Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Cháisg 1908
Title
An Cháisg 1908
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1908
Publisher
M. H. Gill agus a Mhac
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Irisleabhar Muighe Nuadhad Irisleabhar III An Cháisg 1908 Uimhir 2 Cóimh-Cheangal na nGaedheal Uile "Clanna Gaedheal guala ar ghualainn." Léightear i seanchus na hÉireann go ndeachaidh triúr laoch mar aon le n-a lucht leanamhna anonn do'n chrích ar a dtugtar Alba anois, agus gur thóg siad seilbh na tíre sin dá mhíle bliadhan ó shin nach mór. Bhí cineadh eile ann rómpa, acht b'éigean dó géilleadh dóibh sin. Adeir an seanchus gur imthigh an triúr sin ó Éirinn timcheall dá chéad bliadhain roimh aimsir Phádraig, agus go ndearnadh ríoghacht fá leith d'Albain san mbliadhain ba aois do'n Tighearna a ceathair déag is ceithre fichid ar chúig céad, nuair bhí Aodh mac Ainmire i bhflaitheas na hÉireann. Acht, ó's rud é go bhfuiltear ag a shuidhiughadh anois nach inchreidte seanchus na hÉireann ins na neithibh seo, caithfidh mé a admháil nach bhfuil agam d'ughdarthás leis an imtheacht sin an trír laoch acht a n-abrann na sean-sgríbhne, agus go mb'fhéidir nach bhfuil ionnta sin ó thús go deireadh acht bréaga baoise nó finnsgéal filidheachta. Má's eadh féin, ní féidir a rádh nach bhfuil gaol an-dlúth idir mhuintir an dá dhúthaigh .i. muintir na hÉireann is muintir na hAlban. An chosamhlacht atá idir an dá chanamhain atá ar labhairt indiu thuaidh is theas, taisbeánann sí go soiléir gur shíolruigh an dá shliocht ó aon chineadh amháin. Adeirtear gur fearr do thuigfeadh "cainteoir cluas" ó Chiarraidhe nó ó Dhéisibh Mumhan Gaedhealg na n-Albanach ná Gaedhealg na gConallach. Ní fheadar féin cia aca fíor nó bréag an méid sin; acht tá a fhios agam go rí-mhaith nach ró- dheacair ar fad do "léightheoir súl" a mbéadh eolas aige ar chanamhain na n-Éireannach, brígh agus bunadhas na bhfocal n-Albanach do thuigsin. Is fearr chruthuigheas an ní céadna sin go raibh Éireannaigh is Albanaigh i n-a n-aon chineadh amháin i n-allód ná aon rud dár cuireadh síos riamh i gcairt nó i sgríbhinn. Tá sé cinnte fós go mbíodh an-mhuinn- teardhas is an-chómbáidh ag muintir na hÉireann le muintir na hAlban, agus ag muintir na hAlban le muintir na hÉireann, na céadta bliadhan sul a dtáinig aon tSasanach go dtí an t-oileán seo. Bhíodh dlúith-charadas idir Áird-rí na Teamhrach agus Rí na hAlban. Níor bh' aon charadas gan bhrígh gan éifeacht é acht an oiread. Ní dhéintí Entente Cordiale bréige an uair sin. Nuair bhíthí ag súil go mbéadh cogadh ag námhaid éigin dá chur ar an Áird- rígh, ba ghearr an mhoill ar Rígh na hAlban cabhair is congnamh fear agus neart arm faobhair is teineadh do chur chuige dá chosaint ar cibé cur isteach do déanfaidhe air. Do-ghníodh Áird-rí Éireann an ní céadna nuair a bhíodh leathtrom ar Rígh Alban i n-a ríoghacht féin. Is dócha gur de dheascaibh comhair cáirdeasa cogaidh do socaruigheadh eatorra do-ghníthi é sin. Do-bheir Seathrún Céitinn cunntas i n-a stáir ar chonnradh do rinneadh ag Mór-dháil Druimceait. Tá trácht ar an gcóimhthionól gcéadna i sean- leabhraibh eile, agus do réir deallraimh, do bhí lámh ag Naomh Colm Cille san gcómhairle ar ar cinneadh ann. Ní móide nach bhfuil cuid de 'n fhírinne ins na cunntaisíbh seo, acht cibé aca atá nó nach bhfuil, is iomdha uair do chabhruigh na hAlbanaigh leis na hÉireannchaibh ins na bliadhntaibh do chuaidh
tharainn, agus is iomdha uair do dhíol na hÉireannaigh an comhar leo. Ar an gcuma sin is eadh do chosnaidís iad féin agus a ndream daoine ar leith ar gach fogha dá dtabhradh námhaid iasachta fútha. An Gaedheal i n-uachtar ar an dá thaobh de Shruth na Maoile, muinteardhas agus mór-chaidreamh idir an dá aicme, an fhaid is do bhí an sgéal amhlaidh, níor bhaoghal go mbrisfeadh aon eachtrannach isteach ortha, agus má bhrisfeadh féin, níor bhaoghal nach gcuirfidhe d'fhiachaibh air teicheadh leis thar sáile a bhaile chum a dhúithche féin. Agus chum an méid sin do dheimhniughadh, féadtar féachaint isteach i leabhraibh an tseanchusa. Tháinig na Lochlannaigh go hÉirinn, díreach mar tháinig siad go hAlbain agus go Sacsaibh agus go dúthaighibh nach iad. Do chuireadar fútha i Sacsaibh. Do rinneadar ríghthe dá n-uaislibh féin agus do riaghluigh- eadar an tír sin ar feadh suim mhaith de bhliadhnaibh. Ní dhearnadar a leithéid sin i n-Albain ná i n-Éirinn, bíodh go rabhadar fá réim agus fá mhór-chomhacht ins na críochaibh sin ar feadh tuilleadh agus dá chéad bliadhain. Fá dheireadh, chuir na Gaedhil .i. Gaedhil na hÉireann agus Gaedhil na hAlban dian-ár agus dearg-ruathar ortha i machaire Chluain- tairbh! Acht tháinig lá na haimiléise san deireadh thiar. Do marbhadh Brian Bóramha, Áird-rí na hÉireann, ins an machaire chlúmhail úd i n-ar traochadh na slóighte Danar. Do b' eisean ba chrann cosanta agus ceap caomhanta ar na Gaedhealaibh ar an taobh i bhfus de 'n tSruth. An fhaid is do mhair sé do dhlúthuigh sé treabha na hÉireann go daingean docht le chéile, i gcás gur bh' fhéidir leo iad féin do chosain ar an námhaid gránda do ghabh seilbh i gcuid dá bhfearannaibh dúthchais agus i n-a mbailtibh puirt. Do b'é toil Dé gur marbhadh an mac ba thánaiste do Bhrian san mór-chath chéadna, agus a mhac siúd i n-a theannta sin. Do ghabh Donnchadh an Áird-ríoghacht d'éis bháis Mhaelsheachlainn, acht "Áird-rí go bhfreasabhradh" do b'eadh é gan amhras. Níor bh'fada go raibh an uile shaghas droch-oibre agus an uile shaghas cogaidh agus coimheasgair ar siubhal ar feadh na dúthaighe go léir ó Dhun na nGall go Corcaigh na gcuan. Ní gábhadh dham a rádh nár cuimhnigheadh ar sean-charadas na nGaedheal an fhaid is do leanadh de 'n easaontas agus de 'n troid. Ní raibh sé de ghliocas ag Éireannchaibh fan- mhain go ciúin socair agus iad féin d' ollamhughadh fá chomhair cibé namha do leagfadh cos ar thalamh na hÉireann. Dá bhrígh sin, do bhéadh sé fánach ag duine aon tsúil bheith aige go gcoiméadfaidhe cuimhne ar chóimh- cheangal na nGaedheal uile, do chleachtaoi leis na ciantaibh ag an dá aicme thall agus i bhfus. Má thug na hÉireannaigh faillighe san sean- chaidreamh do shaothrughadh, do rinne na hAlbanaigh an cleas céadna, cibé cúis fá ndearr é. Do bhí a rian ortha araon. Do sheol na Sasanaigh go breagh réidh isteach go cuan Locha gCarmain, agus gan cor dá chur díobh ag fearaibh Fáil! An greim fuaireadar i dtalamh Fódla an uair sin, níor sgaoileadh fós é. Do brúghadh isteach ar Ghaedhealaibh Alban ar bhealach eile. Do hóirdneadh 'n-a ríghthibh ortha daoine nach raibh an fholaidheacht cheart ionnta, daoine nach raibh morán d' fhuil uasail na nGaedheal ag rith i n-a gcuisleannaibh. Nuair tháinig na Stíobhardaigh i seilbh flaitheasa na hAlban, do thosuigh an cogadh idir ríghthibh na machairí agus tighearnaíbh na n-oileán. An t-iarsma de Ghaedhealaibh na hÉireann do chuimhnigh ar an sean-dlúth-charadas, do chabhruigheadar go fial flaitheamhail le n-a gcómh-Ghaedhealaibh; acht i n-aimhdheoin a ndíchill, do buadhadh ar Chlainn Dómhnaill. Do b' shin deireadh curtha le comhacht na nGaedheal i n-Albain. An cóimh-cheangal do bhí riamh idir an dá dhúthaigh, annsin is eadh d' imthigh sí go hiomlán as cuimhne. Is iomdha leathtrom agus géar-chrádh d' fhulaing an Gaedheal bocht ó'n uair sin anall. Is iomdha feill-bheart agus foir- éigin do himreadh air, agus is iomdha gníomh gráineamhail do rinneadh chum é do choiméad fá chois. D' imthigh mío-rath agus mío-fhortún air, acht ní dóigh liom gur buaileadh i n-a threo aon ní chomh holc leis an ain-eolas. Do bhéadh sé gan teagasg gan fhoghlaim ar fad muna mbéadh go gcleachtaoi obair na sgolaidheachta "i gan fhios do'n dligheadh" i gcorr-áit annseo agus annsiúd. Acht do réir mar bhí an aimsir ag sleamhnughadh thart, ní ag dul i méid do bhí dúil na ndaoine san léigheann. Má's eadh féin, ba dhual is ba dhúthchas do'n Ghaedheal an dúil chéadna sin, acht do dalladh a intinn chomh mór sin nach raibh ann acht nár cailleadh í, agus mórán dá
dheigh-thréithibh eile i n-a teannta. De 'n dalladh intinne tháinig gur chaith sé an uile shaghas droch-mheasa air féin agus ar cibé ní do bhain le n-a thír is le n-a dhúthchas. Do bhí fuath aige dá theangaidh bhinn bhlasta féin. Do shaoil sé gur bh' í sin an t-aon rud amháin do bhí ag teacht idir é agus mór- shaidhbhreas an tsaoghail. Níor mhór do 'n tSasanach bheith lán-tsásta i n-a aigneadh; do bhí a ghnó déanta go háluinn aige. Tháinig an dalladh intinne céadna ar na hAlbanachaibh. Is fiú dhúinn machtnamh do dhéanamh ar na foclaibh seo: "Diaidh ar ndiaidh, do ghoid na Sasanaigh agus a dteanga mhadramhail isteach i dtír na mbeann; agus ar bhfaghbháil cúraim ár gcuid sgol dóibh, adubhairt siad le n-ár gclainn go raibh ár gcanamhain féin agus ár gcleachttha féin gan maitheas ar bith dúinn féin nó d' éinneach eile, muna rabhadar millteach dochrach; agus dá luaithe do chuirfimís i leathtaoibh agus do leigfimís ar dío-chuimhne iad, gur ab eadh is luaithe do rachaimís ar aghaidh agus do dhaingneochaimís ár sochar san tsaoghal so. Fuaireadar greim ar ár gcloinn ar an gcuma sin, agus tré bhéal lucht labhartha an Bhéarla, do mhúineadar dóibh masla do thabhairt dá gcaint mháithreamhail dúthchasaigh, agus bheith i n-a Sasanachaibh amhail an lucht teagaisg féin. Do ghabhadar lán-ghreim ar gach cothrom agus mío-chothrom d' fhéadadar do chleachtadh chum stáir ár dtíre do leigean ar dío-chuimhne, agus chum sinn féin do tharrang chum siubhal ó gach ní le n-a bhféadfaimíd cuimhniughadh ar na daoinibh ór shíolruigheamar, agus ó bheith ag smaoineadh 'n-ár aigneadh ar caidé mar do bhí ár dtír agus ár dteanga ins na laetheanntaibh do chuaidh thart." 1 Is mar sin díreach do bhí an sgéal ag na Gaedhealaibh go huile go dtí le fír-dhéidhean- aighe; muintir Shasana ar croidhe a ndíchill ag iarraidh an Ghaedhealg do chur chum báis, agus na daoine a raibh an Gaedhealg i n-a mbéal aca, ar croidhe a ndíchill ag iarraidh í do chaitheamh uatha. Acht tá athrughadh aignidh tar éis teacht ar an dá shliocht, ar Gaedh- ealaibh Éireann agus ar Gaedhealaibh Alban. Táid ceaptha ar gan leigean dá dteangaidh bás d'fhaghbháil. Táid ceaptha ar stáir a dtíre do bhreithniughadh agus do theagasg dá n-aos óg ar leith. Táid ceaptha ar a chur i n-iúil do'n tsaoghal gur dream daoine fá leith iad, agus nach mbéid sásta bheith i n-a Sasanachaibh go deo. Táthar ag obair go dian dúthrachtach ar gach taobh chum na Gaedhilge do thabhairt ar láimh shábhála. Tá obair as cuimse ar siubhal i n-Éirinn agus i n-Albain chum na neithe seo uile do chur i bhfeidhm. Acht sé rud adéar- fainn-se gur mór an truagh gan an cluiche dá imirt againn as láimh a chéile i gcoinne ár námhad. Is beag caidreamh atá eadrainn indiu seachas mar bhíodh ins na laetheanntaibh do ghabh tharainn. Ní dhearnamar mórán go fóill chum an sean-charadas d'athnuadhchain. Ná bíodh seo le casadh linn feasta. Cuiri- mís aithne ar a chéile. "Is dearbhráithre Gaedhil na hÉireann agus Gaedhil na hAlban; táimíd, dáiríribh, i n-ár n-aon dream amháin. Mar sin, ba chóir go mbéadh caradas bláth-chroidheach eadrainn. Seasa- imís amach go daingean docht i bhfochair a chéile. Nach é sochar na hAlban sochar na hÉireann, mar adubhairt Naomh Colm Cille féin? Má bhéimíd ceangailte le chéile arís ar an dóigh sin, ar an modh úd, agus an cuspóir úd againn d'aithin Colm Cille dúinn, go deimhin is go dearbhtha, soirbheochar dúinn go mór; fásfaimíd suas i n-ár gcineadh mar "bhláth na raon"; sgaoilfear ár n-iomrádh ar feadh an tsaoghail go léir arís, agus ní fhuighidh na Sasanaigh buaidh orainn go bráth." 2 FIONN (Mo dhearmhad! ní fhuil trácht ná iomrádh agam ar na manannachaibh ná ar a gcanamhain. Acht, féadfaidh mé teacht ortha araon leis an aimsir. - F.) 1 Guth na Bliadhna, an t-Earrach, 1907 2 Ibidem.
Cill Chonnla "Deoraidhthe gan scíth gan sos Mianaid a dtír is a ndúthchas." I. Céad slán leat a shráid-bhail' aoibhinn! Óm' chuimhne ní scarfar lem' ré M'árus caol aolmhar cois sléibhe, 'S na machairí bhí mín agus réidh. II. Céad slán le ham úd na scoile, Na cailíní bhí greannamhail 'gus groidhe, Na buachaillí bhí gluine le gliocas, 'Sí a gcuimhne mo gháirdeachas croidhe! III. An máighistir bhí caoin 'gus ceannsa, Gan cúram ar bith eile dhá chrádh, Acht "raon madhma" 'chur ar an mBéarla Bhí 'briseadh ar an nGaedhilge gach lá. IV. A bhean mhín mhánla nádúrtha, B' aici bhí cúram na mbé n-óg; 'S 'ch aon mhaicín bán ba gheal léi, Ní leigfidhe a bhaile gan póg. V. Acht 'bhfad níos dílse dom' chroidhe 'stigh Ná b'fhéidir liom 'cheapadh nó 'rádh, Tá crónán an tsrutháin 'sa ngleann sin, Nach scarfaidh óm' chuimhne go bráth. VI. 'Sé'n aon ghné amháin atá fágtha, Gan sal luit an tubaiste chlaoin, Chuir críonadh 'gus cnaoidh ar na bántaibh, 'Gus a thiomáin Clann Chonnla i gcéin. VII. Tá'n sruthán ag sníomhadh trí riasc ann, Áit chómhdhál' na n-éan fiadháin go léir; Is fras 'san bhfóghmhar bhíonns naoisc ann, 'S géabhaí 'san ngeimhreadh dá réir. VIII. Mar ghluaiseacht an ghirrfhiaidh tá 'casadh Ó'n chonrait 'tá dian ar a thóir 'Seadh sníomhas as síneas an sruth seo, 'Síor-tnúth leis an bhfairrge mhóir. IX. Lé truslóg 'bhfus 'gus glugar taobh thall Ar dhamhsa 'réir ceol na fuiseóige Bhíos 'silt a ghlóir go hárd ós a chomhair, Tráth le cumha, tráth le bród a hóige. X. Fó-oidhche spéir-ghealaighe ba ghnáth liom 'Bheith ag éisteacht le crónán mo rúin, Mór-chiúineas ag gor ar na sléibhtibh, 'S na réalta beag' ag caochadh le suan. XI. Mo léan! mé i gcéin ó Chill-Chonnla, 'Gus ó'n gcoill bheag in ar oileadh mé, Céad-searc mo chroidhe 'gus mo ghrádh geal; Béad go doirbh do-shásta lem' ré. XII. Dúire 's doilbheas ghabh mo chroidhe 'stigh, Ó d'fhágas ó thús m' árus mín réidh, Meallta le geallta, mo chrádh 's mo léan! 'Bhfad óm' thírín, óm' shrutháinín féin. PÁDRAIG MAC AODHA
Saothar na mban i n-aithbheodhughadh na Gaedhilge. Do b'fhada ar Éire an aindeise - Agus leanann cuid di fós di - Agus clann Mhilésius atuirseach Ag Danair 's agá slóightibh, Gur scaip inghean Mhaoilsheachlainn An scamall is an brón díobh Nuair d'fhág Tuirgésius marbh Agus an-chuid dá chómhfhogus. Diarmaid Ó Riain. Ní fada siar ó bhí ár dteanga ag dul i n-aimhréidhe. Ba dh' fhóbair di sleamhnughadh ar fad uainn, acht do rug "d'fhóbair" saor í. Nuair do bhí sí i n-eibir an chríonadh, d'éirigh laochraidhe lúthmhara leomhan-chroidheacha go raibh misneach agus dóchas ionnta, agus níl innsint scéil ar a ndearnadar chum obair na Gaedhilge d'aith-phréamhughadh agus do chraobhscaoileadh, agus chum sprid náisiúnta agus dála dúthchais do bhrostughadh agus do shocrughadh i gcroidhthibh Gaedheal. Ar mbeith tamall ag obair dóibh, d'éirigh leo go maith. Gan amhras - agus baineann so le deall- ramh - ba mhinic dóibh i gcruadhtain is i gcruadh-cháis, acht do rugadar an bhuaidh ar gach toirmisc, agus is amhlaidh atá an sgéal againn indiu, tá an Ghaedhilg ag dul i dtreise ó lá go lá. Acht mara n-áireómhthaidhe an fír-bheagán aca, ní mór de choidreamh ná de chongnamh a thugadar ár mbantracht san obair. Níl fé 'n spéir talamh gur mó go mbíonn urraim do mhnáibh ann ná mar bhíonn dóibh i n-Éirinn. Bhí an nós san fé réim is fé onóir annso riamh. Agus ní hiongnadh go mbeadh, mar bíd inghneana na hÉireann uasal deighbhéasach de ghnáth. Annsan nuair do cuireadh an Connradh ar bun, do cheapadar na mná gur saothar d' fhearaibh é, agus ná raibh baint aca féin leis de bhárr a mbandachta. Ar an adhbhar san, d' fhanadar uaidh gur cuireadh i n-iúil dóibh go raibh gnó oireamhnach fé leith aca le déanamh ann. Acht mar sin féin, má tá aon ní san obair seo na Ga dhilge is mó ná a chéile go bhfuil faillighe á dhéanamh uirthi anois, sí ceist na mban í. Agus ní gan fáth adeirim gur mór go léir an dearmad é bantracht na hÉireann do choimeád siar sa ghnó, gan iad do leogan i measc na foirne chum páirt do ghabháil san obair. Is 'mó slighe 'n-a bhféadfadh mná na hÉireann congnamh do thabhairt do Chonnradh na Gaedhilge anois féin, agus ná fuil san dá dhéanamh aca acht ag duine annso is annsúd. Mar sin, ní misde dham a fhiafruighe annso, cad iad na slighthe 'n-a bhféadfadh mná na tíre cuid de 'n tsaothar do thógaint dínn. Is mór an cumas agus an chómhacht atá aca 'n-a dteaghlach féin chum an t-aos óg do chur ag labhairt na Gaedhilge. Ní bhainfear tairbhe as ár saothar, ná críoch as an bhfothrom mór, go dtí go mbeidh an teanga ag na leanbhaíbh ó thosach óige; agus ní bheidh sí aca san go dtí go gcloisfear í sa bhaile. B'fhéidir go bhfoghluimeoghaidís ar scoil í? B'fhéidir é, acht san am chéadna, ní hádhbhar chum éachta a dhéanamh duine ná beidh taithighe aige uirthi ó'n gcliabhán. Ar an adhbhar san, ní foláir tosnughadh i n-am; agus ar na mnáibh a théidheann sé an tosach san do dhéanamh: an teanga do labhairt leis na leanbhaíbh ó dhubh go dubh, agus ó cheann ceann na seachtmhaine. Do b'áil liom cur síos annso ar an sochar uathbhásach a thiocfadh do'n tír dá gcuireadh an bhantracht sprid foghanta 'n-a gcloinn ó thosach. "Is treise fé thrí anam ná an dlighe," adubhairt duine tábhachtach léigheannta. Agus do b'fhíor dhó leis. Féach an ghéir-leanamhain d'imreadh ar an dtír seo. Gach ní bhí ar seilbh ag muinntir na hÉireann, d'fhuaduigh- eadh agus d'ídigheadh é aige dlighthibh cama píonósacha do ceapadh chum iad do chur fé chois. I n-aimhdheoin na gclaon-dlighe, ámh- thaigh, d'fhan aca an spriuchadh do corruigheadh ionnta i n-a n-óigeacht. Pé rud a chloisfidh an leanbh, raghaidh sé tré n-a aigne agus fanfaidh ann. Má airigheann sé fuaim na Gaedhilge, agus trácht ar sheanchasa thíre, tiocfaidh grádh 'n-a chroidhe do thalamh na hÉireann. Is ceart do'n mháthair gan aon ócáid do leogaint tháirsi gan an spréidh sin do choinneáilt ar lasadh, agus chur 'n-a luighe ar na leanbhaíbh gurab í ár dtír dhúth- chais féin an tír is áilne agus is gleóidhte fé'n spéir; gurab í is binne ceól abhann; gur taithneamhaighe sheinnid na héanlaith ós cionn bánta na Fódla ná ar aon bhall eile
ar fuaid an domhain; gur chruthaigh Dia na n-uile-chomhacht talamh na hÉireann do Chlannaibh Gaedheal, agus dá bhrígh sin, gur cheart dóibh measa bheith aca uirthi; nó, mar adubhairt an file:- "Ní hiongnadh d'inis na neart Beith deireóil d'éis a hannsacht D'fhine Ghaoidheal na ngníomh náir, Gach aoin-fhear díobh gan díogbháil." - Céitinn. Má dheineann an mháthair an méid sin, níl aon bhaoghal ná go mbeidh an linn seo ag teacht 'n-a bhfíor-Ghaedhealaibh. Ba mhór an díoghbháil agus an léir-sgrios do tháinig ar an dteanga de bhárr scoileanna na tíre, agus de réir mar is fios dúinn, ní mór a bhí sí fé mheas ag na huachtaráin. Nuair mhachtnaimíd air sin i gcompráid leis an méid atá dá dhéanamh ionnta anois, ní bheidh iongnadh orainn um a laighead mná go bhfuil an Ghaedhilg aca. Níl aon leith-sgéal aca anois, ámhthach. Tá an teanga dá múineadh i ngach sgoil i nÉirinn geall leis, agus i gcraobhacha Chonnradh na Gaedhilge, atá i bhfeidhm go daingean i ngach áird; agus ba cheart go bhfuighfidhe na mná go líonmhar ortha súd, i dtreo go mbeadh sé ar a gcumas an t-aos óg a thabhairt suas tríd an nGaedhilg. Tá tagartha agam cheana do thábhacht an ní seo. Is eól dúinn gur ar an mhnaoi a théidheann curam an tighe. Gabhann an fear amach ar maidin chum obair an lae do dhéanamh, agus ní thagann sé a bhaile go tráthnóna; fágann sé riaradh an tighe fé n-a mhnaoi, agus ba cheart di a fhiafruighe dhi féin anois is arís, cionnus a chóimh-líonann sí a dualgas. An labhrann sí an Gaedhilg le lucht an teaghlaigh? An múineann sí na paidreacha i nGaedhilg dá cloinn? An mbíonn ag obair di cailíní aimsire a labhrann an Ghaedhilg? An bhfuil báidh aici le liteardhacht is le stair, le ceol is le hamhráin na tíre, nó an dtugann sí congnamh dóibh? An gceannuigheann sí deantúisí na hÉireann, nó an ndeineann sí a áiteamh ar a chómh-bhantracht iad do ghlacadh de rogha thar earraidhibh iasachta? Ceisteanna feidhmeamhla iad san, agus ná beireadh aoinne leis, t'réis iad do scrúdughadh, gur beag é páirt na mban i saothrughadh na Gaedhilge. Is beag dá mhearbhall orm ná go mbeidh sé n-a thuairim ag gach n-aon nach ceart dóibh moill do dhéanamh i lár na broide seo, acht tosnughadh ar an obair, mar is treise go mór cómhacht na máthar ná cómhacht an athar chum leasa nó chum aimhleasa an aosa óig. Sara gcuirfead críoch leis an roinn seo de'n tráchtadh, ba mhaith liom teacht thar an éirghe i n-áirde a bhíodh ag máithreachaibh na tíre seo le fada de bhliadhantaibh go mbídís ag maoidheamh as na hainmneachaibh breaghtha galánta, dar leo, do thugaidís ar a leanbhaíbh. Ní raibh san nós sin acht aithris ar dhaoinibh iasachta. Beidh sé n-a mhasla is n-a ghuith ortha go ceann i bhfad go ndeagh- adar an fhaid sin i n-olcas is i ndíth céille go gcaithidís uatha ainmneacha naomhtha a sinnsear, agus ainmneacha eile gan bhrígh gan chiall a chur 'n-a n-ionad. Acht is sólásach an sgéal é go bhfuil atharrach intinne ag cuid aca, bíodh gur nár le n-a bhfurmhór casadh ar a gcéill chirt anois féin. Tugaimís anois breithniughadh ar thaobh eile de'n tsaothar. B'shin nós de nósaibh na hÉireann riamh go dtugtaoi togha na haire is na hurrai me do gach comhluadar agus do gach cuideachtain go mbídís na mná páirteach ann. D'éisan tsaoghail, is iad na mná a riarann an domhan. Éan ní go mbíonn lámh aca san ann, téidheann sé chum cinn. Is iad is fearr chum na bhfear a ghríosadh chum oibre, agus ar an dtaobh amuigh dár ndual- gas chum Dé na Glóire, sé ár ndualgas chum Éireann is déine agus is dlúithe atá ceangailte orainn. Dá bhrígh sin, ba mhaith liom an fhírinne ró-éifeachtamhail seo do shíol-chur i gcroidhthibh ár mbantracht, gurab éachtach an obair a bheadh ar a gcumas a dhéanamh, dá mba rud é go leanfaidís do'n Ghaedhilg, agus páirt do ghabháil léi. Creid- thear uaim-se é, dá ndéanfaidís amhlaidh, go raghadh an Connradh ar aghaidh, agus níor bh'fhada go mothóghfaidhe ár dteanga dá spreagadh ar gach taobh. "Tosnughadh maith leath na hoibre"; tagaidís isteach; bídís 'n-a mballaibh beathadh i gcorp an tsaothair mhóir seo, agus cuiridís le chéile chum an bháire do chasadh. Annsan feiceam cia bhuaidhfidh ar Chlannaibh Gaedheal. Tá súil agam gur gearr go bhfeicfimíd iarracht láidir dá dhéanamh chum mná na hÉireann do thabhairt ar shlóighthibh Chonnradh na Gaedhilge. Agus cionnus a thiocfar air sin? Caithfear a mhínuighadh dhóibh agus a chur i n-a luighe ortha an fhíor-chuma 'n-a bhfuil
oighreacht ár sinnsear fé láthair; go bhfuil troid ar siubhal ar son beathadh anma na hÉireann, ar son ár náisiúntacht is ár dteanga, agus ar son gach ní ar a bhfuil cion i gcroidhthibh fíor-Ghaedheal; gurab é príomh-rún muinntir na Gaedhilge ár dteanga féin a chur dá labhairt, agus ar an adhbhar san, nach mór dúinn dícheall gach duine i gcóir na hoibre. Cuirtear na mná ag machtnamh air sin, agus ní fada go mbeidh malairt scéil le hinnsint um a laighead saothair a dheinid mná na hÉireann i n-aith- bheodhughadh na Gaedhilge.
Léightear an méid seo i mo dhiaidh ag Seathrún Céitinn san gceathramhadh alt de an dara leabhar ar a dtugtar, Trí Bior- Ghaoithe an Bháis: "Ar geineadh Muire i bpeacadh an t-sinnsir?... adeir Pól, Róm., v.12, "do pheacuigheadar na huile in Ádhamh" Ionann sin le rádh agus go raibh peacadh an t-sinnsir ar an uile duine ó Ádhamh. Mo fhreagra ar briathraibh Póil go bhfeudaid siad bheith fírinneach tar ceann go mbeadh duine nó dias ar n-a n-eisceacht ó pheacadh an t-sinnsir... Ní hiontuigthe go héigeantach asta go raibh peacadh an t-sinnsir ar Muire... Óir atáid dá shingin choitcheanna ann, mar atá singin choitcheann deimhnightheach agus singin choit- cheann diultuightheach; agus fuilngidh an t-singin choitcheann deimhnightheach eisceacht go minic; óir dá n-abradh duine an pobal uile do bheith san dteampall do ghnáth-mhodh labhartha, is fíor dhó é, cia do bheadh duine nó dias díobh gan bheith ann; agus san gcéill sin is fíor gach rádh coitcheann deimhnightheach dá bhfaghthar san Scriptúr. Ní mar sin cheana do an rádh coitcheann diultuightheach, ní fhuilngeann eisceacht; óir dá n-abradh duine ná beadh aon duine do an phobal san dteampall, ní fíor dhó é, dá raibh duine nó dias díobh ann. Tuigtear an t-eidirdheal- ughadh atá idir an dá shingin úd, as an ní léightear, Iohan. 1. 3, "is maille ris-sin do rinneadh na huile agus ní dhearnadh aon ní gan é." Tuig gurab uime adeir nach dearnadh aon ní gan é do thoirmeasc an t-seachráin adeuradh ar son na faisnéise deimhnighthe úd go bhfeudfadh ní éigin substainteach do bheith ar n-a dheunamh nach é Dia dogheunadh. Gidheadh ní fhuilngeann an diúltadh coitcheann an tuicsin sin do bhuain as. Uime sin is eadh freagraim do an ionad úd Póil, do bhrígh gur rádh coitcheann deimhnightheach é agus nach rádh coitcheann diúltuightheach, nach iontuighthe go n-abair gur luigh peacadh Ádhaimh ar an uile dhuine, gur luigh ar Muire; do bhrígh do réir a ndubhra- mar go bhfeudtar í d'eisceacht ó an rádh fhuráilteach úd Póil agus ó n-a chosmhailibh eile." .i. Ag seo ionad atá san leabhar sin do scríobh an Dochtúir Céitinn ar an aifreann .i. Eochair Sciath an Aifrinn:- "Bíodh a fhios agat, a léightheoir, go mbíd
ceithre modha ar a ndeuntar claochlódh ar na neithibh, do réir S. Tomáis .i. an Dochtúir Ainglidhe. An cheud modh díobh, ní do thabhairt ó neamhní chum bheith in a ní, agus is é sin claochlódh tháinig ar an domhan mhór ar n-a chruthughadh. An dara modh, chlaoclódh aicide in aicid eile, mar atá claochlódh teasa i bhfuacht gan milleadh na subieicte in a mbíd, mar atá teas do bheith i láimh dhuine agus an teas sin do claochlódh i bhfuacht gan milleadh na láimhe. An treas modh, chlaochlódh substainteach, leathrannach, mar a dtig malairt ar rann de an t-substaint .i. ar an bhfoirm, agus gan a dhul ar an rann eile .i. ar an ádhbhar. Ag seo sompla ar sin .i. an tan iompuighthear feoil i gcrumhaibh; óir téid claochlódh ar rann de an t-substaint seo na feola .i. ar an bhfoirm, agus téid an fhoirm i rann 2 substainte eile .i. i bhfoirm crumh, gidheadh (f)anaidh an rann eile .i. an t-adhbhar go hionann in gach cuid díobh. An ceathramhadh claochlódh in a gclaochluighthear substaint iomlán idir ádhbhar agus foirm i substaint iomlán eile, amhail do ghnidhthear san gclaochlódh choisreagtha so, mar a n-iom- puighthear substaint aráin idir ádhbhar agus foirm i substaint Chuirp Chríost" .i. Feuch a bhfuil do fhoclaibh in san dá dheis- mireacht 3 so: - Atá sé ar a eisceacht, he is an exception. é d'eisceacht ó, to except him from eisceacht d'fulaing, to suffer exception Ní hiontuigthe go héigeantach as, it is not to be understood necessarily from. singin, signum coitcheann, universal deimnightheach, affirmative diultuightheach, negative do ghnáth mhodh labhartha, in the ordinary way of speaking rádh, proposition eidirdhealughadh, to distinguish, a distinc- tion seachrán, error faisnéis, statemcnt, predicate tuicsin do bhuain as, to take a meaning from, ionad, a passage in a book, a quotation cosmhail, what is parallel or similar aicid, -e, accident,4 subieict -e, subject substaint, substance substainteach, substantial leathrannach, incomplete iomlán, complete foirm, form ádhbhar, matter Ní beag liom an méid sin romham 5 chum a chur i gcéill nach cóir focal do cheapadh san bhfeallsa go mbeidh na sean-leabhrtha móra léighte againn, go mbuailfear amach gach gráinne as a bhfuil ann de phunannaibh. Ní cneasta dhúinn a mhalairt de shíol do chur. Is iomdha piac dochím ag teacht aníos tré an talamh an aimsear seo, agus ní chum aon tairbhe do dheunamh dhúinn atá siad ag teacht, acht chum súghlach na talmhan do tharraing chucha féin agus fíor-shíol na Gaedhilge do mhúchadh. Ná bíodh cead ag aoinne fós focal do cheapadh dhúinn. B'fhearr liom logica agus psicologia mar anmna ioná eolas áitimh agus eolas anma. 6 Bfhearr liom an Laidean do chur ann ioná an droch-Ghaedhealg. Bfearr liom deagh-fhocal éigin ioná an focal
bréige. Bfearr liom focal do fheicsin ann ar aithnidh dam a athair agus a mháthair ioná focal ainteastach 7 do fhás in inchinn an scoláire gan léigheann. Agus an bhfuil leabhrtha seanchusa na hÉireann gan fromhadh fós againn? Cionnas do-bheurthá cion stáire 8 ar an scribhinn in a mbeadh gach focal suarach, dearóil ná deur- fadh muinntear na tuaithe féin, iad sin a bhfuil tuicsin aca sa nGaedhilg, mar atá "ní féidir bob do bhualadh ar an righ," ""chomh siuireáilte is atá ceann ar ghanndal, arsa an righ, "mara n-inneosaidh sibh dam láithreach bonn gach aon rud fébh mar a thuit sé amach ní fhágfainn mac máthar agaibh ná cuirfidh mé tairgne i mbeo aige."" "Atá a fhios againn cionnas mar do bhí an sceul i dtaobh an chreidimh." "D'éirig go seoidh le hobair naomh Pádraig." "D'imthig leis bog, te fé dhéin an ghotha" .i. go dtí an áit in ar chualadh guth an duine (?). ""Dá bhfuighbhinn- se mo chrúba i gcroiceann an bhitheamhnaig sin," arsa an righ, agus rl..." Ní ag righ do chloisfidhe a leithéid acht ag sceulaidhe na hiarta. Bfearr liom dá mbeadh póna againn, go gcuirfidhe isteach ann fá ghlas gach "bob" agus "tagaighthe" agus "abair is go" agus "an fear go bhfuil eolas aige" agus gach aon cheann riamh aca sin. Ná tuig uaim gurab i scríbhinnibh muinntir Coluimcille 9 do-chonnacas na focail sin. Ní headh acht gur fáth imshníomha dam a rian do fheicsin tarsa. Boladh breaghdha cumhra, boladh na móna amach ó an teinteán, acht ní hé is measa do an mbiadh do chaithfeá a bheith saor uaidh. Dá mbeitheá ag cuimhneamh agus ag cuardach go deo, ní bhfuighbhtheá ó na daoinibh na focail do bheadh uait chum scríobh- adh ar stáir críche. Cadé an Ghaedhealg do churfá orra so: sovereignty, began to reign, defensive alliance, entente cordiale, transient, condition of country, development, institu- tions? An amhlaidh do cheapfá focail dóibh sin? Agus cadé an chiall duit focail do cheapadh, agus iad ceaptha cheana ag sean- ughdaraibh na Gaedhilge? Má adeir aoinne ná tiocfadh an t-athair Peadar ó Laoghaire liom sa méid adubhart, mo fhreagra air: ná adubhairt an t-athair Peadar riamh nach éigean dúinn leabhrtha móra na Gaedhilge do léigheamh agus ná adubhairt gur cóir do an duine do bheadh ag tráchtadh ar seanchus na hÉireann nó ar an bhfeallsa gach focal leibideach do scríobhadh. Is fearr gníomh ioná teagasc. Feuch cad atá sé féin a
dheunamh. Atá sé ag cur Gaedhealg na haimsire seo ar an sean- leabhar sin .i. ar Cath Ruis na Rígh for Bóinn. Ag seo síos deismireacht do bhaineas as. Bíodh a scríobhadh féin aige: - ""Cad é an cúntas atá agat dom ar a ngléus agus ar a líon agus ar a neart?" "Dar mo bhriathar-sa, a rígh," arsa Iriel, "ní ró-mhaith an cúntas atá agam duit ortha. Níl áth ar Bóinn gan iad 'n-a ngárda líonmhar ar an gceann theas dé. Tá Ros na Rígh agus an talamh, árd agus íseal, 'n-a thimpal, lán dá gcapailibh agus dá ngiollaibh, agus tá na bóithre mór thimpal lán díobh. Tá gléus áluinn uasal ortha. Is cuma nú lasair ríghthighe i lár machaire an gléus airm agus éide agus éadaig atá ortha." "An fíor, a Iriel ghálaig ghlúnghil," arsa Conchubhar, "an nídh seo adeir na fir, go bhfuil trí catha ar an machaire, ar ár láimh clé ag feitheamh linn?" "Ní h-ar an machaire atáid siad, a rígh," arsa Iriel. "Istig ansud iseadh atáid siad sa rois n-a ngabhan Bóinn 'n-a thimpal. Táid trí catha ann de chlanaibh Deirg agus iad i gceilg ag feitheamh linn. Is cuma nú lasair an spréacharnach atá agá n-arm a dhéanamh tré chranaibh an ruis. Na fir úd a chuaidh uainn ag breithniú' an tslóigh ní thiocfidh siad thar n-ais chúghainn. Dheineadar an gníomh uasal agus tá onóir mhór ag dul dóibh.' Nuair airig Conchúbhar an tuairisg sin ar an namhaid a bhí i Ros na Rígh ag feitheam leis do ghlaoidh sé chuige a lucht cómhairle, "Maith, a Ulta," ar seisean, "cadé bhúr gcómhairle dhúinn i dtaobh an chatha so atá le troid againn?" "Isí ár gcomhairle," ar siad-san, "fanmhaint go dtagaid ár dtreóin agus ár dtaoisig agus ár dtighernmais agus ár bhfuilingidhthe catha." Do deineadh an chómairle sin agus do fanadh."
Ná fuil annsin acht Gaedhealg tuaithe? Atá Gaedhealg tuaithe ag an athair Peadar. Má atá, is annamh doghní eugcóir uirre le n-a cur tar a hacfuinn. Nuair do bhí sé ag cur Gaedhilge ar "all rights reserved," sé rud do scríobh ná "Fógarthar gach ceart ar chosnamh." Ní hí an Ghaedhealg tuaithe do bhí annsin aige. Atáim ag iarraidh annso dá ní ar muinn- tir Coluimcille. An ceud ní díobh .i. na focail bhaineas le feallsa agus le diadhacht do thiomsughadh agus do thionól, 11 agus leabhar beag do dheunamh díobh. An dara ní .i. a chosmail de dhíoghluim 12 do dheunamh ar leabhraibh seanchusa. Badh cóir eolas cruinn do chur le gach focal, mar atá nuimhir 13 an leathanaigh agus l. Níl maith ar bith in aon shocal ná beadh eolas an ionaid in a bhfuaradh
é ag gabhail leis. Ní ceart a iarraidh ar aoinne muinghín do beith aca asainn féin acht asan ughdar do thug an focal dúinn. Annsin do beadh dá leabhar beag maith againn, do bheadh an síol ceart againn agus ní bheidhmís i dtaobh le fiadh- ailibh. Atá a fhios ag muinntir an Choláiste nach le mioscais ná le míorún atáim. Atá a fhios aca ná fuil uaim acht iad do chur ar leasa n-aigne agus iad do chur ag deunamh na hoibre is mó do raghadh chum tairbhe don Ghaedhilg. MICHEUL Ó SÍUTHCHÁIN. 1 i.e. "Omnis" agus "nullus." Feuch S. Thomae, Peri Hermen. , Lib., 1., lect. 10, pps. 23, 24. is iad sin na leabhrtha do bhíodh ag Seathrun Céitinn. 2 Ní hiongna gan na scribhinne do theacht le n-a chéile ar na foclaibh seo. Comhartha glaine ar aon schribhinn díobh an áit seo do bheith do réir feallsa na scol innte. An scribhinn is fearr dá bhfuil sa choláiste, atá sí ag an Dochtuir ó Hicidhe ar iasacht ó an leabharlainn. Bhí sí leath-chaithte nuair fuair sé í, agus do rinne í do dheisiughadh. Dóbair gurab í foirm na gcrumh nó na leamhan do raghadh innte. 3 Deismireacht .i. quotatíon, íllustratíon. Rann deis. mireachta, a stanza of quotatíon, Keating F. F., p. 100, líne r8; p. 2i4, línc 10. Comyn. K. uses áith-léighim as verb "I quote," e. s. a. c. II., last paragraph but one. 4 "Aicíd" atá sa scribhinn. Adeir Dr. Ó Hicidhe gur chóir "aicid" do bheith ann. Adeir fós gur fearr "fealsamha" nó "fealsaimhe" ioná "feallsa." 6 Eolas. Sin focal an-mhinic ag lucht ceaptha na bhfocal. Fuaim-eolas bhíos ag cuid aca ar Phonetics. Ionann fuaim agus noise. Foghar, an focal ceart. Atá sé ins na Gluasaibh. Teagasc na bhfogar, thug- aimíd ar Phoenetics ag Coláiste na Rinne. 9 "Connradh Chuilm Naomhtha" i ngnáth-Ghaedhilg na haimsire seo
10 Bíonn an sceul so idir Gaedhealg agus Beurla sa Cork Weekly Examiner gach aon Satharn.
Seanmóir Na n-Aithreach Naomhtha 'Gcuala sibh luadh 'riamh ar Sheanmóir na n-Aithreach Naomhtha, Nó ar an pháis chruaidh chruaidh d'fhulaing Críosda? Nuair a bánadh na flaithis Nuair a cuireadh na seacht sinnsear 'mach as Cuid ins an aer, cuid ins an talamh, Agus cuid i n-ifreann dámanta dá ndámnadh go síorraidhe, Sin an t-am labhair Mac Dé go páirteach 'ca: "'Athair, goidé a ghlacfá agus síol Ádhaimh agus Éabha A shábháil ó ifreann dámanta ó'n teinidh láidir?" "Cha nglacaim duais, bríob, nó sásadh; Tá mé réidh go dtí lá na breithe leóbhtha; Go bhfuighidh mé fuil Mic Ríogh gan choir gan cham A dhórtadh ar a son chan fhoghann siad párdún." "Geallaim-se sin duit, a Dháid, acht síol Ádhaimh agus Éabha A shábháil ó ifreann dámanta ó'n teinidh láidir." Sin an t-am ar thuirling Mac Dé fá bhroinn Mhuire Mar gha gréine, mar ghloine gan sgoilteadh gan sgáineadh. D'iomchair sí é ar feadh na trí ráithe: D'iomchair sí é go faitcheach náireach: D'iomchair sí é go bhfuair sí 'n a' stábla Gan teas teineadh gan bean a cruadail. 2 Sin an t-am a rabh sí sásta; Acht ba ghearr 'ndiaidh sin go rabh sí cráidhte. Nuair thainic rí Herod isa shlóighte, Chuir siad na mílte páiste 'un báis an lá sin Ar a'n iúl 3 go muirbhfeadh siad Rí na nGrásta; Acht d'imthigh Mac Dé i dtreoir is i misneach. D'imthigh sé isa chuid easbal ag teagasg na bpeacach Go dtainic an t-aingeal ó na flaithis: "Is mithid duit éirghe isa dhul a bhaile, A dhul is an dá fhichid lá a throsgadh." "Chan fhágaim-se thu," ars' Eoin Bruinne. 4 "Chan fhágann, nó mise," arsa Peadar. "Ó, ná labhair comh dóchasach, a Pheadair; Séanfaidh do bhéal dubh Trí huaire sul a dtí maidin." Lean a chuid easbal é, fuair siad amach é. Sheas siad suas ag na guailne geala. "Imthigidh uaim is ná fanaigidh agam, Tá mé braithte is béidh mé gaibhte, Is béidh mé i láimh mo námhad sul a dtí maidin." D'imthigh Eoin Bruinne go rabh sé ag Muire Mháthair; "A Eoin Bruinne, an bhfaca tu mo pháiste?" "Chonnaic mé é, a Naoimh-bhean Beannuighthe, Ar chrann na páise is iad dá ghearradh."
D'imthigh an Mhaighdean Bheannuighthe faoi chró a ró-sgoilte. Nuair a chualaidh na Iúdaigh gur ab í Máthair Dé, Thóg siad suas í ar chulaidh éadaigh, Agus chaith siad amach í fá chlocha na sráide. Ghearr siad a glún a míne agus a bosa geala, A héadan ró-mheas ariamh mhothuigh 5 (?) "Ó! a Mhic, goidé dheánfas tu le do Mháthair." "Bíodh foighid agat, a Mháthair, Go mbéidh mé trí huaire ar chrann na páise. Nuair a bhéidh mise naoi n-oidhche ar oileán Phádraig, 6 Níl a'n dhuine chaoineas mo bhás Nach fogus dó flaitheas na ngrásta." 1 Is baoghalach nach bhfuil an t-iomlán de'n "tseanmóir" áluinn seo agam Fear darbh ainm Brian Ó Loingsigh as Breifne thug damh a bhfuil agam de. Chuir an Craoibhín Aoibhinn Dánta Diadha Chúige Connacht i gcló cúpla bliadhain ó shin, agus anuraidh thug an Dochtúir Ó Síothcháin dúinn níos mó ná deich n-urnaighthe fichead do sgríobh sé síos ó bhéal na ndaoine i n-a dhúthaigh féin, acht níor bailigheadh an litridheacht spioradálta atá ag Gaedhilgeoiríbh Uladh go fóill. Ba chóir do dhuine éigin tosughadh ar an obair sin gan moill ar bith do dhéanamh. 2 .i. comhluadar. Bean a cruadail .i. bean chabhrach. 3. .i. i dteannta a chéile. 4 "Baisteadh" adubhairt an fear a d'aisthris, acht bhí Eoin baistidh marbh an t-am úd. Eoin Bruinne .i. an t-Eoin do leag a cheann ar bhruinn ár Slánuightheora. 5. .i. dár tugadh árd-urraim ariamh (?) 6 Is dóigh liom gur ab ionann "oileán Phádraig" agus an t-oileán i Loch Dearg mar a ndéantar an turas gach bliadhain.
Ádhbhar Sagairt Ba mhaidin bhreagh gheal i dtoiseach an tsamhraidh í agus bhí sgáile na néal bán ag eitealladh trasna taobh na gcnoc. Ar an sráidos comhair tighe tuighe ísil aol- bháin bhí sagart ag siubhal anonn is anall go mall. Amach os a chionn bhí gasúr cos- nochtuighthe ag rith anuas le fánaidh, agus madadh mór dubh-bhuidhe ag preabadaigh i n-a thimcheall. Bhí na fuiseogaí ag gabháil cheoil thuas san spéir, agus bhí bean an tighe ag crónán amhráin duithi féin ag dul fá n-a cuid oibre. "'Bhfuair tú do chuid eallaigh uilig indiu, a Dhonnchadh?" ars' an sagart leis an ghasúr, nuair shroich sé an tsráid. "Fuair, a uncail," arsa Donnchadh, agus luisne mheidhreach ar a phluic. "Goidé tá tú ag dul a dhéanamh anois?" ars' an sagart. "Níl dadaidh le déanamh agam go dtí an tráthnóna acht a bheith ag foghlaim na Laidne agus Céimseata." "Nach ndéanfaidh tú do sgríste sul a dtoiseochaidh tú ar an fhoghlaim?" "Nílim tuirseach," arsa Donnchadh; agus isteach leis fá choinne a chuid leabhar. Thainic sé amach arís go luath, dhá leabhar faoi n-a asgaill aige, agus é ag ithe ceapaire aráin choirce is ime a thug a mháthair dhó. Ba ghoirid go raibh sé féin agus an sagart i n-a suidhe ar suidheachán a bhí ag ceann na sráide agus iad ag gabháil do na leabhair. An sílfeadh éinne go raibh an sagart óg sin le n-a bhás? Bhí cuma láidir folláin air, acht faraor! bhí an droch-obair déanta ag an chréachta air cheana. Chaith sé an geimhreadh san Eilbhéis, acht má chaith féin, níor bh' aon mhaitheas dó é. Dubhradh leis nach raibh a leigheas ann, cidh go mb'fhéidir go mbéadh roinnt bhliadhan aige san tsaoghal seo go fóill. Bhí sé socair aige na bliadhantaí sin a chaitheamh le n-a dhearbhráthair agus i measg a cháirde mar a rugadh is tógadh é. Ní raibh 'dhath dá bhuaidhreadh acht amháin nach raibh sé ábalta oibrughadh ar son Dé agus daoine mar ba ghnáth leis. Corr-uair nuair bhíodh sé féin is Pádraig is Máire ag comhrádh cois na teineadh, tar éis dul i n-a luighe do na páistí, deireadh sé nach raibh fhios aige cad chuige a raibh Dia ag leigint dó bheith beo, agus gan maitheas ar bith dá dhéanamh aige. "Arú! a shagairt, a ghrádh," deirfeadh Máire, "dá mbéadh leath na sagart ag déanamh an oiread maitheasa is tá sibh-se a dhéanamh, ba shéanach an saoghal é." "Síleann tusa sin, a Mháire, acht is beag atá fhios agat cá mhéad atá dá dhéanamh ag sagairt eile agus cá beagán atá mise a dhéanamh." "Och! Och! bígidh 'bhur dtost, a Athair Donnchadh. Nach dtabhrann bhur gcuid cainnte féin suaimhneas is síothcháin do ghach aon dhuine, beag nó mór, a castar oraibh. Muna mbéadh acht méar gortuighthe ag leanbh, bhéadh sibh dá leigheas." Agus b' fhíor duithi. Goidé 'n sórt gasúir a bhí i nDonnchadh óg, a mbíodh an t-Athair Donnchadh ag teagasg na Laidne is Céimseata dhó? Nuair bhí sé i n-a tháchrán bhí dúil mhór aige i n-urnaighthe. Ba ghnáthach leis bheith ar a ghlúna fiche uair san lá ag cleachtadh na bpaidreacha a bhí aige. Mar gheall air sin, bhíodh a mháthair agus daoine eile ag fiosrughadh de an mbéadh sé 'n-a shagart, agus is iomdha uair d'fhreag- air sé dóbhtha, "Béidh Donnchadh beag 'n-a shagart," gan fhios a bheith aige goidé a bhí sé a ráidht. Acht ní raibh sé i bhfad ag dul ar sgoil gur chaill sé an port sin, agus i gceann tamaill, dá bhfiafróchadh a mháthair nó duine ar bith eile de, "'Bhfuil tú ag smaoitiughadh anois ar bheith 'do shagart," chromfadh sé a cheann gan freagra a thabhairt uaidh; nó, dá dtiubhradh a mháthair air múineadh a bheith air agus freagra inteacht a thabhairt, deirfeadh sé nach raibh fhios aige. An amhlaidh nár mhian leis bhéith 'n-a shagart anois nuair bhí sé ag éirghe ciallmhar tuig- seanach? Ní hamhlaidh. Ní leigfeadh an náire dhó innse goidé ba mhian leis, acht i n-a intinn féin, ba mhinic a bhíodh sé ag léigheadh aifrinn, ag seanmóireacht is ag déanamh oibreacha eile a ghníosan sagart. Is mar sin a bhí an sgéal aige an chéad uair a thoisigh sé ag amharc roimhe ar an tráth a mbéadh sé 'n-a fhear. Acht ag dul i n-aois dó, do réir mar bhí
sé ag fágháil eolais ar ghníomharthaibh daoine cliúiteach agus ar an chreideamhaint a bhí ag dul dóbhtha, bhí a mhiana ag éirge níos saogh- alta agus bhí athrughadh mór ag teacht ar a chuid aisling. Is beag nár léigh sé is nár chuala sé ariamh fá aon fhear ainmneamhail nach mbéadh sé ag brath ar aithris a dhéanamh air ar feadh lae nó lae go leith i n-a dhiaidh. Léigh sé an óráid a rinne Roibeard Emmet i dtigh na Cúirte sul ar cuireadh breathamhnas báis air, agus chríochnuigh sé a chomhairle go mbéadh aige féin le hinnse, comh maith is bhí ag Emmet, nár chan sé gó ariamh. Chuala sé sean-fhear ag innse sgéaltaí fá chleasaidh- eacht Eoghain na mBréag, agus chrom sé gan mhoill ar cheapadh cleas, agus ar chumadh na mbréag a bhéadh riachtanach leis na cleasa sin a dhéanamh. Lá bhí an máighistir scoile ag cainnt fá 'n fhile Sasanach, Pope, dubhairt sé nár ghnáthach aon spórt nó sult a bheith ar siubhal ag an fhear sin nuair bhí sé 'n-a ghasúr, acht a bheith ag foghlaim ag foghlaim i gcomh- naidhe, agus gur bh' í an obair sin a thuill an chliú agus an onóir dó. Chuir Donnchadh Pope roimhe mar shompla agus chaith sé chomhair a bheith dhá lá uilig ag léigheadh is ag in-fhiúchadh sean-leabhair dántaí Béarla. I ndeireadh na haimsire sin chonnaictheas dó gur deise a bheith ag caitheamh léim nó ag imirt cnaipe ná bheith ag saothrughadh cliú is áird-mheasa dó fein ag an fhoghlaim. Ba dhaoine móra galánta, dar leis, siopadóirí an pharráiste, agus na máighistrí scoile, agus go mór-mhór an dochtúir agus cúpla daoine a thainic ó'n Oileán Úr, agus bhíodh Donnchadh ag déanamh aithrise i n-a intinn féin ar a léithid seo de'n dream sin indiu agus ar a léithid siúd díobhtha i mbárach. Bhíodh dúil aige i slighidh bheathadh a athar féin go minic fósta. Leis an fhírinne a ráidht, is beag céard agus is beag sórt saoghail nach raibh sé toilteanach a thoghadh dó féin uair inteacht, agus nuair bhéadh céard amháin dá thaithniughadh, ní bhéadh sé acht ag ceapadh gach rud a bhéadh sé féin a dhéanamh agus a ráidht, dá mbéadh an céard sin dá chleachtadh aige, gan smaoit- iughadh an fearr leis céard ar bith eile. Corr-uair, ámhthach, shílfeadh sé gur mór an sult is an greann a bhíos ag tuata thar mar bhíos ag sagart. B' uaigneach leis duine a bheith 'n-a chomhnaidhe leis féin gan cuideacht ar bith acht aon tsean-bhean amáin, agus b' an-mhór leis rinnce is comhluadar de ghach aon sórt. Bhí guth a chogubhais ag ráidht leis fósta nach ceart d' ádhbhar sagairt a bheith ag caitheamh píopa le gasúraí eile i gan fhios d' éinne, ná a bheith ag goid slaite an mháighistir, ná a bheith ag piocadh fraochóg nuair ba chóir dó bheith ar sgoil. Mar bhí dúil aige i ndiabhlaidheacht de 'n tsórt sin, is beag nach raibh sé cinnte nach dtoghfadh sé beatha chruaidh chráibhtheach an tsagairt choidhche. Acht ba bheag a bhí fhios aige goidé bhí i ndán ag Dia dhó. Thainic séipleanach nua chuig an pharráiste, agus chuir cumann an Chroidhe Naomhtha ar bun ann. Ceann de na riaghlaibh a bhí ag daltaibh an Cumainn seo, Corp is Fuil ár Slánuightheora a ghlacadh uair san mhí. Rinne an sagart seanmóir mhór ag craobhsgaoileadh maitheasa an Chumainn do'n phobal. D'áitigh an tseanmóir ar Donnchadh óg gur cheart dó iarraidh a dhéanamh ar bheith 'n-a bhuachaill níos fearr ná bhí sé le goirid. An chéad Satharn i ndiaidh sin, chuaidh sé go dtí teach an phobail go luath ar maidin le dul chum an tsagairt. Ní raibh acht triúr nó ceathrar ann nuair chuaidh sé isteach. Níor mhothuigh Donnchadh smaointe cráibhtheacha ag líonadh a chroidhe ariamh roimhe mar bhíodar dá líonadh an lá údaidh ins an teampall uaigneach. Rinne sé turas na Croise is dubhairt a lán urnaighthe. Má rinneadh faoistean mhaith ariamh, rinne seisean í an Satharn sin. Ní baoghal dó go mbéidh mórán as bealach aige le hinnse do'n tsagart nuair thiocfas sé chuige arís i gcionn na míosa. Ní baoghal dó leanamhaint dá shean- diabhlaidheacht agus dá dhroch-chleasaidheacht. Comh luath is phill sé a bhaile, chaith sé uaidh sean-phíopa is giota tobac a bhí i bhfolach aige i bpoll bheag i mballa an bhói-thighe. Maidin lá ar n-a bhárach, d'fhan sé ar a ghlúna ag an altóir i ndiaidh an aifrinn, ag cainnt i n-a chroidhe le Iosa agus ag tabhairt buidheachais dó. Níorbh' fhiú dadaidh, dar leis an uair sin, siamsa agus saidhbhreas an domhain seo uilig a léir. Connaictheas dó gur bh'ionann é féin a thabhairt d' Íosa go bráth agus bheith 'n-a shagart. Seo mar labhair sé i n-a chroidhe féin: "A Íosa, is fearr tusa 'ná ghach aon rud. Déanfaidh mé gach ní is mian leat feasta. Ní dhéanfaidh mé aon ní choidhche nach maith leat. Tréigfidh mé pléisiúraí an tsaoghail seo go bráth ar do shon-sa. Béidh mé 'mo shagart."
Ní raibh fhios ag éinne acht amháin ag Dia agus aige féin an deagh-rún a rinne sé an lá sin i ndiaidh a Chomaoine. Thug a mháthair fá dear go raibh sé níos dúthrachtaighe ag a chuid urnaighthe agus níos fonnmhaire fá dhul ar sgoil ná bhíodh sé. Chonnaic na buachaillí ar ghnáth leis dul leobhtha go raibh Donnchadh dá seachaint nuair bhéadh siad ag caitheamh tobac nó ag déanamh uisce faoi thalamh, agus bhíodar go brónach mío-shásta, mar bhíodh sé 'n-a cheann-phort ortha go minic, agus ba eisean a gcrann cosanta i mbearna an bhaoghail i gcomhnaidhe. Acht ba chuma le Donnchadh a mbrón is a mío-shástacht; lean sé dá chomhairle féin gan bac leobhtha. D'éirigh leis go maith ar sgoil go dtainic a uncal a bhaile ó'n Eilbhéis an t-earrach i ndiaidh sin. Bhí air toisiughadh ar bhuachaill- eacht annsin agus fanamhaint sa bhaile ó sgoil. Níor mhisde é é, ámh, mar chaith- eadh sé cuid mhór de'n lá ag foghlaim na Laidne agus Céimseata agus neithe a b' fhearr ná iad ó n-a uncal. Ní raibh aon chuspóir áirithe ag ceachtar aca nuair chromadar ar an Laidin is Céimseata ar dtúis, acht bhí dúil ag an tsagart i dteagasg, agus shíl Donnchadh nach mbéadh aon rud comh aoibhinn taitneamhach leis an fhoghlaim, dá mbéadh na múinteoirí uilig cosmhail le n-a mhúinteoir féin. I gcionn tamaill thainic sgéal amach san pháipéar nuaidheachta a thug cuspóir dóbhtha, agus a ghríosuigh an bheirt chum a ndíchill a dhéanamh ag an obair a bhí idir lámha aca. Bhí árd-sgoil san bhaile mhór ba ghiorra dóbhtha, agus sé sgéal a thainic amach san pháipéar nuaidheachta go raibh oideachas saor le fágháil ins an árd-sgoil sin ag an bhuachaill faoi trí bliadhna déag a b' fhearr ag scrúdadh a bhéadh ann i mí Lughnasa. Bhí muinighin ag a uncal as Donnchadh go mbuaidhfeadh sé ar aon bhuachaill comh óg leis san chondae, acht níor leig sé air. Dubhairt sé le Pádraig agus le Máire oidhche amháin go raibh sé comh maith aca an gasúr a chur isteach fá choinne an scrúdtha. "Goidé 'n seans a bhéadh aige-sean le taoibh buachaillí an chondae uilig"? arsa siad-san. "Ní abraim," arsa an t-Athair Donnchadh, "go mbéadh seans ar bith aige, acht is furas an scrúdadh a sheasamh, agus ní mío-mhaiseach díombuaidh. Ba mhaith liom-sa fheiceál goidé is féidir le mo dhalta féin a dhéanamh i gcomórtas mar seo, agus cé 'n maitheas atá ionnam féin mar mhúinteoir." "Déanaidh sibh-se bhur rogha rud leis," arsa Máire. "Ní chrothnóchaidh sinne uainn é lá amháin, agus ní mhairfidh an scrúdadh acht an fhad sin." Acht cidh gur mar sin a labhair sí, bhí dóchas aici cheana nach lá amháin a chaithfeadh Donnchadh ins an árd-sgoil, acht cúpla bliadhain, agus nach a bhaile a thiocfadh sé i gcionn na haimsire sin, acht go rachadh sé go dtí Coláiste Maighe Nuadhat. Nuair labhair an sagart le Donnchadh féin fá dhul isteach fá choinne an scrúdtha, sé céad smaoineadh a thainic chuige go mbéadh lá mór aige san bhaile mhór. Tar éis sin bhí súil aige go mbuaidhfeadh sé ag an scrúdadh, agus go mbéadh sé i n-a chomhnaidhe san bhaile mhór. Bhí dóchas beag eile ag féachadh éirghe i n-a bhrollach, agus is furas a thomhas gurbh é sin an dóchas céadna a bhí ag a mháthair, acht bhí an dóchas sin dá mhúchadh i measg a smaointe éagsamhla eile. Nach raibh a dheagh- rún bheith 'n-a shagart comh daingean seasmhach is bhí sé an lá a rinne sé é? Leis an fhírinne a ráidht, is annamh a smaoitigh sé air ó shoin. Bhí barraidheacht rudaí ag baint leis an am fá láthair aige le smaoitiughadh ortha gan smaoitiughadh ar an am a bhí le teacht. Idir dul ar sgoil, buachailleacht, déanamh mion- oibreacha fá 'n tigh agus dul ar teachtaireacht do'n siopa agus d' áiteacha eile, bhí sé gnóthach go maith, gan trácht ar an fhoghlaim ar chor ar bith. Ní chuirfeadh an gnó bhí le déanamh aige mórán coisg ar smaoineadh duine móir, is dócha, acht, Is mór le na páistí Rud is beag le daoine fásta. Agus gan amhras, b' an-mhór le Donnchadh cuid mhaith dá chuid oibre. Agus ní hé a chuid oibre amháin a mbíodh sé ag smaoitiughadh air. Bhíodh sé ag brionglóideadh san oidhche agus go minic san lá, fósta, fá 'n sult a bhí aige oidhche a chaith sé i dtigh a athar mhóir, fá 'n ghreann a bhí ar an aonach, nó fá chuairt a bhéadh le tabhairt aige ar dhaoine muinn- teardha le n-a mháthair i bparráiste eile. Mar gheall ar na neithe sin go léir, ní bhéadh éinne ag brath go mbéadh a dheagh-rún i n-intinn an ghasúir go minic. Níor bheag dó nach raibh sé dearmadtha ar fad aige, agus ní raibh, óir nuair thiocfadh cathughadh
chuige bheith ag cuimhneamh ar aon phléisiúr nó ar aon rud eile nach bhfoirfeadh do shagart, theannfadh sé a phúisíní, agus deir- feadh i n-a aigneadh, "Ní bhéidh a léithid sin agam-sa choidhche; béidh mise 'mo shagart." Acht b' iongantach le duine nár shíl sé ar chor ar bith gur toiseach maith ar an obair foghlaim na Laidne agus gur chéim eile ar an bhealach cheart é dá mbuaidhfeadh sé ag an scrúdadh agus dá rachadh chum na hárd- sgoile. Rud eile a chuirfeadh iongantas ort, ní dhearna sé socrughadh ariamh ná fiú smao- ineadh ar socrughadh cé'n dóigh nó cé'n uair a innseochadh sé dá thuismightheoirí gur mhian leis bheith n-a shagart, ná ar goidé bhí riach- tanach air a dhéanamh ar aon chor. B'fhéidir gur deacair doilbhir dói-réidhtighthe na ceis- teanna sin ag buachaill nach mbíodh mío-shásta go minic. B'fhéidir gur ab é toil Dé é go gcuirfidhe a intinn i gcrích do réir a chaoi agus a chomhairle féin. Níor mhothuigh Donnchadh an t-am ag sleamhnughadh thart go dtainic lá an scrúdtha. Bhí fonn maith air nuair phill siad a bhaile an oidhche sin. D' éirigh leis go maith ag an scrúdadh, dar leis, acht níor mheasa leis sin ná a bhfaca sé agus a gcuala sé san bhaile mhór. Coicthigheas i ndiaidh sin, thainic litir chuig a athair dá ráidht leis gur bhuaidh a mhac ar a raibh de bhuachaillí ag an scrúdadh agus go bhfosglochthaoi an árd-sgoil i ndeireadh na seachtmhaine. Ní raibh an méad fuadair agus fuastair ar siubhal ag Máire Ní Chuinn ó'n lá a pósadh í is bhí ar feadh sé nó seacht lá tar éis na litre sin a fhágháil do Phádraig. Bhí stocaí le cniteáil, éadach úr le fágháil, léiní le ceannach, agus cuimhneamh le déanamh ar mhíle mion-rudaí a bhéadh ag teastáil ó Dhonnchadh, do reir a baramhla-sa. Oidhche i dtoiseach Meadhoin Fóghmhair, d'fhág a uncal agus a athair agus a mháthair slán is beannacht ag Donnchadh bocht i dtigh áirithe san bhaile mhór. Bhí mac léighinn amháin eile ar lóistin san tigh céadna, "an mac léighinn," adubhairt uachtarán na hárd- sgoile leobhtha, "b'fhearr dá raibh ann" Ní raibh an mac léighinn sin istigh anois, agus bhí Donnchadh i n-a shuidhe leis féin i seomra bheag fhuar nach raibh acht beagán trosgáin agus leithscéal teineadh guail ann. Thoisigh na deora móra ag tuitim ó n-a shúile agus osnaidhe dólásacha ag luascadh i n-a chliathán. Nuair thainic bean an tighe isteach i gcionn tamaill, fuair sí i n-a chnap codlata é. Mhúsgail sí é, agus chuaidh sé 'n-a luighe níos brónaighe ná chuaidh sé ariamh roimhe. D'éirigh sé go breagh luath lá ar n-a bhárach agus chuaidh i gcuideacht an mhic léighinn eile do'n aifreann san teampall. Ar dteacht ar ais dóbhtha, thoisigh Donnchadh ag cur ceis- teanna ar a chompánach fá nósanna agus fá riaghla na hárd-sgoile. Fuair sé freagra goirid ar chúpla ceist ar dtúis, acht nuair chonnaic a chompánach go raibh sé ag leana- mhaint de 'n fhiafruighe, "A bhuachaill," arsa seisean, "béidh fhios agat am go leor. Muirbheochar mise muna mbéidh an fhilidheacht seo agam de ghlan-mheabhair, agus níl am agam le bheith ag cainnt leat." Dubhairt sé an méad sin comh tapaidh is thainic leis ar eagla go gcaillfeadh sé bomaite, agus chrom sé ar chlabaireacht na filidheachta dó féin arís. Maidin lá ar n-a bhárach, bhí Donnchadh féin ag gabháil do 'n fhilidheact, agus eagla air nach mbéadh a chraiceann slán san tráthnóna muna mbéadh eolas aige oirthi. Bhí súil aige go mbéadh sé ábalta sásamh a thabhairt do na múinteoirí, agus a mbuillí a choinneáil uaidh. Thug buachaillí eile comhairle dhó gan oib- riughadh go ró-chruaidh. "Nach mbéidh na máighistrí do do mharbhadh ghach aon lá cibé rud dhéanfaidh tú," arsa siad-san, "agus tá sé comh maith agat gan a beith do do mharbhadh fhéin fósta, mar tá an spailpín gránda atá ar lóistin leat ag déanamh." Bhí aoibh-gháire ar aghaidh ag éisteacht leobhtha, amhail mar bhéadh sé ag ráidht i n-a intinn féin: "'Tchífidh sibh go mbéidh níos mó agam de bhárr mo shaothair ná tá ag an spailpín sin." Le sgéal fada a dhéanamh goirid, ní dheachaidh coicthigheas thart go dtainic Donn- chadh amach as sgoil tráthnóna amháin agus raona gorma trasna a bhosa agus a shúile dearg le gul. Is iomdha uair idir sin agus Nodlaig thainic sé amach san riocht chéadna. Cidh gur searbh an fhírinne, deirfidh mé gur fhág sé an árd-sgoil go minic agus raona dubh-ghorma, ní ar a bhosa amháin, acht ar a lurganna, agus ar a aghaidh, agus ar chorp, agus cnapa nimhneacha frithire ar cheann. Is cinnte gur thuill Donnchadh cuid de 'n leadradh a fuair sé, agus go raibh fhios sin aige go maith. B'fhéidir gur mhol cogubhas na
múinteoirí gach a ndearna siad; b'fhéidir nár mhol; acht níl aon amhras ann gur féidir eolas a chur i n-intinn an aosa óig gan cráibhtheacht a chur as a n-anam agus gan sonas a chur as a saoghal. Má's fada an lá, tig an oidhche fá dheireadh. Nuair bhí Nodlaig ag tarraingt air, bhí sean- spiorad croidheamhail ceanamhail ag teacht chuige arís. Stad sé de'n íde béil a thabhairt agus de'n mhagadh faoi 'n "spailpín ghránda," agus bhíodh comhrádh carthannach eatorra go minic. Bhí sé dearmadach ar a bhfuair sé de dhroch-úsáid agus de tharcuisne ar feadh na ráithe. Nach aoibhinn bheith ag amharc ar fhuinneógaí galánta na siopa nuair bhíonn siad córuighthe i gcóir na Nodlag, agus bheith ag ceannacht áilleagán agus féirín le tabhairt a bhaile leat i gcionn cúpla lá? Má ba mhór a lúthgháir ag dul a bhaile do Dhonnchadh, níor lugha a bhrón agus a bhriseadh croidhe nuair thuirling sé ó charr ag ceann an bhaile mhóir deich laethe i ndiaidh sin. Bhí an Laidin, agus an Ghréigis, agus pictiúirí gránda na máighistir, agus an bualadh agus an leadradh uilig a léir ag éirghe suas fríd a chéile i n-a chuimhne. Is fearr gan mórán a ráidht fá 'n dóigh ar chaith sé fuighleach na bliadhna, nó fá 'n dóigh ar éirigh leis ag an scrúdadh, nó fá 'n dóigh a raibh amhras ag a uncal nach ag dul i bhfeabhas a bhí sé ag an árd-sgoil, cidh nár fhéad aon duine mí-ghníomh mór ar bith a chur i n-a leith. Bhí tuilleadh is dá bhliadhain caithte ag Donnchadh Ua Cuinn ins an árd-sgoil ag an am a bhfuilim ag trácht air anois. Ba lá saor do na mic léighinn é. Bhí triúr aca i n-a seasamh ag crois-bhealach i n-aice leis an bhaile mhór ag féacháil an dtiocfadh buachaillí eile an bealach sin. Mar bhéadh an mío-ádh air, d'fhág Donnchadh "an spailpín gránda" i n-a dhiaidh, agus thug a cheann amach asan bhaile mhór. Nuair chonnaic an triúr ag déanamh ortha é, dubhairt fear aca go raibh sé comh maith aca leigint dó teacht leobhtha siocair is gur buachaill é a dtiocfadh leis rún a choinneáil. Bhí an bheirt eile sásta. Bhí bród ar Dhonnchadh nuair d'innis siad dó nár mhisde leobhtha a chuideacht. Níor thuit aon rud a b'fiú a innse amach go raibh an ceathrar i n-a suidhe i dtigh leanna agus ceithre gloine fíona ar an tábla ós a gcomhair, agus páca cárda dá roinnt ag duine aca. Ba é sin an chéad ghloine fíona a chuir Donnchadh chuig a bhéal riamh. Ní dhearna sé caill ar bith an lá sin, acht bíonn baoghal báidhthe ann i gcomhnaidhe nuair bhíonn an sioc briste. Sul ar sgar sé leis an triúr eile, gheall sé dóbhtha go gcaithfeadh sé lá eile leobhtha roimh i bhfad. Ní raibh mórán airgid ag Dónnchadh nuair thainic an lá sin, acht fuair sé beagán ar iasacht ó dhuine de'n triúr a raibh ciste cumainn na peile faoi n-a chúram aige. Bhí toiseach déanta aige anois ar an ólachán agus ar an iasacht - acht ní raibh baramhail an phótaire aige go fóill gur ab ionann airgead a fhágháil ar iasacht agus é a fhagháil mar bhronntachas. Bhí a uncal beo ar feadh an ama seo uilig, agus munab é go mbíodh slaghdán air anois agus arís, ní shílfeá go raibh mórán cearr leis. Bhí sé comh carthannach, comh cráibhtheach, comh deigh-ghníomhach comh sultmhar, comh soilbhir is bhí sé riamh. Má bhí dadaidh dá bhuaidhreadh, ní raibh fhios ag éinne acht aige féin. Bí amhras aige nach raibh Donnchadh ag teacht ar aghaidh mar ba chóir. Scríobh uacht- arán na hárd-sgoile chuige cúpla uair go raibh an buachaill ag déanamh faillighe i n-a chuid oibre, agus muna mbéadh sin, go mbéadh an buaidh léighinn aige thar a raibh i n-Eirinn ins na scrúdtha. Chreidfeadh an t-Athair Donnchadh an sgéal seo corr-uair. Uaireann- ta eile smaoiteochadh sé gur amuigh as an sgéal a bhí sé féin nuair shíl sé go raibh mac a dhearbhráthar níos géar-chúisighe na éinne eile. "Dar ndóigh," adeirfeadh sé, "fuair Donnchadh duais, beag nó mór, ins gach sgrúdadh. Dá mbéadh sé leisgeamhail, ní fhuigheadh sé dadaidh. Tá an t-Athair Brian meallta i n-a thaoibh agus ag dréim le barraidheacht uaidh." Níor mhaith leis an Athair Donnchadh mío-mhuinighin a bheith aige as éinne dá mbéadh neart air, agus is dóiche gur ab é sin an fáth nach dtug sé fá dear ar feadh na laetheannta saoire go raibh a dheigh-mhian chomhair a bheith caillte ag a dhalta, agus go mbíodh cuid mhór rud ar siubhal aige i gan fhios dó féin agus dá thuismightheoirí. Maidin amháin, thainic fear na litreach isteach chuig Mháire Ní Chuinn agus litir aige do'n tsagart. Chuaidh Máire go ciúin socair suas chum an tseomra, an litir i n-a láimh aici.
"Ná bíodh eagla ort do chosa a leigint ar an urlár, a Mháire," ars' an sagart; "táim músgailte le fada." Thug Máire an litir dó. D'fhosgail sé í agus is é seo an scéal a léigh sé: A Dhonnchadh dhílis, Tá scéal brónach agam duit an uair seo. Fá thuairim mí ó shoin cuireadh fios orm le dul a amharc mic léighinn a bhí i riocht báis leis an ólachán. Nuair bhisigh sé d'innis sé damh go raibh trí mhac léighinn eile ar meisge comh maith leis féin. Is truaigh liom a rádh gur fear aca mac do dhearbhráthar. Do dhíbir mé an triúr eile ó'n árd-sgoil lá ar n-a bhárach. Shíl mé gur bh'iad a mhill Donnchadh agus nach ndéanfadh seisean dadaidh as bealach nuair bhíodar imthighthe. Thug mé comhairle a leasa dó agus gheall sé damh go nglacfadh sé í; acht coicthigheas i ndiaidh sin bhí sé ar meisge arís. Ní raibh fhios agam goidé ba chóir damh a dheanamh. Ba thruaigh liom buachaill comh óg is comh cliste a ruaigeadh as an árd-sgoil, go mór-mhór mar bhí sé gaolmhar duit-se. Chonnaic- theas damh, fósta, nár cheart damh é a choinneáil ar eagla go gcuirfeadh sé buachaillí eile ar seachrán. D'athchuing agus d'impidh sé féin orm leigint dó fanamhaint agus gan a innse duit-se ná dá athair, agus gheall sé nach mblaisfeadh sé biotáilte an fhad a bhéadh sé ar an árd-sgoil. Rinne mé mar d'iarr sé orm, go maithidh dia damh é! Bhuail mé isteach chuige aréir. Bhí sé féin agus ceathrar eile - cuid aca níos óige ná é féin - ar leith- mheisge agus buidéal mór fíona ar an tábla aca. 'Tchíonn tú féin nach féidir liom-sa leigint dó fanamhaint annseo níos faide. Shíl mé gur fearr iarraidh ort é a thabhairt a bhaile ná é a chur ar shiubhal. Cuir fá n-a choinne gan mhoill, ná is mór an sgannal é do na mic léighinn eile. Tá súil agam go bhfuil tú ag éirghe folláin slán arís. Tá brón mór orm gur bh' éigin damh a léithid seo de litir a chur ag triall ort, go mór-mhór nuair nach bhfuil do shláinte ar fóghnamh. Mise, do shean-chara, Brian Ua Néill. Is beag nach raibh súile an Athar Donnchadh lán nuair chríochnuigh sé an litir. An páiste soinneanda géar-chúiseach sin, mac do lána- mhain úirísil ionnraice i n-a phótaire anois, agus mar sgannal do pháistí eile! An t-Athair Donnchadh féin ba chionntach le n-a chur ionns' ar an árd-sgoil. Ní iongnadh é gur ghoill an litir sin ar a chroidhe. Bhí ocht sgilling is fiche ag mic léighinn eile agus ag daoine nach iad ar Dhonnchadh nuair bhuail uachtarán na hárd-sgoile isteach chuige an oidhche sin. "Dá olcas an sgéal," arsa seisean leis féin, "ní bhéidh ag aon dhuine le rádh gur imthigh mé gan mo chuid fiacha a dhíol." Acht cá 'n áit a raibh an t-airgead le fágháil? Chuimhnigh sé ar an gheallamhain sólásaigh sin ár dTighearna: "Iarr agus gheobhaidh tú." Ghabh sé ar a ghlúna agus d'iarr cabhair ó Dhia agus ó n-a Mháthair go dúthrachtach dícheallach. I ndiaidh sin chonnaictheas dó nach raibh a chás comh olc is shíl sé go raibh i gcéaduair - b'fhéidir go gcuir- fidhe breitheamhnas aithrighe mór air, agus nach ruaigfidhe é go dtí deireadh na bliadhna ar chor ar bith - rachadh sé ar sgoil lá ar n-a bhárach go bhfeicfeadh sé goidé thuitfeadh amach. Chuaidh sé ar sgoil, acht níor leig an t-uachtarán air an bhfaca sé é nó nach bhfaca. B'olc an comhartha sin, dar leis. Bhí sé lán-chinnte anois nach raibh 'dhath idir é féin is an donas. Bhí a fhiacha dá bhuaidhreadh níos measa ná riamh. Acht bhí dóchas aige go dtógfadh na paidreacha as an abar é, mar thóg siad go minic roimhe. Ar an ádhbhar sin, chrom sé ar ghuidhe an oidhche sin arís. Sul ar éirigh sé ó n-a ghlúna bhí comhairle ceaptha aige. Bhí scríbhneoir Sasanach ann ar ghnáth leis a chuid aistí a scríobhadh an fhad is bhéadh sé ag ól leanna i dtigh ósda. Sin an cuspóir a bhí i n-aigneadh Dhonnchadha anois. An as na paidreacha a thainig sé, 'do bharamhail? Shílfeá nach bhféadfadh aon mhaitheas teacht as leanamhaint lorg scríbhneora meisgeamhla de Shasanach, acht "ní mar shíltear bítear." Ar chaoi ar bith, bhí eolas ag Donnchadh ar tigh leanna giota ó'n bhaile mhór nach mbíodh mórán daoine ann. Chuir sé roimhe dul go dtí 'n teach sin lá ar n-a bhárach, páipéar scríobhtha agus peann a thabhairt leis, braon beag fíona a fhágháil agus sgéal a sgríobhadh i gcóir páipéir nuaidheachta sul a bhfágfadh sé an teach. Agus cé'n sórt sgéil a sgríobhfadh sé? Nach ndéanfadh a chuid eachtraí féin sgéal maith, cuir i gcás go mbéadh críoch níos séanmhaire ortha? Smaoitigh Donnchadh go ndéanfadh. Sé críoch do cheap sé le cur ar an sgéal, go bhfuair an mac léighinn meisceamhail ceithre phunt ar ar scríobh sé san tigh leanna, gur dhíol sé a fhiacha, agus gur thug fuighleach an airgid go Baile A' Cliath é, mar a bhfuair sé obair fhóirstineach dó féin agus mar a raibh sé i n-a chomhnaidhe go measardha macánta ó shoin. Bhí an sgéal agus a dtiocfadh as dá gcur fríd a chéile aige tar éis dul a luighe dó, agus ní raibh fonn codlata air go raibh sé
giota maith siar san oidhche. Bhí sé ag srannadh leis ag an am a bhí a uncal ag léigheamh na litre úd i n-a leabaidh. Níor fhan an t-uncal i bhfad n-a luighe. D'iarr sé ar an fhear a bhí ag obair ag Pádraig an capall a chur san charr gan mhoill, mar bhí air dul chum an bhaile mhóir. Bhí sé gaibhte le na ceisteanna a bhí Máire a chur air, acht nuair bhí sé imthighthe, ní raibh sise ábalta acht a rádh nach raibh fhios aici goidé bhí cearr, agus gur iongantach nach bhfanfadh sé go ndéanfadh sí bannóg bheag le cur ionns'ar Dhonnchadh leis. Nuair shroich an t-Athair Donnchadh an ard- sgoil, ní raibh mac a dhearbhráthar annsin. Chuaidh sé do'n teach a raibh sé ar lóistin ann. D'innis bean an tighe dhó go raibh Donnchadh tar éis dul amach. "Cé'n bealach a ndeachaidh sé" arsa seisean. Thasbáin sí dó é. Chuaidh sé suas ar charr agus d'iarr ar an tiománaidhe dul an bealach céadna. Rug sé ar Dhonnchadh fá thuairim fiche slat ar an taoibh i bhfus de'n tigh ósda. Thuirling sé ó'n charr agus thug a thuarasdal do'n tiománaidhe. Bhí intinn Dhonnchadha tugtha comh mór sin do'n sgéal nach dtug sé fá dear an carrag teacht i n-a dhiaidh gur stad sé chomhair a bheith le n-a chois. Ní raibh sé músgailte ó n-a aisling i gceart nuair chuala sé glór binn a uncail ag ráidht: "Go mbeannuighidh Dia dhuit, A Dhonnchadh. Nach n-aithnigheann tú mé?" Níor fhreagair Donnchadh focal. "Ná bíodh aon eagla ort rómham-sa, a Dhonnchadh," arsa an sagart, agus rinne sé craitheadh lámh go carthannach leis an bhuachaill ag an am céadna. Thoisigh Donnchadh ar ghul. "Anois, a Dhonnchadh, bíodh ciall agat, agus ná bí ag gul mar leanbh. Níl aon urchóid déanta agat go fóill nach féidir a mhaitheamh," ars' an t-uncal. "An le mo thabhairt a bhaile leat a thainic tú?" arsa Donnchadh go dubhrónach. "Níl fhios agam go fóill," ars' an sagart, "acht ba mhaith liom dá n-innseochtha damh gach rud a thuit amach le goirid. Innis an ghlan- fhírinne damh, agus geallaim duit nach misde tú é." Bhí eachtraí Dhonnchadha dá n-aithris i n-a gceann agus i n-a gceann ó shin go dtí 'n oidhche. Bhí faitcheas mór air ar dtúis, acht nuair socruigheadh i seomra bheag chompórtach i dtigh ósda iad le dinnéir breagh rómpa, is beag nach raibh sé ag maoidheamh as a chuid gníomhartha mar dá mba ghníomhartha iad a mbéadh bród ag duine asta. Ar gcluinsint do 'n tsagart goidé 'n dóigh a raibh a dhalta ag dul a dhíol a chuid fiacha, ní mór nár phléasg sé leis an gháire. Agus rinne Donnchadh féin gáire croidheamhail fósta. "Innis damh anois goidé is mian leat," ars' an sagart. "Is mian liom fanamhaint ar sgoil agus seans eile a bheith agam, dá mb'fhéidir é." "Ní shílim gur féidir sin acht dá bhfuightheá seans eile, cá fad ba mhian leat fanamhaint ar sgoil?" "Go mbéinn réidh le dul go Coláiste Maighe Nuadhad." "An bhfuil 'fhios agat nach ceart duit dul annsin muna nglaoidheann Dia ort le bheith i do shagart? Deir Dia gur ab é féin a thogas a shagairt, agus is uathbhásach an choir é, duine a bheith 'n a shagart nach dtoghann Dia. Tá am go leor agat go fóill le smaoitiughadh ar an cheist sin. Táim-se ag dul a amharc an uachtaráin anois. Féadann tusa an t-am a chaitheamh mar is maith leat go dtiocfaidh mé ar ais." Bhí an oidhche ann nuair bheannuigh an t-Athair Donnchadh isteach i seomra uachtaráin na hÁrd-sgoile. "Céad míle fáilte rómhat, a Athair Donnchadh," ars' an t-uachtarán. "Ba eagla damh go raibh tú imthighthe gan teacht isteach. Suidh síos go mbéidh comhrádh againn fá'n am fad ó." Shuidheadar síos. Rinneadh tae réidh dóbhtha. Bhain a gcomhrádh le gach aon rud. Is iomdha duine a bhí ar an sgéal céadna le Máire Ní Chuinn nuair dubhairt sí go gcuirfeadh cainnt an Athar Donnchadh suaimhneas agus lúthghair ar aon dhuine, agus ba duine aca sin an t- Athair Brian Ua Néill. Nuair glanadh na soithighe ó'n tábla i ndiaidh an tae, agus nuair dhruid an bheirt níos comhgaraighe do'n teinidh, shílfeá nach raibh gruaim ar aghaidh luisneamhal an uachtaráin nó buaidhirt i n-a chroidhe ariamh. Chas an t-Athair Donnchadh cúrsa an chomhráidh anois go raibh cás Donnchadha óig dá phléidh aca. B' é deireadh an chomhráidh go raibh an t-Athair Ua Néill sásta le seans eile a thabhairt dó "acht," arsa seisean, "caithfidh sé imtheacht gan mhoill má bhlasfaidh sé biotáilte arís, agus
caithfidh sé gan a bheith i gcuideacht aon mhic léighinn eile go ceann na bliadhna acht amháin an fhad is bhíonn sé ar sgoil nó ag imirt peile." Ba dhóigh leis an Athair Brian gur beag an maitheas dó seans eile a thabhairt do 'n bhuachaill, agus b'fhearr i bhfad leis gan a léithid a dhéanamh, acht chaith sé géilleadh do bhladaireacht an Athar Donnchadh. Bhí lúthgháir mhór ar an Athair Donnchadh nuair d'fhág sé seomra an uachtaráin, agus ní mór a rádh nach lugha lúthgháir a dhalta cúpla bomaite i ndiaidh sin ar gcluinsint sgéil a uncail dó. Chaith an bheirt an oidhche sin agus bunadhas lá ar n-a bhárach i gcuideacht a chéile. Is beag a labhair siad fá 'n tubaiste ba chionntach le n-a mbeith san áit amháin. Ní raibh deireadh ar an mhéad deagh-rún bhí Donnchadh a cheapadh i n-a intinn. Bhí dóchas aige gur thogh Dia é le bheith n-a shagart, agus go maithfeadh sé dhó an fhaillighe a thug sé ceann san deagh-rún a rinne sé an Domhnach úd. "Tá fhios agam go maith gur mhian leat bheith 'do bhuachaill mhaith chráibhtheach ó seo amach, a Dhonnchadh," ars' a uncal leis tamall beag sul ar sgar siad le 'n-a chéile, "acht b'fhéidir nach bhfuil fhios agat cé'n dóigh is fearr agus is fusa éireochaidh leat. "Níl fhios agam," arsa Donnchadh. "Iarr grása ar Dhia agus ar Mhuire comh muinighineach is comh saothrach is d'iarr tú cabhair ortha le do chuid fiacha a dhíol, agus comh cinnte is táim-se ag tabhairt an airgid sin duit anois, gheobhaidh thú grása le gach olcas a sheachaint feasta," ars' an sagart. Agus chuir sé dhá phunt i láimh Donnchadha ag an am céadna. "Ní shílim go bhfuil aon chomhairle eile agam le tabhairt duit," arsa seisean go meidhreach annsin, "acht an rann seo: Síos go bun ifrinn nó suas go dtí 'n Rí Má théidhir i d' aonar is goirid an tslige. Caithfidh tusa siubhal i d' aonar go ceann tamaill anois, agus tá súil agam gur goirid leat do shlighe suas." Chuaidh Donnchadh amach giota ar an charr le n-a uncal an tráthnóna sin. Ba mhian leis ceist amháin a chur air, acht bhí faitcheas air. Fá dheireadh chogair sé i n-a chluais: "Bhfuil fhios ag mo mháthair?" "Níl." "An n-innseochaidh tú duithi orm?" "Ní innseochaidh." D'fhágadar slán ag a chéile. Ghluais Donnchadh roimhe chum an bhaile mhóir ar ais, a chroidhe lán de bhuidheachas agus de ghrádh dá uncal, agus lán de rúin daingeana nach dtiubhradh sé aon chúis bhuaidheartha dhó níos mó. Dúnán
San nGaedhealtacht Raibh tú riamh san nGaedhealtacht, a chara? Mara raibh, is í mo chomhairle dhuit turas do thabhairt ann gan mhoill, mar is fiú dhuit a dhéanamh. Is minic do smaoitigh mé féin ar tamall do chaitheamh ann, mar do ghabh mé tríthe cúpla uair ag rothaireacht agus thaithnigh a bhfacas agus a gcualas comh maith sin liom gur cheapas i m'aigneadh gan samhradh eile do leigint tharm nach gcaithfeadh mé tamall beag de, ar a laighead, ins an nGaedhealtacht. Ar an ádhbhar sin, lá breagh samhraidh i meadhon Iúil, d'fhág mé Doire ag tabhairt m'aghaidh ar Chloich-chin n-fhaolaigh. Trí bliadhain ó shoin, ní raibh aon iomrádh le cloisint ar an áit seo. Níl mé féin 'mo chomhnuidhe i bhfad uaithe, acht mar sin féin, níor chuala mé focal fá dtaobh di go dtí gur cuireadh an Coláiste Gaedhealach ar bun ann! I n-a dhiaidh sin, thosuigh daoine ag cainnt fá dtaobh di, agus leathnuigh a meas agus a clú ar fuaid na tíre. Bá é "Dáil Uladh" do thogh an áit seo i gcóir an choláiste, acht ní hí sin an chéad áit bhí i n-aigneadh lucht na Dála. Bhí Bunbeag toghtha aca ar dtús mar áit oireamhnaigh. Baile beag cois na fairrge is eadh Bunbeag. Acht níor éirigh leo an cor sin, mar bhí rian na Sasanach ann. Ní raibh aon teach oireamh- nach i mBunbeag le haghaidh an choláiste acht amháin teach na cúirte. An tighearna talmhan ar leis an teach seo, ba oifigeach airm é, agus nuair d'iarr na Gaedhilgeoirí air an teach do thabhairt ar iasacht dóibh, ba dhóigh leat gurbh' é a shrón féin bhí uatha. "Go bhfóiridh Dia orainn," ar seisean leis féin. "An dóigh leo go gcabhróchaidh mise leo 'n-a bhfeill-bheartaibh; go deimhin, ní chabhróchaidh. Imthighidh libh anois, a chladhairí, agus ná tagaidh annseo arís." Mheas an t-oifigeach go raibh buaidhte aige ar lucht na Gaedhilge, agus bhí lúthgháir mhór air; acht is deacair na Gaedhilgeoirí do chur ar teicheadh, agus sa chás seo, thug siad aghaidh ar áit eile B'é an áit seo Cloch-chinn-fhaolaigh. An lá d' fhágas Doire, ba é an chéad lá breagh bhí ann le fada, agus b'fhuirist é sin d'aithint ó'n tír féin. D'éis na fearthainne bhí an sgrios ar gach ní, nach mór. Bhí comhartha na haicíde ar na prátaíbh. Bhí na portaigh uilig fá uisge, agus srutháin bheaga ag rith le fánaidh síos na sléibhte agus na bóithre. Tháinig scata daoine isteach ag port éigin, agus thosuigh siad ag caint le n-a chéile as Gaedhilg. Ba bhinn liom a gcloisint. Chuir mé cluas orm féin agus fá dheireadh labhair mé leo. Tháinig iongantas mór ortha. Daoine ag teacht ó Thobar an Dúin do b'eadh iad. Tobar naomhtha is eadh é sin nach bhfuil i bhfad ó Leitir Ceannain. Do-ghní siad tu ras ann gach bliadhain i rith an tsamhraidh. Ar lá fhéile Mhuire a théid siad ann go coitcheannta. Is iomdha duine fuair leigheas ann. Beireann siad buidéil leo. Líonann siad na buidéil le huisge an tobair, agus cuireann siad féar i mbéal an bhuidéal mar chorc. Ní dhéanfadh aon rud eile an gnó. Bhí seanchas breagh Gaedhilge againn go dtí gur scaras leo ag Caiseal na gCorr. Is é Caiseal na gCorr an port is giorra do'n choláiste, agus áit uaigneach atá ann i ndáríribh. Níl teach le feiceál ar aon taobh. Éirgheann Airgeal go mórdhálach ós a chionn. Is cosmhail le cruaich mhóna é, agus is annamh nach mbíonn sgamall ar a bhárr agus sneachta fósta. Ba dhóigh le duine gur sliabh teineadh bhí ann san am fad ó, tá sé comh lom sin gan fiú ribín féir ag fás ar a thaobh. Is é an sliabh is aoirde sa chonndae é. "Cill bheag" an chiall atá le n-a ainm. Bhí trucaillí ag fanacht orainn ag an bport, agus Gaedhilg dá spreagadh ar gach taobh ag na tiomáinidhthibh. Go dearbhtha, bhí sinn i measg na Gaedhealtachta fá dheireadh. Tá an Ghaedhilg ag gach aon duine atá sa dúithche seo, cibé aca beag nó mór, óg nó aosta é, agus rud níos fearr ná sin, tá dúil mhór aca san teangaidh. Tá Béarla maith ag cuid mhór aca, acht mar sin féin, ní labhrann siad acht an Ghaedhilg eatorra féin. Ar dtús ba chúis gháire dhóibh na daoine iasachta léigheannta d'fheicsin ag teacht chuca féin chum na teangadh a bhí aca ó'n gcliabhán d'fhoghluim. Nuair thuig siad an obair i gceart, thug siad congnamh do na scoláiríbh ins gach ní comh maith is do b'fhéidir leo.
Acht, fáiríor! má's Gaedhealach an áit é, is bocht é fósta. Ní fhaca mé i n-aon áit eile i nÉirinn talamh comh bocht sin. Chuir- feadh sé iongantas agus brón ar do chroidhe - na cnuic loma gan crann ná féar ag fás ortha, acht iad ag éirghe go díreach: Ag bagairt a gcinn tar dhruim a chéile. San am chéadna, tá eibhear 1 go leor ann. Níl ó na daoinibh acht coiréal do chur ar bun agus do shaothrughadh chum go mbéadh obair i gcóir gach fir sa pharóiste agus i bparóistíbh eile comh maith. Le heasbaidh oibre théid na hógánaigh i scaiftíbh anonn go hAlbain agus go Sasana gach bliadhain mar spailpíní fánacha. An fhaid agus bhíonn siad as baile saothruigheann na mná na páirceanna, agus nuair thig na buachaillí thar ais arís bíonn gach ní réidh 'n-a gcóir. Níl rud ar bith le déanamh aca acht a sgíth do leigint, agus níl aon bhaoghal nach ndéanann siad amhlaidh. Scuabann an t-imirce cuid mhór eile de na daoinibh óga, agus go speisialta de na cailíníbh. Níl 'fhios agam goidé an fáth, acht tá dúil nimhneach aca san tír thall. Tá eolas agam ar dhuine bhí toilteanach rud éigin do dhéanamh ar son aon chailín ar mhaith leithe teacht chuice agus céard d' fhoghluim. Rinne an sagart a dhícheall; d'iarr sé ar a lán aca dul chum an duine seo, acht b'fhearr leo uilig seoladh thar lear go dtí an t-Uileán Úr. Anois agus arís, thig duine éigin ar ais ó Ameriocá chum comhnuidhthe 'n-a áit dúthchais. Sin rud a rinne ceann de na feirmeoiríbh is saidhbhre dá bhfuil ann anois. Chaith sé ocht mbliadhna déag thall. Nuair bhí cnuasach beag airgid aige, tháinig sé ar ais agus cheannuigh sé teach mór. Tá an saoghal ag éirghe go geal leis anois, ní nach iongnadh, agus ó nár chaill sé snas a chud Gaedhilge, labhrann sé go cruinn beacht anois í. Dubhairt sé liom gurab iomdha seanchas Gaedhilge do bhí aige san Domhan Thiar. Dia Domhnaigh thug mé m'aghaidh ar an teampall beag ag Gort-a-choirce. Ba dheas an radharc é, na daoine ag bailiughadh isteach ó gach áird de'n dúithche. Chuir sé i gcuimhne dham an t-amhrán binn sin do chum Tadhg Ua Súilleabháin: Bhí siad 'n-a seasamh taobh amuigh ar feadh tamaill, dream fear annseo ag cur cúrsaí na talmhan trí n-a chéile, dream ban ann- siúd ag comhrádh le n-a chéile, ar imtheachtaibh na comharsanachta ó chasadh ar a chéile iad seachtmhain roimhe sin. D'éis tamaill buail- tear an clog agus théid siad uilig isteach. Deir an sagart na paidreaca roimh Aifreann as Gaedhilg. Déanann sé seanmóir Gaedhilge agus innseann sé na fógraí dhóibh as Gaedhilg. Taobh amuigh de chorp an Aifrinn, labhrann sé gach focal i nGaedhilg. Tar éis an Aifrinn théid na daoine isteach i roilig bhig 'n-a bhfuil a sinnsear agus a ngaolta curtha fá'n bhfód. Sul má dtí i bhfad cloisim an caoineadh ag éirghe san aer. 'Tchím na mná sínte ar na huaighibh agus iad ag glaodhach ar na mairbh. Chuaidh an caoineadh sin trém' chroidhe, agus is minic bhíos sé im' chluasaibh fós. Ba mhaith liom trácht annseo ar go leor rudaí eile chasadh orm san nGaedhealtacht, acht is mithid dam stad. B'fhéidir go scríobh- fainn cunntas eile uirthe san am atá le teacht. Gort an Choirce
Sean-Sgéal 1 Gaedhilg shimplidhe le haghaidh an aosa óig. Bhí rí ann am amháin, agus bhí trí mac aige, agus ba mhaith leis an ríoghacht a bhí aige a thabhairt do'n mhac a b'fhearr a shílfeadh sé a bhéadh 'n-a chionn dó. Bhí fear aige, a dtabh- radh siad an Sean-dall 2 air, le comhairle a thabhairt air, agus sgairt an rí air lá amháin a theacht isteach go dtabharfadh sé comhairle dó le goidé mar a b'fhearr a gheobhadh sé amach cé aca do'n triúr mac a b'fhearr bhéadh 'n-a chionn dó. D'iarr an Sean-dall air a dhul a luighe, agus cur i gcéill go rabh an bás air, agus é 'sgairtigh ar an triúr mac chun an tseomra, an áit 'n-a rabh sé 'n-a luighe, é 'ráidhtigh leobhtha go rabh an bás air. Rinn sé sin, agus thainic an triúr mac chun an tseomra, an áit 'n-a rabh sé 'n-a luighe, agus d'fhiafruigh siad dó goidé bhí air. Dubhairt sé leobhtha gur shíl sé go rabh an bás air. D'fhiafruigh siad dó an rabh fhios aige rud ar bith a dheánfadh maith dó. Dubhairt sé nach rabh fhios aige rud ar bith a dheánfadh maith dó acht luibh a bhí ag fás i ngarradh Ríogh an Domhain Thoir, agus dá bhfuigheadh sé an luibh sin, go bhfuigheadh sé biseach. Dubhairt ghach a'n dhuine do'n triúr mac go rachadh siad ar siubhal go garradh Ríogh an Domhain Thoir, agus dá mba rud go dtiocfadh 3 'fhágháil, go bhfuigheadh siad é dó. Ar maidin 4 rinn an triúr réidh, agus shiubhal siad leobhtha go dtainic siad fad le trí crois-bhealaigh, agus chuaidh ghach a'n dhuine aca bealach dóbhtha fhéin. Bhí siad le bheith ag na trí crois-bhealaigh bliadhain ó'n lá sin. An mac a b'óige, shiubhal sé leis go dteacha sé fad leis an áit a rabh aige dul síos faoi an talamh. Nuair chuaidh sé síos, bhí bealach mór síos a bhí maith. Shiubhal sé fiche míle i ndiaidh a dhul síos sul ar casadh a'n teach dó. Thainic an oidhche air nuair a bhí sé fad leis an teach. Chuaidh sé chun an dorais agus d'iarr sé lóistin go maidin. D'iarr fear an toighe air a theacht isteach agus go bhfuigheadh sé sin, agus nuair a bhí siad 'n-a suidhe cois na teine ag caint, deir fear an toighe leis: "Is cosmhail duit-se gur tógadh thu go han-mhaith in do shaoghal." "Tógadh, muise," deir sé. "Mac ríogh at' ionnam," ag innse dó c'an áit a rabh sé ag dul. Deir fear an toighe leis: "Tá tú fada go leor, ná chan fhuair a'n fhear ariamh go fóill isteach i ngarradh Ríogh an Domhain Thoir." "Is cuma liom" adeir mac an ríogh: "dheánfaidh mé mo dhícheallt, agus má sháruigheann sé mé, níl agam acht pilleadh." "Bhal," adeir fear an toighe leis, "tá dearbhráthair agam-sa 'n-a chomhnuidhe fiche míle as seo, agus tiocfaidh leis-sean níos mó a innse duit ná thig liom-sa." B'fhíor é. Ar maidin lá ar n-a bhárach, shiubhal sé leis fiche míle sul ar casadh a'n teach dó. Thainic an oidhche air, agus chuaidh sé isteach i dtoigh' dearbhráthar an fhir a rabh 5 sé ar lóistin aige oidhche roimhe sin, agus d'iarr sé lóistin. Dubhairt fear an toighe sin go bhfuigheadh sé lóistin go maidin. Bhí siad 'n-a suidhe cois na teine ag caint. Deir fear an toighe le mac an ríogh: "Is cosmhail duit-se gur tógadh thu go maith in do shaoghal." "Muise, tógadh," deir mac an ríogh, ag innse dó gur mac ríogh bhí ionn, agus ag innse dó c'an áit a rabh sé ag dul, agus olc is mar a thug an chéad fhear a rabh sé ar lóisdin aige, thug an darna fear uchtach 6 dó trí huaire comh holc is thug an chéad fhear. Dubhairt sé leis go rabh sé comh maith aige pilleadh chun an bhaile ar ais, foir 7 nach bhfuair a'n fhear isteach i ngarradh Ríogh an Domhain Thoir leis an luibh sin a bhaint. "Is cuma liom" deir mac an ríogh; cha phillim 8 go ndeánfaidh mé mo dícheallt." "Bhal," deir an fear seo leis a rabh sé ar lóistin aige, "tá deirbhshiúr agam-sa 'n-a comhnuidhe fiche míle as seo, agus cha casthar a'n teach duit go dtéid tu fad le teach mo dheirbhsheathar, agus tá sise 'n-a comhnuidhe níos deise do chaisleán Ríogh an Domhain Thoir, agus thig leithe níos mó 'innse duit ná thig liom-sa. B'fhíor é. Ar maidin lá ar n-a bhárach, shiubhal sé leis na
fiche míle go dtainic sé fad le teach deirbhsheathar an fhir a rabh sé ar lóistin aige an oidhche roimhe. Chuaidh sé isteach agus d'iarr sé lóistin uaithe go maidin. Dubhairt sí go dtabharfadh sí sin dó. Nuair a bhí siad 'n-a suidhe ag cos na teine ag caint, dubhairt an bhean sin leis gur cosmhail dó gur tógadh é go han-mhaith 'n-a shaoghal. "Muise, tógadh mé" deir sé, "go maith in mo shaoghal," deir sé, ag innse duithe gur mac ríogh bhí ionn, agus ag innse duithe c'an áit a rabh sé ag dul. "Ó, bhal," adeir sise leis, "pill chun an bhaile, foir can fhuair a'n fhear ariamh go fóill isteach go garradh Ríogh an Domhain Thoir leis an luibh a bhaint. Chan fhuil bealach ar bith le fágháilt isteach chun an gharraidh. Caithfidh tu dhul isteach go caisleán an ríogh, agus tá casán fríd chaisleán an ríogh a bheirfeas tu isteach chun an gharraidh, agus tá an rí a-fhéin ghach a'n lá agus gunna lódáilte aige istigh ina 9 seomra ag coimhéad ar eagla go bhfuigheadh a'n dhuine isteach chun an gharraidh leis an luibh a bhaint." "Is cuma liom," adeir mac an ríogh; "nuair thainic mé an fad seo, fiafróchaidh mé leis." "Bhal," adeir an bhean seo leis, "níl a'n teach anois idir mo theach-sa agus caisleán an ríogh, agus béidh agat le siubhal fiche míle, agus casfar fairrge ort. Bheirfidh mise gearrán bán at' agam duit le thu thabhairt na fiche míle. B'fhíor é. Ar maidin lá ar na bhárach, fuair sé an gearrán bán agus chuaidh sé a mharcaidheacht 10 ar an ghearrán bán agus shiubhal sé leis. Nuair a chuaidh sé féin agus an gearrán bán píosa, bhí an gearrán bán fíor-fhallsa, agus cha rabh sé ag siubhal dó. Bhuail sé buile ar an ghearrán bán. Deir an gearrán bán leis:- "Chan fhuil maith duit a bheith 'mo bhualadh- sa ná cha thig liom-sa 'dhath 11 a mhaith a dheánadh duit," dubhairt an sean-ghearrán bán, "acht tá capall beag in san stábla ag mo mhaighistreas, agus dá bhfuightheá an capall beag, dheánfadh sise maith innteach duit. Tá sé comh maith agat pilleadh agus mise a fhágáilt 'do dhiaidh. Béidh mo mhaighistreas-sa doicheallach an capall beag a thabhairt duit, agus ná corruigh thusa go bhfuighidh tu an capall beag." B'fhíor é. Phill sé, é féin agus an sean-ghearrán bán. "Goidé phill tú?" deir maighistreas an tsean-ghearráin bháin leis. "Ó, tá," deir sé, "cha deán 12 an sean- ghearrán bán a dhath a mhaith damh, acht," deir sé, "tá capall beag ins an stábla, agus má bheir tu damh í, dheánfaidh sise maith damh." "Ó," deir sise, "chan fhoghann tu an capall beag ar chor ar bith." "Ó," deir sé, "caithfidh tu an capall beag a thabhairt damh. "Bhal," deir sí, "b'fhéidir go mbéadh sé comh maith agam an capall beag a thabhairt duit." Fuair sé an capall beag, agus chuaidh sé a mharcaidheacht ar an chapall beag, agus shiubhal sé leis fiche míle go dtainic sé fad le fairrge. "'Nois" adeir an capall beag leis, "tá naoi míle do fhairrge annseo," adeir sí, "agus tá agam le dhul trasna, agus má choinn'eann tusa mo dhruim-sa, léimfidh mise trasna." Dubhairt sé go ndeánfadh sé sin. D'éirigh an capall beag i n'áirde, agus léim sí trasna thar na naoi míle do fhairrge. "'Nois," adeir an capall beag leis, "tá againn le dhul thar naoi míle do theine, agus má choinn'eann tusa mo dhruim-sa, léimfidh mise trasna." "Dubhairt sé go ndeánfadh sé sin. D'éirigh an capall beag i n'áirde, agus léim sí trasna thar na naoi míle do theine. "'Nois," adeir an capall beag leis, "tá againn le dhul thar naoi míle do ghárdaí saighdiuirí atá ag an rígh; má choinn'eann tusa mo dhruim-sa, léimfidh mise trasna na naoi míle do ghárdaí saighdiuirí. Dubhairt seisean go gcoinneochadh. D'éirigh an capall beag i n-áirde, agus léim sí trasna na naoi míle do ghárdaíbh saighdiuirí. "'Nois," adeir an capall bán, "cha deanaim-sa 'dhath a mhaith duit níos mó, acht fanfaidh mé annseo trí huaire ag feitheadh leat." B'fhíor é. Shiubhal mac an ríogh leis go dteacha sé
fad le caisleán Ríogh an Domhain Thoir. Chuaidh sé isteach agus bhí seomra ar gach taobh de'n chasán bhí ag dul fríd an chaisleán. Bhí an rí é féin istoigh i bhfear 13 de na seomra seo, agus gunna lódáilte aige 'n-a luighe ar thábla, agus é 'n-a chodladh. Shiubhal mac an ríogh leis go dteacha sé isteach chun an gharraidh, agus bhain sé lán pocáin 14 de'n luibh. Phill sé ar ais isteach go caisleán an ríogh, agus 'réir mar bhí sé 'siubhal fríd an chaisleán, bhí sé ag amharc isteach in ghach a'n seomra. Bhí nighean an ríogh istoigh i bhfear de na seomra sin, agus í 'glacaint a dinnéar. D'amharc seisean isteach. D'iarr sí air a dhul isteach. Chuaidh, agus thuit sise i ngrádh leis agus bhí sí ag iarraidh air fanacht aici. Dubhairt seisean nach bhfanfadh, go rachadh sé chun an bhaile leis an luibh 'uig a athair. "Acht seo fáinne óir," adeir sé, "at' orm, agus bheirfidh mé duit é, agus mur' rabh mise ar ais roimhe bhliadhain, thig leat-sa tharraingt orm-sa 15, agus tá m'ainm ar an fháinne, agus mur' rabh mise beo nuair rachas tú fad liom, thig leat an fáinne thabhairt do mo athair." Shiubhal seisean leis go dtainic sé fad leis an chapall beag, agus chuaidh sé 'mharcaidheacht ar an chapall beag, agus léim an capall beag thar ghach a'n chontabhairt go dtainic sé féin agus an capall beag fad leis an bhean a thug an capall beag dó. Shiubhal sé leis annsin chun an bhaile ag tarraingt ar toigh a athar go dtainic sé fad leis na trí crois-bhealaigh ar fhág 16 an dá dhearbhráthair eile é. Bhí an dá dearbhráthair eile 'n-a suidhe ag na croisbhealaigh ag feitheadh air. Nuair thainic sé fad leobhtha chuir siad fáilte mhór roimhe. D'iarr siad air suidhe agus a sgíste dheánadh. Shuidh seisean ag deánadh a sgíste agus cha rabh sé i bhfad 'n-a shuidhe nuair thuit sé 'n-a chodladh, agus nuair a fuair na dá dhearbhráthair eile 'n-a chodladh é, thóg siad an pocán luibh, agus shiubhal siad chun an bhaile 'uig a n-athair, agus thug siad dó an pocán luibh, agus d'innis siad do'n athair gur iad fhéin a fuair an luibh. Nuair a mhusgail seisean d'éirigh sé agus d'amharc sé ghach a'n taobh de, agus bhí na dá dhearbhráthair ar shiubhal a bhaile leis an luibh. Shiubhal sé leis chun an bhaile comh athchomair 17 is thiocfadh leis, agus d'innis do'n athair gur eisean a fuair an luibh. Cha chreidfeadh an t-athair é. Dubhairt an t-athair leis go gcaithfeadh sé siubhal leis i mbéal a chinn. 18 Bhí sé ag siubhal leis ghach a'n áit agus cha leigfeadh an rí dó theacht dhá chomhair 19. Bliadhain ó'n lá sin, bhí an rí thuas ar lofta an chaisleáin agus chonnaic sé an cailín ag teacht chuige ba bhreaghtha chonnaic sé ariamh. Rith sé go dteacha sé fad le doras an chaisleáin, agus sheas sé go dtainic an cailín breagh seo fad leis. D'fhiafruigh sé di cárb as í ná goidé thug an bealach seo í. D'innis sí dó gur nighean Ríogh an Domhain Thoir a bhí innte, agus go rabh sí ag teacht a chuartughadh an mhic a b'óige a bhí aige-san, foir gur gheall sé go bhpósfadh sé í an lá bhí sé i ngarradh a hathar-san 'choinne na luibh, "agus seo fáinne óir a thug sé damh," deir sí, "agus mur' gcreididh tu mé, tá a ainm ar an fháinne;" agus shín sí an fáinne óir chuige. Chreid an rí í agus chuir sé ar siubhal 'choinne an mhic a b'óige. Pósadh an mac a b'óige agus nighean Ríogh an Domhain Thoir ar a chéile. Thug an rí an dúithche a bhí aige-san do'n mhac a b'óige agus do nighin Ríogh an Domhain Thoir. Chuir sé an mac is sine agus an darna mac ar siubhal agus cha dtug sé 'dhath dóbhtha. S. UA D. do sholáthruigh. 1 Fuair mé an sgéal seo ó Mhícheál Ua Dubhchon. Tá seisean i n-a chomhnuidhe i mBun-na-dtrí-sruthán i nGleann-bháirr i bhfogus do Leitirceannain i gCon- dae Dún na nGall. - S. ua D. 2 Seer, wizard. 3 Thig liom (or damh) a fhágháil, I can get it; thig a fhágháil, it can be got 4 "An maidin" dubhairt an sgéalaidhe 5 "Bhí" adubhairt an sgéalaidhe 6 .i. misneach 7 Vide foclóir: "óir" 8 .i. ní fhillfead 9 I n-ionad "i"; cf, Sgéalaidhe Óirghiall, l. 139 10 Pron. mharcacht 11 .i. a dhath de mhaith, its colour of good, a bit of good 12 .i. ní dhéanfaidh; cf. cha dean Sc. Gaelic 13 i. ceann de na seomraíbh 14 .i. mála 15 .i. teacht chugam 19 "A d'fhág" adubhairt an sg. 17 .i. tapaidh 18 .i. a chosa is a lámha faoi 19 .i. i n'aice
Dán Diadha 1 Mo Dhia, mo shólás, mo bheatha, mo bhrígh, mo luthgháir, mo lón fós, Agus tabhair damh smaoitiughadh oidhche agus lá ort-sa, a Dhia gach sólás. Méaduigh mo ghrádh, m' osnadh agus mo bhrón, agus fosgail mo bhéal chun ráidhte, Agus tabhair damh smaoitiughadh go cinnte gnáthach ar Íosa, Muire agus Iósap. Sgrios uaim mo choirthe; Ó, mo Dhia mhilis, ná diúltuigh mé, Agus tabhair damh smaoitiughadh go síorraidhe ar Íosa Críost a céasadh. I ngrádh agus i n-onóir do naomh-pháise, pronn orainn na tiodhlaicthe neamhdha seo, Agus tabhair dúinn smaoitiughadh go cinnte gnáthach ar Íosa, Muire agus Iósap. Glóir do Dhia an t-Athair go síorraidhe, is ort atáim ag iarraidh párdúin, Agus do'n Mhac a fuair bás is dóirt a chuid fola go humhal, Agus do'n Spiorad Naomhtha go léir 'n-a dtrí, dóirt orainn anuas do ghrásta, Agus tabhair dúinn smaoitiughadh go minic ar Íosa, Muire agus Iósap. A Naomh-chros Íosa Críost, Ó, mo Thighearna is m'áird-dídean, Mo ghárda buan oidhche agus lá, gidh gur minic do thuill mé do dhíombuadh, 2 Ó, mo Dhia, tabhair damh as so suas gach ní mar a theasbhánann 3 tú dúinne, Agus mar ghrádh ort mo chros d'iomchar 'do dhiaidh, 'Íosa, Muire agus Iósap. 'Athair na bhflaitheas, Ó, a Rí na Ríogh, go n-onóruighidh an saoghal go léir thú - Do'n Mhac agus do'n Spiorad Naomh onóir, glóir agus cómhacht - Go moltar thú le céim is cliú agus le gach críostaidhe eolach, Agus gur ab é ár gceol oidhche agus lá, Íosa, Muire agus Iósap. Go mbeannuighthear thú, a Thighearna Dia, Ó, 'Rí na Glóire síorraidhe, Agus na hanmanna truaighe atá i bpéin, deonuigh ar a saoradh; Sgaoil na glaisa cheanglas iad, agus le do thrócaire, a Thighearna, fuasgail, Agus go raibh a sólás go síorraidhe i n-Íosa, Muire agus Iósap. Agruighim 4 thú, a Mhaighdean Mhuire - is mise an peacach deorach - Do bheannacht-sa agus do Mhic 5 araon le mo choirthe uilig do chóiriughadh. Ó, a charaid na bhfeart, éighmhim 6 leat leis na hainmneacha go cinnte 'mheabhrughadh, Agus go ndéanaid sgíste i lár mo chroidhe, Íosa, Muire agus Iósap. A Athair na bhfeart, tabhair damh-sa neart agus stiúruigh m' uile ghníomhartha, In do chréachta slánuighthe foluigh mé, bhí ag dórtadh fola le mo shaoradh. A charaid na bhfeart éighmhim leat leis na hainmneacha go cinnte 'mheabhrughadh, Agus stiúruigh mé ar uair mo bháis, Íosa, Muire agus Iósap. T.Ó.B. do sholáthruigh 1 Tá an bhean d'aithris an dán seo damh i n-a comhnuidhe i gCloich-chinn-fhaolaigh i bhfogus do'n Choláiste. Neillí Ní Choluim is annm duithi. Dubhairt sí gur bh'é San Alfons Ligóri do chum é agus gur bh'uncal duithi féin d'aistrigh go Gaedhilg é. 2 fearg, mallacht. 3 pron. theasanann 4 I beseech 5 .i. do bheannacht-sa agus beannacht do Mhic. 6. pron. éifim
An Creideamh agus an Ghaedhealg Tagraim libh, a Chlann Éibhir, Leath bhur lúith nach lán-léir libh; Méala dhaoibh thar aoin eile Ag dul d'éag do'n Ghaoidhilg. - Mícheál óg Ua Longáin. Thárla comhrádh idir triúr mac léighinn san choláiste seo tamall goirid ó shin. Is é ní ba bhun-ádhbhar do'n chaint: An Creideamh agus an Ghaedhealg. Do bhí go leor rudaí le rádh ag beirt aca, acht an tríomhadh duine, níor tháinig leis focal do rádh; níor leigeadh dó. Duine is eadh é nach féidir leis ceist ar bith do phléidhe gan teacht ar a bun-fhréimh agus ar a bunadhas, agus, ar ndóigh, do bhí gach aon cheart ag an bheirt gan cead a chinn do thabhairt dó agus é ag tosughadh ag a mbodhradh le sgéaltaibh agus le heachtraidhibh do thuit amach ní fios cá fad ó shin. Acht tá dubh agus páipéar go fairsing i n-a thimcheall anois; níl bac ná cur isteach dá chur ag éinneach air; rachaidh sé siar ar stáir na hÉireann, agus an duine nach bhfuil sásta ar dhul siar i n-éindigh leis, fanadh sé mar a bhfuil aige ins an aimsir seo. (A) Sean-scoltacha na hÉireann Measaim nach raibh riamh san domhan cineadh comh clúmhail i gcúrsaíbh léighinn agus eolais agus do bhí cineadh na hÉireann tráth. Tamall goirid tar éis bás d'fhagháil do Phádraig do cuireadh ar bun an chéad sgoil de na sgoltachaibh ba mhó clú agus do b'aoirde cáil dá raibh riamh i dtír ar bith. As an chreideamh d'fhás na sgoltacha sin. Manaigh naomhtha do bhí ins na daoinibh do chuir ar bun iad. Fíor-spioraid an chrei- dimh agus na naomhthachta do bhrosluigh iad chum na deagh-oibre seo. Do chruinnigh siad a gcuid deisgiobal i gceann a chéile i n-áit- eachaibh uaigneacha iargculta i n-a raibh an talamh bocht neamh-thorthamhail. Do shaothruigh siad an talamh. Do sholáthair siad biadh agus beatha dhóibh féin agus do bhochtaibh Dé de bhárr a gcuid saothair. Ní thug siad faillighe san léigheann ná i n-obair sgolaidh- eachta acht oiread. Do chuir siad eolas ar an Sgrioptúir naomhtha. D'fhoghluim siad na sean-teangthacha, an Laidean, an Ghréigis, agus níor shos do'n Eabhrais féin é. Do bhain an obair sin uile leis an chreideamh; acht do rinne siad aon ní amháin eile thuilleas ár meas agus ár mbuidheachas comh maith céadna .i. an Ghaedhealg do shaothrughadh. Leis na céadtaibh bliadhan do chleacht na Gaedhil sgéalaidheacht agus seoirt eile litri- dheachta, acht níor chleacht siad sgríobhnóireacht le linn ré na págántachta. I dtosach ré na críostaidheachta, rinne na manaigh atharach mór ar an sgéal. D' fhoghluim siad sgríobh- nóireacht ó na daoinibh tháinig ó'n Róimh a ndeas, agus annsin thosuigh siad ag a múineadh do na hÉireannchaibh. Do sholáthair siad an dubh agus an meamram - bhí siad sin an- daor an uair úd - agus do chuir siad síos ar an meamram na sgéalta agus gach seort eile litridheachta do bhíodh na seanchaidhthe do chleachtadh leis na ciantaibh. Do lean na manaigh ar an saothrughadh sin na Gaedhilge an fhaid is do mhair na sgoltacha. Níl toradh a gcuid saothair go hiomlán againn anois. Leabhar mór a dtugtar "Leabhar na hUidhre" air, do cuireadh le chéile i gCluain-mhic- Nóis é i dtimcheall tosach na dara haoise déag. Tá sé sin againn fós - nó cuid de ba chirte dham do rádh - agus mór-chuid de na leabhraibh do sgríobhadh ó'n uair sin anuas; acht is beag rud dár sgríobhadh roimh an am sin nár cailleadh ó shin ar dóigh éigin, le teinidh, nó le faobhar, nó le huisge. Mar sin féin, tá rian na sgoltach Éirean- nach go soiléir le feicsin ar an Móir-thír go fóill. Ó'n séamhadh aois go dtí an dara aois déag d'imthigheadh mórán manach as an tír seo leis an creideamh do chraobhsgaoileadh agus le múineadh do dhéanamh ar fud na hEorpa. Do theagasgadh siad gach uile sheort léighinn. Is tríd an Ghaedhilg do-ghníthí an teagasg!! Ní haon bhréag ná magadh é. I n-a lán de na cathrachaibh móra ar an Móir- thír ta sean-láimhsgríbhne tháinig anuas ó aimsir na sgoltach Éireannach úd - mac- samhla den Tiomna Nua agus de'n Sean- tiomna agus de sgríbhnibh na n-úghdar. Dá bhféachadh duine ortha seo, 'tchífeadh sé giotaí beaga Gaedhilge annseo agus annsiúd ionnta. Gluaiseanna iad sin do sgríobh na
hoidí múinte le brígh na bhfocal Laidne do chur i dtuigsin dá gcuid sgoláire. Do bailigheadh i gceann a chéile gach aon ghiota de na giotaíbh Gaedhilge sin. Do tugadh amach i leabhar iad le goirid, i dtreo gur féidir duit i ad do léigheadh má thuigeann tú an chaint atá ionnta. Acht, cibé aca thuig- eann nó nach dtuigeann tú í, cruthuigheann siad go glan go ndearnaidh na manaigh feidhm de'n Ghaedhilg ar an dóigh adeirim, agus go raibh baint an-dlúith ag an Ghaedhilg le soisgéalughadh an chreidimh le linn aois an ain-eolais agus an dorchadais. (B) Na Leabhair Chló-bhuailte Do cuireadh deireadh le réim na sgoltach? agus do cuireadh deireadh le rudaí nár bh' iad. Do chuaidh cumhacht na nGaedheal féin ar gcúl i ndeireadh na séamhadh aoise déag le linn Éilís bheith i n-a bainríoghain ar Shasana. Tugadh steall as bhuidéal nimhe d' Ua Domhnaill; síothcháin, sógh ná suaimhneas ní fhuair Ua Néill nó go mb' éigin do imirce do dhéanamh thar sáile anonn. Do bhí gach aon ní réidh annsin le sean-chreideamh ársa na nGaedheal do chur fá chois. Éinneach nár mhaith leis an creideamh Gallda do ghlacadh, do chaith sé a fhearann dúthchais do thréigean; dá ndiúltadh sé, do ropadh claidheamh thríd a chroidhe. Do thréig muintir na hÉireann saidhbhreas agus iol-mhaitheas an tsaoghail. Do ghabh an Sasanach lán-ghreim ortha. Do dhíol sé asta leis an Bhíobla Gaedhilge! Do scaip sé na leabhair i n-aisge i measg na ndaoine bocht; - acht do cuireadh isteach go tobann ar a chuid cleas. Ins an bhliadhain 1606 do mhol an t-Athair Flaithrí Ua Maoilconaire, sagart Connachtach, do'n treas Pilib, Rí na Spáinne, coláiste do chur ar bun i Lobhán fá choinne Úird San Phroinséis. Do hosgladh an coláiste trí bliadhna i n-a dhiaidh sin. Do cuireadh ar bun é leis an creideamh do chur chum tosaigh i n-Éirinn. Do thuig na sagairt Éireannacha do bhí ann goidé an cleas do bhí an Sasanach mór-chroidheach d'imirt san mbaile. Do bhí a fhios aca goidé an bealach a raibh sé ag iarr- aidh an creideamh Catoiliceach do lot agus do mhilleadh. Ar an ádhbhar sin, do sholáthair siad gléas cló-bhuailte. Do rinneadh cló Gaedhealach dóibh san bhliadhain 1611. Do thosuigh siad ag tabhairt amach leabhar Gaedhilge. Tasbáineann sean-chunntas Laidne 'tuige a ndearnadh sin. "Níor bh'fhéidir le Catoilicighibh Ríoghachta na hÉireann an ní céadna seo do dhéanamh, de bhrígh go raibh siad fá dhaor-smacht ag na heiricidhibh. Do cuireadh i gcló an uair sin cuid mhaith de leabhraibh Gaedhilge, do rinne maitheas mór d' anmannaibh na gcreid- mheach." Do tugadh amach, "Teagasg Críostaidhe Uí hEoghusa," san bhliadhain 1618. Do cló-bhuaileadh "Scáthán na hAithrighe" (Aodh Mac Cathmhaoil) an bhliadhain chéadna. Níor cuireadh críoch leis an obair mhaith seo go ceann i bhfad. Ar na leabhraibh tháinig ó'n choláiste chéadna tá siad seo leanas:- "Scáthán an Chrábhaidh" (Flaithrí Ua Maoil- conaire), "Párrthas an Anma" (Antoine Gearnóin) agus "Lóchrann na gCreidmheach" (Proinsias Ua Maolmhuaidh). Muna gcuimhnigheann sinn ar ar ghabh na Gaedhil tríd ar feadh na seachtmadh aoise déag agus na hochtmhadh aoise déag, ní féidir linn a mheas i gceart a fheabhas do choimhéad na leabhair seo fíor-spioraid an chreidimh i gcroidhe na ndaoine, de bhuidh- eachas de gach géirleanmhaint dá dhéine. Do cuireadh dlighthe i bhfeidhm a ndubhairt Éamonn de Búrca i n-a dtaobh gur bh 'iad an uirlis do b'fhearr do soláthruigheadh riamh le beithidh- each do dhéanamh de'n duine. I n-a dhiaidh sin is uile, do bhí an Gaedheal dílis do Dhia, dílis do'n chreideamh, dílis dá shagartaibh, dílis do'n Ghaedhilg. Do b'iad na leabhra Gaedhilge fá ndearr an dílseacht go léir. Má b'uasal agus má b'onórach an dlúith- cheangal do bhí idir an Ghaedhilg agus an creideamh nuair do bhí na Gaedhil fá réim amuigh agus i mbaile, sílim gur seacht uaisle agus gur seacht onóraighe an dlúith-cheangal do bhí eatortha nuair bhí na Gaedhil brúighte claoidhte go daor faoi chois ag madraíbh Sacsan. (C) Deich mbliadhna ó shin Acht do bhris na Sasanaigh an cath orainn san deireadh. I dtosach na naomhadh aoise déag do bhí an Ghaedhealg ar labhairt ar fud na hÉireann go léir, ó Innbhear Sgéine go Clochán na bhFomhorach; i ndeireadh na haoise céadna ní chluinfeadh duine focal dí acht i gcorr-áit ar thaobh na mara. Goidé fá ndearr an t-atharach mór sin? Tá a
fhreagra féin ag gach éinneach ar an gceist. Adeirtear gur ab é Domhnall Ua Conaill agus a lucht leanamhna ba mhó ba chionntach leis. Adeirtear gur ab iad na sgoltacha so againne fá ndearr an t-olc ar fad. Adeirtear gur ab iad na sagairt do chuir an Ghaedhealg i ndiaidh deiridh. Ar dóigh ar bith, is cinnte go ndearnaidh gach dream san tír a chuid fhéin de'n díoghbháil. Tuig- imid-ne indiu gach tuathal do rinneadh ins na bliadhantaibh do chuaidh thart, acht, máiseadh, ní ceart dúinn bheith ag cáineadh na ndaoine do rinne an tuathal. An léir-sgrios do bhí dá dhéanamh ar teangaidh ár sinnsear, ní fearr do-chonnaic na sagairt é ná cách. Is minic do-ghníthear dearmad de'n mhéid sin nuair bítear ag trácht ar an droch-rath agusar an mhío-fhortún d'imthigh ar an Ghaedhilg le céad bliadhain anuas. Cibé sgéal é, ní raibh ann acht nár múchadh í i ndeireadh na sgríbe. An dlúith-cheangal do bhí riamh idir chreideamh na hÉireann agus teangaidh na hÉireann, bhí sé beag nach briste nuair tosuigheadh ag obair le n-ár gcanamhain ceol-bhinn do choimhéad beo. Chum a thuigsin i gceart goidé mar a bhí obair an chreidimh agus an Ghaedhealg deigh- ilte ó chéile deich mbliadhna ó shin, féach- amuis isteach san sgéal. Teanga na tíre seo dá labhairt ag cúpla míle daoine bocht ar imeall na mara coimhthighthighe. Na daoine sin gan gean gan grádh dí. Iad ar a ndícheall ag iarraidh í do dhíbirt ó n-a mbéal amach agus caint gan snas gan líomhthacht do chur isteach i n-a hionad. Iad gan léigheann gan fhoghluim, gan eolas gan tabhairt suas. Ní labharfadh siad Gaedhealg le n-a gcuid páiste dá mbéadh a mhalairt aca. Na páistí sin ag dul ar "sgoil náisiúnta." Adéarfadh éinneach a mbéadh splannc céille i n-a chloigeann gur cheart do na daoinibh do bhí i mbun na sgoil grádh dá dteangaidh agus dá dtír do chur i n-a gcroidhe, tráth is nár chóimhlíon a dtuis- mhuightheoirí an dualgas sin dóibh. Níor cuimhnigheadh ar a leithéid. Má is eadh féin, ní raibh an Béarla ag an aos óg. Nuair nach raibh, goidé mar a thiocfadh leo an teagasg críostaidhe Béarla d'fhoghlaim; agus goidé mar a thuigfeadh siad rúindiamhra a gcre- idimh gan an teagasg críostaidhe do bheith aca? Nuair d'fhás siad suas, d'imthigh cuid aca thar sáile. Níor bh'fhearrde a gcreideamh an t-aistear, go háirithe nuair nach ró-mhaith do thuig siad gach ar bhain leis. An dream d'fhan san mbaile, adubhairt siad a gcuid paidreacha as Gaedhilg uaireanta, agus sin a raibh de bhaint ag a dteangaidh dúthchais le creideamh a gcroidhe. Is annamh do-chualaidh siad seanmóir Ghaedhilge. Níor nocht siad a gcoinsias dá n-oide faoistine tríd an Ghaedhilg, mar is minic nach dtuigfeadh sé iad dá ndéanadh siad sin. Is furas a fheicsin as sin uile gur sgaradh go mill- teach an creideamh ceart ó theangaidh mhilis an Ghaedhilgeora. Agus maidir leis an Ghalldacht, níl le rádh fá dtaobh dí acht an méid seo .i. go bhfuil a fhios ag gach éinneach gur mó go mór an grádh do'n chreideamh agus an chráibhtheacht atá ag an Ghaedhilgeoir ná an grádh do'n chreideamh agus an chráibhtheacht atá ag an Bhéarlóir. Go deimhin agus go dearbhtha, nach iomdha Béarlóir gan chreideamh ar bith ar domhan? - rud nach féidir le héinneach do chasadh le haon Ghaedhilgeoir dá bhfuil suas. Sin lom- chlár na fírinne, agus mo dhubhshlán faoi an té chuirfeas i n-a aghaidh. (D) An aimsir atá ag teacht Anois, a chómh-Ghaedheala Mhaighe Nuadhat, tuigeann sibh goidé rinne an Ghaedhealg ar son an fhír-chreidimh i n-allód. Admhann sibh a ndearnaidh sí ar a shon san mbaile annseo i n-Éirinn agus i bhfad thar lear i gcéin. Agus má rinne sí an méid sin ins na laetheanntaibh a chuaidh thart, 'tuige nach ndéanfadh sí an ní céadna indiu? Níor chaill sí fós a treiseacht ná a treoir chum croidhe an Ghaedhil do spreagadh chum deigh-ghníomh uasal, acht an chaoi do thabhairt dí leis an treiseacht agus an treoir do chur i bhfeidhm. Is iomdha sagart diadha agus bráthair naomhtha ag a raibh sin buailte isteach i n-a aigneadh, agus é go millteach bocht faoi bhrón faoi ghéar-smacht ag námhaid Éireann. Do thuig an t-Athair Ua Gramhna i n-a laethibh féin é, - "bhí tuigsin aige thar na seanóiríbh." Tuigeann an t-Athair Peadar Ua Laoghaire indiu é. An dtuigeann sibh-se é? Tá mé fír-chinnte go dtuigeann sibh go rí-mhaith é, - an chuid is truime ciall agaibh, cibé ar domhan é. Má seadh, tá a fhios agaibh goidé a bhfuilmid ag obair ar a shon. Ní fuláir dúinn an sean-dlúith-cheangal agus an sean-
deagh-cháirdeas agus an sean-mhór-chaid- reamh do chur ar bun aríst idir an chreideamh agus an Ghaedhilg. Sin í an obair atá gearrtha amach le déanamh againn. Caithfear iad do thabhairt dá chéile aríst. Caithfear an Ghaedhealg do thabhairt do'n altóir mar a gcraobhscaoiltear focal Dé; do'n fhaoisdin mara bhfuil a thrócaire le fágháil; do'n sgoil mar a bhfoghlaimighthear a dhligheadh agus a chreideamh; do lic na teineadh mar a ndéantar a adhradh agus a bhuidheachasughadh tar éis cruadhtan agus obair an lae. Agus amhail is nach féidir an aicíd do ruagadh as an chorp gan teacht ar an droch-bhall ó n-a bhfásann sí, mar sin ní mór dúinn sinn féin do Ghaedhealughadh i dtosach báire; ní mór dúinn fósta ár gColáiste do Ghaedhealughadh go dtí an smior agus go dtí an smuais; acht tabhramuis aire dúinn féin fá láthair agus "tiocfaidh an síol má tá sé ann." Is iomdha gníomh maith uasal atá déanta ag ár gConnradh cóir cheana féin; acht, is iomdha ní atá gan déanamh fós. Téidhmis ar aghaidh. Ná tigeadh laigeacht ná meathtacht i n-ár gcroidhe. Seasamuis amach go dian dána dásachtach i gcoinne an Ghalldachais. Ná staonamuis an cath. Is mór é go deimhin, acht is mó go mór ná é an cath bhéas le troid againn amach annseo muna ndéanann sinn obair na Gaedhilge go dílis dúthrachtach anois. Agus féachaidh ar an luach saothair do-gheobhaidh sinn má bhrisfidh sinn an comhrac ar an námhaid, - grádh agus gean agus geal- mhuinteardhas muintire na hÉireann! An creideamh cóir agus an croidhe Gaedhealach, sin iad an dá ní is áilne agus is luachmhaire faoi an spéir indiu. Dá gcaillfidhe ceann aca, do bhéadh thiar ar an gceann eile. Má bheirimid-ne cabhair agus congnamh do lucht cosanta na Gaedhilge, béidh an buaidh leis an Ghaedhilg agus le n-a mbaineann léi; muna mbíonn sinn ar ghualainn a chéile, caillfear an Ghaedhealg, agus fearrde an creideamh í do dhul i ndísg. Nach dóigh libh, a cháirde groidhe, gur fiú ár ndícheall báis agus beathadh iad araon? P.B.
Obair na Gaedhilge i gColaiste Muighe Nuadhad Paipéar do léigheadh ós comhair Cúirt na nGaedheal, Feabhra 5adh, 1908. Do-rinneadh áthrach agus aith- ghiorrath ar chuid de'n chaint ó shoin. I. Cruinn-eolas I dtoiseach na haith-bhliadhna is dóigh liom nár mhiste dhúinn amharc a chaitheadh siar ar an aimsir atá caithte, ár gcogubhas do sgrúdadh agus do ghéir-infhiúchadh ag faisnéis goidé mar éirigh ár n-iarrachtaí linn, agus ar deireadh, comhairle agus gléas nua do cheapadh, má's riachtanach é, le n-ár gConnradh do dhíriughadh ar bhealach a leasa. Is soiléir do ghach'n uile dhuine gur móide an buntáiste agus an tairbhe thiocfas as an sgrúdadh an cheist uile go léir do nochtadh gan laghdughadh gan foir-leathnughadh, foir chan fhéadamaid teacht ar an bhóthar mhór dhíreach, muna mbéidh a fhios againn goidé an fad atá sinn ar seoid agus ar seachrán i n-aimhréidhe na coille duibhe dorcha. Bíodh a fhios agaibh, a Ghaedheala, nach ceapairí siúcracha so-bhlasta de sheadráil cainte atá agam daoibh, acht biadh searbh righin na fírinne. Sin ádhbhar mo thoisge agus mo thurais an seal seo, agus má thógfar orm an sgéal atá le hársuighe agus le hinnsint, is é m'fhreagra ar lucht mo cháinte gur dheamhan a miste liom; "is fearr an troid ná an t-uaigneas." Cunntas agus cur síos, beachtughadh agus léir-mheas ar obair na Gaedhilge ó thoiseach na sgoil-bhliadhna go dtí anois, príomh-chúis mo sgríobhtha. Acht is mór, i bhfarradh sin, ba chionntach leis an alt so bheith i n-Irislea- bhar an Chonnartha, fonn do ghabh mé cliú agus cáil ár gColáiste do chosaint i n-aghaidh ráfla agus baramhail atá amuigh orainn le déidheanaighe. Is leor mar bhréag- nadh ortha a bhfuil de chruinn-eolas agam le tabhairt do lucht ár gcáinte. Seo mar do fuair mé an cruinn-eolas. Cheannuigh mé Féilire an Choláiste agus thug mé do dhuine stuamdha siosmaideach i ngach buidhin é, le hórdughadh liosta na n-ainm do sgrúdadh go géar, agus sgór do chur roimhe le hainm gach dalta do réir mar bhí sé i n-acfuinn Gaedhealg a labhairt (A) go maith, nó (B) go measardha, nó (C) ag a foghlaim, nó (D) aineolach ar fad ins an teangaidh. Toradh an sgrúdtha annso síos: Teach na Sinnsear (Roinn Mhuire Naomhtha) Diadhairí na 4adh. bl. Diadhairí an 3adh. bl. Diadhairí na dara bl. Teach na Sinnsear (Roinn Seosaimh Naomhtha) Diadhairí na céad bl. Buidhean na Céime (B.E.) An líon tighe
Chan baoth-chaint atá ins na huimhreachaibh sin. Is leor mar fhiadhnaise iad le n-a chur i dtuigsint agus i gcéill do'n tsaoghal go raibh dul amudha ar na daoinibh do lásg linn é nach raibh grádh ná taitneamh againn do'n Ghaedhilg, agus go raibh sinn 'n éis an teanga do thréigean agus do leigean i ndearmad. Cha luigheann sé le nádúr go mbéadh an tuath amhrasach i n-ár dtimhceall, foir bhí mórán téamaidh ionnainn riamh. Char thuill cill na hÉireann deagh-fhocal na tuaithe roimhe seo leath comh maith is thuilleas sí fá láthair é, mar is soiléir nach raibh obair na Gaedhilge i dtreise agus i dtreoir riamh i n-ár bpríomh- Choláiste eaglaiseach comh maith is tá i mbliadhna. Chan amháin gur éirigh spiorad nua i n-ár measg le goirid, acht bhí toradh an spioraid le feicsint go soiléir ins an dóigh ar chuir furmhór ár mac léighinn cuspóirí an Chonnartha i ngníomh agus i gcleachtadh. Chan fhuil a fhios againn goidé do chuir dalladh mallóg ar mhuinntir na Gaedhilge taobh amuigh i n-ár dtimcheall, munab é an gleo úd fá dtaobh de Theach na Sóisear. Acht ba cheart do na daoinibh seo cuimhniughadh nach ionann an Coláiste agus dream beag suarach ins an Roinn sin. Tá na mic léighinn cothrom leis an aimsir anois, mar is annamh dúinn bheith ar gcúl i gcúrsaíbh bhaineas le dúthchasacht. Sgrúdaidh, a léigh- theoirí, na nodaí áirimh tá léirighthe agam sul fá ndaorfaidh sibh an Coláiste. Tá súil agam go bhfuil bainte agam faoi lucht an bheachtuighthe fá dheireadh. Acht, gidh gur fíor a n-abraim fá obair na Gaedhilge, chan fhágann sin nach bhfuil lúb ar lár i ngnáth-obair an Chonnartha. Chan fhuil an Ghaedhealg fighte fuaighte le beathaidh agus le saoghal na mac léighinn mar ba chóir agus mar ba riachtanach leis an Coláiste do Ghaedhealughadh ó bhun go bárr. An cruthughadh agus an dearbhadh mar leanas; tá seort tuairim againn, agus chan gan ádhbhar é, gur ualach agus cúis bhuaidheartha Gaedhealg do labhairt taobh amuigh de na huairibh atá ceaptha amach fá choinne na mbuidhean Gaedhilge. Agus tuigidh nach bhfuilim ag cur i leith na gConnarthóir atá i n-acfuinn Gaedhealg do labhairt go maith, go mbíonn siad ag caint as Béarla le n-a chéile. Chan eadh ar aon chor, acht is é ba mhaith liom cur i n-a luighe oraibh nach bhfuil fonn ar na Gaedhealaibh is fearr cruinniughadh le chéile, agus bheith i gcuidheachtain a chéile comh minic agus is féidir é; nach iad an Ghaedhealg agus an Connradh is cionn- tsiocair le gach cumann nua cuirtear ar bun, agus le gach céim ar aghaidh chun leasa agus maitheasa ár dtíre; agus, ar deireadh, nach é an Connradh stiúruigheas aigneadh puiblidhe an Choláiste. Is dóigh liom nach bhfuil acht dá ní ann fá dear ar laige, agus is iad seo iad: (1) Gan líomhthacht bheith ag na macaibh léighinn i gcaint na Gaedhilge; (2) Easbhaidh oideachais agus teagasg fríd Ghaedhilg. I dtaca leis an chéad locht, tá sé de dhánaidheacht ionnam a rádh nach bhfuil duine ar bith sa Choláiste a dtig leis Gaedhealg a labhairt comh maith is thig leis Béarla a la airt. Gabhaim orm an breitheamhnas seo do chruthughadh leis an léir-aighneas seo: Is annamh duine nach dtiocfaidh liom nuair chuirim síos mar an chéad réimh-bhreath nach féilmearacht ná bainnidheacht, treabhadh ná fursadh, is bun-ádhbhar agus mianach dár gcaint agus dár gcomhluadar annseo, acht diadhacht agus feallsamhnacht, cúrsaí eag- laise agus tuaithe, litridheacht, áiteamh-eolas agus rl. Cuirim síos mar an dara réimh-bhreath nach bhfuil na téarmaí bhaineas leis na rudaíbh seo i gcleachtadh ná i bhfeidhm againn. Is soiléir an iarmairt nach féidir leis an duine is cliste againn Gaedhealg a labhairt comh furas agus is féidir leis Béarla do labhairt. Is cinnte, fós, nach féidir linn maoidheamh as an eolas atá againn ar litridheacht na hÉireann. Acht do b'fhéidir leigheas d'fhaghail ar an locht sin fríd Chumann Liteardha Gaedh- ilge. Tá cumann againn dar ab ainm Cúirt na nGaedheal, acht chan fhiú trácht air mar chumann liteardha. Mar cumann fá choinne sgéal beag greannmhar, nó fá choinne cainte seabhóidighe, tá sé maith go leor. Tá a shliocht air. Ó'n chunntas thug mé ó chianaibh ba cheart amach is isteach le céad .i. dream (A) agus dream (B), bheith istigh ag an Chúirt gach oidhche. I n-a ionad sin, is annamh bhíos níos mó ná deich is fiche ann. Chan leithsgéal dóibh seo fhanas amuigh a rádh nach bhfuil an Chúirt ar fóghnamh, agus bíodh a fhios ag na daoinibh nach dtig isteach chugainn gur comhartha croidhe-laige agus spadán- tachta a leithéid sin de nós. Acht má
chuirtear an Chúirt i gcomórtas agus i gcóimh-mheas le Cumann an Bhéarla, is cinnte nach bhfuil sí i n-acfuinn teacht i bhfoisgeacht dó i dtaca le dul ar aghaidh agus beodhacht. Bíonn páipéir bhreagha bunadhasacha aca thráchtas ar cheisteannaibh móra an tsaoghail, ar fheallsamhnacht, ar cheol agus ar litridheacht. B'fhéidir nach mbíonn deagh-Bhéarla aca i gcomhnaidhe, acht do bh'fhiú do dhuine éisteacht leis am ar bith. An dara easbhaidh .i. easbhaidh teagasg fríd an Ghaedhilg, is leor cúpla focal i n-a timcheall. Go dtí go mbéidh na mic léighinn fíor-Ghaedhealach, go dtí go mbéidh siad uilig i n-innibh an teanga do labhairt go maith, chan fhuil gar bheith ag súil le léigheachtaibh as Gaedhilg ó na hoidíbh. Nuair bhéas an uain fhóirstineach ann, tá mé fír-chinnte go mbéidh an Ghaedhealg go béil-bhinn blasta aca siúd. Tá inniste agam anois goidé an cruth a bhfuil obair na Gaedhilge fá láthair - na huimhreacha ar dtús, foir chan fhuil dul thar a mbreitheamhnas siúd. Thráchtas ar Chumann Liteardha na Gaedhilge agus ar a laighead cumais is atá aige i mbeathaidh agus i saoghal na mac léighinn. Ar deireadh, thug mé fá dear nach bhfuil an Ghaedhealg i bhfeidhm againn i dteagasg an léighinn, agus nach dtearn sinn aon tréan-aorp le áthrach do chur ar an sgéal taobh amuigh de chorr- pháipéar do sgríobhadh as Gaedhilg fá choinne na sgrúdadh. Béarla ag furmhór na gcuirm cheoil, seanmóirí Béarla insan óráideán, Béarla ins an chuid is mó d'ár gcaint,- nach dearbhadh é sin gur dúthaigh Gallda atá annseo againn go fóill, agus nach bhfuil cosamhlacht a áthraigh go ceann deich is fiche bliadhan, má leanfar do'n obair do réir na céime atá uirthi anois. Cruinn-eolas rudamhail atá mé a thabhairt daoibh, agus má thaisbeán sé gur mór an biseach atá ann ó anuraidh, cha gcuireann sin gur cheart bheith sásta leis an sgéal. II. - An Leigheas An sgrúdadh sin críochnuighthe againn, is fearr dúinn cur síos ar an leigheas. Chan fhiú dadamh bheith ag mairgnighe ár gcáis muna bhfuil dúil againn íoc-shláinte chimilt le n-ár gcréachtaibh. Is soiléir nach dtiocfaidh an t-áthrach mór le n-ár linn .i. chan fheiceann sinne an lá a mbéidh an Ghaedhealg dá canadh ag gach duine sa Choláiste ó'n sóisear is óige aníos, acht má chuirtear an síol i gceart, chan fhuil amhras nach mbéidh fóghmhar torthamh- ail ann deich mbliadhna ó'n aimsir seo. Is riachtanach ar dtús an locht bunadhasach do leigheas, an galar is doimhne préamh do chosgadh. Is cosmhail gur ab é locht is soiléire atchí gach duine, a laighead oibridhe éifeachtach is atá againn. Char chualaidh ár bhfurmhór-ne iomrádh ar an obair seo na Gaedhilge, agus char chuir sinn spéis nó suim innti go dtí go dtainic sinn isteach san Choláiste. Chrom cuid againn ar í d'fhoghlaim, agus d' éirigh go maith le cuid againn, acht is fíor gur beag mac léighinn, agus gnáth-obair an Choláiste comh trom is tá sí, a dtig leis an teanga d' fhoghlaim go maith le linn a sheacht mbliadhan annseo. Leanann de sin gur beag mac léighinn dhéanfas obair éifeachtach ar son an Chonnartha. Ar an ádhbhar sin, is ceart dúinn aire do thabhairt do'n réamh-oideachas gheibh na mic léighinn roimhe le n-a dteacht isteach sa Choláiste, foir is é an t-oideachas Gallda sin is mó is cionntach leis an lag-spiorad atá i gcuid mhaith dár ndaltaíbh. Dá bhfuigheadh siad eolas measardha ar an Ghaedhilg ins na coláistíbh faircheacha faoi mhúinteoiríbh ciall- mhara Gaedhealacha, cha bhéadh mic léighinn fíor-Ghaedhealacha i n-anás againn i Muigh Nuadhat, acht bhéadh gach 'n uile dhuine againn go héag leis an Ghaedhilg, agus bhéadh sinn ag cur suime i litridheacht na Gaedhilge, i ndóigh go dtiocfadh linn an Coláiste do Ghaedhealughadh go hiomlán. Is mór an meis- neach agus an t-uchtach dúinn a fheicsint gur thug an Coiste Gnótha an ní seo fá dear, agus gur chuir siad rún daingean i bhfeidhm dá iarraidh ar lucht stiúrtha na bhfó-choláiste a ceart do thabhairt do'n Ghaedhilg. Tá a fhios againn goidé thuit amach anuraidh .i. cuireadh líon tighe chugainne agus a bhfurmhór dall sa Ghaedhilg. Tá súil agam go mbéidh an Coiste san áirdeall, agus nach mbéidh an sgéal céadna le hársuighe aríst. Tá sé buailte isteach i m' intinn nach bhfuil a áthrach de chúl cinn againn, agus nach bhfuil dul as an chruadhóig againn, muna dtig linn tabhairt ar lucht stiúrtha na gcoláiste sin comhairle na nEaspog do chur i ngníomh gan mhoill. Agus is dóigh liom go mbéadh an buaidh againn san rud seo fósta, dá mbéadh "bar- amhail phuiblidhe" i measg sagart Gaedhealach na hÉireann agus dá mbéadh dlúth-cheangal
agus táthughadh eatortha i gcumann fá leith bé n-a gcomhairle do chur i léire do'n tsaoghal. Seo an dóigh ar mhaith liom an cumann nua seo do chur ar bun. Aimsir Chóimh- thionóil Mhuighe Nuadhat, béidh dream sagart Gaedhealach cruinnighthe le chéile annseo gan mórán le déanamh aca. Is fiú do na sagart- aibh óga bhéas ag dul amach i mbliadhna bheith ag caint leobhtha agus ag cur cúrsaí na Gaedhilge fríd a chéilé. Dá gcuirfeadh sibh i n-a luighe ortha goidé mar is riachtanach a leithéid de dhlúth-cheangal, char bh'fhada go mbéadh an fraoch ar lasadh i gceart, agus go n-éireochadh an cumann atá a dhíth orainn. Agus cad chuige nach mbéadh a leithéid de chumann ag na sagartaibh Gaedhealacha comh maith is tá ag na múinteoiríbh Gaedhealacha? Nach fíor go dtéid a lán Connarthóir amach ó'n Choláiste seo - daoine do bhí ar mire le obair na Gaedhilge do chur ar aghaidh le linn a gcomhnuidhe annseo - agus 'n éis socruighthe dóbhtha ins an iargcúltacht mar nach raibh tásg ná tuairisg ar obair na Gaedhilge nach mór, nó i measg daoine nach raibh fabhairt aca duithi, go dtearna na sagairt seo dear- mad de'n obair, nó ar a laighead, nach raibh a gcuideadh le fagháil ag a gcómh-bhráithreach- aibh i mbearnain bhaoghail? Cha bhéadh a leithéid sin de chumann díomhaoin. Príomh- obair a dhalta, mar adubhairt mé cheana féin, aire do thabhairt do na coláistíbh faircheacha, ag faisnéis goidé mar atá an teanga ag dul ar aghaidh ionnta. Do b'fhéidir leobhtha sgríobhadh chuig uachtarán gach coláiste le cunntas cruinn beacht d' fhagháil uaidh agus caitheamh ortha cothrom na Féinne do thabhairt do'n teangaidh. Ar aon chaoi, bhéadh na freagraí ar na litreachaibh againn mar fhiadhnaise agus mar thomhas ar mhéad a ngrádha agus a measa ar an nGaedhilg. An dara obair a bhéadh roimhe leis an chumann seo: cuspóirí agus rúin oibre Chonnartha na Gaedhilge agus Chonnartha Chuilm Naomhtha do leathnughadh agus do chur i n-a luighe ar na sagartaibh nár thréig a dtrom- shuan go fóill agus atá dá múchadh i ndor- chadas na Galldachta. An triomhadh obair: aire do thabhairt do litridheacht eaglaisigh na hÉireann. Chan fhaca duine go seadh gur sgríobh sagart ar bith tráchtas ar dhiadhacht nó ar fheallsamhnacht i aon irisleabhar de na hirisleabhraibh míos- amhla a cuirtear amach i nÉirinn; is beag sagart ghníos iomrádh féin ionnta ar teangaidh na nGaedheal. Char bh' amhlaidh do Sheatrún Céitinn agus do na daoinibh foghlamtha léigheannta do sgríobh na Sean- móirí atámaid a chur i gcló agus i n-eagar. Chan ceart do shagartaibh Gaedheal- acha na hÉireann bheith sásta le cuideadh a thabhairt dúinne atá ag ath-fhoillsiughadh na sean-sgríbheann. Is mithid dóbhtha beagán "úr-nuadhachta" do chur i n-a ngnáth-obair le bheith cothrom leis an aimsir. Tá sgoláirí i measg cléire na tíre agus is é is céard dóbhtha bheith ag cleachtadh gach 'n uile sheort sgríbhneoireachta acht an seort ba dhual do shagart do chleachtadh. Leoga! go mairidh siad agus a gcuid sgríbheann. Nach maith an mhaise dhóibh iad siúd, agus ár litridheacht féin .i. litridheacht an tsagairt, mar atá, aistriughadh ar an Sgríbhinn Diadha, beathaí na Naomh agus leabhair chráibhtheachta eile a dh' fheidhm orainn. Cha gcrothnóchthaidhe cuid de na sgríbhnibh, acht tá géir-riachtanas leis na leabhraibh spioradálta. Cha n-abrann duine anois go mbéadh an cumann so i n-anás oibre agus aire na gcoláiste faircheach, aire na nua-litridheachta eaglaisighe agus aire cuspóirí na hoibre seo na Gaedhilge do leathnughadh ortha. Dá gcuirfidhe mo chomhairle i ngníomh, agus dá n-éireochadh le saothar an chumainn, chan fhuil aon amhras nach mbéadh rith an ráis againn sul má dtí i bhfad. Ins an am céadna, chan ceart dúinne dearmad do dhéanamh ar ár ndún féin annseo. Tá sé d' fhiachaibh agus d'ualach orainn ár gcuid féin de'n obair do dhéanamh gan iarthaladh, gan aistidheacht, gan fimin- eacht, gan bheith ag dréim ar fad le cuideadh daoine eile. Is cinnte nach mbéidh rath ná rathamhnasar an Chonnradh, agus nach mbéidh an teanga i gcumas agus i réim i n-ár measg, muna ndéanfaidh sinn aorp tréan leis an trom-shuan do thréigean. Árduighmuis faoi 'n gháir-chatha: "An Ghaedhealg i n-uach- tar"; cluintear in gach clúid is cúinne de'n Choláiste í. Agus ar dtús, chan mór dúinn níos mó cuideadh a thabhairt do Chúirt na nGaedheal. Feis na gConnarthóir ba cheart bheith innte, agus maille leis sin, cumann liteardha Gaedhilge. Acht muna dtig na mic léighinn isteach, is beag an maitheas ceisteanna suimeamhla an Chonnartha bheith dá bplidheé
againn annseo, agus is beag an maitheas, acht oiread, bheith ag súil le aistí liteardha, muna bhfuil sgríbhneoirí agus lucht éisteachta ann. Cha dtuigeann sinn goidé mar is riachtanach Cúirt na nGaedheal le obair na Gaedhilge do chur i dtreise agus i dtreoir. Is mian linn, gan amhras, an Béarla do ruaigeadh ó'n Choláiste agus an Ghaedhealg do chur i n-a ionad ins na buidheantaibh, ins an teampall, ins an óráideán, ins na cuir- meachaibh ceoil, ar faithche na himeartha, i n-ár gcaint agus i n-ár gcomhluadar le chéile. Acht ó nach bhfuil eolas againn ar litridheacht na hÉireann, tá na téarmaí bhaineas leis na rudaíbh seo a dhíth orainn. Is ar Chúirt na nGaedheal ba cheart réidhtiughadh na ceiste seo do thuitim, go háirithe comh fada is bhaineas sí le call téarmaí diadhachta agus feallsamhnachta. Cha dtig linn na focla riachtanacha do chumadh as ár stuaim féin agus cha dtig siad chugainn, acht oiread, gan rannsughadh i measg na leabhar. Ba cheart dúinn sgríbhne Chéitinn do chuartughadh; b'é an rígh-sgoláire sin do chéad-chonnaic easbhaidh litridheachta eaglaisighe sa Gaedhilg. (Chan fheiceann diadhairí an lae indiu an easbhaidh sin, gidh go bhfaca na "Soupers" tamall ó shoin é, agus gur bhain feidhm mhaith as na leabhraibh earráideacha do leathadar i measg an phobail Chaitlicigh.) Maille leobhtha seo tá seod luachmhar againn ins na Seanmóiríbh i n-a bhfuil cáil mhór téarma úsáideach, acht is fánach mac léighinn do léigh iad, do réir cosamhlachta. Ar deireadh, tá a lán leabhar tairbheach eile ann nach bhfuil ar díol fá láthair, acht táid le fagháil i n-ár leabharlannaibh. Is fiú iad seo uilig do láimhseáil agus an mianach feidhmeamhail do bhaint asta. Bhéadh toradh an sgrúdtha agus an lorgtha le feicsint ins na haistíbh do léighfidhe os comhair Cúirt na nGaedheal, i ndóigh is go mbéadh gach duine rann-pháir- teach ins an toradh do fuair na daoine is cliste againn ó na sean-leabhraibh. Anois, nuair atá taisbeánta agam goidé an dear- mad atá déanta agaibh ins na rudaíbh seo, tá súil agam go gcuirfidh sibh na finn- sgéalta ar leath-taoibh agus go gcromfaidh sibh ar sgrúdadh na leabhar do luadhas. Chan obair amudha é, foir is deacair Céitinn agus na Seanmóirí seo againne do shárughadh i dtaca le glaineacht Ghaedhilge. Le críoch agus foircheann do chur ar an pháipéar seachránach seo, gabhaim mo leith- sgéal libh siocair is nach bhfuil sé níos slachtmhaire; cha ngabhaim é siocair is go ndubhairt mé rudaí géara. Agus má chuir mé faididheacht ar an lucht éisteachta, agus ar an léightheoir fósta, is ceart cuimhniughadh go dtearna mé an beachtughadh agus an léir- mheas do nochtadh bun-phréimhe an ghalair atá ag milleadh oibre naomhtha na Gaedhilge, agus nach mór an dochar amharc isteach i n-ár n-intinn ar uairibh. Cha dtearna mé téamfaidh faoi obair mo chomh-oibridhe sa Choláiste, agus chan fhuil cúis ghearáin aca annsin. An smuaineadh deireannach ba mhaith liom a chur i n-a luighe oraibh, gur ceart daoibh, a Ghaedh- eala, bheith i dtólamh ag machtnamh ar an dóigh is fearr le n-ár n-obair do chur chun cinn agus do threisiughadh, foir tá coimrighe anama na hÉireann, tá coimrighe ár dtean- gadh dúthchais, ag seasamh orainn, agus má rachaidh an obair seo ar gcúl, is orainne bhéas an locht. Brosluighidh agus spreagaidh oraibh annsin. Má tá lúb ar lár i n-áit ar bith, gheobhaidh sibh a dheisiughadh má's toil libh é. Cuimhnighidh ar foclaibh an fhile: Ní hí seo an Éire bhí i n-állód ann, Acht Éire lucht Béarla is beadaidheacht Gall, Éire gan éifeacht, is i n-anró fann, Éire gan Ghaedhilg, 's is searbh leo rann. Go gcuidighidh Dia linn san obair i ndóigh is gurab é a árthach de sgéal bhéas le haithris leith-chéad bliadhain ó'n aimsir seo. Oraibh-se, a bhfuil bhur gcion féin duithi dá dhéanamh agaibh, guidhim rath agus beannacht. Dubhthach
Seanmóirí Muighe Nuadhat An Treas Imleabhar "Gach aon díne, gach aon críonna," arsa mise liom fhéin i n-éis na trí leabhair de "Sheanmóirí Mhuighe Nuadhat" a bheith léighte agus sgrúdtha agam. Cuireadh an chéad Imleabhar amach dhá bhliadhain ó shin agus an dara ceann anuraidh. An treas ceann atá dá chur ós comhair an phobail an seal seo. Cha raibh acht focla molta agus comórtha ag lucht léir-mheasta fá dtaobh de shaothar ár mac léighinn go dtí seo, acht geallaim dóbhtha, má cuireadh an chéad leabhar agus an dara leabhar i n-eagar agus i n-órdughadh go cúramach agus go slachtmhar, go mbaineann an treas leabhar bárr áilne uatha araon. Acht gidh gur fíor an méid sin i dtim- cheall oibre na n-eagarthóir agus gur fíor, fósta, gur Gaedhealg toighte agus caint líomhtha bhlasta atá ionnta uilig, is mór é m'amhras nach gcuireann an choitcheanntacht, agus go háirithe na sagairt agus na mic léighinn, an oiread sin suime ins na Seanmóiríbh seo is thuilleas siad. Is dóigh liom gur ab é rud is cionntach leis an dearmad seo nach bhfuil fhios aca goidé is fiú na leabhair seo agus goidé an fheidhin is ion-bhainte asta. Sé atáim a chur roimhe liom, na tréithe is fearr atchím-se ins an treas Imleabhar do nochtadh acht gan a lochta do cheilt san am chéadna. Is ceart a admháil nach mór le rádh cuid aca mar sheanmóirí, acht cha leigim a leas a rádh go bhfuil a bhfurmhór ar fóghnamh agus go bhfoireann siad go maith mar shomplaí do sheanmóiridhthibh an lae indiu. Is locht é go bhfuil siad comh fada sin agus go bhfuil an oiread sin cainte gan riachtanas i gcuid aca. Tá an cur síos ró-iomlán agus fágann sin nach mbíonn fhios ag an léightheoir goidé bhí i dtoiseach na seanmóra i n-éis an deireadh bheith léighte aige. Má seadh féin, tá gach aon cheann aca roinnte go nádúrtha agus go ciallmhar, mar is soiléir ó Sheanmóir a Dó agus ó Sheanmóir a Ceathair agus ó Sheanmóir a Naoi. Maille leis sin tá mothughadh agus gríosughadh agus spreagadh agus líomhthacht i n-áiteachaibh fríd an Im- leabhar seo do b'fhéidir do chur i bhfarradh na sompla is fearr i sgríbhnibh Chéitinn. Is furasa fheiceáil fósta ó na Seanmóiríbh seo goidé an seort daoine bhí ins na sagartaibh do chum iad - daoine dúthrachtacha dícheallacha d'oibrigh chun leasa a dtréada agus do chuir ailt bhunadhasacha an chreidimh i dtuigsin do'n phobal. Rud eile atá le tabhairt fá deara- bhí eolas as cuimse ag na sagartaibh seo ar an Nua-fhiadhnaise agus ar sgríbhnibh na n-Aithreach Naomhtha, i slighidh go bhfuil gach aon chomhrádh tuilte de ráidhtibh deismireachta ó na húghdaraibh sin. Comhartha maith ar an seanmóiridhe é bheith léigheannta i litridheacht naomhtha. Cibé beag mór é luach an ádhbhair atá ins na Seanmóiríbh, is éigin dúinn glaine agus maise na Gaedhilge do mholadh, agus is é seo an tarrtháil is mó atá ionnta do shagartaibh an lae indiu. Táthar ag éirghe an-aireach áirdeallach fá'n chineál Gaedhilge a labhras duine. Is minic a bhíos ar sagart seanmóir do thabhairt uaidh Lá Fhéil' Pádraic. Má 's rud é gur i gceanntar Gaedhealach atá sé, caithfidh sé sin do dhéanamh gach Domhnach san bhliadhain. Is beag an maitheas dó dul san óráideán muna dtig leis comhrádh fóghanta do sgríobhadh, acht chan fhuil leithsgéal ar bith aige fá láthair agus na trí leabhair seo de sheanmóiríbh aige. Muna bhfuil smuainte doimhne ionnta, is dearbh gur deacair an Ghaedhealg do shárughadh, agus is mionca bhíos sagart i n-anás Gaedhilge ná i n-anás smuaineadh. Char mhisde, mar sin, dár macaibh léighinn iad do sgrúdadh go cúramach i ndóigh go mbéidh siad cóirighthe gléasta le Soisgéal Chríost do chraobhsgaoileadh i n-glan- Ghaedhilg ar ndul amach dóbhtha ó'n Choláiste. Tá suim mhór téarma ionnta a bhéadh an úsáideach dóbhtha. Ar deireadh, i dtaca leis an eagar- thóireacht féin, is ag dul i bhfeabhas atá ár mic léighinn, gidh go bhfuil corr-rud annseo agus annsiúd aca nach dtaitneann liom fhéin. Molaim iad go háirithe chionn gur lean siad go dlúth do chaint na láimhsgrí- bheann. Tiocfaidh gach aon Ghaedheal liom nuair adeirim gur mór an chreideamhain atá ag dul dóbhtha mar gheall ar a saothar agus gur cheart do shagartaibh Eaglaise na hÉireann go sonnradhach bheith buidheach daobhtha. Tá súil agam go gcuirfidh cléir agus tuath araon suim agus spéis mhór i dtoradh a gcuid oibre. Tá na trí leabhair le fagháil ó lucht leabhair do dhíol agus ó Rúnaidhe Chonnradh Chuilm Naomhtha ar leath-choróin an ceann. Fear an Bhata.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services