Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sonas na bPeacach agus Mí-ádh na bhFíoraen
Title
Sonas na bPeacach agus Mí-ádh na bhFíoraen
Author(s)
Paodhar, Muiris,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1834
Publisher
(B.Á,C.: Browne and Nolan Limited, 1944)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N IER64 378-391} {L 378} {B 1834c 19L} {G L} {U 0457} {C Prós} {M 8} SONAS NA BPEACACH AGUS MÍ-ÁDH NA BHFÍORAEN Risteard Ó Foghludha, D. Litt. Celt
Ar ndul do Íosa ar bórd luinge bige, do leanadar a dheisciobail é; do éirigh stoirm mhór ar an bhfairge, sa chás san gur chlúduigheadar na tonnacha an long. Ach do chodail sé sin, agus do dhúisgeadar é ag rádh leis: A Thighearna, saor sinn, oir atáimíd caillthe. Agus adubhairt sé sin leó: Cad é an eagla san oraibh, a dhream lag-chreidimheach? - S. Matt.caib.8 Is cruinn an peictiúir é seo, a Chríostaidhthe, ar na neithe do thárluigheann dhúinne go minic agus do thuiteann amach go laethamhail os comhair ár súla. Tuairimighim gurab é íntinn an Spioraid Naoimh, insa phasáiste do léigheas dhíbh, sinn do shoíllsiú agus do theagascadh ar an slighe do iomcharuigheann Dia é féin do thaobh an chine daona. Mairid deisciobail Chríost - 'siad san na fíoraein agus caraid ionnraic Dé - mairid sa tsaoghal so ar n-arbh fhéidir muir stoirmamhail do thabhairt go fírinneach mar ainm, agus is le n-a órdú san atáid uirre. Bíonn Dia féin ina bhfochair agus ní thréigeann
sé choidhche iad. Stiúruigheann sé a gcoiscéime, soíllsigheann sé a slighthe agus neartuigheann sé iad. Ach thar éis sin, do samhlófaí go minic go bhfágann sé iad, go dtairgigheann sé a láimh chabharthach uatha, go dtréigeann sé iad, go ndúnann sé a shúil ortha. Ceaduigheann sé stoirmeacha fórsamhail do shéideadh orra agus fágann sé nách mór báithte iad fé thonnacha 'thrioblóidí agus anacraí an bheatha so. Oir cé chreidfeadh i bpoínnc den tsórd so go bhfuil sé in éanchor ina bhfochair, go bhfuil éan chúram aige ionnta nó go bhféachaid a shúile ar a gcruadhtan? - go speisialta nuair do bhíonn ádh agus séan agus sonas le mallathóirí, nuair a chaithid a saoghal go séanmhar i seilbh gach nídh do fhéadfadh compórd do chuir ar a gcolainn, sásamh ar a n-íntinn, áthas ar a n-aigne nó pléisiúr ar a gcroidhe. Ar machtnamh do Rí Dáth ar an roinnt iongantach so - ar an roinnt, mar a samhlófaí dhúinne, éagcórach so - do scread sé amach agus adubhairt sé le Dia: "Exsurge, quare obdormis, Domine?" "Éirig suas, a Thighearna," ar seisean, "cad na thaobh go leigeann tu an suan trom so ort?" Agus is mar seo a scairteann an deagh-chríostaidhe go minic i bhfocail na n-aspol: "Domine, salva nos, perimus": "A Thighearna, ca bhfuil tú? saor me, atáim caillthe, atáim báithte i bhfairge thrioblóidí, agus ní fhóireann tusa orm!" Ámhthaig, ní thugann Dia freagra ar bith uaidh ach an freagra céadna do thug Críost ar a aspoil scannruighthe: "Quid timidi estis, modicae fidei?" "Ca bhfuil do chreideamh, ca bhfuil do dhóigh id Dhia, cad é an eagla san ort agus mise id fhochair?" Is mian liom, a Chríostaidhthe, indiu, sibh do theagascadh ar an bpoinnte tábhachtach so, chun go bhfaicfeadh sibh na réasúin le n -a gceaduigheann Dia ádh agus saidhbhreas agus sonas agus compóird an bheatha so do bheith go minic - agus do ghnáth mar adéarfainn - ar eiricidí agus ar dhroch-dhaoine eile; agus mí-ádh agus bochtaineacht agus uireaspa ar dheagh-dhaoine. Dírighim mo chomhrádh, ní amháin chun na bpeacach atá ag éisteacht liom, ach fós chun misneach agus corráiste agus compórd do thabhairt díbhse, a fhíor-chlainn Chríost, do dheineann bhur ndícheall a dhlighe do leanamhaint, ní le súil cúiteamh do fhagháil sa bheatha so ach le híntinn an ghlóire do-chríochnuighthe atá ullamh aige sin díbh do shroisint. I ngach am agus tráth ó thosach an domhain go dtí an nóimeant so, ní raibh éan nídh do chuir agus do chuireann níos mó mearbhal in aigne
ndeagh-dhaoine 'ná machtnamh ar an sonas saoghaltha agus ar an rath do thuiteann do ghnáth chun páirt na bpeacach sa bheatha so; agus luighduigheann sé go mór a gcreideamh agus a ndóchas i nDia. Éistígh le Rí Dáth ag tabhairt cunntais ar na smaointibh thigeadh ina chroidhe an tráth do mhachtnuig sé ar na neithe seo: "Mei pene moti sunt pedes, pene effusi sunt gressus mei" "Im thaobh," adeir sé, "admhuighim go gcritheadh mo chreideamh, agus go luighduigheadh mo dhóchas, agus gur thréigeas nách mór iad," - agus cad na thaobh san? - "oir do thigeadh múisiún 'dhíoghrais im chroidhe agus do ghluaiseadh m'anam chun feirge
an tráth do-chínn síothcháin agus sonas agus raidhse ar mhallathóirí; oir adeirinn: An féidir go bhfaiceann Dia na neithe do thuiteann amach annso thíos, nó a' bhfuil fios chúrsaí an tsaoghail ag an Té is aoirde?" "Quomodo scit Deus, et si est scientia in excelso?" "Oir is iad na peacaig is sonasmhaire, is séanmhaire, agus is saidhbhre": "Ecce ipsi peccatores, et abundantes in saeculo, obtinuerunt divitias" "Oir is iad na peacaig agus an dream do leagann a gcroidhe amach ar an saoghal so do fhaghann saidhbhreas. Dá bhrígh sin" adeir sé, "do mheasas, nách mór, gur dhíomhaoin dam mo chroidhe do choiméad glan ó urchóid nó mo láimh ó éagcóir": "Et dixi: ergo sine causa justificavi cor meum, et lavi inter innocentes manus meas" "agus adubhart gur gan chúis do ghlanas mo chroidhe agus do nigheas mo lámha ar measc an dream neamh-chionntach." - Is mar seo do labhair an rí ba naomhtha dá raibh riamh ar phobal Dé. Agus do chaitheadh na págánaig aspacháin den tsórt so le na céad Chríostaidhthe: "Cad é an Dia so agaibhse?" adeiridís. "Maoidheann sibh gur Dia ceart, gur Dia comhachtach, gur Dia trócaireach é: má's fíor san, cad é an fáth n-a bhfulaingeann sé sibhse, atá 'nbhur seirbhísig mhaithe aige, a bheith bocht agus uireaspach agus dealbh, agus sinne atá, mar adeirthí-se, 'nár namhaid aige, sinne ná teaspáineann onóir ná géille ar bith dho, a bheith séanmhar agus saidhbhir agus compórdach, agus 'nár máighistirí oraibhse, bhur mbrú fé chois againn agus bhur marbhú gach aon lá?" Agus adeirid nua-eiricidí na haimsire seo nách mór na focail chéadna. "Muna mbeadh," adeirid, "go bhfuil Dia buidheach de na Sasanaigh, ní thabharfadh sé sonas saoghalta agus saidhbhreas agus máighistreacht os cionn Caitilicí dóibh; ní bheadh ádh agus rath agus séan leó mura mbeadh go bhfuil an creideamh cóir aca." Anois a Chríostaidhthe, má theaspáinim ná fuil éan nídh i gcoinnibh chreidimh go roinnfadh Dia sonas ar pheacaig agus mí-ádh ar dheagh-dhaoine, ach go mbuanuigheann agus go neartuigheann an roinnt chéadna san ár gcreideamh, is dóigh liom go dtabharfad freagra iomlán orra so do mhaoidheann gur le neart muíntearais chúcha do bhronnann Dia sonas agus saidhbhreas orra. Seasuighim ar an altóir seo im sheirbhíseach ag Íosa Críost, chun fios a dhlighthe do thabhairt díbh, chun bóthar na bhflaitheas do phoínteáil amach dhíbh, chun breitheamhantaisí Dé do chuir in úil díbh, agus chun compórd do thabhairt díbh ar measc anacraí na beatha so. Sibhse mar sin atá bocht, sibhse atá cráidhte ag an saoghal so, agus n-a bhfuil bhur gcuid de searbh go leór, éistíg liom, agus geallaim dhíbh le congnamh Dé ná beidh sibh mí-bhuidheach dem theagasc ná mí-shásta i ndiaidh mo chomhrádh. AN CHÉAD RANN Má smachtuigheann Dia an fíoraen, má luigheann sé a láimh go trom ar an ndeagh-dhuine, is chun a thástála, is chun féachaint cad é an sórd é, chun go mbeadh fhios go cruinn aige de cad é an mianach atá sé déanta. Oir, fé mar do thriaileann an teine ór, triaileann anacra croidhe an duine. Nuair is mian leis an
ngobha óir fios do bheith aige a' bhfuil a chuid óir fírinneach agus folláin, caitheann sé isteach é i bhfuirnéis theíntighe, agus dá ghéire go greadfar an teine leis is eadh is gloine agus is gile do lonnróchaidh an fíor-ór; ámhthaig, loiscfear chun luaithreáin an t-ór fallsa. A dhála so díreach do níonn Dia le daoine: greadann sé teine thrioblóide shaoghaltha timcheall orra; tagann an fíoraen - an duine n-a raibh a chroidhe díreach le Dia - tagann sé níos gloine as an dteine sin 'ná bhí sé sul do thástáladh é; ach an droch-dhuine, fear an chroidhe fhallsa, is seacht measa do bhíonn sé thar éis an triail sin 'ná bhí sé roimhe-sin. Is mar seo do thástáil Dia a sheirbhíseach Job. Duine é seo do mhair na mílthe bliadhain ó shin sa domhan toir. Ba duine símplí díreach é, ar a raibh eagla Dé, agus do sheachnuig an peaca. Do bhí mórsheisear mac agus triúr inghean aige. Do b'é a shealbhúchas seacht míle caorach, trí míle capall, chúig céad cúpla daimh, agus chúig céad asal baineann, agus muíntir iomarca thar barr; oir ba duine comhachtach ar measc prionnsaí an domhain toir é. Agus do imthigheadh a
sheisear mac agus do nídís féasta, gach nduine lá a uan féin, agus do ghlaedhdís a dtriúr deirbhshéar chun ithe agus ól ina bhfochair. Agus nuair do bhíodh laethibh na bhféastaí imthighthe, do chuireadh Job fios orra agus do naomhuigheadh sé iad. Ag éirighe go moch do ar maidin do ofráladh sé íodhbairt loiscithe ar son gach n-aon aca: "Oir," adeireadh sé, "b'éidir gur pheacuighdar mo chlainn, agus gur thoilig a gcroidhe le nídh ná raibh ceart i radharc Dé.' Is mar seo do níodh sé gach aon lá. Lá áirithe n-ar thánadar clainn Dé dá dteaspáint féin i láthair an Tighearna, do tháinig an t-áirseóir ina measc. Adubhairt an Tighearna leis: "Cad as n-a dtáinís-se?" "Do ghabhas", ar sé sin, "timcheall na talmhan agus do mhion - agus do mhór-chuarduigheas í." Agus adubhairt an Tighearna leis: "A' bhfeacaís mo sheibhíseach Job, ná fuil a leithéid ar an dtalamh, duine ceart díreach ar a bhfuil eagla Dé agus do sheachnuigheann an t-olc?" Do fhreagair an t-áirseóir, ag rádh: "Ní gan chúis atá eagla Dé ar Job, oir do dhéanais falla timcheall air féin agus ar a thig agus ar a shubstainnt; do bheannuighis oibreacha a lámh, agus do mhéaduighis thar barr a shealbhúchas sa talamh. Ach sín amach do láimh, agus luig go trom ar a shubstannt í, agus do-chífir go mallachtóchaidh sé thu os comhair do shúla féin!" Adubhairt annsan an Tighearna leis an áirseóir: "Féach, atá a chuid go léir id láimh-se; ámhthaig, ná bain le n-a phearsain fhéin." Agus do imthig an t-áirseóir amach ó láthair an Tighearna. Agus do thárlaig an lá san go rabhadar mic agus ingheanacha Job ag caitheamh féasta agus ag ól fíona i dtigh a ndearbhráthar ba sine. Do tháinig teachtaire chun Job ag rádh: "Do bhí na daimh ag treabhadh agus na hasail ag inníor 'n-a n-aice, agus do ionnsaidheadar bitheamhnaig iad agus do thógadar iad uile ló, agus do mharbhuighdar na fir go léir le faobhar cloidhimh, agus do thána-sa im aonar as, dá innsint duit." Fhaid do bhí sé ag labhairt, do tháinig fear eile agus adubhairt: "Do
thuit teine Dé anuas ón spéir agus do loisc sí na caoire agus na haedhairí do bhí ina mbun, agus do thána-sa amháin as, dá innsint duit." Is ar éigin do bhí an focal as a bhéal súd nuair do tháinig fear eile adubhairt: "Do rinneadar na Caldéi trí trúip díobh féin, agus do ionnsaidheadar na capaill, agus do rugadar iad go léir leó thar éis an lucht do bhí dá gcoimeád do mharbhú le faobhar an chloidhimh, agus do thána-sa amháin as, dá innsint duit." Ar bheith ag labhairt do so, do tháinig an ceathramhadh teachtaire isteach agus adubhairt: "Ar bheith dot mhic agus dot ingheanacha ag caitheamh féasta i dtig a ndearbhráthar ba sine, do shéid gaoth thréan go hobann ón bhfásach ar cheithre cúinne an tighe, agus do leagadh anuas orra é, agus atáid siad go léir marbh fé, agus do thána-sa amháin saor as, dá innsint duit." Ar gcloisint na scéal doilgheasa so do Job do chrom sé ar an dtalamh agus do adhair sé Dia, ag rádh: "Is lomnochtaithe do tháinig mé as bhroinn mo mháthar ar an dtalamh so, agus go lomnochtaithe do chasfad arís ann. Do thug an Tighearna raidhse dham agus do rug sé uaim arís é. Mar ba toil leis is mar sin do thárluig: go madh beannuighthe i gcomhnuidhe ainm an Tighearna!" - Agus níor labhair a bhéal, agus níor smaoinig a chroidhe, éan nídh amadánta i gcoinnibh Dé. Beagán laethaibh ina dhiaidh sin do thánadar clainn Dé agus do sheasuigheadar i láthair an Tighearna, agus do sheasaimh an t-áirseóir ina measc. Adubhairt Dia leis: "Cad as n-a dtáinig tusa?" Adubhairt Sátan: "Do thimchealligheas an talamh agus do shiubhluigheas gach órlach di." "A' bhfeacaís mo sheirbhíseach Job?" arsa Dia leis, "ná fuil a leithéid eile ar druim talmhan, duine díreach, ceart, símplí ná rinn urchóid ná peaca; agus do chorruighis me ina choinnibh chun go smachtóchann é gan chúis. Ar san t-áirseóir dá fhreagra: "Tabharfaidh duine croiceann ar chroiceann, agus a bhfuil aige ar a bheatha; ámhthaig, sín-se do láimh amach agus bain le n-a chnámha agus le n-a cholainn agus do-chífir go mallachtóchaidh sé id aghaidh thú." "Féach," arsa Dia leis, "atá sé id láimh-se, ach fág an t-anam ann." Annsan do imthig an t-áirseóir amach as láthair an Tighearna, agus do bhuail sé colainn Job le eascóidí olc thar barr. Ó bhonn a chos go baitheas a chinn do badh aon otharas amháin a cholainn go léir. Do chaitheadar a mhuíntir amach ar an gcarn aoilig é, agus le sliogán do bhíodh ag scríobadh chorcáin is
do scriosadh de féin an bracha do thigeadh amach as a chneádha. Annsan adubhairt a bhean leis: "A amadáin, maireann tu fós gan pheaca; tabhair do mhallacht do Dhia, chun go mairbheóchadh sé láithreach tu!" "A bhean," ar sé sin léi, "is díthcéilleach, is mallaithe í do chaint: do ghlacamair go buidheach neithe maithe ó láimh Dé agus cad na thaobh ná glacfaimís, le cóbhuidhchas, neithe urchóideach ón láimh chéadna?" Annsan do thánadar triúr prionnsaí de charaid Job, ar chlos na haindeise do imthig air, chun a gcompóird do thabhairt do; agus ar theacht i láthair dóibh, níor aithníghdar ar dtúis é, agus ar fhaiscint dóibh an reacht ina raibh sé, do liúghadar agus
ghoileadar, do stolladar a n-éadach agus do chuireadar cré ar a gceann; do shuidhdar le n-a ais ar
an gcarn aoilig ar feadh seacht lá agus seacht n-oidhche, agus ní dubhradar focal leis ar fhaiscint dóibh an pheannaid do bhí air. Annsan do chromadar ar choinspóidí leis, a d'iarraidh a chur ina luighe air gur mar gheall ar a pheacaí troma do smachtuig Dia é. Do fhreagair Job a n-argóint go léir, agus do sheasaimh sé amach ná rinn sé peaca mór ná beag i gcoinnibh Dé, agus siúd is ná rinn féin, go bhféadfadh Dia le lán ceart é smachtú míle uair níos géire 'ná rinn sé, agus go raibh fáilthe aige chuige sin uaidh fhéin dá bhfaiceadh sé san oireamhnach. l ndeire na hargóinte do labhair
as na flaithis leó: do theaspáin sé go raibh an éagcóir aca-san chun Job, agus go raibh sé sin ceart ina smaointibh, glan ina ghníomharthaibh, agus fírinneach ina fhocal; agus do chneasuigh Dia gach urchóid dá dtug sé air; do aithbheóidh sé a chlainn agus do dhúbhluig sé a shubstainnt, do mhair sé céad agus dachad bliadhain tar éis na hanacra go léir dá dtáinig air. Ag seo, a Chríostaidhthe, mar do thástáil Dia an seirbhíseach maith so i dteine thrioblóide shaoghaltha. Agus d'athchuinghig Rí Dáth ar Dhia mar seo: "Proba me, Domine, et tenta me" "Tástáil me, a Thighearna, agus féach cad é an sórd me. Buail, bris, loisc agus dóigh me chun go madh fhollas go bhfuil mo chroidhe díreach leat!" Fáth eile, a Chríostaidhthe, n-a bhfiosruigheann Dia an deagh-dhuine le anacra aimsearach, is chun go nglanfadh sé a chroidhe ó gach uile chaitheamh i ndiaidh neithe an tsaoghail seo - ó ghrádh truaillighthe rachmais an bheatha so. Oir, i bhfírinne, dá mbeadh sonas saoghaltha do ghnáth ceangailte de sheirbhís Dé sa bheatha so, do dhéanfadh ár bhformhór an
seirbhís sin do chólíonadh a dfhonn an tsonais sin do fhagháil, fé mar do thugann Naomh Auguistín fé dheara insna focail seo: "An tráth," adeir sé, "do-chíonn tú namhaid Dé séanmhar annso, an saoghal ag éirighe le droch-dhaoine, cuireann san iongantas ort agus adeirir leat fhéin: Atáimse le fada im sheirbíseach ag Dia, ag coiméad go poínteáltha do réir mo dhíchill a aitheanta, ag cólíonadh oibliogáidí mo chreidimh, agus ní fearrde me, ní fearrde an rath atá orm; mairim go macánta Críostamhail, agus ní chuireann Dia séan ná sonas orm; mairid dream eile go mallaithe, gan riaghail gan smacht gan cráibhe, agus bídh sláintamhail saidhbhir fá ghradam agus fá onóir agus fá mheas." Ach fiafruigheann an Dochtúir naomhtha so; "Talia ergo quaerebas?" "An iad na neithe seo do lorguighis-se , a Chríostaidhe? Is, mar sin, a dfhonn shláinte chorportha, is a dfhonn ollmhaitheas an bheatha so, is a dfhonn mheas agus gradam agus onóir an tsaoghail seo, do dhéanfá-sa seirbhís do Dhia! Agus hedé an fáth díreach nár bhronn Dia na neithe seo ortsa, oir níor cheart duit é ghrádhchaint ar sucht a bhronntaisí do dhaoine, ach ar son a dheagh-cháilidheacht fhéin amháin; mar dá ndéanfá-sa seirbhís do ar son na
tabharthaistí talmhaidhe do thugann sé uaidh, do theaspáinfá gur badh annsan led anam na tabharthaistí truaillighthe sin 'ná Dia féin, agus dá bhrígh sin nárbh fhiú thu radharc do fhagháil air choidhche, clúdaithe le n-a ghlóire. Atáid na mílte somplaí laethamhail againn do theaspáineann mór-chontabhairt rachmais an bheatha so do thaobh slánú shíorraidhe na
ndaoine. Oir cé hiad bhur ndroch-Chríostaidhthe, bhur lucht meisce, bhur lucht bruighne, bhur ndream drúiseamhail, bhur lucht déanta éagcóra ar bhochtáin, bhur lucht do réabann dlighe Chríost agus dlighthe Eaglais Chríost - cé hiad san? Nach iad bhur ndaoine saidhbhre iad, nách iad bhur maithibh agus mór-uaisle, nách iad bhur lucht an sparáin teann, bhur lucht an cholainn beathuighthe láidir sláintamhail? Cionnas, mar sin, do chosnann Dia tusa, a Chríostaidhe, ó chontabhairt agus ó chuirpacht na bpeacaí scannramhail seo? Clúduigheann sé le bochtaineacht thu ó phláig an tsaidhbhris, cosnann sé thu le húirísleacht i gcoinnibh onóir shaoghaltha, agus díonann sé le droch-shláinte thu i gcoinnibh drúis agus meisce agus mí-bhearta eile. Is fíor, b'éidir, ná faghann tú radharc cruinn anois ar na neithe seo, ach ní bheir mar sin: atá lá in áirithe ag Dia, lá an mhór-bhreitheamhanais, nuair do lonnróchaidh solas na síorraidheachta ar iomchar Dé agus ar ghníomhartha daoine sa tsaoghal so: is annsan do-chífirse, a bhochtáin, cad í an fhaill eaglach ar n-ar chosain do dhealbhas thu; do-chífirse, a chréatúir, cnaoidhte le droch-shláinte, cad í an teine scannramhail ar n-ar shábháil do bhreóiteacht thu, agus beannóchair, míle uair, an Dia trócaireach san do choisc tabharthaistí urchóideacha an bheatha so uait, agus do bhronn ort ina n-ionad anacraí grásamhail le n-ar shábhálais do anam. Tugaid anacraí an bheatha so ní amháin gráin dúinn ar aoibhneas chontabhartha an tsaoghail seo agus cosnaid sinn ar chuirpacht an pheaca, ach fós ceanglaid ár n-anam go dlúth agus go daingean le Dia; cuirid 'fhiachaibh orainn in ár n-aindeóin rith fé n-a choimirce sin agus ár ndóigh go léir do chuir ann. Oir atáid, mar adeir Naomh Bernard, cheithre dream dhaoine ar an dtalamh so ceapaithe chun glóire síorraidhe do shealbhú insa bheatha thall. An chéad dream, buadhaid flaitheas
le fóirneart - is iad dream iad san na boicht i spioraid, nó an mhuíntir do thréigeann rachmas an tsaoghail, dá ndeóin agus dá saorthoil fhéin, a dfhonn dlighe Chríost do leanamhaint gan bac gan cosc. Ceannuigheann an dara dream ríoghacht Dé - is iad san na daoine saidhbhir do rinne, mar do chomhairligheann Críost dúinn, le
ndéirc raidhseamhail, daoine muínteara do bhoicht Dé do labharfidh go fórsamhail ar a son an lá déanach i láthair Dé agus do ghlacfidh isteach iad in árais fhlaitheamhnais. Guidheann an tríomhadh dream flaitheas Dé, agus cé hiad san? Atá, an mhuíntir atá croidhe-umhal, an mhuíntir ná lorguigheann módh ná meas daoine, ach do fhulaingeann go foidhneach éagcóir agus masla agus tarcuisne. Agus atá dream eile ann ná téighean isteach go flaitheas Dé ach de bhrígh go gcuirthear 'fhiachaibh orra dul isteach ann; agus is iad so na Críostaidhthe nach loirgeóchadh Dia ach ná faghaid suaimhneas ar éan taobh eile. Dá mbeadh an saoghal síoch leó, dá mbeadh sé sona agus taithneamhach leó, dá mbeadh sé ádhbharach áthasach leó, ní loirgeóchaidís thusa choidhche, a Dhia áluinn! Ach ar nós an phobail úd sa tseannreacht do chumais do cheapais agus do thoghais duit féin - an pobal úd do bheathuighis le arán na n-aingeal agus do ramhruighis le méitheas na talmhan, an pobal úd do chuiris i dtír
chomh maith sin go súghaidís mil as a carraigreacha agus íle as a clocha cruadha - ach do thréig sé thusa, an Dia do chruthnuigh é; is mar seo do thréigfeadh an dream so thusa muna mbeadh gur luighis do láimh trom orra, gur líonais a mbóthar sa tsaoghal so le deilginí, gur dhúnais gach éan slighe chun compóird orra ach an cosán do bheireann go dtí go ríoghacht naomhtha-sa; do bhrúghais, do mharbhuighis iad chun go loirgeóchaidís thu agus go gcasfaidís
- mar adeir an Fáidh ríoghamhail: "Cum occiderit eos revertebantur, et diluculo veniebant ad eum" "Nuair do mhairbh sé iad do chasadar air, agus moch ar maidin do thánadar chuige." Ní gan duadh san. Ní bheirthar buadh gan comhrac, agus ní bhfaghaidh éinne coróinn na glóire ach an té do bhuaidhfidh í. "Is iongna leat," adeir Naomh Ambrós, "go n-oibrigheann Dia go cruaidh a sheirbhísigh dhílis agus go bhfágann sé peacaig go suaimhneasach: do badh áil leat fios na deifrach so bheith agat? Hedé an fáth atá leis: Ní maith le Dia ríoghacht na bhflaitheas do thabhairt d'éinne ach don té thuilleann í, ach is maith leis í thabhairt do na fíoraein." As san leanann nach foláir do cae do thabhairt dóibh í thuilleamh. Ach de bhrígh ná ceapann sé ríoghacht na bhflaitheas do thabhairt do pheacaig, ní thugann sé mar sin éan chae dhóibh í thuilleamh. Fé, díreach, mar do-ní prionnsaí an tsaoghail seo: an mhuíntir n-ar áil leo do árdú in onóir, cuirid cúram a leithéid seo agus a leithéid siúd de nídh orra, tástálaid ar feadh mórán bliadhanta iad, agus an tráth do-chíd dílis agus fírinneach iad déinid ridirí nó tighearnaí nó iarlaí dhíobh: is mar seo do níonn Dia le n-a charaid fhéin, tástálann sé annso iad, chun go gcúiteóchadh sé a dtrioblóid ina dhiaidh so leó. Ina éaghmuis sin, níl éinne chomh ceart chomh naomhtha chomh iomlán san ar an dtalamh so ná go bhfuil fiacha beaga éigin aige le díol le ceart Dé. Oir cá bhfagham an té nár pheacuigh riamh? Ca bhfagham an té nár shailig riamh a chochall baistí le smól nó le salachar an pheaca? Ciaca againn do fhéadfadh a rádh: "Níor mhúchas riamh solas na ngrás le héan pheaca toileannach im anam?" Dá gcuardófá ó éirighe gréine thoir go dtí n-a luighe thiar, ó bhrothal an tsamhraidh theas go fuacht an gheimhridh thuaidh, ní é mo mheas go bhfaghfá duine do fhéadfadh a rádh le fírinne nár pheacuig sé riamh. Níl éinne, mar sin, nár thuit i bhfiacha le Dia agus ná caithfidh iad do dhíol. Ach cahuin? Atá, roimh nó i ndiaidh a bháis. Ma's tar éis a bháis, cad é chomh trom agus chomh peannaidheach is do bheidh an díol san air? Is fearra dho míle uair iad do éileamh ar an dtaobh so den uaig, iad do dhíol le hanacraí an bheatha, fé mar adeir Naomh Ieróm insa leitir do scríbh sé go Paulína ag tabhairt compóird agus misnigh di tar éis bás a clainne agus cailleamhaint a coda. "Cad é an chúis goil agus caoidhe dhuit?" adeir sé léi. "Do rug Dia do chlainn uait agus do bhochtanuig thu; tóg do rogha aca so: níor thuillis led pheacaí go smachtóchadh Dia chomh géar so thu; nó do thairigís an fiosrú so ort
led chionnta féin. Má innseann do choinsias umhal glan duit go bhfuileann tú neamh-chiontach, in ionad dhobróin, badh ceart duit áthais a bheith ort, oir iarrann Dia do shubháilciú i gcóir flaitheamhnais; fé mar do níonn an ceárdaidhe do chuireann péarlaí agus clocha uaisle i bhfáinne, leasuigheann sé agus gearrann sé iad, baineann sé gach éan chúinne agus gach éan chnaip díobh chun go n-oirfidís ina n-ionad ceapaithe. Ach má thuillis led pheacaí go smachtóchadh Dia thu, nách fearra dhuit míle uair go mbuainfeadh sé díol láithreach dhíot sa bheatha so 'ná na fiacha do fhágaint i gcóir a n-éilithe sa bheatha eile? Oir cuimhnig, dá fhaid do fhág
sé gan éileamh iad is
is cruaidhe an díol do loirgeóchaidh sé asta ." Ciaca is tairbheamhla dhuitse mar sin, a Chríostaidhe, go dtástálfadh Dia annso thu, go nglanfadh sé thú ó dheasca do pheacaí, ó dhríodar do chlaon-chortha, go gceanglóchadh sé go dlúth agus go daingean de fhéin sa bheatha so thu, chun go n-árdóchadh sé in-a dhiaidh so thu i nglóire shíorraidhe, nó tu fhágaint mar do fhágann sé na peacaig i marbhshuan an pheaca, ina gcodlaid go trom i sonas agus i séan, in onóir agus i ngradam agus i bpléisiúr, do chríochnuigheann i mbochtaineacht agus in uireaspa, i ndealbhas agus i ndonas agus i bpeannaid shíorraidhe? Isé an nídh a mheallann sinn ná breathnuighmíd, ná meádhchaimíd, ná tomhaisimíd neithe ach do réir mar do oirid dár staid sa bheatha so. Dúnaimíd ár súile orra 'san mhéid do bhuaineann leis an síorruidheacht. Ach ó's é Dia an breitheamh cóir, ní fhéachann sé chun ár dtairbhe aimsearach ach chun ár maitheas síorraidhe. Fágaimís ár gcúram airsean, agus, claoidhte le breoiteacht, cráidhte le bochtaineacht, céasta le haindeise an tsaoghail, screadaimís amach air, le na haspoil eaglach: "Domine, salva nos, perimus" "A Thighearna, saor sinn, atáimíd caillthe," agus abraimís leis an bhfáidh: "In te, Domine, speravi: non condundar" "Ionnatsa, a Thighearna, do chuirim mo dhóchas agus ní meallfar me": oir atáim deimhnitheach go n-ionntóchaidh gach nídh amach go maith dham an tráth do chuirfead mo mhuinighin go fírinneach ionnatsa: níor fheallais ar éinne riamh, agus ní fheallfair choidhche ar an té chuireann a dhóigh go léir id chomhachta agus id thrócaire-se. AN DARA RANN Má tá éan nídh in ár gcreideamh do neartuigheann níos mó an creideamh céadna san agus do dhaingnigheann ár ndóchas, is é nídh é sin ádh agus sonas an tsaoghail seo do bheith ar dhroch-dhaoine, agus mí-ádh agus anró do bheith ar dheagh-dhaoine, - Is tuairim libh, b'éidir, gur éagsamhail an comhrádh é seo, gur caint contráltha le fírinne í. Ach is caint í do sheasuigheann le solas an réasúin, le heólas agus le creideamh. Níl argóint níos treise chun teaspáint go bhfuil beatha eile i ndiaidh an chinn seo, agus ná faghann ár n-anam bás le n-ár gcolainn, ach go bhfuil luacht saothair le fagháil, go bhfuil slánú agus glóire agus aoibhneas ag Dia in ár gcomhair sa bheatha thall - níl éan nídh, adeirim, do theaspáineann
so níos fórsamhla 'ná sonas na bpeacach agus mí-ádh na bhfíoraen sa tsaoghal so. An té is truaillighthe béasa, an té is measa creideamh, dá mbeadh sé deimhnitheach go bhfuil beatha eile i ndiaidh an chinn seo, do leasóchadh sé a dhroch-bhéasa agus do leanfadh sé go poínteáltha riaghlacha a chreidimh. Ach scaoileann sé srian le n-a ainmhianta de bhrígh go saoileann sé ná fuil éan nídh siúráltha, éan aoibhneas substainntamhail le fagháil ach sa bheatha so láithreach. Ach mise agus tusa agus ár leithéidí eile do chreideann go daingean go bhfuil Dia, cruthóir an domhain ann, go bhfuil saoghal agus sonas eile ann in éaghmuis an chinn seo, cionnas do fhéachaimíd ar an deifir mhór atá idir staid droch- agus deagh-dhuine sa bheatha so? Adeirim liom féin: Atá an subháilce fé chois agus fé tharcuisne annso, agus atá an sway agus an láimh uachtrach ag an bpeaca; an fíoraen uireaspach agus an mallathóir sonasmhar; an deagh-dhuine buartha agus céasta agus brúighte, agus an droch-dhuine sásta agus socair agus compórdach. Cad is ceart do mheas as san? Atá, go bhfuil saoghal eile ann ina bhfaghaidh an fíoraen sonas seasamhach, sonas seasamhach, sonas iomlán, sonas fírinneach, in áit rachmais fhallsa an bheatha so do coisceadh air. Do b'í seo an argóint do chaitheadh na haithreacha naomtha i gcoinnibh na n-eiricidí do admhuigheadh go raibh Dia ann ach do chreideadh go n-éagadh an t-anam leis an gcolainn. Ag seo mar a labhrann ceann aca i gconspóid chreidimh le heiriceach do shéan go raibh éan bheatha eile ann i ndiaidh an chinn seo: "Admhuighir liomsa go bhfuil Dia ann. Ach fiafruighim díot an ngrádhann Dia an mhuíntir atá umhal, an dream do ghéilleann do agus do níonn a ndícheall a thoil do chólíonadh? Mara ngrádhann sé iad - má bhíonn sé gan cúram ionnta gan cionn orra - ca bhfuil a eagna agus cad do imthigheann ar a thrócaire? Má tá grádh agus cion aige orra, cahuin do theaspáineann sé é? Go háirithe ní sa bheatha so, oir fágann sé annso i uireaspa agus i ndoilgheas iad; agus ní sa bheatha thall, oir ní ghéilleann tusa go bhfuil a leithéid in éanchor ann. Cuarduig do ghliocas, glaeidh chughat do ghéaríntleacht go léir, ní bhfaghair slighe eile ar bith chun tu féin do tharrac amach as an lúib seo ach le admhughadh go maireann an t-anam thar éis éaga an cholainn agus go bhfuil, thar éis báis, staid beatha eile ina dtabharfaidh Dia luacht a chroidhe agus a chuid oibre do gach éinne againn. Ó's Dia iomlán ins gach cáilidheacht diadha é, ní fuláir nó go bhfuil ceart iomlan aige: má tá ceart iomlán aige tabharfaidh sé breitheamhnas iomlan: ní cuirthar an breitheamhnas san i bhfórsa sa bheatha so, de bhrígh go bhfuil ádh an tsaoghail seo le droch-dhaoine; ní fuláir mar sin go bhfuil saoghal eile ann ina dteaspánfidh Dia a cheart go hiomlán. Mara bhfuil an scéal mar seo, ní fuláir dhúinn admhughadh gur amadáin na fíoraein agus gur daoine fíor-eagnach na peacaig; oir coingbhíd so an greim atá aca, lorguighid an sonas láithreach, sásuighid a gcroidhe le ollmhaitheas an bheatha so; ach ní lorguighid na fíoraein a gcompóird ar an dtaobh so dhen uaig, ach bíonn tnúth aca é fhagháil sa tsaoghal thall. Mara bhfuil an saoghal san ann, is
díomhaoin é a ndóchas agus is fíor-amadáin iad." Is mar seo, a Chríostaidhthe, do thairigeadh an t-athair naomhtha so, ó ádh na bpeacach agus ó aindeise na bhfíoraen, argóint láidir chun teaspáint go bhfuil síorraidheacht ghlórmhar ullamh 'n-a dhiaidh so ag Dia i gcóir a charaid fhéin. Úsáideann Naomh Auguistín an argóint chéadna in míniú an t-aonmhadh sailm déag agus cheithre fichid, ag labhairt le Críostaidhe cráidhte ag aindeise an tsaoghail seo. Cuireann sé misneach air iad do iomchar go foidhneach agus go sásta insna focail seo: "Ma's maith leat," adeir sé, "fadfhulang na naomh do fhoghluim, machtnuig ar shíorraidheacht Dé. Tabhair é sin fé dheara, coingibh do shúil air, agus ní chuirfidh trioblóidí an tsaoghail so mí-mhisneach ort, ach neartóchaid siad do chreideamh agus méadóchaid do dhóchas. An tráth do-chionn tu an deagh-dhuine mí-ádhmhar agus an peacach rathamhail, buaireann tu thu féin gan chúis gan fáth gan réasún: ní fhéachann tusa ach chun aimsir ghearra an bheatha so, chun na beagán laethanta n-a bhfuil do chúrsa sa tsaoghal déanta, agus do badh áil leat, sa chúrsa ghearra san, go gcólíonfadh Dia a bhreitheamhnaisí ar dhaoine; do b'fhonn leat go ndéanfadh Dia ceart láithreach, go bhfaghadh an deagh-dhuine a phágh sa bheatha so, agus go smachtóchadh Dia, le sciúirse a fheirge, an droch-dhuine ar an dtalamh so. Hedé do b'áil leatsa; ní thabharfá ré in éanchor do Dhia; níor bh'áil leat go ndéanfadh sé maill in éanchor, ach go dteaspánfadh sé a cheart agus a thrócaire id aimsir-se. Ach níl ceart agat san do lorg air; oir tabharfaidh Dia gach éan nídh chun cinn ina aimsir féin. An
síorraidheacht, is í aimsir Dé í; an beatha soghluaiste seo, is í do aimsir-se í, atá sí gearra thar barr; ámhthaig, atá aimsir Dé gan teórainn gan deire, agus níl oibliogáid ná ceangal air gach éan nídh do dhéanamh id aimsir-se ach ina thráth féin. Ma's maith leat, dá bhrígh sin, do chreideamh do neartú agus do dhóchas do mhéadú, coingibh síorraidheacht Dé i gcomhnuidhe id aigne. Cionnas san? Atá, ar fhaiscint duit cionnas do iomcharuigheann Dia é féin sa tsaoghal so le daoine - go luigheann sé láimh throm ar a charaid, agus láimh éadtrom ar a namhaid - ní fuláir duit meas go bhfuil am ullamh aige ina roinnfidh sé a cheart go fóirlíonta leó, de bhrígh ná roinneann sé ach go gann leó é insa tsaoghal so.' Is iad so focail Naomh Auguistín agus is é seo a theagasc, agus is teagasc folláin é. Oir do b'é an nídh do chothuig agus choingibh suas agus do neartuig na naoimh ar measc a dtimptáisiun agus a dtrioblóidí go léir cuimhneamh ar an síorraidheacht. Cahuin do labhair Job go húghdarásach agus go cruinn ar an mbeatha atá le teacht? Do b' eadh, an uair do bhí sé gan chuid gan chlainn, gan tig gan áit, gach éadach gan bhiadh, i bponnc an bháis, ag dreóghadh ar a charn aoilig,
is
adubhairt sé na focail seo: "Scio quod redemptor meus vivit, etc" "
fhios agam," ar sé sin, "go maireann mo shlánathóir, agus go mairfead fhéin go brách 'n-a fhochair; agus ní tuairim atá agam
ach deimhniú fírinneach." Ach cad as n-a bhfuair sé an deimhniú san? Atá, adeir an Pápa Naomh Gregorí, as na hanacraí agus as na haindeisí troma le n-ar fhiosruig Dia é. Mar an gcéadna Rí Dáth, an tráth do bhí a anam 'n-a dhorn aige, é ag teiche ó n-a namhaid, é cumhaingithe ar gach taobh, gan súil saoradh ná slánú le fagháil aige: "Atáim deimhnitheach", ar sé sin, "go bhfaicfead glóire Dé i dtalamh na mbeó!" Do b'é an t-urradh do bhí aige leis sin, adeir naomh Crisostom, na trioblóidí do tháinig go neamh-chionntach air, oir do chonnairc sé le solas an réasúin go raibh an éagcóir chuige, agus go ndéanfadh Dia ceart do sa tsíorraidheacht agus go dtabharfadh sé luacht a neamh-chiontacht do agus go gcúiteochadh sé a fhoidhne leis. Atá againn deimhniú níos treise 'ná san: atá fiadhnaise Dé na fírinne féin againn leis. Dá n-abróchadh Mac Dé go mbeadh an dream do chreidfeadh ann féin agus do leanfadh a dhlighe saor sa tsaoghal so ó gach anacra, ualuighthe le saidhbhreas, líonta le compóird, agus ná beadh crádh ná céasadh ach i gcóir na bpeacach, admhuighim, dá bhfaicinn an drochdhuine sonasmhar agus an deagh-dhuine mí-adhmhar, go lagóchadh an radharc san mo chreideamh go mór, agus badh dheacair dam gan géilleadh do na smaointe éadóchasach do eireóchadh im chroidhe; oir do chreidfinn gur mheall Críost féin me, nuair do-chífinn neithe ag tuitim amach contráltha le n-a gheallamhaint sin. Ach an tráth do chloisim na focail do tháinig as béal an tSlánathóra so, agus do-chím cóilíonta go laethamhail os comhair mo shúla iad - nuair a chloisim sin ag rádh le n-a dheisciobail: "Mundus gaudebit et vos contristabimini" "Beidh áthas", ar sé sin, "ar an saoghal ach beidh beidh doilgheas oraibhse" - nuair a chloisim é ag innsint go mbeadh an mhuíntir do chreidfeadh ann fhéin fé tharcuisne agus dhroch-mheas ag daoine, go mbeidís bocht agus uireaspach agus mífhortúnach sa bheatha so, agus ag rádh leó gur innis sé na neithe seo dhóibh roimh ré chun ná beadh iongantas ná lagmhisneach orra an tráth do thuitfidís amach - nuair, adeirim, do smaoinim ar an gcomhrádh so Chríost
do-chím go gcóilíontar go laethamhail é, neartuigheann sé go mór mo chreideamh agus méaduigheann sé mo dhóchas. Oir adeirim liom fhéin, an Dia céadna adubhairt le n-a fíoraein: "Beidh doilgheas oraibh", adubhairt sé mar an gcéadna: "Tristitia vestra vertetur in gaudium": "Ionntófar as so bhur ndoilgheas i lúthgháir"; an té do fhógair dóibh go mbeidís anacrach ar an dtalamh so, do gheall sé dhóibh a ríoghacht fhéin agus insa ríoghacht san sonas gan teórainn. Anois, atá sé chomh fírinneach ina gheallamhaint agus atá sé ina bhagairt, oir isé an fhírinne dhiongabháltha é. Adubhairt sé go mbeadh doilgheas ar dheagh-dhaoine sa bheatha
; cólíontar san gach aon lá. Agus do gheall sé go bhfaighdís compórd ina dhiaidh so in ionad an doilghis sin; agus gan éan dabhta tiocfaidh a gheallamhaint chun cinn. Is ceann do fhírinní an chreidimh Chríostamhail ná raghaidh éinne isteach go flaitheas Dé ach an té atá cosamhail ina bheatha le Íosa Críost. "Quos," adeir Naomh Pól, "praescivit, et praedestinavit
conformes fieri imaginis Filii sui": "An mhuíntir n-a raibh fhios roimh ré ag Dia agus do cheap chun a bheith cosamhail le íomháig a Mhic fhéin, is iad san do raghaidh go flaitheamhnas." Anois is follas gur i mbochtaineacht agus in úirísleacht do chaith Mac Dé a bheatha ar an dtalamh so, gur tarcuisne agus droch-thoil agus droch-mheas do fuair sé ó dhaoine. Do bhí Tiberius Caesar, an duine ba bharabraithe, ba shailighthe, ba dhéistinighe béasa dár mhair riamh, ina ímpire ar an ndomhan fé choróinn óir sa Róimh, agus Íosa Críost, rí righthibh an domhain, dá chrochadh go nochtaithe fé choróinn dheilgneacha ar chnoc Calbhairí; an mallathóir Pilate ina shuidhe ar chathaoir bhreitheamhnuis, agus Árd-bhreitheamh na mbeó agus na marbh ag seasamh ceangailthe le pillóir agus a chuid feóla dá gearradh dhe le sciúirsíbh. Anois, a Chríostaidhe, cráidhte ag an saoghal, cad é an chúis gearáin atá agat? Siubhluigheann tusa sa bhóthar chéadna inar shiubhluig do Shlánathóir beannuighthe Íosa Críost rómhat: atá ualach na bochtaineacht ort fé mar do bhí air siúd; agus cuireann Dia an séala céadna do chuir sé air siúd cuireann sé ortsa é, chun go mbeifá cosamhail leis insa bheatha so agus páirteach leis ina dhiaidh so in aoibhneas síorraidhe. Ach déarfair liom go rabhadar agus go bhfuilid deagh-dhaoine agus Críostaidhe maithe saidhbhir agus sonasmhar fé ghradam agus onóir sa tsaoghal. Admhuighim go bhfuil san mar sin, go bhfuilid mórán daoine compórdach sa bheatha so, agus saidhbhreas an tsaoghail seo aca, agus go mbeidh saidhbhreas síorraidhe aca 'n-a dhiaidh so, agus san le lán ceart. Oir mar mbeadh éinne sábháltha ach na boicht - mara raghadh éinne isteach go flaitheas Dé ach an mhuíntir do chaitheann a mbeatha i gcéim úiríseal, do leanfadh as san gur staid damanta an saidhbhreas agus an uaisleacht, agus nárbh fhuláir iad do thréigean. Anois ós le hórdú agus le húghdarás agus le riaghlú Dé féin atáid na céim
árda so sa tsaoghal, leanann as san ná féadfidís a bheith olc ionnta féin, agus ná féadfadh damaint shíorraidhe a bheith ceangailthe go dlúth dhóibh. Agus nárbh fhuláir go dteaspánfadh Dia comhachta a ghrása ar measc uaisle agus daoine saidhbhre chomh maith is do theaspáin sé ar measc an dream íseal agus uireaspach? Oir mara mbeadh san mar sin, dá mbeadh gach éinne bhí uasal ina mhallathóir, agus gach éinne do bhí saidhbhir ina pheacach - mara mbeadh somplaí naomhthacht le fagháil agus le feiscint eatortha - do chaithfeadh san gach éinne aca in éadóchas slánaithe. Na naoimh do bhí saidhbhir agus rathamhail sa bheatha so do choingbhíodar a gcroidhe glan ó ghrádh an tsaidhbhris sin; do bhíodar umhal ina n-íntinn; agus siúd is nár thréigeadar a staid bheatha, do chóilíonadar a n-oibliogáidí go léir le híntinn toil Dé do dhéanamh. Do choingbhíodar a n-anam glan ó spiorad an uabhair, agus, líonta le spioraid na haithrighe, níor ghrádhadar an phoimp ná an sonas do bhí aca, ach do bhíodh a gcroidhe ag osnaghal i ndiaidh an ghlóire shíorraidhe do thuilleadar agus do fuaradar ó Íosa Críost. Adéarfair arís liom go mbíonn an mallathóir go minic chomh mí-fhortúnach, an peacach chomh uireaspach, an droch-dhuine chomh dealbh sa bheatha so le deagh-dhaoine. Is fíor go mbíonn; agus gan na réasúin
go léir do chuardach le n-a gceaduigheann Dia ná beadh an rath i gcomhnaidhe ar an bpeacach, tabharfad aon fhreagra amháin ort is dóigh liom do shásóchaidh tu. Nuair do luigheann Dia láimh sa bheatha so ar dhroch-dhuine, nuair a smachtuigheann sé é le crosa agus le trioblóidí agus le hanacraí, teaspáineann sé nár dhearmhaid, nár thréig sé ar fad é, gur mian leis é chasadh arís ar shlighe an tslánuithe. Smachtuigheann sé ina thrócaire é chun ná damnóchadh sé ina fheirg é. Buaileann agus brúghann sé é chun é cheartú, chun é leasú, chun é dhúiseacht ó mharbh-shuan an pheaca. Tabhair grása dhúinn go léir, a Thighearna thrócairigh, na hanacraí le n-a bhfiosruigheann tú sinn sa bheatha do iomchar go foidhneach agus do ghlacadh go sásta ód láimh-se; agus bronn orainn na neithe do-chíonn tusa is tairbheamhla do shlánú shíorraidhe ár n-anam agus dod ghlóire fhéin! Iarraimíd an athchuinghe sin ort in ainm do Aonmhic-se agus ár Slánathóra, Íosa Críost. Risteárd Ó Foghludha. do chuir i n-eagar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services