A Specimen of Eighteenth-Century Irish.
By
Seáan ua Gadhra.
Oráid chum an Léightheóra agus Díonbhrollach
na hOibre so.
Ba ghnáithbhésa do na ríghthibh agus d'uacht-
aránuibh na bpuibleacha ar cheana ar feadh an
domhuin cumaoin meisneach agus onóir do
thabhairt do dhaoinibh foirfidhe foghlomtha do
bhiadh ina ngnáthchuimhne scríbhneórachta agus
ina ccartacha buanmharthannacha ag aithbheógh-
adh échta agus gabháltas a sinsear agus ag
tegasg na n-óg agus na n-iarmua chum a
n-aithghin sin do shaothrugha le réimhfhéchuin
agus le cródhacht a ngníomhradh féin.
Is follus an modh so ag Alasdrun uaibh-
reach an tan do chlaoidh agus do sgap mór-
shluagh Dharius Rígh na Persia, do fríth céidche
beag uasal ró-chostasach ameasg foidhbhe
agus édála na námhad, agus ro hiomráidheadh
eidir na triathaibh agus na cennphuirt cia na
seóide uaisle do ionmhus an árdrígh do
cuirfidhe a ttaisge ann, agus ameasg na
cosbóireachta so, ro iarr an domhanchumhachtach
Alexdar saothar nó leabhair Hómer an fhile
do thabhairt chuige agus do chuir a lámha féin
san tshoightheach a ccumhdach iad, ag dearbhadh
gurab í an fhoghluim séd ba huaisle san
domhan. Ba hadhbhal a mhodh féin agus a
thairbhe fa'n tráth sin dá mhaighistir Aristotle,
amhuil Cyrus Árdrígh na Persia nach sgaradh
leis an bhfallsamh Xenophon amuigh san
longphort ná san bpalás.
Féch onóir chloinne Míleadh don árdollamh
Cathér an tan do thairngir sé ag Sliabh
Riphe a ttoigheacht go hÉrinn, agus tar éis,
iar mbuaidh a ccosguir a n-Érinn féin, go
ttárla imreasan eidir Éimhior agus Érea-
mhón fa'n aois ealadhna, Cir agus Onaoi a
n-anmanna, gur thuit do réir chranchuir Cir
an seanmuire do thaoibh Emhir Fhinn agus
an t-ollamh d' Éreamhón.
Ag so mar adeir an t-Árdrígh Corbmac
Mac Airt san Teagasg Ríogh:
Maith don eagna do ghní rí do bhocht. Do ghní anruth
do eisert. Do ghní soichenél do dhocheinél, do ghní
goeth do bhoeth, maith a tosach maith a deireadh.
Ciodh trácht do bhí ollamhnacht agus
seanchas ni headh amháin filidheacht ar bun ó
thús mar is follus ó'n Scrioptúir san
tseanreacht, agus ag na Págánuibh ar cheana
amhuil a leightir ag Virgil:
Cui Pilumnus avus, cui diva Venilia mater.
Agus an tan tharladh imreasan fá oighreacht
arm Achilles eidir Ulysses agus Aiax go
raibh iomadh mór eatora fá n-a Seanchus ag
dénadh poimpe agus ealláis as a
sinsioraibh mar a n-abuir an caithmhiledh:
Sic a Iove tertius Aiax.
Ag so freagra Ulysses.
Nam mihi Laertes pater est, Arcesius illi.
Iupiter huic: neque in his quisquam dam-
natus et exul.
Ní ferr cruthugha an tsenreachta fa go
bhfuil senchus agus ollamhnacht oirdhearc ion-
leanta ná mar is follus san Tiomna Nua ag
Matha soibhiscéul geiniolach Íosa Críosd, an
mhéid gur duine é.
Do bhádar mar sin anuas ó an aimsir go
ar oile óir is mór meas na Rómhánach ar a
n-échta do chuimhniugha a leabhraibh, agus
breathnuighid gurab iad daoine ealadhna na
ccineadhach do shiorruidh échta a ngaisgidh
agus a n-ardfhlatha, amhuil adeir an file: -
Do bhí Homer ag Gréguibh, Virgil ag Romhán-
uibh do thaobh échta agus senchusa a shinsir, bhí
Curtius ag Alasdrun, dá mórugha etc. ina
ngeiniolach.
Mur an cceudna bhí ag Gaoidhealuibh
Flaithri, Fiothal, Tórna, Giolla Mac Duda,
etc., agus ní bhfuil duine nach maith leis a
shenchus murab aborigines nó filius terrae é.
Do bhíodh comhchruiniugha gacha cethramha lae
gach sechtmhadh bliadhan ag aos ealadhna na
hÉirionn a cCaisiol a bhfochair an árdollaimh
is annsin do scríobhadh Saltair Caisiol,
agus do sgagadís geinioladh triatha agus
uaisle gacha tíre, agus do curthaoi ainm an
mhic sa leabhar iar mbás don athair agus do
bhíodh ollamh gacha tíre na dhiaidh sin ag cong-
bháil senchusa na ttighernadh agus na ttuath
bhíodh ina churam agus dogheibhdís muirn, ion-
mhus agus dúithe da chionn sin, gidheadh, an
tan a dibreadh na triatha agus do cailleadh
an dúithe, níor bho diongmhála an ealadha ag
iarmua na n-ollamhun do dhith cumhachta ionnus
gur fágadh na dilleachta í, acht gíbé le mba
toil aon chlár do chongbháil as uisge dhí, a
ccás nár dhúchas dhóibh a leanmhuin, mar is
follus ó Dhochtúir Cétin, Ruaidhridh Ó Flaith-
bhertaidh, Cambrensis Eversus .i. Seán Dubh
A Línse agus mórán oile.
Gurb uime sin do ghlac truaighe, báidh, agus
claon le n-a násiún go sunradhach agus da
chairdibh go h-airidh, scribhneóir an leabhair so
Henridh Mhac Carrtha an obuir fhada ettual-
uing so maille le scata oile dhá sort, ina
bhfuil gabháltus geiniollach seanchus agus
slointe Éirionn ó uaisle go minsleachta, do
thionsgnadh a Sliogioch, saothar ba doilghe dhó
bhí na chennuighe a n-iomad gnódhuighe agus
mórchurúim: gidheadh do ráinicc leis an gach
eidirsgith dá bhfuair agus dár fhuaduigh uadha
féin an leabhar so do chríochnugha Anno Domini
1708 as priomhchóip nar fhág aon ní gan
sgagadh gus gan tionól a leabhraibh agus ó
ughdaraibh fromhtha na ríoghacht so, agus go
hairidhe as leabhur an Dubhaltaidh Óig Mhic
Fhirbhisigh Lecain Mhec Firbhisigh, etc..
Do bhraith iomorro an scríbhneóir reimh-
ráite Henridh air féin trí neithe no puinc san
tshaothar so .i. uaisle aigenta, baidh le cáirdibh,
agus grádh don earadh: an céid ní, dó féin
bhainios sin, óir ní bhfuil brath ar bith is mó
air aigneadh uasal ná saothar do dheghdhaoinibh
a n-asguidh; an dara ní ar a charthannacht
do'n chrích re etc.; an treas ní grádh do'n
earradh, óir as é an t-earradh is mó
shantuighios an cennuigh maith an neoch is
uaisle, is ferr agus is marthannuigh, agus ní
mheasfuinn go bhfuil a solér ná a storús
seóid is daoire agus is buaine ná a leabhar,
agus dá chloinn agus dá iarmua bhainios sin,
óir is dóibh shaorthruighes gach athair na neithe
marthannacha.
Anois mar luach saothair ghaedhalach go
saoluighe Dia is na grásaibh é féin agus a
churum amhuil athchuinges
A Charaid ionmhuin.
Sean Ó Gadhra.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11