Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Poem by Tadhg Ó Dálaigh

Title
A Poem by Tadhg Ó Dálaigh
Author(s)
Ó Dálaigh, Tadhg (mac Diarmada Óig),
Compiler/Editor
O'Flaherty, Annie
Composition Date
1618
Publisher
(Gaillimh: Galway Archaeological and Historical Society, 1917)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Tadhg mac Diarmada í Dhálaigh
cecenit.



23 F. 16, p. 207



1. Cía so chaoineas críoch Bhanbha
Cía d'úaislibh na h-athardha
Fár leath bráon-chaoi a saoir-lios slím
Do mór-chlaoi aoibhnios Eireann.



2. Atáid fuighle clog a ceall
Atáid gotha éan n-Eireann
Atáid daoine a saor-chláir sin
Ag caoine um áon chráidh éigin.



3. Sgéul ordhuirc do ídir mé
Caoinid na ceithre dúile
Gan fhotha ni bhíadh a m-brón
Adciam a ccrotha ar ccláochlódh.



4. Dúil na teine tarraidh léan
Do chláon so ant uisge, ant aidhér
Do ghlac dhe teadhma an talamh
Go n-déarna é d'athrughadh.



5. Triath Bearra na mbeann muire
Cuingidh chríche Beanntruidhe
Tar á ré an cás nach ceilid
A bás as é fhoillsighid.



6. An t-éag moch soin mhic Eoghuin
Cúis máoithe an fhóid ilcheóluigh
Rinn ilphian ant áladh tinn
As bádhadh imchian d'Eirinn.



7. Maith fear do theasda an tan soin
Maith triath atá san ccomhraidh
Dar lán ar neart gus aniogh
Maith lámh fán bhfeart do foilghiodh.


L. 50


8. Bá leonadh loingsi coguidh
Bá rún diochra dearloguidh
Bá glór teann ré tír n-ionáidh
Bá ceann sidh O Súilliomháin.



9. Bá géag thromdha go tteas ccrabhoigh
Bá géag go n-gáois n-ioldánigh
A ttiomna an cháoimh-riogh do chreid
Biodhbha na ndáoi-gniomh Diarmeid.



10. Deas abuigh iothrach deigh-shíl
Caomhthach ochta Eibheilín
Cuing ghnath-ghuirt caoinigh má cheann
Ar dhaoinibh ráth-phuirt Raoileann.



11. A ccrích Fhodla an eatuil bhuig
Ní fhuil duine mar Dhiarmuid
Ní fhuil dúil as céim cosmhuil
A réim lúith mun leanobh suin.



12. Meanma dhubhach gá dhaoinibh
M'och don Bhanbha bhrath-fhaoiligh
Gáir threathanghuil chlog ma cheann
Grod d'eathar-mhuigh na h-Eireann.



13. Cóir caoíne mun-ccráoibh cceiníl
Dá maireadh mac Eibhelín
Do dheanadh sduagh bhog-thrágh mBreagh
A luagh do ghort-chlár Gaoidheal.



14. Droim gach leirge um lios tTeamhra
Búdh lán dhfoithnibh oireaghdha
Gach cíogh ba lachtmhar mun líos
Do ghlacfadh síon a súaimhnios.



15. Budh lán d'íasg gac innbhior glan
Budh trom ngrain folt a fiodhbhadh
Táom amhluaigh ní cleachtfadh ceall
Do leagfadh anbhuain Eireann.


L. 52


16. Ar Fhiannaibh an aigein ghloin
Do geineadh mac mic Eoghuin
Maruidhe na muire thíar
Foruire mhuighe Maicniadh.



17. O sé do dhligh a dhéanamh
Díarmuid Clíach do choiseanadh
Ar chliathuibh ruadhsholillsi reann
Cúan-doirsi iarthuir Eireann.



18. Athuigh eile a ionnsamhuil soin
Do Choin-Ráoi na rúag ndionghnoidh
Re sgur uamhuin gníomhghuirt ghliadh
Do shluaghuibh míon-ghuirt Maicniadh.



19. An chrioch so chlainne Deaghuidh
Ní bhfuair impe a éileaghuidh
An diaigh mhóide reacht-Chon-Raoi
Róide a leacht-chladh ní lámhthaói.



20. Do chosnamh ar chéird ngoile
Slighthe míne an mhachoire
Beilghe a sreabh no a cloidh-shliabh ccorr
Goirm-rian a fedh sa fearonn.



21. Ní raibh a reimheas na Con
Dá mbreith a mbruighin bhiodhbhadh
Creach lé loingsibh lúthbhárc seang
Tar dhoirsibh úrthrácht nEireann.



22. Air leathadh loisi Teamhra
Tre fheill oireacht shein-Eamhna
Teasdoigh a céile a ccath-ghoil reann
Dar athroigh Eire a h-inneall.



23. Ar ttuitim daigh-mheic Dáire
Do chreachtuibh na congháire
Tír easbhladhach na n-eang tte
Gearr gurb easbhadhach Eire.


L. 54


24. A ndiaigh an churuidh ChonRaoí
Do bhí Banbha an bruaigh gheagnaoí
Na muirtheacht na conair chean
Na tuluigh eacht is airgneadh.



25. Faighthe mhaoth an mhúir chladhuigh
Da foirnibh ag foghladhuibh
Ucht gach séad-chúain láimh do láimh
A h-ucht greagshluaigh dá gabhail.



26. Mur sin badh tionnsgnamh troda
Athaidh ar ndul Diarmoda
Breatha deacra ttrom ttionail
Ar fhonn sleachta Suilliomhain.



27. Do claonadh a cíosa soin
Do briseadh a reacht a riaghoil
Do thrúaill gnaoi-Ghleann-úr a gort
Tré shean-Dhún mBáoi gan bardocht.



28. Crodh faoide na bhfearann nglan
Atá aniogh fá neart mbiodhbadh
Do sgáoil trá uaim a h-oireacht
San uaigh atá a tóroigheacht.



29. An troightheach ag togra a chroidh
D'eéag choghnuigh Chairge-an-easoigh
Slógh na mbratchuan mun mbaile
Marc-shluagh mór an mhachaire.



30. Do sgaoil síon na soighnean tte
A cumunn ré crích mBéirre
Do ghlac sí d'éighin an áidh
Nach éidir i diongabáil.



31. An liaigh do fhóirfeadh uile
Creachta Bearra as Beanntruidhe
Atá a n-úir Achuidh-na-n-éan
Múir fár chathuigh a chinéal.


L. 56


32. Míle is ocht ndaigh-bliaghna déag
Aois Dé sin is sé mhóir-chéad
An lá theasda baoth-chrann Breagh
Lá cheasda mhaoth-chlann Mhileadh.



33. Cúig bhliaghna fithchead go fior
Aoís an laoich gan locht soighniomh
An ghéag bhláth a braon-Droim mBlaidh
Caomhnoim an tráth fá tteasdaigh.



34. Meisneach cead a chroidhe soin
Róbudh feidhm náireach naonmhoir
Ag taisdeal tealcha troda
Gaisgeadh dearbhtha Diarmoda.



35. Fá beithir go mbuaidh ndealbha
Fá meinn go modh ttighearna
Fiaghuidhe athuidh dob fearr
Riaghuidhe achuigh Eireann.



36. Fá gníomhuidhe ghreagh n-uaibhreach
Fá loingseach loch n-anshuaimhneach
An tshlat tshaor go ccuing ccaithmhe
Craobh nar choill a comairche.



37. An ógh rioghdha rug asteagh
Forghla sluagh na sé n-aimsear
Ogh do thuair an teagh tilte
Ní bean fuair an imirce.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services