Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Specimen of Eighteenth-Century Irish
Title
A Specimen of Eighteenth-Century Irish
Author(s)
Ó Gadhra, Seán,
Compiler/Editor
Mac Consaidín P. agus Walsh, P.
Composition Date
1720
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1909)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A Specimen of Eighteenth-Century Irish. By Seáan ua Gadhra. Oráid chum an Léightheóra agus Díonbhrollach na hOibre so. Ba ghnáithbhésa do na ríghthibh agus d'uacht- aránuibh na bpuibleacha ar cheana ar feadh an domhuin cumaoin meisneach agus onóir do thabhairt do dhaoinibh foirfidhe foghlomtha do bhiadh ina ngnáthchuimhne scríbhneórachta agus ina ccartacha buanmharthannacha ag aithbheógh- adh échta agus gabháltas a sinsear agus ag tegasg na n-óg agus na n-iarmua chum a n-aithghin sin do shaothrugha le réimhfhéchuin agus le cródhacht a ngníomhradh féin. Is follus an modh so ag Alasdrun uaibh- reach an tan do chlaoidh agus do sgap mór- shluagh Dharius Rígh na Persia, do fríth céidche beag uasal ró-chostasach ameasg foidhbhe agus édála na námhad, agus ro hiomráidheadh eidir na triathaibh agus na cennphuirt cia na seóide uaisle do ionmhus an árdrígh do cuirfidhe a ttaisge ann, agus ameasg na cosbóireachta so, ro iarr an domhanchumhachtach Alexdar saothar nó leabhair Hómer an fhile do thabhairt chuige agus do chuir a lámha féin san tshoightheach a ccumhdach iad, ag dearbhadh gurab í an fhoghluim séd ba huaisle san domhan. Ba hadhbhal a mhodh féin agus a thairbhe fa'n tráth sin dá mhaighistir Aristotle, amhuil Cyrus Árdrígh na Persia nach sgaradh leis an bhfallsamh Xenophon amuigh san longphort ná san bpalás. Féch onóir chloinne Míleadh don árdollamh Cathér an tan do thairngir sé ag Sliabh Riphe a ttoigheacht go hÉrinn, agus tar éis, iar mbuaidh a ccosguir a n-Érinn féin, go ttárla imreasan eidir Éimhior agus Érea- mhón fa'n aois ealadhna, Cir agus Onaoi a n-anmanna, gur thuit do réir chranchuir Cir an seanmuire do thaoibh Emhir Fhinn agus an t-ollamh d' Éreamhón. Ag so mar adeir an t-Árdrígh Corbmac Mac Airt san Teagasg Ríogh: Maith don eagna do ghní rí do bhocht. Do ghní anruth do eisert. Do ghní soichenél do dhocheinél, do ghní goeth do bhoeth, maith a tosach maith a deireadh. Ciodh trácht do bhí ollamhnacht agus seanchas ni headh amháin filidheacht ar bun ó thús mar is follus ó'n Scrioptúir san tseanreacht, agus ag na Págánuibh ar cheana amhuil a leightir ag Virgil: Cui Pilumnus avus, cui diva Venilia mater. Agus an tan tharladh imreasan fá oighreacht arm Achilles eidir Ulysses agus Aiax go
raibh iomadh mór eatora fá n-a Seanchus ag dénadh poimpe agus ealláis as a sinsioraibh mar a n-abuir an caithmhiledh: Sic a Iove tertius Aiax. Ag so freagra Ulysses. Nam mihi Laertes pater est, Arcesius illi. Iupiter huic: neque in his quisquam dam- natus et exul. Ní ferr cruthugha an tsenreachta fa go bhfuil senchus agus ollamhnacht oirdhearc ion- leanta ná mar is follus san Tiomna Nua ag Matha soibhiscéul geiniolach Íosa Críosd, an mhéid gur duine é. Do bhádar mar sin anuas ó an aimsir go ar oile óir is mór meas na Rómhánach ar a n-échta do chuimhniugha a leabhraibh, agus breathnuighid gurab iad daoine ealadhna na ccineadhach do shiorruidh échta a ngaisgidh agus a n-ardfhlatha, amhuil adeir an file: - Do bhí Homer ag Gréguibh, Virgil ag Romhán- uibh do thaobh échta agus senchusa a shinsir, bhí Curtius ag Alasdrun, dá mórugha etc. ina ngeiniolach. Mur an cceudna bhí ag Gaoidhealuibh Flaithri, Fiothal, Tórna, Giolla Mac Duda, etc., agus ní bhfuil duine nach maith leis a shenchus murab aborigines nó filius terrae é. Do bhíodh comhchruiniugha gacha cethramha lae gach sechtmhadh bliadhan ag aos ealadhna na hÉirionn a cCaisiol a bhfochair an árdollaimh is annsin do scríobhadh Saltair Caisiol, agus do sgagadís geinioladh triatha agus uaisle gacha tíre, agus do curthaoi ainm an mhic sa leabhar iar mbás don athair agus do bhíodh ollamh gacha tíre na dhiaidh sin ag cong- bháil senchusa na ttighernadh agus na ttuath bhíodh ina churam agus dogheibhdís muirn, ion- mhus agus dúithe da chionn sin, gidheadh, an tan a dibreadh na triatha agus do cailleadh an dúithe, níor bho diongmhála an ealadha ag iarmua na n-ollamhun do dhith cumhachta ionnus gur fágadh na dilleachta í, acht gíbé le mba toil aon chlár do chongbháil as uisge dhí, a ccás nár dhúchas dhóibh a leanmhuin, mar is follus ó Dhochtúir Cétin, Ruaidhridh Ó Flaith- bhertaidh, Cambrensis Eversus .i. Seán Dubh A Línse agus mórán oile. Gurb uime sin do ghlac truaighe, báidh, agus claon le n-a násiún go sunradhach agus da chairdibh go h-airidh, scribhneóir an leabhair so Henridh Mhac Carrtha an obuir fhada ettual- uing so maille le scata oile dhá sort, ina bhfuil gabháltus geiniollach seanchus agus slointe Éirionn ó uaisle go minsleachta, do thionsgnadh a Sliogioch, saothar ba doilghe dhó bhí na chennuighe a n-iomad gnódhuighe agus mórchurúim: gidheadh do ráinicc leis an gach eidirsgith dá bhfuair agus dár fhuaduigh uadha féin an leabhar so do chríochnugha Anno Domini 1708 as priomhchóip nar fhág aon ní gan sgagadh gus gan tionól a leabhraibh agus ó ughdaraibh fromhtha na ríoghacht so, agus go hairidhe as leabhur an Dubhaltaidh Óig Mhic Fhirbhisigh Lecain Mhec Firbhisigh, etc.. Do bhraith iomorro an scríbhneóir reimh- ráite Henridh air féin trí neithe no puinc san tshaothar so .i. uaisle aigenta, baidh le cáirdibh, agus grádh don earadh: an céid ní, dó féin bhainios sin, óir ní bhfuil brath ar bith is mó air aigneadh uasal ná saothar do dheghdhaoinibh a n-asguidh; an dara ní ar a charthannacht do'n chrích re etc.; an treas ní grádh do'n earradh, óir as é an t-earradh is mó shantuighios an cennuigh maith an neoch is uaisle, is ferr agus is marthannuigh, agus ní mheasfuinn go bhfuil a solér ná a storús seóid is daoire agus is buaine ná a leabhar, agus dá chloinn agus dá iarmua bhainios sin, óir is dóibh shaorthruighes gach athair na neithe marthannacha. Anois mar luach saothair ghaedhalach go saoluighe Dia is na grásaibh é féin agus a churum amhuil athchuinges A Charaid ionmhuin. Sean Ó Gadhra.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services