Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Poem by Tadhg Ó Dálaigh
Title
A Poem by Tadhg Ó Dálaigh
Author(s)
Ó Dálaigh, Tadhg (mac Diarmada Óig),
Compiler/Editor
O'Flaherty, Annie
Composition Date
1618
Publisher
(Gaillimh: Galway Archaeological and Historical Society, 1917)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tadhg mac Diarmada í Dhálaigh cecenit. 23 F. 16, p. 207 1. Cía so chaoineas críoch Bhanbha Cía d'úaislibh na h-athardha Fár leath bráon-chaoi a saoir-lios slím Do mór-chlaoi aoibhnios Eireann. 2. Atáid fuighle clog a ceall Atáid gotha éan n-Eireann Atáid daoine a saor-chláir sin Ag caoine um áon chráidh éigin. 3. Sgéul ordhuirc do ídir mé Caoinid na ceithre dúile Gan fhotha ni bhíadh a m-brón Adciam a ccrotha ar ccláochlódh. 4. Dúil na teine tarraidh léan Do chláon so ant uisge, ant aidhér Do ghlac dhe teadhma an talamh Go n-déarna é d'athrughadh. 5. Triath Bearra na mbeann muire Cuingidh chríche Beanntruidhe Tar á ré an cás nach ceilid A bás as é fhoillsighid. 6. An t-éag moch soin mhic Eoghuin Cúis máoithe an fhóid ilcheóluigh Rinn ilphian ant áladh tinn As bádhadh imchian d'Eirinn. 7. Maith fear do theasda an tan soin Maith triath atá san ccomhraidh Dar lán ar neart gus aniogh Maith lámh fán bhfeart do foilghiodh.
8. Bá leonadh loingsi coguidh Bá rún diochra dearloguidh Bá glór teann ré tír n-ionáidh Bá ceann sidh O Súilliomháin. 9. Bá géag thromdha go tteas ccrabhoigh Bá géag go n-gáois n-ioldánigh A ttiomna an cháoimh-riogh do chreid Biodhbha na ndáoi-gniomh Diarmeid. 10. Deas abuigh iothrach deigh-shíl Caomhthach ochta Eibheilín Cuing ghnath-ghuirt caoinigh má cheann Ar dhaoinibh ráth-phuirt Raoileann. 11. A ccrích Fhodla an eatuil bhuig Ní fhuil duine mar Dhiarmuid Ní fhuil dúil as céim cosmhuil A réim lúith mun leanobh suin. 12. Meanma dhubhach gá dhaoinibh M'och don Bhanbha bhrath-fhaoiligh Gáir threathanghuil chlog ma cheann Grod d'eathar-mhuigh na h-Eireann. 13. Cóir caoíne mun-ccráoibh cceiníl Dá maireadh mac Eibhelín Do dheanadh sduagh bhog-thrágh mBreagh A luagh do ghort-chlár Gaoidheal. 14. Droim gach leirge um lios tTeamhra Búdh lán dhfoithnibh oireaghdha Gach cíogh ba lachtmhar mun líos Do ghlacfadh síon a súaimhnios. 15. Budh lán d'íasg gac innbhior glan Budh trom ngrain folt a fiodhbhadh Táom amhluaigh ní cleachtfadh ceall Do leagfadh anbhuain Eireann.
16. Ar Fhiannaibh an aigein ghloin Do geineadh mac mic Eoghuin Maruidhe na muire thíar Foruire mhuighe Maicniadh. 17. O sé do dhligh a dhéanamh Díarmuid Clíach do choiseanadh Ar chliathuibh ruadhsho[l]illsi reann Cúan-doirsi iarthuir Eireann. 18. Athuigh eile a ionnsamhuil soin Do Choin-Ráoi na rúag ndionghnoidh Re sgur uamhuin gníomhghuirt ghliadh Do shluaghuibh míon-ghuirt Maicniadh. 19. An chrioch so chlainne Deaghuidh Ní bhfuair impe a éileaghuidh An diaigh mhóide reacht-Chon-Raoi Róide a leacht-chladh ní lámhthaói. 20. Do chosnamh ar chéird ngoile Slighthe míne an mhachoire Beilghe a sreabh no a cloidh-shliabh ccorr Goirm-rian a fedh sa fearonn. 21. Ní raibh a reimheas na Con Dá mbreith a mbruighin bhiodhbhadh Creach lé loingsibh lúthbhárc seang Tar dhoirsibh úrthrácht nEireann. 22. Air leathadh loisi Teamhra Tre fheill oireacht shein-Eamhna Teasdoigh a céile a ccath-ghoil reann Dar athroigh Eire a h-inneall. 23. Ar ttuitim daigh-mheic Dáire Do chreachtuibh na congháire Tír easbhladhach na n-eang tte Gearr gurb easbhadhach Eire.
24. A ndiaigh an churuidh ChonRaoí Do bhí Banbha an bruaigh gheagnaoí Na muirtheacht na conair chean Na tuluigh eacht is airgneadh. 25. Faighthe mhaoth an mhúir chladhuigh Da foirnibh ag foghladhuibh Ucht gach séad-chúain láimh do láimh A h-ucht greagshluaigh dá gabhail. 26. Mur sin badh tionnsgnamh troda Athaidh ar ndul Diarmoda Breatha deacra ttrom ttionail Ar fhonn sleachta Suilliomhain. 27. Do claonadh a cíosa soin Do briseadh a reacht a riaghoil Do thrúaill gnaoi-Ghleann-úr a gort Tré shean-Dhún mBáoi gan bardocht. 28. Crodh faoide na bhfearann nglan Atá aniogh fá neart mbiodhbadh Do sgáoil trá uaim a h-oireacht San uaigh atá a tóroigheacht. 29. An troightheach ag togra a chroidh D'[e]éag choghnuigh Chairge-an-easoigh Slógh na mbratchuan mun mbaile Marc-shluagh mór an mhachaire. 30. Do sgaoil síon na soighnean tte A cumunn ré crích mBéirre Do ghlac sí d'éighin an áidh Nach éidir i diongabáil. 31. An liaigh do fhóirfeadh uile Creachta Bearra as Beanntruidhe Atá a n-úir Achuidh-na-n-éan Múir fár chathuigh a chinéal.
32. Míle is ocht ndaigh-bliaghna déag Aois Dé sin is sé mhóir-chéad An lá theasda baoth-chrann Breagh Lá cheasda mhaoth-chlann Mhileadh. 33. Cúig bhliaghna fithchead go fior Aoís an laoich gan locht soighniomh An ghéag bhláth a braon-Droim mBlaidh Caomhnoim an tráth fá tteasdaigh. 34. Meisneach cead a chroidhe soin Róbudh feidhm náireach naonmhoir Ag taisdeal tealcha troda Gaisgeadh dearbhtha Diarmoda. 35. Fá beithir go mbuaidh ndealbha Fá meinn go modh ttighearna Fiaghuidhe athuidh dob fearr Riaghuidhe achuigh Eireann. 36. Fá gníomhuidhe ghreagh n-uaibhreach Fá loingseach loch n-anshuaimhneach An tshlat tshaor go ccuing ccaithmhe Craobh nar choill a comairche. 37. An ógh rioghdha rug asteagh Forghla sluagh na sé n-aimsear Ogh do thuair an teagh tilte Ní bean fuair an imirce.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services