Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Irish Poem from County Down
Title
An Irish Poem from County Down
Compiler/Editor
Ua Muirgheasa, Énrí
Composition Date
1649
Publisher
(Dún Dealgan: Co. Louth Archaeological Society, 1910)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Truagh mo thurus ó mo thír, Go crích Mhananainn mhín mhic Lir, Idir thriur piuratán - meabhall géar; Gearr mo shaoghal má's buan na fir. Áiremh na h-Aoine ar an ttriúr, Hamilton ó Dhún na ccliar Tháinig chuccainn sonn tar lear Ó chrích Alban - fear do'nn triar. Máighistir Ló, ar máighistir Brún: Rígh na ndúl go h-olc do'n dias Annsa leo pairlimeint ná rí Olc an chríoch orra bhias. Claon a ccoguas, saobh a cciall, Easbocc ná cliar ní mian leo; Ní abraid paidir ná cré Creitim fa bheith dhá sórt. Trosgadh ná féilte na naomh - Olc an taom - ní chongbhaid siad. Ní mó leo aduire ná brobh Pór gan mhóid nár bheannuigh Dia. Fuath leo baisteadh, crois, as ceall Bunadh na bhfeall: truagh a Dhia Creidiomh Pádraig do dhul ar ccúl, 'S creidiomh gan stiúr do bheith dá thriall. Deir gach bodach ceann-chruinn, cruaidh, "Díbirt bhuan ar chlannaibh Néill, 'S ar shíll ríogh ughdair gach uilc" Is leo ro thuit mo mhuinntir féin.
Briste mo chroidhe ann mo chliabh, Ó bheillean an trír is olc méinn, A naghaidh mo thíre as mo thriath Furtaigh a Dhia orm ó'n phéin. Dá mairfeadh Fearghus mac Róigh, Nó Cúchulainn, dar chóir grádh, Nó Murchadh mac Bhriain - ceann na sluagh. Do chuiridís go luath mo chrádh. Nó Seán mac Chuinn na mbreath saor, Nó mac Aodha mic Dhómhnaill óig, Nó sliocht an Bharuin Uí Néill - Ní fada bhéinn féin gan chóir. A theachtaire théid ar thuinn, Innis do shliocht Chuinn na ruag, 'S do shliocht ríogh do lean an séan, Mo mhairg, mo léan, as mo ghruaim. Dá gcluinfeadh Eoghan mac Airt, Nó óg-Énrí, searc na sluagh, Nó sliocht Aodha Buidhe Uí Néill, Ní rígh Banna na ccéim ccruadh. Nó Sabhaoiseach ó Loch Cuan, Nó sliocht Fheidhlim na ruag ngarg, Nó Ruiseálaigh, m'olc as mo bhruid, D'éireochadh a ffuil as a ffearcc. Iarla Dáirbí, leoghan fial, Áird-righ Mhanainn, triath na mbuaidh - Mar mbeith onóir 's uaisle a ghrádh, Is fada ó thiocfadh mo lá truaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services