Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An tAthair Diarmuid Ó Séagha do chan

Title
An tAthair Diarmuid Ó Séagha do chan
Author(s)
Ó Coileáin, Seán,
Compiler/Editor
Seán Ó Coileáin
Composition Date
1817
Publisher
(Má Nuad: Cuallacht Chuilm Cille, 1926)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AISLING.



Aisling aréir is mé tíom-lag traochta,
Ag stríocadh do'n dlighe do dháil Morphós,
Im leabaidh gur síolruigh brídeadh mhaordha,
Mhíon-tais, mhíonla, mhánla, mhodhamhail,
Ler cealgadh sinn le saíghde géara
Le taithneamh is díoghrais grinn di is géilleadh,
I ndaingean mo chroidhe chuir fíor-neimh péine -
An tsnaidhm ní scaoilfid leagha rem ló.



Ba chamarsach, soillseach, dlaoitheach, péarlach,
Bíseach, frínseach, scáineach, cóir,
Bachallach, buidhe-chas, slím-lag, craobhach,
Scaoilte síos ar scáil an óir,
Go daithte tiugh díonmhar cíortha a céibhe,
Ag casadh go fíor-lag cuim a cléibhe,
Do shealbhuigh maoir di an flíos do shaothruigh
Buidhean ghroidhe shaor is Iáson leo.



A ramhar-rosc ríghin ar ghnaoi na mbraona
Do luigheas ar dhruim ghlais bháirr an fheoir;
A hatha go tím, 'sa braoithe caola,
Is cíor a gríos-ghuib ba tháithte meadhón.
'Na leacain le lítis ag coimheascar caortha,
Ar shleasaibh a clí a cíghe geal aonta,
A leabhar-chrobh mín 's a píb gheal aolta,
Fríth linn tím gan cáim 'na cló.



Fachtaim gan mhoill de'n fhaoileann bhéasach
Arbh í 'san Traoi thug ár na dtreon;
Nó an ainnir i gcoimhdeacht Naois thug tréimhse,
Is ag draoithe draoidheachta crádhadh tar fóir;
Nó ainnir Churaoi do b'aoibhinn scéimh-chruith,
Ler cailleadh dá druim é ar maoilinn sléibhe;
Nó an ainnir do scíord fá dhíon na Féinne
Ler críochnuigheadh céadta i ndáil Mhic Treoin.


L. 52


Freagrann sinn i mílseacht Gaedhilge,
'S is fíor gan mhoill gur tháil sruth deor:
"Ní ceachtar de'n bhuidhin sin ríomhais mé, acht straedhire
Ar díth mo dhaoine atá fé bhrón.
Ná seasmhuigh ar laoithe binn beacht éigse
Atharrach ríogh leo mhaoidheas gach féile;
Ní'l athchasadh i nGaedhil, do chríon a ngéaga;
Mo scíos neimhe tríom-sa an táin ar feogh!"



Beannacht leat guidhim-se, a ríoghan mhaordha,
'Ad dhíon sa tslighe 's ag trácht sa ród:
Cois Mainge na mín-tsreabh díreach déin-se,
Ar Fighnín d'fhinn-scoth d'fhás gan dreoghadh.
I n-eagnacht laoithe grinn is dréachta
Tabhair ceart síos brígh do scéalta;
Ó chaith-mhíleadh tigheasach líomhtha léigheanta
Is fíor-chaoin díoghrais fáilte gheobhair.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services