Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Irish Poem from County Down

Title
An Irish Poem from County Down
Compiler/Editor
Ua Muirgheasa, Énrí
Composition Date
1649
Publisher
(Dún Dealgan: Co. Louth Archaeological Society, 1910)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Truagh mo thurus ó mo thír,
Go crích Mhananainn mhín mhic Lir,
Idir thriur piuratán - meabhall géar;
Gearr mo shaoghal má's buan na fir.



Áiremh na h-Aoine ar an ttriúr,
Hamilton ó Dhún na ccliar
Tháinig chuccainn sonn tar lear
Ó chrích Alban - fear do'nn triar.



Máighistir Ló, ar máighistir Brún:
Rígh na ndúl go h-olc do'n dias
Annsa leo pairlimeint ná rí
Olc an chríoch orra bhias.



Claon a ccoguas, saobh a cciall,
Easbocc ná cliar ní mian leo;
Ní abraid paidir ná cré
Creitim fa bheith dhá sórt.



Trosgadh ná féilte na naomh -
Olc an taom - ní chongbhaid siad.
Ní mó leo aduire ná brobh
Pór gan mhóid nár bheannuigh Dia.



Fuath leo baisteadh, crois, as ceall
Bunadh na bhfeall: truagh a Dhia
Creidiomh Pádraig do dhul ar ccúl,
'S creidiomh gan stiúr do bheith dá thriall.



Deir gach bodach ceann-chruinn, cruaidh,
"Díbirt bhuan ar chlannaibh Néill,
'S ar shíll ríogh ughdair gach uilc"
Is leo ro thuit mo mhuinntir féin.


L. 308


Briste mo chroidhe ann mo chliabh,
Ó bheillean an trír is olc méinn,
A naghaidh mo thíre as mo thriath
Furtaigh a Dhia orm ó'n phéin.



Dá mairfeadh Fearghus mac Róigh,
Nó Cúchulainn, dar chóir grádh,
Nó Murchadh mac Bhriain - ceann na sluagh.
Do chuiridís go luath mo chrádh.



Nó Seán mac Chuinn na mbreath saor,
Nó mac Aodha mic Dhómhnaill óig,
Nó sliocht an Bharuin Uí Néill -
Ní fada bhéinn féin gan chóir.



A theachtaire théid ar thuinn,
Innis do shliocht Chuinn na ruag,
'S do shliocht ríogh do lean an séan,
Mo mhairg, mo léan, as mo ghruaim.



Dá gcluinfeadh Eoghan mac Airt,
Nó óg-Énrí, searc na sluagh,
Nó sliocht Aodha Buidhe Uí Néill,
Ní rígh Banna na ccéim ccruadh.



Nó Sabhaoiseach ó Loch Cuan,
Nó sliocht Fheidhlim na ruag ngarg,
Nó Ruiseálaigh, m'olc as mo bhruid,
D'éireochadh a ffuil as a ffearcc.



Iarla Dáirbí, leoghan fial,
Áird-righ Mhanainn, triath na mbuaidh -
Mar mbeith onóir 's uaisle a ghrádh,
Is fada ó thiocfadh mo lá truaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services