, nó fós créad chómh follus agus do briseadh
asteach ortha agus do claonadh iad, as damhna
dobróin dona Catoilicíbh Rómhánacha é nach
féidir leó a chaoine go sáthach dá silidís deóradh
fola: Hinc illae lachrymae.



Do bhiadh sé liosta le luadh na hachtanna
Pairliment uile do-ríneadh ansa ríoghacht so air
an ócáid seo; ní beag a rádh, le dlighthibh do-ríneadh
ó shoin, gur gearradh amach an uile
Chatoilicíghe Rómhánach san ríoghacht so, fá
chúinsibh cruadha, gan arm cosmhunta ná
ionnsuighthe d'iómpchar (acht amháin beagán
tighearnaoi agus triúr nó ceathrar coirnéilíghe dona
trúip do bhí a Luimneach agus annsa Ghaillimh le
linn a ttabhartha suas) do chum a sámhála féin
ná cosmhunta a ttighthe ná a substainte, acht
amháin pícíghe nó na sáiseanna eile le saothruíghid
lábánaigh an talamh. Dá bhrígh sin mórán
daoine uaisle do ghearraidh figiúir faisiontamhuil
annsa ríoghacht roimhe seo annois an
uair chsiúlaid le cánaoibh nó le maidíbh amháin
iona lámhaibh do-gheibhid droch-úsáid ó lucht
cloidhte agus piostal d'éirghidh annois go déaghnach


L. 152


as truaillightheacht an tsaoghail: Servi dominati
sunt nobis! (Lamenta Jeremiae).



An uile fhear dlígh Catoilicíghe Rómhánach,
atúrnaethe, agus comhairleóiríghe, do cuireadh as a
ccómhachtaibh a cceárda ná a n-eadhladhna do
ghnáthughadh munadh ttugaid móide an
diúltaighthe, uachtarántachta, agus an teast, as é
sin iompódh 'na bProtestúin. Agus dá bhrígh
sin tuairim céad fear dhlígh agus atúrnaethe
Catoilicíghe Rómhánacha do bhíodh a ccúirtibh
Bhaile Átha Cliaith agus air a' ttuaith, ní
foighnneóifíghe dhóibh greidhm aráin do thuilleamh
le toradh an stuidéir léar chathadar a n-óige agus
a n-aimsir.



Do cuireadh as cómhachta Catoilicithe Rómhánacha
na ríoghachta go genearálta gan saodh
ná sámháil tighthe ná talamh do cheannach,
morgáistíghe do ghlacadh mar shiúráltacht le
hairgiod, agus fós gan léis air thigh ná air thalamh
do ghlacadh as cionn én-bhliadhna déag air
fhithchid agus gan san féin do ghlacadh fé bhun dá
ttrian cíosa an fhuirinibh, ionnus gur cuireadh
as a ndóchus iad chum a ndíthchill náttúrtha do
chur a ngníomh, agus do cuireadh go huile as a
ccómhachtaibh bheith go bráth acht 'na sglábhaibh.
Leis na dlighthibh céadna, a cclann, dá arráidíghe
agus dá neamhóghmósaidhe do bhiaid siad dá
n-aithreachaibh, iompuíghidís 'na bProtestúin agus


L. 153


caithfid a n-aithreacha gibé cothughadh do
cheapfaidh an Tighearna Chancelléir do thabhairt
dóibh, agus oighrígh na n-aithreacha so, iar n-iompódh
'na bProtestúin dóibh, déanfaid teanóntuighthe
saoighil dona haithreacha, ionnus nách féidir leis
na haithreacha stór air bith do dhéanamh don
chuid eile dhá cclainn, dá ghrástúmhlacht iad,
ná d'aon-mhór-uireasbuíghe eile a saoighil. Anois
munadh cur clainne a ndóchus é seo chum dlígh
Dé do shárúghadh adbhaim nách feadar-sa créad
eile é. Agus an féidir nách gairmfidh Dlightheóir
mór Neimhe chum cúntais iad?



Le dlígh eile na huile shagairt registreálta
Catoilicíghe Rómhánacha na ríoghachta so, caithfid
mionna an diúltaighthe do thabhairt air lá
dh'áirighthe, nó a ccóireamh iona regiuláirighe
agus a bpionósughadh dá réir sin; agus an tuath
uile, gan fágbháil duine, do ghairm chum na
mionnadh ccéadna agus a ndiúlta an treas uair,
bheith cionntach ann preamuiníre, as é sin
cailleamhuin coda agus eastáit, agus priosún air feadh a
saoghail, d'aimhdheóin gur chuireadar do chúinse
a ccoinghiolaibh Luimníghe agus gur tugadh an
ghealleamhuin phoibillighe dhóibh nách iarfuighe
mionna air bith ortha acht mionna na humhlaoigheachta,
agus go rabhadar ollamh chum san do
thabhairt gach uair.



Le dlígh eile na huile bhuirgéisíghe agus aldarmáin


L. 154


cathrach, daoine saoradh agus máighistirighe a
mbailtibh móra, an uile dhuine a n-oifig
thíorthamhuil ná a ngnódh air bith as cionn céime
fogh-chonstábladh, caithfid mionnadh an diúltaighthe,
mionna na huachtarántachta agus an teasta
do thabhairt. Agus dá bhrígh sin annois ná
fuil duine saor ná máighistir a mbaile mhór ná
a n-aon-chúram dá luighead (acht amháin fogh-chonstáblacht)
don chreidiomh Chatoilicighe
Rómhánach san ríoghacht uile. Agus nocha
léigthear d'aen-cheannuighe ná ceárduighe don
chreidiomh so a cheárd do leanmhuin ná a chuid
earradh do dhíol a n-aon-chathair a nÉirinn
munadh ndíolaid rátaoi troma dá ngairmthear
ceathramhantacht le máighistiríbh corpordha an
bhaile sin. Agus iar ndiúltadh é sin do dhíol
(óir ná fuil aen-dlígh leis) gairmthear iad do
chum mionna an diúltaighthe do thabhairt dá
sganrúghadh chum díola. Cuir leis seo chómh
minic agus do chuireadh buairt air Shasana ná air
Éirinn le hionsuighe air bith ón bhFrainc ná ón
Spáinn, ná ón bPretender air Shasana ná air
Albain, do bhádar Catoilicithe Rómhánacha na
ríoghachta so siúrálta dá ttógbháil suas, an t-arm
do bhí ag fír-bheagán díobh do chailleamhuin, a
ttighthe agus tighthe na ndaoine ná raibh aon-arm
aco do spionráil ag lorg tuille airm, a ccapaill
mharcuigheachta agus oibre dá ttógbháil uatha agus
dá ccongbháil an feadh chothóghadh an bhuairt.


L. 155


Agus dá n-éirghiodh leis na deóruighthe seo nó
an Pretender do chum cinn, as ag Dia atá 'fhios
créad budh chruith dhúinne, a ccás mar adubhairt
Tertullian ag labhairt air Chríostuighthibh
'aimsire féin, go bhféadfaoi a rádh, le beagán
sóinseála, le Catoilicithibh Rómhánacha na
hÉirionn. Gidh eadh, ós do thaoibh staonadh ó
mhionnadh an diúltaighthe do thabhairt as leithsgéal
do thaoibh gach deacamhuil agus doghrainne dá
ttuiteann ortha, iarfad cead beagán do thráchtadh
air an argóint seo, agus atáim deimhneach go bhfoilseóidh
mé gur leithsgéal agus nách cúis cheart é.



Le mionnaibh na humhlaoigheachta, etc., atá
an uile dhuine thugann iad ceanngailte a ccoinsias
agus le ceangal naomhtha Dé Uilea-chomhachtaigh dá
ghlaoch chum fínnéighe air dhíogras a ccroidhthe
(do réir mar shocruighid diadhairighe, dlightheóirighe,
agus lucht déanta dlígh ansa tsaoghal Chríostamhuil)
gan lámh chamm ná dhíreach do bheith
a n-aon-phlot ná coimhéirghe a n-aghaidh an
Phrionsa (ná 'riaghluigheachta) dá ttugaid na
mionna so, agus go ndéanfaidís faisnéis dó féin nó
do chuid éigin dá mhinistéiribh air aon-phlot ná
coimhéirghighe 'na mbiadh fios aco ortha, agus a
ccabhair agus a ccoghnamh do thabhairt le contabhairt
a n-anma agus cathamh a substainte do chum a


L. 156


cclódh, an uile dhuine do réir a chéime agus a cháile.
An féidir le nídh air bith bheith ní bhus naomhtha
ná so chum coinsiais daoine do cheangal? An
féidir le mionna an diúltaighthe ní bhus mó do
dhéanamh? Mádh bhrisid daoine na mionna
so ná brisid siad na huile mhionnadh eile? Ná
fuil aen-riaghlughadh air bith, dá mhéid a
thíorántacht, ná dá éagcóraighe do gabhadh é
san domhan, sámhálta faoi cheangal don tsórt
so ó dhaoinibh dá mbiadh droch-amhras aco do
thaoibh a ngrádh nó a ndeagh-aigne dóibh, má
choimeádaid na mionnadh so?



Do thaoibh mionnadh an diúltaighthe atá
deifir mhór idir é agus é seo, óir atáid cúinsíghe ann
nách féidir le aon-Chatoilicighe Rómhánach
dearbhadh leó le fírinne. Adbhaim nách féadfainn-se.
Deidhilfead amach trí cúinsíghe aco. Air
ttúis iarthar orm a dhearbhadh go ccreidim am
choinsias ná fuil ceart ná teidiol ag an Rígh
Séamus déaghnach ná ag an bPretender chum
coróinne Sagsan. Annois atáim am strainséir
chomh mór so do cheart agus do theidiolaibh ríghthe
agus prionsaoi (agus as deimhin liom go bhfuil an
chuid as mó do lucht aen-chreidimh liom
amhlaidh san) nách tabharfainn na móide sin
do rígh ná do phrionsa ná d'aen-fhear comhachta
air bith san Euróip do thaoibh an uile Phretender
don tsórt san do dhiúltughadh dá n-iarrfuidís


L. 157


orm. Óir, do chum a bheith am chomhachtaibh
a dhearbhadh, ní fuláir go mbiadh agam meódhain
dheimhneacha shiúrálta do chum mo chreideamhna
do neartughadh, nó spalpfad an t-éitheach. Gidh
eadh, seo nídh nách fuaras amach riamh a n-aon-rod
dár léaghas ná ó neach air domhan le a raibh
cómhluadar agam. Fós mórán diadhairighe agus
daoine dearsgnaithe a bhfoghluim do Theampoll
na Sagsan, na hAlban, agus na hÉirionn, áitighthe
do réir an dlighe, do chreideadar agus creidid fós
nár chaill an Rígh Séamas déaghnach ná an
Pretender a cceart chum coróinne na Sagsan.
Agus atáim deimhneach gurab í sin céadfadh a
bhfuil do dhiadhairíbh agus do lucht dlígh ansa
bhFrainc, ansa Spáinn, agus ansan Iottáil. Cionnus
d'fhéadfad-sa ansan, ná aon-Chatoilicighe Rómhánach
eile san ríoghacht, mo chreideamhuin do
neartughadh do chum a dhearbhadh nách fuil sin
aco? Gidh eadh, bíodh nó ná bíodh, ní cás liom
mionnadh na humhlaoigheachta do thabhairt;
óir as féidir liom san do dhéanamh do réir dlígh
nádúradh agus do réir gnáthughadh choitchinn an uile
náisiúin, le coinsias glan, d'aen-phrionsa do
bhéarfadh buadh orm féin agus air an ttír as dúthadh
dham, ciodh gur fír-thíoránach, fear láimhe
láidre, nó airgtheach é, nó fós Zar na Muscovy,
nó an Turcach mór. Agus dar ndóith ní fhéadfainn
a dhearbhadh, dá ngabhadh aon aco so


L. 158


buadh, gurab í mo chreideamhuin ná raibh ceart
ag Rígh Seóirse air choróinn na Sagsan ná na
hÉirionn. A n-aon-fhocal amháin: gach a
ndearbhaim a móidibh na humhlaoigheachta
atá sé am chómhachtaibh, .i. gan páirt air bith
do bheith agam a bplot ná a ccoimhéirghighe a
n-aghaidh Rígh Seóirse ná 'riaghluigheachta, nó,
má chluinim é, foilsiughadh 'dhéanamh air; agus
munadh ndéanfad san brisfead mo mhóide. Gidh
eadh, ní bhfuil sé am chomhachtaibh mo chreideamhuin
do neartughadh do chum dearbhadh go
fírinneach leis an ccúinse seo a mionnaibh an
diúltaighthe, agus dá bhrígh sin tuigthear dhamh
nách féidir liom a ccoinsias na mionnadh san do
thabhairt.



Ansa dara háit atá cúinse eile a mionnaibh an
diúltaighthe d'iarrann air dhaoinibh a dhearbhadh
go ccothóghaid siad oighreacht na coróinne san
líne Phrotestún, etc. Annois, créad mar d'fhéadfaidh
aon-Chatoilicighe Rómhánach (fhanfaidh
amhlaidh san) na mionnadh san do thabhairt a
ccoinsias adbhaim nách feadar. Óir leis an
ccúinse seo dearbhaim (mádh dhearbhaim é)
m'úmhaluigheacht (léar dhearbhas roimhe sin)
do tharrang ó Rígh Seóirse agus ó gach rígh dá
ttiucfadh 'na dhiaidh, dá n-iompuigheadh féin
nó aende aco 'na Chatoilicighe Rómhánach. Agus
ní cás síleach é seo, óir nídh air bith dá raibh
riamh do budh fhéidir a amhuil do bheith airís.


L. 159


Rígh Navarre, an ceathramhadh Hanraoi, do
bhí 'na Phrotestún agus d'iompuidh chum bheith
'na Chatoilicighe Rómhánach. Budh Phrotestún
Diúic Saxony, Rígh Póland annois agus Catoilicighe
Rómhánach. Agus do chum teacht ní bhus
foigse do bhaile, an dara Rígh Cormac agus a
dhearbhráithir, Rígh Séamus, budh Phrotestúin
iad air aon agus d'iompuigheadar 'na cCatoilicithe
Rómhánacha. Annois dá ndeineadh muintear
ríoghdha na Breatainne Móire amhlaidh so, agus an
creidiomh do ghabhadh dárb de mise, a' bhféadfainn-se
a ccoinsias mionna m'umhaluigheachta
dóibh do bhrisidh agus, air feadh mo chomhachta,
mo chabhair agus mo choghnamh do thabhairt chum
na coróinne 'bhuain díobh do thaoibh an nídh sin
do dhéanamh do réir mo chéadfadh agus mo chreideamhna
féin budh chóir dóibh do dhéanamh?
Ó go deimhin ní dhéanfainn é.



D'iarrfuinn d'athchuinighe go toilthinneach air
na daoinibh uaisle seo do ghríosuigheann sinn
chum na móide seo do thabhairt an clár d'iompódh
agus a chur a ccás chum argónta go bhfaghadh
prionsa, a seilbh choróinne na Sagsan agus é 'na
Chatoilicighe Rómhánach, móide do cheapadh
le hAcht Pairliment iona mbiadh cúinse ag
iarraidh air a shearbhóntuighthe uile a dhearbhadh
go ccothóghaidís an oighreacht ansa líne Chatoilicighe
Rómhánach: a bhféadfadh aon-Phrotestún


L. 160


ionraic na móide sin do thabhairt le coinsias glan?
Muna bhféadfadh, sirim oraibh, a dhaoine
uaisle, cuiridh an riaghuil órdha so a ngníomh,
.i. "deinidh mar budh mhiann libh do dhéanamh
libh."



An treas chúinse do thugas faoi ndeara ansna
móidibh sin ag so é: "agus déinim an deimhniughadh,
an adbháil seo, etc., óm chroidhe, óm
intinn, agus óm thoil." Nocha ndéanfad acht an
t-aon-mhachtnamh so air an ccúinse ccéadna so,
.i. go bhfuil 'fhios agam go deimhnightheach gurab
iomdha duine, Protestún agus Catoilicighe, do thug
mionna an diúltaighthe le croidhe tinn, agus chómh
neamhthoilthinneach agus do bhiadh ceannuighe nó
loingsgeach a stoirm ag teilgion a n-ionnmhus
tar bórd chum 'anma 'shámháil. Annois bíodh
sé fé breitheamhnas an tsaoghail an mbrisid
daoine don tsórt so a móide, ó d'iarruid dlighthe
Dé oruinn, ní hé amháin sgaradh le ár maoin
shaoghalta, acht fós an bás d'fhulang suil
pheacóghmaois a n-aghaidh ár ccoinsiais.



Atá tnúth agam annois go bhfuil sé soiléir
nách féidir le haon-Chatoilicighe Rómhánach
mionnadh an diúltaighthe do thabhairt le coinsias
glan, agus fós go bhfuil a n-umhluigheacht agus a
ndílseacht chómh dearbhtha le mionnadh na
húmhaluigheachta agus atáid leis na mionnaibh eile.
Gidh eadh, cuir a ccás gur bárr-shiúráltacht air
dhílseacht an tsearbhóntaoi mionnadh an


L. 161


diúltaighthe, créad atá ag Catoilicithibh Rómhánacha
na hÉirionn le dhéanamh leis sin? Do
leagadar a n-airm agus do thugadar suas a mbailte
agus cathracha, maille rena ccuid stóir agus muinisiúin,
air gheallamhuin shiúrálta agus faoi tharamuin
creideamhna poibillighe, deimhnighthe le húghdarás
ríogadh, gan móide air bith d'iarradh
ortha acht mionnadh na húmhaluigheachta amháin.
Nach fuil toradh air bith le tabhairt air an
ccreideamhuin phoibillighe sin agus air dlígh náisiún,
do háirmhígheadh chómh naomhtha san leis
na págánachaibh féin, go mbagaraidís fearg agus
díoghaltas a ndéithe fallsa air an mbuidhin do
sháruigheadh iad.



Si genus humanum et mortalia temnitis arma,
At sperate deos memores fandi atque nefandi.
(V. Aen. L.1.)



Dá réir seo as maith d'fhéadfadh genearál, do
thiucfadh ag ionsuíghe cathrach, a ccúinsíghe
féin do thairigsin don bhuidhin airgthe nó ionsuighthe
(óir amhlaidh san as deimhin leis a
gabháil gan cailleamhuin fir) agus a mbrisidh ansan
an tan bhiaid iona chomhachta, mádh d'fhéadann
na ceangail naomhtha so do chlaonadh. As
maith as féidir le daoinibh a mionna, a móide, agus
a ngeallamhna do bhrisidh an uair as caothamhuil
dóibh é, más féidir creideamhuin phoibillighe do
bhrisidh le cúis air bith. As maith do budh


L. 162


fhéidir leis an Rómhánach oirdheirc, Attilius
Regulus, fanmhuin san Róimh agus gan dul tar ais
go Carthage mar a raibh sé siúrálta bás anba
d'fhulang, amhuil mar d'fhuiling, dá ttuigfighe dhó
go bhféadfadh cur suas le claonadh a gheallamhna
chum teacht tar ais munadh ccuireadh a ghnódh
chum cinn. A n-aon-fhocal amháin sgaoil an
tsnuidhm naomhtha san agus biaidh an saoghal uile
'na chaos, an' Hanceldema (nó Aceldema), nó
'na mhachaire fola.



Rígh Uilliam, do budh fiúdh do ghnáthchuimhne,
do bhí meas budh mhó ná san aige
air chreideamhuin phoibillighe an uair do-chuaidh
lean' armáil ag ionsuíghe Luimníghe.
Do thairig sé coinghíl do na Catoilicithibh Rómhánacha
nár thuigeadar do bheith maith go leór,
ciodh go rabhadar ollamh chum géille agus a n-airm
do leagadh dá ttugadh sé coinghíl do budh fhearra
ná san dóibh. d'ionsuidh sé an baile a bhfuirm,
do-rín sé bearnnadh mhór ansa bhfalla agus
d'ionsuidh í fá thrí; gidh eadh, nochar ghaibh
an áit. Nách tiubharfadh sé ansan aen-téarmaoi
do na Catoilicithibh Rómhánacha, do budh
fhéidir leó go réasúnta d'iarradh, ní bhus túsgadh
ná d'fhuiligeódh d'fheidhm a ionsuighe do
thógbháil nó do thréigion, amhuil mar do-rín,
dá ttuigfídhe dó go bhféadfadh a n-onóir nó a
ccoinsias a gheallamhuin do bhrisidh an tan


L. 163


bhiadh an drong airgthe iona chómhachta?
Do bhí sé chómh fada san uaidh nár fhuiling
sé air feadh a reimheasa an iarracht budh lugha
air domhan do thabhairt air na coinghíolaibh
do-ríneadar a ghenearáil an bhliaghain dá éis
sin leis an armáil Chatoilicighe Rómhánach a
Luimneach, air a bhfuil an dearbhadh deimhnightheach
seo aguinn. Óir an treas bhliaghain
dá reimheas, an uair do-ríneadh Acht Pairliment a
Sagsaibh do chum mionna na huachtarántachta
do chur air ccúl agus móide eile do cheapadh dá
iarraidh air na huile oifigighe, giúistísighe
síothchána, dlightheóirighe, etc., a nÉirinn na
mionnadh san do thabhairt, do-ríneadh sámháil
do na Catoilicithibh Rómhánacha agá raibh
teidiol aco chum toradh Coinghíol Luimnigh,
agus do hórduigheadh go hainimnighthe ansan acht
chéadna mionnadh na humhaluigheachta d'iarradh
ortha agus gan aen-mhionnadh eile 'chur chúcha.



Acht, mo nuar! ní túsga do cuireadh a
ccúmhdach an monarc mór so a bhfochair a
aithreach ná mhothuigheadar na Catoilicithe
Rómhánacha géir-chealga mailíseacha daoine
dh'áirighthe. Adeirm "daoine dh'áirighthe,"
óir a bhuidhe re Dia Uilea-chómhachtach do
bhádar aguinn do ghnáth mórán fíor-dhaoine
uaisle ionraicighe onóireacha a tTigh na Cómhchoitchinne,
agus mórán fós a tTígh na tTighearnaoi,


L. 164


agus munadh mbiadh a ccoghnamh-san do bhámair
léirsgriosta cian ó shoin. Gidh eadh, ag so ár
míofhoirtiún go ró so go ndéantar gach nídh
san Phairliment do réir líonmhuireacht bhótaoi agus
gur mó uimhir na buidhne le nách ionmhuin sinn
ná an drong eile. As air éigin do bhí siosón
Pairliment annsa ríoghacht so air feadh reimheasa
Bhainríoghaine Anna ann nár claonadh pointe
éigin dona hairtigiolaibh nó dona coinghíolaibh
air ar ghéilleamair do Rígh Uilliam, agus gan ionta
acht gach nídh do bhí nádúrtha do shearbhóntaoibh
agus do dhaoinibh saer-bheartha tnúth bheith leis.
Agus fós budh lugha go mór é ná fuaradar ár
ccomharsain, na hAlbanaigh, iarna ngéille do
choróinn na Sagsan. Gidh eadh, atá an deifir
seo ann nár claonadh aen-ghíog amháin dona
coinghíolaibh do gealladh dóibh seo. Gidh eadh,
as air éigin atá aon-airtigiol dona coinghíolaibh
air ar ghéilleadar na Catoilicithe Rómhánacha
nár briseadh le dlighthibh cruadhálacha, ciodh go
ttugamaoid ár slán fé an saoghal aen-nídh amháin
do thaisbeánadh dhúinn ann nár iompchuruigheamair
sinn féin 'nár searbhóntaoibh chómh
díleas chómh diúiteamhuil leis na hAlbanaigh,
munadh ndearnamair ní bhus mó, ionnus gur
follus gurbh í aigne ár námhad so - ag ná fuil
suim ansna bandaoibh naomhtha do cheanglas
(air modh) náisiúin dá chéile - ár n-arguin agus ár


L. 165


léirsgrios as an saoghal uile. Gidh eadh, do
shirfinn ortha a mhachtnamh go bhfuil Dia air
neamh chum díoghailt an ainchirt agus chum pionóis
do thabhairt do lucht claonta na creideamhna
poibillighe - cuir nár chaill riamh gan breitheamhnas
follus do tharrang ó neamh, go mór-mhór an
tan bhíonn sí poibillighe agus náisiúnta mar as léir
(ó) starthaibh Críostamhla agus págánta.



Do fuaradar na Gibeonites (Joshua 9), ciodh
gur le cleas agus le calaois, ó Joshua a gheallamhuin
do thabhairt dóibh air a n-anma, agus do-rín sé
féin agus a ttáinidh 'na dhiaidh go maith í go laethibh
Saul, do thug léirsgrios air na bochtánaibh sin
le cloidheamh agus le tine; agus a laethibh Dáibhídh
an Rígh do luidh léir-bhreitheamhnas Dé air
an bPobal Eabhra, agus níorbh fhéidir a fhearg do
mhíniughadh acht le fuil seachtar mac Saul.
(2. Sam. 2).



Do thug Antiochus Epiphanes geallamhuin
phoibillighe dona hIúdaighibh agus do bhris í
(Josephus), agus an droi'-chrích d'imthidh air
féin agus air a mhuíntir ní gábha a luadh, óir as sgéal
coitchionn é.



Do-ríneadar na Carthaginians síothcháin go
minic leis na Rómhánachaibh, agus do bhrisidear í
chómh minic gan chúis cheart agus do-ríneadh acht
dá thaoibh sin ansa tseannaitt san Róimh ansna
focalaibh seo: Delenda est Carthago, delendi


L. 166


fidefragi Paeni, agus do cuireadh a ngníomh é.
Budh ghnódh gan chrích a bhfuil do shómplaoibh
don náttúir seo a starthaibh d'áireamh, uime sin
biad sásta le dhá shompla eile.



Do-rín Ladislaus, Rígh Hungary, sosadh
cogaidh le Amurath III agus gan chúis cheart do
bhris sé é, agus a lá an chatha, an tan buadhadh ar
na Turcaigh agus do cuireadh an ruaig ortha, an tan
chonnairc Amurath a thrúip briste agus ag rith, do
tharrang sé as a bhrollach an sgríbhinn iona
rabhadar na coinghil, agus tógbhas suas a shúile
chum neimhe, agus agallas Dia na cCríostuighthe dá
ghuidhe chum díoghaltais do dhéanamh do thaoibh
na héagcóra do-ríneadh air 'ainim leis na Críostuighthibh,
do thaoibh a mionn agus na creideamhna
poibillighe do chlaonadh. Ní maith do chríochnuidh
sé na focail seo an tan d'iompuigheadar a
thrúip gan fuireach, d'ionnsuigheadar na Críostuighthe,
agus do léar-chuireadar an ruaig ortha, le
marbhadh mórán mílte dhíobh malle rena rígh san
mhachaire.



An tríomhadh Laoighseach déag, Rígh Franc,
le coinghíol iomráidteach Nants do thug do na
Hugonets toil shaor a ccreidimh; gidh eadh, do
bhris an ceathramhadh Laoighseach déag an
coinghíol san, agus do-rín, an chuid budh lugha


L. 167


dhe, céad míle díobh d'ionnarbhadh. An tan
do bhí an Prionsa so a n-aoirde a ghlóire, 'na
sgiúirse na hEuróipe, agus do mheas an saoghal
ro-bheag dó féin, an tan do chuireadar na
hainimneacha amháin "Musquateres," "Gendarms,"
"Mason du Roy," a namhaid air baille-chrith, na
trúip thréana dho-chlaoite seo do chailleadar a
n-éinfheacht a misneach, d'iompuigheadar a
ndruim air a namhuid agus do cuireadh an léir-bhrise
ortha ag Hogsted; agus cailleamhuin dá
chatha mhóra eile, Ramelies agus Turin, do thug an
Prionsa uaibhreach so agus a dhaoine chómh híseal
san gom' éigion dó, a modh uirísil, síothcháin
d'athchuirt agus bheith áthusach 'dtaoibh a faghála
air (nách mór) na téarmaoibh budh toil lena
namhuid. Gidh eadh, níor stad díoghaltas Dé
dá leanmhuin (do réir dealraibh do thaoibh briste
na creideamhna poibillighe, ciodh gur lena shearbhóntaoibh
féin do-rín é) nó gur sguabadh air
siúbhal beagnách a n-aen-bhliadhain amháin a
mhac, dís mhac a mhic, agus dís mhac mic a mhic, a
ccás (ciodh ná raibh aen-phrionsa ansan Euróip
budh líonmhuire a sliocht ná é) gur ciorrbhadh
iad iona radharc féin acht aon-naoidhean amháin
chúig mbliadhan d'aois, agus (gur cuireadh) a ríoghacht
chum an oiread san cruadtain agus díth daoine le
hár agus le hocras nách furas a luadh.



Agus an dóith leat nách tuitfidh díoghaltas Dé


L. 168


air an ndroing do léir-bhris na geallamhna agus an
chreideamhuin phoibillighe leis na Catoilicithibh
Rómhánacha, atá annois go deimhin 'na searbhóntuighthe
neimhchiontacha macánta dílse do
Rígh Seóirse (gidh eadh, an tan san do tuigeadh
dóibh nár cheart dóibh géille nó go mbuadhfaoidh
ortha)? An giorradh lámh Dé annois ná an uair
sin? An lugha an tsuidhm atá Aige annois ann
nA onóir ná an uair sin? Nó an bhfuil sámháil
ann do phearsanaibh seoch a chéile do chum gan
náisiúin do phionósughadh mán n-ionann an tan
chiontuighid mar a chéile? Ní headh; atá Sé
foideach fad-fhulangach agus tugann aimsir do
pheacachaibh chum cuimhneadh air a ngnóthaibh,
agus fanann le ceachtar do dhá nídh, .i. le a leasughadh
nó le miosúr a bpeacaoi do líonadh. Super tribus
sceleribus Juda, et super quotuor non convertam
(eum). Amos.2.4.



Agus cai bhfios nách é an bille atá annois faoi
mhachtnamh, mádh déintear dlígh de, as
líonadh miosúir peacaoi na ndaoine uaisle seo do
bhris an chreideamhuin phoibillighe chómh minic
roimhe sin? As dealrach gur mair sin é, cómh
fada go deimhin agus as féidir le réasún daonna
machtnamh nó breithniughadh do dhéanamh air
shicréidighibh Dé. Óir atá an bille seo ceapuighthe
do chum airgthe agus léirsgriosta na cCatoilicithe
Rómhánacha uile san ríoghacht so, d'aimhdheóin


L. 169


na geallamhna poibillighe tugadh dóibh a
Luimneach (air gach saoirse, teidiol, agus primhléid,
chómh maith a ngnóthaibh tíorthamhla agus
eaguilseamhla, agus do bhí aco a reimheas an dara
Rígh Cormac) agus an tnúth do bhí aco (agus léar
mhealladar iad féin) chum marthuinn go socair
suaimhneasach as san suas fé mar mhaireadar ó
theacht an Rígh sin chum na coróinne.



Gidh eadh, go ttugadh Dia iona mhór-thrócuire
nách biaidh fuaidhinighe oirdheirce neimhchiontacha
Tigh onóirigh na Comhchoitchinne,
nó ard-phiaruighe Tigh na tTighearnaoi, comhtharraingthe
maille ris na daoinibh uaisle ná
grádhann sinn a ccruadtan choitchionn mar as
gnáth; óir as follus go bpionóstar na daoine do
thaoibh peacaoi na riaghlathóirighe, amhuil as
fínnéighe peacaoi Dáibhídh an Rígh, ciodh gur
beag iad a ndealramh, .i. uimhiriughadh a shearbhóntaighthe,
gidh eadh, pionósadh le léirsgrios
seasgad míle dhá dhaoinibh ann trí lá (2.Sam.24).



An bille seo, an bille cinneamhnach so,
órduigheann sé gan aon-tsagart Catoilicighe
Rómhánach do rádh Aifrinn san ríoghacht so,
nó má ghníd, coimhreóghfar ciontach a n-aird-thréason
é, acht amháin an mhéid do thug
mionnadh an diúltaighthe (claonadh soiléir an
naomhadh coinghíl do shocrughadh Luimníghe);
agus nách tiubharfaidh aon-duine cabhair, coghnamh,


L. 170


ná iocht d'aon-tsagart don tsórt san, nó má
thugann, coimhreóghfar ciontach a bhfiolúntacht
gan toradh eaguilse é. Agus do chum obair
shiúrálta do dhéanamh de, órduigheann mar an
ccéadna go bhfaghaidh ionformaer an tsagairt
chéadna céad púint dualguis do thaoibh sgéaluigheachta
air féin ná air aendhe eile do thug cabhair,
coghnamh, ná iocht dó, agus céad púint eile le tabhairt
don té d'áiteómhadh nó chuirfeadh air an sagart
ccéadna, nó air an té thabharfadh cabhair,
coghnamh ná iocht dó, do chum a cciontuighthe
's a ndaortha.



Annois as dearbhtha as aen-chéad dhéag sagart
Catoilicighe Rómhánacha do regiostráladh do
réir Achta Pairliment do chum na hócáide sin
ní thug mionnadh an diúltaighthe acht triar agus
tríochadh díobh, agus do fuair a leath san bás, agus
dona sagartaibh regiostrálta ní bhus mó ná a
dhá ttrian. Créad dhéanfaid an lear san míltíghe
do Chatoilicithibh Rómhánacha annsan uile chóige
don ríoghacht so do chum Dé d'adhradh iona
slígh féin? (Sirim nách tuigfighe me ionnus as go
mórfainn an uimhir do chum míoshásaimh na
riaghluigheachta, óir ní adeirm aenídh nách
feasach do gach Protestúin sa náisiún chómh
maith liom féin; agus as maith 'fhios aco nách
diongmhála iad buairt ná trioblóid do dhéanamh,
agus d'fhéadfainn a dheimhniughadh nách fuil sé


L. 171


air a n-aigne a dhéanamh). Créad dhéanfaid
siad an tan bhiaid breóighte nó ag dul chum
báis? Fios do chur air shagart (más féidir a
fhagháil, óir caithfid uile an ríoghacht do thréigion
nó bheith a ccontabhairt báis gan seachnadh),
as bás siúrálta dhóibh é, a los méid an dualguis
le fagháil ag an ionformaer, agus go siúrálta budh
duine dá lucht aen-tígh é. Ó an chruadháil dho-labhartha!
Ó a chreideamhuin daoine? Go
deimhin budh mó budh sho-mholta a dhéanamh
leó mar do-rín Rígh Franc leis na Hugonets,
.i. a n-ionnarbhadh as an ríoghacht agus aimsir
réasúnta do thabhairt dóibh do chum a n-eastát
agus a maoin shaoghalta do dhíol.



Agus do chum gan tráchtadh air mórán do
chúinsibh cruadhálacha eile san bhille seo, sirim
cead mo chéadfadh uiríseal do thairigsin go bhfuil
sé neamhghasta agus a n-aghaidh buntáiste an
riaghluighthe go ndéanfaoi an bille sin do chur
a bhfeidhm le dlighe.



Air ttúis atá sé neamhghasta na Catoilicithe
Rómhánacha féin do cheanna-mhúchadh san
ríoghacht so an tan atá an Rígh ag iarradh saoirse
do Phrotestúnaibh ó phriónsaoibh Catoilicighe
Rómhánacha.



Ansa dara háit atá sé neamhghasta mar
nochtfaidh sé ón ríoghacht an chuid as mó dona


L. 172


daoinibh go mór-mhór an pháirt seo dhíobh dá
ngairmthear le phrás an Scrioptúradh, "sgoltóirighe
cunnadh agus tarrangóirighe uisge." Óir má déintear
dlígh don bhille seo, na huile lucht eastáit
Chatoilicighe Rómhánacha, ceannuighthe, deileáluighthe,
lucht siupuighthe, an uile chearduighe,
gabháltuighe, agus a lucht leanmhana, díolfaid a
maoin shaoghalta agus tréigfid an ríoghacht; agus
déanfaid fós na fogh-dhaoine an nídh céadna
d'fhéadfaidh a bpasáiste do cheannach; agus an
chuid nách féadfaidh sin do dhéanamh iompóid
amach 'na mbithiúnaigh agus 'na lucht robála, an
tan nách biaidh aen-eagalsaigh aco do chum a
tteagaisg nó a riaghluighthe nó a ccoimeádta
leith aistigh do theórainn. Agus as deimhin
liom gur beag do Phrotestúnaibh na ríoghachta
ná fuil 'fhios aco gur mó ná leath daoine na
hÉirionn na Catoilicithe Rómhánacha beag agus
mór. 'Na n-éagmais seo uile do féadfaoi a cclann,
an chuid budh lugha dhe, do thabhairt suas chum
airm a ndúithibh eachtrann agus armáil líonmhar do
dhéanamh suas don Phretender; agus gan amhras
biaidh éigneach go leór chum a ndúithe díleas do
bhuain amach agus díoghaltas do dhéanamh air son
na héagcóradh tuigthear dhóibh do-ríneadh ortha
féin agus air a n-aithreachaibh. Agus annso ní
fhéadaim gan machtnamh do dhéanamh air an
nídh do-chualadh go minic an ministéir stáit
budh mhó agus budh ghliocadh dá raibh san bhFrainc


L. 173


dá rádh, ná dearnaidh Rígh na Fraince riamh
gnódh budh neamhghasta ná na Hugonets do
ionnarbhadh, óir air feadh cúrsa iomlán an
chogaidh uile do budh iad budh naimhdíghe, do
budh éignighe, agus budh neamhspáráluighe air a
ccuid fola dá naimhdibh uile.



Ansa treas áit as neamhghasta an nídh náisiún
do dhíthiughadh ó dhaoinibh, da chaithfior go
hócáideach do dhaoiniughadh le heachtrainn agus le
strainséiribh. Cionnus eile d'fhéadfamaoid an
talamh do threabhadh, arbhar do bhuaint ná
'bhualadh, clocha ná uisge do tharrang, etc? Ní
hinmheasta gur féidir linn ár sáth daoine d'fhagháil
chum na n-ócáidighe seo acht leis na Hugonets
do ghairm nó na Francaigh dhídheanaighthe atá
annois sgaipithe a ccríochaibh na hEuróipe.
Go deimhin as féidir linn iad so do bheith aguinn.
Gidh eadh, do budh Hugonets nó Cailbhínigh
iad, agus as eadh fós, agus iompchuróid cloimhte maille
re harmaibh eile, agus ciodh go spalpfaid na mionnadh
uile d'iarruid ár ndlighthe, biaid air athrach
creidimh leis seo ceapuighthe le dlígh, agus
déanfaid a ndíthchioll air é chraobhsgaoile. Agus
cia agá bhfuil 'fhios créad do dhéanfadh dream
daoine chómh mór san íodhgair iona náttúir, agus
innilte air arm, a n-aghaidh lucht na tíre le linn
an dara nó an tríomhadh glún.



Air iasacht atáim ag fagháil an mhachtnaimh


L. 174


seo ón bhfreagra do thug piaradh oirdheirc dár
ndúthaidh, Iarla déaghnach Droichid Átha, air
Thighearna na Gaillimhe, nár fhág aon-chloch
gan iompódh ná meódhan ná gastacht iongartha
gan cur a ngníomh an tan shuidh 'na cheann
coiste an chéad-uair do chum bille 'chur a bhfeidhm
le a ccaithfidís na Catoilicithe Rómhánacha mionnadh
na huachtarántachta do thabhairt. Agus an tan
mhothuidh go rabhadar an chuid eile dona
piaraoibh a n-aghaidh an éigin sin, d'agaill iad
diaidh a ndiaidh fó leith, ag iarradh iad do
tharang chum geallamhna an bille do chur a
bhfeidhm. Agus do labhair Tighearna na
Gaillimhe leis an tan sin ansna focalaibh seo:



"As deimhin liom, a Thighearna," air sé, "go
mbiadh tú chum an bhille seo do chur a bhfeidhm,
óir neartófar an creidiomh Protestún leis agus ainicfimíd
sinn féin óna piastaoibh seo, .i. na
pápairighe."



"Do budh áthusach liom, a Thighearna," do
ráidh Iarla Dhroichid Átha, "an creideamh
Protestún d'fhaicsin neartuighthe, gidh eadh,
créad dhéanfamaoid, a Thighearna," air sé, "gan
sgoltóiríghe cunnadh agus tarraingtheóirighe uisge nó
lábuirighe chum ár ccuid talmhan do threabhadh,
an t-arbhar do bhualadh, etc.?"



"Ná bíodh san 'na cheist ort," do ráidh Tighearna


L. 175


na Gaillimhe, "óir do-bheirim-se m'fhocal agus
m'onóir duit go ttiubharfadh mé tríochad míle
muintear mhaith Protestúin don ríoghacht an trí
mhíosa tar éis an bhille do chur a bhfeidhm."



"Tríochad míle muintear Protestúin! Leis an
réasún san," do ráidh an tIarla, "biaidh mé a
n-aghaidh an bhille. Óir níl duine aco-san nách
iompchurann cloidheamh agus nách áirmhigheann é
féin 'na dhuine uasal chómh maith liom-sa, agus as
dealrach go dtairigfeódh mé comhrac dá
ttogarainn locht d'fhagháil air; agus a ttaoibh an
feasach damh-sa ní fheadar nach fásfadh uimhir
don tsórt san ann deich fitchchid nó dá fhithchid
bliadhan do chum lucht na tíre d'ionnarbhadh."



(Fá) dheóidh atá sé a n-aghaidh na riaghluigheachta,
óir as deimhin go ndéinid ceannaighthe agus
deileáluighthe Catoilicighe Rómhánacha ní bhus
mó ná leath trádála na ríoghachta, agus ní bhus mó
custoim agus diúité do dhíol do thaoibh na hearradh
thig don náisiún ná 'bhfuil do Phrotestúin ann.
Annois dá ccuirfidhe an bille seo a bhfeidhm do
chaithfidís na ceannuighthe agus na deileáluighthe
seo uile an ríoghacht do thréigion, agus do luigheadódh
san go mór cogaltus na coróinne, agus as ag Dia
atá 'fhios cia an t-am déanfaoi suas an chailleamhuin
seo, dá ndéanfaoi go bráth.



Ag so cás dobrónach, a aithreacha príomh-ársa,
a thighearnaoi fíor-onóireacha, agus a sheannattóirighe


L. 176


ro-oirdhearca, Catoilicighthe Rómhánacha míofhoirtiúnacha
na hÉirionn, d'fhuilingeódh bás an
uile dhuine dhíobh lena gcloidheamh iona
láimh, dá measfaidís go ndéanfaoi na geallamhna
poibillighe tugadh dóibh do chlaonadh, ná iad
féin d'ísliughadh gan cúis do chum sglábhachta
chómh do-fhulaingthe seo. Do bhí a meódhan
chómh socair sin, a n-iompchur chómh síothchánta
san, agus a ndílseacht chómh neimh-thíbhealuighthe
sin, go ttugaid slán faoi an ccuid as
measa dá naimhdibh, ón lá ionar ghéilleadar dó
so, locht ná claonadh air bith d'fhagháil ann
n-a n-iompchur. An t-aenídh amháin do-chuala
riamh dá chur 'na leith, gan a ccroidhthe ná
a ngean do bheith don riaghluigheacht agus go
ttángadar mórán sagart annois go déaghnach a
tíorthaibh eachtrann don ríoghacht so.



Air an ccéad airtigiol iarfad cead an fhreagra
chéadna do thabhairt do thug genearál na Viertes
air an cconsul Rómhánach (Titus Livius).
d'fhiafraidh an consul don ghenearál so (iar
ndéanamh síothchána an ceathramhadh nó an
cúigemheadh huair leis féin agus lena mhuintir) an
fada mhairfeadh an tsíothcháin déaghnach san.
Adubhairt: "an feadh thabharfádh-sa úsáid
mhaith dúinn." Le bhur toil, a thighearnaoi ársa
agus a sheannattóirighe oirdheirca, tugaidh dúinne an


L. 177


meódhan agus an tsaoirse chéadna atá ag ár
ccoimhshearbhóntaighthe ár ndíthchioll do dhéanamh
agus a thoradh do bheith aguinn. Ná deintear
deifir acht don mhaith agus don olc, agus déanfad-sa
go maith go mbiaidh ár ccroidhthe, ár ngean, agus
ár lámha, ag an riaghluigheacht. Óir ní gábha
stoc (mór) réasúin chum a mheasta go mbiaidh
daoine 'mhairean air a sástacht faoi riaghluigheacht
air (bith 'na) n-amadáin chómh mór san
agus go ttaraingeófaoidh go réidh iad ó shiúráltacht
go neamhshiúráltacht. Ní fuláir gurab ainbhfiosach
a (mbunreachtaibh) na Gearmáinne agus Holóind
an té déarfadh nach mbeadh Catoilicithe
Rómhánacha coimh-dhíoghraiseach le Protestúin
agus nach dtabhraidís a ngean mar a chéile don
riaghluigheacht faoi a mairid an tan gheóbhaid
úsáid mán ionann.



Air an dara hairtiogal fiafróidh mé an cheist
chéadna d'fhiafruidh Abraham don Uilea-chomhachtach
(Gen.18.23): "An cciorrbhódh
tú an t-ionraic maraon leis an dream malluighthe?"
An ccaithfidh na sagairt shocaracha shíothchánta
a mhair san tír le mórán bliaghan léirsgrios
d'fhulang a dtaoibh neamhóghmóis sagart eile,
gan fios a tteachta aco, nó dá mbiadh 'fhios aco,


L. 178


gan é 'na ccomhachtaibh a ccosg? Ní headh, tá
tnúth aco le nithe as feárr ó mhíne agus ó chneastacht
an riaghluighthe láithrigh; agus geallaid dóibh féin,
ó gabhadh társa ó theacht mórdhachta sácrálta
Rígh Seóirse chum na coróinne (d'aimhdheóin
déine na ndlighthe do-ríneadh iona n-aghaidh a
reimheas na Bainríghine Anna), agus ó fuaradar gan
toirmeasg gan trioblóid taithighe a ccreidimh
guidhid dá thaoibh go síor-ghnáthach beannachta
neimhe do thuitim air féin agus air a mhinistéirighe,
amhuil gheóbhaidh an mhíne agus an chneastacht
(chéadna iad) annois agus caomhnóidh iad; agus dá
bhrígh sin tiomnaid iad féin agus a ccás go ró-uiríseal
fé tharamuin gaoise an Phairliment
láithrigh.



Finis
Uilliam Ó Murchadha
May 10 1772.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services