Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eagrán 1916
Title
Eagrán 1916
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
Muintir Gill
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE COLUMBAN RECORD IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD AR NA CHUR AMACH DO CHUALLACHT CHUILM CILLE, COLÁISTE PHÁDRAIG, MAGH NUADHAD Beir mo bheannacht lat siar, As briste mo chroidhe im chliabh; Dá tteccmadh écc dála damh, Is ar méad grádha Gaodhal. — Colm Cille. Ar na chlóbhualadh ag MUINTIR DOLLARD agus Ar na chraobhscaoileadh don choitchiantacht ag MUINTIR GILL I mBaile Átha Cliath. 1916
DOLLARD PRINTINGHOUSE DUBLIN LIMITED.
RISTÉARD DE HINDEBERG — SAGART AGUS OLLAMH.
IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD. THE COLUMBAN RECORD. AN CEATHRAMHADH BLIADHAIN DÉAG. 1916. PÁDRAIG SÁIRSÉAL. “A Phádraig Sáirséal is duine le Dia thú Is beannuighthe an talamh ar shiubhail tu riamh air: Go mbeannuighidh an ghealach gheal 's an ghrian duit Ó thug tú an lá ó lámhaibh Ríogh Liam leat!” (Slán chum Pádraig Sáirséal). DUBHAIRT Lord Macaulay agus é ag cur síos ar bheatha agus imtheachtaibh shaighdiúra Shasanaigh dárbh' ainm dó Clive, dubhairt sé go raibh togha eóluis ag gach gasúr atá ag dul ar scoil ar neithibh nach raibh baint ar bith aca le stair a thíre, acht nach raibh eólus ar bith ag a bhfurmhór de dhaoinibh fásta ar rudaíbh agus ar dhaoinibh atá fighte, fuaighte, le stair a dtíre dúthchais féin. Ní móide go bhfuil lom-chlár na fírinne ins an rádh sin. Ní móide nach bhfuil áidhbhéil eicínt ann. Acht mar sin fhéin ní breág amach 's amach atá ann mar tá daoine de'n chineál sin ann. Agus ní'l sé d'iachall orainn imtheacht as Éirinn le na daoinibh iongantacha seo d'fheicsint. Is iomdha fear agus bean i n-Éirinn indiu nár chuala trácht ariamh ar an laochradh curata, cróganta a throid ar son Chaitlín ní Uallacháin i n-allód. B'fhéidir nach ortha féin atá a mhilleán ar fad. 'San oideachas atá dá fhagháil anois ag óglaigh na h-Éireann is mó an aire tugtar do rudaibh a bhaineas le Sasana agus le tíorthaibh eile 'ná mar tugtar do rudaibh a thárla i n-Éirinn agus a bhaineas léithi. Ar an ádhbhar sin ceapann a lán díobh nach raibh aon laoch tréan ná aon ghaisgidheach calma i n-Éirinn ariamh; ceapann siad nach raibh ins na h-Éireanna- chaibh riamh acht sglábhuidhthe agus cladhairí meathta; gach uile gníomh gaisge a dearnadh ariamh cheapaidís gur Sasanach a rinne é gan amhras. Is mór an náire é sin. Is truagh an sgéal é. Mar bhí laochradh le fagháil i gcomhnuidhe i n-Éirinn le h-iarracht gaisgeamhail a dhéanam ar slabhraí na daoirse agus na h-anbhruide a bhriseadh; bhí laochradh le fagháil nach ndeachaidh ar gcúl i n-aimsir tagartha na teangmhála, laochradh nach raibh meathtacht ag baint leó i n-aimsir chosgartha na fola. Ins an aimsir atá ann indiu ní'l cainnt ar aon rud acht ar chogadh agus ar chródhacht — gach tír ag maoidheamh as a saighdiúiríbh féin. Dá bhrígh sin ní dochar dhúinn féachaint siar tré stair ar dtírín féin agus na cogtha agus laochradh a throid ionnta d'fheiceál. Ins an aiste seo beidh tráchtas againn ar dhuine de na Gaedhealaibh a b'iongantaighe agus budh laochda dár mhair i n-Éirinn riamh, ar dhuine a mairfidh a ainm agus a chlú fad 's beó Clanna Gaedheal, i. an laoch calma curata — Pádraig Sáirséal. Ní mórán atá le h-innsint i dtaobh a óige, acht gur cuireadh go dtí 'n Fhrainnc é le h-ealadhain shaighdiúrachta d'fhoghluim. Dob' í Anna ní Mhórdha, inghean Ruaidhrí a mháthair, agus ar an ádhbhar sin ní
h-iongnadh tír-ghrádh a bheith aige. Tháinig an Sáirséalach ar ais go h-Éirinn le Rígh Séamus 'sa mbliadhain 1689, le troid i n-aghaidh Liam. 'San uair seo a tháinig Pádraig Sáirséal ar ais go h-Éirinn bhí sé chomh breagh d'fhear agus chífeá id' shiubhal lae. Bhí sé timcheall ocht mbliadna déag ar fhichid d'aois. Catoiliceach dúthrachtach do b'eadh é, agus tháinig an Ghaedilg bhlasta chomh furasta d'á theangain 's tháinig an Béarla. Bhí sé os cionn sé troigh i n-áirde. Fear láidir, deagh-chumtha, iomlán-déanta, dathamhail a bhí ann agus fear fial flaitheamhail freisin. Bhí gnúis cneasta, geanamhail air, a raibh soineanntacht agus subháilce, cródhacht agus calmacht ann. Agus ní h-iongnadh sin mar duine macánta gan claon gan feall do b'eadh é. Ar an ádhbhar sin bhí meas ag a náimhdibh agus ag a cháirdibh air agus urraim aca dhó. Deirtear gur iarr muinntir Liam air, Séamus a thréigeadh agus troid ar thaobh Liam. Acht rinneadar dearmad ar é bheith 'n-a Éireannach. Bhí an Sáirséalach ró-uasal agus ró-chneasta le cuimhneamh ar ghníomh fealltach mar sin, agus do dhiúltuigh sé go feargach. Tar éis teacht go h-Éirinn dhó, cuireadh go Gaillimh é le buidhin bhig fear le Connachtaibh a chosaint. Ar an ádhbhar sin ní raibh sé ag ionnsughadh Dhoire le sluagh Shéamuis ar feadh Samhraidh 1689. Bhí sé ag Cath na Bóinne acht má bhí féin ní bhfuair sé tada le déanamh ann. Deireann staruidhte eicínt gurbh' é an Sáirséalach agus a dhá chéad de mharcachaibh a thug Séamus leis mar lucht cosanta dhó féin, agus é ag teicheadh le n-a anam ó fhaithche an chatha. Deirtear freisin go raibh an Sáirséalach agus oifigeach ó shluagh Liam ag cainnt le chéile tar eis an chatha agus go ndubhairt Pádraig leis nuair a bhí sé ag maoidheamh as an mbuadh — “Déan malairt taoiseach linn-ne,” ar sé, “agus bíodh gach rud eile mar bhí sé agus troid- fimíd arís sibh.” Agus ní móide nach raibh mórán de'n bhfírinne aige. Nuair a fuair Séamus é féin go slán sábhalta i mBaile Átha Cliath do chomhairligh sé d'á lucht leanamhna géilleadh do Liam. Acht níor ghlac an Sáirséalach 'ná na Gaedhil eile an chomhairle sin. Má bhí Cath na Bóinne tugtha ag Liam ortha féin cé'n dochar é? Bheadh a lá féin acu fós. Do chomhairligh an Sáirséalach i gcomhnuidhe an t-Sionnain a chosaint, agus anois do chruinnigh an sluagh Gaodhlach ar fad thimcheall Bhéil Átha Luain agus Luimnigh. Thángadar ó gach áird de'n tír ann. Thángadar 'n-a mbeirt agus 'n-a dtriúr ann agus thángadar 'n-a gcéadtaibh agus 'n-a gcaogaid ann. Bhí muinighin mhór acu as Pádraig Sáirséal mar chonnaiceadar go raibh sé dílis cneasta agus nach dtréig- feadh sé iad mar rinne Séamus. D'ionnsuigh Douglas Béal Átha Luain 'sa Iúl 1690. Bhí an Sáirséalach i Luimneach an t-am sin acht nuair chuala sé go raibh Béal Átha Luain d'á ionnsughadh do dhein sé air. Nuair airigh Douglas go raibh Pádraig ag teacht fá n-a dhéin do ghlac sé eagla roimhe agus do ghlan leis th'réis bheith ag ionnsughadh na cathrach le deich laetheannta. Annsin do thug Liam agus a shluagh a n-aighthe ar Luimneach. Shroicheadar Baile Chonlis — baile beag a bhí timcheall seacht míle soir ó dheas ó Luimneach — an seachtmhadh lá de Lughnasa, agus chuireadar fútha annso. Bhí timcheall ocht míle ar fhichid d'fhearaibh ag Liam acht ní raibh acht tuairim deich míle istigh 'sa gcathair ag a raibh aon ghléas-chogaidh. Nuair chonnaic Iarla Thíre Chonaill agus Lausun an oiread sin fear i n-a n-aghaidh agus nuair a bhí ballaí agus dúna na cathrach scrúduighthe aca dubhradar nárbh' fhéidir seilbh na cathrach a chongbháil i n-aghaidh Liam agus nach raibh le déanamh acu acht géilleadh dhó — mar órduigh Séamus dóibh ag imtheacht dhó.
Acht ní raibh an Sáirséalach ar aon chomhairle leó. Ní bheadh géilleadh aige-san chor ar bith. Dubhairt sé leó imtheacht dá mba mhaith leó, acht nach dtréigfidh seisean chaoi ar bith cathair Luimnigh. Bhí na Gaedhil ar aon inntin leis agus do chuir a bhriathra dóchas agus meisneach ionnta. Nuair nach ndéanfaí rud ortha d'imthigh Lausun agus Iarla Thíre Chonaill go Gaillimh ag breith leó na saighdiúirí Franncacha agus mór- chuid de'n lón chogaidh. Acht mar deir staruidhe áirithe, b'amhlaidh a b'fhearr é iad seo d'imtheacht mar bhí an dríodar imthighthe leó. Agus cé déarfas nach dríodar a b'eadh iad agus an chathair a thréigint cé go raibh na Gaedhil réidh riartha ar í chosaint. Acht níor chuir sin aon droch-mhisneach nó lag-spiridighe ar an lucht cosanta. Níor thuit a lug ar a lag aca. Níor thuit go deimhin acht i n-ionad sin is amhlaidh thosuigheadar ag ollmhughadh leis an troid go dian dúthrachtach. Rinneadar trínsí agus mótaí agus claiseacha. Tugadh cheannas an mharc-shluaigh do'n tSáirséalach. Marcach tréan do b'eadh é agus taoiseach críonna freisin. Ar an naomhadh lá de Lughnasa 1690 thosuigh Liam ag ionnsughadh na cathrach. Cheap sé nach raibh le déanamh aige acht cúpla piléar a chaitheamh le na sean-bhallaíbh, acht bhí dul amugha air. Ní raibh ag éirghe leis chomh geal 's cheap sé ar dtús acht, “Fan,” ar seisean, “go dtiocfaidh mo ghunnaí móra ó Phortláirge agus muna ndéanfad brúscar de chathair Luimnigh ní mise Rí Shasana.” Acht fan go fóill a Liam! “Ní mar síltear, bítear” i gcomhnuidhe. San am chéadna 's bhí Liam ag smaoineamh ar an spórt a bheadh aige nuair a thiocfadh na gunnaí móra bhí fear eile ag smaoineamh ar na gunnaibh móra freisin, acht níorbh' ionann a smaointe. Le sgéal fada a ghiorrchaint tháinic fear a thréig sluagh Liam isteach go Luimneach le sgeal go raibh lón-chogaidh ag teacht go Liam agus go raibh sé i gCaiseal an lá sin (Dia Domhnaigh). Nuair a chuala an Sáirséalach sin do shocruigh sé muinntir an lóin d'ionn- sughadh agus breith ar an lón. Thug se cúig chéad d'á mharcachaibh cróganta leis agus an oidhche sin, oidhche Dia Domhnaigh, chuadar treasna na h-aibhne go dtí'n taobh ó thuaidh agus le dalla mullóg d'imirt ar shluagh Liam do chuadar soir go Cill-Dá-Lua. Do chuadar treasna na h-aibhne annso agus isteach leo go Conndae Thiobruid Árann. Acht bhí fear maith ag an Sáirséalach ag déanamh eóluis an bhealaigh dhóibh — Ó hÓgáin, do bhí ar a theicheadh. Bhí eólas aige- san ag gach sgailp agus gleann sa Mhumhan agus do threóruigh sé iad tré bhealaighibh aisdréanacha nó gur shroicheadar gleannta Sliabh Fhéilim agus an ghrian ag éirghe. Leigeadar a sgíth annso, agus d'fhanadar i suidheachán i dtom coille ar feadh an lae. Chuir an Sáirséalach teachtairí amach le sgéal d'fhagháil i dtaobh lucht an lóin-chogaidh, agus is gearr go dtángadar seo ar ais agus eólus aca ar an áit a raibh lucht an lóin ag cur fútha i gcomhair na h-oidhche. Baile an Fhaoitigh do b'ainm do'n áit sin agus ní raibh sé níos mó ná ocht míle nó mar sin ó Luimneach. Bhí go maith. 'Sa mheadhon oidhche d'éirigh an Sáirséalach agus a chúig chéad marcach amach as an ngleann agus níor tharraing- eadar srian nó go shroicheadar Baile Chuilinn. Ins an mbaile seo fuaireadar amach focal faire muinntire an lóin. Agus cé'n focal faire a bheadh acu acht “Sáirséalach.” Is dóca gur chuir Pádraig drannadh gháire as nuair a fuair sé an t-eólus sin. D'imthigheadar leó annsin go h-aireach faiteach nó go dtángadar i n-aice leis an lón-chogaidh. Annsin thug an Sáirséalach órdughadh d'a mharc-shluagh gan focal a labhairt nó go mbeidís suas leis na gárdaibh agus annsin réabadh isteach ar lucht an lóin mar chith-theineadh. Chualaidh fear de na gárdaibh torann
crúdh chapall, dar leis, acht dubhairt sé leis féin gur bh'iad a mhuinntir fhéin a bhí ann. Is gearr go bhfaca sé marcaigh os a chomhair amach agus taoiseach tréan mar cheann ortha. Chuir sé forrán ortha cé'n focal faire a bhí acu. 'Sé an freagra a fuair sé — “'Sé an Sáirséalach an focal agus 'sé an Sáirséalach an fear,” agus sgeinneadar thairis mar sidhe-ghaoithe. Bhí lucht an lóin 'n-a dtoirchímh suain agus 'n-a suan-chodlata. Nuair a dhúisigh- eadar — an méid dhíobh a dhúisigh — ní raibh fhios acu beirthe nó beó cá rabhadar. Bhí sé 'n-a dhearg-raic ann. Rinne Pádraig Sáirséal agus a laochradh ruathar forránach sanntach agus aoinne a tháinig rómpa 'n-a mbuillíbh ní raibh an dara buille ag teas- dáil uaidh. Ba mhillteach an t-ár é go cinnte. Bhí seilbh an lóin-chogaidh acu anois acht níorbh' fhéidir leó na gunnaí móra agus an púdar a bhreith leó. Ar an ádhbhar sin líonadar na gunnaí móra le púdar, agus do chuir a mbéil síos 'sa dtalamh. Rinneadar cárnán mór de'n chuid eile de'n phúdar i n-aice le na gunnaíbh, agus chuireadar na báid beaga agus gach trucaill eile a bhí ann ar mhullach a chéile os cionn an chárnáin phúdair. Annsin rinne siad claisín beag phúdair 'sa chaoi go dtarraingeóchaidhe an teine isteach go dtí'n púdar. Thug siad teine dhó annsin agus do dhruideadar siar uaidh. Is gearr gur shroich an lasair an púdar agus do phléasg é. Do bodharuidheadh iad leis an bpléasgadh agus dalladh iad leis an lasair. D'fhreagair na cnuic agus na gleannta ar ais an torann agus dúisigheadh daoine leis a bhí cúig mhíle déag bealaigh uaidh. Annsin d'fhill Pádraig agus a mharc- shluagh ar ais go Luimneach. Ní h-é an bóthar a tháiniceadar a thugadar ortha féin ag filleadh dhóibh. Bhí fhios ag an Sáirséalach go gcloisfeadh Liam agus a shluagh pléascadh uamhnach na ngunnaí agus an phúdair, agus nach móide nach dtiocfadh dream díobh féachaint céard do thárla. Do b'fhíor dó. Ní mór ná imthighthe a bhíodar nuair tháinig marc-shluagh Liam, mar bhí tuairim aca céard do thárla. Acht mar sin fhéin do baineadh geit asta nuair a chonnaiceadar lucht cosanta an lóin agus gach mac máthair acu ag fuarughadh 'n-a chorp gan cor asta, agus nuair a chonnaiceadar an cárnán luaithrighe — b'shin é an méid de'n lón chogaidh a bhí fágtha acu anois, — agus nuair a chualadar torann marc-shluaigh an t-Sáirséalaigh agus iad ag filleadh cos i n-áirde go Luimneach. Níor tharraing Pádraig agus a mharcaigh srian nó go rabhadar istigh 'sa gcathair 'na raibh a gcaraid agus a gcomhursain. Agus munar fearadh fíor-chaoin fáilte rómpa; munar chuir lucht cosanta Luimnigh gáiridhe maoidhte asta go lúthgháireach, muna rinn- eadar comh-mholadh croidheamhail leis an Sáirséalach, munar thosuigh na mná ag gol le méid a n-áthais, “munar fliuchadh le deoraibh iad agus munar múchadh le pógaibh iad,” ní lá go maidin é. Budh mhór é meas agus cliú an t-Sáirséalaigh tar éis an lae sin agus an ghaisge úd agus budh mhaith an aghaidh air é. Acht bhí a mhalairt de scéal ag sluagh Liam. Nuair a chualadar an droch-thuair- isg d'imthigh a meisneach uatha ar fad, agus nuair a chualadar gáire maoidhte na nGaedheal tháinic fearg agus gráin ortha. Acht ba cheann-dána an fear Liam. Chuir sé fios ar lón-chogaidh eile agus nuair a fuair sé é thosuigheadar ag ionn- sughadh ballaí Luimnigh arís. Bhí na sliogáin ag teacht chomh tiugh le cloich-shneachta. Acht má bhí féin bhí meisneach agus muinighin ag an lucht cosanta. Na mná féin, bhíodar ag cuidiughadh le na fearaibh mar chuidigh na mná i nDoire roimhe sin. 'Sa dheireadh briseadh bearna mhór ins na ballaíbh. Isteach le sluagh Liam. Acht nuair a chonnaic na Gaedhil an námha taobh
istigh de bhallaíbh na cathrach tháinic fearg ortha agus rinneadar ruathar forránach sanntach ortha. Do throideadar go dian, díocasach, neamh-ghéillteach. 'Sa dheireadh cuireadh iachall ar shluagh Liam glanadh leó as an gcathair i láimh le luaith. Bhí na Sasanaigh cortha de'n chogadh anois agus níor cheileadar sin acht an oiread. Annsin tháinic fearg ar Liam agus d'imthigh leis agus stad ná comhnuidhe ní dhearna sé gur shroich sé Portláirge agus as sin chuaid sé anonn go Sasana. Do ghlan a shluagh leó freisin ó Luimneach th'réis iad bheith 'ghá ionnsughadh le trí seachtmhaine. Ba mhór an t-áthas a bhí ar na Gaedhealaibh istigh 'sa gcathair nuair a chonnacadar Liam — an taoiseach cliste — agus a arm mór ag teicheadh uatha. Ba subhach, sábhach, so- mheanmnach iad. Agus ní gan fáth a bhí áthas ortha, mar do bhí moladh tuillte acu go cinnte agus iad bheith i n-ann ballaí Luimnigh a chosaint ar an arm sin, agus gan lón-chogaidh ar bh'fiú trácht air aca. Acht bhí an Sáirséalac n-a measg, agus níor bheag sin. Ní móide gur thaithnigh le Lausun agus le h-Iarla Thíre Chonaill an chaoi ar éirigh leis an Sáirséalach agus le lucht cosanta Luimnigh th'réis iad féin a thréigint na cathrach. Bhí faitchíos ortha anois go mbeadh Rí Séamus feargach leó agus ar an ádhbhar sin d'imthigheadar go dtí'n Fhrainnc leis an gcéad sgéal a bheith acu. Ar feadh an ama seo ní raibh Pádraig Sáirséal díomhaoin. Bhí sé ag cosaint áth na Sionainne agus bhí sé féin agus a chuid fear ar an aireachas i gcomhnuidhe agus réidh riartha chun troda. B'é Pádraig do chuir dóchas agus meisneach i gcroidhtibh na nGaedheal ó thús deireadh. Maradh eisean bheadh Éire fá chumhacht Liam anois. Theasbáin sé d'á shaighdiúiríbh céard is tír- ghrádh ann agus ní raibh le déanamh aige acht sin. Do rinneadar aithris air agus 'sa dheireadh dhéanfaidís aon rud a d'iarrfadh sé ortha a dhéanamh — bhí an oiread sin ghrádha acu dhó agus an oiread sin mhuinighin acu as. Acht bhí daoine eile ann agus ní maith a thaithnigh sin leó chor ar bith. Bhí éad ortha leis an Sáirséalach agus ní raibh uatha acht deis chun feall d'imirt air. Agus Séamus féin, ba bheag é a mheas ar Phádraig th'réis a raibh déanta aige ar a shon. Go cinnte rinne sé Iarla Leamhcáin de, acht níor mhór dhó sin a dhéanamh. 'Sa mbliadhain 1691 tháinig oifigeach darbh' ainm dhó San Rút go h-Éirinn. Thug Séamus ceannas an airm ar fad dhó-san. Acht ba cheart gur do'n tSáirséalach a thabharfadh sé é mar bhí Pádraig 'n-a thaoiseach ní b'fhearr 'ná an t-oifigeach postamhail, uaibhreach, ceann-dána so, nach raibh eólas ar bith aige ar an tír. Acht bhí éad aca le Pádraig agus choinnigheadar ar gcúl é mar coinnigheadh ar gcúl Eoghan Ruadh Ó Néill leath-chéad bliadhan roimhe sin. Níor thaithnigh le na Gaedhealaibh allmhurach mar San Rút a bheith mar taoiseach ortha, go mór-mhór ós rud é gur b'é a dtuairim go raibh an Sáirséalach 'n-a fhear i bhfad níos oireamhnaighe chun airm a stiúradh. Maidir le Pádraig féin bhí an oiread sin grádha aige do'n chúis, agus an oiread sin céille 'n-a cheann nár mhian leis troid ná easaontas a chur ar siubhal ameasg na saighdiúirí, agus gábhadh le n-a gcumhacht ar fad leis an námhaid a chlaoidh. D'ionnsuigh Sincil Béal Átha Luain an ath-uair sa Mheitheamh. Acht do throid na Gaedhil go dian díocasach agus maradh postamhlacht agus éirghe i n-áirde San Rút bheadh an lá acu. Dubhairt an Sáir- séalach leis go mba cheart aire a thabhairt mar bhí eólas aige ar ealadhantaibh na Sacsan. Acht is annso do bhris uaibhreacht San Rúth amach. Nach cuma dhuit-se? ar seisean go géar faobhrach. Dar ndóigh ní tusa an taoiseach. Seachan do ghnó féin. Bhí an comhairle ceart ag Pádraig. D'ionnsuigh na Sasanaigh an
chathair an oidhche sin agus fuaireadar seilbh Átha Luain gan mórán troda. Bhí fhios ag San Rút gur air féin a bhí a mhilleán, agus shocruigh sé cath a thabhairt do Sincil ag Eachdhruim Uí Cheallaigh. Bhí easaontas idir é féin agus an Sáirséalach agus ar an ádhbhar sin thug sé órdughadh do Phádraig dhul go dtí áit iargcúlach d'fhaithche na troda agus fanacht ann. “Beidh an buidheachas ar fad agam-sa,” ar seisean — bhí sé chomh cinnte sin ar bhuaidh d'fhagháil. Níor innis sé pioc de'n t-Sáirséalach faoi'n slighe a bhí faoi leanamhaint 'san gcath an lá sin. Bhí a shliocht air, mar nuair sguaibeadh a chloigeann d'á chorp le sliogán ní raibh fhios ag éinne céard ba cheart a dhéanamh. Bhí gach rud 'n-a rí-rá i sluaigh na nGaedheal. Maidir leis an Sáirséalach bhí sé chomh fada sin ar gcúl nach raibh fhios aige go ceann i bhfad go raibh San Rút ar lár. Nuair fuair sé sin amach bhí an lámh uachtair ag Sincil agus ní raibh le déanamh ag Pádraig acht fuighleach an airm a thabhairt go Luimneach. Go cinnte b'fhíor do'n fhile nuair dubhairt sé: — “Tá leasughadh ag Ua Ceallaigh nach gain- eamh ná aoileach Acht saighdiúirí tapaidhe dhéanadh gaisgeadh le píce; Do fágadh iad i n-Eachdhruim 'na sraith- eannaibh sínte Mar bheadh feóil chapaill ag madraidhibh dá sgaoileadh!” Do lean Sincil go Luimneach iad agus tar éis beagán troda socruigheadh síothcháin eatortha an tríomhadh lá de Dheireadh Fóghmhair 1691. D'aontuigheadar go mbeadh an oiread ceart le fagháil ag Catoilic- eachaibh na h-Éireann 's bhí le fagháil acu i n-aimsir an dara Shéarluis, agus d'aon- tuigheadar go mbeadh cead ag saighdiúiríbh Shéamuis dhul go dtí'n Fhrainnc. Dhá lá i n-a dhiaidh sin tháinic cabhlach Franncach go Luimneach le lón-chogaidh agus 3,000 saighdiúirí. Acht Éireannach cneasta gan claon do b'eadh Pádraig Sáirséal. Dá mba mhaith leis bheith fealltach anois, bhí aige. Acht ar seisean leó:— “Tá sibh deireannach anois, mar tá m'fhocal tugtha agam go gcóimhlíonfadh mé an t-síothcháin agus ní bheidh sé de mhasla ar chliú saighdiúirí na nGaedheal gur bhris mé m'fhocal.” Acht is beag do luigh sé ar chorghuas na Sacsan iad-san a dhul thar fhocal an mhargaidh. Tá daoine ag cainnt agus ag síor-chainnt indiu ar “feall” na nGearmánach fá dhul isteach 'sa mBeilge. Acht ba cheart do na daoinibh seo cuimh- niughadh freisin ar “Shíothcháin Luimnigh” agus ar an chaoi ar choimhlíon na Sasanaigh an geall a thugadar. Ní móide nach “giota pháipéir” a bhí ann, dar le na daoinibh cneasta seo. Chuaidh an Sáirséalach agus 20,000 d'á shaighdiúiríbh ar bhord na long bhFranncach agus d'imtigh leo anonn go dtí'n Fhrainnc. B'shin iad na “Géana Fiadhaine.” Agus nár bhocht an sgéal ag na laochraibh seo ag fágáil slán agus beannacht go deó le “bán-chnuic Éireann óighe.” Ní h-iongnadh ar bith na frasa deór ag tuitim leó nuair a chuimhnigheadar ar a dtírín dhúthchais agus chomh dúthrachtach díocasach ar oibrigheadar le saoirse d'fhagháil dí. Do marbhadh an Sáirséalach bocht ag Cath Landen 1693. Bhí marc-shluagh faoi agus bhíodar ag déanamh ruathair shanntaigh agus Pádraig dar ndóigh 'n-a fhear thosaigh nuair a caitheadh urchar tré n-a chroidhe uasal. Do chuir sé a lámh ar a chroidhe agus é sínte go lag leóinte ar fhaithche na troda agus nuair chonnaic sé a chuid fola ag teacht — “Ó,” ar seisean, “dá mb'é thoil Dé é gur ar son Éireann a bheidhinn ag dortadh mo chod' fola, bheinn sásta.” B'iad sin na focla deireannacha a tháinig ó bhéal an Éireannaigh laochda — Pádraig Sáirséal.
Gaisgidheach curata, taoiseach tréan, Gaedheal dúthrachtach, agus fear cneasta cineálta gan claon gan caime do b'eadh an Sáirséalach. D'oibrigh sé go dian díocasach le saoirse d'fhagháil do na h-Éireannachaibh agus níor stad sé nó go bhfuair sé deimhne go mbeadh Catoilicigh na h-Éireann saor ó anbhruid agus géirleanamhaint. Acht ní raibh 'sa deimhne sin acht focal Shasanaigh. Bhí an Sáirséalach féin cneasta agus cheap sé go raibh gach uile dhuine cneasta freisin. Fairíor géar! Is ciall ceannaigh do mhúin ceacht dhó. Ba chóir go gcuimhneóchadh feara Fáil ar an Sáirséalach — go mór-mhór ins an aimsir atá ann indiu. Ba cheart go gcuimhneochaidís gur ar son Éireann do throid sé agus gur ar a son do fuair sé bás. Ba cheart go ndéanfaidís aithris air agus bheith réidh riartha i gcomhnuidhe ar throid ar son a dtíre féin. Da mba rud é go ndéanfadh feara Fáil uile aithris ar Phádraig Sáirséal, ar a chródhacht agus ar a chalmacht agus ar a thír-ghrádh ní fada go mbeadh slabhraí an námhaid sgaoilte agus an chraobh agus an choróinn arís ag ar máithrín dílis — Caitlín Ní Uallacháin. “A Phádraig Sáirséal, guidhe gach nduine leat, Mo ghuidhe-se féin, is guidhe Mhic Mhuire leat; Ó thóg tu an t-Áth Caol, ag gabháil tré Bhiorra dhuit 'S gur ag Cuileann Ó gCuanach buadhadh leat Luimneach.” MÍCHEÁL S. Ó FALLAMHAIN.
Sioc agus síor-ghaoth. Tuar fola go fíor. Is feárr sioc féin nó síor-ghaoth. An Earagal mhór ar an Treas Ghort go bhfacaidh mé í.
LOINGEAR MAC LABHAIR. BHÍ rí i nÉirinn fadó agus ní raibh aige acht aon mhac amháin, agus b'é a ainm Loingear Mac Labhair. Thóg sé suas in aibidil phrionnsa óig é. D'éirigh Loingear Mac Labhair amach maidin lae bhreagha, agus tháinig sé isteach i ngarrison duine uasail i na raibh copaí seacht dtroighthe de bhalla. Ní chuiridís mac ríogh le bainríoghán fear nach rachadh ar bharr an bhalla go léim agus ar ais ar a chúl gan truisle gan tuirling. Bhí ceathrar óinseach, cúigear amadán, agus fear le cúthach black ag sgigeadh agus ag magadh faoi. D'éirigh sé go trí trioslóg, go trí léim coise ar bacóid go trí árd- léim, agus chuaidh sé ar bhárr an bhalla agus ar ais ar a chúl gan truisle gan tuirling. Shiubhal sé, a chú agus a ghunna leis go diuin agus deireadh lae; an giorrán bán ag dul ar scáth na copóige agus an chopóg ag dul ar scáth an ghior- ráin bháin, agus nuair bhí sé ag filleadh a bhaile casadh an fear leis nach raibh acht dhá troigh go leith ar áirde. “Go mbeannuighidh Dia dhuit, a mhic an ríogh,” ars' an fear beag. “Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhuit,” arsa mac an ríogh. “Ní imreóchthá cluiche cárdaí,” ars' an fear beag. “Ní cleachtadh liom cárdaí iomchar as baile,” arsa mac an ríogh. “Well,” ars' an fear beag, “níor shiubhal mise míle as baile gan iad a bheith liom, agus má's róghain leat imreóchamuid cluiche.” Tharraing sé amach na cárdaí agus d'imreadar an cluiche, agus chuir mac an ríogh an cluiche air. “Tabhair do bhreith anois,” ars' an fear beag. “'Sé breith a bheirim anois, bárr cnuic agus gleannta m'athar 'chur fá bha gheala.” Nuair bhreathnuigh sé uaidh, chonnaic sé bárr cnuic a athar fá bha gheala mar a bheadh caora air. Nuair chuaidh sé a bhaile chuir sé trí osnaidhe, trí bhriseadh le croidhe agus trí gháirídhe as. “Is cosmhail le mac ríogh fa gheasaibh thú,” ars' an t-athair leis. “Níl go fóill,” ars' an mac, ag innsint dó an rud a thuit amach idir é féin agus Mac Ui Lóráin. Chaith sé an oidhche sin, trian le fiannaidheacht, trian le sgéalaidheacht agus trian le sailim sámh agus mór-chodlata. Nuair a d'éirigh sé ar maidin, thóg sé leis a ghunna agus a mhadadh agus shiubhal sé ar an mbealach chéadna. Nuair a bhí diuin agus deireadh lae ag tigheacht, casadh Mac Ui Lóráin leis. “Ní imreóchthá cluiche cárdaí, a mhic an ríogh,” ar seisean. “Imreóchad,” arsa mac an ríogh. Leagadar síos na cárdaí, agus chuir mac an ríogh an cluiche air. “Tabhair do bhreith anois,” arsa Mac Ui Lóráin. “'Sé breith a bheirim, cebé bean is breághtha do thabhairt fa mo dhéin, agus gan neart a bheith agat a scaradh go sgarfaidh an bás.” Nuair a chuaidh sé a bhaile agus chrom sé faoi dhoras a athar, chuir sé trí osnaidhe,
trí bhriseadh le croidhe agus trí gháiríde as. Bhí an bhean roimhe b'áille dá bhfaca sé ariamh. “Is cosmhail le mac ríogh fa gheasaibh thú,” ars' an bhean. “Níl go fóill,” ar seisean. “Bheirim-sa cómhairle duit,” ar sise, “gan níos mó dá chómhluadar chongbháil.” D'éirigh sé amach maidin an tríomhadh lae agus shiubhal sé ar an mbealach chéadna. Nuair bhí diuin agus deireadh an lae ag tigheacht, casadh leis an fear beag. “Ní imreóchthá cluiche cárdaí, a mhic an ríogh.” “Imreóchad,” arsa mac an ríogh, ar seisean, agus chuir Mac Ui Lóráin an cluiche air. “Tabhair do bhreith anois,” arsa mac an ríogh. “'Sé breith a bheirim,” ars' an fear beag, “gan an darna béile ithe ar aon bhord, ná an darna oidhche ar aon leabaidh, go bhfághaidh tú fios fáth an an-sgéil nó claidheamh an an-sgeulaidhe.” D'innis sé an sgéal dá mhnaoi. “Siodh fút,” ar sise, “so é ráithche an gheimhridh. Ní móide go bhfuightheá biadh do bhéil ná lóistín oidhche, agus tá trí ráithche na bliadhna rómhat amach.” “Déanfaidh mé do chómhairle,” arsa mac an ríogh. Nuair tháinig lá Bríghde, d'iomdhaigh sé ar thuairisg an sgéil. “'Nois,” ar sise, “seo é ráithche an earraigh, agus ní móide go bhfuightheá lóistín oidhche ná biadh do bhéil. B'fhearr liomsa aon fhear amháin le lóistín oidhche a thabhairt go stráinséirídhibh ná ceathrar ban.” Shuidh sé faoi go dtáinig maidin lae Lughnasa. Thosuigh sé leis ar thuairisg an sgéil. “'Nois,” ar sise, “cuir do shrón fút, agus is maith an bharamhail nach dtiocfaidh tú thar n-ais arís.” Shiubhal sé leis, an lá soin, go raibh diuin agus deireadh an lae ag tigheacht, agus chonnaic sé an solas i bhfad uaidh. Bhuail sé an doras, agus fuair sé cúirt annsoin nach raibh bun cleite isteach ná bárr cleite amach acht aon chleit' amháin peacóige ag congbháil dídine agus fáscóidh. Cé bhí sa teach acht uncail dó. D'iomdhaigh sé suipéar dó. Do chaitheadar an oidhche sin trian le fiannaidheacht, trian le sgéalaidheacht agus trian le sailim sámh agus mór-chodlata. Ar maidin d'innis mac an ríogh a scéal dá uncail. Dubhairt an t-uncail: “Shiubhlas an domhan, ” ar seisean, “faoi thalamh agus os cionn talmhan agus áiteadh an fhir sin, ní fhaca mé ariamh go fóill.” Annsoin d'iomdhaigh sé bricfeasta dhó. “'Nois,” ar seisean, “seo capall do mo chuid-se, agus tá dearbhráthair domsa i bhfoisceacht céad míle duit agus siubhlann seisean an domhan faoi agus os cionn talmhan agus mura bhfuil tuairisg aige-sean cá bhfuil áiteadh an fhir sin, níl fhios agam cad a dhéanfas tú.” Chroch sé leis an capall. Ní raibh call dó srían iontóghadh i na bhéal go dtug sé fa dhéin teach a dhearbhráthara é. Bhuail sé an doras. Bhí cúirt annsoin nach raibh bun cleite isteach ná bárr cleite amach, acht aon chleit' amháin peacóige ag congbháil dídine agus fáscóidh. Chuaidh sé isteach agus bhí an fear roimhe a raibh gruaig a chinn chómh geal le slisne lín. D'éirigh sé agus chraith sé lámha leis agus chuir sé céad míle fáilte agus sláinte roimh mac ríogh 'n-Éirinn, agus dubhairt: “Uair 'sa seacht mbliadhain a chím duine ag tigheacht an baile seo, nó go cé an ócáid a bhfuil tú air?” “Tá mé fá mhór-mhóide agus fá mhór- ghreamannaí an t-saoghail gan an darna béile ithe ar aon bhórd, ná an darna oidhche ar aon leabaidh go bhfaghaidh mé fios fáth an an-sgéil agus claidheamh an an-sgéalaidhe,” arsa mac an ríogh. “Is maith mar thárla,” ars' an fear
eile. “Seo iad na trí lae romhat amach a bhfuil an t-oileán éirighthe ó'n ndraoidheacht. Tá caol fairrge eadrainn agus an t-oileán. Seo capall do mo chuid-se anois agus fág capall mo dhearbhráthar i do dhiaidh. Nuair gheobhas tú ar an talamh, tá geata eadraibh agus an caisleán. Tá ionad cruithe fir ar an ngeata, agus buail trí buille de'n fhuip air, agus cuirfidh sé trí uaille as. Ní fhacas-sa searrach na gcapall, gamhain na mbó ná leanbh fá bhroinn mná nach n-iontóchadh sé trí h-uaire fa n-a broinn, agus dúiseóchaidh sé an fáthach agus deirfidh sé leat gur mór an bainne cíoch a d'ól tú agus a dhúiseacht. Iontuigh an srían i mbéal an chapaill, agus tabhair d'aghaidh ar an talamh, agus má éirigheann leat an capall a thabhairt slán as an bhfairrge, níl aon dualgas aige ort.” D'iontuigh sé, agus lean an fáthach é agus ghearr sé a raibh siar ón ndiallaid, agus an méid a bhí ar an talamh, ní raibh aon dhualgas aige air. “Is maith an buachaill thú,” ars' an fáthach. “Tá trian de do gheasaibh uait, acht tá dhá dtrian romhat amach — an chuid is cruaidhe dhe.” “Ó, is maith an dualgas agam duit do chapall deas breagh a bheith caillte agat mar gheall orm,” arsa Loingear Mac Labhair. “Is cuma sin. Gheobhaidh mé capall i mbárach acht ní féidir duine d'fhághail.” Chaitheadar arís an oidhche trian le fiannaidheacht, trian le scéalaidheacht agus trian le sailm sámh agus mór-chodlata. Maidin lá'r na mhárach d'iomdhaigh sé capall dó. “'Nois, déan an rud céadna mar a rinne tú indé indiu, agus ar an bpoinnse a mbuaileann tú an trí buille de'n fhuip ar an gcuaille comhraic iontuigh an capall ar an bhfairrge, agus má thig tú slán tá an sgéal go maith.” Lean an fáthach é, agus ghearr sé an capall agus leath na diallaide dhe. Bhí fear an chapaill ag feitheamh air a bhfeicfeadh sé slán é. “Ó is maith an fear thú. Tá dhá dtrian de do gheasaibh curtha isteach agat, acht tá an trian is cruaidhe dhe le cur isteach.” Chaitheadar an oidhche sin trian le fiann- aidheacht, trian le sgéalaidheacht, agus trian le sailim sámh agus mór-chodlata. Ar an maidin, lá'r na mhárach, d'iomdhuigh sé capall eile dó. “'Nois,” ar seisean, “ná cuir ceist ar bith ar an gcuaille comhraic, acht gabh isteach seomra an chaisleáin, agus beidh tú ag dul ó sheomra go seomra go dtigidh tú ar an dara seomra déag agus gheobhaidh tú an claidheamh annsoin. Tá an claidheamh sin crochta annsoin ar bárr an bhalla le trí chéad bliadhain gan aoinne dá lámhsughadh. Tá soillse uaidh a bhfeicfeá bioráin bheaga uaidh, an oidhche is dorcha sa mbliadhain. Nuair a bhainfeas tú an claidheamh as a ghreim, déanfaidh sé fearta féile ort.” Nuair tháinig an claidheamh in a láimh, chuir sé trí uaille as a scannróchadh na mairbh ó'n gcill, agus d'éirigh an fáthach ó'n a dhúiseacht agus dubhairt: “Is mór an bainne cíoch a d'ól tú agus a dul ag lámhsughadh claidhimh nár láimhsigheadh le trí chéad bliadhain.” “Ó,” arsa mac an ríogh, “fhad is tá an claidheamh in mo láimh agam, ní sparáilfidh mé ort é.” Annsoin d'oibrigh an fáthach le cúthach. Dubhairt Loingear Mac Labhair leis: “Is le carthannas a tháinig mé fá do dhéin, acht tháinig me ag iarraidh impidhe ort go n-innseóchaidh tú dhom cad é brigh fios fáth an an-sgéil.” Stad sé é. “Bhí an sgéal sin chómh gránda agus chómh mío-thaithneamhail agus nach raibh mé le n-a innsint go h-aoinne acht aon duine amháin. Nuair a bhí m'athair annso, níor tháinig suas dó acht mise agus deirbhshiúr dom. Bhí
sé cómhairthe nach raibh ins na seacht ríoghachta lánamhain ba bhreaghtha ná sinn. Bhí sé cómhairthe nach raibh ins na seacht ríoghachta caisleán ar bith ba bhreaghtha [breaghachta] ná an caisleán so ná oileán ba shaidhbhre ná é. Mar bhí an t-ainm ar an gcaisleán agus ar an oileán, do chuarduigh m'athair na seacht náisiúin ag iarraidh mná saidhbhre domsa. Bhí rí sa Domhan Thoir agus inghean aige, agus bhí sé ar na páipéiribh cebé meadhachan a dhéan- fadh sí go raibh seacht meadhachain óir le fághail aicí. D'iomdhaigheamar annsan ár gcuid luingseacha gur thugamar a n-aghaidh go'n mhuir agus a ndeireadh go'n tír. Tharraingeamar ár gcuid ancairídhe. Níor fhágamar cábla luinge gan súghadh, mada- rámha gan ró-bhriseadh gur théigeamar siar i ndoimhneacht na fairrge flich-sheolta, róinnte slich-sheolta, lopáinte bheaga agus mhóra, sgodáin bhéil-dheirge na fairrge thiar ag tigheacht ar bois agus ar bárr na mada-rámha ag déanamh an cheóil sídhe go'n oróidheachta go ndeachamar do'n Domhan Thoir, gur dearnadh an pósadh, agus cuireadh seacht meadhachain óir isteach leithi. Nuair chaitheamar an bhainfheis níor mhór leithi seisear cailíní as a tír féin, agus thugamar an méad sin dí mar shásamh. Bhí cailín dubh ar an seisear, agus séard a bhí innti fear i leabaidh mná. Nuair tháinig- eamar anuas annso, chuaidh mé amach ag fiadhach, agus uair bhí mé ag tigheacht a bhaile chonnaic mé í féin agus an cailín dubh ag déanamh rud éigin nár thaithin liom. Nuair a d'aithris mé an sgéal, dá dtugainn an t-aer anuas ar an dtalamh, ní raibh aon mhaith i n-aon rud a dhéanfainn. Ní raibh eadrainn acht troid agus camhlainn. Bhí mé lá annso ag dul ar gnó, agus cebé rud tháinig eadrainn, níor aithrigh mé go dtáinig sí leis an tslaitín dhraoidheachta agus gur bhuail sí leis an tslaitín mé go ndearnaidh sí sean-ghearrán bán díom. Bhí mé in mo shean-ghearrán bán agus ní raibh neart agam druidim ó'n gcaisleán ar eagla go n-íosadh na beithidhigh éigcéillidhe mé. Ní raibh slíghe cothuighthe agam acht tarraing suip ó na drisneacha go dtáinig taca na Féile Pádraig. Bhí mé ag leigint cíoth sneachta tharm ag bun mo stábla. Bhí faitchíos uirri go mairfinn bliadhain eile. Tháinig sí orm leis an tslaitín dhraoidheachta agus rinne sí madra allaidh díom. Bhí mé in mo mhadra allaidh annsoin. “Tháinig captaoin agus soitheach anuas as an Domhan Thoir agus ní raibh aon rud ar bórd aige acht rud a d'oil teach duine uasail. Mar bhí ciall duine agam rinne mé mór leis an gcaptaoin agus chroch sé suas go h-áit a h-athar mé sa Domhan Thoir. Bhí mé ag déanamh 'chuile seirbhíse a thiocfadh le duine de mo shórt a dhéanamh dó. Do ghlac sé annsoin oiread páirt ionnam gur sháith sé sop istigh sa gcaisleán dom. “Ní raibh aon mhalrach dá rugadh dá máthair nach dtabharfai ar siubhal idir a bhreith agus a bhaisteadh. Chuir sí fios anuas ar a h-inghin ar baramhail gurbh í is fearr a bhéarfadh aire ar an leanbh. An oidhche chéadna tháinig sí sa gcaisleán rug an mháthair malrach, agus i ndiaidh an seisear eile a bheith a ngárdadh, tugadh ar siubhal idir an bhreith agus an baisteadh é. Nuair a chuaidh an inghean suas thug sí droch-aiste orm, agus dubhairt sí go ndéanfainn mí-bhrigh a chuirfeadh fearg ortha. “An oidhche chéadna chonnaic mé an láimh fada dubh ag dul tríd an seimiléar agus ón seimiléar go dtí an cliabhán agus ag tabhairt an leinbh leis. Bhí fhios agam dhá n-imtheóchadh an leanbh le mo linn go gcuir- feadh sí an milleán orm. D'éirigh mé agus rug mé rusta láimhe air agus ghearr mé an lámh, agus shabháil mé an leanbh. “Ar maidin annsoin nuair chonnaic sí go raibh an leanbh sabháilte agam thug sí amach an leanbh agus chuir sí i mainséar an
chapaill é. Bhí fuil sicínidhe marbhtha dá máthair, agus chuimil sí go mo bhéal agus go mo bhrollach í, agus annsoin ba doiligh mo shabháil. “‘'Nois,” ar sise, “feiceann tú go bhfuil do leanbh ithte ag an madra allaidh.” “‘Ní chreidim an scéal,” ars' an t-athair, “ar an ádhbhar nach bhfacas aon mhadadh fá dhíon tigh chómh cneasta leis.” “Nuair nach marbhóchadh sé mise b'éigin dó soitheach agus fuireann a chur suas i n-a tír féin leithi. Nuair fuair mé imthighthe í, thosuigh mé ag déanamh mór leis gur rug mé ar bhárr chóta mhóir air go dtug mé isteach i mainséar capaill é, agus go bhfuair sé a leanbh slán sabháilte. Nuair bhí sin déanta agam, do chuimhnigheas gur chuir sí lámh an fháthaigh fá'n aoileach. Rug mé ar bhárr chóta mhóir air agus thug mé i n-áit a raibh lámh an fháthaigh curtha go bhfuair sé lámh an fháthaigh. “Nuair do bhí 'chuile sórt déanta annsoin, chuir mé m'eorball in mo bhéal. Níor fhágaidh mé claidhe ná tom ná teórann go ndeachaidh mé seacht míle déag ó bhaile go dtáinig mé isteach ar lawn duine uasail go bhfuair mé beirt stócach, dhá chamáin óir agus liathróid airgid ag imirt i n-aghaidh a chéile. Nuair a bhí siad tuirseach de'n imirt bhí mise ag dearcadh ortha in mo mhadra allaidh. Arsa ceann aca — “‘Nach deas an suarachas duit a bheith ag dearcadh orainn, 'do mo bhualadh le slaitín draoidheachta. Chuaidh mé thimcheall an chaisleáin agus d'airigheas an éigean bocht ins an teach. D'fhiafhruigh mé de cheann des na stócachaibh cad é air do thárla. “‘Ó tá, m'athair atá tinn le trí seacht- mhaine, agus ní féidir le aon dhochtúir a leigheas.” “‘Ó gabh isteach, agus innis dó go bhfuil dochtúir annso nár thárlaigh rud ar bith air ariamh gan a leigheas.” “Glaodhadh isteach orm annsoin i seomra uaigneach. Bhí mé d'á chur síos agus suas gur bhuail mé buille i n-uaithric a chinn agus a bhain de'n mhuinéal é, agus nuair bhí mé ag dul a bhaile chroch mé an bheirt stócach liom, agus ba iad an bheirt a thug an draoidheadóir leis iad. Nuair tháinig mé a bhaile má's síos a bhí mé suas a fágadh mé. Múchadh le pógaibh mé, fliuchadh le deóraibh mé agus tromadh le brataibh síoda agus sreóla mé.” B'éigin do mhac an ríogh annsoin dul fa dhéin an draoidheadóra gur b'éigin dó an claidheamh a thaisbeáint dó. “Ó, is mór an gnó a rinne tú,” ars' an draoidheadóir. “Níl aon bhuidheachas agam ort faoi sin,” ar seisean. “Tá rud déanta agat,” ar seisean, “a sháruigh ag naoi bhfeara déag. Tá claidheamh agat is breaghtha atá san domhain.” “Níl sé leath chómh maith agus tá a theastas,” arsa Loingear Mac Labhair. “Ó, taisbeánfaidh mise duit gurb é an claidheamh is fearr sa domhan é.” “Taisbeán annso é, agus taisbeánfaidh mise duit go bhfuil claidheamh sa domhan níos fearr ná é.” Nuair a thug sé an claidheamh go mac an ríogh, do ghlac sé é agus bhuail sé i n-uaithric a chinn é agus bhain an ceann de'n mhuinéal. Chuir sé an ceann seacht n-iomairí agus seacht n-ácra. D'éirigh an ceann agus b'áil leis dul ar an gcolainn. Bhuail seisean cos air. “Dá dtéighinn ar an gcolainn,” ars' an ceann, “ní chuirfeadh an domhan anuas mé.” Chuaidh mac an ríogh a bhaile, agus múchadh le pógaibh é, fliuchadh le deóraibh é, agus tromadh le brataibh síoda agus sreóla é. Fuaireas an sgéal seo ó Sheaghan Cox, Deibhlin ó Dheas, Cluain Cearbhán (Louis- bourgh), Conndae Mhuigh Eó. M. MAC AN MHÍLIDH.
THALL IS I bhFUS. (SELECTED FROM COLLEGE LIBRARY MSS.) The following is a miscellaneous selection of religious poems taken from the Murphy Collection of MSS. Duplicates of all of them have been found in this collection; of some triplicates and even quadruplicates were discovered. We have compared the poems which follow with the other copies existing in our library, so as to obtain the best possible reading. All are of unknown authorship. — “MÓIN AN LÍN.” 1. Aoibhinn do lucht an eolais mar is dóibh is aithnid Dia, An cnoc is aoirde is é is fuaire cé gurab uaidh is giorra an ghrian. (Murphy MS., 3 f 20, page 227; and 4 b 2.) 2. I. A Chríost na n-abstal do dhealbhuigh spéartha ar dtúis, Do chruthuigh flaithis is talamh re saor-thoil dúinn, Sinn-ne ó dhealbhais eatortha i ndaorbhroid chumhaing, Mínigh feasta linn t'fhearg is réidhigh ár bpúnc. II. Sinn fá ndeara gach sgamail dar léigis chughainn, Fá dhaoirse ag Danaraibh Sacsan gach lae dár mbrúghadh, Do bhrígh nár leanamar cantann do bhréithre ar dtúis, Acht líonta do ghangaid gan seasamh dá chéile i rún. III. Do bhadhas-sa sealad ar mearbhall céille is iúil, Go rinnceach, ragairneach, meanmnach, aorach, súghach, Gan cuimhneamh agam ar aithearrach saoghail am' chionn, Go h-aois dom' chrapadh 's gur dalladh mé ar aon-rosc súl. IV. Críoch mo labhartha is gairid go mbéad ar siubhal I líonta an mhalartaigh mheallas na céadta liom; An uair is claoidhte marbh mo shean-chorp léigthe i n-úir, A Chríost na h-agair ar m' anam a saothar súd. V. Guidhim go daingean thú, a athair mhic Dé na ndúl, Guidhim do bhanaltra bheannuighthe taobh leat dlúith, Guidhim na h-aingil, na h-apstail go léir 'sa n-úird, Slighe do thabhairt dom eadraibh féin 'san gcúirt. (Murphy MS. 3 c 14, page 308; also in pp. 349-50 of the same MS.; and 3 f 20).
3. I. Ná faic gach nidh chidhtear dhuit, Beag an díoghbháil do-ghní tost, Éist re chómhrádh ndaoine nglic, Tuig agus léig mórán tart. II. Mairg duine mhaireas i bhfad Muna maith chaitheas a ré, Mar chlaidheamh ag cruinniughadh meirge Fá chómhair dibhfeirge Dé. III. Ród mór, fairsing, réidh le maoidheamh Fuair S. Proinnsias, cóimhréidh fuair, Go múr nimhe, le cruadhas crábhaidh An tslighe thuas le fánaidh fuair. IV. Dá mbiadh go bhfaghadh fear fill Seal dá ré 'na ré aoibhinn, Atáid cách dá chur i gcairt Nac gnáth a dhul gan díoghailt. V. Annamh naomhthar neach gan clú, Ró-thoil do'n daonnacht ag Dia; Is iomdha cúis 'nar cruaidh dó, Ró-chruas gibé 'na mbiadh. VI. Ó's éigean d'fhear oinigh Bréag uair éigin d'áitiughadh, Truagh, a Mhuire, a mhéid do locht Bréag an duine gan daonnacht. VII. Gidh ná dáileann Rí nimhe Ionmhas d'fhear an deagh-chroidhe, Ní faitbhéim dó beith lom, Neach gan féile ní fhóghnann. VIII. Atáid fá chómhair an duine Teach nimhe is ifreann na bpian, Is urus a aithint ar a ghníomh Cia acu slighe 'na mbiadh a thriall. IX. Bíonn duine i bpéin is é beo, Bíonn duine beo is gan é slán, Bíonn duine slán is gan é buan, Bí díol fuatha ar a mbí grádh. X. Úir mo charad seach úir eile Ní aithnim agus mé 'san uaigh, Ag so am láimh é, is ní aithnim Cnámh an té aithnighim uaim. XI. Is é is bás dá ríribh ann Tréigean Dé, dul go h-ifreann; Beag cás tig as an teach sin Bás eile ní h-uireasbaidh. (Murphy MS. 3 f 19, pp. 57-9; also 3 f 20 and 4 b 2.) 4. I. Leig dod' bhaois a bhean an sgátháin, Sguir don chéird so chuiris romhat, Ísligh th'uaill, a fhéata fhinngheal, Féach an uaigh, a inghean óg.
II. A chuirp áluinn ní cóir céadfadh, Red' chlaonadh súl ná bhí, a bhean; Do chuaidh aois do chean' thar chuimhne, Ná lean baois ná suirghe acht seal. III. Níl acht cré ad' chriosaibh órdha, Níl acht cré ad' chulaith shróill, Féach nach bhfuil do ghné ar do ghlacaibh, Ní bhfuil acht cré ad' hataíbh óir. IV. An uair chuirfeas ceárd na ndaoine Dath an ghuail ar do ghnúis ghil, An bhrágha nó an béal corcra, Féach an gránna an sompla sin. V. Cáidhe an t-ucht nó an chíoch chóirgheal! Cáidhe an tsúil mhall fá mór n-uilc! Cáidhe ciabh na bhfionndual bhfighte! Díombuan sgiamh do chríche, a chuirp. VI. Cáidhe an bhos nó'n trácht tana, Nó'n taobh aoibhgheal mar uan tonn! Bíodh t'aire ar an uaigh, a bhréigbhean. Cáidhe an ghruadh nó'n déidgheal dhonn! VII. Cáidhe tairbhe na gcorn gcumhdach! Cáidhe an sróll do-chidhinn fád' chorp! Féach an chré, mar sin na séada; Níl acht gné an éaga ort. VIII. Ní tú amháin do mheall an saoghal; Seachnam ifreann, iarram neamh; Gé mór gcéad tárla mar 'taoi-se, Créad tairbhe do bhaoise, a bhean? IX. An lá thiocfas triath na n-aingeal D'agradh a chéasta 'san chroich dheirg, Cia chasfar le crann an tí seo An tan lasfas Íosa i bhfeirg? X. Eagal liom-sa lá na breithe Go mbiadh Dia mar 'deir an stair, Sinn ag seilg ar an mbreith mbaoghlaigh Go breith do'n fheirg fhaobhraigh air. XI. Muire ógh is aigne liom-sa, Lá tiomsuighthe na dtrí sluagh, Guidhe na mná bhus díon damh-sa, Ó 'tá mo ghníomh fallsa, fuar. XII. Saor mé, a Mhichíl, a mhaoir mh'anma, D'éis a ndeinim do dhán deit; Ó tá guais mo chean' am' chionn-sa, Neamh i n-ár nduais liom-sa léig. (Murphy MS. 3 f 19, pp. 40-42; a second copy of it is to be found in 3 f 20, pp. 164-5). 5. I. Seisear is fearr d'fhuil Ádhaimh, Lucht an crábhadh do mhóradh, An eagna is iad do chruthuigh, Dream do chongaibh a bpósadh. II. Inneosad ainmme an tseisir, Lucht leighis gacha thaoma; Eagna Dé do bhí acu; Sé gnúise daithte dealbhtha.
III. Aibel mac Ádhaimh oirdheirc Do torchradh le Cáin colach; Uime sin, is sgéal fíre, Tugadh díle tar an ndomhan. IV. Mac mic do Mhatusalem, Naoi mac Láimhfiadhaigh an deighfhear, Do roinn an domhan dá mhac, Dob' é an t-Ádhamh fá dheireadh. V. Abraham ceann na h-aoise, Díobh is Maoise mac Amhra; Dob' é neamh críoch a mbeatha, Mo chean don cheathrar chalma. VI. Dís eile a gceann an cheathrair Dár cheaduigh Dia gach crábhadh, Dís is fearr ná gach nduine Eóin Bruinne is Muire a Mháthair. VII. Ag so an seisear adubhart 'Gá mbí bunadh gach breithe; Fuair siad ó Dhia mar ghrásaibh Bheith fá lámhaibh a dheise. (Murphy MS. 3 f 19, pp. 50-51; also in 3 c 14, 3 c 11, 3 f 20, and 4 b 2). 6. Do mholadh Dé ná bí tuirseach, Bíd a ghrásta ag triall go mall, Mealltar Rí Nimhe mar leanbán, A dhuine ná bí ad' bhalbhan dhall. (Murphy MS., 3 f 19, page 51; also 3 c 5, page 16). 7. I. Atáim ag tuitim ní h-ionann is riamh anois, Mar sgáil gan fuinneamh, gan mire, gan rian, gan rith, I ndiaidh gach turais dá dtugas le mian mo chuirp, Noch d'fhágfad curtha 'na chonablach piast fá'n lic. II. Fáth mo thuirse nár thuigeas go mbéinn mar sin An tráth ba mhinic mé ar mire thar riaghlaibh chirt, Gan tábhácht san ionad 'na bhfuilim ag triall anois, Acht tabháirneach, imirtheach, tuilte do chliathaibh chlis. III. Lucht ráis le mire ní fhuilingid srianta is spuir, Is táid ar buile agus tuigsin is ciall acu, Ag trághadh is ag tuitim go bhfuilid gach bliadhain dá dtig, Mar bhláith na coille nó luisne do shliabh 'na rith. IV. D'fhás am' chuisleanna uisge is do liath mo stuith Táinig daille orm chuireas mé siar is soir, Tráth am' fhurtacht ní tugtar dam liaigh ar bith Is fearr ná tusa mhic Mhuire is a Dhia atá ar nimh. (Murphy MS. 3 c 11, pp. 88-9; also in 4 b 2, 3 c 14, 3 f 20, and 4 a 19).
8. I. A dhuine ná déanaidh uaill Ar bhréig an bheatha díombuain Leis an bhfear is ceann ar chách, Do chlann uile is do chonách. II. Tréig an t-uabhar, ná déin goid, Déin faoistin go minic, Ná bí go bréagach, a mhic, Seachain éitheach is imirt. III. Seachain col is mná táth, Ná déin gáire tré thruaigh, Ní feas, ciodh maith ataoi-se, Nach tú is túisge chum na h-uaighe. IV. Ná déin fiadhnaise bhréige Ná déin éigean ar an bhfann, Ná déin, cé bheir na dheacair, Nidh bhus peaca ar t' anam. V. Roinn do chuid ar na bochtaibh, Ar na luchtaibh i ndealbhadh, Déin maith ortha má fhéadair, Agus méaduigh a meanma. VI. Má 's fada uait an tslighe Ná tréig an t-aifreann uirthi; Má's olc adeir gach neach Déin tocht agus taithleach. VII. Ná luigh lámh ar neach gan treoir, Ná bí iongantach ar sheanóir, Do chách uile thar do cheann Déin a dhuine mar adeirim. VIII. Trí neithe as nach déanta d'aoinneach uaill, Gur críoch dó éag 's gan sgéal an laoi tig uair, Is airís nach léir dó d'éis bheith sínte i n-uaigh, An síos do théigheann nó an réidh do'n ríoghbhrog thuas. (Murphy MS. 3 f 19, page 37; also in 4 a 19, 4 b 7, 4 b 2, and 3 f 20.)
AMHRÁIN GHRÁDHA. Sean-bhean darab ainm Siobhán Ní Dhúaláin is eadh a chan dómh-sa na h-amhráin seo thíos, ar feadh na laethannta saoire seo caithte againn. Tá sí na cómhnuidhe i mbotháinín chluthmhar i ngiorracht d'Oifig an Phuist athá i gCurrach Beithe i n-Oirthear Chorcaighe. Níl dada eile le déanamh aici ach sean-streanncáin mar iad seo a thabhairt amach, mar tá sí 'na h-aonarán sa dtig, agus an buin-chíos ag teacht isteach chúichi le h-aghaidh na seachtmhaine. Dá bhrígh sin, níl tart, fuacht, ná ocras ag cur uirthi, agus cead suidhe agus éirighe aici, ar a toil féin. A chonách san uirthi, mar má's fíor a sgéalta, is maith athá sé tuillte aici, agus aige lucht a cómh-aimsire. Má tá litiriughadh neamh-choitcheannta uaireannta agam ins na h-amhránaibh seo leanas, biodh a fhios agat, gur d'aon-ghnó a sgríobhadh mar sin iad, chun fuaim agus blas ceart na cainnte a fhoillsiughadh nuair ab fhéidir a dhéanamh. I. Tá “Máire Bheag do Barra,” mar thiodal amhráin ag leathanach a 168 san tarna cuid de'n leabhar úd, “Poets and Poetry of Munster.” An dá bhéarsa ag a thosach, táid beag nach ar aon fhocal leis an gcéad cheann agus an ceathramhadh ceann thíos annso, ach do dh'oirfeadh na chúig cinn eile d'aon amhrán grádha ar bith, cómh maith agus don cheann fé láthair. Tá sean-aithne ag an léightheóir ar an dtarna ceathramhain, mar tá sé le fághail i ngach cnuasach amhrán, nach mór. Tá sé ag leathanach a 224 san chéad chuid de “Poets and Poetry of Munster”; ag leathanach a 73 san treas chuid d'Irisleabhar na Gaedhilge; agus ag leathanach a naoi i bhFuinn na Smól, cuid a h-aon. Ní mar a chéile ar fad iad san, ámh, mar do réir an tsean-fhocail:— “Bíonn seacht gcuma ar an amhrán, Agus dá innsint déag ar an sgéal.” MÁIRÍN DO BARRA. 1. A Mháirín do Barra, do mhairbhís-se m'intinn, Chuir beó 'dtalamh me gan fhios dom bmuinntir, Ar mo luighe dom ar mo leabaidh, 's ort a bhím ag cuimhneamh, Agus ar m'éirghe ar maidin 'seadh chealghais mo chroidhe-se. 2. 'S a Mháirín, 's a mhúirnín, is a lúibín na gcraobh-fholth, 'Cuimhin leat mar a shiubhlfaimís drúcht agus féar glas, Ar thógáilt na n-ubhall-bhuidhe, na gcona is na gcaorthainn, 'S do pháirt-se níor dhiúltuigheas, cé gur dubhach-chroidheach me 't-éagmais.
3. An cuimhin leat an oidhche do bhíomair sa t-seomra, Do cheann ar mo chuislinn, agus mise ad shíor-chómhairleach? Fuaras-sa turainn agus mhill sé go mór me 'nDiaidh na mná-finne is ná feadar cá ndeaghaidh [ngeobhadh?] sí. 4. A Mháire glac mo chomhairle, is ní sheólfad ort aimhleas, Ná gaibh leis an stróinse, fear ceól-sídhe na h-adhairche. Gaibh leis an óig-fhear, go nglaodhtar ó Floinn air, Agus pós é, a ghrádh an réidhtigh, ós é is toil led' mhuinntir. 5. Agus raghad go dtí an domhan toir, mar a bhfuil mo rún 'sí Máire, Sí is glaise súil, agus is ciúine a dheineann gáire, Mar is plannda dhon síol-cheart í, go h-iarsgoth a gráine, An fhaid is mhairfead beó coidhche, ní sgaoilfidh a grádh dhíom. II. 1. Tá cailín banamhail béasta ar an dtaobh so leasteas go rabhas, Go dtaithnigheann liom a tréithe thar aon bhean dá bhfuil cois abhainn. Níor bhfada liom lá gréine bheith i n-aon áit dá mbeitheá ann, Is 'á 'neósainn brígh mo sgéal duit, ba bhaoghal liom ná geóbhthá liom. 2. Dá mb'eól dom sgríobhadh dhéanamh, nó an Ghaedhilg-se léigheamh le meabhair, Ní dh'iarrfainn fhéin ar aoinne, na bréithre so bhreith thar abhainn. Chuirfinn leitir chughat fé shéaladh, 's do thréithe do chuirfinn ann, Is mura bhfainfir agam i n-Éirinn, is meón liom dul leat anonn. 3. Chuireas leitir sgríbhte, síos go dtí grádh mo chléibh. Chuir sí chugam aníos é, go raibh a croidhe istig chomh dubh le daol; Com ba dheise bhí 'ci, ná síoda 's ná clúmh na n-éan; Is nách trom an osnadh bhíonn agam, nuair a chuimhnighim ar ghníomhartha an t-saoghail. 4. Tá cailín beag im dhiaidh-se, chomh fial agus do cheap Mac Dé, Síol fuip agus spíora, mo dhiachair a bheith sgartha léi. Tosnóchad i mbliadhna ar iarmhais a chuir chugham fhéin. Pósfaidh mé mo chiallach, is bíodh an diabhal aige lucht na mbréag. 5. Thíos aige coill an Iúrlainn, tá mo roghan agus searc mo chléibh, Ba dheas é a leagadh súl súd, ba ró-dheas é a cois i mbróig, Com mín suidhte córach, ná córda is é fighte, dlúth, 'Sé mo bhrón ná fuilimíd pósta ar bórd luinge dul anonn.
III. San leabhar úd, “Old Irish Folk Music and Songs” (Joyce), tá fonn dá ngoirtear “Lamentation of O'Reilly's Bride,” le fághail ag leathanach a 263. Deirtear annsan gur báthadh an fear agus é ag dul treasna na Sionainne, lá a phósta. Ní móide ná gurab ar an bhfear chéadna a chuirtear síos im' dhán-sa. Ní fheaca aon mhac-shamhail den “Chaoineadh” i gcló fós, ach seo dhíbh-se é, mar atá sé ar an láimh-sgríbhinn 3 B 21, i leabharlann an choláiste seo againn-ne. 1. Is baintreabhach is maighdean me, fágbhadh go h-óg. An gcualabhair, a dhaoine, gur báthadh mo dhian-stóir. Dá mbeinn-se ins an abhainn mhóir, is mó dhá láimh bheith rómhat, Is deimhin duit, a mhic Uí Raghallaigh, go leighisfinn do bhrón. 2. Nach é súd an sgéal cráidhte, ag do mháthair is t'athair, 'S ag banaltra na gcích mánla, do tháil ort ad' leanbh, Is dod mhnaoi pósta, an grádh geal ná tháinigh chum do leabthan. An uair chuaidh tú ins an t-snámh, ní raibh i ndán duit casadh a bhaile. Tá dá bhéarsa eile ag teacht díreach i ndiaidh na gceathramhan so sa láimh-sgríbhinn, ach níl aon bhaint aca leis an amhrán. Seo mar adubhairt an t-sean-bhean dom é:— 1. Is ar maidin Dé Luain ar mo ghóbhailt cois na trágha dhom, Cé casfaidhe ins an t-slighe orm ná Raghallaigh an Chúil-bháin. Bhí luisne 'na ghruadhna agus a ghruaig ag curláil, Sé mo mhilleadh agus mo bhuaireamh mar fuaradh tu ar lár. 2. Cuimhin libh an lá úd is an tráigh so lán d'fhearaibh, 'Dir shagairt is bhráithre agus iad ag trácht ar ár n-anaim? Bhí ceól fiddle os ceann clár ann, is an chláirsigh dá spreagadh, Agus dháréag mná mánla (ag) cuir mo ghrádh-sa chun leapthan. 3. Mo chreach mar a bhís-se ar an dtriúr a chuaidh go Teampall Tuinne 'Tionnlacan Father Peter, is é i n-aois a cheathar fichid. Bhí mo shúile a' snoighe 'nam [ionnam] leis, ach mo bhrón-chreach níor chasais, Is gurab é féasta do phósta, bhí ar do thórramh dhá sgaipeadh. 4. San dá láimh go dtréigidh an té rinn an bád úd, Is ní h-é an saor a thugaim cionntach, ach an siúnta ná raibh láidir. Dá raghainn go Ceann tSáile a d'iarraidh áthrach ba dhaoire, Ní bhéadh mo ghrádh báidhte ar an t-sráid seo Cluain Tuinneach. 5. 'S mo thruagh mhór do dhearbhráithreacha, is níor áirmhigheas fós t-athair, Ná banarthla na gcícheanna bána, 'sí a thál ort-sa bainne. Níor dh'áirmhigheas do bhean phósta, nár luigh riamh leat ar leabaidh, 'S nuair do shíl a bheith ad phógadh, ar do thórramh bhí an sgaipeadh.
Chífear gur mór an chosmhalacht atá idir an t-amhrán so agus an ceann thuas agam-sa, go mór-mór idir na bhéarsaí deireannacha díobh. Ní fuláir nó gur ársa an t-amhrán é, mar is minic a cumadh amhrán d'Éirinn bhoicht ar an bhfonn céadna, agus an Rí Séamas a d'iarraidh riaghaltais na tíre a bhaint amach dó fhéin. Tá ceann díobh le fághail ag leathanach a 170 san leabhar úd, “Songs of the Munster Bards” (J. C. Mangan), 'na dtosnuigheann Éire ag caoineadh gur “baintreabhach is gur maighdean í.” IV. 1. “Lá dá rabhas am aonar, im shuidhe ar bhinn an t-sléibhe amuigh Mo spreóite coise taobh liom, lag marbh gan aon bhrígh, Gaibh chugham Rí na Gréige, is bhuail sé me san aon chois, Is tá mo chíos ag glaodhach orm, ó chaill mo chois a brígh. 2. A Mháire, ná bí 't-óinseach, gaibh go ciúin an bóthar, N'fheadaraís-se fós, an pósta do bhís, Go n-dearbhóchainn na móide, nár cheangaluigheadh riamh fós me, Mara bhfillir, agus me phósadh, beid go ró-lag am' luighe.” 3. “'S a bhachaigh bhuidhe na léige, leog dod ráidhte béil liom, Faigh-se bean duit fhéineach, a ghéillfidh dot shlighe. Chuir dá mhála dhéag ort, aduas os ceann a chéile, Bíodh seasamh fada is féachaint 'gat, i ndoras gach aon tighe.” 4. “Má's bacach mé 'thá ar aon chois, is eol dom siubhal go h-éadtrom, Nín aon bhaile-chuain i n-Éirinn, ná tógfad ann tigheas, 'Bhfuil ó Chorcaigh go Móin Éile, is go B'laith Cliath na dtéarmaí, Baile Nuadh an aonaigh is Béal Achadh Buidhe.” 5. “Is anois ar theacht an t-Samhraidh, ní bheidh am chroidhe aon ghanntar, Beidh 'gam prátaí ramhra, leamhnacht agus ím, Beidh clóca dhon bhfaisean Ghallda, ar na cailíní sa Teamhracht, Bróg dheas Gallda, is gan aon dabht stócaí.” V. Ag leathanach 72 san dtarna cuid de'n leabhar úd “Poets and Poetry of Munster,” a chuir Seaghan Ó Dálaigh le céile, tá dán le fághailt fé'n tiodal “Tiocfadh an Bás ar cuaird chugat.” Tá sé ag cur síos ar an rud chéadna agus an dán so leanas. An dara bhéarsa athá aige sin, tá sé go h-ana-chosamhail leis an gcéad cheathramha den cheathramhadh bhéarsa seo agam-sa, ach maidir leis an gcuid eile, níl aon bhaint aca le n-a chéile. San dán úd Uí Dhálaigh, is amhlaidh athá an bhean ag cur síos ar a fheabhas is athá sí féin, agus ar an sonas is an seasgaireacht a bhíodh aca agus iad pósta le na chéile, i n-ionad dioghaltas agus díbhfeirg Dé a bheith á bhagairt aici ar an bhfear a mheall í.
1. Och mo lándig, nach marbh a thárla, Fé cheann trí ráithe sul ar thánganaís, Ar eagla fearg do chuir ar Rígh na nGrást geal, 'S nách beadh sé páirteach liom, lá an bháis um shliabh. Mar is bean do chráidheadh me le h-aoinne ámhain, 'S ná tuigeann mo chás, cé go ndeaghaidh sé dhíom. Beidh a chumhang go deo orm, go ndóghfar bhárr' orm Do choinnle bána os ceann mo chinn. 2. Nín aon chúilfhionn mhaordha, thá gan chéile Mo chomhairle déanaig, is ní miste dhíbh, Gan bhúr gcluasa dh'éisteacht le cómhrádh aoinfhir, Nú geóbhaidh céasadh gan stad á greim. Mar a thógadh éad dubh, os ceann ban Éireann, Agus rinneadh an tréason ar ubhall an chrainn, Gach tor' á éagmais le fághailt gan aon rud, 'S á mbeath' ag teacht saor chughainn ó Iosa Críost. 3. 'S nár bhreagh dhon óig-bhean, a bheith á tórramh Ná sínte i gcómhrainn, i nGlóire Chríost, An Mhaighdean Ghlórmhar a bheith á seóladh, Agus C'róinn na h-óige 'ci, le fághailt gan moill, Seochas min' [mionn'] is móide, á bhfághailt ó stróinse, Á mhaoidheamh le mórtas go bpósfadh í, Chuirfeadh coirthe 'mó [iomdha] uirthi, agus com ar eolas, Agus dh'fhágfadh brón uirthi rith a saoighil. 4. 'S tiocfaidh an Bás ar cuaird chughat uair roimhe lá, 'S bainfidh sé cunntas cruaidh díot, gach cuan dár bhuail tú ar mhná, Beir-se i rúimín uaigneach is bairthlín bán aduas ort, 'S nár bhreagh an airthighe an uair sin, an té a gheóbhadh uain ar í rádh. Cuimhnig ar an saoghal so, is ar Aon-mhac na nGrást, D'fhuiling an pháis 'n-ár dtaobh-na, agus do shaor sinn ós gach cán, 'S bpósar í sa tsaoghal so, agus ná tabhair (i) leabhar san éitheach, Tá an bás 'nár gceann le céile, agus éigfimíd annsúd. “CLAIS NA GAINIMHE.”
AMHRÁN LÁ AN BHREITHIMH. Is amhlaidh a bhí fear oibre darbh' ainm Partholán Mac Muirchearta n-a chomhnaidhe, timcheall is céad bliadhan ó shoin, i mBaile an Bhuiléir i n-aice an Daingin. Bhí sé go h-ana mhaith cun filidheachta a dhéanamh, agus is mó amhrán breagh a cheap sé. Bhí ana fhonn air bheith ag trácht ar Chriost agus A Mháthair, agus ar rudaíbh a bhaineann leis an gcreideamh, agus a bheith ag déanamh amhrán n-a dtaobh. Sar a bhfuair sé bás tháinig sórt éigin galair ar a theangain agus 'sé rud adubhairt duine d'a chómharsanaibh d'á bharr ná gurbh' é an diabhal a chuir cealg ar a theangain cun pionós a chur air i dtaoibh ar dhein sé d'amhránaibh breaghtha beannuighthe ar Phais Ár Slánuightheora. Seo ceann díobh a fuaireas ó Mhuiris Ua Ceinnéide ó'n nDaingean. I. Mo chuig céad míle mairg, cad a dhéanfaim i gcómhair lá an sgeimhle agus an Chatha, Nuair a tiocfaidh Mac Dílis Athar siorraidhe na bhflaitheas, Ag éileamh a chuid fola is a mhaisle. Annsan labharfaidh go h-áird an t-aingeal, Agus cuirfidh gairm ar shliocht Ébha 'gus Ádhaimh, Cun seasaimh ar shliabh Calbhairí an Chatha, Mar a bhfuighid a ngníomhartha sgriobhtha n-a n'éadan le tathaint. II. Annsan lasfaidh na spéartha agus réabfaidh an talamh, Le ceathannaibh tréana agus le caorthaibh á gcaitheamh. Annsan osglóchaidh na tuamaí agus éireócaidh na mairbh, Agus glaodhfar cun cunntais lucht ughdair na beatha. III. 'San tiocfaidh Íosa Mac Dé naomhtha, S'é Lonnradh n-a n-aingeal N'a chathaoir dhiocht-órdha agus é ag éisteacht le n-a mbeartaibh. Labharfaidh go h-árd chómhachtach trí n-a ghlóire le n-Athair, S'é an Cruthnuightheoir soillseach gan cuimhse na dtrí bPearsan. IV. Cad a dhéanfhaidh sliocht Ádhaimh, a Athair shíorraidhe na bhflaitheas, Nó an dtabharfar daor iad, d'fhuilingeas thar a gceann céadna? Tá an Breitheamhnachas láithreach gan spás le tabhairt orra, Nó an léigfeam go bráth iad le Sátan fé ghlasaibh?
V. A Mhic Fhioramhlaigh naomhtha, is tu féin d'fhuiling an mhaisle. A Rí fhoithnigh na Páise ná léig ar ghuailnibh a mhaitheas, Pé nídh is toil leat, s'é is sáth liom-sa a Dhia shiorraidhe an tsoluis, Mar do cheannóchadh do chuid fola naomhtha gac ar chruithnigheas ná ar cheapas. VI. 'San labharfaidh An t-Árd-Mhac na ngrásta fé fheirg. Crithfidh na flaithis árda agus ceithre ceathardha an domhain cloisfidh. Beidh Ifreann dubh Shátain ag gíoscán is ag osgail A d'iarraidh gac brácha do gheobhaidh daor a shlogadh. VII. Cá bh'fhuil t'Aturnae an lá úd ná an coinnseiléar breibe? Cá bh'fhuil Hérod claon lúbach agus dream dubh na fola? Cá bh'fhuil Hector is Páiris no Hómer a mealladh? Agus na Saesair ba thréine nach tréith atá a seasaimh. VIII. Cá bh'fhuil Cailbhin is Lútair d'iompuig an Laidean, Thug maisle do'n dteampall d'fhágh Íosa ag Peadar? Anois a cuirim ar an linn iad le dream dubh na fola Go h-Ifreann síorraidhe agus go deo deo nár chasaid. IX. Misneach! a Ghaedhealaí, glacaidh dóchas agus lasaidh, Beidh bhúr gcoinnseiléar naomhtha i bpléidhe díbh na seasamh. S'í an Coinnseiléar ná tréithfidh agus ná caillfidh lá an chatha Mar cuirfidh ár gcúis d'á glaodhach agus tabharfaidh saor sinn ó'n Bhreitheamh. X. Comán ná fuighead? Mar s'í an Mhaighdean gan pheaca í A labharfaidh go cráibhtheach i nguth árd le n-a leanbh Mise do Mháthair, is me iomchuir tu agus bheathaigh, Is me an Mhátair do thál ort i stábla an asail. XI. Is me chuaidh leat go h-Aegypt amach ar na ceallaibh Agus a lean tu sa bhfásach ag rith i n-aghaidh an airm, Níor thréigeas tu i n-aonchor ná i ndreimire na croite Go dtí go bhfuaireas ar lár tu sínte lag marbh. Dream dubh na fola = na Iúdáigh; comán = cad na thaobh.
XII. Gan puinn agam id thimcheall acht Ióseph agus Peadar Símón agus a mháthair agus na Máirí a bhí i t-aice, Do chaoineamar tu a ghrádh dhil agus do bhuaileamar ár mbasa Agus anois ná h-éithig-se do Mháthair d'iomchuir tu is do bheathaig. XIII. Is tu mo Mháthair gan aon locht nár dhein riamh peacha Mar do thoig m'athair naomhthach tu leis i síorraidheacht sa flaithis Anois, aithnid go h-umhal, gheobhair uaim, tá sé sgriobhtha n-a bPearsain Tu bheith id' Bhanríoghán go deo orra i dtalamh na beatha. CIARRAIDHEACH. LÁIRÍN RIOCAIRD MHÓIR. I. Fuath uaim péin 1 ar an mí-ádh, Mairg dom mar chéile 'riamh é. Is gur 2 domsa bhí sé greamuighthe, Mo chréacht, mhaoith agus m'éagcaoin. II. Ag dul trí mhainistir Chnuic Mhuaidh dhom Rinneadh orm gníomh gan náire, Gur sciob Finnbhear 'gus a sluagh sídh Mo chapaillín uaim ó'n mála. III. Is dá bhfágaidís agam an croiceann 'Gheobhainn air tobac ráithche, Ach níor fhág siad agam 'na leabaidh Ach ministéir liath agus cáir air. IV. Ach d'éirigh mise ar maidin, Agus dhearg mé mo phíopa. Do chuir mé Cnoc-Meadhbh rómham Lé sásadh a bhainnt díobhtha. V. Cé casadh orm acht Finnbhear Ar thalamh-bhán aoibhinn aerach 'Mbeannuighthear dhuit, a Riocaird Mhóir, Nó cé air bhfuil do éiliughadh? 3 VI. Má's fíor gur tú féin Finnbhear Is ort-sa atá mo éiliughadh, 'S muna dtugaidh dhom mo láirín Béidh mé ar bheagán chéille. 1 Is ionann “péin” agus “féin.” Sé “péin” an fhuaim a bhí ag an sean-fhear a thug an dán dom. 2 Badh dhóigh leat nach ceart an “gur” annseo acht tá rud eicínt i gcruth “agus a rádh” ann nach bhfuil curtha síos ann. Is minic a bhíonn a leithéid sin de rann againn i nGaedhilg. Tá a lán aca san dán seo. 3 Ní'l a fhios agam an é “éiliughadh” an focal adubhairt an seanchaidhe, ach tá mé cinnte gur ionann brígh “éiliughadh” agus an focal adubhairt sé. Is beag nach ionann an fhuaim freisin.
VII. Má's capaillín í chomh maith sin Is mairg duit scar 1 léithi, Ach de bhrígh ar bualadh d'ór an rí Ní fheicfidh tú choidhch' ach a scáile. VIII. Bhí sin dona go leor, Mó nóta 'gus mo bhanna i n-géibheann, A luach gan íoc go fóill, Mo chréacht, mhaoith agus m'éagcaoin. IX. Ach dearbhóchainn duit a chuairt air, Amháin seo muna n-innsinn bréag duit, Go bhfuil sí i g-Cnoc Chruachain Ag uachtarán na bruidhne. X. Do ghluais mé liom annsúd, Agus lean mé an bóthar díreach Ní dhearna mé scíth 'ná stad Gur sheas mé i lár na bruidhne. XI. Do sheasadar ar a gcosaibh, Thosnuigheadar ag gáirídhe, Seo é Riocard Mór Is tá sé ar thóir a láirín. XII. Leigidh de bhur gcuid magaidh, Fuair mé féin mo sháith dhíobh, Muna dtugaidh sibh dhom mo láirín Ní thiubhrad gach re 'seadh díbh. XIII. Go deimhin duit, a Riocaird Mhóir, Ní 'gainne atá do láirín, Tá sí i gCnoc Bhaile Bhristéir Ag bainrioghain na mban-sídhe ann. XIV. Ghluais mé liom annsúd, Lean mé an bóthar díreach, Bhí me i gCnoc Bhaile Bhristéir Sar a raibh an meadhon lae críochnuighthe. XV. Labhair mé leis an bhainrioghain, Má bhí fá cheart a dhéanamh, Nach nglacfainn fáth na leith-scéil Muna amháin mo chapaillín saorach. XVI. Go deimhin duit, a Riocaird Mhóir. Ní againne atá do láirín, Tá sí i nGleann na Smól Ag cruitire ceóil le ráithche, XVII. Ghluais me liom annsúd, Lean mé an bóthar díreach, Bhí me i n-Gleann na Smól Le tuitim ceo na h-oidhche. XVIII. Siúd mar bhí an tsaoghlacht mhór Léir mar is feictear domhsa. Fir agus mná an domhain Is gur ann a bhí an súgradh. XIX. D'éirigh an cruitire ceoil Is thosnuigh an tiúin dá stiúrughadh Is luathmhar aerach aigeantach A dhamhsuigheas leo an cúrsa. XX. Labhair mé féin ar buile Leis an bhfirín crutach gránda, Muna dtugadh sé dhom mo láirín Go mbrisfinn a chuid eile de chnámhaibh. 1 Is ionann “scar” agus “scaramhaint” nó “scaradh.”
XXI. Go deimhin duit, a Riocaird Mhóir, Ní againne atá do láirín, Tá sí in Almhain Laighean Ar “heighir” 1 ag mo mháthair. XXII. Ghluais mé liom annsúd Go h-Almhain Laighean na bhfiannaidh. Cé casadh orm ach an chailleach Is níor mhaiseach iad a briathra. XXIII. Labhair sí liom go garbh, Bhris sí amach sa mBéarla, “What's your quest, you rascal, You've cheek enough for a Kaiser.” XXIV. Is cuma liom a chaillighe Acht seachain orm an Béarla, Labhair liom i dteangain bhlasta Is cleachtach linn in Éirinn. XXV. Go deimhin duit, a Riocaird Mhóir, Ní againn atá do láirín, Tá sí i Rath Chruachain Ar “heighir” ag mo mháighistir. XXVI. Ghluais mé liom annsúd Go Rath Chruachain cinnte 'Gus an tan a raibh mé thuas 'seadh Do chuir mé mo chuairt i gcuimhne. XXVII. Níl ceard anuas ó'n bhflaitheas Nach gheobhthá ann ag gluaiseacht, Figheadóirí na cruinne Agus tailliúra 'ná slóightibh. XXVIII. Bhíodar uilic ag cárdáil, Ag cíoradh agus ag sníomhachán. Is muna mbéadh Máire Ní Bhaoighille, Bhainfeadh siad díom na cluasa. XXIX. Mhaitheadar cíos dhá bhliadhan dhom, Acht chongbhuigh siad an láirín. Agus tá mé maith go leor Mar níor chaill mé mo chiall ná mo chuimhne. 1 Sé “heighir” adubhairt an seanchaidhe. Is ionann é sin agus “hire” i mBearla. Is dócha nárbh fhéidir leo a athrughadh isteach i nGaedhilg ar dtúis. Is ait an dán é acht tá faithchíos orm nach bhfuil sé go léir annseo. Ní raibh sé de ghlan-mheabhair ag an seanchaidhe agus é d'á ghabháil. Micheál Mac Aodhagáin, atá 'na chómhnuidhe i bparróiste an Chnuic, Conndae Mhuigheó, iseadh thug dom é. Ní h-é seo thuas an chéad phíosa a thug sé do'n “Irisleabhar” le déidheanaighe. — T. A. Mac C.
SEAN-SGÉAL Ó CHAIRBRE CHORCAIGHE. DO bhí fear 'na chómhnuidhe i gcondae Chorcaighe san am fadó nuair do thuiteadh an manna as an bhflaitheas gach aon tráthnóna agus ní raibh de shlighe bheatha eile aige acht an manna do bhailiughadh isteach chun bhídh dó féin. Ní raibh an saoghal go ró-olc aige mar sin agus do lean na laethanta ar a chéile agus bhí an bheatha go h-aonaránach aige. Aon lá amháin do bhuail fear bocht siubhail isteach chuige agus cailín bhreagh dheas d'inghin in aoin- fheacht leis agus d'iarradar cead bheith istigh i gcóir na h-oidhche. Chóm maith do fuaradar. Lá ar na bháireach a bhí chúghainn nuair d'éirigh an bheirt chun bheith ag imtheacht ar an mbóthar airís do mhothuigh fear an tíghe grádh mór 'na chroidhe do'n chailín óg agus d'iarr sé ar a h-athair í 'thabhairt dó mar mhnaoí. “Cionnus d'fhéadfá-sa í 'chothúghadh?” arsa'n fear siubhail leis. “Níos fearr ná mar d'fhéadfá féin,” ar seisean agus d'innis sgéal an mhanna dóibh. Annsin dúbhairt an cailín go mba mhaith léi fanamhaint 'san áit sin agus do ghéill a h-athair. Pósadh an bheirt annsin agus do chuaidh an sean-fhear chun siubhail leis féin airís. Do lean na bliadhanta ar a chéile agus d'éirigh an saoghal ag an mbeirt mar ní raibh aon easba ortha. Bhí aon leanbh amháin acu, buachaill breagh dathamhail, agus Seaghán an ainm do tugadh air. Bhí grádh mór ag Seaghán do sna leabhraibh agus bhí sé ag dul ar aghaidh go maith ionnus ná raibh a leithéid eile sa chondae agus bhí mórchúis ar a mháthair agus ar a athair as. Fé dheireadh fuair an sean-fhear bás agus do cuireadh é acht mar sin féin ní raibh an sgéal go ró-olc ag an mbeirt eile toisg an manna do bheith acu i gcómh- nuidhe. Théidheadh an bhean amach gach aon lá dh'á bhailiughadh isteach acht níorbh fhada gur buaileadh tuirseach í agus ar sise léi féin, “Nách mór an díthchéille dómh-sa bheith ag obair mar seo gach aon lá? Ní dhéanfad a thuille acht chuirfead isteach oiread agus a dhéanfaidh an gnó dúinn go ceann seachtmhaine.” Dhein sí amhlaidh acht 'sé rud a tháinig as nár thuit a thuille de'n mhanna as san amach agus bhí easba mór ar an mnaoí agus do b'éigean dí dul amach ag obair 'sna páirceannaibh chun slighe bheatha do thuilleadh dí féin agus d'á mac agus ó ná raibh aon taithighe aici ar an obair ba bhrónach an sgéal aici é. Do thosnuigh sí ad iarraidh déirce ar na daoinibh agus iad ag dul isteach go dtí an seipéal chun go leanfadh an mac ar an léigheann agus maidir leis an mac féin ní raibh a leithéid 'san dtír uile ar a dhathamhlacht agus a ghéar- intleacht. Lá áirithe agus é ag an scoil mar ba ghnáthach d'airigh sé an chainnt go léir ag na daoinibh i dtaobh thighearna mhóir a bhí i mBaile Átha Cliath agus na h-inghine deise a bhí aige ná raibh a leithéid riamh le feicsint roimhe seo. D'airigh sé leis
cionnus mar do bhí na fir óga go léir ad iarraidh í 'fhagháil mar mhnaoí acht ná béadh sí sásta le h-aoinne acu. Chuaidh Seaghán abhaile agus d'innis d'á mháthair ar chuala sé agus dúbhairt léi go n-imtheóchadh sé féin chun iarracht do dhéanamh pé olc maith d'éiróchadh leis. “Airiú, a amadáin bhig,” ar sise leis, “cad é an bhreith a bhéadh ag bhúr leithéidí imeasc na n-uasal go léir.” “Is cuma liom,” arsa Seaghán, “táim chun imthighthe pé i nÉirinn é.” “Tá go maith,” ar sise ar bhall nuair nár fhéad sí a chur 'na luighe air ná raibh aon bhreith aige. “Bíodh agat ó tá tú chómh righin sin acht fan go dtí an Domhnach ar an chuid is lugha de agus pé beag mór a gheobhad ag dorus an tséipéil tiubhrad a leath dhuit-se.” Do dhein sé mar sin agus do thug a mháthair roinnt airgid dó agus dúbhairt leis imtheacht in ainm Dé. Ní raibh mórán de'n bhóthar curtha dhe aige nuair do casadh fear bocht air agus d'iarr rud éigin ar son Dé. Thug Seaghán cuid de'n airgead dó agus lean air. Ba ghearr gur bhuail an tarna fear air agus d'iarr rud éigin ar son Dé chun bhidh do cheannach. Thug sé roinnt eile de'n airgead do'n fhear so agus siúd ar aghaidh leis airís. “Tabhair dhom rud éigin ar son Dé agus Muire,” arsa'n guth agus chonnaic Seaghán an trímhadh fear 'na sheasamh os a chómhair amach. “Níl agam acht cupla pinginn,” ar seisean, “agus dá dtabharfainn duit-se iad is amhlaidh do gheobhainn bás de'n ocras acht siubhal leat go dtí an tigh ósda so thall agus pé rud a gheobhad ar an airgead beidh cuid de agat-sa.” D'imthigheadhar ortha fá dhéin an tighe ósda agus ar an slíghe dhóibh d'innis Seaghán cúrsaí an sgéil do'n fhear bocht cionnus mar ba mhaith leis dul ag feicsint inghine an tighearna acht ná raibh aon airgead aige. Chuadar an bheirt isteach agus d'iarr Seaghán bológ aráin agus deoch bainne ar mhnaoí an tighe agus fuair sé iad. “Gearr an bhológ,” ar seisean leis an bhfear mbocht, “ó is tú an té is sine.” “Ní dhéanfad,” arsa'n fear bocht mar do bhí náire air, acht chuir Seaghán d'fhiachaibh air é 'dhéanamh. Annsin d'ith agus d'ól an bheirt a ndóithin acht mar sin féin níor imthig an arán ná an bhainne i luighead chor ar bith. D'éirigheadar agus chuadar amach agus bhí iongnadh croidhe ar mhnaoí an tighe ósda mar do shaoíl sí nár itheadar pioc. Dála Sheagháin d'imthigh sé féin agus an fear bocht leo. “Seadh, a Sheagháin,” arsa'n fear bocht, “thugais déirc dómh-sa trí huaire indiú mar is mise d'iarr cabhair ort trí h-uaire ar son Dé. Ba chóir go ndéanfainn rud éigin duit-se anois. Seo dhuit fáinne óir agus aon uair a bhéidh airgead uait níl le déanamh agat acht an mian do bheith id aigne agus láithreach bonn béidh airgead go leór mar a mbéidh an fáinne.” Thóg Seaghán an fáinne agus níorbh fhada go raibh a phócaí go léir lán d'ór bhuidhe i dtreo gur ar éigin d'fhéad sé siubhal. Annsin do chas sé chun a bhuidheachais do ghabháil leis an bhfear mbocht acht ní raibh tásg ná tuairisg air. D'imthigh Seaghán leis agus cheannuigh culaith bhreagh éadaigh agus do dhein sé ar chaisleán an tighearna agus chuaidh suas go dtí an doras go dána. Leigeadh isteach é agus cuireadh fáilte roimhe mar ba dhóigh leo gur phrionnsa éigin a bhí ann. Bhí dinnéir mhór acu agus do bhí Seaghán 'na shuidhe in aice inghine an tighearna agus thuit i ngrádh léi. Bhí sé ag ól go dtí gur thuit a chodladh air agus do b'éigean é 'bhreith go dtí a sheomra féin agus ag teacht isteach san seomra dó thuit an fáinne d'á mhéar i gan fhios dó. Maidin i mbáireach a bhí chúghainn thárla do inghin an tighearna bheith ag gabháil thar
doras an tseomra agus fuair sí an fáinne agus do bhí fhios aici gur le Seaghán é. “Anois,” ar sise léi féin, “féadaim sult do bhaint as mar gheall ar an bhfáinne.” Chuir sí isteac i mbosca é agus san am gcéadna thárla gur mhian léi bheith chómh saidhbhir le h-inghin an rí ionnus go bpósfadh mac an rí í agus láithreach bonn bhí an bosca lán d'ór bhuidhe i dtreó nár fhéad sí é 'dhúnadh. Annsin do chuir sí i mbosca eile é agus thárla an rud céadna. Tháinig eagla uirthi d'á bhrígh sin agus chuir sí an fáinne 'na póca. Acht nuair dhúisigh Seaghán agus do chonnaic sé an fáinne do bheith caillte aige, tháinig brón mór chroidhe air agus ar seisean leis féin, “Anois díreach atáim scriosta.” Chuir sé tuairisg an fháinne ar na daoinibh mór dtímpall acht ní fheaca aoinne é. Acht do thosnuigh inghean an tighearna ag magadh fé i dtaobh an fháinne agus do bhí fhios aige annsin go raibh sé aici acht níor fhéad sé chor ar bith é 'fhághail uaithi agus siúd leis abhaile airís. Do bhí brón mór air agus shín sé é féin ins an ráithnigh cois sean-dúin a bhí ann go dtí go dtiocfadh an oidhche mar ní leig- feadh an náire dó dul abhaile 'san ló. Fad is do bhí sé sínte ann tháinig trí chait as an ndún amach agus iad ag cómhrádh le chéile. “Nach fada atá ár gcócaire uainn?” arsa ceann acu. “Ní fheadar an domhan cad a thuit amach dó,” arsa ceann eile. “Ba chóir go mbéadh sé annso anois,” arsa'n trímhadh cat. Ní raibh an focal acht díreach as a bhéal aige nuair do tháinig an ceathramhadh ceann acu isteach. “Cad fé ndeara dhuit bheith chómh déidh- eanach?” arsa'n triúr go feargach. “A leithéid seo,” ar seisean, agus d'innis dóibh an sgéal tríd síos cionnus mar do bhuail Seaghán uime agus gur thug sé an fáinne do. “Agus,” ar seisean ar leanamhaint, “chuadhas féin go dtí caisleán an tighearna féachaint cionnus a dh'éiróchadh leis agus nuair do bhíos ag léimrigh thar an mbórd do bhuail an tighearna buille d'á sciain ar m'earball agus thuit cuid de'n fhuil 'na bhiadh agus d'ith sé í agus anois atá sé i riocht bháis acht níl leigheas air go bhfaghaidh sé deoch uisge as Tobar Bhríghde i gCondae Chorcaighe, rud ná faghaidh go deo.” Níor fhan Seaghán le na thuille do chlos acht d'éirigh agus siúd leis go dtí an tobar mar níor bhfada ó na áit féin é. Do líon sé buidéal de'n uisge agus as go bráth leis go Baile Átha Cliath i bhfuirm dochtúra. Do chuaidh sé suas go dtí an caisleán agus chonnaic sé na dochtúirí go léir mor dtímpall an tighearna acht níorbh fhios d'aoinne acu cad a bhí air in aon chor agus níor fhéadadar é 'leigheas. Tháinig Seaghán isteach agus ar seisean, “Tig liom-sa an tighearna do leigheas.” Annsin thugadar biadh agus lóistin dó agus tar éis an bhídh d'ithe thug sé deoch an uisge do'n tighearna agus láithreach bonn do bhí sé chómh maith 'na shláinte agus do bhí aon lá riamh. Annsin 'seadh bhí an t-áthas i dteaghlach an tighearna agus ar an dtighearna féin agus do dhéineadar seó mór de Sheaghán agus chaitheadar an oidhche ag déanamh gáirdeachais. Mar sin féin níor fhéad Seaghán an fáinne d'fhághail ó inghin an tighearna agus thuit a chroidhe air agus siúd chun siubhail abhaile airís é go brónach. Tháinig sé go dtí coill mhór a bhí ann agus chaith sé é féin fé scáth dara móire agus shaoil sé go mb'fhearra dhó bheith marbh. Níorbh fhada dhó ann nuair do thug sé fé ndeara triúr buachaillí tamaillín uaidh agus iad ag troid le chéile. Dhein Seaghán ortha agus labhair leo. “Cuir uaibh,” ar seisean, “cad fé ndear an troid seo eadraibh?”
“A leithéid seo,” arsa'n t-é ba shine agus d'innis sé dhó cionnus mar do chuir a n-athair fé scáth an chrainn mhóir a bhí ann fáinne óir le n-a bhféadfadh duine imtheacht in aon áit ba mhaith leis fé cheann dhá nóimeat, agus corn ná béadh folamh go deó agus cláirseach ar a bhféadfá an ceól ba bhinne dár chuala cluas riamh do sheinnt agus dubhairt an mac ba shine gur leis féin iad uile agus do b'é sin fé ndéar an troid eatortha. “Tá sé chómh maith agaibh dul abhaile go síothchánta,” ar Seaghán, “agus déan- faidh mé machtnamh ar an gceist anocht. Tagaidh annso imbáireach airís agus geallaim-se díbh ná béidh aon fháth troda agaibh annsin.” Do dheineadar mar adubhairt sé leo. Chómh luath agus a bhíodar as radharc uaidh níor dhein Seaghán aon mhoill acht do thóg an leac mhór a bhí ann agus fuair an fáinne agus an corn agus an chláirseach dhó féin. Ba ghearr an mhoill air imtheacht go dtí caisleán an tighearna agus do bhí na daoine díreach chun suidhe chun dhinnéir. Do sheinn Seaghán an chruit agus ba bhinn an ceól do dhein sé agus do bhí áthas mór ar na daoinibh nuair do chualadar é. D'ól Seaghán a dhóithin as an gcorn agus do thosuigh a chodladh ag tuitim air. “Is leór an méid seo,” ar seisean agus leis sin chuir sé a bhacla mór dtímpall inghine an tighearna agus láithreach bonn do bhíodar ag an sean-dún airís. Acht do bhí iomad ólta ag Seaghán agus thuit sé 'na chodladh agus ba ghearr ar inghean an tighearna bheith thar n-ais ag an gcaisleán airís agus an cruit agus an corn aici. Nuair do dhúisigh Seaghán bocht bhí sé mar a bhéadh na gealt nuair do chonnaic sé sé go raibh a mhaoin imthighthe uaidh, agus siúd chun siubhail é tríd an tír ar nós leomhain. Ar ball tháinig sé go dtí úbhall- ghort mór agus nuair do chonnaic sé na h-úbhla breaghtha ar na crannaibh níor fhéad sé gan ceann acu d'ithe mar do bhí ocras agus tart mór air. Thóg sé an ceann ba ghiorra dhó agus chómh luath agus do chuir sé 'na bhéal é d'éirigh dhá adhairc mhóra ar a éadan. Annsin 'seadh do bhí an sgéal go h-uathbhásach ar fad aige agus is ar éigin ná fuair sé bás leis an scannradh a bhí air. Acht do chonnaic sé crann eile uaidh agus bhíodar na h-úbhla níos bhreaghtha fós air 'ná mar do bhí ar an gcéad chrann. “Caitfead ceann acu súd d'fhághail,” ar seisean leis féin, “pé rud a thuitfidh amach dhom.” Thóg sé ceann acu agus ní túisge do chuir sé 'na bhéal é ná do thuit na h-adharca anuas d'á cheann agus bhí sé ní b'fhearr agus ní ba dhathamhla ná mar do bhí aon lá riamh. Bhí áthas mór chroidhe air leis, dar ndóigh, agus ar seisean as a mhachtnamh, “Tá beirthe agam ort i ndeireadh na dála, a chailín.” D'imthigh sé annsin agus do bhailigh sé oiread de'n dhá shórd úbhall agus d'fhéad sé iomchar agus tháinig go tapaidh go dtí caisleán an tighearna. Nuair do chonnaic na daoine a bhí ann a bhreaghthacht a bhí na h-úbhla ní bheidís sásta gan iad do bheith acu. Thug Seaghán a ndóithin de sna droch- úbhlaibh dóibh ionnus tréis a n-ithte dóibh ná raibh duine 'san áit uile gan adharca ar a cheann aige. Annsin 'seadh bhí an trioblóid agus an scannradh ortha go léir agus d'iarradar d'athcuinge ar Seaghán na h-adharca 'bhaint díobh. “Ní dhéanfaidh mé, go deimhin,” arsa Seaghán, “annsin fanfaidh siad go dtí go ngeallfaidh sibh inghean an tighearna do thabhairt dom mar mhnaoi agus mo dhá fháinne agus an corn agus an chruit do thabhairt thar n-ais dom.” Agus do ghealladar an rud sin dó agus thugadar inghean an tighearna dhó mar mhnaoí os chómhair na ndaoine go léir a bhí ann agus annsin do thug Seaghán
na h-úbhla eile dóibh agus thuit na h-adharca díobh láithreach. Do pósadh Seaghán agus inghean an tighearna ann- sin agus chaitheadar oidhche mór ag déanamh suilt agus gáirdeachais. Tháinig Seaghán agus a bhean abhaile go dtí an tsean-áit agus thóg sé suas caisleán mór breagh ná raibh a leithéid 'san dtír uile agus do líon sé seomra mór d'ór bhuidhe i dtreó ná béadh aon easba choidhche air as sin amach. Annsin d'imthigh sé agus do chuir sé na fáinní agus an corn agus an chruit go doimhin 'san dtalamh agus ní bhfuair aoinne fós iad agus ní bhfuighidh go deó is dóca. Sin é agaibh mo sgéal agus muna bhfuil sibh sásta leis níl leigheas agam orraibh. S. Ó D.
AG LABHAIRT NA GAEDHILGE. DO bhíos lá le déidheannaighe ag léigheadh “Irisleabhar Mhuighe-Nuadhat” 1902-3 — an cheud uimhir do'n “Irisleabhar” do cuireadh i gclódh ariamh. Do léigheas móran rudaí ann a chuir íongantas orm agus fós móran a chuir áthas orm. Do réir an chunntais do gheibhthear san “Irisleabhar” sin do-bhí cúis na Gaedhilge go h-ana íosal ar fad nuair a cuireadh Cuallacht Choluim Cille ar bun. Do réir na tuairisge a thug Donnchadh Ua Dochartaigh i bpaipéir éigin do léigh sé i Roinn Muire do bhíodar na mic léighinn an fhaid sin ar gcúl nár smuainigheadar ar aon chor ar an scrios a bhí teanga agus spiorad Sagsan ag deánamh do'n tír. Nuair a chuir mac-léighinn éigin (an t-Athair Seaghan Ua Chian anois) obair na Gaedhilge ós a gcómhair i dtús is é an rud a leath- nuigheadar a súile le h-íongantas — níor smuainigh móran aca ar an nídh sin go dtí'n oidhche sin. Sin é an rud do chuir íongantas orm-sa — le rádh go raibh an teanga ag gluaiseacht comh tapaidh sin agus gan suim d'á cur ann ag mhacaibh léighinn Mhuighe-Nuadhat. Acht do bhí rud eile a chuir íongantas níos mó orm agus a chuir ull-gháirdeachas orm le na chois — sé sin gur thosuigh siad ag obair go dícheallach comh luach a's shómhraigh- eadar mar bhí an sceul. Thuigeadar go h-ana tapaidh an léir-scrios a bhí d'á dheánamh ar theangaidh na h-Éireann; thuigeadar shan am ceudna ma bhí leigheas ar bith le fághail gur 'na measg féin a gheobhthaí é. Comh luach agus thuigeadar an méid sin thosuigheadar ag obair ar a sean-dhícheall. Ó'n am sin i leith atá an obair ag dul ar aghaidh. Seo ceist agam orraibhse, a mhaca- léighinn na h-aimsire seo: an bhfuil an spiorad ceudna d'ár spreagadh-ne indiu a bhí ag spreagadh na mac-léighinn an uair sin? An bhfuil an déine ceudna le feiceal in obair na Gaedhilge? Deirfidh an chuid is mó agaibh go bhfuil, agus tuilleadh déine le 'na cois. Acht sílim féin gur ionann í cúis na Gaedhilge agus móran neithe eile: gnídhthear níos mó oibre i dtús nó ann am ar bith eile. Uair amháin a théid an cheud spreagadh i leath-taobh bíonn cineal éigin leisge ag baint leis na h-oibridhibh. An méid a bhí ar chumas mac-léighinn Mhuighe-Nuadhat deánamh ar son na Gaedhilge shan am sin righneadar é. Cinnte budh chóir dúinne an cleas ceudna do dheánamh. Anois bhí rud amháin ná raibh siadsan i n-innmhe cuir i bhfeidhm go coitcheannta, 'sé sin caint na Gaedhilge. Bhí móran aca nach raibh focal Gaedhilge 'na gceann, agus “nemo dat quod non habet.” Acht ní mar sin atá an sceul againne. Ní dóigh liom go bhfuil mac- léighinn sa Cholaiste fa láthair nach bhfuil an beagán nó an móran Gaedhilge aige. Olc a's bhí Bórd an Idir-mheadhon d'obair ár dteangadh righne sé an méid sin — go
dtug sé eolas do ghach duine ar leabhar no beirt Gaedhilge. Thug sé dúinn ádhbhar an troda — na “munitions” mar adeirfea 'sa Bheurla. Sin an obair atá rómhainne anois úsaid do dheánamh de'n mhéid eolais atá againn — an méid Gaedhilge atá againn do labhairt gach uair 'sa lá agus le gach mhac-léighinn eile sa Cholaiste. “Beatha teangadh í labhairt” agus ma's mian linne anois an teanga d'athbheóghadh dáríribh labhara- maois í. Atá sean-fhocal ann: “Ní fhuil gar i gcaint”; deirimse libh gur, i dtaobh na Gaedhilge, ag an chaint atá iomlán le deánamh. Dá mbéadh an seans [uain] ceudna ag na mhacaibh-léighinn do chuir tús ar an “Chuallacht” a's atá againne chuirfidís i bhféidhm é. Do theip ortha an chaint do leathughadh. Thuigeadar amhthach gur fuar follamh a bhéadh an obair gan an chaint do bheith ar siubhal. Ins an “Irisleabhar” do luadhamar thuas atá scríobhtha na focla adubhairt duine éigin tamall roimhe sin: “In an institution such as this College, I believe in the force of tradition. Make a generation of Maynooth-men Irish-speaking and the tradition will never die… If you once make Maynooth Irish in speech, you need have no fear — the country will follow” (l. 80). Corp-chlár [lom-chlár] na fírinne an méid sin — pé duine adubhairt é. Do-bheir sé comhairle ár leasa dúinne ma leana- muid é. Nár chóir dúinn iaracht mhaith láidir do dheánamh. “Tús maith leath na h-oibre” — ní h-eadh acht dhá-thrian na h-oibre, 'sa gnó so ar aon chor. Ma ghnídhthear tús maith leanfar dhó agus mar adubhairt an fear úd thuas leanfaidh an tír sinn — leanfaidh Éire Mágh-Nuadhat. “AN LÚB.”
AN LAEDER. Do thug Seaghan Ua Seaghdha buinchíosuidhe thíos in Uibh Ráthach an t-amhrán so dhom. Ní fheadar cé scríobh é. Do fuair seisean óna athair é. I. 'Sí an Laeder í déanamh le dúthracht De phlannc an dair cumhrach o'n nGleann Ath Nar leagadh aon mhaide ar an ndrúcht de Chun gur scriosadh an fiun de le tál. II. Da siubhalochainn muir bráonach na dtonnta N'fheicfinn-se a múnla ar aon traigh Agus nach áereach do'n té leagfadh súil uirrthi Agus do dhein daingean dlúth i gan cháim. III. An té cifeadh mo Laeder i gcomhgarach La briste na dtonn ins an mbágh Agus i ag máirseail an bhorraidh 's gach cúinne 'Sí an seabhac í nar chul riamh da námhaid. IV. Thar bhádaibh na Daingin gur sciurt sí La anaithe 'gus dubh scallai fáin Thar bhainnce na borraidh nior dhiultuig Acht í máirseal na dtonn le mórdháil. V. Conacsa macasamhail mo Laeder 'Ge nDaingean ge'n gcéibh thiar fadó Fe bhrataibh gur thaisteal o'n nGreig chughainn Agus talamh do dhein sí os mo chomhair. VI. Pol Leacaidh do b'ainm dá h-aoladh Agus pictiúr ro neata ar a bógha Gan beatha do mhairfinn ga h-aodhaireacht Da mbeadh bliadhan agus céad in aon lo. VII. Sí an Laeder í ar séirse glan gaoithe Dhein talamh gan moill dom ar lamh Dia id shaoradh 'gus i t-aodhaireacht agus id choinnleacht Agus an cuid eile ded bhuidhean do theacht slán. VIII. Ma leigeann tu aon mhogall lín lei Ó Bhealach go Poinnt a's go Port Go mbeidh an Réidh seo na trean casaibh timcheall Agus seachain an taoide ar an dtraigh. Seo comhairle a thug an t-ughdar féin do dhuine a bhí breóite o'n bhfairrge. IX. A Dhiarmuid glac feasta mo chomhairle Agus tabhair ainnir deas óg chughat ar lár Biodh sí milis deagh-chomhairlighthe Agus biodh a leaca mar an roisi ins an ndeárd. X. Biodh gach folt ag tuitim go feór léi Agus 'gus cosmhail le h-ór gach aon táth Tabhair sealadh de'n maidin d'a pógadh 'S na feicim go deo thu in aon bhád. T. Ua M. NOTAÍ. I. 4. Fiun — I have been unable to find this word as it stands in any dictionary. I took it down as Seaghan pronounced it. The meaning he attached to it was “bark.” There is a word feannadh which means to flay or to skin, and probably it is from the same root. III. 3. Bhorraidh — This word as pronounced by the old man is given. In the dictionary it is written barra. IV. 2. fáin — Probably a genitive of fán used adjectivally and meaning treacherous or scattering. VI. 1. D'á h-aoladh — I am not sure of the correctness of this expression. I took it down phonetically. It means whitening her, i.e., painted on her in white letters. VII. 3. Coinnleacht — Colloquial form of coimh- deacht. VIII. — The place-names here given are those of passages between rocks and the points of these rocks as used by the fishermen even to the present day.
CUALLACHT CHUILM CILLE. THE LEAGUE OF ST. COLUMBA. FOUNDED 1898. OBJECT:— To foster in the students a due appreciation of the value in the cause of Religion, and of the consequent claims upon the attention of Ecclesiastics, of studies — (a) In National Literature and Language; (b) In National History, especially Ecclesiastical; (c) In Irish Hagiology, Archæology, Social Manners, and Customs; and to encourage among its members the cultivation of these various departments, in order that they may be more zealous and better qualified to labour in extending and controlling movements connected with those objects, and so perpetuate the truly Religious and Catholic Nationality represented by, and identified with them. Ag seo síos na cunntais ó na roinnibh. ROINN MHUIRE. An Choiste:— Maolmhuire Almán, uachtarán; Aodh Ó Conalláin, leas- uachtarán; Seumas ua Connaill, fear le scríobhadh; Diarmuid Ó Piogóid, fear an airgid; Micheál Mac Giolla Ceárr, Dáithí Ó Conchubhair; Micheál Mac-an-Mhílidh, Seán Mac Conbhaighe, Liam Ó Laoidhleas, Pádraig Ó Néill. Do cuireadh trí buidhean deug is fiche ar siubhal i dtosach na bliadhna — buidheanta iad seo a bhí seasmhach buan, agus do leanadar an mhór-cuid aca do'n obair suas go dtí'n Nodlag. Indiaidh na laethe saoire ní raibh an scéal comh maith ar feadh tamaill, acht ní raibh sé ach tamall mar do thosuigh na buidheanta a gcuid oibre ar éis a chéile agus anois tá tuairim fiche buidhean ar siúbhal. Tá súil againn go mbeidh sé mar seo aca go dtí deireadh na bliadna. Ní raibh dráma Gaedhealach againn i mbliadna agus ar an adhbhar sin ní raibh na mic-léighinn chomh gonnta a dul isteach ins na buidheantaibh Gaedhealacha: rud eile, ní raibh an óráid gnáthach againn i dtosach na bliadna; nuair a chímid seo féadamuid a bheith an-sásta leis an dóigh a chuaidh cúis na Gaedhilge. Do b'é Seumas Ua Connaill a bhí mar Fear Cheannais ar Chúirt-na-nGaedheal. D'eirigh leis go sár-mhaith. Saoilim gur seo an bliadhain is feárr a bhí ag an Cúirt go fóil, agus ní barraidheacht a rádh gur bé Seumas fé ndeara seo. Ní raibh an bhuidhean cheoil againn i mbliadhna ach bhí buidhean againn a bfheárr ná san .i. “buidhean an tSoisgéil.” B'é toil Dé go dtug an t-Athair Peadar Ua Laoghaire “Na Cheithre Soisgéil” dúinn. Ba dheas agus ba láidir an breith-bhuidheachais dó an bhuidhean seo do chur ar bun i Magh Nuadhad i mbliadhna chun “Naoimh Mhaitiú” a léigheamh agus a mhíniughadh 'nár dteangain féin. “Ó thosac Shamhna go Lár Feabhra” bí sluagh breágh a' teacht go buidhean an tSoisgéil agus ní raibh aon neamh-shuim san obair. Beirmíd buidheachas do Mhaolmhuire Almán — an múinteóir — a dhuthrachtaighe agus a fheabhas a stiúirigh se an bhuidhean i gcaitheamh na h-aimsire sin. M. MAC GIOLLA CEÁRR.
ROINN NAOIMH IOSAIMH. Lucht ceannais na h-oibre: — Pádraig Mac Cuain, Peadar Mac Tomáis, Peadar Ua Dubhshláine, Séamas Ua Fearghas, Pádraig Ua Curraidhin, Micheál Mac Amhaltoinn. Cursaí na h-oibre:— Ag féachaint siar dhúinn ar an mbliadhain atá caithte, tá cunntas maith le tabhairt againn ar an obair a deineadh le n-a linn chun an Ghaedhilg do chraobhsgaoileadh 'nár measc. Do cuireadh seacht mbuidhne déag ar bun i dtosach na bliadhna agus leanadar an formhór díobh leis an ndeagh-obair gan sos ná stad go deireadh na bliadhna. Bhí an spiorad fíor-Ghaodhalach ionnta agus bhíodar lom 'n-dáiríribh ag foghluim agus ag labhairt a dteangan dúthchais. Níorbh é sin iomláine na h-oibre, amhthach. Ní h-amháin ins an buidhnibh a bhí an chúis 'á cur ar aghaidh. Bhí a lán daoine ná raibh ins na buidhnibh cor ar bith acht thaisbeánadar ar shlightibh eile go raibh meas agus cion acu ar theangain na h-Éireann. Nuair a bhíodh diaspóireacht ar siubhal nó paipéar 'á léigheamh sa Chúirt, bhidís le feiscint ann; nuair a bhíodh “An Soisgéal Naomhtha” 'á mhíniughadh agus comhrádh 'á dhéanamh air, sa nGaedhilg, bhíodh cuid mhaith díobh ann, leis; annsan nuair a bhíodh cuirm cheoil ann, puirt bhríoghmhara, cheólmhara, da spreagadh agus amhráin bhreághtha, Ghaodhalacha dá ngabháil, thagaidís isteach ag éisteacht leo agus ní cloistí oiread agus focal Béarla ann. I ndiaidh san is uile, bhí daoine ann agus ba chuma léo i dtaobh na Gaedhilge, daoine eile a raibh meas éigin acu uirthi, ach go mbfheárr leó an obair agus an duadh go léir ag daoinibh eile. Níl leigheas againn ar a leithéidí sin ach bheith cráidthe leó— geóbhaid siad ciall ar ball. Bheirimíd ár míle buidheachas dos na múinnteóiribh mar gheall ar a fhonn- mhaire 's a bhíodar chun an Ghaedhilg do mhúineadh agus gan puinn aca féin d'á bhárr. Go gcúiteochaidh Dia a saothar leo agus le gach uile duine a oibrigheann do chun leasa clanna Gaedhal. M. m. A. TIG NA SÓISEAR. An coiste i dTigh na Sóisear i mbliadhna; Tomás A. Mac Ceóinín, Pádraig Ua Ruairc, Ioseph Mac Dághaid, Seaghán Ó Cuinn agus Pádraig Ó Loingsigh. I dtosach na bliadhna cuireadh ar siubhal annseo cúig buidhne ar fhichid agus gan ghó do rinne siad obair mhaith ar son na teangan go dtí an Nodlaig. Dar ndóigh thuit cúpla aca as a chéile gan mhoill ach ní chuirfeadh an tubaist sin imnídhe ar éinne, óir, in ionad aon mhaith do dhéanamh, is amhlaidh do dhéanfadh siad díoghbháil dúinn féin agus do'n obair a bhí idir lámhaibh againn. Is searbh an rud an fhírinne, ach caithfear a admháil go raibh a mhalairt de scéal againn an dara leath-bhliadhain, mar níor éirigh linn in aon chor. Ní raibh an tréan-dúthracht le tabhairt fé ndeara annsin mar bhí cheana, agus do réir cosmhaileachta ní raibh an fonn-oibre céadhna ar na macaibh-léighinn in aon chor. I ndiaidh ar ndiaidh do thuiteadar na buidheanta as a chéile go dtí nach raibh a leath acu ar siubhal. Cuid mhaith des na múinteóiríbh ní'l siad in an na buidhne do stiúradh 'sa cheart agus é sin fé ndear a lán aca tuitim as a chéile. Badh mhaith an scéal dá gcuirfídhe cosg leis an mí-ádh seo gan mhoill. An tríomhadh lá déag de mhí Deireadh Fóghmhair bhí cóimhthionól againn le h-aghaidh chuirmí cheóil mar is gnáthach linn i dtosach oibre na cuallachta. Dob é an Dochtúir Ó Cléirigh fear cheannais ar an dtionól, agus
bhí an t-Athair Ó Brosnacháin agus an t-Athair Ó Néill 'nár measg freisin. Fíor-Ghaedheal iseadh an Dochtúir Ó Cléirigh. Do dhéin sé cainnt linn an oidhche úd agus táim deimhneach go ndeachaidh a chainnt in éifeacht. Mar thoradh na cainnte sin bhí gach uile dhuine lán de mhisneach agus do chuireamar rómhainn go dian, seasmhach go ndeanfaimís ar gcuid féin san obair. Rinne an t-Athair Ó Brosnacháin agus an t-Athair Ó Néill cainnt linn freisin agus do theasbáineadar amach go soiléir gurbh' iad na buidhne an áit dob' fhearr chun na teangan d'fhóghluim agus a labhairt 'sa cheart. Ní'l le déanamh agam anois ach buidheachas do ghabháil leis na gcómhairlightheóiríbh, agus le cáirdibh eile nach iad, mar gheall ar an gcómhairle a thugadar dúinn, a bhí mar mhaithe leis na buidhnibh agus leis an obair mhóir a bhí ar siubhal againn. T. A. Mac C. Adeir siad, an géilleadh thugtar do na sean-sgeultaibh agus do na sean-chain- teannaibh seo, gur ag dul i luighead bhíonn sé ó shliocht go sliocht, gach aois mar thagann ag dul i n-geur-chúiseacht agus i neamh-shimplidheacht; an rud do chreidfeadh an tsean- mháthair ó n-a croidhe an fhaid 's do mhairfeadh sí, ná creidfeadh a hinghean as a diaidh acht an fhaid 's do bheadh sí in a páiste, agus a hinghean sin arís, dá mbadh amhlaidh 's ná beadh innte acht aoirde an stóil, an drae phioc toradh thabharfadh sí air. Acht badh fhéidir nach mar a cheile atá gach aoinneach, agus go bhfuil páistí ar an saoghal i gcomhnuidhe, a bhfuil croidhe agus aigne an pháiste aca. Ní fearrde dhon saoghal, muna bhfuil. Bíodh an sean- sgeul fíor nó ná bíodh, atá an-chuid focal agus ráidhte ann a bhfuil gear-chúis go leór ag baint leó. Atá líomhthacht cainte agus brígh ann, agus gach aon rud atá in a thosach tagann sé amach go deas le n-a chéile in a dheireadh, gach aon rud fighte ar a chéile mar is cóir. As na sean-sgeultaibh is eadh mhúintear a gcéird do na filíbh, agus is iad na filí dheunann caitheamh aimsire don domhan agus chuireann na daoine ó bheith ag síor- chuimhneamh ar a ngoile agus ar a bpóca. — Dr. Sheehan in “Gabha na Coille” (pp. 8-9).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services