Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Mhic Ríogh UIadh

Title
Eachtra Mhic Ríogh UIadh
Author(s)
Anaithnid,
Composition Date
1817
Publisher
(B.Á.C.: Connradh Chuilm Naomhtha, 1907)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Eachra Mhic Ríogh Uladh.



Rígh oirdheirc, oill-ghníomhach, do bhí ar chúige
chaomh-áluinn Uladh dár bh'ainm Fergus Mac
Róigh de shliocht Ír mhóir mhic Mhílidh, agus do
bhí aon mhac amháin aige do sháruigh fir an
domhain uile an tan sin i ngoil agus i ngaisge
agus i n-áird-ghníomharthaibh. Ag lá dá raibh
an mac so ag fiadhach agus ag sealgaireacht do
chaith préachán dubh agus do thuit braon d'fhuil
an phréacháin 'san sneachta agus do ró-thaisbeáin
an dearg 's an bán trí n-a chéile na
datha breághtha agus an tan do chonnaic sé
adubhairt nach ndéanfadh sé suaimhneas go
bráth nó go bhfeicfeadh sé agus go bhfuigheadh
sé bean chomh breágh dath 'n-a gruaidh agus
do bhí ar an sneachta agus ar an bhfuil sin do
bhí ós a chomhair. Annsin do tháinig neach ós
a chionn i n-airde agus agus is é adubhairt "atá
sin ann nó nídh as breághtha, bainríoghan
ríoghachta Armenia 'san domhan toir agus
Minerbha a h-ainm." Annsin d'fhéach an
gaisgeach na thimcheall agus níor amharc sé
aoin-neach agus iar sin níor stad nó go
ndeachaidh sé dá bhaile féin agus adubhairt na
briathra so le n-a athair agus le n-a mháthair:




Im' luighe im' aonar do chonnaic dreach gheal mé
Mná glaine i sgéimh badh áilne 'ná an ghrian,
Badh ró-choillteach mo ghné ar sreawbh nó racht an lae,
Do bheannuigh dhom go binn a's d'iarr mo chomairc dá saoibh.



Freagara ní raibh agam do'n deagh-mhnaoi óig
Do thug an bás im' chroidhe mara bhfusgaladh gan mhoill.



Is gile 's is áilne í 'ná an ghrian,
Níl Juno ná Pallas 'na gaobhar
Is dearga a gruaidh 'ná an rós
'S is breághtha í 'ná a bhfaca-sa fós.



Bainríoghan í ar gach treabh, is réaltán í le dul tar muir,
Stiúrthóir tréan na luing, dá mbreith go réidh i n-a ndún.




Annsin do ghluais an gaisgeach air chum
siubhail agus bhí sé ag déanamh trí choill mhóir
dhorcha agus do chonnaic sé ag déanamh tríd
an gcoill giolla agus gadhar agus do bheannuigh
dhóibh. Annsin do labhair an giolla agus
adubhairt "Ó ríoghacht an domhain toir do
thángas-sa chugat-sa" ar sé "agus atá mo
bhád fá'd chomhair ar imeall na coille seo."
Do chuaidh Mac Ríogh Uladh agus an giolla
agus an gadhar isteach ins an mbád agus
d'imthigheadar an sáile amach. Agus an tan
do ghlacadar talamh i gcrích na Gréige do
chuireadar a saoir-bhárc i dtír agus i gcuan
sábhála agus do chuadar féin fá'n dtír.
Agus níor chian dóibh an tan d'éirigh girr-fhiadh
rómpa agus do ghluais an giolla agus an gadhar
'na dhiaidh agus do ghluais Mac Ríogh Uladh 'na
ndiaidh agus ar éigean do chongaibh radharc orra
nó go ndeachadar isteach i gcúirt mhóir
aoibhinn bhreágh agus do lean Mac Ríogh Uladh
iad. Agus is é aiste ar a raibh roimhe an
girr-fhiadh, an giolla 's an gadhar ar aon
leabaidh agus nuair a chonnaic Mac Ríogh Uladh
iad. Agus is é aiste ar a raibh roimhe an
girr-fhiadh, an giolla 's an gadhar ar aon
leabaidh agus nuair a chonnaic Mac Ríogh
Uladh iad do chuir lán-gháire mhór as, agus
dá dhruim sin do tháinig chuige mar a raibh sé
ar an talla aon mhacaomh amháin mná agus badh
áluinn breágh an bhean í, acht go raibh sí aosta
agus annsin do chuir sí fáilte roimh Mac Ríogh
Uladh agus d'fhiafruigh sí dhe créad é an áit
i n-a raibh a thriall. "Atá" ar sé "do'n
Armenia agus is iongnadh liom-sa créad é
do aithne orm-sa de bhrígh nach raibh mé riamh
'san gcrích seo agus dá dhruim sin is é cúis
m'iongnaidh é." Annsin do labhair an
bhainríoghan mhná agus is é adubhairt gan sin
do bheith ar iongnadh air "óir" ar sí "níl
aon mhac ríogh ná ridire 'san domhan gan
aithne fá leith agam-sa air, agus an girr-fhiadh
sin do chonnaicis is mac domh-sa é do bhíos
ag tarraing gach n-aon dá uaisle dom' ríghtheaghlach;
agus is é cúis fá n-a dtairgim
ann iad gáirdín breágh, buadhach do bhí agam
agus an toradh do cuirthidhe ann 'san ló do
bhíodh sé agam-sa ins an oidhche agus an nídh


L. 11


do cuirfidhe ann ar thuitim na h-oidhche do
bhéadh sí agam chum mo phroinne an lá ar n-a
mháireach. Agus" ar sí "do bhí sí mar sin
agam nó go dtáinig piast d'ainmhidhe éigin
a fuair eolas ar an ngáirdín agus atá
toradh an gháirdín ag imtheacht uaim mar sin
ó'n aimsir sin, agus is iomdha mac ríogh agus
prionnsa do bhí lán de shúil leis an bpéist
sin do chur ar gcúl agus do cailleadh iad
féin léithe agus is é sin fáth fá ndeara
dhom-sa mo chlann do ró-chur ins na crothaibh
seo chum gach n-aon dá dtiucfadh do'n tír
do tharraing ar an gcúirt de bhrígh go bhfuil
sé 'san tarngaireacht go dtiucfaidh mac ríogh
fá dheireadh do ró-chríochnóchas í." Annsin do
labhair Mac Ríogh Uladh agus is é adubhairt
go ndéanfadh sé féin comhrac leis an bpéist
sin agus nach bhfágfadh an ríoghacht nó go
ndéanfadh an comhrac leis an bpéist,
"agus" ar sé "is ró-mhór mo dhóigh go
dtiucfadh liom an phiast do mharbhughadh."
Annsin do labhair an bhainríoghan agus is é
adubhairt dá dtiucfadh leis an nídh sin do
dhéanamh go dtiubhradh dó na seoide badh
shaidhbhre dá raibh 'san tsaoghal, "agus mar
an gcéadna, níl comhairle i gcéill nach bhfuil
agam-sa le tabhairt duit agus dá dteangmhóchadh
go mbéadh aon tsórt gábhaidh conganta
ar slighe ar domhan ort tá ar mo
láimh-se teannta do dhéanamh leat."



Annso do ghluais an tréan-fhear Mac
Ríogh Uladh air agus do chuaidh ag faire an
gháirdín a's do rug leis an giolla agus an
gadhar, agus do bhí sé sealad fada de'n
oidhche ar an aiste sin. Timcheall mheadhóin-
oidhche dhó do chonnaic sé mar néal ag teacht
i dtír í agus an aoirde a bhí uirre do bhain
amharc na spéire go léir de, agus annsin do
tháinig an t-ainmhidhe ar talamh agus má
tháinig, ar a tuirling dí do thug an giolla
iarracht uirre agus do rug láin-ghreim docht
ar an bpéist agus do sgread. Air sin do
tháinig an gaisgeach do chabhair an ghiolla agus
rug an phiast go ró-lom ar Mhac Ríogh Uladh
agus má rug, do rug Mac Ríogh Uladh greim do-sgaoilte
uirre agus do throideadar siad chomh
tréan sin nar tugadh a leithéid de chath 'san
tsaoghal uile roimhe sin ná ó shoin; do bhí de
thréine an mhór-chomhraic sin gur marbhadh an
phiast sin agus ar maidin is é dreach a bhí ar
an bpéist, do bhí seacht gcéad gcinn uirre agus
ceithre lámha déag agus ceithre cosa déag.
Annsin do chuaidh sé isteach go h-áit na
bainríogna agus an tan do chonnaic sí é 'na
bheathaidh do chuir sí na mílte fáilte roimhe
agus d'innis dó nár tháinig aon duine beo
ó'n áit sin acht é féin amháin "agus" ar sí
"is tú mór-cheann gaisge an domhain."



Ag so do chuaidh an bhainríoghan ag féachaint
an aithis agus na gaisge sinn do rinne
Mac Ríogh Uladh agus ar chéad amharc na
péiste sin do ghlac iongnadh neamh-chuimseach
iad, an uile bhuidhean dá dtáinig, agus dá
dhruim sin do labhair an bhainríoghan agus is
é adubhairt nach raibh aon duine 'san domhan
do dhéanfadh an ghaisge sin acht é féin. Do
bhíodar ar an aiste sin nó gur glanadh an
áit uatha agus go raibh toradh an gháirdín ag an
mbainríoghan do shíor agus air sin do ghléas an
gaisgeach air chum siubhail agus do mheas sé
ceileabhradh do'n bhainríoghan agus annsin do
labhair an bhainríoghan ar an aiste seo:




"A ghaisgigh as áilne dreach, créad é an mór-shimheall
As áil leat do dhéanamh, ar an uair 'n-a bhfuil?



Maitheas na ríoghachta i gcrích le do thoil béidh a's bíodh
A's ná fág an chríoch fós 'n-a dtángais chomh luaith."



"A bhainríoghain as áilne gné, dá bhfaca 'san tír le séan
Is dearbh gur mór indiu do cheist le cur i mbrígh.



An bhainríoghain as áilne 'ná an ghrian, do chonnac-sa seal im' ghaobhar
d'fhág mé anois gan bhrígh a's dá chéad eile mac ríogh.



Minerbha as ainm do mhnaoi do leag go mór mo chroidhe
Bainríoghan í 'san Armenia do rug bara sgaoilte léithe."



Annsin do rádh an bhean chaoin "Is maith do rabhadh go fíor
'S is deacair fós a ró-sgríobh 'ná chur i n-éifeacht dúinn síos.



Agus an bhainríoghan adeir tú is bean í nach bhfuil le faghbháil.
Gan mac tréan ríogh Gréig' do mharbhadh 'san ríoghacht 'na bhfuil.



Agus ní raibh riamh 'san domhan fear seasaimh i gcomhrac ghéar
Le tréan-mhileadh mac ríogh Gréig' go ceann leath-uaire gan bhréag.


L. 12


A's tá geasa ar an mbainríoghan féin gan fear do phósadh le n-a rae
acht an té bhéarfas chuiche ceann mhic áluinn ríogh Gréig'."




Annso do rádh Mac Ríogh Uladh. "Níl
tábhacht annsin óir rachad-sa 'san chomhrac le
Mac Ríogh Gréige agus béidh a fhios againn
annsin créad é againn an gaisgeach as
fearr. Annsin do labhair an bhainrioghan
agus is é adubhairt go raibh inghean ag an
rígh do badh athair do Bhilbhuadhach, óir is
é sin do badh ainm dó. "Agus dá
bhfeicfeá-sa í do bhéitheá sásta léithe de
mhnáibh an domhain uile, óir is gile
dearga 'na gruaidh í na lúrubh an róis agus
annsin an tsneachtaibh trí n-a chéile agus níl
'san domhan a samhail eile de mhnaoi acht
Minerbha amháin agus 'is breághtha Minerbha
'ná í agus dá bhrígh, má's duine tusa go
dtaithneochadh an bhean-phrionnsa leat má tá
sé d'fhortún leat go dtiucfadh tú tar ais, is
duine mé do bhéarfas cabhair duit chum í do
bheith agat, agus" ar sí "tá culaidh airm agus
chruadh-chomhraic agam-sa dhuit as saidhbhre 's
as treise 'ná í" agus annsin do thug sí dhó an
chulaidh agus do chuir air í a's do ró-ghléas air
chum siubhail.



Do ghluais an gaisgeach air agus níór stad
nó go ndeachaidh sé chum cathair na Gréige
agus an tan do tháinig sé chum na h-áite i n-a
raibh an cuaille comhraic do bhuail sé é agus do
leag sé fá thalamh é agus d'iarr comhrac.
Do chonnaic Mac Ríogh Gréige an gaisgeach agus
is é adubhairt "Tá duine éigin ag iarraidh
mo chinn-se agus is ró-dheacair dom cheannsa
teacht uatha go léir." Annsin do shocruigh
sé air a chulaidh airm agus chruadh-chomhraic agus
do chuaidh chum Mic Ríogh Uladh agus
adubhairt leis.




Is dearbh a ghaisgigh chréith gur maith do dhealbh ríogha
Le comhrac ró-thréan cé taoi seal le séan.



Mórdháil ghaisge na dtriath atá agam-sa do'n aicme riamh
Tar amhairin do'n leabhair mhaoin, is beith le breith na ríogh.




Annsin do rádh Mac Ríogh Uladh: "Is
dearbh, a ghaisgigh, nach bréag do mholadh má's
fíor agus d'éis sin ní fuláir go gcomhracfam
araon." Annsin do rinne an dís ar a chéile
agus do thugadar comhrac tréan doi-ionnsaightheach
dá chéile ar feadh mórán aimsire agus
do rinneadar blóghanna dá sleaghannaibh agus
do chuireadar aoirde na sgamall iad agus
níor bh'fhios do'n bhuidhin do bhí ag amharc orra
cia aca do chlaoidhfeadh a chéile. An tan do
bhíodar ar an aiste sin do bhí eagla mhór ar
rígh Gréige go mbadh threise do Mhac Ríogh
Uladh 'ná do Bhilbhuadhach. Dá dhruim sin
do chuaidh Flotinda, inghean ríogh Gréige agus
do dhruid sí chum an ghaisgidh agus d'iarr sí
sosadh comhraic dá dearbhráthair agus is é
adubhairt an tan do chonnaic an bhean áluinn
go dtiubhradh sé athchuinge badh mhó 'ná sin dí
agus annsin do stad ó chomhrac an ghaisgigh
agus le h-amharc na mná ríoghna so do thuit
Mac Ríogh Uladh i searc 's i síor-ghrádh léithe.
I gcionn aimsire dhóibh do thugadar an maoidheamh
céadna comhraic agus do thuit an
dís gaisgeach le n-a chéile ar an áit sin ar
easbaidh meabhrach d'éis an chomhraic sin,
agus is é céad duine d'éirigh Mac Ríogh
Uladh agus is é adubhairt nuair nár bhain sé an
ceann 'na sheasamh dhe nach mbainfeadh sé 'na
luighe dhe é.



Annsin d'éis iad a bheith ag tuargain a
chéile agus an gaisgeach do thuitim le Mac
Ríogh Uladh do ghluais air agus níor stad sé
nó go dtáinig sé mar a raibh bainríohgan na
h-Antonia. An tan do chonnaic bainríoghan
na h-Antónia Mac Ríogh Uladh ag teacht tar
ais beo do ghlac mian meanmna í dá thaoibh agus
do rith 'na choinne a's thug sí míle póg dó
a's d'fhiafruigh sí tuairisg an chatha dhe a's
d'innis dí mar d'fhág sé i reachtaibh báis gan
mheabhair é agus mar an gcéadna, mar do chonnaic
sé an bhainríoghan mná agus de'n mhórthaithneamh
thug sé dhi. Annsin do ró-fhiarfuigh
de an mbádh sé sásta léithe tar cheann
Mhinerbha dá mbéadh sí aige. "Is dearbh go
mbéinn gan bhréag óir is í as áilne dá bhfuil
'san domhan mhór mar mheasaim." Annsin do
labhair an bhainríoghan agus is é adubhairt
"Do-bhéarfad-sa comhairle dhuit chum do mhaitheasa
'san tslighe sin, mar atá, fanamhaint ins an
chúirt seo agus déanfad-sa slighe ar an mbainríoghan
d'fhaghbháil duit agus a beith agat-sa 'na
mnaoi agus 'na bainchéile." Annsin do rádh an
gaisgeach "Fanfad ar an gcunntas sin"
agus do bhí lán-tsásta le n-a tairsgin agus
le n-a rabhadh.



Do bhí an bhainríoghan lán de imshníomh i


L. 13


dtaobh a geallamhna nó gur chuir sí fios ar
mháighistir gárdnóra do bhí ag rígh Gréige
dár bh'ainm Sinduilian agus do tháinig do'n bhainríoghan
dá cúirt agus do chuir míle fáilte roimhe
agus do rinne mórán de agus annsin d'fhiafruigh
sí de an nglacfadh sé gárdnoir óg agus mórán
óir mar thuarastal agus mar luach-saothair.
Annsin do labhair Sinduilian agus is é
adubhairt go nglacfadh sé é agus fáilte
"gan nidh 'san domhan acht do bhuidheacas
agus do cháirdeas." Annsin do thug an
bhainríoghan dornán de dhearg-ór do'n ghárdnóir
agus do Mhac Ríogh Uladh a's is é adubhairt
leis "Ní fuláir duit a rádh gur mac duit
féin é seo do bhí dá fhoghluimm i dtriúchaibh eile
agus baist d'ainm féin air agus leig dom a fhéachaint
go minic." Do chuir Mac Ríogh Uladh culaidh
ghárdnóra air agus d'imthigh le gárdnóir ríogh
Gréige mar a raibh sé lá agus bliadhain.



An tan d'imthigh Mac Ríogh Uladh ó Bhilbhuadhach
agus d'fhág gan mheabhair é, an tan
do mhúsgail Mac Ríogh Gréige agus nach bhfuair
sé an gaisgeach chum feirge do ró-agairt air
do ghlac sé liaghan mhór agus ní stadfadh sé i
n-aon ionad 'san domhan nó go bhfuigheadh sé
amach an té do bhí 'san gcomhrac leis agus dá
dhruim sin do chuaidh sé do bhaile agus d'innis
do'n rígh go rachadh sé ar lorg an ghaisgigh
"d'fhág ins na crothaibh seo mé" agus go
ndéanfadh é d'argaint ar a chnáimh. Do bhí
an rígh lán de bhuaidhirt agus d'adchumha dá thaobh
sin agus níor mhaith leis Bilbhuadhach d'fhágbháil na
ríoghachta agus is é adubhairt leis. "A mhic,
ná corruigh-se ar chor 'san domhan óir ní
duine saoghalta é acht Mars nó ceann des
na deithibh, óir ní raibh sé ar chumas d'aoin-neach
'san domhan tusa d'fhágbháil ins na
riochtaibh sin acht iad siúd dá dhéanamh agus ná
fág-se an ríoghacht i dtaoibh duine ar an
domhan ó'd bhuidhin féin." Annsin do labhair
Bilbhuadhach agus do chuir sé druim le stad
i n-aon ionad 'san domhan nó go bhfuigheadh
sé amach an té do bhí i gcomhrac leis, agus
air sin do ghluais sé air a's níor stad sé trí
thíorthaibh nó go ndeachaidh go h-Armenia.



An tan do chuaidh Sinduilian mór go
cathair na Gréige do ró-innis do'n rígh gach
nídh dár imthigh air agus mar do thug sé a mhac
leis do bhí ag foghlaim i gcríochaibh eile agus mar
a bhí sé ar ghárdnóiríbh maithe an domhain.
Annsin do labhair an rígh agus is é adubhairt
"Is mór mo ghábhadh leis sin anois óir is
iomdha crann agam-sa le cur anois agus
ubhall-ghort le déanamh agus rachad féin ag
amharc air i mbárach." An tan d'éirigh an
lá i mbárach ar an rígh do chuir sé lucht oibre
ag déanamh na n-ubhall-ghort agus do chuaidh
an gárdnóir óg 'san obair agus do rinne sé
seacht n-oiread le n-a raibh de ghárdnóiríbh
'san ubhall-ghort do réir mar do mhúinigh an
gárdnóir críonna dhóibh uile é. Ní raibh aoin-neach
'san domhan go léir badh threise cuisleanna
'ná é agus dá dhruim sin is eadh do rinneadh
an mhór-obair do rinne an gárdnóir.
Do bhí an rígh lán-tsásta an tan do chonnaic
an mhór-obair do rinne an gárdnóir óg agus
is é adubhairt an rígh gur mór an iongnadh
leis a rádh go raibh chomh breágh de mhac ag
an ngárdnóir agus is é adubhairt go dtiubhradh
Sinduilian óg mar ainm air go mbéadh
sé lán de chion air go deo.



Do bhí an gárdnóir óg so seal dá aimsir
ag móir-chion ag rígh Gréige nó go dtáinig
gaisgeach do'n ríoghacht agus do chuir sé
fógairt iomrasgála ar fuaid na ríoghachta
agus muna dtiucfadh leis gaisgeach do
theacht chuige go ndéanfadh sé báire agus buadh
agus áird-chíos do bheith aige ar an nGréig go
dtí lá an bhrátha. An tan do chuaidh tuairisg
an mhór-ghaisgigh seo tré ríoghacht na Gréige
do bhí an rígh lán de dhólás d'eagla nach
bhfuigheadh sé fear do rachadh ag iomrasgáil
leis an ngaisgeach agus an tan do chonnaic
inghean an ríogh é 'san cheist sin is é adubhairt
"A athair ghrádhaigh, is dearbh go ró-thuigthear
dom go bhfuil neart mór ins an ngárdnóir
óg agus dá bhrígh, is cóir iarraidh air dul 'san
iomrasgáil sin. Do labhair an rígh agus is é
adubhairt go mbadh chóir dí-se dul agus
briathra milse do chanadh leis an ngárdnóir
agus a fhaghbháil uaidh dul ins an iomrasgáil sin
agus dualgais móra do dhéanamh nó do ghealladh
dhó dá thaoibh.



Do ró-ghluais an bhain-phrionnsa agus níor stad
nó go ndeachaidh mar a raibh an gárdnóir óg
agus is é adubhairt. "Go mbeannuighthear dhuit,
a óig-fhir, "do rádh an ríoghan," agus atá
athchuinge agam le h-iarraidh ort má thugann
tú dhom í." Annsin do labhair an gárdnóir
óg agus d'fhreagair an beannachadh agus do chuir
míle fáilte roimpe agus adubhairt nach raibh aon
nídh 'san domhan do bhí i gcumas do féin nach
mbéadh sé le faghbháil aici-se acht a
ainmniughadh chum a bháis. Annsin do labhair
an ríoghan agus is é adubhairt gurab é
athchuinge do bhí acie d'iarraidh air dul ag


L. 14


iomrasgáil le laoch do tháinig do'n Ghréig agus
go bhfuigheadh sé seoide móra dá thaoibh.
Annso do rádh an gárdnóir óg "Rachad-sa
ann ar uair an mheadhóin lae indiu agus
do-bhéarfad craobh an lae liom." Annsin
do ghluais an bhainríoghan uirre agus do chuaidh
chum an ríogh agus d'innis dó go rachadh
an gárdnóir óg 'san iomrasgáil. Do bhí
meidhir mhór ar an rígh dá thaoibh sin agus do
chuir sé an tan sin sgéala ar fuaid na
cathrach go raibh gaisgeach le faghbháil do
dhéanfadh an iomrasgáil do chur ar aghaidh.



Do ró-ghluais sé air agus an gárdnóir agus
níor stad sé nó go ndeachaidh mar a raibh an
gaisgeach agus d'fhógair sé comhlann iomrasgála
ar an ngaisgeach. D'fhreagair seisean nach
rachadh le sglábhuidhe ar an domhan "óir badh
scorn liom é." Adubhairt an gárdnóir nach
gcuirfeadh rígh Gréige aon duine eile 'san
iomrasgáil leis acht é féin," de bhrígh nach
dtiubhradh sé de thoradh air é." Do ghlac an
gaisgeach fearg mhór dá dhruim sin agus do
rug sé ar an ngárdnóir agus do mheas sé
go gcaithfeadh sé seacht léig uaidh an
gárdnóir agus an chéad ghreim do rug an
gárdnóir air do chaith thairis é mar gur bhris
an crios ceangail agus d'fhág annsin é.



An tan do rinne an gníomh so ní dhearna
maoidheamh ná áthas de a's do chuaidh chum a
oibre. An tan do chuala an rígh an nídh seo
do thug sé go leor seoide uaisle, saidhbhre
do'n ghárdnóir óg agus do rinne réim mhór
do thabhairt dó.



Mar an gcéadna, do bhí mórán de
mhnáibh ríogha 'san chúirt seo ríogh na
Gréige mar is soiléir annso, Grian Gheal
inghean ríogh na Frainnce, Auróra inghean ríogh
na Spáinne, Bheróna inghean ríogh Sacsan,
Climene inghean riogh na bhFear mborb agus
Floitinda inghean ríogh Gréige agus mórán eile
de mhnáibh áilne dá ndeachaidh a dtuairisg
fá'n domhan.



Do chuaidh ainm na mbain-phrionnsaidhe tré
trí rannaibh an domhain agus mar an
gcéadna, do chuala Mac Ríogh Lochlann táisg
agus tuairisg na n-ingheanach so agus dá dhruim sin
do bhailigh sé mórán de laochaibh Lochlann
agus do chuadar ar muir agus níor stadadh
leo tré dhrom láir na dílinne agus tré dhún
gach daingin chuain nó go dtángadar go
ríoghacht na Gréige agus an tan do thángadar
i dtír do shroich a dtáisg tríd an
ríoghacht agus is é seo ainm na laoch do
tháinig le Mac Ríogh Lochlann: Ambroc
láidir Mac Ríogh Loclann é féin, Céadach
curanta, Ballar bolg-lom, Cúildheach mac
Diudáin, Trustrum aon fhir agus mórán eile
nach bhfuil ainmnighthe annso do bhí le laochas
agus le gaisge. D'fhógradar cath ar rígh
Gréige i ndóigh inghine agus do chuala an
rígh sin agus do bhí lán d'adchumha dá thaoibh
mar nach raibh Bilbhuadhach ag an mbaile ar
chor nach raibh fios aige créad é an nídh badh
chóir dó do dhéanamh nó go dtáinig an ríoghan
óg agus go ndubhairt go rachadh chum
Sinduilian óig.



Do chuaidh Flaitinda inghean ríogh Gréige,
chum an ghárdnóra óig agus d'athchair aon
athchuinge amháin air agus is é adubhairt dá
dtiucfadh leis comhrac aon lae amháin do
ró-thabhairt do na gaisgighibh sin a tháinig agus
a cosnamh nach raibh nídh i ríoghacht na Gréige
nach mbéadh ar a chor do shíor. Annsin do
labhair an gaisgeach agus is é adubhairt dá
mbéadh a focal-sa a's lámh leis sin aige féin
go ndéanfadh sé féin an cath do chur ar
aghaidh chomh tréan a's do tugadh 'san ríoghacht
so riamh é. Adubhairt an ríoghan go
dtiubhradh sí a focal dó le gach nídh dár
gheall. Annsin do labhair an gárdnóir agus
is é adubairt nár bhfuláir sos nó síothcháin
d'fhaghbháil ó na gaisgighibh ar feadh dá lá nó
trí agus go mbéadh sé féin ullamh an
tríomhadh lá ar uair an mheadhóin lae. Air
sin do chuir an ríoghan fios chum na laoich ar
shos trí lá agus do fuair a's do ghluais an
gárdnóir air.



Do ghluais an gaisgeach so Mac Ríogh Uladh
.i. an gárdnóir óg agus níor stad nó go
ndeachaidh mar a raibh bainríoghan na h-Antónia
agus an tan do tháinig sé chum na
cúirte do cuireadh míle fáilte roimhe agus
d'fhiosruigheadar de créad iad na sgéalta
do bhí aige ó'n mbainríoghan óig. Annso do
labhair an gaisgeach agus d'innis dí gach gníomh
dá ndearna sé dí 'san nGréig agus de gach
geallamhain dá raibh aige uirre agus de gach
gníomh dá raibh d'fhiachaibh air a dhéanamh agus de
na laochaibh do bhí i n-a choinne. Annsin do
labhair an bhainríoghan agus is é adubhairt go
dtiubhradh sí féin neithe dhó chum dul 'san
chomhrac. Annsin do chuaidh an bhainrioghan
chum a seomra agus do thug sí léithe claidheamh
breágh, buadhach agus do thug dó é agus
adubhairt "an fhaid do bhéas an claidheamh
sin id' láimh tá sé de gheasaibh aige go


L. 15


dtaisbeánann tú trí céad uair nídh as
breághtha 'ná an ghrian" agus annsin do thug
sí chuige clogad agus sgiath agus lúithreach
agus sleagh a's do chuir air iad go léir 'san
iomshláine agus annsin do thug sí each chuige
agus an culaidh do b'fhearr do bhí riamh.
Agus an tan do thug sí iad soin dó is é
adubhairt nach raibh 'san domhan cúngcas do
dhéanamh air "agus is de na seacht neithibh do
bhí de sheoidibh an domhain an t-each sin
agat-sa agus is é as ainm dí Buadh le gach
rígh agus is luaithe í 'ná an ghaoith." Do labhair
an gaisgeach annso agus do thug sé míle
buidheachas leis an mbainríoghan i dtaoibh gach
maitheasa dá ndearna dó agus i dtaoibh gach
mór-thabhartais dá dtug dó. Annsin do
labhair an ríoghan mná agus adubhairt go
gcuirfeadh sí a beirt clainne timcheall air
an lá do rachadh 'san chath agus dá dhruim sin
do chuir sí culaidh airm agus chruadh-chomhraic dá
dhéanamh dóibh agus do chuir sí eachra ciar-dhubh
dá ngléasadh dhóibh agus an lá do bhí seisean
chum dul 'san chomhrac do chuir sí na h-eich
dá ngléasadh agus do chuir sí mórán laoch ag
feitheamh orra agus do cheileabhradar uile
annsin do'n bhainríoghan agus dá teaghlach.



Do ghlacadar an bhuidhean so do bhí ag dul
le Mac Ríogh Uladh a n-airm agus níor stadadar
nó go ndeachaidh siad láimh le cathair na
Gréige. An tan do bhíodar ag déanamh ar
an oireachtas ní thug aon duine de'n dá
thaoibh aithne orra agus dá dhruim sin do mheas
inghean ríogh Gréige gur teicheadh do rinne an
gárdnóir agus gur dream eile de'n námhaid
iad a bhí ag teacht. Níor chian d'inghin an
tan do chonnaic sí an gaisgeach ag tarraing
a chlaidhimh agus ag daingniughadh sgéithe go
ndubhairt an laoi.




Ní sglábhuidhe thú i gcroith, acht mac ríogh nó áird-triaith,
Is dearbh mo chroidhe gur leat, a óig-fhir chaoin nár mheath.




Annsin do rinne Mac Ríogh Uladh agus
Mac cródha Ríogh Lochlann ar a chéile agus
do thug na catha cruadha gáibhtheacha dá
chéile. Do bhí de thréine an chatha go
gcuiridís le dian dásacht na mbuillidhe
gur bhriseadar a sleghanna ionnas go
sgeinnidís nídh badh aoirde 'ná na
sgamaill. Do bhí mór-bhuidhean na Gréige
agus gach buidhean eile ag amharc ar an ndís
gaisgeach agus níor bh'fhios dóibh cia aca do
bhuaidhfeadh. Do bhíodar ag tuairgin a chéile
ar suim gan áireamh aimsire agus do b'é
críoch an chomhraic go raibh Mac Ríogh Lochlann
dá chlaoidheadh go dtáinig a laochra uile ag
congnamh dhó. An tan do chonnaic Mac Ríogh
Uladh na laochra sin uile 'na thimcheall do bhí sé
chomh fíochmhar le leomhan agus chomh feargach
le seabhac ar chor go dtug sé a leithéid sin de
sgannradh le n-a chlaidheamh nár fhág sé laoch
ná gaisgeach díobh uile gan treasgairt ar an
láthair sin.



Do ghlac luathgháir mhór maithe Gréige le
chéile an tan do rinne an gárdnóir an
marbhughadh sin agus do tuigeadh dhóibh uile
nach 'na ghárdnóir budh chóir dó do bheith.
Agus an tan do rinne sé an marbhughadh sin
do bhain de a chlogad, a sgiath 's a lúithreach
agus do chuir sé air a chlaidheamh áir do bhí lánbhuadhach
agus do tuigeadh dhóibh uile gurab
é fear badh bhreághtha dár mhair a's d'fhan 'san
chúirt ó ghárdnóireacht do shíor.



Do bhí mac Ríogh Uladh i gcion agus i meas
go mór 'san ríoghacht sin na Gréige seal
agus an bhainríoghan óg lán de shearc agus de
shíor-ghrádh dó. Do bhíodar mar sin agus é ar
aon bhiadh agus ar aon digh le rígh Gréige nó go
dtáinig Mac calma Ríogh na h-Iorruadh agus a
bhuidhean go cathair na Gréige agus ní túisge
do thángadar 'ná d'fhógradar cath ar an
nGréig i ndóigh na mná ríoghna agus is é seo
ainmneacha na ngrian-ghaisgeach do tháinig
leis chum comhartha agus chum cúngcais .i. Breac
Deibgineach mac ríogh na bhfear ngorm. Fear
Dearugáin mac ríogh na bhfear mbolg.
Dobair breágh-Luirginneach Mac Cailidhe agus
mórán eile laoch. Do ró-chuala Mac Ríogh
Uladh an mhór-bhuidhean so do theacht agus
air sin d'ullmhuigh é féin chum dul ag
comhrac leo.



Annsin do chuireadar na gaisgigh iad féin
i n-órdughadh catha agus an tan do chonnaic
an gaisgeach sin do rinne sé féin orra agus
an tan do tháinig sé amach chum na h-áite do
tharraing sé amach a chlaidheamh agus do shocruigh
sé a sgiath a's do rinne ar áird-cheann na
ngaisgeach a's do thugadar maidhm chruaidh
churanta dá chéile ar feadh trí lá agus trí
n-oidhche gan cheol, gan chodhladh, gan suan
agus annsin do rinne an ríoghan an laoi seo
shíos:




A ghaisgigh áluinn na ndian-ghníomh, is doilbh
liom do bheag bhuidhean
Ag caismirt id' bhrollach gheal mhín, a fhir
chródha churanta chaoin.


L. 16



An tan do bhí na trí laethe ró-chaithte do
bhí lúithreacha na ngaisgeach briste raobtha
agus an tan do bhíodar ar an aiste sin do
chuir Mac Ríogh Uladh crot feirge air agus níl
aon bhuille dá mbuaileadh sé nach gcuireadh
sé seacht spáis i ndiaidh a gcúl iad nó gur
thionntuigh sé a súile 'na gceann ar chor nár
fhág sé duine beo dhíobh uile. Annsin adubhairt
rígh Gréige an laoi seo shíos do'n ghaisgeach:




A Heclóir as calma gníomh is dearbh gur tú do shíor,
Fear cosnaimh a ndian-chríoch, ag treasgairt na ndearg-námhad gach lá
Is dearbh gur tréan-mhac ríogh an laoch as áilne gníomh,
Sampson seang na n-each groidhe a's treánmhíleadh na gcath ngéar.



Ní bhfuil mac ríogh fán ngréin ná gaisgeach teann gan bhéim
Nach bhfuil fear claidhimh dó i nGréig, óglaoch cródha na n-arm ngéar.



Is de na déithibh adhartha, gan bhréag is gean na mban
Ar feadh an domhain go beacht, an seal bhéas rígh le n-a racht.




An dan do bhí an marbhughadh so déanta do chuaidh
Mac Rígh Uladh go cathair na Gréige
agus do fáiltigheadh roimhe agus mórán tabhartas
do tugadh dó an tan sin. Do bhí sé i
gcion mhór éagmhaiseach ag saoithibh na
Gréige i dtaoibh a ghaisge agus a bhreághthachta
óir ní raibh sé 'san domhan ar aon taobh
fear do b'áilne 'ná é agus badh chaoinbhriathraighe.



Do bhí Mac Ríogh Uladh an tan sin i gcion
mhór i gcathair na Gréige agus lá de sna
laetheantaibh do chuir an rígh fios air agus
is é adubhairt. "A ghaisgigh chródha, innis
dom créad é an ríoghacht i n-ar chóir dhuit
bheith agus créad iad do dhaoine gan bhréag.
Annsin do labhair Mac Ríogh Uladh agus is
é adubhairt nach raibh a fhios aige cérbh é a
athair ná a mháthair ó thús riamh agus gur
'n-a sheirbhíseach do Rígh Uladh do bhí sé nó go
ndearnadh taisbeánadh dhó dul agus cúngcas
do dhéanamh ar an mbainríoghan mná so
"agus gur mac ríoghamhail mé agus go
dtiucfadh liom cúngcas do dhéanamh uirre agus
dá dhruim sin níor stadadh liom nó go
dtáinig do'n ríoghacht so mar a dtugas na


L. 16


catha so agus sin é críoch mo sgéil." Annsin
do bhí an rígh lán-tsásta le gach nídh dá
gcuala ó'n ngaisgeach agus do bhí lán
d'adchumha nach raibh sé siúrálta é do bheith ó
fhuil ríoghamhail óir dá mbeádh, do bhéarfadh
sé a inghean dó mar chéile, do bhí sé i gcion
chomh mór sin.



An tan do bhí sé 'san mhóir-chion so i
gcathair na Gréige do thug sé aire ró-mhór
do'n inghin agus do thug sise an aire
chéadna dhó ar chor lá dá rabhadar 'sna
gáirdíníbh amuigh do chuaidh an gaisgeach i
n-uaigneas. Do bhí sé seal mar sin nó go
raibh an bhean-phrionnsa ag gabháil thairis.
d'airigh sí eisean san áit i n-a raibh agus annsin
do rinne air agus is é adubhairt leis créad
é an mór-dhólás sin do bhí air. Annsin do
labhair an gaisgeach agus is é adubhairt nach
raibh faghbháil leighis aige ar dhíoghbháil do bhí
dá déanamh ag neach mná air. Annsin do
labhair an bhainríoghan agus is é adubhairt go
mbadh bhean gan chroidhe do dhéanfadh díoghbháil dó.
Annsin do labhair an gaisgeach a's
is é adubhairt gurab í an bhean a bhí g
déanamh a dhíoghbhála bean a bhí fá na cor agus
a smacht séin. Annsin adubhairt an bhainphrionnsa
go gcuirfeadh sí d'fhiachaibh
uirre gan a dhíoghbháil do dhéanamh níos
sia. Annsin do rádh an gaisgeach "Is fíor
gurab tusa, a bhain-phrionnsa, an té do leag
mo chroidhe a's d'fhág mé gan bhrígh" Annso
labhair an ríoghan agus is é adubhairt nach
mbéadh sí féin cionntach i chomh mór sin de
ghníomh agus é do mhilleadh agus dá bhrígh sin nach
raibh aon nídh riaghalta ná onóireach nach
ndéanfadh chum a bheith dá réir. Do thug an
gaisgeach míle mór-bhuidheachas léithe agus
annsin do dhaingneadar lámh agus focal le
chéile ar an láthair sin.



Annsin d'imthigh Mac Ríogh Uladh agus Inghean
Ríogh Gréige agus do ghluaiseadar chum
siubhail i dtosach na h-oidhche agus níor
stadadh leo nó go ndeachadar mar a raibh
bainríoghan na h-Antónia. Ní túisge tháinig
siad chum na cúirte seo 'ná cuireadh na
mílte fáilte rómpa ar chor go ndearnathas
an oiread de'n bhainríoghan óig annso a's do b'fhéidir
do dhéanamh dí i n-aon ionad 'san
domhan. Do bhíodar seal fada annso agus do
pósadh iad le lán-mheidhir mhóir acht ní aithristear
a n-imtheachta arís go dtáinig siad
tar n-ais go ríoghacht Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services