Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Buaidh na Naomhchroiche
Title
Buaidh na Naomhchroiche
Author(s)
Ó Conchúir, Bonaveantúr,
Compiler/Editor
Ó Súilleabháin, Pádraig
Composition Date
1650
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., l972)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BROLACH NÓ RÉMHRÁDH AN CHÉIDLEABHAIR DO BHUAIDH NA NAOMHCHROICHE, NÓ d'FHÍRINNE AN CHREIDIMH, ARNA CHUR A NGAOIDHEILG LEIS AN MBRÁTHOIR BOCHT d'ORD S. PROINSIAS, B. C. Do chuirios romham, le congnamh Dé, buaidh ghlórmhar na naomhchroiche do sgríobhadh a n-aghaidh dhraoitheadh agas aois eagnaidhe fhallsa an tsaoghail urchóidigh so: obair go deimhin ro-árd, ós cionn mo chumais, gidheadh, tarbhach roiriachtanasach isna haimsearuibh si. Bíodh go bhfuil an creideamh Catoilce don uile thaoibh comhdaingion sin 'na shuidhe lé hoibreachuibh do-áirmhe ar tTighearna Íosa Críost, léna fheartuibh agus léna mhóirmhíorbhuilibh atá dhá cceileabhradh ar feadh na cruinne go coitchionn, agus lé naoimhleachtuibh na ndochtúireadh ndiadha, nach bhfuil acht iomarcaigh agus cúirialtacht a sgrúdadh nísa mhó iná conntabhairt do chur and, tar a cheann sin, do bhrígh go bhfuil an chuid as mó do na daoinibh ar an aimsir si dá n-onfairt a mbroghuil agus a salchar na bpeacadh ar mhodh gur fhás dall chiach ar shúilibh a n-inntleachta nach léig radharc sholuis na fírinne chugtha, ionnas gurab 'na ccúis mhagaidh nó fanámhuid mheasuid na neithe neamhdha agus go ttarcuisnighid na móirfhearta diadha mar neithe mire nó díthchéillidhe. Ar an adhbhar sin as mian linne, 'gár chnaoidh cúram agus mórfhonn a ttigh Dé sinn, na neithe do-chuaidh thoruinn agus do léigeadh ar dearmad nach mór go huilidhe do ghairm chum cuimhne agus cách do dhúsgadh as an trom suain atá orra lé himchian ar chuilt choirbthe an tseachráin. Agus bíodh nach féidir an creideamh d'fhoillsiughadh go soilléir iná do chruthughadh as na cédchúisibh nádúrtha, dá ngoirid na feallsaimh principia naturalia, ar a shon sin do-bhéram anuas iomad do résúnaibh foirtille as na héifeachtuibh solasta dá chosnamh, ar nach budh féidir d'aonduine céillidhe smál ná spot d'fhághuil. Ní headh gurab iad na résúin sin as fundament don chreideamh, an tan
go n-abair Pól gurab tíodhlaicthe é do-bheir Dia uaidhe, ní as oibreachuibh, ionnus nach beith glóir dhíomhaoin ar aoinneach, acht ionnus, léna ccongnamh, go ccuinnighthigh 'na seasamh na díthchreidmhigh atá ollamh chum tuitmhe agus go n-ollmhaighthe iad dochum an tsoluis uachtaraigh úd ós cionn nádúire an chreidimh do ghlacadh; gidheadh, na Catoilce, dár lér go solusghlan fírinne an chreidimh, ionnsaighid go meanmach leis na harmuibh si eascairde mallaighthe an chreidimh agus fuadaighid, iar bhfoillsiughadh a n-ainbhfis agus a n-earráide, na daoine simplidhe neamhchoimhédacha as a gcrobhuibh. Ní bhfuil fáth a mheas gur tarcuisne do luaigheacht an chreidimh gan a fhághuil ar luaigheacht, an tan gur follus don uile nach ttuilleann aoinneach a fhághuil acht gurab é Dia amháin dhoirteas é a n-anam an duine san mbaisteadh. Leis an droing amháin bheanas so lé nach áil an creideamh do ghlacadh muna gclaoidhtear lé résúnaibh iad. Gidheadh, as ionmholta go mór an drong ghlacas mar thabhartus ó Dhia an creideamh go sithghreamannach agus ós a chionn sin thairgeas cách eile do dhaingniughadh ann lé résúnuibh roifhírinneacha. As amhlaidh sin chomhuirligheas prionnsa na n-apstal, S. Peadar, dúinn leis na briathruibh si: “Naomhaidhidh ar tTighearna Críost ann bhur gcroidheadhuibh ré bheith réidh ollamh do shíor résún do thabhairt dá gach aon shirfeas sásadh oruibh ar son an chreidimh agus an dóchuis atá ionnuibh.” Do bhrígh, ar an adhbhar sin, gurab lé résúnuibh amháin as mian linne diospóireacht do dhénamh ní ghreimeóchum d'ughdarrás aonduine; agus as mar sin imeóchum ar ar n-aghaidh ar feadh an leabhair taobh lé harmuibh dochlaoite an résúin gan tráchtadh ar ughdarrás aonduine dá eagnaidhe, acht amhuil nárbh inchreitte d'aoinneach acht don résún nádúrtha amháin, dárab éigin dá gach aon géilleadh agus aontudhadh.
DO RÉIM IMTHEACHTA NA HOIBRE. Caib. 1. Do bhrígh nach féidir dhúinn teacht a n-eólus na neithe dofhaicsi acht tré na neithibh sofhaicsi, uair as ón gcédfadh thionsgnas ar n-uile thuigsi, agus nach feas don chédfadh acht na haicídeadha amháin at-chí go foirmiollach; gidheadh, tollaidh an inntleacht léna gérchúis féin substaint na neitheadh, agus óna n-eólus sin tig dochum eóluis d'fhághuil ar neithibh dofhaicsi do-adhbhardha. Tógthar suas í agus arduighthear, iar mbeith ag sgrúdadh agus ag spécláireacht shubstainte, cháilidheacht, oird, chúise agus ghluasachta na neithe sofhaicsi, chum eóluis do bhreith ar na hainglibh agus ar Dhia; amhuil agus leis na haicídeaghuibh foirmiollacha, le gluasachtuibh agus lé hoibreachuibh foirmiollacha an duine tig dochum aithne agus eóluis ar na neithibh inmheadhónacha bhíos a bhfolach in anam, agus ar na codchuibh atá dofhaicsi dhe. Iar gcur na cruinne ós comhair a súl do na feallsamhnuibh, .i. na flaithis gona sgéimh, a n-ornáid agus a n-oibriughadh, na dúile gona gcáilidheachtuibh, a n-oibrighthibh agus a n-iliomad cumasg, iolradh agus égsamhlacht na gcomhchuireadh, a ngluasacht agus a n-airgheana, ord iongantach, méid, sgéimh agus breaghdhacht an tsaoghail si atá sofhaicsi aguinn, do dhírighiodar gaéithe a n-inntleachta agus a ttuiccsi dochum na neithe uachtarach ós cionn nádúire do sgrúdadh agus do thairgeadar an mhéid gurbh fhéidir leó eólus a nádúire agus a n-airgheana d'fhághuil. Amhuil ar an adhbhar sin agus do thuigeadar na feallsamhuin gurab d'oibreachuibh Dé na neithe nádúrtha tréar féidir teacht a n-eólas a chomhacht agus a ghlóire, mar an ccédna gach ní dá bhfuil a nEagluis Chríost atá soghlactha ag cédfa nó ag résún, as mian linn a thaisbénadh don tsaoghal gurab d'oibreachuibh Dé iad agus gur féidir dúinn léna ccongnamh teacht a n-eólas mhórdhachta agus ghlóire Íosa Críost, atá dofhaicsi aguinn. Agus amhuil agus do chruinnighiodar na feallsaimh gach uile ní dá ndearna Dia isan tsaoghal, mur an gcédna caithfimne gach ní dár oibrigh Críost ar an ccruinne do chruinniughadh. Agus mar dob éigin do na feallsamhnuibh as oibrighthibh iongantacha na nádúire a admháil gurab é Dia as tús agus as cédchúis don uile,
agus gurab oibriughadh tuigsi dá nach féidir dhul ar seachrán oibriughadh na nádúire, mar an ccédna as mian linne a thaisbénadh as oibreachuibh iongantacha Chríost, an Críost sin do crochadh bheith 'na chédchúis don uile, agus gurab oibreacha Dé, dá nach féidir dhul ar seachrán, a oibreacha. Tar a cheann sin ní abruim gurab ar son na résún sa chreidmíd. Uair ní choimhéignighid na hargumenteadha so an tuigsi chum an chreidimh do ghlacadh, do bhrígh dá gcoimhéignighedís nach creideamh do bheith aguinn dá leithéidibh sin do neithibh acht opinion nó baramhuil, acht as eadh do-bheir fá-deara dhúinn na neithe si do chreideamh, an bhrígh atá ag an solas dhoirteas Dia go míorbhuileach inar n-anam. Agus dá éis sin cobhraighemíd leis na résúnaibh si agus daingnidhemíd croidheadha na creidmheach, ag foillsiughadh dár n-easccáirdibh míchreidmheacha nach baoth nó édrom, acht gurab tromdha críonna do-nímid an creideamh do choimhéd. Agus ionnus gurab feirde do chuirfemís móroibreacha na hEaguilsi san aimsir do-chuaidh thoruinn agus atá do láthair aguinn a n-aoinfheacht ós comhair ar súl, sgríbheócham annso síos ar chosmhuileacht agus ar chommóradh na cruinne iad go huilidhe fá dheilbh charbuid nó chóiste buadha. DO BHUAIDH CHRÍOST, AS A BHFAGHTHAR ARGUMENTEADHA AN CHREIDIMH. Caib. 2. Ní féidir dhúinn teacht chum eóluis d'fhagháil go foirbhthe ar Dhia tré aoinchréatúir amháin, do bhrígh go bhfuil doichríochnaigh ó chumhachtuibh, ó chríonnacht, agus ó mhaith. As as ord na cruinne go coitchionn tángadar na feallsaimh a n-eólus a mhórdhachta. Agus an t-ord sin féin, ní as éinní amháin acht as nuimhir dho-áirmhe atá 'na shuidhe; gidheadh, dob fhéidir leó gan ródhocamhuil a gcur ós comhair a súl go hiomlán, do bhrígh go bhfuilid go huilidhe ceanguilte d'ároile lé cuibhreachuibh na nádúire, amhuil slabhradh 'gá mbí gach faighne dhe crochta as an bhfaighne oile. Mar an gcédna ní féidir brígh, eagna, agus
críonnacht Chríost do thuigsin as aonobair amháin dá oibreachuibh. Gidheadh, madh chuirmíd móroibreacha Chríost, a fhearta, agus a mhíorbhuileadha agus na héifeachta táinic uatha ós comhair ar súl, agus gan luidhe ar énrésún amháin díbh acht ar iliomad, caithfe inntleacht gach duine a admháil gur Dia fíre an Críost úd do fhulaing bás maslaightheach na croiche. Agus bíodh nár lór aonargument nó énrésún amháin dochum na fírinne si d'áitiughadh, gidheadh, madh curthar na résúin go huilidhe síos a bhfochair a chéile, biaid dá leithéid sin do bhrígh agus do neart nach féidir acht d'fhior mailíse nó mímhéine a ndiúltadh. Agus do bhrígh nach urus gníomhartha Chríost go huilidhe gusan am sa do chur ar aonbhall iná d'áireamh, amhuil agus as féidir na neithe nádúrtha lé mbímíd ag ruinn go laethamhuil agus atá soghlactha 'gár ttuigsi anbhfuinn, mar atáid uaimcheanguilte go n-ord iongantach d'ároile, do mheasas gurbh iomchubhaidh íomháigh nó dealbh éigin do dhénamh do bheith solasta soghlactha ag na cédfadhuibh, as instrumenteadha dár ttuigsi ar an deóraigheacht sa chum gach neithe do thuigsin; agus as í íomháigh sin carbad nó cóiste ara gcuirfeam dealbhtha go snasta, soilléir, sothuigsi d'inntleacht dá raimhe, oibreacha agus móirfhearta Chríost, ionnus gomadh féidir dá gach aon ní headh amháin gach fearta dhíobh ar leith acht iad go huilidhe do dhearcadh agus do mhaodhughadh. Cuiream ar an adhbhar sin ó thús ós ar gcuinne cóiste dá iomchar ar ceathra rothadhuibh, agus ar an gcóiste sin, a nós fir bhuadhaigh, Críost gona choróin spíne 'má a cheann, go nuimhir dho-áirmhe do mhasla agus do mhíomhodh, do thár agus do tharcuisne, agus don uile shórt dá uathbhásaighe, dá ghráineamhla agus dá dho-iomchartha do phéin, do pheannaid agus do bhás do claoidheadh leis, ag taisbénadh lorg na sgiúrsadh, cneadha, créchta agus áladha a choirp chréchtaigh chróilinnthigh, airm amháin lé ndearna congcuest ar an diabhal, lér chuir an uile fá chíoscháin, agus le rug an nádúir dhaonna, dobhí lé himchian fá bhruid a ngéibheannuibh ag an diabhal, leis a láimh go flaitheamhnas. Ar mhullach an chóiste meall comhchruinn go ttrí ngnúisibh go
n-iomad deallraidh agus glonnraidh thaisbénas an Naoimh-Thríonóid, atá go ndeallradh n-iongantach ndofhaisnéisi ag soillsiughadh agus ag dearsgnadh go luindeardha a ttimcheall Chríost agus a Naoimh-Eaguilsi. Críost féin ag congmháil na croisi agus gach instrumente eile dá raibh a ttimcheall na naomhpháisi 'na chlíoláimh, agus Bíobla an tSein-Reachta agus an Nuaidh-Reachta 'na dheasláimh, cailís agus abhlann agá chosuibh, agus ar gach taoibh timcheall uirre soighthighe fíona, uisge, ola agus ballsuim go n-uile chomhartha eile shácramuinteadh na hEaguilsi. Ar an ngradam faoi Chríost, a mháthair fhíornaomhtha an óigh gan cháidh Muire, agus fá ghradam na Maighdine arna n-eagar go hordaighthe iliomad do shoighthighibh óir, airgid agus chriostuil dá ndeaghmhaisiughadh le folaighibh agus le pérlaidhibh daorluaigh, líonta, gidheadh, do chnámhuibh agus do luaithreadh na marbh. Roimh an gcóiste ar ball na hapstail agus na seanmóntadha go huilidhe ag congnamh an cóiste do tharruing, na patriairc agus fáidhe an tSein-Reachta go ccomhchruinniughadh do-áirmhe ban agus fear rompa amach san tslighidh. Ar gach taoibh timcheall don chóiste sluaighte ro-aibhseacha mairtíreach dá gach cinél agus dá gach coinghioll, agus dochtúireadha na hEagluise go huilidhe gona leabhruibh fosguilte ina lámhuibh dá ttimchealladh sin arís. Tar a éis sin do-chídhfir a ndiaidh an chóiste nuimhir dhofhaisnéisi ban agus fhear dá gach aicme, sórt agus cinél don chineadh Iúdaighe, do Ghrégachuibh, do Laindeóntuibh agus do bharbardhuibh, eidir shaidhbhir agus daidhbhir, críonna agus éigcríonna, eólach agus aineólach, óg agus arsaidh, ag iolghairdiughadh. Cuirmíd a ttimcheall na sluagh sa atá a ndiaidh, roimhe, agus gach taobh don chóiste nuimhir dhofhaisnéisi do shluaightibh na namhad ag cathughadh agus ag comhracc a n-aghaidh na hEaguilsi Catoilce, .i. na himpireadha, na ríghthe, na prionnsaidhe, triatha agus tighearnadha trénchomhachtacha an tsaoghuil si, draoithe, feallsaimh agus eithriccigh go ccomhluadar ro-aibhéil ro-aibhseach ban agus fear don uile shórt agus don uile aicme agus as an uile chlúid ar feadh na cruinne ceatharchuainnigh. Agus 'na bhfochar sin dealbha agus íomháighe coirbthe cuinealbháite na ndée briste brúite fá thalamh. Mar an gcédna leabhair na n-eithrigeach loisgidh agus teaguisg gan choisreagan gach seicte síorthubaistigh eile aca go cúthal tar éis a gclaoidhte, agus, fá dheóidh, adhradh agus onóir gach creidimh eile ar lár iarna thréigean agus iarna dhíbeirt.
Glacmaoid a shamhuil so do chóiste dealbhtha ar an modh so ós comhair ar súl, mar shórt saoghail nó cruinne ar madh féidir dhúinn feallsamh nuadh do sgríobhadh agus do dhénamh. Ar son na cédchúisi, nó an chédadhbhair, agus neithe dofhaicsi 'gár thairgeadar na feallsaimh teacht 'na n-eólus trésna neithibh sofhaicsi, do chuireamarne ar mhullach Chríost meall comhchruinn roghlonnrach go n-iomad deallraidh a n-ionadh na Naoimh-Thríonóide doruinte admhaidhmid 'na áirdDia fhorórdha, agus Críost féin, atá dofhaicsi dúinn, do sháraigh an uile ar gach taoibh, chreidmíd bheith dá adhradh agus dá onórughadh ó nuimhir dho-áirmhe aingeal agus anam beannaighthe atá do shíor ag feitheamh air. Tairgfeam teacht chum eólais agus aithne na neithe árda sa trésna neithibh sofhaicsi do chuireamar ós cionn agus ar gach taoibh don chóiste. Agus amhuil adeirid na feallsaimh, tar éis na neithe dofhaicsi, gurab í flaitheamhnas cúis nó adhbhar as prinnsiopálta don uile dá ngeintear fúithe, mar an gcédna cuirmidne tar éis na diadhachta croch agus páis ar tTighearna Íosa Críost mar adhbhar agus mar chúis phrinsiopálta grás na hEaguilsi agus ar slánuighthe féin. Agus amhuil as iad na dúile as foicsi tig do fhlaitheamhnus, mar an ccédna leanuid sacramuinteadha na hEagluisi páis Chríost. Agus amhuil as ó fhlaitheamhnus atá a n-uile bhrígh ag na dúilibh, mar an ccédna as ó pháis Chríost atá brígh ag na sácramuintibh. Tar éis na ndúl cuirmíd san tsaoghal síolta agus gach ní oile oibrigheas. Mar an ccédna chuirmídne san mBuaidh si aguinn féin an teagasg soisgélta, gníomhartha agus sompladha na naomh agus na bhfírén, 'gá gcuir a ttaisi, a gcnámha agus a luaithreadh sinn 'na ngnáthchuimhne, agus gurab dá luaigheacht, dá leachtuibh, agus dá sompla atá an Eagluis go laethamhuil dá toirrcheadh d'iomad d'oibreachuibh oirdhearca tarbhacha. Ós a chionn sin do dhealbhamar mar oibrighthe sonnradhacha na hapstail, na patriairc, na fáidhe agus na dochtúireadha do aithghin an domhan i cCríost léna seanmóir, léna tteagasg agus léna ndeaghoibribh. As féidir dhúinn go dlisteanach oibrighthe sonnradhacha do ghairm do na naomhuibh an tan chomhoibrighid le Críost. Agus ní hamharus gur síol gheineas toradh na deighbheatha dúinn a sgríbhinn, a n-oibreacha, agus a sompla, atá fá chion agus fá mhuirn mhóir ag ar naomhmháthair an Eagluis. Fá dheóidh, do chuireamar sluaighte dofhaisnéidhe don uile aicme agus dá gach
cinél (ar son na n-éifeacht tig isan domhan chorpardha so) do fhilleadar na naoimh léna sompla agus léna seanmóir chum Críost agus dothug a mbeatha a ttír ar an deóraigheacht so go foirbhthe fírénta ag coimhlíonadh reachta agus riaghla Chríost, gach aon do réir a staide agus a gharma. Acht do bhrígh isna neithibh nádúrtha gurab ó chontráir go contráir bhíos an uile ghluasacht agus gurab í geineamhuin neithe ann as truailleadh don ní oile, agus isan uile gheineamhuin gur gnáth na contráir' ag cathughadh a n-aghaidh aroile, go mórmhór madh bhíonn (mar as gnáthaighe go mbíonn) contráir dhíobh as neartmhaire brígh iná an chontráir oile, uime sin do dhealbhamairne isan domhan so naimhde Chríost agus a Naoimh-Eaguilsi, a seachrán agus a n-ainbhfeas don uile thaoibh arna sgrios agus arna gclaoidh lé comhachtuibh Chríost agus a Naoimh-Eagluisi. 'Na cheann so as eadh ciallaighthear leis na ceathra rothadhuibh ar a bhfuil an cóiste so 'na shuidhe, ceathra corra an domhain atá dá soillsiughadh go hiongantach lé creideamh agus lé fírinne Chríost. Amhuil ar an adhbhar so agus tángadar na feallsaimh, iar gcur oird na cruinne ós comhair a súl agus iar ndearcadh go grinn gach éifecht dá raibhe ann le hiongantus agus lé dúil eólas d'fhághuil ar chúisibh na n-éifeacht nádúrtha sin, agus diaidh a ndiaidh ar bheagán agus ar bheagán ag éirghe ó na neithibh íochtaracha gusna neithibh uachtaracha tángadar a n-eólas na mórdhachta diadha agus na neithe dofhaicsi, mar an ccédna madh chuirmídne íomháigh an chóiste iolbhuadhaigh si ós comhair ar súl agus madh sgrúdamaoid go grind na héifeacht dofríth go so agus geibhthear go laéthamhuil as maodhughadh na neithe si, glacfaidh iongnadh sinn agus cuirfeam romhuinn cúis na n-éifecht sin do lorgaireacht, agus as sin diaidh a ndiaidh go heólus d'fhagháil ar dhiadhacht agus ar mhórdhacht dofhaicsi Chríost. DO NA PONGCUIBH AS IONGHABHTHA DON UILE. Caib. 3. Ionnus gomadh féidir dhúinn dhul ar ar n-aghaidh san chonspóid si as iontuigthe gurab éigin don druing chuireas rompa
diospóireacht do dhénamh, nó théid do chonspóid taobh lé harmuibh an résúin, teacht re 'roile a bpongc nó a bpongcuibh éigin áirídhe, uair dá mbeithdís a n-aghaidh a chéile san uile phongc ní bheith slighe iná cúis diospóireacht aca. Agus as gnáth gurab éigin na poingc ar a ttigid lucht na diospóireachta ré chéile bheith soilléir follusach don uile, agus as iad sin haitheantar leis na cédfadhuibh, nó háitighear ó résún, nó dá ttugmaoid aontadh an tráth taisbéntar iad lé brígh sholais na hinntleachta. Bíodh gurbh fhéidir leis na diospóradhuibh teacht ré 'roile a n-iomad do phongcuibh, ní riachtanus na poingc sin bheith comhfollusach don uile agus bhiaid dáibhsion, acht as lór a mbeith follusach dháibh pféin amháin. Ar an adhbhar so cuirfeamne síos annso poingc áiridhe rofhollusacha mar fhondamuint dár cconspóid. Gidheadh, dá ndiúltaighthe oruinn iad do sgaoilfidhe ar ndiospóirecht go léir, ar an adhbhar nach dual diospóireacht do dhénamh a n-aghaidh an tí shénas na neithe atá follus 'na bhfírinne don uile, mar atáid na cédphoingc admhaidheas an uile dá ngoirthear prima principia. Ciabé do shénfadh, mar do shén Zeno, ní ar bith do ghluasacht, níorbh fhéidir lé feallsamh (mheasas go ngluaistear an uile ní) diospóireacht do dhénamh 'na aghaidh. Ar an adhbhar so teagmaoid san phongc sa re chéile ar tús, .i. gur crochadh Íosa Críost leis an gcineadh Iúdaighe agus go bhfuil arna adhradh agus arna mheas mar Dhia, nach mór ó chineadhachuibh an domhuin. Atá an pongc sa feasach don uile eidir chreidmheach agus mhíchreidmheach. Óir admhaidhid na heithrigigh, na Iúdaighigh, secht Mahoméid, na geintíligh go huilighe agus náisión na cruinne eidir shíbhialta agus bharbardha an pongc sa, agus as amhlaidh sin do adhradar na críostaidhthe é ón gcédaimsir diaidh a ndiaidh do ghnáth gusan am so. Atáid mar an gcédna ar sgríobhadh do leabhruibh ar Chríost agus ar a Naoimh-Eagluis san uile theangaidh leis na creidmheachuibh agus léna n-eascáirdibh ar feadh na cruinne go coitchionn ag dénamh fiaghnuisi go foirleathan linn ar an ní so. Ní bhfuil, fá dheóidh, régiún don domhan iná clúid ar feadh na cruinne nach bhfuil lorg nó leachta eaguilseadha na ccríostuidhthe ionntuibh go fóill lé faicsin, iná áit ar feadh na cruinne nach
bhfuil Íosa Críost do crochadh dá adhradh mar Dhia fíre, nó ann nach ndearnadh (adhradh) dhó isna haimsearuibh do-chuaidh thoruinn, nó dá nach feas gurab é do adhradar na críostaidhthe go so agus atáid d'adhradh san aimsir si mar Dhia fíre. Agus as uime sin ghoirid na míchreidmhigh Dia na ccríostaidheadh dhe. Ar an adhbhar sin ní bhfuil acht mire agus díth céille an ní dhearbhas sgríbhinn, lorg agus seinleachtadha na n-uile, agus atá a mbél gach aoin, do dhiúltadh nó do shénadh. An ní cédna adeirmíd lé gach ní oile dár dhealbhamar san chóiste, .i. d'admháil agus d'adhradh na Tríonóide trénchomhachtaigh, na naomhchroiche, na naomhshácramuinte choirp ar tTighearna Íosa Críost, na maighdine roghlórmhuire Muire, agus na naomh, 'gá bhfuil a ttaise, a luaithreadh agus a gcnámha arna gcomhdach i soighthighibh daorluaigh go n-iomad muirne ar feadh an domhain, dá ccoimhéd fá iomad ceana agus onóra ó na críostaidhibh. Arís, as follus (na hapstail) do sheanmóir chroiche Chríost, agus rompa sin fáidhe agus patriarc an phobuil Eabhra, dá éis sin mairtírigh, naomhdhochtúireadha na hEaguilsi, nuimhir dhochríochnaigh do mhanchuibh, do chléircibh, do dhaoinibh riaghalta agus saoghalta do theacht romhuinn do chreid go diongmhálta daingean dosgaoilte a cCríost. Nuimhir, mar an ccédna, gan chinneadh thíoránach, fheallsamh agus fhileadh do chathughadh go dúr díbhfeargach a n-aghaidh Eaguilsi agus chreidimh Chríost. Arís, dealbha agus íomháigheacha na n-iodhal agus seachráin agus ainbhfis an tsaoghuil do léirsgrios agus do láinndíbirt lé seanmóir naomhchroiche Chríost. Fá dheóidh, as follusaigh iná an solus gur chrom rí na Rómhánach a mhuinél don iasgaire, agus an uiread sin do shluaightibh eithreaccach gona leabhruibh agus a reachtuibh coirbthe coinnealbháite nach féidir do ríomh nó d'áireamh do chur a neimhthní. Iad so agus an mhéid dá sórt theigébhas oruinn ar feadh an leabhráin, ní riachtanus a ccruthughadh. Uair measmaoid a mbeith roifhírinneach agus as follus dúinn amhuil na neithe nádúrtha atá ós comhair ar súl. Óir ní cosmhuil go sénfa duine céillidhe ar bith na neithe do-chídh go soilléir réna shúilibh. As follus go cinnte na neithe si go huilidhe d'adhradh agus d'onórughadh re creideamh daingean dosgaoilte, ní headh amháin ón bhfíorphobal chríostaidhe, sa chuid nach beag don
chruinne, acht fós ó urmhór réigiún n-imchian eile ar feadh an domhain, mar atá na hIndiacha agus iomad eile, bíodh go bhfuilid arna ccomasg ré earráidibh agus lé seachránuibh égsamhla. Agus ní headh amháin sin acht atá leachta agus lorg ar gcreidimh-ne a measg sechta Mahoméit, sa nuimhir atá do-áirmhe, creidid gan chonntabhairt Críost do ríoghadh eatorra agus admhuid go ndearna iliomad míorbhuileadh 'na measg, ar mhodh go n-adhruid agus go n-onóraighid é, agus nach rachadh gan díoghaltus trom leó a imdheargadh. Ar an adhbhar sin madh as mire na neithe do shénadh atá follas don uile, agus as féidir beagnach do fhoirneadh agus do ghlacadh ré lámhuibh, go deimhin ní féidir d'aoinneach na neithe si adubhramar do dhiúltadh, muna ttuga leimhe nó míonáire air an uile fhírinne fhollas do shénadh. FUASGLADH GACH CONNTABHARTHA DÁR FÉIDIR DO CHUR A N-AGHAIDH NA NEITHE RÉMHRÁIDHTE. Caib. 4. Dá n-abradh aoinneach gurab iongnamh nár sgríobh duine éigin d'ollamhnuibh na ngeinntíleach na neithe si nó nár thráchtadar orra 'na starrthuibh nó 'na gcroinicibh, óir go deimhin dámadh neithe fíora iad ní léigfedís tharsa iad gan labhairt orra. Cia ar nach beith iongnadh croiniceadha agus ollamhuin na ngeinntíleach agus na bpágánach do sgríobhadh comhdúthrachtach sin ar chogaidhibh na ríogh agus ar ghníomhuibh oirdhearca na mórlaoch ar feadh na cruinne, agus oibreacha Chríost, as oirdhearca, as iongantaighe agus as mó dá ndearnadh san domhan ariamh, do léigean tharsa gan aonfhocal do labhairt orra? Mo fhreagra ar sin, gurab lom bréige a rádha nár sgríobh aoinneach do na geinntíleachuibh agus nár mholsad móirghníomha Chríost agus a Naoimh-Eagluisi. Óir mar as léir dhúinn go follas dá léghadh go laéthamhuil ag an Eagluis, do sgríobhadar iliomad do gheinntíleachuibh rofhoghlomtha agus d'ughdaruibh tromdha go fairsing foirleathan na neithe si agus do fhill iomad díobh ar ar gcreideamh-ne iar gclos agus iar bhfaicsin oibreacha Chríost agus a
naomh, agus do chumadar nuimhir dho-áirmhe do leabhruibh foghlamtha ag moladh móirghníomhradh Chríost agus a naomh ar feadh an domhuin. Gidheadh, dá n-abarthá 'na aghaidh so nach an feadh dobhádar an drong sa 'na ngeinntíleacha do thráchtsad ar na neithibh si acht tar éis iompúdh ar chreidiomh Chríost agus mar sin gur féidir amharus do dhénamh an fírinne do sgríobhsad, mo fhreagra ar sin, gurab follus as sin féin fírinne ar gcreidimh-ne an tan nach eadh amháin gur mholsad oibreacha Chríost agus a Naoimh-Eagluisi léna bpeann, acht gur leansad a lorg ó ghníomh ar ttréigean a seachráin agus a n-iodhal agus gur dhoirtsiod iliomad díobh a bhfuil ar son an chreidimh chédna. Agus go fírinneach ní hiad amháin na críostaighthe do hoileadh óna naoidheantacht san chreideamh d'adhmoil móirfhearta Chríost agus a Eagluisi acht fós nuimhir dho-áirmhe do dhaoinibh rofhoghlomtha roidhearsgnaighthe dá gach násiún dá égsamhla nár ghlac an creideamh cédna go beith dháibh a n-aois fheardha. Cad é an t-iongnamh na díchreidmhigh uaibhreacha doicheannsaighthe nár ghlac tiodhlaice an chreidimh iar bhfaicsin míorbhuileadha Chríost, agus sin tréna ndroichghníomhuibh féin, do thuitim a lathaigh na locht, gan beann do chur ar obair comhoirdhearc agus sin do sgríobhadh, óir ní raibh do stuidér oidhche agus laé aca acht ag iarraidh teaguisg Chríost do thruailleadh ionnus go múchadaois cuimhne Chríost agus a Eagluisi ar feadh an domhuin? As mó an bhrígh agus an neart dothugsad d'fhírinne an chreidimh agus do theagasg Chríost an drong do na díchreidmheachuibh do ghlac baisteadh, agus nach eadh amháin do mhóraidh agus do mhol é léna seanmóir, réna bpeann agus léna ndeaghoibribh acht fós d'fhulaing go seasmhach láidir pianta cruadhálach dofhulaingthe dá chosnamh agus dá chomhdach iná dá sgríobhdaois ar mbeith a seachrán an díchreidimh iomad móirleabhar air. As éidir fós an ní so do theacht ó dhá chúis: an chédchúis, naomhthoil Dé agus a chúram fá na huilibh; an dara cúis, daille na ndaoineadh. Creidmíd go deimhin gurab é Dia ghluaisios na huile neithe corpardha agus spioratálta, agus (do réir mar fhoillseócham dá éis so) go bhfuil cúram aige fá na huile neithibh, agus mar sin nárbh fhéidir aoinneach do ghluasacht dochum móirfhearta Chríost do sgríobhadh muna ngluaisiodh Dia é ó thús
chuige sin. Ní féidir ámh leis an dara cúis nó leis an gcréatúir éinní do dhénamh muna ngluaistear é leis an ccédchúis nó leis an gCruthaightheóir. Anois as í mo fhreagra ar an droing fhiafraigheas créd an fáth nár ghluais Dia ollamhuin agus starrthaightheóireadha na ngeinntíleach dochum oibreacha Chríost agus a dhiscciobal do sgríobhadh: do bhrígh mar go ndéin Dia an uile ní dá ndéin go hordaighthe ceart díreach, go nglacann mar an ccédna slighthe ordaighthe oireamhnacha dochum a uile oibreacha do dhénamh. Ar an adhbhar sin ó atáid uile oibreacha Chríost agus a Eagluisi diadha fíorghlan, amhuil chruthócham 'na dhiaidh so, gidheadh, go rabhadar na geinntíligh broghach, líonta do shal na bpeacadh, agus mar sin nárbh oireamhnach do Dhia úsáid do dhénamh dá samhuil sin do shlighthibh dochum a oibreacha féin do sgríobhadh, do sheanmóir nó do shíolradh. 'Na cceann so, mar gurab é Críost an fhírinne agus gurab dochum fiaghnuisi agus teiste do dhénamh leis an bhfírinne táinic ar an saoghal sa, nír dheaghmhaisioch daoine meabhlacha láinbhrégacha, mar dobhádar filidhe agus ollamhuin na ngeinntíleach (dár ghnáithbhésa a ttighearnaidhe agus a ttriatha do mholadh ina nduantuibh agus ina starrthachuibh fírbhrégachuibh agus go roimheinic daoine lochtacha lánmhailísiocha d'árdughadh ós na réltuibh) do labhairt ná do thráchtadh ar an bhfírinne fhíorghloin si gan cháidh, ar an adhbhar gurab amhlaidh do-ghéindís, a leabhair do líonadh dho bhréguibh agus tobar fíorghlan na fírinne do bhuaidhreadh agus do shalchadh. Do ghnáthaíghdís fós filidhe agus ollamhuin na ngeinntíleach cumas agus acfuing labhartha dofríth amach ré résún nádúrtha, agus as mó an fonn dobhíodh orra a tteanga do mhórughadh iná seasamh ar an bhfírinne. Gidheadh, do bhrígh go bhfuilid oibreacha Chríost ós cionn résúin daonna, mar fhoillseócham 'na dhiaidh so, níor chubhaidh a samhuil sin do dhaoinibh do bhí ag siobhal re solas nádúrtha amháin dá gcumasg féin ar na neithibh sháraigheas go fada an tsoillsi nádúrtha. An dara cúis fá nár sgríobhadar oibreacha Chríost, .i. a mbeith dall nár léir dhóibh iad. Óir dalluid na peacadha na daoine agus ní léigid solus na fírinne chugtha. Na geinntíligh ámh, do bhrígh go rabhadar múchta isna peacadhuibh agus go mórmhór tar
éis ait ré gaoith an uabhair agus rofhonnmhar a nglóir dhíomhaoin, do cuireadh dall ciach ar shúilibh a n-inntleachta ionnus nárbh fhéidir leó móirfhearta Dé d'aithne, ar mhodh nach ttugdaois dá n-aire, nó go ndéindís neamhshuim d'aisioc a radhairc d'fhagháil do dhalluibh, d'aithbheódhadh na marbh agus d'iliomad míorbhuileadh eile Chríost agus a dhiscciobal. Arís, dobhí fuath agus gráin bháis ag filidhibh agus ag ollamhnuibh na ngeinntíleach ar na críostaidhibh, ar an adhbhar go rabhadar na críostaidhthe ag teagasg do na prionnsaidhibh agus do na poibleachuibh na hiodhail agus na dée bréige do thréigean agus do mhúchadh; agus do bhrígh gurab a moladh agus a n-adhradh na n-iodhal agus na ndée mbrégach do hoileadh na fileadha sin óna gcliabhán agus do chaithsiod sgoith a n-inntleachta, ionnus nach ttégh a stuidér agus a saothar amugha orra agus ionnus go mbeith gean ag na tíoránachuibh orra, dobhí ag inghreim na ccríostaidheadh, do léigsiod tharsa gan móirfhearta iongantacha Chríost do sgríobhadh, nó an mhéid díobh do sgríobh iad as do tharcuisne orra do sgríobhsad iad. Fá dheóidh, an tan go bhfaicmíd filídhe, éicse agus eagnuidhe an tsaoghail si comhfonnmhar coimhdíthchiollach agus sin ar bheith a ngrásuibh, a gcáirdeas agus a bhfabhar na bprionnsadh agus na móruasal go gcumuid iomad brég n-iongantach dochum iad sin d'árdughadh agus a n-easccáirde d'ísliúghadh, agus nárbh fhéidir leó dóthchus do bheith aca fabhar, grása ná duais d'fhagháil ar na healadhnuibh si ó na críostaidhthibh, as lucht grádhaighthe ar an bhfírinne agus shanntaigheas an bhochtacht, ní cúis ionganta d'aoinneach gan iad do sgríobhadh nó do thráchtadh ar oibreachuibh Chríost nó a dhiscciobal. Gidheadh, an tan do thionnsgain an Eagluis an impireacht thalmhuidhe do shealbhudhadh, níor theastaigheadar iomad sgríbhneóireadh do sgríobh a ndán agus a stair, molta roibhrégacha ar na prionnsaidhibh agus ar na triathuibh. Acht do bhrígh nach raibh feidhm ag an bhfírinne leis an sórt sin, bá deaghmhaisighe go mór ughdair mhídhiongmhálta agus fiaghnuiseadha brégacha dá léigion tharsa iná do labhairt uirre.
d'ORD IMTHEACHTA NA HOIBRE. Caib. 5. Do bhrígh gurab trésna neithibh sofhaicse thigmíd a n-eólas neithe dofhaicse Dé, as iontuigthe go bhfuilid sóirt áiridhe do na neithibh dofhaicse si Dé as éidir dh'aithne agus teacht 'na n-eólas tré a oibreachuibh sofhaicsi ré brígh nádúrtha sholuis na hinntleachta gníomhaighe, sa n-eólas chum a ttángadar na feallsaimh, amhuil atá Dia do bheith, a bheith 'na aon, 'na ghníomh fíre, agus a gcosmhuileacht sin. Sórt eile do neithibh dofhaicse Dé nach éidir teacht 'na n-eólas ré résún daonna ar énchor. Ní conntabhairt d'aoinneach go bhfuilid seicréideadha na ndiamharrún sothuigse doichríochnaighthe agus go sáruighid go doichríochnuighthe cumas agus neart na résún ndaonna, an tan go bhfaicmíd gur thuigsiod na feallsaimh mhóra orrdhruice neithe ar an ngné dhaonna, anna bhfuilid na daoine ó nádúir comhchosmhuil ré 'roile, nárbh fhéidir ar aonchor le hinntleacht na n-óg ná na n-ainbhfiosán do ghlacadh iná do thuigsin. Ar an adhbhar sin, mar go sáraigheann Dia go doichríochnuighthe na daoine, as éigin go bhfuil i nDia neithe doichríochnuighthe nach éidir lé hinntleacht chruthaighthe ar bioth do sgrúdadh iná do thuigsin, go mórmhór mar go mothaighemíd uireasbhaidh eóluis oruinn a n-aithne na neithe corpardha do ghlacmaoid agus do-chímid do ghnáth, agus go mbíd iomad dá gcáilidheachtuibh 'na n-ainbhfeas oruinn. As mó iná sin go mór as inmheasta dhúinn do bheith i nDia (neithe) nach ttuigmíd agus nach éidir dhúinn do thuigsin, an tan na neithe corpardha tré a ttigmíd a n-eólas Dé nach bhfuilid comhchomhthrom leis acht go bhfuilid go doichríochnuighthe a bhfad uaidhe. Ar an adhbhar sin as roibheag roghann an t-eólas as éidir dúinn d'fhagháil ar Dhia uathaibh. Na neithe ámh thuigmíd ré súilibh an chreidimh amháin, deirmíd go bhfuilid ós cionn chumais na hinntleachta daonna, mar atá Dia do bheith 'na thrí agas 'na aon, a bheith 'na dhuine, agus an mhéid eile don tsórt sin, nach éidir dhúinn d'fhagháil amach ré résún iná re héifeacht ar bioth nádúrtha.
Na neithe corpardha sa do-chímíd ré ar súilibh, bíodh gur féidir dhúinn bheith nísa dhearbhtha dhíobh ar mhodh éigin as na héifeachtuibh spioratálta; óir do réir mar bheirid na neithe nádúrtha eólas dúinn ar Dhia agus mar fhoillsighid gur fíor an comhrádh sa, .i. an Dia cédna do bheith 'na aon agus doichríochnaighthe a n-aoinfheacht, gidheadh, ní fhaghmaoid eólas ar Dhia uatha do réir mar atá sé ann féin agus ní fhaicmíd a shubstaint; ar an mhodh gcédna do-bheirid na neithe ós cionn nádúire oruinn bheith nísa dhearbhtha d'fhírinne na gcomhrádh sa, .i. go bhfuil Dia 'na thrí, agus go bhfuil Mac Dé 'na Dhia agus 'na dhuine. Tar a cheann sin ní thugaid fá-deara dhúinn Dia 'na thrí agus Dia 'na dhuine do thuigsin go hiomlán do réir mar atá ann féin. Acht do brígh gurab túsga an nádúir iná na grása, laibheóram ó thús ar neithibh dofhaicsi Dé as éidir dho thuigsin as na neithibh nádúrtha; dá éis sin ar na neithibh dofhaicse tuigthear as na neithibh sháraigheas cumas na nádúire. Gidheadh, do bhrígh gur thráchtadar iomad, feallsaimh agus dochtúireadha Catoilce, ar na céidneithibh dofhaicse go foirleathan, as orra as gainne laibheóram, óir go measmaoid gur chruthaighsiod iad comhdaingion agus sin nár fhágadar slighe ar bioth inar féidir conntabhairt do dhénamh dhíobh. GO BHFUIL DIA ANN. Caib. 6. Do chéidneithibh, as riachtanus dúinn a chruthughadh go bhfuil Dia and. Acht do bhrígh a n-ainmnioghadh na neithe gurab ionchongmhála úsáid do dhénamh don iomadamhlacht, agus gurab éigin ó thús fios anma an neithe ar a ttráchtar d'fhagháil agus cad ciallaighthear leis, as riachtanus dúinn do chéidneithibh a thuigsin créd an ní thuigid na daoine re hainm Dé. As cinnte ámh gurab eadh chiallaighid na huile re hainm Dé, áirde áiridhe agus iomláine sháraigheas an uile, dá ngairid drong díobh an cédghluaisteóir, drong eile, cédchúis agus cédthús na n-uile neithe, dream eile, an árdmhaith nó an chéidfhírinne. Ar an adhbhar
sin, madh as é an cédghluaisteóir thuigfeam ré hainm Dé, nó an chédchúis, nó an cédthús, nó an árdmhaith, nó an chéidfhírinne, nó a samhlacha sin, as follas as ráidhtibh na bhfeallsamh gurab éigin dúinn a admháil go bhfuil Dia ann. Cuirfiod na ráidhte sin go hathchumair annso, ionnus gomadh follus iad don uile. As follas dúinn ré ar ccédfadhuibh neithe éigin do ghluasacht ar an domhan sa: an uile ní ámh gluaistear, as éigin gurab ó ní (eile) gluaistear é, an tan nach éidir lé ní ar bioth bheith a ngníomh agus gan bheith a ngníomh a n-aoinfheacht; acht ní mó as éidir na neithe gluaistear agus na neithe ghluaisios do leanmhuin go beith doichríochnuigh, ar an adhbhar nach beith an céidní do ghluaiseadh ná mar sin ní ar bith eile, óir na neithe si do-chímíd ag gluasacht a chéile, ní ghluaisid acht an mhéid go ngluaistear iad ón ccéidní agá bhfuil brígh na n-uile do ghluasacht. Dá bhrígh sin as éigin teacht gusan gcédghluaisteóir, dá ngairid Dia mar ainm. Do-bheirid a samhuil sin d'argúin eile anuas as nádúir na cúisi gníomhaighe. Óir do-gheibhmíd ord agus réim oibrighthe eidir na cúisibh gníomhacha isna neithibh somhothaightheacha, ar mhodh nach bhfaghthar agus nach éidir a fhagháil ní ar bith do bheith 'na chúis ghníomhaigh aige féin, ar an adhbhar dochum ní do bheith 'na chúis aige féin gomadh éigin a bheith roimhe féin sul dobheith ann - atá doidhénta. Dá bhrígh sin, an tan nach éidir dhul go doichrích isna cúisibh (si), mar nach n-oibríghid na dara cúisi acht a mbrígh na cédchúisi, as éigin a admháil go bhfuil cédchúis éigin ghníomhach ann as cúis do na huilibh, dá ngairid na huile d'énaonta Dia. Arís, do-geibhthear isna neithibh ní éigin as mó nó as lugha atá 'na mhaith, 'na fhírinne nó 'na bheith; gidheadh, ní féidir so do bheith amhlaidh i neithibh égsamhla acht an mhéid gurab mó nó lugha thigid a bhfogas d'árdmhaith éigin, d'áirdfhírinne nó d'áirdbheith. Ar an adhbhar sin as éigin go bhfuil ní éigin isna neithibh as fearr ná an uile, as fírinnighe agus as uaisle beith, agas as é sin Dia. Do-chímíd fós go n-oibrighid na neithe ag nach bí tuigse ar son críche éigin; óir as ar énmhodh amháin oibríghid do ghnáth agus ghlacuid slighthe agus meadhóin oireamhnacha ré teacht dochum
a gcríoch féin. As ar follas nach ó chúis ar bith acht ó inntinn inntleachta éigin stiúras iad oibrighid amhlaidh sin; agus as don inntleacht sin ghairid na feallsaimh Dia. As éidir fós an comhardha sa do chur 'na gceann sin, .i. nach éidir claonadh nádúrtha ar bith bheith díomhaoin, mar as follus isna huilibh neithe nádúrtha anna mbí anam, agus ann nach mbí anam. As follas go bhfuil claonadh nádúrtha ag an uile dochum a chreidmhe neach éigin do bheith 'na stiúraidhtheóir ar an gcruinne dhomhanda sa, dá ngairid Dia. Agus as maith an comhardha ar sin nárbh fhéidir ré haoinneach riamh a ghreamughadh go daingion mar bhreitheamhnus gan Dia do bheith and acht madh duine é ag nach raibh a bheag do thuigse iná do chéill. Fá dheóidh, ní bhfuil dream dá fhiadhánta ná dhá bharbardha nach n-admhann Dia ar mhodh éigin; mar as follas san uile aois agus san uile aimsir dá ttáinic fós ariamh gusan am sa. An ní ámh oireas don uile agus san uile aimsir, as léir gur ní nádúrtha é. Arís, do bhrígh nach bhfuil ní as mó a n-aitheantar claonadh nádúrtha gach duine iná isna neithibh obanna, as éidir dhúinn as so a thuigsin go bhfuil ó nádúir aguinn eólas do bhreith ar Dhia. As follas dúinn an n-uile dhuine a n-am ghábhaidh nó guaisi obuinne, mar nach bí cabhair dhaonna 'na fhochair, go bhfilleann go nádúrtha, gan gluasacht ar bith ón résún, ar Dhia; óir as nádúir don éifeacht filleadh ar a chúis. Ar an adhbhar sin as follas go soilléir go ttuigmíd go nádúrtha ní éigin do bheith 'na chédchúis (nó) 'na thús ag na huile neithibh, agus neach éigin do bheith ag stiúradh na cruinne si; agus as de sin ghairmíd Dia. NACH CORP DIA, NÁ FOIRM CHOIRP, NÁ NÍ DÉNTA DO CHORP AGUS d'FHOIRM. Caib. 7. Níor chuir aoinfheallsamh ariamh a cconntabhairt agus níor smuain a rádha gomadh corp iná foirm choirp iná comhchoireadh Dia, acht as eadh do mheasadar d'éinmhéin, mar as amhlaidh
atá, Dia do bheith 'na ghníomh fhíorghlan gan chumasg. An corp ámh (amhuil chruthaighid na feallsaimh) ní ghluaisionn acht lé ní eile dá ghluasacht. Ar an adhbhar sin dámadh corp Dia, ní bheith 'na chédghluaisteóir doghluaiste. Arís, dámadh corp é, ní bhfuighthí eidir na beithibh beith dob uaisle iná an n-uile bheith; gidheadh, as follas gurab uaisle an spioraid iná an corp. Mar an ccédna, an tan gurab túsga an gníomh ó nádúir iná an ní léar féidir bheith a ngníomh, mar nach éidir ní ar bioth do thabhairt go gníomh acht lé ní agá bhfuil beith a ngníomh; dámadh corp Dia, do bheith 'na bheith léarbh fhéidir bheith, agus mar sin ní bheith 'na chéidbheith. Mar an gcédna ní foirm choirp é. Óir as uaisle an ní agá bhfuil a bheith leis féin iná an ní agá bhfuil a bheith a ní eile. Gidheadh, as a ní eile atá an n-uile fhoirm choirp. Ar an adhbhar sin, ós é Dia beith as uaisle don uile agus as cédchúis do bheith na n-uile, ní féidir dhó bheith 'na fhoirm choirp ar bith. Arís, ní hí foirm an choirp an ní do coimhghníthear dhi féin agus don adhbhar, acht as í as tús beithe don chomhchoireadh. Ar an adhbhar sin, an comhchuireadh go hiomlán, as ní éigin é nach foirm amháin iná adhbhar amháin, agus as foirbhthe iná an t-adhbhar agus an fhoirm, an tan gur foirbhthe an iomláine do ghnáth iná a chota. Dá bhrígh sin, dámadh foirm choirp Dia, ní bheith 'na bheith rofhoirbhthe, óir dobheith ní éigin nías foirbhthe iná é. 'Na cheann sin, an ní thig a ccomhchuireadh, ní bhfuil gníomhach ó thús agus leis féin. Óir ní hí an lámh oibrigheas acht an duine leis an láimh. Ar an adhbhar sin dámadh foirm choirp Dia, ní bheith gníomhach ó thús agus uaidhe féin, agus mar sin ní bheith 'na chédchúis. Amhuil ámh agus nach ttig Dia a gcomhchuireadh neithe ar bith eile, mar an gcédna ní comhchuireadh é féin acht gníomh fírshimplidhe. Ní bhfuil go deimhin difir iná eidirdhealughadh eidir Dia do bheith agus beith Dé, óir gan sin ní bheith acht 'na bheith go leathach nó tré chomhruinn agus ní tré bheith, agus mar sin dobheith ní éigin bá túsga iná é; ar an adhbhar, an n-uile ní atá tré chomhruinn, as éigin gurab ó ní agá bhfuil a bheith uaidhe féin atá. Dá bhrígh sin, ós é Dia an chéidhbheith, ó
a ttig an n-uile bheith, as éigin gach ní dá bhfuil i nDia do bheith ann go beitheach; ionann ré rádha agus nach bhfuil difir iná eidirdhealughadh ar bith eidir bheith Dé agus an n-uile ní dá bhfuil i nDia, agus mar sin leanaidh Dia do bheith 'na ghníomh fírshimplidhe gan chumasg. Mar an ccédna, an tan gur déighionaigh an uile chomhchuireadh iná na cota dá ndéntar é nó ó sileann, agus gurab riachtanus dó cúis do bheith aige, do bhrígh, na neithe atá uatha féin égsamhla, ní chomhchruinnighid a n-aon acht ré cúis éigin dá n-uaimcheangal ré chéile, do leanfadh as sin gan Dia do bheith 'na chéidbheith ó bhfrémhann an n-uile bheith, iná 'na chédchúis ghníomhaigh; sa chónntráir do chruthaigheamar cheana. GO BHFUIL DIA 'NA ÁRDMHAITH, FOIRBHTHE, DOMHALARTACH, SÍORRUIDHE, SA CHOMHACHTA DOICHRÍOCHNUIGHTHE. Caib. 8. Madh admhaoidhmid, mar as dual a dhénamh, Dia do bheith 'na ghníomh fhírshimplidhe, caithfeam, ó résúnaibh rodhaingne, a admháil a bheith foirbhthe, 'na ardmhaith, do chomhachta doichríochnuighthe, san uile áit, domhalartach agus síorrdhuidhe nó biothbhuan. Óir madh as gníomh fírshimplidhe é, as dearbhtha ré résún follusghlan go bhfuil foirbhthe agus 'na árdmhaith. Óir atá foirbhtheacht iomlán na beithe anna bheith uaidhe féin; amhuil agus dobheith an uile fhoirbhtheacht teasa ag an teas 'gá mbeith a bheith uaidhe féin. Ar an adhbhar sin, mar gurab gníomh fírshimplidhe Dia agus beith agá bhfuil bheith uaithe féin, ní féidir lé ní ar bith bheanas ré foirbhtheacht beithe do bheith d'uireasbhaidh air. Óir as lé foirbhtheacht na beithe bheanas an uile fhoirbhtheacht, do bhrígh gurab uime adearthar na neithe do bheith foirbhthe ó bheith do bheith aca ar mhodh éigin; as a leanann go follas nach bhfuil ní ar bith don mhaith iná don fhoirbhtheacht d'uireasbhaidh ar Dhia, acht gurab é féin an árdmhaith agus an árdfhoirbhtheacht.
Mar an gcédna, amhuil leanas ó Dhia do bheith 'na ghníomh fíre go bhfuil 'na árdmhaith, leanaidh as an ní chédna go bhfuil doichríochnuigh agus a chomhachta doichríochnaigh. As eadh ámh adeirthear bheith doichríochnaigh, an ní ar nach bídh críoch. Ní bhfuil foirm ar bith, madh meastar í innte féin, nach bhfuil coitchionn do mhórán, agus as uime sin adeirthear a beith doichríochnuigh. Gidheadh, an tráth glacthar í a n-adhbhar do-níthear foirm áiridhe an ní si dí, agus mar sin adeirthear a críochnughadh. Ar an adhbhar sin, ós gníomh fíre Dia agus nach bhfuil a bheith arna ghlacadh a n-éinní acht go bhfuil ann féin uaidhe féin, as follas nach bhfuil soichríochnaigh acht go bhfuil go rofhoirmeamhuil, doichríochnaigh. As é ámh ní as romhó atá iná an n-uile foirmeamhuil, an bheith féin. Agus an tan go bhfuil gach éinní, an mhéid go bhfuil i ngníomh agus foirbhthe, 'na thús gníomhach ag ní éigin, gidheadh go bhfuilngeann gach éinní an mhéid go bhfuil uireasbhach nó míofhoirbhthe; ó atá Dia rofhoirbhthe agus 'na ghníomh fíre, as follas gur mó thig dhó iná don n-uile bheith 'na thús gníomhach agus comhachta doichríochnuigh do bheith aige. Uaidhe féin iomorro go hiomlán oibrigheas agus ní bhfuil a bheag do chomhachtuibh fulaingtheach aige. Mar an gcédna, leanuidh as so Dia do bheith go doruinnte san uile áit. Óir as éigein an uile ní anna n-oibrigheann go neamhmeadhónach do bheith coimhcheanguilte leis, do bhrígh gurab éigin an ní ghluaisios agus an ní ghluaistear do bheith a bhfochair a chéile. Ar an adhbhar sin, ós é Dia cédchúis choitchionn na n-uile agus go bhfuil 'na ghníomh fíre agus gurab é féin a bheith féin, as éigin gurab éifeacht díleas énaránach dhó an uile bheith eile geintear; mar as éifeacht dílis don tine tineadhadh. Agus amhuil as é Dia as cúis don n-uile, ní headh amháin an mhéid gur féidir leó bheith acht fós an mhéid go bhfuilid anna mbeith, as éigin go mbí do láthair ag na neithibh ní headh amháin anna gcéidthionnsgnadh acht fós an feadh comhdaighthear iad anna mbeith. Agus amhuil as í an bheith go mórmhór as tús don n-uile ní, as éigin a dhearbhadh agus a admháil go bhfuil Dia do láthair go rofhogas ag agus annsna huile neithibh. Agus amhuil ós a cheann sin atá Dia rodhoruinnte, go mórmhór mar atá 'na ghníomh fhíre, as éigin a admháil go bhfuil go hiomlán agus doruinnte isan n-uile ní agus san n-uile chuid dá gach ní.
As follas fós as (na) neithibh rémhráidhte Dia do bheith domhalartaigh agus síorruidhe, óir ní féidir leis an ngníomh fíre claochlódh iná malairt do ghlacadh. As éigin iomorro an ní claochláidhthear do bheith ar mhodh éigin a gcomhachta; óir as eadh as gluasacht, gníomh beithe a gcomhachta an mhéid go mbí a gcomhachta, amhuil chruthaighid na feallsaimh. As so tuigthear Dia do bheith síorruidhe, ar an adhbhar, muna mbeith sé síorruidhe, dobheith sochlaochlaigh somhalartach, agus dobheith comhachta fulaingtheach ann, agus mar sin ní bheith 'na ghníomh fhírshimplidhe; sa chóntráir do chruthaigheamar thuas. Fá dheóidh, muna mbeith Dia síorruidhe, dobheith tús nó deireadh aige, nó iad araon a n-aoinfheacht. Acht ní féidir sin do bheith amhlaidh, do bhrígh dá mbeith tús aige, ní hé féin dobheith 'na Dhia acht an ní sin dobheith 'na thús aige, óir ní bheith 'na ghníomh fhíre, acht as ó ní eile do ghlacadh a bheith. Dámadh éidir a iadhadh fá chrích, dobheith somharbhtha nó sochurtha a neimhthní. Agus mar sin ní bheith comhachta doichríochnaigh aige, acht dobheith comhachta eile ós a chionn réarbh fhéidir eision do chur a neimhthní. GO BHFUIL DIA 'NA AON. Caib. 9. As cinnte as na résúnuibh si adubhramar cheana Dia do bheith 'na aon. An ní iomorro ó a bhfuil an ní áiridhe so 'na uathadh, ní féidir ar énmhodh a bheith coitchionn d'iomad. Do bhrígh ámh gurab é Dia a bheith féin agus a nádúir féin agus gurab fírghníomh é, ní féidir leis a fhagháil ó ní ar bith eile bheith 'na Dhia acht óna nádúir féin; agus beith an Dia so. Ar an adhbhar sin as í an nádúir an ní ó a bhfuil Dia an ní so amháin. Dá bhrígh sin ní bhfuil a nádúir sochoitchionn d'iomad. Agus mar sin as doidhénta iomad dée do bheith.
Ós a chionn so, an tan go (bhfuil) foirbhtheacht iomlán na beithe i nDia, amhuil d'fhoillsighiomar roimhe so, dá mbeith iomad dée ann, dob éigin go mbeith difir agus eidirdhealughadh eatorra. Dá bhrígh sin dobheith ní ag dia dhíobh nach beith ag an dia eile; agus dámadh uireasbhaidh foirbhtheacht sin, níorbh fhéidir go mbeith fíorfhoirbhthe. Gidheadh, dámadh foirbhtheacht dobheith aige, as éigin go mbeith an fhoirbhtheacht sin d'uireasbhaidh an fhir oile. Ar an adhbhar sin ní féidir iomad do bheith a n-aoinfheacht anna mbeith foirbhtheacht iomlán na beithe. As ar follus nach éidir iomad dée do bheith an. As léir dhúinn iomorro na huile neithe do bheith deaghordaighthe eattorra féin, an tan go bhfoghnuid féin agus go ndénuid congnamh dá chéile. Na neithe ámh atá dealaighthe nó sgartha ó chéile, ní theaguid a n-aonord gan aoinní amháin éigin dá gcruinnioghadh agus dá n-ordughadh. Óir as fearr cruinnighthear iomad a n-aonord ré haon iná re mórán. Dá bhrígh sin as éigin ó thús gan bheith ann acht madh aon chruinnigheas an n-uile a n-aonord; agus as é sin Dia. As maith an comhardha ar an ní so do bheith 'na fhírinne go bhfaicmíd isna neithibh nádúrtha annar follas stiúradh do bheith, mar atá eidir na beachuibh, aoincheann amháin ag ordughadh agus ag stiúradh na hiomláine. Agus ós gnáth don ealadhuin aithreis do dhénamh ar an nádúir, as follus go soilléir an uile stiúradh dá bhfuil eidir na daoinibh don uile shórt do tharruing go haoincheann, agus nach éidir do stiúradh ar bioth marthuin muna raibh ar mhodh éigin fá bhreith aoinstiúraightheóir éigin. GO BHFUIL INNTLEACHT I NDIA AGUS EÓLAS FOIRBHTHE NA NEITHE, AGUS NACH Ó RIACHTANUS NA NÁDÚIRE OIBRIGHEAS ACHT Ó THOIL. Caib. 10. As follas mar an ccédna as a ndubhramar tuigsi agus eólas iomlán na neithe do bheith i nDia, agus nach ndéin (éinní) go héigiontach acht
ó thuigsi agus ó thoil. As léir dhúinn iomorro isna neithibh nádúrtha gurab mó an fhairsinge agus an fhoirleithne bhíos ag nádúir na neithe tuigsiocha iná ag nádúir na neithe neamhthuigsiocha. Óir ní bhíonn ag na neithibh neamhthuigsiocha acht a bhfoirm féin; gidheadh, as éidir leis na neithibh tuigsiocha foirm choimhightheach do bheith aca maraon rena bhfoirm féin. Óir bí gné agus foirm an ní tuigthear isan tí thuigeas é. An tan iomorro gurab trésan adhbhar tig comhmbrúghadh nó comhfhásgadh na foirme, as follas gurab óna neamhadhbhardhacht thig do ní bheith tuigsioch, agus gurab do réir mhodh na neamhadhbhardhacht atá modh na tuigsi. Óir ní thuigid na neithe adhbhardha aoinní; atá, gidheadh, an cédfadh tuigsioch, do bhrígh go bhfuil glacmhach ar ghnéibh gan adhbhar, agus as mó iná sin atá an n-inntleacht, do bhrígh gurab í as mó as faide ó adhbhar. An tan iomorro go bhfuil Dia a n-áirdchéim na neamhadhbhardhachta, mar gurab fírghníomh é, leanuidh go bhfuil a n-áirdchéim na tuigsi. Agus mar sin as éigin a rádha go bhfuil tuigsi agus eólas foirbhthe fíriomlán na n-uile aige. Gidheadh, do bhrígh (mar adubhramar go minic) go bhfuil Dia 'na fhírghníomh, ní féidir a rádha gurab amhlaidh thuigeas ag glacadh gnée na neithe, amhuil ar gcédfaidh-ne agus ar n-inntleacht, acht as é féin a thuigsi féin agus a eagna féin agus as uaidhe (féin) thuigeas gach ní dá ttuigeann. Ar an adhbhar sin, an tan gurab do réir mhodha na neamhadhbhardhacht atá modh na tuigsi agus go bhfuil Dia a n-áirdchéim na neamhadhbhardhachta, leanuidh go ttuigeann sé é féin go foirbhthe agus gurab léir dhó go fíorghlan a uile chomhachta féin, agus fós gurab é féin an tuigsi agus an eagna. An tan iomorro nach éidir brígh nó comhachta neithe ar bith do thuigsin muna ttuigthear na huile dochum a síneann an bhrígh í féin: an bhrígh dhiadha ámh go sín í féin dochum na n-uile, mar as í as cédchúis éifeachtach don n-uile agus mar atá a comhachta dofhaisnéidhe, as follas go ttuigeann Dia na huile agá thuigsin féin. Ann féin go deimhin ad-chí na huile neithe nach é féin, an mhéid go bhfuil cosmhuileacht agus íomháigh na n-uile neithe eile anna bheith aige. Atá so follus, óir as ann choimhsheasas nádúir an n-uile neithe, an mhéid go bhfuil ar
mhodh éigin a gcomhruinn na foirbhtheachta diadha. Ar an adhbhar sin an tan go ttuigeann Dia é féin go foirbhthe, as éigin dó go ttuigeann an uile mhodh ar ar féidir a fhoirbhtheacht do bheith arna ronnadh ó na neithibh eile. Agus mar sin tuigidh an n-uile mhodh beithe dá bhfuil ag na huile neithibh. Uime sin as leamh comhrádh dhaoine áiridhe adeir nach mó iná na neithe uachtaracha amháin thuigeas Dia agus nach ttuigeann na neithe íochtaracha acht go hollraidhtheach nó go dorcha. As mire iomorro a rádha go ttuigfeadh duine neithe nach ttuigfeadh Dia. Agus ní lugha as mire a rádha gur foirbhthe agus gur fearr thuigeas duine neithe áiridhe iná Dia. Dá bhrígh sin madh thuigeann an duine na neithe íochtaracha sa go cruinn agus go huathach, cionnus as éidir lé haon a rádha nach mó iná go neamhchruinn ollradhach thuigeas Dia iad? Go deimhin as follas dúinn isna neithibh nádúrtha nach bhfuil dá mhéid dá mbí an tsubháilce nó an bhrígh foirbhthe nó cumasach nach dá réir sin shíneas sí í féin dochum móráin agus as móide thollas sí. Ar an adhbhar sin ó atá an tuigse dhiadha árdfhoirbhthe árdchumasach, ní féidir a shénamh nach ttuigeann na huile agus nach ttollann iad go rodhomhuin. Agus do bhrígh go bhfuil dochlaochlaigh domhalartach agus biothbhuan, as éigin dúinn a admháil na huile neithe do bheith do láthair aige ní headh amháin tar éis a ndénta acht fós sul do-rinneadh. Óir ní ó na neithibh ghlacas sé fios iná eólas, acht is é a fhios-san as cúis agus as adhbhar do na neithibh. As uime sin adeirmíd nach tré riachtanus na nádúire do-ní Dia na huile acht tré thuigsi agus tré thoil. An tan iomorro gurab ar son na críche oibrigheas an tuigsi agus an nádúir, agus nach ttuigeann an nádúir an chríoch iná na meadhóin, as riachtanus an chríoch do thabhairt do oibrigheach tré nádúir, agus na meadhóin as riachtanus chuice d'ordughadh ó thuigsi uachtaraigh éigin. Ar an n-adhbhar (sin) as éigin gurab túsga an t-oibrigheach tré thuigsi agus tré thoil iná an t-oibrigheach tré nádúir. Agus mar sin ó as é Dia as cédoibrighe a n-ord na n-oibrigheach, as éigin gurab tré thuigsi agus tré thoil oibrigheas agus do-ní gach ní. Arís, as ar énmhodh amháin oibrígheas do shíor an uile oibríghe tré nádúir, muna ttoirmisgear é, do bhrígh go n-oibrigheann an
mhéid gurab é a leithéid sin é, agus an feadh bhíos amhlaidh sin ní dhéin acht a leithéid sin. Ar an adhbhar sin dámadh tré nádúir d'oibreóchadh Dia, an tan go bhfuil uile fhoirbhtheacht na beithe aige ann féin, do chaithfeadh ní éigin do bheith dofhaisnéidhe dochríochnaigh ina bheith do dhénamh; ní nach bhfuil ar a chumas. Fá dheóidh, as amhlaidh amháin ghluaisid na héifeicht ón gcúis ghníomhaigh do réir mar do rémhbhádar innte; óir as ní cosmhuil leis féin do-ní an uile oibríghe. Ar an adhbhar sin mar gurab tuigsi go hiomlán Dia agus go bhfuil féin uile 'na thuigsi, bíd a éifeicht féin ann féin do réir mhodha sothuigsi, agus mar sin as do réir mhodha sothuigsi ghluaisid uaidhe; agus as ionann sin agus gluasacht ó thuigsi atá dá stiúradh ré toil. GO BHFUIL CÚRAM AG DIA FÁ NA HUILIBH. Caib. 11. Madh atáid na neithe rémhráidhte si do réir mar adubhramar, ní héidir d'aoinneach conntabhairt do dhénamh go bhfuil cúram ag Dia (ní headh amháin) fá na huile neithibh nádúrtha, acht fós fá na huile neithibh daonna dhá laghad. As eadh iomorro as cúram ann, stiúradh oird na neithe dochum críche. As é Dia ámh cédchúis na n-uile agus as mó oibrigheas isna héifeachtuibh iná an dara cúis. Do bhrígh iomorro nach ré riachtanus nádúire oibrigheas Dia isna huile neithibh acht ré tuiccsi agus ré toil, an tan gurab é féin an áirdeagna ré a mbeanann na huile do stiúradh go hordaighthe ceart, as follas nach n-oibrígheann Dia aoinní nach bí roidheaghordaighthe. Ar an adhbhar sin as éigin go bhfuil a nDia ciall ordaighthe na n-uile neithe chum críche, agus fós go bhfuil cúram aige fá na huilibh. Ar bhfaicsin mar sin do na feallsuimh an t-ord iongantach atá isna huile neithibh nádúrtha, do thuigiodar gur leamh ré rádha nach beith cúram ag Dia 'na ttimcheall. Gidheadh, as
é cruas dobhí ann do thaoibh an chréatúir résúnta isna neithibh daonna, anna bhfaicthear na huile do bheith buaidheartha neamhchruinn. Gidheadh, madh mheasmaoid an ní go ceart, go deimhin do-ghébham nach lugha as leamh a rádha nach beith cúram na ndaoine ar Dhia nías mó iná na neithe nádúrtha, dárab críoch an duine. Óir ní bhfuil dá mhéid dá bhfuil barr uaisle ag neithibh san chruinne nach dá réir sin chomhruinnid don ord anna seasann maith na cruinne. Dá bhrígh sin madh thuitid na neithe nádúrtha do réir a substainnte agus a n-oibrighthe fá ord cúraim Dé, as mó iná sin tuiteas an duine gona oibreachuibh. Arís, as mó atáid na neithe as foicse don chrích fán n-ord thriallas chum na críche iná na neithe as faide uaithe, óir as tríotha sin hordaighthear na neithe eile dochum na críche. Gidheadh, as foicse hordaighthear na daoine agus a ngníomhartha dochum Dé amhuil dochum críche iná gníomhartha nó oibreacha na neithe nádúrtha eile. Ar an adhbhar sin as mó luighid fá ord an chúraim dhiadha iná na neithe nádúrtha. Arís, as ón ngrádh diadha re a ngrádhaigheann Dia mar chédchúis na neithe do-ní agus agá bhfuil a mbeith uaidhe dothig stiúradh an chúraim dhiadha. Ar an adhbhar sin ní bhfuil dá mhéid dá ngrádhaigheann Dia neithe ar bith nach móide atáid 'na ccúram air. As cinnte ámh gur mó ghrádhaigheas na daoine iná na neithe nádúrtha, mar as follas ó ghníomh agus ó éifeacht, an tan gur leó ruinneas na tíodhlaicthe as fearr agus gur dáibh dháileas an mhaith as daorluaighe. Uime sin as iad as mó atá 'na gcúram air. Mar an gcédna as as eólas na n-éifeacht thigmíd a n-eólas na gcúiseadh. Ar an adhbhar sin an tan gurab ó Dhia, mar chédchúis, atáid na huile, agus nach bhfuil acht éifeacht na cédchúisi isna dara cúisibh, agus go bhfaicmíd gurab ronádúrtha do na dara cúisibh go huilidhe cúram do bheith aca fána n-éifeachtuibh féin, óir do réir a n-uile neirt agus díthchill tairgid a mbreith chum críche tré mheadhónuibh oireamhnacha nach ttig acht ón mórmhaith atá inntibh. Ar an adhbhar sin as cosmhuil gur mó an cúram atá ag Dia, as cédchúis ann, fána
éifeachtuibh féin iná ag an dara cúis. As éifeacht iomorro do Dhia an duine, óir as ó Dhia atáid a uile ghníomhartha. Ar an adhbhar sin atá cúram ag Dia fá na daoinibh agus fá na neithibh daonna. Arís, an tan gurab tré thuigsi agus tré thoil do-ní Dia na huile, muna mbeith cúram aige fá na neithibh daonna, as é ní ó ttiocfa sin, ó dhíth cumais do bheith air na neithe d'ordughadh nó do stiúradh; gidheadh, as fallsa sin re rádha, an tan go bhfuil a chumas dofhaisnéidhe doichríochnaigh agus go n-oibrígheann na huile isna huilibh. Nó as é ní ó ttiocfadh, óna ainbhfios fá na neithibh daonna; sa chontráir atá follus, mar go bhfuil a thuigsi doichríochnaigh. Nó as óna thoil do thiocfadh, ní atá go díreach a n-aghaidh a mhaitheasa, atá doichríochnaigh. Óir go deimhin ní tharcuisnigheann deaghdhuine ar bith a obair féin, iná cúis ar bith a héifeacht féin. Agus ní mó as ceart iná críonna an gníomh agá mbí cúram na neithe as neamhuaisle agus do-ní neamhshuim do na neithibh as uaisle. Mar an gcédna ós é Dia as cédchúis don n-uile ní, ní hamharus go sáraigheann go ro-ordhraic agus go doichríochnaighthe na huile ar mhaith. Agus an tan go bhfaicmíd isna neithibh daonna na daoine as ordhraice a maith agus a n-eagna, go háiridhe madh bhíonn cumas aca air, rochúramach fá na neithibh daonna, as mó iná sin as cóir dhúinn a mheas an cúram atá ag Dia 'na ttimcheall. DO CHRÍCH AN DUINE DOCHUM A NDÍRIGHTHEAR AN CÚRAM DIADHA. Caib. 12. Do bhrígh iomorro gurab leis an gcúram bheanas na neithe do ghluasacht agus d'ordughadh dochum a gcríche, an tan nach aoinchríoch fhogas amháin atá ag na huilibh, as éigin don chúram na neithe égsamhla do ghluasacht go hégsamhuil dochum
a gcríoch. Gluaisidh Dia ar an adhbhar sin na neithe ag nach bhfuil ciall nó tuigse dochum a gcríoch ré claonadh nádúrtha dothig óna bhfoirm, ionnus gurab córa a rádha go n-oibrighthear iad iná go n-oibríghid. An duine iomorro, agá bhfuil toil shaor, atá comhruinn éigin aige don chúram diadha, agus as uime sin gluaistear ó Dhia é ar an modh sin dochum a chríche go ngluaisionn sé féin é féin chuice agus go ccomhoibrigheann san phongc sa ré Dia ag díriughadh a oibreach dochum críche éigin ina bhfuil dúil aige agus atá fána chomhair. As leis an duine ar an adhbhar sin bheanas an chríoch dhéighionach, dochum ar ordaigh Dia agus dochum a ngluaisionn an t-anam résúnta, d'iarraidh fána uile dhíthchioll, agus fós na meadhóin chearta oireamhnacha tré a tteagar go cinnte chuice, re toil Dé, ionnus gomadh éidir dhó é féin agus an n-uile ní bheanas leis do stiúradh agus d'ordughadh go ceart díreach. As iongantach méd an díthchill réar thairgeadar na feallsaimh na neithe si do lorgaireacht. Agus amhuil agus tig an nádúir ar bheagán agus ar bheagán ón ní míofhoirbhthe gusan ní foirbhthe, as mar sin tángadar ar a n-aghaidh a soillsiughadh na fírinne ré lorgaireacht shithghreamannach. As míofhoirbhthe go deimhin do thráchtadar na seinfheallsaimh ar an gcúis si; gidheadh, as fearr do cháil éigin do labhradar an drong táinic 'na ndiaidh, óir ré résúnuibh nuaidhe do chur i gceann a ndubhradar na seana, tángadar nísa fhoicse don fhírinne iná iad. Uime sin tángadar d'aoinmhéin an drong dob ordhraice do na feallsaimh gurab é maodhughadh na ndiamharrún as críoch don bheatha dhaonna. As é iomorro an maodhughadh sa amháin as oibriúghadh díleas don duine, agus ní hordaighthear é dochum ní ar bith eile amhuil dochum críche, acht as ar a shon féin sanntaighear é, agus do-ní uaimcheangal eidir an duine agus Dia agus na substainteadha deaghuilte. Agus as mó atá an duine cumasach dhó féin chuige iná dochum gníomha eile ar bith, ar an adhbhar gur chuige as lugha atá riachtanus conganta na neithe foirimleacha aige. As é iomorro as críoch do na huile neithibh bheanas leis an duine. Dochum foirbhtheachta ámh an mhaodhughaidh hiarrthar go coitchionn sláinte an choirp, agus dochum na sláinte hordaighear an uile ealadha agus gliocus as riachtanus don bheatha dhaonna.
Agus an tan go n-iarrthar dochum an mhaodhughaidh sin mar an gcédna ciúnas ón n-uile bhuaidhreadh, smacht na mian tré chríonnacht agus trésna subháilcibh mórálta, agus síth ó na neithibh foirimleacha, agus gurab chuige fós comhordaighear stiúradh na beatha síbhialta go hiomlán, as follas, madh breathnuighear iad so go ceart, gurab dochum maodhughaidh na fírinne hordaighthear agus dírighthear uile ghníomha agus oificc na nádúire agus na healadhna. An tan iomorro gurab mar so atá an chúis, as cinnte go ngluaisionn an cúram diadha na daoine dochum na subháilceadh mórálta, ionnus tríotha sin go ttigdís dá maodhughadh féin agus go ttugdaois a mbeatha suas go maith agus go beannaighthe. Gidheadh, do bhrígh gurb amhlaidh ghluaisios Dia an uile ní do réir mar iarras foirm nádúrtha an ní féin, agus go ndearna an duine go toil shaoir, ní ghluaisionn é acht ar mhodh nach déin aimhdheóin ar a thoil. Ar an adhbhar sin muna ndiúltaidh dá thoil deóna féin do chongnamh Dé as roichinnte go mbérthar tré mheadhónuibh cearta oireamhnacha é go soiche a chríoch. NACH ISAN MBEATHAIDH SI DO LÁTHAIR AGUINN ATÁ CRÍOCH DHÉIGHIONACH AN DUINE. Caib. 13. Dob fhéidir iomorro go bhfaicfí do lucht sgrúdtha na neithe si go caolchúisioch nach eadh amháin gomadh docamhlach acht fós nach éidir ar énchor na daoine do theacht ar an mbeathaidh si dochum a shamhla so do naoimhshén nó do bheannachadh. Óir ní dhén gach aonmhaodhughadh édrom dá ndéin neach ar na neithibh (diadha) duine beannaighthe iná sona dhe; óir as éigin gurab é an sén sa nó an beannachadh gníomh agus saothar as rofhoirbhthe dá ndéin, agus as a maodhughadh foirbhthe Dé do réir chumais an choinghill daonna choimhsheasas sé. Agus as fírbheag réar féidir teacht dochum an mhaodhughaidh si - madh thig aonnduine chuige - an tan go n-iarr an maodhughadh sa áirdchéim na
tuigsi daonna, dochum nach roicheann acht fírbheagán; ní do thig nó ó dhroichghlés an choirp, do bhrígh mar nach bhfaghann an t-anam sa aguinne tuigsi iná eólas acht ré smuaintibh agus ré ionnstrumainntibh corpardha do ghlacadh mar mheadhón, atá urmhór na ndaoineadh comhdall agus sin agus dá leithéid sin do dhrochchompléx nádúrtha gurab ar éigin ghlacuid iná thuigid na neithe beaga suarracha; nó as é ní ó ttig, ó easbhaidh maoine nó saidhbhris; ní thairngeas an iomad ó ardmhaodhughadh na neithe neamhdha agus thoirmisgeas iad ó ghreamughadh don stuidér fhírinneach iarras an duine go hiomlán dó féin. Ar an adhbhar sin an tan gur riachtanus dochum an mhaodhughaidh si an duine do bheith ollamh deaghchóiridhthe ó nádúir agus sgartha saor go hiomlán ón n-uile chúram saoghalta agus ón n-uile bhuaidhreadh, as roibheag do-ghébhas tú ar an deóraigheacht so, agus sin go hannamh, don druing bheannaigh si. Fós, dá bhfaghthaoi énchuid don tsórt sa, ní mó iná tar éis aimsire rofhaide roichid gusan bhfíormhaodhughadh sa na ndiamharrún, agus sin tréna dhuibheacánaigh. An tan iomorro gurab trésna neithibh somhothaightheacha thuigmíd na neithe spioratálta, as éigin dúinn iomadh do rémhthuigsin sul roichiom gusan árdshothuigsioch. As uime sin do-bheirid na feallsaimh an mhetafisicc, thráchtas ar na neithibh diadha, uatha fá dheireadh réna foghluim, go mórmhór mar as riachtanus dochum a maodhughaidhthe gloine an chroidhe agus síth uile mhian na gcédfadh. As aidhbhéil go deimhin an chríonnacht agus an tuigsi dochum a ttig an t-anam an tan dho-gheibh síth ó mhianuibh agus ó ghluasachtuibh an choirp. Agus ní mó iná ré gnás agus re tathaighe rofhada agus fós re díthchioll romhór thigid fírbheagán san aois arsaigh dochum na síthe. Dá bhrígh sin an tan go bhfágann iomad ina n-aois óig an bheatha sa, as fírbheag dhíobh chrumas ar na subháilcibh iná ar mhaodhughadh na ndiamharrún neamhdha. As ar follas gur fírbheag do-gheibh an sén neamhdha, do-ní neach beannaighthe ar an deóraigheacht sa. Ar sgrúdadh mar an gcédna na neithe si nísa ghérchúisigh, as lugha iná sin go mór do-ghébham dothig a n-eólas iná a
maodhughadh na neithe ndiadha. Óir as ro-iomadamhuil mealltar na daoine isna neithibh nádúrtha féin ó anbhfainne na tuigse, do bhrígh an cédfadh ó ttionsguin ar n-uile thuigse gur gnáth go meallann sinn, ar mhodh go measaid iomad nach bhfuil an ghrian acht 'na ní beag, bíodh gur mó í iná an talamh sa ar fad. Cuiridh fós an gallradh nó an smuaineadh dorchacht mhór ar an tuigse nó ar an inntleacht, ar mhodh gur deacair le hiomad do dhaoinibh a chreideamh go bhfuilid substainnteadha neamhchorpardha ar bith ann. Ní hannamh fós mheallas comhrádh na tuigse féin sin, óir ní do ghnáth bhíos díreach, ar mhodh go nglacmaoid go roimhinic 'na résún rofhollas roidhearbhtha an ní nach bí acht sodhearbhtha nó fós 'na mhealladh radhairc; mar as follas ar égsamhlacht opinion na ndaoineadh ro-ordhraice bhíos eattorra féin ag gabháil a n-adharcuibh a chéile. Mar an gcédna do-chímid go ttoirmisgid miana an anma, na droichchleachtaidh truaillidh agus álguis égsamhla na ndaoineadh iad ó eólas fírinne na neithe ré mbíd do ghnáth ag tráchtadh. Measadh gach aon an mó iná sin go mór chuirid toirmeasg orra ó mhaodhughadh na neithe ndiadha? Mar sin do-gheibhmíd gurab roibheag do na daoinibh réar féidir bheith beannaighthe; ní as gránna ré rádha, an tan gurab é an beannachadh as críoch dhéighionach don bheatha dhaonna agus go bhfuil comhchoitchionn don n-uile dhuine. Ar a shon (sin) muna mbeith sén nó beannachadh ar bith fá chomhair na ndaoineadh acht an sén agus an beannachadh as éidir d'fhagháil ar an deóraigheacht sa, go deimhin ní mór nach beithdís na leinimh, an aos óg agus beagnach an cineadh daonna go hiomlán ar dhíth séin tré bhith síor. Gidheadh, ar breathnughadh na cúisi nísa dhúthrachtaigh go fóill, do-ghébham nach éidir sén nó bennachadh fíre an duine d'fhághail ar an deóraigheacht sa. Óir an tan gurab é an sén so nó an beannachadh árdmhaith an duine, ní fhuilngeann olc iná ainnisi ar bith 'na fhochair; agus an tan gurab maith é do shásaigheas go hiomlán an duine, ní féidir go mbí éinní d'easbhaidh air an tráth do-gheibh an mhaith sin. Gidheadh,
fécham an bhfuil aoinneach beó ar an deóraigheacht sa atá comhsásaigh agus sin nach bhfuil ní ar bith 'na riachtanus air, agus atá saor slán ón uile olc, ón uile mhíofhortún agus ainnisi, an tan go bhfuil an nádúir dhaonna go hiomadamhuil 'na banmhodhaigh agus 'na sglábha fán n-uile chinneamhuin agus annródh, ar mhodh gur meinic bhuaileas an ainnisi lánbhuile ar shaidhbhreas agus ar shonus fallsa mhóráin an tráth as lugha mheasuid, amhuil léghthar ar Phriamus agus mar as follas dúinn go laéthamhuil lé iliomad do shomplaidhibh rothruaighbhéile ar an uile aicme madh ísiol nó uasal. Arís, dá bhfaghadh énduine an sén sa nó an beannachadh, ní faicthear cad é an résún réarbh fhéidir a rádha go mbeith beannaighthe go fíre. Ar an adhbhar an tan gurab é an sén so nó an beannachadh as críoch dhéighionach don duine, gurab éigin go ttugann ciúnas agus síth don chroidhe, ar mhodh nach bí nísa mhó ar iarraidh aige. Gidheadh, as ní nádúrtha don n-uile dhuine bheith fonmhar ar bharr foghlamtha agus eóluis d'fhághuil; agus do bhrígh gurab ó nádúir atá an fonn sin greamuigh dhe, ní héidir leis comhnuidhe go bráth nó go roichidh an t-eólas atá 'na álgas air. Gidheadh, atá ro-iomad agus beagnach neithe dofhaisnéidhe 'na bhfonn oruinn isna neithibh nádúrtha nach bhfaghann an tuigse dhaonna go bráth eólas orra. Agus as romhaith an comhardha ar so an dúthracht díthchill do-ríghneadar nuimhir dho-áirmhe do na feallsuimh dob ordhruice inntleacht dá ttáinic ó thús an domhuin gusna haimsearuibh si ar sheicréidibh na nádúire go hiomlán do sgrúdadh, ar a shon sin as mó go mór do fhan 'na ainbhfios orra iná an mhéid do thuigeadar nó ar a bhfuaradar eólas. Admhuid féin mar an gcédna gurab í cuid as romhó do mhéid thuigmíd cuid as rolugha don mhéid atá 'na n-ainbhfios oruinn, ar mhodh, do réir rádha a mbéil féin, nach ttuigid eidirdhealughadha déighionacha na neithe, ionnus gurab éigin dáibh anmanna do chur 'na n-áit a lérsgaradh na n-aiccídeadh. Dá bhrígh sin madh atá ar n-inntleacht comhdorcha comhdall agus sin a ttuigsi nó a n-eólas na neithe nádúrtha, nach lugha iná sin go mór as éidir a hárdughadh go sgrúdadh na neithe ós cionn na nádúire? As roibheag iomorro agus as
neamhdhearbhtha an t-eólas deónaighthear dhúinn go nádúrtha ar Dhia san mbeathaidh so. Uime sin ní féidir álgas nó fonn nádúrtha an duine do shásadh iná do chur chum socrachta ré heólas nó ré tuigse comhdorcha agus coimhbeag agus do-gheibh ar na neithibh nádúrtha agus diadha ar an deóraigheacht so, ionnus nach bhfuil dá mhéid thig ar a aghaidh 'na n-eólas agus 'na ttuigsi nach móide bhíos a álgas ag fás ré barr eóluis d'fhagháil orra, do bhrígh gur neartmhuire an n-uile ghluasacht nádúrtha ina dheireadh iná anna thús. Agus mar sin ní bhfuil dá mhéid dá ttéid an croidhe daonna ar a aghaidh a n-eólas d'fhagháil ar Dhia nach móide as neartmhuire gluaistear é dochum tuilleadh eóluis d'fhagháil air. Ar an adhbhar sin ní féidir dhó go bráth comhnuidhe do dhénamh iná socracht, an tan nach éidir leis an feadh bhias ar an saoghal sa teacht go maodhughadh foirbhthe na diadhachta. Óir (do réir rádha an fheallsaimh) as amhuil bhíos súil an ulchaocháin ar sholas na gréine d'fhulang agus bhíos ar n-inntleacht-ne ar neithibh rofhollasacha na nádúire do thuigsin. Arís, dá mbeith aoinneach d'éireóchadh cómhárd agus sin a ttuigsi agus a maodhughadh na ndiamharrún go bhfuigheadh d'éis iliomad saothar agus duadha go laéthamhuil an ciúnas anma sa, ní feas go fóill cionnas dob éidir a bheith bennaighthe, do bhrígh go bhfuil an bás, nach éidir leis do sheachna, roimhe go fóill. Do-chímid iomorro dúil agus fonn adhbhal ó nádúir ag an uile dhuine marthuin go síor, an tan gomadh mian leó nó tré gheineamhuin chloinne nó tré oibreachuibh eile bheith go síorruidhe domharbhtha. As cinnte, muna bhfuil beatha ar bith eile ann acht an bheatha sa atá aguinn ar an saoghal sa, nach éidir do dhuine críonna ar bith gan an bás do ghoilleamh air go mór. Óir ní féidir leis an duine chríonna gan fuath do bheith aig ar an olc. Cá bhfuil ámh olc as mó as éidir do éirghe don duine iná an bás dá sgaradh lé beatha comhdaorluaigh comhmuirneach agus atá an bheatha anna bhfaghann an sén agus an beannachadh dá nach riachtanas ní ar bith - sa gnáithmhidheamhuin as cubhaidh don eagnuidhe? Ní héidir leis iomorro gan smuaineadh ar uairibh ar an mbás an tan nach anam brúideamhuil atá aige acht anam résúnta. Go fírinneach as deacair d'aoinneach a rádha gurab duine sona beannaighthe
an tí do chaith a uile aimsir comhsaothrach comhcúramach agus coimhdíthchiollach agus sin a soláthar na beatha chailleas sé comhobann comhluath agus coimhéiccinnte agus sin nach bí do chinnteacht aige uirre acht bheith cinnte do sgaradh ré. As cinnte ar an adhbhar sa muna bhfuil beatha eile ann acht an bheatha sa atá aguinn ar an deóraigheacht sa nach bhfuil ní as dona agus ainnisi iná an duine. Óir do-chímid na huile neithe eile re stiúradh na nádúire ag teacht guna gcríche fein. Gidheadh, an duine nach éidir leis an sén nó an beannachadh anna bhfuil an urdail sin d'álgas, do dhúil agus d'fhonn aige d'fhagháil, agus é arna thimchealladh do dhuadhuibh, do bhuaidhribh agus d'annróidhtibh doichríochnaighthe dá iarraidh; nó madh gheibh aoinneach í tar éis iliomad cúram, saothar agus alluisi nach éidir leis a congmháil. Ní as deacair d'éirghe don chréatúir as uaisle don n-uile agus nach éidir lé tuigse dá daille nó dá gairbhe do ghlacadh. GO BHFUIL ANAM AN DUINE DOMHARBHTHA. Caib. 14. Ciabé bhreathnóchas go díreach na neithe si adubhramar, ní féidir dhó a chur a cconntabhairt go bhfuil beatha eile ann seach na beatha sa atá dho láthair aguinn, agus go bhfuil an t-anam résúnta domharbhtha. Óir madh atá cúram ag Dia fá na neithibh daonna (amhuil do chruthaigheamar cheana do bheith) agus gurab leis bheanas na neithe do threórughadh dochum a gcríche tré mheadhónuibh oireamhnacha, an tan nach isin mbeathaidh si atá críoch an duine, as éigin a admháil go bhfuil beatha eile ann anna bhfuighe an duine an sén agus an beannachadh do shaothraigheas go daor an feadh bhíos ar dheóraigheacht na beathadh sa.
Arís, oibriughadh an duine, .i. an tuigse, an tan go síneann í féin go tuigsin na neithe ollradhach agus neamhadhbhardha, cuire a gcéill ní éigin neamhadhbhardha dothruaillighthe do bheith san duine, ar ar thráchtadar iomad go rói-égsamhuil. Gidheadh, go deimhin muna n-abram gurab é an t-anam tuigsioch an ní si atá san duine nach éidir do thruailleadh agus gurab é as foirm dhó, ní bá féidir linn ainbhfis agus seachráin dofhaisnéidhe do thiocfadh as a chonntráir do rádha do sheachna ar énmhodh. Óir as ó bheith résúnta agus ó inntleacht do bheith aige do-gheibh an duine bheith a ngné dhaonna. Ar an adhbhar sin munab í an tsubstainnt thuigsioch as foirm don duine, ní lér cionnas do-gheibh a ghné ó bheith tuigsioch résúnta dhó. Óir as óna fhoirm ghlacas an n-uile ní a ghné. Uime sin do caithfí foirm eile do chur san duine óna bhfuigheadh a bheith a ngné éigin. Agus muna í sin an fhoirm thuigsioch, ní bheith eidirdhealughadh iná difir a ngné eidir an duine agus na beathadhaigh bhrúideamhla, ón duine do bheith résúnta agus iadsan mírésúnta; ní, ó bheith gan dath, shénas na huile. Mar an gcédna as ón anam thigid oibreacha na beatha, amhuil tig an dara gníomh ón gcéidghníomh. As luaithe ámh nó as túsga d'aimsir an céidghníomh san duine iná an dara gníomh, amhuil tig an t-eólas nó an fios roimh an mbreathnughadh. As éigin dá bhrígh sin go mbí anam isan uile ní anna mbí oibriughadh na beatha ó ttig an t-oibriughadh sin, amhuil as éigin an céidghníomh do bheith dochum an dara gníomh do theacht uaidhe. As é iomorro an t-anam as tús agus as tobar don bheatha agus dá hoibriughadh. Acht atá oibriughadh dílis ar leith ag an duine as ordhraice agus as uaisle iná oibriughadh na n-uile ainmhidheadh eile, .i. tuigsi agus résún. Agus as é sin as oibriughadh fíre an duine an mhéid gurab duine é. Ar an adhbhar sin as riachtanus tobar nó frémh éigin do chur isan duine bhias dá fhoirmioghadh, ó a ttig go díleas dó mar oibriughadh tuigsi agus résún, amhuil an céidghníomh ó ttig an dara gníomh. Ós a chionn so, an uile ní ghluaisios é féin comhchurthar é do ní ghluaisios agus do ní bhíos dá ghluasacht; gluaisidh ámh an duine amhuil do-ní an n-uile ainmhidhe eile. Ar an adhbhar sin, an tan gurab í an tuigsi agus an toil as tús agus as tobar gluasachta isan duine, as éigin gurab don tsubstainnt thuigsigh, mar fhoirm, agus don chorp, mar adhbhar, comhchurthar an duine.
Mar an gcédna munab í an tsubstaint thuigsioch, dá ngoirmíd an t-anam, do bheith 'na foirm ag an gcorp, ní lér cad é an résún réarbh fhéidir a rádha gomadh duine an leanamh nó an naoidhean, an tan nach bí oibriughadh na tuigsi aige san aois sin, agus ní mó as lér cionnus dob fhéidir a rádha go ttuigfeadh an duine ní ar bith muna mbeith arna chomhchur d'anam agus do chorp. As leis an iomláine ámh na gníomha go hainmnidheach. Ar an adhbhar sin níorbh oibriughadh díleas don duine an tuigse agus an résún acht do ní éigin eile dobheith eidirdhealaigh, égcosmhuil don duine, acht muna n-abarthaoi, a bhfabhar Plato, nach comhchuireadh d'anam agus do chorp an duine agus nach bhfuil an t-anam acht ceanguilte amháin don chorp, amhuil bhíos an gluaisteóir leis an soghluaisteach. Gidheadh, ciabé aidmheóchas gurab mar sin atá, atáid líonta agus painntéir dhofhaisnéidhe innillte roimhe nach éidir dhó do sheachna. Ar tús, ní bheith an duine 'na ainmhidhe mothaightheach. Arís, tar éis an anma do sgaradh leis an gcorp d'uireóchadh an corp agus a chota san ngné chédna a rabhadar maraon leis an anam. Óir ní théid malairt ar ghné an tsoghluaistigh iar sgarthuin an ghluaisteóir leis. Arís, ní hé an t-anam tuigsioch dobheith 'na bheatha ag corp an duine, agus ní tré choimhcheangal an anma cédna leis do geinfidhe an duine. Óir ní geintear ar énchor an soghluaisteach ré dlúthughadh an ghluaisteóra leis. Cionnus mar sin do geinfidhe an duine mar ngeintear an t-anam, agus nach duine an corp do geintear? Cá bhfuilid na haithre? Cá bhfuilid an chlann? Ní féidir iomorro nach dallfaid so agus iliomad eile dá sórt an drong mheasas nach é an t-anam tuigsioch as foirm don chorp daonna. Ar an adhbhar sin an tan gurab é fios nó eólas na fírinne as fuasgladh dá gach docamhal, agus go n-imghid saor ó gach docamhal an drong adeir gurab é an t-anam tuigsioch as foirm don chorp, as follas gurab í so an bhreath roifhírinneach. Ní díthchéillidh go deimhin ré rádha an t-anam tuigsioch do bheith 'na fhoirm 'gun chorp agus an chuid as airde dhe do bheith sgartha leis an ccorp, .i. leis an ionnstrumaint chorpardha. An tan gurab é an t-anam foirm as áirde do na foirmibh nádúrtha agus as déighionaigh do na foirmibh neamhadhbhardha, ní hiongnamh ruinn gach imill do bheith aice, .i. bheith cuid sgartha agus cuid coimhcheanguilte. Agus as as sin ghoirid
drong áirídhe ceangal an tsaoghuil de, do bhrígh go cceanglann na neithe uachtaracha agus íochtaracha dá chéile a n-ord na nádúire. Do bhrígh gur mar so atá, as éigin a rádha go bhfuil an t-anam domharbhtha, dothruailligh. Óir atá an n-uile shubstaint thuigsioch dothruailligh. As éigin ámh do na foirbhtheachtuibh comhthrom éigin do bheith aca léna sofhoirbhtheachuibh féin. Ní éigin ámh atá coitchionn dothruailligh as foirbhtheach díleas don duine; óir as eadh as foirbhtheacht díleas dó, tuigse. Ar an adhbhar sin, an tan nach bí an tuigsi acht ag neithibh comhchoitchionna dothruailligh, as éigin a rádha go bhfuil an t-anam tuigsioch dothruailligh. Arís, as é ní anna bhfuil foirbhtheacht an anma daonna, a sórt éigin dealaigh nó sgarthana leis an gcorp, ionnus nach bhfuil dá mhéid tógthar é gus neithibh neamhchorpardha neamhadhbhardha nach móide agus sin foirbhthighear é. As leamh ar an adhbhar sin ré rádha go ttruaillfídh é ina sgarthuin leis an gcorp, óir ní truaillighthear ní ar bith isan ní innar mó foirbhthighthear é, agus ní mó as éidir lé ní ar bith triall ar fhoirbhtheacht agus ar thruailleadh a n-aoinfheacht. Acht dá n-abradh aoinneach gurab é ní anna bhfuil foirbhtheacht an anma, a sgarthuin leis an gcorp tré oibriughadh, a truailleadh ámh ina sgarthuin leis tré bheith, as roidhíomhaoin í mar fhreagra. Óir taisbénaidh oibriúghadh an neithe a bheith agus a shubstaint; do bhrígh gurab do réir gach ní oibrigheas sé, agus go leanann oibriughadh díleas gach ní nádúir fhíre an ní. Ar an adhbhar sin madh foirbhthighthear oibriughadh an duine, an mhéid gur duine é, ré sgarthuin leis an gcorp, ní féidir ré résún ar bith a rádha go ttruaillighthear substaint an anma tuigsigh dá sgaradh leis an gcorp. Atá fós ó nádúir ag an n-uile gurab éigin dáibh, beagnach, a chreideamhuin go bhfuil an t-anam domharbhtha. Ionnus nach éidir le haoinneach fuireach go seasmhach a mbreith somharbhthachta an anma gan chonntabhairt, mar as follus ar a dhíthchiollaighe sgrúdaid na huile an pongc so. Óir atá álgas agus fonn neartmhar ar an n-uile dhuine ó chlaonadh nádúrtha an ní so do thuigsin, go mórmhór na feallsaimh do chnaoidh iad féin agá sgrúdadh. Do sgríobhadar
fós na filidhe agus iliomad eile daoineadh foghlumtha agus neamhfhoghlumtha ar an gcúis chédna. Ar an adhbhar sin ó nach déin Dia iná an nádúir éinní go díomhaoin ní féidir gurab díomhaoin an claonadh láidir si agus an t-álgas nádúrtha na ndaoineadh chum tuigsiona. Gidheadh, madh atá an t-anam somharbhtha, go fírinneach as é a chonntráir theagmhas. Óir ní headh amháin gur díomhaoin an claonadh nádúrtha sa agus an díthchioll acht fós adhbhar dobróin, dóláis agus mealltóireachta. Ar an adhbhar sin, ós gránna a leithéid do shamhlughadh ré Dia agus ris an nádúir, as follas as an bhfonn agus as (an) gclaonadh nádúrtha (sa) an t-anam do bheith domharbhtha. Óir as uime tug Dia don duine é, ionnus go mbeith díthchiollach fán mbeathaidh eile do shaothrughadh, anna bhfaghann an tí roicheas í críoch an tsonuis (nó) an bheannachaidh fhíre. As ar cinnte nach go díomhaoin tugadh an fonn sin dó acht gur ní rotharbhach róiriachtanasach dá gach aon é. Amhuil iomorro agus adubhramar thuas bhíos an drong shénas gurab é an t-anam as foirm don chorp fillte a líontuibh dosgaoilte, as mar an ccédna bhíos an drong shénas an t-anam do bheith domharbhtha. Óir ós cionn a ndubhramar cheana as docamhlach, agus fós ní féidir a thuigsin cionnus dobheith an duine 'na ainmhidhe résúnta agá bhfuil toil shaor, agus smachtaighear ina chionntuibh re reachtuibh roichearta, cad í an chríoch dobheith aige, cad é an cúram dobheith ag Dia 'na thimcheall, agus iliomad eile don tsórt sa do bá liosta ré ríomh anois, muna mbeith domharbhtha. Gidheadh, do bhrígh, an bheatha eile, ar a ttráchtar anois, go sáraigheann térma nó coigcríoch an chumais daonna, cuiream críoch annso ar an leabhar sa, ionnus go ttráchtmaois nísa airde ar fhírinne an chreidimh san chuid si atá romhuinn don obair. Óir as abhal a ccríochnaigheann an résún thionsgnas an creideamh. Sa bheith fíor madh chruthaighmíd, ní bhiadh slighe ag aoinneach conntabhairt do dhénamh do dhomharbhthacht an anma.
AN DARA LEABHAR DO BHUAIDH NA NAOMHCHROICHE, NÓ DO FHÍRINNE AN CHREIDIMH. BROLACH NÓ RÉMHRÁDH. Do thráchtamar san chéidleabhar ar na neithibh dob fhéidir leis an résún nádúrtha do ghlacadh, an mhéid gur mheasamar bá lór don inntinn dobhí aguinn agus don ní ar a rabhamar ag tráchtadh; anois tugam aghaidh ar na neithibh sháraigheas an résún nádúrtha, ionnus go bhfoillsighemís as na neithibh nádúrtha sa agus as oibreachuibh Chríost an creideamh críostaidhe do bheith roifhírinneach. Agus do bhrígh gur fearr tuigthear na neithe bhíos do láthair iná na neithe do-chuaidh thoruinn, agus gurab usa creideamh do na neithibh do-chuaidh thoruinn iná do na neithibh bhíos do láthair aguinn, cuirfeam ar tús fundamuinnteadha na résún síos, as lér go laéthamhuil dá ndénamh ag na críostaidhibh isan Eagluis agus as follas ré faicsin, nach bá féidir d'éinneach do dhiúltadh iná do shénamh. Tuig ámh nach ar oibreachuibh na ndroichchríostaidheadh labhraim - óir ní áirmhim iad ar an Eagluis acht mar bhalla críona ar nach gnáth úrthoradh do theacht - acht ar na hoibreachuibh do-níd na deighchríostaidheadha nach ó ainm amháin acht fós ó ghníomh atá 'na ccríostaidheadha. Dá éis sin do-bhéram anuas résúin roláidir arna suidhioghadh ar mhóirfheartuibh Chríost agus atá follas don n-uile. Do-bhéruid iomorro na neithe atá do láthair creidiomh do na neithibh do-chuaidh thoruinn. Do bhrígh ámh gurab é éifeacht agus cúis phrionnsapáilte dochum a ttairngeann uile ordughadh na hEagluisi, an ceart, an fhíréntacht agus an bheatha dhoidhiomolta gan cháidh gan spot, amhuil adeir Críost ar Slánaightheóir: “Dothángas dochum go mbeith beatha aca, agus go mbeith go líonmhar aca,” foillseócham ar tús creideamh Chríost do bheith fíor as deighbheatha na gcríostaidheadh. An dara feacht, as cúis na deighbheatha sin. An treas feacht, as éifeachtuibh na deighbheatha sin, anna bhfoillseócham beagnach na huile neithe anna réim féin dá ndéntar anois a nEagluis chogthaigh Chríost ar nDia agus ar Slánaightheóir. Fínit an bhrolaigh.
GO BHFUIL CREIDIOMH FÍOR ÉIGIN ANN. Caib. 1. Ionnas go ccuirmís coimhcheangal eidir na neithibh atá romhuinn agus na neithe ar ar thráchtsam go so as na neithibh adubhramar, as éigin go n-aidmheócha gach aon creideamh éigin fíre do bheith ar an talamh ag druing éigin. As é ní ámh as creideamh ann, adhradh oireamhnach dlighthear do Dhia mar thús agus mar stiúraidhtheóir choitchionn na n-uile. Óir as gnáth don n-uile éifeacht adhradh do thabhairt don chúis ó ngeintear é, agá fhilleadh féin chuice, ag iompúdh uirre, dá ísliughadh féin di, agus ag tairgsin bheith cosmhuil lé. Ní as ionann agus onóir do thabhairt di, ionnus go bhfaghadh do ghnáth barr foirbhtheachta uaithe. Ar an adhbhar sin ós é Dia as cúis choitchionn do na huilibh, ó a bhfuil neamh, nádúir agus an n-uile mhaith, as follas gurab éigin claonadh agus dúil nádúrtha do bheith isan duine Dia do ghairm, ag iompúdh air, é féin d'ísliughadh faoi, an mhéid gur féidir leis, bheith cosmhuil leis, agus barr foirbhtheachta d'fhagháil uaidhe; as ionann amháin agus Dia d'adhradh agus d'onórughadh. Agus do bhrígh nach éidir leis an gclaonadh nádúrtha bheith díomhaoin, as éigin a admháil go bhfuil creideamh éigin fíre ré fagháil a measg na ndaoineadh. An duine iomorro, do bhrígh gurab ainmhidhe résúnta é agá bhfuil toil shaor, atá claon ó nádúir dochum Dé d'adhradh agus d'onórughadh, mar gach éifeacht dá chúis. Agus do bhrígh dámadh ar a shon amháin dorachadh na daoine ar seachrán go meathann an résún nádúrtha a n-iomad, ionnus nach bhfaghthaoi adhradh fíre go fóill do Dhia, as éigin go ttóigébhthar an cúram atá ag Dia a ttimcheall na ndaoineadh, an tráth nach bí beann aige orra isan ní as mó atá 'na roiriachtanus orra agus as nádúrtha dháibh, .i. adhradh fíre Dé tré a tteagmhuid dochum a gcríche, do mhúnadh dháibh. Sa chonntráir do chruthaigheamar san chéidleabhar. Mar an gcédna an tan gur feas dúinn an uile aicme daoineadh san n-uile aimsir dá ttáinic gusan am so bheith tugtha d'adhradh Dé, bíodh gurab go hégsamhuil, as cinnte gurab ó nádúir dobhí an dúil sin aca. Óir as ní nádúrtha, amhuil adubhramar cheana,
an ní oireas don n-uile san n-uile aimsir. Ar an adhbhar sin muna mbeith adhradh fíre éigin Dé ar an tsaoghal, as éigin gurab díomhaoin an claonadh nádúrtha sa an duine an tan nárbh fhéidir leis teacht dochum a chríche. As a leanfadh nísa mhó do chúram do bheith ag Dia fá na créatúiribh mírésúnta iná fá an duine atá 'na chréatúir résúnta. Ós chionn so, an tan go ndoirteann gach uile chúis, an mhéid gur féidir, a maith féin agus a foirbhtheacht ar an éifeacht geintear uaithe, agus go ndéin a díthchioll ar an uile mhodh, an mhéid go mbí glacthach air, a dhénamh cosmhuil ré féin agus a tharruing chuice, gan chonntabhairt, ós é Dia an ardmhaith agus cédchúis na n-uile, atá aire aige ar fhoirbhtheacht na ndaoineadh, ar son ar orduigh agus a ndearna na huile neithe nádúrtha. Dá bhrígh (sin) ós í foirbhtheacht fhíre an duine é féin d'ísliughadh do Dhia agus a adhradh, ní bheanas go mórmhór leis an gcreidiomh, as riachtanus creideamh éigin fíre do bheith ar an saoghal. GO MBÍ ADHRADH DÉ AR DHÁ MHODH. Caib. 2. Do bhrígh gur féidir leis na daoinibh Dia d'adhradh ar dhá mhodh, .i. ó spioraid agus ó chorp, as cóir dhúinn dá réir sin a rádha go bhfuilid dhá adhradh ann, .i. adhradh innmheadhónach agus adhradh foirimleach. As é as adhradh innmheadhónach ann, an t-adhradh do-níthear dho Dhia ré hoibrioghadh na tuigse agus na toile. Agus as é as adhradh foirimleach ann, an t-adhradh do-níthear dhó re hoificc an choirp, re ceremonias agus re sácrafísibh. Dá bhrígh sin ós ar son na foirme bhíos an t-adhbhar, ní conntabhairt d'aoinneach gurab ar son an adhraidh innmheadhónaigh bhíos an t-adhradh foirimleach, gurab chuige hordaighear é agus gurab dó fhoghnas agus do-ní seirbhís. As é ní adeirmíd bheith 'na adhradh fíre innmheadhónach Dé, an bheatha fhírénta dhíreach fhoirbhthe bhíos ag an duine innmheadhónach ré ttugann onóir mhór do Dhia. Óir ní bhfuil modh as mó a n-onóraighthear an chúis iná óna héifeacht do
bheith foirbhthe, mar as follas ar an lucht ceirde fionntar amháin a gcríochnughadh a n-oibre go foirbhthe. Ní féidir ámh éifeacht d'fhagháil as foirbhthe nó as uaisle iná an duine, agus ní bhfuil dá fhoirbhthe dá mbiaidh an duine nach móide bhéras onóir dá chúis, .i. do Dhia. Ní bhfuil iomorro dá naomhthacht dá mbiaidh nach móide bhias foirbhthe; óir as í an naomhthacht foirbhtheacht an duine innmheadhónuigh, agus as lé foirbhthighear an duine go hiomlán. Ar an adhbhar sin as a ndeighbheatha fhoirbhthe do bheith ag an duine do-bheir onóir do Dhia. Agus mar sin as é adhradh fíre iomlán Dé beatha fhoirbhthe an deaghdhuine agus na hoibreacha do-ní ar son Dé. Mar an ccédna ní headh amháin go ttugmaoid onóir agus adhradh do Dhia ar a shon féin amháin acht fós ionnus go bhfaghmaois saidhbhreas, sonus agus gach ní eile agá mbí feidhm aguinn leis uaidhe. As slighe ámh, as meadhón agus as ullmhughadh dochum na neithe si d'fhagháil, Dia dh'adhradh go fíre. Ar an adhbhar sin ós follas gurab fearr mar ullmhughadh don duine dochum an tsonuis agus na maitheasa sa d'fhagháil ó Dhia deighbheatha do bheith aige iná re ceremonias agus ré sacrafís d'ofráil, as follas gurab í deighbheatha dhíreach an duine as adhradh fíre do Dhia. Arís, do bhrígh nach corp Dia acht gníomh fíre agus spiorad, as mó thig an duine dochum bheith cosmhuil leis re díorchacht agus re glaine an chroidhe iná ré hoibriughadh foirimleach, agus mar sin as fearr agus as foirbhthe hadharthar Dia ón spioruid iná ón corp. Óir as spiorad Dia, as éigin an drong adhras é a adhradh i spioruid agus a bhfírinne. NACH ÉIDIR BEATHA d'FHAGHÁIL AS FEARR INÁ AN BHEATHA CHRÍOSTAIDHE. Caib. 3. Ní féidir go deimhin beatha d'fhagháil iná do smuaineadh as fearr agus as naomhtha iná an bheatha chríostaidhe. Óir eidir an n-uile chinél anna mbí anam, an drong ag nach bhfuil acht anam oileamhantach amháin, mar atáid crainn, clocha agus luibheanna,
ní mó iná an céim as ísle agus as tarcuisnighe don bheatha atá aca. Atá ámh difir agus eidirdhealughadh a n-iomad do chéimibh a mbeatha na n-ainmhinnteadh, agus gach céim nísa fhoirbhthe iná chéile. Óir as é céim beatha somhothaighthe as foirbhthe isna hainmhinntibh, an céim as mó ruinn don tuigse shomhothaighthe. Gidheadh, do bhrígh go sáraigheann an tuigse inntleachtach an tuigse shomhothaightheach, do-bheirmíd céim nísa fhoirbhthe don bheatha do na daoinibh iná do na hainmhinntibh brúideamhla. Agus cuirmíd céimeanna égsamhla beatha isna daoinibh féin do réir foirbhtheachta, ar son gurab ionann iad ina mbeith. Óir measmaoid gurab uaisle agus gurab foirbhthe an céim oibrigheas isna daoinibh ré stiúradh an résúin iná an céim thréigeas an résún agus théid a bhfad ar seachrán, ag foghnamh agus ag oireamhuin do na cédfadhuibh. Óir ní bhfuil dá fhad dá seachnuid an résún, dá ndortadh féin ar an anntoil, nach lughaide agus sin ruinnid don duine agus nach móide as cosmhuil iad leis (na) hainmhinntibh brúideamhla. Gidheadh, an céim as mó leanas an résún, chuireas é féin a n-oireamhuin dó agus chuibhrigheas an chuid shanntach, as mó atá don duine aige iná don ainmhidhe brúidemhuil. Ar an adhbhar sin ós uaisle onóraigh beatha an duine iná an ainmhidhe bhrúideamhuil, as cinnte gurab í drong as dearsgnaighthe agus as ordhraice a measg na ndaoineadh, an drong ar a mbí an résún 'na thighearna. Agus fós bí eidirdhealughadh eatorra sin ó na céimibh do bheith égsamhuil inntibh. An tan iomorro gur mó thig an tuigsi dochum foirbhtheachta ré smuaineadh agus ré grádh fírinne na neithe spioratálta iná na neithe corpardha, go mórmhór ré grádh na fírinne thuigeas ar Dhia, ní bhfuil dá mhéid dá ttréigfe neach na neithe corpardha agus éireóchas a maodhughadh agus a ngrádh na neithe spioratálta ndiadha nach móide thiocfas a inntleacht chum foirbhtheachta agus bhias beatha nísa fhoirbhthe aige. Gidheadh, as ní dochum a ttriallann go mórmhór an bheatha chríostaidhe, dochum í féin do dhortadh go hiomlán ar Dhia tré mhaodhughadh agus tré ghrádh, ionnus, iar ttréigean na n-uile chréatúireadh spioradálta agus corpardha, go mbeith 'na haoinspioraid maraon agus Dia. Ar an adhbhar sin ó nach éidir beatha d'fhagháil as fearr iná an bheatha cheanglas an duine réna thús agus réna chrích dhéighionaigh, as follas nach bhfuil
beatha as fearr agus as ordhraice ar an saoghal sa iná an bheatha chríostaidhe. Arís, as amhlaidh meastar deighbheatha dhíreach do bheith ag an duine, do réir mhodha an résúin. Ionnus nach bhfuil dá résúnta dá mbí an bheatha nach móide bhíos meas maith uirre. Dá bhrígh sin ó nach bí dúil ag na críostaidhibh fíre a ní ar bith a n-aghaidh résúin, as éigin a admháil nach bhfuil beatha ar an tsaoghal as fearr iná an bheatha chríostaidhe. Mar an gcédna as dochum maodhughadh Dé thriallas deighbheatha an duine agus as chuige hordaighthear í; ní iarras soineann roifhíorghlan na hinntinne. Óir ní féidir don tí bhíos tugtha do mhianuibh agus d'álgasuibh daonna bheith ullamh iná abaidh dochum na neithe diadha do mhaodhughadh. Ní féidir ámh beatha d'fhagháil as mó do-ní an duine saor glan ón n-uile chathughadh iná an bheatha chríostaidhe, an tan go saothraigheann go díthchiollach, iar ttréigean na n-uile, an duine do uaimcheangal re Dia amháin. Ar an adhbhar sin ní bhfuil beatha as uaisle, as fearr agus ordhraice iná í. NACH ÉIDIR CRÍOCH DO SMUAINEADH AS FEARR INÁ CRÍOCH DHÉIGHIONACH NA BEATHA CRÍOSTAIDHE. Caib. 4. Acht ionnas gur feirde d'fhoillseóchamaois nach éidir beatha d'fhághuil as fearr iná an bheatha chríostaidhe, do bhrígh go n-iarrthar dá ní go prionnsapálta dochum deighbheatha, .i. críoch mhaith, agus comhthrom do bheith ag na meadhónuibh leis an gcrích chédna, taisbénam ar tús nach bhfuil críoch ar a ttriallann an bheatha dhaonna as fearr iná an chríoch ar a ttriallann an bheatha chríostaidhe iná as mó atá oireamhnach do résún. Dá éis sin cruthócham gurab rofhoirbhthe na slighthe agus na meadhóin ghlacuid dochum na críche cédna agus go bhfuil comhthrom romhaith eatorra agus í. Do thaoibh na críche iomorro: as follas so do bheith 'na fhírinne, óir atáid dhá chrích ag an duine, .i. an ní ar a mbí
ag tarruing, agus sealbh nó gnóughadh an ní cédna. Dá bhrígh sin ó nach éidir ní do smuaineadh as ordhraice agus as fearr iná Dia, agus gurab é Dia as críoch do bheatha dhaonna na ccríostaidheadh agus gurab ar a shon do-níd gach ní, as soilléir nach éidir críoch d'fhághail as fearr iná an chríoch sa. Mar an gcédna tairgidh an creideamh agus do-ní a uile dhíthchioll ar theacht a radharc agus a seilbh Dé, ní trésna créatúiribh acht tré bheith - gníomh as foirbhthe as éidir d'fhághuil. Dá bhrígh sin ó ceangaltar an duine ré Dia tré radharc solasghlan d'fhagháil air agus tréna shealbhughadh, coimhlíontar isan bhfoirbhtheacht déighionaigh é, ar mhodh nach éidir leis ní ar bith eile do shanntughadh ó sin amach, an tan go bhfuil Dia 'na mhaith nach éidir maith as mó iná é do smuaineadh. As follas iomorro ré résúnuibh roláidire gurab é radharc solasghlan Dé as sén agus as sonas don chineadh daonna. Óir do fhoillsigheamar cheana isan chéidleabhar nach éidir an duine do shénadh iná do bheannughadh ar an mbeathaidh si. Dá bhrígh sin ós eadh as sén agus as beannachadh don duine, maodhughadh na fírinne, ní mó iná isan mbeathaidh eile as beite dhó súil léna fhagháil. Gidheadh, dámadh a maodhughadh na céidfhírinne tuigsighe-ní tréna gné dhíleas féin acht trésna héifeachtuibh - chuirfemís críoch na beatha daonna isan saoghal atá chugainn, as iomdha docamhal daingean dobheith inar n-aghaidh. Ar tús, ní lér cionnus dob fhéidir an fonn nó an t-álgus daonna do chomhnuidhe anna shamhuil so do mhaodhughadh. Óir madh thuigeann an t-anam résúnta, iar sgaradh leis an gcorp, éifeacht ní headh amháin na neithe adhbhardha acht fós na neithe spioratálta agus na substainnteadh neamhadhbhardha, ceachtar do dhá ní: as go foirbhthe thuigfeas iad nó go míofhoirbhthe. Madh as go míofhoirbhthe, ní bhfuighe as sin acht maodhughadh agus eólas míofhoirbhthe ar Dhia. Gidheadh, ós gnáth don n-uile ní míofhoirbhthe dúil do bheith aige a fhoirbhtheacht féin d'fhagháil, mar bhíos ag an adhbhar san bhfoirm agus ag an mísgéimh san sgéimh, ní bá féidir leis an anam ciúnas iná socracht d'fhagháil isan eólas míofhoirbhthe sin nach sásaígheann é. Mar as follas ar dhíthchioll na ndaoineadh, sa ttuigse nach gcomhnuidheann go bráth a n-eólas dorcha nó míofhoirbhthe na neithe acht go ttairgid leis an uiriod sin
saothair agus díthchill teacht go heólas solusta agus go tuigse fhoirbhthe na neithe. Gidheadh, madh as tuigse agus eólas iomlán foirbhthe do-ghébhas ar na héifeachtuibh sin, biaidh gan mhoill dúil agus fonn air fios agus eólas a gcúisi d'fhagháil; óir atá ó nádúir fonn ag an n-uile dhuine a bhfios; agus as é as fios ann, eólas d'fhághuil ar chúis an ní. Ní féidir ámh an ní atá nádúrtha ag neach do sgaradh leis. Gidheadh, ós luaithe an n-uile ghluasacht nádúrtha anna dheireadh iná anna thús, ní bhfuil dá fhoirbhthe dá bhfuighe neach eólas ar na héifeachtuibh nach móide as neartmhaire bhias fonn air eólas d'fhagháil ar a gcúisibh. Ar an adhbhar sin ní feas cionnus dob fhéidir fonn nádúrtha an duine do chomhnuidhe go faicsin Dé dhó. Ní as éidir fós do dhearbhadh leis an sompla so. Óir do-chímid nach éidir soghlacacht na tuigse do líonadh ré ní ar bioth soichríochnaigh, óir ós cionn an n-uile ní soichríochnaigh dá gcurthar roimh an tuigse, atá cumas aice tuilleadh do ghlacadh. As uime sin, tar a cheann go gcuirfí gach líne soichríochnuigh agus gach nuimhir shoichríochnuigh roimh an tuigse, nach gcríochnuighthear go bráth an cumas atá aice ar chur 'na cceann. Dá bhrígh sin ó atá leithead gach substainnte dá bhfuil faoi Dhia soichríochnuigh, ní bá féidir ar n-inntleacht-ne do shásadh nó go roichidh an tsubstaint dhiadha, nach éidir d'iadhadh fá chrích, an tan gurab gníomh fíorghlan. Mar sin ní féidir go résúnta críoch ar bith eile do thabhairt don bheatha chríostaidhe acht an chríoch mhúineas ar gcreideamh-ne, .i. radharc na beithe diadha. Óir as follusaighe iná an solas gurab é Dia féin an chríoch dhéighionach ana gcomhnuigheann an t-anam agus anna leagann seólta a inntleachta. Ní bhfuil iomorro gluasacht nádúrtha ar bith nach ttriallann ar chrích dhéighionaigh éigin, agus comhluath agus roicheas gusan gcrích, comhnuidhidh an soghluaisteach. Ar an adhbhar sin ó nach éidir lé substaint ar bith faoi Dhia fonn agus álgas an chroidhe dhaonna do chosg, adeirmíd nach mó iná an uair do dhearcfas Dia aghaidh ar aghaidh choisgeas sé go fíre agus chomhnuidheas. Óir do bhrígh nach bhfuil éinní as mó iná Dia, ní féidir an duine do shásadh go hiomlán gan é, iná a fhonn do chosg isna neithibh íochtaracha sa, ar an adhbhar go ndéin neamhshuim dhíobh, do bhrígh nach bhfuil commóradh iná
comhthrom ar bith ag an soichríochnaigh leis an doichríochnach, agus do bhrígh nach bhfuil éinní a n-éifeacht ar bith nach bhfaghthar nísa fhearr agus nísa ordhraice é isan gcédchúis; agus mar sin ní theisdeóchaidh éinní uaidhe annar féidir dhó fonn nó dúil do bheith aige, óir do-ghébhuidh ar n-inntleacht an uair úd a huile fhoirbhtheacht go hiomlán, do bhrígh ó tóigébhthar í gusan árdshothuigseach, ní bhfuil conntabhairt go ttuigfe go huras na huile neithe sothuigse, dochum a mbí claonadh nádúrtha aice. Bíodh iomorro go ttruailleann an somhothaightheach ordhruic an cédfadh, ní hamhlaidh sin don tsothuigsioch ordhruic, óir as eadh do-ní, barr foirbhtheachta agus bríogha do thabhairt don tuigse. Gidheadh, as iontuigthe, an tan go bhfuil Dia doichríochnaigh agus taobh amuich d'ord nó do choigcrích na huile shubstainte, nach éidir ar n-inntleacht-ne réna brígh iná réna cumas díleas féin d'árdughadh go radharc na beithe diadha acht gurab riachtanus dí congnamh agus ullmhughadh nuaidhe d'fhagháil, dá ngairid na diadhaireadha solas na glóire, agus do dháileas nó dhoirteas Dia ann gach anam fíorghlan, ré mbí soghlacthach ar a radharc féin. Óir as gnáth Dia ag tabhairt furtachta do na riachtanasuibh, an tan nach éidir éinní do thógbháil ós cionn a neirt nó a chumais nádúrtha féin, muna ttuga Dia congnamh agus barr neirt dó. Ní lór ámh ar aonchor brígh nó neart soluis nádúrtha na tuigse dochum radhairc Dé do ghlacadh, do bhrígh nach ttairngeann a brígh iná a neart féin í dochum gníomha sháraigheas a cumas nádúrtha, mar atá radharc Dé arna chomóradh ré tuigse chruthaighthe. Ar an adhbhar sin as riachtanus an bhrígh thuigseach do mhédughadh ré hullmhughadh éigin nuadh do ghlacadh, dá ngairmíd solus na glóire. As ar follas a fhírinnigh agus a résúnta mheasas ar gcreideamh-ne críoch na beatha críostaidhe, agus a réidhe sgaoileas gach snaidhm connspóide ré a mbíd an drong mheasas a chonntráir so dá gcrádh. Mar sin as cinnte nach éidir críoch dhéighionach do smuaineadha as fearr, as ordhraice agus as résúnta iná an bheatha sheanmóras agus choimhédas an creideamh críostaidhe.
NACH BHFUIL MEADHÓN INÁ SLIGHE DOCHUM AN TSÉIN SHÍORDHUIDHE AS FEARR INÁ AN BHEATHA CHRÍOSTAIDHE. Caib. 5. As uras dúinn a fhoillsiughadh nach bhfuil slighe iná (meadhón) dochum an tséin shíordhuidhe as fearr agus as diongmhálta iná an bheatha chríostaidhe. Óir ní conntabhairt d'aoinneach go ttig an duine dochum a chríche, .i. dochum an tséin shíordhuidhe, lé meadhónuibh éigin, an tan nach déin Dia iná an nádúir éinní go díomhaoin. As díomhaoin ámh adeirthear an ní do bheith ré nach éidir theacht dochum na críche dár horduigheadh é. Amhuil agus bá díomhaoin do neach brígh ghluasachtach do bheith (aige) dá mbí d'easbhaidh na mball as riachtanus dochum gluasachta. Ar an adhbhar sin ós ó nádúir shanntaighid na daoine an beannachadh nó an sén síordhuidhe, go dearbhtha as díomhaoin dáibh an fonn sin do bheith orra muna bhfuil meadhón nó slighe ar bith aca ré teacht chuige. Dá bhrígh sin as riachtanus slighe éigin nó meadhón do bheith tréar féidir don duine teacht go radharc Dé. Agus adeirid na críostaidhthe gurab é sin glaine an chroidhe agus na grása diadha doirtear ós cionn nádúir isan anam, líonas é don n-uile shubháilce. Ní féidir iomorro d'aoinneach a shénadh gurab í glaine an chroidhe an meadhón tré a ngabhthar go maodhughadh na céidfhírinne, do bhrígh gur riachtanus don chrích comhthrom do bheith aice leis na meadhónuibh. Óir dochum eóluis Dé d'fhághail, as riachtanus do neach bheith a ttáimhnéll agus gan ní ar bith do mhothughadh iná do thuigsin, an tan gurab é an t-eólas so Dé áirdeólas na neithe sothuigse agus atá taobh amuich do na huile neithibh somhothaighthe. Uime sin as riachtanas chuige, sgiúradh fíorghlan na tuigse - as ionann agus a hárdughadh ó ghrádh agus ó chúram na neithe mothaightheacha go grádh agus go tuigse na neithe ndofhaicsighthe. As é ámh as ní fíorghlan ann, an ní nach bí arna chumasg leis an nádúir íochtaraigh. Ar an adhbhar sin ó atá ar n-inntleacht-ne agus ar ttuigse sgartha dealaighthe leis an ionstrumuint chorpardha, agus gurab substaint
résúnta ar n-anam, ní bhfuil dá mhéid dá ttairngeann é féin ó na neithibh corpardha agus cheanglas leis na neithibh diadha nach móide agus sin bhíos sgiúrtha fíorghlan. Ní headh amháin go leanann an creideamh críostaidhe agus go múineann gach ní dár ordaighsiod na feallsaimh ar ghlaine an chroidhe, ar na subháilcibh agus ar na deighbhésuibh, acht fós dofuair amach teaguisg as rofhoirbhthe iná iad dochum an chroidhe do sgiúradh agus do ghlanadh go ronaomhtha. Óir ní lór mar mheadhón dochum na críche rémhráidhte d'fhághuil, an ghlaine chroidhe thuigid na daoine go nádúrtha agus as éidir leó do bheith aca. Do bhrígh amhuil nach n-éirgheann an t-uisge suas muna ngluaistear ré ní éigin eile é, mar an ccédna ní féidir lé neach teacht go soiche an (ní) sháraigheas a chumas nádúrtha gan congnamh d'fhághuil ó ní éigin eile. Sáruighidh ámh radharc shubstainte Dé (mar adubhramar san chaibidil roimhe so) tóruinn agus cumas nádúrtha an n-uile chréatúir. Uime sin ós do réir chumais a shubstainte féin thuigeas gach ní, ní lór brígh nó cumas díleas an duine féin réna ghlanadh nó réna sgiúradh dochum na beithe diadha d'fhaicsin muna bhfaghaidh congnamh ó Dhia féin. Dá bhrígh sin ní lór dochum an tséin shíordhuidhe d'fhagháil, an díorchacht bheatha ar ar thráchtadar na feallsaimh. As uime nach gan adhbhar adeirid na críostaidhthe gurab riachtanus grása agus subháilceadha dhoirteas Dia ós cionn nádúire isan anam, sa chongnamh nach tteastuigheann go bráth ó aoinneach isna neithibh as riachtanus dó dochum toigheacht go díreach gusan gcrích anna mbí fonn aige agus dochum ar horduigheadh é. Ní dob uras dúinn do chruthughadh ré iomad do résúnaibh dochlaoidhte muna mbeith leisge oruinn bheith liosta agus gurab rún dúinn an bheagobair si do dhénamh comhathchumair agus as éidir. Óir measmaoid gur follas go soilléir do na huilibh nach ó ghrádh iná ó ghallradh iná ó résún nádúrtha amháin iná ó oibriughadh na bhflaitheas iná ó chréatúir spioratálta ar bith frémhaighthear an bheatha chríostaidhe acht ó ghrásuibh Dé agus ó na tíodhlaicibh dhoirteas ós cionn nádúire a n-anam gach aoin, ionnus nach bhfuil meadhón iná slighe ré teacht go crích na beatha sa as foirbhthe agus as diongmhálta iná an bheatha chríostaidhe. As a leanann nach éidir beatha d'fhagháil iná do smuaineadh as fearr agus as foirbhthe don n-uile thaoibh iná an bheatha chríostaidhe.
GO MBEIRTHEAR NA DAOINE GO ROICHINNTE RIS AN GCREIDEAMH CHRÍOSTAIDHE GUSAN SÉN SÍORDHUIDHE. Caib. 6. Ós éigin adhradh agus creideamh éigin fíre do bheith a measg na ndaoineadh, mar dho dhearbhamar cheana, agus gurab a ndíorchacht agus a bhfíréntacht na beatha choimhsheasas, ní anna sáraigheann an creideamh críostaidhe an n-uile chreideamh eile, as riachtanus a admháil go bhfuil roifhíor, agus go n-adharthar Dia go roidhíreach roicheart leis go foirimleach agus go hinnmheadhónach, óir do-ní adhradh foirimleach an chreidimh chríostaidhe an t-adhradh innmheadhónach, nó ciallaighidh é. Do bhrígh madh atá an t-adhradh innmheadhónach fíor, as follas go gciallaigheann an t-adhradh foirimleach an fhírinne. Ar an adhbhar sin ó choimhfhreagruid araon dá chéile, as adhradh fíre an t-adhradh foirimleach, ar a ttráchtfam go foirleathan 'na dhiaidh so. Mar sin, ó adhramaoidne Dia ar tús ar a shon féin agus na honóra dleaghair dhínn do thabhairt dó, arís, dochum an tséin shíordhuidhe d'fhághuil uaidhe, leanaidh go n-onóraighthear Dia go fíre leis na críostaidhthibh, go n-iarruid an sén síordhuidhe air agus gur féidir leó teacht chuige fá dheóidh, ar mhodh gurab cinnte don tí do-ní buaintseasamh ar feadh a bheatha 'na dheighchríostaidhe, an sén neamhdha d'fhagháil fá dheóidh ré gnóughadh ar feadh na síordhuídheachta. Arís, ó tá cúram ag Dia fá na neithibh daonna, amhuil do fhoillsigheamar thuas, agus gurab leis bheanas na neithe do dhíriughadh agus do stiúradh dochum a gcríche tré mheadhónuibh oireamhnacha, agus nach éidir meadhón d'fhagháil as diongmhálta dochum an tséin neamhdha do ghnoughadh iná an bheatha chríostaidhe, ní cóir d'aoinneach bhéras a bheatha go críostaidhe suas conntabhairt do dhénamh go bhfuighe an sén sin ó Dhia. Arís, muna ceadaightheach a dhiúltadh go bhfuil Dia ceart, ní féidir do na críostaidhthibh choimhlíonas aitheanta Dé dhul amugha. Óir Dia as cúis don n-uile agus ghluaisios na huile dochum a gcríche; ceachtar dho dhá ní: do-bhéra sé dream éigin do na
daoinibh gusan sén neamhdha, nó ní bhéra sé énduine chuige. Ní féidir a rádha nach béra daoine éigin, óir muna mbeireadh, as díomhaoin do bheith an duine ann ar chor ar bith. Madh bheir aoindream chuige, as do na críostaidhthibh as ceart é, óir as iad dream as fearr agus as foirbhthe don n-uile. Óir dá gcailldís na críostaidhthe, sháraigheas go fada an chuid eile don chineadh daonna a mbúidheacht, a gcreideamh agus a naomhthacht, críoch an tséin shíordhuidhe, anna bhfuilid comhsanntach agus sin, go dearbhtha ní cóir d'aoinneach nach críostaidhe súil iná dóthchas do bheith aige theacht chuice, do bhrígh mara bhfuil an ní as mó saoiltear bheith, ní bhfuil an ní as lugha saoiltear bheith. As mó ámh meastar na críostaidhthe do bheith glacmhach ar an sén neamhdha iná an chuid eile do na daoinibh, do bhrígh, do réir mar as follas as a ndubhramar, gurab iad as foicse dá ghlacadh. Ar an adhbhar sin atá tús ag an adhradh agus ag an gcreideamh chríostaidhe ar an n-uile shórt eile. Gidheadh, madh mheathann a ndóthchas ar na críostaidhthibh annsa chreideamh sa, as éigin a rádha nach bhfuil sén síordhuidhe ar bith ré fághail agus nach bhfuil ann acht fábhall agus comadóireacht, an tan go bhfaicmíd isan nádúir an uile ghníomh, muna gcurthar toirmeasg air, ag tarruing foirme isteach do ghnáth isan adhbhar do-gheibh ullamh réidh go maith. An sén síordhuidhe ámh, as é as críoch agus as foirm dhéighionach don deighbheatha, agus ní bhfuil beatha as fearr atá réidh ullamh chuige iná an bheatha chríostaidhe. Ar an adhbhar sin muna ttugthar an sén sa, anna bhfuil an uiriod dúla aice, don bheatha as fearr atá glacmhach air, go deimhin ní bhiaidh sén ar bith ré fághail don duine; óir ní féidir leis, mar do chruthaigheamar cheana, sén ar bith eile do bheith aige, agus mar sin ní bhiaidh críoch dhéighionach ar bith ag an mbeathaidh si. Fós, do leanfadh, an tan gurab í an chríoch as riaghuil do na huile neithibh hordaighthear chuice féin, an duine do bheith 'na ainmhidhe gan ord gan riaghuil ar bith, bheith nísa dhona iná na huile, bheith 'na bheathaidh ó chinnemhuin agus bheith dh'easbhaidh an uile choimhéid agus cúraim. Ní as gránna agus díthchéillidh re rádha. Ar an adhbhar sin as í an bheatha chríostaidhe tré adhradh agus tré chreideamh fíre, an slighe agus an meadhón thriallas go díreach gan seachrán ar an sén síordhuidhe.
GURAB MAITH AN COMHARDHA AR AN CCREIDEAMH CHRÍOSTAIDHE DO BHEITH FÍOR GO MBÍ 'NA CHÚIS BEATHA ROMHAITHE. Caib. 7. Do bhrígh gur fhoillsigheamar cheana an creideamh críostaidhe do bheith fíor re résúnuibh do chuireamar síos as deighbheatha fhoirbhthe fhírénta na ccríostaidhe, anois, dochum as ní cédna do neartughadh, fécham créd as cúisi don bheathaidh si. As é iomorro as cúis phrionnsapáilte dá samhuil so do bheathaidh, creideamh Íosa Críost do crochadh, oibrigheas tré ghrádh agus tré charthanacht, mar adeir an naoimhtheagasg: “As tré chreideamh Íosa Críost atá fíréntacht Dé ag na huilibh agus ós cionn na n-uile chreideas ann.” Arís, “As doidhénta d'aoinneach gan creideamh taithneamhadh ré Dia.” As ré creideamh Chríost, oibrigheas tré ghrádh, chreidmíd an Críost sin do crochadh bheith 'na Dhia fíre agus 'na dhuine fhíre, 'na Mhac Dé, 'na aon leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh i nádúir agus dealaighthe leó ó phearsuin, ghrádhaighmid ós na huilibh. Ar an adhbhar sin as é an creideamh so go ngrádh ar Chríost as cúis don bheathaidh rémhráidhte. Óir teagasgaidh an t-eólas laéthamhuil dúinn gurab mar so atá. Ní féidir ámh an ní atá rofhollas do dhiúltadh iná do shénadh. Agus atá an ní so chomhfollas agus sin gur beag nach éidir dhúinn a ghlacadh ré ar lámhuibh ní headh amháin a thuigsin. Óir do-chímid an críostaidhe agus tuigmíd ré gnás gur do réir mar théid ar a aghaidh a gcreideamh Chríost dothig a mbarr foirbhtheachta agus díorchachta ina bheathaidh, agus nach bhfuil dá mhéid dá ttéid ar gcúl ón gcreideamh chédna nach dá réir sin chlaonas dochum droichbheatha, ar mhodh go meathann an creideamh d'easbaidh na deighbheatha, agus an deighbheatha d'easbaidh an chreidimh. Ar an adhbhar sin madh as lér dhúinn isan mbeathaidh dhaonna a shamhuil so dh'éifeacht, as feasach na daoine (ní go bog suarrach acht ré peiriacail agus guais mhóir dháibh pféin agus do dhaoinibh eile fuaradar an t-eólas sin) do
mharthuin ó theacht Chríost gusna haimsioruibh si, agus go n-admhaoid na críostaidhthe é ós áird agus go seanmóraid, as dleacht dúinne tráchtadh air agus a fhiafraighe tré iongnamh créd as cúise dá chommór do ní. Amhuil na feallsaimh, iar bhfaicsin éifeacht na neithe nádúrtha, mar dobhí a gcúise 'na n-ainbhfios orra, do ghlac iongnamh iad, agus as an iongnamh sin do thionsgnadar tráchtadh orra. Ar tús, ní féidir don éifeacht bheith nísa fhoirbhthe iná a chúis, do bhrígh (gurab) óna chúis atá a fhoirbhtheacht ag an n-uile éifeacht. Ar an adhbhar sin madh as ó chreideamh Chríost atá díorchacht agus fírinne na beatha críostaidhe, is foirbhthe iná gach beatha, as doidhénta gan an creideamh féin do bheith fíor. Madh atá an creideamh fíor, as éigin gur Dia fíre Críost, mar dhearbhuid na críostaidhthe, agus gur fíor a adhradh agus a reacht. Mar an gcédna as doidhénta an mhaith do shíoladh ón olc, iná an fhírinne ón mbréig, óir ní héinní an t-olc an mhéid gurab olc, iná (an) bhrég an mhéid gur brég. Ar an adhbhar sin dá mbeith creideamh Chríost brégach agus a ghrádh go holc, go dearbhtha ní uaidhe do shíolfadh fíréntacht agus díorchacht na beathadh críostaidhe atá commaith agus sin. Arís, dá mbeith creideamh Chríost fallsa, níorbh fhéidir ainbhfios nó earráid bá mó d'fhagháil; óir a rádha gurab Dia duine do crochadh, muna fíor, ní féidir mire as mó do mheas. Ar an adhbhar sin ó atá an bheatha chríostaidhe rofhoirbhthe, amhuil adubhramar cheana, cionnus as éidir foirbhtheacht agus díorchacht beathadh comhmór lé do theacht ó mhóirearráid? Óir as ó dhíorchacht na tuigse tig an n-uile ordughadh díreach na beatha, agus as ó chaime agus ó sheachrán na tuigse tig an n-uile chaime agus seachrán isna smuaintibh agus oibreachuibh daonna. Ós a chionn sin ní bhfuil dá mhéid dá mbí an nádúir deaghullamh nach móide bhíos glacmhach ar an bhfoirm as foirbhthe: an fhírinne iomorro as foirm agus as foirbhtheacht dár ttuigsi-ne, agus as é as ollmhughadh dhí dochum na fírinne do ghlacadh, glaine agus soinionntacht an chroidhe. Uime sin ní bhfuil dá mhéid dá mbí an duine glan ó fhonn na neithe ndaonna nach móide bhíos ullamh dochum na fírinne do ghlacadh agus dochum na
bréige do dhiúltadh. Do chruthaigheamar ámh cheana nach éidir ullmhughadh d'fhagháil commaith ris an ngloine chroidhe bhíos a ndeighchríostaidhe. Ar an adhbhar sin dá mbeith an creideamh so fallsa brégach, go dearbhtha as doiche agus as soilléire do-cífí sin do na críostaidhthibh iná do dhaoinibh eile ar bith. Sa chontráir as lér dhúinn go follas. Óir ní bhfuil dá mhéid dá naomhthar iad go laethamhuil nach móide dhearbhuid go seasmhach an creideamh do bheith fíor, agus as (as) dul ar a n-aghaidh san chreideamh médaighthear foirbhtheacht na beatha. As ar follas nach éidir don chreideamh bheith fallsa iná brégach. Arís, amhuil as é Dia, mar chédghluaisteóir agus mar chédchúis, ghluaisios na huile agus gheineas na huile isna neithibh nádúrtha agus corpardha, as mar an ccédna do-ní isna neithibh spioratálta. As é iomorro ghluaisios an tuigse dhaonna dochum na fírinne. Dá bhrígh sin ní conntabhairt d'aoinneach gur soilléire roinneas Dia solas na fírinne ar an droing as fearr atá ullamh tré naomhthacht a mbeatha, go mórmhór isna neithibh as riachtanus dáibh dochum a slánaighthe, iná do dhaoinibh eile ar bith; amhuil agus dá n-éirgheadh seachrán creidimh do na críostaidhthibh fíre nach beith priuiléid ar bith grás aca seach na bpeacthach eile acht go ttréigfí iad ina n-ainbhfios agus ina seachrán. Ní atá rofhada ó mhórmhaith Dé, óna choimhéd agus óna chúram a ttimcheall na ndaoineadh. 'Na cheann sin as í an chríoch as riaghail do na neithibh hordaighthear dochum na críche féin. Uime sin ciabé pheacaigheas isan gcrích, as éigin go bpeacaigheann isna neithibh threóraigheas dochum na críche. Ar an adhbhar sin ó nach bhfuil seachrán ar na críostaidhthibh isna neithibh bheanas leis an gcrích, .i. a ndíorchacht agus a bhfíréntacht na beatha, acht go sáraighid (go) fada na huile san chéim si, leanuidh mar an gcédna nach bhfuil seachrán orra isan gcrích féin. Admhaoid ámh na huile gurab é Críost go roichinnte as críoch dháibh, do bhrígh go ttairgid bheith rochosmhail leis agus go ndénuid a n-uile dhíthchioll ar theacht dá shealbhughadh agus dá ghnoughadh. Agus mar sin as Dia fíre an tÍosa Críost sin do crochadh, do réir mar adeirid na críostaidhthe. Arís, as ordaighthe shiobhlas Dia isna huilibh. Uime sin, ag dénamh na n-uile, stiúraidh go críonna na neithe íochtaracha leis na neithibh uachtaracha, ionnus go ttugann cúise nísa uaisle
do na héifeachtuibh as uaisle, an tan gurab riachtanas an chúis do bheith do ghnáth nísa fhoirbhthe iná a héifeacht. Ní faghthar ámh a measg na ndaoineadh éifeacht as ordhraice agus as uaisle iná an bheatha chríostaidhe. Ar an adhbhar sin as éigin gurab ó chúis ro-uasail dothig. Agus mar sin ó do-chímíd gurab ó Chríost dothig go hiomlán, as éigin a admháil go bhfuil Críost 'na chúis ro-uasuil. Arís, as iad na dara cúise as ionstrumainnteadha don chédchúis. Ar an adhbhar sin ós ó Chríost amhuil ó chúis shíolas an bheatha chríostaidhe, as ionadmhaidhthe gurab é Críost an duine do crochadh as ionstramuint don chédchúis dochum an mhóiréifeacht ordhraic si na fíréntachta críostaidhe do shíoladh. Gidheadh, muna mbeith Críost 'na Dhia, do réir mar do sheanmóir sé féin, nírbh fhéidir duine d'fhagháil bá malaighthe, bá measa agus bá hurchóidigh iná é. Agus mar sin do-dhénamh Dia úsáid don ionnstrumuint bá roimheasa ar bith dochum éifeicht beatha romhaithe do shíoladh; ní as roghránna ré rádha. Mar an gcédna ní bhfuil dá mhéid dá mbí an t-éifeacht cosmhuil léna chúis nach móide thig dochum bheith foirbhthe; óir as ó bheith comhchosmhuil léna chúis atá aige bheith foirbhthe. As follas ámh nach bhfuil dá mhéid dá leanann neach lorg Chríost, nó dá bhfoillsigheann a chosmhuileacht ina bheathaidh, nach móide bhíos naomhtha diadha. Ní nárbh fhéidir dho bheith ar énchor muna mbeith Críost 'na Dhia fíre agus muna mbeith a chreideamh roifhíor. Arís, as as na héifeachtuibh thuigmíd na cúise, amhuil thuigmíd an leigheas as díbeirt na heasláinte. An tan ámh gur shaothraighiodar na feallsaimh comhdúthrachtach agus sin riaghlacha na deighbheatha do thabhairt dúinn, gidheadh, go bhfaicmíd gurab roibheag an sochar do-rinneadar a n-aimsir fhada, agus nach ráinic ré nuimhir romhóir díobh, dá mhéid díthchioll dá ndearnadar, an ní do dhénamh gan creideamh Chríost, do-ní go tapaidh gasta an teagasg nó an reacht críostaidhe a gcoimhthionól iomad gcreidmheach don n-uile aicme dhaoineadh agus dá gach cinél, madh óg nó sean, feardha nó bannda, do bhrígh madh as ar bhésuibh nó ar chreideamh
tráchtar nach bhfuil cuimeas ar bith ag an reacht feallsach ris an reacht chríostaidhe. Cá bhfuil iomorro ní as iongantaigh iná nach bhfuil duine dá mhallaighthe, (nó) dhá choirbthe beatha agus bésa (mar as follas dúinn ré sompladhuibh do-áirmhe do-chuaidh thoruinn agus as feas dúinn go laéthamhuil) comhluath agus fhilleas dáríribh ar an gCríost sa do crochadh, nach déin malairt ar a bheatha, ar a bhésuibh, nach nglacann duine nuadh go hiomlán 'na thimcheall, nach ttig ó bheith uaibhreach iomthnúdhach go beith uirísiol grádhmhar, ó bheith sanntach fuadaightheach go beith fial fairsing, ó bheith neimhgheanmnaigh drúiseamhuil go beith óghdha geanmnaigh, agus, fá dheóidh, go n-ibheann deoch sláiníce na subháilceadh a n-aghaidh gach dubháilce dá raibhe ann, agus ré móirbhisioch san maith go nidheann na hoilc do-chuaidh tairis agus go ttugann díoluidheacht inntibh; ní nach dearna dream ar bith do na feallsuimh ariamh. Ar an adhbhar sin as éigin go leanann gurab é Críost as cúis phrionnsapálta nó ionstramuinnteach na beatha críostaidhe agus gurab é leigheas diongmhálta na mbés agus na fírdheighbheatha foirbhthe. GURAB Ó DHIA ATÁ AN TEAGASG CRÍOSTAIDHE DÁ NGREAMAIGHEANN AN CREIDEAMH. Caib. 8. Léghthóireacht an naoimhscreaptra, a éisteacht agus a mhídheamhuin, as é as cúis don bheathaidh chríostaidhe agus as substaint dár gcreideamh-ne. As í fós fírinne an scrioptúir as cosbóir don chreideamh agus as fondamuint; dá bhrígh sin tar éis na n-argumainteadh atá arna suidhioghadh ar chreideamh Chríost, as ionchurtha na hargumainteadha agus na résúin tairngthear as brígh an scrioptúir naomhtha. Do chéidneithibh, atá a fhios aguinn nach bhfuil fírinne chinnte ar na neithibh teagmhaisiocha atá chugainn ar nach éidir ealadha iná fios do bheith. As uime sin do cinneadh leis na feallsuimh dob ordhraice agus bá críonna dá raibh ariamh nárbh
fhéidir dhúinne fios na neithe teagmhaisiocha atá chugainn do bheith aguinn acht gurab lé Dia amháin bheanas go díleas a bhfios. Dia ámh, do bhrígh go bhfuil síordhuidhe, comhchruinnigheidh na huile réna shíordhuidheacht, agus atáid na huile nochtaigh, follas dá shúilibh. Gidheadh, na daoine, nach bhfuil amhlaidh sin, ní féidir leó réimhfhios na neithe teagmhaisiocha atá ré teacht do bheith aca muna bhfoillsighidh Dia dháibh iad. Ar an adhbhar sin ó do rémhfhoillsigh an sgrioptúir naomhtha san n-uile áit, agus go mórmhór san tSein-Reacht, na neithe teagmhaisiocha dobhí ré teacht agus bheanas ris an toil shaoir ní headh amháin go generáilte acht go haonaránach, agus ní headh amháin go ndearna fáisdine bliadhna nó dheich mbliadhan acht do thairngir gach ní dá ttarla don chineadh Iúdaidhe ar feadh ceathra míle bliadhan agus gach móirfhearta dá ndearna Críost agus a Eagluis, agus ní headh sin amháin acht gach ní sona nó daidhbhir dá ttarla beagnach do na huile chineadhachuibh isna huile ríoghachtuibh dá raibh faoi na hAsíri, na Caldei, na Peirsi, na Medi, na Grégaigh, na Rómhánaigh, agus iomad násiún eile. Agus amhuil agus do réimhinnisiodh na neithe si a bhfad d'aimsir sul do theagmhadaois, as mar sin go diongmhálta do theagmhadh gach ní. Ar an adhbhar sin as riachtanus a admháil gurab ó Dhia amháin atáid na naoimhscreaptra sa agus nach ó dhíthchioll na ndaoineadh. Na neithe ámh do thairngir agus nach ttáinic asteach go fóill, acht ré a bhfuil súil aguinn, as cinnte dúinn go ttiocfuid, an tan go bhfaicmíd an fhírinne ag dearsgnadh isna neithibh do-chuaidh thoruinn, mar go ttarla gach ní go díreach do réir mar tairngireadh. Asarb uras dúinn a thuigsin nach beag iná suarrach an cúram atá ag Dia uilechomhachtach a ttimcheall na ndaoineadh iná an coimhéd atá aige ar na neithibh daonna. Arís, ós ag Dia amháin atá fios na neithe teagmhaisiocha atá ré teacht, ní féidir re críonnacht iná ré gliocas dhuine ar bith fearta, gníomhartha, cogtha agus cinneamhnacha égsamhla na ndaoine do chórughadh iná d'ordughadh ar mhodh gomadh comhardha iad ar na neithibh atá ré teacht, óir ní luighid fá bhreith iná fá thoil an duine acht as gnáth a tteacht contrárdha dá dhóthchas. Ar an adhbhar sin as ag Dia amháin atá a
ordughadh na daoine do dhénamh neithe éigin do chiallóchadh na neithe déntar isna haimsioruibh atá ré teacht. Do-chímíd ámh isan sgrioptúir naomhtha nach bhfuil ní ar bith dár tráchtadh isan Nuaidh-Reacht gó so iná dá ttráchtfaidhear ann féin iná isan tSein-Reacht, nár tairngireadh iad go follas a bhfad sul tángadar isteach. Agus ní féidir a rádha go résúnta gurab ó na críostaidhthibh atá na cialla sa ag an sgrioptúir agus gur chuiriodar a n-oireamhuin dó iad do réir a ttola féin; óir níorbh fhéidir an n-aondacht agus an coimhtheacht atá ag an tSein-Reacht ris an Nuaidh-Reacht d'fhagháil ar feadh an uiriod sin d'égsamhlacht aimsioradh, neithe, iomadamhlacht agus égcosmhuileacht ughdar, muna mbeith tuigse éigin do shnadhmfadh ré chéile iad ann gach aimsir. Ní féidir fós a rádha gurab go cinneamhnach do-rinneadh so, an tan nach bhfuil éinní aimhréidh, éinní neimhchéillidh, éinní buaidheartha ré fagháil ann, acht na huile, ón ní as mó gusan ní as lugha, ag teacht ré chéile a n-aoinréim go ceart; agus an ní bhíos dorcha a n-áit ann, gheibhthear go rofhollas a n-áit eile é, ionnus dar leat go bhfosglann an sgrioptúir naomhtha é féin san n-uile áit. Gidheadh, bíodh nach feasach so, nó nach lér don druing atá a n-ainbhfios an sgrioptúir, ní hamhlaidh sin theagmhas dá lucht sgrúdtha go diadha díthchiollach do ibh deoch roimhilis as fíorthobar na fírinne. Uime sin an drong réar mian fios na fírinne d'fhághail, ionnsuighdís an sgrioptúir naomhtha go búidh uirísiol geanmnuigh glan, agus mar sin gan chonntabhairt tiocfaid ar aoinmhéin linne. Ar an adhbhar sin as leis an sgrioptúir si amháin bheanas an míniughadh nó an ghluais dá ngairthear allegorica, do bhrígh gurab é amháin do shil ó Dhia agus ón árdsholas neamhdha. An tan ámh labhramaoid ar an ngluais si dá ngairthear allegorica, ní ar mhíniughadh iná ar ghluais fhábhallaigh ar nós na bhfileadh labhramaoid, acht ar an gcéill dhorcha agus leiteardha, óir ní hé as inntinn dúinn isna sgéluibh agus isna seanfhocluibh na neithe do chiallughadh thaisbénuid na briathra uatha féin, acht amháin na neithe tuigthear tré choncéitibh faoi na briathruibh. As é ní iomorro dá ngairmíd an chiall allegoricus, an chiall
shoichreidthe agá mbí trí neithe, .i. ar tús, lom staire a ndubhradh, a ndearnadh agus ar haithriseadh d'fhoillsiughadh gan chumadóireacht do réir chéille na mbriathar. Aris, ní éigin atá ré teacht do chiallughadh leis na neithibh do-rinneadh. Fá dheóidh, gurab uime do-rinneadh na neithe sin féin, dochum na neithe atá coimhcheanguilte ré chéile go romhaith do chur a gcéill. As follas as na neithibh (si) nach féidir lé gliocas iná healadhuin ar bith a shamhuil so dh'ord agus do choimhcheangal d'fhidhe ré chéile acht gurab lé Dia amháin (sa chúram dofhaisnéidhe a ttimcheall na neithe atá ré teacht nach mealltar) as éidir a ndlúithfhidhe. Arís, atá modh labhartha agus imtheachta an scrioptúir naomhtha comhaonaránach agus sin nárbh fhéidir lé aoinneach eadruinn riamh dá ordhraice agus dá chumusaigh san uile ealadhuin teacht 'na ghoire iná a choimhéd; óir as iad an drong amháin dár deónaigheadh, leis an Spiorad Naomh dá dheachtughadh dháibh, do mhínidh an modh sin. Agus bíodh gurab a n-aimsioruibh égsamhla a bhfad ó chéile dobhádar an mhuinntir do sgríobh air, agus go mbíodh dream aca nísa chumasaigh iná an chuid eile, ar a shon sin níor malartuigheadh ar énchor gnáthmhodh labhartha chomhráidh dhiadha an naoimhreachta; as comhardha follas ar nach ní daonna é acht ní diadha. Cruthaighe an t-éifeacht go mórmhór an ní. Óir as as an éifeacht thuigmíd brígh na cúisi. Ní faghthar ámh ar an talamh éifeacht as uaisle iná an bheatha chríostaidhe (do réir mar do fhoillsigheamar cheana), ré nach éidir theacht ó chúis nádúrtha ar bith acht ó thiodhlaicibh Dé. Ar an adhbhar sin ós é an naoimhtheagasg sa an sgrioptúir as fondamaint fhoirtill don bheatha chríostaidhe agus gurab ann choimhsheasas uile shubstaint an chreidimh chríostaidhe, as follas nach éidir leis féin iná léna mhodh labhartha bheith ó na daoinibh acht ó Dhia amháin. Óir as follas dúinn gur beag an tarbha iná an sochar do-rinne teagasg na ndaoineadh don chineadh dhaonna dochum a mbeatha do thabhairt suas go deighbhésach beannaighthe. Do bhrígh ria ndortadh an mhórsholuis so san saoghal go raibh an cineadh daonna dá unfairt a ndomhuincheó dorcha na hoidhche; gidheadh, iar ttéghadh ghaidhthe gréine an teaguisg apstalta agus iar ndeallrughadh toirnighe a seanmóra, do cuireadh a neimhthní
gach néll dorcha leis an solas so agus do soillsigheadh croidheadha agus tuigse na ndaoineadh (dobhí múchta a n-aigén gach ainbhfis agus gach seachráin ré dall ciach na gcionnta - oidhreacht d'fhágaibh ar seanathair Ádhamh aguinn) ré deallradh iongantach na soininne agus na fírinne. Acht ionnus nach sénadh aoinneach na neithe do-chuaidh thoruinn, filleam sealad ar shompladhuibh muinnteardha. As feasach iomorro sinn gur mó soillsighear, gur mó ar ndúil agus ar ttaithneamh agus gur mó feacthar agus claontar inn leis an teagasg sa an naoimhreachta agus léna mhodh iná lé teagasg eile ar bith. Dá bhrígh sin ó do fhilliodar seanmóntaidh na haimsire si ar chomhráidhtibh feallsamhanta agus ar órnáid labhartha na retoraice, iar ttréigean an naoimhtheaguisg si, as fírbheag an tarbha iná sochar do-rinneadar isna puibleachuibh; gidheadh, roimhe sin an tan do chleachtdaois seanmóir shimplidhe do dhénamh don phobal agus dobhídís deóntach lé teagasg agus lé ráidhtibh an naoimhscrioptúir go lasadaois na puibleacha ré solas iongantach na fírinne, ar mhodh go mbídís ag iolgháirdiughadh ré gach cor dá ccuireadh Dia dhíobh, dámadh sódh nó anródh é, agus go ngríosdaois iad dochum a mbeatha do thabhairt suas go deighbhésach maith beannaighthe. As feasach Dia nach eadh amháin nach ttugann an pobal cluas nó aire acht fós gur minic bhíos míofhoighid orra, agus sin nísa mhionca ar an aos foghlomtha, bheith ag éisteacht leis na seanmóntuibh bhíos ag eitill ar theagasguibh caolchúiseacha na bhfeallsamh agus ar óirbhriathruibh na heagna daonna, ag iarraidh duibheacáin an naoimhreachta d'fhoillsiughadh do dhaoinibh leathfhoghlamtha an tsaoghuil si. Gidheadh, comhluath agus fhillid ar mhórdhacht an naoimhreachta, madh as ag míniughadh chiall n-égsamhuil nó ag aithris a starrthach, go mbí a chluas a n-áirde ag gach aon comhaireach agus sin ag éisteacht leó, agus nach ttógbhuid a súil díobh an feadh ghreamuighid an naoimhtheagasg sin. Óir ní bhfuil ní as mó do-bheir taitneamh do na daoinibh, chuireas sólás orra, do-bheir solas na fírinne dháibh, agus do-bheir fá-deara dóibh a mbeatha do leasughadh iná míniughadh agus ráidhte an sgrioptúir naomhtha. Ionnas nach bí dúil nó fonn
aca a seanmóir, a tteagasg iná a léighionn ar bith eile do chlos iná d'éisteacht acht é, go háiridhe an drong dhiúltas do na hainmianuibh talmhuidhe agus léna mian dhul ar a n-aghaidh san maith. Agus as mar sin dobhí anall-ód an tráth dobhí an creideamh Catoilce fána úrbhláth ar feadh na Naoimh-Eagluisi. Ag so go deimhin an naoimhtheagasg úd as faobhraighe iná gach claoidheamh dófhaobhrach; as é do óraigh an chruinne go huilidhe do shubháilcibh, as é do theilg bun ós cionn altóra mallaighthe na ndeamhan, do chuir an t-iodhaladhradh ar gcúl, agus iar sgrios seachrán dofhaisnéidhe, do-rinne iliomad móirmhíorbhuileadh ar feadh na cruinne go coitchionn. Laibheóram do dheóin Dé ar so 'na dhiaidh so. Ós a chionn so ní bhfuil dá fheabhas dá mbí ar ttuigse glan sgiúrtha nach móide agus sin bhíos glacmhach ar an bhfírinne. As uime sin nach eadh amháin gur sgríobhsad na hinntleachta dob oirdhearca agus bá glaine a measg na ndaoineadh an naoimhtheagasg sa, acht dá admháil léna seanmóir, léna mbeathaidh agus léna mbésuibh gur thoirbhirsiod a mbeatha agus a bhfuil go neimhmeirtneach neimhchritheaglach dá chosnamh. Ní go deimhin nach déindís muna mbeith a fhírinne follas dá súilibh agus soghlacmhach beagnach dá lámhuibh. Mar an gcédna bí coimhtheacht ag an bhfíor leis an bhfíor agus neimhtheacht ag na huilibh leis an mbréig. Ní bhfuil ámh neimhtheacht ag na teagasguibh eile leis an naoimhtheagasg so aguinne, acht foghnuid dó, ar mhodh gur thaisbénadar daoine rofhoghlamtha roi-eólghasach ann gach ealadhuin nach bhfuil neimhtheacht iná conntrárdhacht ag aonchuid don fheallsamh leis acht go bhfoghnann dó go ro-oireamhnach. Ionnus go gceadaighthear do na críostaidhthibh na healadhnacha eile d'fhoghluim; ní nach bhfuileóntaoi ar énchor dá ndéindís urchóid don chreideamh Chatoilce. As fíor nach ndeónaighthear dháibh ealadhnacha áiridhe (acht nach dleaghuid an t-ainm sin) mar atá piseóga, aidhbhirseóracht, geasadóireacht agus nélladóireacht, d'fhoghluim, do bhrígh nach ealadhnacha iad acht teagasg tig
ón diabhal ré cách do mhealladh, agus mar sin nárbh áil leis na feallsaimh ordhraice tráchtadh orra iná a n-áireamh a measg na n-ealadhnacha cneasta eile, agus fós gur damnaigheadh iad mar neithe coirbthe leis an Naoimh-Eagluis, ar mhódh nach bhfaghthar daoine ar bith do-bheir aire dháibh, amháin mná beaga gan chéill gan insgne, nó daoine do-rinne neamhshuim dá n-anam agus tug iad féin ar dhoirn an diabhail. Dá mbeith ní ar bith isan bhfeallsamh do measfaoi bheith conntrárdha dhúinne, fuasglaid ar n-aois foghlamtha é comhsoilléir agus sin, ionnas (gurab follus) an fheallsa go hiomlán do fhoghnamh amhuil cailín coimhideachta nó banóglach do naoimhtheagasg an sgrioptúir naomhtha. Óir as comhardha diongmhálta ar an bhfírinne fuasgladh agus réidhteach uras gach cruaidhcheasta. As do nádúir fós na fírinne nach bhfuil dá mhéid dá bhfuighe cur 'na haghaidh, madh bhíonn fear a cosanta aice, nach móide agus sin thig sí dochum solais agus thaisbénas í féin. Ar an adhbhar sin ós í an fhírinne as cosbóir don tuigsi, as éigin go mbí claonadh nádúrtha aice chuice, mar as í as foirbhtheacht dhíleas dí. Dá bhrígh sin ní bhfuil dá mhéid dá ttig an fhírinne dochum soluis nach móide agus sin bhíos álgas agus fonn ag an tuigse chuice. Ní bhfuil ámh uair as mó foillsighear an fhírinne iná an uair as cruaidhe do-gheibh chathughadh 'na haghaidh; óir saoraidh sí féin í féin a n-aimsir an chomhluinn. Ar an adhbhar sin ó nárbh fhéidir lé hairdfheallsaimh ordhraice agus lé tíoránachuibh cruadhálachuibh dá gcumasaigh an naoimhtheagasg críostaidhe si an sgrioptúir naomhtha do chlaoidh réna gcruadhchomhracuibh, mar dhearbhas nuimhir dhoichríochnaigh screaptradh na ccríostaidhthe, as éigin a rádha gurab ó Dhia féin do síoladh é mar ní roifhíor. Óir mun budh eadh, nírbh fhéidir nach ttuitfeamh a gcomhlann éigin dá ndearnadh go dúr díbhfeargach 'na aghaidh, agus ní mhairfeadh combuan agus so ó aimsir Chríost gan claochlódh gan tuisleadh ar feadh na Naoimh-Eagluisi.
GO NDEARBHUID URNAIGHTHE AGUS MAODHUGHADH NA CCRÍOSTAIDHTHE AN CREIDEAMH CATOILCE DO BHEITH FÍOR. Caib. 9. Amhuil as é an creideamh, léghtheóireacht an scrioptúir naomhtha, a éisteacht agus a mhídheamhuin, as tús agus as tobar don bheatha chríostaidhe, mar an gcédna as í an urnaighthe ní as fearr a measg na neithe oileas an bheatha sa agus do-bheir fás nó foirbhtheacht di. Óir as follas dúinn re úsáid aimsire rofhaide an mhéid chleachtas an urnaighthe gan sgís d'éirghe go céim ro-árd foirbhtheachta agus naomhthachta, agus an mhéid bhíos ag dul ar a n-aghaidh, do ghnáithchleachtadh na hurnaighthe, agus go bhfaghaid toil commór agus sin a nDia réna samhuil so d'urnaighthe agus do mhaodhughadh diadha go ndénuid neamhshuim agus tarcuisne do na huile neithibh anna mbí dúil ag na daoinibh amhuil neithe uirísle díomhaoine. Agus (ní) do dhaoinibh annamha eagnuidhe amháin atá so coitchionn acht do dhaoinibh simplidhe aineólacha, d'fhearuibh agus do mhnáibh agus don n-uile do fhoghluim a mbeatha do thabhairt suas go críostaidhe catoilce. Ionnus gurab uras dúinn as an éifeacht sa fírinne ar gcreidimh do dhearbhadh. Ar tús, ó atá Dia 'na ghníomh fhíorghlan, 'na chéidfhírinne agus 'na sholas dofhaisnéidhe, ní bhfuil dá fhoicse dá rachaidh neach dhó nach móide agus sin bhias rannphártach don fhíorghlaine, don fhírinne agus don tsolas neamhdha. Ní dhruid an duine ámh a bhfogas do Dhia ré céimnioghadh a choirp acht ré fíorghlaine a bheatha, ré hárdughadh a inntinne agus re maodhughadh na fírinne. Ar an adhbhar sin ó nach éidir beatha do bheith as niamhdha agus as fíorghlaine iná an bheatha chríostaidhe, agus nach bí inntinn nó tuigse an duine roghlan roisgiúrtha acht an tan amháin fuaduighthear í suas go flaitheamhnas ris an maodhughadh ndiadha, leanaidh go follas gurab a ngníomh na hurnaighthe agus an mhaodhughaidh bhíos an duine go mórmhór cumasach ar an bhfírinne agus ar an tsolas diadha. An tan iomorro go bhfaicmíd ré neart agus ré brígh na hurnaighthe na críostaidhthe ar lasadh dá ndaingniughadh a gcreideamh agus a ngrádh Chríost agus ag dénamh
bisigh isna subháilcibh, as riachtanus a admháil gurab é an solas agus an fhírinne dhiadha as creideamh do na críostaidhthibh. Mar as gcédna ó atá óna nádúir féin ag an tuigsi dúil do bheith aice isan bhfírinne agus fuath ar an mbréig, ní bhí ullmhughadh dheaghdhuine ar bith nísa fhoicse don fhírinne do ghlacadh agus dochum na bréige do sheachna iná a ngníomh na hurnaighthe. Agus as annsin go mórmhór, mar adubhramar cheana, fháisgeas sí an creideamh lé. As a leanann nach éidir don chreideamh bheith brégach ar aonchor. Arís, as trésan Íosa Críost úd do crochadh ghuidhid na huile chríostaidhthe Dia, óir as gnáth leó na briathra so do chur a ndeireadh gach óráide nó urnaighthe dá ndénuid, .i. tré ar tTighearna Íosa Chríost, nó, tré Chríost ar tTighearna; agus do-gheibhid ó Dhia ar an modh sa neithe romhóra agus neithe fós doichreidthe. Gidheadh, dá mbeith aoinneach nach gcreidfeadh so, go háiridhe as éigin dó a admháil, mar as follas go laethamhuil agus a fhiadhnuisi ar an tsaoghal, go bhfaghuid na neithe as prionnsapálta as mian leó, mar atá foirbhtheacht agus maith na beatha agus sólás fíre dá ttuigse, ionnus go ttugaid do roghuin a ndeóra aithrighe do sheileadh roimh aoibhneas agus antoil an tsaoghail go léir. Go fírinneach, muna mbeith Íosa Críost 'na Dhia, mar adeir an creideamh, níorbh fhéidir leó a suininn comhmór agus sin agus a bhfoicsi don tsolas bheith dhá múchadh a nduibhnélluibh dorcha an tseachráin, agus ní mó d'fhuileóngadh Dia a mealladh coimhleamh agus sin, nó go háiridhe ní éistfeadh leó agus iad comhdaingion agus coimhseasmhach agus sin anna n-eithricceacht. Arís, as gnáth don uile chúis ullmhaigheas adhbhar éigin dochum foirme do ghlacadh go ttugand an fhoirm asteach isan adhbhar comhluath agus bhíos lánullamh; óir ní uillmheóchadh an t-adhbhar ar aonchor muna (mbeith) rún aige an fhoirm do tharraing ann; agus ní mó chorraigheas gluaisteóir ar bith a shoghluaisteach gan críoch éigin do bheith roimhe. Mar sin, an fírén, ní féidir a thógbháil suas ag dénamh urnaighthe dochum Dé muna gcorraighidh Dia, as cédchúis do na huilibh, agus muna ttairngidh é dochum na hurnaighthe. Dá bhrígh sin ós é an sén síordhuidhe as críoch don deighbheatha agus don urnaighthe, ní tharróngadh Dia an duine dochum na deighbheatha agus na hurnaighthe muna mbeith rún aige an sén síordhuidhe sin do
thabhairt dó. Ar an adhbhar sin madh daingnighthear an críostaidhe a gcreideamh agus a maodhughadh Chríost commór agus téid ar a aghaidh ina bheathaidh agus ina urnaighthe, ní féidir leis an gcreideamh sin bheith acht ó Dhia, tré a ttreóraigheann na daoine gusan naoimhshén síordhuidhe, do mhaodhughadh agus do ghrinndearcadh a Dhiaghnúisi go biothbhuan. Arís, as gnáth don n-uile chúis a héifeacht féin d'éisteacht (más comhrádh díleas ré rádha); agus as í as itche don éifeacht an fhoirbhtheacht dhíleas dleaghar dhó agus iarrus ar an gcúis an tan bhíos lánullamh dochum a glactha. Annsin muna gcurthar toirmeasg ar an gcúis, doirtidh gan mhoill an fhoirbhtheacht isan éifeacht do réir mar dho-gheibh ullamh é; ní dothig óna maith agus óna réidhteach; óir as do nádúir na maithe bheith dórtmhach uirre féin. Ar an adhbhar sin ó atá Dia 'na árdmhaith dhochuimsigh, gan chonntabhairt as luaithe éistfeas a éifeachta féin iná na huile chúisi eile, go mórmhór na héifeachta do-gheibh ullamh go romhaith dochum na ngrás do ghlacadh; agus as iad sin na críostaidhthe (mar adubhramar cheana go meinic), go mórmhór a n-aimsir na hurnaighthe agus an mhaodhughaidh. Óir ní bhfuil ní as díthchiollaigh iarruid ar Dhia iná eólas na fírinne, do réir an rádha úd an ríoghfháidhe: “Ionshorchaidh mo shúile, ionnus nach ccodluinn go bráth isan mbás.” Agus mar sin ní chailleand Dia a ndóthchas orra. Ní bhfuil ámh dá mhéid dá ndénuid an urnaighthe nach móide agus sin daingnighthear iad isan gcreideamh. Ar an adhbhar sin atá ar résúin-ne daingean doibhriste. Fá dheóidh, muna mbeith Críost 'na Dhia fíre, ní bheith naomhaithis, blaisbhéim iná mallughadh bá mó iná a chreideamh agus admháil go mbeith 'na Dhia fíre. Madh ghuidhid na críostaidhthe Dia an tAthair tré Chríost, chreidid bheith 'na aon a nádúir leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh, cionnus fhuilngeas Dia seachrán comhmór agus sin do ghlacadh go mídheaghmhaisioch as ainbhfios agus as simplidheacht, agus nach ttugann furtacht do réir a ghnáthmhaitheasa agus a bhúidheachta don druing atá dá ghuidhe agus atá ag iarraidh fóirighne air tré fhonn a n-uile chroidhe? Nó madh as coir orra a ndaingne agus a
seasmhaighe ina gcreideamh, cionnus fhuilngeas coir ghortaidhthe na mórdhachta diadha gan smachtughadh gan díoghaltas? Nó go háiridhe créd fá mbí (mar do-chímid) fabharthach don earráid si agus don mhallughadh coirbthe, ag dáileadh iliomad do throimthiodhlaicibh mórluaighe ar an droing si agus dá n-éisteacht comhbúidh agus sin? Mar an gcédna ar n-anam, bí sólásach lúthgháireach leis an bhfírinne agus bí buaidheartha athamhalta leis an mbréig, agus ní féidir leis ar énmhodh ciúnas iná socracht d'fhághuil innte. Ar an adhbhar sin madh atá creideamh Chríost fallsa brégach agus nach éidir drochghnás as gráince agus as mallaighthe iná é d'fhagháil, cionnas dorachdaois nuimhir dho-áirmhe dhaoineadh, go mórmhór d'fhírénuibh agus d'eagnaidhibh, ar a n-aghaidh comhfada agus sin a maodhughadh an Chríost sa do crochadh nach eadh amháin go ttarcuisnighid na huile neithe daonna ar a shon acht go bhfuilngid gorta, saothar, duadh, annró, teas, fuacht, masla, míomhodh, tár, tarcuisne, bagar, boirbbriathra, sgiúrsadha, sgoráil, pianta, príosúin, gach ísbirt agus gach feólchumadh dá chruadálaigh, agus, fá dheóidh, an bás ní headh (amháin) go meanmnach móraigeantach acht fós an tan nach tteagmhuid so dháibh go mbíd ar lasadh d'fhonn a bhfaghála? Go dearbhtha ní féidir nach bhfuil lámh láidir ag Dia isan gcúis i. GO NDEARBHANN ADHRADH FOIRIMLEACH NA CCRÍOSTAIDHTHE AN CREIDEAMH DO BHEITH FÍOR. Caib. 10. Do fhoillsigheamar cheana as cúisibh prionnsapálta na beathadh críostaidhe, .i. as an gcreideamh, as freacar an scrioptúir naomhtha agus as an urnaighthe, ó ngeintear, ó n-oiltear, ó médaighthear agus ó bhfoirbhthighear an bheatha chédna, ar gcreideamh féin do bheith roifhíor, d'easbhaidh an n-uile fhallsachta agus bréige. Agus as iad na cúisi rémhráidhte (si) as
cúisi innmheadhónacha dhi. Anois ámh siobhólam ar na cúisibh foirimleacha mar neithe do-bheir congnamh agus do-ní foghnamh do na cúisibh innmheadhónacha; agus as iad sin na sácramuinteadha agus na cerimonias hordaighthear a ttimcheall na sácramuinteadha; óir as lé hadhradh foirimleach an chreidimh chríostaidhe bheanuid go huilidhe. Agus dochum gan bheith liosta ag tráchtadh ar gach aon díobh fá leith, cruinneócham a gceann a chéile iad go hiomlán mar aonchorp dénta d'iomad ball. An tan gurab dochum na sacramuinteadh atáid na huile cerimonias, agus na sácramuinnteadha féin dochum aontsacramainte prionsapáilte amháin, .i. go Naomhshácramuint na haltóra, as éidir a rádha go céillidhe gurab aoinní amháin iad. Do-chímid iomorro bisioch adhbhal caoindúthrachta agus naomhthachta dá dhénamh ag na críostaidhthibh choimhlíonas go ceart cubhaidh an t-adhradh so. Óir as feasach sinn ó thús ar gcreidimh féin gusna haimsioruibh si, as arguibh, as fiaghnuisibh agus as sompladhuibh na n-aithreach seana agus óga, lucht freacartha an adhraidh si go ceart iochtmhar, agus lucht miniostrálta na sacramuinteadh, nó ghlacas iad, do chruinniughadh foirbhtheachta móire nach raibh aca cheana agus teacht go céim ro-iongantach a naomhthacht agus a bhfíréntacht. (Ní) féidir ámh drong d'fhagháil as urchóidighe agus as coirbthe iná an drong thathaigheas iad gan an creideamh iná an crábhadh. Agus dochum gan labhairt ar sheanshompladhuibh, as léir dhúinn go solasghlan nach bhfuil dream as fearr, as deighbhésuigh agus as macánta iná an chuid dár sagartuibh agus dár ccléir bhíos go maith; gidheadh, nach éidir dream (d'fhagháil) as measa, as coinnealbháite agus as coirbthe iná an chuid díobh bhíos go holc. An chuid díobh bhíos go maith, bíd coimhfíorghlan agus sin sgartha ré grádh na n-uile neithe temporálta go ngreamaighid go dosgaoilte do Dhia amháin, sa ghrádh agus a fhírinne ar son nach leasg leó an bás d'fhulang. Gidheadh, an chuid bhíos go holc, bíd báidhte a n-uabhar, a n-iomthnúdh, a saint agus ann gach n-uile olc, ag sárughadh na n-uile commór agus sin ina ndroichbheatha, ar mhodh, ní as rodhona iná an chuid eile, nach éidir a ttabhairt dochum deaghstaide iná a leasughadh, an tan gurab
ag calcughadh isan olc bhíd lé comhairle, ré teagasg, ré achmhusán agus ré deaghshompla do thabhairt dáibh; neithe re n-iompaighear gach dream eile dá ndubháilcigh dochum maitheasa. Ós mar so iomorro atá, agus go bhfuilid na neithe si comhfollasach agus sin ós comhair ar súl nach éidir a sénamh, fiafraighim cionnus thigid an dá éifeacht chonntrárdha sa óna samhluibh so do shacramuintibh agus do cerimonias. As feasach mé nach sénaid na feallsaimh dhá éifeacht chonntrárdha do theacht ó énchúis amháin madh bhíd ullmhaighthe conntrárdha isan adhbhar. Óir cruadhaighidh teas na gréine an talamh agus leaghaidh an leac aighre. An crann, iar ndaingnioghadh a fhrémh isan talamh, do-bheir bláth agus toradh uaidhe; gidheadh, madh leagthar é, críonaigh go luath. Go dearbhtha ó atáid an dá éifeacht rémhráidhte chomhconntrárdha agus sin dá chéile go bhfuil éifeacht díobh romhaith asan droing onóraigheas na rúindiamhra naomhtha agus an t-éifeacht eile go ro-olc isan droing easonóraigheas agus mhaslaigheas na rúindiamhra cédna, ní féidir dhóibh teacht ó chúis fhallsa iná díomhaoin. Gidheadh, ó nach lér dhúinn na héifeachta cédna chomhconntrárdha agus so isna daoinibh eile, ní féidir linn a aithearrach do chúis do thabhairt dáibh, acht madh an cleachtadh nó an gnás conntrárdha égsamhuil do-bheirid dáibh féin a n-adhradh Dé. Go deimhin munab ó Dhia féin dobheith adhradh foirimleach an chreidimh chríostaidhe, agus muna mbeith an bhrígh agus an fhírinne dhiadha ann, ar an mhodh a mbí brígh na cúisi prionnsapálta isan ionnstramuint, níorbh fhéidir leis ar aonchor éifeacht ro-ordhruic na naomhthachta críostaidhe do gheineamhuin, do choimhéd agus do chríochnughadh. Gidheadh, ní uaidhe féin amháin do-ní so, do bhrígh gurab ní spioratálta an bheatha chríostaidhe agus gurab isan gcuid inntleachtaigh nó tuigsigh bhíos, ní féidir lé teacht ó ionstrumaintibh corpardha amháin. Cad é an sochar do-dhénamh don anam an baisteadh, ongadh ola agus ballsuim, deatughadh túisi, ofráil na habhluinne agus na cailísi, agus an mhéid eile don tsórt sa do neithibh foirimleachuibh ghnáthaigheas an Eagluis muna mbeithdís 'na n-ionnstramuinnteadha ag cúis uachtaraigh éigin? Óir dámadh ó chomadóireacht daonna nó ó
chleasaibh an diabhuil do tarróngthaoi iad so isteach, níorbh fhéidir beatha comhnaomhtha lé beathaidh na ccríostaidhthe do theacht ó chleasuibh nó ó mhealltóireacht comhcoirbthe agus commallaighthe leó. Acht dá n-abradh aoinneach nach é an t-adhradh so as cúis don fhoirbhtheacht, acht freacar na subháilceadh agus soichreideamh na ndaoineadh, re a ccreidid a bheith diadha; óir iad so ris an díthchioll do-níd ar na dubháilcibh do sheachna agus ar na deaghoibreachuibh do chleachtadh go buan, tig bisioch adhbhal orra go laéthamhuil réna shamhuil so do fhreacar. Fiafraighemidne ámh 'na aghaidh so, créd an fáth a ttéid a bhfad ar seachrán ón bhfoirbhtheacht sa an drong bhíos díthchiollach a macántacht agus a ndéighbhésuibh mórálta amháin nó nach dtathaigheann na sacramainnteadha acht go hannamh? Go dearbhtha dá mbeith an t-adhradh so fallsa neamhtharbhach, ní bhfuil dá fhad dá seachónadh duine é nach móide dorachadh ar a aghaidh agus do-dhénamh bisioch a bhfreacar na subháilceadh mórálta. Mar an gcédna ní dochum oilc acht dochum maitheasa dorachdaois na sagairt agus an chliar do-bheir tarcuisne dhó. Sa chonntráir as léir dhúinn go laéthamhuil. Arís, an tan gurab é Dia an áirdfhírinne, ní bhfuil dá mhéid dá bhfaghann neach dá solas nach móide thig a bhfogas do Dhia, agus ní bhfuil dá mhéid dá mbí ceangailte ag na bréguibh agus ag an earráid nach móide agus sin bhíos a bhfad ó Dhia. As feasach sinn ámh an dream chleachtas agus ghnáthaigheas na rúindiamhra sa go búidh agus go riaghalta go bhfaghaid an uiriod sin suilt agus sóláis isan adhradh diadha go n-árdaighthear iad commór agus sin ós a ccionn féin nach bí mothughadh inntibh agus go mbíd doghluaiste amhuil dobheithdís gan anam. Mar an gcédna go ndén gaidhthe gréine na naomhthachta bhíos ag deallrughadh 'na ngnúisibh iad soghrádhach so-onórach do na huilibh dhearcas orra. Agus bíodh (mar léighemíd) gur mó dobhíodh don tsórt sa ann anall-úd iná isna haimsioruibh si, ar a shon sin as feasach dúinn mórán díobh do bheith mun am so ar feadh na hEagluisi, ní headh amháin do dhaoinibh simplidhe acht fós do dhaoinibh críonna eagnuidhe. Créd as a ttig so dháibh? Créd as an mhídheamhuin shólásach? Créd as a ttig
an teas spioraide teinntighe úd, na hosnadha adhanta, na milisdheóra ag seilt, agus iolgháirdeas dofhaisnéidhe na hEagluisi ag seinm go taighiúir a salm agus a cainticc? Go dearbhtha munab ó Dhia dobheith an t-adhradh sa agus muna mbeith roifhíor, nírbh fhéidir máinidhe iná bréga bá mó d'fhagháil, an tan go bhfuil go hiomlán líonta d'fhíoghrachuibh, agus ciallaightheach. Agus mar sin ní bheith acht díomhaoineas agus saothar a n-aisge ann gach ní dá mbean leis na rúindiamhruibh, leis na sácramaintibh, leis na teampluibh, leis na haltóruibh, leis (na) bairrínibh, leis na héidibh, leis an sailmcheadal taighiúir, agus lé gach cerimonias eile dá ngnáthaigheann an Eagluis. Tar a cheann sin as dochum Críost d'adhradh do hordaigheadh iad go huilidhe. Ar an adhbhar sin dá mbeithdís an uiriod sin brég ceanguilte don adhradh sa, ní tóigébhthaoi go háiridhe duine críonna eagnuidhe géirinntleachtach coimhiongantach agus sin ré mídheamhuin na sacramuinteadh agus na rúindiamhradh sa go maodhughadh na neithe diadha, agus ní mó do líonfaoi é leis an uiriod sin d'aoibhneas agus do shólásuibh neamhdha. Óir, amhuil adubhramar cheana, dalluid na bréga an tuigsi agus druidid í ó Dhia. Ar an adhbhar sin adeirmíd ón éifeacht conntrárdha go bhfuil an t-adhradh so roifhíor agus líonta do ghrásuibh Dé. Foillsighidh fós ord agus ciall na neithe do-níthear isan Eagluis nach gliocas iná tuigse dhaonna dofuair amach iad acht gurab ó Dhia féin tángadar. Óir ní bhfuil éinní mírésúnta iná díomhaoin isan adhradh so, acht atá a ord, a chiall agus a rúindiamhair féin ag gach ní ann - ar nach laibheóram anois, gidheadh, as rún dúinn labhairt go hathchumair orra isan treas leabhar do réir mar mheasfam riachtanus ré tráchtadh orra. An tí ámh réar mian a n-eólas so d'fhághuil nísa fhearr, léghadh gluais mhínigh na ndochtúireadh, agus ré smuaineadh ar gach ní dhíobh fá leith, ní bhfuighe críoch do chur go bráth orra gan ní d'fhagháil ré sgrúdadh, an tan nach lugha an t-ord iná an coimhtheacht do-ghébhas aca so re 'roile iná ag uile obair na nádúire. Go dearbhtha muna fear droichinntinne dosmachtaigh é, caithfe a admháil gurab ó Dhia atáid so go huile agus nach leis na daoinibh do hordaigheadh iad.
AN CREIDEAMH DO BHEITH FÍOR AS ÉIFEACHTUIBH INMHEADHÓNACHA NA BEATHADH CRÍOSTAIDHE. Caib. 11. Do chruthaigheamar cheana ré résúnaibh as cúisibh innmheadhónacha agus foirimleacha na beathadh críostaidhe an creideamh do bheith fíor; anois iomorro as mithidh dúinn an ní cédna do chruthughadh as éifeachtuibh na beathadh cédna. As dá héifeachtuibh prionnsapálta ámh agus as gnáth 'na tóraigheacht, síth na hinntinne, lúthgháire agus saoirsi an anma. Óir gan áireamh ar shompladhuibh ar n-aithreach anall-ód, as lér isan aimsir si féin nach gluaistear na críostaidhthe fíre ré anfadh iná ré stoirm buaidhridh iná inghreama dá n-éirgheann dáibh acht gur móide agus sin sheasuid go doghluaiste a n-admháil agus a gcreideamh Chríost agus bhíos sgeim orra isna trioblóidibh. Ar an adhbhar sin as infhiafraighthe cia ó ttigid na héifeachta sa nach bhfuil dá dhlúithe dá ngreamaigheann neach do Chríost nach móide agus sin do-gheibh saoirsi agus soinionntacht anma. As é iomorro as cúis don ní so, mar adeirid na críostaidhthe, .i. mar as a bhfios amháin agus a maodhughadh na ndiamharrún neamhdha atá sén síorrdhuidhe an duine, as follas nach éidir an fonn nó an t-álgas daonna do chomhnuidhe a ní ar bith mar chrích dhéighionaigh faoi Dhia féin. Mar sin, an tsíth agus an ciúnas anma shealbhuidhid na críostaidhthe, ní féidir lé teacht ó ní ar bith acht do bhrígh gur chuirsiod reampa an chríoch dhéighionach úd as críoch fhíre. Uime sin madh fhiafraighir do na críostaidhthibh go huilidhe créd as críoch dhéighionach don duine, freagóruid duit gurab é Dia as críoch fhíre dhó. As uime so mheasuid nach bhfuil acht neimhthní a neithibh an tsaoghuil si go huilidhe a bhfarradh Dé; agus do bhrígh go mbí dóthchas aca Dia d'fhagháil tar éis na deóraigheacht sa d'fhágbháil, a shealbhughadh agus a ghnoughadh, do-níd neamhshuim agus tarcuisne don n-uile ní dá mbí isan tsaoghal amhuil neimhthní. As so ní ghoilleann orra maitheas tiomporálta an tsaoghuil si do chall, an tan, iar ndénamh neamhcháis dá mbeathaidh, go mbí fonn orra bás d'fhagháil, d'fhonn Dé, as árdmhaith agus as aonmhaith dháibh, d'fhaicsin. Agus do bhrígh go
bhfuil Dia isan n-uile áit tré bheith, tré láthair agus tré chomhachtaibh, atá mar an gcédna isna críostaidhthibh tré ghrádh agus tré mhaodhughadh, amhuil bhíos an tí grádhaighthear isan tí ghrádhaigheas é. An tan dobhíos an tí ar a mbí grádh ag neach do láthair aige, as gnáth go mbí sólás agus lúthgháire air; uime sin bí lúthgháire agus iolgháirdeas adhbhal ar na críostaidhthibh deighbheathacha Dia do mhothaighid go hinnmheadhónach do bheith do láthair aca. Agus do bhrígh go bhfuil comhachta Dé dochuimsigh doichríochnaigh, an tráth mhothaighid go mbí Dia fabharthach dháibh, do-níd tarcuisne do na huile neithibh go neamhfhaitcheach, ar mhodh go mbí a ndóthchas agus a meisneach comhdaingion comhdoibhriste agus sin nach éidir a gcorrughadh iná a ngluasacht a n-aonphongc dá staid re bladar, re mealltóireacht, ré borbbhagar, iná ré piantuibh dá gcruadhálaigh. Acht ó nach éidir leis an duine an ciúnas agus an tsíth, an tsaoirsi agus an tsuinionntacht anma sa d'fhághail ó nádúir amháin tré thoirmeasg na neithe somhothaighthe agus anbhfainne na tuiccsi, as éigin a admháil gurab tiodhlaice neamhdha an tsíth agus an ciúnas anma sa; sa bhrígh a mbí Dia agus an sén síorrdhuidhe do gealladh dúinn go buan ó fhonn agus ó ghrádh do láthair aguinn. Gurab é so ámh as cúis síthe, sóláis agus saoirsi do na creidmheachuibh, as follas é as nach bhfuil ar n-anam acht 'na aon agus a chomhachtadha go huilidhe arna bhfrémhughadh ina bheith, ar mhodh, an uair bhíos aonchomhachta dhíobh a n-oibriughadh go hiomlán, nach éidir leis úsáid do dhénamh don chomhachta eile. Fá mar do-bhéradh neach aire go grinn do mhaodhughadh, as éigin an feadh bhias asan maodhughadh go léigionn oificc na gcomhacht eile ar lár; mar an gcédna ní féidir leis an tí ar a mbí doilgheas nó crádh mór maodhughadh do dhénamh. Ar an adhbhar sin dá mealltaoi na críostaidhthe leis an gcreideamh díomhaoin si, ní féidir go ttiobhradh cúis uachtarach ar bith congnamh dá ndaingnioghadh isan tseachrán sin, agus mar sin ní bheithdís acht mar do-rinne an nádúir iad, agus fós do laigeóbhthaoi ar mhodh éigin leis an sárughadh salach sa na fírinne na neithe atá ó nádúir féin aca. Cionnus dá bhrígh sin do fhédfadaois a n-ainnisi romhóir, a n-inghreim agus a ndólásuibh an choirp síth, sólás agus saoirsi dhoghluaiste inntinne do choimhéd, go háiridhe an tan nach beagán do choimhlíon so acht nuimhir
dho-áirmhe? Na feallsaimh iomorro, ní mó iná beirt chuirid inar n-aghaidh; as féidir linne ámh nuimhir dhofhaisnéidhe dá gach cinél ar feadh na cruinne do chur 'na n-aghaidh-sean, do shealbhaidh go dobhuaidheartha an tsíth agus an tsaoirsi inntinne so a n-annróidhtibh agus a ndólásuibh romhóra gan d'arm cosanta aca acht an Críost so do crochadh do ghairm agus do ghuidhe agus bheith dá shíormholadh óna n-uile chroidhe. Mar ar gcédna as feasach sinn agus as amhlaidh dofuaramar ó na seanuibh táinic romhuinn go bhfásann síth, sólás agus saoirsi an duine ré bisioch do theacht air isan gcreideamh agus a naomhthacht na beatha críostaidhe. Ní nárbh fhéidir do theacht ar aonchor muna mbeith an creideamh, an dóthchas agus a n-admháil fíor agus súil ré maith chinnte d'fhagháil uathaibh. Óir ní bhfuil dá fhad dá ttéid neach ar a aghaidh a ndíorchacht na beatha nach comhfada agus sin thig a n-eólas na fírinne, a bhfreacar na maitheasa agus a seachna na locht. Uime sin muna bhfaghadh an críostaidhe maith fhíre a mbisioch na beathadh sa, nírbh fhéidir a shólás do mhédughadh, acht ní bhfuil dá mhéd do mhothóchadh nó do thuigfeadh é féin arna mhealladh nach móide agus sin dobheith dólás, dobrón agus míchiúnas inntinne air. As daingion an dearbhadh ar an ní so beatha na ndaoineadh riaghalta. Óir do-chímid go laéthamhuil nuimhir dho-áirmhe d'fhearuibh agus do mhnáibh, d'fhonn beathadh nísa fhoirbhthe, ag dul go clabhstraibh comhanga, ag tréigean a n-aithreadh, a ngaoil, a gcáirdeadh, a n-uile shaidhbhris, a n-aoibhnis agus a n-antola maraon réna saoirsi dhíleas, ag dul a gcuideachta agus a gcomhluadar choigcríoch nach feas dáibh cia iad, ag umhlughadh dáibh san n-uile ní go pongcamhuil óna n-uile chroidhe, ar mhodh, do thaoibh na neithe foirimleacha, nach deónaighthear énní dháibh acht an mhéid as fírriachtanas dochum na beathadh daonna d'oileamhuin, agus sin féin ré toil a n-uachtaráin, rear féidir go laéthamhuil a mhalairt nó a bhuain díobh go hiomlán, ionnus nach bí énní díleas iná cinnte ag aoinneach aca acht na huile neithe coitchionn do na huilibh. Do thaoibh iomorro maitheas' inmheadhónaigh an chuirp, coimhédaid gan bhearnadh geanmnuigheacht an anma agus an chuirp, claodhbhrúdhaid an fheóil ré dúsgadh, ré troisgthibh agus ré habstainéid, agus cuibhrighid go cruaidh ainmiana agus antoil na ccédfadh. Do thaoibh fós maitheasa an
anma, tréigid go deóntach an ní as muirnighe ag an duine, .i. an toil shaor, agus ní bhí do thoil iná do neamhthoil aca acht a ttoil do bheith ceanguilte go síorrdhuidhe do thoil a n-uachtaráin agus gan a bheag dá ttoil féin d'iarraidh iná do shanntughadh go bráth. Agus do bhrígh gur thréigsiod na huile neithe a mbí aoibhneas nó sólás ag daoinibh an tsaoghuil si, atá fonn comhmór agus sin orra san bhfoirbhtheacht nach bhfuil dream as súgaighe agus as sólásaighe chaitheas a n-aimsir iná iad, ar mhodh go measfá gurab a n-aoibhneas romhór dobheithdís do ghnáth, ag dul ar a n-aghaidh go laéthamhuil a mbarr síthe agus sóláis agus ag iolgháirdiughadh a moladh agus a maodhughadh an Chríost so do crochadh, ionnas madh fhiafraighir dhíobh créd fáth a lúthgháire nó a sóláis, freagóruid d'aoinmhéin gurab a nÍosa Críost do crochadh atá a n-uile shólás, aoibhneas agus áineas, agus nach bhfuil suim nó cás aca a ní ar bith acht ann féin nó isna neithibh bheanas leis. Do chéidneithibh, adeirmíd nach éidir a thaisbénamh re résúnaibh céillidhe ar bith gurab ó leimhe nó ó sheachrán tig an lúthgháire so dháibh, ar an adhbhar nach daoine uirísle iná simplidhe amháin bhíos mar so acht daoine ro-ordhraice a n-eagna agus a bhfoghluim d'aitheónadh go ro-uras an earráid si - dámadh earráid í - agus sin tréna n-eagna agus tré fhoirbhtheacht a mbeatha. Óir ní féidir lé ceilg iná lé meabhuil marthuin go buan a bhfochair na heagna agus na deighbheatha. Ós a chionn so, an tan go ndénuid an dream so a n-uile dhíthchioll ar éirghe gusan gcéim as airde don fhoirbhtheacht, agus nach bhfuil foirbhtheacht ar an tsaoghal so as mó iná an fhoirbhtheacht tairgidsion d'fhagháil, .i. an bheatha riaghalta chríostaidhe, anna bhfaghthar áirdchéim na foirbhtheachta, leanaidh nach bhfuil dream as oireamhnaigh iná iad dochum na n-árdsholas neamhdha do ghlacadh. Ar an adhbhar sin muna mbeith creideamh Chríost fíor, níorbh fhéidir, leis an bhfad so d'aimsir, nach bhfuighthí amach a fhallsacht leó nó nach ttuigfeadh dream éigin dá mbeith cealg nó mailís ann. Agus níorbh fhéidir lé daoinibh comhordhraic agus sin síth agus saoirsi do choimhéd agus bheith go súgach sólásach do shíor a n-árdmhodhsaine inntinne dá mbeith an creideamh fallsa. Sa chonntráir as follas don n-uile. Óir ní headh amháin gur dhaingnigheadar an creideamh ós cách réna mbriathruibh, réna seanmóir agus réna ndeaghshompla acht fós réna sgríbheinn agus réna sólás a n-inghreim
agus a mbuaidhreadh an tsaoghail si. Agus mar sin as cinnte gur fada cealg agus meabhuil ó chreideamh Chríost. Arís, as nádúir don n-uile chúis as an maith atá ann fonn do bheith air é féin do dhortadh agus do ruinn agus an mhéid gur féidir leis a éifeacht do dhíriughadh dochum a chríche, go mórmhór madh fhilleann an t-éifeacht air. Agus ní bhfuil dá fhoicse dá ttig an t-éifeacht don chrích nach móide agus sin bhíos síth agus sólás aige. Acht as é Dia an árdmhaith dhochuimsigh atá rofhonnmhar ar a mhaith do ruinn go fial fairsing ar na huilibh; ar an adhbhar sin dírighidh sé na huile fhilleas air dochum a gcríche, do réir mar thuillid, dochum síthe agus sóláis d'fhághuil innte. Dá bhrígh sin ó nach éidir dream d'fhagháil as dúthrachtaigh agus as diongmhálta fhilleas ar Dhia iná na deaghdhaoine riaghalta, as éigin go ndírigheann Dia iad dochum na críche, anna bhfuighid ciúnas, síth agus sólás. Iad so iomorro ré dul ar a n-aghaidh isan gcreideamh go laéthamhuil, daingnighthear iad ann, ar mhodh go bhfaghaid síth agus suaimhneas inntinne a gCríost agus go ndénuid neamhshuim agus tarcuisne do na huilibh mar neithe gan tádhbhacht ar a shon-san amháin. Ar an adhbhar so as follas nach bhfuil fallsacht ar bith isan gcreideamh sin. Nó dá mbeith, níorbh fhéidir leó theacht gusan gciúnas fíre ré bhfuil súil aca, bíodh go ttréigfedís an sólás fallsa so na hinntinne ré Dia dá ndíriughadh uaidhe. Mar an gcédna is a ngrádh éigin frémhaighthear an n-uile lúthgháire. Óir as é an grádh céidghníomh na toile, óna ttigid na gníomha eile. Ar an adhbhar sin ó nach a maith ar bith soibhriste nó nádúrtha an anma choimhsheasas an lúthgháire agus an t-iolgháirdiughadh meanma agus inntinne as follas a ngnúisibh na ndaoineadh so, acht go ndearbhuid as bél a chéile d'aoinmhéin gurab ó ghrádh an Íosa Críost so do crochadh dothig, go deimhin ní féidir an lúthgháire (so) do bheith arna frémhughadh a n-ainbhfios ar bith, a seachrán iná a ngrádh díomhaoin; óir ní bhfuil dá dhíorcha agus dá naomhtha dá ttiobhradaois a mbeatha i ttír nach móide agus sin dorachadh an lúthgháire sin agus an sólás ar gcúl. Óir, amhuil adubhramar cheana, muna mbeith creideamh ar bith Chríost ann, as soilléire sa chách go laéthamhuil do thuigfedís iad féin arna mealladh, ag grádhughadh neimhthní,
ní gan amhras do chuirfeadh barr dóláis agus doimheanma orra. Gidheadh, foillsighidh macántacht na mbés, suilbhireacht na gnúisi agus comhardha na naomhthachta bhíos ag deallradh 'na n-édan, tré a mbí umhla agus onóir ag na huilibh dháibh, nach mar sin atá an chúis, an tan gur a mbarr lúthghára, sóláis agus suilbhireachta bhíd ag dul do shíor. AN CREIDEAMH DO BHEITH FÍOR AS ÉIFEACHTUIBH FOIRIMLEACHUIBH NA BEATHADH CRÍOSTAIDHE. Caib. 12. Do-geibhthear éifeacht eile as beathaidh na gcríostaidhthe fhoillsigheas é féin go mórmhór isan duine fhoirimleach, ina mbésuibh, ina gclaontuibh nádúrtha agus ina n-iomchar, ar a mbí mar an gcédna boladh diadha do-bheir fá-deara do mhórán reuerens do thabhairt dháibh agus beagnach a n-adhradh. As ar meinic táinic gur chriothnaigh gnúis onórach na n-uirísiol daoine uaibhreacha fiadhánta, amhuil léghthar ar an oilphéist rochruadálaigh rochomhachtaigh úd Atila ríogh na Hunnach, nár criothnaigheadh ariamh re hár daoineadh dá mhéid iná ré rinn sluaigh dá neartmhaire, gidheadh, do chuir an comhrádh do-rinne an Pápa naomhtha S. Leóne leis a bhfochair Ravenna fá-deara dhó gluasacht as an Iodáille ar fad. Ní do chuir iongnamh adhbhal ar a raibh do láthair, tíoránach comhdúr coimhdiabhlaidhe leis ní headh amháin do thabhairt onóra agus reverens don naomh acht fós d'umhlughadh dhó gan mhoill agus do thriall ar a ais as an ríoghacht go hiomlán. Mar an gcédna, iar sgrios iliomad réigiún agus ríoghacht agus iar leadramh nuimhre dofhaisnéidhe don chineadh daonna don impire rochruadálach ro-ainmianta úd na nGóti, dárbh ainm Totila, ar bhfaicsin S. Benéid, manach fíorbhocht, dó, do bhuail a bhél fá thalamh agus níorbh fhéidir leis gnúis neamhdha an naoimh d'fhulang, ar mhodh gurab ar éigin do éirigh ar chomhairle an naoimh féin 'na sheasamh. Arís, dob éigin don Impire Theodosius, tar éis fillte ón ármhach iongantach úd na Thesalonica, umhladh d'ughdarrás S. Ambróis, easpuig Milán, agus gan
teacht isteach don eagluis nó gur choimhlíon an bhreith aithrighe do chuir an naomh air. Go dearbhtha as luaithe do chríochnóchadh an lá agam iná iliomad do na mórchásuibh si, acht (do bhrígh) go bhfuilid réna léghadh go coitchionn ag na hughdaruibh, léigim thoram iad. Agus do bhrígh go bhfaicmíd go meinic daoine borba uaibhreacha rochorthacha ag malairt a mbriathar agus a n-inntinne do láthair na ndaoineadh naomhtha agus ag leasughadh a mbeathadh tré fhíoraithríghe do dhénamh ó chroidhe. Óir deaghmhaisigh agus órnálaidh an Spiorad Dhiadha úd iad, eidir fhior agus mhnaoi, na hóga ré sgéimh ro-iongantaigh, na seana ré léithe onóraigh, ar mhodh, do réir an riachtanuis, go mbíd sealad soghrádhach agus sealad eile 'na gcúis chriothnaimh, eagla agus uathbháis ag an droing dhearcas orra. As é iomorro cúis adeirmíd bheith ag an éifeacht so, sgéimh ós nádúir an anma, .i. grása Dé, dheaghmhaisigheas go sgiamhach breaghdha an tuigsi agus an toil agus gach cuid eile don anam. Óir as gnáth an t-anam ag malartughadh an choirp do réir na smuaineadh bhíos aige go hinnmheadhónach; fá mar théghas an corp chum drúisi madh bhíonn smuaineadh collaidhe isan anam, agus mar lasas an duine dochum díoghaltuis ó smuaineadh fuatha do bheith isan anam, ar mhodh gur feasach gach aon claochadh do theacht ar an gcorp go foirimleach do réir na smuaineadh bhíos go hinnmheadhónach isan anam; fá mar thig dath bán nó oghar ar an duine ó eagla, agus mar dheargas sé ó fheirg nó ó náire, ionnus madh as sólás nó dólás bhíos isan anam go n-aitheantar go hurus ar an aghaidh. Dá bhrígh sin mar as éigin don tuigsi úsáid do dhénamh d'ionnstrumaintibh corpardha, as gnáth dhi an toircheas bhíos aice, go háiridhe madh bhíonn neartmhar, do theilgean san chorp, go mórmhór isna súilibh agus isan édan. Óir aithnighemid na daoine uaibhreacha ar a ngnúis, na daoine cruadhálacha ar rinn uathbhásaigh a súl, na daoine neimhgheanmnaigh ar a ndearcadh mailísioch. As meinic fós lotuid cailleacha piseógacha daoine lé béim súl do dhénamh dháibh. Fá dhéoidh, ní féidir lé gliocas iná re heagna ciabé cleachtadh olc nó maith bhíos isan duine do cheilt nó d'fholach comhmaith agus sin nach brúchtfaidh amach uair éigin. Mar sin ó as ní cosmhuil
leis féin do-ní an n-uile ghníomhach, agus go bhfoillsigheann an n-uile éifeacht an chúis ó ngeintear é, ní féidir nach ó sgéimh agus ó bhreaghdhacht an anma agus ó fhíréntacht na beatha thig deaghmhaise, sgéimh agus deallradh foirimleach na gcríostaidhthe agus an ghnúis shuilbhir sho-onórach agus na bésa maordha macánta nach lér a ndaoinibh ar bith eile. Go deimhin fós as feasach sin go mbí an uiriod sin bríogha agus cumais aca ar na peacachuibh d'iompúdh nach bhfaghthar leigheas as diongmhála agus as neartmhuire réna ttairing óna ndrochstaid go slighidh na foirbhtheachta agus na fírinne iná iad. As feasach inn mar an gcédna gurab mó go mór an sochar agus an tarbha do-rinne deaghshompla na bhfírén simplidhe agus na gcríostaidhe do-bheir a mbeatha suas go ceart coinsiasach cráibhtheach do na daoinibh iná ráidhte na bhfeallsamh, acfainn labhartha na n-eagnuidheadh, agus míorbhuileadha móra d'fhaicsin nó do chlos. Óir as meinic do-chímid daoine rochumasacha rofhoghlamtha ag seanmóir agus ag teagasg neithe ro-árda agus cách (ag) éisteacht riú go ro-aireach; gidheadh, do bhrígh nach bí a mbeatha iná a mbésa do réir a mbriathar, ní mór go ndénuid a bheag do shochar don Eagluis, amháin moladh beag díomhaoin agus meas daoine eagnuidhe foghlamtha deaghlabhartha do bheith orra. Mar an gcédna do-rinneadh iomad móirmhíorbhuileadha isna haimsioruibh si féin nach dearna mórán sochair do leasughadh na beatha. Óir do-chímid comhchruinniughadh mór daoineadh isan áit a ndéntar míorbhuile; gidheadh, ní mór dhíobh do-chímid dá leasughadh féin. Gidheadh, as feasach sinn agus do-chímid nuimhir dhofhaisnéidhe ní headh amháin do dhaoinibh simplidhe acht fós do dhaoinibh críonna foghlamtha ag dénamh aithrighe agus ag filleadh ar Dhia óna n-uile chroidhe as an deaghshompla do-bheirid na críostaidhthe fíre fírénta uatha a bhfoirbhtheacht a mbeathadh. As feasach inn fós iliomad do dhaoinibh ainmianacha uaibhreacha do leasughadh a mbeatha ar gclos deaghchlúdha naomhthachta na bhfírén agus na gcríostaidhthe fíre, agus do thréigean gach aoibhnis, gach áinis agus gach antola dá raibh aca ar an tsaoghal sa agus do dhul go naomhchomhluadar na druinge iomchras cruadhchuing na staide riaghalta agus do thabhairt a mbeatha suas go naomhtha beannaighthe.
Ar an adhbhar so as follas as na neithibh si brígh éigin do bheith a mbeathaidh na gcríostaidhthe ó ngeintear na héifeachta ro-iongantacha so. Óir ní oibrigheann an corp uaidhe féin isan spioraid. Agus as comhardha air sin nach bhfuilngid na coirp rofhoirmeamhla, mar atáid na flaitheamhnuis, oibriughadh corpardha ar bith. Óir ní oibrigheann an teine san bhflaitheamhnas a bhfuil, bíodh go gcomhnuidheann innte. Agus as lugha iná sin go mór as éidir leis an gcorp oibriughadh isan spioraid. Ar an adhbhar sin ó as neithe corpardha an mhéid do-chímid go foirimleach as an mbeathaidh chríostaidhe, ní féidir leis na neithibh corpardha so oibriughadh a n-anam aonduine, ar mhodh go bhfillfeadh é dochum maitheasa commór agus sin, muna ttairngthí brígh éigin uaithe gusan anam. Acht as í brígh as mó agus as ordhraice isan gCatoilce fíre fírénta ó a ttig an sgéimh fhoirimleach sa, an chonversáid naomhtha agus an deighbheatha mhacánta, an creideamh gan cháidh agus an grádh atá aige ar an Íosa Críost úd do crochadh; óir ar bhfás an chreidimh agus an ghrádha, fásaidh an bhreaghdhacht agus an sgéimh fhoirimleach agus tig barr neirt agus bríogha innte dochum na bpeacthach d'iompúdh. Ar an adhbhar sin ní féidir leis an gcreideamh so, oibrigheas (tré ghrádh), bheith 'na cheilg iná 'na mheabhuil, an tan nach bí brígh san bhfallsacht nó san mbréig réar féidir croidhe an duine do tholladh. Ós a chionn sin as neartmhaire agus as comhachtaigh an fhírinne iná an bhrég. Giodheadh, níor fríoth ariamh leigheas as neartmhaire agus as bríoghmhaire dochum teacht a ttír go maith beannaighthe iná an bheatha chríostaidhe, mar mhúineas comóradh na bhfeallsamh agus dhaoineadh eile dhúinn réar beag do ráinic d'iompúdh dochum deaghstaide réna bhfoghluim iná rena sompla; gidheadh, éirghid iliomad as lathaigh na locht re sompla na beathadh críostaidhe agus do-bheirid a mbeatha suas go fíorghlan gan spot gan smál. Dá bhrígh sin ní féidir gur fallsacht dhíomhaoin iná bréga folmha as frémh don bheathaidh sin, nó no as mó do leiseóchadaois na daoine a mbeatha ré teagasg agus ré bésuibh na bhfeallsamh iná (ré sompla) na gcríostaidhthe. Ní as feasach inn do bheith 'na lom bréige. Arís, an tan gurab é Dia an cédghluaisteóir, 's gan é nach éidir éinní do ghluasacht, agus go n-oibrigheann na huile go
roichríonna, as cinnte gurab do na cúisibh as uaisle do-bheir cumas na héifeachta as uaisle do gheineamhuin. As í ámh an bheatha chríostaidhe an t-éifeacht ro-uasal nach éidir do shárughadh. Ar an adhbhar sin ó bhrostaigheas Dia féin, tré oibriughadh innmheadhónach, ós cionn na tteagasg ós áird, na daoine dochum na beathadh sa tré dheaghshompladhuibh na gcreidmheach, ionnas go ngeineamh an cosmhuilidh ní cosmhuil leis féin, amhuil gheineas an ghrian agus an duine duine eile, as riachtanus a rádha gurab cúis ro-uasal an críostaidhe foirbhthe agus gurab é ionnstrumaint as roifhearr dochum a shamhla so d'éifeacht do gheineamhuin. Ar an adhbhar sin ní brég iná fallsacht an bhríogh atá isan ionnstrumaint sin ré ccomhoibrigheann ré Dia acht áirdfhírinne. As í iomorro as bríogh dhí, an creideamh atá ar lasadh do ghrádh adhanta, mar adubhramar cheana. Agus mar sin as fíor an creideamh críostaidhe Catoilce. AN CREIDEAMH DO BHEITH FÍOR AS OIBREACHUIBH IONGANTACHA CHRÍOST, AGUS AR TÚS ÓNA CHOMHACHTA. Caib. 13. Foillseócham anois, re congnamh Dé, as na héifeachtuibh follasacha as lér go laéthamhuil isan Naoimh-Eagluis Chatoilce fírinne an chreidimh chríostaidhe. Bíodh iomorro gurbh fhéidir iomad argumuinteadh agus résún roláidire do thabhairt anuas do neartughadh na fírinne so, gidheadh, do dhúil san athchumaireacht, laibheóram amháin ar na résúnuibh as éidir do bhuain as na héifeachtuibh dob fhollas isna haimsioruibh do-chuaidh thoruinn agus admhaidheas an chruinne cheathardha do bheith fíor. Dá bhrígh sin, amhuil agus do lorgairsiod na feallsaimh cúisi na neithe as na neithibh do-chonncadar isna neithibh nádúrtha, mar an gcédna cuirfeamne an Bhuaidh úd Chríost do dhealbhamar a ttús an chéidleabhair ós ar ccomhair agus sgrúdfam go grinn, an mhéid go mbean leis an adhbhar, cúise na n-éifeacht féin.
Agus amhuil iar bhfaicsin nádúir na neithe do na feallsaimh gur thuigeadar as méid, as ord iongantach agus as foirbhtheacht iongantach na cruinne gurab é Dia an chúis úd as comhachtaigh, as críonna, as eagnuidhe agus as foirbhthe iná na huile, agus gurab uime sin tugadar mar ainm dhó an chédchúis, an cédghluaisteóir doghluaiste agus cédthús na n-uile neithe; mar an ccédna ar bhfaicsin Buadha an Chríost úd do crochadh dhúinne, foillseócham gurab cumhachtaigh é ós cionn an uile chomóraidh iná dée na n-uile chreideamh eile, gurab mó agus gurab fearr na hoibreacha do-rinne iná iad, agus go sáraigheann iad a n-eagna, a ccríonnacht agus a maith dochuimsigh doimheasta go dofhaisnéidhe doichríochnaigh. As madh soilléir gurab é an Dia so an Tighearna trénmhór agus an Móir-Rí ós na huile dhée. Tionsgnam ar an adhbhar sin ó na neithibh bheanas réna chumhachta. Tugam dochum ar gcuimhne an Bhuaidh thuas ós comhair ar súl agus dénam argumuint ar an modh so: As Dia fíre agus cédchúis na n-uile an tÍosa Nasarénach sa do crochadh, adhruid na críostaidhthe, nó ní headh. Madh as eadh, ag sin críoch ar an gconnspóid, óir madh as Dia é, as éigin an creideamh críostaidhe agus a uile theagasg do bheith fíor. Gidheadh, munab Dia fíre é, as éigin a rádha nárbh fhéidir a smuaineadh neach bá sotalaighe, dob uaibhrighe agus bá malluighthe iná an tÍosa Nasarénach sa, 's gan é acht 'na dhuine shomharbhtha do chuir roimhe meas do bheith air féin bheith 'na Dhia romhór agus na huile dá adhradh. As ar riachtanas a rádha go bhfuil roibhrégach, ró-olc agus fós róileamh, an tan gur chuir gníomh comhmór coimhiongantach agus sin roimhe. An bhfuil ní as conntrárdha don n-uile résún, nó an féidir ní as díthchéillidhe, nó cúis fochuidmhe agus fanámhuid d'fhagháil as mó iná duine bocht uirísiol gan mhaoin gan saidhbhreas gan arm acht amháin cloidheamh teangamh neimhlíomhtha agus pian an bháis uathbhásaigh do chur roimhe féin cathughadh a n-aghaidh na mórdhachta diadha? Faidhbhe na honóra as dleacht dó do bhuain de, na huile dhaoine, eidir bhocht agus nocht, truagh agus trén, comhachtach agus anbhfann, críonna agus éigcríonna, eagnuidhe agus ainbhfeasach, do smachtughadh fá chuing chreidimh nuaidh nár chlos ariamh gusan am sin? Agus maraon leis sin adhradh, onóir agus cerimonias na ndée do léirsgrios
agus an chruinne dhomhanda sa, dobhí re hiomad saoghal roimhe sin fá reachtuibh agus fá dhlighthibh áiridhe ag siobhal a n-ionnshamhuil srotha gan toirmeasg, do thairgsin d'iompúdh ar shlighidh eile agus d'fhógra ós a chionn sin é féin d'adhradh agus d'onórughadh mar Dhia? Agus sin ní headh amháin 'na bheathaidh acht fós tar éis a bháis roisheirbh do chríochnughadh, ar chonntar nach eadh amháin go mbeith grádh agus adhradh ag na daoinibh dhó acht fós go bhfuileóngadaois a n-aghaidh na nádúire gach neithe dá ndocamhla agus dá ndo-iomchurtha dá ghrádh, agus, fá dheóidh, gan chriothnamh gan uamhan na bpian, an bás féin, as uathbhás na n-uathbhás, d'fhulang go deóntach ar a shon. As annso d'fhiafróchuinn díot, ciabé don bhioth thú do-chluinfeadh aoinneach ag geallamh na neithe si do dhénamh agus d'fhoisgeóladh rún a chroidhe agus a sheicréid duit, créd adérthá? A' measfá go mbeith fear buile bá mó iná é? Nach móide mheasfá 'na dhíol fochuidmhe agus fonámhuid é, an mhéid go mbeith breitheamhnas agad nárbh fhéidir na neithe si do dhénamh? Dá bhrígh sin munab Dia fíre an tÍosa Nasarénach so, cad é an congnamh tug meisneach don amadán agus don chleasaighe mhallaigh cathughadh a n-aghaidh na reachta athardha, a n-aghaidh na ttriath, na ttighearnadh, na bprionnsadh, a n-aghaidh na n-eagnaidheadh agus na suadh, a n-aghaidh na cruinne ceathardha go huilidhe, a n-aghaidh chomhachta ifrinn agus fhlaitheamhnuis, agus, fá dheóidh, do chathughadh comhcruaidh agus sin go rug buaidh ar Ard-Chruthaightheóir na n-uile, ar mhodh gurab ionann meas dobhí air féin agus air Dhia, agus gur glacadh é leis an onóir agus reverens chédna bá dleacht do Dhia amháin, agus na neithe rémhráidhte go hiomlán do chomhdach go dochlaoidhte eidir iliomad námhad ré ré aimsire comhfada agus atá ó aimsir Chríost gusan am so? Créd an t-adhbhar, a chineadh Iúdaighe, as ar fhulaing bhur nDia-sa, stiúraightheóir agus coimhédaigh an domhuin, coir chomhcoirbthe agus so gan díoghaltas? Fiafraighim dhaoibhsi, a gheintíleacha, créd fá nár sgrios bhur ndée-si an fear so? Cionnas do fháguibh an duine bocht tarcuisneach so, do snadhmadh ré cruadhchrann cnapach croiche agus dofuair bás, an cumas agus an neart sin 'na dhiaidh gur oibrigh fearta agus móirghníomha coimhiongantach agus sin? Cia don mhéid úd ar a raibh meas dée, ní abruim do na daoinibh, as ionchomóraidh leis, an
tan go raibh meas mallaigh ar a cceannairrge, ar a gcoirbtheacht choinnealbháite agus ar a gcoluibh gráineamhla ag an druing do bhíodh dá n-adhradh? Féch nach dána míonáireach do thairgiodar drong áiridhe Apollonius Tyaneas do chur a gcomóradh ré ar gCríost-ne? Cia léarbh fhéidir Pitagoras, Socratés, Plato, agus an mhéid eile do phrionnsaidhibh na bhfeallsamh, nó fós Alastrann uaibhreach, Cesar, agus an mhéid eile ríogh agus impireadha ordhraice agus daoine roidhearsgnuidh do chur a gcomóradh leis, an tan nach dearna énduine dhíobh sin Dia dhe féin, agus nach dearnadar go huilidhe ní beag dhá laghad a bhfarradh na neithe dho-rinne Críost agus a dhisgiobuil? Cad é an ní mór sin do-rinne an móirchleasaighe úd as captaín do na hArabes, dárab comhainm Mahoméit? Go deimhin ní dhubhairt ariamh gur Dhia é féin, bíodh ré neart a bhriathar, a chloidhimh, a arm, a thiodhluiceadh, agus saoirsi sgaoilte na hantola gur cheanguil an pobal barbardha ainbhfiosach aineólach na tTurcach leis féin. Nachar admhaidh sé fós Críost go honórach, agus nárbh fhéidir leis féin ní dá laghad ariamh do sháraigh an cumas agus an gliocas daonna? Acht ní mar sin dobhí Íosa Nasarénach. Óir níor chuir aoinneach dá ttáinic ariamh roimhe neithe ba docamhla ré dénamh agus ré creideamh iná na neithe do-rinne Críost. d'fhógair iomorro a chreideamh Dia bheith tríodha, .i. 'na Athair, 'na Mhac agus 'na Spiorad Naomh, 'na aoinDia i ttrí pearsannuibh deaghailte, atá 'na n-aon a substaint agus a mbeith doruinnte. As mian leis fós cách do chreideamh é féin do bheith 'na Dhia, 'na Mhac Dé, 'na aon leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh, a bheith 'na dhuine fíre, 'na mhac ag an óigh Muire, darab mian leis mar an gcédna adhradh do thabhairt mar mháthair fhíre Dé; onóir romhór agus adhradh do bheith don naomhchroich mar chomhardha ar slánaighthe, bíodh gurab í an chroch comhardha bá tarcuisnighe agus bá maslamhla dárbh fhéidir d'fhághail san tseanaimsir, do bhrígh nach mó iná corthaigh agus ciontaigh ghráineamhla do curthaoi dochum báis ré. Ós a chionn so d'fhógair mar thiomna shíordhuidhe ar an tsuipér dhéighionach a chreideamh go ttairmiompuidhear go fíre agus go substainteach an greimín beag aráin agus an
beagán fíona tar éis beagán briathar an choisreagtha inna chorp agus anna fhuil féin, gan malairt gan claochlódh ar bioth do dhénamh ar na haicídibh; agus mar sin sinne dá n-adhradh, dá nglacadh mar bhiadh agus mar dhigh amhuil lón neamhdha, tréar gheall an bheatha shíordhuidhe dhúinn; nárbh fhéidir fós d'aoinneach rochtuin go ríoghacht Dé acht don tí do haithgheinfí as uisge agus as an Spiorad Naomh. d'fhógair fós creideamh agus géilleamh doibhriste a bhfad ón n-uile chonntabhairt do bheith don n-uile ní dá bhfuil anna sgrioptúir féin, bíodh go bhfuil iomad ann atá rodhocamhlach rochruaidh ag an tuigse dhaonna; agus nach éidir neach do shábháil gan iad so go hiomlán do chreideamh. Agus nach lór a gcreideamh go seasmhach daingean agus a n-onórughadh muna bhfuilngeam go foighidneach gach persecution agus gach inghreim do ghrádh na neithe ndofhaicse iar ttarcuisniughadh na neithe sofhaicse. Óir adubhairt go sealbhóchamaois ar n-anmanna annar bhfoighid. An tí cédna, ní saidhbhreas, ní honóir, ní dignit do gheall dá lucht leanamhna ar an mbeathaidh shomharbhtha so, acht na huile neithe conntrárdha dháibh sin, mar atá bochtacht, tarcuisne, masla, míomhodh, persecution, inghreim, agus ós a gcionn sin sgige, sgiúrsadha, díbeirt, príosúin, gorta agus pianta. Agus geallaidh dhúinn, madh iomchramaoid iad sin rena ghrásuibh féin do chuidioghadh linn, go bhfuigheam naoimhshén do-aithrise uaidhe; ní do sháraigheas an tuigse dhaonna, .i. glóir shíordhuidhe ar neimh a bhfochair na n-aingeal, eiséirghe na gcorp, agus ní eile nach bhfacaidh súil, nach gcualaidh cluas agus nach ttáinic a gcroidhe dhuine ariamh. Agus tar a cheann sin agus uile do bhuadhaidh sé gach ní dhár mhian leis, bíodh go raibh an chruinne cheathardha go huilidhe ag cathughadh 'na aghaidh. Óir do ghlacadar nuimhir dhofhaisnéidhe don n-uile aicme agus chinél daoineadh na neithe si, agus do leansad iad, ar mhodh gurab túsga do thréigfedís a mbeatha iná an creideamh so. Agus amhuil do-chímid anois féin, do chlaonadar ríghthe, impireadha agus prionnsadha fá chuing an chreidimh si agus d'umhlaighiodar go deóntach do na ministríbh as ísle aige. Cuiream ar an adhbhar sin ós comhair ar súl an bochtán Críost do measadh ar tús bheith 'na mhac saoir chrainn agus do
bhí fá thár agus fá tharcuisne réna linn féin. Fiafraigheam dhe cad as mian leis do dhénamh. Freagradh dhúinn ar an modh so: Do chuir meisi, an bochtán nach bhfuil acht amhuil aoidhe ar an tsaoghal so, romham an chruinne dhomhanda so do ghairm fá mo reachtuibh agus fá mo dhlighthibh féin, dochum na ndaoine dom adhradh mar Dhia fíre a n-aondacht leis an Athair agus leis an Spiorat Naomh, agus dochum na croiche ré a snadhmfaidhear mé eidir dhá bhithbheanach agus anna bhfuighiod bás maslaightheach tarcuisneach d'adhradh mar an gcédna; agus tar éis an bháis rothruailligh rotharcuisnigh si, uile ionnstrumainnteadha mo phian agus mo pháisi agus a lorg do bheith dhá bpógadh go n-iomad reverens agus onóra, agus dá ttaisge nísa mhuirnighe agus nísa onóraigh iná ionnmhas nó óirchiste dá dhaoire. Agus ós cionn na n-uile, adhradh rodhúthrachtach do bheith do shacrafís an aráin agus an fhíona, agus a chreideamh gurab é sin féin substaint mo choirp-si agus mh'fhola. Arís, a chreideamh go nglantar na hanmanna ó smál na n-uile pheacadh re naomhthoinn an bhaistidh, agus go naomhthar iad féin re hungadh ola agus ballsuim. Fá dheóidh, nach ceadaightheach a n-aoinní mo theagasg do laghdughadh acht a ghlacadh gusan siolla as lugha dhe agus a choimhéd go hiomlán gan bhearnadh. Arís, mo mháthair ronaomhtha ó óghdhacht shíordhuidhe dhothruailligh do tógbhadh ré priveiléid speisialta ós cionn uile choradh na n-aingeal d'onórughadh, d'adhradh agus do ghuidhe a ndiaidh Dé mar bhainríoghuin agus mar bhaintighearna an domhuin. Mo dhisgiobuil, do thoghas as iasgairibh, do ghuidhe go humhal uirísiol; a gcnámha, a luaithreamh agus a ttaise fós d'adhradh. Dá gcluinteá an bochtán so ag aithris na neith si, nach measfá gurbh amadán gan chéill agus díol magaidh agus fochuidmhe é? Gidheadh, dá ngreamaigheadh leanmhuin dá chomhrádh, ar bhfaicsin do mhagaidh-si dhó, agus go n-aibeóradh: As mian leam ní headh (amháin) na daoine do chreideamhuin go daingean na neithe rémhráidhte, acht fós a mbeatha do thabhairt suas go ceart cneasta macánta beannaighthe ar son na cúise si, neamhshuim do dhénamh do na huile neithibh talmhuidhe ar son na geallamhna tugas dáibh ar na neithibh dofhaicsi, agus ar son an ghrádha lasamhuin atá aca oram, bochtuine, tart, gorta, saothar,
duadh, anródh, persecution, inghreim, agus fá dheóidh, uathbhás na n-uathbhás, an bás d'fhulang go rofhonnmhar, agus iad so go huile do thabhairt do roghuin sul do shénfadaois an pongc as lugha dom theagasg, nach measfá a shamhuil so do dhuine do bheith ar mire nó ar díth céille? Acht dá gcuireadh a gceann na méide sin, ag rádha: As mian leam an mhéid si go huilidhe do thabhairt dochum críche d'aimhdheóin an domhuin; óir as mian leam comhracc a n-aghaidh ríghthe agus phrionnsaidheadh, a n-aghaidh uile chreidimh, sechta agus staide na ndée agus na ndaoineadh, agus fós a n-aghaidh neirt agus chomhachta dorcha ifrinn, agus an chraobh agus an bhuaidh do bhreith uathuibh, go dearbh as cosmhuil go lingfeadh do gháire go fairsing ort. Acht dá bhfiafruightheá dhe créd an modh, cad iad na hairm réar mian leis na neith si do dhénamh, freagóraidh dhuit: Ní lé harmuibh ar bith acht lé seanmóir mo theangamh féin agus mo dhisgiobal. Acht do bhrígh gurab gnáth bríogh mhór ag an deaghlabhairt neithe do chomhairliughadh, d'eagla aoinní dá oibreachuibh do mhaoidheamh ar mhillsiocht nó ar chumas a bhriathar, adeir gurab fada uaidhe féin an mhodh labhartha sin, agus geallaidh é féin agus a lucht leanamhna do dhénumh na neithe si ré briathruibh réidhe macánta simplidhe gan cumadóireacht gan ealadha, as cinnte go measfá a bheith ar deirgmhire. Acht dá n-abradh arís: Atá a fhios agam go ttuitfe iomadamhlacht dhofhaisnéidhe dhaoineadh ar mo shon féin; gidheadh, ní bhfuil dá mhéid díobh ghébhas bás nach móide agus sin fhásfas nuimhir na gcreidmheach agus síolfaidhear mo chreideamh ar feadh críocha an domhuin. Óir brúchtfaidh fuil mo mhairtíreach dochum bisigh mhóir amhuil síol toghtha. Do-bhér fós d'aon do na hiasgairibh si, agus dá chomharbuibh 'na dhiaidh, mar oidhreacht shíordhuídhe, colbh biothbhuan na háirdríoghachta. Claonfad an chathair uaibhreach úd na Rómha, as baintighearna ar an domhan, agus an t-impire féin do phógadh cos mo viocáire. Dá ccluinteá é ag innisin na móirfhearta sa, an ndéntá conntabhairt go mbeith saobhadh céille air? Meas cad adeir 'na gceann so. Sgríbheóchar leabhair dhofhaisnéidhe oram re daoinibh ro-ordhruice rofhoghlamtha do-dhénas mé féin agus mo theagasg do sheanmóir, áirdeóchas mo theagasg
ós cionn na n-uile theagasg, agus choiseónas é réna n-uile dhíthchioll; biaid mo shagairt lán d'onóir agus do reverens isna puibleachuibh; foillseóchuid mo Shoisgél agus mo theagasg a n-éidighibh sollamanta ré poimp mhóir agus re tóirsighibh ciarach ar lasadh; agus éistfid cách ris go humhal uirísiol aireach gona gceannuibh nochtaigh; nach measfá gurab brionglóideacha díomhaoine an mhéid si? Fá dheóidh, cuireadh críoch ar a chomhrádh ag rádha: Do-bhérad na neithe rémhráidhte go huilidhe dochum críche leis na harmuibh si amháin adubhras, agus biaidh buaidh agam ré láimh láidir dhochlaoidhte. Umhlóchaidh an chruinne dhomhanda so go huilidhe dhamh, agus (ní) bhfuighe aoinneach go bráth buaidh do bhreith a n-aghaidh neirt mo chreidimh. Dá gcluinteá é ag aithris na neithe si, nach n-aibeórthá nárbh fhéidir lé daoinibh an domhuin, iná leis an nádúir, iná leis an móirtheaghlach úd neimhe na móirfhearta sa do dhénamh, agus gurab do Dhia amháin atáid soidhénta. Acht do bhrígh go bhfaicmíd go ttángadar na neithe si go huilidhe dochum críche, as follas gurab é Dia amháin do-rinne an mhórobair si agus gurab é Dia amháin do ordaigh an creideamh so Chríost. Cia do na heasarlaidhibh, do na feallsuimh, nó an Mahoméit, nó an rí dá chomhachtaigh do-rinne a samhuil so ariamh? Nó cia do dhéibh na gcineadhach as éidir do chur a gcomóradh leis an gCríost so? Óir níor chlos ó thús an domhuin a samhuil so d'fhearta agus do mhóirghníomha. Glacadh dá bhrígh sin náire agus athamhaltas an drong labhras nó smuaineas go míchreidmheach ar Chríost. Ní féidir iomorro a rádha gurab go cinneamhnach tarladar na neithe si, an tan gur thairrngirsiod na fáidhe agus na sibille a bhfad roimh ré na neithe si do bheith ré teacht, amhuil dhearbhuid seinleachtadha agus seinscreaptra iochtmhara na nEabhradhach agus na gcineadhach, anna sgríobhthar ní headh amháin gur fhoillsigh Dia iad so do bheith ré teacht acht fós gur gheall é féin dá ndénamh. Arís, amhuil atá isna neithibh nádúrtha sa neithe riachtanasacha, neithe eile saora agus neithe eile meadhónacha, mar an gcédna isna comhráidhtibh résúnta, atá cuid díobh riachtanasach, sháraigheas agus choimhéignidheas an tuigse dochum a
n-admhála agus nach éidir dhí do dhiúltadh; cuid eile nach sáraigheann an tuigse do ghnáth acht chlaonas í dochum a nglactha, bíodh nach éidir leó foiréigean do dhénamh uirre; cuid eile atá comhlag comhanbhfann agus sin nach mór go ngluaisid í ar énchor. Bíodh iomorro go bhfaghthar iliomad do na céidrésúnaibh úd chlaoidheas an tuigse a neithibh ro-íochtaracha, mar atá a n-ealadhuin an mhatematicc, as roibheag dhíobh geibhthear isna healadhnuibh nádúrtha eile. Gidheadh, isna neithibh móra ordhraice agus fós isna neithibh mórálta féin, as annamh go bhfaghthar go bráth énchuid díobh. Óir atá solas ar ttuigse comhlag agus sin go mbíd difir agus eidirdhealughadha dísle na neithe 'na n-ainbhfios uirre. Agus do bhrígh nach feasach do na feallsaimh lérsgartha dísle na neithe, do-níd úsáid do na haicídibh a n-áit na n-eidirdhealughadh. Ar an adhbhar sin as rodhocair tuigse an duine do dhaingniughadh isna healadhnuibh nádúrtha agus mórálta; as docra iná sin isan metafisicc, agus as rodhocamhlaighe iná sin an tuigse d'iompúdh a n-aoinfheacht agus a dúil do tharruing chuige féin agus a filleadh ó na dubháilcibh go freacar na subháilceadh. An tan go bhfuil an cédfadh contrárdha don spioruid agus don résún, as docamhlach go leanfuidh an mian an tuigse. Agus as rodhocamhlaighe iná sin iad araon do chur a n-oireamhuin d'aroile, dochum toraidh na ndeaghoibreach do theacht uathaibh, agus marthuin amhlaidh sin go buaintseasmhach go térma déighionach na beathadh. Ad-chímid a n-uile theagasg na bhfeallsamh nach lia ceann aca iná ciall nó opinion ar leith, agus gurab roibheag dhíobh ghrádhaigheas na neithe theaguisgid nó mhúinid, agus gurab annamh do dhoirt éinneach dhíobh é féin ar deaghoibreachuibh ar feadh a bheatha gusan mbás, agus gomadh mór an mhíorbhuile duine don tsórt sin d'fhagháil 'na measg. Ar an adhbhar sin muna ráinic leis na feallsuimh dob ordhraice tuigse an duine do chlaoidh dochum na neithe do chreideamh thaisbénas an résún agus atá ó nádúir ceanguilte dhínn, mar atá Dia do bheith, agus cúram do bheith aige fá na neithibh daonna, gurab ionghrádhaighthe an tsubháilce agus an mhaith, gurab intseachanta an dubháilce agus an t-olc, agus an mhéid eile don tsórt so, ní bá féidir leó an tuigse agus an mian do chur a n-oireamhuin dá chéile a
n-oibriughadh na maitheasa, ar mhodh nach ttiocfa aimhréidhteach eatorra ar feadh a ttérma ar an mbeathaidh si; agus as lugha iná sin fhédfuid so do dhénamh isna neithibh do sháraigheas ar fad an résún agus do-chuaidh ós a chiond. Gidheadh, do choimhéignidheadar disgiobuil Chríost tuigse agus mian nuimhre dofhaisnéidhe daoineadh léna tteagasg agus léna seanmóir amháin dochum neithe do ghrádhughadh agus do chreideamh sháraigheas an n-uile résún daonna, .i. tarcuisne agus mímheas do thabhairt ar na huile neithe talmhuidhe mar neithe rotharcuisneacha rothruaillighe ar son geallamhna ríoghachta neimhe, gan sgís iná tuirsi dá nglacadh go bráth a n-oibriughadh na maitheasa, agus gan filleadh ar a n-ais go bráth ón rún sin ar chomhuidh, ar cheannach, ar bhagar, iná ar phionús dá dhíbhfeirgighe. Créd an bhríogh ré a ndearnadar na hiasgoireadha ainbhfiosacha an ní so? Go dearbhtha ní ré bríogh dhaonna acht ré bríogh agus re comhachtuibh diadha. Óir do-rinne an nádúir a díthchioll déighionach isna feallsaimh seach na n-uile; gidheadh, ní faghthar gur ghein sí a samhuil so do bhríogh nó do neart ionntaibh ariamh. Go dearbhtha dá mbeith creideamh Chríost lán d'fhallsacht agus do bhréguibh, ní thiocfa ré hiasgairighibh go bráth obair nó gníomh coimhiongantach agus so do dhénamh, agus ní mó dob fhéidir leis an gcreideamh féin marthuin go seasmhach fá bhláth comhfada agus so d'aimhdheóin a raibhe ag cathughadh 'na aghaidh. Mar an gcédna madh do tharruing an Críost úd do crochadh agus a iasgaireadh coimhneartmhar agus sin an chruinne thalmhuidhe go coitchionn ar an ngrádh diadha, níorbh fhéidir dhóibh sin do dhénamh ré comhrádh simplidhe. Óir ní ceannsaighthear daoine tromdha eagnuidhe ré briathruibh simplidhe. As cinnte ámh gur neartaighiodarsan a mbriathra ré míorbhuilibh dobhí commór comhuathbhásach agus sin gur sháraigheadar an uile bhríogh nádúrtha nárbh fhéidir a mbeith acht ó Dhia, as ughdar amháin do na míorbhuilibh. Ní dhéin Dia ámh fiaghnuisi leis an mbréig acht leis an bhfírinne. Mar sin ní féidir leis an gcreideamh chríostaidhe, tré a ndearnadh na móirmhíorbhuileadha úd, brég do dhénamh. Acht dá sénadh aoinneach na míorbhúileadha, go dearbhtha dob í sin féin míorbhuile bá romhó do na míorbhuilibh, .i. na móirfhearta oirdhearca do áirmhiomar thuas
do dhénamh leis an mbochtán Críost agus leis na hiasgairighibh ainbhfeasacha gan fhoghluim bá disgiobuil dó, gan míorbhuilibh. Gidheadh, madh do-rinne Críost agus a dhisgiobuil míorbhuileadha, nó mara ndearnadar, as follas cumhachta dofhaisnéidhe dochuimsigh sháraigheas gan mheidh gan mhiosúr uile chomhachta na ndée eile ina oibreachuibh. Agus amhuil as í cúis as ordhraice a measg na gcúiseadh, an chúis as mó neart agus comhachta, mar an gcédna adeirmíd gurab é an Dia fíre a measg na ndée, an Dia as ordhraice agus as mó neart agus cumhachta, agus as é Críost an buadhadóir dochlaoidhte so aguinne. AN CREIDEAMH DO BHEITH FÍOR AS EAGNA CHRÍOST. Caib. 14. Taisbénam annso go sáraigheann eagna Chríost eagna na n-uile. Do chéidneithibh, as leis an eagna bheanas na neithe d'ordughadh agus do ghlés nó do chórughadh go maith. As éigin fós riaghuil an stiúraidhthe do ghlacadh as an gcrích isna huile neithibh as cóir do dhíriughadh dochum na críche. Óir as ann sin bhíos gach ní glésta cóirighthe go maith an tan hordaighthear é dochum na críche as dual dó. Uair as í as críoch dá gach ní, a mhaith. As as sin adeirthear gurab eagnaidh ina cceird féin an mhuinntir dhearcas go haireach ar chrích na ceirde agus choimhdhírigheas gach ní chuice. Amhuil nach iad an mhuinntir sheachadas aol agus clocha agus gach ní eile as riachtanus dochum tighe do dhénamh adeirthear bheith eagnuidh isan gcéird sin, acht an tí chuireas an suidheachan agus an fhoirm dhéighionach ar an teach meastar bheith 'na thigheasach eagnuidhe. Gidheadh, do bhrígh nach í críoch dhéighionach na beatha daonna bhíos roimh chách isna cearduibh acht críoch énaránach áiridhe atá soichríochnaigh, ní féidir a rádha gurab duine eagnuidhe thríd amach neach, dá ghlioca dá mbí isna cearduibh si ar a ttéid críoch. Gidheadh, an tí do-bheir aire go grinn do chrích dhéighionaigh na beatha daonna agus ullmhaigheas agus dhírigheas na huile mheadhóin oireamhnacha agus a uile ghníomha agus oibreacha
chuice, as ceart a rádha gurab duine eagnuidhe dháríribh é. Acht as amhlaidh sin do-rinne Íosa Násarénach, óir as é féin amháin gona dhisgiobluibh agus a lucht leanamhna do theagaisg agus do thaisbéin críoch fhíre na beatha daonna agus do choimhlíon go foirbhthe í, ar mhodh (nach éidir) críoch d'fhághuil iná do smuaineadh as fearr agus as foirbhthe iná críoch na beatha críostaidhe. Dá bhrígh sin as follas nár fríoth ariamh agus nach éidir a fhághuil a measg na ndée - más dée iad - iná a measg na ndaoineadh neach as eagnuidhe iná Críost. As comhardha ar neach do bheith foghlamtha gur féidir leis teagasg. Óir ó thig neach dochum eólais fhoirbhthe, as éidir leis go huras daoine eile do mhúnadh, amhuil as éidir leis an tí tig dochum aoisi clann do gheineamhuin. Acht ní fríoth ariamh ó thús an domhuin dia iná duine tug eólas iná eagna uaidhe as sochraighe agus as tarbhaighe iná an bheatha chríostuidhe do thug Críost do na daoinibh, agus do theaguisg agus do mhúin í coimhréidh comhuras agus sin. Óir atá teagasg na bhfeallsamh comhdorcha, comhdothógbhála agus sin a n-aimsir fhada, agus líonta do sheachránuibh agus do chruas, go mbuaidhreann na maighistreadha féin bhíos dá mhúnadh, agus nach bí cinnteacht ar bith aca air, amhuil adubhramar thuas ar an gcúram diadha agus ar chrích na beathadh daonna. Gidheadh, an tráth do thaisbéin an Maighistir roi-eagnuidhe agus ar Slánaightheóir Críost é féin, as ro-athghoirid 'na dhiaidh go bhfuair an chruinne cheathardha solas commór agus sin ar chúram agus ar mhaith Dé, ar dhomharbhthacht an anma, ar chrích agus ar shén síordhuidhe an duine, ar na meadhónuibh thriallas chuice, agus ar iomad eile teagasg, ar mhodh gur soilléir thuigid na críostaidhthe isan aois leanbdhuidhe, eidir fhior agus mhnaoi, na neithe si iná na feallsaimh ordhraice do chaith iomad saothar leó ar feadh a mbeatha. Agus atáid comhdoghluaiste agus sin comhdaingion isan teagasg so gomadh fhearr leó míle bás agus páis d'fhulang iná siolla dhá laghad do theagasg Chríost do shénamh. Arís, ní bhfuil dá fhad dá síneann agus dá luaithe oibrigheas an gníomhach nach móide agus sin as follas méid a bhríogha agus a chumais. Mar sin ní bhfuil dá neartmhaire dá mbí an eagna nach móide
agus sin agus nach luaithe as éidir lé na hainbhfiosáin do impúdh agus do shlánughadh. Ní hobair iomorro mhórchumais iná ghliocuis daoine eagnuidhe eólgasacha do dhénamh don druing atá somhúinte láininntleachtacha agus atá ó nádúir réidh ullamh dochum gach ealadhna do thógbháil; gidheadh, sáraighe an n-uile bhríogh agus cumas daonna amadáin, páistidhe, daoine daillinntleachtacha, mná beaga, peacthaigh rothroma, daoine rochoirbthe, agus stríopacha puiblidhe d'iompúdh ar ball dochum eagna agus deighbheatha. Acht do iompaidh ar nÍosagán-ne nuimhir dho-áirmhe ní headh amháin dá gach sórt do na dreamuibh rémhráidhte acht fós do dhaoinibh eagnuidhe gérchúisiocha comhtapaidh agus sin, ré sméideadh beagnach orra, dochum aithrighe iongantaigh chroidhe, agus ní dhéin sgís go laéthamhuil ón ní chédna do dhénamh; ní nach dearna dia eile iná duine ariamh. Ar an adhbhar sin as ordhraice agus as fearr eagna agus teagasg Chríost iná eagna na n-uile. Mar an gcédna ó atá an nádúir toghtha go cinnte dochum éinní amháin, ní mór an cumas an nádúir do dhénamh ní éigin isna neithibh (nádúrtha) tré mheadhónuibh oireamhnacha; amhuil agus dá gcuireadh créatúir éigin spioratálta síol teine a tteach agus go loisgfídh an teach ar ball, ní measfaidhe sin mar ghníomh mór iná docamhlach, do bhrígh gurbh fhéidir lé duine a dhénamh; acht dá ndénamh sin ré cúisibh conntrárdha: amhuil dá nglacadh leac aighre nó uisge agus teine do lasadh leó agus an teach do losgadh, do measfaidhe sin gan amharas 'na ghníomh iongantach ordhraicc. Ar an adhbhar sin as comhardha cumhachta agus cumais dofhaisnéidhe na huile neithe nádúrtha do dhénamh gan ionnstrumaint ar bith nádúrtha d'iarraidh, agus mar an gcédna lé gach ionnstrumuint gach ní as toil leis, nó a chonntráir. Mar sin ní mór an t-iongnamh an eagna do theagasg ré meadhónuibh dleachta nádúrtha, amhuil do mhúiniodar na feallsaimh, do réir chumais ghnáthaigh na tuigse nádúrtha. Acht áirdeagna dhofhaisnéidhe do theagasg re leimhe an tsaoghuil si, .i. ris na neithibh mheasuid daoine an tsaoghuil si do bheith roileamh, agus neithe roileamha an tsaoghuil do iompúdh a n-ionnstrumainteadha na heagna
diadha, agus an airdeagna as mó as éidir do bheith ar an tsaoghal sa do chur 'na suidhe ionntuibh, go deimhin as árdobair rodhocamhlach atá ar chumas Dé amháin. Dá meastaoi uathbháis agus masla na croisi, maraon lé sgige, lé fochuidmhe, lé seilidhibh, le basuibh, lé sgiúrsadhuibh, agus lé gach páis eile dár fhulaing Críost a n-aimsir a bháis, níorbh fhéidir ní d'fhagháil bá tarcuisnigh iná an chroch sul do snadhmadh Críost lé; gidheadh, as lé do theagaisg Críost agus tug móireagna don chruinne dhomhanda go coitchionn, amhuil theagaisgios an creideamh críostaidhe. Ar an adhbhar sin atá an áirdeagna dhiadha i gCríost nár chlos agus nár fríth a n-aoinneach eile ariamh. Arís, ós leis na neithibh diadha bheanas an eagna, as í eagna go dearbhtha as fearr, an eagna as díorcha mhúineas na neithe diadha do na daoinibh: as í sin iomorro eagna Chríost. Ar an adhbhar sin as foirbhthe agus as fearr eagna Chríost iná eagna na n-uile. Gurab amhlaidh sin atá as follas as ar sgríobhadh roimh Chríost, agus taobh amuich dá theagasg; agus dá gcurthar iad a gcomóradh lé leabhruibh agus lé leachtuibh na gcríostaidhthe, déra tú gurab roibheag tugsad na feallsuimh agus na hughdair eile uathaibh. Agus ní headh sin amháin acht as mór an congnamh tug an teagasg críostaidhe leis an bhfeallsa do mhédughadh agus do thabhairt dochum foirbhtheachta; óir do dhoirt eólas na neithe diadha comhfairsing agus sin don uile thaoibh gurab beag nach feasach agus nach múinid anois an mhéid chreideas do Chríost neithe gurab ar éigin tuigthí leis na fáidhibh iad sul táinic Críost. Dá éis sin an tráth do thionsgnadar na hapstoil Soisgél Chríost do thseanmóir agus a seachráin d'fhoillsiughadh do na daoinibh, do ghlac an urdail sin náire na daoine agus do thairgiodar iad féin do nidhe, amhuil agus dá mbeithdís san oidhche dá n-onfoirt a múllach nó a lathaigh, agus comhluath agus do thiocfa an solas, ar bhfaicsin an tsalchair sin, go nglacfadh náire iad agus go ttairgfedís iad féin do ghlanadh agus do nidhe. Óir do ghlac an uiriod sin náire agus athamhaltuis na feallsaimh agus na filidhe an tráth do-chonncadar ré deallradh sholuis Chríost a n-iodhaladhradh féin, a starthacha fábhuill, agus an dall ciach gránna dobhí orra féin; agus do bhrígh nach raibh árach aca deallradh an mhórsholuis sin d'iomchur, mar do-chonncadar nárbh
fhéidir leó ar atharrach modha gráineamhlacht a ndée féin agus na neithe diabhlaighe mallaighthe do-nídís d'fholach iná dath macántuis ar bith do chur orra, as eadh do thairgsiod, an bhrég do chothughadh ré bréguibh; gidheadh, bá neartmhaire thréine gaidhthe gréine sholuis na fírinne iná iad. As leis an eagna fós bheanas eólas ní headh amháin na neithe buga acht fós na neithe cruaidhe docamhlacha, agus cumas do bheith aice a múnadh agus a gcosnamh ar a naimhdibh. Acht ámh níor thrácht éinneach ariamh neithe bá cruaidhe agus bá docamhlaigh do na neithibh (diadha) agus níor mhúin nísa réidhe agus nísa usa iná mar do-rinne Críost. Agus ní beagán disgiobal amháin do theagaisg acht an chruinne go coitchionn. Cosnaid fós na críostaidhe go huras na neithe cédna ar naimhdibh do-áirmhe, ar mhodh nach éidir leis an tí léghas a résúin agus a leabhair conntabhairt do dhénamh gurab í so an aoineagna amháin bhiothbhuan dochuimsigh. Agus ní headh amháin gur chathaighiodar 'na haghaidh ré résúnaibh agus ré briathruibh acht fós ré cloidheamh, ré masla, ré bagar, ré piantuibh dofhuilngthe go soiche an mbás borb; gidheadh, do fhan go dochlaoidhte buadhach a n-aghaidh na n-uile. Go dearbhtha dá gcuirdís na prionnsadha agus na tíoránaigh a n-aghaidh na bhfeallsamh amhuil agus do chuiriodar a n-aghaidh na gcríostaidhthe ré résúnaibh agus re boirbphianuibh, as cinnte go sénfadaois na feallsaimh na neithe bá follasaigh iná an solas agus dobhí 'na ccéidfhrémha agus 'na ccédchúisi aca. Gidheadh, bíodh gur theagaisg Críost na neithe nach éidir do lorgaireacht iná do sgrúdamh re résún nádúrtha, ar a shon sin do chosuin iad ó chloidheamh agus ó eagna na bhfeallsamh agus na n-uile dhée, agus do neartaigh agus do dhaingnidh iad, ar mhodh nach éidir a gclaoidh tré bhith síor. Arís, as fíor an creideamh, nó as fallsa. Madh as fíor, ag sin réidh an chúis; madh as fallsa, ní lughaide chruthóchas mé ort gurab glioca agus gurab críonna Críost iná aoinneach eile, an tan gur chuir neithe comhárda docamhlacha agus sin roimhe, agus gur chuir iad comhdaingion agus sin 'na luighe ar na daoinibh nach féidir ré résún iná re neart daonna iná diadha a mbriseadh iná a sgrios. Admhuid iomorro na dochtúireadha críostaidhe ealadha na feallsa, agus foillsighid nach bhfuilid na neithe do
theaguisg Críost (bíodh go sáraighid an résún nádúrtha) conntrárdha don fheallsa acht fós go bhfoghnann gach ealadha agus go ndéin seirbhís dáibh; agus ní do réir mar do-ní drong áiridhe ainbhfiosach easarlaigheach tharcuisnigheas agus theilgeas uatha an fheallsa nó ealadha eile fhíre ar bith, acht glacuid chugtha mar ní as ceart dáibh féin gach ealadha chéillidhe agus gach ní dá ndubhradh go maith. Acht cia an t-eagnuidhe nó an duine glioc as éidir d'fhághuil réarbh fhéidir bréga ar bith nó cumadóireacht do chosnamh a n-aghaidh uile résún an uiriod sin eagnuidheadh agus d'fhoillseóchadh a mbeith a gcoimhréir don uile fheallsa? Go dearbhtha bí coimhréir agus coimhtheacht ag an bhfíor leis an bhfíor agus neimhtheacht ag na huilibh leis an mbréig. Ar an adhbhar madh as ar éigin dob éidir leis na feallsaimh an fhírinne féin (do choimhéd) gan lot óna heasccáirdibh, as lugha iná sin choiseónuid an bhréag anbhfann ar a ttreóir féin a n-aghaidh gach comhraic chruaidh churata thiocfas orra. Dá bhrígh sin madh atá an creideamh so Chríost brégach fallsa, as riachtanas a rádha gurab roighlioca roichríonna Críost iná na huile, an tan gur tharruing na daoine féin chuige ré teagasguibh docamhlacha dosgrúdtha agus gur choimhéignidh iad dochum a mbeatha d'iomchar go naomhtha beannaighthe. Acht do bhrígh nach éidir leis na neithibh conntrárdha comhnuidhe a bhfochair a chéile, ar mhodh go mbeith coimhtheacht ag na bréguibh leis an bhfeallsa fhíre agus go ndíreóchaigh na daoine ar dheaghstaid leó, as riachtanas a rádha gur fíor creideamh Chríost agus a theagasg agus gurab eagnuidhe go dochuimsigh é féin iná a ttáinic do dhéibh agus do dhaoinibh ariamh agus iná ttiocfa. As uime sin do shanntaighiodar na daoine as foghlamtha dá ttáinic isan uile ealadhuin agus bá fírénta beatha an teagasg so Chríost mar áirdeagna, agus do shíoladar é léna seanmóir, léna sgríbhinn agus léna n-oibreachuibh, agus do neartaidhiodar lé teist a bhfola. Go dearbhtha muna mbeith a fhios aca go cinnte gurab ó Dhia dotugadh an teagasg sin do na daoinibh, níorbh fhéidir go bhfuileóngadaois an uiriod sin saothar, duadh, annródh agus ainnisi dá chosnamh. Mar an gcédna as ann go mórmhór as follas cumas an eagnuidhe an tráth do-bheir a dhisgiobuil a mbeagán aimsire trésan tslighidh as roighiorra go crích agus go foirbhtheacht iomláin isan n-uile
ealadhuin. Acht as é Críost amháin do-rinne amhlaidh sin. Óir ní bhfuil ealadha ar bith ann acht ealadha résúnta nó ealadha réalta. As ealadha résúnta an loighic, an retoric agus an fhilidheacht, óir as ar neithibh bheanas ris an résún amháin tráchtaid, agus as í as críoch dháibh tuigse an duine do choimhéigniughadh ré résúnaibh égsamhla agus lé teagasguibh dochum na neithe chuirid ós a comhair do ghlacadh agus do dheónadh. Dothug Críost iomorro gan docamhal nísa fhearr iná a ttáinic riamh a dhisgiobail féin chuige sin do dhénamh, mar as follas go mórmhór as mar do iompuidhsiod iasgaireadha, dobhí ainbhfeasach aineólach sul do ghlacsad teagasg Chríost, an chruinne dhomhanda go coitchionn ré teagasg bríoghmhar láidir; ní nárbh fhéidir lé neart arm iná eagna an domhuin do dhénamh. Ruinntear ámh an ealadha réalta a bpraiticc agus a spécláireacht. As í as ealadha phraiticceach, an ealadha mhórálta stiúras na bésa agus thráchtas ar na subháilcibh, agus múinidh teagasg Chríost í comhuras comhtapaidh agus sin nach riachtanus a bheag dhi d'iarraidh iná do shanntughadh ó na feallsaimh. Acht madh as í ealadha na spécláireachta (dárab nádúir gach ní do sgrúdadh agus do mhionchuartughadh go grinn caolchúisioch) bhias ann, ceachtar do dhá ní: tairngidh sí ón n-uile adhbhar somhothaigh agus sothuisge; agus as í sin an ealadha dhiadha, annar sháraigh Críost na huile gan mheidh gan mhiosúr. Nó tairngidh sí ón adhbhar somhothaigh, gidheadh, tráchtaigh ar an adhbhar sothuigse; agus as í sin an matematic, bhreathnaigheas an fhoirm amháin, agus, do réir mar adeirid na feallsaimh, nach ndearcann agus nach bhféchann ar an maith iná ar an gcrích. Acht do bhrígh go bhfuil teagasg Chríost rochúramach roidhíthchiollach dochum na maitheasa agus dochum na críche, ní mór an stuidér do-ní asan ealadhuin si, ar an adhbhar nach bean leis an slánughadh. Ar a shon sin madh as éidir sochar nó tarbha ar bith do bhuain eiste, as cinnte go bhfuighe teagasg Chríost é. Óir na nuimhreacha agus na fíoghracha atá isan sgrioptúir naomhtha, hordaighthear iad go ro-oireamhnach dochum déighbhés agus neithe diadha, ionnus nach bhfágbhann teagasg Chríost sochar iná tarbha is iontsanntuigh a n-ealadhuin
dá hísle ag na feallsuimh nach ttairgneann chuige féin. Nó ní thairgneann sí ó adhbhar sothuigse iná somhothaigh; agus as í sin an fheallsa nádúrtha, sa críoch dhéighionach dochum a ttreóraigheann an teagasg críostaidhe sinn go hégsamhuil uras go n-iomad sóláis agus antola. Óir ní hé eólas na neithe nádúrtha ann féin an airdchríoch, dochum a ttriallmuid trésna neithibh nádúrtha, acht as mian linn teacht go heólas agus go fios na neithe dofhaicse trésna neithibh corpardha sofhaicse so. Ní go deimhin fhritheólas go fairsing súgach an teagasg críostaidhe oruinn; óir cumaidh go hiongantach breaghdha neithe dofhaicse Dé dhúinn isna huile neithibh beagna nádúrtha, amhuil a sgáthán. Ar an adhbhar sin as é Críost bá roi-eagnuidhe don n-uile, mar go ttug an chruinne go coitchionn go crích agus go foirbhtheacht gach ealadhna go ro-uras gan ródhocamhuil. Fá dheóidh, sáraighidh sámhas na tuigse sámhas na gcédfadh. As a bhfios ámh na céidfhírinne choimhsheasmhuid na neithe bheanas leis an tuigse; agus ní bhfuil dá fhoirbhthe dá rachaidh an tuigse 'na n-eólas nach móide agus sin mhéideóchas a sámhas. Ar an adhbhar sin as abhal a bhfuil an eagna as mó atá eólas agus sámhas nías mó na céidfhírinne. Ar an adhbhar sin as comhardha ar mhóireagna Chríost an t-árdshámhas atá ag na críostaidhthibh anna mhaodhughadh, nár fríoth nísa mhó go fóill. Dobhádar iliomad, amhuil ad-chímid anois féin, do tharruing iad féin go hionaduibh uaigneacha agus go díseartuibh diamhra, iar ttréigean uile antola agus aoibhneasa an tsaoghuil ar son mhaodhughadh na céidfhírinne atá i tteagasg Chríost, agus ní as romhó iná go ndeachadar ar a n-aghaidh agus go ndearnadar bisioch comhmór agus sin isan maodhughadh go measfá nach daoine iad acht leithdhée nó aingle ar talamh; óir do-chuadar comhmór agus sin tar an bhfeóil nach eadh amháin nach bí dúil aca a ní ar bith talmhuidhe acht fós nach cubhaidh leó dearcadh orra. As ar follas gurab é teagasg Chríost an t-áirdteagasg, agus gurab é Íosa Críost féin áirdeagna fhíre an Athor shíordhuidhe, réarbh fhéidir an uiriod sin agus a ccommór d'fheartuibh iongantach do dhénamh.
AN CREIDEAMH DO BHEITH FÍOR AS MÓRMHAITH CHRÍOST. Caib. 15. Do thaisbénamar go soiche so Íosa Nasárénach do shárughadh na n-uile dhaoine agus uile dhée na gcineadhach a gcomhachta agus a n-eagna, ar mhodh dá gcreidthí Dia ar bith do bheith, nárbh fhéidir a mheas Dia ar bith do bheith acht eision amháin; anois as mian linn an ní cédna do thaisbénadh as a mhórmhaith, ag cruthughadh gurab é an árdmhaith agus críoch dhéighionach na beatha daonna. Tabhair dhot aire ar tús gurab ar son chríche éigin bhíos na huile ghníomhartha daonna. Óir as ó thoil shaoir an duine, anna n-eidirdhealaigheann leis na hainmhinntibh brúideamhla, thigid uile ghníomhartha agus oibreacha an duine, an mhéid gurab daonna iad. As é ámh as cosbóir don toil, an mhaith agus an chríoch. An tan iomorro nach bhfuil dul gusan doichríochnaigh isna críochuibh (nó dá mbeith gomadh riachtanus gluasacht gach foinn do chomhnuidhe), as éigin críoch éigin dhéighionach do bheith ag an duine. Ní féidir ámh dhá chrích dhéighionacha do bheith ag aoinní amháin, an tan nach bí aoinní re sanntughadh tar an gcrích dhéighionaigh. Óir as í as críoch dhéighionach ann, ní shásas agus líonas an fonn, ar mhodh nach bhfágbhann ní ar bith as díol dúla nó foinn taobh amuich di féin nó do na neithibh horduighthear chuice. Mar sin ní bhfuil acht aoinchríoch amháin dhéighionach ag na huile dhaoinibh. Bíodh a fhios agad ar a shon sin nach tteagmhuid na daoine go huilidhe ré chéile isan gcrích dhéighionaigh go hadhbhardha; gidheadh, tigid uile ré chéile d'aoinmhéin isan gcrích chédna go foirmeamhuil. As í iomorro as críoch dhéighionach do na daoinibh, an sonus. Óir as fonnmhar an n-uile dhuine ar bheith sona, ar son nach isan ní chédna nó nach ionann ní a measuid na huile dhaoine an sonas do bheith. Acht ó do chruthaigheamar thuas gurab í an chéidfhírinne agus an chédchúis, .i. Dia, as críoch dhéighionach don bheathaidh dhaonna, madh chruthaighemíd anois gurab é Íosa Críost an chríoch dhéighionach sin, biaidh follas gurab é an chéidfhírinne, an chédchúis, Dia
fíre agus an árdmhaith dárab díleas go roifhíor bheith 'na chrích dhéighionaigh ag an gcineadh daonna. Dochum so do thuigsin nísa shoilléire as inbhreathnuigh an tan hordaighthear nádúir ar bith go ní éigin amhuil go crích dhéighionaigh gurab féidir a toirmeasg re cumasg nádúire eile dá buaidhreadh, ar mhodh nach gluaisfeadh ar énchor dochum na críche, nó nach gluaisfeadh coimhneartmhar agus do-dhénamh dá mbeith gan an toirmeasg sin uirre: amhuil triallas gach ní trom síos agus thriallas na huile neithe troma do réir foirme a ttromdhachta go nádúrtha gó a cenntrum. Gidheadh, an t-én, do bhrígh nach foirm thromdhachta amháin atá aige acht fós foirm ainmhidhe, as suas eitilleas. Óir tógthar suas é leis an ngluasacht ainmhidhe do thoirmeasg na tromdhachta. Mar an gcédna madh bhíonn iomad aiéir agus teine ceanguilte ré talamh a ccumasg domhothaigh, ní féidir dhó gluasacht go roluath síos. Gidheadh, gluaisidh an ní fíorthrom gan cumasg édtromdhacht síos go roluath muna ttig toirmeasg air; agus ní bhfuil dá ghlaine dá mbiaidh ina nádúir gan cumasg nach móide agus sin a neart ag triall ar a chenntrum. Do bhrígh iomorro go bhfuil dhá nádúir isan duine, .i. nádúir spioratálta agus nádúir chorpardha nó mhothaightheach, bíodh gurab ar Dhia thriallas an tuicsi agus an toil ré gluasacht nádúrtha, gidheadh, ó chumasg na coda corpardha leó cuirid na miana toirmeasg agus buaidhirt orra, agus as mionca tairngthear iad go ní eile iná gusan ní iarras an nádúir. Agus tar a cheann nach éidir éigean nó foirneart do dhénamh ar an tuigsi agus ar an toil, ar a shon sin, tré ainbhfios nó tré iomad álgasa, tairngidh an tuigse an toil dochum dúla agus foinn do bheith isna neithibh neamhordaighthe. Mar sin madh as mian linn nádúir fhíre críche an duine d'fhagháil amach, as éigin go gcaithfeam a lorgaireacht as gluasacht agus neart a ghrádha agus as an bhfonn agus as an álgas teasaidhe bhíos air. Gidheadh, do bhrígh go bhfuil nádúir résúnta agus mothaightheach isan duine, ní cóir dhúinn dearcadh ar fhonn nó álgas na droinge do-bheir a mbeatha suas (ar nós) na háirnéisi acht ar fhonn agus ar álgas na druinge do-bheir a
mbeatha a ttír go résúnta agus as daoine go fíre. Óir madh as mian liom a fhios d'fhagháil as an tromdhacht cáit a ttriallann an ní trom, ní bá féidir dhamh a fhios sin d'fhághuil as eitill na n-én acht as gluasacht na neithe atá trom go fíre. Acht do chruthaigheamar thuas nach bhfuil beatha ar an tsaoghal so as glaine iná an bheatha chríostaidhe, iná daoine as résúnta do-bheir a mbeatha suas iná na críostaidhthe. Dá bhrígh sin as as grádh agus fonn na droinge as daoine fíre go díleas amháin as éidir linn theacht a n-eólas na críche déighionaigh. Acht trialluid na huile chríostaidhthe do chaitheas a n-aimsir go maith ré grádh roineartmhar d'aoinmhéin go Críost do crochadh mar áirdchrích dhéighionaigh, agus tarcuisnighid na huile neithe amhuil aoileach nó salchar ar a shon agus dá ghrádh. Ar an adhbhar sin as é Críost an chríoch dhéighionach, an Dia fíre agus an árdmhaith. Arís, as í as críoch dhéighionach, foirbhtheacht iomlán an duine; mar sin ní bhfuil dá fhoicsi dá rachaidh dhi nach móide bhias foirbhthe, agus ní bhfuil dá mhéid dá mbiaidh foirbhthe nach móide thiucfas a bhfogas di; óir as ionann agus neach do bheith foirbhthe, a bheith a bhfogas dá chrích dhéighionaigh. Gidheadh, níor fríth ní ariamh, sa fhoicse tré a ndeachaidh an nádúir commór ar a haghaidh 'na beathaidh re tuicse agus ré toil, agus tréar ghnóaigh uiriod foirbhtheachta agus dofuair re teacht a bhfogas d'Íosa Críost do crochadh ó thuigsi agus ó thoil (ar theacht a bhfogas ó thuigsi agus ó thoil labhramaoid annso agus ní ar theacht a bhfogas ó chorp), ar mhodh nach bhfuil dá fhoicse dhó dá ttiucfa nach bá móide bhias teasgrádha aige dhó. As ar follas go soilléir gurab é an Críost sin do crochadh críoch dhéighionach an duine. Arís, ní bhfuil (ní) ar bith as nádúrtha iná álgas agus fonn na críche si; agus as uime sin ghreamhaigheas gach ní go doghluaiste dá chrích dhéighionaigh. Agus amhuil bhíos na céidfhrémha a n-ealadhuin na spécláireachta, as mar an gcédna bhíos an chríoch dhéighionach a n-ealadhuin na praitigeachta. Dá bhrígh sin, amhuil agus atáid na céidfhrémha ceanguilte dhínn ó nádúir, as mar an gcédna atá grádh agus fonn na críche déighionaighe. Ar an adhbhar sin as comhardha ar an duine theacht gusan grích dhéighionaigh madh ghreamaigheann comhdaingion agus sin d'éinní amháin do réir résúin atá glan ón n-uile dhubháilce
go ndéin neamhshuim don n-uile ní eile, agus gomadh fhearr leis a bhás do theacht iná sgaradh leis an ní sin. Agus bíodh gur chuiriodar daoine éigin críoch eile rompa, as annamh go bhfacamar ariamh gurbh fhearr leó sgarthuin réna mbeathaidh iná leis an gcrích sin. Óir fuilngid cách eile na huile neithe dá ndocamhlaigh do choimhéd na beatha, agus do-bheir an duine gach uile ní dá mbí aige ar son a anma. Gidheadh, tréigid na críostaidhthe ní headh amháin go deóntach acht go meamnach móraigeantach a gcuid díleas ar son Críost, agus a mbeatha go súgach suilbhir neamhchásmhar. Go dearbhtha muna mbeith Críost 'na árdmhaith, ní dhéindís, go háirídhe daoine ro-eagnuidh, malairt ar a mbeathaidh - an pérla as daorluaighe agus as muirnighe ag an duine - ar an earráid as mó as éidir d'fhághuil. Mar an gcédna ó as dochum aoinchríche amháin hordaighthear an mhéid cuinnighthear fá aoinghné, agus go n-uaimcheangaltar iad isan gcrích sin, amhuil thairngeas na neithe troma go huilidhe gó a cenntrum; as comhardha rofhollasach ar gurab é Íosa Críost do crochadh as críoch dhéighionach don duine, nár fríth éinní ariamh anna gceangóltaigh na daoine ré cuibhreach comhdaingion agus ceangaltar iad annar tTighearna Íosa Críost. Óir an mhuinntir chreideas a nÍosa Críost, as amhlaidh ceangaltar iad agus bhíos coimhtheacht eatorra mar bhíos eidir gach cuid don talamh ag tarruing ar a centrum. Agus as ar an modh gcédna do-níthear aonchroídhe amháin agus aonanam amháin i gCríost do na huile chríostaidhthibh thairgeas triall go díreach díthchiollach ar Chríost; agus ní bhfuil dá mhéid dá ttéid siad ar a n-aghaidh isan gcreideamh nach móide agus sin cheangluid d'aroile ré teas grádha, carthanachta agus sámhuis. Gidheadh, muna mbeith Críost acht 'na dhuine amháin, agus an creideamh fallsa brégach, níorbh fhéidir leis ann an uiriod sin do mhílltibh daoine do choinghioll agus do chinél égsamhuil a leithéid sin d'éifeacht do gheineamhuin; óir as ro-uras gach cruinnioghadh dá ndéntar do bhrégaibh do sgaoileadh agus do sgapadh. Agus ní mó dob fhéidir lé nuimhir dhoichríochnaigh do dhaoinibh ceangal cairdeasa do dhaingnioghadh ar fhondamuint fhallsa, iná an cáirdeas sin do mhédughadh ré fás don bhréig. Arís, ní bhfuil dá fhoicse dá rachaidh ar ttuigse don chrích dhéighionaigh nach móide agus sin fhásaid ar sóláis spioratálta;
agus as í uair bhíos go rofhoirbhthe an tráth as mó thig a bhfogas don chrích sin. Mar sin madh bhíonn sórt éigin sóláis ag an duine an tráth roicheas go neamhfhoirbhthe an chríoch sin, as cosmhuil go mbiaidh sólás mór aige an tan ghébhas an chríoch go foirbhthe iomlán. Gidheadh, sáruighidh an sólás ghlacuid na críostaidhthe ó Chríost na huile shóláis tuigse agus chédfadh, amhuil as follas as trí neithibh go mórmhór. Ar tús, as seasamh dofhaisnéidhe na martíreach, dá a léghamaoid nuimhir dhoichríochnaigh do rioth chum na bpian comhlúthgháireach coimhiolgháirdeach agus dobheithdís ag dul dochum bainnsi, agus a lár na bpian bheith ag canntuin salm go súgach soimheanmnach, amhuil agus dobheithdís a móraoibhneas; ní go dearbhtha nach ttiocfa leó do dhénamh muna gcosnamh iomarcaigh an tsóláis agus an tsámhuis dochuimsigh bhíos aca a gCríost ón n-uile dhoilgheas agus ón n-uile chrádh (iad), ar mbeith neamhmothaightheach do chédfadhuibh an choirp; ní nach deónaighthear do shólás iná do shámhas eile ar bith; óir buaidhridh an doilgheas nó an crádh neartmhar an duine, agus tairngidh an n-uile antoil uaidhe, ar mhodh go gcuir tar a chéill é go meinic. Arís, as sompladhuibh dofhaisnéidhe na manach do thréig uile aoibhneas an tsaoghail agus do theith fán bhfásach ag aitreabh díthreabh agus uamhacha talmhan a gcomhluadar agus a gcuideachta bheathadhach n-allta, a n-aibstainéid, a ttrosgadh, a gclaodhbhrúdhadh na colla. Agus bíodh go rabhadar bocht ainnis gan mhórán bídh iná édaigh, ar a shon sin as súgach sólásach do chaithdís a n-aimsir ré iomad sámhuis a maodhughadh na neithe ndiadha. Sa lorg as follas re faicsin go fóill a n-iliomad d'áitibh ar feadh an domhuin. Anois féin ad-chímid iliomad daoine riaghalta dá ttoirbheart féin a modhsuine dheóntaigh fá iadhadh phríosún síordhuidhe na mainistreach fá chuing chruaidh umhlachta na naomhstaide riaghalta, as easbach ar an n-uile áineas agus aoibhneas saoghalta, gidheadh, do-bheirid a mbeatha a ttír comhsáimh agus comhsólásach, ré congnamh Dé, amhuil agus dobheith aoibhneas agus antoil an tsaoghuil uile aca. Fá dheóidh, as na daoinibh roi-eagnuidhe bá eólgasach isan n-uile ealadhuin, do thréig an n-uile ealadha, iar mblas do naomhthobar an sgcrioptúir agus millseachta
Chríost, sa theagasg amháin do shásaidh iad, ar mhodh gur ghreamaighsiod de comhdaingion comhdosgaoilte agus sin nach raibh acht blas amh aca ó shoin amach ar uile eagna agus ealadhuin na bhfeallsamh agus na bhfileadh agus ar chumas deaghlabhartha na retoricceadh. As follas as na neithibh si go sáraighid go fada na sóláis agus na sámhuis thig ón gcreidemh agus ó mhaodhughadh Chríost do crochadh na huile shóláis agus sámhuis eile. Ar an adhbhar sin as riachtanus a rádha gurab ón árdmhaith thigid, go mórmhór an tan nach bhfuil dá fhoicse dá roichiom go Críost ó chreideamh agus ó ghrádh nach móide agus sin fhásaid na sóláis si agus na sámhuis aguinn. Fá dheóidh, amhuil adubhramar cheana, as éigin an mhéid atá fá aoinghné amháin d'ordughadh dochum aoinchríche déighionaigh amháin; mar thigid na huile dhaoine ré chéile a modh na críche déighionaigh, bíodh nach ttigid ré chéile isan ní anna bhfaghthar an mhodh sin; óir as annsin atá an cheist. Dá bhrígh sin ó as a n-oibriughadh na tuigse nó na toile atá sén agus sonus an duine, déram gurab é ní dá ttig nádúir na críche déighionaigh, an ní a mbí coimhtheacht ré chéile ag na huile dhaoinibh résúnta, dochum a ngluaistear iad d'aoinmhéin agus ar aonmhodh, dá ngreamaighid go doghluaiste, ghrádhaighid ós a gcionn féin, anna bhfaghuid sámhas agus sólás ro-iongantach, as a n-ibhid iomláine na beatha agus deallradh an tsoluis neamhdha, agus tarmfhoirmighthear iad isan déshearc, ar mhodh go ndéntar an ní cédna dhíobh go huilidhe, agus amhuil agus dobheithdís as an saoghal amach, measuid gurab aoileach na huile neithe talmhuidhe ón tsíth romhóir agus ón sólás neamhdha bhíos do ghnáth aca. Gidheadh, iad so go huilidhe as coinghiolla dísle don árdmhaith, níor fríoth riamh iad acht isan gCríost úd do crochadh. Ar an adhbhar sin as é an Críost sin as ardmhaith ann. Acht cad bheir ag tráchtadh nísa fhaide sinn ar na neithibh atá follas uatha féin? Ó as do nádúir na maithe í féin do ruinn agus do dhortadh, as éigin go mbí an árdmhaith roruinnteach rodhortach uirre féin. Gidheadh, ní faghthar ruinn don mhaith as mó agus as fairsinge iná an ruinn tig ó Íosa Críost; óir iar tteacht Chríost agus iar síoladh a chreidimh, do glanadh an chruinne go coitchionn ó cheó domhuin dorcha na seachrán, na n-ainbhfios,
agus na bpeacadh, agus do líonadh iad don n-uile shubháilce agus naomhthacht beatha, agus do dáileadh an uiriod sin troimthiodhlaictheadh do na creidmheachuibh go mbíodh meas ag cách orra gurab sona beannaighthe a staid, agus go bhfuaradar an naoimhshén síordhuidhe ar an talamh sa. Óir madh as éidir sén iná sonas ar bith d'fhághuil ar an tsaoghal sa, as cinnte gurab iad na críostaidhthe do-gheibh. Fá dheóidh, foillsighidh búidheacht dofhaisnéidhe agus trócaire dhochuimsigh ar tTighearna Íosa Críost iomadamhlacht iomarcach a mhórmhaitheasa; óir ní thairngeann maithmheachas iná párdún, agus ní chuireann ar cairde trócaire do dhénamh ar na haithrigheachuibh ar son tromdhachta a bpeacadh iná ar son gráineamhlacht a gcoirthe nó a míghníomh, acht ruinnidh nísa mhó dá thiodhlaicthibh agus dáiligh nísa mhó do thabhartaisibh don droing fhilleas air iná do chleachtadh roimhe sin. Agus as feasach sinn nach bhfuil dá mhionca dá ttréigeann neach é nach bí dá mhúchadh a lathaigh an tsaoghuil si agus dá chrádh ag iomad cúram, do bhrígh go gcaill millsiocht agus díorchacht na deighbheatha do chleachtadh roimhe sin; gidheadh, comhluath agus do-ní aithríghe ó chroidhe, do-gheibh an tsíth agus an sólás dobhí aige cheana. AN CREIDEAMH DO BHEITH FÍOR AS COMHACHTA, AS EAGNA AGUS AS MAITH CHRÍOST A N-AOINFHEACHT. Caib. 16. Dochum a ndubhramar go soiche so ar chomhachta, ar eagna agus ar mhaith Chríost do thuigsin go huras, adeirmíd munab Dia Críost, amhuil do-rinne sé féin de féin, nach ttáinig do na daoinibh neach bá huaibhrighe agus bá leimhe iná é. Gidheadh, munab é féin adubhairt gur Dhia é, acht gurab iad bréga a dhisgiobal agus cumadóireacht na ndaoine (mar aithrisid drong áiridhe do chaill a gciall) do chur an t-ainm sin ós áird air,
cionnus dob fhéidir comhachta commór agus sin, eagna agus maith nach éidir nías mó do smuaineadh do theacht ó chumadóireacht fhallsa nó ó bhréguibh? Madh as fíor go stiúraigheann Dia agus go ccomhdaigheann na neithe íochtaracha sa ré meadhónaibh oireamhnacha, ó do chruthaigheamar nach bhfuil slighe iná meadhón as foirbhthe dochum na beatha do thabhairt suas go búidh beannaighthe iná Críost, ní fhaicim cionnas as éidir dhúinn gan a admháil gurab é Críost an meadhón fíre dochum an tsonuis agus an tséin shíordhuidhe do dháil Dia don chineadh daonna; nó caithfeam ceart Dé agus a chúram fá na créatúiribh do dhiúltadh, nó a chreideamh gurab go cinneamhnach theagmhuid na huile neithe, agus Dia thríd amach do dhiúltadh; neithe as leimhe re rádha dár chlos ariamh, taobh amuich don chéidní atá roifhíor agus as riachtanas do ghlacadh. Arís, madh atá creideamh ar bith fíor ar an tsaoghal sa, mar d'fhoillsigheamar cheana ré résúnaibh foirtille go bhfuil, cia shénfas iar bhfaicsin ar aithrisiomar do mhóirfheartuibh gurab é sin an creideamh críostaidhe? Óir ní bhfuil aoinchreideamh eile dá chosnamh re résúnaibh daingne dochlaoidhte amhuil agus atá. Gidheadh, muna bhfuil an creideamh críostaidhe fíor, go dearbhtha as éigin an n-uile chreideamh eile do dhul seachad. Mar an gcédna as feasach sinn nach raibh creideamh ariamh as cruaidhe dofuair cur chuige iná an creideamh críostaidhe agus as buaine atá dá bhuilliughadh gan sgís ré naimhdibh neartmhara niadhachúiseacha ó aimsir Chríost gusan am so. Gidheadh, do thuit an n-uile chreideamh eile gan duadh gan chathughadh comhuras agus do síoladh é. Acht an creideamh críostaidhe, as ag deallradh agus ag lonnradh bhíos ó bheith dá fhoghairt a lasrachuibh teinntighe do ghnáth; ní nárbh fhéidir dá mbeith creideamh eile ar bioth fíor, nó dá mbeithsion fallsa. 'Na gceann so as follas nár iomchuir agus nár fhulaing an creideamh críostaidhe a bheag do bhuaidhreadh iná d'inghreim ariamh ó dhaoinibh fírénta iná macánta, acht go raibh cion, muirn agus onóir mhór aca air; gidheadh, go raibh cogadh síor aige le drochdhaoinibh coirbthe cionntacha agus léna n-athair an diabhal,
agus go bhfuil go laethamhuil go dochlaoidhte feardha feadhmláidir ag cruadhchomhrac gan sgís riú. Agus mar as léir dhúinn anois nach dearna persecution iná inghreim ariamh ar chreideamh iná ar dhisgiobluibh Chríost acht madh drong mhallaigh don tsórt so; ní nach ttarla do chreideamh eile ar bioth riamh. Créd an fáth dá bhrígh sin gurab usa linn lorg na ndrochdhaoine do leanmhuin ag aithris orra iná lorg na ndeaghdhaoine? Arís, níor fríoth creideamh ariamh dochum ar fhilleadar agus dochum a bhfillid go laéthamhuil uiriod daoineadh agus fhillios ar an gcreideamh chríostaidhe, agus a fhios aca nach dochum onóra, saidhbhreasa iná antola fhilleid - neithe dá ndiúltaid anna mbaisteadh - acht dochum tarcuisne, troisgthe, gainne, masla, agus madh as éigin é, dochum gach pian dá ndúire d'fhulang. Go deimhin ní tarróngthaoi aoinneach céillidhe ar na coinghiolluibh sin muna ttolladh solas na fírinne roshoilléire croidheadha na ndaoineadh. Leis na résúnaibh (si) agus léna samhluibh as éigin don tuigse a chreideamh gurab fíor creideamh iongantach Chríost. Bíodh iomorro nach ttugann énrésún amháin, nó dá résún, nó trí fá-deara do na daoinibh an creideamh d'admháil, gidheadh, as éigin dáibh géilleamh d'iomad résún a bhfochair a chéile, madh meastar iad go díreach, óir ní lugha a mbrígh iná brígh ráidhte an mhatematic, nó aithbheóadh mairbh, dá ttugthaoi mar chruthughadh ar an gcreideamh é. Ar an adhbhar sin madh atá an creideamh críostaidhe fíor, as éigin an n-uile chreideamh eile do sgrios mar neithe gan tádhbhacht gan brígh, an tan go ndearbhann an creideamh críostaidhe nach éidir aoinneach do shábháil bhíos taobh amuich dhe féin. Ní go dearbhtha atá résúnta; óir ós a radharc Dé atá ar slánughadh agus nach éidir d'aoinneach teacht gusan radharc sin gan grása agus tíodhlaice neamhdha, ní féidir d'aoinneach a fhagháil gan an creideamh, mar go n-abair an sgrioptúir gurab doidhénta taithneamh ré Dia gan an creideamh. Ní bhfuil iomorro slighe ghearáin iná leithsgéil ag aoinneach ar son a bheirthe a n-áitibh coimhightheacha a bhfad ón gcreideamh sa; óir ciabé leanas solas nádúrtha an résúin, nach tteasdaigheann ó énduine, agus fhilleas ré hinntinn dírigh agus ré croidhe glan ar Athair coitchionn na n-uile - nach diúltann a riachtanas
ar aoinneach - agus iarrfas solas na fírinne air, ní rachaidh a ghuidhe a n-asgaidh; óir taisbénaidh Dia an tslighe dhó ré brodadh innmheadhónach, mar do-rinne ré Job, nó ré haingeal, mar do-rinne ris an gcaptaín Cornelius; nó ré duine éigin apstalta, mar do chuir S. Philip gusan eunucus; agus mar sin do-ghébhaidh an solas as riachtanas go slighidh na sábháilteachta. Fínit.
AN TREAS LEABHAR DO BHUAIDH NA NAOMHCHROICHE, NÓ d'FHÍRINNE AN CHREIDIMH. BROLACH NÓ RÉMHRÁDH AN TREAS LEABHAIR. Do thaisbénamar go follas fírinne an chreidimh chríostaidhe isan chéidleabhar agus isan dara leabhar as na héifeachtuibh oirdhearca do-rinneadh agus do-níthear go laéthamhuil isan Naoimh-Eagluis Chatoilce. Acht do bhrígh nach lór dhúinn ar résúin agus ar bhfondamainteadha féin do chur a bhfochair a chéile muna gcosnam iad ar an druing rear mian a sgaoileadh agus a sgrios, as eadh as indénta dhúinn, cur a n-aghaidh easccarad an chreidimh, ag foillsiughadh don domhan nach bhfuil aoinní doidhénta iná díthchéillidhe isan ccreideamh chríostaidhe. Óir bíodh go gcreideann iomad ós cionn résúin nach bhfuil doidhénta do chomhachtaibh Dé, gidheadh, ní admhann éinní atá a n-aghaidh an résún; agus tar a cheann go sáraighid go fada tóruinn gach inntleachta daonna, ar a shon sin atá mórán résúin, céille agus cruthamhlachta aca. Dochum oird do choimhéd a réim shiobhail na hoibre si, laibheóram ar tús ar airteagluibh an chreidimh; óir as iad as fondamuinteadha dár gcreideamh. Arís, do-bhéram uainn ord agus résún nó ciall na n-aitheanta mórálta. Dá éis sin foillseócham ciall na reachta agus na ndlightheadh dá ndéin ar ccreideamh úsáid ag tabhairt bhreithemhnuis. Fá dhéoidh, míneócham go follas rúindiamhra, cerimonias nó naomhghnáis na hEagluisi Catoilce. Óir as iad so iadhas uile theagasg agus reacht na gcríostaidhthe. Agus bíodh gur thráchtsad dochtúireadha ordhraice agus daoine rofhoghlamtha go heagnuidhe fairsing foirleathan ar na neithibh si, ar a shon sin ní cóir d'aoinneach a mheas gurab iomarcach an treas leabhrán so aguinne ar na neithibh cédna, do bhrígh go bhfaicthear dúinn gurab ceart a cheangal leis an dá leabhrán eile, dochum teaguisg agus aiceachta na beagoibre si do bheith iomlán ar gach taobh, agus dochum gan éinní do léigion adamach thoruinn gan tráchtadh air do réir ar gcumais. Arís, dochum an mhéid do theaguisgsiod ar n-oideadha agus ar maighistridh ré
seanmóruibh fada agus ré gérchúis iongantaigh do thabhairt uainn go hathchumar sothuigse, cruinneócham iad, ré congnamh Dé, fá iadhadh an leabhráin si, agus do-bhéram uainn aiceacht athchumair agus léighionn lántarbhach gan ródhocamhuil dá gach aicme, madh críostaidhthe nó ainchríostaidhthe. Go ttug Dia dhóibh araon a ttarbha do bhuain as. Amén.
GO BHFUILID NEITHE DOICHRÍOCHNAIGH I NDIA, AGUS GURAB FÉIDIR LE DIA NEITHE DOFHAISNÉIDHE DO DHÉNAMH SHÁIREÓCHADH CUMAS NA TUIGSE DAONNA. Caib. 1. As uras dúinn a thuigsin as anbhfainne na tuigsi daonna go bhfuilid iliomad agus neithe doichríochnaigh i nDia sháraigheas go dochuimsigh cumas ar ttuigse. Óir as san ndíthchioll déighionach do ní haitheantar cá fad shíneas a chumas. As éidir dúinne mar sin fios cumais agus bríogha ar ttuigse féin d'aithne isna feallsuibh oirdhearca, anna n-admhaid na huile an nádúir do dhénamh a díthchill déighionaigh. Gidheadh, as cinnte (do réir mar admhuid) gurab gann neimhdhearbhtha saothrach an t-eólas nó an tuigsi dobhí aca ar na neithibh nádúrtha. Ar an adhbhar sin muna ráinic ré uile chumas agus díthchioll na nádúire daonna teacht go glaineólas na neithe nádúrtha atá ós comhair ar súl, féch an lugha iná sin thiocfas a n-eólas na beithe neamhdha? Agus as rolugha iná sin thuigfeas nádúir na n-aingeal. Agus as míle lugha iná iad sin uile roichfeas go heólas an tí atá go dofhaisnéidhe arna árdughadh ós cionn na n-uile. Arís, madh dochímid iliomad isan aoinghné amháin daonna sa atá comhdaillinntleachtach agus sin nach éidir a n-ollmhughadh ré healadhuin, ré gliocas, ré díthchioll iná ré saothar dochum na neithe do thuigsiod móirfheallsamh do ghlacadh, as mó as inmheasta go ttuigid na haingle, atá a ngné ro-égcosmhuil leis na daoinibh agus nísa uaisle iná iad, iliomad do neithibh dochum nach éidir ar aonmhodh ré cumas ar ttuigsi-ne í féin do shíneadh. Créd, mheasas tú, as ionráidhte ar an tuigse dhiadha atá taobh amuich don n-uile ghné agus don n-uile chinél agus sháraigheas go doichríochnaigh na hardtuigseadha ré solas nach éidir teacht 'na chomhgar iná d'fhulang? Bíodh iomorro gurab as na héifeachtuibh haitheantar na cúise, gidheadh, an tráth sháraighid na cúise go ro-ordhraic na héifeachta, ní féidir fios foirbhthe na gcúiseadh d'fhághuil as na héifeachtuibh. Mar sin ós é Dia cédchúis na n-uile agus (go) sáraigheann go doimheasta a uile éifeachta féin, sa bhfios iná a n-eólas
nach bhfaghmaoidne acht go míofhoirbhthe, as follas nach éidir dhúinn eólas d'fhagháil ar Dhia féin, acht go fíorghann, ré bríogh an tsoluis nádúrtha. Ní deacair dhúinn fós a fhoillsiughadh go soilléir gurab féidir lé Dia mórán do dhénamh, agus go ndéin neithe as mó iná as éidir linn do thuigsin, an tan gurab ón gcédfadh nó ón mothughadh thionsgnas ar ttuigse agus nach n-éirgheann ós cionn na neithe cédfadhacha nó somhothaightheacha so. Óir atá sí ceanguilte comhmór agus sin d'ord na neithe nádúrtha nach éidir (di) dul taobh amach don ord sin do sgrúdadh nó do dhearcadh neithe ar bith. Óir as tré ghnéibh na neithe nádúrtha thuigeas gach ní dhá ttuigeann. Gidheadh, as cinnte gan chonntabhairt go bhfuil Dia taobh amuich don n-uile ord, an tan gurab gníomh fíre é agus beith dofhaisnéidhe. Agus ó as do réir mar bhíos gach ní a ngníomh oibrigheas sé, as éigin a rádha go bhfuil comhachta dofhaisnéidhe a nDia nach bhfuil ceanguilte d'ord ar bith dá ordhraice. Mar sin as leamh ré rádha nárbh fhéidir le Dia ní ar bith do dhénamh nárbh fhéidir dhúinne do thuigsin, go mórmhór an tan go ndéin iliomad agus beagnach neithe doichríochnaigh a n-ord na neithe nádúrtha féin atá dosgrúdtha aguinne, mar atáid an mhéid do-níthear isna neithibh neamhadhbhardha. As oireamhnach ar a shon sin do fhoillsigh an mhaith diadha mórán do rúindiamhruibh do na daoinibh gus nárbh fhéidir leis an résún daonna rochtuin; agus do-rinne iomad ós cionn oird na neithe nádúrtha, sa n-eólas dochum ar féidir leis an duine, atá ordaighthe dochum na críche neamhdha, do theacht. Óir do thuig an duine as solas na neithe ndiadha an chríoch dhéighionach agus na meadhóin oireas chuice; agus iar sgrúdadh aigéin na mórdhachta diadha, do thuig a anbhfainne agus a laige féin. Óir níorbh fhéidir leis a aghaidh do dhíriughadh iná dearcadh a bhfad uaidhe ar an gcuid as rolugha don tsolus sin fós, ar gcur cheóa an mhaodhughaidh eidir é agus é; as a ttig dhó Dia d'adhradh go reuerens agus go n-uirísle rodhomhuin, mar gur fhoghluim a dhearcadh go n-iongnamh ós na huilibh go dofhaisnéidhe. Anna bhfuair barr eólais air agus sámhuis agus aoibhneas romhór as na neithibh bá toil agus bá cubhaidh leis an maith diadha do ruinn go fial fairsing ar iomad do mhodhuibh ar na daoinibh.
Ar an adhbhar (sin) ní díol magaidh iná fochuidmhe agus ní neithe as inteilgthe go neamhchásmhar na neithe chuireas an creideamh críostaidhe romhuinn ré creideamh, ar son nach éidir leis an tuigse a nglacadh. Acht as mó as díol magaidh agus neamhcháis an drong do fhilleas go héigcríonna ón gcreideamh Chatoilce ar son an aoinrésúin amháin si, a ndaille féin. Léghadaois ar tús ar résúin-ne agus luighedís orra, ní d'fhonn cur 'na n-aghaidh acht d'fhonn a ttuigsiona, agus aitheónuid annsin nach n-abramaoid aoinní atá doidhénta iná díthchéillidhe. Acht dochum a ndubhramar do thaisbénadh go solasghlan, tráchtfam annso síos ar gach ní dhíobh fá leith, agus cuirfeam iad go soilléir sothuigse a n-ord iomchubhaidh a ndiaidh a chéile. DO NA NEITHIBH CHREIDEAS AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE ATÁ ÓS CIONN TUIGSE AN DUINE. Caib. 2. Beanaidh cuid do na neithibh soichreidthe ré diadhacht Chríost, agus cuid eile réna dhaonnacht. As ar an aondacht thráchtas an céidní bheanas réna dhiadhacht. Óir creidmíd aoinDia amháin do bheith ann, agus ní fhuilngemíd nísa mhó do dhéibh. Agus as é so as cédfhondamuint dár tteagasg as riachtanas dá gach aon do chreideamh. Agus ní headh amháin gur creideamh é leis na daoinibh foghlamtha acht bá feas dhóibh ré résún dá gclaoidh, mar adubhramar a ttús na hoibre si. Ar aondacht na Tríonóide atá an dara hairtiogal. Agus as lé beith na diadhachta bheanuid an dá airteagal sa. Ré hoibreachuibh dísle na diadhacht, as éidir lé Dia amháin do dhénamh, bheanuid an chuid eile. Ré beith na nádúire bheanas an cédairteagal díobh; óir adeirmid gur chruthaigh Dia na huile, .i. go ndearna iad gan éinní dá ndénfadh iad d'iarraidh chugtha. Féchaidh an dara hairteagal ar bheith na ngrás neamhdha; óir creidmíd go naomhann Dia ré tiodhlaicthibh neamhdha an créatúir résúnta dochum a tharruing chuige féin. Ré glóir an anma bheanas an treas airteagal; óir creidmid an drong naomhthar ar an tsaoghal so
do dhul tar éis a mbáis do shealbhughadh ghlóire Dé, bhal a bhfaghuid an tuarastal neamhdha go neamhghann. Geallaidh an ceathromha hairteagal dúinn eiséirghe na gcorp; óir atá dóthchas aguinn inn féin uile d'eiséirghe agus d'fhagháil ar gcorp glórmhar domharbhtha. Acht do thaoibh dhaonnachta Chríost, creidmíd, do chéidneithibh, Críost do bheith 'na Dhia fíre agus 'na dhuine fhíre, 'na Mhac Dé agus na Maighdine Muire, sa brú annar gabhadh é ón Spiorad Naomh gan lot gan bhearnadh a hóghachta. An dara feachta, creidmíd gur fhulaing páis ar ar son, go bhfuair bás agus gur hadhlacadh. An treas feacht, go ndeachaidh síos go hifrionn d'fhuasgladh anmann na n-aithreach naomh as an tseinphríosún iar sgaoileadh geimheal peacaidh na sinnsior dhó agus go rug iad go glóir shíordhuidhe. An ceathromha feacht, adeirmíd gur éirigh go glórmhar ó mharbhuibh. An cúigeadh feacht, go ndeachaidh suas go flaitheamhnas agus gur shuidh ar deasláimh a Athor. An seiseamh feacht, creidmíd go ttiucfa do thabhairt breithe ar bheóaibh agus ar mharbhuibh agus d'athnuachradh an domhuin go hiomlán. Agus as mar sin chuirmíd an creideamh go huilidhe 'na shuidhe ar dá fhonndamuint dég, dá ngairmíd dhá airteagal dég an chreidimh. Fá dheóidh, atá d'fhiachuibh oruinn gach ní dá bhfuil isna naoimhsgrioptúiribh canónta dár eachtaidh an Naoimh-Eagluis Chatoilce Rómhánach do bheith inchreidthe agus dá n-eachtóchaidh ó so amach, do chreideamh go doibhriste. Taisbénfam ar n-imtheacht ar an réim si nach ttugmaoid féin anuas aoinní doidhénta iná díthchéillidhe anna samhlaibh so d'fhondamuinntibh nó d'arteagluibh. Ní hinmheasta gur léigiomar thoruinn airteagal naomhshacramuinte fhola agus fheóla ar tTighearna Íosa Críost, anna bhfuil uiriod cruais agus atá a n-aonairteagal eile, muna mó leission. Óir ós leis an mórshácramuint sin naomhthar an créatúir résúnta, as éidir a tarruing gusan airteagal thráchtas ar naomhadh na ndaoineadh, bíodh go gcongmhann daonnacht Chríost, ar a ttráchtfam a bhfochair na sácramuinnteadh eile isna neithibh laibheóram ar na cerimonias, ós ag na sácramuinntibh féin atá ceannus a measg na ceremonias. Acht do bhrígh go ndubhramar
go lór isan gcéidleabhar ar an gcédairteagal, .i. ar aondacht Dé, agus ó thigid na feallsaimh agus na huile linn isan bpongc (so) ní riachtanus labhairt nísa mhó air. NACH DEARBHANN AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE ÉINNÍ DOIDHÉNTA INÁ DÍTHCHÉILLIDHE AR AN TTRÍONÓID. Caib. 3. Iar léigean an chédairteaguil thoruinn mar ní rofhollas, as é an dara hairteagal, bheanas ré haondacht na Tríonóide, pongc as cruaidhe agus as docamhlaigh dá gcurthar lé a chreideamh dochum na gcríostaidhthibh. Óir creidmíd trí pearsanna deaghailte ó a chéile, .i. Athair, Mac agus Spiorad Naomh, do bheith 'na -aoinDia amháin. Ní mar do shaoiliodar iliomad, ag meas go leamh go ngairmíd aoinDia amháin ó chuibhreach an ghrádha do thrí Dhéibh; nó ar an modh a n-abarthar aonphobal amháin d'iliomad daoineadh bhíos deaghuilte ó aroile. Acht as eadh adeirmíd, Dia do bheith 'na aon rodhoruinte dochuimsigh doichríochnaigh dofhaisnéidhe; agus bíodh go ndearbhamuid an Dia so do bheith 'na Athair, 'na Mhac agus 'na Spiorad Naomh, ní dhiúltamuid éinní dá thaoibh dá n-abair nó dá molann an fheallsa fhíre, ní mar adubhairt Sabellius, .i. Dia do bheith 'na aoinphearsuinn, dá ngairmthear as na héifeachtuibh égsamhla oibrigheas ar uairibh ainm an Athor, seal eile ainm an Mheic, agus ar uairibh eile ainm an Spioraid Naoimh, do réir na n-éifeacht do-ní; iná mar adubhairt Arrius mallaighthe, do mheas go rabhadar na trí pearsanna deaghuilte re aroile, an tan do chum an cleasaighe coirbthe an Mac do bheith nísa lugha agus nísa dhéighionaigh iná an tAthoir, agus an Spiorad Naomh nísa ísle iná an Mac. Acht glacmaoid an tslighidh ríoghdha mheadhónach agus adeirmíd a n-aghaidh Sabellius go bhfuil an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh 'na ttrí bpearsanna deaghuilte ó aroile. Gidheadh, adeirmid a n-aghaidh Arríus go bhfuilid 'na n-aon
a nádúir agus coimhionann a gcomhachta agus a nglóir, ar mhodh go bhfuil gach ní dá bhfuil ag an Athair ag an Mac agus ag an Spiorad Naomh, agus gach ní dá bhfuil ag an Mac ag an Athair agus ag an Spiorad Naomh, agus gach ní dá bhfuil ag an Spiorad Naomh ag an Athoir agus an Mac. Uime sin ní bhfuil eidirdhealughadh eatorra mar bhíos eidir na créatúiribh, ar mhodh go mbeith éinní ag pearsain aca nach beith ag pearsuin eile; acht as é eidirdhealughadh amháin atá eidir na trí pearsanuibh si, .i. ó a bhfuil pearsa agus atá ó phearsain. Óir atá an n-uile ní dá bhfuil ag an Athair ag an Mac mar an gcédna; acht as é difir atá eatorra gurab uaidhe féin atá so ag an Athair agus nach ó aoinneach eile. Ón Athair ámh atá sé ag an Mac; ar a shon sin ní bhfuil nísa lugha iná an tAthair, óir ní bhfuil éinní aige nísa lugha ón Athair. Mar an gcédna atá ag an Spiorad Naomh gach ní dá bhfuil ag an Athoir agus ag an Mac; agus as é difir atá eidir é agus iad gurab uathasan atá sin aige, gidheadh, nach glacaid uaidhesion é. Óir madh curthar na pearsana a gcomóradh nó a gcosmhuileacht leis an mbeith nó leis an nadúir dhiadha, ní bhfuilid acht 'na n-aon, agus ní bhfuil difir iná eidirdhealughadh eatorra agus an nádúir mar bhíos eidir ní agus ní eile. Gidheadh, madh curthar iad féin a gcomóradh re aroile, atá difir phearsanta eatorra thig ó chonntrárdhacht nach pearsa dhíobh an phearsa eile; agus as uime sin adeirmíd nach déighionaigh an Mac iná an tAthair, agus nach déighionaigh an Spiorad Naomh iná an tAthair agus an Mac. Óir as éigin na neithe eidir a mbí coimhcheangal riachtanasach (dá ngoirid na Laidneóntaidh relatiua) do bheith maraon ó nádúir agus ó thuigse, agus ní féidir ní aca do bheith iná do thuigsin gan an ní eile. Ní abramaoid iomorro go bhfuil difir nó eideirdhealughadh mar atá eidir an athoir agus an athardhacht isan daonnacht ar an modh gcédna isan diadhacht; acht as éinní amháin an athardhacht agus an tAthair agus as éinní amháin an mhacdhacht agus an Mac isan diadhacht, agus ní bhfuil difir réalta eatorra mar bhíos eidir ní agus ní eile. Ní dhénmaid ar a shon sin comhchuireadh ar bith i nDia an tan go n-abramuid gurab é an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh an ní cédna as é an bheith nó an nádúir dhiadha;
óir, mar adubhramar ar ball, as iad na pearsana an ní cédna as é an bheith nó an nádúir dhiadha, agus ní bhfuil difir bheitheach nó nádúrtha eatorra; agus as é so an ní nach éidir linne do thuigsin ar énmhodh, .i. trí pearsana do bheith 'na n-aoin Dia amháin agus 'na ngníomh fíorghlan substainte roishimplidhe gan chumasg, agus ar a shon sin na trí pearsanna sin do bheith deaghuilte eattorra féin, ar mhodh nach é an tAthair an Mac iná an Mac an tAthair, iná an Spiorad Naomh an tAthair iná an Mac. Gidheadh, as é an tAthair an ní as é an Mac, agus as é an Mac an ní as é an tAthair, agus as é an Spiorad Naomh an ní as é an tAthair agus an Mac. Óir ní mó iná go pearsanta deaghuiltear iad; agus as éinní amháin iad agus aontsubstaint amháin. Agus do bhrígh gurab do réir mar do thuigmíd na neithe ainmnighemíd iad, uime sin ós as na créatúiribh thuigmid Dia, as as na créatúiribh ghlacmuid anmanna Dé. Isna créatúiribh iomorro an tráth ghluaisios beathadhach ó bheathadhach oile a gcosmhuileacht a nádúire agus a ghnée, adeirthear gurab geineamhuin; agus adeirthear athair leis an tí gheineas agus mac leis an tí geintear. Mar sin adeirthear gurab geineamhuin isan diadhacht, gluasacht pearsan ó phearsuin eile ar mhodh tuigse; agus adeirthear athair leis an bpearsain ó ngluaisionn pearsa, agus mac leis an bpearsain sin ghluaisios. Gidheadh, ní ar énmhodh amháin thuigmíd geineamhuin do bheith isna beathadhachuibh nó isna daoinibh agus isan diadhacht; óir as geineamhain chorpardha bhíos isna daoinibh agus isna beathadhachuibh eile, gidheadh, as geineamhuin spíoratálta go hiomlán bhíos isan diadhacht. Adeirmíd go ngluaisionn an Mac ar mhodh tuigse, gurab é briathar Dé Athor, a íomháigh agus a eagna geintear. Gidheadh, as ón Athair agus ón Mac atá gluasacht an Spioraid Naoimh ar mhodh grádha. Óir as é ní an grádh, cuibhreach agus uaimcheangal neithe ré aroile. Acht do bhrígh nach bhfaghthar éinní isna neithibh ghluaisios go neamhmeadhónach ó dhá ní comhfoirbhthe ré chéile, mar an Spiorad Naomh ón Athair agus ón Mac: uime sin níor fríoth focal coimhdíleas do ghluasacht an Spioraid Naoimh agus dofríth do ghluasacht an Mheic; acht as ón Athair go geineráilte hainmnighthear gluasacht an tí ghluaisios. Gidheadh, do bhrígh go n-abramaid an Spiorad Naomh do ghluasacht ó thoil, nó ó
ghrádh, as é ghairmid dá ghluasacht, séideadh túis ón Athair. Óir as gnáth go séideann an grádh neart nó spiorad isan ní ghrádhaigheas. As uime go speisialta dofuair an phearsa tig ón Athair agus ón Mac an t-ainm si Spiorad Naomh; ar a shon sin as spiorad an tAthair agus naomh, agus as spiorad agus naomh an Mac. Uime sin an tan díslighthear an dá ainm so do phearsuin an Spioraid Naoimh, as ar son éinní amháin glacthar iad. Ar an adhbhar sin ó nach bhfuil acht dá ghluasacht inmheadhónacha isan nádúir thuigsigh, .i. gluasacht do thaoibh na tuigse agus gluasacht do thaoibh na toile, as céillidhe résúnta adeir an creideamh nach bhfuil isan diadhacht acht dhá ghluasacht, .i. gluasacht an Mheic ón Athair, agus gluasacht an Spioraid Naoimh ón Athair agus ón Mac: an chédghluasacht ón tuigse agus an dara gluasacht ón toil; agus mar sin atáid trí pearsana ann. Dob fhéidir linn mórán eile do labhairt ar an Tríonóid Ronaomhtha so, acht do bhrígh gur sgríobhamar na neithe bheanas ré substaint an chreidimh, ní riachtanas dúinn leanmhuin orra nísa mhó. Ciabé ámh ar a mbiaidh fonn na neithe si do lorgaireacht nó do sgrúdadh nísa ghérchúisighe, léghadh go measardha agus go nglaine chroidhe na leabhair chríostaidhe agus do-ghébhaidh ionnmhas agus óirchiste dofhaisnéidhe inntibh. Acht as lór dhúinne anois a fhoillsiughadh nach measann an creideamh críostaidhe ní ar bith ainbhfiosach doidhénta iná díthchéillidhe ar an Tríonóid. Ní féidir iomorro teacht a n-eólas nó a bhfios na bpearsan sa na Tríonóide ré résún nádúrtha; óir ós as na créatúiribh thigmíd a n-eólas Dé, ní féidir dúinn teacht ar an módh sa féin 'na eólas, acht an mhéid gurab é as tús agus as cúis do na créatúiribh. Ní bhfuil sé ámh 'na thús iná 'na chúis ag na créatúiribh acht tré a chomhachtuibh atá coitchionn do na trí pearsanuibh; agus mar sin ní féidir dúinn eólas d'fhagháil as na créatúiribh acht eólas na neithe atá coitchionn don Athair, don Mhac agus don Spioraid Naoimh. Uime sin ní féidir dhúinn difir nó eidirdhealughadh na bpearsan do thuigsin as fios nó eólas na gcréatúireadh do bheith aguinn. Acht bíodh nach lór an laige nó an anbhfuinne dhaonna dochum sin do thuigsin, ní cóir dhúinn ar a shoin sin gan na rúindiamhra ronaomhtha do haithrisiodh agus do foillsigheadh dhúinn do chreideamh. Óir as roileamh ré meas nach bhfuil ní ar bith fíor acht an ní as éidir
linn do thomhas ré solas ar n-inntleachta nó ar ttuigse féin, an tan go bhfuilid (mar adubhramar cheana) neithe dochuimsigh doichríochnaigh dofhaisnéidhe i nDia atá a bhfolach oruinn agus nach éidir dhúinn do lorgaireacht iná do sgrúdadh ar énchor. Ar a shon sin do-bheirid na résúin agus na hargumainteadh rear thaisbénamar isan dara leabhar an creideamh críostaidhe do bheith fíor neart agus bríogh mhór don airteagal so, mar an gcédna do-bheirid résúin áiridhe chruthamhla, ar uairibh, congnamh dhúinn. Uime sin ní leasg linn résún éigin díobh do thabhairt anuas, ionnas gomadh follas nach labhramaoid agus nach ccreidmíd éinní ar Dhia atá a n-aghaidh résúin, acht go bhfuil iomad résúin, cruthamhlachta agus cosmhuileachta ag rúindiamhruibh ar ccreidimh ris na neithibh nádúrtha. Ó as do nádúir gach éifeachta tairgsin aithris do dhénamh ar a chúis, as éidir dhúinn, ar mhodh éigin, as meas na ngluasacht agus na ngeineamhnach do-geibhthear isna créatúiribh, éirghe gusna gluasachtuibh atá i nDia. Do-gheibhmid iomorro iomad gluasachtadh isna créatúiribh, agus gach gluasacht, do réir iomláine a choinghill, foirbhthe innmheadhónach. Óir do-gheibhthear sórt gluasachta agus geineamhna isna neithibh ag nach bí beatha nó anam, fá mar ghluaisios teine ó theine eile. Agus atá a tús agus a frémh féin ag an ngeineamhuin si isan ngníomhach, oibrigheas a n-adhbhar fhoirimleach. Uime sin as í an gheineamhuin si gluasacht as lugha as foirbhthe nó as innmheadhónach don mhéid ar a laibheóram annso. Do-ghébha tú gluasacht nó geineamhuin as foirbhthe agus as innmheadhónaigh iná so isna neithibh fhásas; óir an ní geintear isna planndadhuibh, atá coimhcheanguilte ris an bhfréimh gheineas, bíodh go sgarthar leis é fá dheireadh. Acht isna hainmhinntibh atá sórt geineamhna isna cédfadhuibh, agus as mó as foirbhthe, as spioratálta agus as innmheadhónach í iná geineamhuin na bplanndaidhe eatorra féin; óir anaidh gníomh an chédfaidh isan ccédfadh féin, agus ní shileann go foirimleach, bíodh gurab ó ní foirimleach thig; mar sin ní faghthar go fóill geineamhuin innmheadhónach go foirbhthe isna cédfadhuibh. Do-geibhthear ámh geineamhuin as foirbhthe agus as innmheadhónaigh iná so i ttuigse an duine, do bhrígh go n-aithfhilleann oibriughadh na tuigse uirre féin. Uime sin as éidir leis an duine maodhughadh ar na neithibh atá aige anois agus
briathar na tuigse atá istigh a ttaisge do ghlacamh, as sin brúchtadh a ngrádh na neithe sin do ghlac sé agus tríonóid na bpearsan do chumadh ann féin, .i. tuigsi, briathar agus grádh. Gidheadh, as ó chédfadh thionsgnas an gheineamhuin si na tuigse agus as ó ní fhoirimleach thig ar tús, amhuil agus thionsgnas ar n-uile fhios agus eólas. Acht madh fhillmíd ar an tuigse ainglidhe, nach nglacann fios iná eólas ar bioth ó na cédfadhuibh agus agá bhfuil an fios go nádúrtha, do-ghébham geineamhuin na bréithre agus an ghrádha nísa oirdhearca agus nísa innmheadhónaigh innte. Gidheadh, do bhrígh gurab ó Dhia atá an t-aingeal féin go hiomlán, as sin as ó ní fhoirimleach atá, agus ní hí a thuigse, a bhriathar iná a ghrádh as substaint dó. Uime sin atá míofhoirbhtheacht éigin isna geineamhnachuibh do-geibhthear isna hainglibh, agus ní bhfuilid innmheadhónach thríd amach. An tan iomorro go bhfaicmíd nach bhfuil dá uaisle agus dá fhoirbhthe dá mbí an créatúir nach dá réir sin bhíd a ghluasachta agus a gheineamhnacha nísa fhoirbhthe agus nísa innmheadhónaigh, agus go ttairgeann an t-éifeacht aithris do dhénamh ar a chúis, an díthchéillidhe dhúinn a rádha, an tan go sáraigheann Dia go dochuimsigh dofhaisnéidhe na huile chréatúireadha, go bhfuilid gluasachta agus geineamhnacha rofhoirbhthe ro-innmheadhónacha, sháraigheas go dochuimsigh na huile gheineamhnacha eile, i nDia, agus nach ó ní foirimleach thigid, agus nach bhfuil difir eidir iad agus a shubstaint, agus ar a ttairgid na huile chréatúireadha aithris do dhénamh, bíodh gur fada ón bhfoirbhtheacht úd ghabhuid? Na pearsana diadha iomorro, ní thigid ó chúis ar bith, acht as aoinDia amháin iad as cúis do na huilibh. Agus mar sin atáid na trí pearsana 'na n-aon i substaint, agus deaghuilte eattorra féin, ar mhodh nach pearsa aca an phearsa eile. Óir ó ghluasacht ní ó ní eile as éigin sórt éigin conntrárdhachta do leanmhuin, agus eidirdhealughadh do bheith eidir an ní gluaistear agus an ní ghluaisios nó ó ngluaisionn. Madh bhíonn an gluasacht nó an gheinemhuin réálta, as éigin go mbí an chonntrárdhacht réalta agus an t-eidirdhealughadh mar an gcédna. Isan duine, mar gurab é as foicse thig a gcosmhuileacht do Dhia a measg na neithe nádúrtha, do-gheibhthear sórt tríonóide isan gcuid spioratáilte dhe, .i. tuigse, briathar agus grádh. Óir an tráth thuigeas sé Dia ó ghníomh, glacaidh briathar ó Dhia, agus
as sin lingidh ina ghrádh. Gidheadh, as rofhada ghabhas an tríonóid si ón Tríonóid Diadha; óir do bhrígh go bhfuil Dia suthain síordhuidhe domhalartach dochlaochlaightheach agus nach éidir míofhoirbhtheacht ar bith do bheith ann, ní 'na n-aicídeadha atá a bhriathar iná a ghrádh ann mar bhíos ionnainne, agus ní bhíd ag teacht agus ag imtheacht uaidhe, acht atá an Grádh agus an Bhriathar do ghnáth ón tsíordhuidheacht i nDia d'aontsubstaint leis an Athoir. As follas as so nach gconnmhann an creideamh ní ar bith mírésúnta do thaobh Dé acht gurab céillidhe résúnta gach ní dá measann air. Do-geibhthear fós isna huile chréatúiribh lorg na Tríonóide, óir (ó) hiomlántar iad go huilidhe do thús, do mheadhón agus do chrích, agus go bhfuil isan n-uile chréatúir substaint, comhachta agus oibriughadh, agus neithe eile don tsórt sin, as ar lér sórt séla nó cosmhuileachta na Tríonóide. As fabharthach don chomhrádh sa atá Aristotel, prionnsa na bhfeallsamh, adubhairt go résúnta i ttús an leabhair do chum ar fhlaitheamhnas agus ar an domhan ag moladh nuimhre an trí: as do thrí neithibh choimhsheasmhuid na huile, mar a ttug anuas lucht leanamhna Pithagoras ag rádha gurab do thrí neithibh cinntear na huile, .i. do thús, do mheadhón agus do chrích, agus adeir gurab ó nádúir na ndée dochum cáich do naomhadh glacthar an ní so. Ní abramuid a n-aimsir chonntuis na huile ré dís; gidheadh, an tráth thiucfair gusan treas fear, as éidir leat na huile do rádha. Óir, dar leat, as ionann an n-uile, an iomláine agus an fhoirbhtheacht. As a n- abair Aristotel gur méidigheacht fhoirbhthe gach corp, do bhrígh gurab do thrí neithibh choimhsheasmhas, .i. d'fhad, do leithiod agus do dhoimhne. As ar follas go glan nach dochruthamhuil éinní dá gcreidmíd ar an Tríonóid Dhiadha. Agus bíodh nach éidir leis an tuigse dhaonna a ghlacadh, ar a shon sin foillsighidh an aoinní amháin so a gceann (na) résún rémhráidhte nach ré gliocus daonna dofríth an creideamh so. Óir bíodh go ttugann anuas neithe dosgrúdtha ar Dhia, ar a shon sin ní thugann éinní anuas atá conntrárdha don fheallsa fhíre, acht foghnuid fondamuinteadha na feallsa dhúinn, agus do-bheirid congnamh dhúinn dochum gach cruaidhcheiste d'fhuasgladh go huras. Ní as comhardha diongmhálta ar fhírinne an chreidimh.
NACH DEARBHANN AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE NÍ AR BITH DOIDHÉNTA INÁ DÍTHCHÉILLIDHE AR AN GCRUTHUDHADH. Caib. 4. Iar meas na neithe bheanas ré mórdhacht Dé dá thaoibh féin, fécham anois ar na neithibh bheanas ris do thaoibh na gcréatúiribh, agus ar tús do thaoibh na beithe nádúrtha. Creidmíd iomorro gur chruthaigh Dia na huile ó thús, .i. go ndearna na huile neithe sofhaicse agus dofhaicse do neimhthní ó thosach. Agus ní hinmheasta gurab fada so ó résún agus ó fhírinne, an tan go n-admhuid na huile gurab é Dia as cédchúis do na huilibh óna bhfuil a mbeith ag neamh agus ag nádúir. Cad é an ní eile do-ní cúis ghníomhach ar bith acht a héifeachta do thabhairt go beith? Ar an adhbhar sin ó nach bhfuil dá fhoirbhtheacht dá mbí tús nó frémh an ghníomha nach móide agus sin chomhruinneas é féin ar mhórán agus ar neithibh a bhfad uaidhe, agus gurab gníomh fíorghlan Dia, as éigin a rádha go síneann comhachta Dé go beith na n-uile, agus gurab uaidhe atá a mbeith ag na huilibh. Arís, bíodh gurab déighionaigh an gníomh iná an chomhachta isan ní tairngthear ó chomhachta go gníomh, ar a shon sin as túsga an gníomh iná an chomhachta; óir ní féidir an chomhachta do thabhairt go gníomh acht ré ní atá a ngníomh. Ar an adhbhar sin ó as é Dia amháin a bheith féin agus an gníomh fíre, as (éigin) gurab túsga é iná na huile, agus gurab uaidhe atáid na huile, agus gurab é do-ní iad. As ro-iomchubhaidh roichéillidhe a admháil go ndearna na huile do neimhthní, .i. gan adhbhar iná cúis ar bith d'iarraidh dá ndénamh iad. Iarraid ámh na hoibrigheadha aonaracha, madh nádúrtha nó ealadhanta iad, adhbhar dochum na neithe do-níd do dhénamh, do bhrígh nach uathaibh atá uile shubstaint an ní do-níd; óir ní beith tríd amach iná iomlán do-bheirid don ní sin acht an bheith so. Gidheadh, Dia atá 'na chúis rochoitchinn, do-bheir beith iomlán don ní, óir as dó choimhfhreagras an t-éifeacht rochoitchionn, .i. beith go hiomlán. Ar an adhbhar sin ní féidir lé ní ar bith bheith acht an ní thig ó Dhia. Mar
sin ní riachtanas ní ar bith do bheith roimh oibriughadh Dé. Óir dá ndeónaighthe ní ar bith do bheith roimhe, ceachtar do dhá ní: as ó Dhia do bheith, nó ní uaidhe. Munab uaidhe, ní fíor gurab é Dia cúis oibrightheach na n-uile; sa chonntráir d'fhoillsigheamar cheana. Madh as ó Dhia do bheith, as do ní égin, nó do neimhthní do-rinne Dia é. Madh as do neimhthní do-rinne é, ní bhfuil ar iarraidh aguinne acht sin. Madh as do ní éigin do-rinne é, fiafraighim cia ó a bhfuil an ní sin féin dá ndearnamh é, agus an ó Dhia atá nó nach eadh; agus mar sin fillfeam ar an gceist chédna. Ar an adhbhar sin as éigin gluasacht gusan doichríochnaigheacht - ní nach éidir - nó a admháil gurab do neimhthní do-rinne Dia na huile anna mbeith. Gidheadh, do bhrígh nach ó riachtanas na nádúire acht ó thoil do-ní Dia gach ní, mar do fhoillsigheamar thuas cheana, ní raibh riachtanas lé Dia do chruthughadh an domhuin ó thús na síordhuidheachta, acht isan aimsir do-conncas ro-oireamhnach dá naomhthoil roi-eagnaidh féin. Agus as éidir a chruthughadh ré résún éigin gurab oireamhnach agus tarbhach do-rinne sin, 's gan buain ré comhairle fholaighthe a mhórdhachta dosgrúdtha. Óir ar son sochair, tarbha agus maithe a fhírén agus a lucht toghtha féin do-rinne na huile, sa radharc agus a eólas as uile mhaith dháibh. As móide iomorro, as iomláine agus as foirbhthe do-geibhthear eólas ar Dhia mar nár chruthaigh an domhan ó thús na síordhuidheachta; óir tuigthear as sin go bhfuil comhfoirbhthe comhiomlán agus sin nach bhfuil riachtanus aige ré créatúir ar bith. Óir dá mbeith riachtanus aige ré ní ar bith foirimleach, ní léigfeadh dhe ar feadh aimsire doichríochnaighthe an ní sin do chruthughadh. As lór ámh an mhéid so ar chruthughadh na neithe, óir do thráchtadar iomad eile go foirleathan air. Fuasgluid fós ar ndiadhuireadha-ne go huras na résúin ré ttairgionn Aristotel agus na feallsaimh go coitchionn síordhuidheacht an domhuin do chruthughadh. Léghadh an tí léna mian na leabhair agus do-chífidh gurab aguinne atá an fhírinne.
NACH NDEARBHANN AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE NÍ AR BITH DOIDHÉNTA INÁ DÍTHCHÉILLIDHE AR NAOMHADH AN CHRÉATÚIR RÉSUNTA, AR A GHLÓIR, INÁ AR A EISÉIRGHE. Caib. 5. Measuim nach riachtanas dúinn nísa mhó do rádha ar naomhadh an chréatúir résúnta re tiodhlaice neamhdha na ngrás iná an mhéid adubhramar cheana ar chrích na beatha daonna agus ar an meadhón tré a ngabhthar chuice. Óir do thaisbénamar an duine do bheith ordaighthe dochum críche neamhdha, agus nach éidir leis an chríoch sin d'fhághuil iná do shealbhughadh acht ré meadhón neamhdha, .i. ré grásuibh Dé, nach diúltann Dia ar aoinneach do-gheibh ullamh réidh dochum a nglacaidh, óir dáilidh agus ruinnidh go fial fairsing a riachtanas dochum a slánaighthe ar na huilibh. Measuim mar an gcédna gurab lór dhúinn a ndubhramar cheana ar ghlóir na n-anmand an tráth do chruthaigheamar na hanmanna do bheannughadh agus do shénadh ó radharc na beithe diadha ré dearsgnadh, ré deallradh agus ré hárdughadh sholuis na glóire. Uime sin as uras dúinn a thuigsin as na neithibh rémhráidhte nach gcreidid na críostaidhthe ní ar bith go díomhaoin iná go meardhánta ar ghlóir na n-anmann acht gurab céillidhe résúnta gach ní dá measann 'na ttimcheall. Do thaoibh iomorro eiséirghe na marbh ní abramuid éinní conntrárdha do résún. Óir bíodh nach éidir ó nádúir an ní cédna do truailleadh d'aithéirghe nó d'aithghein, do bhrígh go bhfuil an nádúir ordaighthe go cinnte dochum énmhodha amháin oibrighthe, agus nach éidir lé bheith ar atharrach modha, ar a shon sin ó do fhoillsigheamar comhachta Dé do bheith dochuimsigh doichríochnuigh, agus nach bhfuil ceanguilte ag an ord sa na neithe do-chímid, acht gur féidir leis neithe dofhaisnéidhe do-áirmhe eile do dhénamh, as ionráidhte gur féidir leis na mairbh d'aithbheódhadh go huras, agus nach ní sin atá doidhénta aige. Óir madh do-rinne na huile do neimhthní - ní nach éidir leis na cúisibh nádúrtha do dhénamh - as mó iná sin as éidir leis ní éigin do dhénamh do ní eile, agus mar sin as éidir leis beatha
do thabhart do na marbhuibh. Óir ní égann an duine thríd amach, ar mhodh go rachadh go neimhthní, an tan go mairidh an t-anam, atá domharbhtha. Mar an gcédna mairidh cédadhbhar an choirp, atá dothruailligh. Agus dá bhfilltídh fós an duine a neimhthní, níorbh usa leis an Árdshaor úd na n-uile na huile do chruthughadh sul dobhádar iná an duine do milleadh nó do-chuaidh a neimhthní do aithdhénamh arís san riocht chédna anna raibh roimhe. Mar sin ciabé mheasfas go díreach an chúis, do-ghébhaidh nach doidhénta iná díthchéillidhe acht céillidhe iomchubhaidh riachtanasach gach ní dá gcreidmíd ar eiséirghe na marbh. Óir madh as é an t-anam tuigsioch as foirm don chorp, agus go bhfuil an t-anam sin domharbhtha, mar adubhramar cheana, atá a n-aghaidh nádúire an anma sgaradh ris an gcorp agus bheith gan é. Ní féidir ámh ní ar bith atá a n-aghaidh na nádúire do bheith síordhuidhe; óir ní bheith cubhaidh don eagna dhiadha. Ar an adhbhar sin fillfidh an t-anam arís gusan gcorp. Arís, ní bhfuil beith iomlán ag an anam gan an corp. Iarraidh ámh gach (ní) míofhoirbhthe a fhoirbhtheacht féin. Ar an adhbhar (sin) muna féidir leis an anam atá sgartha leis an gcorp filleadh ar an gcorp arís, ní bhiaidh go bráth glacmhach ar an bhfírshén iomlán neamhdha, agus é do shíor ar lasadh dá fhonn. Agus do bhrígh go bhfuil an fonn sin nádúrtha dhó, ní féidir a sgaradh ris go bráth. Ní bhfuil an ní so iomchubhaidh ar énchor, óir sásaidhe go hiomlán an t-áirdshén neamhdha gach fonn agus gach álgas. Dá bhrígh sin as céillidhe eiséirghe na marbh d'admháil agus do chreideamh. Arís, as don tí do-bheir a bheatha a ttír go naomhtha beannaighthe as dleacht an sén neamhdha. Gidheadh, ní hé an t-anam do-bheir a bheatha suas go ceart acht an duine. Óir as ionann re rádha go ttugann (an) t-anam a bheatha suas go ceart nó go dtuigeann agus a rádha go sníomhann nó go bhfídheann, nó a mheas go ndén neithe don tsórt sin. Ní hé an t-anam ámh do-ní éinní dhíobh sin acht an duine. Óir ní hí an fhoirm do-ní an t-oibriughadh acht as lé do-níthear an t-oibriughadh. Ar an adhbhar sin madh as dleacht an sén neamhdha don duine, as riachtanas eiséirghe na gcorp. Mar an gcédna beanaidh leis an ccúram diadha, roinneas go
comhthrom tuarastal ar na deaghdhaoinibh agus pian ar na drochdhaoinibh, a ccuid féin do thabhairt do na daoinibh, atá dénta do chorp agus d'anam agus thuilleas mar sin ceanguilte dá chéile luaigheacht nó pian, go mórmhór an tan go gcráidhid agus go cclaodhbhrúghaid na deaghdhaoine a gcoirp ar an mbeathaidh so, agus go ttuguid na drochdhaoine an n-uile shólás, aoibhneas agus antoil dá gcorpuibh féin. Mar sin ó nách léigionn Dia, agá bhfuil cúram roighriongalach fá na huilibh, olc ar bioth gan smacht agus díoghaltas iná maith gan chúitiughadh agus gan díolaigheacht, as iomchubhaidh agus as riachtanas eiséirghe na gcorp d'admháil, ionnus go bhfaghadh gach aon maraon leis an gcorp do réir mar do thuill a gcuideachta an choirp. Arís, as ceart a chreideamh gurab go domharbhtha aithéireóchuid na daoine. Óir dámadh éigin dáibh bás d'fhagháil an athuair, dob éigin mar an gcédna filleadh ar an eiséirighe go meinic ar na résúnuibh rémhráidhte; agus dámadh coirp shomharbhtha do ghlacdaois, tar éis an bháis do chaithfeadh eiséirghe do dhénamh ar na résúnaibh cédna. Mar sin as éigin dúinn a admháil, nó go mbiaid na daoine ag fághail bháis gan chrích gan fhoircheann agus ag eiséirghe - ní as gránna ré rádha - nó go bhfillfid anmanna na ndaoine go corpuibh domharbhtha isan gcéideiséirghe, ionnas go bhfaghadh sén an duine síordhuidheacht dhoibhriste na gcorp; ní atá ro-oireamhnach do résún. Do bhrígh iomorro gurab cóir don adhbhar freagra don fhoirm go comhthrom, ó atá an t-anam beannaigh líonta do sholas na glóire arna dheaghmhaisiughadh ré cáilidheachtuibh neamhnádúrtha, gona throimeire foirbhtheachta, níor chubhaidh an t-anam sin do dhénamh úsáide nó d'iomchar fholaigh anuasail. Uime sin, re comhachtuibh Dé, lingfe glóir an anma isan gcorp, dochum bheith ag deallradh amhuil grian a ríoghacht neimhe, agus ó bheith umhal don anam do-ghébhaidh lúthmhaireacht iongantach, agus ní thaisdeóbhaidh ní ar bith ón duine gan bheith foirbhthe go fíriomlán. Agus do bhrígh gurab ar son an duine do-rinneadh an n-uile chorp (óir as sinne as críoch do na huile neithibh nádúrtha), as ro-iomchubhaidh ré rádha ar nglórughadh an duine go hiomlán go bhfuighe an saoghal go hiomlán glóir mar an gcédna, agus
glacaidh deallradh nuadh foirbhtheachta, dochum na meadhón do bheith a n-oireamhuin don chrích. Agus do bhrígh nach biaidh feidhm ag an duine mun am úd ré hoileamhuin iná ré riachtanas ar bith eile corpardha, as céillidhe adeirmíd go gcoisgfe gluasacht na bhflaitheamhnas. Fillfidhear iomorro na hainmhinnteadha sofhásacha agus cumaisgeacha eile isna dúilibh, agus iarna nglanadh agus iarna niamhadh ré teas na teine, atá roighníomhach, glacuid cáilidheachta nuadha agus mairfid go biothbhuan fá shoillsi ghlórmhair agus fá shubháilce dheallradhaigh. Agus mar sin biam go sona sénmhar tré bhith síor a bhfochair an Tighearna. GURAB IOMCHUBHAIDH RÉSÚNTA CHUIRIOS AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE PIANTA NA NDAOINEADH NDAMANTA SÍOS. Caib. 6. Amhuil as iomchubhaidh áit ghlórmhar do thabhairt ar neamh do na fírénuibh, mar an gcédna as oireamhnach an áit as íochtaraigh ar an saoghal do thabhairt do na daoinibh damanta atá sgartha a bhfad ó Dhia, ionnas go ndíoldaois pianta síordhuidhe a bpríosún dubh dorcha fá thalamh ar son a míghníomh agus a mórolc ar an deóraigheacht sa. Agus ní hinmheasta gurab éigceart a gcrádh ré piantuibh síordhuidhe. Óir do réir mar atá an ceart daonna isan maitheas puiblidhe daonna, as mar sin atá an ceart diadha isan maitheas puiblidhe neamhdha; acht iomorro sgaraidh an ceart daonna agus gearraidh as comhluadar síordhuidhe an mhaitheasa puiblidhe daonna lucht mórolc agus míghníomh ré díbeirt shíordhuidhe do chur orra nó ré sórt éigin báis do thabhairt dáibh; mar an gcédna teilgidh an ceart diadha dream éigin go síordhuidhe ón gcomhluadar neamhdha ní headh amháin ar son an pheacaidh ghearrshaoghlaigh acht fós ar son neamhaithrighe doichríochnaigh na toile agus a cruas isan gcoir. As céillidhe résúnta pian shíordhuidhe d'fhagháil don druing dorug beagshólás gearrshaoghlach an domhnáin duaibhsigh so
do roghuin tar sheilbh glóire síordhuidhe ríoghachta neimhe; agus dá gceadaighthe dháibh anois féin é, d'fhanfadaois thríd amach a múllach agus a lathaigh a n-anntola. Uime sin as ceart an phian do bheith a gcomhthrom don choir, go mórmhór an tan go mbí an duine ar mhodh áiridhe i gcrích a ghluasachta iar bhfágbháil staide na beatha sa do láthair aguinn, agus nach bí cumas aige ó shoin amach an chríoch dhéighionach d'fhagháil iná do shaothrughadh do réir mar bhíos ar an mbeathaidh si. Agus do bhrígh gurab go staid a ttérma hathróchar na daoine isan eiséirghe agus nach go staid na sligheadh, rachuid na ciontaigh agus lucht na malacht go piantuibh síordhuidhe, na neimhchiontaigh agus lucht na mbeannacht go beathaidh agus glóir shíordhuidhe. Agus do bhrígh nach é an t-anam amháin oibrigheas acht an duine, do réir mar do-ghébhuid na fíréin eidir anam agus chorp a ttuarastal agus luach a saothar, mar an gcédna biaid na daoine damanta eidir anam agus chorp ag fulang na bpian a ndíol a míghníomh, dochum an choirp dobhí ag cuidiughadh leó an t-olc do dhénamh, go mbeith mar an gcédna 'na gcomhluadar ag fulang a choda don phéin. Bíodh iomorro go bhfuilid iliomad do shórtuibh pian a n-ifrionn, ar a shon sin do bhrígh eidir na corpuibh gurab í an teine corp as neartmhaire oibrigheas, as í pian na teineadh amháin pian as prionnsapáilte hainmnighear a n-ifrionn. As iontuigthe ar a shon sin, bíodh nach biaidh coirp ghlórmhara ag an daoinibh damanta, nach bá féidir leis an teine chorpardha a gcnaoidh, ar mhodh go gcaithfeadh iad nó go gcuirfeadh atharrach nó malairt foirme orra. Óir biaid a gcoirp, ré comhachtuibh Dé, daingion seasmhach ó choimhcheangal na n-anmann riú, nach bá féidir a sgaoileadh iná do chlaochlódh. Agus do bhrígh go bhfuilid anmanna na ndonán, óna ccamthoil, fillte óna gCruthaightheóir, ní bhiaid a gcoirp umhal dáibh. Uime sin biaid dá ndianchrádh ré teine chorpardha, an mhéid go mbiaidh cáilidheacht na teine óna neart agus óna hoirdhearcas féin contrárdha do chomhthrom na gcoimplésg agus do choimhtheacht nádúrtha na gcédfadh, ar son nach bá féidir lé a milleadh. Ní headh amháin go mbiaid na créatúir spioratáilte, dá ngairmíd na deamhuin, ag fulang na teine ar an modh úd, acht ar mhodh cuibhrighthe, óir ré comhachtuibh na ndeamhan
uachtarach, biaid na spiorada íochtaracha ceanguilte ré piseóguibh agus re heasarlaigheacht d'íomháighibh corpordha. Madh atá na comhachta so ag na deamhnuibh uachtarach ar na deamhnuibh íochtaracha, as cosmhuil gur mó iná sin atá comhachta ag Dia na huile eidir ísiol agus ard do cheangal re teine chorpardha; ní chráidhfeas go romhór na deamhuin, an tráth do-chífid iad féin cuibhrighthe ceanguilte re neithibh as uirísle iná a nádúir féin. Agus dob fhéidir go ccráidhfeadh an teine sin iad mar ionnstrumaint cheirt Dé, bíodh nach éidir linne anois a sgrúdadh iná a lorgaireacht cionnas. NACH MEASANN AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE ÉINNÍ DOIDHÉNTA MÍDHEAGHMHAISIOCH INÁ MÍRÉSÚNTA AR IONCHOLLUGHADH CHRÍOST AR SLÁNAIGHTHEÓRA. Caib. 7. Dearbhuidh an creideamh críostaidhe agus congmhaidh go doibhriste Dia Mac Dé do bheith 'na dhuine agus dá nádúir do bheith ina phearsain, .i. nádúir dhiadha agus nádúir dhaonna. Óir do-rinneadh a leithéid sin d'uaimcheangal eidir an dá nádúir sin go bhfuil an ní cédna 'na Dhia agus 'na dhuine. Gidheadh, ní féidir ní ar bith isna créatúiribh do chur a gcosmhuileacht ris an uaimcheangal so. Óir ní hamhlaidh atá mar bhíos comhchruinniughadh cloch, do bhrígh (mar sin) nach beith Dia 'na dhuine; iná mar bhíos uaimcheangal na gcota isan iomláine, do bhrígh gurab ó na cotuibh atá a bheith ag an iomlán; ní ó ní ar bith ámh atá Críost Dia. Iná mar bhíos uaimcheangal na haicíde ris an ní dá ngreamaigheann, do bhrígh nach éidir le aicíd bheith i nDia. Iná mar bhíos uaimcheangal na ndúileamh isan gcumasg, óir atá an n-uile chumasg a bhfad ón diadhacht. Iná mar bhíos uaimcheangal an anma ris an gcorp, óir ní féidir leis an diadhacht bheith 'na foirm choirp ar bith. Iná mar bhíos uaimcheangal ar bith do-geibhthear isna créatúiribh, óir sáraighidh an uaimcheangal iongantach dhiadha so cumas an n-uile chréatúir. Agus
bíodh go bhfaghthar nádúir agus pearsa isan n-uile shubstaint iomláin, agus nach ionann thríd amach iad, go mórmhór isna neithibh nádúrtha, ar a shon sin múinidh an naoimhchreideamh dhúinn nach bhfuil a pearsa dhíleas féin ag an nádúir dhaonna i gCríost agus dobheith aice muna mbeith uaimcheanguilte ré Bréithir Dé, acht atá an phearsa dhiadha ag seasamh ar son na pearsan daonna; óir do ghlac pearsa Mheic Dé an nádúir dhaonna isan momuint ar cruthaigheadh agus do cheanguil lé féin í sul dob fhéidir lé pearsa nádúrtha do ghlacamh, agus do-ní féin ionadh pearsan nádúrtha dhí. An mhéid ámh go seasann isan nádúir dhaonna, as duine, agus an mhéid go seasann isan nádúir dhiadha, as Dia. Dá bhrígh sin ó atá pearsa Mheic Dé ann gach nádúir aca, atá go fíre 'na Dhia agus 'na dhuine. Agus ní bhfuil so doidhénta iná mírésúnta. Óir as éidir lé Dia na huile do dhénamh atá soidhénta, nó nach bhfuil doidhénta, mar atá ní do bheith agus gan bheith a n-aoinfheacht. Óir ní féidir lé Dia a samhuil sin do dhénamh, do bhrígh nach ní iad. Gidheadh, as follas nach bhfuil a leithéid so do dhocamhal a nDia do bheith 'na dhuine. Óir ní ghlacann mórdhacht na diadhachta claochlódh iná malairt as so, acht an nádúir dhaonna do tharruing agus do thógbháil ré comhachtaibh doichríochnaigh Dé go huaimcheangal ro-ordhraic re pearsuin a aoinMheic, rear féidir nísa mhó do dhénamh iná atá ar cumas tuigse ar bith do smuaineadh. Do-chífidh gach aon mheasfas an chúis go díreach gurab céillidhe agus gurab oireamhnach an t-ionchollughadh sa Mheic Dé; óir, mar as follas dá gach aon, táinic maith dhoichríochnuigh don chruinne dhomhanda go hiomlán as ionchollughadh na Bréithre Diadha, do bhrígh gur shoillsigh grian nuadh don tsaoghal iar tteacht Chríost agus iar sgrios agus díbeirt na móirsheachrán dobhí ar feadh an tsaoghuil. Agus do bhrígh gomadh docamhlach nó fós doidhénta dhúinn gach tarbha agus gach maith dhíobh fá leith do ríomh nó d'áireamh, aithreósam an chuid as prionnsapálta díobh, agus taisbénam fáth agus oireamhnacht a ioncholluighe. Do chéidneithibh, níorbh fhéidir congnamh bá neartmhaire agus bá diongmhála do thabhairt don duine ré dul do ghnoughadh
an tséin neamhdha iná ionchollughadh Mheic Dé, do bhrígh, mar do fhoillsigheamar thuas, gurab é as sén don duine, radharc na beithe diadha, agus go bhfuil an tuigse dhaonna comhlag comhanbhfann agus sin, iar meas mórdhachta agus áirde dochuimsigh Dé, gurbh fhéidir an tuigse do chriothnamhadh, ar mhodh nach ttairgfeadh ar énchor dul gusan radharc sin amhuil ní doidhénta. Uime sin as oireamhnach do uaimcheanguil Dia an nádúir dhaonna leis an mBréithir, ionnas go mbeith mar chomhardha ag na daoinibh nach bhfuil doidhénta ar ttuigse d'uaimcheangal ré Dia. Óir as mó coimhcheangal na nádúire daonna ris an bpearsuin diadha iná na tuigse ré mar chosbóir. As so, iar ndaonnughadh Chríost, do thionnsgainsiod na daoine triall nísa dhéine agus nísa dhíthchiollaigh ar an sén neamhdha iná roimhe sin. Mar an gcédna dofuair an duine eólas ar oirdhearcas a nádúire féin as ionchollughadh Chríost, agus do thuig nach créatúir ar bith faoi Dhia bá críoch dhéighionach dó féin, agus don taoibh si nach bhfuil ní ar bith sháraigheas a n-oirdhearcas é acht Dia amháin, do ghlac an nádúir dhaonna go neamhmheadhónach agus dá ndearnamh duine. Uime sin iar nglacadh an mhórthabhartuis so, ar ttréigean iodhaladhradh agus onóra nó adhradh na n-uile chréatúireadh faoi Dhia, ar ndénamh neamhshuma don n-uile shaidhbhreas agus onóir agus ar ttarcuisniughadh uile antola an tsaoghuil si, do dháiliodar agus d'ofráilsiod na daoine iad féin dochum aoinDia fíre d'adhradh. Arís, an tan gurab a radharc Dé atá ar sén agus sonas, agus go sáraigheann an radharc sin cumas ar ttuigse, níorbh fhéidir dhúinn fios cinnte iná dóthchas an tséin sin d'fhagháil ré solas na tuigse amháin, amhuil fhoillsigheas saothar na bhfeallsamh ro-ordhraic as a ndeachaidh ag lorgaireacht an phoingc so. Ar an adhbhar sin as oireamhnach do ghlac Dia (agá bhfuil cúram speisialta a ttimcheall na ndaoineadh) collann daonna 'na thimcheall, ionnus go ndénamh sinne nísa chinnte dá samhuil so d'fhios agus do dhóthchas roiriachtanasach. Creidid ámh na huile do Dhia gan chonntabhairt. As a bhfaicmid iar tteacht Mheic Dé nísa mhó go mór d'eólas, do thuigse agus do shoillsi na rúindiamhar ndiadha d'fhagháil don chineadh daonna iná fríth ariamh roimhe sin.
Arís, dobhí riachtanas an duine dobhá ceanguilte cuibhrighthe a ngéibheann na feóla d'adhnadh agus do dheargadh do ghrádh an tséin agus an tsonuis neamhdha, dochum nárbh fhéidir brodadh bá géire d'fhagháil iná daonnughadh nó ionchollughadh ar Slánaightheóra, an tan nach bhfuil ní as mó do-ní foiréigean oruinn ré Dia do ghrádhughadh iná a ghrádh oruinn. Níorbh fhéidir leis ámh a ghrádh d'fhoillsiughadh dhúinn ar mhodh ar bioth nísa dhiongmhála iná ré sácramuint dhofhaisnéidhe a ionchollaighthe agus a bhúidheachta. Dá bhrígh sin as adhbhal an tarbha agus an sochar táinic don tsaoghal as so, an tan go bhfaicmíd na daoine ar lasadh d'fhonn adhanta na neithe ndiadha agus ag ceangal muinnteardhuis agus cáirdis ré Dia agus re a ainglibh. Arís, an tan gur riachtanas don druing thriallas gusan gcrích cinnteacht na sligheadh agus na meadhón do bheith aca, dofuaradar an tabhartas so go fairsing as daonnughadh nó ionchollughadh Mheic Dé. Ní as follas as mar do bhláthaidh an saoghal do shubháilcibh nísa mhó as sin iná roimhe ariamh, agus go bhfuair ardmhullach na foirbhtheachta agus na deighbheatha, ré nach éidir beatha eile ar bith ar an tsaoghal sa do chur a gcomhmóradh. Óir iar ndénamh duine do Dhia, do theaguisg inn do láthair ó bhréithir agus ó shompla, ar mhodh nárbh fhéidir d'aoinneach conntabhairt do dhénamh gurab é lorg-san threóraigheas inn go díreach doisheachránach agus go cinnte gusan sén síordhuidhe. Ar an adhbhar sin ní dhearbhann an creideamh críostaidhe éinní doidhénta iná díthchéillidhe ar diamharún daonnachta nó ionchollaighthe Mheic Dé. NACH DOIDHÉNTA INÁ DÍTHCHÉILLIDHE GEINEAMHUIN CHRÍOST Ó MHAIGHDIN AGUS GURAB RO-OIREAMHNACH AN BHEATHA DO BHÍ AIGE. Caib. 8. Iar bhfoillsiughadh na n-airteagal so, ní bá docamhlach soidhéntacht agus iomchuibheacht na n-airteagal eile do mhíniughadh. Óir madh dob fhéidir lé Dia bheith 'na dhuine, ní
bhiaidh doidhénta dhó bheith 'na mhac dhuine, agus a chreideamh go fíre, do réir rádha an chreidimh Chatoilce, gurab mac maighdine. Do bhrígh iomorro nach í an nádúir geintear acht an phearsa, agus go bhfuil an phearsa dhiadha isan nádúir dhaonna agus go bhfuil 'na dhuine fhíre, ní doidhénta a gheineamhuin ó mhnaoi, ní an mhéid gurab pearsa dhiadha acht an mhéid go bhfuil isan nádúir dhaonna do glacadh ré mnaoi. Bíodh gurbh fhéidir le Dia ar mhodh eile seach a gheineamhuin ó mhnaoi colann daonna do ghlacamh, fá mar dá ndénamh corp duine don talamh, ar a shon sin as iomchubhaidh agus as mó dob oireamhnaigh dhó a gheineamhuin agus a ionchollughadh ó mhnaoi, do bhrígh gurab móide ghluaisios sinne dochum uirísleachta agus carthanachta, an tráth nár mhíochubhaidh ré hAthair na n-uile máthair do bheith aige ar an talamh agus luighe fá annródh ar n-anbhfainne, agus an tí dá nárbh fheas cumhgrach ar bith d'fhulang bheith ar feadh naoi míos, ar (nós) na ndaoineadh eile, fá iadhadh bruinne maighdine, agus ós a chionn sin gach míochomhgar eile na beatha boichte duadhamhla so d'iomchar, agus cáirdeas a aithreach, a ghaoil agus a thíre d'fhágáil. Bá ro-oireamhnach fós do Mhac Dé a gheineamhuin ó mhaighdin fhíorghlain gan truailleadh gan toibhéim, dochum an tí agá bhfuil athair ar neamh gan truailleadh, agus gan máthair, go mbeith mar an gcédna máthair fhíorghlan fhíriomlán gan spot gan smál, agus gan athair, aige ar an talamh. Acht dá measadh aoinneach gomadh doidhénta bláth na hóghdhachta do mharthuin gan bhearnadh a nglacadh agus a mbreith meic, taisbénaidh cumhachta dochuimsigh Dé, sháraigheas cumas gach tuigse gan mheidh gan mhíosúr, gurab éidir sin do bheith amhlaidh; agus ní bhfuil docamhal a thuigsin. Óir do-chímid isna neithibh nádúrtha agá mbí beatha neimhiomlán, mar atá na planndaighe, nach ndeaghuiltear an gníomhach agus an fuilngeach ina ngeineamhuin, acht go mbí bríogh ghníomhach agus fuilngeach isan ní chédna. Isna neithibh iomorro agá mbí beatha iomlán, deaghuiltear an gníomhach agus an fuilngeach ón ngeineamhuin do bheith nísa iomláine. Agus uime sin ní hiarrthar an bhean dochum ball nó ionstramuinnteadha an choirp d'fhoirmiughadh acht an fear, anna bhfuil bríogh ghníomhach. Nó ní
bheith riachtanus re beirt do chomhoibriughadh a ngeineamhuin na n-ainmhinnteadh muna ttugadh an nádúir bríogh ghníomhach d'aon aca agus bríogh fhuilngeach d'aon eile. Bíodh iomorro gur féidir bríogh ghníomhach do dheónughadh don mhnaoi a n-ollmhughadh an adhbhair dochum na geineamhna, óir hiarrthar ollmhughadh maith bruinne isan mnaoi dochum an toirrchis d'oileamhuin, ar a shon sin ní bhfuil bríogh ghníomhach iná fhoirmeach an toirrcheasa innte acht a síol an fhir amháin, agus ní bhfuil an síol sin féin 'na adhbhar an chuirp dhaonna acht amháin 'na thús gníomhach. Agus ní riachtanas dochum toirrcheasa do ghlacadh, síol na mná do bheith do láthair mar thús fuilngeach, fá mar as riachtanus síol an fhir mar thús gníomhach; óir as dearbhtha gur toirrcheadh iomad ban gan cumasg a síl féin. Mar sin as ionráidhte go ndéin an fhuil mhíosa leabuidh an tsíl isna mnáibh, do bhrígh an teas fhoghnas don bhríogh gheineamhnaigh gurab lugha é isna mnáibh iná isna fearuibh; óir ní féidir iomarcaidh na hoileamhna do dhíleaghadh isna mnáibh mar do-níthear isna fearuibh. Uime sin ó mheathas ó dhíleaghadh iomlán an tsíl, anaidh fá fhoirm fola; bíodh nach fuil thríd amach í, mar bhíos an fhuil geintear tré oibriughadh na bríogha oileamhanta as an mbiadh; acht an fuighleach bhíos ag díleaghadh déighionach na hoileamhna, ollmhaighthear é isna mnáibh ré bríogh na comhachta geineamhna dochum bheith 'na adhbhar iomchubhaidh choirp dhaonna. Do bhrígh iomorro gur féidir le Dia, ó bheith uilechomhachtach dhó, ní dhénamh uaidhe féin go neimhmheadhónach gan comhoibriughadh chréatúir ar bith, an tan gur féidir leis ní do chruthughadh do neimhthní, cad é an t-iongnamh madh d'fhoirmidh chorp Chríost d'fhuil roifhíorghlain óighe ris an Spiorad Naomh d'oibriughadh innte a n-ionadh síl fir? Agus mar sin, an ógh ronaomhtha, do ráinic aois iomchubhaidh do fhritheólamh a fola roifhíorghlaine gan coimhriachtanas feardha. Agus dob fhéidir nach lugha an docamhal do measfaidhe a gcorp Chríost iarna fhoirmiughadh do theacht as bruinn ronaomhtha
gan bhearnadh na hóighe gan lot a hóghachta; óir taisbénaidh an résún dá chorp do bheith mar sin maraon. As í mo fhreagra ar so: bíodh nach éidir dhá chorp do bheith go nádúrtha maraon a n-aonáit amháin, gidheadh, ní bhfuil doidhénta ag Dia a gcur a n-aonáit amháin. Óir madh as é ní thuigfemís ré corp, an spás dár ghairiodar na seinfheallsamh áit bhíos deóntach ar trí toimhsibh, .i. ar fhad, ar leithiod agus ar dhoimhne, mar atá corp gach cainndidheachta, dob fhéidir a mheas gomadh doidhénta dhá chorp do bheith maraon a n-aonbhall; óir dá mbeith na tomhuis sin deaghuilte ón adhbhar, níorbh fhéidir a ndeaghuilt ar atharrach modha acht trésan áit nó an ionad nó suidheachan. Mar sin dá mbeithdís dhá thomhas nó nísa mhó a n-aonáit, do leanfadh conntrárdhacht doidhénta, .i. na tomhuis chédna do bheith agus gan bheith isan áit sin a n-aoinfheacht. Acht do bhrígh nach ndeaghuiltear an chainndidheacht ón adhbhar shubstainteach, a gcás go ccuirfí dhá chorp a n-aonáit agus a ccainndídheachta a n-aontsuidheachan, ní leanfadh contrárdhacht doidhénta, ar an n-adhbhar bíodh na ndeigheóltaoi cainndidheacht na ccorp sin as an suidheachan, deaghuiltior iad ar a shon sin, do bhrígh go bhfuil gach cainndidheacht aca greamuighthe d'adhbhar ar leith. Ar an adhbhar sin ní doidhénta brú na hóighe d'fhuireach dúnta a mbreith Chríost. Agas do bhrígh gurab uime táinic Críost ar an tsaoghal sa, dochum sompla beatha do thabhairt dúinn agus sligheadh an tséin neamhdha do thaisbénamh, dob oireamhnach a bheith a gcomhluadar na ndaoine agus gan a bheatha do bheith uaigneach, ionnus tréna sheanmhóir agus tréna bheathaigh go mbeith slighe aguinn go Dia. Arís, as résúnta don tí atá a gcoinversáid leis na daoinibh é féin do chur a n-oireamhuin dáibh a gcoinversáid a bheatha. Mar sin bá dlisteanach do Chríost fíorchruas na beatha do sheachna, agus measardhacht bídh, dighe, édaigh agus gnáis do réir an reachta ina raibh ar an deóraigheacht so do nós an phobuil agus na tíre inar chubhaidh leis a bhreith agus a oileamhuin. Óir ní bhean teirce bídh agus dighe óna nádúir féin ré foirbhtheacht na
beathadh acht fíorghloine na hinntinne, grádh lasamhuin agus croidhe doghluaiste doibhriste a n-aoibhneas agus a n-annródh, ar mhodh nach déin uaill as glóir iná as saidhbhreas, iná míofhoighid a n-ainnisi iná a n-annródh. Dob iomchubhaidh ar a shon sin do Chríost beatha bhocht do thogha. Óir as riachtanas do sheanmóntuibh agus do lucht síolaighthe na fírinne diadha agus na subháilceadh neamhdha bheith sgartha ris an n-uile chúram saoghalta agus a bhfad ón n-uile amhras sainnte; ní dob iomchubhaidh go mórmhór do Chríost, do thogh anbhfainne agus leimhe an tsaoghuil si dochum a dhiadhachta do dhénamh follas do na huilibh, dochum daoine cumhachtacha agus eagnuidhe an tsaoghuil si do chriothnughadh agus dochum nach do chomhachtuibh iná d'eagna dhaonna ar bith do dísleóchaidh tarmfhoirmiughadh an tsaoghail acht do mhórdhacht a dhiadhacht féin amháin. Uime sin bá riachtanas foillsiughadh na míorbhuileadh dochum na diadhachta (dobhí, mar adeir an t-apstal, go corpardha 'na comhnuidhe and) do thaisbénadh. Fá dheóidh, madh meastar a uile bhriathra agus gníomha go ceart díreach, do-ghébhthar gurab iongantach an réim nó an t-ord, agus gurab do-inniste an chiall ré ttug uaidhe iad. NACH DOIDHÉNTA AGUS NACH DÍTHCHÉILLIDHE NA NEITHE THEAGUISGEAS AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE AR PHEACADH NA SINNSEAR. Caib. 9. Dochum a ndubhramar go soiche so agus ar mian linn do rádha do thuigsin nísa fhearr, as riachtanas neithe éigin do thráchtadh ar pheacadh na sinnsior, sa smál do shalaigh an cineadh daonna go hiomlán, do réir mar mhúineas an creideamh críostaidhe ar feadh an domhuin. Do fhoillsigheamar thuas cheana nach ón tsíordhuidheacht do chruthaigh Dia an domhan agus gach ní dá bhfuil ann acht mun am bá toil léna mhórdhacht naomhtha féin. Do chruthaigh an duine mar chuid as prionnsapáilte agus as uaisle don tsaoghal sin. Agus do bhrígh go bhfuil anam tuigsioch
an duine domharbhtha ro-uasal, dob iomchubhaidh corp domharbhtha umhal nach rachadh a n-aincheann air do thabhairt mar each iomchair dhó; óir as ceart comhthrom do bheith eidir an fhoirm agus an t-adhbhar: an t-adhbhar do bheith umhal don fhoirm agus an nádúir as uachtaraigh do bheith a gceannas ar an nádúir as íochtaraigh. Acht do bhrígh gurab ó na cédfadhuibh atá go nádúrtha uile fhios agus eólas an anma tuigsigh, agus nach éidir leis na cédfadhuibh bheith acht i gcorp fheólmhar shothruailligh arna chomhchur do na dúilibh, dob éigin a shamhuil so do chorp do dáileadh don anam bheith conntrárdha don résún, amhuil agus atá sothruailligh. Ar a shon sin do bhrígh nach tteasdaigheann congnamh agus cúram Dé ó aoinneach a n-am a éigin, ní gan céil gan résún chreidmíd agus admhamaoid Dia, do cheanguil an nádúir spioratálta agus chorpardha dá chéile, ar chonntar go mbeith an nádúir spioratálta a gcomhachtuibh ós an nádúir chorpardha, ciabé toirmeasg do théigeóbhadh as cionta na nádúire go ttóigébhadh Dia é ré congnamh neamhnádúrtha. Do bhrígh iomorro gur bhean sgaoileadh an choirp agus easumhla na coda cédfadhaigh nó somhothaigh ris an nádúir dhaonna go huilídhe, dob iomchubhaidh an ceart sinnsiordha, .i. dofhuilngeacht an choirp, umhlacht na cota cédfadhaigh don résún agus an choirp go hiomlán d'anam na nádúire daonna go huilídhe, do thabhairt agus do dháileadh mar thiodhlaice neamhdha dhó. Mar sin as résúnta adeirmíd go bhfuair ar gcédathair Ádhamh, do chruthaigh Dia ó thús, an tiodhlaice trom so, ionnus go síoladh é ina shliocht 'na dhiaidh go coitchionn. Acht do bhrígh go ttug Dia toil shaor don duine, agus gur cóir dhó umhlughadh do reachtuibh agus d'aitheantuibh Dé, as ceart, an tráth do chiontaigh dá thoil deóna féin agus do fhill a résún ó Dhia, na cota as íochtaraigh don anam do fhilleadh uaidhesion agus do dhul a n-easumhla air agus a chorp d'iompúdh gusan tseinchré dá ndearnadh ó thús. Óir as ceart an duine do phianadh nó do chrádh ris an arm réar pheacaidh a n-aghaidh an tí tug an t-arm dhó. Do chall an cheirt shinnsiordha nó an tiodhlaice neamhdha so gairmíd peacadh na sinnsior, do shíol ar uile shliocht ar gcédathor 'na dhiaidh. Óir do sgar an ceart sinnsiordha ris an n-uile dhuine dár geineadh uaidhe go nádúrtha,
amháin an naomhóigh Muire; ní nach sgarfadh ré haoinneach aca muna gcailleamh Ádhamh é réna chionntuibh féin. Ní hinmheasta d'aoinneach gurab díthchéillidhe an ní so; óir as follas cuid do chomhardhuibh an pheacaidh si isan gcineadh daonna. Ó 'd-chímid go bhfuil a shamhuil sin do chúram ag Dia a ttimcheall na ngníomhartha daonna go ttugann tabhartuis throma ar son na ndeighghníomh agus pianta borba ar son na ndroichghníomh - ciallaigh tabhartas na bpian rémhthuitim san gcoir. Atáid iliomad ainnisi agus anshódha égsamhla spioratálta agus corpardha eile ar an gcineadh daonna do dheasgaidh an pheacaidh si, mar atá fuacht, teas, dúsgadh, íot agus ocras, mórán galar agus easláinte égsamhla, agus, fá dheóidh, an bás, nach éidir d'aoinneach do sheachna. Do thaoibh iomorro na coda spioratálta, fuilngidh laige résúin agus toile saoire, easumhla agus cathughadh romhór ón bhfeóil; neithe do-bheir fá-deara don duine tuitim go huras a n-iomad seachrán go laéthamhuil. Agus bíodh go measfuidhe a samhuil so d'uireasbhadha do bheith nádúrtha as coimhleanmhuin nó riachtanas an adhbhair, ar a shon sin, ar meas go ceart cúram Dé agus a mhaith, as cruthamhuil go ttiobhradh furtacht agus congnamh do na huireasbhadhuibh si, muna mbeith go ttug an duine féin cionta dhó ag tuilleamh a oirbhire. Uime sin adeirmíd, ar meas maithe dochuimsigh, féile agus fairsinge na mórdhachta diadha, nach éigceart na huireasbhadha sa do theacht ar an gcineadh daonna a n-éruic pheacaidh ar gcédathor, do-rinne ionad na nádúire daonna go hiomlán an uair sin. Uime sin ní gan adhbhar adeirmíd peacadh an chédduine do bheith 'na pheacadh pearsanta nó aonaránach agus 'na pheacadh coitchionn. 'Na pheacadh aonaránach, do bhrígh gur sgar eision ris an maith mhóir dobhí aige; 'na pheacadh coitchionn, do bhrígh gur fhuadaigh uaidhesion agus óna shliocht 'na dhiaidh an tiodhlaice do dáileadh don chineadh daonna go huilidhe. Gidheadh, madh meastar na huireasbhadha sa táinic as call an cheirt shinnsiordha isna daoinibh eile anuas ó Ádhamh, an mhéid go mbeanaid réna ttoil, ní bhfuilid 'na ccoir iná 'na gcionta; acht an mhéid go mbeanaid ré toil agus re haonta an chédduine,
ní bhfuilid d'easbaidh coire, an mhéid go meastar na huile dhaoine mar aonduine amháin as comhruinn na nádúire daonna dárab ceann an cédathair úd do shíolaidh an n-uile dhuine eile agus do tharruing an peacadh mar sin isteach orra. Óir amhuil ghlacas an lámh a cuid don choir ó thoil neamhordaigh an tí ghluaisios í, mar an gcédna atá an peacadh so toileamhuil ó thoil an chédathar a mballuibh a shleachta 'na dhiaidh. Óir gan an toil sin an chédathar ní bheith an peacadh sa na sinnsior ann ar énchor, agus do geinfidhe na daoine gan easbaidh an cheirt shinnsiordha. Acht ó do geinfídh iad anna nádúir fhíorghlain réna n-anbhfainnibh muinnteardha, níorbh fhéidir peacadh ar bith sinnsiordha d'fhagháil inntibh, amhuil agus nach féidir coir d'fhagháil a ngníomhuibh na lámh, na gcos agus na mball eile an choirp dhaonna muna raibh an toil go holc ar tús isan duine. Acht dá n-abradh aoinneach 'na aghaidh so gurab éigceart coir aondhuine amháin d'agra ar na neimhchionntachuibh go huilidhe agus díol cruaidh do bhuain díobh, an tan nach ttáinic an peacadh so ó thoil na droinge do geineadh a ndiaidh an chédduine, acht bá ceart é féin do dhíol pian ar son na coire do-rinne, agus cách atá neimhchiontach do bheith saor, ionnas nach túsga do daimneóchaidh iad ré coir choimheighthigh iná do geinfídh; as í ar bhfreagra ar so nach bhféchann an díoghaltas so acht ar sgarthuin amháin an cheirt shinnsiordha agus na ngrás nach dleacht don nádúir dhaonna ó ualach nó ó fhiachuibh acht do dháil Dia óna fhéile agus óna líberáltacht féin di. Bíodh iomorro nach bhfuil obligáid nó fiacha ag créatúir ar bith ar Dhia, ar a shon (sin) do hordaigheadh neithe áiridhe leis, dárab dleacht go nádúrtha neithe eile; óir dleaghar tuigse don duine, dleaghar baill agus an mhéid eile dá mbeith 'na n-easbhaidh nó nach beith 'na dhuine, nó go gclaonfadh óna iomláine agus fhoirbhtheacht nádúrtha. Gidheadh, ní ó thuillmhe iná ó fhiachuibh ar bith na nádúire táinic an ceart sinnsiordha iná na grása acht ó líberáltacht dochuimsigh Dé. An tí ámh do-bheir ní uaidhe óna líberáltacht fhíre féin, as éidir leis a ghairm ar ais an uair as toil leis féin agus ar an modh ar mian leis féin. Dothug Dia iomorro an ceart sinnsiordha don chédduine, ar chontar, dá ndénamh an peacadh, é féin agus a shliocht 'na dhiaidh do chall an cheirt sin; gidheadh, muna bpeacaigheadh, an ceart sin do
mharthuin dó féin agus dá shliocht 'na dhiaidh. Dobhí mun am sin an nádúir dhaonna go hiomlán arna hiadhadh isan gcédduine. Uime sin ní dhósan amháin tugadh an aithne (si) acht fós don chineadh dhaonna go huilidhe; amhuil agus nach dó amháin do dáileadh an ceart sinnsiordha iná na grása acht fós do na huilibh 'na dhiaidh. Dá bhrígh sin ní féidir le aoinneach ó shoin amach gearán go dlistionach gur chaill an ceart sin iná na grása tré easumhla an chédduine; amhuil agus nach beith siocair nó ócáid gearáin aige dá mbeith nach bhfuigheadh an ceart sin ó thús; óir ní as dualgas na nádúire acht as líberáilteacht Dé do dáilfí é. Mar sin ní ar son chionta Ádhaimh go díleas ghlacas a shliocht an smál so, nó an spot, acht do bhrígh go ngeintior iad d'easbhaidh an cheirt shinnsiordha agus na ngrás adeirthear a ngeineamhuin isan bpeacadh; ní nach beith ré rádha muna bhfaghadh an duine an ceart sin nó na grása. Ar an adhbhar sin ní féidir leis an duine bheith gearánach nach bhfuair an tiodhlaice nár dhual dó d'fhághail ó nádúir, amhuil agus nach éidir lé aoinneach a ghearán nár naomhadh é a mbruinn a mháthar, nó nár cruthaigheadh sénmhar sona. Acht do bhrígh go ndubhramar thuas an duine do bheith ordaighthe dochum críche ós cionn nádúire, dochum nach éidir leis teacht gan tiodhlaice ghrása Dé, adeirmíd mar an ccédna go gcaill an tí do-gheibh bás a bpeacadh na sinnsior an bheatha bhiothbhuan do bhrígh nach dleacht dó a fághail. Ar a shon sin ní bhiaidh pian chédfadh air agus ní cráidhfighear é ré dólás; amhuil agus nach goilleann ar iliomad do dhaoinibh gan bheith 'na rígh nó 'na n-impire; bíodh iomorro an mhéid gur daoine iad gurbh fhéidir a mbeith 'na ríghthe nó n-impireadha; ar a shon sin do bhrígh go bhfaicid iad féin anna leithéid sin do staid gurab annamh go bráth theagmhuid gusan mórghairm sin, ní chuir bheith 'na heasbaidh dólás dá laghad orra. Mar an gcédna anmanna na naoidhean agus na leanabh do-gheibh bás a bpeacadh na sinnsior, bíodh go bhfuil a fhios aca, mar gur créatúir résúnta iad, gomadh éidir a ttógmháil ré grásuibh Dé go radharc na beithe diadha, ar a shon sin ó as feasach dháibh neamhchumas a gcinneamhna agus a gcoinghiolla féin chuige sin, agus go bhfuil doidhénta ré dénamh, ní bhfuil dúil iná fonn aca ann agus ní cráidhtear iad fá bheith d'easbhaidh an áirdshéin neamhdha, go mórmhór
ó Dhia do bheith ag comhoibriughadh leó, sa naomhthoil dá gcuirid iad féin a n-oiremhuin go hiomlán. Do bhrígh iomorro nach ngoillfidh pian chédfadhach ar bith orra, as cosmhuil go bhfuighid gach maith dleaghar ó nádúir do na daoinibh, mar atá fios agus eólas na neithe nádúrtha, maodhughadh na ndiamharrún neamhdha as na neithibh do-rinneadh, agus gach ní eile as éidir do thabhairt go nádúrtha don tsén daonna. Nó níorbh fhéidir leó bheith d'easbhaidh dóláis agus dobróin dá sgarthaoi iad leis an tabhartus nádúrtha atá 'na rofhonn orra. Do-bhéra Dia fós dá líberáltacht féin tabhartuis éigin ós cionn nádúire dháibh, mar atá domharbhthacht an chuirp. Sguirfidh fós gluasacht na bhflaitheamhnas, agus ní bhiaidh geineamhuin iná truailleadh ann ó shoin amach. Uime sin eiséireóchuid na huile go domharbhtha; agus ní bhiaidh feidhm aca ré hoileamhuin an choirp iná ré comhgar ar bith eile ó shoin amach. Ní bhiaidh aicíd, easláinte iná buaidhreadh ar bith orra, acht biaid go súgach sólásach ag moladh an Tighearna ar feadh na síordhuidheachta. Agus bíodh go gcreidmíd anmanna na druinge do-gheibh bás anois do dhul go hifrionn, .i. gusan gcuid faoi thalamh dá ngairmíd teaghdhuis na naoidhean neimhchiontach, ar a shon sin ní bhiaidh pian ar bith orra ó bheith isan áit sin. Óir ní fhuileónga an t-anam uaidhe féin pian ar bith ó shuidheachan na háite iar mbeith sgartha ris an gcorp. Gidheadh, tar éis na heiséirghe, measuim (luighim ar a shon sin fá eachtughadh na Naoimh-Eagluisi isan bpongc so agus ann gach pongc eile) go mbiaid ag áitreabh na talmhan, dobhias mun am sin go glórmhar fá bhláth, iarna ghlanadh ón n-uile shalchar, agus go mbiaid ag síormholadh Dé tré bhith síor. Measuim nach meardhánta édrom na résúin tairngeas inn dochum so do chreideamh. Ar tús, as iomchubhaidh an áit do bheith ag teacht go hoireamhnach ris an ní áitigheas í. Mar sin madh eiséirghid na naoidhin a gcorp dhomharbhtha dhoimhillte agus go bhfuighid gach sén as éidir d'fhághuil go nádúrtha, ní cóir solas na gréine iná sólás ar bith eile do-gheibhid na daoine go nádúrtha do cheilt
orra iná do bhuain díobh, agus do chaillfedís dá mbeithdís iadhta a bpríosún dubh dorcha fá thalamh. Arís, do réir mar mhúineas an creideamh Catoilce, ní dleaghar pian na gcédfadh don pheacadh so na sinnsior acht amháin easbhaidh radhairc Dé. Gidheadh, dá mbeithdís fá iadhadh phríosúin dorcha fá thalamh, ní feas cionnus do bheithdís saor ar chrádh na gcédfadh, an tan nach beith radharc soluis iná na gcorp roibhreaghdha eile neimhe agus talmhan aca, agus go mbeithdís sgartha ré iomad maitheas eile anna mbí fonn nádúrtha aca. Mar sin as follas nach leanann pian ar bith peacadh na sinnsior asarb féidir éigceart do chur a leith Dé, an tan go bhfaghuid an drong do-gheibh bás a bpeacadh na sinnsior amháin an sén nádúrtha as oireamhnach dháibh. Asarb ionmholta go mór ceart agus críonnacht Dé. Ar an adhbhar sin as follas go soilléir nach doidhénta iná díthchéillidhe an mhéid mhúineas an teagasg críostaidhe ar pheacadh na sinnsear iná ar an gceart sinnsiordha. GURAB CÉILLIDHE CURTHAR PÁIS CHRÍOST AGUS AN CHUID EILE DO RÚINDIAMHRUIBH A DHAONNACHTA maraon RE UILE EACHTA NA HEAGLUISI A TTIMCHEALL AN CHREIDIMH. Caib. 10. D'fhóir Dia, Athair na trócaire, atá saidhbhir isan maith, ó thús an domhuin ar an lot sa chloinne Ádhaimh agus tug leighis oireamhnacha dhiongmhála dháibh ina aghaidh, .i. sacrafísi, creideamh na n-aithreach, dá éis sin an timghearradh, agus, fá dheóidh, naomhthonn na haithgheineamhna dá ngairmíd an baisteadh. Óir na naoidhin do naomhthaoi leis na rúindiamhruibh si agus dofuair bás isan tSein-Reacht, nó do-gheibh bás anois isan Reacht Nuadh, do gheibhid an bheatha neamhdha as an gcumas dofuarsad tré ghrásuibh Dé bheith glacmhach ar an mbeathaidh sin. Gidheadh, na naoidhin eile nach bhfaghann na
grása so, as éigin dáibh dhul go hifrionn na n-aithreach naomhtha, agus do-ghébhuid fá dheóidh an sén agus an sonas as oireamhnach dháibh ó dhligheadh nádúrtha, mar adubhramar cheana. Agus dá bhrígh sin ní féidir leó bheith gearánach ar Dhia; acht dá n-aithribh féin as cóir dháibh bheith diomdhach do léig tréna míchreideamh lot na naoidhean gan leigheas. Acht do bhrígh go n-abair ar gcreideamh-ne go rabhadar aithre naomhtha an tSein-Reacht fá iadhadh a n-ifrionn go teacht Chríost, dob fhéidir lé duine éigin conntabhairt do chur créd an t-adhbhar nach go flaitheamhnas do-chuadar, iar n-ég dháibh, ar ball, an tan go rabhadar glan ó pheacadh na sinnsior, arna ndeaghmhaisiughadh ré grásuibh, re tiodhlaicibh agus re luaigheachtuibh, agus mar sin ullamh réidh ar an mbeatha mharthanaigh do ghlacadh, nach bhfuaradar go fulang na páisi do Chríost. As í ar bhfreagra ar so, an tan gurab leis an nádúir bheanas peacadh na sinnsior agus nach leis an bpearsuin, agus gur thuirling ó phearsuin an chédduine isan nádúir, agus gur shil dá éis (sin) as an nádúir dochum gach aoin fá leith, bá riachtanas na daoine do thabhairt díolaigheacht do Dhia ní headh amháin ar son a bpearsana acht fós ar son na nádúire go hiomlán. Tug iomorro gach aon do na haithribh naomh díoluigheacht go lór ar son a phearsan féin, acht níorbh fhéidir lé haoinneach dhíobh díoluigheacht do thabhairt ar son pheacaidh na nádúire go hiomlán do loiteadh isan gcédduine agus annar pheacaidhsiod a shliocht go huilídhe 'na dhiaidh; óir as ar éigin dob éidir lé gach aon aca díoluigheacht do thabhairt ar a shon féin. Óir atá an peacadh so na nádúire do doirteadh ó chamthoil an chédduine ar an nádúir go hiomlán beagnach doichríochnuigh; óir as éidir pearsana doichríochnaigh do bheith a ndiaidh a chéile isan nádúir. Uime sin ó as leis an nádúir do tairngeadh peacadh na sinnsior isteach agus go bhfuil ar mhodh áiridhe doichríochnuigh, bá riachtanas leigheas agá mbeith brígh dhoichríochnaigh d'fhagháil chuige, nach raibh ar cumas chréatúir ar bith. Acht dá meastá gomadh cubhaidh do bhúidheacht Dé ciabé ar bith modh arbh fhéidir leis an duine díoluigheacht dá laghad do thabhairt dó do ghlacadh uaidhe, agus an chuid eile nach éidir leis do mhaitheamh dhó go trócaireach, adeirmíd go ccreidmíd féin, dá
mbeith nárbh fhéidir lé Dia ar atharrach modha leigheas corrigenda don pheacadh sa, go nglacadh go trócaireach as dochuimsigheacht a mhaitheasa díoluigheacht gach aoin ar a shon féin agus ar son na nádúire; gidheadh, an tí sa thrócaire atá gan críoch agus nach léigeann a cheart aonlocht gan díoghaltas, dofuair glés eile ar a ttiubharthaoi ní headh amháin díoluigheacht go rofhairsing ar son na nádúire daonna acht fós ré ndéntaidhe an nádúir chédna nísa iomláine agus nísa fhoirbhthe. Agus do bhrígh nárbh fhéidir lé créatúir ar bith díoluigheacht do thabhairt ar son pheacaidh doichríochnuigh na nádúire agus gurab lé Dia amháin atá doichríochnuigh dob éidir sásamh do thabhairt ar a shon; gidheadh, ní raibhe sin d'fhiachuibh ar an tí nár pheacaidh agus lé nárbh fhéidir peacadh do dhénamh, agus go raibhe d'fhiachuibh ar an duine lé nárbh fhéidir díoluigheacht do thabhairt ann, bá toil ré Dia robhúidh feóil shomharbhtha do ghlacadh agus bheith 'na dhuine, ionnas go ttugadh an tí léarbh fhéidir agus dár chóir díol ar son an pheacuidh. Mar sin do dhíol an duine sin Mac Dé Íosa Críost na huile fhiacha. Ionnas ré luach a naomhfhola do doirteadh a gcrann na croiche gur fosgladh doirse phárrthuis do na haithribh naomhtha, agus go bhfuaradar ar ball iar mbás Chríost an sén neamhdha, dobhí do ghnáth 'na mhórfhonn orra. As follas as an résún so agus as na résúnuibh eile thuas gurab oireamhnach do ghlac Dia collann daonna. Óir as soilléir do thaisbéin a chomhachta annso réarbh fhéidir leis an nádúir dhaonna d'uaimcheangal leis féin ré cuibhreach comhdlúith comhdaingion agus sin go ndearnadh duine dhe. Agus ní lugha do thaisbéin a eagna, ré a bhfuair slighe agus glés iongantach ar an duine do lomchailleadh d'fhuasgladh agus do threórughadh gusan mbeathaidh shíordhuidhe; as a ttáinic maith dhofhaisnéidhe don tsaoghal. Do sgaoil mar an gcédna ionnmhuis agus óirchisteadha a mhaitheasa an tráth do dhoirt é féin go hiomlán ar an nádúir dhaonna, ionnus go n-uaimcheangladh í ré géibhionn nísa chruaidhe ris féin. Do chuir, fá dheóidh, a cheart a gcomhthrom réna thrócaire, réar thoil leis é féin do chrochadh ar ar soin-ne, agus rear eachtaidh go diongmhálta é féin do thabhairt díoluigheachta agus lóirghníomha dhó féin ar son ar bpeacaidh-ne. As so gealltar maithmheachus cinnte a míghníomh do na huile pheacthachuibh dá ndéindís aithríghe, agus pianta síordhuidhe do na neamhaithrígheachuibh chalcaigheas go dána isan olc gan uamhan
gan imeagla roimh cheirtbhreitheamhnas Dé, nach léig aonchoir ann nach déntar aithrighe gan díoghaltas trom. Dothug so fá-deara ar iliomad iar tteacht Chríost filleadh ó na dubháilcibh ar na subháilcibh agus aithrighe dhiongmhálta do dhénamh anna míghníomhuibh. Mar sin madh mheasmaoid na neithe so agus na sochair dhoichríochnaigh eile dofuair an nádúir dhaonna tré Chríost, do-ghébham duibheacán a eagna commór agus sin nach éidir lé hinntleacht duine ar bith a glacadh. Agus ní meastar do bheith leamh a gCríost, budh follas a bheith nísa eagnuidhe agus nísa chríonna ná uile dhíthchioll gach deighealadhna, agus as mó sa chách bhiaid cialla agus résúin iongantacha a chommór agus sin do dhiamharún soilléir do lucht lorgaireachta agus iarrtha na fírinne Catoilce. Ar an adhbhar sin as oireamhnach d'fhulaing Críost páis agus bás ar son an chinidh daonna. Agus do bhrígh nach dochum ar bpeacadh amháin do sgrios táinic acht fós dochum ar mbeatha d'ordughadh, do mheas nár lór dhó páis amháin d'fhulang acht do thogh bás roishearbh rothruailligh dhó féin, ionnas as a shompla-san nach beith faitchios oruinn gach ní dá dhúire agus dá uathbhásaigh d'fhulang ar ghrádh na fírinne agus do choimhéd an cheirt. Ibhid fós sámhuis ro-iongantacha agus sochair dho-áirmhe as millsiocht an tobair si, .i. as bás agus as croich Chríost, an mhuinntir mhaodhuigheas iad ré teas grádha agus re gloine chroidhe. Do bhrígh ós a chionn so gurab dochum na bpeacadh do mhaitheamh agus doruis na beatha síordhuidhe d'fhosgladh dofuair Críost bás, go deimhin dob oireamhnach a anam iar mbás do thuirling go soiche na haithreacha naomhtha, dochum a n-anmanna sin do shoillsiughadh agus do thabhairt as ifrionn, abhal a rabhadar ré treimhsi fá ghéibhionnaibh ar son pheacaidh na sinnsior. Agus d'eagla go measadh aoinneach na bás fíre do fuair, as céillidhe do hadhlacadh é agus do iomchair bheith isan tomba ar feadh trí laithe. Gidheadh, muna n-eiséirgheadh dá éis sin, ní bheith dóthchas eiséirghe go bráth ag na daoinibh. Ar an adhbhar (sin) as ceart cubhaidh do eiséirigh go glórmhar ó mharbhuibh iar gcríochnumh rúindiamhra a bháis. Agus do bhrígh go ndearnadh a chorp glórmhar domharbhtha annsin
(amhuil adubhramar thuas ar eiséirghe na ccorp), níor chubhaidh dhó ó shoin amach cáirdeas iná comhluadar cinn teallaigh do bheith eidir é agus na daoine. Óir amhuil as é corp Chríost corp as ro-uaisle agus as rofhoirbhthe do na huile chorpuibh as glóir na foirme agus as a uaimcheangal ris an mBréithir, as amhlaidh sin bá deaghmhaisioch agus ba cubhaidh dhó éirghe suas ós cionn na n-uile fhlaitheamhnas agus na n-uile chorp agus suidhe mar aonMhac Dé ar deis a Athor, .i. isna maithibh as fearr don bheathaidh shíordhuidhe. Acht dá bhfiafraigheadh neach éigin cionnas do tholl na flaitheamhnuis madh atáid dlúith daingean, dothugamar freagra ar sin cheana: gur féidir lé Dia dhá chorp do choimhsheasamh a n-áit aonchoirp a n-aoinfheacht. Dá éis sin ó do damnaigheadh go héigceart mallaighthe Críost Mac Dé ris na daoinibh agus ar son na ndaoineadh, bá ceart, ós é as ceann do na huilibh, a ordughadh mar bhreitheamh ar bheódhuibh agus ar mharbhuibh, bhéras dá gach aon fá dheóidh tuarastal ceart do réir mar do thuilliodar a ghníomhartha. Mar do-chífid an mhuinntir mheasfas go ceart díreach na neithe so nach eadh amháin go bhfuil an creideamh críostaidhe ceart céillidhe acht fós go bhfuil diadha uathbhásach míorbhuileach. Mesuim go ndubhramar go lór isan dara leabhar ar an ngéilleamh as dleacht do thabhairt do na sgrioptúiribh naomhtha, dá ngreamaigheann an creideamh go daingion dosgaoilte. Óir do fhoillsigheamar, an tan nach éidir a mbeith acht ó Dhia, gurab cóir agus gurab riachtanas géilleamh agus creideamh dháibh go daingion diongmhálta dochlaoidhte. Agus do bhrígh gurab éigin gach ní soghluaiste do tharruing go ní éigin doghluaiste isna neithibh adhbhardha agus isna healadhnachuibh, adeirmíd gur ordaigh Dia as an ccúram atá aige a ttimcheall a Eagluisi féin ní éigin doghluaiste dochum ar cóir do na huilibh triall mar fhunndamuint fhoirtill. Ar an adhbhar sin ní meardhánta iná ainbhfiosach adeirmíd gurab inchreidthe gach ní dár eachtaigh nó dá n-eachtóchaigh ó so amach an Naomh-Eagluis Chatoilce Rómhánach, agus nach inchreidthe éinní dá ndiúltann sí. Óir as chuice riothmuid ann gach conntabhairt dá mbí oruinn, do bhrígh gurab í an fhundamuint fhoirtill atá arna stiúradh agus arna riaghladh ó Dhia, ar mhodh nach éidir lé dhul ar seachrán, go mórmhór isna neithibh bheanas ris an gcreideamh agus ré slánughadh an chinidh daonna.
GURAB ROI-EAGNUIDHE CHUIREAS AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE DHÁ AITHNE AN GHRÁDHA, AS FUNDAMUINTEADHA DON BHEATHAIDH MHÓRÁLTA GO HIOMLÁN, SÍOS. Caib. 11. Do bhrígh iomorro gur thaisbénamar cheana nach bhfuil ní ar bith doidhénta iná díthchéillidhe isan gcreideamh chríostaidhe isna neithibh bheanas ris an gcreideamh, leanfam an ní cédna ina ordughadh mórálta, ar son gomadh lór a ndubhramar isan dara leabhar ar fhoirbhtheacht na beathadh críostaidhe. Óir go dearbhtha muna féidir beatha as fearr iná í d'fhághuil, leanuidh go cinnte gurab romhaith aitheanta mórálta an chreidimh chríostaidhe. Agus ní riachtanas barr cruthaigh ar so, an tan gurab as na héifeachtuibh haitheantar na cúise. Gidheadh, do bhrígh gur fearr tuigthear na neithe fá leith iná go coitchionn, dochum soluis nísa mhó d'fhághuil orra, tráchtfam ar reachtuibh áiridhe annso. Acht ní thráchtfam orra go huilidhe, d'eagla bheith liosta, agus do bhrígh gurab uras an chuid eile do thuigsin as na neithibh ar a laibheóram annso. As é iomorro as cédfhundamuint agus uaithne fulaing don dligheadh mhórálta, Dia do ghrádhughadh ót uile chroidhe, ót uile anam, ót uile inntinn agus ót uile neart. An dara fundamuint: do chomharsa do ghrádhughadh mar thú féin. Gidheadh, ní hiontuigthe iad so ar mhodh gomadh lór don chríostaidhe Dia agus a chomharsa do ghrádhughadh trésna neithibh nádúrtha amháin. Acht as eadh fógarthar dhó, Dia agus a chomharsa do ghrádhughadh tré thiodhlaicibh neamhnádúrtha na ngrás, ionnas go n-ollmhaigheadh é féin dochum an tiodhlaice neamhdha sa na ngrás agus an ghrádha do ghlacadh agus do fhreacar. Óir grádhaighe gach créatúir go nádúrtha Dia ós a chionn féin, agus a chomharsa mar é féin eile. Ceangaltar dhínn fós leis an aithne so an ní atá nádúrtha do dhénamh iomlán foirbhthe ré tiodhlaice ós cionn na nádúire. Mar sin fógarthar dhúinn Dia do ghrádhughadh ós cionn na n-uile, agus grádh Dé do chur roimh ar ngrádh féin, agus inn féin agus gach uile ní as linn do dhíriughadh chuige amhuil dochum ar gcríche. Uime sin fógraidh an t-apstal dúinn: Madh ag ithe,
ag ól, nó ciabé ar bith eile ní bhiam d'oibriughadh, na huile do dhénamh dochum glóire Dé. Acht do bhrígh gurab romhór thairngeas antoil na feóla inn ón ngrádh sa, adubhradh: Grádhaigh do Thighearna Dia ót uile chroidhe. Óir as annsa chroidhe atá tobar na beatha, na ccédfadh, agus frémh nó tús na mian agus na n-álgas, thairngeas inn go grádh na neithe somhothaighthe, agus sgaras inn ris an ngrádh diadha. As uime adeir, ót uile chroidhe, ionnus go gcurthá an chuid chédfadhach a n-oireamhuin don toil, agus an toil mar an gcédna a n-oireamhuin don résún agus do dhligheadh Dé. Agus do bhrígh gur gnáth leis an toil dhul ar seachrán an tan nach bí an résún dá stiúradh, leanaidh, ót uile anam, .i. ót uile thoil arna díriughadh gusan gcrích so. As é iomorro an t-anam as tús agus as frémh don bheathaidh agus don ghluasacht ar a n-aitheantar na hainmheinteadha seach na neithe ann nach bí anam; óir gluaisid na hainmhinteadha iad féin, ní nach éidir leis na neithibh gan anam do dhénamh. Ar an adhbhar sin ós í an toil ghluaisios cumhachta an anma résúnta go hiomlán, as ceart thuigmíd an toil trésan anam. Fógarthar mar sin an toil go hiomlán gona huile ghluasachtuibh agus gníomhuibh do dhíriughadh dochum Dé, ionnas go ngrádhaigheadh é, go mbeith dúil aice ann, agus sólás; fuath agus gráin do bheith ar na neithibh atá contrárdha dhó, agus a seachna; agus dá ndénamh éinní dhíobh, doilgheas agus aithreachus do bheith uirre, eagla do bheith roimh Dhia, agus dóthchas do bheith as, gan dul a n-édóthchas ar a thrócaire, gan meisneach iná muinghein do bheith as a ceart iná as a fíréntacht féin, fearg agus forrán do bheith lé féin agus lena dubháilcibh, agus iad so agus na huile neithe eile do dhénamh dochum glóire agus onóra Dé. Agus do bhrígh gurab ón résún nó ón tuigse tig gluasacht na toile, dárab cospóir an mhaith fheasach, as ceart fógarthar ar ball a ndiaidh na toile, ót uile inntinn. Óir ciallaighidh an inntinn an tuigse agus an résún, dárab cóir díriughadh ar Dhia, ar mhodh gurab é Dia gach ní thuigeas nó mhaodhuigheas, nó gurab dochum Dé thriallas. Acht do bhrígh gurab ar a son féin grádhaighthear an chríoch, atá 'na suidhe isan anam gan miosúr grádha; óir as uime ghrádhaighmíd na meadhóin bhíos dochum na críche, do bhrígh
go ngrádhaighmíd an chríoch féin. Acht atá grádh na críche dothoimhste; ar an adhbhar sin as oireamhnach curthar a gceann na trí neithe rémhráidhte sin, ót uile neart agus chumas, ionnus, ó as é Dia ar ccríoch, go ttriallmaois air ré ar n-uile dhíthchioll, cumas agus neart, go mbeith an résún, an toil agus an cédfadh umhal dó, ionnas go mbeithdís foirbhthe iomlán isan n-uile shubháilce agus grásaibh, ionnas, fá dhéóidh, ó ar mbeith foirbhthe fírénta, go bhfaghadh Dia glóir agus moladh ó na huilibh; amhuil as gnáth an n-uile chúis do mholadh as foirbhtheacht a héifeachta. As so as follas ní headh amháin cionnas as cóir don duine Dia do ghrádhughadh, acht fós cionnas as cóir dhó é féin do ghrádhughadh; óir as cóir (dhó) do shíor bheith d'éinmhéin re Dia, bheith umhal dó, a bheatha, a ghníomhartha agus a uile chomhachta d'ordughadh dochum a ghlóire, ionnas go móradh gach aon Dia as amhuil as éifeacht fhoirbhthe. Acht do bhrígh gurab lugha bá feasach go diongmhálta cionnas do bheith an chomharsa ionghrádhaighthe - do bhrígh nach bhfuil grádh na comharsan comhnádúrtha dhúinn agus atá ar ngrádh díleas féin - ionnas nach beith seachrán, ainbhfios iná conntabhairt oruinn don taoibh sin, tug Dia an dara haithne dhúinn ag rádha: Grádhaigh do chomharsa mar thú féin, .i. dochum na críche dochum a ngrádhaigheann tú thú féin. Óir ó as í onóir Dé agus a ghlóir as críoch dhúinne, agus gur mó honóraighthear an chúis as foirbhtheacht a héifeachta iná as míofhoirbhtheacht, agus gurab éifeacht do Dhia na daoine, as mó ghébhas onóir as a mbeith foirbhthe fírénta iná as a mbeith ar atharrach modha. Ar an adhbhar sin madh as riachtanas dúinn ag grádhughadh Dé a ghlóir agus a onóir do bheith ar ar n-aire, mar an gcédna as cóir dúinn ar ccomharsa do ghrádhughadh dochum na críche cédna, ionnas gomadh follas saothar Dé, agus go moltaidhe annar ccomharsuinn amhuil ionnainn féin. Cá bhfuil ní as fírinnigh iná an dá aithne si? Créd an ní as résúnta iná iad? Créd an ní as diadha iná iad? Óir as inntibh atá an reacht diadha, cuibhreach an chumuinn daonna agus foirbhtheacht na n-uile dhligheadh. Óir as uathaibh atá an reacht agus na fáidhe. Mar sin gach ní dá ttig uathaibh so nó gach ní dá mbí a ccoimhtheacht leó, atá 'na ní bheannaigh dhosháraigh ag na críostaidhthibh, agus gach ní dá bhfuil conntrárdha dháibh 'na ní mallaigh as intseachanta dá gach aon.
GURAB RO-ORDHRAIC TEAGASG MÓRÁLTA NA HEAGLUISI. Caib. 12. As céillídhe résúnta dar linn dotugadh dhá chlár an reachta mhórálta dhúinn: clár dhíobh mhúineas agus dhírigheas inn ar an tslighidh dhírigh go Dia, an clár eile gusan gcomharsuin. Ar an adhbhar ó as ainmhidhe síbhialta agus cuid do choimhthionól éigin an duine, beanaidh ré díorchacht a bheathadh bheith go maith do phrionnsa nó do thriath coitchionn na n-uile, agus dá éis sin dá chomhchathraightheóiribh. Dá bhrígh sin ó as cuid don nádúir dhaonna an n-uile dhuine, agus an mhéid gur críostaidhe, cuid don mhaitheas puiblidhe críostaidhe, as riachtanas dó bheith go maith don tí stiúras an nádúir dhaonna agus as ceann don chríostaidheacht, .i. do Dhia agus do Chríost atá 'na Dhia agus 'na dhuine. Agus as í uair do-ní so go diongmhálta an tráth ghrádhaigheas Dia óna uile chroidhe, ó a uile anam, óna uile inntinne, agus óna uile neart agus chumas. Acht do bhrígh gurab dual roimhe an n-uile ní iocht agus dísle do chomhdach do phrionnsa coitchionn na n-uile, agus an t-iocht agus an dísle sin do bheith coimhdiongmhálta comhdaingion agus comhdoibhriste agus sin dó isna huile neithibh dá mbeanann leis nach gclaonfadh aoinneach dá mhuinntir uaidhe dochum a námhad, as ceart do fógradh do na huilibh a n-aithne phrionnsapálta an chédchláir, an Dia fíre d'adhradh, atá 'na aon amháin, agus gan dée bréige d'adhradh dá láthair, atá isan n-uile áit agus ar nach dorcha éinní acht dár follas go soilléir na huile, agus gan iompúghadh uaidhe go bráth ar énchonntar ar an diabhal. Agus do bhrígh gurab dleacht isan dara háit réverens agus onóir do thabhairt don phrionnsa, fógarthar dhúinn a ndara haithne an chédchláir gan ainm Dé do thabhairt go díomhaoin. Óir an mhuinntir réar mian Dia atá dofhaicse d'onórughadh, as iononóraighthe dháibh é isna neithibh sofhaicse thaisbénas é dhúinn; agus as díobh sin go mórmhór an guth agus na briathra do fríth amach dochum Dé do chiallughadh agus do mholadh; ní as cóir do choimhéd isna huile neithibh dá mbeanann leis.
Agus do bhrígh isan treas áit go ndleaghar seirbhís chubhaidh do dhénamh don phrionnsa, as iomchubhaidh do fógradh dhúinn ré treas aithne an chédchláir an tsaoire do choimhéd, re a tteaguisgear dhúinn adhradh dleacht do thabhairt go hinnmheadhónach agus go foirimleach dáríribh do Dhia. As na trí haitheantuibh si do-níthear gach ní dá mbeanann re Dia d'adhradh, d'onórughadh agus do mholadh, agas as chugtha críochnaighthear gach ní bheanas re Dia, agus dhiúltamaoid gach ní atá contrárdha dhó, agus sheachnamaoid gach ní nach bhfuil go díreach ag triall chuige. As eadh iomorro as dara haithne nó as dara clár ann, an chomharsa do ghrádhughadh mar thú féin. Agus ó as eadh as grádh ann, fonn maithe an tí ar a mbí grádh agad agus neamhfhonn a oilc, do-nímid dhá chuid do ghrádh na comharsan, .i. maith na comharsan do dhénamh, agus gan olc do dhénamh dhó, iná rún do bheith a olc do dhénamh. Uime sin as í cédaithne léghthar isan dara clár: Onóraigh th'athair agus do mháthair. As a ttuigmid gur cóir dhúinn onóir do thabhairt, agus maith gach aoin as comharsa dhúinn do dhénamh, agus gan égcóir do dhénamh air ó ghníomh, ó smuaineadh iná ó bhréithir; gan urchóid do dhénamh ó ghníomh dot phearsuin dílis féin iná do dhuine ar bith eile, ionnus go mbeithmís saor ón n-uile choir agus ainbhfios. As uime sin fógarthar dhúinn an dara feacht isan chlár chédna gan marbhadh do dhénamh, thoirmeasgas oruinn ní headh amháin gan urchóid do dhénamh dár gcomharsuin acht fós dár bpearsuin dílis féin. Fógarthar dhúinn an treas feacht gan drúis do dhénamh, as a ttoirmeasgthar oruinn bean ar gcomharsan (do shanntughadh), agus fós fuath agus gráin do bheith aguinn ar uile bhroghuil agus salchar na drúisi. An ceathramha huair, gan goid do dhénamh, ré a ttoirmeasgthar oruinn an n-uile shealbh aindhíleas neithe nach linn féin. An cúigeadh feacht, gan fiaghnuisi bhréige do dhénamh a n-aghaidh do chomharsan, ré a ttoirmeasgthar an n-uile bhrég, madh urchóideach nó neamhurchóideach, oruinn. An seiseadh huair, gan bean do chomharsan do shanntughadh, ré a ttoirmeasgthar an chliabhdhrúis agus gach fonn nó álgas neamhordaigh drúisi oruinn. An seachtmhadh huair, gan dúil do bheith agad a gcuid do chomharsan, ré a tteagasgar dhúinn ní headh amháin sealbh gach ní neimhdhíleas do sheachna acht fós an inntinn do choimhéd glan ó fhonn a seilbh neimhcheirt.
Agas d'eagla go mbeith 'na chontabhairt ar énduine créd an fáth as a bhfoillsighear fonn na drúisi agus neithe neimhdhíleas do bheith toirmisgthe oruinn seach foinn na neithe eile, an tan nach lugha an choir atá a bhfonn na neithe atá contrárdha do na haithentuibh eile, as í ar bhfreagra air so nach eadh amháin go ttoirmisgeann an dligheadh soisgélta na droichghníomhartha acht fós na drochrúin agus na miana broghacha. Agus ní headh amháin go ttuigthear na haitheanta go hiomlán ar an ngníomh fhoirimleach acht fós ar an ngníomh innmheadhónach. Gidheadh, ní gan adhbhar foillsighthear an dá aithne si nísa chúramaigh agus nísa shoilléire iná an chuid eile. Óir ní bhfuil duine dá ainbhfeasaigh nach ttaisbénuid na foinn atá contrárdha do na haitheantuibh a gcaime féin agus a mailís. Cia iomorro ar a bhfuil 'na ainbhfios gurab olc gan creideamh do Dhia, nó bheith díthchreidmheach, nó bheith easumhal dó, nó a ttrétúireacht 'na aghaidh? Cia ag nach beith gráin ar tharcuisne nó ar mhasla do thabhairt dá aithribh? Cia ag nach beith gráin agus fuath ar chruadháil an dúnmharbhtha nó ar thruailligheacht na mbrég agus na n-aimhleas? Óir as mó an t-uathbhás agus an ghráin chuireas ar neach smuaineadh orra so iná an dúil nó an taithneamh do-gheibh as smuaineadh orra. Gidheadh, dar leat atá teas na druisi nádúrtha; óir bí fonn geineamhna ó nádúir ar na hainmhidhibh, agus bí taithneamh agus sámhas neartmhar ar an bhfeóil isan sórt sin. Mar an gcédna atá dúil agus saint na neithe bhfoirimleach ó nádúir ceanguilte dhínn, do bhrígh go mbí móirriachtanus aguinn leó. As so dob fhéidir leis na daoinibh ainbhfiosacha a mheas nach beith dúil nó fonn na neithe si 'na bpeacadh ar énchor, an tan nach dénuid na foinn amháin urchóid d'aoinneach. Ar an adhbhar sin as céillidhe do comhardhaigheadh an dá ní so, .i. fonn neamhordaigh na drúisi agus neithe neimhdhlistionaigh. Óir atá an dligheadh soisgélta chomhcúramach agus sin fá fhoirbhtheacht an duine go n-iarr díorchacht an chroidhe agus an ghníomha, ionnas nach bhfágadh ní dhá loighead gan buain leis. Ar an adhbhar, do réir mar adubhramar cheana, gurab as na fundamuintibh si shilid na huile reachta agus aitheanta mórálta eile, agus gurab chugtha fhillid, agus gurab dá réir mheasmaoid na huile reachta eile do bheith ceart nó éigceart. Óir ní féidir ní ar bith d'fhagháil bheanas ré deighbhésuibh atá contrárdha dháibh so;
acht as leó bheanuid go díleas na huile aitheanta mórálta, agus as uathaibh do-gheibhid neart agus bríogh. As uime sin chruinnigheas an creideamh críostaidhe nísa usa, nísa líonmhaire agus nísa naomhtha gach ní dár sgríobhsad na feallsuimh agus na hughdair ordhraice eile ar na subháilcibh agus ar na deighbhésuibh, agus do mhédaigh (go) glan fairsing gach neithe diadha nó nádúrtha dá raibhe 'na -ainbhfios orra nó dár léigsiod tharsa. Do chuir mar an gcédna comhuirleacha a gceann na n-aitheanta, ionnas gur feirde do coimhédfaidh na haitheanta. Ar an adhbhar ó as ar fhoirbhtheacht ghrádha Dé thairngeas an bheatha chríostaidhe go hiomlán, agus nach éidir an fhoirbhtheacht sin d'fhághuil gan glaine an chroidhe agus saoirsi ó uile fhonn na neithe talmhuidhe, deaghaltar uile aitheanta agus dligheadh Dé a dhá rann, .i. a ngabháil agus a ndiúltadh, nó a n-aithne agus a ttoirmeasg. Ré foirbhtheacht an ghrádha bheanas na haitheanta aithnigheas nó fhógras; ré hiomláine ghlaine an chroidhe bheanas na haitheanta dhiúltas nó thoirmeasgas. Agus beanuid na comhuirleacha leó araon. Ní haithne acht comhairle chuireas an sgrioptúir an tráth adeir: Ciabé léna mian bheith foirbhthe, díoladh a bhfuil aige agus tugadh do na bochtuibh agus leanadh Críost bocht, ionnas go ttugadh a bheatha suas go hóghdha geanmnaigh, go gcuireadh é féin fá umhlacht athor riaghalta éigin, go seachnadh fonn na sainnte, na glóire díomhaoine, an uabhair, na hantola agus go nglanadh é féin ó na huile neithibh foirimleacha. Comhuirlíghear dhó fós an grádh foirbhthe do sholáthar, é féin d'ofráil go síordhuidhe d'adhradh Dé, Dia do mholadh go laéthamhuil, urnaighthe do dhénamh go meinic, agus iomad eile do dhénamh nach bhfuil d'fhiachuibh ar énduine acht amháin dochum rochtuin go hárdmhullach na foirbhtheachta agus an ghrádha. As follas as an méid si go hiomlán go n-iomchrann an creideamh críostaidhe é féin comhordaigh coimhcríonna agus sin, an mhéid go mbean ris na haitheantuibh mórálta, nach nglacann ní ar bioth míochumtha iná míochruthamhuil, agus go bhfuil a bhríogh agus a neart commór agus sin a tteagasg go ndéin uain mhíne do dhaoinibh fiadhánta, agus go nuachrann (agus) go ndeaghmhaisigheann
go ngloine iongantaigh an mhuinntir bhíos arna n-onfairt a ndeasguibh agus a lathaigh na sainnte, ionnas gur soilléire iná an solas nach ttug sgol ar bith na bhfeallsamh iná aoinchreideamh eile a samhuil so do theagasg iná do thoradh uathaibh; óir atáid comhfada ó ar tteagasg-ne agus atá centrum na talmhan ó fhlaitheamhnus, nó an dorchadas ón solas. GO BHFUIL TEAGASG BREITHEAMHNACH NA HEAGLUISI ROIRÉSÚNTA. Caib. 13. As ro-uras dúinn a fhoillsiughadh go bhfuil ar gcreideamh féin ceart céillidhe anna reacht agus anna bhreitheamhnas. Óir ó as éigin isan uile chinél céidní éigin d'fhagháil as miosúr agus as riaghuil don chuid eile, cuirmíd a gcinél na reacht mar chéidreacht an dligheadh dá ngairmíd an dligheadh síordhuidhe, dhírigheas uile ghníomhartha agus comhairleacha na heagna diadha, agus ó bhfrémhuid na huile reachta agus dlighthe eile. As riachtanas isan n-uile ghluasacht ordaighthe bríogh an dara gluaisteóir do bheith arna tarruing as an gcédghluaisteóir; mar an (gcédna) isna guibhearnóiribh, as riachtanas cumhacht an chédghuibhearnóir do thuirling gusan nguibhearnóir as foicse dhó, ionnas go mbeith cumas stiúrtha aige. As éidir iomorro leis an dligheadh, an mhéid gur riaghuil nó gur miosúr é, bheith ar dhá mhodh isan duine. An cédmhodh, amhuil a nduine atá ag stiúradh nó ag miosúradh; an dara modh, amhuil a nduine atá arna stiúradh agus arna mhiosúradh; óir as éidir an n-uile ní do stiúradh agus do mhiosúradh an mhéid go bhfuil rannphartach nó glacmhach ar riaghuil agus ar thomhas. Ar an adhbhar sin ó atáid na huile neithe fán gcúram diadha, as follas go nglacar iad a rannphairt an reachta nó an dlighidh shíordhuidhe ar mhodh éigin; an mhéid go gclaontar iad dochum a ngníomhartha agus a gcríocha dísle as bualadh séla an chúruim dhiadha sin orra.
Ní bhfuil ámh eidir na créatúiribh créatúir as ordhraice atá fán gcúram diadha iná an créatúir (résúnta), an mhéid go ndéntar rannphartach dhe é agus go bhfreacrann é dhó féin agus do neithibh eile. Agus as don rannpháirt si an dlighidh shíordhuidhe gairmthear dligheadh nádúrtha isan ccréatúir résúnta. Agus as é ní é, comhchruinniughadh na n-aitheanta nádúrtha isan tuigse, isan gcomhachta nó isan bhfoirm. As eadh as frémh do na haitheantuibh si, solas an résúin nádúrtha atá arna bhualadh go diadha, sa bhríogh réar follas dúinn neithe áiridhe uatha féin a sgrúdadh, agus a bpraittigeacht, as é ainm ghairmíd díobh isna neithibh a n-oibrigheann an tuigse amháin, .i. cédthúis nó céidfhrémha, agus isna neithibh a n-oibrigheann an toil, aitheanta nó na céidreachta nádúrtha, ó a ttairngemíd amhuil ó fhrémhuibh nó ó fhundamuinntibh atá follas uatha féin dá shórt eile dlighidh. An cédmhodh, amhuil conclúideadha as na túsuibh follasacha; an dara modh, amhuil eachta dhaoineadh críonna éigin arna moladh go coitchionn. As cosmhuil an cédmhodh leis na conclúideadhuibh soilléire tairngthear as túsuibh na bhfios nó na n-eólas. As cosmhuil ámh an dara modh leis an ní lé ttairngthear na foirme coitchionna isna cearduibh go ní éigin speisialta: amhuil tairngeas an t-árdshaor eagnuidhe foirm choitchionn tighe gusan bhfoirm nó an bhfioghair áiridhe so. Do-geibhthear sórt áiridhe ar mhodh conclúide as túsuibh coitchionna dhlighidh na nádúire; amhuil as an aithne thoirmeasgas oruinn marbhadh as éidir a bhuain nach cóir nimh do thabhairt d'aoinneach. Sórt eile ar mhodh eachta nó breithe; amhuil fhógras dligheadh na nádúire díoghaltas do dhénamh ar an tí pheacaigheas, gidheadh, ní ordaigheann dligheadh na nádúire an phian so nó an phian úd do chur air, acht fágthar sin ar bhreitheamhnas na ndaoineadh críonna ré a mbeanann an ní d'eachtughadh isan gcás sin as mhó mheasuid bheith tarbhach don mhaith choitchinn. Agus as don tsórt sa ghairmid dlighthe daonna nó teagmhaisiocha. Óir hathroighear iad do réir na n-áiteadh agus na n-aimsiora ar chomhuirle na n-eagnuidheadh, amhuil iarras an mhaith choitchionn. Óir ní féidir na daoine go huilidhe do stiúradh iná do riaghladh leis na reachtuibh cédna nó ar éntsórt amháin
dlighidh dhaonna. Gidheadh, mairidh an dligheadh nádúrtha ar énmhodh amháin go doghluaiste ag an n-uile náisiún; agus ní mó malartar na dlighthe speisialta shileas uaidhe ar mhodh conclúide; óir as éigin conclúid fhíor do theacht as na túsaibh fíre. Acht do bhrígh nár lór an dligheadh nádúrtha dochum na beatha daonna do dhíriughadh, dobhí riachtanas aguinn ré congnamh dlighidh éigin eile d'fhághuil, agus as é sin an dligheadh diadha. Sa riachtanas bíodh gurbh fhéidir a bhuain as na neithibh adubhramar thuas, ar a shon sin do-bhéram barr neirt dó annso. Do chéidneithibh, do bhrígh go ndírighthear an duine leis an dligheadh dochum a ghníomhartha dísle d'ordughadh gusan gcrích dhéighionaigh, agus do réir mar do chruthaigheamar thuas, hordaighthear an duine dochum críche atá ós cionn nádúire. Ar an adhbhar sin hiarrthar dligheadh éigin uachtarach dochum an duine do dhíriughadh gusan gcrích sin atá ós cionn nádúire seach an dlighidh nádúrtha, dá nach éidir dhul tar a thóruinn féin, agus as é sin an dligheadh diadha. Mar an gcédna atá ar ttuigsi-ne comhlag comhanbhfann agus sin an tráth fhilleas neach ar neithibh aonaránacha go ttuit a n-iomad docamhal; as a ttig iomad do bhreitheamhasuibh égsamhla agus do dhlighthibh go meinic contrárdha dá chéile. Uime sin go mbíd na daoine dalla go meinic a ccontabhairt cia an taobh ar cóir dháibh claonadh, agus 'na ainbhfios cia an tslighidh beatha as iontoghtha dháibh. Ar an adhbhar sin dobhí riachtanas orra dligheadh éigin cinnte d'fhagháil anuas do stiúróchadh iad isna neithibh bheanas réna slánughadh. Arís, ní féidir leis an dligheadh daonna na huile oilc do smachtughadh iná do thoirmeasg; óir fuilngidh iomad do neithibh míochubhaidh, d'eagla neithe bá measa iná iad dá leanmhuin. Ar an adhbhar sin dobhí riachtanas ré dligheadh éigin do mhúinfeadh do na daoinibh nach rachdaois saor gan díoghaltas ó bhreitheamhnas fhírcheart Dé dá ndéindís as neamhsmacht an dlighidh dhaonna neithe nár cheart do dhénamh. Arís, ní féidir leis an dligheadh dhaonna breitheamhnas do thabhairt isna corthuibh innmheadhónacha folaighthe acht
amháin isna corthuibh foirimleacha do-chí ós áird; óir as neimhchinnte fallsa breitheamhnas na neithe folaighthe. Ar an adhbhar sin bá riachtanas dligheadh éigin do thoirmeasgfadh ar na daoinibh go hinnmheadhónach an peacadh do dhénamh, ionnas, iar mbeith foirbhthe dháibh go hiomlán, gomadh éidir leó teacht dochum a gcríche dísle féin. Adeirmíd gurab é an dligheadh so comhchruinniughadh na n-aitheanta diadha ghluaisios ó sholas neamhdha an chreidimh; agus adeirmíd gurab é grása an Spioraid Naoimh, as ionann agus solas atá arna dhortadh go neamhnádúrtha nó ós cionn nádúire, ó a ttairngthear uile aitheanta dhlighidh Dé do áirmhiomar thuas isna haitheantuibh mórálta. Tairngemíd fós dlighthe speisialta eile as na haitheantuibh si ar mhodh conclúide nó eachta dá ngairmíd dligheadh pápamhuil nó canónta; amhuil agus adeirmíd gurab dligheadh síbhialta na dlighthe agus na reachta speisialta thig ó thobar nádúrtha. Mar sin as leis na dlighthibh diadha agus pápamhuil dobearthar breath ar na sagartuibh, ar na cléircibh agus ar gach ní dá mbeanann leó. Leis an dligheadh nádúrtha agus síbhialta bearthar breath ar an bpobal agus ar chúisibh na tuaithe. Bíodh a fhios agad nach bhfuil an dligheadh diadha agus nádúrtha contrárdha dá chéile ar aonchor, acht go n-iomlánann an dligheadh diadha an dligheadh nádúrtha, amhuil iomlánas na grása an nádúir. Uime sin adeirmíd gach ní dá bhfuil do dhligheadh na nádúire do bheith mar an ccédna don dligheadh diadha, faoi a bhfuil an dligheadh nádúrtha. Óir an mhéid go ttigid na haitheanta ó sholas nádúrtha, as aitheanta nádúrtha ghairmíd díobh; an mhéid ámh go ttigid ón tsolas neamhdha agus go n-iomlántar iad leis na grásuibh agus leis an gcarthanacht, atáid 'na ndligheadh agus 'na reacht diadha. Gidheadh, ní ghlacann fá seach gach ní dá bhfuil don dligheadh diadha malairt anma nádúrtha; óir fógraidh ar gcreideamh-ne iomad nach éidir do sgrúdadh iná do lorgaireacht ré résún nádúrtha, mar atáid na neithe do thráchtamar thuas ar an gcreideamh agus laibheóram 'na dhiaidh so síos ar na sácramuintibh. As iad so iomorro na reachta agus na dlighthe ré a stiúrthar an creideamh críostaidhe: ní tharcuisnigheann éinní atá oireamhnach iná céillidhe, agus ní ghabhann éinní neamhoireamhnach iná
neimhchéillídhe, agus ní mó do-ní neamhshuim do dhligheadh ar bith maith iná résúnta dá ndearnadar na feallsaimh iná na himpireadha geintíleacha nó barbardha, acht cruinnighidh as na huile leabhruibh agus leachtuibh gach ní maith nó fíor dá bhfaghann, ag meas go cinnte gurab ó Dhia atá an n-uile fhírinne agus an n-uile mhaith, agus mar sin gurab ceart dlistionach dhó féin é. Atá fós comhaireach coimhdíthchiollach agus sin ar gach seachrán, fábhall, díomhaoineas agus bréga do dhíbeirt agus do sgrios gurab annamh ghlacas na leabhair sgríobhthar a n-onóir a naomh féin sa n-ughdair nach feas go diongmhálta; óir as mian leis na huile earráid agus seachráin do smachtughadh agus do leasughadh ann gach áit a mbíd ar feadh an domhuin. Agus madh bhíonn ar uairibh daoine chlaonas ré dligheadh speisialta ón dligheadh ceart díreach agus do-ní drochúsáid don dligheadh chanónta nó shíbhialta, ní a leith an chreidimh chríostaidhe acht a leith na ndrochdhaoine agus na ttíoránach as cóir sin do chur do bhrígh go mallaigheann an Eaglais an sórt sa ré conntracht agus coinnealbháthadh d'fhógra orra. Gidheadh, ní bhfuil faitcheas iná eagla Dé ar na huilibh, agus ní mó fhreagraid don ainm críostaidhe, an tan nach n-umhlaighid d'aitheantuibh Dé agus théid a ttrétúireacht air. Ar a shon sin measmaoid gurab ceart céillidhe reachta agus dlighthe na ccríostaidhthe, agus gurab lór dá gcruthughadh agus dá moladh an mhéid si do labhramar orra. GURAB OIREAMHNACH DO HORDAIGHEADH SÁCRAMUINTEADHA NA HEAGLUISI RÉ CRÍOST. Caib. 14. Anois fá dheóidh as mian linn labhairt ar na ceremonias, sa measg a bhfuil tús ag na sacramuintibh; óir as leó bheanas na ceremonias. Do chéidneithibh, taisbénam gurab résúnta do hordaigheadh na sacramuinteadha diadha isan Eagluis. Óir bá follas as sin nach biaidh riachtanas oruinn mórán duadha do ghlacadh ag cruthughadh na cota eile do na ceremonias. Do bhrígh iomorro, do réir mar adubhramar thuas, gurab é Críost
réna ionchollughadh, réna pháis agus réna bhás as cúis don tslánughadh dhaonna go coitchionn, agus nach bí bríogh coitchionn isna neithibh nádúrtha éifeachta áiridhe nó speisialta do gheineamhuin, muna gcurthar a mbríogh a n-oibriughadh ré cúisibh áiridhe speisialta, dobhí oireamhnach résúnta leigheas éigin ar sláinte d'fhagháil dúinn a n-áit na gcúise speisialta do cheangóladh bríogh na cúise coitchinne lind. Agus as iad sin na sácramuinteadha. Agus amhuil as iad na dara cúise as ionstrumainteadha don chédchúis, agus fhoghnuid na cúisi speisialta don chúis choitchinn, mar an gcédna as iad na sacramuinteadha sa as meadhóin agus as ionstrumuinteadha ag Críost ré ar sláinte-ne do oibriughadh. Acht do bhrígh gurab riachtanas comhthrom do bheith eidir na hionnstrumuintibh agus an chúis phrionnsapálta, dob oireamhnach na sacramuinteadha sa do thabhairt dúinn fá chomharthuibh follasacha agus fá bhriathruibh; óir as í Briathar ionchollaigh Dé as cúis choitchionn dár sláinte. Mar sin as ceart do hordaigheadh an bhriathar, an tan roicheas gusan dúil shofhaicse do dhénamh sacramuinte, óir as í an bhriathar as cúis speisialta nó as ionstrumuint don Bhréithir ionchollaighe; agus fós atá oireamhnach don duine, thuigeas na neithe dofhaicse as na neithibh sofhaicse. Acht do bhrígh, mar adubhramar go meinic, nach éidir aoinneach do shlánughadh gan ghrása, dob oireamhnach fós na sacramuinteadha so do thabhairt grása uathaibh go hionnstrumuinteach; gidheadh, ní bhfuil bríogh aca éifeacht déighionach na ngrás do thabhairt, acht ar an modh a ngeineann an duine agus an ghrian duine eile, nach roicheann an t-anam tuigseach, thig go foirimleach réna chruthughadh, agus nach as comhachta an adhbhair geintear. Atá iomorro dhá bhríogh ag an ionstrumuint: an chéidbhríogh óna foirm dhíleas féin, amhuil atá ag an tuaigh maide do ghearradh, do bhrígh gur foirm iarnuidhe atá aice agus go mbí faobhrach; an dara bríogh ó ghluasacht nó ó neart na cúisi prionnsapálta do-bheir (ar) an tuaigh cédna arna gluasacht ón tsaor stól nó fráma do dhénamh. Bíodh a fhios agad ar a shon sin nach riachtanas an ionnstrumuint do roicheadh do ghnáth an éifeacht déighionuigh tré bhríogh na cúise prionnsapáilte. Amhuil nach roichionn an ghrian agus an duine beith an anma tuigsigh do gheineamhuin, bíodh gurab iad as ionnstrumuinteadha don chédchúis, agus nach dénuid acht
an t-adhbhar d'ullmhughadh go maith, agus an t-anam tuigsioch d'uaimcheangal leis an gcorp; mar an ccédna adeirmíd an tan gurab tiodhlaice ós cionn nádúire na grása nach bhfuil ar cumas créatúir ar bith, acht gurab lé Dia amháin as éidir a thabhairt uaidhe, uime sin ní féidir leis na sácramuintibh ré bríogh dhíleas na dúile sofhaicse iná trésan mbríogh ghlacas ón gcúis phrionnsapálta, .i. ó Chríost, beith na ngrás do roichiodh, acht amháin gusan ullmhughadh déighionach hiarrthar chugtha. As maith an comhardha go ttugaid sácramuinnteadha na hEagluisi grása uathaibh ar an modh so, an leasughadh do-níd ar a mbeathaidh an mhuinntir umhlaigheas dáibh agus chleachtas iad go ceanchair caondúthrachtach, agus an filleadh obann do-ghníd ó na dubháilcibh gusna subháilcibh, agus an bisioch gnáthach do-níd isan mbeathaidh spioratálta, agus nach bhfuil dá uirísle agus dá ghlaine dá gcleachtann neach iad nach móide agus sin théid ar a aghaidh isna subháilcibh agus isan mbeathaidh spioratálta. Acht do bhrígh go ndubhramar go lór isan dara leabhar ar an éifeacht so as lór dhúinn mar an ccédna an mhéid si do rádha annso. GURAB CÉILLIDHE NUIMHIR NA SÁCRAMUINNTEADH. Caib. 15. Do bhrígh gurab é Críost as cúis choitchionn dár sláinte agus don bheathaidh spioratálta trésna grásuibh, ré a mbídhmíd beó do Dhia, do-bearthar neithe spioratálta dhúinn a gcosmhuileacht neithe corpardha, mar as oireamhnach don choinghioll daonna. As riachtanas na leighis speisialta sa agus ionnstrumuinteadha Chríost atá ordaighthe dochum na beathadh spioratálta agus dochum ar sláinte-ne do dheaghuilt, a gcosmhuileacht na neithe hordaighear dochum na beathadh corpordha. As é iomorro céidní hordaighear dochum na beathadh corpordha, geineamhuin, ré a bhfaghann an beathach beatha. An dara ní, fás, dochum teachta go méid iomchubhaidh choirp
agus go neart. An treas ní, oileamhuin, as riachtanus dochum a chomhdaigh ina bheith agus dochum fáis. As uime sin adeirthear trí bríogha do bheith ag an anam fásaightheach, .i. geineamhuin, fás agus oileamhuin. Agus do bhrígh go tteagmhann ar uairibh go mbí an t-ainmhidhe tinn nó easlán, dofuair an nádúir leighis oireamhnach dochum a shlánaighthe. Agus do bhríogh nach bí geineamhuin an ainmhidhe gan ní do gheineas é, as riachtanas dochum gach gnée do na hainmhinntibh do chomhdach anna mbeith, athair agus máthair do bheith ann ré haghaidh geineamhna. Mar an ccédna as é céidní as riachtanas isan mbeathaidh spioratálta, an baisteadh, tré a n-aithgheintear i cCríost na daoine bearthar i bpeacadh na sinnsior ar easbhaidh ghrás agus glacuid tús agus foirm na beathadh spioratálta. Agus amhuil imthighid as bruinn dorcha a máthar gusan tsolas so, mar an gcédna bearthar isteach iad leis an mbaisteadh go soillsi na hEagluisi agus gusan teampall ro-naomhtha. An dara ní, sacramuint an daingnidhthe, dá ngairmthear dul fá láimh easpuig, tré a nglacuid bríogh agus neart iarna n-aithghein i cCríost. Óir as saighdiúracht as beatha don duine ar an talamh, agus as éigin dúinn rochtuin go ríoghacht neimhe tré iomad buaidheartha agus annróidh. An treas ní, sacramuint na hoileamhna spioratálta, dá ngairmíd corp Chríost. Óir dorachadh as an gcorp ré gorta, a n-iomad duadh agus saothar agus a gcomhrac ghnáthach muna bhfaghadh a shásadh re biadh do chongmháil leis go meinic. Mar an gcédna dorachadh as an tsaighdiúir chríostaidhe isan gcomhrac spioratálta muna bhfaghadh a shásadh go meinic ré hoileamhuin spioratálta do thabhairt dó. An ceathramha ní, sacramuint na haithrighe, do hordaigheadh dochum aisioc na sláinte spioratálta d'fhagháil an tráth thuiteas neach a bhfiabhras an pheacaidh. Óir amhuil as gnáth leigheas oireamhnach do chur ar an gcorp an tan loitear a gcomhrac é, d'eagla go bhfuigheadh bás, mar an gcédna as cóir leigheas do chur ar na cneadhuibh ghlacas an t-anam isan gcomhrac spioratálta, ionnas ré leigheas roibhríoghmhar na haithrighe
go gcneasóchaidh na cneadha, d'eagla go mbáiseóchadaois ar aonmhodh an t-anam. An cúigeadh ní, sacramuint an ungaidh déighionaigh, bheanas re sláinte an anma agus an choirp. Óir teagmhuidh ar uairibh gurab ó pheacadh an anma tig easláinte an choirp. Agus madh glantar an t-anam ón bpeacadh, do-gheibh an t-othar aisioc a shláinte ré bríogh na naomhola sa do dhortadh ar feadh an anma. Mar an gcédna cnaoidhtear an t-anam ré heasláinte an choirp, agus cuiridh ionstrumuinteadha an choirp do sheargadh ón easláinte toirmeasg air aire do thabhairt do na deaghoibreachuibh agus do mhaodhughadh na neithe diadha. Uime sin glacaidh bríogh agus neart iarna ungadh leis an naomhola so, agus hullmhaighthear é dochum imtheachta go huras as an mbeathaidh si gusan mbeathaidh shíordhuidhe. An seiseamh ní, sacramuint an óir, bheanas ris an síoladh spioratálta amháin. An seachtmhadh ní, sacramuint an phósta, do hordaigheadh dochum an tsíl chorpardha, .i. dochum clainne do gheineamhuin dochum an tsíl spioratálta do choimhéd agus do mhédughadh, óir dorachadh an síol spioratálta gan an síol corpardha. Óir meastar síolchuiriodóireadha na beatha corpardha ar dhá mhodh, .i. do réir óird nádúrtha, bheanas ré geineamhuin na n-aithreach, agus do réir an stiúrtha poilitigigh, dochum comhluadair agus cumuinn na ndaoineadh do choimhéd go síothach muinnteardha; agus beanaidh sin ris na ríoghuibh agus leis na prionnsaidhibh. As ar follas gurab oireamhnach céillidhe do ordaigh an Eagluis na seacht sacramuinteadha. GO BHFUIL GNÁS NA SACRAMUINNTEADH OIREAMHNACH CÉILLIDHE. Caib. 16. As oireamhnach fós do ordaigh an Eagluis comharthadha agus adhbhar na sácramuinnteadh so. Óir ó as eadh as geineamhuin ann, malairt ó gan bheith go beith, agus go mbí an duine anna
gheineamhuin ar son pheacaidh na sinnsior easbhach ar an mbeathaidh spioratálta, agus nach bhfuil dá mhéid dá ccruinnigheann do pheacaidhibh eile nach móide agus sin dhruideas a bhfad ón mbeathaidh spioratálta, dob iomchubhaidh oireamhnach a leithéid sin do bhríogh agus do neart do thabhairt don bhaisteadh, as folcadh don aithgheineamhuin spioratálta, ré a ttóigébhadh na huile pheacadha agus ré a n-athróchadh an duine go hiomlán gusan mbeathaidh spioratálta. Agus do bhrígh gurab cóir don chomhardha coimhfhreagra don ní chiallaigheas, agus gurab re huisge nidhthear an salchar do na corpuibh, as oireamhnach céillidhe do hordaigheadh an tsacramuint so do dhénamh a n-uisge arna choisreagan ré bréithir Dé, dochum nidhe spiorátalta na bpeacadh do chiallughadh agus do dhénamh. Agus do bhrígh nach mó iná énuair amháin geintear ní, as résúnta do ordaigh an Eagluis gan aoinneach dá mbaistear énuair amháin d'aithbhaisteadh arís. Acht do bhrígh gurab a gCríost do admháil go seasmhach neimhchritheaglach atá foirbhtheacht na bríogha agus an neirt spioratálta, ar mhodh nach léigfeadh an críostaidhe sin de lé hathamhaltas, lé faitchios iná lé foiréigion, uime sin do-bheir an Eagluis an dara sacramuint dúinn, dá ngairthear dul fá láimh easpuig. Amhuil iomorro agus iomchras na saighdiúireadh bratach nó armas an phrionnsa faoi a mbíd ag cogadh, mar an gcédna as cóir don mhuinntir ghlacas an tsácramuint si armas agus bratach Chríost, .i. (an) chroch naomhtha ré a rug buaidh a gcruadhchomhrac na páisi, d'iomchar agus dul síos go dána agus cathughadh go feardha feadhmláidir a n-aghaidh a námhad. Uime sin ceangaltar an comhardha sa ina n-édan ré hola agus ré ballsam do chumailt dhíobh, dá chur a gcuimhne dháibh gurab cóir don druing ar a mbí an comhardha sin croch ronaomhtha an chaiptín dochlaoidhte Íosa Críost do sheanmóir agus do shíoladh, agus gan ní ar bith míochubhaidh dá shamhuil sin d'ualach do dhénamh; agus ionnas fós go mbeith a fhios aguinn inn féin do bheith arnár n-ungadh go hinnmheadhónach ré hola an Spioraid Naoimh, do ghlanadh ar ccoinsiais, sa ola réar hungadh Íosa ar tús, dofuair Críost mar ainm ón ungadh. Ciallaighthear fós as so nach cóir dhúinn náire do bheith oruinn críostaidhthe
do ghairm dhínn ó Chríost ar n-ughdar, agus beatha naomhtha bheannaighthe do iomchar dochum a onóra-san, ionnas go líonmaois, a n-ionshamhuil ballsuime, an uile áit do bholadh rochumhra ar ndeaghchonversáide agus ar ndeaghchlúdha. As ceart fós gurab iad na heaspaga amháin do-ní an tsácramuint si do mhiniostrálacht, óir as iad as caiptínidh don tsluagh chríostaidhe, agus go bhfaicmíd isna neithibh daonna gurab leis na caiptínibh bheanas bratach agus armas do bhronnadh ar na saighdiúireadhuibh agus tuillmhe agus tuarastal do gheallamh dháibh a n-ainm an áirdgheineráil, madh níd a sheirbhís go hiochtmhar. Arís, do bhrígh go moltar an biadh spioratálta linn fá chosmhuileacht chorpardha, dob iomchubhaidh an biadh sin do thabhairt dúinn fá na gnéibh oileamhna as coitchinne glacar a n-úsáid, mar atá arán agus fíon. Uime sin ghlacmuid Sácramuint ronaomhtha na haltóra fá bhrat aráin agus fíona. Agus do bhrígh gurab riachtanas an oileamhuin do réir a substainte do choimhcheangal ris an tí hoiltear, ionnas go ccoimhfhreagradaois na héifeachta spioratálta do na comharthadhuibh corpardha, dob oireamhnach Críost, ar mbeatha agus ar mbiadh spioratálta, do bheith isan tsácramuint si ní headh amháin ó bhríogh nó ó chumhachtuibh acht fós ó fhírinne, ionnas go mbeithsan ceanguilte linne go spioratálta, agus go mbeithmísne ceanguilte leission ó chreideamh agus ó ghrádh, agus mar sin go mbeithmís inar n-aoinní amháin ar mhodh áiridhe. Dochum ámh gur feirde do breathnóchaidh agus do bheith cuimhne a pháisi aguinn, annar dhoirt fuil a choirp go fairsing dár bhfuasgladh, do ordaigh an tsacramuint si ar dhá mhodh, .i. a chorp fá ghné aráin agus a fhuil fá ghné fhíona. Gidheadh, do bhrígh go ttig sláinte an choirp easláin ar uairibh ón innmheadhón agus ar uairibh eile ón innmheadhón agus ón bhfoirimioll, as éigin mar an ccédna ní éigin don tsórt sin do choimhéd isan leigheas spioratálta. Gidheadh, as doidhénta aoinneach dá leigheas féin go spioratálta ar a threóraigh féin amháin ón innmheadhón, óir ní féidir lé haoinneach filleadh ón bpeacadh réna neart féin amháin gan na grása do-bheir Dia amháin uaidhe. Agus ní féidir fós aoinneach do leigheas go spioratálta ón bhfoirimioll amháin, óir ní bhfuigheadh an inntinn easlán bisioch muna ttigeadh gluasacht ordaighthe na toile isan duine. Ar an adhbhar
sin as riachtanas an tsláinte do theacht a sácramuint na haithrighe ó thús nó ó fhréimh innmheadhónaigh agus foirimligh a n-aoinfheacht. Agus amhuil agus meastar neach do bheith saor slán go hiomlán an tan díbearthar uile aicíde agus easláinte an choirp, mar an gcédna adearthar go mbí an t-easlán leigheasta go spioratálta an tan glantar é ón uile smál peacaidh agus spot dá mbí isan anam; óir as ar son an pheacaidh thuiteas an duine a gcaime inntinne ar tús an tráth fhilleas ón maith dochuimsigh, .i. ó Dhia, ar an bpeacadh. An dara feacht, tuitidh a gcion na péine chuireas Dia fírcheart ar an duine a ndíoghaltas gach coire dá ndén. An treas uair, a laghdughadh na maithe nádúrtha; óir an tráth thuiteas an duine i gcoir do-níthear é claon dochum tuilleamh oilc, agus leasg dochum na maithe d'oibriughadh. Uime sin as ceart do hordaigheadh a ttomhas chomhthrom an tsácramuint si na haithrighe, anna n-iarrthar ar tús ordughadh nó díorchacht na hinntinne, ionnas go gcuireadh an t-aithrigheach roimhe ré rún daingean dochlaoidhte sgur don pheacadh ó sin amach agus filleadh go díreach ar Dhia do thréig sé ar son an pheacaidh. Gidheadh, ní féidir an iomláine sin dhíorchachta na hinntinne d'fhághuil gan grása agus grádh Dé. Uime sin as ceart adeirmíd gurab é an croidhebhrúghadh as cédchuid a sacramuint na haithrighe; agus do bhrígh nach bí an croídhbhrúghadh saor ó ghrásuibh, as follas go tógthar do ghnáth isan tsácramuint si an mhíochomhgar caime inntinne agus seachráin annar thuit an duine isan bpeacadh. Sgriostar fós an dolamh eile leanas an peacadh, .i. cion na péine síordhuidhe, dá nach éidir bheith a bhfochair na ngrás iná ghrádha Dé. An treas feacht, seachantar galar an droichchleachtaigh, an (tan) go mbí an inntinn ullamh réidh go huras dochum na maithe d'oibriughadh ris na grásuibh do-gheibh isan aithrighe, agus go mbí neartmhar cumasach ar an olc do sheachna agus do chlaoidh. Acht do bhrígh nach bí an t-ullmhughadh sa na deighinntinne agus an t-iompúghadh ar Dhia madh n-ionann isna huilibh, óir ní bhí go coitchionn coimhneartmhar agus sin a mórán go ttóigébhadh an n-uile chion péine dá ndleaghar don pheacadh, bíodh go saorann iad do ghnáth ó
cheangal na péine síordhuidhe, uime sin do cheanguil Dia búidh beannaighthe agus an tAthair rothrócaireach an dá chuid eile na haithrighe dhínn, .i. faoisidin agus lóirghníomh. Agus do bhrígh nárbh fhéidir lé haoinneach a fhios do bheith aige go cinnte an múchfadh a iompughadh féin ar Dhia an uile chion fiacha, dá mbí go mórmhór ón laige dhaonna do bheith ag tuitim go laéthamhuil isan bpeacadh, do deónaigheadh leigheas do na huilibh ris an bpéin mhaireas ar son an (pheacaidh) a ndiaidh an chroidhebhrúghaidh do sheachna. Agus do bhrígh go n-iarrann cur na péine ar son na coire breitheamhnas, as riachtanas don aithrigheach, do chuireas é féin ar iontaoibh Chríost réna leigheas, fuireach ré breitheamhnas do mheasfadh an phian as dual do chur air; ní do-ní Dia tréna mhinistridhibh, amhuil an chuid eile do na sácramuinteadhuibh. Gidheadh, ar an adhbhar nach éidir breitheamhnas ceart do thabhairt ar choir fholaigh, dobhí riachtanas leis an bhfaoisidin mar dhara cuid don tsácramuint si, ionnas, an chneadh dobhí a bhfolach, anois iarna taisbénadh do láthair mhinistir Chríost, go nglacadh leigheas oireamhnach. Óir ní breitheamh ceart neach 'na chúis féin. As riachtanas ámh, madh curthar an fhaoisidin fá bhreitheamhnas, comhachta do bheith ag ministir Chríost breitheamhnas do thabhairt innte, agus hiarrthar dhá ní chuige sin, .i. ughdarrás feasa agus fiafraighe na coire; an dara ní, comhachta fuasgailte agus ceanguilte, dá ngairthear dá eochair na hEagluisi, .i. ughdarrás breithe re fios na coire, agus comhachta an t-aithrigheach do cheangal agus do sgaoileadh. Do bhrígh iomorro, mar adubhramar cheana, go ttugaid na sacramuinteadha grása uathaibh go hionnstrumuinteach, as cinnte go bhfaghthar éifeacht na ngrás nísa iomláine agus maithmheachas na bpeacadh ré comhachtuibh na n-eochrach iná ris an gcroidhebhrúghadh amháin, agus go maitear fós leis na hoideadhuibh faoisidne ré bríogh na n-eochrach ní éigin don phéin aimsiordha don aithrigheach. Atá fós d'fhiachuibh ar an aithrigheach an lóirghníomh chuirfeas an t-oide faoisidne air do dhíol; agus as é an lóirghníomh sin as treas cuid don tsácramuint si na haithrighe. As ar follas gurab romhaith do hordaigheadh sin féin. As résúnta fós do hordaigheadh an t-ongadh déighionach. Óir ó chuireas Dia go meinic aicíd agus easláinte ar an duine a
ndíoghuilt an pheacaidh, as a ttig doladh spioratálta don anam ré toirmeasg na gcédfadh, dob iomchubhaidh leigheas éigin do thabhairt do-bhéradh sláinte choirp don easlán, an mhéid go mbeith sochrach do shláinte a anma, nó gurab móide do bheith a imtheacht as an mbeathaidh si réidh uras, glan ó gach deasgaidh peacaidh dá raibh air. Óir bíodh go ttógthar cion na (péine) ré sacramuint na haithrighe, ar a shon sin ní múchtar thríd amach í gach énuair. Agus ní do ghnáth sgriostar an claonadh dochum an uilc, go mórmhór isan muinntir ar a mbí easláinte nó galar trom, do bhrígh nach dénuid a bhfaoisidin go glan iomlán, ré mainneachtaigh nó ré boirbe an tinnis nó ré crádh ghiorra na beatha nó ré aire ar neithibh éigin eile, agus nach glantar iad ó iarmhar na bpeacadh, agus nach mó, dob fhéidir, chuimhnighid orra isan bpong sin. Ar an adhbhar sin as mór an congnamh agus an furtacht do-bheir an ola dhéighionach dháibh, óir as í as barrshlat ar an uile leigheas spioratálta. Uime sin as ceart adearthar déighionach ré an tan gurab í ullmhaigheas an duine dochum na glóire do ghlacadh, ionnas, iar n-imtheacht dá anam, nach beith toirmeasg air gan dul go grod gusan mbeathaidh shíordhuidhe. Amhuil ámh agus nach bí riachtanas leighis ar na daoinibh deaghshlána, mar a ccédna ní gnáth an tsácramuint so do thabhairt acht don mhuinntir meastar bheith a n-airteagal bháis nó a bhfogas d'airteagal báis. Óir as cóir ciall do choimhéd isna sácramuinntibh. As oireamhnach fós glacthar ola ar son adhbhair spioratálta na sácramuint si, do bhrígh go bhfuil an ola neartmhar bríoghmhar dochum doilgheasa agus tinnis an choirp do cheannsughadh agus do thógbháil. Acht do bhrígh gurab do fhréimh na haicíde nó na heasláinte as cóir leigheas an choirp do thabhairt, as ceart hungthar na baill don chorp as mó as ionstrumainteadha leis an bpeacadh do dhénamh. As résúnta fós do hordaigheadh sácramuint an oird, nó an tsagartacht. Óir ó dobhí fá Chríost é féin do tharruing gan bheith do láthair go sofhaicse ag an Eagluis, bá riachtnas dó daoine éigin nó ministridh d'fhágbháil 'na leabaidh do-dhénamh na sacramuinteadha do ruinn agus do fhritheólamh ar na creidmheachuibh. Acht do bhrígh gur cóir do na ministribh cosmhuileacht do bheith aca leis an Tighearna, mar bhíos ag ionstrumuint leis an gcúis phrionnsapálta, agus do bhrígh go n-oibrigheann
Críost, amhuil tighearna, ré a ughdarrás díleas féin agus ré a chomhachtuibh, ar sláinte-ne, agus go bhfuil 'na Dhia agus 'na dhuine, as mó dobhí oireamhnach agus 'na riachtanas daoine do thogha mar ionnstrumainteadha iomchubhaidh isan oificc si iná aingle, agus ruinn éigin don diadhacht do bheith ag na daoinibh sin, do réir chomhthruim an ughdarráis spioratálta. Óir as dual bríogh nó comhachta na cúisi prionnsapáilte do ruinn leis an ionnstrumuint. Ar an adhbhar sin dotugadh comhachta spioratálta do dhisgiobluibh Chríost dochum bheith 'na ministribh oireamhnacha na sláinte síordhuidhe; agus dochum na maithe cédna do bheith coitchionn ag gach saoghal dá ttiucfadh, dobhí roicheart an t-ughdarrás cédna do theacht dochum na druinge tig a ndiaidh na ndisgiobal iarna mbás-san go deireadh an tsaoghail, agus an t-ughdarrás sin do thabhairt dáibh fá chomharthuibh sofhaicse, do réir mar do-bearthar na neithe spioratálta dhúinn fá na comharthuibh cédna. As iad ámh comharthadha sin, foirm áiridhe bhriathar, gníomhartha áiridhe, mar atá lámhchur, seachadadh leabhair nó cailísi, agus a samhuil sin eile oireas dá n-oificc. Agus do bhrígh ós a chionn sin gurab dochum na sácramuinteadh do mhiniostrálacht do hordaigheadh comhachta an oird, agus gurab í Sacramuint ronaomhtha na haltóra as ro-uaisle eatorra agus iomláineas an chuid eile, as riachtanas comhachta an oird do mheas go mórmhór i ccompráid lé; óir as ón gcrích do-gheibh gach ní a ainmniughadh. Acht as iontuigthe gurab féidir lé comhachtuibh an oird, hordaighthear go héifeacht éigin phrionnsapálta, comhachta íochtaracha eile do bheith faoi ag dénamh seirbhísi dhó, amhuil bhíos fá chomhachtuibh an árdshaoir dhearcas ar chrích an tighe, saor cloiche, saor bríce agus saor crainn. Ar an adhbhar sin ós dochum coirp Chríost do choisreagan agus do ruinn ar na creidmheachuibh dochum a nglanta do hordaigheadh go prionnsapálta comhachta an oird, dochum a mbeith ullamh diongmhála dá samhuil sin do mhórshácramuint do ghlacadh, as riachtanus ord éigin prionnsapálta do bheith ann, sa chomhachta atá puinnteálta chuige so go mórmhór. Agus as é (sin) an grádhadh sagartachta, faoi ar dual do na horduibh eile bheith agus foghnamh dhó. Agus amhuil shíneas oificc na sagart í féin go dá ní, .i. go corp Chríost do choisreagan agus
go glanadh na gcreidmheach, ionnas, iarna bhfuasgladh ó na peacadhuibh, go mbeithdís ullamh diongmhála dochum na naomhphruinne sin do ghlacadh, mar an gcédna as cóir do na horduibh íochtaracha foghnamh don ardord isan dá chéim sin, nó i cceachtar dhíobh. Sáraighid ámh na hoird sin a chéile an mhéid go bhfoghnuid a n-oificc, nó a n-oificcibh as ónóraigh iná chéile don tsagartacht. Óir ní mó iná a n-ullmhughadh an phobuil amháin freacarthar na hoird bheaga as íochtaraigh, mar atá doirseóireadh ré haghaidh na míchreidmheach do dhealughadh as comhchomann na gcreidmheach, na léghthóireadha dochum cáich do theagasg agus do mhúnadh isan gcreideamh, na hexorciste dochum na ndeamhan do sgrios agus do dhíbeirt a bhfad ón druing atá teaguisgthe cheana isan gcreideamh. Gidheadh, ní headh amháin go bhfóghnuid na hoird uachtaracha dochum an phobuil d'ullmhughadh acht do-níd fritheólamh don tsagartacht dochum na sácramuinte do chríochnughadh. Óir saláthruid na hacoliti na soighthighe nach bí coisreagtha agus ullmhuighid adhbhar na sacramuinte inntibh. Deasaighid na suibhdheochain an t-adhbhar gan choisreagadh isna soighthighibh coisreagtha. Gidheadh, atá comhachta ag na deochanuibh ar an adhbhar iarna choisreagadh, an mhéid go ronnaid fuil Chríost ar na creidmheachuibh. As uime sin adearthar gurab trí hoird choisreagtha iad so, .i. an tsagartacht, an deochantacht agus an tsuibhdheochantacht, do bhrígh go bhfuil oificc aca ós cionn neithe coisreagtha. Oirid fós na hoird uachtaracha so don tsagartacht a n-ullmhughadh an phobuil. Óir as d'fhiachuibh an deochuin an teagasg soisgélta d'fhoillsiughadh isan Eagluis, agus d'fhiachuibh na suibhdheochan an teagasg apstalta d'aithris. Do-bheirid ámh na hacoliti gach ní bheanas ré solamain gach teagaisg aca leó, mar atá soillsi agus gach ní eile as oireamhnach dháibh. Acht do bhrígh gurab le sacramuint éigin críochnaighthear tabhartas na n-ord sa, agus gurab lé ministribh oireamhnacha diongmhála na hEagluisi bheanas na sácramuinteadha do ruinn, as riachtanas cumhachta éigin airdignite do bheith ós cionn na ronna sin do dhénamh. Agus as é sin an t-ughdarrás easpagdha, nach
sáraigheann an tsagartacht a gcoisreagadh choirp Chríost, bíodh gurab oirdhearca é agus go sáraigheann an tsagartacht isna neithibh bheanas ré corp iomlán na hEagluise. Óir as do na heaspaguibh taisgear gach ní docamhlach nó cruaidh dá tteagmhann a measg na gcreidmheach. Agus bíodh do réir mar atáid easpagóideachta égsamhla ag na críostaidhthibh agus a heaspag féin ag gach cathaoir do réir a riachtanuis, ar a shon sin do bhrígh nach bhfuil ann acht aoinEagluis amháin, thriallas go haoinní, as riachtanas aoincheann amháin do bheith ag an bpobal chríostaidhe, dochum a mbearthar d'aoinmhéin gach ní, dochum na n-uile do choimhtheacht ré chéile a n-aoinchreideamh Catoilce amháin, d'eagla siosma nó buaidheartha do theacht eatorra as égsamhlacht na n-opinion nó na gcédfadh, agus dochum an mhaitheasa puiblidhe críostaidhe do choimhéd a n-uaimcheangal aonda ar bhreitheamhnas aoincheinn. Gach ní coisreagthar isan Eagluis, mairidh go buan coisreagtha, ar mhodh nach gcoisreagthar an dara (huair) éinní dá mbí coisreagtha. Uime sin atá na comhachta oird do-gheibhid ministridh na hEagluisi aonuair amháin dothógtha, agus ní mó thógbhas an peacadh é, ar mhodh gurab féidir leis na peacthachuibh, madh bhíonn grádha oird aca, na sácramuinteadha do mhiniostrálacht. Óir ní lughaide bríogh na sacramuinte, agus ní dhén dochar dhi an ministir do bheith a bpeacadh, ar an adhbhar nach réna ccomhachtuibh féin do-níd na sácramuinteadha acht ré comhachtuibh Chríost. An ní ámh oibrigheas ré bríogh ní eile, ní leis féin acht leis an gcúis phrionnsapálta do-ní an fuilngeach cosmhuil. Óir ní lé hionnstrumaintibh an tsaoir as cosmhuil an teach acht rena cheird. Fá dheóidh, do bhrígh go raibh riachtanas an pobal creidmheach do shíoladh go deireadh an domhuin, agus gurab lé geineamhuin síolaidhthear é, as oireamhnach tugadh sácramuint an phósta dúinn, ionnas an gheineamhuin nach dochum coimhédtha na gnée daonna amháin iná dochum tarbha nó sochair thalmhuidhe maithe coitchinne ar bith acht fós dochum síordhuidheachta na hEagluisi agus dochum na gcreidmheach do mhédughadh dochum glóire agus onóra Dé do hoirdeóchthaoi. Uime sin as eadh as pósadh ann, coimhcheangal fir agus mná, an mhéid go mbí a sochar na hEagluisi, agus as é an coimhcheangal sin sácramuint na hEagluisi iar nglacadh beannachta an tsagairt don lánamhuin. Agus amhuil agus ciallaighear ní éigin spioratálta agus bearthar grása amach isna
sácramuintibh eile ré neithibh foirimleacha, mar an gcédna isan tsacramuint si, ciallaighear coimhcheangal Chríost agus na hEagluisi, agus bearthar grása amach ré coimhcheangal fir agus mná isan bpósadh; ní nach iontuigthe ré coimhcheangal na gcorp acht ré cuibhreach na n-anmann an tan cheangluid iad féin araon d'ároile. Agus do bhrígh gurab éigin an fhíoghair do bheith cosmhuil leis an ní dárab fíoghar, agus gurab aon amháin Críost agus an Eagluis, as éigin gurab coimhcheangal dosgartha a mbeathaidh aoin ré haon an pósadh, an mhéid gurab sacramuint na hEagluisi é, ionnas go nglacthaoi agus go n-oiltí clann as dochum seirbhísi Dé agus síordhuidheachta na hEagluisi. Mar sin as follas nár ordaigh na creidmhidh aoinní doidhénta iná díthchéillidhe a ttimcheall rúindiamhra prionnsapálta na ceremonias, .i. na sácramuinteadh. d'FHUASGLADH NA NDOCAMHAL AS ÉIDIR DO CHUR A N-AGHAIDH SHÁCRAMUINTE RONAOMHTHA NA HALTÓRA. Caib. 17. As ionntráchta go speisialta dhúinn annso ar Shácramuint ronaomhtha na haltóra, ar an adhbhar gurab féidir iomad do mhórdhocamhluibh do theacht 'na timcheall, go mórmhór mar go bhfaicthear do dhruing áiridhe go gcuirmíd neithe atá doidhénta innte. Óir creidmíd corp Chríost go hiomlán do bheith a ngreim bheag aráin agus a fhuil go hiomlán do bheith a mblogam bheag fíona. Acht ó chreidmíd corp Chríost do bheith a bhflaitheamhnas, dar leat ní féidir a bheith dáríribh isan tsacramuint si ré coisreagadh acht ar dhá mhodh, .i. tré iompúgh an aráin a ccorp Chríost, atá dar leat doidhénta, do bhrígh nach éidir ní ar bith d'iompúgh a ní agá bhfuil a bheith roimhe, agus an ní sin anna n-iompuighear ní eile tionsgnaidh bheith ris an iompughadh sin. Ar an adhbhar sin madh hiompuighear an t-arán i gcorp Chríost, as annsin agus ní roimhe thionnsgónas corp Chríost bheith, agus mar
sin ní hé an corp úd atá a bhflaitheamhnas do bheith ann acht corp eile do geineamh go nuadh. Nó atá corp Chríost isan tsácramuint si ré gluasacht áite, atá fós dar leat doidhénta, ar an adhbhar nach éidir an gluasacht áite do chríochnughadh a n-aoineacht go hiomad áiteadh (teagmhaidh ámh go mbíd iomad abhlann coisreagtha a n-aoinfheacht ar feadh na hEagluisi), agus fós nach éidir aonchorp amháin do bheith a n-aoinfheacht a n-iomad áiteadh. Cionnas arís as féidir corp Chríost go hiomlán do chongmháil a n-áit comhgann agus súd? Cionnas mar an gcédna as éidir corp Chríost do bheith a ngreim bheag aráin agus a fhuil a mblogam bheag fíona gan a ruinn? Arís, dar leat as doidhénta an ní admhas an Eaglais, .i. na haicídeadha do bheith annsa tsacramuint sin leó féin gan substaint ar bith dá mbeithdís greamaigh, óir as do nádúir na haicíde bheith a ní eile, go mórmhór an tan gur feasach dhúinn an t-arán sácramuinteach agus an fíon úd do dhénamh agus d'fhulang neithe nach éidir leis na haicídibh leó féin, óir téghaid, comhfhurtaighid, oilid, agus madh ghlacann neach iomad don fhíon, cuirfidh ar meisge é. Loisgear fós an t-arán, lobhaidh, itear leis na lochuibh, agus fuilngidh iomad eile don tsórt sin. Arís, cionnas as féidir corp Chríost do bheith go hiomlán ann gach cuid dá ndéntar don tsacramuint si an tan ruinntear a mionchotuibh í? Ar bhfreagra ar na docamhluibh si (do réir mar adubhramar cheana) go sáraigheann comhachta dofhaisnéidhe Dé go dochuimsigh ar n-uile thuigse, agus an ní atá doidhénta ag na daoinibh agus ag an nádúir go bhfuil soidhénta go ro-uras ag Dia. Bíodh nach n-abramuidne éinní doidhénta thríd amach do bheith isan tsacramuint si. As éidir ámh ré Dia an n-uile nach bhfuil doidhénta thríd amach do dhénamh. Mar sin adeirmid go ttionsguin corp Chríost bheith a mbeagán aráin agus a fhuil a mbeagán (fíona) as bríogh an choisreagtha, ní ré gluasacht áite acht ré iompughadh nó re tarmshubstainteacht. Gidheadh, as fada an t-iompughadh sa an aráin a gcorp Chríost ón n-uile iompughadh nádúrtha eile, anna mair do ghnáth an tsubstaint agus anna ttigid fá seach a leabaidh a chéile foirme égsamhla substainteacha nó aicídeacha. Acht ámh isan iompughadh sa téid an tsubstaint go substaint agus anaid na haicídeadha leó féin; ní
nach deónaighthear don nádúir; óir iarraidh uile oibriughadh na nádúire adhbhar nó substaint roimhe dochum oibrighthe. Gidheadh, ní iarrann comhachta Dé atá dochuimsigh adhbhar roimhe, acht do-ní féin an t-adhbhar, agus mar sin as éidir leis adhbhar d'iompughadh a n-adhbhar eile. Agus amhuil léigeas foirm dhi bheith ré hoibriughadh na nádúire iarras adhbhar roimpe, mar an gcédna as éidir lé comhachtuibh Dé, nach n-iarrann congnamh adhbhair ar bith, an t-arán d'iompughadh a gcorp Chríost agus an fíon anna fhuil. An tan iomorro nach bhfuil corp Chríost isan tsácramuint si tré ghluasacht áite, ní hí an tsacramuint as áit dó acht neamh. Agus atá isan abhluinn go sacramuinteach ar mhodh doruinnteach; ionnas go mbí corp Chríost go hiomlán ann gach cuid don abhluinn chroisreagtha dá ndeaghuiltear ó chuid eile agus isan iomláine. Óir ní sgartha iná sínte atá isan tsácramuint, acht ar mhodh iongantach atá soidhénta ag Dia amháin. Atá iomorro ní éigin isan tsácramuint si as bríogh an iompuíghe, agus as é sin an corp agus an fhuil fá ghnéibh an aráin agus an fhíona; do bhrígh gurab dochum an dá ní so go díreach críochnaighear an t-iompughadh; agus ní éigin eile as comhchuideachta nádúrtha; agus atáid so eile ceanguilte dáíribh do ghnáth re Críost, mar atá an diadhacht, an t-anam, an chaindidheacht, agus a samhuil sin eile nach bhfuil 'na gcorp iná 'na bhfuil. Dá bhrígh sin ó nach bhfuil caindidheacht choirp Chríost isan tsacramuint si acht re comhchuideachta nádúrtha, ní comórthar Críost ris an áit a bhfuil an tsacramuint gona mhiosúraibh féin, ar mhodh gomadh éigin an áit do bheith madh n-ionann, nó a gcomhchomhthrom leó, acht ré miosúraibh an aráin anas, ré a gcurthar an áit a gcomhthrom. Uime sin ní bhfuil Críost a n-áit leis féin gona mhiosúraibh dísle, acht a bhflaitheamhnas amháin; bí ámh ar an altóir mar áit theagmhaisigh go miosúraibh an aráin; agus mar sin as follas nach bhfuil tádhbhacht asan docamhal úd ollradh na n-áiteadh an tan nach bí Críost isan altóir amhuil a n-áit leis féin, acht lé miosúraibh an aráin, as éidir do mhédughadh; agus mar sin ní neamhoireamhnach dhó bheith a n-iomad d'áitibh ar an modh sin.
Ní mó fós as doidhénta aicíd do bheith ré comhachtuibh Dé gan fulang nó substaint dá mbeith greamaighthe, ar an adhbhar amhuil as féidir lé Dia éifeacht gach dara cúisi do dhénamh gan an dara cúis (an tan gur féidir leis ní do dhénamh do neimhthní), mar an ccédna as féidir leis éifecht gach dara cúisi do choimhéd gan an dara cúis. Mar sin as féidir le Dia na haicídeadha dobhí an tsubstaint do choimhéd, do choimhéd gan substaint. Ní as féidir do rádha go mórmhór leis na caindídheachtuibh miosúrtha, do mheasadar iomad feallsamh do sheasamh leó féin, do bhrígh go sgarthar iad do réir thuigse. Acht as follas gur neartmhaire Dia a n-oibriughadh iná ar ttuigsi-ne a nglacamh. Atá fós ag an gcainndidheacht mhiosúrtha seach na n-uile aicídeadh eile go bhfuil uathach uaithe féin. Óir ní féidir iomad bán do thuigsin, acht an mhéid go bhfuilid a n-iomad substaintibh. Gidheadh, as éidir (iomad) línteadh do thuigsin leó féin; óir as lór an suidheachan égsamhuil atá isan líne dochum ollradh na línteadh. As uime sin adeirmíd an chainndídheacht mhiosúrtha amháin do sheasamh isan tsácramuint si ré comhachtuibh Dé, gidheadh, an chuid eile do na haicídibh do bheith greamaighthe don chainndidheacht sin mar uaithne fulaing. Amhuil iomorro as míorbhuile an seasamh sin do na haicídeadhuibh, mar an gcédna as míorbhuile dháibh gach ní do dhénamh agus d'fhulang do-dhénfadh nó d'fhuileóngadh an tsubstaint dá mbeith do láthair. Uime sin as féidir lé oileamhuin, duine do chur ar meisge, agus lobhadh, gan míorbhuile nuadh ar bioth. Agas mar adubhramar cheana corp Chríost agus a fhuil tréna shubstaint féin do bheith isan tsácramuint si ré bríogh an iompuighthe, agus a mhéid nó a mhíosúr do bheith innte ó chomhchuideachta nádúrtha, ní neamhoireamhnach corp Chríost go hiomlán do bheith fá gach cuid don tsácramuint si. Óir an tráth bhíos ní substainteach a n-iomlán éigin, bí go hiomlán ann gach cuid don iomlán sin, amhuil bhíos an t-anam go hiomlán isan gcorp go hiomlán agus bhíos go hiomlán ann gach cuid don chorp. Mar sin ní roichionn an briseadh nó an ruinn
do-níthear ar an abhluinn corp iná fhuil Chríost acht amháin miosúr an aráin agus an fhíona. Dob fhéidir iomad docamhal eile do bheith a ttimcheall na sácramuinte si, acht as iad so na docamhuil phrionnsapáilte, sa bhfuasgladh as ar uras gach docamhal eile d'fhuasgladh, do réir mar do mhúinsiod naomhdhochtúireadha na hEagluisi. Uime sin as follas nach múin an creideamh Catoilce éinní doidhénta ar an tsacramuint si. GURAB CÉILLIDHE RÉSÚNTA CEREMONIAS NA HEAGLUISI. Caib. 18. Iar ttabhairt résúin ar son sácramuinteadh na hEagluisi dhúinn, ní bá docamhlach dhúinn anois ciall gach cerimonias eile do thabhairt uainn. Acht (do bhrígh) go mbeith roiliosta aguinn siobhal ar gach cerimonias díobh fá leith, laibheóram ar chuid éigin phrionnsapálta dhíobh go hathchumair; as madh follas dá gach aon gurab céillidhe hordaighear gach ní dá ndéntar isan Eagluis. Do chéidneithibh, dob fhéidir go bhfaicfídh do mhórán gurab mídheaghmhaisioch dhúinne croch (ná) íomháigh Chríost agus a naomh d'adhradh, do bhrígh gurab do neithibh gan mhothughadh bearthar an t-adhradh sin. Acht as uras linn an docamhal sin d'fhuasgladh. Óir as féidir an íomháigh do mheas ar dhá mhodh. Ar tús, mar as ní éigin í, .i. ór, airgiod, crann, cloch, nó ní éigin eile cosmhuil leó sin; agus ní adhramuid an chroch iná íomháigh Chríost nó a naomh ar an modh sa. An dara modh, an mhéid go gciallaigheann an íomháigh ní éigin; agus do bhrígh gurab ionann gluasacht ar an íomháigh, an mhéid gurab íomháigh, agus ar an ní ciallaighthear leis an íomháigh, ní neamhoireamhnach adhramuid na híomháigheacha ar an modh sa;
óir ní neithe gan mhothughadh adhramuid mar sin acht íomháigheacha agus taiseadha naomh, an mhéid go ttugthar annar gcuimhne iad leis na comharthuibh agus leis (na) taiseadhuibh si. Nó ó as amhlaidh as dlisteanuigh re rádha, adhramuid na naoimh ina ttaisibh agus ina n-íomháighibh, amhuil onóraighid muinntir Shésair a íomháigh, ní ar son gurab é a leithéid sin do mhiotal í acht ar son gurab í íomháigh Shésair, as ionann go díreach agus Sésar féin d'onórughadh. Uime sin as amhlaidh adhramuid na naoimh agus a n-íomháighe, .i. an chroch naomhtha agus an tí do crochadh innte d'adhradh dá ngoirthear latria, as díleas do Dhia amháin; íomháigh na hóighe Muire Máthar Dhé d'adhradh dá ngoirthear hyperdúlia; íomháighe ámh agus taise na naomh eile d'adhradh dá ngoirthear dulia. Óir as uime dofríth na híomháighe si amach, dochum cuimhne do bheith ar na naomhuibh, dochum na ndaoine do dhúsgadh, ar shompla agus ar aithris na naomh, dochum na subháilceadh agus na foirbhtheachta do fhreacar, agus dochum go n-iarrmaois orra Dia do ghuidhe ar ar son. Foghnuidh fós an phinntéireacht, fhoillsigheas fearta agus gníomhartha na naomh, a leabuidh léighinn do na daoinibh ainbhfiosacha neimhleiteardha. Ar an (adhbhar) iomorro gurab lér ré tuigsin neithe dofhaicse Dé as na neithibh do-righneadh, do-nímíd eagluiseacha adhbhardha sofhaicse agus coisreagamuid iad, ionnas go gciallaigheadh na clocha, na crainn, an suidheachan, agus gach cuma dá mbí orra na sácramuinteadha neamhdha, agus go cciallaigheadh na teampuill si do-níthear lé lámhuibh an eagluis spioratálta, .i. Críost gona uile bhalluibh, and fós dochum an duine do bhrostughadh, trésna neithibh si ré cosmhuileacht thaithneamhaigh, do mhaodhughadh na neithe ndiadha. Cuirid iomorro na clocha a n-umhail na creidmhigh do bheith snuighte a seasmhacht an chreidimh agus bheith daingean dochum gach ní d'fhulang ar a shon. Ciallaighidh an moirtél an grádh cheanglas na daoine, chuireas a n-oireamhuin dá chéile agus bheathaigheas iad agus chuireas ar aoinmhéin go comhthrom, d'eagla a sgartha ó chéile ré neimhtheacht nó buaidhreadh do bheith eatorra. As é Críost an chédchloch do-rinne aon dá gach cloich dhíobh. As é an chloch chuainne ar a seasann fundamuint na hEagluisi go
hiomlán. As iad na hapstail agus na fáidhe na fundamuinte. Ciallaighid na ballaighe atá 'na suidhe ar an bhfundamuint an drong atá tugtha don mhaodhughadh. An folach, an mhuinntir atá ag saothrughadh isan mbeathaidh ghníomhaigh. Óir isan aitreabh spioratálta, ós í cédchloch an Críost, na hapstail agus na fáidhe, agus go bhfuilid sin ar neamh, ní a n-uachtar atá an folach acht a aghaidh ós a chionn, fhosgailte fá ghaoith, fá fhearthuinn agus fá anfadh, ciallaighidh an mhuinntir atá fá ainnisi, fá annró, fá mhórthonnuibh an tsaoghail si, agus agá bhfuil aire ar an mbeathaidh ghníomhaigh amháin agus ar fhurtacht na comharsan. Taisbéanaidh fad na heagluisi buanmharthuin na bpuibleach; a hairde, eidirdhealughadh na ngradam agus na luaigheacht eatarra féin; a leithiod, iomadamhlacht na gcreidmheach atá sgartha ar feadh an domhuin. Ciallaighidh an sanctuarium ord na n-ógh nó na maighdion; an choraidh, ord na ndaoine ngeanmnaighe; an long, na muinntire atá pósta. As comhainge ámh agus as naomhtha an sanctuarium iná an choraidh, agus an choraidh iná an long. Agus amhuil atá a n-oird sin nísa ghainne, as mar sin atáid nísa lugha d'uimhir agus nísa onóraigh, agus atá barr ag ord aca ar an ord eile. Ciallaighidh orthús an teampuill na críostaidhthe fallsa do baisteadh agus atá ar seachrán taobh amuich don Eagluis, adhlaicthe a múllach agus a lathaigh na locht. As é Críost an altóir ar a n-ofrálamuid ní headh amháin sacrafís ar ndeaghoibreach acht fós ar nguidhe agus ar n-urnaighthe, ag rádha ar deireadh gach urnaighthe, “tré ar tTighearna Íosa Críost.” An clogás, sgáthán an naoimhsgreapta, agus tor dídin, as a bhfaicmíd a bhfad uainn cealga na námhad, agus ré ndíbremíd gach ainteann easgarad dá ttig oruinn. Na cloig ghlaodhas an pobal, seanmóntaigh (e) bréithre Dé, chuireas fuaim an scrioptúir naomhtha a gcluasuibh na bpuibleach ag tabhairt churtha dháibh go banais na tíre neamhdha. Na fuinneóga, dochtúireadha na hEagluisi tré a soillsigheann an t-eólas diadha dhúinn. Báine nó gile innmheadhónach na mballaigheadh, glaine an chroidhe, agus gile fhoirimleach, glaine an choirp. An dá thóirse dhég lastar a gcoisreagadh an teampuill, an dá apstal dég, sa tteagasg shoillsigheas go deallradh n-iongantach an Eagluis go
hiomlán. An dá chrois dég roimh a lastar na soillsi sin, na hapstail do lean cros Chríost agus do sheanmóir í ar feadh an domhuin. Doirse na heagluisi, na sácramuinteadha agus go mórmhór an baisteadh tré a bhfosgaltar doras na hEagluisi dhúinn. An lóchrann atá ar gnáthlasadh isan eagluis, deallradh agus grása an Spioraid Naoimh ré gcoimhédtar agus ré n-oiltear do ghnáth an Eagluis. An t-uisge coisreagtha, tobar na ndeór a nidhid na creidmhidh a gcionta. Atá a gciall agus a rúindiamhra féin fós ag éidighibh na sagart agus ministridh na hEagluisi, ag na soighthighibh beannaighthe, ag an gceól, agus ag gach ní eile don tsórt sin. Gidheadh, dochum gan bheith liosta ní thráchtmuid ar gach ní dhíobh fá leith, óir measamuid gur lór an mhéid si do labhairt orra. As iontuigthe dá gach aon as na neithibh rémhráidhte nach bhfuil aoinní doidhénta díthchéillídhe iná neamhblasta isan gcreideamh chríostaidhe, agus nach bhfuil ní ar bith ann acht ní iongantach. Léghadh ámh an tí léna mian fios na neithe si d'fhághuil go foirleathan (leabhair) dochtúireadh agus aithre na hEagluisi, agus tuigfe, iar sgrúdadh na leabhar, nach ó dhaoinibh atá an t-adhradh sa na hEagluisi acht gurab leis an tí úd amháin dob fhéidir a ordughadh, shoillsigheas gach duine ag teacht ar an tsaoghal sa, mar as follas dúinn go laéthamhuil. Óir na daoine foirbhthe do-bheir iad féin do mhaodhughadh na ndiamharún sa, tógthar comhárd agus sin iad gusna neithibh diadha gurab beag nach gcaillid a gciall agus nach dénuid dearmad don n-uile ní talmhuidhe. Fínit.
BROLACH NÓ RÉMHRÁDH AN CHEATHRAMHA LEABHAIR DO BHUAIDH NA NAOMHCHROICHE, NÓ d'FHÍRINNE AN CHREIDIMH. Dob fhearr leam go deimhin go mbeithdís na huile dhaoine, iar sgaradh ré tromualach tubaisteach na feóla, ar lasadh d'fhonn agus d'álgas na fírinne d'fhoghluim ré croidhe fíorghlan. Óir ní bheith docamhal aguinn mar sin a mbrionnshúile d'fhosgladh agus a n-inntinneacha d'iompughadh ar an bhfírinne. Atá iomorro claonadh nádúrtha ag gach ní dochum a fhoirbhtheachta féin: agus as í an fhírinne as foirbhtheacht don tuigse. As uime sin labhraid na daoine agus do-chíd an fhírinne ar uairibh dá n-aimhdheóin fós, amhuil do-dhénamh an nádúir foiréigean orra. Ní deacair ámh neach do tharruing dochum an ní atá nádúrtha dhó. Acht do bhrígh go ttreóraigheann aon do na neithibh contrárdha a n-eólas an ní eile (óir as é an díreach as riaghail don díreach agus don cham), do-chífidh gach aon an bhrég atá contrárdha don fhírinne iar bhfághuil eóluis ar an bhfírinne. Agus ó nach féidir leis an chontráir bheith a n-aonáit, bí an lámh a n-uachtar do ghnáth ag an ccontráir as neartmhaire; atá an fhírinne ámh nísa roineartmhaire iná an bhrég; uime sin as uras don tí ghreamaigheas don fhírinne gach opinion fallsa do chlaoidh. Ar an adhbhar sin dá mhionca dá mbiaid daoine égsamhuil nó égcosmhuil dá chéile a n-opinionuibh contrárdha, as é opinion as fearr agus as inmheasta do bheith fíor, an t-opinión as lia agus as fírinnigh résúin, agus fhuasglas go huras na docamhuil chontrárdha, agus agá mbí buaidh a bhfad ag cathughadh a n-aghaidh easccarad roláidir, agus chlaoidheas ré résúnaibh roineartmhara gach opinion eile. Mar sin ó cruthaighear an creideamh críostaidhe ré résúnuibh roineartmhara, agus nach éidir éinchreideamh eile do dhaingnioghadh léna n-uiriod iná a gcoimhbríoghmhar do résúnuibh, agus gur chomhraicc go dochlaoidhte a n-aghaidh an uiriod námhad neartmhara gusan am sa agus gur fhuasgail go huras, mar do thaisbénamar thuas, gach docamhal dár cuireadh 'na aghaidh; madh thaisbénamuid fá dheóidh nach eadh amháin gurab ísle gach creideamh eile iná é acht fós nach ttig éinchreideamh 'na ghoire, ó bheith líonta dháibh d'ainbhfios, d'fhallsacht agus do
sheachrán, ní cóir dh'aoinneach a chur a gconntabhairt gurab é an creideamh críostaidhe amháin an creideamh fíre agus gach creideamh eile do bheith fallsa brégach, agus mar sin intseachanta. Foillseócham so go coitchionn ar tús; dá éis sin laibheóram ar gach creideamh fá leith. Fínit an bhrolaigh.
NACH BHFUIL CREIDEAMH AR BITH FÍOR ACHT AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE AMHÁIN. Caib. 1. Dar leat as follas as a ndubhramar so do bheith 'na fhírinne. Óir madh atá an creideamh Catoilce fíor, ní féidir creideamh eile ar bith do ghlacamh, mar go ndearbhann isan n-uile áit nach éidir aoinneach do shábháil atá taobh amuich d'aondacht na hEagluisi Catoilce. Ar an adhbhar sin as romhór an seachrán agus mearughadh céille atá ar an druing mheasas an sén síordhuidhe d'fhagháil as a gcreideamh coirbthe féin gan géilleamh do chreideamh Chríost. Arís, ó as é as críoch don chreideamh, na daoine do thabhairt a mbeatha suas go maith beannaighthe, agus nach bhfuil beatha as fearr agus as naomhtha iná an bheatha chríostaidhe, amhuil do fhoillsigheamar thuas, ní bá féidir lé creideamh ar bith (acht gurab leasainm creideamh do thabhairt air) an creideamh críostaidhe do shárughadh. Acht madh atá creideamh eile ar bith maith taobh amuich don chreideamh chríostaidhe, nó atá nísa ísle iná an creideamh críostaidhe, nó atá commaith leis. Madh atá nísa ísle, ní féidir dhó bheith maith, do bhrígh ó atá nísa ísle iná an creideamh críostaidhe, as don chríostaidhe - ó as é as fearr - as cóir géilleamh agus greamughadh. Agus ó dhiúltas an creideamh críostaidhe gach creideamh eile, as riachtanas gach creideamh as ísle iná é do thréigean. Madh atá comhmaith leis an gcreideamh chríostaidhe, ní féidir gur creideamh ar leith é seach an chreidimh chríostaidhe. Óir madh as í an chríoch cédna sheanmóras agus na meadhóin tré a tteagmhar dochum na críche, ní commaith bhias, acht as é féin an creideamh críostaidhe. Gidheadh, madh as críoch eile nó meadhóin eile atá aige, ní bhfuil commaith ar énchor leis an gcreideamh chríostaidhe, acht ní as ísle, ar an adhbhar nach féidir do smuaineadh críoch as fearr agus meadhóin as foirbhthe iná an chríoch agus na meadhóin theagasgas an creideamh críostaidhe. Arís, ó as as na héifeachtuibh haitheantar na cúise, agus gurab í naomhthacht na beathadh as éifeacht don Dia-adhradh, agus nach bhfuair creideamh eile ar bith naomhthacht na beathadh comhmaith agus coimhiomlán leis an gcreideamh chríostaidhe, leanuidh
go soilléir gurab é so adhradh fíre Dé sheanmóras agus choimhédas an creideamh críostaidhe, agus an uile adhradh eile do bheith fallsa fírdhíomhaoin. As daingion an comhardha ar so do bheith fíor go bhfaicmíd as adhradh foirimleach agus as teagasg an chreidimh chríostaidhe na daoine dá ttarruing comhuras comhathchumair agus sin go naomhthacht dhochomórtha beathadh nach féidir ní as foirbhthe agus as iongantaigh d'fhagháil dochum croidheadha na ndaoineadh do chlaonadh agus d'iompúghadh dochum a mbeatha do leasughadh agus do thabhairt suas go beannaighthe foirbhthe fírénta iná é. Ar an adhbhar sin ní bhfuil seachrán ar an tí choimhlíonas an creideamh agus an reacht críostaidhe, dhearbhas agus sheanmóras an n-uile chreideamh eile do bheith fallsa fírbhrégach, lán do sheachrán agus d'earráid, indiúlta dá gach aon réar mian a chuid do ríoghacht neimhe d'fhagháil fá dheóidh. Acht do bhrígh gurab uras iad so d'aithne as na neithibh adubhramar thuas, labhram sealad ar na neithibh speisialta nó uathacha. Acht do bhrígh gomadh fada iomarcach dhúinn cathughadh a n-aghaidh gach creidimh fhallsa dá raibh agus dá bhfuil (mar go n-abair an feallsamh nach bhfuil acht leimhe bheith cúramach fá gach uile dhocamhal), cuirfeam síos sé secta prionnsapálta, mar atá sect na bhfeallsamh, lucht sgrúdtha na rédlann, na n-iodhaladhartha, na nEabhradhach, na n-eithrigeach, agus luicht leanamhna Mahoméit. Claoidhfeam do dheóin Dé gach dream dhuaibhseach dhíobh sin, ag taisbénamh go ndeachadar uile ar seachrán agus gur sheachnadar go fada tóruinn na fírinne. Acht do bhrígh gurab é solas an résúin nádúrtha do leansad na feallsaimh, agus gurab é sin as eólaíghe dúinn, tionsgnam ó thús ris na feallsaimh. GO BHFUIL GACH CREIDEAMH DÁR THEAGASGADAR NA FEALLSAIMH LÍONTA d'AINBHFIOS AGUS d'EARRÁID. Caib. 2. Do chéidneithibh, ag connspóid a n-aghaidh na bhfeallsamh, cruitheócham, bíodh nach ndeachadar amugha isna neithibh do
sgríobhsad, ar a shon sin as roibheag agus neamhoireamhnach do thráchtsad ar na neithibh bheanas ris an tsláinte. Óir mar nach raibh dá ttreórughadh acht solas an résúin nádúrtha amháin, níorbh fhéidir leó bríogh a ttuigse nó a n-eólas do shíneadh tar thóruinn an résúin nádúrtha. Acht do bhrígh go mbean leis an eagnuidhe na neithe d'ordughadh, agus gurab í an chríoch as riaghuil dá gach ní dá n-ordaighear dochum na críche, as riachtanas don duine chríonna iarras a bheatha do chaitheamh go maith beannaighthe críoch na beathadh daonna ar tús do sgrúdadh agus do lorgaireacht. An tan iomorro gurab a radharc Dé (mar do fhoillsigheamar thuas) choimhsheasas críoch na beathadh daonna - ní nach éidir leis an résún nádúrtha d'fhagháil amach - as follas do thaoibh eólais na críche si, óna bhfuil gach ní bheanas leis an ccreideamh fíre, gur cuireadh na feallsaimh a n-áit rochumhaing, ar mhodh nárbh fhéidir leó éinní d'ordughadh go díreach ó shoin amach. Óir do réir mar dobhí críoch na beathadh daonna 'na hainbhfios orra, as éigin mar an gcédna na meadhóin thriallas chuice do bheith 'na n-ainbhfios orra. Ar an adhbhar, do réir mar do thaisbénamar thuas, gurab a mbeathaidh mhaith fhoirbhthe an duine choimhsheasas adhradh fíre Dé, agus gurab dochum na beathadh sin hordaighear an t-adhradh foirimleach, uime sin gach ní dár labhradar na feallsaimh ar an gcreideamh, nó atá neamhfhoirbhthe, nó neimhchinnte, nó earráideach. Cia mheasas dá bhrígh sin gurab ionchoimhédtha nó ionchongmhála creideamh na druinge si iar ttréigean an chreidimh chríostaidhe? Bíodh iomorro go ndubhradar an chuid dob ordhraice do na feallsuimh gurab a maodhughadh na neithe ndiadha atá críoch na beathadh daonna, ar a shon sin do bhrígh gurab é an résún nádúrtha amháin dob eólaighe dháibh, nírbh fhéidir leó dhul ar a n-aghaidh nísa mhó. Ní lór ámh ar aonchor ní neimhchinnte mar so don tí atá fonnmhar ó nádúir ar eólas d'fhagháil agus iarras go díthchiollach dúthrachtach fios na sligheadh gusan sén síordhuidhe. As neartmhar do chráidheadh cuartughadh gérchúisioch na neithe si na feallsaimh, an tan nárbh fhéidir leó cinnteacht ar bith d'fhagháil orra. Óir níorbh fheas dháibh cad í an fhreagra fhollas chinnte do-bhérdaois ar an tí do fhiafróchadh dhíobh an ar mhaodhughadh na beathadh sa atá
do láthair aguinn nó na beathadh atá chugainn labhruid. Óir ar meas peiriaclach, guaise agus míochomhgar na beathadh daonna, dar leat as díthchéillidhe doidhénta an sén neamhdha d'fhagháil ar an tsaoghal sa nó ar an mbeathaidh si do láthair. Acht dámadh isan mbeathaidh atá chugainn adérdaois an sén do bheith, an tan nárbh fhéidir leó éinní cinnte do thuigsin ar an mbeathaidh sin, do bhrígh nach éidir a fios d'fhághail as na neithibh cédfadhacha, dob fhéidir neamhshuim do dhénamh don fhreagra sin comhuras agus do-bheirid uathaibh í, agus mar sin tuitfid a gceist eile comhcruaidh lé so, .i. ar dhomharbhthacht an anma daonna. Óir dobhí riachtanas aca an domharbhthacht sa an anma do chruthughadh ar tús; sa docamhal dobhí dháibh annsin do dhénamh, as soilléir é as égsamhlacht na n-opinion, do bhrígh gurbh éigin dáibh a admháil an t-anam tuigseach do sheasamh leis féin, an tan go n-abair an résún an tuigse do bheith agus d'oibriughadh gan ionnstrumaint chorpardha; óir as do réir mar bhíos gach ní oibrigheas. As deacair ámh a thuigsin cionnas as féidir lé substaint neamhadhbhardha bheith 'na foirm ag corp. As uime sin adubhairt Plato nach mar fhoirm ceangaltar an t-anam tuigsioch ris an gcorp acht mar ghluaisteóir. Measaidh Aristotel 'na aghaidh sin gurab é an t-anam tuigsioch as foirm don chorp; ar a shon sin do labhair comhdorcha agus sin ar an tuigse sgartha nó dheaghuilte gur thuit Averroes, do chuir gluais mhínigh ar Aristotel, a n-opinion mhírésúnta ainbhfiosach a ttimcheall aondacht tuigse na n-uile dhaoineadh. Do mheas ámh Aristotel, fear na tuigse móire, nárbh fhéidir le solas an résúin daonna eólas fíre foirbhthe d'fhagháil ar an anam tuigseach. Uime sin d'eagla gomadh éidir cur 'na aghaidh, do thrácht go dorcha aireach ar an anam sin. Óir as gér dobhádar na feallsaimh dá saighdeadh don uile thaoibh, do bhrígh dá n-abradaois gurab é an t-anam tuigsioch, ó bheith somharbhtha dhó, dob fhoirm don chorp, dobhí iliomad résún 'na n-aghaidh; agus dá n-abradaois an t-anam do bheith domharbhtha, do thuitfedís a n-opinion Phláto, .i. nach mar fhoirm acht mar ghluaisteóir do bheith ceanguilte don chorp; ní chlaoidheas Aristotel ré résúnaibh diongmhálta. Óir níorbh fheas mar sin cionnas dob fhéidir duine do rádha leis an duine ó anam tuigsioch do bheith aige. Acht dá n-abradaois,
mar mhúineas an creideamh críostaidhe agus an fhírinne, gurab é an t-anam as foirm don chorp, agus a bheith 'na sheasamh leis féin ar mhodh éigin, an mhéid go bhfuil tuigsioch, ní lugha mar sin an docamhal do bheith orra ó neamhchumas soluis an résúin nádúrtha amháin dochum sin do chruthughadh. Óir dá bhfiafraigheadh neach dhaoibh cia ó ttig a samhuil sin d'fhoirm, ní cruinn do bheith a fhios aca. Óir ní as comhachta an adhbhair tairngthear í, an tan gurab uaisle í iná an t-adhbhar; agus ní mó do laimheóchadaois a rádha gurab do neimhthní do cruthóchaigh í, ar mhodh go ndubhairt cuid aca, dochum an tsnadhma so do sheachna, go rabhadar na hanmanna ann ón tsíordhuidheacht. Gidheadh, níor réidhe don mhuinntir si; óir níorbh fhéidir leó a chosnamh go mbeith an duine 'na dhuine ón anam tuigsioch, agus go mbeith an t-anam sin 'na foirm ag an gcorp, amhuil do thaisbénamar isan gcéidleabhar. Ar an adhbhar sin as coimhédach adubhairt Aristotel an tuigse do bheith deaghuilte, agus a teacht go foirimleach; acht ní lór so dochum na cúise do thuigsin go foirbhthe iná dochum gach docamhuil do sheachna; ar an adhbhar ó as go foirimleach thig an tuigse agus nach as comhachta an adhbhair, madh fhiafraighir cáit as a ttig nó cionnas as féidir a thuigsin a teacht go foirimleach, ní bá huras leis freagra duit. Arís, madh adeir an t-anam tuigsioch do bheith domharbtha agus 'na foirm ag an gcorp, as éigin, ó atá gníomh na ngníomhach isan bhfuilngeach ullamh, do réir theaguisg Aristotel, nach raibh anam Socratés, Pláto iná dhuine eile ar bith ann roimh gheineamhuin an duine; óir atá an fhoirm uathach, agus atá a leithéid sin do chlaonadh aice réna hadhbhar féin nach éidir lé bheith 'na foirm ag adhbhar eile ar bith. Ar an adhbhar sin madh as mar sin adéras Aristotel agus a lucht leanamhna, ní fhaicim cionnas shaorfaid iad féin nach é cruthughadh an anma tuigsigh do-níthear do neimhthní. Mar an gcédna atá ceist eile rochruaidh aguinn ré cur orra, .i. an raibh an domhan ó thús na síordhuidheachta agus an mairfidh ar feadh na síordhuidheachta? Agus an rachaidh as geineamhuin na neithe go bráth? Madh adeirid go rachaidh gluasacht flaitheamhnuis uair éigin dochum comhnuidhe, ní thiobhraid résún ar
bith leis sin nach uras do chlaoidh. Madh adeirid, do réir opinion Aristotel, nár thionnsguin an domhan ariamh agus nach rachaidh críoch air go bráth, as éigin dáibh a admháil go ndeachadar blianta agus laethe dofhaisnéidhe doichríochnuigh thoruinn. Agus ó as é an duine cuid as uaisle don chruinne, ní résúnta a rádha go raibh an saoghal uair éigin gan duine, agus mar sin caithfid a rádha go ndeachadar daoine dofhaisnéidhe thoruinn. Agus ó atá an t-anam tuigsioch domharbhtha, agus do bhrígh gurab foirm uathach é nach éidir leis léim ó chorp go corp, caithfid a admháil go bhfuilid anmanna dofhaisnéidhe anois ar an tsaoghal, agus go mbiaidh 'na dhiaidh so; ní as fada ghabhas ó résún. Mar an (gcédna) iar so d'admháil tiucfaid iomad docamhal eile 'na n-aghaidh. Do bhrígh ó as é an t-anam as foirm don chorp, as éigiontach bhias d'easbhaidh an choirp, agus mar sin as éigiontach deaghuiltear leis an gcorp é; óir mar atá gráin ag an n-uile ní ar é féin do sgrios nó do thruailleamh, mar an gcédna atá gráin ag an duine ar é féin do thruailleadh, agus mar sin sgaradh an anma leis an gcorp. An tan iomorro nach éidir ní éigiontach ar bith do bheith síordhuidhe, fiafraigheam dhíobh an bhfillfid na hanmanna sin arís ar na corpuibh. Madh adeirid go bhfillfid, nó nach bhfillfid, caithfid a admháil anmanna dofhaisnéidhe do bheith go héigiontach ar feadh na síordhuidheachta d'easbaidh corp - ní atá neamhoireamhnach - nó eiséirighe corp dofhaisnéidhe do admháil, ní atá doidhénta, do bhrígh nárbh fhéidir áit ar bith d'fhagháil do ghlacamh iad; nó na coirp chédna tar éis iomad do mhíltibh bliaghan do fhilleadh isan riocht chédna. Agus mar sin fillfid na hanmanna ar na corpuibh cédna anna rabhadar cheana; agus na neithe do-rinneadh ar tús, do-dhéntar arís iad leis na hughdaruibh cédna; agus do-dhéna Pláto gona dhisgiobluibh arís gach ní dá ndearna roimhe. Acht ní feas damh cionnas as éidir lé neach na neithe si do chruthughadh. Óir madh dobhí an domhan ann ó thús na síordhuidheachta, as éigin an flaitheamhnas d'fhilleadh ar an ullmhughadh chédna nísa mhionca iná as éidir do ríomh nó d'áireamh; agus mar sin dobhádar na neithe cédna go dofhaisnéidhe ann; agus mar sin dobhí Pláto gona dhisgiobluibh agus an chuid eile do na daoinibh ar an tsaoghal ar feadh aimsire dofhaisnéidhe; ní as fada ón n-uile résún.
Leó so agus léna samhluibh eile do dhocamhluibh bhíd arna ttimcheallughadh an mhuinntir chuireas reampa críoch na beathadh daonna do lorgaireacht ré solas an résúin nádúrtha amháin. As ar follas nárbh fhéidir leis na feallsaimh ní ar bith seasmhach iná cinnte d'ordughadh do thaobh an chreidimh, an tan gurab a gconntabhairt agus a ndorchadas do thráchtsad do ghnáth ar na neithibh si. Ar an adhbhar sin madh do ordaigheadar sórt ar bith creidimh, as éigin gurab neamhfhoirbhthe neimhchinnte é agus go raibh líonta d'ainbhfios agus do sheachrán. As móide do bheithdís na neithe si soilléir dá gach aon, dearcadh go grinn ar gach opinion agus ar gach earráid dá raibh ag na feallsuimh; agus do thuigfemísne, iar mbreathnughadh anbhfainne bríogha an tsoluis nádúrtha, nach lór é ar énchor dochum an duine do shlánughadh. Óir as a n-airdhíthchioll cumais gach ní haitheantar go mórmhór a bhríogh. Do-rinne ámh an nádúir a láindíthchioll isna feallsaimh ordhraice go háiridhe; agus as maith an comhardha ar sin nach mór do ráinic ris an méid táinic 'na ndiaidh agus do lean solas an résúin nádúrtha amháin do chur a gceann a ndubhradar. As ar follas, an tan go ndeachadarsan ar seachrán go fada, nach lór solas an résúin nádúrtha amháin dochum an duine do shábháil. Do chéidneithibh, ní cosmhuil go bhfuil 'na ainbhfios ar aoinneach gur mór do-chuadar ar seachrán ag tabhairt mar chrích dhéighionaigh don duine na neithe dárab críoch an duine, mar atá saidhbhreas, glóir, onóir, aoibhneas, antoil, agus a samhuil sin eile do mheasadar na seinfheallsaimh bheith 'na gcrích dhéighionaigh 'gun duine. As follas an drong ordhraic táinic 'na ndiaidh, do thuig an seachrán (so), go ndeachadar mar an gcédna amugha go fairsing anna tteagasg ar an sén síordhuidhe agus ar chrích dhéighionaigh an duine, ar mhodh nach féidir dúinne ar ngníomhartha féin do stiúradh go ceart leis an riaghuil do thugadarsan dúinn ar an gcrích dhéighionaigh, an tan gurab riachtanas an chríoch do bheith cinnte, gidheadh, nárbh fhéidir leósan cinnteacht ar bith do thabhairt dúinn uirre. Ní mór fós nach bhfuilid uiriod opinion agus ainbhfios aca do thaoibh an anma tuigsigh agus atáid na feallsaimh a nuimhir. Agus dochum gan labhairt ar ráidhtibh agus ar sheachránuibh na sean,
ar a ttráchtann Aristotel isan chéidleabhar do sgríobh ar an anam, as follas fós dúinn an mhuinntir do lean lorg Aristotel féin do bheith roi-égsamhail ro-aimhréidh eatorra féin agus do dhul ar seachrán go fada. Óir do mheas drong dhíobh gurab substaint dheaghuilte an tuigse fhuilngeach; drong, an gallradh; drong eile gurab bríogh éigin bhíos a gcoimhideacht chumaisg na ndúileamh. Mar an gcédna adubhairt drong eile gur substaint dheaghuilte an tuigse ghníomhach. Drong eile gurab páirt nó cuid don tsubstaint dhiadha an t-anam tuigsioch. Do mheas drong eile gurab as comhachta an adhbhair tairngthear é, agus atáid secta na bhfeallsamh gusan aimsir so do láthair comhconntrárdha agus sin dá chéile gurab uras disgiobal gach aoin díobh do chlaoidh, muna raibh solas an chreidimh aige. Óir muna mbeith cuinneall an chreidimh ar lasadh go buan ar feadh an tsaoghuil, as mó iná sin go mór an seachrán do bheith orra. Ar an adhbhar, do thaoibh an tsaoghuil, cionnas agus cad í an chríoch dochum a ndearnadh, an bhfuil gan tús gan deireadh, gurab roi-égsamhuil do labhradar. Ar a shon sin ní bhfuair aoinneach dhíbh go fóill résúin dhaingne iná diongmhála, agus ní bhfuighe, réar féidir síordhuidheacht an tsaoghuil, a thionnsgnamh nó a chríochnughadh do chruthughadh go cinnte. Óir as lór laige agus anbhfuinne na résún tug Aristotel ar an ní so, ar mhodh nárbh fhéidir leis na feallsuimh teacht a n-eólas críche fíre ghluasaicht na bhflaitheamhnas. Ní lugha fós a gconntabhairt agus a n-ainbhfios ar nuimhir na n-aingeal nó na substainteadh deaghuilte. Óir do mheas Aristotel gurbh ionann nuimhir na substainteadh sin na spéiridheadh, amhuil agus nach beith feidhm ar bith eile leó acht ar son ghluasachta na bhflaitheamhnas. Ní gan chéill re rádha. Bíodh go measmaoid nach raibhe cinnte dhe sin féin agus nach mó iná meas dobhí aige sin do bheith cruthamhuil. Níor fhoillsighiodar fós ní ar bith fíre iná cinnte ar an adhradh diadha, go háiridhe ar an adhradh foirimleach; do bhrígh go (raibh) an chríoch fhíre 'na hainbhfios orra, níorbh fheas dáibh créd an onóir bá dleacht do thabhairt do Dhia re hadhradh foirimleach, ar mhodh gurab édrom égsamhuil do thráchtadar ar an gcúram atá ag Dia fá na créatúiribh, ionnas gurab roibheag
an tarbha as féidir do bhuain as a sgreaptruibh dochum sábháil fhíre an duine. Agus ní headh sin amháin acht as adhbhal an buaidhreadh táinic as égsamhlacht a n-opinion. As ar follas nach bhfoghnann a tteagasg iná creideamh ar bith dár chumadar dochum an tséin shíordhuidhe d'fhagháil iná do shaothrughadh. Gidheadh, ní cóir tarcuisne iná neamhshuim do dhénamh d'éinní maith dá ndubhradar. Óir bíodh nach lór iad leó féin, ar a shon sin as congnamh iad dochum easccairde an chreidimh do chlaoidh. GURAB FALLSA NEAMHTHARBHACH TEAGUISG LUCHTA SGRÚDTHA NA RÉDLANN. Caib. 3. Do bhrígh go measaid an mhuinntir si iad féin d'áireamh ar na feallsaimh, ag meas gur leis an bhflaitheamhnas agus leis na rédlannuibh stiúrthar na neithe daonna sa, agus an flaitheamhnas do bheith 'na dhia aguinn (ionnas gur adhradar cuid do na seanuibh an ghrian, an ghealach, na plainéit agus iomadamhlacht na rédlann), foillseócham ré résúnaibh neartmhara gurab é so seachrán as mó do na seachránuibh, agus nach éidir do na corpuibh neamhdha bheith 'na gcúis ag na neithibh bheanas leis an tuigse dhaonna. Ar tús, do bhrígh do réir oird na nádúire go stiúrthar na neithe íochtaracha leis na neithibh uachtaracha. Sáraighidh ámh an tuigse na huile chorpa, an tan go bhfuil deaghuilte nó sgartha leis an gcorp. Ar an adhbhar sin ní féidir leis na rédlannuibh bheith 'na gcúis ag na neithibh atá a ttimcheall na tuigse. Arís, do chruthaigheadar na feallsaimh nach n-oibrigheann corp ar bith acht ré gluasacht. Ar an adhbhar sin ní féidir leis na corpuibh neamhdha bheith dáríribh 'na gcúis ag na neithibh atá taobh amuich do ghluasacht, mar atáid na neithe bheanas leis an tuigse. As follas an résún leis so an tráth chomhnuidheas an t-anam ó ghluasacht go ttig dochum bheith críonna eagnuidhe eólgasach.
Mar an ccédna muna n-oibrigheann an corp acht ré gluasacht, as éigin go ngluaistear an ní anna n-oibrigheann an corp. As éigin gurab corp gach ní gluaistear, do réir mar chruthaigheas Aristotel. Ar an adhbhar sin ó nach corp an tuigse agus nach cáilidheacht í atá ceanguilte d'ionstrumaint chorpardha, as ní doidhénta na coirp neamhdha d'oibriughadh isan tuigse. Arís, as éigin na neithe do-níthear leis na gluasachtuibh neamhdha do bheith fá chumas na haimsire, as míosúr don chédghluasacht. Mar sin ní bhfuilid na neithe thairngeas ón n-aimsir fá chumas fhlaitheamhnuis. Tairngthear ámh an tuigse anna hoibriughadh ó aimsir agus ó áit; óir as é an t-ollradh nó an choitchinne, thairngeas ó aimsir agus ó áit, bhreathnuigheas. Arís, ní oibrigheann ní ar bith tar thóruinn a ghnée féin. Gidheadh, oibrighidh an tuigse tar thóruinn gnée agus foirme gach coirp ghníomhaigh. Atá iomorro foirm gach coirp adhbhardha, uathach; gidheadh, atá gné ag an tuigsin óna cosbóir féin, as ní ollradhach neamhadhbhardha. Uime sin ní féidir lé corp ar bith ní do thuigsin léna fhoirm chorpardha féin. Ar an adhbhar sin as lugha iná sin fhédfaid an tuigse féin do gheineamhuin a ní eile. Uime sin as follas as na résúnuibh si nach iad na rédlanna iná na coirp eile neamhdha as cúise dár ttuigse-ne. Acht do bhrígh nach éidir oibriughadh ar ttuigse d'iomlánadh gan congnamh na gcáilidheachta corpardha, mar atá an gallradh, an mheabhair, an smuaineadh leanas ullmhughadh an choirp atá fá oibriughadh na bhflaitheamhnas, as éidir a rádha as sin ar mhodh éigin go neimhdhíreach go ccongnaid na coirp neamhdha, amhuil cúisi coitchionna nó ollradhacha, leis an tuigse. Óir do-chímíd coimpléix égsamhla agus ullmhughadh coirp ag na daoinibh as égsamhlacht oibrighthe na gcorp n-uachtarach, as a bhfaghann oibriughadh na tuigse congnamh nó toirmeasg. Ar a shon sin ní hiontugtha ar aonchor cúis ar ttuigse iná ar ttoile iná stiúradh na neithe daonna sa do fhlaitheamhnas. Mar bhús follas as na résúnuibh si síos. Ar tús, do bhrígh gurab as breathnughadh na tuigse dothig go neimhmheadhónach an n-uile ghníomh ag ar ttoil. Óir as í an mhaith iarna tuigsin as cospóir don toil. Mar sin ní
féidir lé an t-olc do thogha muna ttéidh breitheamhnas na tuigse ar seachrán a ttimcheall an adhbhair. Ar an adhbhar sin ó nach í flaitheamhnas, do réir mar adubhramar cheana, as cúis dár ttuigse, ní bá féidir lé bheith 'na cúis ag togha ar ttoile. Arís, as go nádúrtha theagmhas gach oibriughadh dá ndénuid na coirp uachtaracha isna neithibh íochtaracha sa, an tan go bhfuilid na neithe íochtaracha sa ó nádúir fúthaibh. Ar an adhbhar sin dámadh ó oibriughadh na gcorp n-uachtarach do thiocfadh togha ar ttoile, ní go toileamhuil do-gébhthaoi an togha sin acht go nádúrtha. Acht as follas go bhfuil so neamhoireamhnach; do bhrígh na neithe do-níthear go nádúrtha go ttairngthear gusan gcrích iad ré meadhónuibh cinnte, ionnas gurab ar énmhodh amháin do-níthear iad do ghnáth, óir atá an nádúir cinnte dochum éinní amháin; gidheadh, as ar shlighthibh égsamhla thrialluid na toghtha daonna ar an gcrích isna neithibh mórálta agus ealadhanta. Arís, do bhrígh na neithe theagmhas go nádúrtha go mbíd díreach do shíor, gidheadh, dochímid a chonntráir sin go laéthamhuil isna neithibh daonna. Arís, as gnáth na neithe atá d'aoinghné do bheith cosmhuil ré chéile isna hoibreachuibh leanas nádúir na gnée sin; óir as ar énmhodh amháin do-níd na huile smólaigh a nead; mar an gcédna tuigidh an n-uile dhuine na cédthúis atá feasach ó nádúir. Gidheadh, atáid na toghtha daonna roi-égsamhuil roi-égcosmhuil ré chéile, óir ní hí an nádúir leanuid acht saoirse na toile. Arís, ní a leith an duine do cuirfídh na subháilceadha iná na dubháilceadha acht a leith na nádúire, ionnas gurab díomhaoin gach comhuirle agus gach cúram daonna, madh as fíor an ní sin. Arís, dochum fillte ar an gcúis phrionnsapálta, ní shíneann bríogh ghníomhach ar bith í féin dochum na neithe atá ós ciond gnée agus nádúire an ghníomhaigh. Gidheadh, éirghidh an toil agus an tuigse ós cionn an n-uile ghnée corpardha; óir amhuil tuigmíd na neithe ollradhacha nó coitchionna, as mar an gcédna ghrádhaigheas an toil an mhaith ollrach nó choitchionn. Mar an gcédna as éigin comhthrom agus cosmhuileacht do bheith ag na meadhónuibh leis an gcrích; acht as dochum an tséin shíordhuidhe hordaighear na gníomhartha daonna amhuil dochum críche déighionaigh. Agus ní a maith chorpardha ar bith
choimhsheasas an sén sin acht a cceangal an anma ré Dia, sháraigheas cumas na n-uile chorp. Ar an adhbhar sin ní féidir leis na corpuibh neamhdha bheith 'na ccúis go díreach dár ttogha. Tar a cheann sin bíodh nach iad as cúis go díreach dár ttogha, do-bheirid ócáid go neimhdhíreach dár ttogha, óir an mhéid go nglacaid ar gcoirp a n-oibriughadh, claonaid ar n-inntinn dochum neithe égsamhla. Gidheadh, as féidir leis an duine réna thoil shaoir gach uair as mian leis cur a n-aghaidh an oibrigh sin. Mar sin ní ón bhflaitheamhnas tig stiúradh na ngníomhartha daonna acht ón toil shaoir agus ón gcúram diadha. Uime sin ní féidir leis an bhflaitheamhnas iná leis (na) rédlannuibh bheith 'na ndia iná 'na ndée; óir mar as é Dia as cédchúis do na huilibh, as uaidhe féin atá 'na chúis aca agus ní go teagmhaisioch. Acht do bhrígh go measuid iomad daoine go bhfuil anam isna corpuibh neamhdha, adeirid nach n-oibrigheann an flaitheamhnas annar ttuigse uaithe féin go díreach, acht an mhéid go ngluaistear ar ttuigse léna hanam, óna bhfuil bríogh agus neart aice oibriughadh annar n-anmannuibh-ne. Foillseócham fós go bhfuil so a bhfad ón n-uile résún. Óir ní féidir an ní dochum nach roicheann gníomh na hionnstrumuinte do dhénamh leis an ionnstrumuint. Ní roicheann ámh gníomh an choirp claochlódh nó malairt na tuigse iná na toile acht go teagmhaisioch. Ar an adhbhar sin ní féidir le hanam an choirp neamhdha - madh atá anam aige - oibriughadh isan tuigse agus isan toil re gluasacht a choirp. Arís, dá n-oibrigheadh an t-anam neamhdha ní ar bith annar n-anmannuibh-ne ré gluasacht na gcorp, níorbh fhéidir an t-oibriughadh sin do theacht go soiche ar n-anam-ne acht re claochlódh ar gcoirp; óir ní oibrigheann acht tré mheadhón an chuirp. Ar an adhbhar sin ní hé as cúis dár ngníomharthuibh acht amháin go teagmhaisioch, do bhrígh go ndéntar ní do láthair don tuigse, (trésan gcédfadh) madh olc maith é, tré bhríogh na gcorp neamhdha, iar gclaochlódh ar gcorp-ne, nó corp nádúrtha eile, ghluaisios an toil dochum na maithe do leanmhuin agus dochum an oilc do sheachna. Gidheadh, as go saor do-ní an toil sin; óir an mhéid go mbean ré freacar an ghníomha, atá ar cumas na toile a ghabháil nó a dhiúltamh; agus an mhéid go mbean ré gné an ghníomha, as féidir
lé an mhaith curthar ós a comhair ré brígh na gcorp neamhdha do leanmhuin nó do sheachna, an tan nach éidir leis an maith sin bheith acht 'na maith chorpardha nó uathach. Agus dá mbeith fós 'na maith choitchinn, atá an toil saor ré smuaineadh air nó gan smuaineadh. As ar follas gurab é an duine as maighistir ar a ghníomharthuibh féin agus nach ón bhflaitheamhnas tig stiúradh na beathadh daonna. Ar an adhbhar si ní Dia an flaitheamhnas iná anam flaitheamhnuis, do bhrígh gurab cúis uaidhe féin Dia; uime sin as díomhaoin an t-adhradh beirthear don ghréin, don ghealaigh, do na rédlannuibh, nó do na créatúiribh eile. Óir as ar son an duine do-rinneadh iad sin agus na huile choirp eile. Agus mar sin ní cóir dhó neithe as ísle agus as anuaisle iná é féin d'adhradh. As ar follas díomhaoineas luicht sgrúdtha na rédlann, mheasas stiúradh na neithe daonna sa do mhaoidheamh ar an bhflaitheamhnas, agus réar mian gníomhartha na ndaoineadh do riaghladh as coimhéd na rédlann. Arís, atá dream eile don mhuinntir si as mó as críostaidhthe ó ainm iná ó ghníomh thairgeas díomhaoineas na healadhna sa na nélladóireachta d'fholach ré fáithleithsgéluibh, ag rádha gurab fíor nach bhfuil an tuigse iná an toil shaor fá stiúradh an fhlaitheamhnuis go díreach acht fá riaghladh Dé amháin; ar a shon sin, do bhrígh go bhfuilid go teagmhaisioch fá chumas an fhlaitheamhnais agus gurab í an chuid chédfadhach nach mór leanuid na huile dhaoine, measuid go baoth go rémhfhaicid féin na neithe atá ré teacht, agus gur féidir leó féin leigheas do thabhairt do na daoinibh ré seachónuid na hoilc atá chugtha, agus mar sin aradhna na neithe daonna do stiúradh. Óir adeirid gurab tré oibriughadh an fhlaitheamhnuis stiúras Dia na neithe íochtaracha sa an tan oibrigheas isna dara cúisibh. Gidheadh, as mór do mealladh iad isan daillbhreitheamhnas so, óir as é ní do-níd, an t-adhradh dleaghar do mhórdhacht Dé do thabhairt do na créatúiribh, agus ar mealladh na ndaoine réna -asarlaigheacht diabluidhe, tairgid nísa mhó do ghéilleamh agus d'onóir do thabhairt don fhlaitheamhnas iná don Choimdhe chomhachtach, ag meas nach déntar ní ar bith acht ré congnamh agus ré cumas an fhlaitheamhnuis, agus, nías measa iná sin, go ttairgid an seachrán diablaidhe sin do chur a n-umhail do na daoinibh eile. As maith an comhardha ar dhíomhaoineas agus ar dhíth céille na nélladóireachta agus ar nach fiú í ainm ealadhna iná ceirde do thabhairt uirre gur mheasad na feallsaimh oirdhearca gur mhó
bá cúis mhagaidh nó fanámhuid í iná cúis ar cóir tráchtadh; do bhrígh an tan do thráchtsad ar gach uile chuid don fheallsa nár bheanadar leis an nélladóireacht. Agus bíodh gur sgríobh Pláto agus Aristotel go rodhúthrachtach ar fhlaitheamhnas agus ar na rédlannuibh, ar a shon sin ní bhfuil énfhocal ar feadh a leabhar ar réimhfhios na neithe atá re teacht. Ní go deimhin nach léigfedís lucht grionnsgrúdtha na nádúire tharsa dá mbeith a fhios aca gomadh éidir leó ar énmhodh teacht anna eólas. Agus ní hé sin amháin acht cruthaighidh Aristotel agus na feallsaimh oirdhearca eile nach féidir eólas iná ealadha d'fhagháil ar an mbeith chinneamhnaigh, ar an gcinneamhuin, ar an bhfortún iná ar na neithibh teagmhaisiocha atá re teacht, ar a ttráchtann do ghnáth an fháidhnélladóireacht sa, do bhrígh nach bhfuil cúisi cinnte aca acht cúisi neimhchinnte agus doichríochnaigh. Arís, as annsa ní féin nó anna chúis haitheantar na neithe atá ré teacht. Gidheadh, ní féidir dhúinne na neithe teagmhaisiocha atá ré teacht d'aithne anna gcúis iná inntibh féin an tan nach bhfuilid ann go fóill. Óir as uime adeirthear a mbeith teagmhaisioch, do bhrígh gurab féidir léna gcúis go saor a ttabhairt dochum soluis nó gan a ttabhairt, go mórmhór na neithe atá ar chumas na toile saoire. Leanaidh ar an adhbhar sin nach féidir dhúinn ar aonmhodh a bhfios do bheith aguinn. Arís, bíodh gomadh éidir ar mhodh éigin fios na neithe atá ré teacht go teagmhaisioch d'fhagháil, do bhrígh gurab í an fhlaitheamhnas as cúis ollradhach nó comhchoitchionn do na héifeachtuibh íochtaracha sa (agus ní as fios na rédlann, mar adeirid go leamh na nélladóireadha). Gidheadh, do réir mar admhaid na huile fheallsaimh, ní féidir dúinn fios fíre éifeachta speisialta ar bith d'fhághuil go cinnte as breathnughadh na cúisi coitchinne. As uime sin nach dearcuid na leagha eólgasacha, ag cuartughadh chúise na n-easláinteadh, ar ghluasachtuibh na gealaighe nó na bpláinéd amháin, acht nísa mhó ar ullmhughadh an choirp, ar na cúisibh speisialta agus fogasa óna ttig beagnach do ghnáth na héifeachta sin. Ar an adhbhar sin ní bhfuil acht díomhaoineas, díth céille agus seachrán fádha a réimhfhios na neithe teagmhaisiocha atá ré teacht go neimhchinnte, nó atá ar chumas na toile saoire, nó chúisi eile nach
bhfuil cinnte ar cheachtar don dá thaoibh, agus as féidir do thoirmeasg nó do mhalairt ar mhodhuibh dofhaisnéidhe, d'fhagháil as maodhughadh na rédlann. Arís, as uras dúinn an ní adeirid na nélladóireadha do shénamh, .i. cáilidheachta égsamhla do bheith díleas ag cotuibh égsamhla an fhlaitheamhnuis agus bríogha égsamhla contrárdha dá chéile do bheith innte. Óir as eadh adeir an chuid as ordhraice do na feallsuimh, do thairg ré hiomad saothair agus díthchill dísligheachta an fhlaitheamhnuis do lorgaireacht, nach n-oibrigheann sí isna neithibh íochtaracha sa acht réna solas agus réna gluasacht, .i. réna solas mar cháilidheacht díleas atá sgartha ar feadh an fhlaitheamhnuis go hiomlán, agus réna gluasacht, an mhéid gurab í an ghluasacht sin as ionnstrumuint don chédoibrighidh nó don chédchúis, nach n-oibrigheann muna ngluaistear í leis an oibrighe phrionnsapálta. Measuid as so égsamhlacht na neithe theagmhas fá spéir na gealaighe do fhrémhughadh ó dhá ní: ar tús, ó égsamhlacht ghluasachta agus soluis an fhlaitheamhnuis; arís, ó adhbhar égsamhuil agus ó ullmhughadh na n-oibrigheach n-aonaránach nó speisialta. Gidheadh, ní lór sin dochum na n-éifeacht féin d'aithne, do bhrígh nach bhfuil an solas iná an ghluasacht acht 'na gcúise coitchionna agus nach mó iná égsamhlacht choitchionn nó dhorcha na n-éifeacht chiallaigheas a n-égsamhlacht-san. Ar an adhbhar sin as riachtanas eólas na ngníomhach speisialta agus ullmhughadh an adhbhair d'fhagháil. Agus fós iar bhfagháil a bhfeasa sin, ní bá léir dhúinn na héifeachta teagmhaisiocha atá ré teacht, go mórmhór atá fá chumas na toile saoire; féch an lugha iná sin as eólas na rédlann? Arís, bíodh go mbeithdís dísligheachta égsamhla isan bhflaitheamhnas, ar a shon sin nírbh fhéidir leis na nélladóireadhuibh fios na neithe teagmhaisiocha atá ré teacht d'fhághuil as sin, do bhrígh an tan go bhfuilid cúisi speisialta na n-éifeacht a bhfogas, ní bhfuil dá fhad dá bhfuilid ón éifeacht chédna nach móide atáid 'na ccúise coitchionna. Ar an adhbhar sin ó as faide an flaitheamhnas agus na rédlanna ó na neithibh íochtaracha sa iná na dúile agus na cúise nádúrtha íochtaracha, as follas gurab coitchinne mar chúise na cáilidheachta égsamhla sa an fhlaitheamhnais iná na cáilidheachta atá faoi an bhflaitheamhnas. Gidheadh, ní féidir linn teacht a n-eólas na n-éifeacht
speisialta as breathnughadh na gcúise coitchionna amháin atá faoi an bhflaitheamhnas. Óir ní féidir linn fios geineamhna an duine so nó an chrainn si d'fhagháil as bríogh gheineamhnach na n-ainmhinnteadh nó as bríogh dhúileamhanta na teine; ar an adhbhar sin as lugha iná sin as féidir dhúinn breitheamhnas do thabhairt ar na neithibh teaghmhaisiocha atá ré teacht as eólas an fhlaitheamhnuis nó na rédlann. Arís, dá ndeónaighemís bríogha na rédlann bheith 'na gcúisi nías speisialta iná bríogha na ndúileamh agus na ccúise atá arna n-iadhadh faoi an spéir, ar a shon sin as roidhíomhaoin an nélladóireacht, do bhrígh gurab doidhénta do na daoinibh eólas bríogha na rédlann d'fhagháil an tan go bhfuilid (a bhfad) ón ccédfadh, óna ttionnsguin ar n-uile eólas. Agus as maith an comhardha ar sin, mar adubhramar cheana, go rabhadar na bríogha sa 'na n-ainbhfios ar na feallsuimh dob ordhraice dá ttáinic riamh. Agus ní headh sin amháin acht níorbh fhéidir leó theacht a n-eólas cháilidheacht agus eidirdhealughadh fíre iliomad neithe dá bhfuil faoi an bhflaitheamhnas agus ghlacmuid ré ar lámhuibh go laéthamhuil. Féch an lugha iná sin as féidir leis na nélladóireadhuibh theacht a n-eólas bríogha agus cháilidheacht na rédlann atá go doichríochnuigh a bhfad ó ar ccédfadhuibh, an tan nach bhfuilid ionchomórtuis a n-inntleacht iná a n-eólas leis na feallsuimh ordhraice úd? Arís, do bhrígh dá bhfaghdaois eólas ar na bríoghuibh agus ar na cáilidheachtuibh úd, níorbh fhéidir leó uaill do dhénamh as a nélladóireacht dhíomhaoin, ar an adhbhar nach féidir do na cúisibh speisialta atá faoi an bhflaitheamhnas bheith gan fáth, óir ní bhfuil ní ar bith díomhaoin asna neithibh nádúrtha. Mar sin madh ruinntear na cáilidheachta speisialta isan bhflaitheamhnas agus gach cáilidheacht do bheith cinnte dochum éifeicht ar leith, mar atá cáilidheacht ar leith dochum an duine do gheineamhuin, agus cáilidheacht eile dochum na bó, as éigin annsin a admháil nach mó iná bríogh amháin atá ag na cúisibh atá faoi an bhflaitheamhnas an t-adhbhar do ullmhughadh, agus gurab iad bríogha na rédlann thairngeas foirm isan adhbhar. Madh as mar sin atá, ní lór don nélladóir dearcadh ar an bhflaitheamhnas, do bhrígh go ttairngthear foirme égsamhla isan adhbhar do réir égsamhlacht an ullmhaigh bhíos air. Óir muna bhfuil an t-adhbhar ullamh ní féidir lé bríogh na cúisi nádúrtha do tharruing ann. Agus an tan gur féidir
ullmhughadh an adhbhair do thoirmeasg ar iomad do mhodhuibh, gan chonntabhairt ní bá féidir leis an nélladóir eólas ar bith d'fhagháil ar na héifeachtuibh speisialta atá ré teacht go teagmhaisioch as radharc na spéire amháin. Óir madh dhearcann ar an rédlainn agá bhfuil bríogh chinnte na caora do gheineamhain as an bhfíneamhuin, as cinnte gur féidir lé hiomad neithe an t-éifeacht sa do thoirmeasg, mar atá drochullmhughadh an adhbhair, nó daoine nó áirnéis dá milleadh, nó comhoibriughadh rédlainne eile dobhéradh iomad uisge nó tiormaigh lé. Ar an adhbhar sin madh as mar sin atá an chúis isna neithibh nádúrtha, as mó iná sin bhús fallsa neimhchinnte breitheamhnas an nélladóir ar na neithibh bheanas leis an toil shaoir atá sochlaochlaidhthe somhalartach ar mhodhuibh dofhaisnéidhe. Agas mar sin as follas (nach fá chumas) an fhlaitheamhnuis iná na rédlann atá stiúradh na ndaoineadh; nó madh atá ar énmhodh, nach mó iná go teagmhaisioch, agus sin féin an mhéid go bhfrémhuid ón gcúis choitchinn. Agus an tan go malartar go laethamhuil opinion agus álgas na ndaoineadh leis an toil shaoir agus lé teagmhais doichríochnaigh na neithe, agus go bhfilltear na daoine go meinic óna gclaonadh agus ón rún bhíos fúthaibh, as roidhíomhaoin agus as cúis mhagaidh a rádha go mbeith an bheatha dhaonna arna stiúradh ré coimhéd na rédlann, go mórmhór do bhrígh go bhfuil an ealadha sa na nélladóireachta - madh as ceart ealadha do thabhairt uirre - 'na suidhe ar fhonndamuinntibh fallsa fírneimhchinnte. Acht do bhrígh nach bean lé ar ccúis anois cathughadh a n-aghaidh an díomhaoinis si, as lór dhúinn an mhéid si do labhairt air. Óir as lór dhúinn a chruthughadh gurab fallsa díomhaoin gach adhradh dár fríth agus dár féidir d'fhagháil don fhlaitheamhnas agus do na rédlannuibh. Do sgríobh ámh iarla ordhraic ó intleacht agus ó ealadhuin darbh ainm Ioannes Picus Mirandulanus coimhgérchúisioch agus comhfoghlamtha agus sin a n-aghaidh na healadhna sa na nélladóireacht gurab follas dá gach aon léighfios a leabhar nach bhfuil acht cúis fochuidmhe agus fanámhuid isan nélladóireacht.
GURAB É CREIDEAMH NA N-IODHALADHARTHACH SECHT AS DÍOMHAOINE DO NA HUILIBH. Caib. 4. Do fhoillsigheamar creideamh na bhfeallsamh, do mheas Dia, .i. an chédchúis, d'adhradh, nach eadh amháin nach lór é dochum ar slánaighthe acht fós go bhfuil lán d'ainbhfios agas d'earráid, agus go bhfuil mar an gcédna an t-adhradh beirthear do na corpaibh neamhdha díomhaoin díthchéilligh; féch nach mó agus sin atá an t-adhradh beirthear do na hiodhaluibh, do dhealbhuibh cloch nó crann nó daoineadh nó ainmhinnteadh, iondamanta agus 'na dhíol fochuidmhe, magaidh agus fonámhuid? Agus ní mheasuim gur riachtanas dúinn duadh iná saothar do ghlacadh ré so do thaisbénamh, an tan go bhfuil follas don n-uile dhuine agá bhfuil a bheag do chéill nó do chríonnacht nach bhfuil leimhe as mó iná nías faide ó résún iná clocha, crainn nó neithe marbha domhothaighthe d'adhradh. Agus do bhrígh nach riachtanas cathughadh a n-aghaidh gach neithe dhíobh fá leith, laibheóram ar na neithibh agá bhfuil sórt éigin cruthamhlacht. Óir measmaoid nach bhfuil buile nó mire as mó iná dealbha bodhra balbha d'adhradh. Acht do bhrígh go n-abruid an mhuinntir thairgeas leisgél na meire so do ghabháil nach iad na neithe gan anam adhruid féin acht na dée chomhnuigheas ionnta, agus do-bheir freagra uatha, nó thaissealbhuid, amhuil adhramaoidne, na críostaidhthe, íomháigh Chríost agus na naomh, foillseócham fós gurab mallaighthe coirbthe crosta an t-adhradh tugthar leis na hiodhaladharthuibh do na substainntibh deaghuilte, ionnas tar (éis) gur labhramar ar na himlibh, go ttráchtmaois ar na meadhónuibh. Óir atáid substainnteadha deaghuilte go meadhónach eidir Dhia agas an flaitheamhnas. Do chéidneithibh, tuig nach eadh amháin (do réir mar do chruthaigheamar thuas) nach éidir toil an duine do ghluasacht leis an bhflaitheamhnas, iná léna hanam, réna congnamh féin, acht fós iná le substaint dheaghuilte, nó lé créatúir spioratálta dá uaisle, acht lé Dia amháin, ar mhodh gníomhaigh. As
amhlaidh tuigthear ní do ghluasacht ré ní oile ar mhodh gníomhaigh, an tan gluaistear uaidhe é amhuil ó thosach fhoirimleach. Mar sin adeirmíd nach éidir an toil do ghluasacht ó thosach fhoirimleach ar bith acht ó Dhia amháin, bíodh gurab éidir lé mórán do neithibh a gluasacht ar mhodh críche nó cosbóir. Óir as éidir lé mórán do neithibh corpardha agus spioradálta an toil do ghluasacht leis an maith nó an t-olc do thaisbénadh dhí, ar a shon (sin) ní chaill an toil go bráth a saoirsi acht bí do shíor 'na baintighearna ar a gníomharthuibh féin. Agus ní mó iná ar mhodh críche atá an ghluasacht sin féin, ar mhodh nach cúis í go díleas acht ócáid do thogha na tola. As follas ámh nach éidir lé ní ar bith an toil do ghluasacht ar mhodh gníomhaigh acht lé Dia amháin, ar an adhbhar amhuil agus atá a chlaonadh nó a álgas nádúrtha dochum a chríche dísle féin (san ní gan anam), mar an gcédna atá a claonadh agus a hálgas tuigsioch féin ag an toil dochum a críche dísle féin isan tsubstaint thuigsigh. Gidheadh, as leis an tí amháin do chum nó do-righne an nádúir as éidir claonadh nádúrtha do thabhairt uadha. As uime sin do chruthaigheadar na feallsaimh go ngluaistear na neithe troma agus édtroma leis an ní gheineas iad. Ar an adhbhar sin as leis an tí amháin as cúis don nádúir thuigsigh bheanas an toil do ghluasacht dochum neithe éigin ar mhodh gníomhaigh. As é Dia ámh as cúis don nádúir thuigsigh, do bhrígh nach as comhachta an adhbhair tig an t-anam tuigsioch acht óna chruthughadh amháin. Ar an adhbhar ó as ionann ní do chruthughadh agus a dhénamh do neimhní, ní mó iná lé comhachta doichríochnaighthe as éidir a dhénamh, agus as é sin Dia, do-bheir ní headh amháin bríogh agus comhachta do na neithibh acht fós ruinneas oibriughadh orra. Amhuil iomorró agus geibhthear ord isna neithibh corpardha, mar an ccédna geibhthear ord as foirbhthe iná sin go mór isna neithibh spioradálta. Gidheadh, as ón gcédghluasacht tig an n-uile ghluasacht isna neithibh corpardha; ar an adhbhar sin as ón gcédthoil, .i. ó Dhia, tig uile ghluasacht na tola isna neithibh spioratálta. As ar follas gurab ó Dhia gluaistear an toil ar mhodh gníomhaigh agus críche; óir as éidir leis a gluasacht ar mhodh gníomhaigh go neimhmheadhónach, agus a gluasacht go meadhónach agus go neimhmheadhónach ar mhodh críche. Ciabé dhíobh sin modh ar a ngluaisionn í, as cinnte nach go haimhdheónach ghluaisios, ar an adhbhar gurab do réir claonaidh nádúrtha a
fhoirme ghluaisios Dia gach ní. Ar an adhbhar sin as follas gurab é Dia amháin, as tosach amháin don n-uile thoil, as gluaisteóir agus as stiúraightheóir don chruinne dhomhanda, as cóir d'adhradh leis an adhradh as díleas dá mhórdhacht féin, dá ngoirthear latria. Óir bíodh gurab díol onóra agus reverens na créatúireadha eile, an mhéid go rannphártaighid do chosmhuileacht na diadhachta, as cédchúis do na huilibh, ní cóir ar aonchor adhradh latria, as díleas do Dhia amháin, do thabhairt dháibh. Mar sin ní ceadaightheach sacrafís do dhénamh dháibh iná túis do losgadh acht do Dhia amháin, dá ttugann an creideamh críostaidhe adhradh latria; bíodh go n-onóraidh cuimhne na n-aingeal agus na naomh ag moladh Dé ina naomhuibh, ag tabhairt altughadh buídhe dhó fá mar do dháil go búidh beannaighthe a samhuil sin agus a gcommór do thromthabhartasuibh dá chréutúiribh féin. Agus ní thugann onóir do na naomhuibh mar dhéibh acht mar cháirdibh Dé, ag iarraidh a gconganta, ionnas go n-eadarghuidhedís Dia ar ar son, agus go bhfaghdaois dúinn uadha an ní nach éidir linn d'fhagháil ré ar luaighidheacht féin. Agus mar sin ní hindiommolta Dia go mórmhór do adhradh ar an modh so, agus onóir do thabhairt do na substaintibh beannaighthe deaghuilte, acht as naomhtha ceart lé dénamh. Gidheadh, as roi-égcosmhuil leis so do-níd lucht adhartha na n-iodhal. Óir as cinnte go n-ofráildís sácrafíseadha égsamhla d'iodhaluibh égsamhla agus go n-iarrdaois fios na neithe atá ré teacht orra; ní bheanas ré Dia amháin. Acht dob éidir go bhfreagóradh neach éigin ag rádha, bíodh go n-ofráildís na sácrafíseadha sin do dhéibh égsamhla, gurab ar Dhia amháin do fhilldís a n-úidh agus a n-inntinn, ionnas go moladaois agus go n-adhradaois Dia isan tsubstaint spioradálta thaissealbhas an dealbh sin bhíd d'adhradh. Agus dá n-admhamaois so féin, bíodh go bhfuil 'na ainbhfeas ar iomadamhlacht na bpobal n-ainbhfeasach, ar a shon sin ní bá éidir leó leisgél an iodhaladhraidh do ghabháil nach bhfuil díomhaoineach urchóideach, ar an adhbhar go ndiongnadaois iliomad do neithibh díomhaoine ba cúis sgige, agus dobhí contráir do dheighbhésuibh, in gach gnás agus gach ceirimonias dá gcleachtdaois a ttimcheall an adhraidh sin. Agus dá ttairgdís a aithfear sin do thabhairt ar olc na ndrochdhaoineadh mallaighthe thruailligheas an t-adhradh,
ní éidir gan brég fhollas do chur 'na leith, ar an adhbhar go raibhe an gnás sin dá choimhéd ar feadh an domhain fós ag daoinibh móra. Acht bíodh go n-aidmheóchamaois an ní so féin, ní héidir leó a chosnamh ar énchor gurab deighspiorada na spiorada do adhradaois acht spiorada adhuathmhara deamhnuidhe. Agus mar sin do-bheirdís a n-adhradh d'inntleachtuibh neamhordaighthe, contrárdha do Dhia, ann nárbh éidir Dia d'onórughadh iná d'adhradh. Mar as uras d'fhoillsiughadh lé hiomad do résúnaibh. Ar tús, do bhrígh go mbean leis an tuigse chruthaighthe ordaighthe ní headh amháin í féin d'ullmhughadh dochum a cúisi agus onóir do thabhairt dá cúis acht fós na tuigseadha eile do dhíriughadh chuige sin do dhénamh, ionnas go bhfaghadh Dia glóir in gach ní, ó as é do-ní na huile isna huilibh. Acht bíodh go ttiobhradaois a samhuil sin do spioraduibh iomad freagradh uatha, ar a shon sin níor theagaisgsiod ariamh an t-ord díreach ar a ttiobhradh neach a bheatha suas go ceart, iná an t-adhradh fíre as dleacht do Dhia, acht a chontráir, nó go háiridhe ag fulang dhroichbhés go lúthgháireach agas (ag) iarraidh dháibh féin na honóra bá dleacht do Dhia, ionnas go raibh an saoghal go hiomlán ar báthadh a n-aibhéis na seachrán, agus nach mór go raibh a bheag d'eólas ar Dhia. Arís, ní bhean leis na deighspioraduibh an fuath iná an t-easccáirdeas d'oileamhuin iná do chaomhna, iná droichghníomhartha do dhénamh, iná a samhuil sin d'olcuibh do mhúnadh do na daoinibh. Gidheadh, do iomchradaois na dée úd cuinntinn, ceannairrge, cogtha, naomhathais, agus gach col dá ghráineamhla do fhreacar 'na measg, agus iomad olc eile rothruaillighthe nach seanmóradaois bheith fallsa, ag gabháil ag ainbhfios na ndaoineadh; agus ní mó dobhíodh gráin aca ar na neithibh nárbh éidir lé deaghdhuine ar bith do chlos gan gráin agus uathbhás dá ghlacadh, ionnas go ttairngedís na daoine léna sompla básaightheach go seachrán romhallaighthe. Mar an gcédna dá mbeith nach beith dúil ar bith iná taithneamh ag Dia a n-énadhradh ar a shon féin acht ar ar soin-ne, ionnas go ndéntaoi foirbhthe beannaighthe sind (Dia iomorro atá foirbhthe don n-uile thaoibh, ní bhfuil riachtanas aige ré ar maith-ne), as cóir dá gach tuigse ordaighthe dá bhfuil faoi
Dhia, ionnas go ccuireadh í féin a n-oireamhuin dá hughdar, an mhaith chédna do shanntughadh don uile dhuine. Uime sin dámadh spiorada maithe dée na n-iodhaladharthach, do thairgfedís na daoine do dhénamh cosmhuil leó féin a bhfoirbhtheacht. Óir iomlánaidh agus foirbhthighidh gach uile chúis, an mhéid gurab éidir lé, tréna maith agus na foirbhtheacht, an t-éifeacht geintear uaithe, agus iarraidh gach ní foirbhthe (gach) ní oile do dhénamh cosmhuil leis féin. Beanaidh ámh go mórmhór ré foirbhtheacht an duine fios agus eólas na neithe ndiadha. Uime sin bá cóir do na spioraduibh maithe, trésan bhfios do-bheirdís uatha, na daoine do threórughadh go heólas foirbhthe na neithe diadha, agus a mhúnadh do na huilibh an t-aoinDia fíre, ó bhfuilid na huile, do ghuidhe, do ghrádhughadh agus d'iarraidh; ní nach dearnadar ar énchor. Acht sul táinic Críost dobhí an chruinne dhomhanda 'na suidhe i gceó roithiugh na bpeacadh agus an ainbhfis, go mórmhór arna múchadh a ndorchadas agus a sgáile an bháis ó eólas na neithe diadha, do bhrígh, an mhéid gurbh éidir leis na déibh úd, do thairngiodar na daoine ré iomad díomhaoineas agus brég ón Dia fíre; agus as mó go mór léighmíd do theagasg ar an airdDia fíre forórdha, ar na deighbhésuibh agus ar na neithibh bheanas leis an mbeathaidh bheannaighthe, i sgoltaibh na bhfeallsamh, .i. Phitagorais, Socrateis, Plato agus Aristotel, iná i tteampluibh na ndéeadh; agus dob ordhraice agus dob fhearr na feallsaimh do-geibhthí do-níodh neamhshuim do na neithibh sin iná na dée sin agus a sagarta, dobhíodh do shíor ag tabhairt aire don mhire dhíthchéillidhe sin. Arís, dá mbeithdís 'na ndeighspiorada, do-dhéindís na daoine nísa chinnte don tsén agus don ghlóir shíordhuidhe iná do-righneadar; agus do thaisbénadaois an chríoch fhíre dháibh agus na subháilceadha tré a tteagar gusan tsén agus gusan nglóir suthain do na daoinibh, dobhí rochúramach, lán do chathughadh fá chonntabhairt an tséin sin agus na glóire. Óir as d'fhiachuibh an deighspiorad ar a mbí cúram agus coimhéd an duine críoch na beatha daonna do mhúnadh dhó maraon leis na meadhónuibh agus leis na slighthibh tré a tteagar go Dia; nó nó bá roidhíomhaoin a stiúradh. Óir madh do-ní an deaghdhuine féin an ní so, nach mó iná sin as cóir don deighspiorad a dhénamh? Acht gidheadh, ní dhearnadar na spiorada úd an ní so, acht do líonadar croidhthe na ndaoine do chathughadh agus do chonntabhairt, ar mhodh go
raibh an chríoch fhíre agus na meadhóin threóraigheas chuice 'na n-ainbhfios go hiomlán ar na daoinibh ria seanmóir agus ria tteacht Chríost, tug solas ar an bhfírinne do na huilibh. Mar an gcédna ní bhfuil an deighspiorad brégach agus ní mheallann na daoine, do bhrígh gurab uilc do shíor an bhrég agus an mhealltóireacht. Acht as iomdha brég adubhradar na spiorada úd ina bhfreagarthuibh, agus as iomdha fós comhráidhte conntabhartha neimhchinnte do-righneadar, agus mar sin as roimhinic do mheallsad na daoine. Ós a chionn sin an tan gur fhoillsigheamar cheana gurab lé Dia, agá bhfuil fios na n-uile ón tsíordhuidheacht, bheanas réimhfhios na neithe teagmhaisioch atá ré teacht, dámadh spiorada maithe iad súd, ní ghlacadaois dáibh féin ar énchor an ní as díleas do Dhia amháin. Óir ní dhubhradar, ar nós (na) bhfáidheadh, ag so adeir an Tighearna, acht as dóibh féin do shealbhadaois réimhfhios na neithe nach ttáinig. Agus an tan do thairgdís a thaisbénadh a mbeith réimhfheasach ar na neithibh sin, ní headh amháin go ndéindís égcóir ar an mórdhacht diadha ag filleadh na glóire bá dleacht di orra féin, acht fós do mhúchadaois na daoine a ngoire guairtill na n-ainbhfeas, asarluigheachta agus piseógadh an tan do chuirdís fá-deara ar na daoinibh dhul ar mire tré fhios díomhaoin do-gheibhdís as inneadh na n-ainmhinnteadh, ar a ndéntaoi sacrafís dóibh, nó as glór nó eitiol én, nó a samhuil sin do neithibh díthchéillidhe; neithe go deimhin ar a ccuirfedís deighspiorada toirmeasg. As uras iomorro dá gach duine céillidhe ainbhfeas, earráid, urchóid agus díomhaoineas na neithe si do thuigsin. Mar an gcédna do bhíodh fabhar ag na déibh sin ris an draoidheacht, anna ndéntar adhaltrannas agus dúnmharbhadh na neimhchiontach, a bhfaghuid drochdhaoine caomhna agus cumairce, agus anna ndéntar iomad mealltóireacht agus neithe oile roghráineamhla, ar a mbí gráin agus fuath ag deaghdhaoinibh subháilctheacha. As ar éidir a dhearbhadh gur dhroichspiorada iad súd. Arís, ní bhí dúil ná taithneamh ag deighspiorad ar bioth a gcruadháil; gidheadh, ní headh (amháin) go n-iarrdaois na spiorada úd fuil bheathadhach mbrúideamhuil d'ofráil dáibh féin ina sácrafísibh acht fós fuil dhaoineadh neimhchionntach, mar atá fuil bhuachall, chailíneadh agus ógh do dhortadh ré bás
adhuathmhar do thabhairt dáibh; as ar marbhadh nuimhir dho-áirimhthe neimhchiontach, ris na haithribh do dhénamh sacrafís ar a gcloinn díleas féin. Cá bhfuil cruadáil as mó iná an t-athair do bheith ag feólchasgairt a mheic nó a ingheine féin? Ionnas, ar sgrios a tteampla, tar éis an tsoisgéil do sheanmóradh leis na hapstaluibh, gur fríoth carn adhbhalmhór cnámh daoineadh móra agus beaga dá gach cinél anna soiléruibh a bhfolach. As comharrtha cinnte nár dhée iad acht deamhuin agus droichspiorada dobhí ag tabhairt áir na ndaoineadh. Dob éidir linn fós uilc dhoichríochnuigh táinic as adhradh na n-iodhal d'áireamh; acht do bhrígh gur sgriosadh an seachrán so as an domhan ar fad ré tiodhlaicthibh dofhaisnéidhe ar tTighearna Íosa Críost, agus nach bhfuil 'na ainbhfeas ar aoinneach, measmaoid gurab lór an beagán so do labhairt a n-aghaidh an iodhaladhraidh, go mórmhór do bhrígh gur claoidheadh iad go fairsing leis na haithribh rofhoghlamtha táinic romhuinn. Agus fós dá mbeithdís súd 'na ndée nach ttiocfadh ré Críost, dobhí 'na dhuine, a n-adhradh agus a n-onóir do mhúchadh mar do-righne. DO CHLAOIDH ASARLUIGHEACHTA AGUS AINCHRÍOSDAIDHEACHT AN CHINIDH IÚDAIDHE. Caib. 5. Do-chuaidh as solas an résúin nádúrtha comhmór agus sin ria tteacht Chríost, muna ttugadh ar tTighearna Íosa Críost féin furtacht don domhan chaillte, as beag nach beithdís na huile dhaoine nías broghaighe iná na beathadhaigh bhrúideamhla, an mhéid go bhfuilid nísa mhailísighe do urchóidiughadh agus nísa chlaoine agus nísa eólgasaighe ar iliomad peacadh n-égsamhuil do dhénamh. Mar sin as follas an solas nádúrtha do bheith ro-anbhfann rolag muna bhfaghaidh congnamh nó furtacht ó ghrásuibh Dé. Acht do bhrígh go ndearnadar iliomad drochúsáid do thiodhlacadh an tsoluis neamhdha, agus gurab iad na
Iúdaidheadha as daingne chongbhas an seachrán so, tugam aghaidh ar n-arm orra agus foillseócham nach bhfuil a reacht ná a gcreideamh glacmhach ná taithneamhach ag Dia, acht go bhfuil dochrach díoghbhálach, agus gur mó chosnaid é lé míonáire mhailísigh agus lé dosmacht díthchéillidhe iná lé résún. Óir bíodh go maoidhid go dána gurab ó Dhia dofuairsiod an Sein-Reacht, ar a shon sin as díomhaoin an teagasg milltear agus truaillighthear leis an drochthuigse chaim agus tarcuisnighthear leis an dobhuidheachas. Acht do bhrígh gurab san Messias, .i. i gCríost, ré a bhfuil súil aca do theacht, atá a n-uile dhóthchas, madh thaisbénamaoid an Messias sin do theacht cheana, agus gurab é Íosa Críost Nasarénach Mac Dé an tOngthach nó an Messias fíre adhramaid agus onóramaid, ní ba éidir leó a shénadh gurab ó Dhia atá ar gcreideamh agus gurab mór an t-ainbhfios agus an seachrán atá orra féin. Bíodh iomorró gomadh lór do chruthughadh na fírinne si na résúin tugamar dháibh isan dara leabhar don obair si, do bhríogh munab é Íosa an tOngthach nó an Messias fíre, cia an Messias oile as mó iná é as éidir d'fhághuil, an tan nach éidir beatha as fearr iná reacht as naomhtha d'fhághuil iná an bheatha agus an reacht do theaguisgsion? Ar a shon (sin) dochum go ttollamaois iad réna saighdibh féin, do-bhéram a sgrioptúireadha féin 'na n-aghaidh anuas, go hathchumair, do bhrígh gur thráchtadar daoine rofhoghlamtha - sa leabhair mhaireas anois san Eagluis - go dúthrachtach ar an gcúis si. Agas bíodh gomadh córa dhúinn siobhal ré résún iná ré hughdarrás isan gconnspóid so, ar a shon sin ní héidir linn résún do thabhairt 'na n-aghaidh as daingne agus as neartmhaire iná na sgrioptúireadha dá gcreidid féin go neamhchonntabharthach do ghlacadh mar fhonndamuint fhoirtill 'na n-aghaidh. Agus ní beag an tarbha thiocfas do na díchreidmheachuibh asta madh thuigid gur rémhaithrisiodh re tairngire chinnte an uiriod sin bliadhan roimh ré gach fearta agus gach móirghníomh dá ndearna Críost. Mar sin madh chuirmíd síos roimh ré poingc áiridhe admhas an cineadh Iúdaidhe féin agus atá follas uatha féin, as uras dúinn a chruthughadh gurab é Íosa Nasarénach do chrochadar na Iúdaidhe an Messias agus an tOngthach fíre do thairrngireadar na huile phátriarca agus fáidhe, agus do rémhchomharrthaigheadar ré iomad rúindiamhradh, agus re a raibhe súil aca.
Do chéidneithibh, as follas a measg na n-uile Eabhradhach gur gheall Dia dháibh isan sgrioptúir naomhtha slánaightheóir agus fáidh mór, ré a raibh súil aca bheith 'na rí orra; agus dobhí d'fhiachuibh orra a éisdeacht agus umhlughadh dhó isan uile ní. Agus admhaid féin go huilidhe d'aoinmhéin an ní so go soiche an lá aniodh, agus atáid ag fuireach leis go bhfonn adhbhalmhór. Ionnas go n-abair Maoise, Deuteron. 18, leis an bpobal: “Do-bhéra an Tighearna Dia fáidh mar meisi dhuit dot chineadh féin agus dot dhearbhbhráithribh; cluinfir é amhuil do iarruis ar do Dhia.” Agus adeir an Tighearna lé Maoise go grod 'na dhiaidh sin: “Dúiseócha meisi fáidh dáibh as lár a ndearbhbhráthar bhias cosmhuil leatsa; cuirfiod mo bhriathra féin ina bhél agus laibheóra leó an mhéid fhuaigeórad dó. Gé bé ámh dhiúltfas na briathra laibheóras in m'ainm-si d'éisdeacht, do-dhénsa díoghaltas ann.” As cinnte fós agus atá dearbhtha ag an ccineadh Iúdaidhe go huilidhe gur tairngireadh cáilidheachta agus coinghiolla an Mhessias nó Críost isna sgrioptúiribh naomhtha, a ndligheadh Maoise, isna fáidhibh agus isna salmuibh, .i. cia an áit, cia an aimsir, agus cia an treabh dá ngeinfidhe é, maraon leis an mbeathaidh, an teagasg, agus gach ní dár chóir dhó do dhénamh, agus mórán oile neithe bheanas leis an Messias amháin. As follas mar an gcédna as leabhruibh dofhaisnéidhe go nglacann sgrioptúir naomhtha an tSein-Reachta an míniughadh sin, gurab d'Íosa Nasarénach do chrochadar na hEabhradhaigh oireas na huile choinghiolla agus comharrthadha bheanas leis an Messias fíre, ionnas nach bhfaghthar ní ar bith as dligheadh Maoise, as na fáidhibh agus as na salmuibh nach tteagann go ro-oireamhnach d'Íosa Críost. Agus ní headh amháin go n-oireann go ro-uras agus go rothaithneamhach míniughadh agus ciall an tSein-Reachta do phearsain Íosa Nasarénaigh, acht fós oirid go ro-oireamhnach do na huile fheartuibh dá ndearnadh isan Eagluis iar mbás Íosa, ar mhodh, muna mbeith a fhios go rabhadar na fáidhe roisheana so ann, gurbh éidir leis na hEabhradhuibh atá sgapthaidhthe ar feadh na cruinne conntabhairt do dhénamh gurab iad na críostaidhthe do chum na neithe si, dochum a ccreidimh féin do dhaingniughadh ré hughdarrás fallsa cumtha.
Fiafraighim ar an adhbhar sin don chineadh Iúdaidhe, an é Íosa an Méssias fíre nó nach é? Madh as é, créd an t-adhbhar nach leanuid é agus nach ndénuid críostaidhthe dhíobh féin, an tan go bhfuil d'fhiachuibh orra ó aithne Dé a éisteacht agus a leanmhuin? Munab é Íosa an Messias fíre, tar éis gur gheall Dia go ccuirfeadh duine ronaomhtha chugtha, sa choinghiolla do chuir síos isan sgrioptúir naomhtha, agus gur fhógair do na huilibh géilleamh dhó, cionnas 'na dhiaidh sin do fhulaing na neithe si go hiomlán do choimhlíonadh a nduine oile? Óir munab é Íosa an Messias ré a rabhadar ag fuireach go bhfonn comhmór agus sin, as éigin go n-aidmheóchuid aon do thrí neithibh dhúinn: óir nó ní raibhe a fhios ag Dia go raibhe an tÍosa (sa) ré teacht, ann gcoimhlíonfaidhe gach ar tairrngireadh ar an Messias; nó níorbh éidir leis a thoirmeasg, bíodh go raibhe a fhios aige; nó madh dob éidir leis a thoirmeasg, níorbh áil leis sin do dhénamh. Ciabé iomorro do na trí neithibh si chuirfid a leith Dé, ní héidir nach biaidh meas luicht mórbhuile orra. Do bhrígh madh do bhí a fhios so aige, agus gurbh éidir leis a thoirmeasg, créd an t-adhbhar nárbh áil leis a thoirmeasg? An mealltóir ar na daoinibh Dia? Go deimhin ní héidir achmhusán do thabhairt oruinne na críostaidhthibh fán Íosa Nasarénach so as feartaighe iná na huile do leanmhuin, an tan nach tteaguid ráidhte na bhfáidheadh agus fioghrach an sgrioptúir naomhtha (d'aoinneach eile), agus nach éidir leó teacht coimhfíre agus comhoireamhnach agus theaguid d'Íosa. Agus munab é Íosa an Messias, as díomhaoin súil do bheith léna aithearrach, an tan nach bhfuil acht leimhe mhór a chreideamh gurab éidir neach cosmhuil leis d'fhághuil. Mar sin cuartaighedís go hiochtmhar an Sein-Reacht agus fearta agus móirghníomhartha Chríost agus a Eagluisi, agus féchdaois cad é an ní as mó as éidir leó do thabhairt don Messias sin re a bhfuil súil aca nach bhfaghthar nísa résúnta agus nísa iomláine a nÍosa Nasarénach, bíodh go ttiucfadh an Messias nuadh sin, mar adeiridsean. Go dearbhtha muna mbeithdís iar ccruadhughadh agus iar gcalcughadh a bpeacadh an díchreidimh do thuigfedís gurab soilléire na neithe si iná an solas. Arís, an tan go ndeachaidh an aimsir thoruinn fada ó shoin 'gár tairngireadh teacht an Messias isan sgrioptúir naomhtha, agus nach facas aoinneach taobh amuich do Chríost dá n-oirid
coinghiolla agus cáilidheachta an Messias, cia chuirfeas a gconntabhairt gurab é Íosa Nasarénach an Messias fíre? Óir nó atá an sgrioptúir brégach, ní nach n-aidmheóchuid an cineadh Iúdaidhe ar énchor, nó ar n-admháil an sgrioptúir, as éigin mar an gcédna a admháil gurab é Íosa an Messias. As follas iomorro aimsir an Messias do dhul thoruinn. Ar tús, atá an tairngire ordhraic úd an phátriarc Iacóib dá dearbhadh, .i. “Ní sgarfa colbh ríoghdha re Iúda iná treóraidhe re a shliasuid go teacht an tí atá ionchurtha, agus as leis bhias fuireachas na gcineadhach.” Nó, mar adeir an t-iompúgh Caldea, sa ughdarrás as mór acasan, “nó go tteaga an Messias.” Gidheadh, as follas anois gur sgar colbh ríoghdha ré Iúda agus treóraighe ré a shliasuid. Mar an gcédna léghthar san naomhadh caibidil ag Daniel fáidh na briathra so, .i. “Do gearraigheadh seachtmhodhadh seachtmhuin ar do phobal agus ar do chathair naomhtha, ionnas go gcurthaoi deireadh leis an easumhla nó lé briseadh na n-aithneadh, agus go nglacadh an peacadh críoch, agus go ttugthaoi an ceart síordhuidhe isteach, agus go ccoimhlíontaoi an tarfás agus an fháidheadóireacht, agus go n-ongthaoi Naomh na Naomh. Bíodh a fhios agad dá bhrígh sin agus tabhair dot aire, ó thús do chomhráidh, ionnus go n-athchurthaoi Ierusaleim suas arís go mbiaid seacht seachtmhuine agus dhá sheachtmhuin agus trí fichid go soiche an gcaiptín Críost. Agus arís cuirfidhear an chathair suas agus na ballaidhe a gcruas na n-aimsior. Agus tar éis dhá sheachtmhuine agus trí fichid báiseóchar Críost; agus ní bhiaidh an drong shénfas é mar phobal aige; agus brisfe an pobal maraon leis an gcaiptín thiocfas, an chathair agus an naoimhtheach, agus as sgrios as críoch dhi, agus tar éis críche an chogaidh, an t-anródh ordaighthe. Daingneóchaidh ámh a chonnradh do mhórán a n-aointseachtmhuin; agus rachaidh as an iodhbairt agus as an tsacraifís a meadhón na seachtmhuine, agus biaidh gráin anróidh an sgriosta isan teampall, agus mairfe go buan an sgrios agus an t-anró sin go deireadh agus go crích.” Go dearbhtha as uras dúinn a thuigsin as na briathruibh si gurab é Íosa an tOngthach nó an Messias fíre; óir as rofhada ó do-chuadar na seachtmhuineadha sin thoruinn, agus ní facas aoinneach oile go fóill ar an saoghal dá n-oirid a samhuil so do bhriathruibh acht madh Críost amháin. Óir as ionann seachtmhuin isan
sgrioptúir naomhtha agus seacht mbliadhna, mar as follas, Leuitic. 23 agus 25. Mar sin iomlánuid an seachtmhodhad seachtmhuin ceathra céd agus nóchad bliadhuin tánag eidir an fáidh Dainél agus bás Chríost. Gidheadh, dámadh mian leis an gcineadh Iúdaidhe an fháidh do ghlacadh seachtmhuine annso a gcéill oile seach mar glacthar í ag Leuitico, as cóir a fhiafraighe dhíobh créd an chiall oile thuigid as seachtmhuin. Agus ó nach éidir leó ní cinnte ar bith do thabhairt anuas as an sgrioptúir, ní cóir meas ná suim acht meas lag brégach do bheith ar éinní dá n-aibeóraid nach bhfuil isan gcanóin. Do bhrígh dámadh atharrach céille seach na céille gnáthaighe an sgrioptúir agus míniughadh choitchinn na n-uile do bheith ag seachtmhuin isan áit so, agus nár fhoillsigh Dainél sin, as díomhaoin do-rinneadh an rémháireadh so na haimsire, an tan nach bhfuil sothuigse, agus fós do fhúicfeadh ócáid fhollas seachráin agus ainbhfis ag lucht lorgaireachta na fírinne. Acht do bhrígh go ndeachaidh an aimsir úd thoruinn, do réir mhíniughadh dlisteanaigh agus tuigsiona an sgrioptúir naomhtha, as éigin a rádha go ttánag Críost cheana. Agus ní éidir a rádha gur fíor gur cóir súil do bheith ré Críost do theacht tar éis na seachtmhuineadha sin; gidheadh, an uair inar cóir súil do bheith leis 'na ndiaidh do bheith neimhchinnte, ar an adhbhar nár thairngir an fháidh ní cinnte ar bith mar sin ar a theacht, agus fós go n-abair go follas: “Bíodh a fhios agad agus tabhair dot aire, ó thús do chomhráidh, dochum Ierusalem do chur suas arís, go mbiaid seacht seachtmhuine agus dhá sheachtmhuin agus seachtmhodhad go soiche an caiptín Críost.” Agus beagán 'na dhiaidh sin adeir: “Daingneóchaidh ámh a chonnradh do mhórán a n-aointseachtmhuin; agus rachaidh as an iodhbairt agus as an tsacraifís a meadhón na seachtmhuine.” Go dearbhtha ní héidir ciall an téxa so do theacht nísa oireamhnuigh (d'aoinneach eile) iná do Chríost. As ar follas gurab ar son Críost do-righneadh an sgrioptúir sin. Agus muna mbeith an ní so 'na fhirinne, do-bhéradh Dia cúis seachráin agus ainbhfis dúinn, an tan gur fhulaing an tairrngire úd do choimhlíonadh go fíriomlán a nduine oile, agus gurbh éidir leis sin do thoirmeasg. Acht anois tráchtam ar mhíniughadh an sgrioptúir so. As follas iomorro as a ndubhramar roimhe so gurab do sgrios an ainbhfis agus an tseachráin táinic Íosa, agus do mhúnadh do na daoinibh
a mbeatha do thabhairt suas go maith agus go beannaighthe; ní do-righne tré sheanmóir na n-apstal. Mar sin as maith adeirthear “seachtmhodhad seachtmhuin”, .i. na mbliadhan “atáid arna ngearrughadh”, .i. arna n-ordughadh ó Dhia, “ar do phobal agus ar do naomhchathraigh”, do bhrígh gurab don chineadh Iúdaidhe do sheanmóir ar tús. “Ionnas go gcurthaoi deireadh leis an aindligheadh agus críoch leis an bpeacadh, agus go ttugthaoi an ceart síordhuidhe asteach.” Neithe, mar as follas, do coimhlíonadh go hiomlán ar feadh na cruinne go coitchionn. Agus an tan dar leat nach labhraid na fáidhe ar ní ar bith oile acht ar Íosa Nasarénach, as maith leantar isan téx: “agus go ccoimhlíontaoi an tarfás agus an tairrngire, agus go n-ongthaoi”, .i. leis an Spiorad Naomh ina choimpeirt, “Naomh na Naomh”, .i. Íosa Críost, neach as fearr agus as naomhtha dá ttáinic ariamh, mar as follas as a ndubhramar thuas. Acht do bhrígh go ndearnadh mun am sin mórán do neithibh égsamhla bá díol aithreasta, do ruinn áireamh na haimsire go cruinn coimhédach. Do chéidneithibh, do labhair ar seacht seachtmhuineadhuibh, do bhrígh gurab isan líon bliadhan sin do cuireadh re docamhal romhór an teampall agus an chathair suas go nua, mar atá ag Esdra agus ag Neemia. An dara feacht, ríomhaidh dhá sheachtmhuin agus seasgad ina raibh an cineadh Iúdaidhe fá bhuaidhreadh, fá anródh agus fá inghreim, mar léghthar i stair na Macabei. An treas feacht, áirmhidh aointseachtmhuin amháin, do bhrígh gurab ó thús na seachtmhuine sin do thionnsguin Íosa seanmóir do dhénamh agus gurab ina meadhón do básaigheadh é. Óir as trí bliadhna go leith dobhí ag seanmóir. Dá éis (sin) d'fhoillsigheadar na hapstail an Soisgél do na puibleachuibh, ag taisbénadh nach raibhe riachtanas nísa mhó, nó ó shoin amach, leis na hiodhbairtibh iná leis na sacraifísibh do chiallaigh teacht Chríost; óir as dual don fhioghair cosg a bhfiaghnuis na fírinne. Mar sin as céillídhe adeir: “Bíodh a fhios agat agus tabhair dhot aire, ó thús do chomhráidh, dochum Ierusalém do chur suas arís, go ttiocfaid seacht seachtmhuine agus dá sheachtmhuin agus seasgad go soiche an caiptín Críost.” Do bhrígh (gur a ndeireadh) na seachtmhuineadh sa agus a ttús an seachtmhodhadadh seachtmhuin do thionnsguin Críost é féin d'fhoillsiughadh do na puibleachuibh ag seanmóir dháibh, do réir (mar) thaisbénaid dochtúireadha
na hEagluisi go soilléir as Annálachuibh na Ríogh. Gidheadh, do bhrígh go bhfuilid réna léghadh isan uile áit, léigfeam thoruinn iad annso dochum bheith athchumair. “Agas arís”, .i. isna céd seacht seachtmhuineadhuibh “do-dhéntar an chathair agus na balladha i gcruas na n-aimsior. Agus tar éis dá sheachtmhuineadh agus seasgad”, .i. a meadhón an seachtmhodhadadh seachtmhuin, “báiseóchar Críost.” Óir tar éis an dá sheachtmhuineadh agus seachtmhodhad sin, an tan do thionnsguin Críost ó bhréithir agus ó ghníomh é féin d'fhoillsiughadh do na huilibh, do thionnsgainsiod mar an gcédna an cineadh Iúdaidhe fealladh air agus a chur do leathtaoibh. A meadhón iomorro na seachtmhuine do chrochsad é. Agus do bhrígh ós a chionn sin gur shénsad é do láthair Pioláide ag rádha: “Ní bhfuil rígh aguinn acht Sésar”, do dhamuin díoghaltach na n-olc, Dia, iadsan go fírcheart, agus do goireadh an pobal geintíleach 'na n-áit. As uime sin adeirthear isan téx: “Agus ní bá pobal dó an mhuinntir shénfas é.” Ós a chionn sin foillsighear an sgrios thiocfas orra ar son an pheacaidh si an tan adeirthear: “Sgriosfaidh an pobal”, .i. Rómhánach, “maraon leis an gcaiptín thiocfas”, .i. Uespasiánus agus Titus, “an chathair agus an naoimhtheach”, .i. an teampall. Agus dá éis sin sgapfaidhear agus díolfaidhear iad, agus ní bhiaidh fuasgladh orra, agus ní chuirfid an chathair iná an teampall do briseadh suas arís, mar fhoillsigheas an téx ag rádha: “Agus as díothláithreadh bhús críoch di, agus tar éis críche an chogaidh, an sgrios do hordaigheadh.” Acht do bhrígh gur gheall Dia do na pátriarcuibh agus do na fáidhibh go ccuirfeadh Mesias chugtha d'fhoisgeóladh ríoghacht neimhe agus do sheanmóirfeadh reacht nuadh, mar atá ag an fháidh Hieremias 31, ag rádha: “Féch, tiocfaid laithe, adeir an Tighearna, agus ceangólad connradh nua re teach Israel agus ré teach Iúda, ní do réir an chonnarrtha do cheanglas ré bhur n-aithribh an lá rugas ar láimh orra dochum go ttreóraigheinn iad as talamh na hÉigipte - connradh do bhriseadar, agus do smachtaigh meisi iad; acht budh é so an connradh cheangólas mé lé teach Ísraél. Tar éis na laithe sin, adeir an Tighearna, do-bhérad mo dhligheadh féin anna n-inneadhuibh agus sgríbheóchad é ina ccroidhthibh; agus béd 'mo Dhia aca agus iadsan 'na bpobal agam.” Mar sin adeir Dainél: “Daingneóchaidh iomorró”, .i. tréna fhuil agus tréna
sheanmóir féin agus seanmóir na n-apstal, “a chonnradh”, .i. an Tiomna Nua, “do mhórán”, ní do na huilibh, do bhrígh nár chreidsiod na huile. “A n-aointseachtmhuin”, .i. isan tseachtmhuin déighionaigh, “agus a meadhón na seachtmhuine rachaidh as an iodhbairt agus as an tsácraifís”; óir as san meadhón so do marbhadh Íosa Críost, do chiallaigheadar uile íodhbarta agus sacrafísi an tSein-Reachta. Mar sin as cóir do choisg an sgáile iar tteacht an tsoluis. An tráth iomorró nach raibhe tarbha ar bioth ó shoin amach isan tseinteampall iná ina shacraifísibh, do dheónaidh Dia a thruailleadh agus a sgrios go hiomlán. As uime leanas an téx ag rádha: “Agus biaidh gráin an sgriosta isan teampall.” Óir isan áit anna raibhe an áirc do cuireadh suas dealbh an Impire Adriánus. Agus as uime ghoireas gráin di, do bhrígh go raibhe an uile iodhal gráineamhuil ag an gcineadh Iúdaidhe; nó as éidir a tarruing go sacrafísibh na Iúdaidheach féin, do bhrígh go ndearnadh gráineamhail nó fuathmhar do Dhia iad. Fá dheóidh, do bhrígh nach mó iná a ndeireadh an tsaoghuil fhillfeas an cineadh Iúdaidhe ar chreideamh Chríost, críochnaighe an fháidh Dainél ag rádha: “Agus mairfe go buan an sgrios nó an díothláithreadh go deireadh agus go crích.” Ní, mar an gcédna, dearbhthar ag Osee 3 leis na briathraibh si: “Fuireócha meisi mórán do laithibh leat, ní dhéna tú drúis”, .i. ré hiodhaluibh. Óir ní hiodhaladharthaigh an cineadh Iúdaidhe; agus níor adhradar iodhuil tar éis filleadh ó sglábhaidheacht na Babilóine gusan am so, acht madh fírbheagán díobh re linn na Macabei. “Agus ní bhiaidh tú faris an bhfear”, .i. Íosa Críost. “Gidheadh, fuireócha meisi leat, do bhrígh go suidhfid clann Israel a bhfad d'aimsir gan rígh gan phrionnsa gan sácraifís gan altóir gan éideadh gan sagairt gan íomháigheacha. Agus dá éis sin fillfid clann Israel agus iarrfuid a nDia féin agus Dávidh”, .i. Críost do geineadh ó Dhávidh, “a rígh féin, agus biaidh eagla an Tighearna orra agus a mhaithe isna laithibh déighionacha.” Féch ar an adhbhar sin a oireamhnaigh agus a résúnta oireas an fháisdine so do Íosa Nasarénach. Agus mar an gcédna ghébhas an tí léighfios go díthchiollach iad gach fáisdine oile a n-oireamhuin go ro-abuidh dhó. Acht dochum filleadh ar an gcomhrádh
thuas, dar leat as follas go ttáinic aimsir an Mesias asteach go himchian ó shoin. An tan iomorró nach facas aoinneach oile go fóill dá n-oirfeadaois coinghiolla agus cáilidheachta an Mesias acht Íosa Nasarénach amháin, agus go ndeachaidh an aimsir do thairrngireadar na patriarca agus na fáidhe thoruinn, agus gur chlis gach aimsir ar an gcineadh Iúdaidhe dár chinneadar a maighistri dhóibh, ní bhfuil acht mallughadh agus meire dhóibh súil do bheith ré Mesias oile d'fhághuil. As maith an fhiadhnuisi ar an ní so an díbeirt agus an mhodhsuine dhéighionach sa orra, madh chuirmíd a gcomórtas í ré modhsuine na Baibilóine, do tairrngireadh go roimhinic i sgríbhinn agus a bhfioghrachuibh leis na fáidhibh. Dearbhuid féin ina leabhruibh gurab iad a bpeacadha truaillighthe agus a míghníomha do-áirmhe, go sonnradhach peacadh an iodhaladhraidh, sháraigheas gach uile pheacadh, bá cúis dá modhsuine isan mBaibiolóin. Gidheadh, níor theasda caiptínidhe, fáidhe iná daoine naomhtha uatha isan mbraighdeanas sin do-bheireadh meisneach, meanma agus sólás dáibh. Ós a chionn sin dofuairsiod a fhios nach mó iná deich mbliadhna agus trí fichid do bheithdís isan mbraighdeanas sin; mar do fíoradh dháibh. Gidheadh, mairid isan mbraighdeanas agus isan modhsuine dhéighionaigh si ré míle sé céd agus caogad bliadhan. Agus leis an ré sin do sgar an uile shólás diadha riú; agus ní rabhadar prionnsaidhe, fáidhe iná daoine naomhtha aca do thairrngirfeadh críoch iná térma na modhsuine si dháibh. Agus ní héidir aithfear na sglábhaidheachta so do thabhairt ar pheacadh an iodhaladhraidh, do bhrígh (mar adubhramar cheana) nach dearnadar an peacadh sin ó do fhilleadar as braighdeanas na Baibiolóine, taobh amuich do bheagán ar a ndearnadar na Macabei díoghaltus. Fiafraighemíd ar an adhbhar sin do chineadh Iúdaidhe créd fá ndearna Dia díoghaltus comhtrom agus so orra: a sgapadh ar feadh an domhuin, fuath agus gráin ag an uile dhuine orra agus iad 'na stoc magaidh, masla agus míomhodha san uile áit. Créd as cúis don mhórolc so? Atá, dochum leachta agus sgreaptra bhur sgríbhneóireadh féin do dhénamh fiadhnuisi ar feadh an domhuin leis an Mesias agus lé ar gCríost-ne, agus d'eagla go mbeith amhras ar an bhfírinne do bheith aguine. Créd an fáth anois tar mhíle agus sé céd bliadhuin iar sgrios Ierusalem a bhfuiltí go fóill go
neimhchinnte ar seachrán, fá fhuath ag gach uile násión, fá chrádh agus fá orchradh? Créd as cúis dá chomhmór so do dhíoghaltas? Créd an fáth nach bhféchann Dia robhúidh oruibh tar éis an uiriod sin do phianuibh agus d'ainnisi, agus sibh 'nar gcineadh toghtha agus 'nar gcineadh do naomhchoisreagadh dhó féin seach na n-uile? As fíor gur fhuilngeadar an cineadh Iúdaidhe braighdeanas agus modhsuine seachtmhodhad mbliadhan amháin isan mBaibiolóin ar son a míghníomh, agus go sonnradhach a ndíoghaltas peacaidh an iodhaladhraidh, ar a shon sin dobhádar fáidhe agus daoine naomhtha aca ar feadh na rée sin do-bheireadh meisneach dháibh agus do dhaingnidheadh iad isan reacht. Gidheadh, isan modhsuine si go déighionach mhaireas go buan ó aimsir Chríost gusan ló aniodh, as truagh ainnis an coinghioll atáid d'iomchar, gan furtacht iná fóirighin d'fhághail ó Dhia ar an bhfad so, ar mhodh go deimhin gurab éigin a rádha go ndearnadar peacadh éigin as mó agus as truime iná an t-iodhaladhradh. Cionnas iomorró as éidir peacadh as mó d'fhagháil iná tarcuisne an Ongthaigh nó an Mesias do gealladh dháibh, persecution agus inghreim do dhénamh air agus a chur dochum báis, agus, fá dheóigh, a seasmhaighe 'na aghaidh san olc? Ag so adhbhar agus fachuin na mórolc sa an chinidh Iúdaidhe, .i. masla, míomhodh, tár, tarcuisne, páis agus bás an Iosagáin agus an tSlánaightheóra táinic dá bhfuasgladh ó dhaorbhraighdeanas an diabhuil agus ó chruadhchuing an tSein-Reachta. Agus dá mbeith a bheag do chéill mhaith aca, bá lór dháibh mar adhbhar dochum a chreideamh gurab é an tÍosa so, a n-aghaidh a ndearnadar féin an uiriod sin do pheacadhuibh troma truaillighthe, an Mesias fíre, a ttáinic d'olc, d'ainnisi agus do dhonas orra ó shoin a ndíoghaltas a pháisi agus a bháis. Arís, an tan nach facus ó shoin ale lorg naomhthachta iná fíoradhraidh dhiadha aca acht díthchioll agus fonn sainnte, úsuireachta agus airgid do chruinnioghadh, agus gur sgar an uile fháidheadóireacht riú, agus nach bhfuil comharrtha ar bith Dia do bheith maille riú; gidheadh, go bhfuil uile naomhthacht na beatha, agus go bhfaicthear na móirfhearta iongantacha do áirmheamar thuas dá ndénamh isan phobal geintíleach, as follas gur coimhlíonadh fáisdine an fháidhe Malachias san chédchaibidil ag labhairt leis an gcineadh Iúdaidhe i bpearsuin an Tighearna ar an
modh sa: “Ní bhfuil toil agam ionnuibh, adeir Tighearna na sluagh, agus ní ghlacad tiodhlacadh as bhur láimh. Óir ó éirghe go luighe gréine as mór mh'ainm-si isna cineadhachuibh, adeir Tighearna na sluagh; agus atá iodhbairt agus sacraifís ghlan dá hofráil dom ainm-si isan uile áit, do bhrígh gur mór m'ainm isna cineadhachuibh, adeir Tighearna na sluagh.” Nó muna bhfuil Dia ag na cineadhachuibh, an tan gur thréig an cineadh Iúdaidhe, leanaidh go soilléir (ní as mallaighthe ré rádha) nach bhfuil cúram ar bith aige a ttimcheall na neithe daonna. Arís, ó nach déin Dia neamhshuim do na neithibh roibheaga, ní cosmhuil go ndéin neamhshuim do na neithibh romhóra acht nísa lugha iná sin, an tan gur réimhinnis tré bhél na bhfáidheadh neithe as rolugha iná na fearta do-righne Críost agus a dhiscciobuil ar feadh an domhuin. Óir atáid fáistineadha nach mór ar gach ríoghacht dá laghad, mar atá ar na hIdumei, Moabiti, Ammoniti, agus ar a samhluibh oile; as iongantach mar sin nach ttiobhradh rabhadh roimh ré don chineadh daonna ar mhóirfheartuibh Chríost agus a dhisgiobal réar hathroigheadh agus a ttáinic malairt agus claochlódh ar an domhan go huilidhe, óna mbeith comhdochuimsighthe agus sin nach éidir fearta dá n-iongantaigh do chur a ccomórtus riú, go mórmhór an tan go bhfuaradar na Iúdaidheadha rabhadh roimh ré ar gach olc dá ndearnadar na cineadhacha 'na ttimcheall orra (agus) ar gach modh a ndearnadar na hoilc. Acht ní dhearna cineadh ar bioth ariamh orchóid iná olc as truime agus as buaine do na Iúdaidhibh iná do-righneadar na críostaidhthe. Agus muna bhfuaradar rabhadh roimh ré ar an mórolc so, as (díomhaoin) do-ghébhdaois rabhadh re an uiriod sin do chúram agus do ghriongal ar neithibh beaga ó na fáidhibh, an tan nach bhfuaradar a bheag d'fhios na mórolc sa uatha iná énainnisi dá ttáinic orra ina n-onóir iná ina ccreideamh. Acht do bhrígh gur mallaighthe so do chreideamh, as éigin a admháil gur labhradar na fáidhe ar Íosa agus ar a oibreachuibh. Gidheadh, madh meastar an sgrioptúir agus oibreacha Íosa nísa fhriochnamhaigh ní mó iná na tairrngireadha amháin do sgríobhadh ar an Mesias oireas do Chríost. Óir seach a ttáinic do dhaoinibh ar an saoghal so go fóill, ní mó iná d'Íosa Críost amháin as éidir na neithe si do chur a n-oireamhuin; amhuil as dó amháin oirid cáilidheachta agus coinghiolla an Mesias, agus míniughadh an uile sgrioptúir. Ar an adhbhar (sin) as follas
gurab é an Mesias fíre agus an Slánaightheóir do gealladh leis na fáidhibh, acht munab inmheasta (ní as mallaighthe agus as coirbthe ré a mheas) gur mheall Dia na daoine. Ós a chionn sin do-gheibhmíd do ghnáth i starthuibh na nEabhradh go ndearna Dia ria tteacht Chríost míorbhuileadha agus móirfhearta iongantacha 'na measg, sa samhuil nach facas a n-aonáit oile ariamh. Gidheadh, iar tteacht Chríost, agus do tharcuisnigheadar a mhuinntir féin é, do tharruing Dia a lámh uatha agus do fháguibh folamh iad ar dhíth an uile ghrása. Foillsighe fós an dall ciach atá ar a ttuigse an ní cédna; óir iar ttarcuisnioghadh na fírinne dháibh, do dalladh a ccroidhe gan chéill, agus do chumadar an uiriod sin brég agus fallsacht ina tteagasg féin, dá ngoirid Thalmudica, nach éidir daoine d'fhagháil as mó atá ar meire agus ar díth céille iná iad. Agus atáid líonta don uiriod sion seachrán, ainbhfeasa agus earráide a míniughadh an sgrioptúir naomhtha nach nár leó ón ngnás tugadar dháibh féin isan bpeacadh dul ar seachrán ó so suas, amhuil do bheith 'na ní romhuinnteardha aca libeirt nó cead bréige do dhénamh agus an sgrioptúir do thruailleadh agus bheith lánmhar as a meardhántacht agus as a ndúrchroidhe féin. Dob uras iomad résún ndaingean do thabhairt anuas do chruthughadh na neithe si; acht do bhrígh gur chuireadar naomhdhochtúireadha na hEagluisi an fhírinne síos go follas foirtill fíorfhairsing, as cóir dhúinn bheith deóntach leis an mhéid si, óir madh curthar iad a cceann a ndubhramar thuas isan dara leabhar, as cinnte go ccruitheóchuid Íosa Nasarénach ar Slánaightheóir do bheith 'na Dhia fíre, agus gurab é an tOngthach nó an Mesias inar chríochnaigheadar na reachta agus na fáidhe go huilidhe. GURAB COIRBTHE CROSTA AGUS GURAB FALLSA FÍRBHRÉGACH UILE THEAGASG NA N-EITHRICCEACH. Caib. 6. Ní furáil dúinn an dream choirbthe choinnealbháite si do chlaoidh seach na n-uile, óir bíodh go n-admhuid Críost agus a Shoisgél, atáid ar a shon sin ar seachrán go fada ó shlighidh
na fírinne, agus as mó an urchóid do-níd don chreideamh Catoilce ar mhodh áiridhe iná na hainchríosdaidheadha nach ccreideann do Chríost iná dá Shoisgél. Acht do bhrígh dá ttairgmís léighionn lochtach gach aoin díobh d'aithris agus do chlaoidh gomadh riachtanas dúinn leabhar mór do sgríobhadh orra, ní nach rún dúinn do dhénamh d'eagla bheith liosta, agus fós nach measmaoid a bheith riachtanasach, an tan gur náirigheadh agus gur claoidheadh an drong mhallaighthe si isan uile áit ré naomhdhochtúireadh na hEagluisi. Uime sin as mian linne aonbhuile trom tádhbhachtach do bhualadh orra go huilidhe a n-aoineacht fhúicfeas truimchneadh báis orra. Do chéidneithibh, foillseócham gurab fírriachtanasach an Eagluis go coitchionn do bheith arna stiúradh ré haoincheann amháin. Óir madh chreidid na heithriccigh gurab leis an gcúram agus leis an ngriongal diadha atáid na daoine agus an Eagluis (ar son a ndearna Dia an uiriod sin do mhíorbhúilibh agus do mhóirfheartuibh) arna riaghladh agus arna stiúradh, as éigin dáibh a admháil gurab romhaith atá stiúradh na hEagluisi ordaighthe; mar gurab ón tí atá arna hollmhughadh tré a ríoghuid na ríghthe agus tré a n-eachtaighid lucht dénta an dlighidh reachta cearta comhthroma. As romhaith iomorró stiúradh na hiomadamhlachta madh bhíonn arna stiúradh agus arna riaghladh ré haon; mar as follas as crích an stiúraidh, .i. síoth agus aondacht na n-íochtarán. As oireamhnuighe ámh mar chúis don tsíth agus don aondacht sa aon amháin iná mórán. Uime sin as riachtanus stiúradh na hEagluisi do bheith ar ollmhughadh agus arna chórughadh, ar mhodh nach biadh acht aon amháin 'na airdcheann agus mar ardaodhaire ar an Eagluis naoimh ar feadh an domhuin. Arís, an tan go ndearnadh agus gur hordaigheadh na neithe nádúrtha ar ord coimhiongantach agus sin, as mó iná sin as inchreidthe na neithe atá ós cionn nádúire do bheith deaghordaighthe. Do-chímíd iomorro in gach áit a bhfaicthear stiúradh isna neithibh nádúrtha, dá tharruing go haon: amhuil an uile ghluasacht go haoinchédghluaisteóir, na beacha go haoinrígh, uile bhaill an ainmhidhe dá ndíriughadh dochum an chroidhe, mar an gcédna as éigin aoinní amháin do bheith 'na thús nó 'na chéidní isan uile chinél nó shórt. Ar an adhbhar (sin) ní bhfuil dá mhéid dá sáraigheann stiúradh na hEagluisi, ó a dignit agus a
honóir, an uile stiúradh oile nach móide agus sin as riachtanas dí aoincheann do bheith uirre dochum an phobuil chríostaidhe go hiomlán do stiúradh. Arís, nó teaguid na huile eithriccigh linn isan tSein-Reacht amháin, nó isan tSein-Reacht agus Nuaidh-Reacht a n-aoineacht. Madh thigid linn ionnta araon, as éigin go n-aidmheóchuid aoincheann do bheith ar an Eagluis; óir léghthar isan tSein-Reacht, Osee 10, na briathra sa: “Cruinneóchar clann Iúda agus maraon clann Israél, agus cuirfid aoincheann orra féin.” Léghthar arís isan Nuaidh-Reacht ag Eóin 10, nach biaidh acht aointréd agus aonaodhaire. Agas ní hinmheasta go résúnta gur fháguibh Críost iarna dheasgabháil a bhflaitheamhnas a Eagluis gan caiptín nó biocáire do stiúrfadh í ann gach docamhal, óir ní thiocfadh as sin acht buaidhreadh, ruinn a ccotuibh agus égsamhlacht opinion, go mórmhór a ttimcheall an chreidimh agus na ndeighbhés. Óir níorbh éidir a fhios d'fhághail cia an t-aigneadh nó an t-opinion bá córa do chongbháil, agus ní bheith comhachta ar bith ar cheart do mhiniostrálacht, agus fós do bheith conntrárdha do bhriathruibh Chríost féin, an tan gur aithin go sonnradhach do Pheadar agus gur fhógair dhó a chaorcha do ionnradh; agus arís: “Do ghuidheas ar do shon, a Pheadair, ionnas nach rachadh as do chreideamh, uime sin fillsi ar uairibh agus daingnidh do dhearbhbhráithre.” Briathra réar fhoillsigh Peadar 'na bhiocáire dhó féin ar an Eagluis. Ní do thaisbéin nísa shoilléire iná sin an tan adubhairt: “As tusa Peadar, agus as ar an gcarraigc si thóigébhadsa mh'Eagluis, agus ní bhéruid doirse ifrinn buaidh 'na haghaidh. Agus do-bhérad eochracha ríoghachta neimhe dhuit, agus gach ní dá cceangóla tú ar talamh, biaidh ceanguilte ar neamh, agus gach ní dá sgaoilfe tú ar talamh, biaidh sgaoilte ar neamh.” Agus ní hionráidhte gur do Pheadar amháin do dáileadh an dignit agus na comhachta sa agus nach beith ag gach biocáire oile dá ttiocfadh 'na dhiaidh, an tan gurab (ar) aonmhodh amháin do ordaigh Críost an Eagluis do mharthuin go deireadh an tsaoghuil. As uime sin adubhairt léna dhisgiobluibh a n-ainm na n-uile chreidmheach: “Féch ag sin meisi (in) bhur bhfochair gach aonlá
go deireadh an tsaoghuil.” Agus adeir an fáidh Isaias san naomhadh caibidil: “Suidhfe i ttróin Dhávídh agus ina ríoghacht, dá daingniughadh agus dá neartughadh a mbreitheamhnas agus i gceart, ón am soin go soiche an tsíordhuidheacht.” Ar an adhbhar sin leanaidh go mairfe an dignit, an oificc nó na comhachta sa diaidh a ndiaidh go síordhuídhe go deireadh domhuin ag comharbuibh Peadair mar ní tarbhach roiriachtanasach don Eagluis dochum a daingnighthe agus a coimhédtha go buan. Mar sin ó do-righne Críost biocáire do Pheadar agus aodhaire ar an Eagluis go hiomlán, as cinnte go bhfuil na comhachta cédna ag an uile chomharba thig a n-áit Pheadair. Agus an tan gurab iad easpuig na Cathaoire Rómhánaigh shealbhas ionad Pheadair, as follas gurab í an Eagluis Rómhánach as caiptín agus as banoide don uile eagluis, agus gurab riachtanas don uile choimhthionóil nó chomhchruinniughadh críosdaidhe bheith uaimcheanguilte leis an easpag sa na Rómha, dá ngoirthear an pápa. Dá bhrígh sin as cinnte go ttéid ar seachrán a bhfad an tí sgaras re haondacht agus ré teagasg na hEagluisi Rómhánuigh; acht atáid na huile eithriccigh sgartha lé agus easumhal di; ar an adhbhar sin as cinnte gur chlaonadar go fairsing ón ród díreach, agus nach éidir críostaidhthe do ghairm dhíobh. Óir as é as eithrigeach ann, an tí mhilleas teagasg an sgrioptúir naomhtha agus na Naoimh-Eagluisi Catoilce agus shiothbhuanus go dosmachtaighthe isan opinion earráideach thoghas dó féin. Arís, mar adubhramar go meinic, coimhtheagaid agus comhaontaighid na neithe fírinneacha re aroile agus neartaighe gach fírinne fírinne oile. Gidheadh, atáid na (heithriccigh) comhcodarsna comhconntrárdha agus sin d'ároile nach mór go ccoimhtheaguid re aroile a bpongc ar bioth, acht bíd féin ag tromlot a chéile ré a saighdibh féin, ar mhodh nach bhfaghthar ní ar bith daingean nó seasmhach aca. Ar an adhbhar sin as uras aithne as so go bhfuilid ar seachrán a bhfad ón bhfírinne. Gidheadh, as aointeagasg amháin atá ag an Eagluis Rómhánaigh isan uile ní bheanas leis an ccreideamh agus leis na deighbhésuibh; agus bíodh
go bhfuilid na dochtúireadha Catoilcidh nach mór do-áirmhe, ní bhfuil aoinneach dhíobh conntrárdha don Eagluis, agus ní toil leó neimhtheacht do bheith aca lé a n-aonphongc. Arís, ní headh amháin gur daingnigheadh ríoghacht Chríost agus na hEagluisi cogthaighe go deireadh dhomhuin, acht fós, do réir fhiadhnuisi an tSoisgéil, an uile sgrioptúir agus ráidhte na naomh, mairfidh ar feadh na síordhuidheachta iar n-athnuachradh na cruinne. Gidheadh, níorbh éidir leis na heithriccibh, do thairg ré neart agus ré gliocas na Catoilce do inghreim go dúr díbhfeargach, seasamh asan machaire a n-aghaidh na hEagluisi Rómhánuigh, acht do thuitsiod go hathamhalta gona tteagasg truailligh agus do theithiodar go náireach ó sholas na fírinne. As ar follas nach ó Dhia dobhádar a sgreaptra fallsa fírbhrégacha agus nár theagasg críostaidhe a tteagasg. Ós a chionn sin as diongmhálta an comharrtha ar a mbeith ar seachrán ó shlighidh na fírinne an droichbheatha choirbthe pheacamhuil do-bheirid a ttír; agus ní mó dobhí aoinneach aca ariamh, dá airde buaic mar cheann eithricceachta, a n-onóir iná a ccion ina bheathaidh iná ina bhás. Gidheadh, atá nuimhir dho-áirmhe do na Catoilcibh, sa ccuimhne mhaireas go síordhuidhe sna beannachtuibh, 'gá bhfuil a luaith agus a gcnámha dá n-adhradh ag na Catoilcibh agus a lá geineamhna dá onórughadh go roshollamanta ré hiomad molaidh. Fá dheóidh, do cruthaigheadh orra go bhfuilid a leabhair líonta do dhíomhaoineas, d'fhallsacht, do bhréguibh agus do sheachránuibh rofhollasacha ní headh amháin a n-aghaidh an sgrioptúir naomhtha acht fós a n-aghaidh résúin nádúrtha agus feallsa fíre. Acht do bhrígh gur chathaigheadar naomhdhochtúireadha na hEagluisi go cródha calma a n-aghaidh na droinge duaibhsighe si agus gur chlaoidheadar iad go diongmhálta, ní riachtanus dúinne nísa mhó do dhuadh do ghlacadh 'na n-aghaidh. Óir do-ní sgrios agus díbeirt a tteagaisg agus a ccreidimh choirbthe choinnealbháite fiaghnuisi ar an drochstaid chrosta cholaigh atá aca, do bhrígh, na neithe atá ó Dhia, atá díorchacht áiridhe chinnte agus daingean dosgaoilte (aca) nach éidir do sgrios iná do shárughadh ré heasccáirdibh dá ttreisi.
GO BHFUIL SECHT NA MAHOMETANÍ d'EASBHAIDH AN UILE RÉSÚIN. Caib. 7. Mairidh fá dhéoidh réna cclaoidh aguinn lucht leanamhna Mahoméit, atá ar mhodh áiridhe 'na meadhón eidir an gcineadh Iúdaidhe agus na heithriccigh. Óir do-níd aithris ar na Iúdaidhibh isan timghearradh, agus comhchruinnighid a n-aoncharnán seachráin agus earráideadha na n-uile eithricceach, ar mhodh nach mór an saothar as riachtanas do ghlacadh 'na n-aghaidh. Óir as ro-uras don tí 'gá mbí tathaighe orra agus sgrúdas a mbésa agus a ccreideamh go friochnamhach agus léghas an leabhar dá ngoirid Alcoranum, do sgríobh Mahoméid, as fáidh agus as ceann reachta agus creidimh dháibh, a ndíomhaoineas agus a ndíth chéille (d'aithne), ag meas gurab cóir gach a bhfuil isan leabhar lobhtha sin do choimhlíonadh ré creideamh doibhriste gan bhearnadh. As ó sholas iomorró nádúrtha nó ós cionn nádúire tig gach creideamh fíre. Gidheadh, ní thig an creideamh piseógach mallaighthe atá acasan ó cheachtar don dá sholas sin; óir ní bhfuil aoinneach 'gá mbí eólas measardha a résún nó a bhfeallsa nádúrtha nach uras dó an creideamh do mhúchadh sa ughdar thaisbénas é féin do bheith fíorainbhfeasach a leiteardhacht. Óir do sgríobh comhamh comhmí-ordaighthe agus sin an leabhar dá ngoireann Alcoranum, .i. cruinniughadh na n-aitheanta, nach measuim gurab éidir lé aoinneach léghas é bun nó barr nó ordughadh céillidhe ar bith d'fhagháil ann; as comharrtha diongmhálta ar ainbhfeas an ughdair. Atá ós a chionn sin an uiriod sin do sgéluibh fábhuill agus an uiriod sin dá n-aithne nó dá bhfulang a n-aghaidh deighbhés gur mheasadar na feallsaimh a mbeith 'na neithe coirbthe truaillighthe agus gomadh críonna go mór a bhfochuidmheadh agus a ttarcuisniughadh iná uiriod do shuim do chur ionnta cathughadh 'na n-aghaidh. Ar an adhbhar sin ní héidir dá shamhuil so do chreideamh teacht ón tsolas nádúrtha, dá bhfuil conntrárdha. Agus ní mó thig ón tsolas ós cionn nádúire. Óir, mar fhoillseócham 'nar ndiaidh, atá gach ní dá bhfuil contrárdha don tsolas nádúrtha mar an ccédna conntrárdha don tsolas ós cionn nádúire.
Arís, ní thig críoch mhaith go bráth, nó as ro-annamh thig, ar ní tionnsgantar ó dhrochthús. Gidheadh, adeir an creideamh colach sa go lánmhar gurab é Mahoméid as ughdar agus as tús (dó) - óglach, mar dhearbhas stair fhíreinneach, dobhí go hiomlán ar dhíth céille agus résúin, dobhí 'na pheacthach ghráineamhuil, 'na adhaltrach agus 'na sgriostóir ar na puibleachuibh. Agus an tan do thuiteadh go meinic isan ngalar mór, dobhí greamuigh dhe, an uair do fhiafraigheadh neach dhe créd fá tteagmhadh sin dó, adeireadh gurab iad na haingeil dobhíodh ag comhrádh ris. An fear feilbhésach sa, ní ré résúnaibh acht re cloidheamh, ó thús ré móirgheallamhnachuibh agus ré droichealadhuin do tharruing na daoine ainbhfeasach agus neamhghlana chuige féin, agus do tharruing leó sin diaidh a ndiaidh, ar bheagán agus ar bheagán, daoine ar a antoil agus ar a chreideamh fábhuill féin, agus 'na dhiaidh sin do chuir an daosgarshluagh lag anbhfann gan arm ré neart cloidhimh fána smacht agus fána chomhachtuibh féin. Ar an adhbhar ó as drochthús dobhí agá chreideamh, ní ó Dhia do thionnsguin agus ní héidir dhó deighchríoch do bheith air. Arís, molaidh Mahoiméit Críost, do geineadh ó mhaighdin, agus admhuidh gur fáidh roifhíor é, ina leabhar, bhal a molann an Soisgél agus an Sein-Reacht. An éidir iomorró ní as leimhe do rádha iná an ní cédna do dhearbhadh agus do shénadh agus an teagasg atá conntrárdha don teagasg mholas do leanmhuin? Gidheadh, ní leimhe sin iná an leisgél do-bheir ar a shon, ag rádha gur mhilleamarne an Soisgél maraon leis an tSein-Reacht. Ní atá comhuras ré brégnughadh agus dobhí édrom meardhánta ré rádha. Óir as cinnte go bhfuilid leabhair an tSein-Reachta agus an Nuaidh-Reachta a nEabhra, a nGréigis agus a Laidin, do réir theanga gach násión díobh, arna ttaisge go friochnamhach ón tseanaimsir, agus gur sgríobhadh iliomad do shompladhuibh asta go hiochtmhar atá ré faicsin ar feadh an domhuin in gach aonáird, agus na sompladha nuadha ag teacht focal ar fhocal leis na seantsompladhuibh. Cionnas dob éidir mar sin an milleadh so do theacht a n-aoinfheacht ar an uiriod sin sompladh atá a tteangthuibh égsamhla ar feadh násión an domhuin arna sgríobhadh ré daoinibh, ré hinntleachtuibh agus ré díthchioll égcosmhuile? Acht haithnighear
go soilléir as an ccoimhtheacht atá ag an sgrioptúir naomhtha san uile áit a bhfuil a bhréga agus a fhallsacht-san, réar lochtaigh agus réar mhill go mailísioch míomhacánta an Sein-Tiomna agus an Tiomna Nuadh. Ós a chionn sin as dochum gach aoin do thabhairt a bheathadh suas go maith beannaighthe, dochum glaine an chroidhe do choimhéd agus dochum na fírinne do mhaodhughadh do hordaigheadh an creideamh fíre. Gidheadh, secht Mahoméit, ar a bhfuil blas talmhuidhe amháin agus nach labhrann ar an tsén fíre, ní mó iná sórt antola brúideamhla as ait leis an mbolg gheallas a ndiaidh na beatha so do láthair aguinn. Agus d'eagla go measadh aoinneach gurab go dorcha do labhair agus mar sin go mbeith atharrach céille agá bhriathruibh, foillsighe a chomhrádh féin a chontráir, ina measann gurab ceadaightheach dhó féin brég do dhénamh, agus ina n-abair, a measg a ndubhairt agus ar theaguisg ariamh, nár labhair aoinní go dorcha iná i bhfíoghrachuibh acht an uile ní go soilléir glan. Asarb uras fallsacht agus díomhaoineas an chreidimh si d'aithne. Arís, ní lér ní ar bioth diadha iná míorbhuileach isan tsecht so as madh inmheasta gurab ó Dhia do bheith. Óir ní déntar míorbhuile ar bith innte mar do-níthear san gcreideamh chríostaidhe, do réir fhiaghnuisi Mahoméit féin, ag rádha go bhfuair Críost comhachta ar mhíorbhuileadha do dhénamh re a n-iompódhadh an saoghal, gidheadh, go bhfuair sé féin comhachta ar a chloidheamh, agus gurab uime do cuireadh ar an tsaoghal, dochum na bpuibleacha do tharruing ré foirneart ar a chreideamh féin; amhuil agus do bheith an tíorántacht agus an antoil 'na sacraifís thaithneamhuigh ag Dia. As é ní iomorró as mó do-geibhthear 'na measg, an tan adeirthear nach bhfuil Dia acht Dia, agus Mahoméid a theachtaire; agus as meinic adeir ina leabhar go bhfuil Dia mór agus comhachtach, agus iomad neithe oile atá rofhollasacha ar Dhia, gidheadh, shalchas an fear salach dá éis réna bhréguibh agus réna sgéluibh fábhuill. Ós a chionn sin ní facas go fóill aoinneach 'na ughdar ag móirneithibh diadha 'na measg iná fáidh ar bith, acht amadáin bhaotha gan céill gan tuigse dá lot agus dá ccur féin ar meisge lé neart buile, ionnas go mbeith adhradh agus onóir ag cách mar
naomhuibh dháibh, bíodh nach bí eólas dá laghad aca ar na neithibh diadha iná subháilceacha. As follas fós leimhe agus easbhaidh céille Mahoméit féin an tan go n-abair a n-áit áiridhe ina leabhar, contrárdha do ní adubhairt a n-áit oile, nach feasach é an bhfuil féin nó an drong leanas a lorg ar slighidh slánaighthe nó nach bhfuilid, agus nach bhfuil aoinneach ar domhan thuigeas a leabhar féin, dá ngoireann Alcoranus, .i. comhchruinnioghadh na reacht. Nár chóra gabháil do chlochuibh ar an ughdar atá neimhchinnte do shláinte cháich agus dá shláinte féin agus fhógras aitheanta cruaidhe dosgrúdtha dá lucht leanamhna iná aithris do dhénamh air nó géilleadh dhó? Agus mar sin ó nach bhfuil fondamuint agá chreideamh a résúnuibh ar bioth, a míorbhuilibh iná a naomhthacht beatha, as ceart ón uile résún a tharcuisnioghadh agus neamhshuim do dhénamh dhe. As cinnte dá mbeith slighe ag cách dhul do chonnspóid riú gomadh ro-uras an seachrán agus an earráid atá orra do thaisbénadh dháibh. Gidheadh, mar dob fheasach Mahoméit ar a ainbhfeas agus ar a ghráineamhlacht féin, do fhógair go cealgach nár chóir a chreideamh féin do chosnamh acht ré cloidheamh agus ré neart lámh, ionnas an ní nárbh fhéidir do chosnamh (ré) résún iná ré macántacht go gcosantaoi é ré foirneart tíoránta. Acht dob éidir go bhfiafróchadh duine éigin créd an fáth iar síoladh chreidimh Chríost ar feadh an domhuin as ar fhulaing Dia do Mhahoméit nuimhir dhoichríochnuighthe do phuibleachuibh do mhealladh ó chreideamh Chríost, agus do tharruing go foiréigeantach ar a reachta agus ar a dhlighthibh féin, agus nach mó do shín a lámh dhíoghaltach orra acht do fhulaing a ccomhachta agus a neart d'fhás agus do mhédughadh gusan lá aniodh? Ar an adhbhar sin madh as Dia Críost, agus go bhfuil Mahoméit conntrárdha dhó, créd fár fhulang do Mhahoiméit dhul ós a chionn nó a shárughadh? Mar sin (adeir na Saraceni) as fírinneach a gcreideamh féin agus as brégach fallsa ar gcreideamh-ne. As í so argumaint as daingne ré a gcosnuid iad féin a n-aghaidh na ccríostaidhthe; agus atá fós comhcruaidh sin ar mhórán dár muinntir-ne nár fheasach dháibh cionnas do-bhérdaois freagra uirre.
Gidheadh, as uras linne freagra do thabhairt uirre, agus adeirmíd ó thús nach lagann an argumaint si aonargumuint dá ndearnamar thuas réar chruthaigheamar Críost do bheith 'na Dhia, agus fírinne an chreidimh chríostaidhe. Do bhrígh munar éidir beatha d'fhághuil as naomhtha iná an bheatha do theaguisg Críost, agus nach facas ó thús an domhuin aoinneach do-righne uiriod do mhíorbhuilibh iongantacha agus do mhóirfheartuibh diadha agus do-righne Críost, cia do chuirfeadh conntabhairt gurab ó neamh do thánaic agus an Dia so agus an duine do shlánughadh an chinidh dhaonna, do réir fhiaghnuisi an reachta, na bhfáidheadh, na gcomharrthadha agus na móirfhearta do oibrigh? Agus mar sin madh atá creideamh ar bioth fíor ar an tsaoghal sa, as cinnte gurab é an creideamh críostaidhe; agus gan chonntabhairt d'umhlóchadh do dhligheadh Mhahoméid, dámadh é bá fearr aitheanta, nó dá ndénamh nísa mhó d'fheartuibh nó do mhóirghníomhuibh iná do-ríghnesion. Agus an tan nach dearna ina dhligheadh mhóirghníomh ar bioth ordhraic iná speisialta acht iomad do ghníomharthuibh coirbthe crosta cuinnealbháite as nár re a n-aithris, an cóir a chur roimh Chríost ar son mhóráin do mhealladh ón gcreideamh Catoilce, iomad do chlaoidh ré neart arm, agus dhul ar a aghaidh san olc? Créd fáth nach n-abruid mar sin gur fearr an diabhal (do mheall an cineadh daonna ar feadh an uiriod sin bhliadhuin agus mheallas go laéthamhuil iliomad) iná Críost? Créd an t-adhbhar nach mó an cion agus onóir atá a gcuinne na bpeacthach agus na ndrochdhaoineadh, as mó thairrngeas ar a slighidh féin ón maith, iná ar na fírénuibh agus ar na naomhuibh? Ó as iongantach an résún Mahoiméid do chur roimh Chríost ar son na bpuibleacha bochta ainbhfeasacha do mhealladh léna chleasuibh, léna gheallamhnachuibh, léna bhagar agus léna chloidheamh ó naoimhchreideamh Chríost go staid antoileamhuil agus go droichbhésuibh! Mar sin as céillidhe rimhéidhe do dhénamh as an olc agus glóir as an mailís. Go deimhin ní hiad a samhla sin as argumainteadha dhúinne, agus ní ar a samhluibh d'fhondamuintibh atá ar gcreideamh 'na shuidhe. An cúis iongantuis gurab lugha leanas Críost iná an fear fíorcholach so, an tan go bhfógrann Críost an mhaith do oibriughadh, an t-olc do sheachna, masla agus tarcuisne d'fhulang, srian do chur linn féin ó uile aoibhneas an
tsaoghuil si ar son na neithibh dofhaicse, an uile chruas, an uile annródh agus an uile ainnisi d'fhulang agus do bhreith do roghuin ní as luaithe iná do chuirfemís smál nó spot ar an macántacht, ar an ngeanmnaidheacht, ar an gceart, ar an mbúidheacht iná ar an gcreideamh? Dá mbeith a résún-san daingion nó diongmhálta, dob éidir an uile fheallsa do bhuaidhreadh agus do mhilleadh an tan gomadh ceadaightheach an mhaith do mheas 'na holc, an t-olc 'na mhaith, an fhírinne 'na bréig, agus, fá dheóidh, an solas 'na dhorchadas. As beag iomorró do na feallsaimh leanas an fhírinne agus an mhaith fhíre, agus uime sin as beag do dhaoinibh foirbhthe iomlána dobhí 'na measg. Ar an adhbhar sin madh as as an nuimhir mholfamaoid an bheatha, go deimhin an mhaith nár cleachtadh do choimhéd acht ó fhírbheagán, as córa a rádh gurab olc iná maith, agus ainbhfeas nó seachráin an mhóráin do bheith 'na maith. Acht do bhrígh gurab gráineamhuil sin ré rádh, as cinnte nach uime do sháraidh Mahoiméit Críost, gur chuir iliomad fána smacht, ar an gceart (diadha) dá fhulang dhó, leis an tsaoirsi antoileamhuil dothug dháibh, agus lé neart arm; amhuil agus fuilngthear don diabhal agus do dhrochdhaoinibh eile do ghnáth na daoine laga neamhaireacha simplidhe neamhurchóideacha gan neart gan arm do bhuaidhreadh agus do bhrúghadh. Óir madh do bhuadhaigh Críost a n-aghaidh an domhain an tráth nach raibh aithne nó eólas ar a ainm, agus bá díol teithmhe dá gach aon nuaidheacht an bháis mhaslaigh dofuair do chlos, agus dar leat gur mhó an díol tarcuisne é iná an díol onóra, créd mheasas tú dob éidir leis do dhénamh anois iar síoladh agus iar nglacadh a ghlóire ar feadh an domhuin? Nárbh usa do bhuaidh an anma críostaidhe éirghe go hárrachtach anois iná ó thús? Gidheadh, as a ndíoghaltus na míghníomh tángadar so uile, amhuil agus do rémhaithreasadh iad ó Dhia, bá feasach orra agus do fhulaing a tteacht. Óir atá sgríobhtha gur goireadh ar mhórán, gidheadh, gur beag dhíobh do toghadh; agus gurab roimheinic do médaigheadh agus do laghdaigheadh an Eagluis. Dothug Dia iomorró toil shaor dochum na maithe agus an oilc, dochum na subháilceadh agus na ndubháilceadh, agus ní dhén foirneart ar na daoinibh go ceachtar don dá thaoibh sin, agus ní mó as éidir foiréigean do dhénamh orra an feadh sheasas a nádúir; óir dá sguireadh saoirsi na toile, ní
bheith luaigheacht iná míoluaigheacht ar ar gcumas. Agus do bhrígh gurab lé tabhartasuibh agus ré tíodhlaicthibh thairrngeas Dia na daoine dochum na maithe d'oibriughadh, agus gurab lé piantuibh agus ré díoghaltas do bhagar orra chriothnuigheas iad ón olc do dhénamh, ní hé sgrios na nádúire do dhearlaig aonuair amháin do-ní, acht a coimhéd go cúramach ina beith gan bhearnadh. Mar sin do bhagair Dia pianta égsamhla ar na peacthachuibh muna ndiongnadaois aithreachas gan mhoill; an chéidphian, dalladh na hinntinne, ionnas go labhrann an ríoghfháidh Dáuidh a bpearsuin Chríost agus na n-uile fhírén a n-aghaidh na bpeacthach ar an modh as: “Teagadh dorchadas ar a súilibh d'eagla go bhfaicfedís, agus bíodh a ndruim cam do shíor.” Agus adeir Dia leis an fháidh Isaias: “Imigh, dall croidhe an phobuil si agus tromaidh a chluasa agus dúin a shúile d'eagla go bhfaicfeadh léna shúilibh uair éigin agus go ccluinfeadh léna chluasuibh agus go ttuigfeadh léna chroidhe agus go bhfillfeadh agus go slánaighfinn é.” As mar sin do rémhaithriseadh isan Soisgél go meinic a ndúire agus a gcruas croidhe, agus sgrios Ierusalém agus a ndíbeirt - mhairfeas go deireadh dhomhuin - do na Iúdaidhibh díchreidmheachuibh dár chóir creideamh roimh an uile do Chríost agus dá reacht. Arís, léighmíd go cclaonfaid iomad ón ccreideamh Catoilce agus gurab beag sáibheóltar, san áit a labhrann an Tighearna isan tSoisgél ar na haimsearuibh déighionacha, ag rádh: “Rachaidh carthanacht mhóráin a bhfuaraidheacht ón bpeacadh agus ón olc do líonadh 'na measg.” Agus adeir a n-áit oile: “An tráth thiocfas Mac an duine, an measann tú go bhfuighe creideamh ar an talamh?” Arís, adeir an t-apstal Pól ag sgríobhadh dochum a dhisgiobuil Timotheus na briathra sa: “Adeir an Spiorad go follas go ttréigfid dream áiridhe an creideamh isna haimsearuibh déighionacha ag tabhairt aire do spioraduibh an tseachráin agus do theagasguibh na ndeamhan, ag labhairt na bréige a bhfimíneacht.” Fá dheóidh, madh léighmíd an teagasg soisgélta ar fad, do-ghébham gur innis Dia roimh ré na neithe si go (huilidhe), do réir mar dothángadar dochum críche agus do fhulaing a tteacht. Óir sgaraidh a sholas féin leis an druing do-bheir a mbeatha suas go holc dubháilceach agus fágbhaidh ina ndaille féin iad. Agus amhuil do-righne díoghaltas ar an gcineadh Iúdaidhe ar son a n-uabhair agus a n-easumhla, mar an gcédna do léig sgiúrsa a fheirge ar lucht
leanamhna Mahoiméit agus ar an muinntir oile théid a n-easumhla agus tréigeas an creideamh ar son a n-olc agus a míghníomh. Ní héidir iomorró pian as truime do chur ar neach iná easbhaidh an tsoluis fhíre agus na deighbheatha: slighe chinnte tré a ngabhthar go damnughadh síordhuidhe. Óir do réir mar do thaisbénamar thuas, ní bhfuil díorchacht iná sábháil acht earráid, seachrán agus cailleamhuin shíordhuidhe taobh amuich do chreideamh Chríost. Acht dá n-abairtheá: créd an fáth as a ndíoluid an chlann piana ar son a n-aithreach? Óir madh do pheacaidheadar na sein-Iúdaidheadha agus na Mahoiméideadha, créd 'már filleadh a pian ar a ccloin agus ar a sliocht 'na ndiaidh? As í ar bhfreagra ar sin gurab é as cúis dó, foillsiughadh an chreidimh chríostaidhe ar feadh an domhain agus fios na míorbhuileadh, ionnas nach beith leisgél ag aoinneach nach bhfuair cumas ar an bhfírinne do lorgaireacht agus ar a fios d'fhághuil. Agus madh do-ní féin maineachtnaigh isan bhfírinne do lorgaireacht, as ceart sin do aithbhear air; óir ní thiocfadh díoghaltas orra a cciontuibh a n-aithreach muna ndiongnadaois féin an peacadh cédna. Nó, dá n-iomchradaois a mbeatha do réir résúin nádúrtha, as cinnte go soillseóchadh Dia (nach diúltann a riachtanas ar aoinneach acht dobhíos do shíor do láthair ullamh dochum gach neithe as riachtanas dá gach aon dochum na beathadh síordhuidhe do ghnoughadh do thabhairt uaidhe go trócaireach) iad, (agus) go ttiobhradh solas ar an bhfírinne dháibh. Amhuil adubhramar thuas roimhe. Ós a chionn sin bíodh gurab iomadamhuil breitheamhnuis fholaighthe Dé agus nach éidir leis na daoinibh a lorgaireacht, ionnas go n-abair an t-apstol gur chríochnuigh Dia na huile isan díchreideamh, ionnas go ndiongnamh trócaire ar an uile. Agus go grod dá éis sin éimhghidh, ag criothnamh roimh aigén rodhomhuin dosgrúdtha na mórdhachta diadha, agus adeir: “Ó a aigéin shaidhbhreas eagna agus eólais Dé! Créd dochuimsighthe a bhreitheamhnas agus dolorgartha a shlightheadh! Cia iomorró dárbh fheas ciall an Tighearna, nó cia dobhí 'na chomhuirleach aige? Nó cia as túsga tug dhó agus do-ghébha arís? Óir as uadhasan agus thríodsan agus annsan atáid na huile. Ónóir agus glóir dhó i saoghal na saoghal. Amén.” Bíodh a fhios agad ar a shon sin, amhuil agus do réimhinnis ar tTighearna Íosa Críost na hoilc si do bheith ré teacht ar an
tsaoghal, mar an gcédna gur dhearbh nach rachadh a Eagluis féin, do chuir suas ar charraigc dhaingein, a mbáthadh go bráth, ag rádh: “Ag sin meisi (in) bhur bhfochair gach uile lá go deireadh an tsaoghuil.” Ar an adhbhar sin amhuil agus tángadar na huile neithe dá ndubhairt Críost do réir mar adubhairt go soiche an lá aniodh, agus gur lér 'na measg sin claonadh mhóráin ón gcreideamh, mar an gcédna chreidmíd go mairfidh an Eagluis go suthain síordhuídhe. Óir atáid a fundamuinnteadha comhfoirtill comhdaingion agus sin gur mallaighthe a mheas gurbh éidir a briseadh iná a leagadh. Agus ní headh amháin sin acht atá dóthchas aguinn an tráth hiomláinfior fearg dhíoghaltach (Dé) ar na droichchríosdaidhthibh agus ar an ccuid oile do na hainchríostaidhthibh go n-athnuadhfaidh a Eagluis féin agus go bhfillfidh an chruinne dhomhanda go hiomlán air féin, agus nach biaidh acht aointréd agus aonaodhaire ann; ní mheasmaoid nach bhfuil a bhfad uainn. Agus mar sin mairfidh go buan barc Pheadair, ag loingseóracht seal go soirbh agus seal oile go doirbh, do réir égsamhlacht na n-aimsior, go teacht an laé mhóir úd an Tighearna ina mbiaid secréideadha folaighthe na ndorchadas follas don domhan agus a n-aitheóntar nó a ttuigfidhear fá dheóidh breatha fírchearta Dé. Anois iomorró as lór dhúinn a ndubhramar ar choirbtheacht Mhahoiméit an tan nach éidir leis é féin do chosnamh ré résúnaibh diadha iná daonna acht amháin ré neart agus ré foiréigean gan chéill. Agus ó nach éidir foirneart ar bioth do bheith síordhuidhe, ní bhfuil dá mhéid dá bhfásann nach móide agus sin as mó a thuisleadh. Agus go deimhin an tráth ghébhuid na puibleacha solas na fírinne, as cinnte go sgarfuid leis an ngein choirbthe si, agus go mba móide dá phéin a mhéid do fhásadar a chomhachta. GURAB É AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE AN FÍRCHREIDEAMH SEASMHACH SUTHAIN. Caib. 8. Iar gclaoidh na sechta agus na seachrán rémhráidhte, an tan gurab ó sholas nádúrtha nó ó sholus ós cionn nádúire, nó uatha
araon, thig an uile chreideamh, madh geibhthear creideamh nó geasadóireacht ar bioth oile seach na méide si do áirmheamar, as éidir ar gach aonchor a ttarruing chugtha sin, nó go cuid éigin aca. Gach creideamh iomorró as deóntach ar sholas nádúrtha amháin, nó as (ó) thúsaibh fíre an résúin daonna thig, agus as é sin creideamh na bhfeallsamh, nach lór dochum na n-anmann do shábháil, mar do chruthaigheamar thuas; nó as ó thúsaibh fallsa amháin na neithe nádúrtha thig, mar atá asarluigheacht na nélladóireadha, bhíos lánmhar as fios na neithe bhíos ré teacht do bheith aca féin, agus do dhiomolamar mar an gcédna; nó as ó thúsaibh fallsa thig do-geibhthear ré cealguibh na ndeamhan, mar atá an t-iodhaladhradh do damnuigheadh linn thuas. Acht madh as ó sholus ós cionn nádúire thig an creideamh, ní faghthar aoinchreideamh sháraigheas an solas nádúrtha acht madh dligheadh an tSein-Reachta agus an Nuaidh-Reachta. Mar sin, nó as é an Sein-Reacht amháin dearbhthar, mar do-ní an cineadh Iúdaidhe, adeir go n-adhruid féin an Dia fíre; nó milltear agus truaillighthear an Nuaidh-Reacht, mar do-níd na heithriccigh; nó milltear an dá thiomna, mar do-níd a leanann lorg Mahoiméid. Congbhuid iomorró na críostaidhthe an dá thiomna leis an solas nádúrtha go hiochtmhar, agus glacuid an fios nádúrtha agus ós cionn nádúire, agus as ceirte dhíorcha thuigid iad iná na huile. Mar sin ós iad an mhéid si do áirmheamar, gach creideamh dár fríth go fóill ar an tsaoghal sa, nó as ionáirmhe orra so madh atá nísa mhó ann, agus nach éidir aoinchreideamh do chur a gcommóradh leis an gcreideamh chríostaidhe a résúnaibh iná a míorbhúilibh, agus go sáraigheann gach uile chreideamh commór agus atá neamh nías áirde iná an talamh agus commór agus atá difir eidir an tsolas agus an dorchadas, as follas gurab é an creideamh críostaidhe amháin an creideamh fíre agus aonchuan sábháilte na sláinte. Gidheadh, dá saoileadh aoinneach creideamh éigin bá fearr iná an creideamh críostaidhe do bheith ré teacht agus go measadh go ttiocfa an creideamh sin uair éigin, ar mhodh, an tráth thiocfas, go mbeanfa a chion don chreideamh chríostaidhe, dochum gan éinní d'fhágbháil gan tráchtadh air, tóigébham an uile chealg as an tslighidh. Uime sin adeirmíd ar tús, ó nach bhfaghthar
creideamh ar bioth san am so as fearr iná an creideamh críostaidhe, gurab inghreamaighthe dhe go dosgaoilte, dochum foghnamh do Dhia agus a sheirbhís do dhénamh do réir ar gcomhachta. Gidheadh, madh thaisbénann Dia creideamh as fearr iná an creideamh críostaidhe dúinn, as riachtanas an uair sin an creideamh sin do leanmhuin. Acht ní facas an creideamh so go fóill, agus ní mó atá résún, fundamuint iná baramhuil ar bioth chéillidhe go ttiocfa go bráth. Óir munab éidir críoch d'fhághail iná do thuigsin (do réir mar do chruthaigheamar thuas go diongmhálta) as fearr iná críoch na beathadh daonna iná meadhón as cinnte, iná beatha as foirbhthe iná an chríoch, an meadhón agus an bheatha chuireas an creideamh críostaidhe síos, cá bhfuil díol foinn nó dúla nías mó? Atá fós adhradh foirimleach an chreideimh chríostaidhe iongantach agus 'na shlighe romhaith leis na daoinibh do threórughadh dochum a gcríche; atá ós a chionn sin go fundamuinteach arna dhaingniughadh ar iliomad comharrthadh, tairngireadh agus résún rofhoirtille nach éidir ní as mó do bheith ar an tsaoghal. Acht bíodh gomadh éidir dá éis so creideamh as fearr iná an creideamh críostaidhe do thabhairt amach, ar a shon sin ní héidir leis an gcreideamh sin an creideamh críostaidhe do dhamnughadh iná do mhúchadh. Do bhrígh gurab lé solas ós cionn nádúire go mórmhór atá an creideamh críostaidhe ag siobhal (mar do thaisbénamar san dara leabhar don obair si), ní héidir dhó bheith acht ó Dhia, ó a ttáinic an uiriod sin maitheasa agus móirghníomha iongantacha don tsaoghal nárbh éidir lé haoinneach acht lé Dia amháin d'oibriughadh. Atá fós coimhtheacht ag solas nádúrtha an résúin, do hordaigheadh lé Dia féin, leis na neithibh si. Ar an adhbhar sin dá ttugthaoi isteach ré solas nádúrtha nó ós cionn nádúire nuaidhchreideamh bá fearr agus foirbhthe iná an creideamh críostaidhe, ní héidir leis bheith conntrárdha don chreideamh chríostaidhe. Óir as riachtanas, nó as éigin gurab roifhíor na neithe atá ceanguilte dhínn ó nádúir, ionnas nach éidir dhúinn smuaineadh iná a ttuigsin ar atharrach modha. Na neithe ámh chreidmíd, taisbénuid dearbha comhfollasach agus sin gomadh mallaighthe conntabhairt do chur a ní dá laghad díobh. Ar an adhbhar sin ós gnáth an fhírinne do theacht ris an bhfírinne, as cinnte, ciabé solas ó a ttiocfadh an
creideamh sin, nach beith neimhtheacht aige leis an gcreideamh chríostaidhe, agus nach mó do bheith conntrárdha dhó; do bhrígh gurab ó Dhia do bheith gach creideamh dhíobh agus gurab ó Dhia, nach n-abair ní ar bioth a n-aghaidh agus nach tteagasgann an fhírinne anois agus a conntráir arís, thigid an dá sholas ó ttig gach creideamh aca. Óir bá mallaighthe, agus bá naomhathais nó blaisféim brég nó fallsacht do chur a leith ughdair na fírinne. Arís, cuibhrighid na résúin chontrárdha an tuigse ar mhodh nach éidir lé an fhírinne do leanmhuin iná do thuigsin. Acht dá ccuireadh Dia eóluis chontrárdha dhá chéile chugainn, do chuirfeadh sin toirmeasg ar ar ttuigse ón bhfírinne d'aithne; ní nach éidir bheith ó Dhia. Ar an adhbhar sin madh as ón tsolas ós cionn nádúire thig ar gcreideamh-ne, agus go molann gach ní thig ó sholas an résúin nádúrtha, as éigin go molfaidh an uile chreideamh fíre (dá mbeith aoinchreideamh don tsórt sin ré teacht) gach ní mhúineas an creideamh críostaidhe. SUIM ATHCHOMAIR NA HOIBRE GO HIOMLÁN. Caib. 9. Dochum a ndubhramar isna leabhruibh si suas do bheith ar beóchuimhne, cuirfeam annso go hathchumair suim na hoibre, dochum na résún do bheith do ghnáth cruinn ós comhair ar súl. Adeirmíd nach go hédrom uallach acht go críonna céillidhe gluaistear na críostaidhthe dochum rúindiamhra agus aitheanta Chríost agus a Eagluisi do chreideamh agus do choimhéd. Do chéidneithibh, beanaidh ré duine críonna, iar meas go friochnamhach ar mhéid, ar ord, ar sgéimh agus ar bhuaine na cruinne si, a admháil gurab é Dia, .i. an cédghluaisteóir, nó an chédchúis, nó an chéidbheith as ro-uaisle don uile atá ós cionn na móroibre sin. Ní ghluaisionn iomorró aoinní é féin, agus ní mó as éidir oibriughadh doichríochnaighthe do bheith isna neithibh ghluaisios nó oibrigheas. Agus an tan gurab uaisle an spioraid iná an corp, agus an gníomh iná an cumas, agus gurab
éigin an gníomh do bheith roimh an gcumas, ní héidir le haoinneach a rádh go céillidhe gur corp Dia, iná foirm choirp, iná comhchuireadh arna dhénamh do chotuibh. Madh as gníomh fíre Dia, ní héidir conntabhairt do chur go bhfuil foirbhthe iomlán, 'na árdmhaith, agus go bhfuil a chomhachta ré a n-oibrigheann isna huilibh, dochuimsigh doichríochnuigh. Ní shénfaidh fós aoinneach agá bhfuil eólas dá laghad san bhfeallsa nádúrtha go bhfuil Dia domhalartach síordhuidhe agus 'na aon. Agus an tan go bhfaicmíd isna neithibh as uaisle, .i. isna hainmhinntibh, nach bhfuil dá mhéid dá ttógthar a bhfoirm ón adhbhar nach móide agus sin atáid rannphártach ar an eólas agus ar an tuigse, ní hionchonntabhartha mar sin, ó atá Dia 'na ghníomh fíre, go bhfuil tuigseach, agus fós gurab é féin an tuigse agus an eagna dhoichríochnuigh. Agus ó nach éidir tuigse ar bioth do bheith gan toil, agus nach bí toil gan bheith saor, as follas go bhfuil toil i nDia nach n-oibrigheann ó riachtanas na nádúire acht óna saoirse dhíleas féin. Uime sin ós tréna thuigse agus tréna thoil oibrigheas na huile mar chédchúis, as éigin mar an gcédna a admháil go bhfuil cúram agus coimhéd aige fá na huile neithibh, agus go mórmhór fá na neithibh daonna, an tan gurab é an duine créatúir as ro-uaisle agus as ro-onóraigh do na huile chréatúiribh corpardha, agus gurab ar a shon do-righneadh na huile neithe nádúrtha. Mar sin beanaidh ré Dia an duine do dhíriughadh dochum a chríche. Gidheadh, an mhéid gur créatúir résúnta an duine, ní héidir (a ordughadh) dochum críche ar bioth oile acht dochum maodhughadh na neithe ndiadha, do bhrígh gurab í an fhírinne as críoch don tuigse, agus an mhaith choitchionn nach éidir d'fhagháil isna neithibh cruthaighthe si as cosbóir don toil. Acht do bhrígh go bhfuil an bheatha so do láthair aguinn lán d'ainnisi agus d'annródh, agus gur roghann ar n-eólas an feadh bhiam arnar bhfolach fá ualach na feóla sa inar ttimcheall, as mírésúnta a mheas gurab isan mbeathaidh si atá an ghlóir nó an sén síordhuidhe. Uime sin as riachtanas a admháil go bhfuil beatha oile ann seach na beathadh sa do láthair aguinn, go bhfuil ar n-anam domharbhtha agus gurab é as foirm don chorp. Óir gan sin do bheith 'na fhírinne, níorbh fheas cionnas nó créd an modh a mbeith an duine 'na dhuine. Agus mar sin (leanaidh) go bhfuil an t-anam soidheaghuilte leis an gcorp agus gurab éidir leis seasamh uaidhe féin d'éagmais an choirp. Óir an mhuinntir leanas slighidh na fírinne agus atá don opinion nó don aigneadh so, as
ro-uras leó gach snaidhm agus gach líon a ngabhthar an drong atá contrárdha don opinion so do sheachna. Óir madh sgrúdamaoid go grinn ord na neithe nádúrtha, ní héidir ní ar bioth mírésúnta do chur a leith an teaguisg chríostaidhe atá dá rádh so rinn. Nach bhfuilid na neithe si go hiomlán ag teacht re résún, agus nár chruthaigheadar daoine rofhoghlamtha roi-eagnuidhe iad ré résúnaibh dosgaoilte? Cuirmid fós an Bhuaidh dhealbhamar a ttosach na hoibre si ós ar gcomhair, ag meas móirfhearta iongantacha Chríost, agus ní bhfuigheam ní dá laghad isan teagasg chríostaidhe contrárdha nó coimhightheach don résún. Cia réarb éidir a shénadh go bhfuil creideamh éigin fíre ar an tsaoghal sa, an tan go bhfuil claonadh nádúrtha ag an uile dhuine Dia dh'adhradh, agus gurab é an t-adhradh diadha as meadhón agus as slighe tré a ngabhthar dochum na glóire agus an tséin shíordhuídhe? Óir níor ordaigh Dia ní ar bioth dochum críche gan na meadhóin tré ngébhthaoi gusan gcrích sin do thabhairt uaidhe. Óir gan sin as díomhaoin do oirdeóchadh an ní sin dochum a samhla sin do chrích; ní nár chubhaidh agus nach oireamhnach do Dhia. Cad é an ní ámh iarras adhradh fíre Dé oruinn acht deighbheatha shubháilceach do bheith aguinn? Óir as ionann Dia d'adhradh agus onóir do thabhairt dó, agus a admháil agus a aithne mar Dhia. Gidheadh, ní héidir a onórughadh nísa fhearr iná i bhfoirbhtheacht a éifeicht, choimhsheasas a ndeighbheatha an duine. Agus ó nach éidir beatha oile ar bioth d'fhághuil iná do thuigsin as fearr iná an bheatha chríostaidhe, as follas gurab romhaith a hadhradh, an tan nach éidir (críoch) iná meadhón ré teacht dochum na críche d'fhághuil as fearr, as foirbhthe, as dearbhtha agus as résúnta iná críoch agus meadhón na beathadh críostaidhe. Ar an adhbhar sin as cinnte gurab é an creideamh críostaidhe an creideamh fíre, agus gurab ó Dhia atá, agus gurab é an ród réidh roidhíreach tré a ngabhaid na daoine dochum na glóire agus dochum an tséin shíordhuidhe. Óir muna ttreóraigheann an creideamh críostaidhe dochum na glóire, fiafraighim, cia an creideamh oile réarb éidir a dhénamh? Mar sin ní héttrom uallach, acht as tromdha roichríonna glacthar agus coimhédthar an creideamh agus an bheatha chríostaidhe.
Dá meastá don chéidiarraidh gomadh díthchéillidhe dhuit a chreideamh go bhfuil óglach do crochadh 'na Dhia, 'na Mhac Dé agus 'na dhuine, smuain mar athchuinghidh ort nach éidir díorchacht, naomhthacht agus fíréntacht bheathadh commór agus atá ag na críostaidhthibh do gheineamhuin ó earráid iná ó sheachrán dochuimsighthe. As follas iomorró gurab ó chreideamh Chríost do crochadh thig, oiltear, fhásas agus iomlánaighthear an bheatha chríostaidhe - beatha as fearr agus as naomhtha do na huilibh. Tabhair dot aire arís nach éidir lé sgrioptúiribh an tSein-Reachta agus an Nuaidh-Reachta, ina gcoimhsheasann an creideamh go hiomlán, bheith acht ó Dhia, agus gurab as na naoimhreachtuibh sin do tairrngireadh an uiriod si bliadhan roimh ré na neithe nach ttáinic an uair sin acht dobhí re teacht, agus gur uatha do shil an uiriod sin toraidh na naoimhbheathadh críostaidhe, agus do fhilleadar nuimhir dhofhaisnéidhe d'eagnuidhibh ar sholas na fírinne si. Ós a chionn sin, dá mbeith creideamh Chríost fallsa, go dearbhtha do foillseóchfaidh sin uair éigin, go háiridhe do dhaoinibh roghlana, a n-urnaighthe agus a maodhughadh na neithe ndiadha, agus dobhíodh do ghnáth ag síorchur impidhe ar Dhia solas na fírinne ós cionn an uile ní do thaisbénadh dháibh. Acht do bhrígh gur cinnte gur mó sa chách dobhíodh an sórt daoineadh so arna ndaingnioghadh isan gcreideamh chríostaidhe go laethamhuil, ní héidir an t-éifeacht roidhiadha sin do theacht leis an mbréig, iná, mar sin, creideamh Chríost do bheith fallsa iná brégach. As éidir fós an ní cédna do dhearbhadh as an adhradh fhoirimlioch, óir ní bhfuil dá chaoindúthrachtaigh agus dá inísle dá ttugaid na daoine iad féin dó nach móide agus sin as naomhtha agus as fírénta iad. Gidheadh, an mhuinntir do-ní neamhshuim dhe, nó do-bheir tarcuisne dhó, nó fhreacras é gan reuerens, téid ar gcúlaibh agus ní thig lá acht lá as measa sa chách iad. Arís, da mbeith creideamh Chríost díomhaoin nó fallsa, cionnas dob éidir an tsíth dhoghluaiste inntinne, an tsaoirsi neimhchriothach agus an t-urgháirdeas daingion meanma atá ag na críostaidhthibh do bheith aca, ionnas dar leat gur a lár mhóraoibhneasa bhíd nuimhir dho-áirmhe dá gach cinél an tráth as mó bhíos buaidhirt, annródh, persecution agus inghreim orra? Óir dámadh ar seachrán dobheithdís, níorbh éidir leó dul ar a
n-aghaidh san deighbheathaidh, iná meanma agus urgháirdeas seasmhach ar son anma Chríost a ndoirbheas agus a n-inghreim, sháraigheas an neart daonna, (do bheith aca). Agus ní hé sin amháin acht do-chímid an fhíorghloine, an tsíth agus an sólás inntinne si ag deallradh comhmór agus sin isna corpuibh féin go mbí onóir agus réverens ag na daoinibh dháibh, as sgéimh a ngnúisi agus as mórdhacht a mbeól, agus go leasaighid iomad a mbeatha ré dearcadh orra, amhuil agus do tollfaidhe iad ré gáibh gréine an Spioraid Naoimh. Agus an tan go bhfuilid na neithe (si) ré faicsin go laéthamhuil a nEagluis Dé, as cinnte gurab duine do chaill a chiall ar fad an tí do-ní neamhshuim nó do-bheir tarcuisne do chreideamh comhnaomhtha coimhiongantach agus coimhneartmhar agus (atá) an creideamh críostaidhe. Óir bá lór an ní so féin mar shiocair réna leanmhuin agus re greamughadh dhe go doghluaiste. Madh dhearcmaoid ar Chríost ag buadhughadh ar íochtar agus ar uachtar an domhuin, ní huras dúinn conntabhairt do chur go bhfuil 'na Dhia fíre an tí do chlaoidh an chruinne cheathardha, .i. dée na n-uile náisión, impireadha, tíoránaigh, feallsaimh, eithriccigh agus cineadhacha fiadhánta dobhí ag comhracc go cruaidh 'na aghaidh, agus gan sin do dhénamh ré neart, ré harm iná ré geallamhnachuibh neithibh talmhuidhe do thabhairt dáibh iná ré briathruibh millsi acbhuinneacha, acht ré seanmóir geanmnaigh glain measardha agus re sompla beagáin bochtán inísiol do iompaidh an saoghal ar a reachtuibh agus ar a dhlighthibh féin. Agus do-ríghne gach ní dár thoil leis, bíodh dar leat go rabhadar doidhénta. Do shoillsigh fós an chruinne dhomhanda go ro-uras rena eagna iongantaigh, do thóguibh iad ré luas doichreidthe as an dorchadas ina rabhadar 'na luidhe, agus do ghlan óna n-uile sheachrán. Dá éis sin do tharruing croidheadha na ndaoineadh, tréna mhaith dhochuimsighthe, ar a ghrádh féin, ionnas gur tharcuisnigheadar pobuil dho-áirmhe dá gach uile chineadh, dá gach cinél, dá gach coinghioll agus dá gach ceird, fós na daoine dob fhoghlamtha agus dob eagnuidhe dá raibh (ar) an domhan, na huile neithe saoghalta dá ghrádh agus d'admháil a anma, agus ós a chionn sin do fhuilngeadar go súgach sólásach meanmnach móraigeantach tár agus tarcuisne, masla agus míomhodh, bagar agus
boirbbhriathra, páis agus pianta, sgiúrsa agus feólchasgairt ar a shon-san. Fiafraighim, cia do na daoinibh nó do na déibh dá bhfacas ariamh agá raibh na comhachta sa, an eagna, iná an mhaith? Mar sin muna bhfuil an tí si 'na Dhia, cia réarb éidir bheith 'na Dhia? An measann (tú) gurbh éidir re duine rochoirbthe ro-uaibhreach, muna mbeith 'na Dhia fíre, gomadh éigin Críost do ghairm dhe, gurbh éidir leis a samhla so do choimhlíonadh? Nó an bhfuil míorbhuile as mó iná dá ndénadh na neithe si gan míorbhuile? Cá bhfuil aoinní dár theaguisg Críost atá conntrárdha don résún nádúrtha? Madh do fhoillsigh rúindiamhair árd na Tríonóide dochuimsighthe, as léir dhúinn a lorg agus a híomháigh isna créatúiribh, agus ar a shon sin ní chuirmíd aonfhocal a n-aghaidh na feallsa nádúrtha. Ní bhfuil a n-aghaidh résúin madh do fhulaing nó thoiligh an saoghal do chruthughadh, an tan gur céillidhe na huile neithe do bheith arna ndénamh leis an ccédchúis ghníomhaigh. Madh bhreathnaigheann tú naomhadh na n-anmann, as résúnta mar an gcédna an duine do theacht gusan sén neamhdha, dochum ar hordaigheadh é, ré tíodhlaice neamhdha dá naomhadh. As céillidhe mar sin na hanmanna do theacht gusan tsén agus an ghlóir - na críocha dochum ar hordaigheadh iad. Madh dhearcair ar eiséirghe na gcorp, ní díomhaoin atá fuireachas aguinn leis, do bhrígh go mbí an t-anam deaghuilte ag iarraidh a choirp féin, mar bhíos an fhoirm ag iarraidh a hadhbhair, ionnas, do réir mar do oibrigh an mhaith nó an t-olc a bhfochair an anma, go bhfaghadh do réir cheirt agus go nglacadh luach a shaothair maraon leis. Madh atá súil aguinn ré glóir an tsaoghuil go hiomlán, créd an dochar tig as sin? Óir bíodh nach biaidh riachtanus ag na fírénuibh leis an eiséirghe tar éis glóire na gcorp, ar son an chuirp iná ar son na tuigse, an tan gur corp dothruaillighthe dobhásaighthe ghlacfuid 'na ttimcheall, agus nach nglacfuid fios iná eólas ón ccédfadh, do bhrígh go mbiaidh radharc ag na huilibh ar bheith Dé, ar a shon sin, do bhrígh nach ttiocfa an tsúil chorpardha go radharc na beithe diadha, as ro-iomchubhaidh na coirp neamhdha agus na dúile do ghlórughadh, dochum radhairc thaithneamhaigh agus oireamhnaigh do bheith ag an tsúil chorpardha ghlórmhair. Madh adeirmíd go ndearnadh duine do Dhia, cad
é an ní bá deaghmhaisighe agus as mó bá búidh dob éidir d'fhagháil ó Athair romhaith agus ó Árdshaor na n-uile iná Dia féin do shoillsiughadh na muinntire dobhí 'na suidhe a ndorchadasuibh agus a sgáile an bháis, agus arna ndénamh nísa chinnte don chrích dhéighionaigh agus don bheathaidh fhoirbhthe, díoluigheacht agus lóirghníomh do thabhairt ar son a bpeacadha - díoluigheacht nach raibhe ar cumas aonduine oile do thabhairt uaidhe? Uime sin ba cóir don tí tánaic do sgrios na bpeacadh a gheineamhuin ó mhaighdin ar nach raibh smál peacaidh, agus bás d'fhagháil i gcroich, do thabhairt sompla dhúinne nach intseachanta sórt ar bioth báis ar son an cheirt. Bá cubhaidh, fá dheóidh, a eiséirghe agus a dhul suas ar neamh do shuidhe ar deis a Athar, dochum dóthchuis chinnte do thabhairt do na huilibh ar an eiséirghe agus ar an mbeathaidh shíordhuidhe. Agus an tí do-righneadh cionntach ar son na n-uile agus do fhulaing breitheamhnas do thabhairt air féin, as ceart go ttiocfa mar áirdbhreitheamh ar na huilibh. Cá bhfuil fós ní ar bith mírésúnta nó éigceart ag an gcreideamh dá fhógra isna haitheantuibh mórálta nó san dligheadh, an tan nach éidir beatha is fearr iná stiúradh as foirbhthe d'fhághuil iná an reacht críostaidhe? Óir glacaidh an creideamh críostaidhe an mhéid do thráchtsad na feallsuimh agus na daoine foghlamtha go céillidhe ar na subháilcibh agus ar na deighbhésuibh; ní dhiúltann aoinní atá fíor acht cruinnighidh go fairsing mórán nísa fhoirbhthe iná iad 'na gceann. Ní léigionn fós ní ar bioth doidhénta iná a n-aghaidh résúin isna seremóinibh, acht do-gheibh an duine naomhthacht adhbhal agus sólás diadha asta. Cá bhfuil aoinchreideamh oile do-bheir a leithéid so do thoradh uaidhe? An éidir leis na feallsaimh dhul a gcomórtas leis, an tan mar nach raibh cinnteacht aca ar chrích na beathadh daonna agus ar na meadhónuibh threóruigheas chuice gur shíoladar iomad seachrán agus earráideadh? Níorbh éidir ámh drong d'fhagháil as mó do-chuaidh ar buile ré hurchóid agus ré díth céille iná na nélladóireadha agus na hasarlaigheadha, do chaith a n-aimsir a bhfábhalluibh agus a n-asarluigheacht dhíomhaoin. Ní bhfuil ní dhá
laghad don fhírinne iná don mhacántas ag lucht an iodhaladhraidh. Atáid comharrthadha, geallamhnacha, tairrngireadha na bhfáidheadh, an tsagartacht, na sacraifíseadha, agus uile leachta an chinidh Iúdaidhe, teacht na neithe dochum críche mar do tairrngireadh, braighdeanas, sglábhaidheacht, sgrios agus díbeirt na druinge duaibhsighe sin re caogad bliadhan ar mhíle agus ar sé céd, ag sgreadadh agus ag dénamh fiadhnuisi 'na n-aghaidh. Do sgrios an Soisgél, a neimhtheacht féin ré chéile agus a gceannairge, agus do mhúch, nach mór, neart agus comhachta na n-eithricceach ar feadh na coda as mó don tsaoghal. Atá an uile fheallsa agus an uile reacht résúnta a n-aghaidh creidimh Mahoiméit agus na druinge leanas a lorg, do bhrígh nach bhfuil ní ar bith céillidhe, cinnte iná foirtill ann. Gidheadh, níorbh éidir lé saighid dár caitheamh ré solas nádúrtha, nó ós cionn nádúire, an teagasg críostaidhe, atá arna dhaingnioghadh ar an uiriod sin d'fhonndamuinntibh foirtille fíorláidire na beathadh ronaomhtha agus do-righne an uiriod sin do mhóirfheartuibh iongantacha ar feadh an domhuin, do bhriseadh, do bhearnadh iná do mhúchadh, acht do bhuadhaigh go feardha feadhmláidir réna naomhthacht agus réna fhíréntacht ann gach cruadhchomhracc dá ndearnaidh an saoghal 'na aghaidh ó aimsir Chríost gusan lá aniodh. Ar an adhbhar sin as é an creideamh so Chríost an creideamh fíre as inleanta don mhéid réar mian dhul fá dheóidh, iar bhfágbháil mara mórthonnaigh an ghleanna sa na ndeór, go cuan síothach sábháilte theaghlaigh neimhe do chaitheamh na glóire síordhuidhe. Sguirídhe dá bhrígh sin, a dhaoine bochta ainbhfeasacha meardhánta mírésúnta, ag nach bhfuil do mheadhón ré bhur mbeigeagna do chur a gcéill acht ris an naoimhchreideamh so Chríost do naomhaithisiodh agus d'iomcháineadh. Sguirídhe fá dheóidh dá bheith ag amhastraigh 'na aghaidh, óir as ag ullmhughadh barr pian a n-ifrionn dhaoibh pféin atáthaoi, ag iarraidh smáil do chur (ar) an naoimhreacht sa atá doshalchaidh. Acht ó atá an naoimhchreideamh so arna chur 'na shuidhe, arna dhaingniodh agus arna neartughadh re an uiriod sin do choimhcheangal aimsior agus neithe, ré naomhfháisdinibh, ré comharrthuibh follasacha, ré teagasg roshlán, ré naomhthacht dochuimsighthe
beathadh, ré dearbhadh daoineadh ro-ordhraice, ré sompladhuibh, ré gnáithiomad míorbhuileadh n-iongantach, agus ré fuil mhairtíreach ndo-áirmhe, ó aimsir Chríost gusan am so, glacaidhe an creideamh so agus admhaidhidh gurab é amháin an creideamh fíre, agus bíodh dóthchas agus súil agaibh leis an mbeathaidh oile go luath do theacht gan chonntabhairt, inarb éigin dá gach aon dhul fá bhreith an bhreithimh inchriothnuigh, chuirfeas na huain, .i. na deaghdhaoine, ar a láimh dheis, agus na mionnáin, .i. na drochdhaoine, ar a láimh chlé. Rachuid so go teine shíordhuidhe thighe ifrinn, agus iad súd go beathaidh shíordhuidhe, bhal a bhfaicfid isan Tríonóid aoinDia do-inniste dochuimsighthe, agus a mbiaid dá ghnóughadh go suthain síordhuidhe, tré ghrásuibh an bhuadhaigh dhochlaoidhte ar bhFuasgailteóir agus ar tTighearna Íosa Críost, dá raibh onóir, bríogh, comhachta agus glóir tré shaoghal na saoghal. Amén.
(CLÁR NA GCAIBIDLEACH). BROLACH AN CHÉIDLEABHAIR. FOL. 1. Do réim imtheachta na hoibre. ca.1, fol.3. Do bhuaidh Chríost, as a bhfaghthar argumainteadha an chreidimh. ca.2, fol.4. Do na pongcuibh as ionghabhtha do na huilibh. ca.3, fol.9. Fuasgladh gach conntabhartha darab éidir do chur a n-aghaidh na neithe rémhráidhte. ca.4, fol.11. d'ord imtheachta na hoibre. ca.5, fol.15. Go bhfuil Dia ann. ca.6, fol.16. Nach corp Dia, iná foirm choirp, iná ní dénta do chorp agus d'fhoirm. ca.7, fol.18. Go bhfuil Dia 'na árdmhaith, foirbhthe, domhalartach, síordhuidhe, sa chomhachta doichríochnaighthe. ca.8, fol.19. Go bhfuil Dia 'na aon. ca.9, fol.22. Go bhfuil intleacht i nDia agus eólas foirbhthe na neithe agus nach ó riachtanas na nádúire oibrigheas acht ó thoil. ca.10, fol.23. Go bhfuil cúram ag Dia fá na huilibh. ca.11, fol.25. Do chrích an duine dochum a ndírighthear an cúram diadha. ca.12, fol.27. Nach isan mbeathaidh si do láthair aguinn atá críoch dhéighionach an duine. ca.13, fol.29. Go bhfuil anam an duine domharbhtha. ca.14, fol.34. BROLACH AN DARA LEABHAIR. FOL.38. Go bhfuil creideamh fíre éigin ann. ca.1, fol.39. Go mbí adhradh Dé ar dhá mhodh. ca.2, fol.40. Nach éidir beatha d'fhagháil as fearr iná an bheatha chríostaidhe. ca.3, fol.41. Nach éidir críoch do smuaineadh as fearr iná críoch dhéighionach na beathadh críostaidhe. ca.4, fol.42. Nach bhfuil meadhón iná slighe dochum na glóire agus an tséin shíordhuidhe as fearr iná an bheatha chríostaidhe. ca.5, fol.45. Go mbeirthear na daoine go cinnte ris an ccreideamh chríostaidhe gusan sén síordhuidhe. ca.6, fol.47.
Gur maith an comharrtha ar an ccreideamh chríostaidhe do bheith fíor go mbí 'na chúis beathadh romhaithe. ca.7, fol.49. Gurab ó Dhia atá an teagasg críostaidhe dá ngreamuigheann an creideamh. ca.8, fol.52. Go ndearbhuid urnaighthe agus maodhughadh na ccríostaidhthe an creideamh Catoilce do bheith fíor. ca.9, fol.58. Go ndearbhann adhradh foirimleach na ccríostaidhthe an creideamh críostaidhe do bheith fíor. ca.10, fol.61. An creideamh do bheith fíor as éifeachtuibh innmheadhónacha na beathadh críostaidhe. ca.11, fol.64. An creideamh do bheith fíor as éifeachtuibh foirimleacha na beathadh críostaidhe. ca.12, fol.69. An creideamh do bheith fíor as oibreachuibh iongantacha Chríost agus ar tús óna chomhachta. ca.13, fol.73. An creideamh do bheith fíor as eagna Chríost. ca.14, fol.81. An creideamh do bheith fíor as mórmhaith Chríost. ca.15, fol.88. An creideamh do bheith fíor as comhachta, as eagna agus as maith Chríost a n-aoineacht. ca.16, fol.94. BROLACH AN TREAS LEABHAIR. FOL.96. Go bhfuilid neithe doichríochnaighthe i nDia agus gurab éidir leis neithe dofhaisnéidhe do dhénamh sháraigheas cumas na tuigse daonna. ca.1, fol.97. Do na neithibh chreideas an creideamh críostaidhe atá ós cionn tuigse an duine. ca.2, fol.100. Nach dearbhann an creideamh críostaidhe aoinní doidhénta iná díthchéillidhe ar an tTríonóid. ca.3, fol.101. Nach dearbhann an creideamh críostaidhe aoinní doidhénta iná díthchéillidhe ar an ccruthughadh. ca.4, fol.108. Nach dearbhann an creideamh críostaidhe ní ar bioth doidhénta iná díthchéillidhe ar naomhadh an chréatúir résúnta, ar a ghlóir iná ar a eiséirghe. ca.5, fol.109. Gurab iomchubhaidh résúnta chuireas an creideamh críostaidhe pianta na ndaoineadh ndamanta síos. ca.6, fol.112.
Nach measann an creideamh críostaidhe éinní doidhénta mídheaghmhaisioch iná mírésúnta ar ionchollughadh Chríost ar Slánaightheóra. ca.7, fol.114. Nach doidhénta iná díthchéillidhe geineamhuin Chríost ó mhaighdin agus gurab ro-oireamhnach an bheatha dobhí aige. ca.8, fol.117. Nach doidhénta iná díthchéillidhe na neithe theaguisgeas an creideamh críostaidhe ar pheacadh na sinnsior. ca.9, fol.121. Gurab céillidhe résúnta curthar páis Chríost agus an chuid eile do rúindiamhruibh a dhaonnachta maraon ré uile eachta na hEagluisi a ttimcheall an chreidimh. ca.10, fol.127. Gurab roi-eagnuidhe chuireas an creideamh críostaidhe dhá aithne an ghrádha as fonndamuinnteadha don bheathaidh mhórálta go hiomlán síos. ca.11, fol.131. Gurab ro-ordhraic teagasg mórálta na hEagluisi. ca.12, fol.135. Go bhfuil teagasg breitheamhnach na hEagluisi roirésúnta. ca.13, fol.139. Gurab ro-oireamhnach do hordaigheadh sácramuinnteadha na hEagluisi ré Críost. ca.14, fol.144. Gurab céillidhe résúnta nuimhir na sacramuinnteadh. ca.15, fol.146. Go bhfuil gnáthughadh na sácramuinnteadh oireamhnach céillidhe. ca.16, fol.148. d'fhuasgladh na ndocamhal as éidir do chur a n-aghaidh Shácramuinte ronaomhtha na haltóra. ca.17, fol.157. Gurab céillidhe résúnta sereamóine na hEagluisi. ca.18, fol.161. BROLACH AN CHEATHRAMHA LEABHAIR. FOL.165. Nach bhfuil creideamh ar bioth fíor acht an creideamh críostaidhe amháin. ca.1, fol.166. Go bhfuil gach creideamh dár theagasgadar na feallsaimh líonta d'ainbhfios agus d'earráid. ca.2, fol.168. Gurab fallsa neamhtharbhach teagasg na nélladóireadha. ca.3, fol.174. Gurab é creideamh na n-iodhaladharthach secht as díomhaoine do na huilibh. ca.4, fol.183.
Do chlaoidh asarluigheachta agus ainchríostaidheachta an chinidh Iúdaidhe. ca.5, fol.190. Gurab coirbthe crosta agus gurab fallsa fírbhrégach uile theagasg na n-eithricceach. ca.6, fol.202. Go bhfuil secht Mhahoiméid d'easbhuidh an uile résúin. ca.7, fol.206. Gurab é an creideamh críostaidhe an fírchreideamh seasmhach suthain. ca.8, fol.216. Suim athchumair na hoibre go hiomlán. ca.9, fol.219. Fínit.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services