Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Chum ár leasa. Íta Naomhtha. II.

Title
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. II.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CHUM ÁR LEASA.



II.



An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE
do sgríobh.



Nuair a bhí an leanbh naomhtha, Íta,
ag eirigh suas 'n-a cailín óg is ag
dul i n-áilneacht a bhí a cruth. Fé mar
a bhí a h-aigne ag neartú' bhí an naomh-
thacht ag neartú' inti agus bhí naomh-
thacht a h-aigne ag taithneamh 'n-a gnúis
agus 'n-a snó.



Do thárla go bhfeacaidh fear óg
uasal éigin an uair sin í agus gur
líon a chroídhe láithreach le grádh dhi.
Shocaruigh sé i n' aigne go gcaithfadh
sé í dh' fhághail le pósadh. Thuig sé ná
béadh sé onóireach dó gan labhairt le
n-a muíntir i dtaobh an ghnótha san ar
dtúis sar a labharfadh sé léi féin 'n-a
thaobh. Bhí áthas thar bár ar a h-athair.
Ba thógáilt go bráth leis cleamh-
ain chómh h-uasal do theacht chuige.
D'airigh Íta cad a bhí ar siúbhal. Tháinig
sí ag trial ar a máthair.



“A mháthair,” ar sisi, “a leithéid
seo. Airíghim go bhfuil an t-óigfhear
uasal so a d'iaraidh mise dh'fhághail
le pósadh agus go bhfuil m'athair toil-
teanach chuige sin. Ní féidir do'n
duinuasal so, ná d'aon duine eile,
mise dh'fhághail le pósadh, a mháthair,”
ar sisi.



“Cad 'n-a thaobh san, a 'nghean ó?”
arsan mháthair.



“Táim-se pósta cheana, a mháthair,”
arsan inghean. “Táim pósta le fada,
chómh fada agus atá cuímhne am' cheann.
Chómh luath agus a thainig cial dom, chómh
luath agus chuireas aithne ar an Slán-
uightheóir, chómh luath agus thuigeas am'
aigne cé 'r bh' é féin agus méid a
ghrádh dhom thugas grádh dhó. Thugas


L. 402


suas dó mo chroídhe agus m' aigne
agus mé féin ar fad. D'iaras air
mé ghlacadh mar chéile agus gheallas
dó ná glacfinn céile eile ach é an
fhaid a mhairfinn. Ghlac sé mé mar
chéile agus ghlacas é mar chéile. Ní
féidir dom céile eile ghlacadh. Déin-
se, a mháthair,” ar sisi, “an nídh sin do
léiriú' do m' athair i dtreó go dtuig-
fidh sé nách féidir dom an t-óigfhear so
do phósadh.”



D'imthigh an mháthair agus d'inis sí
d'á fear cad dúbhairt an inghean.
D'éirigh sé ar buile. Bhí an cleamhnas
uasal curtha soir siar, dar leis. Bhí
gach aon rud loitithe glan. An tóg-
áilt cínn a bhí i n-áirighthe dhó féin
agus d'á shliocht bhí sé curtha ar neamh-
nídh ag an gcailín sin agus agá h-am-
adántacht. Thug sé an leabhar ná
tabharfadh sé féin aon toil choidhche dhi
chun dul agus bheith 'n-a mnaoí riagh-
alta ar nós Bhríghde agus na gcéadta
ban óg a bhí ag gabháil léi.



Do h-ínseadh do'n inghín cad dúbh-
airt a h-athair. “Bíodh foidhne
agaibh le m'athair,” ar sisi. “Tá
fearg anois air. Bíodh foidhne againn
leis. Tá croídhe fóghanta aige. Cuir-
fidh Dia 'na chroídhe ar ball aontu'
leis an nídh atá ceapaithe ag Dia
dhómh-sa. Chídhfar ar ball, ní h-amháin
go dtoileóchaidh sé, ach fós gur bh' é
féin is déine a thabharfidh órdú' dhom
dul agus an obair atá ceapaithe ag
Dia dhom a dhéanamh.”



Chrom Íta ansan ar a guídhe chur
suas chun Dé 'ghá iaraidh ar Dhia aigne
a h-athar d'atharú'. Chuir sí roimpi
trosgadh trí lá agus trí oídhche dhéanamh
chuige sin. An fhaid a bhí sí ag déanamh
an trosgaidh sin do chuir an mac
malachtain an uile shaghas catha uirthi
a d'iaraidh í dh'iompáil ó'n nídh a bhí
ar aigne aici. Chuir sé os cómhair a
h-aigne an grádh thar bár a bhí ag an
ógfhlaith uasal úd dhi; an t-áthas a
bhéadh ar aon chailín eile dá dtabharfí
a leithéid sin de ghrádh dhi; an saoghal
saidhbhir, suairc a thabharfadh sé dhi; an
sólás agus an t-áthas aigne bhéadh
uirthi nuair a chídhfadh sí aghaidh a céad
leinbh, nuair a chídhfadh sí a clann ag
fás 'n-a tímpal, clann mhac agus
clann inghean, fé mhaise agus fé bhláth.
Chuir sé os comhair a h-aigne, ar an
dtaobh eile, an saoghal cruaidh, dian,
dochraideach a bhéadh aici 'na mnaoí
riaghalta; an t-uaigneas a bhéadh uirthi
agus í 'n-a h-aonar go deó, gan grádh
céile, gan grádh clainne gan sólás,
gan suairceas, gan mhuintir, gan
áitreabh cómhnuighthe; ach trosgadh agus
treighneas i n-áirighthe dhi, agus anródh,
agus cuarda fada fuara i ndúthaíbh
iasachta, fé shín agus fé fhliuchra abhfad
ó n-a gaoltaibh.



Ach do chuímhnigh Íta ar an ngrádh a
bhí aici d'á Chéile féin agus aige dhí,
agus thuig sí ná raibh i ngrádh aon
duine saoghalta ach grádh gan ghus
seachas grádh an tSlánuightheóra. Thuig
sí go ndéanfadh an grádh san aoibh-
neas gan teóra de gach dochar saogh-
alta; nár bh'fhéidir uaigneas a bheith
sa n-áit 'na mbéadh sé; go mbainfadh
an grádh san an fuacht as an ngaoith,
an bhuairt as an gcroídhe, an tuirse as
na cnámhaibh, an nimh as gach teinneas.
D'á mhéidh díthol a dhein an mac malacht-
ain chun sgannra chur uirthi roimis
an mbeatha a bhí curtha róimpi aici ní
raibh aige 'a dhéanamh ach tuile misnigh
a chur uirthi chun na beatha san. Nuair
a bhí an trímhadh h-oídhche de'n trosgadh
geall le bheith caithte dó thaisbeáin an
namhaid é féin di. Bhí sé go buartha,
brónach, claoidhte. Nuair a bhí an lá
ag gealadh d'imthigh sé. Dúbhairt sé,
agus é ag imtheacht: “A chailín,” ar
seisean, “tá buaidhte agat orm!
Tá buaidhte agat féin orm agus
buadhfidh a lán nach tu orm mar gheall
ort!” Ansan d'imthigh sé as a radharc.



An oídhche chéadna do taisbeánadh
aisling do Chenfhaoladh, d'á h-athair.
Tháinig aingeal ó Dhia chuige agus do
labhair sé leis. “A Chenfaoladh,”
arsan t-aingeal leis, “cad chuige
dhuit-se bheith ag cosg t'inghíne ar an
obair a dhéanamh atá ceapaithe ag Dia
dhí le déanamh? I n-ainim Chríost
sgaoíl léi. Leog di a h-óighe thabhairt
suas do'n tSlánuightheóir. Béidh sí
uasal, oirdheirc, naomhtha, i láthair Dé
agus daoine, agus déanfidh sí sgiath
dín d'á lán nuair a thiocfidh an bhreith
dhéanach. Sgaoil léi.”


L. 403


Chómh luath agus dhuisigh Cenfhaoladh
as a chodla chuaidh sé ag trial ar Íta
agus d'inis sé dhi conus mar a tháinig
an t-aingeal chuige agus an chaint
adubhairt sé leis.



“Tá sé chómh maith agat imtheacht
láithreach, a 'nghean ó,” ar seisean.
“Ní ceart failíth a thabhairt sa ghnó
so. Ní ceart failíth a thabhairt sa ghnó
n-ar chuir Dia féin teachtaireacht fé
leith uaidh 'ghá chómhairliú'.”



Sin a raibh uaithi. D'imthigh sí
láithreach agus thug sí a h-aghaidh i
dtreó eaglaise áirighthe a bhí an uair
sin i dtír na nDéiseach. An fhaid a
bhí sí ar an slígh do bhailigh sluagh
deamhan 'n-a tímpal agus bhíodar
ag déanamh an uile shaghas díthil ar í
chosg agus ar í chasadh thar n-ais. Ach
tháinig na h-aingil ó Dhia agus chuir-
eadar ruag ar na deamhnaibh. Do
h-airigheadh na deamhain ag éigheamh le
buairt agus ag cásamh an bhárthain a
bhí i ndán di a dh'imirt ortha.
“Mairig dúinn! mairig dúinn!” a
deiridís. “Tá buaidhte ag an mnaoí
óig seo orainn feasda. Mheasamair
díoltas a dhéanamh uirthi indiu, ach
siniad aingil Dé 'ghá cosaint orainn.
Brisfidh sí ár gcómhachta i n-a lán
áiteana agus béarfidh sí a lán daoíne
saor uainn ar an saoghal so agus ar
an saoghal atá le teacht!”



Chosain na h-aingil í ar na deamhn-
aibh agus do shrois sí an eaglais. Bhí
daoíne naomhtha ansan roímpi agus
bhíodar ollamh di, mar bhí fhios acu í
bhéith ag teacht agus bhí fhios acu cad
iad na tíodhlaicí móra a bhí bronta ag
Dia uirthi, agus cad chuige go raibh sí
ag teacht. Tháinig sí agus thug sí a
h-óighe airís suas do'n tSlánuightheóir,
fé mhóid bheanuighthe, i láimh cléire
eagailse, agus do cuireadh brat
mná riaghalta uirthi do réir dlíghe na
h-eagailse.



Deir cuid de'n lucht seanachuis gur
bh'é Déclán naomhtha féin a ghaibh a
móid uaithi agus do chuir an brat
uirthi, ach deir tuile acu nár bh'é. Ní
féidir liom-sa an sgéal a shocarú'
eatartha.



Chómh luath agus bhí an méid sin
gnótha déanta aici d'iar sí ar Dhia í
stiúrú' chun na h-áite 'na raibh ceap-
aithe ag Dia dhi an obair a bhí roímpi do
dhéanamh. Chuir Dia aingeal ag trial
uirthi chun an eóluis a bhí uaithi thabhairt
di. Dúbhairt an t-aingeal léi im-
theacht as a dúthaigh féin, a' tír na
nDéiseach, agus dul siar go bun
Sléibhe Luachra, go crích Uí Chonail
Ghabhra. Go dtaisbeánfí ansan di an
áit 'na gcuirfadh sí suas tigh do
mhnáibh riaghalta, agus gur sa tír sin
a bhí ceapaithe dhi gnó Dé a dhéanamh
ar feadh a saoghail. Dúbhradh léi go
mbéadh comairce na críche sin Uí
Chonail Ghabhra uirti * féin agus ar
Sheanán Inse Cathaigh go deó.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services