Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tAthair Diarmuid Ó Séagha do chan
Title
An tAthair Diarmuid Ó Séagha do chan
Author(s)
Ó Coileáin, Seán,
Compiler/Editor
Seán Ó Coileáin
Composition Date
1817
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1926)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AISLING. Aisling aréir is mé tíom-lag traochta, Ag stríocadh do'n dlighe do dháil Morphós, Im leabaidh gur síolruigh brídeadh mhaordha, Mhíon-tais, mhíonla, mhánla, mhodhamhail, Ler cealgadh sinn le saíghde géara Le taithneamh is díoghrais grinn di is géilleadh, I ndaingean mo chroidhe chuir fíor-neimh péine - An tsnaidhm ní scaoilfid leagha rem ló. Ba chamarsach, soillseach, dlaoitheach, péarlach, Bíseach, frínseach, scáineach, cóir, Bachallach, buidhe-chas, slím-lag, craobhach, Scaoilte síos ar scáil an óir, Go daithte tiugh díonmhar cíortha a céibhe, Ag casadh go fíor-lag cuim a cléibhe, Do shealbhuigh maoir di an flíos do shaothruigh Buidhean ghroidhe shaor is Iáson leo. A ramhar-rosc ríghin ar ghnaoi na mbraona Do luigheas ar dhruim ghlais bháirr an fheoir; A hatha go tím, 'sa braoithe caola, Is cíor a gríos-ghuib ba tháithte meadhón. 'Na leacain le lítis ag coimheascar caortha, Ar shleasaibh a clí a cíghe geal aonta, A leabhar-chrobh mín 's a píb gheal aolta, Fríth linn tím gan cáim 'na cló. Fachtaim gan mhoill de'n fhaoileann bhéasach Arbh í 'san Traoi thug ár na dtreon; Nó an ainnir i gcoimhdeacht Naois thug tréimhse, Is ag draoithe draoidheachta crádhadh tar fóir; Nó ainnir Churaoi do b'aoibhinn scéimh-chruith, Ler cailleadh dá druim é ar maoilinn sléibhe; Nó an ainnir do scíord fá dhíon na Féinne Ler críochnuigheadh céadta i ndáil Mhic Treoin.
Freagrann sinn i mílseacht Gaedhilge, 'S is fíor gan mhoill gur tháil sruth deor: "Ní ceachtar de'n bhuidhin sin ríomhais mé, acht straedhire Ar díth mo dhaoine atá fé bhrón. Ná seasmhuigh ar laoithe binn beacht éigse Atharrach ríogh leo mhaoidheas gach féile; Ní'l athchasadh i nGaedhil, do chríon a ngéaga; Mo scíos neimhe tríom-sa an táin ar feogh!" Beannacht leat guidhim-se, a ríoghan mhaordha, 'Ad dhíon sa tslighe 's ag trácht sa ród: Cois Mainge na mín-tsreabh díreach déin-se, Ar Fighnín d'fhinn-scoth d'fhás gan dreoghadh. I n-eagnacht laoithe grinn is dréachta Tabhair ceart síos brígh do scéalta; Ó chaith-mhíleadh tigheasach líomhtha léigheanta Is fíor-chaoin díoghrais fáilte gheobhair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services