Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Mhic Ríogh UIadh
Title
Eachtra Mhic Ríogh UIadh
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1817
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1907)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eachra Mhic Ríogh Uladh. Rígh oirdheirc, oill-ghníomhach, do bhí ar chúige chaomh-áluinn Uladh dár bh'ainm Fergus Mac Róigh de shliocht Ír mhóir mhic Mhílidh, agus do bhí aon mhac amháin aige do sháruigh fir an domhain uile an tan sin i ngoil agus i ngaisge agus i n-áird-ghníomharthaibh. Ag lá dá raibh an mac so ag fiadhach agus ag sealgaireacht do chaith préachán dubh agus do thuit braon d'fhuil an phréacháin 'san sneachta agus do ró-thaisbeáin an dearg 's an bán trí n-a chéile na datha breághtha agus an tan do chonnaic sé adubhairt nach ndéanfadh sé suaimhneas go bráth nó go bhfeicfeadh sé agus go bhfuigheadh sé bean chomh breágh dath 'n-a gruaidh agus do bhí ar an sneachta agus ar an bhfuil sin do bhí ós a chomhair. Annsin do tháinig neach ós a chionn i n-airde agus agus is é adubhairt "atá sin ann nó nídh as breághtha, bainríoghan ríoghachta Armenia 'san domhan toir agus Minerbha a h-ainm." Annsin d'fhéach an gaisgeach na thimcheall agus níor amharc sé aoin-neach agus iar sin níor stad nó go ndeachaidh sé dá bhaile féin agus adubhairt na briathra so le n-a athair agus le n-a mháthair:
Im' luighe im' aonar do chonnaic dreach gheal mé Mná glaine i sgéimh badh áilne 'ná an ghrian, Badh ró-choillteach mo ghné ar sreawbh nó racht an lae, Do bheannuigh dhom go binn a's d'iarr mo chomairc dá saoibh. Freagara ní raibh agam do'n deagh-mhnaoi óig Do thug an bás im' chroidhe mara bhfusgaladh gan mhoill. Is gile 's is áilne í 'ná an ghrian, Níl Juno ná Pallas 'na gaobhar Is dearga a gruaidh 'ná an rós 'S is breághtha í 'ná a bhfaca-sa fós. Bainríoghan í ar gach treabh, is réaltán í le dul tar muir, Stiúrthóir tréan na luing, dá mbreith go réidh i n-a ndún.
Annsin do ghluais an gaisgeach air chum siubhail agus bhí sé ag déanamh trí choill mhóir dhorcha agus do chonnaic sé ag déanamh tríd an gcoill giolla agus gadhar agus do bheannuigh dhóibh. Annsin do labhair an giolla agus adubhairt "Ó ríoghacht an domhain toir do thángas-sa chugat-sa" ar sé "agus atá mo bhád fá'd chomhair ar imeall na coille seo." Do chuaidh Mac Ríogh Uladh agus an giolla agus an gadhar isteach ins an mbád agus d'imthigheadar an sáile amach. Agus an tan do ghlacadar talamh i gcrích na Gréige do chuireadar a saoir-bhárc i dtír agus i gcuan sábhála agus do chuadar féin fá'n dtír. Agus níor chian dóibh an tan d'éirigh girr-fhiadh rómpa agus do ghluais an giolla agus an gadhar 'na dhiaidh agus do ghluais Mac Ríogh Uladh 'na ndiaidh agus ar éigean do chongaibh radharc orra nó go ndeachadar isteach i gcúirt mhóir aoibhinn bhreágh agus do lean Mac Ríogh Uladh iad. Agus is é aiste ar a raibh roimhe an girr-fhiadh, an giolla 's an gadhar ar aon leabaidh agus nuair a chonnaic Mac Ríogh Uladh iad. Agus is é aiste ar a raibh roimhe an girr-fhiadh, an giolla 's an gadhar ar aon leabaidh agus nuair a chonnaic Mac Ríogh Uladh iad do chuir lán-gháire mhór as, agus dá dhruim sin do tháinig chuige mar a raibh sé ar an talla aon mhacaomh amháin mná agus badh áluinn breágh an bhean í, acht go raibh sí aosta agus annsin do chuir sí fáilte roimh Mac Ríogh Uladh agus d'fhiafruigh sí dhe créad é an áit i n-a raibh a thriall. "Atá" ar sé "do'n Armenia agus is iongnadh liom-sa créad é do aithne orm-sa de bhrígh nach raibh mé riamh 'san gcrích seo agus dá dhruim sin is é cúis m'iongnaidh é." Annsin do labhair an bhainríoghan mhná agus is é adubhairt gan sin do bheith ar iongnadh air "óir" ar sí "níl aon mhac ríogh ná ridire 'san domhan gan aithne fá leith agam-sa air, agus an girr-fhiadh sin do chonnaicis is mac domh-sa é do bhíos ag tarraing gach n-aon dá uaisle dom' ríghtheaghlach; agus is é cúis fá n-a dtairgim ann iad gáirdín breágh, buadhach do bhí agam agus an toradh do cuirthidhe ann 'san ló do bhíodh sé agam-sa ins an oidhche agus an nídh
do cuirfidhe ann ar thuitim na h-oidhche do bhéadh sí agam chum mo phroinne an lá ar n-a mháireach. Agus" ar sí "do bhí sí mar sin agam nó go dtáinig piast d'ainmhidhe éigin a fuair eolas ar an ngáirdín agus atá toradh an gháirdín ag imtheacht uaim mar sin ó'n aimsir sin, agus is iomdha mac ríogh agus prionnsa do bhí lán de shúil leis an bpéist sin do chur ar gcúl agus do cailleadh iad féin léithe agus is é sin fáth fá ndeara dhom-sa mo chlann do ró-chur ins na crothaibh seo chum gach n-aon dá dtiucfadh do'n tír do tharraing ar an gcúirt de bhrígh go bhfuil sé 'san tarngaireacht go dtiucfaidh mac ríogh fá dheireadh do ró-chríochnóchas í." Annsin do labhair Mac Ríogh Uladh agus is é adubhairt go ndéanfadh sé féin comhrac leis an bpéist sin agus nach bhfágfadh an ríoghacht nó go ndéanfadh an comhrac leis an bpéist, "agus" ar sé "is ró-mhór mo dhóigh go dtiucfadh liom an phiast do mharbhughadh." Annsin do labhair an bhainríoghan agus is é adubhairt dá dtiucfadh leis an nídh sin do dhéanamh go dtiubhradh dó na seoide badh shaidhbhre dá raibh 'san tsaoghal, "agus mar an gcéadna, níl comhairle i gcéill nach bhfuil agam-sa le tabhairt duit agus dá dteangmhóchadh go mbéadh aon tsórt gábhaidh conganta ar slighe ar domhan ort tá ar mo láimh-se teannta do dhéanamh leat." Annso do ghluais an tréan-fhear Mac Ríogh Uladh air agus do chuaidh ag faire an gháirdín a's do rug leis an giolla agus an gadhar, agus do bhí sé sealad fada de'n oidhche ar an aiste sin. Timcheall mheadhóin- oidhche dhó do chonnaic sé mar néal ag teacht i dtír í agus an aoirde a bhí uirre do bhain amharc na spéire go léir de, agus annsin do tháinig an t-ainmhidhe ar talamh agus má tháinig, ar a tuirling dí do thug an giolla iarracht uirre agus do rug láin-ghreim docht ar an bpéist agus do sgread. Air sin do tháinig an gaisgeach do chabhair an ghiolla agus rug an phiast go ró-lom ar Mhac Ríogh Uladh agus má rug, do rug Mac Ríogh Uladh greim do-sgaoilte uirre agus do throideadar siad chomh tréan sin nar tugadh a leithéid de chath 'san tsaoghal uile roimhe sin ná ó shoin; do bhí de thréine an mhór-chomhraic sin gur marbhadh an phiast sin agus ar maidin is é dreach a bhí ar an bpéist, do bhí seacht gcéad gcinn uirre agus ceithre lámha déag agus ceithre cosa déag. Annsin do chuaidh sé isteach go h-áit na bainríogna agus an tan do chonnaic sí é 'na bheathaidh do chuir sí na mílte fáilte roimhe agus d'innis dó nár tháinig aon duine beo ó'n áit sin acht é féin amháin "agus" ar sí "is tú mór-cheann gaisge an domhain." Ag so do chuaidh an bhainríoghan ag féachaint an aithis agus na gaisge sinn do rinne Mac Ríogh Uladh agus ar chéad amharc na péiste sin do ghlac iongnadh neamh-chuimseach iad, an uile bhuidhean dá dtáinig, agus dá dhruim sin do labhair an bhainríoghan agus is é adubhairt nach raibh aon duine 'san domhan do dhéanfadh an ghaisge sin acht é féin. Do bhíodar ar an aiste sin nó gur glanadh an áit uatha agus go raibh toradh an gháirdín ag an mbainríoghan do shíor agus air sin do ghléas an gaisgeach air chum siubhail agus do mheas sé ceileabhradh do'n bhainríoghan agus annsin do labhair an bhainríoghan ar an aiste seo:
"A ghaisgigh as áilne dreach, créad é an mór-shimheall As áil leat do dhéanamh, ar an uair 'n-a bhfuil? Maitheas na ríoghachta i gcrích le do thoil béidh a's bíodh A's ná fág an chríoch fós 'n-a dtángais chomh luaith." "A bhainríoghain as áilne gné, dá bhfaca 'san tír le séan Is dearbh gur mór indiu do cheist le cur i mbrígh. An bhainríoghain as áilne 'ná an ghrian, do chonnac-sa seal im' ghaobhar d'fhág mé anois gan bhrígh a's dá chéad eile mac ríogh. Minerbha as ainm do mhnaoi do leag go mór mo chroidhe Bainríoghan í 'san Armenia do rug bara sgaoilte léithe." Annsin do rádh an bhean chaoin "Is maith do rabhadh go fíor 'S is deacair fós a ró-sgríobh 'ná chur i n-éifeacht dúinn síos. Agus an bhainríoghan adeir tú is bean í nach bhfuil le faghbháil. Gan mac tréan ríogh Gréig' do mharbhadh 'san ríoghacht 'na bhfuil. Agus ní raibh riamh 'san domhan fear seasaimh i gcomhrac ghéar Le tréan-mhileadh mac ríogh Gréig' go ceann leath-uaire gan bhréag.
A's tá geasa ar an mbainríoghan féin gan fear do phósadh le n-a rae acht an té bhéarfas chuiche ceann mhic áluinn ríogh Gréig'."
Annso do rádh Mac Ríogh Uladh. "Níl tábhacht annsin óir rachad-sa 'san chomhrac le Mac Ríogh Gréige agus béidh a fhios againn annsin créad é againn an gaisgeach as fearr. Annsin do labhair an bhainrioghan agus is é adubhairt go raibh inghean ag an rígh do badh athair do Bhilbhuadhach, óir is é sin do badh ainm dó. "Agus dá bhfeicfeá-sa í do bhéitheá sásta léithe de mhnáibh an domhain uile, óir is gile dearga 'na gruaidh í na lúrubh an róis agus annsin an tsneachtaibh trí n-a chéile agus níl 'san domhan a samhail eile de mhnaoi acht Minerbha amháin agus 'is breághtha Minerbha 'ná í agus dá bhrígh, má's duine tusa go dtaithneochadh an bhean-phrionnsa leat má tá sé d'fhortún leat go dtiucfadh tú tar ais, is duine mé do bhéarfas cabhair duit chum í do bheith agat, agus" ar sí "tá culaidh airm agus chruadh-chomhraic agam-sa dhuit as saidhbhre 's as treise 'ná í" agus annsin do thug sí dhó an chulaidh agus do chuir air í a's do ró-ghléas air chum siubhail. Do ghluais an gaisgeach air agus níór stad nó go ndeachaidh sé chum cathair na Gréige agus an tan do tháinig sé chum na h-áite i n-a raibh an cuaille comhraic do bhuail sé é agus do leag sé fá thalamh é agus d'iarr comhrac. Do chonnaic Mac Ríogh Gréige an gaisgeach agus is é adubhairt "Tá duine éigin ag iarraidh mo chinn-se agus is ró-dheacair dom cheannsa teacht uatha go léir." Annsin do shocruigh sé air a chulaidh airm agus chruadh-chomhraic agus do chuaidh chum Mic Ríogh Uladh agus adubhairt leis.
Is dearbh a ghaisgigh chréith gur maith do dhealbh ríogha Le comhrac ró-thréan cé taoi seal le séan. Mórdháil ghaisge na dtriath atá agam-sa do'n aicme riamh Tar amhairin do'n leabhair mhaoin, is beith le breith na ríogh.
Annsin do rádh Mac Ríogh Uladh: "Is dearbh, a ghaisgigh, nach bréag do mholadh má's fíor agus d'éis sin ní fuláir go gcomhracfam araon." Annsin do rinne an dís ar a chéile agus do thugadar comhrac tréan doi-ionnsaightheach dá chéile ar feadh mórán aimsire agus do rinneadar blóghanna dá sleaghannaibh agus do chuireadar aoirde na sgamall iad agus níor bh'fhios do'n bhuidhin do bhí ag amharc orra cia aca do chlaoidhfeadh a chéile. An tan do bhíodar ar an aiste sin do bhí eagla mhór ar rígh Gréige go mbadh threise do Mhac Ríogh Uladh 'ná do Bhilbhuadhach. Dá dhruim sin do chuaidh Flotinda, inghean ríogh Gréige agus do dhruid sí chum an ghaisgidh agus d'iarr sí sosadh comhraic dá dearbhráthair agus is é adubhairt an tan do chonnaic an bhean áluinn go dtiubhradh sé athchuinge badh mhó 'ná sin dí agus annsin do stad ó chomhrac an ghaisgigh agus le h-amharc na mná ríoghna so do thuit Mac Ríogh Uladh i searc 's i síor-ghrádh léithe. I gcionn aimsire dhóibh do thugadar an maoidheamh céadna comhraic agus do thuit an dís gaisgeach le n-a chéile ar an áit sin ar easbaidh meabhrach d'éis an chomhraic sin, agus is é céad duine d'éirigh Mac Ríogh Uladh agus is é adubhairt nuair nár bhain sé an ceann 'na sheasamh dhe nach mbainfeadh sé 'na luighe dhe é. Annsin d'éis iad a bheith ag tuargain a chéile agus an gaisgeach do thuitim le Mac Ríogh Uladh do ghluais air agus níor stad sé nó go dtáinig sé mar a raibh bainríohgan na h-Antonia. An tan do chonnaic bainríoghan na h-Antónia Mac Ríogh Uladh ag teacht tar ais beo do ghlac mian meanmna í dá thaoibh agus do rith 'na choinne a's thug sí míle póg dó a's d'fhiafruigh sí tuairisg an chatha dhe a's d'innis dí mar d'fhág sé i reachtaibh báis gan mheabhair é agus mar an gcéadna, mar do chonnaic sé an bhainríoghan mná agus de'n mhórthaithneamh thug sé dhi. Annsin do ró-fhiarfuigh de an mbádh sé sásta léithe tar cheann Mhinerbha dá mbéadh sí aige. "Is dearbh go mbéinn gan bhréag óir is í as áilne dá bhfuil 'san domhan mhór mar mheasaim." Annsin do labhair an bhainríoghan agus is é adubhairt "Do-bhéarfad-sa comhairle dhuit chum do mhaitheasa 'san tslighe sin, mar atá, fanamhaint ins an chúirt seo agus déanfad-sa slighe ar an mbainríoghan d'fhaghbháil duit agus a beith agat-sa 'na mnaoi agus 'na bainchéile." Annsin do rádh an gaisgeach "Fanfad ar an gcunntas sin" agus do bhí lán-tsásta le n-a tairsgin agus le n-a rabhadh. Do bhí an bhainríoghan lán de imshníomh i
dtaobh a geallamhna nó gur chuir sí fios ar mháighistir gárdnóra do bhí ag rígh Gréige dár bh'ainm Sinduilian agus do tháinig do'n bhainríoghan dá cúirt agus do chuir míle fáilte roimhe agus do rinne mórán de agus annsin d'fhiafruigh sí de an nglacfadh sé gárdnoir óg agus mórán óir mar thuarastal agus mar luach-saothair. Annsin do labhair Sinduilian agus is é adubhairt go nglacfadh sé é agus fáilte "gan nidh 'san domhan acht do bhuidheacas agus do cháirdeas." Annsin do thug an bhainríoghan dornán de dhearg-ór do'n ghárdnóir agus do Mhac Ríogh Uladh a's is é adubhairt leis "Ní fuláir duit a rádh gur mac duit féin é seo do bhí dá fhoghluimm i dtriúchaibh eile agus baist d'ainm féin air agus leig dom a fhéachaint go minic." Do chuir Mac Ríogh Uladh culaidh ghárdnóra air agus d'imthigh le gárdnóir ríogh Gréige mar a raibh sé lá agus bliadhain. An tan d'imthigh Mac Ríogh Uladh ó Bhilbhuadhach agus d'fhág gan mheabhair é, an tan do mhúsgail Mac Ríogh Gréige agus nach bhfuair sé an gaisgeach chum feirge do ró-agairt air do ghlac sé liaghan mhór agus ní stadfadh sé i n-aon ionad 'san domhan nó go bhfuigheadh sé amach an té do bhí 'san gcomhrac leis agus dá dhruim sin do chuaidh sé do bhaile agus d'innis do'n rígh go rachadh sé ar lorg an ghaisgigh "d'fhág ins na crothaibh seo mé" agus go ndéanfadh é d'argaint ar a chnáimh. Do bhí an rígh lán de bhuaidhirt agus d'adchumha dá thaobh sin agus níor mhaith leis Bilbhuadhach d'fhágbháil na ríoghachta agus is é adubhairt leis. "A mhic, ná corruigh-se ar chor 'san domhan óir ní duine saoghalta é acht Mars nó ceann des na deithibh, óir ní raibh sé ar chumas d'aoin-neach 'san domhan tusa d'fhágbháil ins na riochtaibh sin acht iad siúd dá dhéanamh agus ná fág-se an ríoghacht i dtaoibh duine ar an domhan ó'd bhuidhin féin." Annsin do labhair Bilbhuadhach agus do chuir sé druim le stad i n-aon ionad 'san domhan nó go bhfuigheadh sé amach an té do bhí i gcomhrac leis, agus air sin do ghluais sé air a's níor stad sé trí thíorthaibh nó go ndeachaidh go h-Armenia. An tan do chuaidh Sinduilian mór go cathair na Gréige do ró-innis do'n rígh gach nídh dár imthigh air agus mar do thug sé a mhac leis do bhí ag foghlaim i gcríochaibh eile agus mar a bhí sé ar ghárdnóiríbh maithe an domhain. Annsin do labhair an rígh agus is é adubhairt "Is mór mo ghábhadh leis sin anois óir is iomdha crann agam-sa le cur anois agus ubhall-ghort le déanamh agus rachad féin ag amharc air i mbárach." An tan d'éirigh an lá i mbárach ar an rígh do chuir sé lucht oibre ag déanamh na n-ubhall-ghort agus do chuaidh an gárdnóir óg 'san obair agus do rinne sé seacht n-oiread le n-a raibh de ghárdnóiríbh 'san ubhall-ghort do réir mar do mhúinigh an gárdnóir críonna dhóibh uile é. Ní raibh aoin-neach 'san domhan go léir badh threise cuisleanna 'ná é agus dá dhruim sin is eadh do rinneadh an mhór-obair do rinne an gárdnóir. Do bhí an rígh lán-tsásta an tan do chonnaic an mhór-obair do rinne an gárdnóir óg agus is é adubhairt an rígh gur mór an iongnadh leis a rádh go raibh chomh breágh de mhac ag an ngárdnóir agus is é adubhairt go dtiubhradh Sinduilian óg mar ainm air go mbéadh sé lán de chion air go deo. Do bhí an gárdnóir óg so seal dá aimsir ag móir-chion ag rígh Gréige nó go dtáinig gaisgeach do'n ríoghacht agus do chuir sé fógairt iomrasgála ar fuaid na ríoghachta agus muna dtiucfadh leis gaisgeach do theacht chuige go ndéanfadh sé báire agus buadh agus áird-chíos do bheith aige ar an nGréig go dtí lá an bhrátha. An tan do chuaidh tuairisg an mhór-ghaisgigh seo tré ríoghacht na Gréige do bhí an rígh lán de dhólás d'eagla nach bhfuigheadh sé fear do rachadh ag iomrasgáil leis an ngaisgeach agus an tan do chonnaic inghean an ríogh é 'san cheist sin is é adubhairt "A athair ghrádhaigh, is dearbh go ró-thuigthear dom go bhfuil neart mór ins an ngárdnóir óg agus dá bhrígh, is cóir iarraidh air dul 'san iomrasgáil sin. Do labhair an rígh agus is é adubhairt go mbadh chóir dí-se dul agus briathra milse do chanadh leis an ngárdnóir agus a fhaghbháil uaidh dul ins an iomrasgáil sin agus dualgais móra do dhéanamh nó do ghealladh dhó dá thaoibh. Do ró-ghluais an bhain-phrionnsa agus níor stad nó go ndeachaidh mar a raibh an gárdnóir óg agus is é adubhairt. "Go mbeannuighthear dhuit, a óig-fhir, "do rádh an ríoghan," agus atá athchuinge agam le h-iarraidh ort má thugann tú dhom í." Annsin do labhair an gárdnóir óg agus d'fhreagair an beannachadh agus do chuir míle fáilte roimpe agus adubhairt nach raibh aon nídh 'san domhan do bhí i gcumas do féin nach mbéadh sé le faghbháil aici-se acht a ainmniughadh chum a bháis. Annsin do labhair an ríoghan agus is é adubhairt gurab é athchuinge do bhí acie d'iarraidh air dul ag
iomrasgáil le laoch do tháinig do'n Ghréig agus go bhfuigheadh sé seoide móra dá thaoibh. Annso do rádh an gárdnóir óg "Rachad-sa ann ar uair an mheadhóin lae indiu agus do-bhéarfad craobh an lae liom." Annsin do ghluais an bhainríoghan uirre agus do chuaidh chum an ríogh agus d'innis dó go rachadh an gárdnóir óg 'san iomrasgáil. Do bhí meidhir mhór ar an rígh dá thaoibh sin agus do chuir sé an tan sin sgéala ar fuaid na cathrach go raibh gaisgeach le faghbháil do dhéanfadh an iomrasgáil do chur ar aghaidh. Do ró-ghluais sé air agus an gárdnóir agus níor stad sé nó go ndeachaidh mar a raibh an gaisgeach agus d'fhógair sé comhlann iomrasgála ar an ngaisgeach. D'fhreagair seisean nach rachadh le sglábhuidhe ar an domhan "óir badh scorn liom é." Adubhairt an gárdnóir nach gcuirfeadh rígh Gréige aon duine eile 'san iomrasgáil leis acht é féin," de bhrígh nach dtiubhradh sé de thoradh air é." Do ghlac an gaisgeach fearg mhór dá dhruim sin agus do rug sé ar an ngárdnóir agus do mheas sé go gcaithfeadh sé seacht léig uaidh an gárdnóir agus an chéad ghreim do rug an gárdnóir air do chaith thairis é mar gur bhris an crios ceangail agus d'fhág annsin é. An tan do rinne an gníomh so ní dhearna maoidheamh ná áthas de a's do chuaidh chum a oibre. An tan do chuala an rígh an nídh seo do thug sé go leor seoide uaisle, saidhbhre do'n ghárdnóir óg agus do rinne réim mhór do thabhairt dó. Mar an gcéadna, do bhí mórán de mhnáibh ríogha 'san chúirt seo ríogh na Gréige mar is soiléir annso, Grian Gheal inghean ríogh na Frainnce, Auróra inghean ríogh na Spáinne, Bheróna inghean ríogh Sacsan, Climene inghean riogh na bhFear mborb agus Floitinda inghean ríogh Gréige agus mórán eile de mhnáibh áilne dá ndeachaidh a dtuairisg fá'n domhan. Do chuaidh ainm na mbain-phrionnsaidhe tré trí rannaibh an domhain agus mar an gcéadna, do chuala Mac Ríogh Lochlann táisg agus tuairisg na n-ingheanach so agus dá dhruim sin do bhailigh sé mórán de laochaibh Lochlann agus do chuadar ar muir agus níor stadadh leo tré dhrom láir na dílinne agus tré dhún gach daingin chuain nó go dtángadar go ríoghacht na Gréige agus an tan do thángadar i dtír do shroich a dtáisg tríd an ríoghacht agus is é seo ainm na laoch do tháinig le Mac Ríogh Lochlann: Ambroc láidir Mac Ríogh Loclann é féin, Céadach curanta, Ballar bolg-lom, Cúildheach mac Diudáin, Trustrum aon fhir agus mórán eile nach bhfuil ainmnighthe annso do bhí le laochas agus le gaisge. D'fhógradar cath ar rígh Gréige i ndóigh inghine agus do chuala an rígh sin agus do bhí lán d'adchumha dá thaoibh mar nach raibh Bilbhuadhach ag an mbaile ar chor nach raibh fios aige créad é an nídh badh chóir dó do dhéanamh nó go dtáinig an ríoghan óg agus go ndubhairt go rachadh chum Sinduilian óig. Do chuaidh Flaitinda inghean ríogh Gréige, chum an ghárdnóra óig agus d'athchair aon athchuinge amháin air agus is é adubhairt dá dtiucfadh leis comhrac aon lae amháin do ró-thabhairt do na gaisgighibh sin a tháinig agus a cosnamh nach raibh nídh i ríoghacht na Gréige nach mbéadh ar a chor do shíor. Annsin do labhair an gaisgeach agus is é adubhairt dá mbéadh a focal-sa a's lámh leis sin aige féin go ndéanfadh sé féin an cath do chur ar aghaidh chomh tréan a's do tugadh 'san ríoghacht so riamh é. Adubhairt an ríoghan go dtiubhradh sí a focal dó le gach nídh dár gheall. Annsin do labhair an gárdnóir agus is é adubairt nár bhfuláir sos nó síothcháin d'fhaghbháil ó na gaisgighibh ar feadh dá lá nó trí agus go mbéadh sé féin ullamh an tríomhadh lá ar uair an mheadhóin lae. Air sin do chuir an ríoghan fios chum na laoich ar shos trí lá agus do fuair a's do ghluais an gárdnóir air. Do ghluais an gaisgeach so Mac Ríogh Uladh .i. an gárdnóir óg agus níor stad nó go ndeachaidh mar a raibh bainríoghan na h-Antónia agus an tan do tháinig sé chum na cúirte do cuireadh míle fáilte roimhe agus d'fhiosruigheadar de créad iad na sgéalta do bhí aige ó'n mbainríoghan óig. Annso do labhair an gaisgeach agus d'innis dí gach gníomh dá ndearna sé dí 'san nGréig agus de gach geallamhain dá raibh aige uirre agus de gach gníomh dá raibh d'fhiachaibh air a dhéanamh agus de na laochaibh do bhí i n-a choinne. Annsin do labhair an bhainríoghan agus is é adubhairt go dtiubhradh sí féin neithe dhó chum dul 'san chomhrac. Annsin do chuaidh an bhainrioghan chum a seomra agus do thug sí léithe claidheamh breágh, buadhach agus do thug dó é agus adubhairt "an fhaid do bhéas an claidheamh sin id' láimh tá sé de gheasaibh aige go
dtaisbeánann tú trí céad uair nídh as breághtha 'ná an ghrian" agus annsin do thug sí chuige clogad agus sgiath agus lúithreach agus sleagh a's do chuir air iad go léir 'san iomshláine agus annsin do thug sí each chuige agus an culaidh do b'fhearr do bhí riamh. Agus an tan do thug sí iad soin dó is é adubhairt nach raibh 'san domhan cúngcas do dhéanamh air "agus is de na seacht neithibh do bhí de sheoidibh an domhain an t-each sin agat-sa agus is é as ainm dí Buadh le gach rígh agus is luaithe í 'ná an ghaoith." Do labhair an gaisgeach annso agus do thug sé míle buidheachas leis an mbainríoghan i dtaoibh gach maitheasa dá ndearna dó agus i dtaoibh gach mór-thabhartais dá dtug dó. Annsin do labhair an ríoghan mná agus adubhairt go gcuirfeadh sí a beirt clainne timcheall air an lá do rachadh 'san chath agus dá dhruim sin do chuir sí culaidh airm agus chruadh-chomhraic dá dhéanamh dóibh agus do chuir sí eachra ciar-dhubh dá ngléasadh dhóibh agus an lá do bhí seisean chum dul 'san chomhrac do chuir sí na h-eich dá ngléasadh agus do chuir sí mórán laoch ag feitheamh orra agus do cheileabhradar uile annsin do'n bhainríoghan agus dá teaghlach. Do ghlacadar an bhuidhean so do bhí ag dul le Mac Ríogh Uladh a n-airm agus níor stadadar nó go ndeachaidh siad láimh le cathair na Gréige. An tan do bhíodar ag déanamh ar an oireachtas ní thug aon duine de'n dá thaoibh aithne orra agus dá dhruim sin do mheas inghean ríogh Gréige gur teicheadh do rinne an gárdnóir agus gur dream eile de'n námhaid iad a bhí ag teacht. Níor chian d'inghin an tan do chonnaic sí an gaisgeach ag tarraing a chlaidhimh agus ag daingniughadh sgéithe go ndubhairt an laoi.
Ní sglábhuidhe thú i gcroith, acht mac ríogh nó áird-triaith, Is dearbh mo chroidhe gur leat, a óig-fhir chaoin nár mheath.
Annsin do rinne Mac Ríogh Uladh agus Mac cródha Ríogh Lochlann ar a chéile agus do thug na catha cruadha gáibhtheacha dá chéile. Do bhí de thréine an chatha go gcuiridís le dian dásacht na mbuillidhe gur bhriseadar a sleghanna ionnas go sgeinnidís nídh badh aoirde 'ná na sgamaill. Do bhí mór-bhuidhean na Gréige agus gach buidhean eile ag amharc ar an ndís gaisgeach agus níor bh'fhios dóibh cia aca do bhuaidhfeadh. Do bhíodar ag tuairgin a chéile ar suim gan áireamh aimsire agus do b'é críoch an chomhraic go raibh Mac Ríogh Lochlann dá chlaoidheadh go dtáinig a laochra uile ag congnamh dhó. An tan do chonnaic Mac Ríogh Uladh na laochra sin uile 'na thimcheall do bhí sé chomh fíochmhar le leomhan agus chomh feargach le seabhac ar chor go dtug sé a leithéid sin de sgannradh le n-a chlaidheamh nár fhág sé laoch ná gaisgeach díobh uile gan treasgairt ar an láthair sin. Do ghlac luathgháir mhór maithe Gréige le chéile an tan do rinne an gárdnóir an marbhughadh sin agus do tuigeadh dhóibh uile nach 'na ghárdnóir budh chóir dó do bheith. Agus an tan do rinne sé an marbhughadh sin do bhain de a chlogad, a sgiath 's a lúithreach agus do chuir sé air a chlaidheamh áir do bhí lánbhuadhach agus do tuigeadh dhóibh uile gurab é fear badh bhreághtha dár mhair a's d'fhan 'san chúirt ó ghárdnóireacht do shíor. Do bhí mac Ríogh Uladh i gcion agus i meas go mór 'san ríoghacht sin na Gréige seal agus an bhainríoghan óg lán de shearc agus de shíor-ghrádh dó. Do bhíodar mar sin agus é ar aon bhiadh agus ar aon digh le rígh Gréige nó go dtáinig Mac calma Ríogh na h-Iorruadh agus a bhuidhean go cathair na Gréige agus ní túisge do thángadar 'ná d'fhógradar cath ar an nGréig i ndóigh na mná ríoghna agus is é seo ainmneacha na ngrian-ghaisgeach do tháinig leis chum comhartha agus chum cúngcais .i. Breac Deibgineach mac ríogh na bhfear ngorm. Fear Dearugáin mac ríogh na bhfear mbolg. Dobair breágh-Luirginneach Mac Cailidhe agus mórán eile laoch. Do ró-chuala Mac Ríogh Uladh an mhór-bhuidhean so do theacht agus air sin d'ullmhuigh é féin chum dul ag comhrac leo. Annsin do chuireadar na gaisgigh iad féin i n-órdughadh catha agus an tan do chonnaic an gaisgeach sin do rinne sé féin orra agus an tan do tháinig sé amach chum na h-áite do tharraing sé amach a chlaidheamh agus do shocruigh sé a sgiath a's do rinne ar áird-cheann na ngaisgeach a's do thugadar maidhm chruaidh churanta dá chéile ar feadh trí lá agus trí n-oidhche gan cheol, gan chodhladh, gan suan agus annsin do rinne an ríoghan an laoi seo shíos:
A ghaisgigh áluinn na ndian-ghníomh, is doilbh liom do bheag bhuidhean Ag caismirt id' bhrollach gheal mhín, a fhir chródha churanta chaoin.
An tan do bhí na trí laethe ró-chaithte do bhí lúithreacha na ngaisgeach briste raobtha agus an tan do bhíodar ar an aiste sin do chuir Mac Ríogh Uladh crot feirge air agus níl aon bhuille dá mbuaileadh sé nach gcuireadh sé seacht spáis i ndiaidh a gcúl iad nó gur thionntuigh sé a súile 'na gceann ar chor nár fhág sé duine beo dhíobh uile. Annsin adubhairt rígh Gréige an laoi seo shíos do'n ghaisgeach:
A Heclóir as calma gníomh is dearbh gur tú do shíor, Fear cosnaimh a ndian-chríoch, ag treasgairt na ndearg-námhad gach lá Is dearbh gur tréan-mhac ríogh an laoch as áilne gníomh, Sampson seang na n-each groidhe a's treánmhíleadh na gcath ngéar. Ní bhfuil mac ríogh fán ngréin ná gaisgeach teann gan bhéim Nach bhfuil fear claidhimh dó i nGréig, óglaoch cródha na n-arm ngéar. Is de na déithibh adhartha, gan bhréag is gean na mban Ar feadh an domhain go beacht, an seal bhéas rígh le n-a racht.
An dan do bhí an marbhughadh so déanta do chuaidh Mac Rígh Uladh go cathair na Gréige agus do fáiltigheadh roimhe agus mórán tabhartas do tugadh dó an tan sin. Do bhí sé i gcion mhór éagmhaiseach ag saoithibh na Gréige i dtaoibh a ghaisge agus a bhreághthachta óir ní raibh sé 'san domhan ar aon taobh fear do b'áilne 'ná é agus badh chaoinbhriathraighe. Do bhí Mac Ríogh Uladh an tan sin i gcion mhór i gcathair na Gréige agus lá de sna laetheantaibh do chuir an rígh fios air agus is é adubhairt. "A ghaisgigh chródha, innis dom créad é an ríoghacht i n-ar chóir dhuit bheith agus créad iad do dhaoine gan bhréag. Annsin do labhair Mac Ríogh Uladh agus is é adubhairt nach raibh a fhios aige cérbh é a athair ná a mháthair ó thús riamh agus gur 'n-a sheirbhíseach do Rígh Uladh do bhí sé nó go ndearnadh taisbeánadh dhó dul agus cúngcas do dhéanamh ar an mbainríoghan mná so "agus gur mac ríoghamhail mé agus go dtiucfadh liom cúngcas do dhéanamh uirre agus dá dhruim sin níor stadadh liom nó go dtáinig do'n ríoghacht so mar a dtugas na
catha so agus sin é críoch mo sgéil." Annsin do bhí an rígh lán-tsásta le gach nídh dá gcuala ó'n ngaisgeach agus do bhí lán d'adchumha nach raibh sé siúrálta é do bheith ó fhuil ríoghamhail óir dá mbeádh, do bhéarfadh sé a inghean dó mar chéile, do bhí sé i gcion chomh mór sin. An tan do bhí sé 'san mhóir-chion so i gcathair na Gréige do thug sé aire ró-mhór do'n inghin agus do thug sise an aire chéadna dhó ar chor lá dá rabhadar 'sna gáirdíníbh amuigh do chuaidh an gaisgeach i n-uaigneas. Do bhí sé seal mar sin nó go raibh an bhean-phrionnsa ag gabháil thairis. d'airigh sí eisean san áit i n-a raibh agus annsin do rinne air agus is é adubhairt leis créad é an mór-dhólás sin do bhí air. Annsin do labhair an gaisgeach agus is é adubhairt nach raibh faghbháil leighis aige ar dhíoghbháil do bhí dá déanamh ag neach mná air. Annsin do labhair an bhainríoghan agus is é adubhairt go mbadh bhean gan chroidhe do dhéanfadh díoghbháil dó. Annsin do labhair an gaisgeach a's is é adubhairt gurab í an bhean a bhí g déanamh a dhíoghbhála bean a bhí fá na cor agus a smacht séin. Annsin adubhairt an bhainphrionnsa go gcuirfeadh sí d'fhiachaibh uirre gan a dhíoghbháil do dhéanamh níos sia. Annsin do rádh an gaisgeach "Is fíor gurab tusa, a bhain-phrionnsa, an té do leag mo chroidhe a's d'fhág mé gan bhrígh" Annso labhair an ríoghan agus is é adubhairt nach mbéadh sí féin cionntach i chomh mór sin de ghníomh agus é do mhilleadh agus dá bhrígh sin nach raibh aon nídh riaghalta ná onóireach nach ndéanfadh chum a bheith dá réir. Do thug an gaisgeach míle mór-bhuidheachas léithe agus annsin do dhaingneadar lámh agus focal le chéile ar an láthair sin. Annsin d'imthigh Mac Ríogh Uladh agus Inghean Ríogh Gréige agus do ghluaiseadar chum siubhail i dtosach na h-oidhche agus níor stadadh leo nó go ndeachadar mar a raibh bainríoghan na h-Antónia. Ní túisge tháinig siad chum na cúirte seo 'ná cuireadh na mílte fáilte rómpa ar chor go ndearnathas an oiread de'n bhainríoghan óig annso a's do b'fhéidir do dhéanamh dí i n-aon ionad 'san domhan. Do bhíodar seal fada annso agus do pósadh iad le lán-mheidhir mhóir acht ní aithristear a n-imtheachta arís go dtáinig siad tar n-ais go ríoghacht Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services