Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. II.
Title
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. II.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CHUM ÁR LEASA. II. An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE do sgríobh. Nuair a bhí an leanbh naomhtha, Íta, ag eirigh suas 'n-a cailín óg is ag dul i n-áilneacht a bhí a cruth. Fé mar a bhí a h-aigne ag neartú' bhí an naomh- thacht ag neartú' inti agus bhí naomh- thacht a h-aigne ag taithneamh 'n-a gnúis agus 'n-a snó. Do thárla go bhfeacaidh fear óg uasal éigin an uair sin í agus gur líon a chroídhe láithreach le grádh dhi. Shocaruigh sé i n' aigne go gcaithfadh sé í dh' fhághail le pósadh. Thuig sé ná béadh sé onóireach dó gan labhairt le n-a muíntir i dtaobh an ghnótha san ar dtúis sar a labharfadh sé léi féin 'n-a thaobh. Bhí áthas thar bár ar a h-athair. Ba thógáilt go bráth leis cleamh- ain chómh h-uasal do theacht chuige. D'airigh Íta cad a bhí ar siúbhal. Tháinig sí ag trial ar a máthair. “A mháthair,” ar sisi, “a leithéid seo. Airíghim go bhfuil an t-óigfhear uasal so a d'iaraidh mise dh'fhághail le pósadh agus go bhfuil m'athair toil- teanach chuige sin. Ní féidir do'n duinuasal so, ná d'aon duine eile, mise dh'fhághail le pósadh, a mháthair,” ar sisi. “Cad 'n-a thaobh san, a 'nghean ó?” arsan mháthair. “Táim-se pósta cheana, a mháthair,” arsan inghean. “Táim pósta le fada, chómh fada agus atá cuímhne am' cheann. Chómh luath agus a thainig cial dom, chómh luath agus chuireas aithne ar an Slán- uightheóir, chómh luath agus thuigeas am' aigne cé 'r bh' é féin agus méid a ghrádh dhom thugas grádh dhó. Thugas
suas dó mo chroídhe agus m' aigne agus mé féin ar fad. D'iaras air mé ghlacadh mar chéile agus gheallas dó ná glacfinn céile eile ach é an fhaid a mhairfinn. Ghlac sé mé mar chéile agus ghlacas é mar chéile. Ní féidir dom céile eile ghlacadh. Déin- se, a mháthair,” ar sisi, “an nídh sin do léiriú' do m' athair i dtreó go dtuig- fidh sé nách féidir dom an t-óigfhear so do phósadh.” D'imthigh an mháthair agus d'inis sí d'á fear cad dúbhairt an inghean. D'éirigh sé ar buile. Bhí an cleamhnas uasal curtha soir siar, dar leis. Bhí gach aon rud loitithe glan. An tóg- áilt cínn a bhí i n-áirighthe dhó féin agus d'á shliocht bhí sé curtha ar neamh- nídh ag an gcailín sin agus agá h-am- adántacht. Thug sé an leabhar ná tabharfadh sé féin aon toil choidhche dhi chun dul agus bheith 'n-a mnaoí riagh- alta ar nós Bhríghde agus na gcéadta ban óg a bhí ag gabháil léi. Do h-ínseadh do'n inghín cad dúbh- airt a h-athair. “Bíodh foidhne agaibh le m'athair,” ar sisi. “Tá fearg anois air. Bíodh foidhne againn leis. Tá croídhe fóghanta aige. Cuir- fidh Dia 'na chroídhe ar ball aontu' leis an nídh atá ceapaithe ag Dia dhómh-sa. Chídhfar ar ball, ní h-amháin go dtoileóchaidh sé, ach fós gur bh' é féin is déine a thabharfidh órdú' dhom dul agus an obair atá ceapaithe ag Dia dhom a dhéanamh.” Chrom Íta ansan ar a guídhe chur suas chun Dé 'ghá iaraidh ar Dhia aigne a h-athar d'atharú'. Chuir sí roimpi trosgadh trí lá agus trí oídhche dhéanamh chuige sin. An fhaid a bhí sí ag déanamh an trosgaidh sin do chuir an mac malachtain an uile shaghas catha uirthi a d'iaraidh í dh'iompáil ó'n nídh a bhí ar aigne aici. Chuir sé os cómhair a h-aigne an grádh thar bár a bhí ag an ógfhlaith uasal úd dhi; an t-áthas a bhéadh ar aon chailín eile dá dtabharfí a leithéid sin de ghrádh dhi; an saoghal saidhbhir, suairc a thabharfadh sé dhi; an sólás agus an t-áthas aigne bhéadh uirthi nuair a chídhfadh sí aghaidh a céad leinbh, nuair a chídhfadh sí a clann ag fás 'n-a tímpal, clann mhac agus clann inghean, fé mhaise agus fé bhláth. Chuir sé os comhair a h-aigne, ar an dtaobh eile, an saoghal cruaidh, dian, dochraideach a bhéadh aici 'na mnaoí riaghalta; an t-uaigneas a bhéadh uirthi agus í 'n-a h-aonar go deó, gan grádh céile, gan grádh clainne gan sólás, gan suairceas, gan mhuintir, gan áitreabh cómhnuighthe; ach trosgadh agus treighneas i n-áirighthe dhi, agus anródh, agus cuarda fada fuara i ndúthaíbh iasachta, fé shín agus fé fhliuchra abhfad ó n-a gaoltaibh. Ach do chuímhnigh Íta ar an ngrádh a bhí aici d'á Chéile féin agus aige dhí, agus thuig sí ná raibh i ngrádh aon duine saoghalta ach grádh gan ghus seachas grádh an tSlánuightheóra. Thuig sí go ndéanfadh an grádh san aoibh- neas gan teóra de gach dochar saogh- alta; nár bh'fhéidir uaigneas a bheith sa n-áit 'na mbéadh sé; go mbainfadh an grádh san an fuacht as an ngaoith, an bhuairt as an gcroídhe, an tuirse as na cnámhaibh, an nimh as gach teinneas. D'á mhéidh díthol a dhein an mac malacht- ain chun sgannra chur uirthi roimis an mbeatha a bhí curtha róimpi aici ní raibh aige 'a dhéanamh ach tuile misnigh a chur uirthi chun na beatha san. Nuair a bhí an trímhadh h-oídhche de'n trosgadh geall le bheith caithte dó thaisbeáin an namhaid é féin di. Bhí sé go buartha, brónach, claoidhte. Nuair a bhí an lá ag gealadh d'imthigh sé. Dúbhairt sé, agus é ag imtheacht: “A chailín,” ar seisean, “tá buaidhte agat orm! Tá buaidhte agat féin orm agus buadhfidh a lán nach tu orm mar gheall ort!” Ansan d'imthigh sé as a radharc. An oídhche chéadna do taisbeánadh aisling do Chenfhaoladh, d'á h-athair. Tháinig aingeal ó Dhia chuige agus do labhair sé leis. “A Chenfaoladh,” arsan t-aingeal leis, “cad chuige dhuit-se bheith ag cosg t'inghíne ar an obair a dhéanamh atá ceapaithe ag Dia dhí le déanamh? I n-ainim Chríost sgaoíl léi. Leog di a h-óighe thabhairt suas do'n tSlánuightheóir. Béidh sí uasal, oirdheirc, naomhtha, i láthair Dé agus daoine, agus déanfidh sí sgiath dín d'á lán nuair a thiocfidh an bhreith dhéanach. Sgaoil léi.”
Chómh luath agus dhuisigh Cenfhaoladh as a chodla chuaidh sé ag trial ar Íta agus d'inis sé dhi conus mar a tháinig an t-aingeal chuige agus an chaint adubhairt sé leis. “Tá sé chómh maith agat imtheacht láithreach, a 'nghean ó,” ar seisean. “Ní ceart failíth a thabhairt sa ghnó so. Ní ceart failíth a thabhairt sa ghnó n-ar chuir Dia féin teachtaireacht fé leith uaidh 'ghá chómhairliú'.” Sin a raibh uaithi. D'imthigh sí láithreach agus thug sí a h-aghaidh i dtreó eaglaise áirighthe a bhí an uair sin i dtír na nDéiseach. An fhaid a bhí sí ar an slígh do bhailigh sluagh deamhan 'n-a tímpal agus bhíodar ag déanamh an uile shaghas díthil ar í chosg agus ar í chasadh thar n-ais. Ach tháinig na h-aingil ó Dhia agus chuir- eadar ruag ar na deamhnaibh. Do h-airigheadh na deamhain ag éigheamh le buairt agus ag cásamh an bhárthain a bhí i ndán di a dh'imirt ortha. “Mairig dúinn! mairig dúinn!” a deiridís. “Tá buaidhte ag an mnaoí óig seo orainn feasda. Mheasamair díoltas a dhéanamh uirthi indiu, ach siniad aingil Dé 'ghá cosaint orainn. Brisfidh sí ár gcómhachta i n-a lán áiteana agus béarfidh sí a lán daoíne saor uainn ar an saoghal so agus ar an saoghal atá le teacht!” Chosain na h-aingil í ar na deamhn- aibh agus do shrois sí an eaglais. Bhí daoíne naomhtha ansan roímpi agus bhíodar ollamh di, mar bhí fhios acu í bhéith ag teacht agus bhí fhios acu cad iad na tíodhlaicí móra a bhí bronta ag Dia uirthi, agus cad chuige go raibh sí ag teacht. Tháinig sí agus thug sí a h-óighe airís suas do'n tSlánuightheóir, fé mhóid bheanuighthe, i láimh cléire eagailse, agus do cuireadh brat mná riaghalta uirthi do réir dlíghe na h-eagailse. Deir cuid de'n lucht seanachuis gur bh'é Déclán naomhtha féin a ghaibh a móid uaithi agus do chuir an brat uirthi, ach deir tuile acu nár bh'é. Ní féidir liom-sa an sgéal a shocarú' eatartha. Chómh luath agus bhí an méid sin gnótha déanta aici d'iar sí ar Dhia í stiúrú' chun na h-áite 'na raibh ceap- aithe ag Dia dhi an obair a bhí roímpi do dhéanamh. Chuir Dia aingeal ag trial uirthi chun an eóluis a bhí uaithi thabhairt di. Dúbhairt an t-aingeal léi im- theacht as a dúthaigh féin, a' tír na nDéiseach, agus dul siar go bun Sléibhe Luachra, go crích Uí Chonail Ghabhra. Go dtaisbeánfí ansan di an áit 'na gcuirfadh sí suas tigh do mhnáibh riaghalta, agus gur sa tír sin a bhí ceapaithe dhi gnó Dé a dhéanamh ar feadh a saoghail. Dúbhradh léi go mbéadh comairce na críche sin Uí Chonail Ghabhra uirti * féin agus ar Sheanán Inse Cathaigh go deó.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services