Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Cháisg 1908

Title
An Cháisg 1908
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1908
Publisher
M. H. Gill agus a Mhac

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Irisleabhar Muighe Nuadhad



Irisleabhar III



An Cháisg 1908



Uimhir 2



Cóimh-Cheangal na nGaedheal Uile



"Clanna Gaedheal guala ar ghualainn."



Léightear i seanchus na hÉireann go
ndeachaidh triúr laoch mar aon le n-a lucht
leanamhna anonn do'n chrích ar a dtugtar
Alba anois, agus gur thóg siad seilbh na tíre
sin dá mhíle bliadhan ó shin nach mór. Bhí
cineadh eile ann rómpa, acht b'éigean dó
géilleadh dóibh sin. Adeir an seanchus gur
imthigh an triúr sin ó Éirinn timcheall dá
chéad bliadhain roimh aimsir Phádraig, agus
go ndearnadh ríoghacht fá leith d'Albain san
mbliadhain ba aois do'n Tighearna a ceathair
déag is ceithre fichid ar chúig céad, nuair
bhí Aodh mac Ainmire i bhflaitheas na
hÉireann. Acht, ó's rud é go bhfuiltear ag
a shuidhiughadh anois nach inchreidte seanchus
na hÉireann ins na neithibh seo, caithfidh mé
a admháil nach bhfuil agam d'ughdarthás leis
an imtheacht sin an trír laoch acht a n-abrann
na sean-sgríbhne, agus go mb'fhéidir nach
bhfuil ionnta sin ó thús go deireadh acht
bréaga baoise nó finnsgéal filidheachta.



Má's eadh féin, ní féidir a rádh nach bhfuil
gaol an-dlúth idir mhuintir an dá dhúthaigh .i.
muintir na hÉireann is muintir na hAlban.
An chosamhlacht atá idir an dá chanamhain atá
ar labhairt indiu thuaidh is theas, taisbeánann
sí go soiléir gur shíolruigh an dá shliocht ó
aon chineadh amháin. Adeirtear gur fearr
do thuigfeadh "cainteoir cluas" ó Chiarraidhe
nó ó Dhéisibh Mumhan Gaedhealg na n-Albanach
ná Gaedhealg na gConallach. Ní fheadar
féin cia aca fíor nó bréag an méid sin;
acht tá a fhios agam go rí-mhaith nach ró-
dheacair ar fad do "léightheoir súl" a
mbéadh eolas aige ar chanamhain na
n-Éireannach, brígh agus bunadhas na bhfocal
n-Albanach do thuigsin. Is fearr chruthuigheas
an ní céadna sin go raibh Éireannaigh is
Albanaigh i n-a n-aon chineadh amháin i n-allód
ná aon rud dár cuireadh síos riamh i gcairt
nó i sgríbhinn.



Tá sé cinnte fós go mbíodh an-mhuinn-
teardhas is an-chómbáidh ag muintir na
hÉireann le muintir na hAlban, agus
ag muintir na hAlban le muintir na
hÉireann, na céadta bliadhan sul a
dtáinig aon tSasanach go dtí an t-oileán
seo. Bhíodh dlúith-charadas idir Áird-rí na
Teamhrach agus Rí na hAlban. Níor bh'
aon charadas gan bhrígh gan éifeacht é acht an
oiread. Ní dhéintí Entente Cordiale bréige
an uair sin. Nuair bhíthí ag súil go mbéadh
cogadh ag námhaid éigin dá chur ar an Áird-
rígh, ba ghearr an mhoill ar Rígh na hAlban
cabhair is congnamh fear agus neart arm
faobhair is teineadh do chur chuige dá chosaint
ar cibé cur isteach do déanfaidhe air.
Do-ghníodh Áird-rí Éireann an ní céadna
nuair a bhíodh leathtrom ar Rígh Alban i n-a
ríoghacht féin. Is dócha gur de dheascaibh
comhair cáirdeasa cogaidh do socaruigheadh
eatorra do-ghníthi é sin. Do-bheir Seathrún
Céitinn cunntas i n-a stáir ar chonnradh do
rinneadh ag Mór-dháil Druimceait. Tá
trácht ar an gcóimhthionól gcéadna i sean-
leabhraibh eile, agus do réir deallraimh, do
bhí lámh ag Naomh Colm Cille san gcómhairle
ar ar cinneadh ann. Ní móide nach bhfuil
cuid de 'n fhírinne ins na cunntaisíbh seo,
acht cibé aca atá nó nach bhfuil, is iomdha
uair do chabhruigh na hAlbanaigh leis na
hÉireannchaibh ins na bliadhntaibh do chuaidh


L. 4


tharainn, agus is iomdha uair do dhíol na
hÉireannaigh an comhar leo. Ar an gcuma
sin is eadh do chosnaidís iad féin agus a
ndream daoine ar leith ar gach fogha dá
dtabhradh námhaid iasachta fútha. An Gaedheal
i n-uachtar ar an dá thaobh de Shruth na
Maoile, muinteardhas agus mór-chaidreamh
idir an dá aicme, an fhaid is do bhí an sgéal
amhlaidh, níor bhaoghal go mbrisfeadh aon
eachtrannach isteach ortha, agus má bhrisfeadh
féin, níor bhaoghal nach gcuirfidhe d'fhiachaibh
air teicheadh leis thar sáile a bhaile chum a
dhúithche féin.



Agus chum an méid sin do dheimhniughadh,
féadtar féachaint isteach i leabhraibh an
tseanchusa. Tháinig na Lochlannaigh go
hÉirinn, díreach mar tháinig siad go hAlbain
agus go Sacsaibh agus go dúthaighibh nach iad.
Do chuireadar fútha i Sacsaibh. Do rinneadar
ríghthe dá n-uaislibh féin agus do riaghluigh-
eadar an tír sin ar feadh suim mhaith de
bhliadhnaibh. Ní dhearnadar a leithéid sin i
n-Albain ná i n-Éirinn, bíodh go rabhadar
fá réim agus fá mhór-chomhacht ins na críochaibh
sin ar feadh tuilleadh agus dá chéad bliadhain.
Fá dheireadh, chuir na Gaedhil .i. Gaedhil na
hÉireann agus Gaedhil na hAlban dian-ár
agus dearg-ruathar ortha i machaire Chluain-
tairbh!



Acht tháinig lá na haimiléise san deireadh
thiar. Do marbhadh Brian Bóramha, Áird-rí
na hÉireann, ins an machaire chlúmhail úd
i n-ar traochadh na slóighte Danar. Do
b' eisean ba chrann cosanta agus ceap
caomhanta ar na Gaedhealaibh ar an taobh i
bhfus de 'n tSruth. An fhaid is do mhair sé
do dhlúthuigh sé treabha na hÉireann go
daingean docht le chéile, i gcás gur bh'
fhéidir leo iad féin do chosain ar an námhaid
gránda do ghabh seilbh i gcuid dá bhfearannaibh
dúthchais agus i n-a mbailtibh puirt. Do b'é
toil Dé gur marbhadh an mac ba thánaiste
do Bhrian san mór-chath chéadna, agus a mhac
siúd i n-a theannta sin. Do ghabh Donnchadh an
Áird-ríoghacht d'éis bháis Mhaelsheachlainn, acht
"Áird-rí go bhfreasabhradh" do b'eadh é gan
amhras. Níor bh'fada go raibh an uile shaghas
droch-oibre agus an uile shaghas cogaidh agus
coimheasgair ar siubhal ar feadh na dúthaighe go
léir ó Dhun na nGall go Corcaigh na gcuan.
Ní gábhadh dham a rádh nár cuimhnigheadh ar
sean-charadas na nGaedheal an fhaid is do
leanadh de 'n easaontas agus de 'n troid.
Ní raibh sé de ghliocas ag Éireannchaibh fan-
mhain go ciúin socair agus iad féin d'
ollamhughadh fá chomhair cibé namha do leagfadh
cos ar thalamh na hÉireann. Dá bhrígh sin,
do bhéadh sé fánach ag duine aon tsúil bheith
aige go gcoiméadfaidhe cuimhne ar chóimh-
cheangal na nGaedheal uile, do chleachtaoi
leis na ciantaibh ag an dá aicme thall agus
i bhfus.



Má thug na hÉireannaigh faillighe san sean-
chaidreamh do shaothrughadh, do rinne na
hAlbanaigh an cleas céadna, cibé cúis fá
ndearr é. Do bhí a rian ortha araon. Do
sheol na Sasanaigh go breagh réidh isteach
go cuan Locha gCarmain, agus gan cor dá
chur díobh ag fearaibh Fáil! An greim
fuaireadar i dtalamh Fódla an uair sin, níor
sgaoileadh fós é. Do brúghadh isteach ar
Ghaedhealaibh Alban ar bhealach eile. Do
hóirdneadh 'n-a ríghthibh ortha daoine nach raibh
an fholaidheacht cheart ionnta, daoine nach
raibh morán d' fhuil uasail na nGaedheal ag
rith i n-a gcuisleannaibh. Nuair tháinig na
Stíobhardaigh i seilbh flaitheasa na hAlban,
do thosuigh an cogadh idir ríghthibh na machairí
agus tighearnaíbh na n-oileán. An t-iarsma
de Ghaedhealaibh na hÉireann do chuimhnigh ar
an sean-dlúth-charadas, do chabhruigheadar go
fial flaitheamhail le n-a gcómh-Ghaedhealaibh;
acht i n-aimhdheoin a ndíchill, do buadhadh ar
Chlainn Dómhnaill. Do b' shin deireadh curtha
le comhacht na nGaedheal i n-Albain. An
cóimh-cheangal do bhí riamh idir an dá dhúthaigh,
annsin is eadh d' imthigh sí go hiomlán as
cuimhne.



Is iomdha leathtrom agus géar-chrádh
d' fhulaing an Gaedheal bocht ó'n uair sin
anall. Is iomdha feill-bheart agus foir-
éigin do himreadh air, agus is iomdha gníomh
gráineamhail do rinneadh chum é do choiméad
fá chois. D' imthigh mío-rath agus mío-fhortún
air, acht ní dóigh liom gur buaileadh i n-a
threo aon ní chomh holc leis an ain-eolas.
Do bhéadh sé gan teagasg gan fhoghlaim ar
fad muna mbéadh go gcleachtaoi obair na
sgolaidheachta "i gan fhios do'n dligheadh" i
gcorr-áit annseo agus annsiúd. Acht do
réir mar bhí an aimsir ag sleamhnughadh thart,
ní ag dul i méid do bhí dúil na ndaoine san
léigheann. Má's eadh féin, ba dhual is ba
dhúthchas do'n Ghaedheal an dúil chéadna sin,
acht do dalladh a intinn chomh mór sin nach
raibh ann acht nár cailleadh í, agus mórán dá


L. 5


dheigh-thréithibh eile i n-a teannta. De 'n
dalladh intinne tháinig gur chaith sé an uile
shaghas droch-mheasa air féin agus ar cibé ní
do bhain le n-a thír is le n-a dhúthchas. Do bhí
fuath aige dá theangaidh bhinn bhlasta féin.
Do shaoil sé gur bh' í sin an t-aon rud
amháin do bhí ag teacht idir é agus mór-
shaidhbhreas an tsaoghail. Níor mhór do 'n
tSasanach bheith lán-tsásta i n-a aigneadh;
do bhí a ghnó déanta go háluinn aige.



Tháinig an dalladh intinne céadna ar na
hAlbanachaibh. Is fiú dhúinn machtnamh do
dhéanamh ar na foclaibh seo: "Diaidh ar
ndiaidh, do ghoid na Sasanaigh agus a dteanga
mhadramhail isteach i dtír na mbeann; agus
ar bhfaghbháil cúraim ár gcuid sgol dóibh,
adubhairt siad le n-ár gclainn go raibh ár
gcanamhain féin agus ár gcleachttha féin gan
maitheas ar bith dúinn féin nó d' éinneach
eile, muna rabhadar millteach dochrach; agus
dá luaithe do chuirfimís i leathtaoibh agus
do leigfimís ar dío-chuimhne iad, gur ab eadh
is luaithe do rachaimís ar aghaidh agus do
dhaingneochaimís ár sochar san tsaoghal so.
Fuaireadar greim ar ár gcloinn ar an gcuma
sin, agus tré bhéal lucht labhartha an Bhéarla,
do mhúineadar dóibh masla do thabhairt dá
gcaint mháithreamhail dúthchasaigh, agus bheith i
n-a Sasanachaibh amhail an lucht teagaisg féin.
Do ghabhadar lán-ghreim ar gach cothrom agus
mío-chothrom d' fhéadadar do chleachtadh chum
stáir ár dtíre do leigean ar dío-chuimhne,
agus chum sinn féin do tharrang chum siubhal ó
gach ní le n-a bhféadfaimíd cuimhniughadh ar
na daoinibh ór shíolruigheamar, agus ó
bheith ag smaoineadh 'n-ár aigneadh ar caidé
mar do bhí ár dtír agus ár dteanga ins na
laetheanntaibh do chuaidh thart." 1



Is mar sin díreach do bhí an sgéal ag na
Gaedhealaibh go huile go dtí le fír-dhéidhean-
aighe; muintir Shasana ar croidhe a ndíchill
ag iarraidh an Ghaedhealg do chur chum báis,
agus na daoine a raibh an Gaedhealg i n-a
mbéal aca, ar croidhe a ndíchill ag iarraidh í
do chaitheamh uatha. Acht tá athrughadh aignidh
tar éis teacht ar an dá shliocht, ar Gaedh-
ealaibh Éireann agus ar Gaedhealaibh Alban.
Táid ceaptha ar gan leigean dá dteangaidh
bás d'fhaghbháil. Táid ceaptha ar stáir a
dtíre do bhreithniughadh agus do theagasg dá
n-aos óg ar leith. Táid ceaptha ar a chur i
n-iúil do'n tsaoghal gur dream daoine fá
leith iad, agus nach mbéid sásta bheith i n-a
Sasanachaibh go deo.



Táthar ag obair go dian dúthrachtach ar
gach taobh chum na Gaedhilge do thabhairt ar
láimh shábhála. Tá obair as cuimse ar siubhal
i n-Éirinn agus i n-Albain chum na neithe seo
uile do chur i bhfeidhm. Acht sé rud adéar-
fainn-se gur mór an truagh gan an cluiche
dá imirt againn as láimh a chéile i gcoinne
ár námhad. Is beag caidreamh atá eadrainn
indiu seachas mar bhíodh ins na laetheanntaibh
do ghabh tharainn. Ní dhearnamar mórán go
fóill chum an sean-charadas d'athnuadhchain.
Ná bíodh seo le casadh linn feasta. Cuiri-
mís aithne ar a chéile. "Is dearbhráithre
Gaedhil na hÉireann agus Gaedhil na
hAlban; táimíd, dáiríribh, i n-ár n-aon
dream amháin. Mar sin, ba chóir go mbéadh
caradas bláth-chroidheach eadrainn. Seasa-
imís amach go daingean docht i bhfochair a
chéile. Nach é sochar na hAlban sochar na
hÉireann, mar adubhairt Naomh Colm Cille
féin? Má bhéimíd ceangailte le chéile arís
ar an dóigh sin, ar an modh úd, agus an
cuspóir úd againn d'aithin Colm Cille
dúinn, go deimhin is go dearbhtha, soirbheochar
dúinn go mór; fásfaimíd suas i n-ár
gcineadh mar "bhláth na raon"; sgaoilfear
ár n-iomrádh ar feadh an tsaoghail go léir
arís, agus ní fhuighidh na Sasanaigh buaidh
orainn go bráth." 2



FIONN



(Mo dhearmhad! ní fhuil trácht ná iomrádh agam ar
na manannachaibh ná ar a gcanamhain. Acht, féadfaidh
mé teacht ortha araon leis an aimsir. - F.)



1 Guth na Bliadhna, an t-Earrach, 1907



2 Ibidem.


L. 9


Cill Chonnla



"Deoraidhthe gan scíth gan sos
Mianaid a dtír is a ndúthchas."



I.



Céad slán leat a shráid-bhail' aoibhinn!
Óm' chuimhne ní scarfar lem' ré
M'árus caol aolmhar cois sléibhe,
'S na machairí bhí mín agus réidh.



II.



Céad slán le ham úd na scoile,
Na cailíní bhí greannamhail 'gus groidhe,
Na buachaillí bhí gluine le gliocas,
'Sí a gcuimhne mo gháirdeachas croidhe!



III.



An máighistir bhí caoin 'gus ceannsa,
Gan cúram ar bith eile dhá chrádh,
Acht "raon madhma" 'chur ar an mBéarla
Bhí 'briseadh ar an nGaedhilge gach lá.



IV.



A bhean mhín mhánla nádúrtha,
B' aici bhí cúram na mbé n-óg;
'S 'ch aon mhaicín bán ba gheal léi,
Ní leigfidhe a bhaile gan póg.



V.



Acht 'bhfad níos dílse dom' chroidhe 'stigh
Ná b'fhéidir liom 'cheapadh nó 'rádh,
Tá crónán an tsrutháin 'sa ngleann sin,
Nach scarfaidh óm' chuimhne go bráth.



VI.



'Sé'n aon ghné amháin atá fágtha,
Gan sal luit an tubaiste chlaoin,
Chuir críonadh 'gus cnaoidh ar na bántaibh,
'Gus a thiomáin Clann Chonnla i gcéin.



VII.



Tá'n sruthán ag sníomhadh trí riasc ann,
Áit chómhdhál' na n-éan fiadháin go léir;
Is fras 'san bhfóghmhar bhíonns naoisc ann,
'S géabhaí 'san ngeimhreadh dá réir.



VIII.



Mar ghluaiseacht an ghirrfhiaidh tá 'casadh
Ó'n chonrait 'tá dian ar a thóir
'Seadh sníomhas as síneas an sruth seo,
'Síor-tnúth leis an bhfairrge mhóir.



IX.



Lé truslóg 'bhfus 'gus glugar taobh thall
Ar dhamhsa 'réir ceol na fuiseóige
Bhíos 'silt a ghlóir go hárd ós a chomhair,
Tráth le cumha, tráth le bród a hóige.



X.



Fó-oidhche spéir-ghealaighe ba ghnáth liom
'Bheith ag éisteacht le crónán mo rúin,
Mór-chiúineas ag gor ar na sléibhtibh,
'S na réalta beag' ag caochadh le suan.



XI.



Mo léan! mé i gcéin ó Chill-Chonnla,
'Gus ó'n gcoill bheag in ar oileadh mé,
Céad-searc mo chroidhe 'gus mo ghrádh geal;
Béad go doirbh do-shásta lem' ré.



XII.



Dúire 's doilbheas ghabh mo chroidhe 'stigh,
Ó d'fhágas ó thús m' árus mín réidh,
Meallta le geallta, mo chrádh 's mo léan!
'Bhfad óm' thírín, óm' shrutháinín féin.



PÁDRAIG MAC AODHA


L. 10


Saothar na mban i n-aithbheodhughadh na Gaedhilge.



Do b'fhada ar Éire an aindeise -
Agus leanann cuid di fós di -
Agus clann Mhilésius atuirseach
Ag Danair 's agá slóightibh,
Gur scaip inghean Mhaoilsheachlainn
An scamall is an brón díobh
Nuair d'fhág Tuirgésius marbh
Agus an-chuid dá chómhfhogus.



Diarmaid Ó Riain.



Ní fada siar ó bhí ár dteanga ag dul i
n-aimhréidhe. Ba dh' fhóbair di sleamhnughadh ar
fad uainn, acht do rug "d'fhóbair" saor í.
Nuair do bhí sí i n-eibir an chríonadh, d'éirigh
laochraidhe lúthmhara leomhan-chroidheacha go
raibh misneach agus dóchas ionnta, agus níl
innsint scéil ar a ndearnadar chum obair
na Gaedhilge d'aith-phréamhughadh agus do
chraobhscaoileadh, agus chum sprid náisiúnta
agus dála dúthchais do bhrostughadh agus do
shocrughadh i gcroidhthibh Gaedheal. Ar mbeith
tamall ag obair dóibh, d'éirigh leo go maith.
Gan amhras - agus baineann so le deall-
ramh - ba mhinic dóibh i gcruadhtain is i
gcruadh-cháis, acht do rugadar an bhuaidh ar
gach toirmisc, agus is amhlaidh atá an sgéal
againn indiu, tá an Ghaedhilg ag dul i
dtreise ó lá go lá.



Acht mara n-áireómhthaidhe an fír-bheagán
aca, ní mór de choidreamh ná de chongnamh a
thugadar ár mbantracht san obair. Níl fé 'n
spéir talamh gur mó go mbíonn urraim do
mhnáibh ann ná mar bhíonn dóibh i n-Éirinn. Bhí
an nós san fé réim is fé onóir annso riamh.
Agus ní hiongnadh go mbeadh, mar bíd
inghneana na hÉireann uasal deighbhéasach
de ghnáth. Annsan nuair do cuireadh an
Connradh ar bun, do cheapadar na mná
gur saothar d' fhearaibh é, agus ná raibh baint
aca féin leis de bhárr a mbandachta. Ar
an adhbhar san, d' fhanadar uaidh gur cuireadh
i n-iúil dóibh go raibh gnó oireamhnach fé leith
aca le déanamh ann. Acht mar sin féin, má
tá aon ní san obair seo na Ga dhilge is mó
ná a chéile go bhfuil faillighe á dhéanamh uirthi
anois, sí ceist na mban í. Agus ní gan fáth
adeirim gur mór go léir an dearmad é
bantracht na hÉireann do choimeád siar sa
ghnó, gan iad do leogan i measc na foirne
chum páirt do ghabháil san obair.



Is 'mó slighe 'n-a bhféadfadh mná na
hÉireann congnamh do thabhairt do Chonnradh
na Gaedhilge anois féin, agus ná fuil san
dá dhéanamh aca acht ag duine annso is
annsúd. Mar sin, ní misde dham a fhiafruighe
annso, cad iad na slighthe 'n-a bhféadfadh mná
na tíre cuid de 'n tsaothar do thógaint dínn.



Is mór an cumas agus an chómhacht atá
aca 'n-a dteaghlach féin chum an t-aos óg do
chur ag labhairt na Gaedhilge. Ní bhainfear
tairbhe as ár saothar, ná críoch as an bhfothrom
mór, go dtí go mbeidh an teanga ag na
leanbhaíbh ó thosach óige; agus ní bheidh sí aca
san go dtí go gcloisfear í sa bhaile. B'fhéidir
go bhfoghluimeoghaidís ar scoil í? B'fhéidir
é, acht san am chéadna, ní hádhbhar chum
éachta a dhéanamh duine ná beidh taithighe aige
uirthi ó'n gcliabhán. Ar an adhbhar san, ní
foláir tosnughadh i n-am; agus ar na mnáibh
a théidheann sé an tosach san do dhéanamh:
an teanga do labhairt leis na leanbhaíbh ó
dhubh go dubh, agus ó cheann ceann na
seachtmhaine.



Do b'áil liom cur síos annso ar an sochar
uathbhásach a thiocfadh do'n tír dá gcuireadh
an bhantracht sprid foghanta 'n-a gcloinn ó
thosach. "Is treise fé thrí anam ná an dlighe,"
adubhairt duine tábhachtach léigheannta. Agus
do b'fhíor dhó leis. Féach an ghéir-leanamhain
d'imreadh ar an dtír seo. Gach ní bhí ar
seilbh ag muinntir na hÉireann, d'fhuaduigh-
eadh agus d'ídigheadh é aige dlighthibh cama
píonósacha do ceapadh chum iad do chur fé
chois. I n-aimhdheoin na gclaon-dlighe, ámh-
thaigh, d'fhan aca an spriuchadh do corruigheadh
ionnta i n-a n-óigeacht. Pé rud a chloisfidh
an leanbh, raghaidh sé tré n-a aigne agus
fanfaidh ann. Má airigheann sé fuaim na
Gaedhilge, agus trácht ar sheanchasa thíre,
tiocfaidh grádh 'n-a chroidhe do thalamh na
hÉireann. Is ceart do'n mháthair gan aon
ócáid do leogaint tháirsi gan an spréidh sin
do choinneáilt ar lasadh, agus chur 'n-a
luighe ar na leanbhaíbh gurab í ár dtír dhúth-
chais féin an tír is áilne agus is gleóidhte
fé'n spéir; gurab í is binne ceól abhann;
gur taithneamhaighe sheinnid na héanlaith ós
cionn bánta na Fódla ná ar aon bhall eile


L. 11


ar fuaid an domhain; gur chruthaigh Dia
na n-uile-chomhacht talamh na hÉireann do
Chlannaibh Gaedheal, agus dá bhrígh sin, gur
cheart dóibh measa bheith aca uirthi; nó, mar
adubhairt an file:-



"Ní hiongnadh d'inis na neart
Beith deireóil d'éis a hannsacht
D'fhine Ghaoidheal na ngníomh náir,
Gach aoin-fhear díobh gan díogbháil."



- Céitinn.



Má dheineann an mháthair an méid sin, níl
aon bhaoghal ná go mbeidh an linn seo ag
teacht 'n-a bhfíor-Ghaedhealaibh.



Ba mhór an díoghbháil agus an léir-sgrios
do tháinig ar an dteanga de bhárr scoileanna
na tíre, agus de réir mar is fios dúinn, ní
mór a bhí sí fé mheas ag na huachtaráin.
Nuair mhachtnaimíd air sin i gcompráid leis
an méid atá dá dhéanamh ionnta anois, ní
bheidh iongnadh orainn um a laighead mná go
bhfuil an Ghaedhilg aca. Níl aon leith-sgéal
aca anois, ámhthach. Tá an teanga dá
múineadh i ngach sgoil i nÉirinn geall leis,
agus i gcraobhacha Chonnradh na Gaedhilge,
atá i bhfeidhm go daingean i ngach áird;
agus ba cheart go bhfuighfidhe na mná go
líonmhar ortha súd, i dtreo go mbeadh sé ar
a gcumas an t-aos óg a thabhairt suas tríd
an nGaedhilg. Tá tagartha agam cheana do
thábhacht an ní seo.



Is eól dúinn gur ar an mhnaoi a théidheann
curam an tighe. Gabhann an fear amach ar
maidin chum obair an lae do dhéanamh, agus
ní thagann sé a bhaile go tráthnóna; fágann
sé riaradh an tighe fé n-a mhnaoi, agus ba
cheart di a fhiafruighe dhi féin anois is arís,
cionnus a chóimh-líonann sí a dualgas. An
labhrann sí an Gaedhilg le lucht an teaghlaigh?
An múineann sí na paidreacha i nGaedhilg
dá cloinn? An mbíonn ag obair di cailíní
aimsire a labhrann an Ghaedhilg? An bhfuil
báidh aici le liteardhacht is le stair, le ceol
is le hamhráin na tíre, nó an dtugann sí
congnamh dóibh? An gceannuigheann sí
deantúisí na hÉireann, nó an ndeineann sí
a áiteamh ar a chómh-bhantracht iad do ghlacadh
de rogha thar earraidhibh iasachta? Ceisteanna
feidhmeamhla iad san, agus ná beireadh aoinne
leis, t'réis iad do scrúdughadh, gur beag
é páirt na mban i saothrughadh na Gaedhilge.
Is beag dá mhearbhall orm ná go mbeidh sé
n-a thuairim ag gach n-aon nach ceart dóibh
moill do dhéanamh i lár na broide seo, acht
tosnughadh ar an obair, mar is treise go
mór cómhacht na máthar ná cómhacht an athar
chum leasa nó chum aimhleasa an aosa óig.



Sara gcuirfead críoch leis an roinn seo
de'n tráchtadh, ba mhaith liom teacht thar
an éirghe i n-áirde a bhíodh ag máithreachaibh
na tíre seo le fada de bhliadhantaibh go
mbídís ag maoidheamh as na hainmneachaibh
breaghtha galánta, dar leo, do thugaidís ar
a leanbhaíbh. Ní raibh san nós sin acht aithris
ar dhaoinibh iasachta. Beidh sé n-a mhasla is
n-a ghuith ortha go ceann i bhfad go ndeagh-
adar an fhaid sin i n-olcas is i ndíth céille
go gcaithidís uatha ainmneacha naomhtha a
sinnsear, agus ainmneacha eile gan bhrígh gan
chiall a chur 'n-a n-ionad. Acht is sólásach
an sgéal é go bhfuil atharrach intinne ag
cuid aca, bíodh gur nár le n-a bhfurmhór
casadh ar a gcéill chirt anois féin.



Tugaimís anois breithniughadh ar thaobh eile
de'n tsaothar. B'shin nós de nósaibh na
hÉireann riamh go dtugtaoi togha na haire
is na hurrai me do gach comhluadar agus do
gach cuideachtain go mbídís na mná páirteach
ann. D'éisan tsaoghail, is iad na mná a
riarann an domhan. Éan ní go mbíonn lámh
aca san ann, téidheann sé chum cinn. Is
iad is fearr chum na bhfear a ghríosadh chum
oibre, agus ar an dtaobh amuigh dár ndual-
gas chum Dé na Glóire, sé ár ndualgas
chum Éireann is déine agus is dlúithe atá
ceangailte orainn. Dá bhrígh sin, ba mhaith
liom an fhírinne ró-éifeachtamhail seo do
shíol-chur i gcroidhthibh ár mbantracht, gurab
éachtach an obair a bheadh ar a gcumas a
dhéanamh, dá mba rud é go leanfaidís do'n
Ghaedhilg, agus páirt do ghabháil léi. Creid-
thear uaim-se é, dá ndéanfaidís amhlaidh, go
raghadh an Connradh ar aghaidh, agus níor
bh'fhada go mothóghfaidhe ár dteanga dá
spreagadh ar gach taobh. "Tosnughadh maith
leath na hoibre"; tagaidís isteach; bídís
'n-a mballaibh beathadh i gcorp an tsaothair
mhóir seo, agus cuiridís le chéile chum an
bháire do chasadh. Annsan feiceam cia
bhuaidhfidh ar Chlannaibh Gaedheal.



Tá súil agam gur gearr go bhfeicfimíd
iarracht láidir dá dhéanamh chum mná na
hÉireann do thabhairt ar shlóighthibh Chonnradh
na Gaedhilge. Agus cionnus a thiocfar air
sin? Caithfear a mhínuighadh dhóibh agus a chur
i n-a luighe ortha an fhíor-chuma 'n-a bhfuil


L. 12


oighreacht ár sinnsear fé láthair; go bhfuil
troid ar siubhal ar son beathadh anma na
hÉireann, ar son ár náisiúntacht is ár
dteanga, agus ar son gach ní ar a bhfuil
cion i gcroidhthibh fíor-Ghaedheal; gurab é
príomh-rún muinntir na Gaedhilge ár
dteanga féin a chur dá labhairt, agus ar an
adhbhar san, nach mór dúinn dícheall gach
duine i gcóir na hoibre. Cuirtear na mná
ag machtnamh air sin, agus ní fada go mbeidh
malairt scéil le hinnsint um a laighead
saothair a dheinid mná na hÉireann i n-aith-
bheodhughadh na Gaedhilge.


L. 17


Léightear an méid seo i mo dhiaidh ag
Seathrún Céitinn san gceathramhadh alt de
an dara leabhar ar a dtugtar, Trí Bior-
Ghaoithe an Bháis:



"Ar geineadh Muire i bpeacadh an
t-sinnsir?... adeir Pól, Róm., v.12,
"do pheacuigheadar na huile in Ádhamh"
Ionann sin le rádh agus go raibh peacadh an
t-sinnsir ar an uile duine ó Ádhamh. Mo
fhreagra ar briathraibh Póil go bhfeudaid
siad bheith fírinneach tar ceann go mbeadh
duine nó dias ar n-a n-eisceacht ó pheacadh
an t-sinnsir... Ní hiontuigthe go
héigeantach asta go raibh peacadh an
t-sinnsir ar Muire... Óir atáid dá
shingin choitcheanna ann, mar atá singin
choitcheann deimhnightheach agus singin choit-
cheann diultuightheach; agus fuilngidh an
t-singin choitcheann deimhnightheach eisceacht
go minic; óir dá n-abradh duine an pobal
uile do bheith san dteampall do ghnáth-mhodh
labhartha, is fíor dhó é, cia do bheadh duine nó
dias díobh gan bheith ann; agus san gcéill
sin is fíor gach rádh coitcheann deimhnightheach
dá bhfaghthar san Scriptúr. Ní mar sin
cheana do an rádh coitcheann diultuightheach,
ní fhuilngeann eisceacht; óir dá n-abradh
duine ná beadh aon duine do an phobal san
dteampall, ní fíor dhó é, dá raibh duine nó
dias díobh ann. Tuigtear an t-eidirdheal-
ughadh atá idir an dá shingin úd, as an ní
léightear, Iohan. 1. 3, "is maille ris-sin do
rinneadh na huile agus ní dhearnadh aon ní
gan é." Tuig gurab uime adeir nach
dearnadh aon ní gan é do thoirmeasc an
t-seachráin adeuradh ar son na faisnéise
deimhnighthe úd go bhfeudfadh ní éigin
substainteach do bheith ar n-a dheunamh nach é
Dia dogheunadh. Gidheadh ní fhuilngeann an
diúltadh coitcheann an tuicsin sin do bhuain
as. Uime sin is eadh freagraim do an ionad
úd Póil, do bhrígh gur rádh coitcheann
deimhnightheach é agus nach rádh coitcheann
diúltuightheach, nach iontuighthe go n-abair gur
luigh peacadh Ádhaimh ar an uile dhuine, gur
luigh ar Muire; do bhrígh do réir a ndubhra-
mar go bhfeudtar í d'eisceacht ó an rádh
fhuráilteach úd Póil agus ó n-a chosmhailibh
eile." .i.



Ag seo ionad atá san leabhar sin do scríobh
an Dochtúir Céitinn ar an aifreann .i. Eochair
Sciath an Aifrinn:-



"Bíodh a fhios agat, a léightheoir, go mbíd


L. 18


ceithre modha ar a ndeuntar claochlódh ar na
neithibh, do réir S. Tomáis .i. an Dochtúir
Ainglidhe. An cheud modh díobh, ní do thabhairt
ó neamhní chum bheith in a ní, agus is é sin
claochlódh tháinig ar an domhan mhór ar n-a
chruthughadh. An dara modh, chlaoclódh aicide
in aicid eile, mar atá claochlódh teasa
i bhfuacht gan milleadh na subieicte in a
mbíd, mar atá teas do bheith i láimh dhuine
agus an teas sin do claochlódh i bhfuacht gan
milleadh na láimhe. An treas modh, chlaochlódh
substainteach, leathrannach, mar a dtig
malairt ar rann de an t-substaint .i. ar an
bhfoirm, agus gan a dhul ar an rann eile .i.
ar an ádhbhar. Ag seo sompla ar sin .i. an
tan iompuighthear feoil i gcrumhaibh; óir téid
claochlódh ar rann de an t-substaint seo
na feola .i. ar an bhfoirm, agus téid an
fhoirm i rann 2 substainte eile .i. i bhfoirm
crumh, gidheadh (f)anaidh an rann eile .i. an
t-adhbhar go hionann in gach cuid díobh. An
ceathramhadh claochlódh in a gclaochluighthear
substaint iomlán idir ádhbhar agus foirm
i substaint iomlán eile, amhail do ghnidhthear
san gclaochlódh choisreagtha so, mar a n-iom-
puighthear substaint aráin idir ádhbhar agus
foirm i substaint Chuirp Chríost" .i.



Feuch a bhfuil do fhoclaibh in san dá dheis-
mireacht 3 so: -



Atá sé ar a eisceacht, he is an exception.



é d'eisceacht ó, to except him from



eisceacht d'fulaing, to suffer exception



Ní hiontuigthe go héigeantach as, it is not
to be understood necessarily from.



singin, signum



coitcheann, universal



deimnightheach, affirmative



diultuightheach, negative



do ghnáth mhodh labhartha, in the ordinary
way of speaking



rádh, proposition



eidirdhealughadh, to distinguish, a distinc-
tion



seachrán, error



faisnéis, statemcnt, predicate



tuicsin do bhuain as, to take a meaning
from,



ionad, a passage in a book, a quotation



cosmhail, what is parallel or similar



aicid, -e, accident,4



subieict -e, subject



substaint, substance



substainteach, substantial



leathrannach, incomplete



iomlán, complete



foirm, form



ádhbhar, matter



Ní beag liom an méid sin romham 5 chum a
chur i gcéill nach cóir focal do cheapadh san
bhfeallsa go mbeidh na sean-leabhrtha móra
léighte againn, go mbuailfear amach gach
gráinne as a bhfuil ann de phunannaibh. Ní
cneasta dhúinn a mhalairt de shíol do chur.
Is iomdha piac dochím ag teacht aníos tré an
talamh an aimsear seo, agus ní chum aon
tairbhe do dheunamh dhúinn atá siad ag teacht,
acht chum súghlach na talmhan do tharraing
chucha féin agus fíor-shíol na Gaedhilge do
mhúchadh. Ná bíodh cead ag aoinne fós focal
do cheapadh dhúinn. B'fhearr liom logica
agus psicologia mar anmna ioná eolas
áitimh agus eolas anma. 6 Bfhearr liom an
Laidean do chur ann ioná an droch-Ghaedhealg.
Bfearr liom deagh-fhocal éigin ioná an focal


L. 19


bréige. Bfearr liom focal do fheicsin ann
ar aithnidh dam a athair agus a mháthair ioná
focal ainteastach 7 do fhás in inchinn an
scoláire gan léigheann.



Agus an bhfuil leabhrtha seanchusa na
hÉireann gan fromhadh fós againn? Cionnas
do-bheurthá cion stáire 8 ar an scribhinn in a
mbeadh gach focal suarach, dearóil ná deur-
fadh muinntear na tuaithe féin, iad sin a
bhfuil tuicsin aca sa nGaedhilg, mar atá "ní
féidir bob do bhualadh ar an righ," ""chomh
siuireáilte is atá ceann ar ghanndal, arsa
an righ, "mara n-inneosaidh sibh dam láithreach
bonn gach aon rud fébh mar a thuit sé amach
ní fhágfainn mac máthar agaibh ná cuirfidh mé
tairgne i mbeo aige."" "Atá a fhios againn
cionnas mar do bhí an sceul i dtaobh an
chreidimh." "D'éirig go seoidh le hobair
naomh Pádraig." "D'imthig leis bog, te fé
dhéin an ghotha" .i. go dtí an áit in ar
chualadh guth an duine (?). ""Dá bhfuighbhinn-
se mo chrúba i gcroiceann an bhitheamhnaig
sin," arsa an righ, agus rl..."



Ní ag righ do chloisfidhe a leithéid acht ag
sceulaidhe na hiarta. Bfearr liom dá
mbeadh póna againn, go gcuirfidhe isteach
ann fá ghlas gach "bob" agus "tagaighthe"
agus "abair is go" agus "an fear go bhfuil
eolas aige" agus gach aon cheann riamh aca
sin. Ná tuig uaim gurab i scríbhinnibh
muinntir Coluimcille 9 do-chonnacas na
focail sin. Ní headh acht gur fáth imshníomha
dam a rian do fheicsin tarsa. Boladh breaghdha
cumhra, boladh na móna amach ó an teinteán,
acht ní hé is measa do an mbiadh do chaithfeá
a bheith saor uaidh. Dá mbeitheá ag cuimhneamh
agus ag cuardach go deo, ní bhfuighbhtheá ó na
daoinibh na focail do bheadh uait chum scríobh-
adh ar stáir críche. Cadé an Ghaedhealg do
churfá orra so: sovereignty, began to reign,
defensive alliance, entente cordiale, transient,
condition of country, development, institu-
tions? An amhlaidh do cheapfá focail dóibh
sin? Agus cadé an chiall duit focail do
cheapadh, agus iad ceaptha cheana ag sean-
ughdaraibh na Gaedhilge?



Má adeir aoinne ná tiocfadh an t-athair
Peadar ó Laoghaire liom sa méid adubhart,
mo fhreagra air: ná adubhairt an t-athair
Peadar riamh nach éigean dúinn leabhrtha
móra na Gaedhilge do léigheamh agus ná
adubhairt gur cóir do an duine do bheadh ag
tráchtadh ar seanchus na hÉireann nó ar an
bhfeallsa gach focal leibideach do scríobhadh.
Is fearr gníomh ioná teagasc. Feuch cad atá
sé féin a <do> dheunamh. Atá sé ag cur
Gaedhealg na haimsire seo ar an sean-
leabhar sin .i. ar Cath Ruis na Rígh for Bóinn.
Ag seo síos deismireacht do bhaineas as.
Bíodh a scríobhadh féin aige: -



""Cad é an cúntas atá agat dom ar a
ngléus agus ar a líon agus ar a neart?"



"Dar mo bhriathar-sa, a rígh," arsa Iriel,
"ní ró-mhaith an cúntas atá agam duit ortha.
Níl áth ar Bóinn gan iad 'n-a ngárda
líonmhar ar an gceann theas dé. Tá Ros na
Rígh agus an talamh, árd agus íseal, 'n-a
thimpal, lán dá gcapailibh agus dá ngiollaibh,
agus tá na bóithre mór thimpal lán díobh.
Tá gléus áluinn uasal ortha. Is cuma nú
lasair ríghthighe i lár machaire an gléus airm
agus éide agus éadaig atá ortha."



"An fíor, a Iriel ghálaig ghlúnghil," arsa
Conchubhar, "an nídh seo adeir na fir, go
bhfuil trí catha ar an machaire, ar ár láimh clé
ag feitheamh linn?"



"Ní h-ar an machaire atáid siad, a rígh,"
arsa Iriel. "Istig ansud iseadh atáid siad
sa rois n-a ngabhan Bóinn 'n-a thimpal.
Táid trí catha ann de chlanaibh Deirg agus
iad i gceilg ag feitheamh linn. Is cuma nú
lasair an spréacharnach atá agá n-arm a
dhéanamh tré chranaibh an ruis. Na fir úd a
chuaidh uainn ag breithniú' an tslóigh ní
thiocfidh siad thar n-ais chúghainn. Dheineadar
an gníomh uasal agus tá onóir mhór ag dul
dóibh.'



Nuair airig Conchúbhar an tuairisg sin ar
an namhaid a bhí i Ros na Rígh ag feitheam
leis do ghlaoidh sé chuige a lucht cómhairle,



"Maith, a Ulta," ar seisean, "cadé bhúr
gcómhairle dhúinn i dtaobh an chatha so atá le
troid againn?"



"Isí ár gcomhairle," ar siad-san, "fanmhaint
go dtagaid ár dtreóin agus ár dtaoisig
agus ár dtighernmais agus ár bhfuilingidhthe
catha."



Do deineadh an chómairle sin agus do
fanadh."


L. 20


Ná fuil annsin acht Gaedhealg tuaithe?
Atá Gaedhealg tuaithe ag an athair Peadar.
Má atá, is annamh doghní eugcóir uirre le
n-a cur tar a hacfuinn. Nuair do bhí sé ag
cur Gaedhilge ar "all rights reserved," sé
rud do scríobh ná "Fógarthar gach ceart
ar chosnamh." Ní hí an Ghaedhealg tuaithe do
bhí annsin aige.



Atáim ag iarraidh annso dá ní ar muinn-
tir Coluimcille. An ceud ní díobh .i. na
focail bhaineas le feallsa agus le diadhacht
do thiomsughadh agus do thionól, 11 agus leabhar
beag do dheunamh díobh.



An dara ní .i. a chosmail de dhíoghluim 12
do dheunamh ar leabhraibh seanchusa. Badh
cóir eolas cruinn do chur le gach focal, mar
atá nuimhir 13 an leathanaigh agus l. Níl maith ar
bith in aon shocal ná beadh eolas an ionaid in
a bhfuaradh <frith> é ag gabhail leis. Ní ceart
a iarraidh ar aoinne muinghín do beith aca
asainn féin acht asan ughdar do thug an
focal dúinn. Annsin do beadh dá leabhar
beag maith againn, do bheadh an síol ceart
againn agus ní bheidhmís i dtaobh le fiadh-
ailibh.



Atá a fhios ag muinntir an Choláiste nach
le mioscais ná le míorún atáim. Atá a fhios
aca ná fuil uaim acht iad do chur ar leasa
n-aigne agus iad do chur ag deunamh na
hoibre is mó do raghadh chum tairbhe don
Ghaedhilg.



MICHEUL Ó SÍUTHCHÁIN.



1 i.e. "Omnis" agus "nullus." Feuch S. Thomae, Peri
Hermen. , Lib., 1., lect. 10, pps. 23, 24. is iad sin na
leabhrtha do bhíodh ag Seathrun Céitinn.



2 Ní hiongna gan na scribhinne do theacht le n-a chéile
ar na foclaibh seo. Comhartha glaine ar aon schribhinn
díobh an áit seo do bheith do réir feallsa na scol innte.
An scribhinn is fearr dá bhfuil sa choláiste, atá sí ag
an Dochtuir ó Hicidhe ar iasacht ó an leabharlainn.
Bhí sí leath-chaithte nuair fuair sé í, agus do rinne í do
dheisiughadh. Dóbair gurab í foirm na gcrumh nó na
leamhan do raghadh innte.



3 Deismireacht .i. quotatíon, íllustratíon. Rann deis.
mireachta, a stanza of quotatíon, Keating F. F., p. 100,
líne r8; p. 2i4, línc 10. Comyn. K. uses áith-léighim as
verb "I quote," e. s. a. c. II., last paragraph but one.



4 "Aicíd" atá sa scribhinn. Adeir Dr. Ó Hicidhe gur
chóir "aicid" do bheith ann. Adeir fós gur fearr
"fealsamha" nó "fealsaimhe" ioná "feallsa."



6 Eolas. Sin focal an-mhinic ag lucht ceaptha na
bhfocal. Fuaim-eolas bhíos ag cuid aca ar Phonetics.
Ionann fuaim agus noise. Foghar, an focal ceart.
Atá sé ins na Gluasaibh. Teagasc na bhfogar, thug-
aimíd ar Phoenetics ag Coláiste na Rinne.



9 "Connradh Chuilm Naomhtha" i ngnáth-Ghaedhilg na
haimsire seo <F. an Ir.>



10 Bíonn an sceul so idir Gaedhealg agus Beurla sa
Cork Weekly Examiner gach aon Satharn.


L. 29


Seanmóir Na n-Aithreach Naomhtha



'Gcuala sibh luadh 'riamh ar Sheanmóir na n-Aithreach Naomhtha,
Nó ar an pháis chruaidh chruaidh d'fhulaing Críosda?
Nuair a bánadh na flaithis
Nuair a cuireadh na seacht sinnsear 'mach as
Cuid ins an aer, cuid ins an talamh,
Agus cuid i n-ifreann dámanta dá ndámnadh go síorraidhe,
Sin an t-am labhair Mac Dé go páirteach 'ca:
"'Athair, goidé a ghlacfá agus síol Ádhaimh agus Éabha
A shábháil ó ifreann dámanta ó'n teinidh láidir?"
"Cha nglacaim duais, bríob, nó sásadh;
Tá mé réidh go dtí lá na breithe leóbhtha;
Go bhfuighidh mé fuil Mic Ríogh gan choir gan cham
A dhórtadh ar a son chan fhoghann siad párdún."
"Geallaim-se sin duit, a Dháid, acht síol Ádhaimh agus Éabha
A shábháil ó ifreann dámanta ó'n teinidh láidir."
Sin an t-am ar thuirling Mac Dé fá bhroinn Mhuire
Mar gha gréine, mar ghloine gan sgoilteadh gan sgáineadh.
D'iomchair sí é ar feadh na trí ráithe:
D'iomchair sí é go faitcheach náireach:
D'iomchair sí é go bhfuair sí 'n a' stábla
Gan teas teineadh gan bean a cruadail. 2
Sin an t-am a rabh sí sásta;
Acht ba ghearr 'ndiaidh sin go rabh sí cráidhte.
Nuair thainic rí Herod isa shlóighte,
Chuir siad na mílte páiste 'un báis an lá sin
Ar a'n iúl 3 go muirbhfeadh siad Rí na nGrásta;
Acht d'imthigh Mac Dé i dtreoir is i misneach.
D'imthigh sé isa chuid easbal ag teagasg na bpeacach
Go dtainic an t-aingeal ó na flaithis:
"Is mithid duit éirghe isa dhul a bhaile,
A dhul is an dá fhichid lá a throsgadh."



"Chan fhágaim-se thu," ars' Eoin Bruinne. 4
"Chan fhágann, nó mise," arsa Peadar.
"Ó, ná labhair comh dóchasach, a Pheadair;
Séanfaidh do bhéal dubh
Trí huaire sul a dtí maidin."



Lean a chuid easbal é, fuair siad amach é.
Sheas siad suas ag na guailne geala.
"Imthigidh uaim is ná fanaigidh agam,
Tá mé braithte is béidh mé gaibhte,
Is béidh mé i láimh mo námhad sul a dtí maidin."
D'imthigh Eoin Bruinne go rabh sé ag Muire Mháthair;
"A Eoin Bruinne, an bhfaca tu mo pháiste?"
"Chonnaic mé é, a Naoimh-bhean Beannuighthe,
Ar chrann na páise is iad dá ghearradh."


L. 30


D'imthigh an Mhaighdean Bheannuighthe faoi chró a ró-sgoilte.
Nuair a chualaidh na Iúdaigh gur ab í Máthair Dé,
Thóg siad suas í ar chulaidh éadaigh,
Agus chaith siad amach í fá chlocha na sráide.
Ghearr siad a glún a míne agus a bosa geala,
A héadan ró-mheas ariamh mhothuigh 5 (?)
"Ó! a Mhic, goidé dheánfas tu le do Mháthair."
"Bíodh foighid agat, a Mháthair,
Go mbéidh mé trí huaire ar chrann na páise.
Nuair a bhéidh mise naoi n-oidhche ar oileán Phádraig, 6
Níl a'n dhuine chaoineas mo bhás
Nach fogus dó flaitheas na ngrásta."



1 Is baoghalach nach bhfuil an t-iomlán de'n "tseanmóir" áluinn seo agam
Fear darbh ainm Brian Ó Loingsigh as Breifne thug damh a bhfuil agam de.
Chuir an Craoibhín Aoibhinn Dánta Diadha Chúige Connacht i gcló cúpla bliadhain
ó shin, agus anuraidh thug an Dochtúir Ó Síothcháin dúinn níos mó ná deich
n-urnaighthe fichead do sgríobh sé síos ó bhéal na ndaoine i n-a dhúthaigh féin, acht
níor bailigheadh an litridheacht spioradálta atá ag Gaedhilgeoiríbh Uladh go
fóill. Ba chóir do dhuine éigin tosughadh ar an obair sin gan moill ar bith do
dhéanamh.



2 .i. comhluadar. Bean a cruadail .i. bean chabhrach.



3. .i. i dteannta a chéile.



4 "Baisteadh" adubhairt an fear a d'aisthris, acht bhí Eoin baistidh marbh an
t-am úd. Eoin Bruinne .i. an t-Eoin do leag a cheann ar bhruinn ár
Slánuightheora.



5. .i. dár tugadh árd-urraim ariamh (?)



6 Is dóigh liom gur ab ionann "oileán Phádraig" agus an t-oileán i Loch
Dearg mar a ndéantar an turas gach bliadhain.


L. 31


Ádhbhar Sagairt



Ba mhaidin bhreagh gheal i dtoiseach an
tsamhraidh í agus bhí sgáile na néal
bán ag eitealladh trasna taobh na gcnoc.
Ar an sráidos comhair tighe tuighe ísil aol-
bháin bhí sagart ag siubhal anonn is anall go
mall. Amach os a chionn bhí gasúr cos-
nochtuighthe ag rith anuas le fánaidh, agus
madadh mór dubh-bhuidhe ag preabadaigh i
n-a thimcheall. Bhí na fuiseogaí ag gabháil
cheoil thuas san spéir, agus bhí bean an tighe
ag crónán amhráin duithi féin ag dul fá n-a
cuid oibre.



"'Bhfuair tú do chuid eallaigh uilig indiu,
a Dhonnchadh?" ars' an sagart leis an
ghasúr, nuair shroich sé an tsráid.



"Fuair, a uncail," arsa Donnchadh, agus
luisne mheidhreach ar a phluic.



"Goidé tá tú ag dul a dhéanamh anois?"
ars' an sagart.



"Níl dadaidh le déanamh agam go dtí an
tráthnóna acht a bheith ag foghlaim na Laidne
agus Céimseata."



"Nach ndéanfaidh tú do sgríste sul a
dtoiseochaidh tú ar an fhoghlaim?"



"Nílim tuirseach," arsa Donnchadh; agus
isteach leis fá choinne a chuid leabhar. Thainic
sé amach arís go luath, dhá leabhar faoi n-a
asgaill aige, agus é ag ithe ceapaire aráin
choirce is ime a thug a mháthair dhó. Ba ghoirid
go raibh sé féin agus an sagart i n-a suidhe
ar suidheachán a bhí ag ceann na sráide agus
iad ag gabháil do na leabhair.



An sílfeadh éinne go raibh an sagart óg
sin le n-a bhás? Bhí cuma láidir folláin
air, acht faraor! bhí an droch-obair déanta
ag an chréachta air cheana. Chaith sé an
geimhreadh san Eilbhéis, acht má chaith féin,
níor bh' aon mhaitheas dó é. Dubhradh leis nach
raibh a leigheas ann, cidh go mb'fhéidir go
mbéadh roinnt bhliadhan aige san tsaoghal seo
go fóill. Bhí sé socair aige na bliadhantaí
sin a chaitheamh le n-a dhearbhráthair agus i
measg a cháirde mar a rugadh is tógadh é.
Ní raibh 'dhath dá bhuaidhreadh acht amháin nach
raibh sé ábalta oibrughadh ar son Dé agus
daoine mar ba ghnáth leis. Corr-uair nuair
bhíodh sé féin is Pádraig is Máire ag comhrádh
cois na teineadh, tar éis dul i n-a luighe do
na páistí, deireadh sé nach raibh fhios aige cad
chuige a raibh Dia ag leigint dó bheith beo,
agus gan maitheas ar bith dá dhéanamh aige.
"Arú! a shagairt, a ghrádh," deirfeadh Máire,
"dá mbéadh leath na sagart ag déanamh an
oiread maitheasa is tá sibh-se a dhéanamh, ba
shéanach an saoghal é."



"Síleann tusa sin, a Mháire, acht is beag
atá fhios agat cá mhéad atá dá dhéanamh ag
sagairt eile agus cá beagán atá mise a
dhéanamh."



"Och! Och! bígidh 'bhur dtost, a Athair
Donnchadh. Nach dtabhrann bhur gcuid cainnte
féin suaimhneas is síothcháin do ghach aon
dhuine, beag nó mór, a castar oraibh. Muna
mbéadh acht méar gortuighthe ag leanbh, bhéadh
sibh dá leigheas." Agus b' fhíor duithi.



Goidé 'n sórt gasúir a bhí i nDonnchadh óg,
a mbíodh an t-Athair Donnchadh ag teagasg
na Laidne is Céimseata dhó? Nuair bhí sé
i n-a tháchrán bhí dúil mhór aige i n-urnaighthe.
Ba ghnáthach leis bheith ar a ghlúna fiche uair
san lá ag cleachtadh na bpaidreacha a bhí
aige. Mar gheall air sin, bhíodh a mháthair
agus daoine eile ag fiosrughadh de an mbéadh
sé 'n-a shagart, agus is iomdha uair d'fhreag-
air sé dóbhtha, "Béidh Donnchadh beag 'n-a
shagart," gan fhios a bheith aige goidé a bhí
sé a ráidht. Acht ní raibh sé i bhfad ag dul
ar sgoil gur chaill sé an port sin, agus i
gceann tamaill, dá bhfiafróchadh a mháthair
nó duine ar bith eile de, "'Bhfuil tú ag
smaoitiughadh anois ar bheith 'do shagart,"
chromfadh sé a cheann gan freagra a thabhairt
uaidh; nó, dá dtiubhradh a mháthair air múineadh
a bheith air agus freagra inteacht a thabhairt,
deirfeadh sé nach raibh fhios aige.



An amhlaidh nár mhian leis bhéith 'n-a shagart
anois nuair bhí sé ag éirghe ciallmhar tuig-
seanach? Ní hamhlaidh. Ní leigfeadh an
náire dhó innse goidé ba mhian leis, acht i n-a
intinn féin, ba mhinic a bhíodh sé ag léigheadh
aifrinn, ag seanmóireacht is ag déanamh
oibreacha eile a ghníosan sagart. Is mar
sin a bhí an sgéal aige an chéad uair a thoisigh
sé ag amharc roimhe ar an tráth a mbéadh sé
'n-a fhear.



Acht ag dul i n-aois dó, do réir mar bhí


L. 32


sé ag fágháil eolais ar ghníomharthaibh daoine
cliúiteach agus ar an chreideamhaint a bhí ag
dul dóbhtha, bhí a mhiana ag éirge níos saogh-
alta agus bhí athrughadh mór ag teacht ar a
chuid aisling. Is beag nár léigh sé is nár
chuala sé ariamh fá aon fhear ainmneamhail
nach mbéadh sé ag brath ar aithris a dhéanamh
air ar feadh lae nó lae go leith i n-a dhiaidh.
Léigh sé an óráid a rinne Roibeard Emmet
i dtigh na Cúirte sul ar cuireadh breathamhnas
báis air, agus chríochnuigh sé a chomhairle go
mbéadh aige féin le hinnse, comh maith is bhí
ag Emmet, nár chan sé gó ariamh. Chuala sé
sean-fhear ag innse sgéaltaí fá chleasaidh-
eacht Eoghain na mBréag, agus chrom sé gan
mhoill ar cheapadh cleas, agus ar chumadh na
mbréag a bhéadh riachtanach leis na cleasa
sin a dhéanamh. Lá bhí an máighistir scoile
ag cainnt fá 'n fhile Sasanach, Pope, dubhairt
sé nár ghnáthach aon spórt nó sult a bheith ar
siubhal ag an fhear sin nuair bhí sé 'n-a ghasúr,
acht a bheith ag foghlaim ag foghlaim i gcomh-
naidhe, agus gur bh' í an obair sin a thuill an
chliú agus an onóir dó. Chuir Donnchadh
Pope roimhe mar shompla agus chaith sé
chomhair a bheith dhá lá uilig ag léigheadh is ag
in-fhiúchadh sean-leabhair dántaí Béarla. I
ndeireadh na haimsire sin chonnaictheas dó
gur deise a bheith ag caitheamh léim nó ag
imirt cnaipe ná bheith ag saothrughadh cliú is
áird-mheasa dó fein ag an fhoghlaim. Ba
dhaoine móra galánta, dar leis, siopadóirí
an pharráiste, agus na máighistrí scoile, agus
go mór-mhór an dochtúir agus cúpla daoine
a thainic ó'n Oileán Úr, agus bhíodh Donnchadh
ag déanamh aithrise i n-a intinn féin ar a
léithid seo de'n dream sin indiu agus ar a
léithid siúd díobhtha i mbárach. Bhíodh dúil
aige i slighidh bheathadh a athar féin go minic
fósta. Leis an fhírinne a ráidht, is beag
céard agus is beag sórt saoghail nach raibh
sé toilteanach a thoghadh dó féin uair inteacht,
agus nuair bhéadh céard amháin dá thaithniughadh,
ní bhéadh sé acht ag ceapadh gach rud a bhéadh
sé féin a dhéanamh agus a ráidht, dá mbéadh
an céard sin dá chleachtadh aige, gan smaoit-
iughadh an fearr leis céard ar bith eile.



Corr-uair, ámhthach, shílfeadh sé gur mór an
sult is an greann a bhíos ag tuata thar mar
bhíos ag sagart. B' uaigneach leis duine a
bheith 'n-a chomhnaidhe leis féin gan cuideacht
ar bith acht aon tsean-bhean amáin, agus b'
an-mhór leis rinnce is comhluadar de ghach
aon sórt. Bhí guth a chogubhais ag ráidht leis
fósta nach ceart d' ádhbhar sagairt a bheith
ag caitheamh píopa le gasúraí eile i gan fhios
d' éinne, ná a bheith ag goid slaite an
mháighistir, ná a bheith ag piocadh fraochóg
nuair ba chóir dó bheith ar sgoil. Mar bhí
dúil aige i ndiabhlaidheacht de 'n tsórt sin,
is beag nach raibh sé cinnte nach dtoghfadh
sé beatha chruaidh chráibhtheach an tsagairt
choidhche.



Acht ba bheag a bhí fhios aige goidé bhí
i ndán ag Dia dhó. Thainic séipleanach nua
chuig an pharráiste, agus chuir cumann an
Chroidhe Naomhtha ar bun ann. Ceann de na
riaghlaibh a bhí ag daltaibh an Cumainn seo,
Corp is Fuil ár Slánuightheora a ghlacadh uair
san mhí. Rinne an sagart seanmóir mhór ag
craobhsgaoileadh maitheasa an Chumainn do'n
phobal. D'áitigh an tseanmóir ar Donnchadh
óg gur cheart dó iarraidh a dhéanamh ar bheith
'n-a bhuachaill níos fearr ná bhí sé le goirid.
An chéad Satharn i ndiaidh sin, chuaidh sé go
dtí teach an phobail go luath ar maidin le
dul chum an tsagairt. Ní raibh acht triúr nó
ceathrar ann nuair chuaidh sé isteach. Níor
mhothuigh Donnchadh smaointe cráibhtheacha ag
líonadh a chroidhe ariamh roimhe mar bhíodar dá
líonadh an lá údaidh ins an teampall
uaigneach. Rinne sé turas na Croise is
dubhairt a lán urnaighthe. Má rinneadh
faoistean mhaith ariamh, rinne seisean í an
Satharn sin. Ní baoghal dó go mbéidh mórán
as bealach aige le hinnse do'n tsagart
nuair thiocfas sé chuige arís i gcionn na
míosa. Ní baoghal dó leanamhaint dá shean-
diabhlaidheacht agus dá dhroch-chleasaidheacht.
Comh luath is phill sé a bhaile, chaith sé uaidh
sean-phíopa is giota tobac a bhí i bhfolach
aige i bpoll bheag i mballa an bhói-thighe.



Maidin lá ar n-a bhárach, d'fhan sé ar a
ghlúna ag an altóir i ndiaidh an aifrinn, ag
cainnt i n-a chroidhe le Iosa agus ag tabhairt
buidheachais dó. Níorbh' fhiú dadaidh, dar leis
an uair sin, siamsa agus saidhbhreas an
domhain seo uilig a léir. Connaictheas dó
gur bh'ionann é féin a thabhairt d' Íosa go
bráth agus bheith 'n-a shagart. Seo mar
labhair sé i n-a chroidhe féin: "A Íosa, is
fearr tusa 'ná ghach aon rud. Déanfaidh mé
gach ní is mian leat feasta. Ní dhéanfaidh
mé aon ní choidhche nach maith leat. Tréigfidh
mé pléisiúraí an tsaoghail seo go bráth ar
do shon-sa. Béidh mé 'mo shagart."


L. 33


Ní raibh fhios ag éinne acht amháin ag Dia
agus aige féin an deagh-rún a rinne sé an
lá sin i ndiaidh a Chomaoine. Thug a mháthair
fá dear go raibh sé níos dúthrachtaighe ag a
chuid urnaighthe agus níos fonnmhaire fá dhul
ar sgoil ná bhíodh sé. Chonnaic na buachaillí
ar ghnáth leis dul leobhtha go raibh Donnchadh
dá seachaint nuair bhéadh siad ag caitheamh
tobac nó ag déanamh uisce faoi thalamh,
agus bhíodar go brónach mío-shásta, mar bhíodh
sé 'n-a cheann-phort ortha go minic, agus ba
eisean a gcrann cosanta i mbearna an
bhaoghail i gcomhnaidhe. Acht ba chuma le
Donnchadh a mbrón is a mío-shástacht; lean sé
dá chomhairle féin gan bac leobhtha.



D'éirigh leis go maith ar sgoil go dtainic
a uncal a bhaile ó'n Eilbhéis an t-earrach
i ndiaidh sin. Bhí air toisiughadh ar bhuachaill-
eacht annsin agus fanamhaint sa bhaile ó
sgoil. Níor mhisde é é, ámh, mar chaith-
eadh sé cuid mhór de'n lá ag foghlaim na
Laidne agus Céimseata agus neithe a
b' fhearr ná iad ó n-a uncal. Ní raibh aon
chuspóir áirithe ag ceachtar aca nuair
chromadar ar an Laidin is Céimseata ar
dtúis, acht bhí dúil ag an tsagart i dteagasg,
agus shíl Donnchadh nach mbéadh aon rud comh
aoibhinn taitneamhach leis an fhoghlaim, dá
mbéadh na múinteoirí uilig cosmhail le n-a
mhúinteoir féin. I gcionn tamaill thainic
sgéal amach san pháipéar nuaidheachta a thug
cuspóir dóbhtha, agus a ghríosuigh an bheirt
chum a ndíchill a dhéanamh ag an obair a bhí
idir lámha aca.



Bhí árd-sgoil san bhaile mhór ba ghiorra
dóbhtha, agus sé sgéal a thainic amach san
pháipéar nuaidheachta go raibh oideachas saor
le fágháil ins an árd-sgoil sin ag an
bhuachaill faoi trí bliadhna déag a b' fhearr
ag scrúdadh a bhéadh ann i mí Lughnasa. Bhí
muinighin ag a uncal as Donnchadh go
mbuaidhfeadh sé ar aon bhuachaill comh óg leis
san chondae, acht níor leig sé air. Dubhairt
sé le Pádraig agus le Máire oidhche amháin
go raibh sé comh maith aca an gasúr a chur
isteach fá choinne an scrúdtha.



"Goidé 'n seans a bhéadh aige-sean le
taoibh buachaillí an chondae uilig"? arsa
siad-san.



"Ní abraim," arsa an t-Athair Donnchadh,
"go mbéadh seans ar bith aige, acht is furas
an scrúdadh a sheasamh, agus ní mío-mhaiseach
díombuaidh. Ba mhaith liom-sa fheiceál goidé
is féidir le mo dhalta féin a dhéanamh
i gcomórtas mar seo, agus cé 'n maitheas
atá ionnam féin mar mhúinteoir."



"Déanaidh sibh-se bhur rogha rud leis,"
arsa Máire. "Ní chrothnóchaidh sinne uainn
é lá amháin, agus ní mhairfidh an scrúdadh
acht an fhad sin." Acht cidh gur mar sin a
labhair sí, bhí dóchas aici cheana nach lá amháin
a chaithfeadh Donnchadh ins an árd-sgoil, acht
cúpla bliadhain, agus nach a bhaile a thiocfadh
sé i gcionn na haimsire sin, acht go rachadh
sé go dtí Coláiste Maighe Nuadhat.



Nuair labhair an sagart le Donnchadh féin
fá dhul isteach fá choinne an scrúdtha, sé
céad smaoineadh a thainic chuige go mbéadh lá
mór aige san bhaile mhór. Tar éis sin bhí
súil aige go mbuaidhfeadh sé ag an scrúdadh,
agus go mbéadh sé i n-a chomhnaidhe san bhaile
mhór. Bhí dóchas beag eile ag féachadh éirghe
i n-a bhrollach, agus is furas a thomhas gurbh
é sin an dóchas céadna a bhí ag a mháthair,
acht bhí an dóchas sin dá mhúchadh i measg a
smaointe éagsamhla eile. Nach raibh a dheagh-
rún bheith 'n-a shagart comh daingean seasmhach
is bhí sé an lá a rinne sé é? Leis an fhírinne
a ráidht, is annamh a smaoitigh sé air ó shoin.
Bhí barraidheacht rudaí ag baint leis an am fá
láthair aige le smaoitiughadh ortha gan
smaoitiughadh ar an am a bhí le teacht. Idir
dul ar sgoil, buachailleacht, déanamh mion-
oibreacha fá 'n tigh agus dul ar teachtaireacht
do'n siopa agus d' áiteacha eile, bhí sé
gnóthach go maith, gan trácht ar an fhoghlaim
ar chor ar bith. Ní chuirfeadh an gnó bhí le
déanamh aige mórán coisg ar smaoineadh
duine móir, is dócha, acht,



Is mór le na páistí
Rud is beag le daoine fásta.



Agus gan amhras, b' an-mhór le Donnchadh
cuid mhaith dá chuid oibre. Agus ní hé a chuid
oibre amháin a mbíodh sé ag smaoitiughadh air.
Bhíodh sé ag brionglóideadh san oidhche agus
go minic san lá, fósta, fá 'n sult a bhí aige
oidhche a chaith sé i dtigh a athar mhóir, fá 'n
ghreann a bhí ar an aonach, nó fá chuairt a
bhéadh le tabhairt aige ar dhaoine muinn-
teardha le n-a mháthair i bparráiste eile.
Mar gheall ar na neithe sin go léir, ní bhéadh
éinne ag brath go mbéadh a dheagh-rún
i n-intinn an ghasúir go minic. Níor bheag
dó nach raibh sé dearmadtha ar fad aige,
agus ní raibh, óir nuair thiocfadh cathughadh


L. 34


chuige bheith ag cuimhneamh ar aon phléisiúr
nó ar aon rud eile nach bhfoirfeadh do
shagart, theannfadh sé a phúisíní, agus deir-
feadh i n-a aigneadh, "Ní bhéidh a léithid sin
agam-sa choidhche; béidh mise 'mo shagart."



Acht b' iongantach le duine nár shíl sé ar
chor ar bith gur toiseach maith ar an obair
foghlaim na Laidne agus gur chéim eile ar
an bhealach cheart é dá mbuaidhfeadh sé ag
an scrúdadh agus dá rachadh chum na hárd-
sgoile. Rud eile a chuirfeadh iongantas ort,
ní dhearna sé socrughadh ariamh ná fiú smao-
ineadh ar socrughadh cé'n dóigh nó cé'n uair a
innseochadh sé dá thuismightheoirí gur mhian
leis bheith n-a shagart, ná ar goidé bhí riach-
tanach air a dhéanamh ar aon chor. B'fhéidir
gur deacair doilbhir dói-réidhtighthe na ceis-
teanna sin ag buachaill nach mbíodh mío-shásta
go minic. B'fhéidir gur ab é toil Dé é go
gcuirfidhe a intinn i gcrích do réir a chaoi
agus a chomhairle féin.



Níor mhothuigh Donnchadh an t-am ag
sleamhnughadh thart go dtainic lá an scrúdtha.
Bhí fonn maith air nuair phill siad a bhaile an
oidhche sin. D' éirigh leis go maith ag an
scrúdadh, dar leis, acht níor mheasa leis sin
ná a bhfaca sé agus a gcuala sé san bhaile
mhór. Coicthigheas i ndiaidh sin, thainic litir
chuig a athair dá ráidht leis gur bhuaidh a mhac
ar a raibh de bhuachaillí ag an scrúdadh agus
go bhfosglochthaoi an árd-sgoil i ndeireadh na
seachtmhaine.



Ní raibh an méad fuadair agus fuastair
ar siubhal ag Máire Ní Chuinn ó'n lá a
pósadh í is bhí ar feadh sé nó seacht lá
tar éis na litre sin a fhágháil do Phádraig.
Bhí stocaí le cniteáil, éadach úr le fágháil,
léiní le ceannach, agus cuimhneamh le
déanamh ar mhíle mion-rudaí a bhéadh ag
teastáil ó Dhonnchadh, do reir a baramhla-sa.



Oidhche i dtoiseach Meadhoin Fóghmhair, d'fhág
a uncal agus a athair agus a mháthair slán is
beannacht ag Donnchadh bocht i dtigh áirithe
san bhaile mhór. Bhí mac léighinn amháin eile
ar lóistin san tigh céadna, "an mac
léighinn," adubhairt uachtarán na hárd-
sgoile leobhtha, "b'fhearr dá raibh ann" Ní
raibh an mac léighinn sin istigh anois, agus bhí
Donnchadh i n-a shuidhe leis féin i seomra
bheag fhuar nach raibh acht beagán trosgáin
agus leithscéal teineadh guail ann. Thoisigh
na deora móra ag tuitim ó n-a shúile agus
osnaidhe dólásacha ag luascadh i n-a chliathán.
Nuair thainic bean an tighe isteach i gcionn
tamaill, fuair sí i n-a chnap codlata é.
Mhúsgail sí é, agus chuaidh sé 'n-a luighe níos
brónaighe ná chuaidh sé ariamh roimhe.



D'éirigh sé go breagh luath lá ar n-a bhárach
agus chuaidh i gcuideacht an mhic léighinn eile
do'n aifreann san teampall. Ar dteacht
ar ais dóbhtha, thoisigh Donnchadh ag cur ceis-
teanna ar a chompánach fá nósanna agus fá
riaghla na hárd-sgoile. Fuair sé freagra
goirid ar chúpla ceist ar dtúis, acht nuair
chonnaic a chompánach go raibh sé ag leana-
mhaint de 'n fhiafruighe, "A bhuachaill," arsa
seisean, "béidh fhios agat am go leor.
Muirbheochar mise muna mbéidh an fhilidheacht
seo agam de ghlan-mheabhair, agus níl am
agam le bheith ag cainnt leat."



Dubhairt sé an méad sin comh tapaidh is
thainic leis ar eagla go gcaillfeadh sé
bomaite, agus chrom sé ar chlabaireacht na
filidheachta dó féin arís.



Maidin lá ar n-a bhárach, bhí Donnchadh féin
ag gabháil do 'n fhilidheact, agus eagla air
nach mbéadh a chraiceann slán san tráthnóna
muna mbéadh eolas aige oirthi. Bhí súil aige
go mbéadh sé ábalta sásamh a thabhairt do na
múinteoirí, agus a mbuillí a choinneáil uaidh.
Thug buachaillí eile comhairle dhó gan oib-
riughadh go ró-chruaidh. "Nach mbéidh na
máighistrí do do mharbhadh ghach aon lá cibé
rud dhéanfaidh tú," arsa siad-san, "agus
tá sé comh maith agat gan a beith do do
mharbhadh fhéin fósta, mar tá an spailpín
gránda atá ar lóistin leat ag déanamh."
Bhí aoibh-gháire ar aghaidh ag éisteacht
leobhtha, amhail mar bhéadh sé ag ráidht i n-a
intinn féin: "'Tchífidh sibh go mbéidh níos mó
agam de bhárr mo shaothair ná tá ag an
spailpín sin."



Le sgéal fada a dhéanamh goirid, ní
dheachaidh coicthigheas thart go dtainic Donn-
chadh amach as sgoil tráthnóna amháin agus
raona gorma trasna a bhosa agus a shúile
dearg le gul. Is iomdha uair idir sin agus
Nodlaig thainic sé amach san riocht chéadna.
Cidh gur searbh an fhírinne, deirfidh mé gur
fhág sé an árd-sgoil go minic agus raona
dubh-ghorma, ní ar a bhosa amháin, acht ar a
lurganna, agus ar a aghaidh, agus ar chorp,
agus cnapa nimhneacha frithire ar cheann.
Is cinnte gur thuill Donnchadh cuid de 'n
leadradh a fuair sé, agus go raibh fhios sin
aige go maith. B'fhéidir gur mhol cogubhas na


L. 35


múinteoirí gach a ndearna siad; b'fhéidir
nár mhol; acht níl aon amhras ann gur féidir
eolas a chur i n-intinn an aosa óig gan
cráibhtheacht a chur as a n-anam agus gan
sonas a chur as a saoghal.



Má's fada an lá, tig an oidhche fá dheireadh.
Nuair bhí Nodlaig ag tarraingt air, bhí sean-
spiorad croidheamhail ceanamhail ag teacht
chuige arís. Stad sé de'n íde béil a thabhairt
agus de'n mhagadh faoi 'n "spailpín ghránda,"
agus bhíodh comhrádh carthannach eatorra go
minic. Bhí sé dearmadach ar a bhfuair sé de
dhroch-úsáid agus de tharcuisne ar feadh na
ráithe. Nach aoibhinn bheith ag amharc ar
fhuinneógaí galánta na siopa nuair bhíonn
siad córuighthe i gcóir na Nodlag, agus bheith
ag ceannacht áilleagán agus féirín le
tabhairt a bhaile leat i gcionn cúpla lá?



Má ba mhór a lúthgháir ag dul a bhaile do
Dhonnchadh, níor lugha a bhrón agus a bhriseadh
croidhe nuair thuirling sé ó charr ag ceann
an bhaile mhóir deich laethe i ndiaidh sin. Bhí
an Laidin, agus an Ghréigis, agus pictiúirí
gránda na máighistir, agus an bualadh agus
an leadradh uilig a léir ag éirghe suas fríd
a chéile i n-a chuimhne. Is fearr gan mórán
a ráidht fá 'n dóigh ar chaith sé fuighleach na
bliadhna, nó fá 'n dóigh ar éirigh leis ag an
scrúdadh, nó fá 'n dóigh a raibh amhras ag a
uncal nach ag dul i bhfeabhas a bhí sé ag an
árd-sgoil, cidh nár fhéad aon duine mí-ghníomh
mór ar bith a chur i n-a leith.



Bhí tuilleadh is dá bhliadhain caithte ag
Donnchadh Ua Cuinn ins an árd-sgoil ag an
am a bhfuilim ag trácht air anois. Ba lá
saor do na mic léighinn é. Bhí triúr aca i
n-a seasamh ag crois-bhealach i n-aice leis an
bhaile mhór ag féacháil an dtiocfadh buachaillí
eile an bealach sin. Mar bhéadh an mío-ádh
air, d'fhág Donnchadh "an spailpín gránda"
i n-a dhiaidh, agus thug a cheann amach asan
bhaile mhór. Nuair chonnaic an triúr ag
déanamh ortha é, dubhairt fear aca go raibh sé
comh maith aca leigint dó teacht leobhtha
siocair is gur buachaill é a dtiocfadh leis
rún a choinneáil. Bhí an bheirt eile sásta.
Bhí bród ar Dhonnchadh nuair d'innis siad dó
nár mhisde leobhtha a chuideacht. Níor thuit
aon rud a b'fiú a innse amach go raibh an
ceathrar i n-a suidhe i dtigh leanna agus ceithre
gloine fíona ar an tábla ós a gcomhair,
agus páca cárda dá roinnt ag duine
aca.



Ba é sin an chéad ghloine fíona a chuir
Donnchadh chuig a bhéal riamh. Ní dhearna sé
caill ar bith an lá sin, acht bíonn baoghal
báidhthe ann i gcomhnaidhe nuair bhíonn an sioc
briste. Sul ar sgar sé leis an triúr eile,
gheall sé dóbhtha go gcaithfeadh sé lá eile
leobhtha roimh i bhfad. Ní raibh mórán airgid
ag Dónnchadh nuair thainic an lá sin, acht
fuair sé beagán ar iasacht ó dhuine de'n
triúr a raibh ciste cumainn na peile faoi
n-a chúram aige. Bhí toiseach déanta aige
anois ar an ólachán agus ar an iasacht -
acht ní raibh baramhail an phótaire aige go
fóill gur ab ionann airgead a fhágháil ar
iasacht agus é a fhagháil mar bhronntachas.



Bhí a uncal beo ar feadh an ama seo uilig,
agus munab é go mbíodh slaghdán air anois
agus arís, ní shílfeá go raibh mórán cearr
leis. Bhí sé comh carthannach, comh cráibhtheach,
comh deigh-ghníomhach comh sultmhar, comh
soilbhir is bhí sé riamh. Má bhí dadaidh dá
bhuaidhreadh, ní raibh fhios ag éinne acht aige
féin. Bí amhras aige nach raibh Donnchadh ag
teacht ar aghaidh mar ba chóir. Scríobh uacht-
arán na hárd-sgoile chuige cúpla uair go
raibh an buachaill ag déanamh faillighe i n-a
chuid oibre, agus muna mbéadh sin, go mbéadh
an buaidh léighinn aige thar a raibh i n-Eirinn
ins na scrúdtha. Chreidfeadh an t-Athair
Donnchadh an sgéal seo corr-uair. Uaireann-
ta eile smaoiteochadh sé gur amuigh as an
sgéal a bhí sé féin nuair shíl sé go raibh mac a
dhearbhráthar níos géar-chúisighe na éinne eile.



"Dar ndóigh," adeirfeadh sé, "fuair
Donnchadh duais, beag nó mór, ins gach
sgrúdadh. Dá mbéadh sé leisgeamhail, ní
fhuigheadh sé dadaidh. Tá an t-Athair Brian
meallta i n-a thaoibh agus ag dréim le
barraidheacht uaidh." Níor mhaith leis an
Athair Donnchadh mío-mhuinighin a bheith aige as
éinne dá mbéadh neart air, agus is dóiche
gur ab é sin an fáth nach dtug sé fá dear
ar feadh na laetheannta saoire go raibh a
dheigh-mhian chomhair a bheith caillte ag a dhalta,
agus go mbíodh cuid mhór rud ar siubhal aige
i gan fhios dó féin agus dá thuismightheoirí.



Maidin amháin, thainic fear na litreach
isteach chuig Mháire Ní Chuinn agus litir aige
do'n tsagart. Chuaidh Máire go ciúin socair
suas chum an tseomra, an litir i n-a láimh
aici.


L. 36


"Ná bíodh eagla ort do chosa a leigint ar
an urlár, a Mháire," ars' an sagart; "táim
músgailte le fada."



Thug Máire an litir dó. D'fhosgail sé í
agus is é seo an scéal a léigh sé:



A Dhonnchadh dhílis,



Tá scéal brónach agam duit an uair seo.
Fá thuairim mí ó shoin cuireadh fios orm le dul
a amharc mic léighinn a bhí i riocht báis leis
an ólachán. Nuair bhisigh sé d'innis sé damh go
raibh trí mhac léighinn eile ar meisge comh maith
leis féin. Is truaigh liom a rádh gur fear aca
mac do dhearbhráthar. Do dhíbir mé an triúr eile
ó'n árd-sgoil lá ar n-a bhárach. Shíl mé gur bh'iad
a mhill Donnchadh agus nach ndéanfadh seisean
dadaidh as bealach nuair bhíodar imthighthe. Thug
mé comhairle a leasa dó agus gheall sé damh go
nglacfadh sé í; acht coicthigheas i ndiaidh sin bhí sé
ar meisge arís. Ní raibh fhios agam goidé ba chóir
damh a dheanamh. Ba thruaigh liom buachaill comh
óg is comh cliste a ruaigeadh as an árd-sgoil, go
mór-mhór mar bhí sé gaolmhar duit-se. Chonnaic-
theas damh, fósta, nár cheart damh é a choinneáil ar
eagla go gcuirfeadh sé buachaillí eile ar seachrán.
D'athchuing agus d'impidh sé féin orm leigint dó
fanamhaint agus gan a innse duit-se ná dá athair,
agus gheall sé nach mblaisfeadh sé biotáilte an
fhad a bhéadh sé ar an árd-sgoil. Rinne mé mar
d'iarr sé orm, go maithidh dia damh é! Bhuail mé
isteach chuige aréir. Bhí sé féin agus ceathrar
eile - cuid aca níos óige ná é féin - ar leith-
mheisge agus buidéal mór fíona ar an tábla aca.
'Tchíonn tú féin nach féidir liom-sa leigint dó
fanamhaint annseo níos faide. Shíl mé gur fearr
iarraidh ort é a thabhairt a bhaile ná é a chur ar
shiubhal. Cuir fá n-a choinne gan mhoill, ná is mór
an sgannal é do na mic léighinn eile.



Tá súil agam go bhfuil tú ag éirghe folláin
slán arís. Tá brón mór orm gur bh' éigin damh
a léithid seo de litir a chur ag triall ort, go
mór-mhór nuair nach bhfuil do shláinte ar fóghnamh.
Mise, do shean-chara,



Brian Ua Néill.



Is beag nach raibh súile an Athar Donnchadh
lán nuair chríochnuigh sé an litir. An páiste
soinneanda géar-chúiseach sin, mac do lána-
mhain úirísil ionnraice i n-a phótaire anois,
agus mar sgannal do pháistí eile! An
t-Athair Donnchadh féin ba chionntach le n-a
chur ionns' ar an árd-sgoil. Ní iongnadh é
gur ghoill an litir sin ar a chroidhe.



Bhí ocht sgilling is fiche ag mic léighinn eile
agus ag daoine nach iad ar Dhonnchadh nuair
bhuail uachtarán na hárd-sgoile isteach chuige
an oidhche sin.



"Dá olcas an sgéal," arsa seisean leis
féin, "ní bhéidh ag aon dhuine le rádh gur
imthigh mé gan mo chuid fiacha a dhíol."



Acht cá 'n áit a raibh an t-airgead le
fágháil? Chuimhnigh sé ar an gheallamhain
sólásaigh sin ár dTighearna: "Iarr agus
gheobhaidh tú." Ghabh sé ar a ghlúna agus
d'iarr cabhair ó Dhia agus ó n-a Mháthair
go dúthrachtach dícheallach. I ndiaidh sin
chonnaictheas dó nach raibh a chás comh olc is shíl
sé go raibh i gcéaduair - b'fhéidir go gcuir-
fidhe breitheamhnas aithrighe mór air, agus
nach ruaigfidhe é go dtí deireadh na bliadhna
ar chor ar bith - rachadh sé ar sgoil lá ar n-a
bhárach go bhfeicfeadh sé goidé thuitfeadh
amach. Chuaidh sé ar sgoil, acht níor leig an
t-uachtarán air an bhfaca sé é nó nach bhfaca.
B'olc an comhartha sin, dar leis. Bhí sé
lán-chinnte anois nach raibh 'dhath idir é féin
is an donas. Bhí a fhiacha dá bhuaidhreadh
níos measa ná riamh. Acht bhí dóchas aige go
dtógfadh na paidreacha as an abar é, mar
thóg siad go minic roimhe. Ar an ádhbhar
sin, chrom sé ar ghuidhe an oidhche sin arís.



Sul ar éirigh sé ó n-a ghlúna bhí comhairle
ceaptha aige.



Bhí scríbhneoir Sasanach ann ar ghnáth leis
a chuid aistí a scríobhadh an fhad is bhéadh sé
ag ól leanna i dtigh ósda. Sin an cuspóir
a bhí i n-aigneadh Dhonnchadha anois. An as
na paidreacha a thainig sé, 'do bharamhail?
Shílfeá nach bhféadfadh aon mhaitheas teacht
as leanamhaint lorg scríbhneora meisgeamhla
de Shasanach, acht "ní mar shíltear bítear."



Ar chaoi ar bith, bhí eolas ag Donnchadh ar
tigh leanna giota ó'n bhaile mhór nach mbíodh
mórán daoine ann. Chuir sé roimhe dul go
dtí 'n teach sin lá ar n-a bhárach, páipéar
scríobhtha agus peann a thabhairt leis, braon
beag fíona a fhágháil agus sgéal a sgríobhadh
i gcóir páipéir nuaidheachta sul a bhfágfadh sé
an teach. Agus cé'n sórt sgéil a sgríobhfadh
sé? Nach ndéanfadh a chuid eachtraí féin
sgéal maith, cuir i gcás go mbéadh críoch
níos séanmhaire ortha? Smaoitigh Donnchadh
go ndéanfadh. Sé críoch do cheap sé le
cur ar an sgéal, go bhfuair an mac léighinn
meisceamhail ceithre phunt ar ar scríobh sé
san tigh leanna, gur dhíol sé a fhiacha, agus
gur thug fuighleach an airgid go Baile A'
Cliath é, mar a bhfuair sé obair fhóirstineach
dó féin agus mar a raibh sé i n-a chomhnaidhe
go measardha macánta ó shoin.



Bhí an sgéal agus a dtiocfadh as dá gcur
fríd a chéile aige tar éis dul a luighe dó,
agus ní raibh fonn codlata air go raibh sé


L. 37


giota maith siar san oidhche. Bhí sé ag
srannadh leis ag an am a bhí a uncal ag
léigheamh na litre úd i n-a leabaidh.



Níor fhan an t-uncal i bhfad n-a luighe.
D'iarr sé ar an fhear a bhí ag obair ag
Pádraig an capall a chur san charr gan
mhoill, mar bhí air dul chum an bhaile mhóir.
Bhí sé gaibhte le na ceisteanna a bhí Máire
a chur air, acht nuair bhí sé imthighthe, ní raibh
sise ábalta acht a rádh nach raibh fhios aici
goidé bhí cearr, agus gur iongantach nach
bhfanfadh sé go ndéanfadh sí bannóg bheag le
cur ionns'ar Dhonnchadh leis.



Nuair shroich an t-Athair Donnchadh an ard-
sgoil, ní raibh mac a dhearbhráthar annsin.
Chuaidh sé do'n teach a raibh sé ar lóistin
ann. D'innis bean an tighe dhó go raibh
Donnchadh tar éis dul amach.



"Cé'n bealach a ndeachaidh sé" arsa seisean.
Thasbáin sí dó é.



Chuaidh sé suas ar charr agus d'iarr ar an
tiománaidhe dul an bealach céadna. Rug
sé ar Dhonnchadh fá thuairim fiche slat ar an
taoibh i bhfus de'n tigh ósda. Thuirling sé
ó'n charr agus thug a thuarasdal do'n
tiománaidhe. Bhí intinn Dhonnchadha tugtha
comh mór sin do'n sgéal nach dtug sé fá
dear an carrag teacht i n-a dhiaidh gur
stad sé chomhair a bheith le n-a chois. Ní raibh
sé músgailte ó n-a aisling i gceart nuair
chuala sé glór binn a uncail ag ráidht:



"Go mbeannuighidh Dia dhuit, A Dhonnchadh.
Nach n-aithnigheann tú mé?"



Níor fhreagair Donnchadh focal.



"Ná bíodh aon eagla ort rómham-sa, a
Dhonnchadh," arsa an sagart, agus rinne sé
craitheadh lámh go carthannach leis an bhuachaill
ag an am céadna. Thoisigh Donnchadh ar ghul.



"Anois, a Dhonnchadh, bíodh ciall agat,
agus ná bí ag gul mar leanbh. Níl aon
urchóid déanta agat go fóill nach féidir a
mhaitheamh," ars' an t-uncal.



"An le mo thabhairt a bhaile leat a thainic
tú?" arsa Donnchadh go dubhrónach.



"Níl fhios agam go fóill," ars' an sagart,
"acht ba mhaith liom dá n-innseochtha damh gach
rud a thuit amach le goirid. Innis an ghlan-
fhírinne damh, agus geallaim duit nach misde
tú é."



Bhí eachtraí Dhonnchadha dá n-aithris i n-a
gceann agus i n-a gceann ó shin go dtí 'n
oidhche. Bhí faitcheas mór air ar dtúis, acht
nuair socruigheadh i seomra bheag chompórtach
i dtigh ósda iad le dinnéir breagh rómpa, is
beag nach raibh sé ag maoidheamh as a chuid
gníomhartha mar dá mba ghníomhartha iad a
mbéadh bród ag duine asta. Ar gcluinsint
do 'n tsagart goidé 'n dóigh a raibh a dhalta
ag dul a dhíol a chuid fiacha, ní mór nár
phléasg sé leis an gháire. Agus rinne
Donnchadh féin gáire croidheamhail fósta.



"Innis damh anois goidé is mian leat,"
ars' an sagart.



"Is mian liom fanamhaint ar sgoil agus
seans eile a bheith agam, dá mb'fhéidir é."



"Ní shílim gur féidir sin acht dá bhfuightheá
seans eile, cá fad ba mhian leat fanamhaint
ar sgoil?"



"Go mbéinn réidh le dul go Coláiste
Maighe Nuadhad."



"An bhfuil 'fhios agat nach ceart duit
dul annsin muna nglaoidheann Dia ort le
bheith i do shagart? Deir Dia gur ab é féin
a thogas a shagairt, agus is uathbhásach an
choir é, duine a bheith 'n a shagart nach dtoghann
Dia. Tá am go leor agat go fóill le
smaoitiughadh ar an cheist sin. Táim-se ag
dul a amharc an uachtaráin anois. Féadann
tusa an t-am a chaitheamh mar is maith leat
go dtiocfaidh mé ar ais."



Bhí an oidhche ann nuair bheannuigh an
t-Athair Donnchadh isteach i seomra uachtaráin
na hÁrd-sgoile.



"Céad míle fáilte rómhat, a Athair
Donnchadh," ars' an t-uachtarán. "Ba
eagla damh go raibh tú imthighthe gan teacht
isteach. Suidh síos go mbéidh comhrádh againn
fá'n am fad ó."



Shuidheadar síos. Rinneadh tae réidh dóbhtha.
Bhain a gcomhrádh le gach aon rud. Is iomdha
duine a bhí ar an sgéal céadna le Máire Ní
Chuinn nuair dubhairt sí go gcuirfeadh cainnt
an Athar Donnchadh suaimhneas agus lúthghair
ar aon dhuine, agus ba duine aca sin an t-
Athair Brian Ua Néill. Nuair glanadh na
soithighe ó'n tábla i ndiaidh an tae, agus
nuair dhruid an bheirt níos comhgaraighe do'n
teinidh, shílfeá nach raibh gruaim ar aghaidh
luisneamhal an uachtaráin nó buaidhirt i n-a
chroidhe ariamh. Chas an t-Athair Donnchadh
cúrsa an chomhráidh anois go raibh cás
Donnchadha óig dá phléidh aca. B' é deireadh
an chomhráidh go raibh an t-Athair Ua Néill
sásta le seans eile a thabhairt dó "acht,"
arsa seisean, "caithfidh sé imtheacht gan
mhoill má bhlasfaidh sé biotáilte arís, agus


L. 38


caithfidh sé gan a bheith i gcuideacht aon mhic
léighinn eile go ceann na bliadhna acht
amháin an fhad is bhíonn sé ar sgoil nó
ag imirt peile." Ba dhóigh leis an
Athair Brian gur beag an maitheas dó
seans eile a thabhairt do 'n bhuachaill, agus
b'fhearr i bhfad leis gan a léithid a dhéanamh,
acht chaith sé géilleadh do bhladaireacht an
Athar Donnchadh.



Bhí lúthgháir mhór ar an Athair Donnchadh
nuair d'fhág sé seomra an uachtaráin, agus
ní mór a rádh nach lugha lúthgháir a dhalta
cúpla bomaite i ndiaidh sin ar gcluinsint
sgéil a uncail dó. Chaith an bheirt an oidhche
sin agus bunadhas lá ar n-a bhárach i
gcuideacht a chéile. Is beag a labhair siad
fá 'n tubaiste ba chionntach le n-a mbeith
san áit amháin.



Ní raibh deireadh ar an mhéad deagh-rún
bhí Donnchadh a cheapadh i n-a intinn. Bhí
dóchas aige gur thogh Dia é le bheith n-a
shagart, agus go maithfeadh sé dhó an
fhaillighe a thug sé ceann san deagh-rún a
rinne sé an Domhnach úd.



"Tá fhios agam go maith gur mhian leat
bheith 'do bhuachaill mhaith chráibhtheach ó seo
amach, a Dhonnchadh," ars' a uncal leis
tamall beag sul ar sgar siad le 'n-a chéile,
"acht b'fhéidir nach bhfuil fhios agat cé'n
dóigh is fearr agus is fusa éireochaidh leat.



"Níl fhios agam," arsa Donnchadh.



"Iarr grása ar Dhia agus ar Mhuire comh
muinighineach is comh saothrach is d'iarr tú
cabhair ortha le do chuid fiacha a dhíol, agus
comh cinnte is táim-se ag tabhairt an airgid
sin duit anois, gheobhaidh thú grása le gach
olcas a sheachaint feasta," ars' an sagart.
Agus chuir sé dhá phunt i láimh Donnchadha
ag an am céadna.



"Ní shílim go bhfuil aon chomhairle eile
agam le tabhairt duit," arsa seisean go
meidhreach annsin, "acht an rann seo:



Síos go bun ifrinn nó suas go dtí 'n Rí
Má théidhir i d' aonar is goirid an tslige.



Caithfidh tusa siubhal i d' aonar go ceann
tamaill anois, agus tá súil agam gur goirid
leat do shlighe suas."



Chuaidh Donnchadh amach giota ar an charr
le n-a uncal an tráthnóna sin. Ba mhian
leis ceist amháin a chur air, acht bhí faitcheas
air. Fá dheireadh chogair sé i n-a chluais:



"Bhfuil fhios ag mo mháthair?"



"Níl."



"An n-innseochaidh tú duithi orm?"



"Ní innseochaidh."



D'fhágadar slán ag a chéile. Ghluais
Donnchadh roimhe chum an bhaile mhóir ar ais,
a chroidhe lán de bhuidheachas agus de ghrádh
dá uncal, agus lán de rúin daingeana nach
dtiubhradh sé aon chúis bhuaidheartha dhó níos
mó.



Dúnán


L. 46


San nGaedhealtacht



Raibh tú riamh san nGaedhealtacht, a chara?
Mara raibh, is í mo chomhairle dhuit turas do
thabhairt ann gan mhoill, mar is fiú dhuit a
dhéanamh. Is minic do smaoitigh mé féin ar
tamall do chaitheamh ann, mar do ghabh mé
tríthe cúpla uair ag rothaireacht agus thaithnigh
a bhfacas agus a gcualas comh maith sin liom
gur cheapas i m'aigneadh gan samhradh eile
do leigint tharm nach gcaithfeadh mé tamall
beag de, ar a laighead, ins an nGaedhealtacht.
Ar an ádhbhar sin, lá breagh samhraidh i
meadhon Iúil, d'fhág mé Doire ag tabhairt
m'aghaidh ar Chloich-chin n-fhaolaigh.



Trí bliadhain ó shoin, ní raibh aon iomrádh
le cloisint ar an áit seo. Níl mé féin 'mo
chomhnuidhe i bhfad uaithe, acht mar sin féin,
níor chuala mé focal fá dtaobh di go dtí
gur cuireadh an Coláiste Gaedhealach ar bun
ann! I n-a dhiaidh sin, thosuigh daoine ag
cainnt fá dtaobh di, agus leathnuigh a meas
agus a clú ar fuaid na tíre. Bá é "Dáil
Uladh" do thogh an áit seo i gcóir an
choláiste, acht ní hí sin an chéad áit bhí i
n-aigneadh lucht na Dála. Bhí Bunbeag
toghtha aca ar dtús mar áit oireamhnaigh.
Baile beag cois na fairrge is eadh Bunbeag.
Acht níor éirigh leo an cor sin, mar bhí rian
na Sasanach ann. Ní raibh aon teach oireamh-
nach i mBunbeag le haghaidh an choláiste acht
amháin teach na cúirte. An tighearna
talmhan ar leis an teach seo, ba oifigeach
airm é, agus nuair d'iarr na Gaedhilgeoirí
air an teach do thabhairt ar iasacht dóibh, ba
dhóigh leat gurbh' é a shrón féin bhí uatha.
"Go bhfóiridh Dia orainn," ar seisean leis
féin. "An dóigh leo go gcabhróchaidh mise
leo 'n-a bhfeill-bheartaibh; go deimhin, ní
chabhróchaidh. Imthighidh libh anois, a chladhairí,
agus ná tagaidh annseo arís." Mheas an
t-oifigeach go raibh buaidhte aige ar lucht na
Gaedhilge, agus bhí lúthgháir mhór air; acht is
deacair na Gaedhilgeoirí do chur ar teicheadh,
agus sa chás seo, thug siad aghaidh ar áit eile
B'é an áit seo Cloch-chinn-fhaolaigh.



An lá d' fhágas Doire, ba é an chéad
lá breagh bhí ann le fada, agus b'fhuirist é
sin d'aithint ó'n tír féin. D'éis na fearthainne
bhí an sgrios ar gach ní, nach mór. Bhí
comhartha na haicíde ar na prátaíbh. Bhí na
portaigh uilig fá uisge, agus srutháin bheaga
ag rith le fánaidh síos na sléibhte agus na
bóithre. Tháinig scata daoine isteach ag
port éigin, agus thosuigh siad ag caint le n-a
chéile as Gaedhilg. Ba bhinn liom a gcloisint.
Chuir mé cluas orm féin agus fá dheireadh
labhair mé leo. Tháinig iongantas mór ortha.
Daoine ag teacht ó Thobar an Dúin do b'eadh
iad. Tobar naomhtha is eadh é sin nach bhfuil
i bhfad ó Leitir Ceannain. Do-ghní siad
tu ras ann gach bliadhain i rith an tsamhraidh.
Ar lá fhéile Mhuire a théid siad ann go
coitcheannta. Is iomdha duine fuair leigheas
ann. Beireann siad buidéil leo. Líonann
siad na buidéil le huisge an tobair, agus
cuireann siad féar i mbéal an bhuidéal mar
chorc. Ní dhéanfadh aon rud eile an gnó.
Bhí seanchas breagh Gaedhilge againn go dtí
gur scaras leo ag Caiseal na gCorr.



Is é Caiseal na gCorr an port is giorra
do'n choláiste, agus áit uaigneach atá ann i
ndáríribh. Níl teach le feiceál ar aon
taobh. Éirgheann Airgeal go mórdhálach
ós a chionn. Is cosmhail le cruaich mhóna é,
agus is annamh nach mbíonn sgamall ar a
bhárr agus sneachta fósta. Ba dhóigh le
duine gur sliabh teineadh bhí ann san am fad
ó, tá sé comh lom sin gan fiú ribín féir ag
fás ar a thaobh. Is é an sliabh is aoirde sa
chonndae é. "Cill bheag" an chiall atá le
n-a ainm. Bhí trucaillí ag fanacht orainn
ag an bport, agus Gaedhilg dá spreagadh
ar gach taobh ag na tiomáinidhthibh. Go dearbhtha,
bhí sinn i measg na Gaedhealtachta fá
dheireadh.



Tá an Ghaedhilg ag gach aon duine atá sa
dúithche seo, cibé aca beag nó mór, óg nó
aosta é, agus rud níos fearr ná sin, tá
dúil mhór aca san teangaidh. Tá Béarla
maith ag cuid mhór aca, acht mar sin féin, ní
labhrann siad acht an Ghaedhilg eatorra féin.
Ar dtús ba chúis gháire dhóibh na daoine
iasachta léigheannta d'fheicsin ag teacht chuca
féin chum na teangadh a bhí aca ó'n gcliabhán
d'fhoghluim. Nuair thuig siad an obair i
gceart, thug siad congnamh do na scoláiríbh
ins gach ní comh maith is do b'fhéidir leo.


L. 47


Acht, fáiríor! má's Gaedhealach an áit é,
is bocht é fósta. Ní fhaca mé i n-aon áit
eile i nÉirinn talamh comh bocht sin. Chuir-
feadh sé iongantas agus brón ar do
chroidhe - na cnuic loma gan crann ná féar
ag fás ortha, acht iad ag éirghe go díreach:



Ag bagairt a gcinn tar dhruim a chéile.



San am chéadna, tá eibhear 1 go leor ann.
Níl ó na daoinibh acht coiréal do chur ar bun
agus do shaothrughadh chum go mbéadh obair i
gcóir gach fir sa pharóiste agus i bparóistíbh
eile comh maith. Le heasbaidh oibre théid na
hógánaigh i scaiftíbh anonn go hAlbain agus
go Sasana gach bliadhain mar spailpíní
fánacha. An fhaid agus bhíonn siad as baile
saothruigheann na mná na páirceanna, agus
nuair thig na buachaillí thar ais arís bíonn
gach ní réidh 'n-a gcóir. Níl rud ar bith le
déanamh aca acht a sgíth do leigint, agus níl
aon bhaoghal nach ndéanann siad amhlaidh.



Scuabann an t-imirce cuid mhór eile de
na daoinibh óga, agus go speisialta de na
cailíníbh. Níl 'fhios agam goidé an fáth, acht
tá dúil nimhneach aca san tír thall. Tá
eolas agam ar dhuine bhí toilteanach rud
éigin do dhéanamh ar son aon chailín ar mhaith
leithe teacht chuice agus céard d' fhoghluim.
Rinne an sagart a dhícheall; d'iarr sé ar a
lán aca dul chum an duine seo, acht b'fhearr
leo uilig seoladh thar lear go dtí an
t-Uileán Úr. Anois agus arís, thig duine
éigin ar ais ó Ameriocá chum comhnuidhthe
'n-a áit dúthchais. Sin rud a rinne ceann
de na feirmeoiríbh is saidhbhre dá bhfuil
ann anois. Chaith sé ocht mbliadhna déag
thall. Nuair bhí cnuasach beag airgid aige,
tháinig sé ar ais agus cheannuigh sé teach
mór. Tá an saoghal ag éirghe go geal leis
anois, ní nach iongnadh, agus ó nár chaill
sé snas a chud Gaedhilge, labhrann sé go
cruinn beacht anois í. Dubhairt sé liom
gurab iomdha seanchas Gaedhilge do bhí aige
san Domhan Thiar.



Dia Domhnaigh thug mé m'aghaidh ar an
teampall beag ag Gort-a-choirce. Ba dheas
an radharc é, na daoine ag bailiughadh
isteach ó gach áird de'n dúithche. Chuir sé
i gcuimhne dham an t-amhrán binn sin do chum
Tadhg Ua Súilleabháin:



Bhí siad 'n-a seasamh taobh amuigh ar feadh
tamaill, dream fear annseo ag cur cúrsaí
na talmhan trí n-a chéile, dream ban ann-
siúd ag comhrádh le n-a chéile, ar imtheachtaibh
na comharsanachta ó chasadh ar a chéile iad
seachtmhain roimhe sin. D'éis tamaill buail-
tear an clog agus théid siad uilig isteach.
Deir an sagart na paidreaca roimh Aifreann
as Gaedhilg. Déanann sé seanmóir Gaedhilge
agus innseann sé na fógraí dhóibh as
Gaedhilg. Taobh amuigh de chorp an Aifrinn,
labhrann sé gach focal i nGaedhilg. Tar éis
an Aifrinn théid na daoine isteach i roilig
bhig 'n-a bhfuil a sinnsear agus a ngaolta
curtha fá'n bhfód. Sul má dtí i bhfad cloisim
an caoineadh ag éirghe san aer. 'Tchím na
mná sínte ar na huaighibh agus iad ag
glaodhach ar na mairbh. Chuaidh an caoineadh
sin trém' chroidhe, agus is minic bhíos sé
im' chluasaibh fós.



Ba mhaith liom trácht annseo ar go leor
rudaí eile chasadh orm san nGaedhealtacht,
acht is mithid dam stad. B'fhéidir go scríobh-
fainn cunntas eile uirthe san am atá
le teacht.



Gort an Choirce


L. 54


Sean-Sgéal 1



Gaedhilg shimplidhe le haghaidh an aosa óig.



Bhí rí ann am amháin, agus bhí trí mac aige,
agus ba mhaith leis an ríoghacht a bhí aige a
thabhairt do'n mhac a b'fhearr a shílfeadh sé a
bhéadh 'n-a chionn dó. Bhí fear aige, a dtabh-
radh siad an Sean-dall 2 air, le comhairle a
thabhairt air, agus sgairt an rí air lá amháin
a theacht isteach go dtabharfadh sé comhairle dó
le goidé mar a b'fhearr a gheobhadh sé amach
cé aca do'n triúr mac a b'fhearr bhéadh 'n-a
chionn dó. D'iarr an Sean-dall air a dhul
a luighe, agus cur i gcéill go rabh an bás air,
agus é 'sgairtigh ar an triúr mac chun an
tseomra, an áit 'n-a rabh sé 'n-a luighe, é
'ráidhtigh leobhtha go rabh an bás air. Rinn
sé sin, agus thainic an triúr mac chun an
tseomra, an áit 'n-a rabh sé 'n-a luighe, agus
d'fhiafruigh siad dó goidé bhí air. Dubhairt
sé leobhtha gur shíl sé go rabh an bás air.
D'fhiafruigh siad dó an rabh fhios aige rud ar
bith a dheánfadh maith dó. Dubhairt sé nach
rabh fhios aige rud ar bith a dheánfadh maith
dó acht luibh a bhí ag fás i ngarradh Ríogh an
Domhain Thoir, agus dá bhfuigheadh sé an luibh
sin, go bhfuigheadh sé biseach. Dubhairt ghach
a'n dhuine do'n triúr mac go rachadh siad ar
siubhal go garradh Ríogh an Domhain Thoir,
agus dá mba rud go dtiocfadh 3 'fhágháil, go
bhfuigheadh siad é dó.



Ar maidin 4 rinn an triúr réidh, agus shiubhal
siad leobhtha go dtainic siad fad le trí
crois-bhealaigh, agus chuaidh ghach a'n dhuine
aca bealach dóbhtha fhéin. Bhí siad le
bheith ag na trí crois-bhealaigh bliadhain
ó'n lá sin. An mac a b'óige, shiubhal sé leis
go dteacha sé fad leis an áit a rabh aige dul
síos faoi an talamh. Nuair chuaidh sé síos,
bhí bealach mór síos a bhí maith. Shiubhal sé
fiche míle i ndiaidh a dhul síos sul ar casadh
a'n teach dó. Thainic an oidhche air nuair a
bhí sé fad leis an teach. Chuaidh sé chun an
dorais agus d'iarr sé lóistin go maidin.



D'iarr fear an toighe air a theacht isteach
agus go bhfuigheadh sé sin, agus nuair a bhí
siad 'n-a suidhe cois na teine ag caint, deir
fear an toighe leis: "Is cosmhail duit-se
gur tógadh thu go han-mhaith in do shaoghal."



"Tógadh, muise," deir sé. "Mac ríogh
at' ionnam," ag innse dó c'an áit a rabh sé
ag dul.



Deir fear an toighe leis: "Tá tú fada
go leor, ná chan fhuair a'n fhear ariamh go
fóill isteach i ngarradh Ríogh an Domhain
Thoir."



"Is cuma liom" adeir mac an ríogh:
"dheánfaidh mé mo dhícheallt, agus má
sháruigheann sé mé, níl agam acht pilleadh."



"Bhal," adeir fear an toighe leis, "tá
dearbhráthair agam-sa 'n-a chomhnuidhe fiche
míle as seo, agus tiocfaidh leis-sean níos
mó a innse duit ná thig liom-sa."



B'fhíor é.



Ar maidin lá ar n-a bhárach, shiubhal sé leis
fiche míle sul ar casadh a'n teach dó.
Thainic an oidhche air, agus chuaidh sé isteach i
dtoigh' dearbhráthar an fhir a rabh 5 sé ar
lóistin aige oidhche roimhe sin, agus d'iarr sé
lóistin. Dubhairt fear an toighe sin go
bhfuigheadh sé lóistin go maidin.



Bhí siad 'n-a suidhe cois na teine ag caint.
Deir fear an toighe le mac an ríogh: "Is
cosmhail duit-se gur tógadh thu go maith in
do shaoghal."



"Muise, tógadh," deir mac an ríogh, ag
innse dó gur mac ríogh bhí ionn, agus ag
innse dó c'an áit a rabh sé ag dul, agus olc
is mar a thug an chéad fhear a rabh sé ar
lóisdin aige, thug an darna fear uchtach 6 dó
trí huaire comh holc is thug an chéad fhear.
Dubhairt sé leis go rabh sé comh maith aige
pilleadh chun an bhaile ar ais, foir 7 nach
bhfuair a'n fhear isteach i ngarradh Ríogh an
Domhain Thoir leis an luibh sin a bhaint.



"Is cuma liom" deir mac an ríogh; cha
phillim 8 go ndeánfaidh mé mo dícheallt."



"Bhal," deir an fear seo leis a rabh sé ar
lóistin aige, "tá deirbhshiúr agam-sa 'n-a
comhnuidhe fiche míle as seo, agus cha casthar
a'n teach duit go dtéid tu fad le teach mo
dheirbhsheathar, agus tá sise 'n-a comhnuidhe
níos deise do chaisleán Ríogh an Domhain
Thoir, agus thig leithe níos mó 'innse duit ná
thig liom-sa.



B'fhíor é.



Ar maidin lá ar n-a bhárach, shiubhal sé leis na


L. 55


fiche míle go dtainic sé fad le teach
deirbhsheathar an fhir a rabh sé ar lóistin aige
an oidhche roimhe. Chuaidh sé isteach agus
d'iarr sé lóistin uaithe go maidin. Dubhairt
sí go dtabharfadh sí sin dó.



Nuair a bhí siad 'n-a suidhe ag cos na
teine ag caint, dubhairt an bhean sin leis
gur cosmhail dó gur tógadh é go han-mhaith
'n-a shaoghal.



"Muise, tógadh mé" deir sé, "go maith
in mo shaoghal," deir sé, ag innse duithe gur
mac ríogh bhí ionn, agus ag innse duithe c'an
áit a rabh sé ag dul.



"Ó, bhal," adeir sise leis, "pill chun an
bhaile, foir can fhuair a'n fhear ariamh go
fóill isteach go garradh Ríogh an Domhain
Thoir leis an luibh a bhaint. Chan fhuil bealach
ar bith le fágháilt isteach chun an gharraidh.
Caithfidh tu dhul isteach go caisleán an ríogh,
agus tá casán fríd chaisleán an ríogh a
bheirfeas tu isteach chun an gharraidh, agus tá
an rí a-fhéin ghach a'n lá agus gunna lódáilte
aige istigh ina 9 seomra ag coimhéad ar eagla
go bhfuigheadh a'n dhuine isteach chun an
gharraidh leis an luibh a bhaint."



"Is cuma liom," adeir mac an ríogh;
"nuair thainic mé an fad seo, fiafróchaidh
mé leis."



"Bhal," adeir an bhean seo leis, "níl a'n
teach anois idir mo theach-sa agus caisleán
an ríogh, agus béidh agat le siubhal fiche míle,
agus casfar fairrge ort. Bheirfidh mise
gearrán bán at' agam duit le thu thabhairt
na fiche míle.



B'fhíor é.



Ar maidin lá ar na bhárach, fuair sé an
gearrán bán agus chuaidh sé a mharcaidheacht 10
ar an ghearrán bán agus shiubhal sé leis.
Nuair a chuaidh sé féin agus an gearrán bán
píosa, bhí an gearrán bán fíor-fhallsa, agus
cha rabh sé ag siubhal dó. Bhuail sé buile
ar an ghearrán bán. Deir an gearrán bán
leis:-



"Chan fhuil maith duit a bheith 'mo bhualadh-
sa ná cha thig liom-sa 'dhath 11 a mhaith a dheánadh
duit," dubhairt an sean-ghearrán bán, "acht
tá capall beag in san stábla ag mo
mhaighistreas, agus dá bhfuightheá an capall
beag, dheánfadh sise maith innteach duit. Tá
sé comh maith agat pilleadh agus mise a
fhágáilt 'do dhiaidh. Béidh mo mhaighistreas-sa
doicheallach an capall beag a thabhairt
duit, agus ná corruigh thusa go bhfuighidh tu
an capall beag."



B'fhíor é.



Phill sé, é féin agus an sean-ghearrán
bán.



"Goidé phill tú?" deir maighistreas an
tsean-ghearráin bháin leis.



"Ó, tá," deir sé, "cha deán 12 an sean-
ghearrán bán a dhath a mhaith damh, acht," deir
sé, "tá capall beag ins an stábla, agus
má bheir tu damh í, dheánfaidh sise maith
damh."



"Ó," deir sise, "chan fhoghann tu an
capall beag ar chor ar bith."



"Ó," deir sé, "caithfidh tu an capall beag
a thabhairt damh.



"Bhal," deir sí, "b'fhéidir go mbéadh sé
comh maith agam an capall beag a thabhairt
duit."



Fuair sé an capall beag, agus chuaidh sé
a mharcaidheacht ar an chapall beag, agus
shiubhal sé leis fiche míle go dtainic sé fad
le fairrge.



"'Nois" adeir an capall beag leis, "tá
naoi míle do fhairrge annseo," adeir sí,
"agus tá agam le dhul trasna, agus má
choinn'eann tusa mo dhruim-sa, léimfidh mise
trasna."



Dubhairt sé go ndeánfadh sé sin.



D'éirigh an capall beag i n'áirde, agus
léim sí trasna thar na naoi míle do fhairrge.



"'Nois," adeir an capall beag leis, "tá
againn le dhul thar naoi míle do theine, agus
má choinn'eann tusa mo dhruim-sa, léimfidh
mise trasna."



"Dubhairt sé go ndeánfadh sé sin.



D'éirigh an capall beag i n'áirde, agus
léim sí trasna thar na naoi míle do theine.



"'Nois," adeir an capall beag leis, "tá
againn le dhul thar naoi míle do ghárdaí
saighdiuirí atá ag an rígh; má choinn'eann
tusa mo dhruim-sa, léimfidh mise trasna na
naoi míle do ghárdaí saighdiuirí.



Dubhairt seisean go gcoinneochadh.



D'éirigh an capall beag i n-áirde, agus
léim sí trasna na naoi míle do ghárdaíbh
saighdiuirí.



"'Nois," adeir an capall bán, "cha
deanaim-sa 'dhath a mhaith duit níos mó, acht
fanfaidh mé annseo trí huaire ag feitheadh
leat."



B'fhíor é.



Shiubhal mac an ríogh leis go dteacha sé


L. 56


fad le caisleán Ríogh an Domhain Thoir.
Chuaidh sé isteach agus bhí seomra ar gach
taobh de'n chasán bhí ag dul fríd an chaisleán.
Bhí an rí é féin istoigh i bhfear 13 de na seomra
seo, agus gunna lódáilte aige 'n-a luighe ar
thábla, agus é 'n-a chodladh. Shiubhal mac an
ríogh leis go dteacha sé isteach chun an
gharraidh, agus bhain sé lán pocáin 14 de'n
luibh. Phill sé ar ais isteach go caisleán
an ríogh, agus 'réir mar bhí sé 'siubhal fríd
an chaisleán, bhí sé ag amharc isteach in ghach
a'n seomra. Bhí nighean an ríogh istoigh i
bhfear de na seomra sin, agus í 'glacaint a
dinnéar. D'amharc seisean isteach. D'iarr
sí air a dhul isteach. Chuaidh, agus thuit sise
i ngrádh leis agus bhí sí ag iarraidh air
fanacht aici. Dubhairt seisean nach bhfanfadh,
go rachadh sé chun an bhaile leis an luibh 'uig
a athair. "Acht seo fáinne óir," adeir sé,
"at' orm, agus bheirfidh mé duit é, agus
mur' rabh mise ar ais roimhe bhliadhain, thig
leat-sa tharraingt orm-sa 15, agus tá m'ainm
ar an fháinne, agus mur' rabh mise beo nuair
rachas tú fad liom, thig leat an fáinne
thabhairt do mo athair."



Shiubhal seisean leis go dtainic sé fad
leis an chapall beag, agus chuaidh sé
'mharcaidheacht ar an chapall beag, agus léim
an capall beag thar ghach a'n chontabhairt go
dtainic sé féin agus an capall beag fad
leis an bhean a thug an capall beag dó.
Shiubhal sé leis annsin chun an bhaile ag
tarraingt ar toigh a athar go dtainic sé fad
leis na trí crois-bhealaigh ar fhág 16 an dá
dhearbhráthair eile é. Bhí an dá dearbhráthair
eile 'n-a suidhe ag na croisbhealaigh ag
feitheadh air.



Nuair thainic sé fad leobhtha chuir siad
fáilte mhór roimhe. D'iarr siad air suidhe
agus a sgíste dheánadh. Shuidh seisean ag
deánadh a sgíste agus cha rabh sé i bhfad 'n-a
shuidhe nuair thuit sé 'n-a chodladh, agus nuair
a fuair na dá dhearbhráthair eile 'n-a
chodladh é, thóg siad an pocán luibh, agus
shiubhal siad chun an bhaile 'uig a n-athair, agus
thug siad dó an pocán luibh, agus d'innis siad
do'n athair gur iad fhéin a fuair an luibh.



Nuair a mhusgail seisean d'éirigh sé agus
d'amharc sé ghach a'n taobh de, agus bhí na dá
dhearbhráthair ar shiubhal a bhaile leis an luibh.
Shiubhal sé leis chun an bhaile comh athchomair 17
is thiocfadh leis, agus d'innis do'n athair gur
eisean a fuair an luibh. Cha chreidfeadh an
t-athair é. Dubhairt an t-athair leis go
gcaithfeadh sé siubhal leis i mbéal a chinn. 18
Bhí sé ag siubhal leis ghach a'n áit agus cha
leigfeadh an rí dó theacht dhá chomhair 19.



Bliadhain ó'n lá sin, bhí an rí thuas ar lofta
an chaisleáin agus chonnaic sé an cailín ag
teacht chuige ba bhreaghtha chonnaic sé ariamh.
Rith sé go dteacha sé fad le doras an
chaisleáin, agus sheas sé go dtainic an
cailín breagh seo fad leis. D'fhiafruigh sé di
cárb as í ná goidé thug an bealach seo í.
D'innis sí dó gur nighean Ríogh an Domhain
Thoir a bhí innte, agus go rabh sí ag teacht a
chuartughadh an mhic a b'óige a bhí aige-san,
foir gur gheall sé go bhpósfadh sé í an lá bhí
sé i ngarradh a hathar-san 'choinne na luibh,
"agus seo fáinne óir a thug sé damh," deir
sí, "agus mur' gcreididh tu mé, tá a ainm
ar an fháinne;" agus shín sí an fáinne óir
chuige.



Chreid an rí í agus chuir sé ar siubhal
'choinne an mhic a b'óige. Pósadh an mac a
b'óige agus nighean Ríogh an Domhain Thoir ar
a chéile. Thug an rí an dúithche a bhí aige-san
do'n mhac a b'óige agus do nighin Ríogh an
Domhain Thoir. Chuir sé an mac is sine agus
an darna mac ar siubhal agus cha dtug sé
'dhath dóbhtha.



S. UA D. do sholáthruigh.



1 Fuair mé an sgéal seo ó Mhícheál Ua Dubhchon. Tá
seisean i n-a chomhnuidhe i mBun-na-dtrí-sruthán i
nGleann-bháirr i bhfogus do Leitirceannain i gCon-
dae Dún na nGall. - S. ua D. 2 Seer, wizard.



3 Thig liom (or damh) a fhágháil, I can get it; thig a
fhágháil, it can be got



4 "An maidin" dubhairt an sgéalaidhe



5 "Bhí" adubhairt an sgéalaidhe 6 .i. misneach



7 Vide foclóir: "óir"



8 .i. ní fhillfead



9 I n-ionad "i"; cf, Sgéalaidhe Óirghiall, l. 139



10 Pron. mharcacht



11 .i. a dhath de mhaith, its colour of good, a bit of good



12 .i. ní dhéanfaidh; cf. cha dean Sc. Gaelic



13 i. ceann de na seomraíbh 14 .i. mála



15 .i. teacht chugam 19 "A d'fhág" adubhairt an sg.



17 .i. tapaidh 18 .i. a chosa is a lámha faoi



19 .i. i n'aice


L. 65


Dán Diadha 1



Mo Dhia, mo shólás, mo bheatha, mo bhrígh, mo luthgháir, mo lón fós,
Agus tabhair damh smaoitiughadh oidhche agus lá ort-sa, a Dhia gach sólás.
Méaduigh mo ghrádh, m' osnadh agus mo bhrón, agus fosgail mo bhéal chun ráidhte,
Agus tabhair damh smaoitiughadh go cinnte gnáthach ar Íosa, Muire agus Iósap.



Sgrios uaim mo choirthe; Ó, mo Dhia mhilis, ná diúltuigh mé,
Agus tabhair damh smaoitiughadh go síorraidhe ar Íosa Críost a céasadh.
I ngrádh agus i n-onóir do naomh-pháise, pronn orainn na tiodhlaicthe neamhdha seo,
Agus tabhair dúinn smaoitiughadh go cinnte gnáthach ar Íosa, Muire agus Iósap.



Glóir do Dhia an t-Athair go síorraidhe, is ort atáim ag iarraidh párdúin,
Agus do'n Mhac a fuair bás is dóirt a chuid fola go humhal,
Agus do'n Spiorad Naomhtha go léir 'n-a dtrí, dóirt orainn anuas do ghrásta,
Agus tabhair dúinn smaoitiughadh go minic ar Íosa, Muire agus Iósap.



A Naomh-chros Íosa Críost, Ó, mo Thighearna is m'áird-dídean,
Mo ghárda buan oidhche agus lá, gidh gur minic do thuill mé do dhíombuadh, 2
Ó, mo Dhia, tabhair damh as so suas gach ní mar a theasbhánann 3 tú dúinne,
Agus mar ghrádh ort mo chros d'iomchar 'do dhiaidh, 'Íosa, Muire agus Iósap.



'Athair na bhflaitheas, Ó, a Rí na Ríogh, go n-onóruighidh an saoghal go léir thú -
Do'n Mhac agus do'n Spiorad Naomh onóir, glóir agus cómhacht -
Go moltar thú le céim is cliú agus le gach críostaidhe eolach,
Agus gur ab é ár gceol oidhche agus lá, Íosa, Muire agus Iósap.



Go mbeannuighthear thú, a Thighearna Dia, Ó, 'Rí na Glóire síorraidhe,
Agus na hanmanna truaighe atá i bpéin, deonuigh ar a saoradh;
Sgaoil na glaisa cheanglas iad, agus le do thrócaire, a Thighearna, fuasgail,
Agus go raibh a sólás go síorraidhe i n-Íosa, Muire agus Iósap.



Agruighim 4 thú, a Mhaighdean Mhuire - is mise an peacach deorach -
Do bheannacht-sa agus do Mhic 5 araon le mo choirthe uilig do chóiriughadh.
Ó, a charaid na bhfeart, éighmhim 6 leat leis na hainmneacha go cinnte 'mheabhrughadh,
Agus go ndéanaid sgíste i lár mo chroidhe, Íosa, Muire agus Iósap.



A Athair na bhfeart, tabhair damh-sa neart agus stiúruigh m' uile ghníomhartha,
In do chréachta slánuighthe foluigh mé, bhí ag dórtadh fola le mo shaoradh.
A charaid na bhfeart éighmhim leat leis na hainmneacha go cinnte 'mheabhrughadh,
Agus stiúruigh mé ar uair mo bháis, Íosa, Muire agus Iósap.



T.Ó.B. do sholáthruigh



1 Tá an bhean d'aithris an dán seo damh i n-a comhnuidhe i gCloich-chinn-fhaolaigh i bhfogus do'n
Choláiste. Neillí Ní Choluim is annm duithi. Dubhairt sí gur bh'é San Alfons Ligóri do chum é
agus gur bh'uncal duithi féin d'aistrigh go Gaedhilg é.



2 fearg, mallacht.



3 pron. theasanann



4 I beseech



5 .i. do bheannacht-sa agus beannacht do Mhic.



6. pron. éifim


L. 66


An Creideamh agus an Ghaedhealg



Tagraim libh, a Chlann Éibhir,
Leath bhur lúith nach lán-léir libh;
Méala dhaoibh thar aoin eile
Ag dul d'éag do'n Ghaoidhilg.



- Mícheál óg Ua Longáin.



Thárla comhrádh idir triúr mac léighinn san
choláiste seo tamall goirid ó shin. Is é ní
ba bhun-ádhbhar do'n chaint: An Creideamh
agus an Ghaedhealg. Do bhí go leor rudaí
le rádh ag beirt aca, acht an tríomhadh duine,
níor tháinig leis focal do rádh; níor leigeadh
dó. Duine is eadh é nach féidir leis ceist ar
bith do phléidhe gan teacht ar a bun-fhréimh
agus ar a bunadhas, agus, ar ndóigh, do bhí
gach aon cheart ag an bheirt gan cead a chinn
do thabhairt dó agus é ag tosughadh ag a
mbodhradh le sgéaltaibh agus le heachtraidhibh
do thuit amach ní fios cá fad ó shin. Acht
tá dubh agus páipéar go fairsing i n-a
thimcheall anois; níl bac ná cur isteach dá
chur ag éinneach air; rachaidh sé siar ar stáir
na hÉireann, agus an duine nach bhfuil sásta
ar dhul siar i n-éindigh leis, fanadh sé mar a
bhfuil aige ins an aimsir seo.



(A) Sean-scoltacha na hÉireann



Measaim nach raibh riamh san domhan
cineadh comh clúmhail i gcúrsaíbh léighinn agus
eolais agus do bhí cineadh na hÉireann
tráth. Tamall goirid tar éis bás d'fhagháil
do Phádraig do cuireadh ar bun an chéad
sgoil de na sgoltachaibh ba mhó clú agus
do b'aoirde cáil dá raibh riamh i dtír
ar bith. As an chreideamh d'fhás na sgoltacha
sin. Manaigh naomhtha do bhí ins na daoinibh
do chuir ar bun iad. Fíor-spioraid an chrei-
dimh agus na naomhthachta do bhrosluigh iad
chum na deagh-oibre seo. Do chruinnigh siad
a gcuid deisgiobal i gceann a chéile i n-áit-
eachaibh uaigneacha iargculta i n-a raibh an
talamh bocht neamh-thorthamhail. Do shaothruigh
siad an talamh. Do sholáthair siad biadh
agus beatha dhóibh féin agus do bhochtaibh Dé
de bhárr a gcuid saothair. Ní thug siad
faillighe san léigheann ná i n-obair sgolaidh-
eachta acht oiread. Do chuir siad eolas ar
an Sgrioptúir naomhtha. D'fhoghluim siad na
sean-teangthacha, an Laidean, an Ghréigis,
agus níor shos do'n Eabhrais féin é. Do
bhain an obair sin uile leis an chreideamh;
acht do rinne siad aon ní amháin eile thuilleas
ár meas agus ár mbuidheachas comh maith
céadna .i. an Ghaedhealg do shaothrughadh.



Leis na céadtaibh bliadhan do chleacht na
Gaedhil sgéalaidheacht agus seoirt eile litri-
dheachta, acht níor chleacht siad sgríobhnóireacht
le linn ré na págántachta. I dtosach ré na
críostaidheachta, rinne na manaigh atharach
mór ar an sgéal. D' fhoghluim siad sgríobh-
nóireacht ó na daoinibh tháinig ó'n Róimh a
ndeas, agus annsin thosuigh siad ag a múineadh
do na hÉireannchaibh. Do sholáthair siad an
dubh agus an meamram - bhí siad sin an-
daor an uair úd - agus do chuir siad síos
ar an meamram na sgéalta agus gach seort
eile litridheachta do bhíodh na seanchaidhthe do
chleachtadh leis na ciantaibh. Do lean na
manaigh ar an saothrughadh sin na Gaedhilge
an fhaid is do mhair na sgoltacha. Níl toradh
a gcuid saothair go hiomlán againn anois.
Leabhar mór a dtugtar "Leabhar na hUidhre"
air, do cuireadh le chéile i gCluain-mhic-
Nóis é i dtimcheall tosach na dara haoise
déag. Tá sé sin againn fós - nó cuid de
ba chirte dham do rádh - agus mór-chuid de
na leabhraibh do sgríobhadh ó'n uair sin anuas;
acht is beag rud dár sgríobhadh roimh an am
sin nár cailleadh ó shin ar dóigh éigin, le teinidh,
nó le faobhar, nó le huisge.



Mar sin féin, tá rian na sgoltach Éirean-
nach go soiléir le feicsin ar an Móir-thír go
fóill. Ó'n séamhadh aois go dtí an dara
aois déag d'imthigheadh mórán manach as an
tír seo leis an creideamh do chraobhsgaoileadh
agus le múineadh do dhéanamh ar fud na
hEorpa. Do theagasgadh siad gach uile sheort
léighinn. Is tríd an Ghaedhilg do-ghníthí an
teagasg!! Ní haon bhréag ná magadh é.
I n-a lán de na cathrachaibh móra ar an Móir-
thír ta sean-láimhsgríbhne tháinig anuas ó
aimsir na sgoltach Éireannach úd - mac-
samhla den Tiomna Nua agus de'n Sean-
tiomna agus de sgríbhnibh na n-úghdar. Dá
bhféachadh duine ortha seo, 'tchífeadh sé giotaí
beaga Gaedhilge annseo agus annsiúd
ionnta. Gluaiseanna iad sin do sgríobh na


L. 67


hoidí múinte le brígh na bhfocal Laidne do
chur i dtuigsin dá gcuid sgoláire. Do
bailigheadh i gceann a chéile gach aon ghiota
de na giotaíbh Gaedhilge sin. Do tugadh
amach i leabhar iad le goirid, i dtreo gur
féidir duit i ad do léigheadh má thuigeann tú
an chaint atá ionnta. Acht, cibé aca thuig-
eann nó nach dtuigeann tú í, cruthuigheann
siad go glan go ndearnaidh na manaigh feidhm
de'n Ghaedhilg ar an dóigh adeirim, agus go
raibh baint an-dlúith ag an Ghaedhilg le
soisgéalughadh an chreidimh le linn aois an
ain-eolais agus an dorchadais.



(B) Na Leabhair Chló-bhuailte



Do cuireadh deireadh le réim na sgoltach?
agus do cuireadh deireadh le rudaí nár bh'
iad. Do chuaidh cumhacht na nGaedheal féin
ar gcúl i ndeireadh na séamhadh aoise déag
le linn Éilís bheith i n-a bainríoghain ar
Shasana. Tugadh steall as bhuidéal nimhe d'
Ua Domhnaill; síothcháin, sógh ná suaimhneas
ní fhuair Ua Néill nó go mb' éigin do imirce
do dhéanamh thar sáile anonn. Do bhí gach aon
ní réidh annsin le sean-chreideamh ársa na
nGaedheal do chur fá chois. Éinneach nár
mhaith leis an creideamh Gallda do ghlacadh,
do chaith sé a fhearann dúthchais do thréigean;
dá ndiúltadh sé, do ropadh claidheamh thríd
a chroidhe. Do thréig muintir na hÉireann
saidhbhreas agus iol-mhaitheas an tsaoghail.
Do ghabh an Sasanach lán-ghreim ortha. Do
dhíol sé asta leis an Bhíobla Gaedhilge! Do
scaip sé na leabhair i n-aisge i measg na
ndaoine bocht; - acht do cuireadh isteach go
tobann ar a chuid cleas.



Ins an bhliadhain 1606 do mhol an t-Athair
Flaithrí Ua Maoilconaire, sagart Connachtach,
do'n treas Pilib, Rí na Spáinne, coláiste
do chur ar bun i Lobhán fá choinne Úird San
Phroinséis. Do hosgladh an coláiste trí
bliadhna i n-a dhiaidh sin. Do cuireadh ar bun
é leis an creideamh do chur chum tosaigh
i n-Éirinn. Do thuig na sagairt Éireannacha
do bhí ann goidé an cleas do bhí an Sasanach
mór-chroidheach d'imirt san mbaile. Do bhí a
fhios aca goidé an bealach a raibh sé ag iarr-
aidh an creideamh Catoiliceach do lot agus
do mhilleadh. Ar an ádhbhar sin, do sholáthair
siad gléas cló-bhuailte. Do rinneadh cló
Gaedhealach dóibh san bhliadhain 1611. Do
thosuigh siad ag tabhairt amach leabhar
Gaedhilge. Tasbáineann sean-chunntas
Laidne 'tuige a ndearnadh sin. "Níor
bh'fhéidir le Catoilicighibh Ríoghachta na
hÉireann an ní céadna seo do dhéanamh, de
bhrígh go raibh siad fá dhaor-smacht ag na
heiricidhibh. Do cuireadh i gcló an uair
sin cuid mhaith de leabhraibh Gaedhilge, do
rinne maitheas mór d' anmannaibh na gcreid-
mheach." Do tugadh amach, "Teagasg
Críostaidhe Uí hEoghusa," san bhliadhain 1618.
Do cló-bhuaileadh "Scáthán na hAithrighe"
(Aodh Mac Cathmhaoil) an bhliadhain chéadna.
Níor cuireadh críoch leis an obair mhaith seo
go ceann i bhfad. Ar na leabhraibh tháinig
ó'n choláiste chéadna tá siad seo leanas:-
"Scáthán an Chrábhaidh" (Flaithrí Ua Maoil-
conaire), "Párrthas an Anma" (Antoine
Gearnóin) agus "Lóchrann na gCreidmheach"
(Proinsias Ua Maolmhuaidh).



Muna gcuimhnigheann sinn ar ar ghabh na
Gaedhil tríd ar feadh na seachtmadh aoise
déag agus na hochtmhadh aoise déag, ní
féidir linn a mheas i gceart a fheabhas do
choimhéad na leabhair seo fíor-spioraid an
chreidimh i gcroidhe na ndaoine, de bhuidh-
eachas de gach géirleanmhaint dá dhéine. Do
cuireadh dlighthe i bhfeidhm a ndubhairt Éamonn
de Búrca i n-a dtaobh gur bh 'iad an uirlis
do b'fhearr do soláthruigheadh riamh le beithidh-
each do dhéanamh de'n duine. I n-a dhiaidh sin
is uile, do bhí an Gaedheal dílis do Dhia,
dílis do'n chreideamh, dílis dá shagartaibh,
dílis do'n Ghaedhilg. Do b'iad na leabhra
Gaedhilge fá ndearr an dílseacht go léir.



Má b'uasal agus má b'onórach an dlúith-
cheangal do bhí idir an Ghaedhilg agus an
creideamh nuair do bhí na Gaedhil fá réim
amuigh agus i mbaile, sílim gur seacht uaisle
agus gur seacht onóraighe an dlúith-cheangal
do bhí eatortha nuair bhí na Gaedhil brúighte
claoidhte go daor faoi chois ag madraíbh
Sacsan.



(C) Deich mbliadhna ó shin



Acht do bhris na Sasanaigh an cath orainn
san deireadh. I dtosach na naomhadh aoise
déag do bhí an Ghaedhealg ar labhairt ar fud
na hÉireann go léir, ó Innbhear Sgéine go
Clochán na bhFomhorach; i ndeireadh na haoise
céadna ní chluinfeadh duine focal dí acht
i gcorr-áit ar thaobh na mara. Goidé fá
ndearr an t-atharach mór sin? Tá a


L. 68


fhreagra féin ag gach éinneach ar an gceist.
Adeirtear gur ab é Domhnall Ua Conaill
agus a lucht leanamhna ba mhó ba chionntach
leis. Adeirtear gur ab iad na sgoltacha
so againne fá ndearr an t-olc ar fad.
Adeirtear gur ab iad na sagairt do chuir
an Ghaedhealg i ndiaidh deiridh. Ar dóigh ar
bith, is cinnte go ndearnaidh gach dream
san tír a chuid fhéin de'n díoghbháil. Tuig-
imid-ne indiu gach tuathal do rinneadh ins
na bliadhantaibh do chuaidh thart, acht,
máiseadh, ní ceart dúinn bheith ag cáineadh
na ndaoine do rinne an tuathal. An
léir-sgrios do bhí dá dhéanamh ar teangaidh
ár sinnsear, ní fearr do-chonnaic na sagairt
é ná cách. Is minic do-ghníthear dearmad
de'n mhéid sin nuair bítear ag trácht ar an
droch-rath agusar an mhío-fhortún d'imthigh ar
an Ghaedhilg le céad bliadhain anuas. Cibé
sgéal é, ní raibh ann acht nár múchadh í
i ndeireadh na sgríbe. An dlúith-cheangal
do bhí riamh idir chreideamh na hÉireann agus
teangaidh na hÉireann, bhí sé beag nach
briste nuair tosuigheadh ag obair le n-ár
gcanamhain ceol-bhinn do choimhéad beo.



Chum a thuigsin i gceart goidé mar a bhí
obair an chreidimh agus an Ghaedhealg deigh-
ilte ó chéile deich mbliadhna ó shin, féach-
amuis isteach san sgéal. Teanga na tíre
seo dá labhairt ag cúpla míle daoine
bocht ar imeall na mara coimhthighthighe. Na
daoine sin gan gean gan grádh dí. Iad ar
a ndícheall ag iarraidh í do dhíbirt ó n-a
mbéal amach agus caint gan snas gan
líomhthacht do chur isteach i n-a hionad. Iad
gan léigheann gan fhoghluim, gan eolas gan
tabhairt suas. Ní labharfadh siad Gaedhealg
le n-a gcuid páiste dá mbéadh a mhalairt
aca. Na páistí sin ag dul ar "sgoil
náisiúnta." Adéarfadh éinneach a mbéadh
splannc céille i n-a chloigeann gur cheart
do na daoinibh do bhí i mbun na sgoil grádh
dá dteangaidh agus dá dtír do chur i n-a
gcroidhe, tráth is nár chóimhlíon a dtuis-
mhuightheoirí an dualgas sin dóibh. Níor
cuimhnigheadh ar a leithéid. Má is eadh féin,
ní raibh an Béarla ag an aos óg. Nuair nach
raibh, goidé mar a thiocfadh leo an teagasg
críostaidhe Béarla d'fhoghlaim; agus goidé
mar a thuigfeadh siad rúindiamhra a gcre-
idimh gan an teagasg críostaidhe do bheith
aca? Nuair d'fhás siad suas, d'imthigh cuid
aca thar sáile. Níor bh'fhearrde a gcreideamh
an t-aistear, go háirithe nuair nach ró-mhaith
do thuig siad gach ar bhain leis. An dream
d'fhan san mbaile, adubhairt siad a gcuid
paidreacha as Gaedhilg uaireanta, agus sin
a raibh de bhaint ag a dteangaidh dúthchais le
creideamh a gcroidhe. Is annamh do-chualaidh
siad seanmóir Ghaedhilge. Níor nocht siad a
gcoinsias dá n-oide faoistine tríd an
Ghaedhilg, mar is minic nach dtuigfeadh sé
iad dá ndéanadh siad sin. Is furas a
fheicsin as sin uile gur sgaradh go mill-
teach an creideamh ceart ó theangaidh mhilis
an Ghaedhilgeora.



Agus maidir leis an Ghalldacht, níl le rádh
fá dtaobh dí acht an méid seo .i. go bhfuil a
fhios ag gach éinneach gur mó go mór an grádh
do'n chreideamh agus an chráibhtheacht atá ag
an Ghaedhilgeoir ná an grádh do'n chreideamh
agus an chráibhtheacht atá ag an Bhéarlóir.
Go deimhin agus go dearbhtha, nach iomdha
Béarlóir gan chreideamh ar bith ar domhan? -
rud nach féidir le héinneach do chasadh le
haon Ghaedhilgeoir dá bhfuil suas. Sin lom-
chlár na fírinne, agus mo dhubhshlán faoi an
té chuirfeas i n-a aghaidh.



(D) An aimsir atá ag teacht



Anois, a chómh-Ghaedheala Mhaighe Nuadhat,
tuigeann sibh goidé rinne an Ghaedhealg
ar son an fhír-chreidimh i n-allód. Admhann
sibh a ndearnaidh sí ar a shon san mbaile
annseo i n-Éirinn agus i bhfad thar lear
i gcéin. Agus má rinne sí an méid
sin ins na laetheanntaibh a chuaidh thart,
'tuige nach ndéanfadh sí an ní céadna indiu?
Níor chaill sí fós a treiseacht ná a treoir
chum croidhe an Ghaedhil do spreagadh chum
deigh-ghníomh uasal, acht an chaoi do thabhairt
dí leis an treiseacht agus an treoir do chur
i bhfeidhm. Is iomdha sagart diadha agus
bráthair naomhtha ag a raibh sin buailte isteach
i n-a aigneadh, agus é go millteach bocht
faoi bhrón faoi ghéar-smacht ag námhaid
Éireann. Do thuig an t-Athair Ua Gramhna
i n-a laethibh féin é, - "bhí tuigsin aige thar
na seanóiríbh." Tuigeann an t-Athair Peadar
Ua Laoghaire indiu é. An dtuigeann sibh-se
é? Tá mé fír-chinnte go dtuigeann sibh go
rí-mhaith é, - an chuid is truime ciall agaibh,
cibé ar domhan é.



Má seadh, tá a fhios agaibh goidé a
bhfuilmid ag obair ar a shon. Ní fuláir
dúinn an sean-dlúith-cheangal agus an sean-


L. 69


deagh-cháirdeas agus an sean-mhór-chaid-
reamh do chur ar bun aríst idir an chreideamh
agus an Ghaedhilg. Sin í an obair atá
gearrtha amach le déanamh againn. Caithfear
iad do thabhairt dá chéile aríst. Caithfear
an Ghaedhealg do thabhairt do'n altóir mar a
gcraobhscaoiltear focal Dé; do'n fhaoisdin
mara bhfuil a thrócaire le fágháil; do'n
sgoil mar a bhfoghlaimighthear a dhligheadh agus
a chreideamh; do lic na teineadh mar a
ndéantar a adhradh agus a bhuidheachasughadh
tar éis cruadhtan agus obair an lae. Agus
amhail is nach féidir an aicíd do ruagadh as
an chorp gan teacht ar an droch-bhall ó n-a
bhfásann sí, mar sin ní mór dúinn sinn féin
do Ghaedhealughadh i dtosach báire; ní mór
dúinn fósta ár gColáiste do Ghaedhealughadh
go dtí an smior agus go dtí an smuais;
acht tabhramuis aire dúinn féin fá láthair
agus "tiocfaidh an síol má tá sé ann."



Is iomdha gníomh maith uasal atá déanta
ag ár gConnradh cóir cheana féin; acht, is
iomdha ní atá gan déanamh fós. Téidhmis
ar aghaidh. Ná tigeadh laigeacht ná meathtacht
i n-ár gcroidhe. Seasamuis amach go dian
dána dásachtach i gcoinne an Ghalldachais.
Ná staonamuis an cath. Is mór é go deimhin,
acht is mó go mór ná é an cath bhéas le
troid againn amach annseo muna ndéanann
sinn obair na Gaedhilge go dílis dúthrachtach
anois. Agus féachaidh ar an luach saothair
do-gheobhaidh sinn má bhrisfidh sinn an comhrac
ar an námhaid, - grádh agus gean agus geal-
mhuinteardhas muintire na hÉireann! An
creideamh cóir agus an croidhe Gaedhealach,
sin iad an dá ní is áilne agus is luachmhaire
faoi an spéir indiu. Dá gcaillfidhe ceann
aca, do bhéadh thiar ar an gceann eile. Má
bheirimid-ne cabhair agus congnamh do lucht
cosanta na Gaedhilge, béidh an buaidh leis an
Ghaedhilg agus le n-a mbaineann léi; muna
mbíonn sinn ar ghualainn a chéile, caillfear
an Ghaedhealg, agus fearrde an creideamh
í do dhul i ndísg. Nach dóigh libh, a cháirde
groidhe, gur fiú ár ndícheall báis agus
beathadh iad araon?



P.B.


L. 74


Obair na Gaedhilge i gColaiste Muighe Nuadhad



Paipéar do léigheadh ós comhair Cúirt na nGaedheal, Feabhra 5adh, 1908. Do-rinneadh áthrach agus aith-
ghiorrath ar chuid de'n chaint ó shoin.



I. Cruinn-eolas



I dtoiseach na haith-bhliadhna is dóigh liom
nár mhiste dhúinn amharc a chaitheadh siar ar
an aimsir atá caithte, ár gcogubhas do
sgrúdadh agus do ghéir-infhiúchadh ag faisnéis
goidé mar éirigh ár n-iarrachtaí linn, agus
ar deireadh, comhairle agus gléas nua do
cheapadh, má's riachtanach é, le n-ár gConnradh
do dhíriughadh ar bhealach a leasa. Is soiléir
do ghach'n uile dhuine gur móide an buntáiste
agus an tairbhe thiocfas as an sgrúdadh an
cheist uile go léir do nochtadh gan laghdughadh
gan foir-leathnughadh, foir chan fhéadamaid
teacht ar an bhóthar mhór dhíreach, muna mbéidh
a fhios againn goidé an fad atá sinn ar
seoid agus ar seachrán i n-aimhréidhe na
coille duibhe dorcha. Bíodh a fhios agaibh, a
Ghaedheala, nach ceapairí siúcracha so-bhlasta
de sheadráil cainte atá agam daoibh, acht
biadh searbh righin na fírinne. Sin ádhbhar mo
thoisge agus mo thurais an seal seo, agus
má thógfar orm an sgéal atá le hársuighe
agus le hinnsint, is é m'fhreagra ar lucht
mo cháinte gur dheamhan a miste liom; "is
fearr an troid ná an t-uaigneas."



Cunntas agus cur síos, beachtughadh agus
léir-mheas ar obair na Gaedhilge ó thoiseach
na sgoil-bhliadhna go dtí anois, príomh-chúis
mo sgríobhtha. Acht is mór, i bhfarradh sin,
ba chionntach leis an alt so bheith i n-Irislea-
bhar an Chonnartha, fonn do ghabh mé cliú
agus cáil ár gColáiste do chosaint
i n-aghaidh ráfla agus baramhail atá amuigh
orainn le déidheanaighe. Is leor mar bhréag-
nadh ortha a bhfuil de chruinn-eolas agam le
tabhairt do lucht ár gcáinte.



Seo mar do fuair mé an cruinn-eolas.
Cheannuigh mé Féilire an Choláiste agus thug
mé do dhuine stuamdha siosmaideach i ngach
buidhin é, le hórdughadh liosta na n-ainm do
sgrúdadh go géar, agus sgór do chur roimhe
le hainm gach dalta do réir mar bhí sé
i n-acfuinn Gaedhealg a labhairt (A) go
maith, nó (B) go measardha, nó (C) ag a
foghlaim, nó (D) aineolach ar fad ins an
teangaidh. Toradh an sgrúdtha annso síos:



Teach na Sinnsear
(Roinn Mhuire Naomhtha)



Diadhairí na 4adh. bl.
Diadhairí an 3adh. bl.
Diadhairí na dara bl.



Teach na Sinnsear



(Roinn Seosaimh Naomhtha)



Diadhairí na céad bl.
Buidhean na Céime (B.E.)



An líon tighe


L. 75


Chan baoth-chaint atá ins na huimhreachaibh
sin. Is leor mar fhiadhnaise iad le n-a chur
i dtuigsint agus i gcéill do'n tsaoghal go
raibh dul amudha ar na daoinibh do lásg linn
é nach raibh grádh ná taitneamh againn do'n
Ghaedhilg, agus go raibh sinn 'n éis an teanga
do thréigean agus do leigean i ndearmad.
Cha luigheann sé le nádúr go mbéadh an tuath
amhrasach i n-ár dtimhceall, foir bhí mórán
téamaidh ionnainn riamh. Char thuill cill na
hÉireann deagh-fhocal na tuaithe roimhe seo
leath comh maith is thuilleas sí fá láthair é,
mar is soiléir nach raibh obair na Gaedhilge
i dtreise agus i dtreoir riamh i n-ár bpríomh-
Choláiste eaglaiseach comh maith is tá
i mbliadhna. Chan amháin gur éirigh spiorad
nua i n-ár measg le goirid, acht bhí toradh an
spioraid le feicsint go soiléir ins an dóigh
ar chuir furmhór ár mac léighinn cuspóirí an
Chonnartha i ngníomh agus i gcleachtadh. Chan
fhuil a fhios againn goidé do chuir dalladh
mallóg ar mhuinntir na Gaedhilge taobh
amuigh i n-ár dtimcheall, munab é an gleo
úd fá dtaobh de Theach na Sóisear. Acht ba
cheart do na daoinibh seo cuimhniughadh nach
ionann an Coláiste agus dream beag
suarach ins an Roinn sin. Tá na
mic léighinn cothrom leis an aimsir anois,
mar is annamh dúinn bheith ar gcúl i gcúrsaíbh
bhaineas le dúthchasacht. Sgrúdaidh, a léigh-
theoirí, na nodaí áirimh tá léirighthe agam
sul fá ndaorfaidh sibh an Coláiste. Tá súil
agam go bhfuil bainte agam faoi lucht an
bheachtuighthe fá dheireadh.



Acht, gidh gur fíor a n-abraim fá obair
na Gaedhilge, chan fhágann sin nach bhfuil lúb
ar lár i ngnáth-obair an Chonnartha. Chan
fhuil an Ghaedhealg fighte fuaighte le beathaidh
agus le saoghal na mac léighinn mar ba chóir
agus mar ba riachtanach leis an Coláiste do
Ghaedhealughadh ó bhun go bárr. An cruthughadh
agus an dearbhadh mar leanas; tá seort
tuairim againn, agus chan gan ádhbhar é,
gur ualach agus cúis bhuaidheartha
Gaedhealg do labhairt taobh amuigh de na
huairibh atá ceaptha amach fá choinne na
mbuidhean Gaedhilge. Agus tuigidh nach
bhfuilim ag cur i leith na gConnarthóir atá
i n-acfuinn Gaedhealg do labhairt go maith,
go mbíonn siad ag caint as Béarla le n-a
chéile. Chan eadh ar aon chor, acht is é ba
mhaith liom cur i n-a luighe oraibh nach bhfuil
fonn ar na Gaedhealaibh is fearr cruinniughadh
le chéile, agus bheith i gcuidheachtain a chéile
comh minic agus is féidir é; nach iad an
Ghaedhealg agus an Connradh is cionn-
tsiocair le gach cumann nua cuirtear ar bun,
agus le gach céim ar aghaidh chun leasa agus
maitheasa ár dtíre; agus, ar deireadh, nach
é an Connradh stiúruigheas aigneadh puiblidhe
an Choláiste.



Is dóigh liom nach bhfuil acht dá ní ann fá
dear ar laige, agus is iad seo iad:



(1) Gan líomhthacht bheith ag na macaibh
léighinn i gcaint na Gaedhilge;



(2) Easbhaidh oideachais agus teagasg fríd
Ghaedhilg.



I dtaca leis an chéad locht, tá sé de
dhánaidheacht ionnam a rádh nach bhfuil duine
ar bith sa Choláiste a dtig leis Gaedhealg a
labhairt comh maith is thig leis Béarla a
la airt. Gabhaim orm an breitheamhnas seo
do chruthughadh leis an léir-aighneas seo: Is
annamh duine nach dtiocfaidh liom nuair
chuirim síos mar an chéad réimh-bhreath nach
féilmearacht ná bainnidheacht, treabhadh ná
fursadh, is bun-ádhbhar agus mianach dár
gcaint agus dár gcomhluadar annseo, acht
diadhacht agus feallsamhnacht, cúrsaí eag-
laise agus tuaithe, litridheacht, áiteamh-eolas
agus rl. Cuirim síos mar an dara réimh-bhreath
nach bhfuil na téarmaí bhaineas leis na
rudaíbh seo i gcleachtadh ná i bhfeidhm againn.
Is soiléir an iarmairt nach féidir leis an
duine is cliste againn Gaedhealg a labhairt
comh furas agus is féidir leis Béarla do
labhairt. Is cinnte, fós, nach féidir linn
maoidheamh as an eolas atá againn ar
litridheacht na hÉireann.



Acht do b'fhéidir leigheas d'fhaghail ar an
locht sin fríd Chumann Liteardha Gaedh-
ilge. Tá cumann againn dar ab ainm Cúirt
na nGaedheal, acht chan fhiú trácht air mar
chumann liteardha. Mar cumann fá choinne
sgéal beag greannmhar, nó fá choinne
cainte seabhóidighe, tá sé maith go leor.
Tá a shliocht air. Ó'n chunntas thug mé ó
chianaibh ba cheart amach is isteach le céad
.i. dream (A) agus dream (B), bheith istigh ag
an Chúirt gach oidhche. I n-a ionad sin, is
annamh bhíos níos mó ná deich is fiche ann.
Chan leithsgéal dóibh seo fhanas amuigh a rádh
nach bhfuil an Chúirt ar fóghnamh, agus bíodh a
fhios ag na daoinibh nach dtig isteach chugainn
gur comhartha croidhe-laige agus spadán-
tachta a leithéid sin de nós. Acht má


L. 76


chuirtear an Chúirt i gcomórtas agus
i gcóimh-mheas le Cumann an Bhéarla, is
cinnte nach bhfuil sí i n-acfuinn teacht
i bhfoisgeacht dó i dtaca le dul ar aghaidh
agus beodhacht. Bíonn páipéir bhreagha
bunadhasacha aca thráchtas ar cheisteannaibh
móra an tsaoghail, ar fheallsamhnacht, ar
cheol agus ar litridheacht. B'fhéidir nach
mbíonn deagh-Bhéarla aca i gcomhnaidhe, acht
do bh'fhiú do dhuine éisteacht leis am ar bith.



An dara easbhaidh .i. easbhaidh teagasg fríd
an Ghaedhilg, is leor cúpla focal i n-a
timcheall. Go dtí go mbéidh na mic léighinn
fíor-Ghaedhealach, go dtí go mbéidh siad uilig
i n-innibh an teanga do labhairt go maith, chan
fhuil gar bheith ag súil le léigheachtaibh as
Gaedhilg ó na hoidíbh. Nuair bhéas an uain
fhóirstineach ann, tá mé fír-chinnte go mbéidh
an Ghaedhealg go béil-bhinn blasta aca siúd.



Tá inniste agam anois goidé an cruth a
bhfuil obair na Gaedhilge fá láthair - na
huimhreacha ar dtús, foir chan fhuil dul thar a
mbreitheamhnas siúd. Thráchtas ar Chumann
Liteardha na Gaedhilge agus ar a laighead
cumais is atá aige i mbeathaidh agus
i saoghal na mac léighinn. Ar deireadh, thug
mé fá dear nach bhfuil an Ghaedhealg i bhfeidhm
againn i dteagasg an léighinn, agus nach
dtearn sinn aon tréan-aorp le áthrach do
chur ar an sgéal taobh amuigh de chorr-
pháipéar do sgríobhadh as Gaedhilg fá choinne
na sgrúdadh. Béarla ag furmhór na gcuirm
cheoil, seanmóirí Béarla insan óráideán,
Béarla ins an chuid is mó d'ár gcaint,-
nach dearbhadh é sin gur dúthaigh Gallda atá
annseo againn go fóill, agus nach bhfuil
cosamhlacht a áthraigh go ceann deich is fiche
bliadhan, má leanfar do'n obair do réir na
céime atá uirthi anois. Cruinn-eolas
rudamhail atá mé a thabhairt daoibh, agus má
thaisbeán sé gur mór an biseach atá ann ó
anuraidh, cha gcuireann sin gur cheart bheith
sásta leis an sgéal.



II. - An Leigheas



An sgrúdadh sin críochnuighthe againn, is
fearr dúinn cur síos ar an leigheas. Chan fhiú
dadamh bheith ag mairgnighe ár gcáis muna
bhfuil dúil againn íoc-shláinte chimilt le n-ár
gcréachtaibh. Is soiléir nach dtiocfaidh an
t-áthrach mór le n-ár linn .i. chan fheiceann
sinne an lá a mbéidh an Ghaedhealg dá canadh
ag gach duine sa Choláiste ó'n sóisear is
óige aníos, acht má chuirtear an síol i gceart,
chan fhuil amhras nach mbéidh fóghmhar torthamh-
ail ann deich mbliadhna ó'n aimsir seo. Is
riachtanach ar dtús an locht bunadhasach do
leigheas, an galar is doimhne préamh do
chosgadh. Is cosmhail gur ab é locht is
soiléire atchí gach duine, a laighead oibridhe
éifeachtach is atá againn. Char chualaidh ár
bhfurmhór-ne iomrádh ar an obair seo na
Gaedhilge, agus char chuir sinn spéis nó suim
innti go dtí go dtainic sinn isteach san
Choláiste. Chrom cuid againn ar í d'fhoghlaim,
agus d' éirigh go maith le cuid againn,
acht is fíor gur beag mac léighinn, agus
gnáth-obair an Choláiste comh trom is tá sí,
a dtig leis an teanga d' fhoghlaim go maith
le linn a sheacht mbliadhan annseo. Leanann
de sin gur beag mac léighinn dhéanfas obair
éifeachtach ar son an Chonnartha. Ar an
ádhbhar sin, is ceart dúinn aire do thabhairt
do'n réamh-oideachas gheibh na mic léighinn
roimhe le n-a dteacht isteach sa Choláiste,
foir is é an t-oideachas Gallda sin is mó is
cionntach leis an lag-spiorad atá i gcuid
mhaith dár ndaltaíbh. Dá bhfuigheadh siad
eolas measardha ar an Ghaedhilg ins na
coláistíbh faircheacha faoi mhúinteoiríbh ciall-
mhara Gaedhealacha, cha bhéadh mic léighinn
fíor-Ghaedhealacha i n-anás againn i Muigh
Nuadhat, acht bhéadh gach 'n uile dhuine againn
go héag leis an Ghaedhilg, agus bhéadh sinn
ag cur suime i litridheacht na Gaedhilge, i
ndóigh go dtiocfadh linn an Coláiste do
Ghaedhealughadh go hiomlán. Is mór an meis-
neach agus an t-uchtach dúinn a fheicsint gur
thug an Coiste Gnótha an ní seo fá dear,
agus gur chuir siad rún daingean i bhfeidhm
dá iarraidh ar lucht stiúrtha na bhfó-choláiste
a ceart do thabhairt do'n Ghaedhilg. Tá a fhios
againn goidé thuit amach anuraidh .i. cuireadh
líon tighe chugainne agus a bhfurmhór
dall sa Ghaedhilg. Tá súil agam go mbéidh
an Coiste san áirdeall, agus nach mbéidh an
sgéal céadna le hársuighe aríst. Tá sé
buailte isteach i m' intinn nach bhfuil a áthrach
de chúl cinn againn, agus nach bhfuil dul as an
chruadhóig againn, muna dtig linn tabhairt
ar lucht stiúrtha na gcoláiste sin comhairle
na nEaspog do chur i ngníomh gan mhoill.



Agus is dóigh liom go mbéadh an buaidh
againn san rud seo fósta, dá mbéadh "bar-
amhail phuiblidhe" i measg sagart Gaedhealach
na hÉireann agus dá mbéadh dlúth-cheangal


L. 77


agus táthughadh eatortha i gcumann fá leith bé
n-a gcomhairle do chur i léire do'n tsaoghal.
Seo an dóigh ar mhaith liom an cumann
nua seo do chur ar bun. Aimsir Chóimh-
thionóil Mhuighe Nuadhat, béidh dream sagart
Gaedhealach cruinnighthe le chéile annseo gan
mórán le déanamh aca. Is fiú do na sagart-
aibh óga bhéas ag dul amach i mbliadhna bheith
ag caint leobhtha agus ag cur cúrsaí na
Gaedhilge fríd a chéilé. Dá gcuirfeadh sibh
i n-a luighe ortha goidé mar is riachtanach a
leithéid de dhlúth-cheangal, char bh'fhada go
mbéadh an fraoch ar lasadh i gceart, agus go
n-éireochadh an cumann atá a dhíth orainn.



Agus cad chuige nach mbéadh a leithéid de
chumann ag na sagartaibh Gaedhealacha comh
maith is tá ag na múinteoiríbh Gaedhealacha?
Nach fíor go dtéid a lán Connarthóir amach
ó'n Choláiste seo - daoine do bhí ar mire le
obair na Gaedhilge do chur ar aghaidh le linn
a gcomhnuidhe annseo - agus 'n éis socruighthe
dóbhtha ins an iargcúltacht mar nach raibh
tásg ná tuairisg ar obair na Gaedhilge nach
mór, nó i measg daoine nach raibh fabhairt
aca duithi, go dtearna na sagairt seo dear-
mad de'n obair, nó ar a laighead, nach raibh
a gcuideadh le fagháil ag a gcómh-bhráithreach-
aibh i mbearnain bhaoghail? Cha bhéadh a
leithéid sin de chumann díomhaoin. Príomh-
obair a dhalta, mar adubhairt mé cheana
féin, aire do thabhairt do na coláistíbh
faircheacha, ag faisnéis goidé mar atá an
teanga ag dul ar aghaidh ionnta. Do
b'fhéidir leobhtha sgríobhadh chuig uachtarán gach
coláiste le cunntas cruinn beacht d' fhagháil
uaidh agus caitheamh ortha cothrom na Féinne
do thabhairt do'n teangaidh. Ar aon chaoi,
bhéadh na freagraí ar na litreachaibh againn
mar fhiadhnaise agus mar thomhas ar mhéad a
ngrádha agus a measa ar an nGaedhilg.



An dara obair a bhéadh roimhe leis an
chumann seo: cuspóirí agus rúin oibre
Chonnartha na Gaedhilge agus Chonnartha Chuilm
Naomhtha do leathnughadh agus do chur i n-a
luighe ar na sagartaibh nár thréig a dtrom-
shuan go fóill agus atá dá múchadh i ndor-
chadas na Galldachta.



An triomhadh obair: aire do thabhairt do
litridheacht eaglaisigh na hÉireann. Chan fhaca
duine go seadh gur sgríobh sagart ar bith
tráchtas ar dhiadhacht nó ar fheallsamhnacht i
aon irisleabhar de na hirisleabhraibh míos-
amhla a cuirtear amach i nÉirinn; is
beag sagart ghníos iomrádh féin ionnta ar
teangaidh na nGaedheal. Char bh' amhlaidh do
Sheatrún Céitinn agus do na daoinibh
foghlamtha léigheannta do sgríobh na Sean-
móirí atámaid a chur i gcló agus i
n-eagar. Chan ceart do shagartaibh Gaedheal-
acha na hÉireann bheith sásta le cuideadh a
thabhairt dúinne atá ag ath-fhoillsiughadh na
sean-sgríbheann. Is mithid dóbhtha beagán
"úr-nuadhachta" do chur i n-a ngnáth-obair
le bheith cothrom leis an aimsir. Tá sgoláirí
i measg cléire na tíre agus is é is céard
dóbhtha bheith ag cleachtadh gach 'n uile sheort
sgríbhneoireachta acht an seort ba dhual do
shagart do chleachtadh. Leoga! go mairidh
siad agus a gcuid sgríbheann. Nach maith
an mhaise dhóibh iad siúd, agus ár litridheacht
féin .i. litridheacht an tsagairt, mar atá,
aistriughadh ar an Sgríbhinn Diadha, beathaí na
Naomh agus leabhair chráibhtheachta eile a dh'
fheidhm orainn. Cha gcrothnóchthaidhe cuid de
na sgríbhnibh, acht tá géir-riachtanas leis na
leabhraibh spioradálta.



Cha n-abrann duine anois go mbéadh an
cumann so i n-anás oibre agus aire na
gcoláiste faircheach, aire na nua-litridheachta
eaglaisighe agus aire cuspóirí na hoibre
seo na Gaedhilge do leathnughadh ortha. Dá
gcuirfidhe mo chomhairle i ngníomh, agus dá
n-éireochadh le saothar an chumainn, chan
fhuil aon amhras nach mbéadh rith an ráis againn
sul má dtí i bhfad.



Ins an am céadna, chan ceart dúinne
dearmad do dhéanamh ar ár ndún féin
annseo. Tá sé d' fhiachaibh agus d'ualach
orainn ár gcuid féin de'n obair do dhéanamh
gan iarthaladh, gan aistidheacht, gan fimin-
eacht, gan bheith ag dréim ar fad le cuideadh
daoine eile. Is cinnte nach mbéidh rath ná
rathamhnasar an Chonnradh, agus nach mbéidh
an teanga i gcumas agus i réim i n-ár
measg, muna ndéanfaidh sinn aorp tréan
leis an trom-shuan do thréigean. Árduighmuis
faoi 'n gháir-chatha: "An Ghaedhealg i n-uach-
tar"; cluintear in gach clúid is cúinne de'n
Choláiste í.



Agus ar dtús, chan mór dúinn níos mó
cuideadh a thabhairt do Chúirt na nGaedheal.
Feis na gConnarthóir ba cheart bheith innte,
agus maille leis sin, cumann liteardha
Gaedhilge. Acht muna dtig na mic léighinn
isteach, is beag an maitheas ceisteanna
suimeamhla an Chonnartha bheith dá bplidheé


L. 78


againn annseo, agus is beag an maitheas,
acht oiread, bheith ag súil le aistí liteardha,
muna bhfuil sgríbhneoirí agus lucht éisteachta
ann. Cha dtuigeann sinn goidé mar is
riachtanach Cúirt na nGaedheal le obair na
Gaedhilge do chur i dtreise agus i dtreoir.
Is mian linn, gan amhras, an Béarla do
ruaigeadh ó'n Choláiste agus an Ghaedhealg
do chur i n-a ionad ins na buidheantaibh, ins
an teampall, ins an óráideán, ins na cuir-
meachaibh ceoil, ar faithche na himeartha, i n-ár
gcaint agus i n-ár gcomhluadar le chéile.
Acht ó nach bhfuil eolas againn ar litridheacht
na hÉireann, tá na téarmaí bhaineas leis na
rudaíbh seo a dhíth orainn. Is ar Chúirt na
nGaedheal ba cheart réidhtiughadh na ceiste
seo do thuitim, go háirithe comh fada is
bhaineas sí le call téarmaí diadhachta agus
feallsamhnachta. Cha dtig linn na focla
riachtanacha do chumadh as ár stuaim féin
agus cha dtig siad chugainn, acht oiread, gan
rannsughadh i measg na leabhar. Ba cheart
dúinn sgríbhne Chéitinn do chuartughadh; b'é
an rígh-sgoláire sin do chéad-chonnaic
easbhaidh litridheachta eaglaisighe sa Gaedhilg.
(Chan fheiceann diadhairí an lae indiu an
easbhaidh sin, gidh go bhfaca na "Soupers"
tamall ó shoin é, agus gur bhain feidhm mhaith
as na leabhraibh earráideacha do leathadar
i measg an phobail Chaitlicigh.) Maille
leobhtha seo tá seod luachmhar againn ins na
Seanmóiríbh i n-a bhfuil cáil mhór téarma
úsáideach, acht is fánach mac léighinn do léigh
iad, do réir cosamhlachta. Ar deireadh, tá
a lán leabhar tairbheach eile ann nach bhfuil
ar díol fá láthair, acht táid le fagháil i n-ár
leabharlannaibh. Is fiú iad seo uilig do
láimhseáil agus an mianach feidhmeamhail do
bhaint asta. Bhéadh toradh an sgrúdtha agus
an lorgtha le feicsint ins na haistíbh do
léighfidhe os comhair Cúirt na nGaedheal,
i ndóigh is go mbéadh gach duine rann-pháir-
teach ins an toradh do fuair na daoine is
cliste againn ó na sean-leabhraibh. Anois,
nuair atá taisbeánta agam goidé an dear-
mad atá déanta agaibh ins na rudaíbh seo,
tá súil agam go gcuirfidh sibh na finn-
sgéalta ar leath-taoibh agus go gcromfaidh
sibh ar sgrúdadh na leabhar do luadhas. Chan
obair amudha é, foir is deacair Céitinn
agus na Seanmóirí seo againne do shárughadh
i dtaca le glaineacht Ghaedhilge.



Le críoch agus foircheann do chur ar an
pháipéar seachránach seo, gabhaim mo leith-
sgéal libh siocair is nach bhfuil sé níos
slachtmhaire; cha ngabhaim é siocair is go
ndubhairt mé rudaí géara. Agus má chuir mé
faididheacht ar an lucht éisteachta, agus ar
an léightheoir fósta, is ceart cuimhniughadh go
dtearna mé an beachtughadh agus an léir-
mheas do nochtadh bun-phréimhe an ghalair atá
ag milleadh oibre naomhtha na Gaedhilge, agus
nach mór an dochar amharc isteach i n-ár
n-intinn ar uairibh. Cha dtearna mé téamfaidh
faoi obair mo chomh-oibridhe sa Choláiste,
agus chan fhuil cúis ghearáin aca annsin. An
smuaineadh deireannach ba mhaith liom a chur
i n-a luighe oraibh, gur ceart daoibh, a Ghaedh-
eala, bheith i dtólamh ag machtnamh ar an
dóigh is fearr le n-ár n-obair do chur chun cinn
agus do threisiughadh, foir tá coimrighe
anama na hÉireann, tá coimrighe ár dtean-
gadh dúthchais, ag seasamh orainn, agus má
rachaidh an obair seo ar gcúl, is orainne bhéas
an locht. Brosluighidh agus spreagaidh oraibh
annsin. Má tá lúb ar lár i n-áit ar bith,
gheobhaidh sibh a dheisiughadh má's toil libh é.
Cuimhnighidh ar foclaibh an fhile:



Ní hí seo an Éire bhí i n-állód ann,
Acht Éire lucht Béarla is beadaidheacht Gall,
Éire gan éifeacht, is i n-anró fann,
Éire gan Ghaedhilg, 's is searbh leo rann.



Go gcuidighidh Dia linn san obair i ndóigh
is gurab é a árthach de sgéal bhéas le
haithris leith-chéad bliadhain ó'n aimsir seo.
Oraibh-se, a bhfuil bhur gcion féin duithi dá
dhéanamh agaibh, guidhim rath agus beannacht.



Dubhthach


L. 80


Seanmóirí Muighe Nuadhat



An Treas Imleabhar



"Gach aon díne, gach aon críonna," arsa
mise liom fhéin i n-éis na trí leabhair de
"Sheanmóirí Mhuighe Nuadhat" a bheith léighte
agus sgrúdtha agam. Cuireadh an chéad
Imleabhar amach dhá bhliadhain ó shin agus an
dara ceann anuraidh. An treas ceann atá
dá chur ós comhair an phobail an seal seo.
Cha raibh acht focla molta agus comórtha ag
lucht léir-mheasta fá dtaobh de shaothar ár
mac léighinn go dtí seo, acht geallaim dóbhtha,
má cuireadh an chéad leabhar agus an dara
leabhar i n-eagar agus i n-órdughadh go
cúramach agus go slachtmhar, go mbaineann
an treas leabhar bárr áilne uatha araon.
Acht gidh gur fíor an méid sin i dtim-
cheall oibre na n-eagarthóir agus gur fíor,
fósta, gur Gaedhealg toighte agus caint
líomhtha bhlasta atá ionnta uilig, is mór é
m'amhras nach gcuireann an choitcheanntacht,
agus go háirithe na sagairt agus na mic
léighinn, an oiread sin suime ins na
Seanmóiríbh seo is thuilleas siad. Is dóigh
liom gur ab é rud is cionntach leis an
dearmad seo nach bhfuil fhios aca goidé is
fiú na leabhair seo agus goidé an fheidhin is
ion-bhainte asta. Sé atáim a chur roimhe
liom, na tréithe is fearr atchím-se ins an
treas Imleabhar do nochtadh acht gan a lochta
do cheilt san am chéadna.



Is ceart a admháil nach mór le rádh cuid
aca mar sheanmóirí, acht cha leigim a leas a
rádh go bhfuil a bhfurmhór ar fóghnamh agus go
bhfoireann siad go maith mar shomplaí do
sheanmóiridhthibh an lae indiu. Is locht é go
bhfuil siad comh fada sin agus go bhfuil an
oiread sin cainte gan riachtanas i gcuid
aca. Tá an cur síos ró-iomlán agus
fágann sin nach mbíonn fhios ag an léightheoir
goidé bhí i dtoiseach na seanmóra i n-éis an
deireadh bheith léighte aige. Má seadh féin,
tá gach aon cheann aca roinnte go nádúrtha
agus go ciallmhar, mar is soiléir ó Sheanmóir
a Dó agus ó Sheanmóir a Ceathair agus ó
Sheanmóir a Naoi. Maille leis sin tá
mothughadh agus gríosughadh agus spreagadh
agus líomhthacht i n-áiteachaibh fríd an Im-
leabhar seo do b'fhéidir do chur i bhfarradh na
sompla is fearr i sgríbhnibh Chéitinn. Is
furasa fheiceáil fósta ó na Seanmóiríbh seo
goidé an seort daoine bhí ins na sagartaibh
do chum iad - daoine dúthrachtacha dícheallacha
d'oibrigh chun leasa a dtréada agus do chuir
ailt bhunadhasacha an chreidimh i dtuigsin do'n
phobal. Rud eile atá le tabhairt fá deara-
bhí eolas as cuimse ag na sagartaibh seo ar
an Nua-fhiadhnaise agus ar sgríbhnibh na
n-Aithreach Naomhtha, i slighidh go bhfuil gach
aon chomhrádh tuilte de ráidhtibh deismireachta
ó na húghdaraibh sin. Comhartha maith ar an
seanmóiridhe é bheith léigheannta i litridheacht
naomhtha.



Cibé beag mór é luach an ádhbhair atá ins
na Seanmóiríbh, is éigin dúinn glaine agus
maise na Gaedhilge do mholadh, agus is é seo
an tarrtháil is mó atá ionnta do shagartaibh
an lae indiu. Táthar ag éirghe an-aireach
áirdeallach fá'n chineál Gaedhilge a labhras
duine. Is minic a bhíos ar sagart seanmóir
do thabhairt uaidh Lá Fhéil' Pádraic. Má 's
rud é gur i gceanntar Gaedhealach atá sé,
caithfidh sé sin do dhéanamh gach Domhnach san
bhliadhain. Is beag an maitheas dó dul san
óráideán muna dtig leis comhrádh fóghanta
do sgríobhadh, acht chan fhuil leithsgéal ar bith
aige fá láthair agus na trí leabhair seo de
sheanmóiríbh aige. Muna bhfuil smuainte
doimhne ionnta, is dearbh gur deacair an
Ghaedhealg do shárughadh, agus is mionca bhíos
sagart i n-anás Gaedhilge ná i n-anás
smuaineadh. Char mhisde, mar sin, dár
macaibh léighinn iad do sgrúdadh go cúramach
i ndóigh go mbéidh siad cóirighthe gléasta le
Soisgéal Chríost do chraobhsgaoileadh i n-glan-
Ghaedhilg ar ndul amach dóbhtha ó'n Choláiste.
Tá suim mhór téarma ionnta a bhéadh an
úsáideach dóbhtha.



Ar deireadh, i dtaca leis an eagar-
thóireacht féin, is ag dul i bhfeabhas atá
ár mic léighinn, gidh go bhfuil corr-rud
annseo agus annsiúd aca nach dtaitneann
liom fhéin. Molaim iad go háirithe chionn gur
lean siad go dlúth do chaint na láimhsgrí-
bheann. Tiocfaidh gach aon Ghaedheal liom
nuair adeirim gur mór an chreideamhain atá
ag dul dóbhtha mar gheall ar a saothar agus
gur cheart do shagartaibh Eaglaise na
hÉireann go sonnradhach bheith buidheach
daobhtha. Tá súil agam go gcuirfidh cléir
agus tuath araon suim agus spéis mhór i
dtoradh a gcuid oibre.



Tá na trí leabhair le fagháil ó lucht
leabhair do dhíol agus ó Rúnaidhe Chonnradh
Chuilm Naomhtha ar leath-choróin an ceann.



Fear an Bhata.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services