Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceachtanna Gaedhilge
Title
Ceachtanna Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1922
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ceachtanna Gaedhilge CEACHT A 17. An Clog, the clock. cadé an t-am é? what time is it? uaireadóir, a watch. uair, an hour. leath uair, half an hour. ceáthramhadh, quarter. nóiment, minute. Tar éis, after, past. 1.5 cúig nóimeatí tar éis a haon. 2.10 deich nóimeatí tar éis a dó. 3.15 ceáthramhadh tar éis a trí. 4.20 fiche nóiment tar éis a ceathair. 5.25 chúig nóimentí is fiche tar éis a cúig. 6.30 leath uair tar éis a sé. Chum, towards, to. 7.35 chúig nóimentí is fiche chum a h-ocht. 8.40 fiche nóiment chum a naoi. 9.45 ceáthramhadh chum a deich. 10.50 deich nóimentí chum a h-aon déag. 11.55 chúig nóimentí chum a dó dhéag. Tá cúigear 'na gcomhnuidhe sa tig úd thall — triúr buachaillí agus beirt chailíní. Bácaer iseadh ceann desna buachaillí. Táiliúir ceann eile agus máirnéalach iseadh an tríomhadh fear. Bíonn an bheirt chailíní i mbun an tighe. Eirigheann Máire ar a seacht a chlog gach maidean. Beirbhigheann sí an breacfast. Itheann an bácaer agus an táiliúir a mbreacfast ar a h-ocht a chlog. Annsin teigh- eann siad ag obair. Ní fheiceann Máire go dtí am dinnéir iad arís. Ní fheiceann sí an máir- néalach ó cheann ceann na bliana. CEISTEANNA. An 'mó duine 'na gcomhnuidhe sa tig úd thall? An buachaillí ar fad iad? Cad í an chéird atá aca? Cad a bhíonn na cailíní a dhéanamh? 'De'n t-am a eirigheann Máire? Cathain a bhíonn an breacfast i gcóir? Cá dteigheann siad? Cá mbíonn au máirnéalach? Gluais. Bácaer, baker. Táiliúir, tailor. Máirnéalach, sailor. I mbun an tighe, minding the house. Beirbhigheann, cooks (boils). Ní fheiceann, do not see. Go dtí, until. Am dinnéir, dinner time. Ó cheann ceann na bliana, from one end of the year to the other. CEACHT A 11. (ar lean.) AN t-ATHAIR MÁRTAN. Deineadh gach rud mar d'órduig an t-Athair Mártan. Ní raibh fear, bean ná páiste nás chuaidh ag triall air. Ó'n tseachtmhain sin i leith tá bolath na críostamhlachta agus na crábhthachta le faghail deié míle ar gach aon taobh de'n Charann. Asd' oidhche Dé Domhnaigh 'na dhiaidh sin deineadh taidhbhreamh eile do'n Athair Mártan. Shíl sé go raibh sé ag siubhal go taithneamhac ar an mbóthar isteach go dtí flaithis Dé. Dar leis bhí sé féin ar tosach agus an paróiste go léir as a dhiaidh aniar in aon mhór-shiubhal. Iad le h-áthas agus le luathgháir ag teacht go sítheolta croidheamhail. Coinneal coisricthe i láimh gach duine aca agus iad go léir d'aon ghuth ag amhrán. 'Sé an t-amhrán a bhí aca ná an Té Déum. (Críoch.) Nótaí. Deineadh. An aimsir chaithte neamh-phearsonda. Is truagh ná ceartuightear an comhartha trádála atá againn .i. "Déanta inÉirinn." 'Sé an náire dearmhad mar sin a bheith agá fhóirleathnú fós. Níor ghádh acht "Deineadh inÉirinn" a dhéanamh dhe agus bheadh sé i gceart. Go taithneamhach. Go sásta; go meanmanach aerach. Ar tosach. Mar cheann feadhma; mar stiúrathóir. Tá "i dtosach" ann leis; deifir bheag sa mbrígh. 'Na dhiaidh. Ag teacht 'na dhiaidh. Bíonn gluais- eacht ag baint le diaidh de ghnáth. "Taobh thiar díom," behind me, .i. gan gluaiseacht. "Ar chúl" an doruis, behind the door. Sítheolta. Ag teacht go deas bríoghmhar cothrom. CEACHT a 17. MÁIRÍN DE BARRA. V. Is shiubhalfainn, is shiubhalfainn is shiubhalfainn an saoghal leat, Do raghainn-se thar sáile gan dhá phingin spré leat; Do thug mo chroidhe grádh dhuit, go bráth, bráth ná tréigfidh, Is de leighisfeá ón mbás me ach a rádh gur leat féin me. Nótaí. Ná tréigfidh. Ná athrochaidh. Aistí: Scéilín; comhrádh. "Briseann an dúthchas trí shúile an chait."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services