Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Buaidh na Naomhchroiche

Title
Buaidh na Naomhchroiche
Author(s)
Ó Conchúir, Bonaveantúr,
Compiler/Editor
Ó Súilleabháin, Pádraig
Composition Date
1650
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., l972)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



BROLACH NÓ RÉMHRÁDH AN CHÉIDLEABHAIR DO
BHUAIDH NA NAOMHCHROICHE, NÓ d'FHÍRINNE AN
CHREIDIMH, ARNA CHUR A NGAOIDHEILG LEIS AN
MBRÁTHOIR BOCHT d'ORD S. PROINSIAS, B. C.



Do chuirios romham, le congnamh Dé, buaidh ghlórmhar na
naomhchroiche do sgríobhadh a n-aghaidh dhraoitheadh agas
aois eagnaidhe fhallsa an tsaoghail urchóidigh so: obair go
deimhin ro-árd, ós cionn mo chumais, gidheadh, tarbhach
roiriachtanasach isna haimsearuibh si. Bíodh go bhfuil an
creideamh Catoilce don uile thaoibh comhdaingion sin 'na
shuidhe lé hoibreachuibh do-áirmhe ar tTighearna Íosa Críost,
léna fheartuibh agus léna mhóirmhíorbhuilibh atá dhá cceileabhradh
ar feadh na cruinne go coitchionn, agus lé naoimhleachtuibh na
ndochtúireadh ndiadha, nach bhfuil acht iomarcaigh agus cúirialtacht
a sgrúdadh nísa mhó iná conntabhairt do chur and, tar a cheann
sin, do bhrígh go bhfuil an chuid as mó do na daoinibh ar an
aimsir si dá n-onfairt a mbroghuil agus a salchar na bpeacadh
ar mhodh gur fhás dall chiach ar shúilibh a n-inntleachta
nach léig radharc sholuis na fírinne chugtha, ionnas gurab 'na
ccúis mhagaidh nó fanámhuid mheasuid na neithe neamhdha agus
go ttarcuisnighid na móirfhearta diadha mar neithe mire nó
díthchéillidhe. Ar an adhbhar sin as mian linne, 'gár chnaoidh
cúram agus mórfhonn a ttigh Dé sinn, na neithe do-chuaidh thoruinn
agus do léigeadh ar dearmad nach mór go huilidhe do ghairm chum
cuimhne agus cách do dhúsgadh as an trom suain atá orra lé himchian
ar chuilt choirbthe an tseachráin. Agus bíodh nach féidir an
creideamh d'fhoillsiughadh go soilléir iná do chruthughadh as
na cédchúisibh nádúrtha, dá ngoirid na feallsaimh principia
naturalia, ar a shon sin do-bhéram anuas iomad do résúnaibh
foirtille as na héifeachtuibh solasta dá chosnamh, ar nach budh
féidir d'aonduine céillidhe smál ná spot d'fhághuil. Ní headh
gurab iad na résúin sin as fundament don chreideamh, an tan


L. 2


go n-abair Pól gurab tíodhlaicthe é do-bheir Dia uaidhe, ní as
oibreachuibh, ionnus nach beith glóir dhíomhaoin ar aoinneach,
acht ionnus, léna ccongnamh, go ccuinnighthigh 'na seasamh
na díthchreidmhigh atá ollamh chum tuitmhe agus go n-ollmhaighthe
iad dochum an tsoluis uachtaraigh úd ós cionn nádúire an
chreidimh do ghlacadh; gidheadh, na Catoilce, dár lér go
solusghlan fírinne an chreidimh, ionnsaighid go meanmach
leis na harmuibh si eascairde mallaighthe an chreidimh agus
fuadaighid, iar bhfoillsiughadh a n-ainbhfis agus a n-earráide, na
daoine simplidhe neamhchoimhédacha as a gcrobhuibh. Ní bhfuil
fáth a mheas gur tarcuisne do luaigheacht an chreidimh gan a
fhághuil ar luaigheacht, an tan gur follus don uile nach ttuilleann
aoinneach a fhághuil acht gurab é Dia amháin dhoirteas é a
n-anam an duine san mbaisteadh. Leis an droing amháin
bheanas so lé nach áil an creideamh do ghlacadh muna
gclaoidhtear lé résúnaibh iad. Gidheadh, as ionmholta go mór
an drong ghlacas mar thabhartus ó Dhia an creideamh go
sithghreamannach agus ós a chionn sin thairgeas cách eile do
dhaingniughadh ann lé résúnuibh roifhírinneacha. As amhlaidh
sin chomhuirligheas prionnsa na n-apstal, S. Peadar, dúinn leis
na briathruibh si: “Naomhaidhidh ar tTighearna Críost ann
bhur gcroidheadhuibh ré bheith réidh ollamh do shíor résún do
thabhairt dá gach aon shirfeas sásadh oruibh ar son an chreidimh
agus an dóchuis atá ionnuibh.” Do bhrígh, ar an adhbhar sin, gurab
lé résúnuibh amháin as mian linne diospóireacht do dhénamh ní
ghreimeóchum d'ughdarrás aonduine; agus as mar sin imeóchum
ar ar n-aghaidh ar feadh an leabhair taobh lé harmuibh
dochlaoite an résúin gan tráchtadh ar ughdarrás aonduine dá
eagnaidhe, acht amhuil nárbh inchreitte d'aoinneach acht don
résún nádúrtha amháin, dárab éigin dá gach aon géilleadh agus
aontudhadh.


L. 3


DO RÉIM IMTHEACHTA NA HOIBRE.



Caib. 1.



Do bhrígh nach féidir dhúinn teacht a n-eólus na neithe
dofhaicsi acht tré na neithibh sofhaicsi, uair as ón gcédfadh
thionsgnas ar n-uile thuigsi, agus nach feas don chédfadh acht na
haicídeadha amháin at-chí go foirmiollach; gidheadh, tollaidh an
inntleacht léna gérchúis féin substaint na neitheadh, agus óna
n-eólus sin tig dochum eóluis d'fhághuil ar neithibh dofhaicsi
do-adhbhardha. Tógthar suas í agus arduighthear, iar mbeith ag
sgrúdadh agus ag spécláireacht shubstainte, cháilidheacht, oird,
chúise agus ghluasachta na neithe sofhaicsi, chum eóluis do bhreith
ar na hainglibh agus ar Dhia; amhuil agus leis na haicídeaghuibh
foirmiollacha, le gluasachtuibh agus lé hoibreachuibh foirmiollacha
an duine tig dochum aithne agus eóluis ar na neithibh inmheadhónacha
bhíos a bhfolach in anam, agus ar na codchuibh atá
dofhaicsi dhe. Iar gcur na cruinne ós comhair a súl do na
feallsamhnuibh, .i. na flaithis gona sgéimh, a n-ornáid agus a
n-oibriughadh, na dúile gona gcáilidheachtuibh, a n-oibrighthibh
agus a n-iliomad cumasg, iolradh agus égsamhlacht na gcomhchuireadh,
a ngluasacht agus a n-airgheana, ord iongantach, méid, sgéimh agus
breaghdhacht an tsaoghail si atá sofhaicsi aguinn, do dhírighiodar
gaéithe a n-inntleachta agus a ttuiccsi dochum na neithe uachtarach
ós cionn nádúire do sgrúdadh agus do thairgeadar an mhéid gurbh
fhéidir leó eólus a nádúire agus a n-airgheana d'fhághuil. Amhuil
ar an adhbhar sin agus do thuigeadar na feallsamhuin gurab
d'oibreachuibh Dé na neithe nádúrtha tréar féidir teacht a
n-eólas a chomhacht agus a ghlóire, mar an ccédna gach ní dá
bhfuil a nEagluis Chríost atá soghlactha ag cédfa nó ag résún,
as mian linn a thaisbénadh don tsaoghal gurab d'oibreachuibh
Dé iad agus gur féidir dúinn léna ccongnamh teacht a n-eólas
mhórdhachta agus ghlóire Íosa Críost, atá dofhaicsi aguinn. Agus
amhuil agus do chruinnighiodar na feallsaimh gach uile ní dá
ndearna Dia isan tsaoghal, mur an gcédna caithfimne gach ní
dár oibrigh Críost ar an ccruinne do chruinniughadh. Agus mar
dob éigin do na feallsamhnuibh as oibrighthibh iongantacha na
nádúire a admháil gurab é Dia as tús agus as cédchúis don uile,


L. 4


agus gurab oibriughadh tuigsi dá nach féidir dhul ar seachrán
oibriughadh na nádúire, mar an ccédna as mian linne a
thaisbénadh as oibreachuibh iongantacha Chríost, an Críost sin
do crochadh bheith 'na chédchúis don uile, agus gurab oibreacha
Dé, dá nach féidir dhul ar seachrán, a oibreacha. Tar a cheann
sin ní abruim gurab ar son na résún sa chreidmíd. Uair ní
choimhéignighid na hargumenteadha so an tuigsi chum an
chreidimh do ghlacadh, do bhrígh dá gcoimhéignighedís nach
creideamh do bheith aguinn dá leithéidibh sin do neithibh acht
opinion nó baramhuil, acht as eadh do-bheir fá-deara dhúinn
na neithe si do chreideamh, an bhrígh atá ag an solas dhoirteas
Dia go míorbhuileach inar n-anam. Agus dá éis sin cobhraighemíd
leis na résúnaibh si agus daingnidhemíd croidheadha na creidmheach,
ag foillsiughadh dár n-easccáirdibh míchreidmheacha
nach baoth nó édrom, acht gurab tromdha críonna do-nímid
an creideamh do choimhéd. Agus ionnus gurab feirde do chuirfemís
móroibreacha na hEaguilsi san aimsir do-chuaidh thoruinn agus
atá do láthair aguinn a n-aoinfheacht ós comhair ar súl, sgríbheócham
annso síos ar chosmhuileacht agus ar chommóradh na
cruinne iad go huilidhe fá dheilbh charbuid nó chóiste buadha.



DO BHUAIDH CHRÍOST, AS A BHFAGHTHAR ARGUMENTEADHA
AN CHREIDIMH.



Caib. 2.



Ní féidir dhúinn teacht chum eóluis d'fhagháil go foirbhthe
ar Dhia tré aoinchréatúir amháin, do bhrígh go bhfuil doichríochnaigh
ó chumhachtuibh, ó chríonnacht, agus ó mhaith. As
as ord na cruinne go coitchionn tángadar na feallsaimh a n-eólus
a mhórdhachta. Agus an t-ord sin féin, ní as éinní amháin acht as
nuimhir dho-áirmhe atá 'na shuidhe; gidheadh, dob fhéidir leó
gan ródhocamhuil a gcur ós comhair a súl go hiomlán, do bhrígh
go bhfuilid go huilidhe ceanguilte d'ároile lé cuibhreachuibh na
nádúire, amhuil slabhradh 'gá mbí gach faighne dhe crochta
as an bhfaighne oile. Mar an gcédna ní féidir brígh, eagna, agus


L. 5


críonnacht Chríost do thuigsin as aonobair amháin dá
oibreachuibh. Gidheadh, madh chuirmíd móroibreacha Chríost,
a fhearta, agus a mhíorbhuileadha agus na héifeachta táinic uatha ós
comhair ar súl, agus gan luidhe ar énrésún amháin díbh acht ar
iliomad, caithfe inntleacht gach duine a admháil gur Dia fíre
an Críost úd do fhulaing bás maslaightheach na croiche. Agus bíodh
nár lór aonargument nó énrésún amháin dochum na fírinne si
d'áitiughadh, gidheadh, madh curthar na résúin go huilidhe síos
a bhfochair a chéile, biaid dá leithéid sin do bhrígh agus do neart
nach féidir acht d'fhior mailíse nó mímhéine a ndiúltadh. Agus do
bhrígh nach urus gníomhartha Chríost go huilidhe gusan am
sa do chur ar aonbhall iná d'áireamh, amhuil agus as féidir na neithe
nádúrtha lé mbímíd ag ruinn go laethamhuil agus atá soghlactha
'gár ttuigsi anbhfuinn, mar atáid uaimcheanguilte go n-ord
iongantach d'ároile, do mheasas gurbh iomchubhaidh íomháigh
nó dealbh éigin do dhénamh do bheith solasta soghlactha ag
na cédfadhuibh, as instrumenteadha dár ttuigsi ar an deóraigheacht
sa chum gach neithe do thuigsin; agus as í íomháigh sin
carbad nó cóiste ara gcuirfeam dealbhtha go snasta, soilléir,
sothuigsi d'inntleacht dá raimhe, oibreacha agus móirfhearta
Chríost, ionnus gomadh féidir dá gach aon ní headh amháin
gach fearta dhíobh ar leith acht iad go huilidhe do dhearcadh
agus do mhaodhughadh.



Cuiream ar an adhbhar sin ó thús ós ar gcuinne cóiste dá
iomchar ar ceathra rothadhuibh, agus ar an gcóiste sin, a nós fir
bhuadhaigh, Críost gona choróin spíne 'má a cheann, go nuimhir
dho-áirmhe do mhasla agus do mhíomhodh, do thár agus do tharcuisne,
agus don uile shórt dá uathbhásaighe, dá ghráineamhla agus dá
dho-iomchartha do phéin, do pheannaid agus do bhás do claoidheadh
leis, ag taisbénadh lorg na sgiúrsadh, cneadha, créchta agus áladha
a choirp chréchtaigh chróilinnthigh, airm amháin lé ndearna
congcuest ar an diabhal, lér chuir an uile fá chíoscháin, agus le
rug an nádúir dhaonna, dobhí lé himchian fá bhruid a
ngéibheannuibh ag an diabhal, leis a láimh go flaitheamhnas.
Ar mhullach an chóiste meall comhchruinn go ttrí ngnúisibh go


L. 6


n-iomad deallraidh agus glonnraidh thaisbénas an Naoimh-Thríonóid,
atá go ndeallradh n-iongantach ndofhaisnéisi ag soillsiughadh agus
ag dearsgnadh go luindeardha a ttimcheall Chríost agus a Naoimh-Eaguilsi.
Críost féin ag congmháil na croisi agus gach instrumente
eile dá raibh a ttimcheall na naomhpháisi 'na chlíoláimh, agus Bíobla
an tSein-Reachta agus an Nuaidh-Reachta 'na dheasláimh, cailís agus
abhlann agá chosuibh, agus ar gach taoibh timcheall uirre soighthighe
fíona, uisge, ola agus ballsuim go n-uile chomhartha eile shácramuinteadh
na hEaguilsi. Ar an ngradam faoi Chríost, a
mháthair fhíornaomhtha an óigh gan cháidh Muire, agus fá ghradam
na Maighdine arna n-eagar go hordaighthe iliomad do shoighthighibh
óir, airgid agus chriostuil dá ndeaghmhaisiughadh le
folaighibh agus le pérlaidhibh daorluaigh, líonta, gidheadh, do
chnámhuibh agus do luaithreadh na marbh. Roimh an gcóiste
ar ball na hapstail agus na seanmóntadha go huilidhe ag congnamh
an cóiste do tharruing, na patriairc agus fáidhe an tSein-Reachta
go ccomhchruinniughadh do-áirmhe ban agus fear rompa amach
san tslighidh. Ar gach taoibh timcheall don chóiste sluaighte
ro-aibhseacha mairtíreach dá gach cinél agus dá gach coinghioll,
agus dochtúireadha na hEagluise go huilidhe gona leabhruibh
fosguilte ina lámhuibh dá ttimchealladh sin arís. Tar a éis sin
do-chídhfir a ndiaidh an chóiste nuimhir dhofhaisnéisi ban agus
fhear dá gach aicme, sórt agus cinél don chineadh Iúdaighe, do
Ghrégachuibh, do Laindeóntuibh agus do bharbardhuibh, eidir
shaidhbhir agus daidhbhir, críonna agus éigcríonna, eólach agus aineólach,
óg agus arsaidh, ag iolghairdiughadh. Cuirmíd a ttimcheall na
sluagh sa atá a ndiaidh, roimhe, agus gach taobh don chóiste nuimhir
dhofhaisnéisi do shluaightibh na namhad ag cathughadh agus ag
comhracc a n-aghaidh na hEaguilsi Catoilce, .i. na himpireadha,
na ríghthe, na prionnsaidhe, triatha agus tighearnadha trénchomhachtacha
an tsaoghuil si, draoithe, feallsaimh agus eithriccigh
go ccomhluadar ro-aibhéil ro-aibhseach ban agus fear don uile
shórt agus don uile aicme agus as an uile chlúid ar feadh na cruinne
ceatharchuainnigh. Agus 'na bhfochar sin dealbha agus íomháighe
coirbthe cuinealbháite na ndée briste brúite fá thalamh.
Mar an gcédna leabhair na n-eithrigeach loisgidh agus teaguisg gan
choisreagan gach seicte síorthubaistigh eile aca go cúthal tar
éis a gclaoidhte, agus, fá dheóidh, adhradh agus onóir gach creidimh
eile ar lár iarna thréigean agus iarna dhíbeirt.


L. 7


Glacmaoid a shamhuil so do chóiste dealbhtha ar an modh
so ós comhair ar súl, mar shórt saoghail nó cruinne ar madh
féidir dhúinn feallsamh nuadh do sgríobhadh agus do dhénamh.
Ar son na cédchúisi, nó an chédadhbhair, agus neithe dofhaicsi
'gár thairgeadar na feallsaimh teacht 'na n-eólus trésna neithibh
sofhaicsi, do chuireamarne ar mhullach Chríost meall comhchruinn
roghlonnrach go n-iomad deallraidh a n-ionadh na Naoimh-Thríonóide
doruinte admhaidhmid 'na áirdDia fhorórdha, agus
Críost féin, atá dofhaicsi dúinn, do sháraigh an uile ar gach
taoibh, chreidmíd bheith dá adhradh agus dá onórughadh ó nuimhir
dho-áirmhe aingeal agus anam beannaighthe atá do shíor ag feitheamh
air. Tairgfeam teacht chum eólais agus aithne na neithe
árda sa trésna neithibh sofhaicsi do chuireamar ós cionn agus ar
gach taoibh don chóiste. Agus amhuil adeirid na feallsaimh, tar
éis na neithe dofhaicsi, gurab í flaitheamhnas cúis nó adhbhar as
prinnsiopálta don uile dá ngeintear fúithe, mar an gcédna
cuirmidne tar éis na diadhachta croch agus páis ar tTighearna Íosa
Críost mar adhbhar agus mar chúis phrinsiopálta grás na hEaguilsi
agus ar slánuighthe féin. Agus amhuil as iad na dúile as foicsi tig do
fhlaitheamhnus, mar an ccédna leanuid sacramuinteadha na
hEagluisi páis Chríost. Agus amhuil as ó fhlaitheamhnus atá a
n-uile bhrígh ag na dúilibh, mar an ccédna as ó pháis Chríost atá
brígh ag na sácramuintibh. Tar éis na ndúl cuirmíd san tsaoghal
síolta agus gach ní oile oibrigheas. Mar an ccédna chuirmídne san
mBuaidh si aguinn féin an teagasg soisgélta, gníomhartha agus
sompladha na naomh agus na bhfírén, 'gá gcuir a ttaisi, a gcnámha
agus a luaithreadh sinn 'na ngnáthchuimhne, agus gurab dá luaigheacht,
dá leachtuibh, agus dá sompla atá an Eagluis go laethamhuil dá
toirrcheadh d'iomad d'oibreachuibh oirdhearca tarbhacha. Ós
a chionn sin do dhealbhamar mar oibrighthe sonnradhacha na
hapstail, na patriairc, na fáidhe agus na dochtúireadha do aithghin
an domhan i cCríost léna seanmóir, léna tteagasg agus léna ndeaghoibribh.
As féidir dhúinn go dlisteanach oibrighthe sonnradhacha
do ghairm do na naomhuibh an tan chomhoibrighid le Críost.
Agus ní hamharus gur síol gheineas toradh na deighbheatha dúinn
a sgríbhinn, a n-oibreacha, agus a sompla, atá fá chion agus fá mhuirn
mhóir ag ar naomhmháthair an Eagluis. Fá dheóidh, do
chuireamar sluaighte dofhaisnéidhe don uile aicme agus dá gach


L. 8


cinél (ar son na n-éifeacht tig isan domhan chorpardha so) do
fhilleadar na naoimh léna sompla agus léna seanmóir chum Críost agus
dothug a mbeatha a ttír ar an deóraigheacht so go foirbhthe
fírénta ag coimhlíonadh reachta agus riaghla Chríost, gach aon do
réir a staide agus a gharma. Acht do bhrígh isna neithibh nádúrtha
gurab ó chontráir go contráir bhíos an uile ghluasacht agus gurab
í geineamhuin neithe ann as truailleadh don ní oile, agus isan
uile gheineamhuin gur gnáth na contráir' ag cathughadh a
n-aghaidh aroile, go mórmhór madh bhíonn (mar as gnáthaighe
go mbíonn) contráir dhíobh as neartmhaire brígh iná an chontráir
oile, uime sin do dhealbhamairne isan domhan so naimhde
Chríost agus a Naoimh-Eaguilsi, a seachrán agus a n-ainbhfeas don
uile thaoibh arna sgrios agus arna gclaoidh lé comhachtuibh Chríost
agus a Naoimh-Eagluisi. 'Na cheann so as eadh ciallaighthear leis
na ceathra rothadhuibh ar a bhfuil an cóiste so 'na shuidhe,
ceathra corra an domhain atá dá soillsiughadh go hiongantach
lé creideamh agus lé fírinne Chríost. Amhuil ar an adhbhar so agus
tángadar na feallsaimh, iar gcur oird na cruinne ós comhair a
súl agus iar ndearcadh go grinn gach éifecht dá raibhe ann le hiongantus
agus lé dúil eólas d'fhághuil ar chúisibh na n-éifeacht nádúrtha
sin, agus diaidh a ndiaidh ar bheagán agus ar bheagán ag éirghe ó na
neithibh íochtaracha gusna neithibh uachtaracha tángadar a
n-eólas na mórdhachta diadha agus na neithe dofhaicsi, mar an
ccédna madh chuirmídne íomháigh an chóiste iolbhuadhaigh si
ós comhair ar súl agus madh sgrúdamaoid go grind na héifeacht
dofríth go so agus geibhthear go laéthamhuil as maodhughadh
na neithe si, glacfaidh iongnadh sinn agus cuirfeam romhuinn cúis
na n-éifecht sin do lorgaireacht, agus as sin diaidh a ndiaidh go heólus
d'fhagháil ar dhiadhacht agus ar mhórdhacht dofhaicsi Chríost.



DO NA PONGCUIBH AS IONGHABHTHA DON UILE.



Caib. 3.



Ionnus gomadh féidir dhúinn dhul ar ar n-aghaidh san
chonspóid si as iontuigthe gurab éigin don druing chuireas rompa


L. 9


diospóireacht do dhénamh, nó théid do chonspóid taobh lé
harmuibh an résúin, teacht re 'roile a bpongc nó a bpongcuibh
éigin áirídhe, uair dá mbeithdís a n-aghaidh a chéile san uile
phongc ní bheith slighe iná cúis diospóireacht aca. Agus as gnáth
gurab éigin na poingc ar a ttigid lucht na diospóireachta ré
chéile bheith soilléir follusach don uile, agus as iad sin haitheantar
leis na cédfadhuibh, nó háitighear ó résún, nó dá ttugmaoid
aontadh an tráth taisbéntar iad lé brígh sholais na hinntleachta.
Bíodh gurbh fhéidir leis na diospóradhuibh teacht ré 'roile a
n-iomad do phongcuibh, ní riachtanus na poingc sin bheith
comhfollusach don uile agus bhiaid dáibhsion, acht as lór a mbeith
follusach dháibh pféin amháin. Ar an adhbhar so cuirfeamne
síos annso poingc áiridhe rofhollusacha mar fhondamuint dár
cconspóid. Gidheadh, dá ndiúltaighthe oruinn iad do sgaoilfidhe
ar ndiospóirecht go léir, ar an adhbhar nach dual diospóireacht
do dhénamh a n-aghaidh an tí shénas na neithe atá follus 'na
bhfírinne don uile, mar atáid na cédphoingc admhaidheas an
uile dá ngoirthear prima principia. Ciabé do shénfadh, mar do
shén Zeno, ní ar bith do ghluasacht, níorbh fhéidir lé feallsamh
(mheasas go ngluaistear an uile ní) diospóireacht do dhénamh
'na aghaidh. Ar an adhbhar so teagmaoid san phongc sa re
chéile ar tús, .i. gur crochadh Íosa Críost leis an gcineadh
Iúdaighe agus go bhfuil arna adhradh agus arna mheas mar Dhia,
nach mór ó chineadhachuibh an domhuin. Atá an pongc sa
feasach don uile eidir chreidmheach agus mhíchreidmheach. Óir
admhaidhid na heithrigigh, na Iúdaighigh, secht Mahoméid, na
geintíligh go huilighe agus náisión na cruinne eidir shíbhialta
agus bharbardha an pongc sa, agus as amhlaidh sin do adhradar na
críostaidhthe é ón gcédaimsir diaidh a ndiaidh do ghnáth gusan
am so. Atáid mar an gcédna ar sgríobhadh do leabhruibh ar
Chríost agus ar a Naoimh-Eagluis san uile theangaidh leis na
creidmheachuibh agus léna n-eascáirdibh ar feadh na cruinne go
coitchionn ag dénamh fiaghnuisi go foirleathan linn ar an ní so. Ní
bhfuil, fá dheóidh, régiún don domhan iná clúid ar feadh na cruinne
nach bhfuil lorg nó leachta eaguilseadha na ccríostuidhthe
ionntuibh go fóill lé faicsin, iná áit ar feadh na cruinne nach


L. 10


bhfuil Íosa Críost do crochadh dá adhradh mar Dhia fíre, nó ann
nach ndearnadh (adhradh) dhó isna haimsearuibh do-chuaidh
thoruinn, nó dá nach feas gurab é do adhradar na críostaidhthe
go so agus atáid d'adhradh san aimsir si mar Dhia fíre. Agus as uime
sin ghoirid na míchreidmhigh Dia na ccríostaidheadh dhe. Ar
an adhbhar sin ní bhfuil acht mire agus díth céille an ní dhearbhas
sgríbhinn, lorg agus seinleachtadha na n-uile, agus atá a mbél gach
aoin, do dhiúltadh nó do shénadh. An ní cédna adeirmíd lé
gach ní oile dár dhealbhamar san chóiste, .i. d'admháil agus d'adhradh
na Tríonóide trénchomhachtaigh, na naomhchroiche, na
naomhshácramuinte choirp ar tTighearna Íosa Críost, na
maighdine roghlórmhuire Muire, agus na naomh, 'gá bhfuil a ttaise,
a luaithreadh agus a gcnámha arna gcomhdach i soighthighibh
daorluaigh go n-iomad muirne ar feadh an domhain, dá ccoimhéd
fá iomad ceana agus onóra ó na críostaidhibh. Arís, as follus (na
hapstail) do sheanmóir chroiche Chríost, agus rompa sin fáidhe agus
patriarc an phobuil Eabhra, dá éis sin mairtírigh, naomhdhochtúireadha
na hEaguilsi, nuimhir dhochríochnaigh do
mhanchuibh, do chléircibh, do dhaoinibh riaghalta agus saoghalta
do theacht romhuinn do chreid go diongmhálta daingean
dosgaoilte a cCríost. Nuimhir, mar an ccédna, gan chinneadh
thíoránach, fheallsamh agus fhileadh do chathughadh go dúr
díbhfeargach a n-aghaidh Eaguilsi agus chreidimh Chríost. Arís,
dealbha agus íomháigheacha na n-iodhal agus seachráin agus ainbhfis an
tsaoghuil do léirsgrios agus do láinndíbirt lé seanmóir naomhchroiche
Chríost. Fá dheóidh, as follusaigh iná an solus gur chrom
rí na Rómhánach a mhuinél don iasgaire, agus an uiread sin do
shluaightibh eithreaccach gona leabhruibh agus a reachtuibh coirbthe
coinnealbháite nach féidir do ríomh nó d'áireamh do chur a
neimhthní. Iad so agus an mhéid dá sórt theigébhas oruinn ar
feadh an leabhráin, ní riachtanus a ccruthughadh. Uair
measmaoid a mbeith roifhírinneach agus as follus dúinn amhuil na
neithe nádúrtha atá ós comhair ar súl. Óir ní cosmhuil go
sénfa duine céillidhe ar bith na neithe do-chídh go soilléir réna
shúilibh. As follus go cinnte na neithe si go huilidhe d'adhradh
agus d'onórughadh re creideamh daingean dosgaoilte, ní headh
amháin ón bhfíorphobal chríostaidhe, sa chuid nach beag don


L. 11


chruinne, acht fós ó urmhór réigiún n-imchian eile ar feadh an
domhain, mar atá na hIndiacha agus iomad eile, bíodh go bhfuilid
arna ccomasg ré earráidibh agus lé seachránuibh égsamhla. Agus ní
headh amháin sin acht atá leachta agus lorg ar gcreidimh-ne a
measg sechta Mahoméit, sa nuimhir atá do-áirmhe, creidid gan
chonntabhairt Críost do ríoghadh eatorra agus admhuid go ndearna
iliomad míorbhuileadh 'na measg, ar mhodh go n-adhruid agus go
n-onóraighid é, agus nach rachadh gan díoghaltus trom leó a
imdheargadh. Ar an adhbhar sin madh as mire na neithe do
shénadh atá follas don uile, agus as féidir beagnach do fhoirneadh
agus do ghlacadh ré lámhuibh, go deimhin ní féidir d'aoinneach
na neithe si adubhramar do dhiúltadh, muna ttuga leimhe nó
míonáire air an uile fhírinne fhollas do shénadh.



FUASGLADH GACH CONNTABHARTHA DÁR FÉIDIR
DO CHUR A N-AGHAIDH NA NEITHE RÉMHRÁIDHTE.



Caib. 4.



Dá n-abradh aoinneach gurab iongnamh nár sgríobh duine
éigin d'ollamhnuibh na ngeinntíleach na neithe si nó nár
thráchtadar orra 'na starrthuibh nó 'na gcroinicibh, óir go
deimhin dámadh neithe fíora iad ní léigfedís tharsa iad gan
labhairt orra. Cia ar nach beith iongnadh croiniceadha agus
ollamhuin na ngeinntíleach agus na bpágánach do sgríobhadh
comhdúthrachtach sin ar chogaidhibh na ríogh agus ar ghníomhuibh
oirdhearca na mórlaoch ar feadh na cruinne, agus oibreacha Chríost,
as oirdhearca, as iongantaighe agus as mó dá ndearnadh san domhan
ariamh, do léigean tharsa gan aonfhocal do labhairt orra?



Mo fhreagra ar sin, gurab lom bréige a rádha nár sgríobh
aoinneach do na geinntíleachuibh agus nár mholsad móirghníomha
Chríost agus a Naoimh-Eagluisi. Óir mar as léir dhúinn go follas
dá léghadh go laéthamhuil ag an Eagluis, do sgríobhadar iliomad
do gheinntíleachuibh rofhoghlomtha agus d'ughdaruibh tromdha
go fairsing foirleathan na neithe si agus do fhill iomad díobh ar ar
gcreideamh-ne iar gclos agus iar bhfaicsin oibreacha Chríost agus a


L. 12


naomh, agus do chumadar nuimhir dho-áirmhe do leabhruibh
foghlamtha ag moladh móirghníomhradh Chríost agus a naomh ar
feadh an domhuin. Gidheadh, dá n-abarthá 'na aghaidh so
nach an feadh dobhádar an drong sa 'na ngeinntíleacha do
thráchtsad ar na neithibh si acht tar éis iompúdh ar chreidiomh
Chríost agus mar sin gur féidir amharus do dhénamh an fírinne
do sgríobhsad, mo fhreagra ar sin, gurab follus as sin féin fírinne
ar gcreidimh-ne an tan nach eadh amháin gur mholsad oibreacha
Chríost agus a Naoimh-Eagluisi léna bpeann, acht gur leansad a
lorg ó ghníomh ar ttréigean a seachráin agus a n-iodhal agus gur
dhoirtsiod iliomad díobh a bhfuil ar son an chreidimh chédna.
Agus go fírinneach ní hiad amháin na críostaighthe do hoileadh
óna naoidheantacht san chreideamh d'adhmoil móirfhearta
Chríost agus a Eagluisi acht fós nuimhir dho-áirmhe do dhaoinibh
rofhoghlomtha roidhearsgnaighthe dá gach násiún dá égsamhla
nár ghlac an creideamh cédna go beith dháibh a n-aois fheardha.
Cad é an t-iongnamh na díchreidmhigh uaibhreacha doicheannsaighthe
nár ghlac tiodhlaice an chreidimh iar bhfaicsin
míorbhuileadha Chríost, agus sin tréna ndroichghníomhuibh féin,
do thuitim a lathaigh na locht, gan beann do chur ar obair
comhoirdhearc agus sin do sgríobhadh, óir ní raibh do stuidér
oidhche agus laé aca acht ag iarraidh teaguisg Chríost do thruailleadh
ionnus go múchadaois cuimhne Chríost agus a Eagluisi ar feadh
an domhuin? As mó an bhrígh agus an neart dothugsad d'fhírinne
an chreidimh agus do theagasg Chríost an drong do na díchreidmheachuibh
do ghlac baisteadh, agus nach eadh amháin do mhóraidh
agus do mhol é léna seanmóir, réna bpeann agus léna ndeaghoibribh
acht fós d'fhulaing go seasmhach láidir pianta cruadhálach
dofhulaingthe dá chosnamh agus dá chomhdach iná dá sgríobhdaois
ar mbeith a seachrán an díchreidimh iomad móirleabhar air.



As éidir fós an ní so do theacht ó dhá chúis: an chédchúis,
naomhthoil Dé agus a chúram fá na huilibh; an dara cúis, daille
na ndaoineadh. Creidmíd go deimhin gurab é Dia ghluaisios
na huile neithe corpardha agus spioratálta, agus (do réir mar fhoillseócham
dá éis so) go bhfuil cúram aige fá na huile neithibh, agus
mar sin nárbh fhéidir aoinneach do ghluasacht dochum móirfhearta
Chríost do sgríobhadh muna ngluaisiodh Dia é ó thús


L. 13


chuige sin. Ní féidir ámh leis an dara cúis nó leis an gcréatúir
éinní do dhénamh muna ngluaistear é leis an ccédchúis nó leis
an gCruthaightheóir. Anois as í mo fhreagra ar an droing
fhiafraigheas créd an fáth nár ghluais Dia ollamhuin agus
starrthaightheóireadha na ngeinntíleach dochum oibreacha Chríost
agus a dhiscciobal do sgríobhadh: do bhrígh mar go ndéin Dia an
uile ní dá ndéin go hordaighthe ceart díreach, go nglacann mar
an ccédna slighthe ordaighthe oireamhnacha dochum a uile
oibreacha do dhénamh. Ar an adhbhar sin ó atáid uile oibreacha
Chríost agus a Eagluisi diadha fíorghlan, amhuil chruthócham 'na
dhiaidh so, gidheadh, go rabhadar na geinntíligh broghach,
líonta do shal na bpeacadh, agus mar sin nárbh oireamhnach
do Dhia úsáid do dhénamh dá samhuil sin do shlighthibh dochum
a oibreacha féin do sgríobhadh, do sheanmóir nó do shíolradh.



'Na cceann so, mar gurab é Críost an fhírinne agus gurab dochum
fiaghnuisi agus teiste do dhénamh leis an bhfírinne táinic ar an
saoghal sa, nír dheaghmhaisioch daoine meabhlacha láinbhrégacha,
mar dobhádar filidhe agus ollamhuin na ngeinntíleach (dár
ghnáithbhésa a ttighearnaidhe agus a ttriatha do mholadh ina
nduantuibh agus ina starrthachuibh fírbhrégachuibh agus go roimheinic
daoine lochtacha lánmhailísiocha d'árdughadh ós na réltuibh)
do labhairt ná do thráchtadh ar an bhfírinne fhíorghloin si gan
cháidh, ar an adhbhar gurab amhlaidh do-ghéindís, a leabhair
do líonadh dho bhréguibh agus tobar fíorghlan na fírinne do
bhuaidhreadh agus do shalchadh.



Do ghnáthaíghdís fós filidhe agus ollamhuin na ngeinntíleach
cumas agus acfuing labhartha dofríth amach ré résún nádúrtha, agus
as mó an fonn dobhíodh orra a tteanga do mhórughadh iná
seasamh ar an bhfírinne. Gidheadh, do bhrígh go bhfuilid
oibreacha Chríost ós cionn résúin daonna, mar fhoillseócham
'na dhiaidh so, níor chubhaidh a samhuil sin do dhaoinibh do
bhí ag siobhal re solas nádúrtha amháin dá gcumasg féin ar
na neithibh sháraigheas go fada an tsoillsi nádúrtha.



An dara cúis fá nár sgríobhadar oibreacha Chríost, .i. a mbeith
dall nár léir dhóibh iad. Óir dalluid na peacadha na daoine agus
ní léigid solus na fírinne chugtha. Na geinntíligh ámh, do
bhrígh go rabhadar múchta isna peacadhuibh agus go mórmhór tar


L. 14


éis ait ré gaoith an uabhair agus rofhonnmhar a nglóir dhíomhaoin,
do cuireadh dall ciach ar shúilibh a n-inntleachta ionnus nárbh
fhéidir leó móirfhearta Dé d'aithne, ar mhodh nach ttugdaois
dá n-aire, nó go ndéindís neamhshuim d'aisioc a radhairc
d'fhagháil do dhalluibh, d'aithbheódhadh na marbh agus d'iliomad
míorbhuileadh eile Chríost agus a dhiscciobal.



Arís, dobhí fuath agus gráin bháis ag filidhibh agus ag ollamhnuibh
na ngeinntíleach ar na críostaidhibh, ar an adhbhar go rabhadar
na críostaidhthe ag teagasg do na prionnsaidhibh agus do na
poibleachuibh na hiodhail agus na dée bréige do thréigean agus do
mhúchadh; agus do bhrígh gurab a moladh agus a n-adhradh na
n-iodhal agus na ndée mbrégach do hoileadh na fileadha sin óna
gcliabhán agus do chaithsiod sgoith a n-inntleachta, ionnus nach
ttégh a stuidér agus a saothar amugha orra agus ionnus go
mbeith gean ag na tíoránachuibh orra, dobhí ag inghreim na
ccríostaidheadh, do léigsiod tharsa gan móirfhearta iongantacha
Chríost do sgríobhadh, nó an mhéid díobh do sgríobh iad
as do tharcuisne orra do sgríobhsad iad.



Fá dheóidh, an tan go bhfaicmíd filídhe, éicse agus eagnuidhe an
tsaoghail si comhfonnmhar coimhdíthchiollach agus sin ar bheith a
ngrásuibh, a gcáirdeas agus a bhfabhar na bprionnsadh agus na móruasal
go gcumuid iomad brég n-iongantach dochum iad sin d'árdughadh
agus a n-easccáirde d'ísliúghadh, agus nárbh fhéidir leó dóthchus do
bheith aca fabhar, grása ná duais d'fhagháil ar na healadhnuibh
si ó na críostaidhthibh, as lucht grádhaighthe ar an bhfírinne
agus shanntaigheas an bhochtacht, ní cúis ionganta d'aoinneach
gan iad do sgríobhadh nó do thráchtadh ar oibreachuibh Chríost
nó a dhiscciobal. Gidheadh, an tan do thionnsgain an Eagluis
an impireacht thalmhuidhe do shealbhudhadh, níor theastaigheadar
iomad sgríbhneóireadh do sgríobh a ndán agus a stair,
molta roibhrégacha ar na prionnsaidhibh agus ar na triathuibh.
Acht do bhrígh nach raibh feidhm ag an bhfírinne leis an
sórt sin, bá deaghmhaisighe go mór ughdair mhídhiongmhálta agus
fiaghnuiseadha brégacha dá léigion tharsa iná do labhairt
uirre.


L. 15


d'ORD IMTHEACHTA NA HOIBRE.



Caib. 5.



Do bhrígh gurab trésna neithibh sofhaicse thigmíd a n-eólas
neithe dofhaicse Dé, as iontuigthe go bhfuilid sóirt áiridhe do
na neithibh dofhaicse si Dé as éidir dh'aithne agus teacht 'na
n-eólas tré a oibreachuibh sofhaicsi ré brígh nádúrtha sholuis
na hinntleachta gníomhaighe, sa n-eólas chum a ttángadar na
feallsaimh, amhuil atá Dia do bheith, a bheith 'na aon, 'na
ghníomh fíre, agus a gcosmhuileacht sin. Sórt eile do neithibh
dofhaicse Dé nach éidir teacht 'na n-eólas ré résún daonna ar
énchor. Ní conntabhairt d'aoinneach go bhfuilid seicréideadha
na ndiamharrún sothuigse doichríochnaighthe agus go sáruighid
go doichríochnuighthe cumas agus neart na résún ndaonna, an tan
go bhfaicmíd gur thuigsiod na feallsaimh mhóra orrdhruice
neithe ar an ngné dhaonna, anna bhfuilid na daoine ó nádúir
comhchosmhuil ré 'roile, nárbh fhéidir ar aonchor le hinntleacht
na n-óg ná na n-ainbhfiosán do ghlacadh iná do thuigsin.
Ar an adhbhar sin, mar go sáraigheann Dia go doichríochnuighthe
na daoine, as éigin go bhfuil i nDia neithe doichríochnuighthe
nach éidir lé hinntleacht chruthaighthe ar bioth do sgrúdadh
iná do thuigsin, go mórmhór mar go mothaighemíd uireasbhaidh
eóluis oruinn a n-aithne na neithe corpardha do ghlacmaoid agus
do-chímid do ghnáth, agus go mbíd iomad dá gcáilidheachtuibh 'na
n-ainbhfeas oruinn. As mó iná sin go mór as inmheasta dhúinn
do bheith i nDia (neithe) nach ttuigmíd agus nach éidir dhúinn do
thuigsin, an tan na neithe corpardha tré a ttigmíd a n-eólas Dé
nach bhfuilid comhchomhthrom leis acht go bhfuilid go
doichríochnuighthe a bhfad uaidhe. Ar an adhbhar sin as
roibheag roghann an t-eólas as éidir dúinn d'fhagháil ar Dhia
uathaibh. Na neithe ámh thuigmíd ré súilibh an chreidimh
amháin, deirmíd go bhfuilid ós cionn chumais na hinntleachta
daonna, mar atá Dia do bheith 'na thrí agas 'na aon, a bheith
'na dhuine, agus an mhéid eile don tsórt sin, nach éidir dhúinn
d'fhagháil amach ré résún iná re héifeacht ar bioth nádúrtha.


L. 16


Na neithe corpardha sa do-chímíd ré ar súilibh, bíodh gur
féidir dhúinn bheith nísa dhearbhtha dhíobh ar mhodh éigin
as na héifeachtuibh spioratálta; óir do réir mar bheirid na
neithe nádúrtha eólas dúinn ar Dhia agus mar fhoillsighid gur
fíor an comhrádh sa, .i. an Dia cédna do bheith 'na aon agus
doichríochnaighthe a n-aoinfheacht, gidheadh, ní fhaghmaoid
eólas ar Dhia uatha do réir mar atá sé ann féin agus ní fhaicmíd a
shubstaint; ar an mhodh gcédna do-bheirid na neithe ós cionn
nádúire oruinn bheith nísa dhearbhtha d'fhírinne na gcomhrádh
sa, .i. go bhfuil Dia 'na thrí, agus go bhfuil Mac Dé 'na Dhia agus 'na
dhuine. Tar a cheann sin ní thugaid fá-deara dhúinn Dia 'na
thrí agus Dia 'na dhuine do thuigsin go hiomlán do réir mar atá
ann féin. Acht do brígh gurab túsga an nádúir iná na grása,
laibheóram ó thús ar neithibh dofhaicsi Dé as éidir dho thuigsin
as na neithibh nádúrtha; dá éis sin ar na neithibh dofhaicse
tuigthear as na neithibh sháraigheas cumas na nádúire.
Gidheadh, do bhrígh gur thráchtadar iomad, feallsaimh agus
dochtúireadha Catoilce, ar na céidneithibh dofhaicse go foirleathan,
as orra as gainne laibheóram, óir go measmaoid gur
chruthaighsiod iad comhdaingion agus sin nár fhágadar slighe ar
bioth inar féidir conntabhairt do dhénamh dhíobh.



GO BHFUIL DIA ANN.



Caib. 6.



Do chéidneithibh, as riachtanus dúinn a chruthughadh go
bhfuil Dia and. Acht do bhrígh a n-ainmnioghadh na neithe
gurab ionchongmhála úsáid do dhénamh don iomadamhlacht, agus
gurab éigin ó thús fios anma an neithe ar a ttráchtar d'fhagháil
agus cad ciallaighthear leis, as riachtanus dúinn do chéidneithibh
a thuigsin créd an ní thuigid na daoine re hainm Dé. As cinnte
ámh gurab eadh chiallaighid na huile re hainm Dé, áirde áiridhe
agus iomláine sháraigheas an uile, dá ngairid drong díobh an
cédghluaisteóir, drong eile, cédchúis agus cédthús na n-uile neithe,
dream eile, an árdmhaith nó an chéidfhírinne. Ar an adhbhar


L. 17


sin, madh as é an cédghluaisteóir thuigfeam ré hainm Dé, nó
an chédchúis, nó an cédthús, nó an árdmhaith, nó an chéidfhírinne,
nó a samhlacha sin, as follas as ráidhtibh na bhfeallsamh gurab
éigin dúinn a admháil go bhfuil Dia ann. Cuirfiod na ráidhte
sin go hathchumair annso, ionnus gomadh follus iad don uile.



As follas dúinn ré ar ccédfadhuibh neithe éigin do ghluasacht
ar an domhan sa: an uile ní ámh gluaistear, as éigin gurab ó
ní (eile) gluaistear é, an tan nach éidir lé ní ar bioth bheith
a ngníomh agus gan bheith a ngníomh a n-aoinfheacht; acht ní
mó as éidir na neithe gluaistear agus na neithe ghluaisios do
leanmhuin go beith doichríochnuigh, ar an adhbhar nach beith
an céidní do ghluaiseadh ná mar sin ní ar bith eile, óir na neithe
si do-chímíd ag gluasacht a chéile, ní ghluaisid acht an mhéid
go ngluaistear iad ón ccéidní agá bhfuil brígh na n-uile do
ghluasacht. Dá bhrígh sin as éigin teacht gusan gcédghluaisteóir,
dá ngairid Dia mar ainm.



Do-bheirid a samhuil sin d'argúin eile anuas as nádúir na
cúisi gníomhaighe. Óir do-gheibhmíd ord agus réim oibrighthe
eidir na cúisibh gníomhacha isna neithibh somhothaightheacha,
ar mhodh nach bhfaghthar agus nach éidir a fhagháil ní ar bith do
bheith 'na chúis ghníomhaigh aige féin, ar an adhbhar dochum
ní do bheith 'na chúis aige féin gomadh éigin a bheith roimhe
féin sul dobheith ann - atá doidhénta. Dá bhrígh sin, an tan
nach éidir dhul go doichrích isna cúisibh (si), mar nach n-oibríghid
na dara cúisi acht a mbrígh na cédchúisi, as éigin a admháil go
bhfuil cédchúis éigin ghníomhach ann as cúis do na huilibh,
dá ngairid na huile d'énaonta Dia.



Arís, do-geibhthear isna neithibh ní éigin as mó nó as lugha
atá 'na mhaith, 'na fhírinne nó 'na bheith; gidheadh, ní féidir
so do bheith amhlaidh i neithibh égsamhla acht an mhéid
gurab mó nó lugha thigid a bhfogas d'árdmhaith éigin,
d'áirdfhírinne nó d'áirdbheith. Ar an adhbhar sin as éigin go
bhfuil ní éigin isna neithibh as fearr ná an uile, as fírinnighe
agus as uaisle beith, agas as é sin Dia.



Do-chímíd fós go n-oibrighid na neithe ag nach bí tuigse ar
son críche éigin; óir as ar énmhodh amháin oibríghid do ghnáth
agus ghlacuid slighthe agus meadhóin oireamhnacha ré teacht dochum


L. 18


a gcríoch féin. As ar follas nach ó chúis ar bith acht ó inntinn
inntleachta éigin stiúras iad oibrighid amhlaidh sin; agus as don
inntleacht sin ghairid na feallsaimh Dia.



As éidir fós an comhardha sa do chur 'na gceann sin, .i. nach
éidir claonadh nádúrtha ar bith bheith díomhaoin, mar as follus
isna huilibh neithe nádúrtha anna mbí anam, agus ann nach mbí
anam. As follas go bhfuil claonadh nádúrtha ag an uile dochum
a chreidmhe neach éigin do bheith 'na stiúraidhtheóir ar an
gcruinne dhomhanda sa, dá ngairid Dia. Agus as maith an
comhardha ar sin nárbh fhéidir ré haoinneach riamh a ghreamughadh
go daingion mar bhreitheamhnus gan Dia do bheith
and acht madh duine é ag nach raibh a bheag do thuigse iná
do chéill. Fá dheóidh, ní bhfuil dream dá fhiadhánta ná dhá
bharbardha nach n-admhann Dia ar mhodh éigin; mar as follas
san uile aois agus san uile aimsir dá ttáinic fós ariamh gusan am
sa. An ní ámh oireas don uile agus san uile aimsir, as léir gur ní
nádúrtha é.



Arís, do bhrígh nach bhfuil ní as mó a n-aitheantar claonadh
nádúrtha gach duine iná isna neithibh obanna, as éidir dhúinn
as so a thuigsin go bhfuil ó nádúir aguinn eólas do bhreith ar
Dhia. As follas dúinn an n-uile dhuine a n-am ghábhaidh nó
guaisi obuinne, mar nach bí cabhair dhaonna 'na fhochair, go
bhfilleann go nádúrtha, gan gluasacht ar bith ón résún, ar Dhia;
óir as nádúir don éifeacht filleadh ar a chúis. Ar an adhbhar
sin as follas go soilléir go ttuigmíd go nádúrtha ní éigin do bheith
'na chédchúis (nó) 'na thús ag na huile neithibh, agus neach éigin
do bheith ag stiúradh na cruinne si; agus as de sin ghairmíd Dia.



NACH CORP DIA, NÁ FOIRM CHOIRP, NÁ NÍ DÉNTA
DO CHORP AGUS d'FHOIRM.



Caib. 7.



Níor chuir aoinfheallsamh ariamh a cconntabhairt agus níor
smuain a rádha gomadh corp iná foirm choirp iná comhchoireadh
Dia, acht as eadh do mheasadar d'éinmhéin, mar as amhlaidh


L. 19


atá, Dia do bheith 'na ghníomh fhíorghlan gan chumasg. An
corp ámh (amhuil chruthaighid na feallsaimh) ní ghluaisionn
acht lé ní eile dá ghluasacht. Ar an adhbhar sin dámadh corp
Dia, ní bheith 'na chédghluaisteóir doghluaiste.



Arís, dámadh corp é, ní bhfuighthí eidir na beithibh beith
dob uaisle iná an n-uile bheith; gidheadh, as follas gurab uaisle
an spioraid iná an corp.



Mar an ccédna, an tan gurab túsga an gníomh ó nádúir iná
an ní léar féidir bheith a ngníomh, mar nach éidir ní ar bioth do
thabhairt go gníomh acht lé ní agá bhfuil beith a ngníomh;
dámadh corp Dia, do bheith 'na bheith léarbh fhéidir bheith,
agus mar sin ní bheith 'na chéidbheith.



Mar an gcédna ní foirm choirp é. Óir as uaisle an ní agá
bhfuil a bheith leis féin iná an ní agá bhfuil a bheith a ní eile.
Gidheadh, as a ní eile atá an n-uile fhoirm choirp. Ar an
adhbhar sin, ós é Dia beith as uaisle don uile agus as cédchúis do
bheith na n-uile, ní féidir dhó bheith 'na fhoirm choirp ar bith.



Arís, ní hí foirm an choirp an ní do coimhghníthear dhi féin
agus don adhbhar, acht as í as tús beithe don chomhchoireadh.
Ar an adhbhar sin, an comhchuireadh go hiomlán, as ní éigin é
nach foirm amháin iná adhbhar amháin, agus as foirbhthe iná an
t-adhbhar agus an fhoirm, an tan gur foirbhthe an iomláine do
ghnáth iná a chota. Dá bhrígh sin, dámadh foirm choirp Dia,
ní bheith 'na bheith rofhoirbhthe, óir dobheith ní éigin nías
foirbhthe iná é.



'Na cheann sin, an ní thig a ccomhchuireadh, ní bhfuil
gníomhach ó thús agus leis féin. Óir ní hí an lámh oibrigheas acht
an duine leis an láimh. Ar an adhbhar sin dámadh foirm choirp
Dia, ní bheith gníomhach ó thús agus uaidhe féin, agus mar sin ní
bheith 'na chédchúis.



Amhuil ámh agus nach ttig Dia a gcomhchuireadh neithe ar
bith eile, mar an gcédna ní comhchuireadh é féin acht gníomh
fírshimplidhe. Ní bhfuil go deimhin difir iná eidirdhealughadh
eidir Dia do bheith agus beith Dé, óir gan sin ní bheith acht 'na
bheith go leathach nó tré chomhruinn agus ní tré bheith, agus mar
sin dobheith ní éigin bá túsga iná é; ar an adhbhar, an n-uile
ní atá tré chomhruinn, as éigin gurab ó ní agá bhfuil a bheith
uaidhe féin atá. Dá bhrígh sin, ós é Dia an chéidhbheith, ó


L. 20


a ttig an n-uile bheith, as éigin gach ní dá bhfuil i nDia do bheith
ann go beitheach; ionann ré rádha agus nach bhfuil difir iná
eidirdhealughadh ar bith eidir bheith Dé agus an n-uile ní dá bhfuil
i nDia, agus mar sin leanaidh Dia do bheith 'na ghníomh fírshimplidhe
gan chumasg.



Mar an ccédna, an tan gur déighionaigh an uile chomhchuireadh
iná na cota dá ndéntar é nó ó sileann, agus gurab riachtanus dó
cúis do bheith aige, do bhrígh, na neithe atá uatha féin égsamhla,
ní chomhchruinnighid a n-aon acht ré cúis éigin dá n-uaimcheangal
ré chéile, do leanfadh as sin gan Dia do bheith 'na
chéidbheith ó bhfrémhann an n-uile bheith, iná 'na chédchúis
ghníomhaigh; sa chónntráir do chruthaigheamar cheana.



GO BHFUIL DIA 'NA ÁRDMHAITH, FOIRBHTHE, DOMHALARTACH,
SÍORRUIDHE, SA CHOMHACHTA DOICHRÍOCHNUIGHTHE.



Caib. 8.



Madh admhaoidhmid, mar as dual a dhénamh, Dia do bheith
'na ghníomh fhírshimplidhe, caithfeam, ó résúnaibh rodhaingne,
a admháil a bheith foirbhthe, 'na ardmhaith, do chomhachta
doichríochnuighthe, san uile áit, domhalartach agus síorrdhuidhe nó
biothbhuan. Óir madh as gníomh fírshimplidhe é, as dearbhtha
ré résún follusghlan go bhfuil foirbhthe agus 'na árdmhaith. Óir
atá foirbhtheacht iomlán na beithe anna bheith uaidhe féin;
amhuil agus dobheith an uile fhoirbhtheacht teasa ag an teas 'gá
mbeith a bheith uaidhe féin. Ar an adhbhar sin, mar gurab
gníomh fírshimplidhe Dia agus beith agá bhfuil bheith uaithe féin,
ní féidir lé ní ar bith bheanas ré foirbhtheacht beithe do bheith
d'uireasbhaidh air. Óir as lé foirbhtheacht na beithe bheanas
an uile fhoirbhtheacht, do bhrígh gurab uime adearthar na
neithe do bheith foirbhthe ó bheith do bheith aca ar mhodh
éigin; as a leanann go follas nach bhfuil ní ar bith don mhaith
iná don fhoirbhtheacht d'uireasbhaidh ar Dhia, acht gurab é
féin an árdmhaith agus an árdfhoirbhtheacht.


L. 21


Mar an gcédna, amhuil leanas ó Dhia do bheith 'na ghníomh
fíre go bhfuil 'na árdmhaith, leanaidh as an ní chédna go
bhfuil doichríochnuigh agus a chomhachta doichríochnaigh. As
eadh ámh adeirthear bheith doichríochnaigh, an ní ar nach
bídh críoch. Ní bhfuil foirm ar bith, madh meastar í innte féin,
nach bhfuil coitchionn do mhórán, agus as uime sin adeirthear a
beith doichríochnuigh. Gidheadh, an tráth glacthar í a n-adhbhar
do-níthear foirm áiridhe an ní si dí, agus mar sin adeirthear a
críochnughadh. Ar an adhbhar sin, ós gníomh fíre Dia agus nach
bhfuil a bheith arna ghlacadh a n-éinní acht go bhfuil ann féin
uaidhe féin, as follas nach bhfuil soichríochnaigh acht go bhfuil
go rofhoirmeamhuil, doichríochnaigh.



As é ámh ní as romhó atá iná an n-uile foirmeamhuil, an bheith
féin. Agus an tan go bhfuil gach éinní, an mhéid go bhfuil i ngníomh
agus foirbhthe, 'na thús gníomhach ag ní éigin, gidheadh go
bhfuilngeann gach éinní an mhéid go bhfuil uireasbhach nó
míofhoirbhthe; ó atá Dia rofhoirbhthe agus 'na ghníomh fíre, as
follas gur mó thig dhó iná don n-uile bheith 'na thús gníomhach
agus comhachta doichríochnuigh do bheith aige. Uaidhe féin
iomorro go hiomlán oibrigheas agus ní bhfuil a bheag do chomhachtuibh
fulaingtheach aige.



Mar an gcédna, leanuidh as so Dia do bheith go doruinnte san
uile áit. Óir as éigein an uile ní anna n-oibrigheann go neamhmeadhónach
do bheith coimhcheanguilte leis, do bhrígh gurab
éigin an ní ghluaisios agus an ní ghluaistear do bheith a bhfochair a
chéile. Ar an adhbhar sin, ós é Dia cédchúis choitchionn na n-uile
agus go bhfuil 'na ghníomh fíre agus gurab é féin a bheith féin, as éigin
gurab éifeacht díleas énaránach dhó an uile bheith eile geintear;
mar as éifeacht dílis don tine tineadhadh. Agus amhuil as é Dia as cúis
don n-uile, ní headh amháin an mhéid gur féidir leó bheith acht fós
an mhéid go bhfuilid anna mbeith, as éigin go mbí do láthair ag na
neithibh ní headh amháin anna gcéidthionnsgnadh acht fós an
feadh comhdaighthear iad anna mbeith. Agus amhuil as í an bheith
go mórmhór as tús don n-uile ní, as éigin a dhearbhadh agus a admháil
go bhfuil Dia do láthair go rofhogas ag agus annsna huile neithibh.



Agus amhuil ós a cheann sin atá Dia rodhoruinnte, go mórmhór mar
atá 'na ghníomh fhíre, as éigin a admháil go bhfuil go hiomlán
agus doruinnte isan n-uile ní agus san n-uile chuid dá gach ní.


L. 22


As follas fós as (na) neithibh rémhráidhte Dia do bheith
domhalartaigh agus síorruidhe, óir ní féidir leis an ngníomh fíre
claochlódh iná malairt do ghlacadh. As éigin iomorro an ní
claochláidhthear do bheith ar mhodh éigin a gcomhachta; óir
as eadh as gluasacht, gníomh beithe a gcomhachta an mhéid
go mbí a gcomhachta, amhuil chruthaighid na feallsaimh.



As so tuigthear Dia do bheith síorruidhe, ar an adhbhar,
muna mbeith sé síorruidhe, dobheith sochlaochlaigh somhalartach,
agus dobheith comhachta fulaingtheach ann, agus mar sin
ní bheith 'na ghníomh fhírshimplidhe; sa chóntráir do
chruthaigheamar thuas.



Fá dheóidh, muna mbeith Dia síorruidhe, dobheith tús nó
deireadh aige, nó iad araon a n-aoinfheacht. Acht ní féidir
sin do bheith amhlaidh, do bhrígh dá mbeith tús aige, ní hé
féin dobheith 'na Dhia acht an ní sin dobheith 'na thús aige,
óir ní bheith 'na ghníomh fhíre, acht as ó ní eile do ghlacadh
a bheith. Dámadh éidir a iadhadh fá chrích, dobheith
somharbhtha nó sochurtha a neimhthní. Agus mar sin ní bheith
comhachta doichríochnaigh aige, acht dobheith comhachta eile
ós a chionn réarbh fhéidir eision do chur a neimhthní.



GO BHFUIL DIA 'NA AON.



Caib. 9.



As cinnte as na résúnuibh si adubhramar cheana Dia do
bheith 'na aon. An ní iomorro ó a bhfuil an ní áiridhe so 'na
uathadh, ní féidir ar énmhodh a bheith coitchionn d'iomad.
Do bhrígh ámh gurab é Dia a bheith féin agus a nádúir féin agus gurab
fírghníomh é, ní féidir leis a fhagháil ó ní ar bith eile bheith
'na Dhia acht óna nádúir féin; agus beith an Dia so. Ar an adhbhar
sin as í an nádúir an ní ó a bhfuil Dia an ní so amháin. Dá
bhrígh sin ní bhfuil a nádúir sochoitchionn d'iomad. Agus mar
sin as doidhénta iomad dée do bheith.


L. 23


Ós a chionn so, an tan go (bhfuil) foirbhtheacht iomlán na
beithe i nDia, amhuil d'fhoillsighiomar roimhe so, dá mbeith
iomad dée ann, dob éigin go mbeith difir agus eidirdhealughadh
eatorra. Dá bhrígh sin dobheith ní ag dia dhíobh nach beith
ag an dia eile; agus dámadh uireasbhaidh foirbhtheacht sin, níorbh
fhéidir go mbeith fíorfhoirbhthe. Gidheadh, dámadh foirbhtheacht
dobheith aige, as éigin go mbeith an fhoirbhtheacht sin
d'uireasbhaidh an fhir oile. Ar an adhbhar sin ní féidir iomad
do bheith a n-aoinfheacht anna mbeith foirbhtheacht iomlán na
beithe. As ar follus nach éidir iomad dée do bheith an.



As léir dhúinn iomorro na huile neithe do bheith deaghordaighthe
eattorra féin, an tan go bhfoghnuid féin agus go ndénuid
congnamh dá chéile. Na neithe ámh atá dealaighthe nó sgartha
ó chéile, ní theaguid a n-aonord gan aoinní amháin éigin dá
gcruinnioghadh agus dá n-ordughadh. Óir as fearr cruinnighthear
iomad a n-aonord ré haon iná re mórán. Dá bhrígh sin as éigin
ó thús gan bheith ann acht madh aon chruinnigheas an n-uile
a n-aonord; agus as é sin Dia.



As maith an comhardha ar an ní so do bheith 'na fhírinne
go bhfaicmíd isna neithibh nádúrtha annar follas stiúradh do
bheith, mar atá eidir na beachuibh, aoincheann amháin ag
ordughadh agus ag stiúradh na hiomláine. Agus ós gnáth don ealadhuin
aithreis do dhénamh ar an nádúir, as follus go soilléir an uile
stiúradh dá bhfuil eidir na daoinibh don uile shórt do tharruing
go haoincheann, agus nach éidir do stiúradh ar bioth marthuin
muna raibh ar mhodh éigin fá bhreith aoinstiúraightheóir éigin.



GO BHFUIL INNTLEACHT I NDIA AGUS EÓLAS FOIRBHTHE
NA NEITHE, AGUS NACH Ó RIACHTANUS NA NÁDÚIRE
OIBRIGHEAS ACHT Ó THOIL.



Caib. 10.



As follas mar an ccédna as a ndubhramar tuigsi agus eólas iomlán
na neithe do bheith i nDia, agus nach ndéin (éinní) go héigiontach acht


L. 24


ó thuigsi agus ó thoil. As léir dhúinn iomorro isna neithibh nádúrtha
gurab mó an fhairsinge agus an fhoirleithne bhíos ag nádúir na
neithe tuigsiocha iná ag nádúir na neithe neamhthuigsiocha.
Óir ní bhíonn ag na neithibh neamhthuigsiocha acht a bhfoirm
féin; gidheadh, as éidir leis na neithibh tuigsiocha foirm
choimhightheach do bheith aca maraon rena bhfoirm féin. Óir
bí gné agus foirm an ní tuigthear isan tí thuigeas é. An tan iomorro
gurab trésan adhbhar tig comhmbrúghadh nó comhfhásgadh
na foirme, as follas gurab óna neamhadhbhardhacht thig do
ní bheith tuigsioch, agus gurab do réir mhodh na neamhadhbhardhacht
atá modh na tuigsi. Óir ní thuigid na neithe adhbhardha
aoinní; atá, gidheadh, an cédfadh tuigsioch, do bhrígh go bhfuil
glacmhach ar ghnéibh gan adhbhar, agus as mó iná sin atá an
n-inntleacht, do bhrígh gurab í as mó as faide ó adhbhar. An tan
iomorro go bhfuil Dia a n-áirdchéim na neamhadhbhardhachta,
mar gurab fírghníomh é, leanuidh go bhfuil a n-áirdchéim
na tuigsi. Agus mar sin as éigin a rádha go bhfuil tuigsi agus eólas
foirbhthe fíriomlán na n-uile aige.



Gidheadh, do bhrígh (mar adubhramar go minic) go bhfuil
Dia 'na fhírghníomh, ní féidir a rádha gurab amhlaidh thuigeas ag
glacadh gnée na neithe, amhuil ar gcédfaidh-ne agus ar n-inntleacht,
acht as é féin a thuigsi féin agus a eagna féin agus as uaidhe (féin)
thuigeas gach ní dá ttuigeann. Ar an adhbhar sin, an tan gurab
do réir mhodha na neamhadhbhardhacht atá modh na tuigsi agus
go bhfuil Dia a n-áirdchéim na neamhadhbhardhachta, leanuidh
go ttuigeann sé é féin go foirbhthe agus gurab léir dhó go fíorghlan
a uile chomhachta féin, agus fós gurab é féin an tuigsi agus an eagna.



An tan iomorro nach éidir brígh nó comhachta neithe ar
bith do thuigsin muna ttuigthear na huile dochum a síneann an
bhrígh í féin: an bhrígh dhiadha ámh go sín í féin dochum na
n-uile, mar as í as cédchúis éifeachtach don n-uile agus mar atá a
comhachta dofhaisnéidhe, as follas go ttuigeann Dia na huile
agá thuigsin féin. Ann féin go deimhin ad-chí na huile neithe
nach é féin, an mhéid go bhfuil cosmhuileacht agus íomháigh na
n-uile neithe eile anna bheith aige. Atá so follus, óir as ann
choimhsheasas nádúir an n-uile neithe, an mhéid go bhfuil ar


L. 25


mhodh éigin a gcomhruinn na foirbhtheachta diadha. Ar an
adhbhar sin an tan go ttuigeann Dia é féin go foirbhthe, as
éigin dó go ttuigeann an uile mhodh ar ar féidir a fhoirbhtheacht
do bheith arna ronnadh ó na neithibh eile. Agus mar sin tuigidh
an n-uile mhodh beithe dá bhfuil ag na huile neithibh.



Uime sin as leamh comhrádh dhaoine áiridhe adeir nach mó
iná na neithe uachtaracha amháin thuigeas Dia agus nach ttuigeann
na neithe íochtaracha acht go hollraidhtheach nó go dorcha.
As mire iomorro a rádha go ttuigfeadh duine neithe nach
ttuigfeadh Dia. Agus ní lugha as mire a rádha gur foirbhthe agus
gur fearr thuigeas duine neithe áiridhe iná Dia. Dá bhrígh sin
madh thuigeann an duine na neithe íochtaracha sa go cruinn agus
go huathach, cionnus as éidir lé haon a rádha nach mó iná go
neamhchruinn ollradhach thuigeas Dia iad?



Go deimhin as follas dúinn isna neithibh nádúrtha nach bhfuil
dá mhéid dá mbí an tsubháilce nó an bhrígh foirbhthe nó
cumasach nach dá réir sin shíneas sí í féin dochum móráin agus as
móide thollas sí. Ar an adhbhar sin ó atá an tuigse dhiadha
árdfhoirbhthe árdchumasach, ní féidir a shénamh nach ttuigeann
na huile agus nach ttollann iad go rodhomhuin.



Agus do bhrígh go bhfuil dochlaochlaigh domhalartach agus biothbhuan,
as éigin dúinn a admháil na huile neithe do bheith do láthair
aige ní headh amháin tar éis a ndénta acht fós sul do-rinneadh.
Óir ní ó na neithibh ghlacas sé fios iná eólas, acht is é a fhios-san
as cúis agus as adhbhar do na neithibh.



As uime sin adeirmíd nach tré riachtanus na nádúire do-ní
Dia na huile acht tré thuigsi agus tré thoil. An tan iomorro gurab
ar son na críche oibrigheas an tuigsi agus an nádúir, agus nach ttuigeann
an nádúir an chríoch iná na meadhóin, as riachtanus an chríoch
do thabhairt do oibrigheach tré nádúir, agus na meadhóin as
riachtanus chuice d'ordughadh ó thuigsi uachtaraigh éigin. Ar
an n-adhbhar (sin) as éigin gurab túsga an t-oibrigheach tré
thuigsi agus tré thoil iná an t-oibrigheach tré nádúir. Agus mar sin
ó as é Dia as cédoibrighe a n-ord na n-oibrigheach, as éigin
gurab tré thuigsi agus tré thoil oibrigheas agus do-ní gach ní.



Arís, as ar énmhodh amháin oibrígheas do shíor an uile oibríghe
tré nádúir, muna ttoirmisgear é, do bhrígh go n-oibrigheann an


L. 26


mhéid gurab é a leithéid sin é, agus an feadh bhíos amhlaidh sin
ní dhéin acht a leithéid sin. Ar an adhbhar sin dámadh tré
nádúir d'oibreóchadh Dia, an tan go bhfuil uile fhoirbhtheacht
na beithe aige ann féin, do chaithfeadh ní éigin do bheith
dofhaisnéidhe dochríochnaigh ina bheith do dhénamh; ní nach
bhfuil ar a chumas.



Fá dheóidh, as amhlaidh amháin ghluaisid na héifeicht ón
gcúis ghníomhaigh do réir mar do rémhbhádar innte; óir as ní
cosmhuil leis féin do-ní an uile oibríghe. Ar an adhbhar sin
mar gurab tuigsi go hiomlán Dia agus go bhfuil féin uile 'na thuigsi,
bíd a éifeicht féin ann féin do réir mhodha sothuigsi, agus mar sin
as do réir mhodha sothuigsi ghluaisid uaidhe; agus as ionann
sin agus gluasacht ó thuigsi atá dá stiúradh ré toil.



GO BHFUIL CÚRAM AG DIA FÁ NA HUILIBH.



Caib. 11.



Madh atáid na neithe rémhráidhte si do réir mar adubhramar,
ní héidir d'aoinneach conntabhairt do dhénamh go bhfuil cúram
ag Dia (ní headh amháin) fá na huile neithibh nádúrtha, acht
fós fá na huile neithibh daonna dhá laghad. As eadh iomorro as
cúram ann, stiúradh oird na neithe dochum críche. As é Dia
ámh cédchúis na n-uile agus as mó oibrigheas isna héifeachtuibh iná
an dara cúis. Do bhrígh iomorro nach ré riachtanus nádúire
oibrigheas Dia isna huile neithibh acht ré tuiccsi agus ré toil, an tan
gurab é féin an áirdeagna ré a mbeanann na huile do stiúradh
go hordaighthe ceart, as follas nach n-oibrígheann Dia aoinní
nach bí roidheaghordaighthe. Ar an adhbhar sin as éigin go
bhfuil a nDia ciall ordaighthe na n-uile neithe chum críche, agus fós
go bhfuil cúram aige fá na huilibh.



Ar bhfaicsin mar sin do na feallsuimh an t-ord iongantach
atá isna huile neithibh nádúrtha, do thuigiodar gur leamh ré
rádha nach beith cúram ag Dia 'na ttimcheall. Gidheadh, as


L. 27


é cruas dobhí ann do thaoibh an chréatúir résúnta isna neithibh
daonna, anna bhfaicthear na huile do bheith buaidheartha
neamhchruinn. Gidheadh, madh mheasmaoid an ní go ceart,
go deimhin do-ghébham nach lugha as leamh a rádha nach
beith cúram na ndaoine ar Dhia nías mó iná na neithe nádúrtha,
dárab críoch an duine. Óir ní bhfuil dá mhéid dá bhfuil barr
uaisle ag neithibh san chruinne nach dá réir sin chomhruinnid don
ord anna seasann maith na cruinne. Dá bhrígh sin madh thuitid
na neithe nádúrtha do réir a substainnte agus a n-oibrighthe fá ord
cúraim Dé, as mó iná sin tuiteas an duine gona oibreachuibh.



Arís, as mó atáid na neithe as foicse don chrích fán n-ord
thriallas chum na críche iná na neithe as faide uaithe, óir as
tríotha sin hordaighthear na neithe eile dochum na críche.
Gidheadh, as foicse hordaighthear na daoine agus a ngníomhartha
dochum Dé amhuil dochum críche iná gníomhartha nó oibreacha
na neithe nádúrtha eile. Ar an adhbhar sin as mó luighid fá
ord an chúraim dhiadha iná na neithe nádúrtha.



Arís, as ón ngrádh diadha re a ngrádhaigheann Dia mar
chédchúis na neithe do-ní agus agá bhfuil a mbeith uaidhe dothig
stiúradh an chúraim dhiadha. Ar an adhbhar sin ní bhfuil dá
mhéid dá ngrádhaigheann Dia neithe ar bith nach móide atáid
'na ccúram air. As cinnte ámh gur mó ghrádhaigheas na daoine
iná na neithe nádúrtha, mar as follas ó ghníomh agus ó éifeacht, an
tan gur leó ruinneas na tíodhlaicthe as fearr agus gur dáibh dháileas
an mhaith as daorluaighe. Uime sin as iad as mó atá 'na
gcúram air.



Mar an gcédna as as eólas na n-éifeacht thigmíd a n-eólas
na gcúiseadh. Ar an adhbhar sin an tan gurab ó Dhia, mar
chédchúis, atáid na huile, agus nach bhfuil acht éifeacht na
cédchúisi isna dara cúisibh, agus go bhfaicmíd gurab ronádúrtha
do na dara cúisibh go huilidhe cúram do bheith aca fána
n-éifeachtuibh féin, óir do réir a n-uile neirt agus díthchill tairgid
a mbreith chum críche tré mheadhónuibh oireamhnacha nach
ttig acht ón mórmhaith atá inntibh. Ar an adhbhar sin as
cosmhuil gur mó an cúram atá ag Dia, as cédchúis ann, fána


L. 28


éifeachtuibh féin iná ag an dara cúis. As éifeacht iomorro do
Dhia an duine, óir as ó Dhia atáid a uile ghníomhartha. Ar an
adhbhar sin atá cúram ag Dia fá na daoinibh agus fá na neithibh
daonna.



Arís, an tan gurab tré thuigsi agus tré thoil do-ní Dia na huile,
muna mbeith cúram aige fá na neithibh daonna, as é ní ó
ttiocfa sin, ó dhíth cumais do bheith air na neithe
d'ordughadh nó do stiúradh; gidheadh, as fallsa sin re rádha,
an tan go bhfuil a chumas dofhaisnéidhe doichríochnaigh agus go
n-oibrígheann na huile isna huilibh. Nó as é ní ó ttiocfadh,
óna ainbhfios fá na neithibh daonna; sa chontráir atá follus,
mar go bhfuil a thuigsi doichríochnaigh. Nó as óna thoil do
thiocfadh, ní atá go díreach a n-aghaidh a mhaitheasa, atá
doichríochnaigh. Óir go deimhin ní tharcuisnigheann deaghdhuine
ar bith a obair féin, iná cúis ar bith a héifeacht féin.
Agus ní mó as ceart iná críonna an gníomh agá mbí cúram na
neithe as neamhuaisle agus do-ní neamhshuim do na neithibh as
uaisle.



Mar an gcédna ós é Dia as cédchúis don n-uile ní, ní hamharus
go sáraigheann go ro-ordhraic agus go doichríochnaighthe na huile
ar mhaith. Agus an tan go bhfaicmíd isna neithibh daonna na
daoine as ordhraice a maith agus a n-eagna, go háiridhe madh
bhíonn cumas aca air, rochúramach fá na neithibh daonna, as
mó iná sin as cóir dhúinn a mheas an cúram atá ag Dia 'na
ttimcheall.



DO CHRÍCH AN DUINE DOCHUM A NDÍRIGHTHEAR
AN CÚRAM DIADHA.



Caib. 12.



Do bhrígh iomorro gurab leis an gcúram bheanas na neithe
do ghluasacht agus d'ordughadh dochum a gcríche, an tan nach
aoinchríoch fhogas amháin atá ag na huilibh, as éigin don
chúram na neithe égsamhla do ghluasacht go hégsamhuil dochum


L. 29


a gcríoch. Gluaisidh Dia ar an adhbhar sin na neithe ag nach
bhfuil ciall nó tuigse dochum a gcríoch ré claonadh nádúrtha
dothig óna bhfoirm, ionnus gurab córa a rádha go n-oibrighthear
iad iná go n-oibríghid. An duine iomorro, agá bhfuil toil shaor,
atá comhruinn éigin aige don chúram diadha, agus as uime sin
gluaistear ó Dhia é ar an modh sin dochum a chríche go
ngluaisionn sé féin é féin chuice agus go ccomhoibrigheann san
phongc sa ré Dia ag díriughadh a oibreach dochum críche éigin
ina bhfuil dúil aige agus atá fána chomhair. As leis an duine ar an
adhbhar sin bheanas an chríoch dhéighionach, dochum ar ordaigh
Dia agus dochum a ngluaisionn an t-anam résúnta, d'iarraidh fána
uile dhíthchioll, agus fós na meadhóin chearta oireamhnacha tré
a tteagar go cinnte chuice, re toil Dé, ionnus gomadh éidir dhó
é féin agus an n-uile ní bheanas leis do stiúradh agus d'ordughadh
go ceart díreach.



As iongantach méd an díthchill réar thairgeadar na feallsaimh
na neithe si do lorgaireacht. Agus amhuil agus tig an nádúir ar bheagán
agus ar bheagán ón ní míofhoirbhthe gusan ní foirbhthe, as mar
sin tángadar ar a n-aghaidh a soillsiughadh na fírinne ré
lorgaireacht shithghreamannach. As míofhoirbhthe go deimhin
do thráchtadar na seinfheallsaimh ar an gcúis si; gidheadh, as
fearr do cháil éigin do labhradar an drong táinic 'na ndiaidh,
óir ré résúnuibh nuaidhe do chur i gceann a ndubhradar na
seana, tángadar nísa fhoicse don fhírinne iná iad. Uime sin
tángadar d'aoinmhéin an drong dob ordhraice do na feallsaimh
gurab é maodhughadh na ndiamharrún as críoch don bheatha
dhaonna. As é iomorro an maodhughadh sa amháin as oibriúghadh
díleas don duine, agus ní hordaighthear é dochum ní ar bith
eile amhuil dochum críche, acht as ar a shon féin sanntaighear
é, agus do-ní uaimcheangal eidir an duine agus Dia agus na substainteadha
deaghuilte. Agus as mó atá an duine cumasach dhó féin chuige
iná dochum gníomha eile ar bith, ar an adhbhar gur chuige
as lugha atá riachtanus conganta na neithe foirimleacha aige.



As é iomorro as críoch do na huile neithibh bheanas leis an
duine. Dochum foirbhtheachta ámh an mhaodhughaidh hiarrthar
go coitchionn sláinte an choirp, agus dochum na sláinte hordaighear
an uile ealadha agus gliocus as riachtanus don bheatha dhaonna.


L. 30


Agus an tan go n-iarrthar dochum an mhaodhughaidh sin mar an
gcédna ciúnas ón n-uile bhuaidhreadh, smacht na mian tré
chríonnacht agus trésna subháilcibh mórálta, agus síth ó na neithibh
foirimleacha, agus gurab chuige fós comhordaighear stiúradh na
beatha síbhialta go hiomlán, as follas, madh breathnuighear
iad so go ceart, gurab dochum maodhughaidh na fírinne
hordaighthear agus dírighthear uile ghníomha agus oificc na nádúire
agus na healadhna.



An tan iomorro gurab mar so atá an chúis, as cinnte go
ngluaisionn an cúram diadha na daoine dochum na subháilceadh
mórálta, ionnus tríotha sin go ttigdís dá maodhughadh féin agus
go ttugdaois a mbeatha suas go maith agus go beannaighthe.
Gidheadh, do bhrígh gurb amhlaidh ghluaisios Dia an uile ní
do réir mar iarras foirm nádúrtha an ní féin, agus go ndearna an
duine go toil shaoir, ní ghluaisionn é acht ar mhodh nach
déin aimhdheóin ar a thoil. Ar an adhbhar sin muna ndiúltaidh
dá thoil deóna féin do chongnamh Dé as roichinnte go mbérthar
tré mheadhónuibh cearta oireamhnacha é go soiche a chríoch.



NACH ISAN MBEATHAIDH SI DO LÁTHAIR AGUINN
ATÁ CRÍOCH DHÉIGHIONACH AN DUINE.



Caib. 13.



Dob fhéidir iomorro go bhfaicfí do lucht sgrúdtha na neithe
si go caolchúisioch nach eadh amháin gomadh docamhlach acht
fós nach éidir ar énchor na daoine do theacht ar an mbeathaidh
si dochum a shamhla so do naoimhshén nó do bheannachadh.
Óir ní dhén gach aonmhaodhughadh édrom dá ndéin neach ar
na neithibh (diadha) duine beannaighthe iná sona dhe; óir as éigin
gurab é an sén sa nó an beannachadh gníomh agus saothar as rofhoirbhthe
dá ndéin, agus as a maodhughadh foirbhthe Dé do réir chumais
an choinghill daonna choimhsheasas sé. Agus as fírbheag réar féidir
teacht dochum an mhaodhughaidh si - madh thig aonnduine
chuige - an tan go n-iarr an maodhughadh sa áirdchéim na


L. 31


tuigsi daonna, dochum nach roicheann acht fírbheagán; ní do
thig nó ó dhroichghlés an choirp, do bhrígh mar nach bhfaghann
an t-anam sa aguinne tuigsi iná eólas acht ré smuaintibh agus ré
ionnstrumainntibh corpardha do ghlacadh mar mheadhón, atá
urmhór na ndaoineadh comhdall agus sin agus dá leithéid sin do
dhrochchompléx nádúrtha gurab ar éigin ghlacuid iná thuigid
na neithe beaga suarracha; nó as é ní ó ttig, ó easbhaidh
maoine nó saidhbhris; ní thairngeas an iomad ó ardmhaodhughadh
na neithe neamhdha agus thoirmisgeas iad ó ghreamughadh
don stuidér fhírinneach iarras an duine go hiomlán dó féin. Ar
an adhbhar sin an tan gur riachtanus dochum an mhaodhughaidh
si an duine do bheith ollamh deaghchóiridhthe ó nádúir agus sgartha
saor go hiomlán ón n-uile chúram saoghalta agus ón n-uile bhuaidhreadh,
as roibheag do-ghébhas tú ar an deóraigheacht so, agus sin
go hannamh, don druing bheannaigh si.



Fós, dá bhfaghthaoi énchuid don tsórt sa, ní mó iná tar éis
aimsire rofhaide roichid gusan bhfíormhaodhughadh sa na
ndiamharrún, agus sin tréna dhuibheacánaigh. An tan iomorro
gurab trésna neithibh somhothaightheacha thuigmíd na neithe
spioratálta, as éigin dúinn iomadh do rémhthuigsin sul roichiom
gusan árdshothuigsioch. As uime sin do-bheirid na feallsaimh
an mhetafisicc, thráchtas ar na neithibh diadha, uatha fá
dheireadh réna foghluim, go mórmhór mar as riachtanus dochum
a maodhughaidhthe gloine an chroidhe agus síth uile mhian na
gcédfadh. As aidhbhéil go deimhin an chríonnacht agus an tuigsi
dochum a ttig an t-anam an tan dho-gheibh síth ó mhianuibh agus
ó ghluasachtuibh an choirp. Agus ní mó iná ré gnás agus re tathaighe
rofhada agus fós re díthchioll romhór thigid fírbheagán san aois
arsaigh dochum na síthe. Dá bhrígh sin an tan go bhfágann
iomad ina n-aois óig an bheatha sa, as fírbheag dhíobh chrumas
ar na subháilcibh iná ar mhaodhughadh na ndiamharrún neamhdha.
As ar follas gur fírbheag do-gheibh an sén neamhdha, do-ní
neach beannaighthe ar an deóraigheacht sa.



Ar sgrúdadh mar an gcédna na neithe si nísa ghérchúisigh, as
lugha iná sin go mór do-ghébham dothig a n-eólas iná a


L. 32


maodhughadh na neithe ndiadha. Óir as ro-iomadamhuil
mealltar na daoine isna neithibh nádúrtha féin ó anbhfainne
na tuigse, do bhrígh an cédfadh ó ttionsguin ar n-uile thuigse
gur gnáth go meallann sinn, ar mhodh go measaid iomad nach
bhfuil an ghrian acht 'na ní beag, bíodh gur mó í iná an talamh
sa ar fad. Cuiridh fós an gallradh nó an smuaineadh dorchacht
mhór ar an tuigse nó ar an inntleacht, ar mhodh gur deacair le
hiomad do dhaoinibh a chreideamh go bhfuilid substainnteadha
neamhchorpardha ar bith ann. Ní hannamh fós mheallas
comhrádh na tuigse féin sin, óir ní do ghnáth bhíos
díreach, ar mhodh go nglacmaoid go roimhinic 'na résún
rofhollas roidhearbhtha an ní nach bí acht sodhearbhtha nó
fós 'na mhealladh radhairc; mar as follas ar égsamhlacht opinion
na ndaoineadh ro-ordhraice bhíos eattorra féin ag gabháil a
n-adharcuibh a chéile.



Mar an gcédna do-chímid go ttoirmisgid miana an anma, na
droichchleachtaidh truaillidh agus álguis égsamhla na ndaoineadh
iad ó eólas fírinne na neithe ré mbíd do ghnáth ag tráchtadh.
Measadh gach aon an mó iná sin go mór chuirid toirmeasg orra ó
mhaodhughadh na neithe ndiadha? Mar sin do-gheibhmíd
gurab roibheag do na daoinibh réar féidir bheith beannaighthe;
ní as gránna ré rádha, an tan gurab é an beannachadh as
críoch dhéighionach don bheatha dhaonna agus go bhfuil comhchoitchionn
don n-uile dhuine. Ar a shon (sin) muna mbeith sén
nó beannachadh ar bith fá chomhair na ndaoineadh acht an sén
agus an beannachadh as éidir d'fhagháil ar an deóraigheacht sa, go
deimhin ní mór nach beithdís na leinimh, an aos óg agus beagnach
an cineadh daonna go hiomlán ar dhíth séin tré bhith síor.



Gidheadh, ar breathnughadh na cúisi nísa dhúthrachtaigh
go fóill, do-ghébham nach éidir sén nó bennachadh fíre an
duine d'fhághail ar an deóraigheacht sa. Óir an tan gurab é
an sén so nó an beannachadh árdmhaith an duine, ní fhuilngeann
olc iná ainnisi ar bith 'na fhochair; agus an tan gurab maith é
do shásaigheas go hiomlán an duine, ní féidir go mbí éinní
d'easbhaidh air an tráth do-gheibh an mhaith sin. Gidheadh,


L. 33


fécham an bhfuil aoinneach beó ar an deóraigheacht sa atá
comhsásaigh agus sin nach bhfuil ní ar bith 'na riachtanus air,
agus atá saor slán ón uile olc, ón uile mhíofhortún agus ainnisi, an tan
go bhfuil an nádúir dhaonna go hiomadamhuil 'na banmhodhaigh
agus 'na sglábha fán n-uile chinneamhuin agus annródh, ar mhodh
gur meinic bhuaileas an ainnisi lánbhuile ar shaidhbhreas agus
ar shonus fallsa mhóráin an tráth as lugha mheasuid, amhuil
léghthar ar Phriamus agus mar as follas dúinn go laéthamhuil lé
iliomad do shomplaidhibh rothruaighbhéile ar an uile aicme
madh ísiol nó uasal.



Arís, dá bhfaghadh énduine an sén sa nó an beannachadh, ní
faicthear cad é an résún réarbh fhéidir a rádha go mbeith
beannaighthe go fíre. Ar an adhbhar an tan gurab é an
sén so nó an beannachadh as críoch dhéighionach don duine,
gurab éigin go ttugann ciúnas agus síth don chroidhe, ar mhodh
nach bí nísa mhó ar iarraidh aige. Gidheadh, as ní nádúrtha
don n-uile dhuine bheith fonmhar ar bharr foghlamtha agus eóluis
d'fhághuil; agus do bhrígh gurab ó nádúir atá an fonn sin greamuigh
dhe, ní héidir leis comhnuidhe go bráth nó go roichidh an t-eólas
atá 'na álgas air. Gidheadh, atá ro-iomad agus beagnach neithe
dofhaisnéidhe 'na bhfonn oruinn isna neithibh nádúrtha nach
bhfaghann an tuigse dhaonna go bráth eólas orra. Agus as romhaith
an comhardha ar so an dúthracht díthchill do-ríghneadar nuimhir
dho-áirmhe do na feallsuimh dob ordhruice inntleacht dá ttáinic
ó thús an domhuin gusna haimsearuibh si ar sheicréidibh na
nádúire go hiomlán do sgrúdadh, ar a shon sin as mó go mór do
fhan 'na ainbhfios orra iná an mhéid do thuigeadar nó ar a
bhfuaradar eólas. Admhuid féin mar an gcédna gurab í cuid
as romhó do mhéid thuigmíd cuid as rolugha don mhéid atá
'na n-ainbhfios oruinn, ar mhodh, do réir rádha a mbéil féin,
nach ttuigid eidirdhealughadha déighionacha na neithe, ionnus
gurab éigin dáibh anmanna do chur 'na n-áit a lérsgaradh na
n-aiccídeadh. Dá bhrígh sin madh atá ar n-inntleacht comhdorcha
comhdall agus sin a ttuigsi nó a n-eólas na neithe nádúrtha,
nach lugha iná sin go mór as éidir a hárdughadh go sgrúdadh
na neithe ós cionn na nádúire? As roibheag iomorro agus as


L. 34


neamhdhearbhtha an t-eólas deónaighthear dhúinn go nádúrtha
ar Dhia san mbeathaidh so. Uime sin ní féidir álgas nó fonn
nádúrtha an duine do shásadh iná do chur chum socrachta ré
heólas nó ré tuigse comhdorcha agus coimhbeag agus do-gheibh ar na
neithibh nádúrtha agus diadha ar an deóraigheacht so, ionnus nach
bhfuil dá mhéid thig ar a aghaidh 'na n-eólas agus 'na ttuigsi nach
móide bhíos a álgas ag fás ré barr eóluis d'fhagháil orra, do bhrígh
gur neartmhuire an n-uile ghluasacht nádúrtha ina dheireadh
iná anna thús. Agus mar sin ní bhfuil dá mhéid dá ttéid an croidhe
daonna ar a aghaidh a n-eólas d'fhagháil ar Dhia nach móide
as neartmhuire gluaistear é dochum tuilleadh eóluis d'fhagháil
air. Ar an adhbhar sin ní féidir dhó go bráth comhnuidhe
do dhénamh iná socracht, an tan nach éidir leis an feadh bhias
ar an saoghal sa teacht go maodhughadh foirbhthe na diadhachta.
Óir (do réir rádha an fheallsaimh) as amhuil bhíos súil an
ulchaocháin ar sholas na gréine d'fhulang agus bhíos ar n-inntleacht-ne
ar neithibh rofhollasacha na nádúire do thuigsin.



Arís, dá mbeith aoinneach d'éireóchadh cómhárd agus sin a
ttuigsi agus a maodhughadh na ndiamharrún go bhfuigheadh d'éis
iliomad saothar agus duadha go laéthamhuil an ciúnas anma sa,
ní feas go fóill cionnas dob éidir a bheith bennaighthe, do
bhrígh go bhfuil an bás, nach éidir leis do sheachna, roimhe go
fóill. Do-chímid iomorro dúil agus fonn adhbhal ó nádúir ag an
uile dhuine marthuin go síor, an tan gomadh mian leó nó tré
gheineamhuin chloinne nó tré oibreachuibh eile bheith go
síorruidhe domharbhtha. As cinnte, muna bhfuil beatha ar
bith eile ann acht an bheatha sa atá aguinn ar an saoghal sa,
nach éidir do dhuine críonna ar bith gan an bás do ghoilleamh
air go mór. Óir ní féidir leis an duine chríonna gan fuath
do bheith aig ar an olc. Cá bhfuil ámh olc as mó as éidir do
éirghe don duine iná an bás dá sgaradh lé beatha comhdaorluaigh
comhmuirneach agus atá an bheatha anna bhfaghann an sén agus an
beannachadh dá nach riachtanas ní ar bith - sa gnáithmhidheamhuin
as cubhaidh don eagnuidhe? Ní héidir leis iomorro
gan smuaineadh ar uairibh ar an mbás an tan nach anam
brúideamhuil atá aige acht anam résúnta. Go fírinneach as
deacair d'aoinneach a rádha gurab duine sona beannaighthe


L. 35


an tí do chaith a uile aimsir comhsaothrach comhcúramach agus
coimhdíthchiollach agus sin a soláthar na beatha chailleas sé
comhobann comhluath agus coimhéiccinnte agus sin nach bí do
chinnteacht aige uirre acht bheith cinnte do sgaradh ré.



As cinnte ar an adhbhar sa muna bhfuil beatha eile ann acht
an bheatha sa atá aguinn ar an deóraigheacht sa nach bhfuil
ní as dona agus ainnisi iná an duine. Óir do-chímid na huile neithe
eile re stiúradh na nádúire ag teacht guna gcríche fein. Gidheadh,
an duine nach éidir leis an sén nó an beannachadh anna bhfuil
an urdail sin d'álgas, do dhúil agus d'fhonn aige d'fhagháil, agus
é arna thimchealladh do dhuadhuibh, do bhuaidhribh agus d'annróidhtibh
doichríochnaighthe dá iarraidh; nó madh gheibh
aoinneach í tar éis iliomad cúram, saothar agus alluisi nach éidir
leis a congmháil. Ní as deacair d'éirghe don chréatúir as uaisle
don n-uile agus nach éidir lé tuigse dá daille nó dá gairbhe do
ghlacadh.



GO BHFUIL ANAM AN DUINE DOMHARBHTHA.



Caib. 14.



Ciabé bhreathnóchas go díreach na neithe si adubhramar,
ní féidir dhó a chur a cconntabhairt go bhfuil beatha eile ann
seach na beatha sa atá dho láthair aguinn, agus go bhfuil an t-anam
résúnta domharbhtha. Óir madh atá cúram ag Dia fá na
neithibh daonna (amhuil do chruthaigheamar cheana do bheith)
agus gurab leis bheanas na neithe do threórughadh dochum a
gcríche tré mheadhónuibh oireamhnacha, an tan nach isin
mbeathaidh si atá críoch an duine, as éigin a admháil go bhfuil
beatha eile ann anna bhfuighe an duine an sén agus an beannachadh
do shaothraigheas go daor an feadh bhíos ar dheóraigheacht na
beathadh sa.


L. 36


Arís, oibriughadh an duine, .i. an tuigse, an tan go síneann í
féin go tuigsin na neithe ollradhach agus neamhadhbhardha, cuire
a gcéill ní éigin neamhadhbhardha dothruaillighthe do bheith
san duine, ar ar thráchtadar iomad go rói-égsamhuil. Gidheadh,
go deimhin muna n-abram gurab é an t-anam tuigsioch an ní
si atá san duine nach éidir do thruailleadh agus gurab é as foirm
dhó, ní bá féidir linn ainbhfis agus seachráin dofhaisnéidhe do
thiocfadh as a chonntráir do rádha do sheachna ar énmhodh.
Óir as ó bheith résúnta agus ó inntleacht do bheith aige do-gheibh
an duine bheith a ngné dhaonna. Ar an adhbhar sin munab
í an tsubstainnt thuigsioch as foirm don duine, ní lér cionnas
do-gheibh a ghné ó bheith tuigsioch résúnta dhó. Óir as óna
fhoirm ghlacas an n-uile ní a ghné. Uime sin do caithfí foirm
eile do chur san duine óna bhfuigheadh a bheith a ngné éigin.
Agus muna í sin an fhoirm thuigsioch, ní bheith eidirdhealughadh
iná difir a ngné eidir an duine agus na beathadhaigh bhrúideamhla,
ón duine do bheith résúnta agus iadsan mírésúnta; ní, ó bheith gan
dath, shénas na huile.



Mar an gcédna as ón anam thigid oibreacha na beatha, amhuil
tig an dara gníomh ón gcéidghníomh. As luaithe ámh nó as
túsga d'aimsir an céidghníomh san duine iná an dara gníomh,
amhuil tig an t-eólas nó an fios roimh an mbreathnughadh. As
éigin dá bhrígh sin go mbí anam isan uile ní anna mbí oibriughadh
na beatha ó ttig an t-oibriughadh sin, amhuil as éigin an
céidghníomh do bheith dochum an dara gníomh do theacht
uaidhe. As é iomorro an t-anam as tús agus as tobar don bheatha
agus dá hoibriughadh. Acht atá oibriughadh dílis ar leith ag an
duine as ordhraice agus as uaisle iná oibriughadh na n-uile ainmhidheadh
eile, .i. tuigsi agus résún. Agus as é sin as oibriughadh fíre
an duine an mhéid gurab duine é. Ar an adhbhar sin as riachtanus
tobar nó frémh éigin do chur isan duine bhias dá
fhoirmioghadh, ó a ttig go díleas dó mar oibriughadh tuigsi agus
résún, amhuil an céidghníomh ó ttig an dara gníomh.



Ós a chionn so, an uile ní ghluaisios é féin comhchurthar é
do ní ghluaisios agus do ní bhíos dá ghluasacht; gluaisidh ámh an
duine amhuil do-ní an n-uile ainmhidhe eile. Ar an adhbhar
sin, an tan gurab í an tuigsi agus an toil as tús agus as tobar gluasachta
isan duine, as éigin gurab don tsubstainnt thuigsigh, mar
fhoirm, agus don chorp, mar adhbhar, comhchurthar an duine.


L. 37


Mar an gcédna munab í an tsubstaint thuigsioch, dá ngoirmíd
an t-anam, do bheith 'na foirm ag an gcorp, ní lér cad é an
résún réarbh fhéidir a rádha gomadh duine an leanamh nó an
naoidhean, an tan nach bí oibriughadh na tuigsi aige san aois
sin, agus ní mó as lér cionnus dob fhéidir a rádha go ttuigfeadh an
duine ní ar bith muna mbeith arna chomhchur d'anam agus do chorp.
As leis an iomláine ámh na gníomha go hainmnidheach. Ar
an adhbhar sin níorbh oibriughadh díleas don duine an tuigse
agus an résún acht do ní éigin eile dobheith eidirdhealaigh,
égcosmhuil don duine, acht muna n-abarthaoi, a bhfabhar Plato,
nach comhchuireadh d'anam agus do chorp an duine agus nach bhfuil
an t-anam acht ceanguilte amháin don chorp, amhuil bhíos an
gluaisteóir leis an soghluaisteach. Gidheadh, ciabé aidmheóchas
gurab mar sin atá, atáid líonta agus painntéir dhofhaisnéidhe
innillte roimhe nach éidir dhó do sheachna.



Ar tús, ní bheith an duine 'na ainmhidhe mothaightheach.
Arís, tar éis an anma do sgaradh leis an gcorp d'uireóchadh
an corp agus a chota san ngné chédna a rabhadar maraon leis an
anam. Óir ní théid malairt ar ghné an tsoghluaistigh iar
sgarthuin an ghluaisteóir leis. Arís, ní hé an t-anam tuigsioch
dobheith 'na bheatha ag corp an duine, agus ní tré choimhcheangal
an anma cédna leis do geinfidhe an duine. Óir ní geintear ar
énchor an soghluaisteach ré dlúthughadh an ghluaisteóra leis.
Cionnus mar sin do geinfidhe an duine mar ngeintear an t-anam,
agus nach duine an corp do geintear? Cá bhfuilid na haithre?
Cá bhfuilid an chlann? Ní féidir iomorro nach dallfaid so agus
iliomad eile dá sórt an drong mheasas nach é an t-anam tuigsioch
as foirm don chorp daonna. Ar an adhbhar sin an tan gurab é
fios nó eólas na fírinne as fuasgladh dá gach docamhal, agus go
n-imghid saor ó gach docamhal an drong adeir gurab é an t-anam
tuigsioch as foirm don chorp, as follas gurab í so an bhreath
roifhírinneach. Ní díthchéillidh go deimhin ré rádha an t-anam
tuigsioch do bheith 'na fhoirm 'gun chorp agus an chuid as airde
dhe do bheith sgartha leis an ccorp, .i. leis an ionnstrumaint
chorpardha. An tan gurab é an t-anam foirm as áirde do na
foirmibh nádúrtha agus as déighionaigh do na foirmibh neamhadhbhardha,
ní hiongnamh ruinn gach imill do bheith aice, .i. bheith
cuid sgartha agus cuid coimhcheanguilte. Agus as as sin ghoirid


L. 38


drong áirídhe ceangal an tsaoghuil de, do bhrígh go cceanglann
na neithe uachtaracha agus íochtaracha dá chéile a n-ord na
nádúire.



Do bhrígh gur mar so atá, as éigin a rádha go bhfuil an t-anam
domharbhtha, dothruailligh. Óir atá an n-uile shubstaint
thuigsioch dothruailligh. As éigin ámh do na foirbhtheachtuibh
comhthrom éigin do bheith aca léna sofhoirbhtheachuibh féin.
Ní éigin ámh atá coitchionn dothruailligh as foirbhtheach
díleas don duine; óir as eadh as foirbhtheacht díleas dó, tuigse.
Ar an adhbhar sin, an tan nach bí an tuigsi acht ag neithibh
comhchoitchionna dothruailligh, as éigin a rádha go bhfuil an
t-anam tuigsioch dothruailligh.



Arís, as é ní anna bhfuil foirbhtheacht an anma daonna, a
sórt éigin dealaigh nó sgarthana leis an gcorp, ionnus nach
bhfuil dá mhéid tógthar é gus neithibh neamhchorpardha
neamhadhbhardha nach móide agus sin foirbhthighear é. As leamh
ar an adhbhar sin ré rádha go ttruaillfídh é ina sgarthuin leis
an gcorp, óir ní truaillighthear ní ar bith isan ní innar mó
foirbhthighthear é, agus ní mó as éidir lé ní ar bith triall ar
fhoirbhtheacht agus ar thruailleadh a n-aoinfheacht.



Acht dá n-abradh aoinneach gurab é ní anna bhfuil foirbhtheacht
an anma, a sgarthuin leis an gcorp tré oibriughadh, a
truailleadh ámh ina sgarthuin leis tré bheith, as roidhíomhaoin
í mar fhreagra. Óir taisbénaidh oibriúghadh an neithe a bheith
agus a shubstaint; do bhrígh gurab do réir gach ní oibrigheas sé,
agus go leanann oibriughadh díleas gach ní nádúir fhíre an ní. Ar
an adhbhar sin madh foirbhthighthear oibriughadh an duine,
an mhéid gur duine é, ré sgarthuin leis an gcorp, ní féidir ré
résún ar bith a rádha go ttruaillighthear substaint an anma
tuigsigh dá sgaradh leis an gcorp. Atá fós ó nádúir ag an n-uile
gurab éigin dáibh, beagnach, a chreideamhuin go bhfuil an
t-anam domharbhtha. Ionnus nach éidir le haoinneach fuireach
go seasmhach a mbreith somharbhthachta an anma gan chonntabhairt,
mar as follus ar a dhíthchiollaighe sgrúdaid na huile
an pongc so. Óir atá álgas agus fonn neartmhar ar an n-uile dhuine
ó chlaonadh nádúrtha an ní so do thuigsin, go mórmhór na
feallsaimh do chnaoidh iad féin agá sgrúdadh. Do sgríobhadar


L. 39


fós na filidhe agus iliomad eile daoineadh foghlumtha agus neamhfhoghlumtha
ar an gcúis chédna. Ar an adhbhar sin ó nach
déin Dia iná an nádúir éinní go díomhaoin ní féidir gurab
díomhaoin an claonadh láidir si agus an t-álgas nádúrtha na
ndaoineadh chum tuigsiona. Gidheadh, madh atá an t-anam
somharbhtha, go fírinneach as é a chonntráir theagmhas. Óir
ní headh amháin gur díomhaoin an claonadh nádúrtha sa agus an
díthchioll acht fós adhbhar dobróin, dóláis agus mealltóireachta. Ar
an adhbhar sin, ós gránna a leithéid do shamhlughadh ré Dia agus
ris an nádúir, as follas as an bhfonn agus as (an) gclaonadh nádúrtha
(sa) an t-anam do bheith domharbhtha. Óir as uime tug Dia don
duine é, ionnus go mbeith díthchiollach fán mbeathaidh eile do
shaothrughadh, anna bhfaghann an tí roicheas í críoch an tsonuis
(nó) an bheannachaidh fhíre. As ar cinnte nach go díomhaoin
tugadh an fonn sin dó acht gur ní rotharbhach róiriachtanasach
dá gach aon é.



Amhuil iomorro agus adubhramar thuas bhíos an drong shénas
gurab é an t-anam as foirm don chorp fillte a líontuibh dosgaoilte,
as mar an ccédna bhíos an drong shénas an t-anam do bheith
domharbhtha. Óir ós cionn a ndubhramar cheana as docamhlach,
agus fós ní féidir a thuigsin cionnus dobheith an duine 'na
ainmhidhe résúnta agá bhfuil toil shaor, agus smachtaighear ina
chionntuibh re reachtuibh roichearta, cad í an chríoch dobheith
aige, cad é an cúram dobheith ag Dia 'na thimcheall, agus iliomad
eile don tsórt sa do bá liosta ré ríomh anois, muna mbeith
domharbhtha.



Gidheadh, do bhrígh, an bheatha eile, ar a ttráchtar anois,
go sáraigheann térma nó coigcríoch an chumais daonna,
cuiream críoch annso ar an leabhar sa, ionnus go ttráchtmaois
nísa airde ar fhírinne an chreidimh san chuid si atá romhuinn
don obair. Óir as abhal a ccríochnaigheann an résún thionsgnas
an creideamh. Sa bheith fíor madh chruthaighmíd, ní bhiadh
slighe ag aoinneach conntabhairt do dhénamh do dhomharbhthacht
an anma.


L. 40


AN DARA LEABHAR DO BHUAIDH NA NAOMHCHROICHE,
NÓ DO FHÍRINNE AN CHREIDIMH.



BROLACH NÓ RÉMHRÁDH.



Do thráchtamar san chéidleabhar ar na neithibh dob fhéidir
leis an résún nádúrtha do ghlacadh, an mhéid gur mheasamar
bá lór don inntinn dobhí aguinn agus don ní ar a rabhamar ag
tráchtadh; anois tugam aghaidh ar na neithibh sháraigheas an
résún nádúrtha, ionnus go bhfoillsighemís as na neithibh
nádúrtha sa agus as oibreachuibh Chríost an creideamh críostaidhe
do bheith roifhírinneach. Agus do bhrígh gur fearr tuigthear na
neithe bhíos do láthair iná na neithe do-chuaidh thoruinn, agus
gurab usa creideamh do na neithibh do-chuaidh thoruinn
iná do na neithibh bhíos do láthair aguinn, cuirfeam ar tús
fundamuinnteadha na résún síos, as lér go laéthamhuil dá
ndénamh ag na críostaidhibh isan Eagluis agus as follas ré faicsin,
nach bá féidir d'éinneach do dhiúltadh iná do shénamh. Tuig
ámh nach ar oibreachuibh na ndroichchríostaidheadh labhraim -
óir ní áirmhim iad ar an Eagluis acht mar bhalla críona ar nach
gnáth úrthoradh do theacht - acht ar na hoibreachuibh do-níd
na deighchríostaidheadha nach ó ainm amháin acht fós ó
ghníomh atá 'na ccríostaidheadha. Dá éis sin do-bhéram
anuas résúin roláidir arna suidhioghadh ar mhóirfheartuibh
Chríost agus atá follas don n-uile. Do-bhéruid iomorro na neithe
atá do láthair creidiomh do na neithibh do-chuaidh thoruinn.
Do bhrígh ámh gurab é éifeacht agus cúis phrionnsapáilte dochum
a ttairngeann uile ordughadh na hEagluisi, an ceart, an
fhíréntacht agus an bheatha dhoidhiomolta gan cháidh gan spot,
amhuil adeir Críost ar Slánaightheóir: “Dothángas dochum go
mbeith beatha aca, agus go mbeith go líonmhar aca,” foillseócham
ar tús creideamh Chríost do bheith fíor as deighbheatha na
gcríostaidheadh. An dara feacht, as cúis na deighbheatha sin.
An treas feacht, as éifeachtuibh na deighbheatha sin, anna
bhfoillseócham beagnach na huile neithe anna réim féin dá
ndéntar anois a nEagluis chogthaigh Chríost ar nDia agus ar
Slánaightheóir.



Fínit an bhrolaigh.


L. 41


GO BHFUIL CREIDIOMH FÍOR ÉIGIN ANN.



Caib. 1.



Ionnas go ccuirmís coimhcheangal eidir na neithibh atá
romhuinn agus na neithe ar ar thráchtsam go so as na neithibh
adubhramar, as éigin go n-aidmheócha gach aon creideamh
éigin fíre do bheith ar an talamh ag druing éigin. As é ní ámh
as creideamh ann, adhradh oireamhnach dlighthear do Dhia
mar thús agus mar stiúraidhtheóir choitchionn na n-uile. Óir as
gnáth don n-uile éifeacht adhradh do thabhairt don chúis ó
ngeintear é, agá fhilleadh féin chuice, ag iompúdh uirre, dá
ísliughadh féin di, agus ag tairgsin bheith cosmhuil lé. Ní as ionann
agus onóir do thabhairt di, ionnus go bhfaghadh do ghnáth barr
foirbhtheachta uaithe. Ar an adhbhar sin ós é Dia as cúis
choitchionn do na huilibh, ó a bhfuil neamh, nádúir agus an n-uile
mhaith, as follas gurab éigin claonadh agus dúil nádúrtha do bheith
isan duine Dia do ghairm, ag iompúdh air, é féin d'ísliughadh
faoi, an mhéid gur féidir leis, bheith cosmhuil leis, agus barr
foirbhtheachta d'fhagháil uaidhe; as ionann amháin agus Dia
d'adhradh agus d'onórughadh. Agus do bhrígh nach éidir leis an
gclaonadh nádúrtha bheith díomhaoin, as éigin a admháil go
bhfuil creideamh éigin fíre ré fagháil a measg na ndaoineadh.



An duine iomorro, do bhrígh gurab ainmhidhe résúnta é agá
bhfuil toil shaor, atá claon ó nádúir dochum Dé d'adhradh agus
d'onórughadh, mar gach éifeacht dá chúis. Agus do bhrígh
dámadh ar a shon amháin dorachadh na daoine ar seachrán
go meathann an résún nádúrtha a n-iomad, ionnus nach
bhfaghthaoi adhradh fíre go fóill do Dhia, as éigin go ttóigébhthar
an cúram atá ag Dia a ttimcheall na ndaoineadh, an tráth nach
bí beann aige orra isan ní as mó atá 'na roiriachtanus orra agus
as nádúrtha dháibh, .i. adhradh fíre Dé tré a tteagmhuid dochum
a gcríche, do mhúnadh dháibh. Sa chonntráir do chruthaigheamar
san chéidleabhar.



Mar an gcédna an tan gur feas dúinn an uile aicme daoineadh
san n-uile aimsir dá ttáinic gusan am so bheith tugtha d'adhradh
Dé, bíodh gurab go hégsamhuil, as cinnte gurab ó nádúir dobhí
an dúil sin aca. Óir as ní nádúrtha, amhuil adubhramar cheana,


L. 42


an ní oireas don n-uile san n-uile aimsir. Ar an adhbhar sin
muna mbeith adhradh fíre éigin Dé ar an tsaoghal, as éigin gurab
díomhaoin an claonadh nádúrtha sa an duine an tan nárbh
fhéidir leis teacht dochum a chríche. As a leanfadh nísa mhó
do chúram do bheith ag Dia fá na créatúiribh mírésúnta iná
fá an duine atá 'na chréatúir résúnta.



Ós chionn so, an tan go ndoirteann gach uile chúis, an
mhéid gur féidir, a maith féin agus a foirbhtheacht ar an éifeacht
geintear uaithe, agus go ndéin a díthchioll ar an uile mhodh, an
mhéid go mbí glacthach air, a dhénamh cosmhuil ré féin agus a
tharruing chuice, gan chonntabhairt, ós é Dia an ardmhaith agus
cédchúis na n-uile, atá aire aige ar fhoirbhtheacht na ndaoineadh,
ar son ar orduigh agus a ndearna na huile neithe nádúrtha. Dá
bhrígh (sin) ós í foirbhtheacht fhíre an duine é féin d'ísliughadh
do Dhia agus a adhradh, ní bheanas go mórmhór leis an gcreidiomh,
as riachtanus creideamh éigin fíre do bheith ar an saoghal.



GO MBÍ ADHRADH DÉ AR DHÁ MHODH.



Caib. 2.



Do bhrígh gur féidir leis na daoinibh Dia d'adhradh ar dhá
mhodh, .i. ó spioraid agus ó chorp, as cóir dhúinn dá réir sin a
rádha go bhfuilid dhá adhradh ann, .i. adhradh innmheadhónach
agus adhradh foirimleach. As é as adhradh innmheadhónach ann,
an t-adhradh do-níthear dho Dhia ré hoibrioghadh na tuigse
agus na toile. Agus as é as adhradh foirimleach ann, an t-adhradh
do-níthear dhó re hoificc an choirp, re ceremonias agus re sácrafísibh.
Dá bhrígh sin ós ar son na foirme bhíos an t-adhbhar, ní
conntabhairt d'aoinneach gurab ar son an adhraidh innmheadhónaigh
bhíos an t-adhradh foirimleach, gurab chuige hordaighear
é agus gurab dó fhoghnas agus do-ní seirbhís.



As é ní adeirmíd bheith 'na adhradh fíre innmheadhónach
Dé, an bheatha fhírénta dhíreach fhoirbhthe bhíos ag an duine
innmheadhónach ré ttugann onóir mhór do Dhia. Óir ní bhfuil
modh as mó a n-onóraighthear an chúis iná óna héifeacht do


L. 43


bheith foirbhthe, mar as follas ar an lucht ceirde fionntar amháin
a gcríochnughadh a n-oibre go foirbhthe. Ní féidir ámh éifeacht
d'fhagháil as foirbhthe nó as uaisle iná an duine, agus ní bhfuil
dá fhoirbhthe dá mbiaidh an duine nach móide bhéras onóir
dá chúis, .i. do Dhia. Ní bhfuil iomorro dá naomhthacht dá
mbiaidh nach móide bhias foirbhthe; óir as í an naomhthacht
foirbhtheacht an duine innmheadhónuigh, agus as lé foirbhthighear
an duine go hiomlán. Ar an adhbhar sin as a ndeighbheatha
fhoirbhthe do bheith ag an duine do-bheir onóir do Dhia. Agus
mar sin as é adhradh fíre iomlán Dé beatha fhoirbhthe an
deaghdhuine agus na hoibreacha do-ní ar son Dé.



Mar an ccédna ní headh amháin go ttugmaoid onóir agus adhradh
do Dhia ar a shon féin amháin acht fós ionnus go bhfaghmaois
saidhbhreas, sonus agus gach ní eile agá mbí feidhm aguinn leis
uaidhe. As slighe ámh, as meadhón agus as ullmhughadh dochum
na neithe si d'fhagháil, Dia dh'adhradh go fíre. Ar an adhbhar
sin ós follas gurab fearr mar ullmhughadh don duine dochum
an tsonuis agus na maitheasa sa d'fhagháil ó Dhia deighbheatha
do bheith aige iná re ceremonias agus ré sacrafís d'ofráil, as follas
gurab í deighbheatha dhíreach an duine as adhradh fíre do Dhia.



Arís, do bhrígh nach corp Dia acht gníomh fíre agus spiorad, as
mó thig an duine dochum bheith cosmhuil leis re díorchacht agus
re glaine an chroidhe iná ré hoibriughadh foirimleach, agus mar sin
as fearr agus as foirbhthe hadharthar Dia ón spioruid iná ón corp.
Óir as spiorad Dia, as éigin an drong adhras é a adhradh i
spioruid agus a bhfírinne.



NACH ÉIDIR BEATHA d'FHAGHÁIL AS FEARR INÁ
AN BHEATHA CHRÍOSTAIDHE.



Caib. 3.



Ní féidir go deimhin beatha d'fhagháil iná do smuaineadh as
fearr agus as naomhtha iná an bheatha chríostaidhe. Óir eidir an
n-uile chinél anna mbí anam, an drong ag nach bhfuil acht anam
oileamhantach amháin, mar atáid crainn, clocha agus luibheanna,


L. 44


ní mó iná an céim as ísle agus as tarcuisnighe don bheatha atá aca.
Atá ámh difir agus eidirdhealughadh a n-iomad do chéimibh a
mbeatha na n-ainmhinnteadh, agus gach céim nísa fhoirbhthe iná
chéile. Óir as é céim beatha somhothaighthe as foirbhthe isna
hainmhinntibh, an céim as mó ruinn don tuigse shomhothaighthe.
Gidheadh, do bhrígh go sáraigheann an tuigse inntleachtach
an tuigse shomhothaightheach, do-bheirmíd céim nísa fhoirbhthe
don bheatha do na daoinibh iná do na hainmhinntibh brúideamhla.
Agus cuirmíd céimeanna égsamhla beatha isna daoinibh
féin do réir foirbhtheachta, ar son gurab ionann iad ina mbeith.
Óir measmaoid gurab uaisle agus gurab foirbhthe an céim oibrigheas
isna daoinibh ré stiúradh an résúin iná an céim thréigeas an
résún agus théid a bhfad ar seachrán, ag foghnamh agus ag oireamhuin
do na cédfadhuibh. Óir ní bhfuil dá fhad dá seachnuid an résún,
dá ndortadh féin ar an anntoil, nach lughaide agus sin ruinnid don
duine agus nach móide as cosmhuil iad leis (na) hainmhinntibh
brúideamhla. Gidheadh, an céim as mó leanas an résún, chuireas
é féin a n-oireamhuin dó agus chuibhrigheas an chuid shanntach,
as mó atá don duine aige iná don ainmhidhe brúidemhuil. Ar an
adhbhar sin ós uaisle onóraigh beatha an duine iná an ainmhidhe
bhrúideamhuil, as cinnte gurab í drong as dearsgnaighthe agus as
ordhraice a measg na ndaoineadh, an drong ar a mbí an résún
'na thighearna. Agus fós bí eidirdhealughadh eatorra sin ó na
céimibh do bheith égsamhuil inntibh. An tan iomorro gur mó
thig an tuigsi dochum foirbhtheachta ré smuaineadh agus ré grádh
fírinne na neithe spioratálta iná na neithe corpardha, go mórmhór
ré grádh na fírinne thuigeas ar Dhia, ní bhfuil dá mhéid dá
ttréigfe neach na neithe corpardha agus éireóchas a maodhughadh
agus a ngrádh na neithe spioratálta ndiadha nach móide thiocfas
a inntleacht chum foirbhtheachta agus bhias beatha nísa fhoirbhthe
aige. Gidheadh, as ní dochum a ttriallann go mórmhór an
bheatha chríostaidhe, dochum í féin do dhortadh go hiomlán
ar Dhia tré mhaodhughadh agus tré ghrádh, ionnus, iar ttréigean na
n-uile chréatúireadh spioradálta agus corpardha, go mbeith 'na
haoinspioraid maraon agus Dia. Ar an adhbhar sin ó nach éidir
beatha d'fhagháil as fearr iná an bheatha cheanglas an duine
réna thús agus réna chrích dhéighionaigh, as follas nach bhfuil


L. 45


beatha as fearr agus as ordhraice ar an saoghal sa iná an bheatha
chríostaidhe.



Arís, as amhlaidh meastar deighbheatha dhíreach do bheith
ag an duine, do réir mhodha an résúin. Ionnus nach bhfuil dá
résúnta dá mbí an bheatha nach móide bhíos meas maith uirre.
Dá bhrígh sin ó nach bí dúil ag na críostaidhibh fíre a ní ar bith
a n-aghaidh résúin, as éigin a admháil nach bhfuil beatha ar an
tsaoghal as fearr iná an bheatha chríostaidhe.



Mar an gcédna as dochum maodhughadh Dé thriallas deighbheatha
an duine agus as chuige hordaighthear í; ní iarras soineann
roifhíorghlan na hinntinne. Óir ní féidir don tí bhíos tugtha
do mhianuibh agus d'álgasuibh daonna bheith ullamh iná abaidh
dochum na neithe diadha do mhaodhughadh. Ní féidir ámh
beatha d'fhagháil as mó do-ní an duine saor glan ón n-uile
chathughadh iná an bheatha chríostaidhe, an tan go saothraigheann
go díthchiollach, iar ttréigean na n-uile, an duine
do uaimcheangal re Dia amháin. Ar an adhbhar sin ní bhfuil
beatha as uaisle, as fearr agus ordhraice iná í.



NACH ÉIDIR CRÍOCH DO SMUAINEADH AS FEARR INÁ
CRÍOCH DHÉIGHIONACH NA BEATHA CRÍOSTAIDHE.



Caib. 4.



Acht ionnas gur feirde d'fhoillseóchamaois nach éidir beatha
d'fhághuil as fearr iná an bheatha chríostaidhe, do bhrígh go
n-iarrthar dá ní go prionnsapálta dochum deighbheatha, .i.
críoch mhaith, agus comhthrom do bheith ag na meadhónuibh leis
an gcrích chédna, taisbénam ar tús nach bhfuil críoch ar a
ttriallann an bheatha dhaonna as fearr iná an chríoch ar a
ttriallann an bheatha chríostaidhe iná as mó atá oireamhnach
do résún. Dá éis sin cruthócham gurab rofhoirbhthe na slighthe
agus na meadhóin ghlacuid dochum na críche cédna agus go bhfuil
comhthrom romhaith eatorra agus í.



Do thaoibh na críche iomorro: as follas so do bheith 'na
fhírinne, óir atáid dhá chrích ag an duine, .i. an ní ar a mbí


L. 46


ag tarruing, agus sealbh nó gnóughadh an ní cédna. Dá bhrígh
sin ó nach éidir ní do smuaineadh as ordhraice agus as fearr iná
Dia, agus gurab é Dia as críoch do bheatha dhaonna na ccríostaidheadh
agus gurab ar a shon do-níd gach ní, as soilléir nach éidir
críoch d'fhághail as fearr iná an chríoch sa. Mar an gcédna
tairgidh an creideamh agus do-ní a uile dhíthchioll ar theacht a
radharc agus a seilbh Dé, ní trésna créatúiribh acht tré bheith -
gníomh as foirbhthe as éidir d'fhághuil. Dá bhrígh sin ó
ceangaltar an duine ré Dia tré radharc solasghlan d'fhagháil air
agus tréna shealbhughadh, coimhlíontar isan bhfoirbhtheacht
déighionaigh é, ar mhodh nach éidir leis ní ar bith eile do
shanntughadh ó sin amach, an tan go bhfuil Dia 'na mhaith
nach éidir maith as mó iná é do smuaineadh.



As follas iomorro ré résúnuibh roláidire gurab é radharc
solasghlan Dé as sén agus as sonas don chineadh daonna. Óir do
fhoillsigheamar cheana isan chéidleabhar nach éidir an duine
do shénadh iná do bheannughadh ar an mbeathaidh si. Dá
bhrígh sin ós eadh as sén agus as beannachadh don duine,
maodhughadh na fírinne, ní mó iná isan mbeathaidh eile as
beite dhó súil léna fhagháil. Gidheadh, dámadh a maodhughadh
na céidfhírinne tuigsighe-ní tréna gné dhíleas féin acht trésna
héifeachtuibh - chuirfemís críoch na beatha daonna isan saoghal
atá chugainn, as iomdha docamhal daingean dobheith inar
n-aghaidh. Ar tús, ní lér cionnus dob fhéidir an fonn nó an
t-álgus daonna do chomhnuidhe anna shamhuil so do mhaodhughadh.
Óir madh thuigeann an t-anam résúnta, iar sgaradh
leis an gcorp, éifeacht ní headh amháin na neithe adhbhardha
acht fós na neithe spioratálta agus na substainnteadh neamhadhbhardha,
ceachtar do dhá ní: as go foirbhthe thuigfeas iad nó
go míofhoirbhthe. Madh as go míofhoirbhthe, ní bhfuighe as
sin acht maodhughadh agus eólas míofhoirbhthe ar Dhia. Gidheadh,
ós gnáth don n-uile ní míofhoirbhthe dúil do bheith aige a
fhoirbhtheacht féin d'fhagháil, mar bhíos ag an adhbhar san
bhfoirm agus ag an mísgéimh san sgéimh, ní bá féidir leis an anam
ciúnas iná socracht d'fhagháil isan eólas míofhoirbhthe sin nach
sásaígheann é. Mar as follas ar dhíthchioll na ndaoineadh, sa
ttuigse nach gcomhnuidheann go bráth a n-eólas dorcha nó
míofhoirbhthe na neithe acht go ttairgid leis an uiriod sin


L. 47


saothair agus díthchill teacht go heólas solusta agus go tuigse fhoirbhthe
na neithe. Gidheadh, madh as tuigse agus eólas iomlán foirbhthe
do-ghébhas ar na héifeachtuibh sin, biaidh gan mhoill dúil agus
fonn air fios agus eólas a gcúisi d'fhagháil; óir atá ó nádúir fonn ag
an n-uile dhuine a bhfios; agus as é as fios ann, eólas d'fhághuil
ar chúis an ní. Ní féidir ámh an ní atá nádúrtha ag neach do
sgaradh leis. Gidheadh, ós luaithe an n-uile ghluasacht nádúrtha
anna dheireadh iná anna thús, ní bhfuil dá fhoirbhthe dá bhfuighe
neach eólas ar na héifeachtuibh nach móide as neartmhaire
bhias fonn air eólas d'fhagháil ar a gcúisibh. Ar an adhbhar
sin ní feas cionnus dob fhéidir fonn nádúrtha an duine do
chomhnuidhe go faicsin Dé dhó. Ní as éidir fós do dhearbhadh
leis an sompla so. Óir do-chímid nach éidir soghlacacht na tuigse
do líonadh ré ní ar bioth soichríochnaigh, óir ós cionn an n-uile
ní soichríochnaigh dá gcurthar roimh an tuigse, atá cumas aice
tuilleadh do ghlacadh. As uime sin, tar a cheann go gcuirfí
gach líne soichríochnuigh agus gach nuimhir shoichríochnuigh roimh
an tuigse, nach gcríochnuighthear go bráth an cumas atá aice
ar chur 'na cceann. Dá bhrígh sin ó atá leithead gach substainnte
dá bhfuil faoi Dhia soichríochnuigh, ní bá féidir ar n-inntleacht-ne
do shásadh nó go roichidh an tsubstaint dhiadha, nach éidir
d'iadhadh fá chrích, an tan gurab gníomh fíorghlan. Mar sin
ní féidir go résúnta críoch ar bith eile do thabhairt don bheatha
chríostaidhe acht an chríoch mhúineas ar gcreideamh-ne, .i.
radharc na beithe diadha. Óir as follusaighe iná an solas gurab
é Dia féin an chríoch dhéighionach ana gcomhnuigheann an
t-anam agus anna leagann seólta a inntleachta. Ní bhfuil iomorro
gluasacht nádúrtha ar bith nach ttriallann ar chrích dhéighionaigh
éigin, agus comhluath agus roicheas gusan gcrích, comhnuidhidh
an soghluaisteach. Ar an adhbhar sin ó nach éidir lé substaint ar
bith faoi Dhia fonn agus álgas an chroidhe dhaonna do chosg, adeirmíd
nach mó iná an uair do dhearcfas Dia aghaidh ar aghaidh choisgeas
sé go fíre agus chomhnuidheas. Óir do bhrígh nach bhfuil éinní as
mó iná Dia, ní féidir an duine do shásadh go hiomlán gan é, iná
a fhonn do chosg isna neithibh íochtaracha sa, ar an adhbhar go
ndéin neamhshuim dhíobh, do bhrígh nach bhfuil commóradh iná


L. 48


comhthrom ar bith ag an soichríochnaigh leis an doichríochnach,
agus do bhrígh nach bhfuil éinní a n-éifeacht ar bith nach
bhfaghthar nísa fhearr agus nísa ordhraice é isan gcédchúis; agus mar
sin ní theisdeóchaidh éinní uaidhe annar féidir dhó fonn nó
dúil do bheith aige, óir do-ghébhuidh ar n-inntleacht an uair
úd a huile fhoirbhtheacht go hiomlán, do bhrígh ó tóigébhthar í
gusan árdshothuigseach, ní bhfuil conntabhairt go ttuigfe go
huras na huile neithe sothuigse, dochum a mbí claonadh nádúrtha
aice. Bíodh iomorro go ttruailleann an somhothaightheach
ordhruic an cédfadh, ní hamhlaidh sin don tsothuigsioch ordhruic,
óir as eadh do-ní, barr foirbhtheachta agus bríogha do thabhairt
don tuigse.



Gidheadh, as iontuigthe, an tan go bhfuil Dia doichríochnaigh
agus taobh amuich d'ord nó do choigcrích na huile shubstainte, nach
éidir ar n-inntleacht-ne réna brígh iná réna cumas díleas féin
d'árdughadh go radharc na beithe diadha acht gurab riachtanus
dí congnamh agus ullmhughadh nuaidhe d'fhagháil, dá ngairid na
diadhaireadha solas na glóire, agus do dháileas nó dhoirteas Dia
ann gach anam fíorghlan, ré mbí soghlacthach ar a radharc féin.
Óir as gnáth Dia ag tabhairt furtachta do na riachtanasuibh,
an tan nach éidir éinní do thógbháil ós cionn a neirt nó a chumais
nádúrtha féin, muna ttuga Dia congnamh agus barr neirt dó. Ní
lór ámh ar aonchor brígh nó neart soluis nádúrtha na tuigse
dochum radhairc Dé do ghlacadh, do bhrígh nach ttairngeann a
brígh iná a neart féin í dochum gníomha sháraigheas a cumas
nádúrtha, mar atá radharc Dé arna chomóradh ré tuigse
chruthaighthe. Ar an adhbhar sin as riachtanus an bhrígh
thuigseach do mhédughadh ré hullmhughadh éigin nuadh do
ghlacadh, dá ngairmíd solus na glóire. As ar follas a fhírinnigh
agus a résúnta mheasas ar gcreideamh-ne críoch na beatha
críostaidhe, agus a réidhe sgaoileas gach snaidhm connspóide ré
a mbíd an drong mheasas a chonntráir so dá gcrádh. Mar sin
as cinnte nach éidir críoch dhéighionach do smuaineadha as
fearr, as ordhraice agus as résúnta iná an bheatha sheanmóras agus
choimhédas an creideamh críostaidhe.


L. 49


NACH BHFUIL MEADHÓN INÁ SLIGHE DOCHUM AN
TSÉIN SHÍORDHUIDHE AS FEARR INÁ AN BHEATHA
CHRÍOSTAIDHE.



Caib. 5.



As uras dúinn a fhoillsiughadh nach bhfuil slighe iná (meadhón)
dochum an tséin shíordhuidhe as fearr agus as diongmhálta iná an
bheatha chríostaidhe. Óir ní conntabhairt d'aoinneach go
ttig an duine dochum a chríche, .i. dochum an tséin shíordhuidhe,
lé meadhónuibh éigin, an tan nach déin Dia iná an nádúir éinní
go díomhaoin. As díomhaoin ámh adeirthear an ní do bheith
ré nach éidir theacht dochum na críche dár horduigheadh é.
Amhuil agus bá díomhaoin do neach brígh ghluasachtach do bheith
(aige) dá mbí d'easbhaidh na mball as riachtanus dochum
gluasachta. Ar an adhbhar sin ós ó nádúir shanntaighid na
daoine an beannachadh nó an sén síordhuidhe, go dearbhtha as
díomhaoin dáibh an fonn sin do bheith orra muna bhfuil meadhón
nó slighe ar bith aca ré teacht chuige. Dá bhrígh sin as
riachtanus slighe éigin nó meadhón do bheith tréar féidir don
duine teacht go radharc Dé. Agus adeirid na críostaidhthe gurab
é sin glaine an chroidhe agus na grása diadha doirtear ós cionn
nádúir isan anam, líonas é don n-uile shubháilce.



Ní féidir iomorro d'aoinneach a shénadh gurab í glaine an
chroidhe an meadhón tré a ngabhthar go maodhughadh na
céidfhírinne, do bhrígh gur riachtanus don chrích comhthrom
do bheith aice leis na meadhónuibh. Óir dochum eóluis Dé
d'fhághail, as riachtanus do neach bheith a ttáimhnéll agus gan ní
ar bith do mhothughadh iná do thuigsin, an tan gurab é an
t-eólas so Dé áirdeólas na neithe sothuigse agus atá taobh amuich
do na huile neithibh somhothaighthe. Uime sin as riachtanas
chuige, sgiúradh fíorghlan na tuigse - as ionann agus a hárdughadh
ó ghrádh agus ó chúram na neithe mothaightheacha go grádh agus go
tuigse na neithe ndofhaicsighthe. As é ámh as ní fíorghlan ann,
an ní nach bí arna chumasg leis an nádúir íochtaraigh. Ar an
adhbhar sin ó atá ar n-inntleacht-ne agus ar ttuigse sgartha
dealaighthe leis an ionstrumuint chorpardha, agus gurab substaint


L. 50


résúnta ar n-anam, ní bhfuil dá mhéid dá ttairngeann é féin ó
na neithibh corpardha agus cheanglas leis na neithibh diadha nach
móide agus sin bhíos sgiúrtha fíorghlan. Ní headh amháin go
leanann an creideamh críostaidhe agus go múineann gach ní dár
ordaighsiod na feallsaimh ar ghlaine an chroidhe, ar na
subháilcibh agus ar na deighbhésuibh, acht fós dofuair amach
teaguisg as rofhoirbhthe iná iad dochum an chroidhe do sgiúradh
agus do ghlanadh go ronaomhtha. Óir ní lór mar mheadhón dochum
na críche rémhráidhte d'fhághuil, an ghlaine chroidhe thuigid
na daoine go nádúrtha agus as éidir leó do bheith aca. Do bhrígh
amhuil nach n-éirgheann an t-uisge suas muna ngluaistear ré
ní éigin eile é, mar an ccédna ní féidir lé neach teacht go soiche
an (ní) sháraigheas a chumas nádúrtha gan congnamh d'fhághuil
ó ní éigin eile. Sáruighidh ámh radharc shubstainte Dé (mar
adubhramar san chaibidil roimhe so) tóruinn agus cumas nádúrtha
an n-uile chréatúir. Uime sin ós do réir chumais a shubstainte
féin thuigeas gach ní, ní lór brígh nó cumas díleas an duine
féin réna ghlanadh nó réna sgiúradh dochum na beithe diadha
d'fhaicsin muna bhfaghaidh congnamh ó Dhia féin. Dá bhrígh
sin ní lór dochum an tséin shíordhuidhe d'fhagháil, an díorchacht
bheatha ar ar thráchtadar na feallsaimh. As uime nach gan
adhbhar adeirid na críostaidhthe gurab riachtanus grása agus
subháilceadha dhoirteas Dia ós cionn nádúire isan anam, sa
chongnamh nach tteastuigheann go bráth ó aoinneach isna
neithibh as riachtanus dó dochum toigheacht go díreach gusan
gcrích anna mbí fonn aige agus dochum ar horduigheadh é. Ní
dob uras dúinn do chruthughadh ré iomad do résúnaibh dochlaoidhte
muna mbeith leisge oruinn bheith liosta agus gurab rún
dúinn an bheagobair si do dhénamh comhathchumair agus as éidir.
Óir measmaoid gur follas go soilléir do na huilibh nach ó ghrádh
iná ó ghallradh iná ó résún nádúrtha amháin iná ó oibriughadh
na bhflaitheas iná ó chréatúir spioratálta ar bith frémhaighthear
an bheatha chríostaidhe acht ó ghrásuibh Dé agus ó na tíodhlaicibh
dhoirteas ós cionn nádúire a n-anam gach aoin, ionnus nach
bhfuil meadhón iná slighe ré teacht go crích na beatha sa as
foirbhthe agus as diongmhálta iná an bheatha chríostaidhe. As a
leanann nach éidir beatha d'fhagháil iná do smuaineadh as fearr
agus as foirbhthe don n-uile thaoibh iná an bheatha chríostaidhe.


L. 51


GO MBEIRTHEAR NA DAOINE GO ROICHINNTE RIS
AN GCREIDEAMH CHRÍOSTAIDHE GUSAN SÉN SÍORDHUIDHE.



Caib. 6.



Ós éigin adhradh agus creideamh éigin fíre do bheith a measg
na ndaoineadh, mar dho dhearbhamar cheana, agus gurab a
ndíorchacht agus a bhfíréntacht na beatha choimhsheasas, ní anna
sáraigheann an creideamh críostaidhe an n-uile chreideamh
eile, as riachtanus a admháil go bhfuil roifhíor, agus go n-adharthar
Dia go roidhíreach roicheart leis go foirimleach agus go
hinnmheadhónach, óir do-ní adhradh foirimleach an chreidimh
chríostaidhe an t-adhradh innmheadhónach, nó ciallaighidh é.
Do bhrígh madh atá an t-adhradh innmheadhónach fíor, as
follas go gciallaigheann an t-adhradh foirimleach an fhírinne.
Ar an adhbhar sin ó choimhfhreagruid araon dá chéile, as adhradh
fíre an t-adhradh foirimleach, ar a ttráchtfam go foirleathan
'na dhiaidh so. Mar sin, ó adhramaoidne Dia ar tús ar a
shon féin agus na honóra dleaghair dhínn do thabhairt dó, arís,
dochum an tséin shíordhuidhe d'fhághuil uaidhe, leanaidh go
n-onóraighthear Dia go fíre leis na críostaidhthibh, go n-iarruid
an sén síordhuidhe air agus gur féidir leó teacht chuige fá dheóidh,
ar mhodh gurab cinnte don tí do-ní buaintseasamh ar feadh a
bheatha 'na dheighchríostaidhe, an sén neamhdha d'fhagháil
fá dheóidh ré gnóughadh ar feadh na síordhuídheachta. Arís,
ó tá cúram ag Dia fá na neithibh daonna, amhuil do fhoillsigheamar
thuas, agus gurab leis bheanas na neithe do dhíriughadh
agus do stiúradh dochum a gcríche tré mheadhónuibh oireamhnacha,
agus nach éidir meadhón d'fhagháil as diongmhálta dochum an
tséin neamhdha do ghnoughadh iná an bheatha chríostaidhe,
ní cóir d'aoinneach bhéras a bheatha go críostaidhe suas
conntabhairt do dhénamh go bhfuighe an sén sin ó Dhia.



Arís, muna ceadaightheach a dhiúltadh go bhfuil Dia ceart,
ní féidir do na críostaidhthibh choimhlíonas aitheanta Dé dhul
amugha. Óir Dia as cúis don n-uile agus ghluaisios na huile dochum
a gcríche; ceachtar dho dhá ní: do-bhéra sé dream éigin do na


L. 52


daoinibh gusan sén neamhdha, nó ní bhéra sé énduine chuige.
Ní féidir a rádha nach béra daoine éigin, óir muna mbeireadh,
as díomhaoin do bheith an duine ann ar chor ar bith. Madh
bheir aoindream chuige, as do na críostaidhthibh as ceart é, óir
as iad dream as fearr agus as foirbhthe don n-uile.



Óir dá gcailldís na críostaidhthe, sháraigheas go fada an chuid
eile don chineadh daonna a mbúidheacht, a gcreideamh agus a
naomhthacht, críoch an tséin shíordhuidhe, anna bhfuilid
comhsanntach agus sin, go dearbhtha ní cóir d'aoinneach nach
críostaidhe súil iná dóthchas do bheith aige theacht chuice, do
bhrígh mara bhfuil an ní as mó saoiltear bheith, ní bhfuil an
ní as lugha saoiltear bheith. As mó ámh meastar na críostaidhthe
do bheith glacmhach ar an sén neamhdha iná an chuid eile do
na daoinibh, do bhrígh, do réir mar as follas as a ndubhramar,
gurab iad as foicse dá ghlacadh. Ar an adhbhar sin atá tús ag
an adhradh agus ag an gcreideamh chríostaidhe ar an n-uile shórt
eile. Gidheadh, madh mheathann a ndóthchas ar na
críostaidhthibh annsa chreideamh sa, as éigin a rádha nach
bhfuil sén síordhuidhe ar bith ré fághail agus nach bhfuil ann acht
fábhall agus comadóireacht, an tan go bhfaicmíd isan nádúir an
uile ghníomh, muna gcurthar toirmeasg air, ag tarruing
foirme isteach do ghnáth isan adhbhar do-gheibh ullamh réidh go
maith. An sén síordhuidhe ámh, as é as críoch agus as foirm
dhéighionach don deighbheatha, agus ní bhfuil beatha as fearr atá
réidh ullamh chuige iná an bheatha chríostaidhe. Ar an adhbhar
sin muna ttugthar an sén sa, anna bhfuil an uiriod dúla aice,
don bheatha as fearr atá glacmhach air, go deimhin ní bhiaidh
sén ar bith ré fághail don duine; óir ní féidir leis, mar do
chruthaigheamar cheana, sén ar bith eile do bheith aige, agus mar
sin ní bhiaidh críoch dhéighionach ar bith ag an mbeathaidh si.
Fós, do leanfadh, an tan gurab í an chríoch as riaghuil do na
huile neithibh hordaighthear chuice féin, an duine do bheith 'na
ainmhidhe gan ord gan riaghuil ar bith, bheith nísa dhona iná
na huile, bheith 'na bheathaidh ó chinnemhuin agus bheith
dh'easbhaidh an uile choimhéid agus cúraim. Ní as gránna agus díthchéillidh
re rádha. Ar an adhbhar sin as í an bheatha chríostaidhe
tré adhradh agus tré chreideamh fíre, an slighe agus an meadhón
thriallas go díreach gan seachrán ar an sén síordhuidhe.


L. 53


GURAB MAITH AN COMHARDHA AR AN CCREIDEAMH
CHRÍOSTAIDHE DO BHEITH FÍOR GO MBÍ 'NA CHÚIS
BEATHA ROMHAITHE.



Caib. 7.



Do bhrígh gur fhoillsigheamar cheana an creideamh críostaidhe
do bheith fíor re résúnuibh do chuireamar síos as deighbheatha
fhoirbhthe fhírénta na ccríostaidhe, anois, dochum as ní cédna
do neartughadh, fécham créd as cúisi don bheathaidh si. As
é iomorro as cúis phrionnsapáilte dá samhuil so do bheathaidh,
creideamh Íosa Críost do crochadh, oibrigheas tré ghrádh agus tré
charthanacht, mar adeir an naoimhtheagasg: “As tré chreideamh
Íosa Críost atá fíréntacht Dé ag na huilibh agus ós cionn na n-uile
chreideas ann.” Arís, “As doidhénta d'aoinneach gan creideamh
taithneamhadh ré Dia.” As ré creideamh Chríost, oibrigheas
tré ghrádh, chreidmíd an Críost sin do crochadh bheith 'na
Dhia fíre agus 'na dhuine fhíre, 'na Mhac Dé, 'na aon leis an Athair
agus leis an Spiorad Naomh i nádúir agus dealaighthe leó ó phearsuin,
ghrádhaighmid ós na huilibh. Ar an adhbhar sin as é an
creideamh so go ngrádh ar Chríost as cúis don bheathaidh
rémhráidhte.



Óir teagasgaidh an t-eólas laéthamhuil dúinn gurab mar so
atá. Ní féidir ámh an ní atá rofhollas do dhiúltadh iná do
shénadh. Agus atá an ní so chomhfollas agus sin gur beag nach éidir
dhúinn a ghlacadh ré ar lámhuibh ní headh amháin a thuigsin.
Óir do-chímid an críostaidhe agus tuigmíd ré gnás gur do réir mar
théid ar a aghaidh a gcreideamh Chríost dothig a mbarr
foirbhtheachta agus díorchachta ina bheathaidh, agus nach bhfuil dá
mhéid dá ttéid ar gcúl ón gcreideamh chédna nach dá réir sin
chlaonas dochum droichbheatha, ar mhodh go meathann an
creideamh d'easbaidh na deighbheatha, agus an deighbheatha
d'easbaidh an chreidimh. Ar an adhbhar sin madh as lér dhúinn
isan mbeathaidh dhaonna a shamhuil so dh'éifeacht, as feasach
na daoine (ní go bog suarrach acht ré peiriacail agus guais mhóir
dháibh pféin agus do dhaoinibh eile fuaradar an t-eólas sin) do


L. 54


mharthuin ó theacht Chríost gusna haimsioruibh si, agus go
n-admhaoid na críostaidhthe é ós áird agus go seanmóraid, as
dleacht dúinne tráchtadh air agus a fhiafraighe tré iongnamh créd
as cúise dá chommór do ní. Amhuil na feallsaimh, iar bhfaicsin
éifeacht na neithe nádúrtha, mar dobhí a gcúise 'na n-ainbhfios
orra, do ghlac iongnamh iad, agus as an iongnamh sin do thionsgnadar
tráchtadh orra.



Ar tús, ní féidir don éifeacht bheith nísa fhoirbhthe iná a chúis,
do bhrígh (gurab) óna chúis atá a fhoirbhtheacht ag an n-uile
éifeacht. Ar an adhbhar sin madh as ó chreideamh Chríost atá
díorchacht agus fírinne na beatha críostaidhe, is foirbhthe iná gach
beatha, as doidhénta gan an creideamh féin do bheith fíor.
Madh atá an creideamh fíor, as éigin gur Dia fíre Críost, mar
dhearbhuid na críostaidhthe, agus gur fíor a adhradh agus a reacht.



Mar an gcédna as doidhénta an mhaith do shíoladh ón olc,
iná an fhírinne ón mbréig, óir ní héinní an t-olc an mhéid gurab
olc, iná (an) bhrég an mhéid gur brég. Ar an adhbhar sin dá
mbeith creideamh Chríost brégach agus a ghrádh go holc, go
dearbhtha ní uaidhe do shíolfadh fíréntacht agus díorchacht na
beathadh críostaidhe atá commaith agus sin.



Arís, dá mbeith creideamh Chríost fallsa, níorbh fhéidir
ainbhfios nó earráid bá mó d'fhagháil; óir a rádha gurab Dia
duine do crochadh, muna fíor, ní féidir mire as mó do mheas.
Ar an adhbhar sin ó atá an bheatha chríostaidhe rofhoirbhthe,
amhuil adubhramar cheana, cionnus as éidir foirbhtheacht agus
díorchacht beathadh comhmór lé do theacht ó mhóirearráid?
Óir as ó dhíorchacht na tuigse tig an n-uile ordughadh díreach
na beatha, agus as ó chaime agus ó sheachrán na tuigse tig an n-uile
chaime agus seachrán isna smuaintibh agus oibreachuibh daonna.



Ós a chionn sin ní bhfuil dá mhéid dá mbí an nádúir deaghullamh
nach móide bhíos glacmhach ar an bhfoirm as foirbhthe:
an fhírinne iomorro as foirm agus as foirbhtheacht dár ttuigsi-ne,
agus as é as ollmhughadh dhí dochum na fírinne do ghlacadh,
glaine agus soinionntacht an chroidhe. Uime sin ní bhfuil dá mhéid
dá mbí an duine glan ó fhonn na neithe ndaonna nach móide
bhíos ullamh dochum na fírinne do ghlacadh agus dochum na


L. 55


bréige do dhiúltadh. Do chruthaigheamar ámh cheana nach
éidir ullmhughadh d'fhagháil commaith ris an ngloine chroidhe
bhíos a ndeighchríostaidhe. Ar an adhbhar sin dá mbeith an
creideamh so fallsa brégach, go dearbhtha as doiche agus as soilléire
do-cífí sin do na críostaidhthibh iná do dhaoinibh eile ar bith.
Sa chontráir as lér dhúinn go follas. Óir ní bhfuil dá mhéid dá
naomhthar iad go laethamhuil nach móide dhearbhuid go
seasmhach an creideamh do bheith fíor, agus as (as) dul ar a
n-aghaidh san chreideamh médaighthear foirbhtheacht na beatha.
As ar follas nach éidir don chreideamh bheith fallsa iná brégach.



Arís, amhuil as é Dia, mar chédghluaisteóir agus mar chédchúis,
ghluaisios na huile agus gheineas na huile isna neithibh nádúrtha
agus corpardha, as mar an ccédna do-ní isna neithibh spioratálta.
As é iomorro ghluaisios an tuigse dhaonna dochum na fírinne.
Dá bhrígh sin ní conntabhairt d'aoinneach gur soilléire roinneas
Dia solas na fírinne ar an droing as fearr atá ullamh tré naomhthacht
a mbeatha, go mórmhór isna neithibh as riachtanus dáibh
dochum a slánaighthe, iná do dhaoinibh eile ar bith; amhuil agus
dá n-éirgheadh seachrán creidimh do na críostaidhthibh fíre
nach beith priuiléid ar bith grás aca seach na bpeacthach eile
acht go ttréigfí iad ina n-ainbhfios agus ina seachrán. Ní atá
rofhada ó mhórmhaith Dé, óna choimhéd agus óna chúram a
ttimcheall na ndaoineadh.



'Na cheann sin as í an chríoch as riaghail do na neithibh hordaighthear
dochum na críche féin. Uime sin ciabé pheacaigheas
isan gcrích, as éigin go bpeacaigheann isna neithibh
threóraigheas dochum na críche. Ar an adhbhar sin ó nach
bhfuil seachrán ar na críostaidhthibh isna neithibh bheanas leis
an gcrích, .i. a ndíorchacht agus a bhfíréntacht na beatha, acht go
sáraighid (go) fada na huile san chéim si, leanuidh mar an
gcédna nach bhfuil seachrán orra isan gcrích féin. Admhaoid ámh
na huile gurab é Críost go roichinnte as críoch dháibh, do bhrígh
go ttairgid bheith rochosmhail leis agus go ndénuid a n-uile
dhíthchioll ar theacht dá shealbhughadh agus dá ghnoughadh.
Agus mar sin as Dia fíre an tÍosa Críost sin do crochadh, do réir
mar adeirid na críostaidhthe.



Arís, as ordaighthe shiobhlas Dia isna huilibh. Uime sin,
ag dénamh na n-uile, stiúraidh go críonna na neithe íochtaracha
leis na neithibh uachtaracha, ionnus go ttugann cúise nísa uaisle


L. 56


do na héifeachtuibh as uaisle, an tan gurab riachtanas an chúis
do bheith do ghnáth nísa fhoirbhthe iná a héifeacht. Ní faghthar
ámh a measg na ndaoineadh éifeacht as ordhraice agus as uaisle
iná an bheatha chríostaidhe. Ar an adhbhar sin as éigin gurab
ó chúis ro-uasail dothig. Agus mar sin ó do-chímíd gurab ó Chríost
dothig go hiomlán, as éigin a admháil go bhfuil Críost 'na chúis
ro-uasuil.



Arís, as iad na dara cúise as ionstrumainnteadha don chédchúis.
Ar an adhbhar sin ós ó Chríost amhuil ó chúis shíolas an bheatha
chríostaidhe, as ionadmhaidhthe gurab é Críost an duine do
crochadh as ionstramuint don chédchúis dochum an mhóiréifeacht
ordhraic si na fíréntachta críostaidhe do shíoladh.
Gidheadh, muna mbeith Críost 'na Dhia, do réir mar do sheanmóir
sé féin, nírbh fhéidir duine d'fhagháil bá malaighthe, bá
measa agus bá hurchóidigh iná é. Agus mar sin do-dhénamh Dia
úsáid don ionnstrumuint bá roimheasa ar bith dochum éifeicht
beatha romhaithe do shíoladh; ní as roghránna ré rádha.



Mar an gcédna ní bhfuil dá mhéid dá mbí an t-éifeacht
cosmhuil léna chúis nach móide thig dochum bheith foirbhthe; óir
as ó bheith comhchosmhuil léna chúis atá aige bheith foirbhthe.
As follas ámh nach bhfuil dá mhéid dá leanann neach lorg
Chríost, nó dá bhfoillsigheann a chosmhuileacht ina bheathaidh,
nach móide bhíos naomhtha diadha. Ní nárbh fhéidir dho
bheith ar énchor muna mbeith Críost 'na Dhia fíre agus muna
mbeith a chreideamh roifhíor.



Arís, as as na héifeachtuibh thuigmíd na cúise, amhuil
thuigmíd an leigheas as díbeirt na heasláinte. An tan ámh
gur shaothraighiodar na feallsaimh comhdúthrachtach agus sin
riaghlacha na deighbheatha do thabhairt dúinn, gidheadh, go
bhfaicmíd gurab roibheag an sochar do-rinneadar a n-aimsir
fhada, agus nach ráinic ré nuimhir romhóir díobh, dá mhéid
díthchioll dá ndearnadar, an ní do dhénamh gan creideamh
Chríost, do-ní go tapaidh gasta an teagasg nó an reacht
críostaidhe a gcoimhthionól iomad gcreidmheach don n-uile
aicme dhaoineadh agus dá gach cinél, madh óg nó sean, feardha nó
bannda, do bhrígh madh as ar bhésuibh nó ar chreideamh


L. 57


tráchtar nach bhfuil cuimeas ar bith ag an reacht feallsach ris
an reacht chríostaidhe. Cá bhfuil iomorro ní as iongantaigh
iná nach bhfuil duine dá mhallaighthe, (nó) dhá choirbthe beatha
agus bésa (mar as follas dúinn ré sompladhuibh do-áirmhe do-chuaidh
thoruinn agus as feas dúinn go laéthamhuil) comhluath agus
fhilleas dáríribh ar an gCríost sa do crochadh, nach déin malairt
ar a bheatha, ar a bhésuibh, nach nglacann duine nuadh go
hiomlán 'na thimcheall, nach ttig ó bheith uaibhreach iomthnúdhach
go beith uirísiol grádhmhar, ó bheith sanntach
fuadaightheach go beith fial fairsing, ó bheith neimhgheanmnaigh
drúiseamhuil go beith óghdha geanmnaigh, agus, fá dheóidh, go
n-ibheann deoch sláiníce na subháilceadh a n-aghaidh gach
dubháilce dá raibhe ann, agus ré móirbhisioch san maith go nidheann
na hoilc do-chuaidh tairis agus go ttugann díoluidheacht inntibh;
ní nach dearna dream ar bith do na feallsuimh ariamh. Ar an
adhbhar sin as éigin go leanann gurab é Críost as cúis
phrionnsapálta nó ionstramuinnteach na beatha críostaidhe agus
gurab é leigheas diongmhálta na mbés agus na fírdheighbheatha
foirbhthe.



GURAB Ó DHIA ATÁ AN TEAGASG CRÍOSTAIDHE DÁ
NGREAMAIGHEANN AN CREIDEAMH.



Caib. 8.



Léghthóireacht an naoimhscreaptra, a éisteacht agus a mhídheamhuin,
as é as cúis don bheathaidh chríostaidhe agus as substaint
dár gcreideamh-ne. As í fós fírinne an scrioptúir as cosbóir
don chreideamh agus as fondamuint; dá bhrígh sin tar éis na
n-argumainteadh atá arna suidhioghadh ar chreideamh Chríost,
as ionchurtha na hargumainteadha agus na résúin tairngthear as
brígh an scrioptúir naomhtha.



Do chéidneithibh, atá a fhios aguinn nach bhfuil fírinne
chinnte ar na neithibh teagmhaisiocha atá chugainn ar nach
éidir ealadha iná fios do bheith. As uime sin do cinneadh leis
na feallsuimh dob ordhraice agus bá críonna dá raibh ariamh nárbh


L. 58


fhéidir dhúinne fios na neithe teagmhaisiocha atá chugainn do
bheith aguinn acht gurab lé Dia amháin bheanas go díleas a
bhfios. Dia ámh, do bhrígh go bhfuil síordhuidhe, comhchruinnigheidh
na huile réna shíordhuidheacht, agus atáid na huile
nochtaigh, follas dá shúilibh. Gidheadh, na daoine, nach bhfuil
amhlaidh sin, ní féidir leó réimhfhios na neithe teagmhaisiocha
atá ré teacht do bheith aca muna bhfoillsighidh Dia dháibh
iad. Ar an adhbhar sin ó do rémhfhoillsigh an sgrioptúir
naomhtha san n-uile áit, agus go mórmhór san tSein-Reacht, na
neithe teagmhaisiocha dobhí ré teacht agus bheanas ris an toil
shaoir ní headh amháin go generáilte acht go haonaránach, agus
ní headh amháin go ndearna fáisdine bliadhna nó dheich
mbliadhan acht do thairngir gach ní dá ttarla don chineadh
Iúdaidhe ar feadh ceathra míle bliadhan agus gach móirfhearta
dá ndearna Críost agus a Eagluis, agus ní headh sin amháin acht gach
ní sona nó daidhbhir dá ttarla beagnach do na huile chineadhachuibh
isna huile ríoghachtuibh dá raibh faoi na hAsíri, na
Caldei, na Peirsi, na Medi, na Grégaigh, na Rómhánaigh, agus
iomad násiún eile. Agus amhuil agus do réimhinnisiodh na neithe si
a bhfad d'aimsir sul do theagmhadaois, as mar sin go diongmhálta
do theagmhadh gach ní. Ar an adhbhar sin as riachtanus a
admháil gurab ó Dhia amháin atáid na naoimhscreaptra sa agus
nach ó dhíthchioll na ndaoineadh. Na neithe ámh do thairngir
agus nach ttáinic asteach go fóill, acht ré a bhfuil súil aguinn, as
cinnte dúinn go ttiocfuid, an tan go bhfaicmíd an fhírinne ag
dearsgnadh isna neithibh do-chuaidh thoruinn, mar go ttarla
gach ní go díreach do réir mar tairngireadh. Asarb uras dúinn
a thuigsin nach beag iná suarrach an cúram atá ag Dia uilechomhachtach
a ttimcheall na ndaoineadh iná an coimhéd atá
aige ar na neithibh daonna.



Arís, ós ag Dia amháin atá fios na neithe teagmhaisiocha atá
ré teacht, ní féidir re críonnacht iná ré gliocas dhuine ar bith
fearta, gníomhartha, cogtha agus cinneamhnacha égsamhla na
ndaoine do chórughadh iná d'ordughadh ar mhodh gomadh
comhardha iad ar na neithibh atá ré teacht, óir ní luighid fá
bhreith iná fá thoil an duine acht as gnáth a tteacht contrárdha
dá dhóthchas. Ar an adhbhar sin as ag Dia amháin atá a


L. 59


ordughadh na daoine do dhénamh neithe éigin do chiallóchadh
na neithe déntar isna haimsioruibh atá ré teacht. Do-chímíd
ámh isan sgrioptúir naomhtha nach bhfuil ní ar bith dár tráchtadh
isan Nuaidh-Reacht gó so iná dá ttráchtfaidhear ann féin iná
isan tSein-Reacht, nár tairngireadh iad go follas a bhfad sul
tángadar isteach.



Agus ní féidir a rádha go résúnta gurab ó na críostaidhthibh
atá na cialla sa ag an sgrioptúir agus gur chuiriodar a n-oireamhuin
dó iad do réir a ttola féin; óir níorbh fhéidir an n-aondacht agus
an coimhtheacht atá ag an tSein-Reacht ris an Nuaidh-Reacht
d'fhagháil ar feadh an uiriod sin d'égsamhlacht aimsioradh,
neithe, iomadamhlacht agus égcosmhuileacht ughdar, muna mbeith
tuigse éigin do shnadhmfadh ré chéile iad ann gach aimsir.
Ní féidir fós a rádha gurab go cinneamhnach do-rinneadh so,
an tan nach bhfuil éinní aimhréidh, éinní neimhchéillidh, éinní
buaidheartha ré fagháil ann, acht na huile, ón ní as mó gusan
ní as lugha, ag teacht ré chéile a n-aoinréim go ceart; agus an
ní bhíos dorcha a n-áit ann, gheibhthear go rofhollas a n-áit
eile é, ionnus dar leat go bhfosglann an sgrioptúir naomhtha é
féin san n-uile áit. Gidheadh, bíodh nach feasach so, nó nach
lér don druing atá a n-ainbhfios an sgrioptúir, ní hamhlaidh sin
theagmhas dá lucht sgrúdtha go diadha díthchiollach do ibh
deoch roimhilis as fíorthobar na fírinne. Uime sin an drong
réar mian fios na fírinne d'fhághail, ionnsuighdís an sgrioptúir
naomhtha go búidh uirísiol geanmnuigh glan, agus mar sin gan
chonntabhairt tiocfaid ar aoinmhéin linne.



Ar an adhbhar sin as leis an sgrioptúir si amháin bheanas an
míniughadh nó an ghluais dá ngairthear allegorica, do bhrígh
gurab é amháin do shil ó Dhia agus ón árdsholas neamhdha. An
tan ámh labhramaoid ar an ngluais si dá ngairthear allegorica,
ní ar mhíniughadh iná ar ghluais fhábhallaigh ar nós na bhfileadh
labhramaoid, acht ar an gcéill dhorcha agus leiteardha, óir ní hé
as inntinn dúinn isna sgéluibh agus isna seanfhocluibh na neithe
do chiallughadh thaisbénuid na briathra uatha féin, acht
amháin na neithe tuigthear tré choncéitibh faoi na briathruibh.
As é ní iomorro dá ngairmíd an chiall allegoricus, an chiall


L. 60


shoichreidthe agá mbí trí neithe, .i. ar tús, lom staire a
ndubhradh, a ndearnadh agus ar haithriseadh d'fhoillsiughadh
gan chumadóireacht do réir chéille na mbriathar. Aris, ní
éigin atá ré teacht do chiallughadh leis na neithibh do-rinneadh.
Fá dheóidh, gurab uime do-rinneadh na neithe sin féin, dochum
na neithe atá coimhcheanguilte ré chéile go romhaith do chur
a gcéill. As follas as na neithibh (si) nach féidir lé gliocas iná
healadhuin ar bith a shamhuil so dh'ord agus do choimhcheangal
d'fhidhe ré chéile acht gurab lé Dia amháin (sa chúram
dofhaisnéidhe a ttimcheall na neithe atá ré teacht nach mealltar)
as éidir a ndlúithfhidhe.



Arís, atá modh labhartha agus imtheachta an scrioptúir naomhtha
comhaonaránach agus sin nárbh fhéidir lé aoinneach eadruinn
riamh dá ordhraice agus dá chumusaigh san uile ealadhuin teacht
'na ghoire iná a choimhéd; óir as iad an drong amháin dár
deónaigheadh, leis an Spiorad Naomh dá dheachtughadh dháibh,
do mhínidh an modh sin. Agus bíodh gurab a n-aimsioruibh
égsamhla a bhfad ó chéile dobhádar an mhuinntir do sgríobh
air, agus go mbíodh dream aca nísa chumasaigh iná an chuid eile,
ar a shon sin níor malartuigheadh ar énchor gnáthmhodh
labhartha chomhráidh dhiadha an naoimhreachta; as comhardha
follas ar nach ní daonna é acht ní diadha.



Cruthaighe an t-éifeacht go mórmhór an ní. Óir as as an
éifeacht thuigmíd brígh na cúisi. Ní faghthar ámh ar an talamh
éifeacht as uaisle iná an bheatha chríostaidhe (do réir mar do
fhoillsigheamar cheana), ré nach éidir theacht ó chúis nádúrtha
ar bith acht ó thiodhlaicibh Dé. Ar an adhbhar sin ós é an
naoimhtheagasg sa an sgrioptúir as fondamaint fhoirtill don
bheatha chríostaidhe agus gurab ann choimhsheasas uile shubstaint
an chreidimh chríostaidhe, as follas nach éidir leis féin iná léna
mhodh labhartha bheith ó na daoinibh acht ó Dhia amháin.
Óir as follas dúinn gur beag an tarbha iná an sochar do-rinne
teagasg na ndaoineadh don chineadh dhaonna dochum a mbeatha
do thabhairt suas go deighbhésach beannaighthe. Do bhrígh
ria ndortadh an mhórsholuis so san saoghal go raibh an cineadh
daonna dá unfairt a ndomhuincheó dorcha na hoidhche;
gidheadh, iar ttéghadh ghaidhthe gréine an teaguisg apstalta agus iar
ndeallrughadh toirnighe a seanmóra, do cuireadh a neimhthní


L. 61


gach néll dorcha leis an solas so agus do soillsigheadh croidheadha agus
tuigse na ndaoineadh (dobhí múchta a n-aigén gach ainbhfis agus
gach seachráin ré dall ciach na gcionnta - oidhreacht d'fhágaibh
ar seanathair Ádhamh aguinn) ré deallradh iongantach na
soininne agus na fírinne.



Acht ionnus nach sénadh aoinneach na neithe do-chuaidh
thoruinn, filleam sealad ar shompladhuibh muinnteardha. As
feasach iomorro sinn gur mó soillsighear, gur mó ar ndúil agus ar
ttaithneamh agus gur mó feacthar agus claontar inn leis an teagasg
sa an naoimhreachta agus léna mhodh iná lé teagasg eile ar bith.
Dá bhrígh sin ó do fhilliodar seanmóntaidh na haimsire si ar
chomhráidhtibh feallsamhanta agus ar órnáid labhartha na retoraice,
iar ttréigean an naoimhtheaguisg si, as fírbheag an tarbha iná
sochar do-rinneadar isna puibleachuibh; gidheadh, roimhe sin
an tan do chleachtdaois seanmóir shimplidhe do dhénamh don
phobal agus dobhídís deóntach lé teagasg agus lé ráidhtibh an
naoimhscrioptúir go lasadaois na puibleacha ré solas iongantach
na fírinne, ar mhodh go mbídís ag iolgháirdiughadh ré gach
cor dá ccuireadh Dia dhíobh, dámadh sódh nó anródh é, agus go
ngríosdaois iad dochum a mbeatha do thabhairt suas go
deighbhésach maith beannaighthe.



As feasach Dia nach eadh amháin nach ttugann an pobal
cluas nó aire acht fós gur minic bhíos míofhoighid orra, agus sin
nísa mhionca ar an aos foghlomtha, bheith ag éisteacht leis na
seanmóntuibh bhíos ag eitill ar theagasguibh caolchúiseacha na
bhfeallsamh agus ar óirbhriathruibh na heagna daonna, ag iarraidh
duibheacáin an naoimhreachta d'fhoillsiughadh do dhaoinibh
leathfhoghlamtha an tsaoghuil si. Gidheadh, comhluath agus fhillid
ar mhórdhacht an naoimhreachta, madh as ag míniughadh chiall
n-égsamhuil nó ag aithris a starrthach, go mbí a chluas a n-áirde
ag gach aon comhaireach agus sin ag éisteacht leó, agus nach ttógbhuid
a súil díobh an feadh ghreamuighid an naoimhtheagasg sin.



Óir ní bhfuil ní as mó do-bheir taitneamh do na daoinibh,
chuireas sólás orra, do-bheir solas na fírinne dháibh, agus do-bheir
fá-deara dóibh a mbeatha do leasughadh iná míniughadh agus
ráidhte an sgrioptúir naomhtha. Ionnas nach bí dúil nó fonn


L. 62


aca a seanmóir, a tteagasg iná a léighionn ar bith eile do chlos
iná d'éisteacht acht é, go háiridhe an drong dhiúltas do na
hainmianuibh talmhuidhe agus léna mian dhul ar a n-aghaidh san
maith. Agus as mar sin dobhí anall-ód an tráth dobhí an creideamh
Catoilce fána úrbhláth ar feadh na Naoimh-Eagluisi.



Ag so go deimhin an naoimhtheagasg úd as faobhraighe iná
gach claoidheamh dófhaobhrach; as é do óraigh an chruinne go
huilidhe do shubháilcibh, as é do theilg bun ós cionn altóra
mallaighthe na ndeamhan, do chuir an t-iodhaladhradh ar gcúl,
agus iar sgrios seachrán dofhaisnéidhe, do-rinne iliomad móirmhíorbhuileadh
ar feadh na cruinne go coitchionn. Laibheóram do
dheóin Dé ar so 'na dhiaidh so.



Ós a chionn so ní bhfuil dá fheabhas dá mbí ar ttuigse glan
sgiúrtha nach móide agus sin bhíos glacmhach ar an bhfírinne. As
uime sin nach eadh amháin gur sgríobhsad na hinntleachta
dob oirdhearca agus bá glaine a measg na ndaoineadh an naoimhtheagasg
sa, acht dá admháil léna seanmóir, léna mbeathaidh
agus léna mbésuibh gur thoirbhirsiod a mbeatha agus a bhfuil go
neimhmeirtneach neimhchritheaglach dá chosnamh. Ní go
deimhin nach déindís muna mbeith a fhírinne follas dá súilibh
agus soghlacmhach beagnach dá lámhuibh.



Mar an gcédna bí coimhtheacht ag an bhfíor leis an bhfíor agus
neimhtheacht ag na huilibh leis an mbréig. Ní bhfuil ámh
neimhtheacht ag na teagasguibh eile leis an naoimhtheagasg so
aguinne, acht foghnuid dó, ar mhodh gur thaisbénadar daoine
rofhoghlamtha roi-eólghasach ann gach ealadhuin nach bhfuil
neimhtheacht iná conntrárdhacht ag aonchuid don fheallsamh
leis acht go bhfoghnann dó go ro-oireamhnach. Ionnus go
gceadaighthear do na críostaidhthibh na healadhnacha eile
d'fhoghluim; ní nach bhfuileóntaoi ar énchor dá ndéindís urchóid
don chreideamh Chatoilce. As fíor nach ndeónaighthear dháibh
ealadhnacha áiridhe (acht nach dleaghuid an t-ainm sin) mar
atá piseóga, aidhbhirseóracht, geasadóireacht agus nélladóireacht,
d'fhoghluim, do bhrígh nach ealadhnacha iad acht teagasg tig


L. 63


ón diabhal ré cách do mhealladh, agus mar sin nárbh áil leis na
feallsaimh ordhraice tráchtadh orra iná a n-áireamh a measg na
n-ealadhnacha cneasta eile, agus fós gur damnaigheadh iad mar
neithe coirbthe leis an Naoimh-Eagluis, ar mhódh nach bhfaghthar
daoine ar bith do-bheir aire dháibh, amháin mná beaga gan
chéill gan insgne, nó daoine do-rinne neamhshuim dá n-anam agus
tug iad féin ar dhoirn an diabhail. Dá mbeith ní ar bith isan
bhfeallsamh do measfaoi bheith conntrárdha dhúinne, fuasglaid
ar n-aois foghlamtha é comhsoilléir agus sin, ionnas (gurab follus)
an fheallsa go hiomlán do fhoghnamh amhuil cailín coimhideachta
nó banóglach do naoimhtheagasg an sgrioptúir naomhtha. Óir as
comhardha diongmhálta ar an bhfírinne fuasgladh agus réidhteach
uras gach cruaidhcheasta.



As do nádúir fós na fírinne nach bhfuil dá mhéid dá bhfuighe
cur 'na haghaidh, madh bhíonn fear a cosanta aice, nach móide
agus sin thig sí dochum solais agus thaisbénas í féin. Ar an adhbhar
sin ós í an fhírinne as cosbóir don tuigsi, as éigin go mbí claonadh
nádúrtha aice chuice, mar as í as foirbhtheacht dhíleas dí. Dá
bhrígh sin ní bhfuil dá mhéid dá ttig an fhírinne dochum soluis
nach móide agus sin bhíos álgas agus fonn ag an tuigse chuice. Ní
bhfuil ámh uair as mó foillsighear an fhírinne iná an uair as
cruaidhe do-gheibh chathughadh 'na haghaidh; óir saoraidh
sí féin í féin a n-aimsir an chomhluinn. Ar an adhbhar sin ó
nárbh fhéidir lé hairdfheallsaimh ordhraice agus lé tíoránachuibh
cruadhálachuibh dá gcumasaigh an naoimhtheagasg críostaidhe
si an sgrioptúir naomhtha do chlaoidh réna gcruadhchomhracuibh,
mar dhearbhas nuimhir dhoichríochnaigh screaptradh
na ccríostaidhthe, as éigin a rádha gurab ó Dhia féin do
síoladh é mar ní roifhíor. Óir mun budh eadh, nírbh fhéidir
nach ttuitfeamh a gcomhlann éigin dá ndearnadh go dúr
díbhfeargach 'na aghaidh, agus ní mhairfeadh combuan agus so ó
aimsir Chríost gan claochlódh gan tuisleadh ar feadh na
Naoimh-Eagluisi.


L. 64


GO NDEARBHUID URNAIGHTHE AGUS MAODHUGHADH
NA CCRÍOSTAIDHTHE AN CREIDEAMH CATOILCE DO
BHEITH FÍOR.



Caib. 9.



Amhuil as é an creideamh, léghtheóireacht an scrioptúir
naomhtha, a éisteacht agus a mhídheamhuin, as tús agus as tobar
don bheatha chríostaidhe, mar an gcédna as í an urnaighthe
ní as fearr a measg na neithe oileas an bheatha sa agus do-bheir
fás nó foirbhtheacht di. Óir as follas dúinn re úsáid aimsire
rofhaide an mhéid chleachtas an urnaighthe gan sgís d'éirghe
go céim ro-árd foirbhtheachta agus naomhthachta, agus an mhéid
bhíos ag dul ar a n-aghaidh, do ghnáithchleachtadh na
hurnaighthe, agus go bhfaghaid toil commór agus sin a nDia réna
samhuil so d'urnaighthe agus do mhaodhughadh diadha go
ndénuid neamhshuim agus tarcuisne do na huile neithibh anna
mbí dúil ag na daoinibh amhuil neithe uirísle díomhaoine.
Agus (ní) do dhaoinibh annamha eagnuidhe amháin atá so coitchionn
acht do dhaoinibh simplidhe aineólacha, d'fhearuibh agus do mhnáibh
agus don n-uile do fhoghluim a mbeatha do thabhairt suas go
críostaidhe catoilce. Ionnus gurab uras dúinn as an éifeacht
sa fírinne ar gcreidimh do dhearbhadh.



Ar tús, ó atá Dia 'na ghníomh fhíorghlan, 'na chéidfhírinne agus
'na sholas dofhaisnéidhe, ní bhfuil dá fhoicse dá rachaidh neach
dhó nach móide agus sin bhias rannphártach don fhíorghlaine, don
fhírinne agus don tsolas neamhdha. Ní dhruid an duine ámh a bhfogas
do Dhia ré céimnioghadh a choirp acht ré fíorghlaine a bheatha,
ré hárdughadh a inntinne agus re maodhughadh na fírinne. Ar an
adhbhar sin ó nach éidir beatha do bheith as niamhdha agus as
fíorghlaine iná an bheatha chríostaidhe, agus nach bí inntinn nó
tuigse an duine roghlan roisgiúrtha acht an tan amháin
fuaduighthear í suas go flaitheamhnas ris an maodhughadh
ndiadha, leanaidh go follas gurab a ngníomh na hurnaighthe agus
an mhaodhughaidh bhíos an duine go mórmhór cumasach ar an
bhfírinne agus ar an tsolas diadha. An tan iomorro go bhfaicmíd
ré neart agus ré brígh na hurnaighthe na críostaidhthe ar lasadh
dá ndaingniughadh a gcreideamh agus a ngrádh Chríost agus ag dénamh


L. 65


bisigh isna subháilcibh, as riachtanus a admháil gurab é an
solas agus an fhírinne dhiadha as creideamh do na críostaidhthibh.



Mar as gcédna ó atá óna nádúir féin ag an tuigsi dúil do bheith
aice isan bhfírinne agus fuath ar an mbréig, ní bhí ullmhughadh
dheaghdhuine ar bith nísa fhoicse don fhírinne do ghlacadh agus
dochum na bréige do sheachna iná a ngníomh na hurnaighthe.
Agus as annsin go mórmhór, mar adubhramar cheana, fháisgeas sí
an creideamh lé. As a leanann nach éidir don chreideamh bheith
brégach ar aonchor.



Arís, as trésan Íosa Críost úd do crochadh ghuidhid na huile
chríostaidhthe Dia, óir as gnáth leó na briathra so do chur a
ndeireadh gach óráide nó urnaighthe dá ndénuid, .i. tré ar tTighearna
Íosa Chríost, nó, tré Chríost ar tTighearna; agus do-gheibhid ó
Dhia ar an modh sa neithe romhóra agus neithe fós doichreidthe.
Gidheadh, dá mbeith aoinneach nach gcreidfeadh so, go háiridhe
as éigin dó a admháil, mar as follas go laethamhuil agus a fhiadhnuisi
ar an tsaoghal, go bhfaghuid na neithe as prionnsapálta as mian
leó, mar atá foirbhtheacht agus maith na beatha agus sólás fíre dá
ttuigse, ionnus go ttugaid do roghuin a ndeóra aithrighe do
sheileadh roimh aoibhneas agus antoil an tsaoghail go léir. Go
fírinneach, muna mbeith Íosa Críost 'na Dhia, mar adeir an
creideamh, níorbh fhéidir leó a suininn comhmór agus sin agus a bhfoicsi
don tsolas bheith dhá múchadh a nduibhnélluibh dorcha an
tseachráin, agus ní mó d'fhuileóngadh Dia a mealladh coimhleamh
agus sin, nó go háiridhe ní éistfeadh leó agus iad comhdaingion agus
coimhseasmhach agus sin anna n-eithricceacht.



Arís, as gnáth don uile chúis ullmhaigheas adhbhar éigin
dochum foirme do ghlacadh go ttugand an fhoirm asteach isan
adhbhar comhluath agus bhíos lánullamh; óir ní uillmheóchadh an
t-adhbhar ar aonchor muna (mbeith) rún aige an fhoirm do
tharraing ann; agus ní mó chorraigheas gluaisteóir ar bith a
shoghluaisteach gan críoch éigin do bheith roimhe. Mar sin,
an fírén, ní féidir a thógbháil suas ag dénamh urnaighthe dochum
Dé muna gcorraighidh Dia, as cédchúis do na huilibh, agus muna
ttairngidh é dochum na hurnaighthe. Dá bhrígh sin ós é an
sén síordhuidhe as críoch don deighbheatha agus don urnaighthe,
ní tharróngadh Dia an duine dochum na deighbheatha agus na
hurnaighthe muna mbeith rún aige an sén síordhuidhe sin do


L. 66


thabhairt dó. Ar an adhbhar sin madh daingnighthear an
críostaidhe a gcreideamh agus a maodhughadh Chríost commór agus
téid ar a aghaidh ina bheathaidh agus ina urnaighthe, ní féidir leis
an gcreideamh sin bheith acht ó Dhia, tré a ttreóraigheann na
daoine gusan naoimhshén síordhuidhe, do mhaodhughadh agus
do ghrinndearcadh a Dhiaghnúisi go biothbhuan.



Arís, as gnáth don n-uile chúis a héifeacht féin d'éisteacht
(más comhrádh díleas ré rádha); agus as í as itche don éifeacht an
fhoirbhtheacht dhíleas dleaghar dhó agus iarrus ar an gcúis an tan
bhíos lánullamh dochum a glactha. Annsin muna gcurthar
toirmeasg ar an gcúis, doirtidh gan mhoill an fhoirbhtheacht
isan éifeacht do réir mar dho-gheibh ullamh é; ní dothig óna
maith agus óna réidhteach; óir as do nádúir na maithe bheith
dórtmhach uirre féin. Ar an adhbhar sin ó atá Dia 'na árdmhaith
dhochuimsigh, gan chonntabhairt as luaithe éistfeas a éifeachta
féin iná na huile chúisi eile, go mórmhór na héifeachta do-gheibh
ullamh go romhaith dochum na ngrás do ghlacadh; agus as iad
sin na críostaidhthe (mar adubhramar cheana go meinic), go
mórmhór a n-aimsir na hurnaighthe agus an mhaodhughaidh.
Óir ní bhfuil ní as díthchiollaigh iarruid ar Dhia iná eólas na
fírinne, do réir an rádha úd an ríoghfháidhe: “Ionshorchaidh
mo shúile, ionnus nach ccodluinn go bráth isan mbás.” Agus mar
sin ní chailleand Dia a ndóthchas orra. Ní bhfuil ámh dá mhéid
dá ndénuid an urnaighthe nach móide agus sin daingnighthear iad
isan gcreideamh. Ar an adhbhar sin atá ar résúin-ne daingean
doibhriste.



Fá dheóidh, muna mbeith Críost 'na Dhia fíre, ní bheith
naomhaithis, blaisbhéim iná mallughadh bá mó iná a chreideamh
agus admháil go mbeith 'na Dhia fíre. Madh ghuidhid na
críostaidhthe Dia an tAthair tré Chríost, chreidid bheith 'na
aon a nádúir leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh, cionnus
fhuilngeas Dia seachrán comhmór agus sin do ghlacadh go
mídheaghmhaisioch as ainbhfios agus as simplidheacht, agus nach
ttugann furtacht do réir a ghnáthmhaitheasa agus a bhúidheachta
don druing atá dá ghuidhe agus atá ag iarraidh fóirighne air tré
fhonn a n-uile chroidhe? Nó madh as coir orra a ndaingne agus a


L. 67


seasmhaighe ina gcreideamh, cionnus fhuilngeas coir ghortaidhthe
na mórdhachta diadha gan smachtughadh gan díoghaltas?
Nó go háiridhe créd fá mbí (mar do-chímid) fabharthach
don earráid si agus don mhallughadh coirbthe, ag dáileadh iliomad
do throimthiodhlaicibh mórluaighe ar an droing si agus dá
n-éisteacht comhbúidh agus sin?



Mar an gcédna ar n-anam, bí sólásach lúthgháireach leis an
bhfírinne agus bí buaidheartha athamhalta leis an mbréig, agus ní
féidir leis ar énmhodh ciúnas iná socracht d'fhághuil innte.
Ar an adhbhar sin madh atá creideamh Chríost fallsa brégach agus
nach éidir drochghnás as gráince agus as mallaighthe iná é d'fhagháil,
cionnas dorachdaois nuimhir dho-áirmhe dhaoineadh, go
mórmhór d'fhírénuibh agus d'eagnaidhibh, ar a n-aghaidh comhfada
agus sin a maodhughadh an Chríost sa do crochadh nach eadh
amháin go ttarcuisnighid na huile neithe daonna ar a shon acht
go bhfuilngid gorta, saothar, duadh, annró, teas, fuacht, masla,
míomhodh, tár, tarcuisne, bagar, boirbbriathra, sgiúrsadha,
sgoráil, pianta, príosúin, gach ísbirt agus gach feólchumadh dá
chruadálaigh, agus, fá dheóidh, an bás ní headh (amháin) go
meanmnach móraigeantach acht fós an tan nach tteagmhuid
so dháibh go mbíd ar lasadh d'fhonn a bhfaghála? Go dearbhtha
ní féidir nach bhfuil lámh láidir ag Dia isan gcúis i.



GO NDEARBHANN ADHRADH FOIRIMLEACH NA
CCRÍOSTAIDHTHE AN CREIDEAMH DO BHEITH FÍOR.



Caib. 10.



Do fhoillsigheamar cheana as cúisibh prionnsapálta na
beathadh críostaidhe, .i. as an gcreideamh, as freacar an
scrioptúir naomhtha agus as an urnaighthe, ó ngeintear, ó n-oiltear,
ó médaighthear agus ó bhfoirbhthighear an bheatha chédna, ar
gcreideamh féin do bheith roifhíor, d'easbhaidh an n-uile
fhallsachta agus bréige. Agus as iad na cúisi rémhráidhte (si) as


L. 68


cúisi innmheadhónacha dhi. Anois ámh siobhólam ar na
cúisibh foirimleacha mar neithe do-bheir congnamh agus do-ní
foghnamh do na cúisibh innmheadhónacha; agus as iad sin na
sácramuinteadha agus na cerimonias hordaighthear a ttimcheall
na sácramuinteadha; óir as lé hadhradh foirimleach an chreidimh
chríostaidhe bheanuid go huilidhe. Agus dochum gan bheith liosta
ag tráchtadh ar gach aon díobh fá leith, cruinneócham a gceann
a chéile iad go hiomlán mar aonchorp dénta d'iomad ball. An
tan gurab dochum na sacramuinteadh atáid na huile cerimonias,
agus na sácramuinnteadha féin dochum aontsacramainte prionsapáilte
amháin, .i. go Naomhshácramuint na haltóra, as éidir a
rádha go céillidhe gurab aoinní amháin iad.



Do-chímid iomorro bisioch adhbhal caoindúthrachta agus naomhthachta
dá dhénamh ag na críostaidhthibh choimhlíonas go ceart
cubhaidh an t-adhradh so. Óir as feasach sinn ó thús ar gcreidimh
féin gusna haimsioruibh si, as arguibh, as fiaghnuisibh agus as
sompladhuibh na n-aithreach seana agus óga, lucht freacartha an
adhraidh si go ceart iochtmhar, agus lucht miniostrálta na sacramuinteadh,
nó ghlacas iad, do chruinniughadh foirbhtheachta móire
nach raibh aca cheana agus teacht go céim ro-iongantach a naomhthacht
agus a bhfíréntacht. (Ní) féidir ámh drong d'fhagháil as
urchóidighe agus as coirbthe iná an drong thathaigheas iad gan an
creideamh iná an crábhadh. Agus dochum gan labhairt ar sheanshompladhuibh,
as léir dhúinn go solasghlan nach bhfuil dream as
fearr, as deighbhésuigh agus as macánta iná an chuid dár sagartuibh agus
dár ccléir bhíos go maith; gidheadh, nach éidir dream (d'fhagháil)
as measa, as coinnealbháite agus as coirbthe iná an chuid díobh bhíos
go holc. An chuid díobh bhíos go maith, bíd coimhfíorghlan agus sin
sgartha ré grádh na n-uile neithe temporálta go ngreamaighid
go dosgaoilte do Dhia amháin, sa ghrádh agus a fhírinne ar son
nach leasg leó an bás d'fhulang. Gidheadh, an chuid bhíos go
holc, bíd báidhte a n-uabhar, a n-iomthnúdh, a saint agus ann gach
n-uile olc, ag sárughadh na n-uile commór agus sin ina ndroichbheatha,
ar mhodh, ní as rodhona iná an chuid eile, nach éidir
a ttabhairt dochum deaghstaide iná a leasughadh, an tan gurab


L. 69


ag calcughadh isan olc bhíd lé comhairle, ré teagasg, ré achmhusán
agus ré deaghshompla do thabhairt dáibh; neithe re n-iompaighear
gach dream eile dá ndubháilcigh dochum maitheasa. Ós mar
so iomorro atá, agus go bhfuilid na neithe si comhfollasach agus sin
ós comhair ar súl nach éidir a sénamh, fiafraighim cionnus
thigid an dá éifeacht chonntrárdha sa óna samhluibh so do
shacramuintibh agus do cerimonias. As feasach mé nach sénaid
na feallsaimh dhá éifeacht chonntrárdha do theacht ó énchúis
amháin madh bhíd ullmhaighthe conntrárdha isan adhbhar.
Óir cruadhaighidh teas na gréine an talamh agus leaghaidh an leac
aighre. An crann, iar ndaingnioghadh a fhrémh isan talamh,
do-bheir bláth agus toradh uaidhe; gidheadh, madh leagthar é,
críonaigh go luath. Go dearbhtha ó atáid an dá éifeacht
rémhráidhte chomhconntrárdha agus sin dá chéile go bhfuil éifeacht
díobh romhaith asan droing onóraigheas na rúindiamhra naomhtha
agus an t-éifeacht eile go ro-olc isan droing easonóraigheas agus
mhaslaigheas na rúindiamhra cédna, ní féidir dhóibh teacht ó
chúis fhallsa iná díomhaoin. Gidheadh, ó nach lér dhúinn na
héifeachta cédna chomhconntrárdha agus so isna daoinibh eile,
ní féidir linn a aithearrach do chúis do thabhairt dáibh, acht
madh an cleachtadh nó an gnás conntrárdha égsamhuil
do-bheirid dáibh féin a n-adhradh Dé. Go deimhin munab ó
Dhia féin dobheith adhradh foirimleach an chreidimh
chríostaidhe, agus muna mbeith an bhrígh agus an fhírinne dhiadha ann,
ar an mhodh a mbí brígh na cúisi prionnsapálta isan ionnstramuint,
níorbh fhéidir leis ar aonchor éifeacht ro-ordhruic na
naomhthachta críostaidhe do gheineamhuin, do choimhéd agus do
chríochnughadh. Gidheadh, ní uaidhe féin amháin do-ní so,
do bhrígh gurab ní spioratálta an bheatha chríostaidhe agus gurab
isan gcuid inntleachtaigh nó tuigsigh bhíos, ní féidir lé teacht
ó ionstrumaintibh corpardha amháin. Cad é an sochar do-dhénamh
don anam an baisteadh, ongadh ola agus ballsuim,
deatughadh túisi, ofráil na habhluinne agus na cailísi, agus an mhéid
eile don tsórt sa do neithibh foirimleachuibh ghnáthaigheas an
Eagluis muna mbeithdís 'na n-ionnstramuinnteadha ag cúis
uachtaraigh éigin? Óir dámadh ó chomadóireacht daonna nó ó


L. 70


chleasaibh an diabhuil do tarróngthaoi iad so isteach, níorbh
fhéidir beatha comhnaomhtha lé beathaidh na ccríostaidhthe
do theacht ó chleasuibh nó ó mhealltóireacht comhcoirbthe agus
commallaighthe leó.



Acht dá n-abradh aoinneach nach é an t-adhradh so as cúis
don fhoirbhtheacht, acht freacar na subháilceadh agus soichreideamh
na ndaoineadh, re a ccreidid a bheith diadha; óir iad so ris
an díthchioll do-níd ar na dubháilcibh do sheachna agus ar na
deaghoibreachuibh do chleachtadh go buan, tig bisioch adhbhal
orra go laéthamhuil réna shamhuil so do fhreacar. Fiafraighemidne
ámh 'na aghaidh so, créd an fáth a ttéid a bhfad ar
seachrán ón bhfoirbhtheacht sa an drong bhíos díthchiollach a
macántacht agus a ndéighbhésuibh mórálta amháin nó nach
dtathaigheann na sacramainnteadha acht go hannamh?
Go dearbhtha dá mbeith an t-adhradh so fallsa neamhtharbhach,
ní bhfuil dá fhad dá seachónadh duine é nach móide dorachadh
ar a aghaidh agus do-dhénamh bisioch a bhfreacar na subháilceadh
mórálta. Mar an gcédna ní dochum oilc acht dochum maitheasa
dorachdaois na sagairt agus an chliar do-bheir tarcuisne dhó. Sa
chonntráir as léir dhúinn go laéthamhuil.



Arís, an tan gurab é Dia an áirdfhírinne, ní bhfuil dá mhéid
dá bhfaghann neach dá solas nach móide thig a bhfogas do
Dhia, agus ní bhfuil dá mhéid dá mbí ceangailte ag na bréguibh agus
ag an earráid nach móide agus sin bhíos a bhfad ó Dhia. As feasach
sinn ámh an dream chleachtas agus ghnáthaigheas na rúindiamhra
sa go búidh agus go riaghalta go bhfaghaid an uiriod sin suilt agus
sóláis isan adhradh diadha go n-árdaighthear iad commór agus
sin ós a ccionn féin nach bí mothughadh inntibh agus go mbíd
doghluaiste amhuil dobheithdís gan anam. Mar an gcédna go
ndén gaidhthe gréine na naomhthachta bhíos ag deallrughadh
'na ngnúisibh iad soghrádhach so-onórach do na huilibh
dhearcas orra. Agus bíodh (mar léighemíd) gur mó dobhíodh
don tsórt sa ann anall-úd iná isna haimsioruibh si, ar a shon
sin as feasach dúinn mórán díobh do bheith mun am so
ar feadh na hEagluisi, ní headh amháin do dhaoinibh simplidhe
acht fós do dhaoinibh críonna eagnuidhe. Créd as a ttig so
dháibh? Créd as an mhídheamhuin shólásach? Créd as a ttig


L. 71


an teas spioraide teinntighe úd, na hosnadha adhanta, na
milisdheóra ag seilt, agus iolgháirdeas dofhaisnéidhe na hEagluisi
ag seinm go taighiúir a salm agus a cainticc? Go dearbhtha munab
ó Dhia dobheith an t-adhradh sa agus muna mbeith roifhíor, nírbh
fhéidir máinidhe iná bréga bá mó d'fhagháil, an tan go bhfuil
go hiomlán líonta d'fhíoghrachuibh, agus ciallaightheach. Agus mar
sin ní bheith acht díomhaoineas agus saothar a n-aisge ann gach
ní dá mbean leis na rúindiamhruibh, leis na sácramaintibh, leis
na teampluibh, leis na haltóruibh, leis (na) bairrínibh, leis na
héidibh, leis an sailmcheadal taighiúir, agus lé gach cerimonias
eile dá ngnáthaigheann an Eagluis. Tar a cheann sin as dochum
Críost d'adhradh do hordaigheadh iad go huilidhe. Ar an
adhbhar sin dá mbeithdís an uiriod sin brég ceanguilte don
adhradh sa, ní tóigébhthaoi go háiridhe duine críonna eagnuidhe
géirinntleachtach coimhiongantach agus sin ré mídheamhuin na
sacramuinteadh agus na rúindiamhradh sa go maodhughadh na
neithe diadha, agus ní mó do líonfaoi é leis an uiriod sin d'aoibhneas
agus do shólásuibh neamhdha. Óir, amhuil adubhramar cheana,
dalluid na bréga an tuigsi agus druidid í ó Dhia. Ar an adhbhar
sin adeirmíd ón éifeacht conntrárdha go bhfuil an t-adhradh
so roifhíor agus líonta do ghrásuibh Dé.



Foillsighidh fós ord agus ciall na neithe do-níthear isan Eagluis
nach gliocas iná tuigse dhaonna dofuair amach iad acht gurab
ó Dhia féin tángadar. Óir ní bhfuil éinní mírésúnta iná
díomhaoin isan adhradh so, acht atá a ord, a chiall agus a rúindiamhair
féin ag gach ní ann - ar nach laibheóram anois,
gidheadh, as rún dúinn labhairt go hathchumair orra isan treas
leabhar do réir mar mheasfam riachtanus ré tráchtadh orra.
An tí ámh réar mian a n-eólas so d'fhághuil nísa fhearr, léghadh
gluais mhínigh na ndochtúireadh, agus ré smuaineadh ar gach ní
dhíobh fá leith, ní bhfuighe críoch do chur go bráth orra gan
ní d'fhagháil ré sgrúdadh, an tan nach lugha an t-ord iná an
coimhtheacht do-ghébhas aca so re 'roile iná ag uile obair na
nádúire. Go dearbhtha muna fear droichinntinne dosmachtaigh
é, caithfe a admháil gurab ó Dhia atáid so go huile agus nach leis
na daoinibh do hordaigheadh iad.


L. 72


AN CREIDEAMH DO BHEITH FÍOR AS ÉIFEACHTUIBH
INMHEADHÓNACHA NA BEATHADH CRÍOSTAIDHE.



Caib. 11.



Do chruthaigheamar cheana ré résúnaibh as cúisibh innmheadhónacha
agus foirimleacha na beathadh críostaidhe an
creideamh do bheith fíor; anois iomorro as mithidh dúinn an
ní cédna do chruthughadh as éifeachtuibh na beathadh cédna.
As dá héifeachtuibh prionnsapálta ámh agus as gnáth 'na tóraigheacht,
síth na hinntinne, lúthgháire agus saoirsi an anma. Óir gan
áireamh ar shompladhuibh ar n-aithreach anall-ód, as lér isan
aimsir si féin nach gluaistear na críostaidhthe fíre ré anfadh
iná ré stoirm buaidhridh iná inghreama dá n-éirgheann dáibh
acht gur móide agus sin sheasuid go doghluaiste a n-admháil agus
a gcreideamh Chríost agus bhíos sgeim orra isna trioblóidibh. Ar
an adhbhar sin as infhiafraighthe cia ó ttigid na héifeachta sa
nach bhfuil dá dhlúithe dá ngreamaigheann neach do Chríost
nach móide agus sin do-gheibh saoirsi agus soinionntacht anma.



As é iomorro as cúis don ní so, mar adeirid na críostaidhthe,
.i. mar as a bhfios amháin agus a maodhughadh na ndiamharrún
neamhdha atá sén síorrdhuidhe an duine, as follas nach éidir
an fonn nó an t-álgas daonna do chomhnuidhe a ní ar bith mar
chrích dhéighionaigh faoi Dhia féin. Mar sin, an tsíth agus an
ciúnas anma shealbhuidhid na críostaidhthe, ní féidir lé teacht
ó ní ar bith acht do bhrígh gur chuirsiod reampa an chríoch
dhéighionach úd as críoch fhíre. Uime sin madh fhiafraighir
do na críostaidhthibh go huilidhe créd as críoch dhéighionach
don duine, freagóruid duit gurab é Dia as críoch fhíre dhó.
As uime so mheasuid nach bhfuil acht neimhthní a neithibh
an tsaoghuil si go huilidhe a bhfarradh Dé; agus do bhrígh go mbí
dóthchas aca Dia d'fhagháil tar éis na deóraigheacht sa
d'fhágbháil, a shealbhughadh agus a ghnoughadh, do-níd neamhshuim
agus tarcuisne don n-uile ní dá mbí isan tsaoghal amhuil
neimhthní. As so ní ghoilleann orra maitheas tiomporálta an
tsaoghuil si do chall, an tan, iar ndénamh neamhcháis dá
mbeathaidh, go mbí fonn orra bás d'fhagháil, d'fhonn Dé, as
árdmhaith agus as aonmhaith dháibh, d'fhaicsin. Agus do bhrígh go


L. 73


bhfuil Dia isan n-uile áit tré bheith, tré láthair agus tré chomhachtaibh,
atá mar an gcédna isna críostaidhthibh tré ghrádh agus tré
mhaodhughadh, amhuil bhíos an tí grádhaighthear isan tí
ghrádhaigheas é. An tan dobhíos an tí ar a mbí grádh ag neach
do láthair aige, as gnáth go mbí sólás agus lúthgháire air; uime sin bí
lúthgháire agus iolgháirdeas adhbhal ar na críostaidhthibh deighbheathacha
Dia do mhothaighid go hinnmheadhónach do bheith
do láthair aca. Agus do bhrígh go bhfuil comhachta Dé dochuimsigh
doichríochnaigh, an tráth mhothaighid go mbí Dia fabharthach
dháibh, do-níd tarcuisne do na huile neithibh go neamhfhaitcheach,
ar mhodh go mbí a ndóthchas agus a meisneach comhdaingion
comhdoibhriste agus sin nach éidir a gcorrughadh iná a ngluasacht
a n-aonphongc dá staid re bladar, re mealltóireacht, ré
borbbhagar, iná ré piantuibh dá gcruadhálaigh. Acht ó nach
éidir leis an duine an ciúnas agus an tsíth, an tsaoirsi agus an tsuinionntacht
anma sa d'fhághail ó nádúir amháin tré thoirmeasg
na neithe somhothaighthe agus anbhfainne na tuiccsi, as éigin a
admháil gurab tiodhlaice neamhdha an tsíth agus an ciúnas anma
sa; sa bhrígh a mbí Dia agus an sén síorrdhuidhe do gealladh dúinn
go buan ó fhonn agus ó ghrádh do láthair aguinn.



Gurab é so ámh as cúis síthe, sóláis agus saoirsi do na creidmheachuibh,
as follas é as nach bhfuil ar n-anam acht 'na aon agus a
chomhachtadha go huilidhe arna bhfrémhughadh ina bheith, ar
mhodh, an uair bhíos aonchomhachta dhíobh a n-oibriughadh
go hiomlán, nach éidir leis úsáid do dhénamh don chomhachta
eile. Fá mar do-bhéradh neach aire go grinn do mhaodhughadh,
as éigin an feadh bhias asan maodhughadh go léigionn oificc na
gcomhacht eile ar lár; mar an gcédna ní féidir leis an tí ar a
mbí doilgheas nó crádh mór maodhughadh do dhénamh. Ar
an adhbhar sin dá mealltaoi na críostaidhthe leis an gcreideamh
díomhaoin si, ní féidir go ttiobhradh cúis uachtarach ar bith
congnamh dá ndaingnioghadh isan tseachrán sin, agus mar sin ní
bheithdís acht mar do-rinne an nádúir iad, agus fós do laigeóbhthaoi
ar mhodh éigin leis an sárughadh salach sa na fírinne na neithe
atá ó nádúir féin aca. Cionnus dá bhrígh sin do fhédfadaois a
n-ainnisi romhóir, a n-inghreim agus a ndólásuibh an choirp
síth, sólás agus saoirsi dhoghluaiste inntinne do choimhéd, go
háiridhe an tan nach beagán do choimhlíon so acht nuimhir


L. 74


dho-áirmhe? Na feallsaimh iomorro, ní mó iná beirt chuirid
inar n-aghaidh; as féidir linne ámh nuimhir dhofhaisnéidhe dá
gach cinél ar feadh na cruinne do chur 'na n-aghaidh-sean, do
shealbhaidh go dobhuaidheartha an tsíth agus an tsaoirsi inntinne
so a n-annróidhtibh agus a ndólásuibh romhóra gan d'arm cosanta
aca acht an Críost so do crochadh do ghairm agus do ghuidhe agus
bheith dá shíormholadh óna n-uile chroidhe.



Mar ar gcédna as feasach sinn agus as amhlaidh dofuaramar ó
na seanuibh táinic romhuinn go bhfásann síth, sólás agus saoirsi an
duine ré bisioch do theacht air isan gcreideamh agus a naomhthacht
na beatha críostaidhe. Ní nárbh fhéidir do theacht ar aonchor
muna mbeith an creideamh, an dóthchas agus a n-admháil fíor agus
súil ré maith chinnte d'fhagháil uathaibh. Óir ní bhfuil dá fhad
dá ttéid neach ar a aghaidh a ndíorchacht na beatha nach
comhfada agus sin thig a n-eólas na fírinne, a bhfreacar na maitheasa
agus a seachna na locht. Uime sin muna bhfaghadh an críostaidhe
maith fhíre a mbisioch na beathadh sa, nírbh fhéidir a shólás do
mhédughadh, acht ní bhfuil dá mhéd do mhothóchadh nó do
thuigfeadh é féin arna mhealladh nach móide agus sin dobheith
dólás, dobrón agus míchiúnas inntinne air.



As daingion an dearbhadh ar an ní so beatha na ndaoineadh
riaghalta. Óir do-chímid go laéthamhuil nuimhir dho-áirmhe
d'fhearuibh agus do mhnáibh, d'fhonn beathadh nísa fhoirbhthe,
ag dul go clabhstraibh comhanga, ag tréigean a n-aithreadh,
a ngaoil, a gcáirdeadh, a n-uile shaidhbhris, a n-aoibhnis agus a
n-antola maraon réna saoirsi dhíleas, ag dul a gcuideachta agus a
gcomhluadar choigcríoch nach feas dáibh cia iad, ag umhlughadh
dáibh san n-uile ní go pongcamhuil óna n-uile chroidhe, ar mhodh,
do thaoibh na neithe foirimleacha, nach deónaighthear énní
dháibh acht an mhéid as fírriachtanas dochum na beathadh
daonna d'oileamhuin, agus sin féin ré toil a n-uachtaráin, rear féidir
go laéthamhuil a mhalairt nó a bhuain díobh go hiomlán, ionnus
nach bí énní díleas iná cinnte ag aoinneach aca acht na huile
neithe coitchionn do na huilibh. Do thaoibh iomorro maitheas'
inmheadhónaigh an chuirp, coimhédaid gan bhearnadh geanmnuigheacht
an anma agus an chuirp, claodhbhrúdhaid an fheóil ré
dúsgadh, ré troisgthibh agus ré habstainéid, agus cuibhrighid go cruaidh
ainmiana agus antoil na ccédfadh. Do thaoibh fós maitheasa an


L. 75


anma, tréigid go deóntach an ní as muirnighe ag an duine, .i.
an toil shaor, agus ní bhí do thoil iná do neamhthoil aca acht a
ttoil do bheith ceanguilte go síorrdhuidhe do thoil a n-uachtaráin
agus gan a bheag dá ttoil féin d'iarraidh iná do shanntughadh go
bráth. Agus do bhrígh gur thréigsiod na huile neithe a mbí
aoibhneas nó sólás ag daoinibh an tsaoghuil si, atá fonn comhmór
agus sin orra san bhfoirbhtheacht nach bhfuil dream as súgaighe agus
as sólásaighe chaitheas a n-aimsir iná iad, ar mhodh go measfá
gurab a n-aoibhneas romhór dobheithdís do ghnáth, ag dul ar a
n-aghaidh go laéthamhuil a mbarr síthe agus sóláis agus ag iolgháirdiughadh
a moladh agus a maodhughadh an Chríost so do crochadh,
ionnas madh fhiafraighir dhíobh créd fáth a lúthgháire nó a
sóláis, freagóruid d'aoinmhéin gurab a nÍosa Críost do crochadh
atá a n-uile shólás, aoibhneas agus áineas, agus nach bhfuil suim
nó cás aca a ní ar bith acht ann féin nó isna neithibh bheanas
leis.



Do chéidneithibh, adeirmíd nach éidir a thaisbénamh re
résúnaibh céillidhe ar bith gurab ó leimhe nó ó sheachrán tig an
lúthgháire so dháibh, ar an adhbhar nach daoine uirísle iná
simplidhe amháin bhíos mar so acht daoine ro-ordhraice a n-eagna
agus a bhfoghluim d'aitheónadh go ro-uras an earráid si - dámadh
earráid í - agus sin tréna n-eagna agus tré fhoirbhtheacht a mbeatha.
Óir ní féidir lé ceilg iná lé meabhuil marthuin go buan a bhfochair
na heagna agus na deighbheatha. Ós a chionn so, an tan go ndénuid
an dream so a n-uile dhíthchioll ar éirghe gusan gcéim as airde
don fhoirbhtheacht, agus nach bhfuil foirbhtheacht ar an tsaoghal
so as mó iná an fhoirbhtheacht tairgidsion d'fhagháil, .i. an
bheatha riaghalta chríostaidhe, anna bhfaghthar áirdchéim
na foirbhtheachta, leanaidh nach bhfuil dream as oireamhnaigh
iná iad dochum na n-árdsholas neamhdha do ghlacadh. Ar an
adhbhar sin muna mbeith creideamh Chríost fíor, níorbh fhéidir,
leis an bhfad so d'aimsir, nach bhfuighthí amach a fhallsacht leó
nó nach ttuigfeadh dream éigin dá mbeith cealg nó mailís ann.
Agus níorbh fhéidir lé daoinibh comhordhraic agus sin síth agus saoirsi do
choimhéd agus bheith go súgach sólásach do shíor a n-árdmhodhsaine
inntinne dá mbeith an creideamh fallsa. Sa chonntráir as follas
don n-uile. Óir ní headh amháin gur dhaingnigheadar an
creideamh ós cách réna mbriathruibh, réna seanmóir agus réna
ndeaghshompla acht fós réna sgríbheinn agus réna sólás a n-inghreim


L. 76


agus a mbuaidhreadh an tsaoghail si. Agus mar sin as cinnte gur fada
cealg agus meabhuil ó chreideamh Chríost.



Arís, as nádúir don n-uile chúis as an maith atá ann fonn
do bheith air é féin do dhortadh agus do ruinn agus an mhéid gur féidir
leis a éifeacht do dhíriughadh dochum a chríche, go mórmhór
madh fhilleann an t-éifeacht air. Agus ní bhfuil dá fhoicse dá ttig
an t-éifeacht don chrích nach móide agus sin bhíos síth agus sólás aige.
Acht as é Dia an árdmhaith dhochuimsigh atá rofhonnmhar ar
a mhaith do ruinn go fial fairsing ar na huilibh; ar an adhbhar
sin dírighidh sé na huile fhilleas air dochum a gcríche, do réir
mar thuillid, dochum síthe agus sóláis d'fhághuil innte. Dá
bhrígh sin ó nach éidir dream d'fhagháil as dúthrachtaigh agus as
diongmhálta fhilleas ar Dhia iná na deaghdhaoine riaghalta,
as éigin go ndírigheann Dia iad dochum na críche, anna bhfuighid
ciúnas, síth agus sólás. Iad so iomorro ré dul ar a n-aghaidh isan
gcreideamh go laéthamhuil, daingnighthear iad ann, ar mhodh
go bhfaghaid síth agus suaimhneas inntinne a gCríost agus go ndénuid
neamhshuim agus tarcuisne do na huilibh mar neithe gan tádhbhacht
ar a shon-san amháin. Ar an adhbhar so as follas nach bhfuil
fallsacht ar bith isan gcreideamh sin. Nó dá mbeith, níorbh
fhéidir leó theacht gusan gciúnas fíre ré bhfuil súil aca, bíodh
go ttréigfedís an sólás fallsa so na hinntinne ré Dia dá ndíriughadh
uaidhe.



Mar an gcédna is a ngrádh éigin frémhaighthear an n-uile
lúthgháire. Óir as é an grádh céidghníomh na toile, óna ttigid
na gníomha eile. Ar an adhbhar sin ó nach a maith ar bith
soibhriste nó nádúrtha an anma choimhsheasas an lúthgháire
agus an t-iolgháirdiughadh meanma agus inntinne as follas a ngnúisibh
na ndaoineadh so, acht go ndearbhuid as bél a chéile d'aoinmhéin
gurab ó ghrádh an Íosa Críost so do crochadh dothig, go deimhin ní
féidir an lúthgháire (so) do bheith arna frémhughadh a n-ainbhfios
ar bith, a seachrán iná a ngrádh díomhaoin; óir ní bhfuil
dá dhíorcha agus dá naomhtha dá ttiobhradaois a mbeatha i
ttír nach móide agus sin dorachadh an lúthgháire sin agus an sólás ar
gcúl. Óir, amhuil adubhramar cheana, muna mbeith creideamh
ar bith Chríost ann, as soilléire sa chách go laéthamhuil do
thuigfedís iad féin arna mealladh, ag grádhughadh neimhthní,


L. 77


ní gan amhras do chuirfeadh barr dóláis agus doimheanma orra.
Gidheadh, foillsighidh macántacht na mbés, suilbhireacht na
gnúisi agus comhardha na naomhthachta bhíos ag deallradh 'na
n-édan, tré a mbí umhla agus onóir ag na huilibh dháibh, nach mar
sin atá an chúis, an tan gur a mbarr lúthghára, sóláis agus suilbhireachta
bhíd ag dul do shíor.



AN CREIDEAMH DO BHEITH FÍOR AS ÉIFEACHTUIBH
FOIRIMLEACHUIBH NA BEATHADH CRÍOSTAIDHE.



Caib. 12.



Do-geibhthear éifeacht eile as beathaidh na gcríostaidhthe
fhoillsigheas é féin go mórmhór isan duine fhoirimleach, ina
mbésuibh, ina gclaontuibh nádúrtha agus ina n-iomchar, ar a mbí
mar an gcédna boladh diadha do-bheir fá-deara do mhórán
reuerens do thabhairt dháibh agus beagnach a n-adhradh. As ar
meinic táinic gur chriothnaigh gnúis onórach na n-uirísiol daoine
uaibhreacha fiadhánta, amhuil léghthar ar an oilphéist
rochruadálaigh rochomhachtaigh úd Atila ríogh na Hunnach,
nár criothnaigheadh ariamh re hár daoineadh dá mhéid iná ré
rinn sluaigh dá neartmhaire, gidheadh, do chuir an comhrádh
do-rinne an Pápa naomhtha S. Leóne leis a bhfochair Ravenna
fá-deara dhó gluasacht as an Iodáille ar fad. Ní do chuir iongnamh
adhbhal ar a raibh do láthair, tíoránach comhdúr coimhdiabhlaidhe
leis ní headh amháin do thabhairt onóra agus reverens
don naomh acht fós d'umhlughadh dhó gan mhoill agus do thriall ar a
ais as an ríoghacht go hiomlán. Mar an gcédna, iar sgrios iliomad
réigiún agus ríoghacht agus iar leadramh nuimhre dofhaisnéidhe don
chineadh daonna don impire rochruadálach ro-ainmianta úd na
nGóti, dárbh ainm Totila, ar bhfaicsin S. Benéid, manach
fíorbhocht, dó, do bhuail a bhél fá thalamh agus níorbh fhéidir leis
gnúis neamhdha an naoimh d'fhulang, ar mhodh gurab ar éigin do
éirigh ar chomhairle an naoimh féin 'na sheasamh. Arís, dob éigin
don Impire Theodosius, tar éis fillte ón ármhach iongantach úd na
Thesalonica, umhladh d'ughdarrás S. Ambróis, easpuig Milán,
agus gan


L. 78


teacht isteach don eagluis nó gur choimhlíon an bhreith aithrighe
do chuir an naomh air. Go dearbhtha as luaithe do chríochnóchadh
an lá agam iná iliomad do na mórchásuibh si, acht (do
bhrígh) go bhfuilid réna léghadh go coitchionn ag na hughdaruibh,
léigim thoram iad. Agus do bhrígh go bhfaicmíd go meinic daoine
borba uaibhreacha rochorthacha ag malairt a mbriathar agus a
n-inntinne do láthair na ndaoineadh naomhtha agus ag leasughadh a
mbeathadh tré fhíoraithríghe do dhénamh ó chroidhe. Óir
deaghmhaisigh agus órnálaidh an Spiorad Dhiadha úd iad, eidir fhior
agus mhnaoi, na hóga ré sgéimh ro-iongantaigh, na seana ré léithe
onóraigh, ar mhodh, do réir an riachtanuis, go mbíd sealad
soghrádhach agus sealad eile 'na gcúis chriothnaimh, eagla agus
uathbháis ag an droing dhearcas orra.



As é iomorro cúis adeirmíd bheith ag an éifeacht so, sgéimh
ós nádúir an anma, .i. grása Dé, dheaghmhaisigheas go sgiamhach
breaghdha an tuigsi agus an toil agus gach cuid eile don anam. Óir as
gnáth an t-anam ag malartughadh an choirp do réir na smuaineadh
bhíos aige go hinnmheadhónach; fá mar théghas an corp
chum drúisi madh bhíonn smuaineadh collaidhe isan anam, agus
mar lasas an duine dochum díoghaltuis ó smuaineadh fuatha do
bheith isan anam, ar mhodh gur feasach gach aon claochadh
do theacht ar an gcorp go foirimleach do réir na smuaineadh
bhíos go hinnmheadhónach isan anam; fá mar thig dath bán
nó oghar ar an duine ó eagla, agus mar dheargas sé ó fheirg nó ó
náire, ionnus madh as sólás nó dólás bhíos isan anam go n-aitheantar
go hurus ar an aghaidh. Dá bhrígh sin mar as éigin don
tuigsi úsáid do dhénamh d'ionnstrumaintibh corpardha, as gnáth
dhi an toircheas bhíos aice, go háiridhe madh bhíonn neartmhar,
do theilgean san chorp, go mórmhór isna súilibh agus isan édan.
Óir aithnighemid na daoine uaibhreacha ar a ngnúis, na daoine
cruadhálacha ar rinn uathbhásaigh a súl, na daoine neimhgheanmnaigh
ar a ndearcadh mailísioch. As meinic fós lotuid
cailleacha piseógacha daoine lé béim súl do dhénamh dháibh.
Fá dhéoidh, ní féidir lé gliocas iná re heagna ciabé cleachtadh
olc nó maith bhíos isan duine do cheilt nó d'fholach comhmaith
agus sin nach brúchtfaidh amach uair éigin. Mar sin ó as ní cosmhuil


L. 79


leis féin do-ní an n-uile ghníomhach, agus go bhfoillsigheann an
n-uile éifeacht an chúis ó ngeintear é, ní féidir nach ó sgéimh
agus ó bhreaghdhacht an anma agus ó fhíréntacht na beatha thig
deaghmhaise, sgéimh agus deallradh foirimleach na gcríostaidhthe agus
an ghnúis shuilbhir sho-onórach agus na bésa maordha macánta
nach lér a ndaoinibh ar bith eile.



Go deimhin fós as feasach sin go mbí an uiriod sin bríogha
agus cumais aca ar na peacachuibh d'iompúdh nach bhfaghthar
leigheas as diongmhála agus as neartmhuire réna ttairing óna
ndrochstaid go slighidh na foirbhtheachta agus na fírinne iná iad.
As feasach inn mar an gcédna gurab mó go mór an sochar agus an
tarbha do-rinne deaghshompla na bhfírén simplidhe agus na gcríostaidhe
do-bheir a mbeatha suas go ceart coinsiasach cráibhtheach
do na daoinibh iná ráidhte na bhfeallsamh, acfainn
labhartha na n-eagnuidheadh, agus míorbhuileadha móra d'fhaicsin
nó do chlos. Óir as meinic do-chímid daoine rochumasacha
rofhoghlamtha ag seanmóir agus ag teagasg neithe ro-árda agus cách (ag)
éisteacht riú go ro-aireach; gidheadh, do bhrígh nach bí a mbeatha
iná a mbésa do réir a mbriathar, ní mór go ndénuid a bheag do
shochar don Eagluis, amháin moladh beag díomhaoin agus meas
daoine eagnuidhe foghlamtha deaghlabhartha do bheith orra.
Mar an gcédna do-rinneadh iomad móirmhíorbhuileadha isna
haimsioruibh si féin nach dearna mórán sochair do leasughadh
na beatha. Óir do-chímid comhchruinniughadh mór daoineadh
isan áit a ndéntar míorbhuile; gidheadh, ní mór dhíobh do-chímid
dá leasughadh féin. Gidheadh, as feasach sinn agus do-chímid
nuimhir dhofhaisnéidhe ní headh amháin do dhaoinibh
simplidhe acht fós do dhaoinibh críonna foghlamtha ag dénamh
aithrighe agus ag filleadh ar Dhia óna n-uile chroidhe as an deaghshompla
do-bheirid na críostaidhthe fíre fírénta uatha a
bhfoirbhtheacht a mbeathadh. As feasach inn fós iliomad do
dhaoinibh ainmianacha uaibhreacha do leasughadh a mbeatha
ar gclos deaghchlúdha naomhthachta na bhfírén agus na gcríostaidhthe
fíre, agus do thréigean gach aoibhnis, gach áinis agus gach
antola dá raibh aca ar an tsaoghal sa agus do dhul go naomhchomhluadar
na druinge iomchras cruadhchuing na staide riaghalta
agus do thabhairt a mbeatha suas go naomhtha beannaighthe.


L. 80


Ar an adhbhar so as follas as na neithibh si brígh éigin do
bheith a mbeathaidh na gcríostaidhthe ó ngeintear na héifeachta
ro-iongantacha so. Óir ní oibrigheann an corp uaidhe féin isan
spioraid. Agus as comhardha air sin nach bhfuilngid na coirp rofhoirmeamhla,
mar atáid na flaitheamhnuis, oibriughadh corpardha
ar bith. Óir ní oibrigheann an teine san bhflaitheamhnas a
bhfuil, bíodh go gcomhnuidheann innte. Agus as lugha iná sin go
mór as éidir leis an gcorp oibriughadh isan spioraid. Ar an
adhbhar sin ó as neithe corpardha an mhéid do-chímid go foirimleach
as an mbeathaidh chríostaidhe, ní féidir leis na neithibh
corpardha so oibriughadh a n-anam aonduine, ar mhodh go
bhfillfeadh é dochum maitheasa commór agus sin, muna ttairngthí
brígh éigin uaithe gusan anam. Acht as í brígh as mó agus as
ordhraice isan gCatoilce fíre fírénta ó a ttig an sgéimh fhoirimleach
sa, an chonversáid naomhtha agus an deighbheatha mhacánta,
an creideamh gan cháidh agus an grádh atá aige ar an Íosa Críost úd
do crochadh; óir ar bhfás an chreidimh agus an ghrádha, fásaidh
an bhreaghdhacht agus an sgéimh fhoirimleach agus tig barr neirt agus
bríogha innte dochum na bpeacthach d'iompúdh. Ar an adhbhar
sin ní féidir leis an gcreideamh so, oibrigheas (tré ghrádh),
bheith 'na cheilg iná 'na mheabhuil, an tan nach bí brígh san
bhfallsacht nó san mbréig réar féidir croidhe an duine do tholladh.



Ós a chionn sin as neartmhaire agus as comhachtaigh an fhírinne
iná an bhrég. Giodheadh, níor fríoth ariamh leigheas as neartmhaire
agus as bríoghmhaire dochum teacht a ttír go maith beannaighthe
iná an bheatha chríostaidhe, mar mhúineas comóradh
na bhfeallsamh agus dhaoineadh eile dhúinn réar beag do ráinic
d'iompúdh dochum deaghstaide réna bhfoghluim iná rena
sompla; gidheadh, éirghid iliomad as lathaigh na locht re sompla
na beathadh críostaidhe agus do-bheirid a mbeatha suas go fíorghlan
gan spot gan smál. Dá bhrígh sin ní féidir gur fallsacht
dhíomhaoin iná bréga folmha as frémh don bheathaidh sin,
nó no as mó do leiseóchadaois na daoine a mbeatha ré teagasg
agus ré bésuibh na bhfeallsamh iná (ré sompla) na gcríostaidhthe.
Ní as feasach inn do bheith 'na lom bréige.



Arís, an tan gurab é Dia an cédghluaisteóir, 's gan é nach
éidir éinní do ghluasacht, agus go n-oibrigheann na huile go


L. 81


roichríonna, as cinnte gurab do na cúisibh as uaisle do-bheir
cumas na héifeachta as uaisle do gheineamhuin. As í ámh an
bheatha chríostaidhe an t-éifeacht ro-uasal nach éidir do shárughadh.
Ar an adhbhar sin ó bhrostaigheas Dia féin, tré oibriughadh
innmheadhónach, ós cionn na tteagasg ós áird, na daoine dochum
na beathadh sa tré dheaghshompladhuibh na gcreidmheach,
ionnas go ngeineamh an cosmhuilidh ní cosmhuil leis féin, amhuil
gheineas an ghrian agus an duine duine eile, as riachtanus a rádha
gurab cúis ro-uasal an críostaidhe foirbhthe agus gurab é ionnstrumaint
as roifhearr dochum a shamhla so d'éifeacht do
gheineamhuin. Ar an adhbhar sin ní brég iná fallsacht an
bhríogh atá isan ionnstrumaint sin ré ccomhoibrigheann ré Dia
acht áirdfhírinne. As í iomorro as bríogh dhí, an creideamh
atá ar lasadh do ghrádh adhanta, mar adubhramar cheana.
Agus mar sin as fíor an creideamh críostaidhe Catoilce.



AN CREIDEAMH DO BHEITH FÍOR AS OIBREACHUIBH
IONGANTACHA CHRÍOST, AGUS AR TÚS ÓNA CHOMHACHTA.



Caib. 13.



Foillseócham anois, re congnamh Dé, as na héifeachtuibh
follasacha as lér go laéthamhuil isan Naoimh-Eagluis Chatoilce
fírinne an chreidimh chríostaidhe. Bíodh iomorro gurbh fhéidir
iomad argumuinteadh agus résún roláidire do thabhairt anuas do
neartughadh na fírinne so, gidheadh, do dhúil san athchumaireacht,
laibheóram amháin ar na résúnuibh as éidir do bhuain
as na héifeachtuibh dob fhollas isna haimsioruibh do-chuaidh
thoruinn agus admhaidheas an chruinne cheathardha do bheith fíor.
Dá bhrígh sin, amhuil agus do lorgairsiod na feallsaimh cúisi na
neithe as na neithibh do-chonncadar isna neithibh nádúrtha,
mar an gcédna cuirfeamne an Bhuaidh úd Chríost do dhealbhamar
a ttús an chéidleabhair ós ar ccomhair agus sgrúdfam go grinn,
an mhéid go mbean leis an adhbhar, cúise na n-éifeacht féin.


L. 82


Agus amhuil iar bhfaicsin nádúir na neithe do na feallsaimh gur
thuigeadar as méid, as ord iongantach agus as foirbhtheacht iongantach
na cruinne gurab é Dia an chúis úd as comhachtaigh, as
críonna, as eagnuidhe agus as foirbhthe iná na huile, agus gurab uime
sin tugadar mar ainm dhó an chédchúis, an cédghluaisteóir
doghluaiste agus cédthús na n-uile neithe; mar an ccédna ar bhfaicsin
Buadha an Chríost úd do crochadh dhúinne, foillseócham gurab
cumhachtaigh é ós cionn an uile chomóraidh iná dée na n-uile
chreideamh eile, gurab mó agus gurab fearr na hoibreacha do-rinne
iná iad, agus go sáraigheann iad a n-eagna, a ccríonnacht agus a maith
dochuimsigh doimheasta go dofhaisnéidhe doichríochnaigh. As
madh soilléir gurab é an Dia so an Tighearna trénmhór agus an
Móir-Rí ós na huile dhée.



Tionsgnam ar an adhbhar sin ó na neithibh bheanas réna
chumhachta. Tugam dochum ar gcuimhne an Bhuaidh thuas
ós comhair ar súl agus dénam argumuint ar an modh so: As Dia
fíre agus cédchúis na n-uile an tÍosa Nasarénach sa do crochadh,
adhruid na críostaidhthe, nó ní headh. Madh as eadh, ag sin
críoch ar an gconnspóid, óir madh as Dia é, as éigin an creideamh
críostaidhe agus a uile theagasg do bheith fíor. Gidheadh, munab
Dia fíre é, as éigin a rádha nárbh fhéidir a smuaineadh neach bá
sotalaighe, dob uaibhrighe agus bá malluighthe iná an tÍosa Nasarénach
sa, 's gan é acht 'na dhuine shomharbhtha do chuir
roimhe meas do bheith air féin bheith 'na Dhia romhór agus na
huile dá adhradh. As ar riachtanas a rádha go bhfuil roibhrégach,
ró-olc agus fós róileamh, an tan gur chuir gníomh comhmór coimhiongantach
agus sin roimhe. An bhfuil ní as conntrárdha don
n-uile résún, nó an féidir ní as díthchéillidhe, nó cúis fochuidmhe
agus fanámhuid d'fhagháil as mó iná duine bocht uirísiol gan mhaoin
gan saidhbhreas gan arm acht amháin cloidheamh teangamh
neimhlíomhtha agus pian an bháis uathbhásaigh do chur roimhe
féin cathughadh a n-aghaidh na mórdhachta diadha? Faidhbhe
na honóra as dleacht dó do bhuain de, na huile dhaoine, eidir
bhocht agus nocht, truagh agus trén, comhachtach agus anbhfann, críonna
agus éigcríonna, eagnuidhe agus ainbhfeasach, do smachtughadh fá
chuing chreidimh nuaidh nár chlos ariamh gusan am sin? Agus
maraon leis sin adhradh, onóir agus cerimonias na ndée do léirsgrios


L. 83


agus an chruinne dhomhanda sa, dobhí re hiomad saoghal roimhe
sin fá reachtuibh agus fá dhlighthibh áiridhe ag siobhal a n-ionnshamhuil
srotha gan toirmeasg, do thairgsin d'iompúdh ar
shlighidh eile agus d'fhógra ós a chionn sin é féin d'adhradh agus
d'onórughadh mar Dhia? Agus sin ní headh amháin 'na bheathaidh
acht fós tar éis a bháis roisheirbh do chríochnughadh, ar chonntar
nach eadh amháin go mbeith grádh agus adhradh ag na daoinibh
dhó acht fós go bhfuileóngadaois a n-aghaidh na nádúire gach
neithe dá ndocamhla agus dá ndo-iomchurtha dá ghrádh, agus, fá
dheóidh, gan chriothnamh gan uamhan na bpian, an bás féin,
as uathbhás na n-uathbhás, d'fhulang go deóntach ar a shon.



As annso d'fhiafróchuinn díot, ciabé don bhioth thú do-chluinfeadh
aoinneach ag geallamh na neithe si do dhénamh agus
d'fhoisgeóladh rún a chroidhe agus a sheicréid duit, créd adérthá?
A' measfá go mbeith fear buile bá mó iná é? Nach móide
mheasfá 'na dhíol fochuidmhe agus fonámhuid é, an mhéid go
mbeith breitheamhnas agad nárbh fhéidir na neithe si do
dhénamh? Dá bhrígh sin munab Dia fíre an tÍosa Nasarénach
so, cad é an congnamh tug meisneach don amadán agus don chleasaighe
mhallaigh cathughadh a n-aghaidh na reachta athardha, a
n-aghaidh na ttriath, na ttighearnadh, na bprionnsadh, a
n-aghaidh na n-eagnaidheadh agus na suadh, a n-aghaidh na cruinne
ceathardha go huilidhe, a n-aghaidh chomhachta ifrinn agus fhlaitheamhnuis,
agus, fá dheóidh, do chathughadh comhcruaidh agus sin
go rug buaidh ar Ard-Chruthaightheóir na n-uile, ar mhodh
gurab ionann meas dobhí air féin agus air Dhia, agus gur glacadh é
leis an onóir agus reverens chédna bá dleacht do Dhia amháin, agus na
neithe rémhráidhte go hiomlán do chomhdach go dochlaoidhte
eidir iliomad námhad ré ré aimsire comhfada agus atá ó aimsir
Chríost gusan am so? Créd an t-adhbhar, a chineadh Iúdaighe,
as ar fhulaing bhur nDia-sa, stiúraightheóir agus coimhédaigh an
domhuin, coir chomhcoirbthe agus so gan díoghaltas? Fiafraighim
dhaoibhsi, a gheintíleacha, créd fá nár sgrios bhur ndée-si an
fear so? Cionnas do fháguibh an duine bocht tarcuisneach so,
do snadhmadh ré cruadhchrann cnapach croiche agus dofuair bás,
an cumas agus an neart sin 'na dhiaidh gur oibrigh fearta agus móirghníomha
coimhiongantach agus sin? Cia don mhéid úd ar a raibh
meas dée, ní abruim do na daoinibh, as ionchomóraidh leis, an


L. 84


tan go raibh meas mallaigh ar a cceannairrge, ar a gcoirbtheacht
choinnealbháite agus ar a gcoluibh gráineamhla ag an druing do
bhíodh dá n-adhradh?



Féch nach dána míonáireach do thairgiodar drong áiridhe
Apollonius Tyaneas do chur a gcomóradh ré ar gCríost-ne? Cia
léarbh fhéidir Pitagoras, Socratés, Plato, agus an mhéid eile
do phrionnsaidhibh na bhfeallsamh, nó fós Alastrann uaibhreach,
Cesar, agus an mhéid eile ríogh agus impireadha ordhraice agus daoine
roidhearsgnuidh do chur a gcomóradh leis, an tan nach dearna
énduine dhíobh sin Dia dhe féin, agus nach dearnadar go huilidhe
ní beag dhá laghad a bhfarradh na neithe dho-rinne Críost agus a
dhisgiobuil? Cad é an ní mór sin do-rinne an móirchleasaighe
úd as captaín do na hArabes, dárab comhainm Mahoméit? Go
deimhin ní dhubhairt ariamh gur Dhia é féin, bíodh ré neart a
bhriathar, a chloidhimh, a arm, a thiodhluiceadh, agus saoirsi sgaoilte
na hantola gur cheanguil an pobal barbardha ainbhfiosach
aineólach na tTurcach leis féin. Nachar admhaidh sé fós
Críost go honórach, agus nárbh fhéidir leis féin ní dá laghad
ariamh do sháraigh an cumas agus an gliocas daonna? Acht ní
mar sin dobhí Íosa Nasarénach. Óir níor chuir aoinneach dá
ttáinic ariamh roimhe neithe ba docamhla ré dénamh agus ré
creideamh iná na neithe do-rinne Críost. d'fhógair iomorro a
chreideamh Dia bheith tríodha, .i. 'na Athair, 'na Mhac agus 'na
Spiorad Naomh, 'na aoinDia i ttrí pearsannuibh deaghailte, atá
'na n-aon a substaint agus a mbeith doruinnte. As mian leis fós
cách do chreideamh é féin do bheith 'na Dhia, 'na Mhac Dé,
'na aon leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh, a bheith 'na
dhuine fíre, 'na mhac ag an óigh Muire, darab mian leis mar an
gcédna adhradh do thabhairt mar mháthair fhíre Dé; onóir romhór
agus adhradh do bheith don naomhchroich mar chomhardha ar
slánaighthe, bíodh gurab í an chroch comhardha bá tarcuisnighe
agus bá maslamhla dárbh fhéidir d'fhághail san tseanaimsir, do bhrígh
nach mó iná corthaigh agus ciontaigh ghráineamhla do curthaoi
dochum báis ré. Ós a chionn so d'fhógair mar thiomna shíordhuidhe
ar an tsuipér dhéighionach a chreideamh go ttairmiompuidhear
go fíre agus go substainteach an greimín beag aráin agus an


L. 85


beagán fíona tar éis beagán briathar an choisreagtha inna chorp
agus anna fhuil féin, gan malairt gan claochlódh ar bioth do dhénamh
ar na haicídibh; agus mar sin sinne dá n-adhradh, dá nglacadh
mar bhiadh agus mar dhigh amhuil lón neamhdha, tréar gheall
an bheatha shíordhuidhe dhúinn; nárbh fhéidir fós d'aoinneach
rochtuin go ríoghacht Dé acht don tí do haithgheinfí as uisge agus
as an Spiorad Naomh. d'fhógair fós creideamh agus géilleamh
doibhriste a bhfad ón n-uile chonntabhairt do bheith don n-uile
ní dá bhfuil anna sgrioptúir féin, bíodh go bhfuil iomad ann
atá rodhocamhlach rochruaidh ag an tuigse dhaonna; agus nach
éidir neach do shábháil gan iad so go hiomlán do chreideamh.
Agus nach lór a gcreideamh go seasmhach daingean agus a n-onórughadh
muna bhfuilngeam go foighidneach gach persecution agus gach
inghreim do ghrádh na neithe ndofhaicse iar ttarcuisniughadh
na neithe sofhaicse. Óir adubhairt go sealbhóchamaois ar
n-anmanna annar bhfoighid. An tí cédna, ní saidhbhreas, ní
honóir, ní dignit do gheall dá lucht leanamhna ar an mbeathaidh
shomharbhtha so, acht na huile neithe conntrárdha dháibh sin,
mar atá bochtacht, tarcuisne, masla, míomhodh, persecution,
inghreim, agus ós a gcionn sin sgige, sgiúrsadha, díbeirt, príosúin,
gorta agus pianta. Agus geallaidh dhúinn, madh iomchramaoid iad
sin rena ghrásuibh féin do chuidioghadh linn, go bhfuigheam
naoimhshén do-aithrise uaidhe; ní do sháraigheas an tuigse
dhaonna, .i. glóir shíordhuidhe ar neimh a bhfochair na n-aingeal,
eiséirghe na gcorp, agus ní eile nach bhfacaidh súil, nach gcualaidh
cluas agus nach ttáinic a gcroidhe dhuine ariamh. Agus tar a cheann
sin agus uile do bhuadhaidh sé gach ní dhár mhian leis, bíodh go
raibh an chruinne cheathardha go huilidhe ag cathughadh
'na aghaidh. Óir do ghlacadar nuimhir dhofhaisnéidhe don
n-uile aicme agus chinél daoineadh na neithe si, agus do leansad iad,
ar mhodh gurab túsga do thréigfedís a mbeatha iná an creideamh
so. Agus amhuil do-chímid anois féin, do chlaonadar ríghthe,
impireadha agus prionnsadha fá chuing an chreidimh si agus d'umhlaighiodar
go deóntach do na ministríbh as ísle aige.



Cuiream ar an adhbhar sin ós comhair ar súl an bochtán
Críost do measadh ar tús bheith 'na mhac saoir chrainn agus do


L. 86


bhí fá thár agus fá tharcuisne réna linn féin. Fiafraigheam dhe
cad as mian leis do dhénamh. Freagradh dhúinn ar an modh
so: Do chuir meisi, an bochtán nach bhfuil acht amhuil aoidhe
ar an tsaoghal so, romham an chruinne dhomhanda so do ghairm
fá mo reachtuibh agus fá mo dhlighthibh féin, dochum na ndaoine
dom adhradh mar Dhia fíre a n-aondacht leis an Athair agus leis an
Spiorat Naomh, agus dochum na croiche ré a snadhmfaidhear
mé eidir dhá bhithbheanach agus anna bhfuighiod bás maslaightheach
tarcuisneach d'adhradh mar an gcédna; agus tar éis an
bháis rothruailligh rotharcuisnigh si, uile ionnstrumainnteadha
mo phian agus mo pháisi agus a lorg do bheith dhá bpógadh go n-iomad
reverens agus onóra, agus dá ttaisge nísa mhuirnighe agus nísa onóraigh
iná ionnmhas nó óirchiste dá dhaoire. Agus ós cionn na n-uile,
adhradh rodhúthrachtach do bheith do shacrafís an aráin agus an
fhíona, agus a chreideamh gurab é sin féin substaint mo choirp-si
agus mh'fhola. Arís, a chreideamh go nglantar na hanmanna ó
smál na n-uile pheacadh re naomhthoinn an bhaistidh, agus go
naomhthar iad féin re hungadh ola agus ballsuim. Fá dheóidh, nach
ceadaightheach a n-aoinní mo theagasg do laghdughadh acht
a ghlacadh gusan siolla as lugha dhe agus a choimhéd go hiomlán
gan bhearnadh. Arís, mo mháthair ronaomhtha ó óghdhacht
shíordhuidhe dhothruailligh do tógbhadh ré priveiléid speisialta
ós cionn uile choradh na n-aingeal d'onórughadh, d'adhradh agus
do ghuidhe a ndiaidh Dé mar bhainríoghuin agus mar bhaintighearna
an domhuin. Mo dhisgiobuil, do thoghas as iasgairibh, do
ghuidhe go humhal uirísiol; a gcnámha, a luaithreamh agus a ttaise
fós d'adhradh. Dá gcluinteá an bochtán so ag aithris na neith
si, nach measfá gurbh amadán gan chéill agus díol magaidh agus fochuidmhe
é?



Gidheadh, dá ngreamaigheadh leanmhuin dá chomhrádh, ar
bhfaicsin do mhagaidh-si dhó, agus go n-aibeóradh: As mian leam
ní headh (amháin) na daoine do chreideamhuin go daingean na
neithe rémhráidhte, acht fós a mbeatha do thabhairt suas go
ceart cneasta macánta beannaighthe ar son na cúise si, neamhshuim
do dhénamh do na huile neithibh talmhuidhe ar son na
geallamhna tugas dáibh ar na neithibh dofhaicsi, agus ar son an
ghrádha lasamhuin atá aca oram, bochtuine, tart, gorta, saothar,


L. 87


duadh, anródh, persecution, inghreim, agus fá dheóidh, uathbhás
na n-uathbhás, an bás d'fhulang go rofhonnmhar, agus iad so go
huile do thabhairt do roghuin sul do shénfadaois an pongc as
lugha dom theagasg, nach measfá a shamhuil so do dhuine do
bheith ar mire nó ar díth céille? Acht dá gcuireadh a gceann
na méide sin, ag rádha: As mian leam an mhéid si go huilidhe do
thabhairt dochum críche d'aimhdheóin an domhuin; óir as mian
leam comhracc a n-aghaidh ríghthe agus phrionnsaidheadh, a
n-aghaidh uile chreidimh, sechta agus staide na ndée agus na ndaoineadh,
agus fós a n-aghaidh neirt agus chomhachta dorcha ifrinn,
agus an chraobh agus an bhuaidh do bhreith uathuibh, go dearbh
as cosmhuil go lingfeadh do gháire go fairsing ort.



Acht dá bhfiafruightheá dhe créd an modh, cad iad na hairm
réar mian leis na neith si do dhénamh, freagóraidh dhuit:
Ní lé harmuibh ar bith acht lé seanmóir mo theangamh féin
agus mo dhisgiobal. Acht do bhrígh gurab gnáth bríogh mhór ag
an deaghlabhairt neithe do chomhairliughadh, d'eagla aoinní
dá oibreachuibh do mhaoidheamh ar mhillsiocht nó ar chumas
a bhriathar, adeir gurab fada uaidhe féin an mhodh labhartha
sin, agus geallaidh é féin agus a lucht leanamhna do dhénumh na neithe
si ré briathruibh réidhe macánta simplidhe gan cumadóireacht
gan ealadha, as cinnte go measfá a bheith ar deirgmhire.



Acht dá n-abradh arís: Atá a fhios agam go ttuitfe iomadamhlacht
dhofhaisnéidhe dhaoineadh ar mo shon féin; gidheadh, ní
bhfuil dá mhéid díobh ghébhas bás nach móide agus sin fhásfas
nuimhir na gcreidmheach agus síolfaidhear mo chreideamh ar feadh
críocha an domhuin. Óir brúchtfaidh fuil mo mhairtíreach
dochum bisigh mhóir amhuil síol toghtha. Do-bhér fós d'aon
do na hiasgairibh si, agus dá chomharbuibh 'na dhiaidh, mar
oidhreacht shíordhuídhe, colbh biothbhuan na háirdríoghachta.
Claonfad an chathair uaibhreach úd na Rómha, as baintighearna
ar an domhan, agus an t-impire féin do phógadh cos mo
viocáire. Dá ccluinteá é ag innisin na móirfhearta sa, an ndéntá
conntabhairt go mbeith saobhadh céille air?



Meas cad adeir 'na gceann so. Sgríbheóchar leabhair dhofhaisnéidhe
oram re daoinibh ro-ordhruice rofhoghlamtha do-dhénas
mé féin agus mo theagasg do sheanmóir, áirdeóchas mo theagasg


L. 88


ós cionn na n-uile theagasg, agus choiseónas é réna n-uile dhíthchioll;
biaid mo shagairt lán d'onóir agus do reverens isna puibleachuibh;
foillseóchuid mo Shoisgél agus mo theagasg a n-éidighibh
sollamanta ré poimp mhóir agus re tóirsighibh ciarach ar lasadh;
agus éistfid cách ris go humhal uirísiol aireach gona gceannuibh
nochtaigh; nach measfá gurab brionglóideacha díomhaoine an
mhéid si?



Fá dheóidh, cuireadh críoch ar a chomhrádh ag rádha: Do-bhérad
na neithe rémhráidhte go huilidhe dochum críche leis
na harmuibh si amháin adubhras, agus biaidh buaidh agam ré
láimh láidir dhochlaoidhte. Umhlóchaidh an chruinne dhomhanda
so go huilidhe dhamh, agus (ní) bhfuighe aoinneach go
bráth buaidh do bhreith a n-aghaidh neirt mo chreidimh.



Dá gcluinteá é ag aithris na neithe si, nach n-aibeórthá nárbh
fhéidir lé daoinibh an domhuin, iná leis an nádúir, iná leis an
móirtheaghlach úd neimhe na móirfhearta sa do dhénamh, agus
gurab do Dhia amháin atáid soidhénta. Acht do bhrígh go
bhfaicmíd go ttángadar na neithe si go huilidhe dochum críche,
as follas gurab é Dia amháin do-rinne an mhórobair si agus gurab é
Dia amháin do ordaigh an creideamh so Chríost. Cia do na heasarlaidhibh,
do na feallsuimh, nó an Mahoméit, nó an rí dá
chomhachtaigh do-rinne a samhuil so ariamh? Nó cia do dhéibh
na gcineadhach as éidir do chur a gcomóradh leis an gCríost so?
Óir níor chlos ó thús an domhuin a samhuil so d'fhearta agus do
mhóirghníomha. Glacadh dá bhrígh sin náire agus athamhaltas an
drong labhras nó smuaineas go míchreidmheach ar Chríost.



Ní féidir iomorro a rádha gurab go cinneamhnach tarladar
na neithe si, an tan gur thairrngirsiod na fáidhe agus na sibille a
bhfad roimh ré na neithe si do bheith ré teacht, amhuil dhearbhuid
seinleachtadha agus seinscreaptra iochtmhara na nEabhradhach
agus na gcineadhach, anna sgríobhthar ní headh amháin gur fhoillsigh
Dia iad so do bheith ré teacht acht fós gur gheall é féin dá
ndénamh.



Arís, amhuil atá isna neithibh nádúrtha sa neithe riachtanasacha,
neithe eile saora agus neithe eile meadhónacha, mar an
gcédna isna comhráidhtibh résúnta, atá cuid díobh riachtanasach,
sháraigheas agus choimhéignidheas an tuigse dochum a


L. 89


n-admhála agus nach éidir dhí do dhiúltadh; cuid eile nach sáraigheann
an tuigse do ghnáth acht chlaonas í dochum a nglactha,
bíodh nach éidir leó foiréigean do dhénamh uirre; cuid eile atá
comhlag comhanbhfann agus sin nach mór go ngluaisid í ar énchor.
Bíodh iomorro go bhfaghthar iliomad do na céidrésúnaibh úd
chlaoidheas an tuigse a neithibh ro-íochtaracha, mar atá a
n-ealadhuin an mhatematicc, as roibheag dhíobh geibhthear isna
healadhnuibh nádúrtha eile. Gidheadh, isna neithibh móra
ordhraice agus fós isna neithibh mórálta féin, as annamh go bhfaghthar
go bráth énchuid díobh. Óir atá solas ar ttuigse comhlag agus sin
go mbíd difir agus eidirdhealughadha dísle na neithe 'na n-ainbhfios
uirre. Agus do bhrígh nach feasach do na feallsaimh lérsgartha
dísle na neithe, do-níd úsáid do na haicídibh a n-áit na n-eidirdhealughadh.
Ar an adhbhar sin as rodhocair tuigse an duine
do dhaingniughadh isna healadhnuibh nádúrtha agus mórálta; as
docra iná sin isan metafisicc, agus as rodhocamhlaighe iná sin an
tuigse d'iompúdh a n-aoinfheacht agus a dúil do tharruing chuige
féin agus a filleadh ó na dubháilcibh go freacar na subháilceadh.
An tan go bhfuil an cédfadh contrárdha don spioruid agus don
résún, as docamhlach go leanfuidh an mian an tuigse. Agus as
rodhocamhlaighe iná sin iad araon do chur a n-oireamhuin
d'aroile, dochum toraidh na ndeaghoibreach do theacht uathaibh, agus
marthuin amhlaidh sin go buaintseasmhach go térma déighionach
na beathadh. Ad-chímid a n-uile theagasg na bhfeallsamh nach
lia ceann aca iná ciall nó opinion ar leith, agus gurab roibheag
dhíobh ghrádhaigheas na neithe theaguisgid nó mhúinid, agus
gurab annamh do dhoirt éinneach dhíobh é féin ar deaghoibreachuibh
ar feadh a bheatha gusan mbás, agus gomadh mór an mhíorbhuile
duine don tsórt sin d'fhagháil 'na measg. Ar an adhbhar
sin muna ráinic leis na feallsuimh dob ordhraice tuigse an duine
do chlaoidh dochum na neithe do chreideamh thaisbénas an
résún agus atá ó nádúir ceanguilte dhínn, mar atá Dia do bheith,
agus cúram do bheith aige fá na neithibh daonna, gurab ionghrádhaighthe
an tsubháilce agus an mhaith, gurab intseachanta an
dubháilce agus an t-olc, agus an mhéid eile don tsórt so, ní bá féidir
leó an tuigse agus an mian do chur a n-oireamhuin dá chéile a


L. 90


n-oibriughadh na maitheasa, ar mhodh nach ttiocfa aimhréidhteach
eatorra ar feadh a ttérma ar an mbeathaidh si; agus as lugha
iná sin fhédfuid so do dhénamh isna neithibh do sháraigheas ar
fad an résún agus do-chuaidh ós a chiond. Gidheadh, do choimhéignidheadar
disgiobuil Chríost tuigse agus mian nuimhre dofhaisnéidhe
daoineadh léna tteagasg agus léna seanmóir amháin dochum
neithe do ghrádhughadh agus do chreideamh sháraigheas an n-uile
résún daonna, .i. tarcuisne agus mímheas do thabhairt ar na huile
neithe talmhuidhe mar neithe rotharcuisneacha rothruaillighe
ar son geallamhna ríoghachta neimhe, gan sgís iná tuirsi dá
nglacadh go bráth a n-oibriughadh na maitheasa, agus gan filleadh
ar a n-ais go bráth ón rún sin ar chomhuidh, ar cheannach, ar
bhagar, iná ar phionús dá dhíbhfeirgighe. Créd an bhríogh ré a
ndearnadar na hiasgoireadha ainbhfiosacha an ní so? Go dearbhtha
ní ré bríogh dhaonna acht ré bríogh agus re comhachtuibh
diadha. Óir do-rinne an nádúir a díthchioll déighionach isna
feallsaimh seach na n-uile; gidheadh, ní faghthar gur ghein sí
a samhuil so do bhríogh nó do neart ionntaibh ariamh. Go
dearbhtha dá mbeith creideamh Chríost lán d'fhallsacht agus do
bhréguibh, ní thiocfa ré hiasgairighibh go bráth obair nó
gníomh coimhiongantach agus so do dhénamh, agus ní mó dob fhéidir
leis an gcreideamh féin marthuin go seasmhach fá bhláth
comhfada agus so d'aimhdheóin a raibhe ag cathughadh 'na aghaidh.



Mar an gcédna madh do tharruing an Críost úd do crochadh
agus a iasgaireadh coimhneartmhar agus sin an chruinne thalmhuidhe
go coitchionn ar an ngrádh diadha, níorbh fhéidir dhóibh
sin do dhénamh ré comhrádh simplidhe. Óir ní ceannsaighthear
daoine tromdha eagnuidhe ré briathruibh simplidhe. As cinnte
ámh gur neartaighiodarsan a mbriathra ré míorbhuilibh dobhí
commór comhuathbhásach agus sin gur sháraigheadar an uile bhríogh
nádúrtha nárbh fhéidir a mbeith acht ó Dhia, as ughdar amháin
do na míorbhuilibh. Ní dhéin Dia ámh fiaghnuisi leis an mbréig
acht leis an bhfírinne. Mar sin ní féidir leis an gcreideamh
chríostaidhe, tré a ndearnadh na móirmhíorbhuileadha úd,
brég do dhénamh. Acht dá sénadh aoinneach na míorbhúileadha,
go dearbhtha dob í sin féin míorbhuile bá romhó do na míorbhuilibh,
.i. na móirfhearta oirdhearca do áirmhiomar thuas


L. 91


do dhénamh leis an mbochtán Críost agus leis na hiasgairighibh
ainbhfeasacha gan fhoghluim bá disgiobuil dó, gan míorbhuilibh.
Gidheadh, madh do-rinne Críost agus a dhisgiobuil míorbhuileadha,
nó mara ndearnadar, as follas cumhachta dofhaisnéidhe dochuimsigh
sháraigheas gan mheidh gan mhiosúr uile chomhachta na
ndée eile ina oibreachuibh. Agus amhuil as í cúis as ordhraice a
measg na gcúiseadh, an chúis as mó neart agus comhachta, mar
an gcédna adeirmíd gurab é an Dia fíre a measg na ndée, an
Dia as ordhraice agus as mó neart agus cumhachta, agus as é Críost an
buadhadóir dochlaoidhte so aguinne.



AN CREIDEAMH DO BHEITH FÍOR AS EAGNA CHRÍOST.



Caib. 14.



Taisbénam annso go sáraigheann eagna Chríost eagna na
n-uile. Do chéidneithibh, as leis an eagna bheanas na neithe
d'ordughadh agus do ghlés nó do chórughadh go maith. As éigin
fós riaghuil an stiúraidhthe do ghlacadh as an gcrích isna huile
neithibh as cóir do dhíriughadh dochum na críche. Óir as ann
sin bhíos gach ní glésta cóirighthe go maith an tan hordaighthear
é dochum na críche as dual dó. Uair as í as críoch dá gach ní,
a mhaith. As as sin adeirthear gurab eagnaidh ina cceird féin
an mhuinntir dhearcas go haireach ar chrích na ceirde agus choimhdhírigheas
gach ní chuice. Amhuil nach iad an mhuinntir
sheachadas aol agus clocha agus gach ní eile as riachtanus dochum
tighe do dhénamh adeirthear bheith eagnuidh isan gcéird sin,
acht an tí chuireas an suidheachan agus an fhoirm dhéighionach ar
an teach meastar bheith 'na thigheasach eagnuidhe. Gidheadh,
do bhrígh nach í críoch dhéighionach na beatha daonna bhíos
roimh chách isna cearduibh acht críoch énaránach áiridhe atá
soichríochnaigh, ní féidir a rádha gurab duine eagnuidhe thríd
amach neach, dá ghlioca dá mbí isna cearduibh si ar a ttéid
críoch. Gidheadh, an tí do-bheir aire go grinn do chrích
dhéighionaigh na beatha daonna agus ullmhaigheas agus dhírigheas na
huile mheadhóin oireamhnacha agus a uile ghníomha agus oibreacha


L. 92


chuice, as ceart a rádha gurab duine eagnuidhe dháríribh é.
Acht as amhlaidh sin do-rinne Íosa Násarénach, óir as é féin
amháin gona dhisgiobluibh agus a lucht leanamhna do theagaisg
agus do thaisbéin críoch fhíre na beatha daonna agus do choimhlíon
go foirbhthe í, ar mhodh (nach éidir) críoch d'fhághuil iná do
smuaineadh as fearr agus as foirbhthe iná críoch na beatha críostaidhe.
Dá bhrígh sin as follas nár fríoth ariamh agus nach éidir a
fhághuil a measg na ndée - más dée iad - iná a measg na
ndaoineadh neach as eagnuidhe iná Críost.



As comhardha ar neach do bheith foghlamtha gur féidir leis
teagasg. Óir ó thig neach dochum eólais fhoirbhthe, as éidir
leis go huras daoine eile do mhúnadh, amhuil as éidir leis an tí
tig dochum aoisi clann do gheineamhuin. Acht ní fríoth ariamh
ó thús an domhuin dia iná duine tug eólas iná eagna uaidhe
as sochraighe agus as tarbhaighe iná an bheatha chríostuidhe do
thug Críost do na daoinibh, agus do theaguisg agus do mhúin í coimhréidh
comhuras agus sin. Óir atá teagasg na bhfeallsamh comhdorcha,
comhdothógbhála agus sin a n-aimsir fhada, agus líonta do
sheachránuibh agus do chruas, go mbuaidhreann na maighistreadha
féin bhíos dá mhúnadh, agus nach bí cinnteacht ar bith aca air,
amhuil adubhramar thuas ar an gcúram diadha agus ar chrích
na beathadh daonna. Gidheadh, an tráth do thaisbéin an
Maighistir roi-eagnuidhe agus ar Slánaightheóir Críost é féin, as
ro-athghoirid 'na dhiaidh go bhfuair an chruinne cheathardha
solas commór agus sin ar chúram agus ar mhaith Dé, ar dhomharbhthacht
an anma, ar chrích agus ar shén síordhuidhe an duine, ar na
meadhónuibh thriallas chuice, agus ar iomad eile teagasg, ar
mhodh gur soilléir thuigid na críostaidhthe isan aois leanbdhuidhe,
eidir fhior agus mhnaoi, na neithe si iná na feallsaimh
ordhraice do chaith iomad saothar leó ar feadh a mbeatha.
Agus atáid comhdoghluaiste agus sin comhdaingion isan teagasg so
gomadh fhearr leó míle bás agus páis d'fhulang iná siolla dhá
laghad do theagasg Chríost do shénamh.



Arís, ní bhfuil dá fhad dá síneann agus dá luaithe oibrigheas an
gníomhach nach móide agus sin as follas méid a bhríogha agus a chumais.
Mar sin ní bhfuil dá neartmhaire dá mbí an eagna nach móide


L. 93


agus sin agus nach luaithe as éidir lé na hainbhfiosáin do impúdh agus do
shlánughadh. Ní hobair iomorro mhórchumais iná ghliocuis
daoine eagnuidhe eólgasacha do dhénamh don druing atá
somhúinte láininntleachtacha agus atá ó nádúir réidh ullamh
dochum gach ealadhna do thógbháil; gidheadh, sáraighe an
n-uile bhríogh agus cumas daonna amadáin, páistidhe, daoine
daillinntleachtacha, mná beaga, peacthaigh rothroma, daoine
rochoirbthe, agus stríopacha puiblidhe d'iompúdh ar ball dochum
eagna agus deighbheatha. Acht do iompaidh ar nÍosagán-ne
nuimhir dho-áirmhe ní headh amháin dá gach sórt do na dreamuibh
rémhráidhte acht fós do dhaoinibh eagnuidhe gérchúisiocha
comhtapaidh agus sin, ré sméideadh beagnach orra, dochum aithrighe
iongantaigh chroidhe, agus ní dhéin sgís go laéthamhuil ón
ní chédna do dhénamh; ní nach dearna dia eile iná duine ariamh.
Ar an adhbhar sin as ordhraice agus as fearr eagna agus teagasg Chríost
iná eagna na n-uile.



Mar an gcédna ó atá an nádúir toghtha go cinnte dochum
éinní amháin, ní mór an cumas an nádúir do dhénamh ní
éigin isna neithibh (nádúrtha) tré mheadhónuibh oireamhnacha;
amhuil agus dá gcuireadh créatúir éigin spioratálta síol teine a
tteach agus go loisgfídh an teach ar ball, ní measfaidhe sin mar
ghníomh mór iná docamhlach, do bhrígh gurbh fhéidir lé duine
a dhénamh; acht dá ndénamh sin ré cúisibh conntrárdha:
amhuil dá nglacadh leac aighre nó uisge agus teine do lasadh leó
agus an teach do losgadh, do measfaidhe sin gan amharas
'na ghníomh iongantach ordhraicc. Ar an adhbhar sin as comhardha
cumhachta agus cumais dofhaisnéidhe na huile neithe
nádúrtha do dhénamh gan ionnstrumaint ar bith nádúrtha
d'iarraidh, agus mar an gcédna lé gach ionnstrumuint gach ní as
toil leis, nó a chonntráir. Mar sin ní mór an t-iongnamh an
eagna do theagasg ré meadhónuibh dleachta nádúrtha, amhuil
do mhúiniodar na feallsaimh, do réir chumais ghnáthaigh na
tuigse nádúrtha. Acht áirdeagna dhofhaisnéidhe do theagasg
re leimhe an tsaoghuil si, .i. ris na neithibh mheasuid daoine
an tsaoghuil si do bheith roileamh, agus neithe roileamha an
tsaoghuil do iompúdh a n-ionnstrumainteadha na heagna


L. 94


diadha, agus an airdeagna as mó as éidir do bheith ar an tsaoghal
sa do chur 'na suidhe ionntuibh, go deimhin as árdobair rodhocamhlach
atá ar chumas Dé amháin. Dá meastaoi uathbháis
agus masla na croisi, maraon lé sgige, lé fochuidmhe, lé seilidhibh,
le basuibh, lé sgiúrsadhuibh, agus lé gach páis eile dár fhulaing
Críost a n-aimsir a bháis, níorbh fhéidir ní d'fhagháil bá tarcuisnigh
iná an chroch sul do snadhmadh Críost lé; gidheadh,
as lé do theagaisg Críost agus tug móireagna don chruinne dhomhanda
go coitchionn, amhuil theagaisgios an creideamh críostaidhe.
Ar an adhbhar sin atá an áirdeagna dhiadha i gCríost nár
chlos agus nár fríth a n-aoinneach eile ariamh.



Arís, ós leis na neithibh diadha bheanas an eagna, as í eagna
go dearbhtha as fearr, an eagna as díorcha mhúineas na neithe
diadha do na daoinibh: as í sin iomorro eagna Chríost. Ar an
adhbhar sin as foirbhthe agus as fearr eagna Chríost iná eagna na
n-uile. Gurab amhlaidh sin atá as follas as ar sgríobhadh roimh
Chríost, agus taobh amuich dá theagasg; agus dá gcurthar iad a
gcomóradh lé leabhruibh agus lé leachtuibh na gcríostaidhthe,
déra tú gurab roibheag tugsad na feallsuimh agus na hughdair
eile uathaibh. Agus ní headh sin amháin acht as mór an congnamh
tug an teagasg críostaidhe leis an bhfeallsa do mhédughadh agus
do thabhairt dochum foirbhtheachta; óir do dhoirt eólas na
neithe diadha comhfairsing agus sin don uile thaoibh gurab beag
nach feasach agus nach múinid anois an mhéid chreideas do Chríost
neithe gurab ar éigin tuigthí leis na fáidhibh iad sul táinic
Críost. Dá éis sin an tráth do thionsgnadar na hapstoil Soisgél
Chríost do thseanmóir agus a seachráin d'fhoillsiughadh do na
daoinibh, do ghlac an urdail sin náire na daoine agus do thairgiodar
iad féin do nidhe, amhuil agus dá mbeithdís san oidhche
dá n-onfoirt a múllach nó a lathaigh, agus comhluath agus do
thiocfa an solas, ar bhfaicsin an tsalchair sin, go nglacfadh
náire iad agus go ttairgfedís iad féin do ghlanadh agus do nidhe. Óir
do ghlac an uiriod sin náire agus athamhaltuis na feallsaimh agus na
filidhe an tráth do-chonncadar ré deallradh sholuis Chríost a
n-iodhaladhradh féin, a starthacha fábhuill, agus an dall ciach
gránna dobhí orra féin; agus do bhrígh nach raibh árach aca deallradh
an mhórsholuis sin d'iomchur, mar do-chonncadar nárbh


L. 95


fhéidir leó ar atharrach modha gráineamhlacht a ndée féin agus na
neithe diabhlaighe mallaighthe do-nídís d'fholach iná dath
macántuis ar bith do chur orra, as eadh do thairgsiod, an bhrég
do chothughadh ré bréguibh; gidheadh, bá neartmhaire thréine
gaidhthe gréine sholuis na fírinne iná iad.



As leis an eagna fós bheanas eólas ní headh amháin na neithe
buga acht fós na neithe cruaidhe docamhlacha, agus cumas do bheith
aice a múnadh agus a gcosnamh ar a naimhdibh. Acht ámh níor
thrácht éinneach ariamh neithe bá cruaidhe agus bá docamhlaigh
do na neithibh (diadha) agus níor mhúin nísa réidhe agus nísa usa iná
mar do-rinne Críost. Agus ní beagán disgiobal amháin do theagaisg
acht an chruinne go coitchionn. Cosnaid fós na críostaidhe
go huras na neithe cédna ar naimhdibh do-áirmhe, ar mhodh
nach éidir leis an tí léghas a résúin agus a leabhair conntabhairt
do dhénamh gurab í so an aoineagna amháin bhiothbhuan
dochuimsigh. Agus ní headh amháin gur chathaighiodar 'na haghaidh
ré résúnaibh agus ré briathruibh acht fós ré cloidheamh, ré masla,
ré bagar, ré piantuibh dofhuilngthe go soiche an mbás borb;
gidheadh, do fhan go dochlaoidhte buadhach a n-aghaidh na
n-uile. Go dearbhtha dá gcuirdís na prionnsadha agus na tíoránaigh
a n-aghaidh na bhfeallsamh amhuil agus do chuiriodar a n-aghaidh
na gcríostaidhthe ré résúnaibh agus re boirbphianuibh, as cinnte
go sénfadaois na feallsaimh na neithe bá follasaigh iná an solas
agus dobhí 'na ccéidfhrémha agus 'na ccédchúisi aca. Gidheadh, bíodh
gur theagaisg Críost na neithe nach éidir do lorgaireacht iná
do sgrúdamh re résún nádúrtha, ar a shon sin do chosuin iad
ó chloidheamh agus ó eagna na bhfeallsamh agus na n-uile dhée, agus do
neartaigh agus do dhaingnidh iad, ar mhodh nach éidir a gclaoidh
tré bhith síor.



Arís, as fíor an creideamh, nó as fallsa. Madh as fíor, ag sin
réidh an chúis; madh as fallsa, ní lughaide chruthóchas mé ort
gurab glioca agus gurab críonna Críost iná aoinneach eile, an tan
gur chuir neithe comhárda docamhlacha agus sin roimhe, agus gur
chuir iad comhdaingion agus sin 'na luighe ar na daoinibh nach
féidir ré résún iná re neart daonna iná diadha a mbriseadh iná
a sgrios. Admhuid iomorro na dochtúireadha críostaidhe
ealadha na feallsa, agus foillsighid nach bhfuilid na neithe do


L. 96


theaguisg Críost (bíodh go sáraighid an résún nádúrtha) conntrárdha
don fheallsa acht fós go bhfoghnann gach ealadha agus
go ndéin seirbhís dáibh; agus ní do réir mar do-ní drong áiridhe
ainbhfiosach easarlaigheach tharcuisnigheas agus theilgeas uatha
an fheallsa nó ealadha eile fhíre ar bith, acht glacuid chugtha
mar ní as ceart dáibh féin gach ealadha chéillidhe agus gach ní dá
ndubhradh go maith. Acht cia an t-eagnuidhe nó an duine
glioc as éidir d'fhághuil réarbh fhéidir bréga ar bith nó cumadóireacht
do chosnamh a n-aghaidh uile résún an uiriod sin
eagnuidheadh agus d'fhoillseóchadh a mbeith a gcoimhréir don
uile fheallsa? Go dearbhtha bí coimhréir agus coimhtheacht ag
an bhfíor leis an bhfíor agus neimhtheacht ag na huilibh leis an
mbréig. Ar an adhbhar madh as ar éigin dob éidir leis na
feallsaimh an fhírinne féin (do choimhéd) gan lot óna heasccáirdibh,
as lugha iná sin choiseónuid an bhréag anbhfann ar a
ttreóir féin a n-aghaidh gach comhraic chruaidh churata thiocfas
orra. Dá bhrígh sin madh atá an creideamh so Chríost brégach
fallsa, as riachtanas a rádha gurab roighlioca roichríonna Críost
iná na huile, an tan gur tharruing na daoine féin chuige ré
teagasguibh docamhlacha dosgrúdtha agus gur choimhéignidh iad
dochum a mbeatha d'iomchar go naomhtha beannaighthe. Acht
do bhrígh nach éidir leis na neithibh conntrárdha comhnuidhe a
bhfochair a chéile, ar mhodh go mbeith coimhtheacht ag na bréguibh
leis an bhfeallsa fhíre agus go ndíreóchaigh na daoine ar dheaghstaid
leó, as riachtanas a rádha gur fíor creideamh Chríost agus a
theagasg agus gurab eagnuidhe go dochuimsigh é féin iná a ttáinic
do dhéibh agus do dhaoinibh ariamh agus iná ttiocfa.



As uime sin do shanntaighiodar na daoine as foghlamtha dá
ttáinic isan uile ealadhuin agus bá fírénta beatha an teagasg so
Chríost mar áirdeagna, agus do shíoladar é léna seanmóir, léna
sgríbhinn agus léna n-oibreachuibh, agus do neartaidhiodar lé teist a
bhfola. Go dearbhtha muna mbeith a fhios aca go cinnte gurab
ó Dhia dotugadh an teagasg sin do na daoinibh, níorbh fhéidir
go bhfuileóngadaois an uiriod sin saothar, duadh, annródh agus
ainnisi dá chosnamh.



Mar an gcédna as ann go mórmhór as follas cumas an eagnuidhe
an tráth do-bheir a dhisgiobuil a mbeagán aimsire trésan tslighidh
as roighiorra go crích agus go foirbhtheacht iomláin isan n-uile


L. 97


ealadhuin. Acht as é Críost amháin do-rinne amhlaidh sin.
Óir ní bhfuil ealadha ar bith ann acht ealadha résúnta nó ealadha
réalta. As ealadha résúnta an loighic, an retoric agus an fhilidheacht,
óir as ar neithibh bheanas ris an résún amháin tráchtaid, agus as í
as críoch dháibh tuigse an duine do choimhéigniughadh ré
résúnaibh égsamhla agus lé teagasguibh dochum na neithe chuirid
ós a comhair do ghlacadh agus do dheónadh. Dothug Críost
iomorro gan docamhal nísa fhearr iná a ttáinic riamh a dhisgiobail
féin chuige sin do dhénamh, mar as follas go mórmhór
as mar do iompuidhsiod iasgaireadha, dobhí ainbhfeasach
aineólach sul do ghlacsad teagasg Chríost, an chruinne dhomhanda
go coitchionn ré teagasg bríoghmhar láidir; ní nárbh fhéidir
lé neart arm iná eagna an domhuin do dhénamh. Ruinntear ámh
an ealadha réalta a bpraiticc agus a spécláireacht. As í as ealadha
phraiticceach, an ealadha mhórálta stiúras na bésa agus thráchtas
ar na subháilcibh, agus múinidh teagasg Chríost í comhuras
comhtapaidh agus sin nach riachtanus a bheag dhi d'iarraidh
iná do shanntughadh ó na feallsaimh. Acht madh as í ealadha
na spécláireachta (dárab nádúir gach ní do sgrúdadh agus do mhionchuartughadh
go grinn caolchúisioch) bhias ann, ceachtar do
dhá ní: tairngidh sí ón n-uile adhbhar somhothaigh agus sothuisge;
agus as í sin an ealadha dhiadha, annar sháraigh Críost na huile gan
mheidh gan mhiosúr. Nó tairngidh sí ón adhbhar somhothaigh,
gidheadh, tráchtaigh ar an adhbhar sothuigse; agus as í sin an
matematic, bhreathnaigheas an fhoirm amháin, agus, do réir mar
adeirid na feallsaimh, nach ndearcann agus nach bhféchann ar an
maith iná ar an gcrích. Acht do bhrígh go bhfuil teagasg Chríost
rochúramach roidhíthchiollach dochum na maitheasa agus dochum
na críche, ní mór an stuidér do-ní asan ealadhuin si, ar an
adhbhar nach bean leis an slánughadh. Ar a shon sin madh as
éidir sochar nó tarbha ar bith do bhuain eiste, as cinnte go
bhfuighe teagasg Chríost é. Óir na nuimhreacha agus na fíoghracha
atá isan sgrioptúir naomhtha, hordaighthear iad go ro-oireamhnach
dochum déighbhés agus neithe diadha, ionnus nach bhfágbhann
teagasg Chríost sochar iná tarbha is iontsanntuigh a n-ealadhuin


L. 98


dá hísle ag na feallsuimh nach ttairgneann chuige féin. Nó
ní thairgneann sí ó adhbhar sothuigse iná somhothaigh; agus as í
sin an fheallsa nádúrtha, sa críoch dhéighionach dochum a
ttreóraigheann an teagasg críostaidhe sinn go hégsamhuil
uras go n-iomad sóláis agus antola. Óir ní hé eólas na neithe
nádúrtha ann féin an airdchríoch, dochum a ttriallmuid trésna
neithibh nádúrtha, acht as mian linn teacht go heólas agus go
fios na neithe dofhaicse trésna neithibh corpardha sofhaicse so.
Ní go deimhin fhritheólas go fairsing súgach an teagasg críostaidhe
oruinn; óir cumaidh go hiongantach breaghdha neithe dofhaicse
Dé dhúinn isna huile neithibh beagna nádúrtha, amhuil a
sgáthán. Ar an adhbhar sin as é Críost bá roi-eagnuidhe don
n-uile, mar go ttug an chruinne go coitchionn go crích agus go
foirbhtheacht gach ealadhna go ro-uras gan ródhocamhuil.



Fá dheóidh, sáraighidh sámhas na tuigse sámhas na gcédfadh.
As a bhfios ámh na céidfhírinne choimhsheasmhuid na neithe
bheanas leis an tuigse; agus ní bhfuil dá fhoirbhthe dá rachaidh an
tuigse 'na n-eólas nach móide agus sin mhéideóchas a sámhas. Ar
an adhbhar sin as abhal a bhfuil an eagna as mó atá eólas agus
sámhas nías mó na céidfhírinne. Ar an adhbhar sin as comhardha
ar mhóireagna Chríost an t-árdshámhas atá ag na críostaidhthibh
anna mhaodhughadh, nár fríoth nísa mhó go fóill. Dobhádar
iliomad, amhuil ad-chímid anois féin, do tharruing iad féin go
hionaduibh uaigneacha agus go díseartuibh diamhra, iar ttréigean uile
antola agus aoibhneasa an tsaoghuil ar son mhaodhughadh na céidfhírinne
atá i tteagasg Chríost, agus ní as romhó iná go ndeachadar
ar a n-aghaidh agus go ndearnadar bisioch comhmór agus sin isan
maodhughadh go measfá nach daoine iad acht leithdhée nó
aingle ar talamh; óir do-chuadar comhmór agus sin tar an bhfeóil
nach eadh amháin nach bí dúil aca a ní ar bith talmhuidhe acht
fós nach cubhaidh leó dearcadh orra. As ar follas gurab é
teagasg Chríost an t-áirdteagasg, agus gurab é Íosa Críost féin áirdeagna
fhíre an Athor shíordhuidhe, réarbh fhéidir an uiriod sin agus
a ccommór d'fheartuibh iongantach do dhénamh.


L. 99


AN CREIDEAMH DO BHEITH FÍOR AS MÓRMHAITH
CHRÍOST.



Caib. 15.



Do thaisbénamar go soiche so Íosa Nasárénach do shárughadh
na n-uile dhaoine agus uile dhée na gcineadhach a gcomhachta agus a
n-eagna, ar mhodh dá gcreidthí Dia ar bith do bheith, nárbh
fhéidir a mheas Dia ar bith do bheith acht eision amháin; anois
as mian linn an ní cédna do thaisbénadh as a mhórmhaith, ag
cruthughadh gurab é an árdmhaith agus críoch dhéighionach na
beatha daonna. Tabhair dhot aire ar tús gurab ar son chríche
éigin bhíos na huile ghníomhartha daonna. Óir as ó thoil shaoir
an duine, anna n-eidirdhealaigheann leis na hainmhinntibh
brúideamhla, thigid uile ghníomhartha agus oibreacha an duine,
an mhéid gurab daonna iad. As é ámh as cosbóir don toil, an
mhaith agus an chríoch. An tan iomorro nach bhfuil dul gusan
doichríochnaigh isna críochuibh (nó dá mbeith gomadh riachtanus
gluasacht gach foinn do chomhnuidhe), as éigin críoch
éigin dhéighionach do bheith ag an duine. Ní féidir ámh dhá
chrích dhéighionacha do bheith ag aoinní amháin, an tan nach
bí aoinní re sanntughadh tar an gcrích dhéighionaigh. Óir as
í as críoch dhéighionach ann, ní shásas agus líonas an fonn, ar mhodh
nach bhfágbhann ní ar bith as díol dúla nó foinn taobh amuich
di féin nó do na neithibh horduighthear chuice. Mar sin ní
bhfuil acht aoinchríoch amháin dhéighionach ag na huile dhaoinibh.
Bíodh a fhios agad ar a shon sin nach tteagmhuid na
daoine go huilidhe ré chéile isan gcrích dhéighionaigh go hadhbhardha;
gidheadh, tigid uile ré chéile d'aoinmhéin isan gcrích
chédna go foirmeamhuil. As í iomorro as críoch dhéighionach
do na daoinibh, an sonus. Óir as fonnmhar an n-uile dhuine
ar bheith sona, ar son nach isan ní chédna nó nach ionann ní a
measuid na huile dhaoine an sonas do bheith. Acht ó do
chruthaigheamar thuas gurab í an chéidfhírinne agus an chédchúis,
.i. Dia, as críoch dhéighionach don bheathaidh dhaonna, madh
chruthaighemíd anois gurab é Íosa Críost an chríoch dhéighionach
sin, biaidh follas gurab é an chéidfhírinne, an chédchúis, Dia


L. 100


fíre agus an árdmhaith dárab díleas go roifhíor bheith 'na chrích
dhéighionaigh ag an gcineadh daonna.



Dochum so do thuigsin nísa shoilléire as inbhreathnuigh an
tan hordaighthear nádúir ar bith go ní éigin amhuil go crích
dhéighionaigh gurab féidir a toirmeasg re cumasg nádúire eile
dá buaidhreadh, ar mhodh nach gluaisfeadh ar énchor dochum
na críche, nó nach gluaisfeadh coimhneartmhar agus do-dhénamh
dá mbeith gan an toirmeasg sin uirre: amhuil triallas gach ní
trom síos agus thriallas na huile neithe troma do réir foirme a ttromdhachta
go nádúrtha gó a cenntrum. Gidheadh, an t-én, do
bhrígh nach foirm thromdhachta amháin atá aige acht fós
foirm ainmhidhe, as suas eitilleas. Óir tógthar suas é leis an
ngluasacht ainmhidhe do thoirmeasg na tromdhachta. Mar an
gcédna madh bhíonn iomad aiéir agus teine ceanguilte ré talamh
a ccumasg domhothaigh, ní féidir dhó gluasacht go roluath síos.
Gidheadh, gluaisidh an ní fíorthrom gan cumasg édtromdhacht
síos go roluath muna ttig toirmeasg air; agus ní bhfuil dá ghlaine dá
mbiaidh ina nádúir gan cumasg nach móide agus sin a neart ag triall
ar a chenntrum. Do bhrígh iomorro go bhfuil dhá nádúir isan
duine, .i. nádúir spioratálta agus nádúir chorpardha nó mhothaightheach,
bíodh gurab ar Dhia thriallas an tuicsi agus an toil ré gluasacht
nádúrtha, gidheadh, ó chumasg na coda corpardha leó cuirid
na miana toirmeasg agus buaidhirt orra, agus as mionca tairngthear
iad go ní eile iná gusan ní iarras an nádúir. Agus tar a cheann nach
éidir éigean nó foirneart do dhénamh ar an tuigsi agus ar an toil, ar
a shon sin, tré ainbhfios nó tré iomad álgasa, tairngidh an tuigse
an toil dochum dúla agus foinn do bheith isna neithibh neamhordaighthe.
Mar sin madh as mian linn nádúir fhíre críche an
duine d'fhagháil amach, as éigin go gcaithfeam a lorgaireacht as
gluasacht agus neart a ghrádha agus as an bhfonn agus as an álgas
teasaidhe bhíos air. Gidheadh, do bhrígh go bhfuil nádúir
résúnta agus mothaightheach isan duine, ní cóir dhúinn dearcadh
ar fhonn nó álgas na droinge do-bheir a mbeatha suas (ar nós)
na háirnéisi acht ar fhonn agus ar álgas na druinge do-bheir a


L. 101


mbeatha a ttír go résúnta agus as daoine go fíre. Óir madh as
mian liom a fhios d'fhagháil as an tromdhacht cáit a ttriallann
an ní trom, ní bá féidir dhamh a fhios sin d'fhághuil as eitill na
n-én acht as gluasacht na neithe atá trom go fíre. Acht do
chruthaigheamar thuas nach bhfuil beatha ar an tsaoghal so
as glaine iná an bheatha chríostaidhe, iná daoine as résúnta
do-bheir a mbeatha suas iná na críostaidhthe. Dá bhrígh sin
as as grádh agus fonn na droinge as daoine fíre go díleas amháin
as éidir linn theacht a n-eólas na críche déighionaigh. Acht
trialluid na huile chríostaidhthe do chaitheas a n-aimsir go maith
ré grádh roineartmhar d'aoinmhéin go Críost do crochadh mar
áirdchrích dhéighionaigh, agus tarcuisnighid na huile neithe amhuil
aoileach nó salchar ar a shon agus dá ghrádh. Ar an adhbhar sin
as é Críost an chríoch dhéighionach, an Dia fíre agus an árdmhaith.



Arís, as í as críoch dhéighionach, foirbhtheacht iomlán an
duine; mar sin ní bhfuil dá fhoicsi dá rachaidh dhi nach móide
bhias foirbhthe, agus ní bhfuil dá mhéid dá mbiaidh foirbhthe nach
móide thiucfas a bhfogas di; óir as ionann agus neach do bheith
foirbhthe, a bheith a bhfogas dá chrích dhéighionaigh. Gidheadh,
níor fríth ní ariamh, sa fhoicse tré a ndeachaidh an nádúir
commór ar a haghaidh 'na beathaidh re tuicse agus ré toil, agus tréar
ghnóaigh uiriod foirbhtheachta agus dofuair re teacht a bhfogas
d'Íosa Críost do crochadh ó thuigsi agus ó thoil (ar theacht a bhfogas
ó thuigsi agus ó thoil labhramaoid annso agus ní ar theacht a bhfogas
ó chorp), ar mhodh nach bhfuil dá fhoicse dhó dá ttiucfa nach
bá móide bhias teasgrádha aige dhó. As ar follas go soilléir
gurab é an Críost sin do crochadh críoch dhéighionach an duine.



Arís, ní bhfuil (ní) ar bith as nádúrtha iná álgas agus fonn na
críche si; agus as uime sin ghreamhaigheas gach ní go doghluaiste
dá chrích dhéighionaigh. Agus amhuil bhíos na céidfhrémha a
n-ealadhuin na spécláireachta, as mar an gcédna bhíos an
chríoch dhéighionach a n-ealadhuin na praitigeachta. Dá bhrígh
sin, amhuil agus atáid na céidfhrémha ceanguilte dhínn ó nádúir,
as mar an gcédna atá grádh agus fonn na críche déighionaighe.
Ar an adhbhar sin as comhardha ar an duine theacht gusan
grích dhéighionaigh madh ghreamaigheann comhdaingion
agus sin d'éinní amháin do réir résúin atá glan ón n-uile dhubháilce


L. 102


go ndéin neamhshuim don n-uile ní eile, agus gomadh fhearr leis
a bhás do theacht iná sgaradh leis an ní sin. Agus bíodh gur
chuiriodar daoine éigin críoch eile rompa, as annamh go bhfacamar
ariamh gurbh fhearr leó sgarthuin réna mbeathaidh iná
leis an gcrích sin. Óir fuilngid cách eile na huile neithe dá
ndocamhlaigh do choimhéd na beatha, agus do-bheir an duine gach
uile ní dá mbí aige ar son a anma. Gidheadh, tréigid na críostaidhthe
ní headh amháin go deóntach acht go meamnach
móraigeantach a gcuid díleas ar son Críost, agus a mbeatha go
súgach suilbhir neamhchásmhar. Go dearbhtha muna mbeith
Críost 'na árdmhaith, ní dhéindís, go háirídhe daoine ro-eagnuidh,
malairt ar a mbeathaidh - an pérla as daorluaighe agus as
muirnighe ag an duine - ar an earráid as mó as éidir d'fhághuil.



Mar an gcédna ó as dochum aoinchríche amháin hordaighthear
an mhéid cuinnighthear fá aoinghné, agus go n-uaimcheangaltar
iad isan gcrích sin, amhuil thairngeas na neithe troma go
huilidhe gó a cenntrum; as comhardha rofhollasach ar gurab
é Íosa Críost do crochadh as críoch dhéighionach don duine,
nár fríth éinní ariamh anna gceangóltaigh na daoine ré cuibhreach
comhdaingion agus ceangaltar iad annar tTighearna Íosa Críost.
Óir an mhuinntir chreideas a nÍosa Críost, as amhlaidh ceangaltar
iad agus bhíos coimhtheacht eatorra mar bhíos eidir gach cuid
don talamh ag tarruing ar a centrum. Agus as ar an modh gcédna
do-níthear aonchroídhe amháin agus aonanam amháin i gCríost do
na huile chríostaidhthibh thairgeas triall go díreach díthchiollach
ar Chríost; agus ní bhfuil dá mhéid dá ttéid siad ar a n-aghaidh isan
gcreideamh nach móide agus sin cheangluid d'aroile ré teas grádha,
carthanachta agus sámhuis. Gidheadh, muna mbeith Críost acht
'na dhuine amháin, agus an creideamh fallsa brégach, níorbh fhéidir
leis ann an uiriod sin do mhílltibh daoine do choinghioll agus
do chinél égsamhuil a leithéid sin d'éifeacht do gheineamhuin;
óir as ro-uras gach cruinnioghadh dá ndéntar do bhrégaibh
do sgaoileadh agus do sgapadh. Agus ní mó dob fhéidir lé nuimhir
dhoichríochnaigh do dhaoinibh ceangal cairdeasa do dhaingnioghadh
ar fhondamuint fhallsa, iná an cáirdeas sin do mhédughadh
ré fás don bhréig.



Arís, ní bhfuil dá fhoicse dá rachaidh ar ttuigse don chrích
dhéighionaigh nach móide agus sin fhásaid ar sóláis spioratálta;


L. 103


agus as í uair bhíos go rofhoirbhthe an tráth as mó thig a bhfogas
don chrích sin. Mar sin madh bhíonn sórt éigin sóláis ag an
duine an tráth roicheas go neamhfhoirbhthe an chríoch sin, as
cosmhuil go mbiaidh sólás mór aige an tan ghébhas an chríoch
go foirbhthe iomlán. Gidheadh, sáruighidh an sólás ghlacuid
na críostaidhthe ó Chríost na huile shóláis tuigse agus chédfadh,
amhuil as follas as trí neithibh go mórmhór. Ar tús, as seasamh
dofhaisnéidhe na martíreach, dá a léghamaoid nuimhir dhoichríochnaigh
do rioth chum na bpian comhlúthgháireach coimhiolgháirdeach
agus dobheithdís ag dul dochum bainnsi, agus a lár na
bpian bheith ag canntuin salm go súgach soimheanmnach,
amhuil agus dobheithdís a móraoibhneas; ní go dearbhtha nach
ttiocfa leó do dhénamh muna gcosnamh iomarcaigh an tsóláis
agus an tsámhuis dochuimsigh bhíos aca a gCríost ón n-uile dhoilgheas
agus ón n-uile chrádh (iad), ar mbeith neamhmothaightheach
do chédfadhuibh an choirp; ní nach deónaighthear do shólás
iná do shámhas eile ar bith; óir buaidhridh an doilgheas nó an
crádh neartmhar an duine, agus tairngidh an n-uile antoil uaidhe,
ar mhodh go gcuir tar a chéill é go meinic. Arís, as sompladhuibh
dofhaisnéidhe na manach do thréig uile aoibhneas an tsaoghail
agus do theith fán bhfásach ag aitreabh díthreabh agus uamhacha
talmhan a gcomhluadar agus a gcuideachta bheathadhach n-allta,
a n-aibstainéid, a ttrosgadh, a gclaodhbhrúdhadh na colla.
Agus bíodh go rabhadar bocht ainnis gan mhórán bídh iná édaigh,
ar a shon sin as súgach sólásach do chaithdís a n-aimsir ré
iomad sámhuis a maodhughadh na neithe ndiadha. Sa lorg as
follas re faicsin go fóill a n-iliomad d'áitibh ar feadh an domhuin.
Anois féin ad-chímid iliomad daoine riaghalta dá ttoirbheart
féin a modhsuine dheóntaigh fá iadhadh phríosún síordhuidhe
na mainistreach fá chuing chruaidh umhlachta na naomhstaide
riaghalta, as easbach ar an n-uile áineas agus aoibhneas saoghalta,
gidheadh, do-bheirid a mbeatha a ttír comhsáimh agus comhsólásach,
ré congnamh Dé, amhuil agus dobheith aoibhneas agus antoil
an tsaoghuil uile aca. Fá dheóidh, as na daoinibh roi-eagnuidhe
bá eólgasach isan n-uile ealadhuin, do thréig an n-uile
ealadha, iar mblas do naomhthobar an sgcrioptúir agus millseachta


L. 104


Chríost, sa theagasg amháin do shásaidh iad, ar mhodh gur
ghreamaighsiod de comhdaingion comhdosgaoilte agus sin nach
raibh acht blas amh aca ó shoin amach ar uile eagna agus ealadhuin
na bhfeallsamh agus na bhfileadh agus ar chumas deaghlabhartha na
retoricceadh. As follas as na neithibh si go sáraighid go fada
na sóláis agus na sámhuis thig ón gcreidemh agus ó mhaodhughadh
Chríost do crochadh na huile shóláis agus sámhuis eile. Ar an
adhbhar sin as riachtanus a rádha gurab ón árdmhaith thigid,
go mórmhór an tan nach bhfuil dá fhoicse dá roichiom go Críost
ó chreideamh agus ó ghrádh nach móide agus sin fhásaid na sóláis si
agus na sámhuis aguinn.



Fá dheóidh, amhuil adubhramar cheana, as éigin an mhéid
atá fá aoinghné amháin d'ordughadh dochum aoinchríche déighionaigh
amháin; mar thigid na huile dhaoine ré chéile a modh na
críche déighionaigh, bíodh nach ttigid ré chéile isan ní anna
bhfaghthar an mhodh sin; óir as annsin atá an cheist. Dá
bhrígh sin ó as a n-oibriughadh na tuigse nó na toile atá sén
agus sonus an duine, déram gurab é ní dá ttig nádúir na críche
déighionaigh, an ní a mbí coimhtheacht ré chéile ag na
huile dhaoinibh résúnta, dochum a ngluaistear iad d'aoinmhéin
agus ar aonmhodh, dá ngreamaighid go doghluaiste, ghrádhaighid
ós a gcionn féin, anna bhfaghuid sámhas agus sólás ro-iongantach,
as a n-ibhid iomláine na beatha agus deallradh an tsoluis neamhdha,
agus tarmfhoirmighthear iad isan déshearc, ar mhodh go ndéntar
an ní cédna dhíobh go huilidhe, agus amhuil agus dobheithdís as an
saoghal amach, measuid gurab aoileach na huile neithe talmhuidhe
ón tsíth romhóir agus ón sólás neamhdha bhíos do ghnáth
aca. Gidheadh, iad so go huilidhe as coinghiolla dísle don
árdmhaith, níor fríoth riamh iad acht isan gCríost úd do crochadh.
Ar an adhbhar sin as é an Críost sin as ardmhaith ann.



Acht cad bheir ag tráchtadh nísa fhaide sinn ar na neithibh
atá follas uatha féin? Ó as do nádúir na maithe í féin do ruinn
agus do dhortadh, as éigin go mbí an árdmhaith roruinnteach
rodhortach uirre féin. Gidheadh, ní faghthar ruinn don mhaith
as mó agus as fairsinge iná an ruinn tig ó Íosa Críost; óir iar tteacht
Chríost agus iar síoladh a chreidimh, do glanadh an chruinne go
coitchionn ó cheó domhuin dorcha na seachrán, na n-ainbhfios,


L. 105


agus na bpeacadh, agus do líonadh iad don n-uile shubháilce agus naomhthacht
beatha, agus do dáileadh an uiriod sin troimthiodhlaictheadh
do na creidmheachuibh go mbíodh meas ag cách orra gurab
sona beannaighthe a staid, agus go bhfuaradar an naoimhshén
síordhuidhe ar an talamh sa. Óir madh as éidir sén iná sonas
ar bith d'fhághuil ar an tsaoghal sa, as cinnte gurab iad na
críostaidhthe do-gheibh.



Fá dheóidh, foillsighidh búidheacht dofhaisnéidhe agus trócaire
dhochuimsigh ar tTighearna Íosa Críost iomadamhlacht iomarcach
a mhórmhaitheasa; óir ní thairngeann maithmheachas
iná párdún, agus ní chuireann ar cairde trócaire do dhénamh ar na
haithrigheachuibh ar son tromdhachta a bpeacadh iná ar son
gráineamhlacht a gcoirthe nó a míghníomh, acht ruinnidh nísa
mhó dá thiodhlaicthibh agus dáiligh nísa mhó do thabhartaisibh
don droing fhilleas air iná do chleachtadh roimhe sin. Agus as
feasach sinn nach bhfuil dá mhionca dá ttréigeann neach é
nach bí dá mhúchadh a lathaigh an tsaoghuil si agus dá chrádh
ag iomad cúram, do bhrígh go gcaill millsiocht agus díorchacht
na deighbheatha do chleachtadh roimhe sin; gidheadh, comhluath
agus do-ní aithríghe ó chroidhe, do-gheibh an tsíth agus an sólás
dobhí aige cheana.



AN CREIDEAMH DO BHEITH FÍOR AS COMHACHTA,
AS EAGNA AGUS AS MAITH CHRÍOST A N-AOINFHEACHT.



Caib. 16.



Dochum a ndubhramar go soiche so ar chomhachta, ar eagna
agus ar mhaith Chríost do thuigsin go huras, adeirmíd munab Dia
Críost, amhuil do-rinne sé féin de féin, nach ttáinig do na
daoinibh neach bá huaibhrighe agus bá leimhe iná é. Gidheadh,
munab é féin adubhairt gur Dhia é, acht gurab iad bréga a
dhisgiobal agus cumadóireacht na ndaoine (mar aithrisid drong
áiridhe do chaill a gciall) do chur an t-ainm sin ós áird air,


L. 106


cionnus dob fhéidir comhachta commór agus sin, eagna agus maith nach
éidir nías mó do smuaineadh do theacht ó chumadóireacht
fhallsa nó ó bhréguibh? Madh as fíor go stiúraigheann Dia agus go
ccomhdaigheann na neithe íochtaracha sa ré meadhónaibh
oireamhnacha, ó do chruthaigheamar nach bhfuil slighe iná
meadhón as foirbhthe dochum na beatha do thabhairt suas go
búidh beannaighthe iná Críost, ní fhaicim cionnas as éidir
dhúinn gan a admháil gurab é Críost an meadhón fíre dochum
an tsonuis agus an tséin shíordhuidhe do dháil Dia don chineadh
daonna; nó caithfeam ceart Dé agus a chúram fá na créatúiribh
do dhiúltadh, nó a chreideamh gurab go cinneamhnach theagmhuid
na huile neithe, agus Dia thríd amach do dhiúltadh; neithe
as leimhe re rádha dár chlos ariamh, taobh amuich don chéidní
atá roifhíor agus as riachtanas do ghlacadh.



Arís, madh atá creideamh ar bith fíor ar an tsaoghal sa, mar
d'fhoillsigheamar cheana ré résúnaibh foirtille go bhfuil, cia
shénfas iar bhfaicsin ar aithrisiomar do mhóirfheartuibh gurab
é sin an creideamh críostaidhe? Óir ní bhfuil aoinchreideamh
eile dá chosnamh re résúnaibh daingne dochlaoidhte amhuil agus
atá. Gidheadh, muna bhfuil an creideamh críostaidhe fíor, go
dearbhtha as éigin an n-uile chreideamh eile do dhul seachad.



Mar an gcédna as feasach sinn nach raibh creideamh ariamh as
cruaidhe dofuair cur chuige iná an creideamh críostaidhe agus as
buaine atá dá bhuilliughadh gan sgís ré naimhdibh neartmhara
niadhachúiseacha ó aimsir Chríost gusan am so. Gidheadh, do
thuit an n-uile chreideamh eile gan duadh gan chathughadh
comhuras agus do síoladh é. Acht an creideamh críostaidhe, as ag
deallradh agus ag lonnradh bhíos ó bheith dá fhoghairt a lasrachuibh
teinntighe do ghnáth; ní nárbh fhéidir dá mbeith creideamh
eile ar bioth fíor, nó dá mbeithsion fallsa.



'Na gceann so as follas nár iomchuir agus nár fhulaing an creideamh
críostaidhe a bheag do bhuaidhreadh iná d'inghreim
ariamh ó dhaoinibh fírénta iná macánta, acht go raibh cion,
muirn agus onóir mhór aca air; gidheadh, go raibh cogadh síor aige
le drochdhaoinibh coirbthe cionntacha agus léna n-athair an diabhal,


L. 107


agus go bhfuil go laethamhuil go dochlaoidhte feardha feadhmláidir
ag cruadhchomhrac gan sgís riú. Agus mar as léir dhúinn
anois nach dearna persecution iná inghreim ariamh ar chreideamh
iná ar dhisgiobluibh Chríost acht madh drong mhallaigh don
tsórt so; ní nach ttarla do chreideamh eile ar bioth riamh.
Créd an fáth dá bhrígh sin gurab usa linn lorg na ndrochdhaoine
do leanmhuin ag aithris orra iná lorg na ndeaghdhaoine?



Arís, níor fríoth creideamh ariamh dochum ar fhilleadar agus
dochum a bhfillid go laéthamhuil uiriod daoineadh agus fhillios ar
an gcreideamh chríostaidhe, agus a fhios aca nach dochum onóra,
saidhbhreasa iná antola fhilleid - neithe dá ndiúltaid anna
mbaisteadh - acht dochum tarcuisne, troisgthe, gainne, masla,
agus madh as éigin é, dochum gach pian dá ndúire d'fhulang. Go
deimhin ní tarróngthaoi aoinneach céillidhe ar na coinghiolluibh
sin muna ttolladh solas na fírinne roshoilléire croidheadha na
ndaoineadh.



Leis na résúnaibh (si) agus léna samhluibh as éigin don tuigse a
chreideamh gurab fíor creideamh iongantach Chríost. Bíodh
iomorro nach ttugann énrésún amháin, nó dá résún, nó trí
fá-deara do na daoinibh an creideamh d'admháil, gidheadh, as
éigin dáibh géilleamh d'iomad résún a bhfochair a chéile, madh
meastar iad go díreach, óir ní lugha a mbrígh iná brígh ráidhte
an mhatematic, nó aithbheóadh mairbh, dá ttugthaoi mar
chruthughadh ar an gcreideamh é.



Ar an adhbhar sin madh atá an creideamh críostaidhe fíor, as
éigin an n-uile chreideamh eile do sgrios mar neithe gan tádhbhacht
gan brígh, an tan go ndearbhann an creideamh críostaidhe
nach éidir aoinneach do shábháil bhíos taobh amuich dhe
féin. Ní go dearbhtha atá résúnta; óir ós a radharc Dé atá ar
slánughadh agus nach éidir d'aoinneach teacht gusan radharc sin
gan grása agus tíodhlaice neamhdha, ní féidir d'aoinneach a fhagháil
gan an creideamh, mar go n-abair an sgrioptúir gurab doidhénta
taithneamh ré Dia gan an creideamh.



Ní bhfuil iomorro slighe ghearáin iná leithsgéil ag aoinneach
ar son a bheirthe a n-áitibh coimhightheacha a bhfad ón gcreideamh
sa; óir ciabé leanas solas nádúrtha an résúin, nach tteasdaigheann
ó énduine, agus fhilleas ré hinntinn dírigh agus ré croidhe
glan ar Athair coitchionn na n-uile - nach diúltann a riachtanas


L. 108


ar aoinneach - agus iarrfas solas na fírinne air, ní rachaidh a ghuidhe
a n-asgaidh; óir taisbénaidh Dia an tslighe dhó ré brodadh
innmheadhónach, mar do-rinne ré Job, nó ré haingeal, mar
do-rinne ris an gcaptaín Cornelius; nó ré duine éigin apstalta,
mar do chuir S. Philip gusan eunucus; agus mar sin do-ghébhaidh
an solas as riachtanas go slighidh na sábháilteachta.



Fínit.


L. 109


AN TREAS LEABHAR DO BHUAIDH NA NAOMHCHROICHE,
NÓ d'FHÍRINNE AN CHREIDIMH.



BROLACH NÓ RÉMHRÁDH AN TREAS LEABHAIR.



Do thaisbénamar go follas fírinne an chreidimh chríostaidhe
isan chéidleabhar agus isan dara leabhar as na héifeachtuibh
oirdhearca do-rinneadh agus do-níthear go laéthamhuil isan Naoimh-Eagluis
Chatoilce. Acht do bhrígh nach lór dhúinn ar résúin
agus ar bhfondamainteadha féin do chur a bhfochair a chéile muna
gcosnam iad ar an druing rear mian a sgaoileadh agus a sgrios, as
eadh as indénta dhúinn, cur a n-aghaidh easccarad an chreidimh,
ag foillsiughadh don domhan nach bhfuil aoinní doidhénta
iná díthchéillidhe isan ccreideamh chríostaidhe. Óir bíodh go
gcreideann iomad ós cionn résúin nach bhfuil doidhénta do
chomhachtaibh Dé, gidheadh, ní admhann éinní atá a n-aghaidh
an résún; agus tar a cheann go sáraighid go fada tóruinn gach
inntleachta daonna, ar a shon sin atá mórán résúin, céille agus
cruthamhlachta aca.



Dochum oird do choimhéd a réim shiobhail na hoibre si,
laibheóram ar tús ar airteagluibh an chreidimh; óir as iad as
fondamuinteadha dár gcreideamh. Arís, do-bhéram uainn ord
agus résún nó ciall na n-aitheanta mórálta. Dá éis sin foillseócham
ciall na reachta agus na ndlightheadh dá ndéin ar ccreideamh úsáid
ag tabhairt bhreithemhnuis. Fá dhéoidh, míneócham go
follas rúindiamhra, cerimonias nó naomhghnáis na hEagluisi
Catoilce. Óir as iad so iadhas uile theagasg agus reacht na
gcríostaidhthe.



Agus bíodh gur thráchtsad dochtúireadha ordhraice agus daoine
rofhoghlamtha go heagnuidhe fairsing foirleathan ar na neithibh
si, ar a shon sin ní cóir d'aoinneach a mheas gurab iomarcach
an treas leabhrán so aguinne ar na neithibh cédna, do bhrígh
go bhfaicthear dúinn gurab ceart a cheangal leis an dá leabhrán
eile, dochum teaguisg agus aiceachta na beagoibre si do bheith
iomlán ar gach taobh, agus dochum gan éinní do léigion adamach
thoruinn gan tráchtadh air do réir ar gcumais. Arís, dochum
an mhéid do theaguisgsiod ar n-oideadha agus ar maighistridh ré


L. 110


seanmóruibh fada agus ré gérchúis iongantaigh do thabhairt uainn
go hathchumar sothuigse, cruinneócham iad, ré congnamh
Dé, fá iadhadh an leabhráin si, agus do-bhéram uainn aiceacht
athchumair agus léighionn lántarbhach gan ródhocamhuil dá gach
aicme, madh críostaidhthe nó ainchríostaidhthe. Go ttug
Dia dhóibh araon a ttarbha do bhuain as. Amén.


L. 111


GO BHFUILID NEITHE DOICHRÍOCHNAIGH I NDIA,
AGUS GURAB FÉIDIR LE DIA NEITHE DOFHAISNÉIDHE
DO DHÉNAMH SHÁIREÓCHADH CUMAS NA TUIGSE
DAONNA.



Caib. 1.



As uras dúinn a thuigsin as anbhfainne na tuigsi daonna go
bhfuilid iliomad agus neithe doichríochnaigh i nDia sháraigheas go
dochuimsigh cumas ar ttuigse. Óir as san ndíthchioll déighionach
do ní haitheantar cá fad shíneas a chumas. As éidir dúinne
mar sin fios cumais agus bríogha ar ttuigse féin d'aithne isna feallsuibh
oirdhearca, anna n-admhaid na huile an nádúir do dhénamh
a díthchill déighionaigh. Gidheadh, as cinnte (do réir mar
admhuid) gurab gann neimhdhearbhtha saothrach an t-eólas
nó an tuigsi dobhí aca ar na neithibh nádúrtha. Ar an adhbhar
sin muna ráinic ré uile chumas agus díthchioll na nádúire daonna
teacht go glaineólas na neithe nádúrtha atá ós comhair ar súl,
féch an lugha iná sin thiocfas a n-eólas na beithe neamhdha?
Agus as rolugha iná sin thuigfeas nádúir na n-aingeal. Agus as míle
lugha iná iad sin uile roichfeas go heólas an tí atá go dofhaisnéidhe
arna árdughadh ós cionn na n-uile.



Arís, madh dochímid iliomad isan aoinghné amháin daonna
sa atá comhdaillinntleachtach agus sin nach éidir a n-ollmhughadh
ré healadhuin, ré gliocas, ré díthchioll iná ré saothar dochum
na neithe do thuigsiod móirfheallsamh do ghlacadh,
as mó as inmheasta go ttuigid na haingle, atá a ngné ro-égcosmhuil
leis na daoinibh agus nísa uaisle iná iad, iliomad do neithibh
dochum nach éidir ar aonmhodh ré cumas ar ttuigsi-ne í féin
do shíneadh. Créd, mheasas tú, as ionráidhte ar an tuigse
dhiadha atá taobh amuich don n-uile ghné agus don n-uile chinél
agus sháraigheas go doichríochnaigh na hardtuigseadha ré solas
nach éidir teacht 'na chomhgar iná d'fhulang?



Bíodh iomorro gurab as na héifeachtuibh haitheantar na cúise,
gidheadh, an tráth sháraighid na cúise go ro-ordhraic na héifeachta,
ní féidir fios foirbhthe na gcúiseadh d'fhághuil as na
héifeachtuibh. Mar sin ós é Dia cédchúis na n-uile agus (go) sáraigheann
go doimheasta a uile éifeachta féin, sa bhfios iná a n-eólas


L. 112


nach bhfaghmaoidne acht go míofhoirbhthe, as follas nach éidir
dhúinn eólas d'fhagháil ar Dhia féin, acht go fíorghann, ré bríogh
an tsoluis nádúrtha.



Ní deacair dhúinn fós a fhoillsiughadh go soilléir gurab féidir
lé Dia mórán do dhénamh, agus go ndéin neithe as mó iná as éidir
linn do thuigsin, an tan gurab ón gcédfadh nó ón mothughadh
thionsgnas ar ttuigse agus nach n-éirgheann ós cionn na neithe
cédfadhacha nó somhothaightheacha so. Óir atá sí ceanguilte
comhmór agus sin d'ord na neithe nádúrtha nach éidir (di) dul taobh
amach don ord sin do sgrúdadh nó do dhearcadh neithe ar bith.
Óir as tré ghnéibh na neithe nádúrtha thuigeas gach ní dhá
ttuigeann. Gidheadh, as cinnte gan chonntabhairt go bhfuil
Dia taobh amuich don n-uile ord, an tan gurab gníomh fíre é
agus beith dofhaisnéidhe. Agus ó as do réir mar bhíos gach ní a ngníomh
oibrigheas sé, as éigin a rádha go bhfuil comhachta dofhaisnéidhe
a nDia nach bhfuil ceanguilte d'ord ar bith dá ordhraice.
Mar sin as leamh ré rádha nárbh fhéidir le Dia ní ar bith do
dhénamh nárbh fhéidir dhúinne do thuigsin, go mórmhór an
tan go ndéin iliomad agus beagnach neithe doichríochnaigh a n-ord
na neithe nádúrtha féin atá dosgrúdtha aguinne, mar atáid an
mhéid do-níthear isna neithibh neamhadhbhardha.



As oireamhnach ar a shon sin do fhoillsigh an mhaith diadha
mórán do rúindiamhruibh do na daoinibh gus nárbh fhéidir leis
an résún daonna rochtuin; agus do-rinne iomad ós cionn oird na
neithe nádúrtha, sa n-eólas dochum ar féidir leis an duine, atá
ordaighthe dochum na críche neamhdha, do theacht. Óir do
thuig an duine as solas na neithe ndiadha an chríoch dhéighionach
agus na meadhóin oireas chuice; agus iar sgrúdadh aigéin na mórdhachta
diadha, do thuig a anbhfainne agus a laige féin. Óir níorbh
fhéidir leis a aghaidh do dhíriughadh iná dearcadh a bhfad
uaidhe ar an gcuid as rolugha don tsolus sin fós, ar gcur cheóa
an mhaodhughaidh eidir é agus é; as a ttig dhó Dia d'adhradh go
reuerens agus go n-uirísle rodhomhuin, mar gur fhoghluim a dhearcadh
go n-iongnamh ós na huilibh go dofhaisnéidhe. Anna
bhfuair barr eólais air agus sámhuis agus aoibhneas romhór as na
neithibh bá toil agus bá cubhaidh leis an maith diadha do ruinn
go fial fairsing ar iomad do mhodhuibh ar na daoinibh.


L. 113


Ar an adhbhar (sin) ní díol magaidh iná fochuidmhe agus ní neithe
as inteilgthe go neamhchásmhar na neithe chuireas an creideamh
críostaidhe romhuinn ré creideamh, ar son nach éidir leis an
tuigse a nglacadh. Acht as mó as díol magaidh agus neamhcháis
an drong do fhilleas go héigcríonna ón gcreideamh Chatoilce ar
son an aoinrésúin amháin si, a ndaille féin. Léghadaois ar tús
ar résúin-ne agus luighedís orra, ní d'fhonn cur 'na n-aghaidh acht
d'fhonn a ttuigsiona, agus aitheónuid annsin nach n-abramaoid
aoinní atá doidhénta iná díthchéillidhe. Acht dochum a ndubhramar
do thaisbénadh go solasghlan, tráchtfam annso síos ar
gach ní dhíobh fá leith, agus cuirfeam iad go soilléir sothuigse a
n-ord iomchubhaidh a ndiaidh a chéile.



DO NA NEITHIBH CHREIDEAS AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE
ATÁ ÓS CIONN TUIGSE AN DUINE.



Caib. 2.



Beanaidh cuid do na neithibh soichreidthe ré diadhacht
Chríost, agus cuid eile réna dhaonnacht. As ar an aondacht thráchtas
an céidní bheanas réna dhiadhacht. Óir creidmíd aoinDia
amháin do bheith ann, agus ní fhuilngemíd nísa mhó do dhéibh.
Agus as é so as cédfhondamuint dár tteagasg as riachtanas dá gach
aon do chreideamh. Agus ní headh amháin gur creideamh é leis
na daoinibh foghlamtha acht bá feas dhóibh ré résún dá gclaoidh,
mar adubhramar a ttús na hoibre si. Ar aondacht na Tríonóide
atá an dara hairtiogal. Agus as lé beith na diadhachta bheanuid
an dá airteagal sa. Ré hoibreachuibh dísle na diadhacht, as
éidir lé Dia amháin do dhénamh, bheanuid an chuid eile. Ré
beith na nádúire bheanas an cédairteagal díobh; óir adeirmid
gur chruthaigh Dia na huile, .i. go ndearna iad gan éinní dá
ndénfadh iad d'iarraidh chugtha. Féchaidh an dara hairteagal
ar bheith na ngrás neamhdha; óir creidmíd go naomhann Dia
ré tiodhlaicthibh neamhdha an créatúir résúnta dochum a
tharruing chuige féin. Ré glóir an anma bheanas an treas
airteagal; óir creidmid an drong naomhthar ar an tsaoghal so


L. 114


do dhul tar éis a mbáis do shealbhughadh ghlóire Dé, bhal a
bhfaghuid an tuarastal neamhdha go neamhghann. Geallaidh
an ceathromha hairteagal dúinn eiséirghe na gcorp; óir atá
dóthchas aguinn inn féin uile d'eiséirghe agus d'fhagháil ar gcorp
glórmhar domharbhtha.



Acht do thaoibh dhaonnachta Chríost, creidmíd, do chéidneithibh,
Críost do bheith 'na Dhia fíre agus 'na dhuine fhíre, 'na
Mhac Dé agus na Maighdine Muire, sa brú annar gabhadh é ón
Spiorad Naomh gan lot gan bhearnadh a hóghachta. An
dara feachta, creidmíd gur fhulaing páis ar ar son, go bhfuair
bás agus gur hadhlacadh. An treas feacht, go ndeachaidh síos go
hifrionn d'fhuasgladh anmann na n-aithreach naomh as an
tseinphríosún iar sgaoileadh geimheal peacaidh na sinnsior dhó
agus go rug iad go glóir shíordhuidhe. An ceathromha feacht,
adeirmíd gur éirigh go glórmhar ó mharbhuibh. An cúigeadh
feacht, go ndeachaidh suas go flaitheamhnas agus gur shuidh ar
deasláimh a Athor. An seiseamh feacht, creidmíd go ttiucfa
do thabhairt breithe ar bheóaibh agus ar mharbhuibh agus d'athnuachradh
an domhuin go hiomlán. Agus as mar sin chuirmíd an
creideamh go huilidhe 'na shuidhe ar dá fhonndamuint dég, dá
ngairmíd dhá airteagal dég an chreidimh. Fá dheóidh, atá
d'fhiachuibh oruinn gach ní dá bhfuil isna naoimhsgrioptúiribh
canónta dár eachtaidh an Naoimh-Eagluis Chatoilce Rómhánach
do bheith inchreidthe agus dá n-eachtóchaidh ó so amach, do
chreideamh go doibhriste. Taisbénfam ar n-imtheacht ar an réim
si nach ttugmaoid féin anuas aoinní doidhénta iná díthchéillidhe
anna samhlaibh so d'fhondamuinntibh nó d'arteagluibh.



Ní hinmheasta gur léigiomar thoruinn airteagal naomhshacramuinte
fhola agus fheóla ar tTighearna Íosa Críost, anna
bhfuil uiriod cruais agus atá a n-aonairteagal eile, muna mó leission.
Óir ós leis an mórshácramuint sin naomhthar an créatúir résúnta,
as éidir a tarruing gusan airteagal thráchtas ar naomhadh na
ndaoineadh, bíodh go gcongmhann daonnacht Chríost, ar a
ttráchtfam a bhfochair na sácramuinnteadh eile isna neithibh
laibheóram ar na cerimonias, ós ag na sácramuinntibh féin atá
ceannus a measg na ceremonias. Acht do bhrígh go ndubhramar


L. 115


go lór isan gcéidleabhar ar an gcédairteagal, .i. ar aondacht Dé,
agus ó thigid na feallsaimh agus na huile linn isan bpongc (so) ní riachtanus
labhairt nísa mhó air.



NACH DEARBHANN AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE
ÉINNÍ DOIDHÉNTA INÁ DÍTHCHÉILLIDHE AR AN
TTRÍONÓID.



Caib. 3.



Iar léigean an chédairteaguil thoruinn mar ní rofhollas, as é
an dara hairteagal, bheanas ré haondacht na Tríonóide, pongc
as cruaidhe agus as docamhlaigh dá gcurthar lé a chreideamh
dochum na gcríostaidhthibh. Óir creidmíd trí pearsanna
deaghailte ó a chéile, .i. Athair, Mac agus Spiorad Naomh, do
bheith 'na -aoinDia amháin. Ní mar do shaoiliodar iliomad,
ag meas go leamh go ngairmíd aoinDia amháin ó chuibhreach
an ghrádha do thrí Dhéibh; nó ar an modh a n-abarthar aonphobal
amháin d'iliomad daoineadh bhíos deaghuilte ó aroile.
Acht as eadh adeirmíd, Dia do bheith 'na aon rodhoruinte
dochuimsigh doichríochnaigh dofhaisnéidhe; agus bíodh go ndearbhamuid
an Dia so do bheith 'na Athair, 'na Mhac agus 'na Spiorad
Naomh, ní dhiúltamuid éinní dá thaoibh dá n-abair nó dá molann
an fheallsa fhíre, ní mar adubhairt Sabellius, .i. Dia do bheith
'na aoinphearsuinn, dá ngairmthear as na héifeachtuibh égsamhla
oibrigheas ar uairibh ainm an Athor, seal eile ainm an Mheic,
agus ar uairibh eile ainm an Spioraid Naoimh, do réir na n-éifeacht
do-ní; iná mar adubhairt Arrius mallaighthe, do mheas go
rabhadar na trí pearsanna deaghuilte re aroile, an tan do chum
an cleasaighe coirbthe an Mac do bheith nísa lugha agus nísa dhéighionaigh
iná an tAthoir, agus an Spiorad Naomh nísa ísle iná an
Mac. Acht glacmaoid an tslighidh ríoghdha mheadhónach agus
adeirmíd a n-aghaidh Sabellius go bhfuil an tAthair, an Mac agus
an Spiorad Naomh 'na ttrí bpearsanna deaghuilte ó aroile.
Gidheadh, adeirmid a n-aghaidh Arríus go bhfuilid 'na n-aon


L. 116


a nádúir agus coimhionann a gcomhachta agus a nglóir, ar mhodh go
bhfuil gach ní dá bhfuil ag an Athair ag an Mac agus ag an Spiorad
Naomh, agus gach ní dá bhfuil ag an Mac ag an Athair agus ag an
Spiorad Naomh, agus gach ní dá bhfuil ag an Spiorad Naomh ag an
Athoir agus an Mac. Uime sin ní bhfuil eidirdhealughadh eatorra
mar bhíos eidir na créatúiribh, ar mhodh go mbeith éinní ag
pearsain aca nach beith ag pearsuin eile; acht as é eidirdhealughadh
amháin atá eidir na trí pearsanuibh si, .i. ó a bhfuil pearsa
agus atá ó phearsain. Óir atá an n-uile ní dá bhfuil ag an Athair ag an
Mac mar an gcédna; acht as é difir atá eatorra gurab uaidhe féin
atá so ag an Athair agus nach ó aoinneach eile. Ón Athair ámh atá sé
ag an Mac; ar a shon sin ní bhfuil nísa lugha iná an tAthair, óir ní
bhfuil éinní aige nísa lugha ón Athair. Mar an gcédna atá ag an
Spiorad Naomh gach ní dá bhfuil ag an Athoir agus ag an Mac;
agus as é difir atá eidir é agus iad gurab uathasan atá sin aige, gidheadh,
nach glacaid uaidhesion é. Óir madh curthar na pearsana a
gcomóradh nó a gcosmhuileacht leis an mbeith nó leis an
nadúir dhiadha, ní bhfuilid acht 'na n-aon, agus ní bhfuil difir
iná eidirdhealughadh eatorra agus an nádúir mar bhíos eidir ní
agus ní eile. Gidheadh, madh curthar iad féin a gcomóradh re
aroile, atá difir phearsanta eatorra thig ó chonntrárdhacht nach
pearsa dhíobh an phearsa eile; agus as uime sin adeirmíd nach
déighionaigh an Mac iná an tAthair, agus nach déighionaigh an
Spiorad Naomh iná an tAthair agus an Mac. Óir as éigin na neithe
eidir a mbí coimhcheangal riachtanasach (dá ngoirid na Laidneóntaidh
relatiua) do bheith maraon ó nádúir agus ó thuigse, agus ní
féidir ní aca do bheith iná do thuigsin gan an ní eile. Ní abramaoid
iomorro go bhfuil difir nó eideirdhealughadh mar atá
eidir an athoir agus an athardhacht isan daonnacht ar an modh
gcédna isan diadhacht; acht as éinní amháin an athardhacht
agus an tAthair agus as éinní amháin an mhacdhacht agus an Mac isan
diadhacht, agus ní bhfuil difir réalta eatorra mar bhíos eidir ní agus
ní eile. Ní dhénmaid ar a shon sin comhchuireadh ar bith i
nDia an tan go n-abramuid gurab é an tAthair, an Mac agus an
Spiorad Naomh an ní cédna as é an bheith nó an nádúir dhiadha;


L. 117


óir, mar adubhramar ar ball, as iad na pearsana an ní cédna as
é an bheith nó an nádúir dhiadha, agus ní bhfuil difir bheitheach
nó nádúrtha eatorra; agus as é so an ní nach éidir linne do thuigsin
ar énmhodh, .i. trí pearsana do bheith 'na n-aoin Dia amháin
agus 'na ngníomh fíorghlan substainte roishimplidhe gan chumasg,
agus ar a shon sin na trí pearsanna sin do bheith deaghuilte eattorra
féin, ar mhodh nach é an tAthair an Mac iná an Mac an tAthair,
iná an Spiorad Naomh an tAthair iná an Mac. Gidheadh, as é
an tAthair an ní as é an Mac, agus as é an Mac an ní as é an tAthair,
agus as é an Spiorad Naomh an ní as é an tAthair agus an Mac. Óir
ní mó iná go pearsanta deaghuiltear iad; agus as éinní amháin iad
agus aontsubstaint amháin. Agus do bhrígh gurab do réir mar do
thuigmíd na neithe ainmnighemíd iad, uime sin ós as na
créatúiribh thuigmid Dia, as as na créatúiribh ghlacmuid
anmanna Dé. Isna créatúiribh iomorro an tráth ghluaisios
beathadhach ó bheathadhach oile a gcosmhuileacht a nádúire
agus a ghnée, adeirthear gurab geineamhuin; agus adeirthear athair
leis an tí gheineas agus mac leis an tí geintear. Mar sin adeirthear
gurab geineamhuin isan diadhacht, gluasacht pearsan ó phearsuin
eile ar mhodh tuigse; agus adeirthear athair leis an bpearsain ó
ngluaisionn pearsa, agus mac leis an bpearsain sin ghluaisios.
Gidheadh, ní ar énmhodh amháin thuigmíd geineamhuin do
bheith isna beathadhachuibh nó isna daoinibh agus isan diadhacht;
óir as geineamhain chorpardha bhíos isna daoinibh agus isna
beathadhachuibh eile, gidheadh, as geineamhuin spíoratálta go
hiomlán bhíos isan diadhacht. Adeirmíd go ngluaisionn an
Mac ar mhodh tuigse, gurab é briathar Dé Athor, a íomháigh
agus a eagna geintear. Gidheadh, as ón Athair agus ón Mac atá
gluasacht an Spioraid Naoimh ar mhodh grádha. Óir as é ní
an grádh, cuibhreach agus uaimcheangal neithe ré aroile. Acht
do bhrígh nach bhfaghthar éinní isna neithibh ghluaisios go
neamhmeadhónach ó dhá ní comhfoirbhthe ré chéile, mar an
Spiorad Naomh ón Athair agus ón Mac: uime sin níor fríoth focal
coimhdíleas do ghluasacht an Spioraid Naoimh agus dofríth do
ghluasacht an Mheic; acht as ón Athair go geineráilte hainmnighthear
gluasacht an tí ghluaisios. Gidheadh, do bhrígh go
n-abramaid an Spiorad Naomh do ghluasacht ó thoil, nó ó


L. 118


ghrádh, as é ghairmid dá ghluasacht, séideadh túis ón Athair.
Óir as gnáth go séideann an grádh neart nó spiorad isan ní
ghrádhaigheas. As uime go speisialta dofuair an phearsa tig
ón Athair agus ón Mac an t-ainm si Spiorad Naomh; ar a shon sin
as spiorad an tAthair agus naomh, agus as spiorad agus naomh an
Mac. Uime sin an tan díslighthear an dá ainm so do phearsuin
an Spioraid Naoimh, as ar son éinní amháin glacthar iad. Ar
an adhbhar sin ó nach bhfuil acht dá ghluasacht inmheadhónacha
isan nádúir thuigsigh, .i. gluasacht do thaoibh na tuigse agus gluasacht
do thaoibh na toile, as céillidhe résúnta adeir an creideamh
nach bhfuil isan diadhacht acht dhá ghluasacht, .i. gluasacht an
Mheic ón Athair, agus gluasacht an Spioraid Naoimh ón Athair
agus ón Mac: an chédghluasacht ón tuigse agus an dara gluasacht
ón toil; agus mar sin atáid trí pearsana ann.



Dob fhéidir linn mórán eile do labhairt ar an Tríonóid Ronaomhtha
so, acht do bhrígh gur sgríobhamar na neithe bheanas
ré substaint an chreidimh, ní riachtanas dúinn leanmhuin orra
nísa mhó. Ciabé ámh ar a mbiaidh fonn na neithe si do lorgaireacht
nó do sgrúdadh nísa ghérchúisighe, léghadh go measardha
agus go nglaine chroidhe na leabhair chríostaidhe agus do-ghébhaidh
ionnmhas agus óirchiste dofhaisnéidhe inntibh. Acht as lór dhúinne
anois a fhoillsiughadh nach measann an creideamh críostaidhe
ní ar bith ainbhfiosach doidhénta iná díthchéillidhe ar an
Tríonóid. Ní féidir iomorro teacht a n-eólas nó a bhfios na bpearsan
sa na Tríonóide ré résún nádúrtha; óir ós as na créatúiribh
thigmíd a n-eólas Dé, ní féidir dúinn teacht ar an módh sa
féin 'na eólas, acht an mhéid gurab é as tús agus as cúis do na
créatúiribh. Ní bhfuil sé ámh 'na thús iná 'na chúis ag na
créatúiribh acht tré a chomhachtuibh atá coitchionn do na trí
pearsanuibh; agus mar sin ní féidir dúinn eólas d'fhagháil as na
créatúiribh acht eólas na neithe atá coitchionn don Athair, don
Mhac agus don Spioraid Naoimh. Uime sin ní féidir dhúinn difir nó
eidirdhealughadh na bpearsan do thuigsin as fios nó eólas
na gcréatúireadh do bheith aguinn. Acht bíodh nach lór an
laige nó an anbhfuinne dhaonna dochum sin do thuigsin, ní
cóir dhúinn ar a shoin sin gan na rúindiamhra ronaomhtha do
haithrisiodh agus do foillsigheadh dhúinn do chreideamh. Óir as
roileamh ré meas nach bhfuil ní ar bith fíor acht an ní as éidir


L. 119


linn do thomhas ré solas ar n-inntleachta nó ar ttuigse féin, an
tan go bhfuilid (mar adubhramar cheana) neithe dochuimsigh
doichríochnaigh dofhaisnéidhe i nDia atá a bhfolach oruinn agus
nach éidir dhúinn do lorgaireacht iná do sgrúdadh ar énchor.
Ar a shon sin do-bheirid na résúin agus na hargumainteadh
rear thaisbénamar isan dara leabhar an creideamh críostaidhe
do bheith fíor neart agus bríogh mhór don airteagal so, mar an
gcédna do-bheirid résúin áiridhe chruthamhla, ar uairibh,
congnamh dhúinn. Uime sin ní leasg linn résún éigin díobh
do thabhairt anuas, ionnas gomadh follas nach labhramaoid agus
nach ccreidmíd éinní ar Dhia atá a n-aghaidh résúin, acht go
bhfuil iomad résúin, cruthamhlachta agus cosmhuileachta ag
rúindiamhruibh ar ccreidimh ris na neithibh nádúrtha.



Ó as do nádúir gach éifeachta tairgsin aithris do dhénamh ar a
chúis, as éidir dhúinn, ar mhodh éigin, as meas na ngluasacht agus
na ngeineamhnach do-geibhthear isna créatúiribh, éirghe gusna
gluasachtuibh atá i nDia. Do-gheibhmid iomorro iomad gluasachtadh
isna créatúiribh, agus gach gluasacht, do réir iomláine a
choinghill, foirbhthe innmheadhónach. Óir do-gheibhthear
sórt gluasachta agus geineamhna isna neithibh ag nach bí beatha
nó anam, fá mar ghluaisios teine ó theine eile. Agus atá a tús agus
a frémh féin ag an ngeineamhuin si isan ngníomhach, oibrigheas
a n-adhbhar fhoirimleach. Uime sin as í an gheineamhuin si
gluasacht as lugha as foirbhthe nó as innmheadhónach don mhéid
ar a laibheóram annso. Do-ghébha tú gluasacht nó geineamhuin
as foirbhthe agus as innmheadhónaigh iná so isna neithibh fhásas;
óir an ní geintear isna planndadhuibh, atá coimhcheanguilte
ris an bhfréimh gheineas, bíodh go sgarthar leis é fá dheireadh.
Acht isna hainmhinntibh atá sórt geineamhna isna cédfadhuibh,
agus as mó as foirbhthe, as spioratálta agus as innmheadhónach í
iná geineamhuin na bplanndaidhe eatorra féin; óir anaidh
gníomh an chédfaidh isan ccédfadh féin, agus ní shileann go
foirimleach, bíodh gurab ó ní foirimleach thig; mar sin ní faghthar
go fóill geineamhuin innmheadhónach go foirbhthe isna cédfadhuibh.
Do-geibhthear ámh geineamhuin as foirbhthe agus as innmheadhónaigh
iná so i ttuigse an duine, do bhrígh go n-aithfhilleann
oibriughadh na tuigse uirre féin. Uime sin as éidir
leis an duine maodhughadh ar na neithibh atá aige anois agus


L. 120


briathar na tuigse atá istigh a ttaisge do ghlacamh, as sin
brúchtadh a ngrádh na neithe sin do ghlac sé agus tríonóid na
bpearsan do chumadh ann féin, .i. tuigsi, briathar agus grádh.
Gidheadh, as ó chédfadh thionsgnas an gheineamhuin si na
tuigse agus as ó ní fhoirimleach thig ar tús, amhuil agus thionsgnas
ar n-uile fhios agus eólas. Acht madh fhillmíd ar an tuigse ainglidhe,
nach nglacann fios iná eólas ar bioth ó na cédfadhuibh agus agá
bhfuil an fios go nádúrtha, do-ghébham geineamhuin na bréithre
agus an ghrádha nísa oirdhearca agus nísa innmheadhónaigh innte.
Gidheadh, do bhrígh gurab ó Dhia atá an t-aingeal féin go
hiomlán, as sin as ó ní fhoirimleach atá, agus ní hí a thuigse, a bhriathar
iná a ghrádh as substaint dó. Uime sin atá míofhoirbhtheacht
éigin isna geineamhnachuibh do-geibhthear isna hainglibh,
agus ní bhfuilid innmheadhónach thríd amach. An tan
iomorro go bhfaicmíd nach bhfuil dá uaisle agus dá fhoirbhthe dá
mbí an créatúir nach dá réir sin bhíd a ghluasachta agus a gheineamhnacha
nísa fhoirbhthe agus nísa innmheadhónaigh, agus go ttairgeann
an t-éifeacht aithris do dhénamh ar a chúis, an díthchéillidhe
dhúinn a rádha, an tan go sáraigheann Dia go dochuimsigh
dofhaisnéidhe na huile chréatúireadha, go bhfuilid
gluasachta agus geineamhnacha rofhoirbhthe ro-innmheadhónacha,
sháraigheas go dochuimsigh na huile gheineamhnacha eile, i
nDia, agus nach ó ní foirimleach thigid, agus nach bhfuil difir eidir
iad agus a shubstaint, agus ar a ttairgid na huile chréatúireadha aithris
do dhénamh, bíodh gur fada ón bhfoirbhtheacht úd ghabhuid?
Na pearsana diadha iomorro, ní thigid ó chúis ar bith, acht
as aoinDia amháin iad as cúis do na huilibh. Agus mar sin atáid
na trí pearsana 'na n-aon i substaint, agus deaghuilte eattorra féin,
ar mhodh nach pearsa aca an phearsa eile. Óir ó ghluasacht
ní ó ní eile as éigin sórt éigin conntrárdhachta do leanmhuin, agus
eidirdhealughadh do bheith eidir an ní gluaistear agus an ní
ghluaisios nó ó ngluaisionn. Madh bhíonn an gluasacht nó an
gheinemhuin réálta, as éigin go mbí an chonntrárdhacht réalta
agus an t-eidirdhealughadh mar an gcédna.



Isan duine, mar gurab é as foicse thig a gcosmhuileacht do
Dhia a measg na neithe nádúrtha, do-gheibhthear sórt tríonóide
isan gcuid spioratáilte dhe, .i. tuigse, briathar agus grádh. Óir an
tráth thuigeas sé Dia ó ghníomh, glacaidh briathar ó Dhia, agus


L. 121


as sin lingidh ina ghrádh. Gidheadh, as rofhada ghabhas an
tríonóid si ón Tríonóid Diadha; óir do bhrígh go bhfuil Dia
suthain síordhuidhe domhalartach dochlaochlaightheach agus nach
éidir míofhoirbhtheacht ar bith do bheith ann, ní 'na n-aicídeadha
atá a bhriathar iná a ghrádh ann mar bhíos ionnainne, agus ní
bhíd ag teacht agus ag imtheacht uaidhe, acht atá an Grádh agus an
Bhriathar do ghnáth ón tsíordhuidheacht i nDia d'aontsubstaint
leis an Athoir. As follas as so nach gconnmhann an creideamh
ní ar bith mírésúnta do thaobh Dé acht gurab céillidhe résúnta
gach ní dá measann air.



Do-geibhthear fós isna huile chréatúiribh lorg na Tríonóide, óir
(ó) hiomlántar iad go huilidhe do thús, do mheadhón agus do chrích,
agus go bhfuil isan n-uile chréatúir substaint, comhachta agus
oibriughadh, agus neithe eile don tsórt sin, as ar lér sórt séla nó
cosmhuileachta na Tríonóide. As fabharthach don chomhrádh
sa atá Aristotel, prionnsa na bhfeallsamh, adubhairt go résúnta
i ttús an leabhair do chum ar fhlaitheamhnas agus ar an domhan
ag moladh nuimhre an trí: as do thrí neithibh choimhsheasmhuid
na huile, mar a ttug anuas lucht leanamhna Pithagoras ag
rádha gurab do thrí neithibh cinntear na huile, .i. do thús, do
mheadhón agus do chrích, agus adeir gurab ó nádúir na ndée dochum
cáich do naomhadh glacthar an ní so. Ní abramuid a n-aimsir
chonntuis na huile ré dís; gidheadh, an tráth thiucfair gusan
treas fear, as éidir leat na huile do rádha. Óir, dar leat, as
ionann an n-uile, an iomláine agus an fhoirbhtheacht. As a n-
abair Aristotel gur méidigheacht fhoirbhthe gach corp, do bhrígh
gurab do thrí neithibh choimhsheasmhas, .i. d'fhad, do leithiod
agus do dhoimhne. As ar follas go glan nach dochruthamhuil
éinní dá gcreidmíd ar an Tríonóid Dhiadha. Agus bíodh nach
éidir leis an tuigse dhaonna a ghlacadh, ar a shon sin foillsighidh
an aoinní amháin so a gceann (na) résún rémhráidhte nach
ré gliocus daonna dofríth an creideamh so. Óir bíodh go ttugann
anuas neithe dosgrúdtha ar Dhia, ar a shon sin ní thugann
éinní anuas atá conntrárdha don fheallsa fhíre, acht foghnuid
fondamuinteadha na feallsa dhúinn, agus do-bheirid congnamh
dhúinn dochum gach cruaidhcheiste d'fhuasgladh go huras. Ní
as comhardha diongmhálta ar fhírinne an chreidimh.


L. 122


NACH DEARBHANN AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE
NÍ AR BITH DOIDHÉNTA INÁ DÍTHCHÉILLIDHE AR
AN GCRUTHUDHADH.



Caib. 4.



Iar meas na neithe bheanas ré mórdhacht Dé dá thaoibh féin,
fécham anois ar na neithibh bheanas ris do thaoibh na gcréatúiribh,
agus ar tús do thaoibh na beithe nádúrtha. Creidmíd
iomorro gur chruthaigh Dia na huile ó thús, .i. go ndearna na
huile neithe sofhaicse agus dofhaicse do neimhthní ó thosach. Agus
ní hinmheasta gurab fada so ó résún agus ó fhírinne, an tan go
n-admhuid na huile gurab é Dia as cédchúis do na huilibh
óna bhfuil a mbeith ag neamh agus ag nádúir. Cad é an ní eile
do-ní cúis ghníomhach ar bith acht a héifeachta do thabhairt
go beith? Ar an adhbhar sin ó nach bhfuil dá fhoirbhtheacht
dá mbí tús nó frémh an ghníomha nach móide agus sin chomhruinneas
é féin ar mhórán agus ar neithibh a bhfad uaidhe, agus gurab
gníomh fíorghlan Dia, as éigin a rádha go síneann comhachta
Dé go beith na n-uile, agus gurab uaidhe atá a mbeith ag na huilibh.



Arís, bíodh gurab déighionaigh an gníomh iná an chomhachta
isan ní tairngthear ó chomhachta go gníomh, ar a shon sin as
túsga an gníomh iná an chomhachta; óir ní féidir an chomhachta
do thabhairt go gníomh acht ré ní atá a ngníomh. Ar an adhbhar
sin ó as é Dia amháin a bheith féin agus an gníomh fíre, as (éigin)
gurab túsga é iná na huile, agus gurab uaidhe atáid na huile, agus gurab
é do-ní iad.



As ro-iomchubhaidh roichéillidhe a admháil go ndearna na
huile do neimhthní, .i. gan adhbhar iná cúis ar bith d'iarraidh
dá ndénamh iad. Iarraid ámh na hoibrigheadha aonaracha,
madh nádúrtha nó ealadhanta iad, adhbhar dochum na neithe do-níd
do dhénamh, do bhrígh nach uathaibh atá uile shubstaint an
ní do-níd; óir ní beith tríd amach iná iomlán do-bheirid don ní
sin acht an bheith so. Gidheadh, Dia atá 'na chúis rochoitchinn,
do-bheir beith iomlán don ní, óir as dó choimhfhreagras an
t-éifeacht rochoitchionn, .i. beith go hiomlán. Ar an adhbhar
sin ní féidir lé ní ar bith bheith acht an ní thig ó Dhia. Mar


L. 123


sin ní riachtanas ní ar bith do bheith roimh oibriughadh Dé.
Óir dá ndeónaighthe ní ar bith do bheith roimhe, ceachtar
do dhá ní: as ó Dhia do bheith, nó ní uaidhe. Munab uaidhe, ní
fíor gurab é Dia cúis oibrightheach na n-uile; sa chonntráir d'fhoillsigheamar
cheana. Madh as ó Dhia do bheith, as do ní égin, nó do
neimhthní do-rinne Dia é. Madh as do neimhthní do-rinne é, ní
bhfuil ar iarraidh aguinne acht sin. Madh as do ní éigin do-rinne é,
fiafraighim cia ó a bhfuil an ní sin féin dá ndearnamh é, agus an ó
Dhia atá nó nach eadh; agus mar sin fillfeam ar an gceist chédna. Ar
an adhbhar sin as éigin gluasacht gusan doichríochnaigheacht -
ní nach éidir - nó a admháil gurab do neimhthní do-rinne Dia
na huile anna mbeith.



Gidheadh, do bhrígh nach ó riachtanas na nádúire acht ó thoil
do-ní Dia gach ní, mar do fhoillsigheamar thuas cheana, ní
raibh riachtanas lé Dia do chruthughadh an domhuin ó thús
na síordhuidheachta, acht isan aimsir do-conncas ro-oireamhnach
dá naomhthoil roi-eagnaidh féin. Agus as éidir a chruthughadh
ré résún éigin gurab oireamhnach agus tarbhach do-rinne sin,
's gan buain ré comhairle fholaighthe a mhórdhachta dosgrúdtha.
Óir ar son sochair, tarbha agus maithe a fhírén agus a lucht toghtha féin
do-rinne na huile, sa radharc agus a eólas as uile mhaith dháibh.
As móide iomorro, as iomláine agus as foirbhthe do-geibhthear eólas
ar Dhia mar nár chruthaigh an domhan ó thús na síordhuidheachta;
óir tuigthear as sin go bhfuil comhfoirbhthe comhiomlán
agus sin nach bhfuil riachtanus aige ré créatúir ar bith. Óir dá
mbeith riachtanus aige ré ní ar bith foirimleach, ní léigfeadh
dhe ar feadh aimsire doichríochnaighthe an ní sin do chruthughadh.
As lór ámh an mhéid so ar chruthughadh na neithe, óir
do thráchtadar iomad eile go foirleathan air. Fuasgluid fós
ar ndiadhuireadha-ne go huras na résúin ré ttairgionn Aristotel
agus na feallsaimh go coitchionn síordhuidheacht an domhuin do
chruthughadh. Léghadh an tí léna mian na leabhair agus do-chífidh
gurab aguinne atá an fhírinne.


L. 124


NACH NDEARBHANN AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE
NÍ AR BITH DOIDHÉNTA INÁ DÍTHCHÉILLIDHE AR
NAOMHADH AN CHRÉATÚIR RÉSUNTA, AR A GHLÓIR,
INÁ AR A EISÉIRGHE.



Caib. 5.



Measuim nach riachtanas dúinn nísa mhó do rádha ar
naomhadh an chréatúir résúnta re tiodhlaice neamhdha na
ngrás iná an mhéid adubhramar cheana ar chrích na beatha
daonna agus ar an meadhón tré a ngabhthar chuice. Óir do thaisbénamar
an duine do bheith ordaighthe dochum críche neamhdha,
agus nach éidir leis an chríoch sin d'fhághuil iná do shealbhughadh
acht ré meadhón neamhdha, .i. ré grásuibh Dé, nach diúltann
Dia ar aoinneach do-gheibh ullamh réidh dochum a nglacaidh,
óir dáilidh agus ruinnidh go fial fairsing a riachtanas dochum a
slánaighthe ar na huilibh.



Measuim mar an gcédna gurab lór dhúinn a ndubhramar
cheana ar ghlóir na n-anmand an tráth do chruthaigheamar
na hanmanna do bheannughadh agus do shénadh ó radharc na
beithe diadha ré dearsgnadh, ré deallradh agus ré hárdughadh
sholuis na glóire. Uime sin as uras dúinn a thuigsin as na neithibh
rémhráidhte nach gcreidid na críostaidhthe ní ar bith go
díomhaoin iná go meardhánta ar ghlóir na n-anmann acht
gurab céillidhe résúnta gach ní dá measann 'na ttimcheall.



Do thaoibh iomorro eiséirghe na marbh ní abramuid éinní
conntrárdha do résún. Óir bíodh nach éidir ó nádúir an ní
cédna do truailleadh d'aithéirghe nó d'aithghein, do bhrígh go
bhfuil an nádúir ordaighthe go cinnte dochum énmhodha
amháin oibrighthe, agus nach éidir lé bheith ar atharrach modha,
ar a shon sin ó do fhoillsigheamar comhachta Dé do bheith
dochuimsigh doichríochnuigh, agus nach bhfuil ceanguilte ag an
ord sa na neithe do-chímid, acht gur féidir leis neithe dofhaisnéidhe
do-áirmhe eile do dhénamh, as ionráidhte gur féidir leis
na mairbh d'aithbheódhadh go huras, agus nach ní sin atá doidhénta
aige. Óir madh do-rinne na huile do neimhthní - ní nach éidir
leis na cúisibh nádúrtha do dhénamh - as mó iná sin as éidir
leis ní éigin do dhénamh do ní eile, agus mar sin as éidir leis beatha


L. 125


do thabhart do na marbhuibh. Óir ní égann an duine thríd
amach, ar mhodh go rachadh go neimhthní, an tan go mairidh
an t-anam, atá domharbhtha. Mar an gcédna mairidh cédadhbhar
an choirp, atá dothruailligh. Agus dá bhfilltídh fós an duine a
neimhthní, níorbh usa leis an Árdshaor úd na n-uile na huile do
chruthughadh sul dobhádar iná an duine do milleadh nó do-chuaidh
a neimhthní do aithdhénamh arís san riocht chédna anna
raibh roimhe.



Mar sin ciabé mheasfas go díreach an chúis, do-ghébhaidh
nach doidhénta iná díthchéillidhe acht céillidhe iomchubhaidh
riachtanasach gach ní dá gcreidmíd ar eiséirghe na marbh.
Óir madh as é an t-anam tuigsioch as foirm don chorp, agus go
bhfuil an t-anam sin domharbhtha, mar adubhramar cheana,
atá a n-aghaidh nádúire an anma sgaradh ris an gcorp agus bheith
gan é. Ní féidir ámh ní ar bith atá a n-aghaidh na nádúire do
bheith síordhuidhe; óir ní bheith cubhaidh don eagna dhiadha.
Ar an adhbhar sin fillfidh an t-anam arís gusan gcorp.



Arís, ní bhfuil beith iomlán ag an anam gan an corp. Iarraidh
ámh gach (ní) míofhoirbhthe a fhoirbhtheacht féin. Ar an
adhbhar (sin) muna féidir leis an anam atá sgartha leis an gcorp
filleadh ar an gcorp arís, ní bhiaidh go bráth glacmhach ar an
bhfírshén iomlán neamhdha, agus é do shíor ar lasadh dá fhonn.
Agus do bhrígh go bhfuil an fonn sin nádúrtha dhó, ní féidir a sgaradh
ris go bráth. Ní bhfuil an ní so iomchubhaidh ar énchor, óir
sásaidhe go hiomlán an t-áirdshén neamhdha gach fonn agus gach
álgas. Dá bhrígh sin as céillidhe eiséirghe na marbh d'admháil
agus do chreideamh.



Arís, as don tí do-bheir a bheatha a ttír go naomhtha beannaighthe
as dleacht an sén neamhdha. Gidheadh, ní hé an t-anam do-bheir
a bheatha suas go ceart acht an duine. Óir as ionann re
rádha go ttugann (an) t-anam a bheatha suas go ceart nó go
dtuigeann agus a rádha go sníomhann nó go bhfídheann, nó a mheas
go ndén neithe don tsórt sin. Ní hé an t-anam ámh do-ní éinní
dhíobh sin acht an duine. Óir ní hí an fhoirm do-ní an t-oibriughadh
acht as lé do-níthear an t-oibriughadh. Ar an adhbhar
sin madh as dleacht an sén neamhdha don duine, as riachtanas
eiséirghe na gcorp.



Mar an gcédna beanaidh leis an ccúram diadha, roinneas go


L. 126


comhthrom tuarastal ar na deaghdhaoinibh agus pian ar na drochdhaoinibh,
a ccuid féin do thabhairt do na daoinibh, atá dénta
do chorp agus d'anam agus thuilleas mar sin ceanguilte dá chéile
luaigheacht nó pian, go mórmhór an tan go gcráidhid agus go
cclaodhbhrúghaid na deaghdhaoine a gcoirp ar an mbeathaidh
so, agus go ttuguid na drochdhaoine an n-uile shólás, aoibhneas
agus antoil dá gcorpuibh féin. Mar sin ó nách léigionn Dia, agá
bhfuil cúram roighriongalach fá na huilibh, olc ar bioth gan
smacht agus díoghaltas iná maith gan chúitiughadh agus gan díolaigheacht,
as iomchubhaidh agus as riachtanas eiséirghe na gcorp
d'admháil, ionnus go bhfaghadh gach aon maraon leis an gcorp
do réir mar do thuill a gcuideachta an choirp.



Arís, as ceart a chreideamh gurab go domharbhtha aithéireóchuid
na daoine. Óir dámadh éigin dáibh bás d'fhagháil an
athuair, dob éigin mar an gcédna filleadh ar an eiséirighe go
meinic ar na résúnuibh rémhráidhte; agus dámadh coirp shomharbhtha
do ghlacdaois, tar éis an bháis do chaithfeadh eiséirghe do
dhénamh ar na résúnaibh cédna. Mar sin as éigin dúinn a
admháil, nó go mbiaid na daoine ag fághail bháis gan chrích
gan fhoircheann agus ag eiséirghe - ní as gránna ré rádha - nó go
bhfillfid anmanna na ndaoine go corpuibh domharbhtha isan
gcéideiséirghe, ionnas go bhfaghadh sén an duine síordhuidheacht
dhoibhriste na gcorp; ní atá ro-oireamhnach do résún.



Do bhrígh iomorro gurab cóir don adhbhar freagra don
fhoirm go comhthrom, ó atá an t-anam beannaigh líonta do
sholas na glóire arna dheaghmhaisiughadh ré cáilidheachtuibh
neamhnádúrtha, gona throimeire foirbhtheachta, níor chubhaidh
an t-anam sin do dhénamh úsáide nó d'iomchar fholaigh anuasail.
Uime sin, re comhachtuibh Dé, lingfe glóir an anma isan gcorp,
dochum bheith ag deallradh amhuil grian a ríoghacht neimhe,
agus ó bheith umhal don anam do-ghébhaidh lúthmhaireacht
iongantach, agus ní thaisdeóbhaidh ní ar bith ón duine gan bheith
foirbhthe go fíriomlán.



Agus do bhrígh gurab ar son an duine do-rinneadh an n-uile
chorp (óir as sinne as críoch do na huile neithibh nádúrtha),
as ro-iomchubhaidh ré rádha ar nglórughadh an duine go hiomlán
go bhfuighe an saoghal go hiomlán glóir mar an gcédna, agus


L. 127


glacaidh deallradh nuadh foirbhtheachta, dochum na meadhón
do bheith a n-oireamhuin don chrích.



Agus do bhrígh nach biaidh feidhm ag an duine mun am úd ré
hoileamhuin iná ré riachtanas ar bith eile corpardha, as céillidhe
adeirmíd go gcoisgfe gluasacht na bhflaitheamhnas. Fillfidhear
iomorro na hainmhinnteadha sofhásacha agus cumaisgeacha eile
isna dúilibh, agus iarna nglanadh agus iarna niamhadh ré teas na teine,
atá roighníomhach, glacuid cáilidheachta nuadha agus mairfid
go biothbhuan fá shoillsi ghlórmhair agus fá shubháilce dheallradhaigh.
Agus mar sin biam go sona sénmhar tré bhith síor a
bhfochair an Tighearna.



GURAB IOMCHUBHAIDH RÉSÚNTA CHUIRIOS AN
CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE PIANTA NA NDAOINEADH
NDAMANTA SÍOS.



Caib. 6.



Amhuil as iomchubhaidh áit ghlórmhar do thabhairt ar neamh
do na fírénuibh, mar an gcédna as oireamhnach an áit as íochtaraigh
ar an saoghal do thabhairt do na daoinibh damanta
atá sgartha a bhfad ó Dhia, ionnas go ndíoldaois pianta síordhuidhe
a bpríosún dubh dorcha fá thalamh ar son a míghníomh
agus a mórolc ar an deóraigheacht sa. Agus ní hinmheasta gurab
éigceart a gcrádh ré piantuibh síordhuidhe. Óir do réir mar atá an
ceart daonna isan maitheas puiblidhe daonna, as mar sin atá
an ceart diadha isan maitheas puiblidhe neamhdha; acht iomorro
sgaraidh an ceart daonna agus gearraidh as comhluadar síordhuidhe
an mhaitheasa puiblidhe daonna lucht mórolc agus míghníomh ré
díbeirt shíordhuidhe do chur orra nó ré sórt éigin báis do thabhairt
dáibh; mar an gcédna teilgidh an ceart diadha dream éigin go
síordhuidhe ón gcomhluadar neamhdha ní headh amháin ar son
an pheacaidh ghearrshaoghlaigh acht fós ar son neamhaithrighe
doichríochnaigh na toile agus a cruas isan gcoir.



As céillidhe résúnta pian shíordhuidhe d'fhagháil don druing
dorug beagshólás gearrshaoghlach an domhnáin duaibhsigh so


L. 128


do roghuin tar sheilbh glóire síordhuidhe ríoghachta neimhe;
agus dá gceadaighthe dháibh anois féin é, d'fhanfadaois thríd amach
a múllach agus a lathaigh a n-anntola. Uime sin as ceart an phian
do bheith a gcomhthrom don choir, go mórmhór an tan go mbí
an duine ar mhodh áiridhe i gcrích a ghluasachta iar bhfágbháil
staide na beatha sa do láthair aguinn, agus nach bí cumas aige
ó shoin amach an chríoch dhéighionach d'fhagháil iná do shaothrughadh
do réir mar bhíos ar an mbeathaidh si. Agus do bhrígh
gurab go staid a ttérma hathróchar na daoine isan eiséirghe agus
nach go staid na sligheadh, rachuid na ciontaigh agus lucht na
malacht go piantuibh síordhuidhe, na neimhchiontaigh agus
lucht na mbeannacht go beathaidh agus glóir shíordhuidhe. Agus
do bhrígh nach é an t-anam amháin oibrigheas acht an duine,
do réir mar do-ghébhuid na fíréin eidir anam agus chorp a ttuarastal
agus luach a saothar, mar an gcédna biaid na daoine damanta
eidir anam agus chorp ag fulang na bpian a ndíol a míghníomh,
dochum an choirp dobhí ag cuidiughadh leó an t-olc do dhénamh,
go mbeith mar an gcédna 'na gcomhluadar ag fulang a choda
don phéin. Bíodh iomorro go bhfuilid iliomad do shórtuibh
pian a n-ifrionn, ar a shon sin do bhrígh eidir na corpuibh gurab
í an teine corp as neartmhaire oibrigheas, as í pian na teineadh
amháin pian as prionnsapáilte hainmnighear a n-ifrionn. As
iontuigthe ar a shon sin, bíodh nach biaidh coirp ghlórmhara
ag an daoinibh damanta, nach bá féidir leis an teine chorpardha
a gcnaoidh, ar mhodh go gcaithfeadh iad nó go gcuirfeadh
atharrach nó malairt foirme orra. Óir biaid a gcoirp, ré comhachtuibh
Dé, daingion seasmhach ó choimhcheangal na n-anmann
riú, nach bá féidir a sgaoileadh iná do chlaochlódh. Agus do bhrígh
go bhfuilid anmanna na ndonán, óna ccamthoil, fillte óna
gCruthaightheóir, ní bhiaid a gcoirp umhal dáibh. Uime sin
biaid dá ndianchrádh ré teine chorpardha, an mhéid go mbiaidh
cáilidheacht na teine óna neart agus óna hoirdhearcas féin contrárdha
do chomhthrom na gcoimplésg agus do choimhtheacht nádúrtha
na gcédfadh, ar son nach bá féidir lé a milleadh.



Ní headh amháin go mbiaid na créatúir spioratáilte, dá
ngairmíd na deamhuin, ag fulang na teine ar an modh úd, acht
ar mhodh cuibhrighthe, óir ré comhachtuibh na ndeamhan


L. 129


uachtarach, biaid na spiorada íochtaracha ceanguilte ré
piseóguibh agus re heasarlaigheacht d'íomháighibh corpordha.
Madh atá na comhachta so ag na deamhnuibh uachtarach ar
na deamhnuibh íochtaracha, as cosmhuil gur mó iná sin atá
comhachta ag Dia na huile eidir ísiol agus ard do cheangal re
teine chorpardha; ní chráidhfeas go romhór na deamhuin,
an tráth do-chífid iad féin cuibhrighthe ceanguilte re neithibh
as uirísle iná a nádúir féin. Agus dob fhéidir go ccráidhfeadh an
teine sin iad mar ionnstrumaint cheirt Dé, bíodh nach éidir
linne anois a sgrúdadh iná a lorgaireacht cionnas.



NACH MEASANN AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE ÉINNÍ
DOIDHÉNTA MÍDHEAGHMHAISIOCH INÁ MÍRÉSÚNTA
AR IONCHOLLUGHADH CHRÍOST AR SLÁNAIGHTHEÓRA.



Caib. 7.



Dearbhuidh an creideamh críostaidhe agus congmhaidh go
doibhriste Dia Mac Dé do bheith 'na dhuine agus dá nádúir do bheith
ina phearsain, .i. nádúir dhiadha agus nádúir dhaonna. Óir do-rinneadh
a leithéid sin d'uaimcheangal eidir an dá nádúir sin
go bhfuil an ní cédna 'na Dhia agus 'na dhuine. Gidheadh, ní
féidir ní ar bith isna créatúiribh do chur a gcosmhuileacht ris an
uaimcheangal so. Óir ní hamhlaidh atá mar bhíos comhchruinniughadh
cloch, do bhrígh (mar sin) nach beith Dia 'na dhuine;
iná mar bhíos uaimcheangal na gcota isan iomláine, do bhrígh
gurab ó na cotuibh atá a bheith ag an iomlán; ní ó ní ar bith
ámh atá Críost Dia. Iná mar bhíos uaimcheangal na haicíde ris an
ní dá ngreamaigheann, do bhrígh nach éidir le aicíd bheith i
nDia. Iná mar bhíos uaimcheangal na ndúileamh isan gcumasg,
óir atá an n-uile chumasg a bhfad ón diadhacht. Iná mar bhíos
uaimcheangal an anma ris an gcorp, óir ní féidir leis an diadhacht
bheith 'na foirm choirp ar bith. Iná mar bhíos uaimcheangal
ar bith do-geibhthear isna créatúiribh, óir sáraighidh an uaimcheangal
iongantach dhiadha so cumas an n-uile chréatúir. Agus


L. 130


bíodh go bhfaghthar nádúir agus pearsa isan n-uile shubstaint
iomláin, agus nach ionann thríd amach iad, go mórmhór isna
neithibh nádúrtha, ar a shon sin múinidh an naoimhchreideamh
dhúinn nach bhfuil a pearsa dhíleas féin ag an nádúir dhaonna
i gCríost agus dobheith aice muna mbeith uaimcheanguilte ré
Bréithir Dé, acht atá an phearsa dhiadha ag seasamh ar son
na pearsan daonna; óir do ghlac pearsa Mheic Dé an nádúir
dhaonna isan momuint ar cruthaigheadh agus do cheanguil lé féin
í sul dob fhéidir lé pearsa nádúrtha do ghlacamh, agus do-ní féin
ionadh pearsan nádúrtha dhí. An mhéid ámh go seasann isan
nádúir dhaonna, as duine, agus an mhéid go seasann isan nádúir
dhiadha, as Dia. Dá bhrígh sin ó atá pearsa Mheic Dé ann gach
nádúir aca, atá go fíre 'na Dhia agus 'na dhuine. Agus ní bhfuil so
doidhénta iná mírésúnta. Óir as éidir lé Dia na huile do
dhénamh atá soidhénta, nó nach bhfuil doidhénta, mar atá ní
do bheith agus gan bheith a n-aoinfheacht. Óir ní féidir lé Dia a
samhuil sin do dhénamh, do bhrígh nach ní iad. Gidheadh, as
follas nach bhfuil a leithéid so do dhocamhal a nDia do bheith
'na dhuine. Óir ní ghlacann mórdhacht na diadhachta claochlódh
iná malairt as so, acht an nádúir dhaonna do tharruing
agus do thógbháil ré comhachtaibh doichríochnaigh Dé go huaimcheangal
ro-ordhraic re pearsuin a aoinMheic, rear féidir nísa
mhó do dhénamh iná atá ar cumas tuigse ar bith do smuaineadh.



Do-chífidh gach aon mheasfas an chúis go díreach gurab
céillidhe agus gurab oireamhnach an t-ionchollughadh sa Mheic
Dé; óir, mar as follas dá gach aon, táinic maith dhoichríochnuigh
don chruinne dhomhanda go hiomlán as ionchollughadh
na Bréithre Diadha, do bhrígh gur shoillsigh grian nuadh don
tsaoghal iar tteacht Chríost agus iar sgrios agus díbeirt na móirsheachrán
dobhí ar feadh an tsaoghuil. Agus do bhrígh gomadh
docamhlach nó fós doidhénta dhúinn gach tarbha agus gach maith
dhíobh fá leith do ríomh nó d'áireamh, aithreósam an chuid
as prionnsapálta díobh, agus taisbénam fáth agus oireamhnacht a
ioncholluighe.



Do chéidneithibh, níorbh fhéidir congnamh bá neartmhaire
agus bá diongmhála do thabhairt don duine ré dul do ghnoughadh


L. 131


an tséin neamhdha iná ionchollughadh Mheic Dé, do bhrígh,
mar do fhoillsigheamar thuas, gurab é as sén don duine,
radharc na beithe diadha, agus go bhfuil an tuigse dhaonna comhlag
comhanbhfann agus sin, iar meas mórdhachta agus áirde dochuimsigh
Dé, gurbh fhéidir an tuigse do chriothnamhadh, ar mhodh nach
ttairgfeadh ar énchor dul gusan radharc sin amhuil ní doidhénta.
Uime sin as oireamhnach do uaimcheanguil Dia an nádúir
dhaonna leis an mBréithir, ionnas go mbeith mar chomhardha
ag na daoinibh nach bhfuil doidhénta ar ttuigse d'uaimcheangal
ré Dia. Óir as mó coimhcheangal na nádúire daonna ris an
bpearsuin diadha iná na tuigse ré mar chosbóir. As so, iar
ndaonnughadh Chríost, do thionnsgainsiod na daoine triall
nísa dhéine agus nísa dhíthchiollaigh ar an sén neamhdha iná roimhe
sin.



Mar an gcédna dofuair an duine eólas ar oirdhearcas a nádúire
féin as ionchollughadh Chríost, agus do thuig nach créatúir ar bith
faoi Dhia bá críoch dhéighionach dó féin, agus don taoibh si nach
bhfuil ní ar bith sháraigheas a n-oirdhearcas é acht Dia amháin,
do ghlac an nádúir dhaonna go neamhmheadhónach agus dá ndearnamh
duine. Uime sin iar nglacadh an mhórthabhartuis so,
ar ttréigean iodhaladhradh agus onóra nó adhradh na n-uile chréatúireadh
faoi Dhia, ar ndénamh neamhshuma don n-uile shaidhbhreas
agus onóir agus ar ttarcuisniughadh uile antola an tsaoghuil si,
do dháiliodar agus d'ofráilsiod na daoine iad féin dochum aoinDia
fíre d'adhradh.



Arís, an tan gurab a radharc Dé atá ar sén agus sonas, agus go sáraigheann
an radharc sin cumas ar ttuigse, níorbh fhéidir dhúinn
fios cinnte iná dóthchas an tséin sin d'fhagháil ré solas na tuigse
amháin, amhuil fhoillsigheas saothar na bhfeallsamh ro-ordhraic
as a ndeachaidh ag lorgaireacht an phoingc so. Ar an adhbhar
sin as oireamhnach do ghlac Dia (agá bhfuil cúram speisialta a
ttimcheall na ndaoineadh) collann daonna 'na thimcheall,
ionnus go ndénamh sinne nísa chinnte dá samhuil so d'fhios
agus do dhóthchas roiriachtanasach. Creidid ámh na huile do
Dhia gan chonntabhairt. As a bhfaicmid iar tteacht Mheic
Dé nísa mhó go mór d'eólas, do thuigse agus do shoillsi na rúindiamhar
ndiadha d'fhagháil don chineadh daonna iná fríth ariamh
roimhe sin.


L. 132


Arís, dobhí riachtanas an duine dobhá ceanguilte cuibhrighthe
a ngéibheann na feóla d'adhnadh agus do dheargadh do
ghrádh an tséin agus an tsonuis neamhdha, dochum nárbh fhéidir
brodadh bá géire d'fhagháil iná daonnughadh nó ionchollughadh
ar Slánaightheóra, an tan nach bhfuil ní as mó do-ní foiréigean
oruinn ré Dia do ghrádhughadh iná a ghrádh oruinn. Níorbh
fhéidir leis ámh a ghrádh d'fhoillsiughadh dhúinn ar mhodh ar
bioth nísa dhiongmhála iná ré sácramuint dhofhaisnéidhe a
ionchollaighthe agus a bhúidheachta. Dá bhrígh sin as adhbhal
an tarbha agus an sochar táinic don tsaoghal as so, an tan go bhfaicmíd
na daoine ar lasadh d'fhonn adhanta na neithe ndiadha agus
ag ceangal muinnteardhuis agus cáirdis ré Dia agus re a ainglibh.



Arís, an tan gur riachtanas don druing thriallas gusan gcrích
cinnteacht na sligheadh agus na meadhón do bheith aca, dofuaradar
an tabhartas so go fairsing as daonnughadh nó ionchollughadh
Mheic Dé. Ní as follas as mar do bhláthaidh an saoghal do
shubháilcibh nísa mhó as sin iná roimhe ariamh, agus go bhfuair
ardmhullach na foirbhtheachta agus na deighbheatha, ré nach
éidir beatha eile ar bith ar an tsaoghal sa do chur a gcomhmóradh.
Óir iar ndénamh duine do Dhia, do theaguisg inn do
láthair ó bhréithir agus ó shompla, ar mhodh nárbh fhéidir d'aoinneach
conntabhairt do dhénamh gurab é lorg-san threóraigheas
inn go díreach doisheachránach agus go cinnte gusan sén
síordhuidhe. Ar an adhbhar sin ní dhearbhann an creideamh
críostaidhe éinní doidhénta iná díthchéillidhe ar diamharún
daonnachta nó ionchollaighthe Mheic Dé.



NACH DOIDHÉNTA INÁ DÍTHCHÉILLIDHE GEINEAMHUIN
CHRÍOST Ó MHAIGHDIN AGUS GURAB RO-OIREAMHNACH
AN BHEATHA DO BHÍ AIGE.



Caib. 8.



Iar bhfoillsiughadh na n-airteagal so, ní bá docamhlach
soidhéntacht agus iomchuibheacht na n-airteagal eile do mhíniughadh.
Óir madh dob fhéidir lé Dia bheith 'na dhuine, ní


L. 133


bhiaidh doidhénta dhó bheith 'na mhac dhuine, agus a chreideamh
go fíre, do réir rádha an chreidimh Chatoilce, gurab mac
maighdine. Do bhrígh iomorro nach í an nádúir geintear acht
an phearsa, agus go bhfuil an phearsa dhiadha isan nádúir dhaonna
agus go bhfuil 'na dhuine fhíre, ní doidhénta a gheineamhuin ó
mhnaoi, ní an mhéid gurab pearsa dhiadha acht an mhéid go
bhfuil isan nádúir dhaonna do glacadh ré mnaoi. Bíodh gurbh
fhéidir le Dia ar mhodh eile seach a gheineamhuin ó mhnaoi
colann daonna do ghlacamh, fá mar dá ndénamh corp duine
don talamh, ar a shon sin as iomchubhaidh agus as mó dob oireamhnaigh
dhó a gheineamhuin agus a ionchollughadh ó mhnaoi, do
bhrígh gurab móide ghluaisios sinne dochum uirísleachta agus
carthanachta, an tráth nár mhíochubhaidh ré hAthair na
n-uile máthair do bheith aige ar an talamh agus luighe fá annródh
ar n-anbhfainne, agus an tí dá nárbh fheas cumhgrach ar bith
d'fhulang bheith ar feadh naoi míos, ar (nós) na ndaoineadh
eile, fá iadhadh bruinne maighdine, agus ós a chionn sin gach míochomhgar
eile na beatha boichte duadhamhla so d'iomchar, agus
cáirdeas a aithreach, a ghaoil agus a thíre d'fhágáil.



Bá ro-oireamhnach fós do Mhac Dé a gheineamhuin ó mhaighdin
fhíorghlain gan truailleadh gan toibhéim, dochum an tí agá
bhfuil athair ar neamh gan truailleadh, agus gan máthair, go
mbeith mar an gcédna máthair fhíorghlan fhíriomlán gan spot
gan smál, agus gan athair, aige ar an talamh.



Acht dá measadh aoinneach gomadh doidhénta bláth na
hóghdhachta do mharthuin gan bhearnadh a nglacadh agus a
mbreith meic, taisbénaidh cumhachta dochuimsigh Dé, sháraigheas
cumas gach tuigse gan mheidh gan mhíosúr, gurab
éidir sin do bheith amhlaidh; agus ní bhfuil docamhal a thuigsin.
Óir do-chímid isna neithibh nádúrtha agá mbí beatha neimhiomlán,
mar atá na planndaighe, nach ndeaghuiltear an gníomhach
agus an fuilngeach ina ngeineamhuin, acht go mbí bríogh ghníomhach
agus fuilngeach isan ní chédna. Isna neithibh iomorro agá mbí
beatha iomlán, deaghuiltear an gníomhach agus an fuilngeach ón
ngeineamhuin do bheith nísa iomláine. Agus uime sin ní hiarrthar
an bhean dochum ball nó ionstramuinnteadha an choirp d'fhoirmiughadh
acht an fear, anna bhfuil bríogh ghníomhach. Nó ní


L. 134


bheith riachtanus re beirt do chomhoibriughadh a ngeineamhuin
na n-ainmhinnteadh muna ttugadh an nádúir bríogh ghníomhach
d'aon aca agus bríogh fhuilngeach d'aon eile. Bíodh iomorro gur
féidir bríogh ghníomhach do dheónughadh don mhnaoi a n-ollmhughadh
an adhbhair dochum na geineamhna, óir hiarrthar
ollmhughadh maith bruinne isan mnaoi dochum an toirrchis
d'oileamhuin, ar a shon sin ní bhfuil bríogh ghníomhach iná
fhoirmeach an toirrcheasa innte acht a síol an fhir amháin, agus
ní bhfuil an síol sin féin 'na adhbhar an chuirp dhaonna acht
amháin 'na thús gníomhach. Agus ní riachtanas dochum toirrcheasa
do ghlacadh, síol na mná do bheith do láthair mar
thús fuilngeach, fá mar as riachtanus síol an fhir mar thús
gníomhach; óir as dearbhtha gur toirrcheadh iomad ban gan
cumasg a síl féin. Mar sin as ionráidhte go ndéin an fhuil
mhíosa leabuidh an tsíl isna mnáibh, do bhrígh an teas fhoghnas
don bhríogh gheineamhnaigh gurab lugha é isna mnáibh iná
isna fearuibh; óir ní féidir iomarcaidh na hoileamhna do
dhíleaghadh isna mnáibh mar do-níthear isna fearuibh. Uime
sin ó mheathas ó dhíleaghadh iomlán an tsíl, anaidh fá fhoirm
fola; bíodh nach fuil thríd amach í, mar bhíos an fhuil geintear
tré oibriughadh na bríogha oileamhanta as an mbiadh; acht
an fuighleach bhíos ag díleaghadh déighionach na hoileamhna,
ollmhaighthear é isna mnáibh ré bríogh na comhachta
geineamhna dochum bheith 'na adhbhar iomchubhaidh choirp
dhaonna. Do bhrígh iomorro gur féidir le Dia, ó bheith uilechomhachtach
dhó, ní dhénamh uaidhe féin go neimhmheadhónach
gan comhoibriughadh chréatúir ar bith, an tan gur féidir
leis ní do chruthughadh do neimhthní, cad é an t-iongnamh
madh d'fhoirmidh chorp Chríost d'fhuil roifhíorghlain óighe ris
an Spiorad Naomh d'oibriughadh innte a n-ionadh síl fir? Agus
mar sin, an ógh ronaomhtha, do ráinic aois iomchubhaidh do
fhritheólamh a fola roifhíorghlaine gan coimhriachtanas feardha.
Agus dob fhéidir nach lugha an docamhal do measfaidhe a gcorp
Chríost iarna fhoirmiughadh do theacht as bruinn ronaomhtha


L. 135


gan bhearnadh na hóighe gan lot a hóghachta; óir taisbénaidh
an résún dá chorp do bheith mar sin maraon. As í mo fhreagra
ar so: bíodh nach éidir dhá chorp do bheith go nádúrtha maraon
a n-aonáit amháin, gidheadh, ní bhfuil doidhénta ag Dia a gcur
a n-aonáit amháin. Óir madh as é ní thuigfemís ré corp, an
spás dár ghairiodar na seinfheallsamh áit bhíos deóntach ar
trí toimhsibh, .i. ar fhad, ar leithiod agus ar dhoimhne, mar atá
corp gach cainndidheachta, dob fhéidir a mheas gomadh
doidhénta dhá chorp do bheith maraon a n-aonbhall; óir dá
mbeith na tomhuis sin deaghuilte ón adhbhar, níorbh fhéidir a
ndeaghuilt ar atharrach modha acht trésan áit nó an ionad nó
suidheachan. Mar sin dá mbeithdís dhá thomhas nó nísa mhó
a n-aonáit, do leanfadh conntrárdhacht doidhénta, .i. na tomhuis
chédna do bheith agus gan bheith isan áit sin a n-aoinfheacht. Acht
do bhrígh nach ndeaghuiltear an chainndidheacht ón adhbhar
shubstainteach, a gcás go ccuirfí dhá chorp a n-aonáit agus a
ccainndídheachta a n-aontsuidheachan, ní leanfadh contrárdhacht
doidhénta, ar an n-adhbhar bíodh na ndeigheóltaoi
cainndidheacht na ccorp sin as an suidheachan, deaghuiltior iad
ar a shon sin, do bhrígh go bhfuil gach cainndidheacht aca greamuighthe
d'adhbhar ar leith. Ar an adhbhar sin ní doidhénta
brú na hóighe d'fhuireach dúnta a mbreith Chríost.



Agas do bhrígh gurab uime táinic Críost ar an tsaoghal sa,
dochum sompla beatha do thabhairt dúinn agus sligheadh an
tséin neamhdha do thaisbénamh, dob oireamhnach a bheith a
gcomhluadar na ndaoine agus gan a bheatha do bheith uaigneach,
ionnus tréna sheanmhóir agus tréna bheathaigh go mbeith slighe
aguinn go Dia.



Arís, as résúnta don tí atá a gcoinversáid leis na daoinibh
é féin do chur a n-oireamhuin dáibh a gcoinversáid a bheatha.
Mar sin bá dlisteanach do Chríost fíorchruas na beatha do
sheachna, agus measardhacht bídh, dighe, édaigh agus gnáis do réir an
reachta ina raibh ar an deóraigheacht so do nós an phobuil
agus na tíre inar chubhaidh leis a bhreith agus a oileamhuin. Óir ní
bhean teirce bídh agus dighe óna nádúir féin ré foirbhtheacht na


L. 136


beathadh acht fíorghloine na hinntinne, grádh lasamhuin agus
croidhe doghluaiste doibhriste a n-aoibhneas agus a n-annródh, ar
mhodh nach déin uaill as glóir iná as saidhbhreas, iná míofhoighid
a n-ainnisi iná a n-annródh.



Dob iomchubhaidh ar a shon sin do Chríost beatha bhocht do
thogha. Óir as riachtanas do sheanmóntuibh agus do lucht síolaighthe
na fírinne diadha agus na subháilceadh neamhdha bheith
sgartha ris an n-uile chúram saoghalta agus a bhfad ón n-uile amhras
sainnte; ní dob iomchubhaidh go mórmhór do Chríost, do thogh
anbhfainne agus leimhe an tsaoghuil si dochum a dhiadhachta do
dhénamh follas do na huilibh, dochum daoine cumhachtacha agus
eagnuidhe an tsaoghuil si do chriothnughadh agus dochum nach
do chomhachtuibh iná d'eagna dhaonna ar bith do dísleóchaidh
tarmfhoirmiughadh an tsaoghail acht do mhórdhacht a dhiadhacht
féin amháin. Uime sin bá riachtanas foillsiughadh na míorbhuileadh
dochum na diadhachta (dobhí, mar adeir an t-apstal,
go corpardha 'na comhnuidhe and) do thaisbénadh. Fá dheóidh,
madh meastar a uile bhriathra agus gníomha go ceart díreach, do-ghébhthar
gurab iongantach an réim nó an t-ord, agus gurab do-inniste
an chiall ré ttug uaidhe iad.



NACH DOIDHÉNTA AGUS NACH DÍTHCHÉILLIDHE NA
NEITHE THEAGUISGEAS AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE
AR PHEACADH NA SINNSEAR.



Caib. 9.



Dochum a ndubhramar go soiche so agus ar mian linn do rádha
do thuigsin nísa fhearr, as riachtanas neithe éigin do thráchtadh
ar pheacadh na sinnsior, sa smál do shalaigh an cineadh daonna go
hiomlán, do réir mar mhúineas an creideamh críostaidhe ar
feadh an domhuin. Do fhoillsigheamar thuas cheana nach
ón tsíordhuidheacht do chruthaigh Dia an domhan agus gach
ní dá bhfuil ann acht mun am bá toil léna mhórdhacht naomhtha
féin. Do chruthaigh an duine mar chuid as prionnsapáilte agus as
uaisle don tsaoghal sin. Agus do bhrígh go bhfuil anam tuigsioch


L. 137


an duine domharbhtha ro-uasal, dob iomchubhaidh corp domharbhtha
umhal nach rachadh a n-aincheann air do thabhairt
mar each iomchair dhó; óir as ceart comhthrom do bheith eidir
an fhoirm agus an t-adhbhar: an t-adhbhar do bheith umhal don
fhoirm agus an nádúir as uachtaraigh do bheith a gceannas ar an
nádúir as íochtaraigh. Acht do bhrígh gurab ó na cédfadhuibh
atá go nádúrtha uile fhios agus eólas an anma tuigsigh, agus nach
éidir leis na cédfadhuibh bheith acht i gcorp fheólmhar shothruailligh
arna chomhchur do na dúilibh, dob éigin a shamhuil
so do chorp do dáileadh don anam bheith conntrárdha don
résún, amhuil agus atá sothruailligh. Ar a shon sin do bhrígh nach
tteasdaigheann congnamh agus cúram Dé ó aoinneach a n-am a
éigin, ní gan céil gan résún chreidmíd agus admhamaoid Dia, do
cheanguil an nádúir spioratálta agus chorpardha dá chéile, ar
chonntar go mbeith an nádúir spioratálta a gcomhachtuibh ós
an nádúir chorpardha, ciabé toirmeasg do théigeóbhadh as
cionta na nádúire go ttóigébhadh Dia é ré congnamh neamhnádúrtha.
Do bhrígh iomorro gur bhean sgaoileadh an choirp
agus easumhla na coda cédfadhaigh nó somhothaigh ris an nádúir
dhaonna go huilídhe, dob iomchubhaidh an ceart sinnsiordha,
.i. dofhuilngeacht an choirp, umhlacht na cota cédfadhaigh
don résún agus an choirp go hiomlán d'anam na nádúire daonna
go huilídhe, do thabhairt agus do dháileadh mar thiodhlaice
neamhdha dhó. Mar sin as résúnta adeirmíd go bhfuair ar
gcédathair Ádhamh, do chruthaigh Dia ó thús, an tiodhlaice
trom so, ionnus go síoladh é ina shliocht 'na dhiaidh go coitchionn.



Acht do bhrígh go ttug Dia toil shaor don duine, agus gur cóir
dhó umhlughadh do reachtuibh agus d'aitheantuibh Dé, as ceart,
an tráth do chiontaigh dá thoil deóna féin agus do fhill a résún
ó Dhia, na cota as íochtaraigh don anam do fhilleadh uaidhesion
agus do dhul a n-easumhla air agus a chorp d'iompúdh gusan tseinchré
dá ndearnadh ó thús. Óir as ceart an duine do phianadh nó
do chrádh ris an arm réar pheacaidh a n-aghaidh an tí tug an
t-arm dhó. Do chall an cheirt shinnsiordha nó an tiodhlaice
neamhdha so gairmíd peacadh na sinnsior, do shíol ar uile
shliocht ar gcédathor 'na dhiaidh. Óir do sgar an ceart sinnsiordha
ris an n-uile dhuine dár geineadh uaidhe go nádúrtha,


L. 138


amháin an naomhóigh Muire; ní nach sgarfadh ré haoinneach
aca muna gcailleamh Ádhamh é réna chionntuibh féin.



Ní hinmheasta d'aoinneach gurab díthchéillidhe an ní so;
óir as follas cuid do chomhardhuibh an pheacaidh si isan gcineadh
daonna. Ó 'd-chímid go bhfuil a shamhuil sin do chúram ag
Dia a ttimcheall na ngníomhartha daonna go ttugann tabhartuis
throma ar son na ndeighghníomh agus pianta borba ar son na
ndroichghníomh - ciallaigh tabhartas na bpian rémhthuitim san
gcoir. Atáid iliomad ainnisi agus anshódha égsamhla spioratálta
agus corpardha eile ar an gcineadh daonna do dheasgaidh an
pheacaidh si, mar atá fuacht, teas, dúsgadh, íot agus ocras,
mórán galar agus easláinte égsamhla, agus, fá dheóidh, an bás, nach
éidir d'aoinneach do sheachna. Do thaoibh iomorro na coda
spioratálta, fuilngidh laige résúin agus toile saoire, easumhla agus
cathughadh romhór ón bhfeóil; neithe do-bheir fá-deara don
duine tuitim go huras a n-iomad seachrán go laéthamhuil.
Agus bíodh go measfuidhe a samhuil so d'uireasbhadha do bheith
nádúrtha as coimhleanmhuin nó riachtanas an adhbhair,
ar a shon sin, ar meas go ceart cúram Dé agus a mhaith, as cruthamhuil
go ttiobhradh furtacht agus congnamh do na huireasbhadhuibh
si, muna mbeith go ttug an duine féin cionta dhó
ag tuilleamh a oirbhire. Uime sin adeirmíd, ar meas maithe
dochuimsigh, féile agus fairsinge na mórdhachta diadha, nach
éigceart na huireasbhadha sa do theacht ar an gcineadh daonna
a n-éruic pheacaidh ar gcédathor, do-rinne ionad na nádúire
daonna go hiomlán an uair sin.



Uime sin ní gan adhbhar adeirmíd peacadh an chédduine do
bheith 'na pheacadh pearsanta nó aonaránach agus 'na pheacadh
coitchionn. 'Na pheacadh aonaránach, do bhrígh gur sgar
eision ris an maith mhóir dobhí aige; 'na pheacadh coitchionn,
do bhrígh gur fhuadaigh uaidhesion agus óna shliocht 'na dhiaidh
an tiodhlaice do dáileadh don chineadh daonna go huilidhe.
Gidheadh, madh meastar na huireasbhadha sa táinic as call an
cheirt shinnsiordha isna daoinibh eile anuas ó Ádhamh, an mhéid
go mbeanaid réna ttoil, ní bhfuilid 'na ccoir iná 'na gcionta;
acht an mhéid go mbeanaid ré toil agus re haonta an chédduine,


L. 139


ní bhfuilid d'easbaidh coire, an mhéid go meastar na huile
dhaoine mar aonduine amháin as comhruinn na nádúire daonna
dárab ceann an cédathair úd do shíolaidh an n-uile dhuine eile agus do
tharruing an peacadh mar sin isteach orra. Óir amhuil ghlacas an
lámh a cuid don choir ó thoil neamhordaigh an tí ghluaisios í, mar
an gcédna atá an peacadh so toileamhuil ó thoil an chédathar a
mballuibh a shleachta 'na dhiaidh. Óir gan an toil sin an
chédathar ní bheith an peacadh sa na sinnsior ann ar énchor, agus do
geinfidhe na daoine gan easbaidh an cheirt shinnsiordha. Acht
ó do geinfídh iad anna nádúir fhíorghlain réna n-anbhfainnibh
muinnteardha, níorbh fhéidir peacadh ar bith sinnsiordha
d'fhagháil inntibh, amhuil agus nach féidir coir d'fhagháil a ngníomhuibh
na lámh, na gcos agus na mball eile an choirp dhaonna muna
raibh an toil go holc ar tús isan duine.



Acht dá n-abradh aoinneach 'na aghaidh so gurab éigceart
coir aondhuine amháin d'agra ar na neimhchionntachuibh
go huilidhe agus díol cruaidh do bhuain díobh, an tan nach ttáinic
an peacadh so ó thoil na droinge do geineadh a ndiaidh an
chédduine, acht bá ceart é féin do dhíol pian ar son na coire
do-rinne, agus cách atá neimhchiontach do bheith saor, ionnas nach
túsga do daimneóchaidh iad ré coir choimheighthigh iná do
geinfídh; as í ar bhfreagra ar so nach bhféchann an díoghaltas
so acht ar sgarthuin amháin an cheirt shinnsiordha agus na ngrás
nach dleacht don nádúir dhaonna ó ualach nó ó fhiachuibh acht
do dháil Dia óna fhéile agus óna líberáltacht féin di. Bíodh iomorro
nach bhfuil obligáid nó fiacha ag créatúir ar bith ar Dhia, ar a
shon (sin) do hordaigheadh neithe áiridhe leis, dárab dleacht
go nádúrtha neithe eile; óir dleaghar tuigse don duine, dleaghar
baill agus an mhéid eile dá mbeith 'na n-easbhaidh nó nach beith
'na dhuine, nó go gclaonfadh óna iomláine agus fhoirbhtheacht
nádúrtha. Gidheadh, ní ó thuillmhe iná ó fhiachuibh ar bith
na nádúire táinic an ceart sinnsiordha iná na grása acht ó
líberáltacht dochuimsigh Dé. An tí ámh do-bheir ní uaidhe
óna líberáltacht fhíre féin, as éidir leis a ghairm ar ais an uair
as toil leis féin agus ar an modh ar mian leis féin. Dothug Dia
iomorro an ceart sinnsiordha don chédduine, ar chontar, dá
ndénamh an peacadh, é féin agus a shliocht 'na dhiaidh do chall
an cheirt sin; gidheadh, muna bpeacaigheadh, an ceart sin do


L. 140


mharthuin dó féin agus dá shliocht 'na dhiaidh. Dobhí mun am
sin an nádúir dhaonna go hiomlán arna hiadhadh isan gcédduine.
Uime sin ní dhósan amháin tugadh an aithne (si) acht fós don
chineadh dhaonna go huilidhe; amhuil agus nach dó amháin do
dáileadh an ceart sinnsiordha iná na grása acht fós do na huilibh
'na dhiaidh. Dá bhrígh sin ní féidir le aoinneach ó shoin amach
gearán go dlistionach gur chaill an ceart sin iná na grása tré easumhla
an chédduine; amhuil agus nach beith siocair nó ócáid gearáin
aige dá mbeith nach bhfuigheadh an ceart sin ó thús; óir ní as
dualgas na nádúire acht as líberáilteacht Dé do dáilfí é. Mar sin ní
ar son chionta Ádhaimh go díleas ghlacas a shliocht an smál so, nó
an spot, acht do bhrígh go ngeintior iad d'easbhaidh an cheirt
shinnsiordha agus na ngrás adeirthear a ngeineamhuin isan
bpeacadh; ní nach beith ré rádha muna bhfaghadh an duine
an ceart sin nó na grása. Ar an adhbhar sin ní féidir leis an duine
bheith gearánach nach bhfuair an tiodhlaice nár dhual dó
d'fhághail ó nádúir, amhuil agus nach éidir lé aoinneach a ghearán
nár naomhadh é a mbruinn a mháthar, nó nár cruthaigheadh
sénmhar sona.



Acht do bhrígh go ndubhramar thuas an duine do bheith
ordaighthe dochum críche ós cionn nádúire, dochum nach éidir
leis teacht gan tiodhlaice ghrása Dé, adeirmíd mar an ccédna
go gcaill an tí do-gheibh bás a bpeacadh na sinnsior an bheatha
bhiothbhuan do bhrígh nach dleacht dó a fághail. Ar a shon
sin ní bhiaidh pian chédfadh air agus ní cráidhfighear é ré dólás;
amhuil agus nach goilleann ar iliomad do dhaoinibh gan bheith 'na
rígh nó 'na n-impire; bíodh iomorro an mhéid gur daoine iad gurbh
fhéidir a mbeith 'na ríghthe nó n-impireadha; ar a shon sin
do bhrígh go bhfaicid iad féin anna leithéid sin do staid gurab
annamh go bráth theagmhuid gusan mórghairm sin, ní chuir
bheith 'na heasbaidh dólás dá laghad orra. Mar an gcédna
anmanna na naoidhean agus na leanabh do-gheibh bás a bpeacadh
na sinnsior, bíodh go bhfuil a fhios aca, mar gur créatúir résúnta
iad, gomadh éidir a ttógmháil ré grásuibh Dé go radharc na
beithe diadha, ar a shon sin ó as feasach dháibh neamhchumas
a gcinneamhna agus a gcoinghiolla féin chuige sin, agus go bhfuil
doidhénta ré dénamh, ní bhfuil dúil iná fonn aca ann agus ní cráidhtear
iad fá bheith d'easbhaidh an áirdshéin neamhdha, go mórmhór


L. 141


ó Dhia do bheith ag comhoibriughadh leó, sa naomhthoil dá
gcuirid iad féin a n-oiremhuin go hiomlán.



Do bhrígh iomorro nach ngoillfidh pian chédfadhach ar
bith orra, as cosmhuil go bhfuighid gach maith dleaghar ó
nádúir do na daoinibh, mar atá fios agus eólas na neithe nádúrtha,
maodhughadh na ndiamharrún neamhdha as na neithibh do-rinneadh,
agus gach ní eile as éidir do thabhairt go nádúrtha don
tsén daonna. Nó níorbh fhéidir leó bheith d'easbhaidh dóláis agus
dobróin dá sgarthaoi iad leis an tabhartus nádúrtha atá 'na
rofhonn orra. Do-bhéra Dia fós dá líberáltacht féin tabhartuis
éigin ós cionn nádúire dháibh, mar atá domharbhthacht an chuirp.
Sguirfidh fós gluasacht na bhflaitheamhnas, agus ní bhiaidh geineamhuin
iná truailleadh ann ó shoin amach. Uime sin eiséireóchuid
na huile go domharbhtha; agus ní bhiaidh feidhm aca ré
hoileamhuin an choirp iná ré comhgar ar bith eile ó shoin amach.
Ní bhiaidh aicíd, easláinte iná buaidhreadh ar bith orra, acht
biaid go súgach sólásach ag moladh an Tighearna ar feadh na
síordhuidheachta.



Agus bíodh go gcreidmíd anmanna na druinge do-gheibh bás
anois do dhul go hifrionn, .i. gusan gcuid faoi thalamh dá
ngairmíd teaghdhuis na naoidhean neimhchiontach, ar a shon
sin ní bhiaidh pian ar bith orra ó bheith isan áit sin. Óir ní
fhuileónga an t-anam uaidhe féin pian ar bith ó shuidheachan
na háite iar mbeith sgartha ris an gcorp. Gidheadh, tar éis na
heiséirghe, measuim (luighim ar a shon sin fá eachtughadh na
Naoimh-Eagluisi isan bpongc so agus ann gach pongc eile) go mbiaid
ag áitreabh na talmhan, dobhias mun am sin go glórmhar fá
bhláth, iarna ghlanadh ón n-uile shalchar, agus go mbiaid ag síormholadh
Dé tré bhith síor. Measuim nach meardhánta édrom
na résúin tairngeas inn dochum so do chreideamh. Ar tús,
as iomchubhaidh an áit do bheith ag teacht go hoireamhnach
ris an ní áitigheas í. Mar sin madh eiséirghid na naoidhin a
gcorp dhomharbhtha dhoimhillte agus go bhfuighid gach sén
as éidir d'fhághuil go nádúrtha, ní cóir solas na gréine iná
sólás ar bith eile do-gheibhid na daoine go nádúrtha do cheilt


L. 142


orra iná do bhuain díobh, agus do chaillfedís dá mbeithdís iadhta a
bpríosún dubh dorcha fá thalamh. Arís, do réir mar mhúineas
an creideamh Catoilce, ní dleaghar pian na gcédfadh don
pheacadh so na sinnsior acht amháin easbhaidh radhairc Dé.
Gidheadh, dá mbeithdís fá iadhadh phríosúin dorcha fá thalamh,
ní feas cionnus do bheithdís saor ar chrádh na gcédfadh, an tan
nach beith radharc soluis iná na gcorp roibhreaghdha eile neimhe
agus talmhan aca, agus go mbeithdís sgartha ré iomad maitheas eile
anna mbí fonn nádúrtha aca.



Mar sin as follas nach leanann pian ar bith peacadh na sinnsior
asarb féidir éigceart do chur a leith Dé, an tan go bhfaghuid
an drong do-gheibh bás a bpeacadh na sinnsior amháin an
sén nádúrtha as oireamhnach dháibh. Asarb ionmholta go
mór ceart agus críonnacht Dé. Ar an adhbhar sin as follas go
soilléir nach doidhénta iná díthchéillidhe an mhéid mhúineas
an teagasg críostaidhe ar pheacadh na sinnsear iná ar an gceart
sinnsiordha.



GURAB CÉILLIDHE CURTHAR PÁIS CHRÍOST AGUS AN
CHUID EILE DO RÚINDIAMHRUIBH A DHAONNACHTA
maraon RE UILE EACHTA NA HEAGLUISI A TTIMCHEALL
AN CHREIDIMH.



Caib. 10.



D'fhóir Dia, Athair na trócaire, atá saidhbhir isan maith,
ó thús an domhuin ar an lot sa chloinne Ádhaimh agus tug leighis
oireamhnacha dhiongmhála dháibh ina aghaidh, .i. sacrafísi,
creideamh na n-aithreach, dá éis sin an timghearradh, agus, fá
dheóidh, naomhthonn na haithgheineamhna dá ngairmíd an
baisteadh. Óir na naoidhin do naomhthaoi leis na rúindiamhruibh
si agus dofuair bás isan tSein-Reacht, nó do-gheibh bás anois
isan Reacht Nuadh, do gheibhid an bheatha neamhdha as an
gcumas dofuarsad tré ghrásuibh Dé bheith glacmhach ar an
mbeathaidh sin. Gidheadh, na naoidhin eile nach bhfaghann na


L. 143


grása so, as éigin dáibh dhul go hifrionn na n-aithreach naomhtha,
agus do-ghébhuid fá dheóidh an sén agus an sonas as oireamhnach
dháibh ó dhligheadh nádúrtha, mar adubhramar cheana. Agus dá
bhrígh sin ní féidir leó bheith gearánach ar Dhia; acht dá n-aithribh
féin as cóir dháibh bheith diomdhach do léig tréna míchreideamh
lot na naoidhean gan leigheas.



Acht do bhrígh go n-abair ar gcreideamh-ne go rabhadar
aithre naomhtha an tSein-Reacht fá iadhadh a n-ifrionn go teacht
Chríost, dob fhéidir lé duine éigin conntabhairt do chur créd
an t-adhbhar nach go flaitheamhnas do-chuadar, iar n-ég dháibh,
ar ball, an tan go rabhadar glan ó pheacadh na sinnsior, arna
ndeaghmhaisiughadh ré grásuibh, re tiodhlaicibh agus re luaigheachtuibh,
agus mar sin ullamh réidh ar an mbeatha mharthanaigh do
ghlacadh, nach bhfuaradar go fulang na páisi do Chríost. As
í ar bhfreagra ar so, an tan gurab leis an nádúir bheanas peacadh
na sinnsior agus nach leis an bpearsuin, agus gur thuirling ó phearsuin
an chédduine isan nádúir, agus gur shil dá éis (sin) as an nádúir
dochum gach aoin fá leith, bá riachtanas na daoine do thabhairt
díolaigheacht do Dhia ní headh amháin ar son a bpearsana acht
fós ar son na nádúire go hiomlán. Tug iomorro gach aon do na
haithribh naomh díoluigheacht go lór ar son a phearsan féin, acht
níorbh fhéidir lé haoinneach dhíobh díoluigheacht do thabhairt
ar son pheacaidh na nádúire go hiomlán do loiteadh isan gcédduine
agus annar pheacaidhsiod a shliocht go huilídhe 'na dhiaidh; óir
as ar éigin dob éidir lé gach aon aca díoluigheacht do thabhairt ar
a shon féin. Óir atá an peacadh so na nádúire do doirteadh ó chamthoil
an chédduine ar an nádúir go hiomlán beagnach doichríochnuigh;
óir as éidir pearsana doichríochnaigh do bheith a ndiaidh a
chéile isan nádúir. Uime sin ó as leis an nádúir do tairngeadh
peacadh na sinnsior isteach agus go bhfuil ar mhodh áiridhe doichríochnuigh,
bá riachtanas leigheas agá mbeith brígh dhoichríochnaigh
d'fhagháil chuige, nach raibh ar cumas chréatúir
ar bith.



Acht dá meastá gomadh cubhaidh do bhúidheacht Dé ciabé ar
bith modh arbh fhéidir leis an duine díoluigheacht dá laghad do
thabhairt dó do ghlacadh uaidhe, agus an chuid eile nach éidir leis do
mhaitheamh dhó go trócaireach, adeirmíd go ccreidmíd féin, dá


L. 144


mbeith nárbh fhéidir lé Dia ar atharrach modha leigheas corrigenda
don pheacadh sa, go nglacadh go trócaireach as dochuimsigheacht
a mhaitheasa díoluigheacht gach aoin ar a shon féin
agus ar son na nádúire; gidheadh, an tí sa thrócaire atá gan críoch agus
nach léigeann a cheart aonlocht gan díoghaltas, dofuair glés eile ar
a ttiubharthaoi ní headh amháin díoluigheacht go rofhairsing
ar son na nádúire daonna acht fós ré ndéntaidhe an nádúir
chédna nísa iomláine agus nísa fhoirbhthe. Agus do bhrígh nárbh
fhéidir lé créatúir ar bith díoluigheacht do thabhairt ar son
pheacaidh doichríochnuigh na nádúire agus gurab lé Dia amháin
atá doichríochnuigh dob éidir sásamh do thabhairt ar a shon;
gidheadh, ní raibhe sin d'fhiachuibh ar an tí nár pheacaidh agus lé
nárbh fhéidir peacadh do dhénamh, agus go raibhe d'fhiachuibh
ar an duine lé nárbh fhéidir díoluigheacht do thabhairt ann,
bá toil ré Dia robhúidh feóil shomharbhtha do ghlacadh agus bheith
'na dhuine, ionnas go ttugadh an tí léarbh fhéidir agus dár chóir
díol ar son an pheacuidh. Mar sin do dhíol an duine sin Mac Dé
Íosa Críost na huile fhiacha. Ionnas ré luach a naomhfhola do
doirteadh a gcrann na croiche gur fosgladh doirse phárrthuis
do na haithribh naomhtha, agus go bhfuaradar ar ball iar mbás
Chríost an sén neamhdha, dobhí do ghnáth 'na mhórfhonn orra.



As follas as an résún so agus as na résúnuibh eile thuas gurab
oireamhnach do ghlac Dia collann daonna. Óir as soilléir do
thaisbéin a chomhachta annso réarbh fhéidir leis an nádúir
dhaonna d'uaimcheangal leis féin ré cuibhreach comhdlúith
comhdaingion agus sin go ndearnadh duine dhe. Agus ní lugha do
thaisbéin a eagna, ré a bhfuair slighe agus glés iongantach ar an
duine do lomchailleadh d'fhuasgladh agus do threórughadh gusan
mbeathaidh shíordhuidhe; as a ttáinic maith dhofhaisnéidhe
don tsaoghal. Do sgaoil mar an gcédna ionnmhuis agus óirchisteadha
a mhaitheasa an tráth do dhoirt é féin go hiomlán ar an
nádúir dhaonna, ionnus go n-uaimcheangladh í ré géibhionn nísa
chruaidhe ris féin. Do chuir, fá dheóidh, a cheart a gcomhthrom
réna thrócaire, réar thoil leis é féin do chrochadh ar ar soin-ne, agus
rear eachtaidh go diongmhálta é féin do thabhairt díoluigheachta
agus lóirghníomha dhó féin ar son ar bpeacaidh-ne. As so gealltar
maithmheachus cinnte a míghníomh do na huile pheacthachuibh
dá ndéindís aithríghe, agus pianta síordhuidhe do na neamhaithrígheachuibh
chalcaigheas go dána isan olc gan uamhan


L. 145


gan imeagla roimh cheirtbhreitheamhnas Dé, nach léig aonchoir
ann nach déntar aithrighe gan díoghaltas trom. Dothug so
fá-deara ar iliomad iar tteacht Chríost filleadh ó na dubháilcibh
ar na subháilcibh agus aithrighe dhiongmhálta do dhénamh anna
míghníomhuibh.



Mar sin madh mheasmaoid na neithe so agus na sochair dhoichríochnaigh
eile dofuair an nádúir dhaonna tré Chríost, do-ghébham
duibheacán a eagna commór agus sin nach éidir lé hinntleacht
duine ar bith a glacadh. Agus ní meastar do bheith leamh a
gCríost, budh follas a bheith nísa eagnuidhe agus nísa chríonna ná
uile dhíthchioll gach deighealadhna, agus as mó sa chách bhiaid cialla
agus résúin iongantacha a chommór agus sin do dhiamharún soilléir
do lucht lorgaireachta agus iarrtha na fírinne Catoilce. Ar an
adhbhar sin as oireamhnach d'fhulaing Críost páis agus bás ar
son an chinidh daonna.



Agus do bhrígh nach dochum ar bpeacadh amháin do sgrios táinic
acht fós dochum ar mbeatha d'ordughadh, do mheas nár lór
dhó páis amháin d'fhulang acht do thogh bás roishearbh rothruailligh
dhó féin, ionnas as a shompla-san nach beith faitchios
oruinn gach ní dá dhúire agus dá uathbhásaigh d'fhulang ar ghrádh
na fírinne agus do choimhéd an cheirt. Ibhid fós sámhuis ro-iongantacha
agus sochair dho-áirmhe as millsiocht an tobair si, .i. as
bás agus as croich Chríost, an mhuinntir mhaodhuigheas iad ré
teas grádha agus re gloine chroidhe.



Do bhrígh ós a chionn so gurab dochum na bpeacadh do
mhaitheamh agus doruis na beatha síordhuidhe d'fhosgladh dofuair
Críost bás, go deimhin dob oireamhnach a anam iar mbás do
thuirling go soiche na haithreacha naomhtha, dochum a
n-anmanna sin do shoillsiughadh agus do thabhairt as ifrionn,
abhal a rabhadar ré treimhsi fá ghéibhionnaibh ar son pheacaidh
na sinnsior. Agus d'eagla go measadh aoinneach na bás fíre do
fuair, as céillidhe do hadhlacadh é agus do iomchair bheith isan
tomba ar feadh trí laithe. Gidheadh, muna n-eiséirgheadh dá
éis sin, ní bheith dóthchas eiséirghe go bráth ag na daoinibh.
Ar an adhbhar (sin) as ceart cubhaidh do eiséirigh go glórmhar
ó mharbhuibh iar gcríochnumh rúindiamhra a bháis. Agus do
bhrígh go ndearnadh a chorp glórmhar domharbhtha annsin


L. 146


(amhuil adubhramar thuas ar eiséirghe na ccorp), níor chubhaidh
dhó ó shoin amach cáirdeas iná comhluadar cinn teallaigh do
bheith eidir é agus na daoine. Óir amhuil as é corp Chríost corp as
ro-uaisle agus as rofhoirbhthe do na huile chorpuibh as glóir na
foirme agus as a uaimcheangal ris an mBréithir, as amhlaidh sin
bá deaghmhaisioch agus ba cubhaidh dhó éirghe suas ós cionn na
n-uile fhlaitheamhnas agus na n-uile chorp agus suidhe mar aonMhac
Dé ar deis a Athor, .i. isna maithibh as fearr don bheathaidh
shíordhuidhe. Acht dá bhfiafraigheadh neach éigin cionnas do
tholl na flaitheamhnuis madh atáid dlúith daingean, dothugamar
freagra ar sin cheana: gur féidir lé Dia dhá chorp do choimhsheasamh
a n-áit aonchoirp a n-aoinfheacht.



Dá éis sin ó do damnaigheadh go héigceart mallaighthe Críost
Mac Dé ris na daoinibh agus ar son na ndaoineadh, bá ceart, ós
é as ceann do na huilibh, a ordughadh mar bhreitheamh ar
bheódhuibh agus ar mharbhuibh, bhéras dá gach aon fá dheóidh
tuarastal ceart do réir mar do thuilliodar a ghníomhartha.
Mar do-chífid an mhuinntir mheasfas go ceart díreach na neithe
so nach eadh amháin go bhfuil an creideamh críostaidhe ceart
céillidhe acht fós go bhfuil diadha uathbhásach míorbhuileach.



Mesuim go ndubhramar go lór isan dara leabhar ar an ngéilleamh
as dleacht do thabhairt do na sgrioptúiribh naomhtha, dá
ngreamaigheann an creideamh go daingion dosgaoilte. Óir do
fhoillsigheamar, an tan nach éidir a mbeith acht ó Dhia, gurab
cóir agus gurab riachtanas géilleamh agus creideamh dháibh go daingion
diongmhálta dochlaoidhte. Agus do bhrígh gurab éigin gach ní
soghluaiste do tharruing go ní éigin doghluaiste isna neithibh
adhbhardha agus isna healadhnachuibh, adeirmíd gur ordaigh
Dia as an ccúram atá aige a ttimcheall a Eagluisi féin ní éigin
doghluaiste dochum ar cóir do na huilibh triall mar fhunndamuint
fhoirtill. Ar an adhbhar sin ní meardhánta iná ainbhfiosach
adeirmíd gurab inchreidthe gach ní dár eachtaigh nó dá
n-eachtóchaigh ó so amach an Naomh-Eagluis Chatoilce Rómhánach,
agus nach inchreidthe éinní dá ndiúltann sí. Óir as chuice
riothmuid ann gach conntabhairt dá mbí oruinn, do bhrígh
gurab í an fhundamuint fhoirtill atá arna stiúradh agus arna riaghladh
ó Dhia, ar mhodh nach éidir lé dhul ar seachrán, go mórmhór
isna neithibh bheanas ris an gcreideamh agus ré slánughadh an
chinidh daonna.


L. 147


GURAB ROI-EAGNUIDHE CHUIREAS AN CREIDEAMH
CRÍOSTAIDHE DHÁ AITHNE AN GHRÁDHA, AS FUNDAMUINTEADHA
DON BHEATHAIDH MHÓRÁLTA GO
HIOMLÁN, SÍOS.



Caib. 11.



Do bhrígh iomorro gur thaisbénamar cheana nach bhfuil ní
ar bith doidhénta iná díthchéillidhe isan gcreideamh chríostaidhe
isna neithibh bheanas ris an gcreideamh, leanfam an ní cédna
ina ordughadh mórálta, ar son gomadh lór a ndubhramar
isan dara leabhar ar fhoirbhtheacht na beathadh críostaidhe. Óir
go dearbhtha muna féidir beatha as fearr iná í d'fhághuil, leanuidh
go cinnte gurab romhaith aitheanta mórálta an chreidimh
chríostaidhe. Agus ní riachtanas barr cruthaigh ar so, an tan gurab
as na héifeachtuibh haitheantar na cúise. Gidheadh, do bhrígh
gur fearr tuigthear na neithe fá leith iná go coitchionn, dochum
soluis nísa mhó d'fhághuil orra, tráchtfam ar reachtuibh áiridhe
annso. Acht ní thráchtfam orra go huilidhe, d'eagla bheith
liosta, agus do bhrígh gurab uras an chuid eile do thuigsin as na
neithibh ar a laibheóram annso.



As é iomorro as cédfhundamuint agus uaithne fulaing don dligheadh
mhórálta, Dia do ghrádhughadh ót uile chroidhe, ót uile
anam, ót uile inntinn agus ót uile neart. An dara fundamuint: do
chomharsa do ghrádhughadh mar thú féin. Gidheadh, ní hiontuigthe
iad so ar mhodh gomadh lór don chríostaidhe Dia agus a
chomharsa do ghrádhughadh trésna neithibh nádúrtha amháin.
Acht as eadh fógarthar dhó, Dia agus a chomharsa do ghrádhughadh
tré thiodhlaicibh neamhnádúrtha na ngrás, ionnas go n-ollmhaigheadh
é féin dochum an tiodhlaice neamhdha sa na ngrás agus
an ghrádha do ghlacadh agus do fhreacar. Óir grádhaighe gach
créatúir go nádúrtha Dia ós a chionn féin, agus a chomharsa mar é féin
eile. Ceangaltar dhínn fós leis an aithne so an ní atá nádúrtha do
dhénamh iomlán foirbhthe ré tiodhlaice ós cionn na nádúire.
Mar sin fógarthar dhúinn Dia do ghrádhughadh ós cionn na
n-uile, agus grádh Dé do chur roimh ar ngrádh féin, agus inn féin agus
gach uile ní as linn do dhíriughadh chuige amhuil dochum ar
gcríche. Uime sin fógraidh an t-apstal dúinn: Madh ag ithe,


L. 148


ag ól, nó ciabé ar bith eile ní bhiam d'oibriughadh, na huile
do dhénamh dochum glóire Dé.



Acht do bhrígh gurab romhór thairngeas antoil na feóla inn
ón ngrádh sa, adubhradh: Grádhaigh do Thighearna Dia ót uile
chroidhe. Óir as annsa chroidhe atá tobar na beatha, na ccédfadh,
agus frémh nó tús na mian agus na n-álgas, thairngeas inn go grádh
na neithe somhothaighthe, agus sgaras inn ris an ngrádh diadha.
As uime adeir, ót uile chroidhe, ionnus go gcurthá an chuid
chédfadhach a n-oireamhuin don toil, agus an toil mar an gcédna a
n-oireamhuin don résún agus do dhligheadh Dé. Agus do bhrígh gur
gnáth leis an toil dhul ar seachrán an tan nach bí an résún dá
stiúradh, leanaidh, ót uile anam, .i. ót uile thoil arna díriughadh
gusan gcrích so. As é iomorro an t-anam as tús agus as frémh don
bheathaidh agus don ghluasacht ar a n-aitheantar na hainmheinteadha
seach na neithe ann nach bí anam; óir gluaisid na hainmhinteadha
iad féin, ní nach éidir leis na neithibh gan anam do
dhénamh. Ar an adhbhar sin ós í an toil ghluaisios cumhachta
an anma résúnta go hiomlán, as ceart thuigmíd an toil trésan
anam. Fógarthar mar sin an toil go hiomlán gona huile ghluasachtuibh
agus gníomhuibh do dhíriughadh dochum Dé, ionnas go
ngrádhaigheadh é, go mbeith dúil aice ann, agus sólás; fuath agus gráin
do bheith ar na neithibh atá contrárdha dhó, agus a seachna; agus
dá ndénamh éinní dhíobh, doilgheas agus aithreachus do bheith
uirre, eagla do bheith roimh Dhia, agus dóthchas do bheith as,
gan dul a n-édóthchas ar a thrócaire, gan meisneach iná muinghein
do bheith as a ceart iná as a fíréntacht féin, fearg agus forrán
do bheith lé féin agus lena dubháilcibh, agus iad so agus na huile neithe
eile do dhénamh dochum glóire agus onóra Dé. Agus do bhrígh gurab
ón résún nó ón tuigse tig gluasacht na toile, dárab cospóir an
mhaith fheasach, as ceart fógarthar ar ball a ndiaidh na toile,
ót uile inntinn. Óir ciallaighidh an inntinn an tuigse agus an
résún, dárab cóir díriughadh ar Dhia, ar mhodh gurab é Dia gach
ní thuigeas nó mhaodhuigheas, nó gurab dochum Dé thriallas.
Acht do bhrígh gurab ar a son féin grádhaighthear an chríoch,
atá 'na suidhe isan anam gan miosúr grádha; óir as uime
ghrádhaighmíd na meadhóin bhíos dochum na críche, do bhrígh


L. 149


go ngrádhaighmíd an chríoch féin. Acht atá grádh na críche
dothoimhste; ar an adhbhar sin as oireamhnach curthar a
gceann na trí neithe rémhráidhte sin, ót uile neart agus chumas,
ionnus, ó as é Dia ar ccríoch, go ttriallmaois air ré ar n-uile
dhíthchioll, cumas agus neart, go mbeith an résún, an toil agus an
cédfadh umhal dó, ionnas go mbeithdís foirbhthe iomlán isan
n-uile shubháilce agus grásaibh, ionnas, fá dhéóidh, ó ar mbeith
foirbhthe fírénta, go bhfaghadh Dia glóir agus moladh ó na huilibh;
amhuil as gnáth an n-uile chúis do mholadh as foirbhtheacht
a héifeachta.



As so as follas ní headh amháin cionnas as cóir don duine
Dia do ghrádhughadh, acht fós cionnas as cóir dhó é féin
do ghrádhughadh; óir as cóir (dhó) do shíor bheith d'éinmhéin re
Dia, bheith umhal dó, a bheatha, a ghníomhartha agus a uile chomhachta
d'ordughadh dochum a ghlóire, ionnas go móradh gach
aon Dia as amhuil as éifeacht fhoirbhthe.



Acht do bhrígh gurab lugha bá feasach go diongmhálta cionnas
do bheith an chomharsa ionghrádhaighthe - do bhrígh nach
bhfuil grádh na comharsan comhnádúrtha dhúinn agus atá ar
ngrádh díleas féin - ionnas nach beith seachrán, ainbhfios iná
conntabhairt oruinn don taoibh sin, tug Dia an dara haithne
dhúinn ag rádha: Grádhaigh do chomharsa mar thú féin, .i.
dochum na críche dochum a ngrádhaigheann tú thú féin.
Óir ó as í onóir Dé agus a ghlóir as críoch dhúinne, agus gur mó honóraighthear
an chúis as foirbhtheacht a héifeachta iná as míofhoirbhtheacht,
agus gurab éifeacht do Dhia na daoine, as mó ghébhas onóir
as a mbeith foirbhthe fírénta iná as a mbeith ar atharrach modha.
Ar an adhbhar sin madh as riachtanas dúinn ag grádhughadh
Dé a ghlóir agus a onóir do bheith ar ar n-aire, mar an gcédna as
cóir dúinn ar ccomharsa do ghrádhughadh dochum na críche
cédna, ionnas gomadh follas saothar Dé, agus go moltaidhe annar
ccomharsuinn amhuil ionnainn féin. Cá bhfuil ní as fírinnigh
iná an dá aithne si? Créd an ní as résúnta iná iad? Créd an ní
as diadha iná iad? Óir as inntibh atá an reacht diadha, cuibhreach
an chumuinn daonna agus foirbhtheacht na n-uile dhligheadh.
Óir as uathaibh atá an reacht agus na fáidhe. Mar sin gach ní dá
ttig uathaibh so nó gach ní dá mbí a ccoimhtheacht leó, atá
'na ní bheannaigh dhosháraigh ag na críostaidhthibh, agus gach ní
dá bhfuil conntrárdha dháibh 'na ní mallaigh as intseachanta
dá gach aon.


L. 150


GURAB RO-ORDHRAIC TEAGASG MÓRÁLTA NA HEAGLUISI.



Caib. 12.



As céillídhe résúnta dar linn dotugadh dhá chlár an reachta
mhórálta dhúinn: clár dhíobh mhúineas agus dhírigheas inn ar an
tslighidh dhírigh go Dia, an clár eile gusan gcomharsuin. Ar an
adhbhar ó as ainmhidhe síbhialta agus cuid do choimhthionól
éigin an duine, beanaidh ré díorchacht a bheathadh bheith
go maith do phrionnsa nó do thriath coitchionn na n-uile, agus
dá éis sin dá chomhchathraightheóiribh. Dá bhrígh sin ó as cuid
don nádúir dhaonna an n-uile dhuine, agus an mhéid gur críostaidhe,
cuid don mhaitheas puiblidhe críostaidhe, as riachtanas dó
bheith go maith don tí stiúras an nádúir dhaonna agus as ceann
don chríostaidheacht, .i. do Dhia agus do Chríost atá 'na Dhia agus 'na
dhuine. Agus as í uair do-ní so go diongmhálta an tráth ghrádhaigheas
Dia óna uile chroidhe, ó a uile anam, óna uile inntinne,
agus óna uile neart agus chumas. Acht do bhrígh gurab dual roimhe
an n-uile ní iocht agus dísle do chomhdach do phrionnsa coitchionn
na n-uile, agus an t-iocht agus an dísle sin do bheith coimhdiongmhálta
comhdaingion agus comhdoibhriste agus sin dó isna huile neithibh dá
mbeanann leis nach gclaonfadh aoinneach dá mhuinntir uaidhe
dochum a námhad, as ceart do fógradh do na huilibh a n-aithne
phrionnsapálta an chédchláir, an Dia fíre d'adhradh, atá 'na
aon amháin, agus gan dée bréige d'adhradh dá láthair, atá isan
n-uile áit agus ar nach dorcha éinní acht dár follas go soilléir na
huile, agus gan iompúghadh uaidhe go bráth ar énchonntar ar an
diabhal. Agus do bhrígh gurab dleacht isan dara háit réverens
agus onóir do thabhairt don phrionnsa, fógarthar dhúinn a ndara
haithne an chédchláir gan ainm Dé do thabhairt go díomhaoin.
Óir an mhuinntir réar mian Dia atá dofhaicse d'onórughadh,
as iononóraighthe dháibh é isna neithibh sofhaicse thaisbénas é
dhúinn; agus as díobh sin go mórmhór an guth agus na briathra do
fríth amach dochum Dé do chiallughadh agus do mholadh; ní as
cóir do choimhéd isna huile neithibh dá mbeanann leis.


L. 151


Agus do bhrígh isan treas áit go ndleaghar seirbhís chubhaidh do
dhénamh don phrionnsa, as iomchubhaidh do fógradh dhúinn ré
treas aithne an chédchláir an tsaoire do choimhéd, re a tteaguisgear
dhúinn adhradh dleacht do thabhairt go hinnmheadhónach agus
go foirimleach dáríribh do Dhia. As na trí haitheantuibh si do-níthear
gach ní dá mbeanann re Dia d'adhradh, d'onórughadh
agus do mholadh, agas as chugtha críochnaighthear gach ní bheanas
re Dia, agus dhiúltamaoid gach ní atá contrárdha dhó, agus sheachnamaoid
gach ní nach bhfuil go díreach ag triall chuige.



As eadh iomorro as dara haithne nó as dara clár ann, an
chomharsa do ghrádhughadh mar thú féin. Agus ó as eadh as
grádh ann, fonn maithe an tí ar a mbí grádh agad agus neamhfhonn
a oilc, do-nímid dhá chuid do ghrádh na comharsan, .i. maith
na comharsan do dhénamh, agus gan olc do dhénamh dhó, iná
rún do bheith a olc do dhénamh. Uime sin as í cédaithne léghthar
isan dara clár: Onóraigh th'athair agus do mháthair. As a ttuigmid
gur cóir dhúinn onóir do thabhairt, agus maith gach aoin as comharsa
dhúinn do dhénamh, agus gan égcóir do dhénamh air ó ghníomh,
ó smuaineadh iná ó bhréithir; gan urchóid do dhénamh ó ghníomh
dot phearsuin dílis féin iná do dhuine ar bith eile, ionnus go
mbeithmís saor ón n-uile choir agus ainbhfios. As uime sin
fógarthar dhúinn an dara feacht isan chlár chédna gan marbhadh
do dhénamh, thoirmeasgas oruinn ní headh amháin gan urchóid
do dhénamh dár gcomharsuin acht fós dár bpearsuin dílis féin.
Fógarthar dhúinn an treas feacht gan drúis do dhénamh, as a
ttoirmeasgthar oruinn bean ar gcomharsan (do shanntughadh), agus
fós fuath agus gráin do bheith aguinn ar uile bhroghuil agus salchar na
drúisi. An ceathramha huair, gan goid do dhénamh, ré a
ttoirmeasgthar oruinn an n-uile shealbh aindhíleas neithe nach
linn féin. An cúigeadh feacht, gan fiaghnuisi bhréige do dhénamh
a n-aghaidh do chomharsan, ré a ttoirmeasgthar an n-uile bhrég,
madh urchóideach nó neamhurchóideach, oruinn. An seiseadh
huair, gan bean do chomharsan do shanntughadh, ré a
ttoirmeasgthar an chliabhdhrúis agus gach fonn nó álgas neamhordaigh
drúisi oruinn. An seachtmhadh huair, gan dúil do bheith
agad a gcuid do chomharsan, ré a tteagasgar dhúinn ní headh
amháin sealbh gach ní neimhdhíleas do sheachna acht fós an
inntinn do choimhéd glan ó fhonn a seilbh neimhcheirt.


L. 152


Agas d'eagla go mbeith 'na chontabhairt ar énduine créd an
fáth as a bhfoillsighear fonn na drúisi agus neithe neimhdhíleas do
bheith toirmisgthe oruinn seach foinn na neithe eile, an tan nach
lugha an choir atá a bhfonn na neithe atá contrárdha do na
haithentuibh eile, as í ar bhfreagra air so nach eadh amháin
go ttoirmisgeann an dligheadh soisgélta na droichghníomhartha
acht fós na drochrúin agus na miana broghacha. Agus ní headh amháin
go ttuigthear na haitheanta go hiomlán ar an ngníomh fhoirimleach
acht fós ar an ngníomh innmheadhónach. Gidheadh,
ní gan adhbhar foillsighthear an dá aithne si nísa chúramaigh agus
nísa shoilléire iná an chuid eile. Óir ní bhfuil duine dá ainbhfeasaigh
nach ttaisbénuid na foinn atá contrárdha do na
haitheantuibh a gcaime féin agus a mailís. Cia iomorro ar a bhfuil
'na ainbhfios gurab olc gan creideamh do Dhia, nó bheith díthchreidmheach,
nó bheith easumhal dó, nó a ttrétúireacht 'na
aghaidh? Cia ag nach beith gráin ar tharcuisne nó ar mhasla
do thabhairt dá aithribh? Cia ag nach beith gráin agus fuath
ar chruadháil an dúnmharbhtha nó ar thruailligheacht na mbrég
agus na n-aimhleas? Óir as mó an t-uathbhás agus an ghráin chuireas
ar neach smuaineadh orra so iná an dúil nó an taithneamh do-gheibh
as smuaineadh orra. Gidheadh, dar leat atá teas na
druisi nádúrtha; óir bí fonn geineamhna ó nádúir ar na hainmhidhibh,
agus bí taithneamh agus sámhas neartmhar ar an bhfeóil isan
sórt sin. Mar an gcédna atá dúil agus saint na neithe bhfoirimleach
ó nádúir ceanguilte dhínn, do bhrígh go mbí móirriachtanus
aguinn leó. As so dob fhéidir leis na daoinibh ainbhfiosacha a
mheas nach beith dúil nó fonn na neithe si 'na bpeacadh ar
énchor, an tan nach dénuid na foinn amháin urchóid d'aoinneach.
Ar an adhbhar sin as céillidhe do comhardhaigheadh
an dá ní so, .i. fonn neamhordaigh na drúisi agus neithe neimhdhlistionaigh.



Óir atá an dligheadh soisgélta chomhcúramach agus sin fá fhoirbhtheacht
an duine go n-iarr díorchacht an chroidhe agus an ghníomha,
ionnas nach bhfágadh ní dhá loighead gan buain leis. Ar an
adhbhar, do réir mar adubhramar cheana, gurab as na fundamuintibh
si shilid na huile reachta agus aitheanta mórálta eile,
agus gurab chugtha fhillid, agus gurab dá réir mheasmaoid na huile
reachta eile do bheith ceart nó éigceart. Óir ní féidir ní ar bith
d'fhagháil bheanas ré deighbhésuibh atá contrárdha dháibh so;


L. 153


acht as leó bheanuid go díleas na huile aitheanta mórálta,
agus as uathaibh do-gheibhid neart agus bríogh. As uime sin chruinnigheas
an creideamh críostaidhe nísa usa, nísa líonmhaire agus
nísa naomhtha gach ní dár sgríobhsad na feallsuimh agus na hughdair
ordhraice eile ar na subháilcibh agus ar na deighbhésuibh, agus do
mhédaigh (go) glan fairsing gach neithe diadha nó nádúrtha
dá raibhe 'na -ainbhfios orra nó dár léigsiod tharsa.



Do chuir mar an gcédna comhuirleacha a gceann na
n-aitheanta, ionnas gur feirde do coimhédfaidh na haitheanta.
Ar an adhbhar ó as ar fhoirbhtheacht ghrádha Dé thairngeas
an bheatha chríostaidhe go hiomlán, agus nach éidir an fhoirbhtheacht
sin d'fhághuil gan glaine an chroidhe agus saoirsi ó uile
fhonn na neithe talmhuidhe, deaghaltar uile aitheanta agus dligheadh
Dé a dhá rann, .i. a ngabháil agus a ndiúltadh, nó a n-aithne
agus a ttoirmeasg. Ré foirbhtheacht an ghrádha bheanas na haitheanta
aithnigheas nó fhógras; ré hiomláine ghlaine an chroidhe
bheanas na haitheanta dhiúltas nó thoirmeasgas. Agus beanuid na
comhuirleacha leó araon. Ní haithne acht comhairle chuireas an
sgrioptúir an tráth adeir: Ciabé léna mian bheith foirbhthe,
díoladh a bhfuil aige agus tugadh do na bochtuibh agus leanadh Críost
bocht, ionnas go ttugadh a bheatha suas go hóghdha geanmnaigh,
go gcuireadh é féin fá umhlacht athor riaghalta éigin, go seachnadh
fonn na sainnte, na glóire díomhaoine, an uabhair, na hantola
agus go nglanadh é féin ó na huile neithibh foirimleacha. Comhuirlíghear
dhó fós an grádh foirbhthe do sholáthar, é féin d'ofráil
go síordhuidhe d'adhradh Dé, Dia do mholadh go laéthamhuil,
urnaighthe do dhénamh go meinic, agus iomad eile do dhénamh
nach bhfuil d'fhiachuibh ar énduine acht amháin dochum
rochtuin go hárdmhullach na foirbhtheachta agus an ghrádha. As
follas as an méid si go hiomlán go n-iomchrann an creideamh
críostaidhe é féin comhordaigh coimhcríonna agus sin, an mhéid
go mbean ris na haitheantuibh mórálta, nach nglacann ní ar
bioth míochumtha iná míochruthamhuil, agus go bhfuil a bhríogh
agus a neart commór agus sin a tteagasg go ndéin uain mhíne do
dhaoinibh fiadhánta, agus go nuachrann (agus) go ndeaghmhaisigheann


L. 154


go ngloine iongantaigh an mhuinntir bhíos arna n-onfairt a
ndeasguibh agus a lathaigh na sainnte, ionnas gur soilléire iná an solas
nach ttug sgol ar bith na bhfeallsamh iná aoinchreideamh eile a
samhuil so do theagasg iná do thoradh uathaibh; óir atáid
comhfada ó ar tteagasg-ne agus atá centrum na talmhan ó fhlaitheamhnus,
nó an dorchadas ón solas.



GO BHFUIL TEAGASG BREITHEAMHNACH NA HEAGLUISI
ROIRÉSÚNTA.



Caib. 13.



As ro-uras dúinn a fhoillsiughadh go bhfuil ar gcreideamh
féin ceart céillidhe anna reacht agus anna bhreitheamhnas. Óir
ó as éigin isan uile chinél céidní éigin d'fhagháil as miosúr agus as
riaghuil don chuid eile, cuirmíd a gcinél na reacht mar chéidreacht
an dligheadh dá ngairmíd an dligheadh síordhuidhe, dhírigheas
uile ghníomhartha agus comhairleacha na heagna diadha,
agus ó bhfrémhuid na huile reachta agus dlighthe eile. As riachtanas
isan n-uile ghluasacht ordaighthe bríogh an dara gluaisteóir
do bheith arna tarruing as an gcédghluaisteóir; mar an (gcédna)
isna guibhearnóiribh, as riachtanas cumhacht an chédghuibhearnóir
do thuirling gusan nguibhearnóir as foicse dhó, ionnas go
mbeith cumas stiúrtha aige. As éidir iomorro leis an dligheadh,
an mhéid gur riaghuil nó gur miosúr é, bheith ar dhá mhodh
isan duine. An cédmhodh, amhuil a nduine atá ag stiúradh nó
ag miosúradh; an dara modh, amhuil a nduine atá arna stiúradh
agus arna mhiosúradh; óir as éidir an n-uile ní do stiúradh agus do
mhiosúradh an mhéid go bhfuil rannphartach nó glacmhach
ar riaghuil agus ar thomhas. Ar an adhbhar sin ó atáid na huile
neithe fán gcúram diadha, as follas go nglacar iad a rannphairt
an reachta nó an dlighidh shíordhuidhe ar mhodh éigin; an
mhéid go gclaontar iad dochum a ngníomhartha agus a gcríocha
dísle as bualadh séla an chúruim dhiadha sin orra.


L. 155


Ní bhfuil ámh eidir na créatúiribh créatúir as ordhraice atá
fán gcúram diadha iná an créatúir (résúnta), an mhéid go ndéntar
rannphartach dhe é agus go bhfreacrann é dhó féin agus do neithibh
eile. Agus as don rannpháirt si an dlighidh shíordhuidhe gairmthear
dligheadh nádúrtha isan ccréatúir résúnta. Agus as é ní é, comhchruinniughadh
na n-aitheanta nádúrtha isan tuigse, isan
gcomhachta nó isan bhfoirm. As eadh as frémh do na haitheantuibh
si, solas an résúin nádúrtha atá arna bhualadh go diadha,
sa bhríogh réar follas dúinn neithe áiridhe uatha féin a sgrúdadh,
agus a bpraittigeacht, as é ainm ghairmíd díobh isna neithibh a n-oibrigheann
an tuigse amháin, .i. cédthúis nó céidfhrémha, agus isna
neithibh a n-oibrigheann an toil, aitheanta nó na céidreachta
nádúrtha, ó a ttairngemíd amhuil ó fhrémhuibh nó ó fhundamuinntibh
atá follas uatha féin dá shórt eile dlighidh. An cédmhodh,
amhuil conclúideadha as na túsuibh follasacha; an dara
modh, amhuil eachta dhaoineadh críonna éigin arna moladh go
coitchionn. As cosmhuil an cédmhodh leis na conclúideadhuibh
soilléire tairngthear as túsuibh na bhfios nó na n-eólas. As
cosmhuil ámh an dara modh leis an ní lé ttairngthear na foirme
coitchionna isna cearduibh go ní éigin speisialta: amhuil tairngeas
an t-árdshaor eagnuidhe foirm choitchionn tighe gusan bhfoirm
nó an bhfioghair áiridhe so. Do-geibhthear sórt áiridhe ar
mhodh conclúide as túsuibh coitchionna dhlighidh na nádúire;
amhuil as an aithne thoirmeasgas oruinn marbhadh as éidir
a bhuain nach cóir nimh do thabhairt d'aoinneach. Sórt eile
ar mhodh eachta nó breithe; amhuil fhógras dligheadh na nádúire
díoghaltas do dhénamh ar an tí pheacaigheas, gidheadh, ní
ordaigheann dligheadh na nádúire an phian so nó an phian úd do
chur air, acht fágthar sin ar bhreitheamhnas na ndaoineadh
críonna ré a mbeanann an ní d'eachtughadh isan gcás sin as
mhó mheasuid bheith tarbhach don mhaith choitchinn. Agus as
don tsórt sa ghairmid dlighthe daonna nó teagmhaisiocha.
Óir hathroighear iad do réir na n-áiteadh agus na n-aimsiora ar
chomhuirle na n-eagnuidheadh, amhuil iarras an mhaith
choitchionn. Óir ní féidir na daoine go huilidhe do stiúradh
iná do riaghladh leis na reachtuibh cédna nó ar éntsórt amháin


L. 156


dlighidh dhaonna. Gidheadh, mairidh an dligheadh nádúrtha
ar énmhodh amháin go doghluaiste ag an n-uile náisiún; agus ní mó
malartar na dlighthe speisialta shileas uaidhe ar mhodh
conclúide; óir as éigin conclúid fhíor do theacht as na túsaibh fíre.



Acht do bhrígh nár lór an dligheadh nádúrtha dochum na
beatha daonna do dhíriughadh, dobhí riachtanas aguinn ré
congnamh dlighidh éigin eile d'fhághuil, agus as é sin an dligheadh
diadha. Sa riachtanas bíodh gurbh fhéidir a bhuain as na
neithibh adubhramar thuas, ar a shon sin do-bhéram barr neirt
dó annso.



Do chéidneithibh, do bhrígh go ndírighthear an duine leis
an dligheadh dochum a ghníomhartha dísle d'ordughadh gusan
gcrích dhéighionaigh, agus do réir mar do chruthaigheamar thuas,
hordaighthear an duine dochum críche atá ós cionn nádúire.
Ar an adhbhar sin hiarrthar dligheadh éigin uachtarach dochum
an duine do dhíriughadh gusan gcrích sin atá ós cionn nádúire
seach an dlighidh nádúrtha, dá nach éidir dhul tar a thóruinn
féin, agus as é sin an dligheadh diadha.



Mar an gcédna atá ar ttuigsi-ne comhlag comhanbhfann agus
sin an tráth fhilleas neach ar neithibh aonaránacha go ttuit a
n-iomad docamhal; as a ttig iomad do bhreitheamhasuibh
égsamhla agus do dhlighthibh go meinic contrárdha dá chéile.
Uime sin go mbíd na daoine dalla go meinic a ccontabhairt cia
an taobh ar cóir dháibh claonadh, agus 'na ainbhfios cia an tslighidh
beatha as iontoghtha dháibh. Ar an adhbhar sin dobhí riachtanas
orra dligheadh éigin cinnte d'fhagháil anuas do stiúróchadh
iad isna neithibh bheanas réna slánughadh.



Arís, ní féidir leis an dligheadh daonna na huile oilc do smachtughadh
iná do thoirmeasg; óir fuilngidh iomad do neithibh
míochubhaidh, d'eagla neithe bá measa iná iad dá leanmhuin.
Ar an adhbhar sin dobhí riachtanas ré dligheadh éigin do mhúinfeadh
do na daoinibh nach rachdaois saor gan díoghaltas ó
bhreitheamhnas fhírcheart Dé dá ndéindís as neamhsmacht
an dlighidh dhaonna neithe nár cheart do dhénamh.



Arís, ní féidir leis an dligheadh dhaonna breitheamhnas do
thabhairt isna corthuibh innmheadhónacha folaighthe acht


L. 157


amháin isna corthuibh foirimleacha do-chí ós áird; óir as neimhchinnte
fallsa breitheamhnas na neithe folaighthe. Ar an adhbhar
sin bá riachtanas dligheadh éigin do thoirmeasgfadh ar na daoinibh
go hinnmheadhónach an peacadh do dhénamh, ionnas, iar
mbeith foirbhthe dháibh go hiomlán, gomadh éidir leó teacht
dochum a gcríche dísle féin.



Adeirmíd gurab é an dligheadh so comhchruinniughadh na
n-aitheanta diadha ghluaisios ó sholas neamhdha an chreidimh; agus
adeirmíd gurab é grása an Spioraid Naoimh, as ionann agus solas
atá arna dhortadh go neamhnádúrtha nó ós cionn nádúire, ó a
ttairngthear uile aitheanta dhlighidh Dé do áirmhiomar thuas isna
haitheantuibh mórálta.



Tairngemíd fós dlighthe speisialta eile as na haitheantuibh
si ar mhodh conclúide nó eachta dá ngairmíd dligheadh pápamhuil
nó canónta; amhuil agus adeirmíd gurab dligheadh síbhialta na
dlighthe agus na reachta speisialta thig ó thobar nádúrtha.
Mar sin as leis na dlighthibh diadha agus pápamhuil dobearthar
breath ar na sagartuibh, ar na cléircibh agus ar gach ní dá mbeanann
leó. Leis an dligheadh nádúrtha agus síbhialta bearthar breath
ar an bpobal agus ar chúisibh na tuaithe.



Bíodh a fhios agad nach bhfuil an dligheadh diadha agus nádúrtha
contrárdha dá chéile ar aonchor, acht go n-iomlánann an dligheadh
diadha an dligheadh nádúrtha, amhuil iomlánas na grása an
nádúir. Uime sin adeirmíd gach ní dá bhfuil do dhligheadh na
nádúire do bheith mar an ccédna don dligheadh diadha, faoi a
bhfuil an dligheadh nádúrtha. Óir an mhéid go ttigid na haitheanta
ó sholas nádúrtha, as aitheanta nádúrtha ghairmíd díobh;
an mhéid ámh go ttigid ón tsolas neamhdha agus go n-iomlántar iad
leis na grásuibh agus leis an gcarthanacht, atáid 'na ndligheadh agus 'na
reacht diadha. Gidheadh, ní ghlacann fá seach gach ní dá bhfuil
don dligheadh diadha malairt anma nádúrtha; óir fógraidh ar
gcreideamh-ne iomad nach éidir do sgrúdadh iná do lorgaireacht
ré résún nádúrtha, mar atáid na neithe do thráchtamar thuas
ar an gcreideamh agus laibheóram 'na dhiaidh so síos ar na sácramuintibh.



As iad so iomorro na reachta agus na dlighthe ré a stiúrthar an
creideamh críostaidhe: ní tharcuisnigheann éinní atá oireamhnach
iná céillidhe, agus ní ghabhann éinní neamhoireamhnach iná


L. 158


neimhchéillídhe, agus ní mó do-ní neamhshuim do dhligheadh
ar bith maith iná résúnta dá ndearnadar na feallsaimh iná na
himpireadha geintíleacha nó barbardha, acht cruinnighidh as
na huile leabhruibh agus leachtuibh gach ní maith nó fíor dá
bhfaghann, ag meas go cinnte gurab ó Dhia atá an n-uile fhírinne
agus an n-uile mhaith, agus mar sin gurab ceart dlistionach dhó féin é.



Atá fós comhaireach coimhdíthchiollach agus sin ar gach seachrán,
fábhall, díomhaoineas agus bréga do dhíbeirt agus do sgrios gurab
annamh ghlacas na leabhair sgríobhthar a n-onóir a naomh
féin sa n-ughdair nach feas go diongmhálta; óir as mian leis
na huile earráid agus seachráin do smachtughadh agus do leasughadh
ann gach áit a mbíd ar feadh an domhuin. Agus madh bhíonn
ar uairibh daoine chlaonas ré dligheadh speisialta ón dligheadh
ceart díreach agus do-ní drochúsáid don dligheadh chanónta nó
shíbhialta, ní a leith an chreidimh chríostaidhe acht a leith na
ndrochdhaoine agus na ttíoránach as cóir sin do chur do bhrígh
go mallaigheann an Eaglais an sórt sa ré conntracht agus coinnealbháthadh
d'fhógra orra. Gidheadh, ní bhfuil faitcheas iná
eagla Dé ar na huilibh, agus ní mó fhreagraid don ainm críostaidhe,
an tan nach n-umhlaighid d'aitheantuibh Dé agus théid a ttrétúireacht
air. Ar a shon sin measmaoid gurab ceart céillidhe
reachta agus dlighthe na ccríostaidhthe, agus gurab lór dá gcruthughadh
agus dá moladh an mhéid si do labhramar orra.



GURAB OIREAMHNACH DO HORDAIGHEADH SÁCRAMUINTEADHA
NA HEAGLUISI RÉ CRÍOST.



Caib. 14.



Anois fá dheóidh as mian linn labhairt ar na ceremonias,
sa measg a bhfuil tús ag na sacramuintibh; óir as leó bheanas
na ceremonias. Do chéidneithibh, taisbénam gurab résúnta do
hordaigheadh na sacramuinteadha diadha isan Eagluis. Óir
bá follas as sin nach biaidh riachtanas oruinn mórán duadha
do ghlacadh ag cruthughadh na cota eile do na ceremonias. Do
bhrígh iomorro, do réir mar adubhramar thuas, gurab é Críost


L. 159


réna ionchollughadh, réna pháis agus réna bhás as cúis don tslánughadh
dhaonna go coitchionn, agus nach bí bríogh coitchionn
isna neithibh nádúrtha éifeachta áiridhe nó speisialta do
gheineamhuin, muna gcurthar a mbríogh a n-oibriughadh ré
cúisibh áiridhe speisialta, dobhí oireamhnach résúnta leigheas
éigin ar sláinte d'fhagháil dúinn a n-áit na gcúise speisialta do
cheangóladh bríogh na cúise coitchinne lind. Agus as iad sin na
sácramuinteadha. Agus amhuil as iad na dara cúise as ionstrumainteadha
don chédchúis, agus fhoghnuid na cúisi speisialta don chúis
choitchinn, mar an gcédna as iad na sacramuinteadha sa as
meadhóin agus as ionstrumuinteadha ag Críost ré ar sláinte-ne do
oibriughadh. Acht do bhrígh gurab riachtanas comhthrom do
bheith eidir na hionnstrumuintibh agus an chúis phrionnsapálta, dob
oireamhnach na sacramuinteadha sa do thabhairt dúinn fá chomharthuibh
follasacha agus fá bhriathruibh; óir as í Briathar ionchollaigh
Dé as cúis choitchionn dár sláinte. Mar sin as ceart do hordaigheadh
an bhriathar, an tan roicheas gusan dúil shofhaicse do
dhénamh sacramuinte, óir as í an bhriathar as cúis speisialta nó as
ionstrumuint don Bhréithir ionchollaighe; agus fós atá oireamhnach
don duine, thuigeas na neithe dofhaicse as na neithibh sofhaicse.



Acht do bhrígh, mar adubhramar go meinic, nach éidir aoinneach
do shlánughadh gan ghrása, dob oireamhnach fós na
sacramuinteadha so do thabhairt grása uathaibh go hionnstrumuinteach;
gidheadh, ní bhfuil bríogh aca éifeacht déighionach
na ngrás do thabhairt, acht ar an modh a ngeineann an duine
agus an ghrian duine eile, nach roicheann an t-anam tuigseach,
thig go foirimleach réna chruthughadh, agus nach as comhachta
an adhbhair geintear. Atá iomorro dhá bhríogh ag an ionstrumuint:
an chéidbhríogh óna foirm dhíleas féin, amhuil atá
ag an tuaigh maide do ghearradh, do bhrígh gur foirm iarnuidhe
atá aice agus go mbí faobhrach; an dara bríogh ó ghluasacht
nó ó neart na cúisi prionnsapálta do-bheir (ar) an tuaigh cédna
arna gluasacht ón tsaor stól nó fráma do dhénamh. Bíodh a
fhios agad ar a shon sin nach riachtanas an ionnstrumuint do
roicheadh do ghnáth an éifeacht déighionuigh tré bhríogh na
cúise prionnsapáilte. Amhuil nach roichionn an ghrian agus an
duine beith an anma tuigsigh do gheineamhuin, bíodh gurab
iad as ionnstrumuinteadha don chédchúis, agus nach dénuid acht


L. 160


an t-adhbhar d'ullmhughadh go maith, agus an t-anam tuigsioch
d'uaimcheangal leis an gcorp; mar an ccédna adeirmíd an tan
gurab tiodhlaice ós cionn nádúire na grása nach bhfuil ar cumas
créatúir ar bith, acht gurab lé Dia amháin as éidir a thabhairt
uaidhe, uime sin ní féidir leis na sácramuintibh ré bríogh
dhíleas na dúile sofhaicse iná trésan mbríogh ghlacas ón gcúis
phrionnsapálta, .i. ó Chríost, beith na ngrás do roichiodh, acht
amháin gusan ullmhughadh déighionach hiarrthar chugtha.



As maith an comhardha go ttugaid sácramuinnteadha na
hEagluisi grása uathaibh ar an modh so, an leasughadh do-níd
ar a mbeathaidh an mhuinntir umhlaigheas dáibh agus chleachtas
iad go ceanchair caondúthrachtach, agus an filleadh obann
do-ghníd ó na dubháilcibh gusna subháilcibh, agus an bisioch
gnáthach do-níd isan mbeathaidh spioratálta, agus nach bhfuil
dá uirísle agus dá ghlaine dá gcleachtann neach iad nach móide
agus sin théid ar a aghaidh isna subháilcibh agus isan mbeathaidh
spioratálta. Acht do bhrígh go ndubhramar go lór isan dara
leabhar ar an éifeacht so as lór dhúinn mar an ccédna an mhéid
si do rádha annso.



GURAB CÉILLIDHE NUIMHIR NA SÁCRAMUINNTEADH.



Caib. 15.



Do bhrígh gurab é Críost as cúis choitchionn dár sláinte agus don
bheathaidh spioratálta trésna grásuibh, ré a mbídhmíd beó do
Dhia, do-bearthar neithe spioratálta dhúinn a gcosmhuileacht
neithe corpardha, mar as oireamhnach don choinghioll daonna.
As riachtanas na leighis speisialta sa agus ionnstrumuinteadha
Chríost atá ordaighthe dochum na beathadh spioratálta agus
dochum ar sláinte-ne do dheaghuilt, a gcosmhuileacht na
neithe hordaighear dochum na beathadh corpordha.



As é iomorro céidní hordaighear dochum na beathadh
corpordha, geineamhuin, ré a bhfaghann an beathach beatha.
An dara ní, fás, dochum teachta go méid iomchubhaidh choirp


L. 161


agus go neart. An treas ní, oileamhuin, as riachtanus dochum a
chomhdaigh ina bheith agus dochum fáis. As uime sin adeirthear
trí bríogha do bheith ag an anam fásaightheach, .i. geineamhuin,
fás agus oileamhuin. Agus do bhrígh go tteagmhann ar uairibh
go mbí an t-ainmhidhe tinn nó easlán, dofuair an nádúir leighis
oireamhnach dochum a shlánaighthe. Agus do bhríogh nach bí
geineamhuin an ainmhidhe gan ní do gheineas é, as riachtanas
dochum gach gnée do na hainmhinntibh do chomhdach anna
mbeith, athair agus máthair do bheith ann ré haghaidh geineamhna.



Mar an ccédna as é céidní as riachtanas isan mbeathaidh
spioratálta, an baisteadh, tré a n-aithgheintear i cCríost na
daoine bearthar i bpeacadh na sinnsior ar easbhaidh ghrás agus
glacuid tús agus foirm na beathadh spioratálta. Agus amhuil imthighid
as bruinn dorcha a máthar gusan tsolas so, mar an gcédna bearthar
isteach iad leis an mbaisteadh go soillsi na hEagluisi agus gusan
teampall ro-naomhtha.



An dara ní, sacramuint an daingnidhthe, dá ngairmthear
dul fá láimh easpuig, tré a nglacuid bríogh agus neart iarna n-aithghein
i cCríost. Óir as saighdiúracht as beatha don duine
ar an talamh, agus as éigin dúinn rochtuin go ríoghacht neimhe
tré iomad buaidheartha agus annróidh.



An treas ní, sacramuint na hoileamhna spioratálta, dá ngairmíd
corp Chríost. Óir dorachadh as an gcorp ré gorta, a n-iomad
duadh agus saothar agus a gcomhrac ghnáthach muna bhfaghadh a
shásadh re biadh do chongmháil leis go meinic. Mar an gcédna
dorachadh as an tsaighdiúir chríostaidhe isan gcomhrac spioratálta
muna bhfaghadh a shásadh go meinic ré hoileamhuin
spioratálta do thabhairt dó.



An ceathramha ní, sacramuint na haithrighe, do hordaigheadh
dochum aisioc na sláinte spioratálta d'fhagháil an tráth thuiteas
neach a bhfiabhras an pheacaidh. Óir amhuil as gnáth leigheas
oireamhnach do chur ar an gcorp an tan loitear a gcomhrac
é, d'eagla go bhfuigheadh bás, mar an gcédna as cóir leigheas
do chur ar na cneadhuibh ghlacas an t-anam isan gcomhrac
spioratálta, ionnas ré leigheas roibhríoghmhar na haithrighe


L. 162


go gcneasóchaidh na cneadha, d'eagla go mbáiseóchadaois ar
aonmhodh an t-anam.



An cúigeadh ní, sacramuint an ungaidh déighionaigh, bheanas
re sláinte an anma agus an choirp. Óir teagmhuidh ar uairibh
gurab ó pheacadh an anma tig easláinte an choirp. Agus madh
glantar an t-anam ón bpeacadh, do-gheibh an t-othar aisioc a
shláinte ré bríogh na naomhola sa do dhortadh ar feadh an
anma. Mar an gcédna cnaoidhtear an t-anam ré heasláinte an
choirp, agus cuiridh ionstrumuinteadha an choirp do sheargadh
ón easláinte toirmeasg air aire do thabhairt do na deaghoibreachuibh
agus do mhaodhughadh na neithe diadha. Uime sin
glacaidh bríogh agus neart iarna ungadh leis an naomhola so, agus
hullmhaighthear é dochum imtheachta go huras as an mbeathaidh
si gusan mbeathaidh shíordhuidhe.



An seiseamh ní, sacramuint an óir, bheanas ris an síoladh
spioratálta amháin.



An seachtmhadh ní, sacramuint an phósta, do hordaigheadh
dochum an tsíl chorpardha, .i. dochum clainne do gheineamhuin
dochum an tsíl spioratálta do choimhéd agus do mhédughadh,
óir dorachadh an síol spioratálta gan an síol corpardha. Óir
meastar síolchuiriodóireadha na beatha corpardha ar dhá
mhodh, .i. do réir óird nádúrtha, bheanas ré geineamhuin na
n-aithreach, agus do réir an stiúrtha poilitigigh, dochum comhluadair
agus cumuinn na ndaoineadh do choimhéd go síothach
muinnteardha; agus beanaidh sin ris na ríoghuibh agus leis na prionnsaidhibh.
As ar follas gurab oireamhnach céillidhe do ordaigh
an Eagluis na seacht sacramuinteadha.



GO BHFUIL GNÁS NA SACRAMUINNTEADH OIREAMHNACH
CÉILLIDHE.



Caib. 16.



As oireamhnach fós do ordaigh an Eagluis comharthadha
agus adhbhar na sácramuinnteadh so. Óir ó as eadh as geineamhuin
ann, malairt ó gan bheith go beith, agus go mbí an duine anna


L. 163


gheineamhuin ar son pheacaidh na sinnsior easbhach ar an
mbeathaidh spioratálta, agus nach bhfuil dá mhéid dá ccruinnigheann
do pheacaidhibh eile nach móide agus sin dhruideas a bhfad ón
mbeathaidh spioratálta, dob iomchubhaidh oireamhnach a
leithéid sin do bhríogh agus do neart do thabhairt don bhaisteadh,
as folcadh don aithgheineamhuin spioratálta, ré a ttóigébhadh
na huile pheacadha agus ré a n-athróchadh an duine go hiomlán
gusan mbeathaidh spioratálta. Agus do bhrígh gurab cóir don
chomhardha coimhfhreagra don ní chiallaigheas, agus gurab re
huisge nidhthear an salchar do na corpuibh, as oireamhnach
céillidhe do hordaigheadh an tsacramuint so do dhénamh a
n-uisge arna choisreagan ré bréithir Dé, dochum nidhe spiorátalta
na bpeacadh do chiallughadh agus do dhénamh. Agus do bhrígh
nach mó iná énuair amháin geintear ní, as résúnta do ordaigh
an Eagluis gan aoinneach dá mbaistear énuair amháin d'aithbhaisteadh
arís.



Acht do bhrígh gurab a gCríost do admháil go seasmhach
neimhchritheaglach atá foirbhtheacht na bríogha agus an neirt
spioratálta, ar mhodh nach léigfeadh an críostaidhe sin de lé
hathamhaltas, lé faitchios iná lé foiréigion, uime sin do-bheir
an Eagluis an dara sacramuint dúinn, dá ngairthear dul fá
láimh easpuig. Amhuil iomorro agus iomchras na saighdiúireadh
bratach nó armas an phrionnsa faoi a mbíd ag cogadh, mar an
gcédna as cóir don mhuinntir ghlacas an tsácramuint si armas
agus bratach Chríost, .i. (an) chroch naomhtha ré a rug buaidh a
gcruadhchomhrac na páisi, d'iomchar agus dul síos go dána agus
cathughadh go feardha feadhmláidir a n-aghaidh a námhad.
Uime sin ceangaltar an comhardha sa ina n-édan ré hola agus ré
ballsam do chumailt dhíobh, dá chur a gcuimhne dháibh gurab
cóir don druing ar a mbí an comhardha sin croch ronaomhtha
an chaiptín dochlaoidhte Íosa Críost do sheanmóir agus do shíoladh,
agus gan ní ar bith míochubhaidh dá shamhuil sin d'ualach do
dhénamh; agus ionnas fós go mbeith a fhios aguinn inn féin do
bheith arnár n-ungadh go hinnmheadhónach ré hola an Spioraid
Naoimh, do ghlanadh ar ccoinsiais, sa ola réar hungadh Íosa
ar tús, dofuair Críost mar ainm ón ungadh. Ciallaighthear
fós as so nach cóir dhúinn náire do bheith oruinn críostaidhthe


L. 164


do ghairm dhínn ó Chríost ar n-ughdar, agus beatha naomhtha
bheannaighthe do iomchar dochum a onóra-san, ionnas go
líonmaois, a n-ionshamhuil ballsuime, an uile áit do bholadh
rochumhra ar ndeaghchonversáide agus ar ndeaghchlúdha. As ceart
fós gurab iad na heaspaga amháin do-ní an tsácramuint si do
mhiniostrálacht, óir as iad as caiptínidh don tsluagh chríostaidhe,
agus go bhfaicmíd isna neithibh daonna gurab leis na caiptínibh
bheanas bratach agus armas do bhronnadh ar na saighdiúireadhuibh
agus tuillmhe agus tuarastal do gheallamh dháibh a n-ainm an áirdgheineráil,
madh níd a sheirbhís go hiochtmhar.



Arís, do bhrígh go moltar an biadh spioratálta linn fá chosmhuileacht
chorpardha, dob iomchubhaidh an biadh sin do thabhairt
dúinn fá na gnéibh oileamhna as coitchinne glacar a n-úsáid,
mar atá arán agus fíon. Uime sin ghlacmuid Sácramuint ronaomhtha
na haltóra fá bhrat aráin agus fíona. Agus do bhrígh gurab
riachtanas an oileamhuin do réir a substainte do choimhcheangal
ris an tí hoiltear, ionnas go ccoimhfhreagradaois na héifeachta
spioratálta do na comharthadhuibh corpardha, dob oireamhnach
Críost, ar mbeatha agus ar mbiadh spioratálta, do bheith isan
tsácramuint si ní headh amháin ó bhríogh nó ó chumhachtuibh
acht fós ó fhírinne, ionnas go mbeithsan ceanguilte linne go
spioratálta, agus go mbeithmísne ceanguilte leission ó chreideamh
agus ó ghrádh, agus mar sin go mbeithmís inar n-aoinní amháin ar
mhodh áiridhe. Dochum ámh gur feirde do breathnóchaidh agus
do bheith cuimhne a pháisi aguinn, annar dhoirt fuil a choirp
go fairsing dár bhfuasgladh, do ordaigh an tsacramuint si ar
dhá mhodh, .i. a chorp fá ghné aráin agus a fhuil fá ghné fhíona.



Gidheadh, do bhrígh go ttig sláinte an choirp easláin ar uairibh
ón innmheadhón agus ar uairibh eile ón innmheadhón agus ón bhfoirimioll,
as éigin mar an ccédna ní éigin don tsórt sin do choimhéd isan
leigheas spioratálta. Gidheadh, as doidhénta aoinneach dá
leigheas féin go spioratálta ar a threóraigh féin amháin ón innmheadhón,
óir ní féidir lé haoinneach filleadh ón bpeacadh
réna neart féin amháin gan na grása do-bheir Dia amháin uaidhe.
Agus ní féidir fós aoinneach do leigheas go spioratálta ón bhfoirimioll
amháin, óir ní bhfuigheadh an inntinn easlán bisioch muna
ttigeadh gluasacht ordaighthe na toile isan duine. Ar an adhbhar


L. 165


sin as riachtanas an tsláinte do theacht a sácramuint na haithrighe
ó thús nó ó fhréimh innmheadhónaigh agus foirimligh a
n-aoinfheacht. Agus amhuil agus meastar neach do bheith saor slán
go hiomlán an tan díbearthar uile aicíde agus easláinte an choirp,
mar an gcédna adearthar go mbí an t-easlán leigheasta go
spioratálta an tan glantar é ón uile smál peacaidh agus spot dá
mbí isan anam; óir as ar son an pheacaidh thuiteas an duine
a gcaime inntinne ar tús an tráth fhilleas ón maith dochuimsigh,
.i. ó Dhia, ar an bpeacadh. An dara feacht, tuitidh a gcion na
péine chuireas Dia fírcheart ar an duine a ndíoghaltas gach coire
dá ndén. An treas uair, a laghdughadh na maithe nádúrtha;
óir an tráth thuiteas an duine i gcoir do-níthear é claon dochum
tuilleamh oilc, agus leasg dochum na maithe d'oibriughadh. Uime
sin as ceart do hordaigheadh a ttomhas chomhthrom an tsácramuint
si na haithrighe, anna n-iarrthar ar tús ordughadh nó
díorchacht na hinntinne, ionnas go gcuireadh an t-aithrigheach
roimhe ré rún daingean dochlaoidhte sgur don pheacadh ó sin
amach agus filleadh go díreach ar Dhia do thréig sé ar son an pheacaidh.
Gidheadh, ní féidir an iomláine sin dhíorchachta na hinntinne
d'fhághuil gan grása agus grádh Dé. Uime sin as ceart adeirmíd
gurab é an croidhebhrúghadh as cédchuid a sacramuint na
haithrighe; agus do bhrígh nach bí an croídhbhrúghadh saor ó
ghrásuibh, as follas go tógthar do ghnáth isan tsácramuint
si an mhíochomhgar caime inntinne agus seachráin annar thuit
an duine isan bpeacadh. Sgriostar fós an dolamh eile leanas
an peacadh, .i. cion na péine síordhuidhe, dá nach éidir bheith
a bhfochair na ngrás iná ghrádha Dé. An treas feacht, seachantar
galar an droichchleachtaigh, an (tan) go mbí an inntinn ullamh
réidh go huras dochum na maithe d'oibriughadh ris na
grásuibh do-gheibh isan aithrighe, agus go mbí neartmhar cumasach
ar an olc do sheachna agus do chlaoidh. Acht do bhrígh nach bí an
t-ullmhughadh sa na deighinntinne agus an t-iompúghadh ar Dhia
madh n-ionann isna huilibh, óir ní bhí go coitchionn coimhneartmhar
agus sin a mórán go ttóigébhadh an n-uile chion péine
dá ndleaghar don pheacadh, bíodh go saorann iad do ghnáth ó


L. 166


cheangal na péine síordhuidhe, uime sin do cheanguil Dia búidh
beannaighthe agus an tAthair rothrócaireach an dá chuid eile na
haithrighe dhínn, .i. faoisidin agus lóirghníomh. Agus do bhrígh nárbh
fhéidir lé haoinneach a fhios do bheith aige go cinnte an múchfadh
a iompughadh féin ar Dhia an uile chion fiacha, dá mbí go mórmhór
ón laige dhaonna do bheith ag tuitim go laéthamhuil isan
bpeacadh, do deónaigheadh leigheas do na huilibh ris an bpéin
mhaireas ar son an (pheacaidh) a ndiaidh an chroidhebhrúghaidh
do sheachna. Agus do bhrígh go n-iarrann cur na péine ar son na
coire breitheamhnas, as riachtanas don aithrigheach, do chuireas
é féin ar iontaoibh Chríost réna leigheas, fuireach ré breitheamhnas
do mheasfadh an phian as dual do chur air; ní do-ní
Dia tréna mhinistridhibh, amhuil an chuid eile do na sácramuinteadhuibh.
Gidheadh, ar an adhbhar nach éidir breitheamhnas
ceart do thabhairt ar choir fholaigh, dobhí riachtanas
leis an bhfaoisidin mar dhara cuid don tsácramuint si, ionnas,
an chneadh dobhí a bhfolach, anois iarna taisbénadh do láthair
mhinistir Chríost, go nglacadh leigheas oireamhnach. Óir ní
breitheamh ceart neach 'na chúis féin. As riachtanas ámh,
madh curthar an fhaoisidin fá bhreitheamhnas, comhachta do
bheith ag ministir Chríost breitheamhnas do thabhairt innte,
agus hiarrthar dhá ní chuige sin, .i. ughdarrás feasa agus fiafraighe na
coire; an dara ní, comhachta fuasgailte agus ceanguilte, dá ngairthear
dá eochair na hEagluisi, .i. ughdarrás breithe re fios na coire, agus
comhachta an t-aithrigheach do cheangal agus do sgaoileadh.
Do bhrígh iomorro, mar adubhramar cheana, go ttugaid na
sacramuinteadha grása uathaibh go hionnstrumuinteach, as
cinnte go bhfaghthar éifeacht na ngrás nísa iomláine agus maithmheachas
na bpeacadh ré comhachtuibh na n-eochrach iná ris
an gcroidhebhrúghadh amháin, agus go maitear fós leis na hoideadhuibh
faoisidne ré bríogh na n-eochrach ní éigin don phéin aimsiordha
don aithrigheach. Atá fós d'fhiachuibh ar an aithrigheach
an lóirghníomh chuirfeas an t-oide faoisidne air do dhíol; agus
as é an lóirghníomh sin as treas cuid don tsácramuint si na
haithrighe. As ar follas gurab romhaith do hordaigheadh sin féin.



As résúnta fós do hordaigheadh an t-ongadh déighionach.
Óir ó chuireas Dia go meinic aicíd agus easláinte ar an duine a


L. 167


ndíoghuilt an pheacaidh, as a ttig doladh spioratálta don anam
ré toirmeasg na gcédfadh, dob iomchubhaidh leigheas éigin do
thabhairt do-bhéradh sláinte choirp don easlán, an mhéid go
mbeith sochrach do shláinte a anma, nó gurab móide do bheith
a imtheacht as an mbeathaidh si réidh uras, glan ó gach deasgaidh
peacaidh dá raibh air. Óir bíodh go ttógthar cion na (péine)
ré sacramuint na haithrighe, ar a shon sin ní múchtar thríd amach
í gach énuair. Agus ní do ghnáth sgriostar an claonadh dochum
an uilc, go mórmhór isan muinntir ar a mbí easláinte nó galar
trom, do bhrígh nach dénuid a bhfaoisidin go glan iomlán,
ré mainneachtaigh nó ré boirbe an tinnis nó ré crádh ghiorra na
beatha nó ré aire ar neithibh éigin eile, agus nach glantar iad ó iarmhar
na bpeacadh, agus nach mó, dob fhéidir, chuimhnighid orra isan
bpong sin. Ar an adhbhar sin as mór an congnamh agus an furtacht
do-bheir an ola dhéighionach dháibh, óir as í as barrshlat ar
an uile leigheas spioratálta. Uime sin as ceart adearthar déighionach
ré an tan gurab í ullmhaigheas an duine dochum na glóire
do ghlacadh, ionnas, iar n-imtheacht dá anam, nach beith
toirmeasg air gan dul go grod gusan mbeathaidh shíordhuidhe.
Amhuil ámh agus nach bí riachtanas leighis ar na daoinibh deaghshlána,
mar a ccédna ní gnáth an tsácramuint so do thabhairt
acht don mhuinntir meastar bheith a n-airteagal bháis nó a
bhfogas d'airteagal báis. Óir as cóir ciall do choimhéd isna
sácramuinntibh. As oireamhnach fós glacthar ola ar son adhbhair
spioratálta na sácramuint si, do bhrígh go bhfuil an ola neartmhar
bríoghmhar dochum doilgheasa agus tinnis an choirp do
cheannsughadh agus do thógbháil. Acht do bhrígh gurab do fhréimh
na haicíde nó na heasláinte as cóir leigheas an choirp do thabhairt,
as ceart hungthar na baill don chorp as mó as ionstrumainteadha
leis an bpeacadh do dhénamh.



As résúnta fós do hordaigheadh sácramuint an oird, nó an
tsagartacht. Óir ó dobhí fá Chríost é féin do tharruing gan
bheith do láthair go sofhaicse ag an Eagluis, bá riachtnas dó
daoine éigin nó ministridh d'fhágbháil 'na leabaidh do-dhénamh
na sacramuinteadha do ruinn agus do fhritheólamh ar na creidmheachuibh.
Acht do bhrígh gur cóir do na ministribh cosmhuileacht
do bheith aca leis an Tighearna, mar bhíos ag ionstrumuint
leis an gcúis phrionnsapálta, agus do bhrígh go n-oibrigheann


L. 168


Críost, amhuil tighearna, ré a ughdarrás díleas féin agus ré a chomhachtuibh,
ar sláinte-ne, agus go bhfuil 'na Dhia agus 'na dhuine, as mó
dobhí oireamhnach agus 'na riachtanas daoine do thogha mar
ionnstrumainteadha iomchubhaidh isan oificc si iná aingle, agus
ruinn éigin don diadhacht do bheith ag na daoinibh sin, do réir
chomhthruim an ughdarráis spioratálta. Óir as dual bríogh nó
comhachta na cúisi prionnsapáilte do ruinn leis an ionnstrumuint.
Ar an adhbhar sin dotugadh comhachta spioratálta
do dhisgiobluibh Chríost dochum bheith 'na ministribh oireamhnacha
na sláinte síordhuidhe; agus dochum na maithe cédna do
bheith coitchionn ag gach saoghal dá ttiucfadh, dobhí roicheart
an t-ughdarrás cédna do theacht dochum na druinge tig a
ndiaidh na ndisgiobal iarna mbás-san go deireadh an tsaoghail,
agus an t-ughdarrás sin do thabhairt dáibh fá chomharthuibh
sofhaicse, do réir mar do-bearthar na neithe spioratálta dhúinn fá
na comharthuibh cédna. As iad ámh comharthadha sin, foirm
áiridhe bhriathar, gníomhartha áiridhe, mar atá lámhchur,
seachadadh leabhair nó cailísi, agus a samhuil sin eile oireas dá
n-oificc. Agus do bhrígh ós a chionn sin gurab dochum na sácramuinteadh
do mhiniostrálacht do hordaigheadh comhachta an
oird, agus gurab í Sacramuint ronaomhtha na haltóra as ro-uaisle
eatorra agus iomláineas an chuid eile, as riachtanas comhachta
an oird do mheas go mórmhór i ccompráid lé; óir as ón gcrích
do-gheibh gach ní a ainmniughadh. Acht as iontuigthe gurab
féidir lé comhachtuibh an oird, hordaighthear go héifeacht
éigin phrionnsapálta, comhachta íochtaracha eile do bheith faoi
ag dénamh seirbhísi dhó, amhuil bhíos fá chomhachtuibh an
árdshaoir dhearcas ar chrích an tighe, saor cloiche, saor bríce agus
saor crainn. Ar an adhbhar sin ós dochum coirp Chríost do
choisreagan agus do ruinn ar na creidmheachuibh dochum a nglanta
do hordaigheadh go prionnsapálta comhachta an oird, dochum
a mbeith ullamh diongmhála dá samhuil sin do mhórshácramuint
do ghlacadh, as riachtanus ord éigin prionnsapálta
do bheith ann, sa chomhachta atá puinnteálta chuige so go
mórmhór. Agus as é (sin) an grádhadh sagartachta, faoi ar dual do na
horduibh eile bheith agus foghnamh dhó. Agus amhuil shíneas oificc
na sagart í féin go dá ní, .i. go corp Chríost do choisreagan agus


L. 169


go glanadh na gcreidmheach, ionnas, iarna bhfuasgladh ó na
peacadhuibh, go mbeithdís ullamh diongmhála dochum na
naomhphruinne sin do ghlacadh, mar an gcédna as cóir do na
horduibh íochtaracha foghnamh don ardord isan dá chéim sin,
nó i cceachtar dhíobh. Sáraighid ámh na hoird sin a chéile an
mhéid go bhfoghnuid a n-oificc, nó a n-oificcibh as ónóraigh
iná chéile don tsagartacht. Óir ní mó iná a n-ullmhughadh an
phobuil amháin freacarthar na hoird bheaga as íochtaraigh,
mar atá doirseóireadh ré haghaidh na míchreidmheach do
dhealughadh as comhchomann na gcreidmheach, na léghthóireadha
dochum cáich do theagasg agus do mhúnadh isan gcreideamh,
na hexorciste dochum na ndeamhan do sgrios agus do
dhíbeirt a bhfad ón druing atá teaguisgthe cheana isan
gcreideamh. Gidheadh, ní headh amháin go bhfóghnuid na
hoird uachtaracha dochum an phobuil d'ullmhughadh acht
do-níd fritheólamh don tsagartacht dochum na sácramuinte do
chríochnughadh. Óir saláthruid na hacoliti na soighthighe
nach bí coisreagtha agus ullmhuighid adhbhar na sacramuinte
inntibh. Deasaighid na suibhdheochain an t-adhbhar gan
choisreagadh isna soighthighibh coisreagtha. Gidheadh, atá
comhachta ag na deochanuibh ar an adhbhar iarna choisreagadh,
an mhéid go ronnaid fuil Chríost ar na creidmheachuibh. As
uime sin adearthar gurab trí hoird choisreagtha iad so, .i. an
tsagartacht, an deochantacht agus an tsuibhdheochantacht, do
bhrígh go bhfuil oificc aca ós cionn neithe coisreagtha. Oirid
fós na hoird uachtaracha so don tsagartacht a n-ullmhughadh
an phobuil. Óir as d'fhiachuibh an deochuin an teagasg soisgélta
d'fhoillsiughadh isan Eagluis, agus d'fhiachuibh na suibhdheochan
an teagasg apstalta d'aithris. Do-bheirid ámh na
hacoliti gach ní bheanas ré solamain gach teagaisg aca leó, mar
atá soillsi agus gach ní eile as oireamhnach dháibh. Acht do
bhrígh gurab le sacramuint éigin críochnaighthear tabhartas na
n-ord sa, agus gurab lé ministribh oireamhnacha diongmhála na
hEagluisi bheanas na sácramuinteadha do ruinn, as riachtanas
cumhachta éigin airdignite do bheith ós cionn na ronna sin
do dhénamh. Agus as é sin an t-ughdarrás easpagdha, nach


L. 170


sáraigheann an tsagartacht a gcoisreagadh choirp Chríost, bíodh
gurab oirdhearca é agus go sáraigheann an tsagartacht isna neithibh
bheanas ré corp iomlán na hEagluise. Óir as do na heaspaguibh
taisgear gach ní docamhlach nó cruaidh dá tteagmhann a measg
na gcreidmheach. Agus bíodh do réir mar atáid easpagóideachta
égsamhla ag na críostaidhthibh agus a heaspag féin ag gach cathaoir
do réir a riachtanuis, ar a shon sin do bhrígh nach bhfuil ann
acht aoinEagluis amháin, thriallas go haoinní, as riachtanas
aoincheann amháin do bheith ag an bpobal chríostaidhe, dochum a
mbearthar d'aoinmhéin gach ní, dochum na n-uile do choimhtheacht
ré chéile a n-aoinchreideamh Catoilce amháin, d'eagla
siosma nó buaidheartha do theacht eatorra as égsamhlacht na
n-opinion nó na gcédfadh, agus dochum an mhaitheasa puiblidhe
críostaidhe do choimhéd a n-uaimcheangal aonda ar bhreitheamhnas
aoincheinn. Gach ní coisreagthar isan Eagluis, mairidh
go buan coisreagtha, ar mhodh nach gcoisreagthar an dara
(huair) éinní dá mbí coisreagtha. Uime sin atá na comhachta
oird do-gheibhid ministridh na hEagluisi aonuair amháin dothógtha,
agus ní mó thógbhas an peacadh é, ar mhodh gurab féidir
leis na peacthachuibh, madh bhíonn grádha oird aca, na sácramuinteadha
do mhiniostrálacht. Óir ní lughaide bríogh na
sacramuinte, agus ní dhén dochar dhi an ministir do bheith a
bpeacadh, ar an adhbhar nach réna ccomhachtuibh féin do-níd
na sácramuinteadha acht ré comhachtuibh Chríost. An ní
ámh oibrigheas ré bríogh ní eile, ní leis féin acht leis an gcúis
phrionnsapálta do-ní an fuilngeach cosmhuil. Óir ní lé hionnstrumaintibh
an tsaoir as cosmhuil an teach acht rena cheird.



Fá dheóidh, do bhrígh go raibh riachtanas an pobal creidmheach
do shíoladh go deireadh an domhuin, agus gurab lé geineamhuin
síolaidhthear é, as oireamhnach tugadh sácramuint an
phósta dúinn, ionnas an gheineamhuin nach dochum coimhédtha
na gnée daonna amháin iná dochum tarbha nó sochair thalmhuidhe
maithe coitchinne ar bith acht fós dochum síordhuidheachta
na hEagluisi agus dochum na gcreidmheach do mhédughadh
dochum glóire agus onóra Dé do hoirdeóchthaoi. Uime sin as eadh as
pósadh ann, coimhcheangal fir agus mná, an mhéid go mbí a sochar na
hEagluisi, agus as é an coimhcheangal sin sácramuint na hEagluisi
iar nglacadh beannachta an tsagairt don lánamhuin. Agus amhuil
agus ciallaighear ní éigin spioratálta agus bearthar grása amach isna


L. 171


sácramuintibh eile ré neithibh foirimleacha, mar an gcédna isan
tsacramuint si, ciallaighear coimhcheangal Chríost agus na hEagluisi,
agus bearthar grása amach ré coimhcheangal fir agus mná isan bpósadh;
ní nach iontuigthe ré coimhcheangal na gcorp acht ré cuibhreach
na n-anmann an tan cheangluid iad féin araon d'ároile. Agus do
bhrígh gurab éigin an fhíoghair do bheith cosmhuil leis an ní
dárab fíoghar, agus gurab aon amháin Críost agus an Eagluis, as éigin
gurab coimhcheangal dosgartha a mbeathaidh aoin ré haon an
pósadh, an mhéid gurab sacramuint na hEagluisi é, ionnas go
nglacthaoi agus go n-oiltí clann as dochum seirbhísi Dé agus síordhuidheachta
na hEagluisi. Mar sin as follas nár ordaigh na creidmhidh
aoinní doidhénta iná díthchéillidhe a ttimcheall rúindiamhra
prionnsapálta na ceremonias, .i. na sácramuinteadh.



d'FHUASGLADH NA NDOCAMHAL AS ÉIDIR DO CHUR
A N-AGHAIDH SHÁCRAMUINTE RONAOMHTHA NA
HALTÓRA.



Caib. 17.



As ionntráchta go speisialta dhúinn annso ar Shácramuint
ronaomhtha na haltóra, ar an adhbhar gurab féidir iomad do
mhórdhocamhluibh do theacht 'na timcheall, go mórmhór mar
go bhfaicthear do dhruing áiridhe go gcuirmíd neithe atá doidhénta
innte. Óir creidmíd corp Chríost go hiomlán do bheith a ngreim
bheag aráin agus a fhuil go hiomlán do bheith a mblogam bheag fíona.
Acht ó chreidmíd corp Chríost do bheith a bhflaitheamhnas, dar
leat ní féidir a bheith dáríribh isan tsacramuint si ré coisreagadh
acht ar dhá mhodh, .i. tré iompúgh an aráin a ccorp
Chríost, atá dar leat doidhénta, do bhrígh nach éidir ní ar bith
d'iompúgh a ní agá bhfuil a bheith roimhe, agus an ní sin anna n-iompuighear
ní eile tionsgnaidh bheith ris an iompughadh sin.
Ar an adhbhar sin madh hiompuighear an t-arán i gcorp Chríost,
as annsin agus ní roimhe thionnsgónas corp Chríost bheith, agus mar


L. 172


sin ní hé an corp úd atá a bhflaitheamhnas do bheith ann acht
corp eile do geineamh go nuadh. Nó atá corp Chríost isan
tsácramuint si ré gluasacht áite, atá fós dar leat doidhénta,
ar an adhbhar nach éidir an gluasacht áite do chríochnughadh
a n-aoineacht go hiomad áiteadh (teagmhaidh ámh go mbíd
iomad abhlann coisreagtha a n-aoinfheacht ar feadh na hEagluisi),
agus fós nach éidir aonchorp amháin do bheith a n-aoinfheacht a
n-iomad áiteadh. Cionnas arís as féidir corp Chríost go
hiomlán do chongmháil a n-áit comhgann agus súd? Cionnas
mar an gcédna as éidir corp Chríost do bheith a ngreim bheag
aráin agus a fhuil a mblogam bheag fíona gan a ruinn? Arís, dar
leat as doidhénta an ní admhas an Eaglais, .i. na haicídeadha
do bheith annsa tsacramuint sin leó féin gan substaint ar bith
dá mbeithdís greamaigh, óir as do nádúir na haicíde bheith a
ní eile, go mórmhór an tan gur feasach dhúinn an t-arán sácramuinteach
agus an fíon úd do dhénamh agus d'fhulang neithe nach
éidir leis na haicídibh leó féin, óir téghaid, comhfhurtaighid,
oilid, agus madh ghlacann neach iomad don fhíon, cuirfidh ar
meisge é. Loisgear fós an t-arán, lobhaidh, itear leis na lochuibh,
agus fuilngidh iomad eile don tsórt sin. Arís, cionnas as féidir
corp Chríost do bheith go hiomlán ann gach cuid dá ndéntar
don tsacramuint si an tan ruinntear a mionchotuibh í?



Ar bhfreagra ar na docamhluibh si (do réir mar adubhramar
cheana) go sáraigheann comhachta dofhaisnéidhe Dé go dochuimsigh
ar n-uile thuigse, agus an ní atá doidhénta ag na daoinibh agus ag
an nádúir go bhfuil soidhénta go ro-uras ag Dia. Bíodh nach
n-abramuidne éinní doidhénta thríd amach do bheith isan
tsacramuint si. As éidir ámh ré Dia an n-uile nach bhfuil
doidhénta thríd amach do dhénamh. Mar sin adeirmid go
ttionsguin corp Chríost bheith a mbeagán aráin agus a fhuil a
mbeagán (fíona) as bríogh an choisreagtha, ní ré gluasacht
áite acht ré iompughadh nó re tarmshubstainteacht. Gidheadh,
as fada an t-iompughadh sa an aráin a gcorp Chríost ón n-uile
iompughadh nádúrtha eile, anna mair do ghnáth an tsubstaint agus
anna ttigid fá seach a leabaidh a chéile foirme égsamhla substainteacha
nó aicídeacha. Acht ámh isan iompughadh sa téid
an tsubstaint go substaint agus anaid na haicídeadha leó féin; ní


L. 173


nach deónaighthear don nádúir; óir iarraidh uile oibriughadh
na nádúire adhbhar nó substaint roimhe dochum oibrighthe.
Gidheadh, ní iarrann comhachta Dé atá dochuimsigh adhbhar
roimhe, acht do-ní féin an t-adhbhar, agus mar sin as éidir leis
adhbhar d'iompughadh a n-adhbhar eile. Agus amhuil léigeas
foirm dhi bheith ré hoibriughadh na nádúire iarras adhbhar
roimpe, mar an gcédna as éidir lé comhachtuibh Dé, nach
n-iarrann congnamh adhbhair ar bith, an t-arán d'iompughadh
a gcorp Chríost agus an fíon anna fhuil.



An tan iomorro nach bhfuil corp Chríost isan tsácramuint si
tré ghluasacht áite, ní hí an tsacramuint as áit dó acht neamh.
Agus atá isan abhluinn go sacramuinteach ar mhodh doruinnteach;
ionnas go mbí corp Chríost go hiomlán ann gach cuid don
abhluinn chroisreagtha dá ndeaghuiltear ó chuid eile agus isan
iomláine. Óir ní sgartha iná sínte atá isan tsácramuint, acht
ar mhodh iongantach atá soidhénta ag Dia amháin. Atá iomorro
ní éigin isan tsácramuint si as bríogh an iompuíghe, agus as é sin
an corp agus an fhuil fá ghnéibh an aráin agus an fhíona; do bhrígh
gurab dochum an dá ní so go díreach críochnaighear an t-iompughadh;
agus ní éigin eile as comhchuideachta nádúrtha; agus atáid
so eile ceanguilte dáíribh do ghnáth re Críost, mar atá an
diadhacht, an t-anam, an chaindidheacht, agus a samhuil sin eile
nach bhfuil 'na gcorp iná 'na bhfuil. Dá bhrígh sin ó nach bhfuil
caindidheacht choirp Chríost isan tsacramuint si acht re comhchuideachta
nádúrtha, ní comórthar Críost ris an áit a bhfuil
an tsacramuint gona mhiosúraibh féin, ar mhodh gomadh éigin
an áit do bheith madh n-ionann, nó a gcomhchomhthrom leó,
acht ré miosúraibh an aráin anas, ré a gcurthar an áit a gcomhthrom.
Uime sin ní bhfuil Críost a n-áit leis féin gona mhiosúraibh
dísle, acht a bhflaitheamhnas amháin; bí ámh ar an
altóir mar áit theagmhaisigh go miosúraibh an aráin; agus mar sin
as follas nach bhfuil tádhbhacht asan docamhal úd ollradh na
n-áiteadh an tan nach bí Críost isan altóir amhuil a n-áit leis
féin, acht lé miosúraibh an aráin, as éidir do mhédughadh; agus
mar sin ní neamhoireamhnach dhó bheith a n-iomad d'áitibh
ar an modh sin.


L. 174


Ní mó fós as doidhénta aicíd do bheith ré comhachtuibh Dé
gan fulang nó substaint dá mbeith greamaighthe, ar an adhbhar
amhuil as féidir lé Dia éifeacht gach dara cúisi do dhénamh
gan an dara cúis (an tan gur féidir leis ní do dhénamh do
neimhthní), mar an ccédna as féidir leis éifecht gach dara cúisi
do choimhéd gan an dara cúis. Mar sin as féidir le Dia na
haicídeadha dobhí an tsubstaint do choimhéd, do choimhéd gan
substaint. Ní as féidir do rádha go mórmhór leis na caindídheachtuibh
miosúrtha, do mheasadar iomad feallsamh do
sheasamh leó féin, do bhrígh go sgarthar iad do réir thuigse.
Acht as follas gur neartmhaire Dia a n-oibriughadh iná ar
ttuigsi-ne a nglacamh.



Atá fós ag an gcainndidheacht mhiosúrtha seach na n-uile
aicídeadh eile go bhfuil uathach uaithe féin. Óir ní féidir iomad
bán do thuigsin, acht an mhéid go bhfuilid a n-iomad substaintibh.
Gidheadh, as éidir (iomad) línteadh do thuigsin leó féin; óir as
lór an suidheachan égsamhuil atá isan líne dochum ollradh na
línteadh. As uime sin adeirmíd an chainndídheacht mhiosúrtha
amháin do sheasamh isan tsácramuint si ré comhachtuibh Dé,
gidheadh, an chuid eile do na haicídibh do bheith greamaighthe
don chainndidheacht sin mar uaithne fulaing.



Amhuil iomorro as míorbhuile an seasamh sin do na haicídeadhuibh,
mar an gcédna as míorbhuile dháibh gach ní do
dhénamh agus d'fhulang do-dhénfadh nó d'fhuileóngadh an
tsubstaint dá mbeith do láthair. Uime sin as féidir lé oileamhuin,
duine do chur ar meisge, agus lobhadh, gan míorbhuile
nuadh ar bioth.



Agas mar adubhramar cheana corp Chríost agus a fhuil tréna
shubstaint féin do bheith isan tsácramuint si ré bríogh
an iompuighthe, agus a mhéid nó a mhíosúr do bheith innte
ó chomhchuideachta nádúrtha, ní neamhoireamhnach corp
Chríost go hiomlán do bheith fá gach cuid don tsácramuint si.
Óir an tráth bhíos ní substainteach a n-iomlán éigin, bí go
hiomlán ann gach cuid don iomlán sin, amhuil bhíos an t-anam
go hiomlán isan gcorp go hiomlán agus bhíos go hiomlán ann gach
cuid don chorp. Mar sin ní roichionn an briseadh nó an ruinn


L. 175


do-níthear ar an abhluinn corp iná fhuil Chríost acht amháin
miosúr an aráin agus an fhíona.



Dob fhéidir iomad docamhal eile do bheith a ttimcheall na
sácramuinte si, acht as iad so na docamhuil phrionnsapáilte,
sa bhfuasgladh as ar uras gach docamhal eile d'fhuasgladh, do
réir mar do mhúinsiod naomhdhochtúireadha na hEagluisi.
Uime sin as follas nach múin an creideamh Catoilce éinní doidhénta
ar an tsacramuint si.



GURAB CÉILLIDHE RÉSÚNTA CEREMONIAS NA HEAGLUISI.



Caib. 18.



Iar ttabhairt résúin ar son sácramuinteadh na hEagluisi
dhúinn, ní bá docamhlach dhúinn anois ciall gach cerimonias eile
do thabhairt uainn. Acht (do bhrígh) go mbeith roiliosta aguinn
siobhal ar gach cerimonias díobh fá leith, laibheóram ar chuid éigin
phrionnsapálta dhíobh go hathchumair; as madh follas dá
gach aon gurab céillidhe hordaighear gach ní dá ndéntar isan
Eagluis.



Do chéidneithibh, dob fhéidir go bhfaicfídh do mhórán gurab
mídheaghmhaisioch dhúinne croch (ná) íomháigh Chríost agus
a naomh d'adhradh, do bhrígh gurab do neithibh gan mhothughadh
bearthar an t-adhradh sin. Acht as uras linn an docamhal
sin d'fhuasgladh. Óir as féidir an íomháigh do mheas ar dhá
mhodh. Ar tús, mar as ní éigin í, .i. ór, airgiod, crann, cloch, nó
ní éigin eile cosmhuil leó sin; agus ní adhramuid an chroch iná
íomháigh Chríost nó a naomh ar an modh sa. An dara modh,
an mhéid go gciallaigheann an íomháigh ní éigin; agus do bhrígh
gurab ionann gluasacht ar an íomháigh, an mhéid gurab
íomháigh, agus ar an ní ciallaighthear leis an íomháigh, ní neamhoireamhnach
adhramuid na híomháigheacha ar an modh sa;


L. 176


óir ní neithe gan mhothughadh adhramuid mar sin acht íomháigheacha
agus taiseadha naomh, an mhéid go ttugthar annar gcuimhne
iad leis na comharthuibh agus leis (na) taiseadhuibh si. Nó ó as
amhlaidh as dlisteanuigh re rádha, adhramuid na naoimh ina
ttaisibh agus ina n-íomháighibh, amhuil onóraighid muinntir
Shésair a íomháigh, ní ar son gurab é a leithéid sin do mhiotal í
acht ar son gurab í íomháigh Shésair, as ionann go díreach agus
Sésar féin d'onórughadh. Uime sin as amhlaidh adhramuid
na naoimh agus a n-íomháighe, .i. an chroch naomhtha agus an tí do
crochadh innte d'adhradh dá ngoirthear latria, as díleas do
Dhia amháin; íomháigh na hóighe Muire Máthar Dhé d'adhradh
dá ngoirthear hyperdúlia; íomháighe ámh agus taise na naomh
eile d'adhradh dá ngoirthear dulia. Óir as uime dofríth na
híomháighe si amach, dochum cuimhne do bheith ar na naomhuibh,
dochum na ndaoine do dhúsgadh, ar shompla agus ar aithris
na naomh, dochum na subháilceadh agus na foirbhtheachta do
fhreacar, agus dochum go n-iarrmaois orra Dia do ghuidhe ar ar
son. Foghnuidh fós an phinntéireacht, fhoillsigheas fearta agus
gníomhartha na naomh, a leabuidh léighinn do na daoinibh
ainbhfiosacha neimhleiteardha.



Ar an (adhbhar) iomorro gurab lér ré tuigsin neithe dofhaicse
Dé as na neithibh do-righneadh, do-nímíd eagluiseacha adhbhardha
sofhaicse agus coisreagamuid iad, ionnas go gciallaigheadh
na clocha, na crainn, an suidheachan, agus gach cuma dá mbí
orra na sácramuinteadha neamhdha, agus go cciallaigheadh na
teampuill si do-níthear lé lámhuibh an eagluis spioratálta, .i.
Críost gona uile bhalluibh, and fós dochum an duine do bhrostughadh,
trésna neithibh si ré cosmhuileacht thaithneamhaigh,
do mhaodhughadh na neithe ndiadha. Cuirid iomorro na clocha
a n-umhail na creidmhigh do bheith snuighte a seasmhacht
an chreidimh agus bheith daingean dochum gach ní d'fhulang ar a
shon. Ciallaighidh an moirtél an grádh cheanglas na daoine,
chuireas a n-oireamhuin dá chéile agus bheathaigheas iad agus
chuireas ar aoinmhéin go comhthrom, d'eagla a sgartha ó
chéile ré neimhtheacht nó buaidhreadh do bheith eatorra. As é
Críost an chédchloch do-rinne aon dá gach cloich dhíobh. As
é an chloch chuainne ar a seasann fundamuint na hEagluisi go


L. 177


hiomlán. As iad na hapstail agus na fáidhe na fundamuinte.
Ciallaighid na ballaighe atá 'na suidhe ar an bhfundamuint an
drong atá tugtha don mhaodhughadh. An folach, an mhuinntir
atá ag saothrughadh isan mbeathaidh ghníomhaigh. Óir isan
aitreabh spioratálta, ós í cédchloch an Críost, na hapstail agus na
fáidhe, agus go bhfuilid sin ar neamh, ní a n-uachtar atá an
folach acht a aghaidh ós a chionn, fhosgailte fá ghaoith, fá
fhearthuinn agus fá anfadh, ciallaighidh an mhuinntir atá fá ainnisi, fá
annró, fá mhórthonnuibh an tsaoghail si, agus agá bhfuil aire ar an
mbeathaidh ghníomhaigh amháin agus ar fhurtacht na comharsan.
Taisbéanaidh fad na heagluisi buanmharthuin na bpuibleach; a
hairde, eidirdhealughadh na ngradam agus na luaigheacht eatarra
féin; a leithiod, iomadamhlacht na gcreidmheach atá sgartha ar
feadh an domhuin. Ciallaighidh an sanctuarium ord na n-ógh
nó na maighdion; an choraidh, ord na ndaoine ngeanmnaighe;
an long, na muinntire atá pósta. As comhainge ámh agus as
naomhtha an sanctuarium iná an choraidh, agus an choraidh iná
an long. Agus amhuil atá a n-oird sin nísa ghainne, as mar sin
atáid nísa lugha d'uimhir agus nísa onóraigh, agus atá barr ag ord aca
ar an ord eile. Ciallaighidh orthús an teampuill na críostaidhthe
fallsa do baisteadh agus atá ar seachrán taobh amuich don Eagluis,
adhlaicthe a múllach agus a lathaigh na locht. As é Críost an altóir
ar a n-ofrálamuid ní headh amháin sacrafís ar ndeaghoibreach
acht fós ar nguidhe agus ar n-urnaighthe, ag rádha ar deireadh
gach urnaighthe, “tré ar tTighearna Íosa Críost.” An clogás,
sgáthán an naoimhsgreapta, agus tor dídin, as a bhfaicmíd a
bhfad uainn cealga na námhad, agus ré ndíbremíd gach ainteann
easgarad dá ttig oruinn. Na cloig ghlaodhas an pobal,
seanmóntaigh (e) bréithre Dé, chuireas fuaim an scrioptúir
naomhtha a gcluasuibh na bpuibleach ag tabhairt churtha
dháibh go banais na tíre neamhdha. Na fuinneóga, dochtúireadha
na hEagluisi tré a soillsigheann an t-eólas diadha dhúinn.
Báine nó gile innmheadhónach na mballaigheadh, glaine an
chroidhe, agus gile fhoirimleach, glaine an choirp. An dá thóirse dhég
lastar a gcoisreagadh an teampuill, an dá apstal dég, sa tteagasg
shoillsigheas go deallradh n-iongantach an Eagluis go


L. 178


hiomlán. An dá chrois dég roimh a lastar na soillsi sin, na
hapstail do lean cros Chríost agus do sheanmóir í ar feadh an
domhuin. Doirse na heagluisi, na sácramuinteadha agus go mórmhór
an baisteadh tré a bhfosgaltar doras na hEagluisi dhúinn. An
lóchrann atá ar gnáthlasadh isan eagluis, deallradh agus grása an
Spioraid Naoimh ré gcoimhédtar agus ré n-oiltear do ghnáth an
Eagluis. An t-uisge coisreagtha, tobar na ndeór a nidhid na
creidmhidh a gcionta. Atá a gciall agus a rúindiamhra féin fós ag
éidighibh na sagart agus ministridh na hEagluisi, ag na soighthighibh
beannaighthe, ag an gceól, agus ag gach ní eile don tsórt
sin. Gidheadh, dochum gan bheith liosta ní thráchtmuid ar
gach ní dhíobh fá leith, óir measamuid gur lór an mhéid si do
labhairt orra. As iontuigthe dá gach aon as na neithibh rémhráidhte
nach bhfuil aoinní doidhénta díthchéillídhe iná neamhblasta
isan gcreideamh chríostaidhe, agus nach bhfuil ní ar bith ann
acht ní iongantach. Léghadh ámh an tí léna mian fios na neithe
si d'fhághuil go foirleathan (leabhair) dochtúireadh agus aithre na
hEagluisi, agus tuigfe, iar sgrúdadh na leabhar, nach ó dhaoinibh
atá an t-adhradh sa na hEagluisi acht gurab leis an tí úd amháin
dob fhéidir a ordughadh, shoillsigheas gach duine ag teacht
ar an tsaoghal sa, mar as follas dúinn go laéthamhuil. Óir na
daoine foirbhthe do-bheir iad féin do mhaodhughadh na ndiamharún
sa, tógthar comhárd agus sin iad gusna neithibh diadha
gurab beag nach gcaillid a gciall agus nach dénuid dearmad don
n-uile ní talmhuidhe.



Fínit.


L. 179


BROLACH NÓ RÉMHRÁDH AN CHEATHRAMHA
LEABHAIR DO BHUAIDH NA NAOMHCHROICHE, NÓ
d'FHÍRINNE AN CHREIDIMH.



Dob fhearr leam go deimhin go mbeithdís na huile dhaoine,
iar sgaradh ré tromualach tubaisteach na feóla, ar lasadh d'fhonn
agus d'álgas na fírinne d'fhoghluim ré croidhe fíorghlan. Óir ní
bheith docamhal aguinn mar sin a mbrionnshúile d'fhosgladh agus
a n-inntinneacha d'iompughadh ar an bhfírinne. Atá iomorro
claonadh nádúrtha ag gach ní dochum a fhoirbhtheachta féin: agus
as í an fhírinne as foirbhtheacht don tuigse. As uime sin labhraid
na daoine agus do-chíd an fhírinne ar uairibh dá n-aimhdheóin fós,
amhuil do-dhénamh an nádúir foiréigean orra. Ní deacair ámh
neach do tharruing dochum an ní atá nádúrtha dhó.



Acht do bhrígh go ttreóraigheann aon do na neithibh contrárdha
a n-eólas an ní eile (óir as é an díreach as riaghail don díreach agus
don cham), do-chífidh gach aon an bhrég atá contrárdha don
fhírinne iar bhfághuil eóluis ar an bhfírinne. Agus ó nach féidir
leis an chontráir bheith a n-aonáit, bí an lámh a n-uachtar do
ghnáth ag an ccontráir as neartmhaire; atá an fhírinne ámh nísa
roineartmhaire iná an bhrég; uime sin as uras don tí ghreamaigheas
don fhírinne gach opinion fallsa do chlaoidh. Ar an
adhbhar sin dá mhionca dá mbiaid daoine égsamhuil nó égcosmhuil
dá chéile a n-opinionuibh contrárdha, as é opinion as fearr agus
as inmheasta do bheith fíor, an t-opinión as lia agus as fírinnigh
résúin, agus fhuasglas go huras na docamhuil chontrárdha, agus agá
mbí buaidh a bhfad ag cathughadh a n-aghaidh easccarad
roláidir, agus chlaoidheas ré résúnaibh roineartmhara gach opinion
eile.



Mar sin ó cruthaighear an creideamh críostaidhe ré résúnuibh
roineartmhara, agus nach éidir éinchreideamh eile do dhaingnioghadh
léna n-uiriod iná a gcoimhbríoghmhar do résúnuibh, agus gur
chomhraicc go dochlaoidhte a n-aghaidh an uiriod námhad
neartmhara gusan am sa agus gur fhuasgail go huras, mar do
thaisbénamar thuas, gach docamhal dár cuireadh 'na aghaidh;
madh thaisbénamuid fá dheóidh nach eadh amháin gurab ísle gach
creideamh eile iná é acht fós nach ttig éinchreideamh 'na
ghoire, ó bheith líonta dháibh d'ainbhfios, d'fhallsacht agus do


L. 180


sheachrán, ní cóir dh'aoinneach a chur a gconntabhairt gurab é
an creideamh críostaidhe amháin an creideamh fíre agus gach
creideamh eile do bheith fallsa brégach, agus mar sin intseachanta.
Foillseócham so go coitchionn ar tús; dá éis sin laibheóram ar
gach creideamh fá leith.



Fínit an bhrolaigh.


L. 181


NACH BHFUIL CREIDEAMH AR BITH FÍOR ACHT
AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE AMHÁIN.



Caib. 1.



Dar leat as follas as a ndubhramar so do bheith 'na fhírinne.
Óir madh atá an creideamh Catoilce fíor, ní féidir creideamh
eile ar bith do ghlacamh, mar go ndearbhann isan n-uile áit nach
éidir aoinneach do shábháil atá taobh amuich d'aondacht na
hEagluisi Catoilce. Ar an adhbhar sin as romhór an seachrán agus
mearughadh céille atá ar an druing mheasas an sén síordhuidhe
d'fhagháil as a gcreideamh coirbthe féin gan géilleamh do
chreideamh Chríost.



Arís, ó as é as críoch don chreideamh, na daoine do thabhairt
a mbeatha suas go maith beannaighthe, agus nach bhfuil beatha
as fearr agus as naomhtha iná an bheatha chríostaidhe, amhuil do
fhoillsigheamar thuas, ní bá féidir lé creideamh ar bith (acht
gurab leasainm creideamh do thabhairt air) an creideamh
críostaidhe do shárughadh. Acht madh atá creideamh eile ar
bith maith taobh amuich don chreideamh chríostaidhe, nó atá
nísa ísle iná an creideamh críostaidhe, nó atá commaith leis.
Madh atá nísa ísle, ní féidir dhó bheith maith, do bhrígh ó atá
nísa ísle iná an creideamh críostaidhe, as don chríostaidhe - ó
as é as fearr - as cóir géilleamh agus greamughadh. Agus ó dhiúltas
an creideamh críostaidhe gach creideamh eile, as riachtanas gach
creideamh as ísle iná é do thréigean. Madh atá comhmaith leis
an gcreideamh chríostaidhe, ní féidir gur creideamh ar leith é
seach an chreidimh chríostaidhe. Óir madh as í an chríoch
cédna sheanmóras agus na meadhóin tré a tteagmhar dochum
na críche, ní commaith bhias, acht as é féin an creideamh críostaidhe.
Gidheadh, madh as críoch eile nó meadhóin eile atá
aige, ní bhfuil commaith ar énchor leis an gcreideamh chríostaidhe,
acht ní as ísle, ar an adhbhar nach féidir do smuaineadh
críoch as fearr agus meadhóin as foirbhthe iná an chríoch agus na
meadhóin theagasgas an creideamh críostaidhe.



Arís, ó as as na héifeachtuibh haitheantar na cúise, agus gurab í
naomhthacht na beathadh as éifeacht don Dia-adhradh, agus nach
bhfuair creideamh eile ar bith naomhthacht na beathadh comhmaith
agus coimhiomlán leis an gcreideamh chríostaidhe, leanuidh


L. 182


go soilléir gurab é so adhradh fíre Dé sheanmóras agus choimhédas
an creideamh críostaidhe, agus an uile adhradh eile do bheith
fallsa fírdhíomhaoin.



As daingion an comhardha ar so do bheith fíor go bhfaicmíd
as adhradh foirimleach agus as teagasg an chreidimh chríostaidhe na
daoine dá ttarruing comhuras comhathchumair agus sin go naomhthacht
dhochomórtha beathadh nach féidir ní as foirbhthe agus as
iongantaigh d'fhagháil dochum croidheadha na ndaoineadh do
chlaonadh agus d'iompúghadh dochum a mbeatha do leasughadh
agus do thabhairt suas go beannaighthe foirbhthe fírénta iná é.
Ar an adhbhar sin ní bhfuil seachrán ar an tí choimhlíonas an
creideamh agus an reacht críostaidhe, dhearbhas agus sheanmóras an
n-uile chreideamh eile do bheith fallsa fírbhrégach, lán do
sheachrán agus d'earráid, indiúlta dá gach aon réar mian a chuid
do ríoghacht neimhe d'fhagháil fá dheóidh. Acht do bhrígh
gurab uras iad so d'aithne as na neithibh adubhramar thuas,
labhram sealad ar na neithibh speisialta nó uathacha.



Acht do bhrígh gomadh fada iomarcach dhúinn cathughadh a
n-aghaidh gach creidimh fhallsa dá raibh agus dá bhfuil (mar go
n-abair an feallsamh nach bhfuil acht leimhe bheith cúramach
fá gach uile dhocamhal), cuirfeam síos sé secta prionnsapálta,
mar atá sect na bhfeallsamh, lucht sgrúdtha na rédlann, na
n-iodhaladhartha, na nEabhradhach, na n-eithrigeach, agus
luicht leanamhna Mahoméit. Claoidhfeam do dheóin Dé gach dream
dhuaibhseach dhíobh sin, ag taisbénamh go ndeachadar uile
ar seachrán agus gur sheachnadar go fada tóruinn na fírinne. Acht
do bhrígh gurab é solas an résúin nádúrtha do leansad na feallsaimh,
agus gurab é sin as eólaíghe dúinn, tionsgnam ó thús ris na
feallsaimh.



GO BHFUIL GACH CREIDEAMH DÁR THEAGASGADAR
NA FEALLSAIMH LÍONTA d'AINBHFIOS AGUS d'EARRÁID.



Caib. 2.



Do chéidneithibh, ag connspóid a n-aghaidh na bhfeallsamh,
cruitheócham, bíodh nach ndeachadar amugha isna neithibh do


L. 183


sgríobhsad, ar a shon sin as roibheag agus neamhoireamhnach do
thráchtsad ar na neithibh bheanas ris an tsláinte. Óir mar
nach raibh dá ttreórughadh acht solas an résúin nádúrtha
amháin, níorbh fhéidir leó bríogh a ttuigse nó a n-eólas do shíneadh
tar thóruinn an résúin nádúrtha. Acht do bhrígh go mbean
leis an eagnuidhe na neithe d'ordughadh, agus gurab í an chríoch
as riaghuil dá gach ní dá n-ordaighear dochum na críche, as
riachtanas don duine chríonna iarras a bheatha do chaitheamh
go maith beannaighthe críoch na beathadh daonna ar tús do
sgrúdadh agus do lorgaireacht. An tan iomorro gurab a radharc
Dé (mar do fhoillsigheamar thuas) choimhsheasas críoch na
beathadh daonna - ní nach éidir leis an résún nádúrtha d'fhagháil
amach - as follas do thaoibh eólais na críche si, óna bhfuil
gach ní bheanas leis an ccreideamh fíre, gur cuireadh na feallsaimh
a n-áit rochumhaing, ar mhodh nárbh fhéidir leó éinní d'ordughadh
go díreach ó shoin amach. Óir do réir mar dobhí críoch na
beathadh daonna 'na hainbhfios orra, as éigin mar an gcédna
na meadhóin thriallas chuice do bheith 'na n-ainbhfios orra.
Ar an adhbhar, do réir mar do thaisbénamar thuas, gurab a
mbeathaidh mhaith fhoirbhthe an duine choimhsheasas adhradh
fíre Dé, agus gurab dochum na beathadh sin hordaighear an t-adhradh
foirimleach, uime sin gach ní dár labhradar na feallsaimh ar an
gcreideamh, nó atá neamhfhoirbhthe, nó neimhchinnte, nó earráideach.
Cia mheasas dá bhrígh sin gurab ionchoimhédtha nó
ionchongmhála creideamh na druinge si iar ttréigean an chreidimh
chríostaidhe?



Bíodh iomorro go ndubhradar an chuid dob ordhraice do na
feallsuimh gurab a maodhughadh na neithe ndiadha atá críoch
na beathadh daonna, ar a shon sin do bhrígh gurab é an résún
nádúrtha amháin dob eólaighe dháibh, nírbh fhéidir leó dhul
ar a n-aghaidh nísa mhó. Ní lór ámh ar aonchor ní neimhchinnte
mar so don tí atá fonnmhar ó nádúir ar eólas d'fhagháil
agus iarras go díthchiollach dúthrachtach fios na sligheadh gusan
sén síordhuidhe. As neartmhar do chráidheadh cuartughadh
gérchúisioch na neithe si na feallsaimh, an tan nárbh fhéidir
leó cinnteacht ar bith d'fhagháil orra. Óir níorbh fheas dháibh
cad í an fhreagra fhollas chinnte do-bhérdaois ar an tí do fhiafróchadh
dhíobh an ar mhaodhughadh na beathadh sa atá


L. 184


do láthair aguinn nó na beathadh atá chugainn labhruid. Óir
ar meas peiriaclach, guaise agus míochomhgar na beathadh daonna,
dar leat as díthchéillidhe doidhénta an sén neamhdha d'fhagháil
ar an tsaoghal sa nó ar an mbeathaidh si do láthair. Acht
dámadh isan mbeathaidh atá chugainn adérdaois an sén do
bheith, an tan nárbh fhéidir leó éinní cinnte do thuigsin ar an
mbeathaidh sin, do bhrígh nach éidir a fios d'fhághail as na
neithibh cédfadhacha, dob fhéidir neamhshuim do dhénamh
don fhreagra sin comhuras agus do-bheirid uathaibh í, agus mar sin
tuitfid a gceist eile comhcruaidh lé so, .i. ar dhomharbhthacht
an anma daonna. Óir dobhí riachtanas aca an domharbhthacht
sa an anma do chruthughadh ar tús; sa docamhal dobhí dháibh
annsin do dhénamh, as soilléir é as égsamhlacht na n-opinion,
do bhrígh gurbh éigin dáibh a admháil an t-anam tuigseach do
sheasamh leis féin, an tan go n-abair an résún an tuigse do bheith
agus d'oibriughadh gan ionnstrumaint chorpardha; óir as do réir
mar bhíos gach ní oibrigheas. As deacair ámh a thuigsin
cionnas as féidir lé substaint neamhadhbhardha bheith 'na
foirm ag corp. As uime sin adubhairt Plato nach mar fhoirm
ceangaltar an t-anam tuigsioch ris an gcorp acht mar ghluaisteóir.
Measaidh Aristotel 'na aghaidh sin gurab é an t-anam
tuigsioch as foirm don chorp; ar a shon sin do labhair comhdorcha
agus sin ar an tuigse sgartha nó dheaghuilte gur thuit
Averroes, do chuir gluais mhínigh ar Aristotel, a n-opinion
mhírésúnta ainbhfiosach a ttimcheall aondacht tuigse na n-uile
dhaoineadh. Do mheas ámh Aristotel, fear na tuigse móire,
nárbh fhéidir le solas an résúin daonna eólas fíre foirbhthe
d'fhagháil ar an anam tuigseach. Uime sin d'eagla gomadh
éidir cur 'na aghaidh, do thrácht go dorcha aireach ar an anam
sin. Óir as gér dobhádar na feallsaimh dá saighdeadh don uile
thaoibh, do bhrígh dá n-abradaois gurab é an t-anam tuigsioch,
ó bheith somharbhtha dhó, dob fhoirm don chorp, dobhí
iliomad résún 'na n-aghaidh; agus dá n-abradaois an t-anam do
bheith domharbhtha, do thuitfedís a n-opinion Phláto, .i. nach
mar fhoirm acht mar ghluaisteóir do bheith ceanguilte don
chorp; ní chlaoidheas Aristotel ré résúnaibh diongmhálta. Óir
níorbh fheas mar sin cionnas dob fhéidir duine do rádha leis an
duine ó anam tuigsioch do bheith aige. Acht dá n-abradaois,


L. 185


mar mhúineas an creideamh críostaidhe agus an fhírinne, gurab é
an t-anam as foirm don chorp, agus a bheith 'na sheasamh leis féin
ar mhodh éigin, an mhéid go bhfuil tuigsioch, ní lugha mar sin
an docamhal do bheith orra ó neamhchumas soluis an résúin
nádúrtha amháin dochum sin do chruthughadh.



Óir dá bhfiafraigheadh neach dhaoibh cia ó ttig a samhuil sin
d'fhoirm, ní cruinn do bheith a fhios aca. Óir ní as comhachta
an adhbhair tairngthear í, an tan gurab uaisle í iná an t-adhbhar;
agus ní mó do laimheóchadaois a rádha gurab do neimhthní do
cruthóchaigh í, ar mhodh go ndubhairt cuid aca, dochum an
tsnadhma so do sheachna, go rabhadar na hanmanna ann ón
tsíordhuidheacht. Gidheadh, níor réidhe don mhuinntir si;
óir níorbh fhéidir leó a chosnamh go mbeith an duine 'na dhuine
ón anam tuigsioch, agus go mbeith an t-anam sin 'na foirm ag an
gcorp, amhuil do thaisbénamar isan gcéidleabhar. Ar an adhbhar
sin as coimhédach adubhairt Aristotel an tuigse do bheith
deaghuilte, agus a teacht go foirimleach; acht ní lór so dochum na
cúise do thuigsin go foirbhthe iná dochum gach docamhuil do
sheachna; ar an adhbhar ó as go foirimleach thig an tuigse agus
nach as comhachta an adhbhair, madh fhiafraighir cáit as a
ttig nó cionnas as féidir a thuigsin a teacht go foirimleach, ní
bá huras leis freagra duit.



Arís, madh adeir an t-anam tuigsioch do bheith domharbtha agus
'na foirm ag an gcorp, as éigin, ó atá gníomh na ngníomhach
isan bhfuilngeach ullamh, do réir theaguisg Aristotel, nach raibh
anam Socratés, Pláto iná dhuine eile ar bith ann roimh
gheineamhuin an duine; óir atá an fhoirm uathach, agus atá a
leithéid sin do chlaonadh aice réna hadhbhar féin nach éidir lé
bheith 'na foirm ag adhbhar eile ar bith. Ar an adhbhar sin madh as
mar sin adéras Aristotel agus a lucht leanamhna, ní fhaicim cionnas
shaorfaid iad féin nach é cruthughadh an anma tuigsigh do-níthear
do neimhthní.



Mar an gcédna atá ceist eile rochruaidh aguinn ré cur orra,
.i. an raibh an domhan ó thús na síordhuidheachta agus an mairfidh
ar feadh na síordhuidheachta? Agus an rachaidh as geineamhuin
na neithe go bráth? Madh adeirid go rachaidh gluasacht flaitheamhnuis
uair éigin dochum comhnuidhe, ní thiobhraid résún ar


L. 186


bith leis sin nach uras do chlaoidh. Madh adeirid, do réir
opinion Aristotel, nár thionnsguin an domhan ariamh agus nach
rachaidh críoch air go bráth, as éigin dáibh a admháil go
ndeachadar blianta agus laethe dofhaisnéidhe doichríochnuigh
thoruinn. Agus ó as é an duine cuid as uaisle don chruinne, ní
résúnta a rádha go raibh an saoghal uair éigin gan duine, agus
mar sin caithfid a rádha go ndeachadar daoine dofhaisnéidhe
thoruinn. Agus ó atá an t-anam tuigsioch domharbhtha, agus do bhrígh
gurab foirm uathach é nach éidir leis léim ó chorp go corp, caithfid
a admháil go bhfuilid anmanna dofhaisnéidhe anois ar an tsaoghal,
agus go mbiaidh 'na dhiaidh so; ní as fada ghabhas ó résún. Mar
an (gcédna) iar so d'admháil tiucfaid iomad docamhal eile 'na
n-aghaidh. Do bhrígh ó as é an t-anam as foirm don chorp, as
éigiontach bhias d'easbhaidh an choirp, agus mar sin as éigiontach
deaghuiltear leis an gcorp é; óir mar atá gráin ag an n-uile ní
ar é féin do sgrios nó do thruailleamh, mar an gcédna atá gráin
ag an duine ar é féin do thruailleadh, agus mar sin sgaradh an anma
leis an gcorp. An tan iomorro nach éidir ní éigiontach ar bith
do bheith síordhuidhe, fiafraigheam dhíobh an bhfillfid na
hanmanna sin arís ar na corpuibh. Madh adeirid go bhfillfid,
nó nach bhfillfid, caithfid a admháil anmanna dofhaisnéidhe
do bheith go héigiontach ar feadh na síordhuidheachta d'easbaidh
corp - ní atá neamhoireamhnach - nó eiséirighe corp dofhaisnéidhe
do admháil, ní atá doidhénta, do bhrígh nárbh fhéidir
áit ar bith d'fhagháil do ghlacamh iad; nó na coirp chédna tar
éis iomad do mhíltibh bliaghan do fhilleadh isan riocht chédna.
Agus mar sin fillfid na hanmanna ar na corpuibh cédna anna rabhadar
cheana; agus na neithe do-rinneadh ar tús, do-dhéntar arís iad
leis na hughdaruibh cédna; agus do-dhéna Pláto gona dhisgiobluibh
arís gach ní dá ndearna roimhe. Acht ní feas damh cionnas as
éidir lé neach na neithe si do chruthughadh. Óir madh dobhí
an domhan ann ó thús na síordhuidheachta, as éigin an flaitheamhnas
d'fhilleadh ar an ullmhughadh chédna nísa mhionca
iná as éidir do ríomh nó d'áireamh; agus mar sin dobhádar na
neithe cédna go dofhaisnéidhe ann; agus mar sin dobhí Pláto gona
dhisgiobluibh agus an chuid eile do na daoinibh ar an tsaoghal ar
feadh aimsire dofhaisnéidhe; ní as fada ón n-uile résún.


L. 187


Leó so agus léna samhluibh eile do dhocamhluibh bhíd arna
ttimcheallughadh an mhuinntir chuireas reampa críoch na
beathadh daonna do lorgaireacht ré solas an résúin nádúrtha
amháin. As ar follas nárbh fhéidir leis na feallsaimh ní ar bith
seasmhach iná cinnte d'ordughadh do thaobh an chreidimh,
an tan gurab a gconntabhairt agus a ndorchadas do thráchtsad
do ghnáth ar na neithibh si. Ar an adhbhar sin madh do
ordaigheadar sórt ar bith creidimh, as éigin gurab neamhfhoirbhthe
neimhchinnte é agus go raibh líonta d'ainbhfios agus do
sheachrán.



As móide do bheithdís na neithe si soilléir dá gach aon,
dearcadh go grinn ar gach opinion agus ar gach earráid dá raibh
ag na feallsuimh; agus do thuigfemísne, iar mbreathnughadh
anbhfainne bríogha an tsoluis nádúrtha, nach lór é ar énchor
dochum an duine do shlánughadh. Óir as a n-airdhíthchioll
cumais gach ní haitheantar go mórmhór a bhríogh. Do-rinne
ámh an nádúir a láindíthchioll isna feallsaimh ordhraice go
háiridhe; agus as maith an comhardha ar sin nach mór do ráinic
ris an méid táinic 'na ndiaidh agus do lean solas an résúin nádúrtha
amháin do chur a gceann a ndubhradar. As ar follas, an tan go
ndeachadarsan ar seachrán go fada, nach lór solas an résúin
nádúrtha amháin dochum an duine do shábháil.



Do chéidneithibh, ní cosmhuil go bhfuil 'na ainbhfios ar
aoinneach gur mór do-chuadar ar seachrán ag tabhairt mar
chrích dhéighionaigh don duine na neithe dárab críoch an duine,
mar atá saidhbhreas, glóir, onóir, aoibhneas, antoil, agus a samhuil
sin eile do mheasadar na seinfheallsaimh bheith 'na gcrích
dhéighionaigh 'gun duine. As follas an drong ordhraic táinic
'na ndiaidh, do thuig an seachrán (so), go ndeachadar mar an
gcédna amugha go fairsing anna tteagasg ar an sén síordhuidhe
agus ar chrích dhéighionaigh an duine, ar mhodh nach féidir dúinne
ar ngníomhartha féin do stiúradh go ceart leis an riaghuil do
thugadarsan dúinn ar an gcrích dhéighionaigh, an tan gurab
riachtanas an chríoch do bheith cinnte, gidheadh, nárbh fhéidir
leósan cinnteacht ar bith do thabhairt dúinn uirre.



Ní mór fós nach bhfuilid uiriod opinion agus ainbhfios aca do
thaoibh an anma tuigsigh agus atáid na feallsaimh a nuimhir. Agus
dochum gan labhairt ar ráidhtibh agus ar sheachránuibh na sean,


L. 188


ar a ttráchtann Aristotel isan chéidleabhar do sgríobh ar an
anam, as follas fós dúinn an mhuinntir do lean lorg Aristotel
féin do bheith roi-égsamhail ro-aimhréidh eatorra féin agus do dhul
ar seachrán go fada. Óir do mheas drong dhíobh gurab substaint
dheaghuilte an tuigse fhuilngeach; drong, an gallradh; drong
eile gurab bríogh éigin bhíos a gcoimhideacht chumaisg na
ndúileamh. Mar an gcédna adubhairt drong eile gur substaint
dheaghuilte an tuigse ghníomhach. Drong eile gurab páirt
nó cuid don tsubstaint dhiadha an t-anam tuigsioch. Do mheas
drong eile gurab as comhachta an adhbhair tairngthear é, agus
atáid secta na bhfeallsamh gusan aimsir so do láthair comhconntrárdha
agus sin dá chéile gurab uras disgiobal gach aoin díobh
do chlaoidh, muna raibh solas an chreidimh aige. Óir muna
mbeith cuinneall an chreidimh ar lasadh go buan ar feadh an
tsaoghuil, as mó iná sin go mór an seachrán do bheith orra.



Ar an adhbhar, do thaoibh an tsaoghuil, cionnas agus cad í an
chríoch dochum a ndearnadh, an bhfuil gan tús gan deireadh,
gurab roi-égsamhuil do labhradar. Ar a shon sin ní bhfuair
aoinneach dhíbh go fóill résúin dhaingne iná diongmhála, agus ní
bhfuighe, réar féidir síordhuidheacht an tsaoghuil, a thionnsgnamh
nó a chríochnughadh do chruthughadh go cinnte. Óir
as lór laige agus anbhfuinne na résún tug Aristotel ar an ní so, ar
mhodh nárbh fhéidir leis na feallsuimh teacht a n-eólas críche fíre
ghluasaicht na bhflaitheamhnas.



Ní lugha fós a gconntabhairt agus a n-ainbhfios ar nuimhir na
n-aingeal nó na substainteadh deaghuilte. Óir do mheas
Aristotel gurbh ionann nuimhir na substainteadh sin na spéiridheadh,
amhuil agus nach beith feidhm ar bith eile leó acht ar son
ghluasachta na bhflaitheamhnas. Ní gan chéill re rádha. Bíodh
go measmaoid nach raibhe cinnte dhe sin féin agus nach mó iná
meas dobhí aige sin do bheith cruthamhuil.



Níor fhoillsighiodar fós ní ar bith fíre iná cinnte ar an adhradh
diadha, go háiridhe ar an adhradh foirimleach; do bhrígh go
(raibh) an chríoch fhíre 'na hainbhfios orra, níorbh fheas dáibh
créd an onóir bá dleacht do thabhairt do Dhia re hadhradh
foirimleach, ar mhodh gurab édrom égsamhuil do thráchtadar
ar an gcúram atá ag Dia fá na créatúiribh, ionnas gurab roibheag


L. 189


an tarbha as féidir do bhuain as a sgreaptruibh dochum sábháil
fhíre an duine. Agus ní headh sin amháin acht as adhbhal an
buaidhreadh táinic as égsamhlacht a n-opinion. As ar follas
nach bhfoghnann a tteagasg iná creideamh ar bith dár chumadar
dochum an tséin shíordhuidhe d'fhagháil iná do shaothrughadh.
Gidheadh, ní cóir tarcuisne iná neamhshuim do dhénamh d'éinní
maith dá ndubhradar. Óir bíodh nach lór iad leó féin, ar a shon
sin as congnamh iad dochum easccairde an chreidimh do
chlaoidh.



GURAB FALLSA NEAMHTHARBHACH TEAGUISG
LUCHTA SGRÚDTHA NA RÉDLANN.



Caib. 3.



Do bhrígh go measaid an mhuinntir si iad féin d'áireamh ar
na feallsaimh, ag meas gur leis an bhflaitheamhnas agus leis na
rédlannuibh stiúrthar na neithe daonna sa, agus an flaitheamhnas
do bheith 'na dhia aguinn (ionnas gur adhradar cuid do na
seanuibh an ghrian, an ghealach, na plainéit agus iomadamhlacht
na rédlann), foillseócham ré résúnaibh neartmhara gurab
é so seachrán as mó do na seachránuibh, agus nach éidir do na
corpuibh neamhdha bheith 'na gcúis ag na neithibh bheanas
leis an tuigse dhaonna.



Ar tús, do bhrígh do réir oird na nádúire go stiúrthar na
neithe íochtaracha leis na neithibh uachtaracha. Sáraighidh
ámh an tuigse na huile chorpa, an tan go bhfuil deaghuilte nó
sgartha leis an gcorp. Ar an adhbhar sin ní féidir leis na rédlannuibh
bheith 'na gcúis ag na neithibh atá a ttimcheall
na tuigse.



Arís, do chruthaigheadar na feallsaimh nach n-oibrigheann
corp ar bith acht ré gluasacht. Ar an adhbhar sin ní féidir
leis na corpuibh neamhdha bheith dáríribh 'na gcúis ag na
neithibh atá taobh amuich do ghluasacht, mar atáid na neithe
bheanas leis an tuigse. As follas an résún leis so an tráth
chomhnuidheas an t-anam ó ghluasacht go ttig dochum bheith
críonna eagnuidhe eólgasach.


L. 190


Mar an ccédna muna n-oibrigheann an corp acht ré gluasacht,
as éigin go ngluaistear an ní anna n-oibrigheann an corp. As
éigin gurab corp gach ní gluaistear, do réir mar chruthaigheas
Aristotel. Ar an adhbhar sin ó nach corp an tuigse agus nach
cáilidheacht í atá ceanguilte d'ionstrumaint chorpardha, as ní
doidhénta na coirp neamhdha d'oibriughadh isan tuigse.



Arís, as éigin na neithe do-níthear leis na gluasachtuibh
neamhdha do bheith fá chumas na haimsire, as míosúr don
chédghluasacht. Mar sin ní bhfuilid na neithe thairngeas ón
n-aimsir fá chumas fhlaitheamhnuis. Tairngthear ámh an
tuigse anna hoibriughadh ó aimsir agus ó áit; óir as é an t-ollradh
nó an choitchinne, thairngeas ó aimsir agus ó áit, bhreathnuigheas.



Arís, ní oibrigheann ní ar bith tar thóruinn a ghnée féin.
Gidheadh, oibrighidh an tuigse tar thóruinn gnée agus foirme gach
coirp ghníomhaigh. Atá iomorro foirm gach coirp adhbhardha,
uathach; gidheadh, atá gné ag an tuigsin óna cosbóir féin, as ní
ollradhach neamhadhbhardha. Uime sin ní féidir lé corp ar
bith ní do thuigsin léna fhoirm chorpardha féin. Ar an adhbhar
sin as lugha iná sin fhédfaid an tuigse féin do gheineamhuin a
ní eile. Uime sin as follas as na résúnuibh si nach iad na rédlanna
iná na coirp eile neamhdha as cúise dár ttuigse-ne.



Acht do bhrígh nach éidir oibriughadh ar ttuigse d'iomlánadh
gan congnamh na gcáilidheachta corpardha, mar atá an gallradh,
an mheabhair, an smuaineadh leanas ullmhughadh an choirp
atá fá oibriughadh na bhflaitheamhnas, as éidir a rádha as sin
ar mhodh éigin go neimhdhíreach go ccongnaid na coirp
neamhdha, amhuil cúisi coitchionna nó ollradhacha, leis an tuigse.
Óir do-chímíd coimpléix égsamhla agus ullmhughadh coirp ag na
daoinibh as égsamhlacht oibrighthe na gcorp n-uachtarach, as a
bhfaghann oibriughadh na tuigse congnamh nó toirmeasg. Ar
a shon sin ní hiontugtha ar aonchor cúis ar ttuigse iná ar
ttoile iná stiúradh na neithe daonna sa do fhlaitheamhnas.
Mar bhús follas as na résúnuibh si síos.



Ar tús, do bhrígh gurab as breathnughadh na tuigse dothig
go neimhmheadhónach an n-uile ghníomh ag ar ttoil. Óir as
í an mhaith iarna tuigsin as cospóir don toil. Mar sin ní


L. 191


féidir lé an t-olc do thogha muna ttéidh breitheamhnas na
tuigse ar seachrán a ttimcheall an adhbhair. Ar an adhbhar
sin ó nach í flaitheamhnas, do réir mar adubhramar cheana, as
cúis dár ttuigse, ní bá féidir lé bheith 'na cúis ag togha ar ttoile.



Arís, as go nádúrtha theagmhas gach oibriughadh dá ndénuid
na coirp uachtaracha isna neithibh íochtaracha sa, an tan go
bhfuilid na neithe íochtaracha sa ó nádúir fúthaibh. Ar an
adhbhar sin dámadh ó oibriughadh na gcorp n-uachtarach do
thiocfadh togha ar ttoile, ní go toileamhuil do-gébhthaoi an
togha sin acht go nádúrtha. Acht as follas go bhfuil so neamhoireamhnach;
do bhrígh na neithe do-níthear go nádúrtha go
ttairngthear gusan gcrích iad ré meadhónuibh cinnte, ionnas
gurab ar énmhodh amháin do-níthear iad do ghnáth, óir atá
an nádúir cinnte dochum éinní amháin; gidheadh, as ar shlighthibh
égsamhla thrialluid na toghtha daonna ar an gcrích isna
neithibh mórálta agus ealadhanta. Arís, do bhrígh na neithe
theagmhas go nádúrtha go mbíd díreach do shíor, gidheadh,
dochímid a chonntráir sin go laéthamhuil isna neithibh
daonna. Arís, as gnáth na neithe atá d'aoinghné do bheith
cosmhuil ré chéile isna hoibreachuibh leanas nádúir na gnée sin;
óir as ar énmhodh amháin do-níd na huile smólaigh a nead;
mar an gcédna tuigidh an n-uile dhuine na cédthúis atá feasach ó
nádúir. Gidheadh, atáid na toghtha daonna roi-égsamhuil roi-égcosmhuil
ré chéile, óir ní hí an nádúir leanuid acht saoirse
na toile. Arís, ní a leith an duine do cuirfídh na subháilceadha
iná na dubháilceadha acht a leith na nádúire, ionnas gurab
díomhaoin gach comhuirle agus gach cúram daonna, madh as fíor
an ní sin.



Arís, dochum fillte ar an gcúis phrionnsapálta, ní shíneann
bríogh ghníomhach ar bith í féin dochum na neithe atá ós ciond
gnée agus nádúire an ghníomhaigh. Gidheadh, éirghidh an toil agus
an tuigse ós cionn an n-uile ghnée corpardha; óir amhuil tuigmíd
na neithe ollradhacha nó coitchionna, as mar an gcédna
ghrádhaigheas an toil an mhaith ollrach nó choitchionn.



Mar an gcédna as éigin comhthrom agus cosmhuileacht do bheith
ag na meadhónuibh leis an gcrích; acht as dochum an tséin
shíordhuidhe hordaighear na gníomhartha daonna amhuil
dochum críche déighionaigh. Agus ní a maith chorpardha ar bith


L. 192


choimhsheasas an sén sin acht a cceangal an anma ré Dia,
sháraigheas cumas na n-uile chorp. Ar an adhbhar sin ní
féidir leis na corpuibh neamhdha bheith 'na ccúis go díreach dár
ttogha.



Tar a cheann sin bíodh nach iad as cúis go díreach dár ttogha,
do-bheirid ócáid go neimhdhíreach dár ttogha, óir an mhéid
go nglacaid ar gcoirp a n-oibriughadh, claonaid ar n-inntinn
dochum neithe égsamhla. Gidheadh, as féidir leis an duine
réna thoil shaoir gach uair as mian leis cur a n-aghaidh an
oibrigh sin. Mar sin ní ón bhflaitheamhnas tig stiúradh na
ngníomhartha daonna acht ón toil shaoir agus ón gcúram diadha.
Uime sin ní féidir leis an bhflaitheamhnas iná leis (na) rédlannuibh
bheith 'na ndia iná 'na ndée; óir mar as é Dia as cédchúis do na
huilibh, as uaidhe féin atá 'na chúis aca agus ní go teagmhaisioch.



Acht do bhrígh go measuid iomad daoine go bhfuil anam isna
corpuibh neamhdha, adeirid nach n-oibrigheann an flaitheamhnas
annar ttuigse uaithe féin go díreach, acht an mhéid go ngluaistear
ar ttuigse léna hanam, óna bhfuil bríogh agus neart aice oibriughadh
annar n-anmannuibh-ne. Foillseócham fós go bhfuil so a bhfad
ón n-uile résún. Óir ní féidir an ní dochum nach roicheann
gníomh na hionnstrumuinte do dhénamh leis an ionnstrumuint.
Ní roicheann ámh gníomh an choirp claochlódh nó malairt na
tuigse iná na toile acht go teagmhaisioch. Ar an adhbhar sin
ní féidir le hanam an choirp neamhdha - madh atá anam aige -
oibriughadh isan tuigse agus isan toil re gluasacht a choirp.



Arís, dá n-oibrigheadh an t-anam neamhdha ní ar bith annar
n-anmannuibh-ne ré gluasacht na gcorp, níorbh fhéidir an t-oibriughadh
sin do theacht go soiche ar n-anam-ne acht re claochlódh
ar gcoirp; óir ní oibrigheann acht tré mheadhón an chuirp. Ar an
adhbhar sin ní hé as cúis dár ngníomharthuibh acht amháin go
teagmhaisioch, do bhrígh go ndéntar ní do láthair don tuigse,
(trésan gcédfadh) madh olc maith é, tré bhríogh na gcorp neamhdha,
iar gclaochlódh ar gcorp-ne, nó corp nádúrtha eile, ghluaisios an toil
dochum na maithe do leanmhuin agus dochum an oilc do sheachna.
Gidheadh, as go saor do-ní an toil sin; óir an mhéid go mbean
ré freacar an ghníomha, atá ar cumas na toile a ghabháil nó a
dhiúltamh; agus an mhéid go mbean ré gné an ghníomha, as féidir


L. 193


lé an mhaith curthar ós a comhair ré brígh na gcorp neamhdha
do leanmhuin nó do sheachna, an tan nach éidir leis an maith
sin bheith acht 'na maith chorpardha nó uathach. Agus dá mbeith
fós 'na maith choitchinn, atá an toil saor ré smuaineadh air nó
gan smuaineadh. As ar follas gurab é an duine as maighistir
ar a ghníomharthuibh féin agus nach ón bhflaitheamhnas tig stiúradh
na beathadh daonna. Ar an adhbhar si ní Dia an flaitheamhnas
iná anam flaitheamhnuis, do bhrígh gurab cúis uaidhe féin Dia;
uime sin as díomhaoin an t-adhradh beirthear don ghréin, don
ghealaigh, do na rédlannuibh, nó do na créatúiribh eile. Óir
as ar son an duine do-rinneadh iad sin agus na huile choirp eile. Agus
mar sin ní cóir dhó neithe as ísle agus as anuaisle iná é féin d'adhradh.
As ar follas díomhaoineas luicht sgrúdtha na rédlann, mheasas
stiúradh na neithe daonna sa do mhaoidheamh ar an bhflaitheamhnas,
agus réar mian gníomhartha na ndaoineadh do riaghladh
as coimhéd na rédlann.



Arís, atá dream eile don mhuinntir si as mó as críostaidhthe
ó ainm iná ó ghníomh thairgeas díomhaoineas na healadhna sa
na nélladóireachta d'fholach ré fáithleithsgéluibh, ag rádha
gurab fíor nach bhfuil an tuigse iná an toil shaor fá stiúradh
an fhlaitheamhnuis go díreach acht fá riaghladh Dé amháin;
ar a shon sin, do bhrígh go bhfuilid go teagmhaisioch fá chumas
an fhlaitheamhnais agus gurab í an chuid chédfadhach nach mór
leanuid na huile dhaoine, measuid go baoth go rémhfhaicid féin na
neithe atá ré teacht, agus gur féidir leó féin leigheas do thabhairt do
na daoinibh ré seachónuid na hoilc atá chugtha, agus mar sin aradhna
na neithe daonna do stiúradh. Óir adeirid gurab tré oibriughadh
an fhlaitheamhnuis stiúras Dia na neithe íochtaracha sa an tan
oibrigheas isna dara cúisibh. Gidheadh, as mór do mealladh iad
isan daillbhreitheamhnas so, óir as é ní do-níd, an t-adhradh
dleaghar do mhórdhacht Dé do thabhairt do na créatúiribh, agus ar
mealladh na ndaoine réna -asarlaigheacht diabluidhe, tairgid
nísa mhó do ghéilleamh agus d'onóir do thabhairt don fhlaitheamhnas
iná don Choimdhe chomhachtach, ag meas nach déntar ní ar bith
acht ré congnamh agus ré cumas an fhlaitheamhnuis, agus, nías measa
iná sin, go ttairgid an seachrán diablaidhe sin do chur a n-umhail
do na daoinibh eile.



As maith an comhardha ar dhíomhaoineas agus ar dhíth céille
na nélladóireachta agus ar nach fiú í ainm ealadhna iná ceirde do
thabhairt uirre gur mheasad na feallsaimh oirdhearca gur mhó


L. 194


bá cúis mhagaidh nó fanámhuid í iná cúis ar cóir tráchtadh;
do bhrígh an tan do thráchtsad ar gach uile chuid don fheallsa nár
bheanadar leis an nélladóireacht. Agus bíodh gur sgríobh Pláto
agus Aristotel go rodhúthrachtach ar fhlaitheamhnas agus ar na
rédlannuibh, ar a shon sin ní bhfuil énfhocal ar feadh a leabhar ar
réimhfhios na neithe atá re teacht. Ní go deimhin nach léigfedís
lucht grionnsgrúdtha na nádúire tharsa dá mbeith a fhios aca gomadh
éidir leó ar énmhodh teacht anna eólas. Agus ní hé sin amháin acht
cruthaighidh Aristotel agus na feallsaimh oirdhearca eile nach
féidir eólas iná ealadha d'fhagháil ar an mbeith chinneamhnaigh,
ar an gcinneamhuin, ar an bhfortún iná ar na neithibh teagmhaisiocha
atá re teacht, ar a ttráchtann do ghnáth an fháidhnélladóireacht
sa, do bhrígh nach bhfuil cúisi cinnte aca acht
cúisi neimhchinnte agus doichríochnaigh.



Arís, as annsa ní féin nó anna chúis haitheantar na neithe
atá ré teacht. Gidheadh, ní féidir dhúinne na neithe teagmhaisiocha
atá ré teacht d'aithne anna gcúis iná inntibh féin
an tan nach bhfuilid ann go fóill. Óir as uime adeirthear a
mbeith teagmhaisioch, do bhrígh gurab féidir léna gcúis go saor a
ttabhairt dochum soluis nó gan a ttabhairt, go mórmhór na neithe
atá ar chumas na toile saoire. Leanaidh ar an adhbhar sin nach
féidir dhúinn ar aonmhodh a bhfios do bheith aguinn.



Arís, bíodh gomadh éidir ar mhodh éigin fios na neithe atá
ré teacht go teagmhaisioch d'fhagháil, do bhrígh gurab í an
fhlaitheamhnas as cúis ollradhach nó comhchoitchionn do na
héifeachtuibh íochtaracha sa (agus ní as fios na rédlann, mar
adeirid go leamh na nélladóireadha). Gidheadh, do réir mar
admhaid na huile fheallsaimh, ní féidir dúinn fios fíre éifeachta
speisialta ar bith d'fhághuil go cinnte as breathnughadh na
cúisi coitchinne. As uime sin nach dearcuid na leagha eólgasacha,
ag cuartughadh chúise na n-easláinteadh, ar ghluasachtuibh
na gealaighe nó na bpláinéd amháin, acht nísa mhó ar
ullmhughadh an choirp, ar na cúisibh speisialta agus fogasa óna
ttig beagnach do ghnáth na héifeachta sin. Ar an adhbhar sin
ní bhfuil acht díomhaoineas, díth céille agus seachrán fádha a
réimhfhios na neithe teagmhaisiocha atá ré teacht go neimhchinnte,
nó atá ar chumas na toile saoire, nó chúisi eile nach


L. 195


bhfuil cinnte ar cheachtar don dá thaoibh, agus as féidir do thoirmeasg
nó do mhalairt ar mhodhuibh dofhaisnéidhe, d'fhagháil
as maodhughadh na rédlann.



Arís, as uras dúinn an ní adeirid na nélladóireadha do shénamh,
.i. cáilidheachta égsamhla do bheith díleas ag cotuibh égsamhla
an fhlaitheamhnuis agus bríogha égsamhla contrárdha dá chéile
do bheith innte. Óir as eadh adeir an chuid as ordhraice do na
feallsuimh, do thairg ré hiomad saothair agus díthchill dísligheachta
an fhlaitheamhnuis do lorgaireacht, nach n-oibrigheann sí isna
neithibh íochtaracha sa acht réna solas agus réna gluasacht, .i.
réna solas mar cháilidheacht díleas atá sgartha ar feadh an
fhlaitheamhnuis go hiomlán, agus réna gluasacht, an mhéid gurab
í an ghluasacht sin as ionnstrumuint don chédoibrighidh nó
don chédchúis, nach n-oibrigheann muna ngluaistear í leis an
oibrighe phrionnsapálta. Measuid as so égsamhlacht na neithe
theagmhas fá spéir na gealaighe do fhrémhughadh ó dhá ní:
ar tús, ó égsamhlacht ghluasachta agus soluis an fhlaitheamhnuis;
arís, ó adhbhar égsamhuil agus ó ullmhughadh na n-oibrigheach
n-aonaránach nó speisialta. Gidheadh, ní lór sin dochum na
n-éifeacht féin d'aithne, do bhrígh nach bhfuil an solas iná an
ghluasacht acht 'na gcúise coitchionna agus nach mó iná égsamhlacht
choitchionn nó dhorcha na n-éifeacht chiallaigheas a n-égsamhlacht-san.
Ar an adhbhar sin as riachtanas eólas na ngníomhach
speisialta agus ullmhughadh an adhbhair d'fhagháil. Agus fós iar
bhfagháil a bhfeasa sin, ní bá léir dhúinn na héifeachta teagmhaisiocha
atá ré teacht, go mórmhór atá fá chumas na toile
saoire; féch an lugha iná sin as eólas na rédlann?



Arís, bíodh go mbeithdís dísligheachta égsamhla isan bhflaitheamhnas,
ar a shon sin nírbh fhéidir leis na nélladóireadhuibh
fios na neithe teagmhaisiocha atá ré teacht d'fhághuil as sin,
do bhrígh an tan go bhfuilid cúisi speisialta na n-éifeacht a
bhfogas, ní bhfuil dá fhad dá bhfuilid ón éifeacht chédna nach
móide atáid 'na ccúise coitchionna. Ar an adhbhar sin ó as faide
an flaitheamhnas agus na rédlanna ó na neithibh íochtaracha sa iná
na dúile agus na cúise nádúrtha íochtaracha, as follas gurab coitchinne
mar chúise na cáilidheachta égsamhla sa an fhlaitheamhnais
iná na cáilidheachta atá faoi an bhflaitheamhnas.
Gidheadh, ní féidir linn teacht a n-eólas na n-éifeacht


L. 196


speisialta as breathnughadh na gcúise coitchionna amháin atá
faoi an bhflaitheamhnas. Óir ní féidir linn fios geineamhna an
duine so nó an chrainn si d'fhagháil as bríogh gheineamhnach na
n-ainmhinnteadh nó as bríogh dhúileamhanta na teine; ar an
adhbhar sin as lugha iná sin as féidir dhúinn breitheamhnas
do thabhairt ar na neithibh teaghmhaisiocha atá ré teacht as
eólas an fhlaitheamhnuis nó na rédlann.



Arís, dá ndeónaighemís bríogha na rédlann bheith 'na gcúisi
nías speisialta iná bríogha na ndúileamh agus na ccúise atá arna
n-iadhadh faoi an spéir, ar a shon sin as roidhíomhaoin an
nélladóireacht, do bhrígh gurab doidhénta do na daoinibh
eólas bríogha na rédlann d'fhagháil an tan go bhfuilid (a bhfad)
ón ccédfadh, óna ttionnsguin ar n-uile eólas. Agus as maith an
comhardha ar sin, mar adubhramar cheana, go rabhadar na
bríogha sa 'na n-ainbhfios ar na feallsuimh dob ordhraice dá
ttáinic riamh. Agus ní headh sin amháin acht níorbh fhéidir leó
theacht a n-eólas cháilidheacht agus eidirdhealughadh fíre iliomad
neithe dá bhfuil faoi an bhflaitheamhnas agus ghlacmuid ré ar
lámhuibh go laéthamhuil. Féch an lugha iná sin as féidir leis
na nélladóireadhuibh theacht a n-eólas bríogha agus cháilidheacht
na rédlann atá go doichríochnuigh a bhfad ó ar ccédfadhuibh,
an tan nach bhfuilid ionchomórtuis a n-inntleacht iná a n-eólas
leis na feallsuimh ordhraice úd? Arís, do bhrígh dá bhfaghdaois
eólas ar na bríoghuibh agus ar na cáilidheachtuibh úd, níorbh
fhéidir leó uaill do dhénamh as a nélladóireacht dhíomhaoin, ar
an adhbhar nach féidir do na cúisibh speisialta atá faoi an
bhflaitheamhnas bheith gan fáth, óir ní bhfuil ní ar bith díomhaoin
asna neithibh nádúrtha. Mar sin madh ruinntear na cáilidheachta
speisialta isan bhflaitheamhnas agus gach cáilidheacht do bheith
cinnte dochum éifeicht ar leith, mar atá cáilidheacht ar leith
dochum an duine do gheineamhuin, agus cáilidheacht eile dochum
na bó, as éigin annsin a admháil nach mó iná bríogh amháin
atá ag na cúisibh atá faoi an bhflaitheamhnas an t-adhbhar
do ullmhughadh, agus gurab iad bríogha na rédlann thairngeas
foirm isan adhbhar. Madh as mar sin atá, ní lór don nélladóir
dearcadh ar an bhflaitheamhnas, do bhrígh go ttairngthear
foirme égsamhla isan adhbhar do réir égsamhlacht an ullmhaigh
bhíos air. Óir muna bhfuil an t-adhbhar ullamh ní féidir lé
bríogh na cúisi nádúrtha do tharruing ann. Agus an tan gur féidir


L. 197


ullmhughadh an adhbhair do thoirmeasg ar iomad do mhodhuibh,
gan chonntabhairt ní bá féidir leis an nélladóir eólas ar bith
d'fhagháil ar na héifeachtuibh speisialta atá ré teacht go teagmhaisioch
as radharc na spéire amháin. Óir madh dhearcann
ar an rédlainn agá bhfuil bríogh chinnte na caora do gheineamhain
as an bhfíneamhuin, as cinnte gur féidir lé hiomad neithe an
t-éifeacht sa do thoirmeasg, mar atá drochullmhughadh an
adhbhair, nó daoine nó áirnéis dá milleadh, nó comhoibriughadh
rédlainne eile dobhéradh iomad uisge nó tiormaigh lé. Ar an
adhbhar sin madh as mar sin atá an chúis isna neithibh nádúrtha,
as mó iná sin bhús fallsa neimhchinnte breitheamhnas an nélladóir
ar na neithibh bheanas leis an toil shaoir atá sochlaochlaidhthe
somhalartach ar mhodhuibh dofhaisnéidhe.



Agas mar sin as follas (nach fá chumas) an fhlaitheamhnuis
iná na rédlann atá stiúradh na ndaoineadh; nó madh atá ar
énmhodh, nach mó iná go teagmhaisioch, agus sin féin an mhéid
go bhfrémhuid ón gcúis choitchinn. Agus an tan go malartar go
laethamhuil opinion agus álgas na ndaoineadh leis an toil shaoir
agus lé teagmhais doichríochnaigh na neithe, agus go bhfilltear na daoine
go meinic óna gclaonadh agus ón rún bhíos fúthaibh, as roidhíomhaoin
agus as cúis mhagaidh a rádha go mbeith an bheatha dhaonna
arna stiúradh ré coimhéd na rédlann, go mórmhór do bhrígh
go bhfuil an ealadha sa na nélladóireachta - madh as ceart
ealadha do thabhairt uirre - 'na suidhe ar fhonndamuinntibh
fallsa fírneimhchinnte.



Acht do bhrígh nach bean lé ar ccúis anois cathughadh a
n-aghaidh an díomhaoinis si, as lór dhúinn an mhéid si do labhairt
air. Óir as lór dhúinn a chruthughadh gurab fallsa díomhaoin
gach adhradh dár fríth agus dár féidir d'fhagháil don
fhlaitheamhnas agus do na rédlannuibh. Do sgríobh ámh iarla ordhraic
ó intleacht agus ó ealadhuin darbh ainm Ioannes Picus Mirandulanus
coimhgérchúisioch agus comhfoghlamtha agus sin a n-aghaidh na
healadhna sa na nélladóireacht gurab follas dá gach aon léighfios
a leabhar nach bhfuil acht cúis fochuidmhe agus fanámhuid isan
nélladóireacht.


L. 198


GURAB É CREIDEAMH NA N-IODHALADHARTHACH
SECHT AS DÍOMHAOINE DO NA HUILIBH.



Caib. 4.



Do fhoillsigheamar creideamh na bhfeallsamh, do mheas Dia,
.i. an chédchúis, d'adhradh, nach eadh amháin nach lór é
dochum ar slánaighthe acht fós go bhfuil lán d'ainbhfios agas
d'earráid, agus go bhfuil mar an gcédna an t-adhradh beirthear
do na corpaibh neamhdha díomhaoin díthchéilligh; féch nach
mó agus sin atá an t-adhradh beirthear do na hiodhaluibh, do
dhealbhuibh cloch nó crann nó daoineadh nó ainmhinnteadh,
iondamanta agus 'na dhíol fochuidmhe, magaidh agus fonámhuid?
Agus ní mheasuim gur riachtanas dúinn duadh iná saothar do
ghlacadh ré so do thaisbénamh, an tan go bhfuil follas don
n-uile dhuine agá bhfuil a bheag do chéill nó do chríonnacht nach
bhfuil leimhe as mó iná nías faide ó résún iná clocha, crainn nó
neithe marbha domhothaighthe d'adhradh. Agus do bhrígh nach
riachtanas cathughadh a n-aghaidh gach neithe dhíobh fá leith,
laibheóram ar na neithibh agá bhfuil sórt éigin cruthamhlacht.
Óir measmaoid nach bhfuil buile nó mire as mó iná dealbha
bodhra balbha d'adhradh.



Acht do bhrígh go n-abruid an mhuinntir thairgeas leisgél
na meire so do ghabháil nach iad na neithe gan anam adhruid
féin acht na dée chomhnuigheas ionnta, agus do-bheir freagra
uatha, nó thaissealbhuid, amhuil adhramaoidne, na críostaidhthe,
íomháigh Chríost agus na naomh, foillseócham fós gurab mallaighthe
coirbthe crosta an t-adhradh tugthar leis na hiodhaladharthuibh
do na substainntibh deaghuilte, ionnas tar (éis) gur labhramar
ar na himlibh, go ttráchtmaois ar na meadhónuibh. Óir atáid
substainnteadha deaghuilte go meadhónach eidir Dhia agas
an flaitheamhnas.



Do chéidneithibh, tuig nach eadh amháin (do réir mar do
chruthaigheamar thuas) nach éidir toil an duine do ghluasacht
leis an bhflaitheamhnas, iná léna hanam, réna congnamh féin,
acht fós iná le substaint dheaghuilte, nó lé créatúir spioratálta
dá uaisle, acht lé Dia amháin, ar mhodh gníomhaigh. As


L. 199


amhlaidh tuigthear ní do ghluasacht ré ní oile ar mhodh gníomhaigh,
an tan gluaistear uaidhe é amhuil ó thosach fhoirimleach.
Mar sin adeirmíd nach éidir an toil do ghluasacht ó thosach
fhoirimleach ar bith acht ó Dhia amháin, bíodh gurab éidir
lé mórán do neithibh a gluasacht ar mhodh críche nó cosbóir.
Óir as éidir lé mórán do neithibh corpardha agus spioradálta an
toil do ghluasacht leis an maith nó an t-olc do thaisbénadh dhí,
ar a shon (sin) ní chaill an toil go bráth a saoirsi acht bí do
shíor 'na baintighearna ar a gníomharthuibh féin. Agus ní mó iná
ar mhodh críche atá an ghluasacht sin féin, ar mhodh nach
cúis í go díleas acht ócáid do thogha na tola. As follas ámh
nach éidir lé ní ar bith an toil do ghluasacht ar mhodh gníomhaigh
acht lé Dia amháin, ar an adhbhar amhuil agus atá a chlaonadh nó
a álgas nádúrtha dochum a chríche dísle féin (san ní gan anam),
mar an gcédna atá a claonadh agus a hálgas tuigsioch féin ag an toil
dochum a críche dísle féin isan tsubstaint thuigsigh. Gidheadh,
as leis an tí amháin do chum nó do-righne an nádúir as éidir
claonadh nádúrtha do thabhairt uadha. As uime sin do chruthaigheadar
na feallsaimh go ngluaistear na neithe troma agus édtroma
leis an ní gheineas iad. Ar an adhbhar sin as leis an tí amháin as
cúis don nádúir thuigsigh bheanas an toil do ghluasacht dochum
neithe éigin ar mhodh gníomhaigh. As é Dia ámh as cúis don
nádúir thuigsigh, do bhrígh nach as comhachta an adhbhair
tig an t-anam tuigsioch acht óna chruthughadh amháin. Ar
an adhbhar ó as ionann ní do chruthughadh agus a dhénamh do
neimhní, ní mó iná lé comhachta doichríochnaighthe as éidir a
dhénamh, agus as é sin Dia, do-bheir ní headh amháin bríogh agus
comhachta do na neithibh acht fós ruinneas oibriughadh orra.
Amhuil iomorró agus geibhthear ord isna neithibh corpardha, mar
an ccédna geibhthear ord as foirbhthe iná sin go mór isna neithibh
spioradálta. Gidheadh, as ón gcédghluasacht tig an n-uile
ghluasacht isna neithibh corpardha; ar an adhbhar sin as ón
gcédthoil, .i. ó Dhia, tig uile ghluasacht na tola isna neithibh
spioratálta. As ar follas gurab ó Dhia gluaistear an toil ar mhodh
gníomhaigh agus críche; óir as éidir leis a gluasacht ar mhodh
gníomhaigh go neimhmheadhónach, agus a gluasacht go meadhónach
agus go neimhmheadhónach ar mhodh críche. Ciabé dhíobh sin
modh ar a ngluaisionn í, as cinnte nach go haimhdheónach
ghluaisios, ar an adhbhar gurab do réir claonaidh nádúrtha a


L. 200


fhoirme ghluaisios Dia gach ní. Ar an adhbhar sin as follas gurab
é Dia amháin, as tosach amháin don n-uile thoil, as gluaisteóir agus
as stiúraightheóir don chruinne dhomhanda, as cóir d'adhradh
leis an adhradh as díleas dá mhórdhacht féin, dá ngoirthear latria.
Óir bíodh gurab díol onóra agus reverens na créatúireadha eile, an
mhéid go rannphártaighid do chosmhuileacht na diadhachta, as
cédchúis do na huilibh, ní cóir ar aonchor adhradh latria, as díleas
do Dhia amháin, do thabhairt dháibh. Mar sin ní ceadaightheach
sacrafís do dhénamh dháibh iná túis do losgadh acht do Dhia
amháin, dá ttugann an creideamh críostaidhe adhradh latria;
bíodh go n-onóraidh cuimhne na n-aingeal agus na naomh ag
moladh Dé ina naomhuibh, ag tabhairt altughadh buídhe dhó
fá mar do dháil go búidh beannaighthe a samhuil sin agus a gcommór
do thromthabhartasuibh dá chréutúiribh féin. Agus ní thugann
onóir do na naomhuibh mar dhéibh acht mar cháirdibh Dé, ag
iarraidh a gconganta, ionnas go n-eadarghuidhedís Dia ar ar
son, agus go bhfaghdaois dúinn uadha an ní nach éidir linn d'fhagháil
ré ar luaighidheacht féin. Agus mar sin ní hindiommolta Dia go
mórmhór do adhradh ar an modh so, agus onóir do thabhairt do
na substaintibh beannaighthe deaghuilte, acht as naomhtha
ceart lé dénamh. Gidheadh, as roi-égcosmhuil leis so do-níd
lucht adhartha na n-iodhal. Óir as cinnte go n-ofráildís sácrafíseadha
égsamhla d'iodhaluibh égsamhla agus go n-iarrdaois fios
na neithe atá ré teacht orra; ní bheanas ré Dia amháin.



Acht dob éidir go bhfreagóradh neach éigin ag rádha, bíodh go
n-ofráildís na sácrafíseadha sin do dhéibh égsamhla, gurab ar
Dhia amháin do fhilldís a n-úidh agus a n-inntinn, ionnas go moladaois
agus go n-adhradaois Dia isan tsubstaint spioradálta thaissealbhas
an dealbh sin bhíd d'adhradh. Agus dá n-admhamaois so
féin, bíodh go bhfuil 'na ainbhfeas ar iomadamhlacht na
bpobal n-ainbhfeasach, ar a shon sin ní bá éidir leó leisgél an
iodhaladhraidh do ghabháil nach bhfuil díomhaoineach urchóideach,
ar an adhbhar go ndiongnadaois iliomad do neithibh
díomhaoine ba cúis sgige, agus dobhí contráir do dheighbhésuibh,
in gach gnás agus gach ceirimonias dá gcleachtdaois a ttimcheall
an adhraidh sin. Agus dá ttairgdís a aithfear sin do thabhairt ar olc
na ndrochdhaoineadh mallaighthe thruailligheas an t-adhradh,


L. 201


ní éidir gan brég fhollas do chur 'na leith, ar an adhbhar go raibhe
an gnás sin dá choimhéd ar feadh an domhain fós ag daoinibh
móra.



Acht bíodh go n-aidmheóchamaois an ní so féin, ní héidir leó
a chosnamh ar énchor gurab deighspiorada na spiorada do
adhradaois acht spiorada adhuathmhara deamhnuidhe. Agus mar
sin do-bheirdís a n-adhradh d'inntleachtuibh neamhordaighthe,
contrárdha do Dhia, ann nárbh éidir Dia d'onórughadh iná
d'adhradh. Mar as uras d'fhoillsiughadh lé hiomad do résúnaibh.
Ar tús, do bhrígh go mbean leis an tuigse chruthaighthe ordaighthe
ní headh amháin í féin d'ullmhughadh dochum a cúisi agus
onóir do thabhairt dá cúis acht fós na tuigseadha eile do
dhíriughadh chuige sin do dhénamh, ionnas go bhfaghadh Dia
glóir in gach ní, ó as é do-ní na huile isna huilibh. Acht bíodh
go ttiobhradaois a samhuil sin do spioraduibh iomad freagradh
uatha, ar a shon sin níor theagaisgsiod ariamh an t-ord díreach
ar a ttiobhradh neach a bheatha suas go ceart, iná an t-adhradh
fíre as dleacht do Dhia, acht a chontráir, nó go háiridhe ag
fulang dhroichbhés go lúthgháireach agas (ag) iarraidh dháibh
féin na honóra bá dleacht do Dhia, ionnas go raibh an saoghal
go hiomlán ar báthadh a n-aibhéis na seachrán, agus nach mór go
raibh a bheag d'eólas ar Dhia.



Arís, ní bhean leis na deighspioraduibh an fuath iná an t-easccáirdeas
d'oileamhuin iná do chaomhna, iná droichghníomhartha
do dhénamh, iná a samhuil sin d'olcuibh do mhúnadh do na
daoinibh. Gidheadh, do iomchradaois na dée úd cuinntinn,
ceannairrge, cogtha, naomhathais, agus gach col dá ghráineamhla do
fhreacar 'na measg, agus iomad olc eile rothruaillighthe nach seanmóradaois
bheith fallsa, ag gabháil ag ainbhfios na ndaoineadh;
agus ní mó dobhíodh gráin aca ar na neithibh nárbh éidir lé deaghdhuine
ar bith do chlos gan gráin agus uathbhás dá ghlacadh,
ionnas go ttairngedís na daoine léna sompla básaightheach go
seachrán romhallaighthe.



Mar an gcédna dá mbeith nach beith dúil ar bith iná taithneamh
ag Dia a n-énadhradh ar a shon féin acht ar ar soin-ne,
ionnas go ndéntaoi foirbhthe beannaighthe sind (Dia iomorro
atá foirbhthe don n-uile thaoibh, ní bhfuil riachtanas aige ré
ar maith-ne), as cóir dá gach tuigse ordaighthe dá bhfuil faoi


L. 202


Dhia, ionnas go ccuireadh í féin a n-oireamhuin dá hughdar, an
mhaith chédna do shanntughadh don uile dhuine. Uime sin dámadh
spiorada maithe dée na n-iodhaladharthach, do thairgfedís na
daoine do dhénamh cosmhuil leó féin a bhfoirbhtheacht. Óir iomlánaidh
agus foirbhthighidh gach uile chúis, an mhéid gurab éidir lé,
tréna maith agus na foirbhtheacht, an t-éifeacht geintear uaithe, agus
iarraidh gach ní foirbhthe (gach) ní oile do dhénamh cosmhuil
leis féin. Beanaidh ámh go mórmhór ré foirbhtheacht an duine
fios agus eólas na neithe ndiadha. Uime sin bá cóir do na spioraduibh
maithe, trésan bhfios do-bheirdís uatha, na daoine do threórughadh
go heólas foirbhthe na neithe diadha, agus a mhúnadh
do na huilibh an t-aoinDia fíre, ó bhfuilid na huile, do ghuidhe,
do ghrádhughadh agus d'iarraidh; ní nach dearnadar ar énchor.
Acht sul táinic Críost dobhí an chruinne dhomhanda 'na suidhe i
gceó roithiugh na bpeacadh agus an ainbhfis, go mórmhór arna
múchadh a ndorchadas agus a sgáile an bháis ó eólas na neithe
diadha, do bhrígh, an mhéid gurbh éidir leis na déibh úd, do
thairngiodar na daoine ré iomad díomhaoineas agus brég ón Dia
fíre; agus as mó go mór léighmíd do theagasg ar an airdDia fíre
forórdha, ar na deighbhésuibh agus ar na neithibh bheanas leis an
mbeathaidh bheannaighthe, i sgoltaibh na bhfeallsamh, .i.
Phitagorais, Socrateis, Plato agus Aristotel, iná i
tteampluibh na ndéeadh; agus dob ordhraice agus dob fhearr na
feallsaimh do-geibhthí do-níodh neamhshuim do na neithibh sin iná na
dée sin agus a sagarta, dobhíodh do shíor ag tabhairt aire don
mhire dhíthchéillidhe sin.



Arís, dá mbeithdís 'na ndeighspiorada, do-dhéindís na daoine
nísa chinnte don tsén agus don ghlóir shíordhuidhe iná do-righneadar;
agus do thaisbénadaois an chríoch fhíre dháibh agus na
subháilceadha tré a tteagar gusan tsén agus gusan nglóir suthain
do na daoinibh, dobhí rochúramach, lán do chathughadh fá
chonntabhairt an tséin sin agus na glóire. Óir as d'fhiachuibh an
deighspiorad ar a mbí cúram agus coimhéd an duine críoch na
beatha daonna do mhúnadh dhó maraon leis na meadhónuibh
agus leis na slighthibh tré a tteagar go Dia; nó nó bá roidhíomhaoin
a stiúradh. Óir madh do-ní an deaghdhuine féin an ní so, nach
mó iná sin as cóir don deighspiorad a dhénamh? Acht gidheadh,
ní dhearnadar na spiorada úd an ní so, acht do líonadar croidhthe
na ndaoine do chathughadh agus do chonntabhairt, ar mhodh go


L. 203


raibh an chríoch fhíre agus na meadhóin threóraigheas chuice 'na
n-ainbhfios go hiomlán ar na daoinibh ria seanmóir agus ria tteacht
Chríost, tug solas ar an bhfírinne do na huilibh.



Mar an gcédna ní bhfuil an deighspiorad brégach agus ní mheallann
na daoine, do bhrígh gurab uilc do shíor an bhrég agus an mhealltóireacht.
Acht as iomdha brég adubhradar na spiorada úd
ina bhfreagarthuibh, agus as iomdha fós comhráidhte conntabhartha
neimhchinnte do-righneadar, agus mar sin as roimhinic do mheallsad
na daoine. Ós a chionn sin an tan gur fhoillsigheamar cheana
gurab lé Dia, agá bhfuil fios na n-uile ón tsíordhuidheacht,
bheanas réimhfhios na neithe teagmhaisioch atá ré teacht,
dámadh spiorada maithe iad súd, ní ghlacadaois dáibh féin
ar énchor an ní as díleas do Dhia amháin. Óir ní dhubhradar, ar
nós (na) bhfáidheadh, ag so adeir an Tighearna, acht as dóibh
féin do shealbhadaois réimhfhios na neithe nach ttáinig. Agus an
tan do thairgdís a thaisbénadh a mbeith réimhfheasach ar na
neithibh sin, ní headh amháin go ndéindís égcóir ar an mórdhacht
diadha ag filleadh na glóire bá dleacht di orra féin, acht fós do
mhúchadaois na daoine a ngoire guairtill na n-ainbhfeas, asarluigheachta
agus piseógadh an tan do chuirdís fá-deara ar na
daoinibh dhul ar mire tré fhios díomhaoin do-gheibhdís as
inneadh na n-ainmhinnteadh, ar a ndéntaoi sacrafís dóibh, nó
as glór nó eitiol én, nó a samhuil sin do neithibh díthchéillidhe;
neithe go deimhin ar a ccuirfedís deighspiorada toirmeasg. As
uras iomorro dá gach duine céillidhe ainbhfeas, earráid, urchóid
agus díomhaoineas na neithe si do thuigsin. Mar an gcédna do
bhíodh fabhar ag na déibh sin ris an draoidheacht, anna ndéntar
adhaltrannas agus dúnmharbhadh na neimhchiontach, a bhfaghuid
drochdhaoine caomhna agus cumairce, agus anna ndéntar iomad
mealltóireacht agus neithe oile roghráineamhla, ar a mbí gráin agus
fuath ag deaghdhaoinibh subháilctheacha. As ar éidir a dhearbhadh
gur dhroichspiorada iad súd.



Arís, ní bhí dúil ná taithneamh ag deighspiorad ar bioth a
gcruadháil; gidheadh, ní headh (amháin) go n-iarrdaois na
spiorada úd fuil bheathadhach mbrúideamhuil d'ofráil dáibh
féin ina sácrafísibh acht fós fuil dhaoineadh neimhchionntach,
mar atá fuil bhuachall, chailíneadh agus ógh do dhortadh ré bás


L. 204


adhuathmhar do thabhairt dáibh; as ar marbhadh nuimhir
dho-áirimhthe neimhchiontach, ris na haithribh do dhénamh
sacrafís ar a gcloinn díleas féin. Cá bhfuil cruadáil as mó iná
an t-athair do bheith ag feólchasgairt a mheic nó a ingheine féin?
Ionnas, ar sgrios a tteampla, tar éis an tsoisgéil do sheanmóradh
leis na hapstaluibh, gur fríoth carn adhbhalmhór cnámh daoineadh
móra agus beaga dá gach cinél anna soiléruibh a bhfolach.
As comharrtha cinnte nár dhée iad acht deamhuin agus droichspiorada
dobhí ag tabhairt áir na ndaoineadh.



Dob éidir linn fós uilc dhoichríochnuigh táinic as adhradh
na n-iodhal d'áireamh; acht do bhrígh gur sgriosadh an seachrán
so as an domhan ar fad ré tiodhlaicthibh dofhaisnéidhe ar
tTighearna Íosa Críost, agus nach bhfuil 'na ainbhfeas ar aoinneach,
measmaoid gurab lór an beagán so do labhairt a n-aghaidh
an iodhaladhraidh, go mórmhór do bhrígh gur claoidheadh iad
go fairsing leis na haithribh rofhoghlamtha táinic romhuinn. Agus
fós dá mbeithdís súd 'na ndée nach ttiocfadh ré Críost, dobhí
'na dhuine, a n-adhradh agus a n-onóir do mhúchadh mar do-righne.



DO CHLAOIDH ASARLUIGHEACHTA AGUS AINCHRÍOSDAIDHEACHT
AN CHINIDH IÚDAIDHE.



Caib. 5.



Do-chuaidh as solas an résúin nádúrtha comhmór agus sin ria
tteacht Chríost, muna ttugadh ar tTighearna Íosa Críost féin
furtacht don domhan chaillte, as beag nach beithdís na huile
dhaoine nías broghaighe iná na beathadhaigh bhrúideamhla,
an mhéid go bhfuilid nísa mhailísighe do urchóidiughadh agus
nísa chlaoine agus nísa eólgasaighe ar iliomad peacadh n-égsamhuil
do dhénamh. Mar sin as follas an solas nádúrtha do bheith
ro-anbhfann rolag muna bhfaghaidh congnamh nó furtacht
ó ghrásuibh Dé. Acht do bhrígh go ndearnadar iliomad drochúsáid
do thiodhlacadh an tsoluis neamhdha, agus gurab iad na


L. 205


Iúdaidheadha as daingne chongbhas an seachrán so, tugam
aghaidh ar n-arm orra agus foillseócham nach bhfuil a reacht ná
a gcreideamh glacmhach ná taithneamhach ag Dia, acht go
bhfuil dochrach díoghbhálach, agus gur mó chosnaid é lé míonáire
mhailísigh agus lé dosmacht díthchéillidhe iná lé résún. Óir bíodh
go maoidhid go dána gurab ó Dhia dofuairsiod an Sein-Reacht,
ar a shon sin as díomhaoin an teagasg milltear agus truaillighthear
leis an drochthuigse chaim agus tarcuisnighthear leis an dobhuidheachas.
Acht do bhrígh gurab san Messias, .i. i gCríost, ré a
bhfuil súil aca do theacht, atá a n-uile dhóthchas, madh
thaisbénamaoid an Messias sin do theacht cheana, agus gurab é
Íosa Críost Nasarénach Mac Dé an tOngthach nó an Messias
fíre adhramaid agus onóramaid, ní ba éidir leó a shénadh gurab
ó Dhia atá ar gcreideamh agus gurab mór an t-ainbhfios agus an
seachrán atá orra féin. Bíodh iomorró gomadh lór do chruthughadh
na fírinne si na résúin tugamar dháibh isan dara leabhar
don obair si, do bhríogh munab é Íosa an tOngthach nó an Messias
fíre, cia an Messias oile as mó iná é as éidir d'fhághuil, an tan
nach éidir beatha as fearr iná reacht as naomhtha d'fhághuil
iná an bheatha agus an reacht do theaguisgsion? Ar a shon (sin)
dochum go ttollamaois iad réna saighdibh féin, do-bhéram a
sgrioptúireadha féin 'na n-aghaidh anuas, go hathchumair, do
bhrígh gur thráchtadar daoine rofhoghlamtha - sa leabhair
mhaireas anois san Eagluis - go dúthrachtach ar an gcúis si.
Agas bíodh gomadh córa dhúinn siobhal ré résún iná ré hughdarrás
isan gconnspóid so, ar a shon sin ní héidir linn résún do thabhairt
'na n-aghaidh as daingne agus as neartmhaire iná na sgrioptúireadha
dá gcreidid féin go neamhchonntabharthach do ghlacadh mar
fhonndamuint fhoirtill 'na n-aghaidh. Agus ní beag an tarbha
thiocfas do na díchreidmheachuibh asta madh thuigid gur
rémhaithrisiodh re tairngire chinnte an uiriod sin bliadhan
roimh ré gach fearta agus gach móirghníomh dá ndearna Críost.
Mar sin madh chuirmíd síos roimh ré poingc áiridhe admhas
an cineadh Iúdaidhe féin agus atá follas uatha féin, as uras dúinn a
chruthughadh gurab é Íosa Nasarénach do chrochadar na
Iúdaidhe an Messias agus an tOngthach fíre do thairrngireadar na
huile phátriarca agus fáidhe, agus do rémhchomharrthaigheadar ré
iomad rúindiamhradh, agus re a raibhe súil aca.


L. 206


Do chéidneithibh, as follas a measg na n-uile Eabhradhach
gur gheall Dia dháibh isan sgrioptúir naomhtha slánaightheóir agus
fáidh mór, ré a raibh súil aca bheith 'na rí orra; agus dobhí d'fhiachuibh
orra a éisdeacht agus umhlughadh dhó isan uile ní. Agus admhaid
féin go huilidhe d'aoinmhéin an ní so go soiche an lá aniodh, agus
atáid ag fuireach leis go bhfonn adhbhalmhór. Ionnas go
n-abair Maoise, Deuteron. 18, leis an bpobal: “Do-bhéra an
Tighearna Dia fáidh mar meisi dhuit dot chineadh féin agus dot
dhearbhbhráithribh; cluinfir é amhuil do iarruis ar do Dhia.”
Agus adeir an Tighearna lé Maoise go grod 'na dhiaidh sin: “Dúiseócha
meisi fáidh dáibh as lár a ndearbhbhráthar bhias cosmhuil leatsa;
cuirfiod mo bhriathra féin ina bhél agus laibheóra leó an mhéid
fhuaigeórad dó. Gé bé ámh dhiúltfas na briathra laibheóras
in m'ainm-si d'éisdeacht, do-dhénsa díoghaltas ann.”



As cinnte fós agus atá dearbhtha ag an ccineadh Iúdaidhe go
huilidhe gur tairngireadh cáilidheachta agus coinghiolla an Mhessias
nó Críost isna sgrioptúiribh naomhtha, a ndligheadh Maoise,
isna fáidhibh agus isna salmuibh, .i. cia an áit, cia an aimsir, agus cia
an treabh dá ngeinfidhe é, maraon leis an mbeathaidh, an
teagasg, agus gach ní dár chóir dhó do dhénamh, agus mórán oile
neithe bheanas leis an Messias amháin.



As follas mar an gcédna as leabhruibh dofhaisnéidhe go
nglacann sgrioptúir naomhtha an tSein-Reachta an míniughadh
sin, gurab d'Íosa Nasarénach do chrochadar na hEabhradhaigh
oireas na huile choinghiolla agus comharrthadha bheanas leis an
Messias fíre, ionnas nach bhfaghthar ní ar bith as dligheadh
Maoise, as na fáidhibh agus as na salmuibh nach tteagann go ro-oireamhnach
d'Íosa Críost. Agus ní headh amháin go n-oireann
go ro-uras agus go rothaithneamhach míniughadh agus ciall an tSein-Reachta
do phearsain Íosa Nasarénaigh, acht fós oirid go ro-oireamhnach
do na huile fheartuibh dá ndearnadh isan Eagluis
iar mbás Íosa, ar mhodh, muna mbeith a fhios go rabhadar na
fáidhe roisheana so ann, gurbh éidir leis na hEabhradhuibh atá
sgapthaidhthe ar feadh na cruinne conntabhairt do dhénamh
gurab iad na críostaidhthe do chum na neithe si, dochum a
ccreidimh féin do dhaingniughadh ré hughdarrás fallsa cumtha.


L. 207


Fiafraighim ar an adhbhar sin don chineadh Iúdaidhe, an é
Íosa an Méssias fíre nó nach é? Madh as é, créd an t-adhbhar
nach leanuid é agus nach ndénuid críostaidhthe dhíobh féin, an
tan go bhfuil d'fhiachuibh orra ó aithne Dé a éisteacht agus a
leanmhuin? Munab é Íosa an Messias fíre, tar éis gur gheall
Dia go ccuirfeadh duine ronaomhtha chugtha, sa choinghiolla do
chuir síos isan sgrioptúir naomhtha, agus gur fhógair do na huilibh
géilleamh dhó, cionnas 'na dhiaidh sin do fhulaing na neithe
si go hiomlán do choimhlíonadh a nduine oile? Óir munab
é Íosa an Messias ré a rabhadar ag fuireach go bhfonn comhmór
agus sin, as éigin go n-aidmheóchuid aon do thrí neithibh dhúinn:
óir nó ní raibhe a fhios ag Dia go raibhe an tÍosa (sa) ré teacht,
ann gcoimhlíonfaidhe gach ar tairrngireadh ar an Messias;
nó níorbh éidir leis a thoirmeasg, bíodh go raibhe a fhios aige;
nó madh dob éidir leis a thoirmeasg, níorbh áil leis sin do dhénamh.
Ciabé iomorro do na trí neithibh si chuirfid a leith Dé, ní héidir
nach biaidh meas luicht mórbhuile orra. Do bhrígh madh do
bhí a fhios so aige, agus gurbh éidir leis a thoirmeasg, créd an t-adhbhar
nárbh áil leis a thoirmeasg? An mealltóir ar na daoinibh
Dia? Go deimhin ní héidir achmhusán do thabhairt oruinne
na críostaidhthibh fán Íosa Nasarénach so as feartaighe
iná na huile do leanmhuin, an tan nach tteaguid ráidhte na
bhfáidheadh agus fioghrach an sgrioptúir naomhtha (d'aoinneach
eile), agus nach éidir leó teacht coimhfíre agus comhoireamhnach agus theaguid
d'Íosa. Agus munab é Íosa an Messias, as díomhaoin súil do
bheith léna aithearrach, an tan nach bhfuil acht leimhe mhór a
chreideamh gurab éidir neach cosmhuil leis d'fhághuil. Mar sin
cuartaighedís go hiochtmhar an Sein-Reacht agus fearta agus móirghníomhartha
Chríost agus a Eagluisi, agus féchdaois cad é an ní as mó as
éidir leó do thabhairt don Messias sin re a bhfuil súil aca nach
bhfaghthar nísa résúnta agus nísa iomláine a nÍosa Nasarénach,
bíodh go ttiucfadh an Messias nuadh sin, mar adeiridsean. Go
dearbhtha muna mbeithdís iar ccruadhughadh agus iar gcalcughadh
a bpeacadh an díchreidimh do thuigfedís gurab soilléire na neithe
si iná an solas.



Arís, an tan go ndeachaidh an aimsir thoruinn fada ó shoin
'gár tairngireadh teacht an Messias isan sgrioptúir naomhtha,
agus nach facas aoinneach taobh amuich do Chríost dá n-oirid


L. 208


coinghiolla agus cáilidheachta an Messias, cia chuirfeas a
gconntabhairt gurab é Íosa Nasarénach an Messias fíre? Óir nó atá
an sgrioptúir brégach, ní nach n-aidmheóchuid an cineadh
Iúdaidhe ar énchor, nó ar n-admháil an sgrioptúir, as éigin
mar an gcédna a admháil gurab é Íosa an Messias. As follas
iomorro aimsir an Messias do dhul thoruinn. Ar tús, atá an
tairngire ordhraic úd an phátriarc Iacóib dá dearbhadh, .i.
“Ní sgarfa colbh ríoghdha re Iúda iná treóraidhe re a shliasuid
go teacht an tí atá ionchurtha, agus as leis bhias fuireachas na
gcineadhach.” Nó, mar adeir an t-iompúgh Caldea, sa ughdarrás
as mór acasan, “nó go tteaga an Messias.” Gidheadh, as follas
anois gur sgar colbh ríoghdha ré Iúda agus treóraighe ré a
shliasuid.



Mar an gcédna léghthar san naomhadh caibidil ag Daniel fáidh
na briathra so, .i. “Do gearraigheadh seachtmhodhadh seachtmhuin
ar do phobal agus ar do chathair naomhtha, ionnas go gcurthaoi
deireadh leis an easumhla nó lé briseadh na n-aithneadh,
agus go nglacadh an peacadh críoch, agus go ttugthaoi an ceart síordhuidhe
isteach, agus go ccoimhlíontaoi an tarfás agus an fháidheadóireacht,
agus go n-ongthaoi Naomh na Naomh. Bíodh a fhios agad
dá bhrígh sin agus tabhair dot aire, ó thús do chomhráidh, ionnus
go n-athchurthaoi Ierusaleim suas arís go mbiaid seacht
seachtmhuine agus dhá sheachtmhuin agus trí fichid go soiche an
gcaiptín Críost. Agus arís cuirfidhear an chathair suas agus na ballaidhe
a gcruas na n-aimsior. Agus tar éis dhá sheachtmhuine agus trí fichid
báiseóchar Críost; agus ní bhiaidh an drong shénfas é mar phobal
aige; agus brisfe an pobal maraon leis an gcaiptín thiocfas, an
chathair agus an naoimhtheach, agus as sgrios as críoch dhi, agus tar éis
críche an chogaidh, an t-anródh ordaighthe. Daingneóchaidh
ámh a chonnradh do mhórán a n-aointseachtmhuin; agus rachaidh
as an iodhbairt agus as an tsacraifís a meadhón na seachtmhuine,
agus biaidh gráin anróidh an sgriosta isan teampall, agus mairfe
go buan an sgrios agus an t-anró sin go deireadh agus go crích.” Go
dearbhtha as uras dúinn a thuigsin as na briathruibh si gurab
é Íosa an tOngthach nó an Messias fíre; óir as rofhada ó do-chuadar
na seachtmhuineadha sin thoruinn, agus ní facas aoinneach
oile go fóill ar an saoghal dá n-oirid a samhuil so do bhriathruibh
acht madh Críost amháin. Óir as ionann seachtmhuin isan


L. 209


sgrioptúir naomhtha agus seacht mbliadhna, mar as follas, Leuitic.
23 agus 25. Mar sin iomlánuid an seachtmhodhad seachtmhuin
ceathra céd agus nóchad bliadhuin tánag eidir an fáidh Dainél agus
bás Chríost. Gidheadh, dámadh mian leis an gcineadh Iúdaidhe
an fháidh do ghlacadh seachtmhuine annso a gcéill oile seach
mar glacthar í ag Leuitico, as cóir a fhiafraighe dhíobh créd
an chiall oile thuigid as seachtmhuin. Agus ó nach éidir leó ní
cinnte ar bith do thabhairt anuas as an sgrioptúir, ní cóir meas
ná suim acht meas lag brégach do bheith ar éinní dá n-aibeóraid
nach bhfuil isan gcanóin. Do bhrígh dámadh atharrach céille
seach na céille gnáthaighe an sgrioptúir agus míniughadh choitchinn
na n-uile do bheith ag seachtmhuin isan áit so, agus nár
fhoillsigh Dainél sin, as díomhaoin do-rinneadh an rémháireadh
so na haimsire, an tan nach bhfuil sothuigse, agus fós do fhúicfeadh
ócáid fhollas seachráin agus ainbhfis ag lucht lorgaireachta na fírinne.
Acht do bhrígh go ndeachaidh an aimsir úd thoruinn, do réir
mhíniughadh dlisteanaigh agus tuigsiona an sgrioptúir naomhtha,
as éigin a rádha go ttánag Críost cheana. Agus ní éidir a rádha gur
fíor gur cóir súil do bheith ré Críost do theacht tar éis na seachtmhuineadha
sin; gidheadh, an uair inar cóir súil do bheith leis
'na ndiaidh do bheith neimhchinnte, ar an adhbhar nár thairngir
an fháidh ní cinnte ar bith mar sin ar a theacht, agus fós go
n-abair go follas: “Bíodh a fhios agad agus tabhair dot aire, ó thús
do chomhráidh, dochum Ierusalem do chur suas arís, go mbiaid
seacht seachtmhuine agus dhá sheachtmhuin agus seachtmhodhad go
soiche an caiptín Críost.” Agus beagán 'na dhiaidh sin adeir:
“Daingneóchaidh ámh a chonnradh do mhórán a n-aointseachtmhuin;
agus rachaidh as an iodhbairt agus as an tsacraifís a meadhón
na seachtmhuine.” Go dearbhtha ní héidir ciall an téxa so do
theacht nísa oireamhnuigh (d'aoinneach eile) iná do Chríost. As
ar follas gurab ar son Críost do-righneadh an sgrioptúir sin. Agus
muna mbeith an ní so 'na fhirinne, do-bhéradh Dia cúis seachráin
agus ainbhfis dúinn, an tan gur fhulaing an tairrngire úd do choimhlíonadh
go fíriomlán a nduine oile, agus gurbh éidir leis sin do
thoirmeasg.



Acht anois tráchtam ar mhíniughadh an sgrioptúir so. As
follas iomorro as a ndubhramar roimhe so gurab do sgrios an
ainbhfis agus an tseachráin táinic Íosa, agus do mhúnadh do na daoinibh


L. 210


a mbeatha do thabhairt suas go maith agus go beannaighthe; ní
do-righne tré sheanmóir na n-apstal. Mar sin as maith adeirthear
“seachtmhodhad seachtmhuin”, .i. na mbliadhan “atáid
arna ngearrughadh”, .i. arna n-ordughadh ó Dhia, “ar do phobal
agus ar do naomhchathraigh”, do bhrígh gurab don chineadh Iúdaidhe
do sheanmóir ar tús. “Ionnas go gcurthaoi deireadh leis an
aindligheadh agus críoch leis an bpeacadh, agus go ttugthaoi an ceart
síordhuidhe asteach.” Neithe, mar as follas, do coimhlíonadh
go hiomlán ar feadh na cruinne go coitchionn. Agus an tan dar leat
nach labhraid na fáidhe ar ní ar bith oile acht ar Íosa Nasarénach,
as maith leantar isan téx: “agus go ccoimhlíontaoi an tarfás agus an
tairrngire, agus go n-ongthaoi”, .i. leis an Spiorad Naomh ina choimpeirt,
“Naomh na Naomh”, .i. Íosa Críost, neach as fearr agus as
naomhtha dá ttáinic ariamh, mar as follas as a ndubhramar
thuas. Acht do bhrígh go ndearnadh mun am sin mórán do
neithibh égsamhla bá díol aithreasta, do ruinn áireamh na
haimsire go cruinn coimhédach. Do chéidneithibh, do labhair ar
seacht seachtmhuineadhuibh, do bhrígh gurab isan líon bliadhan
sin do cuireadh re docamhal romhór an teampall agus an chathair
suas go nua, mar atá ag Esdra agus ag Neemia. An dara feacht,
ríomhaidh dhá sheachtmhuin agus seasgad ina raibh an
cineadh Iúdaidhe fá bhuaidhreadh, fá anródh agus fá inghreim, mar
léghthar i stair na Macabei. An treas feacht, áirmhidh
aointseachtmhuin amháin, do bhrígh gurab ó thús na seachtmhuine
sin do thionnsguin Íosa seanmóir do dhénamh agus gurab ina
meadhón do básaigheadh é. Óir as trí bliadhna go leith dobhí
ag seanmóir. Dá éis (sin) d'fhoillsigheadar na hapstail an Soisgél
do na puibleachuibh, ag taisbénadh nach raibhe riachtanas nísa
mhó, nó ó shoin amach, leis na hiodhbairtibh iná leis na sacraifísibh
do chiallaigh teacht Chríost; óir as dual don fhioghair cosg a
bhfiaghnuis na fírinne.



Mar sin as céillídhe adeir: “Bíodh a fhios agat agus tabhair dhot
aire, ó thús do chomhráidh, dochum Ierusalém do chur suas arís,
go ttiocfaid seacht seachtmhuine agus dá sheachtmhuin agus seasgad
go soiche an caiptín Críost.” Do bhrígh (gur a ndeireadh) na
seachtmhuineadh sa agus a ttús an seachtmhodhadadh seachtmhuin
do thionnsguin Críost é féin d'fhoillsiughadh do na puibleachuibh
ag seanmóir dháibh, do réir (mar) thaisbénaid dochtúireadha


L. 211


na hEagluisi go soilléir as Annálachuibh na Ríogh. Gidheadh,
do bhrígh go bhfuilid réna léghadh isan uile áit, léigfeam thoruinn
iad annso dochum bheith athchumair. “Agas arís”, .i. isna
céd seacht seachtmhuineadhuibh “do-dhéntar an chathair agus na
balladha i gcruas na n-aimsior. Agus tar éis dá sheachtmhuineadh
agus seasgad”, .i. a meadhón an seachtmhodhadadh seachtmhuin,
“báiseóchar Críost.” Óir tar éis an dá sheachtmhuineadh agus
seachtmhodhad sin, an tan do thionnsguin Críost ó bhréithir agus
ó ghníomh é féin d'fhoillsiughadh do na huilibh, do thionnsgainsiod
mar an gcédna an cineadh Iúdaidhe fealladh air agus a chur do
leathtaoibh. A meadhón iomorro na seachtmhuine do chrochsad
é. Agus do bhrígh ós a chionn sin gur shénsad é do láthair
Pioláide ag rádha: “Ní bhfuil rígh aguinn acht Sésar”, do
dhamuin díoghaltach na n-olc, Dia, iadsan go fírcheart, agus do
goireadh an pobal geintíleach 'na n-áit. As uime sin adeirthear
isan téx: “Agus ní bá pobal dó an mhuinntir shénfas é.” Ós a
chionn sin foillsighear an sgrios thiocfas orra ar son an pheacaidh
si an tan adeirthear: “Sgriosfaidh an pobal”, .i. Rómhánach, “maraon
leis an gcaiptín thiocfas”, .i. Uespasiánus agus Titus, “an
chathair agus an naoimhtheach”, .i. an teampall. Agus dá éis sin
sgapfaidhear agus díolfaidhear iad, agus ní bhiaidh fuasgladh orra,
agus ní chuirfid an chathair iná an teampall do briseadh suas arís,
mar fhoillsigheas an téx ag rádha: “Agus as díothláithreadh
bhús críoch di, agus tar éis críche an chogaidh, an sgrios do
hordaigheadh.”



Acht do bhrígh gur gheall Dia do na pátriarcuibh agus do na
fáidhibh go ccuirfeadh Mesias chugtha d'fhoisgeóladh ríoghacht
neimhe agus do sheanmóirfeadh reacht nuadh, mar atá ag an fháidh
Hieremias 31, ag rádha: “Féch, tiocfaid laithe, adeir an Tighearna,
agus ceangólad connradh nua re teach Israel agus ré teach Iúda, ní
do réir an chonnarrtha do cheanglas ré bhur n-aithribh an lá
rugas ar láimh orra dochum go ttreóraigheinn iad as talamh
na hÉigipte - connradh do bhriseadar, agus do smachtaigh meisi
iad; acht budh é so an connradh cheangólas mé lé teach Ísraél.
Tar éis na laithe sin, adeir an Tighearna, do-bhérad mo
dhligheadh féin anna n-inneadhuibh agus sgríbheóchad é ina
ccroidhthibh; agus béd 'mo Dhia aca agus iadsan 'na bpobal agam.”
Mar sin adeir Dainél: “Daingneóchaidh iomorró”, .i. tréna fhuil
agus tréna


L. 212


sheanmóir féin agus seanmóir na n-apstal, “a chonnradh”, .i. an
Tiomna Nua, “do mhórán”, ní do na huilibh, do bhrígh nár
chreidsiod na huile. “A n-aointseachtmhuin”, .i. isan tseachtmhuin
déighionaigh, “agus a meadhón na seachtmhuine rachaidh
as an iodhbairt agus as an tsácraifís”; óir as san meadhón so do
marbhadh Íosa Críost, do chiallaigheadar uile íodhbarta agus
sacrafísi an tSein-Reachta. Mar sin as cóir do choisg an sgáile
iar tteacht an tsoluis. An tráth iomorró nach raibhe tarbha ar
bioth ó shoin amach isan tseinteampall iná ina shacraifísibh, do
dheónaidh Dia a thruailleadh agus a sgrios go hiomlán. As uime
leanas an téx ag rádha: “Agus biaidh gráin an sgriosta isan teampall.”
Óir isan áit anna raibhe an áirc do cuireadh suas dealbh an
Impire Adriánus. Agus as uime ghoireas gráin di, do bhrígh go
raibhe an uile iodhal gráineamhuil ag an gcineadh Iúdaidhe;
nó as éidir a tarruing go sacrafísibh na Iúdaidheach féin, do
bhrígh go ndearnadh gráineamhail nó fuathmhar do Dhia
iad. Fá dheóidh, do bhrígh nach mó iná a ndeireadh an tsaoghuil
fhillfeas an cineadh Iúdaidhe ar chreideamh Chríost, críochnaighe
an fháidh Dainél ag rádha: “Agus mairfe go buan an sgrios nó an
díothláithreadh go deireadh agus go crích.” Ní, mar an gcédna,
dearbhthar ag Osee 3 leis na briathraibh si: “Fuireócha meisi
mórán do laithibh leat, ní dhéna tú drúis”, .i. ré hiodhaluibh.
Óir ní hiodhaladharthaigh an cineadh Iúdaidhe; agus níor adhradar
iodhuil tar éis filleadh ó sglábhaidheacht na Babilóine gusan am
so, acht madh fírbheagán díobh re linn na Macabei. “Agus ní
bhiaidh tú faris an bhfear”, .i. Íosa Críost. “Gidheadh,
fuireócha meisi leat, do bhrígh go suidhfid clann Israel a bhfad
d'aimsir gan rígh gan phrionnsa gan sácraifís gan altóir gan
éideadh gan sagairt gan íomháigheacha. Agus dá éis sin fillfid clann
Israel agus iarrfuid a nDia féin agus Dávidh”, .i. Críost do
geineadh ó Dhávidh, “a rígh féin, agus biaidh eagla an Tighearna
orra agus a mhaithe isna laithibh déighionacha.”



Féch ar an adhbhar sin a oireamhnaigh agus a résúnta oireas an
fháisdine so do Íosa Nasarénach. Agus mar an gcédna ghébhas an
tí léighfios go díthchiollach iad gach fáisdine oile a n-oireamhuin
go ro-abuidh dhó. Acht dochum filleadh ar an gcomhrádh


L. 213


thuas, dar leat as follas go ttáinic aimsir an Mesias asteach go
himchian ó shoin. An tan iomorró nach facas aoinneach oile
go fóill dá n-oirfeadaois coinghiolla agus cáilidheachta an Mesias
acht Íosa Nasarénach amháin, agus go ndeachaidh an aimsir do
thairrngireadar na patriarca agus na fáidhe thoruinn, agus gur chlis
gach aimsir ar an gcineadh Iúdaidhe dár chinneadar a maighistri
dhóibh, ní bhfuil acht mallughadh agus meire dhóibh súil do bheith
ré Mesias oile d'fhághuil.



As maith an fhiadhnuisi ar an ní so an díbeirt agus an mhodhsuine
dhéighionach sa orra, madh chuirmíd a gcomórtas í ré modhsuine
na Baibilóine, do tairrngireadh go roimhinic i sgríbhinn agus a
bhfioghrachuibh leis na fáidhibh. Dearbhuid féin ina leabhruibh
gurab iad a bpeacadha truaillighthe agus a míghníomha do-áirmhe,
go sonnradhach peacadh an iodhaladhraidh, sháraigheas gach
uile pheacadh, bá cúis dá modhsuine isan mBaibiolóin. Gidheadh,
níor theasda caiptínidhe, fáidhe iná daoine naomhtha uatha
isan mbraighdeanas sin do-bheireadh meisneach, meanma agus
sólás dáibh. Ós a chionn sin dofuairsiod a fhios nach mó iná
deich mbliadhna agus trí fichid do bheithdís isan mbraighdeanas
sin; mar do fíoradh dháibh. Gidheadh, mairid isan mbraighdeanas
agus isan modhsuine dhéighionaigh si ré míle sé céd agus caogad
bliadhan. Agus leis an ré sin do sgar an uile shólás diadha riú; agus ní
rabhadar prionnsaidhe, fáidhe iná daoine naomhtha aca do
thairrngirfeadh críoch iná térma na modhsuine si dháibh. Agus
ní héidir aithfear na sglábhaidheachta so do thabhairt ar pheacadh
an iodhaladhraidh, do bhrígh (mar adubhramar cheana) nach
dearnadar an peacadh sin ó do fhilleadar as braighdeanas na
Baibiolóine, taobh amuich do bheagán ar a ndearnadar na
Macabei díoghaltus.



Fiafraighemíd ar an adhbhar sin do chineadh Iúdaidhe créd
fá ndearna Dia díoghaltus comhtrom agus so orra: a sgapadh ar
feadh an domhuin, fuath agus gráin ag an uile dhuine orra agus iad
'na stoc magaidh, masla agus míomhodha san uile áit. Créd as cúis
don mhórolc so? Atá, dochum leachta agus sgreaptra bhur
sgríbhneóireadh féin do dhénamh fiadhnuisi ar feadh an domhuin
leis an Mesias agus lé ar gCríost-ne, agus d'eagla go mbeith
amhras ar an bhfírinne do bheith aguine. Créd an fáth anois tar
mhíle agus sé céd bliadhuin iar sgrios Ierusalem a bhfuiltí go
fóill go


L. 214


neimhchinnte ar seachrán, fá fhuath ag gach uile násión, fá
chrádh agus fá orchradh? Créd as cúis dá chomhmór so do
dhíoghaltas? Créd an fáth nach bhféchann Dia robhúidh oruibh tar
éis an uiriod sin do phianuibh agus d'ainnisi, agus sibh 'nar
gcineadh toghtha agus 'nar gcineadh do naomhchoisreagadh dhó féin
seach na n-uile? As fíor gur fhuilngeadar an cineadh Iúdaidhe
braighdeanas agus modhsuine seachtmhodhad mbliadhan amháin isan
mBaibiolóin ar son a míghníomh, agus go sonnradhach a ndíoghaltas
peacaidh an iodhaladhraidh, ar a shon sin dobhádar fáidhe
agus daoine naomhtha aca ar feadh na rée sin do-bheireadh meisneach
dháibh agus do dhaingnidheadh iad isan reacht. Gidheadh, isan
modhsuine si go déighionach mhaireas go buan ó aimsir Chríost
gusan ló aniodh, as truagh ainnis an coinghioll atáid d'iomchar,
gan furtacht iná fóirighin d'fhághail ó Dhia ar an bhfad so, ar
mhodh go deimhin gurab éigin a rádha go ndearnadar peacadh
éigin as mó agus as truime iná an t-iodhaladhradh. Cionnas iomorró
as éidir peacadh as mó d'fhagháil iná tarcuisne an Ongthaigh
nó an Mesias do gealladh dháibh, persecution agus inghreim do
dhénamh air agus a chur dochum báis, agus, fá dheóigh, a seasmhaighe
'na aghaidh san olc? Ag so adhbhar agus fachuin na mórolc sa an
chinidh Iúdaidhe, .i. masla, míomhodh, tár, tarcuisne, páis agus
bás an Iosagáin agus an tSlánaightheóra táinic dá bhfuasgladh ó
dhaorbhraighdeanas an diabhuil agus ó chruadhchuing an tSein-Reachta.
Agus dá mbeith a bheag do chéill mhaith aca, bá lór
dháibh mar adhbhar dochum a chreideamh gurab é an tÍosa so,
a n-aghaidh a ndearnadar féin an uiriod sin do pheacadhuibh
troma truaillighthe, an Mesias fíre, a ttáinic d'olc, d'ainnisi agus do
dhonas orra ó shoin a ndíoghaltas a pháisi agus a bháis.



Arís, an tan nach facus ó shoin ale lorg naomhthachta iná
fíoradhraidh dhiadha aca acht díthchioll agus fonn sainnte, úsuireachta
agus airgid do chruinnioghadh, agus gur sgar an uile fháidheadóireacht
riú, agus nach bhfuil comharrtha ar bith Dia do bheith maille
riú; gidheadh, go bhfuil uile naomhthacht na beatha, agus go
bhfaicthear na móirfhearta iongantacha do áirmheamar thuas dá
ndénamh isan phobal geintíleach, as follas gur coimhlíonadh
fáisdine an fháidhe Malachias san chédchaibidil ag labhairt
leis an gcineadh Iúdaidhe i bpearsuin an Tighearna ar an


L. 215


modh sa: “Ní bhfuil toil agam ionnuibh, adeir Tighearna na
sluagh, agus ní ghlacad tiodhlacadh as bhur láimh. Óir ó
éirghe go luighe gréine as mór mh'ainm-si isna cineadhachuibh,
adeir Tighearna na sluagh; agus atá iodhbairt agus sacraifís ghlan dá
hofráil dom ainm-si isan uile áit, do bhrígh gur mór m'ainm isna
cineadhachuibh, adeir Tighearna na sluagh.” Nó muna bhfuil
Dia ag na cineadhachuibh, an tan gur thréig an cineadh Iúdaidhe,
leanaidh go soilléir (ní as mallaighthe ré rádha) nach bhfuil
cúram ar bith aige a ttimcheall na neithe daonna.



Arís, ó nach déin Dia neamhshuim do na neithibh roibheaga,
ní cosmhuil go ndéin neamhshuim do na neithibh romhóra acht
nísa lugha iná sin, an tan gur réimhinnis tré bhél na bhfáidheadh
neithe as rolugha iná na fearta do-righne Críost agus a dhiscciobuil
ar feadh an domhuin. Óir atáid fáistineadha nach mór ar gach
ríoghacht dá laghad, mar atá ar na hIdumei, Moabiti, Ammoniti,
agus ar a samhluibh oile; as iongantach mar sin nach ttiobhradh
rabhadh roimh ré don chineadh daonna ar mhóirfheartuibh
Chríost agus a dhisgiobal réar hathroigheadh agus a ttáinic malairt
agus claochlódh ar an domhan go huilidhe, óna mbeith comhdochuimsighthe
agus sin nach éidir fearta dá n-iongantaigh do chur
a ccomórtus riú, go mórmhór an tan go bhfuaradar na Iúdaidheadha
rabhadh roimh ré ar gach olc dá ndearnadar na cineadhacha
'na ttimcheall orra (agus) ar gach modh a ndearnadar na hoilc.
Acht ní dhearna cineadh ar bioth ariamh orchóid iná olc as truime
agus as buaine do na Iúdaidhibh iná do-righneadar na críostaidhthe.
Agus muna bhfuaradar rabhadh roimh ré ar an mórolc so, as
(díomhaoin) do-ghébhdaois rabhadh re an uiriod sin do chúram agus do
ghriongal ar neithibh beaga ó na fáidhibh, an tan nach bhfuaradar
a bheag d'fhios na mórolc sa uatha iná énainnisi dá ttáinic orra ina
n-onóir iná ina ccreideamh. Acht do bhrígh gur mallaighthe so do
chreideamh, as éigin a admháil gur labhradar na fáidhe ar Íosa
agus ar a oibreachuibh. Gidheadh, madh meastar an sgrioptúir agus
oibreacha Íosa nísa fhriochnamhaigh ní mó iná na tairrngireadha
amháin do sgríobhadh ar an Mesias oireas do Chríost. Óir
seach a ttáinic do dhaoinibh ar an saoghal so go fóill, ní mó iná
d'Íosa Críost amháin as éidir na neithe si do chur a n-oireamhuin;
amhuil as dó amháin oirid cáilidheachta agus coinghiolla an Mesias,
agus míniughadh an uile sgrioptúir. Ar an adhbhar (sin) as follas


L. 216


gurab é an Mesias fíre agus an Slánaightheóir do gealladh leis na
fáidhibh, acht munab inmheasta (ní as mallaighthe agus as
coirbthe ré a mheas) gur mheall Dia na daoine.



Ós a chionn sin do-gheibhmíd do ghnáth i starthuibh na
nEabhradh go ndearna Dia ria tteacht Chríost míorbhuileadha
agus móirfhearta iongantacha 'na measg, sa samhuil nach facas a
n-aonáit oile ariamh. Gidheadh, iar tteacht Chríost, agus do
tharcuisnigheadar a mhuinntir féin é, do tharruing Dia a lámh uatha
agus do fháguibh folamh iad ar dhíth an uile ghrása.



Foillsighe fós an dall ciach atá ar a ttuigse an ní cédna; óir
iar ttarcuisnioghadh na fírinne dháibh, do dalladh a ccroidhe
gan chéill, agus do chumadar an uiriod sin brég agus fallsacht ina
tteagasg féin, dá ngoirid Thalmudica, nach éidir daoine d'fhagháil
as mó atá ar meire agus ar díth céille iná iad. Agus atáid líonta don
uiriod sion seachrán, ainbhfeasa agus earráide a míniughadh an
sgrioptúir naomhtha nach nár leó ón ngnás tugadar dháibh
féin isan bpeacadh dul ar seachrán ó so suas, amhuil do bheith
'na ní romhuinnteardha aca libeirt nó cead bréige do dhénamh agus
an sgrioptúir do thruailleadh agus bheith lánmhar as a meardhántacht
agus as a ndúrchroidhe féin.



Dob uras iomad résún ndaingean do thabhairt anuas do
chruthughadh na neithe si; acht do bhrígh gur chuireadar
naomhdhochtúireadha na hEagluisi an fhírinne síos go follas
foirtill fíorfhairsing, as cóir dhúinn bheith deóntach leis an mhéid
si, óir madh curthar iad a cceann a ndubhramar thuas isan dara
leabhar, as cinnte go ccruitheóchuid Íosa Nasarénach ar
Slánaightheóir do bheith 'na Dhia fíre, agus gurab é an tOngthach
nó an Mesias inar chríochnaigheadar na reachta agus na fáidhe go
huilidhe.



GURAB COIRBTHE CROSTA AGUS GURAB FALLSA FÍRBHRÉGACH
UILE THEAGASG NA N-EITHRICCEACH.



Caib. 6.



Ní furáil dúinn an dream choirbthe choinnealbháite si do
chlaoidh seach na n-uile, óir bíodh go n-admhuid Críost agus a
Shoisgél, atáid ar a shon sin ar seachrán go fada ó shlighidh


L. 217


na fírinne, agus as mó an urchóid do-níd don chreideamh Catoilce
ar mhodh áiridhe iná na hainchríosdaidheadha nach ccreideann do
Chríost iná dá Shoisgél. Acht do bhrígh dá ttairgmís léighionn
lochtach gach aoin díobh d'aithris agus do chlaoidh gomadh riachtanas
dúinn leabhar mór do sgríobhadh orra, ní nach rún dúinn
do dhénamh d'eagla bheith liosta, agus fós nach measmaoid a bheith
riachtanasach, an tan gur náirigheadh agus gur claoidheadh an
drong mhallaighthe si isan uile áit ré naomhdhochtúireadh
na hEagluisi. Uime sin as mian linne aonbhuile trom
tádhbhachtach do bhualadh orra go huilidhe a n-aoineacht fhúicfeas
truimchneadh báis orra.



Do chéidneithibh, foillseócham gurab fírriachtanasach an
Eagluis go coitchionn do bheith arna stiúradh ré haoincheann
amháin. Óir madh chreidid na heithriccigh gurab leis an gcúram
agus leis an ngriongal diadha atáid na daoine agus an Eagluis (ar son
a ndearna Dia an uiriod sin do mhíorbhúilibh agus do mhóirfheartuibh)
arna riaghladh agus arna stiúradh, as éigin dáibh a admháil
gurab romhaith atá stiúradh na hEagluisi ordaighthe; mar
gurab ón tí atá arna hollmhughadh tré a ríoghuid na ríghthe agus
tré a n-eachtaighid lucht dénta an dlighidh reachta cearta comhthroma.
As romhaith iomorró stiúradh na hiomadamhlachta
madh bhíonn arna stiúradh agus arna riaghladh ré haon; mar as
follas as crích an stiúraidh, .i. síoth agus aondacht na n-íochtarán.
As oireamhnuighe ámh mar chúis don tsíth agus don aondacht sa
aon amháin iná mórán. Uime sin as riachtanus stiúradh na
hEagluisi do bheith ar ollmhughadh agus arna chórughadh,
ar mhodh nach biadh acht aon amháin 'na airdcheann agus mar ardaodhaire
ar an Eagluis naoimh ar feadh an domhuin.



Arís, an tan go ndearnadh agus gur hordaigheadh na neithe
nádúrtha ar ord coimhiongantach agus sin, as mó iná sin as inchreidthe
na neithe atá ós cionn nádúire do bheith deaghordaighthe.
Do-chímíd iomorro in gach áit a bhfaicthear
stiúradh isna neithibh nádúrtha, dá tharruing go haon: amhuil an
uile ghluasacht go haoinchédghluaisteóir, na beacha go haoinrígh,
uile bhaill an ainmhidhe dá ndíriughadh dochum an chroidhe,
mar an gcédna as éigin aoinní amháin do bheith 'na thús nó 'na
chéidní isan uile chinél nó shórt. Ar an adhbhar (sin) ní bhfuil
dá mhéid dá sáraigheann stiúradh na hEagluisi, ó a dignit agus a


L. 218


honóir, an uile stiúradh oile nach móide agus sin as riachtanas dí
aoincheann do bheith uirre dochum an phobuil chríostaidhe go
hiomlán do stiúradh.



Arís, nó teaguid na huile eithriccigh linn isan tSein-Reacht
amháin, nó isan tSein-Reacht agus Nuaidh-Reacht a n-aoineacht.
Madh thigid linn ionnta araon, as éigin go n-aidmheóchuid
aoincheann do bheith ar an Eagluis; óir léghthar isan tSein-Reacht,
Osee 10, na briathra sa: “Cruinneóchar clann Iúda agus
maraon clann Israél, agus cuirfid aoincheann orra féin.” Léghthar
arís isan Nuaidh-Reacht ag Eóin 10, nach biaidh acht aointréd
agus aonaodhaire.



Agas ní hinmheasta go résúnta gur fháguibh Críost iarna
dheasgabháil a bhflaitheamhnas a Eagluis gan caiptín nó biocáire
do stiúrfadh í ann gach docamhal, óir ní thiocfadh as sin acht
buaidhreadh, ruinn a ccotuibh agus égsamhlacht opinion, go mórmhór
a ttimcheall an chreidimh agus na ndeighbhés. Óir níorbh
éidir a fhios d'fhághail cia an t-aigneadh nó an t-opinion bá
córa do chongbháil, agus ní bheith comhachta ar bith ar cheart do
mhiniostrálacht, agus fós do bheith conntrárdha do bhriathruibh
Chríost féin, an tan gur aithin go sonnradhach do Pheadar agus
gur fhógair dhó a chaorcha do ionnradh; agus arís: “Do ghuidheas
ar do shon, a Pheadair, ionnas nach rachadh as do chreideamh,
uime sin fillsi ar uairibh agus daingnidh do dhearbhbhráithre.”
Briathra réar fhoillsigh Peadar 'na bhiocáire dhó féin ar an
Eagluis. Ní do thaisbéin nísa shoilléire iná sin an tan adubhairt:
“As tusa Peadar, agus as ar an gcarraigc si thóigébhadsa mh'Eagluis,
agus ní bhéruid doirse ifrinn buaidh 'na haghaidh. Agus do-bhérad
eochracha ríoghachta neimhe dhuit, agus gach ní dá cceangóla tú
ar talamh, biaidh ceanguilte ar neamh, agus gach ní dá sgaoilfe
tú ar talamh, biaidh sgaoilte ar neamh.”



Agus ní hionráidhte gur do Pheadar amháin do dáileadh an
dignit agus na comhachta sa agus nach beith ag gach biocáire oile dá
ttiocfadh 'na dhiaidh, an tan gurab (ar) aonmhodh amháin do
ordaigh Críost an Eagluis do mharthuin go deireadh an tsaoghuil.
As uime sin adubhairt léna dhisgiobluibh a n-ainm na n-uile
chreidmheach: “Féch ag sin meisi (in) bhur bhfochair gach aonlá


L. 219


go deireadh an tsaoghuil.” Agus adeir an fáidh Isaias san naomhadh
caibidil: “Suidhfe i ttróin Dhávídh agus ina ríoghacht, dá daingniughadh
agus dá neartughadh a mbreitheamhnas agus i gceart, ón
am soin go soiche an tsíordhuidheacht.” Ar an adhbhar sin
leanaidh go mairfe an dignit, an oificc nó na comhachta sa diaidh
a ndiaidh go síordhuídhe go deireadh domhuin ag comharbuibh
Peadair mar ní tarbhach roiriachtanasach don Eagluis dochum
a daingnighthe agus a coimhédtha go buan. Mar sin ó do-righne
Críost biocáire do Pheadar agus aodhaire ar an Eagluis go hiomlán,
as cinnte go bhfuil na comhachta cédna ag an uile chomharba
thig a n-áit Pheadair. Agus an tan gurab iad easpuig na Cathaoire
Rómhánaigh shealbhas ionad Pheadair, as follas gurab í an
Eagluis Rómhánach as caiptín agus as banoide don uile eagluis, agus
gurab riachtanas don uile choimhthionóil nó chomhchruinniughadh
críosdaidhe bheith uaimcheanguilte leis an easpag sa na
Rómha, dá ngoirthear an pápa. Dá bhrígh sin as cinnte go
ttéid ar seachrán a bhfad an tí sgaras re haondacht agus ré teagasg
na hEagluisi Rómhánuigh; acht atáid na huile eithriccigh
sgartha lé agus easumhal di; ar an adhbhar sin as cinnte gur chlaonadar
go fairsing ón ród díreach, agus nach éidir críostaidhthe do
ghairm dhíobh. Óir as é as eithrigeach ann, an tí mhilleas
teagasg an sgrioptúir naomhtha agus na Naoimh-Eagluisi Catoilce
agus shiothbhuanus go dosmachtaighthe isan opinion earráideach
thoghas dó féin.



Arís, mar adubhramar go meinic, coimhtheagaid agus comhaontaighid
na neithe fírinneacha re aroile agus neartaighe gach fírinne
fírinne oile. Gidheadh, atáid na (heithriccigh) comhcodarsna
comhconntrárdha agus sin d'ároile nach mór go ccoimhtheaguid
re aroile a bpongc ar bioth, acht bíd féin ag tromlot a chéile ré
a saighdibh féin, ar mhodh nach bhfaghthar ní ar bith daingean
nó seasmhach aca. Ar an adhbhar sin as uras aithne as so go
bhfuilid ar seachrán a bhfad ón bhfírinne. Gidheadh, as aointeagasg
amháin atá ag an Eagluis Rómhánaigh isan uile ní
bheanas leis an ccreideamh agus leis na deighbhésuibh; agus bíodh


L. 220


go bhfuilid na dochtúireadha Catoilcidh nach mór do-áirmhe, ní
bhfuil aoinneach dhíobh conntrárdha don Eagluis, agus ní toil leó
neimhtheacht do bheith aca lé a n-aonphongc.



Arís, ní headh amháin gur daingnigheadh ríoghacht Chríost agus
na hEagluisi cogthaighe go deireadh dhomhuin, acht fós, do
réir fhiadhnuisi an tSoisgéil, an uile sgrioptúir agus ráidhte na naomh,
mairfidh ar feadh na síordhuidheachta iar n-athnuachradh na
cruinne. Gidheadh, níorbh éidir leis na heithriccibh, do thairg
ré neart agus ré gliocas na Catoilce do inghreim go dúr díbhfeargach,
seasamh asan machaire a n-aghaidh na hEagluisi
Rómhánuigh, acht do thuitsiod go hathamhalta gona tteagasg
truailligh agus do theithiodar go náireach ó sholas na fírinne. As
ar follas nach ó Dhia dobhádar a sgreaptra fallsa fírbhrégacha
agus nár theagasg críostaidhe a tteagasg.



Ós a chionn sin as diongmhálta an comharrtha ar a mbeith
ar seachrán ó shlighidh na fírinne an droichbheatha choirbthe
pheacamhuil do-bheirid a ttír; agus ní mó dobhí aoinneach aca
ariamh, dá airde buaic mar cheann eithricceachta, a n-onóir iná
a ccion ina bheathaidh iná ina bhás. Gidheadh, atá nuimhir
dho-áirmhe do na Catoilcibh, sa ccuimhne mhaireas go síordhuidhe
sna beannachtuibh, 'gá bhfuil a luaith agus a gcnámha dá n-adhradh
ag na Catoilcibh agus a lá geineamhna dá onórughadh go roshollamanta
ré hiomad molaidh.



Fá dheóidh, do cruthaigheadh orra go bhfuilid a leabhair
líonta do dhíomhaoineas, d'fhallsacht, do bhréguibh agus do sheachránuibh
rofhollasacha ní headh amháin a n-aghaidh an sgrioptúir
naomhtha acht fós a n-aghaidh résúin nádúrtha agus feallsa fíre.
Acht do bhrígh gur chathaigheadar naomhdhochtúireadha na
hEagluisi go cródha calma a n-aghaidh na droinge duaibhsighe
si agus gur chlaoidheadar iad go diongmhálta, ní riachtanus dúinne
nísa mhó do dhuadh do ghlacadh 'na n-aghaidh. Óir do-ní
sgrios agus díbeirt a tteagaisg agus a ccreidimh choirbthe choinnealbháite
fiaghnuisi ar an drochstaid chrosta cholaigh atá aca,
do bhrígh, na neithe atá ó Dhia, atá díorchacht áiridhe chinnte
agus daingean dosgaoilte (aca) nach éidir do sgrios iná do shárughadh
ré heasccáirdibh dá ttreisi.


L. 221


GO BHFUIL SECHT NA MAHOMETANÍ d'EASBHAIDH
AN UILE RÉSÚIN.



Caib. 7.



Mairidh fá dhéoidh réna cclaoidh aguinn lucht leanamhna
Mahoméit, atá ar mhodh áiridhe 'na meadhón eidir an gcineadh
Iúdaidhe agus na heithriccigh. Óir do-níd aithris ar na Iúdaidhibh
isan timghearradh, agus comhchruinnighid a n-aoncharnán seachráin
agus earráideadha na n-uile eithricceach, ar mhodh nach
mór an saothar as riachtanas do ghlacadh 'na n-aghaidh.
Óir as ro-uras don tí 'gá mbí tathaighe orra agus sgrúdas a mbésa
agus a ccreideamh go friochnamhach agus léghas an leabhar dá ngoirid
Alcoranum, do sgríobh Mahoméid, as fáidh agus as ceann reachta
agus creidimh dháibh, a ndíomhaoineas agus a ndíth chéille (d'aithne),
ag meas gurab cóir gach a bhfuil isan leabhar lobhtha sin do
choimhlíonadh ré creideamh doibhriste gan bhearnadh. As ó
sholas iomorró nádúrtha nó ós cionn nádúire tig gach creideamh
fíre. Gidheadh, ní thig an creideamh piseógach mallaighthe atá
acasan ó cheachtar don dá sholas sin; óir ní bhfuil aoinneach
'gá mbí eólas measardha a résún nó a bhfeallsa nádúrtha nach
uras dó an creideamh do mhúchadh sa ughdar thaisbénas é
féin do bheith fíorainbhfeasach a leiteardhacht. Óir do sgríobh
comhamh comhmí-ordaighthe agus sin an leabhar dá ngoireann
Alcoranum, .i. cruinniughadh na n-aitheanta, nach measuim
gurab éidir lé aoinneach léghas é bun nó barr nó ordughadh
céillidhe ar bith d'fhagháil ann; as comharrtha diongmhálta ar
ainbhfeas an ughdair. Atá ós a chionn sin an uiriod sin do
sgéluibh fábhuill agus an uiriod sin dá n-aithne nó dá bhfulang a
n-aghaidh deighbhés gur mheasadar na feallsaimh a mbeith 'na
neithe coirbthe truaillighthe agus gomadh críonna go mór a bhfochuidmheadh
agus a ttarcuisniughadh iná uiriod do shuim do chur ionnta
cathughadh 'na n-aghaidh. Ar an adhbhar sin ní héidir dá
shamhuil so do chreideamh teacht ón tsolas nádúrtha, dá
bhfuil conntrárdha. Agus ní mó thig ón tsolas ós cionn nádúire.
Óir, mar fhoillseócham 'nar ndiaidh, atá gach ní dá bhfuil
contrárdha don tsolas nádúrtha mar an ccédna conntrárdha don
tsolas ós cionn nádúire.


L. 222


Arís, ní thig críoch mhaith go bráth, nó as ro-annamh thig, ar
ní tionnsgantar ó dhrochthús. Gidheadh, adeir an creideamh
colach sa go lánmhar gurab é Mahoméid as ughdar agus as tús (dó) -
óglach, mar dhearbhas stair fhíreinneach, dobhí go hiomlán
ar dhíth céille agus résúin, dobhí 'na pheacthach ghráineamhuil, 'na
adhaltrach agus 'na sgriostóir ar na puibleachuibh. Agus an tan do
thuiteadh go meinic isan ngalar mór, dobhí greamuigh dhe, an
uair do fhiafraigheadh neach dhe créd fá tteagmhadh sin dó,
adeireadh gurab iad na haingeil dobhíodh ag comhrádh ris.
An fear feilbhésach sa, ní ré résúnaibh acht re cloidheamh,
ó thús ré móirgheallamhnachuibh agus ré droichealadhuin do tharruing
na daoine ainbhfeasach agus neamhghlana chuige féin, agus do
tharruing leó sin diaidh a ndiaidh, ar bheagán agus ar bheagán,
daoine ar a antoil agus ar a chreideamh fábhuill féin, agus 'na dhiaidh
sin do chuir an daosgarshluagh lag anbhfann gan arm ré neart
cloidhimh fána smacht agus fána chomhachtuibh féin. Ar an
adhbhar ó as drochthús dobhí agá chreideamh, ní ó Dhia do
thionnsguin agus ní héidir dhó deighchríoch do bheith air.



Arís, molaidh Mahoiméit Críost, do geineadh ó mhaighdin, agus
admhuidh gur fáidh roifhíor é, ina leabhar, bhal a molann an
Soisgél agus an Sein-Reacht. An éidir iomorró ní as leimhe do rádha
iná an ní cédna do dhearbhadh agus do shénadh agus an teagasg atá
conntrárdha don teagasg mholas do leanmhuin? Gidheadh, ní
leimhe sin iná an leisgél do-bheir ar a shon, ag rádha gur mhilleamarne
an Soisgél maraon leis an tSein-Reacht. Ní atá comhuras
ré brégnughadh agus dobhí édrom meardhánta ré rádha. Óir
as cinnte go bhfuilid leabhair an tSein-Reachta agus an Nuaidh-Reachta
a nEabhra, a nGréigis agus a Laidin, do réir theanga gach
násión díobh, arna ttaisge go friochnamhach ón tseanaimsir, agus
gur sgríobhadh iliomad do shompladhuibh asta go hiochtmhar
atá ré faicsin ar feadh an domhuin in gach aonáird, agus na sompladha
nuadha ag teacht focal ar fhocal leis na seantsompladhuibh.
Cionnas dob éidir mar sin an milleadh so do theacht a n-aoinfheacht
ar an uiriod sin sompladh atá a tteangthuibh égsamhla
ar feadh násión an domhuin arna sgríobhadh ré daoinibh, ré
hinntleachtuibh agus ré díthchioll égcosmhuile? Acht haithnighear


L. 223


go soilléir as an ccoimhtheacht atá ag an sgrioptúir naomhtha
san uile áit a bhfuil a bhréga agus a fhallsacht-san, réar lochtaigh
agus réar mhill go mailísioch míomhacánta an Sein-Tiomna agus an
Tiomna Nuadh.



Ós a chionn sin as dochum gach aoin do thabhairt a bheathadh
suas go maith beannaighthe, dochum glaine an chroidhe do
choimhéd agus dochum na fírinne do mhaodhughadh do hordaigheadh
an creideamh fíre. Gidheadh, secht Mahoméit, ar a bhfuil blas
talmhuidhe amháin agus nach labhrann ar an tsén fíre, ní mó iná
sórt antola brúideamhla as ait leis an mbolg gheallas a ndiaidh
na beatha so do láthair aguinn. Agus d'eagla go measadh aoinneach
gurab go dorcha do labhair agus mar sin go mbeith atharrach céille
agá bhriathruibh, foillsighe a chomhrádh féin a chontráir, ina
measann gurab ceadaightheach dhó féin brég do dhénamh, agus
ina n-abair, a measg a ndubhairt agus ar theaguisg ariamh, nár
labhair aoinní go dorcha iná i bhfíoghrachuibh acht an uile ní
go soilléir glan. Asarb uras fallsacht agus díomhaoineas an chreidimh
si d'aithne.



Arís, ní lér ní ar bioth diadha iná míorbhuileach isan tsecht
so as madh inmheasta gurab ó Dhia do bheith. Óir ní déntar
míorbhuile ar bith innte mar do-níthear san gcreideamh chríostaidhe,
do réir fhiaghnuisi Mahoméit féin, ag rádha go bhfuair
Críost comhachta ar mhíorbhuileadha do dhénamh re a n-iompódhadh
an saoghal, gidheadh, go bhfuair sé féin comhachta
ar a chloidheamh, agus gurab uime do cuireadh ar an tsaoghal,
dochum na bpuibleacha do tharruing ré foirneart ar a chreideamh
féin; amhuil agus do bheith an tíorántacht agus an antoil 'na sacraifís
thaithneamhuigh ag Dia. As é ní iomorró as mó do-geibhthear
'na measg, an tan adeirthear nach bhfuil Dia acht Dia, agus
Mahoméid a theachtaire; agus as meinic adeir ina leabhar go
bhfuil Dia mór agus comhachtach, agus iomad neithe oile atá rofhollasacha
ar Dhia, gidheadh, shalchas an fear salach dá éis réna
bhréguibh agus réna sgéluibh fábhuill.



Ós a chionn sin ní facas go fóill aoinneach 'na ughdar ag
móirneithibh diadha 'na measg iná fáidh ar bith, acht amadáin
bhaotha gan céill gan tuigse dá lot agus dá ccur féin ar meisge lé
neart buile, ionnas go mbeith adhradh agus onóir ag cách mar


L. 224


naomhuibh dháibh, bíodh nach bí eólas dá laghad aca ar na
neithibh diadha iná subháilceacha. As follas fós leimhe agus easbhaidh
céille Mahoméit féin an tan go n-abair a n-áit áiridhe ina
leabhar, contrárdha do ní adubhairt a n-áit oile, nach feasach
é an bhfuil féin nó an drong leanas a lorg ar slighidh slánaighthe
nó nach bhfuilid, agus nach bhfuil aoinneach ar domhan thuigeas a
leabhar féin, dá ngoireann Alcoranus, .i. comhchruinnioghadh na
reacht. Nár chóra gabháil do chlochuibh ar an ughdar atá
neimhchinnte do shláinte cháich agus dá shláinte féin agus fhógras
aitheanta cruaidhe dosgrúdtha dá lucht leanamhna iná aithris
do dhénamh air nó géilleadh dhó? Agus mar sin ó nach bhfuil
fondamuint agá chreideamh a résúnuibh ar bioth, a míorbhuilibh
iná a naomhthacht beatha, as ceart ón uile résún a tharcuisnioghadh
agus neamhshuim do dhénamh dhe. As cinnte dá mbeith
slighe ag cách dhul do chonnspóid riú gomadh ro-uras an seachrán
agus an earráid atá orra do thaisbénadh dháibh. Gidheadh, mar dob
fheasach Mahoméit ar a ainbhfeas agus ar a ghráineamhlacht féin, do
fhógair go cealgach nár chóir a chreideamh féin do chosnamh acht
ré cloidheamh agus ré neart lámh, ionnas an ní nárbh fhéidir do
chosnamh (ré) résún iná ré macántacht go gcosantaoi é ré
foirneart tíoránta.



Acht dob éidir go bhfiafróchadh duine éigin créd an fáth iar
síoladh chreidimh Chríost ar feadh an domhuin as ar fhulaing
Dia do Mhahoméit nuimhir dhoichríochnuighthe do phuibleachuibh
do mhealladh ó chreideamh Chríost, agus do tharruing
go foiréigeantach ar a reachta agus ar a dhlighthibh féin, agus nach mó
do shín a lámh dhíoghaltach orra acht do fhulaing a ccomhachta
agus a neart d'fhás agus do mhédughadh gusan lá aniodh? Ar an
adhbhar sin madh as Dia Críost, agus go bhfuil Mahoméit conntrárdha
dhó, créd fár fhulang do Mhahoiméit dhul ós a chionn
nó a shárughadh? Mar sin (adeir na Saraceni) as fírinneach
a gcreideamh féin agus as brégach fallsa ar gcreideamh-ne. As í so
argumaint as daingne ré a gcosnuid iad féin a n-aghaidh na
ccríostaidhthe; agus atá fós comhcruaidh sin ar mhórán dár
muinntir-ne nár fheasach dháibh cionnas do-bhérdaois freagra
uirre.


L. 225


Gidheadh, as uras linne freagra do thabhairt uirre, agus adeirmíd
ó thús nach lagann an argumaint si aonargumuint dá ndearnamar
thuas réar chruthaigheamar Críost do bheith 'na Dhia, agus
fírinne an chreidimh chríostaidhe. Do bhrígh munar éidir beatha
d'fhághuil as naomhtha iná an bheatha do theaguisg Críost, agus
nach facas ó thús an domhuin aoinneach do-righne uiriod do
mhíorbhuilibh iongantacha agus do mhóirfheartuibh diadha agus do-righne
Críost, cia do chuirfeadh conntabhairt gurab ó neamh do
thánaic agus an Dia so agus an duine do shlánughadh an chinidh
dhaonna, do réir fhiaghnuisi an reachta, na bhfáidheadh, na
gcomharrthadha agus na móirfhearta do oibrigh? Agus mar sin madh
atá creideamh ar bioth fíor ar an tsaoghal sa, as cinnte gurab é
an creideamh críostaidhe; agus gan chonntabhairt d'umhlóchadh
do dhligheadh Mhahoméid, dámadh é bá fearr aitheanta, nó dá
ndénamh nísa mhó d'fheartuibh nó do mhóirghníomhuibh iná
do-ríghnesion. Agus an tan nach dearna ina dhligheadh mhóirghníomh
ar bioth ordhraic iná speisialta acht iomad do ghníomharthuibh
coirbthe crosta cuinnealbháite as nár re a n-aithris, an
cóir a chur roimh Chríost ar son mhóráin do mhealladh ón
gcreideamh Catoilce, iomad do chlaoidh ré neart arm, agus dhul ar
a aghaidh san olc? Créd fáth nach n-abruid mar sin gur fearr
an diabhal (do mheall an cineadh daonna ar feadh an uiriod sin
bhliadhuin agus mheallas go laéthamhuil iliomad) iná Críost? Créd
an t-adhbhar nach mó an cion agus onóir atá a gcuinne na bpeacthach
agus na ndrochdhaoineadh, as mó thairrngeas ar a slighidh
féin ón maith, iná ar na fírénuibh agus ar na naomhuibh? Ó as
iongantach an résún Mahoiméid do chur roimh Chríost ar son na
bpuibleacha bochta ainbhfeasacha do mhealladh léna chleasuibh,
léna gheallamhnachuibh, léna bhagar agus léna chloidheamh ó
naoimhchreideamh Chríost go staid antoileamhuil agus go droichbhésuibh!
Mar sin as céillidhe rimhéidhe do dhénamh as an olc
agus glóir as an mailís. Go deimhin ní hiad a samhla sin as argumainteadha
dhúinne, agus ní ar a samhluibh d'fhondamuintibh atá ar
gcreideamh 'na shuidhe. An cúis iongantuis gurab lugha leanas
Críost iná an fear fíorcholach so, an tan go bhfógrann Críost
an mhaith do oibriughadh, an t-olc do sheachna, masla agus
tarcuisne d'fhulang, srian do chur linn féin ó uile aoibhneas an


L. 226


tsaoghuil si ar son na neithibh dofhaicse, an uile chruas, an uile
annródh agus an uile ainnisi d'fhulang agus do bhreith do roghuin ní
as luaithe iná do chuirfemís smál nó spot ar an macántacht,
ar an ngeanmnaidheacht, ar an gceart, ar an mbúidheacht iná
ar an gcreideamh? Dá mbeith a résún-san daingion nó diongmhálta,
dob éidir an uile fheallsa do bhuaidhreadh agus do mhilleadh
an tan gomadh ceadaightheach an mhaith do mheas 'na holc,
an t-olc 'na mhaith, an fhírinne 'na bréig, agus, fá dheóidh, an solas
'na dhorchadas. As beag iomorró do na feallsaimh leanas an
fhírinne agus an mhaith fhíre, agus uime sin as beag do dhaoinibh
foirbhthe iomlána dobhí 'na measg. Ar an adhbhar sin madh
as as an nuimhir mholfamaoid an bheatha, go deimhin an mhaith
nár cleachtadh do choimhéd acht ó fhírbheagán, as córa a rádh
gurab olc iná maith, agus ainbhfeas nó seachráin an mhóráin do
bheith 'na maith. Acht do bhrígh gurab gráineamhuil sin ré rádh,
as cinnte nach uime do sháraidh Mahoiméit Críost, gur chuir
iliomad fána smacht, ar an gceart (diadha) dá fhulang dhó, leis
an tsaoirsi antoileamhuil dothug dháibh, agus lé neart arm; amhuil agus
fuilngthear don diabhal agus do dhrochdhaoinibh eile do ghnáth na
daoine laga neamhaireacha simplidhe neamhurchóideacha gan
neart gan arm do bhuaidhreadh agus do bhrúghadh. Óir madh do
bhuadhaigh Críost a n-aghaidh an domhain an tráth nach raibh
aithne nó eólas ar a ainm, agus bá díol teithmhe dá gach aon nuaidheacht
an bháis mhaslaigh dofuair do chlos, agus dar leat gur mhó
an díol tarcuisne é iná an díol onóra, créd mheasas tú dob éidir
leis do dhénamh anois iar síoladh agus iar nglacadh a ghlóire ar
feadh an domhuin? Nárbh usa do bhuaidh an anma críostaidhe
éirghe go hárrachtach anois iná ó thús?



Gidheadh, as a ndíoghaltus na míghníomh tángadar so uile,
amhuil agus do rémhaithreasadh iad ó Dhia, bá feasach orra agus do
fhulaing a tteacht. Óir atá sgríobhtha gur goireadh ar mhórán,
gidheadh, gur beag dhíobh do toghadh; agus gurab roimheinic do
médaigheadh agus do laghdaigheadh an Eagluis. Dothug Dia iomorró
toil shaor dochum na maithe agus an oilc, dochum na subháilceadh
agus na ndubháilceadh, agus ní dhén foirneart ar na daoinibh go ceachtar
don dá thaoibh sin, agus ní mó as éidir foiréigean do dhénamh orra
an feadh sheasas a nádúir; óir dá sguireadh saoirsi na toile, ní


L. 227


bheith luaigheacht iná míoluaigheacht ar ar gcumas. Agus do
bhrígh gurab lé tabhartasuibh agus ré tíodhlaicthibh thairrngeas
Dia na daoine dochum na maithe d'oibriughadh, agus gurab lé
piantuibh agus ré díoghaltas do bhagar orra chriothnuigheas iad
ón olc do dhénamh, ní hé sgrios na nádúire do dhearlaig aonuair
amháin do-ní, acht a coimhéd go cúramach ina beith gan
bhearnadh. Mar sin do bhagair Dia pianta égsamhla ar na
peacthachuibh muna ndiongnadaois aithreachas gan mhoill; an
chéidphian, dalladh na hinntinne, ionnas go labhrann an ríoghfháidh
Dáuidh a bpearsuin Chríost agus na n-uile fhírén a n-aghaidh
na bpeacthach ar an modh as: “Teagadh dorchadas ar a súilibh
d'eagla go bhfaicfedís, agus bíodh a ndruim cam do shíor.” Agus adeir
Dia leis an fháidh Isaias: “Imigh, dall croidhe an phobuil si agus
tromaidh a chluasa agus dúin a shúile d'eagla go bhfaicfeadh léna
shúilibh uair éigin agus go ccluinfeadh léna chluasuibh agus go ttuigfeadh
léna chroidhe agus go bhfillfeadh agus go slánaighfinn é.” As mar
sin do rémhaithriseadh isan Soisgél go meinic a ndúire agus a gcruas
croidhe, agus sgrios Ierusalém agus a ndíbeirt - mhairfeas go deireadh
dhomhuin - do na Iúdaidhibh díchreidmheachuibh dár chóir
creideamh roimh an uile do Chríost agus dá reacht.



Arís, léighmíd go cclaonfaid iomad ón ccreideamh Catoilce agus
gurab beag sáibheóltar, san áit a labhrann an Tighearna isan
tSoisgél ar na haimsearuibh déighionacha, ag rádh: “Rachaidh
carthanacht mhóráin a bhfuaraidheacht ón bpeacadh agus ón
olc do líonadh 'na measg.” Agus adeir a n-áit oile: “An tráth thiocfas
Mac an duine, an measann tú go bhfuighe creideamh ar an
talamh?” Arís, adeir an t-apstal Pól ag sgríobhadh dochum a
dhisgiobuil Timotheus na briathra sa: “Adeir an Spiorad go follas
go ttréigfid dream áiridhe an creideamh isna haimsearuibh
déighionacha ag tabhairt aire do spioraduibh an tseachráin agus do
theagasguibh na ndeamhan, ag labhairt na bréige a bhfimíneacht.”
Fá dheóidh, madh léighmíd an teagasg soisgélta ar fad, do-ghébham
gur innis Dia roimh ré na neithe si go (huilidhe), do
réir mar dothángadar dochum críche agus do fhulaing a tteacht.
Óir sgaraidh a sholas féin leis an druing do-bheir a mbeatha suas
go holc dubháilceach agus fágbhaidh ina ndaille féin iad. Agus amhuil
do-righne díoghaltas ar an gcineadh Iúdaidhe ar son a n-uabhair agus
a n-easumhla, mar an gcédna do léig sgiúrsa a fheirge ar lucht


L. 228


leanamhna Mahoiméit agus ar an muinntir oile théid a n-easumhla
agus tréigeas an creideamh ar son a n-olc agus a míghníomh. Ní
héidir iomorró pian as truime do chur ar neach iná easbhaidh an
tsoluis fhíre agus na deighbheatha: slighe chinnte tré a ngabhthar
go damnughadh síordhuidhe. Óir do réir mar do thaisbénamar
thuas, ní bhfuil díorchacht iná sábháil acht earráid, seachrán agus
cailleamhuin shíordhuidhe taobh amuich do chreideamh Chríost.



Acht dá n-abairtheá: créd an fáth as a ndíoluid an chlann piana
ar son a n-aithreach? Óir madh do pheacaidheadar na sein-Iúdaidheadha
agus na Mahoiméideadha, créd 'már filleadh a pian
ar a ccloin agus ar a sliocht 'na ndiaidh? As í ar bhfreagra ar sin
gurab é as cúis dó, foillsiughadh an chreidimh chríostaidhe ar
feadh an domhain agus fios na míorbhuileadh, ionnas nach beith
leisgél ag aoinneach nach bhfuair cumas ar an bhfírinne do
lorgaireacht agus ar a fios d'fhághuil. Agus madh do-ní féin maineachtnaigh
isan bhfírinne do lorgaireacht, as ceart sin do aithbhear
air; óir ní thiocfadh díoghaltas orra a cciontuibh a n-aithreach
muna ndiongnadaois féin an peacadh cédna. Nó, dá n-iomchradaois
a mbeatha do réir résúin nádúrtha, as cinnte go soillseóchadh
Dia (nach diúltann a riachtanas ar aoinneach acht
dobhíos do shíor do láthair ullamh dochum gach neithe as
riachtanas dá gach aon dochum na beathadh síordhuidhe do
ghnoughadh do thabhairt uaidhe go trócaireach) iad, (agus) go ttiobhradh
solas ar an bhfírinne dháibh. Amhuil adubhramar thuas
roimhe.



Ós a chionn sin bíodh gurab iomadamhuil breitheamhnuis
fholaighthe Dé agus nach éidir leis na daoinibh a lorgaireacht,
ionnas go n-abair an t-apstol gur chríochnuigh Dia na huile isan
díchreideamh, ionnas go ndiongnamh trócaire ar an uile. Agus go
grod dá éis sin éimhghidh, ag criothnamh roimh aigén rodhomhuin
dosgrúdtha na mórdhachta diadha, agus adeir: “Ó a aigéin shaidhbhreas
eagna agus eólais Dé! Créd dochuimsighthe a bhreitheamhnas
agus dolorgartha a shlightheadh! Cia iomorró dárbh fheas ciall an
Tighearna, nó cia dobhí 'na chomhuirleach aige? Nó cia
as túsga tug dhó agus do-ghébha arís? Óir as uadhasan agus thríodsan
agus annsan atáid na huile. Ónóir agus glóir dhó i saoghal na saoghal.
Amén.”



Bíodh a fhios agad ar a shon sin, amhuil agus do réimhinnis ar
tTighearna Íosa Críost na hoilc si do bheith ré teacht ar an


L. 229


tsaoghal, mar an gcédna gur dhearbh nach rachadh a Eagluis
féin, do chuir suas ar charraigc dhaingein, a mbáthadh go bráth,
ag rádh: “Ag sin meisi (in) bhur bhfochair gach uile lá go deireadh
an tsaoghuil.” Ar an adhbhar sin amhuil agus tángadar na huile
neithe dá ndubhairt Críost do réir mar adubhairt go soiche
an lá aniodh, agus gur lér 'na measg sin claonadh mhóráin ón gcreideamh,
mar an gcédna chreidmíd go mairfidh an Eagluis go
suthain síordhuídhe. Óir atáid a fundamuinnteadha comhfoirtill
comhdaingion agus sin gur mallaighthe a mheas gurbh
éidir a briseadh iná a leagadh. Agus ní headh amháin sin acht
atá dóthchas aguinn an tráth hiomláinfior fearg dhíoghaltach
(Dé) ar na droichchríosdaidhthibh agus ar an ccuid oile do na
hainchríostaidhthibh go n-athnuadhfaidh a Eagluis féin agus go
bhfillfidh an chruinne dhomhanda go hiomlán air féin, agus nach
biaidh acht aointréd agus aonaodhaire ann; ní mheasmaoid nach
bhfuil a bhfad uainn. Agus mar sin mairfidh go buan barc
Pheadair, ag loingseóracht seal go soirbh agus seal oile go doirbh,
do réir égsamhlacht na n-aimsior, go teacht an laé mhóir úd an
Tighearna ina mbiaid secréideadha folaighthe na ndorchadas follas
don domhan agus a n-aitheóntar nó a ttuigfidhear fá dheóidh
breatha fírchearta Dé. Anois iomorró as lór dhúinn a ndubhramar ar
choirbtheacht Mhahoiméit an tan nach éidir leis é féin do chosnamh
ré résúnaibh diadha iná daonna acht amháin ré neart agus
ré foiréigean gan chéill. Agus ó nach éidir foirneart ar bioth do
bheith síordhuidhe, ní bhfuil dá mhéid dá bhfásann nach móide agus
sin as mó a thuisleadh. Agus go deimhin an tráth ghébhuid na
puibleacha solas na fírinne, as cinnte go sgarfuid leis an ngein
choirbthe si, agus go mba móide dá phéin a mhéid do fhásadar a
chomhachta.



GURAB É AN CREIDEAMH CRÍOSTAIDHE AN FÍRCHREIDEAMH
SEASMHACH SUTHAIN.



Caib. 8.



Iar gclaoidh na sechta agus na seachrán rémhráidhte, an tan
gurab ó sholas nádúrtha nó ó sholus ós cionn nádúire, nó uatha


L. 230


araon, thig an uile chreideamh, madh geibhthear creideamh nó
geasadóireacht ar bioth oile seach na méide si do áirmheamar, as
éidir ar gach aonchor a ttarruing chugtha sin, nó go cuid éigin
aca. Gach creideamh iomorró as deóntach ar sholas nádúrtha
amháin, nó as (ó) thúsaibh fíre an résúin daonna thig, agus as é sin
creideamh na bhfeallsamh, nach lór dochum na n-anmann do
shábháil, mar do chruthaigheamar thuas; nó as ó thúsaibh
fallsa amháin na neithe nádúrtha thig, mar atá asarluigheacht
na nélladóireadha, bhíos lánmhar as fios na neithe bhíos ré
teacht do bheith aca féin, agus do dhiomolamar mar an gcédna;
nó as ó thúsaibh fallsa thig do-geibhthear ré cealguibh na
ndeamhan, mar atá an t-iodhaladhradh do damnuigheadh linn
thuas. Acht madh as ó sholus ós cionn nádúire thig an creideamh,
ní faghthar aoinchreideamh sháraigheas an solas
nádúrtha acht madh dligheadh an tSein-Reachta agus an Nuaidh-Reachta.
Mar sin, nó as é an Sein-Reacht amháin dearbhthar,
mar do-ní an cineadh Iúdaidhe, adeir go n-adhruid féin an Dia
fíre; nó milltear agus truaillighthear an Nuaidh-Reacht, mar do-níd
na heithriccigh; nó milltear an dá thiomna, mar do-níd a
leanann lorg Mahoiméid. Congbhuid iomorró na críostaidhthe
an dá thiomna leis an solas nádúrtha go hiochtmhar, agus glacuid
an fios nádúrtha agus ós cionn nádúire, agus as ceirte dhíorcha thuigid
iad iná na huile. Mar sin ós iad an mhéid si do áirmheamar,
gach creideamh dár fríth go fóill ar an tsaoghal sa, nó as ionáirmhe
orra so madh atá nísa mhó ann, agus nach éidir aoinchreideamh
do chur a gcommóradh leis an gcreideamh chríostaidhe
a résúnaibh iná a míorbhúilibh, agus go sáraigheann gach uile
chreideamh commór agus atá neamh nías áirde iná an talamh agus
commór agus atá difir eidir an tsolas agus an dorchadas, as follas gurab é
an creideamh críostaidhe amháin an creideamh fíre agus aonchuan
sábháilte na sláinte.



Gidheadh, dá saoileadh aoinneach creideamh éigin bá fearr
iná an creideamh críostaidhe do bheith ré teacht agus go measadh
go ttiocfa an creideamh sin uair éigin, ar mhodh, an tráth thiocfas,
go mbeanfa a chion don chreideamh chríostaidhe, dochum gan
éinní d'fhágbháil gan tráchtadh air, tóigébham an uile chealg
as an tslighidh. Uime sin adeirmíd ar tús, ó nach bhfaghthar


L. 231


creideamh ar bioth san am so as fearr iná an creideamh críostaidhe,
gurab inghreamaighthe dhe go dosgaoilte, dochum foghnamh
do Dhia agus a sheirbhís do dhénamh do réir ar gcomhachta.
Gidheadh, madh thaisbénann Dia creideamh as fearr iná an
creideamh críostaidhe dúinn, as riachtanas an uair sin an
creideamh sin do leanmhuin. Acht ní facas an creideamh so go
fóill, agus ní mó atá résún, fundamuint iná baramhuil ar bioth
chéillidhe go ttiocfa go bráth. Óir munab éidir críoch d'fhághail
iná do thuigsin (do réir mar do chruthaigheamar thuas go
diongmhálta) as fearr iná críoch na beathadh daonna iná
meadhón as cinnte, iná beatha as foirbhthe iná an chríoch, an
meadhón agus an bheatha chuireas an creideamh críostaidhe síos,
cá bhfuil díol foinn nó dúla nías mó? Atá fós adhradh foirimleach
an chreideimh chríostaidhe iongantach agus 'na shlighe romhaith
leis na daoinibh do threórughadh dochum a gcríche; atá ós a
chionn sin go fundamuinteach arna dhaingniughadh ar iliomad
comharrthadh, tairngireadh agus résún rofhoirtille nach éidir ní as
mó do bheith ar an tsaoghal.



Acht bíodh gomadh éidir dá éis so creideamh as fearr iná an
creideamh críostaidhe do thabhairt amach, ar a shon sin ní
héidir leis an gcreideamh sin an creideamh críostaidhe do dhamnughadh
iná do mhúchadh. Do bhrígh gurab lé solas ós cionn
nádúire go mórmhór atá an creideamh críostaidhe ag siobhal
(mar do thaisbénamar san dara leabhar don obair si), ní héidir
dhó bheith acht ó Dhia, ó a ttáinic an uiriod sin maitheasa agus
móirghníomha iongantacha don tsaoghal nárbh éidir lé haoinneach
acht lé Dia amháin d'oibriughadh. Atá fós coimhtheacht
ag solas nádúrtha an résúin, do hordaigheadh lé Dia
féin, leis na neithibh si. Ar an adhbhar sin dá ttugthaoi isteach
ré solas nádúrtha nó ós cionn nádúire nuaidhchreideamh bá
fearr agus foirbhthe iná an creideamh críostaidhe, ní héidir leis bheith
conntrárdha don chreideamh chríostaidhe. Óir as riachtanas,
nó as éigin gurab roifhíor na neithe atá ceanguilte dhínn ó nádúir,
ionnas nach éidir dhúinn smuaineadh iná a ttuigsin ar atharrach
modha. Na neithe ámh chreidmíd, taisbénuid dearbha comhfollasach
agus sin gomadh mallaighthe conntabhairt do chur a ní
dá laghad díobh. Ar an adhbhar sin ós gnáth an fhírinne do
theacht ris an bhfírinne, as cinnte, ciabé solas ó a ttiocfadh an


L. 232


creideamh sin, nach beith neimhtheacht aige leis an gcreideamh
chríostaidhe, agus nach mó do bheith conntrárdha dhó; do bhrígh
gurab ó Dhia do bheith gach creideamh dhíobh agus gurab ó Dhia,
nach n-abair ní ar bioth a n-aghaidh agus nach tteagasgann an
fhírinne anois agus a conntráir arís, thigid an dá sholas ó ttig
gach creideamh aca. Óir bá mallaighthe, agus bá naomhathais nó
blaisféim brég nó fallsacht do chur a leith ughdair na fírinne.



Arís, cuibhrighid na résúin chontrárdha an tuigse ar mhodh
nach éidir lé an fhírinne do leanmhuin iná do thuigsin. Acht
dá ccuireadh Dia eóluis chontrárdha dhá chéile chugainn, do
chuirfeadh sin toirmeasg ar ar ttuigse ón bhfírinne d'aithne;
ní nach éidir bheith ó Dhia. Ar an adhbhar sin madh as ón
tsolas ós cionn nádúire thig ar gcreideamh-ne, agus go molann gach
ní thig ó sholas an résúin nádúrtha, as éigin go molfaidh an uile
chreideamh fíre (dá mbeith aoinchreideamh don tsórt sin ré
teacht) gach ní mhúineas an creideamh críostaidhe.



SUIM ATHCHOMAIR NA HOIBRE GO HIOMLÁN.



Caib. 9.



Dochum a ndubhramar isna leabhruibh si suas do bheith ar
beóchuimhne, cuirfeam annso go hathchumair suim na
hoibre, dochum na résún do bheith do ghnáth cruinn ós comhair
ar súl. Adeirmíd nach go hédrom uallach acht go críonna
céillidhe gluaistear na críostaidhthe dochum rúindiamhra agus
aitheanta Chríost agus a Eagluisi do chreideamh agus do choimhéd.
Do chéidneithibh, beanaidh ré duine críonna, iar meas go
friochnamhach ar mhéid, ar ord, ar sgéimh agus ar bhuaine na
cruinne si, a admháil gurab é Dia, .i. an cédghluaisteóir, nó
an chédchúis, nó an chéidbheith as ro-uaisle don uile atá ós
cionn na móroibre sin. Ní ghluaisionn iomorró aoinní é féin,
agus ní mó as éidir oibriughadh doichríochnaighthe do bheith
isna neithibh ghluaisios nó oibrigheas. Agus an tan gurab uaisle
an spioraid iná an corp, agus an gníomh iná an cumas, agus gurab


L. 233


éigin an gníomh do bheith roimh an gcumas, ní héidir le
haoinneach a rádh go céillidhe gur corp Dia, iná foirm choirp,
iná comhchuireadh arna dhénamh do chotuibh. Madh as
gníomh fíre Dia, ní héidir conntabhairt do chur go bhfuil
foirbhthe iomlán, 'na árdmhaith, agus go bhfuil a chomhachta
ré a n-oibrigheann isna huilibh, dochuimsigh doichríochnuigh.
Ní shénfaidh fós aoinneach agá bhfuil eólas dá laghad san
bhfeallsa nádúrtha go bhfuil Dia domhalartach síordhuidhe
agus 'na aon. Agus an tan go bhfaicmíd isna neithibh as uaisle, .i. isna
hainmhinntibh, nach bhfuil dá mhéid dá ttógthar a bhfoirm ón
adhbhar nach móide agus sin atáid rannphártach ar an eólas agus ar an
tuigse, ní hionchonntabhartha mar sin, ó atá Dia 'na ghníomh
fíre, go bhfuil tuigseach, agus fós gurab é féin an tuigse agus an eagna
dhoichríochnuigh. Agus ó nach éidir tuigse ar bioth do bheith
gan toil, agus nach bí toil gan bheith saor, as follas go bhfuil toil
i nDia nach n-oibrigheann ó riachtanas na nádúire acht óna
saoirse dhíleas féin. Uime sin ós tréna thuigse agus tréna thoil
oibrigheas na huile mar chédchúis, as éigin mar an gcédna a
admháil go bhfuil cúram agus coimhéd aige fá na huile neithibh,
agus go mórmhór fá na neithibh daonna, an tan gurab é an duine
créatúir as ro-uaisle agus as ro-onóraigh do na huile chréatúiribh
corpardha, agus gurab ar a shon do-righneadh na huile neithe
nádúrtha. Mar sin beanaidh ré Dia an duine do dhíriughadh
dochum a chríche. Gidheadh, an mhéid gur créatúir résúnta an
duine, ní héidir (a ordughadh) dochum críche ar bioth oile acht
dochum maodhughadh na neithe ndiadha, do bhrígh gurab í
an fhírinne as críoch don tuigse, agus an mhaith choitchionn nach
éidir d'fhagháil isna neithibh cruthaighthe si as cosbóir don toil.
Acht do bhrígh go bhfuil an bheatha so do láthair aguinn lán
d'ainnisi agus d'annródh, agus gur roghann ar n-eólas an feadh bhiam
arnar bhfolach fá ualach na feóla sa inar ttimcheall, as mírésúnta
a mheas gurab isan mbeathaidh si atá an ghlóir nó an
sén síordhuidhe. Uime sin as riachtanas a admháil go bhfuil
beatha oile ann seach na beathadh sa do láthair aguinn, go
bhfuil ar n-anam domharbhtha agus gurab é as foirm don chorp.
Óir gan sin do bheith 'na fhírinne, níorbh fheas cionnas nó créd
an modh a mbeith an duine 'na dhuine. Agus mar sin (leanaidh) go
bhfuil an t-anam soidheaghuilte leis an gcorp agus gurab éidir leis
seasamh uaidhe féin d'éagmais an choirp. Óir an mhuinntir leanas
slighidh na fírinne agus atá don opinion nó don aigneadh so, as


L. 234


ro-uras leó gach snaidhm agus gach líon a ngabhthar an drong atá
contrárdha don opinion so do sheachna. Óir madh sgrúdamaoid
go grinn ord na neithe nádúrtha, ní héidir ní ar bioth
mírésúnta do chur a leith an teaguisg chríostaidhe atá dá rádh
so rinn. Nach bhfuilid na neithe si go hiomlán ag teacht re
résún, agus nár chruthaigheadar daoine rofhoghlamtha roi-eagnuidhe
iad ré résúnaibh dosgaoilte?



Cuirmid fós an Bhuaidh dhealbhamar a ttosach na hoibre si ós
ar gcomhair, ag meas móirfhearta iongantacha Chríost, agus ní
bhfuigheam ní dá laghad isan teagasg chríostaidhe contrárdha
nó coimhightheach don résún. Cia réarb éidir a shénadh go
bhfuil creideamh éigin fíre ar an tsaoghal sa, an tan go bhfuil
claonadh nádúrtha ag an uile dhuine Dia dh'adhradh, agus gurab
é an t-adhradh diadha as meadhón agus as slighe tré a ngabhthar
dochum na glóire agus an tséin shíordhuídhe? Óir níor ordaigh
Dia ní ar bioth dochum críche gan na meadhóin tré ngébhthaoi
gusan gcrích sin do thabhairt uaidhe. Óir gan sin as díomhaoin
do oirdeóchadh an ní sin dochum a samhla sin do chrích;
ní nár chubhaidh agus nach oireamhnach do Dhia. Cad é an ní
ámh iarras adhradh fíre Dé oruinn acht deighbheatha shubháilceach
do bheith aguinn? Óir as ionann Dia d'adhradh agus onóir
do thabhairt dó, agus a admháil agus a aithne mar Dhia. Gidheadh,
ní héidir a onórughadh nísa fhearr iná i bhfoirbhtheacht a
éifeicht, choimhsheasas a ndeighbheatha an duine. Agus ó nach
éidir beatha oile ar bioth d'fhághuil iná do thuigsin as fearr
iná an bheatha chríostaidhe, as follas gurab romhaith a hadhradh,
an tan nach éidir (críoch) iná meadhón ré teacht dochum na
críche d'fhághuil as fearr, as foirbhthe, as dearbhtha agus as résúnta
iná críoch agus meadhón na beathadh críostaidhe. Ar an adhbhar
sin as cinnte gurab é an creideamh críostaidhe an creideamh
fíre, agus gurab ó Dhia atá, agus gurab é an ród réidh roidhíreach tré
a ngabhaid na daoine dochum na glóire agus dochum an tséin
shíordhuidhe. Óir muna ttreóraigheann an creideamh críostaidhe
dochum na glóire, fiafraighim, cia an creideamh oile réarb éidir
a dhénamh? Mar sin ní héttrom uallach, acht as tromdha
roichríonna glacthar agus coimhédthar an creideamh agus an bheatha
chríostaidhe.


L. 235


Dá meastá don chéidiarraidh gomadh díthchéillidhe dhuit a
chreideamh go bhfuil óglach do crochadh 'na Dhia, 'na Mhac Dé
agus 'na dhuine, smuain mar athchuinghidh ort nach éidir díorchacht,
naomhthacht agus fíréntacht bheathadh commór agus atá ag na críostaidhthibh
do gheineamhuin ó earráid iná ó sheachrán dochuimsighthe.
As follas iomorró gurab ó chreideamh Chríost do
crochadh thig, oiltear, fhásas agus iomlánaighthear an bheatha
chríostaidhe - beatha as fearr agus as naomhtha do na huilibh.
Tabhair dot aire arís nach éidir lé sgrioptúiribh an tSein-Reachta
agus an Nuaidh-Reachta, ina gcoimhsheasann an creideamh go
hiomlán, bheith acht ó Dhia, agus gurab as na naoimhreachtuibh
sin do tairrngireadh an uiriod si bliadhan roimh ré na neithe
nach ttáinic an uair sin acht dobhí re teacht, agus gur uatha do shil
an uiriod sin toraidh na naoimhbheathadh críostaidhe, agus do
fhilleadar nuimhir dhofhaisnéidhe d'eagnuidhibh ar sholas na
fírinne si.



Ós a chionn sin, dá mbeith creideamh Chríost fallsa, go
dearbhtha do foillseóchfaidh sin uair éigin, go háiridhe do
dhaoinibh roghlana, a n-urnaighthe agus a maodhughadh na neithe
ndiadha, agus dobhíodh do ghnáth ag síorchur impidhe ar Dhia
solas na fírinne ós cionn an uile ní do thaisbénadh dháibh. Acht
do bhrígh gur cinnte gur mó sa chách dobhíodh an sórt daoineadh
so arna ndaingnioghadh isan gcreideamh chríostaidhe go
laethamhuil, ní héidir an t-éifeacht roidhiadha sin do theacht
leis an mbréig, iná, mar sin, creideamh Chríost do bheith fallsa
iná brégach. As éidir fós an ní cédna do dhearbhadh as an
adhradh fhoirimlioch, óir ní bhfuil dá chaoindúthrachtaigh
agus dá inísle dá ttugaid na daoine iad féin dó nach móide agus sin as
naomhtha agus as fírénta iad. Gidheadh, an mhuinntir do-ní
neamhshuim dhe, nó do-bheir tarcuisne dhó, nó fhreacras é gan
reuerens, téid ar gcúlaibh agus ní thig lá acht lá as measa sa chách iad.



Arís, da mbeith creideamh Chríost díomhaoin nó fallsa,
cionnas dob éidir an tsíth dhoghluaiste inntinne, an tsaoirsi
neimhchriothach agus an t-urgháirdeas daingion meanma atá ag
na críostaidhthibh do bheith aca, ionnas dar leat gur a lár mhóraoibhneasa
bhíd nuimhir dho-áirmhe dá gach cinél an tráth as
mó bhíos buaidhirt, annródh, persecution agus inghreim orra? Óir
dámadh ar seachrán dobheithdís, níorbh éidir leó dul ar a


L. 236


n-aghaidh san deighbheathaidh, iná meanma agus urgháirdeas
seasmhach ar son anma Chríost a ndoirbheas agus a n-inghreim,
sháraigheas an neart daonna, (do bheith aca). Agus ní hé sin amháin
acht do-chímid an fhíorghloine, an tsíth agus an sólás inntinne si
ag deallradh comhmór agus sin isna corpuibh féin go mbí onóir
agus réverens ag na daoinibh dháibh, as sgéimh a ngnúisi agus as mórdhacht
a mbeól, agus go leasaighid iomad a mbeatha ré dearcadh
orra, amhuil agus do tollfaidhe iad ré gáibh gréine an Spioraid
Naoimh. Agus an tan go bhfuilid na neithe (si) ré faicsin go
laéthamhuil a nEagluis Dé, as cinnte gurab duine do chaill a
chiall ar fad an tí do-ní neamhshuim nó do-bheir tarcuisne do
chreideamh comhnaomhtha coimhiongantach agus coimhneartmhar
agus (atá) an creideamh críostaidhe. Óir bá lór an ní so féin mar
shiocair réna leanmhuin agus re greamughadh dhe go doghluaiste.



Madh dhearcmaoid ar Chríost ag buadhughadh ar íochtar agus ar
uachtar an domhuin, ní huras dúinn conntabhairt do chur go
bhfuil 'na Dhia fíre an tí do chlaoidh an chruinne cheathardha,
.i. dée na n-uile náisión, impireadha, tíoránaigh, feallsaimh,
eithriccigh agus cineadhacha fiadhánta dobhí ag comhracc go
cruaidh 'na aghaidh, agus gan sin do dhénamh ré neart, ré harm iná
ré geallamhnachuibh neithibh talmhuidhe do thabhairt dáibh iná
ré briathruibh millsi acbhuinneacha, acht ré seanmóir geanmnaigh
glain measardha agus re sompla beagáin bochtán inísiol do
iompaidh an saoghal ar a reachtuibh agus ar a dhlighthibh féin.
Agus do-ríghne gach ní dár thoil leis, bíodh dar leat go rabhadar
doidhénta. Do shoillsigh fós an chruinne dhomhanda go ro-uras
rena eagna iongantaigh, do thóguibh iad ré luas doichreidthe as
an dorchadas ina rabhadar 'na luidhe, agus do ghlan óna n-uile
sheachrán. Dá éis sin do tharruing croidheadha na ndaoineadh,
tréna mhaith dhochuimsighthe, ar a ghrádh féin, ionnas gur
tharcuisnigheadar pobuil dho-áirmhe dá gach uile chineadh, dá
gach cinél, dá gach coinghioll agus dá gach ceird, fós na daoine
dob fhoghlamtha agus dob eagnuidhe dá raibh (ar) an domhan,
na huile neithe saoghalta dá ghrádh agus d'admháil a anma, agus
ós a chionn sin do fhuilngeadar go súgach sólásach meanmnach
móraigeantach tár agus tarcuisne, masla agus míomhodh, bagar agus


L. 237


boirbbhriathra, páis agus pianta, sgiúrsa agus feólchasgairt ar a
shon-san. Fiafraighim, cia do na daoinibh nó do na déibh
dá bhfacas ariamh agá raibh na comhachta sa, an eagna, iná
an mhaith? Mar sin muna bhfuil an tí si 'na Dhia, cia réarb éidir
bheith 'na Dhia? An measann (tú) gurbh éidir re duine
rochoirbthe ro-uaibhreach, muna mbeith 'na Dhia fíre, gomadh
éigin Críost do ghairm dhe, gurbh éidir leis a samhla so do
choimhlíonadh? Nó an bhfuil míorbhuile as mó iná dá ndénadh
na neithe si gan míorbhuile? Cá bhfuil aoinní dár theaguisg
Críost atá conntrárdha don résún nádúrtha? Madh do fhoillsigh
rúindiamhair árd na Tríonóide dochuimsighthe, as léir dhúinn
a lorg agus a híomháigh isna créatúiribh, agus ar a shon sin ní chuirmíd
aonfhocal a n-aghaidh na feallsa nádúrtha. Ní bhfuil a n-aghaidh
résúin madh do fhulaing nó thoiligh an saoghal do chruthughadh,
an tan gur céillidhe na huile neithe do bheith arna ndénamh
leis an ccédchúis ghníomhaigh. Madh bhreathnaigheann tú
naomhadh na n-anmann, as résúnta mar an gcédna an duine
do theacht gusan sén neamhdha, dochum ar hordaigheadh
é, ré tíodhlaice neamhdha dá naomhadh. As céillidhe mar sin
na hanmanna do theacht gusan tsén agus an ghlóir - na críocha
dochum ar hordaigheadh iad. Madh dhearcair ar eiséirghe na
gcorp, ní díomhaoin atá fuireachas aguinn leis, do bhrígh go
mbí an t-anam deaghuilte ag iarraidh a choirp féin, mar bhíos
an fhoirm ag iarraidh a hadhbhair, ionnas, do réir mar do
oibrigh an mhaith nó an t-olc a bhfochair an anma, go bhfaghadh
do réir cheirt agus go nglacadh luach a shaothair maraon leis.
Madh atá súil aguinn ré glóir an tsaoghuil go hiomlán, créd an
dochar tig as sin? Óir bíodh nach biaidh riachtanus ag na
fírénuibh leis an eiséirghe tar éis glóire na gcorp, ar son an
chuirp iná ar son na tuigse, an tan gur corp dothruaillighthe
dobhásaighthe ghlacfuid 'na ttimcheall, agus nach nglacfuid fios iná
eólas ón ccédfadh, do bhrígh go mbiaidh radharc ag na huilibh
ar bheith Dé, ar a shon sin, do bhrígh nach ttiocfa an tsúil
chorpardha go radharc na beithe diadha, as ro-iomchubhaidh
na coirp neamhdha agus na dúile do ghlórughadh, dochum radhairc
thaithneamhaigh agus oireamhnaigh do bheith ag an tsúil chorpardha
ghlórmhair. Madh adeirmíd go ndearnadh duine do Dhia, cad


L. 238


é an ní bá deaghmhaisighe agus as mó bá búidh dob éidir d'fhagháil
ó Athair romhaith agus ó Árdshaor na n-uile iná Dia féin do shoillsiughadh
na muinntire dobhí 'na suidhe a ndorchadasuibh agus a
sgáile an bháis, agus arna ndénamh nísa chinnte don chrích dhéighionaigh
agus don bheathaidh fhoirbhthe, díoluigheacht agus lóirghníomh
do thabhairt ar son a bpeacadha - díoluigheacht nach raibhe ar
cumas aonduine oile do thabhairt uaidhe? Uime sin ba cóir
don tí tánaic do sgrios na bpeacadh a gheineamhuin ó mhaighdin
ar nach raibh smál peacaidh, agus bás d'fhagháil i gcroich, do
thabhairt sompla dhúinne nach intseachanta sórt ar bioth báis ar
son an cheirt. Bá cubhaidh, fá dheóidh, a eiséirghe agus a dhul
suas ar neamh do shuidhe ar deis a Athar, dochum dóthchuis
chinnte do thabhairt do na huilibh ar an eiséirghe agus ar an
mbeathaidh shíordhuidhe. Agus an tí do-righneadh cionntach ar
son na n-uile agus do fhulaing breitheamhnas do thabhairt air féin,
as ceart go ttiocfa mar áirdbhreitheamh ar na huilibh.



Cá bhfuil fós ní ar bith mírésúnta nó éigceart ag an gcreideamh
dá fhógra isna haitheantuibh mórálta nó san dligheadh, an tan
nach éidir beatha is fearr iná stiúradh as foirbhthe d'fhághuil
iná an reacht críostaidhe? Óir glacaidh an creideamh críostaidhe
an mhéid do thráchtsad na feallsuimh agus na daoine foghlamtha
go céillidhe ar na subháilcibh agus ar na deighbhésuibh; ní dhiúltann
aoinní atá fíor acht cruinnighidh go fairsing mórán nísa fhoirbhthe
iná iad 'na gceann. Ní léigionn fós ní ar bioth doidhénta iná
a n-aghaidh résúin isna seremóinibh, acht do-gheibh an duine
naomhthacht adhbhal agus sólás diadha asta.



Cá bhfuil aoinchreideamh oile do-bheir a leithéid so do thoradh
uaidhe? An éidir leis na feallsaimh dhul a gcomórtas leis, an
tan mar nach raibh cinnteacht aca ar chrích na beathadh daonna
agus ar na meadhónuibh threóruigheas chuice gur shíoladar iomad
seachrán agus earráideadh? Níorbh éidir ámh drong d'fhagháil as
mó do-chuaidh ar buile ré hurchóid agus ré díth céille iná na nélladóireadha
agus na hasarlaigheadha, do chaith a n-aimsir a bhfábhalluibh
agus a n-asarluigheacht dhíomhaoin. Ní bhfuil ní dhá


L. 239


laghad don fhírinne iná don mhacántas ag lucht an iodhaladhraidh.
Atáid comharrthadha, geallamhnacha, tairrngireadha na
bhfáidheadh, an tsagartacht, na sacraifíseadha, agus uile leachta an
chinidh Iúdaidhe, teacht na neithe dochum críche mar do
tairrngireadh, braighdeanas, sglábhaidheacht, sgrios agus díbeirt na
druinge duaibhsighe sin re caogad bliadhan ar mhíle agus ar sé céd, ag
sgreadadh agus ag dénamh fiadhnuisi 'na n-aghaidh. Do sgrios an
Soisgél, a neimhtheacht féin ré chéile agus a gceannairge, agus do mhúch,
nach mór, neart agus comhachta na n-eithricceach ar feadh na
coda as mó don tsaoghal. Atá an uile fheallsa agus an uile reacht
résúnta a n-aghaidh creidimh Mahoiméit agus na druinge leanas a
lorg, do bhrígh nach bhfuil ní ar bith céillidhe, cinnte iná foirtill
ann. Gidheadh, níorbh éidir lé saighid dár caitheamh ré solas
nádúrtha, nó ós cionn nádúire, an teagasg críostaidhe, atá arna
dhaingnioghadh ar an uiriod sin d'fhonndamuinntibh foirtille
fíorláidire na beathadh ronaomhtha agus do-righne an uiriod sin
do mhóirfheartuibh iongantacha ar feadh an domhuin, do
bhriseadh, do bhearnadh iná do mhúchadh, acht do bhuadhaigh
go feardha feadhmláidir réna naomhthacht agus réna fhíréntacht
ann gach cruadhchomhracc dá ndearnaidh an saoghal 'na
aghaidh ó aimsir Chríost gusan lá aniodh. Ar an adhbhar sin as
é an creideamh so Chríost an creideamh fíre as inleanta don
mhéid réar mian dhul fá dheóidh, iar bhfágbháil mara mórthonnaigh
an ghleanna sa na ndeór, go cuan síothach sábháilte
theaghlaigh neimhe do chaitheamh na glóire síordhuidhe.



Sguirídhe dá bhrígh sin, a dhaoine bochta ainbhfeasacha
meardhánta mírésúnta, ag nach bhfuil do mheadhón ré bhur
mbeigeagna do chur a gcéill acht ris an naoimhchreideamh so
Chríost do naomhaithisiodh agus d'iomcháineadh. Sguirídhe fá
dheóidh dá bheith ag amhastraigh 'na aghaidh, óir as ag ullmhughadh
barr pian a n-ifrionn dhaoibh pféin atáthaoi, ag
iarraidh smáil do chur (ar) an naoimhreacht sa atá doshalchaidh.
Acht ó atá an naoimhchreideamh so arna chur 'na shuidhe,
arna dhaingniodh agus arna neartughadh re an uiriod sin do choimhcheangal
aimsior agus neithe, ré naomhfháisdinibh, ré comharrthuibh
follasacha, ré teagasg roshlán, ré naomhthacht dochuimsighthe


L. 240


beathadh, ré dearbhadh daoineadh ro-ordhraice, ré sompladhuibh,
ré gnáithiomad míorbhuileadh n-iongantach, agus ré fuil
mhairtíreach ndo-áirmhe, ó aimsir Chríost gusan am so, glacaidhe
an creideamh so agus admhaidhidh gurab é amháin an creideamh
fíre, agus bíodh dóthchas agus súil agaibh leis an mbeathaidh oile
go luath do theacht gan chonntabhairt, inarb éigin dá gach
aon dhul fá bhreith an bhreithimh inchriothnuigh, chuirfeas na
huain, .i. na deaghdhaoine, ar a láimh dheis, agus na mionnáin,
.i. na drochdhaoine, ar a láimh chlé. Rachuid so go teine shíordhuidhe
thighe ifrinn, agus iad súd go beathaidh shíordhuidhe, bhal
a bhfaicfid isan Tríonóid aoinDia do-inniste dochuimsighthe, agus a
mbiaid dá ghnóughadh go suthain síordhuidhe, tré ghrásuibh
an bhuadhaigh dhochlaoidhte ar bhFuasgailteóir agus ar tTighearna
Íosa Críost, dá raibh onóir, bríogh, comhachta agus glóir tré shaoghal
na saoghal. Amén.


L. 241


(CLÁR NA GCAIBIDLEACH).



BROLACH AN CHÉIDLEABHAIR. FOL. 1.



Do réim imtheachta na hoibre. ca.1, fol.3.



Do bhuaidh Chríost, as a bhfaghthar argumainteadha an
chreidimh. ca.2, fol.4.



Do na pongcuibh as ionghabhtha do na huilibh. ca.3, fol.9.



Fuasgladh gach conntabhartha darab éidir do chur a n-aghaidh
na neithe rémhráidhte. ca.4, fol.11.



d'ord imtheachta na hoibre. ca.5, fol.15.



Go bhfuil Dia ann. ca.6, fol.16.



Nach corp Dia, iná foirm choirp, iná ní dénta do chorp agus
d'fhoirm. ca.7, fol.18.



Go bhfuil Dia 'na árdmhaith, foirbhthe, domhalartach, síordhuidhe,
sa chomhachta doichríochnaighthe. ca.8, fol.19.



Go bhfuil Dia 'na aon. ca.9, fol.22.



Go bhfuil intleacht i nDia agus eólas foirbhthe na neithe agus nach ó
riachtanas na nádúire oibrigheas acht ó thoil. ca.10, fol.23.



Go bhfuil cúram ag Dia fá na huilibh. ca.11, fol.25.



Do chrích an duine dochum a ndírighthear an cúram diadha.
ca.12, fol.27.



Nach isan mbeathaidh si do láthair aguinn atá críoch dhéighionach
an duine. ca.13, fol.29.



Go bhfuil anam an duine domharbhtha. ca.14, fol.34.



BROLACH AN DARA LEABHAIR. FOL.38.



Go bhfuil creideamh fíre éigin ann. ca.1, fol.39.



Go mbí adhradh Dé ar dhá mhodh. ca.2, fol.40.



Nach éidir beatha d'fhagháil as fearr iná an bheatha chríostaidhe.
ca.3, fol.41.



Nach éidir críoch do smuaineadh as fearr iná críoch dhéighionach
na beathadh críostaidhe. ca.4, fol.42.



Nach bhfuil meadhón iná slighe dochum na glóire agus an tséin shíordhuidhe
as fearr iná an bheatha chríostaidhe. ca.5, fol.45.



Go mbeirthear na daoine go cinnte ris an ccreideamh chríostaidhe
gusan sén síordhuidhe. ca.6, fol.47.


L. 242


Gur maith an comharrtha ar an ccreideamh chríostaidhe do
bheith fíor go mbí 'na chúis beathadh romhaithe. ca.7,
fol.49.



Gurab ó Dhia atá an teagasg críostaidhe dá ngreamuigheann an
creideamh. ca.8, fol.52.



Go ndearbhuid urnaighthe agus maodhughadh na ccríostaidhthe an
creideamh Catoilce do bheith fíor. ca.9, fol.58.



Go ndearbhann adhradh foirimleach na ccríostaidhthe an creideamh
críostaidhe do bheith fíor. ca.10, fol.61.



An creideamh do bheith fíor as éifeachtuibh innmheadhónacha
na beathadh críostaidhe. ca.11, fol.64.



An creideamh do bheith fíor as éifeachtuibh foirimleacha na
beathadh críostaidhe. ca.12, fol.69.



An creideamh do bheith fíor as oibreachuibh iongantacha
Chríost agus ar tús óna chomhachta. ca.13, fol.73.



An creideamh do bheith fíor as eagna Chríost. ca.14, fol.81.



An creideamh do bheith fíor as mórmhaith Chríost. ca.15, fol.88.



An creideamh do bheith fíor as comhachta, as eagna agus as maith
Chríost a n-aoineacht. ca.16, fol.94.



BROLACH AN TREAS LEABHAIR. FOL.96.



Go bhfuilid neithe doichríochnaighthe i nDia agus gurab éidir leis
neithe dofhaisnéidhe do dhénamh sháraigheas cumas na
tuigse daonna. ca.1, fol.97.



Do na neithibh chreideas an creideamh críostaidhe atá ós cionn
tuigse an duine. ca.2, fol.100.



Nach dearbhann an creideamh críostaidhe aoinní doidhénta iná
díthchéillidhe ar an tTríonóid. ca.3, fol.101.



Nach dearbhann an creideamh críostaidhe aoinní doidhénta iná
díthchéillidhe ar an ccruthughadh. ca.4, fol.108.



Nach dearbhann an creideamh críostaidhe ní ar bioth doidhénta
iná díthchéillidhe ar naomhadh an chréatúir résúnta, ar a
ghlóir iná ar a eiséirghe. ca.5, fol.109.



Gurab iomchubhaidh résúnta chuireas an creideamh críostaidhe
pianta na ndaoineadh ndamanta síos. ca.6, fol.112.


L. 243


Nach measann an creideamh críostaidhe éinní doidhénta mídheaghmhaisioch
iná mírésúnta ar ionchollughadh Chríost
ar Slánaightheóra. ca.7, fol.114.



Nach doidhénta iná díthchéillidhe geineamhuin Chríost ó mhaighdin
agus gurab ro-oireamhnach an bheatha dobhí aige. ca.8,
fol.117.



Nach doidhénta iná díthchéillidhe na neithe theaguisgeas an
creideamh críostaidhe ar pheacadh na sinnsior. ca.9,
fol.121.



Gurab céillidhe résúnta curthar páis Chríost agus an chuid eile
do rúindiamhruibh a dhaonnachta maraon ré uile eachta
na hEagluisi a ttimcheall an chreidimh. ca.10, fol.127.



Gurab roi-eagnuidhe chuireas an creideamh críostaidhe dhá
aithne an ghrádha as fonndamuinnteadha don bheathaidh
mhórálta go hiomlán síos. ca.11, fol.131.



Gurab ro-ordhraic teagasg mórálta na hEagluisi. ca.12, fol.135.



Go bhfuil teagasg breitheamhnach na hEagluisi roirésúnta.
ca.13, fol.139.



Gurab ro-oireamhnach do hordaigheadh sácramuinnteadha na
hEagluisi ré Críost. ca.14, fol.144.



Gurab céillidhe résúnta nuimhir na sacramuinnteadh. ca.15,
fol.146.



Go bhfuil gnáthughadh na sácramuinnteadh oireamhnach
céillidhe. ca.16, fol.148.



d'fhuasgladh na ndocamhal as éidir do chur a n-aghaidh
Shácramuinte ronaomhtha na haltóra. ca.17, fol.157.



Gurab céillidhe résúnta sereamóine na hEagluisi. ca.18, fol.161.



BROLACH AN CHEATHRAMHA LEABHAIR. FOL.165.



Nach bhfuil creideamh ar bioth fíor acht an creideamh críostaidhe
amháin. ca.1, fol.166.



Go bhfuil gach creideamh dár theagasgadar na feallsaimh líonta
d'ainbhfios agus d'earráid. ca.2, fol.168.



Gurab fallsa neamhtharbhach teagasg na nélladóireadha. ca.3,
fol.174.



Gurab é creideamh na n-iodhaladharthach secht as díomhaoine
do na huilibh. ca.4, fol.183.


L. 244


Do chlaoidh asarluigheachta agus ainchríostaidheachta an chinidh
Iúdaidhe. ca.5, fol.190.



Gurab coirbthe crosta agus gurab fallsa fírbhrégach uile theagasg
na n-eithricceach. ca.6, fol.202.



Go bhfuil secht Mhahoiméid d'easbhuidh an uile résúin. ca.7,
fol.206.



Gurab é an creideamh críostaidhe an fírchreideamh seasmhach
suthain. ca.8, fol.216.



Suim athchumair na hoibre go hiomlán. ca.9, fol.219.



Fínit.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services