DÁNTA GRÍOSUIGHTHE GAEDHEAL
SLIOCHT DUANAIRE GAEDHILGE
PÁDRAIC MAC PIARAIS do thiomsuigh
XIII
AR EOGHAN RUADH Ó NÉILL
Piaras Feiritéir cct. (circ. 1641)
Má's é an leomhan cródha Gaedheal i gceart
Do-bhéaras fód glean Fódla fé n-a smacht,
I bhfaice-si, a stócaigh chróin, noch téid tar lear,
Beir chum Eoghain mhóir Uí Néill an ghlac.
XIV
DO-CHUALA SGÉAL DO CHÉAS AR LÓ MÉ
Piaras Feiritéir cct. (circ. 1652)
Do-chuala sgéal do chéas ar ló mé,
Is thug san oidhche i ndaoirse bhróin mé,
D'fhág mo chreat gan neart mná seolta,
Gan bhrígh, gan mheabhair, gan ghreann, gan fóghnamh.
Adhbhar maoithe sgaoileadh an sgeoil sin,
Cás gan leigheas is adhnadh tóirse,
Ath-nuadhadh luit is uilc is eolchair,
Gríosughadh taodhma is treighde móire.
Díothughadh buidhne críche Fódla,
Lagughadh grinn is gnaoi na cóige,
Mar do díogadh ar ndaoine móra
As a bhfearannaibh cairte is córa.
Mór an sgéal, ní féidir fólaing
Ar ndíthe do ríomh lem' ló-sa
Fuair an fhéile léan 'na dheoidh sin,
Is tá an daonnacht gach lae dá leonadh.
Ní fhuil cliar i n-iathaibh Fódla,
Ní fhuil aifrinn againn ná órda,
Ní fhuil baiste ar na leanbhaibh óga,
Gan fear seasaimh ná tagartha a gcóra.
Créad do dhéanfadh ar n-aos óga
Is ná fuil neach re maith dá bhfóirthint,
Atáid gan triath acht Dia na glóire,
Is a bpríomh-ál dá ngríosáil tar bóchna.
Gearán m'aignidh dearbh na sgeol sin,
Gabháil gharbh na n-eachtrann óirnne,
Maith 'fhios agam an t-adhbhar fá'r órduigh
D'aithle ar bpeacadh an tAthair do dheonuigh.
Do bheith neart is ceart is cródhacht,
Do bheith smacht is reacht fá ró-chion,
Do bheith rath ar ar san bhfóghmhar,
Dá mbeith Dia le triathaibh Fódla.
D'imthigh Brian na gcliar ó'n mBóirmhe,
Do bhí tréimhse ag Éirinn pósta
Níl Murchadh cumasach cródha
I gCluain Tairbh ba thaca le comhlann.
San tráth fá láidir na treoin sin,
Clann Chárrthaigh san Tál-fhuil treorach,
Níor sgaoileadar Gaoidhil dá bhfógradh
Tar tuinn nó gach láthair teorann.
Atáid na Danair i leabaidh na leomhan,
Go seasgair sámh go sádhail seomrach,
Bríoghmhar biadhmhar briathrach bórdmhar,
Coimhightheac cainnteach sainnteach srónach.
Is é rún 's fonn na fóirne
Dá mhéid síth do ghníd re ar bpór-ne
An drong bhíos ag rídhteach leo againn,
Súgradh cluichí an chuitín chródha.
Is truagh lem' chroidhe 's is tinn dár ndrólann
Nuachar Chuinn, Chríomhthain, is Eoghain,
Suas gach oidhche ag luighe re deoraidhthibh
'S gan luadh ar a cloinn do bhí aici pósta.
Teach Tuathail, monuar, do tóirneadh,
Is cró Chuinn gan cuimhne ar nósaibh,
Fonn Féidhlime go tréith-lag tóirseach,
Iath Iughuine go brúighte brónach.
Achadh Airt fá cheas gan sóghachas,
Críoch Chobhthaigh fá ughaim ag slóightibh,
Clár Chormaic fáidh foirtill na gcomh-fhocal
Fá'n onchoin lán d'fhothram deorach.
Mo léan, ní hé tréine na slógh sin
Ná buirbe na fuirne ó Dhóbher,
Ná neart naimhde do chaill ar ndóchas
Acht díoghaltas Dé tá ar Éirinn fhód-ghlais.
Ciodh tá an eang so teann ag tórmach
Fá láimh leabhair na nGall so nódh againn,
Áilim Aon-Mhac tréan na hÓighe.
Go dtigidh an Ceart san alt 'nar chóir dhó.
Is bíodhgadh báis liom bás mo chomhursan,
Na saoithe sámha sásta seolta
I dtír ba ghnáthach lán de thóbhacht,
Ite, vade dá rádh leo-san.
Is gan acht cáirde ó ló go ló aca
Dá gcuir uile i dtuilleadh dóchais
Go mbeith fábhar dá fhaghbháil dóibh sin
Is gan ann acht "Till further orders."
Galar gan téarnadh is maothchas mór lion,
Greamanna daor-bháis cé táim glórach,
Sgaipeadh ar an bhFéinn dár ghéill clár Fódla
Is eaglais Dé dá claochlódh as órdaibh.
Tá sgéimh na gréine go nóna
Fá éiclips ó éirghe ló dhi,
Tá na spéartha i ngné dá fhógradh
Na fuil téarma ar saoghail ró-fhada.
Fuair an cháirdeas spás a dóthain,
Le lucht séad ní géar an sgeol sin,
Ní léir dam aoinneach ar m'eolas,
Noch do-bhéaradh réal chum bróg dam.
Fágbhaim sin ar chur an Chomhachtaigh,
Aon-Mhac Muire gile móire
As a bhfuil ar n-uile-dhóchas
Go bhfuigheadh sibh-se is mise cóthromh.
Is aithchim Íosa, Rí na glóire,
Mar is fíor gur tríd sin d'fhóghnas,
Saoillse laoi agus oidhche d'órduigh,
Go dtigid an ní mar shílim dóibh sin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11