Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta Bhriain Í Chorcráin
Title
Dánta Bhriain Í Chorcráin
Compiler/Editor
Breathnach, Pól
Composition Date
1601
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1929)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DANTA BHRIAIN I CHORCRAIN. I. AN FEAR CEADNA .cc. Mithidh teacht a Chú Connacht doiligh bheith dot bhuachollocht beag gcomhnuidhe ort ré headh fa ghort dtonnbhuidhe dTailltean. Re hucht eachtrann anba ar neimh ataoi re hathuidh d'aimsir sírshiubhlach ag súr gach fuinn fa mhúr gcíchiubhrach gCriomhthuinn. Tearc droibhéal uait gan fhoghail cia an inis nár iarrobhair h'eang is doileanta dá dhruim soileanta leam gach luadhaill. Do treabhadh le hingnibh h'each Magh Aoi na learga um Luimneach sní fhuil magh fan Midhe a-muigh ná slighe glan ód ghreaghuibh. Ní bhí do threalamh troda a fhoghlaidh chláir Chearmoda fa chlár sean féaruaine Floinn feadh éanuaire ar ealchuing. Ní luighionn fear a gcrích Chuinn ní beantar d'eacha a hughaim sibh do thogaibh fraoch na bfear ní chodail laoch dá luigheadh. Ní fhuil éanmhagh gan leacht laoich fa Eirinn an fhóid ghéugmhaoith ní fhuil lios im bheinntribh Breagh gan chrios dteintigh na thimcheal. Tug tusa a mhic Mheug Uidhir bha imlibh fhuinn ríoghfhuinidh a slán fa ionráithne an uilc iolgháirthi ar lár gach longphuirt. A-déurdaois daoine eli go dtugais tuar oirbhire na mnaoi bhuaidhirthi bean Chuinn sluaighshirthi ar feadh gach fearuinn.
Cuairt Mhidheach laithe a Laighnibh seal a Mumhain mhíonaibhnigh lá a gConnochtaibh cuid dot nimh dhuid a dhonnaltaigh dhíllidh. Láimh re Luimneach lá oile lá láimh le cuan Corcuighe do bhéaruinn th'eangrais gan oil a theannbhrais shéughuinn shochroidh. Imli Caisil creachtar libh eangrais do loiscti a Laighnibh a ghnúis naoidhe ar nach gcuir cneidh is faoidhe guil um Ghaillibh. Atá gach laoi ag éirghe ort fala ar fás a Chú Connocht ód chleathomnuibh s as cáir dhuit a leathfhoghlaidh chláir Chormuic. Ot fhoghluibh a nInis Fáil do líonsat dár bfuath d'eanláimh giodh leagair dhúin ad dheaghaidh a dhreagain mhúir Mhuireadhaigh. A ndernais theas is thuaidh is ar fhuilngis ann d'anbhuain a Mhéug Uidhir dá bfiar fiodh duiligh a thrian do thuiriomh. Ní cás a bfuairseat d'fhagháil Gaoidhil príomhphuirt Partholáin a dhreach úr fa síothláidh sriobh ós síothcháin dhún a dheiriodh. Gníomh gach aoin romhat sa réim d'fhuil uaibhrich Eachaidh Doimhléin beag ar neart ad chló ro chin do theacht is mó ioná mithidh. - Mithid teacht -
II. BRIAN Ó CORCRAN .cc. Coimhghe Críost fa Choin gConnocht rí an bheatha dá bhuachollacht barr fionnbhuidhe folt na mionn go tocht d'ionghuire Eirionn. On ló do thriall san tar tuinn gan tocht a-le ó Lunnuind sgeallán úr Achaidh na bFear Athair na ndúl gá dhídean. An tAthair is Mac Muire sa Spiorat naomh neamhdhuidhe na múraibh fa chorp í Chuinn go tocht ar gcúlaibh cuguinn. Go dtabhruid na theanguidh toir máthair Iosa sna hEasbail glór sáimh gan oilbhéim gan oil do choimhréir cháigh do chantoin. Mo chompán mo dhalta dil mo chaoimhtheach leaptha leinibh coimhéad a Dhé deaghshlán damh mo dhearbhghrádh é agus m'iomchar. Mo chuileán do chuan na Con riamh nár traothadh a dtachar mo bhruineagán ionmhuin m'fhuil m'fhuileagán d'fhiodhbhaidh uasuil. Mo dhíon é codhnach mo chraidh m'fhear faire feadh an chogaidh léig fam bhreith a Dhé damsa an té dár fheith mh' anamsa. Mo mhionn súl seadh mo chuim mo leanamh é ar eadh n-altruim díon na gceall ón mBóinn mbreacglais mo cheann óil is oireachtais.
Mo leomhan leadarrthach lonn mathghamhuin críche Cualonn fear feithimh críochmhagh gCnoghbha beithir fhíochmhar allmharrdha. Crann cumhra na n-ubhall óir tús m'aoibhnis earr mo dhobróin cruas cloidhimh lé cogar gcath tobar oinigh na nUlltach. Eó Eirne na n-eas n-uaine samhuil Chon na Craobhruaidhe traothadh foghalchath fóid Bhreagh cobharthach na gcóig gcóigeadh. Ua Seaáin mic Cuinn gnúis ghlan sreabh fhíorghlan d'fhuil na nIarladh lóchrann léir an chraoi-si Chuinn rom chnaoi-si a léim go Lunnainn. Dearlaic a Dhé dá dhreich nduinn geimhreadh sáimh earrach áluinn foghmhar soileanta is séimh goimh is gréin soineanta samhraidh. Go dtí slán tar sruth a-le nár léige mórMhac Muire ceann ó gColla laoch nach lag gaoth ná tonna gá thoirmeasg. Guidhim Dia nach dóigh bhréige Cú na gCon mac Mairgréige gan m'anamhuin ré a éag sin géag do ghlanfholaibh Gaoidhil. Tar gach ní dá ndearna sin a gcrích fhuairimligh Eimhir toil gan tíosg oirbhe gan olc coimhghe Críosd fa Choin Connocht. - Coimhghe -
III. AN FEAR CEADNA. Cian do chuairt a Chú Connacht dá bfheasta a bharr bhachollnocht iath Eirne ann fa eire badh ham déinmhe deifeire. Mar atá an tír leath ar leath dá bfeasta sa a chúl fáinneach búdh cúis truaighe an dáil duitsi tar chuaine an chláir Chormuic-si Gan gean gáire gan ghlór grinn truagh fian Eirne tar Eirinn fáth a mbróin as cneadh chroide a bfleadh óil a n-eólchoire. On ló do thrialluis tar lear atáid cách cuid dá n-imneadh adhbhar bróin dot ghruaidh ghealtais gan buaidh óil ná oireachtais. Urlann do lis gan lúth greagh gan chongháir gan chur gcraoitheadh dob annamh riamh roimhe a-niodh a chroidhe gliadh na nGaoidhiol. Ar Loch Eirne an inbhir ghloin gan fhaicsin uain bhar n-arthraigh deór le gruaidh Manchoigh ní mall le fuaim arthraigh na n-eachtronn. An tír ar gach taobh do loch mar do chíd cách gan chodhnach beag le gach aon cuid dá chrodh ná tuig nach taom dot thurnamh. Ag rí Saxan slios mar chailci bíth mar chách na chumairce mar as gar dá fheólfhuil t'fhuil fagh tar dheóraidh do dhúthuigh.
Gá dtámuid ris a rún glan d'fhurtocht éigin do thalmhan slán tar tuinn go dtí tusa a chlí fhuinn na hEamhna-sa. Mar a-deirim séuntar libh más éidir a Mhéug Uidhir a chinn sluaigh na dtachar dte ar n-athchar uaibh as aince. - Cian do -
V. AN FEAR CEADNA .cc. is truagh sin a Chú Connocht ionnsa a eurla fochannocht a dháigh aisgeadha chláir Chuinn gan dáil t'fhaixiona againn. Teacht do bháis a mbéul gach aoin gibé lé'n maith a mhacaoimh do thabhaigh na deóir óm dheirc t'aghaidh fa dheóidh ar dícheilt. Is an Eadáill anba an t-olc más fíor bás mhic Con Connocht och och agus achán uch clachán cloch ar mo chaomthach. Mása deimhin a dhearc mhall h'adhlacadh a n-iath eachtrann truagh a Dhé dá madh dleacht sain gan mé sa bfeart at fhochair. Truagh nach tú atá dár gcaoineadh a bhas fhola fionnGhaoidheal bheith dot chaoineadh do chlá sinn níor saoileadh trá go dtáirfinn. Gidh mór n-olc ler hanadh inn romhuibh si cruaidh an créidhim do chuaidh a gcuimhne óm chroidhe gur dhuilghe uaibh m'eólchuire. T'éug dearbhtha sa a chiabh na gclann mar do aithris uaibh Eumann mo chroidhe fa céad do bhris s gach éag oile dár aithris. - Is truacch -
VI. AN FEAR CEADNA. Mochion dot bhronnadh a Bhriain a mhic na flatha a finnChliaidh a aistrigh an toirbheirt truim h'aisgidh budh oirdheirc aguinn. Ní chuala go bfuair ollamh meadh don aisgidh fhuaramar dot ghruaidh dtaighleach téid a mheas tar mhéid ainbhreath na n-éigeas. Cearc Bhoirche féimhe Rosa fuair clú d'fhine Fheargosa gér chuis iomráidh a hainm sin ní gairm ionráidh mar aisgidh. O Mhaoil Sheachluinn eacht oile d'ardollamh fhóid Ughoine níorbh iongnadh tarla ar a thoil fionnbhrugh Banbha ré bliadhuin. Níor chosmhail a chur a suim síneadh cinn do Choin gColuinn d'fhior tuaighe tainic tar sál ó ráinic uaidhe iomshlán. Eochaidh éuchtach na n-arm nglan ní tug acht éunshúil d'ollamh giodh toirbheartus do thuair teann le bfuair oirdhearchus Eireann. Do dhearlaic sibh si a sé a shuim tré bheith na amhgar oruinn do dhá ghoirmdhearc damsa am dhall almsa bhús oirdhearc agam. Do bhéuradh a bharr na mionn da madh leis aoibhnios Eirionn ar son a radhairc rún grinn dhúinn sa thabhairt fa thuairim.
Gibe do bhronn a dhá rosc fa chrodh ní cóir a theagusc barr gleannach dá dtarla ar dtol eallach Banbha do bhronnfadh. A dtugsat cách beag a bhrígh d'Aithirne is d'Eochaidh éigsin ar mheas lóigh na ngormrosc nglan an dornosc óir níorbh iongnadh. Ní thuigim nach feart féile fuarus uait gan aimhréidhe do radharc a thaobh mar thuinn san t-amharc ar-aon aguinn. Gá dtámuid ris ní rádh bréige go bráth a mhic Mairgréige biad mar mhalairt mas lór lat do lógh bhar n-amhairc agat. Go n-íoca Dia red dhreich ndil bronnadh le léighim litir is ré sgríobhuim seal mar so mochean d'fhíorroinn m'anma. - Mo -
VII. BRIAN O CORCRAN .cc. A theachtaire téid budh dheas gluais romhad sa raon díleas triallaidh ó thulaigh na Niall siaruin go Mumhain Mhaicniadh. Ria ndul siar sa slighidh duid déuna cuairt ag mo charuid lán súl nach seachuin frosa Eochaidh úr O hEoghusa.
Cuirfe sé sa slighe sibh a gceann chloinne Mhég Uidhir cúpla robhog dá dtá ar dtoil a-tá romhad dár rioghnaibh. Faic thiar a dtús dála Róisi an ríoghan roscmhálla mo chroidhe a-nú is lé-si a leath dá héisi a-tú go toirrseach. Ceirtleath oile m'anma thiar atá a Mumhain mhic Mhaicniadh faic Mairghréag nach dúr ndealbha an phailmghéag úr fhíneamhna. Dá bhaincheann bhan nUladh sás gach aignidh d'ardughadh ba doiligh righe ré a rath slighe onigh na nUlltach. Beith na n-éugmais do mhear me clann leomhain Locha hEirne dias as múnta a mBanbha Bhreagh cúpla tarrla dá dtoirneamh. As leun lemsa leun na mban mar atú sa is léan leó-san tar ar dtairm a dtír Logha gan gairm dhínn acht deoradha. Iadsan ar-aon is misi fóir a Iosa ar n-ainnisi san t-ál do hionnarbadh linn fa chlár fionnardghlan Féilim. Ainrias Easbal mo chridhe cara m'anma d'áiridhe ar iúl nimhe múineadh me slighe ar nár dúineadh doirrse. - A theachtaire téi -
VIII. O hEODHUSA .i. EOCHAIDH .cc. A Bhriain Mheg Uidhir éist roinn tabhair dot úidh a n-abroim mór mo chóir ó th'athair ort rathoil ní dóigh gan dúthracht. Eisd riom go gcuirinn a gcéill mo dhúthchus red dhreich mhínréidh sé do dhearbhuirre m' annsa fa leam uille th'athor-sa. Fa leam céadrogha cholg nocht rún as cogar Chon Connocht togha greagh srólbhuidhe seang is eadh n-órdhuidhe is fhicheall. Fuaras a Bhriain a bharr nocht fós ó Aodh mac Con Connacht duas ollaimh dá uair nó thrí buaidh a bhronnaidh ní beírthí. Do chuirfeadh ina cheann sin da maireadh Aodh Mhag Uidhir slán re reulluinn chuaine Cuinn do gheubhainn uaidhe a n-íarrfuinn. An Cú Connocht Og sa ann fuarus uadh gach ar iarrsam s ní nár iarrus uair nó dhó níor thriallus uaidh fa iarghnó. Cu Connocht Aodh sa n-athair ger thréan iad ar Ulltachaibh trí thighearna nár thuill béim ruinn níorbh infheadhma iadséin. Ar son go mbeardaois buaidh gcáigh do bhearuinn si orra d'éanláimh tar bhuaidh a gcraobhlann gcorcra buaidhle haonrann adhmholta.
A Bhriain na mbronntadh n-abaigh cuimhnigh trá mar thugadair tri rathoil bhias gan bháthadh th'athair do dhias dearbhráthar. Muna bfuil sé d'fhiachaibh ort damhsa na déana dúthracht a rinn céaddochar cnuic Bhreagh ar méadochadh duit dlighthear. Dot ghrádh féin feirde ar gcumann a bharr fithe fochandonn ó chridhe a-tám ar do thí s do ghrádh na fine ó a bhfuití. A Bhriain Uisnigh óras dáin ar dhá gcridhe is gcúis teasgráidh leig dhamsa a n-uaim re r-oile fuaigh m'annsa ret ionmhoine. A mheic Mairghréige ó mhúr Fhluinn a ghrádh carthonach cumuinn a dhíontor na bfear bfoghla da líontor teagh togharma.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services