Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta Bhriain Í Chorcráin

Title
Dánta Bhriain Í Chorcráin
Compiler/Editor
Breathnach, Pól
Composition Date
1601
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1929)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



DANTA BHRIAIN I CHORCRAIN.



I.
AN FEAR CEADNA .cc.



Mithidh teacht a Chú Connacht
doiligh bheith dot bhuachollocht
beag gcomhnuidhe ort ré headh
fa ghort dtonnbhuidhe dTailltean.



Re hucht eachtrann anba ar neimh
ataoi re hathuidh d'aimsir
sírshiubhlach ag súr gach fuinn
fa mhúr gcíchiubhrach gCriomhthuinn.



Tearc droibhéal uait gan fhoghail
cia an inis nár iarrobhair
h'eang is doileanta dá dhruim
soileanta leam gach luadhaill.



Do treabhadh le hingnibh h'each
Magh Aoi na learga um Luimneach
sní fhuil magh fan Midhe a-muigh
ná slighe glan ód ghreaghuibh.



Ní bhí do threalamh troda
a fhoghlaidh chláir Chearmoda
fa chlár sean féaruaine Floinn
feadh éanuaire ar ealchuing.



Ní luighionn fear a gcrích Chuinn
ní beantar d'eacha a hughaim
sibh do thogaibh fraoch na bfear
ní chodail laoch dá luigheadh.



Ní fhuil éanmhagh gan leacht laoich
fa Eirinn an fhóid ghéugmhaoith
ní fhuil lios im bheinntribh Breagh
gan chrios dteintigh na thimcheal.



Tug tusa a mhic Mheug Uidhir
bha imlibh fhuinn ríoghfhuinidh
a slán fa ionráithne an uilc
iolgháirthi ar lár gach longphuirt.



A-déurdaois daoine eli
go dtugais tuar oirbhire
na mnaoi bhuaidhirthi bean Chuinn
sluaighshirthi ar feadh gach fearuinn.


L. 38


Cuairt Mhidheach laithe a Laighnibh
seal a Mumhain mhíonaibhnigh
lá a gConnochtaibh cuid dot nimh
dhuid a dhonnaltaigh dhíllidh.



Láimh re Luimneach lá oile
lá láimh le cuan Corcuighe
do bhéaruinn th'eangrais gan oil
a theannbhrais shéughuinn shochroidh.



Imli Caisil creachtar libh
eangrais do loiscti a Laighnibh
a ghnúis naoidhe ar nach gcuir cneidh
is faoidhe guil um Ghaillibh.



Atá gach laoi ag éirghe ort
fala ar fás a Chú Connocht
ód chleathomnuibh s as cáir dhuit
a leathfhoghlaidh chláir Chormuic.



Ot fhoghluibh a nInis Fáil
do líonsat dár bfuath d'eanláimh
giodh leagair dhúin ad dheaghaidh
a dhreagain mhúir Mhuireadhaigh.



A ndernais theas is thuaidh
is ar fhuilngis ann d'anbhuain
a Mhéug Uidhir dá bfiar fiodh
duiligh a thrian do thuiriomh.



Ní cás a bfuairseat d'fhagháil
Gaoidhil príomhphuirt Partholáin
a dhreach úr fa síothláidh sriobh
ós síothcháin dhún a dheiriodh.



Gníomh gach aoin romhat sa réim
d'fhuil uaibhrich Eachaidh Doimhléin
beag ar neart ad chló ro chin
do theacht is mó ioná mithidh.



- Mithid teacht -


L. 39


B 1603 17T
II.



BRIAN Ó CORCRAN .cc.



Coimhghe Críost fa Choin gConnocht
rí an bheatha dá bhuachollacht
barr fionnbhuidhe folt na mionn
go tocht d'ionghuire Eirionn.



On ló do thriall san tar tuinn
gan tocht a-le ó Lunnuind
sgeallán úr Achaidh na bFear
Athair na ndúl gá dhídean.



An tAthair is Mac Muire
sa Spiorat naomh neamhdhuidhe
na múraibh fa chorp í Chuinn
go tocht ar gcúlaibh cuguinn.



Go dtabhruid na theanguidh toir
máthair Iosa sna hEasbail
glór sáimh gan oilbhéim gan oil
do choimhréir cháigh do chantoin.



Mo chompán mo dhalta dil
mo chaoimhtheach leaptha leinibh
coimhéad a Dhé deaghshlán damh
mo dhearbhghrádh é agus m'iomchar.



Mo chuileán do chuan na Con
riamh nár traothadh a dtachar
mo bhruineagán ionmhuin m'fhuil
m'fhuileagán d'fhiodhbhaidh uasuil.



Mo dhíon é codhnach mo chraidh
m'fhear faire feadh an chogaidh
léig fam bhreith a Dhé damsa
an té dár fheith mh' anamsa.



Mo mhionn súl seadh mo chuim
mo leanamh é ar eadh n-altruim
díon na gceall ón mBóinn mbreacglais
mo cheann óil is oireachtais.


L. 40


Mo leomhan leadarrthach lonn
mathghamhuin críche Cualonn
fear feithimh críochmhagh gCnoghbha
beithir fhíochmhar allmharrdha.



Crann cumhra na n-ubhall óir
tús m'aoibhnis earr mo dhobróin
cruas cloidhimh lé cogar gcath
tobar oinigh na nUlltach.



Eó Eirne na n-eas n-uaine
samhuil Chon na Craobhruaidhe
traothadh foghalchath fóid Bhreagh
cobharthach na gcóig gcóigeadh.



Ua Seaáin mic Cuinn gnúis ghlan
sreabh fhíorghlan d'fhuil na nIarladh
lóchrann léir an chraoi-si Chuinn
rom chnaoi-si a léim go Lunnainn.



Dearlaic a Dhé dá dhreich nduinn
geimhreadh sáimh earrach áluinn
foghmhar soileanta is séimh goimh
is gréin soineanta samhraidh.



Go dtí slán tar sruth a-le
nár léige mórMhac Muire
ceann ó gColla laoch nach lag
gaoth ná tonna gá thoirmeasg.



Guidhim Dia nach dóigh bhréige
Cú na gCon mac Mairgréige
gan m'anamhuin ré a éag sin
géag do ghlanfholaibh Gaoidhil.



Tar gach ní dá ndearna sin
a gcrích fhuairimligh Eimhir
toil gan tíosg oirbhe gan olc
coimhghe Críosd fa Choin Connocht.



- Coimhghe -


L. 41


III.



AN FEAR CEADNA.



Cian do chuairt a Chú Connacht
dá bfheasta a bharr bhachollnocht
iath Eirne ann fa eire
badh ham déinmhe deifeire.



Mar atá an tír leath ar leath
dá bfeasta sa a chúl fáinneach
búdh cúis truaighe an dáil duitsi
tar chuaine an chláir Chormuic-si



Gan gean gáire gan ghlór grinn
truagh fian Eirne tar Eirinn
fáth a mbróin as cneadh chroide
a bfleadh óil a n-eólchoire.



On ló do thrialluis tar lear
atáid cách cuid dá n-imneadh
adhbhar bróin dot ghruaidh ghealtais
gan buaidh óil ná oireachtais.



Urlann do lis gan lúth greagh
gan chongháir gan chur gcraoitheadh
dob annamh riamh roimhe a-niodh
a chroidhe gliadh na nGaoidhiol.



Ar Loch Eirne an inbhir ghloin
gan fhaicsin uain bhar n-arthraigh
deór le gruaidh Manchoigh ní mall
le fuaim arthraigh na n-eachtronn.



An tír ar gach taobh do loch
mar do chíd cách gan chodhnach
beag le gach aon cuid dá chrodh
ná tuig nach taom dot thurnamh.



Ag rí Saxan slios mar chailci
bíth mar chách na chumairce
mar as gar dá fheólfhuil t'fhuil
fagh tar dheóraidh do dhúthuigh.


L. 42


Gá dtámuid ris a rún glan
d'fhurtocht éigin do thalmhan
slán tar tuinn go dtí tusa
a chlí fhuinn na hEamhna-sa.



Mar a-deirim séuntar libh
más éidir a Mhéug Uidhir
a chinn sluaigh na dtachar dte
ar n-athchar uaibh as aince.



- Cian do -


L. 45


B 1608 17T
V.



AN FEAR CEADNA .cc.



is truagh sin a Chú Connocht
ionnsa a eurla fochannocht
a dháigh aisgeadha chláir Chuinn
gan dáil t'fhaixiona againn.



Teacht do bháis a mbéul gach aoin
gibé lé'n maith a mhacaoimh
do thabhaigh na deóir óm dheirc
t'aghaidh fa dheóidh ar dícheilt.



Is an Eadáill anba an t-olc
más fíor bás mhic Con Connocht
och och agus achán uch
clachán cloch ar mo chaomthach.



Mása deimhin a dhearc mhall
h'adhlacadh a n-iath eachtrann
truagh a Dhé dá madh dleacht sain
gan mé sa bfeart at fhochair.



Truagh nach tú atá dár gcaoineadh
a bhas fhola fionnGhaoidheal
bheith dot chaoineadh do chlá sinn
níor saoileadh trá go dtáirfinn.



Gidh mór n-olc ler hanadh inn
romhuibh si cruaidh an créidhim
do chuaidh a gcuimhne óm chroidhe
gur dhuilghe uaibh m'eólchuire.



T'éug dearbhtha sa a chiabh na gclann
mar do aithris uaibh Eumann
mo chroidhe fa céad do bhris
s gach éag oile dár aithris.



- Is truacch -


L. 46


B 1624obc 17T



VI.



AN FEAR CEADNA.



Mochion dot bhronnadh a Bhriain
a mhic na flatha a finnChliaidh
a aistrigh an toirbheirt truim
h'aisgidh budh oirdheirc aguinn.



Ní chuala go bfuair ollamh
meadh don aisgidh fhuaramar
dot ghruaidh dtaighleach téid a mheas
tar mhéid ainbhreath na n-éigeas.



Cearc Bhoirche féimhe Rosa
fuair clú d'fhine Fheargosa
gér chuis iomráidh a hainm sin
ní gairm ionráidh mar aisgidh.



O Mhaoil Sheachluinn eacht oile
d'ardollamh fhóid Ughoine
níorbh iongnadh tarla ar a thoil
fionnbhrugh Banbha ré bliadhuin.



Níor chosmhail a chur a suim
síneadh cinn do Choin gColuinn
d'fhior tuaighe tainic tar sál
ó ráinic uaidhe iomshlán.



Eochaidh éuchtach na n-arm nglan
ní tug acht éunshúil d'ollamh
giodh toirbheartus do thuair teann
le bfuair oirdhearchus Eireann.



Do dhearlaic sibh si a sé a shuim
tré bheith na amhgar oruinn
do dhá ghoirmdhearc damsa am dhall
almsa bhús oirdhearc agam.



Do bhéuradh a bharr na mionn
da madh leis aoibhnios Eirionn
ar son a radhairc rún grinn
dhúinn sa thabhairt fa thuairim.


L. 47


Gibe do bhronn a dhá rosc
fa chrodh ní cóir a theagusc
barr gleannach dá dtarla ar dtol
eallach Banbha do bhronnfadh.



A dtugsat cách beag a bhrígh
d'Aithirne is d'Eochaidh éigsin
ar mheas lóigh na ngormrosc nglan
an dornosc óir níorbh iongnadh.



Ní thuigim nach feart féile
fuarus uait gan aimhréidhe
do radharc a thaobh mar thuinn
san t-amharc ar-aon aguinn.



Gá dtámuid ris ní rádh bréige
go bráth a mhic Mairgréige
biad mar mhalairt mas lór lat
do lógh bhar n-amhairc agat.



Go n-íoca Dia red dhreich ndil
bronnadh le léighim litir
is ré sgríobhuim seal mar so
mochean d'fhíorroinn m'anma.



- Mo -



B 1608c 17T
VII.
BRIAN O CORCRAN .cc.



A theachtaire téid budh dheas
gluais romhad sa raon díleas
triallaidh ó thulaigh na Niall
siaruin go Mumhain Mhaicniadh.



Ria ndul siar sa slighidh duid
déuna cuairt ag mo charuid
lán súl nach seachuin frosa
Eochaidh úr O hEoghusa.


L. 48


Cuirfe sé sa slighe sibh
a gceann chloinne Mhég Uidhir
cúpla robhog dá dtá ar dtoil
a-tá romhad dár rioghnaibh.



Faic thiar a dtús dála
Róisi an ríoghan roscmhálla
mo chroidhe a-nú is lé-si a leath
dá héisi a-tú go toirrseach.



Ceirtleath oile m'anma thiar
atá a Mumhain mhic Mhaicniadh
faic Mairghréag nach dúr ndealbha
an phailmghéag úr fhíneamhna.



Dá bhaincheann bhan nUladh
sás gach aignidh d'ardughadh
ba doiligh righe ré a rath
slighe onigh na nUlltach.



Beith na n-éugmais do mhear me
clann leomhain Locha hEirne
dias as múnta a mBanbha Bhreagh
cúpla tarrla dá dtoirneamh.



As leun lemsa leun na mban
mar atú sa is léan leó-san
tar ar dtairm a dtír Logha
gan gairm dhínn acht deoradha.



Iadsan ar-aon is misi
fóir a Iosa ar n-ainnisi
san t-ál do hionnarbadh linn
fa chlár fionnardghlan Féilim.



Ainrias Easbal mo chridhe
cara m'anma d'áiridhe
ar iúl nimhe múineadh me
slighe ar nár dúineadh doirrse.



- A theachtaire téi -


L. 49


B 1612ob 17T
U 0002
VIII.



O hEODHUSA .i. EOCHAIDH .cc.



A Bhriain Mheg Uidhir éist roinn
tabhair dot úidh a n-abroim
mór mo chóir ó th'athair ort
rathoil ní dóigh gan dúthracht.



Eisd riom go gcuirinn a gcéill
mo dhúthchus red dhreich mhínréidh
sé do dhearbhuirre m' annsa
fa leam uille th'athor-sa.



Fa leam céadrogha cholg nocht
rún as cogar Chon Connocht
togha greagh srólbhuidhe seang
is eadh n-órdhuidhe is fhicheall.



Fuaras a Bhriain a bharr nocht
fós ó Aodh mac Con Connacht
duas ollaimh dá uair nó thrí
buaidh a bhronnaidh ní beírthí.



Do chuirfeadh ina cheann sin
da maireadh Aodh Mhag Uidhir
slán re reulluinn chuaine Cuinn
do gheubhainn uaidhe a n-íarrfuinn.



An Cú Connocht Og sa ann
fuarus uadh gach ar iarrsam
s ní nár iarrus uair nó dhó
níor thriallus uaidh fa iarghnó.



Cu Connocht Aodh sa n-athair
ger thréan iad ar Ulltachaibh
trí thighearna nár thuill béim
ruinn níorbh infheadhma iadséin.



Ar son go mbeardaois buaidh gcáigh
do bhearuinn si orra d'éanláimh
tar bhuaidh a gcraobhlann gcorcra
buaidhle haonrann adhmholta.


L. 50


A Bhriain na mbronntadh n-abaigh
cuimhnigh trá mar thugadair
tri rathoil bhias gan bháthadh
th'athair do dhias dearbhráthar.



Muna bfuil sé d'fhiachaibh ort
damhsa na déana dúthracht
a rinn céaddochar cnuic Bhreagh
ar méadochadh duit dlighthear.



Dot ghrádh féin feirde ar gcumann
a bharr fithe fochandonn
ó chridhe a-tám ar do thí
s do ghrádh na fine ó a bhfuití.



A Bhriain Uisnigh óras dáin
ar dhá gcridhe is gcúis teasgráidh
leig dhamsa a n-uaim re r-oile
fuaigh m'annsa ret ionmhoine.



A mheic Mairghréige ó mhúr Fhluinn
a ghrádh carthonach cumuinn
a dhíontor na bfear bfoghla
da líontor teagh togharma.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services