Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta gríosuighthe Gaedheal .i. sliocht Duanaire Gaedhilge
Title
Dánta gríosuighthe Gaedheal .i. sliocht Duanaire Gaedhilge
Author(s)
Údair éagsúla - Pádraic Mac Piarais do thiomsuigh,
Compiler/Editor
Mac Piarais, Pádraic
Composition Date
1914
Publisher
The Irish Review (Dublin)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DÁNTA GRÍOSUIGHTHE GAEDHEAL SLIOCHT DUANAIRE GAEDHILGE PÁDRAIC MAC PIARAIS do thiomsuigh XIII AR EOGHAN RUADH Ó NÉILL Piaras Feiritéir cct. (circ. 1641) Má's é an leomhan cródha Gaedheal i gceart Do-bhéaras fód glean Fódla fé n-a smacht, I bhfaice-si, a stócaigh chróin, noch téid tar lear, Beir chum Eoghain mhóir Uí Néill an ghlac. XIV DO-CHUALA SGÉAL DO CHÉAS AR LÓ MÉ Piaras Feiritéir cct. (circ. 1652) Do-chuala sgéal do chéas ar ló mé, Is thug san oidhche i ndaoirse bhróin mé, D'fhág mo chreat gan neart mná seolta, Gan bhrígh, gan mheabhair, gan ghreann, gan fóghnamh. Adhbhar maoithe sgaoileadh an sgeoil sin, Cás gan leigheas is adhnadh tóirse, Ath-nuadhadh luit is uilc is eolchair, Gríosughadh taodhma is treighde móire. Díothughadh buidhne críche Fódla, Lagughadh grinn is gnaoi na cóige, Mar do díogadh ar ndaoine móra As a bhfearannaibh cairte is córa. Mór an sgéal, ní féidir fólaing Ar ndíthe do ríomh lem' ló-sa Fuair an fhéile léan 'na dheoidh sin, Is tá an daonnacht gach lae dá leonadh. Ní fhuil cliar i n-iathaibh Fódla, Ní fhuil aifrinn againn ná órda, Ní fhuil baiste ar na leanbhaibh óga, Gan fear seasaimh ná tagartha a gcóra.
Créad do dhéanfadh ar n-aos óga Is ná fuil neach re maith dá bhfóirthint, Atáid gan triath acht Dia na glóire, Is a bpríomh-ál dá ngríosáil tar bóchna. Gearán m'aignidh dearbh na sgeol sin, Gabháil gharbh na n-eachtrann óirnne, Maith 'fhios agam an t-adhbhar fá'r órduigh D'aithle ar bpeacadh an tAthair do dheonuigh. Do bheith neart is ceart is cródhacht, Do bheith smacht is reacht fá ró-chion, Do bheith rath ar ar san bhfóghmhar, Dá mbeith Dia le triathaibh Fódla. D'imthigh Brian na gcliar ó'n mBóirmhe, Do bhí tréimhse ag Éirinn pósta Níl Murchadh cumasach cródha I gCluain Tairbh ba thaca le comhlann. San tráth fá láidir na treoin sin, Clann Chárrthaigh san Tál-fhuil treorach, Níor sgaoileadar Gaoidhil dá bhfógradh Tar tuinn nó gach láthair teorann. Atáid na Danair i leabaidh na leomhan, Go seasgair sámh go sádhail seomrach, Bríoghmhar biadhmhar briathrach bórdmhar, Coimhightheac cainnteach sainnteach srónach. Is é rún 's fonn na fóirne Dá mhéid síth do ghníd re ar bpór-ne An drong bhíos ag rídhteach leo againn, Súgradh cluichí an chuitín chródha. Is truagh lem' chroidhe 's is tinn dár ndrólann Nuachar Chuinn, Chríomhthain, is Eoghain, Suas gach oidhche ag luighe re deoraidhthibh 'S gan luadh ar a cloinn do bhí aici pósta.
Teach Tuathail, monuar, do tóirneadh, Is cró Chuinn gan cuimhne ar nósaibh, Fonn Féidhlime go tréith-lag tóirseach, Iath Iughuine go brúighte brónach. Achadh Airt fá cheas gan sóghachas, Críoch Chobhthaigh fá ughaim ag slóightibh, Clár Chormaic fáidh foirtill na gcomh-fhocal Fá'n onchoin lán d'fhothram deorach. Mo léan, ní hé tréine na slógh sin Ná buirbe na fuirne ó Dhóbher, Ná neart naimhde do chaill ar ndóchas Acht díoghaltas Dé tá ar Éirinn fhód-ghlais. Ciodh tá an eang so teann ag tórmach Fá láimh leabhair na nGall so nódh againn, Áilim Aon-Mhac tréan na hÓighe. Go dtigidh an Ceart san alt 'nar chóir dhó. Is bíodhgadh báis liom bás mo chomhursan, Na saoithe sámha sásta seolta I dtír ba ghnáthach lán de thóbhacht, Ite, vade dá rádh leo-san. Is gan acht cáirde ó ló go ló aca Dá gcuir uile i dtuilleadh dóchais Go mbeith fábhar dá fhaghbháil dóibh sin Is gan ann acht "Till further orders." Galar gan téarnadh is maothchas mór lion, Greamanna daor-bháis cé táim glórach, Sgaipeadh ar an bhFéinn dár ghéill clár Fódla Is eaglais Dé dá claochlódh as órdaibh. Tá sgéimh na gréine go nóna Fá éiclips ó éirghe ló dhi, Tá na spéartha i ngné dá fhógradh Na fuil téarma ar saoghail ró-fhada. Fuair an cháirdeas spás a dóthain, Le lucht séad ní géar an sgeol sin,
Ní léir dam aoinneach ar m'eolas, Noch do-bhéaradh réal chum bróg dam. Fágbhaim sin ar chur an Chomhachtaigh, Aon-Mhac Muire gile móire As a bhfuil ar n-uile-dhóchas Go bhfuigheadh sibh-se is mise cóthromh. Is aithchim Íosa, Rí na glóire, Mar is fíor gur tríd sin d'fhóghnas, Saoillse laoi agus oidhche d'órduigh, Go dtigid an ní mar shílim dóibh sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services