THE COLUMBAN RECORD
IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD
AR NA CHUR AMACH DO
CHUALLACHT CHUILM CILLE,
COLÁISTE PHÁDRAIG, MAGH NUADHAD
Beir mo bheannacht lat siar,
As briste mo chroidhe im chliabh;
Dá tteccmadh écc dála damh,
Is ar méad grádha Gaodhal.
— Colm Cille.
Ar na chlóbhualadh ag
MUINTIR DOLLARD
agus
Ar na chraobhscaoileadh don choitchiantacht ag
MUINTIR GILL
I mBaile Átha Cliath.
1916
DOLLARD
PRINTINGHOUSE
DUBLIN
LIMITED.
RISTÉARD DE HINDEBERG — SAGART AGUS OLLAMH.
IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD.
THE COLUMBAN RECORD.
AN CEATHRAMHADH BLIADHAIN DÉAG. 1916.
PÁDRAIG SÁIRSÉAL.
“A Phádraig Sáirséal is duine le Dia thú
Is beannuighthe an talamh ar shiubhail tu riamh air:
Go mbeannuighidh an ghealach gheal 's an ghrian
duit
Ó thug tú an lá ó lámhaibh Ríogh Liam leat!”
(Slán chum Pádraig Sáirséal).
DUBHAIRT Lord Macaulay agus é ag cur
síos ar bheatha agus imtheachtaibh shaighdiúra
Shasanaigh dárbh' ainm dó Clive, dubhairt
sé go raibh togha eóluis ag gach gasúr
atá ag dul ar scoil ar neithibh nach raibh
baint ar bith aca le stair a thíre, acht nach
raibh eólus ar bith ag a bhfurmhór de dhaoinibh
fásta ar rudaíbh agus ar dhaoinibh atá fighte,
fuaighte, le stair a dtíre dúthchais féin.
Ní móide go bhfuil lom-chlár na fírinne
ins an rádh sin. Ní móide nach bhfuil
áidhbhéil eicínt ann. Acht mar sin fhéin
ní breág amach 's amach atá ann mar tá
daoine de'n chineál sin ann.
Agus ní'l sé d'iachall orainn imtheacht
as Éirinn le na daoinibh iongantacha seo
d'fheicsint. Is iomdha fear agus bean
i n-Éirinn indiu nár chuala trácht ariamh
ar an laochradh curata, cróganta a throid
ar son Chaitlín ní Uallacháin i n-allód.
B'fhéidir nach ortha féin atá a mhilleán
ar fad. 'San oideachas atá dá fhagháil
anois ag óglaigh na h-Éireann is mó an
aire tugtar do rudaibh a bhaineas le Sasana
agus le tíorthaibh eile 'ná mar tugtar do
rudaibh a thárla i n-Éirinn agus a bhaineas
léithi. Ar an ádhbhar sin ceapann a lán
díobh nach raibh aon laoch tréan ná aon
ghaisgidheach calma i n-Éirinn ariamh;
ceapann siad nach raibh ins na h-Éireanna-
chaibh riamh acht sglábhuidhthe agus cladhairí
meathta; gach uile gníomh gaisge a dearnadh
ariamh cheapaidís gur Sasanach a rinne é
gan amhras. Is mór an náire é sin. Is
truagh an sgéal é. Mar bhí laochradh le
fagháil i gcomhnuidhe i n-Éirinn le h-iarracht
gaisgeamhail a dhéanam ar slabhraí na
daoirse agus na h-anbhruide a bhriseadh;
bhí laochradh le fagháil nach ndeachaidh ar
gcúl i n-aimsir tagartha na teangmhála,
laochradh nach raibh meathtacht ag baint leó
i n-aimsir chosgartha na fola.
Ins an aimsir atá ann indiu ní'l cainnt
ar aon rud acht ar chogadh agus ar chródhacht
— gach tír ag maoidheamh as a saighdiúiríbh
féin. Dá bhrígh sin ní dochar dhúinn
féachaint siar tré stair ar dtírín féin
agus na cogtha agus laochradh a throid
ionnta d'fheiceál. Ins an aiste seo beidh
tráchtas againn ar dhuine de na Gaedhealaibh
a b'iongantaighe agus budh laochda dár
mhair i n-Éirinn riamh, ar dhuine a mairfidh
a ainm agus a chlú fad 's beó Clanna
Gaedheal, i. an laoch calma curata —
Pádraig Sáirséal.
Ní mórán atá le h-innsint i dtaobh a
óige, acht gur cuireadh go dtí 'n Fhrainnc
é le h-ealadhain shaighdiúrachta d'fhoghluim.
Dob' í Anna ní Mhórdha, inghean Ruaidhrí
a mháthair, agus ar an ádhbhar sin ní
h-iongnadh tír-ghrádh a bheith aige. Tháinig
an Sáirséalach ar ais go h-Éirinn le Rígh
Séamus 'sa mbliadhain 1689, le troid i
n-aghaidh Liam.
'San uair seo a tháinig Pádraig Sáirséal
ar ais go h-Éirinn bhí sé chomh breagh d'fhear
agus chífeá id' shiubhal lae. Bhí sé timcheall
ocht mbliadna déag ar fhichid d'aois.
Catoiliceach dúthrachtach do b'eadh é, agus
tháinig an Ghaedilg bhlasta chomh furasta d'á
theangain 's tháinig an Béarla. Bhí sé os
cionn sé troigh i n-áirde. Fear láidir,
deagh-chumtha, iomlán-déanta, dathamhail a
bhí ann agus fear fial flaitheamhail freisin.
Bhí gnúis cneasta, geanamhail air, a raibh
soineanntacht agus subháilce, cródhacht
agus calmacht ann. Agus ní h-iongnadh
sin mar duine macánta gan claon gan
feall do b'eadh é. Ar an ádhbhar sin bhí
meas ag a náimhdibh agus ag a cháirdibh air
agus urraim aca dhó. Deirtear gur iarr
muinntir Liam air, Séamus a thréigeadh
agus troid ar thaobh Liam. Acht rinneadar
dearmad ar é bheith 'n-a Éireannach. Bhí an
Sáirséalach ró-uasal agus ró-chneasta le
cuimhneamh ar ghníomh fealltach mar sin,
agus do dhiúltuigh sé go feargach.
Tar éis teacht go h-Éirinn dhó, cuireadh
go Gaillimh é le buidhin bhig fear le
Connachtaibh a chosaint. Ar an ádhbhar sin
ní raibh sé ag ionnsughadh Dhoire le sluagh
Shéamuis ar feadh Samhraidh 1689. Bhí sé
ag Cath na Bóinne acht má bhí féin ní bhfuair
sé tada le déanamh ann. Deireann
staruidhte eicínt gurbh' é an Sáirséalach
agus a dhá chéad de mharcachaibh a thug
Séamus leis mar lucht cosanta dhó féin,
agus é ag teicheadh le n-a anam ó fhaithche an
chatha. Deirtear freisin go raibh an
Sáirséalach agus oifigeach ó shluagh Liam
ag cainnt le chéile tar eis an chatha agus
go ndubhairt Pádraig leis nuair a bhí sé
ag maoidheamh as an mbuadh — “Déan
malairt taoiseach linn-ne,” ar sé, “agus
bíodh gach rud eile mar bhí sé agus troid-
fimíd arís sibh.” Agus ní móide nach raibh
mórán de'n bhfírinne aige.
Nuair a fuair Séamus é féin go slán
sábhalta i mBaile Átha Cliath do chomhairligh
sé d'á lucht leanamhna géilleadh do Liam.
Acht níor ghlac an Sáirséalach 'ná na
Gaedhil eile an chomhairle sin. Má bhí
Cath na Bóinne tugtha ag Liam ortha féin
cé'n dochar é? Bheadh a lá féin acu fós.
Do chomhairligh an Sáirséalach i gcomhnuidhe
an t-Sionnain a chosaint, agus anois do
chruinnigh an sluagh Gaodhlach ar fad
thimcheall Bhéil Átha Luain agus Luimnigh.
Thángadar ó gach áird de'n tír ann.
Thángadar 'n-a mbeirt agus 'n-a dtriúr
ann agus thángadar 'n-a gcéadtaibh agus
'n-a gcaogaid ann. Bhí muinighin mhór
acu as Pádraig Sáirséal mar chonnaiceadar
go raibh sé dílis cneasta agus nach dtréig-
feadh sé iad mar rinne Séamus.
D'ionnsuigh Douglas Béal Átha Luain 'sa
Iúl 1690. Bhí an Sáirséalach i Luimneach an
t-am sin acht nuair chuala sé go raibh Béal
Átha Luain d'á ionnsughadh do dhein sé
air. Nuair airigh Douglas go raibh Pádraig
ag teacht fá n-a dhéin do ghlac sé eagla
roimhe agus do ghlan leis th'réis bheith ag
ionnsughadh na cathrach le deich laetheannta.
Annsin do thug Liam agus a shluagh a
n-aighthe ar Luimneach. Shroicheadar Baile
Chonlis — baile beag a bhí timcheall seacht
míle soir ó dheas ó Luimneach — an seachtmhadh
lá de Lughnasa, agus chuireadar fútha
annso. Bhí timcheall ocht míle ar fhichid
d'fhearaibh ag Liam acht ní raibh acht
tuairim deich míle istigh 'sa gcathair ag
a raibh aon ghléas-chogaidh. Nuair chonnaic
Iarla Thíre Chonaill agus Lausun an
oiread sin fear i n-a n-aghaidh agus nuair
a bhí ballaí agus dúna na cathrach
scrúduighthe aca dubhradar nárbh' fhéidir
seilbh na cathrach a chongbháil i n-aghaidh
Liam agus nach raibh le déanamh acu acht
géilleadh dhó — mar órduigh Séamus dóibh
ag imtheacht dhó.
Acht ní raibh an Sáirséalach ar aon
chomhairle leó. Ní bheadh géilleadh aige-san
chor ar bith. Dubhairt sé leó imtheacht dá
mba mhaith leó, acht nach dtréigfidh seisean
chaoi ar bith cathair Luimnigh. Bhí na Gaedhil
ar aon inntin leis agus do chuir a bhriathra
dóchas agus meisneach ionnta. Nuair nach
ndéanfaí rud ortha d'imthigh Lausun agus
Iarla Thíre Chonaill go Gaillimh ag breith
leó na saighdiúirí Franncacha agus mór-
chuid de'n lón chogaidh. Acht mar deir
staruidhe áirithe, b'amhlaidh a b'fhearr é
iad seo d'imtheacht mar bhí an dríodar
imthighthe leó. Agus cé déarfas nach dríodar
a b'eadh iad agus an chathair a thréigint cé
go raibh na Gaedhil réidh riartha ar í chosaint.
Acht níor chuir sin aon droch-mhisneach nó
lag-spiridighe ar an lucht cosanta. Níor
thuit a lug ar a lag aca. Níor thuit go
deimhin acht i n-ionad sin is amhlaidh
thosuigheadar ag ollmhughadh leis an troid
go dian dúthrachtach. Rinneadar trínsí
agus mótaí agus claiseacha. Tugadh
cheannas an mharc-shluaigh do'n tSáirséalach.
Marcach tréan do b'eadh é agus taoiseach
críonna freisin.
Ar an naomhadh lá de Lughnasa 1690
thosuigh Liam ag ionnsughadh na cathrach. Cheap
sé nach raibh le déanamh aige acht cúpla
piléar a chaitheamh le na sean-bhallaíbh, acht
bhí dul amugha air. Ní raibh ag éirghe leis
chomh geal 's cheap sé ar dtús acht, “Fan,”
ar seisean, “go dtiocfaidh mo ghunnaí
móra ó Phortláirge agus muna ndéanfad
brúscar de chathair Luimnigh ní mise Rí
Shasana.” Acht fan go fóill a Liam! “Ní
mar síltear, bítear” i gcomhnuidhe.
San am chéadna 's bhí Liam ag smaoineamh
ar an spórt a bheadh aige nuair a thiocfadh
na gunnaí móra bhí fear eile ag smaoineamh
ar na gunnaibh móra freisin, acht níorbh'
ionann a smaointe. Le sgéal fada a
ghiorrchaint tháinic fear a thréig sluagh
Liam isteach go Luimneach le sgeal go
raibh lón-chogaidh ag teacht go Liam agus
go raibh sé i gCaiseal an lá sin (Dia
Domhnaigh). Nuair a chuala an Sáirséalach
sin do shocruigh sé muinntir an lóin d'ionn-
sughadh agus breith ar an lón. Thug se cúig
chéad d'á mharcachaibh cróganta leis agus
an oidhche sin, oidhche Dia Domhnaigh, chuadar
treasna na h-aibhne go dtí'n taobh ó
thuaidh agus le dalla mullóg d'imirt ar
shluagh Liam do chuadar soir go Cill-Dá-Lua.
Do chuadar treasna na h-aibhne annso agus
isteach leo go Conndae Thiobruid Árann.
Acht bhí fear maith ag an Sáirséalach ag
déanamh eóluis an bhealaigh dhóibh — Ó
hÓgáin, do bhí ar a theicheadh. Bhí eólas aige-
san ag gach sgailp agus gleann sa Mhumhan
agus do threóruigh sé iad tré bhealaighibh
aisdréanacha nó gur shroicheadar gleannta
Sliabh Fhéilim agus an ghrian ag éirghe.
Leigeadar a sgíth annso, agus d'fhanadar
i suidheachán i dtom coille ar feadh an lae.
Chuir an Sáirséalach teachtairí amach le sgéal
d'fhagháil i dtaobh lucht an lóin-chogaidh,
agus is gearr go dtángadar seo ar ais
agus eólus aca ar an áit a raibh lucht
an lóin ag cur fútha i gcomhair na h-oidhche.
Baile an Fhaoitigh do b'ainm do'n áit sin
agus ní raibh sé níos mó ná ocht míle nó
mar sin ó Luimneach.
Bhí go maith. 'Sa mheadhon oidhche d'éirigh
an Sáirséalach agus a chúig chéad marcach
amach as an ngleann agus níor tharraing-
eadar srian nó go shroicheadar Baile
Chuilinn. Ins an mbaile seo fuaireadar
amach focal faire muinntire an lóin.
Agus cé'n focal faire a bheadh acu acht
“Sáirséalach.” Is dóca gur chuir Pádraig
drannadh gháire as nuair a fuair sé an
t-eólus sin. D'imthigheadar leó annsin
go h-aireach faiteach nó go dtángadar i
n-aice leis an lón-chogaidh. Annsin thug
an Sáirséalach órdughadh d'a mharc-shluagh
gan focal a labhairt nó go mbeidís suas leis
na gárdaibh agus annsin réabadh isteach
ar lucht an lóin mar chith-theineadh.
Chualaidh fear de na gárdaibh torann
crúdh chapall, dar leis, acht dubhairt sé leis
féin gur bh'iad a mhuinntir fhéin a bhí ann.
Is gearr go bhfaca sé marcaigh os a chomhair
amach agus taoiseach tréan mar cheann
ortha. Chuir sé forrán ortha cé'n focal
faire a bhí acu. 'Sé an freagra a fuair sé —
“'Sé an Sáirséalach an focal agus 'sé
an Sáirséalach an fear,” agus sgeinneadar
thairis mar sidhe-ghaoithe.
Bhí lucht an lóin 'n-a dtoirchímh suain
agus 'n-a suan-chodlata. Nuair a dhúisigh-
eadar — an méid dhíobh a dhúisigh — ní raibh
fhios acu beirthe nó beó cá rabhadar. Bhí
sé 'n-a dhearg-raic ann. Rinne Pádraig
Sáirséal agus a laochradh ruathar forránach
sanntach agus aoinne a tháinig rómpa 'n-a
mbuillíbh ní raibh an dara buille ag teas-
dáil uaidh. Ba mhillteach an t-ár é go
cinnte.
Bhí seilbh an lóin-chogaidh acu anois acht
níorbh' fhéidir leó na gunnaí móra agus
an púdar a bhreith leó. Ar an ádhbhar sin
líonadar na gunnaí móra le púdar, agus
do chuir a mbéil síos 'sa dtalamh. Rinneadar
cárnán mór de'n chuid eile de'n phúdar
i n-aice le na gunnaíbh, agus chuireadar na
báid beaga agus gach trucaill eile a bhí
ann ar mhullach a chéile os cionn an chárnáin
phúdair. Annsin rinne siad claisín beag
phúdair 'sa chaoi go dtarraingeóchaidhe an
teine isteach go dtí'n púdar. Thug siad
teine dhó annsin agus do dhruideadar siar
uaidh. Is gearr gur shroich an lasair an
púdar agus do phléasg é. Do bodharuidheadh
iad leis an bpléasgadh agus dalladh iad
leis an lasair. D'fhreagair na cnuic agus
na gleannta ar ais an torann agus
dúisigheadh daoine leis a bhí cúig mhíle déag
bealaigh uaidh.
Annsin d'fhill Pádraig agus a mharc-
shluagh ar ais go Luimneach. Ní h-é an
bóthar a tháiniceadar a thugadar ortha féin
ag filleadh dhóibh. Bhí fhios ag an Sáirséalach
go gcloisfeadh Liam agus a shluagh pléascadh
uamhnach na ngunnaí agus an phúdair, agus
nach móide nach dtiocfadh dream díobh
féachaint céard do thárla. Do b'fhíor dó.
Ní mór ná imthighthe a bhíodar nuair tháinig
marc-shluagh Liam, mar bhí tuairim aca
céard do thárla. Acht mar sin fhéin do
baineadh geit asta nuair a chonnaiceadar
lucht cosanta an lóin agus gach mac
máthair acu ag fuarughadh 'n-a chorp gan
cor asta, agus nuair a chonnaiceadar an
cárnán luaithrighe — b'shin é an méid de'n
lón chogaidh a bhí fágtha acu anois, — agus
nuair a chualadar torann marc-shluaigh
an t-Sáirséalaigh agus iad ag filleadh
cos i n-áirde go Luimneach.
Níor tharraing Pádraig agus a mharcaigh
srian nó go rabhadar istigh 'sa gcathair 'na
raibh a gcaraid agus a gcomhursain. Agus
munar fearadh fíor-chaoin fáilte rómpa;
munar chuir lucht cosanta Luimnigh gáiridhe
maoidhte asta go lúthgháireach, muna rinn-
eadar comh-mholadh croidheamhail leis an
Sáirséalach, munar thosuigh na mná ag
gol le méid a n-áthais, “munar fliuchadh
le deoraibh iad agus munar múchadh le
pógaibh iad,” ní lá go maidin é. Budh mhór
é meas agus cliú an t-Sáirséalaigh tar
éis an lae sin agus an ghaisge úd agus
budh mhaith an aghaidh air é.
Acht bhí a mhalairt de scéal ag sluagh
Liam. Nuair a chualadar an droch-thuair-
isg d'imthigh a meisneach uatha ar fad,
agus nuair a chualadar gáire maoidhte
na nGaedheal tháinic fearg agus gráin
ortha. Acht ba cheann-dána an fear Liam.
Chuir sé fios ar lón-chogaidh eile agus
nuair a fuair sé é thosuigheadar ag ionn-
sughadh ballaí Luimnigh arís. Bhí na sliogáin
ag teacht chomh tiugh le cloich-shneachta.
Acht má bhí féin bhí meisneach agus muinighin
ag an lucht cosanta. Na mná féin,
bhíodar ag cuidiughadh le na fearaibh mar
chuidigh na mná i nDoire roimhe sin. 'Sa
dheireadh briseadh bearna mhór ins na
ballaíbh. Isteach le sluagh Liam. Acht
nuair a chonnaic na Gaedhil an námha taobh
istigh de bhallaíbh na cathrach tháinic fearg
ortha agus rinneadar ruathar forránach
sanntach ortha. Do throideadar go dian,
díocasach, neamh-ghéillteach. 'Sa dheireadh
cuireadh iachall ar shluagh Liam glanadh
leó as an gcathair i láimh le luaith. Bhí
na Sasanaigh cortha de'n chogadh anois agus
níor cheileadar sin acht an oiread. Annsin
tháinic fearg ar Liam agus d'imthigh leis
agus stad ná comhnuidhe ní dhearna sé
gur shroich sé Portláirge agus as sin
chuaid sé anonn go Sasana. Do ghlan a
shluagh leó freisin ó Luimneach th'réis iad
bheith 'ghá ionnsughadh le trí seachtmhaine.
Ba mhór an t-áthas a bhí ar na Gaedhealaibh
istigh 'sa gcathair nuair a chonnacadar
Liam — an taoiseach cliste — agus a arm
mór ag teicheadh uatha. Ba subhach, sábhach, so-
mheanmnach iad. Agus ní gan fáth a bhí
áthas ortha, mar do bhí moladh tuillte acu
go cinnte agus iad bheith i n-ann ballaí
Luimnigh a chosaint ar an arm sin, agus
gan lón-chogaidh ar bh'fiú trácht air aca.
Acht bhí an Sáirséalac n-a measg, agus
níor bheag sin. Ní móide gur thaithnigh le
Lausun agus le h-Iarla Thíre Chonaill
an chaoi ar éirigh leis an Sáirséalach agus
le lucht cosanta Luimnigh th'réis iad féin
a thréigint na cathrach. Bhí faitchíos ortha
anois go mbeadh Rí Séamus feargach leó
agus ar an ádhbhar sin d'imthigheadar go
dtí'n Fhrainnc leis an gcéad sgéal a bheith
acu.
Ar feadh an ama seo ní raibh Pádraig
Sáirséal díomhaoin. Bhí sé ag cosaint áth
na Sionainne agus bhí sé féin agus a chuid
fear ar an aireachas i gcomhnuidhe agus
réidh riartha chun troda. B'é Pádraig
do chuir dóchas agus meisneach i gcroidhtibh
na nGaedheal ó thús deireadh. Maradh
eisean bheadh Éire fá chumhacht Liam anois.
Theasbáin sé d'á shaighdiúiríbh céard is tír-
ghrádh ann agus ní raibh le déanamh aige acht
sin. Do rinneadar aithris air agus 'sa
dheireadh dhéanfaidís aon rud a d'iarrfadh
sé ortha a dhéanamh — bhí an oiread sin
ghrádha acu dhó agus an oiread sin mhuinighin
acu as. Acht bhí daoine eile ann agus ní
maith a thaithnigh sin leó chor ar bith. Bhí éad
ortha leis an Sáirséalach agus ní raibh uatha
acht deis chun feall d'imirt air. Agus
Séamus féin, ba bheag é a mheas ar Phádraig
th'réis a raibh déanta aige ar a shon. Go
cinnte rinne sé Iarla Leamhcáin de, acht
níor mhór dhó sin a dhéanamh.
'Sa mbliadhain 1691 tháinig oifigeach
darbh' ainm dhó San Rút go h-Éirinn. Thug
Séamus ceannas an airm ar fad dhó-san.
Acht ba cheart gur do'n tSáirséalach a
thabharfadh sé é mar bhí Pádraig 'n-a
thaoiseach ní b'fhearr 'ná an t-oifigeach
postamhail, uaibhreach, ceann-dána so,
nach raibh eólas ar bith aige ar an tír. Acht
bhí éad aca le Pádraig agus choinnigheadar
ar gcúl é mar coinnigheadh ar gcúl Eoghan
Ruadh Ó Néill leath-chéad bliadhan roimhe
sin. Níor thaithnigh le na Gaedhealaibh
allmhurach mar San Rút a bheith mar
taoiseach ortha, go mór-mhór ós rud é gur
b'é a dtuairim go raibh an Sáirséalach 'n-a
fhear i bhfad níos oireamhnaighe chun airm
a stiúradh. Maidir le Pádraig féin bhí an
oiread sin grádha aige do'n chúis, agus an
oiread sin céille 'n-a cheann nár mhian
leis troid ná easaontas a chur ar siubhal
ameasg na saighdiúirí, agus gábhadh le n-a
gcumhacht ar fad leis an námhaid a chlaoidh.
D'ionnsuigh Sincil Béal Átha Luain an
ath-uair sa Mheitheamh. Acht do throid na
Gaedhil go dian díocasach agus maradh
postamhlacht agus éirghe i n-áirde San
Rút bheadh an lá acu. Dubhairt an Sáir-
séalach leis go mba cheart aire a thabhairt
mar bhí eólas aige ar ealadhantaibh na
Sacsan. Acht is annso do bhris uaibhreacht
San Rúth amach. Nach cuma dhuit-se?
ar seisean go géar faobhrach. Dar
ndóigh ní tusa an taoiseach. Seachan do
ghnó féin. Bhí an comhairle ceart ag
Pádraig. D'ionnsuigh na Sasanaigh an
chathair an oidhche sin agus fuaireadar
seilbh Átha Luain gan mórán troda. Bhí
fhios ag San Rút gur air féin a bhí a
mhilleán, agus shocruigh sé cath a thabhairt
do Sincil ag Eachdhruim Uí Cheallaigh. Bhí
easaontas idir é féin agus an Sáirséalach
agus ar an ádhbhar sin thug sé órdughadh
do Phádraig dhul go dtí áit iargcúlach
d'fhaithche na troda agus fanacht ann. “Beidh
an buidheachas ar fad agam-sa,” ar seisean
— bhí sé chomh cinnte sin ar bhuaidh d'fhagháil.
Níor innis sé pioc de'n t-Sáirséalach
faoi'n slighe a bhí faoi leanamhaint 'san
gcath an lá sin. Bhí a shliocht air, mar
nuair sguaibeadh a chloigeann d'á chorp
le sliogán ní raibh fhios ag éinne céard ba
cheart a dhéanamh. Bhí gach rud 'n-a rí-rá i
sluaigh na nGaedheal.
Maidir leis an Sáirséalach bhí sé chomh
fada sin ar gcúl nach raibh fhios aige go
ceann i bhfad go raibh San Rút ar lár.
Nuair fuair sé sin amach bhí an lámh uachtair
ag Sincil agus ní raibh le déanamh ag
Pádraig acht fuighleach an airm a thabhairt
go Luimneach. Go cinnte b'fhíor do'n
fhile nuair dubhairt sé: —
“Tá leasughadh ag Ua Ceallaigh nach gain-
eamh ná aoileach
Acht saighdiúirí tapaidhe dhéanadh gaisgeadh
le píce;
Do fágadh iad i n-Eachdhruim 'na sraith-
eannaibh sínte
Mar bheadh feóil chapaill ag madraidhibh dá
sgaoileadh!”
Do lean Sincil go Luimneach iad agus
tar éis beagán troda socruigheadh síothcháin
eatortha an tríomhadh lá de Dheireadh
Fóghmhair 1691. D'aontuigheadar go mbeadh
an oiread ceart le fagháil ag Catoilic-
eachaibh na h-Éireann 's bhí le fagháil acu i
n-aimsir an dara Shéarluis, agus d'aon-
tuigheadar go mbeadh cead ag saighdiúiríbh
Shéamuis dhul go dtí'n Fhrainnc.
Dhá lá i n-a dhiaidh sin tháinic cabhlach
Franncach go Luimneach le lón-chogaidh
agus 3,000 saighdiúirí. Acht Éireannach
cneasta gan claon do b'eadh Pádraig
Sáirséal. Dá mba mhaith leis bheith fealltach
anois, bhí aige. Acht ar seisean leó:—
“Tá sibh deireannach anois, mar tá m'fhocal
tugtha agam go gcóimhlíonfadh mé an
t-síothcháin agus ní bheidh sé de mhasla
ar chliú saighdiúirí na nGaedheal gur bhris
mé m'fhocal.” Acht is beag do luigh sé ar
chorghuas na Sacsan iad-san a dhul thar
fhocal an mhargaidh. Tá daoine ag cainnt
agus ag síor-chainnt indiu ar “feall”
na nGearmánach fá dhul isteach 'sa mBeilge.
Acht ba cheart do na daoinibh seo cuimh-
niughadh freisin ar “Shíothcháin Luimnigh”
agus ar an chaoi ar choimhlíon na Sasanaigh
an geall a thugadar. Ní móide nach
“giota pháipéir” a bhí ann, dar le na
daoinibh cneasta seo.
Chuaidh an Sáirséalach agus 20,000 d'á
shaighdiúiríbh ar bhord na long bhFranncach
agus d'imtigh leo anonn go dtí'n Fhrainnc.
B'shin iad na “Géana Fiadhaine.” Agus
nár bhocht an sgéal ag na laochraibh seo ag
fágáil slán agus beannacht go deó le
“bán-chnuic Éireann óighe.” Ní h-iongnadh
ar bith na frasa deór ag tuitim leó nuair
a chuimhnigheadar ar a dtírín dhúthchais agus
chomh dúthrachtach díocasach ar oibrigheadar
le saoirse d'fhagháil dí.
Do marbhadh an Sáirséalach bocht ag Cath
Landen 1693. Bhí marc-shluagh faoi agus
bhíodar ag déanamh ruathair shanntaigh agus
Pádraig dar ndóigh 'n-a fhear thosaigh nuair
a caitheadh urchar tré n-a chroidhe uasal.
Do chuir sé a lámh ar a chroidhe agus é sínte
go lag leóinte ar fhaithche na troda agus
nuair chonnaic sé a chuid fola ag teacht —
“Ó,” ar seisean, “dá mb'é thoil Dé é
gur ar son Éireann a bheidhinn ag dortadh
mo chod' fola, bheinn sásta.” B'iad sin
na focla deireannacha a tháinig ó bhéal
an Éireannaigh laochda — Pádraig
Sáirséal.
Gaisgidheach curata, taoiseach tréan,
Gaedheal dúthrachtach, agus fear cneasta
cineálta gan claon gan caime do b'eadh
an Sáirséalach. D'oibrigh sé go dian
díocasach le saoirse d'fhagháil do na
h-Éireannachaibh agus níor stad sé nó
go bhfuair sé deimhne go mbeadh Catoilicigh
na h-Éireann saor ó anbhruid agus
géirleanamhaint. Acht ní raibh 'sa deimhne
sin acht focal Shasanaigh. Bhí an Sáirséalach
féin cneasta agus cheap sé go raibh gach
uile dhuine cneasta freisin. Fairíor
géar! Is ciall ceannaigh do mhúin ceacht dhó.
Ba chóir go gcuimhneóchadh feara Fáil ar
an Sáirséalach — go mór-mhór ins an
aimsir atá ann indiu. Ba cheart go
gcuimhneochaidís gur ar son Éireann do
throid sé agus gur ar a son do fuair sé
bás. Ba cheart go ndéanfaidís aithris
air agus bheith réidh riartha i gcomhnuidhe ar
throid ar son a dtíre féin. Da mba rud
é go ndéanfadh feara Fáil uile aithris
ar Phádraig Sáirséal, ar a chródhacht agus
ar a chalmacht agus ar a thír-ghrádh ní fada
go mbeadh slabhraí an námhaid sgaoilte
agus an chraobh agus an choróinn arís ag
ar máithrín dílis — Caitlín Ní Uallacháin.
“A Phádraig Sáirséal, guidhe gach nduine
leat,
Mo ghuidhe-se féin, is guidhe Mhic Mhuire
leat;
Ó thóg tu an t-Áth Caol, ag gabháil tré
Bhiorra dhuit
'S gur ag Cuileann Ó gCuanach buadhadh
leat Luimneach.”
MÍCHEÁL S. Ó FALLAMHAIN.
Sioc agus síor-ghaoth.
Tuar fola go fíor.
Is feárr sioc féin nó síor-ghaoth.
An Earagal mhór ar an Treas Ghort go bhfacaidh mé í.
LOINGEAR MAC LABHAIR.
BHÍ rí i nÉirinn fadó agus ní raibh aige
acht aon mhac amháin, agus b'é a ainm
Loingear Mac Labhair. Thóg sé suas in
aibidil phrionnsa óig é.
D'éirigh Loingear Mac Labhair amach
maidin lae bhreagha, agus tháinig sé isteach
i ngarrison duine uasail i na raibh copaí
seacht dtroighthe de bhalla. Ní chuiridís
mac ríogh le bainríoghán fear nach rachadh
ar bharr an bhalla go léim agus ar ais
ar a chúl gan truisle gan tuirling. Bhí
ceathrar óinseach, cúigear amadán, agus
fear le cúthach black ag sgigeadh agus
ag magadh faoi. D'éirigh sé go trí trioslóg,
go trí léim coise ar bacóid go trí árd-
léim, agus chuaidh sé ar bhárr an bhalla
agus ar ais ar a chúl gan truisle gan
tuirling. Shiubhal sé, a chú agus a ghunna
leis go diuin agus deireadh lae; an
giorrán bán ag dul ar scáth na copóige
agus an chopóg ag dul ar scáth an ghior-
ráin bháin, agus nuair bhí sé ag filleadh
a bhaile casadh an fear leis nach raibh acht
dhá troigh go leith ar áirde.
“Go mbeannuighidh Dia dhuit, a mhic an
ríogh,” ars' an fear beag.
“Go mbeannuighidh Dia agus Muire
dhuit,” arsa mac an ríogh.
“Ní imreóchthá cluiche cárdaí,” ars' an
fear beag.
“Ní cleachtadh liom cárdaí iomchar as
baile,” arsa mac an ríogh.
“Well,” ars' an fear beag, “níor
shiubhal mise míle as baile gan iad a
bheith liom, agus má's róghain leat imreóchamuid
cluiche.”
Tharraing sé amach na cárdaí agus
d'imreadar an cluiche, agus chuir mac an
ríogh an cluiche air.
“Tabhair do bhreith anois,” ars' an fear
beag.
“'Sé breith a bheirim anois, bárr cnuic
agus gleannta m'athar 'chur fá bha gheala.”
Nuair bhreathnuigh sé uaidh, chonnaic sé
bárr cnuic a athar fá bha gheala mar a bheadh
caora air.
Nuair chuaidh sé a bhaile chuir sé trí
osnaidhe, trí bhriseadh le croidhe agus trí
gháirídhe as.
“Is cosmhail le mac ríogh fa gheasaibh thú,”
ars' an t-athair leis.
“Níl go fóill,” ars' an mac, ag
innsint dó an rud a thuit amach idir é
féin agus Mac Ui Lóráin. Chaith sé an oidhche
sin, trian le fiannaidheacht, trian le
sgéalaidheacht agus trian le sailim sámh agus
mór-chodlata. Nuair a d'éirigh sé ar
maidin, thóg sé leis a ghunna agus a mhadadh
agus shiubhal sé ar an mbealach chéadna.
Nuair a bhí diuin agus deireadh lae ag
tigheacht, casadh Mac Ui Lóráin leis.
“Ní imreóchthá cluiche cárdaí, a mhic
an ríogh,” ar seisean.
“Imreóchad,” arsa mac an ríogh.
Leagadar síos na cárdaí, agus chuir
mac an ríogh an cluiche air.
“Tabhair do bhreith anois,” arsa Mac
Ui Lóráin.
“'Sé breith a bheirim, cebé bean is
breághtha do thabhairt fa mo dhéin, agus
gan neart a bheith agat a scaradh go
sgarfaidh an bás.”
Nuair a chuaidh sé a bhaile agus chrom sé
faoi dhoras a athar, chuir sé trí osnaidhe,
trí bhriseadh le croidhe agus trí gháiríde as.
Bhí an bhean roimhe b'áille dá bhfaca sé
ariamh.
“Is cosmhail le mac ríogh fa gheasaibh thú,”
ars' an bhean.
“Níl go fóill,” ar seisean.
“Bheirim-sa cómhairle duit,” ar sise,
“gan níos mó dá chómhluadar chongbháil.”
D'éirigh sé amach maidin an tríomhadh lae
agus shiubhal sé ar an mbealach chéadna.
Nuair bhí diuin agus deireadh an lae ag tigheacht,
casadh leis an fear beag.
“Ní imreóchthá cluiche cárdaí, a mhic
an ríogh.”
“Imreóchad,” arsa mac an ríogh, ar
seisean, agus chuir Mac Ui Lóráin an cluiche
air.
“Tabhair do bhreith anois,” arsa mac
an ríogh.
“'Sé breith a bheirim,” ars' an fear
beag, “gan an darna béile ithe ar aon
bhord, ná an darna oidhche ar aon leabaidh,
go bhfághaidh tú fios fáth an an-sgéil nó
claidheamh an an-sgeulaidhe.”
D'innis sé an sgéal dá mhnaoi.
“Siodh fút,” ar sise, “so é ráithche an
gheimhridh. Ní móide go bhfuightheá biadh
do bhéil ná lóistín oidhche, agus tá trí
ráithche na bliadhna rómhat amach.”
“Déanfaidh mé do chómhairle,” arsa
mac an ríogh. Nuair tháinig lá Bríghde,
d'iomdhaigh sé ar thuairisg an sgéil.
“'Nois,” ar sise, “seo é ráithche an
earraigh, agus ní móide go bhfuightheá lóistín
oidhche ná biadh do bhéil. B'fhearr
liomsa aon fhear amháin le lóistín
oidhche a thabhairt go stráinséirídhibh ná
ceathrar ban.”
Shuidh sé faoi go dtáinig maidin lae
Lughnasa. Thosuigh sé leis ar thuairisg an
sgéil.
“'Nois,” ar sise, “cuir do shrón fút,
agus is maith an bharamhail nach dtiocfaidh tú
thar n-ais arís.”
Shiubhal sé leis, an lá soin, go raibh
diuin agus deireadh an lae ag tigheacht,
agus chonnaic sé an solas i bhfad uaidh. Bhuail
sé an doras, agus fuair sé cúirt annsoin
nach raibh bun cleite isteach ná bárr cleite
amach acht aon chleit' amháin peacóige ag
congbháil dídine agus fáscóidh. Cé bhí sa teach
acht uncail dó. D'iomdhaigh sé suipéar dó.
Do chaitheadar an oidhche sin trian le
fiannaidheacht, trian le sgéalaidheacht agus
trian le sailim sámh agus mór-chodlata. Ar
maidin d'innis mac an ríogh a scéal dá
uncail. Dubhairt an t-uncail:
“Shiubhlas an domhan, ” ar seisean,
“faoi thalamh agus os cionn talmhan agus áiteadh
an fhir sin, ní fhaca mé ariamh go fóill.”
Annsoin d'iomdhaigh sé bricfeasta dhó.
“'Nois,” ar seisean, “seo capall do mo
chuid-se, agus tá dearbhráthair domsa i
bhfoisceacht céad míle duit agus siubhlann
seisean an domhan faoi agus os cionn talmhan
agus mura bhfuil tuairisg aige-sean cá bhfuil
áiteadh an fhir sin, níl fhios agam cad a
dhéanfas tú.”
Chroch sé leis an capall. Ní raibh call
dó srían iontóghadh i na bhéal go dtug sé
fa dhéin teach a dhearbhráthara é. Bhuail sé
an doras. Bhí cúirt annsoin nach raibh bun
cleite isteach ná bárr cleite amach, acht
aon chleit' amháin peacóige ag congbháil
dídine agus fáscóidh. Chuaidh sé isteach agus bhí
an fear roimhe a raibh gruaig a chinn chómh
geal le slisne lín. D'éirigh sé agus chraith sé
lámha leis agus chuir sé céad míle fáilte
agus sláinte roimh mac ríogh 'n-Éirinn, agus
dubhairt:
“Uair 'sa seacht mbliadhain a chím duine
ag tigheacht an baile seo, nó go cé an
ócáid a bhfuil tú air?”
“Tá mé fá mhór-mhóide agus fá mhór-
ghreamannaí an t-saoghail gan an darna
béile ithe ar aon bhórd, ná an darna oidhche
ar aon leabaidh go bhfaghaidh mé fios fáth
an an-sgéil agus claidheamh an an-sgéalaidhe,”
arsa mac an ríogh.
“Is maith mar thárla,” ars' an fear
eile. “Seo iad na trí lae romhat amach
a bhfuil an t-oileán éirighthe ó'n ndraoidheacht.
Tá caol fairrge eadrainn agus an t-oileán.
Seo capall do mo chuid-se anois agus fág
capall mo dhearbhráthar i do dhiaidh. Nuair
gheobhas tú ar an talamh, tá geata eadraibh
agus an caisleán. Tá ionad cruithe fir ar
an ngeata, agus buail trí buille de'n
fhuip air, agus cuirfidh sé trí uaille as.
Ní fhacas-sa searrach na gcapall, gamhain
na mbó ná leanbh fá bhroinn mná nach
n-iontóchadh sé trí h-uaire fa n-a broinn,
agus dúiseóchaidh sé an fáthach agus deirfidh sé
leat gur mór an bainne cíoch a d'ól tú agus a
dhúiseacht. Iontuigh an srían i mbéal an
chapaill, agus tabhair d'aghaidh ar an talamh,
agus má éirigheann leat an capall a
thabhairt slán as an bhfairrge, níl aon
dualgas aige ort.”
D'iontuigh sé, agus lean an fáthach é agus
ghearr sé a raibh siar ón ndiallaid, agus
an méid a bhí ar an talamh, ní raibh aon
dhualgas aige air.
“Is maith an buachaill thú,” ars' an
fáthach. “Tá trian de do gheasaibh uait,
acht tá dhá dtrian romhat amach — an chuid
is cruaidhe dhe.”
“Ó, is maith an dualgas agam duit do
chapall deas breagh a bheith caillte agat
mar gheall orm,” arsa Loingear Mac
Labhair.
“Is cuma sin. Gheobhaidh mé capall i
mbárach acht ní féidir duine d'fhághail.”
Chaitheadar arís an oidhche trian le
fiannaidheacht, trian le scéalaidheacht agus
trian le sailm sámh agus mór-chodlata.
Maidin lá'r na mhárach d'iomdhaigh sé
capall dó.
“'Nois, déan an rud céadna mar a
rinne tú indé indiu, agus ar an bpoinnse
a mbuaileann tú an trí buille de'n fhuip
ar an gcuaille comhraic iontuigh an capall
ar an bhfairrge, agus má thig tú slán tá
an sgéal go maith.”
Lean an fáthach é, agus ghearr sé an
capall agus leath na diallaide dhe. Bhí
fear an chapaill ag feitheamh air a bhfeicfeadh
sé slán é.
“Ó is maith an fear thú. Tá dhá dtrian
de do gheasaibh curtha isteach agat, acht tá
an trian is cruaidhe dhe le cur isteach.”
Chaitheadar an oidhche sin trian le fiann-
aidheacht, trian le sgéalaidheacht, agus
trian le sailim sámh agus mór-chodlata.
Ar an maidin, lá'r na mhárach, d'iomdhuigh
sé capall eile dó.
“'Nois,” ar seisean, “ná cuir ceist ar
bith ar an gcuaille comhraic, acht gabh isteach
seomra an chaisleáin, agus beidh tú ag dul
ó sheomra go seomra go dtigidh tú ar
an dara seomra déag agus gheobhaidh tú an
claidheamh annsoin. Tá an claidheamh sin
crochta annsoin ar bárr an bhalla le trí
chéad bliadhain gan aoinne dá lámhsughadh.
Tá soillse uaidh a bhfeicfeá bioráin bheaga
uaidh, an oidhche is dorcha sa mbliadhain.
Nuair a bhainfeas tú an claidheamh as a
ghreim, déanfaidh sé fearta féile ort.”
Nuair tháinig an claidheamh in a láimh, chuir
sé trí uaille as a scannróchadh na mairbh
ó'n gcill, agus d'éirigh an fáthach ó'n a
dhúiseacht agus dubhairt:
“Is mór an bainne cíoch a d'ól tú agus a
dul ag lámhsughadh claidhimh nár láimhsigheadh
le trí chéad bliadhain.”
“Ó,” arsa mac an ríogh, “fhad is tá an
claidheamh in mo láimh agam, ní sparáilfidh
mé ort é.”
Annsoin d'oibrigh an fáthach le cúthach.
Dubhairt Loingear Mac Labhair leis:
“Is le carthannas a tháinig mé fá do
dhéin, acht tháinig me ag iarraidh impidhe
ort go n-innseóchaidh tú dhom cad é brigh
fios fáth an an-sgéil.” Stad sé é.
“Bhí an sgéal sin chómh gránda agus chómh
mío-thaithneamhail agus nach raibh mé le n-a
innsint go h-aoinne acht aon duine amháin.
Nuair a bhí m'athair annso, níor tháinig
suas dó acht mise agus deirbhshiúr dom. Bhí
sé cómhairthe nach raibh ins na seacht
ríoghachta lánamhain ba bhreaghtha ná sinn.
Bhí sé cómhairthe nach raibh ins na seacht
ríoghachta caisleán ar bith ba bhreaghtha
[breaghachta] ná an caisleán so ná oileán
ba shaidhbhre ná é. Mar bhí an t-ainm ar an
gcaisleán agus ar an oileán, do chuarduigh
m'athair na seacht náisiúin ag iarraidh
mná saidhbhre domsa. Bhí rí sa Domhan
Thoir agus inghean aige, agus bhí sé
ar na páipéiribh cebé meadhachan a dhéan-
fadh sí go raibh seacht meadhachain óir
le fághail aicí. D'iomdhaigheamar annsan
ár gcuid luingseacha gur thugamar a
n-aghaidh go'n mhuir agus a ndeireadh go'n tír.
Tharraingeamar ár gcuid ancairídhe. Níor
fhágamar cábla luinge gan súghadh, mada-
rámha gan ró-bhriseadh gur théigeamar siar
i ndoimhneacht na fairrge flich-sheolta,
róinnte slich-sheolta, lopáinte bheaga agus
mhóra, sgodáin bhéil-dheirge na fairrge
thiar ag tigheacht ar bois agus ar bárr na
mada-rámha ag déanamh an cheóil sídhe go'n
oróidheachta go ndeachamar do'n Domhan
Thoir, gur dearnadh an pósadh, agus
cuireadh seacht meadhachain óir isteach leithi.
Nuair chaitheamar an bhainfheis níor mhór
leithi seisear cailíní as a tír féin, agus
thugamar an méad sin dí mar shásamh. Bhí
cailín dubh ar an seisear, agus séard a bhí
innti fear i leabaidh mná. Nuair tháinig-
eamar anuas annso, chuaidh mé amach ag
fiadhach, agus uair bhí mé ag tigheacht
a bhaile chonnaic mé í féin agus an cailín
dubh ag déanamh rud éigin nár thaithin
liom. Nuair a d'aithris mé an sgéal, dá
dtugainn an t-aer anuas ar an dtalamh,
ní raibh aon mhaith i n-aon rud a dhéanfainn.
Ní raibh eadrainn acht troid agus camhlainn.
Bhí mé lá annso ag dul ar gnó, agus cebé
rud tháinig eadrainn, níor aithrigh mé go
dtáinig sí leis an tslaitín dhraoidheachta
agus gur bhuail sí leis an tslaitín mé go
ndearnaidh sí sean-ghearrán bán díom.
Bhí mé in mo shean-ghearrán bán agus ní
raibh neart agam druidim ó'n gcaisleán ar
eagla go n-íosadh na beithidhigh éigcéillidhe mé.
Ní raibh slíghe cothuighthe agam acht tarraing
suip ó na drisneacha go dtáinig taca na
Féile Pádraig. Bhí mé ag leigint cíoth
sneachta tharm ag bun mo stábla. Bhí
faitchíos uirri go mairfinn bliadhain eile.
Tháinig sí orm leis an tslaitín dhraoidheachta
agus rinne sí madra allaidh díom. Bhí
mé in mo mhadra allaidh annsoin.
“Tháinig captaoin agus soitheach anuas
as an Domhan Thoir agus ní raibh aon rud
ar bórd aige acht rud a d'oil teach duine
uasail. Mar bhí ciall duine agam rinne
mé mór leis an gcaptaoin agus chroch
sé suas go h-áit a h-athar mé sa Domhan
Thoir. Bhí mé ag déanamh 'chuile seirbhíse
a thiocfadh le duine de mo shórt a dhéanamh
dó. Do ghlac sé annsoin oiread páirt
ionnam gur sháith sé sop istigh sa gcaisleán
dom.
“Ní raibh aon mhalrach dá rugadh dá
máthair nach dtabharfai ar siubhal idir a
bhreith agus a bhaisteadh. Chuir sí fios
anuas ar a h-inghin ar baramhail gurbh í
is fearr a bhéarfadh aire ar an leanbh.
An oidhche chéadna tháinig sí sa gcaisleán
rug an mháthair malrach, agus i ndiaidh
an seisear eile a bheith a ngárdadh, tugadh
ar siubhal idir an bhreith agus an baisteadh é.
Nuair a chuaidh an inghean suas thug sí
droch-aiste orm, agus dubhairt sí go
ndéanfainn mí-bhrigh a chuirfeadh fearg
ortha.
“An oidhche chéadna chonnaic mé an láimh
fada dubh ag dul tríd an seimiléar agus
ón seimiléar go dtí an cliabhán agus ag
tabhairt an leinbh leis. Bhí fhios agam dhá
n-imtheóchadh an leanbh le mo linn go gcuir-
feadh sí an milleán orm. D'éirigh mé agus
rug mé rusta láimhe air agus ghearr mé
an lámh, agus shabháil mé an leanbh.
“Ar maidin annsoin nuair chonnaic sí go
raibh an leanbh sabháilte agam thug sí amach
an leanbh agus chuir sí i mainséar an
chapaill é. Bhí fuil sicínidhe marbhtha
dá máthair, agus chuimil sí go mo bhéal agus go
mo bhrollach í, agus annsoin ba doiligh mo
shabháil.
“‘'Nois,” ar sise, “feiceann tú go
bhfuil do leanbh ithte ag an madra allaidh.”
“‘Ní chreidim an scéal,” ars' an t-athair,
“ar an ádhbhar nach bhfacas aon mhadadh fá
dhíon tigh chómh cneasta leis.”
“Nuair nach marbhóchadh sé mise b'éigin dó
soitheach agus fuireann a chur suas i n-a tír
féin leithi. Nuair fuair mé imthighthe í, thosuigh
mé ag déanamh mór leis gur rug mé ar
bhárr chóta mhóir air go dtug mé isteach
i mainséar capaill é, agus go bhfuair
sé a leanbh slán sabháilte. Nuair bhí sin
déanta agam, do chuimhnigheas gur chuir
sí lámh an fháthaigh fá'n aoileach. Rug mé
ar bhárr chóta mhóir air agus thug mé i n-áit
a raibh lámh an fháthaigh curtha go bhfuair sé
lámh an fháthaigh.
“Nuair do bhí 'chuile sórt déanta annsoin,
chuir mé m'eorball in mo bhéal. Níor
fhágaidh mé claidhe ná tom ná teórann
go ndeachaidh mé seacht míle déag ó bhaile
go dtáinig mé isteach ar lawn duine uasail
go bhfuair mé beirt stócach, dhá chamáin óir
agus liathróid airgid ag imirt i n-aghaidh
a chéile. Nuair a bhí siad tuirseach de'n
imirt bhí mise ag dearcadh ortha in mo
mhadra allaidh. Arsa ceann aca —
“‘Nach deas an suarachas duit a bheith ag
dearcadh orainn, 'do mo bhualadh le slaitín
draoidheachta. Chuaidh mé thimcheall an
chaisleáin agus d'airigheas an éigean bocht
ins an teach. D'fhiafhruigh mé de cheann des
na stócachaibh cad é air do thárla.
“‘Ó tá, m'athair atá tinn le trí seacht-
mhaine, agus ní féidir le aon dhochtúir a
leigheas.”
“‘Ó gabh isteach, agus innis dó go bhfuil
dochtúir annso nár thárlaigh rud ar bith
air ariamh gan a leigheas.”
“Glaodhadh isteach orm annsoin i seomra
uaigneach. Bhí mé d'á chur síos agus suas
gur bhuail mé buille i n-uaithric a chinn agus
a bhain de'n mhuinéal é, agus nuair bhí mé
ag dul a bhaile chroch mé an bheirt stócach
liom, agus ba iad an bheirt a thug an
draoidheadóir leis iad. Nuair tháinig mé
a bhaile má's síos a bhí mé suas a fágadh mé.
Múchadh le pógaibh mé, fliuchadh le
deóraibh mé agus tromadh le brataibh
síoda agus sreóla mé.”
B'éigin do mhac an ríogh annsoin dul fa
dhéin an draoidheadóra gur b'éigin dó
an claidheamh a thaisbeáint dó.
“Ó, is mór an gnó a rinne tú,” ars'
an draoidheadóir.
“Níl aon bhuidheachas agam ort faoi
sin,” ar seisean.
“Tá rud déanta agat,” ar seisean,
“a sháruigh ag naoi bhfeara déag. Tá
claidheamh agat is breaghtha atá san
domhain.”
“Níl sé leath chómh maith agus tá a
theastas,” arsa Loingear Mac Labhair.
“Ó, taisbeánfaidh mise duit gurb é
an claidheamh is fearr sa domhan é.”
“Taisbeán annso é, agus taisbeánfaidh
mise duit go bhfuil claidheamh sa domhan
níos fearr ná é.”
Nuair a thug sé an claidheamh go mac
an ríogh, do ghlac sé é agus bhuail sé i
n-uaithric a chinn é agus bhain an ceann de'n
mhuinéal. Chuir sé an ceann seacht
n-iomairí agus seacht n-ácra. D'éirigh an
ceann agus b'áil leis dul ar an gcolainn.
Bhuail seisean cos air.
“Dá dtéighinn ar an gcolainn,” ars'
an ceann, “ní chuirfeadh an domhan
anuas mé.”
Chuaidh mac an ríogh a bhaile, agus múchadh
le pógaibh é, fliuchadh le deóraibh é, agus
tromadh le brataibh síoda agus sreóla é.
Fuaireas an sgéal seo ó Sheaghan Cox,
Deibhlin ó Dheas, Cluain Cearbhán (Louis-
bourgh), Conndae Mhuigh Eó.
M. MAC AN MHÍLIDH.
THALL IS I bhFUS.
(SELECTED FROM COLLEGE LIBRARY MSS.)
The following is a miscellaneous selection of religious poems taken from the
Murphy Collection of MSS. Duplicates of all of them have been found in this collection;
of some triplicates and even quadruplicates were discovered. We have compared
the poems which follow with the other copies existing in our library, so as to obtain
the best possible reading. All are of unknown authorship. — “MÓIN AN LÍN.”
1.
Aoibhinn do lucht an eolais mar is dóibh is
aithnid Dia,
An cnoc is aoirde is é is fuaire cé gurab
uaidh is giorra an ghrian.
(Murphy MS., 3 f 20, page 227; and 4 b 2.)
2.
I.
A Chríost na n-abstal do dhealbhuigh
spéartha ar dtúis,
Do chruthuigh flaithis is talamh re saor-thoil
dúinn,
Sinn-ne ó dhealbhais eatortha i ndaorbhroid
chumhaing,
Mínigh feasta linn t'fhearg is réidhigh ár
bpúnc.
II.
Sinn fá ndeara gach sgamail dar léigis
chughainn,
Fá dhaoirse ag Danaraibh Sacsan gach lae
dár mbrúghadh,
Do bhrígh nár leanamar cantann do bhréithre
ar dtúis,
Acht líonta do ghangaid gan seasamh dá
chéile i rún.
III.
Do bhadhas-sa sealad ar mearbhall céille
is iúil,
Go rinnceach, ragairneach, meanmnach,
aorach, súghach,
Gan cuimhneamh agam ar aithearrach saoghail
am' chionn,
Go h-aois dom' chrapadh 's gur dalladh mé
ar aon-rosc súl.
IV.
Críoch mo labhartha is gairid go mbéad
ar siubhal
I líonta an mhalartaigh mheallas na céadta
liom;
An uair is claoidhte marbh mo shean-chorp
léigthe i n-úir,
A Chríost na h-agair ar m' anam a saothar
súd.
V.
Guidhim go daingean thú, a athair mhic Dé
na ndúl,
Guidhim do bhanaltra bheannuighthe taobh
leat dlúith,
Guidhim na h-aingil, na h-apstail go léir
'sa n-úird,
Slighe do thabhairt dom eadraibh féin 'san
gcúirt.
(Murphy MS. 3 c 14, page 308; also in pp. 349-50 of the same MS.; and 3 f 20).
3.
I.
Ná faic gach nidh chidhtear dhuit,
Beag an díoghbháil do-ghní tost,
Éist re chómhrádh ndaoine nglic,
Tuig agus léig mórán tart.
II.
Mairg duine mhaireas i bhfad
Muna maith chaitheas a ré,
Mar chlaidheamh ag cruinniughadh meirge
Fá chómhair dibhfeirge Dé.
III.
Ród mór, fairsing, réidh le maoidheamh
Fuair S. Proinnsias, cóimhréidh fuair,
Go múr nimhe, le cruadhas crábhaidh
An tslighe thuas le fánaidh fuair.
IV.
Dá mbiadh go bhfaghadh fear fill
Seal dá ré 'na ré aoibhinn,
Atáid cách dá chur i gcairt
Nac gnáth a dhul gan díoghailt.
V.
Annamh naomhthar neach gan clú,
Ró-thoil do'n daonnacht ag Dia;
Is iomdha cúis 'nar cruaidh dó,
Ró-chruas gibé 'na mbiadh.
VI.
Ó's éigean d'fhear oinigh
Bréag uair éigin d'áitiughadh,
Truagh, a Mhuire, a mhéid do locht
Bréag an duine gan daonnacht.
VII.
Gidh ná dáileann Rí nimhe
Ionmhas d'fhear an deagh-chroidhe,
Ní faitbhéim dó beith lom,
Neach gan féile ní fhóghnann.
VIII.
Atáid fá chómhair an duine
Teach nimhe is ifreann na bpian,
Is urus a aithint ar a ghníomh
Cia acu slighe 'na mbiadh a thriall.
IX.
Bíonn duine i bpéin is é beo,
Bíonn duine beo is gan é slán,
Bíonn duine slán is gan é buan,
Bí díol fuatha ar a mbí grádh.
X.
Úir mo charad seach úir eile
Ní aithnim agus mé 'san uaigh,
Ag so am láimh é, is ní aithnim
Cnámh an té aithnighim uaim.
XI.
Is é is bás dá ríribh ann
Tréigean Dé, dul go h-ifreann;
Beag cás tig as an teach sin
Bás eile ní h-uireasbaidh.
(Murphy MS. 3 f 19, pp. 57-9; also 3 f
20 and 4 b 2.)
4.
I.
Leig dod' bhaois a bhean an sgátháin,
Sguir don chéird so chuiris romhat,
Ísligh th'uaill, a fhéata fhinngheal,
Féach an uaigh, a inghean óg.
II.
A chuirp áluinn ní cóir céadfadh,
Red' chlaonadh súl ná bhí, a bhean;
Do chuaidh aois do chean' thar chuimhne,
Ná lean baois ná suirghe acht seal.
III.
Níl acht cré ad' chriosaibh órdha,
Níl acht cré ad' chulaith shróill,
Féach nach bhfuil do ghné ar do ghlacaibh,
Ní bhfuil acht cré ad' hataíbh óir.
IV.
An uair chuirfeas ceárd na ndaoine
Dath an ghuail ar do ghnúis ghil,
An bhrágha nó an béal corcra,
Féach an gránna an sompla sin.
V.
Cáidhe an t-ucht nó an chíoch chóirgheal!
Cáidhe an tsúil mhall fá mór n-uilc!
Cáidhe ciabh na bhfionndual bhfighte!
Díombuan sgiamh do chríche, a chuirp.
VI.
Cáidhe an bhos nó'n trácht tana,
Nó'n taobh aoibhgheal mar uan tonn!
Bíodh t'aire ar an uaigh, a bhréigbhean.
Cáidhe an ghruadh nó'n déidgheal dhonn!
VII.
Cáidhe tairbhe na gcorn gcumhdach!
Cáidhe an sróll do-chidhinn fád' chorp!
Féach an chré, mar sin na séada;
Níl acht gné an éaga ort.
VIII.
Ní tú amháin do mheall an saoghal;
Seachnam ifreann, iarram neamh;
Gé mór gcéad tárla mar 'taoi-se,
Créad tairbhe do bhaoise, a bhean?
IX.
An lá thiocfas triath na n-aingeal
D'agradh a chéasta 'san chroich dheirg,
Cia chasfar le crann an tí seo
An tan lasfas Íosa i bhfeirg?
X.
Eagal liom-sa lá na breithe
Go mbiadh Dia mar 'deir an stair,
Sinn ag seilg ar an mbreith mbaoghlaigh
Go breith do'n fheirg fhaobhraigh air.
XI.
Muire ógh is aigne liom-sa,
Lá tiomsuighthe na dtrí sluagh,
Guidhe na mná bhus díon damh-sa,
Ó 'tá mo ghníomh fallsa, fuar.
XII.
Saor mé, a Mhichíl, a mhaoir mh'anma,
D'éis a ndeinim do dhán deit;
Ó tá guais mo chean' am' chionn-sa,
Neamh i n-ár nduais liom-sa léig.
(Murphy MS. 3 f 19, pp. 40-42; a second
copy of it is to be found in 3 f 20, pp.
164-5).
5.
I.
Seisear is fearr d'fhuil Ádhaimh,
Lucht an crábhadh do mhóradh,
An eagna is iad do chruthuigh,
Dream do chongaibh a bpósadh.
II.
Inneosad ainmme an tseisir,
Lucht leighis gacha thaoma;
Eagna Dé do bhí acu;
Sé gnúise daithte dealbhtha.
III.
Aibel mac Ádhaimh oirdheirc
Do torchradh le Cáin colach;
Uime sin, is sgéal fíre,
Tugadh díle tar an ndomhan.
IV.
Mac mic do Mhatusalem,
Naoi mac Láimhfiadhaigh an deighfhear,
Do roinn an domhan dá mhac,
Dob' é an t-Ádhamh fá dheireadh.
V.
Abraham ceann na h-aoise,
Díobh is Maoise mac Amhra;
Dob' é neamh críoch a mbeatha,
Mo chean don cheathrar chalma.
VI.
Dís eile a gceann an cheathrair
Dár cheaduigh Dia gach crábhadh,
Dís is fearr ná gach nduine
Eóin Bruinne is Muire a Mháthair.
VII.
Ag so an seisear adubhart
'Gá mbí bunadh gach breithe;
Fuair siad ó Dhia mar ghrásaibh
Bheith fá lámhaibh a dheise.
(Murphy MS. 3 f 19, pp. 50-51; also
in 3 c 14, 3 c 11, 3 f 20, and 4 b 2).
6.
Do mholadh Dé ná bí tuirseach,
Bíd a ghrásta ag triall go mall,
Mealltar Rí Nimhe mar leanbán,
A dhuine ná bí ad' bhalbhan dhall.
(Murphy MS., 3 f 19, page 51; also 3 c 5,
page 16).
7.
I.
Atáim ag tuitim ní h-ionann is riamh anois,
Mar sgáil gan fuinneamh, gan mire, gan
rian, gan rith,
I ndiaidh gach turais dá dtugas le mian
mo chuirp,
Noch d'fhágfad curtha 'na chonablach piast
fá'n lic.
II.
Fáth mo thuirse nár thuigeas go mbéinn mar
sin
An tráth ba mhinic mé ar mire thar riaghlaibh
chirt,
Gan tábhácht san ionad 'na bhfuilim ag
triall anois,
Acht tabháirneach, imirtheach, tuilte do
chliathaibh chlis.
III.
Lucht ráis le mire ní fhuilingid srianta is
spuir,
Is táid ar buile agus tuigsin is ciall acu,
Ag trághadh is ag tuitim go bhfuilid gach
bliadhain dá dtig,
Mar bhláith na coille nó luisne do shliabh
'na rith.
IV.
D'fhás am' chuisleanna uisge is do liath
mo stuith
Táinig daille orm chuireas mé siar is soir,
Tráth am' fhurtacht ní tugtar dam liaigh
ar bith
Is fearr ná tusa mhic Mhuire is a Dhia
atá ar nimh.
(Murphy MS. 3 c 11, pp. 88-9; also in
4 b 2, 3 c 14, 3 f 20, and 4 a 19).
8.
I.
A dhuine ná déanaidh uaill
Ar bhréig an bheatha díombuain
Leis an bhfear is ceann ar chách,
Do chlann uile is do chonách.
II.
Tréig an t-uabhar, ná déin goid,
Déin faoistin go minic,
Ná bí go bréagach, a mhic,
Seachain éitheach is imirt.
III.
Seachain col is mná táth,
Ná déin gáire tré thruaigh,
Ní feas, ciodh maith ataoi-se,
Nach tú is túisge chum na h-uaighe.
IV.
Ná déin fiadhnaise bhréige
Ná déin éigean ar an bhfann,
Ná déin, cé bheir na dheacair,
Nidh bhus peaca ar t' anam.
V.
Roinn do chuid ar na bochtaibh,
Ar na luchtaibh i ndealbhadh,
Déin maith ortha má fhéadair,
Agus méaduigh a meanma.
VI.
Má 's fada uait an tslighe
Ná tréig an t-aifreann uirthi;
Má's olc adeir gach neach
Déin tocht agus taithleach.
VII.
Ná luigh lámh ar neach gan treoir,
Ná bí iongantach ar sheanóir,
Do chách uile thar do cheann
Déin a dhuine mar adeirim.
VIII.
Trí neithe as nach déanta d'aoinneach uaill,
Gur críoch dó éag 's gan sgéal an laoi tig
uair,
Is airís nach léir dó d'éis bheith sínte i
n-uaigh,
An síos do théigheann nó an réidh do'n
ríoghbhrog thuas.
(Murphy MS. 3 f 19, page 37; also in 4 a 19, 4 b 7, 4 b 2, and 3 f 20.)
AMHRÁIN GHRÁDHA.
Sean-bhean darab ainm Siobhán Ní Dhúaláin is eadh a chan dómh-sa na h-amhráin
seo thíos, ar feadh na laethannta saoire seo caithte againn. Tá sí na cómhnuidhe i
mbotháinín chluthmhar i ngiorracht d'Oifig an Phuist athá i gCurrach Beithe i n-Oirthear
Chorcaighe. Níl dada eile le déanamh aici ach sean-streanncáin mar iad seo a thabhairt
amach, mar tá sí 'na h-aonarán sa dtig, agus an buin-chíos ag teacht isteach chúichi le h-aghaidh
na seachtmhaine. Dá bhrígh sin, níl tart, fuacht, ná ocras ag cur uirthi, agus cead suidhe agus
éirighe aici, ar a toil féin. A chonách san uirthi, mar má's fíor a sgéalta, is maith athá sé
tuillte aici, agus aige lucht a cómh-aimsire.
Má tá litiriughadh neamh-choitcheannta uaireannta agam ins na h-amhránaibh seo
leanas, biodh a fhios agat, gur d'aon-ghnó a sgríobhadh mar sin iad, chun fuaim agus blas
ceart na cainnte a fhoillsiughadh nuair ab fhéidir a dhéanamh.
I.
Tá “Máire Bheag do Barra,” mar thiodal amhráin ag leathanach a 168 san tarna
cuid de'n leabhar úd, “Poets and Poetry of Munster.” An dá bhéarsa ag a thosach,
táid beag nach ar aon fhocal leis an gcéad cheann agus an ceathramhadh ceann thíos annso,
ach do dh'oirfeadh na chúig cinn eile d'aon amhrán grádha ar bith, cómh maith agus don cheann
fé láthair. Tá sean-aithne ag an léightheóir ar an dtarna ceathramhain, mar tá sé le
fághail i ngach cnuasach amhrán, nach mór. Tá sé ag leathanach a 224 san chéad chuid de
“Poets and Poetry of Munster”; ag leathanach a 73 san treas chuid d'Irisleabhar na
Gaedhilge; agus ag leathanach a naoi i bhFuinn na Smól, cuid a h-aon. Ní mar a chéile ar
fad iad san, ámh, mar do réir an tsean-fhocail:—
“Bíonn seacht gcuma ar an amhrán,
Agus dá innsint déag ar an sgéal.”
MÁIRÍN DO BARRA.
1. A Mháirín do Barra, do mhairbhís-se m'intinn,
Chuir beó 'dtalamh me gan fhios dom bmuinntir,
Ar mo luighe dom ar mo leabaidh, 's ort a bhím ag cuimhneamh,
Agus ar m'éirghe ar maidin 'seadh chealghais mo chroidhe-se.
2. 'S a Mháirín, 's a mhúirnín, is a lúibín na gcraobh-fholth,
'Cuimhin leat mar a shiubhlfaimís drúcht agus féar glas,
Ar thógáilt na n-ubhall-bhuidhe, na gcona is na gcaorthainn,
'S do pháirt-se níor dhiúltuigheas, cé gur dubhach-chroidheach me 't-éagmais.
3. An cuimhin leat an oidhche do bhíomair sa t-seomra,
Do cheann ar mo chuislinn, agus mise ad shíor-chómhairleach?
Fuaras-sa turainn agus mhill sé go mór me
'nDiaidh na mná-finne is ná feadar cá ndeaghaidh [ngeobhadh?] sí.
4. A Mháire glac mo chomhairle, is ní sheólfad ort aimhleas,
Ná gaibh leis an stróinse, fear ceól-sídhe na h-adhairche.
Gaibh leis an óig-fhear, go nglaodhtar ó Floinn air,
Agus pós é, a ghrádh an réidhtigh, ós é is toil led' mhuinntir.
5. Agus raghad go dtí an domhan toir, mar a bhfuil mo rún 'sí Máire,
Sí is glaise súil, agus is ciúine a dheineann gáire,
Mar is plannda dhon síol-cheart í, go h-iarsgoth a gráine,
An fhaid is mhairfead beó coidhche, ní sgaoilfidh a grádh dhíom.
II.
1. Tá cailín banamhail béasta ar an dtaobh so leasteas go rabhas,
Go dtaithnigheann liom a tréithe thar aon bhean dá bhfuil cois abhainn.
Níor bhfada liom lá gréine bheith i n-aon áit dá mbeitheá ann,
Is 'á 'neósainn brígh mo sgéal duit, ba bhaoghal liom ná geóbhthá liom.
2. Dá mb'eól dom sgríobhadh dhéanamh, nó an Ghaedhilg-se léigheamh le meabhair,
Ní dh'iarrfainn fhéin ar aoinne, na bréithre so bhreith thar abhainn.
Chuirfinn leitir chughat fé shéaladh, 's do thréithe do chuirfinn ann,
Is mura bhfainfir agam i n-Éirinn, is meón liom dul leat anonn.
3. Chuireas leitir sgríbhte, síos go dtí grádh mo chléibh.
Chuir sí chugam aníos é, go raibh a croidhe istig chomh dubh le daol;
Com ba dheise bhí 'ci, ná síoda 's ná clúmh na n-éan;
Is nách trom an osnadh bhíonn agam, nuair a chuimhnighim ar ghníomhartha an t-saoghail.
4. Tá cailín beag im dhiaidh-se, chomh fial agus do cheap Mac Dé,
Síol fuip agus spíora, mo dhiachair a bheith sgartha léi.
Tosnóchad i mbliadhna ar iarmhais a chuir chugham fhéin.
Pósfaidh mé mo chiallach, is bíodh an diabhal aige lucht na mbréag.
5. Thíos aige coill an Iúrlainn, tá mo roghan agus searc mo chléibh,
Ba dheas é a leagadh súl súd, ba ró-dheas é a cois i mbróig,
Com mín suidhte córach, ná córda is é fighte, dlúth,
'Sé mo bhrón ná fuilimíd pósta ar bórd luinge dul anonn.
III.
San leabhar úd, “Old Irish Folk Music and Songs” (Joyce), tá fonn dá ngoirtear
“Lamentation of O'Reilly's Bride,” le fághail ag leathanach a 263. Deirtear annsan
gur báthadh an fear agus é ag dul treasna na Sionainne, lá a phósta. Ní móide ná gurab
ar an bhfear chéadna a chuirtear síos im' dhán-sa. Ní fheaca aon mhac-shamhail den
“Chaoineadh” i gcló fós, ach seo dhíbh-se é, mar atá sé ar an láimh-sgríbhinn 3 B 21, i
leabharlann an choláiste seo againn-ne.
1. Is baintreabhach is maighdean me, fágbhadh go h-óg.
An gcualabhair, a dhaoine, gur báthadh mo dhian-stóir.
Dá mbeinn-se ins an abhainn mhóir, is mó dhá láimh bheith rómhat,
Is deimhin duit, a mhic Uí Raghallaigh, go leighisfinn do bhrón.
2. Nach é súd an sgéal cráidhte, ag do mháthair is t'athair,
'S ag banaltra na gcích mánla, do tháil ort ad' leanbh,
Is dod mhnaoi pósta, an grádh geal ná tháinigh chum do leabthan.
An uair chuaidh tú ins an t-snámh, ní raibh i ndán duit casadh a bhaile.
Tá dá bhéarsa eile ag teacht díreach i ndiaidh na gceathramhan so sa láimh-sgríbhinn, ach
níl aon bhaint aca leis an amhrán. Seo mar adubhairt an t-sean-bhean dom é:—
1. Is ar maidin Dé Luain ar mo ghóbhailt cois na trágha dhom,
Cé casfaidhe ins an t-slighe orm ná Raghallaigh an Chúil-bháin.
Bhí luisne 'na ghruadhna agus a ghruaig ag curláil,
Sé mo mhilleadh agus mo bhuaireamh mar fuaradh tu ar lár.
2. Cuimhin libh an lá úd is an tráigh so lán d'fhearaibh,
'Dir shagairt is bhráithre agus iad ag trácht ar ár n-anaim?
Bhí ceól fiddle os ceann clár ann, is an chláirsigh dá spreagadh,
Agus dháréag mná mánla (ag) cuir mo ghrádh-sa chun leapthan.
3. Mo chreach mar a bhís-se ar an dtriúr a chuaidh go Teampall Tuinne
'Tionnlacan Father Peter, is é i n-aois a cheathar fichid.
Bhí mo shúile a' snoighe 'nam [ionnam] leis, ach mo bhrón-chreach níor chasais,
Is gurab é féasta do phósta, bhí ar do thórramh dhá sgaipeadh.
4. San dá láimh go dtréigidh an té rinn an bád úd,
Is ní h-é an saor a thugaim cionntach, ach an siúnta ná raibh láidir.
Dá raghainn go Ceann tSáile a d'iarraidh áthrach ba dhaoire,
Ní bhéadh mo ghrádh báidhte ar an t-sráid seo Cluain Tuinneach.
5. 'S mo thruagh mhór do dhearbhráithreacha, is níor áirmhigheas fós t-athair,
Ná banarthla na gcícheanna bána, 'sí a thál ort-sa bainne.
Níor dh'áirmhigheas do bhean phósta, nár luigh riamh leat ar leabaidh,
'S nuair do shíl a bheith ad phógadh, ar do thórramh bhí an sgaipeadh.
Chífear gur mór an chosmhalacht atá idir an t-amhrán so agus an ceann thuas agam-sa,
go mór-mór idir na bhéarsaí deireannacha díobh. Ní fuláir nó gur ársa an t-amhrán
é, mar is minic a cumadh amhrán d'Éirinn bhoicht ar an bhfonn céadna, agus an Rí Séamas a
d'iarraidh riaghaltais na tíre a bhaint amach dó fhéin. Tá ceann díobh le fághail ag
leathanach a 170 san leabhar úd, “Songs of the Munster Bards” (J. C. Mangan), 'na
dtosnuigheann Éire ag caoineadh gur “baintreabhach is gur maighdean í.”
IV.
1. “Lá dá rabhas am aonar, im shuidhe ar bhinn an t-sléibhe amuigh
Mo spreóite coise taobh liom, lag marbh gan aon bhrígh,
Gaibh chugham Rí na Gréige, is bhuail sé me san aon chois,
Is tá mo chíos ag glaodhach orm, ó chaill mo chois a brígh.
2. A Mháire, ná bí 't-óinseach, gaibh go ciúin an bóthar,
N'fheadaraís-se fós, an pósta do bhís,
Go n-dearbhóchainn na móide, nár cheangaluigheadh riamh fós me,
Mara bhfillir, agus me phósadh, beid go ró-lag am' luighe.”
3. “'S a bhachaigh bhuidhe na léige, leog dod ráidhte béil liom,
Faigh-se bean duit fhéineach, a ghéillfidh dot shlighe.
Chuir dá mhála dhéag ort, aduas os ceann a chéile,
Bíodh seasamh fada is féachaint 'gat, i ndoras gach aon tighe.”
4. “Má's bacach mé 'thá ar aon chois, is eol dom siubhal go h-éadtrom,
Nín aon bhaile-chuain i n-Éirinn, ná tógfad ann tigheas,
'Bhfuil ó Chorcaigh go Móin Éile, is go B'laith Cliath na dtéarmaí,
Baile Nuadh an aonaigh is Béal Achadh Buidhe.”
5. “Is anois ar theacht an t-Samhraidh, ní bheidh am chroidhe aon ghanntar,
Beidh 'gam prátaí ramhra, leamhnacht agus ím,
Beidh clóca dhon bhfaisean Ghallda, ar na cailíní sa Teamhracht,
Bróg dheas Gallda, is gan aon dabht stócaí.”
V.
Ag leathanach 72 san dtarna cuid de'n leabhar úd “Poets and Poetry of Munster,”
a chuir Seaghan Ó Dálaigh le céile, tá dán le fághailt fé'n tiodal “Tiocfadh an Bás ar
cuaird chugat.” Tá sé ag cur síos ar an rud chéadna agus an dán so leanas. An dara bhéarsa
athá aige sin, tá sé go h-ana-chosamhail leis an gcéad cheathramha den cheathramhadh bhéarsa
seo agam-sa, ach maidir leis an gcuid eile, níl aon bhaint aca le n-a chéile. San dán úd
Uí Dhálaigh, is amhlaidh athá an bhean ag cur síos ar a fheabhas is athá sí féin, agus ar an sonas
is an seasgaireacht a bhíodh aca agus iad pósta le na chéile, i n-ionad dioghaltas agus díbhfeirg
Dé a bheith á bhagairt aici ar an bhfear a mheall í.
1. Och mo lándig, nach marbh a thárla,
Fé cheann trí ráithe sul ar thánganaís,
Ar eagla fearg do chuir ar Rígh na nGrást geal,
'S nách beadh sé páirteach liom, lá an bháis um shliabh.
Mar is bean do chráidheadh me le h-aoinne ámhain,
'S ná tuigeann mo chás, cé go ndeaghaidh sé dhíom.
Beidh a chumhang go deo orm, go ndóghfar bhárr' orm
Do choinnle bána os ceann mo chinn.
2. Nín aon chúilfhionn mhaordha, thá gan chéile
Mo chomhairle déanaig, is ní miste dhíbh,
Gan bhúr gcluasa dh'éisteacht le cómhrádh aoinfhir,
Nú geóbhaidh céasadh gan stad á greim.
Mar a thógadh éad dubh, os ceann ban Éireann,
Agus rinneadh an tréason ar ubhall an chrainn,
Gach tor' á éagmais le fághailt gan aon rud,
'S á mbeath' ag teacht saor chughainn ó Iosa Críost.
3. 'S nár bhreagh dhon óig-bhean, a bheith á tórramh
Ná sínte i gcómhrainn, i nGlóire Chríost,
An Mhaighdean Ghlórmhar a bheith á seóladh,
Agus C'róinn na h-óige 'ci, le fághailt gan moill,
Seochas min' [mionn'] is móide, á bhfághailt ó stróinse,
Á mhaoidheamh le mórtas go bpósfadh í,
Chuirfeadh coirthe 'mó [iomdha] uirthi, agus com ar eolas,
Agus dh'fhágfadh brón uirthi rith a saoighil.
4. 'S tiocfaidh an Bás ar cuaird chughat uair roimhe lá,
'S bainfidh sé cunntas cruaidh díot, gach cuan dár bhuail tú ar mhná,
Beir-se i rúimín uaigneach is bairthlín bán aduas ort,
'S nár bhreagh an airthighe an uair sin, an té a gheóbhadh uain ar í rádh.
Cuimhnig ar an saoghal so, is ar Aon-mhac na nGrást,
D'fhuiling an pháis 'n-ár dtaobh-na, agus do shaor sinn ós gach cán,
'S bpósar í sa tsaoghal so, agus ná tabhair (i) leabhar san éitheach,
Tá an bás 'nár gceann le céile, agus éigfimíd annsúd.
“CLAIS NA GAINIMHE.”
AMHRÁN LÁ AN BHREITHIMH.
Is amhlaidh a bhí fear oibre darbh' ainm Partholán Mac Muirchearta n-a chomhnaidhe,
timcheall is céad bliadhan ó shoin, i mBaile an Bhuiléir i n-aice an Daingin. Bhí sé go
h-ana mhaith cun filidheachta a dhéanamh, agus is mó amhrán breagh a cheap sé. Bhí ana
fhonn air bheith ag trácht ar Chriost agus A Mháthair, agus ar rudaíbh a bhaineann leis an
gcreideamh, agus a bheith ag déanamh amhrán n-a dtaobh. Sar a bhfuair sé bás tháinig sórt
éigin galair ar a theangain agus 'sé rud adubhairt duine d'a chómharsanaibh d'á bharr
ná gurbh' é an diabhal a chuir cealg ar a theangain cun pionós a chur air i dtaoibh ar
dhein sé d'amhránaibh breaghtha beannuighthe ar Phais Ár Slánuightheora. Seo ceann díobh
a fuaireas ó Mhuiris Ua Ceinnéide ó'n nDaingean.
I.
Mo chuig céad míle mairg, cad a dhéanfaim i gcómhair lá an sgeimhle agus an Chatha,
Nuair a tiocfaidh Mac Dílis Athar siorraidhe na bhflaitheas,
Ag éileamh a chuid fola is a mhaisle.
Annsan labharfaidh go h-áird an t-aingeal,
Agus cuirfidh gairm ar shliocht Ébha 'gus Ádhaimh,
Cun seasaimh ar shliabh Calbhairí an Chatha,
Mar a bhfuighid a ngníomhartha sgriobhtha n-a n'éadan le tathaint.
II.
Annsan lasfaidh na spéartha agus réabfaidh an talamh,
Le ceathannaibh tréana agus le caorthaibh á gcaitheamh.
Annsan osglóchaidh na tuamaí agus éireócaidh na mairbh,
Agus glaodhfar cun cunntais lucht ughdair na beatha.
III.
'San tiocfaidh Íosa Mac Dé naomhtha, S'é Lonnradh n-a n-aingeal
N'a chathaoir dhiocht-órdha agus é ag éisteacht le n-a mbeartaibh.
Labharfaidh go h-árd chómhachtach trí n-a ghlóire le n-Athair,
S'é an Cruthnuightheoir soillseach gan cuimhse na dtrí bPearsan.
IV.
Cad a dhéanfhaidh sliocht Ádhaimh, a Athair shíorraidhe na bhflaitheas,
Nó an dtabharfar daor iad, d'fhuilingeas thar a gceann céadna?
Tá an Breitheamhnachas láithreach gan spás le tabhairt orra,
Nó an léigfeam go bráth iad le Sátan fé ghlasaibh?
V.
A Mhic Fhioramhlaigh naomhtha, is tu féin d'fhuiling an mhaisle.
A Rí fhoithnigh na Páise ná léig ar ghuailnibh a mhaitheas,
Pé nídh is toil leat, s'é is sáth liom-sa a Dhia shiorraidhe an tsoluis,
Mar do cheannóchadh do chuid fola naomhtha gac ar chruithnigheas ná ar cheapas.
VI.
'San labharfaidh An t-Árd-Mhac na ngrásta fé fheirg.
Crithfidh na flaithis árda agus ceithre ceathardha an domhain cloisfidh.
Beidh Ifreann dubh Shátain ag gíoscán is ag osgail
A d'iarraidh gac brácha do gheobhaidh daor a shlogadh.
VII.
Cá bh'fhuil t'Aturnae an lá úd ná an coinnseiléar breibe?
Cá bh'fhuil Hérod claon lúbach agus dream dubh na fola?
Cá bh'fhuil Hector is Páiris no Hómer a mealladh?
Agus na Saesair ba thréine nach tréith atá a seasaimh.
VIII.
Cá bh'fhuil Cailbhin is Lútair d'iompuig an Laidean,
Thug maisle do'n dteampall d'fhágh Íosa ag Peadar?
Anois a cuirim ar an linn iad le dream dubh na fola
Go h-Ifreann síorraidhe agus go deo deo nár chasaid.
IX.
Misneach! a Ghaedhealaí, glacaidh dóchas agus lasaidh,
Beidh bhúr gcoinnseiléar naomhtha i bpléidhe díbh na seasamh.
S'í an Coinnseiléar ná tréithfidh agus ná caillfidh lá an chatha
Mar cuirfidh ár gcúis d'á glaodhach agus tabharfaidh saor sinn ó'n Bhreitheamh.
X.
Comán ná fuighead? Mar s'í an Mhaighdean gan pheaca í
A labharfaidh go cráibhtheach i nguth árd le n-a leanbh
Mise do Mháthair, is me iomchuir tu agus bheathaigh,
Is me an Mhátair do thál ort i stábla an asail.
XI.
Is me chuaidh leat go h-Aegypt amach ar na ceallaibh
Agus a lean tu sa bhfásach ag rith i n-aghaidh an airm,
Níor thréigeas tu i n-aonchor ná i ndreimire na croite
Go dtí go bhfuaireas ar lár tu sínte lag marbh.
Dream dubh na fola = na Iúdáigh; comán = cad na thaobh.
XII.
Gan puinn agam id thimcheall acht Ióseph agus Peadar
Símón agus a mháthair agus na Máirí a bhí i t-aice,
Do chaoineamar tu a ghrádh dhil agus do bhuaileamar ár mbasa
Agus anois ná h-éithig-se do Mháthair d'iomchuir tu is do bheathaig.
XIII.
Is tu mo Mháthair gan aon locht nár dhein riamh peacha
Mar do thoig m'athair naomhthach tu leis i síorraidheacht sa flaithis
Anois, aithnid go h-umhal, gheobhair uaim, tá sé sgriobhtha n-a bPearsain
Tu bheith id' Bhanríoghán go deo orra i dtalamh na beatha.
CIARRAIDHEACH.
LÁIRÍN RIOCAIRD MHÓIR.
I.
Fuath uaim péin 1 ar an mí-ádh,
Mairg dom mar chéile 'riamh é.
Is gur 2 domsa bhí sé greamuighthe,
Mo chréacht, mhaoith agus m'éagcaoin.
II.
Ag dul trí mhainistir Chnuic Mhuaidh dhom
Rinneadh orm gníomh gan náire,
Gur sciob Finnbhear 'gus a sluagh sídh
Mo chapaillín uaim ó'n mála.
III.
Is dá bhfágaidís agam an croiceann
'Gheobhainn air tobac ráithche,
Ach níor fhág siad agam 'na leabaidh
Ach ministéir liath agus cáir air.
IV.
Ach d'éirigh mise ar maidin,
Agus dhearg mé mo phíopa.
Do chuir mé Cnoc-Meadhbh rómham
Lé sásadh a bhainnt díobhtha.
V.
Cé casadh orm acht Finnbhear
Ar thalamh-bhán aoibhinn aerach
'Mbeannuighthear dhuit, a Riocaird Mhóir,
Nó cé air bhfuil do éiliughadh? 3
VI.
Má's fíor gur tú féin Finnbhear
Is ort-sa atá mo éiliughadh,
'S muna dtugaidh dhom mo láirín
Béidh mé ar bheagán chéille.
1 Is ionann “péin” agus “féin.” Sé “péin”
an fhuaim a bhí ag an sean-fhear a thug an dán
dom.
2 Badh dhóigh leat nach ceart an “gur” annseo
acht tá rud eicínt i gcruth “agus a rádh” ann
nach bhfuil curtha síos ann. Is minic a bhíonn a
leithéid sin de rann againn i nGaedhilg. Tá a
lán aca san dán seo.
3 Ní'l a fhios agam an é “éiliughadh” an focal
adubhairt an seanchaidhe, ach tá mé cinnte gur
ionann brígh “éiliughadh” agus an focal adubhairt
sé. Is beag nach ionann an fhuaim freisin.
VII.
Má's capaillín í chomh maith sin
Is mairg duit scar 1 léithi,
Ach de bhrígh ar bualadh d'ór an rí
Ní fheicfidh tú choidhch' ach a scáile.
VIII.
Bhí sin dona go leor,
Mó nóta 'gus mo bhanna i n-géibheann,
A luach gan íoc go fóill,
Mo chréacht, mhaoith agus m'éagcaoin.
IX.
Ach dearbhóchainn duit a chuairt air,
Amháin seo muna n-innsinn bréag duit,
Go bhfuil sí i g-Cnoc Chruachain
Ag uachtarán na bruidhne.
X.
Do ghluais mé liom annsúd,
Agus lean mé an bóthar díreach
Ní dhearna mé scíth 'ná stad
Gur sheas mé i lár na bruidhne.
XI.
Do sheasadar ar a gcosaibh,
Thosnuigheadar ag gáirídhe,
Seo é Riocard Mór
Is tá sé ar thóir a láirín.
XII.
Leigidh de bhur gcuid magaidh,
Fuair mé féin mo sháith dhíobh,
Muna dtugaidh sibh dhom mo láirín
Ní thiubhrad gach re 'seadh díbh.
XIII.
Go deimhin duit, a Riocaird Mhóir,
Ní 'gainne atá do láirín,
Tá sí i gCnoc Bhaile Bhristéir
Ag bainrioghain na mban-sídhe ann.
XIV.
Ghluais mé liom annsúd,
Lean mé an bóthar díreach,
Bhí me i gCnoc Bhaile Bhristéir
Sar a raibh an meadhon lae críochnuighthe.
XV.
Labhair mé leis an bhainrioghain,
Má bhí fá cheart a dhéanamh,
Nach nglacfainn fáth na leith-scéil
Muna amháin mo chapaillín saorach.
XVI.
Go deimhin duit, a Riocaird Mhóir.
Ní againne atá do láirín,
Tá sí i nGleann na Smól
Ag cruitire ceóil le ráithche,
XVII.
Ghluais me liom annsúd,
Lean mé an bóthar díreach,
Bhí me i n-Gleann na Smól
Le tuitim ceo na h-oidhche.
XVIII.
Siúd mar bhí an tsaoghlacht mhór
Léir mar is feictear domhsa.
Fir agus mná an domhain
Is gur ann a bhí an súgradh.
XIX.
D'éirigh an cruitire ceoil
Is thosnuigh an tiúin dá stiúrughadh
Is luathmhar aerach aigeantach
A dhamhsuigheas leo an cúrsa.
XX.
Labhair mé féin ar buile
Leis an bhfirín crutach gránda,
Muna dtugadh sé dhom mo láirín
Go mbrisfinn a chuid eile de chnámhaibh.
1 Is ionann “scar” agus “scaramhaint” nó
“scaradh.”
XXI.
Go deimhin duit, a Riocaird Mhóir,
Ní againne atá do láirín,
Tá sí in Almhain Laighean
Ar “heighir” 1 ag mo mháthair.
XXII.
Ghluais mé liom annsúd
Go h-Almhain Laighean na bhfiannaidh.
Cé casadh orm ach an chailleach
Is níor mhaiseach iad a briathra.
XXIII.
Labhair sí liom go garbh,
Bhris sí amach sa mBéarla,
“What's your quest, you rascal,
You've cheek enough for a Kaiser.”
XXIV.
Is cuma liom a chaillighe
Acht seachain orm an Béarla,
Labhair liom i dteangain bhlasta
Is cleachtach linn in Éirinn.
XXV.
Go deimhin duit, a Riocaird Mhóir,
Ní againn atá do láirín,
Tá sí i Rath Chruachain
Ar “heighir” ag mo mháighistir.
XXVI.
Ghluais mé liom annsúd
Go Rath Chruachain cinnte
'Gus an tan a raibh mé thuas 'seadh
Do chuir mé mo chuairt i gcuimhne.
XXVII.
Níl ceard anuas ó'n bhflaitheas
Nach gheobhthá ann ag gluaiseacht,
Figheadóirí na cruinne
Agus tailliúra 'ná slóightibh.
XXVIII.
Bhíodar uilic ag cárdáil,
Ag cíoradh agus ag sníomhachán.
Is muna mbéadh Máire Ní Bhaoighille,
Bhainfeadh siad díom na cluasa.
XXIX.
Mhaitheadar cíos dhá bhliadhan dhom,
Acht chongbhuigh siad an láirín.
Agus tá mé maith go leor
Mar níor chaill mé mo chiall ná mo
chuimhne.
1 Sé “heighir” adubhairt an seanchaidhe. Is
ionann é sin agus “hire” i mBearla. Is dócha
nárbh fhéidir leo a athrughadh isteach i nGaedhilg
ar dtúis.
Is ait an dán é acht tá faithchíos orm nach bhfuil sé go léir annseo. Ní raibh sé de ghlan-mheabhair
ag an seanchaidhe agus é d'á ghabháil.
Micheál Mac Aodhagáin, atá 'na chómhnuidhe i bparróiste an Chnuic, Conndae Mhuigheó, iseadh
thug dom é. Ní h-é seo thuas an chéad phíosa a thug sé do'n “Irisleabhar” le déidheanaighe. —
T. A. Mac C.
SEAN-SGÉAL Ó CHAIRBRE CHORCAIGHE.
DO bhí fear 'na chómhnuidhe i gcondae
Chorcaighe san am fadó nuair do thuiteadh
an manna as an bhflaitheas gach aon
tráthnóna agus ní raibh de shlighe bheatha eile
aige acht an manna do bhailiughadh isteach
chun bhídh dó féin. Ní raibh an saoghal
go ró-olc aige mar sin agus do lean na
laethanta ar a chéile agus bhí an bheatha
go h-aonaránach aige. Aon lá amháin
do bhuail fear bocht siubhail isteach chuige
agus cailín bhreagh dheas d'inghin in aoin-
fheacht leis agus d'iarradar cead bheith
istigh i gcóir na h-oidhche. Chóm maith do
fuaradar. Lá ar na bháireach a bhí chúghainn
nuair d'éirigh an bheirt chun bheith ag
imtheacht ar an mbóthar airís do mhothuigh
fear an tíghe grádh mór 'na chroidhe do'n
chailín óg agus d'iarr sé ar a h-athair
í 'thabhairt dó mar mhnaoí.
“Cionnus d'fhéadfá-sa í 'chothúghadh?”
arsa'n fear siubhail leis.
“Níos fearr ná mar d'fhéadfá féin,”
ar seisean agus d'innis sgéal an mhanna
dóibh.
Annsin dúbhairt an cailín go mba mhaith
léi fanamhaint 'san áit sin agus do ghéill
a h-athair. Pósadh an bheirt annsin agus
do chuaidh an sean-fhear chun siubhail leis
féin airís.
Do lean na bliadhanta ar a chéile agus
d'éirigh an saoghal ag an mbeirt mar ní
raibh aon easba ortha. Bhí aon leanbh
amháin acu, buachaill breagh dathamhail,
agus Seaghán an ainm do tugadh air. Bhí
grádh mór ag Seaghán do sna leabhraibh
agus bhí sé ag dul ar aghaidh go maith
ionnus ná raibh a leithéid eile sa chondae
agus bhí mórchúis ar a mháthair agus ar a
athair as. Fé dheireadh fuair an sean-fhear
bás agus do cuireadh é acht mar sin féin
ní raibh an sgéal go ró-olc ag an mbeirt
eile toisg an manna do bheith acu i gcómh-
nuidhe. Théidheadh an bhean amach gach aon
lá dh'á bhailiughadh isteach acht níorbh fhada
gur buaileadh tuirseach í agus ar sise léi
féin, “Nách mór an díthchéille dómh-sa
bheith ag obair mar seo gach aon lá? Ní
dhéanfad a thuille acht chuirfead isteach
oiread agus a dhéanfaidh an gnó dúinn go
ceann seachtmhaine.” Dhein sí amhlaidh
acht 'sé rud a tháinig as nár thuit a thuille
de'n mhanna as san amach agus bhí easba
mór ar an mnaoí agus do b'éigean dí
dul amach ag obair 'sna páirceannaibh chun
slighe bheatha do thuilleadh dí féin agus d'á
mac agus ó ná raibh aon taithighe aici ar an
obair ba bhrónach an sgéal aici é. Do
thosnuigh sí ad iarraidh déirce ar na
daoinibh agus iad ag dul isteach go
dtí an seipéal chun go leanfadh an mac
ar an léigheann agus maidir leis an
mac féin ní raibh a leithéid 'san dtír
uile ar a dhathamhlacht agus a ghéar-
intleacht.
Lá áirithe agus é ag an scoil mar ba
ghnáthach d'airigh sé an chainnt go léir
ag na daoinibh i dtaobh thighearna mhóir a bhí
i mBaile Átha Cliath agus na h-inghine
deise a bhí aige ná raibh a leithéid riamh le
feicsint roimhe seo. D'airigh sé leis
cionnus mar do bhí na fir óga go léir ad
iarraidh í 'fhagháil mar mhnaoí acht ná béadh
sí sásta le h-aoinne acu. Chuaidh Seaghán
abhaile agus d'innis d'á mháthair ar chuala
sé agus dúbhairt léi go n-imtheóchadh
sé féin chun iarracht do dhéanamh pé olc
maith d'éiróchadh leis.
“Airiú, a amadáin bhig,” ar sise leis,
“cad é an bhreith a bhéadh ag bhúr leithéidí
imeasc na n-uasal go léir.”
“Is cuma liom,” arsa Seaghán, “táim
chun imthighthe pé i nÉirinn é.”
“Tá go maith,” ar sise ar bhall nuair
nár fhéad sí a chur 'na luighe air ná raibh
aon bhreith aige. “Bíodh agat ó tá tú chómh
righin sin acht fan go dtí an Domhnach ar
an chuid is lugha de agus pé beag mór a
gheobhad ag dorus an tséipéil tiubhrad a
leath dhuit-se.”
Do dhein sé mar sin agus do thug a
mháthair roinnt airgid dó agus dúbhairt
leis imtheacht in ainm Dé. Ní raibh mórán
de'n bhóthar curtha dhe aige nuair do casadh
fear bocht air agus d'iarr rud éigin
ar son Dé. Thug Seaghán cuid de'n airgead
dó agus lean air. Ba ghearr gur bhuail
an tarna fear air agus d'iarr rud éigin
ar son Dé chun bhidh do cheannach. Thug sé
roinnt eile de'n airgead do'n fhear so
agus siúd ar aghaidh leis airís.
“Tabhair dhom rud éigin ar son Dé
agus Muire,” arsa'n guth agus chonnaic
Seaghán an trímhadh fear 'na sheasamh os a
chómhair amach.
“Níl agam acht cupla pinginn,” ar
seisean, “agus dá dtabharfainn duit-se
iad is amhlaidh do gheobhainn bás de'n ocras
acht siubhal leat go dtí an tigh ósda so thall
agus pé rud a gheobhad ar an airgead beidh
cuid de agat-sa.”
D'imthigheadhar ortha fá dhéin an tighe
ósda agus ar an slíghe dhóibh d'innis Seaghán
cúrsaí an sgéil do'n fhear bocht cionnus
mar ba mhaith leis dul ag feicsint inghine
an tighearna acht ná raibh aon airgead aige.
Chuadar an bheirt isteach agus d'iarr
Seaghán bológ aráin agus deoch bainne
ar mhnaoí an tighe agus fuair sé iad.
“Gearr an bhológ,” ar seisean leis an
bhfear mbocht, “ó is tú an té is sine.”
“Ní dhéanfad,” arsa'n fear bocht mar
do bhí náire air, acht chuir Seaghán d'fhiachaibh
air é 'dhéanamh. Annsin d'ith agus d'ól
an bheirt a ndóithin acht mar sin féin níor
imthig an arán ná an bhainne i luighead
chor ar bith. D'éirigheadar agus chuadar
amach agus bhí iongnadh croidhe ar mhnaoí
an tighe ósda mar do shaoíl sí nár itheadar
pioc.
Dála Sheagháin d'imthigh sé féin agus
an fear bocht leo.
“Seadh, a Sheagháin,” arsa'n fear bocht,
“thugais déirc dómh-sa trí huaire indiú
mar is mise d'iarr cabhair ort trí h-uaire
ar son Dé. Ba chóir go ndéanfainn rud
éigin duit-se anois. Seo dhuit fáinne óir
agus aon uair a bhéidh airgead uait níl
le déanamh agat acht an mian do bheith id
aigne agus láithreach bonn béidh airgead
go leór mar a mbéidh an fáinne.”
Thóg Seaghán an fáinne agus níorbh
fhada go raibh a phócaí go léir lán d'ór
bhuidhe i dtreo gur ar éigin d'fhéad
sé siubhal. Annsin do chas sé chun a
bhuidheachais do ghabháil leis an bhfear mbocht
acht ní raibh tásg ná tuairisg air. D'imthigh
Seaghán leis agus cheannuigh culaith bhreagh
éadaigh agus do dhein sé ar chaisleán
an tighearna agus chuaidh suas go dtí an
doras go dána. Leigeadh isteach é agus
cuireadh fáilte roimhe mar ba dhóigh leo gur
phrionnsa éigin a bhí ann. Bhí dinnéir mhór
acu agus do bhí Seaghán 'na shuidhe in aice
inghine an tighearna agus thuit i ngrádh léi.
Bhí sé ag ól go dtí gur thuit a chodladh air
agus do b'éigean é 'bhreith go dtí a sheomra
féin agus ag teacht isteach san seomra
dó thuit an fáinne d'á mhéar i gan fhios dó.
Maidin i mbáireach a bhí chúghainn thárla
do inghin an tighearna bheith ag gabháil thar
doras an tseomra agus fuair sí an fáinne
agus do bhí fhios aici gur le Seaghán é.
“Anois,” ar sise léi féin, “féadaim sult
do bhaint as mar gheall ar an bhfáinne.”
Chuir sí isteac i mbosca é agus san am
gcéadna thárla gur mhian léi bheith chómh
saidhbhir le h-inghin an rí ionnus go bpósfadh
mac an rí í agus láithreach bonn bhí an
bosca lán d'ór bhuidhe i dtreó nár fhéad
sí é 'dhúnadh. Annsin do chuir sí i mbosca
eile é agus thárla an rud céadna. Tháinig
eagla uirthi d'á bhrígh sin agus chuir sí an
fáinne 'na póca.
Acht nuair dhúisigh Seaghán agus do
chonnaic sé an fáinne do bheith caillte aige,
tháinig brón mór chroidhe air agus ar
seisean leis féin, “Anois díreach atáim
scriosta.” Chuir sé tuairisg an fháinne
ar na daoinibh mór dtímpall acht ní fheaca
aoinne é. Acht do thosnuigh inghean an
tighearna ag magadh fé i dtaobh an fháinne
agus do bhí fhios aige annsin go raibh sé
aici acht níor fhéad sé chor ar bith é 'fhághail
uaithi agus siúd leis abhaile airís.
Do bhí brón mór air agus shín sé é féin
ins an ráithnigh cois sean-dúin a bhí ann
go dtí go dtiocfadh an oidhche mar ní leig-
feadh an náire dó dul abhaile 'san ló.
Fad is do bhí sé sínte ann tháinig trí chait
as an ndún amach agus iad ag cómhrádh le
chéile.
“Nach fada atá ár gcócaire uainn?”
arsa ceann acu. “Ní fheadar an domhan
cad a thuit amach dó,” arsa ceann eile.
“Ba chóir go mbéadh sé annso anois,”
arsa'n trímhadh cat.
Ní raibh an focal acht díreach as a bhéal
aige nuair do tháinig an ceathramhadh ceann
acu isteach.
“Cad fé ndeara dhuit bheith chómh déidh-
eanach?” arsa'n triúr go feargach.
“A leithéid seo,” ar seisean, agus
d'innis dóibh an sgéal tríd síos cionnus
mar do bhuail Seaghán uime agus gur thug
sé an fáinne do.
“Agus,” ar seisean ar leanamhaint,
“chuadhas féin go dtí caisleán an tighearna
féachaint cionnus a dh'éiróchadh leis agus
nuair do bhíos ag léimrigh thar an mbórd
do bhuail an tighearna buille d'á sciain
ar m'earball agus thuit cuid de'n fhuil
'na bhiadh agus d'ith sé í agus anois atá
sé i riocht bháis acht níl leigheas air go
bhfaghaidh sé deoch uisge as Tobar Bhríghde
i gCondae Chorcaighe, rud ná faghaidh go
deo.”
Níor fhan Seaghán le na thuille do chlos
acht d'éirigh agus siúd leis go dtí an
tobar mar níor bhfada ó na áit féin é.
Do líon sé buidéal de'n uisge agus as
go bráth leis go Baile Átha Cliath i bhfuirm
dochtúra. Do chuaidh sé suas go dtí an
caisleán agus chonnaic sé na dochtúirí
go léir mor dtímpall an tighearna acht
níorbh fhios d'aoinne acu cad a bhí air in
aon chor agus níor fhéadadar é 'leigheas.
Tháinig Seaghán isteach agus ar seisean,
“Tig liom-sa an tighearna do leigheas.”
Annsin thugadar biadh agus lóistin dó
agus tar éis an bhídh d'ithe thug sé deoch an
uisge do'n tighearna agus láithreach bonn
do bhí sé chómh maith 'na shláinte agus do
bhí aon lá riamh.
Annsin 'seadh bhí an t-áthas i dteaghlach
an tighearna agus ar an dtighearna féin
agus do dhéineadar seó mór de Sheaghán
agus chaitheadar an oidhche ag déanamh
gáirdeachais. Mar sin féin níor fhéad
Seaghán an fáinne d'fhághail ó inghin an
tighearna agus thuit a chroidhe air agus
siúd chun siubhail abhaile airís é go brónach.
Tháinig sé go dtí coill mhór a bhí ann agus
chaith sé é féin fé scáth dara móire agus
shaoil sé go mb'fhearra dhó bheith marbh.
Níorbh fhada dhó ann nuair do thug sé
fé ndeara triúr buachaillí tamaillín uaidh
agus iad ag troid le chéile. Dhein Seaghán
ortha agus labhair leo.
“Cuir uaibh,” ar seisean, “cad fé
ndear an troid seo eadraibh?”
“A leithéid seo,” arsa'n t-é ba shine
agus d'innis sé dhó cionnus mar do chuir
a n-athair fé scáth an chrainn mhóir a bhí ann
fáinne óir le n-a bhféadfadh duine imtheacht
in aon áit ba mhaith leis fé cheann dhá
nóimeat, agus corn ná béadh folamh go
deó agus cláirseach ar a bhféadfá an
ceól ba bhinne dár chuala cluas riamh do
sheinnt agus dubhairt an mac ba shine gur
leis féin iad uile agus do b'é sin fé
ndéar an troid eatortha.
“Tá sé chómh maith agaibh dul abhaile
go síothchánta,” ar Seaghán, “agus déan-
faidh mé machtnamh ar an gceist anocht.
Tagaidh annso imbáireach airís agus
geallaim-se díbh ná béidh aon fháth troda
agaibh annsin.”
Do dheineadar mar adubhairt sé leo.
Chómh luath agus a bhíodar as radharc uaidh
níor dhein Seaghán aon mhoill acht do thóg
an leac mhór a bhí ann agus fuair an
fáinne agus an corn agus an chláirseach
dhó féin. Ba ghearr an mhoill air imtheacht
go dtí caisleán an tighearna agus do
bhí na daoine díreach chun suidhe chun
dhinnéir. Do sheinn Seaghán an chruit agus
ba bhinn an ceól do dhein sé agus do bhí
áthas mór ar na daoinibh nuair do chualadar
é. D'ól Seaghán a dhóithin as an gcorn agus
do thosuigh a chodladh ag tuitim air.
“Is leór an méid seo,” ar seisean agus
leis sin chuir sé a bhacla mór dtímpall
inghine an tighearna agus láithreach bonn
do bhíodar ag an sean-dún airís. Acht do
bhí iomad ólta ag Seaghán agus thuit sé
'na chodladh agus ba ghearr ar inghean an
tighearna bheith thar n-ais ag an gcaisleán
airís agus an cruit agus an corn aici.
Nuair do dhúisigh Seaghán bocht bhí sé mar
a bhéadh na gealt nuair do chonnaic sé
sé go raibh a mhaoin imthighthe uaidh, agus
siúd chun siubhail é tríd an tír ar nós
leomhain. Ar ball tháinig sé go dtí úbhall-
ghort mór agus nuair do chonnaic sé
na h-úbhla breaghtha ar na crannaibh níor
fhéad sé gan ceann acu d'ithe mar do
bhí ocras agus tart mór air. Thóg sé an
ceann ba ghiorra dhó agus chómh luath agus
do chuir sé 'na bhéal é d'éirigh dhá adhairc
mhóra ar a éadan. Annsin 'seadh do bhí
an sgéal go h-uathbhásach ar fad aige
agus is ar éigin ná fuair sé bás leis an
scannradh a bhí air. Acht do chonnaic sé
crann eile uaidh agus bhíodar na h-úbhla
níos bhreaghtha fós air 'ná mar do bhí ar an
gcéad chrann.
“Caitfead ceann acu súd d'fhághail,”
ar seisean leis féin, “pé rud a thuitfidh
amach dhom.”
Thóg sé ceann acu agus ní túisge do
chuir sé 'na bhéal é ná do thuit na h-adharca
anuas d'á cheann agus bhí sé ní b'fhearr
agus ní ba dhathamhla ná mar do bhí aon lá
riamh. Bhí áthas mór chroidhe air leis,
dar ndóigh, agus ar seisean as a mhachtnamh,
“Tá beirthe agam ort i ndeireadh na dála,
a chailín.”
D'imthigh sé annsin agus do bhailigh sé
oiread de'n dhá shórd úbhall agus d'fhéad
sé iomchar agus tháinig go tapaidh go dtí
caisleán an tighearna. Nuair do chonnaic
na daoine a bhí ann a bhreaghthacht a bhí na
h-úbhla ní bheidís sásta gan iad do bheith
acu. Thug Seaghán a ndóithin de sna droch-
úbhlaibh dóibh ionnus tréis a n-ithte dóibh ná
raibh duine 'san áit uile gan adharca
ar a cheann aige. Annsin 'seadh bhí an
trioblóid agus an scannradh ortha go
léir agus d'iarradar d'athcuinge ar
Seaghán na h-adharca 'bhaint díobh.
“Ní dhéanfaidh mé, go deimhin,” arsa
Seaghán, “annsin fanfaidh siad go dtí
go ngeallfaidh sibh inghean an tighearna
do thabhairt dom mar mhnaoi agus mo
dhá fháinne agus an corn agus an chruit
do thabhairt thar n-ais dom.”
Agus do ghealladar an rud sin dó agus
thugadar inghean an tighearna dhó mar
mhnaoí os chómhair na ndaoine go léir a
bhí ann agus annsin do thug Seaghán
na h-úbhla eile dóibh agus thuit na
h-adharca díobh láithreach. Do pósadh
Seaghán agus inghean an tighearna ann-
sin agus chaitheadar oidhche mór ag
déanamh suilt agus gáirdeachais. Tháinig
Seaghán agus a bhean abhaile go dtí an
tsean-áit agus thóg sé suas caisleán mór
breagh ná raibh a leithéid 'san dtír uile
agus do líon sé seomra mór d'ór bhuidhe
i dtreó ná béadh aon easba choidhche air
as sin amach. Annsin d'imthigh sé agus do
chuir sé na fáinní agus an corn agus an
chruit go doimhin 'san dtalamh agus ní
bhfuair aoinne fós iad agus ní bhfuighidh go
deó is dóca.
Sin é agaibh mo sgéal agus muna bhfuil
sibh sásta leis níl leigheas agam orraibh.
S. Ó D.
AG LABHAIRT NA GAEDHILGE.
DO bhíos lá le déidheannaighe ag léigheadh
“Irisleabhar Mhuighe-Nuadhat” 1902-3 —
an cheud uimhir do'n “Irisleabhar” do
cuireadh i gclódh ariamh. Do léigheas
móran rudaí ann a chuir íongantas orm
agus fós móran a chuir áthas orm. Do
réir an chunntais do gheibhthear san
“Irisleabhar” sin do-bhí cúis na Gaedhilge
go h-ana íosal ar fad nuair a cuireadh
Cuallacht Choluim Cille ar bun. Do réir
na tuairisge a thug Donnchadh Ua Dochartaigh
i bpaipéir éigin do léigh sé i Roinn Muire
do bhíodar na mic léighinn an fhaid sin ar
gcúl nár smuainigheadar ar aon chor ar
an scrios a bhí teanga agus spiorad
Sagsan ag deánamh do'n tír. Nuair
a chuir mac-léighinn éigin (an t-Athair
Seaghan Ua Chian anois) obair na Gaedhilge
ós a gcómhair i dtús is é an rud a leath-
nuigheadar a súile le h-íongantas — níor
smuainigh móran aca ar an nídh sin go
dtí'n oidhche sin.
Sin é an rud do chuir íongantas orm-sa —
le rádh go raibh an teanga ag gluaiseacht
comh tapaidh sin agus gan suim d'á cur
ann ag mhacaibh léighinn Mhuighe-Nuadhat.
Acht do bhí rud eile a chuir íongantas níos
mó orm agus a chuir ull-gháirdeachas orm
le na chois — sé sin gur thosuigh siad ag
obair go dícheallach comh luach a's shómhraigh-
eadar mar bhí an sceul. Thuigeadar go
h-ana tapaidh an léir-scrios a bhí d'á
dheánamh ar theangaidh na h-Éireann;
thuigeadar shan am ceudna ma bhí leigheas
ar bith le fághail gur 'na measg féin a
gheobhthaí é. Comh luach agus thuigeadar
an méid sin thosuigheadar ag obair ar
a sean-dhícheall. Ó'n am sin i leith atá an
obair ag dul ar aghaidh.
Seo ceist agam orraibhse, a mhaca-
léighinn na h-aimsire seo: an bhfuil an
spiorad ceudna d'ár spreagadh-ne indiu
a bhí ag spreagadh na mac-léighinn an
uair sin? An bhfuil an déine ceudna
le feiceal in obair na Gaedhilge?
Deirfidh an chuid is mó agaibh go bhfuil,
agus tuilleadh déine le 'na cois. Acht
sílim féin gur ionann í cúis na Gaedhilge
agus móran neithe eile: gnídhthear níos
mó oibre i dtús nó ann am ar bith eile.
Uair amháin a théid an cheud spreagadh i
leath-taobh bíonn cineal éigin leisge ag
baint leis na h-oibridhibh.
An méid a bhí ar chumas mac-léighinn
Mhuighe-Nuadhat deánamh ar son na
Gaedhilge shan am sin righneadar é. Cinnte
budh chóir dúinne an cleas ceudna do
dheánamh. Anois bhí rud amháin ná raibh
siadsan i n-innmhe cuir i bhfeidhm go
coitcheannta, 'sé sin caint na Gaedhilge.
Bhí móran aca nach raibh focal Gaedhilge
'na gceann, agus “nemo dat quod non
habet.” Acht ní mar sin atá an sceul
againne. Ní dóigh liom go bhfuil mac-
léighinn sa Cholaiste fa láthair nach bhfuil
an beagán nó an móran Gaedhilge aige.
Olc a's bhí Bórd an Idir-mheadhon d'obair
ár dteangadh righne sé an méid sin — go
dtug sé eolas do ghach duine ar leabhar
no beirt Gaedhilge. Thug sé dúinn ádhbhar
an troda — na “munitions” mar
adeirfea 'sa Bheurla.
Sin an obair atá rómhainne anois úsaid
do dheánamh de'n mhéid eolais atá againn —
an méid Gaedhilge atá againn do labhairt
gach uair 'sa lá agus le gach mhac-léighinn
eile sa Cholaiste. “Beatha teangadh í
labhairt” agus ma's mian linne anois
an teanga d'athbheóghadh dáríribh labhara-
maois í. Atá sean-fhocal ann: “Ní fhuil
gar i gcaint”; deirimse libh gur, i
dtaobh na Gaedhilge, ag an chaint atá
iomlán le deánamh. Dá mbéadh an seans
[uain] ceudna ag na mhacaibh-léighinn
do chuir tús ar an “Chuallacht” a's atá
againne chuirfidís i bhféidhm é. Do theip
ortha an chaint do leathughadh. Thuigeadar
amhthach gur fuar follamh a bhéadh an obair
gan an chaint do bheith ar siubhal. Ins
an “Irisleabhar” do luadhamar thuas atá
scríobhtha na focla adubhairt duine éigin
tamall roimhe sin: “In an institution
such as this College, I believe in the force
of tradition. Make a generation of
Maynooth-men Irish-speaking and the
tradition will never die… If you once
make Maynooth Irish in speech, you need
have no fear — the country will follow”
(l. 80).
Corp-chlár [lom-chlár] na fírinne an
méid sin — pé duine adubhairt é. Do-bheir
sé comhairle ár leasa dúinne ma leana-
muid é. Nár chóir dúinn iaracht mhaith
láidir do dheánamh. “Tús maith leath na
h-oibre” — ní h-eadh acht dhá-thrian na
h-oibre, 'sa gnó so ar aon chor. Ma
ghnídhthear tús maith leanfar dhó agus mar
adubhairt an fear úd thuas leanfaidh
an tír sinn — leanfaidh Éire Mágh-Nuadhat.
“AN LÚB.”
AN LAEDER.
Do thug Seaghan Ua Seaghdha buinchíosuidhe
thíos in Uibh Ráthach an t-amhrán so dhom.
Ní fheadar cé scríobh é. Do fuair seisean
óna athair é.
I.
'Sí an Laeder í déanamh le dúthracht
De phlannc an dair cumhrach o'n nGleann Ath
Nar leagadh aon mhaide ar an ndrúcht de
Chun gur scriosadh an fiun de le tál.
II.
Da siubhalochainn muir bráonach na dtonnta
N'fheicfinn-se a múnla ar aon traigh
Agus nach áereach do'n té leagfadh súil
uirrthi
Agus do dhein daingean dlúth i gan cháim.
III.
An té cifeadh mo Laeder i gcomhgarach
La briste na dtonn ins an mbágh
Agus i ag máirseail an bhorraidh 's gach
cúinne
'Sí an seabhac í nar chul riamh da námhaid.
IV.
Thar bhádaibh na Daingin gur sciurt sí
La anaithe 'gus dubh scallai fáin
Thar bhainnce na borraidh nior dhiultuig
Acht í máirseal na dtonn le mórdháil.
V.
Conacsa macasamhail mo Laeder
'Ge nDaingean ge'n gcéibh thiar fadó
Fe bhrataibh gur thaisteal o'n nGreig
chughainn
Agus talamh do dhein sí os mo chomhair.
VI.
Pol Leacaidh do b'ainm dá h-aoladh
Agus pictiúr ro neata ar a bógha
Gan beatha do mhairfinn ga h-aodhaireacht
Da mbeadh bliadhan agus céad in aon lo.
VII.
Sí an Laeder í ar séirse glan gaoithe
Dhein talamh gan moill dom ar lamh
Dia id shaoradh 'gus i t-aodhaireacht agus
id choinnleacht
Agus an cuid eile ded bhuidhean do theacht
slán.
VIII.
Ma leigeann tu aon mhogall lín lei
Ó Bhealach go Poinnt a's go Port
Go mbeidh an Réidh seo na trean casaibh
timcheall
Agus seachain an taoide ar an dtraigh.
Seo comhairle a thug an t-ughdar féin do dhuine
a bhí breóite o'n bhfairrge.
IX.
A Dhiarmuid glac feasta mo chomhairle
Agus tabhair ainnir deas óg chughat ar lár
Biodh sí milis deagh-chomhairlighthe
Agus biodh a leaca mar an roisi ins an
ndeárd.
X.
Biodh gach folt ag tuitim go feór léi
Agus 'gus cosmhail le h-ór gach aon táth
Tabhair sealadh de'n maidin d'a pógadh
'S na feicim go deo thu in aon bhád.
T. Ua M.
NOTAÍ.
I. 4. Fiun — I have been unable to find this
word as it stands in any dictionary. I took it
down as Seaghan pronounced it. The meaning
he attached to it was “bark.” There is a word
feannadh which means to flay or to skin, and
probably it is from the same root.
III. 3. Bhorraidh — This word as pronounced
by the old man is given. In the dictionary it is
written barra.
IV. 2. fáin — Probably a genitive of fán used
adjectivally and meaning treacherous or
scattering.
VI. 1. D'á h-aoladh — I am not sure of the
correctness of this expression. I took it down
phonetically. It means whitening her, i.e.,
painted on her in white letters.
VII. 3. Coinnleacht — Colloquial form of coimh-
deacht.
VIII. — The place-names here given are those
of passages between rocks and the points of
these rocks as used by the fishermen even to
the present day.
CUALLACHT CHUILM CILLE.
THE LEAGUE OF ST. COLUMBA.
FOUNDED 1898.
OBJECT:— To foster in the students a due appreciation of the value in the
cause of Religion, and of the consequent claims upon the attention of Ecclesiastics,
of studies —
(a) In National Literature and Language;
(b) In National History, especially Ecclesiastical;
(c) In Irish Hagiology, Archæology, Social Manners, and Customs;
and to encourage among its members the cultivation of these various departments,
in order that they may be more zealous and better qualified to labour in extending and
controlling movements connected with those objects, and so perpetuate the truly
Religious and Catholic Nationality represented by, and identified with them.
Ag seo síos na cunntais ó na roinnibh.
ROINN MHUIRE.
An Choiste:— Maolmhuire Almán,
uachtarán; Aodh Ó Conalláin, leas-
uachtarán; Seumas ua Connaill, fear le
scríobhadh; Diarmuid Ó Piogóid, fear an
airgid; Micheál Mac Giolla Ceárr, Dáithí
Ó Conchubhair; Micheál Mac-an-Mhílidh,
Seán Mac Conbhaighe, Liam Ó Laoidhleas,
Pádraig Ó Néill.
Do cuireadh trí buidhean deug is fiche
ar siubhal i dtosach na bliadhna —
buidheanta iad seo a bhí seasmhach buan,
agus do leanadar an mhór-cuid aca do'n
obair suas go dtí'n Nodlag. Indiaidh na
laethe saoire ní raibh an scéal comh maith
ar feadh tamaill, acht ní raibh sé ach tamall
mar do thosuigh na buidheanta a gcuid oibre
ar éis a chéile agus anois tá tuairim
fiche buidhean ar siúbhal. Tá súil againn
go mbeidh sé mar seo aca go dtí deireadh
na bliadna. Ní raibh dráma Gaedhealach
againn i mbliadna agus ar an adhbhar
sin ní raibh na mic-léighinn chomh gonnta a
dul isteach ins na buidheantaibh Gaedhealacha:
rud eile, ní raibh an óráid gnáthach againn
i dtosach na bliadna; nuair a chímid seo
féadamuid a bheith an-sásta leis an dóigh a
chuaidh cúis na Gaedhilge.
Do b'é Seumas Ua Connaill a bhí mar
Fear Cheannais ar Chúirt-na-nGaedheal.
D'eirigh leis go sár-mhaith. Saoilim gur
seo an bliadhain is feárr a bhí ag an Cúirt
go fóil, agus ní barraidheacht a rádh gur
bé Seumas fé ndeara seo.
Ní raibh an bhuidhean cheoil againn i
mbliadhna ach bhí buidhean againn a bfheárr ná
san .i. “buidhean an tSoisgéil.” B'é toil
Dé go dtug an t-Athair Peadar Ua
Laoghaire “Na Cheithre Soisgéil” dúinn.
Ba dheas agus ba láidir an breith-bhuidheachais
dó an bhuidhean seo do chur ar bun i Magh
Nuadhad i mbliadhna chun “Naoimh Mhaitiú”
a léigheamh agus a mhíniughadh 'nár dteangain
féin. “Ó thosac Shamhna go Lár Feabhra”
bí sluagh breágh a' teacht go buidhean an
tSoisgéil agus ní raibh aon neamh-shuim san
obair. Beirmíd buidheachas do Mhaolmhuire
Almán — an múinteóir — a dhuthrachtaighe agus
a fheabhas a stiúirigh se an bhuidhean i
gcaitheamh na h-aimsire sin.
M. MAC GIOLLA CEÁRR.
ROINN NAOIMH IOSAIMH.
Lucht ceannais na h-oibre: — Pádraig
Mac Cuain, Peadar Mac Tomáis, Peadar
Ua Dubhshláine, Séamas Ua Fearghas,
Pádraig Ua Curraidhin, Micheál Mac
Amhaltoinn.
Cursaí na h-oibre:— Ag féachaint siar
dhúinn ar an mbliadhain atá caithte, tá
cunntas maith le tabhairt againn ar an
obair a deineadh le n-a linn chun an Ghaedhilg
do chraobhsgaoileadh 'nár measc. Do
cuireadh seacht mbuidhne déag ar bun
i dtosach na bliadhna agus leanadar an formhór
díobh leis an ndeagh-obair gan sos ná stad
go deireadh na bliadhna. Bhí an spiorad
fíor-Ghaodhalach ionnta agus bhíodar lom
'n-dáiríribh ag foghluim agus ag labhairt a
dteangan dúthchais. Níorbh é sin iomláine
na h-oibre, amhthach. Ní h-amháin ins an
buidhnibh a bhí an chúis 'á cur ar aghaidh. Bhí
a lán daoine ná raibh ins na buidhnibh cor
ar bith acht thaisbeánadar ar shlightibh eile go
raibh meas agus cion acu ar theangain na
h-Éireann. Nuair a bhíodh diaspóireacht
ar siubhal nó paipéar 'á léigheamh sa Chúirt,
bhidís le feiscint ann; nuair a bhíodh “An
Soisgéal Naomhtha” 'á mhíniughadh agus comhrádh
'á dhéanamh air, sa nGaedhilg, bhíodh cuid
mhaith díobh ann, leis; annsan nuair a
bhíodh cuirm cheoil ann, puirt bhríoghmhara,
cheólmhara, da spreagadh agus amhráin bhreághtha,
Ghaodhalacha dá ngabháil, thagaidís isteach ag
éisteacht leo agus ní cloistí oiread agus
focal Béarla ann.
I ndiaidh san is uile, bhí daoine ann agus
ba chuma léo i dtaobh na Gaedhilge, daoine
eile a raibh meas éigin acu uirthi, ach go
mbfheárr leó an obair agus an duadh go léir
ag daoinibh eile.
Níl leigheas againn ar a leithéidí sin
ach bheith cráidthe leó— geóbhaid siad ciall
ar ball. Bheirimíd ár míle buidheachas dos
na múinnteóiribh mar gheall ar a fhonn-
mhaire 's a bhíodar chun an Ghaedhilg do
mhúineadh agus gan puinn aca féin d'á bhárr.
Go gcúiteochaidh Dia a saothar leo agus le gach
uile duine a oibrigheann do chun leasa
clanna Gaedhal.
M. m. A.
TIG NA SÓISEAR.
An coiste i dTigh na Sóisear i mbliadhna;
Tomás A. Mac Ceóinín, Pádraig Ua
Ruairc, Ioseph Mac Dághaid, Seaghán Ó
Cuinn agus Pádraig Ó Loingsigh.
I dtosach na bliadhna cuireadh ar siubhal
annseo cúig buidhne ar fhichid agus gan ghó
do rinne siad obair mhaith ar son na
teangan go dtí an Nodlaig. Dar ndóigh
thuit cúpla aca as a chéile gan mhoill ach ní
chuirfeadh an tubaist sin imnídhe ar éinne,
óir, in ionad aon mhaith do dhéanamh, is
amhlaidh do dhéanfadh siad díoghbháil dúinn
féin agus do'n obair a bhí idir lámhaibh
againn. Is searbh an rud an fhírinne,
ach caithfear a admháil go raibh a mhalairt
de scéal againn an dara leath-bhliadhain,
mar níor éirigh linn in aon chor. Ní
raibh an tréan-dúthracht le tabhairt fé
ndeara annsin mar bhí cheana, agus do
réir cosmhaileachta ní raibh an fonn-oibre
céadhna ar na macaibh-léighinn in aon chor.
I ndiaidh ar ndiaidh do thuiteadar na
buidheanta as a chéile go dtí nach raibh
a leath acu ar siubhal. Cuid mhaith des
na múinteóiríbh ní'l siad in an na buidhne
do stiúradh 'sa cheart agus é sin fé
ndear a lán aca tuitim as a chéile.
Badh mhaith an scéal dá gcuirfídhe cosg leis
an mí-ádh seo gan mhoill.
An tríomhadh lá déag de mhí Deireadh
Fóghmhair bhí cóimhthionól againn le h-aghaidh
chuirmí cheóil mar is gnáthach linn i dtosach
oibre na cuallachta. Dob é an Dochtúir Ó
Cléirigh fear cheannais ar an dtionól, agus
bhí an t-Athair Ó Brosnacháin agus an
t-Athair Ó Néill 'nár measg freisin.
Fíor-Ghaedheal iseadh an Dochtúir Ó Cléirigh.
Do dhéin sé cainnt linn an oidhche úd
agus táim deimhneach go ndeachaidh a chainnt
in éifeacht. Mar thoradh na cainnte sin bhí
gach uile dhuine lán de mhisneach agus do
chuireamar rómhainn go dian, seasmhach
go ndeanfaimís ar gcuid féin san obair.
Rinne an t-Athair Ó Brosnacháin agus
an t-Athair Ó Néill cainnt linn freisin
agus do theasbáineadar amach go soiléir
gurbh' iad na buidhne an áit dob' fhearr
chun na teangan d'fhóghluim agus a labhairt
'sa cheart.
Ní'l le déanamh agam anois ach buidheachas
do ghabháil leis na gcómhairlightheóiríbh,
agus le cáirdibh eile nach iad, mar gheall
ar an gcómhairle a thugadar dúinn, a
bhí mar mhaithe leis na buidhnibh agus leis
an obair mhóir a bhí ar siubhal againn.
T. A. Mac C.
Adeir siad, an géilleadh thugtar do na sean-sgeultaibh agus do na sean-chain-
teannaibh seo, gur ag dul i luighead bhíonn sé ó shliocht go sliocht, gach aois mar thagann
ag dul i n-geur-chúiseacht agus i neamh-shimplidheacht; an rud do chreidfeadh an tsean-
mháthair ó n-a croidhe an fhaid 's do mhairfeadh sí, ná creidfeadh a hinghean as a diaidh acht
an fhaid 's do bheadh sí in a páiste, agus a hinghean sin arís, dá mbadh amhlaidh 's ná beadh
innte acht aoirde an stóil, an drae phioc toradh thabharfadh sí air. Acht badh fhéidir nach
mar a cheile atá gach aoinneach, agus go bhfuil páistí ar an saoghal i gcomhnuidhe, a bhfuil
croidhe agus aigne an pháiste aca. Ní fearrde dhon saoghal, muna bhfuil. Bíodh an sean-
sgeul fíor nó ná bíodh, atá an-chuid focal agus ráidhte ann a bhfuil gear-chúis go leór
ag baint leó. Atá líomhthacht cainte agus brígh ann, agus gach aon rud atá in a thosach
tagann sé amach go deas le n-a chéile in a dheireadh, gach aon rud fighte ar a chéile mar
is cóir. As na sean-sgeultaibh is eadh mhúintear a gcéird do na filíbh, agus is iad na
filí dheunann caitheamh aimsire don domhan agus chuireann na daoine ó bheith ag síor-
chuimhneamh ar a ngoile agus ar a bpóca. — Dr. Sheehan in “Gabha na Coille” (pp. 8-9).
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11