Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sonas na bPeacach agus Mí-ádh na bhFíoraen

Title
Sonas na bPeacach agus Mí-ádh na bhFíoraen
Author(s)
Paodhar, Muiris,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1834
Publisher
(B.Á,C.: Browne and Nolan Limited, 1944)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



SONAS NA BPEACACH AGUS MÍ-ÁDH NA BHFÍORAEN
Risteard Ó Foghludha, D. Litt. Celt


L. 378


Ar ndul do Íosa ar bórd luinge bige, do leanadar a dheisciobail é;
do éirigh stoirm mhór ar an bhfairge, sa chás san gur
chlúduigheadar na tonnacha an long. Ach do chodail sé sin, agus
do dhúisgeadar é ag rádh leis: A Thighearna, saor sinn, oir atáimíd
caillthe. Agus adubhairt sé sin leó: Cad é an eagla san oraibh, a
dhream lag-chreidimheach? - S. Matt.caib.8



Is cruinn an peictiúir é seo, a Chríostaidhthe, ar na neithe do
thárluigheann dhúinne go minic agus do thuiteann amach go laethamhail os
comhair ár súla. Tuairimighim gurab é íntinn an Spioraid Naoimh,
insa phasáiste do léigheas dhíbh, sinn do shoíllsiú agus do theagascadh
ar an slighe do iomcharuigheann Dia é féin do thaobh an chine daona.
Mairid deisciobail Chríost - 'siad san na fíoraein agus caraid ionnraic Dé
- mairid sa tsaoghal so ar n-arbh fhéidir muir stoirmamhail do thabhairt
go fírinneach mar ainm, agus is le n-a órdú san atáid uirre. Bíonn Dia
féin ina bhfochair agus ní thréigeann


L. 379


sé choidhche iad.
Stiúruigheann sé a gcoiscéime, soíllsigheann sé a slighthe agus neartuigheann
sé iad. Ach thar éis sin, do samhlófaí go minic go bhfágann sé
iad, go dtairgigheann sé a láimh chabharthach uatha, go dtréigeann sé
iad, go ndúnann sé a shúil ortha. Ceaduigheann sé stoirmeacha fórsamhail
do shéideadh orra agus fágann sé nách mór báithte iad fé thonnacha 'thrioblóidí
agus anacraí an bheatha so. Oir cé chreidfeadh i bpoínnc den tsórd
so go bhfuil sé in éanchor ina bhfochair, go bhfuil éan chúram aige
ionnta nó go bhféachaid a shúile ar a gcruadhtan? - go speisialta nuair
do bhíonn ádh agus séan agus sonas le mallathóirí, nuair a chaithid a saoghal
go séanmhar i seilbh gach nídh do fhéadfadh compórd do chuir ar a gcolainn,
sásamh ar a n-íntinn, áthas ar a n-aigne nó pléisiúr ar a gcroidhe.



Ar machtnamh do Rí Dáth ar an roinnt iongantach so - ar an roinnt,
mar a samhlófaí dhúinne, éagcórach so - do scread sé amach agus adubhairt
sé le Dia: "Exsurge, quare obdormis, Domine?" "Éirig suas,
a Thighearna," ar seisean, "cad na thaobh go leigeann tu an suan trom so
ort?" Agus is mar seo a scairteann an deagh-chríostaidhe go minic i bhfocail na
n-aspol: "Domine, salva nos, perimus": "A Thighearna, ca bhfuil tú? saor
me, atáim caillthe, atáim báithte i bhfairge thrioblóidí, agus ní fhóireann
tusa orm!" Ámhthaig, ní thugann Dia freagra ar bith uaidh ach an freagra
céadna do thug Críost ar a aspoil scannruighthe: "Quid timidi estis,
modicae fidei?" "Ca bhfuil do chreideamh, ca bhfuil do dhóigh
id Dhia, cad é an eagla san ort agus mise id fhochair?"



Is mian liom, a Chríostaidhthe, indiu, sibh do theagascadh ar an
bpoinnte tábhachtach so, chun go bhfaicfeadh sibh na réasúin le n -a
gceaduigheann Dia ádh agus saidhbhreas agus sonas agus compóird an bheatha
so do bheith go minic - agus do ghnáth mar adéarfainn - ar eiricidí agus
ar dhroch-dhaoine eile; agus mí-ádh agus bochtaineacht agus uireaspa ar
dheagh-dhaoine. Dírighim mo chomhrádh, ní amháin chun na bpeacach atá ag
éisteacht liom, ach fós chun misneach agus corráiste agus compórd do
thabhairt díbhse, a fhíor-chlainn Chríost, do dheineann bhur ndícheall a
dhlighe do leanamhaint, ní le súil cúiteamh do fhagháil sa bheatha so
ach le híntinn an ghlóire do-chríochnuighthe atá ullamh aige sin díbh do
shroisint.



I ngach am agus tráth ó thosach an domhain go dtí an nóimeant so, ní
raibh éan nídh do chuir agus do chuireann níos mó mearbhal in aigne <na>
ndeagh-dhaoine 'ná machtnamh ar an sonas saoghaltha agus ar an rath do
thuiteann do ghnáth chun páirt na bpeacach sa bheatha so; agus luighduigheann
sé go mór a gcreideamh agus a ndóchas i nDia. Éistígh le Rí Dáth
ag tabhairt cunntais ar na smaointibh thigeadh ina chroidhe an tráth
do mhachtnuig sé ar na neithe seo: "Mei pene moti sunt pedes, pene
effusi sunt gressus mei" "Im thaobh," adeir sé, "admhuighim
go gcritheadh mo chreideamh, agus go luighduigheadh mo dhóchas, agus
gur thréigeas nách mór iad," - agus cad na thaobh san? - "oir do thigeadh
múisiún 'dhíoghrais im chroidhe agus do ghluaiseadh m'anam chun feirge


L. 380


an tráth do-chínn síothcháin agus sonas agus raidhse ar mhallathóirí; oir
adeirinn: An féidir go bhfaiceann Dia na neithe do thuiteann amach
annso thíos, nó a' bhfuil fios chúrsaí an tsaoghail ag an Té is aoirde?"
"Quomodo scit Deus, et si est scientia in excelso?" "Oir is iad na
peacaig is sonasmhaire, is séanmhaire, agus is saidhbhre":
"Ecce ipsi peccatores, et abundantes in saeculo, obtinuerunt divitias"
"Oir is iad na peacaig agus an dream do leagann a gcroidhe amach ar an
saoghal so do fhaghann saidhbhreas. Dá bhrígh sin" adeir sé, "do mheasas,
nách mór, gur dhíomhaoin dam mo chroidhe do choiméad glan ó urchóid
nó mo láimh ó éagcóir": "Et dixi: ergo sine causa justificavi
cor meum, et lavi inter innocentes manus meas" "agus adubhart gur gan
chúis do ghlanas mo chroidhe agus do nigheas mo lámha ar measc an
dream neamh-chionntach." - Is mar seo do labhair an rí ba naomhtha dá
raibh riamh ar phobal Dé.



Agus do chaitheadh na págánaig aspacháin den tsórt so le na céad
Chríostaidhthe: "Cad é an Dia so agaibhse?" adeiridís. "Maoidheann
sibh gur Dia ceart, gur Dia comhachtach, gur Dia trócaireach é:
má's fíor san, cad é an fáth n-a bhfulaingeann sé sibhse, atá 'nbhur
seirbhísig mhaithe aige, a bheith bocht agus uireaspach agus dealbh, agus sinne atá,
mar adeirthí-se, 'nár namhaid aige, sinne ná teaspáineann onóir ná géille
ar bith dho, a bheith séanmhar agus saidhbhir agus compórdach, agus 'nár máighistirí
oraibhse, bhur mbrú fé chois againn agus bhur marbhú gach aon lá?"



Agus adeirid nua-eiricidí na haimsire seo nách mór na focail chéadna.
"Muna mbeadh," adeirid, "go bhfuil Dia buidheach de na Sasanaigh, ní
thabharfadh sé sonas saoghalta agus saidhbhreas agus máighistreacht os cionn
Caitilicí dóibh; ní bheadh ádh agus rath agus séan leó mura
mbeadh go bhfuil an creideamh cóir aca."



Anois a Chríostaidhthe, má theaspáinim ná fuil éan nídh i gcoinnibh
chreidimh go roinnfadh Dia sonas ar pheacaig agus mí-ádh ar dheagh-dhaoine,
ach go mbuanuigheann agus go neartuigheann an roinnt chéadna san ár
gcreideamh, is dóigh liom go dtabharfad freagra iomlán orra so do
mhaoidheann gur le neart muíntearais chúcha do bhronnann Dia
sonas agus saidhbhreas orra. Seasuighim ar an altóir seo im sheirbhíseach
ag Íosa Críost, chun fios a dhlighthe do thabhairt díbh, chun bóthar na
bhflaitheas do phoínteáil amach dhíbh, chun breitheamhantaisí Dé do
chuir in úil díbh, agus chun compórd do thabhairt díbh ar measc anacraí
na beatha so. Sibhse mar sin atá bocht, sibhse atá cráidhte ag an
saoghal so, agus n-a bhfuil bhur gcuid de searbh go leór, éistíg liom, agus
geallaim dhíbh le congnamh Dé ná beidh sibh mí-bhuidheach dem theagasc
ná mí-shásta i ndiaidh mo chomhrádh.



AN CHÉAD RANN



Má smachtuigheann Dia an fíoraen, má luigheann sé a láimh go
trom ar an ndeagh-dhuine, is chun a thástála, is chun féachaint cad é
an sórd é, chun go mbeadh fhios go cruinn aige de cad é an mianach
atá sé déanta. Oir, fé mar do thriaileann an teine
ór, triaileann anacra croidhe an duine. Nuair is mian leis an


L. 381


ngobha óir fios do bheith aige a' bhfuil a chuid óir fírinneach agus folláin,
caitheann sé isteach é i bhfuirnéis theíntighe, agus dá ghéire go greadfar
an teine leis is eadh is gloine agus is gile do lonnróchaidh an fíor-ór;
ámhthaig, loiscfear chun luaithreáin an t-ór fallsa.
A dhála so díreach do níonn Dia le daoine: greadann sé teine thrioblóide
shaoghaltha timcheall orra; tagann an fíoraen - an duine n-a raibh
a chroidhe díreach le Dia - tagann sé níos gloine as an dteine sin
'ná bhí sé sul do thástáladh é; ach an droch-dhuine, fear an chroidhe
fhallsa, is seacht measa do bhíonn sé thar éis an triail sin 'ná bhí
sé roimhe-sin.



Is mar seo do thástáil Dia a sheirbhíseach Job. Duine é seo
do mhair na mílthe bliadhain ó shin sa domhan toir. Ba duine símplí
díreach é, ar a raibh eagla Dé, agus do sheachnuig an peaca. Do bhí
mórsheisear mac agus triúr inghean aige. Do b'é a shealbhúchas seacht
míle caorach, trí míle capall, chúig céad cúpla daimh, agus chúig céad
asal baineann, agus muíntir iomarca thar barr; oir ba duine comhachtach
ar measc prionnsaí an domhain toir é. Agus do imthigheadh a <mhór>sheisear
mac agus do nídís féasta, gach nduine lá a uan féin,
agus do ghlaedhdís a dtriúr deirbhshéar chun ithe agus ól ina bhfochair.
Agus nuair do bhíodh laethibh na bhféastaí imthighthe, do chuireadh Job
fios orra agus do naomhuigheadh sé iad. Ag éirighe go moch do ar maidin
do ofráladh sé íodhbairt loiscithe ar son gach n-aon aca: "Oir,"
adeireadh sé, "b'éidir gur pheacuighdar mo chlainn, agus gur thoilig
a gcroidhe le nídh ná raibh ceart i radharc Dé.' Is mar seo do níodh
sé gach aon lá.



Lá áirithe n-ar thánadar clainn Dé dá dteaspáint féin i láthair
an Tighearna, do tháinig an t-áirseóir ina measc. Adubhairt an
Tighearna leis: "Cad as n-a dtáinís-se?" "Do ghabhas", ar sé sin,
"timcheall na talmhan agus do mhion - agus do mhór-chuarduigheas í." Agus
adubhairt an Tighearna leis: "A' bhfeacaís mo sheibhíseach Job,
ná fuil a leithéid ar an dtalamh, duine ceart díreach ar a bhfuil
eagla Dé agus do sheachnuigheann an t-olc?" Do fhreagair an
t-áirseóir, ag rádh: "Ní gan chúis atá eagla Dé ar Job, oir do
dhéanais falla timcheall air féin agus ar a thig agus ar a
shubstainnt; do bheannuighis oibreacha a lámh, agus do mhéaduighis
thar barr a shealbhúchas sa talamh. Ach sín amach do láimh, agus luig
go trom ar a shubstannt í, agus do-chífir go mallachtóchaidh sé thu
os comhair do shúla féin!" Adubhairt annsan an Tighearna leis an
áirseóir: "Féach, atá a chuid go léir id láimh-se; ámhthaig, ná
bain le n-a phearsain fhéin." Agus do imthig an t-áirseóir amach
ó láthair an Tighearna.



Agus do thárlaig an lá san go rabhadar mic agus ingheanacha Job ag
caitheamh féasta agus ag ól fíona i dtigh a ndearbhráthar ba sine. Do
tháinig teachtaire chun Job ag rádh: "Do bhí na daimh ag treabhadh agus
na hasail ag inníor 'n-a n-aice, agus do ionnsaidheadar bitheamhnaig
iad agus do thógadar iad uile ló, agus do mharbhuighdar na fir go léir le
faobhar cloidhimh, agus do thána-sa im aonar as, dá innsint duit."
Fhaid do bhí sé ag labhairt, do tháinig fear eile agus adubhairt: "Do


L. 382


thuit teine Dé anuas ón spéir agus do loisc sí na caoire agus na haedhairí
do bhí ina mbun, agus do thána-sa amháin as, dá innsint duit."
Is ar éigin do bhí an focal as a bhéal súd nuair do tháinig fear eile
adubhairt: "Do rinneadar na Caldéi trí trúip díobh féin, agus do
ionnsaidheadar na capaill, agus do rugadar iad go léir leó thar éis
an lucht do bhí dá gcoimeád do mharbhú le faobhar an chloidhimh, agus do
thána-sa amháin as, dá innsint duit." Ar bheith ag labhairt do so,
do tháinig an ceathramhadh teachtaire isteach agus adubhairt: "Ar bheith
dot mhic agus dot ingheanacha ag caitheamh féasta i dtig a ndearbhráthar
ba sine, do shéid gaoth thréan go hobann ón bhfásach ar cheithre cúinne
an tighe, agus do leagadh anuas orra é, agus atáid siad go léir marbh fé,
agus do thána-sa amháin saor as, dá innsint duit."



Ar gcloisint na scéal doilgheasa so do Job do chrom sé ar an
dtalamh agus do adhair sé Dia, ag rádh: "Is lomnochtaithe do tháinig mé
as bhroinn mo mháthar ar an dtalamh so, agus go lomnochtaithe do chasfad
arís ann. Do thug an Tighearna raidhse dham agus do rug sé uaim arís
é. Mar ba toil leis is mar sin do thárluig: go madh beannuighthe
i gcomhnuidhe ainm an Tighearna!" - Agus níor labhair a bhéal, agus níor
smaoinig a chroidhe, éan nídh amadánta i gcoinnibh Dé.



Beagán laethaibh ina dhiaidh sin do thánadar clainn Dé agus do sheasuigheadar
i láthair an Tighearna, agus do sheasaimh an t-áirseóir ina
measc. Adubhairt Dia leis: "Cad as n-a dtáinig tusa?"
Adubhairt Sátan: "Do thimchealligheas an talamh agus do shiubhluigheas
gach órlach di." "A' bhfeacaís mo sheirbhíseach Job?" arsa Dia
leis, "ná fuil a leithéid eile ar druim talmhan, duine díreach, ceart,
símplí ná rinn urchóid ná peaca; agus do chorruighis me ina choinnibh
chun go smachtóchann é gan chúis. Ar san t-áirseóir dá fhreagra:
"Tabharfaidh duine croiceann ar chroiceann, agus a bhfuil aige ar a
bheatha; ámhthaig, sín-se do láimh amach agus bain le n-a chnámha agus
le n-a cholainn agus do-chífir go mallachtóchaidh sé id aghaidh thú."
"Féach," arsa Dia leis, "atá sé id láimh-se, ach fág an t-anam ann." Annsan
do imthig an t-áirseóir amach as láthair an Tighearna, agus do bhuail sé
colainn Job le eascóidí olc thar barr. Ó bhonn a chos go baitheas a chinn
do badh aon otharas amháin a cholainn go léir. Do chaitheadar a mhuíntir
amach ar an gcarn aoilig é, agus le sliogán do bhíodh ag scríobadh chorcáin
is <eadh> do scriosadh de féin an bracha do thigeadh amach as a chneádha.
Annsan adubhairt a bhean leis: "A amadáin, maireann tu fós gan pheaca;
tabhair do mhallacht do Dhia, chun go mairbheóchadh sé láithreach tu!" "A
bhean," ar sé sin léi, "is díthcéilleach, is mallaithe í do chaint: do
ghlacamair go buidheach neithe maithe ó láimh Dé agus cad na thaobh ná
glacfaimís, le cóbhuidhchas, neithe urchóideach ón láimh chéadna?"



Annsan do thánadar triúr prionnsaí de charaid Job, ar chlos na
haindeise do imthig air, chun a gcompóird do thabhairt do; agus ar
theacht i láthair dóibh, níor aithníghdar ar dtúis é, agus ar fhaiscint
dóibh an reacht ina raibh sé, do liúghadar agus <do> ghoileadar, do stolladar
a n-éadach agus do chuireadar cré ar a gceann; do shuidhdar le n-a ais ar


L. 383


an gcarn aoilig ar feadh seacht lá agus seacht n-oidhche, agus ní dubhradar focal
leis ar fhaiscint dóibh an pheannaid do bhí air.



Annsan do chromadar ar choinspóidí leis, a d'iarraidh a chur ina luighe air
gur mar gheall ar a pheacaí troma do smachtuig Dia é. Do fhreagair
Job a n-argóint go léir, agus do sheasaimh sé amach ná rinn sé peaca
mór ná beag i gcoinnibh Dé, agus siúd is ná rinn féin, go bhféadfadh Dia
le lán ceart é smachtú míle uair níos géire 'ná rinn sé, agus go raibh
fáilthe aige chuige sin uaidh fhéin dá bhfaiceadh sé san oireamhnach. l
ndeire na hargóinte do labhair <Dia> as na flaithis leó: do theaspáin
sé go raibh an éagcóir aca-san chun Job, agus go raibh sé sin ceart ina
smaointibh, glan ina ghníomharthaibh, agus fírinneach ina fhocal; agus do
chneasuigh Dia gach urchóid dá dtug sé air; do aithbheóidh sé a chlainn
agus do dhúbhluig sé a shubstainnt, do mhair sé céad agus dachad bliadhain
tar éis na hanacra go léir dá dtáinig air.



Ag seo, a Chríostaidhthe, mar do thástáil Dia an seirbhíseach maith
so i dteine thrioblóide shaoghaltha. Agus d'athchuinghig Rí Dáth ar
Dhia mar seo: "Proba me, Domine, et tenta me" "Tástáil me, a Thighearna,
agus féach cad é an sórd me. Buail, bris, loisc agus dóigh me chun go
madh fhollas go bhfuil mo chroidhe díreach leat!"



Fáth eile, a Chríostaidhthe, n-a bhfiosruigheann Dia an deagh-dhuine
le anacra aimsearach, is chun go nglanfadh sé a chroidhe ó gach uile
chaitheamh i ndiaidh neithe an tsaoghail seo - ó ghrádh truaillighthe rachmais
an bheatha so. Oir, i bhfírinne, dá mbeadh sonas saoghaltha do ghnáth
ceangailte de sheirbhís Dé sa bheatha so, do dhéanfadh ár bhformhór
an <t>seirbhís sin do chólíonadh a dfhonn an tsonais sin do fhagháil,
fé mar do thugann Naomh Auguistín fé dheara insna focail seo:
"An tráth," adeir sé, "do-chíonn tú namhaid Dé séanmhar annso, an
saoghal ag éirighe le droch-dhaoine, cuireann san iongantas ort agus
adeirir leat fhéin: Atáimse le fada im sheirbíseach ag Dia, ag
coiméad go poínteáltha do réir mo dhíchill a aitheanta, ag cólíonadh
oibliogáidí mo chreidimh, agus ní fearrde me, ní fearrde an rath atá
orm; mairim go macánta Críostamhail, agus ní chuireann Dia séan ná
sonas orm; mairid dream eile go mallaithe, gan riaghail gan
smacht gan cráibhe, agus bídh sláintamhail saidhbhir fá ghradam agus fá onóir
agus fá mheas." Ach fiafruigheann an Dochtúir naomhtha so; "Talia
ergo quaerebas?" "An iad na neithe seo do lorguighis-se , a
Chríostaidhe? Is, mar sin, a dfhonn shláinte chorportha, is a
dfhonn ollmhaitheas an bheatha so, is a dfhonn mheas agus gradam
agus onóir an tsaoghail seo, do dhéanfá-sa seirbhís do Dhia! Agus
hedé an fáth díreach nár bhronn Dia na neithe seo ortsa, oir níor
cheart duit é ghrádhchaint ar sucht a bhronntaisí do dhaoine, ach
ar son a dheagh-cháilidheacht fhéin amháin; mar dá ndéanfá-sa
seirbhís do ar son na <d>tabharthaistí talmhaidhe do thugann sé uaidh,
do theaspáinfá gur badh annsan led anam na tabharthaistí
truaillighthe sin 'ná Dia féin, agus dá bhrígh sin nárbh fhiú
thu radharc do fhagháil air choidhche, clúdaithe le n-a ghlóire.



Atáid na mílte somplaí laethamhail againn do theaspáineann
mór-chontabhairt rachmais an bheatha so do thaobh slánú shíorraidhe na


L. 384


ndaoine. Oir cé hiad bhur ndroch-Chríostaidhthe, bhur lucht meisce,
bhur lucht bruighne, bhur ndream drúiseamhail, bhur lucht déanta
éagcóra ar bhochtáin, bhur lucht do réabann dlighe Chríost agus dlighthe
Eaglais Chríost - cé hiad san? Nach iad bhur ndaoine saidhbhre iad, nách
iad bhur maithibh agus mór-uaisle, nách iad bhur lucht an sparáin teann,
bhur lucht an cholainn beathuighthe láidir sláintamhail? Cionnas, mar
sin, do chosnann Dia tusa, a Chríostaidhe, ó chontabhairt agus ó chuirpacht
na bpeacaí scannramhail seo? Clúduigheann sé le bochtaineacht thu
ó phláig an tsaidhbhris, cosnann sé thu le húirísleacht i gcoinnibh
onóir shaoghaltha, agus díonann sé le droch-shláinte thu i gcoinnibh drúis
agus meisce agus mí-bhearta eile. Is fíor, b'éidir, ná faghann tú radharc
cruinn anois ar na neithe seo, ach ní bheir mar sin: atá lá in áirithe
ag Dia, lá an mhór-bhreitheamhanais, nuair do lonnróchaidh solas na
síorraidheachta ar iomchar Dé agus ar ghníomhartha daoine sa tsaoghal
so: is annsan do-chífirse, a bhochtáin, cad í an fhaill eaglach ar
n-ar chosain do dhealbhas thu; do-chífirse, a chréatúir, cnaoidhte le
droch-shláinte, cad í an teine scannramhail ar n-ar shábháil do
bhreóiteacht thu, agus beannóchair, míle uair, an Dia trócaireach san
do choisc tabharthaistí urchóideacha an bheatha so uait, agus do bhronn
ort ina n-ionad anacraí grásamhail le n-ar shábhálais do anam.



Tugaid anacraí an bheatha so ní amháin gráin dúinn ar aoibhneas
chontabhartha an tsaoghail seo agus cosnaid sinn ar chuirpacht an pheaca,
ach fós ceanglaid ár n-anam go dlúth agus go daingean le Dia; cuirid
'fhiachaibh orainn in ár n-aindeóin rith fé n-a choimirce sin agus ár ndóigh
go léir do chuir ann. Oir atáid, mar adeir Naomh Bernard, cheithre
dream dhaoine ar an dtalamh so ceapaithe chun glóire síorraidhe do
shealbhú insa bheatha thall. An chéad dream, buadhaid flaitheas <Dé>
le fóirneart - is iad dream iad san na boicht i spioraid, nó an
mhuíntir do thréigeann rachmas an tsaoghail, dá ndeóin agus dá saorthoil
fhéin, a dfhonn dlighe Chríost do leanamhaint gan bac gan cosc.
Ceannuigheann an dara dream ríoghacht Dé - is iad san na daoine saidhbhir
do rinne, mar do chomhairligheann Críost dúinn, le <n-a>
ndéirc raidhseamhail, daoine muínteara do bhoicht Dé do labharfidh
go fórsamhail ar a son an lá déanach i láthair Dé agus do ghlacfidh isteach
iad in árais fhlaitheamhnais. Guidheann an tríomhadh dream flaitheas
Dé, agus cé hiad san? Atá, an mhuíntir atá croidhe-umhal, an mhuíntir
ná lorguigheann módh ná meas daoine, ach do fhulaingeann go foidhneach
éagcóir agus masla agus tarcuisne. Agus atá dream eile ann ná téighean
isteach go flaitheas Dé ach de bhrígh go gcuirthear 'fhiachaibh orra dul
isteach ann; agus is iad so na Críostaidhthe nach loirgeóchadh Dia ach ná
faghaid suaimhneas ar éan taobh eile. Dá mbeadh an saoghal síoch
leó, dá mbeadh sé sona agus taithneamhach leó, dá mbeadh sé ádhbharach
áthasach leó, ní loirgeóchaidís thusa choidhche, a Dhia áluinn! Ach
ar nós an phobail úd sa tseannreacht do chumais do cheapais agus do thoghais
duit féin - an pobal úd do bheathuighis le arán na n-aingeal agus do
ramhruighis le méitheas na talmhan, an pobal úd do chuiris i dtír


L. 385


chomh maith sin go súghaidís mil as a carraigreacha agus íle as a clocha
cruadha - ach do thréig sé thusa, an Dia do chruthnuigh é; is mar seo
do thréigfeadh an dream so thusa muna mbeadh gur luighis do láimh
trom orra, gur líonais a mbóthar sa tsaoghal so le deilginí, gur
dhúnais gach éan slighe chun compóird orra ach an cosán do bheireann go
dtí go ríoghacht naomhtha-sa; do bhrúghais, do mharbhuighis iad chun
go loirgeóchaidís thu agus go gcasfaidís <ort> - mar adeir an Fáidh
ríoghamhail: "Cum occiderit eos revertebantur, et diluculo veniebant
ad eum" "Nuair do mhairbh sé iad do chasadar air, agus moch ar
maidin do thánadar chuige."



Ní gan duadh san. Ní bheirthar buadh gan comhrac, agus ní bhfaghaidh
éinne coróinn na glóire ach an té do bhuaidhfidh í. "Is iongna leat,"
adeir Naomh Ambrós, "go n-oibrigheann Dia go cruaidh a sheirbhísigh
dhílis agus go bhfágann sé peacaig go suaimhneasach: do badh áil leat
fios na deifrach so bheith agat? Hedé an fáth atá leis: Ní maith le
Dia ríoghacht na bhflaitheas do thabhairt d'éinne ach don té thuilleann í,
ach is maith leis í thabhairt do na fíoraein." As san leanann nach foláir do
cae do thabhairt dóibh í thuilleamh. Ach de bhrígh ná
ceapann sé ríoghacht na bhflaitheas do thabhairt do pheacaig, ní thugann
sé mar sin éan chae dhóibh í thuilleamh. Fé, díreach, mar do-ní prionnsaí
an tsaoghail seo: an mhuíntir n-ar áil leo do árdú in onóir, cuirid
cúram a leithéid seo agus a leithéid siúd de nídh orra, tástálaid ar
feadh mórán bliadhanta iad, agus an tráth do-chíd dílis agus fírinneach iad
déinid ridirí nó tighearnaí nó iarlaí dhíobh: is mar seo do níonn
Dia le n-a charaid fhéin, tástálann sé annso iad, chun go gcúiteóchadh
sé a dtrioblóid ina dhiaidh so leó.



Ina éaghmuis sin, níl éinne chomh ceart chomh naomhtha chomh iomlán
san ar an dtalamh so ná go bhfuil fiacha beaga éigin aige le díol le
ceart Dé. Oir cá bhfagham an té nár pheacuigh riamh? Ca bhfagham
an té nár shailig riamh a chochall baistí le smól nó le salachar an
pheaca? Ciaca againn do fhéadfadh a rádh: "Níor mhúchas riamh solas na
ngrás le héan pheaca toileannach im anam?" Dá gcuardófá ó
éirighe gréine thoir go dtí n-a luighe thiar, ó bhrothal an tsamhraidh
theas go fuacht an gheimhridh thuaidh, ní é mo mheas go bhfaghfá duine
do fhéadfadh a rádh le fírinne nár pheacuig sé riamh. Níl éinne,
mar sin, nár thuit i bhfiacha le Dia agus ná caithfidh iad do dhíol. Ach
cahuin? Atá, roimh nó i ndiaidh a bháis. Ma's tar éis a bháis,
cad é chomh trom agus chomh peannaidheach is do bheidh an díol san air?
Is fearra dho míle uair iad do éileamh ar an dtaobh so den uaig, iad
do dhíol le hanacraí an bheatha, fé mar adeir Naomh Ieróm insa leitir
do scríbh sé go Paulína ag tabhairt compóird agus misnigh di tar éis
bás a clainne agus cailleamhaint a coda. "Cad é an chúis goil agus
caoidhe dhuit?" adeir sé léi. "Do rug Dia do chlainn uait agus do
bhochtanuig thu; tóg do rogha aca so: níor thuillis led pheacaí go
smachtóchadh Dia chomh géar so thu; nó do thairigís an fiosrú so ort


L. 386


led chionnta féin. Má innseann do choinsias umhal glan duit go
bhfuileann tú neamh-chiontach, in ionad dhobróin, badh ceart
duit áthais a bheith ort, oir iarrann Dia do shubháilciú i
gcóir flaitheamhnais;
fé mar do níonn an ceárdaidhe do chuireann péarlaí agus clocha uaisle
i bhfáinne, leasuigheann sé agus gearrann sé iad, baineann sé gach éan
chúinne agus gach éan chnaip díobh chun go n-oirfidís ina n-ionad ceapaithe.
Ach má thuillis led pheacaí go smachtóchadh Dia thu, nách fearra dhuit
míle uair go mbuainfeadh sé díol láithreach dhíot sa bheatha so 'ná na
fiacha do fhágaint i gcóir a n-éilithe sa bheatha eile? Oir cuimhnig,
dá fhaid do fhág<faidh> sé gan éileamh iad is <eadh> is cruaidhe an
díol do loirgeóchaidh sé asta ." Ciaca is tairbheamhla dhuitse
mar sin, a Chríostaidhe, go dtástálfadh Dia annso thu, go nglanfadh
sé thú ó dheasca do pheacaí, ó dhríodar do chlaon-chortha, go gceanglóchadh
sé go dlúth agus go daingean de fhéin sa bheatha so thu, chun go
n-árdóchadh sé in-a dhiaidh so thu i nglóire shíorraidhe, nó tu fhágaint
mar do fhágann sé na peacaig i marbhshuan an pheaca, ina gcodlaid go trom
i sonas agus i séan, in onóir agus i ngradam agus i bpléisiúr, do chríochnuigheann
i mbochtaineacht agus in uireaspa, i ndealbhas agus i ndonas agus i bpeannaid
shíorraidhe?



Isé an nídh a mheallann sinn ná breathnuighmíd, ná meádhchaimíd,
ná tomhaisimíd neithe ach do réir mar do oirid dár staid sa bheatha so.
Dúnaimíd ár súile orra 'san mhéid do bhuaineann leis an
síorruidheacht. Ach ó's é Dia an breitheamh cóir, ní fhéachann sé chun
ár dtairbhe aimsearach ach chun ár maitheas síorraidhe. Fágaimís
ár gcúram airsean, agus, claoidhte le breoiteacht, cráidhte le bochtaineacht,
céasta le haindeise an tsaoghail, screadaimís amach
air, le na haspoil eaglach: "Domine, salva nos, perimus"
"A Thighearna, saor sinn, atáimíd caillthe,"
agus abraimís leis an bhfáidh: "In te, Domine, speravi: non
condundar" "Ionnatsa, a Thighearna, do chuirim mo dhóchas agus ní
meallfar me": oir atáim deimhnitheach go n-ionntóchaidh gach nídh
amach go maith dham an tráth do chuirfead mo mhuinighin go
fírinneach ionnatsa: níor fheallais ar éinne riamh, agus ní
fheallfair choidhche ar an té chuireann a dhóigh go léir id
chomhachta agus id thrócaire-se.



AN DARA RANN



Má tá éan nídh in ár gcreideamh do neartuigheann níos mó an
creideamh céadna san agus do dhaingnigheann ár ndóchas, is é nídh é sin
ádh agus sonas an tsaoghail seo do bheith ar dhroch-dhaoine, agus mí-ádh agus
anró do bheith ar dheagh-dhaoine, - Is tuairim libh, b'éidir, gur éagsamhail
an comhrádh é seo, gur caint contráltha le fírinne í. Ach is caint
í do sheasuigheann le solas an réasúin, le heólas agus le creideamh.
Níl argóint níos treise chun teaspáint go bhfuil beatha eile i ndiaidh
an chinn seo, agus ná faghann ár n-anam bás le n-ár gcolainn, ach go bhfuil
luacht saothair le fagháil, go bhfuil slánú agus glóire agus aoibhneas ag Dia
in ár gcomhair sa bheatha thall - níl éan nídh, adeirim, do theaspáineann


L. 387


so níos fórsamhla 'ná sonas na bpeacach agus mí-ádh na bhfíoraen sa
tsaoghal so.



An té is truaillighthe béasa, an té is measa creideamh, dá mbeadh
sé deimhnitheach go bhfuil beatha eile i ndiaidh an chinn seo, do leasóchadh
sé a dhroch-bhéasa agus do leanfadh sé go poínteáltha riaghlacha a
chreidimh. Ach scaoileann sé srian le n-a ainmhianta de bhrígh go saoileann
sé ná fuil éan nídh siúráltha, éan aoibhneas substainntamhail le
fagháil ach sa bheatha so láithreach. Ach mise agus tusa agus ár leithéidí
eile do chreideann go daingean go bhfuil Dia, cruthóir an domhain ann, go
bhfuil saoghal agus sonas eile ann in éaghmuis an chinn seo, cionnas do
fhéachaimíd ar an deifir mhór atá idir staid droch- agus deagh-dhuine sa
bheatha so? Adeirim liom féin: Atá an subháilce fé chois agus fé
tharcuisne annso, agus atá an sway agus an láimh uachtrach ag an bpeaca;
an fíoraen uireaspach agus an mallathóir sonasmhar; an deagh-dhuine
buartha agus céasta agus brúighte, agus an droch-dhuine sásta agus socair agus compórdach.
Cad is ceart do mheas as san? Atá, go bhfuil saoghal eile ann ina bhfaghaidh
an fíoraen sonas seasamhach, sonas seasamhach, sonas iomlán, sonas
fírinneach, in áit rachmais fhallsa an bheatha so do coisceadh air.



Do b'í seo an argóint do chaitheadh na haithreacha naomtha
i gcoinnibh na n-eiricidí do admhuigheadh go raibh Dia ann ach do chreideadh go
n-éagadh an t-anam leis an gcolainn. Ag seo mar a labhrann ceann aca i
gconspóid chreidimh le heiriceach do shéan go raibh éan bheatha
eile ann i ndiaidh an chinn seo: "Admhuighir liomsa go bhfuil Dia
ann. Ach fiafruighim díot an ngrádhann Dia an mhuíntir atá umhal,
an dream do ghéilleann do agus do níonn a ndícheall a thoil do
chólíonadh? Mara ngrádhann sé iad - má bhíonn sé gan cúram ionnta
gan cionn orra - ca bhfuil a eagna agus cad do imthigheann ar a thrócaire?
Má tá grádh agus cion aige orra, cahuin do theaspáineann sé é? Go
háirithe ní sa bheatha so, oir fágann sé annso i uireaspa agus i ndoilgheas
iad; agus ní sa bheatha thall, oir ní ghéilleann tusa go bhfuil a leithéid
in éanchor ann. Cuarduig do ghliocas, glaeidh chughat do ghéaríntleacht go
léir, ní bhfaghair slighe eile ar bith chun tu féin do tharrac
amach as an lúib seo ach le admhughadh go maireann an t-anam thar éis
éaga an cholainn agus go bhfuil, thar éis báis, staid beatha eile ina
dtabharfaidh Dia luacht a chroidhe agus a chuid oibre do gach éinne againn.
Ó's Dia iomlán ins gach cáilidheacht diadha é, ní fuláir nó go bhfuil ceart
iomlan aige: má tá ceart iomlán aige tabharfaidh sé breitheamhnas
iomlan: ní cuirthar an breitheamhnas san i bhfórsa sa bheatha so,
de bhrígh go bhfuil ádh an tsaoghail seo le droch-dhaoine; ní fuláir
mar sin go bhfuil saoghal eile ann ina dteaspánfidh Dia a cheart go
hiomlán. Mara bhfuil an scéal mar seo, ní fuláir dhúinn admhughadh
gur amadáin na fíoraein agus gur daoine fíor-eagnach na peacaig;
oir coingbhíd so an greim atá aca, lorguighid an sonas láithreach,
sásuighid a gcroidhe le ollmhaitheas an bheatha so; ach ní lorguighid
na fíoraein a gcompóird ar an dtaobh so dhen uaig, ach bíonn tnúth
aca é fhagháil sa tsaoghal thall. Mara bhfuil an saoghal san ann, is


L. 388


díomhaoin é a ndóchas agus is fíor-amadáin iad."
Is mar seo, a Chríostaidhthe, do thairigeadh an t-athair naomhtha so, ó
ádh na bpeacach agus ó aindeise na bhfíoraen, argóint láidir chun
teaspáint go bhfuil síorraidheacht ghlórmhar ullamh 'n-a dhiaidh so ag
Dia i gcóir a charaid fhéin.



Úsáideann Naomh Auguistín an argóint chéadna in míniú an
t-aonmhadh sailm déag agus cheithre fichid, ag labhairt le Críostaidhe
cráidhte ag aindeise an tsaoghail seo. Cuireann sé misneach air
iad do iomchar go foidhneach agus go sásta insna focail seo: "Ma's
maith leat," adeir sé, "fadfhulang na naomh do fhoghluim, machtnuig
ar shíorraidheacht Dé. Tabhair é sin fé dheara, coingibh do shúil air,
agus ní chuirfidh trioblóidí an tsaoghail so mí-mhisneach ort, ach
neartóchaid siad do chreideamh agus méadóchaid do dhóchas. An tráth
do-chionn tu an deagh-dhuine mí-ádhmhar agus an peacach rathamhail, buaireann
tu thu féin gan chúis gan fáth gan réasún: ní fhéachann tusa ach
chun aimsir ghearra an bheatha so, chun na beagán laethanta n-a bhfuil
do chúrsa sa tsaoghal déanta, agus do badh áil leat, sa chúrsa ghearra
san, go gcólíonfadh Dia a bhreitheamhnaisí ar dhaoine; do b'fhonn
leat go ndéanfadh Dia ceart láithreach, go bhfaghadh an deagh-dhuine
a phágh sa bheatha so, agus go smachtóchadh Dia, le sciúirse a fheirge, an
droch-dhuine ar an dtalamh so. Hedé do b'áil leatsa; ní thabharfá
ré in éanchor do Dhia; níor bh'áil leat go ndéanfadh sé maill
in éanchor, ach go dteaspánfadh sé a cheart agus a thrócaire id
aimsir-se. Ach níl ceart agat san do lorg air; oir tabharfaidh Dia
gach éan nídh chun cinn ina aimsir féin. An <t>síorraidheacht,
is í aimsir Dé í; an beatha soghluaiste seo, is í do aimsir-se í,
atá sí gearra thar barr; ámhthaig, atá aimsir Dé gan teórainn gan
deire, agus níl oibliogáid ná ceangal air gach éan nídh do dhéanamh id
aimsir-se ach ina thráth féin. Ma's maith leat, dá bhrígh sin, do
chreideamh do neartú agus do dhóchas do mhéadú, coingibh síorraidheacht
Dé i gcomhnuidhe id aigne. Cionnas san? Atá, ar fhaiscint duit
cionnas do iomcharuigheann Dia é féin sa tsaoghal so le daoine - go
luigheann sé láimh throm ar a charaid, agus láimh éadtrom ar a namhaid
- ní fuláir duit meas go bhfuil am ullamh aige ina roinnfidh sé a
cheart go fóirlíonta leó, de bhrígh ná roinneann sé ach go gann leó
é insa tsaoghal so.'



Is iad so focail Naomh Auguistín agus is é seo a theagasc, agus is teagasc
folláin é. Oir do b'é an nídh do chothuig agus choingibh suas agus do neartuig
na naoimh ar measc a dtimptáisiun agus a dtrioblóidí go léir cuimhneamh
ar an síorraidheacht. Cahuin do labhair Job go húghdarásach agus
go cruinn ar an mbeatha atá le teacht? Do b' eadh, an uair do bhí
sé gan chuid gan chlainn, gan tig gan áit, gach éadach gan bhiadh,
i bponnc an bháis, ag dreóghadh ar a charn aoilig, <annsan> is <eadh>
adubhairt sé na focail seo: "Scio quod redemptor meus vivit, etc"
"<Atá> fhios agam," ar sé sin, "go maireann mo shlánathóir, agus go
mairfead fhéin go brách 'n-a fhochair; agus ní tuairim atá agam


L. 389


ach deimhniú fírinneach."
Ach cad as n-a bhfuair sé an deimhniú san? Atá, adeir an Pápa Naomh
Gregorí, as na hanacraí agus as na haindeisí troma le n-ar fhiosruig Dia é.
Mar an gcéadna Rí Dáth, an tráth do bhí a anam 'n-a dhorn aige, é ag
teiche ó n-a namhaid, é cumhaingithe ar gach taobh, gan súil saoradh ná
slánú le fagháil aige: "Atáim deimhnitheach", ar sé sin, "go
bhfaicfead glóire Dé i dtalamh na mbeó!" Do b'é an t-urradh do bhí
aige leis sin, adeir naomh Crisostom, na trioblóidí do tháinig go
neamh-chionntach air, oir do chonnairc sé le solas an réasúin go raibh an
éagcóir chuige, agus go ndéanfadh Dia ceart do sa tsíorraidheacht agus go
dtabharfadh sé luacht a neamh-chiontacht do agus go gcúiteochadh sé a fhoidhne
leis.



Atá againn deimhniú níos treise 'ná san: atá fiadhnaise Dé na
fírinne féin againn leis. Dá n-abróchadh Mac Dé go mbeadh an
dream do chreidfeadh ann féin agus do leanfadh a dhlighe saor sa tsaoghal
so ó gach anacra, ualuighthe le saidhbhreas, líonta le compóird, agus ná
beadh crádh ná céasadh ach i gcóir na bpeacach, admhuighim, dá bhfaicinn
an drochdhuine sonasmhar agus an deagh-dhuine mí-adhmhar, go lagóchadh an
radharc san mo chreideamh go mór, agus badh dheacair dam gan géilleadh do na
smaointe éadóchasach do eireóchadh im chroidhe; oir do chreidfinn gur
mheall Críost féin me, nuair do-chífinn neithe ag tuitim amach contráltha
le n-a gheallamhaint sin. Ach an tráth do chloisim na focail do tháinig as béal
an tSlánathóra so, agus do-chím cóilíonta go laethamhail os comhair mo shúla
iad - nuair a chloisim sin ag rádh le n-a dheisciobail: "Mundus gaudebit
et vos contristabimini" "Beidh áthas", ar sé sin, "ar an saoghal ach beidh
beidh doilgheas oraibhse" - nuair a chloisim é ag innsint go mbeadh an
mhuíntir do chreidfeadh ann fhéin fé tharcuisne agus dhroch-mheas ag daoine,
go mbeidís bocht agus uireaspach agus mífhortúnach sa bheatha so, agus ag
rádh leó gur innis sé na neithe seo dhóibh roimh ré chun ná beadh iongantas
ná lagmhisneach orra an tráth do thuitfidís amach - nuair, adeirim, do
smaoinim ar an gcomhrádh so Chríost <agus> do-chím go gcóilíontar go
laethamhail é, neartuigheann sé go mór mo chreideamh agus méaduigheann sé mo
dhóchas. Oir adeirim liom fhéin, an Dia céadna adubhairt le n-a fíoraein:
"Beidh doilgheas oraibh", adubhairt sé mar an gcéadna: "Tristitia vestra
vertetur in gaudium": "Ionntófar as so bhur ndoilgheas i lúthgháir"; an
té do fhógair dóibh go mbeidís anacrach ar an dtalamh so, do gheall sé dhóibh
a ríoghacht fhéin agus insa ríoghacht san sonas gan teórainn.



Anois, atá sé chomh fírinneach ina gheallamhaint agus atá sé ina bhagairt,
oir isé an fhírinne dhiongabháltha é. Adubhairt sé go mbeadh doilgheas ar
dheagh-dhaoine sa bheatha <so>; cólíontar san gach aon lá.
Agus do gheall sé go bhfaighdís compórd ina dhiaidh so in ionad an
doilghis sin; agus gan éan dabhta tiocfaidh a gheallamhaint chun cinn.



Is ceann do fhírinní an chreidimh Chríostamhail ná raghaidh éinne
isteach go flaitheas Dé ach an té atá cosamhail ina bheatha le Íosa
Críost. "Quos," adeir Naomh Pól, "praescivit, et praedestinavit


L. 390


conformes fieri imaginis Filii sui": "An mhuíntir n-a raibh fhios
roimh ré ag Dia agus do cheap chun a bheith cosamhail le íomháig a Mhic
fhéin, is iad san do raghaidh go flaitheamhnas."
Anois is follas gur i mbochtaineacht agus in úirísleacht do chaith Mac Dé a
bheatha ar an dtalamh so, gur tarcuisne agus droch-thoil agus droch-mheas do
fuair sé ó dhaoine. Do bhí Tiberius Caesar, an duine ba bharabraithe, ba
shailighthe, ba dhéistinighe béasa dár mhair riamh, ina ímpire ar an ndomhan
fé choróinn óir sa Róimh, agus Íosa Críost, rí righthibh an domhain, dá
chrochadh go nochtaithe fé choróinn dheilgneacha ar chnoc Calbhairí;
an mallathóir Pilate ina shuidhe ar chathaoir bhreitheamhnuis,
agus Árd-bhreitheamh na mbeó agus na marbh ag seasamh ceangailthe le
pillóir agus a chuid feóla dá gearradh dhe le sciúirsíbh. Anois, a
Chríostaidhe, cráidhte ag an saoghal, cad é an chúis gearáin atá agat?
Siubhluigheann tusa sa bhóthar chéadna inar shiubhluig do
Shlánathóir beannuighthe Íosa Críost rómhat: atá ualach na
bochtaineacht ort fé mar do bhí air siúd; agus cuireann Dia an séala
céadna do chuir sé air siúd cuireann sé ortsa é, chun go mbeifá
cosamhail leis insa bheatha so agus páirteach leis ina dhiaidh so
in aoibhneas síorraidhe.



Ach déarfair liom go rabhadar agus go bhfuilid deagh-dhaoine agus
Críostaidhe maithe saidhbhir agus sonasmhar fé ghradam agus onóir sa
tsaoghal. Admhuighim go bhfuil san mar sin, go bhfuilid mórán daoine
compórdach sa bheatha so, agus saidhbhreas an tsaoghail seo aca, agus go
mbeidh saidhbhreas síorraidhe aca 'n-a dhiaidh so, agus san le lán ceart.
Oir mar mbeadh éinne sábháltha ach na boicht - mara raghadh éinne isteach
go flaitheas Dé ach an mhuíntir do chaitheann a mbeatha i gcéim úiríseal,
do leanfadh as san gur staid damanta an saidhbhreas agus an uaisleacht,
agus nárbh fhuláir iad do thréigean. Anois ós le hórdú
agus le húghdarás agus le riaghlú Dé féin atáid na céim<eanna> árda so sa
tsaoghal, leanann as san ná féadfidís a bheith olc ionnta féin, agus ná
féadfadh damaint shíorraidhe a bheith ceangailthe go dlúth dhóibh. Agus
nárbh fhuláir go dteaspánfadh Dia comhachta a ghrása ar measc uaisle agus
daoine saidhbhre chomh maith is do theaspáin sé ar measc an dream íseal
agus uireaspach? Oir mara mbeadh san mar sin, dá mbeadh gach éinne bhí
uasal ina mhallathóir, agus gach éinne do bhí saidhbhir ina pheacach - mara
mbeadh somplaí naomhthacht le fagháil agus le feiscint eatortha - do
chaithfeadh san gach éinne aca in éadóchas slánaithe. Na naoimh do bhí
saidhbhir agus rathamhail sa bheatha so do choingbhíodar a gcroidhe glan ó
ghrádh an tsaidhbhris sin; do bhíodar umhal ina n-íntinn; agus siúd is nár
thréigeadar a staid bheatha, do chóilíonadar a n-oibliogáidí go léir le
híntinn toil Dé do dhéanamh. Do choingbhíodar a n-anam glan ó spiorad an
uabhair, agus, líonta le spioraid na haithrighe, níor ghrádhadar an phoimp ná
an sonas do bhí aca, ach do bhíodh a gcroidhe ag osnaghal i ndiaidh an
ghlóire shíorraidhe do thuilleadar agus do fuaradar ó Íosa Críost.



Adéarfair arís liom go mbíonn an mallathóir go minic chomh mí-fhortúnach, an
peacach chomh uireaspach, an droch-dhuine chomh dealbh sa bheatha so le
deagh-dhaoine. Is fíor go mbíonn; agus gan na réasúin


L. 391


go léir do chuardach le n-a gceaduigheann Dia ná beadh an rath i gcomhnaidhe
ar an bpeacach, tabharfad aon fhreagra amháin ort is dóigh liom do
shásóchaidh tu. Nuair do luigheann Dia láimh sa bheatha so ar dhroch-dhuine,
nuair a smachtuigheann sé é le crosa agus le trioblóidí agus le hanacraí,
teaspáineann sé nár dhearmhaid, nár thréig sé ar fad é, gur mian leis é
chasadh arís ar shlighe an tslánuithe. Smachtuigheann sé ina thrócaire é
chun ná damnóchadh sé ina fheirg é. Buaileann agus brúghann sé é chun é
cheartú, chun é leasú, chun é dhúiseacht ó mharbh-shuan an pheaca.



Tabhair grása dhúinn go léir, a Thighearna thrócairigh, na hanacraí
le n-a bhfiosruigheann tú sinn sa bheatha do iomchar go foidhneach agus do
ghlacadh go sásta ód láimh-se; agus bronn orainn na neithe do-chíonn
tusa is tairbheamhla do shlánú shíorraidhe ár n-anam agus dod
ghlóire fhéin! Iarraimíd an athchuinghe sin ort in ainm do Aonmhic-se
agus ár Slánathóra, Íosa Críost.



Risteárd Ó Foghludha.
do chuir i n-eagar.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services